20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

59


RIALACHÁN (AE) Uimh. 511/2014 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

i ndáil le bearta comhlíonta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, a formheasadh thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle (3) (an “Coinbhinsiún”), an phríomh-ionstraim idirnáisiúnta lena bhforáiltear do chreat ginearálta maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe agus maidir leis na tairbhí a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha a chomhroinnt ar bhealach cothrom agus cothromasach.

(2)

Is conradh idirnáisiúnta a ghlac na Páirtithe sa Choinbhinsiún an 29 Deireadh Fómhair 2010 é Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid (4) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (“Prótacal Nagoya”). Le Prótacal Nagoya, déantar forbairt bhreise ar rialacha ginearálta an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus comhroinnt tairbhí, idir thairbhí airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta, a eascraíonn as acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáid (“rochtain agus comhroinnt tairbhí”).I gcomhréir le Cinneadh 2014/283/AE ón gComhairle (5), rinneadh Prótacal Nagoya a fhormheas thar ceann an Aontais.

(3)

Baineann raon leathan úsáideoirí agus soláthraithe san Aontas, lena n-áirítear taighdeoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála agus cuideachtaí ó earnálacha éagsúla tionsclaíochta, úsáid as acmhainní géiniteacha chun críoch taighde, forbartha agus tráchtálaíochta. Baineann roinnt acu úsáid as eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha freisin.

(4)

Is iad acmhainní géiniteacha linn na ngéinte i speicis nádúrtha agus i speicis cheansaithe nó shaothraithe araon agus tá ról suntasach acu, agus ról atá ag méadú, i roinnt mhaith earnálacha eacnamaíocha, lena n-áirítear táirgeadh bia, foraoiseacht agus forbairt cógas leighis, cosmaidí agus foinsí bithbhunaithe fuinnimh. Thairis sin, tá ról suntasach ag acmhainní géiniteacha i dtaca le straitéisí a chur chun feidhme a cheaptar chun éiceachórais dhamáistithe a athchóiriú agus speicis atá i mbaol a chosaint.

(5)

Maidir le heolas traidisiúnta atá ag pobail dhúchasacha agus ag pobail áitiúla, d’fhéadfaí faisnéis threorach thábhachtach a chur ar fáil leis chun fionnachtain eolaíoch a dhéanamh ar airíonna suimiúla géiniteacha nó bithcheimiceacha de chuid acmhainní géiniteacha. Áirítear le heolas traidisiúnta den sórt sin eolas, nuálaíocht agus cleachtais, ó na pobail dhúchasacha agus áitiúla lena gcorpraítear stíleanna maireachtála traidisiúnta, atá ábhartha chun an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe.

(6)

Aithnítear sa Choinbhinsiún go bhfuil cearta ceannasachta ag na Stáit ar acmhainní nádúrtha a dtagtar orthu laistigh dá ndlínse agus go bhfuil údarás acu rochtain ar a gcuid acmhainní géiniteacha a chinneadh. Faoin gCoinbhinsiún, forchuirtear oibleagáid ar na Páirtithe uile ann dianiarracht a dhéanamh dálaí a chruthú chun go n-éascófaí rochtain ar acmhainní géiniteacha, a bhfeidhmíonn siad cearta ceannasachta orthu, ar mhaithe le húsáidí ag Páirtithe eile sa Choinbhinsiún, ar úsáidí iad atá slán ó thaobh an chomhshaoil de. Faoin gCoinbhinsiún, cuirtear ceangal éigeantach ar na Páirtithe uile ann freisin bearta a ghlacadh arb é is aidhm dóibh torthaí taighde agus forbartha, mar aon leis na tairbhí a eascraíonn as úsáid tráchtála agus úsáid eile acmhainní géiniteacha, a chomhroinnt, ar bhealach atá cothrom agus cothromasach, leis an bPáirtí sa Choinbhinsiún a chuir na hacmhainní sin ar fáil. Táthar chun comhroinnt den sórt sin a dhéanamh ar théarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach. Tugtar aghaidh sa Choinbhinsiún freisin ar rochtain agus ar chomhroinnt tairbhí maidir le heolas, le nuálaíocht agus le cleachtais na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil, ar nithe iad atá ábhartha chun an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe.

(7)

Ba cheart acmhainní géiniteacha a chaomhnú in situ agus a úsáid ar bhealaí inbhuanaithe, agus ba cheart go gcomhroinnfí na tairbhí a eascraíonn as a n-úsáid ar bhealach cothrom agus cothromasach, d’fhonn cuidiú le deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus, ar an gcaoi sin, Spriocanna Forbartha na Mílaoise de chuid na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, mar a aithníodh sa bhrollach le Prótacal Nagoya. Le cur chun feidhme Phrótacal Nagoya, ba cheart díriú ar an gcumas sin a chur i gcrích freisin.

(8)

Tá feidhm ag Prótacal Nagoya maidir le hacmhainní géiniteacha a bhfeidhmíonn Stáit cearta ceannasachta orthu a thagann faoi raon feidhme Airteagal 15 den Choinbhinsiún, seachas raon feidhme is leithne Airteagal 4 den Choinbhinsiún. Tugann sé sin le fios nach leathnaíonn Prótacal Nagoya go dtí raon iomlán feidhme dlínsiúil Airteagal 4 den Choinbhinsiún, amhail gníomhaíochtaí a tharlaíonn i limistéir mhuirí taobh amuigh den dlínse náisiúnta. Tá an taighde ar acmhainní géiniteacha á leathnú go céimnitheach go limistéir nua, go háirithe na haigéin arb iad na timpeallachtaí ar an bpláinéad is lú a bhfuil taiscéalaíocht déanta orthu agus is lú ár n-eolas fúthu. Is é an t-aigéan domhain go háirithe imeallchríoch mhórtheorainn dheireanach an phláinéid ó thaobh ár n-eolais de agus is díol méadaitheach spéise é don taighde, don tsirtheoireacht agus do thaiscéalaíocht na n-acmhainní.

