27.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

59


RIALACHÁN (AE) Uimh. 655/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena mbunaítear nós imeachta d’Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 81(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt ina ndéanfar saorghluaiseacht daoine a áirithiú. Chun limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas chun bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, go háirithe nuair is gá sin chun feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), féadfar bearta den sórt sin a chuimsiú i mbearta a bhfuil mar aidhm leo a áirithiú, inter alia, go ndéanfar aithint agus forfheidhmiú breithiúnas go frithpháirteach idir Ballstáit, go mbeidh rochtain éifeachtach ar cheartas agus go ndéanfar deireadh a chur le constaicí ar fheidhmiú ceart imeachtaí sibhialta trí chomhoiriúnacht na rialacha maidir le nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn, más gá.

(3)

An 24 Deireadh Fómhair 2006, trí bhíthin “An Páipéar Uaine maidir le héifeachtúlacht forfheidhmithe breithiúnas san Aontas Eorpach a fheabhsú: astú cuntas bainc”, sheol an Coimisiún comhairliúchán ar an ngá atá le nós imeachta Eorpach aonfhoirmeach um chaomhnú cuntas bainc agus ar na gnéithe a d’fhéadfadh a bheith i nós imeachta den sórt sin.

(4)

I gClár Stócólm dar dáta Nollaig 2009 (3), ina leagtar amach tosaíochtaí maidir le ceartas, saoirse agus slándáil do 2010 go 2014, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún an gá a mheas maidir le foráil a dhéanamh do bhearta sealadacha áirithe ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear bearta cosanta, agus a indéanta atá sé sin, chun cosc a chur ar shócmhainní a ghlanadh, mar shampla, sula ndéantar éileamh a fhorfheidhmiú, agus chun tograí iomchuí a chur ar aghaidh chun éifeachtúlacht forfheidhmithe breithiúnas san Aontas maidir le cuntais bhainc agus sócmhainní féichiúnaithe a fheabhsú.

(5)

Sna Ballstáit uile, tá nósanna imeachta náisiúnta ann chun bearta cosanta a fháil, amhail orduithe um chaomhnú cuntas bainc, ach tá difear suntasach sna coinníollacha maidir le bearta den sórt sin a dheonú agus le héifeachtúlacht a gcur chun feidhme. Thairis sin, d’fhéadfadh sé a bheith anásta dul ar iontaoibh beart cosanta náisiúnta i gcásanna a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, go háirithe, nuair atá an creidiúnaí ag iarraidh roinnt cuntas atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla a chaomhnú. Dealraíonn sé, dá bhrí sin, go bhfuil sé riachtanach agus iomchuí ionstraim dlí de chuid an Aontais a ghlacadh a bheidh ina ceangal go huile is go hiomlán agus a bheidh infheidhme go díreach, lena mbunaítear nós imeachta nua de chuid an Aontais trína gceadófar, i gcásanna trasteorann, cistí a shealbhaítear i gcuntais bhainc a chaomhnú ar bhealach a bheidh éifeachtach agus gasta.

(6)

An nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart gur modh breise agus roghnach a bheadh ann don chreidiúnaí, a mbeidh de rogha fós aige úsáid a bhaint as aon nós imeachta eile chun beart coibhéiseach a fháil faoin dlí náisiúnta.

(7)

Ba cheart go mbeadh creidiúnaí in ann beart cosanta a fháil i bhfoirm Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas (“Ordú um Chaomhnú” nó “Ordú”) lena gcuirtear cosc ar aistriú nó aistarraingt cistí atá i seilbh a fhéichiúnaí i gcuntas bainc a choimeádtar i mBallstát má tá an baol ann, in éagmais beart den chineál sin, go gcuirfear isteach ar fhorfheidhmiú a éilimh i gcoinne an fhéichiúnaí ina dhiaidh sin nó go mbeidh an t-éileamh i bhfad níos deacra. Ba cheart gurbh é an éifeacht a bheadh le caomhnú na gcistí atá i seilbh an fhéichiúnaí ina chuntas go gcuirfear cosc ní hamháin ar an bhféichiúnaí féin, ach ar dhaoine a dtugann sé údarás dóibh íocaíochtaí a dhéanamh tríd an gcuntas sin, mar shampla trí bhuanordú, nó trí dhochar díreach nó trí chárta creidmheasa a úsáid, na cistí sin a úsáid.

(8)

Ba cheart na hábhair shibhialta agus thráchtála uile, amach ó roinnt ábhar arna sainiú go soiléir, a chumhdach faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart, go háirithe, feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le héilimh i gcoinne féichiúnaí in imeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart go gciallódh sé sin nach bhféadtar aon Ordú um Chaomhnú a eisiúint i gcoinne an fhéichiúnaí a luaithe a thionscnófar imeachtaí dócmhainneachta, mar a shainítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle (4), ina choinne. Ar an taobh eile, leis an eisiamh sin ba cheart go gceadófaí an tOrdú um Chaomhnú a úsáid chun aisghabháil íocaíochtaí dochracha a rinne féichiúnaí den sórt sin le tríú páirtithe a dhaingniú.

(9)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cuntais a shealbhaítear in institiúidí creidmheasa arb é a ngnó glacadh le taiscí agus cistí inaisíoctha eile ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú maidir lena gcuntas féin.

Níor chóir, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm aige maidir le hinstitiúidí airgeadais nach nglacann taiscí den sórt sin, institiúidí a sholáthraíonn maoiniú do thionscadail onnmhairiúcháin agus infheistíochta, mar shampla, nó do thionscadail i dtíortha atá i mbéal forbartha nó institiúidí a sholáthraíonn seirbhísí ar an margadh airgeadais. Fairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cuntais a shealbhaítear i mbainc cheannais ná le bainc cheannais agus iad ag gníomhú mar údaráis airgeadaíochta, nó maidir le cuntais nach bhféadfar a chaomhnú trí orduithe náisiúnta atá coibhéiseach le hOrdú um Chaomhnú, nó atá díolmhaithe ó urghabháil ar shlí eile faoi dhlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an cuntas i dtrácht.

(10)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cásanna trasteorann agus leo sin amháin agus ba cheart sainiú a thabhairt ann ar cad is cás trasteorann ann sa chomhthéacs áirithe seo. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas gurb ann do chás trasteorann nuair atá an chúirt atá ag déileáil leis an iarratas ar Ordú um Chaomhnú lonnaithe in aon Bhallstát amháin agus nuair atá an cuntas bainc ar a bhfuil an tOrdú um Chaomhnú dírithe á choimeád i mBallstát eile. Ba cheart a mheas gurb ann do chás trasteorann freisin nuair atá sainchónaí ar an gcreidiúnaí i mBallstát amháin agus nuair atá an chúirt agus an cuntas bainc atá le caomhnú lonnaithe i mBallstát eile.

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cuntais a chaomhnú, ar cuntais iad atá á gcoimeád i mBallstát na cúirte a dtugtar an t-iarratas ar Ordú um Chaomhnú os a comhair, más rud é go bhfuil sainchónaí freisin ar an gcreidiúnaí sa Bhallstát sin, fiú amháin má chuireann an creidiúnaí iarratas isteach ag an am céanna ar Ordú um Chaomhnú a bhaineann le cuntas nó le cuntais a choimeádtar i mBallstát eile. Sa chás sin, ba cheart don chreidiúnaí dhá iarratas ar leith a dhéanamh, ceann d’Ordú um Chaomhnú agus ceann do bheart náisiúnta.

(11)

Ba cheart an nós imeachta le haghaidh Ordú um Chaomhnú a bheith ar fáil do chreidiúnaí ar mian leis forfheidhmiú breithiúnais, ar breithiúnas is déanaí a áirithiú é ar shubstaint an ábhair, sula dtionscnaítear imeachtaí ar shubstaint an ábhair agus ag céim ar bith le linn imeachtaí den sórt sin. Ba cheart go mbeadh sé ar fáil freisin do chreidiúnaí a bhfuil breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil a éilíonn go n-íocfadh an féichiúnaí éileamh an chreidiúnaí faighte cheana aige.

(12)

Ba cheart an tOrdú um Chaomhnú a bheith ar fáil chun na críche éilimh atá dlite cheana a dhaingniú. Ba cheart go mbeadh an tOrdú ar fáil freisin d’éilimh nach bhfuil dlite fós fad a bheidh na héilimh ann de bharr idirbhirt nó imeachta a tharla cheana agus gur féidir a méid a chinneadh, lena n-áirítear éilimh a bhaineann le tort, míghníomh nó samhail mhíghnímh agus éilimh shibhialta ar dhamáiste nó ar chúiteamh atá bunaithe ar ghníomh as a dtagann imeachtaí coiriúla.

Ba cheart go mbeadh creidiúnaí in ann iarraidh a dhéanamh go n-eiseofaí an tOrdú um Chaomhnú i méid an phríomhéilimh nó i méid is lú. Tharlódh go rachadh an dara ceann acu sin chun tairbhe dó, mar shampla, i gcás ina bhfuil urrús éigin eile faighte aige cheana le haghaidh cuid dá éileamh.

(13)

D’fhonn dlúthnasc a áirithiú idir na himeachtaí don Ordú um Chaomhnú agus na himeachtaí maidir le substaint an ábhair, ba cheart go mbeadh dlínse idirnáisiúnta chun an tOrdú a eisiúint ag cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil dlínse ag a chúirteanna rialú ar shubstaint an ábhair. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go gcumhdódh nóisean imeachtaí maidir le substaint an ábhair aon imeachtaí arb é is aidhm dóibh teideal in-fhorfheidhmithe a fháil ar an éileamh bunaidh lena n-áirítear, mar shampla, imeachtaí achoimre a bhaineann le horduithe le híoc agus imeachtaí amhail “procédure de référé” na Fraince. Más tomhaltóir é an féichiúnaí a bhfuil sainchónaí air i mBallstát, ba cheart gur ag cúirteanna an Bhallstáit sin amháin a bheadh an dlínse chun an tOrdú a eisiúint.

(14)

Ba cheart do na coinníollacha maidir leis an Ordú um Chaomhnú a eisiúint cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir leas an chreidiúnaí i dtaobh Ordú a fháil agus leas an fhéichiúnaí i dtaobh mhí-úsáid an Ordaithe a chosc.

Dá bhrí sin, tráth a ndéanfaidh an creidiúnaí iarratas ar Ordú um Chaomhnú roimh bhreithiúnas a fháil dó, ba cheart go mba ghá go mbeadh an chúirt lena dtaiscfear an t-iarratas sásta ar bhonn na fianaise a thabharfaidh an creidiúnaí gur dócha go n-éireoidh leis ar shubstaint a éilimh i gcoinne an fhéichiúnaí.

Thairis sin, ba cheart go gcuirfí de cheangal ar an gcreidiúnaí i ngach cás, lena n-áirítear nuair a bheidh breithiúnas faighte aige cheana féin, a léiriú chun sástacht na cúirte, go bhfuil gá práinneach le cosaint bhreithiúnach maidir leis an éileamh atá aige agus gur dócha go gcuirfí bac ar fhorfheidhmiú an bhreithiúnais reatha nó ceann a gheobhadh an creidiúnaí amach anseo gan an tOrdú nó go mbeadh sé i bhfad níos deacra é a fhorfheidhmiú gan é, mar go bhfuil fíorbhaol ann go bhféadfadh sé go mbeadh a chuid sócmhainní scaipthe, ceilte nó scriosta ag an bhféichiúnaí nó go mbeadh na sócmhainní sin diúscartha aige faoi bhun luacha, go feadh méid neamhghnách nó trí ghníomh neamhghnách, faoin am a mbeidh an creidiúnaí in ann breithiúnas reatha nó breithiúnas amach anseo a fhorfheidhmiú.

Ba cheart don chúirt measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise a thíolacann an creidiúnaí, fianaise lena ndeimhneofar gurbh ann do bhaol den sórt sin. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh sí, mar shampla, le hiompar an fhéichiúnaí i dtaca le héileamh an chreidiúnaí nó i ndíospóid a bhí ann roimhe sin idir na páirtithe, le stair chreidmheasa an fhéichiúnaí, le nádúr shócmhainní an fhéichiúnaí nó le haon ghníomhaíocht a rinne an féichiúnaí le gairid i ndáil lena shócmhainní. Agus an fhianaise á measúnú aici, féadfaidh an chúirt a mheas nach gníomhartha neamhghnácha iad aistarraingtí ó chuntais ná cásanna caiteachais a dhéanfaidh an féichiúnaí ionas go bhféadfadh gnáthchúrsa a ghnó leanúint ar aghaidh agus nach gníomhartha neamhghnácha iontu féin iad costais athfhillteacha teaghlaigh. Níor cheart go measfaí gur leor ann féin mar fhianaise é chun bonn cirt a thabhairt d’Ordú a eisiúint nár íoc an féichiúnaí an t-éileamh nó gur chuir sé ina choinne ná ní leor ann féin é go bhfuil níos mó ná creidiúnaí amháin ag an bhféichiúnaí. Níor cheart go measfaí ach oiread gur leor iontu féin cúinsí uireasacha airgeadais an fhéichiúnaí nó cúinsí atá ag meath chun Ordú a eisiúint. Mar sin féin, féadfaidh an chúirt na tosca sin a chur san áireamh sa mheasúnú foriomlán ar an mbaol.

(15)

D’fhonn éifeacht ghanfhiosaíochta an Ordaithe um Chaomhnú a áirithiú, agus chun a áirithiú go mbeidh sé úsáideach do chreidiúnaí atá ag iarraidh fiacha a aisghabháil ó fhéichiúnaí i gcásanna trasteorann, níor cheart fógra a thabhairt don fhéichiúnaí faoi iarratas an chreidiúnaí ná níor cheart éisteacht a thabhairt dó sula n-eiseofar an tOrdú ná níor cheart fógra a thabhairt dó faoin Ordú sula gcuirfear chun feidhme é. I gcás, ar bhonn na fianaise agus na faisnéise a chuireann an creidiúnaí ar fáil, nó i gcás inarb infheidhme, a fhinné/fhinnéithe, nach bhfuil an chúirt sásta go bhfuil bonn cirt leis an gcuntas nó na cuntais i dtrácht a chaomhnú, níor cheart di an tOrdú a eisiúint.

(16)

I gcásanna ina ndéanfaidh an creidiúnaí iarratas ar Ordú um Chaomhnú roimh imeachtaí a thionscnamh dó os comhair cúirte maidir le substaint an ábhair, ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid air leis an Rialachán seo imeachtaí den sórt sin a thionscnamh laistigh de thréimhse ama shonrach agus ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid air freisin cruthúnas ar an tionscnamh sin a chur ar fáil don chúirt inar chuir sé isteach a iarratas ar Ordú. Más rud é go mainníonn an creidiúnaí an oibleagáid seo a chomhlíonadh, ba cheart go ndéanfadh an chúirt an tOrdú a chúlghairm uaithi féin nó ba cheart go bhfoirceannfaí go huathoibríoch é.

(17)

I bhfianaise na fírice nach dtabharfar éisteacht roimh ré don fhéichiúnaí, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do chosaintí sonracha ionas nach mbainfear mí-úsáid as an Ordú agus chun cearta an fhéichiúnaí a chosaint.

(18)

Ba cheart gur cosaint thábhachtach amháin den sórt sin a bheadh ann ná an fhéidearthacht chun é a chur de cheanglas ar an gcreidiúnaí urrús a sholáthar lena áirithiú gur féidir an féichiúnaí a chúiteamh ag tráth níos déanaí as aon damáiste a tharlaíonn dó de bharr an Ordaithe um Chaomhnú. Ag brath ar an dlí náisiúnta, d’fhéadfaí an t-urrús sin a sholáthar i bhfoirm taisce ráthaíochta nó árachais mhalartaigh, amhail ráthaíocht bainc nó morgáiste. Ba cheart go mbeadh rogha ag an gCúirt maidir leis an méid urrúis a bheidh leordhóthanach chun nach mbainfear mí-úsáid as an Ordú agus chun a áirithiú go ndéanfar an féichiúnaí a chúiteamh agus ba cheart go mbeadh sé ar a deis ag an gcúirt, cheal fianaise ar leith maidir leis an dochar ionchasach, an méid ina n-eiseofar an tOrdú a mheas mar threoir chun méid an urrúis a chinneadh.

