29.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/31


RIALACHÁN (AE) Uimh. 604/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2013

lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(e) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá roinnt athruithe substainteacha le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh ag náisiúnach tríú tír (4) i gceann de na Ballstáit. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú.

(2)

Is comhpháirt é comhbheartas maidir le tearmann, lena n-áirítear Comhchóras Tearmainn Eorpach (CEAS), de chuspóir an Aontais Eorpaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile, ar limistéar é a bheidh ar fáil dóibh siúd a bhfuil orthu, de bharr cúinsí áirithe, cosaint san Aontas a iarraidh go dlisteanach.

(3)

D’aontaigh an Chomhairle Eorpach, ag a cruinniú speisialta in Tampere an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999, oibriú i dtreo CEAS a bhunú, bunaithe ar chur i bhfeidhm iomlán agus uileghabhálach Choinbhinsiún na Ginéive Maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 (dá ngairtear “Coinbhinsiún na Ginéive” anseo feasta), á áirithiú ar an dóigh sin nach seoltar aon duine ar ais chuig géarleanúint, i.e. ag cloí le prionsabal an non-refoulement. I dtaca leis seo, agus gan difear a dhéanamh do na critéir freagrachta a leagtar síos sa Rialachán seo, meastar gur tíortha sábháilte do náisiúnaigh tríú tíortha iad na Ballstáit toisc prionsabal an non-refoulement a bheith á urramú acu uile.

(4)

Luadh i gconclúidí Tampere chomh maith gur cheart modh soiléir agus inoibrithe a bheith ar áireamh i CEAS, sa ghearrthéarma, chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann.

(5)

Ba cheart go mbeadh modh den sórt sin bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus cothrom, do na Ballstáit agus do na daoine lena mbaineann araon. Ba cheart, go háirithe, go bhféadfaí dá thairbhe a chinneadh go tapa cé acu Ballstát atá freagrach, d’fhonn rochtain éifeachtach ar na nósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus chun nach ndéanfar dochar don chuspóir iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa.

(6)

Táthar tar éis an chéad chéim a chur i gcrích trí CEAS a chríochnú, ar céim í ar cheart nós imeachta comhchoiteann agus stádas aonfhoirmeach, a bheidh bailí ar fud an Aontais, dóibh siúd dá dtabharfar cosaint idirnáisiúnta a bheith mar thoradh uirthi. Ghlac an Chomhairle Eorpach an 4 Samhain 2004 Clár na Háige lena leagtar síos na cuspóirí atá le cur chun feidhme i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais sa tréimhse 2005-2010. I dtaca leis seo, iarradh i gClár na Háige ar an gCoimisiún Eorpach meastóireacht ar ionstraimí dlí na chéad chéime a chríochnú agus ionstraimí agus bearta an dara céim a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn iad a ghlacadh roimh 2010

(7)

I gClár Stócólm, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an athuair a thiomanta atá sí don chuspóir limistéar comhchoiteann ina dtairgfear cosaint agus dlúthpháirtíocht a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), dóibh siúd a dtugtar cosaint idirnáisiúnta dóibh, faoi 2012 ar a dhéanaí. Ina theannta sin, chuir sí i dtreis gur bunchloch é córas Bhaile Átha Cliath chun CEAS a fhorbairt, toisc go sanntar ann go soiléir freagracht i measc na mBallstát chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

(8)

Le hacmhainní na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (EASO), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart go mbeifí in ann tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do sheirbhísí ábhartha na mBallstát atá freagrach as an Rialachán seo a chur chun feidhme. Ba cheart, go háirithe, go gcuirfeadh EASO bearta dlúthpháirtíochta ar fáil leis, amhail an Díorma um Idirghabháil Tearmainn, ag a mbeidh foirne tacaíochta tearmainn chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit sin a bhfuil dianbhrú orthu agus i gcás nach bhféadfaidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (dá ngairtear “iarratasóirí” anseo feasta) tairbhe a bhaint as caighdeáin leordhóthanacha go háirithe maidir le glacadh agus le cosaint.

(9)

I bhfianaise thorthaí na meastóireachtaí a rinneadh ar chur chun feidhme na n-ionstraimí chéad chéime, is iomchuí, ag an tráth seo, na prionsabail is bun le Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a dhaingniú, ag déanamh na bhfeabhsuithe is gá san am céanna, i bhfianaise na taithí, ar éifeachtacht chóras Bhaile Átha Cliath agus ar an gcosaint a thugtar d’iarratasóirí faoin gcóras sin. Ó tharla go bhfuil sé ríthábhachtach do CET go mbeadh córas Bhaile Átha Cliath ag feidhmiú go maith, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar phrionsabail an chórais de réir mar a bheidh codanna eile de CET agus uirlisí dlúthpháirtíochta an Aontais á bhforbairt. Ba cheart foráil a dhéanamh do sheiceáil chuimsitheach oiriúnachta trí athbhreithniú fianaise-bhunaithe a dhéanamh a chuimseodh na héifeachtaí dlíthiúla, eacnamaíocha agus sóisialta atá ag córas Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear an éifeacht atá aige ar chearta bunúsacha.

(10)

D’fhonn cóir chomhionann do gach iarratasóir agus gach tairbhí cosanta idirnáisiúnta a áirithiú, agus comhsheasmhacht le acquis tearmainn Aontais atá ann cheana, go háirithe le Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 13 Nollaig 2011, maidir le caighdeáin i ndáil le cáilíocht náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar thairbhithe cosanta idirnáisiúnta ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (6), cuimseoidh raon feidhme an Rialacháin seo iarratasóirí ar chosaint choimhdeach agus daoine atá i dteideal cosanta coimhdí.

(11)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (7) maidir leis an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach mar a rialaítear faoin Rialachán seo, faoi réir na dteorainneacha a bhaineann leis an Treoir sin a chur i bhfeidhm.

(12)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (8), sa bhreis air sin agus gan dochar do na forálacha maidir le cosaintí nós imeachta a rialaítear faoin Rialachán seo, faoi réir na dteorainneacha a bhaineann leis an Treoir sin a chur i bhfeidhm.

(13)

I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989 agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart do Bhallstáit tús áite a thabhairt do leasa an linbh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu. Agus leasa an linbh á mheas acu, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt, go háirithe, ar fholláine agus ar fhorbairt sóisialta an mhionaoisigh, ar chúrsaí sábháilteachta agus slándála agus ar thuairimí an mhionaoisigh i gcomhréir lena aois nó lena haois agus a aibíocht nó a haibíocht, lena n-áirítear a chúlra nó a cúlra. Ina theannta sin, ba cheart ráthaíochtaí sonracha nós imeachta do mhionaoisigh neamhthionlactha a leagan síos de bharr a leochaileachta.

(14)

I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart do Bhallstáit tús áite a thabhairt d’urramú shaol an teaghlaigh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.

(15)

Is féidir a áirithiú, mar thoradh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó bhaill aon teaghlaigh amháin a bheith á bpróiseáil le chéile ag Ballstát amháin a phróiseáil, go scrúdófar na hiarratais go críochnúil, go bhfuil na cinntí a dhéantar ina leith comhsheasmhach agus nach scarfar baill aon teaghlaigh amháin.

(16)

D’fhonn a áirithiú go n-urramófar ina iomláine prionsabal aontachta an aonaid teaghlaigh agus d’fhonn leas an linbh a áirithiú, ba cheart do ghaol cleithiúnachta idir an t-iarratasóir agus a pháiste nó a páiste, a shiblín nó a siblín, nó a thuismitheoir nó a tuismitheoir mar gheall ar thoircheas nó máithreachas an iarratasóra, sláinte nó seanaois, a bheith ina chritéar freagrachta ceangailteach. Nuair is mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir, ba cheart ball teaghlaigh nó gaol atá in ann aire a thabhairt dó nó di agus atá i láthair ar chríoch Ballstáit eile a bheith ina chritéar freagrachta ceangailteach freisin.

(17)

Ba cheart go mbeadh aon Bhallstát in ann maolú ar na critéir freagrachta, go háirithe ar fhorais dhaonchairdiúla agus atruacha chun go bhféadfaí maidir le baill teaghlaigh, le gaolta nó le haon bhaill teaghlaigh eile a thabhairt le chéile, agus scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisctear leis nó le Ballstát eile, fiú mura bhfuil freagracht air an scrúdú sin a dhéanamh faoi na critéir cheangailteacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(18)

Ba cheart agallamh pearsanta leis an iarratasóir a eagrú chun go bhféadfaí a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. A luaithe a thaisctear an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart an t-iarratasóir a chur ar an eolas go bhfuil an Rialachán seo i bhfeidhm agus go bhfuil an fhéidearthacht ann faisnéis a thabhairt, le linn an agallaimh, maidir le baill teaghlaigh, le gaolta nó le haon bhaill teaghlaigh eile a bheith sna Ballstáit d’fhonn an próiseas lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach a éascú.

