27.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

143


RIALACHÁN (AE) Uimh. 661/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ciste”) le Rialachán (AE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (4).

(2)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ionstraim fhónta agus sholúbtha ar láimh ag an Aontas ionas go mbeidh sé in ann dlúthpháirtíocht a léiriú agus comhartha soiléir polaitiúil a thabhairt chomh maith le fíorchúnamh do shaoránaigh a mbíonn tionchar ag mórthubaistí nádúrtha orthu agus a mbíonn drochthionchair acu ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta.

(3)

Níor cheart go gcuirfí bac ar rún dearbhaithe an Aontais cabhrú le tíortha is iarrthóirí agus iad ag iarraidh cobhsaíocht inbhuanaithe agus forbairt eacnamaíoch agus pholaitiúil a bhaint amach trí léargas soiléir Eorpach le drochthionchair na mórthubaistí nádúrtha. Ba cheart, mar sin, go leanfadh an tAontas de dhlúthpháirtíocht a léiriú leis na tríú tíortha sin atá páirteach sa chaibidlíocht maidir le haontachas leis an Aontas agus lenar tionscnaíodh an chomhdháil idir-rialtasach aontachais. Chun go mbeidh na tíortha sin cumhdaithe faoin Rialachán seo, is gá, mar thoradh air sin, Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a úsáid mar bhunús breise dlí.

(4)

Ba cheart go mbeadh an Coimisiún i riocht cinneadh a dhéanamh go tapa chun acmhainní airgeadais sonracha a ghealladh agus iad a shlógadh a luaithe is féidir. Ba cheart nósanna imeachta riaracháin a choigeartú dá réir agus a laghad acu a bheith ann is féidir. Chun na críche sin, tá Comhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais tugtha i gcrích ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún an (5).

(5)

Ba cheart an téarmaíocht atá i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002, agus na nósanna imeachta a leagtar síos faoi a ailíniú le forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(6)

Ba cheart gan aon débhrí a bheith leis an sainmhíniú ar thubaiste nádúrtha, sainmhíniú lena gcinntear raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(7)

An damáiste a dhéanann cineálacha eile tubaiste atá ina n-iarmhairt dhíreach ag tubaiste nádúrtha mar gheall ar éifeacht chascáideach, ba cheart, chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002, a mheas go bhfuil sé ina chuid den damáiste díreach a rinne an tubaiste nádúrtha sin.

(8)

D’fhonn an cleachtas seanbhunaithe a chódú agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hiarratais, ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais as an gCiste a dhámhachtain i gcás damáiste dhírigh amháin.

(9)

Ba cheart “mórthubaiste nádúrtha” de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 a shainmhíniú tuilleadh mar thubaiste a rinne damáiste díreach os cionn tairsí a shloinntear i dtéarmaí airgeadais. Ba cheart damáiste den sórt sin a shloinneadh i bpraghsanna bliana tagartha, nó mar chéatadán d’ollioncam náisiúnta (OIN) an Stáit lena mbaineann.

(10)

Chun gur fearr a chuirfear san áireamh cineál sonrach tubaistí nádúrtha nach mbaineann amach an scála íosta is gá chun tairbhiú de ranníocaíocht airgeadais as an gCiste, cé go bhfuil drochthoradh acu ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta na réigiún lena mbaineann, ba cheart na critéir le haghaidh tubaistí nádúrtha réigiúnacha a shocrú ar bhonn an damáiste is inríofa trí thagairt don olltáirgeadh intíre (OTI), trína ndéantar, de bharr na staide sonraí struchtúraigh, sóisialta agus eacnamaíche, atá níos measa fós mar thoradh ar na gnéithe speisialta atá in Guadalúip, i nGuáin na Fraince, in Martinique, in La Réunion, in Mayotte, in Saint-Martin, sna hAsóir, i Maidéara agus sna hOileáin Chanáracha agus iad ina réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, bonn cirt a thabhairt le tairseach speisialta 1 % OTI a shocrú dóibh mar mhaolú. Ba cheart na critéir sin a shocrú go soiléir simplí chun an dóchúlacht a laghdú go gcuirfear iarratais isteach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(11)

Chun a dhéanamh amach cá mhéad damáiste díreach a rinneadh, ba cheart sonraí i bhformáid chomhchuibhithe a sholáthraíonn Eurostat a úsáid chun gur féidir caitheamh le hiarratais go cothrom.