I gcásanna nach mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte fós ag an gcreidiúnaí, lena gceanglaítear ar an bhféichiúnaí éileamh an chreidiúnaí a íoc, ba cheart gurbh í an riail a bheadh i bhfeidhm urrús a sholáthar, agus níor cheart don chúirt an ceanglas sin a ligean thar ceal ach amháin i gcás eisceachtúil, nó ba cheart go gceanglódh an chúirt urrús a sholáthar i méid níos ísle i gcás eisceachtúil, má mheasann sí urrús den sórt sin a bheith míchuí, iomarcach nó díréireach i gcúinsí sonracha an cháis D’fhéadfadh sé go n-áireofaí air sin, mar shampla, cúinsí ina bhfuil cás thar a bheith láidir ag an gcreidiúnaí ach nach bhfuil sé d’acmhainn aige urrús a sholáthar nó ina mbaineann an t-éileamh le cothabháil nó le tuarastal a íoc nó ina bhfuil an t-éileamh ar mhéid nach dócha go ndéanfaidh an tOrdú dochar don fhéichiúnaí, cuir i gcás fiach beag gnó.

I gcásanna ina mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte cheana féin ag an gcreidiúnaí, ba cheart soláthar an urrúis bheith de rogha na cúirte. Féadfaidh sé gur iomchuí urrús a sholáthar, mar shampla, seachas sna cúinsí eisceachtúla thuasluaite, i gcás nach bhfuil an breithiúnas, a bhfuil an tOrdú um Chaomhnú ceaptha chun a fhorfheidhmiú a áirithiú, in-fhorfheidhmithe go fóill nó nach bhfuil sé in-fhorfheidhmithe ach go sealadach, mar thoradh ar achomharc ar feitheamh.

(19)

Ba cheart go mbeadh riail maidir le dliteanas an chreidiúnaí i ndáil le damáiste ar bith a dhéantar don fhéichiúnaí leis an Ordú um Chaomhnú mar ghné thábhachtach eile leis an gcothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir leasanna an chreidiúnaí agus leasanna an fhéichiúnaí. Mar sin, ba cheart leis an Rialachán seo, mar chaighdeán íosta, foráil a dhéanamh do dhliteanas an chreidiúnaí maidir le damáiste a tharlaíonn don fhéichiúnaí de bharr an Ordaithe um Chaomhnú de dheasca faillí ar thaobh an chreidiúnaí. Sa chomhthéacs seo, ba cheart go mbeadh an dualgas cruthúnais ar an bhféichiúnaí. I ndáil leis na forais dliteanais a shonraítear sa Rialachán seo, ba cheart go ndéanfaí foráil do riail chomhchuibhithe lena mbunaítear toimhde infhrisnéise faillí ar thaobh an chreidiúnaí.

Fairis sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann forais dliteanais, seachas na forais a shonraítear sa Rialachán seo a choimeád nó a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta. Le haghaidh foras eile dliteanais den chineál sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cineálacha eile dliteanais, amhail diandliteanas, a choimeád nó a thabhairt isteach freisin.

Ba cheart go leagfaí síos riail na heasaontachta dlíthe ina sonraítear gur cheart gurb é dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe an dlí is infheidhme maidir le dliteanas an chreidiúnaí. I gcás ina bhfuil roinnt áirithe Ballstát forfheidhmithe ann, ba cheart gurb é dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhféichiúnaí an dlí is infheidhme. I gcás nach bhfuil gnáthchónaí ar an bhféichiúnaí in aon Bhallstát forfheidhmithe, ba cheart gurbh é dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe lena bhfuil an nasc is dlúithe ag an gcás an dlí is infheidhme. Agus an nasc is dlúithe á chinneadh, d’fhéadfadh sé go mbeadh an méid a chaomhnaítear i mBallstáit éagsúla an fhorfheidhmithe ar cheann de na fachtóirí a chuirfidh an chúirt san áireamh.

(20)

Chun go sárófar na deacrachtaí praiticiúla atá ann cheana maidir le faisnéis a fháil faoin áit ina bhfuil cuntas bhainc an fhéichiúnaí i gcomhthéacs trasteorann, ba cheart go leagfaí amach sa Rialachán seo sásra lena gceadófar don chreidiúnaí a iarraidh go bhfaighidh an chúirt an fhaisnéis is gá chun cuntas an fhéichiúnaí a shainaithint ó údarás faisnéise ainmnithe an Bhallstáit ina gcreideann an creidiúnaí go bhfuil cuntas ag an bhféichiúnaí agus go ndéanfaí sin sula n-eiseofar Ordú um Chaomhnú. De bharr cineál sonrach idirghabhála den sórt sin a dhéanfaidh údaráis phoiblí agus chineál na rochtana sin ar shonraí príobháideacha, níor cheart, mar riail, go dtabharfaí rochtain ar fhaisnéis faoi chuntas ach amháin i gcásanna ina bhfuil breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil in-fhorfheidhmithe faighte ag an gcreidiúnaí cheana. Mar eisceacht, áfach, ba cheart go mbeadh an creidiúnaí in ann iarraidh ar fhaisnéis faoi chuntas a dhéanamh fiú mura mbeidh a bhreithiúnas, a shocraíocht chúirte ná a ionstraim bharántúil in-fhorfheidhmithe fós. Ba cheart go mbeifí in ann iarraidh den sórt sin a dhéanamh i gcás ina mbeidh an méid a bheidh le caomhnú suntasach agus na cúinsí ábhartha á gcur san áireamh, agus i gcás ina bhfuil an chúirt sásta, ar bhonn na fianaise a chuir an creidiúnaí isteach, go bhfuil géarghá le faisnéis den sórt sin faoi chuntas mar go bhfuil an baol ann, gan an fhaisnéis sin, gur dóigh go mbeidh forfheidhmiú éileamh an chreidiúnaí in aghaidh an fhéichiúnaí ina dhiaidh sin i mbaol agus go dtiocfadh meath mór ar chás airgeadais an chreidiúnaí dá bharr sin ina dhiaidh sin.

Chun go gceadófar go n-oibreoidh an sásra sin, ba cheart do na Ballstáit modh amháin nó níos mó chun faisnéis den sórt sin a fháil, ar faisnéis í a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil, a chur ar fáil ina ndlí náisiúnta agus ba cheart nach mbeadh an méid sin díréireach ó thaobh costas nó am-íditheach. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an sásra ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha agus na ceanglais uile chun an tOrdú um Chaomhnú a eisiúint, agus más rud é gur thug an creidiúnaí bonn cirt go cuí lena iarraidh maidir leis na cúiseanna atá ann lena chreidiúint go bhfuil cuntas amháin nó níos mó ná cuntas amháin ag an bhféichiúnaí i mBallstát sonrach, cur i gcás, mar shampla, toisc go n-oibríonn an féichiúnaí sa Bhallstát sin nó go bhfuil gníomhaíocht ghairmiúil á feidhmiú aige sa Bhallstát sin nó go bhfuil maoin aige ann.

(21)

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta an fhéichiúnaí a chosaint, níor cheart an fhaisnéis a fuarthas maidir le cuntas bainc nó le cuntais bhainc an fhéichiúnaí a shainaithint a chur ar fáil don chreidiúnaí. Níor cheart an fhaisnéis a chur ar fáil ach don chúirt a d’iarr an fhaisnéis agus, i gcás eisceachtúil, don bhanc más rud é nach bhfuil an banc nó eintiteas eile atá freagrach as an Ordú a fhorfheidhmiú i mBallstát an fhorfheidhmithe in ann cuntas an fhéichiúnaí a shainaithint ar bhonn na faisnéise a chuirtear ar fáil san Ordú, mar shampla má tá cuntais leis an mbanc céanna ag roinnt daoine a bhfuil an t-ainm agus an seoladh céanna acu. I gcás den sórt sin, má chuirtear in iúl san Ordú go bhfuarthas uimhir an chuntais nó uimhreacha na gcuntas atá le caomhnú trí iarraidh ar fhaisnéis, ba cheart go n-iarrfadh an banc an fhaisnéis sin ó údarás faisnéise Bhallstát an fhorfheidhmithe agus ba cheart go mbeadh sé in ann iarraidh mar sin a dhéanamh ar bhealach neamhfhoirmiúil agus simplí.

(22)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an gcreidiúnaí achomharc a dhéanamh in aghaidh diúltú don Ordú um Chaomhnú a eisiúint. Ba cheart go mbeadh an ceart sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gcreidiúnaí iarratas nua a dhéanamh, ar bhonn fíricí nua nó fianaise nua, ar Ordú um Chaomhnú.

(23)

Tá éagsúlacht mhór sna struchtúir fhorfheidhmithe maidir le cuntais bhainc a chaomhnú sna Ballstáit. Chun nach ndéanfar dúbláil ar na struchtúir sin sna Ballstáit agus chun go n-urramófar na nósanna imeachta náisiúnta a mhéid is féidir, ba cheart go dtógfar leis an Rialachán seo, maidir le forfheidhmiú agus le cur chun feidhme iarbhír an Ordaithe um Chaomhnú, ar na modhanna agus ar na struchtúir atá ar bun le horduithe coibhéiseacha náisiúnta a fhorfheidhmiú agus a chur chun feidhme sa Bhallstát ina bhfuil an tOrdú le forfheidhmiú.

(24)

D’fhonn forfheidhmiú mear a áirithiú, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do tharchur an Ordaithe ón mBallstát tionscnaimh chuig údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe trí aon mhodh is iomchuí lena n-áireofar go ndéanfar ábhar na ndoiciméad a tharchur ar bhealach fíor agus dílis agus go bhféadfar é a léamh gan stró.

(25)

Ar an Ordú um Chaomhnú a fháil, ba cheart go ndéanfadh údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe na bearta is gá chun go bhforfheidhmeofar an tOrdú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta tríd an Ordú a fhaightear a tharchur chuig an mbanc nó chuig an eintiteas eile a bheidh freagrach as orduithe den sórt sin a fhorfheidhmiú sa Bhallstát sin nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis an dlí náisiúnta, trí threoir a thabhairt don bhanc ar shlí eile an tOrdú a chur chun feidhme.

(26)

Ag brath ar an modh a bheidh ar fáil faoi dhlí Bhallstát an fhorfheidhmithe d’orduithe coibhéiseacha náisiúnta, ba cheart an tOrdú um Chaomhnú a chur chun feidhme tríd an méid atá le caomhnú i gcuntas an fhéichiúnaí a bhlocáil nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis an dlí náisiúnta, tríd an méid sin a aistriú go dtí cuntas a bheidh tiomnaithe do chríocha maidir le caomhnú, a d’fhéadfadh a bheith ina chuntas a bheidh i seilbh an údaráis inniúil um fhorfheidhmiú, na cúirte, an bhainc lena bhfuil cuntas ag an bhféichiúnaí nó bainc a ainmnítear mar an t-eintiteas comhordúcháin le cuntais bhainc a chaomhnú i gcás faoi leith.

(27)

Níor cheart go gcuirfí cosc leis an Rialachán seo ar íocaíocht na dtáillí maidir le forfheidhmiú an Ordaithe um Chaomhnú a iarraidh roimh ré. Ba cheart an tsaincheist sin a fhágáil faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an tOrdú le forfheidhmiú.

(28)

Ba cheart go mbeadh an chéim chéanna, más ann di, ag Ordú um Chaomhnú agus atá ag ordú coibhéiseach náisiúnta faoi dhlí Bhallstát an fhorfheidhmithe. Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go bhfuil tosaíocht ag bearta forfheidhmithe áirithe ar bhearta maidir le caomhnú, ba cheart an tosaíocht chéanna a thabhairt dóibh i ndáil le hOrduithe um Chaomhnú faoin Rialachán seo. Chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart a mheas gur orduithe coibhéiseacha náisiúnta na horduithe in personam atá ann i gcuid de na córais náisiúnta dlí.

(29)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go bhforálfaí d’oibleagáid a fhorchur ar an mbanc nó ar an eintiteas eile atá freagrach as an Ordú um Chaomhnú a fhorfheidhmiú i mBallstát an fhorfheidhmithe é a dhearbhú ar tháinig, agus más ea, a mhéid a tháinig, caomhnú aon chistí de chuid an fhéichiúnaí as an Ordú, agus d’oibleagáid a fhorchur ar an gcreidiúnaí a áirithiú go scaoilfear aon chistí a chaomhnófar ar mó iad ná an méid atá sainithe san Ordú.

(30)

Ba cheart, leis an Rialachán seo, go gcosnófaí ceart an fhéichiúnaí chun triail chóir a fháil mar aon leis an gceart atá aige leigheas éifeachtach a fháil agus ba cheart dá bhrí sin, ag féachaint do chineál ex parte na n-imeachtaí chun an tOrdú um Chaomhnú a eisiúint, go gcuirfí ar a chumas an tOrdú nó a fhorfheidhmiú a chonspóid ar na forais dá bhforáiltear sa Rialachán seo díreach tar éis chur chun feidhme an Ordaithe.

(31)

Sa chomhthéacs seo, ba cheart go gceanglófaí leis an Rialachán seo go ndéanfaí an tOrdú um Chaomhnú, gach doiciméad a chuireann an creidiúnaí faoi bhráid na cúirte sa Bhallstát tionscnaimh agus na haistriúcháin riachtanacha a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí go pras tar éis chur chun feidhme an Ordaithe. Ba cheart go mbeadh cumhachtaí lánroghnacha ag an gcúirt aon doiciméid bhreise a iarcheangal, a mbeidh a cinneadh bunaithe aici orthu agus a d’fhéadfadh a bheith riachtanach don fhéichiúnaí dá chaingean leighis, amhail tras-scríbhinní focal ar fhocal ó aon éisteacht ó bhéal.

(32)

Ba cheart go mbeadh an féichiúnaí in ann athbhreithniú ar an Ordú um Chaomhnú a iarraidh, go háirithe mura raibh na coinníollacha ná na ceanglais chun Ordú a eisiúint a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh, nó má d’athraigh na himthosca ar eascair eisiúint an Ordaithe astu ar bhealach nach mbeadh bonn leis an Ordú a eisiúint a thuilleadh. Mar shampla, ba cheart go mbeadh leigheas ar fáil don fhéichiúnaí dá mba rud é nár chás trasteorann é an cás mar a shainítear sa Rialachán seo é, dá mba rud é nár urramaíodh na rialacha dlínse a leagtar amach sa Rialachán seo, dá mba rud é nach ndearna an creidiúnaí imeachtaí a thionscnamh maidir le substaint an ábhair laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus dá mba rud é nach ndearna an Chúirt, mar thoradh air sin, an tOrdú a chúlghairm uaithi féin nó nár foirceannadh an tOrdú go huathoibríoch, dá mba rud é nach raibh gá le cosaint phráinneach maidir le héileamh an chreidiúnaí i bhfoirm Ordaithe um Chaomhnú ós rud é nach raibh aon bhaol ann go mbeadh bac ar fhorfheidhmiú an éilimh ina dhiaidh sin, nó go mbeadh sé i bhfad níos deacra dá bharr sin, nó dá mba rud é nach raibh an soláthar urrúis i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

Ba cheart go mbeadh leigheas ar fáil don fhéichiúnaí freisin i gcás nach ndearnadh an tOrdú agus an dearbhú um chaomhnú a sheirbheáil air faoi mar a fhoráiltear sa Rialachán seo nó i gcás nár comhlíonadh na ceanglais teanga dá bhforáiltear sa Rialachán seo leis na doiciméid a ndearnadh a sheirbheáil air. Mar sin féin, níor cheart leigheas den sórt sin a dheonú má dhéantar an easpa seirbheála nó aistriúcháin a leigheas laistigh de thréimhse ama ar leith. Chun an easpa seirbheála a leigheas, ba cheart don chreidiúnaí iarraidh ar an gcomhlacht atá freagrach as an tseirbheáil sa Bhallstát tionscnaimh na doiciméid ábhartha a sheirbheáil tríd an bpost cláraithe ar an bhféichiúnaí nó, má d’aontaigh an féichiúnaí na doiciméid a bhailiú ag an gcúirt, ba cheart dó na haistriúcháin is gá ar na doiciméid a sholáthar don chúirt. Níor cheart go mbeadh gá le hiarraidh den sórt sin má rinneadh an easpa seirbheála a leigheas cheana trí mhodhanna eile, mar shampla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má rinne an chúirt an tseirbheáil a thionscnamh uaithi féin.

(33)

Fágfar faoin dlí náisiúnta é cé a bhfuil air aon aistriúchán a cheanglaítear faoin Rialachán seo a sholáthar agus cé a íocfaidh as na haistriúcháin sin.

