20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

238


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1296/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ("EaSI") agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 46(d), Airteagal 149, Airteagal 153(2)(a) agus don tríú halt d'Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De réir na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal 'Buiséad le haghaidh Eoraip 2020', ina moltar go ndéanfaí ionstraimí maoiniúcháin an Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú agus go ndíreofaí níos fearr ar bhreisluach an Aontais agus ar thionchair agus ar thorthaí, bunaítear leis an Rialachán seo Clár de chuid an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ('an Clár') chun foráil a dhéanamh do leanúnachas agus d'fhorbairt gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích ar bhonn Chinneadh Uimh. 1672/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (5) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún (6) agus Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena bunaíodh Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (7) ('an tSaoráid').

(2)

Ar an 17 Meitheamh 2010 thacaigh an Chomhairle Eorpach le togra ón gCoimisiún maidir le Straitéis Eoraip 2020 i gcomhair post agus agus fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh ("Eoraip 2020"), lena bhforáiltear do chúig phríomhsprioc (lena n-áirítear iad siúd lena ndéileáiltear le fostaíocht, leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, agus leis an oideachas faoi seach) agus do sheacht dtionscnamh suaitheanta, agus ar an gcaoi sin soláthraítear creat beartais comhtháite do na deich mbliana amach romhainn. Thacaigh an Chomhairle Eorpach le húsáid iomlán a bhaint as ionstraimí agus beartais ábhartha de chuid an Aontais chun tacú le baint amach na gcuspóirí coiteanna agus thug sí cuireadh do na Ballstáit a gcuid gníomhaíochta comhordaithe a mhéadú.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 148(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ghlac an Chomhairle treoirlínte an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le beartais fostaíochta, lena gcuimsítear treoirlínte comhtháite 'Eoraip 2020' mar aon leis na treoirlínte leathana maidir le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121 CFAE. Ba cheart go rannchuideodh an Clár le baint amach spriocanna 'Eoraip 2020', go háirithe a chuspóirí maidir le laghdú na bochtaineachta agus fostaíocht de réir mar a shainmhínítear sna Treoirlínte Fostaíochta iad. Ba cheart don Chlár tacú le cur chun feidhme na dtionscnamh suaitheanta chun na críche sin, agus aird faoi leith á thabhairt ar an Ardán Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta, ar an gClár Oibre do Scileanna Nua agus do Phoist, ar an Óige ag Bogadh agus ar an bPacáiste Fostaíochta don Óige.

(4)

Sna tionscnaimh shuaitheanta de chuid Eoraip 2020 dar teideal "Ardán Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta" agus "Aontas Nuálaíochta", sainaithnítear nuálaíocht shóisialta mar uirlis chumhachtach chun dul i ngleic leis na dúshláin shóisialta a eascraíonn as an méid seo a leanas – aosú an daonra, bochtaineacht, dífhostaíocht, patrúin nua oibre agus stíleanna maireachtála nua, agus ionchais saoránach maidir le ceartas sóisialta, oideachas agus cúram sláinte. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíocht chun dlús a chur le nuálaíocht shóisialta mar fhreagairt ar riachtanais shóisialta nach bhfuil á gcomhlíonadh nó nach bhfuil á gcomhlíonadh go leordhóthanach, maidir leis an mbochtaineacht agus an eisiamh sóisialta a chomhrac, ardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn, cosaint shóisialta leormhaith agus frithbhochtaineachta a ráthú, dálaí oibre a fheabhsú agus rochtain ar oiliúint do dhaoine leochaileacha a fheabhsú, agus aird chuí á tabhairt ar ról na n-údarás réigiúnach agus na n-údarás áitiúil. Ba cheart go mbeadh an Clár ina chatalaíoch freisin le haghaidh comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta agus i gcomhair líonraithe idir gníomhaithe san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus sa tríú hearnáil, chomh maith le tacú lena rannpháirtíocht i gcineálacha cur chuige nua a cheapadh agus a chur chun feidhme chun dul i ngleic le dúshláin agus riachtanais shóisialta dhithneasacha.

(5)

Ba cheart don Chlár cabhrú, go háirithe, chun réitigh nuálaíocha a shainaithint agus a anailísiú, agus chun a gcur chun feidhme a mhéadú ó scála, trí thástáil a dhéanamh le beartas sóisialta chun cabhrú leis na Ballstáit, i gcás inar gá, cur le héifeachtacht a margaí saothair agus tuilleadh feabhais a chur ar a mbeartais maidir le cosaint agus cuimsiú sóisialta. Is tástáil ar an láthair ar nuálaíochtaí sóisialta atá tionscadalbhunaithe é tástáil beartais shóisialta. Cumasaíonn sé tiomsú fianaise maidir le féidearthacht nuálaíochtaí sóisialta. Ba cheart go bhféadfaí smaointe ráthúla a shaothrú ar scála níos leithne le tacaíocht airgid ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) chomh maith le foinsí eile.

(6)

Ba cheart modh oscailte an chomhordaithe, a bhfuil a sholúbthacht agus a éifeachtacht oibriúcháin cruthaithe aige sna réimsí fostaíochta agus beartais shóisialta, a úsáid go forleathan agus ba cheart go mbainfeadh sé tairbhe as gníomhaíochtaí a dtacaíonn an Clár leo.

(7)

Ceanglaítear leis an dul chun cinn i dtreo forbartha atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de san Eoraip go ndéanfaí scileanna agus inniúlachtaí nua a réamh-mheas agus a fhorbairt, ar scileanna agus inniúlachtaí iad a mbeidh sé mar thoradh orthu go gcuirfí feabhas ar na coinníollacha do chruthú fostaíochta, ar cháilíocht na fostaíochta agus ar na coinníollacha oibre trí bheartais tionlacain oideachais, margaidh saothair agus sóisialta i ndáil le claochlú tionscal agus seirbhísí. Ba cheart go rannchuideodh an Clár mar sin le cruthú post cáilíochta agus inbhuanaithe 'glas', 'cúraim' agus TFC a chur chun cinn chomh maith le réamh-mheas agus forbairt a dhéanamh ar scileanna agus inniúlachtaí nua do phoist nua cháilíochta agus inbhuanaithe trí bheartais fostaíochta agus shóisialta a nascadh le beartais thionsclaíocha agus struchtúrtha a thacaíonn leis an trasdul i dtreo geilleagair atá tíosach ar acmhainní agus ísealcharbóin. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh an Clár ina chatalaíoch freisin do thaiscéaladh ar an acmhainneacht cruthú post atá ag infheistíochtaí glasa agus sóisialta atá treoraithe ag an earnáil phoiblí agus ag tionscnaimh fostaíochta áitiúla agus réigiúnacha.

(8)

Ba cheart don Chlár aird a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar ghné chríochach na dífhostaíochta, na bochtaineachta agus an eisiaimh sóisialta, agus aird faoi leith a thabhairt ar an mborradh atá ag teacht ar éagothroime laistigh de agus idir réigiúin, idir limistéir thuaithe agus cathracha agus laistigh de chathracha.

(9)

Is gá gnéithe sóisialta an mhargaidh inmheánaigh a chomhdhlúthú. I gcomhthéacs an riachtanas atá ann muinín sa mhargadh inmheánach lena n-áirítear i saorghluaiseacht seirbhísí a fheabhsú trí urraim ar chearta oibrithe a áirithiú, is gá a áirithiú go dtabharfar stádas comhionann do chearta oibrithe agus fiontraithe araon maidir le saorghluaiseacht ar fud an Aontais.

(10)

In aon dul le Eoraip 2020, ba cheart don Chlár dul i mbun cur chuige comhtháite chun fostaíocht cháilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn chomh maith leis an eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac agus a chosc agus ag an am céanna aird a thabhairt ar an ngá chun urraim a thabhairt do chomhionannas idir mná agus fir. Ba cheart cur chun feidhme an Chláir a réasúnú agus a shimpliú, go háirithe trí shraith forálacha coiteanna a bhunú lena n-áirítear, inter alia, cuspóirí ginearálta agus socruithe faireacháin agus meastóireachta. Ba cheart don Chlár díriú ar thionscadail a bhfuil breisluach soiléir don Aontas ag baint leo, beag beann ar a méid. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart go dtacódh an Clár le cruthú agus le forbairt líonraí agus comhpháirtíochtaí. Ina theannta sin, ba cheart úsáid níos mó a bhaint as roghanna costais simplithe (cnapshuim agus maoiniú ar ráta comhréidh) go háirithe chun scéimeanna soghluaisteachta a chur chun feidhme agus ag áirithiú go bhfuil imeachtaí trédhearcach. Ba cheart don Chlár a bheith ina ionad ilfhreastail i gcomhair soláthraithe micreamhaoiniúcháin ar leibhéal an Aontais, lena gcuirfear maoiniú ar fáil maidir le micrichreidmheas agus fiontraíocht shóisialta, ag éascú rochtain ar iasachtaí agus ag cur cúnaimh theicniúil ar fáil.

