19.5.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/1


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 347 Eagrán Speisialta Gaeilge, an 20 Nollaig 2013 )

Leathanach 489, an tríú habairt d'aithris (12):

in ionad:

“… daoine atá bainteach le hearnáil an bhia agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a n-iomaíochas agus a n-éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú go háirithe…”;

léitear:

“… daoine atá bainteach le hearnáil an bhia agus FBManna tuaithe a n-iomaíochas agus a n-éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú go háirithe…”.

Leathanach 490, aithris (18):

in ionad:

“(18)

Is ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a sheasann geilleagar tuaithe an Aontais.”;

léitear:

“(18)

Is ar FBManna a sheasann geilleagar tuaithe an Aontais.”.

Leathanach 491, aithris (20):

in ionad:

“… Ba cheart go gcuimseodh an beart sin feabhsú acmhainní foraoise agus cur leo trí fhoraoisiú talún agus trí chórais agrafhoraoiseachta a chruthú ina mbeidh córais fhairsinge talmhaíochta agus foraoiseachta. Ba cheart go gcuimseofaí leis freisin athchóiriú foraoisí a ndearnadh damáiste dóibh de dheasca dóiteáin nó tubaistí nádúrtha agus dheasca teagmhais thurraingeacha eile agus bearta coiscthe iomchuí, infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nua foraoiseachta agus i bpróiseáil, in úsáid agus i margú táirgí foraoise a bheidh dírithe ar fheabhsú fheidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil na sealbhóirí foraoise … .”;

léitear:

“… Ba cheart go gcuimseodh an beart sin feabhsú acmhainní foraoise agus cur leo trí fhoraoisiú talún agus trí chórais agrafhoraoiseachta a chruthú ina mbeidh córais fhairsinge talmhaíochta agus foraoiseachta. Ba cheart go gcuimseofaí leis freisin athchóiriú foraoisí a ndearnadh damáiste dóibh de dheasca dóiteáin nó tubaistí nádúrtha agus dheasca teagmhais thurraingeacha eile agus bearta coiscthe iomchuí, infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nua foraoiseachta agus i bpróiseáil, in úsáid agus i margú táirgí foraoise a bheidh dírithe ar fheabhsú fheidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil na ngabháltas foraoise … .”.

Leathanach 491, an dara abairt d'aithris (21):

in ionad:

“Dá bhrí sin ba cheart spreagadh a thabhairt do bhunú grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí. Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní teoranta airgeadais sa chaoi is fearr níor cheart go mbainfeadh aon dream leas as tacaíocht ach amháin grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí atá incháilithe mar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.”;

léitear:

“Dá bhrí sin ba cheart spreagadh a thabhairt do bhunú grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí. Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní teoranta airgeadais sa chaoi is fearr níor cheart go mbainfeadh aon dream leas as tacaíocht ach amháin grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí atá incháilithe mar FBManna.”.

Leathanach 495, aithris (45):

in ionad:

“(45)

Ba cheart do ghrúpaí oibriúcháin tionscadail nuálaíocha maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta a chur chun feidhme i gcomhthéacs CEN lena dtabharfaí le chéile feirmeoirí, bainisteoirí foraoisí, pobail tuaithe, taighdeoirí, comhairleoirí ENRanna, gnóthais agus gníomhaithe eile ar spéis leo nuálaíocht san earnáil talmhaíochta. …”;

léitear:

“(45)

Ba cheart do ghrúpaí oibriúcháin tionscadail nuálaíocha maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta a chur chun feidhme i gcomhthéacs CEN lena dtabharfaí le chéile feirmeoirí, bainisteoirí foraoisí, pobail tuaithe, taighdeoirí, comhairleoirí, ENRanna, gnóthais agus gníomhaithe eile ar spéis leo nuálaíocht san earnáil talmhaíochta. …”.

