12.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 223/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 17 Meitheamh 2010, lenar glacadh straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach ('straitéis Eoraip 2020'), tá sé mar chuspóir ag an Aontas agus ag na Ballstáit go mbeidh 20 milliún duine níos lú ar a laghad i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta faoi 2020. Mar sin féin, bhí beagnach an ceathrú cuid de dhaoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas (119,82 milliún) i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta in 2011, timpeall le 4 mhilliún duine os cionn an líon a bhí ann an bhliain roimhe. Níl an bhochtaineacht ná an t-eisiamh sóisialta aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus bíonn éagsúlacht ar a thromchúisí atá siad i measc na mBallstát.

(2)

Tá an líon daoine lena mbaineann díth ábhartha nó fiú géardhíth ábhartha san Aontas ag méadú agus in 2011 bhí beagnach 8,8 % de shaoránaigh an Aontais ag maireachtáil i ndálaí géardhíthe ábhartha. Ina theannta sin, is minic a bhíonn na daoine sin ró-eisiata chun tairbhiú de bhearta gníomhachtúcháin Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus, go háirithe, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(3)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún céimeanna iomchuí a ghlacadh chun aon idirdhealú a chosc agus ba cheart go ndéanfaidís a áirithiú go mbeidh comhionannas idir fir agus mná agus go ndéanfar an ghné inscne a lánpháirtiú go comhleanúnach ag céim ullmhaithe, cláraithe, bainistithe, cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta Ciste maidir le Cabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (an 'Ciste'), agus go ndéanfar é a lánpháirtiú freisin sna feachtais faisnéise agus múscailte feasachta agus i malartú dea-chleachtas.

(4)

Cuirtear i bhfios go láidir in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, fhorlámhas an dlí agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

(5)

Cuirtear i bhfios go láidir in Airteagal 6 CAE, go n-aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)go bhfuil an tAontas chun gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, d'fhonn a fhorbairt chomhchuí i gcoitinne a chur ar aghaidh.

(7)

Ba cheart go ndéanfaí tríd an gCiste comhtháthú sóisialta a neartú trí rannchuidiú leis an mbochtaineacht a laghdú, agus ar deireadh trí na cineálacha is measa bochtaineacht, san Aontas a dhíobhadh trí thacaíocht a thabhairt do scéimeanna náisiúnta a chuireann cúnamh neamhairgeadais ar fáil chun díth bia agus géardhíth a mhaolú agus/nó rannchuidiú le cuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí. Leis an gCiste, ba cheart go ndéanfaí maolú ar chásanna fíorbhochtaineachta ag a bhfuil an tionchar is mó maidir le heisiamh sóisialta, amhail easpa dídine, bochtaineacht leanaí agus díth bia.

(8)

Níl sé i gceist leis an gCiste beartais eile a chur in ionad na mbeartas poiblí arna ndéanamh ag na Ballstáit chun bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a chomhrac, go háirithe beartais atá riachtanach chun imeallú na ngrúpaí leochaileacha agus na ngrúpaí atá ar ioncam íseal a chosc agus chun riosca ardaithe na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a sheachaint.

(9)

Faoi Airteagal 317 CFAE, agus i gcomhthéacs na bainistíochta comhroinnte, ba cheart na coinníollacha a shonrú faoina gceadaítear don Choimisiún a fhreagrachtaí a fheidhmiú maidir le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus ba cheart freagrachtaí i dtéarmaí chomhar na mBallstát a shoiléiriú. Ba cheart go gcuirfeadh na coinníollacha sin ar chumas an Choimisiúin deimhin a dhéanamh de go bhfuil na Ballstáit ag úsáid Chistí ar mhodh dlíthiúil agus rialta agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ('an Rialacháin Airgeadais').

(10)

Ba cheart a áirithiú freisin leis na forálacha sin go gcomhlíonfaidh na hoibríochtaí lena dtacófar dlíthe infheidhme an Aontais agus an dlí gaolmhar náisiúnta lena gcuirtear an Rialachán chun feidhme go díreach nó go hindíreach, mar aon le beartais go háirithe maidir le sábháilteacht bia agus/nó cúnamh bunúsach ábhartha a dháiltear ar na daoine is díothaí.

(11)

Cuirtear i gcuntas go cothrom i leithdháileadh leithreasaí an Chiste idir na Ballstáit don tréimhse 2014-2020 na táscairí seo a leanas, a ndearnadh measúnú orthu ar bhonn sonraí ó Eurostat: maidir leis an daonra a bhfuil géardhíth ábhartha orthu agus leis an daonra a mhaireann i dteaghlach ísealdéine oibre. Ina theannta sin, cuireann an leithdháileadh i gcuntas na bealaí difriúla le cúnamh a thabhairt do na daoine is díothaí sna Ballstáit. Déanfar íosmhéid de EUR 3 500 000 a leithdháileadh ar gach Ballstát áfach dothréimhse clárscedealaithe 2014-2020 chun clár oibríochtúil a leagan amach le leibhéal bríoch acmhainní.

(12)

Ba cheart leithdháileadh an Bhallstáit ón gCiste a bhaint ó leithdháileadh an Bhallstáit ó na Cistí Struchtúrtha.

(13)

I gcláir oibríochtúla na mBallstát ba cheart na cineálacha díthe bia agus/nó díthe ábhartha ar gá díriú orthu agus/nó na gníomhaíochtaí um chuimsiú sóisialta a bheidh le tacú a aithint agus údar maith a thabhairt leo, agus ba cheart gnéithe an chúnaimh a sholáthrófar do na daoine is díothaí le tacaíocht an Chiste le scéimeanna náisiúnta a thuairisciú. Ba cheart na heilimintí is gá chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na gclár oibríochtúil a áirithiú a áireamh ann chomh maith.

(14)

Comhtharlaíonn géardhíth bia san Aontas le díomailt shuntasach bia. Chuige sin, ba cheart go n-éascófaí deonacháin bia, i gcás inarb iomchuí. Tá sé sin gan dochar, áfach, don ghá na bacanna atá ann cheana a bhaint chun deonacháin de bhia breise a spreagadh d'fhonn díth bia a chomhrac.

(15)

D'fhonn cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na mbeart arna maoiniú ón gCiste a áirithiú, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, comhar a chur chun cinn idir na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta agus go gcuirfidís chun cinn rannpháirtíocht iad siúd go léir a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí arna maoiniú ón gCiste a tharraingt suas agus a chur chun feidhme.

(16)

Chun éifeachtacht an Chiste a uasmhéadú, go háirithe maidir le hathruithe a d'fhéadfadh a bheith ann sna himthosca náisiúnta, is iomchuí nós imeachta a bhunú chun an chláir oibríochtúil a leasú.

(17)

Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na comhpháirtíochta chun a áirithiú go dtugtar freagairt sa bhealach is éifeachtaí agus is leordhóthanaí do riachtanais éagsúla agus chun iarracht níos fearr a dhéanamh chun teacht ar na daoine is díothaí.

(18)

Tá breisluach suntasach ag malartuithe taithí agus dea-chleachtas toisc go n-éascaíonn siad foghlaim fhrithpháirteach agus ba cheart don Choimisiún malartuithe den sórt sin a éascú agus a chur chun cinn agus sineirgí á lorg le malartú dea-chleachtais i gcomhthéacs Cistí gaolmhara, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE).

(19)

Chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i gcur chun feidhme na gclár oibríochtúil, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a tharraingt suas agus a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart go n-áiritheodh sin infhaighteacht faisnéise fíor-riachtanaí agus cothrom le dáta a áirithiú. Chun na gcríoch céanna, ba cheart don Choimisiún agus do gach Ballstát teacht le chéile gach bliain chun athbhreithniú a dhéanamh, ach amháin mura rud é go gcomhaontaíonn siad a mhalairt. Ba cheart do gheallsealbhóirí ábhartha a bheith rannpháirteach i bhfaireachán ar bhealach iomchuí.

(20)

Chun cáilíocht agus dearadh gach cláir oibríochtúil a fheabhsú agus chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Chiste a mheas, ba cheart meastóireachtaí ex-ante agus ex-post a dhéanamh. Ba cheart a bheith na meastóireachtaí sin a bhunú ar shonraí ábhartha. Maidir le meastóireachtaí ex-post ba cheart iad a fhorlíonadh, i gcás inarb ábhartha, le suirbhéanna ar na daoine is díothaí a thairbhigh den chlár oibríochtúil, agus, más gá, le meastóireachtaí le linn na tréimhse cláraithe. Ba cheart go n-urramófaí príobháideacht na bhfaighteoirí deiridh leis na meastóireachtaí sin agus go gcuirfí i gcrích iad ar bhealach nach ndéanfaí na daoine is díothaí a náiriú. Ba cheart freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin i dtaca leis sin a shonrú.

(21)

Agus meastóireacht á déanamh ar an gCiste agus forbairt á déanamh ar an modheolaíocht meastóireachta, ba cheart a mheabhrú gur coincheap casta de chineál iltoiseach í an díothacht.

(22)

Tá sé de cheart ag saoránaigh eolas a bheith acu faoin gcaoi a ndéantar acmhainní airgeadais an Aontais a infheistiú agus faoi thorthaí an infheistithe sin. Ar mhaithe le scaipeadh leathan faisnéise faoi éachtaí an Chiste agus chun inrochtaineacht agus trédhearcacht na ndeiseanna cistiúcháin a áirithiú, ba cheart rialacha mionsonraithe maidir le faisnéis agus cumarsáid a bhunú, go háirithe i ndáil le freagrachtaí na dtairbhithe, na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha, na n-údarás áitiúil agus réigiúnach.

(23)

Tá feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus saorghluaiseacht na sonraí sin, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(24)

Is gá uasleibhéal cómhaoinithe ón gCiste chuig na cláir oibríochtúla a bhunú chun go mbeadh éifeacht iolraitheach ag acmhainní an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar staid na mBallstát a bhfuil deacrachtaí buiséadacha sealadacha rompu.

(25)

Ba cheart rialacha aonfhoirmeacha, simplí agus cothroma maidir leis an tréimhse incháilitheachta, oibríochtaí agus caiteachas le haghaidh an Chiste a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais. Ba cheart nádúr sonrach chuspóirí agus spriocdhaonraí an Chiste a léiriú leis na coinníollacha incháilitheachta, go háirithe trí choinníollacha leormhaithe agus simplithe incháilitheachta na n-oibríochtaí chomh maith le cineálacha tacaíochta agus rialacha agus coinníollacha maidir le haisíocaíocht.

(26)

Agus an dáta faoina mbeidh na cuirí chun tairisceana le heisiúint, na teorainneacha ama chun an Rialachán a ghlacadh agus an t-am is gá leis na cláir oibríochta a ullmhú, ba cheart rialacha a chur i bhfeidhm chun trasdul rianúil a cheadú ionas nach mbeidh aon bhriseadh i soláthar na cabhrach bia. Chuige sin, is gá incháilitheacht caiteachais a cheadú ón 1 Nollaig 2013.

(27)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) go bhféadfar táirgí arna gceannach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt trína gcur ar fáil don scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas má fhoráiltear amhlaidh leis an scéim. Ós rud é gurb é an rogha bia a fháil ó úsáid, próiseáil nó díol na dtáirgí sin, ag brath ar an himthosca, an rogha ab fhearr ó thaobh na heacnamaíochta de, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht sin sa Rialachán seo. Ba cheart na méideanna a dhíorthaítear ó idirbheart a bhaineann le táirgí den sórt sin a úsáid chun sochair na ndaoine is díothaí. Níor cheart na méideanna sin a chur i bhfeidhm sa chaoi a ndéanfaí oibleagáid na mBallstát maidir le cómhaoiniú an chláir a laghdú. Chun an úsáid is éifeachtúla agus is féidir a bhaint as na táirgí sin agus as na fáltais a thig astu a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, lena mbunófar nósanna imeachta trína bhféadfar na táirgí sin a úsáid, a phróiseáil nó a dhíol chun críocha an chláir um chabhair do na daoine is díothaí.

(28)

Is gá na cineálacha gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh mar chúnamh teicniúil le tacaíocht ón gCiste ar thionscnamh an Choimisiúin agus na mBallstát a shonrú. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le hionadaithe na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta ar leibhéal an Aontais chun na críche sin.

(29)

I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhroinnte, ba cheart go mbeadh na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach as bainistiú agus as rialú na gclár. Ba cheart gur ag na Ballstáit a bheadh an phríomhfhreagracht, trína gcórais bhainistíochta agus rialaithe, as cur chun feidhme agus rialú a gcláir oibríochtúil.

(30)

Ba cheart do na Ballstáit bearta leormhaithe a ghlacadh chun bunú agus feidhmiú cuí a gcóras bainistíochta agus rialaithe a áirithiú d'fhonn úsáid dhlíthiúil agus rialta an Chiste a dhearbhú. Ba cheart, dá bhrí sin, oibleagáidí na mBallstát maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe a gclár oibríochtúil, agus maidir le cosc, brath agus ceartú neamhrialtachtaí agus sáruithe dhlí an Aontais a shonrú.

(31)

Ba cheart go gcomhlíonfadh na Ballstáit na hoibleagáidí bainistithe, rialaithe agus iniúchóireachta agus go nglacfaidís leis na freagrachtaí mar a leagtar síos sna rialacha maidir le bainistiú comhpháirteach a leagtar amach sa Rialachán seo agus sa Rialachán Airgeadais. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, go bhfuil socruithe éifeachtacha i bhfeidhm chun gearáin i ndáil leis an gCiste a scrúdú. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, go scrúdódh na Ballstáit gearáin a thíolactar chuig an gCoimisiún agus a thagann faoi raon feidhme a gcuid socruithe agus ba cheart, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thorthaí na scrúduithe.

(32)

Ba cheart do na Ballstáit údarás bainistíochta, údarás deimhniúcháin agus údarás iniúchóireachta atá neamhspleách ó thaobh feidhme a ainmniú le haghaidh gach cláir oibríochtúil. Chun solúbthacht a thabhairt do Bhallstáit ó thaobh córais rialaithe a chur ar bun, is iomchuí an rogha a thabhairt go bhféadfadh an t-údarás bainistíochta feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích. Ba cheart freisin cead a bheith ag na Ballstáit comhlachtaí idirmheánacha a ainmniú chun cúraimí áirithe de chuid an údaráis bhainistíochta nó de chuid an údaráis deimhniúcháin a dhéanamh. I gcás ina ndéantar amhlaidh, ba cheart do na Ballstáit a bhfreagrachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi seach, a leagan síos go soiléir.

(33)

Is ar an údarás bainistíochta a bheidh an phríomhfhreagracht as an gCiste a chur chun feidhme go héifeachtach agus héifeachtúil agus, ar an dóigh sin, comhlíonfaidh sé líon suntasach feidhmeanna a bhaineann le bainistiú clár oibríochtúil agus faireachán orthu, le bainistíocht airgeadais agus rialuithe, chomh maith le roghnú tionscadal. Ba cheart, dá réir sin, freagrachtaí agus feidhmeanna an údaráis bhainistíochta a leagan amach sa Rialachán seo.

(34)

Ba cheart don údarás deimhniúcháin iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart dó na cuntais a tharraingt suas, ina ndeimhneofar a n-iomláine, a gcruinneas agus a bhfírinneacht agus go gcomhlíonann an caiteachas arna iontráil sna cuntais na rialacha Aontais is infheidhme agus na rialacha náisiúnta is infheidhme. Ba cheart freagrachtaí agus feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a leagan amach sa Rialachán seo.

(35)

Ba cheart don údarás iniúchóireachta a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na cuntais. Ba cheart freagrachtaí agus feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta a leagan amach sa Rialachán seo. Ba cheart iniúchtaí ar chaiteachais dhearbhaithe a dhéanamh ar shampla ionadaíoch d'oibríochtaí chun go bhféadfaí na torthaí a eachtarshuíomh. Mar riail ghinearálta, ba cheart modh samplála staidrimh a úsáid chun sampla ionadaíoch iontaofa a sholáthar. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfadh na húdaráis iniúchóireachta modh samplála neamhstaidrimh nó tástáil shubstainteach a úsáid in imthosca a bhfuil údar cuí leo ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(36)

Chun eagrú sonrach na gcóras bainistíochta agus rialaithe don Chiste a chur i gcuntas, agus freisin an gá atá le cur chuige comhréireach a áirithiú, ba cheart forálacha sonracha a leagan síos maidir leis an údarás bainistíochta agus leis an údarás deimhniúcháin a ainmniú. Chun ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint, ba cheart an fíorú ex-ante maidir leis na critéir ainmniúcháin a chuirtear in iúl sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh a theorannú don údarás bainistíochta agus deimhniúcháin Níor cheart go mbeadh aon cheanglas ann go ndéanfadh an Coimisiún an t-ainmniú a fhormheas. Maidir leis an bhfaireachán ar chomhlíonadh na gcritéar ainmniúcháin arna dhéanamh ar bhonn socruithe iniúchóireachta agus rialaithe, ba cheart, i gcás ina léireoidh na torthaí nár comhlíonadh na critéir, go leanfadh gníomhaíochtaí leighis astu agus go bhféadfadh sé tarlú dá éis go gcuirfí deireadh leis an ainmniúchán.

(37)

Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin maidir le rialú airgeadais, ba cheart an comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo a áirithiú agus ba cheart critéir a bhunú a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin, i gcomhthéacs a straitéise chun córais náisiúnta a rialú, an leibhéal urrúis ar cheart dó a fháil ó chomhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta a chinneadh.

(38)

Ba cheart go leagfaí síos cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a fhíorú, agus maidir le gníomhaíocht Ballstáit a cheangal. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún freisin iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh dírithe ar na saincheisteanna a bhaineann le bainistíocht fhónta airgeadais chun teacht ar chonclúidí faoi fheidhmíocht an Chiste.

(39)

Ba cheart gealltanais bhuiséadacha an Aontais dhéanamh gach bliain. Chun bainistíocht éifeachtach clár a áirithiú, is gá rialacha simplí a leagan síos maidir le réamh-mhaoiniú, le hiarrataí eatramhacha ar íocaíocht agus leis an iarmhéid deiridh

(40)

D'fhonn urrús réasúnach a áirithiú don Choimisiún sula nglacfar leis na cuntais, ba cheart iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a aisíoc ag ráta 90 % den mhéid a thig ón ráta cómhaoinithe a leagtar síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibríochta a chur i bhfeidhm ar an gcaiteachas incháilithe. Ba cheart na méideanna gan íoc atá dlite a íoc leis na Ballstáit ar ghlacadh na gcuntas, ar choinníoll go bhfuil an Coimisiún in ann a dheimhniú go bhfuil na cuntais iomlán, beacht agus ceart.

(41)

Le híocaíocht réamh-mhaoinithe a dhéanamh ag tús an chláir oibríochtúil ba cheart a áirithiú gur féidir leis an mBallstát tacaíocht a thabhairt do na tairbhithe i gcur chun feidhme na n-oibríochtaí ag tosú an uair a ghlactar an clár oibríochtúil. Ba cheart an réamh-mhaoiniú sin a úsáid go heisiach chun na críche seo agus chun gur cheart dóthain cistiúcháin a thabhairt do na tairbhithe chun tús a chur le hoibríocht chomh luath is a roghnófar é.

(42)

Ba cheart go bhfaigheadh tairbhithe an tacaíocht ina hiomláine tráth nach déanaí ná 90 lá ón dáta a thíolaic an tairbhí an t-éileamh ar íocaíocht, faoi réir na gcistí a bheith ar fáil ó réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil agus ó íocaíochtaí eatramhacha. Ba cheart go mbeadh an t-údarás bainistíochta in ann an spriocdháta a bhriseadh i gcás ina bhfuil na doiciméid tacaíochta neamhiomlán nó má tá fianaise ar neamhrialtacht ar fianaise í a chaithfear a imscrúdú tuilleadh.

(43)

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart foráil do bhearta a bhfuil teorainn ama leo agus a chuireann ar chumas an oifigigh údaraithe, trí tharmligean, íocaíochtaí a stopadh i gcás inarb ann d'fhianaise shoiléir go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bainistíochta agus rialaithe, d'fhianaise ar neamhrialtachtaí a bhaineann le hiarraidh ar íocaíocht nó d'fhianaise ar mhainneachtain doiciméid a chur isteach chun críche cuntais a scrúdú agus a ghlacadh. Ba cheart fad na tréimhse idirbhriste a bheith ar feadh tréimhse suas le sé mhí, le síneadh féideartha suas go dtí naoi mí ar an tréimhse sin le comhaontú an Bhallstáit chun dóthain ama a bheith ann chun údair an idirbhriste a réiteach agus sa tslí sin cur i bhfeidhm fionraí a sheachaint.

