20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

168


RIALACHÁN (AE) Uimh. 516/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht,lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairleagus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2) agus Airteagal 79(2) agus (4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart cuspóir an Aontais chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú a bhaint amach, inter alia, trí bhíthin comhbheart lena gcumtar beartas maidir le tearmann agus le hinimirce, bunaithe ar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, lena dtabharfar cothrom na féinne do thríú tíortha agus dá gcuid náisiúnach. D’aithin an Chomhairle Eorpach, an 2 Nollaig 2009, gur cheart d’acmhainní airgeadais laistigh den Aontas bheith níos solúbtha agus níos comhtháite, ó thaobh raon feidhme agus infheidhmeachta araon, chun tacú le forbairtí beartais sa réimse tearmainn agus imirce.

(2)

D’fhonn cur le forbairt chomhbheartas an Aontais maidir le tearmann agus le hinimirce agus d’fhonn an limistéar saoirse, slándála agus ceartais a neartú i bhfianaise chur i bhfeidhm phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus i bhfianaise na freagrachta comhroinnte idir na Ballstáit agus an chomhair le tríú tíortha, ba cheart go mbunófaí de bhun an Rialacháin seo an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (“an Ciste”).

(3)

Ba cheart don Chiste léiriú a thabhairt ar an ngá atá ann le solúbthacht agus simpliú méadaithe, agus ag an am céanna ceanglais maidir le hintuarthacht á n-urramú, agus dáileadh cothrom agus trédhearcach acmhainní á áirithiú chun na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint amach.

(4)

Tá éifeachtúlacht na mbeart agus cáilíocht an chaiteachais ina bprionsabail threoracha i gcur chun feidhme an Chiste. Thairis sin, ba cheart an Ciste a chur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is áisiúla don úsáideoir.

(5)

Ba cheart go gcuirfeadh struchtúr nua décholúnach an chistiúcháin i i réimse na ngnóthaí baile le simpliú, cuíchóiriú, comhdhlúthú agus trédhearcacht an chistiúcháin sa réimse sin. Ba cheart sineirgí, comhleanúnachas agus comhlánú a aimsiú idir cistí agus cláir éagsúla, lena n-áirítear d’fhonn cistiúchán a leithdháileadh ar chomhchuspóirí. Ba cheart, áfach, aon fhorluí idir na hionstraimí éagsúla cistiúcháin a sheachaint.

(6)

Leis an gCiste, ba cheart creat solúbtha a chruthú ionas go bhféadfaidh na Ballstáit teacht ar acmhainní airgeadais faoina gcláir náisiúnta chun tacú leis na réimsí beartais faoin gCiste de réir na gcúinsí sonracha agus na riachtanas sonrach atá acu féin, agus i bhfianaise chuspóirí ginearálta agus chuspóirí sonracha an Chiste, ar mó a rachadh an tacaíocht airgeadais chun tairbhe dóibh ó thaobh éifeachtachta agus oiriúnachta de.

(7)

Leis an gCiste, ba cheart dlúthpháirtíocht a léiriú trí chúnamh airgeadais a thabhairt do Bhallstáit. Ba cheart dó bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce chuig an AE i réimsí ina gcuireann an AE uasluach leis a fheabhsú, go háirithe trí bhíthin freagracht a roinnt idir na Ballstáit agus trí bhíthin freagracht a roinnt agus comhar a bhunú le tríú tíortha.

(8)

D’fhonn cur le cuspóir ginearálta an Chiste a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-áirítear sna cláir náisiúnta atá acu gníomhartha a thugann aghaidh ar chuspóirí sonracha an Rialacháin seo, agus go n-áirithítear, le leithdháileadh acmhainní idir cuspóirí, gur féidir na cuspóirí a bhaint amach. I gcás cúinse neamhghnách gur mian le Ballstát maolú ó na híoschéatadáin a leagtar síos sa Rialachán seo, ní mór don Bhallstát lena mbaineann cosaint mhionsonraithe a sholáthar laistigh dá chlár náisiúnta.

(9)

D’fhonn beartas tearmainn aonfhoirmeach d’ardchaighdeán a áirithiú agus caighdeáin níos airde cosanta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm, ba cheart don Chiste cur le feidhmiú éifeachtach an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh a chuimsíonn bearta a bhaineann le beartas, reachtaíocht, agus forbairt acmhainní, agus ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit eile, le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus le tríú tíortha.

(10)

Is iomchuí tacú leis na hiarrachtaí arna ndéanamh ag Ballstáit chun acquis tearmainn an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus i gceart, go háirithe chun coinníollacha glactha iomchuí a dheonú do dhaoine easáitithe agus d’iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do thairbhithe na cosanta sin, ionas go ndéanfar cinneadh mar is ceart maidir le stádas a áirithiú, i gcomhréir le Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), nósanna imeachta tearmainn atá cóir agus éifeachtúil a chur i bhfeidhm agus chun dea-chleachtas a chur chun cinn sa réimse tearmainn ionas go dtabharfar cosaint do chearta na ndaoine a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu agus go gcuirfear ar chumas chórais tearmainn na mBallstát feidhmiú go héifeachtúil.

(11)

Ba cheart don Chiste tacaíocht leordhóthanach a thairiscint d’iarrachtaí comhpháirteacha na mBallstát chun na cleachtais is fearr a shainaithint, a roinnt agus a chur chun cinn agus chun struchtúir chomhair éifeachtacha a bhunú d’fhonn feabhas a chur ar chaighdeán na cinnteoireachta i gcreat an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh.

(12)

Ba cheart don Chiste na gníomhaíochtaí a dhéanann an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (“EASO”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chomhlánú agus a atreisiú, d’fhonn comhordú a dhéanamh ar chomhar praiticiúil idir na Ballstáit maidir le tearmann, chun tacú leis na Ballstáit a bhfuil brú ar leith ar a gcórais tearmainn agus chun cuidiú le cur chun feidhme an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh. Féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ar fáil de dhroim Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) cur chun feidhme cúraimí sainiúla ad hoc a chur ar iontaoibh EASO, amhail comhordú gníomhaíochtaí Ballstát maidir le hathlonnú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010.

(13)

Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí an Aontais agus na mBallstát feabhas a chur ar chumas na mBallstát forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartais tearmainn i bhfianaise a gcuid oibleagáidí faoi reachtaíocht dhlí an Aontais.

(14)

Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí na mBallstát cosaint idirnáisiúnta agus réiteach buan a chur ar fáil ina gcuid críoch do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe atá sainaitheanta ag Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (“UNHCR”) mar dhaoine atá incháilithe le hathlonnú, amhail measúnú ar na riachtanais athlonnaithe agus na daoine lena mbaineann a aistriú chuig a gcuid críoch, d’fhonn stádas slán dlíthiúil a dheonú dóibh agus lena lanpháirtiú éifeachtach a chur chun cinn.

(15)

Ba cheart don Chiste tacaíocht a chur ar fáil i dtaca le cineálacha cur chuige nua maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn ar bhealach níos sábháiltí, go háirithe trí dhíriú ar phríomhthíortha idirthurais amhail cláir chosanta le haghaidh grúpaí ar leith nó le haghaidh nósanna imeachta áirithe maidir le hiarratais ar thearmann a iniúchadh.

(16)

Is gné den Chiste é go bhféadfadh sé tacaíocht a chur ar fáil d’oibríochtaí comhroinnte dualgas deonacha ar bhonn comhaontaithe idir Ballstáit agus ina ndéantar tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, agus lucht iarrtha cosanta idirnáisiúnta, a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

(17)

Is cuid riachtanach de bheartas tearmainn an Aontais iad comhpháirtíochtaí agus comhar le tríú tíortha d’fhonn a áirithiú go ndéantar bainistiú leordhóthanach ar shreabha isteach daoine a bhfuil iarratas ar thearmann nó ar fhoirmeacha eile cosanta idirnáisiúnta á dhéanamh acu. Agus é mar aidhm aige rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus ar réitigh bhuana a chur ar fáil a luaithe is féidir, lena n-áirítear faoi chuimsiú na gClár Cosanta Réigiúnach, ba cheart gné láidir athlonnaithe de chuid an Aontais a áireamh leis an gCiste.

(18)

Chun an próiseas lánpháirtíochta a fheabhsú agus a neartú i sochaithe na hEorpa, ba cheart go n-éascódh an Ciste imirce dhleathach chuig an Aontas i gcomhréir le riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta na mBallstát agus go mbeadh foráil ann maidir le hullmhú an phróisis lanpháirtíochta atá ann cheana féin i dtír thionscnaimh na náisiúnach tríú tíortha atá ag teacht chun an Aontais.

(19)

Chun a bheith éifeachtach agus chun an breisluach is mó a bhaint amach, ba cheart don Chiste cur chuige níos spriocdhírithe a shaothrú, chun tacú le straitéisí comhsheasmhacha a ceapadh go sonrach chun lánpháirtiú na náisiúnach tríú tíortha a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, áitiúil nó réigiúnach, de réir mar is iomchuí. Ba cheart gurb iad na húdaráis áitiúla nó réigiúnacha agus gníomhairí nach gníomhairí stáit iad is mó a chuirfeadh na straitéisí sin i bhfeidhm, ach gan údaráis náisiúnta a fhágáil as an áireamh, go háirithe i gcás ina mbeadh gá leo i ngeall ar eagrúchán sonrach riaracháin an Bhallstáit nó i gcás, i mBallstát, go dtagann na gníomhaíochtaí maidir le lánpháirtíocht faoi réim inniúlachta a chomhroinntear idir an Stát agus an riarachán díláraithe. Ba cheart do na heagraíochtaí cur chun feidhme na bearta is oiriúnaí dá gcás áirithe féin a roghnú ó raon beart atá ar fáil.

(20)

Ba cheart go mbeadh cur chun feidhme an chiste i gcomhréir le Comhphrionsabail Bhunúsacha an Aontais maidir le Lánpháirtíocht, mar a shainítear sa Chomhchlár um Lánpháirtíocht iad.

(21)

Ba cheart a chur ar áireamh i raon feidhme na mbeart maidir le lánpháirtíocht, tairbhithe cosanta idirnáisiúnta d’fhonn cur chuige cuimsitheach maidir le lánpháirtiú a áirithiú, agus sainiúlachtaí na spriocghrúpaí sin á gcur san áireamh. I gcás ina ndéantar bearta maidir le lánpháirtíocht i gcomhcheangal le bearta maidir le glacadh, ba cheart go gceadófaí le gníomhartha, nuair is féidir, lucht iarrtha cosanta idirnáisiúnta a áireamh freisin.

(22)

D’fhonn comhsheasmhacht fhreagairt an Aontais do lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha a áirithiú, ba cheart do na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gCiste bheith sonrach do ghníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi Chiste Sóisialta na hEorpa agus ba cheart dóibh bheith comhlántach leo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go mbeadh ar údaráis na mBallstát atá freagrach as cur chun feidhme an Chiste sásraí comhair agus comhordaithe a bhunú leis na húdaráis arna n-ainmniú ag Ballstáit d’fhonn idirghabhálacha Chiste Sóisialta na hEorpa a bhainistiú.

(23)

Féadfaidh roinnt gníomhaíochtaí baint a bheith acu le grúpa duine agus, ar chúiseanna praiticiúla, d’fhéadfadh sé gur éifeachtúla a bheadh sé déileáil leis an ngrúpa sin ina iomláine gan idirdhealú a dhéanamh idir ball an ghrúpa. Ba iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh go mbeadh an deis ag na Ballstáit sin ar mian leo é go n-áireofaí ina gcláir náisiúnta go bhféadfaí garghaolta náisiúnach tríú tíortha a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí maidir le lánpháirtíocht a mhéid is gá sin chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme. Thuigfí go gciallóidh “garghaol” céile, páirtí agus aon duine ag a bhfuil nasc díreach teaghlaigh sa líne shliochtach nó sa líne shinsearach leis an náisiúnach tríú tír ar a bhfuil an ghníomhaíocht maidir le lánpháirtíocht dírithe agus nach gclúdófaí seachas sin faoi raon feidhme an Chiste.