Leathanach 497, aithris (61):

in ionad:

“…ba cheart go chumhdófaí leis freisin scéimeanna sonracha an Aontais faoi Airteagal 17(1)(a) agus tréithe na ngrúpaí táirgeora agus na cineálacha gníomhaíochta a fhéadfaidh tacaíocht a fháil faoi mhír 2 d'Airteagal 17, mar aon le coinníollacha a shocrú chun saobhadh iomaíochais chun idirdhealú táirgí a chosc agus chun brandaí tráchtála a eisiamh ó thacaíocht a fháil.”;

léitear:

“…ba cheart go gcumhdófaí leis freisin scéimeanna sonracha an Aontais faoi Airteagal 16(1)(a) agus tréithe na ngrúpaí táirgeora agus na cineálacha gníomhaíochta a fhéadfaidh tacaíocht a fháil faoi mhír 2 d'Airteagal 16, mar aon le coinníollacha a shocrú chun saobhadh iomaíochais chun idirdhealú táirgí a chosc agus chun brandaí tráchtála a eisiamh ó thacaíocht a fháil.”.

Leathanach 497, aithris (62):

in ionad:

“Chomh maith leis sin, ba cheart go chumhdófaí leis an gcumhachtú sin: an méid ábhair is lú a nglacfar leis i bpleananna gnó agus na critéir atá le húsáid ag na Ballstáit chun na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 19(4) a shocrú; sainmhíniú ar na ceanglais íosta maidir leis an gcomhshaol chun coillearnach a fhoraoisiú agus a chruthú; na coinníollacha is infheidhme maidir le gealltanais agra-comhshaoil-aeráide chun an fheirmeoireacht bheostoic a leathnú, mar aon le pórtha áitiúla a thógáil a bhfuil an baol ann go gcaillfear don fheirmeoireacht iad nó acmhainní géiniteacha plandaí atá i mbaol creimeadh géiniteach a chaomhnú mar aon leis an sainmhíniú ar oibríochtaí incháilithe chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú, a úsáid go hinbhuanaitheach agus a fhorbairt; an modh ríomha a úsáidfear chun cistiú faoi dhó a sheachaint maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013…;”;

léitear:

“Chomh maith leis sin, ba cheart go chumhdófaí leis an gcumhachtú sin: an méid ábhair is lú a nglacfar leis i bpleananna gnó agus na critéir atá le húsáid ag na Ballstáit chun na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 19(4) a shocrú; an sainmhíniú ar na híoscheanglais maidir leis an gcomhshaol is infheidhme maidir le foraoisiú agus cruthú coillearnaí; na coinníollacha is infheidhme maidir le gealltanais agra-comhshaoil-aeráide chun an fheirmeoireacht bheostoic a leathnú, mar aon le pórtha áitiúla a thógáil a bhfuil an baol ann go gcaillfear don fheirmeoireacht iad nó acmhainní géiniteacha plandaí atá i mbaol creimeadh géiniteach a chaomhnú mar aon leis an sainmhíniú ar oibríochtaí incháilithe chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú, a úsáid go hinbhuanaitheach agus a fhorbairt. Ba cheart go gcumhdófaí an méid seo a leanas leis freisin: an modh ríomha a úsáidfear chun cistiú dúbailte a sheachaint maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013…;”.

Leathanach 502, Airteagal 8(1)(h) pointe (i), an chéad abairt:

in ionad:

“(i)

| tábla ina leagtar amach, i gcomhréir le hAirteagal 64(4), ranníocaíocht iomlán CETFT atá beartaithe do gach bliain …”;

léitear:

“(i)

| tábla ina leagtar amach, i gcomhréir le hAirteagal 58(4), ranníocaíocht iomlán CETFT atá beartaithe do gach bliain …”.

Leathanach 505, Airteagal 15(4), an fhomhír dheireanach:

in ionad:

“Féadfar saincheisteanna eile a chumhdach faoi chomhairle freisin agus go háirithe an fhaisnéis a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin, leis an mbithéagsúlacht agus le cosaint uisce mar a leagtar síos í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 nó saincheisteanna a bhfuil baint acu le feidhmiú eacnamaíoch no feidhmiú comhshaoil maidir leis an ngabháltas talmhaíochta lena náirítear gnéithe a bhaineann le hiomaíochas…”;

léitear:

“Féadfar saincheisteanna eile a chumhdach faoi chomhairle freisin agus go háirithe an fhaisnéis a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin, leis an mbithéagsúlacht agus le cosaint uisce mar a leagtar síos í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 nó saincheisteanna a bhfuil baint acu le feidhmiú eacnamaíoch agus feidhmiú comhshaoil maidir leis an ngabháltas talmhaíochta lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le hiomaíochas…”.

