15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

95


RIALACHÁN (AE) Uimh. 236/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid a leanas:

(1)

Ba cheart don Aontas Eorpach sraith chuimsitheach ionstraimí a ghlacadh chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú ina gcuimseofar réimse beartas a bhaineann le gníomhaíocht den sórt sin, ar gá rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh a gcur chun feidhme. Is iad na hionstraimí sin chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú don tréimhse ó 2014 go 2020: an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (“DCI”), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (“EIDHR”) arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (“IEC”) arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), an Ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le Síocháin arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“ICR II”) arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh tríú tíortha arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (dá ngairtear “na hIonstraimí” le chéile agus “an Ionstraim” go leithleach anseo feasta).

(2)

Ba cheart go mbeadh rialacha agus na nósanna imeachta coiteanna comhsheasmhach leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena n-áirítear na rialacha comhfhreagracha a ghlacann an Coimisiún (10) chun an Rialachán sin a chur chun feidhme.

(3)

Foráiltear leis na hIonstraimí, go ginearálta, gur cheart go mbeadh gníomhaíochtaí a bheidh le cistiú ar a mbonn siúd, ina n-ábhar dó chlársceidealú ilbhliantúil táscach, ina gcuirfear an creat ar fáil ar cheart cinntí maoinithe a ghlacadh faoina chuimsiú i gcomhréir lei Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (11).

(4)

Ba cheart go mbeadh cinntí maoinithe i bhfoirm clár gníomhaíochta bliantúil nó ilbhliantúil agus beart aonair agus an phleanáil dá bhforáiltear leis an gclársceidealú ilbhliantúil táscach á leanúint, i bhfoirm beart speisialta i gcás ina mbeidh gá leo de bharr riachtanas nó cúinsí gan choinne agus a mbeidh bonn cirt cuí leo, agus i bhfoirm Beart Tacaíochta. Féadfar Bearta Tacaíochta a ghlacadh mar chuid de chlár bliantúil nó ilbhliantúil gníomhaíochta nó taobh amuigh de raon feidhme dhoiciméid chlársceidealaithe tháscacha.

(5)

Leis na cinntí maidir le maoiniú, ba cheart a áireamh, in iarscríbhinn, tuairisc ar gach gníomhaíocht, ina sonraítear a cuspóirí, a príomhghníomhaíochtaí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na modhanna cur chun feidhme, a buiséad agus a tráthchlár táscach, aon bhearta tacaíochta a bhaineann léi agus aon socruithe maidir le faireachán ar fheidhmíocht, agus ba cheart iad a fhormheas i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(6)

Agus aird á tabhairt ar chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin ó thaobh clársceidealú beartas nó forghníomhú airgeadais, agus go háirithe ar a n-impleachtaí buiséadacha, ba cheart, go ginearálta, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin le haghaidh beart aonair agus speisialta atá faoi bhun tairseacha réamhshainithe. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh láithreach i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo a bhaineann leis an ngá le freagairt mhear ón Aontas, i gcás inar gá sin ar mhórchúiseanna práinne. Ba cheart an méid sin a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(7)

Maidir leis na hIonstraimí a chur chun feidhme, i gcás ina gcuirfear bainistiú na hoibríochta de chúram ar idirghabhálaí airgeadais, ba cheart go gcuimseodh cinneadh an Choimisiúin go háirithe forálacha a bhaineann le roinnt riosca, le trédhearcacht, le luach saothair don idirghabhálaí atá freagrach as an gcur chun feidhme, le húsáid agus le hathúsáid cistí, na smbrabús féideartha, agus leis na hoibleagáidí tuairiscithe agus leis na sásraí rialaithe, agus forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 á gcur san áireamh.

(8)

Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir Ionstraimí an Aontais don ghníomhaíocht sheachtraach, agus trí shineirgí a chruthú idir na hIonstraimí agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith i gceist leis an méid seo freisin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoi na hIonstraimí, agus, i gcás inarb iomchuí,úsáid ionstraimí airgeadais a bhfuil éifeacht luamhánaithe acu.

(9)

Ba cheart, de bhun Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta le bunú ar na prionsabail a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an méadú a tháinig air, prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

(10)

I gcomhréir leis na gealltanais a thug an tAontas ag an 3ú agus an 4ú Fóram Ardleibhéil maidir le hÉifeachtacht Cabhrach (Accra 2008 agus Busan 2011), agus leis an moladh ó Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (“OECD-DAC”) maidir le cúnamh oifigiúil forbartha a dhícheangal do na Tíortha is Lú Forbartha agus na Tíortha Bochta a bhfuil Fiachais Ollmhóra orthu, ba cheart don Choimisiún cabhair ón Aontas a neamhcheangal a mhéid is féidir, lena n-áirítear i gcás sásraí nuálacha maoiniúcháin, agus rannpháirtíocht na n-eintiteas ó thíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn i nósanna imeachta ina mbronntar conarthaí.

(11)

D'fhonn a áirithiú gur infheicthe a bheidh cúnamh ón Aontas do shaoránaigh na dtíortha is tairbhithe agus do shaoránaigh an Aontais, ba cheart go mbeadh, i gcás inarb iomchuí, cumarsáid spriocdhírithe agus faisnéis spriocdhírithe ann trí mhodhanna leordhóthanacha.

(12)

Le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais faoi na hIonstraimí, ba cheart go rannchuideofaí le torthaí soiléire (lena gcumhdófar aschur, torthaí agus tionchair) i dtíortha a thairbheoidh de chúnamh airgeadais seachtrach ón Aontas. Aon uair a bheidh sé indéanta agus iomchuí, ba cheart faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus ar éifeachtúlacht Ionstraime) ar leith ar bhonn táscairí atá réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, i gcás inarb iomchuí, a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus atá intomhaiste, agus iad curtha in oiriúint do shonraíochtaí agus do chuspóirí na hIonstraime lena mbaineann.

(13)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, gnóthú cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis. Ba cheart na bearta sin a chur i gcrích i gcomhréir leis na comhaontuithe is infheidhme a thugtar i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha.

(14)

Ba cheart foráil a dhéanamh do mhodhanna maoinithe, do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, do rialacha maidir le náisiúntacht agus le tionscnamh, do mheastóireacht ar na gníomhaíochtaí, do thuairisciú agus d'athscrúdú agus do mheastóireacht na nIonstraimí.

(15)

Gan dochar do na sásraí comhair a forbraíodh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar gach leibhéal i gcomhréir le hAirteagal 11 CAE, beidh ról suntasach ag geallsealbhóirí na dtíortha is tairbhithe, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla maidir le beartas seachtrach an Aontais. Le linn an phróisis cur chun feidhme, go háirithe ullmhú agus cur chun feidhme na mbeart a rinneadh faoin Rialachán seo agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta sin, tá sé tábhachtach dul i gcomhairlego cuí leis na geallsealbhóirí sin lena áirithiú chun go mbeidh ról bríoch acu sa phróiseas agus chun go measfar a sainiúlachtaí ar bhealach cuí.

