20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

608


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1307/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais 1979, agus go háirithe mír 6 de Phrótacal Uimh. 4 maidir le cadás atá ag gabháil leis,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal "CBT as seo go 2020: Na dúshláin a bhaineann le bia, acmhainní nádúrtha agus críocha amach anseo a bhaint amach" leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treoshuímh a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta ("CBT") tar éis 2013. I bhfianaise na díospóireachta i dtaobh na Teachtaireachta sin, ba cheart CBT a athchóiriú le héifeacht ón 1 Eanáir 2014. Ba cheart go gcumhdófaí príomhionstraimí uile CBT san athchóiriú sin, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (5). I bhfianaise raon feidhme an athchóirithe sin, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 a aisghairm agus téacs nua a chur ina ionad. Ba cheart don athchóiriú na forálacha ábhartha a chomhchuibhiú agus a shimpliú freisin.

(2)

Ceann amháin de na príomhchuspóirí agus ceann de na príomhcheanglais an athchóirithe ar CBT is ea an t-ualach riaracháin a laghdú. Ba cheart sin a chur san áireamh go daingean agus na forálacha ábhartha le haghaidh na scéime tacaíochta dírí á múnlú.

(3)

Ba cheart na buneilimintí uile a bhaineann le tacaíocht ón Aontas a íoc le feirmeoirí a áirithiú sa Rialachán seo, ar cheart go socrófaí ann freisin na coinníollacha rochtana ar íocaíochtaí a bhfuil dlúthbhaint acu leis na buneilimintí sin.

(4)

Is gá a shoiléiriú gur cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun críche comhsheasmhachta le hionstraimí eile dlí a bhaineann le CBT, tá roinnt rialacha dá bhforáiltear faoi láthair i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 anois, go háirithe na rialacha a leagtar amach d'fhonn a ráthú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos le forálacha íocaíochta dírí, lena n-áirítear seiceálacha agus cur i bhfeidhm beart riaracháin agus pionós riaracháin maidir le neamh-chomhlíonadh, na rialacha a bhaineann le tras-chomhlíonadh amhail na ceanglais reachtúla bainistíochta, dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil, faireachán agus meastóireacht ar bhearta ábhartha agus ar na rialacha a bhaineann le réamhíocaíochtaí a íoc agus le híocaíochtaí neamhdhlite a aisghabháil.

(5)

Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE"). Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(6)

Ba cheart go mbeadh sa Rialachán seo liosta de na scéimeanna tacaíochta íocaíochta dírí a chumhdaítear leis an Rialachán. Chun reachtaíocht nua maidir le scéimeanna tacaíochta a fhéadfar a ghlacadh tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an liosta sin a leasú.

(7)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an gcreat a bhunú faoina mbeidh ar na Ballstáit na critéir a shainiú is gá d'fheirmeoirí a chomhlíonadh d'fhonn an oibleagáid a urramú an limistéar talmhaíochta a choinneáil i riocht a bheidh oiriúnach d'innilt nó do shaothrú agus íosmhéid na ngníomhaíochtaí atá le déanamh i limistéir a choinnítear de ghnáth i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú a shainiú mar aon leis an critéir chun barrachas féar agus foráiste luibhigh eile a chinneadh agus lena gcinnfear na cleachtais áitiúla sheanbhunaithe i ndáil le féarthailte buana agus féarach buan ("féarthailte buana").

(8)

D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na méideanna atá ann chun CBT a mhaoiniú na huasteorainneacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart an coigeartú ar leibhéal na tacaíochta dírí do gach bliain féilire a dhéanamh mar a fhoráiltear faoi Airteagal 25 den Rialachán sin. Ar mhaithe lena áirithiú go gcuideoidh sé leis an gcuspóir maidir le leithdháileadh níos cothroime na n-íocaíochtaí idir tairbhithe beaga agus tairbhithe móra a bhaint amach, níor cheart coigeartú na n-íocaíochtaí díreacha a chur i bhfeidhm ach ar íocaíochtaí atá le deonú d'fheirmeoirí ar íocaíochtaí iad atá níos mó ná EUR 2 000 sa bhliain chomhfhreagrach féilire. Ag cur san áireamh leibhéil na n-íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí sa Bhulgáir, sa Chróit agus sa Rómáin faoi chuimsiú chur i bhfeidhm an tsásra um chéimniú isteach maidir leis na híocaíochtaí díreacha ar fad a dheonaítear sna Ballstáit sin, níor cheart feidhm a bheith ag an ionstraim um smacht airgeadais sin sa Bhulgáir agus sa Rómáin ach ón 1 Eanáir 2016 amach agus sa Chróit amhail ón 1 Eanáir 2022 amach. Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir leis an ionstraim um smacht airgeadais sin agus maidir le roinnt forálacha eile i gcás duine dhlítheanaigh, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta do chearta agus d'oibleagáidí na gcomhaltaí aonair a bheidh inchomparáide le cearta feirmeoirí aonair atá i gceannas ar ghabháltas d'fhonn na struchtúir thalmhaíochta a neartú agus bunú na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha nó dlíthiúla lena mbaineann a chur chun cinn.

(9)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach ceart agus cuí na coigeartuithe ar na híocaíochtaí díreacha maidir le smacht airgeadais, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha maidir leis an mbonn le haghaidh ríomh na laghduithe a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir le feirmeoirí de bhun an smacht airgeadais a chur i bhfeidhm.

(10)

Léiríonn taithí a fuarthas ó na scéimeanna éagsúla tacaíochta d'fheirmeoirí a chur i bhfeidhm, gur deonaíodh tacaíocht i roinnt cásanna do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha nach raibh a gcuspóir gnó dírithe ar ghníomhaíocht talmhaíochta, nó nach raibh a gcuspóir gnó dírithe ach go himeallach ar ghníomhaíocht talmhaíochta. Chun a áirithiú go ndéanfar spriocdhíriú níos fearr ar thacaíocht, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó íocaíochtaí díreacha a dheonú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha áirithe seachas i gcás inar féidir leis na daoine sin a léiriú nach imeallach í an ghníomhaíocht talmhaíochta a dhéanann siad. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann gan íocaíochtaí díreacha a dheonú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha ar imeallach í an ghníomhaíocht talmhaíochta a dhéanann siad. Mar sin féin, ba cheart go ligfí do na Ballstáit íocaíochtaí díreacha a dheonú d'fheirmeoirí páirtaimseartha beaga toisc go rannchuidíonn na feirmeoirí sin go díreach le beogacht na gceantar tuaithe. Ba cheart do na Ballstáit staonadh freisin ó íocaíochtaí díreacha a dheonú do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha, ar limistéir iad a limistéir talmhaíochta a choinnítear go nádúrtha, den chuid is mó, i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú ach nach ndéanann gníomhaíochtaí íosta áirithe.

(11)

Chun cosaint chearta feirmeoirí a ráthú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le critéir a leagan síos chun na cásanna a chinneadh ina measfar limistéar talmhaíochta feirmeora a bheith den chuid is mó ina limistéar a choimeádtar go nádúrtha i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú, critéir chun idirdhealú a dhéanamh idir fáltais ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta agus ó ghníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta, agus chun méid na n-íocaíochtaí díreacha a shuíomh is ábhartha chun tástáil na himeallachta a chur i bhfeidhm agus na critéir is gá d'fheirmeoirí a chomhlíonadh d'fhonn a chruthú nach imeallach an ghníomhaíocht talmhaíochta a dhéanann siad.

(12)

Chun an ró-ualach riaracháin a bhfuil bainistiú íocaíochtaí ar mhéideanna beaga ina chúis leis a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit, de ghnáth, staonadh ó íocaíochtaí díreacha a dheonú i gcás ina mbeadh an méid níos lú ná EUR 100 nó ina mbeadh limistéar incháilithe an ghabháltais a bhfuil íocaíocht á héileamh ina leith níos lú ná heicteár amháin. Mar sin féin, toisc go bhfuil éagsúlachtaí móra idir struchtúir feirmeoireachta na mBallstát agus toisc go bhféadfadh éagsúlachtaí suntasacha a bheith idir na struchtúir sin agus an meánstruchtúr feirmeoireachta san Aontas, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit íostáirsigh a chur i bhfeidhm a chuireann san áireamh a staid ar leith féin. De bharr an struchtúir feirmeoireachta a bheith an-sonrach sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh ar cheart íostáirseach a bheith i bhfeidhm sna réigiúin sin. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit a roghnú go gcuirfí chun feidhme ceann amháin den dá chineál íostáirseach, ag cur san áireamh saintréithe na struchtúr ina n-earnálacha feirmeoireachta féin. Toisc go bhféadfaí íocaíocht a dheonú d'fheirmeoirí a dtugtar feirmeoirí 'gan ghabháltas" orthu, ní bheadh éifeacht ag cur i bhfeidhm na táirsí heicteárbhunaithe. Dá bhrí sin ba cheart feidhm a bheith ar na feirmeoirí sin ag an íosmhéid a bhaineann le tacaíocht. Chun cóireáil chomhionann na bhfeirmeoirí sa Bhulgáir, sa Chróit agus sa Rómáin a áirithiú a bhfuil a n-íocaíochtaí díreacha faoi réir a gcéimniú-isteach, ba cheart an íostáirseach sna Ballstáit sin a bheith bunaithe ar na méideanna deireanacha a bheidh le deonú ag deireadh an phróisis chéimnithe-isteach.

(13)

Saintréith de leithdháileadh tacaíochta ioncaim dhírigh i measc feirmeoirí is ea méideanna díréireacha íocaíochtaí a bheith á leithdháileadh ar líon réasúnta beag tairbhithe móra. Ní bhíonn an leibhéal céanna tacaíochta aonadaí de dhith ar na tairbhithe móra chun cuspóir na tacaíochta ioncaim a bhaint amach go héifeachtúil, de thoradh barainneachta méide. Ina theannta sin, is éasca do na tairbhithe móra feidhmiú le leibhéil níos ísle tacaíochta aonadaí de bharr a gcumas oiriúnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an chuid den íocaíocht bhunúsach a laghdú, arb í an chuid atá le deonú d'fheirmeoirí atá 5 % ar a laghad níos mó ná EUR 150 000. Féadfaidh na Ballstáit déine na hoibre tuarastail a chur san áireamh, agus an sásra á cur i bhfeidhm acu, chun tionchar díréireach ar fheirmeacha móra le líon ard fostaithe a sheachaint. Chun go mbeidh éifeacht ag an laghdú sin ar an leibhéal tacaíochta, níor cheart aon tairbhe a thabhairt d'fheirmeoirí a chruthaíonn dálaí go saorga chun na héifeachtaí sin a sheachaint. Ba cheart do na fáltais ó laghdú íocaíochtaí le tairbhithe móra fanacht sna Ballstáit inar gineadh iad agus ba cheart iad a chur ar fáil mar thacaíocht Aontais do bhearta arna gcistiú faoin Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFC).

(14)

Ba cheart glan-uasteorainneacha a chinneadh do gach Ballstát chun na híocaíochtaí atá le déanamh le feirmeoirí a theorannú tar éis an laghdú ar íocaíochtaí a chur i bhfeidhm Chun saintréithe na tacaíochta CBT a chur san áireamh, a dheonaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus ós rud é nach bhfuil na híocaíochtaí díreacha sin faoi réir laghdú ar íocaíochtaí, níor cheart go n-áireofaí na híocaíochtaí díreacha sin i nglan-uasteorainn na mBallstát lena mbaineann.

(15)

Chun na forbairtí a bhaineann le huasmhéideanna iomlána na n-íocaíochtaí díreacha a d'fhéadfaí a dheonú a chur san áireamh, lena n-áirítear na forbairtí atá mar thoradh ar na cinntí atá le glacadh ag na Ballstáit maidir le haistrithe idir an chéad cholún agus an dara colún, agus laghdúa chur i bhfeidhm, agus i gcás inarb infheidhme uasteorannú ar íocaíochtaí, mar aon leis na forbairtí a bheidh mar thoradh ar na fógraí atá le tabhairt ag an gCróit maidir leis an talamh ar glanadh na mianaigh talún di agus atá in úsáid arís chun críoch talmhaíochta, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na huasteorainneacha náisiúnta agus na glan-uasteorainneacha a leagtar amach sa Rialachán seo a oiriúnú.

(16)

Maidir le forálacha an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar iompar Ballstáit a d'fhéadfadh bheith i dteideal Státchabhrach, ba cheart a shonrú go ndéantar iad a eisiamh ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair ós rud é go bhfuil ar áireamh iontu, coinníollacha iomchuí maidir le tacaíocht a dheonú, nó toisc go bhforáiltear iontu go ndéanfaidh an Coimisiún na coinníollacha sin a ghlacadh, chun saobhadh míchuí na hiomaíochta a chosc.

(17)

D'fhonn beartas forbartha tuaithe na mBallstát a neartú, ba cheart caoi a thabhairt dóibh cistí a aistriú ó uasteorainn a n-íocaíochtaí díreacha chuig an tacaíocht atá sannta acu don fhorbairt tuaithe. Ba chóir go dtabharfaí an deis freisin do Bhallstáit cistí a aistriú ón tacaíocht atá sannta acu don fhorbairt tuaithe chuig an uasteorainn atá acu maidir le híocaíochtaí díreacha. D'fhonn éifeachtacht na huirlise a áirithiú, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit a gcinneadh bunaidh a athbhreithniú uair amháin le héifeacht ón mbliain éilimh 2018 amach ar choinníoll nach mbeidh aon ísliú ar na méideanna a shanntar d'fhorbairt tuaithe i gceist le haon chinneadh atá bunaithe ar athbhreithniú den sórt sin.

(18)

Chun cuspóirí CBT a bhaint amach, d'fhéadfadh sé gur ghá na scéimeanna tacaíochta a chur in oiriúint d'fhorbairtí atá ag athrú, laistigh de theorainneacha gearra ama más gá. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú féideartha ar na scéimeanna tacaíochta, go háirithe i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha nó an choir bhuiséadaigh, ag cur in iúl ar an doigh sin nach féidir leis na tairbhithe bheith ag déanamh talamh slán de go bhfanfaidh coinníollacha tacaíochta mar atá.

(19)

Feirmeoirí sna Ballstáit sin a d'aontaigh don Aontas an 1 Bealtaine 2004 nó ina dhiaidh sin, fuair siad íocaíochtaí díreacha mar gheall ar shásra um chéimniú isteach dá bhforáiltear sna hIonstraimí Aontachais ábhartha. Maidir leis an mBulgáir agus an Rómáin, beidh an sásra sin fós i bhfeidhm in 2015 agus maidir leis an gCróit, beidh sé i bhfeidhm go dtí 2021. Ina theannta sin, bhí cead ag na Ballstáit sin íocaíochtaí náisiúnta díreacha comhlántacha a dheonú. Ba cheart an fhéidearthacht na híocaíochtaí sin a dheonú a choimeád i gcás na Cróite agus, chun scéim na híocaíochta bunúsaí a chomhlánú, i gcás na Bulgáire agus na Rómáine go dtí go ndéanfar iad a chéimniú isteach ina n-iomláine. Maidir leis an gCróit a údarú chun íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha a dheonú, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gac Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). a chur i bhfeidhm.

(20)

Déantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 arna leasú le hIonstraim Aontachais 2011, maidir le cúlchiste náisiúnta speisialta don Chróit i ndáil leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún chun go maoineofar, ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis a aontachais leis an Aontas, leithdháileadh na dteidlíochtaí íocaíochta don talamh a nglanfar na mianaigh di agus a úsáidfear arís chun críoch talmhaíochta gach bliain. Is iomchuí na rialacha a leagan amach maidir leis na méideanna a chinneadh a bheidh cionroinnte ar thacaíocht don talamh sin a mhaoiniú faoi na scéimeanna tacaíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na rialacha do bhainistiú an chúlchiste sin. Chun na méideanna a bheidh mar thoradh ar na fógraí atá le tabhairt ag an gCróit maidir leis an talamh ar glanadh na mianaigh talún di agus atá in úsáid arís chun críoch talmhaíochta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha airgeadais áirithe a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCróit.

(21)

Chun a áirithiú go ndéanfar an tacaíocht a leithdháileadh ar bhealach níos fearr thar talamh talmhaíochta san Aontas, lena n-áirítear talamh na mBallstát sin a chur i bhfeidhm an scéim íocaíochta aonair limistéir a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, ba cheart scéim nua íocaíochta bunúsaí a chur in ionad na scéime íocaíochta aonair a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle (10), agus a leantar leis faoi Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, inar tugadh le chéile sásraí tacaíochta a bhí ann cheana in aon scéim amháin d'íocaíochtaí díreacha díchúpláilte. Dá ndéanfaí amhlaidh, ba cheart, i bprionsabal, go rachadh na teidlíochtaí íocaíochta a gheofar faoi na Rialacháin sin in éag agus go leithdháilfí cinn nua. Ba cheart an leithdháileadh sin na dteidlíochtaí íocaíochta bheith bunaithe fós, mar riail ghinearálta, ar líon na heicteár incháilithe atá ar fáil do na feirmeoirí sa chéad bhliain ina gcuirtear an scéim chun feidhme. Fós féin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit sin a bhfuil scéim na híocaíochta aonair á feidhmiú acu faoi láthair ar bhonn réigiúnach nó ar bhonn hibrideach réigiúnach na teidlíochtaí atá acu cheana a choimeád. Maidir le Ballstát ar leith, i dtreo is go seachnófar ann caolú díréireach mhéid na n-íocaíochtaí díreacha in aghaidh an heicteáir, lena ndéanfaí difear don phróiseas cóineasaithe inmheánach, mar thoradh ar mhéadú ar an limistéar incháilithe, ba cheart go ligfí do na Ballstáit, agus an chéad bhabhta teidlíochtaí íocaíochta á leithdháileadh acu, srianta áirithe a chur i bhfeidhm chun líon na dteidlíochtaí íocaíochta a bhunú.

(22)

De thoradh earnálacha éagsúla a bheith á gcomhtháthú i ndiaidh a chéile isteach sa scéim íocaíochta aonair, agus de thoradh na tréimhse a thugtar d'fheirmeoirí a ngnó a chur in ord ina dhiaidh sin, tá sé ag éirí níos deacra cúis chuí a thabhairt leis na difríochtaí suntasacha aonair i leibhéal na tacaíochta in aghaidh an heicteáir d'fheirmeoirí, ar difríochtaí iad atá mar thoradh ar úsáid tagairtí stairiúla. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht ioncaim dhírigh a leithdháileadh níos cothroime ar na Ballstáit, tríd an nasc le tagairtí stairiúla a laghdú agus ag féachaint do chomhthéacs foriomlán bhuiséad an Aontais. Chun leithdháileadh níos cothroime tacaíochta dírí a áirithiú, agus na difríochtaí atá ann i gcónaí idir leibhéil tuarastail agus costais inchuir á gcur san áireamh, ba cheart leibhéil na tacaíochta dírí in aghaidh an heicteáir a choigeartú de réir a chéile. Ba cheart do na Ballstáit ina bhfuil íocaíochtaí díreacha níos lú ná 90 % de mheán an Aontais, aon trian den bhearna idir a leibhéal reatha agus an leibhéal sin a dhúnadh, agus bainfidh na Ballstáit uile íosleibhéal amach faoin mbliain airgeadais 2020. Déanfaidh gach Ballstát, a bhfuil leibhéilna n-íocaíochtaí díreacha acu, atá níos mó ná meán an Aontais, an coigeartú a.mhaoiniú go comhréireach.

(23)

Chomh maith leis sin, mar riail ghinearálta, ba cheart luach comhionann aonaid a bheith ag gach teidlíocht íocaíochta a ghníomhachtófar in 2019 i mBallstát nó i réigiún. Chun iarmhairtí airgeadais a chuirfeadh isteach ar fheirmeoirí a sheachaint, áfach, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tosca stairiúla a chur san áireamh agus iad ag ríomh luach na dteidlíochtaí íocaíochta ar cheart a bheith ag na feirmeoirí in 2019 ar choinníoll nach mbeidh luach níos ísle ná 60 % den mheán ag teidlíochtaí íocaíochta ar bith in 2019. Ba cheart do na Ballstáit an cóineasú sin a mhaoiniú trí luach na dteidlíochtaí íocaíochta a mbeidh luach os cionn an mheáin don bhliain 2019 acu a laghdú ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach atá le bunú ag na Ballstáit. Faoi chuimsiú an méid sin agus d'fhonn caillteanais a bheadh ró-thoirmeascach ar fad d'fheirmeoirí áirithe a sheachaint, féadfaidh na Ballstáit an laghdú sin a shrianadh go 30 % de luach bunaidh na dteidlíochtaí lena mbaineann, fiú amháin mura gceadófar le srianú den sórt sin go mbainfidh gach teidlíocht íocaíochta 60 % den mheánluach don bhliain 2019 amach. Seachas i gcás na mBallstát sin a roghnóidh luach aonaid aonfhoirmeach amhail ón gcéad bhliain ina gcuirfear an scéim chun feidhme, ba cheart go nglacfaí céimeanna comhionanna agus an cóineasú sin á dhéanamh. Ba cheart na hacmhainní a mheastar atá ar fáil le haghaidh teidlíochtaí íocaíochta a chur san áireamh i gcóineasú na dteidlíochtaí íocaíochta a mbeidh a luach os cionn an mheáin. I gcás na mBallstát sin, áfach, a choimeádfaidh na teidlíochtaí íocaíochta atá acu cheana agus a mbeidh céimeanna cóineasaithe roghnaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 63(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003, ba cheart na céimeanna cóineasaithe sin a chur chun feidhme, más infheidhme, agus ba cheart na teidlíochtaí íocaíochta uile a choigeartú chun na hacmhainní a mheastar atá ar fáil le haghaidh teidlíochtaí íocaíochta a chur san áireamh.

(24)

Tá sé léirithe sa taithí a fuarthas tríd an scéim íocaíochta aonair a chur i bhfeidhm, gur cheart cuid dá príomheilimintí a choinneáil, lena n-áirítear cinneadh na n-uasteorainneacha náisiúnta d'fhonn a áirithiú nach rachaidh an leibhéal iomlán tacaíochta thar na srianta atá ar an mbuiséad faoi láthair. Ba cheart do na Ballstáit leanúint de chúlchiste náisiúnta a fheidhmiú, nó ba cheart ligean dóibh cúlchistí réigiúnacha a bhunú. Ba cheart cúlchistí náisiúnta nó réigiúnacha den sórt sin a úsáid, mar ábhar tosaíochta, chun rannpháirtíocht feirmeoirí óga sa scéim a éascú mar aon le rannpháirtíocht feirmeoirí a mbeidh tús á chur lena ngníomhaíocht talmhaíochta acu agus ba cheart ligean dóibh iad a úsáid freisin chun dálaí sonracha áirithe eile a chur san áireamh. Ba cheart na rialacha maidir le haistriú agus úsáid teidlíochtaí íocaíochta a choinneáil.

(25)

Tá sé léirithe sa taithí a fuarthas trí Rialachán (CE) Uimh 73/2009 a chur i bhfeidhm nár úsáid na Ballstáit méid iomlán na gcistí a bhí ar fáil faoi na huasteorainneacha náisiúnta a leagadh síos sa Rialachán sin. Cé gur lú an baol faoin Rialachán seo nach gcaithfear cistí le hais an chórais faoi Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann teidlíochtaí íocaíochta a dháileadh ar luach atá níos airde ná an méid atá ar fáil dá scéim íocaíochta bunúsaí, d'fhonn gur fusa a bheidh sé na cistí a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla. Ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit, dá bhrí sin, laistigh de theorainneacha comhchoiteanna áirithe agus maidir leis na glan-uasteorainneacha d'íocaíochtaí díreacha an méid atá riachtanach faoina bhféadfar a n-uasteorainn íocaíochta bunúsaí a mhéadú a ríomh.

(26)

Mar riail ghinearálta, aon limistéar talmhaíochta den ghabháltas a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochta talmhaíochta, lena n-áirítear na limistéir nach raibh riocht maith talmhaíochta orthu an 30 Meitheamh 2003 i mBallstáit a d'aontaigh don Aontas an 1 Bealtaine 2004, a roghnaigh an scéim íocaíochta aonair limistéir a chur i bhfeidhm, beidh an limistéar sin incháilithe tairbhe a bhaint íocaíocht bunúsach. Sa mhéid go bhféadfaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta rannchuidiú le héagsúlú ioncaim gabháltas talmhaíochta agus le beogacht na gceantar tuaithe, measfar go mbeidh limistéar talmhaíochta gabháltais a úsáidtear freisin i gcomhair gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta incháilithe ar an gcoinníoll go n-úsáidfear é go príomha do ghníomhaíochtaí talmhaíochta. Chun an phríomhacht sin a mheasúnú, ba cheart critéir chomhchoiteanna a shocrú le haghaidh na mBallstát go léir. Sa chomhthéacs seo agus d'fhonn a áirithiú go ndíreofar níos fearr ar íocaíochtaí díreacha, ba cheart go bhféadfadhdh Ballstáit, ar mhaithe leis an soiléireacht dhlíthiúil agus le comhsheasmhacht dhlíthiúil, liosta a dhéanamh de limistéir a úsáidtear go príomha do ghníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta agus atá neamh-incháilithe dá bharr sin. Thairis sin, ionas go gcoinneofar incháilitheacht talún a bhí incháilithe chun teidlíochtaí a fágadh ar leataobh a ghníomhachtú roimh dhíothú na hoibleagáide fágáil ar leataobh, ba cheart a fhoráil go mbeidh limistéir choilltithe áirithe, lena n-áirítear na limistéir sin atá coilltithe faoi scéimeanna náisiúnta lena gcomhlíontar na rialacha ábhartha i Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (11) nó i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), nó limistéir atá faoi réir gealltanas comhshaoil áirithe, incháilithe tairbhe a bhaint íocaíocht bunúsach.

(27)

Maidir le Ballstát ar leith, i dtreo is go seachnófar ann caolú díréireach mhéid na n-íocaíochtaí díreacha in aghaidh an heicteáir, lena ndéanfaí difear don phróiseas cóineasaithe inmheánach, mar thoradh ar mhéadú ar an limistéar incháilithe, ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit comhéifeacht don laghdú a chur i bhfeidhm chun limistéar incháilithe na bhféarthailte buana a chinneadh i gcásanna nach bhfuil féara agus foráiste luibheach eile ceannasach go traidisiúnta i limistéir innilte, ach ina bhfuil siad ar an dul sin mar chuid de na cleachtais áitiúla atá bunaithe.

(28)

Maidir le cnáib, ba cheart bearta sonracha a choinneáil chun a áirithiú nach bhféadfaí barra mídhleathacha a chur i bhfolach i measc na mbarr is incháilithe don íocaíocht bhunúsach, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar an an margadh cnáibe. Níor cheart, dá bhrí sin, leanúint de bheith ag deonú íocaíochtaí ach amháin i gcás limistéar ina bhfuil cineálacha cnáibe curtha a bhfuil ráthaíochtaí áirithe ag gabháil leo ó thaobh chion na substainte síceatrópaí.

(29)

Chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun na cásanna sonracha a shoiléiriú a fhéadfaidh teacht chun cinn agus scéim na híocaíochta bunúsaí á cur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha áirithe a ghlacadh i dtaca le rialacha maidir le hincháilitheacht agus le rochtain, i ndáil le scéim na híocaíochta bunúsaí d'fheirmeoirí i gcás oidhreachta agus oidhreachta ionchais, i gcás oidhreachta faoi léas, i gcás athrú ar stádas nó ar ainmniúchán dlíthiúil, i gcás aistriú na dteidlíochtaí íocaíochta agus i gcás chumasc nó scoilteadh an ghabháltais agus i gcás clásail chonartha a bhaineann leis an gceart chun teidlíochtaí íocaíochta a fháil sa chéad bhliain ina leithdháilfear teidlíochtaí íocaíochta. Thairis sin, ba cheart go gcumhdófaí freisin leis an tarmligean cumhachta sin rialacha maidir le luach agus líon a ríomh nó maidir leis an athrú ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta i ndáil le leithdháileadh na dteidlíochtaí íocaíochta, lena n-áirítear rialacha maidir leis an deis luach nó líon sealadach teidlíochtaí íocaíochta nó méadú sealadach ar theidlíochtaí íocaíochta a bheith ann a leithdháiltear ar bhonn an iarratais ón bhfeirmeoir, rialacha maidir le coinníollacha maidir le luach agus líon sealadach agus cinntitheach na dteidlíochtaí íocaíochta a bhunú, agus maidir leis na cásanna ina bhféadfadh conradh díolacháin nó conradh léis difear a dhéanamh do leithdháileadh na dteidlíochtaí íocaíochta;. Thairis sin, ba cheart go gcumhdófaí freisin leis an tarmligean cumhachta sin rialacha maidir le bunú agus ríomh luach agus líon na dteidlíochtaí íocaíochta a gheofar ón gcúlchiste náisiúnta nó ón gcúlchiste réigiúnach; rialacha maidir le luach aonaid na dteidlíochtaí íocaíochta a mhodhnú i gcás codán de na teidlíochtaí íocaíochta agus aistriú teidlíochtaí íocaíochta gan talamh. Chomh maith leis sin, ba cheart go gcumhdófaí freisin leis an tarmligean cumhachta sin critéir chun teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh ar na feirmeoirí nach bhfuair íocaíochtaí díreacha in 2013 nó de bhun úsáid an chúlchiste náisiúnta nó na gcúlchistí réigiúnacha, critéir chun teorainneacha a chur i bhfeidhm maidir le líon na dteidlíochtaí íocaíochta atá le leithdháileadh; agus critéir chun an chomhéifeacht don laghdú a shocrú chun féarthailte buana áirithe a aistriú i heicteáir incháilithe.

(30)

Chun bainistiú cuí na dteidlíochtaí íocaíochta a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha maidir le hábhar an dearbhaithe agus leis na ceanglais chun teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú.

(31)

Chun sláinte phoiblí a chosaint, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha a leagan síos faoina ndeonófar íocaíochtaí ar choinníoll go n-úsáidfear síolta deimhnithe de chineálacha áirithe cnáibe agus lena saineofar an nós imeachta maidir le cineálacha cnáibe a chinneadh agus a gcion teitrihidreacannaibionóil a fhíorú.

(32)

I bhfianaise na ndeacrachtaí suntasacha riaracháin, teicniúla agus lóistíochúla atá i gceist leis an aistriú chuig scéim na híocaíochta bunúsaí do na Ballstáit a chuirfidh an scéim íocaíochta aonair limistéir i bhfeidhm faoi Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, ba cheart go mbeidís in ann an scéim íocaíochta aonair limistéir a chur i bhfeidhm chun an íocaíocht bhunúsach a dheonú go ceann tréimhse idirthréimhsí breise go dtí deireadh 2020 ar a dhéanaí. Má chinneann Ballstát scéim na híocaíochta bunúsaí a thabhairt isteach faoi 2018, féadfaidh sé rogha a dhéanamh na híocaíochtaí a dhifreálú faoin scéim íocaíochta aonair limistéir de réir leibhéil íocaíochtaí áirithe a dheonófar in 2014 faoi na socruithe maidir le tacaíocht shonrach agus na híocaíochtaí ar leithdá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, nó, i gcás na Cipire faoi na himchlúdaigh airgeadais sonracha don earnáil le haghaidh cabhrach idirthréimhsí náisiúnta.

(33)

Chun cosaint chearta na dtairbhithe a ráthú agus chun na cásanna sonracha a shoiléiriú a fhéadfaidh teacht chun cinn agus an scéim íocaíochta aonair limistéir á cur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i dtaca le rialacha a leagan síos maidir le hincháilitheacht agus le rochtain atá ag feirmeoirí ar an scéim íocaíochta aonair limistéir.

(34)

Sna Ballstáit ina bhfuil an scéim íocaíochta aonair limistéir á cur i bhfeidhm agus ar ceadaíodh dóibh cabhair idirthréimhseach náisiúnta a dheonú, bhí ról tábhachtach ag an gcabhair sin chun tacú le hioncaim na bhfeirmeoirí in earnálacha sonracha. Ar an gcúis sin, agus d'fhonn laghdú tobann suntasach a sheachaint ar thacaíocht amhail ó 2015 sna hearnálacha sin a bhainfidh tairbhe, go dtí 2014, as cabhair idirthréimhseach náisiúnta, is iomchuí foráil a dhéanamh, sna Ballstáit sin, don chás ina bhféadfaí an chabhair sin a dheonú mar chomhlánú ar an scéim íocaíochta aonair limistéir. D'fhonn a áirithiú go leanfar ar aghaidh leis an tacaíocht ón gcabhair idirthréimhseach náisiúnta a bhí á deonú go dtí seo, is iomchuí na coinníollacha a theorannú go dtí na coinníollacha sin is infheidhme maidir leis an gcabhair sin in 2013, nó i gcás na Bulgáire agus na Rómáine na híocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha, mar a thug an Coimisiún údar leo arna iarraidh sin ag na Ballstáit. Is iomchuí freisin uasmhéideanna na cabhrach a theorannú de réir earnála i gcomparáid lena leibhéil in 2013 chun a áirithiú go laghdófar na leibhéil cabhrach ar bhonn socair agus go mbeidh siad ag cloí le sásra cóineasaithe.

(35)

Ba cheart rialacha sonracha a chur ar fáil don chéad leithdháileadh agus chun luach teidlíochtaí íocaíochta a ríomh nuair a dhéanfaidh na Ballstáit a mbeidh an scéim íocaíochta aonair limistéir curtha i bhfeidhm acu de bhun an Rialacháin seo scéim na híocaíochta bunúsaí a thabhairt isteach. Chun aistriú rianúil a áirithiú idir na scéimeanna sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha breise maidir le scéim na híocaíochta bunúsaí a thabhairt isteach i mBallstáit a mbeidh an scéim íocaíochta aonair limistéir curtha i bhfeidhm acu.

(36)

Agus é á chur san áireamh gur gá don tacaíocht aonadach a thugtar d'fheirmeoirí a bhfuil gabháltais bheaga acu bheith leordhóthanach chun cuspóir na tacaíochta ioncaim a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit tacaíocht dhíreach a athdháileadh idir feirmeoirí trí íocaíocht bhreise a dheonú dóibh do na chéad.

