20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

33


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1287/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173 agus 195 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I mí an Mhárta 2010 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal "Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach" ("Straitéis Eoraip 2020"). D'fhormhuinigh Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh 2010 an Teachtaireacht sin. Freagraíonn an Straitéis Eoraip 2020 don ghéarchéim eacnamaíoch agus tá sé beartaithe aici an tAontas a ullmhú don chéad deich mbliana eile atá romhainn. Leagtar amach cúig chuspóir uaillmhianacha inti maidir leis an aeráid agus fuinneamh, fostaíocht, nuálaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta atá le baint amach faoi 2020 agus sainaithnítear inti príomhspreagthaí fáis, a bhfuil mar aidhm acu Aontas níos idirghníomhaí agus níos iomaíche a chruthú. Leagtar béim inti freisin ar a thábhachtaí atá sé fás a neartú i ngeilleagar na hEorpa agus leibhéal ard fostaíochta, geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní agus comhtháthú sóisialta á gcur chun cinn ag an am céanna. Ba cheart go mbeadh ról ríthábhachtach ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chun cuspóirí Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach. Tá an ról atá acu soiléir ón méid go bhfuil FBManna luaite i sé cinn as seacht de thionscnaimh shuaitheantais Straitéis Eoraip 2020.

(2)

Chun a áirithiú go mbeidh ról lárnach ag fiontair, go háirithe FBManna, i gcur chun cinn fáis eacnamaíoch san Aontas, atá ina phríomhthosaíocht, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht i mí Dheireadh Fómhair 2010 dar teideal "Beartas comhtháite tionsclaíoch do ré an domhandaithe - an t-iomaíochas agus an inbhuanaitheacht á gcur i lár an aonaigh", ar thacaigh an Chomhairle leis i mí na Nollag in 2010. Tionscnamh suaitheanta is ea é sin den Straitéis Eoraip 2020. Leagtar straitéis amach sa Teachtaireacht a bhfuil sé d'aidhm aici fás agus fostaíocht a fheabhsú trí bhonn tionsclaíoch láidir atá éagsúil agus iomaíoch a chothú agus trí thacaíocht a thabhairt don bhonn sin san Eoraip, go háirithe trí choinníollacha creata a fheabhsú d'fhiontair, agus trí roinnt gnéithe den mhargadh inmheánach a neartú, lena n-áirítear seirbhísí a bhaineann le cúrsaí gnó.

(3)

I mí an Mheithimh 2008, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal "Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip", ar thacaigh an Chomhairle i mí na Nollag leis in 2008. Leis an nGníomh um Ghnólachtaí Beaga (SBA) cuirtear creat cuimsitheach beartais ar fáil do FBManna, cuirtear fiontraíocht chun cinn agus daingnítear an prionsabal "Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús" sa dlí agus sa bheartas chun acmhainn iomaíochta na FBManna a neartú. Cuirtear deich bprionsabal ar bun leis an SBA agus leagann sé amach gníomhaíochtaí maidir le beartas agus bearta reachtacha chun acmhainn na FBManna fás agus fostaíocht a chruthú a chur chun cinn. Cuidíonn cur i bhfeidhm an SBA le baint amach chuspóirí na Straitéise Eoraip 2020. Leagadh amach roinnt gníomhaíochtaí do FBManna sna tionscnaimh shuaitheanta cheana.

(4)

Bhí SBA faoi réir a athbhreithnithe ó shin, a foilsíodh i mí Feabhra 2011, arbh uirthi sin a ghlac an Chomhairle an 30 agus an 31 Bealtaine 2011 na conclúidí. Déantar cur chun feidhme SBA a mheas leis an athbhreithniú sin agus déantar measúnú ar riachtanais FBManna atá ag feidhmiú sa timpeallacht eacnamaíoch reatha inar deacra atá sé ag éirí dóibh i gcónaí teacht ar mhaoiniú agus ar mhargaí. San athbhreithniú sin tá forléargas ar an dul chun cinn a rinneadh sa chéad dá bhliain de SBA, leagtar amach gníomhaíochtaí nua chun dul i ngleic le dúshláin a thagann as an ngéarchéim eacnamaíoch agus atá tuairiscithe ag geallsealbhóirí, agus moltar bealaí chun roghnú agus cur chun feidhme an SBA a fheabhsú ar bealaí iad ina mbeidh ról soiléir ag geallsealbhóirí agus ag eagraíochtaí gnó ar an líne tosaigh. Ba cheart go léireofaí le cuspóirí sonracha cláir le haghaidh iomaíochas fiontar agus FBManna na tosaíochtaí a leagtar amach san athbhreithniú sin. Tá sé tábhachtach é a áirithiú go mbeidh cur chun feidhme cláir den sórt sin á chomhordú le cur chun feidhme SBA.

Go háirithe, le gníomhaíochtaí faoi na cuspóirí sonracha, ba cheart go gcabhrófaí leis an deich bprionsabal thuasluaite a chur i gcrích agus leis na gníomhaíochtaí nua a shainaithneofar i bpróiseas athbhreithnithe SBA.

(5)

Leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 creat airgeadais ilbhliantúil do 2014 go 2020 (3). Sa chreat airgeadais ilbhliantúil sin cuirtear síos ar an dóigh a mbainfear amach na cuspóirí beartais maidir le fás a mhéadú agus tuilleadh fostaíochta a chruthú san Eoraip agus maidir le geilleagar ísealcharbóin atá níos fabhraí don timpeallacht agus Aontas atá níos feiceálaí go hidirnáisiúnta a bhunú.

(6)

Chun cuidiú le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais a neartú, agus go háirithe FBManna, chun tacú le FBManna atá ann cheana, chun cultúr fiontraíochta a spreagadh agus cruthú agus fás FBManna a chur chun cinn, chun an tsochaí eolais a chur chun cinn agus forbairt a dhéanamh atá bunaithe ar fhás eacnamaíoch, ba cheart clár um iomaíochas fiontar agus um FBManna ("clár COSME") a chur ar bun.

(7)

Ba cheart go dtabharfaí tús áite i gclár COSME don chlár oibre maidir leis an simpliú, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2012 dar teideal "Clár Oibre chun CAI 2014-2020 a shimpliú". Ba cheart go mbeadh comhordú níos fearr i gceist le caiteachas an Aontais agus na mBallstát maidir le hiomaíochas na bhfiontar agus FBManna a chur chun cinn d'fhonn comhlántacht a áirithiú, chomh maith le héifeachtúlacht agus le hinfheictheacht níos fearr, agus chun sineirgí buiséadacha níos fearr a bhaint amach.

(8)

Tá an Coimisiún tar éis a thiomnú go ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí ar son na haeráide a chomhtháthú i gcláir chaiteachais an Aontais agus go ndíreoidh sé ar a laghad 20 % de bhuiséad an Aontais ar chuspóirí a bhaineann leis an aeráid. Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirtear maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, chomh maith le cosc ar rioscaí, chun cinn agus clár COSME á ullmhú, á dhearadh agus á chur chun feidhme. Ba cheart do bhearta atá cumhdaithe faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an aistriú go geilleagar agus sochaí ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh aeráide de a chur chun cinn.

(9)

Eascraíonn sé ó Chinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (4), go bhfuil eintitis agus comhlachtaí de chuid na dtíortha agus na gcríoch thar lear incháilithe chun páirt a ghlacadh i gclár COSME.

(10)

Tá sé beartaithe go gcuirfidh beartas iomaíochais an Aontais na socruithe beartais agus na socruithe institiúideacha i bhfeidhm a chruthóidh dálaí faoina bhféadfaidh fiontair, go háirithe FBManna, fás ar bhealach inbhuanaithe. Chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht a bhaint amach, ní mór an cumas chun iomaíochas eacnamaíoch agus fás fiontar a bhaint amach agus a choinneáil i gcomhréir le cuspóirí inbhuanaithe forbartha. Is í an táirgiúlacht fheabhsaithe, lena n-áirítear táirgiúlacht acmhainne agus fuinnimh, an phríomhfhoinse fáis inbhuanaithe ioncaim. Braitheann iomaíochas freisin ar chumas cuideachtaí lántairbhe a bhaint as deiseanna cosúil leis an margadh inmheánach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do FBManna, arb ionann iad agus 99 % de na fiontair uile san Aontas, a mbaineann gach dhá phost reatha as trí san earnáil phríobháideach leo, chomh maith le 80 % de na poist atá á gcruthú as an nua, agus is iad a sholáthraíonn níos mó ná leath den bhreisluach iomlán a chruthaíonn fiontair san Aontas. Príomhspreagadh is ea iad FBManna maidir le fás eacnamaíoch, fostaíocht agus comhtháthú sóisialta.

(11)

Tá sé réamh-mheasta sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2012 dar teideal "Aisghabháil rathúil post a bhaint amach" go bhféadfaí níos mó ná cúig mhilliún post a chruthú faoi 2020 le beartais chun an t-aistriú chuig an ngeilleagar glas a chur chun cinn amhail éifeachtúlacht acmhainní, éifeachtúlacht fuinnimh, beartais maidir leis an athrú aeráide, agus go háirithe in earnáil FBManna. Agus sin á chur san áireamh, d'fhéadfaí a áireamh sna gníomhaíochtaí sonracha faoi chlár COSME forbairt táirgí, seirbhísí, teicneolaíochtaí agus próiseas inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le héifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh agus freagracht shóisialta chorparáideach.

(12)

Tá béim ar leith á leagan ar iomaíochas i gceapadh beartais san Aontas le blianta beaga anuas mar gheall ar theipeanna sa mhargadh, teipeanna beartais agus teipeanna institiúideacha ina mbaintear an bonn d'iomaíochas fhiontair an Aontais, agus go háirithe d'iomaíochas na FBManna.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart do chlár COSME aghaidh a thabhairt ar theipeanna sa mhargadh a dhéanann difear d'iomaíochas gheilleagar an Aontais ar scála domhanda agus a bhaineann bonn d'acmhainneacht fiontar, go háirithe FBManna, dul in iomaíocht lena gcomhpháirtithe ar fud an domhain.

(14)

Ba cheart do chlár COSMEdíriú go háirithe ar FBManna, mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (5). Agus an Rialachán seo á chur hun feidhme, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle na ngeallsealbhóirí uile is ábhartha, lena n-áirítear na heagraíochtaí ionadaíocha do FBManna. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhicrifhiontair, ar fhiontair a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí ceardaíochta, ar dhaoine féinfhostaithe, ar na gairmeacha beatha liobrálacha agus ar fhiontair shóisialta. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar fhiontraithe nua, óga agus ar bhanfhiontraithe a d'fhéadfadh a bheith ann, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile, amhail daoine níos sine, imircigh agus fiontraithe a thagann as grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta nó as grúpaí leochaileacha amhail daoine atá faoi mhíchumas agus ba cheart aistrithe gnó, seach-chuideachtaí agus mac-chuideachtaí a chur chun cinn mar aon leis an dara deis a tabhairt d'fhiontraithe.

