24.4.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 122/44


RIALACHÁN (AE) Uimh. 377/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur faoi bhráid na bparlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tionscnamh de chuid fhaireachán na Cruinne ba ea Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES) a bhfuil an tAontas i gceannas air agus atá á reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit agus le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE). Cuireadh tús le GMES i mí na Bealtaine 1998 nuair a rinne na hinstitiúidí a raibh baint acu le gníomhaíochtaí spáis a fhorbairt san Eoraip dearbhú comhpháirteach ar ar tugadh “Forógra Baveno”. Iarradh san Fhorógra tiomantas fadtéarmach d'fhorbairt seirbhísí faireacháin comhshaoil spásbhunaithe, ina n-úsáidfí, scileanna agus teicneolaíochtaí Eorpacha agus ina ndéanfaí tuilleadh forbartha orthu. In 2005, rinne an tAontas rogha straitéiseach chun acmhainn neamhspleách fhaire na Cruinne ar leis an Eoraip í a fhorbairt go comhpháirteach le GSE chun seirbhísí a sheachadadh sna réimsí comhshaoil agus slándála.

(2)

Ag cur leis an tionscnamh sin, bunaíodh an clár Eorpach um Fhaireachán na Cruinne (GMES) agus na rialacha maidir lena chéad oibriúcháin a chur chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

Cé go mba cheart leanúint den chlár a cuireadh ar bun faoi Rialachán (AE) Uimh. 911/2010, faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (4), ba cheart an t-ainm “Copernicus” a chur in ionad an acrainm “GMES” d'fhonn an chumarsáid leis an bpobal i gcoitinne a éascú. Chláraigh an Coimisiún an trádmharc ionas gurbh fhéidir le hinstitiúidí an Aontais é a úsáid agus ionas go mbeadh sé ceadúnaithe d'úsáideoirí leasmhara eile, go háirithe soláthraithe príomhsheirbhísí.

(4)

Tá clár Copernicus (Copernicus) bunaithe ar chomhpháirtíocht idir an tAontas, GSE agus na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart go bhforbrófaí é ar bhonn cumais Eorpacha agus náisiúnta atá ann cheana agus ba cheart go gcomhlánódh sé iad trí shócmhainní nua a fhorbrófar i gcomhpháirt. D'fhonn an cur chuige sin a chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún iarracht idirphlé a choinneáil le GSE agus leis na Ballstáit a bhfuil spás ábhartha agus sócmhainní ábhartha in situ acu.

(5)

D'fhonn a chuid cuspóirí a bhaint amach, ba cheart do Copernicus cumas uathrialach an Aontais maidir le breathnóireachtaí ón spás a áirithiú agus ba cheart dó seirbhísí oibriúcháin a chur ar fáil i réimsí an chomhshaoil, na cosanta sibhialta agus na slándála sibhialta, lena gcloífear go hiomlán le sainorduithe náisiúnta maidir le rabhadh oifigiúil. Ba cheart dó úsáid a bhaint freisin as na misin rannpháirteacha atá ar fáil agus na sonraí in situ a chuireann na Ballstáit ar fáil go príomha. A mhéid is féidir, ba cheart go mbainfeadh Copernicus leas as cumais maidir le breathnóireachtaí ón spás agus seirbhísí na mBallstát. Ba cheart do Copernicus leas a bhaint as cumais tionscnaimh tráchtála san Eoraip, agus leis sin cuirfidh sé le hearnáil spáis tráchtála inmharthana a fhorbairt san Eoraip. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí chun cinn córais chun an leas is fearr is féidir a bhaint as traschur sonraí chun na cumais a fheabhsú tuilleadh mar fhreagairt ar éileamh ón úsáideoir atá ag dul i méid ar shonraí gar d'fhíor-am.

(6)

Chun úsáid teicneolaíochtaí de chuid fhaire na Cruinne a chur chun cinn agus a éascú ag údaráis áitiúla agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) araon, ba cheart go gcuirfí chun cinn gréasáin atá tiomanta do dháileadh shonraí Copernicus, lena n-áirítear comhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha.

(7)

Is é cuspóir is ceart a bheith le Copernicus faisnéis chruinn iontaofa a chur ar fáil i réimsí an chomhshaoil agus na slándála, a bheidh saincheaptha do riachtanais úsáideoirí agus lena dtacófar le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an margadh inmheánach, le hiompar, le comhshaol, le fuinneamh, le cosaint shibhialta agus le slándáil shibhialta, le comhar le tríú tíortha agus le cabhair dhaonnúil.

(8)

Ba cheart go measfaí Copernicus mar rannchuidiú ón Eoraip do Chóras Domhanda na gCóras um Fhaire na Cruinne (GEOSS) arna fhorbairt laistigh de chreat an Ghrúpa um Fhaire na Cruinne (GEO).

(9)

Ba cheart Copernicus a chur chun feidhme ar dhóigh atá comhsheasmhach le hionstraimí eile agus le gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe gníomhaíochtaí maidir le comhshaol agus athrú aeráide, agus le hionstraimí i réimsí na slándála, chosaint na sonraí pearsanta, an iomaíochais agus na nuálaíochta, an chomhtháthaithe, an taighde, an iompair, an iomaíochais agus an chomhair idirnáisiúnta agus le córais Eorpacha um loingseoireacht satailíte (Galileo agus EGNOS). Ba cheart go gcomhlíonfadh sonraí Copernicus sonraí tagartha spásúil na mBallstát comh maith le rialacha cur chun feidhme agus treoirlínte teicniúla an bhonneagair d'fhaisnéis spásúil san Aontas a bunaíodh le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ina theannta sin, ba cheart do Copernicus an Comhchóras um Fhaisnéis Chomhshaoil (SEIS), mar a thagraítear dó sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2008 dar teideal: I dTreo Comhchórais um Fhaisnéis Chomhshaoil (SEIS), agus gníomhaíochtaí an Aontais i réimse na práinnfhreagartha a chomhlánú. Ba cheart go gcuirfí chun feidhme Copernicus i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (6), is iad sin go háirithe: trédhearcacht, cruthú dálaí atá oiriúnach do sheirbhísí a fhorbairt agus rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus le cruthú post. Ba cheart go mbeadh sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus ar fáil gan srian agus ar bhealach oscailte chun tacú le Clár Oibre Digiteach don Eoraip, amhail dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2010 dar teideal: Clár Oibre Digiteach don Eoraip.

(10)

Is clár é Copernicus a sholáthrófar faoin straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach (“stráitéis Eoraip 2020”). Ba cheart go rachadh sé chun tairbhe do raon leathan beartas de chuid an Aontais agus go rannchuideodh sé le cuspóirí stráitéis Eoraip 2020 a bhaint amach, go háirithe trí bheartas spáis éifeachtach a fhorbairt d'fhonn na huirlisí a chur ar fáil chun dul i ngleic le roinnt de na príomhdhúshláin dhomhanda agus chun na spriocanna maidir le hathrú aeráide agus inbhuanaitheacht fuinnimh a bhaint amach. Ba cheart go dtacódh Copernicus freisin le cur chun feidhme bheartas spáis na hEorpa agus le fás mhargaí na hEorpa do shonraí agus do sheirbhísí atá bunaithe ar spás.

(11)

Ba cheart go mbainfeadh Copernicus tairbhe as na torthaí arna soláthar le Fís 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), go háirithe trína chuid gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta le haghaidh teicneolaíochtaí agus feidhmchlár de chuid Fhaire na Cruinne a bheidh ann amach anseo a úsáidfidh teicneolaíochtaí agus sonraí cianbhraiteachta agus san aer agus teicneolaíochtaí agus sonraí atá ar an láthair d'fhonn freagairt do na mórdhúshláin a bhaineann leis an tsochaí. Ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún sineirgí, trédhearcacht agus soiléireacht iomchuí i ndáil le gnéithe éagsúla Copernicus.

(12)

Ba cheart go mbeadh forbairt eilimint spáis Copernicus bunaithe ar anailís ar roghanna chun freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí a bheidh ag teacht chun cinn, lena n-áirítear soláthar ó na misin náisiúnta/phoiblí agus ó sholáthraithe tráchtála san Eoraip, misin nua thiomnaithe a shonrú, comhaontuithe idirnáisiúnta lena n-áiritheofar rochtain ar mhisin neamh-Eorpacha agus an margadh Eorpach um fhaire na Cruinne.

(13)

Ar mhaithe le soiléireacht agus d'fhonn rialú costas a éascú, ba cheart an t-uasmhéid a leithdháileann an tAontas chun gníomhaíochtaí Copernicus a chur chun feidhme a mhiondealú ina chatagóirí éagsúla. Mar sin féin, ar mhaithe le solúbthacht agus d'fhonn dea-reáchtáil Copernicus a áirithiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann cistí a ath-leithdháileadh ó chatagóir amháin go catagóir eile.

(14)

Braitheann soláthar seirbhísí oibriúcháin ar dhea-fheidhmiú, ar infhaighteacht leanúnach agus ar shábháilteacht eilimint spáis Copernicus. Is bagairt thromchúiseach é an méadú atá faoin riosca go mbeidh imbhualadh ann le satailítí eile agus le smionagar spáis maidir le heilimint spáis Copernicus. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh cosaint eilimint spáis Copernicus agus a oibriúchán, lena n-áirítear le linn lainseáil na satailítí, ar áireamh i ngníomhaíochtaí Copernicus. Chuige sin, d'fhéadfadh an buiséad a leithdháilfear ar Copernicus ranníocaíocht chomhréireach a mhaoiniú leis na costais a ghabhann le seirbhísí atá in ann cosaint den sórt sin a sholáthar, a mhéid is féidir tar éis dhianbhainistiú costas agus chomhlíonadh iomlán an uasmhéid de EUR 26,5 milliún i bpraghsanna reatha a bhunaítear sa Rialachán seo. Ba cheart ranníocaíocht den sórt sin a úsáid chun sonraí agus seirbhísí a sholáthar, agus chuige sin amháin, agus ní chun bonneagar a cheannach.

(15)

D'fhonn cur chun feidhme Copernicus agus a phleanáil fhadtéarmach a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún clár oibre bliantúil a ghlacadh, lena n-áirítear plean cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí is gá chun cuspóirí Copernicus a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh an plean cur chun feidhme sin ag breathnú chun cinn agus go ndéanfadh sé cur síos ar na gníomhaíochtaí is gá chun Copernicus a chur chun feidhme agus athrú ar riachtanais na n-úsáideoirí agus an dul chun cinn teicneolaíochta á gcur san áireamh.

(16)

Ba cheart go mbeadh cur chun feidhme eilimint seirbhíse Copernicus bunaithe ar na sonraíochtaí teicniúla i bhfianaise chastacht Copernicus agus na n-acmhainní a leithdháilfear dó. Leis sin d'éascófaí glacadh seirbhísí ag an bpobail mar bheadh úsáideoirí in ann infhaighteacht agus forbairt seirbhísí a fheiceáil roimh ré mar aon le comhar leis na Ballstáit agus le páirtithe eile. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, de réir mar is gá, sonraíochtaí teicniúla na seirbhísí go léir de chuid Copernicus a ghlacadh agus a nuashonrú, ag tabhairt aghaidh ar ghnéithe amhail raon feidhme, leagan amach, punanna seirbhíse teicniúla, miondealú táscach ar chostais agus ar phleanáil, leibhéil feidhmithe, riachtanais rochtana ar shonraí spáis agus ar shonraí in situ, forbairt, caighdeáin, cartlannú agus scaipeadh sonraí.