(11)

Ag cur san áireamh go bhfuil srian leis na cistí atá ar fáil don Chlár agus go bhfuil na cistí sin réamhleithdháilte ar an haiseanna éagsúla, ba cheart maoiniú a thabhairt ar dtús d'fhorbairt struchtúr a bhfuil éifeacht iolraitheora shoiléir acu, rud a rachaidh chun tairbhe gníomhaíochtaí agus tionscnamh eile. Ba cheart bearta cuí a shocrú chun aon fhéidearthacht forluí nó maoinithe dúbailte le cistí nó cláir eile a sheachaint, go háirithe an CSE.

(12)

Ba cheart go mbeadh fianaise bunaithe ar anailís iontaofa bheith ag an Aontas chun tacú le ceapadh beartas sa réimse fostaíochta agus sa réimse sóisialta, agus aird faoi leith á tabhairt ar thionchar géarchéimeanna airgeadais agus eacnamaíocha. Cuireann fianaise den sórt sin breisluach le gníomhaíocht náisiúnta trí ghné an Aontais agus trí bhonn comparáide le haghaidh bailithe sonraí a sholáthar agus trí mhodhanna agus uirlisí staitistiúla a fhorbairt, mar aon le táscairí coiteanna chun críche an cás a léiriú ina iomláine i réimse na fostaíochta, i réimse an bheartais shóisialta agus i réimse na ndálaí oibre ar fud an Aontais, agus trí mheastóireacht ardchaighdeáin ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht clár agus beartas a áirithiú, d'fhonn, inter alia,spriocanna Eoraip 2020 a bhaint amach.

(13)

Tá an tAontas i staid uathúil chun ardán a sholáthar le haghaidh malartaithe beartas agus foghlama frithpháirtí idir tíortha atá rannpháirteach sa Chlár i réimsí na fostaíochta, na cosanta sóisialta agus an chuimsithe shóisialta, agus na fiontraíochta sóisialta. An t-eolas ar bheartais atá á gcur i bhfeidhm i dtíortha eile agus ar a dtorthaí, lena n-áirítear iad siúd a baineadh amach trí thástáil beartais shóisialta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, leathnaíonn sé an raon roghanna atá ar fáil do lucht déanta beartas, agus spreagtar leis sin forbairtí beartais nua.

(14)

Tá sé ina ghné lárnach de bheartas sóisialta an Aontais a áirithiú gur ann d'íoschaighdeáin agus go mbíonn feabhas á chur ar dhálaí oibre san Aontas i gcónaí. Tá ról tábhachtach le himirt ag an Aontas ina áirithiú go ndéantar an creat reachtach a oiriúnú do nósanna oibre nua agus do rioscaí nua sláinte agus sábhailteachta agus go gcuirtear 'obair chuibhiúil' agus prionsabail na 'Rialála Cliste' san áireamh. Tá ról tábhachtach ag an Aontas freisin maidir le bearta a mhaoiniú chun feabhas a chur ar chomhlíonadh caighdeáin saothair faoi na coinbhinsiúin daingnithe de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus rialacha Aontais um chearta oibrithe a chosaint. Is é seo an cás, go háirithe, maidir le bearta chun feasacht a mhúscailt (e.g. trí lipéad sóisialta) trí eolas a scaipeadh agus trí dhlús a chur leis an díospóireacht faoi na príomhdhúshláin agus na saincheisteanna beartais a bhaineann le dálaí oibre, lena n-áirítear i measc na gcomhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile chomh maith le bearta cothromaíochta oibre agus saoil a chur chun cinn, gníomhaíochtaí coisctheacha a thionscnamh agus cultúr an choisc a chothú i réimse na sláinte agus sábháilteachta ag an obair.

(15)

Tá ról lárnach ag comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó thaobh fostaíocht cáilíochta a chur chun cinn agus an t-eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac, chomh maith le bheith ag troid i gcoinne na dífhostaíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, baint a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i gcás inarb iomchuí, le foghlaim fhrithpháirteach agus le forbairt, cur chun feidhme agus scaipeadh beartas nua. Ba cheart don Choimisiún na torthaí a bhí ag cur chun feidhme an Chláir a chur in iúl do chomhpháirtithe sóisialta an Aontais agus d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus tuairimí a mhalartú leo.

(16)

Tá an tAontas tiomanta do ghné shóisialta an domhandaithe a threisiú agus dumpáil shóisialta a chomhrac trí chaighdeáin mhaithe oibre agus saothair a chur chun cinn, ní hamháin i dtíortha atá rannpháirteach sa Chlár go hidirnáisiúnta freisin, go díreach vis-à-vis tríú tíortha nó go hindíreach trí chomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Dá réir sin, ní mór caidreamh oiriúnach a fhorbairt le tríú tíortha nach bhfuil ag glacadh páirte sa Chlár d'fhonn cabhrú chun a chuspóirí a bhaint amach, ag féachaint do chomhaontuithe ábhartha ar bith idir na tíortha sin agus an tAontas. D'fhéadfadh sé a bheith i gceist leis sin go bhfreastalódh ionadaithe na dtríú tíortha sin ar imeachtaí comhleasa (amhail comhdhálacha, ceardlanna agus seimineáir) a tharlaíonn i dtíortha atá ag glacadh páirte sa Chlár. Ina theannta sin, ba cheart comhar a fhorbairt leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann, agus go háirithe le EIS agus le comhlachtaí ábhartha eile de chuid na Náisiún Aontaithe, le Comhairle na hEorpa agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), d'fhonn an Clár a chur chun feidhme ar bhealach ina gcuirtear ról na n-eagraíochtaí sin san áireamh.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 45 agus le hAirteagal 46 CFAE, leagtar síos forálacha i Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 a bhfuil sé beartaithe leo saorghluaiseacht d'oibrithe a bhaint amach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach trí dhlúthchomhar idir seirbhísí fostaíochta lárnacha na mBallstát lena chéile agus leis an gCoimisiún a áirithiú. Ba cheart do Eures, arb éard atá ann líonra Eorpach de sheirbhísí fostaíochta, feidhmiú níos fearr na margaí saothair a chur chun cinn trí shoghluaisteacht dheonach thrasnáisiúnta thrasteorann gheografach oibrithe a éascú, lena soláthrófar trédhearcacht níos mó ar an margadh saothair, lena n-áiritheofar imréiteach folúntas agus iarratas ar fhostaíocht agus lena dtacófar le gníomhaíochtaí i réimse na seirbhísí socrúcháin, earcaíochta, comhairle agus treorach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasteorann, ag rannchuidiú ar an tslí sin le cuspóirí Eoraip 2020. Ba cheart a mholadh do Bhallstáit seirbhísí EURES a chomhtháthú agus iad a chur ar fáil in "ionad ilfhreastail", nuair is iomchuí.

(18)

Ba cheart raon feidhme EURES a leathnú chun scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe a fhorbairt agus chun tacú leo, i ndiaidh glaonna ar thograí, ar leibhéal an Aontais d'fhonn folúntais a líonadh i gcás inar aithníodh easnaimh i margadh an tsaothair. I gcomhréir le hAirteagal 47 CFAE, ba cheart do na scéim sin tacú le soghluaisteacht dheonach i measc oibrithe óga san Aontas a éascú. Ba cheart go ndéanfadh scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe, cosúil leo siúd atá bunaithe ar an ngníomhaíocht ullmhúcháin 'Do chéad phost EURES', níos éasca do dhaoine óga é rochtain a fháil ar dheiseanna fostaíochta agus glacadh le post i mBallstát eile, chomh maith le fostóirí a spreagadh chun fostaíocht a chruthú d'oibrithe óga taistil. Mar sin féin, ní ceart go ndíspreagfadh scéimeanna soghluaisteachta an tAontas agus na Ballstáit ó chúnamh a thabhairt do dhaoine óga chun fostaíocht a fháil ina dtír bhaile.

(19)

Tá ról tábhachtach ag comhpháirtíochtaí trasteorann EURES in go leor réigiún teorann ó thaobh fíormhargadh saothair a fhorbairt san Eoraip. Bíonn ar a laghad dhá Bhallstát i gceist le comhpháirtíochtaí trasteorann EURES, nó Ballstát agus tír rannpháirteach eile. Dá réir sin, tá nádúr cothrománach soiléir acu agus is foinse iad de bhreisluach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, go leanfaí ag tacú le comhpháirtíochtaí trasteorann EURES trí ghníomhaíochtaí cothrománacha Aontais, leis an bhféidearthacht go bhféadfaí a chomhlánú le hacmhainní náisiúnta nó le CSE.

(20)

Ba cheart critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla a chur san áireamh agus meastóireacht á déanamh ar ghníomhaíochtaí EURES. Ós rud é go bhfuil socrúcháin isteach i mBallstát eile mar thoradh ar shocrúcháin amach i mBallstát amháin agus go mbraitheann siad ar staideanna na margaí saothair a bhíonn ag athrú de shíor agus ar phatrúin soghluaisteachta ghaolmhara, ba cheart do mheastóireacht díriú ní amháin ar shocrúcháin isteach nó amach i mBallstáít ar leith ach go speisialta ar fhigiúirí comhiomlánaithe ar leibhéal an Aontais. Anuas air sin, á mheabhrú nach i gcónaí a bhíonn soghluaisteacht intomhaiste nó socrúcháin poist ina thoradh ar chomhairliú.

