29.10.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/15


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1023/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2013

lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336 de,

Ag féachaint don Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 12 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, a tíolacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais (1),

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go leanfadh riarachán poiblí Eorpach d'ardcháilíocht a bheith ag an Aontas Eorpach agus ag na breis is 50 institiúid agus gníomhaireacht a bhaineann leis, ionas go mbeidh sé in ann a chuspóirí a chur i gcrích, a bheartais agus a ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus a chúraimí a chomhlíonadh ar an gcaighdeán is fearr is féidir i gcomhréir leis na Conarthaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, idir dhúshláin inmheánacha agus dhúshláin sheachtracha, a bheidh ann dó amach anseo agus chun fónamh do shaoránaigh an Aontais.

(2)

Dá dhroim sin, is gá creat a áirithiú chun foireann ardcháilithe agus ilteangach a tharraingt, a earcú agus a choinneáil, ar foireann í a gheofar ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc shaoránaigh na mBallstát, agus ag féachaint go cuí don chothromaíocht inscne, agus ar foireann í atá neamhspleách agus a chloíonn leis na caighdeáin ghairmiúla is airde, agus chun foireann den sórt sin a chumasú a ndualgais a chur i gcrích chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus is féidir. Chuige sin, is gá an lámh in uachtar a fháil ar na deacrachtaí reatha atá ag na hinstitiúidí chun oifigigh nó comhaltaí foirne a earcú ó Bhallstáit áirithe.

(3)

I bhfianaise mhéid na seirbhíse sibhialta Eorpaí nuair a thomhaistear í le hais chuspóirí an Aontais agus a dhaonra, níor cheart go leanfadh as laghdú ar líon foirne institiúidí agus ghníomhaíochtaí an Aontais go mbeadh aon lagú ar a gcúraimí, a ndualgais agus ar a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh acu i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus leis na cumhachtaí faoi na Conarthaí. Chuige sin, is gá trédhearcacht a bheith ann i ndáil leis na costais phearsanra a thabhóidh gach institiúid agus gníomhaireacht maidir leis an bhfoireann atá fostaithe acu.

(4)

Bítear ag súil leis go ngníomhaíonn an tseirbhís shibhialta Eorpach de réir na gcaighdeán is airde d'eiticí gairmiúla agus go bhfanann sí neamhspleách i gcónaí. Chuige sin, ba cheart Teideal II de na Rialacháin Foirne (4), a sholáthraíonn creat do chearta agus d'oibleagáidí, a shoiléiriú tuilleadh. Má mhainníonn oifigigh nó iaroifigigh na hoibleagáidí seo a chomhlíonadh, ba cheart go ndlífí gníomh araíonachta a thabhairt ina gcoinne.

(5)

Tá luach na seirbhíse sibhialta Eorpaí ag brath ar shlí chomhionann ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga, rud nach féidir a áirithiú ach amháin má fhaightear cothromaíocht iomchuí maidir le náisiúntacht na n-oifigeach. Ba cheart a áirithiú le hearcaíocht agus le ceapacháin go bhfostófaí an fhoireann ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc náisiúnaigh Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh, gan poist a bheith curtha in áirithe do náisiúnaigh Ballstáit ar leith, áfach. Chuige sin agus chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí suntasacha a d'fhéadfadh a bheith ann idir náisiúntachtaí i measc oifigeach, míchothromaíocht nach bhfuil údar maith leo de réir critéar oibiachtúil, ba cheart go dtabharfaí an deis do gach institiúid bearta a bhfuil údar maith leo agus bearta iomchuí a ghlacadh. Níor cheart critéir earcaíochta a bhunú choíche ar bhearta den sórt sin, cé is moite de chritéir a bheidh bunaithe ar thuillteanas. Ba cheart go dtuairisceodh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na bearta iomchuí a bheith á gcur chun feidhme ag na hinstitiúidí.

(6)

Chun earcaíocht a dhéanamh ar an mbonn geografach is leithne is féidir, ba cheart do na hinstitiúidí gach dícheall a dhéanamh oideachas ilteangach agus ilchultúrtha do leanaí a thacú do leanaí a bhfoirne. Tá sé inmhianaithe go ndéanfaí ranníocaíocht ón Aontas le haghaidh mhaoiniú na Scoileanna Eorpacha, arna cinneadh ag an údarás buiséadach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha, a ghearradh ar bhuiséad an Aontais. I gcás inar gá sin ar mhaithe le feidhmiú na n-institiúidí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh ar na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar shuíomh scoile Eorpaí nua.

(7)

Ba cheart é a bheith mar aidhm níos leithne bainistiú na n-acmhainní daonna a optamú i seirbhís shibhialta Eorpach a bhfuil a feabhas, a hinniúlacht, a neamhspleáchas, a dílseacht, a neamhchlaontacht agus a cobhsaíocht mar shaintréithe aici, chomh maith leis an éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus coinníollacha tarraingteacha earcaíochta.

(8)

Ba cheart d'oifigigh tréimhse phromhaidh naoi mí a dhéanamh. Le linn dó cinneadh a dhéanamh maidir le bunú oifigigh, ba cheart go ndéanfadh an t-údarás ceapacháin an tuarascáil ar an tréimhse phromhaidh a rinneadh ag deireadh na tréimhse sin agus iompar an phromhóra maidir lena oibleagáidí faoi na Rialacháin Foirne a chur san áireamh. Ba cheart go mbeifí in ann tuarascáil ar an bpromhóir a dhéanamh tráth ar bith más léir obair an phromhóra a bheith míshásúil. Ina éagmais sin, níor cheart tuarascáil a dhéanamh ach amháin ag deireadh na tréimhse promhaidh.

(9)

Chun a ráthú go bhforbróidh cumhacht ceannaigh oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh i gcomhthreo le cumhacht ceannaigh seirbhíseach sibhialta náisiúnta i rialtais lárnacha na mBallstát, tá sé bunriachtanach prionsabal an tsásra ilbhliantúil i gcomhair uasdátaithe pá, ar a dtugtar 'an modh', a chaomhnú trína chur i bhfeidhm a áirithiú go dtí deireadh 2023 le hathbhreithniú ag tús 2022, agus sásra chun an modh a fhadú go sealadach a bheith ar áireamh. Thairis sin, chun na deacrachtaí maidir le cur i bhfeidhm an mhodha san am a chuaigh thart a leigheas, ba cheart foráil a dhéanamh do mhodh lena bhféadfadh sé go mbeadh uasdátú uathoibríoch bliantúil ar na tuarastail, ar na pinsin agus ar na liúntais go léir, lena n-áirítear clásal uathoibríoch géarchéime. Chuige sin, ba cheart go dtuigfí na méideanna ábhartha atá sna Rialacháin Foirne agus i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh mar mhéideanna tagartha atá faoi réir uasdátaithe rialta agus uathoibríoch. Ba cheart don Choimisiún, chun críocha faisnéise, na méideanna uasdátaithe sin a fhoilsiú i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an sásra uasdátaithe seo a úsáid mar an gcéanna i ngach cás eile lena bhforáiltear d'uasdátú den sórt sin.

(10)

Tá sé tábhachtach go n-áiritheofar cáilíocht na sonraí staidrimh a úsáidtear chun luach saothair agus pinsin a uasdátú. I gcomhréir le prionsabal na neamhchlaontachta, ba cheart d'institiúidí staidrimh náisiúnta nó údaráis eile iomchuí sna Ballstáit na sonraí a bhailiú ar an leibhéal náisiúnta agus iad a tharchur chuig Eurostat.

(11)

Na buntáistí a d'fhéadfadh a bheith ann d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh de bharr chur i bhfeidhm an mhodha, ba cheart iad a chothromú trí chóras 'tobhaigh' a thabhairt isteach an athuair. Féadfar cur i bhfeidhm an tobhaigh dlúthpháirtíochta, faoi mar a dhéantar i gcás an mhodha, a fhadú go sealadach. Is dealraitheach gurb iomchuí sna himthosca atá ann faoi láthair an tobhach dlúthpháirtíochta a mhéadú, i gcomparáid le leibhéal an tobhaigh speisialta ab infheidhme ó 2004 go 2012, agus foráil a dhéanamh do ráta níos forchéimnithí. Tá sé sin chun an comhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta atá fíordheacair san Aontas a thabhairt i gcuntas, mar aon lena iarmhairtí don airgeadas poiblí ar fud an Aontais. Leis an ngá chun an t-airgeadas poiblí san Aontas a chomhdhlúthú, lena n-áirítear sa ghearrthéarma, éilítear iarracht sciobtha agus shonrach dlúthpháirtíochta ar thaobh fhoireann institiúidí an Aontais. Ba cheart go mbeadh feidhm, dá bhrí sin, ag tobhach dlúthpháirtíochta den sórt sin maidir le gach oifigeach agus seirbhíseach eile den Aontas amhail ón 1 Eanáir 2014.

(12)

Ina chonclúidí an 8 Feabhra 2013 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go n-éilítear leis an ngá le hairgeadas poiblí a chomhdhlúthú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma iarracht ar leith a bheith á déanamh ag gach riarachán poiblí agus ag a fhoireann chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht a fheabhsú agus chun dul in oiriúint don chomhthéacs eacnamaíoch atá ag athrú. Leis an nglao sin, cuireadh in iúl athuair cuspóir thogra 2011 ón gCoimisiúin lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, ar cuspóir é a d'fhéach le costéifeachtacht a áirithiú agus a d'admhaigh go n-éilíonn na dúshláin a bhfuil an Eoraip ag tabhairt aghaidh orthu anois go ndéanfaidh gach riarachán poiblí agus gach uile chomhalta dá chuid foirne iarracht ar leith éifeachtúlacht a fheabhsú agus dul in oiriúint don chomhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta atá ag athrú san Eoraip. D'iarr an Chomhairle Eorpach lena chois sin, mar chuid d'athchóiriú na Rialachán Foirne, go ndéanfaí luach saothair agus pinsin fhoireann uile institiúidí an Aontais a choigeartú tríd an modh tuarastail a chur ar fionraí ar feadh dhá bhliain agus go dtabharfaí an tobhach nua dlúthpháirtíochta isteach athuair mar chuid d'athchóiriú an mhodha tuarastail.

(13)

I bhfianaise na gconclúidí sin agus chun freagairt do shrianta buiséadacha a bheidh ann amach anseo agus chun dlúthpháirtíocht ar thaobh na seirbhíse sibhialta Eorpaí leis na dianbhearta atá glactha ag na Ballstáit mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais gan réamhshampla agus ar an gcomhthéacs sóisialta agus eacnamaíoch fíordheacair sna Ballstáit agus san Aontas trí chéile a léiriú, is gá foráil a dhéanamh don mhodh a chur ar fionraí ar feadh dhá bhliain do luach saothair, do phinsin agus do liúntais uile na n-oifigeach agus an tobhach dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm d'ainneoin fionraí den sórt sin.

(14)

De dheasca athruithe déimeagrafacha agus de dheasca struchtúr aoise an daonra lena mbaineann atá ag athrú, is gá an aois phinsin a mhéadú, ach é sin faoi réir beart idirthréimhseach i gcomhair oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh atá sa tseirbhís cheana. Tá gá leis na bearta idirthréimhseacha sin ionas go n-urramófar cearta faighte atá ag oifigigh atá sa tseirbhís cheana agus a rinne ranníocaíochtaí leis an gciste pinsean barúlach i gcomhair oifigigh an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go ndéanfaí an aois phinsin níos solúbtha trína dhéanamh níos éasca don fhoireann oibriú go saorálach go dtí 67 mbliana d'aois agus trína chumasú dóibh, i gcúinsí eisceachtúla agus faoi choinníollacha áirithe, oibriú go dtí 70 bliain d'aois.

(15)

Ós rud é gur comhardú achtúireach atá i scéim pinsin an Aontais Eorpaigh agus nach mór an comhardú sin a choinneáil sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, ba cheart an fhoireann a fostaíodh roimh 1 Eanáir 2014 a chúiteamh as a ranníocaíochtaí pinsin trí bhíthin beart idirthréimhseach, amhail ráta fabhraithe coigeartaithe i gcomhair na mblianta seirbhíse i ndiaidh na haoise inphinsin (dreasacht Barcelona) a shlánú agus trí leath an laghdaithe a chur i bhfeidhm i gcás luathscoir idir 60 bliain d'aois agus an aois scoir reachtúil.

(16)

De réir an chleachtais achtúirigh a nglactar leis i gcoitinne, ní mór tréimhse breathnuithe ar an am a chuaigh thart, de idir 20 bliain agus 40 bliain, a úsáid i gcás rátaí úis agus fáis tuarastail d'fhonn comhardú scéimeanna pinsin a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, na meáin shoghluaiste i gcomhair rátaí úis agus fáis tuarastail a fhadú go 30 bliain le hidirthréimhse seacht mbliana.

(17)

D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh agus moltaí iomchuí a chur faoina bráid maidir le hAirteagal 5(4), le hIarscríbhinn I, Roinn A agus le hAirteagal 45(1) de na Rialacháin Foirne d'fhonn nasc soiléir a bhunú idir freagrachtaí agus grád agus chun a áirithiú go mbeidh breis béime ar leibhéal na bhfreagrachtaí nuair a dhéantar comparáid idir tuillteanais i gcomhthéacs an ardaithe céime.

(18)

Agus an iarraidh sin á cur san áireamh, is iomchuí ardú céime go grád níos airde a chur ar bhonn coinníll tiomantais phearsanta, scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú, agus dualgais a chomhlíonadh, ar de thábhacht iad a údar maith a thabhairt le ceapadh an oifigigh go grád níos airde.

(19)

Ba cheart an sruth gairmréime i ngrúpa feidhme AD agus i ngrúpa feidhme AST a athstruchtúrú sa chaoi go mbeidh na gráid is airde forchoimeádta i gcomhair líon teoranta oifigeach a mbíonn an leibhéal is airde freagrachtaí á bhfeidhmiú acu. Dá réir sin, ní fhéadfaidh riarthóirí ardú céime a fháil ach go dtí grád AD 12 mura rud é go gceaptar iad do phost ar leith os cionn an ghráid sin, agus ba cheart grád AD 13 agus grád AD 14 a fhorchoimeád don fhoireann sin a bhfuil freagrachtaí suntasacha ag baint lena róil. Ar an gcuma chéanna, ní fhéadfaidh oifigigh de ghrád AST 9 ardú céime a fháil go grád AST 10 ach amháin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4 agus in Airteagal 29(1) de na Rialacháin Foirne.

(20)

D'fhonn struchtúir ghairmréime i réimsí reatha fhoireann AST a choigeartú tuilleadh do leibhéil éagsúla freagrachta agus mar rannchuidiú sár-riachtanach chun speansais riaracháin a theorannú, ba cheart grúpa feidhme nua "AST/SC" a thabhairt isteach i gcomhair foirne rúnaíochta agus cléireachais. Le tuarastail agus rátaí ardaithe céime, ba cheart comhghaol oiriúnach a bhunú idir leibhéal na freagrachta agus leibhéal an luacha saothair. Ar an dóigh sin, beifear in ann seirbhís shibhialta Eorpach atá cobhsaí agus cuimsitheach a chaomhnú. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an scála agus ar na héifeachtaí maidir leis an ngrúpa feidhme nua seo a thabhairt isteach, agus aird faoi leith á tabhairt ar staid na mban, ionas go bhféadfar caomhnú seirbhíse sibhialta Eorpaí a bheadh cobhsaí agus cuimsitheach a áirithiú agus ba cheart dó tuairisciú ar an méid sin.

(21)

Coinnítear an íosmhéid de dhá bhliain sa ghrád sula dtabharfar ardú céime d'oifigeach go dtí an chéad ghrád eile is airde chun arduithe céime níos tapúla a cheadú do dhaoine ardfheidhmíochta. Ba cheart do gach institiúid a áirithiú go n-úsáideann a beartais inmheánacha acmhainní daonna na féidearthachtaí a sholáthraítear sna Rialacháin Foirne chun gairmréimeanna iomchuí i gcomhair oifigeach ardacmhainneachta agus ardfheidhmíochta a cheadú.

(22)

Ba cheart na huaireanta oibre atá i bhfeidhm sna hinstitiúidí a ailíniú leis na huaireanta oibre sin atá i bhfeidhm i mBallstáit áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh chun laghdú fhoireann na n-institiúidí a chúiteamh. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an ailíniú sin na huaireanta oibre atá i bhfeidhm i státseirbhísí na mBallstát. De bharr íoslíon uaireanta oibre sa tseachtain a thabhairt isteach, áiritheofar go mbeidh an fhoireann a fhostaíonn na hinstitiúidí in ann an ualach oibre a bhíonn ann de thoradh chuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh agus, ag an am céanna, comhchuibheofar na dálaí oibre sna hinstitiúidí, ar mhaithe le dlúthpháirtíocht ar fud sheirbhís shibhialta an Aontais.

(23)

Cuid bhunriachtanach de riarachán poiblí nua-aimseartha agus éifeachtúil is ea socruithe solúbtha maidir le ham oibre a chuireann dálaí oibre a thacaíonn le teaghlaigh ar fáil agus a éascaíonn cothromaíocht oiriúnach inscne sna hinstitiúidí. Dá bhrí sin, is gá tagairt shainráite do na socruithe sin a thabhairt isteach sna Rialacháin Foirne.

(24)

Ba cheart na rialacha maidir le ham taistil bliantúil agus íocaíocht bhliantúil na speansas taistil idir an áit fostaíochta agus an áit bhunaidh a nuachóiriú, a réasúnú agus a nascadh le stádas easaoránach, d'fhonn cur i bhfeidhm na rialacha sin a bheith níos simplí agus níos trédhearcaí. Ba cheart, go háirithe, saoire sa bhaile a chur in ionad an ama taistil bhliantúil agus í a theorannú go dtí dhá lá go leith ar a mhéad.

(25)

Ar an dóigh chéanna, ba cheart na rialacha maidir le haisíocaíocht chostas aistrithe a shimpliú, chun a gcur i bhfeidhm a éascú i gcomhair an riaracháin agus na gcomhaltaí foirne lena mbaineann araon. Chuige sin, ba cheart uasteorainneacha costais a thabhairt isteach lena gcuirfear san áireamh staid teaghlaigh an oifigigh nó an ghníomhaire agus meánchostas aistrithe agus an árachais a bhaineann leis.

(26)

Bíonn ar chomhaltaí foirne áirithe dul ar misean go minic chuig príomhionaid oibre eile a n-institiúide. Ní leor mar a chuirtear na cásanna sin san áireamh sna rialacha maidir le misin faoi láthair. Ba cheart na rialacha sin a oiriúnú dá bhrí sin, ionas go mbeifí in ann i gcásanna den sórt sin costais lóistín a aisíoc ar bhonn suime ar ráta comhréidh.

(27)

Is iomchuí dálaí oibre maidir le comhaltaí foirne atá fostaithe i dtríú tíortha a nuachóiriú agus na dálaí sin a dhéanamh níos costéifeachtaí agus coigilteas costais á ghiniúint ag an am céanna. Ba cheart teidlíochtaí do shaoire bhliantúil a choigeartú, agus ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaí raon níos leithne paraiméadar a chur san áireamh chun an liúntas i leith dálaí maireachtála a shocrú, gan difear a dhéanamh don aidhm fhoriomlán coigilteas costais a ghiniúint. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha chun liúntas lóistín a dheonú chun gur fearr a dhéanfar coinníollacha áitiúla a chur san áireamh agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

(28)

Is iomchuí creat níos solúbtha a sholáthar chun foireann ar conradh a fhostú. Ba cheart, dá bhrí sin, institiúidí an Aontais a chumasú foireann ar conradh a fhostú ar feadh uastréimhse sé bliana chun cúraimí a chomhlíonadh faoi mhaoirseacht oifigeach nó gníomhairí sealadacha. Thairis sin, cé go leanfar d'fhormhór mór na n-oifigeach a earcú ar bhonn comórtas oscailte, ba cheart na hinstitiúidí a údarú comórtais inmheánacha a eagrú a fhéadfaidh go heisceachtúil agus faoi réir coinníollacha sonracha a bheith ar oscailt d'fhoireann ar conradh.

(29)

Ba cheart socruithe idirthréimhseacha a leagan síos ionas gur féidir na rialacha nua agus na bearta nua a chur i bhfeidhm de réir a chéile, agus urraim á léiriú do chearta faighte agus d'ionchais dhlisteanacha na foirne arna fostú roimh theacht i bhfeidhm na leasuithe seo ar na Rialacháin Foirne.

(30)

Tá foireann na ngníomhaireachtaí, mar atá foireann eile a bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne maidir leo, clúdaithe ag scéim pinsin AE. Faoi láthair, íocann na gníomhaireachtaí atá féinmhaoinithe go hiomlán ranníocaíocht na bhfostóirí leis an scéim. Chun trédhearcacht bhuiséadach agus comhroinnt dualgas níos cothromaithe a áirithiú, ba cheart go n-íocfadh gníomhaireachtaí atá maoinithe go páirteach ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh an chuid sin de ranníocaíochtaí na bhfostóirí a chomhfhreagraíonn don choibhneas idir ioncaim na gníomhaireachta gan an fóirdheontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus a ioncaim fhoriomlána. Ós rud é go bhféadfadh sé go n-éileofaí leis an bhforáil nua seo coigeartú a dhéanamh ar na rialacha ábhartha maidir leis na táillí a bhaileoidh na gníomhaireachtaí, is amhail ón 1 Eanáir 2016 amháin ar cheart di feidhm a bheith aici. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún tograí a chur isteach maidir leis na rialacha sin a ghlacadh.

(31)

Ar mhaithe le simpliúchán agus le beartas foirne comhsheasmhach, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún chun na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme de réir analaí maidir leis na gníomhaireachtaí. Mar sin féin, chun a áirithiú go bhféadfar staid shonrach gníomhaireachtaí a chur san áireamh más gá, ba cheart gníomhaireachtaí a bheith i dteideal údarú ón gCoimisiún a iarraidh chun rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena maolófaí ar na rialacha sin arna nglacadh ag an gCoimisiún, nó gan rialacha an Choimisiúin a chur i bhfeidhm in aon chor.

(32)

Ba cheart clár de na rialacha ar fad arna nglacadh chun na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme a chur ar bun agus a riar laistigh de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Leis an gclár sin, ar clár é a mbeidh na hinstitiúidí, na gníomhaireachtaí agus na Ballstáit uile in ann a cheadú, éascófar an trédhearcacht agus déanfar cur i bhfeidhm comhsheasmhach na Rialachán Foirne a chur chun cinn.

(33)

Chun comhchuibhiú agus soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le forálacha cur chun feidhme a ghlacadh, agus ag féachaint dá gcineál inmheánach agus riaracháin, is iomchuí na cumhachtaí cinnteoireachta ábhartha a thabhairt don údarás ceapacháin agus don údarás arna údarú le conarthaí a thabhairt i gcrích.

(34)

Agus líon mór na foirne sealadaí sna gníomhaireachtaí á chur san áireamh, chomh maith leis an ngá beartas foirne comhsheasmhach a shainiú, is gá catagóir nua d'fhoireann shealadach a chruthú agus rialacha sonracha a leagan síos maidir leis an gcatagóir sin.

(35)

Ba cheart don Choimisiún leanúint d'fhaireachán a dhéanamh ar staid bhuiséadach na Comhscéime um Árachas Breoiteachta agus na bearta go léir is gá a dhéanamh i gcás míchothromaíocht struchtúrach a bheith sa chóras.

(36)

Foráiltear in Airteagal 15 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil sonraí áirithe maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile le cur in iúl do rialtais na mBallstát.

(37)

Chun na cuspóirí a leagtar amach sna Rialacháin Foirne a bhaint amach, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún go háirithe i ndáil le gnéithe áirithe de dhálaí oibre. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh mar seo a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1d mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

'4.   Chun críocha mhír 1, tá duine faoi mhíchumas má tá mallachar fadtéarmach fisiciúil, meabhrach, intleachtúil nó céadfach air, ar míchumas é, nuair a bhíonn air dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d'fhéadfadh bac a chur ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach a bheith aige ar bhonn cothrom le daoine eile sa tsochaí. Cinnfear an mallachar i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 33.

Comhlíonann duine faoi mhíchumas na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (e) d'Airteagal 28 más féidir leis feidhmeanna bunriachtanacha an phoist a chomhlíonadh nuair a dhéantar freastal réasúnta dó.

Ciallóidh 'freastal réasúnta', i ndáil le feidhmeanna bunriachtanacha an phoist, bearta oiriúnacha, más gá, chun cur ar chumas duine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar fhostaíocht, a bheith rannpháirteach i bhfostaíocht nó dul chun cinn a dhéanamh i bhfostaíocht, nó dul faoi oiliúint, mura rud é go bhforchuirfeadh bearta den sórt sin ualach díréireach ar an bhfostóir.

Níor cheart go gcuirfeadh prionsabal na córa comhionainne cosc ar údaráis cheapacháin na n-institiúidí bearta a choimeád nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha chun a éascú do dhaoine faoi mhíchumas gníomhaíocht ghairmiúil a leanúint nó chun míbhuntáistí ina ngairmréimeanna proifisiúnta a chosc nó cúiteamh a dhéanamh ina leith.';

(2)

In Airteagal 1e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Beidh rochtain ag oifigigh a bhfuil stádas gníomhach acu ar bhearta de chineál sóisialta, lena n-áirítear bearta sonracha chun réiteach a dhéanamh idir an saol oibre agus saol an teaghlaigh, arna nglacadh ag na hinstitiúidí, agus ar sheirbhísí arna soláthar ag na comhlachtaí leasa shóisialta dá dtagraítear in Airteagal 9. Féadfaidh iaroifigigh rochtain a bheith acu ar bhearta sonracha teoranta de chineál sóisialta.';

(3)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Déanfar na poist atá cumhdaithe ag na Rialacháin Foirne a aicmiú, i gcomhréir le cineál agus tábhacht na ndualgas lena mbaineann siad, i ngrúpa feidhme riarthóirí (dá ngairtear 'AD' anseo feasta), i ngrúpa feidhme cúntóirí (dá ngairtear 'AST' anseo feasta) agus i ngrúpa feidhme rúnaithe agus cléireach (dá ngairtear 'AST/SC' anseo feasta).';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Cuimseoidh grúpa feidhme AD dhá ghrád déag, a chomhfhreagróidh do dhualgais bhainistiúla, choincheapúla agus anailíseacha, agus do dhualgais teanga agus eolaíochta chomh maith. Cuimseoidh grúpa feidhme AST aon ghrád déag, a chomhfhreagróidh do dhualgais feidhmiúcháin agus theicniúla. Cuimseoidh grúpa feidhme AST/SC sé ghrád, a chomhfhreagróidh do dhualgais chléireachais agus rúnaíochta.';

(c)

i bpointe (a) de mhír 3 cuirtear na focail 'agus i ngrúpa feidhme AST/SC' isteach i ndiaidh na bhfocal 'i ngrúpa feidhme AST';

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

'4.   Tá tábla a léiríonn na cineálacha post tugtha in Iarscríbhinn I, Roinn A. Trí thagairt don tábla sin, déanfaidh údarás ceapacháin gach institiúide na dualgais agus na cumhachtaí a bhaineann le gach cineál poist a shainiú le tuilleadh mionsonraí tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne.';

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

'Airteagal 6

1.   Cuirfear in iúl sa phlean bunaíochta atá i gceangal leis an roinn den bhuiséad a bhaineann le gach institiúid líon na bpost i ngach grád agus i ngach grúpa feidhme.

2.   Gan dochar do phrionsabal an ardaithe céime bunaithe ar thuillteanas mar a leagtar síos in Airteagal 45, áiritheoidh an plean sin, maidir le gach institiúid, go gcomhfhreagróidh líon na bhfolúntas ag gach grád den phlean bunaíochta an 1 Eanáir gach bliain do líon na n-oifigeach sa ghrád níos ísle a bhfuil stádas gníomhach acu an 1 Eanáir an bhliain roimhe sin, arna iolrú faoi na rátaí a leagtar síos in Iarscríbhinn I, Roinn B, don ghrád sin. Cuirfear na rátaí sin i bhfeidhm ar bhonn mheán na gcúig bliana ón 1 Eanáir 2014.

3.   Na rátaí a leagtar síos in Iarscríbhinn I, Roinn B, beidh siad mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 113.