(17)

Ba cheart go mbeadh cur chun feidhme eilimint spáis Copernicus bunaithe ar na sonraíochtaí teicniúla i bhfianaise chastacht Copernicus agus na n-acmhainní a leithdháilfear dó. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, de réir mar is gá, sonraíochtaí teicniúla ina mionsonrófar na gníomhaíochtaí a thacófar faoi eilimint spáis Copernicus, agus miondealú táscach a gcostais agus a bpleanála, a ghlacadh agus a nuashonrú. Ós rud é gur cheart do Copernicus tógáil ar infheistíochtaí a rinne an tAontas, GSE, agus na Ballstáit i gcomhthéacs an Fhaireacháin Dhomhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil, ba cheart go gcuirfeadh na gníomhaíochtaí faoi eilimint spáis Copernicus gnéithe Chás Fadtéarmach (LTS) GSE san áireamh, i gcás inarb iomchuí, ar doiciméad é a rinne GSE a ullmhú agus a nuashonrú, lena mbunaítear creat foriomlán d'eilimint spáis Copernicus.

(18)

Ba cheart go mbeadh Copernicus faoi cheannas an úsáideora, agus, dá bhrí sin, bheadh rannpháirtíocht leanúnach, éifeachtach úsáideoirí de dhíth, go háirithe ó thaobh ceanglais seirbhíse a shainiú agus a bhailíochtú.

(19)

Tá gné idirnáisiúnta Copernicus thar a bheith ábhartha maidir le sonraí agus faisnéis a mhalartú, agus le rochtain ar bhonneagar breathnóireachta. Tá malartú den sórt sin níos éifeachtúla ó thaobh costais de ná scéimeanna ceannaithe sonraí agus neartaíonn sé gné dhomhanda Copernicus.

(20)

Foráiltear sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus sna Comhaontuithe Réime le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí féideartha do rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais. Ba cheart é a bheith ar chumas tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile bheith rannpháirteach trí chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir leis sin a thabhairt i gcrích.

(21)

Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta rannchuidiú leis na cláir ar bhonn comhaontuithe iomchuí.

(22)

Ba cheart freagracht iomlán as Copernicus a bheith ag an gCoimisiún. Ba cheart dó na tosaíochtaí a shainiú agus comhordú agus maoirseacht iomlán Copernicus a áirithiú. Ba cheart go n-áireofaí leis sin freisin iarrachtaí speisialta chun feasacht a ardú i measc an phobail faoi a thábhachtaí atá na cláir spáis do shaoránaigh na hEorpa. Ba cheart go gcuirfeadh sé an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le Copernicus in am trátha.

(23)

Agus Copernicus á chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, brath ar eagraíochtaí Eorpacha idir-rialtasacha a bhfuil comhpháirtíochtaí bunaithe aige leo cheana féin, go háirithe GSE, le haghaidh chomhordú teicniúil eilimint spáis Copernicus, shainiú a leagain amach, sócmhainní spáis a fhorbairt agus a sholáthar, le haghaidh rochtana ar shonraí agus le haghaidh misin thiomnaithe a oibriú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún brath freisin ar an Eagraíocht Eorpach chun Sochar a Bhaint as Satailítí Meitéareolaíochta (Eumetsat) maidir le misin thiomnaithe a oibriú i gcomhréir lena saineolas agus lena sainordú.

(24)

Agus an ghné sin de Copernicus a bhaineann le comhpháirtíocht á cur san áireamh, agus d'fhonn dúbailt saineolais theicniúil a sheachaint, ba cheart cur chun feidhme Copernicus a tharmligean chuig eintitis a bhfuil an inniúlacht theicniúil agus an inniúlacht ghairmiúil iomchuí acu. Ba cheart go spreagfaí eintitis den sórt sin forfheidhmiú na gcúraimí sin a oscailt chun an iomaíochais suas go dtí leibhéal leordhóthanach, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (“an Rialachán Airgeadais”).

(25)

Ba cheart go n-áireofaí i gclár Copernicus eilimint seirbhíse lena n-áirithítear faisnéis a sheachadadh maidir le faireachán a dhéanamh ar an atmaisféar, faireachán a dhéanamh ar an muirthimpeallacht, faireachán a dhéanamh ar an talamh, leis an athrú aeráide, le bainistíocht éigeandála agus le slándáil. Ba cheart go soláthrófaí an fhaisnéis seo a leanas i gclár Copernicus, go háirithe: faisnéis maidir le staid an atmaisféir lena n-áirítear ar scála áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus domhanda; faisnéis maidir le staid na n-aigéan, lena n-áirítear trí ghrúpáil Eorpach tiomnaithe d'fhaireachán ar an bhfarraige a bhunú; faisnéis lena dtugtar tacaíocht d'fhaireachán ar an talamh a thacaíonn le cur chun feidhme beartas áitiúil, náisiúnta agus Eorpach; faisnéis lena dtugtar tacaíocht d'oiriúnú agus do mhaolú an athraithe aeráide; faisnéis gheospásúil lena dtugtar tacaíocht do bhainistiú éigeandála, lena n áirítear trí ghníomhaíochtaí coisctheacha agus slándáil shibhialta lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Ba cheart go sainaithneodh an Coimisiún socruithe conarthacha iomchuí lena gcothaítear inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhíse.

(26)

Agus eilimint seirbhíse Copernicus á cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún dul in iontaoibh, i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin de bharr chineál speisialta na gníomhaíochta agus an tsaineolais shonraigh, eintiteas inniúil, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Frontex), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh (Satcen), Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF), gníomhaireachtaí Eorpacha ábhartha eile, grúpálacha nó cuibhreannais comhlachtaí náisiúnta, nó aon chomhlacht ábhartha a d'fhéadfadh bheith incháilithe i gcomhair tarmligin i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Nuair a bheifear ag roghnú an eintitis ba cheart go mbeadh aird chuí ar an gcost-éifeachtúlacht a bhainfidh leis na cúraimí sin a shannadh agus an tionchar a bheidh acu ar struchtúr rialachais an eintitis agus ar a acmhainní airgeadais agus daonna.

(27)

Bhí rannpháirtíocht ghníomhach ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) de chuid an Choimisiúin i dtionscnamh GMES agus i gcur chun feidhme oibríochtaí tosaigh GMES a bhunaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 911/2010. Ba cheart don Choimisiún leanúint de bhrath ar thacaíocht eolaíoch agus theicniúil ó JRC do chur chun feidhme Copernicus.

(28)

Maidir le soláthar poiblí na n-eintiteas atá freagrach as cur chun feidhme Copernicus, ba cheart go mbeadh sé comhoiriúnach le rialacha an Aontais nó le caighdeáin idirnáisiúnta choibhéiseacha, a mhéid a cheadaítear leis na forálacha maidir le conarthaí poiblí sa Rialachán Airgeadais. Maidir le coigeartuithe sonracha is gá do na rialacha sin, agus leis na socruithe do shíneadh na gconarthaí atá ann cheana, ba cheart go saineofaí iad sna comhaontuithe comhfhreagracha ó na toscaireachtaí. Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag an gCoimisiún, ar an gcéad dul síos, an luach ar airgead is fearr a fháil, costais a rialú, rioscaí a mhaolú, éifeachtúlacht a fheabhsú agus spleáchas ar an t-aon soláthróir amháin a laghdú. Ba cheart go n-áiritheofaí rochtain oscailte agus iomaíocht chóir ar fud an tslabhra soláthair, lena dtabharfaí deiseanna cothroma rannpháirtíochta don tionscal ar gach leibhéal, lena n-áirítear, go háirithe, d'iontrálaithe nua agus FBManna. Aon mhí-úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as ceannasacht nó aon spleáchas fadtéarmach a d'fhéadfadh a bheith ann ar sholáthraí aonair, ba cheart iad a sheachaint. Chun rioscaí a bhaineann leis an gclár a mhaolú, spleáchas ar fhoinse aonair soláthair a sheachaint agus rialú foriomlán níos fearr ar Copernicus agus ar a gcostais agus ar a sceideal a áirithiú, ba cheart ilfhoinsiú a shaothrú, nuair is iomchuí. Lena chois sin, ba cheart go ndéanfaí forbairt an tionscail Eorpaigh a chaomhnú agus a chur chun cinn sna réimsí uile a bhaineann le faire na Cruinne, i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí an tAontas iontu.

(29)

Ba cheart an riosca a bhaineann le droch-chomhlíonadh conartha nó le neamhchomhlíonadh conartha a mhaolú chomh fada agus is féidir. Chuige sin, ba cheart do chonraitheoirí inbhuanaitheacht a gcomhlíonta chonarthaigh a léiriú maidir leis na gealltanais arna ndéanamh agus le fad an chonartha. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis chonarthacha, de réir mar is iomchuí, ceanglais a shonrú a bhaineann le hiontaofacht na soláthairtí agus le soláthar na seirbhísí. Sa bhreis air sin, i gcás earraí agus seirbhísí de chineál atá íogair a cheannach, féadfaidh údaráis chonarthacha ceannach den sórt sin a chur faoi réir ceanglas sonrach, go háirithe d'fhonn slándáil faisnéise a áirithiú. Ba cheart cead a thabhairt do thionscail an Aontais dul ar iontaoibh foinsí neamh-Aontais maidir le heilimintí agus le seirbhísí áirithe i gcás ina léirítear go bhfuil buntáistí suntasacha ann i dtéarmaí cáilíochta agus costas, agus aird á tabhairt, áfach, ar chineál straitéiseach na gclár agus ar cheanglais an Aontais maidir le slándáil agus rialú onnmhairithe. Ba cheart leas a bhaint as infheistíocht earnála poiblí agus as taithí agus inniúlacht thionsclaíoch, agus é á áirithiú nach sáraítear na rialacha maidir le tairiscintí iomaíocha.

(30)

Chun meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar chostas iomlán táirge, seirbhíse nó oibre a ndéanfar tairiscint ina leith, lena n-áirítear a chostas oibriúcháin fadtéarmach nó a costas oibriúcháin fadtéarmach, ba cheart an costas iomlán thar shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre a ndéanfar tairiscint ina leith a chur san áireamh de réir mar is iomchuí le linn an tsoláthair, trí chur chuige bunaithe ar chost-éifeachtúlacht a úsáid amhail costáil saolré nuair a leantar nós imeachta soláthair atá bunaithe ar chritéar na dámhachtana tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch. Chun na críche sin, ba cheart don údarás conarthach a chinntiú go luafar go sonrach an mhodheolaíocht lena mbeartaítear costais shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre a ríomh, sna doiciméid chonarthacha nó i bhfógra an chonartha agus go mbeifear in ann cruinneas na faisnéise a thabharfaidh na tairgeoirí a fhíorú.

(31)

Ba cheart go bhféadfadh an t-údarás conarthach cothroime iomaíochta a athbhunú i gcás ina bhfuil faisnéis phribhléideach faoi na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nglaoch sin ar thairiscintí ag cuideachta amháin nó níos mó, roimh an nglaoch ar thairiscintí. Ba cheart go bhféadfaí conradh a dhámhachtain i bhfoirm conartha lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist, leasú a thabhairt isteach sa chonradh, faoi choinníollacha áirithe, i gcomhthéacs a chomhlíonta, nó fiú íosleibhéal fochonraitheoireachta a fhorchur. Ar deireadh, i ngeall ar na héiginnteachtaí teicneolaíocha a bhaineann le Copernicus, ní féidir i gcónaí praghsanna conarthaí poiblí a thuar go beacht agus is inmhianaithe dá bhrí sin conarthaí a thabhairt i gcrích i bhfoirm shonrach, foirm nach sonraíonn praghas seasta agus cinntitheach agus ag an am céanna a áiríonn clásail chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(32)

D'fhonn an méid is fearr is féidir a choimeád in Copernicus trí na rioscaí teicniúla agus sceidil a laghdú a mhéid is mó is féidir, mar aon leis an gcostas a bhaineann leo agus d'fhonn iontaofacht inbhuanaithe an tsoláthair a áirithiú, ba cheart go mbainfeadh Copernicus an fheidhm is mó is féidir as infheistíochtaí airgeadais agus bonneagair na hearnála poiblí a rinneadh cheana agus as an taithí thionsclaíoch agus as an inniúlacht a fhaightear trí na hinfheistíochtaí den chineál sin a dhéantar i GMES. Ba cheart gur fíor go háirithe an méid sin i dtaca leis an méid a bhaineann leis na heilimintí aisfhillteacha den deighleog spáis agus talaimh a d'fhorbair GSE agus a cuid Stát Rannpháirtíochta i gcomhthéacs an chláir roghnaigh Eilimintí Spáis GMES agus le rannchuidiú airgeadais ón Aontas. Sa chás deireanach ba cheart don údarás conarthach machnamh cuí a dhéanamh ar fheidhm a bhaint as an nós imeachta idirbheartaíochta gan fógra conartha nó a choibhéis a fhoilsiú roimh ré.

