3.12.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 347 Eagrán Speisialta Gaeilge an 20 Nollaig 2013 )

1.

Ar leathanach 303, aithris 4, an chéad abairt:

in ionad:

“Féadfaidh EGTCanna acmhainneacht a bheith acu chun forbairt chomhchuí an Aontais ina iomláine a chur chun cinn agus a bhaint amach mar aon le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a réigiún go háirithe agus cuidiú le spriocanna straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach (‘straitéis Eoraip 2020’) a bhaint amach.”,

léitear:

“Féadfaidh EGTCanna acmhainneacht a bheith acu chun forbairt chomhchuí an Aontais ina iomláine a chur chun cinn agus a bhaint amach mar aon le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a réigiún go háirithe agus cuidiú le spriocanna straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (‘straitéis Eoraip 2020’) a bhaint amach.”.

2.

Ar leathanach 303, aithris 5, an tríú habairt:

in ionad:

“Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ón gComhairle, …”,

léitear:

“Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006, …”.

3.

Ar leathanach 307, aithris 37, an dara habairt:

in ionad:

“Agus a rialacha náisiúnta atá ann cheana á n-oiriúnú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-ainmneofar údaráis inniúla a bheidh freagrach as EGTCanna a fhormheas agus, i gcomhréir lena socruithe dlíthiúla agus riaracháin, gur cheart gurbh iad na húdaráis den sórt sin agus na comhlachtaí céanna a bheidh freagrach as fógraí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006.”,

léitear:

“Agus a rialacha náisiúnta atá ann cheana á n-oiriúnú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-ainmneofar údaráis inniúla a bheidh freagrach as EGTCanna a fhormheas agus, i gcomhréir lena socruithe dlíthiúla agus riaracháin, gurbh iad na húdaráis sin na comhlachtaí céanna a bheidh freagrach as fógraí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006.”.

4.

Ar leathanach 308, pointe (3) lena leasaítear Airteagal 3, an chéad fhomhír de mhír 1de Rialachán (CE) Uimh 1082/2006:

in ionad:

“(f)

údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, nó comhlachtaí nó gnóthais phoiblí, atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear faoi phointe (d), ó thríú tíortha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3a.”,

léitear:

“(f)

údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, nó comhlachtaí nó gnóthais, atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear faoi phointe (d) agus faoi phointe (e), ó thríú tíortha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3a.”.

5.

Ar leathanach 313, pointe (17) lena gcuirtear isteach Airteagal 17a i Rialachán (CE) Uimh 1082/2006:

in ionad:

“3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 17 Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. …”,

léitear:

“3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. …”.

6.

Ar leathanach 313, pointe (17) lena gcuirtear isteach Airteagal 17a i Rialachán (CE) Uimh 1082/2006:

in ionad:

“5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara mír d'Airteagal 17 Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin …”,

léitear:

“5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara mír d'Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin …”.

7.

Ar leathanach 313, Airteagal 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(18)

Cuirtear an téacs atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar iarscríbhinn.”.