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 208, Airteagal 209 (3) agus Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus faoi na téarmaí a leagtar síos i reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus i gCinneadh Uimh. 1080/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), rannchuidíonn BEI le cur chun feidhme na mbeart atá riachtanach le cur le cuspóirí forbartha an Aontais agus le beartais sheachtracha eile, agus déanann sé idirghabháil mar chomhlánú ar ionstraimí an Aontais don ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart deiseanna a thapú le maoiniú BEI a chomhcheangal le hacmhainní buiséadacha an Aontais. Téitear i gcomhairle le BEI i bpróiseas clársceidealaithe an Aontais i gcás inarb iomchuí.

(17)

Oibríonn eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí forbartha go rialta i gcomhar le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha mar chomhpháirtithe cur chun feidhme agus féadfaidh sé go ndéanfar r tascanna cur chun feidhme buiséid a chur de chúram orthu i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo. De mhaolú ar phointe (c) d'Airteagal 58 (1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo chun go bhféadfar cúraimí den sórt sin a chur de chúram ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha faoi choinníollacha a bheidh coibhéiseach leis na cinn a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCoimisiún.

(18)

D'fhonn feabhas a chur ar an úinéireacht atá ag na tíortha comhpháirtíochta ar a bpróisis fhorbartha agus ar inbhuanaitheacht na cabhrach seachtraí agus i gcomhréir leis na gealltanais idirnáisiúnta maidir le héifeachtach cabhrach a thug an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta, ba cheart don Aontas, i gcás inarb iomchuí i bhfianaise chineál na gníomhaíochta lena mbaineann, úsáid institiúidí, córas agus nósanna imeachta dílse na dtíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn.

(19)

I gcomhréir leis an gComhdhearcadh Eorpach maidir leis an bhForbairt agus leis an gclár oibre náisiúnta maidir le héifeachtacht cabhrach, agus mar a chuirtear in iúl leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2011 maidir lena bhfuil i ndán do thacaíocht bhuiséadach do thíortha atá i mbéal forbartha, leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal “Tionchar Bheartas AE a mhéadú — Clár Oibre le haghaidh Athraithe”, agus na Conclúidí ón gComhairle i ndáil le “Cur Chuige Amach Anseo maidir le Tacaíocht Bhuiséadach AE do Thríú Tíortha” an 14 Bealtaine 2012, tá leas éifeachtach le baint as an tacaíocht bhuiséadach chun tacú leis an mbochtaineacht a laghdú agus chun tacú le húsáid a bhaint as córais na dtíortha, déanfar an chabhair níos intuartha agus neartófar an úinéireacht atá ag tíortha comhpháirtíochta ar bheartais agus ar athchóirithe maidir leis an bhforbairt. Ba cheart go mbeadh eisíocaíochtaí na dtráinsí buiséadacha a thuartar ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir leis na cuspóirí a chomhaontófar le tíortha comhpháirtíochta. Ba cheart don tAontas tacú le forbairt an rialaithe pharlaimintigh, acmhainní iniúchta, trédhearcacht agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis i dtíortha a thairbhíonn ó chúnamh airgeadais den chineál sin ón Aontas.

(20)

Féadfar gníomhaíocht Aontais a chur chun feidhme lena ndírítear ar phrionsabail an daonlathais a chur ar aghaidh agus ar dhaonlathú a neartú, inter alia, trí thacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis na hinstitiúidí neamhspleácha atá gníomhach sa réimse sin amhail an Dearlaic Eorpach don Daonlathas.

(21)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(22)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (13). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar agus prionsabail

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha agus na dálaí chun go gcuirfeadh an tAontas cúnamh airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear cláir ghníomhaíochta agus bearta eile, faoi na hionstraimí seo a leanas i chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú don tréimhse ó 2014 go 2020: an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (“ICF”), an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (“EIDHR”), an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (“IEC”), an Ionstraim chun cur le Cobhsaíocht agus le Síocháin, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“ICR II”) agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh tríú tíortha, dá ngairtear “na hIonstraimí” le cheile agus “an Ionstraim” go leithleach anseo feasta.

Chun críoch an Rialacháin seo, áirítear críocha agus réigiúin sa téarma “tíortha”, de réir mar is iomchuí.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí lena maoinítear clár Erasmus + faoi Rialachán (AE) Uimh. 233/2014, faoi Rialachán (AE) Uimh. 232/2014, faoi Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 234/2014. Cuirfear na gníomhaíochtaí sin chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), bunaithe ar dhoiciméid an chlársceidealaithe tháscaigh dá dtagraítear san Ionstraim is infheidhme, agus an chomhréireacht á háirithiú ag an am céanna leis na Rialacháin sin.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear gníomhaíochtaí chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí na hIonstraime is infheidhme agus i gcomhréir le cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais. Beidh an cúnamh airgeadais ón Aontas a chuirfear ar fáil ar bhonn na nIonstraimí comhsheasmhach leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, lena gcuirtear an creat bunúsach airgeadais agus dlí ar fáil le haghaidh a gcur chun feidhme.

4.   Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, úsáidfidh an Coimisiún na modhanna cur chun feidhme is éifeachtaí agus is éifeachtúla. Tabharfaidh an Coimisiún tús áite freisin d'úsáid na nósanna imeachta is simplí, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, i bhfianaise chineál na gníomhaíochta.

5.   Agus mír 4 á cur san áireamh, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, beidh an Coimisiún i bhfábhar córais tíortha comhpháirtíochta a úsáid nuair is féidir agus inarb iomchuí i bhfianaise chineál na gníomhaíochta.

6.   Beidh sé mar aidhm ag an Aontas prionsabail an daonlathais, an smacht reachta, urraaim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha ar a bhfuil sé bunaithe a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, bunaithe ar an idirphlé agus ar an gcomhar le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta, i gcás inarb iomchuí. Déanfaidh an tAontas na prionsabail sin a chomhdhlúthú i gcur chun feidhme na nIonstraimí.

Airteagal 2

Cláir ghníomhaíochta, bearta aonair agus bearta speisialta a ghlacadh

1.   Glacfaidh an Coimisiún cláir ghníomhaíochta bhliantúla, bunaithe ar dhoiciméid an chlársceidealaithe tháscaigh dá dtagraítear san Ionstraim ábhartha, i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh an Coimisiún cláir ghníomhaíochta ilbhliantúla a ghlacadh freisin i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

Sonrófar sna cláir ghníomhaíochta na cuspóirí a bheidh le saothrú, na torthaí a mbeifear ag súil leo, na príomhghníomhaíochtaí, na modhanna cur chun feidhme, an buiséad agus an t-amchlár táscach, aon bhearta tacaíochta a bhaineann leo agus socruithe faireacháin ar fheidhmíocht.

Nuair is gá, féadfar gníomhaíocht a ghlacadh mar bheart aonair sara nglacfar na cláir ghníomhaíochta bhliantúla nó na cláir ghníomhaíochta ilbhliantúla nó ina dhiaidh sin.

I gcás riachtanas nó dálaí gan choinne agus a mbeidh bonn cirt cuí leo, agus nuair nach féidir iad a mhaoiniú ó fhoinsí níos iomchuí, féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta a ghlacadh nach bhforálfar dóibh i ndoiciméid an chlársceidealaithe tháscaigh, lena n-áirítear bearta chun an t-aistriú ó chabhair éigeandála chuig oibríochtaí fadtéarmacha forbartha a éascú nó bearta chun daoine a ullmhú níos fearr le déileáil le géarchéimeanna athfhillteacha.

