27.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

135


RIALACHÁN (AE) Uimh. 660/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 maidir le loingsithe dramhaíola

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun an comhshaol a chosaint, le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos ceanglais maidir le loingsithe dramhaíola laistigh den Aontas agus maidir le loingsithe dramhaíola idir na Ballstáit agus tríú tíortha. Sainaithníodh, áfach, go raibh neamhréireachtaí agus bearnaí san fhorfheidhmiú agus sna hiniúchtaí a rinne na húdaráis a bhfuil baint acu le hiniúchtaí sna Ballstáit.

(2)

Ní mór iniúchtaí ar loingsithe dramhaíola a phleanáil go leormhaith chun an acmhainneacht a theastóidh do na hiniúchtaí a chinneadh agus chun cosc éifeachtach a chur le loingsithe neamhdhleathacha. Ba cheart, dá bhrí sin, na forálacha a leagtar síos in Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a neartú, ar forálacha iad a bhaineann le forfheidhmiú agus iniúchtaí, d’fhonn pleanáil rialta agus comhsheasmhach iniúchtaí den sórt sin a áirithiú. Ba cheart pleananna iniúchta a bhunú le haghaidh iniúchtaí a dhéantar i gcomhréir leis na forálacha sin. Ba cheart pleananna iniúchta a bhunú ar mheasúnú riosca agus ba cheart roinnt príomh-eilimintí a áireamh iontu, eadhon cuspóirí, tosaíochtaí, an limistéar geografach atá clúdaithe, faisnéis maidir le hiniúchtaí atá beartaithe, na cúraimí arna sannadh d’údaráis a bhfuil baint acu le hiniúchtaí, socruithe don chomhar idir na húdaráis sin a bhfuil baint acu le hiniúchtaí i mBallstát, i mBallstáit éagsúla agus i gcás inarb iomchuí, idir na húdaráis sin i mBallstáit agus i dtríú tíortha, agus faisnéis maidir le hoiliúint cigirí agus maidir leis na hacmhainní daonna, airgeadais agus acmhainní eile chun an plean iniúchta lena mbaineann a chur chun feidhme.

(3)

Féadfar pleananna iniúchta a tharraingt suas ina gceann agus ina gceann nó mar chuid atá sainithe go soiléir de phleananna eile.

(4)

Ós rud é go gcumhdaítear pleananna maidir le hiniúchtaí le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), beidh feidhm ag forálacha na Treorach sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na heisceachtaí atá in Airteagal 4 de, maidir le pleananna den sórt sin.

(5)

Ba cheart toradh na n-iniúchtaí agus na bearta a ghlactar, lena n-áirítear aon phionóis a fhorchuirtear, a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear go leictreonach ar an idirlíon.

(6)

Tá éagsúlacht sna rialacha ar fud an Aontais maidir leis an gcumhacht, agus leis an bhféidearthacht, a bheith ag údaráis a bhfuil baint acu le hiniúchtaí i mBallstáit, é a chur de cheangal fianaise a thabhairt d’fhonn dlíthiúlacht loingsithe a chinntiú. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh fianaise den sórt sin, inter alia, le cé acu “dramhaíl” an tsubstaint nó an rud de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 nó nach ea, nó le cé acu ar aicmíodh an dramhaíl i gceart, agus le cé acu a sheolfar an dramhaíl go saoráidí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán sin. Dá bhrí sin, ba cheart go bhforálfaí le hAirteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 gur féidir le húdaráis a bhfuil baint acu le hiniúchtaí i mBallstáit é a chur de cheangal fianaise den sórt sin a thabhairt. Féadfar fianaise den sórt sin a iarraidh ar bhonn forálacha ginearálta nó ar bhonn cáis ar chás. I gcás nach gcuirtear fianaise den sórt sin ar fáil nó ina meastar nach leor í, ba cheart a mheas gur loingsiú neamhdhleathach é iompar na substainte nó an ruda lena mbaineann, nó loingsiú na dramhaíola lena mbaineann, agus ba cheart déileáil leis i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

(7)

Is minic a thagann loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola ó bhailiú, sórtáil agus stóráil neamhrialaithe. Dá bhrí sin, dá ndéanfaí iniúchtaí ar loingsithe dramhaíola ar bhealach córasach, ba cheart go gcabhródh sé sin chun na gníomhaíochtaí neamhrialaithe sin a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu, rud a chuirfeadh cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 chun cinn.