Leathanach 505, Airteagal 15(6):

in ionad:

“Féadfaidh comhairle d'fhiontair bheaga agus d'fhiontair mheánmhéide saincheisteanna a chumhdach a bhaineann le feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil an fhiontair.”;

léitear:

“Féadfaidh comhairle do FBManna saincheisteanna a chumhdach a bhaineann le feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil an fhiontair.”.

Leathanach 507, Airteagal 18(3):

in ionad:

“3.   Beidh tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1 faoi réir aithint fhoirmiúil na n-údarás poiblí inniúil sna Ballstáit gur tharla tubaiste nádúrtha agus go raibh scrios 30 % ar laghad den acmhainneacht ábhartha talmhaíochta ina iarmhairt ar an tubaist sin nó ar bhearta arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE (1) ón gComhairle maidir le galar plandaí nó foirgeacht lotnaidí a dhíothú nó rialú a dhéanamh orthu.”;

léitear:

“3.   Beidh tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1 faoi réir aithint fhoirmiúil na n-údarás poiblí inniúil sna Ballstáit gur tharla tubaiste nádúrtha agus go raibh scrios 30 % ar laghad den acmhainneacht ábhartha talmhaíochta ina iarmhairt ar an tubaiste seo nó ar bhearta arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE (1) ón gComhairle chun galar plandaí, nó lotnaid, a dhíothú nó rialú a dhéanamh orthu.”.

Leathanach 508, Airteagal 19(6), an chéad abairt:

in ionad:

“6.   Leagtar síos an uas-suim tacaíochta faoi phointe (a) de mhír 1 in Iarscríbhinn I…”

léitear:

“6.   Leagtar síos an uas-suim tacaíochta faoi phointe (a) de mhír 1 in Iarscríbhinn II…”

Leathanach 509, Airteagal 21(2):

in ionad:

“2.   Ní bheidh feidhm ag teorainneacha ar úinéireacht foraoisí dá bhforáiltear in Airteagail 22 go dtí 26 maidir le foraoisí trópaiceacha nó fothrópaiceacha agus leis na limistéir faoi chrainn i gcríocha na nAsór, Mhaidéara, na nOileán Canárach, na n-oileán Aeigéach is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93 (1) ón gComhairle an 19 Iúil 1993 agus ranna thar lear na Fraince.

léitear:

“2.   Ní bheidh feidhm ag teorainneacha ar úinéireacht foraoisí dá bhforáiltear in Airteagail 22 go 26 maidir le foraoisí trópaiceacha nó fothrópaiceacha agus le limistéir faoi chrainn chríocha na nAsór, Mhaidéara, na nOileán Canárach, na n-oileán Aeigéach is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 (2), agus réigiúin is forimeallaí na Fraince.

Leathanach 509, teideal Airteagal 22:

in ionad:

“Coillearnacha a fhoraoisiú agus a chruthú”;

léitear:

“Foraoisiú agus cruthú coillearnaí”.

Leathanach 510, Airteagal 24(3):

in ionad:

“3.   Beidh tacaíocht faoi phointe (d) de mhír 1 faoi réir aithint fhoirmiúil na n-údarás poiblí inniúil sna Ballstáit inar tharla tubaiste nádúrtha agus go raibh scrios 20 % ar laghad den acmhainneacht ábhartha foraoise ina iarmhairt ar an tubaiste sin nó bearta arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE chun galar plandaí nó foirgeacht lotnaidí a dhíothú nó rialú a dhéanamh orthu.”;

léitear:

“3.   Beidh tacaíocht faoi phointe (d) de mhír 1 faoi réir aithint fhoirmiúil na n-údarás poiblí inniúil sna Ballstáit inar tharla tubaiste nádúrtha agus go raibh scrios 20 % ar laghad den acmhainneacht ábhartha foraoise ina iarmhairt ar an tubaiste sin nó bearta arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE chun galar plandaí, nó lotnaid, a dhíothú nó rialú a dhéanamh orthu.”.

