27.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

93


RIALACHÁN (AE) Uimh. 656/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (d) d’Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid a leanas:

(1)

Is í aidhm bheartas an Aontais i réimse theorainneacha seachtracha an Aontais a chinntiú go ndéantar faireachán éifeachtúil ar thrasnú teorainneacha seachtracha lena n-áirítear trí fhaireachas teorann agus cuidiú a áirithiú go ndéanfar beatha a chosaint agus a shábháil ag an am céanna. Is é cuspóir an fhaireachais teorann cosc a chur ar thrasnú teorann neamhúdaraithe, dul i ngleic le coiriúlacht trasteorann agus na daoine sin a thrasnaigh an teorainn ar bhealach mírialta a ghabháil nó bearta eile a dhéanamh ina gcoinne. Ba cheart go mbeadh faireachas teorann éifeachtach chun daoine a chosc agus a dhíspreagadh ó dhul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann. Chuige sin, níl faireachas teorann teoranta d’iarrachtaí ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe a bhrath ach áirítear air chomh maith bearta amhail soithí a mheastar atá ag iarraidh dul isteach san Aontas, beag beann ar sheiceálacha teorann, a ghabháil, mar aon le socruithe a bhfuil sé i gceist leo dul i ngleic le cásanna amhail cuardach agus tarrtháil a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríocht faireachais teorann ar an bhfarraige agus socruithe a bhfuil sé i gceist leo oibríocht den chineál sin a thabhairt chun críche ar bhealach rathúil.

(2)

Ba cheart go mbeadh beartais an Aontais maidir le bainistiú teorann, tearmann agus inimirce agus a gcur chun feidhme faoi rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta idir na Ballstáit, de bhun Airteagal 80 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Beidh bearta iomchuí chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal sin i ngníomhartha de chuid an Aontais a ghlactar faoi chuimsiú na mbeartas sin, aon uair is gá, agus chun comhroinnt an ualaigh a chur chun cinn trí thairbhithe ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh a aistriú ar bhonn deonach.

(3)

Ba cheart go mbeadh raon feidhme an Rialacháin seo teoranta d’oibríochtaí faireachais teorann a dhéanann Ballstáit ag a dteorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs an chomhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’), a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (2). Rialaítear bearta imscrúdaithe agus pionósacha le dlí náisiúnta coiriúil agus leis na hionstraimí atá ann maidir le cúnamh frithpháirteach dlíthiúil i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla san Aontas.

(4)

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as an gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit a chomhordú i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear faireachas teorann. Tá an Ghníomhaireacht freagrach chomh maith as cuidiú le Ballstáit in imthosca ina dteastaíonn breischúnamh teicniúil ag na teorainneacha seachtracha, agus é á áireamh go bhféadfadh éigeandáil dhaonnúil agus tarrtháil ar an bhfarraige a bheith i gceist i roinnt cásanna. Teastaíonn rialacha sonracha maidir le gníomhaíochtaí faireachais teorann a dhéanann aonaid mhuirí, talaimh agus aeir as Ballstát amháin ag teorainn farraige Bhallstát eile nó ar an mórmhuir i gcomhthéacs an chomhoibrithe oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht chun an comhar sin a neartú tuilleadh.

(5)

Tá comhar le tríú tíortha ríthábhachtach le go gcuirfear cosc ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe, chun coiriúlacht trasteorann a chomhrac agus chun nach gcaillfear daoine agus iad ar dhroim na mara. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus a mhéid agus a áiritheofar meas iomlán ar chearta bunúsacha na n-imirceach, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha, go háirithe ó thaobh anailís riosca agus oiliúna de, agus ba cheart comhar oibríochtúil idir Ballstáit agus tríú tíortha a éascú. Agus comhar le tríú tíortha ar siúl ar chríoch nó ar fharraige theorann na dtíortha sin, ba cheart go gcomhlíonfadh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht noirm agus caighdeáin atá comhionann, ar a laghad, leis na cinn a leagtar síos le dlí an Aontais.

(6)

Feictear leis an gCóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), an malartú faisnéise agus an comhar oibríochtúil a neartú idir Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht. Is ann dó sin chun a áirithiú go dtiocfaidh feabhas suntasach ar fheasacht suímh agus ar chumas fhrithghníomhaithe na mBallstát, agus le tacaíocht ón nGníomhaireacht, chun críche inimirce mhídhleathach agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus a chomhrac agus cabhrú lena áirithiú go ndéanfar beatha imirceach a chosaint agus a shábháil ag a dteorainneacha seachtracha. Agus comhordú á dhéanamh ar oibríochtaí faireachais teorainneacha, ba cheart don Ghníomhaireacht faisnéis agus anailís maidir leis na hoibríochtaí sin a thabhairt do Bhallstáit i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(7)

Cuirtear an Rialachán seo in ionad Chinneadh 2010/252/AE ón gComhairle (4) a chuir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt”) ar neamhní lena breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2012 i gCás C-355/10. Sa bhreithiúnas sin, choimeád an Chúirt éifeachtaí Chinneadh 2010/252/AE go dtí go dtiocfadh rialacha nua i bhfeidhm. Mar sin, amhail ón lá a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, scoirfidh an Cinneadh sin d’éifeacht a bheith aige.

(8)

Le linn oibríochtaí um fhaireachas ar theorainneacha ar muir, ba cheart do na Ballstáit a n-oibleagáidí faoi seach a urramú faoin Dlí Idirnáisiúnta, go háirithe faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus a Phrótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir agus san Aer, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dTaobh Stádas Dídeanaithe, faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus faoi ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile.

(9)

Agus comhordú á dhéanamh aici ar oibríochtaí faireachais teorann ar muir, ba cheart go gcomhlíonfadh an Ghníomhaireacht a cúraimí agus dlí ábhartha an Aontais á chomhlíonadh aici ina iomláine, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus an dlí ábhartha idirnáisiúnta, go háirithe an méid sin dá dtagraítear in aithris 8.

(10)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, ba cheart go mbeadh aon bheart a dhéantar le linn oibríochta faireachais i gcomhréir leis na cuspóirí arna saothrú, ba cheart go mbeadh sé neamh-idirdhealaitheach agus ba cheart go léireofaí meas iomlán leis ar dhínit an duine, cearta bunúsacha agus cearta dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn, lena n-áirítear prionsabal an non-refoulement. Tá na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht faoi cheangal ag forálacha an acquis tearmainn, agus go háirithe Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir leis na hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a rinneadh sa chríoch, lena n-áirítear ag an teorainn, sna huiscí críochacha nó i gcriosanna trasdula na mBallstáit.