(15)

Baineann cuid mhaith d'fhadhbanna iomaíochais an Aontais le deacrachtaí FBManna teacht ar mhaoiniú toisc go mbíonn sé crua orthu a n-acmhainneacht creidmheasa a thaispeáint agus toisc gur deacair dóibh rochtain a fháil ar chaipiteal riosca. Bíonn tionchar diúltach ag na deacrachtaí sin ar leibhéal agus ar cháilíocht na bhfiontar nua arna gcruthú agus ar fhás agus ar ráta marthanais fiontar, agus a réidhe atá fiontraithe nua dul i gceannas ar chuideachtaí inmharthana i gcás aistriú gnó/comharbais. Tá luach breise cruthaithe ag ionstraimí airgeadais an Aontais a cuireadh i bhfeidhm faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus tá siad tar éis cabhrú le 220 000 FBM ar a laghad. Maidir leis na hionstraimí nua atá beartaithe, baineann an breisluach feabhsaithe don Aontas, inter alia, le neartú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh fiontair chaipitil agus le margadh airgeadais uile-Eorpach a fhorbairt do FBManna agus chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nach féidir le Ballstáit aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí an Aontais soiléir, comhleanúnach agus comhlántach maidir le hionstraimí airgeadais na mBallstát do FBManna, go gcuirfí éifeacht luamhánaithe ar fáil leo agus go seachnófaí saobhadh sa mhargadh leo i gcomhréir le Rialachán (AE, Eurataom) Uimh 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Eintitis a bhfuil sé de chúram orthu na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, ba cheart dóibh breisíocht a áirithiú agus maoiniú dúbailte trí acmhainní an Aontais a sheachaint.

(16)

Ba cheart go dtabharfadh an Coimisiún aird ar infheictheacht an mhaoinithe dá bhforáiltear trí ionstraimí airgeadais an Rialacháin seo lena áirithiú go mbeifear ar an eolas faoi infhaighteacht thacaíocht an Aontais agus go n-aithneofar an tacaíocht dá bhforáiltear ar an margadh. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar idirghabhálaithe airgeadais é a shoiléiriú d'fhaighteoirí deiridh go raibh an maoiniú á chur ar fáil tríd an tacaíocht ó na hionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo. Ba chearta don Choimisiún agus do na Ballstáit na bearta cuí a ghlacadh, lena n-áirítear córais ar líne atá furasta le húsáid, chun faisnéis a scaipeadh maidir leis na hionstraimí airgeadais atá ar fáil i measc FBManna agus idirghabhálaithe. Níor cheart go mbeadh dúbláil i gceist leis na córais sin, a bhféadfadh tairseach aonair a bheith san áireamh leo, agus leis na córais atá ann faoi láthair.

(17)

Chruthaigh an Líonra Fiontar Eorpach ("an Líonra") go bhfuil breisluach ag baint leis do FBManna na hEorpa mar ionad ilfhreastail chun tacú le gnóthaí trí chabhrú le fiontaircur lena n-iomaíochas agus deiseanna gnó sa mhargadh inmheánach agus lasmuigh de a fhiosrú. Ní féidir modheolaíochtaí ná modhanna oibre a chuíchóiriú ná éirim Eorpach a thabhairt isteach i seirbhísí tacaíochta gnó ach ar leibhéal an Aontais. Chuidigh an Líonra, go háirithe, le FBManna comhpháirtithe a aimsiú do chomhar nó d'aistriú teicneolaíochta sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha, agus chuidigh sé leo comhairle a fháil faoi fhoinsí maoinithe Aontais, faoi dhlí an Aontais agus faoi mhaoin intleachtúil agus faoi chláir Aontais a thacaíonn leis an éicea-nuálaíocht agus le táirgeadh inbhuanaithe. Fuair sé aiseolas freisin maidir le dlí agus caighdeáin an Aontais. Tá tábhacht ar leith ag baint le saineolas an líonra ó thaobh neamhshiméadrachtaí faisnéise a shárú agus costais a bhaineann le hidirbhearta trasteorann a mhaolú.

(18)

Tá iarracht níos mó ag teastáil chun an leas is fearr is féidir a bhaint as cáilíocht na seirbhísí agus as feidhmíocht an Líonra, go háirithe maidir le feasacht FBManna agus úsáid na seirbhísí ina dhiaidh sin, trí seirbhísí idirnáisiúnaithe agus nuála a chomhtháthú tuilleadh, tríd an gcomhar idir an Líonra agus geallsealbhóirí FBManna réigiúnacha agus áitiúla, dul i gcomhairle na n-eagraíochtaí ósta agus leas níos fearr a bhaint astu, maorlathas a laghdú, tacaíocht TF a fheabhsú agus cur le hinfheictheacht an Líonra agus a chuid seirbhísí sna réigiúin gheografacha atá clúdaithe.

(19)

Cuireann idirnáisiúnú teoranta FBManna san Eoraip agus taobh amuigh den Eoraip isteach ar iomaíochas. Dar le roinnt meastachán, déanann 25 % de FBManna an Aontais earraí a onnmhairiú faoi láthair nó rinne siad amhlaidh am éigin sna trí bliana a chuaigh thart. Ón gcéatadán sin ní bhíonn ach 13 % de FBManna an Aontais ag onnmhairiú taobh amuigh den Aontas ar bhonn rialta agus ní dhearna ach 2 % de FBManna an Aontais infheistíocht taobh amuigh dá dtír dhúchais. Ina theannta sin, is léir ó shuirbhé Eorabharaiméadair 2012 an acmhainneacht atá ann nach bhfuil leas á baint aisti maidir le fás FBManna i margaí glasa, san Aontas agus lasmuigh de, i dtéarmaí idirnáisiúnaithe agus rochtain ar an soláthar poiblí. I gcomhréir le GGB, ina n-iarrtar ar an Aontas agus ar na Ballstáit tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do FBManna tairbhe a bhaint as fás margaí taobh amuigh den Aontas, tugann an tAontas cúnamh airgeadais do roinnt tionscnamh amhail Ionad AE-na Seapáine um Chomhar Tionsclaíoch agus deasc cabhrach FBManna sa tSín maidir le Cearta Maoine Intleachtúla. Cruthaítear breisluach don Aontas trí chomhar a chur chun cinn agus trí sheirbhísí a thairiscint ar an leibhéal Eorpach lena gcomhlánaítear lársheirbhísí trádála cur chun cinn na mBallstát gan iad a dhúbláil, rud a chuireann leis an iarracht atá á déanamh ag soláthróirí seirbhísí poiblí agus príobháideacha sa réimse sin. Ba cheart go n-áireofaí ar na seirbhísí sin faisnéis maidir le cearta maoine intleachtúla, caighdeáin agus rialacha agus deiseanna an tsoláthair phoiblí. Ba cheart Cuid II de na Conclúidí ón gComhairle an 6 Nollaig 2011, dar teideal "Cur Chun Feidhme an Bheartais Thionsclaíoch a Neartú ar fud an AE" maidir leis an dteachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Beartas comhtháite tionsclaíoch do ré an domhandaithe - an t-iomaíochas agus an inbhuanaitheacht á gcur i lár an aonaigh" a chur san áireamh go hiomlán. Ar an gcaoi sin, ba cheart do straitéis dea-shainithe cnuasaigh Eorpach a bheith comhlántach leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal réigiúnach cnuasaigh a ghríosú le barrfheabhas a bhaint amach agus le dul i mbun comhair go hidirnáisiúnta, agus é a chur san áireamh go bhféadfadh braisliú FBManna bheith ina phríomh-mhodh chun a n-acmhainneacht a neartú maidir le nuáil, agus le tosú ag feidhmiú ar mhargaí thar lear.

(20)

Chun acmhainn iomaíochta fhiontair an Aontais a fheabhsú, go háirithe FBManna, ní mór do na Ballstáit agus don Choimisiún timpeallacht fhabhrach gnó a chruthú. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar leasanna FBManna agus leasanna na n-earnálacha ina bhfuil FBManna gníomhach. Tá gá le tionscnaimh ar leibhéal an Aontais freisin d'fhonn faisnéis agus eolas a mhalartú ar bhonn Eorpach agus sa chás sin bíonn seirbhísí digiteacha an-éifeachtach go deo ó thaobh costais de sa réimse sin. Leis na gníomhaíochtaí sin, beidh cothrom na féinne ann do FBManna.

(21)

Cuirtear bac ar shaoránaigh, ar thomhaltóirí agus ar fhiontraithe, go háirithe FBManna, leis na bearnaí, an ilroinnt agus an maorlathas nach bhfuil gá leis, an leas is fearr is féidir a bhaint as an margadh inmheánach. Dá bhrí sin tá géarghá le hiarracht chomhbheartaithe ó na Ballstáit, Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an gcur chun feidhme agus ar na heasnaimh reachtaíochta agus faisnéise. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta, ba cheart do na Ballstáit, Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún obair i gcomhar a chéile chun an t-ualach riaracháin agus rialála nach bhfuil gá leis ar FBManna a laghdú agus a sheachaint. I bhfianaise na ngníomhaíochtaí faoi chlár COSME, arb é an t-aon chlár san Aontas ina ndírítear go sonrach ar FBManna, ba cheart cur leis na haidhmeanna sin a chur chun feidhme, go háirithe trí na coinníollacha creata d'fhiontair a fheabhsú. Ba cheart go mbeadh ról ag seiceálacha oiriúnachta agus measúnuithe tionchair a mhaoinítear faoi chlár COSME san iarracht sin.

(22)

Rud eile a bhfuil drochthionchar aige ar iomaíochas is ea go bhfuil spiorad fiontraíochta cuibheasach lag san Aontas. Níor mhaith ach le 45 % de shaoránaigh an Aontais (agus níos lú ná 40 % de na mná) a bheith féinfhostaithe, i gcomparáid le 55 % sna Stáit Aontaithe agus 71 % sa tSín (de réir Shuirbhé Eorabharaiméadair na bliana 2009 maidir le fiontraíocht). De réir SBA, ba cheart aird a thabhairt ar gach cás atá i ndán d'fhiontraithe, lena n-áirítearnuathionscnamh, fás, aistriú agus féimheacht (dara seans). Tá breisluach ard Aontais ag baint le hoideachas fiontraíochta a chur chun cinn, ag baint le bearta chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a fheabhsú, amhail tagarmharcáil agus malartú dea-chleachtas.