(34)

Ba cheart go mbeadh an dlínse ar na leigheasanna a dheonú i gcoinne eisiúint an Ordaithe um Chaomhnú faoi chúirteanna an Bhallstáit inar eisíodh an tOrdú. Maidir leis an dlínse ar na leigheasanna a dheonú i gcoinne fhorfheidhmiú an Ordaithe, ba cheart gur faoi na cúirteanna, nó, i gcás inarb infheidhme, faoi na húdaráis inniúla um fhorfheidhmiú i mBallstát an fhorfheidhmithe a bheadh sí.

(35)

Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an bhféichiúnaí iarratas a dhéanamh ar scaoileadh na gcistí caomhnaithe má chuireann sé urrús malartach iomchuí ar fáil. D’fhéadfaí urrús malartach den sórt sin a sholáthar i bhfoirm taisce ráthaíochta nó árachais mhalartaigh, amhail ráthaíocht bainc nó morgáiste.

(36)

Leis an Rialachán seo, ba cheart a áirithiú nach mbeidh tionchar ag caomhnú chuntas an fhéichiúnaí ar mhéideanna atá díolmhaithe ó urghabháil faoi dhlí Bhallstáit an fhorfheidhmithe, cuir i gcás méideanna a bheidh riachtanach le slí bheatha an fhéichiúnaí agus a theaghlach a áirithiú. Ag brath ar an gcóras nós imeachta is infheidhme sa Bhallstát sin, ba cheart don chomhlacht atá freagrach an méid ábhartha a dhíolmhú ex officio, agus d’fhéadfadh gurbh é an chúirt, an banc nó an t-údarás inniúil um fhorfheidhmiú a bheadh sa chomhlacht sin, sula gcuirfear an tOrdú chun feidhme, nó ba cheart í a dhíolmhú ar iarraidh ón bhféichiúnaí tar éis chur chun feidhme an Ordaithe. I gcás ina ndéanfar cuntais i mBallstáit éagsúla a chaomhnú agus inar cuireadh an díolúine i bhfeidhm níos mó ná uair amháin, ba cheart go mbeadh an creidiúnaí in ann iarratas a dhéanamh chuig cúirt inniúil aon cheann de Bhallstáit an fhorfheidhmithe nó, i gcás ina bhforálfar amhlaidh i ndlí náisiúnta Bhallstát an fhorfheidhmithe lena mbaineann, chuig an údarás inniúil um fhorfheidhmiú sa Bhallstát sin, ar an díolúine a cuireadh i bhfeidhm sa Bhallstát sin a choigeartú.

(37)

Chun a áirithiú go n-eisítear agus go bhforfheidhmítear an tOrdú um Chaomhnú go tapa agus gan mhoill, ba cheart go mbunófaí teorainneacha ama leis an Rialachán seo ar fúthu nach mór na céimeanna éagsúla sa nós imeachta a chur i gcrích. Níor cheart go gceadófaí do na cúirteanna nó do na húdaráis atá rannpháirteach sa nós imeachta maolú ó na teorainneacha ama sin ach i gcúinsí eisceachtúla, mar shampla i gcásanna atá casta ó thaobh an dlí nó na bhfíoras de.

(38)

Chun críocha na tréimhsí agus na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ríomh, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (5).

(39)

D’fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ba cheart go ndéanfaí foráil d’oibleagáid a chur ar na Ballstáit faisnéis áirithe a chur in iúl don Choimisiún i ndáil lena reachtaíocht agus lena nósanna imeachta a bhaineann le hOrduithe um Chaomhnú agus le horduithe coibhéiseacha náisiúnta.

(40)

D’fhonn cur i bhfeidhm iarbhír an Rialacháin seo a éascú, ba cheart foirmeacha caighdeánacha a chur ar bun, go háirithe don iarratas d’Ordú, don Ordú féin, don dearbhú i dtaca le caomhnú cistí agus don iarratas ar leigheas nó ar achomharc faoin Rialachán seo.

(41)

Chun cur le héifeachtúlacht na n-imeachtaí, ba cheart go gceadófaí an úsáid is fearr is féidir leis an Rialachán seo maidir le teicneolaíochtaí nua-aimseartha cumarsáide arna nglacadh faoi rialacha nós imeachta na mBallstát lena mbaineann, go háirithe chun críocha na foirmeacha caighdeánacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlánú agus chun críocha na cumarsáide idir na húdaráis atá rannpháirteach sna himeachtaí. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh na modhanna chun an tOrdú um Chaomhnú agus doiciméid eile faoin Rialachán seo a shíniú neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de d’fhonn a cheadú go ndéanfar na modhanna atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm, amhail deimhniú digiteach nó fíordheimhniú slán, agus le go bhféadfar forbairtí teicniúla a dhéanamh amach anseo sa réimse seo.

(42)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na foirmeacha caighdeánacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhunú agus, ina dhiaidh sin, a leasú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(43)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear na foirmeacha caighdeánacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus lena leasaítear iad ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(44)

Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann sé le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta, an ceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil a áirithiú, de réir mar a bhunaítear iad in Airteagail 7, 8, 17 agus 47 de, faoi seach.

(45)

I gcomhthéacs rochtain ar shonraí pearsanta agus sonraí den sórt sin a úsáid agus a tharchur faoin Rialachán seo, ba cheart ceanglais Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), de réir mar a thrasuítear i ndlí náisiúnta na mBallstát iad, a chomhlíonadh.

(46)

Chun críocha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá sé riachtanach, áfach, roinnt dálaí rochtana ar shonraí pearsanta a leagan síos mar aon le sonraí den sórt sin a úsáid agus a tharchur. Sa chomhthéacs seo, rinneadh tuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (8) a chur san áireamh. Ba cheart fógra a thabhairt don duine is ábhar do na sonraí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Mar sin féin, ba cheart an fógra chuig an bhféichiúnaí faoin nochtadh faisnéise a bhaineann leis an gcuntas nó na cuntais atá aige a chur siar 30 lá, d’fhonn é a chosc go gcuirfí éifeacht an Ordaithe um Chaomhnú i mbaol le fógra luath.

(47)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon nós imeachta Aontais a chur ar bun do bheart cosanta lena gcumasófar creidiúnaí chun Ordú um Chaomhnú a fháil lena gcuirfear cosc ar fhorfheidhmiú éileamh an chreidiúnaí ina dhiaidh sin a chur i mbaol trí aistriú nó aistarraingt cistí atá i seilbh an fhéichiúnaí i gcuntas bainc san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(48)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir leis na Ballstáit sin atá faoi cheangal aige i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart go mbeadh an nós imeachta chun Ordú um Chaomhnú a fháil, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ar fáil, dá bhrí sin, do chreidiúnaithe a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát atá faoi cheangal ag an Rialachán seo, agus dóibh siúd amháin, agus níor cheart go mbeadh baint ag Orduithe a eiseofar faoin Rialachán seo ach le caomhnú na gcuntas bainc a choinnítear i mBallstát den sórt sin.

(49)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(50)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sí faoi cheangal aige ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(51)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sí faoi cheangal aige ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear nós imeachta Aontais leis an Rialachán seo lena gcuirtear ar chumas creidiúnaí Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas a fháil (“Ordú um Chaomhnú” nó “Ordú”) lena gcuirtear cosc ar fhorfheidhmiú éileamh an chreidiúnaí ina dhiaidh sin a chur i mbaol trí aistriú nó aistarraingt cistí suas go dtí an méid a shonraítear san Ordú atá i seilbh an fhéichiúnaí nó atá ar seilbh i gcuntas bainc a choimeádtar i mBallstát thar a cheann.

2.   Beidh an tOrdú um Chaomhnú ar fáil don chreidiúnaí mar mhalairt ar na bearta caomhnaithe atá ann cheana faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le héilimh airgid in ábhair shibhialta agus thráchtála i gcásanna trasteorann mar a shainítear iad in Airteagal 3, beag beann ar an gcineál cúirte nó binse lena mbaineann (an “chúirt”). Ní shíneann sé, go háirithe, go dtí ábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná go dtí dliteanas an Stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (“acta iure imperii”).

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

cearta ar mhaoin atá ann mar gheall ar chóngais phósta nó ar ghaol a meastar go bhfuil comhéifeacht aige le pósadh faoin dlí is infheidhme maidir le gaol den sórt sin;

(b)

uachtanna agus comharbas, lena n-áirítear oibleagáidí cothabhála a thagann chun cinn mar gheall ar bhás;

(c)

éilimh i gcoinne féichiúnaí ar tionscnaíodh imeachtaí féimheachta, imeachtaí foirceanta i ndáil le cuideachtaí dócmhainneachta nó daoine dlítheanacha eile, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí, nó imeachtaí atá ar aon dul leo ina choinne;

(d)

slándáil shóisialta;

(e)

eadráin.

3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le cuntais bhainc atá díolmhaithe ó urghabháil faoi dhlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an cuntas, ná maidir le cuntais a choimeádtar i ndáil le hoibriú aon chórais arna shainmhíniú i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

4.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le cuntais bhainc atá ar seilbh ag bainc cheannais ná le bainc cheannais agus iad ag gníomhú dóibh ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta.

Airteagal 3

Cásanna trasteorann

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, is é atá i gceist le cás trasteorann ná cás ina mbeidh an cuntas bainc nó na cuntais bhainc a bheidh le caomhnú ag an Ordú um Chaomhnú á choimeád nó á gcoimeád i mBallstát seachas:

(a)

Ballstát na cúirte a dtugtar an t-iarratas ar Ordú um Chaomhnú os a comhair de bhun Airteagal 6; nó

(b)

an Ballstát ina bhfuil sainchónaí ar an gcreidiúnaí.

2.   Is é an tráth ábhartha lena chinneadh an cás trasteorann cás an dáta a thaisctear an t-iarratas ar Ordú um Chaomhnú sa chúirt a bhfuil dlínse aici an tOrdú um Chaomhnú a eisiúint.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn “cuntas bainc” nó “cuntas” aon chuntas ina bhfuil cistí atá á shealbhú i mbanc in ainm an fhéichiúnaí nó in ainm tríú páirtí thar ceann an fhéichiúnaí;

(2)

ciallaíonn “banc” institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), lena n-áirítear brainsí, de réir bhrí phointe (17) d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin, d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifigí laistigh den Aontas nó, i gcomhréir le hAirteagal 47 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), lasmuigh den Aontas nuair atá brainsí den sórt sin lonnaithe san Aontas;

(3)

ciallaíonn “cistí” airgead arna chreidiúnú do chuntas in airgeadra ar bith, nó éilimh chomhchosúla ar aisíocaíocht airgid, amhail taiscí margaidh airgid;

(4)

ciallaíonn “an Ballstát ina bhfuil an cuntas bainc á choimeád”:

(a)

an Ballstát a shonraítear in IBAN (Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc) an chuntais; nó

(b)

i gcás cuntais bhainc nach bhfuil IBAN aige, an Ballstát ina bhfuil ceannoifig an bhainc ina shealbhaítear an cuntas nó, i gcás ina sealbhaítear an cuntas i mbrainse, an Ballstát ina bhfuil an brainse lonnaithe;

(5)

ciallaíonn “éileamh” éileamh ar mhéid sonrach airgid atá dlite a íoc nó éileamh ar mhéid inchinntithe airgid a íoc de bharr idirbhearta nó imeachta atá tar éis tarlú cheana féin, ar an gcoinníoll go bhféadfaí éileamh mar sin a thabhairt os comhair cúirte;

(6)

ciallaíonn “creidiúnaí” duine nádúrtha a bhfuil sainchónaí air i mBallstát nó duine dlítheanach a bhfuil sainchónaí air i mBallstát nó aon eintiteas eile a bhfuil sainchónaí air i mBallstát agus a bhfuil inniúlacht dhlíthiúil aige agra a dhéanamh nó bheith inagartha faoi dhlí Ballstáit, agus a chuireann iarratas isteach ar Ordú um Chaomhnú i dtaca le héileamh ar Ordú nó a bhfuil Ordú faighte aige cheana féin;

(7)

ciallaíonn “féichiúnaí” duine nádúrtha nó duine dlítheanach nó aon eintiteas eile a bhfuil inniúlacht dhlíthiúil aige agra a dhéanamh nó bheith inagartha faoi dhlí Ballstáit, agus ar ina choinne a bhfuil an creidiúnaí ag iarraidh Ordú um Chaomhnú a fháil i dtaca le héileamh nó a bhfuil an tOrdú sin faighte aige cheana féin;

(8)

ciallaíonn “breithiúnas” aon bhreithiúnas a thug cúirt de chuid Ballstáit, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n-áirítear cinneadh ar chostais nó ar speansais a bheith á gcinneadh ag oifigeach den chúirt;

(9)

ciallaíonn “socraíocht chúirte” socraíocht atá formheasta ag cúirt de chuid Ballstáit nó atá tugtha i gcrích os comhair cúirte de chuid Ballstáit le linn imeachtaí;

(10)

ciallaíonn “ionstraim bharántúil” doiciméad a dréachtaíodh go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraim bharántúil i mBallstát agus a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:

(a)

go mbaineann a cuid barántúlachta le síniú na hionstraime agus lena bhfuil inti; agus

(b)

gur údarás poiblí nó údarás eile arna chumhachtú chun na críche sin a bhunaigh í;

(11)

ciallaíonn “Ballstát tionscnaimh” an Ballstát inar eisíodh an tOrdú um Chaomhnú;

(12)

ciallaíonn “Ballstát an fhorfheidhmithe” an Ballstát ina bhfuil an cuntas bainc atá le caomhnú á choimeád;

(13)

ciallaíonn “údarás faisnéise” an t-údarás arna ainmniú ag Ballstát mar údarás atá inniúil chun críocha an fhaisnéis is gá a fháil faoi chuntas nó faoi chuntais an fhéichiúnaí de bhun Airteagal 14;

(14)

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás arna ainmniú ag Ballstát mar údarás atá inniúil chun doiciméid a fháil, a tharchur nó a sheirbheáil de bhun Airteagal 10(2), Airteagal 23(3), (5) agus (6), Airteagal 25(3), Airteagal 27(2), Airteagal 28(3) agus an dara fomhír d’Airteagal 36(5);

(15)

ciallaíonn “sainchónaí” sainchónaí mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) é.

CAIBIDIL 2

NÓS IMEACHTA CHUN ORDÚ UM CHAOMHNÚ A FHÁIL

Airteagal 5

Infhaighteacht

Beidh an tOrdú um Chaomhnú ar fáil don chreidiúnaí sna cásanna seo a leanas:

(a)

sula dtionscnaíonn an creidiúnaí imeachtaí i mBallstát i gcoinne an fhéichiúnaí maidir le substaint an ábhair, nó ag aon chéim le linn imeachtaí den sórt sin go dtí go n-eisítear an breithiúnas nó go dtí go ndéantar socraíocht chúirte a fhormheas nó a thabhairt chun críche;

(b)

tar éis don chreidiúnaí breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil a fháil i mBallstát lena gcuirtear ceanglas ar an bhféichiúnaí éileamh an chreidiúnaí a íoc.

Airteagal 6

Dlínse

1.   I gcásanna nach mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte fós ag an gcreidiúnaí, is ag cúirteanna an Bhallstáit a bheidh dlínse rialú ar shubstaint an ábhair a bheidh an dlínse Ordú um Chaomhnú a eisiúint i gcomhréir leis na rialacha ábhartha maidir le dlínse is infheidhme.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás inar tomhaltóir é an féichiúnaí a bhfuil conradh tugtha i gcrích aige leis an gcreidiúnaí chun críche ar féidir í a mheas mar chríoch atá lasmuigh de cheird nó de ghairm an fhéichiúnaí, ní bheidh an dlínse chun Ordú um Chaomhnú a eisiúint lena n-iarrtar éileamh a áirithiú a bhaineann leis an gconradh sin, ach ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí agus acu sin amháin.

3.   I gcás ina bhfuil breithiúnas nó socraíocht chúirte faighte cheana ag an gcreidiúnaí, is ag cúirteanna an Bhallstáit inar eisíodh an breithiúnas nó inar formheasadh nó inar cuireadh i gcrích an tsocraíocht chúirte a bheidh an dlínse chun Ordú um Chaomhnú a eisiúint i leith an éilimh a sonraíodh sa bhreithiúnas nó sa tsocraíocht.