4.   Beidh cur chun feidhme na bhforálacha i ndáil le grúpa feidhme AST/SC agus cur chun feidhme na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 31 d'Iarscríbhinn XIII, agus an t-athrú a thagann ar an ngá le foireann a dhéanann cúraimí rúnaíochta agus cléireachais i ngach institiúid agus an t-athrú a thagann ar na poist bhuana agus shealadacha i ngrúpa feidhme AST agus i ngrúpa feidhme AST/SC á chur san áireamh, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 113.';

(5)

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Gan dochar do mhír 1a, cuirfear an méid seo a leanas ar bun laistigh de gach institiúid:

Coiste Foirne, a fhéadfar a eagrú ina ranna do na hionaid dhifriúla fostaíochta;

Comhchoiste amháin nó níos mó, mar is iomchuí do líon na n-oifigeach ag na háiteanna fostaíochta;

Bord Araíonachta amháin nó níos mó, mar is iomchuí do líon na n-oifigeach ag na háiteanna fostaíochta;

Comhchoiste Comhairleach um neamhinniúlacht ghairmiúil amháin nó níos mó, mar is iomchuí do líon na n-oifigeach ag na háiteanna fostaíochta;

Coiste um Thuarascálacha, más gá;

Coiste Easláine,

a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a shanntar dóibh leis na Rialacháin Foirne seo.';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

'1a.   Chun forálacha áirithe de na Rialacháin Foirne seo a chur i bhfeidhm, féadfar Comhchoiste coiteann a bhunú do dhá institiúid nó do níos mó ná dhá institiúid. Féadfaidh dhá ghníomhaireacht nó níos mó na Coistí eile dá dtagraítear i mír 1 agus an Bord Araíonachta a bhunú mar chomhlachtaí coiteanna.';

(c)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

'Féadfaidh na gníomhaireachtaí maolú ar fhorálacha Airteagal 1 d'Iarscríbhinn II maidir le comhaltas de Choistí Foirne chun comhdhéanamh a bpearsanra a chur san áireamh. Féadfaidh na gníomhaireachtaí a chinneadh gan comhaltaí malartacha a cheapadh ar an gComhchoiste nó ar na Coistí dá bhforáiltear in Airteagal 2 d'Iarscríbhinn II.';

(6)

Sa dara habairt den chéad fhomhír d'Airteagal 10, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na n-institiúidí';

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

'Airteagal 11

Comhlíonfaidh oifigeach a chuid dualgas agus iompróidh sé é féin agus leasanna an Aontais, agus iad sin amháin, ar a intinn aige. Ní iarrfaidh sé treoracha ar aon rialtas, ar aon údarás, ar aon eagraíocht ná ar aon duine lasmuigh dá institiúid, ná ní ghlacfaidh sé treoracha uathu. Comhlíonfaidh sé na dualgais a shanntar dó ar bhealach oibiachtúil agus neamhchlaonta de réir a dhualgais dílseachta don Aontas.

Ní dhéanfaidh oifigeach, gan cead a fháil ón údarás ceapacháin, aon onóir, oirneas, fabhar, bronntanas ná íocaíocht de chineál ar bith, seachas i leith seirbhísí a thug sé sular ceapadh é nó le linn saoire speisialta i gcomhair seirbhíse míleata nó i gcomhair seirbhíse náisiúnta eile agus i ndáil leis an tseirbhís sin a ghlacadh ó aon rialtas nó ó fhoinse ar bith eile lasmuigh den institiúid lena mbaineann sé.

Sula gceapfar oifigeach, scrúdóidh an t-údarás ceapacháin an bhfuil aon leas pearsanta de chineál a chuirfeadh isteach ar a neamhspleáchas nó aon choinbhleacht leasa eile ag an iarrthóir. Chuige sin, cuirfidh an t-iarrthóir an t-údarás ceapacháin ar an eolas, trí úsáid a bhaint as foirm shonrach, maidir le haon choinbhleacht leasa iarbhír nó aon choinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith ann. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an t-údarás ceapacháin é sin san áireamh i dtuairim chuí-réasúnaithe. Más gá sin, glacfaidh an t-údarás ceapacháin na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11a(2).

Beidh feidhm ag an Airteagal seo de réir analaí maidir le hoifigigh a bheidh ag filleadh ó shaoire ar fhorais phearsanta.';

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

'Airteagal 16

Leanfar den cheangaltas a bheith ar an oifigeach, tar éis dó an tseirbhís a fhágáil, é féin a iompar le hionracas agus le discréid maidir le ceapacháin áirithe nó sochair áirithe a ghlacadh.

Déanfaidh oifigigh a bhfuil sé ar intinn acu gabháil do ghníomhaíocht ghairme, cibé acu sochrach nó gan a bheith sochrach, laistigh de dhá bhliain ón tseirbhís a fhágáil, a n-institiúid a chur ar an eolas faoi trí úsáid a bhaint as foirm shonrach. Má bhaineann an ghníomhaíocht sin leis an obair a rinne an t-oifigeach le linn na dtrí bliana deireanacha seirbhíse agus dá bhféadfadh sí a bheith i gcoinbhleacht le leasanna dlisteanacha na hinstitiúide, féadfaidh an t-údarás ceapacháin, ag féachaint do leasanna na seirbhíse, cosc a chur air gabháil don ghníomhaíocht sin nó cead a thabhairt dó faoi réir aon choinníollacha is cuí leis. Déanfaidh an t-údarás ceapacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhchoiste, a chinneadh a fhógairt laistigh de 30 lá oibre tar éis é sin a bheith curtha in iúl dó. I gcás nach mbeidh fógra den sórt sin tugtha ag deireadh na tréimhse sin, measfar leis sin gur glacadh go hintuigthe leis.

I gcás iaroifigeach sinsearach mar a shainítear sna bearta cur chun feidhme, déanfaidh an t-údarás ceapacháin, i bprionsabal, iad a chosc, le linn an 12 mhí tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil a bheith ag gabháil do bhrústocaireacht nó do thathaint maidir le foireann a n-iarinstitiúide le haghaidh a ngnó, a gcliant nó a bhfostóirí ar ábhair a raibh siad freagrach astu le linn na dtrí bliana deireanacha sa tseirbhís.

I gcomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (5), déanfaidh gach institiúid go bliantúil faisnéis a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm an tríú fomhír, lena n-áirítear liosta de na cásanna a measúnaíodh.

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(1):

'1.   Is leis an Aontas Eorpach na cearta go léir maidir le haon scríbhinní nó le hobair eile a dhéanfaidh aon oifigeach le linn dó a chuid dualgas a chomhlíonadh i gcás ina mbainfidh scríbhinní nó obair den sórt sin lena ghníomhaíochtaí nó, i gcás ina mbainfidh scríbhinní nó obair den sórt sin le gníomhaíochtaí an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, is leis an gComhphobal sin iad. Beidh sé de cheart ag an Aontas nó, más infheidhme, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, cóipcheart oibreacha den sórt sin a fháil go héigeantach.';

(10)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 19:

'Airteagal 19

Ní dhéanfaidh oifigeach, gan cead ón údarás ceapacháin, faisnéis a bheidh ar eolas aige de bharr a dhualgas, a nochtadh, ar fhorais ar bith in aon imeachtaí dlíthiúla. Ní dhiúltófar cead a thabhairt ach amháin má theastaíonn sin de réir leasanna an Aontais agus nach mbeadh iarmhairtí coiriúla ann don oifigeach mar thoradh ar dhiúltú den sórt sin. Beidh oifigeach fós faoi cheangal ag an oibleagáid seo tar éis dó an tseirbhís a fhágáil.

Ní bheidh feidhm ag forálacha na chéad mhíre maidir le hoifigeach nó le hiaroifigeach a bheidh ag tabhairt fianaise os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó os comhair Bhord Araíonachta institiúide maidir le hábhar a bhaineann le seirbhíseach nó le hiarsheirbhíseach an Aontais Eorpaigh';

(11)

In Airteagal 21a, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

'3.   Maidir le hoifigeach a chuireann a oifigigh uachtaracha ar an eolas faoi orduithe a mheasann sé a bheith neamhrialta nó gur dócha go n-eascróidh deacrachtaí tromchúiseacha astu, ní dhéanfar aon dochar dó faoi sin.';

(12)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 22c

I gcomhréir le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 90, cuirfidh gach institiúid nós imeachta i bhfeidhm i ndáil le láimhseáil gearán a dhéanann oifigigh maidir leis an mbealach ar déileáladh leo tar éis na hoibleagáidí faoi Airteagal 22a nó faoi Airteagal 22b a bheith comhlíonta acu nó mar thoradh ar na hoibleagáidí sin a bheith comhlíonta acu. Déanfaidh an institiúid lena mbaineann a áirithiú go ndéileálfar leis na gearáin sin go rúnda agus, i gcás ina ndlífear é sin leis na himthosca, roimh dul in éag na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 90.

Déanfaidh údarás ceapacháin gach hinstitiúide rialacha inmheánacha a leagan síos maidir le, inter alia:

faisnéis a sholáthar d'oifigigh dá dtagraítear in Airteagal 22a(1) nó in Airteagal 22b i ndáil le hábhair a bheidh tuairiscithe acu a láimhseáil.

leasanna dlisteanacha na n-oifigeach sin agus a bpríobháideacht a chosaint, agus

an nós imeacht chun gearáin a láimhseáil dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo.';

(13)

In Airteagal 26a, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí'

(14)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

'Airteagal 27

Déanfar earcú a dhíriú ar sheirbhísí oifigeach ag a mbeidh an caighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais agus a earcófar ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Ní choimeádfar aon phoist do náisiúnaigh d'aon Bhallstát ar leith.

De réir phrionsabal chomhionannas shaoránaigh an Aontais, beidh cead ag gach institiúid bearta iomchuí a ghlacadh tar éis míchothromaíocht shuntasach a bheith ann idir náisiúntachtaí i measc oifigeach nach bhfuil údar maith léi de réir critéar oibiachtúil. Ní mór údar maith a thabhairt maidir leis na bearta iomchuí sin agus ní bhunófar critéir earcaíochta choíche orthu cé is moite de chritéir a bheidh bunaithe ar thuillteanas. Sula nglacfar bearta iomchuí den sórt sin, glacfaidh údarás ceapacháin na hinstitiúide lena mbaineann forálacha ginearálta chun éifeacht a thabhairt don mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 110.

Tar éis tréimhse trí bliana dar tús 1 Eanáir 2014, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an dara mír.

Chun earcaíocht ar an mbonn geografach is leithne is féidir a éascú, déanfaidh na hinstitiúidí gach dícheall oideachas ilteangach agus ilchultúrtha a thacú do leanaí a bhfoirne.';

(15)

In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Sula ndéanfaidh sé folúntas in institiúid a líonadh, déanfaidh an t-údarás ceapacháin breithniú, ar dtús, ar na nithe seo a leanas:

(a)

i dtaobh cibé acu an féidir nó nach féidir an folúntas a líonadh:

(i)

trí aistriú, nó

(ii)

trí cheapachán i gcomhréir le hAirteagal 45a, nó

(iii)

trí ardú céime

laistigh den institiúid;

(b)

i dtaobh cibé acu an bhfuarthas nó nach bhfuarthas iarrataí le haghaidh aistrithe ó oifigigh den ghrád céanna in institiúidí eile, agus/nó

(c)

murarbh fhéidir an follúntas a líonadh trí na féidearthachtaí a luaitear i bpointe (a) agus i bpointe (b), i dtaobh cibé acu ar chóir nó nár chóir liostaí d'iarrthóirí oiriúnacha a bhreithniú de réir bhrí Airteagal 30, i gcás inarb iomchuí, agus na forálacha ábhartha maidir le hiarrthóirí oiriúnacha in Iarscríbhinn III á gcur san áireamh agus/nó

(d)

i dtaobh cibé acu ar chóir nó nár chóir comórtas a reáchtáil laistigh den institiúid, ar comórtas é nach mbeidh oscailte ach amháin d'oifigigh agus d'fhoireann shealadach mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh;

nó an nós imeachta le haghaidh comórtas a leanúint ar bhonn cáilíochtaí nó trialacha, nó ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha araon. Leagtar síos le hIarscríbhinn III an nós imeachta comórtais.

Ar an dóigh chéanna, d'fhéadfaí an nós imeachta a leanúint chun painéal a chruthú le haghaidh earcaíochta sa todhchaí.

Agus an prionsabal á choinneáil go mbeidh formhór mór na n-oifigeach le hearcú ar bhonn comórtas oscailte, féadfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh, de mhaolú ar phointe (d) agus i gcásanna eisceachtúla amháin, comórtas a reáchtáil laistigh den institiúid a bheidh ar oscailt d'fhoireann ar conradh freisin mar a shainmhínítear in Airteagal 3a agus in Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh. Beidh an catagóir foirne sin faoi réir srianta maidir leis an bhféidearthacht mar a leagtar síos in Airteagal 82(7) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus maidir leis na cúraimí sonracha a bhí siad i dteideal a chomhlíonadh mar fhoireann ar conradh.';

(16)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

'Airteagal 30

Maidir le gach comórtas, déanfaidh an t-údarás ceapacháin bord roghnúcháin a cheapadh. Cuirfidh an bord seo liosta d'iarrthóirí oiriúnacha le chéile.

Cinnfidh an t-údarás ceapacháin cé na hiarrthóirí astu sin a cheapfar do na folúntais.

Beidh rochtain ag na hiarrthóirí seo ar fhaisnéis leormhaith maidir le folúntais iomchuí arna bhfoilsiú ag na hinstitiúidí agus ag na gníomhaireachtaí;'

(17)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den chéad fhomhír d'Airteagal 31(2):

'Gan dochar d'Airteagal 29(2), ní earcófar oifigigh ach ag grád SC 1 go grád SC 2, ag grád AST 1 go grád AST 4 nó ag grád AD 5 go grád AD 8.'

(18)

Sa tríú fomhír d'Airteagal 32, cuirtear na focail 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(19)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

'Airteagal 34

1.   Déanfaidh oifigigh tréimhse phromhaidh naoi mí sula bhféadfar iad a bhunú. Glacfar an cinneadh oifigeach a bhunú ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 3 agus ar bhonn na ngnéithe atá ar fáil don údarás ceapacháin maidir le hiompar an phromhóra i dtaca le Teideal II.

I gcás ina gcuirfear cosc ar oifigeach, le linn a thréimhse phromhaidh, a chuid dualgas a chomhlíonadh ar feadh tréimhse leanúnaí míosa amháin ar a laghad de thoradh breoiteachta, de thoradh saoire máithreachais faoi Airteagal 58, nó de thoradh tionóisce, féadfaidh an t-údarás ceapacháin síneadh a chur lena thréimhse phromhaidh ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn don tréimhse sin. I gcúinsí ar bith, ní bheidh fad iomlán na tréimhse promhaidh níos faide ná 15 mhí.

2.   Féadfar tuarascáil maidir leis an bpromhóir a dhéanamh ag aon am roimh dheireadh na tréimhse promhaidh má fheictear go soiléir go bhfuil a chuid oibre míshásúil.

Cuirfear an tuarascáil sin chuig an duine lena mbaineann agus beidh sé de cheart ag an duine sin a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre. Déanfaidh garoifigeach uachtarach an phromhóra an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás ceapacháin, agus laistigh de thrí seachtaine, gheobhaidh an t-údarás ceapacháin an tuairim ón gComhchoiste um Thuarascálacha maidir leis an ngníomhaíocht a bheidh le glacadh. Féadfaidh an t-údarás ceapacháin cinneadh a dhéanamh an promhóir a bhriseadh as a phost roimh dheireadh na tréimhse promhaidh, trí fhógra míosa amháin á thabhairt dó, nó an t-oifigeach a shannadh do roinn eile ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha sa tréimhse phromhaidh.

3.   Mí amháin ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse promhaidh, déanfar tuarascáil maidir le cumas an phromhóra na dualgais a bhaineann lena phost a chomhlíonadh agus maidir lena éifeachtúlacht agus maidir lena iompar sa tseirbhís freisin. Cuirfear an tuarascáil sin in iúl don phromhóir agus beidh sé de cheart aige a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre.

I gcás ina molfar sa tuarascáil go mbrisfear an promhóir as a phost nó, i gcúinsí eisceachtúla, go gcuirfear leis an tréimhse phromhaidh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh garoifigeach uachtarach an phromhóra an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás ceapacháin, agus rachaidh an t-údarás ceapacháin i gcomhairle leis an gComhchoiste um Thuarascálacha, laistigh de thrí seachtaine, maidir leis an ngníomhaíocht a bheidh le glacadh.

Maidir le promhóir nach mbeidh a chuid oibre nó a chuid iompair sásúil chun é a bhunú ina phost, brisfear as a phost é.

4.   Gheobhaidh promhóir a bhrisfear as a phost cúiteamh a bheidh cothrom le buntuarastal trí mhí má tá níos mó ná bliain amháin seirbhíse déanta aige, buntuarastal dhá mhí má tá sé mhí seirbhíse ar a laghad déanta aige agus buntuarastal aon mhí má tá níos lú ná sé mhí seirbhíse déanta aige, ach amháin i gcás ina mbeidh ar a chumas tosú ag obair arís láithreach in áit éigin eile.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, ag mír 3, agus ag mír 5 maidir le hoifigigh a éireoidh as a bpost roimh dheireadh a dtréimhse promhaidh.';

(20)

In Airteagal 35, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

'(g)

Saoire ar mhaithe leis an tseirbhís';

(21)

Sa dara fleasc de phointe (b) d'Airteagal 37, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad an fhocail 'institiúidí';

(22)

Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'1a.   Leanfaidh Airteagal 12b d'fheidhm a bheith aige le linn na tréimhse saoire ar fhorais phearsanta. Ní dheonófar an cead faoi Airteagal 12b ar oifigeach chun na críche gabháil do ghníomhaíocht ghairme, cibé acu sochrach nó gan a bheith sochrach, lena mbaineann brústocaireacht nó tathaint maidir lena institiúid agus as a leanfadh coinbhleacht le leasanna dlisteanacha na hinstitiúide, nó féidearthacht na coinbhleachta sin.';

(b)

sa dara fomhír de mhír 2, cuirtear na focail '12 bhliain' in ionad na bhfocal '15 bliana';

(c)

leasaítear an tríú fomhír de mhír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

'(ii)

dul i ndiaidh a chéile, más oifigeach nó seirbhíseach eile an Aontais an céile a bhíonn faoi cheangal, le linn dó bheith i mbun a dhualgas, an áit a bhfuil gnáthchónaí air a bhunú chomh fada sin ó áit fostaíochta an oifigigh iarrthaigh go gcruthódh bunú a dteaghlaigh phósta san áit sin míchaoithiúlacht don oifigeach iarrthach agus a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige, nó'

(ii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas leis:

'(iii)

cúnamh a thabhairt dá chéile, do ghaol sa líne shinsearach, do ghaol sa líne shliochtach, do dheartháir nó do dheirfiúr, i gcás breoiteacht thromchúiseach a bheith orthu nó i gcás iad faoi mhíchumas agus a bhfuil teastas liachta ann ina leith.';

(23)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42a:

'Airteagal 42a

Beidh oifigeach i dteideal suas le sé mhí a thógáil ar saoire do thuismitheoirí gan bhuntuarastal i gcás gach linbh, ar saoire í a bheidh le tógáil i gcaitheamh an chéad dá bhliain déag ón uair a shaolófar an leanbh nó ón uair a uchtófar é. Féadfar fad na saoire a dhúbailt do thuismitheoirí aonair a aithnítear faoi na forálacha ginearálta cur chun feidhme arna nglacadh ag údarás ceapacháin gach institiúide agus do thuismitheoirí leanaí cleithiúnacha a bhfuil géarbhreoiteacht orthu nó atá faoi mhíchumas, ar géarbhreoiteacht í arna haithint nó ar míchumas é arna aithint ag oifigeach liachta na hinstitiúide. Caithfear ar a laghad mí a thógáil le chéile tráth ar bith a mbeidh saoire á tógáil.

Leanfaidh oifigeach de bheith páirteach sa scéim slándála sóisialta fad a bheidh sé amuigh ar saoire do thuismitheoirí; déanfar gnóthú cearta pinsin, liúntas linbh chleithiúnaigh agus liúntas oideachais a choimeád. Coimeádfaidh an t-oifigeach an post a bhí aige, agus beidh sé i dteideal i gcónaí dul céim níos airde nó ardú céime a fháil i ngrád. Féadfar an tsaoire a thógáil mar shaoire lánaimseartha nó mar shaoire leathaimseartha. Más mar shaoire leathaimseartha a thógfar saoire do thuismitheoirí, déanfar an uastréimhse dá bhforáiltear sa chéad mhír a dhúbailt. Beidh oifigigh i dteideal liúntas EUR 911,73 in aghaidh na míosa agus é amuigh ar saoire do thuismitheoirí, nó 50 % den tsuim sin más ar saoire leathaimseartha a bheidh sé ach ní fhéadfaidh sé gabháil d'aon fhostaíocht shochrach eile. Is ar an institiúid a thitfidh sé an ranníocaíocht iomlán a íoc maidir leis an scéim slándála sóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 72 agus in Airteagal 73 agus is bunaithe ar bhuntuarastal an oifigigh a ríomhfar an ranníocaíocht sin. I gcás saoire leathaimseartha, áfach, ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo ach amháin maidir leis an difríocht idir an buntuarastal iomlán agus an buntuarastal a bheidh laghdaithe go comhréireach. Maidir leis an gcuid sin den bhuntuarastal a gheofar iarbhír, déanfar ranníocaíocht an oifigigh a ríomh trí leas a bhaint as na céatadáin chéanna a mbainfí leas astu amhail is gur fostaithe go lánaimseartha a bheadh sé.

Is é EUR 1 215,63 in aghaidh na míosa a bheidh sa liúntas, nó 50 % den tsuim sin más ar saoire leathaimseartha a bheidh an t-oifigeach, i gcás tuismitheoirí aonair agus tuismitheoirí leanaí cleithiúnacha a bhfuil géarbhreoiteacht orthu nó atá faoi mhíchumas, ar géarbhreoiteacht í arna haithint nó ar míchumas é arna aithint ag an oifigeach liachta dá dtagraítear sa chéad mhír agus i gcaitheamh na chéad trí mhí de shaoire do thuismitheoirí más é an t-athair a thógfaidh an tsaoire sin agus an mháthair amuigh ar saoire mháithreachais nó más é ceachtar de na tuismitheoirí a thógfaidh an tsaoire díreach i ndiaidh saoire máithreachais nó le linn saoire uchtála nó díreach ina dhiaidh sin.

Féadfar saoire do thuismitheoirí a fhadú ar feadh sé mhí breise lena ngabhfaidh liúntas a bheidh teoranta do 50 % den mhéid dá dtagraítear sa dara mír. Maidir le tuismitheoirí aonair amhail dá dtagraítear sa chéad mhír, féadfar an tsaoire do thuismitheoirí a fhadú ar feadh dhá mhí dhéag breise lena ngabhfaidh liúntas a bheidh teoranta do 50 % den mhéid dá dtagraítear sa tríú mír.

Na méideanna sin a luaitear san Airteagal seo, déanfar iad a uasdátú ionas go mbeidh siad ar aon dul le luach saothair.';

(24)

I gCaibidil 2 de Theideal III, cuirtear isteach an Roinn seo a leanas:

'Roinn 7

Saoire ar mhaithe leis an tseirbhís

Airteagal 42c

Cúig bliana, ar a luaithe, roimh aois inphinsin an oifigigh, maidir le hoifigeach ag a mbeidh deich mbliana seirbhíse ar a laghad, féadfar, trí chinneadh ón údarás ceapacháin, é a chur ar saoire ar mhaithe leis an tseirbhís le haghaidh riachtanas eagraíochtúil atá nasctha le hinniúlachtaí nua a fháil laistigh de na hinstitiúidí.

Maidir le líon iomlán na n-oifigeach a chuirtear ar saoire gach bliain ar mhaithe leis an tseirbhís, ní airde ná 5 % de na hoifigigh sna hinstitiúidí go léir a chuaigh ar scor an bhliain roimhe a bheidh sé. Déanfar an líon iomlán, arna ríomh amhlaidh, a leithroinnt do gach institiúid de réir a líon oifigeach faoi seach an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Déanfar toradh na leithroinnte sin a shlánú suas go dtí an slánuimhir is gaire i ngach institiúid.

Ní hionann saoire den sórt sin agus beart araíonachta.

Comhfhreagróidh fad na saoire i bprionsabal leis an tréimhse go dtí go slánóidh an t-oifigeach an aois inphinsin. Féadfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh i staideanna eisceachtúla, áfach, deireadh a chur leis an tsaoire agus an t-oifigeach a athcheapadh.

Maidir leis an oifigeach a bheidh curtha ar saoire ar mhaithe leis an tseirbhís, nuair a shlánóidh sé an aois inphinsin, cuirfear ar scor go huathoibríoch é.

Beidh saoire ar mhaithe leis an tseirbhís á rialú ag na rialacha seo a leanas:

(a)

féadfar oifigeach eile a cheapadh chuig an bpost a bhí ag an oifigeach;

(b)

ní bheidh oifigeach a bheidh ar saoire ar mhaithe leis an tseirbhís i dteideal dul chuig céim níos airde nó ardú céime a fháil i ngrád.

Gheobhaidh oifigeach a chuirfear ar saoire amhlaidh liúntas arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

Ar iarraidh ón oifigeach, beidh an liúntas faoi réir ranníocaíochtaí leis an scéim pinsin, ríofa ar bhonn an liúntais sin. I gcás den sórt sin, déanfar an tréimhse seirbhíse ar saoire ar mhaithe leis an tseirbhís a chur san áireamh chun críche blianta seirbhíse inphinsin a ríomh de réir bhrí Airteagal 2 d'Iarscríbhinn VIII.

Ní bheidh an liúntas faoi réir comhéifeachta ceartúcháin.';

(25)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43:

'Airteagal 43

Beidh cumas, éifeachtúlacht agus iompar gach oifigigh agus iad i mbun seirbhíse faoi réir tuarascála bliantúla faoi mar a fhorálann údarás ceapacháin gach institiúide i gcomhréir le hAirteagal 110. Luafar sa tuarascáil sin cibé acu a bhí nó nach raibh leibhéal feidhmíochta an oifigigh sin sásúil. Leagfaidh údarás ceapacháin gach institiúide síos forálacha lena dtabharfar an ceart achomharc a thaisceadh laistigh den nós imeachta um thuairisciú, ceart a chaithfear a fheidhmiú sula ndéanfar gearán amhail dá dtagraítear in Airteagal 90(2).

I gcás ghrád AST 5, féadfar tuairim a bheith sa tuarascáil freisin maidir leis an oifigeach, ar bhonn a fheidhmíochta, i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil cumas ag an oifigeach sin feidhm riarthóra a chur i gcrích.

Cuirfear an tuarascáil in iúl don oifigeach. Beidh sé i dteideal aon bharúlacha a thabhairt maidir lena bhfuil ann, má mheasann sé go mbaineann na barúlacha sin le hábhar.';

(26)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44:

'Airteagal 44

Maidir le hoifigeach a bheidh ag céim nár leith sa ghrád ina bhfuil sé ar feadh dhá bhliain, rachaidh sé chuig an gcéad chéim eile sa ghrád sin go huathoibríoch, mura rud é gur measadh a fheidhmíocht a bheith míshásúil de bhun na tuarascála bliantúla is deireanaí dá dtagraítear in Airteagal 43. Rachaidh oifigeach chuig an gcéad chéim eile ina ghrád tráth nach déanaí ná ceithre bliana, mura rud é go ndéantar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 51(1) a chur i bhfeidhm.