(21)

Tugtar le fios in Eoraip 2020, agus go háirithe i dTreoirlíne 7 dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/707/AE (8), go bhfuil féinfhostaíocht agus fiontraíocht ríthábhachtach chun fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach.

(22)

Tá easpa rochtana ar chreidmheas, ar chothromas agus ar chuasachothromas shamhail-ghnáthscaireanna ar cheann de na príomhbhacainní ar chruthú gnó, go háirithe i measc na ndaoine is faide ó mhargadh an tsaothair. Ní mór iarrachtaí náisiúnta agus iarrachtaí an Aontais sa réimse seo a threisiú d'fhonn an soláthar agus an rochtain ar mhicreamhaoiniú a mhéadú chun an t-éileamh uathu siúd is mó atá i ngátar a chomhlíonadh, agus go háirithe daoine dífhostaithe, mná agus daoine leochaileacha ar mian leo micrifhiontar a thosú nó a fhorbairt, lena n-áirítear ar bhonn féinfhostaithe, ach nach bhfuil rochtain acu ar chreidmheas. Chomh maith leis sin, is micrifhiontair iad tromlach na gcuideachtaí a chruthaítear as an nua san Aontas. Ba cheart mar sin go mbeadh sé indéanta do mhicrichreidmheasanna bealach a sholáthar chun breisluach agus torthaí nithiúla a bhaint amach go mear. Mar chéad chéim, bhunaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an tSaoráid in 2010. Ba cheart feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí cumarsáide maidir le deiseanna micreamhaoinithe ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát chun gur fearr a shroichfidh siad iad siúd a bhfuil micreamhaoiniú ag teastáil uathu.

(23)

Ba cheart go sroichfeadh micreamhaoiniú agus ag tacaíocht a thugtar d'fhiontraíocht shóisialta tairbhithe féideartha agus go mbeadh tionchar fadtéarmach aige.Ba cheart go rannchuideodh siad le hardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe agus ba cheart go mbeadh sé ina chatalaíoch do bheartais eacnamaíocha agus forbartha áitiúla. D'fhonn na deiseanna chun fiontair inmharthana a chruthú a uasmhéadú, ba cheart go mbeadh cláir mheantóireachta agus oiliúna agus an t-eolas ábhartha ar fad ag gabháil le gníomhaíochtaí a bhaineann le micreamhaoiniú agus le fiontraíocht shóisialta, agus ba cheart don soláthróir airgeadais freagrach an t-eolas sin a nuashonrú go rialta agus é a chur ar fáil don phobal. Chun na críche sin, tá sé bunriachtanach go gcuirfí maoiniú leormhaith ar fáil, go sonrach trí CSE.

(24)

Is gá cumas institiúideach soláthraithe micreamhaoiniúcháin, agus go háirithe institiúidí micreamhaoiniúcháin nach bainc iad, a fheabhsú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Samhain 2007 dar teideal 'Tionscnamh Eorpach chun micrichreidmheas a fhorbairt chun tacú le fás agus le fostaíocht' agus leis an Tuarascáil ón gCoimisiún an 25 Iúil 2008 dar teideal 'Cur Chun Cinn Nuálaithe Ban agus na Fiontraíochta' le go mbeidh fáil níos mó ar mhicreamhaoiniú ag margadh micreamhaoiniúcháin úr an Aontais.

(25)

Is cuid lárnach de gheilleagar margaidh sóisialta iolraíoch na hEorpa an geilleagar sóisialta agus fiontraíocht shóisialta, agus tá ról tábhachtach acu ó thaobh cóineasú sóisialta níos mó san Eoraip a áirithiú. Tá siad bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta, agus ar phríomhacht an duine aonair agus ar chuspóirí sóisialta in áit caipitil, agus ar fhreagracht shóisialta, comhtháthú sóisialta agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Tá fiontair shóisialta in ann feidhmiú mar thosca d'athrú sóisialta trí réitigh nuálaíocha a thairiscint, agus trí mhargaí saothair uilechuimsitheacha agus seirbhísí sóisialta atá inrochtana do chách a chur chun cinn. Dá bhrí sin tugtar rannchuidiú luachmhar leo go cuspóirí Eoraip 2020 a chomhlíonadh. Ba cheart go bhfeabhsódh leis an gClár rochtain fiontar sóisialta ar chineálacha éagsúla airgeadais trí ionstraimí oiriúnacha a sholáthar chun a riachtanais shonracha airgeadais a chomhlíonadh ar feadh a saolré.

(26)

D'fhonn caipitliú ar thaithí eintiteas amhail Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ba cheart don Choimisiún gníomhaíocht lena ngabhann micreamhaoiniú agus fiontraíocht shóisialta a chur chun feidhme go hindíreach trí chúraimí cur chun feidhme buiséid a chur ar iontaoibh eintiteas den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) ("an Rialachán Airgeadais"). Le húsáid acmhainní an Aontais, déantar giaráil ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ó infheisteoirí eile a chomhdhíriú, cruthaítear sineirgíochtaí idir gníomhaíocht na mBallstát agus gníomhaíocht an Aontais, agus aontaítear cineálacha cur chuige agus, ar an gcaoi sin, feabhsaítear an rochtain ar mhaoiniú atá ag grúpaí ardriosca faoi leith agus daoine óga agus an fhor-rochtain atá ag micreamhaoiniú dóibh. Déantar, rochtain ar mhaoiniú do mhicrifhiontair, lena n-áirítear iad siúd atá féinfhostaithe agus fiontair shóisialta a fheabhsú chomh maith. Ar an gcaoi sin cabhraíonn rannchuidiú an Aontais le forbairt na hearnála gnó sóisialta atá ag teacht chun cinn agus le forbairt an mhargaidh mhicreamhaoiniúcháin san Aontas agus spreagann sé gníomhaíochtaí trasteorann. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí an Aontais ina gcomhlánú ar an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ionstraimí airgeadais le haghaidh micreamhaoinithe agus fiontraíochta sóisialta. Eintitis a bhfuil cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tugtha ar iontaoibh dóibh, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil siad ag tabhairt breisluach Aontais agus nach bhfuil siad ag dúbailt maoiniú eile trí acmhainní an Aontais.

(27)

I gcomhréir le Eoraip 2020, ba cheart go rannchuideodh an Clár le dul i ngleic le fadhb phráinneach dhífhostaíocht na hóige. Ba cheart, dá bhrí sin, todhchaí a thabhairt do dhaoine óga agus an seans ról lárnach a bheith acu i bhforbairt na sochaí agus an gheilleagair san Eoraip, a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis i rith géarchéime.

(28)

Ba cheart don Chlár freisin aird a tharraingt ar an ról agus an tábhacht speisialta atá ag fiontair bheaga maidir le hoiliúint, saineolas agus fios gnó traidisiúnta, chomh maith lena áirithiú go bhfuil rochtain ag daoine óga ar mhicreamhaoiniú. Ba cheart don Chlár éascaíocht a dhéanamh do mhalartú dea-chleachtas idir na Ballstáit agus tíortha eile atá rannphairteach sa Chlár i ngach ceann de na réimsí sin.

(29)

Ba cheart go dtacódh gníomhaíochtaí faoin gCláir le cur chun feidhme an Mholaidh ón gComhairle (10) maidir le Ráthaíocht Óige a bhunú ag na Ballstát agus ag gníomhaithe an mhargaidh saothair. Deirtear sa Moladh sin gur cheart do gach duine óg faoi bhun 25 tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó cúrsa oiliúna a fháil laistigh de thréimhse ceithre mhí i ndiaidh dóibh éirí dífhostaithe nó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil. Ba cheart don Chlár éascaíocht a dhéanamh do mhalartú dea-chleachtais idir na Ballstáit agus tíortha eile atá rannphairteach sa Chlár sa réimse sin.

(30)

De bhun Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagal 8 CFAE, is gá a áirithiú go rannchuideoidh an Clár le cur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fir i ngach ceann dá aiseanna agus dá ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear trí phríomhshruthú inscne agus, i gcás inarb ábhartha, trí ghníomhaíocht shonrach chun fostaíocht agus cuimsiú sóisialta na mban a chur chun cinn. De bhun Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chlár a áirithiú go rannchuideoidh chur chun feidhme a thosaíochtaí leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach. Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh chun an bealach ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna frith-idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir a mheasúnú.

(31)

Áiríodh leis an gClár Progress don tréimhse 2007-2013 rannáin dar teideal le 'Frith-idirdhealú agus éagsúlacht' agus 'Comhionannas inscne' atá le coinneáil agus le forbairt tuilleadh faoin gClár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020. Tá sé ríthábhachtach, áfach, fócas láidir a choinneáil ar an gcomhionannas idir mná agus fir agus ar shaincheisteanna frith-idirdhealaithe i ngach tionscnamh agus gníomhaíocht ábhartha atá cumhdaithe ag an gClár, go háirithe ó thaobh feabhas a chur ar rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair, ar a ndálaí oibre agus cothromaíocht níos fearr idir an saol proifisiúnta agus an saol príobháideach a chur chun cinn.

(32)

De bhun Airteagal 9 CFAE agus chuspóirí Eoraip 2020, ba cheart go rannchuideodh an Clár le hardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe a áirithiú, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an mbochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac agus ba cheart na ceanglais a bhaineann le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine a chur san áireamh.