(19)

Chun cosaint éifeachtach chearta na ndaoine lena mbaineann a áirithiú, ba cheart coimircí dlíthiúla agus an ceart leigheas éifeachtach a fháil i ndáil le cinntí a bhaineann le haistrithe chuig an mBallstát atá freagrach a bhunú, i gcomhréir, go háirithe, leis na cearta a aithnítear in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Chun a áirithiú go n-urramófar an dlí idirnáisiúnta, ba cheart go gcumhdódh leigheas éifeachtach in aghaidh cinntí den sórt sin scrúdú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus scrúdú ar an staid dhlíthiúil agus fhíorasach sa Bhallstát a n-aistrítear an t-iarratasóir chuige.

(20)

Ba cheart iarratasóirí a choinneáil i gcomhréir leis an mbunphrionsabal nár cheart go gcoimeádfaí duine faoi choinneáil ar an gcúis go bhfuil siad ag lorg cosanta idirnáisiúnta agus ar an gcúis sin amháin. Níor cheart duine a choinneáil ach don tréimhse is giorra is féidir agus ba cheart don choinneáil a bheith faoi réir phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh coinneáil iarratasóirí i gcomhréir le hAirteagal 31 de Choinbhinsiún na Ginéive. Maidir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an Rialacháin seo i dtaca le duine faoi choinneáil, ba cheart iad a chur i bhfeidhm mar thosaíocht, agus laistigh de na sprioc-amanna is giorra is féidir. Maidir leis na ráthaíochtaí ginearálta lena rialaítear an choinneáil, agus maidir le coinníollacha na coinneála, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, forálacha Threoir 2013/33/AE a chur i bhfeidhm freisin i gcás daoine a choinnítear ar bhonn an Rialacháin seo.

(21)

Nuair a bhíonn easnaimh i gcórais tearmainn nó nuair a theipeann orthu, go minic agus dianbhrú ag cur leis an bhfadhb, cuirtear feidhmiú rianúil an chórais a cuireadh ar bun faoin Rialachán seo i gcontúirt, agus d’fhéadfadh sé go sárófaí cearta na n-iarratasóirí mar a leagtar amach iad in acquis tearmainn an Aontais agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cearta idirnáisiúnta eile an duine agus cearta dídeanaithe.

(22)

Ba cheart próiseas réamhrabhaidh, ullmhachta agus bainistithe géarchéime a bhunú ionas go seachnófaí aon mheathlú nó aon teip ar chórais tearmainn, agus ról tábhachtach ag EASO, ag baint úsáide as na cumhachtaí atá aige faoi Rialachán (AE) Uimh. 439/2010, chun comhar láidir a áirithiú faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus chun muinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir na Ballstáit i dtaca le beartas tearmainn. Ba cheart, le próiseas den sórt sin, go dtabharfaí foláireamh don Aontas a luaithe is féidir ós rud é go bhfuil imní ann go bhfuil feidhmiú rianúil an chórais a bhunaítear leis an Rialachán seo á chur i gcontúirt de thoradh brú áirithe ar chórais tearmainn Ballstáit amháin nó níos mó agus/nó de thoradh easnaimh i gcóras tearmainn Ballstáit amháin nó níos mó. Le próiseas den sórt sin, d’fhéadfadh an tAontas bearta coisctheacha a chur chun cinn láithreach agus aird pholaitiúil iomchuí a thabhairt ar na dálaí sin. Is gné ríthábhachtach de CET í an dlúthpháirtíocht, agus bíonn an dlúthpháirtíocht agus an mhuinín fhrithpháirteach ann in éineacht le chéile. Trí chur leis an muinín, d’fhéadfaí, leis an bpróiseas réamhrabhaidh, ullmhachta agus bainistithe géarchéime, feabhas a chur ar bhearta nithiúla i dtaca le fíor-dhlúthpháirtíocht phraiticiúil le Ballstáit chun cuidiú, i gcoitinne, leis na Ballstáit atá faoi réir na géarchéime agus chun cuidiú, go háirithe, leis na hiarratasóirí. I gcomhréir le hAirteagal 80 CFAE ina n-éilítear, nuair is gá sin, go mbeadh bearta iomchuí chun éifeacht a thabhairt do phrionsabal na dlúthpháirtíochta i ngníomhartha an Aontais, agus ba cheart go mbeadh bearta den sórt sin ag gabháil leis an bpróiseas. Leis na conclúidí maidir le Comhchreat don fhíor-dhlúthpháirtíocht phraiticiúil leis na Ballstáit sin a bhfuil dianbhrú ar a gcóras tearmainn, lena n-áirítear trí shreabha den imirce mheasctha, a ghlac an Chomhairle an 8 Márta 2012, ghlac an Chomhairle déantar foráil do shraith uirlisí de bhearta atá ann cheana agus de bhearta nua a d’fhéadfadh a bheith ann agus ba cheart iad a chur i gcuntas i gcomhthéacs sásra réamhrabhaidh, ullmhachta agus bainistithe géarchéime.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar le EASO chun faisnéis a bhailiú faoina gcumas dianbhrú ar a gcórais tearmainn agus glactha a bhainistiú, go háirithe faoi chuimsiú chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart do EASO tuarascáil a thabhairt go tráthrialta ar an bhfaisnéis a bhailítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010.

(24)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón (9), féadfar aistrithe chuig an mBallstát atá freagrach as iarratas ar chur i bhfeidhm chosaint idirnáisiúnta a scrúdú a dhéanamh ar bhonn deonach, trí bhíthin imeachta faoi mhaoirseacht nó faoi choimhdeacht. Ba cheart do Bhallstáit aistrithe deonacha a chur chun cinn trí fhaisnéis leordhóthanach a chur ar fáil don iarratasóir agus a áirithiú go ndéantar aistrithe faoi mhaoirseacht nó faoi choimhdeacht ar bhealach daonnachtúil, agus cearta bunúsacha agus dínit an duine á chomhlíonadh go hiomlán agus le hurraim ar dhínit an duine, chomh maith le leas an linbh, lena n-áirítear go hiomlán gach forbairtí sa chásdlí ábhartha, go háirithe maidir le haistrithe ar fhorais dhaonnúla.

(25)

I ngeall ar limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ráthaítear saorghluaiseacht daoine i gcomhréir le CFAE a bheith á chruthú de réir a chéile agus beartais de chuid an Aontais maidir le coinníollacha iontrála agus fanachta náisiúnach tríú tíortha a bheith á mbunú, lena n-áirítear iarrachtaí chun teorainneacha seachtracha a bhainistiú le chéile, is gá cothromaíocht a bhaint amach i measc na gcritéar freagrachta i meon dlúthpháirtíochta.

(26)

Beidh feidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (10) faoin Rialachán seo.

(27)

Áiritheofar le malartú sonraí pearsanta iarratasóirí, lena n-áirítear sonraí íogaire maidir lena sláinte, a bheidh le haistriú sula ndéanfar an t-aistriú féin gur féidir leis na húdaráis inniúla tearmainn cúnamh leordhóthanach a thabhairt d’iarratasóirí agus leanúnachas a áirithiú maidir leis an gcosaint agus na cearta a thugtar dóibh. Ba cheart forálacha speisialta a dhéanamh d’fhonn cosaint sonraí a bhaineann le hiarratasóirí a bhfuil baint acu leis an gcás sin a áirithiú, i gcomhréir le Treoir 95/46/CE.

(28)

Is féidir cur i bhfeidhm an Rialacháin a éascú, agus a éifeachtúlacht a neartú, trí shocruithe déthaobhacha idir Ballstáit chun cumarsáid idir ranna inniúla a fheabhsú, teorainneacha ama do nósanna imeachta a laghdú nó próiseáil iarrataí ar ghabháil ar láimh nó ar ghabháil ar ais a shimpliú, nó nósanna imeachta chun aistrithe a chur i gcrích a bhunú.

(29)

Ba cheart leanúnachas a áirithiú idir an córas lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus an córas a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ar an gcuma chéanna, ba cheart comhchuibheas a áirithiú idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó duine gan stát agus maidir le comparáidí le sonraí Eurodac arna n-iarraidh ag údaráis um fhorghníomhú an dlí ag údaráis um fhorghníomhú an dlí sna Ballstáit agus ag Europol chun críocha an dlí a fhorghníomhú sna Ballstáit agus ag Europol chun críocha an dlí a fhorghníomhú (11).