(24)

Ba cheart don Chiste tacú leis na Ballstáit agus straitéisí á mbunú acu lena n-eagraítear imirce dhleathach, chun cur lena gcumas forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh i gcoitinne ar gach straitéis maidir le hinimirce agus le lánpháirtíocht, agus ar gach beartas agus beart maidir le náisiúnaigh tríú tíortha, lena n-áirítear ionstraimí dlí an Aontais. Ba cheart don Chiste tacú le malartú faisnéise, na gcleachtas is fearr agus comhair idir ranna éagsúla riaracháin agus leis na Ballstáit eile chomh maith.

(25)

Ba cheart don Aontas leanúint ar aghaidh ag úsáid na gComhpháirtíochtaí Soghluaisteachta agus an úsáid sin a leathnú mar phríomhchreat comhair straitéiseach, cuimsitheach agus fadtéarmach chun imirce a bhainistiú le tríú tíortha. Ba cheart go dtacódh an Ciste le gníomhaíochtaí faoi chuimsiú na gComhpháirtíochtaí Soghluaisteachta a bhíonn ar siúl san Aontas nó i dtríú tíortha agus é mar aidhm aige riachtanais agus tosaíochtaí an Aontais a shaothrú, go háirithe gníomhaíochtaí lena n-áiritheofar leanúnachas an chistiúcháin a chuimseoidh an tAontas agus tríú tíortha araon.

(26)

Is iomchuí leanúint de bheith ag spreagadh agus ag tacú le hiarrachtaí na mBallstát chun bainistiú fhilleadh na náisiúnach tríú tíortha i ngach ceann dá ghnéithe a fheabhsú, agus ar mhaithe le cur chun feidhme leanúnach, cóir agus éifeachtúil na gchaighdeán coiteann maidir le filleadh, go háirithe mar atá leagtha amach i dTreoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart don Chiste forbairt na straitéisí maidir le filleadh a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta i gcomhthéacs bainistíochta comhtháite maidir le filleadh agus ba cheart bearta a fhorbairt a thacódh lena gcur chun feidhme éifeachtach i dtríú tíortha.

(27)

Maidir le daoine a fhilleann go deonach, lena n-áirítear daoine ar mian leo filleadh cé nach bhfuil siad faoi aon oibleagáid an chríoch a fhágáil, ba cheart foráil a dhéanamh do dhreasachtaí do theifigh fillte den sórt sin, amhail cóir fhabhrach trí bhíthin cúnamh maidir le filleadh a chur ar fáil. Tá filleadh deonach den sórt sin chun leas na dteifeach fillte agus na n-údarás araon ó thaobh a chost-éifeachtúlachta de. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh tosaíocht a thabhairt d’fhilleadh deonach.

(28)

Mar sin féin, ó thaobh beartais de, tá filleadh deonach agus filleadh forghníomhaithe idirnasctha agus tá éifeacht atreisithe acu araon agus ba cheart, da bhrí sin, na Ballstáit a spreagadh an chaoi a gcomhlánaíonn an dá fhoirm a chéile a neartú le linn dóibh filleadh a bhainistiú. Caithfear fáil réidh le daoine chun sláine bheartas inimirce agus tearmainn an Aontais agus chórais inimirce agus tearmainn na mBallstát a chosaint. Dá bhrí sin, is réamhriachtanas é go bhfaighfí réidh le daoine chun a áirithiú nach mbainfear an bonn den bheartas seo agus go bhforfheidhmeofar an smacht reachta, rud atá riachtanach ann féin chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát fáil réidh le daoine i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, i gcás inarb infheidhme, agus cearta bunúsacha agus dínit na dteifeach fillte á n-urramú go hiomlán.

(29)

Tá sé ríthábhachtach go dtacódh an Ciste le bearta sonracha maidir le teifigh fillte i dtír a bhfillte chun an filleadh éifeachtach ar a mbaile nó ar a réigiún tionscnaimh a áirithiú agus chun feabhas a chur ar a n-ath-lánpháirtiú buan ina bpobal féin ina dhiaidh sin.

(30)

Tá comhaontuithe um athligean isteach ina gcuid lárnach de bheartas an Aontais maidir le filleadh agus is uirlis lárnach iad maidir le bainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce mar éascaíonn siad filleadh tapa imirceach mírialta. Is gné thábhachtach iad na comhaontuithe sin ó thaobh an idirphlé agus an chomhair le tríú tíortha tionscnaimh agus ba cheart tacú le hidirthuras imirceach mírialta agus lena gcur chun feidhme i dtríú tíortha ar mhaithe le straitéisí éifeachtacha maidir le filleadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

(31)

Ba cheart don Chiste seo na gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (8), a bhfuil mar cheann dá cuid dualgas an tacaíocht is gá a chur ar fáil do Bhallstáit chun oibríochtaí comhpháirteacha maidir le filleadh a eagrú agus na cleachtais is fearr a shainaithint maidir le doiciméid taistil a fháil agus fáil réidh le náisiúnaigh tríú tíortha a bhíonn ag fanacht go mídhlíthiúil i gcríocha na mBallstát agus cúnamh a thabhairt do Bhallstáit i gcúinsí ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha, agus aird á tabhairt ar an ní go bhféadfadh cásanna éigeandála daonchairdiúla agus tarrtháil ar muir a bheith i gceist le cúinsí áirithe.

(32)

Ina theannta le tacú le filleadh daoine mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, ba cheart, leis an gCiste, go dtacófaí le bearta eile chun dul i ngleic le hinimirce mhídhleathach nó rialacha maidir le himirce dhleathach atá ann cheana a shárú, agus leis sin sláine chórais inimirce na mBallstát a chosaint.

(33)

Ba cheart an Ciste a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus do na cearta bunúsacha a chumhdaítear sna hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear cásdlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Ba cheart, le gníomhaíochtaí cáilithe, go n-áireofaí an cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine maidir le himircigh, dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn a chosaint, agus ba cheart go n-áiritheofaí go háirithe go dtabharfar aird ar leith, agus go gcuirfear freagairt thiomnaithe ar fáil, don chúinse shonrach atá ann do dhaoine leochaileacha, go háirithe do mhná, do mhionaoisigh neamhthionlactha agus do mhionaoisigh eile i mbaol.

(34)

Tugtar sainmhínithe éagsúla ar na téarmaí “daoine leochaileacha” agus “baill teaghlaigh” sna gníomhartha éagsúla is ábhartha don Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a thuiscint i gciall an ghnímh ábhartha agus an comhthéacs ina mbaintear úsáid astu á chur san áireamh. I gcomhthéacs athlonnaithe, ba cheart go rachadh na Ballstáit sin a dhéanann athlonnú i ndlúthchomhairle le UNHCR maidir leis an téarma “baill teaghlaigh” ina gcleachtais athlonnaithe agus ina bpróisis athlonnaithe iarbhír.

(35)

Na bearta sin maidir le tríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha a dtacaítear leo tríd an gCiste, ba cheart iad a ghlacadh ar bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas trí bhíthin ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais, idir gheografach agus théamach. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhtháthú iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Níor cheart go mbeadh sé i gceist leis na bearta tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe go díreach ar fhorbairt agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais a sholáthraítear trí ionstraimí cabhrach seachtraí. Ba cheart an prionsabal maidir le comhtháthú beartais don fhorbairt, mar atá leagtha amach i mír 35 den Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt é, a urramú. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go bhfuil cur chun feidhme cúnaimh éigeandála i gcomhréir, agus más ábhartha, comhsheasmhach le beartas daonnúil an Aontais agus go léirítear lán-urraim do na prionsabail dhaonnúla mar a leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil.

(36)

Ba cheart cuid mhór de na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste a leithdháileadh i gcomhréir leis an bhfreagracht atá ar gach Ballstát trí bhíthin a gcuid iarrachtaí sreabha imirce a bhainistiú ar bhonn na gcritéar oibiachtúil. Chun na críche sin, ba cheart leas a bhaint as na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil, arna mbailiú ag Eurostat faoi Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a bhaineann leis na sreabha imirce, amhail líon na gcéad iarratas ar thearmann, líon na gcinntí deimhneacha lena ndeonaítear cosaint dídeanaithe nó cosaint choimhdeach; líon na ndídeanaithe athlonnaithe; líon na náisiúnach tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil, líon na náisiúnach tríú tíortha a bhfuil údarú arna eisiúint ag Ballstát faighte acu cónaí iontu, líon na gcinntí maidir le filleadh arna n-eisiúint ag na húdaráis náisiúnta agus líon na bhfillteacha a cuireadh i gcrích.

(37)

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na suimeanna bunúsacha a leithdháilfear ar na Ballstáit. Is é atá sa tsuim bhunúsach méid íosta agus méid a ríomhtar ar bhonn mheánmhéid na leithdháiltí a leithdháileadh ar gach Ballstát in 2011, in 2012 agus in 2013 faoin gCiste Eorpach um Dhídeanaithe a bunaíodh le Cinneadh 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), faoin gCiste Eorpach chun náisiúnaigh tríú tíortha a Lánpháirtiú a bunaíodh le Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (11) agus faoin gCiste Eorpach um Fhilleadh a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba i gcomhréir leis na critéir leithdháilte a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 573/2007/CE, i gCinneadh 2007/435/CE agus i gCinneadh Uimh. 575/2007/CE, a rinneadh na leithdháiltí a ríomh. I bhfianaise na gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 7-8 Feabhra 2013, a chuir in iúl go láidir gur cheart go leagfaí béim ar leith ar shochaithe oileánacha a mbeidh dúshláin neamhréireacha rompu amach ó thaobh na himirce de, is iomchuí na méideanna íosta a mhéadú don Chipir agus do Mhálta.

(38)

Cé go bhfuil sé oiriúnach suim atá bunaithe ar na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil a leithdháileadh ar gach Ballstát, ba cheart cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste a dháileadh chun gníomhaíochtaí sonracha óna dteastaíonn iarracht chomhair i measc na mBallstát agus a ghineann breisluach suntasach don Aontas a chur chun feidhme, agus chun Clár Athlonnaithe an Aontais agus aistriú thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile a chur chun feidhme.

(39)

Chun na críche sin, ba cheart go mbunófaí de bhun an Rialacháin seo liosta gníomhaíochtaí sonracha atá incháilithe le haghaidh acmhainní ón gCiste. Ba cheart suimeanna breise a leithdháileadh ar na Ballstáit sin a dhéanann gealltanas na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme.

(40)

I bhfianaise bhunú forásach Chlár Athlonnaithe an Aontais, ba cheart don Chiste cúnamh spriocdhírithe a chur ar fáil i bhfoirm dhreasachta airgeadais (cnapshuimeanna) do gach duine athlonnaithe. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún, i gcomhar leis an EASO, agus i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach, faireachán ar chur chun feidhme éifeachtach oibríochtaí athlonnaithe a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste.

(41)

D’fhonn méadú a dhéanamh ar thionchar iarrachtaí athlonnaithe an Aontais maidir le cosaint a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus le tionchar straitéiseach an athlonnaithe a uasmhéadú trí dhíriú níos fearr ar na daoine is mó a dteastaíonn athlonnú uathu, ba cheart comhthosaíochtaí maidir le hathlonnú a cheapadh ar leibhéal an Aontais. Níor cheart na comhthosaíochtaí sin a leasú ach amháin má bhíonn údar cuí leis nó i bhfianaise aon mholtaí a thiocfadh ó UNHCR, ar bhonn na gcatagóirí ginearálta a shonraítear sa Rialachán seo.