(33)

Ba cheart don Chlár cláir eile de chuid an Aontais a chomhlánú, agus ag an am céanna ba cheart dó a aithint gur cheart do gach ionstraim oibriú i gcomhréir lena nósanna imeachta sonracha féin. Mar sin de, níor cheart go bhfaigheadh na costais incháilithe chéanna maoiniú dúbailte. Agus é mar aidhm aige breisluach a bhaint amach agus tionchar substaintiúil a bheith ag maoiniú an Aontais, ba cheart sineirgíochtaí dlútha a fhorbairt idir an Clár, cláir eile de chuid an Aontais agus na Cistí Struchtúrtha, go háirithe an CSE agus Tionscnamh Fostaíochta na hÓige. Ba cheart go mbeadh an Clár ina chomhlánú ar chláir agus ar thionscnaimh eile de chuid an Aontais a dhíríonn ar dhífhostaíocht na hóige a chomhrac.

(34)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ar shlí a ndéanfaidh sé níos éasca don údaráis inniúil nó do na húdaráis inniúla i ngach Ballstát rannchuidiú le cuspóirí an Chláir a bhaint amach.

(35)

D'fhonn éifeachtúlacht níos mó a áirithiú i gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne agus sineirgíochtaí níos láidre a chothú idir na gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide faoin gClár seo freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais ar feadh a mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an Chláir seo, agus soláthróidh siad faisnéis fúthu.

(36)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais, ar feadh tréimhse iomlán an Chláir arb a bheid an tsuim phríomhthagartha, de réir bhrí Phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach [an 2 Nollaig 2013] idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (11), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(37)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(38)

Chun a áirithiú go mbeidh an Clár sách solúbtha chun freagairt do riachtanais atá ag athrú agus do na tosaíochtaí beartais comhfhreagracha le linn a thréimhse, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hathdháileadh cistí idir na haiseanna agus chuig na rannáin indibhidiúla téamacha laistigh d'aiseanna an Chláir. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach, go tráthúil agus ar bhealach iomchuí.

(39)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(40)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ('an Clár'), lena ndírítear ar rannchuidiú le cur chun feidhme Eoraip 2020, lena n-áirítear a príomhspriocanna, a Treoirlínte Comhtháite agus a tionscnaimh shuaitheanta trí thacaíocht airgeadais a sholáthar do chuspóirí an Aontais maidir le hardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn, cosaint shóisialta leormhaith agus chuibhiúil a ráthú, eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chomhrac agus dálaí oibre a fheabhsú.

2.   Mairfidh an Clár ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn 'fiontar sóisialta' gnóthas, beag beann ar a fhoirm dhlí:

(a)

a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige tionchair shóisialta intomhaiste dearfacha a bhaint amach seachas brabús a dhéanamh dá úinéirí, dá chomhaltaí agus dá scairshealbhóirí, i gcomhréir lena Airteagail Chomhlachais, lena Reachtanna nó le haon doiciméad dlíthiuil eile lenar bunaíodh an gnó, agus a bhfuil na nithe seo a leanas fíor ina leith:

(i)

go soláthraíonn sé seirbhísí nó earraí a thugann toradh sóisialta agus/nó

(ii)

go n-úsáideann sé modh táirgthe earraí nó seirbhísí trína léirítear a chuspóir sóisialta;

(b)

go n-úsáideann sé a bhrabúis go príomha chun a phríomhaidhm a bhaint amach agus go bhfuil nósanna imeachta agus rialacha réamh-mhínithe leagtha síos aige maidir le haon imthosca ina ndáiltear brabús ar scairshealbhóirí agus ar úinéirí chun a áirithiú nach ndéanfaidh dáileadh den sórt sin dochar dá phríomhaidhm; agus

(c)

go ndéantar é a bhainistiú ar bhealach fiontraíoch, cuntasach agus trédhearcach, go háirithe trí ról a thabhairt d'oibrithe, do chustaiméirí agus do gheallsealbhóirí a mbíonn tionchar ag a chuid gníomhaíochtaí gnó orthu;

(2)

ciallaíonn 'micrichreidmheas' iasacht suas le EUR 25 000;

(3)

ciallaíonn 'micrifhiontar' fiontar, lena n-áirítear duine féin-fhostaithe, ina bhfuil níos lú ná 10 nduine fostaithe, agus nach bhfuil a láimhdeachas bliantúil nó iomlán bliantúil a chláir chomhardaithe níos mó ná EUR 2 mhilliún, i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (13),

(4)

cuimsítear le 'micreamhaoiniú' ráthaíochtaí, micrichreidmheas, gnáthscaireanna agus samhail-ghnáthscaireanna a thugtar do dhaoine agus do mhicrifhiontair a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar chreidmheas;

(5)

ciallaíonn 'nuálaíochtaí sóisialta' nuálaíochtaí atá sóisialta ó thaobh a gcuspóra agus a riachtanas de araon agus go háirithe iad siúd a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme smaointe nua (maidir le táirgí, seirbhísí agus samhlacha) a chomhlíonann riachtanais shóisialta agus ag an am céanna a chruthaíonn caidreamh nó comharaíochtaí sóisialta nua agus ar an gcaoi sin téann siad chun leasa na sochaí agus treisíonn siad freisin inniúlacht na sochaí chun gníomhú;

(6)

ciallaíonn 'tástáil beartais shóisialta' idirghabhálacha beartais a thugann freagra nuálaíocha ar riachtanais shóisialta, ar idirghabhálacha iad a chuirtear chun feidhme ar scála beag agus i gcoinníollacha lena ligtear a dtionchar a thomhas sula ndéantar arís iad ar scála níos mó, má tá na torthaí dearfach.

Airteagal 3

Struchtúr an Chláir

1.   Beidh na trí ais chomhlántachta seo a leanas sa Chlár:

(a)

An ais maidir le Dul Chun Cinn, a thacóidh le forbairt, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht ar ionstraimí Aontais agus ar bheartais Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1 agus dlí ábhartha an Aontais, agus a chuirfidh chun cinn ceapadh beartas fianaise-bhunaithe, nuálaíocht shóisialta agus dul chun cinn sóisialta, i gcomhpháirtíocht leis na comhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le comhlachtaí poiblí agus príobháideacha.

(b)

An ais maidir le EURES a thacóidh le gníomhaíochtaí a dhéanann EURES, eadhon na seirbhísí sainiúla atá ainmnithe ag stáit LEE agus Cónaidhm na hEilvéise, mar aon le comhpháirtithe sóisialta, soláthróirí seirbhíse fostaíochta eile agus páirtithe leasmhara eile, chun malartuithe agus scaipeadh faisnéise agus cineálacha eile comhair a fhorbairt, amhail comhpháirtíochtaí trasteorann, chun soghluaisteacht gheografach dheonach d'oibrithe a chur chun cinn ar bhonn cothrom agus chun rannchuidiú le hardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe.

(c)

An ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta, lena méadófar rochtain ar mhaoiniú agus infhaighteacht maoinithe do dhaoine dlítheanacha agus fisiciúla de bhun Airteagal 26.

2.   Beidh feidhm ag na forálacha coiteanna a leagtar síos sa Teideal seo maidir leis na trí hais uile a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1, chomh maith le forálacha sonracha Theideal II.

Airteagal 4

Cuspóirí ginearálta an Chláir

1.   Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas i gceist leis an gClár:

(a)

úinéireacht a threisiú i measc lucht déanta beartas ar gach leibhéal, agus gníomhaíochtaí nithiúla, comhordaithe agus nuálaíocha a thabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit araon, i ndáil le cuspóirí an Aontais sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, i ndlúthchomharaíocht leis na comhpháirtithe sóisialta, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhlachtaí poiblí agus príobháideacha;

(b)

tacú le forbairt córas cosanta sóisialta agus margaí saothair atá leormhaith, inrochtana agus éifeachtach agus athchóiriú beartais a éascú, sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, go sonrach trí obair agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn, mar aon le cultúr an choisc do shláinte agus sábháilteacht ag an obair, cothromaíocht níos sláintiúla idir an saol proifisiúnta agus an saol príobháideach agus do dhea- rialachas do chuspóirí sóisialta, lena n-áirítear cóineasú, chomh maith le foghlaim fhrithpháirteach agus nuálaíocht shóisialta;

(c)

a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach dlí an Aontais maidir le nithe a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, agus, i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú le nua-aoisiú dhlí an Aontais, ar aon dul le prionsabail oibre chuibhiúla, agus ag cur san áireamh prionsabail na Rialála Cliste;

(d)

soghluaisteacht gheografach dheonach oibrithe a chur chun cinn ar bhonn cothrom agus borradh a chur faoi dheiseanna fostaíochta trí mhargaí saothair Aontais a fhorbairt atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach agus atá oscailte agus inrochtana do chách agus ag an am céanna cearta oibrithe ar fud an Aontais lena n-áirítear saoirse gluaiseachta a urramú.

(e)

fostaíocht agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí infhaighteacht agus inrochtaineacht micreamhaoinithe a mhéadú do dhaoine leochaileacha ar mian leo micrifhiontar a thosú agus do mhicrifhiontair atá ann cheana, agus trí rochtain ar mhaoiniú d'fhiontair shóisialta a mhéadú.

