20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 508/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42, Airteagal 43(2), Airteagal 91(1), Airteagal 100(2), Airteagal 173(3), Airteagal 175 agus Airteagal 188, Airteagal 192(1), Airteagal 194(2), Airteagal 195(2) agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 13 Iúil 2011 dar teideal “Athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh” leagadh amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Iascaigh (“CBI”) tar éis 2013. I bhfianaise na díospóireachta a tharla i ndiaidh fhoilsiú na Teachtaireachta sin, rinneadh athchóiriú ar CBI le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). San athchóiriú ar CBI cumhdaítear príomh-eilimintí uile CBI lena n-áirítear a ghnéithe airgeadais. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an athchóirithe sin, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle (5), Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle (6), Rialachán (CE) Uimh 1198/2006 ón gComhairle (7), agus Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle (8) a aisghairm, agus an Rialachán seo a chur ina n-ionad.

Ó tharla go bhfuil gach ábhar a bhaineann le haigéin agus le farraigí na hEorpa idirnasctha, ba cheart forbairt bhreise ar Bheartas Muirí Comhtháite (BMC) a chothú leis an Rialachán seo freisin amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(2)

Ba cheart go n-áiritheofaí le raon feidhme an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh (CEMI) tacaíocht do CBI a dtagann na réimsí seo a leanas faoina réim feidhme; caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara, bainistiú iascach agus cabhlach a shaothraíonn na hacmhainní sin, agus acmhainní bitheolaíocha fionnuisce agus dobharshaothrú, próiseáil agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, i gcás ina dtarlaíonn na gníomhaíochtaí sin i gcríoch na mBallstát, arb iad soithí iascaireachta an Aontais a bhíonn ina mbun, nó náisiúnaigh de chuid na mBallstát, gan dochar don phríomhfhreagracht atá ar an mBratstát, agus aird á tabhairt ar fhorálacha Airteagal 117 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (10) (UNCLOS).

(3)

Braitheann rath CBI ar chóras éifeachtach rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe, chomh maith le hinfhaighteacht shonraí iontaofa agus iomlána, chun críocha comhairle eolaíche agus chun críocha forfheidhmithe agus rialaithe. Ba cheart mar sin do CEMI tacú leis na beartais sin.

(4)

Ba cheart go n-áiritheofaí le raon feidhme CEMI an tacaíocht do BMC, lena n-áirítear forbairt agus cur chun feidhme oibríochtaí comhordaithe agus cinnteoireachta i ndáil leis na haigéin, na farraigí, na réigiúin ar an gcósta agus na hearnálacha muirí a chomhlánaíonn beartais éagsúla an Aontais lena mbaineann, go háirithe: CBI, iompar, tionsclaíocht, comhtháthú críochach, an comhshaol, fuinneamh agus turasóireacht. Ba cheart comhleanúnachas agus comhtháthú a áirithiú maidir le beartais earnálacha éagsúla a bhainistiú laistigh de Mhuir Bhailt, den Mhuir Thuaidh, den Mhuir Cheilteach, de Bhá na Bioscáine agus laistigh d’imchuacha farraige Chósta Leithinis na hIbéire, na Meánmhara agus na Mara Duibhe.

(5)

Tá tairbhithe CEMI, de réir bhrí phointe (10) d’Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), in ann bheith ina n-oibreoirí de réir bhrí phointe (30) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ina n-iascairí nó ina n-eagraíocht d’iascairí mura leagtar a mhalairt síos sa Rialachán seo.

(6)

I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 17 Meitheamh 2010, lenar glacadh straitéis nua don fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal “An Eoraip 2020: stratéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach a chur ar fáil (An Eoraip 2020)” (“Straitéis Eoraip 2020”), ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun feidhme, agus forbairt chomhchuí á cur chun cinn san Aontas agus éagothromaíochtaí réigiúnacha á laghdú acu ag an am céanna. Ba cheart acmhainní a chomhchruinniú chun cuspóirí agus spriocanna na Staitéise Eoraip 2020 a ghnóthú, go háirithe na hacmhainní sin atá nasctha le fostaíocht, leis an athrú aeráide, le hinbhuanaitheacht fuinnimh, leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus le cuimsiú sóisialta, agus le héifeachtacht a fheabhsú trí bhéim níos mó a chur ar thorthaí. Ina theannta sin, rannchuidíonn cuimsiú BMC i CEMI leis na príomhchuspóirí beartais agus comhfhreagraíonn sé do chuspóirí ginearálta chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhéadú a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(7)

Lena áirithiú go rannchuidíonn CEMI le gnóthú chuspóirí CBI, BMC agus na Straitéise Eoraip 2020, is gá díriú ar líon teoranta croí-thosaíochtaí a bhaineann leis an iascach agus leis an dobharshaothrú atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, atá tíosach ar acmhainní, nuálach, iomaíoch agus bunaithe ar eolas a chothú, agus le cur chun feidhme CBI a chothú, agus le fostaíocht agus comhtháthú críochach a mhéadú, agus le margaíocht agus próiseáil a chothú mar aon le cur chun feidhme BMC a chur chun cinn.

(8)

Ba cheart don Aontas, ag gach céim de chur chun feidhme CEMI, díriú ar neamhionannais a dhíothú agus comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn, maille le hidirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach.

(9)

Is é cuspóir foriomlán CBI a áirithiú go gcuirfidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe le dálaí comhshaoil a chruthú ar dálaí iad is féidir iad a choinneáil san fhadtéarma agus a bhfuil gá leo d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta. Thairis sin, ba cheart dó cur le táirgiúlacht mhéadaithe, le caighdeán cóir maireachtála don earnáil iascaigh, agus le margaí cobhsaí; ba cheart dó freisin infhaighteacht acmhainní a áirithiú agus a áirithiú go mbíonn soláthairtí ar fáil do thomhaltóirí ar phraghsanna réasúnta.

(10)

Tá sé fíorthábhachtach ceisteanna comhshaoil a chomhtháthú níos fearr le CBI ar cheart dó cuspóirí agus spriocanna bheartas comhshaoil an Aontais agus na Straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach. Tá CBI dírithe ar shaothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara a chothabhálann agus a athbhunaíonn acmhainní éisc thar leibhéil atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, faoi 2015, más féidir, agus tráth nach déanaí ná 2020. Ba cheart do CBI an cur chuige réamhchúraim agus an cur chuige éiceachórais maidir le bainistiú iascaigh a chur i bhfeidhm. Dá réir sin, ba cheart do CEMI cur le cosaint na muirthimpeallachta mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(11)

Trí chaiteachas CBI agus BMC a mhaoiniú trí chiste amháin, eadhon, CEMI, ba cheart go mbeifí in ann aghaidh a thabhairt ar an ngá atá leis an dá bheartas a shimpliú agus a threisiú. Tríd an mbainistiú comhpháirteach a leathnú chun próiseáil agus margaíocht a chlúdach, lena n-áirítear cúiteamh le haghaidh na réigiún is forimeallaí, ba cheart do ghníomhaíochtaí rialaithe agus do ghníomhaíochtaí bailithe sonraí agus bainistithe sonraí mar aon le BMC rannchuidiú tuilleadh leis an simpliú agus ba cheart dóibh an t-ualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a laghdú, agus ba cheart dóibh comhchuibheas agus éifeachtúlacht níos fearr a bhaint amach don tacaíocht atá á deonú.

(12)

Ba cheart do bhuiséad an Aontais caiteachas CBI agus BMC a mhaoiniú trí chiste amháin, is é sin CEMI, cibé acu go díreach nó i gcomhthéacs an bhainistithe chomhpháirtigh le Ballstáit. Ba cheart feidhm a bheith ag bainistiú comhpháirteach, ní amháin maidir leis na bearta a thacaíonn leis an iascach, leis an dobharshaothrú agus le forbairt faoi stiúir an phobail, ach maidir le próiseáil agus le margaíocht agus leis an gcúiteamh le haghaidh na réigiún is forimeallaí, gníomhaíochtaí rialaithe agus bailithe sonraí mar aon le BMC. Ba cheart feidhm a bheith ag bainistiú díreach maidir le comhairle eolaíoch, le bearta sonracha rialaithe agus forfheidhmithe, le ranníocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, le Comhairlí Comhairleacha, le faisnéis maidir leis an margadh, le hoibríochtaí chun BMC a chur chun feidhme agus le gníomhaíochtaí cumarsáide. Ba cheart na cineálacha oibríochtaí atá incháilithe ar mhaoiniú faoi CEMI a shonrú.

(13)

Is gá idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí na mbeart rialaithe agus forfheidhmithe atá á gcómhaoiniú faoi chuimsiú an bhainistithe chomhpháirtigh agus na bearta sin arna gcomhmhaoiniú faoi chuimsiú an bhainistithe dhírigh. Tá sé riachtanach na hacmhainní a bheidh le leithdháileadh ar rialú agus ar bhailiú sonraí faoi bhainistiú comhpháirteach a imfhálú, ag ligean do sholúbthacht idir an dá chatagóir beart sin.

(14)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le BMC, ba cheart é a chur de choinníoll le tacaíocht airgeadais an Aontais faoi CEMI go gcomhlíonfaidh na Ballstáit agus na hoibreoirí rialacha CBI. Tá sé de rún go léireoidh an ceanglas sin an fhreagracht atá ar an Aontas as caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara faoi CBI a áirithiú ar mhaithe le leas an phobail, de bhun Airteagal 3 CFAE.

(15)

Bhainfí an bonn de ghnóthú chuspóirí CBI dá n-íocfaí amach tacaíocht airgeadais an Aontais faoi CEMI le hoibreoirí nach gcomhlíonann, ex-ante, ceanglais a bhaineann le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara ar mhaithe le leas an phobail. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh iarratais a thíolaic oibreoirí inghlactha lena maoiniú faoi CEMI ach ar an gcoinníoll gur laistigh de thréimhse áirithe ama roimh dóibh iarratas ar thacaíocht a chur isteach, nach bhfuil sárú tromchúiseach, cion nó calaois déanta ag na hoibreoirí lena mbaineann agus nach raibh baint acu le hoibriú, le bainistiú ná le húinéireacht soithí iascaireachta atá ar áireamh i liosta an Aontais d’árthaí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta atá neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (IUU) ná ar liosta na soitheach atá faoi bhratach tríú tíre a sainaithníodh mar thíortha neamhchomhoibritheach, faoi mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad.

(16)

Ina theannta sin, ba cheart do na tairbhithe leanúint de na ceanglais inghlacthachta a chomhlíonadh tar éis dóibh an t-iarratas arthacaíocht a thíolacadh, le linn thréimhse iomlán chur chun feidhme na hoibríochta agus, ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis na híocaíochta deiridh leis an tairbhí lena mbaineann.

(17)

Má theipeann ar an tairbhí na coinníollacha a bhaineann le hincháilitheacht agus inmharthanacht a chomhlíonadh, ba cheart feidhm a bheith ag na hiarmhairtí agus ag na ceartuithe airgeadais i gcás. D’fhonn méid cheartaithe airgeadais den sórt sin a chinneadh, ba cheart cineál, tromchúis, fad agus atitimeachas an tsáraithe, an chiona nó na calaoise a rinne an tairbhí agus an tábhacht a bhaineann le ranníocaíocht CEMI le gníomhaíocht eacnamaíoch an tairbhí a chur san áireamh.

(18)

Bhainfí an bonn de ghnóthú chuspóirí CBI freisin dá n-íocfaí amach tacaíocht airgeadais an Aontais faoi CEMI leis na Ballstáit nach gcomhlíonann a gcuid oibleagáidí faoi rialacha CBI a bhaineann le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara ar mhaithe le leas an phobail, amhail sonraí a bhailiú agus na hoibleagáidí rialaithe a chur chun feidhme. Thairis sin, mura gcomhlíontar na hoibleagáidí sin, tá baol ann nach mbraithfeadh Ballstáit iarratais neamh-inghlactha ná oibríochtaí neamh-incháilithe.

(19)

Mar bhearta réamhchúraim, d’fhonn íocaíochtaí neamh-incháilithe a chosc agus chun Ballstáit a dhreasú chun rialacha CBI a chomhlíonadh, ba cheart foráil a dhéanamh don spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh agus d’íocaíochtaí a fhionraí, nuair atá siad teoranta ó thaobh ama de agus maidir lena raon feidhme. Níor cheart feidhm a bheith ag ceartuithe airgeadais, a bhfuil iarmhairtí cinnte agus neamh-inchúlghairithe acu, ach amháin maidir le caiteachas, a ndéanann na cásanna ábhartha neamh-chomhlíonta difear dó.

(20)

D’fhonn feabhas a chur ar chomhordú agus ar chur chun feidhme comhchuibhithe i gcás na gCistí a thugann tacaíocht faoin mbeartas comhtháthaithe, eadhon, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC), leis na Cistí le haghaidh forbartha tuaithe agus le haghaidh na hearnála muirí agus iascaigh, eadhon, Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus CEMI faoi seach, bunaíodh forálacha coiteanna maidir leis na Cistí sin uile (‘Cistí ESI’) le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 1303/2013. De bhreis ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, tá forálacha sonracha, comhlántacha i ngeall ar thréithe ar leith earnáil CBI agus earnáil BMC ar áireamh sa Rialachán seo.

(21)

Ba cheart prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm maidir leis an gClár Oibríochtúil agus ar feadh thimthriall an chláir ar fad agus méid ranna riarachán na mBallstát faoi seach agus méid iomlán an chaiteachais phoiblí a leithdháiltear ar an gclár oibríochtúil á gcur san áireamh.

(22)

Ba cheart don Choimisiún miondealú bliantúil de réir na mBallstát ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí atá ar fáil a bhunú trí leas a bhaint as critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla; ba cheart a áireamh ar na critéir sin táscairí lena dtomhaistear méid earnáil na n-iascach agus an dobharshaothraithe, a oiread freagrachtaí atá faoi rialú agus faoi bhailiú sonraí, agus na leithdháiltí stairiúla cistí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle agus an t-ídiú stairiúil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle.

(23)

Baineann fíorthábhacht le comhlíonadh coinníollachtaí sonracha áirithe ex-ante i gcomhthéacs CBI, go háirithe i dtaca le tuarascáil ar acmhainneacht iascaigh agus ar phlean ilbhliantúil náisiúnta straitéise maidir le dobharshaothrú a chur isteach agus le hacmhainn chruthaithe riaracháin chun na ceanglais sonraí le haghaidh bainistithe iascaigh a chomhlíonadh agus le córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme.

(24)

I gcomhréir le cuspóir an tsimplithe, ba cheart go mbeadh gach gníomhaíocht faoi CEMI a thagann faoi chuimsiú an bhainistithe chomhpháirtigh, lena n-áirítear rialú agus bailiú sonraí, i bhfoirm aon chláir oibríochtúil amháin in aghaidh an Bhallstáit, de réir struchtúir náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Ba cheart go gcumhdófaí an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 sa ghníomh clárúcháin. Ba cheart do na Ballstáit, agus an clár oibríochtúil aonair á ullmhú acu, a áirithiú go léireofaí aidhm an tsimplithe lena bhfuil sa chlár agus lena mhéid. Ba cheart straitéis a shainaithint i ngach clár le haghaidh spriocanna a bhaineann le tosaíochtaí sin an Aontais faoi CEMI a bhaint amach agus rogha beart. Ba cheart tosaíochtaí an Aontais a chomhlíonadh sna cláir, agus ba cheart iad a oiriúnú ag an am céanna do chomhthéacsanna náisiúnta, agus beartais eile an Aontais a chomhlánú, go háirithe beartas forbartha tuaithe agus beartas comhtháthaithe.

(25)

D’fhonn iascaireacht chósta ar mhionscála a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil roinn shuntasach iascaireachta cósta ar mhionscála acu pleananna gníomhaíochta a chur i gceangal lena gcláir oibríochtúla i ndáil le forbairt, le hiomaíochas agus le hinbhuanaitheacht iascaireachta cósta ar mhionscála.

(26)

D’fhonn rannchuidiú le sprioc an tsimplithe agus CEMI á cur chun feidhme agus chun na costais rialaithe agus an ráta earráide a laghdú, ba cheart úsáid a bhaint a mhéid is féidir as an deis úsáid a bhaint as foirmeacha simplithe deontais amhail dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2011.

(27)

D’fhonn oibleagáidí rialaithe faoi CBI a fhorfheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit an roinn sin den chlár oibríochtúil a bhaineann le rialú a dhréachtú i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún don réimse beartais sin. D’fhonn an clár oibríochtúil a oiriúnú do na riachtanais atá ag teacht chun cinn i dtéarmaí rialaithe agus forfheidhmithe, ba cheart an roinn sin den chlár oibríochtúil a bhaineann le rialú a athscrúdú go rialta ar bhonn na n-athruithe i dtosaíochtaí an Aontais maidir leis an mbeartas rialaithe agus forfheidhmithe faoi CBI. Ba cheart don Choimisiún na leasuithe sin a fhormheas. D’fhonn solúbthacht a choinneáil sa chlárú ar ghníomhaíochtaí i réimse an rialaithe, ba cheart an t-athbhreithniú ar roinn an rialaithe den chlár oibríochtúil a bheith faoi réir nós imeachta simplithe.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit an roinn sin den Chlár Oibríochtúil a bhaineann le bailiú sonraí a dhréachtú i gcomhréir le Clár Ilbhliantúil an Aontais dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (13). D’fhonn oiriúnú do na riachtanais shonracha a bhaineann le gníomhaíochtaí bailithe sonraí, ba cheart do na Ballstáit plean oibre a tharraingt suas, i gcomhréir leis an Rialachán sin, ar plean é ba cheart a bheith faoi réir a fhormheasta ag an gCoimisiún.

(29)

Ba cheart cistí atá faoi bhainistiú díreach cé is moite den chúnamh teicniúil ón gCoimisiún a bheith réamhshainithe le cuspóirí lena mbaineann 5 % lamháil solúbthachta agus a bheith faoi rialú ag cláir oibre bhliantúla.

(30)

D’fhonn iomaíochas agus feidhmíocht eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí iascaireachta a mhéadú, tá sé riachtanach infheistíochtaí i nuálaíocht a spreagadh agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh. Chun leibhéal níos airde rannpháirtíochta a spreagadh, ba cheart an nós imeachta i ndáil le tacú le nuálaíocht a shimpliú.

(31)

Tá infheistíocht i gcaipiteal daonna riachtanach freisin chun iomaíochas agus feidhmíocht eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí iascaireachta agus muirí a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart do CEMI tacú le seirbhísí comhairleacha, le comhar idir eolaithe agus iascairí, le hoiliúint ghairmiúil, le foghlaim ar feadh an tsaoil, cabhrú le spreagadh scaipeadh eolais agus a chabhraíonn le feidhmíocht fhoriomlán agus iomaíochas foriomlán na n-oibreoirí a fheabhsú mar aon leis an gcomhphlé sóisialta a chur chun cinn. Mar aitheantas ar an ról atá acu i bpobail iascaireachta, ba cheart, faoi choinníollacha áirithe, tacaíocht a dheonú do chéilí agus do pháirtithe saoil iascairí féinfhostaithe maidir le hoiliúint ghairmiúil, le foghlaim ar feadh an tsaoil, le scaipeadh eolais agus le líonrú a chuireann lena bhforbairt ghairmiúil.

(32)

D’fhonn cabhrú le daoine óga a bhfuil deacrachtaí acu maidir le rochtain a fháil ar mhargadh an tsaothair in earnáil an iascaigh fad a mhaireann an ghéarchéim airgeadais, ba cheart do CEMI tacú le cláir agus le cúrsaí oiliúna maidir le cleachtais iascaireachta inbhuanaithe agus le hacmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú.

(33)

Ag féachaint d’acmhainneacht an éagsúlaithe ó thaobh iascairí cósta ar mhionscála agus don ról ríthábhachtach atá acu i bpobail chósta, ba cheart do CEMI tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le hioncam iascairí a éagsúlú trí ghníomhaíochtaí comhlántacha a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíochtaí ar bord, turasóireacht slatiascaireachta, bialanna, seirbhísí comhshaoil i ndáil le hiascaireacht agus gníomhaíochtaí oideachais i ndáil le hiascaireacht.

(34)

Tá dúshláin airgeadais os comhair iascairí óga ó thaobh gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua a chruthú agus a fhorbairt in earnáil an iascaigh agus is gné í sin ar cheart a chur san áireamh agus cistí faoi CEMI á leithdháileadh agus á ndíriú. Tá forbairt den sórt sin sár-riachtanach d’iomaíochas na hearnála iascaigh san Aontas. Mar thoradh ar sin, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil d’iascairí óga atá ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí iascaireachta don chéad uair chun cabhrú leo iad féin a chur ar bun mar iascairí. D’fhonn inmharthanacht gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua, a dtacaítear leo faoi CEMI, a áirithiú, ba cheart tacaíocht a thabhairt ar choinníoll go ngnóthófaí scileanna agus inniúlachtaí riachtanacha. Leis an tacaíocht sin chun gnó a bhunú, níor cheart go gcumhdófaí ach tacaíocht chun an chéad soitheach iascaireachta a ghnóthú.

(35)

D’fhonn tabhairt faoi na riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar bord, ba cheart do CEMI tacú le hinfheistíochtaí ina gcuimsítear sábháilteacht, dálaí oibre, sláinte agus sláinteachas ar bord ar choinníoll go dtéann an infheistíocht sin a bhfuiltear ag tacú léi níos faide ná na ceanglais faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

(36)

Ba cheart rialacha a leagan síos chun liúntais agus cúiteamh airgeadais a dheonú d’iascairí agus d’úinéirí soithí iascaireachta i gcás ina scoirtear go sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, má tharlaíonn scor den sórt sin mar thoradh díreach ar bhearta caomhnaithe áirithe, seachas deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh, má dhéantar foráil dó i bpleananna áirithe bainistithe iascach de chuid an Aontais nó de chuid na mBallstát, nó más mar thoradh ar neamh-athnuachan comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe nó na bprótacal a ghabhann leo é, ba cheart rialacha den sórt sin a leagan síos freisin i gcás scoir bhuain gníomhaíochtaí iascaireachta chomh maith.

(37)

Ba cheart go mbeadh CEMI in ann, faoi choinníollacha áirithe, cúiteamh airgeadais a dheonú freisin d’iascairí i gcomhair caillteanas eacnamaíoch a tharlaíonn mar thoradh ar theagmhais aeráide dhíobhálacha, ar eachtra comhshaoil agus ar na costais tharrthála.

(38)

D’fhonn na gníomhaíochtaí iascaireachta a oiriúnú do na deiseanna iascaireachta, ba cheart go mbeadh CEMI in ann tacú leis na córais lena leithdháiltear na deiseanna iascaireachta a dhearadh, a fhorbairt agus le faireachán, meastóireacht agus bainistiú a dhéanamh orthu.

(39)

Tá sé sár-riachtanach ceisteanna comhshaoil a chomhtháthú le CEMI agus tacú le cur chun feidhme na mbeart caomhantais faoi CBI, agus dálaí éagsúla ar fud uiscí an Aontais á gcur san áireamh, áfach. Chun na críche sin, tá sé fíor-riachtanach cur chuige réigiúnach a fhorbairt i leith beart caomhantais.

(40)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart go bhféadfadh CEMI tacú le tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a laghdú go háirithe tríd an éiceanuálaíocht a chur chun cinn, trí fhearas agus trí threalamh níos roghnaí agus trí bhearta atá dírithe ar éiceachórais agus bithéagsúlacht na mara agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil, i gcomhréir le Straitéis Bithéagsúlachta an AE go dtí 2020, a chosaint agus a aisiriú.

(41)

I gcomhréir le príomhsprioc na Straitéise Eoraip 2020 a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus éifeachtúlacht fuinnimh, ba cheart go mbeadh CEMI in ann tacú le hinfheistíochtaí ar bord agus le hiniúchtaí fuinnimh.

(42)

D’fhonn eifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus éifeachtúlacht fuinnimh soithí iascaireachta a fheabhsú, ba cheart go bhféadfaí tacú le hathsholáthar agus le nuachóiriú na bpríomhinneall agus na n-inneall coimhdeach ar choinníoll go dtabharfar tosaíocht d’oibreoirí atá gníomhach in iascaireacht chósta ar mhionscála sa phróiseas roghnúcháin d’fhonn a rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, agus ar choinníoll go rannchuidíonn soithí móra le laghdú ar an gcumhacht innill.

(43)

Ionas nach ndéantar dochar do chuspóir na hinbhuanaitheachta san athchóiriú ar CBI, ba cheart go gcuirfí uasteorainn ar an méid tacaíochta airgeadais a fhéadfar a thiomnú do bhearta cabhlaigh amhail scor sealadach nó buan mar aon le hionadaíocht innill, agus ba cheart go mbeadh teorainn ar an tréimhse ama a bhféadfar tacaíocht airgeadais a dheonú don scor buan lena linn.

(44)

I gcomhréir leis an toirmeasc ar ábhar muirí a chaitheamh ar ais san fharraige a thug CBI isteach, ba cheart do CEMI tacú le hinfheistíochtaí ar bord atá dírithe ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as iasc a ghabhtar de thaisme agus chun luach chodanna tearcúsáidte na n-iasc a ghabhtar a chothú. I bhfianaise ghanntacht na n-acmhainní, ba cheart do CEMI tacú le hinfheistíochtaí ar bord atá dírithe ar luach tráchtála a chur leis na héisc a ghabhtar, d’fhonn luach na n-iasc a ghabhtar a uasmhéadú.

(45)

Ag féachaint don tábhacht a bhaineann le calafoirt iascaireachta, le láithreáin ag a gcuirtear iasc i dtír agus le fothanacha, ba cheart do CEMI tacú le hinfheistíochtaí ábhartha lena ndíreofar go háirithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, cosaint an chomhshaoil, caighdeán an táirge a chuirtear i dtír agus dálaí oibre agus sábháilteachta a fheabhsú.

(46)

Tá sé ríthábhachtach don Aontas go mbainfí cothromaíocht inbhuanaithe amach idir acmhainní fionnuisce agus saothrú na n-acmhainní sin; dá bhrí sin, ag féachaint don iarmhairt ar an gcomhshaol agus inmharthanacht eacnamaíoch na n-acmhainní sin á áirithiú acu ag an am céanna, ba cheart tacú le hiascaireacht intíre trí bhíthin beart iomchuí.

(47)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2002 dar teideal ‘Straitéis um fhorbairt inbhuanaithe dhobharshaothrú na hEorpa’, agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2002 dar teideal ‘Treoracha Straitéiseacha maidir le forbairt inbhuanaithe dhobharshaothrú AE’, le cuspóirí CBI agus le straitéis Eoraip 2020”, ba cheart do CEMI tacú le forbairt thionscal an dobharshaothraithe ar bhonn inbhuanaithe ó thaobh cúrsaí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta.

(48)

De dheasca an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag ainmhithe saothraithe a éalaíonn ó láithreáin dobharshaothraithe ar líon iasc fiáin muirí, níor cheart do CEMI dreasachtaí a sholáthar chun orgánaigh ghéinmhodhnaithe a shaothrú.

(49)

Cuireann dobharshaothrú le fás agus poist i réigiúin chósta agus tuaithe. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag fiontair dhobharshaothraithe, go háirithe Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna), ar CEMI agus go gcabhródh sé le feirmeoirí nua dobharshaothraithe dul i mbun an ghnó sin. D’fhonn iomaíochas agus feidhmíocht eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí dobharshaothraithe a mhéadú, tá sé riachtanach nuálaíocht agus fiontraíocht a spreagadh. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh CEMI tacú le hoibríochtaí nuálacha, le forbairt gnó fiontair dhobharshaothraithe go ginearálta, lena n-áirítear dobharshaothrú amach ón gcósta agus dobharshaothrú neamhbhia, agus gníomhaíochtaí comhlántacha amhail turasóireacht slatiascaireachta, seirbhísí comhshaoil a bhaineann le dobharshaothrú nó gníomhaíochtaí oideachais.

(50)

Tá infheistíocht i gcaipiteal daonna riachtanach freisin chun iomaíochas agus feidhmíocht eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí dobharshaothraithe a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart do CEMI tacú le foghlaim ar feadh an tsaoil, le líonrú a spreagann scaipeadh eolais agus le seirbhísí comhairle a chabhraíonn le feidhmíocht fhoriomlán agus iomaíochas foriomlán na n-oibreoirí a fheabhsú.

(51)

Chun rannchuidiú le forbairt na láithreán agus na n-infrastruchtúr dobharshaothraithe, ba cheart go bhféadfadh CEMI tacaíocht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha ina roghanna straitéiseacha, go háirithe maidir leis na limistéir is oiriúnaí d’fhorbairt an dobharshaothraithe a shainaithint agus a mhapáil.

(52)

D’fhonn dobharshaothrú atá inbhuanaithe go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair de a chur chun cinn, ba cheart go bhféadfadh CEMI tacú le gníomhaíochtaí dobharshaothraithe nach ndéanann díobháil don chomhshaol, le fiontair dhobharshaothraithe a athrú chun éiceabhainistíocht a bheith acu, le húsáid scéimeanna iniúchóireachta agus leis an athrú go dobharshaothrú orgánach. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart go bhféadfadh CEMI tacú le dobharshaothrú a fhreastalaíonn ar sheirbhísí comhshaoil speisialta.

(53)

Ag féachaint don tábhacht a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, ba cheart go bhféadfadh CEMI tacaíocht leormhaith a sholáthar d’fheirmeoirí d’fhonn aon bhaol do shláinte an phobail agus do shláinte ainmhithe a eascraíonn ó dhobharshaothrú a sheachaint agus a mhaolú.

(54)

Á aithint go mbaineann baol le hinfheistíochtaí i ngníomhaíochtaí dobharshaothraithe, ba cheart go bhféadfadh CEMI slándáil gnó a chur chun cinn trí rannchuidiú le hárachas stoic dobharshaothraithe, agus ioncam táirgeoirí a chosaint ar an gcaoi sin i gcás caillteanas táirgthe neamhghnácha go háirithe mar thoradh ar thubaistí nádúrtha, ar theagmhais aeráide dhíobhálacha, ar athruithe tobanna ar cháilíocht an uisce, ar ghalair nó ar fhoirgeachtaí le lotnaidí agus ar scriosadh na saoráidí táirgthe.

(55)

Ós rud é go bhfuil sé cruthaithe thar roinnt blianta gur cur chuige úsáideach an cur chuige faoi stiúir an phobail maidir le cur chun cinn fhorbairt na limistéar tuaithe agus dobharshaothraithe mar aon le hiascaigh agus go mbíonn an toradh sin air toisc go gcuirtear san áireamh go hiomlán ann na riachtanais ilearnálacha le haghaidh na forbartha inginiúla, ba cheart leanúint den tacaíocht a chur ar fáil agus í a atreisiú amach anseo.

(56)

In earnáil na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe, ba cheart d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail cineálacha cur chuige nuálacha a spreagadh chun fás agus poist a chruthú, go háirithe trí luach a chur le táirgí iascaireachta agus trí éagsúlú a dhéanamh ar an ngeilleagar áitiúil i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua, lena n-áirítear na cinn sin atá le fáil ó “fhás gorm” agus ó na hearnálacha muirí níos leithne.