(8)

Le go mbeadh dóthain ama ag Ballstáit ullmhú chun na bearta a cheanglaítear faoi Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, arna leasú leis an Rialachán seo, a chur i bhfeidhm, is iomchuí go nglacfaí na chéad phleananna iniúchta faoin 1 Eanáir 2017.

(9)

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart an chumhacht a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(10)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le heilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(11)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“7a.

is éard atá in ‘ath-úsáid’ ath-úsáid mar a shainmhínítear í in Airteagal 3(13) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

35a.

ciallaíonn ‘iniúchadh’ gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis lena mbaineann chun a fháil amach an gcomhlíonann bunaíocht, gnóthas, bróicéir, déileálaí, loingsiú dramhaíola nó an aisghabháil nó an diúscairt ghaolmhar na ceanglais ábhartha atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(*)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).”;"

(2)

in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Faoi réir chomhaontú na n-údarás inniúil lena mbaineann agus an fhógróra, féadfar an fhaisnéis agus na doiciméid atá liostaithe i mír 1 a chur isteach agus a mhalartú trí bhíthin idirmhalartú leictreonach na sonraí le síniú leictreonach nó le deimhniú leictreonach i gcomhréir le Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**), nó córas deimhnithe leictreonach inchomparáide a sholáthraíonn an leibhéal céanna slándála.

D’fhonn cur chun feidhme na chéad fhomhíre a éascú, glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb indéanta, gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na ceanglais theicniúla agus eagrúcháin maidir le cur chun feidhme praiticiúil idirmhalartú leictreonach na sonraí le haghaidh doiciméid agus faisnéis a chur isteach. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, agus áiritheoidh sé go bhfuil na ceanglais sin i gcomhréir le Treoir 1999/93/CE nó go soláthraíonn siad ar a laghad an leibhéal céanna slándála dá bhforáiltear faoin Treoir sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2).

(**)  Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha (IO L 13, 19.1.2000, lch. 12).”;"

(3)

leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Forálfaidh na Ballstáit, trí bhearta chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, inter alia, d’iniúchtaí ar bhunaíochtaí, gnóthais, bróicéirí agus déileálaithe i gcomhréir le hAirteagal 34 de Threoir 2008/98/CE, agus d’iniúchtaí ar loingsithe dramhaíola agus ar an aisghabháil nó an diúscairt ghaolmhar.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Faoin 1 Eanáir 2017, áiritheoidh na Ballstáit, i ndáil lena gcríoch gheografach iomlán, go mbunófar plean amháin nó níos mó, bíodh sé ina gceann agus ina gceann nó mar chuid atá sainithe go soiléir de phleananna eile, le haghaidh iniúchtaí arna gcur i gcrích de bhun mhír 2 (“plean iniúchta”). Beidh pleananna iniúchta bunaithe ar mheasúnú riosca a chlúdóidh sruthanna sonracha dramhaíola agus foinsí loingsithe neamhdhleathacha agus lena ndéanfar, sonraí faisnéisbhunaithe a bhreithniú, más ann dóibh agus más iomchuí, amhail sonraí ó imscrúdaithe de chuid na bpóilíní agus na n-údarás custaim agus anailísí ar ghníomhaíochtaí coiriúla. Beidh sé d’aidhm ag an measúnú riosca sin, inter alia, an t-íoslíon iniúchtaí atá riachtanach a shainaithint, lena n-áirítear seiceálacha fisiceacha ar bhunaíochtaí, gnóthais, bróicéirí, déileálaithe agus loingsithe dramhaíola nó ar an aisghabháil nó ar an diúscairt ghaolmhar. Beidh na heilimintí seo a leanas i bplean iniúchta:

(a)

cuspóirí agus tosaíochtaí na n-iniúchtaí, lena n-áirítear tuairisc ar an gcaoi ar sainaithníodh na tosaíochtaí sin;

