15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

44


RIALACHÁN (AE) Uimh. 233/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is cuid de bheartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt é an Rialachán seo agus is é atá ann ceann amháin de na hionstraimí lena gcuirtear tacaíocht ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais. Gabhann sé ionad Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2013.

(2)

Tá an comhrac i gcoinne na bochtaineachta mar phríomhchuspóir bheartas forbartha an Aontais i gcónaí, faoi mar a leagtar síos i dTeideal V, Caibidil 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus i dTeideal III, Caibidil 1 de Chuid a Cúig den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gcomhréir le Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFManna), agus le cuspóirí agus le gealltanais eile maidir le forbairt a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a d'fhormheas an tAontas agus na Ballstáit faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe (NA) agus fóram idirnáisiúnta inniúla eile.

(3)

Déantar leis an ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le Beartas Forbartha an Aontais Eorpaigh: “An Comhdhearcadh Eorpach” (4) (an “Comhdhearcadh Eorpach”) agus na leasuithe comhaontaithe a rinneadh air, an creat beartais ginearálta, na treoshuímh ghinearálta agus an fócas ginearálta a sholáthar le haghaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo a threorú.

(4)

Le himeacht ama, ba cheart go gcuideodh cúnamh ón Aontas le spleáchas ar chabhair a laghdú.

(5)

Tá gníomhaíocht an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta le bheith bunaithe ar na prionsabail a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an méadú a tháinig air, prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór, eadhon an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus dlúthpháirtíocht, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Féachfaidh an tAontas le forbairt agus comhdhlúthú a dhéanamh ar thiomantas do na prionsabail sin i dtíortha agus ar chríocha comhpháirtíochta agus i réigiúin chomhpháirtíochta trí idirphlé agus trí chomhar. Agus na prionsabail sin á saothrú aige, léiríonn an tAontas a bhreisluach mar ghníomhaí i ndáil le beartais forbartha.

(6)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, agus go háirithe le linn an phróisis chlársceidealaithe, ba cheart go dtabharfadh an tAontas aird chuí ar na tosaíochtaí, ar na cuspóirí agus ar na tagarmharcanna a bhunaigh an tAontas le haghaidh tíortha comhpháirtíochta i dtaca le cearta an duine agus leis an daonlathas, go háirithe a straitéisí tíortha maidir le cearta an duine.

(7)

Tá meas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha agus go bhfuil sé riachtanach ina theanta sin an smacht reachta, prionsabail an daonlathais, an trédhearcacht, an dea-rialachas, an tsíocháin agus an chobhsaíocht agus comhionannas inscne a chur chun cinn d'fhonn tíortha comhpháirtíochta a fhorbairt agus aithníonn sé go mba cheart na saincheisteanna sin a phríomhshruthú i mbeartas forbartha an Aontais, go háirithe i gclársceidealú agus i gcomhaontuithe le tíortha comhpháirtíochta.

(8)

D'fhonn comhchuibheas agus ábharthacht na cabhrach a áirithiú agus na costais a bhíonn ar thíortha comhpháirtíochta a laghdú ag an am céanna, tá éifeachtacht cabhrach, trédhearcacht, comhar agus comhlántacht níos mó agus comhchuibhiú níos fearr, ailíniú le tíortha comhpháirtíochta, mar aon le comhordú nósanna imeachta, idir an tAontas agus na Ballstáit araon agus i gcaidreamh le deontóirí eile agus gníomhaithe forbartha araon fíor-riachtanach. Trí bhíthin a bheartais forbartha, tá an tAontas tiomanta do na conclúidí ón Dearbhú maidir le hÉifeachtacht Cabhrach a ghlac an Fóram Ardleibhéil um Éifeachtacht Cabhrach, a tionóladh i bPáras, an 2 Márta 2005, ó Chlár Oibre Accra do Ghníomhaíocht a glacadh an 4 Meán Fómhair 2008 agus a nDearbhú leantach a glacadh in Busan an 1 Nollaig 2011 a chur chun feidhme. Bhí na gealltanais sin ina gcúis le roinnt conclúidí ón gComhairle agus ó chruinniú Ionadaithe Rialtais na mBallstát leis an gComhairle, amhail Cód Cleachtais AE maidir le Comhlántacht agus Roinnt an tSaothair sa Bheartas Forbraíochta, agus an Creat Oibriúcháin um Éifeachtacht Cabhrach. Ba cheart athneartú a dhéanamh ar na hiarrachtaí agus na nósanna imeachta chun clársceidealú comhpháirteach a bhaint amach.

(9)

Ba cheart do chúnamh an Aontais tacú le Straitéis Chomhpháirteach AE-Afraic a glacadh ag an Cruinniú Mullaigh AE-Afraic an 8-9 Nollaig 2007 i Liospóin agus leis na leasuithe a rinneadh uirthi ina dhiaidh sin agus leis an méid a cuireadh léi, atá bunaithe ar an bhfís chomhroinnte, ar na prionsabail chomhroinnte agus ar na cuspóirí comhroinnte atá mar thaca le Comhpháirtíocht Straitéiseach an AE agus na hAfraice.

(10)

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit feabhas a chur ar chomhsheasmhacht, ar chomhordú agus ar chomhlántacht a gcuid beartas faoi seach maidir le comhar um fhorbairt, go háirithe trí fhreagairt ar thosaíochtaí tíortha comhpháirtíochta agus ar thosaíochtaí réigiún comhpháirtíochta ar leibhéal na tíre agus ar an leibhéal réigiúnach. Lena áirithiú go ndéanfaidh beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus beartas na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú, agus lena áirithiú go ndéanfar cabhair chost-éifeachtach a sheachadadh lena seachnófar forluí agus bearnaí ag an am céanna, is práinneach agus is iomchuí freisin foráil a dhéanamh do nósanna imeachta maidir le clársceidealú comhpháirteach ar cheart iad a chur chun feidhme nuair is féidir agus nuair is ábhartha.

(11)

Tá beartas agus gníomhaíocht idirnáisiúnta an Aontais le haghaidh comhair um fhorbairt á stiúradh ag SFManna amhail díothú na dianbhochtaineachta agus an dianocrais, lena n-áirítear aon leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin, agus ag na cuspóirí forbartha agus ag na prionsabail agus na gealltanais forbartha a d'fhormheas an tAontas agus na Ballstáit, lena n-áirítear maidir lena gcomhar laistigh de na NA agus d'fhóraim idirnáisiúnta inniúla eile i réimse an chomhair um fhorbairt. Tá beartas agus gníomhaíocht idirnáisiúnta an Aontais le haghaidh comhair um fhorbairt á stiúradh freisin ag a ghealltanais agus ag a oibleagáidí a bhaineann le cearta an duine agus le forbairt, lena n-áirítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, an Coinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún NA um Chearta an Linbh agus Dearbhú NA maidir leis an gCeart i leith Forbartha.

(12)

Tá an tAontas tiomanta go mór do chomhionannas inscne mar cheart an duine, mar shaincheist an cheartais shóisialta agus mar bhunluach de bheartas forbartha an Aontais. Tá comhionannas inscne lárnach i leith na SFManna go léir a bhaint amach. Ar an 14 Meitheamh 2010, d'fhormhuinigh an Chomhairle Plean Gníomhaíochta AE 2010-2015 maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan san Fhorbairt.

(13)

Ba cheart don Aontas, mar ábhar práinne, cur chuige cuimsitheach a chur chun cinn mar fhreagairt ar staideanna géarchéime agus ar staideanna tubaiste agus ar staideanna a ndéanann coinbhleacht difear dóibh agus ar staideanna leochaileachta, lena n-áirítear staideanna trasdula agus iar-ghéarchéime. Ba cheart dó sin cur go háirithe leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le freagairt AE ar staideanna leochaileachta agus Conclúidí ón gComhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, an 19 Samhain 2007 chomh maith, maidir le slándáil agus forbairt, chomh maith le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Chonclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011 maidir le coinbhleachtaí a chosc chomh maith le conclúidí ábhartha ar bith a rinneadh ina dhiaidh sin.

(14)

Go háirithe sna staideanna sin is mó gátar agus ina bhfuil an bhochtaineacht is forleithne agus is doimhne, ba cheart tacaíocht ón Aontas a dhíriú ar athléimneacht tíortha agus a bpobal a neartú i gcás teagmhas díobhálach. Ba cheart é sin a dhéanamh tríd an meascán iomchuí de bhealaí cur chuige, d'fhreagraí agus d'ionstraimí a sholáthar go háirithe trína áirithiú go mbeidh na bealaí cur chuige atá dírithe ar shlándáil, ar dhaonnúlachas, agus ar fhorbairt cothrom, comhsheasmhach agus comhordaithe go héifeachtach, agus fóirithint, athshlánú agus forbairt á nascadh sa chaoi sin.

(15)

Ba cheart do chúnamh an Aontais díriú ar an áit a bhfuil an tionchar is mó aige, ag féachaint dá acmhainn chun gníomhú ar scála domhanda agus chun freagairt ar dhúshláin dhomhanda amhail díothú na bochtaineachta, forbairt inbhuanaithe chuimsitheach agus cur chun cinn domhanda an daonlathais, an dea-rialachais, chearta an duine agus an smachta reachta, agus dá ghealltanas fadtéarmach agus intuartha do chúnamh forbartha agus dá ról maidir le comhordú a dhéanamh le na Ballstát. D'fhonn an toradh sin a áirithiú, ba cheart prionsabal na difreála a chur chun feidhme, ní amháin ar leibhéal an leithdháilte cistí, ach ar leibhéal an chlársceidealaithe freisin, lena áirithiú go ndíreofar spriocanna comhair dhéthaobhaigh um fhorbairt ar thíortha comhpháirtíochta a bhfuil an gá is mó acu leis, lena n-áirítear Stáit leochaileacha agus Stáit an-soghonta, agus orthu siúd a bhfuil acmhainn theoranta acu foinsí eile maoinithe a rochtain chun tacú lena gcuid forbartha féin. Ba cheart don Aontas dul i mbun comhpháirtíochtaí nua le tíortha a imíonn ar aghaidh ó na cláir chabhrach déthaobhaí, go háirithe ar bhonn na gclár réigiúnach agus téamach faoin ionstraim seo agus faoi ionstraimí téamacha eile de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, go háirithe an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (an “Ionstraim um Chomhpháirtíocht”).

(16)

Ba cheart go saothródh an tAontas an úsáid is éifeachtaí de na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chur chuige cuimsitheach i gcás gach tíre atá bunaithe ar an gcomhtháthú agus ar an gcomhlántacht idir na hionstraimí de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, agus trí shineirgí a chruthú idir an ionstraim seo, ionstraimí eile de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith mar thoradh ar an méid sin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoi na hionstraimí maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú. Agus an tAontas ag dréim le comhsheasmhacht fhoriomlán a bhaint amach i ndáil lena ghníomhaíocht sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21 CAE, tá an tAontas le comhtháthú beartas a áirithiú ar mhaithe le forbairt mar a cheanglaítear le hAirteagal 208 CFAE.

(17)

Agus prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt á urramú, ba cheart go ndéanfaí foráil do chomhsheasmhacht feabhsaithe idir beartais an Aontais leis an Rialachán seo. Ba cheart dó ailíniú iomlán idir tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta a chumasú freisin trí úsáid a bhaint, nuair is féidir, mar bhonn chun gníomhaíocht an Aontais a chlársceidealú, as pleananna forbartha náisiúnta nó as doiciméid forbartha chuimsitheacha den chineál céanna, a ghlacfar le rannpháirtíocht comhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha lena mbaineann. Thairis sin, ba cheart dó comhordú níos fearr i measc deontóirí, go háirithe idir an tAontas agus na Ballstát, a shaothrú trí chlársceidealú comhpháirteach.

(18)

I saol domhanda, tá beartais éagsúla inmheánacha Aontais, amhail an comhshaol, an t-athrú aeráide, cineálacha fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, fostaíocht (lena n-áirítear obair chuibhiúil do gach duine), comhionannas inscne, fuinneamh, uisce, iompar, sláinte, oideachas, ceartas agus slándáil, cultúr, taighde agus nuálaíocht, an tsochaí faisnéise, imirce agus talmhaíocht agus iascach, ag éirí níos tábhachtaí i ngníomhaíocht sheachtrach Aontais anois.

(19)

Leagtar béim i straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, a tharraingeodh patrúin fáis lena gcuirtear feabhas ar chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críche agus lena gcuirtear ar chumas daoine bochta cuidiú níos mó le saibhreas náisiúnta agus tairbhe níos mó a bhaint as, ar ghealltanas an Aontais le cur chun cinn a dhéanamh, ina chuid beartas inmheánach agus seachtrach, ar fhás cliste, cuimsitheach agus inbhuanaithe lena dtugtar trí cholún le chéile: colún eacnamaíoch, colún sóisialta agus colún an chomhshaoil.

(20)

Tá an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus cosaint an chomhshaoil i measc na ndúshlán mór atá os comhair an Aontais agus tíortha atá i mbéal forbartha agus tá gá práinneach sa dá cheann acu le gníomhaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ba cheart don Rialachán seo, dá bhrí sin, rannchuidiú leis an gcuspóir le 20 % ar a laghad de bhuiséad an Aontais a dhíriú ar shochaí ísealcharbóin agus ar shochaí atá athléimneach ó thaobh aeráide de, agus ba cheart don chlár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda” dá bhforáiltear sa Rialachán seo 25 % ar a laghad dá chistí a úsáid chun an t-athrú aeráide agus an comhshaol a chumhdach. Ba cheart go mbeadh tacaíocht fhrithpháirteach ag teacht ó ghníomhaíochtaí sna réimsí sin, nuair is féidir, chun a dtionchar a neartú.

(21)

Ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais, leis an Rialachán seo, cuidiú chun gealltanas comhpháirteach an Aontais a bhaint amach maidir le tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d'fhorbairt dhaonna chun feabhas a chur ar shaolta daoine. D'fhonn rannchuidiú leis sin, ba cheart do 25 % ar a laghad den chlár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda” tacaíocht a thabhairt do réimse sin na forbartha.

(22)

Ba cheart do 20 % ar a laghad den chúnamh faoin Rialachán seo a chionroinnt ar sheirbhísí sóisialta bunúsacha, atá dírithe ar an tsláinte agus ar an oideachas, agus ar oideachas meánscoile chomh maith, agus é á aithint nach mór leibhéal éigin solúbthachta a bheith mar ghnáth-chleachtas amhail i gcásanna ina bhfuil cúnamh eisceachtúil i gceist. Ba cheart sonraí a bhaineann le comhlíonadh an cheanglais sin a áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(23)

I gClár Gníomhaíochta Iostanbúl NA do na Tíortha Is Lú Forbairt don Deich mBliana 2011-2020, gheall na tíortha is lú forbairt trádáil agus beartais um fhorbairt acmhainní trádála a chomhtháthú le straitéisí náisiúnta forbartha. Thairis sin, ag an 8ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála a tionóladh sa Ghinéiv an 15-17 Nollaig 2011, chomhaontaigh airí go gcoinneofaí, ó 2011 ar aghaidh, leibhéil Cúnaimh don Trádáil lena léireofaí ar a laghad an meánleibhéal don tréimhse ó 2006 go 2008. Ní foláir tabhairt faoi Chúnamh don Trádáil agus faoi obair chun trádáil a éascú ar bhealach níos fearr agus níos dírithe i dteannta na n-iarrachtaí sin.

(24)

Cé go mba cheart tacú go háirithe le tíortha atá i mbéal forbartha le cláir théamacha, maidir le roinnt tíortha is tairbhithe mar aon leis na tíortha agus críocha thar lear (TCTL) nach gcomhlíonann a saintréithe na ceanglais lena bhféadfaí iad a shainiú mar fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil (“CFO”) ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (“OECD/DAC”) ach a chumhdaítear le pointe (b) d'Airteagal 1(1), ba cheart díobh bheith i dteideal clár téamach faoi réir coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(25)

Is ionann eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo agus na mionsonraí i leith réimsí de chomhar agus d'oiriúnuithe ar leithdháiltí airgeadais in aghaidh an limistéir gheografaigh agus an réimse comhair. Mar thoradh air sin, ba cheart cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis na heilimintí sin de na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta, ar eilimintí iad ina leagtar amach na mionsonraí de na réimsí comhair faoi chláir gheografacha agus théamacha agus na leithroinntí táscacha airgeadais in aghaidh an limistéir gheografaigh agus an réimse comhair. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(26)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na páipéir straitéise agus leis na cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear sa Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(27)

De bharr chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, agus go háirithe de bharr chineál a dtreoshuímh bheartais agus a n-impleachtaí buiséadacha, ba cheart, i bprionsabail, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin i gcás beart ar mhionscála airgeadais.

(28)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm láithreach leo a ghlacadh i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann leis an ngá le freagairt mhear ón Aontas, inar gá sin ar mhórchúiseanna práinne.

(29)

Leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna i dtaca le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

(30)

Bunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (8),

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(32)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais, ar feadh thréimhse a chur chun feidhme, arb é an tsuim phríomhthagartha é,, laistigh de bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar um chúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (9), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(33)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (10). Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an rialachán seo, bunaítear ionstraim (an “Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt” nó “ICT”) faoina bhféadfaidh an tAontas na nithe seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

cláir gheografacha a dhíreofar ar thacú leis an gcomhar um fhorbairt le tíortha i mbéal forbartha a áirítear ar liosta d'fhaighteoirí CFO arna bhunú ag OECD/DAC, ach amháin na cinn seo a leanas:

(i)

tíortha is sínitheoirí leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (11), gan an Afraic Theas a áireamh;

(ii)

tíortha atá incháilithe don Chiste Eorpach Forbraíochta;

(iii)

tíortha atá incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (an “Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht”);

(iv)

tairbhithe atá incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) (an “Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais”).

(b)

cláir théamacha chun aghaidh a thabhairt ar earraí poiblí domhanda agus ar dhúshláin phoiblí dhomhanda a bhaineann le forbairt agus chun tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d'údaráis áitiúla i dtíortha comhpháirtíochta de bhun phointe (a) den mhír seo, tíortha a bheidh incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoi na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iii) de phointe (a) den mhír seo, agus tíortha agus críocha a thagann faoi raon feidhme Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (14).