(12)

Ba cheart don Chiste cuidiú a thabhairt an bonneagar a thabhairt ar ais chun feidhme, na limistéir a d’fhulaing tubaistí a ghlanadh suas agus costais na seirbhísí tarrthála agus na cóiríochta sealadaí don phobal lena mbaineann a íoc ar feadh na tréimhse cur chun feidhme. Ba cheart a shainiú cad a chiallaíonn an bonneagar a thabhairt ar ais chun feidhme, agus ba cheart a mhéid a fhéadfar, leis an gCiste, rannchuidiú leis na costais chomhfhreagracha a shoiléiriú. Ba cheart an creat ama a shainiú freisin ina bhféadfar a mheas gur cóiríocht shealadach í cóiríocht na ndaoine ar bhain an tubaiste nádúrtha a ndídean díobh.

(13)

Ba cheart forálacha Rialachán (CE) 2012/2002 a chur i gcomhréir le beartas cistithe ginearálta an Aontais maidir le cáin bhreisluacha.

(14)

Ba cheart a shonrú freisin cá mhéad a fhéadfar caiteachas ar chúnamh teicniúil a áireamh ar oibríochtaí incháilithe.

(15)

Chun Stáit is tairbhithe a chosc ó ghlanbhrabús a dhéanamh as idirghabháil tríd an gCiste, ba cheart na coinníollacha a shonrú faoina bhféadfaidh oibríochtaí a mhaoinítear leis an gCiste ioncam a ghineadh.

(16)

Forbraíonn cineálacha áirithe tubaiste nádúrtha, amhail, inter alia, triomach thar thréimse fhadaithe ama sula mbíonn a n-éifeachtaí soiléir. Ba cheart forálacha a leagan síos chun gur féidir an Ciste a úsáid sna cásanna sin freisin.

(17)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh na Stáit is incháilithe na hiarrachtaí is gá chun cosc a chur le tarlú tubaistí nádúrtha agus chun a n-éifeachtaí a mhaolú, trí reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le baol tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú a chur chun feidhme ina hiomláine agus trí úsáid cistiú de chuid an Aontais atá ar fáil d’infheistíochtaí ábhartha chomh maith le modhanna eile. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha a leagan síos, i gcás gur mhainnigh Ballstát, faoi mar a shuigh breithiúnas deiridh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, reachtaíocht ábhartha an Aontais a chomhlíonadh maidir le baol tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú, tar éis dó ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a fháil le haghaidh tubaiste nádúrtha a bhí ann roimhe sin, gur féidir, mar gheall air sin, an t-iarratas a dhiúltú nó méid na ranníocaíochta airgeadais a laghdú má dhéantar iarratas eile ar bhonn tubaiste nádúrtha den chineál céanna.

(18)

Is féidir go dteastóidh tacaíocht airgeadais ó Bhallstáit chun freagairt a thabhairt ar thubaiste nádúrtha níos tapa ná mar is féidir de réir an ghnáthnós imeachta. Chun na críche sin, is iomchuí foráil a dhéanamh gur féidir airleacan a íoc arna iarraidh sin do Bhallstát lena mbaineann go gairid tar éis dó iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Níor cheart an ranníocaíocht a bheith os cionn méid áirithe agus ba cheart í a chur san áireamh agus suim dheireanach na ranníocaíochta airgeadais á híoc. Ba cheart don Bhallstát airleacain a íocadh go míchuí a aisíoc laistigh de thréimhse chinntithe ghairid ama. Ba cheart íoc an airleacain a bheith gan dochar don chinneadh deireanach maidir leis an gCiste a úsáid.

(19)

Ba cheart nósanna imeachta riaracháin maidir le ranníocaíocht airgeadais a íoc bheith chomh simplí agus chomh héifeachtach ó thaobh ama de agus is féidir. I gcás na mBallstát, ba cheart forálacha mionsonraithe maidir leis an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a chur chun feidhme a bheith sna gníomhartha cur chun feidhme lena ndámhtar an ranníocaíocht airgeadais. Os a choinne sin, i gcás Stát is tairbhithe nach Ballstáit iad fós, ba cheart comhaontaithe cur chun feidhme ar leith a bheith ann fós ar chúiseanna dlí.

(20)

Ba cheart go dtabharfadh an Coimisiún treoir chun cabhrú le Ballstáit teacht ar bhealach éifeachtach le rochtain a fháil ar an gCiste agus é a úsáid, agus chun cúnamh a fháil ón gCiste ar an mbealach is simplí.