(42)

Mar gheall ar a leochailí is atá siad, ba cheart roinnt catagóirí daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a chur ar áireamh i gcónaí i gcomhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais.

(43)

Agus na riachtanais athlonnaithe faoi mar atá leagtha amach i gcomhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais á gcur san áireamh, tá sé riachtanach freisin dreasachtaí breise airgeadais a chur ar fáil chun daoine a athlonnú chuig réigiúin gheografacha shonracha agus náisiúntachtaí geografacha sonracha, chomh maith leis na catagóirí sonracha de dhaoine a bheidh le hathlonnú, i gcás ina gcinnfear gurb é an t-athlonnú an fhreagairt is oiriúnaí dá riachtanais speisialta.

(44)

An dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fheabhsú, go háirithe i dtaca leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann sreabha imirce agus tearmainn difear dóibh, ba cheart sásra comhchosúil bunaithe ar dhreasachtaí airgeadais a bhunú chun tairbhí na cosanta idirnáisiúnta a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Ba cheart go laghdódh sásra den sórt sin an brú ar na Ballstáit sin a fhaigheann líon níos airde d’iarrthóirí tearmainn agus de thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta, i dtéarmaí glanfhigiúr nó i dtéarmaí comhréireacha.

(45)

Beidh an tacaíocht a chuirfidh an Ciste ar fáil níos éifeachtaí agus tabharfaidh sí breisluach níos mó más rud é go n-aithnítear sa Rialachán seo líon teoranta cuspóirí a shaothrófar sna cláir a bheidh dréachtaithe ag gach Ballstát, agus a gcás sonrach agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh.

(46)

Tá sé tábhachtach ar mhaithe le dlúthpháirtíocht fheabhsaithe go ndéanfaidh an Ciste, i gcomhar leis an gcúnamh daonnúil faoi bhainistiú an Choimisiúin agus i sineirgíocht leis, i gcás inarb iomchuí,tacaíocht bhreise a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar chásanna éigeandála ina bhfuil brú trom imirce i mBallstáit nó i dtríú tíortha nó i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe, de bhun Threoir 2001/55/CE ón gComhairle (13), trí chúnamh éigeandála. Ba cheart go n-áireofaí le cúnamh éigeandála freisin tacaíocht le cláir ad hoc um ligean isteach daonnúil arb é is aidhm dóibh cead a thabhairt chun tréimhse shealadach a chaitheamh ar chríoch Ballstáit i gcás géarchéime daonnúla práinní i dtríú tíortha. Mar sin féin, ní dhéantar dochar leis na cláir eile sin um ligean isteach daonnúil do chlár athlonnaithe an Aontais, arb é is aidhm dó go sainráite ón tús réiteach marthanach a sholáthar do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a aistrítear chuig an Aontas ó thríú tíortha, agus níor cheart go mbainfí an bonn de chlár athlonnaithe an Aontais leis na cláir sin. Chun na críche sin, níor cheart go mbeadh na Ballstáit i dteideal cnapshuimeanna breise a fháil maidir le daoine dá dtugtar cead chun tréimhse shealadach a chaitheamh ar chríoch Ballstáit faoi na cláir um ligean isteach daonnúil sin.

(47)

Leis an Rialachán seo, ba cheart cúnamh airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa a bunaíodh le Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle (14), i gcomhréir leis na cuspóirí atá aige agus leis na cúraimí atá air.

(48)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2008/381/CE a leasú chun nósanna imeachta a ailíniú agus chun soláthar tacaíochta iomchuí ar bhonn tráthúil a éascú do na Pointí Teagmhála Náisiúnta dá dtagraítear sa Chinneadh sin.

(49)

I bhfianaise chuspóir na ndreasachtaí airgeadais arna leithdháileadh ar na Ballstáit le haghaidh athlonnaithe agus/nó aistrithe tairbhithe cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile i bhfoirm cnapshuimeanna agus toisc nach bhfuil iontu ach codán beag de na costais iarbhír, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Rialachán seo le haghaidh maoluithe áirithe ar na rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais.

(50)

Ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) d’fhonn forálacha an Rialacháin seo maidir le cnapshuimeanna le haghaidh athlonnaithe agus aistrithe tairbhithe cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, agus maidir le sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí sonracha agus ar chomhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais a fhorlíonadh nó a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(51)

Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit uile agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm aige, lena n-áirítear agus na gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú aige.

(52)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún (15).

(53)

Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breis luacha a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíocht na mBallstát ar a gconlán féin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le bainistiú sreabha imirce, ba cheart go gcuirfeadh an tacaíocht airgeadais dá bhforáiltear faoin Rialachán seo go mór le cumais náisiúnta agus an Aontais a neartú sa réimse seo go háirithe.

(54)

Tá gá ann an tionchar is mó is féidir a bhaint as cistiúchán ón Aontas trí acmhainní airgeadais poiblí agus príobháideacha a úsáid, a chomhthiomsú agus a ghiaráil.

(55)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Chiste i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), agus cabhair á fáil ó chomhtháscairí chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí agus ar thionchair. Ba cheart go soláthrófaí leis na táscairí sin, lena n-áirítear bonnlínte ábhartha, an bonn íosta d’fhonn a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Chiste a mheas.

(56)

Chun a bhfuil bainte amach ag an gCiste a thomhas, ba cheart comhtháscairí a bhunú i dtaca le gach comhchuspóir sonrach atá ag an gCiste. Níor cheart go ndéanfadh na comhtháscairí difear do chur chun feidhme roghnach nó éigeantach na ngníomhaíochtaí gaolmhara mar a leagtar síos sa Rialachán seo iad.

(57)

Ar mhaithe lena bhainistiú agus lena chur chun feidhme, ba cheart go mbeadh an Ciste mar chuid de chreat comhtháite lena gcuimseofaí an Rialachán seo agus Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Chun críche an Chiste, ba cheart go n-áireofaí leis dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart go mbeadh gach Ballstát freagrach as comhdhéanamh na comhpháirtíochta agus socruithe praiticiúla a cur chun feidhme a bhunú.

(58)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce agus leis an gcomhbheartas maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach agus leis an gcomhbheartas inimirce a chur chun feidhme, a neartú agus a fhorbairt, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(59)

De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chiste príomhshruthú phrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná agus phrionsabal an fhrith-idirdhealaithe a chur san áireamh.

(60)

Ba cheart Cinneadh Uimh. 573/2007/CE, Cinneadh Uimh. 575/2007/CE agus Cinneadh 2007/435/CE a aisghairm, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(61)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, tá fógra tugtha ag na Ballstáit sin gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(62)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(63)

Is iomchuí tréimhse cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i gcomhréir le tréimhse cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (18). Mar sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (“an Ciste”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)

cuspóirí na tacaíochta airgeadais agus na ngníomhaíochtaí incháilithe;

(b)

an creat ginearálta chun gníomhaíochtaí incháilithe a chur chun feidhme;

(c)

na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus a ndáileadh;

(d)

na prionsabail agus an sásra chun comhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais a bhunú; agus

(e)

an cúnamh airgeadais a sholáthraítear le haghaidh ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa.

3.   Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, gan dochar d’Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “athlonnú” an próiseas trína ndéantar, ar iarratas ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (“UNHCR”) bunaithe ar an ngá atá ag duine le cosaint idirnáisiúnta, náisiúnaigh tríú tíortha a aistriú ó thríú tír agus a shocrú i mBallstát ina dtugtar cead cónaithe dóibh agus ceann amháin de na stádais seo a leanas acu:

(i)

“stádas dídeanaí” de réir bhrí phointe (e) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE;

(ii)

“stádas cosanta coimhdí” de réir bhrí phointe (g) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE; nó

(iii)

aon stádas eile faoina bhfaightear cearta agus tairbhí faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais atá cosúil leis na stádais dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (ii);

(b)

ciallaíonn “cláir eile um ligean isteach daonnúil” próiseas ad hoc lena gceadaíonn Ballstát do líon náisiúnach tríú tíortha fanacht ar a chríoch go ceann tréimhse sealadaí d’fhonn iad a chosaint ó ghéarchéimeanna daonnúla práinneacha mar gheall ar theagmhais amhail forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí;

(c)

ciallaíonn “cosaint idirnáisiúnta” stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí de réir bhrí Threoir 2011/95/AE;

(d)

ciallaíonn “filleadh” an próiseas ina dtéann náisiúnach tríú tír ar ais, bíodh sé dá dheoin féin chun oibleagáid maidir le filleadh a chomhlíonadh nó go héigeantach, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(e)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é, de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE. Tabharfar le fios le tagairt do náisiúnaigh tríú tíortha go n-áireofar daoine gan stát agus daoine a bhfuil náisiúntacht neamhchinntithe acu;

(f)

ciallaíonn “fáil réidh le daoine” an oibleagáid maidir le filleadh a fhorghníomhú, eadhon daoine a iompar go fisiciúil amach as an mBallstát, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(g)

ciallaíonn “imeacht deonach” an oibleagáid maidir le filleadh laistigh den teorainn ama a socraíodh chuige sin sa chinneadh maidir le filleadh a chomhlíonadh, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(h)

ciallaíonn “mionaoiseach neamhthionlactha” náisiúnach tríú tír faoi bhun 18 mbliana d’aois, a shroicheann nó a shroich críoch Bhallstáit gan tionlacan duine fásta atá freagrach as/aisti de réir dhlí nó chleachtas náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus chomh fada agus nach dtógfar go héifeachtach faoi chúram an duine sin é nó í, cuirtear san áireamh mionaoiseach a fhágtar i riocht neamhthionlactha tar éis dó/di iontráil i gcríoch an Bhallstáit;

(i)

ciallaíonn “duine leochaileach” aon náisiúnach tríú tír a chomhlíonann an sainmhíniú faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;

(j)

ciallaíonn “ball teaghlaigh” aon náisiúnach tríú tír a chomhlíonann an sainmhíniú faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;

(k)

ciallaíonn “staid éigeandála” staid a thig as:

(i)

brú trom imirce i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit arb é a príomhthréith sreabh mhór agus dhíréireach de náisiúnaigh tríú tíortha a chuireann brú suntasach agus práinneach ar a saoráidí glactha agus coinneála agus ar a gcórais agus nósanna imeachta maidir le tearmann;

(ii)

cur chun feidhme sásraí sealadacha cosanta de réir bhrí Threoir 2001/55/CE; nó

(iii)

brú trom imirce i dtríú tíortha ina fuireach ar dhídeanaithe mar gheall ar theagmhais amhail forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Is é cuspóir ginearálta an Chiste rannchuidiú le bainistiú éifeachtúil sreabh imirce agus leis an gcomhbheartas maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach agus leis an gcomhbheartas maidir le himirce a chur chun feidhme, a neartú agus a fhorbairt, agus na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha á n-urramú go hiomlán.

2.   Laistigh dá chuspóir ginearálta, rannchuideoidh an Ciste leis na comhchuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

gach gné den Chomhchóras Tearmainn Eorpach a neartú agus a fhorbairt, lena n-áirítear an diminsean seachtrach lena mbaineann;

(b)

tacú le himirce dhleathach chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta atá acu, amhail riachtanais maidir le margadh an tsaothair, agus sláine chóras inimirce na mBallstát á cosaint, agus lánpháirtiú éifeachtach náisiúnach tríú tíortha a chur chun cinn;

(c)

straitéisí córa agus éifeachtacha maidir le filleadh a fheabhsú sna Ballstáit sin a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí, agus béim ar inbhuanaitheacht an fhillte agus ar athligean isteach éifeachtach chuig na tíortha tionscnaimh agus chuig na tíortha idirthurais;

(d)

an dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fheabhsú, go háirithe i dtaca leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann sreabha imirce agus tearmainn difear dóibh, lena n-áirítear trí chomhar praiticiúil.