Má cheaptar oifigeach mar cheann aonaid, mar stiúrthóir nó mar ard-stiúrthóir sa ghrád céanna, agus ar choinníoll go raibh a fheidhmíocht sásúil de réir bhrí Airteagal 43 le linn na chéad naoi mí tar éis a cheapacháin, bainfidh sé tairbhe, go haisghníomhach, as dul chuig céim amháin níos airde sa ghrád sin tráth a dtiocfaidh an ceapachán i bhfeidhm. Tiocfaidh ardú ar a bhuntuarastal míosúil mar gheall ar an gcéim in airde seo, ardú a chomhfhreagróidh don chéatadán idir an chéad chéim agus an dara céim i ngach grád. Más rud é gur lú an t-ardú ná an céatadán sin nó más rud é go mbeidh an chéim dheireanach den ghrád sin sroichte ag an oifigeach cheana féin, tiocfaidh ardú ar a bhuntuarastal sa tslí is go bhfaighidh sé an t-ardú pá a bheadh i gceist idir an chéad chéim agus an dara céim go dtí go mbeidh éifeacht ag an gcéad ardú céime eile.';

(27)

Leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Is é an t-údarás ceapacháin a dhéanfaidh an cinneadh ardú céime a thabhairt i bhfianaise Airteagal 6(2). Ach amháin i gcás ina gcuirfear an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4 agus in Airteagal 29(1) i bhfeidhm, ní fhéadfar ardú céime a thabhairt d'oifigigh ach amháin má tá post acu a chomhfhreagraíonn do cheann de na cineálacha post a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn A, le haghaidh an chéad ghráid eile níos airde. Cuirfear ardú céime i gcrích tríd an oifigeach a cheapadh chun an chéad ghráid eile níos airde sa ghrúpa feidhme lena mbaineann sé. Ní dhéanfar ardú céime ar aon bhealach eile ach amháin trí oifigeach a roghnú as measc oifigeach a mbeidh dhá bhliain ar a laghad caite acu sa ghrád ina bhfuil siad, tar éis tuillteanais chomparáideacha na n-oifigeach a bheidh incháilithe le hardú céime a fháil a mheas. Agus tuillteanais chomparáideacha á meas, déanfaidh an t-údarás ceapacháin go háirithe na tuarascálacha ar na hoifigigh a chur i gcuntas, chomh maith le húsáid teangacha agus na dualgais a bhíonn orthu á gcomhlíonadh acu, is é sin le rá teangacha eile seachas an teanga sin a bhfuil sé léirithe acu, i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 28, go bhfuil eolas críochnúil acu ina leith agus cuirfear leibhéal na bhfreagrachtaí a bhíonn á bhfeidhmiú acu i gcuntas freisin.';

(b)

sa chéad abairt de mhír 2, cuirtear na focail 'Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'Airteagal 55 den Chonradh ar an Aontas Eorpach';

(c)

sa dara habairt de mhír 2, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(28)

Leasaítear Airteagal 45a mar a leanas:

(a)

sa chéad fhomhír de mhír 2, cuirtear na focail 'na dtuarascálacha bliantúla' in ionad na bhfocal 'a dtuarascálacha tréimhsiúla';

(b)

i mír 5, cuirtear na focail 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(29)

Sa tríú mír d'Airteagal 48, cuirtear na focail 'grúpa feidhme AST agus grúpa feidhme AST/SC' in ionad na bhfocal 'grúpa feidhme AST';

(30)

San ochtú mír d'Airteagal 50, cuirtear na focail 'ocht mbliana is caoga' in ionad na bhfocal 'cúig bliana is caoga';

(31)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51:

'Airteagal 51

1.   Saineoidh údarás ceapacháin gach institiúide nósanna imeachta lena ndéanfar cásanna neamhinniúlachta a shainaithint, lena ndéileálfar leo agus lena ndéanfar iad a leigheas go tráthúil agus ar bhealach iomchuí.

Agus forálacha inmheánacha á nglacadh aige, déanfaidh údarás ceapacháin gach institiúide na ceanglais seo a leanas a urramú:

(a)

maidir le hoifigeach nach ndéanann, ar bhonn trí thuarascáil bhliantúla mhíshásúla as a chéile amhail dá dtagraítear in Airteagal 43, aon dul chun cinn a léiriú fós ina inniúlacht ghairmiúil, déanfar é a íosghrádú aon ghrád amháin. Má léirítear feidhmíocht mhíshásúil fós sa dá thuarascáil bhliantúla ina dhiaidh sin, brisfear an t-oifigeach as a phost;

(b)

aon mholadh a dhéanfar oifigeach a íosghrádú nó a bhriseadh as a phost, leagfar amach sa mholadh sin na cúiseanna atá leis agus cuirfear iad sin in iúl don oifigeach lena mbaineann. Cuirfear an moladh ón údarás ceapacháin faoi bhráid an Chomhchoiste Chomhairligh dá bhforáiltear in Airteagal 9(6).

2.   Beidh sé de cheart ag an oifigeach a chomhad pearsanta iomlán a fháil agus cóipeanna de na doiciméid uile a bhaineann leis an nós imeachta a thógáil leis. Beidh 15 lá, ar a laghad, aige, ach ní bheidh níos mó ná 30 lá aige, ón dáta a bhfaighidh sé an moladh chun cás a chur le chéile. Féadfaidh sé cúnamh a fháil ó dhuine a roghnóidh sé féin. Féadfaidh an t-oifigeach barúlacha a chur isteach i scríbhinn. Tabharfaidh an Comhchoiste Comhairleach éisteacht dó. Féadfaidh an t-oifigeach glaoch ar fhinnéithe freisin.

3.   Déanfaidh oifigeach a ainmneoidh an t-údarás ceapacháin, chun na críche sin, ionadaíocht thar ceann na hinstitiúide os comhair an Chomhchoiste Chomhairligh. Beidh na cearta céanna ag an oifigeach sin agus a bheidh ag an oifigeach lena mbaineann.

4.   I bhfianaise an mholta faoi phointe (b) de mhír 1 agus i bhfianaise aon ráiteas i scríbhinn nó aon ráiteas ó bhéal ón oifigeach lena mbaineann nó aon ráiteas ó fhinnéithe, tabharfaidh an Comhchoiste Comhairleach tuairim réasúnaithe uaidh, le tromlach vótaí, á sonrú an beart a mheasann sé is cóir a dhéanamh i bhfianaise na bhfíricí a shuífear arna iarraidh sin aige. Cuirfidh sé an tuairim sin ar aghaidh chuig an údarás ceapacháin agus chuig an oifigeach lena mbaineann laistigh de dhá mhí ón dáta a dtarchuirfear an cás chuige. Ní chaithfidh an cathaoirleach vóta maidir le cinntí an Chomhchoiste Chomhairligh, ach amháin maidir le ceisteanna nós imeachta agus i gcás ina mbeadh an dá thaobh ar cothrom tar éis na vótaí a chaitheamh.

5.   Oifigeach a bhrisfear as a phost toisc é a bheith neamhinniúil, beidh sé i dteideal liúntas dífhostaithe míosúil a fháil ar feadh na tréimhse a shainmhínítear i mír 6, liúntas a bheidh comhionann leis an mbuntuarastal míosúil a bheidh á fháil ag oifigeach ag an gcéad chéim i ngrád AST 1. Beidh an t-oifigeach i dteideal na liúntais teaghlaigh dá bhforáiltear in Airteagal 67 a fháil freisin i gcaitheamh na tréimhse céanna. Déanfar an liúntas tí a ríomh ar bhonn an bhuntuarastail mhíosúil a bheidh á fháil ag oifigeach de ghrád AST 1 i gcomhréir le hAirteagal 1 d'Iarscríbhinn VII.

Ní íocfar an liúntas má éiríonn an t-oifigeach as tar éis tús a bheith curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 nó má bhíonn sé i dteideal íocaíocht láithreach den phinsean iomlán a fháil. Má bhíonn sé i dteideal sochar dífhostaíochta a fháil faoi scéim náisiúnta dífhostaíochta, déanfar luach an tsochair sin a asbhaint ó na liúntais a luaitear thuas.

6.   Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis an tréimhse ina ndéanfar na híocaíochtaí dá dtagraítear i mír 5:

(a)

trí mhí a bheidh sa tréimhse sin i gcás ina mbeidh níos lú ná cúig bliana caite ag an oifigeach i mbun seirbhíse an dáta a ndéanfar an cinneadh maidir lena bhriseadh as a phost;

(b)

sé mhí a bheidh sa tréimhse sin i gcás ina mbeidh cúig bliana ar a laghad caite ag an oifigeach i mbun seirbhíse ach nach mbeidh 10 mbliana déanta aige fós;

(c)

naoi mí a bheidh sa tréimhse sin i gcás ina mbeidh 10 mbliana ar a laghad caite ag an oifigeach i mbun seirbhíse ach nach mbeidh 20 bliain déanta aige fós;

(d)

12 mhí a bheidh sa tréimhse sin i gcás ina mbeidh níos mó ná 20 bliain ar a laghad caite ag an oifigeach i mbun seirbhíse.

7.   Oifigigh a dhéanfar a íosghrádú ar fhorais neamhinniúlachta, féadfaidh siad a iarraidh, tar éis tréimhse sé bliana, go scriosfaí gach tagairt don bheart sin óna gcomhaid phearsanta.

8.   I gcás nach ndéanfar cinneadh ag deireadh na n-imeachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo maidir le hoifigeach a bhriseadh as a phost nó a íosghrádú, beidh sé i dteideal aisíocaíocht a fháil ar chaiteachais réasúnacha a tabhaíodh ar a thionscnamh féin le linn na n-imeachtaí sin, lena n-áirítear táillí is iníoctha do chomhairleoir cosanta nach comhairleoir don institiúid é.';

(32)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52:

'Airteagal 52

Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 50, cuirfear oifigeach ar scor:

(a)

go huathoibríoch an lá deireanach den mhí ina slánóidh sé 66 bliana d'aois lena linn, nó

(b)

ar a iarraidh féin, an lá deireanach den mhí a chuir sé an iarraidh isteach ina leith, i gcás ina mbeidh an aois inphinsin slánaithe aige nó i gcás ina mbeidh sé idir 58 mbliana d'aois agus an aois inphinsin agus ina mbeidh na ceanglais á gcomhlíonadh aige maidir le pinsean a íoc láithreach i gcomhréir le hAirteagal 9 d'Iarscríbhinn VIII. Beidh feidhm de réir analaí ag an dara habairt den dara mír d'Airteagal 48.

Mar sin féin, féadfaidh oifigeach, ar a iarraidh féin, agus i gcás ina measfaidh an t-údaras ceapacháin údar maith a bheith leis ar mhaithe leis an tseirbhís, leanúint air ag obair go dtí go mbeidh sé 67 mbliana d'aois, nó ar bhonn eisceachtúil, go dtí go mbeidh sé 70 bliain d'aois, agus sa chás sin cuirfear amach ar scor é go huathoibríoch an lá deireanach den mhí ina slánóidh sé an aois sin.

I gcás ina gcinnfidh an t-údarás ceapacháin oifigeach a údarú fanacht i mbun seirbhíse tar éis 66 bliana d'aois, deonófar an t-údarú sin ar feadh tréimhse bliana ar a mhéad. Féadfar é a athnuachan ar iarraidh ón oifigeach.';

(33)

Leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:

(a)

déanfar na míreanna a uimhriú;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den dara mír:

'Beidh idir 40 uair an chloig agus 42 uair an chloig sa ghnáthsheachtain oibre agus is é an t-údarás ceapacháin a chinnfidh uaireanta an lae oibre';

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt den tríú mír:

'Déanfaidh údarás ceapacháin gach institiúide rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm na míre seo tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste Foirne';

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

'4.   Féadfaidh údarás ceapacháin gach institiúide socruithe solúbtha maidir le ham oibre a thabhairt isteach. Faoi na socruithe sin, ní dheonófar laethanta oibre iomlána le haghaidh oifigeach de ghrád AD/AST 9 nó níos airde. Ní bheidh na socruithe sin infheidhme maidir le hoifigigh a bhfuil feidhm ag forálacha an dara mír d'Airteagal 44 maidir leo. Bainisteoidh na hoifigigh sin a n-am oibre i gcomhaontú lena n-oifigigh uachtaracha.';

(34)

In Airteagal 55a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Beidh an t-oifigeach i dteideal údaraithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

chun aire a thabhairt do leanbh cleithiúnach atá faoi bhun 9 mbliana d'aois,

(b)

chun aire a thabhairt do leanbh cleithiúnach atá idir 9 mbliana agus 12 bhliain d'aois, mura mbeidh laghdú de níos mó ná 20 % de ghnátham oibre i gceist,

(c)

chun aire a thabhairt do leanbh cleithiúnach go dtí go slánóidh sé 14 bliana d'aois nuair is tuismitheoir aonair an t-oifigeach,

(d)

i gcásanna dianchruatain, chun aire a thabhairt do leanbh cleithiúnach go dtí go slánóidh sé 14 bliana d'aois, mura mbeidh laghdú de níos mó ná 5 % de ghnátham oibre i gceist. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag an gcéad dá mhír d'Airteagal 3 d'Iarscríbhinn IVa. I gcás ina mbíonn an bheirt tuismitheoirí fostaithe i seirbhís an Aontais, ní bheidh ach duine amháin acu i dteideal laghdú den sórt sin a fháil.

(e)

chun aire a thabhairt do chéile, nó do ghaol sa líne shinsearach, nó do ghaol sa líne shliochtach, nó do dheartháir nó do dheirfiúr, i gcás iad a bheith go dona tinn nó faoi mhíchumas,

(f)

chun breis oiliúna a chur air féin, nó

(g)

ón uair a mbeidh sé 58 mbliana d'aois le linn na dtrí bliana deireanacha sula slánóidh sé an aois inphinsin.

I gcás ina n-iarrfar obair pháirtaimseartha chun páirt a ghlacadh in oiliúint bhreise, nó le linn na dtrí bliana deireanacha sula slánófar an aois inphinsin, ach gan roimh 58 mbliana d'aois, ní fhéadfaidh an t-údarás ceapacháin diúltú údarú a thabhairt nó ní fhéadfaidh sé an dáta a dtiocfadh an t-údarú sin i bhfeidhm a chur siar ach amháin i gcúinsí eisceachtúla agus ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an tseirbhís.

I gcás ina mbainfear leas as an údarú sin chun aire a thabhairt do chéile nó do ghaol sa líne shinsearach, nó do ghaol sa líne shliochtach, nó do dheartháir nó do dheirfiúr i gcás iad a bheith go dona tinn nó faoi mhíchumas, nó i gcás ina mbainfear leas as an údarú sin chun páirt a ghlacadh in oiliúint bhreise, ní rachaidh iomlán na dtréimhsí sin thar cúig bliana i gcaitheamh ghairmréim uile an oifigigh.';

(35)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 56:

'Mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn VI, de bharr ragoibre a dhéanfaidh oifigigh de ghrád SC 1 go grád SC 6 agus de ghrád AST 1 go grád AST 4, beidh siad i dteideal saoire chúiteach a fháil nó luach saothair a fháil i gcás nach bhféadfaidh siad saoire chúiteach a thógáil mar gheall ar riachtanais na seirbhíse le linn an dá mhí i ndiaidh na míosa sin a ndearnadh an ragobair.';

(36)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 56a:

'Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus le hAirteagal 112, na catagóirí d'oifigigh a bheidh i dteideal liúntais den sórt sin a fháil, na coinníollacha maidir leis na liúntais sin a dheonú agus na rátaí a bhaineann leo.';

(37)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 56b:

'Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus le hAirteagal 112, na catagóirí d'oifigigh a bheidh i dteideal liúntais den sórt sin a fháil, na coinníollacha maidir leis na liúntais sin a dheonú agus na rátaí a bhaineann leo a chinneadh.';

(38)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 56c:

'Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus le hAirteagal 112, na catagóirí d'oifigigh a bheidh i dteideal na liúntais speisialta a fháil, na coinníollacha maidir le liúntais den sórt sin a dheonú agus na rátaí a bhaineann leo a chinneadh.';

(39)

Sa chéad mhír d'Airteagal 57, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(40)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58:

'Airteagal 58

Beidh mná torracha i dteideal 20 seachtain saoire a thógáil, i dteannta na saoire dá bhforáiltear in Airteagal 57, ar thabhairt ar aird teastais liachta. Ní fhéadfar an tsaoire sin a thógáil níos luaithe ná sé seachtaine roimh an dáta tuartha luí seoil a bheidh thíos sa teastas agus ní fhéadfar teacht ar ais ón tsaoire sin níos luaithe ná 14 seachtaine tar éis an dáta luí seoil. I gcás ina saolaítear níos mó ná leanbh amháin, i gcás breithe anabaí nó i gcás ina saolaítear leanbh agus é faoi mhíchumas nó breoiteacht thromchúiseach air, 24 seachtaine a bheidh i gceist leis an tsaoire sin. Is éard atá i gceist le breith anabaí chun críocha na forála seo, nuair a shaolaítear leanbh roimh dheireadh an 34ú seachtain toirchis.';

(41)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61:

'Airteagal 61

Déanfar liostaí de laethanta saoire poiblí a tharraingt suas trí chomhaontú idir údaráis cheapacháin de chuid institiúidí an Aontais tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne';

(42)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:

'Airteagal 63

Is in euro a shloinnfear luach saothair na n-oifigeach. Is in airgeadra na tíre ina mbeidh a chuid dualgas á gcomhlíonadh ag an oifigeach a íocfar é nó in euro.

Luach saothair a íocfar in airgeadra eile seachas in euro, déanfar é a ríomh ar bhonn na rátaí malairte ar baineadh leas astu chun buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme an 1 Iúil an bhliain sin.

Déanfar na rátaí malairte a uasdátú go haisghníomhach gach bliain tráth an uasdátaithe bhliantúil ar luach saothair dá bhforáiltear in Airteagal 65.';

(43)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:

'Airteagal 64

Tar éis do na hasbhaintí éigeantacha a leagtar amach sna Rialacháin Foirne seo nó in aon rialacháin cur chun feidhme a bheith curtha i bhfeidhm, déanfar luach saothair oifigigh arna shloinneadh in euro a ualú ar ráta a bheidh os cionn 100 %, faoina bhun sin nó cothrom leis sin, ag brath ar na dálaí maireachtála sna háiteanna fostaíochta éagsúla.

Déanfar na comhéifeachtaí ceartúcháin a chruthú nó a tharraingt siar agus déanfar iad a uasdátú go bliantúil freisin i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Maidir leis an uasdátú, déanfar na luachanna go léir a thuiscint mar luachanna tagartha. Foilseoidh an Coimisiún, chun críocha faisnéise, na luachanna uasdátaithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ní bheidh aon chomhéifeacht cheartúcháin infheidhme sa Bheilg nó i Lucsamburg, ag féachaint don ról speisialta tagartha atá ag na hionaid fostaíochta sin mar shuímh phríomha agus bhunaidh an chuid is mó de na hinstitiúidí.';

(44)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:

'Airteagal 65

1.   Déanfar luach saothair oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a uasdátú gach bliain, trí bheartas eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais a chur san áireamh. Cuirfear san áireamh go háirithe aon ardú ar thuarastail i státseirbhís na mBallstát mar aon leis na riachtanais a bheidh ann maidir le hearcaíocht. Déanfar an t-uasdátú ar an luach saothair a chur chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Déanfar an t-uasdátú sin roimh dheireadh gach bliana i bhfianaise tuarascála a dhéanfaidh an Coimisiún bunaithe ar shonraí staidrimh arna gcur le chéile ag Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh i gcomhaontú le hoifigí náisiúnta staidrimh na mBallstát; leis na sonraí staidrimh, léireofar an staid faoi mar atá sí an 1 Iúil i ngach ceann de na Ballstáit. Sa tuarascáil sin, beidh sonraí a bhaineann le tionchar an bhuiséid ar luach saothair agus ar phinsin oifigigh an Aontais. Déanfar í a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Na méideanna dá dtagraítear sa dara mír agus sa tríú mír d'Airteagal 42a, in Airteagal 66 agus in Airteagal 69, in Airteagail 1(1), 2(1), 3(1) agus (2), 4(1), 7(2), 8(2), 10(1) d'Iarscríbhinn VII agus in Airteagal 8(2) d'Iarscríbhinn XIII, agus i sean-Airteagal 4a d'Iarscríbhinn VII atá le huasdátú i gcomhréir le hAirteagal 18(1) d'Iarscríbhinn XIII, na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 24(3), sa dara fomhír d'Airteagal 28a(3), in Airteagal 28a(7), in Airteagal 93, in Airteagal 94, sa dara fomhír d'Airteagal 96(3) agus in Airteagail 96(7), 133, 134 agus 136 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 300/76 ón gComhairle (6), agus an chomhéifeacht le haghaidh na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle (7) Eagrán Speisialta Béarla, Sraith I, Imleabhar 1968(I), lch. 37)., déanfar iad a uasdátú go bliantúil i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Foilseoidh an Coimisiún, chun críocha faisnéise, na méideanna uasdátaithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   I gcás athraithe shuntasaigh ar an gcostas maireachtála, déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus na hualuithe dá dtagraítear in Airteagal 64 a uasdátú i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Foilseoidh an Coimisiún, chun críocha faisnéise, na méideanna uasdátaithe agus na hualuithe uasdátaithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus na hualuithe dá dtagraítear in Airteagal 64 a thuiscint mar mhéideanna agus ualuithe a bhfuil a luach iarbhír ag pointe ama ar leith faoi réir uasdátaithe gan idirghabháil ó ghníomh dlíthiúil eile.

4.   Gan dochar d'Airteagal 3(5) agus (6) d'Iarscríbhinn XI, ní dhéanfar aon uasdátú dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 sna blianta 2013 agus 2014.';

(45)

Leasaítear Airteagal 66 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad abairt tosaigh na chéad mhíre:

'Is mar a fhoráiltear sa tábla seo a leanas an buntuarastal míosúil i gcás gach gráid agus céime i ngrúpa feidhme AD agus i ngrúpa feidhme AST:'

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

'Is mar a fhoráiltear sa tábla seo a leanas an buntuarastal míosúil i gcás gach gráid agus céime i ngrúpa feidhme AST/SC:

 

Céim

Grád

1

2

3

4

5

SC 6

4 349,59

4 532,36

4 722,82

4 854,21

4 921,28

SC 5

3 844,31

4 005,85

4 174,78

4 290,31

4 349,59

SC 4

3 397,73

3 540,50

3 689,28

3 791,92

3 844,31

SC 3

3 003,02

3 129,21

3 260,71

3 351,42

3 397,73

SC 2

2 654,17

2 765,70

2 881,92

2 962,10

3 003,02

SC 1

2 345,84

2 444,41

2 547,14

2 617,99

2 654,17'

(46)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 66a:

'Airteagal 66a

1.   De mhaolú ar Airteagal 3(1) de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 agus chun cur i bhfeidhm an mhodha lena n-uasdátaítear luach saothair agus pinsin oifigeach, a chur san áireamh, gan dochar d'Airteagal 65(3), cuirfear beart sealadach, ar a dtabharfar an 'tobhach dlúthpháirtíochta', i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2023 maidir le luach saothair arna íoc ag an Aontas le comhaltaí foirne a bhfuil stádas gníomhach acu.

2.   Is é 6 % a bheidh i ráta an tobhaigh dlúthpháirtíochta seo agus beidh feidhm aige maidir leis an mbonn a shainmhínítear i mír 3. Is é 7 % a bheidh sa ráta d'oifigigh de ghrád AD 15, céim 2, agus os a chionn sin, áfach.

3.

(a)

Is é an buntuarastal a úsáidfear chun luach saothair a ríomh a bheidh mar bhonn don tobhach dlúthpháirtíochta, lúide na méideanna seo a leanas:

(i)

ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus ranníocaíochtaí pinsin agus an cháin, sula n-íocfar an tobhach dlúthpháirtíochta, is iníoctha ag oifigeach atá sa ghrád céanna agus sa chéim chéanna agus atá gan chleithiúnaithe de réir bhrí Airteagal 2 d'Iarscríbhinn VII, agus

(ii)

méid a bheidh comhionann le buntuarastal oifigigh de ghrád AST 1, céim 1.

(b)

Is in euro a shloinnfear na comhpháirteanna a úsáidfear chun an bonn don tobhach dlúthpháirtíochta a chinneadh agus beidh siad ualaithe ag 100.

4.   Déanfar an tobhach dlúthpháirtíochta a asbhaint gach mí ag an bhfoinse; iontrálfar na fáltais mar ioncam i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.';

(47)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 67(3):

'3.   Féadfar an liúntas linbh chleithiúnaigh a dhúbailt, trí chinneadh speisialta réasúnaithe a dhéanfaidh an t-údarás ceapacháin, ar cinneadh é a bheidh bunaithe ar dhoiciméid liachta lena suífear go bhfuil an leanbh lena mbaineann faoi mhíchumas nó go bhfuil breoiteacht fhadtréimhseach air agus go bhfuil caiteachas trom ar an oifigeach dá dheasca.';

(48)

Leasaítear Airteagal 72 mar a leanas:

(a)

sa chéad abairt den chéad fhomhír de mhír 1 cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad an fhocail 'institiúidí' agus sa tríú fomhír de mhír 1, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(b)

i mír 2, cuirtear na focail 'go dtí an aois inphinsin' in ionad na bhfocal 'go dtí 63 bliana d'aois';

(c)

i bpointe (i) agus i bpointe (ii) de mhír 2a, cuirtear na focail 'sula slánófar an aois inphinsin' in ionad na bhfocal 'sula slánófar 63 bliana d'aois';

(d)

i mír 2b, cuirtear na focail 'i ngrád AST 1' in ionad na bhfocal 'i ngrád 1';

(49)

In Airteagal 73(1), cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin institiúidí' in ionad an fhocail 'institiúidí';

(50)

Sa dara habairt d'Airteagal 76a, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(51)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 77:

'Airteagal 77

Aon oifigeach a bhfuil deich mbliana seirbhíse críochnaithe aige, beidh sé i dteideal pinsean scoir a fháil. Beidh sé i dteideal pinsean den sórt sin a fháil, áfach, beag beann ar fhad a sheirbhíse, má tá sé níos sine ná an aois inphinsin, i gcás nach rabhthas in ann é a athbhunú i rith tréimhse nach raibh stádas gníomhach aige lena linn nó i gcás scoir ar mhaithe leis an tseirbhís.

Is é an t-uasphinsean scoir a bheidh ann 70 % den bhuntuarastal deiridh a ghabhann leis an ngrád deiridh inar aicmíodh an t-oifigeach ar feadh tréimhse nach lú ná bliain amháin ar a laghad. Beidh 1,80 % den bhuntuarastal deiridh sin iníoctha le hoifigeach le haghaidh gach bliana seirbhíse a dhéanfar a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 d'Iarscríbhinn VIII.

I gcás oifigeach, áfach, a bhí ag cuidiú le duine a shealbhaíonn oifig dá bhforáiltear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach nó sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, le hUachtarán tofa ceann d'institiúidí nó d'orgáin an Aontais nó le Cathaoirleach tofa ceann de na grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa, déanfar an teidlíocht chun pinsean a chomhfhreagraíonn do líon na mblianta de sheirbhís inphinsin a fuarthas le linn a bheith ag obair sa cháil sin a ríomh faoi threoir an bhuntuarastail deiridh a fuarthas le linn na tréimhse sin más rud é gur mó an buntuarastal a fuarthas ná an buntuarastal sin a sonraíodh mar threoir chun críocha an dara mír den Airteagal seo.

Ní fhéadfaidh méid an phinsin scoir a bheith níos lú ná 4 % den fhigiúr cothaithe is lú atá ann in aghaidh na bliana seirbhíse.

Is é 66 bliana d'aois an aois inphinsin a bheidh ann.

Déanfar an aois inphinsin a mheasúnú gach cúig bliana dar tús an 1 Eanáir 2014 ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Déanfar scrúdú sa tuarascáil, go háirithe, ar an athrú a thagann ar an aois inphinsin maidir leis an bhfoireann i státseirbhísí na mBallstát agus ar an athrú a thagann ar ionchas saoil maidir le hoifigigh na n-institiúidí.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún togra lena leasófar an aois inphinsin i gcomhréir le conclúidí na tuarascála sin, agus aird ar leith á tabhairt ar na forbairtí sna Ballstáit.';

(52)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 78:

'Airteagal 78

Beidh oifigeach i dteideal, sa tslí dá bhforáiltear in Airteagal 13 go hAirteagal 16 d'Iarscríbhinn VIII, liúntas easláine a fháil i gcás ina mbeadh sé ina easlán go huile is go hiomlán ar bhonn buan sa chaoi is nach mbeadh sé in ann na dualgais a chomhfhreagraíonn do phost sa ghrúpa feidhme ina bhfuil sé a chomhlíonadh.

Beidh feidhm ag Airteagal 52 de réir analaí maidir le daoine a fhaigheann liúntas easláine. Má théann duine a fhaigheann liúntas easláine ar scor roimh 66 bliana d'aois gan an uasteidlíocht pinsin a bheith slánaithe aige, cuirfear na rialacha ginearálta maidir le pinsin scoir i bhfeidhm. Beidh méid an phinsin scoir bunaithe ar an tuarastal don ghrád agus don chéim a bhí ag an oifigeach nuair a bhuail an easláine é.

Beidh an liúntas easláine comhionann le 70 % de bhuntuarastal deiridh an oifigigh. Ní fhéadfaidh sé a bheith níos lú ná an t-íosfhigiúr cothaithe, áfach.

Beidh an liúntas easláine faoi réir ranníocaíochtaí leis an scéim pinsin, ríofa ar bhonn an liúntais sin.