(30)

Ba cheart go n-éascódh feidhmiú chóras Eurodac, mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(31)

Ba cheart go n-éascófaí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo trí bhíthin oibriú an Córas Faisnéise Víosaí, mar a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus malartú sonraí idir Ballstáit ar víosaí gearrfhanachta (12) agus go háirithe cur chun feidhme Airteagal 21 agus Airteagal 22 de.

(32)

Maidir leis an gcaoi ina gcaitear le daoine a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tá Ballstáit faoi cheangal ag na hoibleagáidí atá orthu faoi ionstraimí dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cás-dlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

(33)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (13).

(34)

Ba cheart leas a bhaint as an nós imeachta scrúdúcháin chun bileog eolais choiteann maidir le Baile Átha Cliath/Eurodac a ghlacadh, mar aon le bileog shonrach do mhionaoisigh neamhthionlactha; agus foirm caighdeánach aige don mhalartú faisnéise ábhartha i dtaca le mionaoisigh neamhthionlactha; chun choinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh don chomhairliúchán agus don mhalartú faisnéise i ndáil le mionaoisigh neamhthionlactha agus le cleithiúnaithe; chun coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le hiarrataí ar ghabháil ar láimh agus ar ghabháil ar ais a ullmhú agus a tharchur, chun dhá liosta ina léirítear na heilimintí ábhartha i ndáil le eilimintí cruthúnais agus fianaise imthoiscí a ghlacadh; agus an t-athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanfar orthu; chun laissez-passer a ghlacadh; chun coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh don chomhairliúchán agus don mhalartú faisnéise i ndáil le haistrithe a dhéanamh; chun foirm chaighdeánach a dhréachtú i dtaca le malartú dáta roimh an t-aistriú; chun teastas sláinte coitianta a ghlacadh; chun coinníollacha aonfhoirmeacha agus socruithe praiticiúla a ghlacadh maidir le malartú faisnéise i dtaca le sonraí sláinte an duine sula ndéanfar an t-aistriú, agus chun sruthanna sábháilte tarchuir leictreonaigh maidir le tarchur iarrataí a ghlacadh.

(35)

Chun go bhféadfaí foráil a dhéanamh do rialacha forlíontacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a thabhairt don Choimisiún maidir le baill teaghlaigh, siblíní nó gaolta an mhionaoisigh neamhthionlactha a shainaithint; na critéir chun naisc chruthaithe theaghlaigh a bhunú; na critéir nach mór a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar inniúlacht an duine mhuinteartha aire a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha i gcásanna ina bhfuil cónaí ar bhaill teaghlaigh, siblíní nó gaolta an mhionaoisigh neamhthionlactha i mBallstát amháin nó níos mó; na heilimintí chun an nasc spleáchais a mheasúnú; na critéir i ndáil leis an duine lena mbaineann chun aire a thabhairt don chleithiúnach a mheasúnú agus chun na gnéithe nach mór a chur san áireamh chun éagumas taisteal ar feadh tréimhse suntasach ama a mheasúnú. Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ní sháróidh an Coimisiún raon feidhme leas an linbh dá bhforáiltear faoi Airteagal 6(3) den Rialachán seo. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á ndréachtú ag an gCoimisiún, ba cheart dó a áirithiú go dtarchuirtear na doiciméid ábhartha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go tráthúil, iomchuí agus go comhuaineach.

(36)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear gníomhartha tarmligthe a ullmhú, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le, i measc daoine eile, na húdaráis náisiúnta ábhartha uilig.

(37)

Leagadh síos i Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a chur chun feidhme. Ba cheart forálacha áirithe Rialacháin (CE) Uimh. 1560/2003 a ionchorprú sa Rialachán seo, ar mhaithe le soiléireacht nó toisc gur féidir leo freastal ar chuspóir ginearálta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, do na Ballstáit agus na hiarratasóirí lena mbaineann, go mbeadh sásra ginearálta ann chun réiteach a fháil i gcásanna ina bhfuil easaontas idir Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm forála den Rialachán seo. Is ceart, dá bharr sin, an sásra dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 maidir le díospóidí a bhaineann leis an gclásal daonchairdiúil a réiteach a chorprú sa Rialachán seo agus a raon feidhm a chuimsiú faoin Rialachán seo ina iomláine.

(38)

Is gá go ndéanfar meastóireacht go tráthrialta chun go mbeidh faireachán éifeachtach ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(39)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féachann an Rialachán seo, ach go háirithe, le hurramú iomlán an chirt chun tearmainn a áirithítear le hAirteagal 18 den Chairt a chinntiú mar aon leis na gceart a aithnítear faoi Airteagail 1, 4, 7, 24 agus 47 den Chairt sin a chur chun cinn. Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm dá réir.

(40)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon critéir agus sásraí a bhunú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a thaisctear i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a scrúdú, agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, de bharr scála agus éifeachtaí, a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, de réir phrionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(41)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le Seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, thug na Ballstáit sin fógra gur mian leo a bheith rannpháirteach agus an Rialachán seo á ghlacadh agus á chur i bhfeidhm.

(42)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfar an Rialachán seo agus ní bheidh sí faoi cheangal ná faoi réir chur i bhfeidhm an Rialacháin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (dá ngairtear “an Ballstát atá freagrach” anseo feasta).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach den Aontas de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus ar duine é nach náisiúnach de Stát atá rannpháirteach sa Rialachán seo de bhua comhaontaithe leis an Aontas Eorpach;

(b)

ciallaíonn “iarratas ar chosaint idirnáisiúnta” iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(h) de Threoir 2011/95/AE;

(c)

ciallaíonn “iarratasóir” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige, nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta ina leith fós;

(d)

ciallaíonn “scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta” aon scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, nó aon chinneadh ina leith nó aon rialú air, a dhéanann na húdaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2013/32/AE agus le Treoir 2011/95/AE, cé is moite de na nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(e)

ciallaíonn “tarraingt siar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta” na bearta trína gcuireann an t-iarratasóir deireadh leis na nósanna imeachta a tionscnaíodh nuair a thíolaic sé nó sí a iarratas nó a hiarratas, i gcomhréir le Treoir 2013/32/AE, go sainráite nó go neamhinste;

(f)

ciallaíonn “tairbhí cosanta idirnáisiúnta” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dár deonaíodh cosanta idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a) de Threoir 2011/95/AE ón gComhairle í;

(g)

ciallaíonn “baill teaghlaigh”, sa mhéid gurb ann cheana don teaghlach sa tír thionscnaimh, na baill seo a leanas de theaghlach an iarratasóra atá i láthair ar chríoch na mBallstát:

céile an iarratasóra nó a chomhpháirtí nó a comhpháirtí neamhphósta, a bhfuil caidreamh seasmhach eatarthu, i gcás ina ndéileáiltear i ndlí nó i gcleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta i slí is inchomparáide leis an gcaoi ina ndéileáiltear le lánúineacha pósta faoina dhlí maidir le náisiúnaigh tríú tíortha,

leanaí mionaoiseacha na lánúineacha dá dtagraítear sa chéad fhleasc, nó an iarratasóra, ar choinníoll nach bhfuil siad pósta agus is cuma ar rugadh nó nach rugadh iad de phósadh nó is cuma ar uchtaíodh iad faoi mar a shainmhínítear faoi dhlí náisiúnta,

i gcás gur mionaoiseach an t-iarratasóir agus nach bhfuil sé nó sí pósta, athair, máthair nó duine fásta eile atá freagrach as an iarratasóir, de réir dhlí nó de réir chleachtas an Bhallstáit ina bhfuil an duine fásta,

i gcás gur mionaoiseach tairbhí na cosanta idirnáisiúnta dó agus nach bhfuil sé nó sí pósta, athair, máthair nó duine fásta eile atá freagrach as an tairbhí, cibé acu de réir dhlí nó de réir chleachtas an Bhallstáit ina bhfuil an tairbhí i láthair,

(h)

ciallaíonn “gaol” aintín fhásta nó uncail fásta an iarratasóra, seanathair nó seanmháthair an iarratasóra atá i láthair i gcríoch an Bhallstáit is cuma ar rugadh nó nach rugadh an t-iarratasóir de phósadh nó is cuma ar uchtaíodh iad mar a shainítear faoin dlí náisiúnta;

(i)

ciallaíonn “mionaoiseach” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhun 18 mbliana;

(j)

ciallaíonn “mionaoiseach neamhthionlactha” mionaoiseach a shroicheann críoch na mBallstát gan tionlacan duine fásta atá freagrach as nó aisti, de réir dhlí nó de réir chleachtas náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, agus fad nach dtógtar faoi chúram an duine fásta sin é nó í; cuirtear san áireamh mionaoisigh a fhágtar i riocht neamhthionlactha tar éis dóibh iontráil i gcríoch Ballstát;