Déanfar meastóireacht ar a mhéid a bhainfear amach cuspóirí sonracha an Chiste i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus úsáid á baint as comhtháscairí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir a chuimsítear i gcláir náisiúnta.

3.   Beidh na bearta a ghlacfar chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhaint amach go hiomlán comhtháite le bearta lena dtacaítear trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

4.   Bainfear na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo amach agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail agus ar chuspóirí bheartas daonnúil an Aontais. Áiritheofar comhsheasmhacht leis na bearta a chistítear trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 24.

Airteagal 4

Comhpháirtíocht

Chun críocha an Chiste, áireofar leis an gcomhpháirtíocht dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe sóisialta.

CAIBIDIL II

COMHCHÓRAS EORPACH TEARMAINN

Airteagal 5

Córais ghlactha agus tearmainn

1.   Ag teacht leis an gcuspóir shonrach a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacóidh an Ciste leis na gníomhaíochtaí lena ndírítear ar cheann amháin nó níos mó de chatagóirí na náisiúnach tríú tíortha a leanas:

(a)

iad siúd a bhfuil stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí acu de réir bhrí Threoir 2011/95/AE;

(b)

iad siúd a bhfuil iarratas déanta acu ar cheann amháin de na cineálacha cosanta idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) agus nach bhfuil cinneadh críochnaitheach faighte go fóill acu;

(c)

iad siúd a bhfuil cosaint shealadach á fáil acu de réir bhrí Threoir 2001/55/CE;

(d)

iad siúd atá á n-athlonnú i mBallstát nó á n-aistriú ó Bhallstát nó a rinneadh a athlonnú i mBallstát nó a aistriú ó Bhallstát.

Maidir leis na coinníollacha glactha agus leis na nósanna imeachta tearmainn, tacóidh an Ciste, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí seo a leanas, a dhíríonn ar na catagóirí daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:

(a)

cabhair ábhartha, lena n-áirítear cúnamh ag an teorainn, oideachas, oiliúint, seirbhísí tacaíochta, cúram sláinte agus cúram síceolaíoch a sholáthar;

(b)

seirbhísí tacaíochta amhail aistriúchán agus ateangaireacht a sholáthar, mar aon le hoideachas, le hoiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga, agus tionscnaimh eile atá i gcomhréir le stádas an duine lena mbaineann;

(c)

struchtúir riaracháin, córais agus oiliúint a chur ar bun agus a fheabhsú do bhaill foirne agus d’údaráis ábhartha lena áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach agus éasca ar nósanna imeachta tearmainn ag iarrthóirí tearmainn agus chun a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta éifeachtúla d’ardchaighdeán maidir le tearmann ann, go háirithe, nuair is gá sin chun tacú le forbairt acquis an Aontais;

(d)

cúnamh sóisialta a sholáthar, nó faisnéis nó cabhair a thabhairt maidir le foirmiúlachtaí riaracháin nó foirmiúlachtaí breithiúnacha agus faisnéis nó comhairleoireacht a thabhairt maidir le torthaí féideartha an nós imeachta maidir le tearmann, lena n-áirítear maidir le gnéithe amhail nósanna imeachta maidir le filleadh;

(e)

cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar;

(f)

grúpaí leochaileacha agus cúnamh sonrach do dhaoine leochaileacha a shainaithint, go háirithe i gcomhréir le pointe (a) go pointe (e);

(g)

bearta malartacha ar choinneáil a bhunú, a fhorbairt agus a fheabhsú.

Má mheastar é a bheith iomchuí agus i gcás ina bhforáiltear dá leithéid i gclár náisiúnta an Bhallstáit, féadfaidh an Ciste tacú freisin le bearta a bhaineann le lanpháirtíocht, amhail na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 9(1), maidir leis na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh.

2.   Ag teacht leis an gcuspóir shonrach a shainítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta mar a shainítear in Airteagal 19, maidir le bonneagar cóiríochta agus córais glactha, tacóidh an Ciste leis na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe:

(a)

bonneagar agus seirbhísí cóiríochta atá ann cheana a fheabhsú agus a chothabháil;

(b)

struchtúir agus córais riaracháin a threisiú agus a fheabhsú;

(c)

faisnéis do phobail áitiúla;

(d)

oiliúint a chur ar bhaill foirne na n-údarás, lena n-áirítear na n-údarás áitiúil a bheidh ag idirghníomhú leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 faoi chuimsiú a nglactha isteach;

(e)

bonneagar nua agus seirbhísí nua cóiríochta a bhunú, a reáchtáil agus a fhorbairt, mar aon le struchtúir agus córais riaracháin a bhunú, a reáchtáil agus a fhorbairt, go háirithe, nuair is gá sin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais struchtúracha na mBallstát.

3.   Ag teacht leis na cuspóirí sonracha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2), agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19, tacófar leis an gCiste freisin gníomhaíochtaí atá comhchosúil leis na gníomhaíochtaí sin a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina mbaineann gníomhaíochtaí den sórt sin le daoine atá ag fanacht go sealadach:

in ionaid idirthurais agus phróiseála le haghaidh dídeanaithe, go háirithe chun tacú le hoibríochtaí athlonnaithe i gcomhar le UNHCR, nó

ar chríoch Ballstáit i gcomhthéacs clár eile um ligean isteach daonnúil.

Airteagal 6

Cumas na mBallstát chun forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartas tearmainn agus ar a nósanna imeachta tearmainn

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le feabhas a chur ar chumas na mBallstát chun forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartas tearmainn agus ar a nósanna imeachta tearmainn, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí seo a leanas go háirithe:

(a)

gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn cumas na mBallstát — lena n-áirítear maidir leis an sásra i ndáil le luathrabhaidh, le hullmhacht agus le bainistiú géarchéime a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) chun sonraí agus staidreamh atá cáilíochtúil agus cainníochtúil maidir le nósanna imeachta tearmainn, cumais ghlactha, athlonnú agus maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus/nó tairbhithe na cosanta sin a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh orthu;

(b)

gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn cumas na mBallstát faisnéis faoi thír tionscnaimh a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh uirthi;

(c)

gníomhaíochtaí a chuireann go díreach le meastóireacht a dhéanamh ar bheartais tearmainn, amhail measúnuithe náisiúnta tionchair, suirbhéanna i measc spriocghrúpaí agus páirtithe leasmhara eile, agus le táscairí agus tagarmharcáil a fhorbairt.

Airteagal 7

Athlonnú, aistriú iarratasóirí don chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe a fhaigheanncosaint idirnáisiúnta agus ligean isteach daonnúil ad hoc eile

1.   Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le hathlonnú aon náisiúnach tríú tír atá á athlonnú nó atá athlonnaithe i mBallstát, agus cláir eile um ligean isteach daonnúil:

(a)

cláir agus straitéisí náisiúnta athlonnaithe a bhunú agus a fhorbairt, mar aon le cláir eile um ligean isteach daonnúil a bhunú agus a fhorbairt, lena n-áirítear anailís riachtanas, táscairí agus meastóireacht a fheabhsú;

(b)

bonneagar agus seirbhísí iomchuí a chur ar bun chun cur chun feidhme rianúil agus éifeachtach na ngníomhaíochtaí athlonnaithe a áirithiú mar aon le gníomhaíochtaí a bhaineann le cláir eile um ligean isteach daonnúil, lena n-áirítear cúnamh teanga;

(c)

struchtúir, córais agus oiliúint foirne a chur ar bun chun misin chuig na tríú tíortha nó chuig Ballstáit eile a stiúradh agus chun agallaimh, scagthástáil liachta agus grinnfhiosrúchán slándála a dhéanamh;

(d)

measúnú a dhéanamh ar aon chásanna athlonnaithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus/nó cásanna eile maidir le ligean isteach daonnúil ag údaráis inniúla na mBallstát, amhail misin chuig an tríú tír, agallaimh, scagthástáil liachta agus grinnfhiosrúchán slándála a stiúradh;

(e)

measúnú sláinte agus cóireáil leighis réamhimeachta, soláthairtí ábhartha réamhimeachta, faisnéis réamhimeachta agus bearta maidir le lánpháirtíocht agus socruithe taistil, lena n-áirítear soláthar seirbhísí coimhdeachta liachta;

(f)

faisnéis agus cúnamh ar shroicheadh áite dóibh nó go luath ina dhiaidh sin, lena n-áirítear seirbhísí ateangaireachta;

(g)

gníomhaíochtaí chun críocha athaontaithe teaghlaigh do dhaoine atá á n-athlonnú i mBallstát;

(h)

neartú a dhéanamh ar bhonneagar agus ar sheirbhísí is ábhartha don imirce agus do thearmann sna tíortha atá ainmnithe chun Cláir Chosanta Réigiúnacha a chur chun feidhme iontu;

(i)

na dálaí a chruthú a bheadh ag teacht le lanpháirtiú, uathriail agus neamhspleáchas na dteifeach athlonnaithe san fhadtéarma.

2.   Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo tacófar leis an gCiste freisin gníomhaíochtaí atá comhchosúil leis na gníomhaíochtaí sin a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, má mheastar gurb iomchuí sin i bhfianaise na forbartha a thiocfaidh ar bheartas laistigh de thréimhse cur chun feidhme an Chiste nó i gcás ina bhforáiltear dá leithéid i gclár náisiúnta an Bhallstáit, i dtaca le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus/nó tairbhithe na cosanta sin a aistriú. Déanfar oibríochtaí den sórt sin le toiliú ón mBallstát a thug cosaint idirnáisiúnta dóibh nó atá freagrach as breathnú ar an iarratas maidir le Ballstát leasmhar eile ina bhfaighidh siad cosaint choibhéiseach nó ina mbreathnófar ar an iarratas a rinne siad chun cosaint idirnáisiúnta a fháil.

CAIBIDIL III

NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍORTHA A LÁNPHÁIRTIÚAGUS IMIRCE DHLEATHACH

Airteagal 8

Bearta inimirce agus réamhimeachta

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh i dtríú tír lena ndíreofar ar náisiúnaigh tríú tíortha, a bhfuil na bearta sonracha réamhimeachta agus/nó na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta á gcomhlíonadh acu agus atá i gcomhréir le dlí an Aontais i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann leis an gcumas acu lánpháirtiú i sochaí Ballstáit. Sa chomhthéacs seo, tacófar na nithe seo a leanas leis an gCiste go háirithe:

(a)

pacáistí faisnéise agus feachtais chun feasacht a mhúscailt agus idirphlé cultúrtha a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chumarsáid agus trí theicneolaíocht na faisnéise agus trí láithreáin Gréasáin atá furasta le húsáid;

(b)

measúnú ar scileanna agus ar cháilíochtaí mar aon le feabhsú trédhearcachta agus comhoiriúnacht scileanna agus cáilíochtaí i dtríú tír le scileanna agus cáilíochtaí na mBallstát;

(c)

oiliúint lena gcuirtear le hinfhostaitheacht i mBallstát;

(d)

cúrsaí cuimsitheacha insealbhaithe saoránachta agus teagasc cuimsitheach teanga;

(e)

cúnamh i gcomhthéacs na bhfeidhmeanna d’athaontú teaghlaigh de réir bhrí Threoir 2003/86/CE ón gComhairle (20).