I gcás ina n-eascróidh an easláine as tionóisc a tharla le linn don oifigeach a bheith i mbun a chuid dualgas a chomhlíonadh nó i dtaca leis an oifigeach a bheith i mbun a chuid dualgas a chomhlíonadh, nó i gcás ina n-eascróidh sí as galar ceirde, nó as beart a rinneadh ar mhaithe le leas an phobail nó as a bheatha a chur i mbaol chun duine eile a shábháil, ní fhéadfaidh an liúntas easláine a bheith níos lú ná 120 % den íosfhigiúr cothaithe. Ina theannta sin, i gcásanna den sórt sin, íocfar ranníocaíochtaí leis an scéim pinsin go hiomlán as buiséad na hinstitiúide nó an chomhlachta dá dtagraítear in Airteagal 1b.';

(53)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú mír d'Airteagal 80:

'Beidh feidhm ag teidlíocht, mar a fhoráiltear sa chéad mhír, sa dara mír agus sa tríú mír, i gcás báis iaroifigigh a bhí i dteideal liúntas a fháil faoi Airteagal 50 de na Rialacháin Foirne, faoi Airteagal 5 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (8), faoi Airteagal 3 de Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 2530/72 ón gComhairle (9) nó faoi Airteagal 3 de Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 1543/73 ón gComhairle (10) agus i gcás báis iaroifigigh a d'fhág an tseirbhís sular shlánaigh sé an aois inphinsin agus a d'iarr go gcuirfí siar a phinsean scoir go dtí an chéad lá den mhí féilire a tháinig i ndiaidh na míosa inar shlánaigh sé an aois inphinsin slánaithe.';

(54)

Leasaítear Airteagal 81a(1) mar a leanas:

(a)

i bpointe (b), cuirtear na focail '66 bliana d'aois' in ionad na bhfocal '65 bliana d'aois';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

'(d)

i gcás báis iaroifigigh a d'fhág an tseirbhís sular shlánaigh sé an aois inphinsin agus a d'iarr go gcuirfí siar a phinsean scoir go dtí an chéad lá den mhí féilire a tháinig i ndiaidh na míosa inar shlánaigh sé an aois inphinsin, méid an phinsin scoir a bheadh sé i dteideal a fháil agus é ag an aois inphinsin dá mbeadh sé beo, faoi réir na liúntas agus na n-asbhaintí dá dtagraítear i bpointe (b)';

(c)

i bpointe (e), cuirtear na focail 'liúntas faoi Airteagal 41, faoi Airteagal 42c nó faoi Airteagal 50' in ionad na bhfocal 'liúntas faoi Airteagal 41 nó faoi Airteagal 50';

(55)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 82(2):

'2.   I gcás ina ndéanfar luach saothair a uasdátú i gcomhréir le hAirteagal 65(1), cuirfear an t-uasdátú céanna i bhfeidhm maidir le pinsin.';

(56)

Scriostar an dara fomhír d'Airteagal 83(1).;

(57)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3, 4 agus 5 d'Airteagal 83a:

'2.   'Gníomhaireachtaí nach bhfaigheann fóirdheontas as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, íocfaidh siad isteach sa bhuiséad sin méid iomlán na ranníocaíochtaí a theastóidh chun an scéim a mhaoiniú. Ón 1 Eanáir 2016, gníomhaireachtaí a mhaoinítear i bpáirt as an mbuiséad sin, íocfaidh siad an chuid de ranníocaíochtaí na bhfostóirí a chomhfhreagraíonn don chomhréir idir ioncaim na gníomhaireachta gan an fóirdheontas as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus a hioncam iomlán.

3.   Déanfar comhardú na scéime pinsin a áirithiú leis an aois inphinsin agus leis an ráta ranníocaíochta don scéim. Nuair a dhéanfar an measúnú achtúireach gach cúig bliana i gcomhréir le hIarscríbhinn XII, déanfar an ráta ranníocaíochta leis an scéim pinsin a uasdátú chun comhardú na scéime a áirithiú.

4.   Gach bliain, déanfaidh an Coimisiún an measúnú achtúireach dá dtagraítear i mír 3 a uasdátú, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) d'Iarscríbhinn XII. I gcás ina dtaispeánfar go bhfuil bearna de 0,25 pointe ar a laghad idir an ráta ranníocaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair agus an ráta is gá chun comhardú achtúireach a choimeád, déanfar an ráta a uasdátú, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar síos in Iarscríbhinn XII.

5.   Chun críocha mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo, déanfar an figiúr tagartha a leagtar amach in Airteagal 83(2) a uasdátú. Foilseoidh an Coimisiún, chun críche faisnéise, an ráta ranníocaíochta uasdátaithe a bheidh mar thoradh air sin laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.';

(58)

Scriostar Teideal VIII;

(59)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 110:

'Airteagal 110

1.   Glacfaidh údarás ceapacháin gach institiúide na forálacha ginearálta lena gcuirfear na Rialacháin Foirne seo chun feidhme tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Foirne agus leis an gCoiste um Rialacháin Foirne.

2.   Rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo, lena n-áirítear na forálacha ginearálta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm de réir analaí acu maidir leis na gníomhaireachtaí. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún na gníomhaireachtaí ar an eolas maidir le haon riail cur chun feidhme den sórt sin gan mhoill tar éis ghlacadh na rialacha sin.

Tiocfaidh rialacha cur chun feidhme den sórt sin i bhfeidhm sna gníomhaireachtaí naoi mí tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha sin sa Choimisiún nó naoi mí tar éis an dáta a gcuirfidh an Coimisiún na gníomhaireachtaí ar an eolas maidir le glacadh na rialach cur chun feidhme faoi seach, cibé acu is déanaí. D'ainneoin an méid roimhe sin, féadfaidh gníomhaireacht a chinneadh freisin go dtiocfaidh rialacha cur chun feidhme den sórt sin i bhfeidhm ar dháta níos luaithe.

De mhaolú ar an méid sin, féadfaidh gníomhaireacht, sula rachaidh an tréimhse naoi mí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo in éag agus tar éis di dul i gcomhairle lena Coiste Foirne, rialacha cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena chomhaontú, ar rialacha cur chun feidhme iad atá éagsúil ó na cinn sin arna nglacadh ag an gCoimisiún. Faoi na coinníollacha céanna, féadfaidh gníomhaireacht comhaontú an Choimisiúin a iarraidh gan cinn áirithe de na rialacha cur chun feidhme sin a chur i bhfeidhm. Sa chás deireanach sin, in ionad glacadh leis an iarraidh nó diúltú di, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an ngníomhaireacht rialacha cur chun feidhme nach ionann leis na cinn arna nglacadh ag an gCoimisiún a chur faoina bhráid lena chomhaontú.

Déanfar an tréimhse naoi mí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a chur ar fionraí ón dáta a n-iarrfaidh an ghníomhaireacht comhaontú an Choimisiúin go dtí an dáta a gcuirfidh an Coimisiún a sheasamh in iúl.

Féadfaidh gníomhaireacht freisin, tar éis di dul i gcomhairle lena Coiste Foirne, rialacha cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena chomhaontú, ar rialacha cur chun feidhme iad a bhaineann le hábhair eile seachas na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún.

Chun críocha na rialacha cur chun feidhme a ghlacadh, déanfaidh an bord bainistíochta nó an comhlacht coibhéiseach dá dtagraítear i ngníomh an Aontais lena mbunaítear iad ionadaíocht thar ceann na ngníomhaireachtaí.

3.   Chun críocha na rialacha a ghlacadh trí chomhaontú idir na hinstitiúidí, ní dhéileálfar leis na gníomhaireachtaí mar institiúidí. Rachaidh an Coimisiún, áfach, i gcomhairle leis na gníomhaireachtaí sula nglacfar na rialacha sin.

4.   Rialacha lena dtabharfar éifeacht do na Rialacháin Foirne seo, lena n-áirítear na forálacha ginearálta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, agus rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir údaráis cheapacháin na n-institiúidí, cuirfear an fhoireann ar an eolas mar gheall orthu.

5.   Rachaidh ranna riaracháin na n-institiúidí agus na ngníomhaireachtaí i gcomhairle le chéile go rialta maidir le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne seo. Déanfar comhionadaíocht ar ghníomhaireachtaí sna comhairliúcháin sin i gcomhréir le rialacha a shocrófar trí chomhaontú eatarthu.

6.   Riarfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh clár de na rialacha arna nglacadh ag údarás ceapacháin gach institiúide chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo, agus de na rialacha sin arna nglacadh ag na gníomhaireachtaí a mhéid a mhaolóidh siad ar na rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2, lena n-áirítear aon leasuithe air sin. Beidh rochtain dhíreach ag institiúidí agus ag gníomhaireachtaí ar an gclár sin agus beidh sé de láncheart acu a rialacha féin a leasú. Beidh rochtain dhíreach ag na Ballstáit air. Thairis sin, gach trí bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na rialacha arna nglacadh ag údarás ceapacháin gach institiúide chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo.';

(60)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas leis:

'Airteagal 111

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 112 i ndáil le gnéithe áirithe de dhálaí oibre, gnéithe áirithe de chur chun feidhme na rialacha maidir le luach saothair agus maidir leis an scéim slándála sóisialta.

Airteagal 112

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 56a, in Airteagal 56b agus in Airteagal 56c de na Rialacháin Foirne, in Airteagal 13(3) d'Iarscríbhinn VII agus in Airteagal 9 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leo agus in Airteagal 28a(11) agus in Airteagal 96(11) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, tabharfar don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 1 Eanáir 2014 í.

3.   An tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 56a, in Airteagal 56b agus in Airteagal 56c de na Rialacháin Foirne, in Airteagal 13(3) d'Iarscríbhinn VII agus in Airteagal 9 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leo agus in Airteagal 28a(11) agus in Airteagal 96(11) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle iad a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 56a, Airteagal 56b agus Airteagal 56c de na Rialacháin Foirne, Airteagal 13(3) d'Iarscríbhinn VII nó Airteagal 9 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leo nó Airteagal 28a(11) nó Airteagal 96(11) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 113

Faoin 31 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle lena measúnófar feidhmiú na Rialachán Foirne seo.';

(61)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn A:

'A.   Na cineálacha post i ngach grúpa feidhme, dá bhforáiltear in Airteagal 5(4)

1.   Grúpa feidhme AD

Ard-Stiúrthóir

AD 15 - AD 16

Stiúrthóir

AD 14 - AD 15

Comhairleoir nó a choibhéis

AD 13- AD 14

Ceann aonaid nó a choibhéis

AD 9 - AD 14

Riarthóir

AD 5 - AD 12


2.   Grúpa feidhme AST

Cúntóir sinsearach

Gníomhaíochtaí riaracháin, teicniúla nó oiliúna a dhéanamh a bhfuil ardleibhéal neamhspleáchais ag teastáil ina leith agus a mbaineann freagrachtaí suntasacha leo i dtéarmaí bainistíochta foirne, chur chun feidhme an bhuiséid nó comhordaithe polaitiúil.

AST 10 – AST 11

Cúntóir

Gníomhaíochtaí riaracháin, teicniúla nó oiliúna a dhéanamh a bhfuil leibhéal áirithe neamhspleáchais ag teastáil ina leith, go háirithe maidir le rialacha nó rialacháin nó treoracha ginearálta a chur chun feidhme nó mar chúntóir pearsanta do Chomhalta na hinstitiúide, do Cheann oifige príobháidí Comhalta nó do (Leas-)Ardstiúrthóir nó bainisteoir sinsearach coibhéiseach.

AST 1 – AST 9


3.   Grúpa feidhme AST/SC

Rúnaí/Cléireach

Cúraimí cléireachais agus rúnaíochta a dhéanamh, cúraimí bainistíochta oifige agus cúraimí coibhéiseacha eile a dhéanamh a bhfuil leibhéal áirithe neamhspleáchais ag teastáil ina leith (11)

SC 1 – SC 6

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn B:

'B.   Na rátaí iolrúcháin chun meánchoibhéis ghairmréime a threorú

1.

Na rátaí iolrúcháin chun meánchoibhéis ghairmréime a threorú i ngrúpa feidhme AST agus i ngrúpa feidhme AD:

Grád

Cuntóirí

Riarthóirí

13

15 %

12

15 %

11

25 %

10

20 %

25 %

9

8 %

25 %

8

25 %

33 %

7

25 %

36 %

6

25 %

36 %

5

25 %

36 %

4

33 %

3

33 %

2

33 %

1

33 %

2.

Na rátaí iolrúcháin chun meánchoibhéis ghairmréime a threorú i ngrúpa feidhme AST/SC:

Grád

Rúnaithe / Cléirigh

SC 6

SC 5

12 %

SC 4

15 %

SC 3

17 %

SC 2

20 %

SC 1

25 %'

(62)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

sa dara habairt den chéad fhomhír d'Airteagal 1, cuirtear na focail 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'an institiúid';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara habairte den dara fomhír d'Airteagal 1:

'Féadfaidh údarás ceapacháin gach institiúide a chinneadh, áfach, go mbeidh na coinníollacha maidir le toghadh le cinneadh i gcomhréir le céadrogha fhoireann na hinstitiúide mar a léireofar i reifreann';

(c)

sa cheathrú fomhír d'Airteagal 1, cuirtear na focail 'na trí ghrúpa feidhme' in ionad na bhfocal 'an dá ghrúpa feidhme';

(d)

sa chéad fhleasc den dara mír d'Airteagal 2, 'scriostar na focail 'sa triú fomhír';

(63)

Leasaítear an tAirteagal Aonair d'Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

sa dara fomhír de mhír 1, cuirtear na focail '66 bliana d'aois' in ionad na bhfocal '63 bliana d'aois';

(b)

scriostar an tríú fomhír de mhír 1;

(c)

sa ró deireanach den tábla i mír 3, cuirtear na focail '59 go 65' in ionad na bhfocal'59 go 64';

(d)

sa cheathrú fomhír de mhír 4, cuirtear na focail '66 bliana d'aois' in ionad na bhfocal '63 bliana d'aois';

(64)

Leasaítear Iarscríbhinn IVa mar a leanas:

(a)

sa dara mír d'Airteagal 1, cuirtear na focail 'pointe (g) d'Airteagal 55a(2)' in ionad na bhfocal 'Airteagal 55a(2)(e)';

(b)

sa chéad mhír d'Airteagal 4, cuirtear na focail 'oifigigh atá údaraithe, i gcomhréir le pointe (g) d'Airteagal 55a(2) de na Rialacháin Foirne, obair go leathaimseartha' in ionad na bhfocal 'oifigigh thar aois 55 atá údaraithe chun bheith ag obair go leathaimseartha maidir le hullmhúchán don scor';

(65)

Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

'Airteagal 6

I dteannta na saoire bliantúla, féadfar saoire speisialta a dheonú d'oifigeach, ar iarratas ón oifigeach. Sna cásanna seo a leanas, go háirithe, deonófar saoire speisialta mar a léirítear thíos:

pósadh an oifigigh: ceithre lá;

athrú chónaí an oifigigh: suas go dhá lá;

breoiteacht thromchúiseach a bheith ar an gcéile: suas go trí lá;

bás an chéile: ceithre lá;

breoiteacht thromchúiseach a bheith ar ghaol sa líne shinsearach: suas go dhá lá;

bás gaoil sa líne shinsearach: dhá lá;

pósadh linbh: dhá lá;

breith linbh: 10 lá, a bheith le glacadh i gcaitheamh 14 seachtaine tar éis na breithe;

breith linbh faoi mhíchumas nó linbh a bhfuil breoiteacht thromchúiseach air: 20 lá, a bheith le glacadh i gcaitheamh 14 seachtaine tar éis na breithe;

bás na mná céile le linn saoire máithreachais: líon laethanta a chomhfhreagróidh don tsaoire mháithreachais a bheidh fágtha; más rud é nach oifigeach í an bhean chéile a fuair bás, ríomhfar an tsaoire mháithreachais a bheidh fágtha trí fhorálacha Airteagal 58 de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm, de réir analaí;

breoiteacht thromchúiseach a bheith ar leanbh: suas go dhá lá;

breoiteacht an-tromchúiseach ar leanbh, deimhnithe ag dochtúir, nó leanbh de 12 bhliain d'aois nó níos lú a bheith in ospidéal: suas go cúig lá;

bás linbh: ceithre lá;

uchtú linbh: 20 seachtain, ag méadú go 24 seachtaine i gcás uchtaithe linbh faoi mhíchumas:

Beidh teidlíocht d'aon tréimhse saoire speisialta amháin i gcás gach linbh uchtaithe, tréimhse ar féidir í a roinnt idir na tuismitheoirí uchtála más rud é gur oifigigh an bheirt. Ní dheonófar í ach amháin má bhíonn céile an oifigigh ag gabháil do ghníomhaíocht shocrach go leathaimseartha ar a laghad. Más rud é go bhfuil an céile fostaithe taobh amuigh d'institiúidí an Aontais agus go bhfuil saoire inchomparáide aici, déanfar líon laethanta a chomhfhreagróidh don tsaoire sin a asbhaint de theidlíocht an oifigigh.

Féadfaidh an t-údarás ceapacháin, i gcásanna ina mbíonn gá leis, saoire speisialta sa bhreis a dheonú i gcás ina n-éilíonn reachtaíocht náisiúnta na tíre ina ndéantar an nós imeachta uchtaithe agus nach bhfuil an t-oifigeach uchtála fostaithe ann go bhfanann duine amháin nó an bheirt tuismitheoirí uchtála sa tír.

Deonófar saoire speisialta de 10 lá más rud é nach bhfaighidh an t-oifigeach an tairbhe iomlán de 20 nó 24 seachtaine de shaoire speisialta de bhíthin chéad abairt na fleisce seo; ní dheonófar an tsaoire speisialta bhreise sin ach aon uair amháin maidir le gach leanbh uchtaithe.

Féadfaidh an institiúid saoire speisialta a dheonú i gcás oiliúna breise agus teagaisc bhreise, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sa chlár maidir le hoiliúint bhreise agus le teagasc breise arna ndréachtú ag an institiúid de bhun Airteagal 24a de na Rialacháin Foirne.

Féadfar saoire speisialta a dheonú ina theannta sin d'oifigigh ar bhonn eisceachtúil i gcás obair bhreise a bheith á déanamh aige a théann thar ghnáthoibleagáidí an oifigigh. Deonófar saoire speisialta den sórt sin trí mhí ar a dhéanaí tar éis cinneadh a bheith glactha ag an údarás ceapacháin maidir le cáilíocht eisceachtúil na hoibre a bhí á déanamh ag an oifigeach.

Chun críocha an Airteagail seo, déileálfar leis an bpáirtí neamhphósta amhail is dá mba é an céile é i gcás ina gcomhlíonfar na chéad trí choinníoll atá i bpointe (c) d'Airteagal 1 (2) d'Iarscríbhinn VII.

I gcás ina ndeonófar saoire speisialta de bhun na roinne seo, socrófar aon am taistil le cinneadh speisialta agus sainriachtanais á gcur san áireamh.';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

'Airteagal 7

Oifigigh atá i dteideal an liúntais easaoránachta nó an liúntais chónaithe eachtraigh, beidh siad i dteideal dhá lá go leith de shaoire fhorlíontach gach bliain chun cuairt a thabhairt ar a dtír dhúchais.

Beidh feidhm ag an gcéad mhír maidir le hoifigigh a bhfuil a n-áit fostaíochta laistigh de chríocha na mBallstát. Más rud é go bhfuil an t-ionad fostaíochta lasmuigh de na críocha sin, socrófar fad na saoire sa bhaile trí chinneadh speisialta agus sainriachtanais á gcur san áireamh.';

(66)

Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

'Airteagal 1

'Laistigh de na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 56 de na Rialacháin Foirne, beidh oifigeach de ghrád SC 1 go grád SC 6 nó de ghrád AST 1 go grád AST 4, mar gheall ar ragobair a dhéanann sé, i dteideal saoire cúití nó luacha saothair mar seo a leanas:

(a)

do gach uair an chloig de ragobair a dhéanann sé, beidh se i dteideal aon uair go leith an chloig a fháil mar shaoire chúiteach; má dhéantar uair an chloig ragoibre idir 22:00 uair agus 07:00 uair nó ar an Domhnach nó ar lá saoire poiblí, is é dhá uair an chloig an teidlíocht maidir le saoire chúiteach a bheidh ann; agus saoire chúiteach á deonú, cuirfear riachtanais na seirbhíse agus céadrogha an oifigigh lena mbaineann san áireamh.

(b)

i gcás nach gceadóidh riachtanais na seirbhíse saoire chúiteach a ghlacadh i gcaitheamh an dá mhí a thiocfaidh tar éis na míosa ina ndearnadh an ragobair, déanfaidh an t-údarás ceapacháin luach saothair a údarú do na huaireanta neamhchúitithe ragoibre ar ráta 0,56 % den bhuntuarastal míosúil do gach uair an chloig ragoibre ar an mbonn a leagtar amach i bpointe (a).

(c)

chun bheith i dteideal saoire cúití nó luacha saothair maidir le huair an chloig ragoibre a fháil, is gá gur mó ná tríocha nóiméad an t-am a oibríodh.';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

'Airteagal 3

D'ainneoin na bhforálacha roimhe seo san Iarscríbhinn seo, féadfar luach saothair maidir le ragobair a rinne grúpaí áirithe oifigeach de ghrád SC 1 go grád SC 6 agus de ghrád AST 1 go grád AST 4 a íoc i ndálaí speisialta i bhfoirm liúntais sheasta a gcinnfidh an t-údarás ceapacháin a mhéid agus a théarmaí tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhchoiste.';

(67)

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:

(a)

in Airteagal 1(3), cuirtear na focail 'de ghrád AST 3' in ionad na bhfocal 'de ghrád 3';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 3(1):

'Tosóidh an teidlíocht maidir leis an liúntas sin ar an gcéad lá den mhí ina dtosaíonn an leanbh ag freastal ar fhoras bunoideachais agus cuirfear deireadh leis ag deireadh na míosa ina gcríochnóidh an leanbh a chuid oideachais nó ag deireadh na míosa ina slánóidh an leanbh fiche a sé bliana d'aois, cibé acu is túisce.';

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

'Airteagal 7

1.   Beidh oifigeach i dteideal íocaíochta ar ráta comhréidh a chomhfhreagróidh don chostas taistil dó féin, dá chéile agus do na cleithiúnaithe dá chuid a chónaíonn iarbhír ina theaghlach:

(a)

ar thosú ina phost dó, ón áit ar earcaíodh é chuig an áit a mbeidh sé fostaithe;

(b)

ar chríochnú a chuid seirbhíse dó de réir bhrí Airteagal 47 de na Rialacháin Foirne, ón áit a bhfuil sé fostaithe chuig an áit bhunaidh mar a shainmhínítear i mír 4 den Airteagal seo;

(c)

ar aon aistriú a mbeidh athrú ar a áit fostaíochta ag baint leis.

I gcás báis oifigigh, beidh an céile marthanach agus na cleithiúnaithe i dteideal na híocaíochta ar ráta comhréidh faoi na coinníollacha céanna.

Ní aisíocfar speansais taistil i gcás leanaí a bheidh níos óige ná dhá bhliain d'aois le linn na bliana féilire ar fad.

2.   Beidh an íocaíocht ar ráta comhréidh bunaithe ar liúntas in aghaidh an chiliméadair d'fhad geografach idir na háiteanna dá dtagraítear i mír 1.

Is é seo a leanas an liúntas a bheidh ann in aghaidh an chiliméadair:

EUR 0 in aghaidh gach ciliméadair ó

0 go 200 km

EUR 0,1895 in aghaidh gach ciliméadair ó

201 go 1 000 km

EUR 0,3158 in aghaidh gach ciliméadair ó

1 001 go 2 000 km

EUR 0,1895 in aghaidh gach ciliméadair ó

2 001 go 3 000 km

EUR 0,0631 in aghaidh gach ciliméadair ó

3 001 go 4 000 km

EUR 0,0305 in aghaidh gach ciliméadair ó

4 001 go 10 000 km

EUR 0 in aghaidh gach ciliméadair thar

10 000 km.

Cuirfear forlíonadh ar ráta comhréidh leis an liúntas in aghaidh an chiliméadair thuas arb ionann é agus:

EUR 94,74 má tá an fad geografach idir na háiteanna dá dtagraítear i mír 1 idir 600 km agus 1 200 km,

EUR 189,46 má tá an fad geografach idir na háiteanna dá dtagraítear i mír 1 níos mó ná 1 200 km.

Déanfar na liúntais in aghaidh an chiliméadair agus na forlíonta ar ráta comhréidh thuas a uasdátú gach bliain sa chomhréir chéanna le luach saothair.

3.   De mhaolú ar mhír 2, na speansais taistil i ndáil le haistriú lena mbaineann athrú idir áit fostaíochta laistigh de chríocha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus áit fostaíochta lasmuigh de na críocha sin nó i ndáil le haistriú lena mbaineann athrú idir áiteanna fostaíochta lasmuigh de na críocha sin, aisíocfar i bhfoirm íocaíochta ar ráta comhréidh iad bunaithe ar chostas aerthaistil sa chéad ghrád eile is airde tar éis an ghráid bharainne.

4.   Déanfar áit bhunaidh oifigigh a chinneadh nuair a thosóidh sé a phost, agus an áit ar earcaíodh é nó, arna iarraidh sin go sainráiteach agus go cuí-réasúnaithe, an áit ina bhfuil a lárionad leasa á gcur san áireamh. Féadfaidh an t-údarás ceapacháin trí chinneadh speisialta an áit bhunaidh a cinneadh amhlaidh a athrú fad agus atá an t-oifigeach sa tseirbhís nó nuair a imíonn sé ón tseirbhís. Fad agus atá sé sa tseirbhís, áfach, is go heisceachtúil agus ar thabhairt ar aird fianaise tacaíochta agus oiriúnaí ag an oifigeach a dhéanfar an cinneadh sin.

Ní bheidh sé de thoradh ar athrú den sórt sin, áfach, go n-aithneofar mar lárionad leasa an oifigigh áit atá lasmuigh de chríocha Bhallstáit an Aontais chomh maith le lasmuigh de na tíortha agus na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de chríocha Bhallstáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa.';

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

'Airteagal 8

'1.   Oifigigh atá i dteideal an liúntais easaoránachta nó an liúntais chónaithe eachtraigh, beidh siad i dteideal íocaíochta ar ráta comhréidh i ngach bliain féilire, laistigh den teorainn a leagtar amach i mír 2, ar íocaíocht í a chomhfhreagróidh don chostas taistil ón áit fostaíochta chuig an áit bhunaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 7 dóibh féin agus, más rud é go bhfuil siad i dteideal an liúntais teaghlaigh, don chéilí agus do na cleithiúnaithe laistigh de bhrí Airteagal 2.

I gcás ina mbeidh fear céile agus bean chéile beirt ina n-oifigigh de chuid an Aontais Eorpaigh, beidh sé de cheart ag gach aon duine den bheirt maidir leis féin nó maidir léi féin agus maidir le cleithiúnaithe an íocaíocht ar ráta comhréidh a fháil maidir le speansais taistil, i gcomhréir leis na forálacha thuasluaite; ní bheidh gach cleithiúnaí i dteideal ach aon íocaíocht amháin a fháil. Socraítear an íocaíocht maidir le leanaí cleithiúnacha arna iarraidh sin don fhear céile nó don bhean chéile, ar bhonn áite bunaidh duine amháin nó an duine eile acu.

I gcás ina bpósfaidh oifigeach le linn bliana ar leith agus ina mbeidh sé i dteideal an liúntais teaghlaigh dá bharr sin, déanfar na speansais taistil a bheidh iníoctha i leith an chéile a ríomh i gcomhréir leis an tréimhse ó dháta an phósta go dtí deireadh na bliana.

Ní bheidh aon dliteanas ar an oifigeach aisíocaíocht a dhéanamh de dheasca aon athraithe a d'fhéadfadh teacht ar an mbonn ríofa de dhroim athruithe ar a stádas teaghlaigh tar éis an dáta a íocfar na suimeanna lena mbaineann.

Ní aisíocfar speansais taistil i gcás leanaí a bheidh níos óige ná dhá bhliain d'aois le linn na bliana féilire ar fad.

2.   Beidh an íocaíocht ar ráta comhréidh bunaithe ar liúntas in aghaidh an chiliméadair d'fhad geografach idir áit fostaíochta an oifigigh agus a áit bhunaidh.

I gcás ina mbeidh an áit bhunaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 7 lasmuigh de chríocha Bhallstáit an Aontais agus lasmuigh de na tíortha agus de na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de chríocha Bhallstáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, beidh an ráta comhréidh bunaithe ar liúntas in aghaidh an chiliméadair d'fhad geografach idir áit fostaíochta an oifigigh agus príomhchathair an Bhallstáit a bhfuil an náisiúntacht sin aige. Oifigigh a bhfuil a n-áit bhunaidh lasmuigh de chríocha Bhallstáit an Aontais agus lasmuigh de na tíortha agus de na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de chríocha Bhallstáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus nach náisiúnaigh de cheann amháin de na Ballstáit iad, ní bheidh siad i dteideal na híocaíochta ar ráta comhréidh.