(9)

Tá sé tábhachtach creat soiléir fónta a leagan amach chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme, creat ba cheart cur le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche agus le húsáid a comhpháirteanna ar bhonn inbhuanaithe, le comhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn as acmhainní géiniteacha a úsáid agus le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus ag an am céanna feabhas a chur ar na deiseanna atá ar fáil i ndáil le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha bunaithe ar an nádúr san Aontas. Tá sé ríthábhachtach freisin go gcoiscfear úsáid acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha san Aontas a bhfuarthas rochtain orthu ar chaoi nach raibh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó na ceanglais rialála de chuid Páirtí i bPrótacal Nagoya maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí agus tacú le cur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas maidir le comhroinnt tairbhí a leagtar amach i dtéarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach idir soláthraithe agus úsáideoirí. Tá sé ríthábhachtach freisin na coinníollacha maidir le deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú i dtaca le hacmhainní géiniteacha agus leis an eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáid.

(10)

Leis an gcreat a chruthaítear leis an Rialachán seo, rannchuideofar le muinín a chothabháil agus a mhéadú idir Páirtithe i bPrótacal Nagoya mar aon le geallsealbhóirí eile, lena n-áirítear pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla, atá páirteach i rochtain agus i gcomhroinnt tairbhí acmhainní géiniteacha.

(11)

Chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, tá sé tábhachtach nach mbeidh feidhm ag na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme ach amháin maidir le hacmhainní géiniteacha a bhfeidhmíonn Stáit cearta ceannasachta orthu a thagann faoi chuimsiú raon feidhme Airteagal 15 den Choinbhinsiún, agus le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a thagann faoi chuimsiú raon feidhme an Choinbhinsiúin, a bhfaighfear rochtain orthu tar éis theacht i bhfeidhm Phrótacal Nagoya san Aontas.

(12)

Le Prótacal Nagoya, ceanglaítear go gcuirfidh gach Páirtí ann tábhacht acmhainní géiniteacha don bhia agus don talmhaíocht (GRFA) agus an ról speisialta atá acu sin maidir le slándáil bia san áireamh, agus a reachtaíocht nó a gceanglais rialála maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí á bhforbairt agus á gcur chun feidhme acu. I gcomhréir le Cinneadh 2004/869/CE ón gComhairle (6), rinneadh an Conradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (ITPGRFA) a fhormheas thar ceann an Aontais. Ionstraim speisialaithe idirnáisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí atá in ITPGRFA de réir bhrí Airteagal 4(4) de Phrótacal Nagoya, ar ionstraim í nár cheart go ndéanfadh na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme difear di.

(13)

Agus a gcearta ceannasachta á bhfeidhmiú acu, chinn an-chuid Páirtithe i bPrótacal Nagoya, i ndáil le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (PGRFA) atá faoina mbainistíocht agus faoina rialú agus atá san fhearann poiblí, agus nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le ITPGRFA, go bhfuil siad le bheith faoi réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe chaighdeánaigh um aistriú ábhar (sMTA) freisin chun na gcríoch a leagtar amach faoi ITPGRFA.

(14)

Ba cheart Prótacal Nagoya a chur chun feidhme ar bhealach ina dtacófaí go frithpháirteach le hionstraimí idirnáisiúnta nach bhfuil bunoscionn le cuspóirí an Phrótacail nó le cuspóirí an Choinbhinsiúin.

(15)

Tugtar sainmhíniú in Airteagal 2 den Choinbhinsiún ar na téarmaí “speiceas ceansaithe” mar aon speiceas a raibh tionchar ag daoine ar a phróiseas éabhlóide ar mhaithe lena gcuid riachtanas agus sainmhíniú ar “biteicneolaíocht” mar aon fheidhmiú teicneolaíochta ina n-úsáidtear córais bhitheolaíocha, orgánaigh bheo, nó díorthaigh díobh sin, chun táirgí nó próisis a dhéanamh nó a mhodhnú ar mhaithe le húsáid shonrach. Tugtar sainmhíniú in Airteagal 2 de Phrótacal Nagoya ar an téarma “díorthaigh”, mar chomhdhúil bhithcheimiceach atá ann go nádúrtha a eascraíonn as léiriú géiniteach nó meitibileacht na n-acmhainní bitheolaíochta nó géiniteacha, fiú mura bhfuil aonaid fheidhmiúla oidhreachtúlachta inti.

(16)

Le Prótacal Nagoya, ceanglaítear ar gach Páirtí ann aird chuí a thabhairt ar chásanna éigeandála, idir éigeandálacha atá ann nó atá ag bagairt, ar éigeandálacha iad ar shláinte daoine, ainmhithe nó plandaí, nó lena ndéantar dochar dóibh, mar a cinneadh ar an leibhéal náisiúnta nó idirnáisiúnta. An 24 Bealtaine 2011, ghlac an Seasca-ceathrú Comhthionól Domhanda Sláinte an Creat Ullmhachta Paindéime Fliú chun víris fhliú, rochtain ar vacsaíní agus tairbhí eile a chomhroinnt (“Creat UPF”). Ní bhaineann Creat UPF ach amháin le víris fhliú a bhfuil poitéinseal acu le haghaidh paindéime duine agus níl feidhm aige go sonrach maidir le víris fhliú atá séasúrach. Is ionstraim speisialaithe idirnáisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí atá in Creat UPF atá comhsheasmhach le Prótacal Nagoya agus nár cheart go ndéanfadh na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme difear dó.

(17)

Tá sé tábhachtach go gcuirfí sa Rialachán seo na sainmhínithe ó Phrótacal Nagoya agus ón gCoinbhinsiún atá riachtanach le go gcuirfidh úsáideoirí an Rialachán seo chun feidhme. Tá sé tábhachtach go mbeidh na sainmhínithe nua, nach bhfuil sa Choinbhinsiún nó i bPrótacal Nagoya, comhsheasmhach leis na sainmhínithe atá sa Choinbhinsiún agus i bPrótacal Nagoya. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an téarma “úsáideoir” comhsheasmhach leis an sainmhíniú ar “acmhainní géiniteacha a úsáid” atá i bPrótacal Nagoya.

(18)

Leagtar síos le Prótacal Nagoya oibleagáid chun taighde a bhaineann leis an éagsúlacht bhitheolaíoch a chur chun cinn agus a spreagadh, go háirithe taighde a bhfuil cuspóir neamhthráchtála aige.

(19)

Tá sé tábhachtach mír 2 de Chinneadh II/11 ó Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún a mheabhrú, lena n-athdheimhnítear nach n-áirítear acmhainní géiniteacha daonna faoi chuimsiú chreat an Choinbhinsiúin.