Airteagal 9

Bearta maidir le lánpháirtíocht

1.   Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí a tharlaíonn faoi chuimsiú straitéisí comhsheasmhacha, agus na riachtanais a bhíonn ag náisiúnaigh tríú tíortha maidir le lánpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil agus/nó ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, tacófar leis an gCiste, go háirithe, na gníomhaíochtaí a leanas lena ndíreofar ar náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstáit nó, i gcás inarb iomchuí, a bhfuil cónaí dlíthiúil a fháil acu i mBallstát faoi láthair:

(a)

straitéisí den sórt sin maidir le lánpháirtíocht a bhunú agus a fhorbairt agus gníomhaithe áitiúla nó réigiúnacha atá rannpháirteach iontu, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear anailís ar riachtanais, feabhas a chur ar tháscairí maidir le lánpháirtíocht, agus measúnú, lena n-áirítear measúnuithe rannpháirtíochta, d’fhonn na cleachtais is fearr a shainaithint;

(b)

comhairle agus cúnamh a thabhairt i réimsí amhail tithíocht, acmhainn cothabhála, treoir riaracháin agus dlíthiúil, sláinte, cúram síceolaíoch agus sóisialta, cúram leanaí agus athaontú teaghlaigh;

(c)

gníomhaíochtaí chun náisiúnaigh tríú tíortha a thabhairt isteach sa tsochaí ghlactha agus gníomhaíochtaí a chuireann ar a gcumas dul i dtaithí uirthi, chun iad a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí, chun a bheith rannpháirteach sa saol sibhialta agus cultúrtha agus chun na luachanna atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhroinnt;

(d)

bearta lena ndírítear ar oideachas agus ar oiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga agus réamhghníomhaíochtaí chun rochtain ar mhargadh an tsaothair a éascú;

(e)

gníomhaíochtaí atá ceaptha chun féinchumhachtú a chur chun cinn agus chun cur ar chumas na náisiúnach tríú tíortha a gcuid a shaothrú;

(f)

gníomhaíochtaí lena gcuirtear teagmháil fhóinteach agus idirphlé cuiditheach idir náisiúnaigh tríú tíortha agus an tsochaí ghlactha chun cinn agus gníomhaíochtaí chun an dóigh a nglacann an tsochaí ghlactha leo a chur chun cinn, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na meán cumarsáide;

(g)

gníomhaíochtaí a chuireann chun cinn comhionannas rochtana agus torthaí maidir leis na déileálacha a bhíonn ag náisiúnaigh tríú tíortha le seirbhísí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear na seirbhísí a chur in oiriúint chun déileáil le náisiúnaigh tríú tíortha;

(h)

forbairt acmhainní na dtairbhithe a shainítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, lena n-áirítear trí thaithí, trí na cleachtais is fearr, agus trí líonrú a mhalartú.

2.   Leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, aon uair is gá, cuirfear riachtanais shonracha na gcatagóirí éagsúla de náisiúnaigh tríú tíortha san áireamh, lena n-áirítear tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, daoine athlonnaithe nó aistrithe agus, go háirithe, daoine leochaileacha.

3.   Féadfar a cheadú le cláir náisiúnta garghaolta daoine atá clúdaithe faoin spriocghrúpa dá dtagraítear sa mhír sin a chur san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír sin, a mhéid is gá sin chun gníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme.

4.   D’fhonn na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chlárú agus a chur chun feidhme, ba cheart go mbeadh údaráis arna n-ainmniú ag Ballstáit d’fhonn idirghabhálacha Chiste Sóisialta na hEorpa a bhainistiú san áireamh leis an gcomhpháirtíocht dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 10

Comhar praiticiúil agus bearta forbartha acmhainní

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

straitéisí a chuireann imirce dhleathach chun cinn a fhorbairt d’fhonn forbairt agus cur chun feidhme nósanna imeachta solúbtha maidir le ligean isteach a éascú;

(b)

tacú le comhar idir tríú tíortha agus na gníomhaireachtaí earcaíochta, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí inimirce na mBallstát, chomh maith le tacú le Ballstáit agus dlí imirce an Aontais á chur chun feidhme acu, le próisis chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara ábhartha agus comhairle na saineolaithe nó malartuithe faisnéise maidir le cineálacha cur chuige lena ndíreofar ar náisiúntachtaí ar leith nó ar chatagóirí ar leith de náisiúnaigh tríú tíortha i ndáil le riachtanais mhargaí an tsaothair;

(c)

acmhainn na mBallstát a neartú chun a straitéisí, a mbeartais agus a mbearta imirce a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu ar fud leibhéil éagsúla agus ranna éagsúla na riarachán, go háirithe feabhas a chur ar a gcumas chun sonraí agus staidreamh mionsonraithe agus córasacha maidir le nósanna imeachta agus sreabha imirce agus ceadanna cónaithe agus forbairt uirlisí faireacháin, scéimeanna meastóireachta, táscairí agus tagarmharcáil chun tomhas a dhéanamh ar mhórghníomhartha na straitéisí sin a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh orthu;

(d)

oiliúint na dtairbhithe a shainítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus oiliúint na bhfoirne a bhfuil seirbhísí poiblí agus príobháideacha á gcur ar fáil acu, lena n-áirítear institiúidí oideachais, malartú taithí agus na gcleachtas is fearr, comhar, líonrú agus inniúlachtaí idirchultúrtha a chur chun cinn, chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil;

(e)

struchtúir inbhuanaithe eagraíochtúla a fhorbairt maidir le lánpháirtíocht agus bainistiú éagsúlachta, go háirithe trí bhíthin comhair idir páirtithe leasmhara éagsúla lena gcuirtear ar chumas oifigeach ar leibhéil éagsúla d’údaráis náisiúnta faisnéis a ghnóthú go tapa maidir le taithí agus leis na cleachtais is fearr in áiteanna eile agus, más féidir, acmhainní a chomhthiomsú idir na húdaráis ábhartha agus idir comhlachtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha chun go bhféadfaí seirbhísí a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tíortha ar bhealach níos éifeachtaí, inter alia, trí ionaid ilfhreastail (i.e. ionaid chomhordaithe um thacaíocht maidir le lánpháirtíocht);

(f)

cur le próiseas dinimiciúil dhá bhealach idirghníomhaíochta frithpháirtí, a bheadh mar bhonn le straitéisí maidir le lánpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach trí fhorbairt a dhéanamh ar ardáin chun dul i gcomhairle le náisiúnaigh tríú tíortha, faisnéis a mhalartú i measc páirtithe leasmhara agus ar ardáin idirphlé idirchultúrtha agus reiligiúnaigh idir pobail na náisiúnach tríú tíortha idir na pobail sin agus an tsochaí ghlactha agus/nó idir na pobail sin agus údaráis cheaptha beartais agus údaráis chinnteoireachta;

(g)

gníomhaíochtaí chun an comhar praiticiúil idir údaráis ábhartha na mBallstát a chur chun cinn agus a neartú, agus béim, inter alia, á leagan ar fhaisnéis, ar na cleachtais is fearr agus ar straitéisí a mhalartú agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun sláine na gcóras inimirce sna Ballstáit a chosaint.

CAIBIDIL IV

FILLEADH

Airteagal 11

Bearta a ghabhann le nósanna imeachta maidir le filleadh

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, maidir le bearta a ghabhann le nósanna imeachta maidir le filleadh, díreofar leis an gCiste ar cheann amháin nó níos mó de chatagóirí na náisiúnach tríú tíortha a leanas:

(a)

náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfuil cinneadh críochnaitheach diúltach faighte acu go fóill maidir lena n-iarratas ar fhanacht, lena gcónaí dlíthiúil agus/nó le cosaint idirnáisiúnta i mBallstát, agus a fhéadfaidh rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as filleadh deonach;

(b)

náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead fanachta acu, cónaí orthu go dlíthiúil agus/nó cosaint idirnáisiúnta acu de réir bhrí Threoir 2011/95/AE, nó a bhfuil cosaint shealadach acu de réir bhrí Threoir 2001/55/CE i mBallstát, agus a roghnaíonn leas a bhaint as filleadh deonach;

(c)

náisiúnaigh tríú tíortha atá i mBallstát agus nach gcomhlíonann na coinníollacha iontrála a thuilleadh agus/nó a fhanann i mBallstát, lena n-áirítear na náisiúnaigh tríú tíortha sin nach bhfuiltear chun fáil réidh leo, ós rud é go bhfuil sin curtha siar, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 14(1) de Threoir 2008/115/CE.

Sa chomhthéacs seo, tacófar leis an gCiste, go háirithe, na gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar na catagóirí daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

bearta malartacha ar choinneáil a thabhairt isteach, a fhorbairt agus a fheabhsú;

(b)

cúnamh sóisialta, faisnéis nó cúnamh le foirmiúlachtaí riaracháin agus/nó foirmiúlachtaí breithiúnacha agus faisnéis nó comhairleoireacht a sholáthar;

(c)

cúnamh dlíthiúil agus cúnamh teanga a sholáthar;

(d)

cúnamh sonrach do dhaoine leochaileacha;

(e)

córais neamhspleácha agus éifeachtacha chun faireachán a dhéanamh ar an bhfilleadh éigeantach a thabhairt isteach agus a fheabhsú, mar a leagtar síos in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE é;

(f)

bonneagar, seirbhísí agus coinníollacha maidir le cóiríocht, glacadh nó coinneáil a bhunú, a chothabháil agus a fheabhsú;

(g)

struchtúir riaracháin agus córais a bhunú, lena n-áirítear uirlísí TF;

(h)

oiliúint foirne chun nósanna imeachta rianúla agus éifeachtacha maidir le filleadh a áirithiú, lena n-áirítear bainistiú agus cur chun feidhme na nósanna imeachta sin.

Airteagal 12

Bearta maidir le filleadh

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a shainítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, i ndáil le bearta maidir le filleadh, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Sa chomhthéacs sin, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe:

(a)

bearta atá riachtanach chun oibríochtaí maidir le filleadh a ullmhú, amhail na cinn lena bhféadfaí náisiúnaigh tríú tíortha a shainaithint, doiciméid taistil a eisiúint agus teaghlach a lorg;

(b)

comhar le húdaráis chonsalacha agus le seirbhísí inimirce na dtríú tíortha d’fhonn doiciméid taistil a fháil, aisdúichiú a éascú agus athligean isteach a áirithiú;

(c)

bearta maidir le filleadh deonach cuidithe, lena n-áirítear scrúduithe agus cúnamh leighis, socruithe taistil, ranníocaíochtaí airgeadais, comhairleoireacht agus cúnamh roimh dóibh filleadh agus ina dhiaidh;

(d)

oibríochtaí um fháil réidh, lena n-áirítear bearta gaolmhara, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, cé is moite de threalamh comhéigneach;

(e)

bearta chun tús a chur le dul chun cinn an lánpháirtithe i leith fhorbairt phearsanta an teifigh fillte, amhail dreasachtaí airgid, oiliúint, socrúchán agus cúnamh fostaíochta agus tacaíocht tosaithe i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha;

(f)

áiseanna agus seirbhísí i dtríú tíortha a áirithíonn cóiríocht shealadach agus glacadh iomchuí ar shroicheadh áite dóibh;

(g)

cúnamh sonrach do dhaoine leochaileacha.