Leathanach 510, Airteagal 26(1):

in ionad:

“1.   Deonófar tacaíocht faoi phointe (e) d'Airteagal 21(1) do shealbhóirí foraoise príobháidí, do bhardais agus dá gcomhlachais agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide d'infheistíochtaí a chuireann le hacmhainneacht foraoiseachta nó a bhaineann le próiseáil, le húsáid agus le margaíocht lena gcuirtear le luach táirgí foraoiseachta. I gcríocha na nAsór, na nOileán Canárach, na n-oileán Aeigéach is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93 agus na ranna Francacha thar lear, féadfar tacaíocht a thabhairt d'fhiontair nach fiontair bheaga ná fiontair mheánmhéide iad.”;

léitear:

“1.   Deonófar tacaíocht faoi phointe (e) d'Airteagal 21(1) do shealbhóirí foraoise príobháidí, do bhardais agus dá gcomhlachais agus do FBManna d'infheistíochtaí a chuireann le hacmhainneacht foraoiseachta nó a bhaineann le próiseáil, le húsáid agus le margaíocht lena gcuirtear le luach táirgí foraoiseachta. I gcríocha na nAsór, na nOileán Canárach, na n-oileán Aeigéach is lú de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 229/93, agus réigiúin is forimeallaí na Fraince, féadfar tacaíocht a thabhairt d'fhiontair nach FBManna iad freisin.”.

Leathanach 511, Airteagal 27(4):

in ionad:

“4.   Beidh an tacaíocht teoranta do na huasrátaí agus na huasmhéideanna a leagtar síos in Iarscríbhinn I.”;

léitear:

“4.   Beidh an tacaíocht teoranta do na huasrátaí agus na huasmhéideanna a leagtar síos in Iarscríbhinn II.”.

Leathanach 511, an fonóta a ghabhann le hAirteagal 27(5):

in ionad:

“(1)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE)Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle. (Féach leathanach 671 den Iris Oifigiúil seo.).”;

léitear:

“(1)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle. (Féach leathanach 671 den Iris Oifigiúil seo.).”.

Leathanach 512, Airteagal 28(6), an dara fomhír:

in ionad:

“Agus na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú faoi dhó de na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a sheachaint.”;

léitear:

“Agus na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, asbhainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte na gcleachtas dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint”.

Leathanach 512, Airteagal 28(11):

in ionad:

“11.   D'fhonn a áirithiú nach féidir an cistiú dúbailte faoi dhó, dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 6, a bheith i gceist tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 lena leagtar síos an modh ríomha a bheidh le húsáid, lena n-áirítear i gcás beart chomhionann faoi Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.”;

léitear:

“11.   D'fhonn a áirithiú nach féidir an cistiú dúbailte, dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 6, a bheith i gceist, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 lena leagtar síos an modh ríomha a bheidh le húsáid, lena n-áirítear i gcás beart chomhionann faoi Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.”.

Leathanach 512, Airteagal 29(2):

in ionad:

“2.   Ní thabharfar tacaíocht ach do na gealltanais a théann thar na caighdeáin shainordaitheacha ábhartha a bhunaítear de bhun Chaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 na critéir ábhartha agus na gníomhaíochtaí íosta a bhunaítear de bhun phointí (c)(ii) agus(c)(iii) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. …/2013, íoscheanglais ábhartha maidir le húsáid leasacháin agus táirgí cosanta plandaí mar aon le ceanglais shainordaitheacha ábhartha eile arna mbunú le dlí náisiúnta. Sainaithneofar na ceanglais uile den sórt sin sa chlár.”;

léitear:

“2.   Ní thabharfar tacaíocht ach do na gealltanais a théann thar na caighdeáin shainordaitheacha ábhartha a bhunaítear de bhun Chaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, na critéir ábhartha agus na gníomhaíochtaí íosta a bhunaítear de bhun phointí (c)(ii) agus(c)(iii) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, íoscheanglais ábhartha maidir le húsáid leasacháin agus táirgí cosanta plandaí mar aon le ceanglais shainordaitheacha ábhartha eile arna mbunú le dlí náisiúnta. Sainaithneofar na ceanglais uile den sórt sin sa chlár.”.

Leathanach 512, Airteagal 29(4), an dara mír:

in ionad:

“Agus na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint.”;

léitear:

“Agus na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, asbhainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint.”.

Leathanach 513, Airteagal 30(1), an dara mír:

in ionad:

“Agus an tacaíocht faoin mbeart seo á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint.”;

léitear:

“Agus an tacaíocht faoin mbeart seo á ríomh, asbhainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint.”.