(20)

Faoi láthair, níl aon sainmhíniú arna chomhaontú go hidirnáisiúnta ann ar “eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha”. Gan dochar d’inniúlacht agus d’fhreagracht na mBallstát as ábhair i dtaca le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha agus le cur chun feidhme beart chun leasanna na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil a chosaint, d’fhonn solúbthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do sholáthraithe agus d’úsáideoirí, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Rialachán seo d’eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha de réir mar a dtugtar tuairisc air sin sna comhaontuithe maidir le comhroinnt tairbhí.

(21)

D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach Phrótacal Nagoya a áirithiú, ba cheart do gach úsáideoir acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha dícheall cuí a fheidhmiú le fionnadh an bhfuarthas rochtain ar acmhainní géiniteacha agus ar eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla nó rialála is infheidhme agus lena áirithiú go ndéantar tairbhí a chomhroinnt go cothrom agus go cothromasach, i gcás inarb ábhartha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d’údaráis inniúla glacadh le deimhnithe comhlíontachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar fhianaise go bhfuarthas rochtain ar na hacmhainní géiniteacha atá cumhdaithe leo go dleathach agus gur bunaíodh téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach don úsáideoir agus don úsáid a shonraítear iontu sin. Ba cheart tacú leis na roghanna sonracha a dhéanfaidh úsáideoirí a mhéid a bhaineann leis na huirlisí agus na bearta a chuirfear i bhfeidhm d’fhonn dícheall cuí a fheidhmiú trí aitheantas a thabhairt do dhea-chleachtais chomh maith le bearta comhlántacha chun tacaíocht a thabhairt do chóid iompraíochta earnála, do chlásail chonarthacha eiseamláireacha agus do threoirlínte d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus costais a laghdú. Ba cheart go ndéanfaí an oibleagáid atá ar úsáideoirí faisnéis atá ábhartha don rochtain agus do chomhroinnt tairbhí a theorannú ó thaobh ama de, agus ba cheart go mbeadh sí i gcomhréir leis an gcreat ama do nuáil ionchasach.

(22)

Tá cur chun feidhme rathúil Phrótacal Nagoya ag brath ar úsáideoirí agus soláthraithe acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha do chaibidliú téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach, ar téarmaí iad arb é an toradh a bheidh orthu comhroinnt chothrom agus chothromasach tairbhí agus lena gcuideofar leis an gcuspóir is leithne atá ag Prótacal Nagoya eadhon cuidiú leis an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe. Spreagtar úsáideoirí agus soláthraithe chun feasacht a mhúscailt freisin maidir lena thábhachtaí atá acmhainní géiniteacha agus an t-eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha.

(23)

Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid maidir le dícheall cuí i leith gach úsáideora beag beann ar a méid, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Ba cheart raon beart agus uirlisí a chur ar fáil leis an Rialachán seo le go mbeidh ar chumas micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh ar chostas inacmhainne agus le hardleibhéal deimhneachta dlíthiúla.

(24)

Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag dea-chleachtais a fhorbraíonn úsáideoirí maidir le bearta díchill chuí a aithint atá thar a bheith oiriúnach chun comhlíonadh chóras cur chun feidhme Phrótacal Nagoya ar chostas inacmhainne agus le hardleibhéal deimhneachta dlíthiúla a bhaint amach. Ba cheart d’úsáideoirí cur le cóid iompraíochta atá ann cheana maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí, cóid a forbraíodh d’earnálacha an taighde acadúil, ollscoile agus neamhthráchtála agus do thionscail éagsúla. Ba cheart do chomhlachais úsáideoirí a bheith ábalta iarraidh ar an gCoimisiún a chinneadh an bhféadtar teaglaim ar leith de nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí a ndéanann comhlachas maoirseacht orthu a aithint mar dhea-chleachtas. Ba cheart go measfadh údaráis inniúla na mBallstát go laghdaítear baol neamhchomhlíonta úsáideora má chuireann an t-úsáideoir sin dea-chleachtas aitheanta chun feidhme agus go bhfuil údar le laghdú ar sheiceálacha comhlíontachta. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an rud céanna maidir le dea-chleachtais a ghlacfaidh na Páirtithe i bPrótacal Nagoya.

(25)

Faoi Phrótacal Nagoya, ní mór do na seicphointí a bheith éifeachtach agus ba cheart go mbeadh siad ábhartha d’úsáid acmhainní géiniteacha. Ag pointí aitheanta i slabhra na ngníomhaíochtaí arb ionann agus úsáid iad, ba cheart d’úsáideoirí fianaise a dhearbhú go ndearna siad dícheall cuí a fheidhmiú agusfianaise a go ndearna siad amhlaidh, nuair a iarrtar sin orthu. Pointe oiriúnach amháin do dhearbhú den sórt sin ná nuair a fhaightear cistí taighde. Pointe oiriúnach eile ná céim chríochnaitheach na húsáide, rud a chiallaíonn ag céim na forbartha deiridh do tháirge roimh fhormheas mhargaidh a iarraidh do tháirge a forbraíodh trí úsáid acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt sin, nó, i gcás nach bhfuil formheas mhargaidh de dhíth, ag céim na forbartha deiridh do tháirge roimh é a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair. D’fhonn éifeachtacht seicphointí a áirithiú, agus ag an am céanna an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú d’úsáideoirí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart don Choimisiún leas a bhaint as na cumhachtaí cur chun feidhme sin chun céim na forbartha deiridh do tháirge a chinneadh, i gcomhréir le Prótacal Nagoya, chun an chéim dheiridh maidir le húsáid a shainaithint in earnálacha éagsúla.

(26)

Tá sé tábhachtach a aithint go mbeadh ról tábhachtach ag an Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme. I gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 17 de Phrótacal Nagoya, dhéanfaí faisnéis a thíolacadh chuig an Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí mar chuid den phróiseas don deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta. Ba cheart go gcomhoibreodh na húdaráis inniúla leis an Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí lena áirithiú go mbeidh faisnéis á malartú le go n-éascófar an faireachán a dhéanfaidh na húdaráis inniúla ar chomhlíontacht na n-úsáideoirí.

(27)

Den chuid is mó, is taighdeoirí nó bailitheoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála iad na bailitheoirí a dhéanann acmhainní géiniteacha a bhailiú san fhiántas chun críocha neamhthráchtála. I bhformhór mór na gcásanna agus i mbeagnach gach earnáil, faightear rochtain ar acmhainní géiniteacha a bailíodh le déanaí trí idirghabhálaithe, bailiúcháin nó gníomhairí a fhaigheann acmhainní géiniteacha i dtríú tíortha.