(k)

ciallaíonn “ionadaí” duine nó eagraíocht a cheapann na comhlachtaí inniúla chun cúnamh a thabhairt do mhionaoiseach neamhthionlactha agus chun ionadaíocht a dhéanamh air i nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun leasa an mhionaoisigh a áirithiú agus chun inniúlacht dhlíthiúil a fheidhmiú don mhionaoiseach nuair is gá. I gcás ina gceapfar eagraíocht mar ionadaí, ainmneoidh sí duine le bheith freagrach as a cuid dualgas a chomhlíonadh i ndáil leis an mionaoiseach, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(l)

ciallaíonn “doiciméad cónaithe” aon údarú a eisíonn údaráis Ballstáit lena n-údaraítear do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát fanacht ina chríoch, agus na doiciméid a thugann bunús leis an údarú fanacht sa chríoch faoi shocruithe sealadacha cosanta nó go dtí nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúinsí a chuireann bac ar ordú aistrithe a chur i gcrích, ach amháin víosaí agus údaruithe cónaithe a eisítear i rith na tréimhse is gá chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach faoi mar a leagtar síos sa Rialachán seo nó i rith an scrúdaithe ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó ar iarratas ar chead cónaithe;

(m)

ciallaíonn “víosa” údarú nó cinneadh Ballstáit atá riachtanach chun idirthuras a dhéanamh tríd an mBallstát sin nó chun iontráil sa Bhallstát sin nó i roinnt Ballstát ar feadh tréimhse beartaithe fanachta. Déanfar cinneadh maidir leis an saghas víosa a bheidh i gceist de réir na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn “víosa fadfhanachta” údarú nó cinneadh a eisíonn ceann de na Ballstáit i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó le dlí an Aontais agus atá riachtanach chun iontráil ar feadh tréimhse beartaithe fanachta níos faide ná trí mhí sa Bhallstát sin;

ciallaíonn “víosa gearrfhanachta” údarú nó cinneadh Ballstáit atá riachtanach chun idirthuras a dhéanamh nó chun fanacht i gcríoch Bhallstát amháin nó níos mó, nó iad go léir, ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí in aon tréimhse sé mhí ag tosú ar dháta na céad iontrála ar chríoch na mBallstát;

ciallaíonn “víosa idirthurais aerfoirt” víosa atá bailí chun idirthuras a dhéanamh trí limistéar idirnáisiúnta idirthurais in aerfort amháin nó níos mó sna Ballstáit;

(n)

ciallaíonn “riosca éalaithe” go bhfuil cúiseanna ann i gcás faoi leith, atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear sa dlí, chun a chreidiúint go n-éalódh iarratasóir nó náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá faoi réir nós imeachta maidir le haistriú éalú.

CAIBIDIL II

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA AGUS COIMIRCÍ

Airteagal 3

Rochtain ar an nós imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú

1.   Déanfaidh na Ballstáit scrúdú ar aon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaiscfidh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a chuirfidh iarratas isteach ar chríoch aon Bhallstáit acu, lena n-áirítear ag an teorainn nó sna limistéir idirthurais. Déanfaidh Ballstát amháin scrúdú ar an iarratas, ar Ballstát é a thabharfar le fios sna critéir a leagtar amach i gCaibidil III go mbeidh sé freagrach.

2.   I gcás nach féidir Ballstát atá freagrach a ainmniú ar bhonn na gcritéar a liostaítear sa Rialachán seo, beidh an chéad Bhallstát ar taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta leis freagrach as scrúdú a dhéanamh air.

I gcás inar féidir iarratasóir a aistriú chuig an mBallstát a ainmníodh mar an bpríomh-Bhallstát atá freagrach toisc go bhfuil cúiseanna maithe ann lena chreidiúint go bhfuil lochtanna córasacha sa nós imeachta tearmainn agus sna coinníollacha glactha i gcás iarratasoírí sa Bhallstát sin, rud a chiallaíonn go bhféadfaí caitheamh leo ar bhealach mídhaonna nó táireach de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, scrúdóidh an Ballstát a mbeidh an cinneadh á dhéanamh aige cé acu Ballstát atá freagrach na critéir a leagtar amach i gCaibidil III, lena shuíomh an bhféadfar Ballstát eile a ainmniú le bheith freagrach.

I gcás nach féidir an t-aistriú a dhéanamh de bhun na míre seo chuig aon Bhallstát a ainmníodh ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i gCaibidil III ná chuig an gcéad Bhallstát inar taisceadh an t-iarratas, beidh an Ballstát atá freagrach ina Bhallstát a mbeidh an cinneadh á dhéanamh aige.

3.   Coimeádfaidh aon Bhallstát an ceart an t-iarratasóir a chur chuig tríú tír shábháilte, faoi réir na rialacha agus na gcoimircí a leagtar síos i dTreoir 2013/32/AE.

Airteagal 4

Ceart chun faisnéise

1.   A luaithe a thaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, laistigh de bhrí Airteagal 20(2), i mBallstát cuirfidh a údaráis inniúla cur i bhfeidhm an Rialacháin seo in iúl don iarratasóir, agus cuirfidh siad in iúl go háirithe:

(a)

cuspóirí an Rialacháin seo agus na hiarmhairtí a bhaineann le hiarratas eile a thaisceadh i mBallstát eile chomh maith leis na hiarmhairtí a bhaineann le haistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile le linn na gcéimeanna nuair a chinnfear cé acu Ballstát atá freagrach faoin Rialachán seo agus nuair a bheidh scrúdú á dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

(b)

na critéir lena gcinntear an Ballstát atá freagrach agus ordlathas critéar den sórt sin i gcéimeanna éagsúla an nós imeachta, an ré a mhairfidh siad, agus freisin go bhféadfadh sé, le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaiscfear i mBallstát amháin, go mbeadh an Ballstát sin freagrach faoin Rialachán seo fiú mura bhfuil freagracht den sórt sin bunaithe ar na critéir sin;

(c)

an t-agallamh pearsanta de bhun Airteagal 5 agus an fhéidearthacht faisnéis a thíolacadh maidir le baill teaghlaigh, gaolta nó aon bhaill teaghlaigh eile bheith i láthair sna Ballstáit, lena n-áirítear an bealach a bhféadfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis sin a thabhairt;

(d)

an fhéidearthacht agóid a dhéanamh i gcoinne cinnidh aistrithe agus, i gcás inarb infheidhme, iarratas a dhéanamh an t-aistriú a chur ar fionraí;

(e)

gur féidir le húdaráis inniúla na mBallstát a shonraí nó a sonraí a mhalartú chun a gcuid oibleagáidí a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chuige sin amháin;

(f)

go bhfuil ceart rochtana aige nó aici ar shonraí a bhaineann leis nó léi, agus an ceart a iarraidh go gceartófaí sonraí den sórt sin más sonraí míchruinne iad nó go scriosfaí iad más rud é go próiseáladh go neamhdhleathach iad, chomh maith leis na nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás dá dtagraítear in Airteagal 35 agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí atá freagrach as éisteacht le héilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Cuirfear an t-eolas dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i scríbhinn i dteanga a thuigeann an t-iarratasóir nó a cheaptar le réasún go bhfuil an t-iarratasóir in ann í a thuiscint. Bainfidh Ballstáit úsáid as an mbileog choiteann a tharraingeofar suas de bhun mhír 3 chun na críche sin.

Nuair is iomchuí ar mhaithe le tuiscint cheart an iarratasóra, cuirfear an t-eolas ar fáil ó bhéal, mar shampla maidir leis an agallamh dá dtagraítear in Airteagal 5.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bileog choiteann, mar aon le bileog shonrach do mhionaoisigh neamhthionlactha, ina mbeidh ar a laghad an t-eolas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a tharraingt suas. Áireofar freisin leis an mbileog choiteann sin faisnéis faoi chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 agus, go háirithe, faoin gcríoch ar chuige a fhéadfar sonraí an iarratasóra lena mbaineann a phróiseáil laistigh de Eurodac. Bunófar an bhileog choiteann ar bhealach ina chumasófar do na Ballstáit í a chur i gcrích le faisnéis bhreise is sonrach do na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2) den Rialachán seo.

Airteagal 5

Agallamh pearsanta

1.   D’fhonn an próiséas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach faoin Rialachán seo a éascú. Déanfaidh an Ballstát a mbeidh an cinneadh á dhéanamh aige agallamh pearsanta leis an iarratasóir. Leis an agallamh, cinnteofar go dtuigfidh an t-iarratasóir i gceart an fhaisnéis a seoladh chuige i gcomhréir le hAirteagal 4.