(44)

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus na hacmhainní a sholáthar chun cur chun feidhme éifeachtach na gclár a áirithiú, ba cheart forálacha a leagan síos lena gceadaítear don Choimisiún íocaíochtaí a fhionraí.

(45)

D'fhonn ceanglais an Rialacháin Airgeadais a chur i bhfeidhm ar bhainistiú airgeadais an Chiste, is gá nósanna imeachta le haghaidh ullmhú, scrúdú agus glacadh cuntas a leagan amach ar cheart dóibh bonn soiléir agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na socruithe sin. Ina theannta sin, d'fhonn a cheadú do Bhallstát a fhreagrachtaí a chomhlíonadh i gceart, ba cheart go mbeadh an Ballstát in ann méideanna is ábhar do mheasúnú leanúnach dlíthiúlachta agus rialtachta a eisiamh.

(46)

D'fhonn an baol a laghdú go mbeadh caiteachas mírialta á dhearbhú, ba cheart gurbh fhéidir d'údarás deimhniúcháin, gan aon údar maith breise, na méideanna a áireamh inar ghá fíorú breise maidir le hiarratas eatramhach íocaíochta tar éis na bliana cuntasaíochta inar cuireadh isteach ina chóras cuntasaíochta iad.

(47)

D'fhonn an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú, ba cheart teorainneacha sonracha ama a leagan amach ina mbeadh údaráis bhainistíochta faoi oibleagáid fáil ar dhoiciméid i gcomhair oibríochtaí a áirithiú tar éis caiteachas a chur isteach nó oibríocht a chur i gcrích. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart an tréimhse maidir le doiciméid a choimeád a idirdhealú ag brath ar chaiteachas iomlán incháilithe oibríochta.

(48)

Ós rud é go bhfíoraítear agus go nglactar leis na cuntais gach bliain, ba cheart an nós imeachta maidir le clabhsúr a bheith simplí. Níor cheart go mbeadh clabhsúr deiridh an chláir bunaithe dá bhrí sin ach amháin ar na doiciméid a bhaineann leis an mbliain chuntasaíochta dheiridh agus ar an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme nó ar an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme, gan aon ghá le haon doiciméid bhreise a chur ar fáil.

(49)

D'fhonn buiséad an Aontais a choimirciú, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé riachtanach don Choimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh. D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i le haghaidh na mBallstát, tá sé tábhachtach go saineofar na himthosca faoina bhféadfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh de dheasca sáruithe ar an dlí Aontais nó ar an dlí náisiúnta a bhaineann lena chur i bhfeidhm. D'fhonn a áirithiú go bhfuil baint ag aon cheartuithe airgeadais a fhorchuireann an Coimisiún ar Bhallstáit le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, níor cheart ceartuithe den sórt sin a úsáid ach i gcásanna ina bhfuil baint ag an sárú ar dhlí infheidhme an Aontais nó ar an dlí náisiúnta a bhaineann le dlí ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm, le hincháilitheacht, le rialtacht, le bainistíocht nó le rialú na n-oibríochtaí agus an chaiteachais chomhfhreagraigh arna ndearbhú chuig an gCoimisiún. D'fhonn comhréireacht a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanann an Coimisiún nádúr agus tromaíocht an tsáraithe agus na himpleachtaí airgeadais bainteacha do bhuiséad an Aontais a mheas, le linn dó ceartú airgeadais a chinneadh.

(50)

Tá sé riachtanach creat dlíthiúil a bhunú ina gcuirfear córais stóinsithe bainistíochta agus rialaithe ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach mar aon leis na róil agus na freagrachtaí a roinnt mar is iomchuí maidir leis an mbainistíocht chomhroinnte. Ba cheart go ndéanfaí an ról atá ag an gCoimisiún a shonrú agus a shoiléiriú agus go leagfaí rialacha comhréireacha amach chun ceartuithe airgeadais ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm.

(51)

Ba cheart minicíocht iniúchtaí ar oibríochtaí a bheith comhréireach le méid thacaíocht an Aontais ón gCiste. Go sonrach, ba cheart líon na n-iniúchtaí a dhéantar a laghdú i gcás nach mó ná EUR 150 000 an caiteachas incháilithe iomlán le haghaidh oibríochta. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sé indéanta iniúchtaí a dhéanamh tráth ar bith i gcás ina bhfuil fianaise ann ar neamhrialtacht nó ar chalaois, nó, i ndiaidh oibríocht lánchríochnaithe a dhúnadh, iad a dhéanamh mar chuid de shampla iniúchta. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann athbhreithniú a dhéanamh ar rian iniúchóireachta an údaráis iniúchóireachta nó go mbeadh sé in ann páirt a ghlacadh in iniúchóireachtaí ar an láthair a dhéanann an t-údarás iniúchóireachta. I gcás nach bhfaighidh an Coimisiún an dearbhú is gá maidir le feidhmiú éifeachtach an údaráis iniúchóireachta ar na bealaí sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an ghníomhaíocht iniúchóireachta a dhéanamh an athuair i gcás ina mbeidh an cleachtas sin i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo. Chun go mbeidh leibhéal na hiniúchóireachta a dhéanann an Coimisiún comhréireach leis an riosca, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a chuid oibre iniúchóireachta a laghdú i ndáil le cláir oibríochtúla i gcás nach bhfuil aon easnaimh shuntasacha ann nó i gcás inar féidir brath ar an údarás iniúchóireachta. Chun an t-ualach riaracháin ar na tairbhithe a laghdú, ba cheart rialacha sonracha a thabhairt isteach chun an riosca forluí idir na hiniúchtaí a laghdú i gcás na n-oibríochtaí céanna arna ndéanamh ag institiúidí éagsúla, eadhon Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an Coimisiún agus an t-údarás iniúchóireachta. Ina theannta sin, ba cheart cuspóir agus gnéithe spriocdhaonraí an Chiste, chomh maith le nádúr saorálach go leor tairbhithe a chur i gcuntas go hiomlán i raon feidhme na n-iniúchtaí.

(52)

D'fhonn smacht airgeadais a áirithiú, is iomchuí na socruithe le haghaidh cuid ar bith den ghealltanas buiséadach a shaoradh i gclár oibríochtúil a shainiú, go háirithe i gcás ina bhféadfar méid a eisiamh ón saoradh sin, go háirithe i gcás ina mbíonn moill ar chur chun feidhme mar thoradh ar imthosca atá neamhspleách ar an bpáirtí lena mbaineann, ar imthosca neamhghnácha nó ar imthosca nach féidir a thuar agus nach féidir a n-iarmhairtí a sheachaint d'ainneoin na dúthrachta a caitheadh, agus i staid ina ndearnadh iarraidh ar íocaíocht, ach a ndearnadh an spriocdháta le haghaidh íocaíochta ina leith a bhriseadh nó a ndearnadh an íocaíocht ina leith a chur ar fionraí.

(53)

Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a bhaineann le hinneachar na dtuarascálacha cur chun feidhme bliantúla agus deiridh, lena n-áirítear liosta na dtáscairí coiteanna, leis na critéir chun neamhrialtachtaí atá le tuairisiciú a chinneadh, na sonraí atá le soláthar agus suimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, leis na rialacha lena sonraítear an fhaisnéis maidir leis na sonraí a bheidh le taifeadadh agus le stóráil i bhfoirm ríomhairithe laistigh den chóras faireacháin a bhunaigh na húdaráis bhainistíochta, leis na ceanglais íosta maidir le rian iniúchóireachta, raon feidhme agus inneachar iniúchtaí náisiúnta agus na modheolaíochta samplála, leis na critéir maidir le heasnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú éifeachtach córas rialaithe agus bainistithe, le bunú leibhéal an cheartaithe airgeadais a bheidh le cur i bhfeidhm agus le cothromrátaí nó ceartuithe airgeadais eachtarshuite a chur i bhfeidhm. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe.

(54)

Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(55)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le pleananna gníomhaíochta bliantúla atá le maoiniú ón gcúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin, le cinntí lena nglactar agus lena leasaítear cláir oibríochtúla, le cinntí lena gcuirtear íocaíochtaí eatramhacha ar fionraí, le cinntí gan glacadh leis na cuntais agus leis an méid atá inmhuirearaithe, i gcás nár glacadh leis na cuntais, le cinntí maidir le ceartuithe airgeadais, le cinntí lena leagtar amach miondealú bliantúil ar na leithreasaí faoi chomhair gealltanais chuig na Ballstáít agus, i gcás saortha, cinntí chun cinntí lena nglactar cláir a leasú.

(56)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis an teimpléad don suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh, le minicíocht an tuairiscithe ar neamhrialtachtaí agus an fhormáid tuairiscithe a bheidh le húsáid, leis na téarmaí agus na coinníollacha don chóras malartaithe leictreonaigh sonraí don bhainistiú agus don rialú, leis na sonraíochtaí teicniúla do thaifeadadh agus do stóráil sonraí i dtaca leis an gcóras rialaithe agus bainistithe, leis an tsamhail don dearbhú bainistíochta, leis na samhlacha le haghaidh na straitéise iniúchóireachta, na tuairime iniúchóireachta agus na tuarascála ar rialú, leis an tsamhail don tuarascáil agus don tuairim ón gcomhlacht iniúchóireachta neamhspleách agus don tuairisc ar na feidhmeanna agus na nósanna imeachta atá ann don údarás bainistíochta agus, i gcás inarb ábhartha, don údarás deimhniúcháin, leis an tsamhail d'iarratais ar íocaíocht agus leis an tsamhail do na cuntais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(57)

Maidir le gníomhartha cur chun feidhm áirithe atá le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, tá an oiread sin suntais ag baint lena dtionchar ionchasach agus lena n-impleachtaí ionchasacha go bhfuil údar maith le heisceacht ar an riail ghinearálta. Dá réir sin, i gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, níor cheart don Choimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh. Baineann na gníomhartha cur chun feidhme sin le sonraíochtaí teicniúla do thaifeadadh agus do stóráil sonraí maidir leis na gcóras rialaithe agus bainistithe a leagan síos. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh 182/2011 maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.

(58)

Sa Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear meas ar dhínit an duine agus ar an saol príobháideach agus teaghlaigh, an ceart um chosaint sonraí pearsanta, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta, comhionannas idir fir agus mná agus cosc ar idirdhealú. Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(59)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú sóisialta a fheabhsú san Aontas agus cuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur féidir iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(60)

Ba cheart a áirithiú go gcomhlánaítear leis an gCiste gníomhaíochtaí a chistítear faoi CSE, agus tacaíocht á tabhairt go heisiach do na daoine is díothaí.

(61)

Chun go ligfear na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a ghlacadh go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá a fhoilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Leis an Rialachán seo bunaítear an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí ('an Ciste') don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus cinntear cuspóirí an Chiste, raon feidhme a thacaíochta, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus a leithdháileadh do gach Ballstát agus leagtar síos ann na rialacha is gá chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Chiste a áirithiú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn 'cúnamh ábhartha bunúsach' earraí tomhaltais bunúsacha de luach teoranta agus le haghaidh úsáid phearsanta na ndaoine is díothaí mar shampla éadaí, coisbheart, earraí sláinteachais, ábhar scoile, málaí codlata;

(2)

ciallaíonn 'na daoine is díothaí' daoine nádúrtha, cibé acu daoine aonair, teaghlaigh nó grúpaí comhdhéanta de na daoine sin, ar suíodh a ngá le cúnamh de réir na gcritéar oibiachtúil a leag na húdaráis inniúla náisiúnta síos i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus coinbhleachtaí leasa á seachaint, nó a shainigh na heagraíochtaí comhpháirtíochta agus a d'fhormheas na húdaráis inniúla naisiúnta sin, agus féadfar eilimintí a bheith ar áireamh iontu lena gceadaítear díriú ar na daoine is díothaí i limistéir gheografacha ar leith;

(3)

ciallaíonn 'eagraíochtaí comhpháirtíochta' comhlachtaí poiblí agus/nó eagraíochtaí neamhbhrabúis a sheachadann an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach, i gcás inarb ábhartha, in éineacht le bearta tionlacain go díreach nó trí eagraíochtaí comhpháirtíochta eile, nó a dhéanann gníomhaíochtaí a thógáil ar láimh atá dírithe go díreach ar chuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí agus ar roghnaigh an t-údarás bainistíochta a n-oibríochtaí i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 32(3);

(4)

ciallaíonn 'scéimeanna náisiúnta' aon scéim ag a bhfuil, ar a laghad go páirteach, na cuspóirí céanna agus atá ag an gCiste agus atá á cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ag comhlachtaí poiblí nó eagraíochtaí neamhbhrabúis;

(5)

ciallaíonn 'clár oibríochtúil um bia nó/agus um chúnamh ábhartha bunúsach' (dá ngairtear 'OP I' freisin) clár oibríochtúil lena dtacaítear dáileadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh ar na daoine is díothaí, in éineacht, i gcás inarb infheidhme le bearta tionlacain, atá dírithe ar eisiamh sóisialta na ndaoine is díothaí a mhaolú;

(6)

ciallaíonn clár oibríochtúil um chuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí (dá dtagraítear freisin mar 'OP II') clár oibríochtúil lena dtacaítear na gníomhaíochtaí lasmuigh de bhearta gníomhacha mhargadh an tsaothair, arb é atá iontu cúnamh neamhairgeadais, neamh-ábhartha atá dírithe ar chuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí;

(7)

ciallaíonn 'oibríocht' tionscadal, conradh, nó gníomhaíocht arna roghnú ag údarás bainistíochta an chláir oibríochtúil lena mbaineann, nó faoina chúram, agus a chuireann le cuspóirí an chláir oibríochtúil lena mbaineann sé;

(8)

ciallaíonn 'oibríocht lánchríochnaithe' oibríocht atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus a bhfuil na híocaíochtaí gaolmhara go léir ina leith íoctha ag tairbhithe agus an tacaíocht ón gclár oibríochtúil comhfhreagrach íoctha leis na tairbhithe;

(9)

ciallaíonn 'tairbhí' comhlacht poiblí nó príobháideach, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme;

(10)

ciallaíonn 'an faighteoir deiridh' an duine nó na daoine is díothaí a fhaigheann tacaíocht mar a shainítear in Airteagal 4 den Rialachán seo;

(11)

ciallaíonn 'bearta tionlacain' gníomhaíochtaí a sholáthraítear sa bhreis ar dháileadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh agus é mar aidhm acu eisiamh sóisialta a mhaolú agus/nó dul i ngleic le géarchéimeanna sóisialta ar bhealach níos cumhachtaithí agus níos inbhuanaithe mar shampla treoir maidir le aiste chothrom bia agus comhairle maidir le bainistiú buiséid;

(12)

ciallaíonn 'caiteachas poiblí' rannchuidiú poiblí leis na hoibríochtaí airgeadais arb é is foinse dóibh buiséad údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, buiséad an Aontais a bhaineann leis an gCiste, buiséad comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó buiséad comhlachas údarás poiblí nó aon chomhlachta faoi rialú an dlí phoiblí de réir bhrí Airteagal 1(9) de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(13)

ciallaíonn 'comhlacht idirmheánach' aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis bhainistíochta nó deimhniúcháin, nó a dhéanann dualgais a chomhall ar son údaráis den sórt sin i ndáil leis na hoibríochtaí a chuireann na tairbhithe chun feidhme;

(14)

ciallaíonn 'bliain chuntasaíochta' an tréimhse idir an 1 Iúil agus an 30 Meitheamh, ach amháin an chéad bhliain den tréimhse clársceidealaithe arb í an tréimhse ó dháta tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2015 í. Beidh an bhliain chuntasaíochta deiridh idir an 1 Iúil 2023 agus an 30 Meitheamh 2024;

(15)

ciallaíonn 'bliain airgeadais' an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig;

(16)

ciallaíonn 'neamhrialtacht' aon chás ina sáraítear foráil dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a bhaineann lena chur i bhfeidhm, ar sárú é a bheidh mar thoradh ar ghníomh nó ar fhaillí a dhéanann oibreoir eacnamaíochta a bhfuil baint aige le cur chun feidhme an Chiste, a bhfuil sé d'éifeacht aige, nó a mbeadh sé d'éifeacht aige, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais trí ábhar caiteachais gan údar maith a ghearradh ar bhuiséad ginearálta an Aontais;

(17)

ciallaíonn 'oibreoir eacnamaíoch' aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon eintiteas eile a ghlacann páirt i gcur chun feidhme an chúnaimh ón gCiste, cé is moite de Bhallstát a fheidhmíonn a shainchumais mar údarás poiblí;

(18)

ciallaíonn 'neamhrialtacht shistéamach' aon neamhrialtacht a bhféadfadh cineál athfhillteach a bheith aici, agus gur dóchúil go mbeidh sí ag tarlú in oibríochtaí den chineál céanna, rud a bheidh mar thoradh ar easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach chórais bainistíochta agus rialaithe, lena n-áirítear i gcás nach mbeidh nósanna imeachta iomchuí bunaithe i gcomhréir leis an Rialachán.

(19)

ciallaíonn 'easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach an chórais bainistíochta agus rialaithe', easnamh a éilíonn feabhsuithe substaintiúla sa chóras, a nochtann an Ciste do riosca suntasach maidir le neamhrialtachtaí, ar nithe nach bhfuil comhoiriúnach le tuairim iniúchóireachta neamhcháilithe maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta agus rialaithe.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Leis an gCiste, déanfar comhtháthú sóisialta a chur chun cinn, cuimsiú sóisialta a fheabhsú agus ar deireadh rannchuidiú leis an gcuspóir an bhochtaineacht a dhíothú san Aontas trí chuidiú leis an sprioc maidir le laghdú bochtaineachta a bhaint amach i gcomhréir le straitéis Eoraip 2020, agus na Cistí Struchtúrtha á gcomhlánú. Cuideoidh an Ciste le baint amach an chuspóra shonraigh maidir leis na cineálacha is measa bochtaineacht san a laghdú trí chúnamh neamhairgeadais a thabhairt do na daoine is díothaí trí bhia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh agus trí ghníomhaíochtaí chuimsithe shóisialta atá dírithe ar lanpháirtiú sóisialta na ndaoine is díothaí.

Déanfar cuspóir agus torthaí chur chun feidhme an Chiste a mheasúnú go cáilíochtúil agus go cainníochtúil.

2.   Comhlánófar leis an gCiste beartais inbhuanaithe náisiúnta um dhíothú bochtaineachta agus um chuimsiú sóisialta, a leanann na Ballstáit de bheith freagrach ina leith.

Airteagal 4

Raon feidhme na tacaíochta

1.   Tacófar le scéimeanna náisiúnta leis an gCiste lena ndéantar bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a dháileadh ar na daoine is díothaí trí eagraíochtaí comhpháirtíochta arna roghnú ag na Ballstáit.

D'fhonn cur le soláthar an bhia do na daoine is díothaí, agus é a éagsúlú, chomh maith leis an diomailt bia a laghdú agus a chosc, féadfaidh an ciste tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le tiomsú, iompar, stóráil agus dáileadh deonachán bia.

Leis an gciste freisin, féadfar tacú le bearta tionlacain, lena gcomhlánaítear sóláthar bia agus/ nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh.

2.   Leis an gCiste, tacófar le gníomhaíochtaí lena rannchuideofar le cuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí.

3.   Leis an gCiste cuirfear foghlaim fhrithpháirteach, líonrú agus scaipeadh dea-chleachtas chun cinn, ar leibhéal an Aontais, i réimse an chúnaimh neamhairgeadais do na daoine is díothaí.

Airteagal 5

Na prionsabail

1.   Déanfar an chuid de bhuiséad an Aontais atá leithdháilte ar an gCiste a chur chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta comhroinnte idir na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais, cé is moite de chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin, a chuirfear chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta dírí i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, agus comhthéacs sonrach gach Ballstáit á chur i gcuntas, go mbeidh an tacaíocht ón gCiste comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go gcomhlánóidh sí ionstraimí eile de chuid an Aontais.

3.   Cuirfear tacaíocht ón gCiste chun feidhme i ndlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

4.   Beidh na Ballstáit agus na comhlachtaí arna n-ainmniú acu chun na críche sin freagrach as na cláir oibríochtúla a chur chun feidhme agus as a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i gcomhréir le creat institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit agus faoi réir chomhlíonadh an Rialacháin seo.

5.   Agus aird á tabhairt ar an leibhéal tacaíochta arna leithdháileadh, agus ar acmhainn theoranta riaracháin na n-eagraíochtaí a fheidhmíonn den chuid is mó a bhuíochas do na saorálaithe, cuirfear prionsabal na comhréireachta i gcuntas sna socruithe maidir le cur chun feidhme agus úsáid an Chiste, agus go háirithe sna socruithe maidir leis na hacmhainní airgeadais agus riaracháin is gá maidir le tuairisciú, meastóireacht, bainistíocht agus rialú.