2.   I saothrú na gcuspóirí sin, beidh sé mar aidhm ag an gClár, ina chuid aiseanna agus gníomhaíochtaí uile, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aird faoi leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, amhail daoine óga;

(b)

comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn, lena n-áirítear trí phríomhshruthú inscne agus, sa chás gur cuí, buiséadú inscne;

(c)

idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar aois nó ar threosuíomh gnéasach a chomhrac;

(d)

agus beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais á sainmhíniú agus á gcur chun feidhme aige, ardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn, cosaint shóisialta leormhaith agus chuibhiúil a ráthú, dífhostaíocht fhadtéarmach a chomhrac agus an troid i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta.

Airteagal 5

An Buiséad

1.   EUR 919 469 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Clár a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Leithdháilfear na céatadáin tháscacha seo a leanas ar na haiseanna a leagtar amach in Airteagal 3(1):

(a)

61 % don ais maidir le Progress;

(b)

18 % don ais maidir le EURES;

(c)

21 % don ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta.

3.   Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as suas go 2 % den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 chun caiteachais oibríochtúla chun tacú le cur chun feidhme an Chláir a mhaoiniú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 chun cúnamh teicniúil agus/nó cúnamh riaracháin a mhaoiniú, go háirithe maidir le hiniúchóireacht, eisfhoinsiú aistriúcháin, cruinnithe saineolaithe, agus gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ar comhleas don Choimisiún agus do na tairbhithe.

5.   Déanfar leithreasaí bliantúla a údarú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh de heorainneacha atá leagtha síos sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 6

Gníomhaíocht chomhpháirteach

Féadfar gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gClár a chur chun feidhme go comhpháirteach le hionstraimí Aontais eile, ar choinníoll go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sincuspóirí an Chláir agus cuspóirí na n-ionstraimí eile lena mbaineann araon.

Airteagal 7

Comhsheasmhacht agus comhlántacht

1.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, go mbeidh na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gClár ar aon dul le agus comhlántach le gníomhaíochtaí Aontais eile, amhail Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEanna) amhail a shonraítear sa Chomhchreat Straitéiseach a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), go háirithe faoi CSE.

2.   Déanfaidh an Clár cláir eile de chuid an Aontais a chomhlánú gan dochar do nósanna imeachta sonracha na gclár sin. Ní bhfaighidh na costais incháilithe chéanna maoiniú dúbailte, agus forbrófar sineirgíochtaí dlútha idir an Clár, cláir eile an Aontais agus CSIEanna, go háirithe CSE.

3.   Comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí arna dtacú ag an gClár dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha maidir le státchabhair, agus Coinbhinsiúin bhunúsacha an EIS.

4.   Áiritheofar comhsheasmhacht agus comhlántacht freisin trí dhlúthbhaint a bheith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha leis.

Airteagal 8

Comhar le comhlachtaí ábhartha

Bunóidh an Coimisiún na naisc riachtanacha leis an gCoiste Fostaíochta, leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta, leis an gCoiste Comhairleach ar Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, le Grúpa na nArd-Stiúrthóirí don Chaidreamh Tionsclaíoch agus leis an gCoiste Comhairleach ar Shaoirse Gluaiseachta d'Oibrithe d'fhonn a áirithiú go gcoimeádfar ar an eolas iad go rialta agus go hiomchuí faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme an Chláir. Cuirfidh an Coimisiún coistí eile a dhéileálann le beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí atá ábhartha don Chlár ar an eolas freisin.

Airteagal 9

Torthaí agus cumarsáid a scaipeadh

1.   Cuirfidh an Coimisiún geallsealbhóirí an Aontais, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar an eolas faoi na torthaí maidir le cur chun feidhme an Chláir, agus iarrfar orthu tuairimí a mhalartú.

2.   Déanfar torthaí na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gClár a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún, agus freisin do na comhpháirtithe sóisialta agus don phobal, agus scaipfear go rialta agus go hiomchuí iad, d'fhonn a dtionchar, a n-inbhuanaitheacht agus a mbreisluach Aontais a uasmhéadú.

3.   Rannchuideoidh gníomhaíochtaí cumarsáide freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh, ar feadh a mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, agus cuirfidh siad faisnéis faoi na tosaíochtaí sin ar fáil don phobal.

Airteagal 10

Forálacha airgeadais

1.   Déanfaidh an Coimisiún an Clár a bhainistiú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Sonróidh an comhaontú deontais an chuid de rannchuidú airgeadais an Aontais a bheidh bunaithe ar aisíocaíocht costas incháilithe iarbhír agus an chuid a bheidh bunaithe ar rátaí comhréidhe, ar chostais aonaid nó ar chnapshuimeanna.

Airteagal 11

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún bearta coisctheacha iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais ar chalaois, ar éilliú agus ar aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, agus má bhraitear neamhrialtachtaí, trí acmhainní a aisghabháil, trí fhritháireamh go príomha, ach, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, i gcomhréir le hAirteagal 325 CFAE, le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (15) agus leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, i dtaca le gach tairbhí deontas, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 (16) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (17), d'fhonn a shuíomh cé acu an raibh nó nach raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ann a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontas nó le conradh a maoiníodh faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 2a, beidh forálacha i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a eascraíonn as cur chun feidhme an Chláir seo lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe dá dtagraítear sna míreanna sin a sheoladh, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 12

Faireachán

D'fhonn faireachán rialta a dhéanamh ar an gClár agus d'fhonn aon choigeartuithe is gá ar a thosaíochtaí beartais agus cistiúcháin a dhéanamh, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil tosaigh faireacháin cháilíochtúil agus chainníochtúil lena gcumhdófar bliain amháin agus, ina dhiaidh sin, trí thuarascáil lena gcumhdófar tréimhsí dhá bhliain comhleanúnacha agus cuirfidh sé chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad. Cuirfear na tuarascálacha ar aghaidh freisin, chun críocha eolais, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Cumhdóidh na tuarascálacha torthaí an Chláir agus a mhéid a cuireadh i bhfeidhm prionsabail an chomhionannais idir mná agus fir,agus an phríomhshruthaithe inscne agus an chaoi ar tugadh aghaidh ar bhreithnithe frith-idirdhealaithe, lena n-áirítear saincheisteanna inrochtaineachta, tríd bhíthin a ghníomhaíochtaí. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil don phobal chun cur le trédhearcacht an Chláir.

Airteagal 13

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireacht lár téarma ar an gClár faoin 1 Iúil 2017 chun an dul chun cinn atá déanta aige maidir le cuspóirí an Chláir a bhaint amach a thomhas, ar bhonn cáilíochtúil agus cainníochtúil, chun aghaidh a thabhairt ar an timpeallacht shóisialta laistigh den Aontas agus ar aon athrú mór a tugadh isteach le reachtaíocht an Aontais, chun a chinneadh cé acu ar baineadh úsáid éifeachtach as acmhainní an Chláir nó nár baineadh agus chun a bhreisluach Aontais a mheas. Cuirfear torthaí na meastóireachta lár téarma sin i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Má nochtar go bhfuil easnaimh mhóra sa Chlár leis an meastóireacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó in aon mheastóireacht a dhéantar de bhun Airteagal 19 de Chinneadh Uimh. 1672/2006/CE nó Airteagal 9 de Chinneadh Uimh. 283/2010//AE, cuirfidh an Coimisiún, más iomchuí, togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena n-áirítear leasuithe iomchuí ar an gClár, chun torthaí na meastóireachta a chur san áireamh.

3.   Sula ndéanfar aon togra d'fhadú an Chláir níos faide ná 2020, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht ar láidreachtaí agus laigeachtaí coincheapúla an Chláir sa tréimhse 2014 go 2020 i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

4.   Faoin 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex-post ar thionchar agus ar bhreisluach Aontais gus cuirfidh sé tuarascáil ina mbeidh an mheastóireacht sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

TEIDEAL II

FORÁLACHA ATÁ SONRACH D'AISEANNA CLÁIR

CAIBIDIL I

An Ais maidir le Dul Chun Cinn

Airteagal 14

Rannáin théamacha agus maoiniú

1.   Tacóidh an ais maidir le Progress le gníomhaíochtaí i gceann amháin nó níos mó de na rannáin théamacha a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c). Cloífidh an miondealú táscach dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 5(2) den leithdháileadh idir na rannáin éagsúla leis na híos-chéatadáin seo a leanas thar thréimhse iomlán an Chláir:

(a)

fostaíocht, go háirithe chun dífhostaíocht na hóige a chomhrac: 20 %;

(b)

cosaint shóisialta, cuimsiú sóisialta agus laghdú agus cosc na bochtaineachta: 50 %;

(c)

dálaí oibre: 10 %.

Leithdháilfear aon fhuílleach ar cheann amháin nó níos mó de na rannáin théamacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) nó ar theaglaim díobh sin.

2.   Ón leithdháileadh foriomlán don ais maidir le Progress, agus laistigh dá réimsí éagsúla beartais, leithdháilfear 15 go 20 % de sin ar thástáil shóisialta a chur chun cinn mar mhodh chun réitigh nuálacha a thriail agus a mheas d'fhonn iad a mhéadú ó scála.