Is é seo a leanas an liúntas a bheidh ann in aghaidh an chiliméadair:

EUR 0 in aghaidh gach ciliméadair ó

0 go 200 km

EUR 0,3790 in aghaidh gach ciliméadair ó

201 go 1 000 km

EUR 0,6316 in aghaidh gach ciliméadair ó

1 001 go 2 000 km

EUR 0,3790 in aghaidh gach ciliméadair ó

2 001 go 3 000 km

EUR 0,1262 in aghaidh gach ciliméadair ó

3 001 go 4 000 km

EUR 0,0609 in aghaidh gach ciliméadair ó

4 001 go 10 000 km

EUR 0 in aghaidh gach ciliméadair thar

10 000 km.

Cuirfear forlíonadh ar ráta comhréidh leis an liúntas in aghaidh an chiliméadair thuas arb ionann é agus:

EUR 189,48 má tá an fad geografach idir an áit fostaíochta agus an áit bhunaidh idir 600 km agus 1 200 km,

EUR 378,93 má tá an fad geografach idir an áit fostaíochta agus an áit bhunaidh níos mó ná 1 200 km.

Déanfar na liúntais in aghaidh an chiliméadair agus na forlíonta ar ráta comhréidh thuas a uasdátú gach bliain sa chomhréir chéanna le luach saothair.

3.   Oifigeach a bhfoircheannfar a sheirbhís le linn bliana féilire ar aon chúis cé is moite de bhás nó oifigeach a bheidh ar saoire ar fhorais phearsanta le linn chuid den bhliain, má tá stádas gníomhach aige i seirbhís institiúide de chuid an Aontais ar feadh níos lú ná naoi mí den bhliain sin, ní bheidh sé i dteideal ach cuid den íocaíocht ar ráta comhréidh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, arna ríomh i gcomhréir leis an am arna chaitheamh ar stádas gníomhach.

4.   Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo maidir le hoifigigh a bhfuil a n-áit fostaíochta laistigh de chríocha na mBallstát. Beidh oifigigh a bhfuil a n-áit fostaíochta lasmuigh de chríocha na mBallstát i dteideal íocaíochta ar ráta comhréidh maidir le speansais taistil chuig a n-áit bhunaidh, nó aisíocaíochta speansas taistil chuig áit eile nach sáróidh na speansais taistil chuig an áit bhunaidh, gach bliain féilire dóibh féin, agus más rud é go bhfuil siad i dteideal an liúntais teaghlaigh, dá gcéilí agus dá gcleithiúnaithe eile laistigh de bhrí Airteagal 2. Más rud é, áfach, nach gcónaíonn an céile agus na daoine dá dtagraítear in Airteagal 2(2) leis an oifigeach ag an áit fostaíochta, beidh siad i dteideal aisíocaíochta speansas taistil ón áit bhunaidh chuig an áit fostaíochta nó chuig áit eile nach sáróidh costas an turais sin, gach bliain féilire.

Is ar chostas aerthaistil i ngrád barainne a bheidh an íocaíocht ar ráta comhréidh bunaithe.';

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

'Airteagal 9

1.   Laistigh de na huasteorainneacha costais, oifigigh nach mór dóibh a n-áit chónaithe a athrú chun Airteagal 20 de na Rialacháin Foirne a chomhlíonadh ar theacht isteach sa tseirbhís dóibh nó de bharr athraithe ar an áit fostaíochta ina dhiaidh sin agus iad sa tseirbhís agus nár aisíocadh i leith na speansas céanna ó fhoinse eile, beidh siad i dteideal aisíocaíocht na speansas arna dtabhú i ndáil le haistriú an troscáin agus an tsealúchais phearsanta, lena n-áirítear costas árachais in aghaidh gnáthrioscaí (go háirithe briseadh, goid, dóiteán).

Cuirfear san áireamh sna huasteorainneacha imthosca teaghlaigh an oifigigh tráth an aistrithe, agus meánchostais aistrithe agus an árachais a bhaineann leis.

Glacfaidh údarás ceapacháin gach institiúide forálacha ginearálta cur chun feidhme chun éifeacht a thabhairt don mhír seo.

2.   Ar fhoirceannadh seirbhíse oifigigh nó ar a bhás, aisíocfar na speansais arna dtabhú i ndáil leis an aistriú ón áit a raibh sé fostaithe go dtí a áit bhunaidh laistigh de na huasteorainneacha a shainmhínítear i mír 1. I gcás ina raibh an t-oifigeach neamhphósta, aisíocfar na speansais sin dóibh siúd atá ina dteideal mar gheall ar a ngaol leis.

3.   I gcás oifigigh bhunaithe, cuirfear an t-aistriú i gcrích laistigh de bhliain ó dheireadh a thréimhse promhaidh. I gcás ina ndéanfar seirbhís a fhoirceannadh, cuirfear an t-aistriú i gcrích laistigh de thrí bliana mar a fhoráiltear sa dara fomhír d'Airteagal 6(4). Aistrithe a chuirfear i gcrích tar éis do na teorainneacha ama a leagtar amach sa mhír seo dul in éag, ní dhéanfar iad a aisíoc ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus trí chinneadh speisialta ón údarás ceapacháin.';

(f)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

'3.   Athbhreithneoidh an Coimisiún na rátaí a leagtar amach i bpointe (1) de mhír 2 gach dhá bhliain. Déanfar an t-athbhreithniú sin i bhfianaise tuarascála maidir le praghsanna óstán, bialanna agus seirbhísí lónadóireachta, agus beidh sé bunaithe ar na treoiruimhreacha maidir leis an athrú a thagann ar na praghsanna sin. Chun críocha an athbhreithnithe sin, gníomhóidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus le hAirteagal 112 de na Rialacháin Foirne.';

(ii)

cuirtear an mír seo a leanas leis:

'4.   De mhaolú ar mhír 1, costais lóistín arna dtabhú ag oifigigh i gcás misean chuig príomhionaid oibre a n-institiúidí dá dtagraítear i bPrótacal Uimh. 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfar iad a aisíoc ar bhonn suime ar ráta comhréidh nach sáróidh an t-uasmhéid arna shocrú i gcás na mBallstát i gceist.';

(g)

in Airteagal 13a, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí éagsúla' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí éagsúla';

(h)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Íocfar gach oifigeach san áit agus in airgeadra na tíre ina mbeidh sé i mbun a chuid dualgas nó, ar iarraidh sin ón oifigeach, in euro i mbanc laistigh den Aontas Eorpach.';

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

'Faoi na coinníollacha arna leagan síos i rialacha arna socrú ag údaráis cheapacháin gach institiúide de chomhthoiliú tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne, féadfaidh oifigigh iarratas a chur isteach ar aistriú speisialta tráthrialta de chuid dá luach saothair.';

(iii)

sa chéad abairt de mhír 3, cuirtear na focail 'in airgeadra an Bhallstáit ábhartha' isteach i ndiaidh na bhfocal 'déanfar'.

(iv)

sa chéad abairt de mhír 4, cuirtear na focail 'san airgeadra áitiúil' isteach i ndiaidh na bhfocal 'chuig Ballstát eile'.

(68)

Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

i bpointe (b) d'Airteagal 3, cuirtear na focail 'faoi Airteagal 41, faoi Airteagal 42c agus faoi Airteagal 50' in ionad na bhfocal 'faoi Airteagal 41 agus faoi Airteagal 50'.

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

'Airteagal 5

D'ainneoin fhorálacha Airteagal 2 den Iarscríbhinn seo, oifigigh a bheidh fós i mbun seirbhíse tar éis dóibh an aois inphinsin a bhaint amach, beidh siad i dteideal ardaithe ar a bpinsean is ionann agus 1,5 % den bhuntuarastal a chuirfear san áireamh agus a bpinsean á ríomh i ndáil le gach bliain a d'oibrigh siad tar éis dóibh an aois sin a bhaint amach, ar choinníoll nach mbeidh méid iomlán a bpinsin móide an t-ardú níos mó ná 70 % dá mbuntuarastal deiridh amhail dá dtagraítear sa dara mír nó sa tríú mír, de réir mar a bheidh, d'Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne.

Beidh ardú den sórt sin iníoctha, mar an gcéanna, i gcás báis oifigigh a bhí fós i mbun seirbhíse tar éis dó an aois inphinsin a bhaint amach.';

(c)

in Airteagal 6, cuirtear na focail 'ag an gcéad chéim de ghrád AST 1' in ionad na bhfocal 'ag an gcéad chéim de ghrád 1';

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

'Airteagal 9

Aon oifigeach a fhágfaidh an tseirbhís sula slánóidh sé an aois inphinsin, féadfaidh sé na nithe seo a leanas a iarraidh maidir lena phinsean scoir:

(a)

go gcuirfear siar é go dtí an chéad lá den mhí féilire i ndiaidh na míosa sin ina slánóidh sé an aois inphinsin; nó

(b)

go n-íocfar é láithreach bonn, ar choinníoll nach mbeidh sé níos óige ná 58 bliana d'aois. Sa chás sin, laghdófar an pinsean scoir méid áirithe arna ríomh faoi threoir na haoise a bheidh ag an oifigeach nuair a thosóidh sé ag tarraingt a phinsin.

Laghdófar an pinsean 3,5 % maidir le gach bliain roimh an mbliain sin a mbeadh an t-oifigeach i dteideal pinsin scoir de réir bhrí Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne. Má tá níos mó ná líon slán blianta de dhifríocht idir an aois ag a mbeidh an t-oifigeach i dteideal pinsin scoir de réir bhrí Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne agus aois an duine lena mbaineann ag an am, cuirfear bliain eile sa bhreis leis an laghdú agus é á ríomh.';

(e)

sa dara fomhír d'Airteagal 11(2), cuirtear na focail 'údarás ceapacháin na hinstitiúide' in ionad na bhfocal 'an institiúid';

(f)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír:

'1.   Aon oifigeach nach mbeidh an aois inphinsin slánaithe aige agus a ndéanfar a sheirbhís a fhoirceannadh ar chúis eile seachas é d'fháil bháis nó de dheasca easláine agus nach mbeidh i dteideal pinsean scoir a fháil láithreach nó nach mbeidh i dteideal pinsin iarchurtha scoir, beidh sé i dteideal na nithe seo a leanas ar fhágáil na seirbhíse dó:

(a)

i gcás ina mbeidh níos lú ná bliain amháin caite aige i mbun seirbhíse agus nach mbeidh leas bainte aige as na socruithe a leagtar síos in Airteagal 11(2), beidh sé i dteideal deontais téarfa is ionann agus trí oiread na méideanna a coimeádadh siar óna bhuntuarastal i ndáil lena ranníocaíochtaí pinsin, tar éis aon mhéideanna a íocadh faoi Airteagal 42 agus faoi Airteagal 112 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a bheith asbhainte;

(b)

i gcásanna eile, beidh sé i dteideal na sochar dá bhforáiltear faoi Airteagal 11(1) nó beidh sé i dteideal comhionann achtúireach sochar den sórt sin a íoc le cuideachta phríobháideach árachais nó le ciste príobháideach pinsean is rogha leo féin, ar choinníoll go dtabharfaidh cuideachta den sórt sin nó ciste den sórt sin ráthaíocht maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

nach ndéanfar an caipiteal a aisíoc;

(ii)

go n-íocfar ioncam míosúil ó 60 bliain d'aois ar aghaidh ar a luaithe agus ó 66 bliana d'aois ar aghaidh ar a dhéanaí;

(iii)

go n-áireofar forálacha maidir le frithdhílse nó maidir le pinsin mharthanóirí;

(iv)

nach dtabharfar údarú maidir le haistriú go cuideachta eile árachais nó go ciste eile ach amháin má bhíonn na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) á gcomhlíonadh ag ciste den sórt sin.';

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, oifigigh faoi bhun na haoise inphinsin a mbeidh íocaíochtaí déanta acu, ó chuaigh siad i mbun dualgas, d'fhonn cearta pinsin a shuíomh nó a chothabháil, le scéim náisiúnta pinsin, le scéim árachais phríobháidigh, nó le ciste pinsin ba rogha leo féin, a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus ar oifigigh iad a ndéantar a seirbhís a fhoirceannadh ar chúiseanna eile seachas é d'fháil bháis nó de dheasca easláine agus nach mbeidh cáilithe le haghaidh pinsean scoir a fháil láithreach nó nach mbeidh cáilithe le haghaidh pinsin iarchurtha scoir, beidh siad i dteideal deontais téarfa, ar fhágáil na seirbhíse dóibh, is ionann agus luach achtúireach na gceart pinsean a ghnóthaigh siad agus iad i mbun seirbhíse sna hinstitiúidí. Sna cásanna sin, déanfar na híocaíochtaí sin a rinne na hoifigigh d'fhonn a gcearta pinsin faoin scéim náisiúnta pinsin a shuíomh nó a chothabháil, agus Airteagal 42 nó Airteagal 112 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile á chur i bhfeidhm, a asbhaint ón deontas téarfa.';

(g)

in Airteagal 15, cuirtear na focail 'an aois inphinsin' in ionad na bhfocal '63 bliana';

(h)

in Airteagal 18a, cuirtear na focail 'an aois inphinsin' in ionad na bhfocal '63 bliana';

(i)

sa dara mír d'Airteagal 27, cuirtear na focail 'arna uasdátú' in ionad na bhfocal 'arna choigeartú';

(j)

leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

(i)

sa tríú mír, cuirtear na focail 'san Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'sa Bhallstát cónaithe';

(ii)

sa chéad abairt den cheathrú mír, cuirtear na focail 'san Aontas Eorpach nó' isteach i ndiaidh na bhfocal 'i mbanc';

(iii)

sa dara habairt den cheathrú mír, scriostar na focail 'in euro isteach i mbanc sa tír ina bhfuil a cheannáras ag an institiúid, nó';

(69)

Leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

in Airteagal 2(3), cuirtear na focail 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 5(1):

'Bunófar Bord Araíonachta, dá ngairtear 'an Bord' anseo feasta, i ngach institiúid, ach amháin má chinneann dhá ghníomhaireacht nó níos mó, i gcomhréir le mír 1a d'Airteagal 9 de na Rialacháin Foirne, Comhbhord a chur ar bun.';

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

'Airteagal 30

Gan dochar d'Airteagal 2(3), glacfaidh údarás ceapacháin gach institiúide, más cuí leis é, socruithe cur chun feidhme i gcomhair na hIarscríbhinne seo tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Foirne';

(70)

Leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

'Airteagal 6

Beidh oifigeach i dteideal saoire bhliantúil dhá lá oibre, in aghaidh gach bliain féilire do gach mí seirbhíse.

D'ainneoin na chéad míre den Airteagal seo, beidh oifigigh i gceann poist cheana féin i dtríú tír an 1 Eanáir 2014 i dteideal:

trí lá oibre ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;

dhá lá go leith ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015.';

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

'Airteagal 7

Sa bhliain ina rachaidh oifigeach i mbun a dhualgas nó ina scoirfidh sé de bheith i mbun a chuid dualgas a chomhlíonadh i dtríú tír, beidh sé i dteideal dhá lá saoire do gach mí iomlán seirbhíse, dhá lá oibre do mhí neamhiomlán de níos mó ná 15 lá agus lá amháin oibre do gach mí neamhiomlán de 15 lá nó níos lú.

I gcás nach mbeidh, ar chúiseanna seachas ceanglais na seirbhíse, a sciar iomlán de shaoire bhliantúil ídithe ag an oifigeach roimh dheireadh na bliana féilire reatha, ní fhéadfar níos mó ná 14 lá a thabhairt trasna go dtí an chéad bhliain eile.';

(c)

in Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

'Na hoifigigh a ghlacfaidh páirt i gcúrsaí oiliúna gairmiúla de bhun Airteagal 24a de na Rialacháin Foirne agus a dtabharfar saoire sosa dóibh de bhun chéad mhír an Airteagail seo, déanfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, a dtréimhsí oiliúna gairmiúla a chur lena saoire sosa.';

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):

'1.   Féadfar saoire bhliantúil a ghlacadh d'aon iarraidh nó i roinnt tréimhsí mar is fearr leis an oifigeach é agus ceanglais na seirbhíse á gcur san áireamh. Ní mór, áfach, tréimhse amháin de dhá sheachtain chomhleanúnacha ar a laghad a bheith ar áireamh ann.';

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

'Airteagal 10

1.   Déanfar liúntas i leith dálaí maireachtála a shocrú, de réir áit fostaíochta an oifigigh, mar chéatadán den mhéid tagartha. Áireofar sa mhéid tagartha sin an buntuarastal iomlán, móide an liúntas easaoránachta, an liúntas teaghlaigh agus an liúntas linbh chleithiúnaigh, lúide na hasbhaintí éigeantacha dá dtagraítear sna Rialacháin Foirne nó sna rialacháin arna nglacadh chun iad a chur chun feidhme

Sa chás go bhfuil oifigeach fostaithe i dtír ina meastar na dálaí maireachtála a bheith comhionann leis na dálaí atá ar fáil san Aontas Eorpach de ghnáth, ní íocfar liúntas den sórt sin leis.

I gcás áiteanna eile fostaíochta, déanfar an liúntas i leith dálaí maireachtála a shocrú agus, inter alia, na paraiméadair seo a leanas á gcur san áireamh:

an timpeallacht sláinte agus ospidéil,

slándáil,

aeráid,

an leibhéal leithlise,

dálaí eile maireachtála áitiúla.

Déanfaidh an t-údarás ceapacháin an liúntas i leith dálaí maireachtála arna socrú do gach áit fostaíochta a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, a choigeartú gach bliain tar éis tuairim an Choiste Foirne a fháil.

Féadfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh préimh bhreise le cois an liúntais i leith dálaí maireachtála a dheonú sa chás ina ndéanfar oifigeach a shannadh níos mó ná uair amháin chuig áit fostaíochta a mheastar a bheith deacair nó an-deacair. Ní rachaidh an phréimh bhreise sin thar 5 % den mhéid tagartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus tabharfaidh an t-údarás ceapacháin bunús lena chinntí ar leith chun cóir chomhionann a urramú, agus bunófar é ar leibhéal deacrachta an tsannta dheireanaigh.

2.   Más rud é gur ann do bhaol pearsanta don oifigeach de bharr dhálaí maireachtála na háite fostaíochta, déanfar liúntas breise sealadach a íoc leis de réir chinneadh réasúnaithe speisialta an údaráis cheapacháin. Déanfar an liúntas sin a shocrú mar chéatadán den mhéid tagartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1:

i gcás ina molfaidh an t-údarás dá fhoireann gan a dteaghlaigh agus a gcleithiúnaithe eile a lonnú san áit fostaíochta, ar choinníoll go gcloífidh siad leis an moladh sin;

i gcás ina gcinnfidh an t-údarás líon na foirne atá i seirbhís san áit fostaíochta a laghdú go sealadach.

I gcásanna a mbeidh údar cuí leo, féadfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh freisin gur postáil neamhtheaghlaigh é post ar leith. Íocfar an liúntas thuasluaite le comhaltaí den fhoireann a urramóidh an cinneadh sin.

3.   Déanfaidh an t-údarás ceapacháin forálacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo a chinneadh.';

(f)

sa chéad abairt d'Airteagal 11, cuirtear na focail 'san Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'sa Bheilg';

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

'Airteagal 13

Chun a áirithiú a oiread is féidir go mbeidh cumhacht ceannaigh choibhéiseach ag oifigigh beag beann ar a n-áit fostaíochta, déanfar an t-ualú dá dtagraítear in Airteagal 12 a uasdátú uair sa bhliain i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Maidir leis an uasdátú, déanfar na luachanna go léir a thuiscint mar luachanna tagartha. Foilseoidh an Coimisiún, chun críocha faisnéise, na luachanna uasdátaithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Más rud é, áfach, i gcás tíre áirithe, go bhfaightear go raibh an t-athrú ar an gcostas maireachtála arna thomhas ar bhonn an ualaithe agus an ráta malairte comhfhreagrach os coinn 5 % ón uasdátú deireanach, déanfar uasdátú eatramhach ar an ualú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa chéad mhír.';

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

'Airteagal 23

Ar bhonn liosta tíortha a bheidh le sainiú ag an údarás ceapacháin, agus i gcás nach gcuirfidh an institiúid lóistín ar fáil don oifigeach, déanfaidh an t-údarás ceapacháin liúntas lóistín a íoc leis an oifigeach nó déanfaidh sé an cíos a íocfaidh an t-oifigeach a aisíoc leis.

Déanfar an liúntas lóistín a íoc nuair a thíolacfar comhaontú tionóntachta mura rud é go ndéanfaidh an t-údaras ceapacháin an oibleagáid sin a tharscaoileadh ar chúiseanna a mbeidh údar cuí leo bunaithe ar chleachtais agus ar dhálaí áitiúla san áit fostaíochta sa tríú tíortha lena mbaineann. Déanfar an liúntas lóistín a ríomh go príomhúil de réir leibhéal dualgas an oifigigh agus ina dhiaidh sin de réir líon a theaghlaigh chleithiúnaigh.

Déanfar an cíos a aisíoc, ar choinníoll go ndéanfaidh an t-údarás ceapacháin an lóistín a údarú go sainráite agus go gcomhfhreagróidh sé go príomhúil do leibhéal dualgas an oifigigh agus ina dhiaidh sin do líon a theaghlaigh chleithiúnaigh.

Déanfaidh an t-údarás ceapacháin rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo. I gcás ar bith, ní rachaidh an liúntas lóistín thar na costais a thabhóidh an t-oifigeach.';

(71)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XI:

'IARSCRÍBHINN XI

RIALACHA MAIDIR LE HAIRTEAGAL 64 AGUS LE HAIRTEAGAL 65 DE NA RIALACHÁIN FOIRNE A CHUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL 1

UASDÁTÚ BLIANTÚIL AR LUACH SAOTHAIR DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 65(1) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE

Roinn 1

Tosca a chinneann na huasdátuithe bliantúla

Airteagal 1

1.   Tuarascáil ó Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat)

Chun críche an uasdátaithe dá bhforáiltear in Airteagal 65(1) de na Rialacháin Foirne agus in Airteagal 13 d'Iarscríbhinn X, tarraingeoidh Eurostat tuarascáil suas gach bliain roimh dheireadh Dheireadh Fómhair maidir leis na hathruithe ar an gcostas maireachtála sa Bheilg agus i Lucsamburg, maidir leis na paireachtaí eacnamaíocha idir an Bhruiséil agus áiteanna áirithe eile sna Ballstáit agus i dtríú tíortha i gcás inar gá é, agus maidir le hathruithe i gcumhacht ceannaigh tuarastal i státseirbhísí náisiúnta sa rialtas lárnach.

2.   Athruithe ar an gcostas maireachtála sa Bheilg agus i Lucsamburg

Tarraingeoidh Eurostat suas innéacs chun athruithe ar an gcostas maireachtála d'oifigigh an Aontais sa Bheilg agus i Lucsamburg a thomhas. Déanfar an t-innéacs sin (dá ngairtear an "tInnéacs Comhpháirteach" anseo feasta) a ríomh trí bhoilsciú náisiúnta (arna thomhas ag Treoiruimhreacha Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (HICP) i gcás na Beilge agus ag an Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí (CPI) i gcás Lucsamburg) idir Meitheamh na bliana roimhe agus Meitheamh na bliana reatha a ualú de réir leithdháileadh na foirne i seirbhís sna Ballstáit sin.

3.   Athruithe ar an gcostas maireachtála lasmuigh den Bhruiséil

(a)

Déanfaidh Eurostat, i gcomhaontú le hinstitiúidí náisiúnta staidrimh nó le húdaráis eile iomchuí sna Ballstáit mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (dá ngairfear "institiúidí náisiúnta staidrimh nó údaráis eile iomchuí sna Ballstáit"), na paireachtaí eacnamaíocha a ríomh lena suífear:

(i)

coibhéis cumhachta ceannaigh thuarastail oifigigh an Aontais i seirbhís i bpríomhchathracha na mBallstát, ach amháin an Ísiltír ina n-úsáidtear an Háig in áit Amstardam, agus in áiteanna áirithe eile fostaíochta faoi threoir na Bruiséile,

(ii)

coibhéis cumhachta ceannaigh oifigeach a íoctar sna Ballstáit faoi threoir na Beilge.

(b)

Tagróidh na paireachtaí eacnamaíocha do mhí an Mheithimh gach bliain.

(c)

Ríomhfar na paireachtaí eacnamaíocha sa chaoi go bhféadfar gach comhpháirt bhunúsach a uasdátú faoi dhó in aghaidh na bliana agus déanfar iad a sheiceáil le suirbhé díreach uair amháin gach cúig bliana ar a laghad. Déanfaidh Eurostat na paireachtaí eacnamaíocha a uasdátú trí úsáid a bhaint as an athrú in Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí sna Ballstáit agus as na hinnéacsanna is iomchuí arna sainiú ag an nGrúpa Oibre maidir le hAirteagal 64 agus le hAirteagal 65 de na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 13.

(d)

Lasmuigh den Bheilg agus de Lucsamburg, déanfar athruithe ar an gcostas maireachtála le linn na tréimhse tagartha a thomhas de réir innéacsanna intuigthe. Déanfar na hinnéacsanna seo a ríomh tríd an Innéacs Comhpháirteach a iolrú faoin athrú ar an bpaireacht eacnamaíoch.

4.   Athruithe i gcumhacht ceannaigh thuarastail na státseirbhíseach náisiúnta sa rialtas lárnach (táscairí sonracha)

(a)

Chun críche an t-athrú céatadáin, cibé acu ardú nó ísliú, i gcumhacht ceannaigh tuarastal i státseirbhísí náisiúnta a thomhas, déanfaidh Eurostat, ar bhonn faisnéise arna soláthar roimh dheireadh Mheán Fómhair ag na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh nó ag na húdaráis eile iomchuí sna Ballstáit, táscairí sonracha a ríomh lena léireofar athruithe i bhfíorluach saothair státseirbhíseach sa rialtas lárnach, idir Iúil na bliana roimhe sin agus Iúil na bliana reatha. Ba cheart aon dóú cuid déag de gach eilimint is iníoctha go bliantúil a bheith ar áireamh sa dá cheann.

Beidh na táscairí sonracha in dhá fhoirm:

(i)

táscaire amháin i gcás gach ceann de na grúpaí feidhme mar a shainítear iad sna Rialacháin Foirne,

(ii)

meántáscaire arna ualú chun líon na státseirbhíseach náisiúnta a chomhfhreagraíonn do gach grúpa feidhme a léiriú.

Bunófar gach ceann de na táscairí sin i dtéarmaí fíorchomhlána agus fíorghlana. Maidir leis an athrú ó mhéid comhlán go méid glan, déanfar asbhaintí reachtúla agus tosca ginearálta cánachais a chur san áireamh.

D'fhonn na táscairí comhlána agus glana a shuíomh d'iomlán an Aontais Eorpaigh, déanfaidh Eurostat eiseamláir a úsáid atá comhdhéanta de na Ballstáit seo a leanas: an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh ar thogra ón gCoimisiún faoi Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sampla nua a ghlacadh a fhreagraíonn do 75 % ar a laghad d'olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais Eorpaigh agus a mbeidh feidhm aige ón mbliain tar éis é a ghlacadh. Déanfar na torthaí de réir tíre a ualú i gcomhréir le OTI comhiomlán náisiúnta iomchuí arna tomhas trí úsáid a bhaint as paireachtaí cumhachta ceannaigh mar a léirítear sa staidreamh is déanaí arna fhoilsiú i gcomhréir le sainmhínithe na gcuntas náisiúnta i gCóras Eorpach na gCuntas atá i bhfeidhm faoi láthair.

(b)

Arna iarraidh sin do Eurostat, soláthróidh na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh nó údaráis eile iomchuí sna Ballstáit an fhaisnéis bhreise dó a mheasfaidh sé is gá chun táscaire sonrach a tharraingt suas a thomhaisfidh go cruinn athruithe i gcumhacht ceannaigh státseirbhíseach náisiúnta.

Más rud é, tar éis tuilleadh comhairliúcháin leis na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh nó le húdaráis eile iomchuí sna Ballstáit, go n-aimsíonn Eurostat aimhrialtachtaí staitistiúla san fhaisnéis a fuarthas nó nach féidir leis táscairí a tharraingt suas a thomhaisfidh le cruinneas staitistiúil na hathruithe ar fhíorioncam státseirbhíseach i mBallstát áirithe, tabharfaidh sé tuairisc don Choimisiún agus soláthróidh sé an t-ábhar uile is gá dó chun measúnú a dhéanamh.