6.   I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, agus chun maoiniú dúbailte a chosc, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú leis an CSE, agus le beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe tionscnaimh an Aontais i réimse na sláinte poiblí agus in aghaidh diomailte bia.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na tairbhithe prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán Airgeadais.

8.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit éifeachtacht an Chiste a áirithiú, go háirithe trí fhaireachán, trí thuairisciú agus trí mheastóireacht.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndeanfar na cláir oibríochtúla a ullmhú, a chlársceidealú, a chur chun feidhme agus go ndéanfar faireachán agus meastóireacht orthu, agus prionsabal na comhpháirtíochta á urramú agus iad i mbun comhairliúchán iomchuí leis na geallsealbhóirí ábhartha faoi mar a leagtar amach sa Rialachán seo.

10.   Glacfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit gníomhaíocht chun éifeachtacht an Chiste a áirithiú, agus comhlíonfaidh siad a róil faoi seach maidir leis an gCiste agus é mar aidhm acu an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú.

11.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go ndéanfar comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú ghné na hinscne a chur i gcuntas agus a chur chun cinn le linn na gcéimeanna éagsúla arb iad ullmhú, clársceidealú, bainistiú agus cur chun feidhme an Chiste agus faireachán agus meastóireacht ar an gCiste, chomh maith le feachtais ardaithe feasachta agus malartuithe dea-chleachtas. Úsáidfidh an Coimisiún agus na Ballstáit sonraí arna miondealú de réir inscne, i gcás ina bhfuil siad ar fáil.

Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a chosc agus rochtain á fháil ar an gCiste, agus ar chláir agus ar oibríochtaí arna dtacú leis an gCiste.

12.   Comhlíonfaidh na hoibríochtaí a dtacófar leo tríd an gCiste dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a bhaineann lena chur i bhfeidhm ('an dlí infheidhme'). Go háirithe, ní fhéadfar an Ciste a úsáid ach amháin chun tacú le dáileadh bia nó earraí atá i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais.

13.   Roghnóidh na Ballstáit agus na tairbhithe an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach ar bhonn critéar oibiachtúil a bhaineann le riachtanais na ndaoine is díothaí. Cuirfear gnéithe aeráide agus comhshaoil san áireamh chomh maith sna critéir roghnúcháin do tháirgí bia, agus i gcás inarb iomchuí d'earraí, go háirithe d'fhonn cur amú bia a laghdú. I gcás inarb iomchuí, déanfar rogha chineál na dtáirgí bia a bheidh le scaipeadh tar éis a rannchuidiú le haiste chothrom bia na ndaoine is díothaí a mheas.

14.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go ndéanfar leis an gcabhair a sholáthraítear faoi chuimsiú an Chiste seo dínit na ndaoine is díothaí a urramú.

TEIDEAL II

ACMHAINNÍ AGUS CLÁRSCEIDEALÚ

Airteagal 6

Acmhainní foriomlána

1.   Is é EUR 3 395 684 880 i bpraghsanna 2011 a bheidh sna hacmhainní a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanais bhuiséadaigh thar an tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn III an leithdháileadh ón gCiste le haghaidh gach Ballstáit don tréimhse 2014–2020. Is é EUR 3 500 000 le haghaidh gach Ballstáit an íosmhéid don tréimhse iomlán.

3.   Chun críche clársceidealaithe agus áirimh ina dhiaidh sin i mbuiséad ginearálta an Aontais, déanfar méid na n-acmhainní a innéacsú ag 2 % in aghaidh na bliana.

4.   Déanfar 0,35 % de na hacmhainní foriomlána a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

Airteagal 7

Cláir oibríochtúla

1.   Laistigh de shé mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh gach Ballstát OP I amháin agus/nó OP II amháin lena gcumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   Leagfar an méid seo a leanas amach in OP I:

(a)

sainaithint ar gach cineál nó cineálacha díthe ábhartha a bhfuiltear chun díriú orthu faoin gclár oibríochtúil agus údar maith leis an gcineál nó na cinealacha díthe sin a roghnú agus, do gach cineál díthe ábhartha ar a ndírítear, tuairisc, ar gach cineál díthe ábhartha a ndírítear air, ar phríomh-shaintréithe an dáilte bia nó earraí agus/nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh agus, i gcás inarb iomchuí, ar na bearta tionlacain a bhfuiltear chun foráil a dhéanamh ina leith, ag féachaint do thorthaí na meastóireachta ex-ante arna cur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 16;

(b)

tuairisc ar an scéim náisiúnta chomhfhreagrach nó na scéimeanna náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach cineáil díthe ábhartha a ndírítear air;

(c)

tuairisc ar an sásra lena socraítear na critéir incháilitheachta maidir leis na daoine is díothaí, difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air;

(d)

na critéir maidir le roghnú oibríochtaí agus tuairisc ar an sásra roghnúcháin, difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air;

(e)

na critéir maidir le roghnú eagraíochtaí comhpháirtíochta difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air.

(f)

tuairisc ar an sásra a úsáidtear le comhlántacht le CSE a áirithiú;

(g)

plean maoinithe ina bhfuil tábla ina sonrófar, le haghaidh na tréimhse clársceidealaithe iomláine, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin i ndáil le tacaíocht ón gclár oibríochtúil; arna miondealú go táscach de réir gach cineáil díthe ábhartha a ndírítear air chomh maith leis na bearta tionlacain comhfhreagracha.

3.   Leagfar amach in OP II:

(a)

straitéis maidir le rannchuidiú an chláir chun cuimsiú sóisialta agus laghdú bochtaineachta a chur chun cinn i gcomhréir le straitéis Eoraip 2020 lena n-airítear do rogha an chúnaimh tosaíochta;

(b)

cuspóirí sonracha an chláir oibríochtúil bunaithe ar shainaithint na riachtanas náisiúnta, agus aird á tabhairt ar thorthaí na meastóireachta ex-ante arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 16. Cuirfear an mheastóireacht ex-ante faoi bhráid an Choimisiúin an tráth céanna leis an gclár oibríochtúil;

(c)

plean maoinithe ina bhfuil tábla ina sonrófar, le haghaidh na tréimhse cláreagraithe iomláine, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin i ndáil le tacaíocht ón gclár oibríochtúil; arna miondealú go táscach de réir gach cineáil gníomhaíochta;

(d)

sainaithint na ndaoine is díothaí a ndíreofar orthu;

(e)

na táscairí airgeadais a bhaineann leis an gcaiteachas comhfhreagrach arna leithdháileadh;

(f)

na torthaí a bhfuiltear ag súil leo do na sainchuspóirí agus na táscairí comhfhreagracha aschuir agus toraidh atá clár-shonrach agus ag a bhfuil bonnlíne agus spriocluachanna;

(g)

Tuairisc ar chineál agus ar shamplaí na ngníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh agus an méid a mheastar a chuirfidh siad leis cuspóirí sonracha dá dtagraítear i bpointe (b) lena n-áirítear an treoirphrionsabal le haghaidh roghnú na n-oibríochtaí agus, i gcás inarb iomchuí, sainaithint na gcineálacha tairbhithe.

(h)

tuairisc ar an sásra chun comhlántacht le CSE a áirithiú, chomh maith le forluí agus maoiniú dúbailte oibríochtaí a chosc.

4.   Ina theannta sin, leagfar amach an méid seo a leanas i ngach clár oibríochtúil:

(a)

sainaithint an údaráis bainistíochta, an údaráis deimhniúcháin i gcás inarb infheidhme, an údaráis iniúchóireachta agus an chomhlachta lena bhfuil íocaíochtaí le déanamh ag an gCoimisiún agus tuairisc ar an nós imeachta faireacháin;

(b)

tuairisc ar na bearta a dhéantar chun na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla agus údaráis phoiblí eile a bheith rannpháirteach in ullmhú an chláir oibríochtúil;

(c)

tuairisc ar an úsáid atá beartaithe a bhaint as cúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 27(4), lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun acmhainní riaracháin na dtairbhithe a threisiú i ndáil le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil;

(d)

plean maoinithe ina bhfuil tábla ina sonrófar le haghaidh gach bliana, i gcomhréir le hAirteagal 20, méid an leithreasaithe airgeadais atá beartaithe don tacaíocht ón gCiste agus an cómhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 20;

Na heagraíochtaí comhpháirtíochta dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 7(2) a sheachadann an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach go díreach iad féin nó i gcomhar le heagraíochtaí eile déanfaidh siad, iad féin nó i gcomhar le heagraíochtaí eile, tabhairt faoi ghníomhaíochtaí, i gcás inarb iomchuí arb é a bheidh iontu atreoshuíomh ionsar sheirbhísí inniúla a chomhlánóidh soláthar cúnaimh ábhartha, agus a dhíríonn ar chuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí, cibé acu a thacaíonn an Ciste leis na gníomhaíochtaí iad féin nó nach dtacaíonn. Ní bheidh na bearta tionlacain sin éigeantach, áfach, i gcásanna ar do na leanaí is díothaí amháin i gcúram leanaí nó i saoráidí inchomparáide a sholáthraítear an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach.

5.   Déanfaidh na Ballstáit nó aon údarás eile arna ainmniú acu cláir oibríochtúla a tharraingt suas. Comhoibreoidh siad leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus, i gcás inarb iomchuí, leis na húdaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla agus údaráis phoiblí eile. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na cláir oibríochtúla nasctha go dlúth leis na beartais náisiúnta um chuimsiú sóisialta.

6.   Déanfaidh Ballstáit a gcláir oibríochtúla a dhréachtú i gcomhréir leis na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I de réir mar is iomchuí.

Airteagal 8

Cláir oibríochtúla a ghlacadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht gach ceann de na cláir oibríochtúla leis an Rialachán seo agus ar mar a rannchuidíonn sé le cuspóirí an Chiste a bhaint amach, agus an mheastóireacht ex-ante arna cur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 16 á cur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú nach bhfuil aon fhorluí ann le haon chlár oibríochtúil arna mhaoiniú le CSE sa Bhallstát.

2.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfear an clár oibríochtúil isteach. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá don Choimisiún agus, nuair is iomchuí, athbhreithneoidh sé an clár oibríochtúil atá beartaithe.

3.   Ar an gcoinníoll gur cuireadh san áireamh go leormhaith aon bharúlacha a thug an Coimisiún i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gach clár oibríochtúil a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Bhallstát é thíolacadh.

Airteagal 9

Leasuithe ar chláir oibríochtúla

1.   Féadfaidh Ballstát iarraidh ar leasú ar chlár oibríochtúil a chur isteach. Beidh an clár oibríochtúil athbhreithnithe ag gabháil leis an iarraidh mar aon leis an údar maith atá leis an leasú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis arna tabhairt i gcomhréir le mír 1, agus cuirfidh sé an t-udar maith a thug an Ballstát san áireamh freisin. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt agus soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leasú ar chlár oibríochtúil a fhormheas tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis don Bhallstát é a thíolacadh, ar choinníoll gur cuireadh san áireamh go leordhóthanach aon bharúlacha a thug an Coimisiún.

Airteagal 10

Malartú dea-chleachtas

Déanfaidh Coimisiún, lena n-áirítear trí bhíthin láithreáin gréasáin, malartú taithí, forbairt acmhainní agus líonrú a éascú, chomh maith le scaipeadh torthaí ábhartha i réimse an chúnaimh neamhairgeadais do na daoine is díothaí.

Féadfar eagraíochtaí ábhartha nach mbaineann úsáid as an gCiste a bheith ar áireamh ann chomh maith.

Ina theannta sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, ar a laghad uair sa bhliain, leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na tacaíochta ón gCiste agus, tar éis comhairliúcháin den sórt sin, tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle in am trátha.

Déanfaidh an Coimisiún scaipeadh ar líne na dtorthaí, na dtuarascálacha agus na faisnéise ábhartha i ndáil leis an gCiste a éascú chomh maith.

TEIDEAL III

FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT, FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

Airteagal 11

Coiste faireacháin do OP II

1.   Laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra chuig an mBallstát maidir leis an gcinneadh chun OP II a ghlacadh, déanfaidh an Ballstát coiste a chur ar bun nó a cheapadh, i gcomhréir le creat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta.

2.   Déanfaidh gach coiste faireacháin a rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus a ghlacadh i gcomhréir le creat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

3.   Is é an Ballstát a chinnfidh comhdhéanamh an choiste faireacháin, ar choinníoll go bhfuil an coiste faireacháin comhdhéanta d'ionadaithe ó údaráis ábhartha agus comhlachtaí idirmheánacha na mBallstát agus de na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus, i gcás inarb iomchuí, d'ionadaithe de na húdaráis réigiúnacha, áitiúla agus údaráis phoiblí inniúla eile. Déanfaidh an eagraíocht lena mbaineann, trí phróisis thrédhearcacha, ionadaithe ó na húdaráis réigiúnacha, áitiúla agus údaráis phoiblí inniúla eile a tharmligean le bheith mar chuid den choiste faireacháin. Féadfaidh gach comhalta den choiste faireacháin ceart vótála a bheith aige. Foilseofar an liosta de chomhaltaí an choiste faireacháin.

4.   Beidh an Coimisiún rannpháirteach i gcáil chomhairleach in obair an choiste faireacháin.

5.   Beidh ionadaí thar ceann an Bhallstáit nó an údaráis bainistíochta ina chathaoirleach ar an gcoiste faireacháin.

Airteagal 12

Feidhmeanna choiste faireacháin OP II

1.   Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir agus ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí sonracha an chláir a ghnóthú. Agus sin á dhéanamh aige, tabharfaidh sé aird ar na sonraí airgeadais, ar na táscairí coiteanna agus clár-shonracha, lena n-áirítear athruithe ar tháscairí toraidh agus an dul chun cinn i dtreo spriocluachanna cainníochtaithe, agus, i gcás inarb ábhartha, thorthaí anailísí cáilíochtúla.

2.   Déanfaidh an coiste faireacháin scrúdú ar na saincheisteanna uile a dhéanfaidh difear d'fheidhmiú an chláir. Scrúdóidh sé go háirithe:

(a)

an dul chun cinn atá déanta i dtreo spriocanna sonracha an chláir oibríochtúil a bhaint amach ar bhonn na ndoiciméad a thíolaic an t-údarás bainistíochta, lena n-airítear torthaí na meastóireachta;

(b)

cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(c)

gníomhaíochtaí a chuireann i gcuntas comhionannas idir fir agus mná, comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú, agus a chuireann chun cinn iad;

3.   Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú agus a fhormheas:

(a)

an mhodheolaíocht agus na critéir maidir le roghnú na n-oibríochtaí i gcomhréir leis na treoirphrionsabail faoi mar a leagtar síos iad i bpointe (f) d'Airteagal 7(3);

(b)

na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme;

(c)

togra ar bith ón údarás bainistíochta maidir le leasú ar an gclár oibríochtúil.

4.   Féadfaidh an coiste faireacháin barúlacha a thabhairt don údarás bainistíochta maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir leis an meastóireacht a rinneadh air.

Déanfaidh sé faireachán ar ghníomhaíochtaí arna nglacadh de thoradh a chuid barúlacha.

Airteagal 13

Tuarascálacha ar chur chun feidhme agus táscairí

1.   Ó 2015 go 2023, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme le haghaidh an chláir oibríochtúil arna chur chun feidhme sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a dhréachtú i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 6, lena n-airítear liosta de na táscairí coiteanna, agus do chláir oibríochtúla um chuimsiú sóisialta na dtáscairí clár-shonracha.

Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha agus coinbhleachtaí leasa maidir le tuarascálacha cur chun feidhme OP I. Cuirfear achoimre ar bharúlacha na ngeallsealbhóirí ábhartha sin i gceangal leis an tuarascáil.

3.   Beidh na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme inghlactha i gcás ina bhfuil an fhaisnéis go léir iontu a cheanglaítear i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 6. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann laistigh de 15 lá oibre ón tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a fháil más rud é nach bhfuil sé inghlactha. Mura mbeidh an Coimisiún tar éis a leithéid a chur in iúl don Bhallstát laistigh den teorainn ama measfar í a bheith inghlactha.

4.   Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus cuirfidh sé a bharúlacha i bhfios don Bhallstát laistigh de dhá mhí ón tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a fháil.

I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl don Bhallstát laistigh den teorainn ama sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

5.   Déanfaidh an Ballstát tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir oibríochtúil a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2024.

Déanfaidh na Ballstáit an tuarascáil cur chun feidhme a dhréachtadh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 6.

Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme agus cuirfidh sé a chuid barúlacha ina leith in iúl don Bhallstát laistigh de chúig mhí ón tuarascáil deiridh a fháil.

I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl don Bhallstát laistigh den teorainn ama sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

6.   Faoin 17 Iúil 2014, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 62, ina leagtar síos inneachar na dtuarascálacha bliantúla agus deiridh, lena n-áirítear liosta na dtáscairí coiteanna.

7.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur chuig Ballstát maidir le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta na bearta ceartaitheacha arna ndéanamh i bhfios don Choimisiún laistigh de thrí mhí.

8.   Poibleoidh an t-údarás bainistíochta achoimre ar inneachar gach tuarascála bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme.

9.   Cuirfidh an Coimisiún achoimre ar na tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla agus ar na tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in am trátha.

10.   Ní bheidh an nós imeachta maidir leis na tuarascálacha cur chun feidhme iomarcach i gcomparáid leis na hacmhainní a leithdháiltear agus le cineál na tacaíochta agus ní bheidh sé ina chúis le hualaí riaracháin neamhriachtanacha.

Airteagal 14

Cruinnithe athbhreithnithe

1.   Tiocfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile gach bliain ó 2014 go 2023, mura gcomhaontaítear a mhalairt, chun an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme an chláir oibríochtúil a athbhreithniú, agus an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus barúlacha an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 13(7) á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.

2.   Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar an gcruinniú athbhreithnithe. Iarrfar ar na geallsealbhóirí ábhartha a bheith rannpháirteach i gcruinnithe athscrúdaithe ar OP I ach amháin do chodanna an chruinnithe sin a bhaineann le coinbhleachtaí leasa nó sárú rúndachta mar thoradh orthu.

3.   Áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí i gcás aon bharúlacha a dhéanfaidh an Coimisiún i ndiaidh an chruinnithe athscrúdaithe bhliantúil agus déanfaidh sé tagairt don bheart leantach sin i dtuarascáil cur chun feidhme na bliana airgeadais dár gcionn nó na mblianta airgeadais dár gcionn, mar is iomchuí

Airteagal 15

Forálacha ginearálta maidir le meastóireacht

1.   Soláthróidh Ballstáit na hacmhainní is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh, agus áiritheoidh siad go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú, lena n-áirítear sonraí a bhaineann leis na comhtháscairí dá dtagraítear in Airteagal 13.

2.   Is saineolaithe atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir oibríochtúil a dhéanfaidh na meastóireachtaí. Cuirfear na meastóireachtaí go léir ina n-iomláine ar fáil go poiblí ach ní áireofar leo, in imthosca ar bith, faisnéis faoi chéannacht na bhfaighteoirí deiridh.

3.   Ní bheidh na meastóireachtaí iomarcach i gcomparáid leis na hacmhainní a leithdháiltear agus le cineál na tacaíochta agus ní bheidh sé ina chúis le hualaí riaracháin neamhriachtanacha.

Airteagal 16

Meastóireacht ex-ante

1.   Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht ex-ante ar gach clár oibríochtúil.

2.   Cuirfear an mheastóireacht ex-ante i gcrích faoi fhreagracht an údaráis atá freagrach as an gclár oibríochtúil a ullmhú. Cuirfear í faoi bhráid an Choimisiúin an tráth céanna agus a chuirfear an clár oibríochtúil faoina bhráid, mar aon le hachoimre feidhmiúcháin.

3.   Tabharfar breithmheas ar na heilimintí seo a leanas sa mheastóireacht ex-ante ar OP II:

(a)

conas mar a rannchuideodh le cuspóir an Aontais maidir le 20 milliún duine níos lú bheith ag maireachtáil i mbochtaineacht nó i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta faoi 2020, ag féachaint don chineál díthe ábhartha a roghnaítear chun díriú air, agus imthosca náisiúnta i dtéarmaí bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta agus díthe ábhartha á gcur san áireamh;

(b)

comhleanúnachas inmheánach an chláir oibríochtúil atá beartaithe agus a ghaol le hionstraimí airgeadais ábhartha eile;

(c)

a chomhsheasmhaí is atá leithdháileadh acmhainní buiséadacha le cuspóirí an chláir oibríochtúil;

(d)

an méid a rannchuideoidh na haschuir a bhfuiltear ag súil leo leis na torthaí agus ar an gcaoi sin le cuspóirí an Chiste;

(e)

rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha;

(f)

oiriúnacht na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar an gclár oibríochtúil agus chun na sonraí is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh a bhailiú.