(28)

Is mórsholáthraithe acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáidtear san Aontas iad bailiúcháin. Mar sholáthraithe is féidir ról tábhachtach a bheith acu chun cabhrú le húsáideoirí eile sa slabhra seilbhe chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Chun go ndéanfaí amhlaidh, ba cheart córas bailiúchán cláraithe laistigh den Aontas a bhunú trí chlár deonach bailiúchán a chur ar bun a choinneoidh an Coimisiún ar bun. D'áiritheofaí le córas den sórt sin go ndéanfadh bailiúcháin atá san áireamh sa chlár bearta a chur i bhfeidhm go héifeachtach lena srianfaí soláthar samplaí d'acmhainní géiniteacha chuig na tríú daoine ag a bhfuil doiciméadacht a chuireann fianaise ar fáil maidir le rochtain dhleathach, agus go ndéanfadh na bailúcháin a áirithiú go mbunófaí téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach, i gcás inar ghá sin. Ba cheart go laghdódh córas bailiúchán cláraithe laistigh den Aontas an riosca, ar bhealach substaintiúil, go n-úsáidfí san Aontas acmhainní géiniteacha nach bhfuarthas rochtain orthu i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí nó le ceanglais rialála Páirtí i bPrótacal Nagoya. Ba cheart go bhfíoródh údaráis inniúla na mBallstát an gcomhlíonann bailiúchán na ceanglais lena aithint mar bhailiúchán a bheadh le háireamh sa chlár. Ba cheart a mheas go ndearna úsáideoirí a fhaigheann acmhainn ghéiniteach ó bhailiúchán atá san áireamh sa chlár dícheall cuí a fheidhmiú i ndáil leis an bhfaisnéis uile atá riachtanach a lorg. Ba cheart go mbeadh an méid seo tairbheach do thaighdeoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála, agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide chomh maith agus ba cheart go gcuirfeadh sé seo le laghdú ceanglas riaracháin agus comhlíonta.

(29)

Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a sheiceáil an ndéanann úsáideoirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh nó nach ndéanann, an bhfuil toiliú feasach faighte acu roimh ré agus an bhfuil téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach bunaithe acu. Ba cheart do na húdaráis inniúla taifid a choinneáil freisin ar na seiceálacha a rinneadh agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(30)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bpionósófar aon sárú ar na rialacha lena gcuirfear Prótacal Nagoya chun feidhme le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

(31)

Ag cur san áireamh gné idirnáisiúnta na n-idirbheart maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát dul i mbun comhair lena chéile, leis an gCoimisiún agus le húdaráis inniúla náisiúnta tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonann úsáideoirí an Rialachán seo, agus go dtacaíonn siad le cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme.

(32)

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit gníomhú ar bhealach réamhghníomhach lena áirithiú go mbainfear cuspóirí Phrótacal Nagoya amach d’fhonn acmhainní a mhéadú chun tacú le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche agus le húsáid a comhpháirteanna ar bhonn inbhuanaithe ar fud an domhain.

(33)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit bearta comhlántacha iomchuí chun éifeachtacht chur chun feidhme an Rialacháin seo a fheabhsú agus chun costais a laghdú, go háirithe i gcásanna ina mbeadh an méid seo chun tairbhe taighdeoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála agus fiontar beag agus meánmhéide.

(34)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon tacú le comhroinnt chothrom agus chothromasach na tairbhí a eascraíonn ó acmhainní géiniteacha a úsáid i gcomhréir le Prótacal Nagoya, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus an gá atá ann oibriú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(36)

Ba cheart comhchoibhneas díreach a bheith ann idir an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus an dáta a thiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm don Aontas d’fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha comhionanna ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda sna gníomhaíochtaí a bhaineann le rochtain agus comhroinnt tairbhí na n-acmhainní géiniteacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear rialacha leis an Rialachán seo a rialaíonn comhlíonadh le rochtain agus comhroinnt tairbhí le haghaidh acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha, i gcomhréir le forálacha Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (“Prótacal Nagoya”). Cuirfidh cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo leis an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú agus lena comhpháirteanna a úsáid ar bhonn inbhuanaithe freisin, i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (“an Coinbhinsiún”).

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hacmhainní géiniteacha a bhfeidhmíonn Stáit cearta ceannasachta orthu agus maidir le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfaighfear rochtain orthu tar éis do Phrótacal Nagoya teacht i bhfeidhm don Aontas. Tá feidhm aige freisin maidir le tairbhí a eascraíonn as acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha den sórt sin a úsáid.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hacmhainní géiniteacha dá ndéantar rochtain agus comhroinnt na dtairbhí a rialú le hionstraimí speisialaithe idirnáisiúnta atá comhsheasmhach le cuspóirí an Choinbhinsiúin agus Phrótacal Nagoya, agus nach bhfuil bun os cionn leo.

3.   Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha na mBallstát maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha a bhfeidhmíonn siad cearta ceannasachta orthu faoi chuimsiú raon feidhme Airteagal 15 den Choinbhinsiún, agus d’fhorálacha na mBallstát maidir le hAirteagal 8(j) den Choinbhinsiún i ndáil le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha.

4.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hacmhainní géiniteacha agus le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfuil feidhm ag reachtaíocht nó ceanglais rialála de chuid Páirtí i bPrótacal Nagoya maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí maidir leo.