(37)

Ar cheann de chuspóirí CBT nua tá an cuspóir chun feidhmíocht an chomhshaoil a fheabhsú trí bhíthin ghné éigeantach maidir le "glasú" a chur sna híocaíochtaí díreacha, rud a thacóidh le cleachtais talmhaíochta atá chun leas na haeráide agus an chomhshaoil ar fud an Aontais. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit cuid dá n-uasteorainneacha náisiúnta a úsáid le haghaidh íocaíochtaí díreacha chun íocaíocht bhliantúil a dheonú, sa bhreis ar an íocaíocht bhunúsach, lena bhféadfar cóineasú inmheánach sa Bhallstát nó sa réigiún a chur san áireamh, do chleachtais éigeantacha a leanfaidh feirmeoirí a bheidh ag dul i ngleic le spriocanna beartais aeráide agus comhshaoil mar ábhar tosaíochta. Gníomhaíochtaí simplí, ginearálta, neamh-chonarthacha agus bliantúla ba cheart a bheith sna cleachtais sin ar mhó iad ná tras-chomhlíonadh agus a mbeadh baint acu leis an talmhaíocht, le gníomhaíochtaí amhail éagsúlú barr, féarthailte buana a choimeád, lena n-áirítear úllgharraithe traidisiúnta ina bhfásann crainn torthaí ar dhlús íseal ar féarthailte, agus limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht a bhunú. D'fhonn cuspóirí an ghlasú a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus d'fhonn riarachán éifeachtúil agus rialú éifeachtúil ar ghlasú a chumasú ba cheart go mbeadh feidhm ag na cleachtais sin maidir le limistéar incháilithe an ghabháltais ina iomláine. Toisc gur cleachtais de chineál éigeantach iad na cleachtais sin, ba cheart iad a bheith ábhartha d'fheirmeoirí a bhfuil a ngabhaltás suite, ina n-iomláine nó i bpáirt, i limistéir "Natura 2000" a chumhdaítear le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (13) agus le Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), nó i limistéir a chumhdaítear le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), ach ar chuntar go bhfuil na cleachtais sin ag luí le cuspóirí na dTreoracha sin.

(38)

I bhfianaise na sochar aitheanta comhshaoil a bhaineann leis na córais orgánacha feirmeoireachta, ba cheart d'fheirmeoirí, le haghaidh na haonaid sin dá ngábháltais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (16), tairbhe a bhaint as an gné "glasú" gan oibleagáid a bheith orthu aon ní eile a chomhlíonadh

(39)

ba cheart a bheith pionóis ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 bheith mar thoradh ar theip ghné an "glasú" a urramú.

(40)

D'fhonn éagsúlacht na gcóras talmhaíochta agus na dálaí difriúla atá ar fud an Aontais ó thaobh an chomhshaoil de a chur san áireamh, tá bonn cirt le haitheantas a thabhairt, i dteannta na dtrí gcleachtas i ndáil le "glasú" a bhunaítear sa Rialachán seo, do chleachtais a chumhdaítear le bearta agrachomhshaoil-aeráide nó le scéimeanna deimhniúcháin atá cosúil le glasú agus lena soláthraítear leibhéal comhionann tairbhe don aeráid agus don chomhshaol nó leibhéal níos airde tairbhe dóibh. Ar chúiseanna soiléireachta dlíthiúla, ba cheart go leagfaí na cleachtais sin síos in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh i dtaca le deis a thairiscint d'fheirmeoirí cleachtais chomhionanna agus na cleachtais i ndáil le "glasú" a bhunaítear sa Rialachán seo a úsáid d'fhonn ceangal a chur ar an bhfeirmeoir na cleachtais is oiriúnaí a chomhlíonadh lena n-áiritheofar cuspóirí an bhirt agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún faoin gcinneadh a dhéanfaidh siad. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh an ndéantar na cleachtais a chumhdaítear leis na bearta comhionanna a fhógraítear a chumhdach leis an Iarscríbhinn. Má mheabhraíonn an Coimisiún nach bhfuil sin amhlaidh, ba cheart dó na Ballstáit a chur ar an eolas dá reir sin trí bhíthin gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh gach Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm. D'fhonn a éascú go gcuirfear comhionannas chun feidhme ar bhealach níos simplí agus ar chúiseanna inrialaitheachta, ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis an limistéar a chumhdaítear le bearta comhionanna, agus sonraíochtaí beart agrachomhshaoil-aeráide mar aon le scéimeanna deimhniúcháin á gcur san áireamh. D'fhonn a áirithiú go gcuirfear cleachtais chomhionanna i bhfeidhm mar is ceart agus go seachnófar cistiú dúbailte, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh chun críche cleachtais a chur leis an liosta de chleachtais chomhionanna, lena mbunófar ceanglais i dtaca leis na scéimeanna deimhniúcháin náisiúnta nó réigiúnacha agus, i gcás inar gá, lena mbunófar rialacha mionsonraithe chun méideanna gaolmhara a ríomh.

(41)

Ba cheart na hoibleagáidí maidir le heagsúlacht barr a chur i bhfeidhm ar bhealach lena gcuirfear san áireamh an deacracht a bhíonn ag feirmeacha beaga éagsúlú agus iad ag iarraidh i gcónaí dul chun cinn a dhéanamh chun tairbhe méadaithe don chomhshaol a bhaint amach agus go háirithe chun feabhas a chur ar cháilíocht na hithreach. Ba cheart eisceachtaí a chur i bhfeidhm d'fheirmeacha a chomhlíonann cheana na cuspóirí maidir le héagsúlú barr mar thoradh ar iad bheith cumhdaithe ar bhonn suntasach le féarthailte nó le talamh branair nó d'fheirmeacha speisialaithe a rothlaíonn a ndáileachtaí gach bliain nó d'fheirmeacha a mbeadh deacrachtaí iomarcacha acu chun an tríú barr a thabhairt isteach mar thoradh ar a suíomh geografach. Chun a áirithiú go ndéanfar na hoibleagáidí a bhaineann le beart an éagsúlaithe barr a chur i bhfeidhm ar bhealach comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh cosaint níos fearr don chomhshaol mar thoradh air, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le cineálachaeile genera agus speiceas a aithint agus rialacha a leagan síos maidir le ríomh beacht sciartha na mbarr éagsúil a chur i bhfeidhm.

(42)

Ar mhaithe leis na tairbhithe a bhaineann le féarthailte buana agus go háirithe ceapadh carbóin, ba cheart foráil a dhéanamh chun féarthailte buana a chaomhnú. Ba cheart go n-áireofaí leis an gcosaint sin toirmeasc a chur ar threabhadh agus ar aistriú i limistéir is íogaire comhshaoil i limistéir "Natura 2000" a chumhdaítear le Treoir 92/43/CEE agus le Treoir 2009/147/CE, agus ba cheart go mbeadh cosaint níos ginearálta ann in aghaidh aistriú go húsáidí eile, bunaithe ar chóimheas na bhféarthailte buana. Ba cheart go mbeadh go gcumhachtófaí do na Ballstáit na limistéir íogair chomhshaoil nach gcumhdaítear leis na Treoracha sin a leagan amach tuilleadh. Ina theannta sin, ba cheart go roghnóidís an leibhéal críche ar cheart don chóimheas feidhm a bheith aige maidir leis. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar cosaint éifeachtach ar fhéarthailte buana, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh chun an creat a shainiú lena n-ainmneoidh na Ballstáit féarthailte buana nach gcumhdaítear le Treoir 92/43/CEE ná le Treoir 2009/147/CE.

(43)

D'fhonn a áirithiú go sannfar i gceart cóimheas na bhféarthailte buana in aghaidh an limistéir talmhaíochta iomláin agus go gcoinneofar i gceart é, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i dtaca le bunú modhanna mionsonraithe lena sannfar an cóimheas sin, rialacha mionsonraithe maidir le féarthailte buana a choinneáil agus an t-achar ama ábhartha chun oibleagáid a chur ar fheirmeoirí aonair talamh a iompú ar ais.

(44)

Ba cheart limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht a bhunú d'fhonn an bhithéagsúlacht ar fheirmeacha go háirithe a chosaint agus a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é a bheadh i gceist leis na limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht, limistéir a bhfuil tionchar díreach acu ar an mbithéagsúlacht amhail talamh a fhágtar bán, gnéithe tírdhreacha, ardáin, stiallacha maoláin, limistéir choilltithe agus limistéir agrafhoraoiseachta nó limistéir a bhfuil tionchar neamhdhíreach acu ar an mbithéagsúlacht trí úsáid laghdaithe a bhaint as ionchuir ar an bhfeirm, amhail limistéir arna gcumhdach ag barr breise agus cumhdú glas geimhridh. Ba cheart na hoibleagáidí a leagtar síos don bheart i ndáil leis na limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht a chur i bhfeidhm ar bhealach lena seachnófar na hualaigh dhíréireacha atá á gcur ar fheirmeacha beaga i gcomparáid leis an tairbhe bhreise, fheabhsaithe ar an gcomhshaol. Ba cheart eisceachtaí a chur i bhfeidhm i gcás feirmeacha a chomhlíonann na cuspóirí maidir le limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht trí bheith cumhdaithe ar bhonn suntasach le féarthailte nó le talamh branair. Ba cheart eisceachtaí a chur i bhfeidhm freisin i gcás feirmeoirí a thugann faoi ghníomhaíocht talmhaíochta i limistéir atá thíos le srianta nádúrtha i limistéir áirithe atá coilltithe go príomha ina bhfuil baol suntasach ann go dtréigfear an talamh i mBallstáit atá coilltithe go príomha. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh don deis do na Ballstáit agus d'fheirmeacha c an oibleagáid a chur i bhfeidhm ar leibhéal réigiúnach nó leibhéal comhchoiteann chun limistéir chóngaracha ina ndírítear ar an eíceolaíocht a fháil, ar limistéir iad a rachaidh níos mó chun tairbhe don chomhshaol. Ar mhaithe le simpliú, ba cheart go mbeadh an rogha ag na Ballstáit tomhas na limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a chaighdeánú.

(45)

Chun a áirithiú go mbunófar na limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht ar bhealach éifeachtúil agus comhtháite, agus saintréithe na mBallstát á gcur san áireamh ag an am céanna, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le critéir bhreise a leagan síos chun limistéir a cháiliú mar limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht; cineálacha eile limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a aithint; fachtóirí comhshóite agus ualaithe a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht; rialacha a bhunú chun cuid den limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a chur chun feidhme ag na Ballstáit ar an leibhéal réigiúnach; rialacha a leagan síos i dáil le cur chun feidhme comhchoiteann na h oibleagáide chun limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht ag gabháltais a choinneáil i ngaireacht dá chéile, lena mbunaítear an creat i gcomhair na gcritéar, a bheidh le lsainiú ag na Ballstáit, chun an ghaireacht sin a shainaithint; agus na modhanna a bhunú chun an cóimheas d'fhoraois do thalamh talmhaíochta a chinneadh. I gcás ina cuirfear isteach cineálacha eile limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndíreoidh sé ar fheidhmíocht ghinearálta chomhshaoil an ghabháltais a fheabhsú, go háirithe maidir leis an mbithéagsúlacht, leis an ithir agus leis an gcáilíocht uisce a fheabhsú, maidir leis an tírdhreach a chaomhnú agus maidir leis na cuspóirí maolaithe agus oiriúnaithe um an athrú aeráide a bhaint amach.

(46)

Chun forbairt inbhuanaithe na talmhaíochta a chur chun cinn i limistéir a bhfuil srianta sonracha nádúrtha iontu, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cuid dá n-uasteorainneacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha chun íocaíocht bhliantúil limistéarbhunaithe a dheonú, sa bhreis ar an íocaíocht bhunúsach, do gach feirmeoir atá ag obair sna limistéir sin nó i roinnt de na limistéir sin, i gcás ina gcinnfidh an Ballstát amhlaidh. Níor cheart an íocaíocht sin a chur in ionad na tacaíochta a thabharfar faoi chláir forbartha tuaithe agus níor cheart í a dheonú d'fheirmeoirí i limistéir a ainmníodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ach nár ainmníodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

(47)

Dúshlán airgeadais is ea an ghníomhaíocht nua eacnamaíoch atá á cruthú agus á forbairt in earnáil na talmhaíochta ag feirmeoirí óga agus gné is ea é ba cheart a mheas agus íocaíochtaí díreacha á leithdháileadh agus á spriocdhíriú. Tá an fhorbairt sin riachtanach ar mhaithe le hiomaíocht in earnáil na talmhaíochta san Aontas agus, ar an gcúis sin, ba cheart tacaíocht ioncaim a sholáthar d'fheirmeoirí óga atá ag dul i mbun gníomhaíochtaí talmhaíochta den chéad uair chun bunú na ngníomhaíochtaí sin a éascú agus chun cabhrú leo coigeartú struchtúrtha a dhéanamh ar a ngabháltas ina dhiaidh sin. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit cuid dá n-uasteorainneacha náisiúnta a úsáid le haghaidh íocaíochtaí díreacha chun íocaíocht bhliantúil limistéarbhunaithe, sa bhreis ar an íocaíocht bhunúsach, a dheonú d'fheirmeoirí óga. Ba cheart do na Ballstáit bheith in ann modh ríomha a chinneadh le haghaidh na híocaíochta sin agus, i gcás ina gciallófar leis an modh sin oibleagáid teorainn a chur le híocaíocht in aghaidh an fheirmeora, tá an teorainn sin le socrú agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais á n-urramú. Ós rud é nár cheart go gcumhdódh sé ach tréimhse tosaigh an ghnó, níor cheart an tacaíocht sin a dheonú ach le linn uastréimhse cúig bliana. Ba cheart go mbeadh sé ar fáil d'fheirmeoirí óga a bheidh ag dul i mbun a ngníomhaíoctaí talmhaíochta agus nach mbeidh níos sine ná 40 bliain d'aois an bhliain a gcuirfear isteach an chéad iarratas faoi scéim na híocaíochta bunúsaí nó faoin scéim íocaíochta aonair limistéir.

(48)

Chun cosaint chearta na dtairbhithe a ráthú agus chun nach ndéanfar dealú eatarthu, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na dálaí a shainiú faoina bhféadfar duine dlítheanach a mheas a bheith incháilithe chun an íocaíocht d'fheirmeoirí óga a fháil.

(49)

Ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit cuid dá n-uasteorainneacha náisiúnta a úsáid le haghaidh íocaíochtaí díreacha i leith tacaíochta cúpláilte in earnálacha áirithe nó i réigiúin áirithe i gcásanna a shainítear go soiléir. Ba cheart na hacmhainní a fhéadfar a úsáid le haghaidh aon tacaíochta cúpláilte a theorannú go leibhéal iomchuí, agus deonú na tacaíochta sin sna Ballstáit ina n-earnálacha sonracha nó ina réigiúin shonracha a mbaineann staideanna ar leith leo a cheadú ag an am céanna, i gcás ina bhfuil tábhacht ar leith le cineálacha sonracha feirmeoireachta nó earnálacha sonracha talmhaíochta ar chúiseanna eacnamaíocha, comhshaoil agus/nó sóisialta. Ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit suas le 8 % dá n-uasteorainneacha náisiúnta a úsáid le haghaidh na tacaíochta sin, nó 13 % i gcás inar mó ná 5 % a leibhéal tacaíochta cúpláilte i mbliain amháin ar a laghad sa tréimhse 2010-2014 nó i gcás ina gcuireann siad an scéim íocaíochta aonair limistéir i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2014 Fairis sin, d'fhonn neamhspleáchas próitéinbhunaithe earnáil an phóraithe a choinneáil, ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit a chinneann 2 % dá n-uasteorainneacha náisiúnta ar a laghad a úsáid chun tacú le táirgeadh barraí próitéine na céatadáin thuasluaite a mhéadú suas go dhá phointe céatadáin. Ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit os cionn 13 % dá n-uasteorainn náisiúnta a úsáid, áfach, i gcásanna a bhfuil bonn cirt maith leo agus ina léirítear riachtanais íogaire áirithe a bheith in earnáil nó i réigiún ar leith, agus ar fhormheas an Choimisiúin. Mar mhalairt ar na céatadáin sin, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh suas go EUR 3 milliún a úsáid in aghaidh na bliana chun an tacaíocht chúpláilte a mhaoiniú. Níor cheart tacaíocht chúpláilte a dheonú ach a mhéid is gá chun dreasacht a chruthú na leibhéil reatha táirgthe a choinneáil sna hearnálacha nó sna réigiúinlena mbaineann. Ba cheart go mbeadh an tacaíocht sin ar fáil freisin d'fheirmeoirí a bhfuil ar seilbh acu, an 31 Nollaig 2013, teidlíochtaí íocaíochta speisialta a leithdháiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus nach bhfuil heicteáir incháilithe acu chun teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú. Maidir leis an tacaíocht chúpláilte dheonach ar mó é ná 13 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil a shocrófar le haghaidh gach Ballstáit a fhormheas, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur chun feidhme.

(50)

Chun a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais ar bhealach éifeachtúil agus spriocdhírithe, agus chun cistiú dúbailte faoi ionstraimí tacaíochta cosúla eile a sheachaint, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na coinníollacha a bhunú chun tacaíocht chúpláilte dheonach a dheonú agus maidir le rialacha i ndáil lena chomhsheasmhacht le bearta eile de chuid an Aontais agus maidir le cruinniú tacaíochta.

(51)

Chun a áirithiú nach mbeadh aon saobhadh táirgthe ann sna réigiúin ina dtáirgtear cadás, leanann cuid den tacaíocht d'earnáil an chadáis faoi Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 de bheith nasctha le saothrú cadáis trí bhíthin íocaíochta i leith bairr shonraigh in aghaidh an heicteáir incháilithe, agus na tosca ábhartha ar fad á gcur san áireamh. Ba cheart an staid sin a choimeád i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 4 maidir le cadás atá ag gabháil le hIonstraim Aontachais 1979.

(52)

Ionas go bhféadfar an íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis a chur i bhfeidhm agus a bhainistiú ar bhealach éifeachtúil, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha agus coinníollacha a bhunú maidir le talamh agus cineálacha a údarú chun críocha na híocaíochta i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis; rialacha maidir leis na coinníollacha chun an íocaíocht sin a dheonú, maidir leis na ceanglais incháilitheachta agus na cleachtais agranamaíocha, critéir chun eagraíochtaí idirchraoibhe a fhormheas; oibleagáidí atá ar tháirgeoirí; rialacha lena rialaítear an cás nach gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta na critéir sin.

(53)

Le gCaibidil 2 de Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle (17) cuireadh de cheangal ar gach Ballstát a tháirgeann cadás dréachtchlár athstruchtúraithe ceithre bliana a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach ceithre bliana, agus é a chur faoina bhráid an chéad uair faoin 1 Eanáir 2009 nó dréachtchlár modhnuithe ocht mblianaathstruchtúraithe amháin a chur faoina bhráid faoin 31 Nollaig 2009. Is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfaí freastal níos fearr ar athstruchtúrú earnáil an chadáis le bearta eile, lena n-áirítear na bearta sin atá faoi chláreagrú forbartha tuaithe a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. D'fhágfadh bearta den sórt sin go bhféadfaí comhordú níos fearr a dhéanamh le bearta in earnálacha eile. Ba cheart cearta faighte agus ionchais dhlisteanacha gnóthas atá bainteach cheana féin le cláir athstruchtúraithe a urramú, áfach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na cláir ceithre bliana nó ocht mbliana atá i bhfeidhm faoi láthair in ann leanúint ar aghaidh go deireadh a dtréimhse gan aon fhéidearthacht síneadh a chur leo. D'fhéadfaí na cistí atá ar fáil ó na cláir ceithre bliana a chomhtháthú ansin sna cistí Aontais atá ar fáil do bhearta faoi fhorbairt tuaithe ó 2014 amach. I ngeall ar an gclárthréimhse, ní bheadh na cistí a bheidh ar fáil ag deireadh na gclár ocht mbliana úsáideach sna cláir forbartha tuaithe in 2018 agus, dá bhrí sin, b'fhearr iad a aistriú go scéimeanna tacaíochta faoin Rialachán seo, dá bhforáiltear cheana féin i Rialachán (CE) Uimh. 637/2008. Beidh Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 imithe i léig, dá bhrí sin, amhail ón 1 Eanáir 2014 nó ón 1 Eanáir 2018 i ndáil le Ballstáit a bhfuil clár ceithre bliana nó ocht mbliana acu faoi seach agus ba cheart é a aisghairm dá bhrí sin.

(54)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann scéim shimplí shonrach le haghaidh feirmeoirí beaga a bhunú chun na costais riaracháin a bhaineann le tacaíocht dhíreach a bhainistiú agus a rialú a laghdú. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann íocaíocht cnapshuime a chuirfear in ionad na n-íocaíochtaí díreacha ar fad a bhunú, nó íocaíocht a bheidh bunaithe ar an méid atá dlite do na feirmeoirí gach bliain a bhunú. Ba cheart rialacha a thabhairt isteach chun simpliú mór a dhéanamh ar fhoirmiúlachtaí trí na hoibleagáidí a chuirtear ar fheirmeoirí beaga a laghdú, inter alia, oibleagáidí amhail iad sin a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar thacaíocht, le cleachtais talmhaíochta atá chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil, le tras-chomhlíonadh agus le rialuithe mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, gan gnóthú chuspóirí foriomlána an athchóirithe a chur i mbaol, agus ar an tuiscint go bhfuil feidhm ag reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i ndáil le feirmeoirí beaga. Ba cheart é a bheith mar chuspóir na scéime sin tacú leis an struchtúr talmhaíochta atá ann cheana i bhfeirmeacha beaga an Aontais gan dul i ngleic le forbairt struchtúrtha i dtreo struchtúr níos iomaíche. Ar an gcúis sin, ba cheart, i bprionsabal, rochtain ar an scéim a theorannú do ghabháltais atá ann cheana. Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht feirmeoirí sa scéim roghnach. áfach, d'fhonn cur le tionchar na scéime ó thaobh simplithe de, áfach, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit feirmeoirí áirithe a áireamh sa scéim go huathoibríoch, faoi réir na féidearthachta go bhféadfadh na feirmeoirí sin roghnú gan páirt a ghlacadh inti.

(55)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le coinníollacha a bhunú chun bheith rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga i gcás ina dtiocfaidh athrú ar chás an fheirmeora a bheidh rannpháirteach.

(56)

Ar mhaithe le simpliú agus d'fhonn cás sonrach na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh, ba cheart íocaíochtaí díreacha sna réigiúin sin a bhainistiú laistigh de na cláir tacaíochta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 228/2013. Dá bhrí sin, forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le scéim na híocaíochta bunúsaí agus íocaíochtaí gaolmhara agus le tacaíocht chúpláilte agus le scéim na bhfeirmeoirí beaga, níor cheart feidhm a bheith acu maidir leis na réigiúin sin.

(57)

Tá fógraí ag teastáil ó na Ballstáit chun críche an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun críche faireachán, anailísiú agus bainistíocht a dhéanamh ar na híocaíochtaí díreacha. Chun cur i bhfeidhm ceart na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú agus chun na fógraí sin a thabhairt go gasta, go héifeachtúil, go cruinn, go costéifeachtach agus ar bhealach lena gcloífear le cosaint sonraí pearsanta, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na bearta is gá a bhunú maidir leis na fógraí atá le tabhairt ag na Ballstáit don Choimisiún nó chun seiceáil, rialú, faireachán, meastóireacht agus iniúchóireacht a dhéanamh ar íocaíochtaí díreacha agus chun cloí leis na ceanglais a leagtar síos i gcomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi na comhaontuithe sin agus in dáil le rialacha breise maidir leis an gcineál faisnéise a mbeidh fógra le tabhairt fúithi, leis na catagóirí sonraí atá le próiseáil agus leis an uastréimhse coinneála, leis na cearta rochtana ar an bhfaisnéis nó ar na córais faisnéise agus na coinníollacha atá ann chun an fhaisnéis a fhoilsiú.

(58)

Ba cheart sonraí pearsanta a bhailítear chun críocha íocaíochtaí díreacha a chur i bhfeidhm a phróiseáil ar bhealach a bheidh ag luí leis na críocha sin. Ba cheart freisin na sonraí sin a dhéanamh anaithnid, a comhiomlánú nuair a phróiseáiltear chun críocha faireacháin nó meastóireachta iad, agus ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Ba cheart na daoine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoin bpróiseáil agus faoina gcearta cosanta sonraí.

(59)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus thug sé uaidh tuairim an 14 Nollaig 2011 (20).

(60)

Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 go dtí na socruithe a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na bearta a bhunú is gá chun aon cheart faighte agus ionchais dhlisteanacha feirmeoirí a chosaint.

(61)

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun iomaíocht mhíchothrom nó idirdhealú idir feirmeoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na nithe seo a leanas: an méid atá le háireamh sa chúlchiste náisiúnta speisialta don Chróit leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún a shocrú; an uasteorainn bhliantúil náisiúnta do scéim na híocaíochta bunúsaí a shocrú; rialacha a ghlacadh maidir le hiarratais ar leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta; bearta a ghlacadh maidir le teidlíochtaí neamhghníomhachtaithe íocaíochta a chur ar ais sa chúlchiste náisiúnta; rialacha mionsonraithe a ghlacadh a bhaineann le fógra a thabhairt faoi theidlíochtaí íocaíochta a aistriú chuig na húdaráis náisiúnta agus na spriocdhátaí is gá do na fógraí sin a chomhlíonadh; an uasteorainn bhliantúil náisiúnta don scéim íocaíochta aonair limistéir a shocrú; rialacha a ghlacadh maidir le hiarratais ar leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta a chuirfear isteach sa bhliain ina leithdháiltear teidlíochtaí íocaíochta i gcás ina n-athróidh na Ballstáit chuig scéim na híocaíochta bunúsaí; uasteorainneacha bliantúla don íocaíocht athdháilte a shocrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(62)

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun iomaíocht mhíchothrom nó idirdhealú idir feirmeoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na nithe seo a leanas: rialacha a ghlacadh i ndáil leis an nós imeachta, lena n-áirítear na cláir ama dá dtíolacadh, le haghaidh fhógraí na mBallstát agus an mheasúnaithe ón gCoimisiún maidir le cleachtais chomhionanna; teorainneacha áirithe a ghlacadh faoina measfar go bhfuiltear ag luí leis an oibleagáid chun féarthailte buana a choinneáil;an uasteorainn bhliantúil a leagan síos maidir le híocaíocht i leith cleachtas talmhaíochta atá chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil; an uasteorainn bhliantúil a leagan síos maidir le híocaíocht i leith limistéar a bhfuil srianta nádúrtha iontu; an uasteorainn bhliantúil a leagan síos maidir le híocaíocht d'fheirmeoirí óga. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(63)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun iomaíocht éagórach nó leithcheal idir feirmheoirí a sheachaint, ba cheart freisin cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le: na huasteorainneacha bliantúla a leagan síos maidir leis an tacaíocht chúpláilte dheonach; rialacha a ghlacadh maidir leis an nós imeachta um chinntí a mheasúnú agus a fhormheas faoi chuimsiú na tacaíochta cúpláilte deonaí; rialacha a ghlacadh maidir leis an nós imeachta um údarú agus um fhógra a thabhairt do na táirgeoirí a bhaineann le húdarú na talún agus cineálacha cadáis chun críocha na híocaíochta i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis; rialacha a ghlacadh maidir le ríomh an laghdaithe ar mhéid na híocaíochta i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis; rialacha a ghlacadh i ndáil le ceanglais ghinearálta maidir le modhanna agus fógra a thabhairt; chomh maith le bearta riachtanacha a bhfuil bonn cirt leo a ghlacadh chun fadhbanna sonracha a réiteach i gcás éigeandála. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(64)

Chun teacht ar réiteach ar fhadhbanna práinneacha a tharlaíonn i gceann amháin de na Ballstáit nó níos mó ná sin nuair a chinntítear leanúnachas an chórais íocaíochta dírí, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus ina bhfuil tionchar ag mórchúiseanna práinne ar dheonú tacaíochta agus a chuireann cur chun feidhme éifeachtúil na n-íocaíochtaí faoi na scéimeanna tacaíochta a liostaítear sa Rialachán seo i mbaol.

(65)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir. de bharr na nasc idir an Rialachán seo agus ionstraimí eile CBT, na míréireachtaí idir na ceantair tuaithe éagsúla agus acmhainní airgeadais teoranta na mBallstát in Aontas atá méadaithe, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais trí bhíthin ráthaíocht ilbhliantúil ar mhaoiniú an Aontais agus trí dhíriú ar thosaíochtaí soiléire sainithe, i bhfianaise, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ("CAE"). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(66)

Ós rud é go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 le leanúint de bheith i bhfeidhm in 2014, ba cheart go mbeadh feidhm ag ag Rialachán seo ón 1 Eanáir 2015 go ginearálta. Mar sin féin, le forálacha an Rialacháin seo maidir le solúbthacht idir colúin don fhéidearthacht, foráiltear don fhéidearthacht do na Ballstáit cinntí a ghlacadh agus iad a chur in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2013. Chomh maith leis sin, ceanglaítear le roinnt forálacha eile den Rialachán seo go nglacfaí gníomh roimh 2014. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag na forálacha sin amhail ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(67)

I ngeall ar an bpráinneacht a bhaineann le cur chun feidhme mín na mbeart arna mbeartú a ullmhí, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo:

(a)

comhrialacha maidir le híocaíochtaí a dheonófar go díreach d'fheirmeoirí faoi na scéimeanna tacaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I ("íocaíochtaí díreacha");

(b)

rialacha sonracha maidir le:

(i)

íocaíocht bhunúsach d'fheirmeoirí ("scéim na híocaíochta bunúsaí") agus scéim shimplithe idirthréimhse ("an scéim íocaíochta aonair limistéir");

(ii)

cabhair idirthréimhseach dheonach náisiúnta d'fheirmeoirí;

(iii)

íocaíocht athdháilte dheonach;

(iv)

íocaíocht i gcomhair feirmeoirí a urramóidh cleachtais talmhaíochta a bheidh chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil;

(v)

íocaíocht dheonach i gcomhair feirmeoirí i limistéir a mbeidh srianta sonracha nádúrtha iontu;

(vi)

íocaíocht i gcomhair feirmeoirí óga a bheidh ag dul i mbun gníomhaíochta talmhaíochta den chéad uair;

(vii)

scéim um thacaíocht chúpláilte dheonach;

(viii)

íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis;

(ix)

scéim shimplithe dheonach i gcomhair feirmeoirí beaga;

(x)

creat ina bhféadfaidh an Bhulgáir, an Chróit agusan Rómáin íocaíochtaí díreacha a chomhlánú.

Airteagal 2

Iarscríbhinn I a leasú

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena leasaítear liosta na scéimeanna tacaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, a mhéid is gá chun aon ghníomhartha reachtacha nua maidir le scéimeanna tacaíochta a d'fhéadfaí a ghlacadh tar éis ghlacadh an Rialacháin seo a chur san áireamh.

Airteagal 3

Cur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin is forimeallaí agus maidir leis na hOileáin bheaga Aeigéacha

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 11 maidir leis na réigiúin den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE ("na réigiúin is forimeallaí") agus maidir leis na híocaíochtaí díreacha a dheonaítear sna hOileáin bheaga Aeigéacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.

Ní bheidh feidhm ag Teideal III, Teideal IV agus Teideal V den Rialachán seo maidir leis na réigiúin is forimeallaí.

Airteagal 4

Sainmhínithe agus forálacha gaolmhara

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn "feirmeoir" duine nádúrtha nó dlítheanach, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, beag beann ar an stádas atá bronnta ag an dlí náisiúnta ar ghrúpa den sórt sin agus ar a bhaill, a bhfuil a ghabháltas lonnaithe laistigh de raon feidhme críochach na gConarthaí, mar a sainmhínítear in Airteagal 52 CAE í, in éineacht le hAirteagal 349 agus le hAirteagal 355 CFAE, agus ar duine é nó ar grúpa é atá i mbun gníomhaíochta talmhaíochta;

(b)

ciallaíonn "gabháltas" na haonaid ar fad a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta agus a bhainistítear ag feirmeoir atá lonnaithe laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna;

(c)

ciallaíonn "gníomhaíocht talmhaíochta":

(i)

táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, a thógáil nó a fhás, lena n-áirítear buaint, bleán, ainmhithe a phórú, agus ainmhithe a choinneáil chun críocha feirmeoireachta,

(ii)

limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú gan aon ghníomhaíocht ullmhúcháin a dhéanamh sa bhreis ar ghnáthmhodhanna agus gnáthinnealra talmhaíochta, bunaithe ar na critéir a bhunaítear ag na Ballstáit ar bhonn an chreata a leagfaidh an Coimisiún síos, nó

(iii)

gníomhaíocht íosta, arna sainiú ag na Ballstáit, a dhéanamh ar limistéir talmhaíochta a choimeádtar go nádúrtha i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú;

(d)

ciallaíonn "táirgí talmhaíochta" na táirgí, cé is moite de tháirgí iascaigh, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí, mar aon le cadás;

(e)

ciallaíonn "limistéar talmhaíochta" aon limistéar atá in úsáid mar thalamh arúil, féarthailte buana agus féarthailte buana, nó le haghaidh barr buan;

(f)

ciallaíonn "talamh arúil" talamh a shaothraítear le haghaidh táirgeadh barr nó na limistéir atá ar fáil le haghaidh táirgthe barr ach atá fágtha bán, lena n-áirítear na limistéir sin a fhágtar ar leataobh i gcomhréir le hAirteagal 22, le hAirteagal 30 agus le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999, le hAirteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 agus le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, bíodh an talamh sin faoi thithe gloine nó faoi chlúdach buan nó soghluaiste;

(g)

ciallaíonn "barra buana" barra nach bhfuil de réir uainíochta cé is moite d'fhéarthailte buana agus féarach buan a áitíonn an talamh ar feadh cúig bliana nó níos nó agus a thugann barra bliain i ndiaidh bliana, lena n-áirítear plandlanna agus garrán gearruainíochta;

(h)

ciallaíonn "féarthailte buana agus féarach buan" (dá dtagraítear i dteannta a chéile mar "féarthailte buana") talamh a úsáidtear chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás go nádúrtha (féinsíolaithe) nó a shaothrú (síolaithe) agus nár áiríodh in uainíocht bharr an ghabháltais ar feadh cúig bliana nó níos mó, féadfar a áirithiú leis sin speicis eile amhail toir agus/nó crainn atá in-innilte ar choinníoll gurb iad na féara agus an foráiste luibheach eile a bheidh i gcónaí ceannasach agus i gcás ina gcinneann na Ballstáit amhlaidh, talamh ar a bhféadtar innilt a dhéanamh agus ar talamh é atá mar chuid de chleachtais áitiúla sheanbhunaithe i gcásanna nach bhfuil féara agus foráiste luibheach eile ceannasach i limistéir innilte go traidisiúnta;

(i)

ciallaíonn "féara nó foráiste luibheach eile" gach planda luibheach atá le fáil go traidisiúnta i bhféarthailte nádúrtha nó a áirítear de ghnáth i meascáin de shíolta le haghaidh féarthailte nó móinéar sa Bhallstát, is cuma cé acu a chuirtear ainmhithe ag innilt orthu nó nach gcuirtear;

(j)

ciallaíonn "plandlanna" na limistéir seo a leanas ina mbíonn plandaí óga ligneacha (adhmadacha) ag fás faoin aer agus a thrasphlandaítear ina dhiaidh sin:

plandlanna fíniúnacha agus fréamhstoc,

plandlanna crann torthaí agus caor,

plandlanna ornáideacha,

plandlanna tráchtála crann foraoise, cé is moite de na crainn sin a fhástar don ghabháltas féin laistigh de choillearnach,

plandlanna crann agus tor le cur i ngairdíní, i bpáirceanna, cois bóthair agus ar chlaífoirt, (e.g. plandaí fáil sceach, crainn róis agus toir eile ornáideacha, cónaiféir ornáideacha), lena n-áirítear i ngach cás a gceapa agus a síolphlandaí óga;

(k)

ciallaíonn "garrán gearruainíochta" limistéir ina bhfuil na cineálacha crann dar cód CN 0602 90 41 curtha, atá le sainmhíniú ag na Ballstáit, ar barra adhmadacha, ilbhliantúla iad, agus a bhfanann a bhfréamhstoc nó a mbunáin sa talamh tar éis na buainte, áit a bhfásfaidh buinní nua an séasúr ina dhiaidh agus le huas-timthriall buainte a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit;

(l)

ciallaíonn "díolachán" aon díolachán nó aon aistriú cinntitheach ar úinéireacht ar thalamh nó ar theidlíochtaí íocaíochta; ní áirítear leis díolachán talún i gcás ina n-aistrítear an talamh chuig na húdaráis phoiblí nó i gcás ina mbaintear úsáid as ar mhaithe leis an bpobal agus i gcás ina ndéantar an t-aistriú chun críocha neamhthalmhaíochta;

(m)

ciallaíonn "léas" comhaontú cíosa nó idirbheart sealadach comhchosúil;

(n)

ciallaíonn "aistriú" léas nó díolachán nó oidhreacht iarbhír nó oidhreacht ionchais an talaimh nó teidlíochtaí íocaíochta nó aon aistriú cinntitheach eile; ní chumhdaítear leis aisíoc na dteidlíochtaí nuair a rachaidh an léas in éag.