Airteagal 15

Cuspóirí sonracha

I dteannta na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 4, is iad cuspóirí sonracha na haise maidir le Progress:

(a)

eolas anailíseach comparáideach ar ardchaighdeán a fhorbairt agus a scaipeadh d'fhonn a áirithiú go mbeidh beartais an Aontais sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 bunaithe ar fhianaise fhónta agus iad ábhartha maidir le riachtanais, le dúshláin agus le dálaí sna Ballstáit ar leith agus sna tíortha eile atá rannpháirteach sa Chlár;

(b)

comhroinnt faisnéise, foghlaim fhrithpháirteach agus plé, atá éifeachtach agus cuimsitheach, i dtaca le beartais an Aontais sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 a éascú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis na tíortha eile atá rannpháirteachsa Chlár a gcuid beartas a fhorbairt agus dlí an Aontais a chur chun feidhme;

(c)

tacaíocht airgeadais a thabhairt chun tástáil a dhéanamh ar nuálaíochtaí beartais mhargadh an tsaothair agus shóisialta, agus, i gcás inar gá, cumas na bpríomhghníomhaithe a fhorbairt chun tástáil beartais shóisialta a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus an t-eolas agus an saineolas iomchuí a dhéanamh inrochtana;

(d)

tacaíocht airgeadais a thabhairt don Aontas agus d'eagraíochtaí náisiúnta chun an cumas atá acu a mhéadú chun cur chun feidhme beartas agus reachtaíocht an Aontais a fhorbairt, a chur chun cinn agus tacú léi dá dtagraítear in Airteagal 1 agus i ndlí ábhartha an Aontais.

Airteagal 16

Cineálacha gníomhaíochtaí

Féadfar na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú faoin ais maidir le Progress:

1.

Gníomhaíochtaí anailíseacha:

(a)

bailiú sonraí agus staidreamh, ag cur san áireamh critéar cáilíochtúil agus cainníochtúil araon, chomh maith le modheolaíochtaí coiteanna, aicmiúcháin, micrea-samhlúcháin, táscairí agus tagarmharcanna a fhorbairt, agus, i gcás inarb iomchuí, iad miondealaithe de réir gnéis agus aoisghrúpa;

(b)

suirbhéanna, staidéir, anailísí agus tuarascálacha, lena n-áirítear trí líonraí saineolaithe a mhaoiniú agus trí shaineolas maidir le rannáin téamacha a fhorbairt;

(c)

meastóireachtaí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus measúnuithe tionchair arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí agus príobháideacha araon;

(d)

faireachán agus measúnú ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais;

(e)

tástáil beartais shóisialta a ullmhú agus a chur chun feidhme mar mhodh chun réitigh nuálacha a thriail agus a mheas d'fhonn iad a mhéadú ó scála;

(f)

scaipeadh thorthaí na ngníomhaíochtaí anailíseacha sin.

2.

Gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, feasachta agus scaipthe:

(a)

malartuithe agus scaipeadh dea-chleachtais, cineálacha cur chuige nuálacha agus taithí nuálach, athbhreithnithe piaraí, tagarmharcáil agus foghlaim fhrithpháirteach ar an leibhéal Eorpach;

(b)

imeachtaí, comhdhálacha agus seimineáir Uachtaránacht na Comhairle;

(c)

cleachtóirí dlí agus beartais a oiliúint;

(d)

treoracha, tuarascálacha agus ábhar oideachasúil a dhréachtú agus a fhoilsiú agus bearta a bhaineann le faisnéis, cumarsáid agus clúdach meán na dtionscnamh a dtacaíonn an Clár leo;

(e)

gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(f)

córais faisnéise a fhorbairt agus a chothabháil d'fhonn faisnéis a mhalartú agus a scaipeadh maidir le beartas agus reachtaíocht Aontais agus ar an margadh saothair.

3.

Tacaíocht maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

costais oibriúcháin príomhghréasáin ar leibhéal an Aontais a mbaineann a gcuid gníomhaíochtaí le cuspóirí na haise maidir le Progress agus a rannchuidíonn siad leo;

(b)

forbairt cumais riarachán náisiúnta agus sainseirbhísí atá freagrach as soghluaisteacht gheografach a chur chun cinn, arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ag soláthraithe micrichreidmheasa;

(c)

grúpaí oibre d'oifigigh náisiúnta a eagrú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí an Aontais;

(d)

líonrú agus comhar i measc sainchomhlachtaí agus geallsealbhóirí ábhartha eile, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus seirbhísí fostaíochta ar an leibhéal Eorpach;

(e)

faireachlanna ar an leibhéal Eorpach a mhaoiniú, lena n-áirítear ar phríomhrannáin théamacha;

(f)

malartú pearsanra idir riaracháin náisiúnta.

Airteagal 17

Cómhaoiniú Aontais

I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí faoin ais maidir le Progress a mhaoiniú i ndiaidh glaonna ar thograí, féadfaidh siad, mar riail ghinearálta, cómhaoiniú ón Aontas a fháil nach mó ná 80 % den chaiteachas incháilithe iomlán. Ní dhéanfar aon tacaíocht os cionn na huasteorann sin a dheonú ach amháin i gcúinsí eisceachtúla cuí-réasúnaithe.

Airteagal 18

Rannpháirtíocht

1.   Féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach san ais maidir le Progress:

(a)

Ballstáit:

(b)

tíortha LEE, i gcomhréir le Comhaontú LEE agus ballstáit EFTA;

(c)

na tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta atá leagtha síos sna creat-chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leo ar a rannpháirtíocht i gcláir an Aontais.

2.   Féadfaidh na comhlachtaí, gníomhaithe agus institiúidí poiblí agus/nó príobháideacha uile, agus go háirithe na cinn seo a leanas a bheith rannpháirteach san ais maidir le Dul Chun Cinns:

(a)

údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;

(b)

seirbhísí fostaíochta;

(c)

sainchomhlachtaí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais;

(d)

na comhpháirtithe sóisialta;

(e)

eagraíochtaí neamhrialtasacha;

(f)

institiúidí ardoideachais agus institiúidí taighde;

(g)

saineolaithe i meastóireacht agus i measúnú tionchair;

(h)

oifigí staidrimh náisiúnta;

(i)

na meáin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus go háirithe le Comhairle na hEorpa, leis an ECFE, leis an EIS, le comhlachtaí eile de chuid na Náisiún Aontaithe agus leis an mBanc Domhanda.

4.   Féadfaidh an Coimisiún comhoibriú le tríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár. Féadfaidh ionadaithe na dtríú tíortha sin freastal ar imeachtaí comhleasa (amhail comhdhálacha, ceardlanna agus seimineáir) a tharlaíonn i dtíortha atá rannpháirteach sa Chlár agus féadfar an costas i ndáil lena bhfreastal a chumhdach tríd an gClár.

CAIBIDIL II

An ais maidir le EURES

Airteagal 19

Rannáin théamacha agus maoiniú

Tacóidh an ais maidir le EURES le gníomhaíochtaí i gceann amháin nó níos mó de na rannáin théamacha a liostaítear i bpointí (a), (b) and (c). Cloífidh miondealú táscach an leithdháilte a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 5(2) idir na rannáin éagsúla leis na híos-chéatadáin seo a leanas thar thréimhse iomlán an chláir:

(a)

trédhearcacht maidir le folúntais poist, le hiarratais ar phost agus le haon fhaisnéis ghaolmhar d'iarrthóirí agus d'fhostóirí: 32 %;

(b)

seirbhísí a fhorbairt chun oibrithe a earcú agus a chur i bhfostaíocht trí fholúntais agus iarratais ar phoist a imréiteach ar leibhéal an Aontais, go háirithe scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe: 30 %;

(c)

comhpháirtíochtaí trasteorann: 18 %.

Leithdháilfear aon fuílleach ar cheann amháin nó níos mó de na rannáin théamacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c), nó ar theaglaim díobh sin.

Airteagal 20

Cuspóirí sonracha

I dteannta na gcuspóirí ginearálta atá leagtha amach in Airteagal 4, is iad cuspóirí sonracha na haise maidir le EURES:

(a)

a áirithiú go ndéanfar folúntais post agus iarratais ar phoist, agus faisnéis agus comhairle chomhfhreagrach chomh maith le haon fhaisnéis ghaolmhar cosúil leis sin a bhaineann le dálaí maireachtála agus oibre, trédhearcach do na hiarratasóirí féideartha agus do na fostóirí, faoi seach. Bainfear é sin amach trí mhalartú agus scaipeadh ar an leibhéal trasnáisiúnta, idir-réigiúnach agus trasteorann trí úsáid a bhaint as foirmeacha caighdeánacha idir-inoibritheachta d'fholúntais poist agus d'iarratais ar phoist agus trí bhealaí oiriúnacha eile, amhail comhairliú agus meantóireacht aonair, go háirithe dóibh siúd ar bheagán oiliúna;

(b)

tacú le soláthar seirbhísí EURES ar seirbhísí iad a dhéanann earcú agus socrú oibrithe i bhfostaíocht cáilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn trí fholúntais agus iarratais a imréiteach; leathnóidh tacaíocht do sheirbhísí EURES go dtí céimeanna éagsúla socrúcháin, ó ullmhúchán réamh-earcaíochta go cúnamh iar-socrúcháin d'fhonn an t-iarrthóir a chomhtháthú go rathúil sa mhargadh saothair; d'fhéadfadh scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe a bheith i gceist lena leithéid de sheirbhísí tacaíochta chun folúntais poist a líonadh in earnáil, gairm bheatha, tír nó grúpa tíortha áirithe nó do ghrúpaí áirithe oibrithe, amhail daoine óga a mbeadh luí acu leis an tsoghluaisteacht, i gcás inar sainaithníodh gá soiléir eacnamaíoch.