Leathanach 513, Airteagal 31(1), an dara fomhír:

in ionad:

“Ríomhfar costais bhreise agus ioncam ligthe thar ceal i gcomparáid le limistéir nach bhfuil srianta nádúrtha ná srianta eile sonracha ag gabháil dóibh, ag cur íocaíochtaí de bhun Chaibidil 3 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 san áireamh.”;

léitear:

“Ríomhfar costais bhreise agus ioncam ligthe thar ceal i gcomparáid le limistéir nach bhfuil srianta nádúrtha ná srianta eile sonracha ag gabháil dóibh, ag cur íocaíochtaí de bhun Chaibidil 4 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 san áireamh.”.

Leathanach 515, Airteagal 32(4), an fhomhír dheiridh:

in ionad:

“De mhaolú, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i leith na mBallstát sin a measadh go raibh a críoch iomlán ina limistéar a raibh baic shonracha os a comhair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 agus Rialachán (AE) Uimh. 1257/1999.”;

léitear:

“De mhaolú, ní bheidh feidhm ag an dara fomhír, i leith na mBallstát sin a measadh go raibh a críoch iomlán ina limistéar a raibh baic shonracha os a comhair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 agus Rialachán (AE) Uimh. 1257/1999.”.

Leathanach 518, an dara fomhír d'Airteagal 37(1):

in ionad:

“1.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (a) d'Airteagal 36(1) ach le haghaidh conarthaí árachais lena gcumhdaítear caillteanas a tharla de dhroim teagmhais díobhálaigh aeráide, nó galair ainmhithe nó galair plandaí, nó foirgeachta le lotnaidí, nó teagmhais comhshaoil nó beart a glacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE maidir le díothú nó rialú a dhéanamh ar ghalar plandaí, nó ar fhoirgeacht le lotnaidí a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, ag fágáil an iontráil is airde agus an iontráil is ísle ar lár. Féadfar innéacsanna a úsáid d'fhonn táirgiúlacht bhliantúil an fheirmeora a ríomh. Beifear in ann caillteanas iarbhír feirmeora aonair in aon bhliain ar leith a chinneadh tríd an modh ríofa a úsáidtear.”;

léitear:

“1.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (a) d'Airteagal 36(1) ach le haghaidh conarthaí árachais lena gcumhdaítear caillteanas a tharla de dhroim teagmhais díobhálaigh aeráide, nó galair ainmhithe nó galair plandaí, nó foirgeachta le lotnaidí, nó teagmhais comhshaoil nó beart a glacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE maidir le díothú nó rialú a dhéanamh ar ghalar plandaí, nó ar lotnaid, a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, ag fágáil an iontráil is airde agus an iontráil is ísle ar lár. Féadfar innéacsanna a úsáid d'fhonn táirgiúlacht bhliantúil an fheirmeora a ríomh. Beifear in ann caillteanas iarbhír feirmeora aonair in aon bhliain ar leith a chinneadh tríd an modh ríofa a úsáidtear.”.

Leathanach 518, an dara fomhír d'Airteagal 38(3):

in ionad:

“Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (b) d'Airteagal 36(1) ach lena gcumhdaítear caillteanas a tharla de dhroim teagmhais dhíobhálaigh aeráide nó galair ainmhithe nó phlandaí nó foirgeachta le lotnaidí nó beart a glacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE maidir le díothú nó rialú a dhéanamh ar ghalar plandaí nó ar fhoirgeacht le lotnaidí, nó ar theagmhas comhshaoil, a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin,…”;

léitear:

“Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (b) d'Airteagal 36(1) ach lena gcumhdaítear caillteanas a tharla de dhroim teagmhais dhíobhálaigh aeráide nó galair ainmhithe nó phlandaí nó foirgeachta le lotnaidí nó beart a glacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE maidir le díothú nó rialú a dhéanamh ar ghalar plandaí, nó ar lotnaid, nó ar theagmhas comhshaoil, a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin,…”.