2.   Déanfaidh na Ballstáit:

(a)

na critéir a leagan síos is gá d'fheirmeoirí a chomhlíonadh chun an oibleagáid maidir le limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú, dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) de mhír 1;

(b)

nuair is iomchuí, i mBallstát, an ghníomhaíocht íosta a shainiú atá le déanamh ar limistéir talmhaíochta a choinnítear go nádúrtha i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú, dá dtagraítear sa tríú fhleasc de phointe (c)(iii) de mhír 1;

(c)

na speicis chrainn atá cáilithe le haghaidh garráin ghearruainíochta a shainiú agus an timthriall buainte uasta a chinneadh i ndáil leis na speicis chrainn sin, dá dtagraítear i bpointe (k) de mhír 1.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, maidir le talamh ar féidir innilt air agus atá mar chuid de chleachtais áitiúla sheanbhunaithe i gcásanna nach bhfuil féara agus foráiste luibheach eile ceannasach i limistéir innilte go traidisiúnta, go measfar an talamh sin mar féarthailte buana, dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1.

3.   Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena mbunaítear:

(a)

an creat ina mbunóidh na Ballstáit na critéir is gá d'fheirmeoirí a chomhlíonadh chun an oibleagáid maidir leis an limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú agus dá dtagraítear sa dara fleasc de phointe (c) de mhír 1 a chomhlíonadh;

(b)

an creat ina ndéanfaidh na Ballstáit an ghníomhaíocht íosta a shainiú atá le déanamh ar limistéir talmhaíochta a choinnítear go nádúrtha i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú, dá dtagraítear sa tríú fhleasc de phointe (c) de mhír 1;

(c)

na critéir lena gcinnfear iomadúlacht féaraigh agus foráiste luibhigh eile agus na critéir lena gcinnfear na cleachtais áitiúla seanbhunaithe dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1.

TEIDEAL II

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE hÍOCAÍOCHTAÍ DÍREACHA

CAIBIDIL 1

Rialacha comhchoiteanna maidir le híocaíochtaí díreacha

Airteagal 5

Forálacha ginearálta an chomhbheartais talmhaíochta

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus na forálacha a ghlactar dá bhun i ndáil leis na scéimeanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Airteagal 6

Uasteorainneacha náisiúnta

1.   Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II í a bheidh an uasteorainn náisiúnta do gach Ballstát agus do gach bliain, a bheidh comhdhéanta de luach iomlán na dteidlíochtaí íocaíochta leithdháilte, den chúlchiste náisiúnta nó de chúlchistí réigiúnacha agus de na huasteorainneacha a shocrófar i gcomhréir le hAirteagail 42, 47, 49, 51 agus 53.

I gcás ina mbainfidh Ballstát leas as an rogha dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 22(2), féadfar dul thar an uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II don Bhallstát sin don bhliain faoi seach go dtí méid a ríomhfar i gcomhréir leis an bhfomhír sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás gach Ballstáit a bhfuil an scéim íocaíochta aonair limistéir á cur i bhfeidhm aige agus do gach bliain, beidh an uasteorainn náisiúnta ina bhfuil na huasteorainneacha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagail 36, 42, 47, 49, 51 agus 53 mar a leagtar amach í in Iarscríbhinn II.

3.   Chun na forbairtí a bhaineann le huasmhéideanna iomlána na n-íocaíochtaí díreacha is féidir a dheonú a chur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a thiocfaidh as na cinntí atá le déanamh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 agus as cur i bhfeidhm in Airteagal 20(2), tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena ndéantar na huasteorainneacha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú.

Airteagal 7

Glan-uasteorainneacha

1.   Gan dochar d'Airteagal 8, méid iomlán na n-íocaíochtaí díreacha a fhéadfar a dheonú i mBallstát de bhun Theideal III, Theideal IV ná Theideal V in aon bhliain féilire amháin, tar éis Airteagal 11 a chur i bhfeidhm, ní bheidh sé níos mó ná na huasteorainneacha comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

I gcás ina mbeadh méid iomlán na n-íocaíochtaí díreacha a bheidh le deonú i mBallstát níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, déanfaidh an Ballstát sin laghdú líneach ar mhéideanna na n-íocaíochtaí díreacha ar fad, cé is moite de na híocaíochtaí díreacha a dheonaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 228/2013 agus Rialachán (CE) Uimh. 229/2013.

2.   I gcás gach Ballstáit agus do gach bhliain féilire, an táirgeadh measta ar an laghdú ar íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 (a léirítear sa difríocht idir na huasteorainneacha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena gcuirtear an méid atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 58, agus na glan-uasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III) cuirfear ar fáil é mar thacaíocht ón Aontas do bhearta faoi chláreagrú forbartha tuaithe a mhaoinítear faoin gCiste Eorpach Talmhaío chta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

3.   Chun na forbairtí a bhaineann le huasmhéideanna iomlána na n-íocaíochtaí díreacha is féidir a dheonú a chur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a thiocfaidh as na cinntí atá le déanamh ag Ballstáit de bhun Airteagal 14, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 chun na huasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a oiriúnú.

Airteagal 8

Smacht airgeadais

1.   Ní bheidh feidhm ag an ráta coigeartaithe a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ach amháin maidir le híocaíochtaí díreacha ar mó iad ná EUR 2 000 a bheidh le deonú d'fheirmeoirí sa bhliain ábhartha féilire.

2.   Mar thoradh ar íocaíochtaí díreacha a thabhairt isteach de réir a chéile, dá bhforáiltear in Airteagal 16, beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir leis an mBulgáir agus an Rómáin ón 1 Eanáir 2016 amach.

Mar thoradh ar íocaíochtaí díreacha a thabhairt isteach de réir a chéile, dá bhforáiltear in Airteagal 16a, beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir leis an gCróit ón 1 Eanáir 2022 amach.

3.   D'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach cuí na coigeartuithe ar na híocaíochtaí díreacha maidir le smacht airgeadais, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena leagtar síos rialacha maidir leis an mbonn le haghaidh ríomh na laghduithe a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir le feirmeoirí de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

4.   I gcás duine dhlítheanaigh, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, féadfaidh na Ballstáit an ráta coigeartaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ar leibhéal chomhaltaí na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha sin i gcás ina bhforálfar leis an dlí náisiúnta do chearta agus d'oibleagáidí na gcomhaltaí aonair atá inchomparáide le cearta feirmeoirí aonair atá i gceannas ar ghabháltas, go háirithe maidir lena stádas eacnamaíoch, sóisialta agus cánach, ar an gcoinníoll gur chuidigh siad le struchtúir thalmhaíochta na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha lena mbaineann a neartú.

Airteagal 9

Feirmeoir gníomhach

1.   Ní dhéanfar aon íocaíochtaí díreacha a dheonú do dhaoine nádúrtha ná do dhaoine dlítheanacha, ná do ghrúpaí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ar limistéir iad a limistéir talmhaíochta a choinnítear go nádúrtha, den chuid is mó, i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú agus nach ndéanann siad sna limistéir sin an ghníomhaíocht íosta arna sainiú ag na Ballstáit i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 4(2).

2.   Ní dhéanfar aon íocaíocht dhíreach a dheonú do dhaoine nádúrtha ná do dhaoine dlítheanacha, ná do ghrúpaí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha i gcás ina mbeidh aerfoirt, seirbhísí iarnróid, oibreacha uisce, seirbhísí eastáit réadaigh, ionaid bhuana spóirt agus áineasa á n-oibriú acu.

Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, aon ghnólacht nó aon ghníomhaíocht chomhchosúil neamhthalmhaíochta eile a liostaítear sa chéad fhomhír a chur leis an liosta sin, agus féadfaidh siad a chinneadh ina dhiaidh sin na gnólachtaí nó na gníomhaíochtaí sin a tharraingt siar.

Breathnófar ar dhuine nó ar ghrúpa de dhaoine a a thagann faoi raon feidhme na chéad fhomhíre nó na dara fhomhíre mar fheirmeoir gníomhach, áfach, má fhéadtar fianaise infhíoraithe a chur ar fáil, i bhfoirm a éilíonn na Ballstáit, lena léirítear aon cheann de an nithe seo a leanas:

(a)

gurb ionann ar a laghad 5 % d'iomlán na bhfáltas ar fad a fuarthas ó ghníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta sa bhliain fhioscach is déanaí a bhfuil fianaise mar sin ar fáil ina leith méid bliantúil na n-íocaíochtaí díreacha;

(b)

go bhfuil na gníomhaíochtaí talmhaíochta a dhéantar suntasach;

(c)

gurb ionann an príomhghnó nó cuspóirí an ghnó agus gníomhaíocht talmhaíochta a fheidhmiú.

3.   I dteannta mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach nach ndéanfar aon íocaíocht dhíreach a dheonú do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó do ghrúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha:

(a)

nach ionann a ngníomhaíochtaí talmhaíochta ach cuid an-bheag dá ngníomhaíochtaí eacnamaíocha foriomlána, agus/nó

(b)

nach gníomhaíocht thalmhaíochta é a bpríomhghníomhaíocht agus nach é cuspóir a ngnó é.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 ach maidir le feirmeoirí nach bhfuair íocaíochtaí díreacha nach raibh níos mó ná suim áirithe don bhliain roimhe sin. Cinnfidh na Ballstáit an tsuim sin ar bhonn critéar oibiachtúil amhail a gcuid tréithe náisiúnta nó réigiúnacha agus ní bheidh sí níos airde ná EUR 5 000.

5.   Chun cosaint chearta na bhfeirmeoirí a ráthú, Culmhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lna leagfar síos:

(a)

na critéir lena gcinnfear na cásanna ina measfar limistéar talmhaíochta feirmeora a bheith, den chuid is mó ina limistéar a choimeádtar go nádúrtha i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú;

(b)

na critéir chun idirdhealú a dhéanamh idir fáltais ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta agus ó ghníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta;

(c)

na critéir chun méid na n-íocaíochtaí díreacha a shuíomh dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4, go háirithe maidir le teidlíochtaí íocaíochta sa chéad bhliain de leithdháileadh na dteidlíochtaí íocaíochta i gcás nach bhfuil luach na dteidlíochtaí íocaíochta bunaithe go cinntitheach fós, agus maidir le teidlíochtaí íocaíochta na critéir d'fheirmeoirí nua;

(d)

na critéir atá le comhlíonadh ag feirmeoirí lena chruthú chun críoch mhír 2 agus mhír 3 go bhfuil a ngníomhaíochtaí talmhaíochta suntasach agus gurb ionann a bpríomhghnó nó cuspóir a ghnó agus gníomhaíocht talmhaíochta a fheidhmiú.

6.   Cuirfidh na Ballstáit aon chinneadh dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4 in iúl don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2014 agus, i gcás ina ndéanfar leasuithe, laistigh de dhá sheachtain ón dáta ar a ndéarnadh aon chinneadh chun leasú a dhéanamh.

Airteagal 10

Íoscheanglais chun íocaíochtaí díreacha a fháil

1.   Cinnfidh na Ballstáit cé acu de na cásanna seo a leanas nach ndeonfar íocaíochtaí díreacha d'fheirmeoirí:

(a)

i gcás inar lú ná EUR 100 méid iomlán na n-íocaíochtaí díreacha a éileofar nó a bheidh le deonú i mbliain féilire áirithe sula ndéanfar Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a chur i bhfeidhm;

(b)

i gcás inar lú ná heicteár amháin limistéar incháilithe an ghabháltais a mbeidh íocaíochtaí díreacha á n-éileamh nó le deonú ina leith sula ndéanfar Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a chur i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh na Ballstáit na tairseacha a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 a choigeartú, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, chun struchtúr a ngeilleagar talmhaíochta a chur san áireamh.

3.   I gcás Ballstáit a chinn tairseach limistéir a chur i bhfeidhm de bhun phointe (b) de mhír 1, cuirfidh siad pointe (a) den mhír sin i bhfeidhm mar sin féin i gcás na bhfeirmeoirí sin a gheobhaidh an tacaíocht chúpláilte a bhaineann le hainmhithe dá dtagraítear i dTeideal IV a mbeidh níos lú heicteár ar seilbh acu ná an tairseach limistéir.

4.   Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin is forimeallaí agus maidirleis na hoileáin bheaga Aeigéacha.

5.   I gcás na Bulgáire agus na Rómáine, sa bhliain 2015, déanfar an méid a éilítear nó atá le deonú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a ríomh ar bhonn an méid a leagtar amach i bpointe A de d'Iarscríbhinn V.

I gcás na Cróite, sna blianta 2015-2021, déanfar an méid a éilítear nó atá le deonú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1a ríomh ar bhonn an méid a leagtar amach i bpointe A d'Iarscríbhinn VI.

Airteagal 11

Laghdú ar na híocaíochtaí

1.   Déanfaidh Ballstáit méid na n-íocaíochtaí díreacha atá le deonú d'fheirmeoir de bhun Chaibidil 1 de Theideal III do bhliain féilire áirithe a laghdú faoi ar a laghad 5 % don chuid den tsuim atá os cionn EUR 150 000.

2.   Sula gcuirfear mír 1 i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit na tuarastail a bhaineann le gníomhaíocht thalmhaíochta a d'íoc agus a dhearbhaigh an feirmeoir iarbhír an bhliain féilire roimhe sin, lena n-áirítear cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta a bhaineann le fostaíocht, a bhaint ó mhéid iomlán na n-íocaíochtaí díreacha a bheidh le deonú d'fheirmeoir de bhun Chaibidil 1 de Theideal III i mbliain féilire faoi leith. I gcás nach mbeidh sonraí ar bith ar fáil i dtaobh na dtuarastal a d'íoc agus a dhearbhaigh an feirmeoir sa bhliain féilire roimhe sin, úsáidfear na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil.

3.   I gcás ina gcinneann Ballstát íocaíocht athdháilte a dheonú d'fheirmeoirí de bhun Chaibidil 2 de Theideal III agus os cionn 5 % den uasteorainn bhliantúil náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II chun na críche sin a úsáid;féadfaidh siad a chinneadh gan an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

I gcás ina gcinneann Ballstát íocaíocht athdháilte a dheonú d'fheirmeoirí de bhun Chaibidil 2 de Theideal III i gcás ina gcoiscfear na Ballstáit sin os cionn 5 % den uasteorainn bhliantúil náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II chun na críche sin a úsáid féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

4.   Ní dheonófar aon bhuntáiste trí bhíthin laghdú na híocaíochta a sheachaint i bhfabhar feirmeoirí a mbeidh sé suite ina leithgur chruthaigh siad, tar éis an 18 Deireadh Fómhair 2011, na coinníollacha go saorga chun éifeachtaí an Airteagail seo a sheachaint.

5.   I gcás duine dhlítheanaigh, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, féadfaidh na Ballstáit an laghdú dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar leibhéal chomhaltaí na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha sin i gcás ina bhforálfar leis an dlí náisiúnta do chearta agus d'oibleagáidí na gcomhaltaí aonair atá inchomparáide le cearta feirmeoirí aonair atá stádas cheann an ghabháltas acu, go háirithe maidir lena stádas eacnamaíoch, sóisialta agus cánach, ar choinníoll gur chuidigh siad struchtúir thalmhaíochta na ndaoine nó na ngrúpaí dlíthiúla lena mbaineann a neartú.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2014 faoi aon chinntí a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus faoi aon táirgeadh measta laghduithe do na blianta 2015 go 2019.

Airteagal 12

Éilimh iolracha

An limistéar a fhreagróidh do líon na heicteár incháilithe ar chuir feirmeoir iarratas ar íocaíocht bhunúsach isteach ina leith de bhun Chaibidil 1 de Theideal III, féadfaidh sé a bheith ina ábhar iarratais ar aon íocaíocht dhíreach eile nó ar aon chabhair eile nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, ach amháin má dhéantar foráil shainráite dá mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 13

Státchabhair

De mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, ag Airteagal 108 ná ag Airteagal 109 CFAE maidir le híocaíochtaí a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 14

Solúbthacht idir cholúin

1.   Faoin 31 Nollaig 2013, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh suas le 15 % dá n-uasteorainneacha náisiúnta bliantúla don bhliain féilire 2014 a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 73/2009 agus dá n-uasteorainneacha náisiúnta bliantúla do na blianta féilire 2015 go 2019 a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo iad a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise do bhearta faoi chláreagú forbartha tuaithe a mhaoineofar faoi CETFT mar a shonraítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Dá bhrí sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le híocaíochtaí díreacha a dheonú.

Cuirfear in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2013 an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Leagfar amach leis an gcinneadh sin an céatadán dá dtagraítear san fhomhír sin agus féadfaidh sin athrú de réir na bliana féilire.

Maidir leis na Ballstáit nach ndéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ndáil leis an mbliain féilire 2014, féadfaidh siad, roimh an 1 Lúnasa 2014, an cinneadh sin a ghlacadh, i ndáil leis na blianta féilire 2015 go 2019,. Tabharfaidh siad fógra ina leith don Choimisiún faoin dáta sin.

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sa mhír seo le héifeacht ón mbliain féilire 2018. Ní bheidh laghdú ar an gcéatadán a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír mar thoradh ar aon chinntí a bheidh bunaithe ar athbhreithniú den sórt sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chinntí a bheidh bunaithe ar athbhreithniú den sórt sin i ndáil leis an athbhreithniú faoin 1 Lúnasa 2017.

2.   Faoin 31 Nollaig 2013, féadfaidh Ballstáit nach ndéanann an cinneadh dá dtagraítear i mhír 1, cinneadh suas le 15 % a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha, nó i gcás na dtíortha seo: an Bhulgáir, an Eastóin, an Spáinn, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Fhionlainn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe, cinneadh a dhéanamh suas le 25 % den mhéid a leithdháiltear mar thacaíocht do na bearta faoin gcláreagú forbartha tuaithe a mhaoineofar faoi CETFT don tréimhse 2015-2020 mar a shonraítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha faoin Rialachán seo. Dá bhrí sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le haghaidh beart tacaíochta faoi chláreagrú forbartha tuaithe.

Cuirfear an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2013. Leagfar amach leis an gcinneadh sin an céatadán dá dtagraítear san fhomhír sin agus féadfaidh sin athrú de réir na bliana féilire.

Maidir leis na Ballstáit nach ndéanann an cinneadh dá tagraítear sa chéad fhomhír i ndáil leis an mbliain airgeadais 2015, féadfaidh siad, faoin 1 Lúnasa 2014, an cinneadh sin a dhéanamh i ndáil leis na blianta airgeadais 2016-2020,. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún i leith aon chinntí den sórt sin faoin dáta sin.

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí sa mhír seo le héifeacht ón mbliain airgeadais 2019 agus ón mbliain airgeadais 2020. Ní bheidh laghdú ar an gcéatadán a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír mar thoradh ar aon chinneadh a bheidh bunaithe ar athbhreithniú den sórt sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chinntí den sórt sin i ndáil le haon chinneadh a bheidh bunaithe ar athbhreithniú den sórt sin faoin 1 Lúnasa 2017.

Airteagal 15

Athbhreithniú

Beidh feidhm ag na scéimeanna tacaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I gan dochar d'athbhreithniú a fhéadfaí a dhéanamh tráth ar bith i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha agus an tsuímh bhuiséadaigh. Is féidir gurb é a bheidh mar thoradh ar an athbhreithniú sin go nglacfar gníomhartha reachtacha, gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 290 CFAE no gníomhartha cur chun feidhme faoi Airteagal 291.

CAIBIDIL 2

Forálacha atá infheidhme maidir leis an mBulgáir, an gCróit agus an Rómáin

Airteagal 16

Íocaíochtaí díreacha a thabhairt isteach de réir a chéile sa Bhulgáir agus sa Rómáin

I gcás na Bulgáire agus na Rómáine, bunófar uasteorainneacha náisiúnta na n-íocaíochtaí arna socrú i gcomhreir le hAirteagail 42, 47, 49, 51, 53 agus 65 don bhliain2015 ar bhonn an méid a leagtar amach i bpointe A d'Iarscríbhinn V.

Airteagal 17

Íocaíochtaí díreacha á dtabhairt isteach de réir a chéile sa Chróit

Sa Chróit, tabharfar íocaíochtaí díreacha isteach de réir an sceidil seo a leanas d'incrimintí a chuirtear in iúl mar chéatadán de leibhéal comhfhreagrach na n-íocaíochtaí díreacha a chuirfear i bhfeidhm ó 2022 amach:

 

25 % sa bhliain 2013,

 

30 % sa bhliain 2014,

 

35 % sa bhliain 2015,

 

40 % sa bhliain 2016,

 

50 % sa bhliain 2017,

 

60 % sa bhliain 2018,

 

70 % sa bhliain 2019,

 

80 % sa bhliain 2020,

 

90 % sa bhliain 2021,

 

100 % ó 2022.

Airteagal 18

Íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha agus íocaíochtaí díreacha sa Bhulgáir agus sa Rómáin

1.   In 2015, féadfaidh an Bhulgáir agus an Rómáin íocaíochtaí díreacha náisiúnta a úsáid chun íocaíochtaí a dheonófar faoi scéim na híocaíochta bunúsaí dá dtagraítear i Roinn 1, Roinn 2 agus Roinn 3 de Chaibidil 1 de Theideal III a chomhlánú Ní bheidh méid iomlán na n-íocaíochtaí sin níos mó ná an méid ábhartha a leagtar amach i bpointe B d'Iarscríbhinn V.

2.   In 2015, féadfaidh an Bhulgáir íocaíochtaí díreacha náisiúnta a úsáid chun íocaíochtaí a dheonófar faoin íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Theideal IV a chomhlánú. Ní bheidh méid iomlán na n-íocaíochtaí sin níos mó ná an méid a leagtar amach i bpointe C d'Iarscríbhinn V.

3.   Deonófar íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus ar bhealach a áiritheoidh go gcaithfear go cothrom le gach feirmeoir agus go seachnófar saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht.

Airteagal 19

Íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha don Chróit

1.   Faoi réir a údaraithe ón gCoimisiún, féadfaidh an Chróit aon cheann de na scéimeanna tacaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhlánú i gcás inarb ábhartha.

2.   Cuirfidh imchlúdach sonrach airgeadais teorainn le méid na n-íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha is féidir a dheonú i mbliain ar leith do scéim tacaíochta ar leith. Is ionann an t-imchlúdach seo agus an difríocht idir:

(a)

méid na tacaíochta dírí atá ar fáil do gach scéim tacaíochta lena mbaineann tar éis tabhairt isteach iomlán íocaíochtaí díreacha i gcomhréir le hAirteagal 17, don bhliain féilire 2022 agus

(b)

méid na tacaíochta dírí atá ar fáil do gach scéim tacaíochta lena mbaineann tar éis sceideal na n-incrimintí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 17 don bhliain féilire lena mbaineann.

3.   Ní bheidh méid iomlán na n-íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha a dheonófar níos mó ná an uasteorainn a leagtar amach i bpointe B d'Iarscríbhinn VI do bhliain chomhfhreagrach féilire.

4.   Féadfaidh an Chróit cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus tar éis údarú ón gCoimisiún, maidir le méideanna na n-íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha atá le deonú.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena n-údárófar na híocaíochtaí faoin Airteagal seo, lena sonrófar na scéimeanna tacaíochta ábhartha, agus lena saineofar an t-uasleibhéal ag a bhféadfar íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha a íoc.

Maidir le híocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha atá beartaithe an tacaíocht chúpláilte dheonach dá dtagraítear i gCaibidil 1 de Theideal IV a chomhlánú, sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme freisin na cineálacha sonracha feirmeoireachta nó na hearnálacha sonracha talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 52(3) lena bhféadfaidh na híocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha a bheith bainteach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadhr gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 71(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

6.   Beidh na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha don Chróit comhionann leis na coinníollacha le haghaidh tacaíochta faoi scéimeanna tacaíochta comhfhreagracha mar a leagtar amach sa Rialachán seo.

7.   Beidh íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha don Chróit faoi réir aon choigeartuithe a d'fhéadfadh a bheith riachtanach de bharr forbairtí ar CBT. Deonófar iad i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus ar bhealach a áiritheoidh go gcaithfear go cothrom le gach feirmeoir agus go seachnófar saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht.

8.   Cuirfidh an Chróit tuarascáil isteach ina mbeidh faisnéis faoi na bearta maidir leis na híocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha a chur chun feidhme, faoin 30 Meitheamh na bliana tar éis a gcur chun feidhme. Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:

(a)

aon athrú ar an staid a dhéanann difear do na híocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha;

(b)

i gcás gach íocaíochta dírí náisiúnta comhlántaí, líon na dtairbhithe, méid iomlán nan-íocaíochta dírigh náisiúnta comhlántaí a deonaíodh mar aon le líon na heicteár, na n-ainmhithe nó aonad eile ar deonaíodh an íocaíocht dhíreach náisiúnta comhlántach sin dóibh;

(c)

tuarascáil maidir le bearta rialaithe a chuirfear i bhfeidhm i ndáil leis na híocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha a dheonófar.

Airteagal 20

Cúlchiste náisiúnta speisialta don Chróit leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún

1.   Ó 2015 amach, tabharfaidh an Chróit fógra don Choimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain maidir leis na limistéir a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 57a(10) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus atá in úsáid arís chun críoch talmhaíochta sa bhliain féilire roimhe sin.

Tabharfaidh an Chróit fógra freisin don Choimisiún faoi líon na dteidlíochtaí íocaíochta a bhí ar fáil d'fheirmeoirí an 31 Nollaig den bhliain féilire roimhe sin, agus faoin méid den chúlchiste náisiúnta speisialta leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún atá fágtha gan chaitheamh ar an dáta céanna sin.

Más infheidhme, déanfar na fógraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír de réir an réigiúin mar atá sainithe i gcomhréir le hAirteagal 23(1) den Rialachán seo.

2.   Agus Iarscríbhinn II á oiriúnú de bhun Airteagal 6(3) aige, ríomhfaidh an Coimisiún ar bhonn bliantúil an méid atá le cur leis na méideanna atá socraithe don Chróit san Iarscríbhinn sin, chun an tacaíocht atá le deonú faoi na scéimeanna a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhaoiniú do na limistéir dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo. Ríomhfar an méid sin ar bhonn na sonraí a dtugann an Chróit fógra ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, agus ar bhonn na meáníocaíochtaí díreacha measta in aghaidh an heicteáir sa Chróit don bhliain lena mbaineann.

EUR 9 600 000 a bheidh san uasmhéid atá le cur leis na méideanna sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ar bhonn na limistéar ar fad a dtugann an Chróit fógra ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo suas go dtí 2022, agus beidh an méid sin faoi réir an sceidil maidir le tabhairt isteach íocaíochtaí díreacha i gcomhréir le hAirteagal 17. Leagtar amach na huasmhéideanna bliantúla a bheidh mar thoradh ar an méid sin in Iarscríbhinn VII.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar an méid atá le cur leis na méideanna sin i gcomhréir le mír 2, a chuirfidh an Chróit san áireamh sa chúlchiste náisiúnta speisialta leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún chun na teidlíochtaí íocaíochtaí a leithdháileadh do na limistéir dá dtagraítear i mhír 1. Ríomhfar an sciar sin ar bhonn an chóimheasa idir uasteorainn scéim na híocaíochta bunúsaí agus an uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II sula gcuirfear leis an uasteorainn náisiúnta i gcomhréir le mír 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

4.   I gcás na mblianta 2015 go dtí 2022, bainfidh an Chróit úsáid as an gcúlchiste náisiúnta leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún chun teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh ar fheirmeoirí ar bhonn talún a glanadh de mhianaigh talún a fhógróidh na feirmeoirí sa bhliain i dtrácht i gcás:

(a)

go bhfuil an talamh sin incháilithe de réir bhrí Airteagal 32(2) go (5),

(b)

go raibh an talamh i dtrácht in úsáid arís chun críoch talmhaíochta le linn na bliana féilire roimhe sin; agus

(c)

go bhfuil fógra faoin talamh curtha chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

5.   Is ionann luach na dteidlíochtaí íocaíochta a bhunaítear faoin Airteagal seo agus meánluach náisiúnta nó réigiúnach na dteidlíochtaí íocaíochta i mbliain an leithdháilte laistigh de theorainneacha an mhéid atá ar fáil sa chúlchiste náisiúnta speisialta leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún.

6.   Chun iarmhairtí a bhaineann le talamh ar glanadh na mianaigh talún di agus atá in úsáid arís anois chun críoch talmhaíochta a chur san áireamh, de réir mar a chuir an Chróit sin in iúl i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 agus na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinn VI á n-oiriúnú.

TEIDEAL III

SCÉIM NA hÍOCAÍOCHTA BUNÚSAÍ, AN SCÉIM ÍOCAÍOCHTA AONAIR LIMISTÉIR AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ GAOLMHARA

CAIBIDIL 1

Scéim na híocaíochta bunúsaí agus an scéim íocaíochta aonair limistéir

Roinn 1

Scéim na híocaíochta bunúsaí a bhunú

Airteagal 21

Teidlíochtaí íocaíochta

1.   Beidh tacaíocht ar fáil d'fheirmeoirí faoi scéim na híocaíochta bunúsaí:

(a)

má fhaigheann siad teidlíochtaí íocaíochta faoin Rialachán seo trí leithdháileadh de bhun Airteagal 17b(4), tríd an gcéad leithdháileadh de bhun Airteagal 24 nó Airteagal 39, trí leithdháileadh ón gcúlchiste náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha de bhun Airteagal 30, nó trí aistriú de bhun Airteagal 34; nó

(b)

má chloíonn siad le hAirteagal 9 agus má tá teidlíochtaí íocaíochtaí acu, ar leo iad nó atá ar léas, i mBallstát a chinn, i gcomhréir le mír 3, na teidlíochtaí íocaíochta atá aige cheana a choimeád.

2.   An 31 Nollaig 2014, rachaidh teidlíochtaí íocaíochta a fhaightear faoin scéim íocaíochta aonair i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 in éag.

3.   De mhaolú ar mhír 2, na Ballstáit a bhunaigh scéim na híocaíochta bunúsaí i gcomhréir le Roinn I de Chaibidil 5 de Theideal III nó le Caibidil 6 de Theideal III de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 nó le Caibidil 3 de Theideal III de Rialachán (CE) Uimh 73/2009, féadfaidh siad a chinneadh, faoin 1 Lúnasa 2014, na teidlíochtaí íocaíochta atá ann cheana a choimeád. Cuirfidh siad aon chinneadh den sórt sin in iúl don Choimisiún faoin dáta sin.

4.   Maidir leis na Ballstáit a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 i bhfeidhm, maidir le líon na dteidlíochtaí íocaíochta ar leo iad nó atá ar léas acu a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus a bheidh ag feirmeoir ar an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach a bheidh le socrú i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 78 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, má tá sé os cionn líon na heicteár incháilithe a dhearbhóidh an feirmeoir ina iarratas ar chabhair i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 don bhliain 2015 agus a bheidh ar fáil aige ar dháta a shocróidh an Ballstát nach mbeidh níos déanaí ná an dáta a shocrófar sa Bhallstát sin chun an t-iarratas sin ar chabhair a leasú, rachaidh líon na dteidlíochtaí íocaíochta a bheidh os cionn líon na heicteár incháilithe in éag ar an dáta deireanach sin.

