21.10.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 173 Eagrán Speisialta Gaeilge an 12 Meitheamh 2014 )

Ar leathanach 14, aithris 76:

in ionad:

“(76)

Chun aistriú rianúil chuig teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, féadfaidh cleachtaí margaidh atá ann cheana roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus ar cleachtaí iad arna nglacadh ag údaráis inniúla i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún (1) chun críche phointe 2(a) d'Airteagal 1 de Threoir 2003/6/CE a chur i bhfeidhm, leanúint de bheith infheidhme go dtí …, ar an gcoinníoll …

léitear:

“(76)

Chun aistriú rianúil chuig teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, féadfaidh cleachtaí margaidh atá ann cheana roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus ar cleachtaí iad arna nglacadh ag údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (2) chun críche phointe 2(a) d'Airteagal 1 de Threoir 2003/6/CE a chur i bhfeidhm, leanúint de bheith infheidhme, ar an gcoinníoll…,

Ar leathanach 19, Airteagal 3(1)(26)(d):

in ionad:

“(d)

duine dleathach, iontaobhas nó comhpháirtíocht, a ndéanfaidh duine dá dtagraítear i bpointe (a), I bpointe (b) nó i bpointe (c) den phointe seo a fhreagrachtaí bainistíochta a chomhlíonadh, nó a dhéanfaidh duineden sórt sin go díreach nó go hindíreach iad a rialú, nó a chuirtear ar bun chun tairbhe an duine sin, nó a bhfuil a leasanna eacnamaíocha coibheiseach cuid mhaith le leasanna eacnamaíocha duineden sórt sin sin;”,

léitear:

“(d)

duine dleathach, iontaobhas nó comhpháirtíocht, a ndéanfaidh duine dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) den phointe seo a fhreagrachtaí bainistíochta a chomhlíonadh, nó a dhéanfaidh duine den sórt sin go díreach nó go hindíreach iad a rialú, nó a chuirtear ar bun chun tairbhe an duine sin, nó a bhfuil a leasanna eacnamaíocha coibhéiseach cuid mhaith le leasanna eacnamaíocha duine den sórt sin;”.

Ar leathanach 53, Airteagal 37:

in ionad:

“Déanfar Treoir 2003/6/CE agus Treoracha 2004/72/CE (3), 2003/125/CE (4) agus 2003/124/CE (5) ón gCoimisiún …

léitear:

“Déanfar Treoir 2003/6/CE agus Treoracha 2004/72/CE, 2003/125/CE agus 2003/124/CE (6) ón gCoimisiún …


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 ag cur chun feidhme Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí i leith clár aischeannaigh agus cobhsaíocht ionstraimí airgeadais (IO L 336, 23.12.2003, lch. 33).”,

(2)  Treoir2004/72/CE ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo, an sainmhíniú atá ar fhaisnéis ón taobh istigh i ndáil le díorthaigh ar thráchtearraí, liostaí daoine ar an taobh istigh a tharraingt suas, idirbhearta bainisteoirí a thabhairt ar aird agus idirbhearta amhrasacha a thabhairt ar aird (IO L 162, 30.4.2004, lch. 70).”.

(3)  Treoir2004/72/CE ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo, an sainmhíniú atá ar fhaisnéis ón taobh istigh i ndáil le díorthaigh ar thráchtearraí, liostaí daoine ar an taobh istigh a tharraingt suas, idirbhearta bainisteoirí a thabhairt ar aird agus idirbhearta amhrasacha a thabhairt ar aird (IO L 162, 30.4.2004, lch. 70).

(4)  Treoir2003/125/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le moltaí infheistíochta a chur i láthair go cothrom agus le coinbhleachtaí leasa a nochtadh (IO L 339, 24.12.2003, lch. 73).

(5)  Treoir2003/124/CE ón gCoimisiún 22 Nollaig 2003 2 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis”,

(6)  Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis.”.