(23)

Seoladh Clár Erasmus d'Fhiontraithe Óga d'fhonn fiontraithe nua nó fiontraithe atá ag teacht chun cinn a chumasú taithí ghnó a fháil i mBallstát seachas ina gceann féin agus a mbuanna fiontraíochta a neartú ar an gcaoi sin. I ndáil leis an gcuspóir na coinníollacha creata a fheabhsú chun fiontraíocht agus cultúr na fiontraíochta a chur chun cinn, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh atá saincheaptha le go gcuirfidh siad feabhas ar a gcumas i leith saineolas, scileanna agus dearcaidh fiontraíochta a fhorbairt agus le go gcuirfidh siad feabhas ar a n-acmhainneacht teicneolaíochta agus ar an tslí a mbainistíonn siad fiontair.

(24)

Cruthaítear le hiomaíochas domhanda, le hathruithe déimeagrafacha, agus le srianta ó thaobh acmhainní de agus treochtaí sóisialta atá ag teacht chun cinn, dúshláin agus deiseanna do roinnt earnálacha éagsúla a bhfuil dúshláin dhomhanda i ndán dóibh agus a bhfuil cion ard FBManna iontu. Mar shampla, ní mór d'earnálacha dearadhbhunaithe iad féin a chur in oiriúint chun tairbhe a bhaint as an acmhainneacht neamhshaothraithe a bhaineann leis an móréileamh atá ar tháirgí uileghabhálacha pearsantaithe. Ós rud é go mbaineann na dúshláin sin leis na FBManna uile san Aontas sna hearnálacha sin, tá gá le hiarracht chomhbheartaithe ar leibhéal an Aontais chun fás breise a chruthú trí thionscnaimh ina gcuirfear dlús le táirgí agus seirbhísí nua atá ag teacht chun cinn.

(25)

Ag tacú leis an ngníomhaíocht sna Ballstáit, féadfaidh clár COSME tacú le tionscnaimh i réimsí earnálacha agus trasearnálacha ina mbeadh acmhainneacht shuntasach ag baint leo maidir le fás agus gníomhaíocht fiontraíochta, go háirithe iad sin a bhfuil cion ard FBManna iontu, lena gcuirfear dlús le tionscail iomaíocha agus inbhuanaithe atá ag teacht chun cinn, bunaithe ar na samhlacha gnó is iomaíche, ar tháirgí agus ar phróisis feabhsaithe, ar struchtúir eagraíochtúla nó ar shlabhraí luacha atá modhnaithe. Mar atá leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2010 dar teideal "An Eoraip, príomhcheann scríbe tuarasóireachta an domhain – creat polaitiúil nua don tuarasóireacht san Eoraip", ar thacaigh an Chomhairle léi i mí Dheireadh Fómhair 2010, is earnáil thábhachtach de chuid gheilleagar an Aontais í earnáil na turasóireachta. Cuireann fiontair san earnáil sin 5 % go díreach le hOlltáirgeacht Intíre an Aontais (OTI). Sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE"), aithnítear an tábhacht atá leis an turasóireacht, agus leagtar síos inniúlachtaí an Aontais sa réimse sin. Tá tionscnamh turasóireachta na hEorpa in ann gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhlánú trí thimpeallacht fhabhrach a chruthú agus trí chomhar idir na Ballstáit a chur chun cinn go háirithe i ndáil le malartú na ndea-chleachtas. Táthar in ann a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, feabhas a chur ar bhonn eolais na turasóireachta trí shonraí agus anailís a chur ar fáil, agus tionscadail thrasnáisiúnta comhair a fhorbairt i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus ceanglais éigeantacha d'fhiontair an Aontais á seachaint ag an am céanna.

(26)

Leagtar amach i gclár COSME gníomhaíochtaí i dtaca leis na cuspóirí, mar aon leis an imchlúdach iomlán airgeadais chun na cuspóirí sin a bhaint amach, íoschlúdach airgeadais le haghaidh ionstraimí airgeadais, cineálacha éagsúla beart cur chun feidhme, agus socruithe trédhearcacha maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar leasanna airgeadais an Aontais agus maidir le cosaint na leasanna sin.

(27)

Comhlánaítear le clár COSME cláir eile de chuid an Aontais, agus ag an am céanna aithnítear ann gur cheart do gach ionstraim oibriú i gcomhréir lena nósanna imeachta sonracha féin. Níor cheart, mar sin, go bhfaigheadh na costais incháilithe chéanna maoiniú faoi dhó. D'fhonn breisluach a bhaint amach agus le go mbeidh tionchar suntasach ag cistiú an Aontais, ba cheart dlúthshineirgíochtaí a fhorbairt idir clár COSME, Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ("Clár Fís 2020"), Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) ("na Cistí Struchtúracha") agus cláir eile de chuid an Aontais.

(28)

Ba cheart na prionsabail maidir le trédhearcacht agus maidir le comhdheiseanna idir fir agus mná a chur san áireamh i ngach tionscnamh agus gníomhaíocht atá cumhdaithe faoi chlár COSME. Ba cheart meas ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha do gach saoránach a chur san áireamh sna tionscnaimh agus sna gníomhaíochtaí sin freisin.

(29)

Ba cheart go mbeadh próiseas trédhearcach ann sula dtugtar deontais do FBManna. Ba cheart go mbeadh próiseas trédhearcach ag baint le deontaisa thabhairt agus a íoc, gan mhaorlathas agus go mbeadh sé i gcomhréir leis na rialacha comhchoiteanna.

(30)

Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo, ar feadh ré iomlán chlár COSME, imchlúdach airgeadais arb é an phríomhmhéid tagartha dó do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil é, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (10) do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh.

(31)

Chun a áirithiú nach n-úsáidtear maoiniú ach chun dul i ngleic le teipeanna sa mhargadh, le teipeanna beartais agus le teipeanna institiúideacha, agus chun saobhadh an mhargaidh a sheachaint, ba cheart do chistiú ó chlár COSME rialacha an Aontais maidir le Státchabhair a chomhlíonadh.

(32)

Sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus sna Prótacail a ghabhann le Comhaontuithe Comhlachais, déantar foráil maidir le rannpháirtíocht na dtíortha lena mbaineann i gcláir de chuid an Aontais. Ba cheart go bhféadfadh tríú tíortha eile bheith rannpháirteach freisin nuair a thugtar an méid sin le fios i gcomhaontuithe agus nósanna imeachta.

(33)

Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí bainistíocht fhónta airgeadais do chlár COSME agus é a chur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is cairdiúla don úsáideoir, agus deimhneacht dhlíthiúil agus inrochtaineacht chlár COSME do gach rannpháirtí á n-áirithiú ag an am céanna.

(34)

Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chlár COSME a d'fhágfadh go bhféadfaí aon choigeartuithe a dhéanamh. Ba cheart tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme a chur le chéile, ina gcuirfí an dul chun cinn atá bainte amach in iúl mar aon leis na gníomhaíochtaí atá pleanáilte.

(35)

Ba cheart faireachán bliantúil a dhéanamh ar chur chun feidhme chlár COSME le cabhair ó tháscairí lárnacha chun torthaí agus tionchair a mheas. Ba cheart go gcuirfí an bunús is lú ar fáil leis na táscairí sin, lena n-áirítear bonnlínte ábhartha, chun measúnú ar a mhéid atá cuspóirí chlár COSME bainte amach.

(36)

Leis an tuarascáil eatramhach a ullmhóidh an Coimisiún maidir le baint amach chuspóirí na ngníomhaíochtaí uile a fhaigheann tacaíocht faoi chlár COSME, ba cheart go n-áireofaí meastóireacht ar thearc-rannpháirtíocht FBManna, nuair a fheictear gur ann dá leithéid i líon suntasach Ballstát. I gcás inarb iomchuí, d'fhéadfadh na Ballstáit torthaí na tuarascála eatramhaí a chur san áireamh ina mbeartas féin faoi seach.

(37)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(38)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cláir oibre bhliantúla a ghlacadh le haghaidh cur chun feidhme chlár COSME. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Áirítear ar roinnt de na gníomhaíochtaí atá san áireamh sa chlár oibre bliantúil gníomhaíochtaí a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 5(4) den Rialachán sin.

(39)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 a tharmligean chuig an gCoimisiún CFAE i ndáil leis na táscairí breise, i ndáil le hathruithe ar mhionsonraí sonracha áirithe a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais agus i ndáil le modhnuithe ar na méideanna táscacha, rud a d'fhágfadh go rachadh na modhnuithe sin ar na méideanna táscacha thar 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais i ngach cás. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(40)

Ar mhaithe le deimhneacht agus soiléire dhlithiúil, ba cheart Cinneadh Uimh. 1639./2006 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Ábhar

Airteagal 1

Bunú

Bunaítear clár le haghaidh gníomhaíochtaí an Aontais chun acmhainn iomaíochta fiontar, agus go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a fheabhsú ("clár COSME") don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhíniú

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn "FBManna" micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

1.   Le clár COSME, cabhrófar leis na cuspóirí ginearálta seo a leanas a bhaint amach, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais shonracha FBManna a bhunaítear san Aontas agus FBManna a bhunaítear i dtríú tíortha atá rannpháirteach i gclár COSME de bhun Airteagal 6:

(a)

iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais a neartú, go háirithe FBManna;

(b)

an cultúr fiontraíochta a spreagadh agus cruthú agus fás na FBManna a chur chun cinn.

2.   Is leis na táscairí seo a leanas a dhéanfar baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a thomhas:

(a)

feidhmiú na FBManna maidir le hinbhuanaitheacht;

(b)

athruithe ar an ualach neamhriachtanach riaracháin agus rialála atá ar na FBManna nua agus ar na FBManna atá ann cheana;

(c)

athruithe ar chion na FBManna atá ag onnmhairiú laistigh den Aontas nó taobh amuigh de;

(d)

athruithe ar fhás na FBManna;

(e)

athruithe ar chion na saoránach san Aontas ar mhaith leo a bheith féinfhostaithe.

3.   Leagtar amach san Iarscríbhinn liosta sonraithe de tháscairí agus de spriocanna do chlár COSME.

4.   Tabharfaidh clár COSME tacaíocht do chur chun feidhme Straitéis Eoraip 2020 agus rannchuideoidh sé le baint amach na cuspóra maidir le "fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach". Rannchuideoidh clár COSME go háirithe le baint amach na príomhsprice maidir le fostaíocht.

CAIBIDIL II

Cuspóirí sonracha agus réimsí gníomhaíochta

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

1.   Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha chlár COSME:

(a)

rochtain ar mhaoiniú do FBManna a fheabhsú i bhfoirm cothromais agus fiachais:

(b)

rochtain ar mhargaí a fheabhsú, go háirithe laistigh den Aontas ach ar an leibhéal domhanda freisin;

(c)

feabhas a chur ar na coinníollacha creata ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, go háirithe i gcás FBManna, lena n-áirítear earnáil na turasóireachta;

(d)

fiontraíocht agus cultúr na fiontraíochta a chur chun cinn.