(c)

clár Pan-Afracach chun tacú leis an straitéis chomhpháirteach idir an Afraic agus an tAontas agus leis na leasuithe a rinneadh uirthi agus na codanna breise a cuireadh léi ina dhiaidh sin, chun gníomhaíochtaí de chineál tras-réigiúnach, ilchríochach nó domhanda san Afraic agus leis an Afraic a chumhdach.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn réigiún eintiteas geografach ina bhfuil níos mó ná tír amháin i mbéal forbartha.

3.   Gairfear “tíortha comhpháirtíochta” nó “réigiúin chomhpháirtíochta”, de réir mar a bheidh, anseo feasta sa Rialachán seo ar na tíortha agus ar na críocha dá dtagraítear i mír 1 faoin gclár ábhartha geografach, téamach nó Pan-Afracach.

Airteagal 2

Cuspóirí agus critéir incháilitheachta

1.   Faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus an Chomhdhearcaidh Eorpaigh agus na leasuithe comhaontaithe a rinneadh air ina dhiaidh sin:

(a)

is é cuspóir príomhúil an chomhair faoin Rialachán seo an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad;

(b)

i gcomhréir leis an gcuspóir príomhúil sin dá dtagraítear i bpointe (a), rannchuideoidh comhar faoin Rialachán seo leis na nithe seo a leanas:

(i)

forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil inbhuanaithe a chothú, agus

(ii)

an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, cearta an duine agus prionsabail ábhartha an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo.

Déanfar baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thomhas trí úsáid a bhaint as táscairí ábhartha, lena n-áirítear táscairí forbartha daonna, go háirithe SFM 1 le haghaidh phointe (a) agus SFManna 1 go 8 le haghaidh phointe (b), agus, i ndiaidh 2015, táscairí eile a chomhaontóidh an tAontas agus na Ballstáit ar an leibhéal idirnáisiúnta.

2.   Leis an gcomhar faoin Rialachán seo rannchuideofar leis na gealltanais agus na cuspóirí idirnáisiúnta i réimse na forbartha a chomhaontaigh an tAontas a bhaint amach, go háirithe na SFManna agus spriocanna nua forbartha ó 2015 ar aghaidh.

3.   Dearfar gníomhaíochtaí faoi na cláir gheografacha chun na critéir maidir le CFO atá bunaithe ag OECD/DAC a chomhlíonadh.

Dearfar gníomhaíochtaí faoi na cláir théamacha agus faoin gclár Pan-Afracach chun na critéir maidir le CFO atá bunaithe ag OECD/DAC a chomhlíonadh, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá feidhm ag an ngníomhaíocht le tír nó le críoch is tairbhí nach gcáilíonn mar thír nó mar chríoch is faighteoir CFO i gcomhréir le OECD/DAC; nó

(b)

má chuireann an ghníomhaíocht tionscnamh domhanda, tosaíocht beartais de chuid an Aontais nó oibleagáid nó gealltanas idirnáisiúnta de chuid an Aontais, dá dtagraítear i bpointe (b) agus (e) d'Airteagal 6(2), chun feidhme agus nach bhfuil de thréithe ag an ngníomhaíocht na critéir maidir le CFO a chomhlíonadh.

4.   Gan dochar do phointe (a) de mhír 3, déanfaidh 95 % ar a laghad den chaiteachas a ndéantar foráil dó faoi na cláir théamacha agus déanfaidh 90 % ar a laghad den chaiteachas a ndéantar foráil dó faoin gclár Pan-Afracach na critéir maidir le CFO atá bunaithe ag OECD/DAC a chomhlíonadh.

5.   Ní dhéanfar cistiú ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 (15) agus atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin Rialachán seo ach amháin má tá gá ann comhar leanúnach a áirithiú ó dhálaí géarchéime go dálaí seasta le haghaidh forbartha. I gcásanna den sórt sin, tabharfar aird ar leith ar nasc éifeachtach a áirithiú idir fóirithint dhaonnúil, athshlánú agus comhar um fhorbairt.

Airteagal 3

Prionsabail ghinearálta

1.   Is é aidhm an Aontais prionsabail an daonlathais, an smacht reachta, urramú do chearta an duine agus do saoirsí bunúsacha ar a bhfuil sé bunaithe a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, trí idirphlé agus trí chomhar le tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta.

2.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, saothrófar cur chuige difreálaithe i measc tíortha comhpháirtíochta, d'fhonn a áirithiú go gcuirtear comhar sonrach saincheaptha ar fáil dóibh bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

a riachtanais, bunaithe ar chritéir amhail an daonra, an t-ioncam per capita, méid na bochtaineachta, dáileadh an ioncaim agus leibhéal na forbartha daonna;

(b)

a gcumas acmhainní airgeadais a ghiniúint agus rochtain a fháil orthu agus a gcumas ionsúcháin; agus

(c)

a dtiomantais agus a bhfeidhmíocht, bunaithe ar chritéir agus ar tháscairí, amhail dul chun cinn polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta, comhionannas inscne, dul chun cinn maidir le dea-rialachas agus cearta an duine, agus úsáid éifeachtach na cabhrach, go háirithe an bealach ina n-úsáidtear acmhainní ganna don fhorbairt i dtír, ag tosú amach lena cuid acmhainní féin; agus

(d)

an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cúnamh an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta.

Tabharfar tosaíocht do na tíortha a mbeidh an gá is mó acu leis, go háirithe na tíortha is lú forbairt, tíortha ísealioncaim agus tíortha ina mbeidh géarchéim, tíortha iar-ghéarchéime nó tíortha a bheidh i staideanna leochaileacha agus soghonta sa phróiseas leithdháilte acmhainní.

Cuirfear critéir amhail an tInnéacs um Fhorbairt Dhaonna, an tInnéacs um Leochaileacht Eacnamaíoch agus innéacsanna ábhartha eile san áireamh, lena n-áirítear chun bochtaineacht agus neamh-chomhionannas a intíre a thomhas, d'fhonn tacú leis an anailís agus d'fhonn na tíortha sin is mó atá ar an anás a shainaithint.

3.   Trí na cláir ar fad, déanfar na saincheisteanna trasnaí mar a shainítear sa Chomhdhearcadh Eorpach iad a phríomhshruthú. Ina theannta sin, déanfar cosc ar choinbhleachtaí, obair chuibhiúil agus an t-athrú aeráide a phríomhshruthú, i gcás inarb ábhartha.

Measfar go gcuimsítear na gnéithe a leanas sna saincheisteanna trasnaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a dtabharfar aird speisialta orthu, más gá sin: neamh-idirdhealú, cearta daoine ar de mhionlaigh iad, cearta daoine faoi mhíchumas, cearta daoine a bhfuil galar tromchúiseach orthu agus cearta grúpaí leochaileacha eile, croí-chearta saothair agus cuimsiú sóisialta, cumhachtú na mban, an smacht reachta, cumas a fhorbairt do pharlaimintí agus don tsochaí shibhialta, agus idirphlé a chur chun cinn, rannpháirtíocht agus athmhuintearas, mar aon le hinstitiúidí a fhorbairt, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach.

4.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar go mbeidh sé comhleanúnach ó thaobh beartas de ar mhaithe le forbairt agus comhsheasmhach le réimsí eile gníomhaíochta seachtraí de chuid an Aontais agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 208 CFAE.

Maidir leis sin, beidh na bearta a mhaoineofar faoin Rialachán seo, lena n-áirítear iad siúd a bhainisteoidh an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), bunaithe ar na beartais maidir le comhar um fhorbairt a leagtar amach in ionstraimí amhail comhaontuithe, dearbhuithe agus pleananna gníomhaíochta idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta lena mbaineann, agus ar chinntí, leasanna sonracha, tosaíochtaí beartais agus straitéisí ábhartha an Aontais chomh maith.

5.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit malartuithe faisnéise rialta minice a lorg, lena n-áirítear le deontóirí eile, agus cuirfidh siad comhordú agus comhlántacht níos fearr i measc na ndeontóirí chun cinn trí bheith ag obair i dtreo clársceidealaithe chomhpháirtigh ilbhliantúil, bunaithe ar straitéisí laghdaithe bochtaineachta na dtíortha comhpháirtíochta nó ar straitéisí coibhéiseacha forbraíochta. Féadfaidh siad dul i mbun gníomhaíochta comhpháirtí, lena n-áirítear anailís chomhpháirteach agus freagra comhpháirteach ar na straitéisí sin a shainaithníonn earnálacha tosaíochta idirghabhálacha agus leithdháilte intíre an tsaothair a shainaithint, trí bhíthin chómhisin na ndeontóirí uile agus trí úsáid a bhaint as socruithe cómhaoinithe agus socruithe comhair tarmligthe.

6.   Cuirfidh an tAontas cur chuige iltaobhach chun cinn maidir le dúshláin dhomhanda agus rachaidh sé i gcomhar leis na Ballstáit ina leith sin. I gcás inarb iomchuí, cothóidh sé comhar le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta agus le deontóirí déthaobhacha eile.

7.   Beidh an caidreamh idir an tAontas agus na Ballstáit, de pháirt amháin, agus na tíortha comhpháirtíochta, den pháirt eile, bunaithe ar chomhluachanna chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta agus ar phrionsabail na húinéireachta agus na comhfhreagrachta, agus cuirfear na comhluachanna agus na prionsabail sin chun cinn sa chaidreamh sin.

Thairis sin, cuirfear san áireamh, sa chaidreamh le tíortha comhpháirtíochta, a thiomanta a bheidh siad maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta agus caidreamh conarthach leis an Aontas a chur chun feidhme agus cuirfear san áireamh freisin an teist a bheidh orthu ina leith sin.

8.   Cuirfidh an tAontas comhar éifeachtach le tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta chun cinn i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. Déanfaidh sé a thacaíocht a ailíniú lena gcuid straitéisí forbraíochta náisiúnta nó réigiúnacha, beartas athchóirithe náisiúnta nó réigiúnach agus nósanna imeachta náisiúnta nó réigiúnacha nuair is féidir, agus tacóidh sé le húinéireacht dhaonlathach, mar aon le cuntasacht intíre agus fhrithpháirteach. Chuige sin, cuirfidh sé na nithe seo a leanas chun cinn:

(a)

próiseas forbraíochta atá trédhearcach agus atá faoi stiúir agus faoi úinéireacht na tíre comhpháirtíochta nó an réigiúin, lena n-áirítear saineolas áitiúil a chur chun cinn;

(b)

cur chuige atá bunaithe ar chearta lena gcuimseofar cearta uile an duine, cibé ar cearta sibhialta agus polaitiúla nó eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha iad, d'fhonn prionsabail chearta an duine a chomhtháthú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta chun a n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a chur chun feidhme agus chun tacú le sealbhóirí cearta, ina ndíreofar ar ghrúpaí bochta agus leochaileacha, chun a gcearta a éileamh;

(c)

daonra na dtíortha comhpháirtíochta a chumhachtú, cineálacha cur chuige cuimsitheacha agus rannpháirteacha maidir le forbairt agus rannpháirtíocht leathan gach aicme den tsochaí sa phróiseas forbartha agus san idirphlé náisiúnta agus réigiúnach, lena n-áirítear idirphlé polaitiúil. Tabharfar aird go háirithe ar an ról faoi seach atá ag na Parlaimintí, na húdaráis áitiúla agus an tsochaí shibhialta, inter alia i dtaca le rannpháirtíocht, le maoirseacht agus le cuntasacht;

(d)

módúlachtaí agus ionstraimí comhair éifeachtacha mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 i gcomhréir le dea-chleachtas OECD/DAC iad, lena n-áirítear leas a bhaint as ionstraimí nuálacha amhail deontais agus iasachtaí a mheascadh agus sásraí eile roinnte riosca in earnálacha agus tíortha roghnaithe agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, agus aird chuí á tabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht fiachais, líon na sásraí sin, agus an ceanglas chun measúnú córasach a dhéanamh ar an tionchar i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe an bhochtaineacht a laghdú.

Déanfar gach clár, idirghabháil agus módúlacht agus ionstraim maidir le comhar a chur in oiriúint do na dálaí ar leith i ngach tír chomhpháirtíochta nó i ngach réigiún comhpháirtíochta, le béim ar chineálacha cur chuige atá bunaithe ar chláir, ar mhaoiniú cabhrach intuartha a sholáthar, ar acmhainní príobháideacha a úsáid, lena n-áirítear ón earnáil phríobháideach áitiúil, ar rochtain uilíoch agus neamh-idirdhealaitheach ar bhunseirbhísí, agus ar chórais na dtíortha a fhorbairt agus a úsáid;

(e)

ioncam intíre a úsáid trí bheartas fioscach na dtíortha comhpháirtíochta a threisiú chun an bhochtaineacht agus an spleáchas ar chabhair a laghdú;

(f)

tionchar feabhsaithe na mbeartas agus an chlársceidealaithe trí chomhordú, trí chomhsheasmhacht agus trí chomhchuibhiú i measc na ndeontóirí chun forluí agus dúbailt a sheachaint, comhlántacht a fheabhsú agus tacú le tionscnaimh na ndeontóirí uile;

(g)

comhordú sna tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta ag baint úsáid as treoirlínte comhaontaithe agus prionsabail chomhaontaithe an dea-chleachtais maidir le comhordú agus éifeachtacht cabhrach;

(h)

líon cur chuige maidir le forbairt atá bunaithe ar thorthaí, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as creataí trédhearcacha ar leibhéal na dtíortha maidir le torthaí, bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar spriocanna agus ar tháscairí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta amhail iadsan atá ag SFManna, chun torthaí a mheas agus a chur in iúl, lena n-áirítear na haschuir agus an méid a thagann as an gcabhair fhorbraíochta agus an tionchar a bheidh aici

9.   Tacóidh an tAontas, i gcás inarb iomchuí, le cur chun feidhme an chomhair dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus iltaobhaigh agus an idirphlé dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus iltaobhaigh, gné forbraíochta na gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus an chomhair thriantánaigh. Cuirfidh an tAontas an comhar Theas-Theas chun cinn chomh maith.

10.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas agus malartóidh sé tuairimí go tráthrialta léi.

11.   Déanfaidh an Coimisiún malartuithe faisnéise rialta leis an tsochaí shibhialta agus leis na húdaráis áitiúla.

12.   Ina ghníomhaíochtaí maidir le comhar um fhorbairt, bainfidh an tAontas leas as taithí na mBallstát i ndáil le hathchóiriú agus le trasdul de réir mar is iomchuí agus as na ceachtanna a foghlaimíodh agus roinnfidh sé an t-eolas sin.

13.   Ní bhainfear leas as cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo chun fáil arm nó armlón a mhaoiniú, nó chun oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta i gceist leo a mhaoiniú.

TEIDEAL III

CLÁIR

Airteagal 4

Cúnamh ón Aontas a chur chun feidhme

Déanfar cúnamh ón Aontas a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 tríd an méid seo a leanas:

(a)

cláir gheografacha;

(b)

cláir théamacha, arna gcomhdhéanamh de:

(i)

chlár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda” agus

(ii)

chlár um “Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla” agus

(c)

clár Pan-Afracach.

Airteagal 5

Cláir gheografacha

1.   Cuirfear gníomhaíochtaí comhair an Aontais faoin Airteagal seo chun feidhme i ndáil le gníomhaíochtaí de chineál náisiúnta, de chineál réigiúnach, de chineál tras-réigiúnach agus de chineál ilchríochach.

2.   Cuimseofar comhar i gclár geografach i réimse iomchuí gníomhaíochta:

(a)

ar bhonn réigiúnach le tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(1), go háirithe chun tionchar an ghrádúcháin i dtíortha comhpháirtíochta a fhuascailt, ar tíortha iad ina léirítear neamhchothromaíochtaí leathana atá ag fás; nó

(b)

ar bhonn déthaobhach:

(i)

le tíortha comhpháirtíochta nach tíortha ard-mheánioncaim iad a bheidh ar liosta OECD/DAC maidir le tíortha a bheidh i mbéal forbartha, nó nach mó ná aon faoin gcéad d'olltáirgeacht intíre an domhain olltáirgeacht intíre na tíre; agus

(ii)

i gcásanna eisceachtúla, lena n-áirítear d'fhonn cúnamh ó dheontais forbartha a chéimniú amach, féadfar dul i mbun comhair dhéthaobhaigh le líon teoranta tíortha comhpháirtíochta eile nuair atá údar cuí leis i gcomhréir le hAirteagal 3(2). Déanfar an céimniú amach i ndlúthchomhar le deontóirí eile. Nuair a chuirfear deireadh leis an gcineál sin comhair, beidh idirphlé beartais leis na tíortha lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí, ina ndíreofar ar riachtanais na ngrúpaí is boichte agus is leochailí.

3.   D'fhonn na cuspóirí dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bhaint amach, déanfar cláir gheografacha a tharraingt ó na réimsí comhair atá sa Chomhdhearcadh Eorpach agus sna leasuithe comhaontaithe a rinneadh air ina dhiaidh sin chomh maith leis na réimsí comhair seo a leanas:

(a)

cearta an duine, an daonlathas agus dea-rialachas:

(i)

cearta an duine, daonlathas agus an smacht reachta;

(ii)

comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus deiseanna comhionanna do mhná;

(iii)

bainistíocht na hearnála poiblí ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal áitiúil;

(iv)

beartas agus riarachán cánach;

(v)

an comhrac in aghaidh an éillithe;

(vi)

an tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla;

(vii)

cearta an linbh a chur chun cinn agus a chosaint;

(b)

fás cuimsitheach agus inbhuanaithe don fhorbairt dhaonna:

(i)

sláinte, oideachas, cosaint shóisialta, fostaíocht agus cultúr;

(ii)

timpeallacht an ghnó, lánpháirtíocht réigiúnach agus margaí domhanda;

(iii)

talmhaíocht inbhuanaithe, slándáil bia agus cothaithe;

(iv)

fuinneamh inbhuanaithe;

(v)

bainistiú acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear talamh, foraoiseacht agus uisce;

(vi)

an t-athrú aeráide agus an comhshaol;

(c)

réimsí eile a bhfuil tábhacht leo ó thaobh na forbartha:

(i)

imirce agus tearmann;

(ii)

fóirithint dhaonnúil agus comhar um fhorbairt a nascadh;

(iii)

athléimneacht agus rioscaí tubaiste a laghdú;

(iv)

forbairt agus slándáil, lena n-áirítear coinbhleachtaí a chosc.