2.   Glacfar cláir ghníomhaíochta, bearta aonair agus bearta speisialta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

3.   Ní gá an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 don mhéid seo a leanas:

(a)

bearta aonair nach mó cúnamh airgeadais an Aontais ná EUR 5 mhilliún ina leith;

(b)

bearta speisialta nach mó cúnamh airgeadais an Aontais ná EUR 10 milliún ina leith;

(c)

leasuithe teicniúla ar chláir ghníomhaíochta, ar bhearta aonair agus ar bhearta speisialta. Is coigeartuithe iad leasuithe teicniúla, amhail:

(i)

an tréimhse chur chun feidhme a shíneadh;

(ii)

cistí a athshannadh idir gníomhaíochtaí atá i gclár gníomhaíochta bliantúil nó ilbhliantúil, nó

(iii)

buiséad na gclár gníomhaíochta bliantúil nó ilbhliantúil, nó bearta aonair nó speisialta a mhéadú nó a laghdú méid nach mó ná 20 % den bhuiséad tosaigh agus nach mó ná EUR 10 milliún,

ar an gcoinníoll nach mbeidh éifeacht mhór ag leasuithe den sórt sin ar chuspóirí an bhirt lena mbaineann.

Cuirfear na bearta a ghlacfar faoin mír sin in iúl laistigh de mhí amháin ó thráth a nglactha do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 16.

4.   Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 a bhaineann le cláir ghníomhaíochta agus le bearta aonair maidir le comhar trasteorann IEC.

5.   Ar mhórchúiseanna práinne a mbeidh bonn cirt cuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún bearta aonair nó bearta speisialta a ghlacadh, lena n-áirítear leasuithe ar na cláir agus na bearta reatha gníomhaíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(4).

6.   Tabharfar faoi scagadh iomchuí comhshaoil, lena n-áirítear le haghaidh thionchair an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta, ar leibhéal an tionscadail, i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla is infheidhme an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus le Treoir 85/337/CEE ón gComhairle (16), arb éard atá iontu, i gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol le haghaidh tionscadal atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe le haghaidh mór-bhonneagar nua. I gcás inarb ábhartha, bainfear leas as MSC i gcur chun feidhme clár earnála. Áiritheofar rannpháirtíocht geallsealbhóirí leasmhara i measúnuithe comhshaoil mar aon le rochtain phoiblí ar thorthaí measúnuithe den sórt sin.

7.   Agus cláir agus tionscadail á ndearadh agus á gcur chun feidhme, tabharfar aird chuí ar chritéir maidir le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

Airteagal 3

Bearta tacaíochta

1.   Féadfar a chumhdach le maoiniú an Aontais caiteachas le haghaidh chur chun feidhme na nIonstraimí agus le haghaidh bhaint amach a gcuid cuspóirí, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann le hullmhúchán, le bearta leantacha, le faireachán, le gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus meastóireachta is gá go díreach le haghaidh cur chun feidhme dá leithéid, mar aon le caiteachas ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin is gá leis na hoibríochtaí arna maoiniú faoi na hIonstraimí a bhainistiú.

2.   Ar an gcoinníoll go mbainfidh na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) le cuspóirí ginearálta na hIonstraime is infheidhme a chuirfear chun feidhme trí ghníomhaíochtaí, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach le maoiniú an Aontais:

(a)

staidéir, cruinnithe, faisnéis, múscailt feasachta, oiliúint, ullmhúchán agus malartú ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtas, gníomhaíochtaí foilsithe agus aon chaiteachas eile ar riarachán nó ar chúnamh teicniúil is gá chun na gníomhaíochtaí a bhainistiú;

(b)

gníomhaíochtaí taighde agus staidéir ar shaincheisteanna iomchuí agus scaipeadh na ngníomhaíochtaí agus na staidéar sin;

(c)

caiteachas a bhaineann le soláthar faisnéise agus gníomhaíochtaí cumarsáide, lena n-áirítear straitéisí cumarsáide a fhorbairt mar aon le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais.

3.   Féadfar bearta tacaíochta a mhaoiniú lasmuigh de raon feidhme na ndoiciméad clársceidealtha táscach. I gcás inarb infheidhme, glacfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le bearta tacaíochta a ghlacadh nach mó cúnamh airgeadais an Aontais EUR ná 10 milliún ina leith.

Cuirfear na bearta nach mó cúnamh airgeadais an Aontais ná EUR 10 milliún ina leith in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 16 laistigh de mhí amháin ó thráth a nglactha.

TEIDEAL II

FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA MODHANNA MAOINITHE

Airteagal 4

Forálacha ginearálta maoinithe

1.   Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil trí bhíthin na gcineálacha maoinithe a bheartaítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus trí bhíthin an méid a leanas go háirithe:

(a)

deontais;

(b)

conarthaí soláthair le haghaidh seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha;

(c)

tacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó earnála;

(d)

ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais a bhunaíonn an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 187 (AE, Euratom) Uimh. 966/2012;

(e)

ionstraimí airgeadais amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas nó samhail chothromais, infheistíochtaí nó rannpháirteachais, agus ionstraimí roinnte riosca, faoi cheannaireacht BEI gach uair ar féidir sin ar aon dul leis an sainordú seachtrach atá aige faoi Chinneadh Uimh. 1080/20111/AE, faoi cheannaireacht institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha nó faoi cheannaireacht institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais e.g. na bainc dhéthaobhacha forbraíochta, a d'fhéadfadh a bheith comhthiomsaithe le deontais bhreise ó fhoinsí eile.

2.   Tá an tacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó an tacaíocht bhuiséadach earnála amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 bunaithe ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar thiomantas comhroinnte do luachanna uilíocha, agus dírítear léi ar chomhpháirtíochtaí conarthacha a neartú idir an Aontas agus na tíortha comhpháirtíochta d'fhonn an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta a chur chun cinn, tacú leis an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe, cuimsitheach agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht.

Beidh aon chinneadh chun an tacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó an tacaíocht bhuiséadach earnála dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a sholáthar bunaithe ar na beartais tacaíochta buiséadaí a chomhaontóidh an tAontas, ar shraith chritéar incháilitheachta agus ar mheasúnú cúramach ar na rioscaí agus ar na tairbhí.

Beidh sé mar cheann de na príomhchinntithigh don chinneadh sin measúnú ar thiomantas, ar chuntas teiste agus ar dhul chun cinn na dtíortha comhpháirtíochta maidir leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an smacht reachta. Déanfar an tacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó an tacaíocht bhuiséadach earnála a dhifreáil chun freagairt ar bhealach níos fearr do chomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na tíre comhpháirtí, agus cásanna leochaileachta á gcur san áireamh.

Agus an tacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó earnála á cur ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 186 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, déanfaidh an Coimisiún sainiú agus faireachán ar a choinníollacht, agus tabharfaidh sé tacaíocht do rialú parlaiminteach agus do chumais iniúchta a fhorbairt agus cuirfidh sé le trédhearcacht agus le rochtain phoiblí ar fhaisnéis. Beidh eisíocaíocht na tacaíochta buiséadaí ginearálta nó na tacaíochta buiséadaí r earnála ag brath ar dhul chun cinn sásúil i dtreo na cuspóirí a comhaontaíodh leis an tír chomhpháirtíochta a bhaint amach.