5.   Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo oibleagáid ar Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag sainmhínithe an Choinbhinsiúin agus Phrótacal Nagoya mar aon leis na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ábhar géiniteach” aon ábhar de thionscnamh planda, ainmhí, miocróbach nó eile ina bhfuil aonaid fheidhmiúla oidhreachtúlachta;

(2)

ciallaíonn “acmhainní géiniteacha” ábhar géiniteach lena mbaineann luach iarbhír nó féideartha;

(3)

ciallaíonn “rochtain” acmhainní géiniteacha nó eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha i bPáirtí i bPrótacal Nagoya a fháil;

(4)

ciallaíonn “úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhaineann úsáid as acmhainní géiniteacha nó eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha;

(5)

ciallaíonn “acmhainní géiniteacha a úsáid” taighde agus forbairt a dhéanamh ar chomhshuíomh géiniteach agus/nó bithcheimiceach acmhainní géiniteacha, lena n-áirítear trí bhiteicneolaíocht a chur i bhfeidhm mar a shainmhínítear í in Airteagal 2 den Choinbhinsiún;

(6)

ciallaíonn “téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach” na socruithe conarthacha a thugtar i gcrích idir soláthraí acmhainní géiniteacha, nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha, agus úsáideoir, ina leagtar amach na coinníollacha sonracha maidir leis na tairbhí a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a chomhroinnt go cothrom agus go cothromasach, agus a bhféadfaidh coinníollacha agus téarmaí breise a bheith ann maidir le húsáid den sórt sin agus maidir le hiarratais agus tráchtálú iardain;

(7)

ciallaíonn “eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha” eolas traidisiúnta atá ag pobal dúchasach nó ag pobal áitiúil atá ábhartha chun acmhainní géiniteacha a úsáid agus a ndéantar cur síos air amhlaidh sna téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach atá i bhfeidhm maidir le hacmhainní géiniteacha a úsáid;

(8)

ciallaíonn “acmhainní géiniteacha a bhfuarthas rochtain orthu go mídhleathach” acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfuarthas rochtain orthu ar chaoi nach raibh i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó le ceanglais rialála de chuid na tíre is soláthraí ar Páirtí í i bPrótacal Nagoya maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí agus dá dteastaíonn toiliú feasach roimh ré;

(9)

ciallaíonn “bailiúchán” tacar samplaí d’acmhainní géiniteacha a bailíodh agus faisnéis a bhaineann leo atá carntha agus stóráilte, bíodh sin i seilbh eintiteas poiblí nó príobháideach;

(10)

ciallaíonn “comhlachas úsáideoirí” eagraíocht, a bunaíodh i gcomhréir le ceanglais an Bhallstáit ina bhfuil sí lonnaithe, a dhéanann ionadaíocht ar leasanna úsáideoirí agus a bhfuil baint aici le forbairt agus formhaoirseacht na ndea-chleachtas dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo;

(11)

ciallaíonn “deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta” ceadúnas nó a choibhéis arna eisiúint tráth na rochtana mar fhianaise go bhfuarthas an acmhainn ghéiniteach atá cumhdaithe leis i gcomhréir leis an gcinneadh toiliú feasach roimh ré a dheonú, agus go ndearnadh téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach a bhunú don úsáideoir agus don úsáid a shonraigh údarás inniúil sa cheadúnas nó ina choibhéis i gcomhréir le hAirteagal 6(3)(e) agus le hAirteagal 13(2) de Prótacal Nagoya, a chuirtear ar fáil don Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí a bunaíodh faoi Airteagal 14(1) den Phrótacal sin.

CAIBIDIL II

COMHLÍONTACHT NA nÚSÁIDEOIRÍ

Airteagal 4

Oiblegáidí na n-úsáideoirí

1.   Feidhmeoidh úsáideoirí dícheall cuí d’fhonn a fháil amach go bhfuarthas rochtain ar acmhainní géiniteacha agus ar eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáideann siad i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme nó leis na ceanglais rialála is infheidhme maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí, agus go ndéantar tairbhí a chomhroinnt go cothrom agus go cothromasach faoi théarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach i gcomhréir le haon reachtaíocht is infheidhme nó le haon cheanglais rialála is infheidhme.

2.   Ní dhéanfar acmhainní géiniteacha ná an t-eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a aistriú ná a úsáid ach amháin i gcomhréir le téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach más rude é go gceanglaítear le reachtaíocht is infheidhme nó le ceanglais rialála is infheidhme iad.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh úsáideoirí iad seo a leanas a lorg, a choinneáil agus a aistriú chuig úsáideoirí a thiocfaidh ina ndiaidh:

(a)

an deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta, mar aon le faisnéis maidir le hinneachar na dtéarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach a bheidh ábhartha d’úsáideoirí a thiocfaidh ina ndiaidh; nó

(b)

faisnéis agus doiciméid ábhartha maidir leis na nithe seo a leanas, i gcás nach bhfuil deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta ar fáil:

(i)

dáta agus áit rochtana na n-acmhainní géiniteacha nó an eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha;

(ii)

an tuairisc ar na hacmhainní géiniteacha nó ar an eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáideadh;

(iii)

an fhoinse óna bhfuarthas na hacmhainní géiniteacha nó an t-eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha go díreach, chomh maith le húsáideoirí dá éis sin a mbeidh acmhainní géiniteacha nó acmhainní eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha in úsáid acu;

(iv)

cearta nó oibleagáidí a bhaineann le rochtain agus comhroinnt tairbhí a bheith ann nó gan a bheith ann, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí maidir le hiarratais agus tráchtálú iardain;

(v)

ceadúnais rochtana, i gcás inarb infheidhme;

(vi)

téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach, lena n-áirítear socraíochtaí maidir le comhroinnt tairbhí, i gcás inarb infheidhme.

4.   I gcás úsáideoirí a fhaigheann Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (PGRFA) i dtír atá ina Páirtí i bPrótacal Nagoya, ar tír í a chinn i dtaca le PGRFA atá faoina bainistíocht agus faoina rialú féin agus atá san fhearann poiblí, agus nach ann dó in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (ITPGRFA), go mbeidh sé faoi réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe chaighdeánaigh um aistriú ábhar, freisin, chun na gcríoch atá leagtha amach faoi ITPGRFA, measfar go ndearna na húsáideoirí sin oibleagáidí an díchill chuí a fheidhmiú i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

5.   I gcás nach bhfuil an fhaisnéis atá ina seilbh ag úsáideoirí leordhóthanach nó go leanann éiginnteachtaí seasta faoi dhlíthiúlacht na rochtana agus na húsáide, gheobhaidh úsáideoirí ceadúnas rochtana nó a choibhéis agus bunóidh siad téarmaí a comhaontóidh siad go frithpháirteach; nó scoirfidh siad den úsáid.

6.   Coinneoidh úsáideoirí an fhaisnéis atá ábhartha don rochtain agus do chomhroinnt tairbhí ar feadh fiche bliain tar éis dheireadh na tréimhse úsáide.

7.   Measfar go ndearna úsáideoirí a fhaigheann acmhainn ghéiniteach ó bhailiúchán atá sa chlár bailiúchán laistigh den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) dícheall cuí a fheidhmiú i ndáil le faisnéis atá liostaithe i mír 3 den Airteagal seo a lorg.