Airteagal 22

Uasteorainn scéim na híocaíochta bunúsaí

1.   Glacfaidh an Coimisiún, i gcás gach Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme, an uasteorainn náisiúnta bhliantúil do scéim na híocaíochta bunúsaí trí na huasteorainneacha a a shocrófari gcomhréir le hAirteagail 42, 47, 49, 51 agus 53 a bhaint ón uasteorainnnáisiúnta bhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

2.   I gcás gach Ballstát, féadfaidh an méid a ríomhtar i gcomhréir le fomhír 1 den Airteagal seo a ardú céatadán d'uasmhéid 3 % den uasteorainn bhliantúil náisiúnta ábhartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II í tar éis an méid atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 47(1) don bhliain ábhartha a bhaint. I gcás ina gcuirfidh Ballstát méadú den sort sin i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún ardú den chineál sin san áireamh agus an uasteorainn náisiúnta bhliantúil á socrú le haghaidh scéim na híocaíochta bunúsaí de bhun fhomhír 1 den Airteagal seo. Chuige sin, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin 1 Lúnasa 2014 faoi na céatadáin bhliantúla faoina n-ardófar an méid a ríomhadh de bhun na céad mhír demn Rialachá seo.

3.   Féadaidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn bliantúla agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a bheidh bunaithe ar athbhreithniú den chineál sin faoin 1 Lúnasa sa bhliain roimh dóibh an cinneadh a chur i bhfeidhm.

4.   I gcás gach Ballstáit agus gach bliana beidh luach na dteidlíochtaí íocaíochta ar fad móide luach an chúlchiste náisiúnta nó na gcúlchistí réigiúnacha cothrom leis an uasteorainn bliantúil náisiúnta a ghlacfaidh an Coimisiún de bhun mhír 1.

5.   Más rud é go bhfuil an uasteorainn a shocraigh an Coimisiún do Bhallstát de bhun mhír 1 difriúil ó uasteorainn na bliana roimhe sin de bharr aon chinnidh a ghlac an Ballstát sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, leis an tríú agus ceathrú fomhír d'Airteagal 14(1), leis an tríú agus ceathrú fomhír d'Airteagal 14(2), Airteagal 42(1), an dara fomhír d'Airteagal 49(1), an dara fomhír d'Airteagal 51(1), nó Airteagal 53, déanfaidh an Ballstát laghdú nó méadú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta ar fad chun a áirithiú go gcomhlíontar mír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 23

Leithdháileadh réigiúnach na n-uasteorainneacha náisiúnta

1.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, faoin 1 Lúnasa 2014, scéim na híocaíochta bunúsaí a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach. I gcásanna den sórt sin, saineoidh siad na réigiúin i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, amhail a dtréithe agranamaíocha agus socheacnamaíocha agus a gcumas ó thaobh talmhaíochta réigiúnaí de nó a struchtúr institiúideach nó riaracháin.

Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil Airteagal 36 á chur i bhfeidhm acu an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh faoin 1 Lúnasa den bhliain roimh chéad bhliain chur chun feidhme scéime na híocaíochta bunúsaí.

2.   Roinnfidh na Ballstáit an uasteorainn náisiúnta bliantúil do scéim na híocaíochta bunúsaí dá dtagraítear in Airteagal 22(1) idir na réigiúin i gcomhréir le critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha.

Déanfaidh na Ballstáit nach bhfuil Airteagal 30(2) á cur i bhfeidhm acu, an roinnt sin tar éis an laghdú líneach dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) a chur i bhfeidhm.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh na huasteorainneacha réigiúnacha faoi réir modhnuithe bliantúla de réir a chéile i gcomhréir le bearta bliantúla réamhbhunaithe agus le critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha amhail an cumas talmhaíochta nó critéir chomhshaoil.

4.   Déanfaidh na Ballstáit laghdú líneach nó méadú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta i ngach réigiún ábhartha a mhéad is gá chun na huasteorainneacha réigiúnacha is infheidhme a chinnfear i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 a urramú.

5.   Féadfaidh na Ballstát a mbeidh mír 1 á cur i bhfeidhm acu a chinneadh deireadh a chur le feidhmiú scéim na híocaíochta bunúsaí ar an leibhéal réigiúnach amhail ó dháta a leagfaidh siad síos.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit a mbeidh an chéad fhomhír de mhír 1 á cur i bhfeidhm acu fógra don Choimisiún faoin gcinneadh dá dtagraítear san fhomhír sin agus faoi na bearta a ghlactar chun mír 2 agus mír 3 a chur i bhfeidhm faoin 1 Lúnasa 2014.

Na Ballstáit a mbeidhan dara fomhír d'Airteagal 28c á chur i bhfeidhm acu, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, faoi aon chinneadh dá dtagraítear san fhomhír sin agus faoi na bearta a ghlactar chun mír 2 agus mír 3 a chur i bhfeidhm faoin 1 Lúnasa den bhliain ábhartha.

Tabharfaidh na Ballstáit a mbeidh mír 1 á cur i bhfeidhm acu fógra don Choimisiún maidir le haon chinneadh dá dtagraítear i mír 5 faoi 1 Lúnasa den bhliain roimh chéad bhliain chur chun feidhme an chinnidh sin.

Airteagal 24

Na teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh den chéad uair

1.   Leithdháilfear teidlíochtaí íocaíochta ar fheirmeoirí atá i dteideal íocaíochtaí díreacha i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seoar choinníoll:

(a)

go gcuireann siad iarratas isteach ar leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta faoi scéim na híocaíochta bunúsaí faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach in 2015 a shocrófar i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 78 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ach amháin i gcás force majeure nó […]imthosca eisceachtúla;agus

(b)

go bhfuil siad i dteideal íocaíochtaí a fháil sula ndéanfar aon laghdú nó eisiamh dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, i ndáil le hiarratas ar chabhair d'íocaíochtaí díreacha nó ar chabhair náisiúnta idirthréimhseach nó ar íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 do 2013.

Ní bheidh feidhm ag an an gcéad fhomír sna Ballstáit a mbeidh Airteagal 21(3) á chur i bhfeidhm acu.

Féadfaidh Ballstáit íocaíochtaí díreacha a leithdháileadh ar fheirmeoirí ata i dteideal íocaíochtaí díreacha i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, ar fheirmeoirí iad a chomhlíonann an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (a) den chéad fhomhír agus:

(a)

ar fheirmeoirí iad nach bhfuair íocaíochtaí do 2013, i ndáil le hiarratas ar chabhair mar a thagraítear dó sa chéad fhomhír den Airteagal seo agus a tháirg, i mBallstáit a mbeidh an scéim íocaíochta aonair á cur i bhfeidhm acu, torthaí, glasraí, prátaí margaidh, prátaí síl, plandaí ornáideacha, faoin dáta a shocraigh an Ballstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún (22) don bhliain éilithe 2013:

(i)

sna Ballstáit a mbeidh an scéim íocaíochta aonair limistéir á cur i bhfeidhm acu;

torthaí, glasraí, prátaí margaidh, prátaí síl nó plandaí ornáideacha a táirgíodh ar íoslimistéar a thabharfar in heicteáir, agus má chinneann an Ballstát lena mbaineann ceanglas den sórt sin a ghlacadh, nó

fíonghoirt a saothraíodh; nó

(ii)

sna Ballstáit a mbeidh an scéim íocaíochta aonair limistéir á cur i bhfeidhm acu, nach raibh ach talamh talmhaíochta a nach raibh i riocht maith talmhaíochta an 30 Meitheamh 2003 faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 124(1) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009;

(b)

ar fheirmeoirí a leithdháilfear teidlíochtaí íocaíochta orthu in 2014 ón gcúlchiste náisiúnta faoin scéim íocaíochta aonair de bhun Airteagal 41 nó Airteagal 57 de Rialachán (CE) 73/2009; nó

(c)

ar fheirmeoirí nach bhfuair riamh teidlíochtaí íocaíochta a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 nó Rialachán 1782/2003 agus a chuir isteach fianaise infhíoraithe gur tháirg siad, gur thóg nó gur fhás siad, faoin dáta a shocraigh an Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 don bhliain éilithe 2013, táirgí talmhaíochta, lena n-áirítear trí bhuaint, trí bhleán, trí ainmhithe a phórú, agus trí ainmhithe a choinneáil chun críocha feirmeoireachta. Féadfaidh na Ballstáit a gcuid critéar incháilitheachta oibiachtúil neamh-idirdhealaitheach breise féin a bhunú don chatagóir sin feirmeoirí ó thaobh na scileanna iomchuí, na taithí iomchuí nó an oideachais iomchuí de.

2.   Ach amháin i gcás force majeure nó in imthosca eisceachtúla, beidh líon na dteidlíochtaí íocaíochta a leithdháilfear ar gach feirmeoir in 2015 cothrom le líon na heicteár incháilithe, a dhearbhaigh an feirmeoir ina iarratas ar chabhair i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh 1306/2013 do 2015 agus a bheidh ar fáil dó ar dháta a shocraigh an Ballstát. Ní bheidh an dáta sin níos déanaí ná an dáta a socraíodh sa Bhallstát sin chun na hiarratais sin ar chabhair a leasú.

3.   Féadfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na teorainneacha mar leagtar amach i míreanna 4 go 7 iad a chur i bhfeidhm maidir le líon na dteidlíochtaí íocaíochta atá le leithdháileadh faoi mhír 2:

4   Féadfaidh Ballstát a chinneadh go mbeidh líon na dteidlíochtaí íocaíochta atá le leithdháileadh cothrom le líon na heicteár incháilithe a dhearbhaigh an feirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 34(2) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 in 2013, nó le líon na heicteár incháilithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cibé líon acu is lú. I gcás na Cróite, beidh feidhm ag an rogha sin gan dochar do leithdháileadhna dteidlíochtaí íocaíochta do na heicteáir dhímhianaithe i gcomhréir le hAirteagal 20(4).

5.   I gcás ina mbeidh méadú de bhreis agus 35 % mar thoradh ar an líon de heicteáir incháilithe dá dtagraítear i mír 2 a dearbhaíodh sa Bhallstát le hais líon iomlán na heicteár incháilithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 in 2009, nó i gcás na Cróite in 2013, féadfaidh na Ballstáit líon na dteidlíochtaí íocaíochta atá le leithdháileadh in 2015 a theorannú d'íosmhéid de 135 % nó 145 % den líon iomlán heicteár a dearbhaíodh in 2009, nó i gcás na Cróite líon iomlán na heicteár incháilithe a dearbhaíodh in 2013, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009.

Agus úsáid á baint as an rogha sin, leithdháilfidh na Ballstáit líon laghdaithe teidlíochtaí íocaíochta ar fheirmeoirí. Ríomhfar an líon sin trí laghdú comhréireach a chur i bhfeidhm i leith líon breise na heicteár incháilithe a dhearbhóidh gach feirmeoir in 2015, i gcomparáid le líon na heicteár incháilithe de réir bhrí Airteagal 34(2) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 a dhearbhaigh an feirmeoir sin ina iarratas ar chabhair in 2011, nó i gcás na Cróite in 2013, gan dochar do na heicteáir dhímhianaithe a bhfuil teidlíochtaí íocaíochta le leithdháileadh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 20(4) den Rialachán seo;

6.   Chun líon na dteidlíochtaí íocaíochta atá le leithdháileadh ar fheirmeoir a chinneadh, féadfaidh Ballstát a chinneadh comhéifeacht laghdaithe a chur i bhfeidhm i leith na heicteár incháilithe sin dá dtagraítear i mír 2 ar heicteáir faoi féarthailte buana iad agus iad suite i limistéir a bhfuil dálaí deacra aeráide acu, go háirithe de bharr a airde agus i limistéir ina bhfuil constaicí nádúrtha eile amhail droch-cháilíocht na hithreach, an fhána agus an soláthar uisce;

7   Féadfaidh Ballstáit a chinneadh go mbeidh líon na dteidlíochtaí íocaíochta atá le leithdháileadh ar an bhfeirmeoir cothrom le líon na heicteár incháilithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nár heicteáir d'fhíonghoirt iad faoin dáta a shocraigh an Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 don bhliain éilithe 2013 nó heicteáir de thalamh arúil faoi thithe gloine buana.

8.   I gcás ina ndíolfar nó ina ligfear gabháltas nó cuid de ghabháltas ar léas, féadfaidh duine nádúrtha nó duine dlítheanach a chomhlíonann mír 1 den Airteagal seo, trí bhíthin conartha a bheadh sínithe roimh an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach in 2015 a bheidh le socrú i gcomhréir le pointe (b) den chéan fhomhír d'Airteagal 78 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, an ceart chun teidlíochtaí íocaíochta a fháil, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a aistriú go feirmeoir amháin nó níos mó feirmeoirí, ar choinníoll go gcomhlíonann an feirmeoir nó na feirmeoirí sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 9 den Rialachán seo.

9.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh íosmhéid a shocrú do na gabháltais uile, á chur in iúl i heicteáir incháilithe, dá bhféadfaidh feirmeoir iarratas ar leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta a dhéanamh ina leith. Ní bheidh an t-íosmhéid sin níos mó ná na tairseacha a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 10(1) le mír 1a den Airteagal sin.

10.   I gcás inarb ábhartha, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na cinntí dá dtagraítear san Airteagal seo faoi 1 Lúnasa 2014.

11.   Glacfaidh an Coimisiún rialacha gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir le hiarratais ar leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta a chuirfear isteach sa bhliain ina leithdháiltear teidlíochtaí íocaíochta i gcás nach mbeidh na teidlíochtaí íocaíochta sin bunaithe go cinntitheach go fóill agus i gcás ina mbeidh tionchar ag imthosca sonracha ar an leithdháileadh sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

Airteagal 25

Luach na dteidlíochtaí íocaíochta agus cóineasú

1.   In 2015, ríomhfaidh na Ballstáit luach aonaid na dteidlíochtaí íocaíochta trí chéatadán seasta den uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II do gach bliain ábhartha a roinnt ar líon na dteidlíochtaí íocaíochta in 2015 ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, cé is moite díobh siúd a leithdháilfear ón gcúlchiste náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha in 2015.

Ríomhfar an céatadán seasta dá dtagraítear san fhomhír tríd an uasteorainn náisiúnta nó an uasteorainn réigiúnach don scéim íocaíochta bunúsachatá le socrú do 2015, i gcomhréir faoi seach le hAirteagal 22(1) nó le hAirteagal 23(2) den Rialachán seo, tar éis don laghdú líneach dá bhforáiltear i mír 1 nó i gcás inarb iomchuí i mír 2 d'Airteagal 30(1) a bheith curtha i bhfeidhm ar an uasteorainn náisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II do 2015. Cuirfearna teidlíochtaí íocaíochta in iúl trí uimhir a bheidhcomhfhreagrach do líon na heicteár.

2.   De mhaolú ar an modh ríomha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh idirdhealú a dhéanamh idir luach na dteidlíochtaí íocaíochta in 2015, cé is moite díobh siúd a leithdháilfear ó ón gcúlchiste náisiúnta nó ó na cúlchístí réigiúnach in 2015, i gcás gach bliana ábharthaar bhonn a luach aonaid bhunaidh, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 26.

3.   Ón mbliain éilimh 2019 ar a dhéanaí, beidh luach aonaid aonfhoirmeach ar na teidlíochtaí íocaíochta ar fad i mBallstát nó, i gcás ina gcuirfear Airteagal 23 i bhfeidhm, i réigiún.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh Ballstát a chinneadh, i leith teidlíochtaí íocaíochta a bhfuil a luach aonaid bunaidh faoi mar a ríomhadh é i gcomhréir le hAirteagal 26 go (3e) níos ísle ná 90 % den luach aonaid náisiúnta nó réigiúnach in 2019, go n-ardófaí a luach aonaid ar a laghad aon tríú den difríocht idir a luach aonaid bunaidh agus 90 % den luach aonaid náisiúnta nó réigiúnach in 2019, don bhliain éilithe 2019 ar a dhéanaí.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an céatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú ar leibhéal níos airde ná 90 % ach gan é a bheith níos airde ná 100 %.

Chomh maith leis sin, forálfaidh na Ballstáit, don bhliain éilithe 2019 ar a dhéanaí, nach mbeidh luach aonaid níos lú ná 60 % den luach aonaid náisiúnta nó den luach aonaid réigiúnach ag aon teidlíocht íocaíochta in 2019, ach amháin más é an toradh a bheadh air sin go mbeadh uaslaghdú ar mó é ná an céatadán tairsí dá dtagraítear i mír 7 sna Ballstáit a mbeidh an tairseach sin á chur i bhfeidhm acu. Sa chás sin, socrófar an luach aonaid bunaidh ar an leibhéal is gá chun an tairseach sin a urramú.

5.   An luach aonaid náisiúnta nó réigiúnach in 2019 dá dtagraítear sa i mír 4, ríomhfar é trí chéatadán seasta den uasteorainn náisiúnta mar a leagtar amach san Iarscríbhinn II, nó den uasteorainn réigiúnach, don bhliain féilire 2019, a roinnt ar líon na dteidlíochtaí íocaíochta in 2015 sa Bhallstát nó sa réigiún lena mbaineann, cé is moite díobh siúd a leithdháilfear ón gcúlchiste náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha in 2015. Ríomhfar an céatadán seasta sin tríd an uasteorainn náisiúnta nó réigiúnda do scéim na híocaíochtaí bunúsaí a bheidh le socrú i gcomhréir le hAirteagal 22(1) nó le hAirteagal 23(2) faoi seach den Rialachán seo don bhliain 2015, tar éis don laghdú líneach dá bhforáiltear i mír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 2 d'Airteagal 30, a bheith curtha i bhfeidhm leis an uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, nó leis an uasteorainn réigiúnach, do 2015.

6.   Ríomhfar na huasteorainneacha réigiúnacha dá dtagraítear i mír 5 sin trí chéatadán seasta a chur i bhfeidhm maidir leis an uasteorainn náisiúnta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II í don bhliain 2019. Ríomhfar an céatadán seasta sin trí na huasteorainneacha réigiúnacha ábhartha a bunaíodh i gcomhréir le Airteagal 23(2) don bhliain 2015, a roinnt ar an uasteorainn náisiúnta atá le socrú i gcomhréir le hAirteagal 22(1) don bhliain 2015 tar éis don laghdú líneach dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) a bheith curtha i bhfeidhm, i gcás ina mbíonn feidhm ag an dara fomhír d'Airteagal 23(2).

7.   Chun na méaduithe i luach na dteidlíochtaí íocaíochta dá dtagraítear i mír 4 a mhaoiniú, laghdófar, i gcás na dteidlíochtaí íocaíochta a bhfuil luach aonaid bunaidh acu ar mó é ná an luach aonaid náisiúnta nó réigiúnach in 2019, an difríocht sin idir a luach aonaid bunaidh agus an luach aonaid náisiúnta nó réigiúnach in 2019 ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit. D'fhéadfadh sé go socrófaí nach laghdófaí an luach aonaid bunaidh níos mó ná 30 % mar chuid de na critéir sin.

8.   Agus mír 2 den Airteagal seo á chur i bhfeidhm, déanfar an t-athrú ó luach aonaid bunaidh na dteidlíochtaí íocaíochta mar a ríomhadh iad i gcomhréir le hAirteagal 26a agus a luach aonaid deiridh in 2019 mar a bunaíodh i gcomhréir le mír 3 go mír 4 go 7 den Airteagal seo i gcéimeanna comh-mhéid ag tosú ó 2015.

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an céatadán seasta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le haghaidh gach bliain, déanfar luach na dteidlíochtaí íocaíochta lena ngabhann luach aonaid bunaidh atá níos mó ná an luach aonaid náisiúnta nó an luach aonaid réigiúnach in 2019 a choigeartú.

9.   De mhaolú ar mhír 8 den Airteagal seo, i gcás go gcuireann Ballstáit, a chinneann i gcomhréir le hAirteagal 21(3) na teidlíochtaí. atá acu cheana, mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm, más infheidme déanfar an t-athrú ó luach aonaid bunaidh na dteidlíochtaí íocaíochta mar a bunaíodh iad i gcomhréir le hAirteagal 26(5) agus a luach aonaid deiridh in 2019 mar a bunaíodh i gcomhréir le mír 3 nó le míreanna 4 go 7 den Airteagal seo i gcéimeanna a socraíodh ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 63(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 a chur i bhfeidhm.

D'fhonn comhlíonadh an cheatadáin seasta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do gach bliain a áirithiú, déanfar luach na dteidlíochtaí íocaíochta a choigeartú go líneach.

10.   In 2015, cuirfidh na Ballstáit na feirmeoirí ar an eolas maidir le luach a gcuid teidlíochtaí íocaíochta mar a ríomhadh iad i gcomhréir leis an Airteagal seo, Airteagal 26 agus Airteagal 27 do gach bliain den tréimhse a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 26

An luach aonad bunaidh a ríomh

1.   Socrófar luach aonaid bunaidh na dteidlíochtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) i mBallstáit a chuireann an an scéim íocaíochta aonair a chur i bhfeidhm don bhliain féilire 2014 agus nár chinn na teidlíochtaí íocaíochta atá acu cheana a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 21(3) i gcomhréir le ceann amháin de na modhanna a leagtar amach i mír 2 nó 3.

2.   Déanfar céatadán seasta de na híocaíochtaí a fuair an feirmeoir do 2014 faoin scéim íocaíochta aonair, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, sula ndéanfar na laghduithe ná na heisiaimh dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Theideal II den Rialachán sin, a roinnt ar líon theidlíochtaí íocaíochta an fheirmeora in 2015, cé is moite díobh siúd a leithdháiltear ón gcúlchiste náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha in 2015.

Ríomhfar an céatadán seasta sin tríd an uasteorainn náisiúnta nó réigiúnda do scéim na híocaíochtaí bunúsaí a bheidh le socrú i gcomhréir le hAirteagal 22(1) nó le hAirteagal 23(2) faoi seach den Rialachán seo don bhliain 2015, tar éis don laghdú líneach dá bhforáiltear i mír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 2 d'Airteagal 30 den Rialachán seo, a bheith curtha i bhfeidhm, a roinnt ar líon na n-íocaíochtaí do 2014 faoin scéim íocaíochta aonair sa Bhallstát nó sa Réigiún lena mbaineann, roimh na laghduithe agus eisiaimh dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 73/2009.

3.   Déanfar céatadán seasta de luach na dteidlíochtaí, lena n-áirítear teidlíochtaí speisialta, a bhí i seilbh an fheirmeora ar an dáta a chuir sé a iarratas isteach do 2014 faoin scéim íocaíochta aonair, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, a roinnt ar líon theidlíochtaí íocaíochta a leithdháilfear ar an bhfeirmeoir in 2015, cé is moite díobh siúd a leithdháileadh ón gcúlchiste náisiúnta nó ón gcúlchiste réigiúnach in 2015.

Ríomhfar an céatadán seasta sin tríd an uasteorainn náisiúnta nó réigiúnda don scéim na híocaíochta bunúsaí a bheidh le socrú i gcomhréir le hAirteagal 22(1) nó le hAirteagal 23(2) faoi seach den Rialachán seo don bhliain 2015, tar éis don laghdú líneach dá bhforáiltear i mír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 2 d'Airteagal 30 den Rialachán seo, a bheith curtha i bhfeidhm, a roinnt ar luach iomlán na dteidlíochtaí ar fad, lena n-áirítear teidlíochtaí speisialta, sa Bhallstát nó sa Réigiún lena mbaineann do 2014, faoin scéim íocaíochta aonair.

Chun críche na míreseo, measfar teidlíochtaí íocaíochta a bheith i seilbh feirmeora ar an dáta a chuirfidh sé isteach a iarratas do 2014 i gcás inar leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta air nó inar aistríodh go deifnídeach faoin dáta sin chuige iad.

4.   Déanfaidh Ballstáit, a chuireann an scéim íocaíochta aonair limistéir i bhfeidhm sa bhliain feilire 2014, an luach aonair bunaidh na dteidlíochtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo a ríomh trí céatadán seasta de luach na cabhrach a fuair an feirmeoir do 2014 faoin scéim íocaíochta aonair, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus faoi Airteagal 132, agus Airteagal 133a den Rialachán sin, sula ndéanfar na laghduithe ná na heisiaimh dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Theideal II den Rialachán sin, a roinnt ar líon theidlíochtaí íocaíochta an fheirmeora in 2015, cé is moite díobh siúd a leithdháilfear ón gcúlchiste náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha in 2015.

Ríomhfar an céatadán seasta sin tríd an uasteorainn náisiúnta nó réigiúnach don scéim na híocaíochta bunúsaí a bheidh le socrú i gcomhréir le hAirteagal 22(1) nó le hAirteagal 23(2) faoi seach den Rialachán seo don bhliain 2015, tar éis don laghdú líneach dá bhforáiltear i mír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 2 d'Airteagal 30 den Rialachán seo, a bheith curtha i bhfeidhm, a roinnt ar líon iomlán na cabhrach a deonaíodh faoin scéim íocaíochta aonair limistéir i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 73/2009 agus faoi Airteagal 132 agus faoi Airteagal 133a den Rialachán sin do 2014 sa Bhallstát nó sa réigiún lena mbaineann, roimh na laghduithe agus eisiaimh dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Theideal II den Rialachán sin.

5.   Na Ballstáit sin a chuireann an scéim íocaíochta bunaidh i bhfeidhm i sa bhliain feilire 2014 gcomhréir le hAirteagal 2111(3) den Rialachán seo, a gcuid teidlíochtaí íocaíochta reatha a choinneáil, ríomhfaidh siad luach aonaid bunaidh na dteidlíochta íocaíochta dá dagraítear in Airteagal 25(2) den Rialachán seo trí luach aonaid na dteidlíochtaí a iolrú faoi chéatadán seasta. Ríomhfar an céatadán seasta sin tríd an uasteorainn náisiúnta nó réigiúnda do scéim na híocaíochtaí bunúsaí a bheidh le socrú i gcomhréir le hAirteagal 22(1) nó le hAirteagal 23(2) faoi seach den Rialachán seo don bhliain 2015, tar éis don laghdú líneach dá bhforáiltear i mír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 2 d'Airteagal 30 den Rialachán seo, a bheith curtha i bhfeidhm, a roinnt ar líon na n-íocaíochtaí do 2014 faoin scéim íocaíochta aonair sa Bhallstát nó sa limistéir lena mbaineann, roimh na laghduithe agus eisiaimh dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Theideal II de (AE) Uimh. 73/2009.

6.   Chun críocha modhanna dá bhforáiltear san Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, ar choinníoll nach bhfuair na hearnálacha ábhartha lena mbaineann aon tacaíocht chúpláilte dheonach de bhun Teideal IV den Rialachán seo, an tacaíocht a deonaíodh don bhliain féilire 2014 faoi cheann amháin nó níos mó de na scéimeanna de bhun Airteagal 52, Airteagal 53(1), agus phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 68(1) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 a chur san áireamh freisin, agus, maidir leis na Ballstáit a chuir an scéim íocaíochta aonair limistéir i bhfeidhm agus dóibh siúd amháin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, de bhun phointe (c) d'Airteagal 68(1) agus Airteagal 126, Airteagal 127 agus Airteagal 129 den Rialachán sin.

Má chinn Ballstát an tacaíocht chúpláilte dheonach de bhun Teideal IV den Rialachán sin, a chur i bhfeidhm, féadfaidh sé freisin na difríochtaí idir an leibhéal tacaíochta a tugadh sa bhliain féilire 2014 agus an leibhéal tacaíochta atá le tabhairt i gcomhréir le Teideal IV den Rialachán seo a chur san áireamh agus do na modhanna ríomha dá bhforáiltear san Airteagal seo, ar an gcoinníoll:

(a)

gur deonaíodh an tacaíocht chúpláilte dheonach de bhun Teideal IV den Rialachán seo i leith earnála ar tugadh tacaíocht di sa bhliain féilire 2014 de bhun Airteagal 52, Airteagal 53(1), phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 68, agus, do Bhallstáit a chuir an scéim íocaíochta aonair limistéir i bhfeidhm, de bhun phointe (c) d'Airteagal 68(1), Airteagal 126, Airteagal 127 agus Airteagal 129 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, agus

(b)

go bhfuil méid na tacaíochta cúpláilte sin níos lú ná an méid in aghaidh an aonaid sa tacaíocht in 2014.

Airteagal 27

An cúlchiste náisiúnta speisialta leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún a chur san áireamh

I gcás na Cróite, tuigfear go n-áirítear an cúlchiste náisiúnta speisialta leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún dá dtagraítear in Airteagal 20 ar aon tagairt a dhéanfar in Airteagal 25 agus in Airteagal 26 don chúlchiste náisiúnta.

Chomh maith leis sin, déanfar an méid a thagann as an gcúlchiste náisiúnta speisialta leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh a laghdú ó uasteorainneacha scéim na híocaíochta bunúsaí dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 25(1), i mír 5 agus i mír 6 den Airteagal sin agus in Airteagal 26.

Airteagal 28

Brábús amhantair

Chun críocha Airteagal 25(4) go (5) agus Airteagal 26, i gcás ina ndéanfar léas ar limistéir talmhaíochta nó cuid de léas a dhíol nó a dheonú nó i gcás ina rachaidh an léas nó cuid de in éag tar éis an dáta a socraíodh de bhun Airteagal 35 nó Airteagal 124(2) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus roimh an dáta a socraíodh de bhun Airteagal 33(1) den Rialachán seo, féadfaidh Ballstát, ar bhonn critéar oibiachtúil, a fhoráil go rachaidh an méadú, nó cuid den mhéadú, ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta a leithdháilfí ar an bhfeirmeoir lena mbaineann ar ais isteach sa chúlchiste náisiúnta nó sna cúlchistí réigiúnacha i gcás inar brábús amhantair a bheadh sa mhéadú sin don fheirmeoir lena mbaineann.

Leagfar síos na critéir oibiachtúla sin ar bhealach a áiritheoidh go gcaithfear go cothrom le feirmeoirí éagsúla agus go seachnófar saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht, agus áireofar leis na critéir sin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

íostréimhse don léas;

(b)

an cion den íocaíocht a gheofar a rachaidh ar ais sa chúlchiste náisiúnta nó sna cúlchistí réigiúnacha.

Airteagal 29

Fógraí i leith luach na dteidlíochtaí íocaíochta agus i leith coineasaithe

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2014 faoi aon chinntí dá dtagraítear in Airteagal 25, in Airteagal 26 agus in Airteagal 28.

Roinn 2

An cúlchiste náisiúnta agus cúlchistí réigiúnacha

Airteagal 30

An cúlchiste náisiúnta nó na cúlchistí réigiúnacha a bhunú agus a úsáid

1.   Bunóidh gach Ballstát cúlchiste náisiúnta. Chun sin a dhéanamh, déanfaidh na Ballstáit, sa chéad bhliain a chuirfear scéim na híocaíochta bunúsaí chun feidhme, laghdú líneach ar chéatadán uasteorainn scéim na híocaíochta bunúsaí ar an leibhéal náisiúnta.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a mbeidh an rogha in Airteagal 23(1) á úsáid acu, cúlchistí réigiúnacha a chur ar bun. Chun sin a dhéanamh, sa chéad bhliain a chuirfear scéim na híocaíochta bunúsaí i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit, sa chéad bhliain a chuirfear scéim na híocaíochta bunúsaí chun feidhme, laghdú líneach ar chéatadán uasteorainn scéim na híocaíochta bunúsaí ábhartha ar an leibhéal réigiúnach dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 23(2)

3.   Ní mó ná 3 % a bheidh an laghdú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ach amháin, má tá gá le céatadán níos mó, chun aon riachtanais leithdháilte de bhun mhír 6 agus no de bhun pointe (a) agus (b)de mhír 7 a chumhdach don bhliain 2015 nó, do Bhallstáit a mbeidh Airteagal 36 á chur i bhfeidhm acu, do chéad bhliain chur chun feidhme na scéime don íocaíocht bhunúsach.

4.   Leithdháilfidh na Ballstáit teidlíochtaí íocaíochta óna gcúlchistí náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus ar bhealach ina n-áiritheofar go gcaithfear go cothrom le feirmeoirí éagsúla agus go seachnófar saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht.

5.   Na teidlíochtaí íocaíochta dá dtagraítear i mír 4, ní leithdháilfear iad ach ar fheirmeoirí a bheidh i dteideal íocaíochtaí díreacha i gcomhréir le hAirteagal 9.

6.   Bainfidh na Ballstáit úsáid as a gcúlchistí náisiúnta nó as a gcúlchistí réigiúnacha chun teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh ar fheirmeoirí óga agus ar fheirmeoirí a bheidh ag dul i mbun gníomhaíochta talmhaíochta den chéad uair, agus beidh sé sin ina thosaíocht acu.

7.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as a gcúlchistí náisiúnta nó as a gcúlchistí réigiúnacha leis an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh ar fheirmeoirí chun cosc a chur ar thalamh a bheith á thréigean, lena n-áirítear i limistéir atá faoi réir athstruchtúrú nó clár forbartha a bhaineann le cineál idirghabhála poiblí,;

(b)

teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh ar fheirmeoirí chun iad a chúiteamh as míbhuntáistí sonracha

(c)

chun teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh ar fheirmeoirí nach rabhthas in ann teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh orthu faoin gCaibidil seo de bharr force majeure nó imthosca eisceachtúla;

(d)

i gcás ina bhfuil Airteagal 21(3) den Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh ar fheirmeoirí ar airde an líon heicteár incháilithe a dhearbhaigh siad in 2015 i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus atá fós ar fáil dóibh ar dháta a shocraigh an Ballstát agus nach déanaí é ná an dáta a socraíodh sa Bhallstát sin le haghaidh leasú a dhéanamh ar iarratais dá leithéid ar chabhair, ná líon na dteidlíochtaí íocaíochta ar leo iad nó atá acu ar léas a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus atá ina seilbh acu ar an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach atá le socrú i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 78 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013;

(e)

luach na dteidlíochtaí íocaíochta uile a mhéadú go líneach ar bhonn buan faoi scéim na híocaíochta bunúsaí ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach más mó an cúlchiste náisiúnta nó na cúlchistí réigiúnacha ábhartha ná 0,5 % den uasteorainn bhliantúil náisiúnta nó réigiúnach do scéim na híocaíochta bunúsaí, ar choinníoll go bhfuil méideanna leordhóthanacha ar fáil do leithdháiltí faoi mhír 4, faoi phointe (a) den mhír seo agus faoi mhír 7 den Airteagal seo;

(f)

chun na riachtanais bhliantúla le haghaidh íocaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 51(2) agus Airteagal 65(1), (2) agus (3) den Rialachán seo).