3.   Aon eintiteas a gcuirfear de chúram air na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh sé ceanglais Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a chomhlíonadh agus comhlíonfaidh sé cuspóirí, caighdeáin agus beartais mar aon leis na cleachtais is fearr maidir le cistí an Aontais a úsáid agus maidir le tuarascáil a thabhairt ina leith.

Féadfar na hionstraimí airgeadais sin a ghrúpáil ina saoráidí chun críocha cur chun feidhme agus tuairiscithe.

Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil freisin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, trí bhíthin ranníocaíochtaí le cistí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó náisiúnta, amhail na cistí arna mbunú nó arna mbainistiú ag BEI, ag Ballstáit,,, ag tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, chun cómhaoiniú a mhealladh ó líon deontóirí, nó chuig cistí arna mbunú ag deontóir amháin nó níos mó ar mhaithe le cur chun feidhme comhpháirteach tionscadal.

4.   Déanfar rochtain chómhalartach ag institiúidí airgeadais an Aontais ar ionstraimí airgeadais a bhunaíonn eagraíochtaí eile a chur chun cinn, de réir mar is iomchuí.

5.   Agus an cúnamh airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 á cur ar fáil, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na bearta riachtanacha uile is gá chun infheictheacht thacaíocht airgeadais an Aontais a áirithiú. Ina measc siúd, beidh bearta lena bhforchuirfear ceanglais infheictheachta ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais, seachas i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo. Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag na faighteoirí.

6.   Sannfar an t-ioncam ar fad a ghinfear ó ionstraim airgeadais amháin don Ionstraim chomhfhreagrach airgeadais mar ioncam sannta inmheánach. Gach cúig bliana, breathnóidh an Coimisiún ar an méid a bheidh déanta chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach, agus ar a éifeachtaí a bheidh na hionstraimí airgeadais atá ann faoi láthair.

7.   Déanfaidh an Coimisiún cúnamh airgeadais an Aontais a chur chun feidhme, faoi mar a fhoráiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, déanfaidh ranna an Choimisiúin, toscaireachtaí an Aontais agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin go díreach é, faoi bhainistíocht cchomhroinnte leis na Ballstáit nó go hindíreach trí bhíthin cúraimí cur chun feidhme buiséid a chur de chúram ar na heintitis a liostaítear sa Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Áiritheoidh na heintitis sin comhsheasmhacht le beartas seachtrach AE agus féadfaidh siad cúraimí cur chun feidhme buiséadacha a chur de chúram ar eintitis eile faoi choinníollacha a bheidh coibhéiseach leis na coinníollacha a mbeidh feidhm leo maidir leis an gCoimisiún.

Comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí atá acu faoi Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 uair in aghaidh na bliana. Tíolacfar an tuairim iniúchóireachta i gcás inar gá sin, laistigh de mhí amháin ón dáta a dtíolacfar an tuarascáil agus an dearbhú bainistíochta chun go gcuirfear san áireamh i ndeimhniú an Choimisiúin í.

Féadfaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi mar a thagraítear dóibh i bpointe (c)(ii) d'Airteagal 58(1)(de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus comhlachtaí na mBallstát faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 58(1)(c)(v) agus (vi) den Rialachán sin a chuir an Coimisiún cúram orthu, cúraimí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a chur de chúram freisin ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a mbeidh an acmhainn oibríochtúil agus airgeadais acu, faoi dhálaí a bheidh coibhéiseach leosan a mbeidh feidhm acu maidir leis an gCoimisiún.

Measfar go gcomhlíonann eintitis chomhlíonfaidh na critéir a leagtar síos in Airteagal 60(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 na critéir roghnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139 den Rialachán sin.

8.   Roghnófar na cineálacha maoinithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 6(1), agus na modhanna cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach, agus ar bhonn a gcumais torthaí a sheachadadh, agus go háirithe, costais na rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamhchomhlíonta a mbeidh coinne leis á gcur san áireamh. Maidir le deontais, áireofar leis seo breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus ar scálaí costas aonaid.

9.   Féadfar gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoi na hIonstraimí a chur chun feidhme trí bhíthin cómhaoiniú comhthreomhar nó le cómhaoiniú comhpháirteach.

I gcás cómhaoinithe chomhthreomhair, déantar gníomhaíocht a dheighilt ina líon eilimintí inaitheanta agus déanann na comhpháirtithe éagsúla a chuireann cómhaoiniú ar fáil iad sin a mhaoiniú ar bhealach a fhágann gur féidir úsáid dheiridh an mhaoinithe a shainaithint i gcónaí.

I gcás cómhaoinithe chomhpháirtigh, déantar costas iomlán gníomhaíochta a chomhroinnt idir na comhpháirtithe a chuireann an cómhaoiniú ar fáil agus comhthiomsaítear na hacmhainní ar bhealach a fhágann nach féidir an fhoinse maoinithe a shainaithint a thuilleadh le haghaidh aon ghníomhaíochta faoi leith a dhéantar mar chuid den ghníomhaíocht. I gcás den sórt sin, comhlíonfar, le conarthaí deontais agus soláthair a bheith á bpoibliú ex-post faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 35 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, na rialacha lena rialaítear an eintieas a mbeidh an cúram curtha air, más ann dó.

10.   Igcás ina dtéitear in iontaoibh an chineáil maoinithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó in Airteagal 6(1), féadfaidh an comhar idir an tAontas agus a chuid comhpháirtithe a bheith sna foirmeacha seo a leanas inter alia:

(a)

socruithe triantánacha trína ndéanann an tAontas a chúnamh do thír chomhpháirtíochta nó do réigiún comhpháirtíochta a chomhordú le tríú tíortha;

(b)

bearta comhair riaracháin amhail nascadh idir institiúidí poiblí, údaráis áitiúla, comhlachtaí náisiúnta poiblí nó eintitis phríobháideacha dlí a gcuirfear de chúram orthu cúraimí seirbhíse poiblí Ballstáit agus cúraimí seirbhíse poiblí tíre comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta, mar aon le bearta comhair a mbeidh baint ag saineolaithe ón earnáil phoiblí a sheolfar ó na Ballstáit agus óna n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla leo;

(c)

ranníocaíochtaí leis na costais is gá chun comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a bhunú agus a riar;

(d)

cláir tacaíochta le haghaidh beartas earnála, trína gcuirfidh an tAontas tacaíocht ar fáil do chlár earnála tíre comhpháirtíochta;

(e)

i gcás IEC agus ICR II, ranníocaíochtaí le costas rannpháirtíochta na dtíortha i gcláir agus i ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais;

(f)

fóirdheontas rátaí úis;

(g)

maoiniú trí dheontais do ghníomhaireachtaí an Aontais.

11.   Agus é i mbun oibre le geallsealbhóirí tíortha is tairbhithe, cuirfidh an Coimisiún a sonraíochtaí san áireamh mar aon le riachtanais agus comhthéacs, nuair a bheidh módúlachtaí an mhaoinithe, an cineál ranníocaíochta, na módúlachtaí dámhachtana agus na forálacha riaracháin chun deontais a bhainistiú á sainiú aige d'fhonn dul i dteagmháil leis an réimse is mó is féidir de gheallsealbhóirí den sórt sin agus freagairt dóibh ar an dóigh is fearr. Tabharfar spreagadh do mhódúlachtaí sonracha i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 amhail comhaontuithe comhpháirtíochta, údaruithe fodheontas, dámhachtain dhíreach nó glaonna ar thograí a bheidh srianta ó thaobh cáilitheachta nó cnapshuimeanna.