2.   Maidir leis an ngá atá ann fiontair a chur in oiriúint do gheilleagar astaíochtaí ísle atá athléimneach ó thaobh aeráide de agus tíosach ar acmhainní agus ar fhuinneamh, cuirfear an gá sin chun cinn agus clár COSME á chur chun feidhme.

3.   Chun tionchar chlár COSME maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1 a thomhas, úsáidfear na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn.

4.   Sna cláir oibre bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, mionsonrófar na gníomhaíochtaí uile a bheidh le cur chun feidhme faoi chlár COSME.

Airteagal 5

Buiséad

1.   EUR 2,302 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun clár COSME a chur chun feidhme, agus leithdháilfear suim nach lú ná 60 % den méid sin ar ionstraimí airgeadais.

Déanfar na leithreasuithe nua a údarú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil

2.   Féadfaidh an t-imchlúdach airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo costais eile a chumhdach freisin, costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun clár COSME a bhainistiú agus chun a chuid cuspóirí a bhaint amach. Cumhdófar leis go háirithe, ar bhealach costéifeachtach, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta chlár COSME, costais a bhaineann le gréasáin TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon leis na costais uile eile cúnaimh, idir chúnamh teicniúil agus chúnamh riaracháin, atá á dtabhú ag an gCoimisiún i mbainistiú chlár COSME.

Ní rachaidh na costais sin thar 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais.

3.   Leis an imchlúdach airgeadais do chlár COSME leithdháilfear na suimeanna táscacha de 21.5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b), 11 % ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(c) agus 2.5 % ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d). Féadfaidh an Coimisiún imeacht ó na suimeanna táscacha sin ach ní mó ná 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais an t–imeacht i ngach cás. I gcás go dtarlódh sé gur gá dul thar an teorainn sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun na suimeanna táscacha sin a mhodhnú.

4.   Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais costais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin, a bhfuil gá leo chun an t-aistriú a áirithiú idir clár COSME agus na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE (12). Más gá, féadfar leithreasaí a iontráil sa bhuiséad tar éis 2020 chun costais chosúla a chumhdach, le go bhféadfar gníomhaíochtaí nach mbeidh críochnaithe go fóill faoin 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

Airteagal 6

Rannpháirtíocht tríú tíortha

1.   Féadfaidh siad seo a leanas a bheith rannpháirteach i gclár COSME:

(a)

tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú ar an LEE, agus tíortha Eorpacha eile nuair a cheadaítear sin leis na comhaontuithe agus na nósanna imeachta;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais atá bunaithe sna Creat-Chomhaontuithe ábhartha agus sna Cinntí ábhartha ó na Comhairlí Comhlachais, nó i socruithe eile cosúil leo sin;

(c)

tíortha a thagann faoi raon feidhme bheartais chomharsanachta na hEorpa, nuair a cheadaítear é sin leis na comhaontuithe agus na nósanna imeachta agus i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais atá bunaithe sna Creat-Chomhaontuithe ábhartha, sna Prótacail ábhartha a ghabhann le Comhaontuithe Comhlachais agus sna Cinntí ábhartha ó na Comhairlí Comhlachais.

2.   Féadfaidh eintiteas atá bunaithe i dtír dá dtagraítear i mír 1 a bheith rannpháirteach i gcodanna de chlár COSME i gcás ina bhfuil an tír sin rannpháirteach faoi na coinníollacha a leagtar amach sna comhaontuithe faoi seach a gcuirtear síos orthu i mír 1.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht eintiteas ó thíortha neamh-rannpháirteacha

1.   I gcodanna de chlár COSME nach bhfuil tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 5 rannpháirteach iontu, féadfaidh eintitis atá bunaithe sa tír sin a bheith rannpháirteach. Féadfaidh eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha eile a bheith rannpháirteach freisin i ngníomhaíochtaí faoi chlár COSME.

2.   Ní beidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 i dteideal rannchuidithe airgeadais a fháil ón Aontas, seachas i gcás ina bhfuil sé sár-riachtanach do chlár COSME, go háirithe maidir le hiomaíochas agus rochtain ar mhargaí d'fhiontair an Aontais. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin maidir le heintitis a dhéanann brabús.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí chun rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna

1.   Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhfuil sé d'aidhm leo rochtain ar mhaoiniú a éascú do FBManna agus feabhas a chur uirthi i gcéimeannanuathionscnaimh, fáis agus aistrithe na FBManna, ar rochtain í a bheadh comhlántach leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ionstraimí airgeadais do FBManna ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. D'fhonn comhlántacht a áirithiú, déanfar na gníomhaíochtaí sin a chomhordú go dlúth leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú an bheartais chomhtháthaithe, Chlár Fís 2020 agus ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach. Beidh sé d'aidhm leis na gníomhaíochtaí sinroghnú agus soláthar maoiniú cothromais agus fiachais araon a spreagadh, a bhféadfadh síolchistiú, cistiú aingil agus maoiniú cuasachothromais bheith san áireamh leo faoi réir éileamh an mhargaidh ach lena n-eisiatar scamhadh sócmhainní.

2.   Mar aon leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfar tacaíocht an Aontais a thabhairt freisin do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar an maoiniú trasteorann agus ilnáisiúnta, faoi réir éileamh an mhargaidh, agus sa dóigh sin tabharfar cúnamh do FBManna a ngníomhaíochtaí a idirnáisiúnú i gcomhréir le dlí an Aontais.

Féadfaidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh freisin ar an deis a d'fhéadfadh a bheith ann sásraí nuálacha airgeadais a fhorbairt, amhail sásraí slua-chistithe, faoi réir éileamh an mhargaidh.

3.   Tá mionsonraí na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 leagtha síos in Airteagal 17.

Airteagal 9

Gníomhaíochtaí chun rochtain ar mhargaí a fheabhsú

1.   Chun leanúint d'fheabhas a chur ar iomaíochas fhiontair an Aontais agus ar a rochtain ar na margaí, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí chun rochtain FBManna ar an margadh inmheánach a fheabhsú amhail soláthar faisnéise (lena n-áirítear trí sheirbhísí digiteacha) agus ardú feasachta i ndáil le cláir, dlí agus caighdeáin an Aontais, i measc nithe eile.

2.   Díreofar le bearta sonracha ar rochtain na FBManna a éascú maidir leis na margaí lasmuigh den Aontas. Féadfar a áireamh ar na bearta sin faisnéis a sholáthar faoi na bacainní atá ann cheana ar dhul isteach sa mhargadh agus faoi dheiseanna gnó, soláthar poiblí agus nósanna imeachta custaim, agus feabhas a chur ar na seirbhísí tacaíochta maidir le caighdeáin agus cearta maoine intleachtúla i dtríú tíortha a dtugtar tús áite dóibh. Leis na bearta sin, déanfar príomhghníomhaíochtaí chur chun cinn trádála na mBallstát a chomhlánú ach ní dhéanfar iad a dhúbláil.

3.   Féadfaidh sé a bheith d'aidhm ag gníomhaíochtaí faoi chlár COSME comhar idirnáisiúnta a chothú, lena n-áirítear idirphlé tionsclaíoch agus rialála a dhéanamh le tríú tíortha. Féadfaidh sé a bheith d'aidhm le bearta sonracha difríochtaí idir an tAontas agus tíortha eile a laghdú maidir le creataí rialála do tháirgí, cur le forbairt an fhiontair agus an bheartais thionsclaíoch agus cur le feabhsú na timpeallachta gnó.

Airteagal 10

An Líonra Fiontar Eorpach

1.   Tacóidh an Coimisiún leis an Líonra Fiontar Eorpach ("an Líonra") seirbhísí comhtháite tacaíochta gnó a sholáthar do FBManna an Aontais a fhéachann le deiseanna a aimsiú sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha. D'fhéadfadh Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i measc na ngníomhaíochtaí a dhéanfar tríd an Líonra:

(a)

seirbhísí faisnéise agus comhairleacha a sholáthar maidir le tionscnaimh agus dlí an Aontais; tacaíocht a thabhairt maidir le feabhas a chur ar chumas lucht bainistíochta cur le hiomaíochas na FBManna; tacaíocht a thabhairt lena ndírítear ar fheabhas a chur ar eolas airgeadais na FBManna, lena n-áirítear seirbhísí faisnéise agus comhairleacha maidir le deiseanna cistithe, agus ar fheabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú agus ar scéimeanna ábhartha oiliúnaithe agus meantóireachta; bearta chun go méadófar rochtain na FBManna ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar shaineolas maidir leis an aeráid agus maidir leis an gcomhshaol; agus cur chun cinn chláir maoiniúcháin agus ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais (lena n-áirítear clár Fís 2020 i gcomhar le pointí teagmhála náisiúnta agus na Cistí Struchtúracha);

(b)

gnó trasteorann, T&F, aistriú teicneolaíochta agus eolais agus comhpháirtíochtaí teicneolaíochta agus nuálaíochta a éascú;

(c)

bealach cumarsáide idir FBManna agus an Coimisiún a chur ar fáil.

2.   Féadfar leas a bhaint as an Líonra freisin chun seirbhísí a sholáthar thar ceann clár eile de chuid an Aontais amhail clár Fís 2020, lena n-áirítear seirbhísí tiomnaithe comhairleacha lena spreagtar na FBManna chun a bheith rannpháirteach i gcláir eile de chuid an Aontais. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar comhordú éifeachtúil ar na hacmhainní éagsúla airgeadais le haghaidh an Líonra agus go ndéanfar seirbhísí a sholáthraíonn an Líonra thar ceann cláir eile an Aontais a mhaoiniú leis na cláir sin.

3.   Déanfar cur chun feidhme an Líonra a chomhordú i ndlúthpháirtíocht leis na Ballstáit sa chaoi nach ndúblálfar gníomhaíochtaí i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

Déanfaidh an Coimisiún an Líonra a mheasúnú maidir lena héifeachtacht, leis an rialú a dhéantar air agus le soláthar seirbhísí ar ardchaighdeán ar fud an Aontais.