Chun críocha na míre seo, cinnfidh na Ballstáit maidir leis na tosaíochtaí a thabharfar do na húsáidí dá dtagraítear inti.

8.   Agus mír 6, agus pointe (a), pointe (b) agus pointe (d) de mhír 7 á gcur i bhfeidhm, is ag meánluach náisiúnta nó réigiúnach na dteidlíochtaí íocaíochta i mbliain an leithdháilte a shocróidh na Ballstáit luach na dteidlíochtaí íocaíochta a leithdháilfear ar fheirmeoirí.

Ríomhfar an meán luach náisiúnta nó réigiúnach tríd an uasteorainn náisiúnta nó réigiúnach do scéim na híocaíochta bunúsaí i gcomhréir le hAirteagal 22(1) nó le hAirteagal 23(2) faoi seach do bhliain an leithdháilte, lúide méid an chúlchiste náisiúnta nó na gcúlchistí réigiúnacha agus i gcás na Cróite, an cúlchiste speisialta leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún, a roinnt ar líon na dteidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh.

Socróidh na Ballstáit na céimeanna le haghaidh na modhnuithe bliantúla de réir a chéile i luach na dteidlíochtaí íocaíochta a leithdháiltear ón gcúlchiste náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha agus ag cur san áireamh na modhnuithe sna huasteorainneacha náisiúnta agus réigiúnacha do scéim na híocaíochta bunúsaí atá le socrú i gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus le hAirteagal 23(2) a thagann ó na hathruithe i leibhéal na n-uasteorainneacha náisiúnta a a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

9.   I gcás ina mbeidh feirmeoir i dteideal teidlíochtaí íocaíochta a fháil nó luach na dteidlíochtaí íocaíochta atá ann cheana a mhéadú de bhua rialaithe cinntithigh cúirte nó de bhua gnímh chinntithigh riaracháin a dhéanfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit, gheobhaidh an feirmeoir líon agus luach na dteidlíochtaí íocaíochta a bhunófar sa rialú nó sa ghníomh sin ar dháta a bheidh le socrú ag an mBallstát. Ní bheidh an dáta sin níos déanaí, áfach, ná an dáta is déanaí le haghaidh iarratas a chur isteach faoi scéim na híocaíochta bunúsaí tar éis dháta rialú na cúirte nó an ghnímh riaracháin, agus cur i bhfeidhm Airteagal 32 agus Airteagal 33 á chur san áireamh.

10.   Agus mír 6, pointe (a) agus pointe (b) de mhír 7 agus mír 9 á gcur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit teidlíochtaí nua a leithdháileadh nó luach aonaid theidlíochtaí reatha uile feirmeora a mhéadú, suas chuig an meánluach náisiúnta nó réigiúnach.

11.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn 'feirmeoirí óga' feirmeoirí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50(2) agus, i gcás inarb ábhartha, na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 50(3) agus (11);

(b)

ciallaíonn 'feirmeoirí atá ag dul i mbun gníomhaíochta talmhaíochta den chéad uair' duine nádúrtha nó dlítheanach nach raibh aon ghníomhaíocht talmhaíochta aige ina ainm féin nó faoina riosca féin nó nach raibh faoina rialú duine dlítheanach a bhí i mbun gníomhaíochta talmhaíochta sna cúig bliana roimh thús na gníomhaíochta talmhaíochta. I gcás duine dhlítheanaigh, ní foláir nach raibh aon ghníomhaíocht talmhaíochta ina ainm féin ná faoina riosca féin ag an duine/na daoine nádúrtha a bhfuil an duine dlítheanach faoina rialú ná ní foláir nach raibh faoina rialú duine dlítheanach a bhí i mbun gníomhaíochta talmhaíochta sna cúig bliana sular chuir an duine dlítheanach sin tús leis an ngníomhaíocht talmhaíochta. Féadfaidh na Ballstáit a gcuid critéar incháilitheachta oibiachtúil neamh-idirdhealaitheach féin sa bhreis don chatagóir fheirmeoirí seo a bhunú ó thaobh na scileanna, na taithí nó an oideachais iomchuí de.

Airteagal 31

An cúlchiste náisiúnta nó na cúlchistí réigiúnacha a athsholáthar

1.   Déanfar an cúlchiste náisiúnta nó na cúlchistí réigiúnacha a athsholáthar le méideanna a fhaightear ó na foinsí a leanas:

(a)

teidlíochtaí íocaíochta nach dtugann ceart d'íocaíochtaí ar feadh dhá bhliain i ndiaidh a chéile de bharr na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagal 9,

(ii)

Airteagal 10(1),

(iii)

Airteagal 11(4) den Rialachán seo.

(b)

líon teidlíochtaí íocaíochta atá coibhéiseach le líon iomlán na dteidlíochtaí íocaíochta nár ghníomhachtaigh feirmeoirí i gcomhréir le hAirteagal 32 ar feadh dhá bhliain as a chéile, ach amháin i gcás gur coisceadh orthu na teidlíochtaí sin a ghníomhachtú ag force majeure nó in imthosca eisceachtúla; agus na teidlíochtaí, ar leis an bhfeirmeoir iad nó atá ar léas aige, atá i seilbh an fheirmeora sin agus a rachaidh ar ais sa chúlchiste náisiúnta nó sna cúlchistí réigiúnacha á suíomh, tabharfar tosaíocht do na teidlíochtaí sin a bhfuil an luach is ísle acu;

(c)

teidlíochtaí íocaíochta a aisíocann feirmeoirí go deonach;

(d)

cur i bhfeidhm Airteagal 28 den Rialachán seo;

(e)

teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh gan údar i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013;

(f)

laghdú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta faoi scéim na híocaíochta bunúsaí ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach i gcás nach leor an cúlchiste náisiúnta nó na cúlchistí réigiúnacha chun na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 30(9) den Rialachán seo a chumhdach.

(g)

laghdú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta faoi scéim na híocaíochta bunúsaí ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach chun na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 30(6) den Rialachán seo a chumhdach, le déanamh ag ná Ballstáit i gcás go measann siad go bhfuil gá leis;

(h)

cur i bhfeidhm Airteagal 34(4) den Rialachán seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na bearta is gá maidir le teidlíochtaí íocaíochta neamhghníomhachtaithe a aisíoc leis an gcúlchiste náisiúnta nó leis na cúlchistí réigiúnacha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

Roinn 3

Scéim na híocaíochta bunúsaí a bhunú

Airteagal 32

Teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú

1.   Deonófar tacaíocht faoi scéim na híocaíochta bunúsaí d'fheirmeoirí, trí bhíthin dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 33(1), nuair a ghníomhachtófar teidlíocht íocaíochta in aghaidh an heicteáir incháilithe sa Bhallstát inar leithdháileadh í. Le teidlíochtaí íocaíochta gníomhachtaithe, tabharfar an ceart íocaíocht bhliantúil na méideanna a shocrófar iontu a fháil, gan dochar do chur i bhfeidhm an smachta airgeadais, an laghdú ar íocaiochtaí i gcomhréir le hAirteagal 11 agus ar na laghduithe líneacha i gcomhréir le hAirteagal 7, le hAirteagal 51(2) agus le pointe (c) d'Airteagal 65(2) den Rialachán seo ná do chur i bhfeidhm Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

2.   Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn "heicteár incháilithe":

(a)

aon limistéar talmhaíochta den ghabháltas a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochta talmhaíochta nó, i gcás ina bhfuil an limistéar in úsáid freisin le haghaidh gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí talmhaíochta iad, aon limistéar a úsáidtear go príomha le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta, lena n-áirítear na limistéir nach raibh riocht maith talmhaíochta orthu an 30 Meitheamh 2003 i mBallstáit a d'aontaigh don Aontas an 1 Bealtaine 2004 agus a roghnaigh an scéim íocaíochta aonair limistéir a chur i bhfeidhm tar éis aontachas a bhaint amach, nó

(b)

aon limistéar as ar tháinig ceart chuníocaíochtaí a fháil ina leith in 2008 faoin scéim íocaíochta aonair nó faoin scéim íocaíochta aonair limistéir a leagtar síos, faoi seach, i dTeideal III agus i dTeideal IVA de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003, agus:

(i)

ar limistéar é nach gcomhlíonann a thuilleadh an sainmhíniú ar 'heicteár incháilithe' faoi phointe (a) mar thoradh ar chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE, Threoir 2000/60/CE agus Threoir 2009/147/CE;

(ii)

ar limistéar é, fad a mhaireann gealltanas ábhartha an fheirmeora aonair, atá coilltithe de bhun Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 nó Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 nó Airteagal 22de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó faoi scéim náisiúnta lena gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 43(1), (2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 nó Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013; nó

(iii)

ar limistéar é, fad a mhaireann gealltanas ábhartha an fheirmeora aonair, a chuirtear ar leataobh de bhun Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999,Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 nó Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

3.   Chun críocha pointe (a) de mhír 2:

(a)

i gcás ina n-úsáidtear limistéar talmhaíochta de ghabháltas le haghaidh gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí talmhaíochta iad freisin, measfar go n-úsáidtear an limistéar sin go príomha do ghníomhaíochtaí talmhaíochta mura gcuireann déine, cineál, fad agus uainiú na ngníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí talmhaíochta iad isteach go mór ar fheidhmiú na ngníomhaíochtaí talmhaíochta sin;

(b)

Féadfaidh na Ballstáit liosta a dhréactú de na limistéir a úsáidtear go príomha do ghníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta.

Bunóidh na Ballstáit critéir maidir le cur chun feidhme na míre seo ar a gcríoch féin.

4.   Ní mheasfar limistéir bheith ina heicteáir incháilithe ach amháin má chomhlíonann siad an sainmhíniú ar heicteáir incháilithe ar feadh na bliana féilire, ach amháin i gcás force majeure nó in imthosca eisceachtúla.

5.   Chun críocha an "heicteár incháilithe" a chinneadh, féadfaidh na Ballstáit tar éis dóibh an cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 4(2) a dhéanamh(comhéifeacht don laghdú a chur i bhfeidhm chun na heicteáir lena mbaineann a athrú go 'heicteáir incháilithe'.

6.   Ní bheidh na heicteáir i limistéir a úsáidtear chun cnáib a tháirgeadh incháilithe ach amháin má tá cion theitrihidreacannaibionóil nach mó ná 0.2 % iontu.

Airteagal 33

Na heicteáir incháilithe a dhearbhú

1.   Chun na teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 32 (1), dearbhóidh an feirmeoir na dáileachtaí a fhreagróidh do na heicteáir incháilithe a ghabhfaidh le gach teidlíocht íocaíochta. Ach amháin i gcás force majeure nó in imthosca eisceachtúla, ní fhéadfar ná dáileachtaí sin a dhearbhú ach amháin má tá siad ar fáil don fheirmeoir ar dháta a shocróidh an Ballstát, ar dáta é nach déanaí ná an dáta a shocrófar sa Bhallstát sin chun leasú a dhéanamh ar an iarratas ar chabhair dá dtagraítear in Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, an feirmeoir a údarú chun a dhearbhú a mhodhnú ar an gcoinníoll go gcoinneoidh sé ar a laghad an méid heicteár a fhreagraíonn dá theidlíochtaí íocaíochta agus go n-urramóidh sé na coinníollacha chun an íocaíocht a dheonú faoi scéim na híocaíochta bunúsaí don limistéar lena mbaineann.

Airteagal 34

Teidlíochtaí íocaíochta a aistriú

1.   Ní fhéadfar teidlíochtaí íocaíochta a aistriú ach chuig feirmeoir a mbeidh teideal aige ar íocaíochtaí díreacha i gcomhréir le hAirteagal 9 agus a bheidh lonnaithe in aon Bhallstát amháin,

Ní fhéadfar teidlíochtaí íocaíochta, lena n-áirítear i gcás oidhreachta iarbhír nó oidhreachta ionchais, a ghníomhachtú ach amháin sa Bhallstát inar leithdháileadh iad.

2.   I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit an rogha in Airteagal 23(1), ní fhéadfar teidlíochtaí íocaíochta a aistriú nó a ghníomhachtú ach amháin sa réigiún céanna, seachas i gcás oidhreachta iarbhír nó oidhreachta ionchais.

Ní fhéadfar teidlíochtaí íocaíochta, lena n-áiríear i gcás oidhreachta iarbhír nó oidhreachta ionchais, a ghníomhachtú ach amháin sa Bhallstát inar leithdháileadh iad

3.   Na Ballstáit nach mbeidh an rogha in Airteagal 23(1) á úsáid acu, féadfaidh siad a chinneadh nach bhféadfar teidlíochtaí íocaíochta a aistriú nó a ghníomhachtú ach amháin sa réigiún céanna amháin, cé is moite de chás oidhreachta iarbhír nó oidhreachta ionchais.

Saineofar na réigiúin sin ar an leibhéal iomchuí críochach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus ar bhealach a áiritheoidh go gcaithfear go cothrom le gach feirmeoir agus go seachnófar saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht.

4.   I gcás ina n-aistreofar teidlíochtaí íocaíochta gan talamh, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcomhréir le prionsabail ghinearálta reachtaíocht an Aontais, go rachaidh cuid de na teidlíochtaí íocaíochta sin a aistríodh ar ais chuig an gcúlchiste náisiúnta nó chuig na cúlchistí réigiúnacha nó go laghdófar a luach aonaid i bhfabhar an chúlchiste náisiúnta nó na gcúlchistí réigiúnacha. Féadfar an laghdú sin a chur i bhfeidhm maidir le ceann amháin nó níos mó de chineálacha aistrithe.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gniomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena rialófar na rialacha mionsonraithe a bhaineann le fógra faoi aistriú na dteidlíochtaí íocaíochta a chaithfidh feirmeoirí a dhéanamh chuig na húdaráis náisiúnta agus na spriocdhátaí don fhógra sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

Airteagal 35

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun soiléiriú a dhéanamh ar na cásanna sonracha a fhéadfaidh teacht chun cinn agus scéim na híocaíochta bunúsaí á cur i bhfeidhm, cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 maidir leis an méid a leanas:

(a)

rialacha maidir le hincháilitheacht agus leis an rochtain, i ndáil le scéim na híocaíochta bunúsaí, d'fheirmeoirí i gcás oidhreachta agus oidhreachta ionchais, i gcás oidhreachta faoi léas, i gcás athrú ar stádas nó ar ainmniúchán dlíthiúil, i gcás aistriú teidlíochtaí íocaíochta agus i gcás chumasc nó scoilteadh an ghabháltais agus cur i bhfeidhm an clásal conartha dá dtagraítear in Airteagal 24(8);

(b)

rialacha maidir le luach agus líon a ríomh nó maidir leis an méadú nó an laghdú ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta i ndáil le teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh faoi aon fhoráil den Teideal seo, lena n-áirítear na rialacha seo a leanas:

(i)

rialacha maidir leis an bhféidearthacht luach sealadach nó líon sealadach teidlíochtaí íocaíochta a bheith ann nó méadú sealadach ar theidlíochtaí íocaíochta a leithdháilfear ar bhonn an iarratais ón bhfeirmeoir,

(ii)

rialacha maidir leis na coinníollacha chun luach sealadach agus luach cinntitheach agus líon sealadach agus líon cinntitheach na dteidlíochtaí íocaíochta a bhunú,

(iii)

rialacha maidir leis na cásanna ina bhféadfaidh conradh díolacháin nó léasa difear a dhéanamh do leithdháileadh na dteidlíochtaí íocaíochta;

(c)

rialacha maidir le bunú agus ríomh luach agus líon na dteidlíochtaí íocaíochta a gheofar ón gcúlchiste náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha;

(d)

rialacha maidir le luach aonaid na dteidlíochtaí íocaíochta a mhodhnú i gcás codán de na teidlíochtaí íocaíochta agus i gcás ina n-aistreofaí na teidlíochtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 34(4);

(e)

critéir chun roghanna faoi phointí (a),(b) agus (c) den tríú fomhír d'Airteagal 24(1) a chur i bhfeidhm;

(f)

critéir chun teorainneacha a chur i bhfeidhm maidir le líon na dteidlíochtaí íocaíochta atá le leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 24(4) go (7);

(g)

critéir chun na teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh de bhun Airteagal 30(4) agus (7);

(h)

critéir chun an chomhéifeacht don laghdú dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 32(5) a shocrú.

2.   Chun bainistiú cuí na dteidlíochtaí íocaíochta a áirithiú, cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena leagtar síos rialacha maidir le hábhar an dearbhaithe agus leis na ceanglais chun teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú.

3.   Chun sláinte phoiblí a chosaint, cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena leagtar síos rialacha faoina mbeidh deonú íocaíochtaí coinníollach ar shíolta deimhnithe de chineálacha áirithe cnáibe a úsáid agus an nós imeachta le haghaidh cineálacha cnáibe a dhearbhú agus lena gcion teitrihidreacannaibionóil dá dtagraítear in Airteagal 32(6) a fhíorú.

Roinn 4

Scéim íocaíochta aonair limistéir

Airteagal 36

Scéim íocaíochta aonair limistéir

1.   Na Ballstáit a bhfuil an scéim íocaíochta aonair limistéir a leagtar síos i gCaibidil 2 de Theideal V de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 á cur i bhfeidhm acu in 2014, féadfaidh siad a chinneadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, leanúint d'fheidhmiú na scéime sin go dtí an 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad a gcinneadh in iúl don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2014 mar aon le dáta deiridh chur i i bhfeidhm na scéime sin.

Le linn na tréimhse ina mbeidh an scéim íocaíochta aonair limistéir á cur i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag roinn 1, roinn 2 ná ag roinn 3 den Chaibidil seo maidir leis na Ballstáit sin, cé is moite den dara fomhír d'Airteagal 23(1) d'Airteagal 23 (5) agus d'Airteagal 32(2) go (6).

2.   Deonófar an íocaíocht aonair limistéir ar bhonn bliantúil do gach heicteár incháilithe a dhearbhaigh an feirmeoir i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Déanfar é a ríomh gach bliain tríd an imchlúdach airgeadais bliantúil a bunaíodh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, a roinnt ar líon iomlán na heicteár incháilithe a dearbhaíodh sa Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a chinneann Airteagal 38 den Rialachán seo a fheidhmiú ón 1 Eanáir 2018 ar a dhéanaí, leas a bhaint, ar feadh na tréimhse ina mbeidh an tAirteagal seo á fheidhmiú acu, as suas le 20 % den imchlúdach airgeadais bliantúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo chun an íocaíocht aonair limistéir in aghaidh an heicteáir a dhifreálú.

Agus an méid sin á ndéanamh acudéanfaidh siad an tacaíocht a deonaíodh don bhliain féilire 2014 faoi cheann amháin nó níos mó de na scéimeanna de bhun phointe (a), phointe (b) agus phointe (c) d'Airteagal 68(1) agus Airteagal 126, Airteagal 127 agus Airteagal 129 de Rialachán (CE) Uimh 73/2009 a chur san áireamh.

Féadfaidh an Chipir an chabhair a dhifreálú agus na himchlúdaigh airgeadais a chur san áireamh a bhaineann go sonrach leis an earnáil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XVIIa de Rialachán (CE) Uimh 73/2009 agus laghdú á dhéanamh de réir aon chabhrach a deonaíodh don earnáil chéanna de bhun Airteagal 37 den Rialachán seo.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar do gach Ballstát, an uasteorainn náisiúnta bhliantúil don scéim íocaíochta aonair limistéir trí na méideanna bliantúla arna socrú i gcomhréir le hAirteagail 42, 47, 49, 51 agus 53 a bhaint ón uasteorainn náisiúnta bhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

5.   Ach amháin i gcás force majeure nó in imthosca eisceachtúla, beidh na heicteáir dá dtagraítear i mír 2 ar fáil don fheirmeoir ar dháta a shocróidh an Ballstát, ar dáta é nach déanaí ná an dáta a shocrófar sa Bhallstát sin chun leasú a dhéanamh ar an iarratas ar chabhair dá dtagraítear in Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 maidir leis na rialacha a bhaineann le hincháilitheacht agus leis an rochtain atá ag feirmeoirí ar an scéim íocaíochta aonair limistéir.

Airteagal 37

Cabhair idirthréimhse náisiúnta

1.   Na Ballstáit a bhfuil an scéim íocaíochta aonair limistéir á feidhmiú acu i gcomhréir le hAirteagal 36, féadfaidh siad a chinneadh cabhair idirthréimhseach náisiúnta a dheonú don tréimhse 2015-2020.

2.   Féadfar an chabhair idirthréimhseach náisiúnta a dheonú ar fheirmeoirí in earnálacha ar deonaíodh an chabhair sin orthu in 2013, nó i gcás na Bulgáire agus na Rómáine, ar deonaíodh íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha orthu in 2013.

3.   Beidh na coinníollacha maidir leis an gcabhair idirthréimhseach náisiúntacomhionann leis na cinn a údaraítear maidir le híocaíochtaí a dheonú de bhun Airteagal 132(7) nó Airteagal 133a de Rialachán (CE) 73/2009 i ndáil le 2013, cé is moite den laghdú ar na híocaíochtaí mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 132 i gcomhar le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 10 den Rialachán sin.

4.   Déanfar suim iomlán an chúnaimh idirtréimhse náisiúnta a fhéadfar a dheonú ar fheirmeoirí i gceann ar bith de na hearnálacha dá dtagraítear i mír 2 a theorannú leis an gcéatadán a leanas de na himchlúdaigh airgeadais sonracha don earnáil mar a údaraíonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 132(7) nó le hAirteagal 133a(5) de Rialachán (CE) Uimh 73/2009 ón gComhairle in 2013:

75 % sa bhliain 2015

70 % sa bhliain 2016

65 % sa bhliain 2017

60 % sa bhliain 2018

55 % sa bhliain 2019

50 % sa bhliain 2020

I gcás na Cipire, ríomhfar an céatadán ar bhonn na n-imchlúdach airgeadais sonrach don earnáil a leagtar amach in Iarscríbhinn XVIIa a ghabhann le Rialachán (CE) 73/2009.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir leis an gCipir.

6.   Cuirfidh an Ballstát aon chinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún faoin 31 Márta gach bliain. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

(a)

na himchlúdaigh airgeadais sonracha don earnáil;

(b)

uasráta na cabhrach idirthréimhsí náisiúnta i gcás inarb iomchuí.

7.   Ar bhonn critéar oibiachtúil agus laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i mír 4, féadfaidh na Ballstáit méid na cabhrach idirthréimhsí náisiúnta atá le deonú a chinneadh.

Roinn 5

Cur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí sna Ballstáit a bhfuil an scéim íocaíochta aonair limistéir curtha i bhfeidhm acu

Airteagal 38

Tabhairt isteach scéim na híocaíochta bunúsaí sna Ballstáit a bhfuil an scéim íocaíochta aonair limistéir curtha i bhfeidhm acu

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Roinn seo, beidh feidhm ag an Teideal seo maidir leis na Ballstáit a bhfuil an scéim íocaíochta aonair limistéir dá bhforáiltear i Roinn 4 den Chaibidil seo curtha i bhfeidhm acu.

Ní beidh feidhm ag Airteagal 24 go 29 maidir leis na Ballstáit sin.

Airteagal 39

Na teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh den chéad uair

1.   Déanfar teidlíochtaí íocaíochtaí a leithdháileadh ar fheirmeoirí atá i dteideal íocaíochtaí díreacha a fháil i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo ar an gcoinníoll:

(a)

go ndéanann siad iarratas ar theidlíochtaí íocaíochta faoi scéim na híocaíochta bunúsaí faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach a shocrófar i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 78 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 sa chéad bhliain ina gcuirfear scéim na híocaíochta bunúsaí chun feidhme, seachas i gcás force majeure nó in imthosca eisceachtúla; agus

(b)

go raibh siad i dteideal. íocaíochta a fháil, sula ndéanfar aon laghdú nó aon eisiamh dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, i ndáil le hiarratas ar chabhair d'íocaíochtaí díreacha, nó cabhair idirthréimhseach náisiúnta nó íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 do 2013.

Féadfaidh na Ballstáit teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh ar fheirmeoirí atá i dteideal íocaíochtaí díreacha i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, nach bhfuairíocaíochtaí don bhliain 2013i ndáil le hiarratas ar chabhair dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo agus nach raibh acu,ar an dáta a shocraigh an Ballstát lena mbaineann de réir Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 don bhliain éilithe 2013, ach talamh talmhaíochta nach raibh riocht maith talmhaíochta air an 30 Meitheamh 2003 dá bhforáiltear in Airteagal 124(1) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009.

2.   Ach amháin i gcás force majeure nó imthosca eisceachtúla, beidh líon na dteidlíochtaí íocaíochta a leithdháilfear ar gach feirmeoir sa chéad bhliain ina gcuirfear scéim na híocaíochta bunúsaí chun feidhme cothrom le líon na heicteár incháilithe, a dhearbhóidh an feirmeoir ina iarratas ar chabhair i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 don chéad bhliain de chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí agus a bheidh ar fáil dó ar dháta a shocraigh an Ballstát ar dháta sin nach déanaí ná an dáta a socraíodh sa Bhallstát sin chun na hiarratais sin ar chabhair a leasú.

3.   Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena leagfar síos rialacha maidir le tabhairt isteach scéim na híocaíochta bunúsaí i mBallstáit a bhfuil an scéim íocaíochta aonair limistéir curtha i bhfeidhm acu.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir le hiarratais ar leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta a chuirfear isteach sa bhliain ina leithdháiltear teidlíochtaí íocaíochta i gcás nach mbeidh na teidlíochtaí íocaíochta sin bunaithe go cinntitheach go fóill agus i gcás ina mbeidh tionchar ag imthosca sonracha ar an leithdháileadh sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

Airteagal 40

Luach na dteidlíochtaí íocaíochta

1.   Sa chéad bhliain ina mbeidh scéim na híocaíochta bunúsaí á cur chun feidhme, ríomhfaidh na Ballstáit luach aonaid na dteidlíochtaí íocaíochta trí chéatadán seasta den uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II do gach bliain ábhartha a roinnt ar líon na dteidlíochtaí íocaíochta i gcéad bhliain chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí, cé is moite díobh siúd a leithdháilfear ón gcúlchiste náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha.

Ríomhfar an céatadán seasta dá dtagraítear sa chéad fhomhír tríd an uasteorainn náisiúnta nó réigiúnach don scéim aonair bunúsach a shocrófar do chéad bhliain chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí i gcomhréir le hAirteagal 22(1) nó le hAirteagal 23(2) faoi seach den Rialachán seo tar éis don laghdú líneach dá bhforáiltear i mír 1 a bheith curtha i bhfeidhm nó, i gcás inarb iomchuí, i mír 2 d'Airteagal 30, ar an uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II do chéad bhliain chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí. Cuirfear líon na dteidlíochtaí íocaíochta in iúl trí uimhir a bheidh comhfhreagrach do líon na heicteár.

2.   De mhaolú ar an modh ríomha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh idirdhealú a dhéanamh idir luach na dteidlíochtaí íocaíochta i gcéad bhliain chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí, cé is moite díobh siúd a leithdháilfear ón gcúlchiste náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha i gcás gach bliana ábhartha, ar bhonn a luach aonaid bhunaidh.

3.   Socrófar luach aonaid bunaidh na dteidlíochtaí íocaíochta dá dtagraítear i mír 2 trí chéatadán seasta de luach iomlán na cabhrach, cé is moite den chabhair de bhun Airteagail 41, 43, 48 agus 50, agus Theideal IV den Rialachán seo, a fuair an feirmeoir sin i gcomhréir leis an Rialachán seo don bhliain féilire roimh chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí roimh Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, a bheith curtha i bhfeidhm, a roinnt ar líon na dteidlíochtaí íocaíochta a leithdháilfear ar an bhfeirmeoir sin i gcéad bhliain chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí, cé is moite díobh siúd a leithdháilfear ón gcúlchiste náisiúnta nó óna gcúlchistí réigiúnacha.

Déanfar an céatadán seasta sin a ríomh trí uasteorainn náisiúnta nó réigiúnach do scéim na híocaíochta bunúsaí atá le socrú i gcomhréir le hAirteagal 22(1) nó le hAirteagal 23(2) faoi seach den Rialachán seo do chéad bhliain chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí, tar éis don laghdú líneach dá bhforáiltear i mír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 2 d'Airteagal 30 a roinnt ar luach iomlán na cabhrach, lúide gach cabhair de bhun Airteagail 41, 43, 48 agus 50, agus Teideal IV den Rialachán seo, arna dheonú don bhliain féilire roimh chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí sa Bhallstát nó sa réigiún lena mbaineann sula gcuirfear Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i bhfeidhm.

4.   Nuair a bheidh mír 2 á cur i bhfeidhm acu, oibreoidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, chun luach na dteidlíochtaí íocaíochta a chomhchuibhiú ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach. Chuige sin, socróidh na Ballstáit na bearta a bheidh le déanamh agus modh an ríofa a bheidh le húsáid agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas fúthu faoin 1 Lúnasa den bhliain roimh chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí. Ar na bearta sin beidh modhnuithe bliantúla de réir a chéile ar luach bunaidh na dteidlíochtaí íocaíochta dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir le critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha, ag tosú ó chéad bhliain chur chun feidhme scéim na híocaíochta bunúsaí.

Sa chéad bhliain ina gcuirfear scéim na híocaíochta bunúsaí chun feidhme, cuirfidh na Ballstáit luach a dteidlíochtaí in iúl do na feirmeoirí, mar a ríomhtar iad i gcomhréir leis an Airteagal seo le haghaidh gach bliana den tréimhse a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

5.   Chun críocha mhír 3, i gcás ina ndéanfar léas ar limistéir talmhaíochta nó cuid de léas a dhíol nó a dheonú nó i gcás ina rachaidh an léas nó cuid de in éag tar éis an dáta a shocrófar de bhun Airteagal 36(3) agus roimh an dáta a shocrófar de bhun Airteagal 33(1), féadfaidh Ballstát, ar bhonn critéar oibiachtúil, a fhoráil go bhfuil an méadú, nó cuid den mhéadú sin, ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta a leithdháilfí ar an bhfeirmeoir lena mbaineann le dul ar ais isteach sa chúlchiste náisiúnta nó sna cúlchistí réigiúnacha i gcás gur brábús amhantair a bheadh sa mhéadú sin don fheirmeoir lena mbaineann.

Leagfar síos na critéir oibiachtúla sin ar bhealach a áiritheoidh go gcaithfear go cothrom le feirmeoirí éagsúla agus go seachnófar saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht, agus áireofar leis na critéir sin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

íostréimhse don léas;

(b)

an cion den íocaíocht a gheofar atá le dul ar ais sa chúlchiste náisiúnta nó sna cúlchistí réigiúnacha.

CAIBIDIL 2

Íocaíocht athdháilte

Airteagal 41

Rialacha ginearálta

1.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh faoin 1 Lúnasa in aon bhliain faoi leith íocaíocht bhliantúil a dheonú sa chéad bhliain eile ar fheirmeoirí atá i dteideal íocaíocht faoi scéim na híocaíochta bunúsaí dá dtagraítear i Ranna 1, 2, 3 agus 5 de Chaibidil 1 nó faoin scéim íocaíochta aonair limistéir dá dtagraítear in Roinn 4 de Chaibidil 1 ("an íocaíocht athdháilte").

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon chinneadh den sórt sin faoin dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Na Ballstáit a chinn scéim na híocaíochta bunúsaí a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 23, féadfaidh siad an íocaíocht athdháilte a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach.

3.   Gan dochar do chur i bhfeidhm an smachta airgeadais, an laghdú ar íocaiochtaí i gcomhreir le hAirteagal 11, na laghduithe líneacha dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo ná do chur i bhfeidhm Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 deonófar an íocaíocht athdháiltear bhonn bliantúil nuair a ghníomhachtóidh an feirmeoir na teidlíochtaí íocaíochta nó i mBallstáit a chuireann Airteagal 36 den Rialachán seo i bhfheidhm, nuair a dhearbhóidh an feirmeoir na heicteáir incháilithe.

4.   Ríomhfaidh na Ballstáit an íocaíocht athdháilte gach bliain trí fhigiúr a shocróidh na Ballstáit nach mbeidh níos airde ná 65 % den mheáníocaíocht náisiúnta nó réigiúnach in aghaidh an heicteáir a mhéadú faoi líon na dteidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtaighan feirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 33(1) nó ar líon na heicteár incháilithe a dhearbhóidh an feirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 36(1a). Ní bheidh líon na dteidlíochtaí íocaíochta nó na heicteár sin níos mó ná uasmhéid a shocróidh na Ballstáit nach mbeidh níos mó ná 30 heicteár nó meánmhéid na ngabháltas talmhaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII má tá an meánmhéid sin níos mó ná 30 heicteár sa Bhallstát lena mbaineann.

5.   Ar an gcoinníoll go n-urramófar na huasteorainneacha a leagtar amachi mír 4, féadfaidh na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta, grádú a chur i mbun laistigh de líon na heicteár a shocraítear i gcomhréir leis an mír sin, agus beidh feidhm chomhionann acu maidir leis na feirmeoirí uile.

6.   An mheáníocaíocht náisiúnta in aghaidh an heicteáir dá dtagraítear i mír 4 den Rialachán seo, bunóidh na Ballstáit í ar bhonn na huasteorann náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II don bhliain féilire 2019 agus ar líon na heicteár incháilithe a dhearbhófar i gcomhréir le hAirteagal 33(1) nó le hAirteagal 36(2) in 2015.

An mheáníocaíocht réigiúnach in aghaidh an heicteáir dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, bunóidh na Ballstáit í trí sciar den uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II don bhliain féilire 2019 a úsáid mar aon le líon na heicteár incháilithe a dearbhaíodh sa réigiún lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 33(1) in 2015. I gcás gach réigiúin, ríomhfar an sciar sin tríd an uasteorainn réigiúnach faoi seach a socrófar i gcomhréir le Airteagal 23(2), a roinnt ar an uasteorainn náisiúnta a socrófar i gcomhréir le hAirteagal 22(1) tar éis an laghdú líneach dá bhforáiltear i mír 1 d'Airteagal 30a bheith curtha i bhfeidhm sa chás nach gcuirfi mír (2) den Airteagal sin i bhfeidhm.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit dtabharfar aon bhuntáiste dá bhforáiltear faoin gCaibidil seo d'fheirmeoirí a bhfuil sé suite ina leith, ón 18Deireadh Fómhair 2011, gur roinn siad a ngabháltas agus gan é d'aidhm acu ach tairbhe a bhaint as an íocaíocht athdháilte. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le feirmeoirí ar toradh iad a ngabháltais ar an roinnt sin.