(11)

Ba cheart go mbeadh feidhmiú an Rialacháin seo gan dochar do Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), go háirithe maidir leis an gcúnamh atá le tabhairt d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine.

(12)

Ba cheart go gcuirfí an Rialachán seo i bhfeidhm agus prionsabal an non-refoulement á comhlíonadh go hiomlán mar a shainítear sa Chairt é agus mar a léirmhínítear é i gcásdlí na Cúirte agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. I gcomhréir leis an bprionsabal sin, ní dhéanfar aon duine a dhíbhordáil, ní thabharfar air dul isteach i dtír, ní chuirfear chuig tír é nó ní thabharfar ar láimh é d’údaráis aon tíre ina bhfuil, inter alia, baol tromchúiseach go gcuirfear pionós an bháis, íde, géarleanúint nó cóir nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach air nó ina gcuirfear a shaol nó a shaoirse i mbaol mar gheall ar a chine, a reiligiún, a náisiúntacht, a chlaonadh inscne, a bhallraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a thuairimí polaitiúla; tír óna mbeadh baol mór díbeartha, bainte nó eiseachadta chuig tír eile de shárú ar phrionsabal an non-refoulement.

(13)

Le comhaontú a d’fhéadfadh a bheith idir Ballstát agus tríú tír, ní scaoiltear Ballstáit óna n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe maidir le comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement, nuair atá siad ar an eolas nó más ceart go mbeidís ar an eolas gurb ionann easnamh córasach sa nós imeachta tearmainn agus i gcoinníollacha fáiltithe iarrthóirí tearmainn sa tríú tír sin agus forais shuntasacha le creidiúint go mbeadh an t-iarrthóir tearmainn i mbaol tromchúiseach a bheith faoi réir íde mhídhaonna nó tháireach nó má tá siad ar an eolas nó más ceart go mbeidís ar an eolas go mbíonn an tríú tír sin ag gabháil do chleachtais de shárú ar phrionsabal an non-refoulement.

(14)

D’fhéadfadh cás teacht chun cinn le linn oibríocht um fhaireachas teorann ar an bhfarraige ina mbeadh sé riachtanach cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair. De réir an dlí idirnáisiúnta, caithfidh gach Stát a éileamh go dtabharfaidh máistir gach soithigh a bhfuil brat ar crochadh air, a mhéid agus is féidir leis gan dochar tromchúiseach don soitheach, an criú nó na paisinéirí, cúnamh gan mhoill d’aon duine a aimsítear ar an bhfarraige agus atá i bpriacal a chaillte, agus go ndéanfar daoine in anacair a tharrtháil chomh gasta agus is féidir. Ba cheart an cúnamh sin a thabhairt beag beann ar náisiúntacht nó stádas na ndaoine óna dteastaíonn an cúnamh nó na gcúinsí ina n-aimsítear iad. Níor cheart go gcuirfí pionóis choiriúla ar an máistir loinge ná ar an bhfoireann siocair go ndearna siad daoine in anacair a tharrtháil agus iad a thabhairt go háit shábháilte.

(15)

Ba cheart do Bhallstáit an oibleagáid cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair a chomhlíonadh de réir fhorálacha infheidhmithe na n-ionstraimí idirnáisiúnta lena rialaítear cásanna cuardaigh agus tarrthála agus de réir na riachtanas a bhaineann le cosaint na gceart bunúsach. Níor cheart go ndéanfaí difear ar bith leis an Rialachán seo d’fhreagrachtaí na n-údarás cuardaigh agus tarrthála, lena n-áirítear a áirithiú go ndéantar comhordú agus comhar i gcaoi is gur féidir na daoine a tharrtháiltear a thabhairt chuig áit shábháilte.

(16)

I gcás ina n-áirítear réigiún cuardaigh agus tarrthála tríú tír ar limistéar oibríochtúil oibríocht farraige, ba cheart a iarraidh go mbunófaí bealaí cumarsáide le húdaráis chuardaigh agus tarrthála an tríú tír sin agus oibríocht farraige á pleanáil, agus é a áirithiú ar an gcaoi sin go mbeidh na húdaráis sin in ann freagairt a thabhairt ar chásanna cuardaigh agus tarrthála a thagann chun cinn ina réigiún cuardaigh agus tarrthála sin.

(17)

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, déanann an Ghníomhaireacht oibríochtaí um fhaireachas teorann a chomhordú i gcomhréir le plean oibríochtúil. Dá réir sin, maidir le hoibríochtaí ar an bhfarraige, ba cheart a áireamh sa phlean oibríochtúil faisnéis shonrach ar fheidhmiú na dlínse agus na reachtaíochta ábhartha sa limistéar geoghrafach ina ndéantar an oibríocht chomhpháirteach, tionscadal píolótach, nó an idirghabháil mhear, lena n-áirítear tagairtí do dhlí an Aontais agus don dlí idirnáisiúnta, maidir le tascradh, tarrtháil ar an bhfarraige agus díbhordáil. Ba cheart plean oibríochtúil a bhunú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo lena rialaítear tascradh, tarrtháil ar muir agus díbhordáil i gcomhthéacs oibríochtaí faireachais teorann ar an bhfarraige a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht agus ag féachaint do chúinsí faoi leith na hoibríochta lena mbaineann. Ba cheart a áireamh sa phlean oibríochtúil nósanna imeachta lena áirithiú go sainaithneofar daoine ag a bhfuil riachtanais idirnáisiúnta cosanta, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, mionaoisigh gan tionlacan agus daoine éislinneacha eile agus go gcuirfear an cúnamh iomchuí ar fáil, lena n-áirítear rochtain ar chosaint idirnáisiúnta.

(18)

Is é an cleachtas faoi Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 go mbunaítear, do gach oibríocht farraige, struchtúr comhordaithe sa Bhallstát óstach, ina mbíonn oifigigh ón mBallstát óstach, aoi-oifigigh agus ionadaithe ón nGníomhaireacht, lena n-áirítear Oifigeach Comhordaithe na Gníomhaireachta. Ba cheart an struchtúr comhordaithe seo, ar a dtugtar Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta go hiondúil, a bheith ina bhealach cumarsáide idir na hoifigigh atá páirteach san oibríocht farraige agus na húdaráis lena mbaineann.