(c)

Le cois na dtáscairí sonracha, déanfaidh Eurostat táscairí rialaithe iomchuí a ríomh. Beidh ceann amháin de na táscairí sin i bhfoirm sonraí faoi fhíorluach saothair per capita sa rialtas lárnach, arna dtarraingt suas i gcomhréir le sainmhínithe na gcuntas náisiúnta i gCóras Eorpach na gCuntas atá i bhfeidhm faoi láthair.

Beidh barúlacha ag gabháil leis an tuarascáil ó Eurostat faoi na táscairí sonracha, maidir leis na difríochtaí idir na táscairí sin agus na táscairí rialaithe dá dtagraítear sa phointe seo.

Airteagal 2

Chun críche Airteagal 15 den Iarscríbhinn seo, déanfaidh an Coimisiún suirbhé rialta faoi riachtanais earcaíochta na n-institiúidí.

Roinn 2

Socruithe maidir leis an uasdátú bliantúil ar luach saothair agus ar phinsin

Airteagal 3

1.

Faoi Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne, ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn seo, déanfar an luach saothair agus na pinsin a uasdátú roimh dheireadh gach bliana, le héifeacht ón 1 Iúil.

2.

Déanfar méid an uasdátaithe a fháil tríd an Innéacs Comhpháirteach a iolrú faoin táscaire sonrach. Beidh an t-uasdátú i dtéarmaí glana mar chéatadán cuimsitheach aonfhoirmeach.

3.

Déanfar méid an uasdátaithe arna shocrú sa dóigh sin a ionchorprú, i gcomhréir leis an modh seo a leanas, sna táblaí buntuarastail atá in Airteagal 66 de na Rialacháin Foirne agus in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus in Airteagal 20, in Airteagal 93 agus in Airteagal 133 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile:

(a)

déanfar an luach saothair glan agus an pinsean glan gan comhéifeacht cheartúcháin a mhéadú nó a laghdú leis an uasdátú dá dtagraítear thuas,

(b)

déanfar an tábla nua buntuarastal a tharraingt suas trí ríomh a dhéanamh ar an méid comhlán a chomhfhreagróidh, tar éis asbhaint cánach a bheith déanta ag féachaint do mhír 4 agus asbhaintí éigeantacha don tslándáil shóisialta agus do ranníocaíochtaí pinsin, don mhéid glan,

(c)

déanfar tiontú méideanna glana i méideanna comhlána a bhunú ar staid oifigigh neamhphósta nach bhfaigheann na liúntais dá bhforáiltear sna Rialacháin Foirne.

4.

Chun na críocha Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 a chur i bhfeidhm, déanfar na méideanna in Airteagal 4 den Rialachán sin a iolrú faoi fhachtóir a bheidh comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

(a)

an fachtóir arb é toradh an uasdátaithe roimhe sin é, agus/nó

(b)

ráta an uasdátaithe ar luach saothair dá dtagraítear i mír 2.

5.

Ní bheidh feidhm ag aon chomhéifeacht cheartúcháin sa Bheilg nó i Lucsamburg. I gcás na gcomhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme:

(a)

maidir le tuarastail oifigigh an Aontais Eorpaigh i seirbhís sna Ballstáit eile agus in áiteanna fostaíochta áirithe eile,

(b)

de mhaolú ar Airteagal 82(1) de na Rialacháin Foirne, maidir le pinsin ón Aontas Eorpach arna n-íoc sna Ballstáit eile i gcás na coda sin a chomhfhreagraíonn do na cearta arna bhfáil roimh 1 Bealtaine 2004,

cinnfear iad ar bhonn na gcóimheas idir na paireachtaí eacnamaíocha comhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo agus na rátaí malairte a shonraítear in Airteagal 63 de na Rialacháin Foirne i gcomhair na dtíortha ábhartha.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 8 den Iarscríbhinn seo maidir le comhéifeachtaí ceartúcháin a chur i bhfeidhm go haisghníomhach in áiteanna fostaíochta ina bhfuil ardráta boilscithe.

6.

Déanfaidh na hinstitiúidí an t-uasdátú comhfhreagrach, dearfach nó diúltach, ar luach saothair agus ar phinsin na n-oifigeach, na n-iaroifigeach agus na ndaoine eile lena mbaineann an éifeacht aisghníomhach i gcomhair na tréimhse idir an dáta éifeachtach agus dáta theacht i bhfeidhm an chéad uasdátaithe eile.

Más gá de dheasca an uasdátaithe aisghníomhaigh sin suimeanna a ró-íocadh a ghnóthú, ní mór an gnóthú sin a shíneadh thar tréimhse nach mó ná 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an chéad uasdátaithe bhliantúil eile.

CAIBIDIL 2

UASDÁTUITHE IDIRMHEÁNACHA AR LUACH SAOTHAIR AGUS AR PHINSIN (AIRTEAGAL 65(2) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE)

Airteagal 4

1.

Cuirfear uasdátú idirmheánach ar luach saothair agus ar phinsin de bhun Airteagal 65(2) de na Rialacháin Foirne, a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir, i gcrích i gcás athraithe shubstaintiúil ar an gcostas maireachtála idir Meitheamh agus Nollaig (trí thagairt don tairseach íogaireachta a shainmhínítear in Airteagal 6 den Iarscríbhinn seo) agus réamhaisnéis maidir leis an athrú i gcumhacht ceannaigh le linn na tréimhse tagartha bliantúla reatha á chur san áireamh go cuí.

2.

Cuirfear uasdátuithe idirmheánacha den sórt sin san áireamh san uasdátú tuarastail bliantúil.

Airteagal 5

1.

I Márta gach bliain, déanfaidh Eurostat réamhaisnéis maidir leis na hathruithe i gcumhacht ceannaigh le linn na tréimhse lena mbaineann ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an gcruinniú dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Iarscríbhinn seo.

Má sholáthraítear leis an réamhaisnéis sin céatadán diúltach, déanfar leath an chéatadáin sin a chur san áireamh i ríomh an uasdátaithe idirmheánaigh.

2.

Tomhaisfear an t-athrú ar an gcostas maireachtála don Bheilg agus do Lucsamburg leis an Innéacs Comhpháirteach i gcomhair na tréimhse ó Mheitheamh go Nollaig na bliana féilire roimhe sin.

3.

Maidir le gach áit dá ndéanfar comhéifeacht cheartúcháin a shocrú (seachas an Bheilg agus Lucsamburg), ríomhfar don Nollaig meastachán ar na paireachtaí eacnamaíocha a luaitear in Airteagal 1(3). Déanfar an t-athrú ar an gcostas maireachtála a ríomh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 1(3).

Airteagal 6

1.

Is éard a bheidh sa tairseach íogaireachta i gcomhair na tréimhse sé mhí a luaitear in Airteagal 5(2) den Iarscríbhinn seo an céatadán a chomhfhreagróidh do 6 % ar feadh tréimhse 12 mhí.

2.

Déanfar an tairseach a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas, faoi réir chur i bhfeidhm an dara fomhír d'Airteagal 5(1) den Iarscríbhinn seo:

(a)

má shroichtear nó má sháraítear an tairseach íogaireachta sa Bheilg agus i Lucsamburg (mar a thomhaistear leis an Innéacs Comhpháirteach idir Meitheamh agus Nollaig), déanfar an luach saothair do na háiteanna uile a uasdátú tar éis an nós imeachta bhliantúil uasdátaithe,

(b)

mura sroichtear an tairseach íogaireachta sa Bheilg agus i Lucsamburg, ní dhéanfar comhéifeachtaí ceartúcháin a uasdátú ach amháin i gcás áiteanna ina sáróidh an t-athrú ar an gcostas maireachtála (mar a thomhaistear le hinnéacsanna intuigthe idir Meitheamh agus Nollaig) an tairseach.

Airteagal 7

Chun críocha Airteagal 6 den Iarscríbhinn seo:

Is é méid an uasdátaithe an tInnéacs Comhpháirteach arna iolrú, i gcás inarb iomchuí, faoi leath an táscaire shonraigh arna réamhaisnéisiú i gcás gur diúltach sin.

Is iad na comhéifeachtaí ceartúcháin an cóimheas idir an phaireacht ábhartha eacnamaíoch agus an ráta malairte dá bhforáiltear in Airteagal 63 de na Rialacháin Foirne, arna iolrú, más rud é nach sroichtear an tairseach uasdátaithe i gcomhair na Beilge agus Lucsamburg, faoi luach an uasdátaithe.

CAIBIDIL 3

AN DÁTA A THIOCFAIDH COMHÉIFEACHT CHEARTÚCHÁIN I bhFEIDHM (ÁITEANNA FOSTAÍOCHTA LENA mBAINEANN MÉADÚ ARDCHOSTAIS MHAIREACHTÁLA)

Airteagal 8

1.

I gcomhair áiteanna lena mbaineann méadú ardchostais mhaireachtála (mar a thomhaistear leis an athrú sna hinnéacsanna intuigthe), tiocfaidh an chomhéifeacht cheartúcháin i bhfeidhm roimh 1 Eanáir i gcás an uasdátaithe idirmheánaigh, nó 1 Iúil i gcás an uasdátaithe bhliantúil. Is amhlaidh a bheidh chun an caillteanas i gcumhacht ceannaigh a chur i gcomhréir leis an gcaillteanas a bheadh ann in áit fostaíochta ina gcomhfhreagródh an t-athrú ar an gcostas maireachtála leis an tairseach íogaireachta.

2.

Is mar seo a leanas a bheidh na dátaí éifeachtacha i gcomhair an uasdátaithe bhliantúil:

(a)

16 Bealtaine i gcás áiteanna fostaíochta ina bhfuil ráta boilscithe níos airde ná 6 %, agus

(b)

1 Bealtaine i gcás áiteanna fostaíochta ina bhfuil ráta boilscithe níos airde ná 10 %.

3.

Is mar seo a leanas a bheidh na dátaí éifeachtacha i gcomhair an uasdátaithe idirmheánaigh:

(a)

16 Samhain i gcás áiteanna fostaíochta ina bhfuil ráta boilscithe níos airde ná 6 %, agus

(b)

1 Samhain i gcás áiteanna fostaíochta ina bhfuil ráta boilscithe níos airde ná 10 %.

CAIBIDIL 4

CRUTHÚ AGUS AISTARRAINGT COMHÉIFEACHTAÍ CEARTÚCHÁIN (AIRTEAGAL 64 DE NA RIALACHÁIN FOIRNE)

Airteagal 9

1.

Féadfaidh údaráis iomchuí na mBallstát lena mbaineann, riarachán institiúide de chuid an Aontais nó ionadaithe oifigigh an Aontais in áit fostaíochta áirithe a iarraidh go gcruthófar comhéifeacht cheartúcháin a bheidh sonrach don áit sin.

Ba cheart tosca oibiachtúla a bheith mar thacaíocht ag iarraidh den sórt sin, ar tosca iad lena léirítear difríocht shuntasach thar roinnt blianta sa chostas maireachtála idir an áit fostaíochta sin agus príomhchathair an Bhallstáit lena mbaineann (ach amháin an Ísiltír ina n-úsáidtear an Háig in áit Amstardam). I gcás ina ndeimhneoidh Eurostat go bhfuil an difríocht suntasach (níos mó ná 5 %) agus marthanach, cuirfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus le hAirteagal 112 de na Rialacháin Foirne, comhéifeacht cheartúcháin i bhfeidhm i gcomhair na háite sin.

2.

Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus le hAirteagal 112 de na Rialacháin Foirne, feidhm comhéifeachta ceartúcháin a bhaineann go sonrach le háit áirithe aistarraingt. Sa chás sin, beidh an cinneadh bunaithe ar cheann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

iarraidh ó údaráis iomchuí an Bhallstáit lena mbaineann, riarachán institiúide de chuid an Aontais nó ionadaithe oifigigh an Aontais in áit fostaíochta áirithe ina léireofar nach bhfuil difríocht shuntasach ann a thuilleadh (níos lú ná 2 %) maidir leis an gcostas maireachtála san áit sin i gcomparáid leis an gcostas maireachtála i bpríomhchathair an Bhallstáit lena mbaineann. Ba cheart cóineasú den sórt sin a bheith marthanach agus fíoraithe ag Eurostat,

(b)

nach bhfuil aon oifigigh agus foireann shealadach de chuid an Aontais fostaithe san áit sin a thuilleadh.

CAIBIDIL 5

CLÁSAIL MHODHNÓIREACHTA AGUS EISCEACHTA

Airteagal 10

Beidh luach an táscaire shonraigh a úsáidtear i gcomhair an uasdátaithe bhliantúil faoi réir ag teorainn uachtair 2 % agus faoi réir ag teorainn íochtair – 2 %. Má sháraíonn luach an táscaire shonraigh an teorainn uachtair nó má tá sé faoi bhun na teorann íochtair, déanfar luach na teorann a úsáid chun an luach uasdátaithe a ríomh.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír nuair a bheidh feidhm ag Airteagal 11.

Déanfar iarmhar an uasdátaithe bhliantúil a eascróidh ón difríocht idir an luach uasdátaithe arna ríomh leis an táscaire sonrach agus an luach uasdátaithe arna ríomh leis an teorainn a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Aibreán den bhliain dár gcionn.

Airteagal 11

1.

Má thagann laghdú ar fhíor-OTI an Aontais don bhliain reatha de réir réamhaisnéis an Choimisiúin agus má bhíonn an táscaire sonrach dearfach, ní úsáidfear ach cuid den táscaire sonrach chun luach an uasdátaithe a ríomh. Déanfar iarmhar an luacha uasdátaithe a chomhfhreagraíonn d'iarmhar an táscaire shonraigh a chur i bhfeidhm amhail ó dháta níos déanaí sa bhliain dár gcionn. Ní chuirfear iarmhar an luacha uasdátaithe sin san áireamh chun críocha Airteagal 10. Déantar luach OTI an Aontais, na hiarmhairtí i ndáil le deighilt an táscaire shonraigh agus an dáta cur i bhfeidhm a shainiú i gcomhréir leis an tábla seo a leanas:

OTI an Aontais

Iarmhairtí i ndáil leis an táscaire sonrach

Dáta íocaíochta an dara cuid

[– 0,1 %; – 1 %]

33 %; 67 %

1 Aibreán na bliana n + 1

[– 1 %; – 3 %]

0 %; 100 %

1 Aibreán na bliana n + 1

faoi bhun – 3 %

0 %

2.

I gcás ina mbeidh bearna idir an réamhaisnéis a luaitear faoi mhír 1 agus na sonraí deiridh maidir le OTI an Aontais arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún agus go modhnódh na sonraí deiridh sin na hiarmhairtí a leagtar síos sa tábla faoi mhír 1, déanfar na ceartúcháin is gá, lena n-áirítear coigeartuithe aisghníomhacha, cibé acu dearfach nó diúltach, i gcomhréir leis an tábla céanna.

3.

Déanfaidh an Coimisiún, chun críocha faisnéise, aon mhéid tagartha uasdátaithe a fhoilsiú laistigh de dhá sheachtain ón gceartúchán i Sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.

Más rud é maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 nó mhír 2 nár úsáideadh luach an táscaire shonraigh chun an luach saothair agus na pinsin a uasdátú, beidh an luach deireanach sin ina bhonn d'uasdátú a bheidh ann amach anseo a ríomh más amhlaidh gur dearfach é ardú carnach OTI an Aontais arna thomhas ón mbliain inar cuireadh mír 1 nó mír 2 i bhfeidhm. In aon chás, beidh an luach a luaitear sa chéad abairt de réir analaí faoi réir na dteorainneacha agus na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 10 den Iarscríbhinn seo. Déanfaidh Eurostat an t-athrú a thagann ar OTI an Aontais a thomhas go rialta chun na críche seo.

5.

Más iomchuí, leanfaidh na hiarmhairtí dlíthiúla ó chur i bhfeidhm Airteagal 10 agus an Airteagail seo de lánéifeacht a bheith leo fiú tar éis dáta éagtha na hIarscríbhinne seo amhail dá dtagraítear in Airteagal 15.

CAIBIDIL 6

RÓL EUROSTAT AGUS CAIDREAMH LE hINSTITIÚIDÍ NÁISIÚNTA STAIDRIMH NÓ LE hÚDARÁIS EILE IOMCHUÍ NA mBALLSTÁT

Airteagal 12

Beidh sé de chúram ar Eurostat faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na mbunsonraí agus na modhanna staitistiúla arna n-úsáid chun na tosca a cuireadh san áireamh i gcomhair an uasdátaithe ar luach saothair a oibriú amach. Go háirithe, déanfaidh sé aon mheasúnuithe nó staidéar is gá i gcomhair faireacháin den sórt sin.

Airteagal 13

I Márta gach bliain, tionólfaidh Eurostat cruinniú grúpa oibre ina mbeidh saineolaithe ó oifigí náisiúnta staidrimh na mBallstát nó ó údaráis eile iomchuí sna Ballstáit, ar a dtabharfar 'an Grúpa Oibre maidir le hAirteagal 65 agus le hAirteagal 65 de na Rialacháin Foirne'.

Ag an gcruinniú sin, scrúdófar an mhodheolaíocht staitistiúil agus a cur chun feidhme maidir le táscairí sonracha agus le táscairí rialaithe, leis an innéacs comhpháirteach agus le paireachtaí eacnamaíocha.

Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun réamhaisnéis a sholáthar i leith athruithe i gcumhacht ceannaigh chun críocha uasdátú idirmheánach a dhéanamh ar luach saothair, soláthrófar freisin í, maille leis na sonraí i ndáil le huaireanta oibre i ranna an rialtais lárnaigh.

Airteagal 14

Arna iarraidh sin do Eurostat, cuirfidh na Ballstáit Eurostat ar an eolas maidir le haon tosca a bhfuil tionchar díreach nó indíreach acu ar chomhdhéanamh luacha saothair stáitseirbhísigh an rialtais lárnaigh agus athruithe air sin.

CAIBIDIL 7

FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH AGUS CLÁSAL ATHBHREITHNITHE

Airteagal 15

1.

Beidh feidhm ag forálacha na hIarscríbhinne seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2023.

2.

Roimh an 31 Márta 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Beidh aird sa tuarascáil sin ar an suirbhé a dhéanfar faoi Airteagal 2 den Iarscríbhinn seo agus déanfar measúnú inti, go háirithe, i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil an t-athrú a thagann ar chumhacht ceannaigh luach saothair agus phinsin oifigigh an Aontais i gcomhréir leis na hathruithe i gcumhacht ceannaigh tuarastal i státseirbhísí náisiúnta sna rialtais lárnacha. Ar bhonn na tuarascála sin, más iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra chun an Iarscríbhinn seo a leasú maille le hAirteagal 66a de na Rialacháin Foirne ar bhonn Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.

Chomh fada agus nach mbeidh Rialachán ar bhonn togra ón gCoimisiún glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, leanfaidh an Iarscríbhinn seo agus Airteagal 66a de na Rialacháin Foirne d'fheidhm a bheith acu go sealadach tar éis na dátaí éagtha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 66a de na Rialacháin Foirne.

4.

Faoi dheireadh 2018, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na hIarscríbhinne seo agus le cur i bhfeidhm Airteagal 66a de na Rialachán Foirne.';

(72)

Leasaítear Iarscríbhinn XII mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

'Airteagal 2

1.   Maidir le haon uasdátú ar an ráta ranníocaíochta, glacfaidh sé éifeacht ón 1 Iúil ag an tráth céanna leis an uasdátú bliantúil ar luach saothair faoi Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne. Ní bheidh aon uasdátú ina bhun le ranníocaíocht a bheith níos mó ná aon phointe céatadáin amháin os cionn nó faoi bhun an ráta bhailí don bhliain roimhe.

2.   Ní ghnóthófar an difríocht a shuífear idir uasdátú an ráta ranníocaíochta arbh é toradh an ríomha achtúirigh é agus an t-uasdátú arb é toradh an athraithe é dá dtagraítear san abairt dheireanach de mhír 1, tráth ar bith, nó ní chuirfear san áireamh é dá bhrí sin i ríomhanna achtúireacha ina dhiaidh. Luafar an ráta ranníocaíochta arbh é toradh an ríomha achtúirigh é sa tuarascáil mheasúnachta dá bhforáiltear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo.';

(b)

in Airteagal 4(6), cuirtear na focail '30 bliain' in ionad na bhfocal '12 bhliain';

(c)

in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 11(2), cuirtear na focail '30 bliain' in ionad na bhfocal '12 bhliain';

(d)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 11a

Go dtí 2020, d'fhonn Airteagal 4(6), Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(2) den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, ríomhfar an meán soghluaiste ar bhonn an amscála seo a leanas:

 

In 2014 – 16 bliana

 

In 2015 – 18 mbliana

 

In 2016 – 20 bliain

 

In 2017 – 22 bhliain

 

In 2018 – 24 bliana

 

In 2019 – 26 bliana

 

In 2020 – 28 mbliana.';

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

'Airteagal 12

Is é a bheidh sa ráta in Airteagal 4 agus in Airteagal 8 d'Iarscríbhinn VIII chun ús iolraithe a ríomh an ráta éifeachtach dá dtagraítear in Airteagal 10 den Iarscríbhinn seo agus, más gá, déanfar uasdátú air ar ócáid na measúnuithe achtúireacha a dhéanfar gach cúig bliana.

Maidir leis an uasdátú, déanfar an ráta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 8 d'Iarscríbhinn VIII a thuiscint mar ráta tagartha. Foilseoidh an Coimisiún, chun críocha faisnéise, an ráta éifeachtach uasdátaithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.';

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

'Airteagal 14

1.   In 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh aird sa tuarascáil sin ar impleachtaí buiséadacha na hIarscríbhinne seo agus déanfar measúnú inti ar chomhardú achtúireach an chórais pinsin. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún togra a chur isteach, más iomchuí, chun an Iarscríbhinn seo a leasú.

2.   In 2018, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na hIarscríbhinne seo.';

(73)

Leasaítear Iarscríbhinn XIII mar a leanas:

(a)

sa tríú fomhír d'Airteagal 7(2), cuirtear na focail 'a uasdátú' in ionad na bhfocal 'a choigeartú';

(b)

scriostar Airteagal 10, Airteagal 14 go hAirteagal 17 agus Airteagal 18(2);

(c)

in Airteagal 18(1), cuirtear na focail 'a uasdátú' in ionad na bhfocal 'a choigeartú' agus cuirtear an focal 'uasdátú' in ionad an fhocail 'coigeartú';

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

'Airteagal 19

D'ainneoin fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), leanfaidh Airteagail 63, 64, 65, 82 agus 83a de na Rialacháin Foirne, Iarscríbhinn XI agus Iarscríbhinn XII a ghabhann leo agus Airteagail 20(1), 64, 92 agus 132 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile mar a bhí i bhfeidhm roimh 1.11.2013 de bheith fós i bhfeidhm go heisiach chun críche aon choigeartú is gá chun breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 266 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh maidir le cur i bhfeidhm na n-airteagal sin.

(e)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(i)

scriostar mír 2;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 3:

'Ní bheidh pinsean oifigigh faoi réir na comhéifeachta ceartúcháin ach amháin más ionann áit chónaithe an oifigigh agus an áit dheireanach inar fostaíodh é nó an tír ina bhfuil a áit bhunaidh de réir bhrí Airteagal 7(4) d'Iarscríbhinn VII. Mar sin féin, ar chúiseanna teaghlaigh nó ar chúiseanna leighis, féadfaidh oifigigh a fhaigheann pinsean iarraidh ar an údarás ceapacháin a n-áit bhunaidh a athrú; déanfar an cinneadh maidir leis sin a ghlacadh ar thabhairt ar aird an fhianaise tacaíochta is iomchuí ag an oifigeach lena mbaineann.';

(iii)

scriostar an abairt dheireanach de mhír 4:

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

'Airteagal 21

D'ainneoin an dara habairt den dara mír d'Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne, beidh oifigigh a chuaigh isteach sa tseirbhís roimh an 1 Bealtaine 2004 i dteideal 2 % dá dtuarastal dá dtagraítear san abairt sin maidir le gach bliain de sheirbhís inphinsin a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 3 d'Iarscríbhinn VIII.

Beidh na hoifigigh a chuaigh isteach sa tseirbhís le linn na tréimhse ón 1 Bealtaine 2004 go dtí an 31 Nollaig i dteideal 1,9 % dá dtuarastal dá dtagraítear san abairt sin maidir le gach bliain de sheirbhís inphinsin a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 3 d'Iarscríbhinn VIII.';

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

'Airteagal 22

1.   Beidh oifigigh a mbeidh 20 bliain nó níos mó de sheirbhís curtha isteach acu an 1 Bealtaine 2004 i dteideal pinsin scoir nuair a shlánóidh siad 60 bliain d'aois.

Beidh oifigigh a bheidh 35 bliana d'aois nó níos sine an 1 Bealtaine 2014 agus a tháinig isteach sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2014 i dteideal pinsin scoir ag an aois a luaitear sa tábla thíos:

Aois an 1 Bealtaine 2014

Aois inphinsin

Aois an 1 Bealtaine 2014

Aois inphinsin

60 bliain agus níos sine

60 bliain

47 mbliana

62 bhliain 6 mhí

59 mbliana

60 bliain 2 mhí

46 bliana

62 bhliain 8 mí

58 mbliana

60 bliain 4 mhí

45 bliana

62 bhliain 10 mí

57 mbliana

60 bliain 6 mhí

44 bliana

63 bliana 2 mhí

56 bliana

60 bliain 8 mí

43 bliana

63 bliana 4 mhí

55 bliana

61 bhliain

42 bhliain

63 bliana 6 mhí

54 bliana

61 bhliain 2 mhí

41 bhliain

63 bliana 8 mí

53 bliana

61 bhliain 4 mhí

40 bliain

63 bliana 10 mí

52 bhliain

61 bhliain 6 mhí

39 mbliana

64 bliana 3 mhí

51 bhliain

61 bhliain 8 mí

38 mbliana

64 bliana 4 mhí

50 bliana

61 bhliain 11 mhí

37 mbliana

64 bliana 5 mhí

49 mbliana

62 bhliain 2 mhí

36 bliana

64 bliana 6 mhí

48 mbliana

62 bhliain 4 mhí

35 bliana

64 bliana 8 mí

Beidh oifigigh a bheidh níos óige ná 35 bliana d'aois an 1 Bealtaine 2014 i dteideal pinsin scoir nuair a bhainfidh siad 65 bliana d'aois amach.

I gcás oifigeach atá 45 bliana d'aois nó níos sine an 1 Bealtaine 2014 agus a tháinig isteach sa tseirbhís idir an 1 Bealtaine 2004 agus an 31 Nollaig 2013, áfach, fanfaidh an aois inphinsin ag 63 bliana.

Maidir le hoifigigh a bheidh sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2014, cinnfear an aois inphinsin atá le cur san áireamh i gcás gach tagartha don aois inphinsin sna Rialacháin Foirne seo i gcomhréir leis na forálacha thuasluaite, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sna Rialacháin Foirne seo.

2.   D'ainneoin Airteagal 2 d'Iarscríbhinn VIII, beidh oifigigh a rachaidh isteach sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2014 agus a fhanfaidh sa tseirbhís tar éis na haoise ag a mbeidís i dteideal pinsin scoir, beidh siad i dteideal méadú breise 2,5 % ar a mbuntuarastal deiridh do gach bliain a fhanfaidh siad i mbun oibre tar éis na haoise sin, ar choinníoll nach dtéann a bpinsean iomlán thar 70 % den bhuntuarastal deiridh de réir bhrí an dara nó an tríú mír d'Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne, de réir mar a bheidh.

I gcás oifigeach a bhí 50 bliain d'aois nó níos sine agus a raibh 20 bliain nó níos mó curtha isteach sa tseirbhís acu faoin 1 Bealtaine 2004, áfach, ní bheidh an méadú ar an bpinsean dá bhforáiltear san fhomhír roimhe seo níos lú ná 5 % de mhéid na gceart pinsin arna bhfáil ag 60 bliain d'aois.

Deonófar an méadú sin freisin i gcás báis, má tá an t-oifigeach fós sa tseirbhís tar éis na haoise ag a mbeadh sé i dteideal pinsin scoir.

Más rud é, de bhun Iarscríbhinn IVa, go ndéanfaidh oifigeach a thiocfaidh isteach sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2014 agus a bheidh ag obair go páirtaimseartha ranníocaíocht leis an scéim pinsin i gcoibhneas leis an am arna oibriú, cuirfear an méadú ar theidlíochtaí pinsin dá bhforáiltear san Airteagal seo i bhfeidhm bunaithe ar an gcoibhneas céanna sin.