4.   Tabharfar breithmheas ar na heilimintí seo a leanas sa mheastóireacht ex-ante ar OP II:

(a)

an méid a rannchuideofar le cuimsiú sóisialta agus le laghdú ar bhochtaineacht a chur cun cinn i gcomhréir le straitéis Eoraip 2020, agus na riachtanais naisiúnta á gcur san áireamh;

(b)

comhleanúnachas inmheánach an chláir oibríochtúil atá beartaithe agus a ghaol le hionstraimí airgeadais ábhartha eile, go háirithe le CSE;

(c)

a chomhsheasmhaí is atá leithdháileadh acmhainní buiséadacha le cuspóirí an chláir;

(d)

ábharthacht agus soiléireacht na dtáscairí clár-shonracha atá beartaithe;

(e)

an chaoi a rannchuideoidh na haschuir a bhfuil súil leo le torthaí;

(f)

an bhfuil na spriocluachanna cainníochtaithe le haghaidh táscairí réadúil, ag féachaint don tacaíocht atá beartaithe ón gCiste;

(g)

an réasúnaíocht maidir leis an gcineál tacaíochta atá beartaithe;

(h)

leordhóthanacht na n-acmhainní daonna agus an chumais riaracháin chun an clár a bhainistiú;

(i)

oiriúnacht na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar an gclár agus chun na sonraí is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh a bhailiú;

(j)

leormhaitheas na mbeart atá beartaithe chun comhdheiseanna idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun aon idirdhealú a chosc.

Airteagal 17

Meastóireacht le linn na tréimhse

1.   Cuirfidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an gCiste faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2018.

2.   Féadfaidh an Coimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chláir ar a thionscnamh féin.

3.   Le linn na tréimhse clársceidealaithe, féadfaidh an t-údarás bainistíochta de chuid OP I meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chláir oibríochtúil.

4.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta de chuid OP I suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh in 2017 agus in 2022, i gcomhréir leis an teimpléad arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an teimpléad tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

5.   Déanfaidh údarás bainistíochta de chuid OP II meastóireacht amháin ar a laghad roimh an 31 Nollaig 2022. Deanfaidh an mheastóireacht measúnú ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar thionchar na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht. Déanfar bearta leantacha iomchuí a áirithiú.

Airteagal 18

Meastóireacht ex-post

Ar a thionscnamh féin agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún, meastóireacht ex-post a chur i gcrích le cúnamh ó shaineolaithe seachtracha, chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Chiste agus inbhuanaitheacht na dtorthaí a mheasúnú chomh maith le breisluach an Chiste a thomhas. Beidh an mheastóireacht ex-post seo lánchríochnaithe faoin 31 Nollaig 2024.

Airteagal 19

Faisnéis agus cumarsáid

1.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí lena dtacaíonn an Ciste agus cuirfidh siad chun cinn iad. Díreofar an fhaisnéis, go háirithe, ar na daoine is díothaí, agus ar an bpobal i gcoitinne mar aon leis na meáin. Cuirfear béim ar ról an Aontais inti agus áiritheofar gur féidir an ranníocaíocht ón gCiste, ó na Ballstáit agus ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta maidir le cuspóirí an Aontais um chuimsiú sóisialta a fheiceáil gan na faighteoirí deiridh a náiriú.

2.   Chun trédhearcacht an Chiste a áirithiú, coinneoidh an t-údarás bainistíochta liosta oibríochtaí a thacaíonn an ciste i bhformáid scairbhileoige, lenar féidir na sonraí a shortáil, a chuardach, a bhaint amach, a chur i gcomparáid agus a phoibliú go héasca ar an idirlíon Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar liosta na n-oibríochtaí:

(a)

ainm agus seoladh an tairbhí,

(b)

an méid cistiúcháin ón Aontas a leithdháiltear air;

(c)

le haghaidh OP I an cineál díthe ábhartha a ndírítear air.

Déanfaidh an t-údarás bainistíochta an liosta oibríochtaí a thabhairt cothrom le dáta gach dhá mhí dhéag ar a laghad.

3.   Le linn cur chun feidhme na hoibríochta, cuirfidh na tairbhithe agus na heagraíochtaí comhpháirtíochta an pobal ar an eolas faoin tacaíocht arna fáil ón gCiste trí phóstaer amháin ar a laghad ar a bhfuil faisnéis faoin oibríocht (íosmhéid A3), lena n áiritear faisnéis faoin tacaíocht airgeadais ón Aontas nó feathal de chuid an Aontais de mhéid réasúnach, a thaispeáint ag suíomh ar féidir leis an bpobal é a fheiceáil go héasca. Déanfar an ceanglas sin a chomhlíonadh, gan na faighteoirí deiridh a náiriú ag gach áit seachadta OP I agus/nó OP II, ach amháin mura féidir é sin a dhéanamh i ngeall ar imthosca an dáilte.

Na tairbhithe agus na heagraíochtaí comhpháirtíochta sin a bhfuil láithreáin ghréasáin acu, tabharfaidh siad tuairisc ghearr ar an oibríocht ar a láithreán gréasáin, lena n-áirítear a haidhmeanna agus a torthaí, agus béim á cur ar an tacaíocht airgeadais ón Aontas.

4.   I gcás na mbeart uile faisnéise agus cumarsáide a dtugann an tairbhí agus na heagraíochtaí comhpháirtíochta fúthu, aithneofar an tacaíocht a fuarthas ón gCiste le haghaidh na hoibríochta trí fheathal de chuid an Aontais mar aon le tagairt don Aontas Eorpach agus don Chiste a thaispeáint.

5.   Cuirfidh an t-údarás bainistíochta na tairbhithe ar an eolas faoi fhoilsiú liosta na n-oibríochtaí i gcomhréir le mír 2. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta uirlisí faisnéise agus cumarsáide ar fáil, lena n-áirítear teimpléid i bhformáid leictreonach, chun cabhrú le tairbhithe agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta a n-oibleagáidí atá leagtha amach i mír 3 a chomhlíonadh.

6.   I gcás OP II:

(a)

beidh Ballstát an údaráis bainistíochta freagrach as an méid seo a leanas a eagrú:

(i)

príomhghníomhaíocht faisnéise chun seoladh an chláir oibríochtúil a phoibliú; agus

(ii)

príomhghníomhaíocht faisnéise amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ina gcuirtear chun cinn na deiseanna cistiúcháin agus na straitéisí arna saothrú agus/nó ina gcuirtear i láthair mórghníomhartha an chláir oibríochtúil, lena n-airítear, i gcás inarb ábhartha, samplaí d'oibríochtaí;

(b)

le linn chur chun feidhme na hoibríochta, cuirfidh an tairbhí an pobal ar an eolas faoin tacaíocht arna fáil ón gCiste trína áirithiú go bhfuil na daoine atá ag glacadh páirte san oibríocht curtha ar an eolas maidir leis an tacaíocht ón gCiste;

(c)

aon doiciméad, lena n-áirítear aon deimhniú tinrimh nó deimhniú eile, a bhaineann leis an oibríocht sin, áireofar ann ráiteas go bhfuair an clár oibríochtúil tacaíocht ón gCiste;

(d)

áiritheoidh an t-údarás bainistíochta sin go bhfuil rochtain ag na tairbhithe ionchasacha ar an bhfaisnéis ábhartha maidir leis na deiseanna cistiúcháin, le seoladh na nglaonna ar iarratais agus coinníollacha na nglaonna sin agus leis na critéir chun na hoibríochtaí a roghnú a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh.

7.   Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil de bhun Airteagal 15 go hAirteagal 19 den Rialachán seo, comhlíonfaidh an t-údarás bainistíochta chomh maith leis na tairbhithe agus na heagraíochtaí comhpháirtíochta Treoir 95/46/CE.

TEIDEAL VI

TACAÍOCHT AIRGEADAIS ÓN gCISTE

Airteagal 20

Cómhaoiniú

1.   Is é a bheidh sa ráta cómhaoinithe ar leibhéal an chláir oibríochtúil suas go dtí 85 % den chaiteachas poiblí incháilithe. Féadfar é a mhéadú sna cásanna a thuairiscítear in Airteagal 21(1). Beidh na Ballstáit saor chun tacú le tionscnaimh an Chiste le hacmhainní náisiúnta breise.

2.   Socrófar an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir leis an gclár oibríochtúil agus uasmhéid na tacaíochta ón gCiste sa chinneadh ón gCoimisiún maidir le clár oibríochtúil a ghlacadh.

3.   Féadfar na bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh an Choimisiúin, nó thar a cheann, a mhaoiniú ag ráta 100 %.

Airteagal 21

Ardú ar íocaíochtaí le haghaidh Ballstát a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha acu

1.   Ar iarraidh ó Bhallstát, féadfar íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a ardú 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir leis an gclár oibríochtúil. Beidh feidhm ag an ráta ardaithe, ráta nach féidir a bheith os cionn 100 %, maidir le hiarrataí ar íocaíocht a bhaineann leis an tréimhse chuntasaíochta inar chuir an Ballstát a iarraidh isteach agus le tréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin ina gcomhlíonfaidh an Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás inar ghlac an Ballstát lena mbaineann an euro, go bhfaigheann sé cúnamh macra-airgeadais ón Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (11);

(b)

i gcás nár ghlac an Ballstát lena mbaineann an euro, go bhfaigheann sé cúnamh airgeadais meántéarmach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle (12);

(c)

go gcuirtear cúnamh airgeadais ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach.

2.   D'ainneoin mhír 1, ní bheidh tacaíocht an Aontais a thugtar trí bhíthin íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná an tacaíocht phoiblí agus an t-uasmhéid tacaíochta ón gCiste, mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil.

Airteagal 22

Tréimhse incháilitheachta

1.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht cúnaimh theicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin, mar atá leagtha amach in Airteagal 27.

2.   Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gclár oibríochtúil má dhéanann tairbhí é a thabhú agus má dhéantar é a íoc idir an 1 Nollaig 2013 agus an 31 Nollaig 2023.

3.   Ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíochta ón gclár oibríochtúil i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán sular chuir an tairbhí an t-iarratas ar chistiú faoin gclár oibríochtúil isteach chuig an údarás bainistíochta, is cuma má rinne an tairbhí na híocaíochtaí gaolmhara go léir nó nach ndearna.

4.   I gcás ina ndéantar leasú ar chlár oibríochtúil, ní bheidh caiteachas a thagann chun bheith incháilithe de thoradh leasú an chláir oibríochtúil incháilithe ach ón dáta a chuireann an Ballstát an iarraidh ar leasú faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 23

Incháilitheacht oibríochtaí

1.   Beidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chlár oibríochtúil lonnaithe sa Bhallstát atá cumhdaithe ag an gclár oibríochtúil.

2.   Féadfaidh oibríochtaí tacaíocht a fháil ó chlár oibríochtúil ar choinníoll gur roghnaíodh iad i gcomhréir le nós imeachta cothrom agus trédhearcach agus ar bhonn na gcritéar arna leagan síos sa chlár oibríochtúil nó ar bhonn cheachtar de na critéir arna leagan síos sa chlár oibríochtúil nó arna bhformheas ag an gcoiste faireacháin mar is iomchuí.

3.   Cuirfear in iúl na critéir roghnúcháin agus liostaí na n-oibríochtaí a bheidh roghnaithe le tacaíocht a fháil ó OP II tar éis na cláir oibríochtúla arna gcómhaoiniú ag CSE a bheith glactha.

4.   Féadfaidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta féin an bia/nó an cúnamh ábhartha bunúsach do na daoine is díothaí a cheannach.

Féadfaidh comhlacht poiblí an bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach do na daoine is díothaí a cheannach agus a chur ar fáil saor in aisce do na heagraíochtaí comhpháirtíochta. Sa chás sin, féadfar an bia a fháil ó úsáid, próiseáil nó díol na dtáirgí arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar choinníoll gurb é an rogha is fearr go heacnamaíocht agus nach gcuirfidh sé rómhoill ar sheachadadh táirgí bia ar na heagraíochtaí comhpháirtíochta. Úsáidfear an méid a gheofar ó idirbheart den sórt sin chun sochar na ndaoine is díothaí, agus ní chuirfear i bhfeidhm é ar bhealach a bhainfidh ó oibleagáid na mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Rialachán seo, an clár a chómhaoiniú.

Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na nósanna imeachta arna nglacadh de bhun phointe (i) d'Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, nósanna imeachta lenar féidir na táirgí dá dtagraítear iontu a úsáid, a phróiseáil nó a dhíol chun críocha an Rialacháin seo, chun a n-uasmhéid éifeachtúlachta a áirithiú.

5.   Déanfar an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach sin a dháileadh saor in aisce ar na daoine is díothaí.

6.   Ní bhfaighidh oibríocht a fhaigheann tacaíocht ón gCiste tacaíocht ó níos mó ná clár oibríochtúil amháin arna chómhaoiniú ag an gCiste nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais chun cistiú dúbailte a sheachaint.

Airteagal 24

Cineálacha tacaíochta

Úsáidfidh na Ballstáit an Ciste chun tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas, soláthair nó teaglaim díobh sin. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an tacaíocht sin bheith i bhfoirm cabhrach a thig faoi Airteagal 107(1) CFAE.

Airteagal 25

Foirmeacha deontas

1.   Féadfaidh na deontais bheith:

(a)

i bhfoirm aisíocaíocht na gcostas incháilithe arna dtabhú agus arna n-íoc iarbhír;

(b)

i bhfoirm aisíocaíochta ar bhonn costas aonaid;

(c)

i bhfoirm cnapshuimeanna nach mó ná EUR 100 000 den tacaíocht phoiblí;

(d)

i bhfoirm maoiniú ar ráta comhréidh, arna chinneadh trí chéatadán a chur i bhfeidhm ar chatagóir sainithe costas amháin nó níos mó.

2.   Ní fhéadfar na roghanna dá dtagraítear i mír 1 a chomhcheangal i ndáil le hoibríocht aonair ach amháin i gcás ina gcuirtear gach rogha i bhfeidhm ar chatagóir éagsúil costas nó i gcás ina n-úsáidtear iad le haghaidh céimeanna leantacha de.

3.   Bunófar na méideanna dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 ar an mbonn seo a leanas:

(a)

modh ríofa cóir, cothrom agus infhíoraithe bunaithe ar cheann acu seo a leanas:

(i)

sonraí staidrimh nó faisnéis oibiachtúil eile;

(ii)

sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair nó cur i bhfeidhm a ngnáthchleachtas cuntasaíochta costála;

(b)

modhanna agus costais chomhfhreagracha aonaid, cnapshuimeanna agus maoiniú ar ráta comhréidh arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna maidir le deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát lena mbaineann le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

(c)

rátaí arna mbunú ag an Rialachán seo;

(d)

de réir an cháis, trí thagairt a dhéanamh do dhréachtbhuiséad arna chomhaontú ex-ante ag an údarás bainistíochta, i gcás nach dtéann an tacaíocht phoiblí thar EUR 100 000.

4.   Measfar gur caiteachas incháilithe iad na méideanna arna ríomh i bhfoirm deontas dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) agus arna dtabhú agus arna n-íoc ag an tairbhí chun críche Theideal VI a chur i bhfeidhm.

5.   Leagfar amach an modh a chuirfear i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus coinníollacha íocaíochta an deontais a chinneadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta maidir le gach oibríocht ar leith.

Airteagal 26

Incháilitheacht caiteachais

1.   Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, ach amháin i gcás ina leagtar síos rialacha sonracha sa Rialachán seo nó ar bhonn an Rialacháin seo.

2.   D'ainneoin mhír 1, is iad na costais a bheidh incháilithe le haghaidh tacaíochta ó OP I:

(a)

na costais chun bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach;

(b)

i gcás ina ndéanann comhlacht poiblí an bia nó an cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach agus a sholáthar d'eagraíochtaí comhpháirtíochta, na costais chun bia nó cúnamh ábhartha bunúsach a iompar chuig iostaí stórála na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta agus na costais stórála ar ráta comhréidh 1 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, na costais a tabhaíodh agus a íocadh iarbhír;

(c)

na costais riaracháin, iompair agus stórála atá ar na heagraíochtaí comhpháirtíochta ag ráta comhréidh 5 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a); nó 5 % de luach na dtáirgí bia arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(d)

costais bailithe, iompair, stórála agus dáilte deonachán bia agus gníomhaíochtaí ardaithe feasachta a bhfuil baint dhíreach acu leo, arna dtabhú agus arna n-íoc ag na heagraíochtaí comhpháirtíochta;

(e)

costais na mbeart tionlacain arna ndéanamh agus arna ndearbhú ag na heagraíochtaí comhpháirteacha a sheachadann an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach go díreach nó faoi chomhaontuithe comhair ar na daoine is díothaí ag ráta comhréidh 5 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a).

3.   D'ainneoin mhír 1, is iad na costais arna dtabhú de bhun Airteagal 27(3) a bheidh sna costais atá incháilithe le haghaidh tacaíochta faoin gclár oibríochtúil, nó ráta comhréidh suas go dtí 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe do na costais indíreacha arna dtabhú de bhun Airteagal 27(44).

4.   Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gclár oibríochtúil:

(a)

ús ar fhiacha;

(b)

bonneagar a sholáthar;

(c)

costais earraí athláimhe;

(d)

cáin bhreisluacha, ach amháin i gcás nach bhfuil na costais inghnóthaithe faoi reachtaíocht náisiúnta CBL.

Airteagal 27

Cúnamh teicniúil

1.   Ar thionscnamh an Choimisiúin, nó thar a cheann, agus faoi réir uasteorann 0,35 % dá leithdháileadh bliantúil, féadfaidh an Ciste na bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, iniúchóireachta, faisnéise, rialaithe agus meastóireachta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhaoiniú, mar aon le gníomhaíochtaí de bhun Airteagal 10.

2.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na heagraíochtaí comhpháirtíochta ar leibhéal an Aontais maidir leis an úsáid atá beartaithe a bhaint as cúnamh teicniúil.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, gach bliain, a phleananna maidir leis an gcineál gníomhaíochtaí a bhaineann leis na bearta a liostaítear i mír 1 a leagan amach, nuair a bheartaítear ranníocaíocht ón gCiste, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

4.   Ar thionscnamh ó na Ballstáit, agus faoi réir uasteorann 5 % de leithdháileadh an Chiste, féadfaidh an clár oibríochtúil na bearta ullmhúcháin, bainistíochta, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, iniúchóireachta, faisnéise, rialaithe agus meastóireachta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhaoiniú. Féadfaidh sé freisin cúnamh teicniúil agus forbairt acmhainní eagraíochtaí comhpháirtíochta a mhaoiniú.

TEIDEAL V.

BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ

Airteagal 28

Prionsabail ghinearálta maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe

Déanfaidh na córais bhainistíochta agus rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 5(7), foráil maidir leis an méid seo:

(a)

tuairisc ar fheidhmeanna gach comhlachta a bhfuil baint aige le bainistíocht agus le rialú, agus ar leithdháileadh feidhmeanna laistigh de gach comhlacht;

(b)

prionsabal deighilte na bhfeidhmeanna idir comhlachtaí den sórt sin nó laistigh díobh a chomhlíonadh;

(c)

nósanna imeachta chun cruinneas agus rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear a áirithiú;

(d)

córais ríomhairithe maidir le cuntasaíocht, maidir le stóráil agus tarchur sonraí airgeadais agus sonraí ar tháscairí, maidir le faireachán agus maidir le tuairisciú;

(e)

córais maidir le tuairisciú agus faireachán i gcás ina gcuireann an comhlacht atá freagrach feidhmiú cúraimí ar iontaoibh comhlachta eile;

(f)

socruithe maidir le feidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe a iniúchadh;

(g)

córais agus nósanna imeachta chun rian iniúchóireachta leormhaith a áirithiú;

(h)

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, lena n-áirítear calaois, agus méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha.

Airteagal 29

Freagrachtaí faoin mbainistíocht chomhroinnte

I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhroinnte, beidh na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 30

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Comhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí bainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta agus glacfaidh siad leis na freagrachtaí a thig astu sin a leagtar síos sna rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais agus sa Rialachán seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus gnóthóidh siad méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha. Tabharfaidh siad fógra maidir le neamhrialtachtaí ar mó iad ná EUR 10 000 i ranníocaíocht ó na Cistí don Choimisiún agus coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi dhul chun cinn suntasach a bheidh ar na himeachtaí gaolmhara riaracháin agus dlíthiúla.