2.   Ní gá an t-agallamh pearsanta a dhéanamh más rud é:

(a)

gur éalaigh an t-iarratasóir; nó

(b)

tar éis don iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4 a fháil, go mbeidh faisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana féin aige ionas go bhféadfar a chinneadh, trí bhealaí eile, cé acu Ballstát atá freagrach. An Ballstát sin a chinn gan an t-agallamh a dhéanamh, tabharfaidh sé deis don iarratasóir gach faisnéis atá ábhartha a chur ar fáil a bheidh riachtanach chun a chinneadh i gceart cé acu Ballstát atá freagrach sula ndéanfar cinneadh an t-iarratasóir a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach de bhun Airteagal 26(1).

3.   Déanfar an t-agallamh pearsanta go tráthúil agus, ar aon nós, sula ndéanfar aon chinneadh an t-iarratasóir a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach de bhun Airteagal 26(1).

4.   Déanfar an t-agallamh pearsanta i dteanga a thuigeann an t-iarratasóir nó a cheaptar le réasún go bhfuil an t-iarratasóir in ann í a thuiscint agus ina bhfuil sé nó sí in ann cumarsáid a dhéanamh. Nuair is iomchuí, beidh na Ballstáit in ann dul ar iontaoibh ateangaire a bheidh in ann cumarsáid chuí a áirithiú idir an t-iarratasóir agus an duine a dhéanfaidh an t-agallamh pearsanta.

5.   Déanfar an t-agallamh pearsanta faoi choinníollacha a áiritheoidh rúndacht chuí. Duine a bheidh cáilithe faoin dlí náisiúnta a chuirfidh agallamh ar an iarratasóir.

6.   Cuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an t-agallamh pearsanta achoimre i scríbhinn de ina mbeidh, ar a laghad, an phríomhfhaisnéis a thug an t-iarratasóir ag an agallamh. Tabharfar an achoimre sin i bhfoirm tuairisce nó i bhfoirm chaighdeánach. Áiritheoidh an Ballstát go mbeidh rochtain thráthúil ar an achoimre ag an iarratasóir agus/nó ag comhairleoir dlí nó ag comhairleoir eile a dhéanann ionadaíocht ar an iarratasóir.

Airteagal 6

Ráthaíochtaí do mhionaoisigh

1.   Tabharfaidh Ballstáit tús áite do leas an mhionaoisigh maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh ionadaí ionadaíocht thar ceann an mhionaoisigh neamhthionlactha, nó go gcuideoidh ionadaí leis an mionaoiseach neamhthionlactha maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Beidh cáilíochtaí agus saineolas cuí ag an ionadaí lena áirithiú go gcuirfear leasa an mhionaoisigh san áireamh le linn na nósanna imeachta a chuirfear i gcrích faoin Rialachán seo. Beidh rochtain ag ionadaí den sórt sin ar ábhar na ndoiciméad ábhartha i gcomhad an iarratasóra lena n-áirítear an bhileog shonrach do mhionaoisigh neamhthionlactha.

Beidh an mhír seo gan dochar do fhorálacha ábhartha Airteagal 25 de Threoir 2013/32/AE.

3.   Agus leas an linbh á mheasúnú, comhoibreoidh na Ballstáit go dlúth agus cuirfidh siad, go háirithe, na tosca seo a leanas san áireamh:

(a)

féidearthachtaí maidir le teaghlaigh a athaontú;

(b)

dea-bhail agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh, agus cúlra an mhionaoisigh á chur san áireamh, go háirithe;

(c)

cúinsí slándála agus sábháilteachta, go háirithe nuair a bheidh riosca ann gur íospartach gáinneála é an leanbh;

(d)

tuairimí an mhionaoisigh, i gcomhréir lena aois nó a lena haois agus lena aibíocht nó lena haibíocht.

4.   Chun Airteagal 8 a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Ballstát inar ndearna an mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh gníomh iomchuí, a luaithe is féidir, chun aon bhaill teaghlaigh, siblíní nó gaolta an mhionaoisigh neamhthionlactha i gcríoch na mBallstát a shainaithint, agus leas an linbh á chosaint aige ag an am céanna.

Chuige sin, féadfaidh an Ballstát sin cúnamh a lorg ó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ó eagraíochtaí ábhartha eile, féadfaidh siad rochtain an mhionaoisigh ar sheirbhísí cuardaigh na n-eagraíochtaí sin a éascú.

Beidh oiliúint iomchuí i dtaca le sainriachtanais na mionaoiseach ar fhoireann na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35 agus a bheidh ag déileáil le hiarrataí maidir le mionaoisigh neamhthionlactha, agus cuirfear oiliúint orthu ar bhonn leanúnach.

5.   D’fhonn an gníomh iomchuí a éascú chun ball teaghlaigh, siblín nó gaol an mhionaoisigh gan tionlacan atá ina chónaí i gcríoch Bhallstáit eile de bhun mhír 4 den Airteagail seo a shainaithint, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena n-áirítear foirm chaighdeánach chun faisnéis iomchuí a mhalartú idir Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

CAIBIDIL III

CRITÉIR CHUN A CHINNEADH CÉ ACU BALLSTÁT ATÁ FREAGRACH

Airteagal 7

Ordlathas na gcritéar

1.   Cuirfear na critéir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i bhfeidhm san ord ina leagtar síos sa Chaibidil seo iad.

2.   Déanfar cinneadh maidir leis an mBallstát atá freagrach i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Chaibidil seo bunaithe ar an staid ina mbeidh cúrsaí nuair a thaiscfidh an t-iarratasóir a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta le Ballstát den chéad uair.

3.   I bhfianaise chur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 8, in Airteagal 10 agus in Airteagal 16, cuirfidh na Ballstáit san áireamh aon fhianaise a bheidh ar fáil dóibh maidir le baill teaghlaigh, siblíní, tuismitheoirí nó gaolta eile de chuid an iarratasóra, a bheidh i láthair ar chríoch an Bhallstáit, ar choinníoll go gcuirfear an fhianaise sin in iúl sula nglacfaidh Ballstát eile leis an iarraidh an duine lena mbaineann a ghabháil ar láimh nó a thógáil ar ais de bhun Airteagal 22 agus Airteagal 25 faoi seach agus ar choinníoll nach mbeidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chuir an t-iarratasóir isteach roimhe sin fós faoi réir céad chinnidh a rinneadh maidir leis an tsubstaint.

Airteagal 8

Mionaoisigh

1.   I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir, is é sa Bhallstát freagrach an Ballstát ina mbeidh ball teaghlaigh nó siblín an mhionaoisaigh neamhthionlactha i láthair go dleathach, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é. I gcás inar mionaoiseach pósta é an t-iarratasóir ach nach mbeidh a chéile i láthair ar chríoch na mBallstát, is é an Ballstát atá freagrach an Ballstát ina mbeidh athair, máthair nó duine fásta eile a bheidh freagrach as an mionaoiseach i gcomhréir le dlí nó i gcomhréir le cleachtas an Bhallstáit sin, nó an siblín i láthair go dleathach.

2.   I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir a mbeidh gaol a bheidh i láthair go dleathach i mBallstát eile aige nó aici agus nuair a shuífear de bhun scrúdaithe indibhidiúil go bhfuil an duine sin in ann aire a thabhairt dó nó di, beidh an Ballstát sin freagrach as an mionaoiseach a athaontú lena ghaol nó gaolagus beidh an beidh sé mar an Ballstát atá freagrach, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é seo.

3.   I gcás ina bhfanann ball teaghlaigh, gaol nó siblíní dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i níos mó ná Ballstát amháin, déanfar cinneadh cé acu Ballstát atá freagrach bunaithe ar leas an mhionaoisigh neamhthionlactha.

4.   I gcás nach mbeidh ball teaghlaigh, gaol nó siblín dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i láthair, is é an Ballstát lenar thaisc an mionaoiseach neamhthionlactha a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 a bhaineann le baill teaghlaigh, siblíní nó gaolta an mhionaoisigh gan tionlacan a shainaithint, lena n-áirítear na critéir chun naisc chruthaithe theaghlaigh a bhunú, na critéir chun acmhainneacht an ghaoil chun aire a thabhairt don mhionaoiseach gan tionlacan á mheas, lena n-áirítear sa chás ina bhfanfaidh baill teaghlaigh, siblíní nó gaolta an mhionaoisigh gan tionlacan i níos mó ná Ballstát amháin. Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ní sháróidh an Coimisiún raon feidhme leas an linbh dá bhforáiltear faoi Airteagal 6(3).