Airteagal 11

Gníomhaíochtaí chun na coinníollacha creata a fheabhsú ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, go háirithe FBManna

1.   Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do ghníomhaíochtaí chun na coinníollacha creata d' iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, go háirithe FBManna, a fheabhsú ar mhaithe le héifeachtacht, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht agus comhordú a mhéadú i mbeartais náisiúnta agus réigiúnacha a gcuirtear iomaíochas, inbhuanaitheacht agus fás fiontair an Aontais chun cinn leo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí sonracha i dtaca le feabhas a chur ar na coinníollacha creata do na fiontair, go háirithe na FBManna, trí ualach riaracháin agus rialála, nach bhfuil gá leis, a laghdú agus a sheachaint. Féadfar a áireamh ar na bearta sin meastóireacht a dhéanamh ar bhonn rialta ar an éifeacht a bhíonn ag dlí ábhartha an Aontais maidir le FBManna, i gcás inarb iomchuí de bhíthin scórchláir, tacaíochta do ghrúpaí saineolaithe neamhspleácha, agus malartaithe faisnéise agus dea-chleachtais, lena n-áiritear faisnéis agus dea-chleachtas maidir le cur i bhfeidhm sistéamach na tástála FBManna ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

3.   Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhfuil sé d'aidhm leo straitéisí nua iomaíochais agus forbartha gnó a fhorbairt. Féadfar gníomhaíochtaí de na cineálacha seo a leanas a áireamh:

(a)

bearta chun feabhas a chur ar cheapadh, cur chun feidhme agus meastóireacht na mbeartas a mbíonn éifeacht acu ar iomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar, lena n-áirítear tríd an dea-chleachtas a chomhroinnt maidir le coinníollacha creata agus bainistiú braislí den chéad scoth agus gréasáin ghnó; agus trí chomhoibriú trasnáisiúnta i measc braislí agus gréasán gnó agus forbairt táirgí, seirbhísí, teicneolaíochtaí agus próiseas inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le héifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh agus freagracht shóisialta chorparáideach;

(b)

bearta chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe idirnáisiúnta na mbeartas iomaíochais, lena ndíreofaí go háirithe ar chomhar i leith beartais idir na Ballstáit, tíortha eile atá rannpháirteach i gClár COSME agus comhpháirtithe trádála domhanda an Aontais;

(c)

bearta chun feabhas a chur ar fhorbairt beartais na FBManna, ar chomhar idir lucht déanta beartas, ar athbhreithnithe piaraí agus ar mhalartú an dea-chleachtais idir na Ballstáit, agus an fhianaise atá ar fáil agus barúlacha na ngeallsealbhóirí á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, go háirithe d'fhonn gurbh fhusa do FBManna rochtain a fháil ar chláir agus ar bhearta Aontais, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta GGB.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí chomhordú a chur chun cinn, tacú le gníomhaíocht a dhéantar sna mBallstáit chun go gcuirfear dlús le teacht chun cinn tionscal iomaíoch a bhfuil acmhainneacht acu maidir leis an margadh. D'fhéadfaí a áireamh sa tacaíocht sin gníomhaíochtaí chun malartú an dea-chleachtais a chur chun cinn agus scileanna agus riachtanais oiliúna na dtionscal a shainaithint, go mór mór riachtanais FBManna, agus r-scileanna go háirithe. Féadfar a áireamh uirthi freisin gníomhaíochtaí chun roghnú samhlacha nua gnó agus comhar FBManna i slabhraí luachanna nua a spreagadh mar aon le leas tráchtála a bhaint as smaointe ábhartha do tháirgí nua agus do sheirbhísí nua.

5.   Féadfaidh an Coimisiún cur le gníomhaíochtaí na mBallstát chun feabhas a chur ar iomaíochas agus inbhuanaitheacht FBManna an Aontais sna réimsí sin a bhfuil acmhainneacht shonrach fáis iontu, go háirithe iad siúd a bhfuil cion ard FBManna iontu, amhail earnáil na turasóireachta. D'fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn, go háirithe trí mhalartú an dea-chleachtais.

Airteagal 12

Gníomhaíochtaí chun fiontraíocht a chur chun cinn

1.   Cuirfidh an Coimisiún le cur chun cinn na fiontraíochta agus an chultúir fiontraíochta trí fheabhas a chur ar na coinníollacha creata lena n-imrítear tionchar ar fhorbairt na fiontraíochta lena n-airítear trí na bacainní ar chur ar bun na bfiontar a laghdú. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do thimpeallacht ghnó agus do chultúr gnó atá fabhrach d'fhiontair inbhuanaithe, do ghnólachtaí nuathionscanta, don fhás, d'aistriú gnó, don dara seans (atosú), mar aon le seachchuideachtaí agus mac-chuideachtaí.

2.   Tabharfar aird ar leith ar fhiontraithe ionchasacha, ar fhiontraithe nua, ar fhiontraithe óga agus ar bhanfhiontraithe, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile freisin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail cláir shoghluaisteachta d'fhiontraithe nua le go gcuirfidh siad feabhas ar a gcumas i leith saineolas, scileanna agus dearctaí fiontraíochta a fhorbairt agus le go gcuirfidh siad feabhas ar a n-acmhainneacht teicneolaíochta agus ar an tslí a mbainistíonn siad fiontair.

4.   Féadfaidh an Coimisiún tacú le bearta na mBallstát chun oideachas, scileanna agus dearcthaí fiontraíochta a fhorbairt agus a éascú, go háirithe i measc fiontraithe nua agus ionchasacha.

CAIBIDIL III

Clár COSME a chur chun feidhme

Airteagal 13

Cláir oibre bhliantúla

1.   Chun clár COSME a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Le gach clár oibre bliantúil cuirfear chun feidhme na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo agus leagfar an méid seo a leanas amach go mion ann:

(a)

tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, na cuspóirí a shaothrófar maidir le gach gníomhaíocht, ar cuspóirí iad a bheidh i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 4, na torthaí a mbeifear ag súil leo, an modh cur chun feidhme, léiriú ar an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht, méid iomlán le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile agus tráthchlár táscach cur chun feidhme agus próifíl íocaíochta;

(b)

táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla iomchuí maidir le gach gníomhaíocht, chun anailís agus faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí a soláthraíodh na torthaí agus a baineadh amach cuspóirí na gníomhaíochta i dtrácht;

(c)

maidir le deontais agus bearta a bhaineann leo, na critéir mheastóireachta bunriachtanacha a leagfar síos sa tslí is go mbainfear amach ar an mbealach is fearr na cuspóirí a shaothraítear le clár COSME, agus an ráta uasta cómhaoinithe;

(d)

caibidil mhionsonraithe ar leith maidir leis na hionstraimí airgeadais, a léireofar inti, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo, na hoibleagáidí i ndáil le faisnéis faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, lena n-áirítear cionroinnt an imchlúdaigh airgeadais a mbeifear ag súil léi, idir an tSaoráid Cothromais d'Fhás agus an tSaoráid Ráthaíochta Iasachta dá dtagraítear in Airteagal 18 agus Airteagal 19 den Rialachán seo faoi seach,agus faisnéis amhail leibhéal na ráthaíochta agus an gaol le clár Fís 2020.

2.   Cuirfidh an Coimisiún clár COSME chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 996/2012.

3.   Cuirfear clár COSME chun feidhme chun a áirithiú go gcuireann na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh forbairtí agus riachtanais a bheidh ann amach anseo san áireamh, go háirithe tar éis na meastóireachta eatramhaí, dá dtagraítear in Airteagal 12(3), agus chun a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ábhartha maidir le margaí atá i mbun forbartha, maidir leis an ngeilleagar agus maidir le hathruithe sa tsochaí.

Airteagal 14

Bearta tacaíochta

1.   I dteannta na mbeart atá cumhdaithe faoi na cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, déanfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta go rialta, lena n-áirítear na bearta seo a leanas:

(a)

feabhas a chur ar an anailís agus ar an bhfaireachán a dhéantar ar shaincheisteanna earnála agus trasearnála;

(b)

dea-chleachtas agus dea-mhodhanna cur chuige don bheartas a shainaithint agus a scaipeadh, agus iad a fhorbairt tuilleadh;

(c)

seiceálacha oiriúnachta ar an dlí atá ann cheana agus measúnuithe tionchair ar bhearta nua de chuid an Aontais atá an-ábhartha maidir le hiomaíochas fiontar, chun go sainaithneofar na réimsí dlí atá ann cheana ar gá a shimpliú, agus chun go n-áiritheofar go n-íoslaghdófar ualuithe ar FBManna i réimsí a molfar bearta reachtacha nua iontu;

(d)

meastóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht a bhfuil tionchar aige ar na fiontair, go háirithe ar na FBManna, ar bheartas tionsclaíoch agus ar bhearta a bhaineann le hiomaíochas;

(e)

córais chomhtháite ar líne a chur chun cinn ar córais iad atá furasta le húsáid agus lena soláthraítear faisnéis maidir le cláir atá ábhartha do na FBManna, agus a áirithiú nach ndéantar na tairsigh atá ann cheana a dhúbláil leis an méid sin.

2.   Ní rachaidh costas iomlán na mbeart tacaíochta sin thar 2,5 % d'imchlúdach airgeadais chlár COSME.

Airteagal 15

Faireachán agus meastóireacht

1.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh faireachán ar chur chun feidhme agus bainistiú chlár COSME.

2.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil faireacháin ina scrúdófar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme airgeadais, torthaí, costais agus, más féidir, tionchar na ngníomhaíochtaí. Áireofar sa tuarascáil faisnéis faoi thairbhithe, nuair is féidir, do gach glao ar thograí, faisnéis faoin méid caiteachais a bhaineann le cúrsaí aeráide agus an tionchar atá ag an tacaíocht a thugtar do chuspóirí maidir leis an athrú aeráide, sonraí ábhartha maidir leis na hiasachtaí a thugtar faoin tSaoráid Ráthaíochta Iasachtaí os cionn agus faoi EUR 150 000 a mhéid nach gcruthaíonn bailiú na faisnéise sin ualach riaracháin gan údar d'fhiontair, go háirithe do FBManna. Áireofar sa tuarascáil faireacháin an tuarascáil bhliantúil ar gach ionstraim airgeadais mar a cheanglaítear le hAirteagal 140(8) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.   Tráth nach déanaí ná 2018, bunóidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach mheastóireachta, ar leibhéal na dtorthaí agus na n-iarmhairtí, maidir le baint amach chuspóirí na ngníomhaíochtaí ar fad a bhfuil tacaíocht faighte acu faoi Chlár COSME agus maidir le héifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus an breisluach Eorpach a bhaineann léi, d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tuarascáil eatramhach mheastóireachta aghaidh freisin ar an raon feidhme i ndáil le simpliú, le comhtháthú inmheánach agus seachtrach, le hábharthacht leanúnach gach cuspóra, mar aon leis an méid a chuireann na bearta le tosaíochtaí an Aontais i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus uileghabhálaigh. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil torthaí na meastóireachta ar thionchar fadtéarmach na mbeart a bhí ann roimhe sin agus beidh sí mar fhoinse faisnéise tráth a mbeidh cinneadh á dhéanamh i ndáil le beart eile a dhéanfaí ina dhiaidh sin a bhféadfaí athnuachan, leasú nó fionraí birt dá eis sin a bheith i gceist leis.