(19)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gCairt, go háirithe meas ar dhínit an duine, an ceart chun beatha, toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, toirmeasc ar gháinneáil ar dhaoine, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun tearmainn agus chun cosanta i gcoinne aistrithe nó díbeartha, prionsabail an non-refoulement agus an neamh-idirdhealaithe, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus cearta an linbh. Ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha sonracha a ghlacadh maidir le faireachas ar theorainneacha farraige ag gardaí teorann ag feidhmiú faoi chomhordú na Gníomhaireachta, a ghnóthú go leordhóthanach de bharr na ndifríochtaí ina ndlíthe agus ina gcleachtais, ach gur féidir, de bharr cháilíocht ilnáisiúnta na n-oibríochtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le hacquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(22)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas Ríocht na hIorua le hacquis Schengen (8) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (9).

(23)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (10) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm, agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (11).

(24)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (12) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (13).

(25)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (14); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoina cheangal ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(26)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (15); dá bhrí sin, níl Éire páirteach ina ghlacadh agus níl sí faoina cheangal ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí um fhaireachas teorann arna ndéanamh ag Ballstáit ag a dteorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs an chomhair oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “Gníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

(2)

ciallaíonn “oibríocht farraige” comhoibríocht, tionscadal píolótach nó idirghabháil mhear arna dhéanamh nó arna déanamh ag Ballstáit le haghaidh faireachais ar a dteorainneacha farraige seachtracha faoi chomhordú na Gníomhaireachta;

(3)

ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát ina ndéantar oibríocht farraige nó óna seoltar í;

(4)

ciallaíonn “Ballstát rannpháirteach” Ballstát a ghlacann páirt in oibríocht farraige trí threalamh teicniúil, gardaí teorann a imlonnaítear mar chuid d’Fhoirne Eorpacha Gardaí Teorann nó foireann ábhartha eile a sholáthar ach nach Ballstát óstach é;

(5)

ciallaíonn “aonad rannpháirteach” aonad muirí, talaimh nó aeir faoi fhreagracht an Bhallstáit óstaigh nó Ballstáit rannpháirtigh a ghlacann páirt in oibríocht farraige;

(6)

ciallaíonn “Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta” an struchtúr comhordaithe arna bhunú laistigh den Bhallstát óstach chun an oibríocht farraige a chomhordú;

(7)

ciallaíonn “Ionad Comhordaithe Náisiúnta” an t-ionad comhordaithe náisiúnta arna bhunú chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013;

(8)

ciallaíonn “plean oibríochtúil” an plean oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 3a agus in Airteagal 8e de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

(9)

ciallaíonn “soitheach” aon chineál árthaigh a úsáidtear ar an bhfarraige, lena n-áirítear báid, báidíní calaidh, ardáin ar snámh, árthach neamh-dhíláithriúcháin agus muireitleáin, a úsáidtear nó ar féidir iad a úsáid ar an bhfarraige;

(10)

ciallaíonn “soitheach gan stát” soitheach gan náisiúntacht nó soitheach atá asamhlaithe le soitheach gan náisiúntacht nuair nár thug aon Stát an ceart don soitheach a bhrat a chur ar foluain nó nuair a sheolann sé faoi bhrat dhá Stát nó níos mó, agus iad á n-úsáid de réir áisiúlachta;

(11)

ciallaíonn “Prótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil” an Prótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir agus san Aer, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta arna shíniú in Palermo, an Iodáil i Nollaig 2000;

(12)

ciallaíonn “áit shábháilte” áit ina meastar go dtagann deireadh le hoibríochtaí tarrthála agus áit nach bhfuil bagairt ar shábháilteacht bheatha na marthanóirí, áit ar féidir a mbunriachtanais dhaonna a shásamh agus ónar féidir socruithe iompair a dhéanamh do mharthanóirí chuig a gcéad cheann scríbe eile nó a gceann scríbe deiridh, agus cosaint a gcuid ceart bunúsach á cur san áireamh i gcomhréir le prionsabal an non-refoulement;

(13)

ciallaíonn “Ionad Comhordaithe Tarrthála” aonad atá freagrach as eagrú éifeachtúil a chur chun cinn i dtaobh seirbhísí cuardaigh agus tarrthála agus as comhordú iompar oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála laistigh de réigiún cuardaigh agus tarrthála arna sainmhíniú sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil ar Muir;

(14)

ciallaíonn “réigiún tadhlach” réigiún atá tadhlach leis an bhfarraige theorann mar a shainmhínítear in Airteagal 33 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, i gcás ina bhfógraítear amhlaidh go foirmiúil;

(15)

ciallaíonn “Ballstát cósta” Ballstát ina dtarlaíonn tascradh ina fharraige theorann nó ina réigiún tadhlach.

CAIBIDIL II

RIALACHA GINEARÁLTA

Airteagal 3

Sábháilteacht ar an bhfarraige

Bearta a dhéanfar chun críche oibríochta farraige, déanfar iad ar bhealach lena n-áirithítear, i ngach cás, sábháilteacht na ndaoine tascartha nó tarrtháilte, sábháilteacht na n-aonad rannpháirteach ná sábháilteacht tríú páirtithe.

Airteagal 4

Cosaint na gceart bunúsach agus prionsabal an non-refoulement

1.   Ní dhíbhordálfar aon duine i dtír, ní chuirfear brú air nó uirthi dul isteach i dtír, ní sheolfar chuig tír é nó í nó ní thabharfar ar láimh é nó í d’údaráis tíre, de shárú ar phrionsabal an non-refoulement, ar tír í ina bhfuil, inter alia, baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, céastóireacht, géarleanúint nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach air nó uirthi nó ina gcuirfí a shaol nó a saol nó a shaoirse nó a saoirse i mbaol mar gheall ar a chine nó a cine, a reiligiún, a náisiúntacht, a chlaonadh gnéasach nó a claonadh gnéasach, a bhallraíocht nó a ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a thuairimí nó a tuaraimí polaitiúla, nó ar tír í óna bhfuil baol tromchúiseach díbeartha, díchuir nó eiseachadta chuig tír eile de shárú ar phrionsabal an non-refoulement.