(21)

Le Rialachán (EU, Euratom) Uimh. 966/2012, tugadh isteach athruithe maidir le bainistiú atá comhroinnte agus bainistiú atá indíreach, lena n-áirítear ceanglais shonracha tuairiscithe ba cheart a chur san áireamh. Ba cheart a ghiorra atá tréimhse chur chun feidhme oibríochtaí an Chiste a chur san áireamh sna hoibleagáidí tuairiscithe. Ba cheart cineál na hionstraime a chur san áireamh sna nósanna imeachta maidir le comhlachtaí a ainmniú a bheidh freagrach as cistí an Aontais a bhainistiú agus a rialú agus níor cheart dóibh moill a chur ar dhéanamh na ranníocaíochta airgeadais as an gCiste. Dá bhrí sin, is gá maolú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(22)

Ba cheart forálacha a leagan síos chun nach ndéanfaidh ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais nó ionstraimí dlí idirnáisiúnta a bhaineann le damáiste sonrach a chúiteamh dúbailt ar mhaoiniú oibríochtaí a mhaoinítear as an gCiste.

(23)

Ba cheart é a bheith chomh simplí is féidir caiteachas a dhearbhú a rinne tíortha as ranníocaíocht airgeadais as an gCiste. Dá bhrí sin, ba cheart ráta malairte aonair a úsáid ar feadh thréimhse chur chun feidhme na ranníocaíochta airgeadais i gcás tíortha nach baill de limistéar an euro iad.

(24)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith cinntí a dhéanamh faoi ranníocaíochtaí sonracha airgeadais nó maidir le haon réamh-íocaíochtaí as an gCiste a dhéanamh le Stáit incháilithe.

(25)

Ba cheart na forálacha arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 maidir le leas airgeadais an Aontais a chosaint a dhéanamh níos sonraí chun go sainaithneofar go soiléir bearta le haghaidh neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, gníomhaíocht dlúthpháirtíochta a áirithiú ar fud na hEorpa chun tacú le Stáit a bhuail tubaiste nádúrtha iad, a bhaint amach go leordhóthanach ar bhonn ad hoc ach gur féidir, trí mhodh córasach rialta cothrom a chur i bhfeidhm i ndáil le tacaíocht airgeadais a thabhairt a chuimseoidh gach Ballstát, ag brath ar a gcumas, iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(27)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

1.   Arna iarraidh sin do Bhallstát nó do thír atá i mbun caibidlíochta leis an Aontas maidir le haontachas, (dá ngairtear ‘Stát incháilithe’ anseo feasta), is féidir cúnamh as an gCiste a shlógadh i gcás ina mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ar dhálaí maireachtála, ar an timpeallacht nádúrtha nó ar an ngeilleagar i gceann amháin nó níos mó de réigiúin an Stáit incháilithe sin ag mórthubaiste nádúrtha nó ag tubaiste nádúrtha réigiúnach a tharla i gcríoch an Stáit incháilithe chéanna nó i gcríoch Stáit chomharsanachta incháilithe. Measfar damáiste díreach a rinne tubaiste nádúrtha a bheith ina chuid den damáiste a rinne an tubaiste nádúrtha sin.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘mórthubaiste nádúrtha’ aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach, i mBallstát incháilithe, a meastar a chostas a bheith os cionn EUR 3 000 000 000 i bpraghsanna 2011, nó os cionn 0,6 % dá OIN.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’ aon tubaiste nádúrtha a bhfuil damáiste dhíreach mar thoradh uirthi i réigiún atá ar leibhéal NUTS 2 de chuid Stáit agus atá incháilithe, os cionn 1,5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, nuair is réigiún forimeallach é réigiún lena mbaineann, inar tharla tubaiste nádúrtha, de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ciallaíonn ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’ aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach os cionn 1 % d’OTI an réigiúin sin.

I gcás ina mbaineann an tubaiste nádúrtha le roinnt réigiún ar leibhéal NUTS 2, cuirfear an tairseach i bhfeidhm ar mheán-olltáirgeacht intíre na réigiún sin atá ualaithe de riar sciar an damáiste iomlán i ngach réigiún.

4.   Féadfar cúnamh as an gCiste a shlógadh freisin i gcás aon tubaiste nádúrtha i Stát is incháilithe más mórthubaiste nádúrtha é i Stát incháilithe comharsanachta freisin.

5.   Chun críche an Airteagail seo, úsáidfear staitisticí comhchuibhithe arna soláthar ag Eurostat.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

“1.   Is i bhfoirm ranníocaíochta airgeadais as an gCiste a bheidh an cúnamh. Dámhfar aon ranníocaíocht airgeadais amháin ar Bhallstát is incháilithe in aghaidh an tubaiste nádúrtha.