(33)

D'fhonn cuspóirí Copernicus a bhaint amach ar bhonn inbhuanaithe, is gá gníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe éagsúla atá rannpháirteach in Copernicus a chomhordú agus cumas seirbhíse agus breathnóireachta trína gcomhlíontar éilimh na n-úsáideoirí a fhorbairt a bhunú agus a fheidhmiú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go gcabhródh coiste (Coiste Copernicus) leis an gCoimisiún chun comhordú ranníocaíochtaí an Aontais, na mBallstát, na n-eagraíochtaí idir-rialtasacha chomh maith le comhordú leis an earnáil phríobháideach le clár Copernicus a áirithiú, chun an leas is fearr is féidir a bhaint as inniúlachtaí reatha agus chun bearnaí a shainaithint ar a dtabharfar aghaidh ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart dó cabhrú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme leanúnach Copernicus. Ba cheart go mbeadh ionadaithe na n-eintiteas a bhfuil cúraimí cur chun feidhme buiséid de chúram orthu in ann páirt a ghlacadh, mar bhreathnóirí, in obair Choiste Copernicus ós rud é gur gá, ó thaobh rialachais fhónta phoiblí de, bainistíocht aonfhoirmeach a dhéanamh ar Copernicus mar aon le cinnteoireacht níos tapúla agus rochtain chomhionann a thabhairt ar fhaisnéis. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart go mbeadh ionadaithe tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas in ann páirt a ghlacadh in obair Choiste Copernicus faoi réir srianta slándála agus de réir mar a bhforáiltear dó sin i dtéarmaí comhaontuithe den sórt sin. Níor cheart go mbeadh ionadaithe den sórt sin i dteideal páirt a ghlacadh i nósanna imeachta vótála Choiste Copernicus sin.

(34)

Ba cheart obair na n-eintiteas a bhfuil cúraimí cur chun feidhme tairgthe chucu ag an gCoimisiún a thomhas freisin de réir táscairí feidhmíochta. Thabharfadh sé sin léiriú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar dhul chun cinn oibríochtaí Copernicus agus ar chur chun feidhme Copernicus.

(35)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1159/2013 ón gCoimisiún (9) bunaíodh na coinníollacha cláraithe agus ceadúnaithe d'úsáideoirí GMES agus sainmhíníodh na critéir i dtaca le srian a chur ar rochtain ar shonraí tiomnaithe GMES agus ar fhaisnéis faoi sheirbhís GMES.

(36)

Ba cheart na sonraí agus an fhaisnéis a chuirtear le chéile i gcreat Copernicus a chur ar fáil go hiomlán, go hoscailte agus saor in aisce, faoi réir coinníollacha agus teorainneacha iomchuí, d'fhonn a gcuid úsáide agus a gcomhroinnt a chur chun cinn, agus d'fhonn margaí Eorpacha um fhaire na Cruinne a neartú, go háirithe san earnáil iartheachtach, agus fás agus cruthú fostaíochta a chothú dá réir sin.

(37)

Ba cheart don Choimisiún a bheith ag obair le soláthróirí sonraí le go ndéanfar coinníollacha ceadúnaithe maidir le sonraí tríú páirtí a chomhaontú ionas go ndéanfar a n-úsáid laistigh de Copernicus a éascú, ag cloí leis an Rialachán seo agus leis na cearta tríú páirtí is infheidhme.

(38)

Ba cheart go gcuirfí san áireamh na cearta rochtana i dtaca le sonraí Sentinel Copernicus arna dtabhairt faoin gClár Eilimintí Spáis GMES mar a d'fhormheas Bord an Chláir maidir le Faire na Cruinne de chuid GSE an 24 Meán Fómhair 2013.

(39)

Toisc gur clár sibhialta faoi smacht sibhialta é Copernicus, ba cheart tús áite a thabhairt do shonraí a fháil agus faisnéis a tháirgeadh, lena n-áirítear íomhánna ardtaifigh, nach riosca nó bagairt iad i leith shlándáil an Aontais nó a chuid Ballstát. Toisc go bhféadfadh cosaint a bheith de dhíth maidir le roinnt shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus, áfach, agus chun cúrsaíocht shlán faisnéise den sórt sin a áirithiú laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart do na rannpháirtithe uile in Copernicus méid áirithe cosanta a chur ar fáil d'fhaisnéis rúnaicmithe AE arb ionann é agus an chosaint a thugtar faoi na rialacha slándála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (10) agus faoi na rialacha slándála de chuid na Comhairle a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (11).

(40)

Toisc go bhféadfadh tionchar a bheith ag roinnt shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus, lena n-áirítear íomhánna ardtaifigh, ar shlándáil an Aontais nó a Bhallstát, agus i gcásanna a mbeidh údar cuí leo, ba cheart an Chomhairle a chumasú na bearta a ghlacadh d'fhonn déileáil le rioscaí agus le bagairtí do shlándáil an Aontais nó dá Bhallstáit.

(41)

Ba cheart gurb é an tAontas a bheadh mar úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir a chruthófar nó a fhorbrófar faoi Copernicus. Ionas go gcomhlíonfar go hiomlán na cearta bunúsacha go léir a bhainfeadh le húinéireacht, ba cheart na socruithe riachtanacha a dhéanamh leis na húinéirí atá ann cheana. Ba cheart go mbeadh sé le tuiscint nach gcumhdaítear leis na forálacha maidir le húinéireacht sócmhainní doláimhsithe a leagtar síos sa Rialachán seo cearta doláimhsithe nach féidir a aistriú faoi dhlíthe náisiúnta ábhartha. Ba cheart go mbeadh úinéireacht den sórt sin ag an Aontas gan dochar don fhéidearthacht don Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcás ina measfar gurb iomchuí é sin ar bhonn measúnaithe de réir gach cáis ar leith, na sócmhainní sin a chur ar fáil do thríú páirtithe nó iad a dhiúscairt. Ionas go nglacfaidh an-chuid úsáideoirí iartheachtacha le seirbhísí Copernicus, ba cheart, go háirithe, go mbeadh an tAontas in ann úinéireacht na hoibre a dhéanfar faoi Copernicus a aistriú chuig tríú páirtithe nó a cheadú nó na cearta maoine intleachtúla a cheadúnú dóibh, ar cearta iad a éireoidh as obair a dhéanfar faoi Copernicus.

(42)

Ba cheart leas airgeadais an Aontais a chosaint le bearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(43)

Ós rud é gur clár casta é Copernicus, ba cheart go mbeadh cabhair saineolaithe neamhspleácha ag an gCoimisiún as measc teaglaim leathan geallsealbhóirí, lena n-áirítear go háirithe saineolaithe ar shaincheisteanna slándála a ainmneoidh na Ballstáit, ionadaithe ar eintitis náisiúnta ábhartha a bheidh freagrach as saincheisteanna spás agus ionadaithe ar úsáideoirí Copernicus, ar saineolaithe iad a chuirfidh an saineolas teicniúil agus eolaíoch is gá ar fáil don Choimisiún, chomh maith le dearcthaí idir-dhisciplíneacha agus trasearnála, agus tionscnaimh ábhartha atá ar bun cheana ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh.

(44)

D'fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo i dtaca leis an gclár oibre bliantúil a ghlacadh, leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh na n-eilimintí seirbhíse agus spáis, le gnéithe slándála agus leis na bearta le haghaidh cóineasú na mBallstát a chur chun cinn maidir le húsáid shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus agus le haghaidh rochtana ag na Ballstáit ar theicneolaíocht agus ar fhorbairt a bhaineann le Faire na Cruinne, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(45)

Ós rud é go bhfuil Copernicus faoi cheannas an úsáideora, bíonn rannpháirtíocht leanúnach, éifeachtach úsáideoirí de dhíth, go háirithe ó thaobh ceanglais seirbhíse a shainiú agus a bhailíochtú. Ar mhaithe le cur le luach na n-úsáideoirí, ba cheart go ndéanfaí a n-ionchur siúd a lorg go gníomhach trí chomhairliúchán rialta le húsáideoirí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach. Chun na críche sin, ba cheart meitheal (“Fóram na nÚsáideoirí”) a chur ar bun chun cabhrú le Coiste Copernicus maidir le riachtanais na n-úsáideoirí a shainaithint, le comhlíonadh na seirbhíse a fhíorú agus le húsáideoirí san earnáil phoiblí a chomhordú.

(46)

Ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis na ceanglais sonraí is gá le haghaidh na seirbhísí oibrúcháin a fhorbairt, na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus agus maidir le clárú agus úsáid na sonraí agus na faisnéise sin, maidir leis na critéir shonracha teicniúla is gá chun cosc a chur ar chur isteach ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus agus maidir leis na critéir le haghaidh srian a chur ar fháil nó scaipeadh shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus mar gheall ar chearta contrártha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(47)

Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo ionas go mbeifear in ann athchoigeartú agus athruithe nua a chur san áireamh. Ba cheart go háirithe, go measfaí sa mheastóireacht éifeachtaí an bheartais maidir le sonraí Copernicus agus le faisnéis Copernicus ar gheallsealbhóirí agus ar úsáideoirí iartheachtacha, agus a éifeacht ar ghnó agus ar infheistíochtaí náisiúnta agus príobháideacha i mbonneagair de chuid fhaire na Cruinne chomh maith. Ba cheart go dtabharfaí aghaidh sa mheastóireacht freisin ar an gcaoi a d'fhéadfadh gníomhaireachtaí ábhartha Eorpacha, a bheith páirteach amach anseo, b'fhéidir, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS. D'fhonn cur leis na torthaí agus leas a bhaint as an eolas agus as an saineolas a fhaightear trí chéimeanna chur chun feidhme Copernicus, ba cheart go saothrófaí múnlaí nua eagrúcháin ar mhaithe le pleanáil níos fearr a dhéanamh amach anseo agus le tiomantas fadtéarmach eacnamaíoch a áirithiú.

(48)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bunú Copernicus, a ghnóthú go leordhóthanach toisc go mbeidh cumas pan-Eorpach ag baint leis freisin agus go mbraithfidh sé ar sholáthar seirbhísí comhordaithe ar fud na mBallstát nach mór a chomhordú ar leibhéal an Aontais, ach gur féidir, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(49)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais arb éard a bheidh ann an méid príomhthagartha de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (13), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(50)

Is iomchuí tréimhse mhaoinithe an Rialacháin seo a ailíniú leis an tréimhse dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014.

(51)

Is gá freisin Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 a aisghairm d'fhonn creat iomchuí a bhunú maidir le rialachas agus cistiúchán agus d'fhonn Copernicus a bheidh ag feidhmiú go hiomlán a áirithiú. Ba cheart go leanfadh aon bheart arna ghlacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 de bheith bailí d'fhonn a leanúnachas a áirithiú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FÓRÁLACHA GINEARÁLTA AGUS FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear Copernicus, clár an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne (Copernicus), agus leagtar síos ann na rialacha maidir le cur chun feidhme an chláir.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Clár sibhialta faoi cheannas an úsáideora a bheidh faoi rialú sibhialta is ea Copernicus, a chuirfidh leis na hacmhainní náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana, agus lena n-áiritheofar comhleanúnachas leis na gníomhaíochtaí a baineadh amach faoin bhFaireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil.