(57)

Ba cheart d’fhorbairt inbhuanaithe earnáil na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe cur le baint amach chuspóirí Straitéis Eoraip 2020 cuimsiú sóisialta a spreagadh agus an bhochtaineacht a laghdú, fostaíocht a chruthú agus nuálaíocht a chothú ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart go gcuirfeadh sí freisin le cuspóir an chomhtháthaithe chríochaigh freisin, ar cheann de phríomhthosaíochtaí CFAE é.

(58)

Ba cheart forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a chur i bhfeidhm ón mbun aníos trí chomhpháirtíochtaí áitiúla atá comhdhéanta d’ionadaithe ón earnáil phoiblí, ón earnáil phríobháideach agus ó earnáil na sochaí sibhialta agus ba cheart di a bheith ina léiriú cruinn ar an tsochaí áitiúil; is iad na gníomhaithe áitiúla sin is fearr atá in ann straitéisí forbartha áitiúla ilearnálacha faoi stiúir an phobail a tharraingt suas chun riachtanais a limistéir iascaireachta áitiúil a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach a áirithiú nach mbeadh níos mó ná 49 % den cheart vótála ag aon ghrúpa sainleasa aonair i gcomhlachtaí cinnteoireachta na ngrúpaí áitiúla gníomhaíochta Iascaireachta (GÁGIanna).

(59)

Gné bhunriachtanach den chur chuige sin is ea líonrú idir chomhpháirtíochtaí áitiúla. Is uirlis forbartha thábhachtach dá bhrí sin é comhar idir na FLAGanna, agus ba cheart do CEMI tacú leis.

(60)

Ba cheart an tacaíocht do limistéir iascaigh trí CEMI a chomhordú leis an tacaíocht d’fhorbairt áitiúil atá á tairiscint ag Cistí eile de chuid an Aontais agus ba cheart a chuimsiú inti gach gné d’ullmhúchán agus de chur chun feidhme straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail agus feidhmiú GÁGIanna chomh maith leis na costais a bhaineann le beochan an limistéir áitiúil agus reáchtáil na comhpháirtíochta áitiúla.

(61)

D’fhonn inmharthanacht an iascaigh agus an dobharshaothraithe a áirithiú i margadh atá an-iomaíoch, is gá forálacha a leagan síos trína gcuirtear tacaíocht ar fáil do chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus do ghníomhaíochtaí próiseála agus margaíochta arna gcur i gcrích ag oibreoirí chun luach na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a uasmhéadú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chur chun cinn oibríochtaí lena gcomhtháthaítear gníomhaíochtaí margaíochta, próiseála agus táirgthe an tslabhra soláthair nó ina bhfuil próisis nó modhanna nuálacha. Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí agus tacaíocht á deonú. I gcás pleananna táirgíochta agus margaíochta, níor cheart ach eagraíochtaí nó comhlachais den sórt sin a bheith inchailithel e haghaidh tacaíochta. D’fhonn oiriúnú don bheartas nua maidir le toirmeasc a chur ar ábhar muirí a chaitheamh ar ais san fharraige, ba cheart do CEMI tacú le próiseáil na ngabhálacha de thaisme freisin.

(62)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1379/2013 do shásra stórála do tháirgí iascaigh atá ceaptha lena gcaitheamh ag daoine d’fhonn breis cobhsaíochta a chothú sna margaidh. Chun trasdul ó shásraí idirghabhála margaidh chuig fócas nua ar phleanáil agus ar bhainistiú gníomhaíochtaí táirgthe agus margaíochta a áirithiú, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile le haon mhaoiniú ó CEMI faoin 31 Nollaig 2018.

(63)

Ag aithint dó an iomaíocht bhreise a bhaineann d’iascairí cósta ar mhionscála, ba cheart go bhféadfadh CEMI tacú le tionscnaimh fiontraíochta na n-iascairí cósta ar mhionscála a chuireann luach leis an iasc a ghabhann siad, go háirithe trí phróiseáil nó trí mhargaíocht dhíreach iasc den sórt sin.

(64)

Ós rud é go bhfuil deacrachtaí ag baint le gníomhaíochtaí iascaireachta sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, go háirithe mar gheall ar a n-iargúltacht agus a gcoinníollacha aeráide speisialta, ba cheart go mbeadh CEMI in ann aird a thabhairt ar na srianta sonracha réigiún den sórt sin a aithnítear le hAirteagal 349 CFAE.

(65)

D’fhonn iomaíochas táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe áirithe ó na réigiúin is forimeallaí den Aontas a chothú i gcomparáid le táirgí dá samhail ó réigiúin eile an Aontais, thug an tAontas bearta isteach i 1992 chun na costais bhreise lena mbaineann san earnáil iascaigh a chúiteamh. Leagtar síos na bearta is infheidhme don tréimhse 2007-2013 i Rialachán (CE) Uimh. 791/2007. Is gá leanúint de thacaíocht a thabhairt chun na costais bhreise a bhaineann le hiascaireacht, le feirmeoireacht, le próiseáil agus le margú táirgí iascaigh áirithe ó na réigiúin is forimeallaí den Aontas a fhritháireamh amhail ón 1 Eanáir 2014, ionas go rannchuidíonn an cúiteamh le hinmharthanacht eacnamaíoch oibreoirí as na réigiúin sin.

(66)

I bhfianaise na ndálaí margaíochta éagsúla san réigiúin is forimeallaí, na luaineachtaí i ngabhálacha agus i stoic agus in éilimh an mhargaidh, ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit lena mbaineann na táirgí iascaigh atá incháilithe do chúiteamh, na huasmhéideanna faoi seach agus na méideanna cúitimh laistigh den leithdháileadh foriomlán in aghaidh an Bhallstáit a chinneadh.

(67)

Ba cheart údarás a thabhairt do na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh ar an liosta agus ar an líon táirgí iascaigh atá i gceist agus ar mhéid an chúitimh laistigh den leithdháileadh foriomlán in aghaidh an Bhallstáit. Ba cheart údarás a thabhairt dóibh freisin a bpleananna cúitimh a chur in oiriúint má tá call leis mar gheall ar thosca atá ag athrú.

(68)

Ba cheart do na Ballstáit an leibhéal cúitimh a shocrú ar leibhéal a fhágann gur féidir costais bhreise a fhritháireamh, ar costais iad a thig ó mhíbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí. D’fhonn róchúiteamh a sheachaint, ba cheart go mbeadh an méid sin i gcomhréir leis na costais bhreise atá á bhfritháireamh tríd an gcabhair. Chuige sin, ba cheart cineálacha eile idirghabhála poiblí a bhfuil tionchar acu ar leibhéal na gcostas breise a chur san áireamh inti freisin.

(69)

Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh na huirlisí cuí ag na Ballstáit agus ag na hoibreoirí ionas gur féidir rialuithe a chur i gcrích ar chaighdeán ard agus ionas gur féidir comhlíonadh rialacha CBI a áirithiú dá bhrí sin agus foráil á déanamh acu maidir le saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha ag an am céanna. Ba cheart, da bhrí sin, go mbeadh CEMI in ann tacú leis na Ballstáit agus leis na hoibreoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (15). Trí bhíthin cultúr comhlíontachta a chruthú, ba cheart go rannchuideodh an tacaíocht sin le fás inbhuanaithe.

(70)

Ba cheart an tacaíocht atá á deonú do na Ballstáit ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 i leith an chaiteachais arna thabhú i ndáil le cur chun feidhme chóras rialaithe an Aontais faoi CEMI a mhéadú, de réir loighic an chiste aonair.

(71)

I gcomhréir le cuspóirí beartais rialaithe agus forfheidhmithe an Aontais, is iomchuí tréimhse íosta a thiomnú do rialú iascaigh maidir le húsáid soithí patróil, aerárthaí patróil agus héileacaptair phatróil, tréimhse ba cheart a bheith leagtha amach go cruinn d’fhonn bonn a sholáthar don tacaíocht faoi CEMI.

(72)

I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le comhar idir na Ballstáit i réimse an rialaithe, ba cheart go bhféadfadh CEMI tacaíocht a thabhairt chun na críche sin.

(73)

Ba cheart bearta a ghlacadh le haghaidh tacaíochta chun sonraí iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid mar a shonraítear i gclár ilbhliantúil an Aontais, go háirithe chun tacú le cláir náisiúnta agus le bainistíocht agus úsáid sonraí ar mhaithe le hanailís eolaíochta agus le cur chun feidhme CBI. Ba cheart leanúint den tacaíocht atá á deonú do na Ballstáit ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 don chaiteachas arna thabhú a bhaineann le bailiú, le bainistiú agus le húsáid sonraí iascaigh faoi CEMI, de réir loighic an chiste aonair.

(74)

Ba cheart tacú le cinntí fónta agus éifeachtúla maidir le bainistiú iascaigh faoi CBI le gníomhaíochtaí taighde agus comhair, soláthar tuairimí eolaíocha agus socheacnamaíocha agus comhairle atá riachtanach chun CBI a chur chun feidhme agus a fhorbairt, lena n-áirítear i limistéir atá íogair ó thaobh na bithgeografaíochta de.

(75)

Is gá freisin tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit, agus leis an gcomhar le tríú tíortha nuair is ábhartha, maidir le bailiú sonraí laistigh den imchuach farraige céanna, agus is gá tacú le comhar leis na comhlachtaí eolaíocha idirnáisiúnta ábhartha chomh maith.

(76)

Is é cuspóir BMC tacú le húsáid inbhuanaithe na bhfarraigí agus na n-aigéan agus cinnteoireacht chomhordaithe, chomhtháite agus thrédhearcach a fhorbairt maidir leis na beartais a dhéanann difear do na haigéin, do na farraigí, do na hoileáin, do na réigiúin is forimeallaí, do na réigiúin ar an gcósta agus do na hearnálacha muirí, mar a léirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus do Choiste na Réigiún an 10 Márta 2007 dar teideal “Beartas Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach”.

(77)

Tá gá le cistiú marthanach chun BMC don Aontas a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh, mar a léirítear i Rialachán (CE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gconclúidí na Comhairle, sna rúnta ó Pharlaimint na hEorpa agus i dtuairimí Choiste na Réigiúin. Táthar ag súil go mbeidh tionchar suntasach ag forbairt na ngnóthaí muirí trí thacaíocht airgeadais do bhearta BMC maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach.

(78)

Ba cheart do CEMI tacú le cur chun cinn an rialachais mhuirí chomhtháite ar gach leibhéal go háirithe trí dhea-chleachtas a mhalartú agus trí straitéisí um imchuacha farraige a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh. Tá na straitéisí sin dírithe ar chreat comhtháite a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna in imchuacha farraige san Eoraip agus ar chomhar idir geallsealbhóirí a láidriú chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí airgeadais agus cistí an Aontais agus rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais. I bhfianaise an taithí atá ag TCCF, féadfar comhar trasteorann agus comhar trasearnálach idir feidhmiúlachtaí mara a áireamh sna gníomhaíochtaí agus sna meicníochtaí atá dírithe ar chomhar a fheabhsú idir na Ballstáit, mar shampla, gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an Fhóraim Eorpaigh um Fheidhmiúlachtaí an Gharda Cósta, chun malartú taithí agus dea-chleachtais a chur chun cinn ionas go mbeifear éifeachtach agus comhsheasmhach faoi chuimsiú dhlí ábhartha an Aontais.

(79)

Ba cheart go bhféadfadh CEMI tacú freisin le forbairt bhreise uirlisí chun sineirgí a chruthú idir tionscnaimh a dhéantar in earnálacha éagsúla agus a dhéanann difear d’fharraigí, d’aigéin agus do chóstaí. Is amhlaidh atá sé i gcás Faireachais Mhuirí Chomhtháite (IMS) atá dírithe ar fheasacht ar dhálaí éagsúla muirí a fheabhsú trí mhalartuithe faisnéise feabhsaithe agus slána trasna earnálacha. Mar sin féin, níor cheart oibríochtaí a bhaineann le faireachas muirí a thagann faoi raon feidhme Theideal V de Chuid Trí de CFAE a mhaoiniú trí CEMI.

(80)

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá lena meicníochtaí cistiúcháin féin a úsáid ar bhealach comhtháite agus i gcomhréir le CFAE chun na córais faisnéise atá á n-oibriú ag na hearnálacha sin a idirnascadh. Tá pleanáil spásúil mhuirí agus bainistiú comhtháite an chreasa cósta riachtanach le haghaidh fhorbairt inbhuanaithe na limistéar muirí agus na réigiún cósta agus chun rannchuidiú le haidhmeanna na bainistíochta atá bunaithe ar an éiceachóras agus chun naisc idir an talamh agus an fharraige a fhorbairt. Tá na huirlisí sin tábhachtach freisin chun úsáidí éagsúla ár gcóstaí, ár bhfarraigí agus ár n-aigéan a bhainistiú lena bhforbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a chumasú agus le hinfheistíocht trasteorann a spreagadh, ach tabharfar sainmhíniú breise i Treoir 2008/56/CE ar theorainneacha inbhuaine na ngníomhaíochtaí daonna ag a mbíonn iarmhairt ar an muirthimpeallacht. Ina theannta sin, is gá eolas ar shaol na mara a fheabhsú, agus nuálaíocht a spreagadh trí bhailiú, roinnt saor in aisce, athúsáid agus scaipeadh sonraí maidir le stádas na n-aigéan agus na bhfarraigí a éascú.

(81)

Ba cheart go dtacódh CEMI freisin le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, le fostaíocht, le nuálaíocht agus le hiomaíochas laistigh de na hearnálacha muirí agus i réigiúin ar an gcósta. Tá sé ríthábhachtach constaicí rialála agus easpaí scileanna a aithint atá ina mbac ar fhás in earnálacha muirí ionchais agus in earnálacha muirí atá ag teacht chun cinn, chomh maith le hoibríochtaí atá dírithe ar infheistíocht a chothú i nuálaíocht teicneolaíochta atá de dhíth chun acmhainneacht gnó feidhmeanna mara agus muirí a fheabhsú.

(82)

Ba cheart do CEMI a bheith comhlántach, agus comhleanúnach, leis na hionstraimí airgeadais a chuireann an tAontas agus na Ballstáit ar fáil i láthair na huaire agus a chuirfidh siad ar fáil amach anseo, ar leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, chun forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, cosaint agus úsáid inbhuanaithe na n-aigéan, na bhfarraigí agus na gcóstaí a chur chun cinn, rud a chuideoidh le comhar níos éifeachtaí a chruthú idir na Ballstáit agus a réigiúin ar an gcósta, a réigiúin oileánacha agus a réigiúin is forimeallaí, agus tosaíocht agus dul chun cinn na dtionscadal náisiúnta agus áitiúil á gcur san áireamh. Ba cheart go mbeadhCEMI ag teacht le beartais eile de chuid an Aontais a d’fhéadfadh gné mhuirí a chuimsiú, go háirithe CFRE, CC agus CSE chomh maith le Clár Horizon 2020 a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (16)

(83)

D’fhonn cuspóirí CBI a bhaint amach ar leibhéal domhanda, tá ról gníomhach ag an Aontas in obair eagraíochtaí idirnáisiúnta. Tá sé bunriachtanach dá bhrí sin go gcuirfidh an tAontas le gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin a chabhraíonn lena áirithiú go ndéantar acmhainní iascaigh a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe ar an mórmhuir agus i bhfarraigí tríú tíortha. Ba cheart leanúint leis an tacaíocht atá á deonú d’eagraíochtaí idirnáisiúnta ar bhonn Rialachán Uimh. (CE) Uimh. 861/2006 faoi CEMI, de réir loighic an chiste aonair.

(84)

D’fhonn rialachas a fheabhsú laistigh de CBI agus feidhmiú éifeachtach na gComhairlí Comhairleacha a áirithiú, tá sé riachtanach cistiú buan agus leordhóthanach a chur ar fáil do Chomhairlí Comhairleacha d’fhonn a ról comhairleach laistigh de CBI a shaothrú go héifeachtúil. De réir loighic an chiste aonair, ba cheart an tacaíocht atá á deonú do Chomhairlí Comhairleacha faoi CEMI a chur in ionad na tacaíochta atá á deonú do chomhairlí comhairleacha Réigiúnacha ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle.

(85)

Trí bhíthin cúnamh teicniúil, ba cheart do CEMI cur chun feidhme an chláir oibríochtúil a éascú, inter alia trí chineálacha nuálacha cur chuige agus cleachtais a chur chun cinn ar mhaithe le cur chun feidhme simplí agus trédhearcach. Ba cheart a áireamh i gcúnamh teicniúil freisin gréasán Eorpach GÁGIanna a bhunú a bheadh dírithe ar fhorbairt acmhainní, scaipeadh faisnéise, roinnt taithí agus tacú le comhar idir na comhpháirtíochtaí áitiúla

(86)

Ar mhaithe le comhpháirtíocht mhaith oibre agus le cur chun cinn cuí chúnamh an Aontais, ba cheart foráil a dhéanamh don fhaisnéis is forleithne is féidir agus do phoiblíocht i leith thacaíocht an Aontais. Ba cheart do na húdaráis atá freagrach as cúnamh a bhainistiú a bheith freagrach as na gnéithe sin maidir le faisnéis agus le poiblíocht agus as an Coimisiún a choinneáil ar an eolas i leith na mbeart a ghlactar i leith sin.

(87)

Maidir le gach oibríocht arna maoiniú faoin Rialachán seo, faoi bhainistíocht dhíreach agus faoi bhainistíocht chomhpháirteach araon, is gá a áirithiú go ndéantar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí chur i bhfeidhm cuí na reachtaíochta ábhartha a bhaineann le cosaint na leasanna sin, agus is gá a áirithiú go ndéanann na Ballstáit agus an Coimisiún rialuithe iomchuí.

(88)

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha CBI dá dtagraítear inRialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus chun cur le comhlíonadh rialacha CBI, ba cheart forálacha breise i dtaobh na rialacha maidir leis an spriocdháta íocaíochta a bhriseadh mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. I gcás inar mhainnigh Ballstát nó oibreoir a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi CBI nó i gcás ina bhfuil fianaise ag an gCoimisiún a thugann le tuiscint nár chomhlíon siad iad, ba cheart cead a thabhairt don Choimisiún spriocdhátaí íocaíochta a bhriseadh mar bheart réamhchúraim.

(89)

Chomh maith leis an gcaoi go bhféadfaí an spriocdháta íocaíochta a bhriseadh agus, d’fhonn an baol is léir a bhaineann le híoc amach caiteachais neamh-incháilithe a sheachaint, ba cheart cead a thabhairt don Choimisiún íocaíochtaí i gcás neamhchomhlíonadh tromchúiseach rialacha CBI ag Ballstát a chur ar fionraí.

(90)

Ba cheart meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar chláir oibríochtúla chun a gcáilíocht a fheabhsú agus chun a bhfuil bainte amach a léiriú. Ba cheart don Choimisiún creat a bhunú chun córas comh-mheastóireachta agus comhfhaireacháin a dhéanamh lena n-áiritheofaí, inter alia, go mbeadh sonraí ábhartha ar fáil go tráthúil. Sa chomhthéacs seo, ba cheart liosta táscairí a chinneadh agus ba cheart don Choimisiún tionchar bheartas CEMI a mheas maidir le cuspóirí sonracha.

(91)

Ba cheart an fhreagracht as faireachán ar chur chun feidhme chlár oibríochta a roinnt idir an tÚdarás Bainistíochta agus Coiste Faireacháin a chuirfear ar bun chun na críche seo. Chuige sin, ba cheart freagrachtaí faoi seach an Údaráis Bainistíochta agus an Choiste Faireacháin a a shonrú. Ba cheart é a bheith i gceist le faireachán ar chlár oibríochta go n-ullmhófaí tuarascáil bhliantúil ar an gcur chun feidhme, atá le cur chuig an gCoimisiún.

(92)

D’fhonn inrochtaineacht agus trédhearcacht faisnéise maidir le deiseanna maoinithe agus tairbhithe tionscadail a fheabhsú, ba cheart a chur ar fáil i ngach Ballstát suíomh gréasáin aonair nó tairseach suímh ghréasáin ina gcuirtear faisnéis ar fáil faoin gclár oibríochtúil, lena n-áirítear liostaí de na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi gach clár oibríochtúil. Ba cheart go mbeadh rochtain ar na suíomhanna gréasáin tiomnaithe trí shuíomh gréasáin oifigiúil amháin de chuid an Aontais freisin chun go mbeadh rochtain níos éasca ag saoránaigh Bhallstát éagsúil ar fhaisnéis foilsithe sna Ballstáit go léir. Ba cheart don fhaisnéis sin bheith réasúnta, soiléir agus nithiúil chun tuiscint a thabhairt don phobal i gcoitinne agus, go háirithe do cháiníocóirí an Aontais, maidir leis an dóigh a gcaitear cistiú an Aontais faoi chuimsiú CEMI. De bhreis ar an gcuspóir sin, ba cheart go ndéanfaí poibliú breise ar an deis chun iarratas a dhéanamh ar chistiú an Aontais trí na sonraí ábhartha a fhoilsiú. Gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) féadfar, le foilseachán dá leithéid, ainmneacha daoine nádúrtha a chur san áireamh i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát.

(93)

D’fhonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le sainaithint na tréimhse ama agus dátaí ábhartha tosaithe nó críochnaithe na tréimhse i dtaca leis na critéir inghlactha le haghaidh iarratas, coigeartú na céatadáin maidir le himdháileadh táscach na gcistí i measc na gcuspóirí faoi bhainistiú díreach, sainiú oibríochtaí agus na gcostas incháilithe maidir le hinfheistíochtaí a bhaineann le sláinteachas, sláinte agus sábháilteacht, agus infheistíochtaí a bhaineann le dálaí oibre ar bord nó i dtrealamh ar leith, sainiú chostais incháilithe oibríochtaí chun bithéagsúlacht agus éiceachórais na mara a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí inbhuanaithe iascaireachta, sainiú na gcostas incháilithe le tacaíocht i ndáil le hinfheistíochtaí i dtrealamh nó ar bord atá dírithe ar astú na dtruailleán a laghdú nó ar gháis cheaptha teasa a laghdú agus ar éifeachtúlacht fuinnimh na soithí iascaireachta a mhéadú, sainiú ar nacostais bhreise a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí, sainiú chásanna neamhchomhlíonta na mBallstát atá in ann briseadh an sprioclae íocaíochta nó fionraí na n-íocaíochtaí a ghníomhachtú, sainiú ar na critéir chun leibhéal an cheartaithe airgeadais a shocrú agus na critéir chun ceartuithe airgeadais ar ráta comhréidh nó eachtarshuite a shocrú, agus sainiú inneachar agus struchtúr an chórais choitinn faireacháin agus meastóireachta.

(94)

Chun trasdul rianúil a éascú ón gcóras a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 chuig an gcóras arna bhunú leis an Rialachán seo ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le forálacha idirthréimhseacha a bhunú.

(95)

Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh faoin Rialachán seo, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe., Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(96)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le miondealú bliantúil na n-acmhainní domhanda ag gachBallstát, a leagan amach, ar acmhainní iad atá ar fáil le haghaidh gealltanas faoi chuimsiú na bainistíochta comhpháirtí agus cinntí lena bhformheastar na cláir oibríochtúla agus na leasuithe orthu, lena bhformheastar cláir náisiúnta um bailiú sonraí, lena nglactar na cláir oibre bhliantúla, a bhaineann le cúnamh theicniúil ar thionsnamh an Choimisiúin lena n-aithnítear go bhfuil fianaise ann go bhfuarthas go raibh neamhchomhlíonadh tromchúiseach ann maidir le hoibleagáidí faoi gCBI, lena n-aithnítear gur mhainnigh Ballstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi CBI maidir le fionraí na n-íocaíochtaí eatramhacha faoin gclár oibríochtúil ina n-iomláine nó go páirteach„ agus cinntí lena ndéantar coigeartuithe airgeadais a dhéanamh trí thacaíocht an Aontais le clár oibríochtúil a chealú ina hiomláine nó ina cuid. Ba cheart don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a chur i bhfeidhm.

(97)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin maidir le heilimintí an chláir oibríochtúil a thíolacadh, na rialacha maidir le nósanna imeachta, formáid agus amchláir a bhaineann le leasuithe ar an gclár oibríochtúil a thíolacadh agus a ghlacadh, an clár oibre bliantúil faoi Chaibidil I agus faoi Caibidil II de Theideal VI, struchtúr an phlean chúitimh le haghaidh na réigiún is forimeallaí, feidhmiú na bpointí éagsúla céatadáin de mhéid cúnaimh phoiblí an tsamhail a bheidh le húsáid ag na Ballstáit agus na sonraí airgeadais á gcur faoi bhráid an Choimisiúin, socrú na dtáscairí a bhaineann go sonrach le tosaíochtaí an Aontais, rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le cur isteach ag na Ballstáitagus maidir leis na riachtanais sonraí atá ag foinsí sonraí féideartha agus na sineirgí atá eatarthu, agus cur i láthair fhormáid na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme agus na heilimintí le háireamh sna meastóireachtaí ex-ante. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid..

(98)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart, thairis sin, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le glacadh agus mionsonrú aon athruithe sna tosaíochtaí iarmhír de chuid an Aontais i ndáil le forfheidhmiú agus rialú, lena leagtar síos rialacha maidir le sonraí a chur i láthair ar sonraí iad a chuireann údaráis Bainistíochta i láthair, tréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus poiblíochta i ndáil leis an oibríocht agus treoracha maidir leis an suaitheantas a chruthú agus sainmhíniú na ndathanna caighdeánacha. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid, d’fhonn nós imeachta níos simplí agus níos gasta a áirithiú.

(99)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach mar gheall ar na fadhbanna struchtúracha a tháinig chun cinn agus na hearnálacha muirí, dobharshaothraithe agus iascaigh a bhforbairt, agus ar na hacmhainní teoranta airgeadais atá ag na Ballstáit, agus gur fearr, dá bhrí sin de bharr scála agus iarmhairtí na n-oibríochtaí atá le maoiniú faoi na cláir oibríochtúla is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais trí chúnamh ilbhliantúil airgeadais a chur ar fáil atá dírithe ar na tosaíochtaí iomchuí, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

(100)

Cuirtear an scéim nua tacaíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo in ionad na scéime tacaíochta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003, le Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, le Rialachán (CE) Uimh. 861/2006, leRialachán (CE) Uimh. 1198/2006, le Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011„ le Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 agus le hAirteagal 103 de Rialachán (CE)1224/2009. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacháin sin agus an fhoráil sin a aisghairm ón 1 Eanáir 2014, Mar sin féin, níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú an chúnaimh a d’fhormheas an Coimisiún ar bhonn Rialachán (CE) Uimhir 1198/2006 ná d’aon reachtaíocht eile a raibh feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Chun a áirithiú go mbeidh leanúnachas ann, cuirfear i bhfeidhm é ón 1 Eanáir 2014 freisin, beag beann ar an dáta theacht i bhfeidhm.

(101)

Is iomchuí, dá bhrí sin, tréimhse chur i bhfeidhm an Rialachain seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 1303/2013. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME, AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Sainítear sa Rialachán seo bearta airgeadais an Aontais chun na nithe seo a leanas a chur chun feidhme:

(a)

an Comhbheartas Iascaigh (CBI);

(b)

bearta ábhartha a bhaineann le Dlí na Farraige;

(c)

forbairt inbhuanaithe na limistéar iascaigh agus dobharsaothraithe agus na hiascaireachta intíre; agus

(d)

an Beartas Muirí Comhtháite (BMC).

Airteagal 2

Raon feidhme geografach

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí a dhéantar i gcríoch an Aontais mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, in Airteagal 5 deRialachán (AE) Uimh. 1379/2013, Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise’ (CISE) líonra córas ina bhfuil suiteáil dhíláraithe arna forbairt chun faisnéis a mhalartú i measc úsáideoirí d’fhonn feabhas a chur ar fheasacht staide ar ghníomhaíochtaí ar muir;

(2)

ciallaíonn ‘oibríochtaí trasearnálacha’ na tionscnaimh sin a théann chun tairbhe earnálacha agus/nó beartas earnálach éagsúil, dá dtagraítear sa CFAE, agus nach féidir iad a bhaint amach go hiomlán trí bhíthin beart atá cuimsithe laistigh de réimsí beartais faoi seach;

(3)

ciallaíonn ‘córas taifeadta agus tuairiscithe leictreonach’ (ERS) córas chun sonraí dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009a thaifeadadh agus a thuairisciú go leictreonach;

(4)

ciallaíonn ‘Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach’ líonra lena ndéantar cláir ábhartha náisiúnta um breathnóireacht agus sonraí muirí a chomhtháthú in acmhainn Eorpach choiteann agus inrochtana;

(5)

ciallaíonn ‘limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe’ limistéar le cósta mara, le cósta abhann nó le cósta locha ina bhfuil locháin nó imchuach abhann agus ina bhfuil leibhéal suntasach fostaíochta in iascach nó sa dobharshaothrú, atá comhtháite ó thaobh feidhme i dtéarmaí geografacha, eacnamaíocha agus sóisialta, agus atá ainmnithe mar limistéar den chineál sin ag Ballstát;

(6)

ciallaíonn ‘iascaire’ aon duine ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála, faoi mar atá aitheanta ag an mBallstát;

(7)

ciallaíonn “iascaireacht intíre” gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha tráchtála a dhéanann soithí ag feidhmiú dóibh in uiscí intíre nó a dhéanann feistí eile, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear le haghaidh iascaireachta oighir;

(8)

ciallaíonn “bainistiú comhtháite an chreasa cósta” na straitéisí agus na bearta sin a gcuirtear síos orthu sa Mholadh ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (2002/413/CE) (19);

(9)

ciallaíonn ‘rialachas muirí comhtháite’ bainistiú comhordaithe ar gach beartas earnála ar leibhéal an Aontais a dhéanann difear do na haigéin, do na farraigí agus do réigiúin ar an gcósta;

(10)

ciallaíonn ‘Beartas Muirí Comhtháite’ (BMC) beartas de chuid an Aontais arb é is aidhm leis cinnteoireacht chomhordaithe agus chomhleanúnach a chothú chun forbairt inbhuanaithe, fás eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta na mBallstát, agus go háirithe na réigiún cósta, oileánach agus na réigiún is forimeallaí san Aontas a uasmhéadú, i dteannta na n-earnálacha muirí, trí bheartais chomhtháite a bhaineann leis an muir agus trí chomhar idirnáisiúnta ábhartha;

(11)

ciallaíonn ‘Faireachas Muirí Comhtháite’ (IMS) tionscnamh de chuid an Aontais a bhfuil sé d’aidhm aige feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht i ngníomhaíochtaí faireachais sna farraigí Eorpacha trí mhalartú faisnéise agus trí chomhoibriú thar earnálacha agus thar theorainneacha;

(12)

ciallaíonn ‘pleanáil spásúil mhuirí’ próiseas trína ndéanann údaráis an Bhallstáit lena mbaineann anailís ar ghníomhaíochtaí an duine i limistéir mhuirí, agus trína ndéanann siad na gníomhaíochtaí sin a eagrú, d’fhonn cuspóirí éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach;

(13)

ciallaíonn ‘beart’ sraith oibríochtaí;

(14)

ciallaíonn ‘iascaireacht chósta ar mhionscála’ iascaireacht arna déanamh ag soithí iascaireachta atá níos giorra ná 12 mhéadar ar an iomlán gan trealamh tarraingthe in úsáid acu mar atá liostaithe i dTábla 3 d’Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún (20).