Leathanach 522, Airteagal 47(1), tús na chéad abairte:

in ionad:

“1.   Féadfar líon na heicteár a mbeidh feidhm ag gealltanas de bhun Airteagail 29, 30 agus 35 ina leith a bheith éagsúil ó bhliain go bliain sna cásanna seo a leanas:”;

léitear:

“1.   Féadfar líon na heicteár a mbeidh feidhm ag gealltanas de bhun Airteagail 28, 29 agus 34 ina leith a bheith éagsúil ó bhliain go bliain sna cásanna seo a leanas:”.

Leathanach 525, Airteagal 54(3), an fhoclaíocht réamhráiteach:

in ionad:

“3.   Bainfear úsáid as tacaíocht CETFT faoi Airteagal 51(3):”;

léitear:

“3.   Bainfear úsáid as tacaíocht CETFT faoi Airteagal 51(2):”.

Leathanach 526, Airteagal 58(4):

in ionad:

“Leagtar amach in Iarscríbhinn I an miondealú bliantúil de réir Ballstáit ar na méideanna dá dtagraítear i mír 1, tar éis an méid dá dtagraítear i mír 2 a dhéaduchtú.”;

léitear:

“Leagtar amach in Iarscríbhinn I an miondealú bliantúil de réir Ballstáit ar na méideanna dá dtagraítear i mír 1, tar éis an méid dá dtagraítear i mír 2 a asbhaint.”.

Leathanach 526, Airteagal 58(5):

in ionad:

“5.   Déanfar cistí a aistríonn Ballstát faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimhir 1306//2013 a bhaint ó na méideanna a leithdháileadh don Bhallstát sin i gcomhréir le mír 4.”;

léitear:

“5.   Déanfar cistí a aistríonn Ballstát faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a bhaint ó na méideanna a leithdháileadh don Bhallstát sin i gcomhréir le mír 4.”.

Leathanach 526, Airteagal 58(7):

in ionad:

“…lena n-áirítear na haistrithe dá dtagraítear i mír 4a agus i mír 5;”

léitear:

“…lena n-áirítear na haistrithe dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6;”

Leathanach 527, Airteagal 59(3), an chéad fhomhír:

in ionad:

“Bunófar leis na cláir forbartha tuaithe ráta ranníocaíochta amháin ó CETFT is infheidhme maidir le gach beart. I gcás inarb infheidhme, bunófar ranníocaíocht ar leith ó CETFT do na réigiúin thearcfhorbartha, do na réigiúin is forimeallaí agus do na hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93, chomh maith leis do réigiúin trasdula. …:”;

léitear:

“Bunófar leis na cláir forbartha tuaithe ráta ranníocaíochta amháin ó CETFT is infheidhme maidir le gach beart. I gcás inarb infheidhme, bunófar ranníocaíocht ar leith ó CETFT do na réigiúin thearcfhorbartha, do na réigiúin is forimeallaí agus do na hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 229/2013, agus do na réigiúin trasdula chomh maith. …:”.

Leathanach 527, pointe (a) d'Airteagal 59(3):

in ionad:

“(a)

85 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin thearcfhorbartha, na réigiúin is forimeallaí agus na hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93;”;

léitear:

“(a)

85 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin thearcfhorbartha, na réigiúin is forimeallaí agus na hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 229/2013;”.

Leathanach 527, pointe (a) d'Airteagal 59(4):

in ionad:

“… Féadfar an ráta sin a mhéadú go dtí 90 % ar a mhéad do na cláir sna réigiúin thearcfhorbartha, do na réigiúin is forimeallaí agus do na hoileáin Aeigéacha de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2019/93 agus do na réigiúin trasdula dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 3;”;

léitear:

“… Féadfar an ráta sin a mhéadú go dtí 90 % ar a mhéad do chláir na réigiún tearcfhorbartha, na réigiún is forimeallaí, na n-oileán Aeigéach is lú de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 229/2013, agus na réigiún trasdula dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 3;”.

Leathanach 527, pointe (e) d'Airteagal 59(4):

in ionad:

“(e)

100 % i gcás oibríochtaí arna maoiniú ó chistí arna n-aistriú chuig CETFT i gcur i bhfeidhm Airteagal 7(2) agus Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.”;

léitear:

“(e)

100 % i gcás oibríochtaí arna maoiniú ó chistí arna n-aistriú chuig CETFT i gcur i bhfeidhm Airteagal 136a(1) de Rialachán (CE) 73/2009, Airteagal 7(2) agus Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.”.