4.   I gcás ina bhfuil ionstraim bharántúil faighte ag an gcreidiúnaí, is ag na cúirteanna a ainmníodh chun na críche sin sa Bhallstát inar dréachtaíodh an ionstraim sin a bheidh an dlínse chun Ordú um Chaomhnú a eisiúint i leith an éilimh a sonraíodh san ionstraim sin.

Airteagal 7

Coinníollacha maidir le hOrdú um Chaomhnú a eisiúint

1.   Eiseoidh an chúirt an tOrdú um Chaomhnú nuair a chuirfidh an creidiúnaí fianaise leordhóthanach isteach chun an chúirt a shásamh go bhfuil géarghá le beart cosanta i bhfoirm Ordaithe um Chaomhnú mar go bhfuil fíorbhaol ann, in éagmais beart den sórt sin, go gcuirfear bac ar fhorfheidhmiú éileamh an chreidiúnaithe i gcoinne an fhéichiúnaí ina dhiaidh sin nó go mbeidh an forfheidhmiú i bhfad níos deacra.

2.   I gcásanna nach mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte fós ag an gcreidiúnaí i mBallstát, lena gcuirfear ceanglas ar an bhféichiúnaí éileamh an chreidiúnaí a íoc, cuirfidh an creidiúnaí fianaise leordhóthanach isteach freisin chun an chúirt a shásamh go bhfuil an dóchúlacht ann go n-éireoidh leis maidir le substaint a éilimh i gcoinne an fhéichiúnaí.

Airteagal 8

Iarratas ar Ordú um Chaomhnú

1.   Taiscfear iarratais ar Ordú um Chaomhnú agus úsáid á baint as an bhfoirm a bhunófar i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh na cúirte lena dtaisctear an t-iarratas;

(b)

sonraí a bhaineann leis an gcreidiúnaí: ainm agus sonraí teagmhála agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála ionadaí an chreidiúnaí, agus:

(i)

más duine nádúrtha é an creidiúnaí, a dháta breithe agus, más infheidhme agus má tá sé ar fáil, a uimhir aitheantais nó a uimhir phas; nó

(ii)

más duine dlítheanach nó aon eintiteas eile é an creidiúnaí a bhfuil inniúlacht dhlíthiúil aige agra a dhéanamh nó bheith inagartha faoi dhlí Ballstáit, an Stát ina ndearnadh é a chorprú, a fhoirmiú nó a chlárú agus a uimhir aitheantais nó a uimhir chlárúcháin nó, i gcás nach ann d’aon uimhir den sórt sin, an dáta agus an áit a ndearnadh é a chorprú, a fhoirmiú nó a chlárú;

(c)

sonraí a bhaineann leis an bhféichiúnaí: ainm agus sonraí teagmhála agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála ionadaí an fhéichiúnaí, agus, má tá an méid seo ar fáil:

(i)

más duine nádúrtha é an féichiúnaí, a dháta breithe agus a uimhir aitheantais nó uimhir phas; nó

(ii)

más duine dlítheanach nó eintiteas eile é an féichiúnaí a bhfuil inniúlacht dhlíthiúil aige agra a dhéanamh nó bheith inagartha faoi dhlí Ballstáit, an Stát ina ndearnadh é a chorprú, a fhoirmiú nó a chlárú agus a uimhir aitheantais nó a uimhir chlárúcháin nó, i gcás nach ann d’uimhir den sórt sin, an dáta agus an áit a ndearnadh é a chorprú, a fhoirmiú nó a chlárú;

(d)

uimhir lenar féidir an banc a shainaithint, amhail IBAN nó BIC agus/nó ainm agus seoladh an bhainc, ina sealbhaíonn an féichiúnaí cuntas amháin nó níos mó atá le caomhnú;

(e)

má tá sí ar fáil, uimhir an chuntais nó na gcuntas atá le caomhnú agus, i gcás den sórt sin, léiriú i dtaobh cibé ar cheart aon chuntais eile atá ag an bhféichiúnaí leis an mbanc céanna a chaomhnú;

(f)

i gcás nach féidir aon chuid den fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (d) a chur ar fáil, ráiteas go ndéantar iarratas ar fhaisnéis faoi chuntas a fháil de bhun Airteagal 14, i gcás inar féidir iarratas den sórt sin a dhéanamh, agus bunús a thabhairt leis i dtaobh cén fáth a gcreideann an creidiúnaí go bhfuil cuntas amháin nó níos mó ag an bhféichiúnaí i mbanc i mBallstát sonrach;

(g)

an méid a bhfuil an tOrdú um Chaomhnú á lorg ina leith:

(i)

i gcás nach mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte fós ag an gcreidiúnaí, méid an phríomhéilimh nó na coda de agus aon ús is in-aisghabhála de bhun Airteagal 15;

(ii)

i gcásanna ina mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte cheana féin ag an gcreidiúnaí, méid an phríomhéilimh a sonraíodh sa bhreithiúnas, sa tsocraíocht chúirte nó san ionstraim bharántúil nó na coda de agus aon ús agus aon chostas is in-aisghabhála de bhun Airteagal 15;

(h)

i gcás nach mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte fós ag an gcreidiúnaí:

(i)

tuairisc ar na heilimintí ábhartha uile a thacaíonn le dlínse na cúirte lena dtaisctear an t-iarratas ar an Ordú um Chaomhnú;

(ii)

tuairisc ar na himthosca ábhartha uile a agraítear mar bhonn don éileamh, agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ús a éilítear;

(iii)

ráiteas ina léirítear an bhfuil tús curtha cheana ag an gcreidiúnaí le himeachtaí in aghaidh an fhéichiúnaí maidir le substaint an ábhair;

(i)

i gcás ina mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte cheana féin ag an gcreidiúnaí, dearbhú nár comhlíonadh an breithiúnas, an tsocraíocht chúirte nó an ionstraim bharántúil fós, nó, má comhlíonadh é i bpáirt, léiriú ar mhéid an neamh-chomhlíonta;

(j)

cur síos ar na himthosca ábhartha uile ar bonn cirt iad leis an Ordú um Chaomhnú a eisiúint, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(1);

(k)

i gcás inarb infheidhme, léiriú ar cén fáth a chreideann an creidiúnaí gur cheart dó a bheith díolmhaithe ó urrús a chur ar fáil de bhun Airteagal 12;

(l)

liosta den fhianaise a sholáthraíonn an creidiúnaí;

(m)

dearbhú mar a fhoráiltear dó in Airteagal 16 cibé á rá an bhfuil iarratas ar ordú náisiúnta coibhéiseach taiscthe le cúirteanna nó údaráis eile ag an gcreidiúnaí nó cibé an bhfuarthas ordú den sórt sin nó ar diúltaíodh dó agus, má fuarthas, a mhéid ar cuireadh chun feidhme é;

(n)

léiriú roghnach ar chuntas bainc an chreidiúnaí atá le húsáid le haghaidh aon íocaíochta deonaí a íocfaidh an féichiúnaí as an éileamh;

(o)

dearbhú go bhfuil an fhaisnéis a chuireann an creidiúnaí ar fáil san iarratas ceart agus cruinn chomh fada agus is eol dó agus gurb eol don chreidiúnaí go bhféadfadh iarmhairtí dlíthiúla a bheith ann nó go bhféadfadh dliteanas de bhun Airteagal 13 a bheith ann, faoi dhlí an Bhallstáit ina dtaisctear an t-iarratas, mar thoradh ar aon ráitis bhréagacha nó neamhiomlána a dhéantar d’aonghnó.

3.   Ag gabháil leis an iarratas beidh na doiciméid tacaíochta go léir is ábhartha agus cóip den bhreithiúnas, den tsocraíocht chúirte nó den ionstraim bharántúil lena gcomhlíontar na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh i gcásanna ina mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte cheana féin ag an gcreidiúnaí.

4.   Féadfar an t-iarratas agus doiciméid tacaíochta a chur isteach trí aon mhodh cumarsáide, lena n-áirítear modh leictreonach, a nglactar leo faoi rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina dtaisctear an t-iarratas.

Airteagal 9

Fianaise a ghlacadh

1.   Déanfaidh an chúirt a cinneadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn ar bhonn na faisnéise agus na fianaise a thug an creidiúnaí ina iarratas nó lena iarratas. Má mheasann an chúirt nach leor an fhianaise a tugadh, féadfaidh sí, i gcás ina gceadaítear amhlaidh leis an dlí náisiúnta, iarraidh ar an gcreidiúnaí fianaise dhoiciméadach bhreise a thabhairt.

2.   D’ainneoin mhír 1 agus faoi réir Airteagal 11, féadfaidh an Chúirt, ar an gcoinníoll nach gcuireann sin moill mhíchuí ar na himeachtaí, leas a bhaint freisin as aon mhodh iomchuí eile chun fianaise a ghlacadh atá ar fáil faoina dlí náisiúnta, amhail éisteacht ó bhéal a thabhairt don chreidiúnaí nó dá fhinné/fhinnéithe, lena n-áirítear trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chumarsáide eile.

Airteagal 10

Na himeachtaí a thionscnamh ar shubstaint an ábhair

1.   I gcás ina ndearna an creidiúnaí iarratas ar Ordú um Chaomhnú sular thionscain sé imeachtaí ar shubstaint an ábhair, tionscnóidh sé na himeachtaí sin agus déanfaidh sé cruthúnas gur thionscain sé iad a sholáthar don chúirt lenar taisceadh an t-iarratas laistigh de 30 lá ón dáta ar thaisc sé an t-iarratas nó laistigh de 14 lá ón dáta ar eisíodh an tOrdú, cibé dáta is déanaí. Féadfaidh an chúirt freisin an tréimhse ama sin a shíneadh, arna iarraidh sin don fhéichiúnaí, mar shampla d’fhonn a cheadú do na páirtithe an t-éileamh a shocrú, agus cuirfear an méid sin in iúl don dá pháirtí dá réir sin.

2.   Mura bhfuair an chúirt cruthúnas gur tionscnaíodh na himeachtaí taobh istigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1, déanfar an tOrdú um Chaomhnú a chúlghairm nó foirceannfar é agus cuirfear an méid sin in iúl do na comhpháirtithe dá réir sin.

Sa chás ina mbeidh an chúirt a d’eisigh an tOrdú lonnaithe i mBallstát an fhorfheidhmithe, déanfar cúlghairm nó foirceannadh an Ordaithe sa Bhallstát sin i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.

I gcás inar gá an chúlghairm nó an foirceannadh a chur chun feidhme i mBallstát seachas an Ballstát tionscnaimh, déanfaidh an chúirt an tOrdú um Chaomhnú a chúlghairm trí úsáid a bhaint as an bhfoirm don chúlghairm a bhunófar trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 52(2), agus déanfaidh sé an fhoirm cúlghairthe a tharchur, i gcomhréir le hAirteagal 29, chuig údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe. Déanfaidh an t-údarás sin na bearta is gá trí Airteagal 23 a chur i bhfeidhm de réir mar is iomchuí chun an chúlghairm nó an foirceannadh a chur chun feidhme.

3.   Chun críocha mhír 1, measfar gur tionscnaíodh imeachtaí ar shubstaint an ábhair sna cásanna seo a leanas:

(a)

tráth a ndéanfar doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a thaisceadh leis an gcúirt, ar choinníoll nár mhainnigh an creidiúnaí dá éis sin na bearta ba ghá dó a ghlacadh chun an tseirbheáil a dhéanamh ar an bhféichiúnaí; nó

(b)

más gá an doiciméad a sheirbheáil sula dtaiscfear leis an gcúirt é, tráth a mbeidh sé faighte ag an údarás atá freagrach as an tseirbheáil, ar choinníoll nár mhainnigh an creidiúnaí dá éis sin na céimeanna ba ghá dó a ghlacadh chun an doiciméad a thaisceadh leis an gcúirt.

Is é an t-údarás atá freagrach as an tseirbheáil dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír an chéad údarás a gheobhaidh na doiciméid atá le seirbheáil.

Airteagal 11

Nós imeachta ex parte

Ní thabharfar fógra don fhéichiúnaí i leith an iarratais ar Ordú um Chaomhnú ná ní éistfear é sula n-eiseofar an tOrdú.

Airteagal 12

Urrús atá le soláthar ag an gcreidiúnaí

1.   Sula n-eiseofar Ordú um Chaomhnú i gcás nach mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte fós ag an gcreidiúnaí, cuirfidh an chúirt ceanglas ar an gcreidiúnaí urrús a sholáthar do mhéid a bheidh leordhóthanach chun mí-úsáid an nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chosc agus chun cúiteamh ar aon dochar a ndearnadh don fhéichiúnaí mar gheall ar an Ordú a áirithiú a mhéid atá an creidiúnaí faoi dhliteanas an dochar sin a chúiteamh de bhun Airteagal 13.

Mar eisceacht, féadfaidh an chúirt an ceanglas a leagtar amach sa chéad fhomhír a ligean thar ceal má mheasann sí go bhfuil cur ar fáil an urrúis sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír míchuí i gcúinsí an cháis.

2.   I gcás ina mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte cheana féin ag an gcreidiúnaí, féadfaidh an chúirt a cheangal ar an gcreidiúnaí urrús a sholáthar, dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, sula n-eiseoidh sí an tOrdú má mheasann sí gur gá sin agus gurb iomchuí sin i gcúinsí an cháis.

3.   Má cheanglaíonn an chúirt go ndéanfaí urrús a sholáthar de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh sí fógra don chreidiúnaí faoin méid a éileofar agus faoi na cineálacha urrúis a bheidh inghlactha faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an chúirt lonnaithe. Cuirfidh sí in iúl don chreidiúnaí go n-eiseofar Ordú um Chaomhnú a luaithe a sholáthrófar urrús i gcomhréir leis na ceanglais sin.

Airteagal 13

Dliteanas an chreidiúnaí

1.   Beidh an creidiúnaí faoi dhliteanas i leith aon dochar a dhéantar don fhéichiúnaí de bharr an Ordaithe um Chaomhnú mar gheall ar fhaillí ar thaobh an chreidiúnaí. Beidh an dualgas cruthúnais ar an bhféichiúnaí.

2.   Sna cásanna seo a leanas, toimhdeofar gur faillí de chuid an chreidiúnaí í mura gcruthaíonn an creidiúnaí a mhalairt:

(a)

má chúlghairtear an tOrdú toisc gur mhainnigh an creidiúnaí imeachtaí a thionscnamh maidir le substaint an ábhair, mura rud é gurb é ba chúis leis an neamhghníomh sin gur íoc an féichiúnaí an t-éileamh nó gur tháinig na páirtithe ar shocrú éigin eile;

(b)

má mhainnigh an creidiúnaí a iarraidh méideanna ró-chaomhnaithe a scaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 27;

(c)

má fhaightear amach ina dhiaidh sin nárbh iomchuí é an tOrdú a eisiúint nó nárbh iomchuí é ach amháin ar mhéid is ísle, mar gheall ar fhaillí ar thaobh an chreidiúnaí a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 16; nó

(d)

má chúlghairtear an tOrdú nó má dhéantar a fhorfheidhmiú a fhoirceannadh toisc gur mhainnigh an creidiúnaí a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh maidir le seirbheáil nó le haistriú na ndoiciméad nó maidir leis an easpa seirbheála nó an easpa aistriúcháin a leigheas.

3.   In ainneoin mhír 1, féadfaidh na Ballstáit forais eile dliteanais nó cineálacha eile dliteanais nó rialacha maidir leis an dualgas cruthúnais a choimeád nó a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta. Beidh gach gné eile de dhliteanas an chreidiúnaí i leith an fhéichiúnaí nach dtugtar aghaidh orthu go sonrach i mír 1 agus i mír 2 á rialú faoin dlí náisiúnta.

4.   Is é dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe a bheidh ina dhlí is infheidhme do dhliteanas an chreidiúnaí.

Má chaomhnaítear cuntais i níos mó ná Ballstát amháin, is é dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe a bheidh ina dhlí is infheidhme ar dhliteanas an chreidiúnaí:

(a)

arb é an Ballstát é a bhfuil gnáthchónaí ar an bhféichiúnaí ann, mar a shainítear é in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), nó mura féidir sin,

(b)

arb é an Ballstát é a bhfuil an nasc is mó aige leis an gcás.

5.   San Airteagal seo, ní phléitear leis an gceist go bhféadfadh go mbeadh an creidiúnaí faoi dhliteanas i leith bhainc nó aon tríú páirtí.