2.   Ag cuimhneamh dó ar dhíbhordáil a d’fhéadfadh titim amach i dtríú tír, i gcomhthéacs oibríocht farraige a phleanáil, déanfaidh an Ballstát óstach, i gcomhar leis na Ballstáit rannpháirteacha agus leis an nGníomhaireacht, an staid ghinearálta sa tríú tír sin a chur san áireamh.

Beidh an measúnú ar an staid ghinearálta i dtríú tír bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear ó raon leathan foinsí, a bhféadfar Ballstáit eile, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta a áireamh leis agus féadfar a chur san áireamh leis aon chomhaontú nó aon tionscadal maidir le himirce agus tearmann más ann dóibh agus a cuireadh i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais agus trí chistí an Aontais. Beidh an measúnú sin mar chuid den phlean oibríochtúil, cuirfear ar fáil do na haonaid rannpháirteacha é agus tabharfar cothrom le dáta é de réir mar is gá.

Ní dhíbhordálfar daoine tascartha nó tarrtháilte i dtríú tír, ní chuirfear brú orthu dul isteach i dtríú tír, ní sheolfar chuig tríú tír iad ná ní thabharfar ar láimh iad d’údaráis tríú tír nuair atá an Ballstát óstach nó na Ballstáit rannpháirteacha ar an eolas nó más ceart go mbeidís ar an eolas go mbíonn an tríú tír sin ag gabháil do chleachtais a bhfuil tuairisc déanta orthu i mír 1.

3.   Le linn oibríochta farraige, sula ndíbhordálfar na daoine tascartha nó tarrtháilte i dtríú tír, sula gcuirfear brú orthu dul isteach i dtríú tír, sula seolfar chuig tríú tír iad ná sula dtabharfar ar láimh iad d’údaráis tríú tír agus an measúnú ar an staid ghinearálta sa tríú tír sin á chur san áireamh i gcomhréir le mír 2, déanfaidh na haonaid rannpháirteacha, gan dochar d’Airteagal 3, gach modh a úsáid chun na daoine tascartha nó tarrtháilte a shainaithint, chun a gcuid imthosca pearsanta a mheas, chun iad a chur ar an eolas maidir lena gceann scríbe ar bhealach is intuigthe do na daoine sin nó a d’fhéadfaí a mheas go réasúnta gurb intuigthe é agus tabharfaidh siad an deis dóibh aon chúis go gcreideann siad go mbeadh díbhordáil san áit atá beartaithe ag sárú prionsabal an non-refoulement a chur in iúl.

Chun na gcríoch sin, cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil sa phlean oibríochtúil lena n-áireofar, más gá, gurb ann cois cladaigh d’fhoirne liachta, d’ateangairí, do chomhairleoirí dlí agus do shaineolaithe ábhartha eile de chuid na mBallstát óstach agus na mBallstát rannpháirteach. Áireofar ar gach aonad rannpháirteach duine amháin ar a laghad a bhfuil traenáil gharchabhrach bhunúsach aige.

Beidh san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 13, bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit óstacha agus na Ballstáit rannpháirteacha ar fáil, tuilleadh sonraí maidir le cásanna díbhordála i dtríú tíortha agus maidir leis an gcaoi a chuir na haonaid rannpháirteacha gach gné de na nósanna imeachta i bhfeidhm a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo chun comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a áirithiú.

4.   Le linn oibríochta farraige, rachaidh na haonaid rannpháirteacha i ngleic le riachtanais speisialta leanaí, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha, íospartach gáinneála ar dhaoine, daoine óna dteastaíonn cúnamh liachta práinneach, daoine atá faoi mhíchumas, daoine óna dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta agus daoine eile a bhfuil leochaileacht faoi leith ag baint leis an staid ina bhfuil siad.

5.   Maidir le haon mhalartú de shonraí pearsanta le tríú tíortha le linn na hoibríochta farraige chun críocha an Rialacháin seo, beidh teorainn dhocht leis ionas nach malartófar ach díreach an méid is gá agus déanfar é i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), le Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (17) agus leis na forálacha náisiúnta ábhartha maidir le cosaint sonraí.

I gcás sonraí pearsanta a bhaineann le daoine tascartha nó tarrtháilte, a fhaightear le linn oibríochta farraige, déanfar a malartú le tríú tíortha a chosc i gcás go bhfuil baol tromchúiseach ann go sárófar prionsabal an non-refoulement.

6.   Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh, déanfaidh aonaid rannpháirteacha dínit an duine a urramú go hiomlán.

7.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na bearta uile a ghlacfaidh na Ballstáit nó an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo.

8.   Cuirfear oiliúint ar ghardaí teorann agus ar bhaill foirne eile atá rannpháirteach in oibríocht farraige maidir le forálacha ábhartha na gceart bunúsach, dlí dídeanaithe agus réim dlí idirnáisiúnta cuardaigh agus tarrthála i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.

CAIBIDIL III

RIALACHA SONRACHA

Airteagal 5

Brath

1.   Ar a bhrath, rachaidh na haonaid rannpháirteacha i ngar do shoitheach a mheastar a bheith ag iompar daoine atá ag dul timpeall ar sheiceálacha nó a bhfuil sé i gceist acu dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann nó a mheastar a bheith páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige d’fhonn a aitheantas agus a náisiúntacht a fheiceáil agus, ag feitheamh le bearta breise, breathnófar ar an soitheach sin ó fhad stuama agus na réamhchúraimí cuí go léir á nglacadh. Baileoidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir leis an soitheach sin agus cuirfidh siad í in iúl láithreach don Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, faisnéis i ndáil le cás na ndaoine ar bord, go háirithe más amhlaidh go bhfuil a mbeathaí i ngar-bhaol nó go bhfuil daoine ann a bhfuil cúnamh liachta ag teastáil uathu go géar. Déanfaidh an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta an fhaisnéis sin a tharchur chuig Ionad Comhordaithe Náisiúnta an Bhallstáit óstaigh.