(15)

ciallaíonn ‘soithí atá ag oibriú go heisiach in uiscí intíre’ soithí atá ag gabháil d’iascaireacht tráchtála in uiscí intíre agus nach bhfuil ar áireamh ar chlár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais.

TEIDEAL II

AN CREAT AIRGEADAIS

CAIBIDIL I

Bunú agus cuspóirí an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh

Airteagal 4

Bunú

Bunaítear leis seo an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI).

Airteagal 5

Cuspóirí

Rannchuideoidh CEMI leis na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

(a)

iascaigh agus dobharshaothrú atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, inmharthanacht ón taobh eacnamaíoch de agus freagrach ón taobh sóisialta de a chur chun cinn;

(b)

cur chun feidhme CBI a chothú;

(c)

forbairt chríochach chothromúil agus uilechuimsitheach na limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe a chur chun cinn;

(d)

forbairt agus cur chun feidhme BMC an Aontais a chothú ar bhealach atá comhlántach le beartas comhtháthaithe agus le CBI;

Ní bheidh méadú san acmhainn iascaireachta mar thoradh ar shaothrú na gcuspóirí sin.

Airteagal 6

Tosaíochtaí an Aontais

Rannchuideoidh CEMI leis an Straitéis Eoraip 2020 agus le CBI a chur chun feidhme. Saothrófar leis na tosaíochtaí seo a leanas de chuid an Aontais le haghaidh iascach agus dobharshaothraithe agus gníomhaíochtaí gaolmhara, trína léirítear na cuspóirí téamacha ábhartha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013:

(1)

Iascaigh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, atá tíosach ar acmhainní, nuálach, iomaíoch agus eolasbhunaithe a chur chun cinn tríd na cuspóirí sonracha a leanas a shaothrú:

(a)

tionchar na n-iascach ar an gcomhshaol mara a laghdú, lena n-áirítear gabhálacha nach bhfuil de dhíth a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir;

(b)

bithéagsúlacht uisceach agus éiceachórais uisceacha a chosaint agus a athbhunú;

(c)

cothromas idir an acmhainn iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil a áirithiú;

(d)

iomaíochas agus inmharthanacht fiontar iascaigh a fheabhsú, lena n-áirítear iomaíochas agus inmharthanacht an chabhlaigh chósta ar mhionscála agus feabhas a chur ar shábháilteacht nó ar dhálaí oibre;

(e)

tacaíocht a sholáthar maidir le forbairt theicniúil, nuálaíocht, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus aistriú eolais a neartú;

(f)

oiliúint ghairmiúil, scileanna gairmiúla nua agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt;

(2)

Dobharshaothrú atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, atá tíosach ar acmhainní, nuálach, iomaíoch agus eolasbhunaithe a chur chun cinn tríd na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:

(a)

tacaíocht a sholáthar maidir le forbairt theicniúil, nuálaíocht agus aistriú eolais a neartú;

(b)

iomaíochas agus inmharthanacht fhiontair an dobharshaothraithe a fheabhsú, lena n-áirítear feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre, agus, ó thaobh FBManna de go háirithe;

(c)

an bhithéagsúlacht uisceach a athbhunú agus a chosaint agus éiceachórais a bhaineann le dobharshaothrú a fheabhsú agus dobharshaothrú atá tíosach ar acmhainní a chur chun cinn;

(d)

dobharshaothrú ina bhfuil ardleibhéal cosanta comhshaoil agus sláinte agus leas ainmhithe agus ardleibhéal sláinte agus sábháilteachta poiblí a chur chun cinn;

(e)

oiliúint ghairmiúil, scileanna gairmiúla nua agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt;

(3)

Cur chun feidhme CBI a chothú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:

(a)

eolas eolaíoch a fheabhsú agus a sholáthar agus sonraí a bhainistiú agus a bhailiú;

(b)

tacú le faireachán, rialú agus forfheidhmiú, cumas institiúideach agus riarachán poiblí éifeachtach a fheabhsú gan an t-ualach riaracháin a mhéadú.

(4)

Fostaíocht agus comhtháthú críochach a mhéadú tríd an cuspóir seo a leanas a shaothrú: fás eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus cruthú post a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht agus infhostaitheacht an lucht saothair i bpobail chósta agus intíre a bhíonn ag brath ar an iascaireacht agus ar an dobharshaothrú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí laistigh d’iascach a éagsúlú in earnálacha eile den gheilleagar muirí.

(5)

Margaíocht agus próiseáil a chothú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:

(a)

an margadh a eagrú ar bhealach níos fearr le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(b)

infheistíocht a spreagadh sna hearnálacha próiseála agus margaíochta.

(6)

Cur chun feidhme BMC a chothú.

CAIBIDIL II

Bainistíocht chomhpháirteach agus dhíreach

Airteagal 7

Bainistíocht chomhpháirteach agus dhíreach

1.   Maoineofar trí CEMI bearta atá cumhdaithe faoi Theideal V, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhpháirtí idir an tAontas agus na Ballstáit agus na comhrialacha arna leagan síos le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.   Maoineofar trí CEMI bearta atá cumhdaithe faoi Theideal VI i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta dírí.

CAIBIDIL III

Prionsabail ghinearálta an chúnaimh faoi bhainistíocht chomhpháirteach

Airteagal 8

Státchabhair

1.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 107, ag Airteagal 108 agus ag Airteagal 109 CFAE maidir le cabhair arna deonú ag na Ballstáit do ghnóthais in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe.

2.   Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, ag Airteagal 108 agus ag Airteagal 109 CFAE maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo, agus i gcomhréir leis, faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE.

3.   Forálacha náisiúnta lena mbunaítear maoiniú poiblí a théann thar fhorálacha an Rialacháin seo maidir le híocaíochtaí, dá dtagraítear i mír 2, déanfar iad a láimhseáil ina n-iomláine ar bhonn mhír 1.

4.   Do na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE, a bhfuil feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 de ina leith, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 108 CFAE, cabhair oibriúcháin a údarú sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE laistigh de na hearnálacha ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear agus ina margaítear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, d’fhonn na srianta sonracha sna réigiúin sin mar thoradh ar a leithlisiú, a n-oileánachas agus a bhfíoriargúltacht a mhaolú.

Airteagal 9

Coinníollachtaí ex ante sonracha

Beidh feidhm ag na coinníollachtaí ex ante sonracha dá dtagraítear in Iarscríbhinn IVmaidir le CEMI.

CAIBIDIL IV

Inghlacthacht iarratas agus oibríochtaí neamh-incháilithe

Airteagal 10

Inghlacthacht iarratas

1.   Ní bheidh aon iarrataí a thíolacann oibreoirí le haghaidh tacaíochta ó CEMI inghlactha ar feadh tréimhse sainaitheanta ama a leagtar síos de bhun mhír 4 den Airteagal seo, má chinn údarás inniúil go bhfuil na hoibreoirí lena mbaineann tar éis na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

go bhfuil sárú tromchúiseach faoi Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (21) nó faoi Airteagal 90(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 déanta acu;

(b)

go raibh siad páirteach in oibriú, i mbainistiú nó in úinéireacht soithí iascaireachta atá ar áireamh i liosta soithí neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte an Aontais mar atá leagtha amach in Airteagal 40(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó soithí a bhfuil bratach air de chuid tríú tíortha neamh-chomhoibritheacha a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán sin;

(c)

go bhfuil sáruithe tromchúiseacha déanta acu ar rialacha CBI, ar sáruithe iad atá sainaitheanta amhlaidh i reachtaíocht eile a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle; nó

(d)

aon cheann de na cionta a dhéanamh atá leagtha amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), má dhéantar an t-iarratas ar thacaíocht faoi, Caibidil II de Theideal V den Rialachán seo.

2.   Leanfaidh an tairbhí de na coinníollacha inghlacthachta dá dtagraítear in mír 1(a) go (d) a chomhlíonadh, tar éis an t-iarratas a chur isteach agus le linn thréimhse iomlán chur chun feidhme na hoibríochta agus ar feadh cúig bliana tar éis na híocaíochta deiridh leis an tairbhí sin.

3.   Ní bheidh iarratas arna chur isteach ag oibreoir inghlactha go ceann tréimhse ama shainaitheanta arna leagan síos de bhun mhír 4 den Airteagal seo, más rud é gur chinn an t-údarás inniúil go bhfuil calaois déanta ag an oibreoir sin, mar a shainmhínítear í in Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (23) i gcomhthéacs Chiste Eorpach Iascaigh (CEI) nó faoi CEMI, inghlactha ar feadh tréimhse ama sainaitheanta.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 126 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a shainaithint a bheidh comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an tsáraithe thromchúisigh nó an chiona thromchúisigh, agus fad bliain amháin ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin;

(b)

dátaí ábhartha tosaithe nó críochnaithe na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 den Airteagal seo.

5.   Ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí a bhfuil iarratas á dtíolacadh acu faoi CEMI go soláthróidh siad deimhniú sínithe don údarás bainistíochta lena ndearbhaítear go bhfuil na critéir atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo á n-urramú agus nach bhfuil calaois déanta acu faoin CEI ná faoi CEMI dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Deimhneoidh na Ballstáit fírinneacht an dearbhaithe roimh fhormheas na hoibríochta, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil i gcomhréir le clár náisiúnta na sáruithe dá dtagraitear in Airteagal 93 den Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, nó ar shonraí eile atá ar fáil.

Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh Ballstát ar fáil, arna iarraidh sin do Bhallstát eile, faisnéis atá ina chlár náisiúnta de sháruithe dá dtagraítear in Airteagal 93 de Rialachán (CE) Uimhir 1224/2009.

Airteagal 11

Oibríochtaí neamh-incháilithe

Ní bheidh na hoibríochtaí seo a leanas incháilithe faoi CEMI:

(a)

oibríochtaí lena méadaítear acmhainn iascaireachta soithigh, nó trealamh lena méadaítear cumas an tsoithigh teacht ar éisc;

(b)

soithí nua iascaireachta a thógáil nó soithí iascaireachta a allmhairiú;

(c)

scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, mura ndéantar foráil don mhéid sin go sonrach sa Rialachán;

(d)

iascaireacht thaiscéalaíoch;

(e)

aistriú úinéireachta ar ghnóthas;

(f)

athstocáil dhíreach, mura bhfuil foráil déanta dó go sainráite mar bheart caomhantais i gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais nó i gcás athstocála trialaí.

TEIDEAL III

AN CREAT AIRGEADAIS

Airteagal 12

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Déanfar buiséad an Aontais a leithdháilfear ar CEMI faoi Theideal V den Rialachán seo a chur chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta comhpháirtí de réir Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.   Déanfaidh an Coimisiún buiséad an Aontais a leithdháilfear ar CEMI faoi Theideal VI den Rialachán seo a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

3.   Cealóidh an Coimisiún an ceangaltas buiséadach ar fad nó cuid den cheangaltas buiséadach faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus, i gcás inarb iomchuí, le hAirteagal 123 den Rialachán seo.

4.   Déanfar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm de réir Airteagal 30 agus Airteagal 53 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 13

Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht chomhpháirteach

1.   Is ionann na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh oibleagáidí ó CEMI don tréimhse ó 2014 go 2020 faoi bhainistíocht chomhpháirteach agus EUR 5 749 331 600 i bpraghsanna reatha agus i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Leithdháilfear EUR 4 340 800 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar fhorbairt inbhuanaithe an iascaigh, an dobharshaothraithe agus na limistéar iascaigh faoi Chaibidil I, Caibidil II, Caibidil III, Caibidil IV agus Caibidil VII de Theideal V, seachas Airteagal 67.

3.   Leithdháilfear EUR 580 000 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír (1) ar bhearta rialaithe agus forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76.

4.   Leithdháilfear EUR 520 000 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír (1) ar bhearta maidir le sonraí a bhailiú, dá dtagraítear in Airteagal 77.

5.   Leithdháilfear EUR 192 500 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar chúiteamh na réigiún is forimeallaí faoi Chaibidil V de Theideal V, agus ní shárófar na suimeanna seo a leanas in aghaidh na bliana:

(a)

EUR 6 450 000 i gcomhair na nAsór agus Mhaidéara;

(b)

EUR 8 700 000 i gcomhair na nOileán Canárach;

(c)

EUR 12 350 000 do réigiúin fhorimeallacha na Fraince a chumhdaítear dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.

6.   Leithdháilfear EUR 44 976 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar bhearta maidir le sonraí a bhailiú dá dtagraítear in Airteagal 67.

7.   Leithdháilfear uasmhéid EUR 71 055 600 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar na bearta maidir le BMC dá dtagraítear i gCaibidil VIII de Theideal V.

8.   Beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit acmhainní a úsáid atá ar fáil i mír 15(3) agus i mír 15(4) go hidirmhalartach.

Airteagal 14

Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht dhíreach

1.   Is é EUR 647 275 400 i bpraghsanna reatha na hacmhainní a bheidh ar fáil le haghaidh oibleagáidí ó CEMI don tréimhse 2014-2020 do bhearta faoi bhainistíocht dhíreach mar a shonraítear i gCaibidil I agus i gCaibidil II de Theideal VI.

2.   Chun críocha Chaibidil I agus Chaibidil II de Theideal VI, leagtar amach in Iarscríbhinn III imdháileadh táscach na gcistí i measc na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 82 agus in Airteagal 85.

3.   Féadfaidh an Coimisiún imeacht ó na céatadáin tháscacha dá dtagraítear i mír 2 ach ní fhéadfaidh sé dul os cionn 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais i ngach cás.

4.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 126, lena ndéantar coigeartú ar na céatadáin a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

Airteagal 15

Athscrúdú meántéarma

Athscrúdóidh an Coimisiún cur chun feidhme Chaibidil I agus Chaibidil II de Theideal VI, lena n-áirítear an gá atá le coigeartú a dhéanamh ar imdháileadh táscach na gcistí mar a leagtar síos in Iarscríbhinn III é, agus déanfaidh sé tuarascáil eatramhach mheastóireachta a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis na torthaí a fuarthas agus le gnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla CEMI, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2017.

Airteagal 16

Dáileadh airgeadais le haghaidh na bainistíochta comhpháirtí

1.   I gcás na n-acmhainní atá ar fáil le haghaidh oibleagáidí na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 13 (2) go (7) don tréimhse 2014 go 2020 mar a leagtar amach iad sa tábla in Iarscríbhinn II, cinnfear iad ar bhonn na gcritéar oibiachtúil seo a leanas:

(a)

maidir le Teideal V, cé is moite d’Airteagal 76 agus Airteagal 77:

(i)

an leibhéal fostaíochta in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe mhuirí agus uisce úir, lena n-áirítear an leibhéal fostaíochta sa phróiseáil lena mbaineann,

(ii)

an leibhéal táirgthe in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe mhuirí agus uisce úir, lena n-áirítear an phróiseáil lena mbaineann; agus

(iii)

cion an chabhlaigh iascaireachta cósta ar mhionscála sa chabhlach iascaireachta trí chéile;

(b)

maidir le hAirteagal 76 agus Airteagal 77:

(i)

raon chúraimí rialaithe an Bhallstáit lena mbaineann, agus aird á tabhairt ar mhéid an chabhlaigh iascaireachta, méid réimse na farraige atá le rialú, méid na ngabhálacha a thugtar i dtír agus luach na n-allmhairí ó thríú tíortha

(ii)

na hacmhainní rialaithe atá ar fáil i gcomparáid le raon chúraimí rialaithe an Bhallstáit, trína meastar na modhanna atá ar fáil agus aird á tabhairt ar líon na rialuithe a dhéantar ar muir agus líon na gcigireachtaí a dhéantar ar thabhairt i dtír gabhálacha;

(iii)

méid na gcúraimí bailithe sonraí a bheidh ar an mBallstát lena mbaineann, agus agus aird á tabhairt ar mhéid an chabhlaigh iascaireachta náisiúnta, méid na ngabhálacha a thugtar i dtír agus méid an táirgthe dobharshaothraithe, líon na ngníomhaíochtaí faireacháin eolaíoch ar muir agus líon na suirbhéanna a bhfuil an Ballstát rannpháirteach iontu; agus

(iv)

na hacmhainní bailithe sonraí atá ar fáil i gcomparáid le méid na gcúraimí bailithe sonraí a bheidh ar an mBallstát, i gcás ina neasaítear na modhanna atá ar fáil trí aird a thabhairt ar na hacmhainní daonna agus do na modhanna teicniúla is gá chun an clár náisiúnta samplála le haghaidh bailiú sonraí a chur chun feidhme;

(c)

i ndáil le gach uile bheart, na leithdháiltí stairiúla cistí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle agus an t-ídiú stairiúil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, cinneadh ina leagfar amach miondealú bliantúil na n-acmhainní foriomlána de réir an Bhallstáit.

TEIDEAL IV

CLÁRÚ

CAIBIDIL I

Clárú le haghaidh beart arna maoiniú faoi bhainistíocht chomhpháirteach

Airteagal 17

Cláir oibríochtúla a ullmhú

1.   Dréachtóidh gach Ballstát clár oibríochtúil aonair chun tosaíochtaí an Aontais le haghaidh iascaigh agus dobharshaothraithe a bheidh le cómhaoiniú ag CEMI a chur chun feidhme, lena leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo.

2.   Bunóidh an Ballstát an clár oibríochtúil tar éis comhoibriú go dlúth leis na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

3.   Maidir leis an roinn den chlár oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1)(n), glacfaidh an Coimisiún trí ghníomhartha cur chun feidhme tosaíochtaí iarbhír an Aontais maidir le beartas forfheidhmithe agus rialaithe faoin 31 Bealtaine 2014. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 127(2).

Airteagal 18

Inneachar an chláir oibríochtúil

1.   Sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 áireofar sa chlár oibríochtúil na nithe seo leanas:

(a)

anailís ar an gcás i dtéarmaí láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí agus sainaithint na riachtanas a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu sa limistéar geografach atá cumhdaithe faoin gclár, lena n-áirítear imchuacha farraigí, i gcás inarb ábhartha;

Déanfar an anailís a struchtúrú thart ar thosaíochtaí ábhartha an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 6 iad agus, i gcás inarb infheidhme, beidh sí i gcomhréir leis an bPlean Straitéiseach Náisiúnta Ilbhliantúil maidir le Dobharshaothrú, dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachan (AE) 1380/2013 agus an dul chun cinn chun dea-riocht comhshaoil a bhaint amach trí straitéis mhuirí, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2008/56/CE a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Measúnófar sainriachtanais maidir le poist, an comhshaol, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus nuálaíocht a chur chun cinn i ndáil le tosaíochtaí an Aontais, d’fhonn na freagairtí is ábhartha a aithint ar leibhéal gach tosaíochta a bhaineann leis an réimse sin;

(b)

tuairisc ar an straitéis de réir bhrí Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, lena léireofar na nithe seo a leanas:

(i)

go leagtar amach spriocanna iomchuí do gach ceann de thosaíochtaí an Aontais a áirítear sa chlár, ar bhonn na gcomhtháscairí ar thorthaí dá dtagraítear in Airteagal 109 den Rialachán seo;

(ii)

go leanann roghnú na mbeart ábhartha go loighciúil as gach ceann de thosaíochtaí an Aontais a roghnaíodh sa chlár agus na conclúidí ón measúnú ex-ante agus an anailís dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo á gcur san áireamh. Maidir leis na bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta a scor go buan faoi Airteagal 34 den Rialachán seo, áireofar sa tuairisc sin na spriocanna agus na bearta a bheidh le glacadh chun an acmhainn iascaireachta a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Cuirfear san áireamh chomh maith tuairisc ar an modh le haghaidh ríomh an chúitimh atá le deonú faoi Airteagal 33 agus Airteagal 34 den Rialachán seo;

(iii)

go bhfuil leithdháileadh na n-acmhainní airgeadais do thosaíochtaí an Aontais a áirítear sa chlár inchosanta agus leordhóthanach chun na spriocanna atá socraithe a bhaint amach;

(c)

i gcás inarb iomchuí, riachtanais shonracha limistéir Natura 2000, mar a bunaíodh le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (25), agus rannchuidiú an chláir le líonra comhtháite de cheantair stoic athshlánaithe éisc a bhunú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d)

an measúnú ar na coinníollachtaí sonracha ex ante chun críocha Airteagal 9 agus Iarscríbhinn IV den Rialachán seo agus, nuair a éilítear é, na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(e)

tuairisc ar an gcreat feidhmíochta de réir bhrí Airteagal 22 agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(f)

liosta de na bearta a roghnaíodh agus iad á n-eagrú de réir thosaíochtaí an Aontais;

(g)

liosta de na critéir a chuirtear i bhfeidhm chun na limistéir iascaigh agus dobharshaothraithe a roghnú faoi Chaibidil III de Theideal V;

(h)

liosta de na critéir roghnúcháin maidir le straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail faoi Chaibidil III de Theideal V;

(i)

i mBallstáit ina bhféadfar a mheas go bhfuil os cionn 1 000 soitheach ina soithí iascaireachta cósta ar mhionscála, plean gníomhaíochta le haghaidh forbartha, iomaíochais agus inbhuanaitheachta don iascaireacht chósta ar mhionscála;

(j)

na ceanglais meastóireachta agus an plean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a sainaithníodh;

(k)

plean maoinithe atá le ceapadh agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. á chur san áireamh 1303/2013 agus, i gcomhréir le gníomh chur chun feidhme an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo, ina gcuimsítear iad seo a leanas:

(i)

tábla ina leagtar amach ranníocaíocht iomlán CEMI atá beartaithe do gach bliain;

(ii)

tábla ina leagtar amach na hacmhainní de chuid CEMI is infheidhme agus ráta cómhaoinithe CEMI maidir leis na cuspóirí a shainítear faoi thosaíochtaí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo agus an cúnamh teicniúil; de mhaolú ar an riail ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 94(2) den Rialachán seo, léireofar ar leithligh sa tábla sin, i gcás inarb infheidhme, acmhainní agus rátaí cómhaoinithe CEMI a bhfuil feidhm acu maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 33, Airteagal 34, Airteagal 41(2) in Airteagal 67 agus in Airteagal 70, in Airteagal 76(2) pointí (a) go (d) agus (f) go (l), in pointe (e) d’airteagal 76 (2) agus in Airteagal 77 den Rialachán seo.

(l)

faisnéis faoin gcomhlántacht agus faoin gcomhordú le Cistí CSE agus ionstraimí ábhartha eile cistiúcháin náisiúnta agus Aontais;

(m)

socruithe chun cláir oibriochtúil a chur chun feidhme, lena n-áirítear:

(i)

na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 123 de Rialachán(AE) Uimh. 1303/2013 a shainaithint agus, le haghaidh faisnéise, tuairisc achomair ar an gcóras bainistíochta agus rialúcháin;

(ii)

tuairisc shoiléir ar ról GÁGIanna, ról an údaráis bhainistíochta nó an chomhlachta ainmnithe faoi seach i ndáil leis na cúraimí cur chun feidhme ar fad a bhaineann leis an straitéis forbartha áitiúil faoi stiúir an phobail;

(iii)

tuairisc ar na nósanna imeachta faireacháin agus meastóireachta, mar aon le comhdhéanamh ginearálta an Choiste Faireacháin;

(iv)

na forálacha chun a áirithiú go bpoiblítear an clár i gcomhréir le hAirteagal 119 den Rialachán seo;

(n)

liosta na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus torthaí an chomhairliúcháin leis na comhpháirtithe;

(o)

le haghaidh an chuspóra maidir le comhlíonadh méadaithe trí bhíthin rialaithe dá dtagraítear faoi Airteagal 6(3) (b) agus i gcomhréir le hAirteagal 17(3):

(i)

liosta comhlachtaí a chuireann an córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe chun feidhme agus tuairisc ghairid ar a n-acmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil do rialú, do chigireacht agus d’fhorfheidhmiú iascaigh, ar a bpríomhthrealamh atá ar fáil do rialú, do chigireacht agus d’fhorfheidhmiú iascaigh, go háirithe líon na soithí, na n-aerárthaí agus na héileacaptar;

(ii)

cuspóirí foriomlána na mbeart rialaithe a bheidh le cur chun feidhme trí bhíthin úsáid a bhaint as comhtháscairí atá le leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 109;

(iii)

cuspóirí sonracha atá le baint amach i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6 agus mionsonrú de réir catagóire do ré iomlán na tréimhse clárúcháin;

(p)

Le haghaidh an chuspóra maidir le sonraí a bhailiú i dtaca le bainistíocht inbhuanaithe iascaigh dá dtagraítear faoi phointe (a) d’Airteagal 6(3) agus i gcomhréir le clár ilbhliantúil an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimhir 199/2008 ón gComhairle:

(i)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí bailithe sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(ii)

tuairisc ar mhodhanna stórála sonraí, ar bhainistíocht sonraí agus ar úsáid sonraí;

(iii)

tuairisc ar an gcumas chun bainistíocht fhónta airgeadais agus riaracháin a bhaint amach maidir leis na sonraí a bailíodh;

Déanfar an roinn den chlár oibríochtúil dá dtagraitear i bpointe (p) a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo

2.   Áireofar sa chlár oibríochtúil na modhanna chun costais shimplithe, dá dtagraítear i bpointe (b), (c) agus (d) d’Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, costais bhreise nó ioncam ligthe thar ceal a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 96 den Rialachán seo, nó an modh chun cúiteamh a ríomh de réir na gcritéar ábhartha atá sainaitheanta do gach ceann de na gníomhaíochtaí a úsáidtear faoi Airteagal 40(1), in Airteagal 54, in Airteagal 55, i bpointe (f) d’Airteagal 56(1) agus in Airteagal 67 den Rialachán seo. I gcás inarb ábhartha, ba cheart faisnéis maidir le réamhíocaíochtaí do GÁGIanna faoi Airteagal 62 den Rialachán seo a chur san áireamh freisin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le cur i láthair na ngnéithe a ndéantar tuairisc orthu i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

Airteagal 19

An clár oibríochtúil a fhormheas

1.   Faoi réir Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh.1303/2013, déanfaidh an Coimisiún an clár oibríochtúil a fhormheas trí bhíthin gnímh chur chun feidhme.

2.   Chun na gnomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh, scrúdóidh an Coimisiún an dóchúlacht go mbeidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(b)(ii) in ann an ró-acmhainn atá aitheanta a bhaint go héifeachtach.

Airteagal 20

An clár oibríochtúil a leasú

1.   Déanfaidh an Coimisiún an leasú ar chlár oibríochtúil a fhormheas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

2.   D’fhonn oiriúnú do riachtanais an rialaithe de réir mar a thagann siad i gcrích, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh gach dhá bhliain, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, lena mionsonraítear aon athrú i dtosaíochtaí an Aontais maidir leis an mbeartas forfheidhmithe agus rialaithe a luaitear in Airteagal 17(3) agus na hoibríochtaí comhfhreagracha incháilithe a bheidh le cur in ord tosaíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(2).

3.   Féadfaidh na Ballstáit leasú a chur isteach ar a gclár oibríochtúil, agus na tosaíochtaí nua atá leagtha síos sa chinneadh ón gCoimisiúin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo á gcur san áireamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, bainfear leasuithe ar an gclár oibríochtúil faoi réir an nóis imeachta simplithe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22(2).

Airteagal 21

Pleananna oibre chun sonraí a bhailiú

1.   Chun Airteagal 18(1)(o) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, cuirfidh Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin pleananna oibre trí bhíthin modhanna leictreonacha chun sonraí a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 roimh an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, mura bhfuil plean ann atá fós infheidhmithe agus i gcás mar sin tabharfaidh siad fógra don gCoimisiún faoi. Beidh inneachar na bpleananna sin i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Rialachán sin.

2.   Formheasfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, na pleananna oibre dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Nollaig.

Airteagal 22

Rialacha maidir le nósanna imeachta agus le tráthchláir

1.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh maidir le nósanna imeachta, formáid agus tráthchláir don mhéid seo a leanas:

(a)

formheas na gclár oibríochtúil;

(b)

cur isteach agus formheas moltaí do leasuithe ar chláir oibríochtúla, lena n-áirítear a dteacht i bhfeidhm agus a mhinicí agus a chuirtear isteach iad le linn na tréimhse clárúcháin;

(c)

cur isteach agus formheas moltaí maidir le leasuithe dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 20(3);

(d)

cur isteach na bpleananna oibre maidir le bailiú sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

2.   Simpleofar na nósanna imeachta, an fhormáid agus na tráthchláir i gcás leasuithe ar chláir oibríochtúla lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

aistriú cistí idir tosaíochtaí an Aontais, ar cistí iad nach dtéann thar 10 % den mhéid a leithdháiltear do thosaíocht an Aontais;

(b)

tabhairt isteach nó aistarraingt príomhbheart nó cineálacha oibríochtaí ábhartha agus an fhaisnéis agus na táscairí lena mbaineann;

(c)

athruithe ar thuairisc na mbeart, lena n-áirítear athruithe ar choinníollacha incháilitheachta;

(d)

leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 20(3) mar aon le leasuithe breise ar an gclár maidir leis an roinn den chlár oibríochtúil dá dtagraítear i bpointe (n) d’Airteagal 18(1).

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 34 agus in Airteagal 41(2).

CAIBIDIL II

Clárú le haghaidh beart a ndéanfar maoiniú orthu faoi bhainistíocht dhíreach

Airteagal 23

Clár oibre bliantúil

1.   Chun críche Caibidil I agus Caibidil II de Theideal VI agus Airteagal 92a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre bhliantúla i gcomhréir le cuspóirí a leagtar amach sna Caibidlí sin. Maidir le Caibidil I agus Caibidil II de Theideal VI, déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

2.   Beidh na nithe seo a leanas san áireamh sa chlár oibre bliantúil:

(a)

tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus na cuspóirí a shaothrófar do gach gníomhaíocht a bheidh i gcomhréir leis na cuspóirí faoi a leagtar síos in Airteagal 82 agus in Airteagal 85. Cuimseofar ann freisin léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, tráthchlár táscach um chur chun feidhme, chomh maith le faisnéis maidir lena gcur chun feidhme;

(b)

maidir le deontais agus bearta a bhaineann leo, na critéir mheastóireachta bunriachtanacha a leagfar síos i gcaoi go mbainfear amach ar an mbealach is fearr na cuspóirí a shaothraítear leis an gClár oibríochtúil, agus an ráta uasta cómhaoinithe.

TEIDEAL V

TEIDEAL V BEARTA ARNA MAOINIÚ FAOI BHAINISTÍOCHT CHOMHPHÁIRTEACH

CAIBIDIL I

Forbairt inbhuanaithe an iascaigh

Airteagal 24

Sainchuspóirí

Rannchuideoidh tacaíocht airgeadais faoin gCaibidil seo le baint amach na gcuspóirí sonracha faoi thosaíocht an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(1).