Airteagal 14

Iarraidh ar fhaisnéis faoi chuntas a fháil

1.   I gcás ina mbeidh breithiúnas in-fhorfheidhmithe, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte ag an gcreidiúnaí i mBallstát lena gcuirtear ceanglas ar an bhféichiúnaí éileamh an chreidiúnaí a íoc agus ina bhfuil cúiseanna ag an gcreidiúnaí a chreidiúint go bhfuil cuntas amháin nó níos mó ag an bhféichiúnaí i mbanc i mBallstát sonrach, ach nach bhfuil ainm ná seoladh an bhainc, ná BIC, ná IBAN, ná uimhir eile bhainc ar eolas aige lena bhféadfaí an banc a shainaithint, féadfaidh sé a iarraidh ar an gcúirt lena ndéantar an t-iarratas ar Ordú um Chaomhnú a iarraidh go bhfaighidh údarás faisnéise Bhallstát an fhorfheidhmithe an fhaisnéis is gá chun go gceadófar an banc nó na bainc, agus cuntas nó cuntais an fhéichiúnaí, a shainaithint.

In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh an creidiúnaí an t-iarratas dá dtagraítear san fhomhír sin a dhéanamh i gcás nach mbeidh an breithiúnas, an tsocraíocht chúirte nó an ionstraim bharántúil a gheobhaidh an creidiúnaí fós in-fhorfheidhmithe agus go mbeidh an méid a bheidh le caomhnú suntasach agus na cúinsí ábhartha uile á gcur san áireamh, agus i gcás inar chuir an creidiúnaí fianaise leordhóthanach isteach chun an chúirt a shásamh go bhfuil géarghá le faisnéis faoi chuntas mar go bhfuil an baol ann, gan faisnéis den chineál sin, gur dóigh go mbeidh forfheidhmiú éileamh an chreidiúnaí in aghaidh an fhéichiúnaí ina dhiaidh sin i mbaol agus go dtiocfaidh meath mór dá bhrí sin ar chás airgeadais an chreidiúnaí ina dhiaidh sin.

2.   Is san iarratas ar an Ordú um Chaomhnú a dhéanfaidh an creidiúnaí an iarraidh dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh an creidiúnaí an bonn cirt ar dá bharr a chreideann sé go bhfuil cuntas amháin nó níos mó ag an bhféichiúnaí i mbanc sa Bhallstát sonrach agus tabharfaidh sé an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil dó faoin bhféichiúnaí agus faoin gcuntas nó faoi na cuntais atá le caomhnú. Má mheasann an chúirt ina ndéantar an t-iarratas ar Ordú ar Chaomhnú a thaisceadh nach bhfuil bonn cirt cuí leordhóthanach ag baint le hiarraidh an chreidiúnaí, diúltóidh sí di.

3.   Nuair atá an chúirt sásta go bhfuil bonn cirt cuí ag baint le hiarraidh an chreidiúnaí agus gur comhlíonadh na coinníollacha agus na ceanglais uile chun an tOrdú um Chaomhnú a eisiúint, ach amháin an ceanglas maidir le faisnéis a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 8(2), agus, nuair is infheidhme, an ceanglas slándála de bhun Airteagal 12, tarchuirfidh an chúirt an iarraidh ar fhaisnéis chuig an údarás faisnéise i mBallstát an fhorfheidhmithe i gcomhréir le hAirteagal 29.

4.   Chun teacht ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, bainfidh an t-údarás faisnéise i mBallstát an fhorfheidhmithe leas as ceann de na modhanna atá ar fáil sa Bhallstát sin de bhun mhír 5.

5.   Cuirfidh gach Ballstát ceann amháin ar a laghad de na modhanna seo a leanas ar fáil ina dhlí náisiúnta, ar modhanna iad chun an fhaisnéis a fháil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

oibleagáid a chur ar na bainc uile ina chríoch, arna iarraidh sin don údarás faisnéise, a nochtadh an bhfuil cuntas ag an bhféichiúnaí leo;

(b)

rochtain a bheith ag an údarás faisnéise ar an bhfaisnéis ábhartha i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin i seilbh údarás nó riarachán poiblí i gcláir nó ar bhealach eile;

(c)

an fhéidearthacht a bheith ag a chuid cúirteanna oibleagáid a chur ar an bhféichiúnaí a nochtadh cé acu banc nó bainc ina chríoch a bhfuil cuntas amháin nó níos mó aige i gcás ina bhfuil ordú in personam ag gabháil leis an oibleagáid sin lena gcuirtear cosc air na cistí atá ina chuntas nó ina chuntais bainc a aistarraingt nó a aistriú, suas don mhéid atá le caomhnú faoin Ordú um Chaomhnú; nó

(d)

aon mhodh eile a bheidh éifeachtach nó éifeachtúil chun críocha an fhaisnéis ábhartha a fháil, ar an gcoinníoll nach bhfuil siad díréireach ó thaobh costas nó am-íditheach.

Na húdaráis uile atá bainteach le faisnéis a fháil, gníomhóidh siad go gasta, beag beann ar an modh nó ar na modhanna a chuirfidh Ballstát ar fáil.

6.   A luaithe a gheobhaidh údarás faisnéise Bhallstát an fhorfheidhmithe an fhaisnéis faoi chuntas, tarchuirfidh sé chuig an gcúirt iarrthach í i gcomhréir le hAirteagal 29.

7.   Mura bhfuil an t-údarás faisnéise in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, cuirfear sin in iúl don chúirt iarrthach dá réir sin. I gcás go ndéanfar an t-iarratas ar Ordú um Chaomhnú a dhiúltú go hiomlán, de bharr neamh-infhaighteacht faisnéise faoin gcuntas, scaoilfidh an chúirt a d’iarr an fhaisnéis sin aon urrús a fhéadfaidh a bheith curtha ar fáil ag an gcreidiúnaí de bhun Airteagal 12, gan mhoill.

8.   I gcás faoin Airteagal seo go dtabharfaidh banc faisnéis don údarás faisnéise nó go gceadófar dó rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chuntas atá ina seilbh ag údaráis nó riaracháin phoiblí i gcláir, déanfar tabhairt an fhógra don fhéichiúnaí a chur siar 30 lá, ar fógra é á rá gur nochtadh a chuid sonraí pearsanta d’fhonn a chosc go ndéanfaí éifeacht an Ordaithe um Chaomhnú a chur i mbaol dá dtabharfaí luathfhógra.

Airteagal 15

Ús agus costais

1.   Arna iarraidh sin don chreidiúnaí, áireofar ar an Ordú um Chaomhnú aon ús a fabhraíodh faoin dlí is infheidhme maidir leis an éileamh go dtí an dáta a n-eiseofar an tOrdú, ar an gcoinníoll nach bhfuil méid nó cineál an úis amhail go bhfuil sárú i gceist maidir le forálacha sainordaitheacha sáraitheacha sa dlí is infheidhme sa Bhallstát tionscnaimh.

2.   I gcásanna ina mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte cheana féin ag an gcreidiúnaí, áireofar ar an Ordú um Chaomhnú freisin, arna iarraidh sin don chreidiúnaí, na costais a bhaineann leis an mbreithiúnas, leis an tsocraíocht nó leis an ionstraim a fháil, a mhéid a rinneadh an cinneadh gurb é an féichiúnaí a íocfaidh as na costais sin.

Airteagal 16

Iarratais chomhthreomhara

1.   Ní fhéadfaidh an creidiúnaí iarratais chomhthreomhara ar Ordú um Chaomhnú a chur faoi bhráid roinnt cúirteanna ag an am céanna i gcoinne an fhéichiúnaí chéanna agus é dírithe ar an éileamh céanna a áirithiú.

2.   Ina iarratas ar Ordú um Chaomhnú, dearbhóidh an creidiúnaí é má tá iarratas taiscthe aige le haon chúirt nó le haon údarás eile ar ordú coibhéiseach náisiúnta in aghaidh an fhéichiúnaí chéanna agus arb é is aidhm leis an t-éileamh céanna a áirithiú nó má tá ordú den sórt sin faighte aige cheana. Tabharfaidh sé le fios freisin aon diúltú a fuair sé maidir le hiarratais ar ordú den sórt sin, ar diúltaíodh dó toisc é bheith doghlactha nó toisc nach raibh bonn leis.

3.   Má fhaigheann an creidiúnaí ordú náisiúnta coibhéiseach i gcoinne an fhéichiúnaí chéanna agus arb é is aidhm leis an t-éileamh céanna a áirithiú le linn imeachtaí maidir le hOrdú um Chaomhnú a eisiúint, cuirfidh sé an méid sin in iúl gan mhoill don chúirt agus cuirfidh sé in iúl di freisin aon chur chun feidhme a rinneadh maidir leis an ordú náisiúnta a deonaíodh a dhéanfaí ina dhiaidh sin. Cuirfidh sé aon iarratas ar ordú náisiúnta coibhéiseach ar diúltaíodh dó toisc é bheith doghlactha nó toisc nach raibh bonn leis in iúl don chúirt freisin.

4.   I gcás ina gcuirtear in iúl don chúirt go bhfuair an creidiúnaí ordú náisiúnta coibhéiseach cheana féin, breithneoidh sí, ag féachaint do chúinsí uile an cháis, an iomchuí fós é an tOrdú um Chaomhnú a eisiúint, ina iomláine nó i bpáirt.

Airteagal 17

Cinneadh maidir leis an iarratas ar an Ordú um Chaomhnú

1.   Scrúdóidh an chúirt a dtugtar iarratas ar Ordú um Chaomhnú os a comhair an gcomhlíontar na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an chúirt cinneadh maidir leis an iarratas gan mhoill, ach tráth nach déanaí ná dul in éag na dteorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 18.

3.   I gcás nach bhfuil an fhaisnéis go léir a cheanglaítear faoi Airteagal 8 tugtha ag an gcreidiúnaí, féadfaidh an chúirt deis a thabhairt don chreidiúnaí an t-iarratas a chomhlánú nó a cheartú laistigh de thréimhse ama a shonróidh an Chúirt, ach amháin más léir go bhfuil an t-iarratas doghlactha nó nach bhfuil bonn leis. Mura gcomhlánóidh nó mura gceartóidh an creidiúnaí an t-iarratas laistigh den tréimhse sin, diúltófar don iarratas.

4.   Eiseofar an tOrdú um Chaomhnú don mhéid a bhfuil údar leis i gcomhréir leis an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 9 agus faoi mar a chinnfear é leis an dlí is infheidhme maidir leis an éileamh bunaidh, agus áireofar air, i gcás inarb iomchuí, ús agus/nó costais de bhun Airteagal 15.

Ní fhéadfar an tOrdú a eisiúint in aon imthosca ar mhéid atá níos mó ná an méid a shonraigh an creidiúnaí ina iarratas.

5.   Cuirfear an cinneadh ar an iarratas in iúl don chreidiúnaí i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit thionscnaimh le haghaidh orduithe coibhéiseacha náisiúnta.

Airteagal 18

Teorainneacha ama don chinneadh maidir le cur isteach ar iarratas ar Ordú um Chaomhnú

1.   I gcás nach mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte fós ag an gcreidiúnaí, eiseoidh an chúirt a cinneadh faoi dheireadh an deichiú lá oibre tar éis don chreidiúnaí a iarratas a thaisceadh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis dó a iarratas a chomhlánú.

2.   I gcás ina mbeidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil faighte cheana féin ag an gcreidiúnaí, eiseoidh an chúirt a cinneadh roimh dheireadh an cúigiú lá oibre tar éis don chreidiúnaí a iarratas a thaisceadh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis dó a iarratas a chomhlánú.

3.   I gcás ina gcinneann an chúirt de bhun Airteagal 9(2) gur gá éisteacht ó bhéal ón gcreidiúnaí agus, de réir mar a bheidh an cás, óna fhinné/óna fhinnéithe, tionólfaidh an chúirt an éisteacht gan aon mhoill agus eiseoidh sí a cinneadh roimh dheireadh an cúigiú lá oibre tar éis na héisteachta.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 12, beidh feidhm ag na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo maidir leis an gcinneadh lena gcuirtear de cheangal ar an gcreidiúnaí urrús a sholáthar. Eiseoidh an chúirt a chinneadh maidir leis an iarratas ar Ordú um Chaomhnú gan mhoill nuair a chuirfidh an creidiúnaí an t-urrús riachtanach ar fáil.

5.   D’ainneoin mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14, eiseoidh an chúirt a cinneadh gan aon mhoill a luaithe a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(6) nó 7 faighte aici, ar choinníoll go mbeidh aon urrús a cheanglaítear curtha ar fáil ag an gcreidiúnaí faoin am sin.

Airteagal 19

Foirm agus inneachar an Ordaithe um Chaomhnú

1.   Eiseofar an tOrdú um Chaomhnú agus úsáid á baint as an bhfoirm a bunaíodh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 52(2) agus beidh stampa, síniú agus/nó aon fhíordheimhniú eile ón gCúirt uirthi. Dhá chuid a bheidh san fhoirm:

(a)

cuid A, ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2 a bheidh le cur ar fáil don bhanc, don chreidiúnaí agus don fhéichiúnaí; agus

(b)

cuid B, ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach i mír 3 a bheidh le soláthar don chreidiúnaí agus don fhéichiúnaí mar aon leis an bhfaisnéis de bhun mhír 2.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh i gcuid A:

(a)

ainm agus seoladh na cúirte agus uimhir chomhaid an cháis;

(b)

sonraí an chreidiúnaí mar a léirítear iad i bpointe (b) d’Airteagal 8(2);

(c)

sonraí an fhéichiúnaí mar a léirítear iad i bpointe (c) d’Airteagal 8(2);

(d)

ainm agus seoladh an bhainc a mbaineann an tOrdú leis;

(e)

má rinne an creidiúnaí an uimhir chuntais atá ag an bhféichiúnaí a chur ar fáil san iarratas, uimhir an chuntais nó na gcuntas atá le caomhnú; agus, i gcás inarb infheidhme, léiriú i dtaobh cibé ar cheart aon chuntais eile atá ag an bhféichiúnaí leis an mbanc céanna a chaomhnú freisin;

(f)

i gcás inarb infheidhme, léiriú go bhfuarthas uimhir aon chuntais atá le caomhnú trí bhíthin iarratais de bhun Airteagal 14 agus go bhfuil an banc, más gá de bhun an dara fomhír d’Airteagal 24(4), chun an uimhir nó na huimhreacha lena mbaineann a fháil ó údarás faisnéise Bhallstát an fhorfheidhmithe;

(g)

an méid a chaomhnófar leis an Ordú;

(h)

treoir don bhanc chun an tOrdú a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 24;

(i)

dáta eisiúna an Ordaithe;

(j)

má shonraigh an creidiúnaí cuntas ina iarratas de bhun phointe (n) d’Airteagal 8(2), údarú don bhanc de bhun Airteagal 24(3) cistí a scaoileadh agus a aistriú, arna iarraidh sin don fhéichiúnaí, agus má cheadaítear sin faoi dhlí Bhallstát an fhorfheidhmithe, suas go dtí an méid a shonraítear san Ordú, ón gcuntas caomhnaithe chuig an gcuntas a shonraigh an creidiúnaí ina iarratas;

(k)

faisnéis maidir leis an áit inar féidir teacht ar an leagan leictreonach den fhoirm a úsáidfear don dearbhú de bhun Airteagal 25.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh i gcuid B:

(a)

tuairisc ar ábhar an cháis agus ar réasúnaíocht na cúirte chun an tOrdú a eisiúint;

(b)

méid an urrúis a thug an creidiúnaí, más ann dó;

(c)

i gcás inarb infheidhme, an teorainn ama chun na himeachtaí a thionscnamh ar shubstaint an ábhair agus chun cruthúnas a thabhairt don chúirt eisiúna go ndearnadh an tionscnamh sin;

(d)

i gcás inarb infheidhme, léiriú i leith na ndoiciméad sin is gá a aistriú de bhun an dara habairt d’Airteagal 49(1);

(e)

i gcás inarb infheidhme, léiriú go bhfuil an creidiúnaí freagrach as forfheidhmiú an Ordaithe a thionscnamh agus dá bhrí sin, i gcás inarb infheidhme, léiriú go bhfuil an creidiúnaí freagrach as an bhforfheidhmiú sin a tharchur chuig údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe de bhun Airteagal 23(3) agus chun an tseirbheáil a thionscnamh ar an bhféichiúnaí de bhun Airteagal 28(2), (3) agus (4); agus

(f)

faisnéis faoi na leigheasanna atá ar fáil don fhéichiúnaí.