2.   Sa chás go bhfuil soitheach ar tí nó tar éis dul isteach i bhfarraige theorann nó i réigiún tadhlach Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht farraige, baileoidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir leis an soitheach sin agus cuirfidh siad í in iúl don Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, a tharchuirfidh an fhaisnéis sin chuig Ionad Comhordaithe Náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

3.   Baileoidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir le haon soitheach a mheastar a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí mídhleathacha ar an bhfarraige atá lasmuigh de raon feidhme na hoibríochta farraige agus cuirfidh siad í in iúl don Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, a tharchuirfidh an fhaisnéis sin chuig Ionad Comhordaithe Náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 6

Tascradh san fharraige theorann

1.   I bhfarraige theorann an Bhallstáit óstaigh nó Ballstáit rannpháirtigh chomharsanachta, údaróidh an Stát sin do na haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhféadfadh sé go bhfuil soitheach ag iompar daoine a bhfuil sé i gceist acu dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann nó atá páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige:

(a)

faisnéis agus doiciméadacht a iarraidh maidir le húinéireacht, clárú agus eilimintí a bhaineann le turas an tsoithigh, agus maidir le haitheantas, náisiúntacht agus sonraí ábhartha eile na ndaoine ar bord, lena n-áirítear más amhlaidh go bhfuil daoine ann a bhfuil cúnamh liachta ag teastáil uathu go géar, agus a chur in iúl do dhaoine ar bord go bhféadfadh nach n-údarófar dóibh an teorainn a thrasnú;

(b)

an soitheach, a lastas agus na daoine ar bord a stopadh, a bhordáil agus a chuardach, agus na daoine ar bord a cheistiú agus a chur in iúl dóibh go bhféadfaí pionóis a ghearradh ar dhaoine a mbeidh an soitheach á stiúradh acu de bhrí go ndearna siad an turas a éascú.

2.   Má thángthas ar fhianaise lena ndeimhnítear go bhfuil amhras ann, féadfaidh an Ballstát óstach sin nó an Ballstát rannpháirteach comharsanachta sin a údarú do na haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an soitheach a urghabháil agus na daoine ar bord a ghabháil;

(b)

a ordú don soitheach go n-athrófaí a chúrsa taobh amuigh den fharraige theorann nó den réigiún tadhlach nó i dtreo cinn scríbe eile seachas san fharraige theorann nó sa réigiún tadhlach, lena n-áirítear an soitheach a thionlacan nó fanacht in aice láimhe go dtí go ndeimhnítear go bhfuil an soiteach ag cloí leis an gcúrsa ar leith sin;

(c)

an soitheach nó na daoine ar bord a sheoladh chuig an mBallstát cósta i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil.

3.   Is comhréireach a bheidh aon bheart a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Airteagail seo a bhaint amach.

4.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, tabharfaidh an Ballstát óstach treoir don aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta.

Cuirfidh an t-aonad rannpháirteach an Ballstát óstach ar an eolas, tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, aon uair a iarrann máistir an tsoithigh go gcuirfí gníomhaire taidhleoireachta nó oifigeach consalach an Bhratstáit ar an eolas.

5.   I gcás go bhfuil forais réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil soitheach gan stát ag iompar daoine a bhfuil sé ar intinn acu teacht timpeall ar na seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann nó atá páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige, déanfaidh an Ballstát óstach nó an Ballstát rannpháirteach comharsanacha a ndéantar an soitheach sin gan stát a thascradh ina fharraige theorann ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos i mír 1 a údarú agus féadfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos i mír 2 a údarú. Treoróidh an Ballstát óstach an t-aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta.

6.   Déanfar aon ghníomhaíocht oibríochta i bhfarraige theorann Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht farraige i gcomhréir le húdarú an Bhallstáit sin. Treoróidh an Ballstát óstach an t-aonad rannpháirteach tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta bunaithe ar na bearta atá údaraithe ag an mBallstát sin.

Airteagal 7

Tascradh ar an mórmhuir

1.   Ar an mórmhuir, nuair atá forais réasúnacha le bheith in amhras go bhfuil soitheach páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige, déanfaidh na haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas, faoi réir údarú an Bhratstáit, i gcomhréir leis an bPrótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil, agus i gcás inarb iomchuí, leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta:

(a)

faisnéis agus doiciméadacht a iarraidh maidir le húinéireacht, clárú agus eilimintí a bhaineann le turas an tsoithigh agus maidir le haitheantas, náisiúntacht agus sonraí ábhartha eile na ndaoine ar bord, lena n-áirítear más amhlaidh go bhfuil daoine ann a bhfuil cúnamh liachta ag teastáil uathu go géar;

(b)

an soitheach, a lastas agus na daoine ar bord a stopadh, a bhordáil agus a chuardach, agus na daoine ar bord a cheistiú agus a chur in iúl dóibh go bhféadfaí pionóis a ghearradh ar dhaoine a mbeidh an soitheach á stiúradh acu de bhrí go ndearna siad an turas a éascú.

2.   Má thángthas ar fhianaise lena ndeimhnítear go bhfuil amhras ann, féadfaidh na haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh, faoi réir údarú an Bhratstáit, i gcomhréir leis an bPrótacal in aghaidh Smuigleáil Imirceach, agus i gcás inarb ábhartha, leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta:

(a)

an soitheach a urghabháil agus na daoine ar bord a ghabháil;

(b)

rabhadh a thabhairt don soitheach agus é a ordú gan dul isteach san fharraige theorann nó sa réigiún tadhlach, agus, nuair is gá, a iarraidh ar an soitheach a chúrsa a athrú i dtreo cinn scríbe seachas an fharraige theorann ná an réigiún tadhlach;

(c)

an soitheach nó na daoine ar bord a thabhairt chuig tríú tír nó an soitheach nó na daoine ar bord a thabhairt ar láimh ar bhealach eile chuig údaráis an tríú tír sin;

(d)

an soitheach nó na daoine ar bord a thabhairt chuig an mBallstát óstach nó chuig Ballstát rannpháirteach comharsanachta.

3.   Is comhréireach a bheidh aon bheart a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Airteagail seo a bhaint amach.

4.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, tabharfaidh an Ballstát óstach treoir don aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta.

5.   I gcás go bhfuil brat ar an soitheach nó go bhfuil marc cláraithe an Bhallstáit óstaigh nó an Bhallstáit rannpháirtigh uirthi, féadfaidh an Ballstát sin, tar éis náisiúntacht an tsoithigh a dheimhniú, ceann amháin, nó níos mó, de na bearta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a údarú. Ansin, treoróidh an Ballstát óstach an t-aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta.