2.   Is iad seo a leanas na heilimintí atá in Copernicus:

(a)

eilimint seirbhíse lena n-áiritheofar cur ar fáil faisnéise sna réimsí seo a leanas: faireachán ar an atmaisféar, faireachán ar an muirthimpeallacht, faireachán ar an talamh, an t-athrú aeráide, bainistíocht éigeandála agus slándáil;

(b)

eilimint spáis lena n-áiritheofar breathnóireachtaí inbhuanaithe ón spás le haghaidh na réimsí seirbhíse dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

eilimint in situ lena n-áiritheofar rochtain chomhordaithe ar bhreathnóireachtaí le haghaidh na réimsí seirbhíse dá dtagraítear i bpointe (a) trí fhearais san aer, ar farraige, agus ar talamh.

3.   Bunófar naisc agus idirphlé iomchuí idir na heilimintí dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “misin thiomnaithe” misin spásbhunaithe de chuid fhaire na Cruinne a bheidh á n-úsáid in Copernicus agus á n-oibriú ann, go háirithe misin Sentinel;

(2)

ciallaíonn “misin rannpháirteacha” misin spásbhunaithe de chuid fhaire na Cruinne a chuirfidh sonraí ar fáil do Copernicus, ar sonraí iad lena gcomhlánófar na sonraí a chuirfidh na misin thiomnaithe ar fáil;

(3)

ciallaíonn “sonraí ó mhisin thiomnaithe” sonraí ón spás de chuid fhaire na Cruinne, ar sonraí ó mhisin thiomnaithe iad a bheidh á n-úsáid in Copernicus;

(4)

ciallaíonn “sonraí ó mhisin rannpháirteacha” sonraí ón spás de chuid fhaire na Cruinne, ar sonraí ó mhisin rannpháirteacha iad a bheidh á gceadúnú nó á soláthar lena n-úsáid in Copernicus;

(5)

ciallaíonn “sonraí in situ” sonraí breathnóireachta ó bhraiteoirí ar an talamh, ar an bhfarraige nó san aer mar aon le sonraí tagartha agus coimhdeacha a bheidh á gceadúnú nó á soláthar lena n-úsáid in Copernicus;

(6)

ciallaíonn “sonraí agus faisnéis tríú páirtí” sonraí agus faisnéis a chruthaítear lasmuigh de raon feidhme Copernicus a bhfuil gá leo le haghaidh chur chun feidhme chuspóirí Copernicus;

(7)

ciallaíonn “sonraí Copernicus” sonraí ó mhisin thiomnaithe, sonraí ó mhisin rannpháirteacha agus sonraí in situ;

(8)

ciallaíonn “faisnéis Copernicus” faisnéis a thiocfaidh ó na seirbhísí Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5(1) tar éis sonraí Copernicus a phróiseáil nó a mhúnlú;

(9)

ciallaíonn “úsáideoirí Copernicus” iad siúd a leanas:

(a)

bunúsáideoirí Copernicus: institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, údaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a bhfuil sé de chúram orthu seirbhís phoiblí nó beartas poiblí a shainiú, a chur chun feidhme nó a fhorfheidhmiú sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 2(2) nó faireachán a dhéanamh orthu;

(b)

úsáideoirí taighde: ollscoileanna nó aon eagraíocht eile taighde agus oideachais;

(c)

úsáideoirí tráchtála agus príobháideacha;

(d)

carthanachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 4

Cuspóirí

1.   Cuirfidh Copernicus leis na cuspóirí ginearálta seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar an gCruinne chun tacú le cosaint an chomhshaoil agus leis na hiarrachtaí i leith cosanta sibhialta agus slándála sibhialta;

(b)

sochair shocheacnamaíocha a uasmhéadú, agus leis an méid sin tacú le stráitéis Eoraip 2020 agus lena cuspóirí maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach trí úsáid fhaire na Cruinne a chur chun cinn i bhfeidhmeanna agus i seirbhísí;

(c)

forbairt tionscail Eorpaigh spáis agus seirbhísí atá iomaíoch a chaomhnú agus deiseanna a uasmhéadú d'fhiontair Eorpacha i dtaca le córais nuálacha agus le seirbhísí nuálacha de chuid fhaire na Cruinne a fhorbairt agus a sholáthar;

(d)

rochtain neamhspleách ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a áirithiú agus ar na príomhtheicneolaíochtaí i dtaca le faire na Cruinne agus seirbhísí geofaisnéise, agus leis sin an Eoraip a chumasú chun cinnteoireacht agus gníomhaíocht neamhspleách a bhaint amach;

(e)

tacú le beartais Eorpacha agus cur leo agus tionscnaimh dhomhanda amhail GEOSS a chaomhnú.

2.   Ionas go mbainfear amach na cuspóirí ginearálta, atá leagtha amach i mír 1, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag Copernicus:

(a)

sonraí agus faisnéis a bheidh beacht agus intaofa a sholáthar d'úsáideoirí Copernicus ar bhonn fadtéarmach agus inbhuanaithe lena gcumasófar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus lena dtabharfar freagairt do riachtanais bhunúsáideoirí Copernicus;

(b)

rochtain inbhuanaithe agus iontaofa a sholáthar ar shonraí ón spás agus faisnéis ó chumas uathrialach fhaire na Cruinne ar leis an Eoraip í agus ag a bhfuil sonraíochtaí teicniúla comhsheasmhacha agus a chuirfidh leis na sócmhainní agus na hacmhainní Eorpacha agus náisiúnta atá ann cheana, agus a chomhlánóidh iad más gá;

(c)

rochtain inbhuanaithe agus iontaofa a sholáthar ar shonraí in situ, ag brath, go háirithe, ar na hacmhainní atá ann cheana agus a oibrítear ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, mar aon le rochtain ar chórais agus gréasáin dhomhanda breathnóireachta.

3.   Déanfar baint amach na gcuspóirí atá leagtha amach i mír 1 agus i mír 2 a thomhas leis na táscairí toraidh seo a leanas:

(a)

sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus arna gcur ar fáil i gcomhréir leis na ceanglais faoi seach i dtaca le leibhéal seirbhíse a chur ar fáil maidir leis an gcomhshaol, le cosaint shibhialta agus leis an tslándáil shibhialta;

(b)

éileamh méadaithe i dtaca le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a dhéanfar a thomhas de réir an dul chun cinn i líon na n-úsáideoirí, de réir mhéid na sonraí agus na faisnéise breisluacha ar a bhfuarthas rochtain, de réir líon méadaithe na seirbhísí iartheachtacha agus de réir leathnú an scaipthe ar fud na mBallstát agus an Aontais;

(c)

sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a úsáidfidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus údaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, lena n-áirítear leibhéal an ghlactha ag úsáideoirí agus leibhéal shástacht na n-úsáideoirí, agus na sochair a sholáthraítear do shochaithe na hEorpa;

(d)

dul i bhfód ar an margadh, lena n-áirítear leathnú na margaí atá ann cheana agus cruthú margaí nua agus iomaíochas na n-oibreoirí Eorpacha iartheachtacha;

(e)

teacht ar shonraí Copernicus ar bhonn inbhuanaithe, ar sonraí iad chun tacú le seirbhísí Copernicus.

Airteagal 5

Eilimint seirbhíse Copernicus

1.   Is éard a bheidh in eilimint seirbhíse Copernicus na seirbhísí seo a leanas:

(a)

an tseirbhís faireacháin ar an atmaisféar, a sholáthróidh faisnéis maidir le cáilíocht an aeir ar scála Eorpach, agus faisnéis maidir le comhdhéanamh ceimiceach an atmaisféir ar scála domhanda. Soláthróidh sé faisnéis go háirithe do chórais faireacháin ar cháilíocht an aeir a oibrítear ar an scála áitiúil go hidirnáisiúnta, agus rannchuideoidh sé le faireachán a dhéanamh ar athróga aeráide ceimice an atmaisféir, lena n-áirítear, nuair is féidir, an t-imoibriú le ceannbhrat na bhforaoisí;

(b)

an tseirbhís faireacháin ar chomhshaol na mara, a sholáthróidh faisnéis maidir le staid agus dinimic na n-éiceachóras fisiciúil aigéin agus mara do na limistéir aigéin dhomhanda agus do na limistéir Eorpacha réigiúnacha, mar thaca le sábháilteacht na mara, le faireachán ar shreabha dramhaíola, ar chomhshaol na mara, ar na réigiúin chósta agus ar na réigiúin pholacha, agus ar acmhainní mara agus le faireachán ar réamhaisnéis mheitéareolaíoch agus ar an aeráid;

(c)

an tseirbhís faireacháin ar thalamh, a sholáthróidh faisnéis maidir le húsáid talún agus le clúdach talún, an crióisféar, athrú aeráide agus athróga bithgheoifisceacha, lena n-áirítear dinimic na nithe sin, ar faisnéis í a bheidh ina tacaíocht ag an bhfaireachán comhshaoil ón leibhéal domhanda go dtí an leibhéal áitiúil ar an mbithéagsúlacht, ar ithir, ar uiscí intíre agus uiscí cósta, ar fhoraoisí agus ar fhásra, agus ar acmhainní nádúrtha, agus, go ginearálta, ar bheartais maidir le comhshaol, talmhaíocht, forbairt, fuinneamh, pleanáil uirbeach, bonneagar agus iompar a chur chun feidhme;

(d)

an tseirbhís um an athrú aeráide, a sholáthróidh faisnéis d'fhonn an bonn eolais a mhéadú chun tacú le beartais oiriúnaithe agus maolaithe. Rannchuideoidh sé go háirithe Athróga Aeráide Riachtanacha, anailísí, réamh-mheastacháin agus táscairí maidir leis an aeráid ar scálaí ama agus spásúlachta atá ábhartha do straitéisí oiriúnaithe agus maolaithe do na réimsí sochair earnála agus shochaíocha éagsúla san Aontas a sholáthar;

(e)

an tseirbhís bainistithe práinne, a sholáthróidh faisnéis maidir le práinnfhreagairt i dtaca le cineálacha éagsúla tubaistí, lena n-áirítear guaiseacha meitéareolaíocha, guaiseacha geoifisiceacha, tubaistí de dhéanamh an duine a dhéantar d'aon ghnó agus trí thimpiste agus tubaistí eile de dhéanamh an duine, chomh maith le gníomhaíochtaí coisctheacha, ullmhachta, freagartha agus aisghabhála;

(f)

an tseirbhís slándála, a sholáthróidh faisnéis a bheidh ina tacaíocht ag dúshláin shlándála shibhialta na hEorpa lena bhfeabhsófar inniúlachtaí maidir le géarchéimeanna a chosc, ullmhú agus freagairt dóibh, go háirithe i gcás faireachais teorann agus mhuirí, ach tacóidh sí freisin le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, gan dochar do shocruithe maidir le comhar a d'fhéadfaí a thabhairt chun críche idir an Coimisiún agus comhlachtaí éagsúla de chuid an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, go háirithe Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh.

2.   Cuirfear prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta san áireamh agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 á soláthar, beidh na seirbhísí sin éifeachtach ó thaobh costais de agus díláraithe i gcás inarb iomchuí, chun an spás atá ann cheana in situ agus na sonraí tagartha agus na hacmhainní atá ann cheana sna Ballstáit a chomhtháthú ar an leibhéal Eorpach, agus ar an gcaoi sin déanfar dúbláil a sheachaint. Déanfar soláthar sonraí nua a dhéanann dúbláil ar fhoinsí atá ann cheana féin a sheachaint mura rud é nach bhfuil sé indéanta go teicniúil nó mura rud é nach bhfuil sé cost-éifeachtach úsáid a bhaint as tacair shonraí atá ann cheana féin nó as tacair shonraí is féidir a uasghrádú nó murar féidir sin a dhéanamh in am trátha.

Cuirfidh na seirbhísí córais bheachta rialaithe cáilíochta chun feidhme agus soláthróidh siad faisnéis maidir le leibhéal na seirbhísí, lena n-áirítear infhaighteacht, iontaofacht, cáilíocht agus tráthúlacht na seirbhísí sin.