2.   Is é is aidhm don Chiste comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí na Stát lena mbaineann agus cuid dá gcaiteachas poiblí a chumhdach chun cuidiú leis an Stát is incháilithe, ag brath ar chineál na tubaiste nádúrtha, na hoibríochtaí éigeandála agus aisghabhála riachtanacha a dhéanamh, de réir chineál an tubaiste nádúrtha:

(a)

an bonneagar agus na gléasraí a thabhairt ar ais chun feidhme i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais;

(b)

cóiríocht shealadach a chur ar fáil agus seirbhísí tarrthála a mhaoiniú chun riar ar riachtanais an phobail lena mbaineann;

(c)

bonneagair choisctheacha agus bearta cosanta na hoidhreachta cultúrtha a dhaingniú;

(d)

limistéir a d’fhulaing tubaistí a ghlanadh suas, criosanna nádúrtha san áireamh, i gcomhréir, i gcás inarb iomchuí, le cineálacha cur chuige a bheidh bunaithe ar éiceachórais chomh maith leis na criosanna nádúrtha lena mbaineann a athchóiriú láithreach chun go seachnófar na héifeachtaí láithreacha a bhíonn ag an gcreimeadh ithreach.

Chun críocha phointe (a), ciallaíonn ‘a thabhairt ar ais chun feidhme’ an bonneagar agus an mhonarchan a thabhairt ar ais chuig an riocht ina raibh siad sular tharla an tubaiste nádúrtha a athbhunú. I gcás nach féidir an riocht a bhí ann sular tharla an tubaiste nádúrtha a athbhunú ar bhonn dlíthiúil agus nach bhfuil údar cuí eacnamaíocha leis sin, nó i gcás ina gcinneann an stát tairbheach an bonneagar nó an mhonarchan atá i gceist a athlonnú nó feabhas a chur ar fheidhmiúlacht an bhonneagair nó na monarcha sin chun feabhas a chur ar a chumas/cumas tubaistí nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí a sheasamh, ní féadfar cabhrú, leis an gCiste, ach leis an gcostas athchóirithe suas go dtí an costas measta a bhaineann leis an mbonneagar nó an mhonarchan a chur ar ais sa riocht ina raibh siad roimhe sin.

Déanfar costais sa bhreis ar leibhéal na gcostas dá dtagraítear sa dara fomhír a mhaoiniú ag an Stát is tairbhí as a chistí féin nó as cistí eile de chuid an Aontais, i gcás inarb féidir sin.

Chun críocha phointe (b), ciallaíonn ‘cóiríocht shealadach’ cóiríocht a mhaireann go dtí gur féidir leis an daonra lena mbaineann filleadh ar a ndídean bhunaidh tar éis a ndeisithe nó a n-atógála.

3.   Ní dhéanfar íocaíochtaí as an gCiste ach le haghaidh beart maoiniúcháin lena maolaítear damáiste nach féidir a árachú agus aisghabhfar iad má íocann tríú páirtí an costas atá ar an damáiste a leigheas i gcomhréir le hAirteagal 8(4).”;

(b)

Cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4.   Ní bheidh cáin bhreisluacha ina caiteachas incháilithe ag oibríocht, ach amháin cáin bhreisluacha nach féidir a aisghabháil de réir reachtaíochta náisiúnta maidir le cáin bhreisluacha.

5.   Ní bheidh cúnamh teicniúil do bhainistiú, d’fhaireachán, d’fhaisnéis agus do chumarsáid, do réiteach gearán agus do rialú agus d’iniúchóireacht, incháilithe do ranníocaíocht airgeadais as an gCiste.

Beidh costais a bhaineann le hullmhú agus le cur chun feidhme na n-oibríochtaí dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear costais a bhaineann le saineolas teicniúil riachtanach, incháilithe mar chuid de chostais an tionscadail.

6.   I gcás ina ngintear ioncam ó na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 2, le ranníocaíocht airgeadais ón gCiste, ní bheidh an ranníocaíocht airgeadais iomlán ón gCiste níos mó ná costais glana iomlána na n-oibríochtaí éigeandála agus tabhartha ar ais chun feidhme atá le seasamh ag an Stát is tairbhí. Cuirfidh an Stát is tairbhí ráiteas dá réir sin sa tuarascáil ar chur chun feidhme ranníocaíocht airgeadais an Chiste de bhun Airteagal 8(3).