4.   Bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta deiridh ar thionchar fadtéarmach na mbeart agus ar inbhuanaitheacht éifeachtaí na mbeart.

5.   Maidir le tairbhithe na ndeontas agus leis na páirtithe uile a bhfuil cistí faighte acu ón Aontas faoin Rialachán seo, cuirfidh siad na sonraí agus an fhaisnéis atá riachtanach agus iomchuí ar fáil don Choimisiún le go mbeifear in ann faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na bearta lena mbaineann.

6.   Déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus foilseoidh sé iad.

CAIBIDIL IV

Forálacha airgeadais agus cineálacha cúnaimh airgeadais

Airteagal 16

Cineálacha cúnaimh airgeadais

Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais faoi chlár COSME a chur chun feidhme go hindíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig na heintitis a liostaítear in Airteagal 58(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 17

Ionstraimí airgeadais

1.   Déanfar ionstraimí airgeadais faoi chlár COSME, a chuirtear ar bun i gcomhréir le Teideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a fheidhmiú agus é d'aidhm leo rochtain ar mhaoiniú a éascú do FBManna, le linn na gcéímeanna ar lena linn atá siad á nuathionscnamh, ag fás agus á n-aistriú. Áireofar sna hionstraimí airgeadais saoráid cothromais agus saoráid iasachta faoi ráthaíocht. Cuirfear an t-éileamh ó idirghabhálaithe airgeadais san áireamh agus cistí á leithdháileadh ar na saoráidí sin.

2.   I gcás inarb iomchuí, féadfar na hionstraimí airgeadais do na FBManna a chomhcheangal leis na hionstraimí agus na deontais seo a leanas agus féadfar iad a chomhlánú leo:

(a)

ionstraimí airgeadais eile a bhunaigh na Ballstáit agus a n-údaráis bhainistíochta, a mhaoinítear le cistí náisiúnta nó cistí réigiúnacha nó a mhaoinítear faoi chuimsiú oibríochtaí na gCistí Struchtúracha, i gcomhréir le hAirteagal 33(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

ionstraimí airgeadais eile a bhunaigh na Ballstáit agus a n-údaráis bhainistíochta ar ionstraimí iada maoinítear le cistí náisiúnta nó réigiúnaí lasmuigh d'oibríochtaí na gCistí Struchtúracha;

(c)

deontais atá maoinithe ag an Aontas, lena n-áirítear faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an tSaoráid Cothromais d'Fhás agus an tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 18 agus Airteagal 19 faoi seach a bheith comhlántach leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ionstraimí airgeadais le haghaidh FBManna laistigh de chreat beartas comhtháthaithe an Aontais.

4.   Féadfaidh an tSaoráid Cothromais d'Fhás agus an tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht a cheadú go ndéanfar a n-acmhainní airgeadais a chomhthiomsú, i gcás inarb iomchuí, le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus/nó na réigiún atá toilteanach cuid de na Cistí Struchtúracha a tugadh dóibh a ranníoc i gcomhréir le hAirteagal 33(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013.

5.   Féadfaidh na hionstraimí airgeadais torthaí inghlactha a ghiniúint chun cuspóirí na gcomhpháirtithe nó na n-infheisteoirí eile a chomhlíonadh. Féadfaidh an tSaoráid Cothromais d'Fhás feidhmiú ar bhonn fo-ordaithe ach beidh sé d'aidhm aici luach na sócmhainní a sholáthraítear le buiséad an Aontais a chaomhnú.

6.   Cuirfear an tSaoráid Cothromais d'Fhás agus an tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht chun feidhme i gcomhréir le Teideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (13).

7.   Déanfar na hionstraimí airgeadais faoi chlár COSME a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhlántacht agus i gcomhtháthú leo siúd a bunaíodh faoi chlár Fís 2020 le haghaidh na FBManna.

8.   I gcomhréir le hAirteagal 60 (1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, áiritheoidh na heintitis ar cuireadh cúraimí cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais orthu feiceálacht ghníomhaíocht an Aontais agus cistí de chuid an Aontais á mbainistiú acu. Chuige sin, áiritheoidh an t-eintiteas ar cuireadh cúraimí air go gcuireann idirghabhálaithe airgeadais faighteoirí deiridh ar an eolas go sainráite gur de bharr na tacaíochta a thugtar trí ionstraimí airgeadais faoi chlár COSME sin a raibh teacht acu ar an maoiniú. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ag faighteoirí deiridh ionchasacha ar fhoilsiú ex post na faisnéise maidir leis na faighteoirí i gcomhréir le Airteagal 60(2)(e) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

9.   I gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, déanfar aisíocaíochtaí a ghintear leis an dara fuinneog den tSaoráid um Ardfhás agus um FBManna Nuálaíocha a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE, ar aisíocaíochtaí iad a fuarthas i ndiaidh 31 Nollaig 2013, a shannadh don tSaoráid Cothromais Fáis a bunaíodh faoi Airteagal 14a den Rialachán seo.

10.   Cuirfear na hionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair.

Airteagal 18

An tSaoráid Cothromais Fáis

1.   Déanfar Saoráid Cothromais d'Fhás (EFG) a chur chun feidhme mar thairseach ar ionstraim airgeadais aonair Aontais um maoiniú cothromais lena dtacófar le fás, agus le taighde agus nuálaíocht (T&N) thionscadail de chuid an Aontais ón gcéadchéim (síolchaipiteal san áireamh,) go dtí céim an fháis, agus tiocfaidh tacaíocht airgeadais ó chlár Fís 2020 agus ó chlár COSMEdon ionstraim airgeadais aonair um maoiniú cothromais.

2.   Leis an EFG, díreofar ar chistí lena gcuirtear an méid seo ar fáil: caipiteal fiontair agus maoiniú mezzanine, ar nós iasachtaí fo-ordaithe agus iasachtaí rannpháirteachais, d'fhiontair forbraíochta agus d'fhiontair ag céim an fháis, go háirithe na fiontair sin a oibríonn thar theorainneacha, ach beidh an deis aige freisin infheistíocht a dhéanamh i gcistí céadchéime i gcomhar leis an tSaoráid Cothromais le haghaidh T&N faoi chlár Fís 2020 agus saoráidí comh-infheistíochta a chur ar fáil d'aingil ghnó. I gcás infheistíochtaí céadchéime, ní sháróidh an infheistíocht ó EFG 20 % d'infheistíocht iomlán an Aontais ach amháin i gcás cistí ilchéime agus cistí cistí, cás ina dtabharfar an cistiú ó EFG agus ón tSaoráid Cothromais le haghaidh T&N faoi chlár Fís 2020 ar bhonn pro rata, ar bhonn bheartais infheistíochta na gcistí. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an uasteorainn 20 % a leasú i bhfianaise dálaí athraitheacha sa mhargadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

3.   Bainfidh EFG agus an tSaoráid Cothromais le haghaidh T&N faoi chlár Fís 2020, leas as an sásra céanna seachadta.

4.   Beidh an tacaíocht ón EFG i bhfoirm ceann de na hinfheistíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíocht dhíreach ón gCiste Eorpach Infheistíochta nó ó eintitis eile a bhfuil sé de chúram orthu an cur chun feidhme a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin; nó

(b)

trí chistí cistí nó feithiclí infheistíochta a dhéanann infheistíocht thar theorainneacha, a bhunaítear leis an gCiste Eorpach Infheistíochta nó eintitis eile (lena n-áirítear bainisteoirí na hearnála poiblí nó) a bhfuil sé de chúram orthu an cur chun feidhme a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin in éineacht le hinfheisteoirí ó institiúidí airgeadais príobháideacha agus/nó ó institiúidí airgeadais poiblí.

5.   Infheisteoidh EFG i gcistí caipitil riosca idirmheánacha lena n-áirítear i gcistí cistí, ag cur infheistíochtaí ar fáil do FBManna agus iad ag forbairt agus ag fás. Infheistíochtaí fadtéarmacha a bheidh sna hinfheistíochtaí faoin EFG, i.e. is gnách go nglacfaidh siad suíomhanna 5 go 15 bliana i gcistí caipitil riosca. Ar aon nós, ní faide saolré na n-infheistíochtaí faoi EFG ná 20 bliain ón uair a shínítear an comhaontú idir an Coimisiún agus an t-eintiteas a gcuirtear de chúram air é a chur chun feidhme.

Airteagal 19

An tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht

1.   Soláthrófar an méid seo a leanas leis an tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht (LGF):

(a)

frithráthaíochtaí agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh scéimeanna ráthaíochta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhráthaíochtaí;

(b)

ráthaíochtaí díreacha agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh aon idirghabhálaithe airgeadais eile a shásaíonn na critéir incháilitheachta dá dtagraítear i mír 5.

2.   Déanfar an LGF a chur chun feidhme mar chuid d'ionstraim amháin Aontais um maoiniú fiachais a thacóidh le fás agus T&N fhiontair an Aontais, agus úsáidfear an sásra céanna seachadta agus a úsáideann tairseach na Saoráide Fiachais do T&N atá ceangailte le héileamh FBManna faoi chlár Fís 2020 (RSI II).

3.   Is éard a bheidh san LGF:

(a)

ráthaíochtaí do mhaoiniú fiachais (lena n-áirítear trí iasachtaí fo-ordaithe agus iasachtaí rannpháirteachais, léasú, nó ráthaíochtaí bainc), trína laghdófar na deacrachtaí áirithe a bhíonn ag FBManna inmharthana maidir le maoiniú a fháil i ngeall ar an riosca ard a bhraitear leo nó an easpa comhthaobhachta leormhaithe atá ar fáil acu;

(b)

urrúsú phunanna maoinithe fiachais na FBManna, trína slógfar breis maoinithe fiachais le haghaidh FBManna faoi shocruithe roinnte riosca iomchuí i gcomhar leis na spriocinstitiúidí. Beidh an tacaíocht do na hidirbhearta urrúsúcháin sin coinníollach ar ghealltanas ó na hinstitiúidí tionscnaimh cuid shuntasach den toradh leachtachta nó den chaipiteal slógtha a úsáid le haghaidh iasachtaí nua do FBManna i dtréimhse réasúnta ama. Déanfar méid an mhaoinithe nua fiachais sin a ríomh maidir le méid an riosca punainne atá faoi ráthaíocht. Déanfar an méid sin agus an tréimhse ama a idirbheartú ar bhonn leithligh le gach institiúid tionscnaimh faoi seach.

4.   Beidh an LGF á oibriú ag an gCiste Eorpach Infheistíochta nó ag eintitis eile a bhfuil sé de chúram orthu an cur chun feidhme a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin. Féadfaidh aibíocht suas le 10 mbliana a bheith ag ráthaíochtaí aonair faoin LGF.