(b)

an limistéar geografach a chumhdaítear leis an bplean iniúchta sin;

(c)

faisnéis faoi na hiniúchtaí atá á mbeartú, lena n-áirítear faoi sheiceálacha fisiceacha;

(d)

na tascanna a shanntar do gach údarás a bhfuil baint aige le hiniúchtaí;

(e)

socruithe don chomhar idir údaráis éagsúla a bhfuil baint acu le hiniúchtaí;

(f)

faisnéis faoi oiliúint na gcigirí faoi ábhair a bhaineann le hiniúchtaí; agus

(g)

faisnéis faoi na hacmhainní daonna, na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní eile chun an plean iniúchta sin a chur chun feidhme.

Déanfar athbhreithniú ar phlean iniúchta ar a laghad gach trí bliana agus i gcás inarb iomchuí, tabharfar cothrom le dáta é i. Déanfar meastóireacht sna athbhreithniú sin ar a mhéid a cuireadh cuspóirí agus eilimintí eile an phlean iniúchta sin chun feidhme.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfar iniúchtaí ar loingsithe a dhéanamh go háirithe:

(a)

ag an bpointe tionscnaimh, agus iad á ndéanamh leis an táirgeoir, leis an sealbhóir nó leis an bhfógróir;

(b)

ag an bpointe cinn scríbe, lena n-áirítear aisghabháil nó diúscairt eatramhach agus neamh-eatramhach, agus iad á ndéanamh leis an gcoinsíní nó leis an tsaoráid;

(c)

ag teorainneacha an Aontais; agus/nó

(d)

le linn an loingsithe laistigh den Aontas.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Sna hiniúchtaí ar loingsithe, áireofar doiciméid a fhíorú, sainaitheantas a dhearbhú agus, nuair is iomchuí, seiceáil fhisiceach a dhéanamh ar an dramhaíl.”;

(e)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“4a.   Chun a fháil amach nach dramhaíl atá i substaint nó i rud a iompraítear de bhóthar, ar an iarnród, san aer, ar an bhfarraige nó ar uiscebhealaí intíre, féadfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu leis na hiniúchtaí, gan dochar do Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***), a chur de cheangal ar an duine nádúrtha nó ar an duine dlítheanach a bhfuil seilbh aige ar an tsubstaint nó ar an rud lena mbaineann, nó a shocraíonn iompar na substainte nó an ruda, fianaise dhoiciméadach a thíolacadh:

(a)

faoi thionscnamh agus faoi cheann scríbe na substainte nó an ruda lena mbaineann; agus

(b)

nach dramhaíl í, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, fianaise ar fheidhmiúlacht.

Chun críoch na chéad fomhíre, gheofar amach freisin cosaint na substainte nó an ruda lena mbaineann in aghaidh díobhála le linn iompair, luchtaithe agus díluchtaithe, amhail pacáistiú leordhóthanach agus cruachadh iomchuí.

4b.   Féadfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le hiniúchtaí teacht ar an gconclúid gur dramhaíl atá sa tsubstaint nó sa rud lena mbaineann i gcás:

nach ndearnadh an fhianaise dá dtagraítear i mír 4a nó an fhianaise a theastaíonn faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais chun a fháil amach nach dramhaíl atá i substaint nó i rud, a thíolacadh laistigh den tréimhse a shonróidh siad, nó

go measann siad nach leordhóthanach an fhianaise agus an fhaisnéis atá ar fáil dóibh chun teacht ar chonclúid, nó go measann siad nach leordhóthanach an chosaint a soláthraíodh in aghaidh díobhála dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4a.

In imthosca den sórt sin, measfar gur loingsiú neamhdhleathach a bheidh in iompar na substainte nó an ruda lena mbaineann, nó i loingsiú na dramhaíola lena mbaineann. Dá bhrí sin, déileálfar leis i gcomhréir le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 25 den Rialachán seo agus déanfaidh an t-údarás a bhfuil baint aige le hiniúchtaí údarás inniúil na tíre ina ndearnadh an t-iniúchadh lena mbaineann a chur ar an eolas, gan mhoill, dá réir sin.