7.   An 1 Deireadh Fómhair gach bliain, ba cheart an ceathrú cuid ar a laghad d’uasmhéid bhliantúil an Chiste a bheith fós ar fáil chun na riachtanais a thiocfaidh chun cinn go dtí deireadh na bliana a chumhdach.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná dhá sheachtain dhéag tar éis chéad tarlú an damáiste a rinne tubaiste nádúrtha, féadfaidh na húdaráis náisiúnta is freagrach de chuid Stáit incháilithe iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a chur isteach chuig an gCoimisiún ina mbeidh an fhaisnéis uile atá ar fáil, mar íosmhéid, ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a)

iomlán an damáiste dhírigh a rinne an tubaiste nádúrtha agus a thionchar ar an bpobal, ar an ngeilleagar agus ar an gcomhshaol lena mbaineann;

(b)

meastachán ar chostas na n-oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2);

(c)

aon fhoinsí eile de chuid chistiú an Aontais;

(d)

aon fhoinsí eile cistithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, lena n-áirítear cumhdach árachais, idir phoiblí agus phríobháideach, a d’fhéadfadh cuidiú na costais ar an damáiste a chumhdach;

(e)

cur síos gearr ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste nádúrtha a chosc agus bainistiú a bhaineann le cineál an tubaiste nádúrtha”;

(b)

Cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   I gcásanna ina bhfuil bonn cirt leo, féadfaidh na húdaráis náisiúnta freagracha an fhaisnéis bhreise a chur isteach i ndiaidh an spriocdháta dá dtagraítear i mír 1 chun a n-iarratas a comhlánú nó a nuashonrú.

1b.   Ullmhóidh an Coimisiún treoir maidir leis an mbealach ina bhféadfar rochtain a fháil ar an gCiste agus é a chur chun feidhme go héifeachtach. Dréachtófar an treoir faoin 30 Meán Fómhair 2014 agus cuirfear faisnéis mhionsonraithe ar fáil inti maidir leis na nósanna imeachta leis an iarratas a dhréachtú, lena n-áirítear na ceanglais maidir leis an bhfaisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart go bhfoilseofar an treoir ar láithreáin ghréasáin Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin agus áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar í a scaipeadh chuig na Stáit incháilithe.

1c.   I gcás tubaiste nádúrtha mhalltriallaigh, rithfidh an sprioc-am dá dtagraítear i mír 1 inar féidir iarratas a chur isteach ón dáta a dhéanann údaráis phoiblí an Stáit is incháilithe beart oifigiúil den chéad uair i gcoinne éifeachtaí an tubaiste nádúrtha nó ón dáta a dhearbhaíonn siad an staid éigeandála.”;

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 go mír 5:

“2.   Ar bhonn na faisnéise dá bhforáiltear i mír 1, agus aon soiléirithe atá le tabhairt ag an Stát is incháilithe, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha maidir leis an gCiste a úsáid comhlíonta agus socróidh sé méid aon ranníocaíochta airgeadais is féidir a dhéanamh as an gCiste a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis an iarratas a fháil, an dáta a fhaightear an t-iarratas comhlánaithe san áireamh agus lena n-eisítear an t-am a bheidh riachtanach le haistriúchán den iarratas a chur ar fáil san áireamh, laistigh de theorainneacha na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil.

Má chinneann an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais as an gCiste ar bhonn iarratais a fuarthas tar éis an 28 Meitheamh 2014 i gcás tubaiste nádúrtha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh sé iarratas breise ar ranníocaíocht airgeadais den chineál céanna a dhiúltú nó an tsuim atá le cur ar fáil a laghdú i gcás ina bhfuil imeachtaí um shárú ar siúl i gcoinne an Bhallstáit agus i gcás inar shuigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le breithiúnas deiridh gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme maidir le cosc ar bhaol tubaiste nádúrtha agus bainistiú, a mbaineann a hábhar go díreach le cineál an tubaiste nádúrtha a bhuail é.

Caithfidh an Coimisiún go cothrom leis na hiarratais uile ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste.

3.   Nuair a chinnfidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha comhlíonta maidir le ranníocaíocht airgeadais ón gCiste a chur ar fáil, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, na tograí riachtanacha maidir le slógadh an Chiste agus chun na leithreasaí comhfhreagracha a údarú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sna tograí sin:

(a)

an fhaisnéis uile atá ar fáil, amhail dá dtagraítear i mír 1;

(b)

an fhaisnéis uile ábhartha eile atá i seilbh an Choimisiúin;

(c)

léiriú go bhfuil coinníollacha Airteagal 2 comhlíonta; agus

(d)

bonn cirt atá leis na méideanna atá á mbeartú.

Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhpháirt, a dhéanfaidh an cinneadh an Ciste a shlógadh agus déanfaidh siad an cinneadh a luaithe is féidir tar éis don Choimisiún an togra a thíolacadh.