3.   Má théann an t-oifigeach ar scor sula slánóidh sé an aois inphinsin mar a leagtar síos san Airteagal seo, ní chuirfear ach leath den laghdú a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 9 d'Iarscríbhinn VIII i bhfeidhm don tréimhse idir 60 bliain agus an aois inphinsin.

4.   De mhaolú ar an dara fomhír de mhír 1 d'Airteagal Aonair d'Iarscríbhinn IV, i gcás oifigigh a mbaineann aois inphinsin níos óige ná 65 bliana d'aois leis i gcomhréir le mír 1, gheobhaidh sé an liúntas dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin faoi na coinníollacha a leagtar síos inti go dtí an lá ar a slánóidh an t-oifigeach a aois inphinsin.

Mar sin féin, gheobhaidh an t-oifigeach an liúntas os cionn na haoise sin agus go dtí 65 bliana d'aois go dtí go slánóidh sé an t-uasphinsean scoir mura mbeadh feidhm ag Airteagal 42c de na Rialacháin Foirne.';

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

'Airteagal 23

1.   Nuair a bheidh feidhm ag pointe (a) d'Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne agus gan dochar d'fhorálacha Airteagal 50, cuirfear oifigeach atá sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2014 ar scor go huathoibríoch ar an lá deireanach den mhí ina slánóidh sé 65 bliana d'aois. Maidir le hoifigigh atá sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2014, léifear '65 bliana d'aois' agus 'aois 65' in ionad na bhfocal '66 bliana d'aois' agus 'aois 66' sa dara mír d'Airteagal 78 agus i bpointe (b) d'Airteagal 81a(1) de na Rialacháin Foirne agus i bpointe (b) d'Airteagal 12(1) d'Iarscríbhinn VIII.

2.   D'ainneoin Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne, féadfaidh oifigigh a chuaigh isteach sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2014 agus a fhágfaidh an tseirbhís roimh an aois ag a mbeidís i dteideal pinsin scoir i gcomhréir le hAirteagal 22 den Iarscríbhinn seo, féadfaidh siad a iarraidh go gcuirfear pointe (b) d'Airteagal 9(1) d'Iarscríbhinn VIII i bhfeidhm

(a)

go dtí an 31 Nollaig 2015 agus ag 55 bliana d'aois ar aghaidh;

(b)

go dtí an 31 Nollaig 2016 agus ag 57 mbliana d'aois ar aghaidh.

3.   De mhaolú ar an ochtú mír d'Airteagal 50 de na Rialacháin Foirne, beidh oifigeach a rachaidh ar scor ar mhaithe leis an tseirbhís i gcomhréir leis an chéad mhír d'Airteagal 50 de na Rialacháin Foirne i dteideal íocaíocht pinsin a fháil faoi Airteagal 9 d'Iarscríbhinn VIII i gcomhréir leis an tábla thíos:

Dáta an chinnidh faoin chéad mhír Airteagal 50

Aois

Go dtí 31 Nollaig 2016

55 bliana

Tar éis an 31 Nollaig 2016

58 mbliana'

(i)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 24a

I gcás pinsin arna chinneadh faoin 1 Eanáir 2014, leanfar de theidlíocht pinsin an fhaighteora a chinneadh ina dhiaidh an dáta sin i gcomhréir leis na rialacha a bhí i bhfeidhm nuair a cinneadh an teidlíocht i dtús báire. Is amhlaidh a bheidh i bhfeidhm maidir leis an gcumhdach faoin gcomhscéim um árachas breoiteachta.';

(j)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

'Airteagal 28

1.   Seirbhísigh dá dtagraítear in Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a bhí faoi chonradh an 1 Bealtaine 2004 agus a gceapfar ina n-oifigigh tar éis an dáta sin agus roimh an 1 Eanáir 2014, nuair a scoirfidh na seirbhísigh sin beidh siad i dteideal coigeartaithe achtúirigh ar na cearta pinsin a fuair siad nuair a bhí siad ina seirbhísigh shealadacha, agus cuirfear san áireamh sa choigeartú sin an t-athrú ar a n-aois inphinsin dá dtagraítear in Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne.

2.   Seirbhísigh dá dtagraítear in Airteagal 2, in Airteagal 3a agus in Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a bheidh faoi chonradh an 1 Eanáir 2014 agus a gceapfar ina n-oifigigh tar éis an dáta sin, nuair a scoirfidh na seirbhísigh sin beidh siad i dteideal coigeartaithe achtúirigh ar na cearta pinsin a fuair siad nuair a bhí siad ina gcomhaltaí foirne sealadaí nó ina gcomhaltaí foirne ar conradh agus cuirfear san áireamh sa choigeartú sin an t-athrú ar a n-aois inphinsin mar a thagraítear in Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne, i gcás go mbeidh siad 35 bliana d'aois ar a laghad an 1 Bealtaine 2014.';

(k)

cuirtear an Roinn seo a leanas leis:

'Roinn 5

Airteagal 30

1.   De mhaolú ar phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, beidh feidhm ag an tábla seo a leanas de na cineálacha post atá i ngrúpa feidhme AD maidir le hoifigigh atá sa tseirbhís an 31 Nollaig 2013:

Ard-Stiúrthóir

AD 15 – AD 16

Stiúrthóir

AD 14 – AD 15

Ceann aonaid nó a choibhéis

AD 9 – AD 14

Comhairleoir nó a choibhéis

AD 13 – AD 14

Riarthóir Sinsearach atá san idirthréimhse

AD 14

Riarthóir atá san idirthréimhse

AD 13

Riarthóir

AD 5 – AD 12

2.   Le héifeacht ón 1 Eanáir 2014, déanfaidh an t-údarás ceapacháin oifigigh atá sa tseirbhís an 31 Nollaig 2013 a aicmiú i ngrúpa feidhme AD de réir na gcineálacha post mar a leanas:

(a)

Déanfar oifigigh a bhí de ghrád AD 14 an 31 Nollaig 2013 agus nach Stiúrthóirí nó a choibhéis, Ceann aonaid nó a choibhéis nó Comhairleoir nó a choibhéis a bhí iontu a shannadh chuig an gcineál poist "Riarthóir Sinsearach atá san idirthréimhse".

(b)

Déanfar oifigigh a bhí de ghrád AD 13 an 31 Nollaig 2013 agus nach Ceann aonaid nó a choibhéis nó Comhairleoir nó a choibhéis a bhí iontu a shannadh chuig an gcineál poist "Riarthóir atá san idirthréimhse".

(c)

Déanfar oifigigh a bhí de ghrád AD 9 go grád AD 14 an 31 Nollaig 2013 agus ar Ceann aonaid nó a choibhéis a bhí iontu a shannadh chuig an gcineál poist "Ceann aonaid nó a choibhéis".

(d)

Déanfar oifigigh a bhí de ghrád AD 13 go grád AD 14 an 31 Nollaig 2013 agus ar Comhairleoir nó a choibhéis a bhí iontu a shannadh chuig an gcineál poist "Comhairleoir nó a choibhéis".

(e)

Déanfar oifigigh a bhí de ghrád AD 5 go grád AD 12 an 31 Nollaig 2013 agus nach Ceann aonaid nó a choibhéis a bhí iontu a shannadh chuig an gcineál poist "Riarthóir".

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh an t-údarás ceapacháin oifigigh de ghrád AD 9 go grád AD 14 a bhfuil freagracht speisialta acu a shannadh chuig an gcineál poist "Ceann aonaid nó a choibhéis" nó "Comhairleoir nó a choibhéis". Leagfaidh gach údarás ceapacháin forálacha síos chun éifeacht a thabhairt don Airteagal seo. Mar sin féin, ní rachaidh líon iomlán na n-oifigeach a rachaidh an fhoráil seo chun tairbhe dóibh thar 5 % de na hoifigigh i ngrúpa feidhme AD an 31 Nollaig 2013.

4.   Beidh an sannadh chuig cineál poist bailí go dtí go sannfar an t-oifigeach chuig feidhm nua a chomhfhreagraíonn do chineál eile poist.

5.   Ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos sa chéad mhír d'Airteagal 44, gheobhaidh oifigigh de ghrád AD 12, céim 5, ag a bhfuil post mar Riarthóir, ón 1 Eanáir 2016, méadú sa bhuntuarastal, ar méadú é a bheidh coibhéiseach leis an difríocht idir an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 12, céim 4 agus an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 12, céim 3.

6.   Ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos sa chéad mhír d'Airteagal 44, gheobhaidh oifigigh de ghrád AD 12, céim 5, ag a bhfuil post mar Riarthóir agus a rachaidh an beart i mír 5 chun tairbhe dóibh, tar éis dhá bhliain méadú breise sa bhuntuarastal, ar méadú é a bheidh coibhéiseach leis an difríocht idir an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 12, céim 5 agus an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 12, céim 4.

7.   De mhaolú ar mhír 5, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hoifigigh de ghrád AD 12 ag a bhfuil post mar Riarthóir, ar oifigigh iad a earcaíodh roimh an 1 Bealtaine 2004 agus nach bhfuair ardú céime idir an 1 Bealtaine 2004 agus an 31 Nollaig 2013:

(a)

ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos sa chéad mhír d'Airteagal 44, gheobhaidh oifigigh i gcéim 8, amhail ón 1 Eanáir 2016, méadú sa bhuntuarastal, ar méadú é a bheidh coibhéiseach leis an difríocht idir an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 12, céim 4 agus an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 12, céim 3.

(b)

ar choinníoll go rachaidh an beart i bpointe (a) chun tairbhe dóibh, gheobhaidh oifigigh i gcéim 8, tar éis dhá bhliain, méadú breise sa bhuntuarastal, ar méadú é a bheidh coibhéiseach leis an difríocht idir an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 12, céim 5 agus an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 12, céim 4.

8.   Ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos sa chéad mhír d'Airteagal 44, gheobhaidh oifigigh de ghrád AD 13, céim 5, ag a bhfuil post mar Riarthóir atá san idirthréimhse, amhail ón 1 Eanáir 2016, méadú sa bhuntuarastal, ar méadú é a bheidh coibhéiseach leis an difríocht idir an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 13, céim 4 agus an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 13, céim 3.

9.   Ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos sa chéad mhír d'Airteagal 44, gheobhaidh oifigigh de ghrád AD 13, céim 5, ag a bhfuil post mar Riarthóir atá san idirthréimhse agus a rachaidh an beart i mír 8 chun tairbhe dóibh, tar éis dhá bhliain, méadú breise sa bhuntuarastal, ar méadú é a bheidh coibhéiseach leis an difríocht idir an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 13, céim 5 agus an tuarastal a chomhfhreagraíonn do ghrád AD 13, céim 4.

10.   Maidir leis na hoifigigh a gheobhaidh méadú sa bhuntuarastal dá bhforáiltear i mír 5 go mír 9 agus a cheapfar ina gCeann aonaid nó a choibhéis nó ina gComhairleoir nó a choibhéis, coinneoidh siad méadú den sórt sin sa bhuntuarastal.

11.   De mhaolú ar an gcéad abairt d'Airteagal 46, cuirfear oifigigh a cheapfar sa chéad ghrád eile is airde agus a rachaidh an méadú sa bhuntuarastal dá bhforáiltear i míreanna 5, 6, 8 agus 9 chun tairbhe dóibh sa dara céim den ghrád sin. Caillfidh siad an tairbhe den mhéadú ar an mbuntuarastal dá bhforáiltear i míreanna 5,6, 8 agus 9.

12.   Ní íocfar an méadú sa bhuntuarastal i mír 7 i ndiaidh ardaithe céime agus ní chuirfear san áireamh é sa bhunús a úsáidtear chun an méadú sa bhuntuarastal míosúil dá dtagraítear in Airteagal 7(5) a chinneadh.

Airteagal 31

1.   De mhaolú ar phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, beidh feidhm ag an tábla seo a leanas de na cineálacha post atá i ngrúpa feidhme AST maidir le hoifigigh atá sa tseirbhís an 31 Nollaig 2013:

Cúntóir Sinsearach atá san idirthréimhse

AST 10 – AST 11

Cúntóir atá san idirthréimhse

AST 1 – AST 9

Cúntóir Riaracháin atá san idirthréimhse

AST 1 – AST 7

Gníomhaire Tacaíochta atá san idirthréimhse

AST 1 – AST 5

2.   Le héifeacht ón 1 Eanáir 2014, déanfaidh an t-údarás ceapacháin oifigigh atá sa tseirbhís an 31 Nollaig 2013 a aicmiú i ngrúpa feidhme AST de réir na gcineálacha post seo mar a leanas:

(a)

Déanfar oifigigh a bhí de ghrád AST 10 nó de ghrád AST 11 an 31 Nollaig 2013 a shannadh chuig an gcineál poist "Cúntóir Sinsearach atá san idirthréimhse".

(b)

Déanfar oifigigh nach gcumhdaítear le pointe (a) a bhí in iarchatagóir B roimh an 1 Bealtaine 2004 nó a bhí in iarchatagóir C nó in iarchatagóir D roimh an 1 Bealtaine 2004, agus ar cuid de ghrúpa feidhme AST anois iad gan srianadh, chomh maith le hoifigigh AST a earcaíodh ón 1 Bealtaine 2004, a shannadh chuig an gcineál poist "Cúntóir atá san idirthréimhse".

(c)

Déanfar oifigigh nach gcumhdaítear le pointe (a) agus le pointe (b) agus a bhí in iarchatagóir C roimh an 1 Bealtaine 2004 a shannadh chuig an gcineál poist "Cúntóir Riaracháin atá san idirthréimhse".

(d)

Déanfar oifigigh nach gcumhdaítear le pointe (a) agus le pointe (b) agus a bhí in iarchatagóir D roimh an 1 Bealtaine 2004 a shannadh chuig an gcineál poist "Gníomhaire Tacaíochta atá san idirthréimhse".

3.   Beidh an sannadh chuig cineál poist bailí go dtí go sannfar an t-oifigeach chuig feidhm nua a chomhfhreagraíonn do chineál eile poist. Ní fhéadfar Cúntóirí Riaracháin atá san idirthréimhse agus Gníomhairí Tacaíochta atá san idirthréimhse a shannadh chuig an gcineál poist mar Chúntóir mar a shainmhínítear i Roinn A d'Iarscríbhinn I, ach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4 agus in Airteagal 29(1) de na Rialacháin Foirne amháin. Ní cheadófar ardú céime ach laistigh de na sruthanna gairmréime a chomhfhreagraíonn do na cineálacha poist a luaitear i mír 1.

4.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Roinn B d'Iarscríbhinn I, chun críocha ardaithe céime ríomhfar líon na bhfolúntas sa chéad ghrád níos airde eile ar leithligh do na Gníomhairí Tacaíochta atá san idirthréimhse. Beidh feidhm ag na rátaí iolrúcháin seo a leanas:

 

Grád

Ráta

Gníomhaire Tacaíochta atá san idirthréimhse

5

4

10 %

3

22 %

2

22 %

1

Chomh fada agus a bhaineann le Gníomhairí Tacaíochta atá san idirthréimhse, measfar tuillteanais chomparáideacha chun críocha ardaithe céime (Airteagal 45(1) de na Rialacháin Foirne) idir oifigigh incháilithe den ghrád céanna agus a bhfuil an t-aicmiú céanna acu.

5.   Cúntóirí Riaracháin atá san idirthréimhse agus Gníomhairí Tacaíochta atá san idirthréimhse agus a bhí in iarchatagóir C nó in iarchatagóir D roimh an 1 Bealtaine 2004, beidh siad fós i dteideal saoire chúiteach a fháil nó luach saothair a fháil, i gcás nach gceadófar, faoi cheanglais na seirbhíse, saoire chúiteach le linn an dá mhí i ndiaidh na míosa sin a ndearnadh an ragobair, mar a fhoráiltear dó in Iarscríbhinn VI.

6.   Féadfaidh oifigigh arna n-údarú, ar bhonn phointe (g) d'Airteagal 55a(2) de na Rialacháin Foirne agus Airteagal 4 d'Iarscríbhinn IVa a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, obair pháirtaimseartha a dhéanamh ar feadh tréimhse a gcuirfear tús léi roimh 1 Eanáir 2014 agus a leanfaidh ar aghaidh tar éis an dáta sin, féadfaidh na hoifigigh sin leanúint ag obair go páirtaimseartha faoi na coinníollacha céanna ar feadh tréimhse iomláin nach faide ná cúig bliana.

7.   Maidir le hoifigigh gur lú a n-aois inphinsin faoi Airteagal 22 den Iarscríbhinn seo ná 65 bliana d'aois, féadfaidh an tréimhse trí bliana dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 55a(2) de na Rialacháin Foirne dul thar a n-aois inphinsin, gan dul thar 65 bliana d'aois, áfach.

Airteagal 32

De mhaolú ar an gcéad abairt den cheathrú mír d'Airteagal 1 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ní gá ionadaíocht ghrúpa feidhme AST/SC a áirithiú i gCoiste na Foirne go dtí na chéad toghcháin eile den Choiste nua Foirne ar ar féidir ionadú a dhéanamh ar fhoireann AST/SC.

Airteagal 33

De mhaolú ar Airteagal 40(2) de na Rialacháin Foirne, i gcás oifigigh, ar saoire ar fhorais phearsanta ar feadh níos mó ná 10 mbliana le linn a ghairmréime san iomlán faoin 31 Nollaig 2013, ní fhéadfaidh fad iomlán na saoire ar fhorais phearsanta a bheith níos faide ná 15 bliana le linn ghairmréim an oifigigh san iomlán.'.

Airteagal 2

Leasaítear Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh mar a leanas:

(1)

Scriostar an dara fleasc d'Airteagal 1.;

(2)

Cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2:

'(f)

foireann arna fostú chun post a chomhlíonadh, ar post é atá san áireamh sa liosta post a ghabhann leis an roinn den bhuiséad a bhaineann le gníomhaireacht dá dtagraítear in Airteagal 1a(2) de na Rialacháin Foirne, agus atá aicmithe ag na húdaráis bhuiséadacha mar phost sealadach, cé is moite de chinn gníomhaireachtaí agus leaschinn gníomhaireachtaí dá dtagraítear sa ghníomh den Aontas lena mbunaítear an ghníomhaireacht agus oifigigh ar iasacht ag gníomhaireacht ar mhaithe leis an tseirbhís.';

(3)

Scriostar Airteagal 3.;

(4)

I bpointe (b) d'Airteagal 3b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

'(i)

Oifigigh nó foireann shealadach atá i ngrúpa feidhme AST/SC agus i ngrúpa feidhme AST;';

(5)

Sa chéad mhír d'Airteagal 8, cuirtear na focail 'Airteagal 2(a) nó Airteagal 2(f)' in ionad na bhfocal 'Airteagal 2(a)';

(6)

Scriostar Airteagal 10(4);

(7)

Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

sa chéad abairt den chéad mhír, cuirtear na focail 'Airteagal 11 go hAirteagal 26a' in ionad na bhfocal 'Airteagal 11 go hAirteagal 26';

(b)

sa tríú mír, cuirtear na focail 'tríú mír' in ionad na bhfocal 'dara mír';

(8)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Beidh fostú na foirne sealadaí dírithe ar sheirbhísí daoine a fháil don institiúid, ar daoine iad a bheidh ar an gcaighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais, agus a earcófar ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais.

Roghnófar foireann shealadach gan idirdhealú maidir le cine, creideamh polaitiúil, creideamh fealsúnach nó creideamh reiligiúnach, gnéas nó claonadh gnéasach agus gan tagairt dá stádas pósta nó dá n-imthosca teaghlaigh.

Ní choimeádfar aon phoist do náisiúnaigh d'aon Bhallstát. Mar sin féin, de réir phrionsabal cothromaíochta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, beidh cead ag gach institiúid bearta iomchuí a ghlacadh tar éis míchothromaíocht shuntasach a thabhairt faoi deara idir náisiúntachtaí i measc foirne sealadaí nach bhfuil údar maith leis an míchothromaíocht sin de réir critéar oibiachtúil. Ní mór go mbeidh údar maith leis na bearta iomchuí sin agus ní bhunófar critéir earcaíochta choíche orthu cé is moite de chritéir a bheidh bunaithe ar thuillteanas. Sula nglacfar bearta iomchuí den sórt sin, glacfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 forálacha ginearálta chun go mbeidh éifeacht ag an mír seo i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

Tar éis tréimhse trí bliana dar tús 1 Eanáir 2014, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na míre roimhe seo.

Chun féachaint le fostú a éascú ar an mbonn geografach is leithne is féidir, déanfaidh na hinstitiúidí gach dícheall oideachas ilteangach agus ilchultúrtha a thacú do leanaí a bhfoirne';

(b)

I mír 5, cuirtear na focail 'an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad na bhfocal 'gach institiúid';

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

'Airteagal 14

1.   Beidh ar chomhalta den fhoireann shealadach tréimhse phromhaidh naoi mí a dhéanamh.

I gcás ina gcuirfear cosc ar chomhalta den fhoireann shealadach, le linn a thréimhse phromhaidh, a chuid dhualgas a chomhlíonadh ar feadh tréimhse leanúnaí míosa amháin ar a laghad de thoradh saoire breoiteachta, de thoradh saoire máithreachais faoi Airteagal 58 de na Rialacháin Foirne, nó de thoradh tionóisce, féadfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 síneadh a chur lena thréimhse phromhaidh ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn don tréimhse sin. I gcúinsí ar bith, ní bheidh fad iomlán na tréimhse promhaidh níos faide ná 15 mhí.

2.   Féadfar tuarascáil maidir le comhalta den fhoireann shealadach a dhéanamh ag aon am roimh dheireadh na tréimhse promhaidh má fheictear go soiléir go bhfuil a chuid oibre míshásúil.

Cuirfear an tuarascáil sin chuig duine lena mbaineann agus beidh sé de cheart ag an duine sin a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre. Déanfaidh garoifigeach uachtarach an chomhalta den fhoireann shealadach an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6. Ar bhonn na tuarascála, féadfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 cinneadh a dhéanamh an comhalta den fhoireann shealadach a bhriseadh as a phost roimh dheireadh na tréimhse promhaidh, trí fhógra míosa amháin á thabhairt dó, nó an comhalta den fhoireann shealadach a shannadh do roinn eile ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha sa tréimhse phromhaidh.

3.   Mí amháin ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse promhaidh, déanfar tuarascáil maidir le cumas an chomhalta den fhoireann shealadach na dualgais a bhaineann lena phost a chomhlíonadh agus maidir lena éifeachtúlacht agus maidir lena iompar sa tseirbhís freisin. Cuirfear an tuarascáil sin in iúl don chomhalta den fhoireann shealadach agus beidh sé de cheart aige a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre.

I gcás ina molfar sa tuarascáil go mbrisfear an comhalta den fhoireann shealadach as a phost nó, i gcúinsí eisceachtúla, go gcuirfear síneadh leis an tréimhse phromhaidh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh garoifigeach uachtarach an chomhalta den fhoireann shealadach an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6.

Maidir le comhalta den fhoireann shealadach nach mbeidh a chuid oibre nó a chuid iompair sásúil chun é a bhunú ina phost, brisfear as a phost é.

Déanfar an cinneadh deiridh ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear sa mhír seo agus ar bhonn eilimintí atá ar fáil don údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 a bhaineann le hiompar an chomhalta den fhoireann sealadach i dtaca le Teideal II de na Rialacháin Foirne.

4.   Maidir le comhalta den fhoireann shealadach a bhrisfear as a phost, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil, ar cúiteamh é a bheidh comhionann le trian dá bhuntuarastal in aghaidh gach míosa den tréimhse phromhaidh a bheidh críochnaithe aige.';

(10)

In Airteagal 15(1), cuirtear an abairt seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

'Comhaltaí den fhoireann shealadach arna ngrádú i gcomhréir leis na critéir ghrádúcháin arna nglacadh ag an údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6, fanfaidh siad ag an leibhéal sinsearachta sin sa chéim a bhaintear amach sa cháil sin má fhostaítear iad mar fhoireann shealadach sa ghrád céanna láithreach bonn tar éis na tréimhse seirbhíse sealadaí roimhe sin.';

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

'Airteagal 16

Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 42a, ag Airteagal 42b agus ag Airteagal 55 go dtí Airteagal 61 de na Rialacháin Foirne a bhaineann le saoire, le huaireanta oibre, le ragobair, le sealobair, le dualgas fuireachais ag an ionad oibre nó sa bhaile agus le saoire phoiblí. Ní rachaidh saoire speisialta agus saoire do thuismitheoirí agus saoire teaghlaigh thar théarma an chonartha. Ina theannta sin, beidh feidhm de réir analaí ag Airteagail 41, 42, 45 agus 46 de na Rialacháin Foirne maidir leis na seirbhísigh shealadacha dá dtagraítear in Airteagal 29 d'Iarscríbhinn XIII de na Rialacháin Foirne, beag beann ar dháta a bhfostaithe.

Maidir leis an tsaoire bhreoiteachta íoctha dá bhforáiltear in Airteagal 59 de na Rialacháin Foirne, ní rachaidh sí thar trí mhí nó thar an tréimhse a bheidh caite ag an gcomhalta den fhoireann shealadach ag obair i gcás inar faide an tréimhse sin. Ní rachaidh an tsaoire thar théarma an chonartha.

Ar dhul in éag na dteorainneacha ama sin, má bhíonn seirbhíseach ann nach mbeidh a chonradh foirceanta, d'ainneoin nach bhfuil sé in ann dul i mbun a dhualgas arís, cuirfear é ar saoire gan phá.

I gcás ina dtolgfaidh seirbhíseach galar ceirde, áfach, nó ina mbainfidh tionóisc de agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige, leanfaidh sé de bheith ag fáil a luacha saothair ina iomláine le linn na tréimhse nach mbeidh sé in ann a bheith ag obair go dtí go dtabharfar pinsean easláine dó faoi Airteagal 33.';

(12)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

'Airteagal 17

I gcúinsí eisceachtúla d'fhéadfadh sé, arna iarraidh sin dó, go dtabharfaí saoire gan phá do chomhalta den fhoireann shealadach ar fhorais phearsanta dhoshéanta. Leanfaidh Airteagal 12b de na Rialacháin Foirne d'fheidhm a bheith aige le linn na tréimhse saoire gan phá ar fhorais phearsanta.

Ní dheonófar an cead faoi Airteagal 12b do chomhalta den fhoireann shealadach chun na críche gabháil do ghníomhaíocht ghairme, cibé acu sochrach nó gan a bheith sochrach, lena mbaineann brústocaireacht nó tathaint maidir lena institiúid agus a bhféadfadh coinbhleacht a bheith ann nó an fhéidearthacht coinbhleacht a bheith ann dá thoradh le leasanna dlisteanacha na hinstitiúide.

Is é an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 a chinnfidh fad na saoire sin, saoire nach rachaidh thar an gceathrú cuid den am a bheidh caite ag an seirbhíseach ag obair cheana nó:

trí mhí más lú ná ceithre bliana sinsearacht an tseirbhísigh;

dhá mhí dhéag i ngach cás eile.

Aon tréimhse saoire a dheonófar i gcomhréir leis an gcéad mhír, ní áireofar í chun críocha na chéad mhíre d'Airteagal 44 de na Rialacháin Foirne.

Le linn do chomhalta den fhoireann shealadach a bheith ar saoire gan phá, déanfar a bhallraíocht den scéim slándála sóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 28 a chur ar fionraí.

Maidir le duine den fhoireann shealadach nach bhfuil fostaithe go socrach, áfach, féadfaidh sé tráth nach déanaí ná mí sula dtosóidh an tsaoire gan phá, iarratas a dhéanamh chun go leanfadh sé de bheith á gcumhdach in aghaidh na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 28, ar choinníoll go seasfaidh sé leath de chostais na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin le linn a shaoire; déanfar an ranníocaíocht a ríomh faoi threoir bhuntuarastal deireanach an oifigigh.

Thairis sin, maidir le comhalta den fhoireann shealadach a bhfuil feidhm ag Aireagal 2 (c) nó (d) ina leith agus a chruthaíonn nach bhféadfaidh sé cearta pinsin a fháil faoi scéim pinsin eile, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun leanúint de bheith ag fáil ceart breise pinsin le linn na tréimhse a bheidh sé ar saoire gan phá, ar choinníoll go seasfaidh sé costas na ranníocaíochta arb ionann é agus trí oiread an ráta a leagtar síos in Airteagal 41; déanfar na ranníocaíochtaí a ríomh faoi threoir a bhuntuarastail dá ghrád agus dá chéim.