4.   I gcás ina mbeidh baint ag an Ordú um Chaomhnú le cuntais i mbainc éagsúla, comhlánófar foirm ar leith (cuid A de bhun mhír 2) le haghaidh gach bainc. I gcás den sórt sin, san fhoirm a chuirtear ar fáil don chreidiúnaí agus don fhéichiúnaí (cuid A agus cuid B de bhun mhír 2 agus mhír 3 faoi seach), beidh liosta de na bainc go léir lena mbaineann.

Airteagal 20

Ré an chaomhnaithe

Leanfar de na cistí a chaomhnófar faoin Ordú um Chaomhnú a chaomhnú faoi mar a bhforáiltear san Ordú nó in aon mhodhnú nó in aon teorannú ar an Ordú sin ina dhiaidh sin de bhun Chaibidil 4:

(a)

go dtí go gcúlghairfear an tOrdú;

(b)

go dtí go ndéanfar forfheidhmiú an Ordaithe a fhoirceannadh; nó

(c)

go dtí go mbeidh éifeacht, maidir leis na cistí a chaomhnaítear faoin Ordú sin, ag beart chun breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil atá faighte ag an gcreidiúnaí a bhaineann leis an éileamh a raibh sé beartaithe a áirithiú leis an Ordú um Chaomhnú, a fhorfheidhmiú.

Airteagal 21

Achomharc in aghaidh diúltaithe chun an tOrdú um Chaomhnú a eisiúint

1.   Beidh sé de cheart ag an gcreidiúnaí achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinnidh de chuid na cúirte lena ndéantar a iarratas ar Ordú um Chaomhnú a dhiúltú, ina iomláine nó go páirteach.

2.   Déanfar achomharc den sórt sin a thaisceadh laistigh de 30 lá ón dáta a gcuirtear an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl don chreidiúnaí. Déanfar é a thaisceadh leis an gcúirt a ndearna an Ballstát lena mbaineann í a chur in iúl don Choimisiún de bhun phointe (d) d’Airteagal 50(1).

3.   I gcás inar diúltaíodh don iarratas ar an Ordú um Chaomhnú ina iomláine, pléifear leis an achomharc in imeachtaí ex parte mar a fhoráiltear in Airteagal 11.

CAIBIDIL 3

AITHINT, IN-FHORFHEIDHMITHEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ AN ORDAITHE UM CHAOMHNÚ

Airteagal 22

Aithint agus in-fhorfheidhmitheacht

Ordú um Chaomhnú a eisíodh i mBallstát amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfar é a aithint sna Ballstáit eile gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach agus beidh sé in-fhorfheidhmithe sna Ballstáit eile gan gá a bheith ann le dearbhú in-fhorfheidhmitheachta.

Airteagal 23

An tOrdú um Chaomhnú a fhorfheidhmiú

1.   Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, déanfar an tOrdú um Chaomhnú a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le horduithe náisiúnta coibhéiseacha a fhorfheidhmiú i mBallstát an fhorfheidhmithe.

2.   Is gan mhoill a ghníomhóidh na húdaráis uile a bheidh rannpháirteach i bhforfheidhmiú an Ordaithe.

3.   I gcás inar eisíodh an tOrdú um Chaomhnú i mBallstát seachas Ballstát an fhorfheidhmithe, déanfar cuid A den Ordú mar a léirítear in Airteagal 19(2), mar aon le foirm bhán chaighdeánach don dearbhú de bhun Airteagal 25, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 29 chuig údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe.

Cuirfidh an chúirt eisiúna nó an creidiúnaí an tarchur i gcrích, ag brath ar cé atá freagrach de réir dhlí an Bhallstáit thionscnaimh as an nós imeachta forfheidhmithe a thionscnamh.

4.   Beidh aistriúchán nó traslitriú i dteannta an Ordaithe, más gá, i dteanga oifigiúil Bhallstát an fhorfheidhmithe nó, i gcás ina bhfuil teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an tOrdú a chur chun feidhme. Soláthróidh an chúirt eisiúna an t-aistriúchán nó an traslitriú sin trí leas a bhaint as leagan iomchuí teanga na foirme caighdeánaí dá dtagraítear in Airteagal 19.

5.   Déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe na bearta is gá chun go ndéanfar an tOrdú a fhorfheidhmiú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

6.   I gcás ina mbaineann an tOrdú um Chaomhnú le níos mó ná aon bhanc amháin sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla, tarchuirfear foirm ar leith do gach banc faoi mar a léirítear in Airteagal 19(4) chuig an údarás inniúil i mBallstát ábhartha an fhorfheidhmithe.

Airteagal 24

An tOrdú um Chaomhnú a chur chun feidhme

1.   Banc a ndírítear Ordú um Chaomhnú chuige, cuirfidh sé chun feidhme é gan mhoill tar éis an tOrdú a fháil nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh le dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe, tar éis treoir chomhfhreagrach a fháil chun an tOrdú a chur chun feidhme.

2.   Chun an tOrdú um Chaomhnú a chur chun feidhme, déanfaidh an banc an méid a shonraítear san Ordú a chaomhnú, faoi réir fhorálacha Airteagal 31:

(a)

trína áirithiú nach n-aistrítear an méid sin nó nach ndéantar é a aistarraingt ón gcuntas nó ó na cuntais sin a léirítear san Ordú nó a shainaithnítear de bhun mhír 4; nó

(b)

i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, tríd an méid sin a aistriú chuig cuntas a bheidh tiomnaithe do chríocha maidir le caomhnú.

Féadfaidh an méid deiridh a chaomhnófar a bheith faoi réir socraíochta idirbheart atá ar feitheamh ag an tráth a bhfaighidh an banc an tOrdú nó an treoir chomhfhreagrach. Mar sin féin, ní fhéadfar idirbhearta ar feitheamh den sórt sin a chur san áireamh ach amháin nuair a shocrófar iad sula n-eiseoidh an banc an dearbhú de bhun Airteagal 25 faoi na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 25(1).

3.   In ainneoin phointe (a) de mhír 2, údarófar don bhanc, arna iarraidh sin don fhéichiúnaí, cistí atá caomhnaithe a scaoileadh agus na cistí sin a aistriú chuig cuntas an chreidiúnaí a léirítear san Ordú chun éileamh an chreidiúnaí a íoc, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

léirítear údarú sin an bhainc go sonrach san Ordú í gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 19(2); agus

(b)

ceadaítear scaoileadh agus aistriú den sórt sin i ndlí Bhallstát an fhorfheidhmithe; agus

(c)

níl aon Orduithe iomaíocha ann maidir leis an gcuntas lena mbaineann.

4.   I gcás nach sonraítear uimhir nó uimhreacha an chuntais nó na gcuntas atá ag an bhféichiúnaí san Ordú um Chaomhnú agus nach gcuirtear ar fáil ann ach amháin ainm agus mionsonraí eile maidir leis an bhféichiúnaí, déanfaidh an banc nó an t-eintiteas eile a bheidh freagrach as an Ordú a fhorfheidhmiú an cuntas nó na cuntais atá i seilbh an fhéichiúnaí leis an mbanc a léirítear san Ordú a shainaithint.

Mura féidir leis an mbanc nó leis an eintiteas eile, ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear san Ordú, cuntas de chuid an fhéichiúnaí a shainaithint go cinnte dearfa, déanfaidh an banc an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina léireofar san Ordú, i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 19(2), go bhfuarthas uimhir nó uimhreacha an chuntais nó na gcuntas atá le caomhnú trí bhíthin iarratais de bhun Airteagal 14, gheobhaidh sé an uimhir sin nó na huimhreacha sin ó údarás faisnéise Bhallstát an fhorfheidhmithe; agus

(b)

i ngach cás eile, ní dhéanfaidh sé an tOrdú a chur chun feidhme.

5.   Aon chistí atá sa chuntas nó sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 agus ar mó iad ná an méid a shonraítear san Ordú um Chaomhnú, ní bheidh aon tionchar ag cur chun feidhme an Ordaithe orthu.

6.   I gcás nach leor na cistí sa chuntas nó sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 chun an méid iomlán atá sonraithe san Ordú a chaomhnú, tráth a gcuirfear an tOrdú um Chaomhnú chun feidhme, déanfar an tOrdú a chur chun feidhme ar an méid a bheidh ar fáil sa chuntas nó sna cuntais, agus ar an méid sin amháin.

7.   I gcás ina gcumhdaíonn an tOrdú um Chaomhnú roinnt cuntas a shealbhaíonn an féichiúnaí sa bhanc céanna agus go bhfuil cistí sna cuntais sin ar mó iad ná an méid atá sainithe san Ordú, cuirfear an tOrdú chun feidhme san ord tosaíochta seo a leanas:

(a)

cuntais choigiltis in ainm an fhéichiúnaí amháin;

(b)

cuntais reatha in ainm an fhéichiúnaí amháin;

(c)

cuntais choigiltis in ainmneacha i gcomhar, faoi réir Airteagal 30;

(d)

cuntais reatha in ainmneacha i gcomhar, faoi réir Airteagal 30.

8.   I gcás nach ionann airgeadra na gcistí atá sa chuntas nó sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 agus an t-airgeadra inar eisíodh an tOrdú um Chaomhnú, tiontóidh an banc an méid a sonraíodh san Ordú go dtí airgeadra na gcistí trí thagairt do ráta tagartha malairte eachtraí an Bhainc Cheannais Eorpaigh nó do ráta malairte bhanc cheannais Bhallstát an fhorfheidhmithe do dhíolachán an airgeadra sin ar lá agus ag am chur chun feidhme an Ordaithe, agus caomhnóidh an banc an méid comhréireach in airgeadra na gcistí.

Airteagal 25

Dearbhú maidir le cistí a chaomhnú

1.   Faoi dheireadh an tríú lá oibre i ndiaidh chur chun feidhme an Ordaithe um Chaomhnú, déanfaidh an banc nó an t-eintiteas eile a bhfuil freagracht air as an Ordú a fhorfheidhmiú i mBallstát an fhorfheidhmithe, dearbhú a eisiúint agus bainfidh sé úsáid as an bhfoirm dearbhaithe a bhunaítear trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 52(2) agus cuirfidh sé in iúl cibé ar caomhnaíodh cistí i gcuntas nó i gcuntais an fhéichiúnaí, agus a mhéid ar caomhnaíodh iad, agus, má caomhnaíodh, cuirfidh sé an dáta a cuireadh an tOrdú chun feidhme in iúl. I gcúinsí eisceachtúla, mura féidir leis an mbanc nó an t-eintiteas eile an dearbhú a eisiúint laistigh de thrí lá oibre, eiseoidh sé é a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná deireadh an ochtú lá oibre tar éis an tOrdú a chur chun feidhme.

Déanfar an dearbhú a tharchur, gan mhoill, i gcomhréir le mír 2 agus mír 3.

2.   I gcás inar eisíodh an tOrdú i mBallstát an fhorfheidhmithe, déanfaidh an banc nó an t-eintiteas eile a bhfuil freagracht air as an Ordú a fhorfheidhmiú an dearbhú a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 29 chuig an gcúirt eisiúna, agus chuig an gcreidiúnaí tríd an bpost cláraithe, agus é sin á dhearbhú le hadmháil go bhfuarthas é, nó trí mhodhanna leictreonacha coibhéiseacha.

3.   I gcás inar eisíodh an tOrdú i mBallstát seachas Ballstát an fhorfheidhmithe, déanfar an dearbhú a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 29 chuig údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe, murar rud é gurbh é an t-údarás céanna a d’eisigh é.

Faoi dheireadh an chéad lá oibre tar éis an dearbhú a fháil nó a eisiúint, déanfaidh an t-údarás sin an dearbhú a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 29 chuig cúirt na heisiúna, agus chuig an gcreidiúnaí tríd an bpost cláraithe, agus é sin á dhearbhú le hadmháil go bhfuarthas é, nó trí mhodhanna leictreonacha coibhéiseacha.

4.   Déanfaidh an banc nó an t-eintiteas eile a bhfuil freagracht air as an Ordú a fhorfheidhmiú sonraí an Ordaithe a nochtadh don fhéichiúnaí, arna iarraidh sin don fhéichiúnaí. Féadfaidh an banc nó an t-eintiteas sin déanamh amhlaidh chomh maith, d’éagmais iarrata den sórt sin.

Airteagal 26

Dliteanas an bhainc

Is le dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe a rialófar aon dliteanas de chuid an bhainc i leith aon mhainneachtana i leith a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Airteagal 27

An dualgas atá ar an gcreidiúnaí méideanna ró-chaomhnaithe a scaoileadh

1.   Beidh sé de dhualgas ar an gcreidiúnaí na bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear aon mhéid ar mó é, tar éis chur chun feidhme an Ordaithe um Chaomhnú, ná an méid a shonraítear san Ordú um Chaomhnú;

(a)

i gcás ina gcumhdaíonn an tOrdú roinnt cuntas sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla; nó

(b)

i gcás inar eisíodh an tOrdú tar éis ceann amháin nó níos mó d’orduithe coibhéiseacha náisiúnta a chur chun feidhme i gcoinne an fhéichiúnaí chéanna agus é d’aidhm ag an ordú nó na horduithe sin an t-éileamh céanna a áirithiú.

2.   Faoi dheireadh an tríú lá oibre i ndiaidh dó, de bhun Airteagal 25, aon dearbhú a fháil a léirítear ró-chaomhnú den sórt sin ann, cuirfidh an creidiúnaí iarraidh ar an scaoileadh isteach chuig údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe arb é an Ballstát inar tharla an ró-chaomhnú, agus déanfaidh sé sin ar an mbealach is tapúla is féidir agus úsáid á baint as an bhfoirm le haghaidh iarrataí i dtaca le méideanna ró-chaomhnaithe a scaoileadh, foirm a bunaíodh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

Agus an iarraidh sin faighte ag an údarás sin, tabharfaidh sé treoir láithreach don bhanc lena mbaineann na méideanna ró-chaomhnaithe a scaoileadh. Beidh feidhm, dé réir mar is iomchuí, ag Airteagal 24(7) in ord tosaíochta droim ar ais.

3.   Leis an Airteagal seo, ní choisctear ar Bhallstát foráil a dhéanamh ina dhlí náisiúnta go bhfuil údarás inniúil forfheidhmithe an Bhallstáit sin chun scaoileadh cistí ró-chaomhnaithe as aon chuntas a choimeádtar ar a chríoch a thionscnamh uaidh féin.

Airteagal 28

Seirbheáil ar an bhféichiúnaí

1.   Déanfar an tOrdú um Chaomhnú, na doiciméid eile dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus an dearbhú de bhun Airteagal 25 a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.

2.   I gcás ina bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí sa Bhallstát tionscnaimh, déanfar an tseirbheáil i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin. Tionscnóidh an chúirt eisiúna an tseirbheáil, ag brath ar cé a bheidh freagrach as an tseirbheáil a thionscnamh sa Bhallstát tionscnaimh, faoi dheireadh an tríú lá oibre tar éis an dearbhú a fháil de bhun Airteagal 25, lena léireofar na méideanna atá caomhnaithe.

3.   I gcás ina bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí i mBallstát seachas an Ballstát tionscnaimh, déanfaidh an chúirt eisiúna nó an creidiúnaí, ag brath ar cé a bheidh freagrach as an tseirbheáil a thionscnamh sa Bhallstát tionscnaimh, faoi dheireadh an tríú lá oibre tar éis an dearbhú a fháil de bhun Airteagal 25 agus lena léireofar na méideanna atá caomhnaithe, na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 29 chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí. Déanfaidh an t-údarás an méid is gá, gan mhoill, chun an tseirbheáil a dhéanamh ar an bhféichiúnaí i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí.

Sa chás inarb é an Ballstát a bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí an t-aon Bhallstát forfheidhmithe, déanfar na doiciméid dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a tharchur chuig údarás inniúil an Bhallstáit sin ag an tráth a dtarchuirfear an tOrdú i gcomhréir le hAirteagal 23(3). Sa chás sin, is é an t-údarás inniúil a dhéanfaidh seirbheáil na ndoiciméad uile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thionscnamh faoi dheireadh an tríú lá oibre i ndiaidh don dearbhú a bheith faighte de bhun Airteagal 25 agus lena léirítear gur caomhnaíodh méideanna.

Cuirfidh an t-údarás inniúil an chúirt eisiúna nó an creidiúnaí ar an eolas, ag brath ar cé a tharchuir na doiciméid a bhí le seirbheáil, faoi thoradh na seirbheála ar an bhféichiúnaí.