6.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú don chomhairliúchán agus chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 9

Baill teaghlaigh ar daoine iad a bhaineann tairbhe as cosaint idirnáisiúnta

I gcás ina mbeidh ball teaghlaigh, is cuma ar bunaíodh nó nár bunaíodh an teaghlach cheana sa tír thionscnaimh ag an iarratasóir, ar tugadh cead dó nó di cónaí mar dhuine dár deonaíodh cosaint idirnáisiúnta i mBallstát, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.

Airteagal 10

Baill teaghlaigh is iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

Má tá ball teaghlaigh i mBallstát ag an iarratasóir nach raibh a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin fós faoi réir céad chinnidh a rinneadh maidir leis an tsubstaint, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.

Airteagal 11

Nós imeachta teaghlaigh

I gcás ina dtaiscfidh roinnt ball teaghlaigh, agus/nó siblíní mionaoiseacha neamhphósta, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát céanna ag an am céanna, nó ar dhátaí sách gar dá chéile chun go bhféadfaí na nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a chur i gcrích ag an am céanna, agus i gcás ina scarfaí óna chéile iad mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfar cinneadh cé acu Ballstát atá freagrach bunaithe ar na forálacha seo a leanas:

(a)

beidh an fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta gach ball teaghlaigh agus/nó siblíní mionaoiseacha neamhphósta, ar an mBallstát sin a léireoidh na critéir go bhfuil sé freagrach as an líon is mó acu a ghabháil ar láimh;

(b)

sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, beidh freagracht ar an mBallstát a léireoidh na critéir go bhfuil freagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratas an duine is sine acu air.

Airteagal 12

Eisiúint doiciméad cónaithe nó víosaí

1.   I gcás ina mbeidh doiciméad cónaithe atá bailí ina sheilbh ag an iarratasóir, beidh an Ballstát a d’eisigh an doiciméad freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

2.   I gcás ina mbeidh víosa atá bailí ag an iarratasóir, beidh an Ballstát a d’eisigh an víosa freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, murar eisíodh an víosa thar ceann Ballstát eile faoi shocrú ionadaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (14). Sa chás sin, beidh an Ballstát a ndéanfar ionadaíocht air freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

3.   I gcás ina mbeidh níos mó ná doiciméad cónaithe amháin nó níos mó ná víosa amháin atá bailí ina sheilbh ag an iarratasóir nó víosa a d’eisigh Ballstáit éagsúla, glacfaidh na Ballstáit freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san ord seo a leanas:

(a)

an Ballstát a d’eisigh an doiciméad cónaithe a thugann ceart don tréimhse chónaithe is faide nó, i gcás inarb ionann na tréimhsí bailíochta, an Ballstát a d’eisigh an doiciméad cónaithe leis an dáta éaga is déanaí;

(b)

an Ballstát a d’eisigh an víosa leis an dáta éaga is déanaí i gcás ina mbeidh na víosaí éagsúla den chineál céanna;

(c)

i gcás inar cineálacha éagsúla víosaí iad, an Ballstát a d’eisigh an víosa leis an tréimhse bailíochta is faide, nó, i gcás inarb ionann na tréimhsí bailíochta, an Ballstát a d’eisigh an víosa leis an dáta éaga is déanaí.

4.   I gcás nach mbeidh ach doiciméad cónaithe amháin nó níos mó a d’éag níos lú ná dhá bhliain roimhe i seilbh an iarratasóra nó víosa amháin nó níos mó a d’éag níos lú ná sé mhí roimhe agus a chuir ar a chumas nó ar a cumas ionráil i gcríoch Ballstáit, beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 fad nach mbeidh an t-iarratasóir tar éis críocha na mBallstát a fhágáil.

I gcás ina mbeidh doiciméad cónaithe amháin nó níos mó a d’éag níos mó ná dhá bhliain roimhe nó víosa amháin nó níos mó a d’éag níos mó ná sé mhí roimhe i seilbh an iarratasóra, agus a chuir ar a chumas nó ar a cumas dul isteach ar chríoch Ballstáit agus nach mbeidh sé tar éis críocha na mBallstát a fhágáil, beidh an Ballstát ina dtaiscfear an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta freagrach.

5.   Ní chuirfear cosc le freagracht a chur ar an mBallstát a d’eisigh é ar an mbonn gur eisíodh doiciméad cónaithe nó víosa bunaithe ar chéannacht bhréagach nó ghlactha nó ar thaisceadh doiciméad a bhí góchumtha, bréagach nó neamhbhailí. Ní bheidh, áfach, an Ballstát a eiseoidh an doiciméad cónaithe nó víosa freagrach más féidir leis a shuíomh go ndearnadh an chalaois tar éis don doiciméad nó don víosa a bheith eisithe.

Airteagal 13

Iontráil agus/nó fanacht

1.   I gcás ina suífear, ar bhonn cruthúnais nó ar bhonn fhianaise imthoiscí mar a thuairiscítear sa dá liosta a luaitear in Airteagal 22(3) den Rialachán seo, lena n-áirítear na sonraí dá dtagraítear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, go bhfuil iarrthóir tearmainn tar éis an teorainn a thrasnú go neamhrialta isteach i mBallstát, bíodh an modh trasnaithe ar talamh, ar muir nó san aer, tar éis dó teacht ó thríú thír, beidh an Ballstát a ndearna sé nó sí iontráil isteach ann sa chaoi sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Beidh deireadh leis an bhfreagracht sin 12 mhí i ndiaidh don trasnú teorann neamhrialta tarlú.

2.   I gcás nach féidir freagracht a chur ar Bhallstát nó nach féidir freagracht a chur air a thuilleadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, agus i gcás ina shuífear, ar bhonn cruthúnais nó ar bhonn fhianaise imthoiscí mar a thuairiscítear sa dá liosta a luaitear in Airteagal 22(3) í, go bhfuil cónaí ar an iarratasóir - a rinne iontráil i gcríocha na mBallstát go neamhrialta nó nach féidir na dálaí a ndearna sé iontráil isteach a shuíomh - le tréimhse leanúnach ar a laghad cúig mhí i mBallstát sular thaisc sé an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Más rud é go raibh cónaí ar an iarratasóir ar feadh tréimhsí ar a laghad cúig mhí i roinnt Ballstát, beidh an Ballstát is déanaí ina raibh cónaí air nó uirthi ar an iarratasóir freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 14

Iontráil a bhfuil gá le víosa tarscaoilte ina leith

1.   Má dhéanann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát iontráil i gcríoch Ballstáit ina dtarscaoilfear an gá víosa a bheith aige nó aici, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

2.   Ní bheidh feidhm ag an bprionsabal a leagtar síos i mír 1, má thaisceann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile, ina dtarscaoilfear freisin an gá víosa a bheith aige nó aici chun iontráil isteach sa chríoch. Sa chás sin, beidh an Ballstát eile sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 15

Iarratas i limistéar idirthurais idirnáisiúnta aerfoirt

I gcás ina dtaiscfidh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i limistéar idirthurais idirnáisiúnta aerfoirt Ballstáit, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

CAIBIDIL IV

CLEITHIÚNAITHE AGUS CLÁSAIL LÁNROGHNACHA

Airteagal 16

Cleithiúnaithe

1.   I gcás ina mbeidh, mar gheall ar thoircheas nó leanbh nuabhreithe, breoiteacht throm, míchumas throm nó seanaois, iarratasóir ag brath ar chúnamh óna leanbh nó óna leanbh, óna shiblín nó óna siblín, nó óna thuismitheoir nó óna tuismitheoir atá ina chónaí nó ina cónaí go dleathach i gceann de na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh a leanbh, a shiblín nó a siblín, nó a thuismitheoir nó a tuismitheoir atá ina chónaí nó ina cónaí go dleathach i gceann de na Ballstáit ag brath ar chúnamh an iarratasóra, de ghnáth coinneoidh an Ballstát an t-iarratasóir agus an leanbh, an siblín nó an tuismitheoir sin le chéile nó déanfar iad a athhaontú ar choinníoll go raibh naisc teaghlaigh eatarthu sa tír thionscnaimh, go bhfuil an leanbh, an siblín nó an tuismitheoir nó an t-iarratasóir in ann cúnamh a thabhairt don chleithiúnach agus gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.