5.   Déanfar incháilitheacht faoin LGF a chinneadh do gach idirghabhálaí ar bhonn a gcuid gníomhaíochtaí agus ar a éifeachtaí atá siad maidir le cabhrú le FBManna rochtain a fháil ar mhaoiniú do thionscadail inmharthana. Féadfaidh idirghabhálaithe leas a bhaint as LGF chun tacú le gnóthaí chun sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe agus caipiteal oibre a mhaoiniú, agus féadfar leas a bhaint as i gcomhair aistrithe gnó. Beidh idirbhearta aonair agus idirbhearta ildíoltóra mar aon le hidirbhearta ilnáisiúnta ar áireamh i gcritéir a bhaineann le hurrúsú phunanna maoinithe fiachais na FBManna. Is bunaithe ar na dea-chleachtais margaidh a bheidh an incháilitheacht, go háirithe maidir le cáilíocht chreidmheasa agus éagsúlú riosca na punainne urrúsaithe.

6.   Cé is moite d'iasachtaí sa phunann urrúsaithe, déanfaidh an LGF iasachtaí go dtí EUR 150 000 le haibíocht íosta 12 mhí a chumhdach. Leis an LGF, cumhdófar freisin iasachtaí os cionn EUR 150 000 i gcásanna nach ndéanann na FBManna a chomhlíonann na critéir chun a bheith incháilithe faoi chlár COSME na critéir a chomhlíonadh chun a bheith incháilithe faoi thairseach FBManna i Saoráid Fiachais Chlár Fís 2020, agus le haibíocht íosta 12 mhí.

Os cionn na tairsí sin, is faoi na hidirghabhálaithe airgeadais a bheidh sé a léiriú an mbeidh an FBM incháilithe nó neamh-incháilithe faoi thairseach FBManna i Saoráid Fiachais Chlár Fís 2020.

7.   Beidh an LGF ceaptha sa chaoi is go bhféadfar tuairisc a thabhairt ar na FBManna a fhaigheann tacaíocht, maidir le líon agus méid na n-iasachtaí araon.

Airteagal 20

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir agus gach tríú páirtí eile a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) fiosrúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE,Euratom) Uimh 883/2013 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (15) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais maidir le comhaontú deontais nó cinneadh faoi dheontas nó conradh a cistíodh faoin Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL V

Coiste agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 22

Gníomhartha tarmligthe

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 maidir leis na táscairí breise a chuirtear leis na táscairí a luaitear sa liosta san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo nuair a d'fhéadfaí leis na táscairí sin cuidiú leis an dul chun cinn a thomhas ó thaobh cuspóirí ginearálta agus sonracha Chlár COSME a bhaint amach.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 maidir le hathruithe ar mhionsonraí sonracha áirithe a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais. Is iad na mionsonraí sin cion na hinfheistíochta ón EFG as iomlán na hinfheistíochta Aontais i gcistí caipitil fiontair chéadchéime agus comhdhéanamh na bpunann iasachtaí úrrúsaithe.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 maidir le modhnuithe ar na méideanna táscacha a shonraítear in Airteagal 5(3), a d'fhágfadh go rachadh na modhnuithe ar na méideanna sin thar 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais i ngach cás, i gcás ina dtarlódh sé gur gá dul thar an teorainn sin.

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22 ar feadh tréimhse seacht mbliana ón 23 Nollaig 2013.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 22 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 22 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 24

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Déantar Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Mar sin féin, aon ghníomhaíochtaí a thionscnaítear faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE agus aon oibleagáidí airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin, leanfaidh siad de bheith á rialú leis an gCinneadh sin go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

3.   Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5 na costais a bhaineann le cúnamh teicneolaíochta agus riaracháin a theastaíonn chun an t-aistriú idir clár COSME agus na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE a áirithiú freisin.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 125.

(2)  IO C 91, 18.12.2012, lch. 37.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (Féach leathanach 884 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2001 maidir le comhlachú na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an gComhphobal Eorpach ('Cinneadh maidir le comhlachú thar lear') (IO L 314, 30.11.2001, lch. 1).

(5)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(6)  Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007-2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch.1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón g Comhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 202 - An Clár Creata do Thaighde agus do Nuálaíocht (2014-2020) (Féach leathanach 104 den Iris Oifigiúil seo)

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos comhfhorálacha maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a chumhdaítear leis an gcomhchreat straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15).

(13)  Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais. (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 883/99 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le fiosrúcháin a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

TÁSCAIRÍ DO CHUSPÓIRÍ AGUS DO SPRIOCANNA GINEARÁLTA AGUS DO CHUSPÓIRÍ AGUS DO SPRIOCANNA SONRACHA

Cuspóir ginearálta:

1.

Iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais a neartú, go háirithe FBManna

A.

Táscaire Iarmharta (1)

Cúrsaí mar atá faoi láthair

Sprioc fhadtéarmach agus garsprioc (2020)

A.1.

Feidhmiú na FBManna i dtaobh na hinbhuanaitheachta

Déanfar sin a thomhas ar bhonn rialta, mar shampla trí shuirbhé Eorabharaiméadair

Méadú ar chion na FBManna a tháirgíonn táirgí glasa, i.e. táirgí nach ndéanann dochar don chomhshaol (2) i gcomparáid leis an mbonnlíne (an tomhas tosaigh)

A.2.

Athruithe ar an ualach neamhriachtanach riaracháin agus rialála atá ar na FBManna nua agus ar na FBManna atá ann cheana (3)

An líon laethanta a thóg sé FBM nua a chur ar bun in 2012: 5,4 lá oibre.

Laghdú mór ar líon na laethanta is gá le FBM nua a chur ar bun

An costas a bhain le fiontar a nuathionscnamh in 2012: EUR 372

Laghdú mór ar mheánchostais an nuathionscanta san Aontas i gcomparáid leis an mbonnlíne

Líon na mBallstát ina dtógann sé mí ceadúnais agus ceadanna (lena n-áirítear ceadanna comhshaoil) a fháil chun gníomhaíocht shonrach an fhiontair a thosú agus a fheidhmiú: 2

Ardú mór ar líon na mBallstát ina dtógann sé mí ceadúnais agus ceadanna (lena n-áirítear ceadanna comhshaoil) a fháil chun gníomhaíocht shonrach an fhiontair a thosú agus a fheidhmiú

Líon na mBallstát ina raibh ionad ilfhreastail do nuathionscnamh gnólachta ina bhféadfadh fiontraithe na nósanna imeachta go léir is gá a chur i gcrích (e.g. clárú, cáin, CBL agus slándáil shóisialta) trí phointe aonair teagmhála, cibé an pointe teagmhála fisiciúil é (oifig) nó an ceann fíorúil é (an gréasán), nó an dá rud, in 2009: 18

Ardú mór ar líon na mBallstát ina bhfuil ionad ilfhreastail do nuathionscnamh gnólachta

A.3.

Athruithe ar chion na FBManna atá ag onnmhairiú laistigh den Aontas nó taobh amuigh de

25 % de FBManna atá ag onnmhairiú agus 13 % de FBManna atá ag onnmhairiú taobh amuigh den Aontas (2009) (4)

Ardú ar chion na FBManna atá ag onnmhairiú agus ardú ar chion na FBManna atá ag onnmhairiú lasmuigh den Aontas i gcomparáid leis an mbonnlíne


Cuspóir ginearálta:

2.

Cultúr na fiontraíochta a spreagadh agus cruthú agus fás FBManna a chur chun cinn

Táscaire Iarmharta

Cúrsaí mar atá faoi láthair

Sprioc fhadtéarmach agus garsprioc (2020)

B.1.

Athruithe ar fhás na FBManna

In 2010, b'ionann láimhdeachas FBManna agus breis agus 58 % d'Oll-Bhreisluach iomlán an Aontais;

Méadú ar aschur na FBManna (breisluach) agus a gcuid fostaithe i gcomparáid leis an mbonnlíne

Líon iomlán na bhfostaithe in FBManna in 2010: milliún (67 % de na poist san earnáil phríobháideach san Aontas)

B.2.

Méadú ar líon na saoránach san Aontas ar mhaith leo a bheith féinfhostaithe

Tomhaistear an figiúr sin gach dhá bhliain nó gach trí bliana trí shuirbhé Eorabharaiméadair. Is é 37 % an figiúr is déanaí a fuarthas in 2012 (45 % in 2007 agus in 2009).

Méadú ar líon na saoránach san Aontas ar mhaith leo a bheith féinfhostaithe i gcomparáid leis an mbonnlíne


Cuspóir sonrach:

Rochtain ar mhaoiniú do FBManna a fheabhsú i bhfoirm cothromais agus fiachais

C.

Ionstraimí Airgeadais le haghaidh fáis

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

C.1.

Líon na ngnólachtaí atá ag baint tairbhe as maoiniú fiachais

Amhail ón 31 Nollaig 2012 EUR 13,4 billiún de mhaoiniú slógtha, a shroich 219 000 (Saoráid Ráthaíochta FBM (SMEG)).

Luach an mhaoiniú slógtha sa raon idir EUR 14,3 billiún agus EUR 21,5 billiún; líon na ngnólachtaí a fhaigheann iasachtaí a bhfuil ráthaíocht ó chlár COSME ag gabháil leo sa raon idir 220 000 agus 330 000.

C.2.

Líon na n-infheistíochtaí VC ón gClár agus an méid iomlán a infheistíodh.

Amhail ón 31 Nollaig 2012 EUR 2,3 billiún de mhaoiniú caipitil fiontair slógtha chuig 289 FBM (an tSaoráid um Ardfhás agus um FBM Nuálaíoch, GIF)

Luach iomlán na n-infheistíochtaí caipitil fiontair sa raon idir EUR 2,6 billiún agus EUR 3,9 billiún; líon iomlán na ngnólachtaí a fhaigheann infheistíochtaí caipitil fiontair ón Chlár COSMEsa raon idir 360 agus 540.

C.3.

An Cóimheas luamhánaithe

An cóimheas luamhánaithe don saoráid SMEG 1:32

An cóimheas luamhánaithe don GIF 1:6,7

Ionstraim fiachais 1:20 - 1:30

Ionstraim cothromais 1:4 - 1:6 (5)

C.4.

Breisíocht an EFG agus an LGF

Breisíocht an tSaoráid SMEG: Chuir 64 % de na tairbhithe deiridh in iúl go raibh an tacaíocht ríthábhachtach chun an maoiniú a bhí ag teastáil uathu a fháil

Breisíocht an GIF: Chuir 62 % de thairbhithe deiridh an GIF in iúl go raibh an tacaíocht ríthábhachtach chun an maoiniú a bhí ag teastáil uathu a fháil

Méadú ar chion na dtairbhithe deiridh a mheasann go soláthraíonn an EFG nó an LGF maoiniú nárbh fhéidir a fháil ar bhealach eile i gcomparáid leis an mbonnlíne


Cuspóir sonrach:

Rochtain ar mhargaí a fheabhsú, go háirithe laistigh den Aontas ach ar an leibhéal domhanda freisin

D.