Airteagal 21

Cineálacha Gníomhaíochtaí

Féadfar an ais maidir le EURES a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun soghluaisteacht dheonach daoine aonair san Aontas a chur chun cinn ar bhonn cothrom agus chun bacainní soghluaisteachta a bhaint as, agus go háirithe:

(a)

forbairt agus gníomhaíochtaí comhpháirtíochtaí trasteorann EURES sa chás go n-iarrann seirbhísí é a bhfuil freagracht chríochach orthu as réigiúin teorann;

(b)

seirbhísí faisnéise, comhairliú, socrúcháin agus earcaíochta a sholáthar d'oibrithe trasteorann;

(c)

forbairt an ardáin dhigitigh ilteangaigh d'imréiteach folúntas poist agus iarratas ar phoist;

(d)

scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe a fhorbairt, i ndiaidh glaonna ar thograí, chun folúntais post a líonadh, sa chás gur aithníodh easnaimh sa mhargadh saothair, agus/nó chun cabhrú le hoibrithe a bhfuil claonadh acu a bheith soghluaiste sa chás go bhfuil riachtanas soiléir eacnamaíoch aitheanta;

(e)

foghlaim fhrithpháirteach idir gníomhaithe EURES agus oiliúint comhairleoirí EURES, lena n-áirítear comhairleoirí chomhpháirtíocht trasteorann EURES;

(f)

gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feasacht a ardú maidir leis na tairbhí a bhaineann le soghluaisteacht gheografach agus ceirde i gcoitinne agus leis na gníomhaíochtaí agus seirbhísí atá á soláthar ag EURES.

Airteagal 22

Cómhaoiniú Aontais

I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí faoin ais maidir le EURES a mhaoiniú i ndiaidh glaonna ar thograí, ní rachaidh cómhaoiniú Aontais, mar riail ghinearálta, thar 95 % den chaiteachas incháilithe iomlán. Ní dheonófar aon tacaíocht airgeadais os cionn na huasteorann sin ach amháin i gcúinsí eisceachtúla cuí-réasúnaithe.

Airteagal 23

Faireachán ar Phatrúin Soghluaisteachta

D'fhonn éifeachtaí díobhálacha a bhrath agus a chosc i ndáil le soghluaisteacht gheografach idir-Aontais, déanfaidh an Coimisiún, mar aon leis na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh 492/2011, faireachán rialta ar shreabha agus ar phatrúin soghluaisteachta.

Airteagal 24

Rannpháirtíocht

1.   Beidh rannpháírtíocht san ais maidir le EURES ar oscailt dóibh seo a leanas:

(a)

Ballstáit:

(b)

tíortha LEE, i gcomhréir le Comhaontú LEE, agus Cónaidhm na hEilvéise, i gcomhréir leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (18).

2.   Beidh rannpháírtíocht san ais maidir le EURES ar oscailt do na comhlachtaí, na gníomhaithe, agus na institiúidí poiblí uile atá ainmnithe ag Ballstát nó ag an gCoimisiún agus a chomhlíonann na coinníollacha chun a bheith rannpháirteach in líonra EURES a bheith rannpháirteach, mar atá leagtha amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/CE ón gCoimisiún. Áireofar, go háirithe, ar chomhlachtaí, ar ghníomhaithe agus ar institiúidí den sórt sin:

(a)

údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;

(b)

seirbhísí fostaíochta;

(c)

eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta agus páirtithe leasmhara eile.

CAIBIDIL III

An Ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta

Airteagal 25

Rannáin théamacha agus maoiniú

Tacóidh an ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta le gníomhaíochtaí i gceann amháin nó níos mó de na rannáin théamacha a liostaítear i bpointí (a) agus (b). Cloífidh miondealú táscach an leithdháilte a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 5(2) idir na rannáin éagsúla leis na híos-chéatadáin seo a leanas le linn tréimhse iomlán an chláir:

(a)

micreamhaoiniú do ghrúpaí leochaileacha agus do mhicrifhiontair: 45 %;

(b)

fiontraíocht shóisialta: 45 %.

Leithdháilfear aon fhuílleach ar na rannáin théamacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) nó ar mheascán dóibh.

Airteagal 26

Cuspóirí sonracha

I dteannta na gcuspóirí sonracha atá leagtha amach in Airteagal 4, is iad cuspóirí sonracha na haise maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta:

(a)

rochtain agus infhaighteacht ar mhicreamhaoiniú dóibh seo a leanas a mhéadú:

(i)

daoine leochaileacha a chaill a bpost nó atá i mbaol a bpost a chailleadh, nó daoine a bhfuil deacracht acu dul isteach i margadh an tsaothair nó filleadh air, nó daoine atá i mbaol a bheith eisiata go sóisialta agus atá faoi mhíbhuntáiste maidir le rochtain ar an ngnáthmhargadh creidmheasa agus ar mian leo a micrifhiontair féin a thosú nó a fhorbairt;

(ii)

micrifhiontair ag an staid nuathionscanta agus forbartha araon, go speisialta micrifhiontair a fhostaíonn daoine dá dtagraítear i bpointe (a);

(b)

Cumas institiúideach na soláthraithe micrichreidmheasa a fhorbairt;

(c)

Tacú le margadh na hinfheistíochta sóisialta a fhorbairt chun rochtain ar mhaoiniú d'fhiontair shóisialta a éascú trí ghnáthscaireanna, samhail-ghnáthscaireanna, ionstraimí d'iasachtaí agus deontais suas go dtí EUR 500 000 a chur ar fáil d'fhiontair shóisialta, a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 30 milliún acu nó iomlán bliantúil den chlár comhardaithe nach mó ná EUR 30 milliún, nach gnóthas comhinfheistíochta iad féin.

D'fhonn comhlántacht a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, ina réimsí inniúlachta faoi seach, na gníomhaíochtaí seo a chomhordú go dlúth leo siúd a dtugtar fúthu i gcreat an bheartais chomhtháthaithe agus na mbeartas náisiúnta.

Airteagal 27

Cineálacha gníomhaíochtaí

Féadfar tacaíocht do mhicreamhaoiniú agus d'fhiontair shóisialta, lena n-áirítear forbairt cumais institiúidigh, go háirithe trí na hionstraimí airgeadais a bhforáiltear dóibh faoi Theideal VIII de Chuid a haon den Rialachán Airgeadais, agus deontais a sholáthar faoin ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta.

Airteagal 28

Rannpháirtíocht

1.   Beidh rannpháirtíocht faoin ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta ar oscailt do chomhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha arna mbunú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil sna tíortha dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus a sholáthraíonn na nithe seo a leanas sna tíortha sin:

(a)

micreamhaoiniú do dhaoine agus do mhicrifhiontair; agus/nó

(b)

maoiniú le haghaidh fiontar sóisialta.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an ais inrochtana, gan idirdhealú, do gach comhlacht poiblí agus príobháideach sna Ballstáit.

3.   Chun lámh a shíneadh chuig na tairbhithe deiridh agus le micrifhiontair iomaíocha inmharthana a chruthú, is é a dhéanfaidh comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha a chuireann gníomhaíochtaí i gcríoch dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 comhoibriú go dlúth le heagraíochtaí, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna thairbhithe deiridh an mhicrichreidmheasa agus le heagraíochtaí, go háirithe na heagraíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ó CSE agusdéanfaidh siad cláir oiliúna agus mheantóireachta a chur ar fáil do na tairbhithe deiridh sin. Sa chomhthéacs sin, déanfar obair leantach leordhóthanach maidir leis na tairbhithe a áirithiú roimh agus i ndiaidh chruthú an mhicrifhiontair araon.

4.   Cloífidh comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 le caighdeáin arda i ndáil le rialachas, bainistíocht agus cosaint an chustaiméara ar aon dul le prionsabail Chód na hEorpa um Dhea-Iompar maidir le Soláthar Micreamhaoiniúcháin agus féachfaidh siad le cosc a chur ar ró-fhiachas daoine agus gnóthas, mar shampla, mar thoradh ar iasachtaí a bheith tugtha dóibh ag rátaí úis arda nó faoi théarmaí ar dóigh go mbeidh sé mar thoradh orthu go n-éireoidh siad dócmhainneach.

Airteagal 29

Rannchuidiú airgeadais

Cé is moite i gcás gníomhaíochtaí comhpháirteacha, cuimseoidh na leithreasuithe airgeadais a leithdháilfear ar an ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta costas iomlán na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme trí bhíthin ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta i dtreo idirghabhálacha airgeadais, amhail caillteanais ó ráthaíochtaí, táillí bainistíochta do na heintitis a bhainistiónn rannchuidiú an Aontais agus aon chostais eile atá incháilithe.