2.   I gcás ina mbeidh an leanbh, an siblín nó an tuismitheoir dá dtagraítear i mír 1 ina chónaí go dleathach i mBallstát eile seachas an ceann ina mbeidh an t-iarratasóir tearmainn i láthair, is é an Ballstát atá freagrach an ceann ina mbeidh an leanbh, an siblín nó an tuismitheoir i láthair go dleathach ach amháin má chuireann sláinte an iarratasóra cosc air nó uirthi taisteal go dtí an Ballstát sin do thréimse shuntasach ama. I gcás den sórt sin, is é an Ballstát atá freagrach an ceann ina mbeidh an t-iarratasóir i láthair. Ní bheidh Ballstát den sórt sin faoi réir na hoibleagáide leanbh, siblín nó tuismitheoir an iarratasóra a thabhairt chuig a chríoch.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 a bhaineann leis na gnéithe a bheidh le cur san áireamh chun nasc an chleithiúnais a mheas, lena n-áirítear na critéir chun naisc chruthaithe theaghlaigh a bhunú, na critéir chun acmhainneacht an duine lena mbaineann á mheas chun aire a thabhairt don chleithiúnach agus na gnéithe a bheidh le cur san áireamh d’fhonn an neamhábaltacht chun taistil ar feadh tréimhse suntasaí a mheas.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú don chomhairliúchán agus chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 17

Clásail lánroghnacha

1.   De mhaolú ar Airteagal 3(1), féadfaidh gach Ballstát a chinneadh scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a rinne náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a thaisceadh leis, fiú mura mbeidh sé freagrach as scrúdú a dhéanamh de réir na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo.

Is é an Ballstát sin a chinnfidh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú de bhun na míre seo an Ballstát atá freagrach agus glacfaidh sé na hoibleagáidí a ghabhann leis an bhfreagracht sin air féin. I gcás inarb infheidhme, ag baint úsáide as an ngréasán cumarsáide leictreonaí “DubliNet”, a bunaíodh faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003, déanfaidh sé an Ballstát a bhí freagrach roimhe, an Ballstát a bheidh i mbun an nóis imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach nó, an Ballstát ar iarradh air an t-iarratasóir a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais, a chur ar an eolas.

Cuirfidh an Ballstát a bheidh freagrach de bhun na míre seo an fhíric sin in iúl gan mhoill in Eurodac i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 tríd an dáta a chur leis nuair a glacadh an cinneadh an t-iarratas a scrúdú.

2.   Féadfaidh an Ballstát ina dtaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus a bheidh i mbun an phróisis chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, nó féadfaidh an Ballstát atá freagrach, tráth ar bith sula ndéanfar an chéad chinneadh maidir le substaint, iarraidh ar Bhallstát eile iarratasóir a ghabháil ar láimh chun aon bhaill teaghlaigha thabhairt le chéile, ar chúiseanna daonchairdiúla bunaithe go háirithe ar chúinsí a bhaineann le cursaí teaglaigh nó ar chúinsí cultúrtha, fiú i gcás nach bhfuil an Ballstát eile sin freagrach faoi na critéir a leagtar síos in Airteagal 8 go hAirteagal 11 agus Airteagal 16. Caithfidh na daoine lena mbaineann a chur i scríbhinn go n-aontaíonn siad leis sin.

Beidh gach ábhar i seilbh an Bhallstáit iarrthach san iarraidh ar ghabháil ar láimh ionas go bhféadfaidh an Ballstát iarrtha an cás a mheasúnú.

Déanfaidh an Ballstát iarrtha gach seiceáil is gá chun na forais dhaonchairdiúla a luaifear a scrúdú, agus tabharfaidh sé freagra don Bhallstát iarrthach maidir leis an iarraidh laistigh de dhá mhí ón dáta a fuair sé an iarraidh ag baint úsáide as an ngréasán cumarsáide leictreonaí “DubliNet”, a bunaíodh faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003. Luafaidh aon fhreagra lena ndiúltófar an iarraidh na cúiseanna ar a mbeidh an diúltú bunaithe.

I gcás ina nglacfaidh an Ballstát iarrtha leisan iarraidh, aistreofar an fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas chuige.

CAIBIDIL V

OIBLEAGÁIDÍ AN BHALLSTÁIT ATÁ FREAGRACH

Airteagal 18

Oibleagáidí an Bhallstáit atá freagrach

1.   Beidh sé d’oibleagáid ar an mBallstát atá freagrach faoin Rialachán seo:

(a)

iarratasóir a bheidh tar éis iarratas a thaisceadh i mBallstát eile a ghabháil ar láimh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 21, in Airteagal 22 agus in Airteagal 29;

(b)

iarratasóir a mbeidh a iarratas á scrúdú agus a bhfuil tar éis iarratas a taisceadh aige i mBallstát eile nó a bheidh ar chríoch Ballstáit eile ach gan doiciméad cónaithe a bheith aige, a ghabháil ar ais, faoi na coinníollacha a leagtar síos síos in Airteagail 23, 24, 25 agus 29;

(c)

náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bheidh tar éis iarratas a bhí á scrúdú a tharraingt siar agus iarratas a thaisceadh i mBallstát eile, nó atá ar chríoch Ballstáit eile ach gan doiciméad cónaithe a bheith aige, faoi na coinníollacha a leagtar síos in síos in Airteagail 23, 24, 25 agus 29;

(d)

náisiúnach tríú tír nó duine gan stát ar diúltaíodh dá iarratas nó dá hiarratas agus a rinne iarratas a thaisceadh i mBallstát eile nó a bheidh ar chríoch Ballstáit eile ach gan doiciméad cónaithe a bheith aige a ghabháil ar ais, faoi na coinníollacha leagtar síos in Airteagail 23, 24, 25 agus 29;

2.   I gcásanna a thagann faoi raon feidhme mhír 1(a) agus (b), déanfaidh an Ballstát atá freagrach, scrúdú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc an t-iarratasóir, nó cuirfidh sé deireadh le scrúdú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc an t-iarrthóir.

Sna cásanna a thagann faoi raon feidhme mhír 1(c) ina scoirfidh an Ballstát den iarratas a scrúdú tar éis don iarratasóir é a tharraingt siar sula ndéanfar aon chinneadh ag an gcéad chéim maidir leis an tsubstaint, áiritheoidh an Ballstát sin go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal iarraidh a dhéanamh go gcuirfear bailchríoch ar an scrúdú ar a iarratas nó a hiarratas nó iarratas nua ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh agus nach gcaithfear leis an iarratas mar iarratas iartheachtach dá bhforáiltear i dTreoir 2013/32/AE. I gcásanna den sórt sin, cinnteoidh Ballstáit go dtugtar an scrúdú ar an iarratas i gcrích.

Maidir leis na cásanna a thagann faoi raon feidhme mhír 1(d), ina ndiúltófar an t-iarratas ag an gcéad chéim agus ag an gcéim sin amháin, cinnteoidh an Ballstát atá freagrach go raibh nó go mbeidh deis ag an duine lena mbaineann teacht ar réiteach éifeachtach de bhun Airteagal 46 de Threoir 2013/32/AE.

Airteagal 19

Scor na bhfreagrachtaí

1.   I gcás ina n-eiseoidh Ballstát doiciméad cónaithe don iarratasóir, aistreofar na hoibleagáidí a shainítear in Airteagal 18(1) chuig an mBallstát sin.

2.   Tiocfaidh deireadh leis na hoibleagáidí a shonraítear in Airteagal 18(1), i gcás ina mbeidh an Ballstát atá freagrach in ann a shuíomh, nuair a iarrfar air iarratasóir nó duine eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(c) nó (d) a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais, gur fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát ar feadh trí mhí ar a laghad, mura mbeidh doiciméad cónaithe bailí a d’eisigh an Ballstát atá freagrach i seilbh an duine lena mbaineann.

Measfar iarratas a thaiscfear tar éis na tréimhse asláithreachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar iarratas nua as n-eascróidh nós imeachta nua chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

3.   Tiocfaidh deireadh leis na hoibleagáidí a shonraítear in Airteagal 18(1)(c) agus (d), i gcás ina bhféadfaidh an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas a shuíomh, i gcás ina n-iarrfar air iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1), (c) nó (d) a ghabháil ar ais, go bhfuil an duine lena mbaineann tar éis críoch na mBallstát a fhágáil i gcomhlíonadh le cinneadh athfhillte nó le hordú aistrithe a d’eisigh sé tar éis tharraingt siar nó dhiúltú an iarratais.

Measfar iarratas a thaiscfear tar éis aistriú a chur i gcrích mar iarratas nua as a n-eascróidh nós imeachta nua chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

CAIBIDIL VI

NÓSANNA IMEACHTA UM GHABHÁIL AR LÁIMH AGUS UM GHABHÁIL AR AIS

ROINN I

Tús a chur leis an nós imeachta

Airteagal 20

Tús a chur leis an nós imeachta

1.   Cuirfear tús leis an bpróiseas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a luaithe a thaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le Ballstát.