Airteagal 13

Comhar praiticiúil agus bearta forbartha acmhainní

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, maidir le comhar praiticiúil agus bearta forbartha acmhainní, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe:

(a)

gníomhaíochtaí chun an comhar oibríochtúil agus malartú faisnéise idir na seirbhísí maidir le filleadh agus údaráis eile na mBallstát atá rannpháirteach san fhilleadh a chur chun cinn, a fhorbairt agus a neartú, lena n-áirítear comhar le húdaráis chonsalacha agus le seirbhísí inimirce na dtríú tíortha agus oibríochtaí comhpháirteacha maidir le filleadh;

(b)

gníomhaíochtaí chun tacú le comhar idir tríú tíortha agus seirbhísí maidir le filleadh ó Bhallstáit, lena n-áirítear bearta lena ndíreofar ar chumais na dtríú tíortha chun na gníomhaíochtaí maidir le hathligean isteach agus le hath-lánpháirtiú a stiúradh, go háirithe faoi chuimsiú na gcomhaontuithe um athligean isteach;

(c)

gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn an cumas beartais maidir le filleadh atá éifeachtach agus inbhuanaithe a fhorbairt, go háirithe trí fhaisnéis faoin staid i dtíortha a bhfillte agus na cleachtais is fearr a mhalartú, trí thaithí a roinnt agus acmhainní a chomhthiomsú idir Ballstáit;

(d)

gníomhaíochtaí a fheabhsóidh na nithe seo leanas: an cumas chun staidreamh agus sonraí mionsonraithe agus córasacha i ndáil le nósanna imeachta agus bearta maidir le filleadh a bhailiú, a scaipeadh agus a anailísiú; na cumais maidir le glacadh agus coinneáil, maidir le filleadh deonach agus éigeantach agus maidir le faireachán agus ath-lanpháirtiú;

(e)

gníomhaíochtaí a chuireann go díreach le meastóireacht a dhéanamh ar bheartais maidir le filleadh, amhail measúnuithe náisiúnta tionchair, suirbhéanna i measc spriocghrúpaí, forbairt táscairí agus tagarmharcála;

(f)

bearta agus feachtais faisnéise i dtríú tíortha lena ndírítear ar an bhfeasacht a mhúscailt maidir le bealaí dleathacha inimirce iomchuí agus na riocaí a ghabhann leis an inimirce mhídhleathach.

CAIBIDIL V

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 14

Acmhainní foriomlána agus cur chun feidhme

1.   Is ionann na hacmhainní foriomlána chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus EUR 3 137 milliún i bpraghsanna reatha.

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla don Chiste faoi chuimsiú theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.   Cuirfear na hacmhainní foriomlána chun feidhme trí bhíthin na modhanna seo a leanas:

(a)

cláir náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 19;

(b)

gníomhaíochtaí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 20;

(c)

cúnamh éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 21;

(d)

Gréasán Imirce na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 22;

(e)

cúnamh teicniúil, i gcomhréir le hAirteagal 23.

4.   I gcás an bhuiséid a leithdháiltear faoin Rialachán seo ar ghníomhaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo, ar an gcúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo, ar Ghréasán Imirce na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo agus ar an gcúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán seo, cuirfear chun feidhme é faoi bhainistiú díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus, i gcás inarb iomchuí, faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Cuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhpháirteach an buiséad a leithdháiltear ar chláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

5.   Leanfaidh an Coimisiún de bheith freagrach maidir le buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 317 CFAE agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis na hoibríochtaí a rinne eintitis nach Ballstáit iad.

6.   Gan dochar do shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, úsáidfear an t-imchlúdach airgeadais arb é an phríomhthagairt é go táscach mar seo leanas:

(a)

EUR 2 752 milliún do chláir náisiúnta na mBallstát;

(b)

EUR 385 milliún do ghníomhaíochtaí an Aontais, do chúnamh éigeandála, do Ghréasán Imirce na hEorpa agus do chúnamh teicniúil an Choimisiúin agus a gcuirfear 30 % de ar a laghad chun úsáide do ghníomhaíochtaí an Aontais agus Ghréasán Imirce na hEorpa.

Airteagal 15

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe sna Ballstáit

1.   Leithdháilfear suim EUR 2 752 milliún ar na Ballstáit go táscach mar leanas:

(a)

leithdháilfear EUR 2 392 milliún mar a léirítear in Iarscríbhinn I. Déanfaidh na Ballstáit 20 % ar a laghad de na hacmhainní sin a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) agus 20 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2). Ní fhéadfaidh na Ballstáit imeacht ó na híoschéatadáin sin ach amháin i gcás ina gcuirtear míniú mionsonraithe isteach sa chlár náisiúnta lena léiriú cén fáth nach gcuirtear réadú an chuspóra i mbaol má leithdháiltear acmhainní faoi bhun an leibhéil sin. Maidir leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) ní thitfidh na Ballstáit sin atá i dtreis le heasnaimh struchtúracha i réimse na cóiríochta, an bhonneagair agus seirbhísí faoi bhun an íoschéatadáin a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

leithdháilfear EUR 360 milliún ar bhonn an tsásra leithdháilte le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 16, le haghaidh Chlár Athlonnaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 17 agus le haghaidh tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile dá dtagraítear in Airteagal 18.

2.   Tacóidh an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 leo seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí sonracha atá liostaithe in Iarscríbhinn II;

(b)

Clár Athlonnaithe an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 17 agus/nó aistriú thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 18.

3.   I gcás ina mbeidh suim ar fáil faoi phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nó go mbeidh suim eile ar fáil, déanfar í a leithdháileadh faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 pro rata ar na suimeanna bunúsacha do na cláir náisiúnta a bunaíodh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 16

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha

1.   Féadfar suim bhreise dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 15(2) a leithdháileadh ar na Ballstáit, ar an gcoinníoll go bhfuil an tsuim comharthaithe dá réir sa chlár agus go n-úsáidtear í chun gníomhaíochtaí sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur chun feidhme.

2.   D’fhonn forbairtí beartais nua a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo d’fhonn Iarscríbhinn II a athbhreithniú i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ar bhonn an liosta athbhreithnithe de ghníomhaíochtaí sonracha, féadfaidh na Ballstáit suim bhreise, mar atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo, a fháil, faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil.

3.   Déanfar na suimeanna breise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhfaomhtar nó lena leasaítear a gclár náisiúnta i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ní úsáidfear na suimeanna sin ach amháin chun gníomhaíochtaí sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Airteagal 17

Acmhainní le haghaidh Chlár Athlonnaithe an Aontais

1.   De bhreis ar a leithdháileadh a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 15(1), gheobhaidh na Ballstáit suim bhreise gach re bliain faoi mar atá leagtha amach i bpointe (b) d’Airteagal 15(2) bunaithe ar chnapshuim EUR 6 000 le haghaidh gach duine athlonnaithe.

2.   Méadófar an chnapshuim dá dtagraítear i mír 1 go EUR 10 000 do gach duine a athlonnaíodh i gcomhréir le comhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais a bunaíodh de bhun mhír 3 agus a liostaítear in Iarscríbhinn III agus do gach duine leochaileach mar atá leagtha síos i mír 5.

3.   Déanfar comhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais a bhunú ar na catagóirí ginearálta daoine a leanas:

(a)

daoine ó thír nó ó réigiún atá ainmnithe chun Clár Cosanta Réigiúnach a chur chun feidhme;

(b)

daoine ó thír nó ó réigiún atá sainaitheanta i réamhaisnéis athlonnaithe UNHCR agus i gcás ina mbeadh tionchar suntasach ag comhghníomhaíocht an Aontais maidir le dul i ngleic leis na riachtanais chosanta;

(c)

daoine a bhaineann le catagóir ar leith a thagann faoi chuimsiú chritéir athlonnaithe UNHCR.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn III a leasú, ar bhonn na gcatagóirí ginearálta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, má bhíonn údar cuí leis nó i bhfianaise aon mholtaí ó UNHCR.

5.   Beidh na grúpaí de na daoine leochaileacha seo a leanas incháilithe freisin don chnapshuim dá bhforáiltear i mír 2:

(a)

mná agus leanaí i mbaol;

(b)

mionaoisigh neamhthionlactha;

(c)

daoine ag a bhfuil riachtanais leighis nach féidir aghaidh a thabhairt orthu ach amháin trí bhíthin iad a athlonnú;

(d)

daoine a bhfuil athlonnú éigeandála nó athlonnú práinneach de dhíth orthu mar gheall ar riachtanais maidir le cosaint dlí nó le cosaint fhisiciúil, lena n-áirítear íospartaigh fhoréigin nó céasta.

6.   I gcás ina n-athlonnaíonn Ballstát duine a bhaineann le níos mó ná ceann amháin de na catagóirí dá dtagraítear faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, ní bhfaighidh sé cnapshuim i leith an duine sin ach aon uair amháin.

7.   I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh Ballstáit incháilithe do chnapshuimeanna do bhaill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 5, ar choinníoll go ndearnadh na baill teaghlaigh sin a athlonnú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

8.   Bunóidh an Coimisiún trí ghníomhartha cur chun feidhme an tráthchlár agus na coinníollacha eile cur chun feidhme a bhaineann leis an sásra um leithdháileadh acmhainní le haghaidh Chlár Athlonnaithe an Aontais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

9.   Déanfar na suimeanna breise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit, den chéad uair sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus ina dhiaidh sin i gcinneadh maoiniúcháin a bheidh i gceangal leis na cinntí lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta. Ní aistreofar na suimeanna sin chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta.

10.   Chun cuspóirí Chlár Athlonnaithe an Aontais a shaothrú go héifeachtach agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, tabharfar cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 d’fhonn na cnapshuimeanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a choigeartú, má mheastar é a bheith iomchuí, agus iad seo leanas á gcur san áireamh go háirithe; na rátaí boilscithe reatha, na forbairtí ábhartha i réimsí an athlonnaithe, chomh maith le fachtóirí lena bhféadfaí an leas a bhaintear as an dreasacht airgeadais a ghabhann leis na cnapshuimeanna a uasmhéadú.

Airteagal 18

Acmhainní le haghaidh aistriú thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta

1.   D’fhonn prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta a chur chun feidhme agus i bhfianaise na bhforbairtí a rinneadh maidir le beartais de chuid an Aontais laistigh de thréimhse chur chun feidhme an Chiste, gheobhaidh na Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 15(1), suim bhreise faoi mar atá leagtha amach i bpointe (b) d’Airteagal 15(2) bunaithe ar chnapshuim EUR 6 000 do gach tairbhí de chuid na cosanta idirnáisiúnta atá aistrithe ó Bhallstát eile.

2.   I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh Ballstáit incháilithe do chnapshuimeanna do bhaill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll go ndearnadh na baill teaghlaigh sin a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Déanfar na suimeanna breise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit den chéad uair sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus ina dhiaidh sin i gcinneadh maoiniúcháin a bheidh i gceangal leis an gcinneadh lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta. Ní aistreofar na suimeanna sin chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta.

4.   Chun cuspóirí dlúthpháirtíochta agus comhroinnte freagrachta idir na Ballstáit a shaothrú go héifeachtach dá dtagraítear in Airteagal 80 CFAE agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, tabharfar cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo chun na cnapshuimeanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a choigeartú, agus na rátaí boilscithe reatha, na forbairtí ábhartha i réimse aistriú thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, chomh maith le fachtóirí lena bhféadfaí an leas a bhaintear as an dreasacht airgeadais a ghabhann leis na cnapshuimeanna a uasmhéadú á gcur san áireamh go háirithe.

Airteagal 19

Cláir náisiúnta

1.   Faoi na cláir náisiúnta a dhéanfar a scrúdú agus a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfaidh na Ballstáit, faoi na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo, agus aird á tabhairt ar an toradh a bhí ar an bplé dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, na cuspóirí seo a leanas a shaothrú go háirithe:

(a)

treisiú le bunú an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh trí chur i bhfeidhm éifeachtúil agus aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le tearmann agus dea-fheidhmiú Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a áirithiú. D’fhéadfadh go n-áireofaí ar na gníomhaíochtaí sin freisin bunú agus forbairt Chlár Athlonnaithe an Aontais;

(b)

straitéisí maidir le lánpháirtíocht a bhunú agus a fhorbairt, lena gcuimsítear gnéithe éagsúla den phróiseas dinimiciúil dhá bhealach, a chuirfear chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta/áitiúil/réigiúnach, i gcás inarb iomchuí, agus na riachtanais a bhíonn ag náisiúnaigh tríú tíortha maidir le lánpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar na riachtanais shonracha a bhíonn ag catagóirí éagsúla imirceach agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha á bhforbairt idir geallsealbhóirí ábhartha;

(c)

clár um fhilleadh a fhorbairt, lena n-áireofar gné maidir le filleadh deonach cuidithe agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le hath-lánpháirtiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí uile a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste agus cearta bunúsacha agus urraim do dhínit an duine á gcomhlíonadh go hiomlán. Leis na gníomhaíochtaí sin, go háirithe, tabharfar lánurraim do na cearta agus do na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

3.   Faoi réir an cheanglais go saothrófar na cuspóirí thuasluaite agus a n-imthosca sainiúla á gcur san áireamh, beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit dáileadh cothrom agus trédhearcach acmhainní a bhaint amach ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2).