Airteagal 25

Coinníollacha ginearálta

1.   Ní aistreoidh úinéir soithigh iascaireachta a bhfuil tacaíocht faighte aige faoin gCaibidil seo an soitheach sin lasmuigh den Aontas le linn na cúig bliana ar a laghad tar éis dháta íocaíochta iarbhír na tacaíochta sin leis an tairbhí. I gcás ina n-aistreofaí soitheach taobh istigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát na suimeanna a íocadh go míchuí i leith na hoibríochta a aisghabháil de réir na tréimhse nach bhfuil na ceanglais comhlíonta ina leith.

2.   Níl costais oibriúcháin incháilithe mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa Chaibidil seo.

3.   Ní sháróidh an ranníocaíocht airgeadais iomlán ó CEMI do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 33agus Airteagal 34 agus athsholáthar nó nuachóiriú na bpríomhinneall ná na n-inneall coimhdeach dá dtagraítear in Airteagal 41 an tairseach is airde den dá thairseach seo a leanas:

(a)

EUR 6 000 000; nó

(b)

15 % de thacaíocht airgeadais an Aontais a leithdháileann an Ballstát do na tosaíochtaí de chuid an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(1), (2) agus (5).

4.   Ní rachaidh an ranníocaíocht iomlán airgeadais ó CEMI maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 29(4) thar 5 % de thacaíocht airgeadais an Aontais a leithdháiltear ar gach Ballstát.

5.   Déanfar an tacaíocht d’úinéirí soithí a fhaigheann siad faoi Airteagal 33 a asbhaint ó na préimheanna a dheonaítear d’úinéirí faoi Airteagal 34 don soitheach céanna.

Airteagal 26

Nuálaíocht

1.   D’fhonn nuálaíocht san iascach a spreagadh, féadfaidh CEMI tacú le tionscadail ina ndírítear ar tháirgí iascaigh nua nó ar tháirgí agus trealamh atá feabhsaithe go mór, próisis nua nó próisis fheabhsaithe agus teicnící nua nó feabhsaithe, agus córais bhainistíochta agus eagrúcháin nua nó fheabhsaithe a fhorbairt nó a thabhairt isteach, lena n-áirítear ar leibhéal na próiseála agus na margaíochta.

2.   Déanfar oibríochtaí a ndéanfar maoiniú orthu faoin Airteagal seo i gcomhar le comhlacht eolaíoch nó teicniúil atá aitheanta ag an mBallstát nó ag an Aontas. Déanfaidh an comhlacht eolaíoch nó teicniúil sin torthaí oibríochtaí den sórt sin a bhailíochtú.

3.   Beidh torthaí na n-oibríochtaí a ndéanfar maoiniú orthu faoin Airteagal seo faoi réir poiblíochta leordhóthanaí ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 119.

Airteagal 27

Seirbhísí comhairliúcháin

1.   D’fhonn feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán agus ar iomaíochas na n-oibreoirí agus chun iascach inbhuanaithe a chur chun cinn, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

staidéir indéantachta agus seirbhísí comhairliúcháin ina ndéantar measúnú ar inmharthanacht tionscadal a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thacaíocht faoin gCaibidil seo;

(b)

comhairle ghairmiúil a sholáthar faoin inbhuanaitheacht chomhshaoil ina ndírítear ar dhrochthionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhara, talún agus fionnuisce a laghdú agus, i gcás inarb indéanta, deireadh a chur leo;

(c)

comhairle ghairmiúil a sholáthar faoi straitéisí gnó agus margaíochta.

2.   Soláthróidh comhlachtaí eolaíocha, acadúla, gairmiúla nó teicniúla nó eintitis a sholáthraíonn comhairle eacnamaíoch a bhfuil na hinniúlachtaí riachtanacha acu na staidéir indéantachta, na seirbhísí comhairliúcháin agus an chomhairle dá dtagraítear i mír 1.

3.   Deonófar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 d’oibreoirí agus d’eagraíochtaí iascairí, lena n-áirítear eagraíochtaí tairgeoirí nó comhlachtaí a rialaítear leis an dlí poiblí.

4.   I gcás nach mbeidh an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 níos mó ná EUR 4 000, féadfar an tairbhí a roghnú trí bhíthin nós imeachta brostaithe.

Airteagal 28

Comhpháirtíochtaí idir eolaithe agus iascairí

1.   D’fhonn an t-aistriú eolais idir eolaithe agus iascairí a chothú, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

líonraí, comhaontuithe comhpháirtíochta nó comhpháirtíochtaí a chruthú idir comhlacht eolaíoch neamhspleách amháin, nó níos mó, agus iascairí nó eagraíocht iascairí amháin nó níos mó, ina bhféadfaidh comhlachtaí teicniúla a bheith rannpháirteach.

(b)

na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú na líonraí, na gcomhaontuithe comhpháirtíochta, nó faoi chuimsiú na gcomhpháirtíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Féadfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 gníomhaíochtaí bailithe sonraí agus gníomhaíochtaí bainistíochta, staidéir, treoirthionscadail, scaipeadh eolais agus torthaí taighde, seimineáir agus dea-chleachtais a chumhdach.

3.   Féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú do na comhlachtaí sin a rialaítear leis an dlí poiblí, d’iascairí, d’eagraíochtaí iascairí, do GÁGIanna agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Airteagal 29

Caipiteal daonna agus an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn

1.   D’fhonn caipiteal daonna, cruthú post agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

oiliúint ghairmiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil, tionscadail chomhpháirtíochta, eolas de chineál eacnamaíoch, teicniúil, rialála nó eolaíoch agus cleachtais nuálacha a scaipeadh agus scileanna nua gairmiúla a shealbhú go háirithe na cinn sin a bhaineann le bainistíocht inbhuanaithe in éiceachórais na mara, le sláinteachas, le sláinte, le sábháilteacht, le gníomhaíochtaí san earnáil mhuirí, le nuálaíocht agus le fiontraíocht;

(b)

líonrú agus malartú taithí agus dea-chleachtais idir geallsealbhóirí, lena n-áirítear i measc eagraíochtaí a chuireann comhdheiseanna idir fir agus mná chun cinn, agus ról na mban sna pobail iascaireachta a chur chun cinn agus grúpaí faoi ghann-ionadaíocht a mbíonn iascaireacht chósta ar mhionscála nó iascaireacht de chois ar siúl acu a chur chun cinn;

(c)

an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ina mbíonn iascairí, páirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile rannpháirteach.

2.   Deonófar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 freisin do chéilí na n-iascairí féinfhostaithe nó, nuair a aithnítear iad agus a mhéid a aithnítear faoin dlí náisiúnta iad, do pháirtithe saoil na n-iascairí féinfhostaithe, nach fostaithe nó comhpháirtithe gnó iad, i gcás ina nglacann siad páirt i ngníomhaíochtaí an iascaire fhéinfhostaithe nó i gcás ina gcomhlíonann siad cúraimí coimhdeacha de ghnáth, faoi na coinníollacha atá leagtha síos leis an dlí náisiúnta, mar atá leagtha síos in Airteagal 2 (b) de Threoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

3.   Féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a dheonú, ar feadh uastréimhse dhá bhliain, chun daoine faoi 30 bliain d’aois a oiliúint, ar daoine iad a aithníonn an Ballstát lena mbaineann a bheith dífhostaithe (“daoine faoi oiliúint”). Beidh tacaíocht den sórt sin teoranta d’oiliúint ar bord soithigh iascaireachta cósta ar mhionscála a bhfuil iascaire gairmiúil atá 50 bliain d’aois ar a laghad ina úinéir air, agus é a chur ar bhonn foirmiúil trí chonradh idir an duine faoi oiliúint agus úinéir an tsoithigh, i gcás ina n-aithníonn an Ballstát lena mbaineann é, agus cúrsaí maidir le cleachtais iascaireachta inbhuanaithe agus maidir le hacmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú mar a shainmhínítear é le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Beidh iascaire gairmiúil a bhfuil 50 bliain ar a laghad slánaithe aige i gcoimhdeacht an duine faoi oiliúint ar bord.

4.   Deonófar tacaíocht faoi mhír 3 do na hiascairí gairmiúla chun pá agus muirir ghaolmhara an duine faoi oiliúint a chumhdach agus iad á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 57(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus staid eacnamaíoch agus caighdeán maireachtála an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh. Ní rachaidh an tacaíocht sin thar uasmhéid de EUR 40 000 do gach tairbhí le linn na tréimhse cláraithe.

Airteagal 30

Éagsúlú agus cineálacha nua ioncaim

1.   Féadfaidh CEMI tacú le hinfheistíocht lena gcuideofar le hioncam na n-iascairí a éagsúlú trí ghníomhaíochtaí comhlántacha a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíocht ar bord, turasóireacht na slatiascaireachta, bialanna, seirbhísí comhshaoil iascaireachta agus gníomhaíochtaí oideachais maidir leis an iascaireacht.

2.   Deonófar tacaíocht faoi mhír 1 d’iascairí más rud é:

(a)

go gcuireann siad plean gnó isteach maidir le forbairt a ngníomhaíochtaí nua;

(b)

go bhfuil scileanna gairmiúla leordhóthanacha acu a d’fhéadfaí a fháil trí bhíthin oibríochtaí a ndéanfaí maoiniú orthu faoi Airteagal 29(1).

3.   Ní dheonófar tacaíocht faoi mhír 1 ach do na hiascairí amháin ar choinníoll go mbaineann na gníomhaíochtaí comhlántacha le croíghnó na hiascaireachta.

4.   Ní sháróidh méid na tacaíochta arna dheonú faoi mhír 1 50 % den bhuiséad dá bhforáiltear sa phlean gnó le haghaidh gach oibríochta agus ní sháróidh sé uasmhéid EUR 75 000 i ndáil le gach tairbhí.

Airteagal 31

Tacaíocht nua-thionscanta do na hiascairí

1.   Féadfaidh CEMI tacaíocht a chur ar fáil d’iascairí óga chun gnó nua-thionscanta a bhunú.

2.   Ní fhéadfar an tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú ach maidir le céad soitheach iascaireachta an úinéara agus a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi:

(a)

tá a fhad foriomlán níos lú ná 24 mhéadar;

(b)

tá sé feistithe don iascaireacht mhara;

(c)

tógadh idir 5 bliana agus 30 bliain ó shin é; agus

(d)

baineann sé le roinn chabhlaigh lenar léirigh an tuarascáil maidir le hacmhainneacht iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go ndearnadh cothromú leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin.

3.   Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn an téarma “iascaire óg” duiine nádúrtha ar mian leo soitheach iascaireachta a fháil don chéad uair agus atá, tráth chur isteach an iarratais, níos óige ná 40 bliain d’aois agus a bhfuil cúig bliana oibre slánaithe acu mar iascairí nó a bhfuil gairmoiliúint choibhéiseach bainte amach acu. Féadfaidh na Ballstáit critéir oibiachtúla breise a shainiú le haghaidh iascairí óga le go mbeidh siad incháilithe don tacaíocht faoin Airteagal seo.

4.   Ní bheidh an tacaíocht faoin Airteagal seo níos mó ná 25 % de chostas an tsoithigh iascaireachta nuair a fuarthas ar dtús é agus i gcás ar bith ní bheidh sé níos airde ná EUR 75 000 i ndáil le gach iascaire óg.

Airteagal 32

Sláinte agus sábháilteacht

1.   D’fhonn feabhas a chur ar dhálaí sláinteachais, sláinte, sábháilteachta agus oibre ar bord do na hiascairí, féadfaidh CEMI tacú le hinfheistíocht ar bord nó i dtrealamh ar leith ar choinníoll go tachaidh an infheistíocht sin thar na caighdeáin a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

2.   Deonófar tacaíocht faoin Airteagal seo d’iascairí nó d’úinéirí soithí iascaireachta.

3.   Nuair is infheistíocht ar bord atá san oibríocht, ní dheonófar an tacaíocht don soitheach iascaireachta céanna níos mó ná uair amháin don chineál céanna infheistíochta le linn na tréimhse cláraithe. Más infheistíocht i dtrealamh sábháilteachta don duine aonair atá san oibríocht, ní dheonófar an tacaíocht don tairbhí céanna níos mó ná uair amháin don chineál trealaimh chéanna le linn na tréimhse cláraithe.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 127 d’fhonn na cineálacha oibríochtaí atá incháilithe faoi mhír 1 den Airteagal seo a shainaithint.

Airteagal 33

Scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta

1.   Féadfaidh CEMI tacú le bearta le haghaidh scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta sna cásanna seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

cur chun feidhme bearta éigeandála an Choimisiúin nó Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 faoi seach de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó bearta caomhnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin, lena n-áirítear tréimhsí téarnaimh ó thaobh na bitheolaíochta;

(b)

i gcás nach ndéanfar Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh nó na prótacail a ghabhann leo a athnuachan;

(c)

i gcás ina mbeidh foráil do scor sealadach i bplean bainistíochta a ghlactar de réir Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (27) nó i bplean ilbhliantúil a ghlactar faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ina mbeidh, arna bhunú ar chomhairle eolaíoch, gá le laghdú san iarracht iascaireachta d’fhonn na cuspóirí a bhaint amach dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus i bpointe (a) d’Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Féadfaidh CEMI tacú le bearta a mhaoiniú faoi mhír 1 le haghaidh scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh iascairí agus úinéirí soithí iascaireachta ar feadh uastréimhse sé mhí in aghaidh gach soithigh idir 2014 agus 2020.

3.   Ní dheonófar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 ach amháin do na daoine seo a leanas:

(a)

úinéirí soithí iascaireachta an Aontais a cláraíodh mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 120 lá ar a laghad ar muir le linn an dá bhliain féilire roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht; nó

(b)

iascairí a d’oibrigh ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais le linn an dá bhliain roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht agus a mbaineann an scor sealadach ar feadh 120 lá ar a laghad léi.

4.   Cuirfear na gníomhaíochtaí uile iascaireachta a dhéanann an soitheach iascaireachta nó a dhéanann na hiascairí lena mbaineann ar fionraí go héifeachtach. Féachfaidh an t-údarás inniúil chuige go n-éireoidh an soitheach iascaireachta as aon ghníomhaíocht iascaireachta le linn na tréimhse a bhaineann leis an scor sealadach.

Airteagal 34

Scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta

1.   Ní fhéadfaidh CEMI tacú le bearta maidir le scor buan de na gníomhaíochtaí iascaireachta a mhaoiniú ach amháin trí shoithí iascaireachta a dhiúscairt ar an gcoinníoll:

(a)

tá sé curtha san áireamh sa chlár oibríochtúil, arna bhunú in Airteagal 18; agus

(b)

tá an scor buan réamh-mheasta mar uirlis de chuid phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena léirítear nach bhfuil cothromú éifeachtach déanta ag an roinn chabhlaigh leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin.

2.   Deonófar tacaíocht faoi mhír 1 do na daoine seo a leanas:

(a)

úinéirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais a cláraíodh mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 90 lá in aghaidh na bliana ar a laghad ar muir le linn an dá bhliain féilire roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht; nó

(b)

iascairí a d’oibrigh ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaintear an scor buan ar feadh 90 lá in aghaidh na bliana ar a laghad le linn an dá bhliain roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht.

3.   Scoirfidh na h-iascairí lena mbaineann de na gníomhaíochtaí iascaireachta go héifeachtach. Cuirfidh tairbhithe cruthúnas ar fáil don údarás inniúil maidir le scor buan de na gníomhaíochtaí iascaireachta. Aisíocfar an cúiteamh ar bhonn sealadach pro rata sa chás ina dtéann iascaire i mbun ghníomhaíocht na hiascaireachta athuair taobh istigh de thréimhse níos lú ná dhá bhliain i ndiaidh dháta chur isteach an iarratais.

4.   Féadfar cabhair phoiblí faoin Airteagal seo a dheonú suas go dtí an 31 Nollaig 2017.

5.   Ní íocfar tacaíocht faoin Airteagal seo ach amháin nuair a bheidh an acmhainn choibhéiseach bainte go buan de chlár shoithí iascaireachta an Aontais agus go dtí go dtarraingeofar na ceadúnais agus na húdaruithe iascaireachta siar go buan freisin. Ní fhéadfaidh tairbhí soitheach iascaireachta nua a chlárú laistigh de chúig bliana tar éis an tacaíocht sin a fháil. De bharr an laghdaithe sa chumas mar thoradh ar scor buan den ghníomhaíocht iascaireachta lena ngabhfaidh cabhair phoiblí, beidh laghdú comhionann buan maidir le huasteorainn chumais iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

6.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar tacaíocht a thabhairt do scor buan gan diúscairt ar choinníoll go ndéanfar na soithí a iarfheistiú le haghaidh gníomhaíochtaí nach mbaineann le hiascaireacht tráchtála.

De bhreis air sin agus d’fhonn an oidhreacht mhara a chaomhnú, féadfar tacaíocht a thabhairt do scor buan gan diúscairt i gcás soithí traidisiúnta adhmaid, ar choinníoll go gcoinneofar feidhm oidhreachtúil ar talamh leis na soithí sin.

Airteagal 35

Cistí frithpháirteacha le haghaidh teagmhais dhíobhálacha aeráide agus teagmhais chomhshaoil

1.   Féadfaidh CEMI rannchuidiú le cistí frithpháirteacha chun cúitimh airgeadais a íoc le hiascairí i gcomhair caillteanas eacnamaíoch a tharlaíonn mar thoradh ar theagmhais aeráide dhíobhálacha, ar eachtra comhshaoil agus ar na costais tarrthála do shoithí iascaireachta ar éirigh tionóiscí dóibh le linn a ngníomhaíochtaí iascaireachta.

2.   Chun críche mhír 1, tuigfear gurb é is ciall do “ciste frithpháirteach” scéim arna creidiúnú ag an mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta le haghaidh iascairí cleamhnaithe chun iad féin a chur faoi árachas, trína ndéantar íocaíochtaí cúitimh le hiascairí cleamhnaithe le haghaidh caillteanas eacnamaíoch arb iad na teagmhais a leagtar amach i mír 1 is cúis leo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar an róchúiteamh a íoc mar thoradh ar mheascán na tacaíochta faoin Airteagal seo le hionstraimí an Aontais nó le hionstraimí náisiúnta eile nó le scéimeanna príobháideacha árachais.

4.   D’fhonn a bheith incháilthe le haghaidh tacaíochta faoin Airteagal seo, beidh na nithe seo a leanas ag roinnt leis an gciste frithpháirteach lena mbaineann:

(a)

creidiúnóidh an t-údarás inniúil é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

bearta trédhearcacha i leith íocaíochtaí isteach sa chiste agus aistarraingtí amach as; agus

(c)

rialacha soiléire lena leagtar síos freagrachtaí as fiacha ar bith a thabhaítear.

5.   Saineoidh na Ballstáit na rialacha maidir le comhdhéanamh agus bainistíocht na gcistí frithpháirteacha, go háirithe maidir le deonú íocaíochtaí cúitimh agus le hincháilitheacht iascairí i gcás teagmhais dhíobhálacha aeráide, teagmhais chomhshaoil agus tionóiscí ar muir agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil i socruithe na gcistí do phionóis i gcás mórfhaillí ó thaobh an iascaire de.

6.   Maidir leis na teagmhais dhíobhálacha aeráide, na teagmhais aeráide nó na tionóiscí ar muir dá dtagraítear i mír 1 a d’aithin údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann go foirmiúil is iad sin na cinn a mheasfar a tharla.

7.   Ní fhéadfaidh na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a bheith i gceist ach amháin leis na suimeanna a íocadh le hiascairí as an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais. Ní bheidh an tacaíocht do chostais riaracháin chun na cistí a bhunú incháilithe. Féadfaidh na Ballstáit na costais a bheidh incháilithe le haghaidh tacaíochta a theorannú trí uasteorainneacha a chur i bhfeidhm maidir le gach ciste frithpháirteach.

8.   Ní dheonófar tacaíocht faoi mhír 1 ach amháin chun cúiteamh a dhéanamh maidir le caillteanas a tharla trí na teagmhais dhíobhálacha aeráide,trí theagmhas comhshaoil nó trí thionóiscí ar muir, trína sárófar 30 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann agus a ríomhfar ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna trí bliana féilire roimhe sin.

9.   Ní dhéanfar ranníocaíocht ó CEMI i leith stoic chaipitil tosaigh.

10.   I gcás ina gcinnfidh Ballstáit na costais a bheidh incháilithe le haghaidh tacaíochta a theorannú trí uasteorainneacha a chur i bhfeidhm do gach ciste frithpháirteach soláthróidh siad mionsonraí agus réasúnuithe ina gcuid clár oibríochtúil maidir leis na huasteorainneacha sin.

Airteagal 36

Tacú le córais lena leithdháiltear deiseanna iascaireachta

1.   D’fhonn na gníomhaíochtaí iascaireachta a oiriúnú do na deiseanna iascaireachta, féadfaidh CEMI tacaíocht a thabhairt maidir leis na córais lena leithdháiltear na deiseanna iascaireachta a dhearadh, a fhorbairt, a mheas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu.

2.   Deonófar tacaíocht faoin Airteagal seo d’údaráis phoiblí, do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha nó eagraíochtaí iascairí a aithníonn an Ballstát lena n-áirítear eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí a bhaineann le comhbhainistíocht a dhéanamh ar na córais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 37

Tacaíocht do dhearadh agus do chur chun feidhme beart caomhantais

1.   D’fhonn a áirithiú go ndéanfar bearta caomhantais a dhearadh agus a chur chun feidhme go héifeachtúil faoi Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 11, mar aon leis an gcomhar réigiúnach faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

dearadh agus forbairt na modhanna teicniúla agus riaracháin a bheidh riachtanach le haghaidh bearta caomhantais agus an réigiúnú a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu;

(b)

rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí agus comhoibriú idir na Ballstáit leis na bearta caomhantais agus an réigiúnú a dhearadh agus a chur chun feidhme.

2.   Ní fhéadfaidh CEMI tacú le hathstocáil dhíreach faoi mhír 1 ach amháin i gcás ina mbeidh foráil déanta dó mar bheart caomhantais i ngníomh dlíthiúil de chuid an Aontais.

Airteagal 38

Tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a theorannú agus an iascaireacht a chur in oiriúint do chosaint speiceas

1.   D’fhonn tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a laghdú agus d’fhonn clabhsúr ar aischur na n-ábhar muirí a chothú de réir a chéile agus an t-aistriú a éascú chuig saothrú inbhuanaithe bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh CEMI tacú le hinfheistíocht iontu seo leanas:

(a)

i dtrealamh chun feabhas a chur ar roghnaíocht méide nó ar roghnaíocht speiceas an trealaimh iascaireachta;

(b)

infheistíocht ar bord nó i dtrealamh lena gcuirtear deireadh leis an aischur trí ghabhálacha stoc tráchtála de thaisme a sheachaint agus a laghdú nó trí dhéileáil le gabhálacha nach bhfuil de dhíth i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(c)

infheistíocht i dtrealamh chun tionchair fhisiceacha agus bhitheolaíocha na hiascaireachta ar an éiceachóras nó ar ghrinneall na farraige a theorannú agus, i gcás inarb indéanta, deireadh a chur leis;

(d)

i dtrealamh lena gcosnaítear na fearais iascaireachta agus na gabhálacha ó mhamaigh agus ó éin atá faoi chosaint Threoir 92/43/CEE ón gComhairle nó atá faoi chosaint Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), ar choinníoll nach gcoiscfear an roghnaíocht maidir leis an bhfearas iascaireachta agus go dtugtar isteach na bearta uile is iomchuí chun díobháil fhisiciúil do na creachadóirí a sheachaint.

2.   De mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 11, féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú sna réigiúin is forimeallaí maidir le feistí comhthiomsaithe iasc atá ar ancaire ar choinníoll go rannchuidíonn feistí den sórt sin le hiascaireacht inbhuanaithe agus roghnaíoch.

3.   Ní dheonófar tacaíocht don soitheach iascaireachta céanna de chuid an Aontais agus don chineál céanna trealaimh níos mó ná uair amháin le linn na tréimhse cláraithe.

4.   Ní dheonófar tacaíocht ach i gcás ina dtaispeánfar go bhfuil roghnaíocht méide níos fearr ag an bhfearas nó ag trealamh eile dá dtagraítear i mír 1 nó go mbeidh tionchar níos ísle acu ar an eiceachíoras agus ar speicis nach spriocspeicis iad ná mar atá ag an trealamh caighdeánach nó ag fearas eile atá ceadaithe faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí ábhartha náisiúnta arna nglacadh i gcomhthéacs an réigiúnaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

5.   Deonófar tacaíocht don mhéid seo a leanas:

(a)

úinéirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar cláraíodh a soithí mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 60 lá ar a laghad ar muir le linn an dá bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais;

(b)

iascairí ar leo an fearas atá le hathsholáthar agus a d’oibrigh ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais ar feadh 60 lá ar a laghad le linn an dá bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais;

(c)

eagraíochtaí iascairí atá aitheanta ag an mBallstát.

Airteagal 39

Nuálaíocht atá nasctha le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara

1.   D’fhonn cuidiú le deireadh a chur de réir a chéile leis an aischur agus le foghabhálacha agus d’fhonn an t-aistriú chuig saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a éascú agus tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a laghdú chomh maith le tionchar na gcreachadóirí atá faoi chosaint, féadfaidh CEMI tacú le hoibríochtaí lena ndíreofar ar eolas teicniúil nó eagraíochtúil nua a fhorbairt nó a thabhairt isteach trína laghdófar tionchair na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an gcomhshaol, lena n-áirítear teicnící iascaireachta agus roghnú fearas níos fearr, nó trína réadófar úsáid níos inbhuanaithe a bhaint as acmhainní bitheolaíocha na mara agus an chomhaireachtáil le creachadóirí atá faoi chosaint.

2.   Déanfar oibríochtaí a ndéanfar maoiniú orthu faoin Airteagal seo i gcomhar le comhlacht eolaíoch nó teicniúil atá aitheanta ag an mBallstát a dhéanfaidh torthaí na n-oibríochtaí sin a bhailíochtú, nó déanfaidh comhlacht eolaíoch nó teicniúil atá aitheanta ag an mBallstát uaidh féin é.

3.   Beidh torthaí na n-oibríochtaí a ndéanfar maoiniú orthu faoin Airteagal seo faoi réir poiblíochta leordhóthanaí ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 119.

4.   Ní sháróidh soithí iascaireachta a bhfuil baint acu le tionscadail arna maoiniú faoin Airteagal seo 5 % de shoithí an chabhlaigh náisiúnta ná 5 % de thonnáiste an chabhlaigh náisiúnta in olltonnáiste, arna ríomh tráth an iarratais a chur isteach. Arna iarraidh sin do Bhallstát, i gcúinsí a mbeidh bonn cirt cuí leo agus ar bhonn moladh ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) a bunaíodh le Cinneadh 2005/629/CE on gCoimisiun (29) féadfaidh an Coimisiún tionscadail a fhormheas a sháróidh na teorainneacha a leagtar síos sa mhír seo.

5.   Oibríochtaí nach féidir a cháiliú mar iascaireacht chun críocha na heolaíochta i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus arb ionann iad agus tástáil an trealaimh nua iascaireachta nó na dteicnící nua iascaireachta, déanfar iad laistigh de theorainneacha na ndeiseanna iascaireachta a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann.

6.   Déanfar an glanioncam a ghintear ó rannpháirtíocht an tsoithigh iascaireachta san oibríocht a asbhaint ó chaiteachas incháilithe na hoibríochta i gcomhréir le hAirteagal 55(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

7.   Chun críche mhír 6, ciallaíonn an téarma “glanioncam” ioncam iascairí ó chéad díol na n-iasc nó na sliogán a gabhadh le linn thabhairt isteach agus tástáil an eolais nua theicniúil nó eagraíochtúil lúide na costais díola, amhail táillí hallaí ceantála.

Airteagal 40

Bithéagsúlacht agus éiceachórais na mara agus córais cúitimh a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe

1.   D’fhonn bithéagsúlacht agus éiceachórais na mara a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí inbhuanaithe iascaireachta, agus i gcás inarb ábhartha, in éineacht le rannpháirtíocht iascairí, féadfaidh CEMI tacú leis na hoibríochtaí seo a leanas:

(a)

bailiú dramhaíola ón muir ag iascairí amhail trealamh iascaireachta caillte agus bruscar muirí a asbhaint;

(b)

tógáil, suiteáil nó nuachóiriú saoráidí buana nó sochorraithe atá beartaithe chun fauna agus flora muirí a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus meastóireacht a dhéanamh orthu;

(c)

cur le bainistiú nó caomhnú níos fearr a dhéanamh i dtaca le hacmhainní bitheolaíocha muirí;

(d)

ullmhúchán lena n-áirítear staidéir, dréachtú, faireachán agus cosaint nuashonraithe, agus pleananna bainistithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaigh i ndáil le láithreáin NATURA 2000 agus le limistéir faoi chosaint spásúil dá dtagraítear i dTreoir 2008/56/CE agus i ngnáthóga speisialta eile;

(e)

bainistiú, athbhunú agus faireachán a dhéanamh ar láithreáin NATURA 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE agus le Treoir 2009/147/CE, i gcomhréir le creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Threoir 92/43/CEE;

(f)

bainistiú, athbhunú agus faireachán a dhéanamh ar limistéir mhuirí faoi chosaint i bhfianaise chur chun feidhme na mbeart um chosaint spásúil dá dtagraítear in Airteagal 13(4) de Threoir 2008/56/CE;

(g)

feasacht chomhshaoil lena bhfuil baint ag iascairí maidir le bithéagsúlacht mhuirí a chosaint agus a athbhunú;

(h)

scéimeanna chun díobháil do ghabhálacha a chúiteamh arb é is cúis léi mamaigh agus éin atá faoi chosaint Threoir 92/43/CEE agus atá faoi chosaint Threoir 2009/147/CE;

(i)

rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí eile atá dírithe ar chothabháil agus ar fheabhsú seirbhísí bithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais, amhail gnáthóga muirí nó cósta ar leith a athbhunú chun tacú le stoic éisc inbhuanaithe lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus meastóireacht a dhéanamh;

2.   Beidh an tacaíocht faoi phointe (h) de mhír 1 faoi réir aitheantas foirmiúil údaráis inniúil na mBallstát. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú freisin nach mbeidh aon ró-chúiteamh díobhála ann mar thoradh ar an teaglaim de scéimeanna cúitimh, idir scéimeanna Aontais, scéimeanna náisiúnta agus scéimeanna príobháideacha.

3.   Oibríochtaí faoin Airteagal seo, féadfaidh comhlachtaí eolaíocha nó teicniúla a rialaítear leis an dlí poiblí, iascairí Comhairlí Comhairleacha nó eagraíochtaí iascairí atá aitheanta ag an mBallstát, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha atá i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí iascairí nó le GÁGIanna iad a chur chun feidhme.

4.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 126 d’fhonn na costais a bheidh incháilithe faoi mhír 1 den Airteagal seo a shonrú.