Beidh na mná a dtosóidh a saoire mháithreachais sula gcríochnóidh a gconarthaí i dteideal saoire máithreachais agus íocaíochta máithreachais.';

(13)

Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na focail 'uasdátuithe ar' in ionad na bhfocal 'coigeartuithe ar';

(b)

i mír 3, cuirtear na focail 'tobhach dlúthpháirtíochta' in ionad na bhfocal 'tobhach speisialta';

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

'4.   Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 44 de na Rialacháin Foirne.';

(14)

Leasaítear Airteagal 28a mar a leanas:

(a)

san abairt dheireanach de mhír 3, cuirtear na focail 'a uasdátú' in ionad na bhfocal 'a choigeartú';

(b)

i mír 10, cuirtear na focail 'údaráis na n-institiúidí dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad na bhfocal 'Institiúidí an Aontais';

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

'Gach dhá bhliain, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ar staid airgeadais na scéime um árachas dífhostaíochta. Go neamhspleách ar an tuarascáil sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus le hAirteagal 112 de na Rialacháin Foirne, na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 7 den Airteagal seo a choigeartú más gá sin ar mhaithe le cothromaíocht na scéime.';

(15)

Sa dara fomhír d'Airteagal 33(1), cuirtear na focail "66 bliana d'aois" in ionad na bhfocal "65 bliana d'aois";

(16)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

'Airteagal 34

Maidir leo siúd atá i dteideal ceart i ndáil le seirbhíseach a fuair bás, mar a shainmhínítear i gCaibidil 4 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, beidh siad i dteideal phinsean an mharthanóra mar a fhoráiltear in Airteagal 35 go dtí Airteagal 38.

I gcás ina bhfaigheann iarsheirbhíseach bás, ar iarsheirbhíseach é a raibh liúntas easláine á fháil aige nó ar iarsheirbhíseach é de réir bhrí Airteagal 2 (a), (c), (d), (e) nó (f) a raibh pinsean scoir á fháil aige nó a d'fhág an tseirbhís roimh an aois inphinsin a bheith slánaithe aige agus a d'iarr go gcuirfí siar a phinsean scoir go dtí an chéad lá den mhí féilire a tháinig i ndiaidh na míosa inar shlánaigh sé an aois inphinsin, beidh na daoine atá i dteideal ceart i ndáil le seirbhíseach a fuair bás, mar a shainmhínítear i gCaibidil 4 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, i dteideal phinsean an mharthanóra mar a fhoráiltear san Iarscríbhinn sin.

I gcás nach fios ar feadh níos mó ná bliain cá bhfuil comhalta den fhoireann shealadach nó iarchomhalta den fhoireann shealadach a raibh liúntas easláine nó liúntas scoir á fháil aige, nó iarchomhalta den fhoireann shealadach a d'fhág an tseirbhís roimh an aois inphinsin a bheith slánaithe aige agus a d'iarr go gcuirfí siar a phinsean scoir go dtí an chéad lá den mhí féilire a tháinig i ndiaidh na míosa inar shlánaigh sé an aois inphinsin, beidh feidhm de réir analaí ag forálacha Chaibidil 5 agus Chaibidil 6 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a bhaineann le pinsin shealadacha maidir le céile an chomhalta sin agus maidir le daoine a n-aithnítear mar chleithiúnaithe dá chuid.';

(17)

Sa tríú abairt den chéad mhír d'Airteagal 36, cuirtear na focail 'Airteagal 2 (a), (c), (d), (e) nó (f)' in ionad na bhfocal 'Airteagal 2 (a), (c) nó (d)';

(18)

Sa cheathrú mír d'Airteagal 37, cuirtear na focail 'aois inphinsin' in ionad na bhfocal '63 bliana d'aois' agus cuirtear na focail 'Airteagal 2 (a), (c), (d), (e) nó (f)' in ionad na bhfocal 'Airteagal 2 (a), (c) nó (d)';

(19)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39(1):

'1.   Ar imeacht dó ón tseirbhís, beidh seirbhíseach laistigh de bhrí Airteagal 2 i dteideal pinsin scoir, aistriú an luacha chomhionainn achtúirigh nó íocaíocht an deontais téarfa i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal V de na Rialacháin Foirne agus le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leo. I gcás ina bhfuil an seirbhíseach i dteideal pinsin scoir, laghdófar a chearta pinsin i gcomhréir leis na méideanna arna n-íoc faoi Airteagal 42.';

(20)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 42:

'I gcomhréir leis na coinníollacha a leagfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 síos, féadfaidh seirbhíseach iarraidh ar an údarás sin íocaíochtaí a dhéanamh a mbeidh sé de cheangal air a dhéanamh ina thír tionscnaimh ar mhaithe le cearta pinsin a dhéanamh nó a choinneáil.';

(21)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:

'Airteagal 47

Seachas i gcás scoir de bharr a mbáis, tiocfaidh deireadh le fostaíocht comhalta den fhoireann shealadach:

(a)

ag deireadh na míosa ina slánóidh an seirbhíseach 66 bliana d'aois, nó, más infheidhme, ar an dáta arna socrú i gcomhréir leis an dara mír agus leis an tríú mír d'Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne; nó

(b)

i gcás conartha go ceann tréimhse cinnte:

(i)

ar an dáta a shonraítear sa chonradh;

(ii)

ag deireadh na tréimhse fógra a shonraítear sa chonradh, lena dtugtar rogha don seirbhíseach nó don institiúid foirceannadh níos luaithe ná sin. Ní giorra an tréimhse fógra ná mí in aghaidh na bliana seirbhíse, faoi réir íostréimhse míosa agus uastréimhse trí mhí. I gcás comhaltaí den fhoireann shealadach a ndearnadh a gconarthaí a athnuachan, uastréimhse sé mhí a bheidh i gceist. Ní thosóidh an tréimhse fógra, áfach, le linn an toirchis má dheimhnítear le teastas liachta é, le linn saoire máithreachais nó le linn saoire breoiteachta, ar choinníoll nach faide ná trí mhí saoire bhreoiteachta den sórt sin. Thairis sin, cuirfear ar fionraí í le linn toirchis má dheimhnítear le teastas liachta é, le linn saoire máithreachais nó le linn saoire breoiteachta faoi réir na dteorainneacha réamhluaite. Má fhoirceannann an institiúid an conradh, beidh an seirbhíseach i dteideal cúitimh is ionann agus tríú cuid dá bhuntuarastal don tréimhse idir an dáta a dtiocfaidh deireadh lena chuid dualgas agus an dáta a rachaidh a chonradh in éag;

(iii)

i gcás nach gcomhlíonfaidh seirbhíseach na coinníollacha a thuilleadh a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 12(2), faoi réir go bhféadfaí eisceacht a údarú faoin bhforáil sin. I gcás nach n-údarófar an eisceacht sin, beidh feidhm ag an tréimhse fógra dá dtagraítear i bpointe (ii); nó

(c)

i gcás conartha go ceann tréimhse éiginnte:

(i)

ag deireadh na tréimhse fógra a shonraítear sa chonradh; ní giorra an tréimhse fógra ná mí in aghaidh na bliana seirbhíse a comhlíonadh, faoi réir íostréimhse trí mhí agus uastréimhse 10 mí. Ní thosóidh an tréimhse fógra, áfach, le linn an toirchis má dheimhnítear le teastas liachta é, le linn saoire máithreachais nó saoire breoiteachta, ar choinníoll nach faide ná trí mhí saoire bhreoiteachta den sórt sin. Thairis sin, cuirfear ar fionraí í le linn toirchis má dheimhnítear le teastas liachta é, le linn saoire máithreachais nó le linn saoire breoiteachta faoi réir na dteorainneacha réamhluaite; nó

(ii)

i gcás nach gcomhlíonfaidh seirbhíseach na coinníollacha a thuilleadh a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 12(2), faoi réir go bhféadfaí a údarú faoin bhforáil sin. I gcás nach n-údarófar an eisceacht sin, beidh feidhm ag an tréimhse fógra dá dtagraítear i bpointe (i).';

(22)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 48a

Féadfar, in aon téarma parlaiminteach áirithe, Airteagal 50 de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm de réir analaí maidir le huasmhéid de chúigear comhaltaí d'fhoireann shealadach shinsearach na ngrúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa de ghrád AD 15 nó de ghrád AD 16, ar choinníoll go mbeidh siad cúig bliana is caoga d'aois agus go mbeidh fiche bliain de sheirbhís acu sna hinstitiúidí Eorpacha agus go raibh 2,5 bhliain sinsearachta ar a laghad acu ina ngrád deireanach.';

(23)

Scriostar Airteagal 50c(2);

(24)

Cuirtear an Chaibidil seo a leanas le Teideal II:

'CAIBIDIL 11

FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LEIS AN BHFHOIREANN SHEALADACH DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(F)

Airteagal 51

Beidh feidhm ag Airteagal 37, cé is moite de phointe (b) den chéad mhír, agus ag Airteagal 38 de na Rialachán Foirne de réir analaí maidir leis an bhfoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f).

Airteagal 52

De mhaolú ar an tríú mír d'Airteagal 17, féadfaidh an fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) a bhfuil conradh ar feadh tréimhse éiginnte acu, beag beann ar a shinsearaí atá siad, saoire gan phá a fháil ar feadh tréimhsí nach faide ná bliain amháin.

Ní fhéadfaidh fad iomlán saoire den sórt sin a bheith níos faide ná dhá bhliain déag le linn ghairmréim an chomhalta foirne san iomlán.

Féadfar duine eile a fhostú do phost an chomhalta sin den fhoireann shealadach.

Nuair a rachaidh a thréimhse saoire in éag, ní foláir an comhalta den fhoireann shealadach a athcheapadh sa chéad fholúntas a chomhfhreagraíonn dá ghrád ina ghrúpa feidhme, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais don phost sin. Má dhiúltaíonn sé an post a thairgtear dó, coinneoidh sé an ceart chun athcheaptha don chéad fholúntas eile a chomhfhreagraíonn dá ghrád ina ghrúpa feidhme faoi réir na bhforálacha céanna; má dhiúltaíonn sé an dara huair, féadfaidh an institiúid a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh gan fógra. Go dtí go n-athcheapfar é nó go dtabharfar ar iasacht é, fanfaidh sé ar saoire gan phá ar fhorais phearsanta.

Airteagal 53

Fostófar an fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) ar bhonn nós imeachta roghnúcháin arna eagrú ag gníomhaireacht amháin nó níos mó. Ar iarratas ón ngníomhaireacht nó ó na gníomhaireachtaí lena mbaineann, soláthróidh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne cúnamh do na gníomhaireachtaí, go háirithe trí ábhar na dtástálacha a shainiú agus trí na nósanna imeachta roghnúcháin a eagrú. Áiritheoidh An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne go mbeidh na nósanna imeachta roghnúcháin trédhearcach.

I gcás nós imeachta sheachtraigh roghnúcháin, ní fhostófar an fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) ach ag grád SC 1 go grád SC 2, ag grád AST 1 go grád AST 4 nó ag grád AD 5 go grád AD 8. Féadfaidh an ghníomhaireacht, áfach, i gcás inarb iomchuí agus i gcásanna a mbeidh údar cuí leo, fostú ag grád AD 9, grád AD 10, grád AD 11 nó, ar bhonn eisceachtúil, ag grád AD 12 a údarú, i gcomhair post le freagrachtaí comhfhreagracha agus laistigh de theorainneacha an phlean bunaíochta formheasta. Ní rachaidh líon iomlán na foirne de ghrád AD 9 go grád AD 12 a fhostófar i ngníomhaireacht thar 20 % de líon iomlán na foirne sealadaí de ghrúpa feidhme AD a fhostófar, arna ríomh thar thréimhse rollach cúig bliana.

Airteagal 54

I gcás na foirne sealadaí dá dtagraítear in Airteagal 2(f), déanfar an t-aicmiú sa chéad ghrád níos airde eile trí chomhaltaí foirne a roghnú go heisiach as measc comhaltaí foirne a mbeidh dhá bhliain caite acu ar a laghad ag an ngrád ina bhfuil siad, tar éis meastachán a dhéanamh ar thuillteanais chomparáideacha foirne sealadaí den sórt sin agus ar na tuarascálacha a bhaineann leo. Beidh feidhm de réir analaí ag an abairt dheireanach d'Airteagal 45(1) agus d'Airteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne. Ní fhéadfar dul thar na rátaí iolrúcháin chun meánchoibhéis ghairmréime a threorú, mar a leagtar amach d'oifigigh i Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

I gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, glacfaidh gach gníomhaireacht forálacha ginearálta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo.

Airteagal 55

I gcás ina n-aistríonn comhalta den fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) go post nua laistigh dá ghrúpa feidhme, tar éis post a fhoilsiú go hinmheánach, ní aicmeofar é ag grád níos ísle nó ag céim níos ísle ná grád nó céim an phoist a bhí aige roimhe sin, ar choinníoll go bhfuil a ghrád i measc na ngrád a leagtar amach san fhógra folúntais.

Beidh feidhm ag na forálacha céanna de réir analaí i gcás ina dtugann an comhalta den fhoireann shealadach sin conradh i gcrích le gníomhaireacht díreach tar éis conradh a bheith ag an gcomhalta foirne sealadaí sin le gníomhaireacht eile roimhe sin.

Airteagal 56

I gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, glacfaidh gach gníomhaireacht forálacha ginearálta maidir leis na nósanna imeachta a rialaíonn fostú agus úsáid na foirne sealadaí dá dtagraítear in Airteagal 2(f).';

(25)

Scriostar Teideal III;

(26)

In Airteagal 79(2), cuirtear na focail 'an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad na bhfocal 'gach institiúid';

(27)

Leasaítear Airteagal 80 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

'3.   Bunaithe ar an tábla seo, féadfaidh an t-údarás, dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6, de gach institiúid, de gach comhlacht nó de gach eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 3a, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne, sainmhíniú níos mionsonraithe a thabhairt ar na cumhachtaí a ghabhann le gach cineál dualgas.';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

'4.   Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 1d agus ag Airteagal 1e de na Rialacháin Foirne.';

(28)

Leasaítear Airteagal 82 mar a leanas:

(a)

i mír 6, cuirtear na focail 'an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad na bhfocal 'gach institiúid';

(b)

Cuirtear an mhír seo a leanas leis:

'7.   Ní fhéadfar foireann ar conradh i ngrúpa feidhme II, i ngrúpa feidhme III agus i ngrúpa feidhme IV a údarú páirt a ghlacadh i gcomórtais inmheánacha ach amháin tar éis dóibh trí bliana a chaitheamh i seirbhís na hinstitiúide. Ní fhéadfaidh foireann ar conradh i ngrúpa feidhme II ach comórtais ag grád SC 1 go grád SC 2 a dhéanamh, ní fhéadfaidh foireann ar conradh i ngrúpa feidhme III ach comórtais ag grád AST 1 go grád AST 2 a dhéanamh agus ní fhéadfaidh foireann ar conradh i ngrúpa feidhme IV ach comórtais ag grád AST 1 go AST 4 nó ag grád AD 5 go AD 6 a dhéanamh. Ní bheidh líon iomlán na n-iarrthóirí ar comhaltaí den fhoireann ar conradh iad agus a cheapfar d'fholúntais ag aon cheann de na gráid sin choíche os cionn 5 % de líon iomlán na gceapachán do na grúpaí feidhme sin arna ndéanamh in aghaidh na bliana i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 30 de na Rialacháin Foirne.';

(29)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 84:

'Airteagal 84

1.   Aon chomhalta den fhoireann ar conradh a bhfuil a chonradh tugtha i gcrích ar feadh tréimhse bliana ar a laghad, cuirfidh sé tréimhse phromhaidh isteach sa chéad sé mhí dá thréimhse fostaíochta más rud é go mbeidh sé i ngrúpa feidhme I agus sa chéad naoi mí más rud é go mbeidh sé i ngrúpa feidhme ar bith eile.

I gcás ina gcuirfear cosc ar chomhalta den fhoireann ar conradh, le linn a thréimhse phromhaidh, a chuid dualgas a chomhlíonadh ar feadh tréimhse leanúnach míosa amháin ar a laghad, de thoradh breoiteachta, de thoradh saoire máithreachais faoi Airteagal 58 de na Rialacháin Foirne nó de thoradh tionóisce, féadfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 síneadh a chur lena thréimhse phromhaidh ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn don tréimhse sin. I gcúinsí ar bith, ní bheidh fad iomlán na tréimhse promhaidh níos faide ná 15 mhí.

2.   Féadfar tuarascáil maidir le comhalta den fhoireann ar conradh a dhéanamh ag aon am roimh dheireadh na tréimhse promhaidh má fheictear go soiléir go bhfuil a chuid oibre míshásúil.

Cuirfear an tuarascáil sin chuig an duine lena mbaineann agus beidh sé de cheart ag an duine sin a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre. Déanfaidh garoifigeach uachtarach an chomhalta den fhoireann ar conradh an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6. Ar bhonn na tuarascála, féadfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 cinneadh a dhéanamh an comhalta den fhoireann ar conradh a bhriseadh as a phost roimh dheireadh na tréimhse promhaidh, trí fhógra míosa amháin a thabhairt dó, nó an comhalta den fhoireann ar conradh a shannadh chuig roinn eile ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha sa tréimhse phromhaidh.

3.   Mí amháin ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse promhaidh, déanfar tuarascáil maidir le cumas an chomhalta den fhoireann ar conradh na dualgais a bhaineann lena phost a chomhlíonadh agus maidir lena éifeachtúlacht agus lena iompar sa tseirbhís freisin. Cuirfear an tuarascáil sin in iúl don chomhalta den fhoireann ar conradh agus beidh sé de cheart aige a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre.

I gcás ina molfar sa tuarascáil go mbrisfear an comhalta den fhoireann ar conradh as a phost nó, i gcúinsí eisceachtúla, go gcuirfear leis an tréimhse phromhaidh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh garoifigeach uachtarach an chomhalta den fhoireann ar conradh an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás dá dtagraitear sa chéad mhír d'Airteagal 6.

Maidir le comhalta den fhoireann ar conradh nach mbeidh a chuid oibre nó a chuid iompair sásúil chun é a bhunú ina phost, brisfear as a phost é.

Déanfar an cinneadh deiridh ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear sa mhír seo agus ar bhonn eilimintí atá ar fáil don údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 a bhaineann le hiompar an chomhalta den fhoireann ar conradh i dtaca le Teideal II de na Rialacháin Foirne.

4.   Maidir le comhalta den fhoireann ar conradh a bhrisfear as a phost, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil, ar cúiteamh é a bheidh comhionann le trian dá bhuntuarastal in aghaidh gach míosa den tréimhse phromhaidh a bheidh críochnaithe aige.';

(30)

In Airteagal 85(3) cuirtear na focail 'Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'Airteagal 314 de Chonradh CE';

(31)

Leasaítear Airteagal 86(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an abairt seo a leanas leis an dara fomhír:

'Beidh an dara mír d'Airteagal 32 de na Rialacháin Foirne, áfach, infheidhme de réir analaí maidir le foireann ar conradh a earcófar i ngrád 1.';

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

'Glacfar forálacha cur chun feidhme ginearálta chun éifeacht a thabhairt don mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.';

(32)

I bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 88, cuirtear na focail 'sé bliana' in ionad na bhfocal 'trí bliana';

(33)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 91:

'Airteagal 91

Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 16 go dtí Airteagal 18.

Ní bheidh an dara habairt d'Airteagal 55(4) de na Rialacháin Foirne infheidhme de réir analaí maidir leis an bhfoireann ar conradh.

Ní bheidh an fhoireann ar conradh i ngrúpa feidhme III agus i ngrúpa feidhme IV a dhéanfaidh ragobair i dteideal cúiteamh a fháil nó luach saothair a fháil.

Faoi na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn VI de na Rialacháin Foirne, beidh an fhoireann ar conradh i ngrúpa feidhme I agus i ngrúpa feidhme II a dhéanfaidh ragobair, i dteideal saoire chúiteach a fháil nó luach saothair a fháil i gcás nach gceadófar, faoi cheanglais na seirbhíse, saoire chúiteach le linn an dá mhí i ndiaidh na míosa sin a ndearnadh an ragobair.';

(34)

In Airteagal 95, cuirtear na focail 'aois inphinsin' in ionad na bhfocal '63 bliana d'aois';

(35)

Leasaítear Airteagal 96 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear na focail 'a uasdátú' in ionad na bhfocal 'a choigeartú';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

'11.   Gach dhá bhliain, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ar staid airgeadais na scéime um árachas dífhostaíochta. Go neamhspleách ar an tuarascáil sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus 112 de na Rialacháin Foirne, na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 7 a choigeartú más gá sin ar mhaithe le cothromaíocht na scéime.';

(36)

Sa dara habairt den dara fomhír d'Airteagal 101(1), cuirtear na focail'66 bliana d'aois' in ionad na bhfocal '65 bliana d'aois';

(37)

Leasaítear Airteagal 103 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   I gcás báis iarchomhalta den fhoireann ar conradh a raibh liúntas easláine á fháil aige nó iarchomhalta den fhoireann ar conradh a bhfuil pinsean scoir á fháil aige nó a d'fhág an tseirbhís roimh an aois inphinsin a bheith slánaithe aige agus a d'iarr go gcuirfí siar a phinsean go dtí an chéad lá den mhí féilire a tháinig i ndiaidh na míosa inar shlánaigh sé an aois inphinsin, beidh na daoine atá i dteideal ceart i ndáil leis an iarchomhalta den fhoireann ar conradh a fuair bás, mar a shainmhínítear i gCaibidil 4 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, i dteideal pinsean marthanóra a fháil mar a fhoráiltear san Iarscríbhinn sin.';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

'3.   I gcás nach fios ar feadh níos mó ná bliain cá bhfuil comhalta den fhoireann ar conradh nó iarchomhalta den fhoireann ar conradh a raibh liúntas easláine nó liúntas scoir á fháil aige, nó iarchomhalta den fhoireann ar conradh a d'fhág an tseirbhís roimh an aois inphinsin a bheith slánaithe aige agus a d'iarr go gcuirfí siar a phinsean scoir go dtí an chéad lá den mhí féilire a tháinig i ndiaidh na míosa inar shlánaigh sé an aois inphinsin, beidh feidhm de réir analaí ag forálacha Chaibidil 5 agus Chaibidil 6 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a bhaineann le pinsin shealadacha maidir le céile an chomhalta sin agus maidir le daoine a n-aithnítear mar chleithiúnaithe dá chuid.';

(38)

In Airteagal 106(4), cuirtear na focail "an aois inphinsin" in ionad na bhfocal "63 bliana d'aois";

(39)

In Airteagal 120, cuirtear na focail 'an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad na bhfocal 'gach institiúid';

(40)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 132a

I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 125(1) agus ar iarraidh shainráite an Fheisire nó na bhFeisirí faoi seach a dtugann siad tacaíocht dóibh, ní fhéadfar liúntas suiteála nó liúntas athlonnaithe a íoc le cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe ó liúntas um chúnamh parlaiminteach an Fheisire faoi seach ach an t-aon uair amháin bunaithe ar fhianaise gur gá an áit chónaithe a athrú. Ní bheidh méid an liúntais níos mó ná buntuarastal míosa an chúntóra.";

(41)

Leasaítear Airteagal 139 mar seo a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

'(b)

ag deireadh na míosa ina slánóidh an cúntóir parlaiminteach creidiúnaithe 66 bliana d'aois, nó, ar bhonn eisceachtúil, ar an dáta arna shocrú i gcomhréir leis an dara fomhír agus leis an tríú fomhír d'Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne;'

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

'(d)

agus á chur san áireamh gurb í an mhuinín bonn an chaidrimh oibre idir an Feisire agus a chúntóir parlaiminteach creidiúnaithe, ag deireadh na tréimhse fógra a shonraítear sa chonradh, a thabharfaidh don chúntóir parlaiminteach creidiúnaithe nó do Pharlaimint na hEorpa, ag gníomhú ar iarratas an Fheisire nó na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa ar earcaíodh an cúntóir parlaiminteach creidiúnaithe chun cúnamh a thabhairt dó nó dóibh, an ceart chun an conradh a fhoirceannadh roimh éag dó. Ní giorra an tréimhse fógra ná mí in aghaidh na bliana seirbhíse, faoi réir íostréimhse míosa agus uastréimhse trí mhí. Ní thosóidh an tréimhse fógra, áfach, le linn an toirchis má dheimhnítear le teastas liachta é, le linn saoire máithreachais nó le linn saoire breoiteachta, ar choinníoll nach faide ná trí mhí saoire bhreoiteachta den sórt sin. Thairis sin, cuirfear ar fionraí í le linn toirchis má dheimhnítear le teastas liachta é, le linn saoire máithreachais nó le linn saoire breoiteachta faoi réir na dteorainneacha seo;';

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'3a.   Forálfar leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 125(1) nós imeachta idir-réitigh a bheidh infheidhme sula bhfoirceannfar conradh cúntóra pharlaimintigh chreidiúnaithe, ar iarraidh ó Fheisire nó ó Fheisirí Pharlaimint na hEorpa ar ceapadh an cúntóir chun cúnamh a thabhairt dó nó dóibh nó ón gcúntóir parlaiminteach lena mbaineann, de bhun phointe (d) de mhír 1 agus de bhun mhír 3.';

(42)

In Airteagal 141, cuirtear na focail 'an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad na bhfocal 'gach institiúid';

(43)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas leo:

'Airteagal 142a

Faoin 31 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina measúnófar feidhmiú na gCoinníollacha seo Fostaíochta Seirbhíseach Eile.';

(44)

Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:

(a)

cuirtear na habairtí seo a leanas le hAirteagal 1(1):

'Beidh feidhm ag Airteagal 21, ag Airteagal 22, cé is moite de mhír 4, ag Airteagal 23, ag Airteagal 24a agus ag Airteagal 31(6) agus (7) den Iarscríbhinn sin de réir analaí maidir le seirbhísigh eile atá fostaithe an 31 Nollaig 2013. Beidh feidhm ag Airteagal 30 agus ag Airteagal 31(1), (2), (3) agus (5) den Iarscríbhinn sin de réir analaí maidir le foireann shealadach atá fostaithe an 31 Nollaig 2013. I gcás gníomhairí atá sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2014, léifear '65 bliana d'aois' in ionad '66 bliana d'aois' sa dara fomhír d'Airteagal 33(1), i bpointe (a) d' Airteagal 47, sa dara fomhír d'Airteagal 101(1) agus i bpointe (b) d' Airteagal 139(1) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.';

(b)

cuirtear tAirteagal seo a leanas leis:

'Airteagal 6

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2014, maidir le conarthaí foirne sealadaí a bhfuil feidhm ag Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ina leith, agus atá sa tseirbhís i ngníomhaireacht an 31 Nollaig 2013, aistreofar iad, gan próiseas roghnúcháin, go conarthaí faoi phointe (f) d'Airteagal 2 de na Coinníollacha Fostaíochta seo. Maidir le haon duine eile, ní athrófar coinníollacha an chonartha. Ní bheidh feidhm ag an airteagal seo maidir le conarthaí foirne sealadaí arna bhfostú mar chinn gníomhaireachtaí nó leaschinn gníomhaireachtaí dá dtagraítear sa ghníomh de chuid an Aontais lena mbunaítear an ghníomhaireacht nó maidir le hoifigigh atá ar iasacht ag gníomhaireacht ar mhaithe leis an tseirbhís.';

Airteagal 3

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ach amháin i gcás phointe 44 d'Airteagal 1 agus phointe 73(d) d'Airteagal 1, a bheidh infheidhme amhail ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh se infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Tuairim an 22 Márta 2012 (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 205, 12.7.2012, lch. 1.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Iúil 2013 agus cinneadh ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2013.

(4)  Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.01.2001, lch. 1).';

(6)  Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 300/76 ón gComhairle an 9 Feabhra 1976 lena gcinntear na catagóirí oifigeach atá i dteideal liúntas i leith uainoibre, agus na rátaí agus coinníollacha a bhaineann leo (IO L 38, 13.2.1976, lch. 1).

(7)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos an nós imeachta agus na coinníollacha chun cáin a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis na Comhphobail Eorpacha (IO L 56, 4.3.1968, lch. 8.

(8)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus na Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(9)  Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 2530/72 ón gComhairle an 4 Nollaig 1972 lena dtugtar isteach bearta speisialta agus bearta sealadacha a bhaineann le hoifigigh na gComhphobal Eorpach a earcú de dhroim aontachas Ballstát nua, agus bearta maidir le seirbhís oifigigh na gComhphobal sin a fhoirceannadh (IO L 272, 5.12.1972, lch. 1).

(10)  Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 1543/73 ón gComhairle an 4 Meitheamh 1973 lena dtugtar isteach bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh na gComhphobal Eorpach arna n-íoc ó chistí taighde agus ó chistí infheistíochta (IO L 155, 11.6.1973, lch. 1).';

(11)  Ní rachaidh líon na bpost mar uiséirí Parlaiminte i bParlaimint na hEorpa thar 85.';

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15)';