Déanfaidh an Coimisiún, ar láimh amháin, agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an láimh eile, araon, iarracht an t-am a thógfar chun an Ciste a shlógadh a íoslaghdú.

4.   Nuair a bheidh na leithreasaí curtha ar fáil ag Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur chun feidhme, lena ndéantar an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a dhámhachtain agus déanfaidh sé an ranníocaíocht airgeadais sin láithreach in aon tráthchuid amháin leis an Stát is tairbhí. Má íocadh airleacan de bhun Airteagal 4a, ní íocfar ach an t-iarmhéid.

5.   Tosóidh an tréimhse incháilitheachta do chaiteachas an dáta a tharlaíonn damáiste dá dtagraítear i mír 1 den chéad uair. I gcás tubaiste nádúrtha mhalltriallaigh, tosóidh an tréimhse incháilitheachta do chaiteachas an dáta a dhéanann údaráis phoiblí an Stáit is incháilithe beart den chéad uair nó ón dáta a dhearbhaigh siad staid éigeandála faoi mar a thagraítear dó i mír 1c.”;

(4)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 4a

1.   Agus iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste á chur faoi bhráid an Choimisiúin aige, féadfaidh Ballstát a iarraidh go n-íocfaí airleacan. Déanfaidh an Coimisiún réamh-mheasúnú féachaint an gcomhlíonann an t-iarratas na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 4(1), agus déanfaidh sé infhaighteacht acmhainní buiséadacha a fhíorú. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin agus ina bhfuil acmhainní leordhóthanacha ar fáil, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí ghníomh cur chun feidhme, an t-airleacan a dhámhachtain agus íocfar é gan mhoill sula nglacfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 4(4). Déanfar airleacan a íoc gan dochar don chinneadh deireanach maidir leis an gCiste a úsáid.

2.   Ní bheidh méid an airleacain níos mó ná 10 % de mhéid na ranníocaíochta airgeadais a bhfuiltear ag súil léi, agus ní bheidh sé níos mó ná EUR 30 000 000. A luaithe a chinnfear méid cinntitheach na ranníocaíochta airgeadais, cuirfidh an Coimisiún san áireamh méid an airleacain sula n-íocfar iarmhéid na ranníocaíochta airgeadais. Déanfaidh an Coimisiún aon airleacan a íocadh go míchuí a aisghabháil.

3.   Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 78 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*). Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis eisiúint an ordaithe a bheidh an dáta dlite.

4.   Agus dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais á ghlacadh do bhliain airgeadais áirithe, molfaidh an Coimisiún, aon uair a bheidh gá leis d’fhonn infhaighteacht thráthúil acmhainní buiséadacha a áirithiú, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, an Ciste a shlógadh suas go EUR 50 000 000 ar a mhéad chun airleacain a íoc agus molfaidh sé go ndéanfar na leithreasaí comhfhreagracha a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais.

Leis na socruithe buiséadacha, comhlíonfar na huasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 10 (1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (**)

(*)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1)."

(**)  Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).”;"

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

1.   Cuimseofar san Iarscríbhinn a ghabhann le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4(4) forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na ranníocaíocht airgeadais ón gCiste.

Déanfar cur síos sna forálacha sin, go háirithe, ar chineál agus ar shuíomh na n-oibríochtaí atá le maoiniú as an gCiste tar éis iarratas a fháil ón Stát is incháilithe.

2.   Sula n-íocfar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste le Stát is incháilithe nach Ballstát é, tabharfaidh an Coimisiún comhaontú tarmligin i gcrích leis an Stát sin ina leagfar síos forálacha mionsonraithe le haghaidh an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 (***) ón gCoimisiún, mar aon leis na hoibleagáidí a bhaineann le baol tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú.

3.   Ar an Stát is tairbhí a bheidh an fhreagracht oibríochtaí aonair a roghnú agus an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 3(2) agus (3), an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus, nuair is infheidhme, an comhaontú tarmligin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Cuirfear chun feidhme an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste le Ballstát faoi chuimsiú bainistíochta atá comhroinnte i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Cuirfear chun feidhme an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste le tír incháilithe nach Ballstát de chuid an Aontais í faoi chuimsiú bainistíochta indírí i gcomhréir leis an Rialachán sin.