4.   Leagtar amach sonraí breise maidir leis na réimsí comhair dá dtagraítear i mír 3 in Iarscríbhinn I.

5.   Laistigh de gach clár déthaobhach, díreoidh an tAontas a chúnamh, i bprionsabal, ar thrí earnáil ar a mhéid a bheidh le comhaontú leis an tír chomhpháirtíochta lena mbaineann nuair is féidir.

Airteagal 6

Cláir théamacha

1.   Cuirfidh gníomhaíochtaí a dhéanfar trí chláir théamacha luach le gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi chláir gheografacha, agus déanfaidh siad comhlánú orthu, agus beidh siad comhleanúnach leo.

2.   Beidh feidhm ag ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas maidir le clársceidealú na ngníomhaíochtaí téamacha:

(a)

ní féidir cuspóirí beartais an Aontais faoin Rialachán seo a bhaint amach ar bhealach iomchuí nó ar bhealach éifeachtach trí na cláir gheografacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i gcásanna nach bhfuil aon chlár geografach ann nó inar cuireadh an clár geografach ar fionraí nó i gcás nach bhfuil comhaontú ann maidir leis an ngníomhaíocht leis an tír chomhpháirtíochta lena mbaineann;

(b)

tabharfar aghaidh ar na tionscnaimh dhomhanda leis na gníomhaíochtaí lena dtacófar leis na spriocanna forbraíochta arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta nó earraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda;

(c)

is de chineál ilréigiúnach, ilnáisiúnta agus/nó de chineál trasnaí iad na gníomhaíochtaí;

(d)

leis na gníomhaíochtaí, cuirfear chun feidhme beartais nó tionscnaimh nuálacha a mbeidh sé de chuspóir acu bonn eolais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí amach anseo;

(e)

leis na gníomhaíochtaí, léireofar tosaíocht beartais an Aontais nó oibleagáid nó gealltanas idirnáisiúnta an Aontais is ábhartha don chomhar um fhorbairt.

3.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, rachaidh na gníomhaíochtaí téamacha díreach chun tairbhe na dtíortha agus na gcríoch a shonraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) agus cuirfear i gcrích sna tíortha nó sna críocha sin iad. Féadfar gníomhaíochtaí den sórt sin a chur i gcrích lasmuigh de na tíortha nó na críocha sin nuair is é sin an bealach is éifeachtaí chun cuspóirí an chláir lena mbaineann a bhaint amach.

Airteagal 7

Earraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda

1.   Beidh sé de chuspóir ag cúnamh an Aontais faoin gclár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda” tacú le gníomhaíochtaí i réimsí a dhéanfar a phiocadh ón méid a leanas:

(a)

an comhshaol agus an t-athrú aeráide;

(b)

fuinneamh inbhuanaithe;

(c)

forbairt dhaonna, lena n-áirítear obair chuibhiúil, ceartas sóisialta agus cultúr;

(d)

slándáil bia agus cothaithe agus talmhaíocht inbhuanaithe; agus

(e)

imirce agus tearmann.

2.   Leagtar amach sonraí breise de na réimsí comhair dá dtagraítear i mír 1 i gCuid A d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 8

Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla

1.   Beidh sé de chuspóir ag cúnamh an Aontais faoin gclár um “Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla” eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla a neartú i dtíortha comhpháirtíochta agus, nuair a fhoráiltear sin sa Rialachán seo, san Aontas agus tairbhithe atá incháilithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 231/2014.

Déanfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú a chur i gcrích don chuid is mó. I gcás inarb iomchuí, d'fhonn a n-éifeachtacht a áirithiú, féadfaidh gníomhaithe eile gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tairbhe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil lena mbaineann.

2.   Leagtar amach sonraí breise de na réimsí comhair faoin Airteagal seo i gCuid B d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 9

An Clár Pan-Afracach

1.   Beidh sé de chuspóir ag cúnamh ón Aontas faoin gclár Pan-Afracach tacú leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an Afraic agus an tAontas, agus leis na leasuithe a rinneadh uirthi agus na codanna breise a cuireadh léi ina dhiaidh sin, chun gníomhaíochtaí de chineál tras-réigiúnach, ilchríochach nó domhanda san Afraic agus leis an Afraic a chumhdach.

2.   Beidh an clár Pan-Afracach comhlántach agus comhsheasmhach le cláir eile faoin Rialachán seo, agus le hionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, go háirithe an Ciste Eorpach Forbraíochta agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht.

3.   Leagtar amach sonraí breise de na réimsí comhair faoin Airteagal seo in Iarscríbhinn III.

TEIDEAL III

CLÁRSCEIDEALÚ AGUS LEITHDHÁILEADH CISTÍ

Airteagal 10

Creat ginearálta

1.   Maidir le cláir gheografacha, déanfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta a dhréachtú ar bhonn doiciméid straitéise, mar a fhoráiltear in Airteagal 11.

Maidir le cláir théamacha, déanfar cláir ilbhliantúla tháscacha a dhréachtú mar a fhoráiltear in Airteagal 13.

Déanfar an clár ilbhliantúil táscach Pan-Afracach a dhréachtú mar a fhoráiltear in Airteagal 14.

2.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ar bhonn na ndoiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 11, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 den Rialachán seo.

3.   Féadfar tacaíocht ón Aontas a sholáthar i bhfoirm beart nach bhfuil cumhdaithe sna doiciméid chlársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 11, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 den Rialachán seo, mar a fhoráiltear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

4.   Rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhairle le chéile go luath sa phróiseas clársceidealaithe, agus lena linn, d'fhonn comhsheasmhacht, comhlántacht agus comhchuibheas a chur chun cinn i measc a ngníomhaíochtaí comhair. D'fhéadfadh sé go rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i mbun clársceidealaithe chomhpháirtigh de thoradh ar chomhairliúchán den sórt seo. Rachaidh an tAontas i gcomhairle le deontóirí agus gníomhaithe forbartha eile, lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla eile agus comhlachtaí cur chun feidhme eile. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

5.   Le clársceidealú faoin Rialachán seo, tabharfar aird chuí ar chearta an duine agus ar an daonlathas i dtíortha comhpháirtíochta.

6.   Féadfar cistí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a fhágáil gan leithdháileadh lena áirithiú go dtabharfaidh an tAontas freagra iomchuí i gcás cúinsí gan choinne, go háirithe i gcásanna leochaileacha, géarchéime agus iar-ghéarchéime, agus ionas go mbeadh sioncroineacht ann le timthriallta straitéiseacha na dtíortha comhpháirtíochta agus d'fhonn leithdháiltí airgeadais táscacha a mhodhnú mar thoradh ar na hathbhreithnithe a dhéanfar de bhun Airteagal 11(6), Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(3). Faoi réir leithdháileadh, nó ath-leithdháileadh na gcistí sin ina dhiaidh sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 15, cinnfear úsáid na gcistí sin ag dáta níos déanaí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

Maidir leis an gcuid sin de chistí a fhágtar gan leithdháileadh ar leibhéal gach cineál cláir, ní rachaidh sé os cionn 5 %, seachas chun críoch sioncroineachta agus i gcás na dtíortha dá tagraítear in Airteagal 12(1).

7.   Gan dochar d'Airteagal 2(3), féadfaidh an Coimisiún leithdháileadh sonrach airgeadais a áireamh chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta an comhar atá acu leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas a neartú.

8.   Maidir le haon chlársceidealú nó le haon athbhreithniú ar chláir a dhéanfar tar éis don tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus conclúidí na tuarascála sin.

Airteagal 11

Doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh clár geografach

1.   Comhlíonfar in ullmhú, i gcur chun feidhme agus in athbhreithniú na ndoiciméad clársceidealaithe uile faoin Airteagal seo prionsabail an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt agus na prionsabail maidir le héifeachtacht cúnaimh, eadhon úinéireacht dhaonlathach, comhpháirtíocht, comhordú, comhchuibhiú, ailíniú le córais na tíre comhpháirtíochta nó le córais réigiúnacha, trédhearcacht, cuntasacht fhrithpháirteach agus díriú na dtorthaí mar a leagtar síos in Airteagal 3(4) go (8). I gcás inar féidir, déanfar an clárthréimhse a shioncroiniú le timthriallta straitéiseacha na dtíortha comhpháirtíochta.

Bunófar doiciméid chlársceidealaithe do cláir gheografacha, lena n-áirítear doiciméid chlársceidealaithe chomhpháirteacha, a mhéid is féidir, ar idirphlé idir an tAontas, na Ballstáit agus an tír chomhpháirtíochta nó an réigiún comhpháirtíochta lena mbaineann, lena n-áirítear parlaimintí náisiúnta agus parlaimintí réigiúnacha, agus beidh an tsochaí shibhialta agus na húdaráis áitiúla agus comhpháirtithe eile rannpháirteach d'fhonn úinéireacht ar an bpróiseas a threisiú agus tacaíocht do straitéisí forbartha náisiúnta a spreagadh, go háirithe na straitéisí sin a bhfuil sé mar aidhm acu an bhochtaineacht a laghdú.

2.   Dréachtóidh an tAontas páipéir straitéise don tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta lena mbaineann chun creat comhtháite a sholáthar do chomhar um fhorbairt idir an tAontas agus an tír chomhpháirtíochta nó an réigiún comhpháirtíochta sin, i gcomhréir le críoch ghinearálta agus le raon feidhme ginearálta, le cuspóirí, le prionsabail agus le forálacha beartais a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.   Ní bheidh aon pháipéar straitéise ag teastáil le haghaidh na dtíortha nó na réigiún seo a leanas:

(a)

tíortha a mbeidh straitéis forbartha náisiúnta acu i bhfoirm plean forbartha náisiúnta nó doiciméad forbartha dá shamhail a ghlacfaidh an Coimisiún leis mar bhonn don chlár ilbhliantúil táscach comhfhreagrach, tráth a nglacfar an doiciméad deireanach sin a luadh;

(b)

tíortha nó réigiúin ar dréachtaíodh doiciméad comhchreata dóibh ina leagtar síos straitéis chuimsitheach Aontais, lena n-áirítear caibidil ar leith faoin mbeartas forbartha;

(c)

tíortha nó réigiúin ar comhaontaíodh doiciméad clársceidealaithe comhpháirteach ilbhliantúil ina leith idir an tAontas agus na Ballstáit;

(d)

réigiúin a mbeidh straitéis acu a comhaontaíodh go comhpháirteach leis an Aontas;

(e)

tíortha a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas a straitéis a shioncronú le timthriall nua náisiúnta a thosóidh roimh an 1 Eanáir 2017; sa chás sin áireofar freagra an Aontais i leith na tíre sin sa chlár ilbhliantúil táscach don tréimhse eatramhach idir an 1 Eanáir 2014 agus tús an timthrialla náisiúnta nua.

(f)

na tíortha nó réigiúin a gheobhaidh leithdháileadh de chistí an Aontais faoin Rialachán seo nach mó é ná EUR 50 000 000 don tréimhse 2014-2020.

I gcásanna dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (f) den chéad fomhír, beidh straitéis forbartha an Aontais don tír nó don réigiún lena mbaineann sa chlár ilbhliantúil táscach don tír sin nó don réigiún sin.

4.   Déanfar athbhreithniú ar na páipéir straitéise ag a meántéarma nó ar bhonn ad hoc de réir mar is gá, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos sna comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair arna dtabhairt i gcrích leis an tír chomhpháirtíochta nó an réigiún comhpháirtíochta lena mbaineann, de réir mar is iomchuí.

5.   Dréachtófar cláir ilbhliantúla tháscacha do chláir gheografacha do gach tír nó do gach réigiún a fhaigheann leithdháileadh airgeadais táscach de chistí an Aontais faoin Rialachán seo. Ach amháin i gcás na dtíortha nó na réigiún dá dtagraítear i bpointe (e) agus (f) den chéad fhomhír de mhír 3, dréachtófar na doiciméid sin ar bhonn na bpáipéar straitéise nó ar bhonn doiciméad coibhéiseach dá dtagraítear i mír 3.

Chun críche an Rialacháin seo, féadfar an doiciméad clársceidealaithe comhpháirteach ilbhliantúil dá bhforáiltear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo a mheas mar an gclár ilbhliantúil táscach, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na prionsabail agus na coinníollacha a bhunaítear sa mhír seo, lena n-áirítear leithdháileadh táscach maidir le cistí, agus leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 15

Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha do chláir gheografacha na réimsí tosaíochta a roghnófar lena maoiniú ag an Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a mbeifear ag súil leo, na táscairí feidhmíochta a bheidh soiléir, sonrach agus trédhearcach an leithdháileadh airgeadais táscach, go foriomlán agus in aghaidh na réimse tosaíochta araon agus, i gcás inarb iomchuí, modúlachtaí cabhracha.

Glacfaidh an Coimisiún na leithdháiltí airgeadais ilbhliantúla táscacha laistigh de gach clár geografach i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo, bunaithe ar na critéir atá leagtha síos in Airteagal 3(2), agus na deacrachtaí ar leith á gcur san áireamh nach mór do thíortha nó réigiúin ina bhfuil géarchéim, atá leochaileach, atá soghonta, atá i mbun coinbhleachta nó i mbaol tubaistí aghaidh a thabhairt orthu, in éineacht le sainiúlacht na gclár éagsúil.

I gcás inarb iomchuí, féadfar an leithdháileadh airgeadais a thabhairt i bhfoirm raoin agus/nó féadfar cistí áirithe a fhágáil gan iad a leithdháileadh. Ní fhéadfar foráil d'aon leithdháileadh táscach airgeadais thar an tréimhse 2014-2020, mura rud é go bhfuil siad go sonrach faoi réir infhaighteacht na n-acmhainní i ndiaidh na tréimhse sin.

Féadfar na cláir ilbhliantúla tháscacha do chláir gheografacha a athbhreithniú i gcás inar gá, lena n-áirítear d'fhonn iad a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, agus athbhreithnithe meántéarmacha nó ad hoc ar an doiciméad straitéise ar a mbeidh siad bunaithe á gcur san áireamh.

Féadfar leithdháiltí airgeadais táscacha, tosaíochtaí, cuspóirí sonracha, torthaí a mbeifear ag súil leo, táscairí feidhmíochta agus, i gcás inarb infheidhme, modúlachtaí cabhracha a chur in oiriúint freisin mar thoradh ar athbhreithnithe, go háirithe i gcás géarchéime, nó tar éis géarchéime.

Áireofar, le hathbhreithnithe den sórt sin, riachtanais agus gealltanais agus an dul chun cinn a bheidh déanta i dtaca leis na cuspóirí a comhaontaíodh i dtaobh na forbartha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cearta an duine, leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus leis an dea-rialachas.

6.   Tuairisceoidh an Coimisiún faoi chlársceidealú comhpháirteach leis na Ballstáit laistigh den tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, agus áireofar ansin moltaí i dtaobh cásanna nár baineadh clársceidealú comhpháirteach amach go hiomlán.

Airteagal 12

Clársceidealú le haghaidh tíortha agus réigiún ina bhfuil géarchéim, tíortha agus réigiún iar-ghéarchéime nó tíortha agus réigiún atá i staideanna leochaileachta

1.   Agus na doiciméid chlársceidealaithe á ndréachtú do thíortha agus do réigiúin ina mbeidh géarchéim, do thíortha agus do réigiúin iar-ghéarchéime nó do thíortha agus do réigiúin a bheidh i staideanna leochaileachta nó a bheidh i mbaol tubaistí nádúrtha, tógfar leochaileacht, riachtanais speisialta agus dálaí na dtíortha nó na réigiún lena mbaineann san áireamh mar is iomchuí.

Ba cheart aird chuí a thabhairt do choinbhleachtaí a chosc, Stáit agus síocháin a thógáil, athshlánú iarchoinbhleachta agus bearta atógála, mar aon le ról na mban agus le cearta leanaí sna próisis sin.

I gcás ina mbeidh baint dhíreach ag tíortha comhpháirtíochta nó ag réigiúin chomhpháirtíochta le géarchéim, le hiar-ghéarchéim nó le staid leochaileachta, nó go mbeidh tionchar acu orthu, leagfar béim ar leith ar bhorradh a chur faoi chomhordú idir fóirithint, athshlánú agus forbairt i measc na ngníomhaithe ábhartha go léir le cabhrú an t-athrú a dhéanamh ó staid éigeandála chuig céim na forbartha.

Déanfar foráil sna doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh tíortha agus réigiún a bheidh i staid leochaileachta nó le haghaidh tíortha agus réigiún a bheidh i mbaol tubaistí nádúrtha d'ullmhacht maidir le tubaistí agus do thubaistí a chosc agus d'iarmhairtí tubaistí den sórt sin a bhainistiú agus déanfar leis na doiciméid sin aghaidh a thabhairt ar leochaileacht i leith suaití agus ar athléimneacht a fheabhsú.

2.   Ar mhórchúiseanna práinne a mbeidh údar cuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm láithreach leo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 d'fhonn páipéir straitéise agus cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo a mhodhnú.

Féadfar straitéis shonrach oiriúnaithe a bheith i gceist le hathbhreithnithe den sórt sin chun an t-athrú chuig comhar fadtéarmach agus forbairt fhadtéarmach a áirithiú, agus comhordú agus trasdul níos fearr á gcur chun cinn idir na hionstraimí beartais daonnúla agus forbartha.

Airteagal 13

Doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh clár téamach

1.   Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh clár téamach straitéis an Aontais don téama lena mbaineann, agus, maidir leis an gclár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda”, i gcás gach réimse comhair, na tosaíochtaí a roghnófar lena maoiniú ag an Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a mbeifear ag súil leo, na táscairí feidhmíochta a bheidh soiléir, sonrach agus trédhearcach, an staid idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí na bpríomh-chomhpháirtithe, agus, i gcás inarb infheidhme, na modúlachtaí cabhracha.

I gcás inarb infheidhme, leagfar síos acmhainní agus tosaíochtaí maidir le hidirghabháil don rannpháirtíocht i dtionscnaimh dhomhanda.

Beidh cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh clár téamach mar chomhlánú ar na cláir gheografacha agus beidh siad ar aon dul leis na páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

2.   Tabharfar an leithdháileadh airgeadais táscach sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh clár téamach, go foriomlán, de réir réimse comhair agus de réir tosaíochta. I gcás inarb is iomchuí, féadfar an leithdháileadh airgeadais táscach a thabhairt i bhfoirm raoin agus/nó féadfar cistí áirithe a fhágáil gan leithdháileadh.

Déanfar na cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh clár téamach a athbhreithniú más gá ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach, agus athbhreithnithe meántéarmacha nó ad hoc á gcur san áireamh.

Féadfar leithdháiltí airgeadais táscacha, tosaíochtaí, cuspóirí sonracha, torthaí a mbeifear ag súil leo, táscairí feidhmíochta agus, i gcás inarb infheidhme, modúlachtaí cabhracha a chur in oiriúint freisin mar thoradh ar athbhreithnithe.

Airteagal 14

Doiciméid chlársceidealaithe don chlár Pan-Afracach

1.   Comhlíonfaidh ullmhúchán agus cur chun feidhme na ndoiciméad clársceidealaithe don chlár Pan-Afracach, agus an t-athbhreithniú orthu, na prionsabail éifeachtachta cabhrach mar a leagtar síos in Airteagal 3(4) go (8) iad.

Bunófar doiciméid chlársceidealaithe don chlár Pan-Afracach ar idirphlé ina mbeidh baint ag na geallsealbhóirí ábhartha uile, amhail an Pharlaimint Phan-Afracach.

2.   Leagfar amach sa chlár ilbhliantúil táscach don chlár Pan-Afracach na tosaíochtaí a roghnófar don mhaoiniú, na cuspóirí sonracha, na torthaí a mbeifear ag súil leo, táscairí feidhmíochta a bheidh soiléir, sonrach agus trédhearcach, agus i gcás inarb iomchuí, modúlachtaí cabhracha.

Beidh an clár ilbhliantúil táscach don chlár Pan-Afracach comhleanúnach le cláir gheografacha agus le cláir théamacha faoin Rialachán seo.

3.   Tabharfar an leithdháileadh táscach airgeadais sa chlár ilbhliantúil táscach don chlár Pan-Afracach, go foriomlán, de réir réimse comhair agus de réir tosaíochta. I gcás inarb iomchuí, féadfar an leithdháileadh táscach airgeadais sin a thabhairt i bhfoirm raoin.

Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár ilbhliantúil táscach don chlár Pan-Afracach más gá, chun freagairt ar dhúshláin nó ar fhadhbanna cur chun feidhme nach rabhthas ag súil leo, agus chun aon athbhreithniú ar an gcomhpháirtíocht straitéiseach a chur san áireamh.

Airteagal 15

Páipéir straitéise a fhormheas agus cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 11 a fhormheas agus déanfaidh sé cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 13 agus Airteagal 14 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin maidir le hathbhreithnithe a mbeidh sé d'éifeacht acu an straitéis nó clársceidealú na straitéise a mhodhnú go suntasach.

2.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún, féadfaidh an Coimisiún páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo agus cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Rialachán seo a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Rannpháirtíocht tríú tíre nach mbeidh incháilithe faoin Rialachán seo

I gcúinsí eisceachtúla a mbeidh bonn cirt cuí leo, agus gan dochar d'Airteagal 2(3) den Rialachán seo, agus d'fhonn comhchuibheas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó comhar réigiúnach nó tras-réigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, laistigh de na cláir ilbhliantúla táscacha i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo nó de na bearta ábhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, incháilitheacht na ngníomhaíochtaí a leathnú chuig tíortha agus chuig críocha nach mbeadh incháilithe do mhaoiniú ar shlí eile de bhun Airteagal 1 den Rialachán seo, sa chás go bhfuil an ghníomhaíocht a bheidh le cur chun feidhme de chineál domhanda, réigiúnach, tras-réigiúnach nó trasteorann.

Airteagal 17

Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún

1.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun na nithe seo a leanas a leasú:

(a)

na sonraí de na réimsí comhair dá dtagraítear:

(i)

in Airteagal 5(3) mar a leagtar amach i gCuid A agus i gCuid B d'Iarscríbhinn I iad;

(ii)

in Airteagal 7(2) mar a leagtar amach i gCuid A d'Iarscríbhinn II iad;

(iii)

in Airteagal 8(2) mar a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn II iad;

(iv)

in Airteagal 9(3) mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad, go háirithe san obair leantach do Chruinnithe Mullaigh AE agus na hAfraice;

(b)

leithdháiltí táscacha airgeadais faoi na cláir gheografacha agus faoin gclár téamach “Earraí Poiblí Domhanda agus Dúshláin Phoiblí Dhomhanda”, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. Ní bheidh sé d'éifeacht ag na leasuithe an méid tosaigh a laghdú níos mó ná 5 %, seachas i gcás leithdháiltí faoi phointe (b) d'Iarscríbhinn IV (1)

2.   Go háirithe, tar éis don tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 a bheith foilsithe, agus bunaithe ar na moltaí a bheidh sa tuarascáil sin, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoin 31 Márta 2018.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17 don Choimisiún go ceann tréimhse bhailíocht an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm tráth ar bith. Nuair a dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin.

Airteagal 19

Coiste

1.   Tabharfaidh coiste (“Coiste ICF”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Glacfaidh breathnóir ó BEI páirt in imeachtaí choiste ICF maidir le ceisteanna a bhaineann le BEI.

Airteagal 20

Imchlúdach airgeadais

1.   Is EUR 19 661 639 000 a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse 2014-2020.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla faoi theorainn an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Leagtar síos in Iarscríbhinn IV na méideanna táscacha a leithdhálfar ar gach clár dá dtagraítear in Airteagal 5 go hAirteagal 9 don tréimhse 2014-2020.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), déanfar méid táscach de EUR 1 680 000 000 ó na hionstraimí éagsúla chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt, an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Ionstraim um Chomhpháirtíocht agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais) a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí i leith soghluaiseachta foghlama go dtí tíortha comhpháirtíochta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus ó na tíortha sin, agus ar chomhar agus idirphlé beartais le húdaráis, institiúidí, agus eagraíochtaí ó na tíortha sin.

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 maidir le húsáid na gcistí sin.

Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla lena gcuimseofar na chéad cheithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Léireofar leithdháileadh an chistithe sin i gclársceidealú táscach ilbhliantúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena mbaineann. D'fhéadfaí na leithdháiltí a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí gníomhaíochta seachtraí an Aontais.

4.   Ní rachaidh an cistiúchán faoin Rialachán seo le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 thar EUR 707 000 000. Déanfar na cistí a tharraingt ó leithdháiltí airgeadais do chláir gheografacha, agus sonrófar an dáileadh réigiúnach agus an cineál gníomhaíochtaí a mbeifear ag súil leo. Úsáidfear cistiúchán de bhun an Rialacháin seo a dhírítear ar ghníomhaíochtaí maoinithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 le haghaidh gníomhaíochtaí chun tairbhe na dtíortha comhpháirtíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus aird ar leith á tabhairt ar na tíortha is boichte. Díreoidh gníomhaíochtaí soghluaiseachta mac léinn agus na foirne idir tíortha rannpháirteacha agus tíortha comhpháirtíochta a chisteofar tríd an leithdháileadh ón Rialachán seo ar réimsí a bhaineann le forbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe tíortha atá i mbéal forbartha.

5.   Áireoidh an Coimisiún ina tuarascáil bhliantúil maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 liosta de na gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a gheobhaidh cistiú ón Rialachán seo agus an méid a chomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar mach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 den Rialachán seo iad.

Airteagal 21

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 110.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014 .

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt (IO L 378, 27.12.2006, lch. 41).

(4)  IO C 46, 24.2.2006, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (féach leathanach 77 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 95 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(9)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(11)  IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (féach leathanach 27 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cúnamh daonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).


IARSCRÍBHINN I

RÉIMSÍ COMHAIR FAOI CHLÁIR GHEOGRAFACHA

A.   COMHRÉIMSÍ COMHAIR FAOI CHLÁIR GHEOGRAFACHA

Tarraingeofar cláir gheografacha ó na réimsí comhair a leagtar síos thíos, rud nár cheart a léamh mar chomhionannas le hearnálacha. Bunófar na tosaíochtaí i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta i réimse an bheartais forbartha a rinne an t-Aontas, go háirithe SFManna agus spriocanna nua forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta ó 2015 ar aghaidh lena modhnófar SFManna nó a chuirfear ina n-ionad, agus ar bhonn idirphlé beartais le gach tír nó réigiún comhpháirtíochta incháilithe.

I.   Cearta an duine, an daonlathas agus dea-rialachas

(a)   Cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta

(i)

tacú le daonlathú agus institiúidí daonlathacha a neartú, lena n-áirítear ról na bparlaimintí;

(ii)

an smacht reachta agus neamhspleáchas na gcóras breithiúnach agus cosanta a neartú agus rochtain chothrom, gan bhac ar cheartas do chách a áirithiú;

(iii)

tacú le feidhmiú trédhearcach, cuntasach institiúidí agus an díláraithe; idirphlé sóisialta rannpháirteach intíre agus idirphlé eile maidir le rialachas agus cearta an duine a chur chun cinn;

(iv)

saoirse na meán a chur chun cinn, lena n-áirítear le haghaidh modhanna nua-aimseartha cumarsáide;

(v)

iolrachas polaitiúil a chur chun cinn, cearta sibhialta, cultúrtha, eacnamaíocha, polaitiúla agus sóisialta a chosaint agus daoine ar de mhionlaigh iad agus de na grúpaí is leochailí iad a chosaint;

(vi)

tacú leis an gcomhrac i gcoinne idirdhealaithe agus cleachtais idirdhealaitheacha bunaithe ar aon fhoras, inter alia, tionscnamh ciníoch nó eitneach, sainaicme, reiligiún nó creideamh, gnéas, aitheantas inscne nó gnéaschlaonadh, cleamhnú sóisialta, míchumas, stádas sláinte nó aois;

(vii)

clárú sibhialta a chur chun cinn, go háirithe clárú breithe agus báis.

(b)   Comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus comhdheiseanna do mhná

(i)

comhionannas agus cothromas inscne a chur chun cinn;

(ii)

cearta na mban agus na gcailíní a chosaint, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí i gcoinne pósadh páistí agus cleachtais thraidisiúnta dhochracha eile amhail ciorrú ball giniúna ban agus aon chineál foréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní agus tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh an fhoréigin inscne;

(iii)

cumhachtú na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear an ról atá acu mar ghníomhaithe forbartha agus ó thaobh thógáil na síochána.

(c)   Bainistíocht na hearnála poiblí ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal áitiúil

(i)

tacú leis an earnáil phoiblí a fhorbairt chun na críche rochtain uilíoch, neamh-idirdhealaitheach ar sheirbhísí bunúsacha a fheabhsú, go háirithe ar shláinte agus ar oideachas;

(ii)

tacú le cláir chun feabhas a chur ar fhoirmliú beartais, ar bhainistiú poiblí airgeadais, lena n-áirítear comhlachtaí agus bearta iniúchta, rialaithe agus frithchalaoise a bhunú agus a atreisiú, agus ar fhorbairt institiúideach, lena n-áirítear bainistiú acmhainní daonna;

(iii)

saineolas teicniúil na bparlaimintí a fheabhsú, chun go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh ar fhoirmliú agus ar mhaoirseacht na mbuiséad náisiúnta agus rannchuidiú leo siúd, lena n-áirítear maidir le hioncaim bhaile ó acmhainní a bhaint agus ó chúrsaí cánach.

(d)   Beartas agus riarachán cánach

(i)

tacú le córais chánach bhaile a fhorbairt nó a neartú, a bheidh cothrom, trédhearcach, éifeachtach, forchéimnitheach agus inbhuanaithe;

(ii)

inniúlachtaí faireacháin a neartú i dtíortha atá i mbéal forbartha sa chomhrac i gcoinne imghabhála cánach agus sreabha neamhcheadaithe airgeadais;

(ii)

tacú le táirgeadh agus scaipeadh na hoibre maidir le calaois chánach agus an tionchar atá aici, go háirithe ag comhlachtaí maoirseachta, parlaimintí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

(iv)

tacú le tionscnaimh iltaobhacha agus réigiúnacha maidir le riarachán cánach agus athchóirithe cánach;

(v)

tacú le tíortha atá i mbéal forbartha a bheith rannpháirteach ar bhealach níos éifeachtaí i struchtúir agus próisis idirnáisiúnta um chomhar cánach;

(vi)

tacú le tuairisciú de réir tíre agus de réir tionscadail a chur san áireamh i reachtaíocht na dtíortha comhpháirtíochta chun an trédhearcacht airgeadais a fheabhsú.

(e)   An comhrac in aghaidh an éillithe

(i)

cuidiú le tíortha comhpháirtíochta chun dul i ngleic le gach cineál éilithe, lena n-áirítear trí abhcóideacht, ardú feasachta agus tuairisciú;

(ii)

cumas na gcomhlachtaí rialaithe agus na gcomhlachtaí maoirseachta agus na mbreithiúna a mhéadú.

(f)   An tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla

(i)

tacú le cumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhorbairt, d'fhonn an tionchar atá acu agus a rannpháirtíocht ghníomhach sa phróiseas forbartha a neartú agus chun an t-idirphlé polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch a chur ar aghaidh;

(ii)

tacú le cumas na n-údarás áitiúil a fhorbairt agus an saineolas atá acu a úsáid chun cur chuige críochach a chur chun cinn maidir le forbairt, lena n-áirítear próisis díláraithe;

(iii)

timpeallacht cumasúcháin a chur chun cinn le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus ghníomhaíocht na sochaí sibhialta.

(g)   Cearta an linbh a chur chun cinn agus a chosaint

(i)

deonú doiciméad dlíthiúil a chur chun cinn;

(ii)

tacú le caighdeán saoil atá leordhóthanach agus sláintiúil agus le dul in aois sláintiúil;

(iii)

a áirithiú go soláthrófar oideachas bunúsach do chách.

II.   Fás cuimsitheach agus inbhuanaithe don fhorbairt dhaonna

(a)   Sláinte, oideachas, cosaint shóisialta, fostaíocht agus cultúr

(i)

tacú le hathchóirithe earnálacha lena méadófar rochtain ar sheirbhísí sóisialta bunúsacha, go háirithe seirbhísí sláinte agus oideachais ar ardcháilíocht, lena ndíreofar ar na SFManna lena mbaineann agus ar rochtain ar sheirbhísí den chineál sin ag daoine bochta agus ag grúpaí leochaileacha agus ag grúpaí ar an imeall;

(ii)

cumais áitiúla a neartú chun freagairt ar na dúshláin dhomhanda, réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as tacaíocht earnálach buiséid a mbeidh idirphlé beartais níos dlúithe ag baint leis;

(iii)

córais sláinte a neartú, inter alia trí aghaidh a thabhairt ar an nganntanas soláthróirí cáilithe sláinte, maoiniú cothrom don tsláinte agus leigheas agus vacsaíní a bheith ar phraghas réasúnta do dhaoine bochta;

(iv)

cur chun feidhme iomlán, éifeachtach Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising agus Chlár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt agus torthaí a gcomhdhálacha athbhreithnithe agus sa chomhthéacs seo sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo a chur chun cinn;

(v)

soláthar leordhóthanach uisce óil ardcháilíochta a bhfuil praghas réasúnta air, sláintíocht agus sláinteachas leordhóthanach a áirithiú;

(vi)

tacaíocht don oideachas ardcháilíochta agus rochtain chomhionann ar an oideachas sin a fheabhsú;

(vii)

tacú le gairmoiliúint d'infhostaitheacht agus leis an gcumas chun taighde i bhfabhar na forbartha inbhuanaithe a dhéanamh agus chun torthaí an taighde sin a úsáid;

(viii)

tacú le scéimeanna agus íosteorainneacha náisiúnta don chosaint shóisialta, lena n-áirítear córais árachais shóisialta do scéimeanna sláinte agus pinsin, lena ndíreofar ar neamhionannas a laghdú;

(ix)

tacú le clár oibre um obair chuibhiúil, agus an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn;

(x)

idirphlé idirchultúrtha, éagsúlacht chultúrtha agus urramú gach cultúir ar bhealach comhionann a chur chun cinn;

(xi)

comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn chun rannchuidiú tionscal cultúrtha le fás eacnamaíoch i dtíortha atá i mbéal forbartha a spreagadh chun an leas is fearr is féidir a bhaint as cumas an fháis an bochtaineacht a chomhrac, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail rochtain ar an margadh agus cearta maoine intleachtúla.

(b)   Timpeallacht an ghnó, lánpháirtíocht réigiúnach agus margaí domhanda

(i)

tacú le hearnáil phríobháideach áitiúil iomaíoch a fhorbairt, lena n-áirítear trí chumas institiúideach áitiúil agus cumas gnó áitiúil a fhorbairt;

(ii)

tacú le córais áitiúla táirgthe agus fiontair áitiúla a fhorbairt lena n-áirítear fiontair ghlasa;

(iii)

fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), micrifhiontair agus comharchumainn agus trádáil chóir a chur chun cinn,

(iv)

margaí áitiúla, baile agus réigiúnacha a chur chun cinn, lena n-áirítear margaí d'earraí agus do sheirbhísí comhshaoil,

(v)

tacú le hathchóirithe ar chreat reachtach agus rialála agus leis na hathchóirithe sin a fhorfheidhmiú,

(vi)

rochtain a éascú ar sheirbhísí gnó agus ar sheirbhísí airgeadais amhail micreachreidmheas agus coigilteas, micrea-árachas agus aistriú íocaíochta;

(vii)

tacú le cearta saothair a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a fhorfheidhmiú;

(viii)

dlíthe agus clárlanna na talún a bhunú agus a fheabhsú chun talamh agus cearta maoine intleachtúla a chosaint;

(ix)

beartais taighde agus nuálaíochta a rannchuideoidh le forbairt inbhuanaithe, chuimsitheach a chur chun cinn;

(x)

infheistíochtaí a chur chun cinn lena nginfear fostaíocht inbhuanaithe, lena n-áirítear trí shásraí a mheascadh, ar infheistíochtaí iad lena ndíreofar ar mhaoiniú a thabhairt do chuideachtaí baile agus ar chaipiteal baile a ghiaráil, go háirithe ar leibhéal na FBManna, agus lena dtabharfar tacaíocht d'acmhainní daonna a fhorbairt;

(xi)

bonneagar a fheabhsú agus caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil á n-urramú ina n-iomláine;

(xii)

cur chuige earnála maidir le hiompar inbhuanaithe a chur chun cinn, riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta a chomhlíonadh, sábháilteacht, inacmhainneacht agus éifeachtúlacht iompair a áirithiú, droch-éifeachtaí ar an gcomhshaol a laghdú;

(xiii)

dul i ngleic leis an earnáil phríobháideach chun forbairt inbhuanaithe a bheidh freagrach ar bhonn sóisialta a fheabhsú, freagracht shóisialta chorparáideach agus freagracht chomhshaoil agus cuntasacht agus an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn;

(xiv)

cuidiú le tíortha atá i mbéal forbartha sa trádáil agus in iarrachtaí réigiúnacha agus ilchríochacha lánpháirtíochta, agus cúnamh a chur ar fáil le haghaidh lánpháirtíocht rianúil na dtíortha sin sa gheilleagar domhanda de réir a chéile;

(xv)

tacú le rochtain níos ginearálta ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide d'fhonn an bhearna dhigiteach a líonadh.

(c)   Talmhaíocht inbhuanaithe, slándáil bia agus cothaithe

(i)

cuidiú le cumas na dtíortha atá i mbéal forbartha athléimneach maidir le turraingí a fhorbairt (amhail ganntanas acmhainní agus soláthair, luaineacht praghsanna), chomh maith le dul i ngleic le cineálacha éagothroime, trí rochtain níos fearr ar thalamh, ar bhia, ar uisce, ar fhuinneamh agus ar airgeadais a thabhairt do dhaoine bochta gan dochar a dhéanamh don chomhshaol;

(ii)

tacú le cleachtais inbhuanaithe talmhaíochta agus le taighde ábhartha talmhaíochta, agus díriú ar ghabháltas talmhaíochta beag agus ar shlite beatha tuaithe;

(iii)

tacú le mná sa talmhaíocht;

(iv)

iarrachtaí na rialtas a spreagadh chun infheistíocht phríobháideach a bheidh freagrach ar bhonn sóisialta agus éiceolaíochta a éascú;

(v)

tacú le cur chuige straitéiseach maidir le slándáil an tsoláthair bhia, lena ndíreofar ar infhaighteacht bhia, ar rochtain, ar bhonneagar, ar stóráil agus ar chothú;

(vi)

aghaidh a thabhairt ar neamhdheimhneacht an tsoláthair bhia agus ar mhíchothú trí idirghabhálacha bunúsacha i gcás idirthréimhse agus leochaileachta;

(vii)

tacú le forbairt chríochach a bheidh faoi stiúir tíortha, rannpháirteach, dílárnaithe agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

(d)   Fuinneamh inbhuanaithe

(i)

feabhas a chur ar sheirbhísí fuinnimh a bheidh nua-aimseartha, inbhuanaithe, éifeachtúil, glan agus inathnuaite a mbeidh praghas réasúnta orthu;

(ii)

réitigh áitiúla agus réigiúnacha ar fhuinneamh inbhuanaithe agus táirgeadh dílárnaithe fuinnimh a chur chun cinn.

(e)   Bainistiú acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear talamh, foraoiseacht agus uisce, go háirithe an méid seo a leanas:

(i)

tacú le próisis mhaoirseachta agus le comhlachtaí maoirseachta agus le hathchóirithe rialachais lena gcuirtear chun cinn bainistiú agus caomhnú inbhuanaithe, trédhearcach na n-acmhainní nádúrtha;

(ii)

rochtain chothrom ar uisce a chur chun cinn, chomh maith le bainistiú lánpháirtithe acmhainní uisce agus bainistiú abhantracha;

(iii)

cosaint agus úsáid inbhuanaithe sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachóras a chur chun cinn;

(iv)

pátrúin inbhuanaithe táirgthe agus ídithe agus bainistiú sábháilte, inbhuanaithe ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl a chur chun cinn, agus an tionchar a bheidh acu ar shláinte á gcur san áireamh.

(f)   An t-athrú aeráide agus an comhshaol

(i)

úsáid teicneolaíochtaí níos glaine, fuinneamh inbhuanaithe agus tíosacht ar acmhainní a chur chun cinn d'fhonn forbairt ísealcharbóin a bhaint amach agus caighdeáin chomhshaoil a atreisiú ag an am céanna;

(ii)

feabhas a chur ar chumas na dtíortha atá i mbéal forbartha déileáil le hiarmhairtí an athraithe aeráide trí thacú le bearta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le maolú i leith an athraithe aeráide, bunaithe ar éiceachóras, agus le bearta chun rioscaí tubaiste a laghdú;

(iii)

tacú le comhaontuithe iltaobhacha ábhartha comhshaoil a chur chun feidhme, go háirithe an ghné chomhshaoil den chreat institiúideach le haghaidh na forbartha inbhuanaithe a neartú agus cosaint na bithéagsúlachta a chur chun cinn;

(iv)

cuidiú le tíortha comhpháirtíochta agus iad ag déileáil le dúshlán an díláithrithe agus na himirce a eascraíonn as iarmhairtí an athraithe aeráide, agus slite beatha na daoine is teifigh aeráide iad a fhorbairt an athuair.

III.   Réimsí eile a bhfuil tábhacht leo ó thaobh na forbartha

(a)   Imirce agus tearmann

(i)

tacú le hiarrachtaí chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an idirghaol idir an imirce, an tsoghluaisteacht, an fhostaíocht agus laghdú bochtaineachta, ionas go mbeidh an imirce ina ghné dhearfach don fhorbairt agus go laghdófar “imirce daoine oilte”;

(ii)

tacú leis na tíortha atá i mbéal forbartha agus beartais fhadtéarmacha á nglacadh chun sreabha imirce a bhainistiú, lena n-urramaítear cearta an duine atá ag imircigh agus a dteaghlach agus lena bhfeabhsaítear a gcosaint shóisialta.

(b)   Fóirithint dhaonnúil agus comhar um fhorbairt a nascadh

(i)

réigiúin agus tíortha a ndéanann coinbhleacht chomh maith le tubaistí de dhéantús an duine nó tubaistí nádúrtha dochar dóibh a athchruthú agus a athshlánlú, sa mheántéarma agus san fhadtéarma;

(ii)

gníomhaíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha a dhéanamh, lena ndírítear ar neamhthuilleamaíocht agus ar lánpháirtiú nó ath-lánpháirtiú daoine díbrithe, agus lena nasctar fóirithint, athshlánú agus forbairt.

(c)   Athléimneacht agus rioscaí tubaiste a laghdú

(i)

i staideanna leochaileacha, tacú le seirbhísí bunúsacha a sheachadadh agus institiúidí Stát a bheidh dlisteanach, éifeachtach agus athléimneach agus sochaí shibhialta a bheidh gníomhaíoch agus eagraithe a fhorbairt, i gcomhpháirtíocht leis an tír lena mbaineann;

(ii)

rannchuidiú le cur chuige coisc i ndáil le leochaileacht Stát, coinbhleacht, tubaistí nádúrtha agus cineálacha eile géarchéimeanna trí chuidiú le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta agus le hiarrachtaí na n-eagraíochtaí réigiúnacha córais réamhrabhaidh agus rialachas daonlathach agus forbairt acmhainní institiúideach a neartú;

(iii)

tacú le rioscaí tubaiste a laghdú, le hullmhacht agus cosc agus le hiarmhairtí tubaistí den chineál sin a bhainistiú.

(d)   Forbairt agus slándáil, lena n-áirítear coinbhleachtaí a chosc

(i)

aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna coinbhleachta, lena n-áirítear bochtaineacht, díghrádú, saothrú agus dáileadh éagothrom agus rochtain ar thalamh agus ar acmhainní nádúrtha, rialachas lag, sáruithe ar chearta an duine agus neamh-chomhionannas inscne mar bhealach chun tacú le coinbhleacht a chosc agus a réiteach agus le forbairt síochána;

(ii)

idirphlé, rannpháirtíocht agus athmhuintearas a chur chun cinn d'fhonn síocháin a chur chun cinn agus an foréigean a sheachaint, i gcomhréir leis an deachleachtas idirnáisiúnta;

(iii)

comhar agus athchóiriú beartais a chothú i réimse na slándála agus an cheartais, sa chomhrac i gcoinne drugaí agus gáinneála eile, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine, éilliú agus sciúradh airgid.

B.   RÉIMSÍ SONRACHA COMHAIR DE RÉIR RÉIGIÚIN

Tacóidh cúnamh ón Aontas le gníomhaíochtaí agus le hidirphlé earnála i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le Cuid A den Iarscríbhinn seo, agus le críoch fhoriomlán agus raon feidhme foriomlán, cuspóir foriomlán agus prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo. Tógfar na réimsí a bhfuil cur síos orthu thíos san áireamh go sonrach, ag léiriú straitéisí atá comhaontaithe go comhpháirteach.

I.   Meiriceá Laidineach

(a)

Comhtháthú sóisialta a spreagadh, go háirithe cuimsiú sóisialta, obair chuibhiúil agus cothromas, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban;

(b)

dul i ngleic le saincheisteanna rialachais agus tacú le hathchóirithe beartais, go háirithe i réimsí na mbeartas sóisialta, bhainistiú an airgeadais phoiblí agus an chánachais, na slándála (lena n-áirítear drugaí, coiriúlacht agus éilliú), dea-rialachas agus institiúidí poiblí a atreisiú ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach (lena n-áirítear trí mheicníochtaí nuálacha maidir le comhar teicniúil a sholáthar, mar shampla Chúnamh Teicniúil agus Malartú Faisnéise (TAIEX) agus nascadh), cearta an duine a chosaint, lena n-áirítear cearta na mionlach, na ndaoine dúchasacha agus shliocht na hAfraice, meas ar phríomhchaighdeáin shaothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), an comhshaol, an comhrac in aghaidh an idirdhealaithe, an comhrac in aghaidh an fhoréigin ghnéasaigh, an fhoréigin inscne agus an fhoréigin i gcoinne leanaí agus an comhrac in aghaidh drugaí a tháirgeadh, a thomhailt agus a gháinneáil;

(c)

tacú le sochaí shibhialta ghníomhach, eagraithe agus neamhspleách chomh maith leis an idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(d)

cuimsiú sóisialta a neartú go háirithe trí chórais cosanta sóisialta a chur ar bun agus a threisiú, lena n-áirítear scéimeanna árachais shóisialta, agus trí athchóirithe fioscacha, cumas na gcóras cánach a neartú agus treisiú leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus na himghabhála cánach, rud a chuideoidh leis an gcomhionannas agus leis an dáileadh rachmais a fheabhsú;

(e)

cuidiú le Stáit Mheiriceá Laidinigh a n-oibleagáid maidir le dícheall cuí a chomhlíonadh i ndáil le marú na mban a chosc, a imscrúdú,, imeachtaí dlíthiúla a thionscain ina leith, smachtbhannaí a chur air, é a chúiteamh agus aird a thabhairt air;

(f)

tacú le próisis éagsúla a bhaineann le lánpháirtíocht réigiúnach agus le hidirnascacht de bhonneagair líonra, agus comhlántacht a áirithiú ag an am céanna le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó BEI agus ó institiúidí eile;

(g)

dul i ngleic leis an nasc idir an tslándáil agus an fhorbairt;

(h)

an cumas a neartú chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta ardcháilíochta a chur ar fáil, go háirithe in earnáil na sláinte agus an oideachais;

(i)

tacú le beartais i réimse an oideachais agus comhréimse ardoideachais Mheiriceá Laidinigh a fhorbairt;

(j)

dul i ngleic le leochaileacht eacnamaíoch agus rannchuidiú le hathrú mór struchtúrach trí chomhpháirtíochtaí láidre a bhunú i ndáil le caidreamh trádála a bheidh oscailte agus cothrom, infheistíochtaí níos tairbhiúla le haghaidh níos mó post agus poist níos fearr sa gheilleagar a bheidh glas agus cuimsitheach, malartú faisnéise agus comhar sa taighde, sa nuálaíocht agus sa teicneolaíocht, agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn i ngach foirm, agus aird ar leith á tabhairt ar na dúshláin maidir le sreabha imirce, slándáil bia (lena n-áirítear talmhaíocht agus iascach inbhuanaithe), an t-athrú aeráide, fuinnimh inbhuanaithe agus seirbhísí bithéagsúlachta agus an éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear uisce, ithir agus foraoisí; tacú le micrifhiontair agus FBManna a fhorbairt mar phríomhfhoinse an fháis chuimsithigh, na forbartha agus post; cúnamh forbraíochta a chur chun cinn don trádáil lena n-áiritheofar go bhféadfaidh micrifhiontair agus FBManna de chuid Mheiriceá Laidinigh tairbhe a bhaint as na deiseanna idirnáisiúnta trádála; agus athruithe ar an scéim ghinearálaithe fabhar á gcur san áireamh;

(k)

na hiarmhairtí díobhálacha a bheadh ar gheilleagair roinnt mhaith tíortha sa réigiún de dheasca eisiaimh ón scéim ghinearálaithe fabhar a mhaolú;

(l)

bearta leantacha iomchuí a áirithiú tar éis beart éigeandála gearrthéarmach chun dul i ngleic le hathshlánú i ndiaidh tubaistí nó le hathshlánú iar-ghéarchéime a chuirfear chun feidhme trí ionstraimí maoiniúcháin eile.

II.   An Áise Theas

(1)   Rialachas daonlathach a chur chun cinn

(a)

tacú le próisis dhaonlathacha, rialachas daonlathach éifeachtach a chothú, institiúidí agus comhlachtaí poiblí a neartú (lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil), tacú le dílárú éifeachtúil, le hathstruchúrú Stáit agus le próisis toghcháin;

(b)

tacú le sochaí shibhialta ghníomhach, eagraithe agus neamhspleách a fhorbairt, lena n-áirítear na meáin, agus an t-idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(c)

institiúidí poiblí dlisteanacha, éifeachtacha agus cuntasacha a thógáil agus a neartú, athchóirithe institiúideacha agus riaracháin, an dea-rialachas, an frithéilliú agus bainistiú airgeadais phoiblí a chur chun cinn, agus tacú leis an smacht reachta;

(d)

cosaint chearta an duine a neartú, lena n-áirítear cearta na mionlach, na n-imirceach, na ndaoine dúchasacha agus na ngrúpaí leochaileacha, an comhrac in aghaidh an idirdhealaithe, an fhoréigin ghnéasaigh, an fhoréigin inscne agus an fhoréigin in aghaidh leanaí, agus an comhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine;

(e)

cearta an duine a chosaint, trí athchóirithe institiúide a chur chun cinn (lena n-áirítear athchóiriú i ndáil leis an dea-rialachas agus leis an bhfrithéilliú, le bainistiú airgeadais phoiblí, le cánachas agus le riarachán poiblí) agus athchóirithe reachtacha, riaracháin agus rialála a chur chun cinn i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe i Stáit leochaileacha agus i dtíortha i staideanna coinbhleachta agus iar-choinbhleachta.

(2)   Cuimsiú sóisialta agus forbairt dhaonna a chur cinn i ngach foirm

(a)

comhtháthú sóisialta a spreagadh, go háirithe cuimsiú sóisialta, obair chuibhiúil agus cothromas agus comhionannas inscne trí oideachas, trí shláinte agus trí bheartais shóisialta eile;

(b)

an cumas rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta a neartú, go háirithe sna hearnálacha sláinte agus oideachais; feabhas a chur ar an rochtain a bheidh ag gach duine ar an oideachas d'fhonn eolas, scileanna agus infhostaitheacht ar mhargadh an tsaothair a ardú, lena n-áirítear — i gcás inarb iomchuí — trí aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus ar idirdhealú ar bhonn oibre agus sleachta, agus go háirithe idirdhealú a bhunaítear ar shainaicmiú;

(c)

cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, fostaíocht chuibhiúil agus croíchaighdeáin chuibhiúla saothair, cothromas agus comhionannas inscne a chur chun cinn trí bheartais oideachais, sláinte agus beartais eile shóisialta;

(d)

oideachais, gairmoiliúint agus seirbhísí sláinte d'ardcháilíocht a mbeidh rochtain ag gach duine orthu (lena n-áirítear cailíní agus mná) a chur chun cinn;

(e)

i gcomhthéacs an naisc atá idir an tslándáil agus an fhorbairt, an foréigean inscne agus sliochtbhunaithe, fuadach leanaí, an t-éilliú agus an choireacht eagraithe, táirgeadh agus úsáid drugaí agus gáinneáil ar dhrugaí agus cineálacha eile gáinneála a chomhrac;

(f)

comhpháirtíochtaí lena ndíreofar ar fhorbairt a bhunú ar thalmhaíocht, ar fhorbairt san earnáil phríobháideach, ar thrádáil, ar infheistíocht, ar chúnamh, ar imirce, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar theicneolaíocht agus ar earraí poiblí a sholáthar, lena ndírítear ar an mbochtaineacht a laghdú agus ar chuimsiú sóisialta.

(3)   Tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe, athléimneacht shochaithe na hÁise Theas a mhéadú i gcoinne an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha

(a)

fás agus slite beatha inbhuanaithe agus cuimsitheacha, forbairt tuaithe chomhtháite, talmhaíocht inbhuanaithe agus foraoiseacht inbhuanaithe, an tslándáil bia agus an cothú a chur chun cinn;

(b)

leas inbhuanaithe as acmhainní nádúrtha agus as fuinneamh in-athnuaite, cosaint na bithéagsúlachta, bainistiú uisce agus dramhaíola, cosaint ithreach agus foraoise a chur chun cinn;

(c)

cabhrú le hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide trí thacú le bearta oiriúnaithe, le bearta maolaithe agus le bearta laghdaithe i ndáil le rioscaí tubaiste;

(d)

tacú leis na hiarrachtaí feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch, ar iomaíochas agus ar thrádáil, ar fhorbairt na hearnála príobháidí agus béim faoi leith á leagan ar mhicreafhiontair agus ar FBManna agus ar chomharchumainn;

(e)

tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a chur chun cinn chomh maith le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glana, i bhfuinnimh inbhuanaithe, san iompar, sa talmhaíocht agus in iascach inbhuanaithe, seirbhísí bithéagsúlachta agus an éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear uisce agus foraoisí, agus poist chuibhiúla a chruthú sa gheilleagar glas;

(f)

tacú le hullmhacht maidir le tubaistí agus athshlánú fadtéarmach iarthubaistí, lena n-áirítear i réimse na slándála bia agus cothaithe agus an chúnaimh do dhaoine díbrithe.

(4)   Tacú le lánpháirtíocht réigiúnach agus le comhar réigiúnach

(a)

lánpháirtíocht réigiúnach agus comhar réigiúnach a spreagadh, ar bhealach lena ndíreofar ar thorthaí trí thacaíocht do lánpháirtíocht réigiúnach agus d'idirphlé, go háirithe trí Chomhlachas na hÁise Theas um Chomhar Réigiúnach agus trí chuspóirí forbartha phróiseas Iostanbúl (“Croílár na hÁise”) a chur chun cinn;

(b)

tacú le bainistiú éifeachtacht teorann agus le comhar éifeachtach trasteorann chun forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn i réigiúin teorann; an choireacht eagraithe, táirgeadh agus úsáid drugaí agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac;

(c)

tacú le tionscnaimh réigiúnacha lena ndíreofar ar na haicídí teagmhálacha móra; rannchuidiú le rioscaí sláinte a chosc agus freagairt a thabhairt orthu, lena n-áirítear iad sin a thionscnaítear ag an bpointe teagmhála idir ainmhithe, daoine agus a dtimpeallachtaí éagsúla.

III.   An Áise Thuaidh agus an Áise Thoir Theas

(1)   Rialachas daonlathach a chur chun cinn

(a)

cabhrú leis an daonlathú; institiúidí agus comhlachtaí poiblí dlisteanacha, éifeachtacha agus cuntasacha a thógáil agus a neartú, trí athchóirithe institiúide a chur chun cinn (lena n-áirítear athchóiriú i ndáil leis an dea-rialachas agus leis an bhfrithéilliú, le bainistiú airgeadais phoiblí, le cánachas agus le riarachán poiblí) agus athchóirithe reachtacha, riaracháin agus rialála a chur chun cinn i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe i Stáit leochaileacha agus i dtíortha i staideanna coinbhleachta agus iar-choinbhleachta;

(b)

an chosaint maidir le cearta an duine a neartú, lena n-áirítear cearta na mionlach agus na ndaoine dúchasacha, croíchaighdeáin saothair a chur chun cinn, an t-idirdhealú a chomhrac, an foréigean gnéasach, an foréigean inscne agus an foréigean in aghaidh leanaí, lena n-áirítear leanaí i gcoinbhleacht armtha, a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gáinneála ar dhaoine;

(c)

Tacú le struchtúr chearta an duine Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), go háirithe leis an obair a dhéanann Coimisiún Idir-Rialtasach ASEAN maidir le Cearta an Duine;

(d)

institiúidí agus comhlachtaí poiblí dlisteanacha, éifeachtacha agus cuntasacha a thógáil agus a neartú;

(e)

tacú le sochaí shibhialta ghníomhach, eagraithe agus neamhspleách; an t-idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(f)

tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh sa réigiún le feabhas a chur ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar shlándáil na saoránach, lena n-áirítear trí athchóiriú earnála ar an gceartas agus ar an tslándáil, agus trí idirphlé idireitneach agus idirchreidimh a chur chun cinn chomh maith le próisis síochána a bheidh idireitneach agus idirchreidimh;

(g)

i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, in aghaidh táirgeadh agus úsáid drugaí agus na gáinneála ar dhrugaí, agus in aghaidh cineálacha gáinneála eile, agus tacú le bainistiú éifeachtach teorann agus comhar trasteorann le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a chur chun cinn i réigiúin teorann; tacú le gníomhaíochtaí um ghlanadh mianach.

(2)   Cuimsiú sóisialta agus forbairt dhaonna a chur cinn i ngach foirm

(a)

comhtháthú sóisialta a spreagadh, go háirithe cuimsiú sóisialta, obair chuibhiúil, agus cothromas agus comhionannas inscne;

(b)

an cumas rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta a neartú, go háirithe sna hearnálacha sláinte agus oideachais; feabhas a chur ar an rochtain a bheidh ag gach duine ar an oideachas d'fhonn eolas, scileanna agus infhostaitheacht ar mhargadh an tsaothair a ardú, lena n-áirítear — i gcás inarb ábhartha — trí aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus ar idirdhealú ar bhonn oibre agus sleachta, agus go háirithe idirdhealú a bhunaítear ar shainaicmiú;

(c)

comhpháirtíochtaí lena ndíreofar ar fhorbairt a bhunú ar thalmhaíocht, ar fhorbairt san earnáil phríobháideach, ar thrádáil, ar infheistíocht, ar chúnamh, ar imirce, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar theicneolaíocht agus ar earraí poiblí a sholáthar, lena ndíreofar ar an mbochtaineacht a laghdú agus ar chuimsiú sóisialta;

(d)

tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh sa réigiún le rioscaí sláinte a chosc agus freagairt a thabhairt orthu, lena n-áirítear na cinn sin a thionscnaítear ag an bpointe teagmhála idir ainmhithe, daoine agus a dtimpeallachtaí éagsúla;

(e)

oideachas cuimsitheach, foghlaim agus oiliúint ar feadh an tsaoil (lena n-áirítear ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint) a chur chun cinn agus feabhas a chur ar fheidhmiú mhargaí an tsaothair,

(f)

geilleagar glas agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn, go háirithe i ndáil le talmhaíocht, leis an tslándáil bia agus le cothú, leis na fuinnimh inbhuanaithe agus le cosaint agus feabhas ar na seirbhísí bithéagsúlachta agus ar na seirbhísí éiceachórais;

(g)

i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, an foréigean inscne agus an foréigean sliochtbhunaithe agus fuadach leanaí a chomhrac.

(3)   Tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus athléimneacht shochaithe na hÁise Thoir Theas i gcoinne an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha a mhéadú

(a)

tacú leis na bearta maolaithe agus oiriúnaithe i ndáil leis an athrú aeráide, tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a chur chun cinn;

(b)

tacú leis an réigiún an t-athrú aeráide a phríomhshruthú i straitéisí forbartha inbhuanaithe, beartais agus ionstraimí le haghaidh oiriúnaithe agus maolaithe a fhorbairt, aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair a ghabhann leis an athrú aeráide agus feabhas a chur ar thionscnaimh chomhair fhadtéarma agus leochaileacht ó thaobh tubaistí a laghdú, tacú le Creat Il-Earnálach ASEAN maidir leis an Athrú Aeráide: Talmhaíocht agus Foraoiseacht i dtreo na Slándála Bia;

(c)

i bhfianaise an mhéadaithe a tháinig ar an daonra agus éileamh athraitheach na dtomhaltóirí, tacú le tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe chomh maith le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glana go háirithe ar an leibhéal réigiúnach, i bhfuinnimh inbhuanaithe, san iompar, sa talmhaíocht agus in iascach inbhuanaithe, seirbhísí bithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear uisce agus foraoisí, agus poist cuibhiúla a chruthú sa gheilleagar glas.

(d)

fóirithint, athshlánú agus forbairt a nascadh trína áirithiú go ndéanfar obair leantach ar bhearta gearrthéarma éigeandála lena dtabharfar aird ar athshlánú iarthubaistí nó ar athshlánú iar-ghéarchéime a chuirfear i bhfeidhm trí ionstraimí maoiniúcháin eile; tacú le hullmhacht tubaistí agus le hathshlánú fadtéarmach iarthubaistí, lena n-áirítear i réimse na slándála bia agus cothaithe agus cúnaimh do dhaoine díbrithe.

(4)   Tacú le lánpháirtíocht agus le comhar réigiúnach ar fud na hÁise Thuaidh agus na hÁise Thoir Theas

(a)

lánpháirtíocht agus comhar réigiúnach méadaithe a spreagadh ar bhealach lena ndíreofar ar thorthaí trí thacú leis an lánpháirtíocht réigiúnach agus leis an idirphlé réigiúnach;

(b)

tacú le lánpháirtíocht shocheacnamaíoch agus le nascacht ASEAN, lena n-áirítear cur chun feidhme chuspóirí Chomhphobal Eacnamaíoch ASEAN lena ndíreofar ar an bhforbairt, an Mháistirphlean maidir le Nascacht ASEAN agus na Físe Iar-2015;

(c)

cúnamh a bhaineann leis an trádáil agus cabhair forbartha don trádáil a chur chun cinn, lena n-áirítear a áirithiú go mbainfidh micreafhiontair agus FBManna tairbhe as deiseanna trádála idirnáisiúnta;

(d)

maoiniú do bhonneagair agus do líonraí inbhuanaithe a ghiaráil ar mhaithe le lánpháirtíocht réigiúnach, le cuimsiú sóisialta, le comhtháthú agus le fás inbhuanaithe, agus comhlántacht á háirithiú le gníomhaíochtaí a dtacaíonn an BEI agus institiúidí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais leo chomh maith le hinstitiúidí eile sa réimse sin;

(e)

idirphlé a spreagadh idir institiúidí agus tíortha ASEAN agus an tAontas.

(f)

tacú le tionscnaimh réigiúnacha lena ndíreofar ar na haicídí teagmhálacha móra; rannchuidiú le rioscaí sláinte a chosc agus freagairt a thabhairt orthu, lena n-áirítear iad sin a thionscnaítear ag an bpointe teagmhála idir ainmhithe, daoine agus a dtimpeallachtaí éagsúla.

IV.   An Áise Láir

(a)

Mar chuspóirí uileghabhálacha, rannchuidiú le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a bheidh inbhuanaithe agus cuimsitheach, le comhtháthú sóisialta agus leis an daonlathas;

(b)

tacú leis an tslándáil bia, rochtain ar shlándáil inbhuanaithe fuinnimh, ar uisce agus ar shláintíocht do dhaonraí áitiúil; tacú le hullmhacht maidir le tubaistí agus le hoiriúnú don athrú aeráide agus iadsan a chur chun cinn;

(c)

tacú le parlaimintí ionadaíocha a toghadh go daonlathach, próisis an dea-rialachais agus an daonlathais a chur chun cinn agus tacú leo; bainistiú fónta airgeadais phoiblí, an smacht reachta, lena mbainfidh institiúidí a fheidhmíonn go maith agus urraim éifeachtach do chearta an duine agus comhionannas inscne; tacú le sochaí shibhialta ghníomhach, eagraithe agus neamhspleách, agus an t-idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(d)

fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar éagothromais shóisialta agus réigiúnacha, agus tacú leis an nuálaíocht agus leis an teicneolaíocht, le hobair chuibhiúil, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn trí thacú le micreafhiontair agus FBManna, agus ag an am céanna forbairt gheilleagar margaidh a bheidh rialáilte agus sóisialta, trádáil agus infheistíocht oscailte agus chothrom, lena n-áirítear athchóirithe rialála a spreagadh;

(e)

tacú le bainistiú éifeachtúil teorann agus le comhar éifeachtach trasteorann chun forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn i réigiúin teorann; i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus gach cineál gáinneála, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh táirgeadh agus úsáid drugaí mar aon leis na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn acu, lena n-áirítear VEID/SEIF;

(f)

comhar, idirphlé agus lánpháirtíocht réigiúnach agus déthaobhach a chur chun cinn, lena n-áirítear le tíortha a chumhdaítear leis an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus le hionstraimí eile an Aontais chun tacú le hathchóirithe beartais, lena n-áirítear trí institiúidí a thógáil, i gcás inarb iomchuí, trí chúnamh teicniúil (e.g TAIEX), trí fhaisnéis a mhalartú agus trí nascadh, agus trí infheistíochtaí lárnacha trí na sásraí iomchuí chun acmhainní airgeadais a úsáid in earnálacha an oideachais, an chomhshaoil agus an fhuinnimh, trí fhorbairt maidir le hastaíochtaí ísle/athléimneacht maidir le tionchar an athraithe aeráide;

(g)

an cumas a neartú chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta ardcháilíochta a chur ar fáil, go háirithe in earnáil na sláinte agus an oideachais; tacú le rochtain do na daonraí, daoine óga agus mná go háirithe, ar fhostaíocht, inter alia, trí thacú le feabhas a chur ar oideachas ginearálta, ar ghairmoideachas agus ar ardoideachas.

V.   An Meánoirthear

(a)

Aghaidh a thabhairt ar an daonlathú agus ar an rialachas (lena n-áirítear i réimse na cánach), ar an smacht reachta, ar chearta an duine agus ar chomhionannas inscne, ar shaoirsí bunúsacha agus ar shaincheisteanna polaitiúla comhionannais ionas go spreagfar athchóirithe polaitiúla, an comhrac in aghaidh an éillithe agus trédhearcacht an phróisis bhreithiúnaigh agus institiúidí poiblí dlisteanacha, daonlathacha, éifeachtacha agus cuntasacha a thógáil chomh maith le sochaí shibhialta ghníomhach, neamhspleách agus eagraithe; an t-idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(b)

tacú leis an tsochaí shibhialta agus í ag troid chun saoirsí bunúsacha, cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint;

(c)

fás cuimsitheach a chur chun cinn agus comhtháthú sóisialta agus forbairt a spreagadh, go háirithe maidir le fostaíocht a chruthú, le cuimsiú sóisialta, le hobair chuibhiúil agus le cothromas agus le comhionannas inscne; an cumas a neartú chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta ardcháilíochta a chur ar fáil, go háirithe in earnáil na sláinte agus an oideachais, agus aghaidh a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar neamhionannas agus ar idirdhealú ar bhonn oibre agus sleachta, agus go háirithe idirdhealú a bhunaítear ar shainaicmiú;

(d)

tacú le cultúr sibhialta a fhorbairt, go háirithe trí oiliúint, oideachas agus rannpháirtíocht leanaí, daoine óga agus ban;

(e)

athchóiriú eacnamaíoch inbhuanaithe agus éagsúlú, caidrimh thrádála oscailte agus chóir, forbairt ar gheilleagar margaidh sóisialta rialáilte agus inbhuanaithe a fhorbairt, infheistíocht tháirgiúil agus inbhuanaithe sna príomhearnálacha (amhail an earnáil fuinnimh, agus béim á leagan ar fhuinneamh in-athnuaite) a chur chun cinn;

(f)

dea-chaidrimh chomharsanachta, comhar, idirphlé agus lánpháirtíocht réigiúnach a chur chun cinn, lena n-áirítear le tíortha a chumhdaítear san Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus Stáit na Murascaille a chumhdaítear san Ionstraim um Chomhpháirtíocht agus in ionstraimí eile an Aontais lena n-áirítear, trí thacú le hiarrachtaí lánpháirtíochta sa réigiún, go táscach maidir le geilleagar, fuinneamh, uisce, iompar agus dídeanaithe;

(g)

bainistiú inbhuanaithe agus éifeachtach a chur chun cinn i ndáil le hacmhainní uisce chomh maith le cosaint acmhainní uisce a chur chun cinn;

(h)

acmhainní a úsáidtear faoin Rialachán seo a chomhlánú trí obair chomhchuibhithe agus tacaíocht trí bhíthin ionstraimí agus beartas eile an Aontais, lena bhféadfar díriú ar rochtain ar mhargadh inmheánach an Aontais, ar shoghluaisteacht saothair agus ar lánpháirtíocht réigiúnach níos leithne;

(i)

i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, táirgeadh agus úsáid drugaí agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac;

(j)

i gcomhthéacs an naisc idir an fhorbairt agus an imirce, bainistiú a dhéanamh ar an imirce agus cabhrú le daoine easáitithe agus le dídeanaithe.

VI.   Tíortha eile

(a)

Tacú le comhdhlúthú ar shochaí dhaonlathach, ar dhea-rialachas, ar urraim do chearta an duine, ar chomhionannas inscne, ar Stát a rialófar leis an smacht reachta agus a rannchuideoidh leis an gcobhsaíocht agus leis an lánpháirtíocht réigiúnach agus ilchríochach; tacú le sochaí shibhialta ghníomhach, eagraithe agus neamhspleách, agus an t-idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(b)

tacaíocht a sholáthar do na hiarrachtaí oiriúnaithe atá mar thoradh ar bhunú limistéar éagsúil saorthrádála;

(c)

tacú leis an gcomhrac in aghaidh na bochtaineachta, an éagothromais agus an eisiaimh, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhunúsacha na bpobal atá faoi mhíbhuntáiste agus trí chomhtháthú sóisialta agus beartais athdháilte a chur chun cinn lena ndíreofar ar éagothroime a laghdú;

(d)

an cumas a neartú chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta a chur ar fáil, go háirithe in earnáil na sláinte agus in earnáil an oideachais;

(e)

feabhas a chur ar choinníollacha maireachtála agus ar choinníollacha oibre agus béim faoi leith á leagan ar chlár oibre cuibhiúil na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS);

(f)

aghaidh a thabhairt ar leochaileacht eacnamaíoch agus cabhrú leis an aistriú struchtúrach agus béim á leagan ar fhostaíocht chuibhiúil trí fhás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach agus trí gheilleagar ísealcharbóin, éifeachtúil ó thaobh fuinnimh, bunaithe ar acmhainní inathnuaite trí chomhpháirtíochtaí láidre a bhunú ar chaidrimh thrádála chóir, infheistíochtaí torthúla le haghaidh níos mó post agus poist níos fearr sa gheilleagar cuimsitheach glas, aistriú eolais agus comhar ó thaobh taighde, nuálaíochta agus teicneolaíochta, forbairt inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn i ngach foirm, agus béim faoi leith á leagan ar na dúshláin a ghabhann le an imirce, leis an tithíocht, leis an tslándáil bia (lena n-áirítear talmhaíocht agus iascach inbhuanaithe), leis an athrú aeráide, le fuinnimh inbhuanaithe agus le seirbhísí bithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear uisce agus ithir;

(g)

dul i ngleic le foréigean bunaithe ar ghnéas agus ar inscne agus le saincheisteanna sláinte, lena n-áirítear VEID/SEIF agus an tionchar atá acu ar an tsochaí.


IARSCRÍBHINN II

RÉIMSÍ COMHAIR FAOI CHLÁIR THÉAMACHA

A.   AN CLÁR UM “EARRAÍ POIBLÍ DOMHANDA AGUS UM DHÚSHLÁIN PHOIBLÍ DHOMHANDA”

Tá sé mar aidhm ag an gclár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda” comhar, malartú eolais agus taithí agus cumais na dtíortha comhpháirtíochta a neartú, d'fhonn cabhrú le díothú na bochtaineachta, leis an gcomhtháthú sóisialta agus le forbairt inbhuanaithe. Tarraingeofar an clár seo ó na réimsí comhair a leanas, chun an tsineirgíocht is mó a áirithiú uathu i bhfianaise na hidirnascachta móire atá eatarthu.

I.   An comhshaol agus an t-athrú aeráide

(a)

cabhrú leis an ngné sheachtrach de bheartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide agus urraim iomlán á tabhairt do phrionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt agus do na prionsabail eile a leagtar amach in CFAE;

(b)

obair réamhtheachtach a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt do thíortha atá i mbéal forbartha SFManna a bhaint amach, nó aon chreat ina dhiaidh sin a chomhaontóidh an tAontas agus na Ballstáit, a bhaineann le húsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha agus le hinbhuanaitheacht chomhshaoil;

(c)

tionscnaimh agus gealltanais chomhaontaithe an Aontais a chur chun feidhme ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach agus/nó trasteorann, go háirithe i réimsí an athraithe aeráide tríd an méid a leanas a chur chun cinn: straitéisí athléimneacha aeráide ísealcharbóin lena dtugtar tosaíocht do straitéisí leis an mbithéagsúlacht a chur chun cinn, cosaint na n-éiceachóras agus na n-acmhainní nádúrtha, bainistiú inbhuanaithe lena n-áirítear aigéin, talamh, uisce, iascach agus foraoisí (mar shampla trí shásraí amhail FLEGT), fairsingiú fásaigh, bainistiú comhtháite ar acmhainní uisce,, bainistiú fónta ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl, éifeachtúlacht acmhainní agus an geilleagar glas;

(d)

lánpháirtíocht agus príomhshruthú na gcuspóirí maidir leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol i gcomhar an Aontais um fhorbairt a ardú trí thacaíocht d'obair mhodheolaíochta agus taighde maidir le tíortha atá i mbéal forbartha, a dhéantar sna tíortha atá i mbéal forbartha agus a dhéanann na tíortha sin, lena n-áirítear sásraí faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, mapáil, measúnú agus luacháil ar éiceachórais, saineolas comhshaoil a fheabhsú agus gníomhaíochtaí nuálacha agus comhtháthú beartas a chur chun cinn;

(e)

an rialachas comhshaoil a neartú agus tacú le forbairt beartais idirnáisiúnta chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar éifeachtúlacht rialachas domhanda na forbartha inbhuanaithe, trí chúnamh a thabhairt d'fhaireachán réigiúnach agus idirnáisiúnta agus do mheasúnú réigiúnach agus idirnáisiúnta ar an gcomhshaol agus trí bhearta comhlíonta agus forghníomhaithe éifeachtacha a chur chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha le haghaidh comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha;

(f)

bainistiú rioscaí tubaiste agus oiriúnú don athrú aeráide araon a chomhtháthú sa phleanáil agus san infheistíocht forbartha, agus cur chun feidhme straitéisí a chur chun cinn lena ndíreofar ar an riosca tubaiste a laghdú, amhail éiceachórais a chosaint agus bogaigh a athbhunú;

(g)

aitheantas a thabhairt dá chinntithí agus a bheidh talmhaíocht agus coinneáil beostoc i mbeartais maidir leis an athrú aeráide trí thalmhaíocht ghabháltas bheag agus feirmeoireacht beostoc a chur chun cinn mar straitéisí neamhspleácha oiriúnaithe agus maolaithe sa Deisceart mar gheall ar an úsáid inbhuanaithe a bhaintear as acmhainní amhail uisce agus féarach.

II.   Fuinneamh inbhuanaithe

(a)

rochtain ar sheirbhísí fuinnimh iontaofa, slána, inacmhainne, inbhuanaithe agus atá fabhrach don aeráid mar phríomh-thiománaí do dhíothú na bochtaineachta agus don fhás cuimsitheach agus don fhorbairt, le béim ar leith ar fhoinsí fuinnimh inbhuanaithe áitiúla agus réigiúnacha a úsáid agus ar rochtain a áirithiú do dhaoine bochta i réigiúin iargúlta;

(b)

spreagadh a thabhairt chun úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, go háirithe as cur chuige díláraithe, agus as éifeachtúlacht fuinnimh agus straitéisí forbartha inbhuanaithe le hastaíochtaí ísle a chur chun cinn;

(c)

slándáil fuinnimh a chur chun cinn do thíortha comhpháirtíochta agus do phobail áitiúla trí, cuir i gcás, fhoinsí fuinnimh agus bealaí fuinnimh a éagsúlú, ag cur san áireamh saincheisteanna maidir le luaineacht praghsanna, le poitéinseal astaíochtaí a laghdú, agus na margaí a fheabhsú agus idirnaisc agus trádáil fuinnimh, agus go háirithe leictreachais a chothú.

III.   Forbairt dhaonna, lena n-áirítear obair chuibhiúil, ceartas sóisialta agus an cultúr

(a)   Sláinte

(i)

sláinte agus folláine na ndaoine i dtíortha atá i mbéal forbartha a fhorbairt trí thacú le rochtain cuimsitheach uilíoch ar shaoráidí, ar earraí agus ar sheirbhísí sláinte poiblí riachtanacha ar ardchaighdeán, agus soláthar cothrom díobh sin a chur ar fáil, le leanúntas cúraim sláinte ó chúram sláinte coisctheach go hiarchóireáil, agus béim faoi leith ar riachtanais daoine ar de ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste nó de ghrúpaí leochaileacha iad;

(ii)

tacú le clár oibre beartais na dtionscnamh domhanda a bhfuil leas suntasach díreach acu do thíortha comhpháirtíochta agus é sin a mhúnlú, agus díriú na dtorthaí, éifeachtacht cabhrach agus an tionchar ar chórais sláinte á gcur san áireamh, lena n-áirítear tacú le tíortha comhpháirtíochta dul i ngleic leis na tionscnaimh sin ar bhealach níos fearr;

(iii)

tacú le tionscnaimh shonracha, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda, lena neartófar córais shláinte agus lena gcuideofar le tíortha beartais sláinte náisiúnta fhónta atá inbhuanaithe agus bunaithe ar fhianaise a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus i réimsí tosaíochta amhail sláinte leanaí agus máithreacha, lena n-áirítear imdhíonadh agus freagairt ar bhagairtí sláinte domhanda (amhail VEID/SEIF, an eitinn agus maláire agus galair eile a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair eile a ndéantar faillí orthu);

(iv)

cur chun feidhme iomlán, éifeachtach Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising agus Chlár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt agus torthaí a gcomhdhálacha athbhreithnithe agus sa chomhthéacs sin sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo a chur chun cinn;

(v)

seirbhísí riachtanacha agus tacaíocht síceolaíochta a chur chun cinn, a chur ar fáil agus a fhorbairt d'íospartaigh an fhoréigin, go háirithe do mhná agus do leanaí.

(b)   Oideachas, eolas agus scileanna

(i)

tacú leis na spriocanna arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a bhaint amach san oideachas trí thionscnaimh agus comhpháirtíochtaí domhanda, le béim ar leith ar eolas, scileanna agus luachanna a chur chun cinn le haghaidh forbartha cuimsithí agus inbhuanaithe;

(ii)

malartú taithí, dea-chleachtais agus nuálaíochta a chur chun cinn, bunaithe ar chur chuige cothromaithe maidir le forbairt na gcóras oideachais;

(iii)

rochtain chothrom ar an oideachas agus caighdeán an oideachais a fheabhsú, go háirithe i gcás daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad, i gcás imirceach, i gcás na mban agus na gcailíní, i gcás daoine ar de mhionlaigh creidimh iad, daoine faoi mhíchumas, daoine atá ag maireachtáil i gcomhthéacs leochaileach agus sna tíortha sin is faide ó spriocanna domhanda a bhaint amach, agus feabhas a chur ar chríochnú an bhunoideachais a chomhlánú agus dul ar aghaidh go dtí an t-iar-bhunoideachas íochtarach.

(c)   Comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus cearta na mban agus na gcailíní a chosaint

(i)

tacú le cláir ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil chun cumhachtú eacnamaíoch agus sóisialta, ceannaireacht agus rannpháirtíocht chothrom pholaitiúil na mban agus na gcailíní a chur chun cinn;

(ii)

tacú le tionscnaimh náisiúnta, le tionscnaimh réigiúnacha agus le tionscnaimh dhomhanda chun an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chomhtháthú i mbeartais, i bpleananna agus i mbuiséid, lena n-áirítear i gcreatanna forbartha idirnáisiúnta, réigiúnacha agus náisiúnta agus sa chlár oibre um éifeachtacht cabhrach; cuidiú le cleachtais roghnúcháin gnéis atá laofa ó thaobh inscne a dhíothú;

(iii)

aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscne agus tacú le híospartaigh an fhoréigin sin.

(d)   Leanaí agus daoine óga

(i)

gáinneáil ar leanaí agus gach cineál foréigin in aghaidh leanaí agus mí-úsáide leanaí, agus fostú leanaí, i gcáil ar bith, a chomhrac, agus pósadh leanaí a chomhrac, agus beartais a chur chun cinn ina gcuirfí leochaileacht agus poitéinseal leanaí agus daoine óga go háirithe san áireamh, ina dtabharfaí cosaint dá gcearta, lena n-áirítear clárú breithe, agus dá leasanna, dá n-oideachas, dá sláinte agus dá slí bheatha, ag tosú le rannpháirtíocht agus le cumhachtú;

(ii)

cur le haird agus le cumas tíortha atá i mbéal forbartha beartais a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe do leanaí agus do dhaoine óga agus ról na leanaí agus na ndaoine óga mar ghníomhaithe i dtaca leis an bhforbairt a chur chun cinn;

(iii)

tacú le straitéisí agus idirghabhálacha nithiúla a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí sonracha agus ar na dúshláin atá roimh leanaí agus roimh dhaoine óga, go háirithe i dtaobh na sláinte, an oideachais agus na fostaíochta, agus a sainleasanna siúd á gcur san áireamh sna gníomhaíochtaí ábhartha uile.

(e)   Neamh-idirdhealú

(i)

tacú le tionscnaimh áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus domhanda chun neamh-idirdhealú ar fhorais inscne, céannachta inscne, bunúis chiníoch nó eitnigh, sainaicme, reiligiúin nó creidimh, míchumais, galair, aoise, gnéaschlaonta a chur chun cinn trí bheartais, trí phleananna agus trí bhuiséid a fhorbairt agus trí dhea-chleachtas agus saineolas a roinnt;

(ii)

a áirithiú go mbíonn idirphlé níos leithne ann maidir leis an neamh-idirdhealú agus maidir le cosantóirí chearta an duine a chosaint.

(f)   Fostaíocht, scileanna, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta

(i)

Tacú le leibhéil arda d'fhostaíocht tháirgiúil chuibhiúil go háirithe le tacaíocht don mhéid seo a leanas: beartais fhónta agus straitéisí fónta oideachais agus fostaíochta, gairmoiliúint le haghaidh infhostaitheachta a bheidh ábhartha ó thaobh riachtanais agus dhearcthaí mhargadh an tsaothair, dálaí oibre lena n-áirítear sa gheilleagar neamhfhoirmiúil, obair chuibhiúil a chur chun cinn bunaithe ar chaighdeáin bunúsacha saothair na EIS, lena n-áirítear comhrac in aghaidh saothair leanaí, agus idirphlé sóisialta mar aon le soghluaisteacht lucht saothair a éascú agus cearta na n-imirceach a urramú agus a chur chun cinn ag an am céanna;

(ii)

cuimsiú sóisialta a neartú go háirithe trí chórais cosanta sóisialta a chur ar bun agus a threisiú, lena n-áirítear scéimeanna árachais shóisialta dóibh siúd atá ag maireachtáil beo bocht, agus trí athchóirithe fioscacha, cumas na gcóras cánach a neartú agus treisiú leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus na himghabhála cánach, rud a chuideoidh leis an gcomhionannas agus leis an dáileadh rachmais a fheabhsú;

(iii)

cuimsiú sóisialta agus comhionannas inscne a neartú le comhar maidir le rochtain chothrom ar sheirbhísí bunúsacha, fostaíocht do chách, cumhachtú agus urramú ar chearta ghrúpaí sonracha, go háirithe imircigh, leanaí agus daoine óga, daoine faoi mhíchumas, mná, daoine dúchasacha agus daoine ar de mhionlaigh iad lena áirithiú go mbeidh na grúpaí sin in ann páirt a ghlacadh agus leas a bhaint as cruthú saibhris agus as éagsúlacht chultúrtha agus go mbeidh siad ag déanamh amhlaidh.

(g)   Fás, poist agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí

(i)

gníomhaíochtaí a chur chun cinn atá dírithe ar bhreis post agus ar phoist mhaithe a chruthú trí chumas iomaíochta agus athléimneacht micreafhiontar agus FBManna áitiúla a fhorbairt agus iad a lánpháirtiú sa gheilleagar áitiúil, sa gheilleagar réigiúnach agus sa gheilleagar domhanda, trí chuidiú le tíortha atá i mbéal forbartha iad féin a lánpháirtiú i gcórais trádála réigiúnacha agus iltaobhacha;

(ii)

ceirdeanna áitiúla a fhorbairt d'fhonn an oidhreacht chultúrtha áitiúil a chaomhnú;

(iii)

earnáil phríobháideach áitiúil a fhorbairt a bheidh freagrach ar bhonn sóisialta agus éiceolaíochta agus timpeallacht an ghnó a fheabhsú;

(iv)

beartais éifeachtacha eacnamaíocha a chur chun cinn a thacóidh leis an ngeilleagar áitiúil agus le tionscail áitiúla a fhorbairt, agus druidim chuig geilleagar glas cuimsitheach, éifeachtúlacht acmhainní, tomhaltas inbhuanaithe agus próisis inbhuanaithe táirgthe;

(v)

an chumarsáid leictreonach a chur chun cinn mar uirlis chun tacú le fás ar son na mbocht sna hearnálacha go léir d'fhonn an bhearna dhigiteach idir tíortha atá i mbéal forbartha agus tíortha tionsclaithe agus laistigh de thíortha i mbéal forbartha a laghdú, chun creat leordhóthanach beartais agus rialála a bhaint amach sa réimse sin agus chun forbairt bonneagar riachtanach agus úsáid seirbhísí agus feidhmchlár bunaithe ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur chun cinn;

(vi)

cuimsiú airgeadais a chur chun cinn trí rochtain ar sheirbhísí airgeadais a éascú agus trí leas éifeachtach a bhaint astu, amhail micreachreidmheas agus coigilteas, micrea-árachas agus aistriú íocaíochta do mhicreafhiontair agus FBManna agus do theaghlaigh, go háirithe grúpaí faoi míbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha.

(h)   Cultúr

(i)

idirphlé idirchultúrtha, éagsúlacht chultúrtha agus urramú gach cultúir ar bhealach comhionann a chur chun cinn;

(ii)

comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn chun rannchuidiú tionscal cultúrtha le fás eacnamaíoch i dtíortha atá i mbéal forbartha a spreagadh chun an leas is fearr is féidir a bhaint as cumas an fháis an bochtaineacht a chomhrac, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail rochtain ar an margadh agus cearta maoine intleachtúla;

(iii)

meas ar luachanna sóisialta, cultúrtha agus spioradálta na ndaoine dúchasacha agus na mionlach a chur chun cinn d'fhonn cur leis an gcomhionannas agus leis an gceartas i sochaithe ileitneacha i gcomhréir le cearta uilíocha an duine, a bhfuil an uile dhuine ina dteideal, lena n-áirítear daoine dúchasacha agus daoine ar de mhionlaigh iad;

(iv)

tacú leis an gcultúr mar earnáil eacnamaíoch a bhfuil an-chosúlacht uirthi ó thaobh fáis agus forbartha de.

IV.   Slándáil bia agus cothaithe agus talmhaíocht inbhuanaithe

Neartófar le comhar sa réimse seo comhar, an malartú eolais agus taithí agus cumas na dtíortha comhpháirtíochta maidir le ceithre cholún na slándála bia trí chur chuige a bheidh íogair ó thaobh inscne: infhaighteacht bia (táirgeadh), rochtain (lena n-áirítear talamh, bonneagar d'fhonn bia a iompar ó limistéir barrachais go limistéir easnaimh, margaí, cúlchistí náisiúnta bia a bhunú, líontáin sábhála), úsáid (idirghabhálacha sa chothú ar bhealaí a bheidh feasach ón taobh sóisialta de) agus cobhsaíocht, agus aghaidh á tabhairt freisin ar thrádáil chóir agus tabharfar tús áite do chúig ghné ag an am céanna: talmhaíocht agus coinneáil beostoic ar ghabháltais bheaga, próiseáil bia chun breisluach a chruthú, rialachas, lánpháirtíocht réigiúnach agus sásraí cúnaimh do phobail leochaileacha, tríd an méid seo a leanas:

(a)

forbairt talmhaíochta ara ghabháltais bheaga agus coinneáil beostoic ar ghabháltais bheaga a chur chun cinn trí rochtain shlán ar theicneolaíocht a bheidh bunaithe ar an éiceachóras, a mbaineann carbón íseal léi agus atá athléimneach ó thaobh na haeráide de (lena n-áirítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide), trí straitéisí oiriúnaithe áitiúla agus uathrialaitheacha maidir leis an athrú aeráide a aithint, a chur chun cinn agus a threisiú, agus trí sheirbhísí leathnaithe agus teicniúla, trí scéimeanna forbartha tuaithe, bearta infheistíochta atá táirgiúil agus freagrach, i gcomhréir le treoirlínte idirnáisiúnta, bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní talún agus ar acmhainní nádúrtha, trí chearta talún an daonra a chosaint ina bhfhoirmeacha éagsúla agus trí rochtain ar thalamh do phobail áitiúla a chosaint, trí éagsúlacht ghéiniteach a chosaint i dtimpeallacht cumasúcháin eacnamaíochta;

(b)

tacú le ceapadh beartais agus le rialachas a bheidh freagrach ó thaobh na heacnamaíochta de agus ón taobh sóisialta de i ndáil leis na hearnálacha ábhartha, le ról na ngníomhaithe poiblí agus na ngníomhaithe neamhphoiblí ina rialáil agus i dtaobh úsáid a bhaint as earraí poiblí, i dtaobh an chumais eagrúcháin, i dtaobh na n-eagraíochtaí gairmiúla agus na n-institiúidí gairmiúla;

(c)

an tslándáil bia agus cothaithe a neartú trí bheartais chuí, lena n-áirítear trí na seirbhísí bithéagsúlachta agus na seirbhísí éiceachórais a chosaint, trí bheartais um oiriúnú don athrú aeráide, trí chórais faisnéise, trí ghéarchéim a chosc agus a bhainistiú, agus trí straitéisí um chothú a bheidh dírithe ar phobail leochaileacha ina mbaintear leas as na hacmhainní is gá chun idirghabhálacha bunúsacha a dhéanamh trína bhféadfaí formhór mór na gcásanna mhíchothaithe a chosc;

(d)

cleachtais shábháilte agus inbhuanaithe a chothú ar fud shlabhra an tsoláthair bhia agus bheatha.

V.   Imirce agus tearmann

Tá comhar sa réimse seo ceaptha leis an idirphlé polaitiúil a neartú, mar aon leis an gcomhar, leis an malartú eolais agus taithí agus le hinniúlachtaí na dtíortha comhpháirtíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus inniúlachtaí na n-údarás áitiúil chun tacú le soghluaisteacht an duine mar ghné dhearfach d'fhorbairt an duine. Tabharfaidh comhar sa réimse seo aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le sreabha imirce, lena n-áirítear imirce Theas-Theas, bunaithe ar chur chuige na gcearta, bunaithe ar chearta, lena gcumhdófar cearta uile an duine, bíodh cearta sibhialta agus polaitiúla nó eacnamaíocha, sóisialta nó cultúrtha i gceist, agus tabharfar aghaidh freisin ar chás na n-imirceach leochaileach amhail mionaoisigh gan tionlacan, íospartaigh na gáinneála, iarrthóirí tearmainn, imirceach ban, agus an bhail a bheidh ar leanaí, ar mhná agus ar theaghlaigh a bheidh fágtha ina dtíortha dúchais, tríd an méid seo a leanas:

(a)

rialachas imirce a chur chun cinn ar gach leibhéal, ag díriú go háirithe ar na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíochta a bhaineann leis an imirce, agus tabharfar aitheantas don ról tábhachtach a bhíonn ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear an diaspóra, chomh maith leis na húdaráis áitiúla agus aghaidh á tabhairt ar an imirce mar ghné thábhachtach den straitéis forbartha;

(b)

a áirithiú go ndéanfar sreabha imirce, agus gach gné díobh, a bhainistiú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear trí inniúlachtaí na rialtas agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile i dtíortha comhpháirtíochta a fheabhas sna réimsí seo a leanas: imirce dhleathachagus soghluaisteacht dhleathach; imirce neamhdhlíthiúil, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc; imircigh neamhdhlíthiúil a chur abhaile ar bhonn inbhuanaithe agus tacú le hathfhilleadh deonach agus leis an ath-imeascadh; acmhainneachtaí comhtháite maidir le bainistiú teorann; agus cosaint idirnáisiúnta agus tearmann;

(c)

uasmhéadú a dhéanamh ar an tionchar forbartha a bheidh ag soghluaisteacht mhéadaithe réigiúnach agus dhomhanda daoine, agus go háirithe ag dea-bhainistiú imirce lucht oibre, ag feabhsú lánpháirtithe na n-imirceach i dtíortha chinn scríbe, cearta na n-imirceach agus a dteaghlach a chur chun cinn agus a chosaint trí thacaíocht a thabhairt do bheartais fhónta réigiúnacha agus náisiúnta maidir le himirce agus le tearmann a cheapadh agus a chur chun feidhme agus tríd an ngné imirce a lánpháirtiú isteach i mbeartais eile réigiúnacha agus náisiúnta agus trí thacú le rannpháirtíocht eagraíochtaí imirceach agus údarás áitiúil i gceapadh beartas agus i dtaca le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeartas;

(d)

feabhas a chur ar chomhthuiscint ar an nasc idir an imirce agus an fhorbairt, lena n-áirítear ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha bheartais an rialtais, san imirce, sa tearmann nó in earnálacha eile;

(e)

cur le hacmhainneachtaí tearmainn agus ligean isteach imirceach sna tíortha comhpháirtíochta.

Déanfar comhar sa réimse seo a bhainistiú ar bhealach comhleanúnach leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí, agus prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt á urramú go hiomlán.

B.   AN CLÁR UM “EAGRAÍOCHTAÍ NA SOCHAÍ SIBHIALTA AGUS ÚDARÁIS ÁITIÚLA”

I gcomhréir leis na conclúidí ón Tionscnamh ón gCoimisiún um Idirphlé Struchtúrtha agus leis an tacaíocht ón Aontas do chearta an duine, don daonlathas agus don dea-rialachas, is é is cuspóir don chlár eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil i dtíortha comhpháirtíochta a neartú agus, i gcás ina bhforáiltear dóibh sa Rialachán seo, is é is cuspóir dó san Aontas, sna tíortha is iarrthóirí agus sna tíortha is iarrthóirí ionchasacha a neartú. Leis an gclár, táthar ag iarraidh timpeallacht cumasúcháin a chothú ar mhaithe le rannpháirtíocht na saoránach agus le gníomhaíocht ón sochaí sibhialta agus ar mhaithe le comhar, le malartú eolais agus taithí agus le hacmhainní eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil i dtíortha comhpháirtíochta chun tacú le spriocanna forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta.

Chun críocha an Rialacháin seo, is gníomhaithe neamhstáit, neamhbhrabúsmhara a oibríonn ar bhonn neamhspleách cuntasach iad “eagraíochtaí na sochaí sibhialta” agus cuimsíonn siad na comhlachtaí seo a leanas: eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar phobail dhúchasacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh náisiúnta agus/nó eitneacha, eagraíochtaí diaspóra, eagraíochtaí imirceach i dtíortha comhpháirtíochta, cumainn trádálaithe áitiúla agus grúpaí saoránach, comharchumainn, cumainn fostóirí agus ceardchumainn (comhpháirtithe sóisialta), eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna eacnamaíocha agus sóisialta, eagraíochtaí a bhíonn ag comhrac in aghaidh an éillithe agus na calaoise agus a bhíonn ag cur an dea-rialachais chun cinn, eagraíochtaí cearta sibhialta agus eagraíochtaí a bhíonn ag dul i ngleic le hidirdhealú, eagraíochtaí áitiúla (lena n-áirítear líonraí) atá páirteach i gcomhar díláraithe réigiúnach agus i lánpháirtíocht dhíláraithe réigiúnach, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí ban agus eagraíochtaí óige, eagraíochtaí comhshaoil, teagaisc, cultúrtha, taighde agus eolaíocha, ollscoileanna, eaglaisí agus comhlachais chreidimh agus pobail chreidimh, na meáin agus aon chomhlachais neamhrialtasacha agus aon fhondúireachtaí neamhspleácha, lena n-áirítear fondúireachtaí polaitiúla neamhspleácha, ar dóigh dóibh rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo a chur chun feidhme.

Chun críocha an Rialacháin seo cuimsítear le “údaráis áitiúla” raon leathan de leibhéil fhonáisiúnta agus de bhrainsí fo-náisiúnta de rialtas, i.e. bardais, pobail, ceantair, contaetha, cúigí, réigiúin, etc.

Rannchuideoidh an clár seo leis na nithe seo a leanas:

(a)

sochaí chuimsitheach agus chumhachtaithe i dtíortha comhpháirtíochta trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus seirbhísí bunúsacha a bheidh neartaithe a sheachadadh do dhaonraí a bheidh i ngátar;

(b)

leibhéal méadaithe feasachta san Eoraip maidir le saincheisteanna forbartha agus tacaíocht ghníomhach phoiblí a shlógadh san Aontas, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha don bhochtaineacht a laghdú agus do straitéisí forbartha inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta;

(c)

acmhainn mhéadaithe líonraí, ardán agus comhghuaillíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus údarás áitiúil na hEorpa agus an Deiscirt chun idirphlé beartais a bheidh substainteach agus leantach a áirithiú i réimse na forbartha agus chun rialachas daonlathach a chur chun cinn.

Seo a leanas roinnt gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh tacaíocht a fháil ón gclár seo:

(a)

idirghabhálacha i dtíortha comhpháirtíochta a thacóidh le grúpaí leochaileacha agus imeallaithe trí sheirbhísí bunúsacha a chur ar fáil a sheachadfar trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus trí údaráis áitiúla;

(b)

acmhainn forbartha na ngníomhaithe spriocdhírithe a bheidh comhlántach don tacaíocht a dheonófar faoi chuimsiú an chláir náisiúnta, gníomhaíochtaí a dhíreofar ar na nithe seo a leanas:

(i)

timpeallacht cumasúcháin a chruthú ar mhaithe le rannpháirtíocht na saoránach agus le gníomhaíocht na sochaí sibhialta agus ar mhaithe le hacmhainn eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach go héifeachtach i bpróiseas an cheaptha beartais agus san fhaireachán ar chur chun feidhme na mbeartas;

(ii)

éascú a dhéanamh ar idirphlé feabhsaithe agus ar idirghníomhú feabhsaithe idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla, an Stát agus gníomhaithe forbartha eile i gcomhthéacs na forbartha;

(iii)

neartú a dhéanamh ar acmhainn na n-údarás áitiúil a bheith rannpháirteach go héifeachtach sa phróiseas forbartha, agus aitheantas á thabhairt ar a ról agus a ngnéithe ar leith;

(c)

feasacht an phobail a ardú ar shaincheisteanna forbartha, rud lena gcuirtear ar chumas daoine a bheith ina saoránaigh ghníomhacha, fhreagracha agus oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil a chur chun cinn don fhorbairt san Aontas, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, chun beartas forbartha a dhaingniú sa sochaí, chun tacaíocht phoiblí níos mó a fháil do ghníomhaíocht in aghaidh na bochtaineachta agus do chaidreamh níos cothroime idir tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha, chun feasacht a mhúscailt ar na saincheisteanna agus ar na deacrachtaí atá os comhair tíortha atá i mbéal forbartha agus a gcuid pobal, agus chun an ceart chun próiseas forbartha a chur chun cinn ina bhféadfar cearta uile agus saoirsí bunúsacha uile an duine a bhaint amach go hiomlán agus chun an ghné shóisialta den domhandú a chur chun cinn;

(d)

comhordú, forbairt acmhainní agus neartú institiúide de líonraí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil, laistigh dá gcuid eagraíochtaí agus idir cineálacha éagsúla páirtithe leasmhara atá gníomhach sa díospóireacht phoiblí maidir le forbairt mar aon le comhordú, forbairt acmhainní agus neartú institiúide de líonraí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil agus na mbrateagraíochtaí de chuid an Deiscirt.


IARSCRÍBHINN III

RÉIMSÍ COMHAIR FAOIN gCLÁR PAN-AFRACACH

Tacófar tríd an gclár Pan-Afracach le cuspóirí agus prionsabail ghinearálta chomhpháirtíocht straitéiseach idir an Aifric agus an tAontas. Leis an gclár sin, déanfar na prionsabail maidir le comhpháirtíocht duine-lárnach agus maidir le “caitheamh leis an Afraic mar an aon ní amháin” a chur chun cinn, mar aon le comhtháthú idir na leibhéil réigiúnacha agus na leibhéil ilchríochacha. Díreofar ann ar ghníomhaíochtaí san Afraic agus leis an Afraic, ar de chineál trasréigiúnach, ilchríochach nó domhanda iad, agus tacófar leis tionscnaimh chomhpháirteacha idir an Afraic agus AE ar an leibhéal domhanda. Leis an gclár, tabharfar tacaíocht go háirithe sna réimsí a leanas den chomhpháirtíocht:

(a)

an tsíocháin agus an tslándáil;

(b)

an rialachas daonlathach agus cearta an duine;

(c)

an trádáil, an comhtháthú réigiúnach agus bonneagar (lena n-áirítear amhábhair);

(d)

FSManna agus spriocanna nua iar-2015 don fhorbairt arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta;

(e)

fuinneamh;

(f)

an t-athrú aeráide agus an comhshaol;

(g)

imirce, soghluaisteacht agus tearmann;

(h)

eolaíocht, sochaí na faisnéise agus an spás;

(i)

saincheisteanna trasnaí.


IARSCRÍBHINN IV

LEITHDHÁILTÍ AIRGEADAIS TÁSCACHA DON TRÉIMHSE 2014-2020

(figiúirí airgeadaíochta i milliún EUR)

Iomlán

19 662

(1)

Cláir gheografacha

11 809 (1)

(a)

In aghaidh an limistéir gheografaigh

 

(i)

Meiriceá Laidineach

2 500

(ii)

An Áise Theas

3 813

(iii)

An Áise Thuaidh agus an Áise Thoir Theas

2 870

(iv)

An Áise Láir

1 072

(v)

An Meánoirthear

545

(vi)

Tíortha Eile

251

(b)

In aghaidh an limistéir chomhair

 

(i)

Cearta an duine, an daonlathas agus an dea-rialachas

15 % ar a laghad

(ii)

Fás cuimsitheach agus inbhuanaithe don fhorbairt dhaonna

45 % ar a laghad

(2)

Cláir théamacha

7 008

(a)

Earraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda

5 101

(i)

An comhshaol agus an t-athrú aeráide (2)

27 %

(ii)

Fuinneamh inbhuanaithe

12 %

(iii)

Forbairt dhaonna, lena n-áirítear obair chuibhiúil, ceartas sóisialta agus cultúr

25 %

ina measc:

 

Sláinte

ar a laghad 40 %

Oideachas, eolas agus scileanna

ar a laghad 17,5 %

Comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus cosaint chearta na mban agus na gcáilíní; leanaí agus daoine óga, an neamh-idirdhealú; fostaíocht, scileanna, an chosaint shóisialta agus an cuimsiú sóisialta; fás, poist agus páirtíocht na hearnála príobháidí, an cultúr ar a laghad

27,5 %

(iv)

Slándáil bia agus cothaithe agus talmhaíocht inbhuanaithe

29 %

(v)

Imirce agus tearmann

7 %

Úsáidfear 50 % ar a laghad de na cistí, sula n-úsáidfear na marcóirí atá bunaithe ar mhodheolaíocht OECD (marcóirí Rio), le haghaidh gníomhaíochta aeráide agus cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol.

(b)

Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla

1 907

(3)

An clár Pan-Afracach

845


(1)  A bhfuil EUR 758 milliún de gan a bheith leithdháilte.

(2)  I bprionsabal, leithdhálfar cistí go cothrom idir an comhshaol agus an t-athrú aeráide.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)

Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe do gach tír/réigiún, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tosaíochta do chláir gheografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2). Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméid chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach eile a tháinig as an idirphlé straitéiseach.


(1)  Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh.

(2)  Nuair is infheidhme.


Dearbhú ó Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le pointe (ii) de phointe (b) d'Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020

Maidir le cur i bhfeidhm phointe (ii) de phointe (b) d'Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, meastar go bhfuil na tíortha comhpháirtíochta seo a leanas incháilithe le haghaidh comhair dhéthaobhaigh, mar chásanna eisceachtúla, lena n-áirítear i bhfianaise deontais forbraíochta a chéimniú amach: Cúba, an Cholóim, Eacuadór, Peiriú agus an Afraic Theas.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le hAirteagal 5 de Rialachán Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020

Iarrfaidh an Coimisiún Eorpach tuairimí Pharlaimint na hEorpa sula n-athraíonn siad cur i bhfeidhm phointe (ii) de phointe (b) d'Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le leithdháileadh do sheirbhísí bunúsacha

Ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais, le Rialachán Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 cuidiú chun gealltanas comhpháirteach an Aontais a bhaint amach maidir le tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d'fhorbairt dhaonna chun feabhas a chur ar shaol daoine i gcomhréir le Spriocanna Forbartha na Mílaoise. Cuirfear 20 % ar a laghad den chúnamh arna leithdháileadh faoin Rialachán sin ar leataobh do sheirbhísí sóisialta bunúsacha, agus béim ar shláinte agus ar oideachas, agus don mheánoideachas, ag glacadh leis nach mór leibhéal solúbthachta a bheith mar ghnáth-chleachtas, amhail i gcásanna a mbaineann cúnamh eisceachtúil leo. Áireofar sonraí maidir le hurramú an dearbhaithe seo sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraim an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú.


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcúnamh a thugtar faoi na hionstraimí airgeadais a fhionraí

I dtaobh Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020, Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), tugann Parlaimint na hEorpa dá haire nach bhfuil aon tagairt shainráite sna Rialacháin sin don fhéidearthacht go bhfionrófaí cúnamh mura gcomhlíonfadh an tír is tairbhí na bunphrionsabail atá leagtha amach san ionstraim lena mbaineann agus go háirithe prionsabail an daonlathais, smachta reachta agus urramú chearta an duine.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim airgeadais iomlán a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí aon chúnamh faoi na hionstraimí seo. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.