8.   I gcás úsáideoirí a fhaigheann acmhainn ghéiniteach a chinntear gurb í nó gur dóigh gurb í an phataigin is cúis le héigeandáil sláinte phoiblí atá ann nó atá ag bagairt agus arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, de réir bhrí Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005), nó arb í an phataigin sin is cúis le bagairt thromchúiseach thrasteorann don tsláinte mar a sainmhínítear i gCinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), chun críche ullmhachta maidir le héigeandáil i réimse na sláinte poiblí i dtíortha nach bhfuil buailte go fóill agus chun críche freagartha sna tíortha atá buailte, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a liostaítear i mír 3 nó i mír 5 den Airteagal seo ar a dhéanaí:

(a)

mí amháin i ndiaidh dheireadh na bagartha ar an tsláinte phoiblí, bíodh sí sin ina bagairt féideartha nó láithreach; nó

(b)

trí mhí i ndiaidh tús a chur le húsáid na hacmhainne géinití,

cibé acu is luaithe.

Mura gcomhlíontar na hoibleagáidí a liostaítear i mír 3 nó i mír 5 den Airteagal seo faoi na spriocamanna a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, scoirfear den úsáid.

I gcás iarrata ar fhormheas margaidh nó i gcás ina ndéantar táirgí a dhíorthaítear ó úsáid acmhainne géinití de réir mar a thagraítear sa chéad fhomhír a chur ar an margadh, beidh feidhm ag na hoibleagáidí a liostaítear i mír 3 nó i mír 5 ina n-iomláine agus gan mhoill.

Mura bhfuil toiliú feasach roimh ré a fuarthas ar bhealach tráthúil agus téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach bunaithe ann, agus go dtí go dtiocfar ar chomhaontú leis an tír is soláthraí lena mbaineann, ní dhéanfaidh úsáideoir den sórt sin aon chearta eisiacha d’aon sórt a éileamh ar fhorbairtí a dhéantar trí úsáid phataiginí den sórt sin.

Ní dhéantar aon difear d’ionstraimí speisialaithe idirnáisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí a luaitear in Airteagal 2.

Airteagal 5

Clár na mbailiúchán

1.   Déanfaidh an Coimisiún clár bailiúchán a bhunú agus a choinneáil ar bun laistigh den Aontas (“an clár”). Áiritheoidh an Coimisiún gur ar an idirlíon a bheidh an clár agus go mbeidh rochtain éasca ag úsáideoirí air. Cuirfear san áireamh sa chlár tagairtí na mbailiúchán d’acmhainní géiniteacha, nó na gcodanna de na bailiúcháin sin, a aithnítear mar bhailiúcháin nó mar chodanna de bhailiúcháin a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i mír 3.

2.   Arna iarraidh sin do shealbhóir bhailiúcháin faoina dhlínse, breithneoidh Ballstát an bailiúchán sin, nó cuid de, a chur san áireamh sa chlár. Tar éis dó a fhíorú go ndéanann an bailiúchán, nó cuid de, na critéir atá leagtha amach i mír 3 a chomhlíonadh, tabharfaidh an Ballstát fógra gan mhoill mhíchuí don Choimisiún faoi ainm agus sonraí teagmhála an bhailiúcháin agus a shealbhóra, agus faoin gcineál bailiúcháin atá i gceist. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear san áireamh sa chlár gan mhoill.

3.   Le go gcuirfear bailiúchán nó cuid de bhailiúchán san áireamh sa chlár, léireofar leis an mbailiúchán gur féidir an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

nósanna imeachta caighdeánaithe a chur i bhfeidhm chun samplaí d’acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a mhalartú le bailiúcháin eile, agus chun samplaí d’acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a sholáthar do thríú daoine le go n-úsáidfidh siad iad i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus le Prótacal Nagoya;

(b)

gan acmhainní géiniteacha ná faisnéis maidir leo a sholáthar do thríú daoine lena n úsáid ach amháin le doiciméadacht a chuireann fianaise ar fáil go bhfuarthas rochtain ar na hacmhainní géiniteacha agus ar an bhfaisnéis maidir leo i gcomhréir le reachtaíocht is infheidhme nó le ceanglais rialála is infheidhme maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí agus, más ábhartha, le téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach;

(c)

taifid a choimeád ar gach sampla de na hacmhainní géiniteacha agus den fhaisnéis a bhaineann leo a sholáthraítear do thríú daoine lena n-úsáid siúd;

(d)

aitheantóirí uathúla a bhunú nó a úsáid, i gcás inar féidir, le haghaidh samplaí d’acmhainní géiniteacha a dhéantar a sholáthar do thríú daoine; agus

(e)

uirlisí oiriúnacha rianaithe agus faireacháin a úsáid chun samplaí d’acmhainní géiniteacha agus an fhaisnéis a bhaineann leo a mhalartú le bailiúcháin eile.

4.   Fíoróidh na Ballstáit go rialta go gcomhlíonann gach bailiúchán nó gach cuid de bhailiúchán faoina ndlínse atá san áireamh sa chlár na critéir atá leagtha amach i mír 3.

I gcás go bhfuil fianaise ann, ar bhonn faisnéise a sholáthraítear de bhun mhír 3, nach gcomhlíonann bailiúchán nó cuid de bhailiúchán atá san áireamh sa chlár na critéir atá leagtha amach i mír 3, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, in idirphlé le sealbhóir an bhailiúcháin lena mbaineann, gníomhaíochtaí nó bearta leasúcháin a shainaithint gan mhoill mhíchuí.

Aon Bhallstát a chinneann nach gcomhlíonann bailiúchán nó cuid de bhailiúchán atá faoina dhlínse i gcomhréir le mír 3 níos mó, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina leith sin gan mhoill mhíchuí.

Ar an bhfaisnéis sin a fháil dó, bainfidh an Coimisiún an bailiúchán nó an chuid sin den bhailiúchán lena mbaineann den chlár.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na nósanna imeachta a bhunú lena gcuirfear mír 1 go mír 4 den Airteagal seo chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Airteagal 6

Údaráis inniúla agus pointe comhtheagmhála

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheith freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmneacha agus seoltaí a gcuid údarás inniúil amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil in iúl don Choimisiún gan mhoill mhíchuí.

2.   Poibleoidh an Coimisiún liosta údarás inniúil na mBallstát, lena n-áirítear tríd an idirlíon. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta.