3.   D'fhonn a áirithiú go bhforbraítear na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus go nglactar leo san earnáil phoiblí, rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí seo a leanas freisin:

(a)

gníomhaíochtaí forbartha chun cáilíocht agus feidhmíocht na seirbhísí a fheabhsú, lena n-áirítear iad a fhorbairt agus a chur in oiriúint, rioscaí oibriúcháin a sheachaint nó a mhaolú agus leas a bhaint as sineirgí idir iad agus gníomhaíochtaí gaolmhara, mar shampla faoi Fhís 2020;

(b)

gníomhaíochtaí tacaíochta arb é atá iontu bearta chun daoine a spreagadh glacadh le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus agus leas a bhaint astu trí:

(i)

údaráis phoiblí ar fúthu atá sé seirbhís phoiblí nó beartas poiblí a shainiú, a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú nó faireachán a dhéanamh orthu sna réimsí dá dtagraítear i mír 1. Áireofar air sin forbairt acmhainní agus nósanna imeachta agus uirlisí caighdeánacha a fhorbairt chun sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a chomhtháthú i sreabhadh oibre na n-úsáideoirí;

(ii)

úsáideoirí eile agus feidhmchláir iartheachtacha. Áireofar air sin gníomhaíochtaí for-rochtana, oiliúna agus scaipthe.

Airteagal 6

Eilimint spáis Copernicus

1.   Le heilimint spáis Copernicus, soláthrófar breathnóireachtaí ón spás, a fhreastalóidh go príomha do na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

2.   Is éard a bheidh in eilimint spáis Copernicus misin thiomnaithe agus sonraí misin rannpháirteacha, agus áireofar léi na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

soláthar breathnóireachtaí ón spás, lena n-áirítear:

(i)

misin thiomnaithe a thabhairt chun críche, a chothabháil agus a oibriú, lena n-áirítear satailítí a thascáil, satailítí a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu, sonraí a fháil, a phróiseáil, a chartlannú agus a scaipeadh, buanchalabrú agus buanbhailíochtú;

(ii)

soláthar sonraí in situ maidir le calabrú agus bailíochtú breathnóireachtaí ó mhisin thiomnaithe;

(iii)

sonraí ó mhisin rannpháirteacha a sholáthar, a chartlannú agus a scaipeadh, ar sonraí iad a chomhlánaíonn sonraí ó mhisin thiomnaithe;

(b)

gníomhaíochtaí mar fhreagra ar an athrú a thagann ar riachtanais úsáideoirí, lena n-áirítear:

(i)

bearnaí breathnóireachta a aithint agus misin nua thiomnaithe a shonrú ar bhonn riachtanais an úsáideora;

(ii)

forbairtí atá dírithe ar mhisin thiomnaithe a nuachóiriú agus a chomhlánú, lena n-áirítear gnéithe nua den bhonneagar gaolmhar spáis a dhearadh agus a sholáthar;

(c)

satailítí a chosaint ar an riosca imbhuailte lena gcuirtear san áireamh creat de chuid an Aontais maidir le tacaíocht d'fhaireachas agus do rianú spáis a chur chun feidhme;

(d)

satailítí a dhíchoimisiúnú ar bhealach sábháilte ag deireadh a ré.

Airteagal 7

Eilimint in situ Copernicus

1.   Le heilimint in situ Copernicus, beidh rochtain ar shonraí in situ, a fhreastalóidh go príomha ar sheirbhísí Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

Áireofar leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

sonraí in situ a sholáthar do na seirbhísí oibriúcháin, lena n-áirítear sonraí in situ tríú páirtí ar leibhéal idirnáisiúnta, bunaithe ar na hacmhainní atá ann cheana;

(b)

comhordú agus comhchuibhiú ar bhailiú agus ar sholáthar sonraí in situ;

(c)

cúnamh teicniúil don Choimisiún maidir leis na ceanglais seirbhíse a bhaineann le sonraí breathnóireachta in situ;

(d)

comhar le hoibreoirí in situ d'fhonn comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí forbartha a bhaineann leis an mbonneagar agus na líonraí breathnóireachta in situ a chur chun cinn;

(e)

bearnaí sna breathnóireachtaí in situ a shainaithint, ar bearnaí iad nach féidir a líonadh leis an mbonneagar ná leis na líonraí atá ann cheana, lena n-áirítear ar fud na cruinne, agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, agus prionsabal na coimhdeachta á chomhlíonadh.

2.   Bainfear leas in Copernicus as na sonraí in situ i gcomhréir leis na cearta tríú páirtí is infheidhme, lena n-áirítear cearta na mBallstát, agus na srianta is infheidhme maidir le húsáid nó maidir le hathdháileadh.

3.   I gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí na heiliminte in situ dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Rialachán seo a thabhairt, i bpáirt nó go hiomlán, do na hoibreoirí seirbhísí, nó, más gá comhordú foriomlán a dhéanamh, féadfaidh sé na gníomhaíochtaí sin a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

Airteagal 8

Imchlúdach airgeadais

1.   Déantar an t-imchlúdach airgeadais chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 a chur chun feidhme a shocrú mar EUR 4 291,48 millún i bpraghsanna reatha don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a mhiondealú sna catagóirí caiteachais seo a leanas, i bpraghsanna reatha:

(a)

i gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 7, EUR 897,415 milliún;

(b)

i gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6, EUR 3 394,065 milliún, lena n-áirítear uasmhéid EUR 26,5 milliún do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6(2).

3.   Féadfaidh an Coimisiún cistí a leithdháileadh an athuair ó chatagóir amháin caiteachais, mar a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2, go catagóir eile, suas go huasteorainn 10 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina sroicheann ath-leithdháileadh an athuair méid carnach atá níos mó ná 10 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Coiste Copernicus, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

4.   An t-ús a ghintear le híocaíochtaí a dhéantar le heintitis atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid go hindíreach, sannfar iad do ghníomhaíochtaí atá faoi réir an chomhaontaithe tarmligin nó an chonradh a tugadh i gcrích idir an Coimisiún agus an t-eintiteas lena mbaineann. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, osclóidh na heintitis a bheidh freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid go hindíreach cuntais chun go bhféadfar na cistí agus an t-ús comhfhreagrach a shainaithint.

5.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. Féadfar gealltanais bhuiséadacha le haghaidh gníomhaíochtaí a mhairfidh breis agus bliain airgeadais amháin a mhiondealú thar roinnt blianta i dtráthchodanna bliantúla.

6.   D'fhéadfadh sé go gcumhdódh an leithdháileadh airgeadais do Copernicus costais freisin a bhainfidh le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a mbeidh gá díreach leo chun Copernicus a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, chomh maith le costais a bhainfidh le líonraí TF ina ndíreofar ar fhaisnéis a phróiseáil agus sonraí a mhalartú.

7.   Féadfaidh an Coimisiún cur chun feidhme Copernicus a thabhairt do na heintitis dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais. I gcás ina gcuirfear buiséad Copernicus chun feidhme trí bhainistiú indíreach ar bhonn Airteagal 10(3) nó Airteagal 11(1), beidh feidhm ag rialacha soláthair na n-eintiteas a gcuirfear cúraimí cur chun feidhme buiséid de chúram orthu, a mhéid is incheadaithe, faoi Airteagal 60 den Rialachán Airgeadais. Maidir le coigeartuithe sonracha is gá do na rialacha sin, agus leis na socruithe do shíneadh na gconarthaí atá ann cheana, saineofar iad sna comhaontuithe comhfhreagracha ó na toscaireachtaí.

CAIBIDIL II

RIALACHAS COPERNICUS

Airteagal 9

Ról an Choimisiúin

1.   Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht iomlán maidir le Copernicus agus maidir leis an gcomhordú idir na heilimintí éagsúla de. Bainisteoidh sé na cistí a leithdháiltear faoin Rialachán seo agus déanfaidh sé cur chun feidhme Copernicus a mhaoirsiú lena n-áirítear tosaíochtaí a shocrú, mar aon le rannpháirtíocht úsáideoirí, an costas, an sceideal, an fheidhmíocht agus soláthar.

2.   Déanfaidh an Coimisiún bainistiú, thar ceann an Aontais agus ina réimse inniúlachta, ar chaidrimh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, á áirithiú go mbeidh Copernicus comhordaithe le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

3.   Éascóidh an Coimisiún comhordú ar ranníocaíochtaí na mBallstát ag díriú ar sheachadadh oibriúcháin seirbhísí agus infhaighteacht fhadtéarmach na sonraí breathnóireachta is gá.

4.   Tacóidh an Coimisiún le forbairt iomchuí ar sheirbhísí Copernicus agus áiritheoidh sé an chomhlántacht, an chomhsheasmhacht agus na naisc idir Copernicus agus beartais, ionstraimí, cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais d'fhonn a áirithiú go mbainfidh na beartais, ionstraimí, cláir agus gníomhaíochtaí sin tairbhe as seirbhísí Copernicus.

5.   Cuirfidh an Coimisiún chun cinn timpeallacht infheistíochta fhadtéarmach chobhsaí agus rachaidh sé i gcomhairle leis na geallsealbhóirí má chinneann sé táirgí sheirbhísí sonraí Copernicus agus sheirbhísí faisnéise Copernicus araon a chumhdaítear leis an Rialachán seo a athrú.

6.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh eintiteas ar bith a mbeidh cúraimí cur chun feidhme de chúram air seirbhísí ar fáil do gach Ballstát.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 maidir le ceanglais sonraí a bhunú ar mhaithe le heilimint seirbhíse Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a fhorbairt.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(4) maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na sonraíochtaí teicniúla a ghabhann le heilimint seirbhíse Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5(1), maidir lena chur chun feidhme;

(b)

na sonraíochtaí teicniúla a ghabhfaidh le heilimint spáis Copernicus, dá dtagraítear in Airteagal 6, maidir lena chur chun feidhme agus maidir le forbairt na heiliminte sin bunaithe ar riachtanais na n-úsáideoirí.

9.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fad a bheidh ábhartha agus a bhainfidh le Copernicus ar fáil, in am trátha, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa, ar faisnéis í a bhaineann go háirithe le bainistiú riosca, costas foriomlán, costais bhliantúla oibríochta gach mír thábhachtach de bhonneagar Copernicus, leis an sceideal, leis an bhfeidhmíocht, leis an soláthar agus leis an measúnú ar bhainistíocht cearta maoine intleachtúla.

Airteagal 10

Ról Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa

1.   Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú tarmligin chun críche le GSE agus cuirfidh sé na cúraimí seo a leanas de chúram air:

(a)

comhordú teicniúil eilimint spáis Copernicus a áirithiú;

(b)

ollstruchtúr foriomlán eilimint spáis Copernicus agus forbairt an ollstruchtúir sin a shainiú bunaithe ar riachtanais úsáideoirí, a bheidh á gcomhordú ag an gCoimisiún;

(c)

na cistí a leithdháiltear a bhainistiú;

(d)

nósanna imeachta faireacháin agus rialaithe a áirithiú;

(e)

misin nua thiomnaithe a fhorbairt;

(f)

soláthar a fháil do mhisin thiomnaithe athfhillteacha;

(g)

na misin thiomnaithe a oibriú, seachas iad siúd arna oibriú ag Eumetsat i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo;

(h)

scéim a chomhordú ionas go mbeadh rochtain ag seirbhísí Copernicus ar shonraí ó mhisin rannpháirteacha;

(i)

cearta rochtana a fháil agus coinníollacha úsáide sonraí tráchtála ó shatailítí a chaibidliú, ar sonraí iad atá de dhíth ar sheirbhísí Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

2.   Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú tarmligin chun críche le Eumetsat agus cuirfidh sé mar chúram air bheith freagrach as misin thiomnaithe a oibriú agus rochtain a thabhairt ar shonraí ó mhisin rannpháirteacha, de bhun an tsainordaithe agus an tsaineolais a bheidh aige.