4c.   D’fhonn a fháil amach an gcomhlíontar an Rialachán seo le loingsiú dramhaíola, féadfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le hiniúchtaí a chur de cheangal ar an bhfógróir, an duine a shocraíonn an loingsiú, an sealbhóir, an iompróir, an coinsíní agus ar an tsaoráid a fhaigheann an dramhaíl fianaise dhoiciméadach ábhartha a thíolacadh dóibh laistigh de thréimhse a shonróidh siad.

Chun a fháil amach, go háirithe, an bhfuil loingsiú dramhaíola a thagann faoi na ceanglais ghinearálta faisnéise atá in Airteagal 18 ceaptha d’oibríochtaí aisghabhála atá i gcomhréir le hAirteagal 49, féadfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le hiniúchtaí a chur de cheangal ar an duine a shocraíonn an loingsiú fianaise dhoiciméadach ábhartha a thíolacadh, ar faisnéis í a sholáthróidh an tsaoráid aisghabhála eatramhach agus neamh-eatramhach agus, más gá, a fhormheasfaidh údarás inniúil an chinn scríbe.

4d.   I gcás nár cuireadh an fhianaise dá dtagraítear i mír 4c faoi bhráid na n-údarás a bhfuil baint acu le hiniúchtaí laistigh den tréimhse a shonraigh siad, nó i gcás go measann siad nach bhfuil an fhianaise agus an fhaisnéis atá ar fáil dóibh leordhóthanach chun teacht ar chonclúid, measfar gur loingsiú neamhdhleathach an loingsiú lena mbaineann. Dá bhrí sin, déileálfar leis i gcomhréir le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 25 agus déanfaidh an t-údarás a bhfuil baint aige le hiniúchtaí údarás inniúil na tíre ina ndearnadh an t-iniúchadh a chur ar an eolas, gan mhoill, dá réir sin.

4e.   Faoin 18 Iúil 2015, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, réamh-thábla comhghaoil idir cóid na hainmníochta comhcheangailte, dá bhforáiltear le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (****), agus iontrálacha dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn III, IIIA, IIIB, IV, IVA agus V a ghabhann leis an Rialachán seo. Coimeádfaidh an Coimisiún an tábla comhghaoil sin cothrom le dáta d’fhonn athruithe ar an ainmníocht sin agus ar na hiontrálacha a liostaítear sna hIarscríbhinní sin a léiriú, agus chun aon chóid nua a bhaineann le dramhaíl sa Chóras Ainmníochta Comhchuibhithe a fhéadfaidh an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim a ghlacadh a áireamh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2).

(***)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le trealamh dramhaíola leictreach agus leictreonach (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38)."

(****)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).”;"

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Comhoibreoidh na Ballstáit, ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach, lena chéile le gur fusa a bheidh sé loingsithe neamhdhleathacha a chosc agus a bhrath. Malartóidh siad faisnéis ábhartha faoi loingsithe dramhaíola, sreabha dramhaíola, oibreoirí agus saoráidí agus roinnfidh siad taithí agus eolas faoi bhearta forfheidhmiúcháin, lena n-áirítear an measúnú riosca a rinneadh de bhun mhír 2a den Airteagal seo, laistigh de struchtúir bhunaithe, go háirithe, trí líonra na gcomhfhreagraithe a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 54.”;

(4)

in Airteagal 51, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Roimh dheireadh gach bliana féilire, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil don bhliain roimhe sin a tharraingt suas freisin, ar tuarascáil í a bheidh bunaithe ar an gceistneoir tuairiscithe breise atá in Iarscríbhinn IX, agus seolfaidh siad chuig an gCoimisiún í. Laistigh de mhí ón dáta a dtarchuirfear an tuarascáil sin chuig an gCoimisiún, déanfaidh na Ballstáit an chuid sin den tuarascáil sin a bhaineann le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 50(1), (2) agus (2a), lena n-áirítear Tábla 5 d’Iarscríbhinn IX, a chur ar fáil go poiblí, go leictreonach ar an idirlíon san áireamh, i dteannta aon mhíniúcháin a mheasann na Ballstáit a bheith iomchuí. Tiomsóidh an Coimisiún liosta hipearnaisc na mBallstát dá dtagraítear sa chuid sin a bhaineann le hAirteagal 50(2) agus (2a) atá in Iarscríbhinn IX agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí é ar a láithreán gréasáin.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58:

“Airteagal 58

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58a chun an méid seo a leanas a leasú:

(a)

Iarscríbhinní IA, IB, IC, II, III, IIIA, IIIB, IV, V, VI agus VII chun na hathruithe a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Basel agus faoi Chinneadh ECFE a chur san áireamh;

(b)

Iarscríbhinn V chun athruithe ar an liosta dramhaíola a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2008/98/CE a léiriú, ar athruithe iad a comhaontaíodh;

(c)

Iarscríbhinn VIII chun cinntí a rinneadh faoi choinbhinsiúin agus comhaontuithe ábhartha idirnáisiúnta a léiriú.”;

(6)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 58a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 58 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 17 Iúil 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 58 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé aon difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 58 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(7)

scriostar Airteagal 59.

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 59a:

“Airteagal 59a

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Tá an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”;

(9)

in Airteagal 60, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Faoin 31 Nollaig 2020, déanfaidh an Coimisiún, agus na tuarascálacha a tarraingíodh suas i gcomhréir le hAirteagal 51, inter alia, á gcur san áireamh, athbhreithniú ar an Rialachán seo agus tuarascáil maidir leis na torthaí atá inti a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar tuarascáil í a mbeidh togra reachtach in éineacht léi, más iomchuí. San athbhreithniú sin, breithneoidh an Coimisiún, go háirithe, éifeachtacht Airteagal 50(2a) le loingsithe neamhdhleathacha a chomhrac, agus gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha á gcur san áireamh.”;

(10)

leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda a bhaineann le hAirteagal 50(2):

“Faisnéis achomair ar thoradh na n-iniúchtaí a chuirtear i gcrích de bhun Airteagal 50(2), lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

líon na n-iniúchtaí, lena n-áirítear seiceálacha fisiciúla, ar bhunaíochtaí, gnóthais, bróicéirí agus déileálaithe, a bhaineann le loingsithe dramhaíola:

líon na n-iniúchtaí ar loingsithe dramhaíola, lena n-áirítear seiceálacha fisiciúla:

líon na neamhdhleathachtaí a shíltear a bhaineann le bunaíochtaí, gnóthais, bróicéirí agus déileálaithe, ar neamhdhleathachtaí iad a bhaineann le loingsithe dramhaíola;

líon na loingsithe a shíltear a bheith neamhdhleathach a shuífear le linn na n-iniúchtaí sin:

Barúlacha breise:”;

(b)

cuirtear isteach an chuid seo a leanas a bhaineann le hAirteagal 50(2a):

Airteagal 50(2a)

Faisnéis i dtaobh an phlean/na bpleananna iniúchta

Líon na bpleananna iniúchta le haghaidh na críche geografaí ina hiomláine:

Dáta glactha an phlean/na bpleananna iniúchta agus an tréimhse a chlúdaítear leo:

An dáta athbhreithnithe is déanaí don phlean/do na pleananna iniúchta: agus

Na húdaráis a bhfuil baint acu le hiniúchtaí agus an comhar idir na húdaráis sin:

Na comhlachtaí nó na daoine ar féidir ábhair imní nó mírialtachtaí a thuairisciú dóibh a léiriú:”;

(c)

cuirtear isteach an chuid seo a leanas a bhaineann le hAirteagal 50(2) agus (2a):

“An nasc trína bhféadfar rochtain a fháil go leictreonach ar an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil go poiblí tríd an idirlíon i gcomhréir le hAirteagal 51(2):”;

(11)

in Iarscríbhinn IX, Tábla 5, cuirtear an méid a leanas in ionad an cheannteidil ar an gcolún deireanach:

“Bearta a glacadh, lena n-áirítear aon phionóis a forchuireadh”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2016.

D’ainneoin an dara mír, beidh feidhm ag pointe (4) d’Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(2)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(5)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena leasaítear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).