3.   Ainmneoidh an Coimisiún pointe comhtheagmhála maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí a mbeidh freagracht air as idirchaidreamh a dhéanamh le Rúnaíocht an Choinbhinsiúin maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go rannchuideoidh comhlachtaí an Aontais a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (10) le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Airteagal 7

Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-úsáideoirí

1.   Iarrfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún ar na faighteoirí uile a bhfuil cistiúchán á fháil acu i gcomhair taighde a bhfuil úsáid acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha i gceist leis a dhearbhú go bhfeidhmíonn siad dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 4.

2.   Ag an gcéim a ndéanfar forbairt chríochnaitheach ar tháirge a forbraíodh trí acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha den sórt sin a úsáid, tabharfaidh úsáideoirí fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) go bhfuil na hoibleagáidí faoi Airteagal 4 comhlíonta acu agus an tráth céanna cuirfidh siad faoina mbráid:

(a)

an fhaisnéis ábhartha ón deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta; nó

(b)

an fhaisnéis ghaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(b)(i)-(v) agus in Airteagal 4(5), lena n-áirítear faisnéis gur bunaíodh téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach, i gcás inarb infheidhme.

Déanfaidh úsáideoirí fianaise sa bhreis a sholáthar don údarás inniúil arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a fhaigheann siad ar bhonn mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo a tharchur chuig an Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí, a bunaíodh faoi Airteagal 14(1) de Phrótacal Nagoya, chuig an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, chuig na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Phrótacal Nagoya.

4.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla leis an Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí chun malartú na faisnéise a liostaítear in Airteagal 17(2) de Phrótacal Nagoya le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-úsáideoirí a áirithiú.

5.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar rúndacht faisnéise tráchtála nó tionsclaíche a urramú i gcás go ndéantar foráil, le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, maidir le rúndacht den sórt sin chun leas dlisteanach eacnamaíoch a chosaint, go háirithe maidir le hainmniú na n-acmhainní géiniteacha agus le hainmniú úsáide.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na nósanna imeachta a bhunú lena gcuirfear mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo chun feidhme. Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, cinnfidh an Coimisiún an chéim chríochnaitheach forbartha i leith táirge d’fhonn an chéim chríochnaitheach maidir le húsáid a shainaithint in earnálacha éagsúla. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Airteagal 8

Dea-chleachtais

1.   Féadfaidh comhlachais úsáideoirí nó páirtithe leasmhara eile iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin go dtabharfar aitheantas mar dhea-chleachtas do theaglaim de nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí, a d’fhorbair comhlachas den chineál sin agus a ndearna siad formhaoirseacht orthu, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo. Cuirfear fianaise agus faisnéis ar fáil le tacú leis an iarratas.

2.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún cinneadh, bunaithe ar fhianaise agus ar fhaisnéis a sholáthraítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go gcuireann an teaglaim ar leith de nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí ar chumas an úsáideora, nuair a chuireann sé an teaglaim sin chun feidhme go héifeachtach, ar chumas an úsáideora sin a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh mar atá leagtha amach faoi Airteagal 4 agus Airteagal 7, tabharfaidh an Coimisiún aitheantas dó mar dhea-chleachtas.

3.   Cuirfidh comhlachas úsáideoirí nó páirtithe leasmhara eile an Coimisiún ar an eolas maidir le haon athruithe nó aon nuashonruithe a dhéantar ar dhea-chleachtas ar tugadh aitheantas dó i gcomhréir le mír 2.

4.   Má tá fianaise ann go bhfuil cásanna suntasacha ann nó go bhfuil cásanna ann arís agus arís eile inar mhainnigh úsáideoirí a chuireann dea-chleachtas chun feidhme a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, scrúdóidh an Coimisiún, in idirphlé leis an gcomhlachas ábhartha úsáideoirí nó le páirtithe leasmhara eile, an léiríonn na cásanna sin easnaimh fhéideartha maidir leis an ndea-chleachtas.

5.   Tarraingeoidh an Coimisiún siar an t-aitheantas do dhea-chleachtas nuair a bheidh sé tar éis a chinneadh go gcuireann athruithe ar an ndea-chleachtas cumas úsáideora a oibleagáidí faoi Airteagal 4 agus Airteagal 7 a chomhlíonadh i mbaol, nó nuair a bhaineann cásanna neamhchomhlíonadh úsáideoirí arís agus arís eile nó cásanna suntasacha neamhchomhlíonadh úsáideoirí le heasnaimh sa dea-chleachtas.

6.   Bunóidh an Coimisiún clár idirlíon-bunaithe de na dea-chleachtais aitheanta agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Sa chlár sin, liostófar, i gcuid amháin, na dea-chleachtais a bhfuil aitheantas tugtha ag an gCoimisiún dóibh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus liostófar, i gcuid eile, na dea-chleachtais arna nglacadh ar bhonn Airteagal 20(2) de Phrótacal Nagoya.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na nósanna imeachta a bhunú lena gcuirfear mír 1 go mír 5 den Airteagal seo chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Airteagal 9

Seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh úsáideoirí

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) seiceálacha chun a fhíorú an gcomhlíonann úsáideoirí a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4 agus faoi Airteagal 7, á chur san áireamh go bhféadfaidh sé go ndéanfar riosca neamhchomhlíonadh úsáideora a laghdú, i gcás ina gcuireann sé dea-chleachtais i dtaca le rochtain agus comhroinnt tairbhí, a aithnítear faoi Airteagal 8(2) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 20(2) de Phrótacal Nagoya, chun feidhme.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na seiceálacha a dhéanfar de bhun mhír 1 éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus go ndéanfar cásanna neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ag úsáideoirí a bhrath leo.

3.   Déanfar na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích:

(a)

i gcomhréir le plean a ndéanfar athbhreithniú air go tráthrialta agus úsáidfear cur chuige riosca-bhunaithe ina leith;

(b)

nuair atá faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil, lena n-áirítear faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní tríú páirtithe maidir le neamhchomhlionadh an Rialacháin seo ag úsáideoir, ar ábhair imní iad a bhfuil bonn maith leo. Déanfar ábhair imní den sórt sin a chuireann tíortha is soláthraithe in iúl a bhreithniú go speisialta.