3.   Cuirfear na comhaontuithe tarmligin i gcrích le GSE agus le Eumetsat ar bhonn cinnidh tarmligin a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 60 den Rialachán Airgeadais, gníomhóidh GSE agus Eumetsat, i gcás inarb iomchuí, mar údaráis chonarthacha a mbeidh sé d'acmhainn acu cinntí a ghlacadh maidir le cur chun feidhme agus comhordú na gcúraimí soláthair a tarmligeadh chucu.

5.   A mhéid is gá do na cúraimí agus do chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligfear, leagfar síos leis na comhaontuithe tarmligin na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí a chuirfear ar iontaoibh GSE agus Eumetsat agus cuirfear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, Cás Fadtéarmach (LTS) GSE. Go háirithe, leagfar síos leo na gníomhaíochtaí a bheidh le cur chun feidhme maidir le forbairt, soláthar agus oibriú eilimint spáis Copernicus, cistiú ábhartha, nósanna imeachta bainistíochta agus bearta faireacháin agus rialaithe, na bearta is infheidhme i gcás ina bhfeidhmeofar conarthaí ar bhealach neamhdhóthanach i dtéarmaí costas, sceidil, feidhmíochta agus soláthair, agus na rialacha maidir le húinéireacht na sócmhainní uile inláimhsithe agus doláimhsithe.

6.   Déantar foráil leis na bearta faireacháin agus rialaithe, go háirithe, do chóras réamhaisnéise ar chostais shealadacha, d'fhaisnéis chórasach chuig an gCoimisiún i dtaobh costas agus sceidil, agus, i gcás ina bhfuil neamhréireacht idir na buiséid bheartaithe, an fheidhmíocht agus an sceideal, do ghníomhaíochtaí ceartaitheacha lena n-áirithítear cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí laistigh de theorainn na mbuiséad a leithdháileadh.

7.   Rachfar i gcomhairle le Coiste Copernicus, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3), maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear Coiste Copernicus ar an eolas roimh ré maidir leis na comhaontuithe tarmligin atá le tabhairt i gcrích ag an Aontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, in éineacht le GSE agus le Eumetsat.

8.   Cuirfidh an Coimisiún Coiste Copernicus ar an eolas maidir le torthaí mheastóireacht na dtairiscintí soláthair agus na gconarthaí a bheidh le tabhairt i gcrích ag GSE agus ag Eumetsat le heintitis ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le fochonraitheoireacht.

Airteagal 11

Oibreoirí Seirbhísí

1.   Féadfaidh an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme na heiliminte seirbhíse a chur faoi chúram na n-eintiteas seo a leanas trí bhíthin comhaontuithe tarmligin nó comhaontuithe conarthacha, i gcás ina mbeidh údar cuí leis de bharr, inter alia, an chineáil speisialta gníomhaíochta, an tsaineolais shonraigh, an tsainordaithe shonraigh, an oibriúcháin shonraigh agus na hacmhainne bainistithe atá ann cheana:

(a)

an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA);

(b)

an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Frontex);

(c)

an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA);

(d)

Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh (Satcen);

(e)

Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF);

(f)

gníomhaireachtaí Eorpacha ábhartha eile, grúpaí nó cuibhreannais de chomhlachtaí náisiúnta.

Cuirfear na comhaontuithe tarmligin i gcrích leis na hoibreoirí seirbhísí ar bhonn cinnidh tarmligin a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais.

2.   Nuair a roghnófar na heintitis dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird chuí ar an gcost-éifeachtúlacht a bhainfidh leis na cúraimí sin a chur de chúram orthu agus ar an tionchar a bheidh acu ar struchtúr rialachais na n-eintiteas agus ar a n-acmhainní airgeadais agus daonna.

3.   Rachfar i gcomhairle le Coiste Copernicus, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3), maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfear Coiste Copernicus ar an eolas roimh ré faoi na comhaontuithe tarmligin a bheidh le tabhairt i gcrích ag an Aontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí air, agus na hoibreoirí seirbhísí.

Airteagal 12

Clár oibre an Choimisiúin

1.   Glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gnímh cur chun feidhme clár oibre bliantúil le haghaidh Copernicus de bhun Airteagal 84 den Rialachán Airgeadais.

2.   Áireofar sa chlár oibre bliantúil plean cur chun feidhme ina sonrófar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na heilimintí Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 agus breathnóidh sé chun cinn agus cuirfidh sé an t-athrú ar riachtanais na n-úsáideoirí agus dul chun cinn teicneolaíochta san áireamh.

3.   Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(4) den Rialachán seo.

Airteagal 13

Comhar leis na Ballstáit

1.   Rachaidh an Coimisiún i mbun comhair leis na Ballstáit d'fhonn malartú sonraí agus faisnéise a fheabhsú eatarthu agus forbairt dáilte sonraí a chothú ar na leibhéil réigiúnacha agus áitiúla. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh na sonraí is gá agus an fhaisnéis is gá ar fáil do Copernicus. Tá misin rannpháirteacha, bonneagair seirbhísí agus bonneagair in situ na mBallstát ríthábhachtach do Copernicus.

2.   Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun úsáid shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus a chur chun cinn i measc na mBallstát agus chun tacú leis an rochtain a bhíonn acu ar an teicneolaíocht agus ar fhorbairt Fhaire na Cruinne. Ní dhéanfaidh bearta den sórt sin saor-iomaíocht a shaobhadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(4).

CAIBIDIL III

SOLÁTHAR POIBLÍ

ROINN I

Forálacha ginearálta is infheidhme maidir le soláthar poiblí

Airteagal 14

Prionsabail ghinearálta

Gan dochar d'Airteagal 8(7) agus do bhearta is gá chun leasanna riachtanacha slándála an Aontais nó leasanna riachtanacha slándála poiblí a chosaint nó chun ceanglais an Aontais um rialú onnmhairithe a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an Rialachán Airgeadais, agus go háirithe na prionsabail maidir le rochtain oscailte agus le hiomaíocht chothrom tríd an slabhra tionsclaíoch soláthair ar fad, tairiscint ar bhonn faisnéis thrédhearcach thráthúil a chur ar fáil, na rialacha soláthair is infheidhme a chur in iúl go soiléir, critéir roghnúcháin agus dámhachtana chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a thugann cothroime iomaíochta do gach tairgeoir féideartha, maidir le Copernicus.

Airteagal 15

Cuspóirí sonracha

Le linn an nós imeachta soláthair, saothróidh na húdaráis chonarthacha na cuspóirí seo a leanas ina nglaonna ar thairiscintí:

(a)

an rannpháirtíocht is mó agus is oscailte is féidir a chur chun cinn do na hoibreoirí eacnamaíocha ar fad, go háirithe na hiontrálaithe nua agus na FBManna, ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí fhochonraitheoireacht a chur chun cinn do thairgeoirí;

(b)

mí-úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as ceannasacht agus spleáchas a d'fhéadfaí a bheith ann ar sholáthraí aonair a sheachaint;

(c)

leas a bhaint as infheistíochtaí earnála poiblí roimhe sin agus as na ceachtanna a foghlaimíodh, as taithí thionsclaíoch agus as inniúlachtaí tionsclaíocha, agus a áirithiú chomh maith go gcloífear leis na rialacha maidir le tairiscint iomaíoch;

(d)

an t-ilfhoinsiú a shaothrú nuair is iomchuí sin d'fhonn feabhas a chur ar rialú foriomlán níos fearr ar chlár Copernicus, ar a chostais agus ar a sceideal;

(e)

an costas iomlán a chur san áireamh nuair is iomchuí thar shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre atá á chur nó á cur amach ar thairiscintí.

ROINN II

Forálacha sonracha is infheidhme maidir le soláthar poiblí

Airteagal 16

Dálaí córa iomaíochta a bhunú

Déanfaidh an t-údarás conarthach na bearta iomchuí chun dálaí cothroma iomaíochta a bhunú i gcás ina bhféadfaidh, de bharr rannpháirtíochta oibreora eacnamaíochta roimhe sin i ngníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leo siúd is ábhar don ghlaoch ar thairiscintí:

(a)

buntáistí suntasacha a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch sin ó thaobh faisnéise pribhléidí, rud nach mbeadh ar aon dul le prionsabail an chaithimh chomhionainn; nó

(b)

tionchar a imirt ar ghnáthdhálaí na hiomaíochta nó ar neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht na dámhachtana nó chomhlíonadh na gconarthaí.

Ní dhéanfaidh na bearta seo an iomaíocht a shaobhadh, nó ní dhéanfaidh siad dochar don chóir chomhionann nó do rúndacht na sonraí arna mbailiú i leith gnóthas, a gcaidrimh ghnó agus a struchtúir chostas. Sa chomhthéacs sin, cuirfear san áireamh sna bearta sin cineál agus mionsonraí an chonartha a bheartófar.

Airteagal 17

Slándáil faisnéise

Nuair a bhíonn faisnéis rúnaicmithe i gceist le conarthaí, nuair a éilítear faisnéis rúnaicmithe iontu, agus/nó nuair a bhíonn faisnéis rúnacmithe iontu, sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid chonarthacha na bearta agus ceanglais is gá chun slándáil faisnéise den sórt sin a áirithiú ar an leibhéal riachtanach.

Airteagal 18

Iontaofacht soláthair

Sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid tairisceana na ceanglais atá aige i ndáil le hiontaofacht na soláthairtí agus le soláthar na seirbhísí d'fhonn an conradh a chomhlíonadh.

Airteagal 19

Conradh lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist

1.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh a dhámhachtain i bhfoirm conartha lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist.

2.   Áireoidh conradh lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist céim sheasta a bhfuil gealltanas buiséadach ag gabháil léi arb é a bheidh mar thoradh air gealltanas daingean oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a conraíodh don chéim sin a chur ar fáil, agus céim amháin nó níos mó céimeanna a bheidh coinníollach ó thaobh buiséid agus forghníomhaithe araon. Déanfar tagairt sna doiciméid tairisceana do na gnéithe sonracha a bhaineann le conarthaí lena mbeidh céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist. Sonrófar iontu go háirithe ábhar an chonartha, an praghas nó na socruithe chun an praghas a chinneadh agus na socruithe le haghaidh soláthair oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí ag gach céim.

3.   Beidh oibleagáidí na céime seasta ina n-iomlán comhsheasmhach; is amhlaidh a bheidh freisin i gcás oibleagáidí gach céime coinníollaí, agus oibleagáidí na gcéimeanna ar fad roimhe sin á gcur san áireamh.

4.   Beidh cur i gcrích gach céime coinníollaí faoi réir cinneadh de chuid an údaráis chonarthaigh, cinneadh a dtugtar fógra ina leith don chonraitheoir i gcomhréir leis an gconradh. I gcás ina ndearbhaítear céim choinníollach go déanach nó i gcás nach ndearbhaítear í, féadfaidh an conraitheoir, má fhoráiltear amhlaidh sa chonradh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, tairbhe a bhaint as liúntas go dtí go ndéanfar an dearbhú nó as liúntas mar chúiteamh toisc nár cuireadh an chéim i gcrích.

5.   I gcás, maidir le céim ar leith, inar léir don údarás conarthach nach ndearnadh oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí a comhaontaíodh don chéim sin, féadfaidh sé cúiteamh a éileamh agus deireadh a chur leis an gconradh, má fhoráiltear dó sin leis an gconradh, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann.

Airteagal 20

Conarthaí um aisíocaíocht costas

1.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a roghnú, laistigh de theorainn buaicphraghais, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

Is éard a bheidh sa phraghas a bheidh le híoc maidir le conarthaí den sórt sin aisíocaíocht na gcostas díreach ar fad a thabhaíonn an conraitheoir le linn dó an conradh a chomhlíonadh, amhail caiteachas ar shaothar, ábhar, tomhaltáin agus úsáid an trealaimh agus na mbonneagar is gá chun an conradh a chomhlíonadh. Méadófar na costais sin le táille shocraithe a chumhdóidh costais indíreacha agus an brabús, nó le suim a chumhdóidh costais indíreacha agus cúiteamh táille dreasachta a bheidh bunaithe ar chuspóirí a bhaint amach maidir le feidhmíocht agus sceidil seachadta.