Leathanach 530, Airteagal 66(3), tús na chéad abairte:

in ionad:

“I gcás ina n-áirítear fo-chlár téamach, dá dtagraítear in Airteagal 8, sa chlár forbartha réigiúnaí…”;

léitear:

“I gcás ina n-áirítear fo-chlár téamach, dá dtagraítear in Airteagal 7, sa chlár forbartha réigiúnaí…”.

Leathanach 532, Airteagal 82:

in ionad:

“I gcás íocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit maidir le hoibríochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE agus atá beartaithe maoiniú breise a sholáthar le haghaidh forbartha tuaithe a bhfuil tacaíocht ón Aontas formheasta ina leith tráth ar bith le linn na clárthréimhse, cuirfidh na Ballstáit na híocaíochtaí sin san áireamh sa chlár forbartha tuaithe de réir mar a fhoráiltear i mír (j) d'Airteagal 8(k) agus, i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na critéir faoin Rialachán sin, formheasfaidh an Coimisiún iad.”;

léitear:

“I gcás íocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit maidir le hoibríochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE agus atá beartaithe maoiniú breise a sholáthar le haghaidh forbartha tuaithe a bhfuil tacaíocht ón Aontas formheasta ina leith tráth ar bith le linn na clárthréimhse, cuirfidh na Ballstáit na híocaíochtaí sin san áireamh sa chlár forbartha tuaithe de réir mar a fhoráiltear i mír 1(j) d'Airteagal 8 agus, i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na critéir faoin Rialachán sin, formheasfaidh an Coimisiún iad.”.

Leathanach 532, Airteagal 83(1):

in ionad:

“1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in 2(3), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus 11, Airteagal 29(6), Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5), Airteagal 35(10), Airteagal 36(5), Airteagal 45(6) and Airteagal 47(6) agus Airteagal 89 a ghlacadh.”;

léitear:

“1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in 2(3), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus 11, Airteagal 29(6), Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5), Airteagal 35(10), Airteagal 36(5), Airteagal 45(6) agus Airteagal 47(6), Airteagal 58(7) agus Airteagal 89 a ghlacadh.”.

Leathanach 533, Airteagal 83 (2):

in ionad:

“Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus 11, Airteagal 29(6), Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5), Airteagal 35(10), Airteagal 36(4), Airteagal 45(6),Airteagal 47(6) agus Airteagal 89 a ghlacadh, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle í a chúlghairm am ar bith…”;

léitear:

“Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus 11, Airteagal 29(6), Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5), Airteagal 35(10), Airteagal 36(4), Airteagal 45(6), Airteagal 47(6), Airteagal 58(7) agus Airteagal 89 a ghlacadh, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle í a chúlghairm am ar bith…”.

Leathanach 533, Airteagal 83(5):

in ionad:

“5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(3), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus 11, Airteagal 29(6), Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5), Airteagal 35(10), Airteagal 36(4), Airteagal 45(6),Airteagal 47(6) agus Airteagal 89 i bhfeidhm ach amháin murar chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.”;

léitear:

“5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(3), Airteagal 14(5), Airteagal 16(5), Airteagal 19(8), Airteagal 22(3), Airteagal 28(10) agus 11, Airteagal 29(6), Airteagal 30(8), Airteagal 33(4), Airteagal 34(5), Airteagal 35(10), Airteagal 36(4), Airteagal 45(6),Airteagal 47(6), Airteagal 58(7) agus Airteagal 89 i bhfeidhm ach amháin murar chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.”.

Leathanach 547, Iarscríbhinn VI, an abairt i ndiaidh Airteagal 39:

in ionad:

“Bearta a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir le héiceachórais atá ag brath ar thalmhaíocht agus ar fhoraoiseacht a athshlánú, a chaomhnú agus a fheabhsú”;

léitear:

“Bearta a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir le héiceachórais a bhaineann le talmhaíocht agus le foraoiseacht a athshlánú, a chaomhnú agus a fheabhsú”.

Leathanach 547, Iarscríbhinn VI, an abairt ag tosú le “Airteagal 21(1)(a)”:

in ionad:

“Coillearnacha a fhoraoisiú agus a chruthú”;

léitear:

“Foraoisiú agus cruthú coillearnaí”.