Airteagal 41

Éifeachtúlacht fuinnimh agus maolú ar an athrú aeráide

1.   D’fhonn éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus d’fhonn cur le éifeachtúlacht fuinnimh na soithí iascaireachta, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí i dtrealamh nó ar bord atá dírithe ar astú na dtruailleán a laghdú nó ar gháis cheaptha teasa a laghdú agus ar éifeachtúlacht fuinnimh na soithí iascaireachta a mhéadú. Tá infheistíochtaí i dtrealamh iascaireachta incháilithe ar an gcoinníoll nach ndéanfaí an bonn a bhaint de roghnaíocht an trealaimh iascaireachta sin;

(b)

iniúchtaí agus scéimeanna um éifeachtúlacht fuinnimh;

(c)

staidéir chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na gcóras malartach tiomána agus dearaí malartacha na gcabhlacha le héifeachtúlacht soithí iascaireachta.

2.   Ní fhéadfar tacaíocht d’athsholáthar nó do nuachóiriú na bpríomhinneall nó na n-inneall coimhdeach a dheonú ach amháin:

(a)

i gcás soithí suas go dtí 12 mhéadar ar fhad iomlán ar an gcoinníoll nach mó an chumhacht san inneall nua nó athchóirithe agus a bhí sa seancheann; nó

(b)

i gcás soithí atá idir 12 mhéadar agus 18 mhéadar ar fhad iomlán ar an gcoinníoll go mbeidh ar a laghad 20 % níos lú cumhachta san inneall nua nó athchóirithe ná mar a bheadh sa seancheann;

(c)

i gcás soithí atá idir 18 mhéadar agus 24 mhéadar ar fhad iomlán ar an gcoinníoll go mbeidh ar a laghad 30 % níos lú cumhachta san inneall nua nó athchóirithe ná mar a bhí sa seancheann.

3.   Ní fhéadfar tacaíocht faoi mhír 2 d’athsholáthar ná do nuachóiriú na bpríomhinneall ná na n-inneall coimhdeach a dheonú ach amháin i gcás soithí a bhaineann le roinn chabhlaigh lenar léirigh tuarascáil ar acmhainní, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cothromú leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin.

4.   Ní dheonófar tacaíocht faoi mhír 2 den Airteagal seo ach d’athsholáthar ná do nuachóiriú na bpríomhinneall ná na n-inneall coimhdeach atá deimhnithe go hoifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 40(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Ní íocfar é go dtí go ndéanfar an laghdú acmhainne in kW a cheanglaítear a bhaint go buan as clár soithigh iascaireachta an Aontais.

5.   I gcás soithí iascaireachta nach bhfuil faoi réir cumhacht innill a dheimhniú, ní dheonófar tacaíocht faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Airteagal seo ach d’athsholáthar nó do nuachóiriú na bpríomhinneall nó na n-inneall coimhdeach, ina bhfíorófar comhsheasmhacht na cumhachta innill ina leith i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ina ndéanfar cigireacht fhisiceach orthu lena áirithiú nach sáróidh an chumhacht innill sin atá bunaithe sna ceadúnais iascaireachta.

6.   An laghdú ar an gcumhacht innill dá dtagraítear i mír 2(b) agus 2(c), féadfaidh grúpa soithí é a bhaint amach do gach catagóir soithí dá dtagraítear sna pointí sin.

7.   Gan dochar d’Airteagal 27(3), ní bheidh an ranníocaíocht airgeadais ó CEMI do na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhaineann le hathsholáthar nó nuachóiriú inneall ná in ann an tairseach is airde den dá thairseach a leanas a shárú:

(a)

EUR 1 500 000;nó.

(b)

3 % de thacaíocht airgeadais an Aontais a leithdháileann an Ballstát do thosaíochtaí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(1), (2) agus (5).

8.   Iarratais a dhéanfaidh oibreoirí a thagann as earnáil na hiascaireachta cósta ar mhionscála, caithfear leo mar thosaíocht suas go 60 % den thacaíocht a deonaíodh, a thabharfar chun innill a ionadú nó a nuachóiriú dá dtagraítear i mír 2 don tréimhse clárúcháin ar fad.

9.   Ní dheonófar tacaíocht faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 ach d’úinéirí soithí iascaireachta agus ní dheonófar í don soitheach iascaireachta céanna níos mó ná uair amháin don chineál céanna infheistíochta le linn na tréimhse clárúcháin.

10.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 126 lena sonraítear na costais a bheidh incháilithe faoi mhír 1(a) den Airteagal seo a shainiú.

Airteagal 42

Breisluach, cáilíocht táirgí agus úsáid na ngabhálacha nach bhfuil de dhíth

1.   D’fhonn feabhas a chur ar bhreisluach nó ar chaighdeán na n-iasc a ghabhtar, féadfaidh CEMI tacú leis na nithe a leanas:

(a)

infheistíochtaí chun luach a chur le táirgí iascaigh, go háirithe trí cheadú d’iascairí a ngabhálacha féin a phróiseáil, a mhargú agus a dhíol go díreach;

(b)

infheistíochtaí nuálacha ar bord lena gcuirtear feabhas ar chaighdeán na dtáirgí iascaigh.

2.   Ní thabharfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 (b) ach amháin ar choinníoll go n-úsáidfear trealamh níos roghnaí chun gur lú agus is féidir a bheidh an ghabháil de ghabhálacha nach bhfuil de dhíth agus ní dheonófar í ach amháin d’úinéirí soithí iascaireachta an Aontais agus a raibh a gcuid soithí i mbun gníomhaíochta iascaireachta ar feadh 60 lá ar a laghad ar muir le linn an dá bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht.

Airteagal 43

Calafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, hallaí ceantála agus fothanacha

1.   Ar mhaithe le cáilíocht, rialú agus inrianaitheacht an táirge a chuirtear í dtír a fheabhsú, le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus le rannchuidiú le cosaint an chomhshaoil agus le sábháilteacht agus dálaí oibre a fheabhsú, féadfaidh an CEMI tacú le hinfheistíochtaí lena gcuirtear feabhas ar bhonneagar reatha calafoirt iascaireachta, hallaí ceantála nó ar láithreáin ag a gcuirtear iasc i dtír agus ar fhothanacha, lena n-áirítear infheistíochtaí i saoráidí um bailiú dramhaíola agus um bruscar muirí.

2.   Le gur fusa a bheidh sé an oibleagáid a chomhlíonadh na gabhálacha go léir a thabhairt i dtír de bhun Airteagal 15 den Rialachán (AE) Uimh 1380/2013 agus le hAirteagal 8(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 agus lena gcuirtear luach le codanna tearcúsáidte den ghabháil féadfaidh CEMI tacú le hinfheistíochtaí i gcalafoirt iascaireachta, i hallaí ceantála, i láithreáin ag a gcuirtear iasc i dtír agus i bhfothanacha.

3.   D’fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht iascairí, féadfaidh an CEMI tacú le hinfheistíochtaí chun fothanacha a thógáil nó a nuachóiriú.

4.   Ní chuimseofar sa tacaíocht calafoirt nua, láithreáin nua ag a gcuirtear iasc i dtír nua nó hallaí ceantála nua a thógáil.

Airteagal 44

Iascaireacht intíre agus fauna agus flora uisceach intíre

1.   D’fhonn tionchar na hiascaireachta intíre ar an gcomhshaol a laghdú, d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, d’fhonn luach nó cáilíocht na n-iasc a ghabhtar a fheabhsú, nó d’fhonn an tsláinte, an tsábháilteacht, dálaí oibre, an caipiteal daonna agus an oiliúint in iascaireacht intíre a fheabhsú, féadfaidh CEMI tacú leis na hinfheistíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí sa chaipiteal daonna, cruthú post agus san idirphlé sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 29(1) agus 31(2) agus faoi na coinníollacha a leagtar amach sna hAirteagail sin;

(b)

infheistíochtaí ar bord nó i dtrealamh aonair dá dtagraítear in Airteagal 32 agus faoi na coinníollacha atá leagtha amach san Airteagal sin;

(c)

infheistíochtaí i dtrealamh agus sna cineálacha oibríochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 38 agus in Airteagal 39 agus faoi na coinníollacha atá leagtha amach sna hAirteagail sin;

(d)

éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus maolú eifeachtaí an athraithe aeráide dá dtagraítear in Airteagal 41 agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach san Airteagal sin;

(e)

infheistíochtaí lena gcuirtear feabhas ar luach nó ar chaighdeán na n-iasc a ghabhtar dá dtagraítear in Airteagal 42 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

(f)

infheistíochtaí i gcalafoirt iascaireachta, fothanacha agus i láithreáin reatha ag a gcuirtear iasc i dtír dá dtagraítear in Airteagal 43 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

2.   Féadfaidh CEMI tacaíocht a chur ar fáil d’infheistíochtaí a bhaineann le gnó a bhunú i gcás iascairí óga dá dtagraítear in Airteagal 31agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach san Airteagal sin ach amháin an ceanglas faoi phointe (b) den Airteagal sin.

3.   Féadfaidh CEMI tacú le nuálaíochtaí a fhorbairt agus a éascú i gcomhréir le hAirteagal 26 leis na seirbhísí comhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 27 agus le comhpháirtíochtaí idir eolaithe agus iascairí i gcomhréir le hAirteagal 28.

4.   D’fhonn éagsúlú ag iascairí intíre a chothú, féadfaidh CEMI tacú le héagsúlú i ngníomhaíochtaí iascaireachta intíre do ghníomhaíochtaí comhlántachafaoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30.

5.   Chun críocha mhír 1:

(a)

tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagal 30, in Airteagal 32, in Airteagal 38, in Airteagal 39, in Airteagal 41 agus in Airteagal 42 do shoithí iascaireachta tagairtí do shoithí a oibríonn in uisce intíre amháin;

(b)

tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagal 38 don mhuirthimpeallacht tagairtí don timpeallacht ina n-oibríonn an soitheach iascaireachta intíre.

6.   D’fhonn fauna agus flora uisceach a chosaint agus a fhorbairt, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

bainistiú, athbhunú agus faireachán láithreáin NATURA 2000 a bhfuil tionchar ag gníomhaíochtaí iascaireachta orthu agus le hathshlánú na n-uiscí intíre i gcomhréir le Treoir 60/2000/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), lena n-áirítear láithreacha sceite agus bealaí imirce do speicis imirceacha, gan dochar d’Airteagal 40(1)(e) den Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, in éineacht le rannpháirtíocht iascairí intíre;

(b)

tógáil nó suiteáil nó nuachóiriú saoráidí buana nó sochorraithe atá beartaithe chun fauna agus flora uisceach a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh na soithí a fhaigheann tacaíocht faoin Airteagal seo de bheith ag oibriú in uiscí intíre amháin.

CAIBIDIL II

Forbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe

Airteagal 45

Sainchuspóirí

Le tacaíocht faoin gCaibidil seo, rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha faoi thosaíocht an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(2) a bhaint amach.

Airteagal 46

Coinníollacha ginearálta

1.   Beidh tacaíocht faoin gCaibidil seo teoranta d’fhiontair dhobharshaothraithe mura shonraítear a mhalairt sa Rialachán seo.

2.   Chun críocha an Airteagal seo cuirfidh fiontraithe atá ag tabhairt aghaidh ar an earnáil sin chun críche an Airteagail sin plean gnó ar fáil, agus déanfaidh siad measunú comhshaoil, lena n-áirítear measúnú tionchar comhshaoil ar na hoibríochtaí, a chur ar fáil i gcás ina mbeidh costas na n-infheistíochtaí níos mó ná EUR 50,000. Ní dheonófar tacaíocht faoin gCaibidil seo ach amháin i gcás inar léiríodh go soiléir i dtuarascáil neamhspleách mhargaíochta gurb ann d’ionchais mhaithe mhargaidh don táirge sin.

3.   I gcás go bhfuil sna hoibríochtaí infheistíochtaí i dtrealamh nó i mbonneagar, lena n-áirithítear comhlíonadh na gceanglas faoi dhlí an Aontais maidir leis an gcomhshaol, le sláinte an duine nó le sláinte ainmhithe, le sláinteachas ainmhithe nó le leas ainmhithe, féadfar tacaíocht a dheonú go dtí an dáta ar a dtiocfaidh na caighdeáin chun bheith éigeantach do na fiontair.

4.   Ní dheonófar tacaíocht d’orgánaigh géinmhodhnaithe a shaothrú.

5.   Ní dheonófar tacaíocht d’oibríochtaí an dobharshaothraithe i limistéir mhuirí faoi chosaint, má chinn údarás inniúil an Bhallstáit, ar bhonn measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol, go mbeadh drochthionchar suntasach ar an gcomhshaol, nach bhféadfaí a mhaolú go leordhóthanach, mar thoradh ar an oibríocht.

Airteagal 47

Nuálaíocht

1.   D’fhonn nuálaíocht i ndobharshaothrú a spreagadh, féadfaidh CEMI tacú le hoibríochtaí lena ndíreofar ar:

(a)

eolas teicniúil, eolaíoch nó eagraíochtúil i bhfeirmeacha dobharshaothraithe a fhorbairt, lena ndéantar go háirithe an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, an spleáchas ar mhin éisc agus ar ola éisc a laghdú, úsáid inbhuanaithe acmhainní a chothú, leas ainmhithe a fheabhsú nó modhanna nua inbhuanaithe táirgthe a éascú;

(b)

speicis nua dobharshaothraithe lena mbaineann cumas maith margaidh, táirgí nua nó táirgí atá feabhsaithe go mór, próisis nua nó próisis atá feabhsaithe go mór, córais bhainistíochta nó eagrúcháin nua nó atá feabhsaithe a fhorbairt nó a thabhairt isteach sa mhargadh;

(c)

indéantacht theicniúil nó eacnamaíoch táirgí nó próiseas atá nuálach a fhiosrú.

2.   Déanfar comhlachtaí eolaíocha nó teicniúla poiblí nó príobháideacha oibríochtaí faoin Airteagal seo nó i gcomhar le comhlachtaí poiblí nó príobháideacha mar atá aitheanta ag an dlí náisiúnta i ngach Ballstát a dhéanfaidh torthaí na n-oibríochtaí sin a bhailíochtú.

3.   Beidh torthaí na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi réir poiblíochta leordhóthanaí ag an mBallstát i gcomhréir Airteagal 119.

Airteagal 48

Infheistíochtaí táirgiúla sa dobharshaothrú

1.   Féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí táirgiúla i ndobharshaothrú;

(b)

éagsúlú na táirgeachta dobharshaothraithe agus na speiceas saothraithe;

(c)

aonaid dobharshaothraithe a nuachóiriú lena n-áirítear feabhas ar dhálaí oibre agus sábháilteachta oibrithe in earnáil an dobharshaothraithe;

(d)

feabhas agus nuachóiriú i sláinte agus leas ainmhithe lena n-áirítear trealamh a cheannach lena ndírítear ar fheirmeacha a chosaint ó chreachadóirí fiáine;

(e)

tionchar diúltach a laghdú nó tionchair dhearfacha a mhéadú maidir leis an gcomhshaol agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú;

(f)

infheistíochtaí i gcaighdeán na dtáirgí dobharshaothraithe a fheabhsú nó i gcur leo,

(g)

infheistíochtaí lena ndéantar locháin nó muirligh dhobharshaothraithe atá ann cheana féin a athbhunú trí shíolta a bhaint, nó infheistíochtaí atá dírithe ar shil-leagan a chosc;

(h)

ioncam na bhfiontar dobharshaothraithe a éagsúlú trí ghníomhaíochtaí comhlántacha a fhorbairt.

(i)

infheistíochtaí lena ndéantar foráil do laghdú suntasach ar thionchar na bhfiontar dobharshaothraithe ar úsáid agus ar cháilíocht an uisce, go háirithe trí laghdú a dhéanamh ar mhéid an uisce, na gceimiceán, na n-antaibheathach agus na gcógas eile a úsáidtear, nó trí cháilíocht an uisce aschurtha a fheabhsú, lena n-áirítear trí fheidhm a bhaint as córais iltrófacha dobharshaothraithe;

(j)

córais dhúnta dobharshaothraithe a chur chun cinn ina ndéantar táirgí dobharshaothraithe a shaothrú i gcórais dhúnta athshruthúcháin, lena n-úsáidtear an méid is lú uisce is féidir;

(k)

infheistíochtaí lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus lena ndéantar tiontú fiontar dobharshaothraithe go foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn.

2.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (h) de mhír 1 d’fhiontair dobharshaothraithe ach amháin ar an gcoinníoll go mbaineann na gníomhaíochtaí comhlántacha le croíghnó dobharshaothraithe an fhiontair, lena n-áirítear turasóireacht slatiascaireachta, seirbhísí comhshaoil dobharshaothraithe nó gníomhaíochtaí oideachais i ndáil leis an dobharshaothrú.

3.   Féadfar tacaíocht faoi mhír 1 a dheonú le haghaidh táirgeacht a mhéadú agus/nó fiontair dhobharshaothraithe atá ann cheana a nuachóiriú nó cuid eile a fhorbairt ar an gcoinníoll go mbeidh an fhorbairt comhleanúnach leis an bplean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil chun dobharshaothrú a fhorbairt.

Airteagal 49

Seirbhísí bainistíochta, faoisimh agus comhairle i leith feirmeacha dobharshaothraithe

1.   D’fhonn feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán agus ar iomaíochas na bhfeirmeacha dobharshaothraithe agus chun an drochthionchar atá ag a gcuid oibríochtaí ar an gcomhshaol a laghdú, féadfaidh CEMI tacú leis an méid a leanas:

(a)

seirbhísí bainistíochta, faoisimh agus comhairle i leith feirmeacha dobharshaothraithe a bhunú;

(b)

seirbhísí comhairle feirme teicniúla, eolaíocha, dlíthiúla, comhshaoil nó eacnamaíocha a cheannach.

2.   Cumhdófar na nithe seo a leanas sna seirbhísí comhairle dá dtagraitear i bpointe (b) de mhír 1

(a)

na riachtanais bhainistíochta atá de dhíth chun go gcomhlíonfaidh an dobharshaothrú reachtaíocht náisiúnta agus an Aontais um chosaint an chomhshaoil mar aon le ceanglais na pleanála spásúlachta muirí;

(b)

measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol dá dtagraítear i dTreoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) agus i dTreoir 92/43/CEE;

(c)

na riachtanais bhainistíochta atá de dhíth chun go gcomhlíonfaidh an dobharshaothrú reachtaíocht náisiúnta agus Aontais maidir le sláinte agus leas ainmhithe uisceacha nó reachtaíocht maidir leis an tsláinte phoiblí;

(d)

caighdeáin sláinte agus sábháilteachta bunaithe ar reachtaíocht an Aontais agus ar an reachtaíocht náisiúnta;

(e)

straitéisí margaíochta agus gnó.

3.   Cuirfear an chomhairle dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ar fáil ó chomhlachtaí eolaíocha nó teicniúla chomh maith leis na heintitis a sholáthraíonn comhairle eacnamaíoch a bhfuil na hinniúlachtaí riachtanacha acu mar atá aitheanta ag gach Ballstát.

4.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (a) de mhír (1) ach amháin do chomhlachtaí a rialaítear leis an dlí poiblí nó d’eintitis eile a roghnaíonn an Ballstát chun na seirbhísí comhairleacha feirme a bhunú. Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (b) de mhír (1) ach amháin d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide i réimse an dobharshaothraithe nó d’eagraíochtaí dobharshaothraithe lena n-áirítear eagraíochtaí táirgeoirí i réimse an dobharshaothraithe agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí i réimse an dobharshaothraithe.

5.   I gcás nach mbeidh an tacaíocht níos mó ná EUR 4 000, féadfar an tairbhí a roghnú trí nós imeachta brostaithe.

6.   Ní bhfaighidh feirmeacha dobharshaothraithe tacaíocht le haghaidh na seirbhísí comhairleacha níos mó ná uair amháin sa bhliain le haghaidh gach catagóire seirbhísí dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 50

Caipiteal daonna agus líonrú a chur chun cinn

1.   D’fhonn caipiteal daonna agus líonrú a chur chun cinn sa dobharshaothrú, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

oiliúint ghairmiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil, eolas eolaíoch agus teicniúil agus cleachtais nuálacha a scaipeadh, scileanna gairmiúla nua a ghnóthú sa dobharshaothrú agus tionchar oibríochtaí dobharshaothraithe ar an gcomhshaol a laghdú;

(b)

coinníollacha oibre a fheabhsú agus sábháilteacht gairme a chur chun cinn;

(c)

líonrú agus malartú taithí agus dea-chleachtais i measc fiontar dobharshaothraithe nó eagraíochtaí gairmiúla agus geallsealbhóirí eile, lena n-áirítear comhlachtaí eolaíocha agus teicniúla nó na comhlachtaí sin a chuireann comhdheiseanna idir fir agus mná chun cinn.

2.   Ní dheonófar an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 d’fhiontair mhóra i réimse an dobharshaothraithe mura bhfuil siad ag roinnt eolais le FBManna.

3.   De mhaolú ar Airteagal 46, deonófar tacaíocht faoin Airteagal seo d’eagraíochtaí poiblí nó leathphoiblí agus d’eagraíochtaí eile atá sainaitheanta ag an mBallstát freisin.

4.   Deonófar an tacaíocht faoin Airteagal seo freisin do chéilí fheirmeoirí dobharshaothraithe féinfhostaithe nó, nuair a aithnítear agus a mhéid a aithnítear faoin dlí náisiúnta iad, do pháirtithe saoil fheirmeoirí dobharshaothraithe féinfhostaithe faoi na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 2.

Airteagal 51

Acmhainneacht na láithreán dobharshaothraithe a mhéadú

1.   D’fhonn rannchuidiú le forbairt na láithreán agus na mbonneagar dobharshaothraithe agus chun tionchar diúltach na n-oibríochtaí ar an gcomhshaol a laghdú, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

na limistéir is oiriúnaí d’fhorbairt an dobharshaothraithe a shainaithint agus a mhapáil agus, i gcás inarb iomchuí, próisis pleanála spásúla a chur san áireamh, agus na limistéar nár cheart an dobharshaothrú a áireamh a shainaithint agus a mhapáil d’fhonn ról na limistéar sin i bhfeidhmiú an éiceachórais a choinneáil;

(b)

áiseanna tacaíochta agus bonneagair a fheabhsú agus a fhorbairt, ar áiseanna iad atá riachtanach chun acmhainneacht na limistéar dobharshaothraithe a mhéadú agus tionchar diúltach an dobharshaothraithe ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí i gcomhdhlúthú talún, i soláthar fuinnimh nó i mbainistiú uisce;

(c)

gníomhaíocht arna glacadh agus arna cur chun feidhme ag na húdaráis inniúla faoi Airteagal 9(1) de Threoir 2009/147/CE nó Airteagal 16(1) de Threoir 92/43/CEE a bhfuil sé mar aidhm aici damáistí tromchúiseacha don dobharshaothrú a chosc.

(d)

gníomhaíocht arna glacadh agus arna cur chun feidhme ag na húdaráis inniúla tar éis básmhaireacht mhéadaithe nó galair a bhrath mar a shainítear faoi Airteagal 10 de Threoir 2006/88/CE ón gComhairle (32). Leis na gníomhaíochtaí sin, féadfar glacadh pleananna gníomhaíochta maidir le sliogiasc a chumhdach, arb é is aidhm dóibh cosaint, athbhunú agus bainistiú, lena n-áirítear tacaíocht do tháirgeoirí sliogéisc chun bainc nádúrtha sliogéisc agus limistéir ghabhála a choinneáil.

2.   Ní bheidh ach comhlachtaí a rialaítear leis an dlí poiblí nó comhlachtaí príobháideacha ar chuir an Ballstát na tascanna thuasluaite de chúram orthu ina dtairbhithe faoin Airteagal seo.

Airteagal 52

Feirmeoirí nua dobharshaothraithe inbhuanaithe a spreagadh

1.   D’fhonn fiontraíocht a chothú sa dobharshaothrú, féadfaidh CEMI tacú le feirmeoirí dobharshaothraithe nua atá ag tosú amach fiontair dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur ar bun.

2.   Deonófar tacaíocht faoi mhír 1 d’fheirmeoirí dobharshaothraithe atá ag tosú amach san earnáil ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil scileanna gairmiúla leordhóthanacha agus inniúlacht ghairmiúil leordhóthanach acu;

(b)

go bhfuil micreathionscadal nó fiontar beag á bhunú acu, agus iad i gceannas ar an bhfiontar sin, den chéad uair;

(c)

go gcuireann siad plean gnó isteach maidir le forbairt a ngníomhaíochtaí dobharshaothraithe.

3.   D’fhonn scileanna gairmiúla leordhóthanacha a shealbhú, féadfaidh feirmeoirí atá ag tosú amach san earnáil tairbhe a bhaint as tacaíocht faoi phointe (a) d’Airteagal 50(1).

Airteagal 53

Athrú go scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil agus go dobharshaothrú orgánach

1.   D’fhonn dobharshaothrú orgánach nó dobharshaothrú atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

modhanna traidisiúnta táirgthe dobharshaothraithe a athrú go dobharshaothrú orgánach de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (33) agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 710/2009 ón gCoimisiún (34);

(b)

rannpháirtíocht i scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil an Aontais (EMAS) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (35).

2.   Ní dheonófar tacaíocht ach do thairbhithe a thugann gealltanas go mbeidh siad rannpháirteach in EMAS ar feadh trí bliana ar a laghad nó go gcomhlíonfaidh siad riachtanais an táirgthe orgánaigh ar feadh cúig bliana ar a laghad.

3.   Is i bhfoirm cúitimh a bheidh an tacaíocht ar feadh uastréimhse trí bliana le linn na tréimhse ina bhfuil an fiontar ag athrú go táirgeadh orgánach nó le linn an ullmhúcháin do rannpháirtíocht i EMAS. Déanfaidh na Ballstáit an cúiteamh a ríomh ar bhonn an méid seo a leanas:

(a)

caillteanas ioncaim arna thabhú nó na costais bhreise arna dtabhú le linn na tréimhse ina bhfuiltear ag athrú ón táirgeadh traidisiúnta go dtí an táirgeadh orgánach i gcás oibríochtaí atá incháilithe faoi phointe (a) de mhír 1 nó

(b)

na costais bhreise a eascraíonn ón iarratas agus ón ullmhúchán do rannpháirtíocht in EMAS i gcás oibríochtaí atá incháilithe faoi phointe (b) de mhír 1.

Airteagal 54

Dobharshaothrú a sholáthraíonn seirbhísí comhshaoil

1.   D’fhonn forbairt an dobharshaothraithe a sholáthraíonn seirbhísí comhshaoil a chothú, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

modhanna dobharshaothraithe atá comhoiriúnach le riachtanais shonracha chomhshaoil agus faoi réir ceanglas bainistithe sonrach a eascraíonn ó ainmniú limistéar NATURA 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE agus le Treoir 2009/147/CE;

(b)

na costais a bhaineann go díreach le rannpháirtíocht i gcaomhnú ex-situ agus in atáirgeadh ainmhithe uisceacha, faoi chuimsiú clár athbhunaithe agus caomhnaithe bithéagsúlachta arna bhforbairt ag údaráis phoiblí, nó faoina maoirseacht;

(c)

oibríochtaí dobharshaothraithe lena n-áirítear caomhnú agus feabhsú an chomhshaoil, bithéagsúlacht, agus bainistiú an tírdhreacha agus na ngnéithe traidisiúnta de chriosanna dobharshaothraithe.

2.   Beidh an tacaíocht arna cur ar fáil faoi phointe (a) de mhír 1 i bhfoirm cúitimh bhliantúil ar na costais bhreise arna dtabhú agus/nó ar ioncam ligthe thar ceal a eascraíonn ó cheanglais bhainistithe sna limistéir lena mbaineann, a bhaineann le cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE nó le cur chun feidhme Threoir 2009/147/CE.

3.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (c) de mhír 1 ach amháin sa chás ina dtugann tairbhithe gealltanas go gcomhlíonfaidh siad ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ceanglais maidir leis an gcomhshaol uisce a théann thar chur i bhfeidhm simplí dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta. Taispeánfar buntáistí comhshaoil na hoibríochta i measúnú roimh ré arna dhéanamh ag comhlachtaí inniúla atá ainmnithe ag an mBallstát, mura bhfuil na buntáistí comhshaoil a bhaineann le hoibríocht ar leith aitheanta cheana féin.

4.   Beidh an tacaíocht arna cur ar fáil faoi phointe (c) de mhír 1 i bhfoirm cúitimh bhliantúil ar na costais bhreise arna dtabhú agus/nó ar ioncam ligthe thar ceal.

5.   Beidh torthaí na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Airteagal seo faoi réir poiblíochta leordhóthanaí ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 119.

Airteagal 55

Bearta sláinte poiblí

1.   Ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí amháin féadfaidh CEMI tacú le cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí moileasc as buaint moileasc feirme a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach ar chúiseanna a bhaineann le sláinte phoiblí.

2.   Ní fhéadfar tacaíocht a dheonú ach amháin sa chás ina gcuirtear buaint ar fionraí i ngeall ar éilliú moileasc mar thoradh ar an iomadú planctón ginte tocsain nó de bharr planctón ginte biotocsain a bheith ann, agus nuair:

(a)

a mhaireann sí tréimhse atá níos faide ná ceithre mhí as a chéile; nó

(b)

atá an caillteanas a thig as cur ar fionraí na buainte níos mó ná 25 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna trí bliana roimhe sin.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rialacha speisialta ríomha a bhunú a bheidh le húsáid i ndáil le cuideachtaí atá i mbun gníomhaíochta níos lú ná trí bliana.

3.   Is é 12 mhí thar an tréimhse chlársceidealaithe ar fad an uastréimhse ar féidir cúiteamh a thabhairt ina leith. I gcásanna a bhfuil údar maith leo, féadfar síneadh 12 mhí eile a chur leis an tréimhse, go huastréimhse 24 mí.

Airteagal 56

Bearta um shláinte agus leas ainmhithe

1.   D’fhonn sláinte agus leas ainmhithe a chothú i bhfiontair dhobharshaothraithe, inter alia maidir le cosc agus bithshlándáil, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

costais chun galair sa dobharshaothrú a rialú agus a dhíothú i gcomhréir le Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (36) lena n-áirítear na costais oibríochtúl is gá chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh i bplean díothaithe;

(b)

dea-chleachtais ghinearálta agus dea-chleachtais a bhaineann go sainiúil le speiceas ar leith nó cóid iompair maidir le bithshlándáil nó riachtanais sláinte agus leasa ainmhithe sa dobharshaothrú a fhorbairt;

(c)

tionscnaimh lena ndírítear ar an méid a bhraitheann an dobharshaothrú ar chógais tréidliachta a laghdú;

(d)

staidéir tréidliachta nó chógaisíochta agus scaipeadh agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas maidir le galair thréidliachta sa dobharshaothrú, a bhfuil sé d’aidhm acu úsáid iomchuí na gcógas tréidliachta a chur chun cinn;

(e)

grúpaí cosanta sláinte a bhunú agus a eagrú san earnáil dobharshaothraithe mar atá aitheanta ag na Ballstáit;

(f)

cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí moileasc as a ngníomhaíochtaí a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach mar gheall ar ollbhásmhaireacht eisceachtúil, nuair a théann an ráta básmhaireachta thar 20 % nó nuair atá an caillteanas a thig as cur ar fionraí na gníomhaíochta níos mó ná 35 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais sin, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sna trí bliana roimhe sin.