8.   I gcás duine dhlítheanaigh, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, féadfaidh na Ballstáit an t-uaslíon teidlíochtaí íocaíochta nó heicteár dá dtagraítear i mír 4 a chur i bhfeidhm ar leibhéal chomhaltaí na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha sin sa chás sin ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta go mbeidh cearta agus oibleagáidí na gcomhaltaí aonair inchomparáide le cearta feirmeoirí aonair a bhfuil stádas cheann an ghabháltais acu, go háirithe maidir lena stádas eacnamaíoch, sóisialta agus cánach, ar an gcoinníoll gur chuidigh siad chun struchtúir talmhaíochta na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha lena mbaineann a neartú.

Airteagal 42

Forálacha airgeadais

1.   Chun an íocaíocht athdháilte a mhaoiniú, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, faoin dáta dá dtagraítear in Airteagal 41(1), suas le 30 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a úsáid. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh den sórt sin faoin dáta sin.

2.   Ar bhonn an chéatadáin den uasteorainn náisiúnta a bheidh le húsáid ag na Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena socrófar an uasteorainn chomhfhreagrach don íocaíocht athdháilte ar bhonn bliantúil trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

CAIBIDIL 3

Íocaíocht d'fheirmeoirí a leanann cleachtais talmhaíochta chun leas na haeráide agus an chomhshaoil

Airteagal 43

Rialacha ginearálta

1.   Feirmeoirí atá i dteideal íocaíochta faoi scéim na híocaíochta bunúsaí nó faoin scéim íocaíochta aonair limistéir, leanfaidh siad, ar iomlán a gcuid heicteár incháilithe de réir bhrí Airteagal 32(2) go (5), na cleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don aeráid agus don chomhshaol dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó na ceanglais chóibhéiseacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

2.   Is mar a leanas a bheidh na cleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don aeráid agus don chomhshaol:

(a)

éagsúlú barr;

(b)

féarthailte buana a choimeád; agus

(c)

limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a bheith i gcuid den limistéar talmhaíochta.

3.   Is é a bheidh sna cleachtais choibhéiseacha cleachtais chomhchosúla a tháirgeann tairbhe coibhéiseach nó tairbhe níos airde don aeráid agus don chomhshaol i gcomparáid le cleachtas amháin nó roinnt de na cleachtais dá dtagraítear i mír 2. Liostaítear in Iarscríbhinn IX na cleachtais choibhéiseacha agus an cleachtas nó na cleachtais dá dtagraítear i mír 2 lena bhfuil siad coibhéiseacha agus beidh siad faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)

gealltanais a gabhadh de láimh i gcomhréir le hAirteagal 39(2) de Rialachán Uimh. 1698/2005 nó le hAirteagal 28(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

(b)

scéimeanna deimhniúcháin comhshaoil náisiúnta nó réigiúnacha, lena n-áirítear iad siúd le haghaidh deimhnithe maidir le comhlíonadh na reachtaíochta náisiúnta comhshaoil, lena éilítear níos mó ná na caighdeáin ábhartha éigeantacha a bunaíodh de bhun Caibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, arb é is aidhm leo na cuspóirí a bhaint amach i dtaca le cáilíocht na hithreach agus an uisce, le bithéagsúlacht, le caomhnú an tírdhreacha agus le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó. Féadfar a áireamh leis na scéimeanna deimhniúcháin sin na cleachtais a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo, na cleachtais dá dtagraítear i mír 2, nó meascán de na cleachtais sin.

4.   Na cleachtais choibhéiseacha dá dtagraítear i mír 3, ní bheidh siad faoi réir cistiú dúbailte.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, i gcás inarb iomchuí, teorainn a chur leis na roghanna a bheidh ag feirmeoirí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 3.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, i gcás inarb iomchuí, go gcomhlíonfaidh feirmeoirí a gcuid oibleagáid uile faoi mhír 1 i gcomhréir le scéimeanna deimhniúcháin comhshaoil náisiúnta nó réigiúnacha dá dtagraítear i bpointe b de mhír 3.

7.   Faoi réir na gcinntí a dhéanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 5 agus 6, ní fhéadfaidh feirmeoir ceann amháin nó níos mó de na cleachtais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a leanúint ach amháin má ghlacann na cleachtais sin, ar bhealach iomlán, ionad na gcleachtas gaolmhar dá dtagraítear in mír 2. Ní fhéadfaidh feirmeoir scéimeanna deimhniúcháin dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 a úsáid ach amháin má chumhdaíonn siad an oibleagáid iomlán dá dtagraítear i mír 1.

8.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina gcuid cinntí dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 mar aon leis na gealltanais shonracha nó na scéimeanna deimhniúcháin a mbeidh sé ar intinn acu a fheidhmiú mar chleachtais choibhéiseacha de réir bhrí mhír 3.

Measúnóidh an Coimisiún an bhfuil na cleachtais a áirítear sna gealltanais shonracha nó scéimeanna deimhniúcháin cumhdaithe sa liosta in Iarscríbhinn IX agus má mheasann sé nach bhfuil, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit dá réir sin trí ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 71(2) nó (3) a chur i bhfeidhm. I gcás ina dtugann an Coimisiún fógra do Bhallstát nach bhfuil na cleachtais sin cumhdaithe leis an liosta in Iarscríbhinn IX, ní chuirfidh an Ballstát sin na gealltanais shonracha ná na scéimeanna deimhniúcháin a bhaineann fógra an Choimisiúin leo i bhfeidhm mar chleachtais choibhéiseacha de réir bhrí mhír 3 den Airteagal seo.

9.   Gan dochar do mhír 10 agus do mhír 11 den Airteagal seo, ná do chur i bhfeidhm an smachta airgeadais, na laghduithe líneacha i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachan seo agus do chur i bhfeidhm Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, deonóidh na Ballstáit an íocaíocht dá dtagraítear sa Chaibidil seo ar fheirmeoirí a leanann na cleachtais as na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo atá ábhartha dóibh féin, agus sa mhéid a chomhlíonann na feirmeoirí sin Airteagal 44, Airteagal 45 agus Airteagal 46 den Rialachán seo.

Déanfar an íocaíocht seo trí mhéan íocaíochta bliantúla in aghaidh an heicteáir incháilithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 33(1) nó le hAirteagal 36(1a), íocaíocht a ríomhfar ar bhonn bliantúil tríd an méid atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 47 a roinnt ar líon iomlán na heicteár incháilithe a dearbhaíodh, i gcomhréir le hAirteagal 33(1) nó le hAirteagal 36(2), sa Bhallstát nó sa réigiún lena mbaineann.

De mhaolú ar an dara fomhír, na Ballstáit sin a chinnfidh Airteagal 25(2) a chur i bhfeidhm, féadfaidh siad a chinneadh an íocaíocht dá dtagraítear sa mhír sin a dheonú mar chéatadán de luach iomlán na dteidlíochtaí a bheidh gníomhachtaithe ag an bhfeirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 33(1) do gach bliain ábhartha.

Do gach bliain agus do gach Ballstát nó réigiún, déanfar an céatadán sin a ríomh tríd an méid a fhaightear de bharr Airteagal 47 a chur i bhfeidhm a roinnt ar líon iomlán na dteidlíochtaí íocaíochta a bheidh gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 33(1) sa Bhallstát nó sa réigiún.

10.   Feirmeoirí a bhfuil a ngabháltas suite ina n-iomláine nó i bpáirt i limistéar a chumhdaítear le Treoir 92/43/CEE, le Treoir 2000/60/CE nó le Treoir 2009/147/CE, beidh siad i dteideal an íocaíocht dá dtagraítear sa Chaibidil seo ar an gcoinníoll go leanann siad na cleachtais dá dtagraítear sa Chaibidil seo a mhéid atá na cleachtais sin ag luí le cuspóirí na dTreoracha sin i gcás na ngabháltas sin.

11.   Feirmeoirí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 maidir le feirmeoireacht orgánach, beidh siad i dteideal, ipso facto, na híocaíochta dá dtagraítear sa Chaibidil seo.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le haonaid gabháltais a úsáidtear chun críche táirgthe orgánaigh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

12.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 chun an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

ag cur cleachtais choibhéiseacha leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IX;

(b)

ag bunú na ceanglais iomchuí is infheidhme do na scéimeanna deimhniúcháin náisiúnta nó réigiúnacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear an leibhéal ráthaíochta atá le cur ar fáil ag na scéimeanna sin;

(c)

ag bunú rialacha mionsonraithe do ríomh an méid dá dtagraítear in Airteagal 28(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 i ndáil leis na cleachtais dá dtagraítear i bpointe 3 agus i bpointe 4 de Roinn I agus i bpointe 7 de Roinn III d'Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo agus aon chleachtais choibhéiseacha eile a chuirfí leis an Iarscríbhinn sin de bhun phointe (a) den mhír seo, dá dteastaíonn ríomh ar leith chun an cistiú dúbailte a sheachaint.

13.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar rialacha maidir leis an nós imeachta i ndáil leis na fógraí, lena n-áirítear rialacha maidir leis an amchlár dá tíolacadh, agus leis an measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún dá dtagraítear i mír 8. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

Airteagal 44

Éagsúlú barr

1.   I gcás ina gcumhdóidh talamh arúil an fheirmeora idir 10 heicteár agus 30 heicteár, agus nach saothrófar ina iomláine é le barra faoi uisce ar feadh tréimhse fada den bhliain, nó ar feadh tréimhse fada den timthriall barr, beidh dhá bharr éagsúla ar a laghad ar an talamh arúil sin. Ní bheidh níos mó ná 75 % den talamh arúil sin faoin bpríomhbharr.

I gcás ina gcumhdóidh talamh arúil an fheirmeora níos mó ná 30 heicteár, agus nach saothrófar ina iomláine é le barra faoi uisce ar feadh tréimhse fada den bhliain, nó ar feadh tréimhse fada den timthriall barr, beidh trí bharr éagsúla ar a laghad ar an talamh arúil sin. Ní chumhdóidh an príomhbharr níos mó ná 75 % den talamh arúil sin agus ní chumhdóidh an dá phríomhbharr le chéile níos mó ná 95 % den talamh arúil sin

2   Gan dochar do líon na mbarr a theastaíonn de bhun mír 1, ní bheidh feidhm ag na huastairseacha a leagtar amach ansin i gcás gabháltasina mbeidh níos mó ná 75 % den talamh arúil faoi fhéar nó faoi fhoráiste luibheach eile nó i gcás inar talamh branair níos mó ná 75 % den talamh arúil. I gcásanna den sórt sin, ní chumhdóidh an príomhbharr ar an gcuid eile den talamh arúil níos mó ná 75 % den talamh arúil sin ach amháin i gcás ina mbeidh an talamh eile sin faoi fhéar nó faoi fhoráiste luibheach nó gur talamh branair é.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le gabháltais:

(a)

ina n-úsáidfear níos mó ná 75 % den talamh arúil chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh, nó gur talamh branair nó talamh a bheidh faoi réir teaglam de na húsáidí sin atá ann, ar an gcoinníoll nach mó ná 30 heicteár an talamh arúil nach gcumhdófar leis na húsáidí sin;

(b)

i gcás inar féarthailte buana níos mó ná 75 % den limistéar talmhaíochta incháilithe mar fhéarthailte buana, ina n-úsáidtear échun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh nó barra a bhíonn faoi uisce ar feadh cuid shuntasach den bhliain nó cuid shuntasach de thimthriall na mbarr, nó faoi réir teaglam de na húsáidí sin atá ann, ar an gcoinníoll nach mó ná 30 heicteár an talamh arúil nach gcumhdaítear leis na húsáidí sin;

(c)

i gcás nár dhearbhaigh an feirmeoir, ina iarratas ar chabhair ón mbliain roimhe sin, breis agus 50 % de limistéar an talaimh arúil a dearbhaíodh, agus, bunaithe ar chomparáid a dhéanamh idir na hiarratais gheo-spásacha, ina mbeidh an talamh arúil ar fad á shaothrú le barr difriúil ó bharr na bliana féilire roimhe sin;

(d)

a bheidh lastuaidh den 62ú líne dhomhanleithid nó i limistéir áirithe atá cóngarach di. I gcás ina gcumhdóidh talamh arúil an ghabháltais níos mó ná 10 heicteár, beidh dhá bharr éagsúla ar a laghad ar an talamh arúil sin agus ní chlúdóidh ceann ar bith de na barra sin níos mó ná 75 % den talamh arúil ach amháin sa chás nuair is féar nó foráiste luibheach eile an príomhbharr nó gur talamh branair atá ann.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh "barr" aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

saothrán de chuid cheann ar bith de na genera éagsúla a shainmhínítear in aicmiú luibheolaíoch na mbarr;

(b)

saothrán de chuid aon speicis de na Brasscacerae, Solanaeceae nó Cucurbitaceae;

(c)

talamh branair

(d)

féar nó foráiste luibheach eile.

Measfargo mbeidh barra geimhridh agus barra earraigh éagsúil, fiú más den ghéineas céanna iad araon.

5.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70:

(a)

cineálacha eile genera agus speiceas a aithint mar aon leo siúd dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo; agus

(b)

na rialacha a leagan síos chun ríomh beacht sciartha na mbarr éagsúil a chur i bhfeidhm.

Airteagal 45

Féarthailte buana

1.   Ainmneoidh na Ballstáit féarthailte buana atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de i limistéir a chumhdaítear le Treoir 92/43/CEE nó le Treoir 2009/147/CE, lena n-áirítear talamh portaigh agus bogaigh atá suite sna limistéir sin, agus a dteastaíonn dianchosaint uathu chun cuspóirí na dTreoracha sin a chomhlíonadh.

Chun cosaint a áirithiú d'fhéarthailte buana a bhfuil luach breise acu ó thaobh an chomhshaoil de, feádfaidh Ballstáit a chinneadh go n-ainmneoidh siad limistéir íogaire eile lasmuigh de na limistéir atá cumhdaithe le Treoir 92/43/CEE nó le Treoir 2009/147/CE, lena n-áirítear féarthailte buana ar ithir atá ar mhórán carbóin.

Ní thiontóidh feirmeoirí ná ní threabhfaidh siad féarthailte buana atá suite i limistéir a ainmneoidh na Ballstáit faoin gcéad fhomhír nó, i gcás inarb infheidhme, faoin dara fomhír.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach laghdóidh cóimheas limistéir na bhféarthailte buana le hais an limistéir talmhaíochta ina iomláine a dhearbhaigh na feirmeoirí i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 níos mó ná 5 % i gcomparáid le cóimheas tagartha a bhunóidh na Ballstáit in 2015 trí limistéir na bhféarthailte buana dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fhomhír den mhír seo a roinnt ar an limistéar talmhaíochta iomlán dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin.

Chun críocha an chóimheasa thagartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú:

(a)

ciallaíonn "limistéir féarthailte buana" an talamh faoi fhéarach buan a dhearbhóidh na feirmeoirí in 2012, nó in 2013 i gcás na Cróite, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 faoi réir na n-oibleagáidí faoin gCaibidil seo, móide an limistéar féarthailte buana a dhearbhaigh na feirmeoirí in 2015 i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 72(1) de Rialalchán (AE) Uimh. 1306/2013 faoi réir na n-oibleagáidí faoin gCaibidil seo nár dearbhaíodh mar thalamh faoi fhéarach buan in 2012 nó, i gcás na Cróite, in 2013;

(b)

ciallaíonn "limistéar talmhaíochta iomlán" an limistéar talmhaíochta a dhearbhóidh na feirmeoirí in 2015 i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 faoi réir na n-oibleagáidí faoin gCaibidil seo.

Déanfar cóimheas tagartha na bhféarthailte buana a athríomh i gcásanna ina mbeidh dualgas ar fheirmeoirí a bheidh faoi réir na n-oibleagáidí faoin gCaibidil seo limistéar a ath-thiontú ina fhéarthailte buana in 2015 nó in 2016 i gcomhréir le hAirteagal 93 Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Sa chás sin, déanfar na limistéir sin a chur leis na limistéir féarthailte buana dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo.

Bunófar gach bliain cóimheas na bhfhéarthailte buana ar bhonn na limistéar a dhearbhóidh na feirmeoirí a bheidh faoi réir na n-oibleagáidí faoin gCaibidil seo don bhliain lena mbaineann i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Beidh feidhm ag an oibleagáid faoin mír sin ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó, más iomchuí, ar an leibhéal foréigiúnach. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcuirfidh siad oibleagáid i bhfeidhm go gcaithfear féarthailte buana a choinneáil ar leibhéal an ghabháltais chun a áirithiú nach dtitfidh cóimheas na bhféarthailte buana níos mó ná 5 %. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i leith aon chinnidh den sórt sin faoin 1 Lúnasa 2014.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcóimheas tagartha agus faoin gcóimheas dá dtagraítear sa mhír seo.

3.   I gcás ina suífear go bhfuil an cóimheas dá dtagraítear i mír 2 tar éis laghdú níos mó ná 5 % ar an leibhéal réigiúnach nó foréigiúnach nó, i gcár inarb infheidhme, ar an leibhéal náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann oibleagáidí a fhorchur ar leibhéal an ghabháltais, i ndáil le talamh a ath-thiontú ina fhéarthailte buana do na feirmeoirí sin a mbeidh talamh ar fáil acu a tiontaíodh ó thalamh faoi fhéarach buan nó ó fhéarthailte buana ina thalamh le haghaidh úsáidí eile le linn tréimhse san aimsir a caitheadh70.

Ach i gcás ina gcoinneofar méid limistéir na bhféarthailte buana i ndearbhthéarmaí a bunaíodh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2 laistigh de theorainneacha áirithe, measfar go bhfuil an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 comhlíonta.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 i gcás inar toradh ar athfhoraoisiú é aon laghdú faoin tairseach, ar athfhoraoisiú é atá ag teacht leis an gcomhshaol agus nach n-áireofar leis fáschoillte de gharráin ghearruainíochta, de chrainn Nollag ná de chrainn a fhásann go tapa agus a shaothraítear ar mhaithe le giniúint fuinnimh.

5.   Chun a áirithiú go gcoinneofar cóimheas na bhféarthailte buana, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena leagfar síos rialacha mionsonraithe i ndáil le féarthailte buana, lena n-áirítear rialacha i ndáil le hath-thiontú i gcás nach gcomhlíonfar an oibleagáid i mír 1 den Airteagal seo, rialacha a mbeidh feidhm acu maidir leis na Ballstáit i ndáil le hoibleagáidí a bhunú ar leibhéal an ghabháltais maidir le féarthailte buana dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a choinneáil agus maidir le haon choigeartú ar an gcóimheas tagartha dá dtagraítear i mír 2 a mbeadh gá leis.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70:

(a)

ag leagadh síos an creat faoina ndéanfar an t-ainmniúchán maidir le limistéir íogaire eile dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo;

(b)

ag bunú modhanna mionsonraithe chun cóimheas na bhféarthailte buana a chinneadh, mar aon leis an limistéar talmhaíochta iomlán nach mór a choinneáil de bhun mhír 2 den Airteagal seo;

(c)

ag sainiú an tréimhse san aimsir a caitheadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar na teorainneacha dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

Airteagal 46

An limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht

1.   I gcás ina gcumhdóidh talamh arúil an ghabháltais níos mó ná 15 heicteár áiritheoidh na feirmeoirí, ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh, gur limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht é limistéar a bheidh ag comhfhreagairt do 5 % ar a laghad de thalamh arúil an ghabháltais a dhearbhaigh an feirmeoir i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh 1306/2013 agus lena n-áirítear na limistéir a luaitear i bpointí (c), (d), (h) agus (h) de mhír 2 den Airteagal seo, má mheasann an Ballstát mar limistéir faoi féarthailte buana iad i gcomhréir leis an mír sin.

Féadfar an céatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a mhéadú ó 5 % go 7 % ag gníomh reachtach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) den Chonradh.

Tíolacfaidh an Coimisiún, faoin 31 Márta 2017, tuarascáil mheastóireachta i ndáil le cur chun feidhme chéad fhomhír na míre seo, a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, togra le haghaidh gnímh reachtaigh ag gabháil leis mar a thagraítear dó sa dara fomhír.

2.   Cinnfidh na Ballstáit, faoin 1 Lúnasa 2014, go meastar ceann amháin nó níos mó de na limistéir seo a leanas mar limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht:

(a)

talamh a fhágtar bán;

(b)

ardáin;

(c)

gnéithe tírdhreacha, lena n-áirítear na gnéithe sin atá taobh le talamh arúil an ghabháltais; de mhaolú ar Airteagal 43(1) den Rialachán seo, féadfar a áireamh orthu sin gnéithe tírdhreacha nach n-áirítear sa limist incháilithe i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 76(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013;

(d)

stráicí maoláin, lena n-áirítear stráicí maoláin atá cumhdaithe le féarthailte buana, ar an gcoinníoll nach ionann iad agus an limistéar talmhaíochta incháilithe atá taobh leo;

(e)

heicteáir agrafhoraoiseachta a fhaigheann nó a bhfuair tacaíocht faoi Airteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 agus/nó Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó a bhfuil tacaíocht faighte acu faoi na forálacha sin;

(f)

stráicí de heicteáir incháilithe feadh imeall foraoise;

(g)

limistéir ina bhfuil garráin ghearruainíochta nach n-úsáidtear aon leasachán mianrach ná táirgí cosanta plandaí iontu;

(h)

limistéir choilltithe dá dtagraítear i bpointe (b) (ii) d'Airteagal 32(2 den Rialachán seo);

(i)

limistéir a bhfuil barra breise, nó cumhdú glas iontu a bunaíodh de bharr síolta a cuireadh agus a phéac, faoi réir chur i bhfeidhm na bhfachtóirí ualaithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo;

(j)

limistéir ina bhfuil barra fosaithe nítrigine.

Cé is moite de limistéir an ghabháltais dá dtagraítear i bpointe (g) agus i bpointe (h) den chéad fhomhír den mhír seo, is ar thalamh arúil an ghabháltais a bheidh an limistéar ina ndíreofar ar an éiceolaíocht, nó i gcás limistéar a luaitear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh freisin an limistéar ina ndíreofar ar an éiceolaíocht bheith taobh le talamh arúil an ghabháltais a dhearbhaigh an feirmeoir i gcomhréir le pointe (a)d' d'Airteagal 72(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013.

3.   D'fhonn an riarachán a shimpliú agus saintréithe na gcineálacha limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 2 a chur san áireamh agus d'fhonn gurbh fhusa iad a thomhas, féadfaidh na Ballstáit, agus líon iomlán na heicteár atá sa limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht de chuid gabháltais á ríomh acu, úsáid a bhaint as na fachtóirí tiontaithe agus/nó ualaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn X. I gcás ina gcinnfidh Ballstát go measfar gur limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht é pointe (i) den chéad fhomhír de mhír 2 nó aon limistéar eile atá faoi réir ualú ar lú é ná 1, beidh sé éigeantach na fachtóirí ualaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn X a úsáid.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le gabháltais:

(a)

ina n-úsáidfear níos mó ná 75 % den talamh arúil chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh nó gur talamh bán atá ann, nó go n-úsáidtear é chun barraí léagúmacha a shaothrú nó inar teaglam de na húsáidí sin atá ann, ar an gcoinníoll nach mó ná 30 heicteár an talamh arúil nach gcumhdaítear leis na húsáidí sin;

(b)

inarb ionann níos mó ná 75 % den limistéar talmhaíochta incháilithe agus féarthailte buana, ina n-úsáidfear é chun féara nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh nó chun barra a bhíonn faoi uisce ar feadh chuid shuntasach den bhliain nó chuid shuntasach de thimthriall na mbarr a shaothrú, nó inar teaglam de na húsáidí sin atá ann, ar an gcoinníoll nach mó ná 30 heicteár an talamh arúil nach gcumhdófar leis na húsáidí sin.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh suas le leath na bpointí céatadáin den limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach chun limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht a bheidh taobh lena chéile a fháil. Ainmneoidh na Ballstáit na limistéir agus na hoibleagáidí a bheidh ar fheirmeoirí nó ar ghrúpaí d'fheirmeoirí a bheidh rannpháirteach. Is é is aidhm le hainmniúchán na limistéár agus leis na hoibleagáidí go mbeadh siad mar bhonn agus taca ag cur chun feidhme bheartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol, leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh feirmeoirí a bhfuil a ngabháltais i ngaireacht dá chéile a cheadú an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh go comhcoiteann (")cur chun feidhme comhchoiteann")), ar an gcoinníoll gur tadhlach lena chéile na limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht. D'fhonn tacú le cur chun feidhme bheartais an Aontais i ndáil leis an gcomhshaol, leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht, féadfaidh na Ballstáit limistéir a ainmniú ina mbeifear in ann cur chun feidhme comhchoiteann a dhéanamh agus féadfaidh siad breis oibleagáidí a chur ar na feirmeoirí nó ar na grúpaí d'fheirmeoirí a bheidh páirteach sa chur chun feidhme comhchoiteann sin.

Gach feirmeoir a ghlacfaidh páirt i gcur chun feidhme comhchoiteann, áiritheoidh sé gur suite ar thalamh a ghabháltais féin a bheidh 50 % ar a laghad den limistéar atá faoi réir na hoibleagáide i mír 1 agus i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 2. Ní mó ná deich a bheidh ar líon na bhfeirmeoirí a bheidh rannpháirteach i gcur cun feidhme comhchoiteann den sórt sin.

7.   Na Ballstáit sin ina mbeidh níos mó ná 50 % d'achar dromchla iomlán an talaimh cumhdaithe le foraois, féadfaidh siad a chinneadh nach mbeidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le gabháltais atá suite i limistéir a ainmneoidh na Ballstáit mar limistéar atá faoi shriant nádúrtha i gcomhréir le pointe (a) nó pointe (b) d'Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, ar an gcoinníoll go mbeidh níos mó ná 50 % de limistéar dhromchla an talaimh den aonad dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo cumhdaithe le foraois agus gur airde cóimheas an talaimh faoi fhoraois don talamh talmhaíochta ná 3:1.

Measúnófar an limistéar atá cumhdaithe le foraois agus an cóimheas idir talamh foraois agus talamh talamhaíochtae ar leibhéal limistéir a bheidh coibhéiseach leis an leibhéal LAU2 nó ar leibhéal aonaid shoiléir eile a chumhdóidh an t-aon limistéar geografach, tadhlach, soiléir amháin a bhfuil dálaí talmhaíochta comhchosúla ann.

8.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na cinntí dá dtagraítear i mír 2 faoin 1 Lúnasa 2014, agus faoi aon chinntí dá dtagraítear in mír 3, 5, 6 nó 1d faoin 1 Lúnasa den bhliain roimh dóibh iarratas a dhéanamh.

9.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70:

(a)

lena leagfar síos critéir do na cineálacha limistéar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo le bheith cáilithe mar limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht;

(b)

lena gcuirfear isteach cineálacha eile limistéar seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2 a fhéadtar a chur san áireamh chun an céatadán dá dtagraítear sa mhír sin a urramú;

(c)

lena gcuirfear Iarscríbhinn X in oiriúint chun na fachtóirí tiontaithe dá dtagraítear i mír 3 a bhunú agus chun na critéir agus/nó na cineálacha limistéar a bheidh le sainiú ag an gCoimisiún faoi phointe(a) agus (b) den mhír seo a chur san áireamh;

(d)

lena leagfar síos na rialacha maidir leis an gcur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 a bhunú, lena n-áirítear íoscheanglais maidir le cur chun feidhme den sórt sin;

(e)

lena mbunófar an creat ina bhfuil na Ballstáit chun na critéir a bheidh le comhlíonadh ag na gabháltais chun go measfar iad a bheith i ngaireacht dá chéile chun críocha mhír 6 a shainiú;

(f)

lena mbunófar na modhanna chun an ceatadán d'achar dromchla iomlán an talaimh atá cumhdaithe le foraois agus an cóimheas idir talamh foraoise agus talamh talmhaíochta dá dtagraítear i mír 7 a chinneadh.

Airteagal 47

Forálacha airgeadais

1.   Chun an íocaíocht dá dtagraítear sa Chaibidil seo a mhaoiniú, úsáidfidh na Ballstáit 30 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an íocaíocht dá dtagraítear sa Chaibidil seo i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta.

Agus Airteagal 23 á chur i bhfeidhm acu, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an íocaíocht a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach. I gcás mar sin, úsáidfidh siad i ngach réigiún sciar na huasteorann a socraíodh de bhun mhír 3 den Airteagal seo. I gcás gach réigiúin, ríomhfar an sciar sin tríd an uasteorainn réigiúnach faoi seach arna bunú i gcomhréir le Airteagal 23(2), a roinnt ar an uasteorainn náisiúnta arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 22(1) tar éis an laghdú líneach dá bhforáiltear i mír 1 d'Airteagal 30 a asbhaint sa chás nach gcuirfear mír (2) den Airteagal sin i bhfeidhm.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar ar bhonn bliantúil, na huasteorainneacha atá chomhfhreagrach don íocaíocht dá dtagraítear sa Chaibidil seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

CAIBIDIL 4

Íocaíocht do limistéir atá faoi shrianta nádúrtha

Airteagal 48

Rialacha ginearálta

1.   Féadfaidh na Ballstáit íocaíocht a dheonú ar fheirmeoirí atá i dteideal íocaíochta faoi scéim na híocaíochta bunúsaí nó faoin scéim íocaíochta aonair limistéir dá dtagraítear i gCaibidil 1 a bhfuil a ngabháltais suite ina n-iomláine nó i bpáirt i limistéir atá faoi shrianta nádúrtha a d'ainmnigh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (Íocaíocht do limistéir atá faoi shrianta nádúrtha)

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an íocaíocht a dheonú do limistéir atá faoi shrianta nádúrtha ar na limistéir ar fad a thagann faoi raon feidhme mhír 1 nó an íocaíocht a theorannú do roinnt de na limistéir sin, sin, ar bhonn critéar oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach.

3.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, do chur i bhfeidhm an smachta airgeadais ná an laghdú ar íocaíochtaí díreacha i gomhréir le hAirteagal 11 agus do chur i bhfeidhm na laghduithe líneacha i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo ná do chur i bhfeidhm Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, deonófar an íocaíocht do limistéir atá faoi shrianta nádúrtha ar bhonn bliantúil in aghaidh an heicteáir incháilithe atá suite sna limistéir dar chinn Ballstát íocaíocht a dheonú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Íocfar í ar ghníomhachtú na dteidlíochtaí íocaíochta i ndáil leis na heicteáir sin atá i seilbh an fheoirmeora sin lena mbaineann nó, i mBallstáit a bhfuil Airteagal 36 den Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, nuair a dhearbhóidh an feirmeoir lena mbaineann na heicteáir incháilithe sin.

4.   Ríomhfar an íocaíocht do limistéir atá faoi shrianta nádúrtha in aghaidh an heicteáir tríd an méid a fhaightear de thoradh chur i bhfeidhm Airteagal 49 a roinnt ar líon na heicteár incháilithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 33(1) nó, i nó le hAirteagal 36 (2) atá suite sna limistéir ar chinn Ballstát íocaíocht a dheonú dóibh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid heicteár in aghaidh an ghabháltais a leagan amach a bhféadfar tacaíocht faoin gCaibidil seo a dheonú ina leith.

5.   Féadfaidh na Ballstáit an íocaíocht do limistéir atá faoi shrianta nádúrtha a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa mhír seo ar an gcoinníoll gur shainaithin siad na réigiúin lena mbaineann i gcomhréir le critéir oibiachtúla, neamhidirdhealaitheacha agus, go háirithe, lena srianta nádúrtha, lena n-áirítear déine na srianta sin, agus a ndálaí agranamaíochta.

Roinnfidh na Ballstáit an uasteorainn náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 49(1) idir na réigiúin i gcomhréir le critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha.

Ríomhfar an Íocaíocht do limistéir atá faoi shrianta nádúrtha a dhéanfar ar an leibhéal réigiúnach tríd an uasteorainn réigiúnach a ríomhtar i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo a roinnt ar líon na heicteár incháilithe a dearbhaíodh sa limistéar faoi seach i gcomhréir le hAirteagal 33(1) nó hAirteagal 36(2) atá suite sna limistéir ar chinn Ballstát íocaíocht a dheonú dóibh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 49

Forálacha airgeadais

1.   Chun íocaíocht do limistéir atá faoi shrianta nádúrtha a mhaoiniú, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, faoin 1 Lúnasa 2014, suas le 5 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a úsáid. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh den sórt sin faoin dáta sin.

Féadfaidh na Ballstáit, faoin 1 Lúnasa 2016, athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh le héifeacht ón 1 Eanáir 2017. Cuirfidh siad an céatadán athbhreithnithe in iúl don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2016.

2.   Ar bhonn an chéatadáin den uasteorainn náisiúnta a bheidh le húsáid ag na Ballstáit de bhun mhír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena socrófar na huasteorainneacha comhfhreagracha don íocaíocht do limistéir atá faoi shrianta nádúrtha ar bhonn bliantúil trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

CAIBIDIL 5

Íocaíocht d'fheirmeoirí óga

Airteagal 50

Rialacha ginearálta

1.   Deonóidh na Ballstáit íocaíocht bhliantúil ar fheirmeoirí óga a bheidh i dteideal íocaíochta faoi scéim na híocaíochta bunúsaí nó faoin scéim íocaíochta aonair limistéir dá dtagraítear i gCaibidil 1 (íocaíocht d'fheirmeoirí óga).

2.   Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn "feirmeoirí óga" daoine nádúrtha:

(a)

a bhfuil gabháltas talmhaíochta á bhunú acu den chéad uair agus iadsan i gceannas ar an ngabháltas sin, nó a bhfuil gabháltas mar sin bunaithe acu sna cúig bliana sular cuireadh isteach an chéad iarratas ar scéim na híocaíochta bunúsaí nó ar an scéim íocaíochta aonair limistéir dá dtagraítear in Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013; agus

(b)

nach sine iad ná 40 bliain d'aois sa bhliain inar cuireadh isteach an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe (a).