2.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a roghnú i gcás nach féidir praghas seasta a shocrú ar bhealach beacht oibiachtúil agus más féidir a thaispeáint go réasúnta go mbeadh an praghas seasta sin as cuimse ard de bharr éiginnteachtaí a bhaineann go dlúth le comhlíonadh an chonartha toisc:

(a)

go bhfuil eilimintí an-chasta nó eilimintí a éilíonn úsáid teicneolaíochta nua sa chonradh, agus dá bhrí sin go bhfuil líon suntasach rioscaí teicniúla ag baint leis; nó

(b)

nach mór, ar chúiseanna oibriúcháin, tús a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí atá faoi réir an chonartha, cé nach féidir fós praghas iomlán seasta cinntitheach a shocrú toisc rioscaí suntasacha a bheith ann nó toisc go mbraitheann comhlíonadh an chonartha i bpáirt ar chomhlíonadh conarthaí eile.

3.   Is éard a bheidh sa bhuaicphraghas maidir le conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas an t-uasphraghas atá iníoctha. Ní fhéadfar é a shárú ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar maith leo faoi réir chomhaontú an údaráis chonarthaigh roimh ré.

4.   Sonrófar an méid seo a leanas sna doiciméid tairisceana le haghaidh nós imeachta soláthair phoiblí a bhaineann le conarthaí um aisíocaíocht iomlán costas nó conarthaí um aisíocaíocht pháirteach costas:

(a)

cineál an chonartha, is é sin le rá arb é atá i gceist leis conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas laistigh de theorainn buaicphraghais;

(b)

i gcás conartha um aisíocaíocht pháirteach costas, eilimintí an chonartha atá faoi réir aisíocaíochta costais;

(c)

an buaicphraghas iomlán;

(d)

na critéir dámhachtana, lena gcaithfear a bheith in ann creatúlacht an bhuiséid fhoriomláin mheasta, na gcostas is in-aisíoctha, na sásraí chun na costais sin a chinneadh, agus an bhrabúis dá dtagraítear sa tairiscint a mheas;

(e)

meicnic an mhéadaithe dá dtagraítear i mír 1 atá le cur i bhfeidhm ar na costais dhíreacha;

(f)

na rialacha agus na nósanna imeachta lena gcinntear incháilitheacht na gcostas atá beartaithe ag an tairgeoir chun an conradh a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 5;

(g)

na rialacha cuntasaíochta nach mór do na tairgeoirí a chomhlíonadh;

(h)

i gcás conartha um aisíocaíocht pháirteach costas atá le hathrú go conradh le praghas seasta cinntitheach, na paraméadair a bhaineann le hathrú den sórt sin.

5.   Ní bheidh na costais a dhearbhóidh an tairgeoir le linn dó conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a chomhlíonadh incháilithe ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá siad tabhaithe iarbhír i rith fhad an chonartha, cé is moite de chostais an trealaimh, na mbonneagar agus na sócmhainní seasta doláimhsithe is gá chun an conradh a chomhlíonadh, nithe a fhéadfar a mheas mar incháilithe i leith iomlán a luacha ceannaigh;

(b)

tá tagairt déanta dóibh sa bhuiséad foriomlán measta a fhéadfar a athbhreithniú le leasuithe ar an gconradh tosaigh;

(c)

tá gá leo chun an conradh a chomhlíonadh;

(d)

is toradh iad ar chomhlíonadh an chonartha agus tá siad inchurtha i leith chomhlíonadh an chonartha;

(e)

is féidir iad a shainaithint agus a fhíorú, tá taifead orthu i dtaifead cuntasaíochta an chonraitheora agus tá siad cinntithe i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta dá dtagraítear sna sonraíochtaí agus sa chonradh;

(f)

comhlíonann siad forálacha an dlí chánach agus shóisialta is infheidhme;

(g)

ní mhaolaíonn siad ar théarmaí an chonartha;

(h)

tá siad réasúnta, tá údar maith leo agus comhlíonann siad ceanglais an bhainistithe fhónta airgeadais, go háirithe maidir le barainneacht agus éifeachtúlacht.

Beidh an conraitheoir freagrach as a chuntasaíocht costála féin agus as taifid fhónta chuntasaíochta a choinneáil nó as aon doiciméad eile a choinneáil is gá chun a thaispeáint gur tabhaíodh na costais a n-iarrann sé aisíocaíocht ina leith agus go gcomhlíonann siad na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo. Measfar nach incháilithe na costais nach féidir leis an gconraitheoir bunús a thabhairt leo agus diúltófar iad a aisíoc.

6.   Cuirfidh an t-údarás conarthach na cúraimí seo a leanas i gcrích d'fhonn a áirithiú go ndéantar conarthaí um aisíocaíocht costas a chomhlíonadh i gceart:

(a)

cinnfidh sé an buaicphraghas is réalaí is féidir, agus an tsolúbthacht is gá chun na rioscaí teicniúla a chur san áireamh á tabhairt ag an am céanna;

(b)

athróidh sé conradh um aisíocaíocht pháirteach costas go conradh le praghas iomlán seasta cinntitheach a luaithe is féidir praghas seasta cinntitheach den sórt sin a shocrú le linn chomhlíonadh an chonartha. Chuige sin, déanfaidh sé na paraiméadair a bhaineann leis an athrú ó chonradh um aisíocaíocht costas go conradh le praghas seasta cinntitheach a chinneadh;

(c)

cuirfidh sé bearta faireacháin agus rialaithe chun feidhme, ar bearta iad a dhéanann foráil, go háirithe, do chóras chun réamhaisnéis a dhéanamh i dtaobh an chostais mheasta;

(d)

déanfaidh sé prionsabail, uirlisí agus nósanna imeachta oiriúnacha do chur chun feidhme na gconarthaí a chinneadh, go háirithe chun incháilitheacht na gcostas a dhearbhaigh an conraitheoir nó a fhochonraitheoirí le linn chomhlíonadh an chonartha a shainaithint agus a sheiceáil, agus chun leasuithe ar an gconradh a thabhairt isteach;

(e)

seiceálfaidh sé go gcomhlíonann an conraitheoir agus a fhochonraitheoirí na caighdeáin chuntasaíochta atá sonraithe sa chonradh agus an oibleagáid doiciméid chuntasaíochta a sholáthar ar cheart dóibh léargas fíorcheart ar na cuntais a thabhairt;

(f)

déanfaidh sé a áirithiú go leanúnach, ar feadh chomhlíonadh an chonartha, éifeachtacht na bprionsabal, na n-uirlisí agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (d).

Airteagal 21

Leasuithe

Féadfaidh an t-údarás conarthach agus na conraitheoirí an conradh a athrú le leasú ar choinníoll go gcomhlíonann an leasú sin na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

ní athraíonn sé ábhar an chonartha;

(b)

ní chuireann sé as do chothromaíocht eacnamaíoch an chonartha;

(c)

ní thugann sé isteach coinníollacha, ar coinníollacha iad, dá mba rud é go raibh siad i ndoiciméid an chonartha ar dtús, a thabharfadh cead isteach do thairgeoirí seachas iad siúd ar tugadh cead isteach dóibh ar dtús nó a thabharfadh cead glacadh le tairiscint seachas an tairiscint ar glacadh léi ar dtús.

Airteagal 22

Fochonraitheoireacht

1.   Iarrfaidh an t-údarás conarthach ar an tairgeoir cuid den chonradh a ligean ar fochonradh, trí chóras tairiscintí iomaíocha ar leibhéil iomchuí fochonraitheoireachta, do chuideachtaí seachas na cuideachtaí sin lena mbaineann grúpa an tairgeora féin go háirithe d'iontrálaithe nua agus do FBManna.

2.   Sloinnfidh an t-údarás conarthach an chuid riachtanach den chonradh atá le ligean ar fochonradh i bhfoirm raoin ó íoschéatadán go huaschéatadán. Áiritheoidh sé go bhfuil céatadáin den sórt sin comhréireach le cuspóir agus le luach an chonartha, agus aird á tabhairt ar chineál na hearnála gníomhaíochta lena mbaineann, agus go háirithe, ar na dálaí iomaíocha agus ar an acmhainneacht thionsclaíoch arna mbreathnú.

3.   Má thugann an tairgeoir le fios ina thairiscint nach bhfuil sé ar intinn aige aon chuid den chonradh a roinnt nó cuid níos lú ná íosmhéid an raoin dá dtagraítear i mír 2 a ligean ar fochonradh, cuirfidh sé cúis an chinnidh sin faoi bhráid an údaráis chonarthaigh. Cuirfidh an t-údarás conarthach an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

4.   Féadfaidh an t-údarás conarthach diúltú do na fochonraitheoirí a bheidh roghnaithe ag an iarrthóir ag céim nós imeachta dámhachtana an phríomhchonartha nó a bheidh roghnaithe ag an tairgeoir ar glacadh leis do chomhlíonadh an chonartha. Tabharfaidh sé údar maith i scríbhinn leis an diúltú sin, diúltú nach féidir leis a bheith bunaithe ach ar na critéir arna n-úsáid chun tairgeoirí a roghnú don phríomhchonradh.

CAIBIDIL IV

BEARTAS SONRAÍ AGUS SLÁNDÁLA

Airteagal 23

Beartas shonraí Copernicus agus beartas fhaisnéis Copernicus

1.   Beidh na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus na cuspóirí seo a leanas á dtacú le beartas shonraí Copernicus agus beartas fhaisnéis Copernicus um ghníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Copernicus:

(a)

úsáid agus comhroinnt shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus a chur chun cinn;

(b)

neartú a dhéanamh ar mhargaí Eorpacha um fhaire na Cruinne, go háirithe san earnáil iartheachtach, d'fhonn fás agus cruthú post a chumasú;

(c)

cur le hinbhuanaitheacht agus leanúnachas maidir le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a sholáthar;

(d)

tacú leis na comhphobail Eorpacha taighde, teicneolaíochta agus nuálaíochta.

2.   Cuirfear sonraí ó mhisin thiomnaithe chomh maith le faisnéis Copernicus ar fáil trí ardáin scaipthe Copernicus, faoi choinníollacha teicniúla réamhshainithe, ar bhonn iomlán, oscailte agus saor in aisce, faoi réir na dteorainneacha seo a leanas:

(a)

coinníollacha ceadúnaithe le haghaidh sonraí agus faisnéise tríú páirtí;

(b)

formáidí, saintréithe agus modhanna scaipthe;

(c)

leasanna slándála agus caidreamh seachtrach an Aontais nó a Bhallstáit;

(d)

an riosca go gcuirfear isteach, ar chúiseanna sábháilteachta nó teicniúla, ar an gcóras lena dtáirgfear sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus;

(e)

rochtain iontaofa ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus a áirithiú le haghaidh úsáideoirí Eorpacha.

Airteagal 24

Coinníollacha agus teorainneacha a bhaineann le rochtain ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus agus lena n-úsáid

1.   Féadfaidh an Coimisiún, agus beartais sonraí agus faisnéise de chuid tríú páirtithe á n-urramú aige agus gan dochar do na rialacha ná do na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bonneagar spáis agus bonneagar in situ faoi rialú náisiúnta nó faoi rialú eagraíochtaí idirnáisiúnta, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus agus maidir le clárú agus úsáid shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus, lena n-áirítear na bealaí scaipthe;

(b)

na critéir theicniúla shonracha is gá ionas nach gcuirfear isteach ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus, lena n-áirítear tús áite maidir le rochtain;

(c)

na critéir agus na nósanna imeachta a bhaineann le srian a chur le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a fháil nó a scaipeadh i ngeall ar choinbhleacht cearta a bheith ann.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, agus beartais sonraí agus faisnéise de chuid tríú páirtithe á n-urramú aige agus gan dochar do na rialacha agus do na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bonneagar spáis agus in situ faoi rialú náisiúnta nó faoi rialú eagraíochtaí idirnáisiúnta, bearta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(4) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na sonraíochtaí teicniúla maidir le sonraí ó mhisin thiomnaithe a tharchur chuig stáisiúin ghlactha nó trí naisc thiomnaithe d'ardleithead banda chuig stáisiúin nach cuid de Copernicus iad a tharchur agus maidir lena n-úsáid;

(b)

na sonraíochtaí teicniúla chun sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a chartlannú.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na coinníollacha agus na nósanna imeachta ábhartha ceadúnaithe ar bun le haghaidh sonraí ó mhisin thiomnaithe agus fhaisnéis Copernicus, agus i ndáil le sonraí satailíte a tharchur chuig stáisiúin ghlactha nó trí naisc thiomnaithe d'ardleithead banda chuig stáisiúin nach cuid de Copernicus iad i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le cearta tríú páirtithe is infheidhme.