Airteagal 20

Gníomhaíochtaí an Aontais

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, d’fhéadfaí an Ciste a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trasnáisiúnta nó gníomhaíochtaí arb ábhair spéise faoi leith don Aontas (“gníomhaíochtaí an Aontais”) iad, maidir leis na cuspóirí ginearálta agus leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.   Chun a bheith incháilithe do chistiúchán, tacóidh gníomhaíochtaí an Aontais leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

dlús a chur le comhar an Aontais i ndáil le dlí an Aontais a chur chun feidhme agus leis na cleachtais is fearr a chomhroinnt i réimse an tearmainn, go háirithe maidir le hathlonnú agus le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus/nó tairbhithe na cosanta sin a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, lena n-áirítear trí líonrú agus faisnéis a mhalartú, maidir le imirce dhleathach, maidir le náisiúnaigh ó thríú tíortha a lánpháirtiú, lena n-áirítear tacú leo ar a dteacht isteach agus gníomhaíochtaí comhordúcháin a threiseoidh lena n-athlonnú i bpobail áitiúla a chuirfidh fáilte roimh dhídeanaithe athlonnaithe ina measc, agus maidir le filleadh;

(b)

líonraí comhair trasnáisiúnta agus treoirthionscadail thrasnáisiúnta a chur ar bun, lena n-áirítear tionscadail nuálacha, bunaithe ar chomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir comhlachtaí atá suite in dhá Bhallstát nó níos mó agus a ceapadh chun nuálaíocht a spreagadh agus chun malartuithe taithí agus na gcleachtas is fearr a éascú;

(c)

staidéir agus taighde ar fhoirmeacha nua, a d’fhéadfadh a bheith ann, de chomhar an Aontais sa réimse maidir le tearmann, imirce, lánpháirtíocht agus filleadh agus dlí ábhartha an Aontais, maidir le scaipeadh agus malartú faisnéise faoi na cleachtais is fearr agus gach gné eile de bheartais an tearmainn, na hinimirce, na lánpháirtíochta agus an fhillte lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach i leith thosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(d)

forbairt agus cur i bhfeidhm uirlisí, modhanna agus comhtháscairí staidrimh a dhéanfaidh na Ballstáit chun forbairtí beartais a thomhas i réimse an tearmainn, na himirce dleathaí, na lánpháirtíochta agus an fhillte;

(e)

bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus tacaíochta teicniúla agus sásra meastóireachta a fhorbairt atá riachtanach chun na beartais maidir le tearmann agus imirce a chur chun feidhme;

(f)

an comhar le tríú tíortha ar bhonn Chur Chuige Domhanda an Aontais i leith na hImirce agus na Soghluaisteachta, go háirithe laistigh den chreat chun comhaontuithe um athligean isteach, Comhpháirtíochtaí Soghluaisteachta agus Cláir Chosanta Réigiúnacha a chur chun feidhme;

(g)

bearta agus feachtais faisnéise i dtríú tíortha lena ndírítear ar an bhfeasacht a mhúscailt maidir le bealaí dleathacha inimirce iomchuí agus na rioscaí a ghabhann leis an inimirce mhídhleathach.

3.   Cuirfear gníomhaíochtaí an Aontais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún dáileadh cothrom trédhearcach acmhainní i measc na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

Airteagal 21

Cúnamh éigeandála

1.   Soláthróidh an Ciste cúnamh airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i gcás éigeandála, mar a shainmhínítear i bpointe (k) d’Airteagal 2. Beidh na bearta a chuirtear chun feidhme i dtríú tíortha i gcomhréir leis an Airteagal seo comhsheasmhach le beartas daonnúil an Aontais agus, más ábhartha, á chomhlánú agus lánurraim á léiriú do na prionsabail dhaonnúla mar a leagtar amach sa Chomhdhearcadh maidir le Cabhair Dhaonnúil.

2.   Cuirfear an cúnamh éigeandála chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 22

Gréasán Imirce na hEorpa

1.   Tacóidh an Ciste le Gréasán Imirce na hEorpa agus soláthróidh sé cúnamh airgeadais atá ag teastáil dá chuid gníomhaíochtaí agus dá chuid forbartha amach anseo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún an tsuim a chuirtear ar fáil do Ghréasán Imirce na hEorpa faoi leithreasaí bliantúla an Chiste agus faoin gclár oibre lena leagtar síos na tosaíochtaí maidir lena chuid gníomhaíochtaí tar éis don Bhord Stiúrtha í a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(5) de Chinneadh 2008/381/CE. Beidh cinneadh an Choimisiúin ionann agus cinneadh maoiniúcháin de bhun Airteagal 84 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.   Beidh an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil do ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa i bhfoirm deontas do na Pointí Teagmhála Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh 2008/381/CE agus do na conarthaí poiblí de réir mar is cuí, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Áiritheofar leis an gcúnamh go mbeidh tacaíocht airgeadais iomchuí agus thráthúil á tabhairt do na Pointí Teagmhála Náisiúnta. Na costais a thabhófar chun gníomhaíochtaí na bPointí Teagmhála Náisiúnta sin a chur chun feidhme agus a gheobhaidh tacaíocht trí dheontais a bhronnfar in 2014, féadfaidh siad bheith incháilithe ó 1 Eanáir 2014.

4.   Leasaítear Cinneadh 2008/381/CE mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d’Airteagal 4(5):

“(a)

an dréacht-chlár oibre gníomhaíochtaí a ullmhú agus a fhormheas, go háirithe maidir leis na cuspóirí agus leis na tosaíochtaí téamacha agus maidir le méid táscach an bhuiséid do gach Pointe Teagmhála Náisiúnta chun feidhmiú ceart EMN a áirithiú, ar bhonn dréachta ón gCathaoirleach.”;

(b)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm chlár oibre na ngníomhaíochtaí agus tuairisceoidh sé go rialta maidir le cur i bhfeidhm agus forbairt EMN don Bhord Stiúrtha.”;

(ii)

scriostar mír 5 go mír 8;

(c)

scriostar Airteagal 11;

(d)

scriostar Airteagal 12.

Airteagal 23

Cúnamh teicniúil

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún nó thar ceann an Choimisiúin, úsáidfear suas le EUR 2,5 milliún den Chiste gach bliain le haghaidh cúnaimh theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

2.   Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfar, leis an gCiste, gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a mhaoiniú, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ní rachaidh an méid a chuirtear ar leataobh le haghaidh cúnaimh theicniúil, don tréimhse 2014-2020, thar 5,5 % den mhéid iomlán a leithdháiltear ar Bhallstát móide EUR 1 000 000.

Airteagal 24

Comhordú

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha ar bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí an Aontais. Áiritheoidh siad, go háirithe, go mbeidh an méid a leanas fíor i leith na ngníomhaíochtaí sin:

(a)

beidh siad comhtháiteach le beartas seachtrach an Aontais, urramaítear leo prionsabal an chomhchuibhis beartais le haghaidh forbartha agus beidh siad comhleanúnach leis na doiciméid clársceidealaithe straitéiseacha don réigiún nó don tír a bheidh i dtrácht;

(b)

díreofar leo ar bheartas nach bhfuil dírithe ar fhorbairt;

(c)

rachaidh siad chun leasa bheartais inmheánacha an Aontais agus beidh siad comhsheasmhach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar laistigh den Aontas.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Forálacha sonracha a bhaineann le cnapshuimeanna chun tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a athlonnú agus a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile

De mhaolú ar na rialacha maidir le hincháilitheacht an chaiteachais a leagtar síos in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, go háirithe i dtaca leis na cnapshuimeanna agus leis na rátaí comhréidhe; maidir leis na cnapshuimeanna a leithdháilfear ar na Ballstáit chun tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a athlonnú agus/nó a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile de bhun an Rialacháin seo:

(a)

beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid nach mór dóibh bheith bunaithe ar shonraí staidrimh nó stairiúla; agus

(b)

deonófar iad ar an gcoinníoll go ndearnadh an duine lena mbaineann leithdháileadh na cnapshuime a athlonnú ar bhealach éifeachtach agus/nó a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 26

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(2), in Airteagal 17(4) agus (10) agus in Airteagal 18(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana ón 21 Bealtaine 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhse trí bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(2), in Airteagal 17(4) agus (10) agus in Airteagal 18(4) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(2), Airteagal 17(4) agus (10) agus Airteagal 18(4) i bhfeidhm ach amháin mura gcuireann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 27

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an “Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta agus Cistí Slándála Inmheánaí” a bunaíodh le hAirteagal 59(1) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28

Athbhreithniú

Ar bhonn togra ón gCoimisiún, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020.

Airteagal 29

Infheidhmeacht Rialachán (AE) Uimh. 514/2014

Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 maidir leis an gCiste, gan dochar d’Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 30

Aisghairm

Déantar Cinneadh Uimh. 573/2007/CE, Cinneadh Uimh. 575/2007/CE agus Cinneadh 2007/435/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 31

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint ná do mhodhnú na dtionscadal agus na gclár bliantúil lena mbaineann, lena n-áirítear iad a chealú ina iomláine nó i bpáirt, go dtí go gcuirfear i gcrích iad, ná an chúnaimh airgeadais arna fhormheas ag an gCoimisiún, ar bhonn Chinneadh Uimh. 573/2007/CE, Chinneadh Uimh. 575/2007/CE agus Chinneadh 2007/435/CE nó aon reachtaíochta eile is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint ná do mhodhnú na tacaíochta airgeadais arna formheas ag an gCoimisiún, lena n-áirítear í a chealú ina hiomláine nó i bpáirt, ar bhonn Chinneadh 2008/381/CE nó aon reachtaíochta eile is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013.

2.   Le linn dó cinntí maidir le cómhaoiniú a ghlacadh faoin Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh bearta a glacadh ar bhonn Chinntí Uimh. 573/2007/CE, Uimh. 575/2007/CE, 2007/435/CE agus 2008/381/CE roimh an 20 Bealtaine 2014 a rachaidh i gcion ar an staid airgeadais le linn thréimhse an chómhaoinithe sin.

3.   Maidir le suimeanna atá geallta i gcomhair an chómhaoinithe arna fhaomhadh ag an gCoimisiún idir 1 Eanáir 2011 agus 31 Nollaig 2014 ach nach ndearnadh na doiciméid a theastaíonn chun na gníomhaíochtaí a chur i gcrích a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin spriocdháta chun an tuarascáil a chur isteach, saorfaidh an Coimisiún sa ghnáthchúrsa iad faoin 31 Nollaig 2017, rud a fhágfaidh go gcaithfear na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc.

4.   Agus an méid nach mór a shaoradh sa ghnáthchúrsa a ríomh, ní thabharfar aird ar na suimeanna a bhaineann le gníomhartha a cuireadh ar fionraí mar gheall ar imeachtaí dlíthiúla nó achomhairc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leo.

5.   Faoin 30 Meitheamh 2015, cuirfidh Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha measúnaithe ar thorthaí agus ar thionchair na ngníomhaíochtaí a chómhaoinítear le Cinneadh Uimh. 573/2007/CE, Cinneadh Uimh. 575/2007/CE agus le Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle don tréimhse ó 2011-2013.