Ní thabharfaidh na Ballstáit fógra maidir leis na neamhrialtachtaí i ndáil leis na cásanna seo a leanas don Choimisiún:

(a)

cásanna nach mbeidh sa neamhrialtacht sin ach mainneachtain oibríocht a chur i gcrích, ina hiomláine nó go páirteach, arb oibríocht í atá san áireamh sa chlár oibríochtúil cómhaoinithe de bharr fhéimheacht an tairbhí;

(b)

cásanna ina dtarraingeoidh an tairbhí aird an údaráis bhainistíochta nó an údaráis deimhniúcháin orthu go deonach agus roimh é a bhrath ag ceachtar de na húdaráis, cibé acu roimh an ranníocaíocht phoiblí a íoc nó ina dhiaidh sin;

(c)

cásanna a bhraitheann nó a cheartaíonn an t-údarás bainistíochta nó an t-údarás deimhniúcháin roimh an gcaiteachas lena mbaineann a chur i ráiteas caiteachais arna chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Sna cásanna eile go léir, go háirithe iad sin a thagann roimh fhéimheacht nó i gcásanna calaoise amhrasta, déanfar na neamhrialtachtaí braite agus na bearta coisctheacha agus ceartaitheacha gaolmhara a thuairisciú don Choimisiún.

Nuair nach féidir méideanna a íocadh go míchuí le tairbhí a ghnóthú agus nach féidir sin mar thoradh ar locht nó faillí ar thaobh an Bhallstáit, beidh an Ballstát freagrach as na méideanna lena mbaineann a a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú murar mó ná EUR 250 i ranníocaíocht ón gCiste an méid atá le gnóthú ón tairbhí, gan ús a áireamh.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe breise maidir leis na critéir chun na cásanna neamhrialtachta a bheidh le tuairisciú a chinneadh, na sonraí a bheidh le soláthar agus maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeacht a bheidh le cur i bhfeidhm chun a chinneadh an aisíocfaidh na Ballstáit na méideanna atá neamh-inghnóthaithe.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach faoi Airteagal 63(2) lena leagtar amach minicíocht an tuairiscithe agus an fhormáid tuairiscithe a bheidh le húsáid.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil socruithe éifeachtacha ann chun gearáin i leith an Chiste a scrúdú. Beidh an raon feidhme, na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis na socruithe sin ina fhreagracht ar na Ballstáit i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil. Ar an gCoimisiún á iarraidh sin, scrúdóidh na Ballstáit gearáin a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin agus a thagann faoi raon feidhme a gcuid socruithe. Cuirfidh na Ballstáit torthaí na scrúduithe sin in iúl don Choimisiún arna iarraidh sin orthu.

4.   Déanfar gach malartú oifigiúil faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún trí úsáid a bhaint as córas malartaithe leictreonaigh sonraí. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na téarmaí agus na coinníollacha a gcomhlíonfaidh an córas malartaithe sonraí leictreonaigh sin a bhunú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(3).

Airteagal 31

Údaráis a ainmniú

1.   Déanfaidh gach Ballstát, údarás nó comhlacht poiblí náisiúnta, a ainmniú mar údarás bainistíochta le haghaidh gach cláir oibríochtúil. Féadfar an t-údarás bainistíochta céanna a ainmniú le haghaidh dhá chlár oibríochtúla.

2.   Déanfaidh an Ballstát údarás nó comhlacht poiblí náisiúnta a ainmniú mar údarás deimhniúcháin le haghaidh gach cláir oibríochtúil, gan dochar do mhír 3. Féadfar an t-údarás bainistíochta céanna a ainmniú le haghaidh dhá chlár oibríochtúla.

3.   Féadfaidh an Ballstát údarás bainistíochta a ainmniú chun feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích freisin, le haghaidh cláir oibríochtúil.

4.   Déanfaidh an Ballstát, údarás nó comhlacht poiblí náisiúnta, atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar an údarás bainistíochta agus ar an údarás deimhniúcháin, a ainmniú mar údarás iniúchóireachta, le haghaidh gach cláir oibríochtúil. Féadfar an t-údarás iniúchóireachta céanna a ainmniú le haghaidh dhá chlár oibríochtúla.

5.   Ar choinníoll go n-urramófar prionsabal dheighilt na bhfeidhmeanna, féadfaidh an t-údarás bainistíochta, an t-údarás deimhniúcháin do OP I agus do OP II ar ina leith nach mó méid iomlán na tacaíochta ón gCiste ná EUR 250 000 000, an t-údarás iniúchóireachta, bheith mar chuid den údarás nó den chomhlacht poiblí céanna.

6.   Féadfaidh an Ballstát comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú chun cúraimí áirithe de chuid an údaráis bhainistíochta nó de chuid an údaráis deimhniúcháin a dhéanamh faoi fhreagracht an údaráis sin. Déanfar na socruithe ábhartha idir an t-údarás bainistíochta nó an t-údarás deimhniúcháin agus na comhlachtaí idirmheánacha a thaifeadadh go foirmiúil i scríbhinn.

7.   Féadfaidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta cúram na bainistíochta ar chuid de chlár oibríochtúil a chur ar iontaoibh comhlachta idirmheánaigh trí chomhaontú i scríbhinn idir an comhlacht idirmheánach agus an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta. Soláthróidh an comhlacht idirmheánach ráthaíochtaí maidir lena shócmhainneacht agus lena inniúlacht sa réimse lena mbaineann, agus maidir lena acmhainneacht bainistíochta riaracháin agus airgeadais.

8.   Leagfaidh an Ballstát amach i scríbhinn na rialacha lena rialaítear an gaol idir an Ballstát sin agus na húdaráis bhainistíochta, na húdaráis deimhniúcháin agus na húdaráis iniúchóireachta, an caidreamh idir na húdaráis sin, agus caidreamh na n-údarás sin leis an gCoimisiún.

Airteagal 32

Feidhmeanna an údaráis bhainistíochta

1.   Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as an gclár oibríochtúil a bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

2.   Maidir le bainistiú an chláir oibríochtúil, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

tacú le hobair an choiste faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 11 agus an fhaisnéis atá de dhíth air a chur ar fáil dó chun a chúraimí a chomhlíonadh, go háirithe sonraí a bhaineann le dul chun cinn an chláir oibríochtúil maidir lena chuspóirí a ghnóthú, sonraí airgeadais agus sonraí a bhaineann le táscairí;

(b)

tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, le linn coinbhleachtaí leasa a sheachaint, i gcás OP I, nó tar éis fhormheas an choiste faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 11 i gcás OP II, tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13 a tharraingt suas agus, a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

(c)

faisnéis a chur ar fáil do chomhlachtaí idirmheánacha agus do thairbhithe, ar faisnéis í a bhaineann le comhlíonadh a gcúraimí agus le cur chun feidhme oibríochtaí, faoi seach;

(d)

córas a bhunú chun sonraí maidir le gach oibríocht is gá chun faireachán, meastóireacht, bainistíocht airgeadais, fíorú agus iniúchadh a dhéanamh, lena n-áirítear sonraí maidir le rannpháirtithe aonair in oibríochtaí arna gcómhaoiniú ag OP II, a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm ríomhairithe;

(e)

a áirithiú go ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) a bhailiú, a iontráil agus a stóráil sa chóras, dá dtagraítear i bpointe (d), i gcomhlíonadh forálacha Threoir 95/46/CE agus i gcás ina mbeidh siad ar fáil, a mhiondealú de réir inscne.

3.   Maidir le hoibríochtaí a roghnú, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta agus/nó critéir iomchuí roghnúcháin ar nósanna imeachta agus critéir iad atá neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, a tharraingt suas agus, i gcás inarb ábhartha tar éis a bhformheasa, a chur i bhfeidhm;

(b)

an méid seo a leanas a áirithiú maidir leis an oibríocht a roghnófar:

(i)

go dtiocfaidh sí faoi réim an Chiste agus an chláir oibríochtúil;

(ii)

go gcomhlíonfaidh sí na critéir a leagtar amach sa chlár oibríochtúil agus in Airteagal 22, in Airteagal 23 agus in Airteagal 26;

(iii)

go gcuirfidh sí na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 5(11), (12), (13) agus (14) i gcuntas;

(c)

a áirithiú go soláthrófar doiciméad don tairbhí ina leagtar amach na dálaí tacaíochta le haghaidh gach oibríochta, lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá le soláthar faoin oibríocht, an plean maoinithe, agus an teorainn ama dá bhfeidhmiú;

(d)

a dheimhniú dó féin go bhfuil na hacmhainní riaracháin, airgeadais agus oibríochtúla ag an tairbhí d'fhonn na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (c) a chomhlíonadh sula bhformheasfar an oibríocht;

(e)

a dheimhniú dó féin, i gcás inar thosaigh an oibríocht sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bhainistíochta, gur comhlíonadh an dlí is infheidhme a bhaineann leis an oibríocht;

(f)

a chinneadh an cineál cúnaimh ábhartha i gcás OP I agus an cineál gníomhaíochta i gcás OP II a leithdháilfear caiteachas oibríochta ina leith.

4.   Maidir le bainistiú airgeadais agus rialú an chláir oibríochtúil, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

a fhíorú gur seachadadh na seirbhísí agus na táirgí cómhaoinithe agus go bhfuil an caiteachas a dhearbhaigh na tairbhithe íoctha agus go gcomhlíonann sé an dlí is infheidhme, an clár oibríochtúil agus na coinníollacha maidir le tacaíocht na hoibríochta;

(b)

a áirithiú go ndéanfaidh na tairbhithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na n-oibríochtaí a aisíoctar ar bhonn na gcostas incháilithe arna dtabhú iarbhír córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta leormhaith a choimeád le haghaidh gach idirbhirt a bhaineann le hoibríocht;

(c)

bearta frithchalaoise éifeachtacha agus comhréireacha a chur i bhfeidhm, ag cur na rioscaí a aithníodh san áireamh;

(d)

nósanna imeachta a bhunú lena áirithiú go ndéanfar gach doiciméad a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis na hiniúchtaí a theastaíonn chun rian iniúchóireachta leormhaith a áirithiú a shealbhú i gcomhréir le ceanglais phointe (g) d'Airteagal 28;

(e)

an dearbhú bainistíochta agus an achoimre bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a tharraingt suas;

5.   Déanfar na nósanna imeachta seo a leanas a áireamh i bhfíoruithe de bhun phointe (a) de mhír 4:

(a)

fíoruithe riaracháin maidir le gach iarratas ar aisíocaíocht ag tairbhithe;

(b)

fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí.

Beidh minicíocht agus cuimsiú na bhfíoruithe ar an láthair comhréireach le méid na tacaíochta poiblí a thugtar d'oibríocht agus leis an leibhéal riosca a aithneofar i bhfíoruithe den sórt sin agus in iniúchtaí den sórt sin arna ndéanamh ag an údarás iniúchóireachta le haghaidh an chórais bhainistithe agus rialaithe ina iomláine.

6.   Féadfar fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí aonair de bhun phointe (b) den chéad fhomhír de mhír (5) a dhéanamh ar bhonn samplach.

7.   I gcás ina bhfuil an t-údarás bainistíochta ina thairbhí faoin gclár oibríochtúil freisin, déanfar deighilt leormhaith feidhmeanna a áirithiú sna socruithe le haghaidh na bhfíoruithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4.

8.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 62, lena leagtar síos rialacha lena sonraítear an fhaisnéis maidir leis na sonraí a thaifeadfar agus a stórálfar i bhfoirm ríomhairithe laistigh den chóras faireacháin a bunaíodh faoi phointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla an chórais arna bhunú faoi phointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(3).

9.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 62, lena leagtar síos na ceanglais íosta mhionsonraithe don rian iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4 den Airteagal seo i leith na dtaifead cuntasaíochta a chothabhálfar agus na doiciméid tacaíochta a choimeádfar ar leibhéal an údaráis deimhniúcháin, an údaráis bhainistíochta, na gcomhlachtaí idirmheánacha agus na dtairbhithe.

10.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an tsamhail don dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

Airteagal 33

Feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin

Beidh údarás deimhniúcháin chláir oibríochtúil freagrach go sonrach as an méid seo a leanas:

(a)

iarrataí ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus a dheimhniú go dtagann siad as córais chuntasaíochta iontaofa, go bhfuil siad bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe agus go raibh siad faoi réir fíoruithe ag an údarás bainistíochta;

(b)

na cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a tharraingt suas;

(c)

iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas a dheimhniú agus a dheimhniú go gcomhlíonann an caiteachas a iontráladh iontu an dlí is infheidhme agus gur tabhaíodh é i leith na n-oibríochtaí a roghnaíodh lena gcistiú i gcomhréir leis na critéir is infheidhme maidir leis an gclár oibríochtúil agus a chomhlíonann an dlí is infheidhme;

(d)

a áirithiú go bhfuil córas ann a dhéanann taifid chuntasaíochta le haghaidh gach oibríochta a thaifead agus a stóráil, i bhfoirm ríomhairithe, agus a thacaíonn leis na sonraí uile a theastaíonn chun iarratais ar íocaíocht agus cuntais a tharraingt suas, lena n-áirítear taifid ar mhéideanna inghnóthaithe, ar mhéideanna a gnóthaíodh agus ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh oibríochta nó cláir oibríochtúla nó cuid di a chealú;

(e)

a áirithiú, ar mhaithe le hiarrataí ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur isteach, go bhfuil faisnéis leormhaith faighte aige ón údarás bainistíochta maidir leis na nósanna imeachta agus na fíoruithe a cuireadh i gcrích i dtaca leis an gcaiteachas;

(f)

a chur san áireamh, agus iarratais ar íocaíocht á dtarraingt suas agus á gcur isteach, torthaí na n-iniúchtaí uile a rinne an t-údarás iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht;

(g)

taifid chuntasaíochta a choimeád i bhfoirm ríomhairithe maidir le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún agus maidir leis an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach a íocadh leis na tairbhithe;

(h)

cuntas a choimeád ar mhéideanna inghnóthaithe agus ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh oibríochta nó cuid di a chealú. Déanfar méideanna a gnóthaíodh a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais sula ndúnfar an clár oibríochta trí iad a asbhaint ón gcéad ráiteas caiteachais ina dhiaidh sin.

Airteagal 34

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.   Áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go ndéanfar iniúchtaí ar fheidhmiú cuí chórais bhainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil agus ar shampla iomchuí d'oibríochtaí agus ar na cuntais bhliantúla ar bhonn an chaiteachais a dhearbhaítear.

Iniúchfar an caiteachas dearbhaithe bunaithe ar shampla ionadaíoch, nó i gcás inarb iomchuí, ar thástáil shubstainteach, agus, mar riail ghinearálta ar mhodhanna samplála staidrimh.

Féadfar modh samplála neamhstaidrimh a úsáid ar bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta agus in aon chás ina bhfuil líon na n-oibríochtaí do bhliain chuntasaíochta neamhleor chun gur féidir úsáid a bhaint as modh staidrimh.

I gcásanna den sórt sin, beidh méid an tsampla dóthanach chun a chumasú don údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta bailí a tharraingt suas i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais.

Clúdóidh an modh sampla neamhstaidrimh íosmhéid 5 % de na hoibríochtaí ar dearbhaíodh caiteachas don Choimisiún ina leith le linn bliana cuntasaíochta agus 10 % den chaiteachas ar dearbhaíodh don Choimisiún le linn bliana cuntasaíochta.

I gcás nach mó méid iomlán na tacaíochta ón gCiste le OP I EUR 35 000 000, ceadófar don údarás iniúchóireachta na gníomhaíochtaí iniúchóireachta a theorannú do chóras bliantúil iniúchóireachta lena n-áirítear tástáil shubstainteach ar mheascán de thástáil randamach agus rioscabhunaithe oibríochtaí. Cuirfear an obair iniúchóireachta i gcrích i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta agus déanfar an leibhéal earráide a áirítear sna dearbhuithe caiteachais deimhnithe don Choimisiún a chainníochtú go bliantúil.

2.   I gcás ina ndéanfaidh comhlacht seachas an t-údarás iniúchóireachta iniúchtaí, áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go mbeidh an neamhspleáchas ó thaobh feidhme is gá ag an gcomhlacht sin.

3.   Áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta san áireamh san obair iniúchóireachta.

4.   Ullmhóidh an t-údarás iniúchóireachta, laistigh d'ocht mí ón tráth a nglacfar clár oibríochta, straitéis iniúchóireachta chun iniúchtaí a dhéanamh. Leagfar síos sa straitéis iniúchóireachta, an mhodheolaíocht iniúchóireachta, an modh samplála, nó, i gcás inarb iomchuí, a modh substaintiúil tástála maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí agus pleanáil na n-iniúchtaí maidir leis an mbliain chuntasaíochta reatha agus an dá bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin. Déanfar an straitéis iniúchóireachta a nuashonrú gach bliain idir 2016 agus 2024, an bhliain sin san áireamh. I gcás ina mbeidh feidhm ag comhchóras bainistíochta agus rialaithe maidir le dhá chlár oibríochtúla, féadfar straitéis iniúchóireachta amháin a ullmhú le haghaidh na gclár oibríochta lena mbaineann. Cuirfidh an t-údarás iniúchóireachta an straitéis iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin arna iarraidh sin dó.

5.   Tarraingeoidh an t-údarás iniúchóireachta suas na nithe seo a leanas:

(a)

tuairim iniúchóireachta i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais;

(b)

tuarascáil ar rialú ina leagtar amach príomhthorthaí na n-iniúchtaí a rinneadh i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear fionnachtana maidir le heasnaimh a aimsíodh sna córais bhainistíochta agus rialaithe, agus na gníomhartha ceartaitheacha a moladh agus a cuireadh chun feidhme.

I gcás ina bhfuil feidhm ag comhchóras bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár oibríochtúil amháin, féadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír a ghrúpáil i dtuarascáil amháin.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos samhlacha maidir leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóireachta agus leis an tuarascáil ar rialú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

7.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 62, chun raon feidhme agus inneachar na n-iniúchtaí ar oibríochtaí agus iniúchtaí ar na cuntais agus an mhodheolaíocht do roghnú shampla na n-oibríochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan amach.

8.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 62, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le húsáid sonraí arna mbailiú ag oifigigh an Choimisiúin nó ag ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin.

Airteagal 35

An nós imeachta chun an t-údarás bainistíochta agus an t-údarás deimhniúcháin a ainmniú

1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dháta agus chineál na n-ainmníochtaí, a bheidh déanta ar leibhéal cuí, maidir leis an údarás bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an údarás deimhniúcháin sula gcuirtear an chéad iarratas ar íocaíocht eatramhach faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   Bunófar na hainmníochtaí dá dtagraítear i mír 1 ar thuarascáil agus ar thuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách a mheasann an gcomhlíonann na húdaráis na critéir a bhaineann leis an timpeallacht rialaithe inmheánach, le bainistíocht riosca, le gníomhaíochtaí bainistíochta agus le gníomhaíochtaí rialaithe agus faireacháin a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Is é an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách, nó comhlacht eile dlí phoiblí nó phríobháidigh ag a bhfuil an acmhainneacht iniúchta is gá, a bheidh san údarás iniúchóireachta a bheidh neamhspleách ar an údarás bainistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, neamhspleách ar an údarás deimhniúcháin freisin agus tabharfaidh sé faoina chuid oibre agus caighdeáin iniúchóireachta atá inghlactha go hidirnáisiúnta á gcur I gcuntas aige.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar go bhfuil údarás bainistíochta nó údarás deimhniúcháin a ainmníodh i ndáil le clár oibríochtúil arna chómhaoiniú ag CSE de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ainmnithe chun críocha an Rialacháin seo.

4.   Laistigh de mhí amháin ó fhógra a thabhairt faoi na hainmníochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún an tuarascáil agus an tuairim ón gcomhlacht iniúchóireachta neamhspleách dá dtagraítear i mír 2 a iarraidh agus féadfaidh sé an cur síos ar na feidhmeanna agus nósanna imeachta atá i bhfeidhm i gcomhair an údaráis bhainistíochta a iarraidh chomh maith nó, i gcás inarb iomchuí, i gcomhair an údaráis deimhniúcháin. Cinnfidh an Coimisiún an iarrfar na doiciméid sin ar bhonn a mheasúnaithe riosca.

Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de dhá mhí ó na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil.

Gan dochar d'Airteagal 46, ní chuirfidh an scrúdú ar na doiciméid sin isteach ar láimhseáil na n-iarrataí ar íocaíochtaí eatramhacha.

5.   I gcás ina léiríonn torthaí rialaithe agus iniúchóireachta atá ann cheana nach gcomhlíonann an t-údarás ainmnithe na critéir dá dtagraítear i mír 2 a thuilleadh, socróidh an Ballstát, ar leibhéal cuí, tréimhse phromhaidh a bheidh comhréireach le tromchúis na faidhbe agus tabharfar faoi bhearta leasúcháin le linn na tréimhse sin.