4.   Féadfar scrúdú ar na nithe seo a leanas a áireamh sna seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

(a)

na bearta a rinne úsáideoir chun dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4;

(b)

doiciméadacht agus taifid a léiríonn go ndearnadh dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 maidir le gníomhaíochtaí sonracha úsáide;

(c)

cásanna ina raibh oibleagáid ar úsáideoir dearbhuithe a dhéanamh faoi Airteagal 7.

Féadfar seiceálacha ar an láthair a dhéanamh freisin, de réir mar is iomchuí.

5.   Tabharfaidh na húsáideoirí an cúnamh uile is gá chun feidhmiú na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a éascú.

6.   Gan dochar d’Airteagal 11, i gcás ina mbraitear easnaimh, tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, déanfaidh an t-údarás inniúil fógra a eisiúint maidir leis an ngníomhaíocht leasúcháin nó na bearta leasúcháin a bheidh le déanamh ag an úsáideoir.

Ag brath ar chineál na n-easnamh, féadfaidh Ballstáit bearta eatramhacha láithreacha a dhéanamh freisin.

Airteagal 10

Taifid ar sheiceálacha

1.   Coinneoidh na húdaráis inniúla, ar feadh cúig bliana ar a laghad, taifid ar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ina léireofar, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, mar aon le taifid ar aon ghníomhaíochtaí leasúcháin agus bearta leasúcháin a rinneadh faoi Airteagal 9(6).

2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE.

Airteagal 11

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 4 agus Airteagal 7 agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad.

2.   Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.   Faoin 11 Meitheamh 2015, déanfaidh na Ballstáit na rialacha dá dtagraítear i mír 1 agus aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Comhar

Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) an méid seo a leanas:

(a)

dul i gcomhar lena chéile agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh úsáideoirí an Rialachán seo;

(b)

dul i gcomhairle, más iomchuí, le geallsealbhóirí maidir le cur chun feidhme Phrótacal Nagoya agus an Rialacháin seo;

(c)

dul i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Phrótacal Nagoya chun a áirithiú go gcomhlíonann úsáideoirí an Rialachán seo;

(d)

údaráis inniúla na mBallstát eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon easnaimh thromchúiseacha, a bhraitear trí bhíthin na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1), agus faoi na cineálacha pionós arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 11;

(e)

faisnéis a mhalartú maidir le heagrú a gcórais seiceálacha chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag úsáideoirí.

Airteagal 13

Bearta comhlántacha

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit an méid seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a)

gníomhaíochtaí faisnéise, ardaithe feasachta agus oiliúna a chur chun cinn agus a spreagadh chun cabhrú le geallsealbhóirí agus le páirtithe leasmhara a gcuid oibleagáidí a eascraíonn as cur chun feidhme an Rialacháin seo agus fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin agus Phrótacal Nagoya san Aontas a thuiscint;

(b)

forbairt cóid iompraíochta earnála, clásail chonarthacha eiseamláireacha, treoirlínte agus dea-chleachtais a spreagadh, go háirithe i gcásanna ina mbeidís ina dtairbhe do thaighdeoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála, agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

(c)

forbairt agus úsáid chóras agus uirlisí cumarsáide atá éifeachtach ó thaobh costais de a chur chun cinn chun tacú le faireachán agus rianú a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann bailiúcháin agus úsáideoirí acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha;

(d)

treorú teicniúil agus eile a sholáthar d’úsáideoirí, agus cás na dtaighdeoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála, agus na bhfiontar beag agus meánmhéide á chur san áireamh, ar mhaithe le comhlíonadh cheanglais an Rialachán seo a éascú;

(e)

úsáideoirí agus soláthraithe a spreagadh chun tairbhí a eascraíonn ó úsáid acmhainní géiniteacha a dhíriú i dtreo chaomhnú na héagsúlachta bitheolaíche agus úsáid a comhpháirteanna ar bhonn inbhuanaithe i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin;

(f)

bearta tacaíochta a chur chun cinn do bhailiúcháin a chuirfidh le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche agus na héagsúlachta cultúrtha.

Airteagal 14

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   Más rud é nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Fóram comhairliúcháin

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara eile rannpháirteach ar bhealach cothrom i saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Tiocfaidh siad le chéile i bhfóram comhairliúcháin. Bunóidh an Coimisiún rialacha nós imeachta an fhóraim comhairliúcháin sin.

Airteagal 16

Tuarascálacha agus athbhreithniú

1.   Mura gcinnfear tréimhse mhalartach do na tuarascálacha, faoi mar a thagraítear di in Airteagal 29 de Phrótacal Nagoya, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo faoin 11 Meitheamh 2017 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

2.   Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis na teorann ama chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear measúnú tosaigh maidir le héifeachtacht an Rialacháin seo.

3.   Gach deich mbliana tar éis a chéad thuarascála, athbhreithneoidh an Coimisiún feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo i dtaca le cuspóirí Phrótacal Nagoya a bhaint amach, ar bhonn an tuairiscithe ar an Rialachán seo agus ar bhonn na taithí a fuarthas i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ina athbhreithniú, breithneoidh an Coimisiún, go háirithe, na hiarmhairtí riaracháin d’institiúidí taighde poiblí, do mhicreafhiontair, d’fhiontair bheaga nó mheánmhéide agus d’earnálacha ar leith. Breithneoidh sé freisin an gá atá le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo a athbhreithniú i bhfianaise na bhforbairtí in eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta eile.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus í ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Nagoya faoi na bearta atá déanta ag an Aontas chun bearta comhlíonta i dtaca le Prótacal Nagoya a chur chun feidhme.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   A luaithe agus is féidir tar éis ionstraim ghlactha an Aontais i leith Phrótacal Nagoya a thaisceadh, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina sonrófar an dáta a dtiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm don Aontas. Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta sin.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 4, ag Airteagal 7 agus ag Airteagal 9 den Rialachán seo bliain amháin tar éis an dáta a dtiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm don Aontas.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 161, 6.6.2013, lch. 73.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(3)  Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).

(4)  Iarscríbhinn I a ghabhann le Doiciméad UNEP/CBD/COP/DEC/X/1 an 29 Deireadh Fómhair 2010.

(5)  Cinneadh 2014/283/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (Féach leathanach 231 den Iris Oifigiúil seo.).

(6)  Cinneadh 2004/869/CE ón gComhairle an 24 Feabhra 2004 i ndáil leis an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 378, 23.12.2004, lch. 1).

(7)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1).