12.   Agus a thacaíocht don trasdul agus don athchóiriú á cur chun feidhme i dtíortha comhpháirtíochta, déanfaidh an tAontas, i gcás inarb iomchuí, leas a bhaint as taithí na mBallstát agus as na ceachtanna a foghlaimíodh agus comhroinnfidh sé an t-eolas sin.

Airteagal 5

Cánacha, dleachtanna agus muirir

Ní ghinfidh cúnamh an Aontais bailiú cánacha sonracha, dleachtanna sonracha nó muirir shonracha ná ní chuirfidh sé i ngníomh iad.

I gcás inarb infheidhme, déanfar forálacha iomchuí a chaibidliú le tríú tíortha d'fhonn na gníomhaíochtaí lena gcuirfear cúnamh airgeadais an Aontais chun feidhme a dhíolmhú ó chánacha, ó dhleachtanna custaim agus ó mhuirir fhioscacha eile. Dá uireasa sin, beidh na cánacha, na dleachtanna agus na muirir sin incháilithe faoi na dálaí a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 6

Forálacha ginearálta maoinithe

1.   De bhreis ar na cineálacha maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo, d'fhéadfaí cúnamh airgeadais an Aontais faoi na hionstraimí seo a leanas a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 trí bhíthin na gcineálacha maoinithe seo a leanas freisin:

(a)

faoi ICF agus faoi IEC, faoiseamh ó fhiachais, i gcomhthéacs clár faoisimh ó fhiachais arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta;

(b)

faoi ICF agus faoi an Ionstraim chun cur leis an gCobhsaíocht agus leis an tSíocháin, i gcásanna eisceachtúla, cláir earnála agus ghinearálta allmhairithe, a d'fhéadfadh a bheith sna foirmeacha seo a leanas:

(i)

cláir earnála allmhairithe chomhchineáil;

(ii)

cláir earnála allmhairithe trína gcuirtear malartú eachtrach ar fáil chun allmhairí a mhaoiniú don earnáil i dtrácht; nó

(iii)

cláir ghinearálta allmhairithe trína gcuirfear malartú eachtrach ar fáil chun allmhairí ginearálta réimse leathan táirgí a mhaoiniú;

(c)

dámhachtain dhíreach de na nithe seo a leanas faoi EIDHR:

(i)

deontais ar luach íseal do chosantóiri chearta an duine chun gníomhartha práinneacha cosanta a mhaoiniú, i gcás inarb iomchuí gan an gá le cómhaoiniú;

(ii)

deontais, i gcásanna inarb iomchuí nach mbeidh gá le cómhaoiniú ina leith, chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú sna dálaí nó sna cásanna is deacra dá dtagraítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 i gcás ina mbeadh sé míchuí glao ar thograí a fhoilsiú. Ní rachaidh na deontais sin thar EUR 1 000 000 agus beidh ré suas le 18 mhí acu, a fhéadfar a shíneadh 12 mhí breise i gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne ar a gcur chun feidhme;

(iii)

deontais d'Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; agus don Ionad Eorpach Idir-Ollscoile um Chearta an Duine agus um an Daonlathú, ina gcuirtear Céim Mháistir Eorpach ar fáil i gCearta an Duine agus sa Daonlathú agus Clár Comhaltachta AE-NA, agus a líonra gaolmhar ollscoileanna ina gcuirtear dioplómaí i gcearta an duine ar fáil, lena n-áirítear scoláireachtaí do mhic léinn agus do Chosantóirí Chearta an Duine de chuid tríú tíortha.

2.   Faoi ICR II agus faoi IEC, cuirfear cláir um chomhar trasteorann chun feidhme go háirithe maidir leis an mbainistíocht chomhroinnte in éineacht leis na Ballstáit nó maidir leis an mbainistíocht indíreach in éineacht le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Leagfar síos rialacha mionsonraithe i ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014.

3.   Féadfaidh an Coimisiún cláir ghníomhaíochta ilbhliantúla a ghlacadh:

(a)

ar feadh tréimhse suas go trí bliana i gcás gníomhaíochtaí athfhillteacha; agus

(b)

ar feadh tréimhse suas le seacht mbliana faoi ICR II.

Má dhéantar gealltanais ilbhliantúla, beidh forálacha iontu lena luaitear go bhfuil na gealltanais táscach i gcás gach bliana seachas an chéad bhliain ghealltanais agus go mbeidh siad ag brath ar bhuiséid bhliantúla an Aontais a bheidh ann amach anseo.

4.   D'fhéadfaí gealltanais bhuiséadacha le haghaidh gníomhaíochtaí faoi ICS agus ICR II agus faoi IEC a shínfidh thar bhreis agus aon bhliain amháin a mhiondealú thar roinnt blianta i dtráthchodanna bliantúla.

I gcásanna den sórt sin, mura bhforálfar a mhalairt leis na rialacha is infheidhme, maidir le haon chuid de ghealltanas buiséadach do chlár nár úsáideadh, faoin 31 Nollaig den chúigiú bliain i ndiaidh bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh, chun críche réamh-mhaoinithe nó chun íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh nó nár thíolaic an t-eintiteas ar cuireadh de chúram air aon ráiteas deimhnithe caiteachais nó aon iarraidh ar íocaíocht, déanfaidh an Coimisiún an chuid sin a tharraingt siar.

5.   Na rialacha lena rialaítear comhar trasteorann faoi ICR II a chuirfear chun feidhme trí bhainistíocht chomhroinnte le Ballstáit, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha atá i Rialachán (AE) Uimhir 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus i Rialachán (AE) Uimhir 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

Airteagal 7

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú a aisíoc agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha riaracháin agus airgeadais.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún, nó ag a ionadaithe, agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchadh a dhéanamh, nó i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta an chumhacht fíorú a dhéanamh i gcomhréir le comhaontuithe ar thángthas orthu leo, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, i gcomhréir leis na forálacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) Uimh 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (20), d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a chisteofar faoin Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF chun iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

TEIDEAL III

RIALACHA MAIDIR LE NÁISIÚNTACHT AGUS LE TIONSCNAMH LE hAGHAIDH SOLÁTHAIR PHOIBLÍ, DEONTAIS AGUS NÓSANNA IMEACHTA DÁMHACHTANA EILE

Airteagal 8

Rialacha coiteanna

1.   Beidh rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí soláthair, agus i nósanna imeachta deontais agus dámhachtana eile le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun leasa tríú páirtithe ar oscailt do gach duine nádúrtha ar náisiúnach de thír incháilithe é, agus do na gach duine dlítheanach a bheidh bunaithe go héifeachtach i dtír incháilithe mar a shainítear le haghaidh na hIonstraime is infheidhme faoin Teideal seo é, agus beidh sí ar oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta.