I gcás ina dteipeann ar an údarás ainmnithe na bearta leasúcháin a chur i bhfeidhm laistigh den tréimhse phromhaidh arna chinneadh ag an mBallstát, déanfaidh an Ballstát, ar leibhéal cuí, deireadh lena ainmniú mar údarás.

Gan aon mhoill, cuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún nuair a chuirtear údarás ainmnithe faoi thréimhse phromhaidh agus tabharfar faisnéis maidir leis an tréimhse phromhaidh faoi seach, cuirfear in iúl dó freisin nuair a chuirtear deireadh leis an tréimhse phromhaidh toisc gur cuireadh na bearta leasúcháin i bhfeidhm agus cuirfear in iúl dó chomh maith nuair a chuirtear deireadh le hainmniú údaráis. Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 46, nuair a chuirtear in iúl dó gur chuir Ballstát comhlacht ainmnithe ar promhadh, ní chuirfidh sin isteach ar láimhseáil na n-iarratas ar íocaíochtaí eatramhacha.

6.   I gcás ina gcuirtear deireadh le hainmniú údaráis bhainistíochta nó údaráis deimhniúcháin, ainmneoidh Ballstáit, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2, comhlacht nua chun feidhmeanna an údaráis bhainistíochta nó an údaráis deimhniúcháin a ghlacadh air féin, agus cuirfidh Ballstáit é sin in iúl don Choimisiún.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an tsamhail don tuarascáil agus don tuairim ón gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta chomh maith leis an tuairisc ar fheidhmeanna agus nósanna imeachta a bheidh i bhfeidhm don údarás bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, don údarás deimhniúcháin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(3).

Airteagal 36

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

1.   Deimhneoidh an Coimisiún dó féin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis maidir le hainmniú na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as bainistiú agus rialú, na doiciméid arna soláthar gach bliain, i gcomhréir le hAirteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais, ag na comhlachtaí ainmnithe sin, tuarascálacha ar rialú, tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme agus iniúchtaí arna ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta agus ag comhlachtaí Aontais, go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe curtha ar bun ag na Ballstáit a chomhlíonann an Rialachán seo agus go bhfeidhmíonn na córais sin go héifeachtach le linn na cláir oibríochtúla a chur chun feidhme.

2.   Féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe ón gCoimisiún iniúchtaí nó seiceálacha ar an láthair a dhéanamh faoi réir iad do thabhairt fógra 12 lá oibre ar a laghad don údarás inniúil náisiúnta, ach amháin i gcásanna práinneacha. Urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta nuair a chuirfidh sé san áireamh an gá atá ann go seachnófar dúbailt nach bhfuil údar maith léi maidir le hiniúchtaí agus seiceálacha a dhéantar sna Ballstáit, mar aon leis an leibhéal riosca do bhuiséad an Aontais agus an gá atá ann an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfar, go háirithe, fíorú ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe i gclár nó i gcuid de chlár, in oibríochtaí agus measúnú ar bhainistíocht fhónta airgeadais na n-oibríochtaí nó na gclár bheith faoi raon feidhme na n-iniúchtaí nó na seiceálacha sin. Féadfaidh oifigigh nó ionadaithe údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh in iniúchtaí nó i seiceálacha den sórt sin.

Oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an Choimisiúin, ar tugadh an chumhacht chuí dóibh iniúchtaí nó seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, beidh rochtain acu ar na taifid, na doiciméid agus na meiteashonraí uile is gá, is cuma cén meán ina stóráiltear iad, a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF nó leis na córais bhainistithe agus rialaithe. Soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid, doiciméid agus meiteashonraí sin don Choimisiún arna iarraidh sin orthu.

Ní dhéanfaidh na cumhachtaí a leagtar amach sa mhír seo difear do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta lena bhforchoimeádtar gníomhartha áirithe do ghníomhaithe arna n-ainmniú go sonrach sa reachtaíocht náisiúnta. Ní ghlacfaidh oifigigh an Choimisiúin ná ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta. Beidh rochtain ag oifigigh agus ionadaithe den sórt sin, áfach, ar an bhfaisnéis a fhaightear ar an tslí sin gan dochar d'inniúlachtaí na gcúirteanna náisiúnta agus cearta bunúsacha na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann á lán-urramú.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát na bearta is gá a dhéanamh d'fhonn feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe nó ceartaiseacht an chaiteachais a fhíorú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 37

Comhar le húdaráis iniúchóireachta

1.   Comhoibreoidh an Coimisiún le húdaráis iniúchóireachta d'fhonn a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus déanfaidh sé torthaí na n-iniúchtaí arna ndéanamh ar chórais bhainistithe agus rialaithe a mhalartú láithreach leis na húdaráis sin.

2.   D'fhonn an comhar seo a éascú i gcásanna ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás iniúchóireachta amháin, féadfaidh an Ballstát comhlacht comhordúcháin a ainmniú.

3.   Tiocfaidh an Coimisiún, na húdaráis iniúchóireachta agus aon chomhlacht comhordúcháin atá ann le chéile ar bhonn rialta agus, de ghnáth, uair amháin sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontaítear a mhalairt, d'fhonn an tuarascáil bhliantúil ar rialú, an tuairim iniúchóireachta agus an straitéis iniúchóireachta a scrúdú, agus d'fhonn tuairimí a mhalartú maidir le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistithe agus rialaithe.

TEIDEAL VI.

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, SCRÚDÚ AGUS GLACADH CUNTAS, CEARTUITHE AIRGEADAIS AGUS SAORADH

CAIBIDIL 1

Bainistiú airgeadais

Airteagal 38

Gealltanais bhuiséadacha

Déanfar gealltanais bhuiséadacha an Aontais i ndáil le gach clár oibríochtúil i dtráthchodanna bliantúla sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020. Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár oibriochtúil cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 84 den Rialachán Airgeadais agus a luaithe a thabharfar fógra ina leith don Bhallstát lena mbaineann, gealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin.

I gcás gach cláir oibríochtúil ar leith, déanfar an gealltanas buiséadach don chéad tráthchuid tar éis don chlár oibríochtúil bheith glactha ag an gCoimisiún.

I gcás na ngealltanas buiséadach do thráthchodanna ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún iad roimh an 1 Bealtaine de gach bliain, ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear sa dara mír, ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 16 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 39

Íocaíochtaí ón gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí na ranníocaíochta ón gCiste le gach clár oibríochtúil i gcomhréir le leithreasaí buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Breacfar gach íocaíocht sa ghealltanas buiséadach is túisce a bheidh oscailte den Chiste.

2.   Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm íocaíochtaí réamh-mhaoinithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid deiridh.

Airteagal 40

Íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid deiridh ag an gCoimisiún

1.   Aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha 90 % den mhéid a thig ó chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe arna leagan síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibríochtúil don chaiteachas poiblí incháilithe atá ar áireamh san iarratas ar íocaíocht. Cinnfidh an Coimisiún na méideanna eile le haisíoc mar íocaíochtaí eatramhacha nó le fáil ar ais i gcomhréir le hAirteagal 50.

2.   D'ainneoin Airteagal 21, ní bheidh an ranníocaíocht ón gCiste trí bhíthin na n-íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid deiridh níos airde ná uasmhéid na ranníocaíochta ón gCiste mar atá leagtha síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibriíochtúil.

Airteagal 41

Iarratais ar íocaíocht

1.   Soláthrófar san iarratas ar íocaíocht a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin an fhaisnéis uile atá de dhíth ar an gCoimisiún chun cuntais a tháirgeadh i gcomhréir le hAirteagal 68(3) den Rialachán Airgeadais.

2.   In iarratais ar íocaíocht don chlár oibríochtúil ina iomláine agus don chúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 27(4) áireofar na nithe seo a leanas:

(a)

méid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme, mar a iontráladh é i gcóras cuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin;

(b)

méid iomlán an chaiteachais phoiblí a tabhaíodh ag cur oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i gcóras cuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin.

3.   Maidir le caiteachas incháilithe a áireofar in iarratais ar íocaíocht, cuirfear sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach leis na sonraisc acu leis mar thacaíocht, seachas cineálacha tacaíochta faoi phointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 25(1) den Rialachán seo. I gcás na gcineálacha deontas sin, is ionann na méideanna a áireofar san iarratas ar íocaíocht agus na costais arna ríomh ar an mbonn is infheidhme.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an tsamhail d'iarrataí ar íocaíocht. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(3).

Airteagal 42

Íocaíochtaí le tairbhithe

1.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta, i gcás deontais le haghaidh eagraíochtaí comhpháirtíochta, go dtabharfar comhlúthacht do thairbhithe is leor chun cur chun feidhme cuí na n-oibríochtaí a áirithiú.

2.   Faoi réir infhaighteacht an chistithe ó réamh-mhaoiniú agus ó íocaíochtaí eatramhacha, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go bhfaighidh tairbhí méid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí iomlán agus tráth nach déanaí ná 90 lá ó dháta tíolactha an éilimh íocaíochta ag an tairbhí. Ní dhéanfar méid ar bith a asbhaint nó a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach nó muirear eile comhéifeachta a laghdódh méideanna is dlite do thairbhithe.

3.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta an spriocdháta le haghaidh íocaíochta dá dtagraítear i mír 2 a idirbhriseadh i gceachtar de na cásanna seo a leanas a bhfuil údar cuí leo:

(a)

nach bhfuil méid an éilimh íocaíochta dlite nó nár soláthraíodh na doiciméid iomchuí tacaíochta, lena n-áirítear na doiciméid is gá le haghaidh fíoruithe bainistíochta faoi phointe (a) d'Airteagal 32(4);

(b)

gur tionscnaíodh imscrúdú i ndáil le neamhrialtacht a d'fhéadfadh bheith ann a dhéanann difear don chaiteachas lena mbaineann;

Cuirfear an tairbhí lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn maidir leis an idirbhriseadh agus na cúiseanna atá leis.

Airteagal 43

Úsáid an euro

1.   Is in euro a ainmneofar na méideanna a leagfar amach i gcláir oibríochtúla arna gcur isteach ag Ballstáit, i ráitis chaiteachais, in iarrataí ar íocaíocht, i gcuntais agus in aon chaiteachas a luafar sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme.

2.   Déanfaidh Ballstáit nach bhfuil an euro glactha mar a n-airgeadra acu ar dháta iarratais ar íocaíocht na méideanna caiteachais a tabhaíodh san airgeadra náisiúnta a chomhshó in euro. Déanfar na méideanna sin a chomhshó in euro de réir ráta malartaithe cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin an mhí inar cláraíodh an caiteachas i gcuntais údarás deimhniúcháin an chláir oibríochtúil lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an ráta malartaithe a fhoilsiú go leictreonach gach mí.

3.   Nuair a thagann an euro chun bheith mar airgeadra Ballstáit, beidh feidhm fós ag an nós imeachta comhshó atá leagtha amach i mír 2 maidir leis an gcaiteachas uile atá taifeadta sna cuntais ag an údarás deimhniúcháin roimh dháta theacht i bhfeidhm an ráta seasta comhshó idir an t-airgeadra náisiúnta agus an euro.

Airteagal 44

Réamh-mhaoiniú a íoc agus a imréiteach

1.   Tar éis an chinnidh ón gCoimisiún lena nglactar an clár oibríochtúil, íocfaidh an Coimisiún réamh-mhaoiniú arb ionann é agus 11 % d'iomlán na ranníocaíochta ón gCiste leis an gclár oibríochtúil lena mbaineann.

2.   Ní úsáidfear réamh-mhaoiniú ach i gcomhair íocaíochtaí le tairbhithe i gcur chun feidhme an chláir oibríochtúil. Déanfar é a chur ar fáil gan mhoill don údarás atá freagrach chun na críche sin.

3.   Déanfar an méid iomlán arna íoc mar réamh-mhaoiniú a íoc ar ais leis an gCoimisiún mura gcuirtear isteach iarratas ar íocaíocht don chlár oibríochtúil lena mbaineann laistigh de 24 mí ón dáta a íocann an Coimisiún an chéad tráthchuid den mhéid réamh-mhaoinithe. Ní dhéanfaidh aisíoc den sórt sin difear don ranníocaíocht an Aontais leis an gclár oibríochtúil lena mbaineann.

4.   Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú a imréiteach ar fad ó chuntais an Choimisiúin tráth a ndúnfar an clár oibríochtúil ar a dhéanaí.

Airteagal 45

Spriocdháta chun iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a chur isteach agus chun iad a íoc

1.   Déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin iarraidh ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 41(2) ina gcuimsítear méideanna arna n-iontráil ina chóras cuntasaíochta sa bhliain chuntasaíochta. Féadfaidh an t-údarás deimhniúcháin, nuair a mheasann sé go bhfuil gá leis, na méideanna sin a áireamh in iarratais ar íocaíocht a chuirfear isteach i mblianta cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

2.   Déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chur isteach faoin 31 Meitheamh i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta roimhe sin agus, ar chuma ar bith, roimh an gcéad iarratas ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

3.   Ní dhéanfar an chéad iarratas ar íocaíocht eatramhach sula mbeidh fógra tugtha don Choimisiún faoi ainmniúchán an údaráis bainistíochta agus an údaráis deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 35.

4.   Ní dhéanfar íocaíochtaí eatramhacha le haghaidh cláir oibríochtúil mura mbeidh tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme curtha chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13.

5.   Faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht eatramhach tráth nach déanaí ná 60 lá i ndiaidh an dáta ar a ndéanfar iarratas ar íocaíocht a chlárú leis an gCoimisiún.

Airteagal 46

An spriocdháta íocaíochta a idirbhriseadh

1.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais, an spriocdháta íocaíochta maidir le héileamh ar íocaíocht eatramhach a bhriseadh ar feadh tréimhse uasta sé mhí más rud é:

(a)

go bhfuil fianaise shoiléir ann, i ndiaidh faisnéis a bheith curtha ar fáil ag comhlacht iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht iniúchóireachta de chuid an Aontais, a thugann le fios go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bainistíochta agus rialaithe;

(b)

go bhfuil ar an oifigeach údarúcháin trí tharmligean tabhairt faoi fhíoruithe breise i ndiaidh faisnéis bheith tugtha ar aird an oifigigh sin á chur in iúl dó go mbaineann neamhrialtacht ba chúis le hiarmhairtí airgeadais tromchúiseacha le hiarraidh ar íocaíocht;

(c)

go mainnítear ceann de na doiciméid a éilítear faoi Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a thíolacadh.

Féadfaidh an Ballstát a chomhaontú go ndéanfar an tréimhse idirbhriste a fhadú go ceann trí mhí eile.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean teorainn a chur leis an mbriseadh a dhéantar ar an gcuid sin den chaiteachas atá cumhdaithe ag an éileamh ar íocaíocht a ndéanann na gnéithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 difear di, ach amháin mura féidir an chuid sin den chaiteachas lena mbaineann a shainaithint. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an chúis leis an mbriseadh a chur in iúl láithreach agus i scríbhinn don Bhallstát agus don údarás bainistíochta agus iarrfaidh sé orthu an cás a leigheas. Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean deireadh leis na hidirbhristí a luaithe a dhéanfar na bearta is gá.

Airteagal 47

Íocaíochtaí a fhionraí

1.   Féadfaidh an Coimisiún gach íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí eatramhacha a fhionraí má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochtúil i mbaol dá bharr agus nár glacadh bearta ceartaitheacha ina leith go fóill;

(b)

i gcás ina bhfuil baint ag caiteachas i ráiteas caiteachais le neamhrialtacht thromchúiseach nár ceartaíodh fós;

(c)

i gcás inar mhainnigh Ballstát tabhairt faoin ngníomhaíocht is gá chun an cás a leigheas, rud a chuireann briseadh faoi deara faoi Airteagal 46;

(d)

i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach i gcáilíocht agus in iontaofacht an chórais faireacháin nó sna sonraí ar tháscairí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, gach íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí sin a fhionraí, i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh.

3.   Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí na n-íocaíochtaí eatramhacha nó cuid de na híocaíochtaí sin i gcás ina bhfuil na bearta is gá déanta ag an mBallstát chun an fhionraí a fhoirceannadh.

CAIBIDIL 2

Cuntais a ullmhú, scrúdú a dhéanamh orthu agus glacadh leo agus cláir oibríochtúla a dhúnadh

Airteagal 48

Faisnéis a chur isteach

Maidir le gach bliain ó 2016 go dtí 2025, an bhliain sin san áireamh, déanfaidh na Ballstáit, faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais, na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal sin a chur isteach, eadhon:

(a)

na cuntais dá dtagraítear in Airteagal 49(1) den Rialachán seo don bhliain chuntasaíochta roimhe sin;

(b)

an dearbhú bainistíochta agus an achoimre bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 32(4) den Rialachán seo don bhliain chuntasaíochta roimhe sin;

(c)

an tuairim iniúchóireachta agus an tuarascáil rialaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 34(5) den Rialachán seo don bhliain chuntasaíochta roimhe sin.

Airteagal 49

Ullmhú na gcuntas

1.   Cuirfear na cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin i gcás gach cláir oibríochtúil. Cumhdófar an bhliain chuntasaíochta sna cuntais agus beidh an méid seo a leanas ar áireamh iontu:

(a)

méid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí arna iontráil i gcórais chuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin, ar méid é a áiríodh sna hiarratais íocaíochta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 41 agus le hAirteagal 45(2), faoin 31 Iúil tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta, méid iomlán an chaiteachais phoiblí chomhfhreagraigh a tabhaíodh sna hoibríochtaí cur chun feidhme, agus méid iomlán na n-íocaíochtaí comhfhreagracha a tugadh do na tairbhithe faoi Airteagal 42(2);

(b)

na méideanna a aistarraingíodh agus a gnóthaíodh le linn na bliana cuntasaíochta, na méideanna atá le gnóthú amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta agus na méideanna neamh-inghnóthaithe;

(c)

réiteach idir an caiteachas atá sonraithe de bhun phointe (a) agus an caiteachas atá dearbhaithe maidir leis an mbliain chéanna chuntasaíochta in iarratais ar íocaíocht, agus beidh míniú ar aon difríochtaí ag gabháil leis sin.

2.   I gcás ina n-eisiafaidh Ballstát caiteachas óna chuntais, ar caiteachas é a áiríodh roimhe sin in iarratas ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta, toisc go bhfuil sé faoi réir measúnaithe leanúnaigh maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht an chaiteachais sin, féadfar aon chuid den chaiteachas sin nó an caiteachas sin san iomlán sin a suíodh ina dhiaidh sin bheith dlíthiúil agus rialta a áireamh ar iarratas ar íocaíocht eatramhach a bhaineann le blianta cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach an tsamhail maidir leis na cuntais dá dtagraítear san Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(3).

Airteagal 50

Cuntais a scrúdú agus a ghlacadh

1.   Faoin 31 Bealtaine den bhliain i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 59(6) den Rialachán Airgeadais, na doiciméid a bheidh curtha isteach ag an mBallstát faoi Airteagal 48 den Rialachán seo a scrúdú.

Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise uile is gá ar fáil ionas go bhféadfaidh an Coimisiún a chinneadh, faoin spriocdháta a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, an bhfuil na cuntais comhlán, cruinn agus dílis.

2.   Glacfaidh an Coimisiún leis na cuntais i gcás inar féidir leis teacht ar an tátal go bhfuil na cuntais comhlán, cruinn agus dílis. Tiocfaidh an Coimisiún ar an gconclúid sin má chuir an t-údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóra gan choinníoll ar fáil maidir le comhlántacht, le cruinneas agus le fírinneacht na gcuntas agus mura mbeidh fianaise ar leith ag an gCoimisiún a thabharfadh le fios nach féidir brath ar an tuairim iniúchóra i dtaobh na gcuntas.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát faoin spriocdháta a leagtar amach i mír 1 á rá an bhfuil sé in ann glacadh leis na cuntais nó nach bhfuil.

4.   Más rud é, maidir le cúiseanna atá inchurtha i leith Ballstáit, nach mbeidh an Coimisiún ábalta glacadh leis na cuntais faoin spriocdháta a leagtar amach i mír 1, tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit ina sonrófar na cúiseanna i gcomhréir le mír 2 agus na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh agus an tréimhse ama chun iad a chríochnú. Ag deireadh na tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát an bhfuil sé in ann glacadh leis na cuntais.

5.   Chun críocha glacadh leis na cuntais, ní chuirfidh an Coimisiún i gcuntas saincheisteanna a bhaineann le dlíthiúlacht ná le rialtacht na n-idirbheart bunúsach i gcás caiteachas a chuirtear síos sna cuntais. Ní chuirfidh an nós imeachta scrúdúcháin ná an nós imeachta maidir le glacadh leis na cuntais isteach ar an mbealach a ndéileáiltear le hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha ná ní chuirfear íocaíochtaí ar fionraí mar gheall orthu, gan dochar d'Airteagal 46 agus d'Airteagal 47.

