20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

38


RIALACHÁN (AE) Uimh. 253/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 maidir leis na rialacha mionsonraithe a shainiú chun an sprioc 2020 a bhaint amach maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma nua a laghdú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha mionsonraithe maidir leis an sprioc 147 g CO2/km a bhaint amach faoi 2020, faoi réir a indéantachta a dhaingniú, lena n-áirítear na foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 11. Is iomchuí go bhfuil an Rialachán seo chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de, cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.

(2)

I bhfianaise an naisc idir astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla, d’fhéadfaí freisin, trí rialacha mionsonraithe a shainiú maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma a laghdú, cuidiú le hídiú breosla agus na costais ábhartha a laghdú d’úinéirí na bhfeithiclí sin ar bhealach costéifeachtach.

(3)

Is iomchuí soiléiriú a dhéanamh, d’fhonn comhlíonadh na sprice 147 g CO2/km a fhíorú, gur cheart leanúint le hastaíochtaí CO2 a thomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus a bhearta cur chun feidhme, agus le teicneolaíochtaí nuálacha.

(4)

De réir na hanailíse teicniúla a rinneadh don mheasúnú tionchair, tá na teicneolaíochtaí chun an sprioc 147 g CO2/km a chomhlíonadh ar fáil agus d’fhéadfaí na laghduithe atá de dhíth a bhaint amach ag costas níos ísle ná mar a bhí measta san anailís a rinneadh roimhe seo sular glacadh an Rialachán (AE) Uimh. 510/2011. Chomh maith leis sin, tá laghdú tagtha freisin ar an difríocht idir na meánastaíochtaí CO2 reatha a bhaineann go sonrach le feithiclí tráchtála éadroma nua agus an sprioc de 147 g CO2/km. Dá bhrí sin, tá sé dearbhaithe go bhfuil sé indéanta é sin a bhaint amach faoi 2020.

(5)

Mar aitheantas ar an tionchar díréireach ar na monaróirí is lú a eascraíonn as comhlíonadh na spriocanna sonracha astaíochta a shainmhínítear ar bhonn áirgiúlacht na feithicle, ar ualach mór riaracháin an nós imeachta maolaithe agus ar a laghad a baineadh d’astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí a dhíolann na monaróirí seo, ba cheart monaróirí atá freagrach as níos lú ná 1 000 feithicil tráchtála éadrom nua in aghaidh na bliana, a chláraítear san Aontas go bliantúil, a eisiamh ó raon feidhme na sprice maidir le hastaíochtaí sonracha agus ó phréimh na n-astaíochtaí iomarcacha.

(6)

Ba cheart go ndéanfaí simpliú ar an nós imeachta le haghaidh maolú a dheonú do mhonaróirí ísealtáirgeachta le go mbeidh níos mó solúbthachta ann maidir le cathain a bhfuil iarratas ar maolú le tíolacadh ag monaróirí den sórt sin agus cathain a bhfuil an Coimisiún le maolú den sórt sin a dheonú.

(7)

Le go mbeidh tionscal na ngluaisteán in ann tabhairt faoi infheistíocht agus faoi nuálaíocht go fadtéarmach, is rud inmhianaithe é tásca a thabhairt maidir le conas gur cheart Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a leasú don tréimhse tar éis 2020. Ba cheart do na tásca sin bheith bunaithe ar mheasúnú ar an ráta laghdaithe is gá i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais agus ar na himpleachtaí maidir le teicneolaíocht chost-éifeachtúil do laghdú CO2 a fhorbairt d’fheithiclí tráchtála éadroma. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den sórt sin faoi 2015 agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí an athbhreithnithe sin. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil sin, más iomchuí, tograí le haghaidh leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 maidir le spriocanna astaíochta CO2 a bhunú le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma nua don tréimhse tar éis 2020, lena n-áirítear tograí i dtaca leis an deis a d’fhéadfadh a bheith ann sprioc réalaíoch agus indéanta a leagan síos do 2025, bunaithe ar mheasúnú dearfach tionchair lena ndéanfaí iomaíochas leanúnach thionscal na ngluaisteán a mheas agus na tionscail a bhraitheann air, agus conair shoiléir laghdaithe astaíochtaí á saothrú i gcomhthráth i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais. Agus na tograí sin á ndréachtú aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh siad chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de agus go mbeidh siad cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.

(8)

Is codanna sonracha den lorg foriomlán carbóin atá mar thoradh ar iompair de bhóthar faoi láthair astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le soláthar fuinnimh agus déantús feithiclí agus is dócha go mbainfidh tábhacht mhéadaithe shonrach leo amach anseo. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí gníomh beartais chun cuidiú le monaróirí na réitigh is fearr is féidir a bhaint amach lena gcuirfí san áireamh, go háirithe, astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le gineadh fuinneamh a sholáthraítear d’fheithiclí, amhail leictreachas agus breoslaí malartacha, agus ba cheart a áirithiú nach ndéanfaidh na hastaíochtaí réamhtheachtacha sin dochar do na tairbhí a bhainfeadh leis an úsáid fheabhsaithe d’fhuinneamh oibríochtúil ag feithiclí, rud is aidhm do Rialachán (AE) Uimh. 510/2011.

(9)

De bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011, tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún tuarascáil a fhoilsiú maidir leis an teacht atá ar shonraí maidir leis an lorg agus an bpálasta agus maidir le húsáid a bhaint astu mar pharaiméadair áirgiúlachta maidir le spriocanna astaíochtaí CO2 i Rialachán 510/2011 mar atá curtha in iúl sna foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011. Cé go bhfuil na sonraí sin ar fáil agus go bhfuil measúnú déanta sa mheasúnú tionchair ar an úsáid ab fhéidir a bhaint astu, táthar den tuairim go bhfuil sé níos éifeachtúla ó thaobh costais de mais in ord reatha a choinneáil mar pharaiméadar áirgiúlachta don sprioc 2020 le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma.

(10)

Is iomchuí an cur chuige maidir leis an sprioc a shocrú bunaithe ar gaol líneach idir áirgiúlacht na feithicle tráchtála éadroime agus a sprioc maidir le hastaíochtaí CO2 mar a léirítear é sna foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a choinneáil, i ngeall is go bhfágann sé seo go mbeifear in ann éagsúlacht a choinneáil i margadh na bhfeithiclí tráchtála éadroma agus go mbeidh ar chumas na monaróirí dul i ngleic le riachtanais dhifriúla na gcustaiméirí, nach mbeidh saobhadh iomaíochta nach bhfuil call leis ann dá bharr. Is iomchuí áfach an cur chuige sin a nuashonrú chun léiriú a thabhairt ar na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir le líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a cláraíodh.

(11)

Ina mheasúnú tionchair, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar an teacht atá ar shonraí loirg agus ar úsáid an loirg mar pharaiméadair fhóntais i bhfoirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011. Ar bhonn an mheasúnaithe sin tá an Coimisiún den tuairim gurb é an mhais an paraiméadar fóntais is ceart a úsáid san fhoirmle 2020.

(12)

Faoi Rialachán (AE) Uimh. 43/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) tá sé ina cheangal ar an gCoimisiún tabhairt faoi mheasúnú tionchair ar mhaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta tástála d’fhonn léiriú leordhóthanach a thabhairt ar na hastaíochtaí CO2 a thugann gluaisteáin uathu i ndáiríre. Le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 leathnaítear an athbhreithniú a dhéantar ar nósanna imeachta tástálacha chun feithiclí tráchtála éadroma a áirithiú. Is gá leasú a dhéanamh ar an “Sraith Nua Eorpach Tiomána” (NEDC) atá in úsáid faoi láthair, chun cur in iúl na ndálaí tiomána iarbhír a áirithiú léi agus chun measúnú astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla faoina gcumas a sheachaint. Ba cheart nós imeachta nua a bheidh níos réadúla agus níos iontaofa a chomhaontú a luaithe is féidir. Tá an obair chuige sin idir lámha leis an bhforbairt atá á déanamh ar nós imeachta tástála feithiclí éadroim domhanda comhchuibhithe (WLTP) faoi chuimsiú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ach tá clabhsúr le cur uirthi fós. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear astaíochtaí sonracha CO2 a shanntar do ghluaisteáin nua phaisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua níos fearr i gcomhréir leis na hastaíochtaí iarbhír a ghintear faoi dhálaí gnáthúsáide ba cheart WLTP a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir. I bhfianaise an méid sin, bunaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 uasteorainneacha astaíochtaí le haghaidh 2020 mar a thomhaistear iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus le hIarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (6). Nuair a leasófar na nósanna imeachta tástála, ba cheart na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a choigeartú lena áirithiú go mbeidh an ghéire chéanna i bhfeidhm ar mhonaróirí agus ar aicmí feithiclí. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún staidéar láidir comhghaoil a dhéanamh ar NEDC agus ar na sraitheanna nua tástála WLTP chun go n-áiritheofaí go gcuirtear in iúl léi sin na dálaí tiomána iarbhír.

(13)

D’fhonn a áirithiú go léireofar fíorastaíochtaí go leordhóthanach agus gurb inchomparáide go hiomlán na luachanna tomhaiste CO2, ba cheart don Choimisiún a áirithiú, ionas nach mbeidh na monaróirí in ann leas a bhaint as solúbthacht i dtimthriall na tástála, go ndéanfar sainmhíniú beacht ar na gnéithe sin den nós imeachta tástála a mbíonn tionchar sonrach acu ar astaíochtaí CO2 tomhaiste. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na diallais idir luachanna astaíochta cineálcheadaithe CO2 agus na hastaíochtaí a thig as feithiclí a chuirtear ar díol, lena n-áirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar nós imeachta comhlíonta a thabhairt isteach d’fheithiclí atá i seirbhís, lenar féidir a áirithiú go ndéanfar tástáil neamhspleách ar shampla ionadaíoch feithiclí, agus trí mhachnamh a dhéanamh freisin ar na bealaí chun aghaidh a thabhairt ar chásanna lena léirítear difríochtaí sonracha idir astaíocht CO2 suirbhé agus astaíochtaí chéad cineálcheadaithe CO2.

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon sainmhíniú a dhéanamh ar na rialacha mionsonraithe i dtaca le sprioc 2020 maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma nua, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach é san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ó 2020 ar aghaidh, socraítear sprioc de 147 g CO2/km sa Rialachán seo do mheánastaíochtaí na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear san Aontas arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus a bhearta cur chun feidhme, agus i gcomhréir lena theicneolaíochtaí nuálacha.’.

(2)

in Airteagal 2, cuirtear mír 4 seo a leanas isteach:

‘4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4, Airteagal 8(4)(b) agus (c), Airteagal 9 ná Airteagal 10(1)(a) agus (c) i leith monaróra atá, in éineacht leis na gnóthais uile atá nasctha leis, freagrach as níos lú ná 1 000 feithicil tráchtála éadrom nua a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin.’.

(3)

in Airteagal 11(3), scriostar an abairt dheireanach.

(4)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Cuirfear faoi chaibidil coigiltis CO2 a baineadh amach trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha nó as cumasc de theicneolaíochtaí nuálacha (“pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha”) i gcás go gcuireann soláthraí nó monaróir iarratas isteach air sin.

Féadfaidh suas le 7 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 monaróra.’;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún forálacha sonracha trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme le haghaidh nós imeachta chun na teicneolaíochtaí nuálacha nó na pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha dá dtagraítear i mír 1 a cheadú, faoin 31 Nollaig 2012. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo. Beidh na forálacha mionsonraithe sin i gcomhréir leis na forálacha arna mbunú faoi Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, agus beidh siad bunaithe ar na critéir seo a leanas le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha:’.

(5)

Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna sonracha astaíochta agus na rialacha mionsonraithe atá leagtha amach ann chomh maith le gnéithe eile den Rialachán seo d’fhonn spriocanna astaíochtaí CO2 a bhunú le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma nua don tréimhse tar éis 2020. Ar mhaithe le sin, beidh an measúnú ar an ráta laghdaithe is gá i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais agus leis na himpleachtaí maidir le teicneolaíocht chostéifeachtach do laghdú CO2 a fhorbairt do fheithiclí tráchtála éadroma. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus beidh toradh an athbhreithnithe sin inti. Áireofar san tuarascáil sin aon tograí iomchuí le haghaidh leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo, lena n-áirítear an deis a d’fhéadfadh a bheith ann sprioc réalaíoch agus indéanta a leagan síos, bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach tionchair lena ndéanfar iomaíochas leanúnach thionscal na bhfeithiclí tráchtála éadroma a mheas agus na tionscail a bhraitheann air. Agus tograí den sórt sin á bhforbairt aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de agus go mbeidh siad cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.’;

(b)

leasaítear mír 6 mar seo a leanas:

(i)

scriostar an dara fomhír;

(ii)

cuirtear an dá fomhír a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

‘Cinnfidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na paraiméadair chomhghaoil a mbeidh gá leo chun go léireofar aon athrú sa nós imeachta rialála le haghaidh na n-astaíochtaí sonracha dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (7) a thomhas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligean a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15, agus, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, chun na foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a chur in oiriúint, ag baint leasa as an modheolaíocht a glacadh de bhun na chéad míre, agus áiritheoidh sé i gcomhthráth go gceanglófar ceanglais laghdaithe, faoi na nósanna imeachta tástála idir sean is nua, ar ceanglais iad a bheidh ar chomhdhéine le haghaidh monaróirí agus le haghaidh feithiclí a mbaintear úsáid éagsúil astu.

(6)

In Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   I gcás nach dtugann an coiste dá dtagraítear i mír 1 aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’.

(7)

I bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo isteach:

‘(c)

ó 2020:

Formula

más rud é:

M

=

mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0

=

an luach arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(5)

a

=

0,096.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 44, 15.2.2013, lch. 109.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Feabhra 2014.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 692/2008 an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear i bhfeidhm agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).’.