D'fhéadfaí a áireamh le daoine dlítheanacha eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha agus neamhbhrabúsacha agus fondúireachtaí neamhspleácha polaitiúla, eagraíochtaí pobalbhunaithe agus gníomhaireachtaí neamhbhrabúsacha den earnáil phríobháideach, institiúidí agus eagraíochtaí agus líonraí díobh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

2.   I gcás gníomhaíochtaí a chómhaoineofar le comhpháirtí nó deontóir eile nó a chuirfear chun feidhme trí Bhallstát trí bhainistíocht chomhroinnte, nó trí chiste iontaobhais a bhunóidh an Coimisiún, na tíortha a bheidh incháilithe faoi rialacha an chomhpháirtí sin, deontóra eile nó Ballstáit nó a chinnfear i ngníomh bunaidh an chiste iontaobhais, beidh na tíortha sin incháilithe freisin.

I gcás gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme trí cheann de na comhlachtaí a gcuirfear de chúram air bainistiú indíreach a dhéanamh fasoi chuimsiú catagóire a liostaítear i bpointe (c)(ii) go (c)(viii) d'Airteagal 58 (1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, beidh tíortha a bheidh incháilithe faoi rialacha an chomhlachta lena mbaineann incháilithe chomh maith.

3.   I gcás gníomhaíochtaí a mhaoineofar le ceann de na hIonstraimí agus, ina theannta sin, le hionstraim Aontais eile le haghaidh gníomhaíochta seachtraí, lena n-áirítear an Ciste Eorpach Forbraíochta, measfar go mbeidh na tíortha a shainaithntofear faoi aon cheann de na hionstraimí sin incháilithe chun críche na gníomhaíochta sin.

I gcás gníomhaíochtaí de chineál domhanda, réigiúnach nó trasteorann a mhaoineofar le ceann de na hIonstraimí, féadfar a mheas go mbeidh na tíortha, na críocha agus na réigiúin a chumhdófar faoin ngníomhaíocht incháilithe chun críche na gníomhaíochta sin.

4.   Is de thionscnamh tíre incháilithe a bheidh na soláthairtí uile a cheannófar faoi chonradh soláthair, nó i gcomhréir le comhaontú deontais, a mhaoineofar faoin Rialachán seo. Féadfaidh siad bheith de thionscnamh aon tíre má tá méid na soláthairtí le ceannach faoi bhun na tairsí chun an nós imeachta iomaíoch caibidlithe a úsáid. Chun críocha an Rialacháin seo, sainmhínítear an téarma “tionscnamh” in Airteagal 23 agus 24 de Rialachán (CEE) Uimhir 2913/92 (21) ón gComhairle agus i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais lena rialaítear tionscnamh neamhfhabhair.

5.   Ní bhaineann na rialacha faoin Teideal seo le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar chonradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, agus ní chruthaítear leis na rialacha srianta náisiúntachta le haghaidh na ndaoine nádúrtha sin.

6.   Chun cumais áitiúla, margaí áitiúla agus ceannacháin áitiúla a chur chun cinn, déanfar tosaíocht a thabhairt do chonraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha nuair a fhoráiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, do dhámhachtain ar bhonn tairisceana aonair. I ngach cás eile, déanfar rannpháirtíocht conraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin.

7.   Féadfar incháilitheacht faoi mar a leagtar amach í sa Teideal seo a shrianadh i bhfianaise náisiúntacht, suíomh geografach nó chineál na n-iarratasóirí, i gcás ina gceanglófar srianta den sórt sin de bharr chineál sonrach agus chuspóirí na gníomhaíochta agus igcás inar gá an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach. Féadfaidh feidhm a bheith ag na srianta sin leis an rannpháirtíocht maidir le nósanna imeachta dámhachtana i gcás gníomhaíochtaí comhair trasteorann go háirithe.

8.   Daoine nádúrtha agus dlítheanacha a mbronnfar conarthaí orthu, comhlíonfaidh siad an reachtaíocht chomhshaoil is infheidhme, lena n-áirítear comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, agus croíchaighdeáin saothair a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta (22).

Airteagal 9

Incháilitheacht faoi ICF, IEC agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh tríú tíortha

1.   Beidh táirgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó na tíortha seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi ICF, faoi IEC agus faoin Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh tríú tíortha:

(a)

Ballstáit, tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014, agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéir Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

i ndáil le IEC, tíortha comhpháirtíochta arna gcumhdach faoi IEC agus Cónaidhm na Rúise i gcás ina dtarlóidh an nós imeachta iomchuí i gcomhthéacs na gclár comhair ilnáisiúnta agus trasteorann ina bhfuil siad rannpháirteach;

(c)

tíortha agus críocha i mbéal forbartha, a chuimsítear i liosta d'fhaighteoirí a d'fhoilsigh ECFE-DAC nach comhaltaí iad de ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha thar lear a chumhdaítear le Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (23);

(d)

tíortha i mbéal forbartha a chuimsítear iad i liosta ECFE-DAC d'fhaighteoirí CFS, ar comhaltaí iad de ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha eile, i gcás inar tairbhithe iad den ghníomhaíocht a mhaoiníonn an tAontas faoi na hIonstraimí a chumhdaítear leis an Airteagal seo;

(e)

tíortha a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach ina leith. Féadfar rochtain chómhalartach a dheonú, le haghaidh tréimhse teoranta d'aon bhliain amháin ar a laghad, nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha incháilithe faoi na hIonstraimí a chumhdaítear leis an Airteagal seo. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach agus lena ré i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2), agus tar éis dul i gcomhairle leis an tír thairbhíoch nó leis na tíortha tairbhíocha lena mbaineann; agus

(f)

tíortha is comhaltaí ECFE, i gcás conarthaí a chuirfear chun feidhme i dTír is Lú Forbartha nó i dTír Bhocht ag a bhfuil Fiachais Ollmhóra, a chuimsítear sa liosta d'fhaighteoirí ODA.

2.   Féadfaidh an Coimisiún glacadh le tairgeoirí, le hiarratasóirí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe nó le hearraí ó thíortha neamh-incháilithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

tíortha a bhfuil naisc thraidisiúnta eacnamaíocha, thrádála nó gheografacha acu le tíortha comharsanachta is tairbhithe, nó

(b)

práinn nó táirgí agus seirbhísí i margaí na dtíortha lena mbaineann gan bheith ar fáil, nó i gcásanna eile a mbeidh bonn cirt cuí leo ina ndéanfadh cur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta réadú tionscadail, cláir nó gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair.

3.   Maidir le gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme i mbainistiú comhroinnte, beidh an Ballstát ábhartha a ndearna an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuige i dteideal táirgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó earraí de thionsnamh neamh-incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4), a ghlacadh, thar ceann an Choimisiúin, mar tháirgeoirí, iarratasóirí, iarrthóirí agus earraí incháilithe.

Airteagal 10

Incháilitheacht faoi ICR II

1.   Beidh táirgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó na tíortha seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi ICR II:

(a)

Ballstáit, tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus tíortha comhpháirtíochta a chumhdófar faoi IEC, agus

(b)

tíortha a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach ina leith faoi na coinníollacha a leagtar síos I bpointe (e) d'Airteagal 9(1).

2.   Féadfaidh an Coimisiún glacadh le táirgeoirí, le hiarratasóirí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe nó le hearraí ó thíortha neamh-incháilithe i gcásanna lena mbainfidh práinn nó táirgí agus seirbhísí i margaí na dtíortha lena mbaineann gan bheith ar fáil, nó i gcásanna eile a mbeidh bonn cirt cuí leo ina ndéanfadh cur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta réadú tionscadail, cláir nó gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair.