2.   Ní chumhdófar ceannach cógas tréidliachta sa tacaíocht i bpointe (d) de mhír 1.

3.   Beidh torthaí na staidéar arna maoiniú faoi phointe (d) de mhír 1 faoi réir tuairiscithe agus poiblíochta leormhaith a bheidh le déanamh ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 119.

4.   Féadfar tacaíocht a dheonú do chomhlachtaí a rialaítear leis an dlí poiblí freisin.

Airteagal 57

Árachas stoic dhobharshaothraithe

1.   D’fhonn ioncam na dtáirgeoirí dobharshaothraithe a chosaint, féadfaidh CEMI tacú le ranníocaíocht le hárachas stoic dhobharshaothraithe ina gcumhdófar na caillteanais mar gheall ar cheann amháin, ar a laghad, de na nithe seo a leanas:

(a)

tubaistí nádúrtha;

(b)

teagmhais dhíobhálacha aeráide;

(c)

athruithe tobanna ar cháilíocht agus ar chainníocht an uisce nach bhfuil an t-oibreoir freagrach astu;

(d)

galair dhobharshaothraithe, teip nó scriosadh na saoráidí táirgthe nach bhfuil an t-oibreoir freagrach astu.

2.   Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann tarlú de na cúinsí dá dtagraítear i mír 1 sa dobharshaothrú a aithint go foirmiúil mar tharlú den sórt sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, nuair is iomchuí, critéir a bhunú roimh ré faoin mbunús faoina measfar go bhfuil aitheantas foirmiúil den sórt sin deonaithe.

4.   Ní dheonófar tacaíocht ach do chonarthaí árachais um stoc dobharshaothraithe lena gcumhdaítear caillteanais eacnamaíocha faoi mhír 1 a sháraíonn 30 % de mheánláimhdeachas bliantúil an fheirmeora dobharshaothraithe, arna ríomh ar bhonn mhéanláimhdeachas an fheirmeora dhobharshaothraithe thar na trí bliana roimh an mbliain inar tharla na cailliúintí eacnamaíocha.

CAIBIDIL III

Forbairt inbhuanaithe na limistéar iascaigh agus dobharhaothraithe

Roinn 1

Raon feidhme agus cuspóirí

Airteagal 58

Raon feidhme

Tabharfaidh CEMI tacaíocht d’fhorbairt inbhuanaithe na limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe ag a bhfuil cur chuige i ndáil le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail mar a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 59

Sainchuspóirí

Leis an tacaíocht faoin gCaibidil seo, cuideofar le cuspórí sonracha faoi thosaíocht an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(4) a bhaint amach

Roinn 2

Straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail agus grúpaí áitiúla gníomhaíochta iascaigh

Airteagal 60

Straitéisí comhtháite forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail

1.   D’fhonn cuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 59 a bhaint amach, déanfaidh straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail an méid seo a leanas:

(a)

uasmhéadóidh siad rannpháirtíocht na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe i bhforbairt inbhuanaithe na limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe cósta agus intíre;

(b)

áiritheoidh siad go mbainfidh pobail áitiúla úsáid agus leas iomlán as na deiseanna a chuirtear ar fáil trí fhorbairt mhuirí, chósta agus uiscí intíre agus, go háirithe, cuideoidh siad le calafoirt bheaga iascaigh atá ag meath chun an leas is fearr is féidir a bhaint as a gcumas muirí trí bhonneagar éagsúlaithe a fhorbairt.

2.   Ní mór don straitéis luí leis na deiseanna agus na riachtanais atá sainaitheanta sa limistéar ábhartha agus le tosaíochtaí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6. D’fhéadfadh raon straitéisí a bheith ann, idir straitéisí atá dírithe ar iascach agus straitéisí níos forleithne atá dírithe ar éagsúlú limistéar iascaigh. Beidh níos mó i gceist leis an stráitéis ná díreach bailiúchán oibríochtaí nó neas-suíomh beart earnálach.

Airteagal 61

Grúpaí áitiúla gníomhaíochta iascaigh

1.   Chun críocha CEMI, ainmneofar na grúpaí áitiúla gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 32(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, mar ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta Iascaigh (GÁGIanna)

2.   Molfaidh na GÁGIeanna straitéis chomhtháite forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail atá bunaithe ar na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 60 den Rialachán seo ar a laghad, agus beidh siad freagrach as an straitéis sin a chur chun feidhme.

3.   Déanfaidh na GÁGIeanna na nithe seo a leanas:

(a)

príomhfhócas a straitéise agus comhdhéanamh socheacnamaíoch an limistéir a léiriú tríd is tríd trí ionadaíocht chothrom ar na príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear an earnáil phríobháideach, an earnáil phoiblí agus an tsochaí shibhialta;

(b)

ionadaíocht shuntasach ar an earnáil iascaigh agus/nó ar an earnáil dobharshaothraithe a áirithiú.

4.   Má fhaigheann straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail tacaíocht ó Chistí eile chomh maith le CEMI, comhlíonfaidh comhlacht roghnúcháin na GÁGIeanna le haghaidh tionscadal a fhaigheann tacaíocht ó CEMI na ceanglais a leagtar amach i mír (3).

5.   Féadfaidh GÁGIeanna cúraimí breise a dhéanamh freisin sa bhreis ar na cúraimí íosta in Airteagal 34(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 má dhéantar na cúraimí sin a tharmligean chucu ón údarás bainistíochta.

Roinn 3

Oibríochtaí incháilithe

Airteagal 62

Tacaíocht ó CEMI d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.   Tá na hoibríochtaí a leanas incháilithe faoin Roinn seo i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013]:

(a)

tacaíocht ullmhúcháin;

(b)

straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a cur chun feidhme;

(c)

gníomhaíochtaí comhair;

(d)

na costais reatha agus beochan.

2.   Féadfaidh grúpaí áitiúla gníomhaíochta íocaíocht airleacain a iarraidh ó údarás bainistíochta má dhéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin sa chlár oibríochtúil. Ní bheidh méid na n-airleacan níos mó ná 50 % den tacaíocht phoiblí a bhaineann leis na costais reatha agus beochan.

Airteagal 63

Straitéisí comhtháite forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a chur chun feidhme

1.   Féadfar tacaíocht do chur chun feidhme straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a dheonú le haghaidh na gcuspóirí seo a leanas:

(a)

luach a chur leis, poist a chruthú, daoine óga a mhealladh agus nuálaíocht a chur chun cinn ag gach céim de shlabhra soláthair na n-iascach agus an dobharshaothraithe;

(b)

tacú le héagsúlú laistigh nó lasmuigh den iascach tráchtála, foghlaim ar feadh an tsaoil, agus cruthú post i limistéir iascaigh agus dobharshaothraithe;

(c)

sócmhainní comhshaoil na limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear oibríochtaí chun an t-athrú aeráide a mhaolú, a fheabhsú agus leas a bhaint astu;

(d)

folláine shóisialta agus oidhreacht chultúrtha i limistéir iascaigh agus dobharshaothraithe a chur chun cinn, lena n-áirítear oidhreacht chultúrtha iascaigh, dobharshaothraithe agus mhuirí;

(e)

ról na bpobal iascaigh san fhorbairt áitiúil agus rialú na n-acmhainní áitiúla iascaigh agus gníomhaíochtaí muirí a neartú.

2.   D’fhéadfaí a áireamh sa tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 bearta dá bhforáiltear i gCaibidil I, i gCaibidil II agus i gCaibidil IV den Teideal seo, seachas Airteagal 66 agus Airteagal 67, ar an gcoinníoll go bhfuil réasúnaíocht shoiléir ann lena mbainistiú ar an leibhéal áitiúil. Nuair a thugtar tacaíocht d’oibríochtaí a chomhfhreagraíonn do na bearta sin, beidh feidhm ag na coinníollacha agus na scálaí ranníocaíochta in aghaidh na hoibríochta a leagtar síos i gCaibidil I, i gCaibidil II agus i gCaibidil IV den Teideal seo.

Airteagal 64

Gníomhaíochtaí comhair

1.   Féadfar tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 35(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a thabhairt don mhéid seo a leanas:

(a)

tionscadail comhair idir chríocha nó thrasnáisiúnta;

(b)

tacaíocht theicniúil ullmhúcháin le haghaidh tionscadal comhair idir chríocha agus thrasnáisiúnta, ar an gcoinníoll gur féidir le GÁGIanna a léiriú go bhfuil siad ag ullmhú le tionscadal a chur chun feidhme.

Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn “comhar idir chríocha” comhar laistigh de Bhallstát. Ciallaíonn “comhar trasnáisiúnta” comhar idir chríocha i roinnt Ballstát agus/nó le críocha i dtríú tíortha.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, cé is moite de GÁGIeanna eile, féadfaidh comhpháirtíocht áitiúil phríobháideach phoiblí a bhfuil straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail á cur chun feidhme aici laistigh den Aontas nó lasmuigh de bheith mar chomhpháirtí ag GÁGI faoi CEMI.

3.   I gcásanna nach roghnaíonn na GÁGIeanna na tionscadail comhair, bunóidh na Ballstáit córas iomchuí chun tionscadail comhair a éascú. Poibleoidh siad na nósanna imeachta riaracháin náisiúnta nó réigiúnacha a bhaineann le roghnú na dtionscadal comhair thrasnáisiúnta chomh maith le liosta de na costais incháilithe dhá bliain ar a dhéanaí tar éis dháta formheasa a gclár oibríochtúil.

4.   Déanfar na cinntí riaracháin maidir le tionscadail comhair tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis an dáta ar cuireadh isteach an tionscadal.

5.   Cuirfidh na Ballstáit na tionscadail comhair thrasnáisiúnta formheasta in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 110.

CAIBIDIL IV

Bearta a bhaineann le margaíocht agus le próiseáil

Airteagal 65

Sainchuspóirí

Rannchuideoidh tacaíocht faoin gCaibidil seo leis na sainchuspóirí maidir le tosaíocht an Aontais a leagtar amach faoi Airteagal 6(5) a bhaint amach.

Airteagal 66

Pleananna táirgthe agus margaíochta

1.   Tacóidh CEMI le hullmhú agus le cur chun feidhme na bpleananna táirgthe agus margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh.1379/2013.

2.   Ní bheidh caiteachas a bhaineann le pleananna táirgthe agus margaíochta incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi CEMI ach amháin tar éis do na húdaráis inniúla i ngach Ballstát an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 28(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 a fhormheas.

3.   Ní bheidh tacaíocht a dheonófar in aghaidh na heagraíochta táirgeoirí in aghaidh na bliana faoin Airteagal seo níos mó ná 3 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag an eagraíocht táirgeoirí sin sna trí bliana féilire roimhe sin. I gcás aon eagraíochta táirgeoirí nua-aitheanta, ní bheidh an tacaíocht sin níos mó ná 3 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill na heagraíochta sin sna trí bliana féilire roimhe sin.

4.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann airleacan 50 % den tacaíocht airgeadais a dheonú tar éis fhormheas an phlean táirgthe agus margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.

5.   Ní dheonófar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 ach amháin d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí.

Airteagal 67

Cúnamh stórála

1.   Féadfaidh CEMI tacú le cúiteamh d’eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus do chomhlachais aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann táirgí iascaigh atá liostaithe in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, ar choinníoll go stóráiltear na táirgí i gcomhréir le hAirteagal 30 agus le hAirteagal 31 den Rialachán sin:

(a)

nach mbeidh méid an chúnaimh stórála níos mó ná méid na gcostas teicniúil agus airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí is gá chun na táirgí atá i gceist a chobhsú agus a stóráil;

(b)

nach mbeidh na cainníochtaí atá incháilithe do chúnamh stórála níos mó ná 15 % de chainníochtaí bliantúla na dtáirgí lena mbaineann a chuir an eagraíocht táirgeoirí ar díol;

(c)

nach mbeidh an tacaíocht airgeadais in aghaidh na bliana níos mó ná 2 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill d’eagraíocht táirgeoirí sa tréimhse 2009 go 2011.

Chun críocha phointe (c), i gcás nár chuir baill d’eagraíocht táirgeoirí aon táirgeacht ar an margadh idir 2009 go 2011, cuirfear san áireamh meánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh sna chéad trí bliana táirgeachta den bhall sin.

2.   Tiocfaidh deireadh leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Nollaig 2018.

3.   Ní fhéadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú go dtí go mbeidh na táirgí curtha ar fáil lena gcaitheamh ag an duine.

4.   Déanfaidh na Ballstáit méid na gcostas teicniúil agus airgeadais is infheidhme ina gcuid críoch a shocrú mar a leanas:

(a)

déanfar costais theicniúla a ríomh gach bliain ar bhonn na gcostas díreach a bhaineann leis na gníomhaíochtaí is gá maidir le cobhsú agus stóráil;

(b)

déanfar costais airgeadais a ríomh gach bliain trí úsáid a bhaint as an ráta úis arna shocrú gach bliain i ngach Ballstát;

Cuirfear costais theicniúla agus airgeadais ar fáil go poiblí.

5.   Déanfaidh na Ballstáit rialuithe lena áirithiú go gcomhlíonann na táirgí a fhaigheann cúnamh stórála na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. Chun críocha na socruithe cigireachta sin, coimeádfaidh tairbhithe an chúnaimh stórála taifid stoc do gach catagóir táirgí a stóráiltear agus a thugtar isteach sa mhargadh arís níos déanaí lena gcaitheamh ag an duine.

Airteagal 68

Bearta margaíochta

1.   Féadfaidh CEMI tacú le bearta margaíochta maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe arb é is aidhm dóibh:

(a)

eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe a bhunú atá le haithint i gcomhréir le Roinn II de Chaibidil II, de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

(b)

margaí nua a aimsiú agus feabhas a chur ar na coinníollacha faoina gcuirtear speicis iascaigh agus dobharshaothraithe ar an margadh, lena n-áirítear:

(i)

speicis lena mbaineann cumas margaíochta;

(ii)

gabhálacha nach bhfuil de dhíth ó stoic thráchtála a chuirtear í dtír i gcomhréir le bearta teicniúla, le hAirteagal 15 den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le pointe (b) d’Airteagal 8 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

(iii)

táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a fhaightear trí úsáid a bhaint as modhanna a bhfuil tionchar íseal acu ar an gcomhshaol, nó táirgí orgánacha dobharshaothraithe mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007;

(c)

an caighdeán agus an breisluach a chur chun cinn trí na nithe seo a leanas a éascú:

(i)

iarratas a dhéanamh ar tháirge ar leith a chlárú agus oibríochtaí lena mbaineann a oiriúnú i leith na gceanglas ábhartha comhlíonta agus deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37).

(ii)

deimhniú agus cur chun cinn lena n-áirítear maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá inbhuanaithe, go háirithe táirgí ó iascaireacht chósta ar mhionscála, agus modhanna próiseála atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

(iii)

margú díreach táirgí iascaigh ag iascairí cósta ar mhionscála, lena n-áirítear ag iascairí de chois;

(iv)

táirgí a chur i láthair agus a phacáistiú;

(d)

rannchuidiú le trédhearcacht an táirgthe agus na margaí agus suirbhéanna margaidh agus staidéir a dhéanamh ar an méid a bhraitheann an tAontas ar allmhairí;

(e)

rannchuidiú le hinrianaitheacht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus, i gcás inarb ábhartha, éicilipéid a fhorbairt ar fud an Aontais do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

(f)

conarthaí caighdeánacha a luíonn le dlí an Aontais a dhréachtú d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide;

(g)

feachtais fógraíochta agus cumarsáide réigiúnacha, náisiúnta nó thrasnáisiúnta a stiúradh chun cur leis an bhfeasacht i leith táirgí inbhuanaithe iascaigh agus dobharshaothraithe.

2.   D’fhéadfadh gníomhaíochtaí táirgthe, próiseála agus margaíochta an tslabhra soláthair a bheith san áireamh in oibríochtaí dá dtagraítear i mír 1.

Ní dhíreofar oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 ar bhrandaí tráchtála.

Airteagal 69

Táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a phróiseáil

1.   Féadfaidh CEMI tacú le hinfheistíochtaí i bpróiseáil na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe:

(a)

a rannchuidíonn le fuinneamh a choigilt nó le tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear cóireáil dramhaíola;

(b)

a chuireann feabhas ar choinníollacha sábháilteachta, sláinteachais, sláinte, agus oibre;

(c)

a thacaíonn le próiseáil gabhálacha iasc tráchtála nach mbeidh le caitheamh ag an duine;

(d)

chun fotháirgí a phróiseáil a thig ó phríomhghníomhaíochtaí próiseála;

(e)

chun táirgí orgánacha dobharshaothraithe a phróiseáil mar a rialáiltear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007;

(f)

a mbíonn táirgí nua nó táirgí feabhsaithe mar thoradh orthu, nó a mbíonn próisis nua nó próisis fheabhsaithe mar thoradh orthu nó a mbíonn córais nua bainistíochta nó eagraíochta nó córais fheabhsaithe bainistithe nó eagraíochta mar thoradh orthu.

2.   Maidir le fiontair seachas FBManna, deonófar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 go heisiach trí bhíthin na n-ionstraimí airgeadais dá bhforáiltear i dTeideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

CAIBIDIL V

Cúiteamh ar chostais bhreise sna réigiúin is forimeallaí le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe

Airteagal 70

Córas cúitimh

1.   Féadfaidh CEMI tacú le cúiteamh na gcostas breise a thabhaíonn na hoibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe óna réigiúin fhorimeallacha a chumhdaítear faoi Airteagal 349 CFAE.

2.   Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann an liosta de tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus cainníocht na dtáirgí sin atá incháilithe do chúiteamh a chinneadh do na réigiúin dá dtagraítear i mír 1.

3.   Agus an liosta agus na cainníochtaí dá dtagraítear i mír 2 á mbunú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na tosca ábhartha ar fad, go háirithe an gá lena áirithiú go bhfuil an cúiteamh ag luí go hiomlán le rialacha CBI.

4.   Ní dheonófar an cúiteamh le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe:

(a)

a ghabhann soithí tríú tír, cé is moite de shoithí iascaireachta faoi bhratach Veiniséala a oibríonn in uiscí an Aontais;

(b)

a ghabhann soithí iascaireachta an Aontais nach bhfuil cláraithe i gcalafort i gceann amháin de na réigiúin dá dtagraítear i mír 1;

(c)

a allmhairítear ó thríú tíortha.

5.   Ní bheidh feidhm ag pointe (b) de mhír 4 má sháraíonn acmhainn reatha an tionscail phróiseála sa réigiún is forimeallaí lena mbaineann cainníocht an amhábhair arna cur ar fáil i gcomhréir le plean cúitimh an réigiúin lena mbaineann.

6.   Beidh na hoibreoirí seo a leanas incháilithe le haghaidh cúitimh:

(a)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann modh táirgthe chun táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fháil d’fhonn iad a chur ar an margadh;

(b)

úinéirí nó oibreoirí soithí atá cláraithe i gcalafoirt na réigiún dá dtagraítear i mír 1 agus a bhíonn ag feidhmiú sna réigiúin sin, nó comhlachais na n-oibreoirí sin;

(c)

oibreoirí in earnáil an phróiseála agus in earnáil na margaíochta nó comhlachais na n-oibreoirí sin.

Airteagal 71

An cúiteamh a ríomh

Íocfar an cúiteamh leis na hoibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí sna réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 70(1) agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

na costais bhreise a bhaineann le gach táirge iascaigh nó dobharshaothraithe nó le gach catagóir táirgí a thig ó mhíbhuntáistí sonracha na réigiún lena mbaineann; agus

(b)

aon chineál eile idirghabhála poiblí a dhéanann difear do leibhéal na gcostas breise.

Airteagal 72

Plean cúitimh

1.   Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann, trí bhíthin ghnímh cur chun feidhme plean cúitimh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le gach réigiún lena mbaineann, ina n-áireofar an liosta agus na cainníochtaí agus an cineál oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 70(1), an leibhéal cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 70 agus an t-údarás inniúil faoi mar atá leagtha síos in Airteagal 97.

2.   Féadfaidh na Ballstáit ábhar an phlean cúitimh dá dtagraítear i mír 1 a leasú. Cuirfear na leasuithe sin faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéantar struchtúr an phlean cúitimh a shainiú. Déanfar na gníomhartha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 126 lena leagtar síos na critéir maidir le ríomh na gcostas breise a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún lena mbaineann.

Airteagal 73

Státchabhair chun pleananna cúitimh a chur chun feidhme

Féadfaidh na Ballstáit maoiniú breise a dheonú chun na pleananna cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 72 a chur chun feidhme. I gcásanna mar sin, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin Státchabhair a fhéadfaidh an Coimisiún a fhormheas I gcomhréir leis an Rialachán seo mar chuid de na pleananna sin. Measfar go mbeidh fógra curtha i leith Státchabhrach a chuirtear in iúl ar an mbealach sin, de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 108(3) CFAE.

CAIBIDIL VI

Bearta tionlacain maidir le CBI faoi bhainistíocht chomhpháirteach

Airteagal 74

Raon feidhme geografach

De mhaolú ar Airteagal 2, beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin le hoibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 75

Sainchuspóirí

Rannchuideoidh tacaíocht faoin gCaibidil seo le cúspóirí sonracha an Aontais faoin tosaíocht atá leagtha amach in Airteagal 6(3) a bhaint amach.

Airteagal 76

Rialú agus forfheidhmiú

1.   Féadfaidh CEMI tacú le cur chun feidhme chóras rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus mar a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.

2.   Beidh na cineálacha oibríochtaí seo a leanas, go háirithe, incháilithe:

(a)

teicneolaíocht a cheannach, a shuiteáil agus/nó a fhorbairt, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí riomhaire (CCTV), córais aimsithe soithí (CAS), Córais Teilifíse Ciorcaid Iata, agus líonraí TF trínar féidir sonraí a bhaineann le hiascach a bhailiú, a riar, a bhailíochtú, a anailísiú, a bhainistiú ó thaobh riosca, a chur i láthair (láithreáin ghréasáin a bhaineann le rialú) agus a mhalartú, agus modhanna samplála a fhorbairt ina leith maille le hidirnascadh le córais thrasearnálacha mhalartaithe sonraí;

(b)

forbairt, ceannach agus suiteáil na gcomhpháirteanna is gá, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí, chun tarchur sonraí ó ghníomhaithe atá páirteach san iascaireacht chuig an mBallstát ábhartha agus chuig údaráis ábhartha de chuid an Aontais, mar aon le margú táirgí iascaigh, a áirithiú, lena n-áirítear na comhpháirteanna atá riachtanach i gcomhair córas taifeadta agus tuairiscithe leictreonaigh (CTL), córas faireacháin soithí (CFS), agus córas sainaitheanta uathoibríoch (AIS) a úsáidtear chun críche rialaithe;

(c)

forbairt, ceannach agus suiteáil na gcomhpháirteanna is gá, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí, chun inrianaitheacht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a áirithiú, mar a shainítear in Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(d)

cláir a chur chun feidhme lena ndírítear ar shonraí a mhalartú agus a anailísiú idir Bhallstáit;

(e)

nuachóiriú agus ceannach soithí, aerárthaí agus héileacaptar patróil, ar chuntar go mbaintear úsáid astu ar mhaithe le rialú iascaigh 60 % den am, ar a laghad, den méid iomlán ama a úsáidtear an trealamh, arna ríomh ar bhonn bliantúil;

(f)

modhanna eile rialaithe a cheannach, lena n-áirítear gléasanna chun gur féidir cumhacht innill agus trealamh meáite a thomhas;

(g)

córais nuálaíocha rialaithe agus faireacháin a fhorbairt agus treoirthionscadail a chur chun feidhme, ar treoirthionscadail iad a bhaineann le rialú iascaigh, lena n-áirítear anailís DNA ar iasc nó forbairt láithreán gréasáin a bhaineann le rialú;

(h)

cláir oiliúna agus mhalartaithe maidir le pearsanra atá freagrach as faireachán, rialú agus faireachas ar ghníomhaíochtaí iascaigh, lena n-áirítear idir na Ballstáit;

(i)

anailís costais agus tairbhe chomh maith le measúnú ar iniúchtaí arna ndéanamh agus ar chaiteachas arna thabhú ag údaráis inniúla le linn dóibh faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh;

(j)

tionscnaimh, lena n-áirítear seimineáir agus uirlisí meán, atá dírithe ar fheasacht a mhéadú i measc iascairí agus gníomhaithe eile amhail cigirí, ionchúisitheoirí poiblí agus breithiúna, agus i measc an phobail i gcoitinne maidir leis an ngá le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe a chomhrac agus maidir le cur chun feidhme rialacha CBI;

(k)

costais oibriúcháin a thabhaítear agus rialú treisithe á chur i bhfeidhm i gcás stoc atá faoi réir rialaithe sonraí agus clár cigireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus chun comhordú a rialú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle (38).

(l)

cláir atá ceangailte le cur chun feidhme phlean gnímh a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 102(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, lena n-áirítear aon chostas oibriúcháin a thabhaítear.

3.   Ní bheidh na bearta atá liostaithe i bpointí (h) go (l) de mhír 2 incháilithe le haghaidh tacaíochta ach amháin má bhaineann siad le gníomhaíochtaí rialaithe a dhéanann údarás poiblí.

4.   I gcás na mbeart atá liostaithe i bpointe (d) agus i bpointe (h) de mhír 2, ainmneoidh na Ballstáit lena mbaineann an t-údarás bainistíochta a bheidh freagrach as an tionscadal.

Airteagal 77

Sonraí a bhailiú

1.   Tacóidh CEMI le bailiú, le bainistiú agus le húsáid sonraí dá bhforáiltear le hAirteagal 25(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008.

2.   Beidh na cineálacha oibríochtaí seo a leanas, go háirithe, incháilithe:

(a)

bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí ar mhaithe le hanailís eolaíoch agus le cur chun feidhme CBI;

(b)

cláir shamplála náisiúnta, thrasnáisiúnta agus fonáisiúnta ilbhliantúla ar chuntar go ndéanann siad tagairt do na stoic a chumhdaítear le CBI;

(c)

faireachán ar muir a dhéanamh ar iascach tráchtála agus áineasa, lena n-áirítear faireachán ar fhoghabháil orgánach muirí amhail mamaigh farraige agus éin na mara;

(d)

suirbhéanna taighde ar muir;

(e)

rannpháirtíocht ionadaithe na mBallstát agus ionadaithe na n-údarás réigiúnach i gcruinnithe réigiúnacha comhordúcháin, i gcruinnithe de chuid eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh ar páirtí conarthach nó breathnadóir iontu an tAontas nó i gcruinnithe de chuid comhlachtaí idirnáisiúnta atá i bhfeighil ar chomhairle eolaíoch a sholáthar;

(f)

feabhas a chur ar chórais bailithe sonraí agus ar chórais bainistithe sonraí agus treoirstaidéir a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar na córais atá ann cheana i dtaca le sonraí a bhailiú agus a bhainistiú;

CAIBIDIL VII

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát

Airteagal 78

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát

1.   Ar thionscnamh Ballstáit, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas, agus faoi réir uasteorainn 6 % de mhéid iomlán an chláir oibríochtúil:

(a)

na bearta cúnaimh theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

gréasáin náisiúnta a bhunú a bheadh dírithe ar scaipeadh faisnéise, ar fhorbairt acmhainní, ar mhalartú dea-chleachtais agus ar thacú le comhar idir na GÁGIeanna ina gcríoch.

2.   Féadfar an teorainn dá dtagraítear i mír 1 a shárú ar bhonn eisceachtúil agus in imthosca a bhfuil údar cuí leo.

CAIBIDIL VIII

Bearta maidir le BMC arna maoiniú faoi bhainistíocht chomhpháirteach

Airteagal 79

Sainchuspóirí

1.   Le bearta tacaíochta faoin gCaibidil seo, tacófar le forbairt na sainchuspóirí faoin tosaíocht Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(6) lena n-áirítear:

(a)

Comhtháthú an Fhaireachais Mhuirí (CFM) agus go háirithe Timpeallacht Comónta um Chomhroinnt Faisnéise (TCCF) chun faireachas a dhéanamh ar réimse muirí an Aontais;

(b)

cosaint an chomhshaoil mhuirí, agus go háirithe bhithéagsúlacht an chomhshaoil mhuirí agus na limistéar muirí faoi chosaint amhail láithreáin Natura 2000, gan dochar d’Airteagal 37 den Rialachán seo, agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní cósta agus mara a chur chun cinn agus sainmhíniú breise a thabhairt ar na teorainneacha maidir le hinbhuaine na ngníomhaíochtaí daonna ag a mbíonn iarmhairt ar an mhuirthimpeallacht, go háirithe faoi chuimsiú na Treoir 2008/56/CE.

2.   Ní bheidh méadú ar an leithdháileadh airgeadais iomlán dá dtagraítear in Airteagal 13 (7) mar thoradh ar aon leasú ar an gClár Oibríochtúil.

Airteagal 80

Oibríochtaí incháilithe

1.   Féadfaidh CEMI tacú le hoibríochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 79, amhail gníomhaíochtaí:

(a)

lena gceadaítear rannchuidiú le cuspóirí IMS a bhaint amach agus go háirithe cuspóirí TCCF a chomhlíonadh;

(b)

cosaint an chomhshaoil mhuirí, go háirithe bithéagsúlacht an chomhshaoil mhuirí agus na limistéar muirí faoi chosaint amhail láithreáin Natura 2000 ag teacht leis na hoibleagáidí a bhunaítear le Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE;

(c)

feabhas a chur ar an bhfaisnéis maidir le staid an chomhshaoil mhuirí d’fhonn na cláir oibríochtúla agus cláir na mbeart dá bhforáiltear i dTreoir 2008/56/CE a bhunú, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a bhunaítear sa Treoir sin.

2.   Ní mheasfar gur costais oibriúcháin incháilithe iad costais tuarastail phearsanra na rialtas náisiúnta.

TEIDEAL VI

BEARTA ARNA MAOINIÚ FAOI BHAINISTÍOCHT DHÍREACH

CAIBIDIL I

Beartas muirí comhtháite

Airteagal 81

Raon feidhme geografach

De mhaolú ar Airteagal 2, beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le hoibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais.