6.   I gcás go bhfuil brat ar an soitheach nó go bhfuil marc cláraithe uirthi de Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht farraige nó marc tríú tír, cuirfidh an Ballstát óstach nó an Ballstát rannpháirteach, ag brath ar an aonad rannpháirteach a rinne an soitheach sin a thascradh, an Bratstát ar an eolas, iarrfaidh sé deimhniú cláraithe agus, má dheimhnítear an náisiúntacht, iarrfaidh sé go ndéanfaidh an Bratstát beart chun deireadh a chur lena shoitheach a bheith á úsáid chun imircigh a smuigleáil. Mura mbeidh an Bratstát toilteanach nó mura bhféadfaidh sé déanamh amhlaidh go díreach nó le cúnamh an Bhallstáit lena mbaineann an t-aonad rannpháirteach, iarrfaidh an Ballstát sin údarú ón mBratstát aon cheann de na bearta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a dhéanamh. Cuirfidh an Ballstát óstach nó an Ballstát rannpháirteach an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta ar an eolas faoi aon chumarsáid leis an mBratstát agus faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe nó ar na bearta atá údaraithe ag an mBratstát. Ansin, treoróidh an Ballstát óstach an t-aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta.

7.   I gcás go bhfuil forais réasúnacha le bheith in amhras gurb ionann náisiúntacht an tsoithigh agus náisiúntacht aonaid rannpháirtigh, cé go bhfuil brat eachtrannach ar foluain aige nó go ndiúltaíonn sé a bhrat a thaispeáint, fíoróidh an t-aonad rannpháirteach sin ceart an tsoithigh a bhrat a bheith ar foluain aige. Chuige sin, féadfaidh sé druidim leis an soitheach atá faoi amhras. Má bhíonn amhras fós ann, déanfaidh sé tuilleadh scrúdaithe ar bord an tsoithigh, agus cuirfear gach rud san áireamh le linn an scrúdaithe sin.

8.   I gcás go bhfuil forais réasúnacha le bheith in amhras go bhfuil an soitheach de náisiúntacht an Bhallstáit óstaigh nó náisiúntacht Ballstáit rannpháirtigh, cé go bhfuil brat eachtrannach ar foluain aige nó go ndiúltaíonn sé a bhrat a thaispeáint, fíoróidh an t-aonad rannpháirteach sin ceart an tsoithigh brat a bheith ar foluain aige.

9.   I gcás, sna cásanna dá dtagraítear i mír 7 nó i mír 8, ina mbíonn fianaise ann lena ndeimhnítear an amhras maidir le náisiúntacht an tsoithigh, féadfaidh an Ballstát óstach sin nó an Ballstát rannpháirteach sin ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a údarú. Ansin, treoróidh an Ballstát óstach an t-aonad rannpháirteach go hiomchuí tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta.

10.   Ag feitheamh le húdarú an Bhratstáit nó ina éagmais, déanfar faire ar an soitheach ó fhad stuama. Ní ghlacfar aon bheart eile gan údarú sainráite an Bhratstáit, seachas iad siúd atá riachtanach chun garchontúirt do bheatha daoine a mhaolú nó na bearta sin a eascraíonn ó chomhaontuithe ábhartha déthaobhacha nó iltaobhacha.

11.   I gcás ina bhfuil forais réasúnacha le bheith in amhras go bhfuil soitheach gan stát páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige, féadfaidh an t-aonad rannpháirteach dul ar bord agus an soitheach a chuardach d’fhonn a fhíorú gur soitheach gan stát é. Má tá fianaise ann lena ndeimhnítear go bhfuil amhras ann, cuirfidh an t-aonad rannpháirteach é sin in iúl don Bhallstát óstach, a d’fhéadfadh, go díreach nó le cúnamh an Bhallstáit lena mbaineann an t-aonad rannpháirteach, tuilleadh beart iomchuí a dhéanamh mar a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

12.   Ballstát a bhfuil aon bheart déanta ag a aonad rannpháirteach i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sé an Bratstát ar an eolas láithreach maidir le toradh an bhirt sin.

13.   Is é an t-oifigeach náisiúnta a dhéanann ionadaíocht don Bhallstát óstach nó don Bhallstát rannpháirteach ag an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta a bheidh freagrach as cumarsáid a éascú le húdaráis ábhartha an Bhallstáit sin agus é ag iarraidh údarú a fháil chun fíorú a dhéanamh ar an gceart atá ag soitheach a bhrat a bheith ar foluain aige nó le haon cheann de na bearta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a dhéanamh.

14.   I gcás nach mbíonn bunús leis na forais le bheith in amhras go bhfuil soitheach páirteach i smuigleáil imirceach ar an mórmhuir nó i gcás nach bhfuil dlínse ag an aonad rannpháirteach chun gníomhú, ach go bhfuil amhras réasúnach ann fós go bhfuil daoine ar an soitheach agus go bhfuil sé i gceist acu dul chomh fada le teorainn Bhallstáit agus chun dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann, leanfar d’fhaireachán a dhéanamh ar an soitheach. Cuirfidh an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta faisnéis faoin soitheach sin in iúl d’Ionad Comhordaithe Náisiúnta na mBallstát ar a bhfuil sé dírithe.

Airteagal 8

Tascradh sa réigiún tadhlach

1.   I réigiún tadhlach an Bhallstáit óstaigh nó Ballstáit rannpháirtigh chomharsanachta, déanfar na bearta a leagtar síos in Airteagal 6(1) agus (2) i gcomhréir leis na míreanna sin agus i gcomhréir le mír 3 agus le mír 4 de. Ní fhéadfar aon údarú dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) a thabhairt ach amháin i gcás na mbeart sin atá riachtanach chun nach sárófar na dlíthe ábhartha agus na rialacháin ábhartha laistigh de chríoch nó d’fharraige theorann an Bhallstáit sin.

2.   Ní dhéanfar na bearta a leagtar síos in Airteagal 6(1) agus (2) i réigiún tadhlach Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach in oibríocht farraige gan údarú ón mBallstát sin. Cuirfear an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta ar an eolas maidir le haon chumarsáid leis an mBallstát sin agus aon ghníomhaíocht ina dhiaidh sin a údaraíonn an Ballstát sin. Mura dtabharfaidh an Ballstát sin a údarú agus má tá forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil an soitheach ag iompar daoine a bhfuil sé beartaithe acu teorainn de chuid Ballstáit a bhaint amach, beidh feidhm ag Airteagal 7(14).