3.   Maidir le gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme i mbainistiú comhroinnte, beidh an Ballstát ábhartha a ndearna an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuige i dteideal táirgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó earraí ó thíortha neamh-incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4), a ghlacadh, thar ceann an Choimisiúin, mar tháirgeoirí, iarratasóirí, iarrthóirí agus earraí incháilithe.

Airteagal 11

Incháilitheacht faoi EIDHR agus faoin Ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin

1.   Gan dochar do theorainneacha ar gné dhílis de chineál agus de chuspóirí na gníomhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 8(7) iad, beidh rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí nó deontas soláthair, mar aon le hearcú saineolaithe, ar oscailt gan teorainneacha faoin Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta agus faoi EIDHR agus faoin Ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin.

2.   Faoi EIDHR, beidh na comhlachtaí agus na gníomhaithe seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(1), (2) agus (3,)agus le pointe (c) d'Airteagal 6(1):

(a)

eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha agus neamhbhrabúsacha agus fondúireachtaí polaitiúla neamhspleácha, eagraíochtaí pobalbhunaithe agus gníomhaireachtaí neamhbhrabúsacha den earnáil phríobháideach, institiúidí agus eagraíochtaí agus líonraí díobh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(b)

gníomhaireachtaí, institiúidí agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha de chuid na hearnála poiblí, agus líonraí ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)

comhlachtaí parlaiminte náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta, nuair is gá sin d'fhonn cuspóirí EIDHR a bhaint amach agus nach féidir an beart a bheartófar a mhaoiniú faoi Ionstraimeile;

(d)

eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta agus réigiúnacha;

(e)

daoine nádúrtha, eintitis gan phearsantacht dhlítheanach agus, i gcásanna eisceachtúla a mbeidh bonn cirt cuí leo, comhlachtaí nó gníomhaithe eile nach sainaithnítear sa mhír seo, nuair is gá sin d'fhonn cuspóirí EIDHR a bhaint amach.

Airteagal 12

Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar a gcuid gníomhaíochtaí agus déanfaidh sé athscrúdú ar an dul chun cinn a dhéanfar chun na torthaí a mbeifear ag súil leo a bhaint amach, agus aschur agus torthaí á gcumhdach aige. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chomh maith ar thionchar agus ar éifeachtacht a gcuid beartas agus a gcuid gníomhaíochtaí earnála, agus ar éifeachtacht an chlársceidlaithe, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin meastóireachtaí neamhspleácha seachtracha. Tabharfar aird chuí ar thograí ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle maidir le meastóireachtaí seachtracha neamhspleácha. Ba cheart go mbeadh na meastóireachtaí bunaithe ar phrionsabail dhea-chleachtas ECFE-DAC chun a fháil amach ar baineadh amach na cuspóirí sonracha, agus i gcás inarb infheidhme an comhionannas inscne á chur san áireamh, agus chun moltaí a fhoirmiú d'fhonn oibríochtaí amach anseo a fheabhsú. Déanfar na meastóireachtaí sin ar bhonn táscairí a bheidh réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, i gcás inarb iomchuí, a bhaineann go sonrach le tír faoi leith agus a bheidh intomhaiste.

2.   Seolfaidh an Coimisiún a chuid tuarascálacha meastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 16. Féadfar meastóireachtaí sonracha a phlé sa choiste sin arna iarraidh sin do na Ballstáit. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir á gceapadh agus nuair a bheidh acmhainní á gcionroinnt.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na geallsealbhóirí ábhartha uile a chomhlachú a oiread is iomchuí sa chéim mheastóireachta de chúnamh an Aontais a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar chómheastóireachtaí le Ballstáit AE agus leis na comhpháirtithe forbraíochta.

4.   Léireofar sa tuarascáil a luaitear in Airteagal 13 na príomhcheachtanna a bheidh foghlamtha agus an obair leantach a ghabhfaidh leis na moltaí ó na meastóireachtaí a rinneadh sna blianta roimhe sin.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA COITEANNA EILE

Airteagal 13

Tuarascáil bhliantúil

1.   Scrúdóidh an Coimisiún an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur chun feidhme bearta um chúnamh airgeadais seachtrach an Aontais agus, ó 2015 ar aghaidh, déanfaidh sé tuarascáil bhliantúil ar bhaint amach chuspóirí gach Rialacháin trí tháscairí lena dtomhasfar na torthaí a gheofar agus éifeachtúlacht na hIonstraime ábhartha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar an tuarascáil seo a chur faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún chomh maith.

2.   Cuimseofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis a bhaineann leis an mbliain roimhe faoi na bearta a maoiníodh, torthaí na gcleachtaí faireacháin agus meastóireachta, rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha, agus cur chun feidhme gealltanas buiséadach agus leithreasaí faoi íocaíochta, arna miondealú de réir tíre, réigiúin agus earnála comhair. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar thorthaí chúnamh airgeadais an Aontais agus, a mhéid is féidir, bainfear leas as táscairí sonracha agus intomhaiste dá fheidhm maidir le cuspóirí na nIonstraimí a bhaint amach. I gcás an chomhair um fhorbairt, déanfar measúnú sa tuarascáil chomh maith, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, ar cloíodh le prionsabail na héifeachtachta cúnaimh, lena n-áirítear d'ionstraimí nuálacha airgeadais.

3.   Sa tuarascáil bhliantúil a ullmhófar in 2021 beidh faisnéis chomhdhlúite ó thuarascálacha bliantúla a bhaineann leis an tréimhse ó 2014 go 2020 maidir leis an gcistiúchán ar fad a rialaítear leis an Rialachán seo, lena n-áireofar ioncaim sheachtracha sannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus lena dtairgtear achoimre ar chaiteachas de réir tíre is tairbhí, úsáide ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí.

Airteagal 14

Gníomhú ar son na haeráide agus caiteachas ar an mbithéagsúlacht

Déanfar meastachán bliantúil ar an gcaiteachas foriomlán a bhaineann le gníomhaíocht ar son na haeráide agus leis an mbithéagsúlacht ar bhonn dhoiciméad an chlársceidealaithe tháscaigh a ghlacfar. Beidh an cistiúchán a leithdháilfear i gcomhthéacs na nIonstraimí faoi réir córais rianaithe bhliantúil bunaithe ar mhodheolaíocht an ECFE (“marcóirí Rio”), gan a chur as an áireamh go n-úsáidfí modheolaíochtaí a bheadh níos cruinne nuair a bheidh ann dóibh, a bheidh comhtháite sa mhodheolaíocht reatha do bhainistiú feidhmíochta chláir an AE, chun caiteachas a bhaineann le gníomhaíocht ar son na haeráide agus leis an mbithéagsúlacht a chainníochtú ar leibhéal na gclár gníomhaíochta, agus na bearta aonair agus speisialta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), agus a thaifeadfar laistigh de mheastóireachtaí agus den tuarascáil bhliantúil.

Airteagal 15

Rannpháirtíocht geallsealbhóirí i dtíortha is tairbhithe

Áiritheoidh an Coimisiún, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, go rachfar nó go ndeachthas i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha i dtíortha is tairbhithe sa phróiseas cur chun feidhme, lena n-áirítear eagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla agus go mbeidh rochtain thráthúil acu ar fhaisnéis ábhartha a gceadófar dóibh ról bríoch a bheith acu sa phróiseas sin.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh na coistí arna mbunú leis na hIonstraimí cúnamh don Choimisiún. Is coistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sna coistí sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Fanfaidh an cinneadh a ghlacfar i bhfeidhm ar feadh ré an doiciméid, an chláir ghníomhaíochta nó an bhirt a ghlacfar nó a leasófar.