6.   Faoin 31 Nollaig 2015, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún tuarascálacha measúnaithe ex post faoi Chinneadh Uimh. 573/2007/CE, faoi Chinneadh Uimh. 575/2007/CE agus faoi Chinneadh 2007/435/CE don tréimhse ó 2011-2013.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 108.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 23.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(4)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar(IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn(IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(7)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhlithiúil a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).

(10)  Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena gcruthaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/904/CE ón gComhairle (IO L 144, 6.6.2007, lch. 1).

(11)  Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach chun náisiúnaigh tríú tíortha a Lánpháirtiú don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 168, 28.6.2007, lch. 18).

(12)  Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhilleadh don tréimhse 2008 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 144, 6.6.2007, lch. 45).

(13)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(14)  Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch. 7).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (Féach leathanach 112 den Iris Oifigiúil seo).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (Féach leathanach 93 den Iris Oifigiúil seo).

(18)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

(20)  Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

Miondealuithe ilbhliantúla de réir Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2014-2020 (in EUR)

An Ballstát

Íosmhéid

Meán % leithdháiltí 2011-2013 ERF+IF+RF

Meánshuim 2011-2013

IOMLÁN

AT

5 000 000

2,65 %

59 533 977

64 533 977

BE

5 000 000

3,75 %

84 250 977

89 250 977

BG

5 000 000

0,22 %

5 006 777

10 006 777

CY

10 000 000

0,99 %

22 308 677

32 308 677

CZ

5 000 000

0,94 %

21 185 177

26 185 177

DE

5 000 000

9,05 %

203 416 877

208 416 877

EE

5 000 000

0,23 %

5 156 577

10 156 577

ES

5 000 000

11,22 %

252 101 877

257 101 877

FI

5 000 000

0,82 %

18 488 777

23 488 777

FR

5 000 000

11,60 %

260 565 577

265 565 577

GR

5 000 000

11,32 %

254 348 877

259 348 877

HR

5 000 000

0,54 %

12 133 800

17 133 800

HU

5 000 000

0,83 %

18 713 477

23 713 477

IE

5 000 000

0,65 %

14 519 077

19 519 077

IT

5 000 000

13,59 %

305 355 777

310 355 777

LT

5 000 000

0,21 %

4 632 277

9 632 277

LU

5 000 000

0,10 %

2 160 577

7 160 577

LV

5 000 000

0,39 %

8 751 777

13 751 777

MT

10 000 000

0,32 %

7 178 877

17 178 877

NL

5 000 000

3,98 %

89 419 077

94 419 077

PL

5 000 000

2,60 %

58 410 477

63 410 477

PT

5 000 000

1,24 %

27 776 377

32 776 377

RO

5 000 000

0,75 %

16 915 877

21 915 877

SE

5 000 000

5,05 %

113 536 877

118 536 877

SI

5 000 000

0,43 %

9 725 477

14 725 477

SK

5 000 000

0,27 %

5 980 477

10 980 477

UK

5 000 000

16,26 %

365 425 577

370 425 577

Iomláin na mBallstát

145 000 000

100,00 %

2 247 000 000

2 392 000 000


IARSCRÍBHINN II

Liosta na ngníomhaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 16

1.

Ionaid idirthurais agus phróiseála le haghaidh dídeanaithe a bhunú agus a fhorbairt san Aontas, go háirithe chun tacú le hoibríochtaí athlonnaithe i gcomhar le UNHCR.

2.

Cineálacha nua cur chuige, i gcomhar le UNHCR, a bhaineann le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn a dhíríonn ar phríomhthíortha idirthurais amhail cláir chosanta le haghaidh grúpaí ar leith nó le nósanna imeachta áirithe maidir le hiarratais ar thearmann a iniúchadh.

3.

Tionscnaimh chomhpháirteacha i measc na mBallstát i réimse na lánpháirtíochta, amhail cleachtaí tagarmharcála, athbhreithnithe piaraí nó tástáil modúl Eorpach, mar shampla maidir le sealbhú scileanna teanga nó maidir le cláir thosaigh a eagrú agus é mar aidhm feabhas a chur ar chomhordú na mbeartas idir Ballstáit, réigiúin agus údaráis áitiúla.

4.

Tionscnaimh chomhpháirteacha lena ndírítear ar shainaithint agus ar chur chun feidhme cineálacha nua cur chuige a bhaineann leis na nósanna imeachta ag an gcéad teagmháil agus ar chaighdeáin chosanta agus ar chabhair do mhionaoisigh neamhthionlactha.

5.

Oibríochtaí comhpháirteacha maidir le filleadh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le comhaontuithe an Aontais um athligean isteach a chur chun feidhme.

6.

Tionscadail chomhpháirteacha maidir le lánpháirtíocht sna tíortha tionscnaimh ar mhaithe le filleadh inbhuanaithe, chomh maith le gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun cumais tríú tíortha maidir le cur chun feidhme chomhaontuithe an Aontais um athligean isteach a neartú.

7.

Tionscnaimh chomhpháirteacha lena ndírítear ar theaghlaigh a aontú arís agus ar ath-lánpháirtiú mionaoiseach neamhthionlactha ina dtíortha tionscnaimh.

8.

Tionscnaimh chomhpháirteacha idir Bhallstáit i réimse na himirce dlíthiúla, lena n-áirítear ionaid chomhpháirteacha imirce a bhunú i dtríú tíortha, agus tionscnaimh chomhpháirteacha chun comhar a chothú idir Bhallstáit d’fhonn úsáid cainéal eisiach imirce dlíthiúil a spreagadh agus eolas a thabhairt faoi na rioscaí a ghabhann le hinimirce mhídhleathach.


IARSCRÍBHINN III

Liosta chomhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais

1.

An Clár Cosanta Réigiúnach in Oirthear na hEorpa (an Bhealarúis, an Mholdóiv, an Úcráin).

2.

An Clár Cosanta Réigiúnach i gCorn na hAfraice (Djibouti, an Chéinia, Éimin).

3.

An Clár Cosanta Réigiúnach san Afraic Thuaidh (an Éigipt, an Libia, an Túinéis).

4.

Dídeanaithe i réigiún Oirthear na hAfraice/na Mór-Lochanna.

5.

Dídeanaithe Iarácacha sa tSiria, sa Liobáin, san Iordáin.

6.

Dídeanaithe Iarácacha sa Tuirc.

7.

Dídeanaithe Siriacha sa réigiún.


IARSCRÍBHINN IV

Liosta na gcomhtháscairí chun na cuspóirí sonracha a thomhas

(a)

Gach gné den Chomhchóras Tearmainn Eorpach a neartú agus a fhorbairt, lena n-áirítear an diminsean seachtrach lena mbaineann.

(i)

Líon na ndaoine sa spriocghrúpa ar tugadh cúnamh dóibh trí thionscadail i réimse na gcóras glactha agus tearmainn a fhaigheann tacaíocht ón gCiste.

Chun críocha na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, deanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí amhail na cinn a leanas:

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a thairbhíonn ó fhaisnéis agus ó chúnamh síos tríd na nósanna imeachta tearmainn,

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a thairbhíonn ó chúnamh dlí agus ó ionadaíocht dhlíthiúil,

líon na ndaoine leochaileacha agus na mionaoiseach neamhthionlactha a thairbhíonn ó chúnamh sonrach;

(ii)

Cumas (i.e. líon na n-áiteanna) an bhonneagair nua cóiríochta glactha a cuireadh ar bun i gcomhréir leis na comhcheanglais do choinníollacha glactha a leagtar amach in acquis an Aontais agus i gcomhréir leis an mbonneagar cóiríochta glactha atá ann cheana ar cuireadh feabhas air i gcomhréir leis na ceanglais chéanna de bharr na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCiste agus an céatadán sa chumas cóiríochta glactha iomlán;

(iii)

Líon na ndaoine a fhaigheann oiliúint ar ábhair a bhaineann le tearmann le cúnamh ón gCiste, agus an líon sin léirithe mar chéatadán de líon iomlán den fhoireann a fuair oiliúint maidir leis na hábhair sin;

(iv)

Líon na dtáirgí faisnéise ó thíortha tionscnaimh agus na misean aimsithe fíricí sna tíortha sin a tugadh fúthu le cúnamh ón gCiste;

(v)

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste chun beartais tearmainn a fhorbairt agus chun faireachán agus measúnú a dhéanamh orthu sna Ballstáit;

(vi)

Líon na ndaoine a ndearnadh iad a athlonnú le tacaíocht ón gCiste.

(b)

Tacú le himirce dhleathach chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na riachtanas eacnamaíoch agus sóisialta atá acu, amhail riachtanais maidir le margadh an tsaothair, agus mí-úsáid imirce dleathaí a laghdú agus lánpháirtiú éifeachtach náisiúnach tríú tíortha a chur chun cinn.

(i)

Líon na ndaoine sa spriocghrúpa a ghlac páirt i mbearta réamh-imeachta a fuair tacaíocht faoin gCiste;

(ii)

Líon na ndaoine sa spriocghrúpa a fuair cúnamh faoin gCiste; trí bhearta maidir le lánpháirtíocht faoi chuimsiú straitéisí náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha.

Chun críocha na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí amhail na cinn a leanas:

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a fhaigheann cúnamh trí bhearta lena ndírítear ar oideachas agus ar oiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga agus réamhghníomhaíochtaí chun rochtain ar mhargadh an tsaothair a éascú,

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a fhaigheann tacaíocht trí chomhairle agus trí chúnamh a chur ar fáil i réimse na tithíochta,

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a fhaigheann cúnamh trí chúram sláinte agus cúram síceolaíoch a chur ar fáil,

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a fhaigheann cúnamh trí bhearta a bhaineann le rannpháirtíocht dhaonlathach;

(iii)

Líon na gcreatchlár/na mbeart/na n-uirlisí atá áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus atá ann ar mhaithe le náisiúnaigh tríú tíortha a lánpháirtiú agus a bhaineann leis an tsochaí shibhialta agus le comhphobail imirceach chomh maith leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, ar de thoradh iad ar na bearta a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste;

(iv)

Líon na dtionscadal comhair le Ballstáit eile maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste a lánpháirtiú;

(v)

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste chun beartais maidir le lánpháirtíocht a fhorbairt agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu sna Ballstáit.

(c)

Straitéisí córa agus éifeachtúla maidir le filleadh a fheabhsú sna Ballstáit a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí agus béim ar inbhuanaitheacht an fhillte agus ar athligean isteach éifeachtúil chuig na tíortha tionscnaimh agus chuig na tíortha idirthurais.

(i)

Líon na ndaoine a fhaigheann oiliúint ar ábhair a bhaineann le filleadh agus a fhaigheann cúnamh ón gCiste;

(ii)

Líon na dteifeach fillte a fuair cúnamh ath-lánpháirtithe roimh dóibh filleadh nó ina dhiaidh, ar cúnamh é a chómhaoinítear leis an gCiste;

(iii)

Líon na dteifeach fillte ar chómhaoinigh an Ciste a bhfilleadh, ar daoine iad a d’fhill go toilteanach nó ar daoine iad a bhfuarthas réidh leo;

(iv)

Líon na n-oibríochtaí um fháil réidh a ndearnadh faireachán orthu agus a ndearna an Ciste cómhaoiniú orthu;

(v)

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste seo chun beartais maidir le filleadh a fhorbairt agus chun faireachán agus measúnú a dhéanamh orthu sna Ballstáit.

(d)

An dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fheabhsú, go háirithe i dtaca leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann sreabha imirce agus tearmainn difear dóibh.

(i)

Líon iarratasóirí agus tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile le tacaíocht ón gCiste;

(ii)

Líon na dtionscadal comhair leis na Ballstáit eile maidir le feabhas a chur ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste.