19.5.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 130/9 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 347 Eagrán Speisialta Gaeilge, an 20 Nollaig 2013 )
Leathanach 551, an tríú habairt d'aithris (11):
in ionad:
“Sa deireadh thiar, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcóras sin na ceanglais a fhochuirtear thairbhithe mar a shainíonn na Ballstáit iad le forálacha sonracha Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chur chun feidhme, go háirithe comhlíonadh na bprionsabal ginearálta …
léitear:
“Ba cheart go gcumhdófaí leis an gcóras sin freisin na ceanglais a fhorchuireann na Ballstáit ar thairbhithe chun forálacha sonracha Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus chun Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chur chun feidhme, go háirithe ceanglais maidir le comhlíonadh na bprionsabal ginearálta …
Leathanach 553, aithris 26:
in ionad:
“(26) |
Cé is moite de réamh-mhaoiniú, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún leis na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe. Ba cheart íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht iarmhéideanna, agus rialacha maidir lena n-íocaíocht a shocrú. Ba cheart do riail an tsaortha uathoibríoch cuidiú le cur i bhfeidhm na gclár a bhrostú agus cuidiú le bainistiú fónta airgeadais. Leis na rialacha ar chreataí náisiúnta Ballstát ag a bhfuil cláir réigiúnacha mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) iad, déantar foráil freisin d'uirlis do Bhallstáit le feidhmiú agus bainistiú fónta airgeadais a áirithiú. |
léitear:
“(26) |
Cé is moite de réamh-mhaoiniú, is gá idirdhealú a dhéanamh idir íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún leis na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht iarmhéideanna, agus rialacha mionsonraithe maidir lena n-íocaíocht a shocrú. Ba cheart do riail an tsaortha uathoibríoch cuidiú le cur i bhfeidhm na gclár a bhrostú agus cuidiú le bainistiú fónta airgeadais. Leis na rialacha ar chreataí náisiúnta Ballstát ag a bhfuil cláir réigiúnacha mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) iad, déantar uirlis a chur ar fáil do Bhallstáit freisin le feidhmiú agus bainistiú fónta airgeadais a áirithiú. |
Leathanach 560, Aithris 89, an cúigiú go dtí an seachtú líne:
in ionad:
“…, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas: na nósanna imeachta chun an creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint agus a aistarraingt, …”;
léitear:
“…, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas: na nósanna imeachta chun creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint, a athbhreithniú agus a aistarraingt, …”.
Leathanach 560, Aithris 89, an abairt dheireanach agus an fonóta a ghabhann léi:
in ionad:
“Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEoroa agus ón gComhairle (3).
léitear:
“Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).
Leathanach 561, Aithris 98:
in ionad:
“… na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur le húsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint; na seiceálacha agus fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil;”;
léitear:
“… na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur le húsáid neamhdhleathach ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint; na seiceálacha agus fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil;”.
Leathanach 562, Aithris 104, an chéad abairt:
in ionad:
“Ós rud é go mbeidh an tréimhse cláraithe le haghaidh clár forbartha tuaithe a mhaoinítear ar bhonn an Rialacháin seo ar siúl ón 1 Eanáir 2014, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón dáta sin.”;
léitear:
“Ós rud é go mbeidh an chlárthréimhse le haghaidh clár forbartha tuaithe a mhaoinítear ar bhonn an Rialacháin seo ar siúl ón 1 Eanáir 2014, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón dáta sin.”.
Leathanach 563, Airteagal 4(1)(d):
in ionad:
“(d) |
ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Scéim Torthaí agus Glasraí do Scoileanna dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an Aontais agus leis na bearta maidir le galair ainmhithe agus laghdú ar mhuinín na dtomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 155 den Rialachán sin.”; |
léitear:
“(d) |
ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Scéim Torthaí agus Glasraí Scoile an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an Aontais agus leis na bearta maidir le galair ainmhithe agus laghdú ar mhuinín tomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 220 den Rialachán sin.”. |
Leathanach 565, Airteagal 8(2)(a):
in ionad:
“(a) |
na nósanna imeachta chun an creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint agus a aistarraingt, …”; |
léitear:
“(a) |
na nósanna imeachta chun creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint, a athbhreithniú agus a aistarraingt, …”. |
Leathanach 570, Airteagal 35(1), an chéad abairt:
in ionad:
“I ndiaidh chinneadh an Choimisiúin lena bhformheastar an clár forbartha tuaithe, íocfaidh an Coimisiún méid réamh-mhaoinithe tosaigh le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad don Bhallstát.”;
léitear:
“I ndiaidh chinneadh an Choimisiúin lena bhformheastar an clár forbartha tuaithe, íocfaidh an Coimisiún méid réamh-mhaoinithe tosaigh le haghaidh na clárthréimhse ar fad don Bhallstát.”.