Airteagal 82

Raon feidhme agus cuspóirí

Rannchuideoidh tacaíocht faoin gCaibidil seo feabhas a chur ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme bheartas muirí comhtháite an Aontais. Úsáidfear an tacaíocht sin ar mhaithe leis an méid a leanas:

(a)

forbairt agus cur chun feidhme an rialachais chomhtháite um ghnóthaí muirí agus um ghnóthaí cois cósta a chothú, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i)

gníomhaíochtaí a chur chun cinn a spreagann na Ballstáit agus a réigiúin chun rialachas muirí comhtháite a thabhairt isteach nó a chur chun feidhme;

(ii)

comhphlé agus comhar leis na Ballstáit agus i measc údaráis inniúla na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí maidir le saincheisteanna muirí agus mara a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhíthin straitéisí comhtháite um imchuacha farraige a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus cur chuige cothrom á chur san áireamh i dtaca leis na himchuacha uile farraige chomh maith le sainiúlachtaí na n-imchuach farraige agus na bhfo-imchuach farraige, agus straitéisí ábhartha macrairéigiúnacha i gcás inarb infheidhme;

(iii)

comhghuaillíochtaí trasearnálacha agus gréasáin thrasearnálacha um chomhoibriú a chur chun cinn, lena n-áirítear ionadaithe na n-údarás poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, an tionsclaíocht lena n-áirítear an turasóireacht, geallsealbhóirí taighde, saoránaigh, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta;

(iv)

feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla;

(v)

malartú dea-chleachtas agus comhphlé ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn, lena n-áirítear comhphlé déthaobhach le tríú tíortha, agus UNCLOS á chur san áireamh mar aon leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha atá ann cheana agus atá bunaithe ar UNCLOS, gan dochar do chomhaontuithe eile ná do shocruithe a d’fhéadfadh a bheith ann idir an Aontas agus na tríú tíortha lena mbaineann. Áireofar leis an idirphlé sin, de réir mar is iomchuí, plé éifeachtach ar dhaingniú agus ar chur chun feidhme UNCLOS;

(vi)

feasacht na n-údarás poiblí, na hearnála príobháidí agus an phobail i gcoitinne ar chur chuige comhtháite maidir le gnóthaí muirí a spreagadh agus infheictheacht an chuir chuige sin a fheabhsú;

(b)

rannchuidiú le forbairt tionscnamh trasearnálach a théann chun tairbhe earnálacha éagsúla muirí agus/nó beartas earnálach éagsúil, agus uirlisí agus tionscnaimh reatha á gcur san áireamh agus á bhforbairt, mar shampla:

(i)

faireachas muirí comhtháite d’fhonn treisiú le húsáid shábháilte, shlán agus inbhuanaithe a bhaint as spás muirí go háirithe trí fheabhas a chur ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht trí mhalartú faisnéise idir earnálacha agus thar theorainneacha agus aird chuí á tabhairt ar mheicníochtaí agus córais comhair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo;

(ii)

pleanáil spásúil mhuirí agus próisis bainistithe comhtháite an chreasa cósta;

(iii)

bunachar sonraí agus bunachar eolais atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán agus a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu a fhorbairt de réir a chéile, ar bunachair iad lena n-éascófar comhroinnt, athúsáid agus scaipeadh na sonraí agus an eolais sin i measc grúpaí éagsúla úsáideoirí, agus ar an tslí sin déanfar dúbláil a sheachaint; chun na críche sin, bainfear an leas is fearr is féidir as cláir reatha an Aontais agus na mBallstát;

(c)

tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, le fostaíocht, le nuálaíocht agus le teicneolaíochtaí nua laistigh d’earnálacha muirí atá ag teacht chun cinn agus a d’fhéadfadh teacht chun cinn, agus i réigiúin chósta, i réigiúin oileánacha agus sna réigiún is forimeallaí san Aontas, a chuireann le gníomhaíochtaí seanbhunaithe earnálacha agus náisiúnta;

(d)

cosaint an chomhshaoil mhuirí, agus go háirithe bithéagsúlacht an chomhshaoil mhuirí agus na limistéir mhuirí faoi chosaint amhail láithreáin Natura 2000 a chur chun cinn, agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní cósta agus mara a chur chun cinn agus sainmhíniú breise a thabhairt ar na teorainneacha maidir le hinbhuaine na ngníomhaíochtaí daonna a fhágann iarmhairt ar an mhuirthimpeallacht, i gcomhréir leis na cuspóirí go mbainfí amach agus go gcoinneofaí stádas comhshaoil maith mar a cheanglaítear leis an Treoir 2008/56/CE.

Airteagal 83

Oibríochtaí incháilithe

1.   Féadfaidh CEMI tacú le hoibríochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 82, amhail:

(a)

staidéir;

(b)

tionscadail, lena n-áirítear tionscadail thrialacha agus tionscadail comhair;

(c)

faisnéis phoiblí agus comhroinnt an dea-chleachtais, feachtais spreagtha feasachta agus gníomhaíochtaí comhbhainteacha cumarsáide agus scaipthe, lena n-áirítear feachtais phoiblíochta, imeachtaí, forbairt agus cothabháil suíomhanna gréasáin, ardáin na ngeallsealbhóirí;

(d)

comhdhálacha, seimineáir, fóraim agus ceardlanna;

(e)

malartú dea-chleachtas, gníomhaíochtaí comhordúcháin, lena n-áirítear gréasáin chomhroinnte faisnéise, agus tacaíocht don fhorbairt i leith straitéisí d’imchuacha farraige;

(f)

forbairt, oibriú agus cothabháil na gcóras agus na líonraí TF trínar féidir sonraí a bhailiú, a riar, a bhailíochtú, a anailísiú agus a mhalartú, agus modhanna samplála a fhorbairt doshonraí, maille le hidirnascadh le córais thrasearnálacha mhalartaithe sonraí;

(g)

tionscadail oiliúna chun eolas, cáilíochtaí gairmiúla agus bearta a fhorbairt lena gcuirfí an fhorbairt ghairmiúil chun cinn san earnáil mhuirí.

2.   D’fhonn an sainchuspóir a bhaint amach maidir le hoibríochtaí trasteorann agus trasearnálacha a leagtar amach in Airteagal 82(b) a fhorbairt, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

forbairt agus cur chun feidhme uirlisí teicniúla le haghaidh faireachais mhuirí chomhtháite, go háirithe chun tacú le húsáid, le hoibriú agus le cothabháil TCCF, d’fhonn malartú faisnéise ón bhfaireachas trasearnálach agus trasteorann a chur chun cinn lena nascfaí gach cineál úsáideora, agus forbairtí ábhartha na mbeartas earnálacha i dtaca leis an bhfaireachas á gcur san áireamh agus cuidiú, de réir mar is iomchuí, leis an bhforbairt is gá a dhéanamh orthu;

(b)

gníomhaíochtaí comhordaithe agus comhair idir na Ballstáit nó idir réigiúin chun pleanáil spásúil mhuirí agus bainistiú comhtháite an chreasa cósta a fhorbairt, lena n-áirítear caiteachas a bhaineann le córais agus le cleachtais chomhroinnte sonraí agus faireacháin, le gníomhaíochtaí measúnachta, le gréasáin saineolaithe a bhunú agus a reáchtáil agus le clár a bhunú lena ndírítear ar acmhainní a fhorbairt le haghaidh na mBallstát chun pleanáil spásúil mhuirí a chur chun feidhme;

(c)

tionscnaimh chun an córas breathnóireachta muirí a chómhaoiniú, a cheannach agus a chaomhnú agus na huirlisí teicniúla chun córas líonraí Eorpach Breathnóireachta agus Sonraí Muirí oibríochtúil a cheapadh, a bhunú agus a reáchtáil a mbeadh sé d’aidhm aige bailiú, fáil, cur le chéile, próiseáil, rialú cáilíochta, athúsáid agus leithdháileadh sonraí agus eolais mhuirí a éascú trí bhíthin comhair idir institiúidí na mBallstát agus/nó na hinstitiúidí idirnáisiúnta a bhfuil baint acu leis.

CAIBIDIL II

Bearta tionlacain maidir le CBI agus le BMC faoi bhainistíocht dhíreach

Airteagal 84

Raon feidhme geografach

De mhaolú ar Airteagal 2, beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le hoibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais.

Airteagal 85

Sainchuspóirí

Éascóidh bearta faoin gCaibidil seo cur chun feidhme CBI agus BMC maidir leis an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

bailiú, bainistiú agus scaipeadh comhairle eolaíche a dhéanfar faoi CBI;

(b)

bearta sonracha rialaithe agus forfheidhmithe faoi CBI;

(c)

ranníocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)

Comhairlí Comhairleacha;

(e)

faisnéis maidir leis an margadh;

(f)

Gníomhaíochtaí cumarsáide CBI agus BMC.

Airteagal 86

Comhairle agus eolas eolaíoch

1.   Féadfaidh CEMI tacú le soláthar táirgí insoláthartha eolaíocha, go háirithe tionscadail taighde fheidhmigh a bhaineann go díreach le tuairimí eolaíocha agus socheacnamaíocha agus comhairle eolaíoch agus shocheacnamaíoch a sholáthar, chun críche cinntí fónta agus éifeachtúla maidir le bainistíocht iascaigh faoi CBI;.

2.   Beidh na cineálacha oibríochtaí seo a leanas, go háirithe, incháilithe:

(a)

staidéir agus treoirthionscadail atá riachtanach chun CBI a chur chun feidhme agus a fhorbairt, lena n-áirítear maidir le cineálacha malartacha de theicnící bainistíochta iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe, lena n-áirítear laistigh de Chomhairlí Comhairleacha;

(b)

tuairimí eolaíocha agus comhairle eolaíoch a arna n-ullmhú agus arna soláthar ag comhlachtaí eolaíocha, lena n-áirítear comhlachtaí comhairleacha idirnáisiúnta atá i gceannas ar mheasúnuithe stoc, ag saineolaithe neamhspleácha agus ag institiúidí taighde;

(c)

rannpháirtíocht na saineolaithe i gcruinnithe faoi shaincheisteanna eolaíocha agus teicniúla iascaigh agus i ngrúpaí oibre de shaineolaithe, amhail STECF, agus i gcomhlachtaí comhairleacha idirnáisiúnta agus i gcruinnithe ina mbeidh gá le rannchuidiú ó shaineolaithe iascaigh agus dobharshaothraithe;

(d)

suirbhéanna taighde ar muir dá dtagraítear le hAirteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008, i limistéir ina n-oibríonn soithí de chuid an Aontais faoi Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(e)

caiteachas arna thabhú ag an gCoimisiún i leith seirbhísí a bhaineann le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid, le cruinnithe de shaineolaithe iascaigh a eagrú agus a bhainistiú agus le cláir oibre bhliantúla a bhaineann le saineolas eolaíoch agus teicniúil iascaigh a bhainistiú, le glaonna sonraí agus tacair shonraí a phróiseáil, leis an obair ullmhúcháin lena ndírítear ar thuairimí eolaíocha agus ar chomhairle eolaíoch a sholáthar;

(f)

gníomhaíochtaí comhair idir na Ballstáit i réimse an bhailithe sonraí, lena n-áirítear na geallsealbhóirí éagsúla réigiúnacha agus lena n-áirítear bunú agus oibriú na mbunachar sonraí réigiúnaithe chun sonraí a bhainistiú agus a úsáid a rachaidh chun sochair don chomhar réigiúnach agus a chuirfidh feabhas ar ghníomhaíochtaí bailithe agus bainistithe sonraí, agus ar an saineolas eolaíoch chun tacú le bainistiú iascaigh;

Airteagal 87

Rialú agus forfheidhmiú

1.   Féadfaidh CEMI tacú le cur chun feidhme chóras rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus atá sonraithe i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Beidh na cineálacha oibríochtaí seo a leanas, go háirithe, incháilithe:

(a)

soithí, aerárthaí agus héileacaptar patróil arna gcomhcheannach agus/nó arna gcomh-chairtfhostú ag roinnt Ballstát atá sa limistéar geografach céanna, ar chuntar go mbaintear úsáid astu 60 % den am, ar a laghad, ar mhaithe le rialú iascaigh;

(b)

caiteachas a bhaineann le teicneolaíochtaí rialaithe nua a mheasúnú agus a fhorbairt, agus próisis le haghaidh sonraí a mhalartú;

(c)

an caiteachas oibríochtúil go léir a bhaineann leis an rialú agus an measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ar chur chun feidhme CBI, agus go háirithe fíorú, cigireacht agus misin iniúchóireachta, trealamh agus oiliúint d’oifigigh an Choimisiúin, eagrú cruinnithe nó rannpháirtíocht iontu, lena n-áirítear malartú faisnéise agus dea-chleachtas, staidéar, seirbhísí agus soláthróirí TF idir na Ballstáit agus meáin chigireachta arna gcairtfhostú nó arna gceannach ag an gCoimisiún mar a shonraítear i dTeideal IX agus i dTeideal X de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.

3.   D’fhonn na rialuithe a neartú agus a chaighdeánú, féadfaidh CEMI tacú le cur chun feidhme tionscadail thrasnáisiúnta a mbeadh sé d’aidhm acu forbairt agus tástáil a dhéanamh ar na córais idirstát rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe dá bhforáiltear faoi Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. agus a leagtar síos chomh maith i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.

Ar na cineálacha oibríochta atá incháilithe, áirítear go háirithe iad seo a leanas:

(a)

cláir idirnáisiúnta oiliúna don fhoireann atá freagrach as faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta;

(b)

tionscnaimh, lena n-áirítear seimineáir agus uirlisí meáin, chun léirthuiscint rialacháin agus rialuithe gaolmhara an Aontais a chaighdeánú.

4.   I gcás na n-oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, ní ainmneofar ach ceann amháin de na Ballstáit lena mbaineann mar thairbhí.

Airteagal 88

Ranníocaíochtaí airgeadais deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta

Féadfaidh CEMI tacú leis na cineálacha oibríochtaí seo a leanas i réimse an chaidrimh idirnáisiúnta:

(a)

cistiú deonach a sholáthraítear d’eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cistiú deonach a sholáthraítear d’aon eagraíocht idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse Dhlí na Farraige;

(b)

ranníocaíochtaí airgeadais deonacha le hullmhúcháin le haghaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta nua nó le hullmhú conarthaí idirnáisiúnta nua a bhfuil leas ag an Aontas iontu;

(c)

ranníocaíochtaí airgeadais deonacha le hobair nó le cláir a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil leas ar leith ag an Aontas iontu;

(d)

ranníocaíochtaí airgeadais le haon ghníomhaíocht (lena n-áirítear cruinnithe oibre, neamhfhoirmiúla nó urghnácha de chuid páirtithe conarthacha) a sheasann le leasanna an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a neartaíonn an comhar lena chuid comhpháirtithe sna heagraíochtaí sin. I ndáil leis sin, i gcásanna ina bhfuil gá le hionadaithe ó thríú tíortha a bheith i láthair in idirbheartaíochtaí agus i gcruinnithe laistigh d’fhóraim idirnáisiúnta agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta ar mhaithe le leasanna an Aontais, féadfaidh CEMI na costais a bhaineann lena gcuid rannpháirtíochta a íoc.

Airteagal 89

Comhairlí Comhairleacha

1.   Tacóidh CEMI le costais oibriúcháin na gComhairlí Comhairleacha a bhunaítear le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Féadfaidh Comhairle Chomhairleach a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici iarratas a dhéanamh ar thacaíocht an Aontais mar chomhlacht a mbeidh leas na hEorpa go ginearálta mar aidhm acu.

Airteagal 90

Faisnéis maidir leis an margadh

Féadfaidh CEMI tacú le forbairt agus le scaipeadh na faisnéise maidir leis an margadh le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.

Airteagal 91

Gníomhaíochtaí cumarsáide CBI agus BMC

Féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

costais do ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le CBI agus le BMC, lena n-áirítear:

(i)

costais a bhaineann le táirgeadh, le haistriú agus le scaipeadh ábhair atá saincheaptha le haghaidh riachtanais shonracha na spriocghrúpaí éagsúla i bhformáid scríofa, chlosamhairc agus leictreonach;

(ii)

costais a bhaineann le himeachtaí agus cruinnithe arna n-ullmhú agus arna n-eagrú chun eolas a chur ar fáil maidir le tuairimí na bpáirtithe éagsúla a mbaineann CBI agus BMC leo nó chun iad a bhailiú;

(b)

costais taistil agus chóiríochta na saineolaithe agus ionadaithe na ngeallsealbhóirí a dtugann an Coimisiún cuireadh dóibh chun na gcruinnithe;

(c)

costais a bhaineann le cumarsáid chorparáideach i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

CAIBIDIL III

Cúnamh teicniúil

Airteagal 92

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin

Ar thionscnamh an Choimisiúin, féadfaidh CEMI tacú leis na bearta seo a leanas, faoi réir na huasteorann 1,1 % ar CEMI:

(a)

na bearta cúnaimh theicniúil atá sonraithe in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

ullmhúchán, faireachán agus measúnú ar chomhaontuithe iascaigh inbhuanaithe agus ar rannpháirtíocht an Aontais in eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh; is éard a bheidh sna bearta sin staidéir, cruinnithe, ionchur saineolaithe, caiteachas i ndáil le foireann shealadach, gníomhaíochtaí faisnéise agus aon chaiteachas riaracháin eile nó caiteachas a thiocfaidh as cúnamh eolaíoch nó teicniúil arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún.

(c)

gréasán Eorpach GÁGIanna a bhunú a bheadh dírithe ar fhorbairt acmhainní, scaipeadh faisnéise, malartú taithí agus dea-chleachtais agus tacú le comhar idir na GÁGIanna. Comhoibreoidh an gréasán sin leis na comhlachtaí líonraithe agus tacaíochta teicniúla d’fhorbairt áitiúil arna mbunú ag CFRE, CSE agus CETFT maidir lena ngníomhaíochtaí forbartha áitiúla agus lena gcomhar trasnáisiúnta.

TEIDEAL VII

CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍOCHT CHOMHPHÁIRTEACH

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 93

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le bearta arna maoiniú faoi bhainistíocht chomhpháirteach mar a leagtar amach i dTeideal V.

CAIBIDIL II

Meicníocht seachadta

Roinn 1

Tacaíocht ó CEMI

Airteagal 94

Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

1.   Is le linn dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh de bhun Airteagal 19 lena bhformheastar clár oibre a shocróidh an Coimisiún ranníocaíocht uasta CEMI leis an gclár sin.

2.   Ríomhfar an ranníocaíocht ó CEMI ar bhonn mhéid an chaiteachais phoiblí incháilithe.

Bunóidh an clár oibríochtúil an ráta ranníocaíochta ó CEMI is infheidhme maidir le gach ceann de na cuspóirí a shainítear faoi thosaíochtaí an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 6. Is é 75 % den chaiteachas poiblí incháilithe an t-uasráta ranníocaíochta ó CEMI a bheidh i gceist. Is é 20 % den chaitheachas poiblí incháilithe an t-íosráta ranníocaíochta ó CEMI a bheidh i gceist.

3.   De mhaolú ar mhír 2, is é seo a leanas an ranníocaíocht ó CEMI a bheidh i gceist:

(a)

100 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta faoi chúnamh stórála dá dtagraítear in Airteagal 67;

(b)

100 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh an chórais chúitimh dá dtagraítear in Airteagal 70;

(c)

50 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 33, Airteagal 34, agus Airteagal 41(2);

(d)

70 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 76(2);

(e)

90 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 76(2)(a) go (d) agus (f) go (k) d’Airteagal 76(2);

(f)

80 % den chaiteachas incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 77.

4.   De mhaolú ar mhír 2, an uasráta ranníocaíochta CEMI is infheidhme maidir leis na cuspóirí sonracha faoi thosaíocht de chuid an Aontais, déanfar é a mhéadú faoi dheich bpointe céatadáin, i gcás ina seachadtar iomlán tosaíocht an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(4) trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

Airteagal 95

Méid an chúnaimh phoiblí

1.   Cuirfidh na Ballstáit uasmhéid cúnaimh phoiblí i bhfeidhm arb ionann é agus 50 % de chaiteachas incháilithe iomlán na hoibríochta.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit méid cúnaimh phoiblí a chur i bhfeidhm arb ionann é agus 100 % de chaiteachas incháilithe iomlán na hoibríochta más rud é gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

gur comhlacht poiblí dlí an tairbhí nó gur gnóthas é a bhfuil oibriú seirbhísí ar mhaithe le leas coiteann eacnamaíochta de chúram air, de réir mar a dtagraítear dó sin in Airteagal 106(2) CFAE, sa chás go dtugtar an cúnamh le haghaidh oibriú na seirbhísí sin;

(b)

go mbaineann an oibríocht leis an gcúnamh stórála dá dtagraítear in Airteagal 67;

(c)

go mbaineann an oibríocht leis an gcóras cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 70;

(d)

go mbaineann an oibríocht leis an mbailiú sonraí dá dtagraítear in Airteagal 77;

(e)

go mbaineann an oibríocht le préimheanna faoi Airteagal 33 nó faoi Airteagal 34 agus le cúiteamh faoi Airteagal 4, faoi Airteagal 55 nó faoi Airteagal 56;

(f)

go mbaineann an oibríocht le bearta maidir le BMC dá dtagraítear in Airteagal 80.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit méid cúnaimh phoiblí a chur i bhfeidhm arb ionann é agus idir 50 % agus 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán sna cásanna seo a leanas:

(a)

má chuirtear an oibríocht i bhfeidhm faoi Chaibidil I, II, III agus IV de Theideal V agus má chomhlíontar na critéir uile seo a leanas:

(i)

leas comhchoiteann;

(ii)

tairbhí comhchoiteann;

(iii)

sainghnéithe nuálacha, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal áitiúil.

(b)

má chuirtear an oibríocht i bhfeidhm faoi Chaibidil III de Theideal V agus má chomhlíontar ceann dena critéir dá dtagraítear i bpointe (a) (i), (ii) nó (iii) den mhír seo agus má bhíonn teacht ag an bpobal ar thorthaí dá bharr.

4.   De mhaolú ar mhír 1, beidh feidhm ag tuilleadh pointí céatadáin de mhéid cúnaimh phoiblí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

5.   An dóigh a mbeidh feidhm ag na pointí éagsúla céatadáin de mhéid cúnaimh phoiblí maidir leis an gcás ina gcomhlíontar roinnt coinníollacha d’Iarscríbhinn I, bunóidh an Coimisiún í trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

Airteagal 96

Costais bhreise nó ioncam ligthe thar ceal a ríomh

I gcás ina mbíonn cabhair deonaithe ar bhonn costas breise nó ioncaim ligthe thar ceal, áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn na ríomhanna iomchuí leormhaith, cruinn agus bunaithe roimh ré ar bhonn ríofa atá cóir, cothrom agus infhíoraithe.

CAIBIDIL III

Córais bhainistíochta agus rialaithe

Airteagal 97

An t-údarás bainistíochta

1.   De bhreis ar na rialacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 125 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas

(a)

sonraí iomchuí carnacha ar oibríochtaí atá roghnaithe le haghaidh cistiú go dtí deireadh na bliana féilire roimhe sin a sholáthar don Choimisiún faoin 31 Márta gach bliain, lena n-áirítear príomh-shaintréithe an tairbhí agus na hoibríochta féin.

(b)

poiblíocht a áirithiú le haghaidh an chláir trí thairbhithe a d’fhéadfadh a bheith ann, eagraíochtaí gairmiúla, na comhpháirtíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, comhlachtaí a bhfuil baint acu le comhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná, agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha lena mbaineann, lena n-áirítear eagraíochtaí comhshaoil a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí atá á dtairiscint de réir an chláir agus na rialacha atá ann le rochtain a fháil ar chistiú ón gclár;

(c)

poiblíocht a áirithiú le haghaidh an chláir oibríochtúil trí thairbhithe agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi rannchuidiú an Aontais agus faoin ról atá ag an Aontas sa chlár.

2.   Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, rialacha maidir le cur i láthair na sonraí sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 127(2).

Airteagal 98

Sonraí airgeadais a tharchur

1.   Faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Iúil, tarchuirfidh na Ballstáit réamhaisnéis chuig an gCoimisiún, go leictreonach, maidir le méid na híocaíochta atáthar ag súil le cur isteach uirthi don bhliain airgeadais reatha agus don bhliain airgeadais dár gcionn.

2.   D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Airteagail seo, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ag bunú an mhúnla a bheidh le húsáid tráth a gcuirfear na sonraí airgeadais chuig an gCoimisiún. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

CAIBIDIL IV

Rialú ag na Ballstáit

Airteagal 99

Ceartuithe airgeadais ag na Ballstáit

1.   De bhreis ar na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 143 den Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfaidh na Ballstáit na ceartuithe airgeadais mura n-urramaíonn an tairbhí na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo.

2.   I gcás na gceartúcháin airgeadais dá dtagraítear i mír 1, cinnfidh na Ballstáit méid an cheartúcháin a bheidh i gcoibhéis maidir le cineál, tromchúis, fad agus atitimeachas an sárú nó an cion a rinne an tairbhí agus maidir lena thábhachtaí atá ranníocaíocht CEMI maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch an tairbhí.

CAIBIDIL V

Rialú ag an gCoimisiún

Roinn 1

Íocaíocht a bhriseadh agus a fhionraí

Airteagal 100

Briseadh isteach ar an spriocdháta le haghaidh íocaíochta

1.   De bhreis ar na heilimintí lena gceadaítear briseadh atá liostaithe in Airteagal 74(1)(a) go (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, d’fhéadfadh sé go mbrisfidh an t-oifigeach um údarú, trí tharmligean de réir bhrí an Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, an spriocdháta chun éileamh ar íocaíocht eatramhach a dhéanamh i gcás nár chomhlíon Ballstát a chuid oibleagáidí faoi CBI a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chaiteachas atá i ráiteas deimhnithe caiteachais a bhfuil an íocaíocht eatramhach á hiarraidh ina leith.

2.   Sula mbrisfear isteach ar spriocdháta d’íocaíocht eatramhach dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gnímh chur chun feidhme lena n-aithneofar go bhfuil fianaise ann a thugann le fios go bhfuarthas amach gur faillíodh go tromchúiseach oibleagáidí faoi CBI a chomhlíonadh. Díreach sula nglacfaidh an Coimisiún cinneadh den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi na torthaí sin a fuarthas nó faoi fhaisnéis iontaofa agus tabharfar an deis don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse ama réasúnta.

3.   Beidh briseadh isteach ar iomlán an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1 a chumhdaítear leis an éileamh ar íocaíocht nó ar chuid den chaiteachas sin comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an neamhchomhlíonta.

Airteagal 101

Íocaíochtaí a fhionraí

1.   Sa bhreis ar Airteagal 134 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, íocaíochtaí eatramhacha uile an chláir oibríochtúil nó cuid de na híocaíochtaí sin a fhionraí más rud é gur fhailligh Ballstát go tromchúiseach a chuid oibleagáidí faoi CBI a chomhlíonadh nuair is dócha go mbeadh tionchar ag an neamhchomhlíonadh tromchúiseach sin ar an gcaiteachas atá i ráiteas deimhnithe caiteachais a bhfuil an íocaíocht eatramhach á hiarraidh ina leith.

2.   Sula gcuirfear íocaíocht eatramhach dá dtagraítear i mír 1, ar fionraí glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gnímh chur chun feidhme lena n-aithneofar gur fhailligh Ballstát a chuid oibleagáidí faoi CBI a chomhlíonadh. Díreach sula nglacfaidh an Coimisiún cinneadh den sórt sin, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi go bhfuarthas an méid sin amach nó faoi fhaisnéis iontaofa agus tabharfar an deis don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair.

3.   Beidh fionraí iomlán an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1 nó cuid den chaiteachas sin comhréireach, maidir le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an neamhchomhlíonta thromchúisigh.

Airteagal 102

Cumhachtaí an Choimisiúin

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 126 lena sainmhínítear na cásanna ina bhfuil neamhchomhlíonadh i gceist dá dtagraítear in Airteagal 100 agus na cásanna ina bhfuil neamhchomhlíonadh tromchúiseach i gceist dá dtagraítear in Airteagal 101(1), a eascraíonn as forálacha ábhartha CBI atá bunriachtanach chun acmhainní bitheolaíochta muirí a chaomhnú.

Roinn 2

Malartú faisnéise agus ceartúcháin airgeadais

Airteagal 103

Rochtain ar fhaisnéis

Ar iarratas ón gCoimisiún, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a ghlac siad chun gníomhartha an Aontais a bhaineann le CBI a chur chun feidhme, i gcás ina mbíonn tionchar airgeadais ag na gníomhartha sin ar CEMI.

Airteagal 104

Rúndacht

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach beart is gá chun go n-áiritheofar rúndacht na faisnéise arna cur in iúl nó arna fáil le linn na rialuithe ar an láthair nó i gcomhthéacs na cuntais arna gcur chun feidhme faoin Rialachán seo a imréiteach.

2.   Na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (39), beidh feidhm acu maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 105

Ceartúchán airgeadais arna dhéanamh ag an gCoimisiún

1.   De bhreis ar na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 22(7), in Airteagal 85 agus in Airteagal 144(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfaidh an Coimisiún ceartúcháin airgeadais, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, trí ranníocaíocht an Aontais le clár oibríochtúil nó le cuid den ranníocaíocht sin a chur ar ceal, más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is gá, go measann sé:

(a)

i gcásanna nach n-urramaíonn an tairbhí na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo agus nár cheartaigh an Ballstát an caiteachas sin sular osclaíodh an nós imeachta ceartúcháin faoin mhír seo, go n-imrítear tionchar ar chaiteachas a áirítear i ráiteas deimhnithe caiteachais;

(b)

maidir le cásanna inar theip go tromchúiseach ar an mBallstát rialacha CBI a chomhlíonadh agus inar fionraíodh an íocaíocht faoi Airteagal 101 den Rialachán seo dá bharr agus inar theip ar an mBallstát sin a thaispeáint go raibh na gníomhaíochtaí riachtanacha leasúcháin déanta aige lena áirithiú go gcomhlíonfaí agus go bhforfheidhmeofaí na rialacha is infheidhme sa todhchaí, go bhfuil tionchar aige sin ar an gcaiteachas i ráiteas deimhnithe caiteachais.

2.   Cinnfidh an Coimisiún méid ceartúcháin agus cineál, tromchúis, fad agus atitimeachas neamhchomhlíonadh tromchúiseach sin an Bhallstáit nó an tairbhí maidir le rialacha CBI, agus a thábhachtaí atá an ranníocaíocht ó CEMI do ghníomhaíocht eacnamaíoch an tairbhí.

3.   I gcás nach féidir méid an chaiteachais a bhaineann le neamhchomhlíonadh rialacha CBI ag an mBallstát i a chainníochtú go cruinn, cuirfidh an Coimisiún ceartúchán ráta comhréidh nó ceartúchán eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm i gcomhréir le mír 4.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 126 lena mbunófar na critéir le haghaidh leibhéal an cheartúcháin airgeadais a bheidh le cur i bhfeidhm a shuí agus na critéir le haghaidh cur i bhfeidhm ceartúchán rátaí comhréidh nó eachtarshuite airgeadais.

Airteagal 106

Nós imeachta

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i gcás ina molann an Coimisiún ceartúchán airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 105 den Rialachán seo.

CAIBIDIL VI

Faireachán, meastóireacht, faisnéis agus cumarsáid

Roinn 1

Comhcóras faireacháin agus meastóireachta bhunú agus cuspóirí an chórais sin

Airteagal 107

Córas faireacháin agus meastóireachta

1.   Bunófar comhchóras faireacháin agus meastóireachta le haghaidh oibríochtaí CEMI faoi bhainistíocht chomhpháirteach d’fhonn feidhmíocht CEMI a thomhas. D’fhonn a áirithiú go dtomhaisfear an fheidhmíocht go héifeachtach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 126 lena sainítear inneachar agus struchtúr an chreata sin.