3.   Féadfaidh na Ballstáit critéir incháilitheachta oibiachtúla agusneamhidirdhealaitheacha eile d'fheirmeoirí óga a bheidh ag cur isteach ar an íocaíocht d'fheirmeoirí óga a shainiú tuilleadh maidir leis na scileanna agus/nó na ceanglais oiliúna iomchuí.

4.   Gan dochar do chur i bhfeidhm an smachta airgeadais, ná don laghdú ar íocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 11 agus do chur i bhfeidhm na laghduithe líneacha i gcomhréir le hAirteagal 7 ná do chur i bhfeidhm Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, deonófar an íocaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar bhonn bliantúil nuair a ghníomhachtóidh an feirmeoir na teidlíochtaí íocaíochta nó, i mBallstáit a bhfuil Airteagal 36 den Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, nuair a dhearbhóidh an feirmeoir na heicteáir incháilithe.

5.   Deonófar an íocaíocht íocaíocht d'fheirmeoirí óga ar gach feirmeoir ar feadh uastréimhse cúig bliana. Déanfar an tréimhse sin a laghdú de réir an lín bhlianta idir an bunú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír agus an tráth ar cuireadh isteach an chéad iarratas le haghaidh íocaíochta d'fheirmeoirí óga.

6.   Gach bliain, ríomhfaidh na Ballstáit nach mbeidh Airteagal 36 á chur i bhfeidhm acu, méid na híocaíochta d'fheirmeoirí óga trí líon na dteidlíochtaí a bheidh gníomhachtaithe ag an bhfheirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 32(1), a iolrú faoi uimhir a bheidh ag comhfhreagairt do:

(a)

25 % de mheánluach na dteidlíochtáí íocaíochta, a bheidh i seilbh an fheirmeora ar leis iad nó atá ar léas aige; nó

(b)

25 % den mhéid a gheofar trí chéatadán seasta den uasteorainn náisiúnta don bhliain féilire 2019, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a roinnt ar líon na heicteár incháilithe ar fad a dhearbhófar in 2015 i gcomhréir le hAirteagal 33(1). Beidh an céatadán seasta comhionann le sciar na huasteorann náisiúnta atá fágtha do scéim na híocaíochta bunúsaí i gcomhréir le hAirteagal 22(1) i gcomhair 2015.

7.   Ríomhfaidh na Ballstáit a mbeidh Airteagal 36 á chur i bhfeidhm acu méid na híocaíochta d'fheirmeoirí óga gach bliain trí uimhir a bheidh ag comhfhreagairt do 25 % den íocaíocht aonair limistér a ríomhadh i gcomhréir le hAirteagal 36 a iolrú faoi líon na heicteár incháilithe a dhearbhaigh an feirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 36(2).

8.   De mhaolú ar mhír 6 agus ar mhír 7, féadfaidh Ballstáit méid na híocaíochta d'fheirmeoirí óga a ríomh trí uimhir a bheidh ag comhfhreagairt do 25 % den mheáníocaíocht náisiúnta in aghaidh an heicteáir a iolrú faoi líon na dteidlíochtaí a bheidh gníomhachtaithe ag an bhfeirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 32(1) nó faoi líon na heicteár incháilithe a bheidh gníomhachtaithe ag an bhfeirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 36(2).

Ríomhfar an mheáníocaíocht in aghaidh an heicteáir tríd an uasteorainn náisiúnta don bhliain féilire 2019, a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a roinnt ar líon na heicteár incháilithe a dhearbhófar in 2015 i gcomhréir le hAirteagal 33(1) nó le hAirteagal 36(1a).

9.   Socróidh na Ballstáit uasteorainn aonair a bheidh infheidhme maidir le líon na dteidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtaigh an feirmeoir nó maidir le líon na heicteár incháilithe a dhearbhaigh an feirmeoir. Ní bheidh an uasteorainn sin níos lú ná 25 ná níos mó ná 90. Agus mír 6, mír 7 agus mír 8 á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit urramóidh siad an uasteorainn sin.

10.   In áit míreanna 6 go 9 a chur i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit cnapshuim bhliantúil a leithdháileadh in ghaidh an fheirmeora, agus í á ríomh trí líon seasta de heicteáir a iolrú faoi uimhir a bheidh ag comhfhreagairt do 25 % den mheáníocaíocht náisiúnta in aghaidh an heicteáir mar a bhunófar i gcomhréir mír 8.

An líon seasta heicteár dá dtagraítear san fhomhír thuas, ríomhfar é trí líon iomlán na heicteár incháilithe a dhearbhóidh na feirmeoirí óga, de bhun Airteagal 33(1) nó Airteagal 36(2), a bheidh ag cur isteach ar an íocaíocht d'fheirmeoirí óga in 2015, a roinnt ar líon iomlán na bhfeirmeoirí óga a bheidh tar éis cur isteach ar an íocaíocht sin in 2015.

Féadfaidh Ballstát an líon seasta heicteár a athríomh áfach aon bhliain i ndiaidh 2015 sa chás ina mbeidh athruithe suntasacha ann i líon na bhfeirmeoirí óga a bheidh ag cur isteach ar an íocaíocht nó i méid ghabháltais na bhfeirmeoirí óga, nó an dá rud.

Ní bheidh an chnapshuim bhliantúil a fhéadfar a dheonú ar fheirmeoir níos mó ná méid iomlán a bhuníocaíochta sa bhliain áirithe sin sara gcuirfear Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 I bhfeidhm.

11   D'fhonn cosaint chearta na dtairbhithe a ráthú agus ionas nach ndéanfar idirdhealú eatarthu, cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 maidir leis na dálaí faoina bhféadfar a mheas go bhfuil duine dlítheanach incháilithe an íocaíocht d'fheirmeoirí óga a fháil.

Airteagal 51

Forálacha airgeadais

1.   Chun an íocaíocht d'fheirmeoirí óga a mhaoiniú, úsáidfidh na Ballstáit céatadán nach mó é ná 2 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II,. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, faoin 1 Lúnasa 2014, an céatadán a mheastar is gá chun an íocaíocht sin a mhaoiniú.

Féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán measta sin faoin 1 Lúnasa gach bliain, agus beidh éifeacht leis an athbhreithniú sin ón mbliain ina dhiaidh sin. Cuirfidh siad fógra chuig an gCoimisiún maidir leis an gcéatadán athbhreithnithe faoin 1 Lúnasa den bhliain roimh a chur i bhfeidhm.

2.   Gan dochar don uasteorainn 2 % a socraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina dtéann méid iomlán na híocaíochta d'fheirmeoirí óga a ndéantar iarratas uirthi i mBallstát i mbliain ar leith thar an uasteorainn a socraítear de bhun mhír 4 den Airteagal seo, agus i gcás inar lú an uasteorainn ná an uasmhéid sin, maoineoidh na Ballstáit an difríocht trí bhíthin pointe (f) den chéad fhomhír d'Airteagal 30(7) a chur i bhfeidhm sa bhliain ábhartha, trí laghdú líneach a chur i bhfeidhm ar na híocaíochtaí ar fad atá le deonú do gach feirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 32 nó le hAirteagal 36(2), nó sa dá bhealach

3.   I gcás ina rachaidh méid iomlán na híocaíochta d'fheirmeoirí óga a ndéantar iarratas uirthi i mBallstát i mbliain ar leith thar an uasteorainn a shocrófar de bhun mhír 4 den Airteagal seo, agus i gcás inarb ionann an uasteorainn sin agus 2 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil a leagtar síos in Iarscríbhinn II, cuirfidh na Ballstát laghdú líneach i bhfeidhm ar na méideanna a bheidh le híoc de bhun Airteagal 50 chun an uasteorainn sin a chomhlíonadh.

4.   Ar bhonn an chéatadáin a chuirfidh na Ballstáit in iúl de bhun mhír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar na huasteorainneacha comhfhreagracha don d'fheirmeoirí óga. ar bhonn bliantúil.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

TEIDEAL IV

TACAÍOCHT CHÚPLÁILTE

CAIBIDIL 1

Tacaíocht chúpláilte ar bhonn deonach

Airteagal 52

Rialacha ginearálta

1.   Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht chúpláilte a dheonú d'fheirmeoirí faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo. (dá ngairtear "tacaíocht chúpláilte" sa Chaibidil seo)

2.   Féadfar tacaíocht chúplailte a dheonú do na hearnálacha agus do na táirgí seo a leanas: gránaigh, síolta ola, barra próitéine, léagúim ghráinneacha, líon, cnáib, rís, cnónna, prátaí stáirse, bainne agus táirgí bainne, síolta, caoireoil agus feoil ghabhair, mairteoil agus laofheoil, ola olóige, seiriceáin, farae triomaithe, leannlusanna, biatas siúcra, cána agus siocair, torthaí agus glasraí agus garrán gearruainíochta.

3.   Ní fhéadfar tacaíocht chúpláilte a dheonú ach do na hearnálacha sin nó do na réigiúin sin de chuid Ballstáit ina mbainfidh deacrachtaí áirithe le cineálacha sonraithe feirmeoireachta nó le hearnálacha sonracha talmhaíochta a mbaineann tábhacht ar leith leo ar chúiseanna eacnamaíocha agus/nó sóisialta agus/nó comhshaoil.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfar tacaíocht chúpláilte a dheonú freisin d'fheirmeoirí:

(a)

a raibh teidlíochtaí íocaíochta ar seilbh acu an 31 Nollaig 2014 a deonaíodh i gcomhréir le Roinn 2 de Chaibidil 3 de Theideal III agus le hAirteagal 71m de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus i gcomhréir le hAirteagal 60 agus leis an gceathrú fomhír d'Airteagal 65 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009; agus

(b)

ar feirmeoirí iad nach bhfuil aon heicteáir incháilithe acu chun na teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú faoi scéim na híocaíochta bunúsaí dá dtagraítear i gCaibidil 1 de Theideal III den Rialachán seo.

5.   Ní féidir tacaíocht chúpláilte a dheonú ach a mhéad is gá chun dreasacht a chruthú na leibhéil reatha táirgthe a choinneáil sna hearnálacha nó sna réigiúin lena mbaineann.

6.   Is i bhfoirm íocaíochta bliantúla a bheidh tacaíocht chúpláilte agus deonófar í laistigh de theorainneacha sainithe cainníochtúla agus beidh sí bunaithe ar limistéir sheasta nó ar tháirgeacht sheasta nó ar líon seasta ainmhithe.

7.   I gcás duine dhlítheanaigh, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, féadfaidh na Ballstáit na teorainneacha dá dtagraítear i mír 6 a chur i bhfeidhm ar leibhéal chomhaltaí na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha sin i gcás ina bhforálfar leis an dlí náisiúnta do chearta agus d'oibleagáidí na gcomhaltaí aonair atá inchomparáide le cearta feirmeoirí aonair atá i gceannas ar ghabháltas, go háirithe maidir lena stádas eacnamaíoch, sóisialta agus cánach, ar an gcoinníoll gur chuidigh siad struchtúir thalmhaíochta na ndaoine nó na ngrúpaí dlíthiúla lena mbaineann a neartú.

8.   Aon tacaíocht chúpláilte a dheonófar faoin Airteagal seo, beidh sí comhsheasmhach le bearta agus le beartais eile an Aontais.

9.   D'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais ar bhealach éifeachtúil agus spriocdhírithe, agus chun cistiú dúbailte faoi ionstraimí tacaíochta cosúla eile a sheachaint, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena leagfar síos:

(a)

na coinníollacha i ndáil leis an tacaíocht cúpláilte a dheonú,

(b)

rialacha maidir le comhsheasmhacht le bearta eile an Aontais agus maidir le tacaíocht a fháil.

Airteagal 53

Forálacha airgeadais

1.   Chun an tacaíocht chúpláilte a mhaoiniú, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, faoin 1 Lúnasa den bhliain roimh an gcéad bhliain a chuirfear an tacaíocht sin chun feidhme, suas le 8 % dá n-uasteorainn náisiúnta bhliantúil, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III í, a úsáid.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh suas le 13 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a úsáid, ar an gcoinníoll:

(a)

go dtí an 31 Nollaig 2014:

(i)

go gcuireann siad i bhfeidhm an scéim íocaíochta aonair limistéir a leagtar síos i dTeideal V de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009

(ii)

go maoinaíonn siad bearta faoi Airteagal 111 den Rialachán sin, nó

(iii)

go gcumhdaítear iad leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 69(5), nó, i gcás Mhálta, in Airteagal 69(1) den Rialachán sin leo; agus/nó

(b)

go ndéanann siad, le linn bliana amháin ar a laghad sa tréimhse 2010-2014, leithdháileadh ar mhéid is mó ná 5 % den mhéid a bhí ar fáilchun na híocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear i dTeideal III, i dTeideal IV, cé is moite de Roinn 6 de Chaibidil 1 de Theideal IV agus Teideal V de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 a dheonú:

(i)

chun na bearta a leagtar síos i Roinn 2 de Chaibidil 2 de Theideal III de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 a mhaoiniú,

(ii)

chun an tacaíocht dá bhforáiltear i bhfhophointí (i) go (iv) de phointe (a) agus i bpointí (b) agus (e) d'Airteagal 68(1) den Rialachán sin a mhaoiniú, nó

(iii)

chun na bearta faoi Chaibidil 1 a mhaoiniú, cé is moite de Roinn 6 de Theideal IV den Rialachán sin.

3.   Féadfar an céatadán den uasteorainn náisiúnta bliantúil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a ardú suas go dhá phointe céatadáin i gcás na mBallstát sin a chinnfidh ar a laghad 2 % dá n-uasteorainn náisiúnta bliantúil a úsáid a leagtar amach in Iarscríbhinn II chun tacú le táirgeadh barraí próitéine faoin gCaibidil seo.

4.   De mhaolú ar mhír 2, na Ballstáit a rinne, le linn bliana amháin ar a laghad sa tréimhse 2010-2014, níos mó ná 10 % den mhéid a bhí ar fáil acu a leithdháileadh chun na híocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear i dTeideal III, Teideal IV, cé is moite de Roinn 6 de Chaibidil 1 de Theideal IV agus Teideal V de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 a dheonú,

(a)

chun na bearta a leagtar síos i Roinn 2 de Chaibidil 2 de Theideal III de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009;

(b)

chun an tacaíocht dá bhforáiltear i bhfhophointí (i) go (iv) de phointe (a) agus i bpointí (b) agus (e) d'Airteagal 68(1) den Rialachán sin,

(c)

nó chun na bearta faoi Chaibidil 1, cé is moite de Roinn 6 de Chaibidil 1 de Theideal IV den Rialachán sin, a mhaoiniú;

féadfaidh na Ballstáit sin cinneadh a dhéanamh níos mó ná 13 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid, ar fhormheas an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán sin.

5.   De mhaolú ar na céatadáin a leagtar amach i mír 1 go mír 4, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh suas le EUR 3 milliún in aghaidh na bliana a úsáid chun an tacaíocht chúpláilte a mhaoiniú.

6.   Féadfaidh na Ballstáit, faoin 1 Lúnasa 2016, athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh de bhun mhír 1 go mír 4 agus an méid a leanas a chinneadh, le héifeacht ó 2017:

(a)

an céatadán a shocrófar de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 a fhágáil gan athrú, a mhéadú nó a laghdú, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sna míreanna sin i gcás inarb infheidhme, nó an céatadán a shocrófar a fhágáil gan athrú nó a laghdú de bhun mhír 4,

(b)

na coinníollacha maidir le deonú na tacaíochta a mhodhnú;

(c)

deireadh a chur le deonú na tacaíochta faoin gCaibidil seo.

7.   Ar bhonn an chinnidh a ghlacfaidh gach Ballstát de bhun mhír 1 go mír 4 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar na huasteorainneacha comhfhreagracha don tacaíocht chúpláilte ar bhonn bliantúil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

Airteagal 54

Fógra a thabhairt

1.   Cuirfidh na Ballstáit fógra chuig an gCoimisiún maidir leis na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 53 faoi na dátaí dá dtagraítear san Airteagal sin. Ach amháin i gcás an chinnidh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 53(6), áireofar leis an bhfógra sin faisnéis maidir leis na réigiúin a mbeifear ag díriú orthu, leis na cineálacha feirmeoireachta nó earnálacha a roghnaíodh agus leis an leibhéal tacaíochta a bheidh le deonú.

2.   Áireofar freisin sna cinntí dá dtagraítear in Airteagal 53(2) agus (4) nó, nuair is iomchuí, i bpointe (a) d'Airteagal 53(6), cur síos mionsonraithe ar chás sonrach an réigiúin a mbeifear ag díriú air agus ar thréithe ar leith na gcineálacha feirmeoireachta nó na n-earnálacha talmhaíochta sonracha, arb iad is cúis leis an gcéatadán dá dtagraítear in Airteagal 53(1) a bheith neamh-leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 52(3), agus is údar le leibhéal méadaithe tacaíochta a chur ar fáil.

Airteagal 55

Formheas ón gCoimisiún

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 71 (2) nó (3) a chur i bhfeidhm, lena formheasfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 53(4) nó, i gcás inarb iomchuí, i bpointe (a) d'Airteagal 53(6), i gcás ina dtaispeánfar gurb ann do cheann amháin de na riachtanais a leanas sa réigiún nó san earnáil lena mbaineann:

(a)

an gá le leibhéal áirithe den táirgeadh sonrach a chothú i ngeall ar easpa roghanna malartacha agus an baol a laghdú go n-éireofaí as táirgeadh agus go mbeadh fadhbanna sóisialta agus/nó comhshaoil ann dá thoradh sin;

(b)

an gá le soláthar iontaofa a chur ar fáil don tionscal áitiúil próiseála, agus iarmhairt dhiúltach shóisialta agus eacnamaíoch aon athstruchtúraithe a d'eascródh as sin a sheachaint;

(c)

an gá leis na míbhuntáistí a bhainfidh d'fheirmeoirí in earnáil ar leith a chúiteamh, míbhuntáistí arb é suaitheadh leantach ar an margadh gaolmhar is cúis leo;

(d)

an gá le hidirghabháil i gcás ina measfar nach leor an tacaíocht eile a bheidh ar fáil faoin Rialachán seo, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó faoi aon scéim Státchabhrach formheasta eile chun na riachtanais dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo a chomhlíonadh.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir leis an nós imeachta i ndáil leis na cinntí dá dtagraítear i mír 1 den mhír seo a mheasúnú agus a fhormheas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

CAIBIDIL 2

Íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis

Airteagal 56

Raon feidhme

Deonófar cabhair ar fheirmeoirí a tháirgeann cadás a thagann faoi chód AC 5201 00 faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo ("íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis").

Airteagal 57

Incháilitheacht

1.   Deonófar an íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe cadáis. Ní bheidh an limistéar sin incháilithe ach amháin má bhíonn sé lonnaithe ar thalamh talmhaíochta a údaróidh an Ballstát le haghaidh táirgthe cadáis, má bhíonn cineálacha cadáis a údaróidh an Ballstát ann agus má bhainfear an cadás faoi ghnáthchoinníollacha fáis.

Íocfar an íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis as cadás maith cóir atá oiriúnach le díol.

2.   Déanfaidh na Ballstát an talamh agus na cineálacha cadáis dá dtagraítear i mír 1 a údarú i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha a bheidh le glacadh de bhun mhír 3.

3.   D'fhonn bainistiú éifeachtúil na híocaíochta i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis a áirithiú, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 maidir le rialacha agus coinníollacha i ndáil le talamh agus cineálacha cadáis a údarú chun críocha na híocaíochta i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagfar síos rialacha maidir leis an nós imeachta chun an talamh agus cineálacha cadáis a údarú chun críocha na híocaíochta i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis agus an nós imeachta chun fógra a bhaineann leis an údarú sin a thabhairt do na táirgeoirí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

Airteagal 58

Bunlimistéir, táirgeacht sheasta agus méideanna tagartha

1.   Bunaítear na bunlimistéir náisiúnta seo a leanas:

An Bhulgáir: 3 342 ha,

An Ghréig: 250 000 ha,

An Spáinn: 48 000 ha,

An Phortaingéil: 360 ha.

2.   Bunaítear an táirgeacht sheasta a leanas don tréimhse tagartha:

An Bhulgáir: 1,2 tona/ha,

An Ghréig: 3,2 tona/ha,

An Spáinn: 3,5 tona/ha,

An Phortaingéil: 2,2 tona/ha.

3.   Déanfar méid na híocaíochta i leith bairr shonraigh in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe a ríomh tríd an táirgeacht a bhunaítear i mír 2 a iolrú faoi na méideanna tagartha seo a leanas:

An Bhulgáir: EUR 584,88 in 2015; agus EUR 649,45 le haghaidh 2016 agus ina dhiaidh sin

An Ghréig: EUR 234,18

An Spáinn: EUR 362,15

An Phortaingéil: EUR 228,00

4.   Má sháraíonn an limistéar incháilithe cadáis i mBallstát ar leith i mbliain ar leith an bunlimistéar a bhunaítear i mír 1, déanfar laghdú ar an méid dá dtagraítear i mír 3 don Bhallstát sin i gcomhréir le méid an tsáraithe ar an mbunlimistéar.

5.   Chun go bhféadfar an íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis a chur i bhfeidhm, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 maidir le rialacha agus coinníollacha i ndáil leis an íocaíocht sin a dheonú agus i ndáil leis na riachtanais incháilitheachta agus i ndáil le cleachtais agranamaíocha.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir le ríomh an laghduithe dá bhforáiltear i mír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

Airteagal 59

Eagraíochtaí idirchraoibhe formheasta

1.   Chun críche na Caibidle seo, ciallaíonn "eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta" eintiteas dlíthiúil ina bhfuil feirmeoirí a tháirgeann cadás agus scilligeoir cadáis amháin ar a laghad, a bhíonn i mbun na ngníomhaíochtaí a leanas:

(a)

cuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear cadás ar an margadh, go háirithe trí staidéir thaighde agus suirbhéanna a dhéanamh ar an margadh;

(b)

foirmeacha caighdeánacha conartha atá ag luí le rialacha an Aontais a tharraingt suas;

(c)

táirgeadh a dhíriú ar tháirgí atá níos oiriúnaí do riachtanais an mhargaidh agus d'éileamh na dtomhaltóirí, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cosanta tomhaltóirí de;

(d)

modhanna agus bealaí chun cáilíocht táirgí a fheabhsú agus a thabhairt suas chun dáta;

(e)

straitéisí margaíochta a fhorbairt chun cadás a chur chun cinn trí scéimeanna deimhniúcháin cáilíochta.

2.   Déanfaidh an Ballstát ina bhfuil na scilligeoirí cadáis bunaithe eagraíochtaí idirchraoibhe a fhormheas a chomhlíonann na critéir atá le leagan síos de bhun mhír 3.

3.   Ionas go ndéanfar chur i bhfeidhm an íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis ar bhealach éifeachtúil a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena leagfar síos:

(a)

critéir chun eagraíochtaí idirchraoibhe a fhormheas;

(b)

oibleagáidí atá ar tháirgeoirí;

(c)

rialacha lena rialaítear an cás nach gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta na critéir dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 60

Deonú na híocaíochta

1.   Deonófar an íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis ar fheirmeoirí in aghaidh an heicteáir incháilithe, faoi mar a bhunaítear in Airteagal 58 é.

2.   I gcás feirmeoirí ar baill iad d'eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta, méideofar an íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis orthu in aghaidh an heicteáir incháilithe laistigh den bhunlimistéar a leagtar síos in Airteagal 58(1), móide EUR 2.

TEIDEAL V

SCÉIM NA BHFEIRMEOIRÍ BEAGA

Airteagal 61

Rialacha ginearálta

1.   Féadfaidh na Ballstáit scéim a bhunú d'fheirmeoirí beaga i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Teideal seo ('scéim na bhfeirmeoirí beaga').

Feirmeoirí a bhfuil in 2015 teidlíochtaí íocaíochta ina seilbh nó ar léas acu nó, sna Ballstáit a bhfuil Airteagal 36 á chur i bhfeidhm acu, a mbeidh éileamh á dhéanamh acu ar an scéim íocaíochta aonair limistéir, agus a chomhlíonann na híoscheanglais dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), féadfaidh siad rogha a dhéanamh bheith rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga'.

2.   Tiocfaidh íocaíochtaí faoi scéim na bhfeirmeoirí beaga in ionad na n-íocaíochtaí a dheonófar de bhun Theideal III agus Theideal IV.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír igcás ina roghnaíonn Ballstát an modh íocaíochta a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 63(2), beidh feidhm ag na. Sa chás sin, beidh an íocaíocht ag brath ar na coinníollacha a leagtar síos faoi seach i dTeideal III agus i dTeideal, gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo.

3.   Beidh feirmeoirí a bheidh rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga díolmhaithe ó na cleachtais talmhaíochta dá bhforáiltear i gCaibidil 3 de Theideal III.

4.   Ní dheonófar aon bhuntáiste dá bhforáiltear faoin Teideal seo i bhfabhar feirmeoirí a mbeidh sé suite ina leith, gur chruthaigh siad tar éis an 18 Deireadh Fómhair na coinníollacha go saorga chun tairbhe a bhaint as scéim na bhfeirmeoirí beaga.

Airteagal 62

Rannpháirtíocht

1.   Feirmeoirí ar mian leo bheith rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga, cuirfidh siad iarratas isteach faoi dháta a bheidh le socrú ag na Ballstáit ach tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2015. Ní fhéadfaidh an dáta a shocróidh na Ballstáit, áfach, a bheith níos luaithe ná an lá deireanach chun iarratas a chur isteach faoi scéim na híocaíochta bunúsaí nó faoi scéim íocaíochta aonair limistéir.

Feirmeoirí nach ndearna iarratas ar rannpháirtíocht i scéim na bhfeirmeoirí beaga faoin dáta a shocróidh an Ballstát, nó a rinne cinneadh tarraingt siar uaidh tar éis an dáta sin, nó a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta faoi phointe (c) d'Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, ní bheidh de theideal acu a thuilleadh bheith rannpháirteach sa scéim sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go n-áireofar feirmeoirí a bhfuil méid a n-íocaíochtaí díreacha faoi Theideal III agus faoi Theideal IV níos ísle ná an t-uasmhéid a shocróidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 63, i scéim na bhfeirmeoirí beaga go huathoibríoch mura dtarraingeoidh siad siar uaidh go sainráite faoin dáta a shocróidh an Ballstát i gcomhréir le mír 1 nó in aon bhliain ina dhiaidh sin. Cuirfidh na Ballstáit a bhainfidh leas as an bhféidearthacht sin na feirmeoirí ábhartha ar an eolas in am agus i dtráth faoina gceart tarraingt siar ón scéim seo.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear meastachán de mhéid na híocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 63 in iúl d'fheirmeoirí roimh an dáta chun iarratas a chur isteach nó an dáta aistarraingthe a shocróidh an Ballstát sin.

Airteagal 63

Méid na híocaíochta

1.   Socróidh na Ballstáit méid na híocaíochta bliantúla do gach feirmeoir atá rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga ar cheann amháin de na leibhéil a leanas:

(a)

méid nach mó ná 25 % den mheáníocaíocht náisiúnta do gach tairbhí, a bhunóidh na Ballstáit ar bhonn na huasteorann náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II don bhliain féilire 2019 agus ar bhonn líon na bhfeirmeoirí a mbeidh na heicteáir incháilithe dearbhaithe acu, de bhun Airteagal 33(1) nó Airteagal 36(1a) in 2015;

(b)

méid a fhreagróidh don mheáníocaíocht náisiúnta in aghaidh an heicteáir a mhéadófar faoi fhigiúr a fhreagróidh do líon na heicteár, agus uasmhéid na heicteár nach mbeidh níos mó ná a cúig. Bunóidh na Ballstáit an mheáníocaíocht náisiúnta in aghaidh an heicteáir ar bhonn na huasteorann náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II don bhliain féilire 2019 agus ar bhonn líon na heicteár incháilithe a dhearbhófar i gcomhréir le hAirteagal 33(1) nó le hAirteagal 36(2) in 2015.

Ní bheidh na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) den chéad fhomhír níos lú ná EUR 500 ná níos mó ná EUR 1,250.

más lú ná EUR 500 nó más mó ná EUR 1,250 an toradh ar phointe (a) agus ar phointe (b) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm, déanfar an méid a shlánú suas nó síos, faoi seach, chuig an íosmhéid nó chuig an uasmhéid.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát a chinneadh an méid a leanas a dheonú d'fheirmeoirí:

(a)

méid a bheidh comhionann le luach iomlán na n-íocaíochtaí a bheidh le leithdháileadh ar an bhfeirmeoir gach bliain faoi Theideal III agus Teideal IV, nó

(b)

méid a bheidh comhionann le luach iomlán na n-íocaíochtaí a bheidh le leithdháileadh ar an bhfeirmeoir in 2015 faoi Theideal III agus Teideal IV agus a fhéadfaidh na Ballstáit a choigeartú chun na hathruithe ar an uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chur san áireamh ar bhealach comhréireach sna blianta ina dhiaidh sin.

Ní bheidh an méid dá dtagraítear i bpointe (a) no i bpointe (b) den chéad fhomhír níos airde ná méid idir EUR 500 agus EUR 1 250, méid a shocróidh an Ballstát.

I gcás gur lú ná EUR 500 méid na híocaíochta de bharr chur i bhfeidhm phointe (a) nó phointe (b), féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chinneadh an méid sin a shlánú suas go EUR 500.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, sa Chipir, sa Chróit, i Málta agus sa tSlóivéin, féadfar an méid dá dtagraítear sna míreanna sin a shocrú ag luach atá níos lú ná EUR 500, ach nach lú ná EUR 200 nó, i gcás Mhálta, nach lú ná EUR 50.

Airteagal 64

Coinníollacha speisialta

1.   Fad a bheidh siad rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga, déanfaidh na feirmeoirí an méid seo a leanas:

(a)

líon heicteár incháilithe a choimeád a fhreagraíonn ar a laghad do líon na dteidlíochtaí, ar leo iad nó atá ar léas acu, atá ar seilbh acu nó a fhreagraíonn do líon na heicteár incháilithe a dhearbhófar in 2015 i gcomhréir le hAirteagal 36(2);

(b)

an t-íoscheanglas dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 10(1) a chomhlíonadh.

2.   Maidir le feirmeoir atá rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga, measfar, ar feadh thréimhse rannpháirtíochta an fheirmeora sin sa scéim sin, gur teidlíochtaí gníomhachtaithe iad na teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtóidh sé in 2015 de bhun Airteagal 32 agus Airteagal 33.

Ní mheasfar gur teidlíochtaí íocaíochta gan úsáid iad, a bheidh le haischur sa chúlchiste náisiúnta nó sna cúlchistí réigiúnacha de réir bhrí phointe (b) deAirteagal 31(1) na teidlíochtaí íocaíochta a bheidh ar seilbh an fheirmeora le linn a rannpháirtíochta sa scéim sin.

Sna Ballstáit a bhfuil Airteagal 36 á chur i bhfeidhm acu, líon na heicteár incháilithe a dhearbhóidh feirmeoir in 2015 i gcomhréir le hAirteagal 36(2) ar feirmeoir é atá rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga, measfar iad a bheith dearbhaithe ar feadh tréimhse rannpháirtíochta an fheirmeora sa scéim sin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 34, ní bheidh teidlíochtaí íocaíochta a bheidh ar seilbh feirmeoirí atá rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga inaistrithe, ach amháin i gcás oidhreachta nó oidhreachta ionchais.

Feirmeoirí a fhaigheann teidlíochtaí íocaíochta de bharr oidhreachta nó oidhreachta ionchais ó fheirmeoir atá rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga, beidh siad sin incháilithe chun a bheith rannpháirteach sa scéim ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais chun sochar a fháil ó scéim na híocaíochta bunúsaí agus go bhfaigheann siad le hoidhreacht na teidlíochtaí íocaíochta ar fad atá ar seilbh ag an bhfeirmeoir óna bhfaigheann siad na teidlíochtaí íocaíochta.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 ná ag an gcéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo i gcás ina roghnaíonn Ballstát an modh íocaíochta a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 63(2) gan an tríú fomhír d'Airteagal 63(2), mar aon le mír 1 agus mír 2 den chéad fhomhír de mhír 3 den Airgeagal seo a chur i bhfeidhm.

5.   Chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena leagtar amach na coinníollacha chun bheith rannpháirteach sa scéim i gcás go dtagann athrú ar chúinsí an fheirmeora rannpháirtigh.

Airteagal 65

Forálacha airgeadais

1.   Chun an íocaíocht dá dtagraítear sa Teideal seo a mhaoiniú, bainfidh na Ballstáit, as na méideanna iomlána a bheidh ar fáil le haghaidh na n-íocaíochtaí faoi seach, a mbeadh na feirmeoirí beaga ina dteideal:

(a)

faoi scéim na híocaíochta bunúsaí nó faoin scéim íocaíochta aonair limistéir dá dtagraítear i gCaibidil 1 de Theideal III

(b)

mar íocaíocht athdháilte dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Theideal III;

(c)

mar íocaíocht i leith na gcleachtas talmhaíochta chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil dá dtagraítear i gCaibidil 3 de Theideal III;

(d)

mar íocaíocht le haghaidh na limistéar sin a bhfuil srianta nádúrtha iontu dá dtagraítear i gCaibidil 4 de Theideal III;

(e)

mar íocaíocht do na feirmeoirí beaga dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal III; agus

(f)

mar thacaíocht chúpláilte dá dtagraítear i dTeideal IV.

I gcas Ballstát a roghnaigh suim na híocaíochta a ríomh de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 63(2) i gcás ina mbeidh suim na méideanna sin i gcás feirmeora aonair níos mó ná an t-uasmhéid a bheidh socraithe ag na Ballstáit, déanfar gach méid a laghdú i gcomhréir.

2.   Is i gceann amháin nó níos mó de na slite a leanas a mhaoineofar an difríocht idir suim na n-íocaíochtaí ar fad a bheidh dlite faoi scéim na bhfeirmeoirí beaga agus an méid iomlán a mhaoineofar i gcomhréir le mír 1:

(a)

trí Airteagal 30(7) a chur i bhfeidhm sa bhliain ábhartha;

(b)

trí na cistí nár úsáideadh a úsáid sa bhliain ábhartha, chun an íocaíocht a mhaoiniú d'fheirmeoirí óga a leagtar síos i gCaibidil 5 de Theideal III;

(c)

trí laghdú líneach a chur i bhfeidhm ar na híocaíochtaí ar fad a bheidh le deonú i gcomhréir le hAirteagal 32 nó le hAirteagal 36.