Comhar Tionsclaíoch Idirnáisiúnta

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

D.1.

Líon na gcás ina bhfuil feabhas tagtha ar ailíniú rialachán an Aontais agus tríú tíortha maidir le táirgí tionsclaíocha

Meastar, maidir le comhar rialála leis na príomh-chomhpháirtithe trádála (SAM, an tSeapáin, an tSín, an Bhrasaíl, an Rúis, Ceanada, an India), go bhfuil ar an meán 2 réimse ábhartha ina ndearnadh ailíniú suntasach ar rialacháin theicniúla

4 réimse ábhartha san iomlán ina mbeidh ailíniú suntasach déanta ar rialacháin theicniúla leis na príomh-chomhpháirtithe trádála (SAM, an tSeapáin, an tSín, an Bhrasaíl, an Rúis, Ceanada, an India)

E.

An Líonra Fiontar Eorpach

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

E.1.

Líon na gcomhaontuithe comhpháirtíochta sínithe

Líon na gcomhaontuithe comhpháirtíochta sínithe: 2 475 (2012)

Líon na gcomhaontuithe comhpháirtíochta sínithe: 2 500 in aghaidh na bliana

E.2.

Aitheantas don Líonra i measc phobal na FBManna

Tomhaisfear an t-aitheantas don Líonra i measc phobal na FBManna in 2015

Ardú san aitheantas a thugtar don Líonra i measc phobal na FBManna i gcomparáid leis an mbonnlíne

E.3.

Ráta sástachta na gcliant (% na FBManna a deir go bhfuil siad sásta, breisluach na seirbhíse sonraí a sholáthraíonn an Líonra)

Ráta sástachta na gcliant (% na FBManna a deir go bhfuil siad sásta, breisluach na seirbhíse sonraí): 78 %

Ráta sástachta na gcliant (% na FBManna a deir go bhfuil siad sásta, breisluach na seirbhíseísonraí): > 82 %

E.4.

Líon na FBManna a fhaigheann seirbhísí tacaíochta

Líon na FBManna a fhaigheann seirbhísí tacaíochta: 435 000 (2011)

Líon na FBManna a fhaigheann seirbhísí tacaíochta: 500 000 in aghaidh na bliana

E.5.

Líon na FBManna a úsáideann seirbhísí digiteacha (lena n-áirítear seirbhísí faisnéise leictreonaí) a sholáthraíonn an Líonra

2 mhilliún FBM in aghaidh na bliana a úsáideann seirbhísí digiteacha

2,3 mhilliún FBM in aghaidh na bliana a úsáideann seirbhísí digiteacha


Cuspóir sonrach:

Feabhas a chur ar na coinníollacha creata ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, go háirithe i gcás FBManna, sna hearnálacha uile, lena n-áirítear earnáil na turasóireachta

F.

Gníomhaíochtaí chun iomaíochas a fheabhsú

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

F.1

Líon na mbeart simpliúcháin arna nglacadh

5 bheart simpliúcháin in aghaidh na bliana (2010)

7 mbeart simpliúcháin ar a laghad in aghaidh na bliana

F.2.

An creat rialála a dhéanamh oiriúnach don fheidhm

Seoladh seiceálacha oiriúnachta ó 2010 i leith. Is é an t-aon seiceáil oiriúnachta ábhartha atá ann go dtí seo an treoirthionscadal maidir le "cineálcheadú mótarfheithiclí" atá ar bun faoi láthair

Suas le 5 sheiceáil oiriúnachta le seoladh in imeacht chlár COSME

F.3.

Líon na mBallstát a bhfuil an tástáil ar dhíonadh ó thaobh an iomaíochais á húsáid acu

Líon na mBallstát a bhfuil an tástáil ar dhíonadh ó thaobh an iomaíochais á húsáid acu: 0

Ardú mór ar líon na mBallstát a mbeidh an tástáil ar dhíonadh ó thaobh an iomaíochais á húsáid acu

F.4.

Gníomhaíochtaí maidir le héifeachtúlacht acmhainní (lena n-áireofar fuinneamh, ábhair nó uisce, athchúrsáil, etc) a bheidh ar bun ag FBManna

Déanfar sin a thomhas ar bhonn rialta, mar shampla trí shuirbhé Eorabharaiméadair

Ardú ar chion FBManna an Aontais a mbeidh gníomhaíocht amháin ar a laghad ar bun acu d'fhonn bheith níos tíosaí ar acmhainní (lena n-áireofar fuinneamh, ábhair nó uisce, athchúrsáil, etc) i gcomparáid leis an mbonnlíne (an tomhas tosaigh)

Ardú ar chion FBManna an Aontais a mbeidh sé ar intinn acu gníomhaíochtaí breise a chur ar bun d'fhonn bheith níos tíosaí ar acmhainní (lena n-áireofar fuinneamh, ábhair nó uisce, athchúrsáil, etc) gach dhá bhliain i gcomparáid leis an mbonnlíne (an tomhas tosaigh)

G.

Beartas FBM a fhorbairt

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

G.1.

Líon na mBallstát a úsáideann tástáil FBManna

Líon na mBallstát a úsáideann tástáil FBManna: 15

Ardú mór ar líon na mBallstát a mbeidh tástáil FBManna á húsáid acu


Cuspóir sonrach:

Feabhas a chur ar na coinníollacha creata ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, go háirithe i gcás FBManna, sna hearnálacha uile, lena n-áirítear earnáil na turasóireachta

H.

Turasóireacht

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

H.1.

Rannpháirtíocht i dtionscadail comhair thrasnáisiúnta

Trí thír atá cumhdaithe in aghaidh an tionscadail in 2011

Méadú ar líon na mBallstát a ghlacann páirt i dtionscadail chomhair thrasnáisiúnta a mhaoiníonn Clár COSME i gcomparáid leis an mbonnlíne

H.2.

Líon na gceann scríbe a ghlacann na múnlaí maidir le forbairt inbhuanaithe turasóireachta arna gcur chun cinn ag Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa

Bronnadh stádas Cinn scríbe Eorpaigh Sármhaitheasa ar 98 ceann scríbe (20 in aghaidh na bliana ar an meán - 10 in 2007, 20 in 2008, 22 in 2009, 25 in 2010 agus 21 in 2011)

Glacfaidh breis agus 200 ceann scríbe na múnlaí maidir le forbairt inbhuanaithe turasóireachta a chuirtear chun cinn le Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa (timpeall is 20 ceann in aghaidh na bliana)

I.

Coincheapa Nua Gnó

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

I.1.

Líon na dtairgí/seirbhísí nua sa mhargadh

Déanfar sin a thomhas ar bhonn rialta

(Go dtí seo, ní raibh i gceist leis an ngníomhaíocht sin ach obair anailíseach ar scála teoranta)

Méadú ar líon carnach na dtáirgí/seirbhísí nua i gcomparáid leis an mbonnlíne (an tomhas tosaigh)


Cuspóir sonrach:

Fiontraíocht agus cultúr na fiontraíochta a chur chun cinn

J.

Tacaíocht a thabhairt don fhiontraíocht

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

J.1.

Líon na mBallstát a chuireann réitigh fiontraíochta i bhfeidhm bunaithe ar dhea-chleachtas a sainaithnítear tríd an gclár

Líon na mBallstát a chuireann réitigh fiontraíochta i bhfeidhm: 22 (2010)

Ardú mór ar líon na mBallstát a mbeidh réitigh fiontraíochta i bhfeidhm acu

J.2.

Líon na mBallstát a chuireann réitigh fiontraíochta i bhfeidhm, ar réitigh iad lena ndírítear ar ábhar fiontraithe, ar fhiontraithe nua, ar fhiontraithe ban, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile

Glacann 12 Bhallstát faoi láthair páirt i Líonra Eorpach na Meantóirí d'Fhiontraithe Ban Tá straitéis shonrach faoi láthair ag 6 Ballstát agus 2 réigiún maidir le hOideachas Fiontraíochta, tá cuspóirí náisiúnta ionchorpraithe ag 10 mBallstát maidir le hoideachas fiontraíochta i straitéisí níos ginearálta foghlama ar feadh an tsaoil agus tá straitéisí fiontraíochta a bplé faoi láthair in 8 mBallstát

Ardú mór ar líon na mBallstát a chuireann réitigh fiontraíochta i bhfeidhm, ar réitigh iad lena ndírítear ar ábhar fiontraithe, ar fhiontraithe nua, ar fhiontraithe ban, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile i gcomparáid leis an mbonnlíne.


(1)  Tagraíonn na táscairí seo d'fhorbairtí sa réimse beartais maidir le Fiontraíocht agus Tionscal. Ní hé an Coimisiún amháin atá freagrach as na spriocanna a bhaint amach. Tá réimse fachtóirí eile ann nach bhfuil neart ag an gCoimisiún orthu a dhéanann difear do thorthaí sa réimse beartais sin.

(2)  Is táirgí agus seirbhísí a bhfuil príomhfheidhm acu an riosca don chomhshaol a laghdú agus truailliú a íoslaghdú agus úsáid acmhainní a íoslaghdú iad táirgí agus seirbhísí glasa. Áirítear leis sin freisin táirgí a bhfuil gnéithe comhshaoil acu (éicea-dheartha, éicilipéadaithe, a tháirgtear ar bhealach órgánach, agus lena bhfuil cion tábhachtach díobh athchúrsáilte). Foinse: Flash Eurobarometer 342, ", FBManna, Tíosach ar acmhainní agus na Margaí Glasa".

(3)  Sna Conclúidí ón gComhairle an 31 Bealtaine 2011 moladh do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, an méid ama a thógann sé fiontair nua a chur ar bun a laghdú go trí lá oibre agus an costas a laghdú go EUR 100 faoi 2012, agus an t-am a chaitear le ceadúnais agus ceadanna a fháil chun gníomhaíocht shonrach an fhiontair a thosú agus a fheidhmiú a laghdú go trí mhí faoi dheireadh 2013.

(4)  "Idirnaisiúnu FBManna Eorpacha", EIM, 2010, http://ec.europa.eu/enterprise/policies/sme/market-access/files/internationalisation_of_european_smes_final_en.pdf

(5)  Beidh de thoradh ar EUR 1 ó bhuiséad an Aontais EUR 20-30 i maoiniú agus EUR 4-6 in infheistíochtaí cothromais ar feadh shaolré Chlár COSME.