2.   Déanfar tionchar ginearálta CEMI a bhreithniú i ndáil le tosaíochtaí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an tacar táscairí a bhaineann go sonrach le tosaíochtaí sin an Aontais a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

3.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún gach faisnéis is gá chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na riachtanais sonraí atá ag foinsí sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann agus na sineirgí atá eatarthu, go háirithe, nuair is iomchuí, úsáid na bhfoinsí sin chun críocha staidrimh. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach ag na Ballstáit, agus maidir leis na riachtanais sonraí atá ag foinsí sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann agus na sineirgí atá eatarthu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

4.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Airteagail seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach ceithre bliana. Déanfar an chéad tuarascáil a thíolacadh faoin 31 Nollaig 2017.

Airteagal 108

Cuspóirí

Is iad seo a leanas na cuspóirí a bheidh ag an gcomhchóras faireacháin agus meastóireachta:

(a)

dul chun cinn agus comhlíonadh CBI agus BMC a léiriú, an tionchar ginearálta a mheas agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar ábharthacht oibríochtaí CEMI;

(b)

rannchuidiú le tacaíocht níos spriocdhírithe do CBI agus BMC;

(c)

comhphróiseas foghlama a chothú i dtaca le faireachán agus meastóireacht;

(d)

meastóireachtaí stóinsithe, atá bunaithe ar fhianaise a sholáthar ar oibríochtaí CEMI a chuireann leis an bpróiseas cinnteoireachta.

Roinn 2

Forálacha teicniúla

Airteagal 109

Comhtháscairí

1.   Ionas gur féidir sonraí a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais sonrófar liosta sa chóras faireacháin agus meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 107 ar liosta é de chomhtháscairí a bhainfidh leis an staid tosaigh agus leis an gcur i gcrích airgeadais, le haschur agus le torthaí an chláir oibríochtúil agus a bheidh infheidhme maidir le gach clár oibríochtúil.

2.   Beidh na comhtháscairí nasctha leis na garspriocanna agus na spriocanna a bunaíodh sna cláir oibríochtúla i gcomhréir leis na tosaíochtaí de chuid an Aontais a shainaithnítear in Airteagal 6. Úsáidfear na comhtháscairí sin le haghaidh an athscrúdaithe feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, agus ceadófar leo meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn, ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht chur chun feidhme an bheartais maidir le cuspóirí agus spriocanna ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal an chláir.

Airteagal 110

Córas leictreonach faisnéise

1.   Déanfar príomhfhaisnéis ar chur chun feidhme an chláir, ar gach oibríocht arna roghnú le haghaidh cistithe, chomh maith le faisnéis ar oibríochtaí lánchríochnaithe, atá riachtanach ar mhaithe le faireachán agus meastóireacht, lena n-áirítear príomhshaintréithe an tairbhí agus an tionscadail, a thaifeadadh agus a choinneáil go leictreonach.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil córas leictreonach slán iomchuí ann le príomhfhaisnéis a thaifeadadh, a choinneáil agus a bhainistiú agus le tuairisciú a dhéanamh ar fhaireachán agus ar mheastóireacht.

Airteagal 111

Faisnéis a chur ar fáil

Glacfaidh tairbhithe a fuair tacaíocht faoi CEMI, lena n-áirítear GÁGIanna, mar chúram orthu féin an fhaisnéis agus na sonraí uile is gá a sholáthar don Údarás Bainistíochta agus/nó do mheastóirí ceaptha nó do chomhlachtaí eile atá tarmligthe chun feidhmeanna a chomhlíonadh ar a shon ionas go mbeifear in ann faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gclár, go háirithe maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí sonracha a bhaint amach.

Roinn 3

Faireachán

Airteagal 112

Nósanna imeachta faireacháin

1.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 97 den Rialachán seo agus an coiste faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 faireachán ar chaighdeán chur chun feidhme an chláir.

2.   Tabharfaidh an t-údarás bainistíochta agus an coiste faireacháin faoi fhaireachán ar an gclár oibríochtúil trí bhíthin táscairí airgeadais, aschuir agus torthaí.

Airteagal 113

Feidhmeanna an choiste faireacháin

De bhreis ar na feidhmeanna dá bhforáiltear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, fíoróidh an coiste faireacháin feidhmíocht an chláir oibríochtúil agus éifeachtacht a chur chun feidhme. Chuige sin:

(a)

rachfar i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin agus formheasfar, laistigh de sé mhí ón gCinneadh lena bhformheastar an clár; critéir roghnúcháin na n-oibríochtaí maoinithe; athbhreithneofar na critéir roghnúcháin de réir na riachtanas cláreagraithe;

(b)

déanfaidh an Coiste Faireacháin scrúdú ar ghníomhaíochtaí agus aschur maidir le plean meastóireachta an chláir;

(c)

déanfaidh an coiste faireacháin scrúdú ar ghníomhaíochtaí sa chlár a bhaineann le coinníollachtaí sonracha ex ante a chomhlíonadh;

(d)

scrúdóidh agus formheasfaidh an coiste faireacháin na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme sula gcuirtear chuig an gCoimisiún iad;

(e)

scrúdóidh an coiste faireacháin gníomhaíochtaí chun comhionannas idir fir agus mná, comhdheiseanna, agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn, lena n-áirítear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

Ní rachfar i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin faoi phleananna oibre maidir le sonraí a bhailiú dá dtagraítear in Airteagal 21.

Airteagal 114

Tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme

1.   Faoin 31 Bealtaine 2016 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2023 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme maidir le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil sa bhliain féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin. Cumhdófar na blianta féilire 2014 agus 2015 sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2016.

2.   Sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, áireofar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme:

(a)

faisnéis faoi cheangaltais airgeadais agus faoi chaiteachas de réir birt;

(b)

achoimre ar na gníomhaíochtaí a gabhadh ar láimh maidir leis an bplean meastóireachta;

(c)

faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcásanna sáruithe thromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus neamh-chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo, mar aon le gníomhartha ceartaitheacha;

(d)

faisnéis faoi na gníomhartha a dhéantar le hAirteagal 41(10)den Rialachán seo a chomhlíonadh;

(e)

faisnéis faoi na gníomhartha a dhéantar le foilsiú na dtairbhithe a áirithiú i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás daoine nádúrtha i gcomhréir le dlí náisiúnta lena n-áirítear aon tairseach is infheidhme.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le formáid agus cur i láthair na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

Roinn 4

Meastóireacht

Airteagal 115

Forálacha ginearálta

1.   Forálfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, d’eilimintí atá le háireamh sna tuarascálacha meastóireachta ex ante dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus bunóidh sé na híoscheanglais maidir leis an bplean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56 den Rialachán sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3) den Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcloíonn meastóireachtaí leis an gcóras coitianta meastóireachta a comhaontaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1076 eagróidh siad táirgeadh agus bailiú na sonraí riachtanacha, agus soláthróidh siad na píosaí áirithe faisnéise a sholáthraítear do na meastóirí leis an gcóras meastóireachta.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na tuarascálacha measúnaithe ar fáil ar an Idirlíon agus déanfaidh an Coimisiún amhlaidh ar láithreán gréasáin an Aontais.

Airteagal 116

Meastóireacht ex ante

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an meastóir ex ante i ngleic le próiseas forbartha an chláir CEMI ón gcéadchéim, lena n-áirítear forbairt na hanailíse dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18(1), dearadh loighic idirghabhála an chláir agus bunú spriocanna an chláir.

Airteagal 117

Meastóireacht ex-post

I gcomhréir le hAirteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ullmhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit tuarascáil mheastóireachta ex post.

Airteagal 118

Sintéisí meastóireachtaí

Déanfar sintéisí ar leibhéal an Aontais ar na tuarascálacha meastóireachta ex ante faoi fhreagracht an Choimisiúin. Beidh sintéisí na dtuarascálacha meastóireachta críochnaithe ar a dhéanaí faoi 31 Nollaig na bliana i ndiaidh thaisceadh na meastóireachtaí iomchuí.

Roinn 5

Faisnéis agus cumarsáid

Airteagal 119

Faisnéis agus poiblíocht

1.   Beidh an t-údarás bainistíochta, freagrach as na nithe seo a leanas i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 97(1):

(a)

a áirithiú go mbunófar láithreán gréasáin aonair nó tairseach láithreáin ghréasáin aonair ar a soláthrófar faisnéis agus rochtain ar an gclár oibríochtúil i ngach Ballstát;

(b)

tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistiúcháin faoin gclár oibríochtúil;

(c)

ról agus éachtaí CEMI a phoibliú do shaoránaigh an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise maidir le torthaí agus tionchar na gcomhaontuithe comhpháirtíochta, na gclár oibríochtúil agus na n-oibríochtaí.

(d)

a áirithiú go mbeidh achoimre ar na bearta ar fáil don phobal, lena n-áirithítear comhlíonadh rialacha CBI lena n-áirítear cásanna nach gcomhlíonann na Ballstáit nó na tairbhithe na rialacha sin, agus na gníomhartha ceartaitheacha amhail na ceartúcháin airgeadais a rinneadh.

2.   D’fhonn trédhearcacht a áirithiú sa tacaíocht ó CEMI, coinneoidh Ballstáit liosta oibríochtaí i bhformáid CSV nó XML, a bhféadfaí rochtain a fháil air tríd an láithreán gréasáin aonair nó tríd an tairseach láithreáin ghréasáin aonair ar a dtabharfar liosta agus achoimre ar an gclár oibríochtúil.

Tabharfar an liosta oibríochtaí cothrom le dáta gach sé mhí ar a laghad.

Tá an fhaisnéis íosta a leagtar amach sa liosta oibríochtaí, lena n-áirítear faisnéis shonrach maidir le hoibríochtaí faoi Airteagal 26„ faoi Airteagal 39 faoi Airteagal 47, faoi Airteagal 54 agus faoi Airteagal 56, leagtha síos in Iarscríbhinn V.

3.   Tá rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta faisnéise agus poiblíochta don phobal agus maidir leis na bearta faisnéise d’iarratasóirí agus do thairbhithe leagtha síos in Iarscríbhinn V.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos saintréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus poiblíochta le haghaidh na hoibríochta, treoracha maidir leis an bhfeathal a chruthú agus sainiú ar na dathanna caighdeánacha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 127(2).

TEIDEAL VIII

CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍÚ DÍREACH

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 120

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le bearta a mhaoinítear faoi bhainistiú díreach mar a leagtar amach i dTeideal VI.

CAIBIDIL II

Rialú

Airteagal 121

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear oibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, AE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó Cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais.

3.   Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, trí chomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe deontais, trí chinntí deontais agus trí chonarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh, dá dtagraítear sna mhíreanna sin, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 122

Iniúchtaí

1.   Féadfaidh Feidhmeannaigh an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí, nó a gcuid ionadaithe, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar oibríochtaí a mhaoinítear leis an Rialachán seo tráth ar bith le fógra deich lá oibre ar a laghad, ach amháin i gcásanna práinneacha, ar feadh tréimhse suas le trí bliana tar éis na híocaíochta deiridh arna déanamh ag an gCoimisiún.

2.   Beidh ag feidhmeannaigh an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí, nó ag a gcuid ionadaithe a bhfuil sé de chumhacht acu iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, rochtain ar na leabhair agus ar na doiciméid uile eile arna dtarraingt suas nó arna bhfáil agus arna dtaifeadadh i bhfoirm leictreonach, a bhaineann le caiteachas a mhaoinítear faoin Rialachán seo.

3.   Ní dhéanfaidh na cumhachtaí iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 2 difear do chur chun feidhme na bhforálacha náisiúnta a choimeádann gníomhartha áirithe le haghaidh gníomhairí a ainmnítear go sonrach sa reachtaíocht náisiúnta. Ní ghlacfaidh oifigigh an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí, ná a gcuid ionadaithe, páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine faoi chuimsiú reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis a fhaightear ar an mbealach sin, áfach.

4.   Má dhéantar aon tacaíocht airgeadais ón Aontas a dheonaítear faoin Rialachán seo a leithdháileadh ina dhiaidh sin ar thríú pháirtí mar thairbhí deiridh, cuirfidh an tairbhí tosaigh, ar faighteoir thacaíocht airgeadais an Aontais é, an fhaisnéis ábhartha go léir maidir le céannacht an tairbhí dheiridh sin ar fáil don Choimisiún.

Airteagal 123

Íocaíochtaí a fhionraí, an ranníocaíocht airgeadais a laghdú agus a chealú

1.   Má mheasann an Coimisiún nár úsáideadh cistí an Aontais i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó in aon acht dlíthiúil eile is infheidhme de chuid an Aontais, tabharfaidh sé fógra do na tairbhithe a mbeidh mí amháin ó dháta an fhógra sin acu chun a gcuid barúlacha a chur chuig an gCoimisiún.

2.   Más rud é nach bhfreagraíonn na tairbhithe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó más rud é go meastar nach bhfuil a gcuid tuairimí sásúil, déanfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais a laghdú nó a chealú, nó na híocaíochtaí a fhionraí. Aisíocfar le buiséad ginearálta an Aontais aon mhéid a íocadh go míchuí. Cuirfear ús le haon mhéideanna nár aisíocadh in am trátha faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

CAIBIDIL III

Meastóireacht agus tuairisciú

Airteagal 124

Meastóireacht

1.   Déanfar faireachán ar oibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo go rialta d’fhonn a gcur chun feidhme a leanúint.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht rialta, neamhspleách agus sheachtrach ar na hoibríochtaí a mhaoinítear.

Airteagal 125

Tuairisciú

Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a)

Faoin 31 Márta 2017 - tuarascáil mheastóireachta eatramhach maidir leis na torthaí a fuarthas agus maidir leis na gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla de chur chun feidhme na n-oibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo;

(b)

Faoin 31 Lúnasa 2018 teachtaireacht maidir le leanúint de na hoibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo.

TEIDEAL IX

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 126

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 10, 14, 32, 40, 41, 72, 102, 105, 107 agus 129 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 10, 14, 32, 40, 41, 72, 102, 105, 107 agus 129a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 10, 14, 32, 40, 41, 72, 102, 105, 107 agus129 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 127

An nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim maidir le dréachtghníomh cur chun feidhme a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 95(5) den Rialachán seo, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

TEIDEAL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 128

Aisghairm

1.   Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 129(2), déantar Rialachán (CE) Uimh 2328/2003, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007,Rialachán (AE)Uimh. 1255/2011, agus Airteagal 103 de Rialachán (CE) 1224/2009 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Forléireofar tagairtí a dhéanfar do na Rialacháin aisghairithe mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 129

Forálacha eatramhacha

1.   Chun an trasdul a éascú ó na scéimeanna tacaíochta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 861/2006, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006, agus le Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 agus le Rialachán (CE) Uimh. 1255/2011,chuig an scéim a bhunaítear leis an Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 126 lena leagtar síos na dálaí faoinar féidir le tacaíocht atá formheasta ag an gCoimisiún faoi na Rialacháin sin a chomhtháthú le tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear le haghaidh cúnaimh theicniúil agus na meastóireachtaí ex post.

2.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na tionscadail lena mbaineann do leanúint ar aghaidh nó do mhodhnú, lena n-áirítear iad a chealú iomlán nó páirteach, go dtí go ndúnfar iad, ná do leanúint ar aghaidh nó do mhodhnú an chúnaimh a d’fhormheas an Coimisiún ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 Rialachán (CE) Uimh. 861/2006, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006„ Rialachán (CE) Uimh. 791/2007, Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 agus le hAirteagal 103 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ná aon reachtaíochta eile is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin amhail an 31 Nollaig 2013, ar nithe iad a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir le tionscadail nó cúnamh den sórt sin.

3.   Leanfaidh iarratais a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 de bheith bailí.

Airteagal 130

Teacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 133 agus IO C 271, 19.9.2013, lch. 154.

(2)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 84.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle an 22 Nollaig 2003 lena dtugtar isteach scéim mar chúiteamh ar na costais bhreise arna dtabhú i margú táirgí iascaigh áirithe ó na hAsóir, ó Mhaidéara, ó na hOileáin Chanáracha agus ó ranna na Fraince de Ghuáin agus de La Réunion mar gheall ar iargúltacht na réigiún sin (IO L 345, 31.12.2003, lch. 34).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 lena mbunaítear bearta airgeadais Comhphobail maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh agus i réimse Dhlí na Farraige (IO L 160, 14.6.2006, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle an 27 Iúil 2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh (IO L 223, 15.8.2006, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 an 21 Bealtaine 2007 lena dtugtar isteach scéim mar chúiteamh ar na costais bhreise arna dtabhú i margú táirgí iascaigh áirithe ó na réigiúin is forimeallaí na hAsóir, ó Mhaidéara, ó na hOileáin Chanáracha agus ó ranna na Fraince de Ghuáin agus de La Réunion, (IO L 176, 6.7.2007, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2011 lena mbunaítear Clár chun forbairt bhreise ar Bheartas Muirí Comhtháite a chothú (IO L 321, 5.12.2011, lch. 1).

(10)  Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus an Comhaontú a bhaineann le Cuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 3).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(12)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (IO L 60, 5.3.2008, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE)847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, p. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(17)  Treoir 95/46/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmhiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(19)  Moladh 2002/413/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2002 maidir le cur chun feidhme Bhainistiú Comhtháite an Chreasa Cósta san Eoraip (IO L 148, 6.6.2002, lch. 24).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2003 maidir le clár soithí iascaireachta an Aontais (IO L 5, 9.1.2004, lch. 25).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(22)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

(23)  Coinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 316, 27.11.1995, lch. 49)

(24)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar na rialacha airgeadais infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(25)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(26)  Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).

(28)  Threoir 2009/147/CE ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(29)  Cinneadh 2005/629/CE on gCoimisiun an 26 Lúnasa 2005 lena mbunaítear Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (IO L 225, 31.8.2005, lch. 18).

(30)  Treoir 60/2000/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(31)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

(32)  Treoir 2006/88/CE ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí díobh sin, agus maidir le galair áirithe a chosc agus a rialú i gcás ainmhithe uisceacha dobharshaothraithe (IO L 328, 24.11.2006, lch. 14).

(33)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 710/2009 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle, maidir le rialacha mionsonraithe a leagan síos i ndáil le táirgeadh ainmhithe agus feamainne an dobharshaothraithe orgánaigh (IO L 204, 6.8.2009, lch. 15).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 lena gceadaítear rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 114, 24.4.2001, lch. 1).

(36)  Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le caiteachas i réimse na tréidliachta (IO L 155, 18.6.2009, lch. 30).

(37)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(38)  Rialachán (CE) Uimh 768/2005 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 lena mbunaítear córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).

(39)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le rialuithe ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún d’fhonn cosaint a thabhairt do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(40)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

MÉID SONRACH CÚNAIMH

Cineál oibríochtaí

Pointí céatadáin

Féadfaidh oibríochtaí a bhaineann le hiascach cósta ar mhionscála leas a bhaint as méadú

30

Féadfaidh oibríochtaí atá lonnaithe ar Oileáin iargúlta na Gréige agus ar oileán Dugi Otok, Vis, Mljet agus Lastovo de chuid na Cróite

35

Féadfaidh oibríochtaí atá lonnaithe sna réigiúin is forimeallaí leas a bhaint as méadú

35

Féadfaidh oibríochtaí a chuireann eagraíocht iascairí nó tairbhithe comhchoiteanna atá taobh amuigh de Chaibidil III de Theideal V chun feidhme leas a bhaint as méadú

10

Féadfaidh oibríochtaí a chuireann eagraíocht táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirbhrainse chun feidhme leas a bhaint as méadú

25

Féadfaidh oibríochtaí faoi Airteagal 76 maidir le rialú agus forfheidhmiú leas a bhaint as méadú

30

Féadfaidh oibríochtaí faoi Airteagal 76 maidir le rialú agus forfheidhmiú a bhaineann le hiascach cósta ar mhionscála leas a bhaint as méadú

40

Déanfar oibríochtaí faoi Airteagal 41(2) a bhaineann le líon na n-inneall a bheidh le hathsholáthar a laghdú

20

Déanfar oibríochtaí a mhaoiníonn fiontair nach dtagann faoin sainmhíniú ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide a laghdú le

20


IARSCRÍBHINN II

MIONDEALÚ BLIANTÚIL AR LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR OIBLEAGÁIDÍ IDIR 2014 AGUS 2020

Cur Síos

Tréimhse

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Iomlán

Bainistiú roinnte CEMI

(2014-2020)

788 060 689

798 128 031

805 423 852

818 478 098

837 523 233

843 250 018

858 467 679

5 749 331 600


IARSCRÍBHINN III

DÁILEADH NA GCISTÍ I gCAIBIDIL I AGUS I gCAIBIDIL II DE THEIDEAL VI I MEASC NA GCUSPÓIRÍ, LEAGTHA AMACH IN AIRTEAGAL 81 AGUS IN AIRTEAGAL 85  (1)

Na cuspóirí mar a leagtar amach iad in Airteagal 82

1.

Forbairt agus cur chun feidhme an rialachais chomhtháite um ghnóthaí muirí agus um ghnóthaí cois cósta - 5 %

2.

Tionscnaimh thrasearnálacha a fhorbairt - 33 %

3.

Tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, fostaíocht, nuáil agus teicneolaíochtaí nua - 2 %

4.

Cosaint na timpeallachta muirí a chur chun cinn - 5 %

Na cuspóirí mar a leagtar amach iad in Airteagal 85

1.

Bailiú, bainistiú agus scaipeadh comhairle eolaíche a dhéanfaí faoi CBI - 11 %

2.

Bearta sonracha rialaithe agus forfheidhmithe faoi CBI - 19 %

3.

Ranníocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta - 10 %

4.

Comhairlí Comhairleacha agus gníomhaíochtaí cumarsáide CBI agus BMC - 9 %

5.

Faisnéis margaidh, lena n-áirítear margaí leictreonacha a bhunú - 6 %


(1)  Baineann na céatadáin leis an tsuim a leagtar amach in Airteagal 14 lena n-eisiatar an leithdháileadh faoi Airteagal 92a


IARSCRÍBHINN IV

COINNÍOLLACHTAÍ SONRACHA EX ANTE

Cuspóir sonrach faoi thosaíocht an Aontais maidir le Cuspóir téamach/(CT) de chuid CEMI

Coinníollacht ex ante

Critéir na comhlíontachta

Tosaíocht CEMI:

1.

Iascach a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, a bheidh tíosach ar acmhainní, nuálach, iomaíoch agus eolasbhunaithe a chur chun cinn.

Cuspóir sonrach: (a) - (f)

CT 3: iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide agus earnáil na talmhaíochta (i gcás CETFT) agus earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (i gcás CEMI) a fheabhsú;

CT 6: an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn

CT 8: fostaíocht inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair

Cuireadh isteach an tuarascáil ar acmhainní i gcomhréir le hAirteagal 22(2) den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

Ullmhaíodh an tuarascáil i gcomhréir leis na treoirlínte comhchoiteanna a d’eisigh an Coimisiún

Ní sháraítear uasteorainn na hacmhainní iascaireachta a bhunaítear in Iarscríbhinn II den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

Tosaíocht CEMI:

2.

Iascach a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, a bheidh tíosach ar acmhainní, nuálach, iomaíoch agus eolasbhunaithe a chothú

Cuspóirí sonracha: (a), (b) agus(c).

CT 3: iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide agus earnáil na talmhaíochta (i gcás CETFT) agus earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (i gcás CEMI) a fheabhsú;

CT 6: an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn

CT 8: fostaíocht inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair

Plean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil maidir le dobharshaothrú amhail dá dtagraítear dó in Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh.1380/2013 maidir leis an gCFP, a bhunú faoi 2014;

Déantar plean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil maidir le dobharshaothrú a tharchur chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná lá tarchurtha an Chláir Oibríochtúil

Áirítear sa Chlár Oibríochtúil faisnéis faoin gcaoi ina gcomhlánaítear an plean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil maidir le dobharshaothrú

Tosaíocht CEMI:

3.

Cur chun feidhme CBI a chothú

Cuspóir sonrach (a)

CT 6: an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn

Acmhainní riaracháin: cuirtear acmhainní riaracháin ar fáil chun na ceanglais sonraí le haghaidh bainistithe iascaigh a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle a chomhlíonadh.

Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun clár ilbhliantúil bailithe sonraí a ullmhú agus a chur i bhfeidhm, a bheidh le hathscrúdú ag STECF agus a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún

Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun pleananna oibre maidir le bailiú sonraí a ullmhú agus a chur chun feidhme, a bheidh le hathscrúdú ag STECF agus a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún

Cur síos ar na hacmhainní leordhóthanacha i leithdháileadh acmhainní daonna chun comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a dhéanamh le Ballstáit eile más rud é go bhfuil obair chomhroinnte i gceist chun na hoibleagáidí bailithe sonraí a chur chun feidhme

Tosaíocht CEMI:

3.

Cur chun feidhme CBI a chothú

Cuspóir sonrach (b)

CT 6: an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn

Acmhainní Riaracháin: cuirtear acmhainní riaracháin ar fáil chun cur chun feidhme chóras rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe an Aontais a chomhlíonadh, mar a leagtar síos in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013agus mar a shonraítear tuilleadh i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.

Ar na gníomhaíochtaí sonracha sin tá:

Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun an chuid den Chlár Oibríochtúil a bhaineann le clár náisiúnta um rialú maoiniúcháin 2014-2020 amhail dá dtagraítear i bpointe (o) d’Airteagal 20(l) a ullmhú agus a chur chun feidhme

Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun an clár gníomhaíochta náisiúnta um rialú maidir le pleananna ilbhliantúla a ullmhú agus a chur chun feidhme, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun clár coiteann um rialú a ullmhú agus a chur chun feidhme a fhéadfar a fhorbairt le Ballstáit eile, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 94 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

 

 

Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun na cláir shonracha um rialú agus um chigireacht a ullmhú agus a chur chun feidhme, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun córas smachtbhannaí atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe tromchúiseacha amhail dá bhforáiltear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun córas na bpointí a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe tromchúiseacha, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009


IARSCRÍBHINN V

FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID AR THACAÍOCHT Ó CEMI

1.   Liosta oibríochtaí

Beidh na réimsí sonraí seo a leanas sa liosta oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 119, i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ar a laghad:

ainm an tairbhí (gnóthais dhlíthiúla amháin, agus daoine nádúrtha i gcomhréir le dlí náisiúnta);

uimhir chlár an chabhlaigh Comhphobail (CFR) na dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 (nach bhfuil le comhlánú ach i gcás ina bhfuil an oibríocht nasctha le soitheach iascaireachta)

ainm na hoibríochta;

achoimre ar an oibríocht;

dáta tosaithe na hoibríochta;

dáta críochnaithe na hoibríochta (an dáta a bhfuiltear ag súil go mbeidh an oibríocht críochnaithe go fisiciúil nó curtha chun feidhme go hiomlán);

caiteachas iomlán incháilithe;

méid na ranníocaíochta ón Aontas;

postchód na hoibríochta;

tír;

ainm thosaíocht an Aontais;

dáta an nuashonraithe is déanaí ar an liosta oibríochtaí.

2.   Bearta faisnéise agus poiblíochta don phobal

1.

Áiritheoidh an Ballstát go bhféachtar leis na bearta faisnéise agus poiblíochta le cumarsáid a dhéanamh leis an líon is mó daoine is féidir sna meáin uile trí leas a bhaint as cineálacha agus modhanna éagsúla cumarsáide ar an leibhéal iomchuí.

2.

Beidh an Ballstát freagrach as na bearta faisnéise agus poiblíochta seo a leanas ar a laghad a eagrú:

(a)

mórghníomhaíocht faisnéise lena ndéantar poiblíocht maidir le seoladh an chláir oibríochtúil;

(b)

mórghníomhaíocht faisnéise amháin dhá uair ar a laghad le linn na tréimhse cláraithe ina gcuirtear chun cinn na deiseanna cistiúcháin agus na straitéisí a shaothraítear agus ina gcuirtear i láthair mórghníomhartha an chláir oibríochtúil;

(c)

bratach nó suaitheantas, de réir mar is iomchuí, an Aontais a thaispeáint os comhair áite nó ag áit inar féidir leis an bpobal é a fheiceáil, ag áitreabh gach údaráis bhainistíochta;

(d)

an liosta oibríochtaí a fhoilsiú go leictreonach i gcomhréir le roinn 1;

(e)

samplaí d’oibríochtaí a thabhairt, de réir cláir oibríochtúil, ar an suíomh aonair gréasáin nó ar shuíomh gréasáin an chláir oibríochtúil ar féidir rochtain a fháil air tríd an tairseach gréasáin aonair; ba cheart na samplaí a bheith i dteanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais a labhraítear go forleathan, teanga seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann;

(f)

beidh roinn shonrach den suíomh Gréasáin aonair curtha in áirithe chun achoimre ghearr a thabhairt ar oibríochtaí nuálaíochta agus éiceanuálaíochta;

(g)

nuashonrú faisnéise faoi chur chun feidhme an chláir oibríochtúil, lena n-áirítear a phríomh-mhórghníomhartha, ar an suíomh gréasáin aonair nó ar shuíomh gréasáin an chláir oibríochtúil ar féidir rochtain a fháil air tríd an tairseach aonair suímh ghréasáin;

(h)

a áirithiú go mbeidh achoimre ar na bearta ar fáil don phobal, lena n-áirithítear comhlíonadh rialacha CBI lena-n-áirítear cásanna nach gcomhlíonann na Ballstáit nó na tairbhithe na rialacha sin, agus na gníomhartha ceartaitheacha amhail na ceartúcháin airgeadais a rinneadh.

3.

Socróidh an t-údarás bainistíochta go mbeidh baint ag na comhlachtaí seo a leanas le bearta faisnéise agus poiblíochta i gcomhréir le dlíthe agus le cleachtais náisiúnta:

(a)

na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

ionaid faisnéise faoin Eoraip, chomh maith le hoifigí ionadaíochta an Choimisiúin sna Ballstáit;

(c)

institiúidí oideachais agus taighde.

Déanfaidh na comhlachtaí sin an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 119(1) a scaipeadh go forleathan.

3.   Bearta faisnéise do thairbhithe féideartha agus do thairbhithe

3.1.   Bearta faisnéise do thairbhithe féideartha

1.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go ndéantar cuspóirí agus deiseanna cistiúcháin an chláir oibríochtúil arna dtairiscint ag CEMI a scaipeadh go leathan i measc tairbhithe féideartha agus gach páirtí leasmhair.

2.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcuirtear tairbhithe féideartha ar an eolas faoi na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

coinníollacha incháilitheachta caiteachais atá le comhlíonadh chun cáiliú do thacaíocht faoi chlár oibríochtúil;

(b)

cur síos ar na coinníollacha inghlacthachta d’iarratais, ar na nósanna imeachta chun iarratais ar chistiú a scrúdú agus ar na tréimhsí ama i gceist;

(c)

na critéir chun na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh a roghnú;

(d)

na teagmhálaithe ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil atá in ann faisnéis a chur ar fáil faoi na cláir oibríochtúla;

(e)

gur cheart d’iarratais gníomhaíochtaí cumarsáide atá comhréireach le méid na hoibríochta a mholadh, chun an pobal a chur ar an eolas faoi aidhmeanna na hoibríochta agus faoi thacaíocht an Aonais don oibríocht.

3.2.   Bearta faisnéise do thairbhithe

Cuirfidh an t-údarás bainistíochta tairbhithe ar an eolas gurb ionann glacadh le cistiú agus glacadh lena gcuimsiú ar an liosta oibríochtaí a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 119(2).