6.   Ar bhonn na gcuntas ar glacadh leo, ríomhfaidh an Coimisiún an méid is inmhuirir i leith an Chiste don bhliain chuntasaíochta agus na coigeartuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin i ndáil leis na híocaíochtaí leis an mBallstát. Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas i gcuntas:

(i)

na méideanna sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 49(1) agus a gcuirfear an ráta cómhaoinithe a shainítear in Airteagal 20 i bhfeidhm maidir leo;

(ii)

méid iomlán na n-íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn na bliana cuntasaíochta sin, arb é atá iontu méid na n-íocaíochtaí eatramhacha arna n-íoc ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 40(1).

7.   Tar éis an ríomh a chur i gcrích faoi mhír 6 den Airteagal seo, íocfaidh an Coimisiún aon mhéid breise a bheidh dlite laistigh de 30 lá ón dáta a nglacfar leis na cuntais. I gcás ina mbeidh méid is inghnóthaithe ón mBallstát, beidh sé faoi réir ordú inghnóthaithe a eiseoidh an Coimisiún agus a chuirfear i gcrích trí é a fhritháireamh, más féidir, i gcoinne méideanna a bheidh dlite don Bhallstát faoi íocaíochtaí ina dhiaidh sin leis an gclár céanna oibríochtúil. Ní mheasfar gur ceartú airgeadais é an gnóthú sin ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár oibríochtúil ón gCiste. Is éard a bheidh sa mhéid a ghnóthófar ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 177(3) den Rialachán Airgeadais.

8.   I gcás nach bhféadfaidh an Coimisiún glacadh leis na cuntais, tar éis dó an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 a chur i bhfeidhm, cinnfidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil agus i gcomhréir le mír 6, an méid is inmhuirir i leith an Chiste don bhliain chuntasaíochta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith don Bhallstát. I gcás ina dtabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún, laistigh de dhá mhí ón uair a gcuirfear an fhaisnéis ar aghaidh chuig an gCoimisiún, go bhfuil glacadh aige leis, beidh feidhm ag mír 7. In éagmais comhaontú den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar amach an méid is inmhuirir i leith an Chiste don bhliain chuntasaíochta. Ní mheasfar gur ceartúchán airgeadais é an cinneadh sin ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár oibríochtúil ón gCiste. Ar bhonn an chinnidh sin, cuirfidh an Coimisiún na coigeartuithe i bhfeidhm maidir leis na híocaíochtaí leis an mBallstát i gcomhréir le mír 7.

9.   Beidh an Coimisiún do ghlacadh leis na cuntais, nó do dhéanmh cinnidh aige faoi mhír 8 gan dochar do chur i bhfeidhm na gceartúchán faoi Airteagal 55 agus faoi Airteagal 56.

10.   Féadfaidh na Ballstáit méideanna eile a chur in ionad méideanna neamhrialta a bhraitear tar éis na cuntais a chur isteach trí choigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta ina mbraitear an neamhrialtacht, gan dochar d'Airteagal 55 ná d'Airteagal 56.

Airteagal 51

Infhaighteacht doiciméad

1.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go mbeidh gach doiciméad tacaíochta maidir le caiteachas a fhaigheann tacaíocht ón gCiste i ndáil le hoibríochtaí ar lú ná EUR 1 000 000 méid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí ina leith, ar fáil don Choimisiún agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa arna iarraidh sin dóibh ar feadh tréimhse trí bliana ón 31 Nollaig tar éis na cuntais sin ina n-áirítear caiteachas na hoibríochta a chur isteach.

I gcás na n-oibríochtaí seachas na cinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear gach doiciméad tacaíochta ar fáil ar feadh tréimhse dhá bhliain ón 31 Nollaig tar éis na cuntais sin ina n-áirítear caiteachas críochnaitheach na hoibríochta lánchríochnaithe a chur isteach.

Féadfaidh údarás bainistíochta a chinneadh go gcuirfidh sé i bhfeidhm an riail dá dtagraítear sa dara fomhír i ndáil leis na hoibríochtaí ar lú an caiteachas incháilithe iomlán ná EUR 1 000 000 ina leith.

Brisfear an tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás imeachtaí dlíthiúla nó ar iarraidh ón gCoimisiún a bhfuil údar maith léi.

2.   Tabharfaidh an t-údarás bainistíochta fógra do na tairbhithe faoi dháta tosaigh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1.

3.   Coimeádfar na doiciméid i bhfoirm na mbunchóipeanna, nó i bhfoirm cóipeanna dílse deimhnithe de na bunchóipeanna, nó ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo, lena n-áirítear leaganacha leictreonacha de na bundoiciméid nó de dhoiciméid nach bhfuil le fáil ach i bhfoirm leictreonach.

4.   Ní choimeádfar na doiciméid sin i bhfoirm a áirithíonn gur féidir daoine is ábhar do na sonraí a aithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na gcríoch dar bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu.

5.   Déanfaidh na húdaráis náisiúnta an nós imeachta a leagan síos lena ndeimhnítear go bhfuil doiciméid atá á gcoimeád ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo i gcomhréir leis an mbundoiciméad, agus áiritheoidh an nós imeachta sin go gcomhlíonann na leaganacha atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.

6.   I gcás doiciméad nach bhfuil le fáil ach i bhfoirm leictreonach, comhlíonfaidh na córais ríomhaireachta a mbaintear úsáid astu caighdeáin slándála a bhfuil glacadh leo, lena n-áirithítear go gcomhlíonann na doiciméid atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.

Airteagal 52

Doiciméid i leith dúnta a chur isteach agus an t-iarmhéid deiridh a íoc

1.   Don bhliain chuntasaíochta deiridh, ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, cuirfidh na Ballstáit isteach tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme don chlár oibríochtúil i dteannta na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 48.

2.   Íocfar an t-iarmhéid deiridh tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a glacadh leis na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh nó mí amháin tar éis an dáta a glacadh leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme, cibé dáta is déanaí.

CAIBIDIL 3

Ceartuithe airgeadais agus gnóthuithe

Airteagal 53

Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit

1.   Beidh na Ballstáit freagrach, sa chéad ásc, as neamhrialtachtaí a imscrúdú agus as na ceartuithe airgeadais is gá a dhéanamh agus gnóthuithe a shaothrú. I gcás neamhrialtachta sistéamaí, leathnóidh an Ballstát a imscrúdú chun na hoibríochtaí ar fad a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh a chuimsiú ann.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na ceartuithe airgeadais is gá maidir le neamhrialtachtaí aonair nó sistéamacha arna mbrath in oibríochtaí nó i gcláir oibríochtúla. Is éard a bheidh i gceist le ceartuithe airgeadais an ranníocaíocht phoiblí iomlán le hoibríocht nó le clár oibríochtúil nó cuid de ranníocaíocht a chur ar ceal. Cuirfidh an Ballstát i gcuntas cineál agus tromaíocht na neamhrialtachtaí agus an caillteanas airgeadais don Chiste agus cuirfidh sé ceartú comhréireach i bhfeidhm. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta ceartuithe airgeadais a thaifeadadh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta ina gcinnfear an cealú.

3.   Féadfaidh an Ballstát an ranníocaíocht ón gCiste a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid laistigh den chlár oibríochtúil lena mbaineann, faoi réir mhír 4.

4.   Ní fhéadfar an ranníocaíocht a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid le haghaidh oibríochta ar bith a bhí ina ábhar ceartaithe nó, i gcás ina ndéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtachta sistéamaí, le haghaidh oibríochta ar bith a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.

5.   Beidh ceartú airgeadais gan dochar d'oibleagáid na mBallstát gnóthuithe a dhéanamh faoin Airteagal seo.

Airteagal 54

Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, trí ranníocaíocht iomlán an Aontais, nó cuid di, le clár oibríochtúil a chur ar ceal agus gnóthú a fháil ón mBallstát, chun go ndéanfar caiteachas atá ag sárú an dlí is infheidhme a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais.

2.   Maidir le sárú ar an dlí is infheidhme, ní leanfaidh ceartú airgeadais as ach amháin i ndáil le caiteachas a dearbhaíodh leis an gCoimisiún agus i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá tionchar ag an sárú ar roghnú oibríochta ag an gcomhlacht atá freagrach as tacaíocht ón gCiste nó i gcásanna, de bharr chineál an tsáraithe, nach féidir an tionchar sin a shuí ach ina bhfuil riosca cuí-réasúnaithe ann go raibh tionchar den sórt sin ag an sárú;

(b)

tá tionchar ag an sárú ar mhéid an chaiteachais a dearbhaíodh le haghaidh aisíocaíochta ó bhuiséad an Aontais nó i gcásanna, de bharr chineál an tsáraithe, nach féidir a thionchar airgeadais a chainníochtú ina bhfuil riosca cuí-réasúnaithe ann go raibh tionchar den sórt sin ag an sárú.

3.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le ceartú airgeadais faoi mhír 1, urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta trí chineál agus tromaíocht an tsáraithe ar an dlí is infheidhme agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis do bhuiséad an Aontais a chur i gcuntas. Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi chinntí a dhéanfar chun ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm.

Airteagal 55

Critéir maidir le ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais, trí ghníomhartha cur chun feidhme, trí ranníocaíocht an Aontais le clár oibríochta nó cuid de ranníocaíocht den sórt sin a chur ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 54 más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is gá, go dtiocfaidh sé ar an gconclúid:

(a)

go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil rannchuidiú an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochtúil cheana féin i mbaol dá bharr.

(b)

nár chomhlíon an Ballstát a oibleagáidí faoi Airteagal 53 sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo;

(c)

go bhfuil an caiteachas san iarratas ar íocaíocht neamhrialta agus nár cheartaigh an Ballstát é sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo.

Bunóidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais ar chásanna neamhrialtachta aonair arna sainaithint agus cuirfidh sé i gcuntas más neamhrialtacht shistéamach atá ann. I gcás nach féidir méid an chaiteachais neamhrialta a muirearaíodh ar an gCiste a chainníochtú go cruinn, cuirfidh an Coimisiún ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus cinneadh á dhéanamh aige i ndáil le ceartú faoi mhír 1, prionsabal na comhréireachta a urramú trí chineál agus tromaíocht na neamhrialtachta agus méid agus impleachtaí airgeadais na n-easnamh sna córais bhainistíochta agus rialaithe a aimsíodh sa chlár oibríochtúil a chur san áireamh.

3.   I gcás in bhfuil seasamh an Choimisiúin bunaithe ar thuarascálacha iniúchóirí nach iniúchóirí a chuid seirbhísí féin iad, tiocfaidh sé ar a chonclúidí féin maidir leis na hiarmhairtí airgeadais tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na bearta a rinne an Ballstát lena mbaineann faoi Airteagal 53(2), na fógraí a seoladh faoi Airteagal 30(2), agus freagraí ar bith ón mBallstát.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na critéir chun easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a chinneadh, lena n-áirítear príomhchineálacha easnaimh thromchúiseacha den sórt sin, na critéir maidir le bunú leibhéal an cheartaithe airgeadais a bheidh le cur i bhfeidhm, agus na critéir chun rátaí comhréidhe nó ceartuithe eachtarshuite airgeadais a chur i bhfeidhm.

Airteagal 56

Nós imeachta maidir le ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.   Sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir le ceartú airgeadais, seolfaidh an Coimisiún an nós imeachta tríd an mBallstát a chur ar an eolas faoi chonclúidí sealadacha a scrúdaithe agus trína iarraidh ar an mBallstát a bharúlacha a chur faoina bhráid laistigh de dhá mhí.

2.   I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún ceartú airgeadais a dhéanamh ar bhonn eachtarshuímh nó ráta chomhréidh, tabharfar deis don Bhallstát a léiriú, trí bhíthin scrúdaithe ar an doiciméadacht lena mbaineann, go bhfuil méid iarbhír na neamhrialtachta níos lú ná measúnú an Choimisiúin. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát raon feidhme an scrúdaithe sin a theorannú go dtí cion nó sampla iomchuí den doiciméadacht lena mbaineann. Ní rachaidh an t-am a bheidh ceadaithe don scrúdú sin thar thréimhse dhá mhí eile tar éis an dá mhí dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

3.   Cuirfidh an Coimisiún i gcuntas aon fhianaise a sholáthróidh an Ballstát laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2.

4.   I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí sealadacha an Choimisiúin, tabharfar cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht ag an gCoimisiún, d'fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na barúlacha ábhartha ar fad ar fáil mar bhonn le conclúidí an Choimisiúin i dtaobh an ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm.

5.   I gcás comhaontaithe, agus gan dochar do mhír 7 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát an Ciste a athúsáid i gcomhréir le hAirteagal 53(3).

6.   Chun ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, laistigh de shé mhí ó dháta na héisteachta, nó ó dháta an fhaisnéis bhreise a fháil i gcás ina n-aontóidh an Ballstát faisnéis bhreise den sórt sin a chur isteach tar éis na héisteachta. Déanfaidh an Coimisiún gach faisnéis agus gach barúil arna gcur isteach le linn an nós imeachta a chur i gcuntas. Mura mbeidh éisteacht ann, tosóidh an tréimhse sé mhí dhá mhí tar éis dháta na litreach lenar tugadh cuireadh chuig an éisteacht agus a sheol an Coimisiún.

7.   I gcás ina mbraithfidh an Coimisiún, agus a fhreagrachtaí faoi Airteagal 36 á gcur i gcrích aige, nó ina mbraithfidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, neamhrialtachtaí lena léirítear easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe, is é an toradh a bheidh ar an gceartú airgeadais go laghdófar an tacaíocht ó na Cistí leis an gclár oibríochtúil.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás easnaimh thromchúisigh i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistithe agus rialaithe arb easnamh é, roimh an dáta a ndearna an Coimisiún nó Cúirt na nIniúchóirí í a bhrath:

(a)

a sainaithníodh sa dearbhú bainistíochta, sa tuarascáil bhliantúil ar rialú nó sa tuairim iniúchóireachta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais, nó i dtuarascálacha eile iniúchóireachta an údaráis iniúchóireachta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin agus ina ndearnadh bearta iomchuí a ghlacadh; nó

(b)

a bhí ina ábhar do bhearta iomchuí leasúcháin ag an mBallstát.

Beidh measúnú ar easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú chóras bainistíochta agus rialaithe bunaithe ar an dlí is infheidhme tráth curtha isteach na ndearbhuithe bainistíochta, na dtuarascálacha bliantúla ar rialú agus na dtuairimí iniúchóireachta ábhartha.

Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le ceartú airgeadais, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

urramóidh sé prionsabal na comhréireachta trí chineál agus tromaíocht an easnaimh thromchúisigh i bhfeidhmiú éifeachtach chórais bhainistíochta agus rialaithe a chur i gcuntas mar aon leis na himpleachtaí airgeadais a bheidh aige ar bhuiséad an Aontais;

(b)

chun ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite a chur i bhfeidhm, eisiafaidh sé caiteachas neamhrialta a bhraith an Ballstát roimhe sin agus a bhí ina ábhar do choigeartú sna cuntais i gcomhréir le hAirteagal 50(10), agus eisiafaidh sé freisin caiteachas atá ina ábhar measúnaithe leanúnaigh ar a dhlíthiúlacht agus ar a rialtacht faoi Airteagal 49(2);

(c)

cuirfidh sé i gcuntas ráta comhréidh nó ceartuithe eachtarshuite a chuir an Ballstát i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas i gcás easnamh eile tromchúiseach a bhraith an Ballstát agus an riosca iarmharach i dtaca le buiséad an Aontais á chinneadh aige.

Airteagal 57

Aisíocaíocht

1.   Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 73 den Rialachán Airgeadais. Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis an t-ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite.

2.   Má bhíonn aon mhoill ann a bhaineann le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dheireanach i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin pointe céatadáin go leith os cionn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ina phríomh-oibríochtaí athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina thitfidh an dáta dlite.

Airteagal 58

Rialú comhréireach na gclár oibríochtúil

1.   Oibríochtaí ar ina leith nach mó an caiteachas incháilithe iomlán ná EUR 150 000, ní bheidh siad faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin ag an údarás iniúchóireachta ná ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais don bhliain cuntasaíochta sin ina gcuirfear deireadh leis an oibríocht. Ní bheidh oibríochtaí eile faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin in aghaidh na bliana cuntasaíochta ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais don bhliain chuntasaíochta ina gcríochnófar an oibríocht. Ní bheidh oibríochtaí faoi réir iniúchta ag an gCoimisiún nó ag an údarás iniúchóireachta in aon bhliain má bhí iniúchadh sa bhliain sin cheana féin ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar choinníoll gur féidir leis an údarás iniúchóireachta nó leis an gCoimisiún, chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh, torthaí na hoibre iniúchóireachta a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le haghaidh na n-oibríochtaí sin a úsáid.

2.   Féadfar a chumhdach le hiniúchadh oibríochta arna tacú le OP I gach céim de chur chun feidhme na hoibríochta sin agus gach leibhéal den slabhra dáilte, seachas rialú na bhfaighteoirí deiridh, ach amháin má shuítear i measúnú riosca go bhfuil riosca sonrach neamhrialtachta nó calaoise ann.

3.   I gcás clár oibríochtúil a léiríonn an tuairim iniúchóireachta is déanaí ina leith nach bhfuil aon easnaimh shuntasacha iontu, féadfaidh an Coimisiún aontú leis an údarás iniúchóireachta sa chruinniú ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 37(2) go bhféadfar leibhéal na hoibre iniúchóireachta a cheanglaítear a laghdú ionas go mbeidh sé i gcomhréir leis na rioscaí a shuitear. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún féin a iniúchtaí ar an láthair mura bhfuil fianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil easnaimh sa chóras bainistíochta agus rialaithe a dhéanann difear do chaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún i mbliain chuntasaíochta inar ghlac an Coimisiún leis na cuntais sin.

4.   I gcás clár oibríochtúil a mbainfidh an Coimisiún de thátal astu go bhfuil tuairim an údaráis iniúchóireachta iontaofa, féadfaidh sé aontú leis an údarás iniúchóireachta chun na hiniúchtaí ar an láthair sin arna ndéanamh ag an gCoimisiún, a theorannú d'obair an údaráis iniúchóireachta a iniúchadh mura mbeidh fianaise ann go bhfuil easnaimh in obair an údaráis iniúchóireachta i mbliain chuntasaíochta inar ghlac an Coimisiún leis na cuntais.

5.   D'ainneoin mhír 1, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta agus an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí i gcás ina suífear i measúnú riosca nó in iniúchadh a dhéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa go bhfuil riosca sonrach neamhrialtachta nó calaoise ann, i gcás ina mbeidh fianaise ann ar easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil lena mbaineann, agus, le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 51(1). Féadfaidh an Coimisiún, chun measúnú a dhéanamh ar obair an údaráis iniúchóireachta, athscrúdú a dhéanamh ar rian iniúchóireachta an údaráis iniúchóireachta nó páirt a ghlacadh in iniúchadh ar an láthair an údaráis iniúchóireachta agus, i gcás inar gá, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo, chun dearbhú a fháil maidir le feidhmiú éifeachtach an údaráis iniúchóireachta, féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí.

CAIBIDIL 4

Saoradh

Airteagal 59

Saoradh

1.   Saorfaidh an Coimisiún aon chuid den mhéid i gclár oibríochtúil nár úsáideadh chun na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus eatramhacha a íoc faoin 31 Nollaig den tríu bliain airgeadais tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh faoin gclár oibríochtúil nó nár cuireadh iarraidh ar íocaíocht, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 41, isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 45, lena n-áirítear aon iarratas ar íocaíocht a bhfuil sí ar fad, nó a bhfuil cuid di, faoi réir idirbhriste sa spriocdháta le haghaidh íocaíochta nó faoi réir fionraí a dhéanamh ar íocaíochtaí.

2.   Saorfar an chuid sin de na ceangaltais a bheidh fós oscailte ar an 31 Nollaig 2023 mura mbeidh gach ceann de na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 52(1) curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 52(1).

Airteagal 60

Eisceacht ar an saoradh

1.   Déanfar an méid a mbaineann an saoradh leis a laghdú na méideanna atá coibhéiseach leis an gcuid sin den ghealltanas buiséadach ar ina leith:

(a)

atá na hoibríochtaí fionraithe trí imeachtaí dlíthiúla nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach aige; nó

(b)

nach raibh sé indéanta iarratas a dhéanamh ar íocaíocht ar chúiseanna force majeure a dhéanann difear tromchúiseach do chur chun feidhme an chláir oibríochtúil go léir nó cuid de.