5.   Gan dochar do fhreagracht an Choimisiúin buiséad ginearálta an Aontais a chur chun feidhme, glacfaidh na Ballstáit is tairbhithe freagracht as bainistiú oibríochtaí lena dtacaíonn an Ciste agus as rialú airgeadais na n-oibríochtaí. Ar na bearta a dhéanfaidh siad beidh:

(a)

a fhíorú gur socraíodh bearta bainistithe agus rialaithe agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme ar bhealach a áiritheoidh go bhfuil cistí an Aontais á n-úsáid go héifeachtúil agus go cuí, i gcomhréir le prionsabail na bainistithe fónta airgeadais;

(b)

a fhíorú go ndearnadh na bearta maoinithe i gceart;

(c)

a áirithiú go bhfuil an caiteachas a mhaoinítear bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe, agus go bhfuil sé ceart agus rialta;

(d)

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil mar aon le hús ar íocaíochtaí déanacha nuair is iomchuí. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon neamhrialtachtaí den chineál sin agus coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla.

6.   Ainmneoidh na Stáit is tairbhithe comhlachtaí a bheidh freagrach as na hoibríochtaí lena dtacaíonn an Ciste a bhainistiú agus a rialú i gcomhréir le hAirteagal 59 agus Airteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh siad san áireamh na critéir i ndáil le timpeallacht inmheánach, gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid, agus faireachán. Féadfaidh na Ballstáit na comhlachtaí a ainmníodh cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (****) a ainmniú.

Cuirfidh na comhlachtaí ainmnithe sin an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 59(5) nó in Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ar fáil don Choimisiún agus cuimseofar san fhaisnéis sin an tréimhse cur chun feidhme ar fad agus an tuarascáil agus an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(3) den Rialachán seo á dtíolacadh acu.

7.   Déanfaidh an Stát is tairbhí na ceartuithe airgeadais is gá i gcás ina n-aimsítear neamhrialtacht. Beidh páirtchealú nó lánchealú na ranníocaíochta airgeadais as an gCiste sna ceartuithe a dhéanfaidh an Stát is tairbhí. Déanfaidh an Stát is tairbhí aon mhéid a chailltear de dheasca neamhrialtachta a bhraitear a aisghabháil.

8.   Gan dochar do chumhachtaí na Cúirte Iniúchóirí ná do na seiceálacha a dhéanann an Stát is tairbhí i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta, féadfaidh an Coimisiún seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar na hoibríochtaí a mhaoinítear as an gCiste. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Stát is tairbhí d’fhonn an cúnamh go léir is gá a fháil. Féadfaidh oifigigh nó státseirbhísigh eile an Bhallstáit lena mbaineann páirt a ghlacadh sna seiceálacha sin.

9.   Áiritheoidh an Stát is tairbhí go gcoinneofar na doiciméid tacaíochta ar fad maidir leis an gcaiteachas a thabhaítear agus go mbeidh siad ar fáil ag an gCoimisiún agus ag an gCúirt Iniúchóirí ar feadh tréimhse trí bliana tar éis fhoirceannadh an chúnaimh as an gCiste.

(***)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1)."

(****)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).”;"

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

1.   Beidh an Stát is tairbhí freagrach as comhordú a dhéanamh ar an ranníocaíocht airgeadais ón gCiste leis na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, ar thaobh amháin, le cúnamh ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, an Banc Eorpach Infheistíochta agus ionstraimí maoiniúcháin eile an Aontais ar an taobh eile.

2.   Áiritheoidh an Stát is tairbhí nach ndéanfar an caiteachas a aisíocfar i gcomhréir leis an Rialachán seo a aisíoc trí bhíthin ionstraimí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais, go háirithe trí bhíthin ionstraimí beartais comhtháthaithe, talmhaíochta nó iascaigh.

3.   Maidir le damáiste a leigheastar faoi chuimsiú ionstraimí an Aontais nó ionstraimí idirnáisiúnta a bhaineann le cúiteamh damáiste ar leith, ní bheidh sé incháilithe do chúnamh as an gCiste chun na críche céanna.’;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Beidh na hoibríochtaí a mhaoinítear as an gCiste i gcomhréir le forálacha an Chonartha agus leis na hionstraimí a ghlactar faoin gConradh sin, le beartais agus bearta an Aontais, go háirithe sna réimsí arb iad bainistiú airgeadais, an soláthar poiblí, cosaint an chomhshaoil, baol tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú, oiriúnú don athrú aeráide lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineálacha cur chuige éiceachórais, agus le hionstraimí cúnaimh réamhaontachais. I gcás inarb infheidhme, rannchuideofar le cuspóirí an Aontais sna réimsí sin leis na hoibríochtaí a mhaoinítear leis an gCiste.”;

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 agus Airteagal 9:

“Airteagal 8

1.   Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste laistigh d’ocht mí dhéag ón dáta a d’eisíoc an Coimisiún méid iomlán an chúnaimh. Maidir le haon chuid den ranníocaíocht airgeadais nár úsáideadh faoin spriocdháta sin nó a úsáideadh le haghaidh oibríochtaí nach raibh incháilithe, aisghabhfaidh an Coimisiún í ón Stát is tairbhí.