Airteagal 25

Leasanna slándála a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chreat slándála Copernicus, agus na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 á gcur san áireamh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le bearta slándála, ar bearta iad a cheapfar chun aon rioscaí nó bagairtí do leasanna nó do shlándáil an Aontais nó dá Bhallstáit a sheachaint, go háirithe d'fhonn comhlántacht a áirithiú leis na prionsabail a leagtar amach i gCinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom agus i gCinneadh 2013/488/AE.

2.   Ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraíochtaí teicniúla slándála a bheidh riachtanach do Copernicus. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(4).

3.   Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe neamhspleácha ó na Ballstáit d'fhonn sonraíochtaí teicniúla an chreata slándála dá dtagraítear i mír 2 a shainmhíniú.

4.   D'ainneoin mhír 2, glacfaidh an Chomhairle na bearta a bheidh le déanamh, tráth ar bith a d'fhéadfadh sonraí agus faisnéis a chuirfear ar fáil le Copernicus dochar a dhéanamh do shlándáil an Aontais nó dá Bhallstáit.

5.   Má ghintear nó má láimhseáiltear faisnéis rúnaicmithe AE laistigh de Copernicus, áiritheoidh gach rannpháirtí méid cosanta a bheidh coibhéiseach leis an gcosaint dá bhforáiltear leis na rialacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom agus sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE.

CAIBIDIL V

ILGHNÉITHEACH

Airteagal 26

Comhar idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh na tíortha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas páirt a ghlacadh in Copernicus, ar bhonn comhaontuithe iomchuí:

(a)

tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar Páirtithe Conarthacha iad den Chomhaontú LEE i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú LEE;

(b)

tíortha is iarrthóirí, chomh maith le tíortha is iarrthóirí féideartha i gcomhréir leis na Comhaontuithe Réime faoi seach nó i gcomhréir le Prótacal a ghabhann le Comhaontú Comhlachais lena mbunaítear na prionsabail ghinearálta agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais;

(c)

Cónaidhm na hEilvéise, tríú tíortha eile nach dtagraítear dóibh i bpointe (a) ná i bpointe (b), agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le comhaontuithe arna gcur i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin de bhun Airteagal 218 CFAE, lena leagtar síos na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe maidir lena rannpháirtíocht.

2.   Féadfaidh na tíortha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1 tacaíocht airgeadais nó rannchuidiú comhchineáil a sholáthar do Copernicus. Glacfar leis an tacaíocht airgeadais sin agus leis na ranníocaíochtaí sin mar ioncam sannta seachtrach, i gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Rialachán Airgeadais agus beidh siad inghlactha faoi théarmaí agus faoi choinníollacha an chomhaontaithe arna chur i gcrích leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta faoi seach.

3.   Le Copernicus féadfar aghaidh a thabhairt ar chomhordú idirnáisiúnta a dhéanamh ar chórais um breathnóireacht agus ar mhalartuithe sonraí atá gaolmhar leis d'fhonn an diminsean domhanda agus a chomhlántacht a neartú agus na comhaontuithe idirnáisiúnta agus na próisis chomhordúcháin atá ann cheana á gcur san áireamh.

Airteagal 27

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh leasanna airgeadais an Aontais á gcosaint, i gcás ina gcuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Copernicus chun feidhme, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha, agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an mball, ar gach uile thairbhí deontais, gach conraitheoir agus gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoi Copernicus.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an mball i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (15) d'fhonn a shuí ar tharla aon chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh deifir do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais, nó i ndáil le conradh arna chistiú faoi Copernicus.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a éireoidh as Copernicus a chur chun feidhme, beidh forálacha lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchóireachtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí féin.

Airteagal 28

Úinéireacht

1.   Is é an tAontas a bheidh ina úinéir ar gach sócmhainn inláimhsithe agus doláimhsithe a chruthófar nó a fhorbrófar faoi Copernicus. Chuige sin, tabharfar comhaontuithe i gcrích le tríú páirtithe, nuair is iomchuí, maidir le cearta úinéireachta atá ann cheana.

2.   Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le haistriú úinéireachta chuig an Aontas a leagan síos sna comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún, trí chreat iomchuí, go mbainfear an úsáid is fearr as na sócmhainní dá dtagraítear san Airteagal seo; bainisteoidh sé, go háirithe, na cearta maoine intleachtúla a bhaineann le Copernicus ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, agus cuirfidh sé san áireamh an gá a bheidh le cosaint agus luacháil a thabhairt do chearta maoine intleachtúla an Aontais, leasanna na ngeallsealbhóirí uile agus an gá a bheidh leis na margaí agus na nuatheicneolaíochtaí a fhorbairt go comhchuí agus an gá a bheidh le leanúnachas seirbhísí. Chuige sin, déanfaidh sé a áirithiú go n-áiritheofar sna conarthaí a dhéanfar, faoi Copernicus, an fhéidearthacht cearta maoine intleachtúla a thiocfaidh as obair a dhéanfar faoi Copernicus a aistriú nó a cheadúnú.

Airteagal 29

Cúnamh don Choimisiún

Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe neamhspleácha ó réimsí éagsúla a bheidh gaolmhar le raon chlár Copernicus, as measc teaglaim leathan geallsealbhóirí, lena n-áirítear ionadaithe ar úsáideoirí Copernicus agus eintitis náisiúnta a bheidh freagrach as an spás, chun an saineolas teicniúil agus eolaíoch is gá a chur ar fáil dó, chomh maith le peirspíochtaí idirdhisciplíneacha agus trasearnálacha, agus tionscnaimh ábhartha atá ar bun cheana ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh.

Airteagal 30

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (Coiste Copernicus) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Tiocfaidh Coiste Copernicus le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha go háirithe maidir le gnéithe slándála (an “Bord Slándála”).

2.   Déanfaidh Coiste Copernicus “Fóram na nÚsáideoirí” a bhunú mar mheitheal chun comhairle a chur ar Choiste Copernicus i dtaobh gnéithe éagsúla de riachtanais na n-úsáideoirí, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.

3.   Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

5.   Beidh ionadaithe na n-eintiteas a bhfuil cúraimí Copernicus curtha de chúram orthu rannpháirteach, más iomchuí, mar bhreathnóirí in obair Choiste Copernicus faoi na coinníollacha a leagfar síos ina rialacha nós imeachta.

6.   Féadfar foráil a dhéanamh leis na comhaontuithe a thabharfaidh an tAontas i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 26, maidir le rannpháirtíocht ionadaithe tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, más iomchuí, in obair Choiste Copernicus faoi na coinníollacha a leagfar síos ina rialacha nós imeachta.

7.   Tiocfaidh Coiste Copernicus le chéile go rialta, ar bhonn ráithiúil, más féidir. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil ag gach cruinniú maidir le dul chun cinn Copernicus. Sna tuarascálacha sin, tabharfar forléargas ginearálta ar stádas agus forbairtí Copernicus, go háirithe i dtéarmaí bainistíochta riosca, costas, sceidil, feidhmíochta, soláthair, agus comhairle ábhartha a chuirfear ar fáil don Choimisiún.

Airteagal 31

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(7) agus Airteagal 24(1) fad a leanfaidh ré Copernicus.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(7) agus in Airteagal 24(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(7) agus Airteagal 24(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 32

Meastóireacht

1.   Faoin 31 Nollaig 2017, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta le chéile ar bhaint amach chuspóirí na gcúraimí uile arna maoiniú le Copernicus ar leibhéal a dtorthaí agus a dtionchar, ar a mbreisluach Eorpach agus ar a éifeachtúla a úsáideadh na hacmhainní. Díreofar go háirithe sa mheastóireacht ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí go léir, chomh maith lena mhéid a chuir na bearta leis na cuspóirí a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 4, feidhmiú an struchtúir eagrúcháin agus raon feidhme na seirbhísí as a mbaineadh úsáid. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht measúnú ar rannpháirtíocht na ngníomhaireachtaí Eorpacha ábhartha a d'fhéadfadh a bheith ann (lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS) agus más iomchuí beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leis.

Go háirithe, measfar sa mheastóireacht éifeacht bheartas shonraí Copernicus agus bheartas fhaisnéis Copernicus, ar gheallsealbhóirí agus ar úsáideoirí iartheachtacha, agus a thionchar ar ghnó agus ar infheistíochtaí náisiúnta agus príobháideacha i mbonneagair de chuid fhaire na Cruinne.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí agus le húsáideoirí Copernicus, agus déanfaidh sé imscrúdú ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht Copernicus agus ar a mhéid a chuireann sé leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4. Cuirfidh an Coimisiún toradh na meastóireachtaí sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún, agus déanfaidh sé bearta iomchuí a mholadh, i gcás inarb iomchuí.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, cibé uair is gá, cúnamh a fháil ó aonáin neamhspleácha, tabhairt faoi mheastóireacht ar na modhanna le tionscadail a chur i gcrích chomh maith leis an tionchar a bhíonn ag a gcur chun feidhme, d'fhonn a mheas ar baineadh amach na cuspóirí, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le cosaint an chomhshaoil.

4.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Bhallstát meastóireacht shonrach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí agus ar na tionscadail nasctha atá á maoiniú faoin Rialachán seo nó, nuair is cuí, í a sholáthar in éineacht leis an bhfaisnéis agus an cúnamh is gá chun tabhairt faoi mheastóireacht ar na tionscadail sin.

Airteagal 33

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010.

2.   Aon bheart a rinneadh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 911/2010, leanfaidh sé de bheith bailí.

3.   Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 911/2010, arna aisghairm, a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 3 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Tuairim an 16 Deireadh Fómhair 2013.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 24 Márta 2014.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir leis an gclár Eorpach um fhaire na Cruinne (GMES) agus lena oibríochtaí tosaigh (2011-2013) (IO L 276, 20.10.2010, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(5)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(6)  Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1159/2013 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2013 lena forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clár Eorpach um fhaireachán na Cruinne (GMES) trí choinníollacha cláraithe agus ceadúnaithe a bhunú d'úsáideoirí GMES agus trí chritéir i dtaca le rochtain ar shonraí tiomanta GMES agus ar fhaisnéis faoi sheirbhís GMES a shainiú (IO L 309, 19.11.2013, lch. 1).

(10)  Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta inmheánacha (IO L 317, 3.12.2001, lch. 1).

(11)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 33

Rialachán (AE) Uimh. 911/2010

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2, 5, 6 agus 7

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4, 9, 10, 11, 13 agus 26

Airteagal 5

Airteagal 5, 9, 11 agus 13

Airteagal 6

Airteagal 14 go hAirteagal 22

Airteagal 7

Airteagal 9 agus Airteagal 26

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 25

Airteagal 10

Airteagal 24 agus Airteagal 31

Airteagal 11

Airteagal 31

Airteagal 12

Airteagal 31

Airteagal 13

Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 25

Airteagal 14

Airteagal 4 agus Airteagal 32

Airteagal 15

Airteagal 9 agus Airteagal 12

Airteagal 16

Airteagal 30

Airteagal 17

Airteagal 30

Airteagal 18

Airteagal 27

Airteagal 19

Airteagal 34

Iarscríbhinn

Airteagal 4