4.   I gcás ina bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí i dtríú Stát, déanfar an tseirbheáil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme sa Bhallstát tionscnaimh maidir le seirbheáil idirnáisiúnta.

5.   Déanfar na doiciméid seo a leanas a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí agus, más gá, beidh aistriúchán nó traslitriú ina dteannta mar a fhoráiltear dó in Airteagal 49(1):

(a)

an tOrdú um Chaomhnú ina n-úsáidfear cuid A agus cuid B den fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus (3);

(b)

an t-iarratas ar an Ordú um Chaomhnú a chuir an creidiúnaí faoi bhráid na cúirte;

(c)

cóipeanna de gach doiciméad a chuir an creidiúnaí faoi bhráid na cúirte d’fhonn an tOrdú a fháil.

6.   I gcás go mbaineann an tOrdú um Chaomhnú le níos mó ná banc amháin, is é an chéad dearbhú de bhun Airteagal 25, lena léirítear gur caomhnaíodh méideanna, agus é sin amháin, a dhéanfar a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí i gcomhréir leis an Airteagal seo. Cuirfear an féichiúnaí ar an eolas gan mhoill faoi aon dearbhuithe de bhun Airteagal 25 a bheidh ann ina dhiaidh sin.

Airteagal 29

Doiciméid a tharchur

1.   I gcás ina bhforáiltear leis an Rialachán seo do tharchur doiciméad i gcomhréir leis an Airteagal seo, féadfar an tarchur sin a dhéanamh ar aon bhealach iomchuí, ar choinníoll gurb ionann inneachar an doiciméid a fhaightear agus inneachar an doiciméid a tharchuirtear agus gur soléite an fhaisnéis go léir atá ann.

2.   Déanfaidh an chúirt nó an t-údarás a fuair na doiciméid i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo admháil go bhfuarthas iad a chur chuig an údarás, chuig an gcreidiúnaí nó chuig an mbanc a tharchuir na doiciméid faoi dheireadh an lae oibre tar éis di nó dó an admháil a fháil, agus úsáid á baint as an mbealach tarchurtha is tapúla is féidir agus úsáid á baint as an bhfoirm chaighdeánach a bunaíodh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

Airteagal 30

Cuntais chomhpháirteacha agus cuntais ainmnitheacha a chaomhnú

Cistí atá i gcuntais ar cuntais iad, de réir thaifid an bhainc, nach bhfuil i seilbh eisiach an fhéichiúnaí, nó atá i seilbh tríú pháirtí thar ceann an fhéichiúnaí, nó atá i seilbh an fhéichiúnaí thar ceann tríú pháirtí, ní fhéadfar iad a chaomhnú faoin Rialachán seo ach a mhéid a fhéadfaidh siad a bheith faoi réir a gcaomhnaithe faoi dhlí Bhallstát an fhorfheidhmithe.

Airteagal 31

Méideanna atá díolmhaithe ó chaomhnú

1.   Maidir le méideanna a bhfuil díolúine acu ó urghabháil faoi dhlí Bhallstát an fhorfheidhmithe, beidh na suimeanna sin díolmhaithe ó chaomhnú faoin Rialachán seo.

2.   I gcás inarb amhlaidh, faoi dhlí Bhallstát an fhorfheidhmithe go mbeidh na méideanna dá dtagraítear i mír 1 díolmhaithe ó urghabháil gan aon iarraidh ón bhféichiúnaí, déanfaidh an comhlacht a bheidh freagrach as méideanna den sórt sin a dhíolmhú sa Bhallstát sin, uaidh féin, na méideanna ábhartha a dhíolmhú ó chaomhnú.

3.   I gcás inarb amhlaidh, faoi dhlí Bhallstát an fhorfheidhmithe, go ndíolmhófar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ó urghabháil ar iarraidh ón bhféichiúnaí, déanfar na méideanna sin a dhíolmhú ó chaomhnú ar iarratas ón bhféichiúnaí de réir mar a bhforáiltear dó sin le pointe (a) d’Airteagal 34(1).

Airteagal 32

An tOrdú um Chaomhnú a chéimniú

Beidh an chéim chéanna, más ann di, ag an Ordú um Chaomhnú agus atá ag ordú coibhéiseach náisiúnta i mBallstát an fhorfheidhmithe.

CAIBIDIL 4

LEIGHEASANNA

Airteagal 33

Leigheasanna an fhéichiúnaí i gcoinne an Ordaithe um Chaomhnú

1.   Ar iarratas ón bhféichiúnaí chuig cúirt inniúil an Bhallstáit thionscnaimh, déanfar an tOrdú um Chaomhnú a chúlghairm nó, i gcás inarb infheidhme, a mhodhnú, ar na forais seo a leanas:

(a)

níor comhlíonadh na coinníollacha ná na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo;

(b)

níor seirbheáladh an tOrdú, an dearbhú de bhun Airteagal 25 agus/nó na doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 28(5) ar an bhféichiúnaí laistigh de 14 lá i ndiaidh chaomhnú a chuntas nó a chuntais;

(c)

leis na doiciméid a seirbheáladh ar an bhféichiúnaí i gcomhréir le hAirteagal 28, níor comhlíonadh na ceanglais teanga a leagtar amach in Airteagal 49(1);

(d)

níor scaoileadh na méideanna caomhnaithe a sháraíonn méid an Ordaithe i gcomhréir le hAirteagal 27;

(e)

rinneadh an t-éileamh, a raibh an creidiúnaí ag iarraidh a fhorfheidhmiú a áirithiú trí bhíthin an Ordaithe, a íoc go hiomlán nó i bpáirt;

(f)

le breithiúnas ar shubstaint an ábhair, díbheadh an t-éileamh a raibh an creidiúnaí ag iarraidh a fhorfheidhmiú a áirithiú trí bhíthin an Ordaithe; nó

(g)

rinneadh an breithiúnas ar shubstaint an ábhair, nó an tsocraíocht chúirte nó an ionstraim bharántúil, a raibh an creidiúnaí ag iarraidh a fhorfheidhmiú a áirithiú trí bhíthin an Ordaithe, a chur i leataobh nó, de réir mar a bheidh, a chur ar neamhní.

2.   Ar iarratas ón bhféichiúnaí ar chúirt inniúil an Bhallstáit thionscnaimh, déanfar an cinneadh a bhaineann leis an urrús de bhun Airteagal 12 a athbhreithniú ar an bhforas nár comhlíonadh coinníollacha ná ceanglais an Airteagail sin.

I gcás ina gceanglaíonn an chúirt ar an gcreidiúnaí, ar bhonn leighis den sórt sin, urrús nó urrús breise a sholáthar, beidh feidhm ag an gcéad abairt d’Airteagal 12(3) de réir mar is iomchuí agus cuirfidh an chúirt in iúl go ndéanfar an tOrdú um Chaomhnú a chúlghairm nó a mhodhnú mura soláthraítear an t-urrús (breise) a cheanglaítear faoin teorainn ama a shonraíonn an chúirt.

3.   Deonófar an leigheas a ndearnadh iarratas ina leith faoi phointe (b) de mhír 1 mura rud é go ndéanfar an easpa seirbheála a leigheas laistigh de 14 lá ó cuireadh an creidiúnaí ar an eolas faoi iarratas an fhéichiúnaí ar leigheas de bhun phointe (b) de mhír 1.

Mura ndearnadh an easpa seirbhíse a leigheas trí mheáin eile, measfar go bhfuil an easpa seirbheála leigheasta, chun a chinneadh an bhfuil an socrú de bhun phointe (b) de mhír 1 le tabhairt nó nach bhfuil:

(a)

má iarrann an creidiúnaí ar an gcomhlacht atá freagrach as an tseirbhís faoi dhlí an Bhallstáit thionscnaimh na doiciméid a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí; nó

(b)

i gcás inar léirigh an féichiúnaí ina iarratas ar leigheas go bhfuil sé toilteanach na doiciméid a bhailiú ag cúirt an Bhallstáit thionscnaimh agus i gcás ina raibh an creidiúnaí freagrach as na haistriúcháin a sholáthar, má chuireann an creidiúnaí chuig an gcúirt aon aistriúcháin a theastaíonn de bhun Airteagal 49(1).

Déanfaidh an comhlacht atá freagrach as an tseirbheáil faoi dhlí an Bhallstáit thionscnaimh, arna iarraidh sin don chreidiúnaí de bhun phointe (a) den dara fomhír den mhír seo, gan mhoill, na doiciméid a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí tríd an bpost cláraithe, agus é sin á dhearbhú le hadmháil go bhfuarthas iad ag an seoladh a luaigh an féichiúnaí i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

I gcás ina raibh an fhreagracht ar an gcreidiúnaí seirbheáil na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 28 a thionscnamh, ní fhéadfar easpa seirbheála a leigheas ach amháin i gcás ina dtaispeánfaidh an creidiúnaí go ndearna sé na bearta uile a ceanglaíodh air ionas go ndéanfaí seirbheáil thosaigh na ndoiciméad.

4.   Déanfar an leigheas a ndéanfar iarratas air faoi phointe (c) de mhír 1 a dheonú mura rud é go gcuireann an creidiúnaí na haistriúcháin a cheanglaítear de bhun an Rialacháin seo ar fáil don bhféichiúnaí laistigh de 14 lá ón dáta a gcuirfear in iúl don chreidiúnaí go ndearna an féichiúnaí iarratas ar leigheas de bhun phointe (c) de mhír 1.

Beidh feidhm ag an dara agus ag an tríú fomhír de mhír 3 i gcás inarb iomchuí.

5.   Ina iarratas ar leigheas faoi phointí (b) agus (c) de mhír 1, luafaidh an féichiúnaí an seoladh ar féidir na doiciméid agus na haistriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28 a sheoladh chuige i gcomhréir le mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo, nó, de rogha, luafaidh sé go n-aontaíonn sé na doiciméid sin a bhailiú ag cúirt an Bhallstáit thionscnaimh.

Airteagal 34

Leigheasanna an fhéichiúnaí i gcoinne fhorfheidhmiú an Ordaithe um Chaomhnú

1.   In ainneoin Airteagal 33 agus Airteagal 35, ar iarratas ón bhféichiúnaí chuig an gcúirt inniúil, nó, i gcás go bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, chuig an údarás inniúil forfheidhmithe i mBallstát an fhorfheidhmithe, beidh an méid seo a leanas fíor i leith fhorfheidhmiú an Ordaithe um Chaomhnú:

(a)

déanfar é a theorannú ar an bhforas gur cheart go mbeadh méideanna áirithe atá sa chuntas díolmhaithe ó urghabháil i gcomhréir le hAirteagal 31(3), nó ar an bhforas nár cuireadh na méideanna sin san áireamh nó nár cuireadh san áireamh i gceart iad i gcur chun feidhme an Ordaithe i gcomhréir le hAirteagal 31(2); nó

(b)

cuirfear deireadh leis ar an bhforas seo a leanas:

(i)

tá an cuntas bainc atá caomhnaithe eisiata ó raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 2(3) agus (4);

(ii)

diúltaíodh i mBallstát an fhorfheidhmithe d’fhorfheidhmiú an bhreithiúnais, na socraíochta cúirte nó na hionstraime barántúla a raibh an creidiúnaí ag iarraidh a fhorfheidhmiú a áirithiú trí bhíthin an Ordaithe;

(iii)

cuireadh in-fhorfheidhmitheacht an bhreithiúnais a raibh an creidiúnaí ag iarraidh a fhorfheidhmiú a áirithiú trí bhíthin an Ordaithe ar fionraí sa Bhallstát tionscnaimh; nó

(iv)

tá feidhm ag pointe (b), (c), (d), (e), (f) nó (g) d’Airteagal 33(1). Beidh feidhm ag Airteagal 33(3), (4) agus (5) de réir mar is iomchuí.

2.   Ar iarratas ón bhféichiúnaí chuig cúirt inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe, más léir go bhfuil sé i gcoinne bheartas poiblí Bhallstát an fhorfheidhmithe (ordre public), déanfar forfheidhmiú an Ordaithe um Chaomhnú sa Bhallstát sin a fhoirceannadh.

Airteagal 35

Leigheasanna eile atá ar fáil don fhéichiúnaí agus don chreidiúnaí

1.   Féadfaidh an féichiúnaí nó an creidiúnaí iarratas a dhéanamh ar an gcúirt a d’eisigh an tOrdú um Chaomhnú ar mhodhnú ar an Ordú nó ar an Ordú a chúlghairm ar an bhforas go bhfuil athrú tagtha ar na himthosca ar a mbonn a eisíodh an tOrdú.

2.   Féadfaidh an chúirt a d’eisigh an tOrdú um Chaomhnú freisin, i gcás ina gceadaítear amhlaidh de réir dhlí an Bhallstáit thionscnaimh, uaithi féin, an tOrdú a mhodhnú nó a chúlghairm mar thoradh ar athrú ar imthosca.

3.   Féadfaidh an féichiúnaí agus an creidiúnaí, i dteannta a chéile, ar an bhforas gur chomhaontaigh siad go socróidh siad an t-éileamh, a iarraidh ar an gcúirt a d’eisigh an tOrdú um Chaomhnú an tOrdú a mhodhnú nó a chúlghairm, nó féadfaidh siad a iarraidh ar Chúirt inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe nó, i gcás go bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta, ar údarás inniúil forfheidhmithe an Bhallstáit sin, go ndéanfar forfheidhmiú an Ordaithe a fhoirceannadh nó a theorannú.

4.   Féadfaidh an creidiúnaí iarratas a dhéanamh ar an gcúirt inniúil de chuid Bhallstát an fhorfheidhmithe nó, i gcás ina bhforálfar dó sin sa dlí náisiúnta, ar an údarás inniúil forfheidhmithe sa Bhallstát sin, ar mhaithe le forfheidhmiú an Ordaithe um Chaomhnú a mhodhnú, chun coigeartú a dhéanamh ar an díolúine a chuirfear i bhfeidhm sa Bhallstát sin de bhun Airteagal 31, ar an bhforas gur cuireadh díolúintí eile i bhfeidhm cheana i méid leordhóthanach i ndáil le cuntas amháin nó le roinnt cuntas a choimeádtar i mBallstát amháin nó níos mó agus go mbeidh coigeartú iomchuí mar sin.

Airteagal 36

Nós imeachta do na leigheasanna de bhun Airteagal 33, Airteagal 34, agus Airteagal 35

1.   Déanfar an t-iarratas ar leigheas de bhun Airteagal 33, Airteagal 34 nó Airteagal 35 agus úsáid á baint as an bhfoirm leighis a bunaíodh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 52(2). Féadfar an t-iarratas a dhéanamh tráth ar bith agus a chur isteach trí aon mhodh cumarsáide, lena n-áirítear modh leictreonach, atá inghlactha faoi rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina dtaisctear an t-iarratas.

2.   Cuirfear an páirtí eile ar an eolas faoin iarratas.

3.   Ach amháin i gcás inar chuir an féichiúnaí an t-iarratas isteach de bhun phointe (a) d’Airteagal 34(1) nó de bhun Airteagal 35(3) eiseofar an cinneadh maidir leis an iarratas tar éis an deis a bheith tugtha don dá pháirtí a gcás a chur i láthair, lena n-áirítear trí na bealaí iomchuí teicneolaíochta cumarsáide sin a bheidh ar fáil agus a mbeidh glacadh leo faoi dhlí náisiúnta gach Ballstáit lena mbaineann.

4.   Eiseofar an cinneadh gan mhoill, ach tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don chúirt nó, i gcás go bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, don údarás inniúil forfheidhmithe, an fhaisnéis uile a fháil a theastóidh dá cinneadh nó dá chinneadh. Cuirfear an breithiúnas in iúl don dá pháirtí.

5.   Beidh an cinneadh lena ndéantar an tOrdú um Chaomhnú a chúlghairm nó a mhodhnú agus an cinneadh lena ndéantar forfheidhmiú an Ordaithe um Chaomhnú a theorannú nó a fhoirceannadh in-fhorfheidhmithe láithreach:

I gcás ina ndearnadh iarratas ar an leigheas sa Bhallstát tionscnaimh, tarchuirfidh an chúirt an cinneadh ar an leigheas chuig an údarás inniúil i mBallstát an fhorfheidhmithe gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 29, agus úsáid á baint as an bhfoirm a bunaíodh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 52(2). Áiritheoidh an t-údarás sin, a luaithe a bheidh sé tarchurtha chuige, go gcuirfear an cinneadh ar an leigheas chun feidhme.