3.   I gcás ina bhfuil soitheach gan stát ar idirthuras sa réigiún tadhlach, beidh feidhm ag Airteagal 7(11).

Airteagal 9

Cásanna cuardaigh agus tarrthála

1.   Déanfaidh na Ballstáit a n-oibleagáid a urramú maidir le cúnamh a thabhairt d’aon soitheach nó d’aon duine atá in anacair ar an bhfarraige, agus le linn oibríochta farraige, cinnteoidh siad go gcomhlíonfaidh a gcuid aonad rannpháirteach an oibleagáid sin, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an meas ar chearta bunúsacha. Déanfaidh siad amhlaidh beag beann ar náisiúntacht ná ar stádas an duine sin ná ar na himthosca ina n-aimsítear an duine sin.

2.   D’fhonn déileáil le cásanna cuardaigh agus tarrthála a d’fhéadfadh titim amach le linn oibríochta farraige, beidh ar a laghad na forálacha seo a leanas sa phlean oibríochtúil, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta is ábhartha lena n-áirítear an dlí maidir le cuardach agus tarrtháil:

(a)

Más rud é, le linn oibríochta farraige, go bhfuil cúis ag na haonaid rannpháirteacha lena chreidiúint go bhfuil riocht éiginnteachta, práinne nó anacra rompu maidir le soitheach nó maidir le haon duine ar bord, déanfaidh siad an fhaisnéis uile a bheidh ar fáil a tharchur go pras chuig an Ionad Comhordaithe Tarrthála atá freagrach as an réigiún cuardaigh agus tarrthála ina dtarlóidh an cás sin agus cuirfidh siad iad féin ar fáil don Ionad Comhordaithe Tarrthála sin.

(b)

Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta ar an eolas a luaithe agus is féidir maidir le haon teagmháil leis an Ionad Comhordaithe Tarrthála agus na bearta a dhéanfaidh sé.

(c)

Measfar soitheach nó na daoine ar bord a bheith i riocht éiginnteachta go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(i)

tuairiscíodh go raibh duine ar iarraidh nó tá moill ar shoitheach; nó

(ii)

theip ar dhuine nó ar shoitheach tuairisc a bhíothas ag súil léi faoina shuíomh nó faoina shlándáil a dhéanamh.

(d)

Measfar soitheach nó na daoine ar bord a bheith i riocht na práinne go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(i)

theip ar iarrachtaí teagmháil a dhéanamh le duine nó le soitheach agus ní raibh aon rath ar fhiosrúcháin a cuireadh ar fhoinsí iomchuí eile, tar éis reachta éiginnteachta; nó

(ii)

fuarthas faisnéis lenar cuireadh in iúl go bhfuil éifeachtúlacht oibríochtúil soithigh lagaithe, ach ní dóigh go n-eascróidh cás anacra as.

(e)

Measfar soitheach nó na daoine ar bord a bheith i riocht anacra go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(i)

faightear faisnéis chinnte go bhfuil duine nó soitheach i mbaol agus go bhfuil cúnamh de dhíth láithreach; nó

(ii)

tar éis foláireamh a bheith tugtha agus tuilleadh iarrachtaí nár éirigh leo i dtaca le teagmháil a dhéanamh le duine nó soitheach agus tar éis fiosrúcháin níos forleithne a dhéanamh nach raibh aon rath orthu, tugtar le fios gur dóigh go bhfuil cás anacra ann; nó

(iii)

nuair a fhaightear faisnéis lena léirítear go bhfuil éifeachtúlacht oibríochtúil soithigh lagaithe sa mhéid is gur dóigh go mbeidh cás anacra ann.

(f)

Chun críche a bhreithniú an bhfuil an soitheach i riocht éiginnteachta, práinne nó anacra, cuirfidh aonaid rannpháirteacha san áireamh an fhaisnéis ábhartha ar fad agus na barúlacha ábhartha, agus tarchuirfidh siad chuig an Ionad Comhordaithe Tarrthála freagrach iad agus áireofar leo faisnéis ar an méid seo a leanas:

(i)

iarraidh ar chúnamh a bheith ann, cé nach mbeidh an iarraidh sin ar an t-aon fhachtóir amháin lena chinnfear gurb ann do chás anacra;

(ii)

muiracmhainneacht an tsoithigh agus an dóchúlacht nach sroichfidh an soitheach a cheann scríbe deiridh;

(iii)

an líon daoine atá ar bord i gcoibhneas chineál agus bail an tsoithigh;

(iv)

infhaighteacht na soláthairtí riachtanacha amhail breosla, uisce agus bia chun an cladach a bhaint amach;

(v)

criú agus ceannasaí cáilithe a bheith ar an soitheach;

(vi)

infhaighteacht agus cumas trealaimh sábháilteachta, loingseoireachta agus chumarsáide;

(vii)

daoine a bheith ar bord a bhfuil cúnamh liachta ag teastáil uathu go géar;

(viii)

daoine éagtha a bheith ar bord;

(ix)

mná ag iompar clainne nó leanaí a bheith ar bord;

(x)

na coinníollacha aimsire agus farraige, lena n-áirítear réamhaisnéisí aimsire agus mara.

(g)

Agus iad ag fanacht le treoracha ón Ionad Comhordaithe Tarrthála, déanfaidh aonaid rannpháirteacha gach beart is iomchuí chun sábháilteacht na ndaoine lena mbaineann a áirithiú.

(h)

I gcás ina meastar go bhfuil soitheach i staid neamhchinnteachta, práinne nó anacra ach go ndiúltaíonn na daoine ar bord glacadh le cúnamh, cuirfidh an t-aonad rannpháirteach an tIonad Comhordaithe Tarrthála freagrach ar an eolas agus leanfaidh sé na treoracha a thugann sé. Leanfaidh an t-aonad rannpháirteach de dhualgas cúraim a chomhlíonadh trí shuirbhéireacht a dhéanamh ar an soitheach agus trí aon bheart is gá a dhéanamh chun sábháilteacht na ndaoine lena mbaineann a áirithiú, agus ag an am céanna seachnóidh sé aon ghníomhaíocht lena bhféadfaí an staid a ghéarú nó lena méadófaí an baol gortaithe nó cailliúna beatha.

(i)

I gcás nach dtugann Ionad Comhordaithe Tarrthála tríú tír atá freagrach as an réigiún cuardaigh agus tarrthála freagra ar an bhfaisnéis a tharchuir an t-aonad rannpháirteach chuige, déanfaidh an t-aonad sin teagmháil le hIonad Comhordaithe Tarrthála an Bhallstáit óstaigh mura mbraitheann an t-aonad rannpháirteach sin go bhfuil Ionad Comhordaithe Tarrthála eile, a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige, níos cumasaí chun comhordú an cháis cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh.