Airteagal 30

Bainistíocht

1.   D'fhonn na hionstraimí agus na deontais dá dtagraítear in Airteagal 27 a chur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a thabhairt i gcrích leis na heintitis atá liostaithe in Airteagal 139(4) den Rialachán Airgeadais, agus go háirithe leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus leis an gCiste Eorpach Infheistíochta. I gcomhaontuithe den sórt sin leagfar amach forálacha mionsonraithe maidir leis na cúraimí arna gcur ar iontaoibh ar na heintitis sin, lena n-áirítear forálacha ina sonraítear an gá atá le breisíocht agus comhordú le hionstraimí airgeadais náisiúnta agus le hionstraimí airgeadais an Aontais a áirithiú agus an gá atá leis na hacmhainní a chionroinnt ar bhealach cothromúil ar na Ballstáit agus ar na tíortha rannpháirteacha eile. Is féidir ionstraimí airgeadais faoi Theideal VII de Chuid a hAon den Rialachán Airgeadais, a sheachadadh trí mheán infheistíochta tiomnaithe, ar féidir é a bheith maoinithe ag cistí an Chláir, ag infheisteoirí eile nó ag an dá rud.

2.   Féadfaidh an meán infheistíochta tiomnaithe dá dtagraítear i mír 1, inter alia, iasachtaí, caipiteal cothromais agus ionstraimí um chomhroinnt riosca d'idirghabhálaithe a chur ar fáil nó airgeadas díreach d'fhiontair shóisialta nó an dá rud. Is féidir caipiteal cothromais a chur ar fáil inter alia i bhfoirm rannpháirtíochtaí cothromais oscailte, infheistíochtaí díomhaoine, iasachtaí scairshealbhóirí agus teaglaim de chineálacha éagsúla rannpháirtíochtaí cothromais arna n-eisiúint do na hinfheisteoirí.

3.   Léireoidh na coinníollacha, amhail rátaí úis, do mhicreachreidmheasanna arna dtacú go díreach nó go hindíreach i gcreat na haise seo tairbhe na tacaíochta agus beidh siad inchosanta maidir leis na rioscaí atá taobh thiar díobh agus costas iarbhír an mhaoinithe a bhaineann le creidmheas.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 140(6) den Rialachán Airgeadais, sannfar aisíocaíochtaí bliantúla arna nginiúint ag ionstraim airgeadais amháin don ionstraim airgeadais sin go dtí an 1 Eanáir 2024, ach iontrálfar ioncaim i mbuiséad ginearálta an Aontais tar éis do chostais agus táillí bainistíochta a bheith asbhainte. I gcás ionstraimí airgeadais a bunaíodh cheana sa chreat airgeadais ilbhliantúil roimhe sin don tréimhse 2007-2013, déanfar aisíocaíochtaí bliantúla agus ioncaim a gineadh in oibríochtaí ar cuireadh tús leo sa tréimhse roimhe sin a shannadh don ionstraim airgeadais sa tréimhse reatha.

5.   Ar dhul in éag do na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1 nó tar éis tréimhse infheistíochta an mheáin thiomanta infheistíochta a bheith críochnaithe, déanfar an t-iarmhéid atá dlite don Aontas a íoc isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais.

6.   Déanfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, i gcás inarb ábhartha, na bainisteoirí ciste comhaontuithe i scríbhinn a chur i gcrích leis na comhlachtaí poiblí agus na comhlachtaí príobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 28. Leagfar síos sna comhaontuithe sin oibleagáidí na soláthraithe poiblí agus na soláthraithe príobháideacha chun úsáid a bhaint as na hacmhainní arna gcur ar fáil faoin ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 26 agus chun faisnéis a chur ar fáil chun na tuarascálacha bliantúla dá bhforáiltear in Airteagal 31 a dhréachtú.

Airteagal 31

Tuarascálacha cur chun feidhme

1.   Cuirfidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 30(1) agus, i gcás inarb ábhartha, na bainisteoirí ciste tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla chuig an gCoimisiún ina leagfar amach na gníomhaíochtaí ar tugadh tacaíocht dóibh agus ina gcumhdófar a gcur chun feidhme airgeadais agus an leithdháileadh agus inrochtaineacht maoinithe agus infheistíochta de réir earnála, limistéir gheografaigh agus cineáil tairbhí. Beidh cur síos sna tuarascálacha cur chun feidhme sin ar na hiarratais ar glacadh leo agus ar diúltaíodh rompu i ndáil le gach cuspóir sonrach agus na conarthaí a thug na comhlachtaí poiblí agus príobháideacha lena mbaineann i gcrích, na gníomhaíochtaí a maoiníodh agus na torthaí, lena n-áirítear i dtéarmaí a dtionchair shóisialta, cruthú fostaíochta agus inbhuanaitheacht na tacaíochta arna tabhairt. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin chuig Parlaimint na hEorpa ar mhaithe le faisnéis.

2.   Beifear in ann an fhaisnéis arna cur ar fáil sna tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla sin ar dhul chun cinn a úsáid sna tuarascálacha faireacháin débhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13. Áireofar lena leithéid de thuarascálacha faireacháin na tuarascálacha bliantúla a bhforáiltear dóibh in Airteagal 8(2) de Chinneadh Uimh 283/2010/AE, mionsonraí maidir le gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéis maidir le comhlántacht le hionstraimí Aontais eile, go sonrach an CSE.

TEIDEAL III

CLÁIR OIBRE AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Cláir Oibre agus forálacha críochnaitheacha

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos clár oibre aonair a chumhdóidh na trí ais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3).

Beidh na cláir oibre, i gcás inarb ábhartha, ar feadh tréimhse rollach trí bliana agusbeidh cur síos iontu ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú i ngach clár oibre, mar aon leis an gcineál nós imeachta, an cuimsiú geografach, an spriocghrúpa agus creat ama cur chun feidhme táscach. Beidh léiriú san áireamh sna cláir oibre freisin maidir leis an méid arna leithdháileadh ar gach cuspóir sonrach agus feicfear iontu ath-leithdháileadh na gcistí i gcomhréir le hAirteagal 33. Déanfaidh na cláir oibre comhtháiteacht an Chláir a dhaingniú trí léiriú a thabhairt ar na naisc idir na trí hais.

Airteagal 33

Ath-leithdháileadh cistí idir na haiseanna agus chuig na rannáin théamacha aonair laistigh de na haiseanna.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhaíochtaí tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 34, le haghaidh ath-leithdháileadh cistí idir aiseanna agus chuig rannáin théamacha aonair laistigh de gach ais a bheadh níos mó ná 5 % agus níos lú ná 10 % ná an méid táscach a leagadh síos i ngach cás, sa chás go n-éilíonn forbairtí sa chomhthéacs soch-eacnamaíoch nó fionnachtana na meastóireachta lár téarma dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a leithéid. Léireofar an leithdháileadh cistí ar rannáin théamacha laistigh de gach ais sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 32.

Airteagal 34

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana amhail ón 1 Eanáir 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 33 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an trách céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 33 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 35

Bearta cur chun feidhme breise

Déanfar bearta atá riachtanach do chur chun feidhme an Chláir, amhail na critéir chun meastóireacht a dhéanamh ar an gClár, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le héifeachtacht ó thaobh costas de agus na socruithe chun torthaí a scaipeadh agus a aistriú, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Airteagal 36

Nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 37

Bearta idirthréimhseacha

Gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 de Chinneadh Uimh 1672/2006/CE, a bheidh tionscanta roimh 1 Eanáir 2014, beidh siad fós á rialú ag an gCinneadh sin. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, tabharfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo cúnamh don Choimisiún.

Airteagal 38

Meastóireacht

1.   Cuirfear an mheastóireacht chríochnaitheach dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Chinneadh Uimh. 283/2010/AE ar áireamh sa mheastóireacht chríochnaitheach dá bhforáiltear in Airteagal 14(2).

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnaitheach shonrach ar an ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dul in éag do na comhaontuithe leis na heintitis.

Airteagal 39

Leasuithe ar Chinneadh Uimh. 283/2010/AE

Leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE mar a leanas:

(1)

In Airteagal 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Ar dhul in éag na Saoráide, cuirfear an t-iarmhéid atá dlite don Aontas ar fáil le haghaidh micreamhaoinithe agus tacaíochta d'fhiontair shóisialta i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ("EaSI") (19).

(19)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 238";"

(2)

In Airteagal 8, scriostar mír 3 agus mír 4.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 143, 22.5.2012, lch. 88.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 167.

(3)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  Chinneadh Uimh. 1672/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Comhphobail um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta – PROGRESS (IO L 315, 15.11.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le folúntais agus iarratais ar fhostaíocht a imréiteach (IO L 328, 28.11.2012, lch. 21).

(7)  Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lch. 1).

(8)  Cinneadh 2010/707/AE ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le treoirlínte i dtaca le beartais fostaíochta na mBallstát(IO L 308, 24.11.2010, lch. 46).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh, 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(10)  Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht Óige (IO C 120, 26.4.2013, lch.1)

(11)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(14)  Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, le Ciste Talmhaíochta na hEorpa um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh arna gcumhdach ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(15)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(18)  IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.