I gcás ina mbainfidh an cinneadh ar an leigheas le cuntas bainc a bheidh á choimeád sa Bhallstát tionscnaimh, déanfar é a chur chun feidhme maidir leis an gcuntas bainc sin i gcomhréir le dlí an Bhallstáit thionscnaimh.

I gcás inar iarradh an leigheas i mBallstát an fhorfheidhmithe, déanfar an cinneadh ar an leigheas a chur chun feidhme i gcomhréir le dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe.

Airteagal 37

An ceart chun achomharc a dhéanamh

Beidh an ceart ag gach ceann den dá pháirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh arna eisiúint de bhun Airteagal 33, Airteagal 34, nó Airteagal 35. Cuirfear achomharc den sórt sin isteach agus úsáid á baint as an bhfoirm achomhairc a bunaíodh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

Airteagal 38

An ceart chun urrús a sholáthar in ionad caomhnaithe

1.   Arna iarraidh sin don fhéichiúnaí:

(a)

féadfaidh an chúirt a d’eisigh an tOrdú um Chaomhnú a ordú go scaoilfear na cistí caomhnaithe má chuireann an féichiúnaí urrús de mhéid an Orduithe ar fáil don chúirt sin, nó ráthaíocht mhalartach i bhfoirm a bheadh inghlactha faoi dhlí an Bhallstáit a bhfuil an chúirt lonnaithe ann agus a bhfuil luach aige arb ionann é agus an méid sin ar a laghad;

(b)

féadfaidh an chúirt inniúil nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis an dlí náisiúnta, an t-údarás inniúil forfheidhmithe i mBallstát an fhorfheidhmithe forfheidhmiú an Ordaithe um Chaomhnú i mBallstát an fhorfheidhmithe a fhoirceannadh má chuireann an féichiúnaí urrús ar fáil don chúirt sin nó don údarás sin arb ionann an t-urrús agus an méid a chaomhnaítear sa Bhallstát sin, nó ráthaíocht mhalartach i bhfoirm a bheadh inghlactha faoi dhlí an Bhallstáit a bhfuil an chúirt lonnaithe ann agus a bhfuil luach aige arb ionann é agus an méid sin ar a laghad.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 23 agus Airteagal 24, de réir mar is iomchuí, maidir le scaoileadh na gcistí caomhnaithe. Cuirfear an creidiúnaí ar an eolas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faoi urrús a bheith á chur ar fáil in ionad caomhnaithe.

Airteagal 39

An ceart atá ag tríú páirtithe

1.   Is faoi rialú dhlí an Bhallstáit thionscnaimh a bheidh an ceart ag tríú páirtí agóid a dhéanamh i gcoinne Ordaithe um Chaomhnú.

2.   Is faoi rialú dhlí Bhallstát an fhorfheidhmithe a bheidh an ceart ag tríú páirtí agóid a dhéanamh i gcoinne forfheidhmithe Ordaithe um Chaomhnú.

3.   Gan dochar do rialacha eile maidir le dlínse atá leagtha síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, an dlínse i leith aon chaingean a thionscnaíonn tríú páirtí:

(a)

agóid a dhéanamh i gcoinne Ordaithe um Chaomhnú, is ag cúirteanna an Bhallstáit thionscnaimh a bheidh sí, agus

(b)

agóid a dhéanamh i gcoinne fhorfheidhmiú an Ordaithe um Chaomhnú i mBallstát an fhorfheidhmithe, is ag cúirteanna Bhallstát an fhorfheidhmithe, nó má fhoráiltear dó sin le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin, ag an údarás inniúil forfheidhmithe a bheidh sí.

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 40

Fíorú nó foirmiúlacht chomhchosúil eile

Ní cheanglófar fíorú nó foirmiúlacht chomhchosúil eile i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

Airteagal 41

Ionadaíocht dhlíthiúil

Maidir le hionadaíocht arna déanamh ag dlíodóir nó ag gairmí eile dlí, ní bheidh sí éigeantach in imeachtaí chun Ordú um Chaomhnú a fháil. In imeachtaí de bhun Chaibidil 4, ní bheidh ionadaíocht arna déanamh ag dlíodóir nó ag gairmí eile dlí éigeantach ach amháin i gcás ina bhfuil ionadaíocht den sórt sin éigeantach faoi dhlí Bhallstát na cúirte nó an údaráis a dtaisctear an t-iarratas ar leigheas ann, beag beann ar náisiúntacht ná sainchónaí na bpáirtithe.

Airteagal 42

Táillí cúirte

Ní bheidh na táillí cúirte ar imeachtaí chun Ordú um Chaomhnú a fháil ná ar leigheas i gcoinne Ordaithe níos airde ná na táillí ar ordú coibhéiseach náisiúnta a fháil, ná ar leigheas i gcoinne ordú náisiúnta den sórt sin a fháil.

Airteagal 43

Costais arna dtabhú ag na bainc

1.   Ní bheidh banc i dteideal íocaíocht nó aisíocaíocht a iarraidh ar an gcreidiúnaí ná ar an bhféichiúnaí maidir leis na costais a thabhaítear as cur chun feidhme Ordaithe um Chaomhnú ach amháin i gcás ina bhfuil an banc, faoi dhlí Bhallstát an fhorfheidhmithe, i dteideal íocaíochta den sórt sin nó aisíocaíochta den sórt sin maidir le horduithe coibhéiseacha náisiúnta.

2.   Cinnfear na táillí a ghearrann banc leis na costais dá dtagraítear i mír 1 a chumhdach agus castacht chur chun feidhme an Ordaithe um Chaomhnú á cur san áireamh agus ní fhéadfaidh siad a bheith níos airde ná na táillí a ghearrtar ar chur chun feidhme orduithe coibhéiseacha náisiúnta.

3.   Na táillí a ghearrann banc leis na costais a chumhdach i dtaca le faisnéis faoi chuntas a sholáthar de bhun Airteagal 14, ní fhéadfaidh siad a bheith níos airde ná na costais iarbhír a thabhaítear agus, i gcás inarb infheidhme, ní fhéadfaidh siad a bheith níos airde ná na táillí a ghearrtar ar sholáthar faisnéise faoi chuntas i gcomhthéacs orduithe coibhéiseacha náisiúnta.

Airteagal 44

Táillí a bheidh le gearradh ag na húdaráis

Maidir leis na táillí a ghearrfaidh aon údarás nó aon chomhlacht eile i mBallstát an fhorfheidhmithe a bhfuil baint aige le próiseáil nó le cur chun feidhme Ordaithe um Chaomhnú nó le soláthar faisnéise faoi chuntas de bhun Airteagal 14, cinnfear iad ar bhonn scála táillí nó ar bhonn rialacha eile a bhunóidh gach Ballstát roimh ré agus leagfar amach na táillí is infheidhme ar bhealach trédhearcach. Agus an scála sin nó an tacar eile rialacha sin á bhunú, féadfaidh Ballstát méid an Ordaithe a chur san áireamh agus an chastacht a bhaineann lena phróiseáil. I gcás inarb infheidhme, ní fhéadfaidh na táillí a bheith níos airde ná na táillí a ghearrtar i gcás na n-orduithe coibhéiseacha náisiúnta.

Airteagal 45

Tréimhsí ama

In imthosca eisceachtúla, i gcás nach féidir leis an gcúirt ná leis an údarás lena mbaineann cloí leis na tréimhsí ama dá bhforáiltear in Airteagal 14(7), Airteagal 18, Airteagal 23(2), an dara abairt d’Airteagal 25(3), Airteagal 28(2), (3) agus (6), Airteagal 33(3) agus Airteagal 36(4) agus (5), déanfaidh an chúirt nó an t-údarás na bearta a cheanglaítear leis na forálacha sin a luaithe is féidir.

Airteagal 46

An gaol leis an dlí náisiúnta nós imeachta

1.   Is le dlí an Bhallstáit ina dtarlaíonn an nós imeachta a rialófar na saincheisteanna uile nach ndéileáiltear leo go sonrach sa Rialachán seo.

2.   Is le dlí an Bhallstáit inar cuireadh tús leis na himeachtaí dócmhainneachta a rialófar éifeachtaí atá ag tús a chur le himeachtaí dócmhainneachta ar chaingne forfheidhmithe aonair, amhail forfheidhmiú Ordaithe um Chaomhnú.

Airteagal 47

Cosaint sonraí

1.   Beidh sonraí pearsanta a fhaightear, a phróiseáltar nó a tharchuirtear faoin Rialachán seo leordhóthanach, ábhartha agus ní bheidh siad iomarcach i ndáil leis an gcuspóir lena bhfuarthas, lenar próiseáladh nó lenar tarchuireadh iad, agus ní fhéadfar iad a úsáid ach chun na críche sin amháin.

2.   Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil, an t-údarás faisnéise ná aon eintiteas eile atá freagrach as forfheidhmiú an Ordaithe um Chaomhnú na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse is gá chun na críche dá bhfuarthas, dár próiseáladh nó dár tarchuireadh iad, ar tréimhse í nach faide, ar aon chaoi, ná 6 bliana tar éis dheireadh na n-imeachtaí, agus déanfaidh sé a áirithiú, le linn na tréimhse sin, go gcosnófar na sonraí sin go hiomchuí. Níl feidhm ag an mhír seo maidir leis na sonraí a phróiseálann nó a stórálann na cúirteanna agus iad i mbun a bhfeidhmeanna breithiúnacha.

Airteagal 48

An gaol le hionstraimí eile

Beidh an Rialachán seo gan dochar d’infheidhmitheacht na n-ionstraimí seo a leanas:

(a)

Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), seachas mar a fhoráiltear in Airteagal 10(2), Airteagal 14(3) agus (6), Airteagal 17(5), Airteagal 23(3) agus (6), Airteagal 25(2) agus (3), Airteagal 28(1), (3), (5) agus (6), Airteagal 29, Airteagal 33(3), Airteagal 36(2) agus (4) agus Airteagal 49(1);

(b)

Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012;

(c)

Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000;

(d)

Treoir 95/46/CE, seachas mar a bhforáiltear dó in Airteagal 14(8) agus in Airteagal 47 den Rialachán seo;

(e)

Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(f)

Rialachán (CE) Uimh. 864/2007, seachas mar a bhforáiltear dó in Airteagal 13(4) den Rialachán seo.

Airteagal 49

Teangacha

1.   Aon doiciméad a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 28(5) a bheidh le seirbheáil ar an bhféichiúnaí agus nach bhfuil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí ann nó, i gcás go bhfuil roinnt teanga oifigiúil sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla de chuid na háite a bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí nó i dteanga eile a thuigeann sé, beidh aistriúchán nó traslitriú isteach i gceann de na teangacha sin in éineacht leo. Ní dhéanfar na doiciméid a liostaítear i bpointe (c) d’Airteagal 28(5) a aistriú mura gcinnfidh an chúirt, ar bhonn eisceachtúil, gur gá doiciméid shonracha a aistriú nó a thraslitriú chun cur ar chumas an fhéichiúnaí a chearta a fheidhmiú.

2.   Féadfaidh aon doiciméad atá le díriú chuig cúirt nó údarás inniúil faoin Rialachán seo bheith in aon teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais freisin, má chuireann an Ballstát lena mbaineann in iúl gur féidir leis glacadh leis an teanga eile sin.

3.   Is duine atá cáilithe chun aistriúcháin a dhéanamh i gceann de na Ballstáit a dhéanfaidh aon aistriúchán faoin Rialachán seo.

Airteagal 50

Faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit

1.   Faoin 18 Iúil 2016, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a)

na cúirteanna a ainmnítear mar chúirteanna atá inniúil chun Ordú um Chaomhnú a eisiúint (Airteagal 6(4));

(b)

an t-údarás a ainmnítear mar údarás atá inniúil chun faisnéis faoi chuntas a fháil (Airteagal 14);

(c)

na modhanna chun faisnéis faoi chuntas a fháil faoina ndlí náisiúnta (Airteagal 14(5));

(d)

na cúirteanna a bhfuiltear chun achomharc a thaisceadh leo (Airteagal 21);

(e)

an t-údarás nó na húdaráis a ainmnítear mar údaráis atá inniúil chun an tOrdú um Chaomhnú agus doiciméid eile (pointe (14) d’Airteagal 4) a fháil, a tharchur agus a sheirbheáil faoin Rialachán seo;

(f)

an t-údarás atá inniúil chun an tOrdú um Chaomhnú a fhorfheidhmiú i gcomhréir le Caibidil 3;

(g)

a mhéid is féidir cuntais i gcomhpháirt agus cuntais ainmnitheacha a chaomhnú faoina ndlí náisiúnta (Airteagal 30);

(h)

na rialacha is infheidhme maidir le méideanna atá díolmhaithe ó urghabháil faoin dlí náisiúnta (Airteagal 31);

(i)

má tá na bainc, faoina ndlí náisiúnta, i dteideal táillí a ghearradh ar chur chun feidhme na n-orduithe coibhéiseacha náisiúnta nó ar fhaisnéis faoi chuntas a chur ar fáil agus, i gcás ina bhfuil siad i dteideal déanamh amhlaidh, cé acu páirtí atá faoi dhliteanas, go sealadach agus ar deireadh, na táillí sin a íoc (Airteagal 43);

(j)

an scála táillí nó an tacar eile rialacha lena leagtar amach na táillí is infheidhme a ghearrann aon údarás nó aon chomhlacht eile a bhfuil baint aige le próiseáil nó forfheidhmiú an Ordaithe um Chaomhnú (Airteagal 44);

(k)

an dtugtar aon chéim d’orduithe coibhéiseacha náisiúnta faoin dlí náisiúnta (Airteagal 32);

(l)

na cúirteanna nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás um fhorfheidhmiú, atá inniúil maidir le leigheas a dheonú (Airteagal 33(1), Airteagal 34(1) nó Airteagal 34(2));

(m)

na cúirteanna lena bhfuil achomharc le taisceadh, an teorainn ama, má fhorordaítear í, le haghaidh achomharc den sórt sin a thaisceadh faoin dlí náisiúnta agus an teagmhas arb é tús na tréimhse ama sin (Airteagal 37);

(n)

léiriú ar na táillí cúirte (Airteagal 42); agus

(o)

na teangacha lena nglactar aistriúcháin chucu ar na doiciméid (Airteagal 49(2)).

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil don phobal trí aon mhodh iomchuí, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála.

Airteagal 51

Na foirmeacha a bhunú agus leasuithe a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar agus lena leasófar ina dhiaidh sin na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagail 8(1), 10(2), 19(1), 25(1), 27(2), 29(2) agus 36(1), an dara fomhír d’Airteagal 36(5) agus Airteagal 37. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

Airteagal 52

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 53

Faireachán agus athbhreithniú

1.   Faoin 18 Eanáir 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus áireofar inti meastóireacht á rá:

(a)

ar cheart ionstraimí airgeadais a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, agus

(b)

an bhféadfaí méideanna a chreidiúnaítear do chuntas an fhéichiúnaí tar éis an tOrdú um Chaomhnú a chur chun feidhme a chur faoi réir a gcaomhnaithe faoin Ordú.

Beidh togra chun an Rialachán seo a leasú agus measúnú ar thionchar na leasuithe a bheidh le tabhairt isteach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.

2.   Chun críocha mhír 1, baileoidh na Ballstáit faisnéis agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún í, arna iarraidh sin dó, faoin méid seo a leanas:

(a)

líon na n-iarratas ar Ordú um Chaomhnú agus líon na gcásanna inar eisíodh an tOrdú;

(b)

líon na n-iarratas ar leigheas de bhun Airteagal 33 agus Airteagal 34 agus, más féidir, líon na gcásanna inar deonaíodh an leigheas; agus

(c)

líon na n-achomharc a thaisctear de bhun Airteagal 37 agus, más féidir, líon na gcásanna ina raibh toradh dearfach ar achomharc den sórt sin.

CAIBIDIL 6

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 54

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 18 Eanáir 2017, cé is moite d’Airteagal 50, a mbeidh feidhm aige ón 18 Iúil 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 57.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2014.

(3)  IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 160, 30.6.2000, lch. 1.)

(5)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, le dátaí agus le teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1.)

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(8)  IO C 373, 21.12.2011, lch. 4.

(9)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(11)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (IO L 199, 31.7.2007, lch. 40).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó tráchtála (doiciméid a sheirbheáil) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324 an 10.12.2007, lch. 79).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála, (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).