D’fhéadfadh mionsonraí a cuireadh in oiriúint do dhálaí na hoibríochta farraige lena mbaineann a bheith sa phlean oibríochtúil.

3.   Nuair a bheidh an cás cuardaigh agus tarrthála curtha i gcrích, déanfaidh an t-aonad rannpháirteach, i gcomhairle leis an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta an oibríocht farraige a thosú an athuair.

Airteagal 10

Teacht i dtír

1.   Beidh sa phlean oibríochtúil, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an meas ar chearta bunúsacha, na módúlachtaí seo a leanas ar a laghad maidir le teacht i dtír na ndaoine a tascradh nó a tarrtháladh in oibríocht farraige.

(a)

i gcás ina ndéantar tascradh i bhfarraige theorann nó i réigiún tadhlach de réir mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), (2) nó (6) nó in Airteagal 8(1) nó (2), tiocfar i dtír sa Bhallstát cósta, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 6(2);

(b)

i gcás go ndéanfar tascradh ar an mórmhuir mar a leagtar amach in Airteagal 7, féadfar teacht i dtír sa tríú tír a dtugtar le fios gurb aisti a tháinig an soitheach. Murar féidir é sin a dhéanamh, déanfar teacht i dtír sa Bhallstát óstach;

(c)

i gcásanna cuardaigh agus tarrthála mar a leagtar síos in Airteagal 9 agus gan dochar don fhreagracht atá ar an Ionad Comhordaithe Tarrthála, comhoibreoidh an Ballstát óstach agus na Ballstáit rannpháirteacha leis an Ionad Comhordaithe Tarrthála freagrach chun áit shábháilte a shainaithint agus, nuair a ainmneoidh an tIonad Comhordaithe Tarrthála freagrach an áit shábháilte sin, áiritheoidh siad go dtabharfar na ndaoine tarrtháilte i dtír go tapa agus go héifeachtach.

I gcás nach féidir socrú a dhéanamh maidir leis an aonad rannpháirteach a scaoileadh óna oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 9(1), a luaithe is féidir go praiticiúil, beidh an t-aonad údaraithe na daoine tarrtháilte a thabhairt i dtír sa Bhallstát óstach, agus sábháilteacht na ndaoine tarrtháilte agus an aonaid rannpháirtigh féin á cur san áireamh.

Ní dhéanfar oibleagáidí i dtaca le teacht i dtír a fhorchur ar Bhallstáit nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht ar muir leis na módúlachtaí sin mura bhforáiltear go sainráite leo d’údarú beart a bheidh le déanamh ina bhfarraige theorann nó ina réigiún tadhlach i gcomhréir le hAirteagal 6(6) nó le hAirteagal 8(2).

D’fhéadfadh mionsonraí a cuireadh in oiriúint do dhálaí na hoibríochta ar muir lena mbaineann a bheith sa phlean oibríochtúil.

2.   Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta ar an eolas maidir le láithreacht aon duine laistigh de bhrí Airteagal 4, agus déanfaidh an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta an t-eolas a tharchur chuig údaráis náisiúnta inniúla na tíre a dtagann daoine i dtír inti.

Beidh sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta inniúla sin sa phlean oibríochtúil, agus déanfaidh siad bearta leantacha iomchuí.

Airteagal 11

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004

In Airteagal 3a(1) agus in Airteagal 8e(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag deireadh phointe (j) faoi seach:

“Maidir leis sin bunófar an plean oibríochtúil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

Airteagal 12

Sásraí dlúthpháirtíochta

1.   Beidh Ballstát a bhfuil cás brú phráinnigh agus eisceachtúil os a chomhair in ann an méid seo a leanas a iarraidh:

(a)

Foirne Eorpacha Gardaí Teorann a imlonnú i gcomhréir le hAirteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 chun cúnamh oibríochta gasta a sholáthar don Bhallstát sin;

(b)

an Ghníomhaireacht le haghaidh cúnaimh theicniúil agus oibríochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 d’fhonn cúnamh a fháil maidir le cúrsaí comhordaithe idir na Ballstáit agus/nó saineolaithe a imlonnú chun tacú leis na húdaráis inniúla náisiúnta;

(c)

cúnamh éigeandála faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shainiúla má bhíonn cás práinne ann.

2.   Beidh Ballstát atá faoi réir dianbhrú imirce lena ndéantar éilimh phráinneacha ar a shaoráidí glactha agus ar a chórais tearmainn in ann an méid seo a leanas a iarraidh:

(a)

an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn chun foireann tacaíochta do chúrsaí tearmainn a imlonnú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) chun saineolas a sholáthar, amhail i ndáil le seirbhísí ateangaireachta, faisnéis faoi thíortha tionscnaimh agus eolas faoi chásanna tearmainn a láimhseáil agus a bhainistiú;

(b)

cúnamh éigeandála faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shainiúla má bhíonn cás práinne ann.

Airteagal 13

Tuarascáil

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil an Rialacháin seo faoi 18 Iúil 2015 agus gach bliain ina dhiaidh sin.

2.   Áireofar sa tuarascáil tuairisc ar na nósanna imeachta a leagfaidh an Ghníomhaireacht síos chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm le linn oibríochtaí farraige agus faisnéis faoin mbealach a gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm sa chleachtas, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe maidir le cearta bunúsacha a chomhlíonadh agus leis an tionchar a bheidh ar na cearta sin agus aon eachtra a d’fhéadfadh bheith tarlaithe.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 14

Éifeachtaí Chinneadh 2010/252/AE

Beidh deireadh ag éifeacht Chinneadh 2010/252/AE amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomláin agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).

(4)  Cinneadh 2010/252/AE ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 lena bhforlíontar Cód Teorainneacha Schengen maidir le faireachas a dhéanamh ar na teorainneacha mara seachtracha i gcomhthéacs an chomhair oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 111, 4.5.2010, lch. 20).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar teorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).

(6)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coitianta chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

(7)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(8)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(9)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(10)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(11)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, thar cheann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(12)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(13)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích, thar cheann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(14)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(15)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(16)  Cinneadh 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(17)  Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi chuimsiú an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (IO L 350, 30.12.2008, lch. 60).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).