3.   Seachas i gcás inar roghnaigh an Ballstát méid na híocaíochta bliantúla a shocrú de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 63(2), fanfaidh na heilimintí ar a mbunófar na méideanna dá dtagraítear i mir 1 den Airteagal seo mar an gcéanna do thréimhse iomlán rannpháirtíochta an fheirmeora iscéim na bhfeirmeoirí beaga.

4.   Más mó ná 10 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II méid iomlán na n-íocaíochtaí atá dlite faoi scéim na bhfeirmeoirí beaga, cuirfidh na Ballstáit laghdú líneach i bhfeidhm ar na méideanna atá le híoc i gcomhréir leis an Teideal sin chun an céatadán sin a urramú, seachas i gcás go bhfuil méid na híocaíochta socraithe acu i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 63(2) gan an tríú fomhír d'Airteagal 63(2) a chur i bhfeidhm.

Tá feidhm ag an eisceacht chéanna maidir le Ballstáit a mbeidh méid na híocaíochta socraithe acu i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 63(2) gan an tríú fomhír d'Airteagal 63(2) a fheidhmiú, a mbeidh a uasteorainn náisiúnta arna leagadh amach in Iarscríbhinn II don bhliain 2019 níos airde ná mar a bheidh don bhliain 2015 agus a mbeidh an modh ríomha arna leagadh amach in Airteagal 25(1) nó, Airteagal 36(2), á chur i bhfeidhm acu.

TEIDEAL VI

CLÁIR NÁISIÚNTA UM ATHSTRUCHTÚRÚ d'EARNÁIL AN CHADÁIS

Airteagal 66

An buiséad bliantúil a úsáid le haghaidh na gclár um athstruchtúrú

1.   I gcás Ballstát a mbeidh an chéad fhomhír d'Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 curtha i bhfeidhm acu, aistreofar an buiséad bliantúil ábhartha a bheidh ar fáil de bhun Airteagal 5(1) den Rialachán sin le héifeacht ón 1 Eanáir 2014 agus is éard a bheidh annbreischistí Aontais le haghaidh beart faoin gcláreagrú forbartha tuaithe a mhaoineofar faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

2.   I gcás Ballstát a mbeidh an dara fomhír d'Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 curtha i bhfeidhm acu, áireofar an buiséad bliantúil ábhartha a bheidh ar fáil de bhun Airteagal 5(1) den Rialachán sin ina n-uasteorainneacha náisiúnta le héifeacht ón 1 Eanáir 2017 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

TEIDEAL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL I

Fógraí agus Práinn

Airteagal 67

Ceanglais fógartha

1.   Chun cur i bhfeidhm oiriúnach na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 maidir leis na bearta riachtanacha i ndáil le fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit don Choimisiún chun críocha an Rialacháin seo, chun críocha íocaíochtaí díreacha a sheiceáil, a rialú agus chun faireachán, meastóireacht agus iniúchóireacht a dhéanamh orthu, nó chun ceanglais a leagtar síos i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh, ar ceanglais iad a tugadh i gcrích le cinneadh ón gComhairle, lena n-áirítear ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi na comhaontuithe sin. Á dhéanamh sin dó, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na riachtanais maidir le sonraí agus na sineirgí a d'fhéadfadh a bheith ann idir foinsí sonraí féideartha.

I gcás inarb iomchuí, féadfar an fhaisnéis a gheofar a tharchur chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus chuig údaráis inniúla tríú tíortha nó í a chur ar fáil dóibh agus féadfar í a phoibliú, faoi réir cosanta sonraí pearsanta agus faoi réir leasa dhlisteanaigh gnóthas agus a rúin ghnó á gcosaint acu.

2.   Chun go mbeidh na fógraí dá dtagraítear i mír 1 tapa, éifeachtúil, cruinn agus costéifeachtach, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena leagtar síos rialacha breise maidir leis an méid a leanas:

(a)

cineál agus saghas na faisnéise a mbeidh fógra le tabhairt ina taobh;

(b)

na catagóirí sonraí a bheidh le próiseáil agus na huastréimhsí coinneála;

(c)

na cearta rochtana chun na faisnéise nó chun na gcóras faisnéise a chuirfear ar fáil;

(d)

na coinníollacha maidir le foilsiú na faisnéise.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena na leagfar síos na nithe a leanas:

(a)

na modhanna chun fógra a thabhairt;

(b)

rialacha maidir leis an bhfaisnéis is gá do chur i bhfeidhm an Airteagail seo a chur ar fáil;

(c)

socruithe le haghaidh bhainistiú na faisnéise a mbeidh fógra le tabhairt ina taobh, chomh maith le rialacha maidir le hábhar, le foirm, le huainiú, le minicíocht agus le spriocamanna na bhfógraí;

(d)

socruithe chun faisnéis agus doiciméid a tharchur chuig na Ballstáit nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, chuig údaráis inniúla triú tíortha nó chuig an bpobal, nó an fhaisnéis agus na doiciméid sin chur ar fáil dóibh, faoi réir cosanta sonraí pearsanta agus faoi réir leasa dhlisteanaigh feirmeoirí agus gnóthas a rúin ghnó a chosaint.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

Airteagal 68

Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint

1.   Baileoidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí pearsanta chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 67(1). Ní phróiseálfaidh siad na sonraí sin ar bhealach nach bhfuil ag luí leis na críocha sin.

2.   Nuair a phróiseáiltear sonraí pearsanta chun críche faireacháin agus meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 67(1), beidh siad anaithnid agus próiseálfar i bhfoirm chomhiomlánaithe amháin iad.

3.   Próiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir le rialacha Threoir 95/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Go háirithe, ní stórálfar na sonraí sin i bhfoirm lena mbeifear in ann ábhair shonraí a aithint go ceann tréimhse níos faide ná mar a bhfuil gá leis ar mhaithe leis an gcúis lenar bailíodh iad nó lena bpróiseálfar tuilleadh iad agus na tréimhsí íosta coinneála a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais a bhfuil feidhm leo á gcur san áireamh.

4.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfios do na daoine is ábhar do na sonraí go bhféadfaidh comhlachtaí náisiúnta agus comhlachtaí an Aontais a sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le mír 1 agus sa mhéid sin gur thig leo tairbhiú de na cearta a leagtar amach faoi seach i dTreoir 95/46/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 faoi seach.

5.   Beidh an tAirteagal seo faoi réir Airteagail 111 go 114 i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Airteagal 69

Bearta chun fadhbanna sonracha a réiteach

1.   Chun fadbhanna sonracha a réiteach, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh gá agus údar leo araon i gcás éigeandála. D'fhéadfadh maolú ar fhorálacha an Rialacháin seo a bheith i gceist leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, a mhéad agus a fhad a mbeidh fíorghá leis. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 71(2).

2.   I gcás ina n-éileofar sin le forais phráinne a mbeidh údar cuí tugtha leo agus chun fadhbanna sonracha a réiteach agus leanúnachas chóras na n-íocaíochtaí a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 71(3).

3.   Beidh éifeacht ag bearta a ghlacfar faoi mhír 1 nó mír 2 ar feadh tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag. Más ann, tar éis na tréimhse sin, do na fhadhbanna sonracha dá dtagraítear sna míreanna sin, féadfaidh an Coimisiún tograí iomchuí reachtach a thíolacadh chun réiteach buan a bhunú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi aon bheart a ghlacfar faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 laistigh de dhá lá oibre tar éis a ghlacadh.

CAIBIDIL 2

Cumhachtaí a tharmligean agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 70

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún, go ceann tréimhse seacht mbliana ó 1 Éanair 2014, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(3), Airteagal 8(3), Airteagal 9(5), Airteagal 20(6), Airteagal 35, Airteagal 36(4), Airteagal 39(3), Airteagal 43(12), Airteagal 44(5), Airteagal 45, (5) agus(6), in Airteagal 46(9), Airteagal 50(11), Airteagal 52(9), Airteagal 57(3), Airteagal 58(5), Airteagal 59(3), Airteagal 64(5), Airteagal 67(1) agus (2) agus Airteagal 73. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(3), Airteagal 8(3), Airteagal 9(5), Airteagal 20(6), Airteagal 35, Airteagal 36(6), Airteagal 39(3), Airteagal 43(12), Airteagal 44(5), Airteagal 45, (5) agus(6), in Airteagal 46(9), Airteagal 50(11), Airteagal 52(9), Airteagal 57(3), Airteagal 58(5), Airteagal 59(3), Airteagal 64(5), Airteagal 67(1) agus (2) agus Airteagal 73 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairme cuirfear deireadh leis an tarmligean cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige sin ar an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar inti. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun in Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(3), Airteagal 8(3), Airteagal 9(5), Airteagal 20(6), Airteagal 35, Airteagal 36(6), Airteagal 39(3), Airteagal 43(12), Airteagal 44(5), Airteagal 45, (5) agus(6), in Airteagal 46(9), Airteagal 50(11), Airteagal 52(9), Airteagal 57(3), Airteagal 58(5), Airteagal 59(3), Airteagal 64(5), Airteagal 67(1) agus (2) agus Airteagal 73ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach i gcás nach ndéanann Parlaimint na Eorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de dhá mhí ó fhógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin, nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go bhfuil fógra tugtha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 71

An nós imeachta coiste

1.   Beidh Coiste dá ngairfear an "Coiste um Íocaíochtaí Díreacha" de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 24(11), in Airteagal 31(2) agus in Airteagal 67(3), nuair nach dtabharfaidh an coiste tuairim ar bith, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréacht-ghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (CE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in éineacht le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

CAIBIDIL 3

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 72

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2017, áfach, maidir le Ballstáit a d'fheidhmigh an rogha a leagtar síos sa dara fomhír d'Airteagal 4(1) den Rialachán sin.

2.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009.

Gan dochar do mhír 3, déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo nó do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Tagairtí a dhéantar sa Rialachán seo do Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus do Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003, tuigfear iad mar thagairtí atá á ndéanamh do na Rialacháin sin mar a bhí i bhfeidhm sular aisghaireadh iad.

Airteagal 73

Rialacha idirthréimhseacha

Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 go dtí na socruithe a leagtar síos sa Rialachán seo, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 maidir leis na bearta is gá chun aon chearta a bheidh faighte ag feirmeoirí agus aon ionchais dhlisteanacha dá gcuid a chosaint.

Airteagal 74

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2015.

Maidir le hAirteagal 8, Airteagal 9(6), Airteagal 11(6), Airteagal 14, Airteagal 16, Airteagal 21(2) and (3), Airteagal 22(2), an chéad fhomhír d'Airteagal 23(1), Airteagal 23(6), Airteagal 24(10), Airteagal 29, the first subparagraph of Airteagal 36(1), Airteagal 41(1), Airteagal 42(1), Airteagal 43(2) and (13), an ceathrú fomhír d'Airteagal 45(2), Airteagal 46(2) agus (8), Airteagal 49(1), Airteagal 51(1), Airteagal 53, Airteagal 54, Airteagal 66(1), Airteagal 67 agus 70 agus Airteagal 72(1) áfach, beidh feidhm acu ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. JUKNA


(1)  Tuairim an 8 Márta 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 116 agus IO C 44, 15.2.2013, lch. 159.

(3)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 174.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna díreacha tacaíochta d'fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d'fheirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006, (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009, lch. 16).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le maoiniú agus bainistiú an chomhbheartais talmhaíochta agus maidir le faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE)Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/97, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (Féach leathanach 549 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na nOileán beag Aigéach agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

(9)  Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálata maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhmiú ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta le haghaidh feirmeoirí agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2019/93, (CE) Uimh. 1452/2001, (CE) Uimh. 1453/2001, (CE) Uimh. 1454/2001, (CE) Uimh. 1868/94, (CE) Uimh. 1251/1999, (CE) Uimh. 1254/1999, (CE) Uimh. 1673/2000, (CEE) Uimh. 2358/71 agus (CE) Uimh. 2529/2001 (IO L 270, 21.10.2003, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh 1698/2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 277.21.;10.2005, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (Féach leathanach 487 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(14)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(15)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.00, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 63/2008 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus lena mbunaítear cláir náisiúnta um athstruchtúrú d'earnáil an chadáis (IO L 178, 5.7.2008, lch. 1).

(18)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(20)  IO C 35, 9.2.2012, lch. 1.

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CE) Uimh. 1601/96, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 17 Nollaig 2013 1234/2007 (Féach leathanach 671 den Iris Oifigiúil seo)

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle maidir le tras-chomlíonadh, le modhnú agus leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d'fheirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán sin, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir leis an tras-chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a fhoráiltear d'earnáil an fhíona (IO L 316, 2. 12.2009, lch. 65).


IARSCRÍBHINN I

Liosta na scéimeanna tacaíochta

Earnáil

Bunús dlí

Nótaí

Scéim na híocaíochta bunúsaí

Teideal III, Caibidil 1, Ranna 1, 2, 3 agus 5 den Rialachán seo

Íocaíocht dhíchúpláilte

Scéim íocaíochta aonair limistéir

Airteagal 36 den Rialachán seo

Íocaíocht dhíchúpláilte

Íocaíocht athdháilte

Teideal III, Caibidil 2 den Rialachán seo

Íocaíocht dhíchúpláilte

Íocaíocht do chleachtais talmhaíochta chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil

Teideal III, Caibidil 3 den Rialachán seo

Íocaíocht dhíchúpláilte

Íocaíocht do limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu

Teideal III, Caibidil 4 den Rialachán seo

Íocaíocht dhíchúpláilte

Íocaíocht d'fheirmeoirí óga

Teideal III, Caibidil 5 den Rialachán seo

Íocaíocht dhíchúpláilte

Tacaíocht chúpláilte dheonach

Teideal IV, Caibidil 1 den Rialachán seo

 

Íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis

Teideal IV, Caibidil 2 den Rialachán seo

Íocaíocht limistéir

Scéim na bhfeirmeoirí beaga

Teideal V den Rialachán seo

Íocaíocht dhíchúpláilte

Posei

Caibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/ 2013

Íocaíochtaí díreacha faoi bhearta a bhunaítear sna cláir

Na hOileáin Aeigéacha

Caibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013

Íocaíochtaí díreacha faoi bhearta a bhunaítear sna cláir


IARSCRÍBHINN II

Uasteorainneacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6

(i mílte EUR)

Bliain féilire

 

2015

2016

2017

2018

2019 agus an bhliain ina dhiaidh sin

An Bheilg

 

536 076

528 124

520 170

512 718

505 266

An Bhulgáir

 

721 251

792 449

793 226

794 759

796 292

Poblacht na Seice

 

874 484

873 671

872 830

872 819

872 809

An Danmhairg

 

916 580

907 108

897 625

889 004

880 384

An Ghearmáin

 

5 144 264

5 110 446

5 076 522

5 047 458

5 018 395

An Eastóin

 

121 870

133 701

145 504

157 435

169 366

Éire

 

1 215 003

1 213 470

1 211 899

1 211 482

1 211 066

An Ghréig

 

2 039 122

2 015 116

1 991 083

1 969 129

1 947 177

An Spáinn

 

4 842 658

4 851 682

4 866 665

4 880 049

4 893 433

An Fhrainc

 

7 553 677

7 521 123

7 488 380

7 462 790

7 437 200

An Chróit (1)

 

130 550

149 200

186 500

223 800

261 100

An Iodáil

 

3 902 039

3 850 805

3 799 540

3 751 937

3 704 337

An Chipir

 

50 784

50 225

49 666

49 155

48 643

An Laitvia

 

195 649

222 363

249 020

275 887

302 754

An Liotuáin

 

417 890

442 510

467 070

492 049

517 028

Lucsamburg

 

33 603

33 545

33 486

33 459

33 431

An Ungáir

 

1 271 593

1 270 410

1 269 187

1 269 172

1 269 158

Málta

 

5 127

5 015

4 904

4 797

4 689

An Ísiltír

 

780 815

768 340

755 862

744 116

732 370

An Ostair

 

693 065

692 421

691 754

691 746

691 738

An Pholainn

 

2 987 267

3 004 501

3 021 602

3 041 560

3 061 518

An Phortaingéil

 

565 816

573 954

582 057

590 706

599 355

An Rómáin

 

1 629 889

1 813 795

1 842 446

1 872 821

1 903 195

An tSlóivéin

 

137 987

136 997

136 003

135 141

134 278

An tSlóvaic

 

380 680

383 938

387 177

390 781

394 385

An Fhionlainn

 

523 333

523 422

523 493

524 062

524 631

An tSualainn

 

696 890

697 295

697 678

698 723

699 768

An Ríocht Aontaithe

 

3 555 915

3 563 262

3 570 477

3 581 080

3 591 683


(1)  I gcás na Cróite, is é 298 400 000 an uasteorainn náisiúnta don bhliain féilire 2020, 335 700 000 don bhliain féilire 2021 agus 373 000 000 don bhliain féilire 2022


IARSCRÍBHINN III

Glan-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 7

(I milliúin EUR)

Bliain féilire

 

2015

2016

2017

2018

2019 agus an bhliain ina dhiaidh sin

An Bheilg

 

536,1

528,1

520,2

512,7

505,3

An Bhulgáir

 

723,6

795,1

795,8

797,4

798,9

Poblacht na Seice

 

874,5

873,7

872,8

872,8

872,8

An Danmhairg

 

916,6

907,1

897,6

889,0

880,4

An Ghearmáin

 

5 144,3

5 110,4

5 076,5

5 047,5

5 018,4

An Eastóin

 

121,9

133,7

145,5

157,4

169,4

Éire

 

1 215,0

1 213,5

1 211,9

1 211,5

1 211,1

An Ghréig

 

2 227,0

2 203,0

2 178,9

2 157,0

2 135,0

An Spáinn

 

4 903,6

4 912,6

4 927,6

4 941,0

4 954,4

An Fhrainc

 

7 553,7

7 521,1

7 488,4

7 462,8

7 437,2

An Chróit (1)

 

130,6

149,2

186,5

223,8

261,1

An Iodáil

 

3 902,0

3 850,8

3 799,5

3 751,9

3 704,3

An Chipir

 

50,8

50,2

49,7

49,2

48,6

An Laitvia

 

195,6

222,4

249,0

275,9

302,8

An Liotuáin

 

417,9

442,5

467,1

492,0

517,0

Lucsamburg

 

33,6

33,5

33,5

33,5

33,4

An Ungáir

 

1 271,6

1 270,4

1 269,2

1 269,2

1 269,2

Málta

 

5,1

5,0

4,9

4,8

4,7

An Ísiltír

 

780,8

768,3

755,9

744,1

732,4

An Ostair

 

693,1

692,4

691,8

691,7

691,7

An Pholainn

 

2 987,3

3 004,5

3 021,6

3 041,6

3 061,5

An Phortaingéil

 

566,0

574,1

582,2

590,9

599,5

An Rómáin

 

1 629,9

1 813,8

1 842,4

1 872,8

1 903,2

An tSlóivéin

 

138,0

137,0

136,0

135,1

134,3

An tSlóvaic

 

380,7

383,9

387,2

390,8

394,4

An Fhionlainn

 

523,3

523,4

523,5

524,1

524,6

An tSualainn

 

696,9

697,3

697,7

698,7

699,8

An Ríocht Aontaithe

 

3 555,9

3 563,3

3 570,5

3 581,1

3 591,7


(1)  I gcás na Cróite, is é 298 400 000 an uasteorainn náisiúnta don bhliain féilire 2020, is é 335 700 000 don bhliain féilire 2021 agus is é 373 000 000don bhliain féilire 2022.


IARSCRÍBHINN IV

Comhéifeachtaí le cur i bhfeidhm faoi Airteagal 10(2)

An Ballstát

Teorainn don tairseach EUR

(Airteagal 10(1)(a))

Teorainn don tairseach heicteár

(Airteagal 10(1)(b))

An Bheilg

400

2

An Bhulgáir

200

0,5

Poblacht na Seice

200

5

An Danmhairg

300

5

An Ghearmáin

300

4

An Eastóin

100

3

Éire

200

3

An Ghréig

400

0,4

An Spáinn

300

2

An Fhrainc

300

4

An Chróit

100

1

An Iodáil

400

0,5

An Chipir

300

0,3

An Laitvia

100

1

An Liotuáin

100

1

Lucsamburg

300

4

An Ungáir

200

0,3

Málta

500

0,1

An Ísiltír

500

2

An Ostair

200

2

An Pholainn

200

0,5

An Phortaingéil

200

0,3

An Rómáin

200

0,3

An tSlóivéin

300

0,3

An tSlóvaic

200

2

An Fhionlainn

200

3

An tSualainn

200

4

An Ríocht Aontaithe

200

5


IARSCRÍBHINN V

Forálacha airgeadais a bhfuil feidhm acu maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin agus dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 16 agus Airteagal 18

A.

Méideanna chun pointe (a) d'Airteagal 10(1) a chur i bhfeidhm agus chun na huasteorainneacha náisiúnta d'íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16 in 2015a ríomh:

An Bhulgáir

:

EUR 790 909 000

An Rómain

:

EUR 1 783 426 000

B.

Méid iomlán na n-íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha a rinneadh le scéim na híocaíochta bunúsaí dá dtagraítear in Airteagal 18(1):

An Bhulgáir

:

EUR 69 657 000

An Rómain

:

EUR 153 536 000

C.

Méid iomlán na n-íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhfhreagracha leis an íocaíocht i leith bairr shonraigh le haghaidh cadáis dá dtagraítear in Airteagal 18(2):

An Bhulgáir

:

EUR 258 952 000


IARSCRÍBHINN VI

Forálacha airgeadais a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCróit agus dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 19

A.

Méideanna do chur i bhfeidhm pointe (a) d'Airteagal 10(1).

EUR 373 000 000

B.

Líon iomlán na n-íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha dá dtagraítear in Airteagal 19(3):

(i mílte EUR)

2015

2016

2017

2018

2019

2020

2021

242 450

223 800

186 500

149 200

111 900

74 600

37 300


IARSCRÍBHINN VII

Uasmhéid atá le cur leis na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinn II i gcomhréir le hAirteagal 20(2)

(i mílte EUR)

2015

2016

2017

2018

2019

2020

2021

2022

3 360

3 840

4 800

5 760

6 720

7 680

8 640

9 600


IARSCRÍBHINN VIII

Meánmhéid an ghabháltais talmhaíochta a bheidh le cur i bhfeidhm faoi Airteagal 41(4)

An Ballstát

Meánmhéid an ghabháltais talmhaíochta

(heicteáir)

An Bheilg

29

An Bhulgáir

6

Poblacht na Seice

89

An Danmhairg

60

An Ghearmáin

46

An Eastóin

39

Éire

32

An Ghréig

5

An Spáinn

24

An Fhrainc

52

An Chróit

5,9

An Iodáil

8

An Chipir

4

An Laitvia

16

An Liotuáin

12

Lucsamburg

57

An Ungáir

7

Málta

1

An Ísiltír

25

An Ostair

19

An Pholainn

6

An Phortaingéil

13

An Rómáin

3

An tSlóivéin

6

An tSlóvaic

28

An Fhionlainn

34

An tSualainn

43

An Ríocht Aontaithe

54


IARSCRÍBHINN IX

Liosta na gcleachtas dá dtagraítear in Airteagal 43(3)

I.

Cleachtais atá comhionann le héagsúlú barr:

(1)

Éagsúlú barr

Ceanglas: trí bharr ar a laghad, le huasmhéid 75 % á chumhdach ag an bpríomhbharr, agus ag a bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó den méid seo a leanas leis:

tá ceithre bharr ar a laghad ann,

tá feidhm ag uastairseacha níos ísle,

tá rogha barraí níos iomchuí ann, amhail, mar shampla, barraí léagúmacha, próitéine, barraí nach mbeidh uisciú nó cóireálacha lotnaidicídí ag teastáil uathu, de réir mar is iomchuí

tá éagsúlachtaí réigiúnacha de chineálacha barraí idir sean bharraí agus bharraí traidisiúnta nó barraí atá i mbaol ar 5 % ar a laghad den limistéar a uainítear

(2)

Uainíocht na mbarr

Ceanglas: trí bharr ar a laghad, le huasmhéid 75 % á chumhdach ag an bpríomhbharr agus feidhm ag ceann amháin den méid seo a leanas nó an dá cheann:

leantar sraith barraí agus/nó branar ilbhliantúil a bheidh níos tairbhiúla don chomhshaol,

tá ceithre bharr ar a laghad ann,

(3)

Cumhdach ithreach geimhridh (1)

(4)

Barraí breise (1)

II.

Cleachtais atá comhionann le féarthailte buana a choinneáil:

(1)

Bainistiú móinéar nó féarthailte

Ceanglas: féarthailte buana a choinneáil agus ceann amháin nó níos mó den méid seo a leanas:

Córas gearrtha nó buainte iomchuí (dátaí, modhanna, teorainneacha),

Gnéithe tírdhreacha a chothabháil ar fhéarthailte buana agus scrobarnach a rialú,

Éagsúlachtaí sonracha féir agus/nó córas síolaithe le haghaidh athnuachana ag brath ar chineál na bhféarthailte buana (ní dhéanfar an t-ardluach ó thaobh an dúlra a scrios),

Aslonnú foráiste nó féir thirim,

Bainistiú iomchuí d'fhánaí crochta,

Córas leasachán,

Srianta maidir le lotnaidicídí

(2)

Córais innilte fairsinge

Ceanglas: féarthailte buana a choinneáil agus ceann amháin nó níos mó den méid seo a leanas:

Innilt fhairsing (uainiú, uasdlús stocála),

Aoireacht nó tréadachas sléibhe,

Póir áitiúla nó traidisiúnta a úsáid le hinnilt a dhéanamh ar na féarthailte buana.

III.

Cleachtais atá comhionann leis an limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht:

Ceanglas: go gcuirfear aon cheann de na cleachtais seo a leanas i bhfeidhm ar a laghad ar an gcéatadán de talamh arúil a leagtar amach de bhun Airteagal 46(1)

(1)

Talamh a fhágtar ar leataobh ar mhaithe le héiceolaíocht

(2)

"Criosanna maolánacha" a chruthú do limistéir a bhfuil ardluach dúlra ag gabháil leo, do limistéir Natura 2000 nó do láithreáin cosanta bithéagsúlachta eile, lena n-áirítear feadh fálta sceach agus uiscebhealaí

(3)

Bainistiú stiallacha maoláin agus imill pháirce (córas gearrtha, éagsúlachtaí féir áitúla nó sonracha agus/nó córas síolaithe, athsíolú lena mbaineann éagsúlachtaí réigiúnacha, gan lotnaidicídí a úsáid, gan aoileach a dhiúscairt agus/nó leasacháin mianraí) gan uisciú, gan séalú ithreach

(4)

Teorainneacha, stiallacha garpháirce agus ceapacha a bhainistítear le haghaidh an fhiadhúlra nó an fhána shonraigh (teorainn luibheach, neadacha a chosaint, stiallacha bláthanna fiáine, meascán áitiúil síolta, barraí neamhshaothraithe)

(5)

Bainistiú (prúnáil, bearradh, dátaí, modhanna, athchóiriú) ar na gnéithe tírdhreacha (crainn, fálta sceach, fásra coillteach bruachánach, ballaí cloiche (léibhinn), díoga, locháin)

(6)

Ithreacha arúla móinteacha nó fliucha a choinneáil faoi fhéar (gan úsáid a bhaint as leasacháin agus gan úsáid a bhaint as táirgí cosanta plandaí)

(7)

Táirgeadh ar thalamh arúil gan úsáid a bhaint as leasacháin (leasachán mianraí agus aoileach) agus/nó táirgí cosanta plandaí, nach ndéantar a uisciú, agus nach síoltar leis an mbarr céanna dhá bhliain as a chéile agus áit shocraithe i gceist (1)

(8)

Talamh arúil a aistriú go féarthailte buana a mbaintear úsáid leitheadach astu


(1)  Cleachtais a bheidh faoi réir an mhodha ríomha dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 43(12).


IARSCRÍBHINN X

Fachtóirí coinbhéartachta agus ualaithe dá dtagraítear in Airteagal 46(3)

Gnéithe

Fachtóir coinbheartaithe

Fachtóir ualaithe

Limistéar EFA

Talamh a fhágtar bán

 

 

 

Léibhinn

 

 

 

Gnéithe tírdhreacha

 

 

 

Stiallacha maolánacha

 

 

 

Heicteáir agrafhoraoiseachta

 

 

 

Stráicí de heicteáir incháilithe feadh imeall foraoise

 

 

 

Limistéir ina bhfuil garrán gearruainíochta

 

 

 

Limistéir choilltithe dá dtagraítear in Airteagal 32(2)(b)(ii)

 

 

 

Limistéir ina bhfuil barraí breise nó cumhdú glas

 

 

 

Limistéir ina bhfuil barra fosaithe nítrigine

 

 

 


IARSCRÍBHINN XI

Tábla comhghaoil

dá dtagraítear in Airteagal 72(2)

Rialachán (CE) Uimh. 73/2009

An Rialachán seo

Rialachán(AE) Uimh. 1306/2013

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 4(1)

Airteagal 91

Airteagal 4(2)

Airteagal 95

Airteagal 5

Airteagal 93

Airteagal 6(1)

Airteagal 94

Airteagal 6(2)

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10a

Airteagal 10b

Airteagal 10c

Airteagal 10d

Airteagal 11

Airteagal 8

Airteagal 26(1) agus (2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 11a

Airteagal 8(3)

Airteagal 12(1)agus (2)

Airteagal 12

Airteagal 12(3)

Airteagal 14

Airteagal 12(4)

Airteagal 13

Airteagal 13(2)

Airteagal 14

Airteagal 67

Airteagal 15

Airteagal 68(1) agus (2)

Airteagal 16

Airteagal 69

Airteagal 17

Airteagal 70

Airteagal 18

Airteagal 71

Airteagal 19

Airteagal 72

Airteagal 20

Airteagal 74(1), (2) agus (3)

Airteagal 21

Airteagal 74(4)

Airteagal 22

Airteagal 96

Airteagal 23

Airteagal 97

Airteagal 24

Airteagal 99

Airteagal 25

Airteagal 100

Airteagal 26

Airteagal 61

Airteagal 27(1)

Airteagal 102(3)

Airteagal 27(2)

Airteagal 47

Airteagal 27(3)

Airteagal 68(3)

Airteagal 28(1)

Airteagal 10

Airteagal 28(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 28(3)

Airteagal 31(1)(a) (i) agus (ii)

Airteagal 29

Airteagal 75

Airteagal 30

Airteagal 60

Airteagal 31

Airteagal 2(2)

Airteagal 32

Airteagal 15

Airteagal 33

Airteagal 34 (2)

Airteagal 32(2) agus (4)

Airteagal 35

Airteagal 33

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 12

Airteagal 38

Airteagal 39(1)

Airteagal 32(6)

Airteagal 39(2)

Airteagal 35(3)

Airteagal 40(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 41(1)

Airteagal 30(1)

Airteagal 41(2)

Airteagal 30(3) agus (6)

Airteagal 41(3)

Airteagal 30(3) agus (7)(a)

Airteagal 41(4)

Airteagal 41(5)

Airteagal 30(10)

Airteagal 41(6)

Airteagal 42

Airteagal 31(1)(b)

Airteagal 43(1)

Airteagal 34(1), (2) agus (3)

Airteagal 43(2)

 

Airteagal 43(3)

Airteagal 34(4)

Airteagal 44

Airteagal 45

Airteagal 46

Airteagal 47

Airteagal 48

Airteagal 49

Airteagal 50

Airteagal 51

Airteagal 52

Airteagal 53

Airteagal 54

Airteagal 55

Airteagal 56

Airteagal 57

Airteagal 57a

Airteagal 20 agus Iarscríbhinn VII

Airteagal 58

Airteagal 59

Airteagal 60

Airteagal 61

Airteagal 62

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 65

Airteagal 66

Airteagal 67

Airteagal 68

Airteagal 69

Airteagal 70

Airteagal 71

Airteagal 72

Airteagal 73

Airteagal 74

Airteagal 75

Airteagal 76

Airteagal 77

Airteagal 78

Airteagal 79

Airteagal 80

Airteagal 81

Airteagal 82

Airteagal 83

Airteagal 84

Airteagal 85

Airteagal 86

Airteagal 87

Airteagal 88

Airteagal 56

Airteagal 89

Airteagal 57

Airteagal 90

Airteagal 58

Airteagal 91

Airteagal 59

Airteagal 92

Airteagal 60

Airteagal 93

Airteagal 94

Airteagal 95

Airteagal 96

Airteagal 97

Airteagal 98

Airteagal 99

Airteagal 100

Airteagal 101

Airteagal 102

Airteagal 103

Airteagal 104

Airteagal 105

Airteagal 106

Airteagal 107

Airteagal 108

Airteagal 109

Airteagal 110

Airteagal 111

Airteagal 112

Airteagal 113

Airteagal 114

Airteagal 115

Airteagal 116

Airteagal 117

Airteagal 118

Airteagal 119

Airteagal 120

Airteagal 121

Airteagals 16 agus17

Airteagal 121a

Airteagal 98, an dara fomhír

Airteagal 122

Airteagal 123

Airteagal 124(1) go (5), (7) agus (8)

Airteagal 124(6)

Airteagal 98, an chéad fhomhír

Airteagal 125

Airteagal 126

Airteagal 127

Airteagal 128

Airteagal 129

Airteagal 130

Airteagal 131

Airteagal 132

Airteagals 18 agus 19

Airteagal 133

Airteagal 133a

Airteagal 37

Airteagal 134 (scriosta)

Airteagal 135 (scriosta)

Airteagal 136

Airteagal 137

Airteagal 138

Airteagal 3

Airteagal 139

Airteagal 13

Airteagal 140

Airteagal 67

Airteagal 141

Airteagal 71

Airteagal 142(a) go (q) agus (s)

Airteagal 70

Airteagal 142(r)

Airteagal 69

Airteagal 143

Airteagal 144

Airteagal 145

Airteagal 146

Airteagal 72

Airteagal 146a

Airteagal 147

Airteagal 73

Airteagal 148

Airteagal 149

Airteagal 74

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn XII

Iarscríbhinn XIII

Iarscríbhinn XIV

Iarscríbhinn XV

Iarscríbhinn XVI

Iarscríbhinn XVII

Iarscríbhinn XVIIa