5.   Glacfaidh breathnóir ó BEI páirt in imeachtaí an choiste maidir le ceisteanna a bhaineann le BEI.

Airteagal 17

Athscrúdú meántéarmach agus meastóireacht ar na hIonstraimí

1.   Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017, faoi chur chun feidhme gach ceann de na hIonstraimí agus an Rialacháin seo. Cumhdófar leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2017 agus díreofar leis ar chuspóirí gach Ionstraime a bhaint amach trí tháscairí lena dtomhasfar na torthaí a gheofar agus éifeachtúlacht na nIonstraimí.

Fairis sin, d'fhonn cuspóirí gach Ionstraime a bhaint amach, díreofar sa tuarascáil sin ar bhreisluach gach Ionstraime, ar dheiseanna simpliúcháin, ar chomhtháiteacht inmheánach agus sheachtrach, lena n-áirítear an chomhlántacht agus na sineirgí idir na hIonstraimí, ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, ar an gcaoi ina rannchuideoidh na bearta le gníomhaíocht sheachtrach chomhsheasmhach an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, le tosaíochtaí an Aontais d'fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Cuirfear aon torthaí agus aon chonclúidí maidir le tionchar fadtéarmach na nIonstraimí san áireamh sa tuarascáil. Beidh faisnéis ann freisin faoin éifeacht luamhánaithe a baineadh amach le cistí gach ceann de na hionstraimí airgeadais.

Déanfar an tuarascáil chun go bhfeabhsófar cur chun feidhme chúnamh an Aontais go sonrach. Beidh sé mar eolas i dtaca le cinntí faoi athnuachan, faoi mhodhnú nó faoi fhionraí na gcineálacha sin gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme faoi na hIonstraimí.

Beidh faisnéis chomhdhlúite ó thuarascálacha bliantúla ó 2014 go 2020 maidir leis an gcistiúchán ar fad a rialaítear leis an Rialachán seo sa tuarascáil freisin, lena n-áireofar ioncaim sheachtracha sannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus lena tairgtear achoimre ar chaiteachas de réir tíre is tairbhí, úsáide ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí.

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chríochnaitheach mheastóireachta ar an tréimhse ó 2014 go 2020 laistigh den athscrúdú eatramhach ar an gcéad thréimhse airgeadais eile.

2   Cuirfear an tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír i faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh tograí reachtacha in éineacht léi, más iomchuí, lena dtabharfar isteach na leasuithe is gá ar na hIonstraimí agus ar an Rialachán seo.

3.   Úsáidfear luachanna na dtáscairí an 1 Eanáir 2014 mar bhunús le measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach na cuspóirí.

4.   Ceanglóidh an Coimisiún ar thíortha comhpháirtíochta na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta a bheidh i dtrácht a chur ar fáil i gcomhréir leis na gealltanais idirnáisiúnta maidir le héifeachtacht cabhrach.

5.   Déanfar measúnú ar na torthaí agus ar na tionchair níos fadtéarmaí agus ar inbhuanaitheacht éifeachtaí na nIonstraimí i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta maidir le faireachán, meastóireacht agus tuairisciú is infheidhme ag an tráth sin.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 110.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (féach leathanach 44 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunáitear ionstraim maoinithe i gcomhair don daonlathais agus do chearta an duine ar fud an domhain (féach leathanach 85 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunáitear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (féach leathanach 27 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunáitear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“ICR II”) (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunáitear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (féach leathanach 77 den Iris Oifigiúil seo).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch.1)

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Cinneadh Uimh 1080/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas faoi iasachtaí agus faoi ráthaíochtaí iasachta le haghaidh tograí lasmuigh den Aonta sagus lena n-aisghairtear Cinneadh Uim,h. 633/2009 (IO L 280, 27.10.2011, lch.1).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013). (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(14)  Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais don oideachas, don oiliúint, don aos óg agus don spórt agus lena n-aisghairtear Cinntí Uimh 1719/2006/CE, Uimh 1720/2006/CE agus Uimh 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(15)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1)

(16)  Treoir 85/337CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1985 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 175, 5.7.1985, lch. 40).

(17)  Rialachán (AE) Uimh.1303/2013 an 17 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(18)  Rialachán (AE) Uimhir 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).

(19)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch.1).

(20)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(21)  Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 302, 19.12.1992, lch. 1).

(22)  Croíchaighdeáin saothair an ILO, coinbhinsiúin maidir le saoirse comhlachais agus cómhargáil, díothú an tsaothair éigeantaigh, díothú an idirdhealaithe maidir le fostaíocht agus saothar agus díothú an tsaothair leanaí.

(23)  Cinneadh ón gComhairle an 27 Samhain 2001 maidir le comhlachas na dtíortha thar lear agus na gcríoch thar lear leis an gComhphobal Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”) (IO L 314, 30.11.2001, lch. 1).


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le húsáid gníomhartha cur chun feidhme chun forálacha maidir le cur chun feidhme rialacha áirithe a leagan síos i Rialachán Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II)

Measann an Coimisiún Eorpach i dtaobh na rialacha maidir le cláir um chomhar trasteorann mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais do mhaoiniú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus i dtaobh rialacha cur chun feidhme sonracha eile níos mionsonraithe i Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), measann sé gurb é is aidhm leis na rialacha sin an bunghníomh a fhorlíonadh agus gur cheart dá bhrí sin gur gníomhartha tarmligthe iad le glacadh ar bhonn Airteagal 290 den CFAE. Ní chuirfidh an Coimisiún Eorpach in aghaidh ghlacadh an téacs mar atá comhaontaithe ag na comhreachtóirí. Meabhraíonn an Coimisiún Eorpach, áfach, go bhfuil ceist an teorannaithe idir Airteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE á scrúdú faoi láthair ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás na “mbithicídí”.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le “hathshreabha”

I gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 21(5) den Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle, áireoidh an Coimisiún Eorpach sa dhréachtbhuiséad líne buiséid a sheasann d'ioncam atá sannta go hinmheánach agus nuair is féidir, sonróidh sé suim an ioncaim sin.

Cuirfear an t-údarás buiséadach ar an eolas faoi mhéid na n-acmhainní carntha gach bliain le linn phróiseas pleanála an bhuiséid. Ní áireofar ioncam atá sannta go hinmheánach sa dréachtbhuiséad ach a mhéid is go bhfuiltear cinnte faoin méid atá ann.


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcúnamh a thugtar faoi na hionstraimí airgeadais a fhionraí

I dtaobh Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020, Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), tugann Parlaimint na hEorpa dá haire nach bhfuil aon tagairt shainráite sna Rialacháin sin don fhéidearthacht go bhfionrófaí cúnamh mura gcomhlíonfadh an tír is tairbhí na bunphrionsabail atá leagtha amach san ionstraim lena mbaineann agus go háirithe prionsabail an daonlathais, smachta reachta agus urramú chearta an duine.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim airgeadais iomlán a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí aon chúnamh faoi na hionstraimí seo. Mar chomhreachtóir agus comhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.