Léireoidh na húdaráis náisiúnta a mhaíonn go raibh force majeure ann faoi phointe (b) den chéad fhomhír tionchar díreach an force majeure ar chur chun feidhme an chláir oibríochtúil uile nó cuid de.

Chun críche phointe (a) agus phointe (b) den chéad fhomhír, féadfar an laghdú a iarraidh uair amháin, más rud é gur mhair an fhionraíocht nó force majeure tráth nach faide ná bliain amháin, nó níos mó ná uair amháin ag comhfhreagairt d'fhad thréimhse force majeure nó don mhéid blianta idir an dáta a rinneadh an cinneadh dlíthiúil nó riaracháin lenar fionraíodh cur chun feidhme na hoibríochta agus an dáta a rinneadh an cinneadh deireanach dlíthiúil nó riaracháin.

2.   Faoin 31 Eanáir, cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 i dtaobh an mhéid atá le dearbhú faoi dheireadh na bliana roimhe sin.

Airteagal 61

Nós imeachta

1.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta in am trátha gach uair a bheidh riosca ann go gcuirfear riail an tsaortha i bhfeidhm faoi Airteagal 59.

2.   Ar bhonn na faisnéise a fuair sé amhail an 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta méid an tsaortha a thig ón bhfaisnéis sin.

3.   Beidh dhá mhí ag an mBallstát an méid a bheidh le saoradh a aontú nó a bharúlacha a thíolacadh.

4.   Faoin 30 Meitheamh, cuirfidh an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin plean maoinithe athbhreithnithe ina léireofar, don bhliain airgeadais lena mbaineann, méid laghdaithe na tacaíochta don chlár oibríochtúil. Mura gcuirtear sin isteach, athbhreithneoidh an Coimisiún an plean maoinithe tríd an ranníocaíocht ón gCiste a laghdú don bhliain airgeadais lena mbaineann.

5.   Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh lena nglactar an clár oibríochtúil a leasú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair.

TEIDEAL VII.

TARMLIGIN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 62

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(6), sa chúigiú fomhír d'Airteagal 30(2), sa chéad fhomhír d'Airteagal 32(8), in Airteagal 32(9), in Airteagal 34(7), in Airteagal 34(8) agus in Airteagal 55(4) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.   Ní thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach ndéanfaidh siad agóid.

Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe na cúiseanna lena hagóid.

Airteagal 63

Nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme i dtaca leis na cumhachtaí cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 32(8) den Rialachán seo, agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 64

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 133, 9.5.2013, lch. 62.

(2)  IO C 139, 17.5.2013, lch. 59.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Márta 2014.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochts um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 470).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.12, lch. 1).

(7)  Treoir 95/46/CE an 24 Deireadh Fómhair 1995 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.95, lch. 31).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.02.11, lch. 13).

(10)  Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004, lch. 114).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (IO L 118, 12.5.2010, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid lena gcuirtear cúnamh airgeadais meántéarma ar fáil do chomhardú íocaíochta na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

TEIMPLÉID DO CHLÁIR OIBRÍOCHTÚLA

1.   Teimpléad do Chláir oibríochtúil OP I

Caibidil

Roinn

Foroinn

Tuairisc / Barúlacha

Líon

(carachtair)

1.

SAINAITHINT AN CHLÁIR

Níl de chuspóir ag an roinn seo ach an clár lena mbaineann a shainiú. Beidh an méid seo a leanas sonraithe go soiléir sa roinn seo:

 

Ballstát

 

Ainm an chláir oibríochtúil

 

CCI

200

2.

CEAPADH AN CHLÁIR

 

 

2.1.

Staid

Sainaithint na díthe ábhartha nó na ndíoth ábhartha ar a ndíreofar agus údar maith leis sin

4 000

Léiriú ar an gcineál díthe ábhartha nó díoth ábhartha arna chur san áireamh don OP.

200

2.2.

Díth ábhartha a ndíríodh uirthi X

Cuirtear roinn amháin (agus na foranna comhfhreagracha) ar fáil do gach cineál díthe ábhartha ar a ndíreofar.

 

2.2.1

Tuairisc:

Tuairisc ar phríomh-shaintréithe an dáilte bia nó an bhunchúnaimh ábhartha atá le soláthar agus na bearta comhfhreagracha tionlacain.

4 000

2.2.2.

Scéimeanna náisiúnta

Tuairisc ar na scéimeanna náisiúnta a dtabharfar tacaíocht dóibh.

2 000

2.3

Eile

Aon fhaisnéis eile a mheastar a bhfuil gá léi

4 000

3

CUR CHUN FEIDHME

 

 

3.1.

Sainaithint na ndaoine is díothaí

Tuairisc ar an sásra lena socraítear na critéir incháilitheachta maidir leis na daoine is díothaí, difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air.

2 000

3.2

Roghnú na n-oibríochtaí

Na critéir maidir le roghnú oibríochtaí agus tuairisc ar an sásra roghnúcháin, difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air.

2 000

3.3.

Roghnú na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta

Na critéir maidir le roghnú eagraíochtaí comhpháirtíochta, difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air.

2 000

3.4.

Comhlántacht le CSE

Tuairisc ar an sásra le comhlántacht le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) a áirithiú

4 000

3.5.

Leagan amach institiúideach

Sainaithint an údaráis bainistíochta, an údaráis deimhniúcháin i gcás inarb infheidhme, an údaráis iniúchóireachta agus an chomhlachta lena ndéanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí

2 000

3.6.

Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh

Tuairisc maidir le conas a dhéanfar faireachán ar chur chun feidhme an chláir.

4 000

3.7.

Cúnamh teicniúil

Tuairisc ar an úsáid atá beartaithe a bhaint as cúnamh teicniúil de bhun Airteagal 27(4), lena n-áirítear bearta chun acmhainneacht riaracháin na dtairbhithe a threisiú i ndáil le bainistíocht fhónta airgeadais na n-oibríochtaí

4 000

4.

RANN PHÁIRTÍOCHT NA nGEALL SEALBHÓIRÍ

Tuairisc ar na bearta a dhéantar chun na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla agus údaráis phoiblí eile a bheith rannpháirteach in ullmhú an chláir oibríochtúil;

2 000

5.

PLEAN AIRGEADAIS

Áireofar sa roinn seo:

5.1.

tábla ina sonrófar, i gcomhréir le hAirteagal 20, méid an leithreasaithe airgeadais atá beartaithe do thacaíocht ón gCiste agus an cómhaoiniú le haghaidh gach bliana;

5.2.

tábla ina sonrófar, le haghaidh na tréimhse clársceidealaithe iomláine, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ón gclár oibríochtúil in aghaidh gach cineáil díthe ábhartha a ndírítear air chomh maith leis na bearta tionlacain comhfhreagracha.

Téacs: 1 000

Sonraí i bhformáid CVS nó XLS

Formáid do shonraí airgeadais (roinn 5):

5.1.

Plean maoinithe an chláir oibríochtúil ina leagtar amach an gealltanas bliantúil don Chiste agus an cómhaoiniú comhfhreagrach náisiúnta sa chlár oibríochtúil (in EUR)

 

Costas

2014

2015

….

2020

Ciste (a)

 

 

 

 

 

Cómhaoiniú náisiúnta (b)

 

 

 

 

 

caiteachas poiblí

(c) = (a) + (b)

 

 

 

 

 

Ráta cómhaoinithe

(d) = (a) / (c)

 

 

5.2.

Plean airgeadais ina leagtar amach méid na leithreasuithe airgeadais iomlána den tacaíocht ón gclár oibríochtúil in aghaidh gach cineáil díthe ábhartha a ndírítear air chomh maith leis na bearta tionlacain comhfhreagracha (in EUR)

Cineál cúnaimh ábhartha

Caiteachas poiblí

Costas

 

Cúnamh teicniúil

 

Cineál cúnaimh ábhartha 1

 

bearta tionlacain comhfhreagracha

 

Cineál cúnaimh ábhartha 2

 

bearta tionlacain comhfhreagracha

 

 

 

Cineál cúnaimh ábhartha n

 

bearta tionlacain comhfhreagracha

 

2.   Teimpléad do Chlár Oibriúchtúil OP II

Caibidil

Roinn

Foroinn

Tuairisc / Barúlacha

Líon

(carachtair)

1

SAINIÚ AN CHLÁIR

Níl de chuspóir ag an roinn seo ach an clár lena mbaineann a shainiú. Déanfar an méid seo a leanas a shonrú go soiléir sa roinn seo:

 

Ballstát

 

Ainm an Chláir Oibrithe

 

CCI

200

2.

CEAPADH AN CHLÁIR

 

 

2.1.

Straitéis

Tuairisc ar straitéis maidir le rannchuidiú an chláir chun cuimsiú sóisialta agus laghdú bochtaineachta a chur chun cinn i gcomhréir le straitéis Eoraip 2020 lena n-airítear údar maith a thabhairt le roghnú an chúnaimh tosaíochta;

20 000

2.2.

Loighic Idirghabhála

Na riachtanais náisiúnta a shainaithint

3 500

Cuspóirí sonracha an chláir oibríochtúil

7 000

Torthaí lena bhfuiltear ag súil agus aschur comhfhreagrach agus táscairí torthaí, le bonnlíne agus luach sprice (in aghaidh gach cuspóir shonrach)

3 500

Na daoine is díothaí a ndíreofar orthu a shainaithint;

3 500

Táscairí airgeadais

2 000

2.3.

Eile

Aon fhaisnéis eile a mheastar a bhfuil gá léi

3 500

3.

CUR CHUN FEIDHME

 

 

3.1

Gníomhaíochtaí

Cur síos ar chineálacha agus ar shamplaí na ngníomhaíochtaí atá le tacú agus a rannchuidiú leis na cuspóirí sonracha

7 000

3.2.

Roghnú na n-oibríochtaí

Prionsabail threoracha maidir le roghnú na n-oibríochtaí, idirdhealaithe, más gá, de réir chineál na ngníomhaíochtaí

3 500

3.3.

Tairbhithe

Cineálacha na dtairbhithe a shainaithint (i gcás inarb iomchuí), idirdhealaithe, más gá de réir chineál na ngníomhaíochtaí

3 500

3.4.

Comhlántacht le CSE

Cur síos ar an sásra chun comhlántacht a áirithiú leis an CSE agus forluí agus cistiú dúbailte a chosc

4 000

3.5.

Leagan amach institiúideach

Sainaithint an údaráis bainistíochta, an údaráis deimhniúcháin i gcás inarb infheidhme, an údaráis iniúchóireachta agus an chomhlachta lena bhfuil íocaíochtaí le déanamh ag an gCoimisiún;

2 000

3.6.

Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh

San fhoroinn seo tabharfar tuairisc maidir le conas a dhéanfar faireachán ar chur chun feidhme an chláir. Ní mór a mhíniú, go háirithe, conas a úsáidfear táscairí chun cur chun feidhme an chláir a rianú. Áireofar táscairí airgeadais a bhaineann le caiteachas a leithdháiltear agus táscairí aschuir chláir shonraigh a bhaineann leis na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht agus táscairí toraidh chláir shonraigh i ndáil le gach cuspóir sonrach sna táscairí.

4 000

3.7.

Cúnamh teicniúil

Tuairisc ar an úsáid atá beartaithe a bhaint as cúnamh teicniúil de bhun Airteagal 27(4), lena n-áirítear bearta chun acmhainneacht riaracháin na dtairbhithe a threisiú i ndáil le bainistíocht fhónta airgeadais na n-oibríochtaí

4 000

4.

RANN PHÁIRTÍOCHT NA nGEALL SEALBHÓIRÍ

Tuairisc ar na bearta a dhéantar chun na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla agus údaráis phoiblí eile a bheith rannpháirteach in ullmhú an chláir oibríochtúil;

2 000

5.

PLEAN AIRGEADAIS

Áireofar sa roinn seo:

5.1.

tábla ina sonrófar, i gcomhréir le hAirteagal 20, méid an leithreasaithe airgeadais atá beartaithe do thacaíocht ón gCiste agus ón gcómhaoiniú le haghaidh gach bliana;

5.2.

tábla ina sonrófar, don tréimhse clársceidealaithe iomlán, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ón gclár oibríochtúil in aghaidh gach cineáil gníomhaíochta a fhaigheann tacaíocht.

Téacs: 1 000

Sonraí i bhformáid CVS nó XLS

Formáid do shonraí airgeadais (roinn 5):

5.1.

Plean maoinithe an chláir oibríochtúil ina leagtar amach an gealltanas bliantúil don Chiste agus an cómhaoiniú comhfhreagrach náisiúnta sa chlár oibríochtúil (in EUR)

 

Costas

2014

2015

….

2020

Ciste (a)

 

 

 

 

 

Cómhaoiniú náisiúnta (b)

 

 

 

 

 

Caiteachas poiblí

(c) = (a) + (b)

 

 

 

 

 

Ráta cómhaoinithe (1)

(d) = (a) / (c)

 

 

5.2.

Plean maoinithe a thugann méid na leithreasaí iomlána airgeadais den tacaíocht ón gclár oibríochtúil de réir gach cineáil gníomhaíochta (in EUR)

Réimse ina ndéanfar idirghabháil

Caiteachas poiblí

Iomlán

 

Cúnamh Teicniúil

 

Cineál gníomhaíochta 1

 

Cineál gníomhaíochta 2

 

 

Cineál gníomhaíochta n

 


(1)  Féadfar an ráta seo a chothromú go dtí an tslánuimhir is gaire sa tábla. Is é cóimheas (d) an ráta cruinn a úsáidfear chun caiteachas a aisíoc.


IARSCRÍBHINN II

Miondealú bliantúil ar leithreasú gealltanais do 2014 do 2020 (i bpraghsanna 2011)

2014

EUR

485 097 840

2015

EUR

485 097 840

2016

EUR

485 097 840

2017

EUR

485 097 840

2018

EUR

485 097 840

2019

EUR

485 097 840

2020

EUR

485 097 840

Iomlán

EUR

3 395 684 880


IARSCRÍBHINN III

Leithdháileadh an Chiste don tréimhse 2014-2020 de réir an Bhallstáit (i bpraghsanna 2011)

Ballstáit

EUR

An Bheilg

65 500 000

An Bhulgáir

93 000 000

Poblacht na Seice

20 700 000

An Danmhairg

3 500 000

An Ghearmáin

70 000 000

An Eastóin

7 100 000

Éire

20 200 000

An Ghréig

249 300 000

An Spáinn

499 900 000

An Fhrainc

443 000 000

An Chróit

32 500 000

An Iodáil

595 000 000

An Chipir

3 500 000

An Laitvia

36 400 000

An Liotuáin

68 500 000

Lucsamburg

3 500 000

An Ungáir

83 300 000

Málta

3 500 000

An Ísiltír

3 500 000

An Ostair

16 000 000

An Pholainn

420 000 000

An Phortaingéil

157 000 000

An Rómáin

391 300 000

An tSlóivéin

18 200 000

An tSlóvaic

48 900 000

An Fhionlainn

20 000 000

An tSualainn

7 000 000

An Ríocht Aontaithe

3 500 000

Iomlán

3 383 800 000


IARSCRÍBHINN IV

Critéir chun an t-údarás bainistíochta agus an t-údarás deimhniúcháin a ainmniú

1.   Timpeallacht rialaithe inmheánach

(i)

Is ann do struchtúr eagrúcháin a chumhdaíonn feidhmeanna na n-údarás bainistíochta agus deimhniúcháin agus leithdháileadh na bhfeidhmeanna a bheidh acu agus deimhneofar go n-urramaítear prionsabal na deighilte feidhmeanna nuair is iomchuí sin.

(ii)

I gcás ina ndéantar tascanna a tharmligean do chomhlachtaí idirmheánacha, tá creat ann lena ndeimhneofar go sainítear a gcuid cúraimí agus oibleagáidí faoi seach, go bhfíorófar a gcumas chun tabhairt faoi na tascanna tarmligthe agus go bhfuil ann do nósanna imeachta maidir le tuairisciú.

(iii)

Is ann do nósanna imeachta maidir le tuairisciú agus faireachán i ndáil le mírialtachtaí agus le haghaidh airgead a íocadh a aisghabháil nuair nár cheart sin a íoc ar dtús.

(iv)

is ann do phlean chun acmhainní daonna iomchuí a fhostú ag leibhéil éagsúla agus i bhfeidhmeanna éagsúla laistigh den eagraíocht agus go mbeidh na scileanna teicniúla riachtanacha acu.

2.   Bainistiú riosca

Agus prionsabal na comhréireachta á chur i gcuntas, is ann do chreat lena ndeimhneofar go ndéantar beart cuí maidir le bainistiú riosca nuair is gá sin agus, go háirithe, i gcás modhnuithe móra ar na gníomhaíochtaí.

3.   Gníomhaíochtaí bainistithe agus rialaithe

A.   An t-údarás bainistíochta

(i)

is ann do nósanna imeachta maidir le hiarratais ar dheontais, iarratais a mheas, iarratais a roghnú lena gcistiú, lena n-áireofar rialacha agus treoracha chun deimhniú go rannchuidíonn oibríochtaí le cuspóirí agus torthaí sonracha an chláir oibríochtúil a bhaint amach i gcomhréir le forálacha phointe (b) d'Airteagal 32 (3) den Rialachán seo.

(ii)

is ann do nósanna imeachta maidir le fíorú bainistíochta lena n-áireofar fíorú riaracháin i ndáil le gach iarratas ar aisíocaíocht a thagann ó thairbhithe agus maidir le hoibríochtaí a bhaineann le fíoruithe ar an láthair.

(iii)

is ann do nósanna imeachta maidir le hiarratais a thagann ó thairbhithe a láimhseáil i ndáil le haisíocaíochtaí agus le húdarú íocaíochtaí.

(iv)

is ann do nósanna imeachta do chóras chun sonraí a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm leictreonach maidir le gach oibríocht lena n-áireofar, nuair is iomchuí, sonraí ar rannpháirtithe aonair agus maidir le miondealú a dhéanamh ar na sonraí i ndáil le táscairí de réir inscne nuair is gá sin agus déanfar seo d'fhonn a áirithiú go bhfuil an córas slándála ar aon dul le caighdeáin atá inghlactha go hidirnáisiúnta.

(v)

is ann do nósanna imeachta arna mbunú ag an údarás bainistíochta chun a áirithiú go gcoimeádfaidh tairbhithe córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta leordhóthanach maidir le gach idirbheart a bhaineann le hoibríocht;

(vi)

is ann do nósanna imeachta chun bearta frithchalaoise a bheidh éifeachtach agus comhréireach a chur i bhfeidhm.

(vii)

is ann do nósanna imeachta chun rian iniúchóireachta agus córas cartlainne leordhóthanach a áirithiú.

(viii)

is ann do nósanna imeachta chun ráiteas bainistíochta um ráthú a dhréachtú, tuarascáil ar na rialuithe a rinneadh agus na laigí a sainaithníodh, agus an achoimre bhliantúil ar iniúchtaí deiridh agus ar rialuithe.

(ix)

is ann do nósanna imeachta chun doiciméad a sholáthar don tairbhí ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta le haghaidh gach oibríochta.

B.   An tÚdarás deimhniúcháin

(i)

is ann do nósanna imeachta chun iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a dheimhniú don Choimisiún.

(ii)

is ann do nósanna imeachta maidir le cuntais a dhréachtú agus deimhniú go bhfuil siad ceart, iomlán agus cruinn agus go gcomhlíonann an caiteachas an dlí is infheidhme agus torthaí gach iniúchta á gcur i gcuntas.

(iii)

is ann do nósanna imeachta maidir le rian iniúchóireachta leordhóthanach a áirithiú trí thaifid chuntasaíochta a choimeád lena n-áirítear méideanna atá inghnóthaithe, gnóthaithe agus aistarraingthe maidir le gach oibríocht i bhfoirm ríomhairithe.

(iv)

is ann do nósanna imeachta, i gcás inarb iomchuí, chun deimhniú go bhfaighidh sé go leor faisnéise ón údarás bainistíochta maidir leis na fíoruithe a rinneadh agus torthaí na n-iniúchtaí a rinne an t-údarás iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht siúd.

4.   Faireachán

A.   An tÚdarás bainistíochta

(i)

i gcás inarb ábhartha, is ann do nósanna imeachta chun tacú le hobair an choiste faireacháin.

(ii)

is ann do nósanna imeachta chun tuarascálacha deiridh um chur i bhfeidhm a dhréachtú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

B.   An tÚdarás Deimhniúcháin

Is ann do nósanna imeachta maidir le comhlíonadh a fhreagrachtaí i ndáil le faireachán a dhéanamh ar thorthaí na bhfíoruithe bainistíochta agus ar thorthaí na n-iniúchtaí a rinne an t-údarás iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht siúd sular cuireadh iarratais ar íocaíochtaí faoi bhráid an Choimisiúin.