Leathanach 580, Airteagal 62(2)(e):
in ionad:
“(e) |
maidir le cnáib dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh 1307/2013, rialacha maidir le bearta sonracha rialaithe agus modhanna chun leibhéil teitrihidreacannaibionóil a chinneadh;”; |
léitear:
“(e) |
maidir le cnáib dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, rialacha maidir le bearta sonracha rialaithe agus modhanna chun leibhéil teitrihidreacannaibionóil a chinneadh;”. |
Leathanach 583, Airteagal 67(4)(b):
in ionad:
“(b) |
ciallaíonn ‘íocaíocht dhíreach a bhaineann le limistéar’ scéim na híocaíochta bunúsaí, an scéim íocaíochta aonair limistéir agus an íocaíocht athdháilte dá dtagraítear i gCaibidil 1 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh 1307/2013, …” |
léitear:
“(b) |
ciallaíonn “íocaíocht dhíreach a bhaineann le limistéar” scéim na híocaíochta bunúsaí, an scéim íocaíochta aonair limistéir agus an íocaíocht athdháilte dá dtagraítear i gCaibidil 1 agus i gCaibidil 2 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, …” |
Leathanach 591, Airteagal 90, an teideal:
in ionad:
“Seiceálacha maidir le sonrúchán tionscnaimh agus le tásca geografacha agus le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint”;
léitear:
“Seiceálacha maidir le hainmniúchán tionscnaimh agus le tásca geografacha agus le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint”.
Leathanach 591, Airteagal 90 (1):
in ionad:
“1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear i Rialachán AE Uimh. 1308/2013.”;
léitear:
“1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.”.
Leathanach 591, Airteagal 90(4)(c):
in ionad:
“(c) |
na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint;”; |
léitear:
“(c) |
na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint;”. |
Leathanach 599, Airteagal 116(1), an dara mir:
in ionad:
“1. Chun críoch Airteagail 15, 58, 62, 63, 64, 65, 66, 75, 77, 78, 89, 90, 96, 101 agus 104, i ndáil le hábhair a bhaineann le híocaíochtaí díreacha, forbairt tuaithe nó comheagraíocht na margaí, féadfaidh an Coiste um Íocaíochtaí Díreacha, an Coiste um Fhorbairt Tuaithe agus/nó an Coiste um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta…”;
léitear:
“1. Chun críoch Airteagail 15, 58, 62, 63, 64, 65, 66, 75, 77, 78, 89, 90, 96, 101 agus 104, i ndáil le hábhair a bhaineann le híocaíochtaí díreacha, forbairt tuaithe nó comheagrú na margaí, féadfaidh an Coiste um Íocaíochtaí Díreacha, an Coiste um Fhorbairt Tuaithe agus/nó an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta …”.
Leathanach 600, Airteagal 120:
in ionad:
“Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na socruithe dá bhforáiltear sna Rialacháin aisghairithe dá dtagraítear in Airteagal 118 chuig na socruithe a leagtar síos sa Rialachán seo, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis na cásanna ina bhféadfaidh feidhm a bheith ag maoluithe ó na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.”;
léitear:
“Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na socruithe dá bhforáiltear sna Rialacháin aisghairithe dá dtagraítear in Airteagal 119 chuig na socruithe a leagtar síos sa Rialachán seo, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 115 maidir leis na cásanna ina bhféadfaidh feidhm a bheith ag maoluithe ó na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus ag breisithe ar na rialacha sin.”.