2.   Féachfaidh na Stáit is tairbhithe leis an gcúiteamh ar fad is féidir a fháil ó thríú páirtithe.

3.   Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don tréimhse ocht mí dhéag dá dtagraítear i mír 1 dul in éag, tíolacfaidh an Stát is tairbhí tuarascáil maidir le cur chun feidhme na ranníocaíocht airgeadais as an gCiste mar aon le ráiteas lena dtabharfar údar maith leis an gcaiteachas, ina léireofar aon fhoinse maoinithe eile do na hoibríochtaí lena mbaineann, lena n-áirítear socraíochtaí árachais agus cúiteamh ó thríú páirtithe.

Sa tuarascáil cur chun feidhme, tabharfar na sonraí a leanas:

(a)

na bearta coisctheacha, a rinne an Stát is tairbhí nó atá á mbeartú aige chun damáiste amach anseo a shrianadh agus chun atarlú tubaistí nádúrtha den sórt sin a sheachaint, a mhéid is féidir, lena n-áirítear úsáid cistí struchtúrtha agus infheistíochta an Aontais chun na críche sin;

(b)

an staid atá ann maidir le cur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le baol tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú;

(c)

an taithí a fuarthas ón tubaiste nádúrtha agus na bearta a rinneadh nó atá á mbeartú chun cosaint agus athléimneacht chomhshaoil a áirithiú i ndáil le hathrú aeráide agus tubaistí nádúrtha; agus

(d)

aon fhaisnéis ábhartha eile ar bhearta coisctheacha agus maolúcháin a bhaineann le cineál an tubaiste nádúrtha.

Beidh ag gabháil leis an tuarascáil cur chun feidhme tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta, a tharraingeofar suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta, lena suitear gur léargas fíréanta agus cothrom atá sa ráiteas lena dtugtar údar don chaiteachas agus go bhfuil an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste dlíthiúil agus rialta, i gcomhréir le hAirteagal 59(5) agus Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Ag deireadh an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an gcúnamh a chuirtear ar fáil faoin gCiste.

4.   I gcás ina n-íocann tríú páirtí ina dhiaidh sin as an damáiste a leigheas, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar an Stát is tairbhí méid comhfhreagrach a aisíoc ón ranníocaíocht airgeadais as an gCiste.

Airteagal 9

Maidir le hiarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(4), mar aon leis an gcomhaontú tarmligin agus le tuarascálacha agus aon doiciméid ghaolmhara eile sloinnfear na méideanna uile in euro.

Comhshófar méideanna an chaiteachais a thabhaítear in airgeadraí náisiúnta isteach in euro ag na rátaí laethúla malairte a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh don lá a ghlacann an Coimisiún an gníomh gaolmhar cur chun feidhme. I gcás nach bhfoilsítear aon ráta laethúil malairte don euro in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh don lá a ghlacann an Coimisiún an gníomh gaolmhar cur chun feidhme, déanfar an comhshó ag meán na rátaí míosúla cuntasaíochta a bhunaíonn an Coimisiún, a chinntear thar an tréimhse sin. Úsáidfear an ráta malartaithe aonair agus an ranníocaíocht airgeadais as an gCiste á cur chun feidhme agus mar bhunús leis an tuarascáil deiridh cur chun feidhme agus an ráiteas maidir leis an gcur chun feidhme agus leis na heilimintí den ranníocaíocht airgeadais a cheanglaítear faoi Airteagal 59(5) nó Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.”;

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d’Airteagal 10:

“2.   I gcás ina ndéantar luacháil is ísle go suntasach ar an damáiste, faoi mar a léirítear le heilimintí nua, aisíocfaidh an Stát is tairbhí an chuid den ranníocaíocht airgeadais is comhfhreagrach léi sin as an gCiste leis an gCoimisiún.”;

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear chun feidhme bearta a mhaoinítear faoin Rialachán seo, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí cistiúcháin, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*****) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (******) ón gComhairle d’fhonn a shuí an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le conradh a bhaineann le maoiniú an Aontais.

4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe tarmligin le tríú tíortha, sna conarthaí agus sna cinntí lena ndámhtar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste de thoradh an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den chineál sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

(*****)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1)."

(******)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).”;"

(11)

Scriostar Airteagal 13 agus Airteagal 14.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(2)  Tuairim an 28 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).

(5)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (IO C 373, 20.12.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).