2.   Measfar go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta taiscthe a luaithe a gheobhaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann foirm a rinne an t-iarratasóir a thíolacadh nó tuarascáil a rinne na húdaráis a chur i dtoll i chéile. i gcás nach ndéanfar iarratas i scríbhinn, ba cheart go mbeadh an tréimhse idir rún a chur in iúl agus ullmhú tuarascála chomh gearr agus is féidir.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ní fhéadfar idirdhealú a dhéanamh idir cás mionaoisigh a bheidh i dtionlacan an iarratasóra agus a chomhlíonfaidh an sainmhíniú ar bhall teaghlaigh, agus cás an iarratasóra sin agus beidh sé faoin mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an bhaill teaghlaigh sin déileáil le cás an mhionaoisigh, fiú murar iarratasóir an mionaoiseach é féin, ar choinníoll gurb é seo leas an mhionaoisigh. Caitear mar an gcéanna le leanaí a rugadh tar éis don iarratasóir iontráil i gcríoch na mBallstát, gan gá le nós imeachta nua a thionscnamh iad a ghabháil ar láimh.

4.   I gcás ina dtaiscfidh iarratasóir a bheidh i láthair i gcríoch Ballstáit eile iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le húdaráis inniúla Ballstáit, déanfaidh an Ballstát ina mbeidh an t-iarratasóir i láthair ar a chríoch cinneadh cé acu Ballstát atá freagrach. Cuirfidh an Ballstát a fuair an t-iarratas an dara Bhallstát ar an eolas faoi láithreacht an iarratasóra gan mhoill agus ansin, chun críocha an Rialacháin seo, measfar gurb é an Ballstát sin an Ballstát lenar taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Cuirfear an t-athrú maidir leis an mBallstát a mbeidh an cinneadh á dhéanamh aige in iúl i scríbhinn don iarratasóir agus cuirfear an dáta a rinneadh é in iúl.

5.   Gabhfar ar ais iarratasóir a bheidh i láthair i mBallstát eile gan doiciméad cónaithe a bheith aige nó aici nó a thaiscfidh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ann tar éis dó nó di an chéad iarratas a taisceadh i mBallstát eile a tharraingt siar le linn an phróisis chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23, 24, 25 agus 29, ag an mBallstát lenar taisceadh an t-iarratas sin ar chosaint idirnáisiúnta ar an gcéad dul síos, d’fhonn an próiseas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

Tiocfaidh deireadh leis an oibleagáid sin i gcás ina bhféadfaidh an Ballstát a n-iarrfar air an próiseas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a chríochnú a shuíomh gur fhág an t-iarrthóir tearmainn críoch na mBallstát idir an dá linn ar feadh tréimhse trí mhí ar a laghad nó go bhfuair sé nó sí doiciméad cónaithe ó Bhallstát eile.

Measfar iarratas a taisceadh tar éis na tréimhse asláithreachta dá dtagraítear sa dara fomhír mar iarratas nua as a n-eascróidh nós imeachta nua chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

ROINN II

Nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh

Airteagal 21

Iarraidh ar ghabháil ar láimh a thíolacadh

1.   I gcás ina measfaidh Ballstát lenar taisceadh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go bhfuil Ballstát eile freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, féadfaidh sé, a thapúla is féidir agus ar aon nós laistigh de thrí mhí ón dáta a taisceadh an t-iarratas de réir bhrí Airteagal 20(2), iarraidh ar an mBallstát eile sin an t-iarratasóir a ghabháil ar láimh.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás amas Eurodac i leith sonraí a taifeadadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, seolfar an iarraidh laistigh de dhá mhí tar éis an t-amas sin a fháil de bhun Airteagal 15(2) den Rialachán sin.

I gcás nach ndéanfar iarraidh ar iarratasóir a ghabháil ar láimh laistigh de na tréimhsí a leagtar síos sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, beidh freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar an mBallstát lenar taisceadh an t-iarratas.

2.   Féadfaidh an Ballstát iarrthach freagra práinneach a iarraidh i gcásanna inar taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis cead iontrála nó fanachta a bheith diúltaithe, tar éis gabhála i leith fanachta neamhdhleathaigh nó tar éis ordú aistrithe a bheith seirbheáilte nó curtha i gcrích.

Cuirfidh an iarraidh in iúl na cúiseanna a bhfuil gá le freagra práinneach agus an tréimhse ina mbeifear ag súil le freagra. Seachtain ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfar an iarraidh go ndéanfaidh Ballstát eile gabháil ar láimh trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach agus trí cruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a shainmhínítear iad sa dá liosta a luaitear in Airteagal 22(3) agus/nó eilimintí ábhartha ó ráiteas an iarratasóir á n-áireamh, ní a chuirfidh ar chumas údarás an Bhallstáit iarrtha a dheimhniú an bhfuil sé freagrach ar bhonn na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh a ullmhú agus a thíolacadh. Deanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 22

Freagra a thabhairt ar iarraidh ar ghabháil ar láimh

1.   Déanfaidh an Ballstát iarrtha na seiceálacha is gá, agus tabharfaidh sé cinneadh maidir leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh laistigh de dhá mhí ón iarraidh a fháil.

2.   Le linn an nós imeachta chun cinneadh a ghlacadh maidir leis an mBallstát atá freagrach, bainfear úsáid as eilimintí cruthúnais agus fianaise imthoiscí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dhá liosta ina léireofar na heilimintí cruthúnais agus fianaise imthoiscí ábhartha a bhunú agus a athbhreithniú tréimhsiúil i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

(a)

Cruthúnas:

(i)

Tagraíonn sé seo do chruthúnas foirmeálta lena nglactar cinneadh maidir le freagracht de bhun an Rialacháin seo, fad nach mbréagnaíonn cruthúnas dá mhalairt é;

(ii)

Cuirfidh na Ballstáit múnlaí de na cineálacha éagsúla doiciméad riaracháin ar fáil don Choiste dá bhforáiltear in Airteagal 44, i gcomhréir leis an tíopeolaíocht a leagtar síos sa liosta cruthúnas foirmiúil;

(b)

Fianaise imthoisceach:

(i)

Tagraíonn sé seo d’eilimintí táscacha a fhéadfaidh a bheith leordhóthanach, i gcásanna áirithe, de réir an luacha fianaise a thugtar dóibh, cé go bhféadfaí iad a bhréagnú;

(ii)

Déanfar a luach fianaise, i ndáil le freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a mheasúnú de réir gach cáis ar leith;

4.   Níor cheart go rachadh an ceanglas cruthúnais thar a bhfuil riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart.

5.   Muna mbeidh cruthúnas foirmiúil ann, admhóidh an Ballstát iarrtha a fhreagracht má tá an fhianaise imthoisceach soiléir, infhíoraithe agus mionsonraithe go leor chun freagracht a bhunú.

6.   I gcás ina mbeidh Ballstát iarrthach tar éis práinn a phléadáil i gcomhréir le forálacha Airteagal 21(2), déanfaidh an Ballstát iarrtha gach dícheall an teorainn ama a iarradh a chomhlíonadh. I gcásanna eisceachtúla, ina bhféadfar a thaispeáint go bhfuil an scrúdú ar iarraidh ar iarratasóir a ghabháil ar láimh thar a bheith casta, féadfaidh an Ballstát iarrtha a fhreagra a thabhairt tar éis na teorann ama a iarraidh, ach é sin a dhéanamh laistigh de mhí ar aon chaoi. I gcásanna den sórt sin, caithfidh an Ballstát iarrtha a chinneadh freagra a chur siar a chur in iúl don Bhallstát iarrthach laistigh den teorainn ama a iarraidh i dtosach.

7.   Is ionann neamhghníomh laistigh den tréimhse dhá mhí a luaitear i mír 1 agus den tréimhse aon mhíosa a luaitear i mír 6 agus glacadh leis an iarraidh, agus gabhfaidh oibleagáid leis an duine a ghabháil ar láimh, lena n-áirítear an oibleagáid foráil a dhéanamh do shocruithe cuí i gcomhair teachta.

ROINN III

Nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar ghabháil ar ais

Airteagal 23

Iarraidh ar ghabháil ar ais a thaisceadh nuair a taisceadh iarratas nua sa Bhallstát iarrthach

1.   I gcás ina measfaidh Ballstát a ndearna duine dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(b), (c) nó (d) iarratas nua ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh leis go bhfuil Ballstát eile freagrach i gcomhréir le hAirteagal 20(5) agus Airteagal 18(1)(b), (c) nó (d), féadfaidh sé a iarraidh ar an mBallstát eile sin an duine sin a ghabháil ar ais.

2.   Déanfar iarraidh ar ghabháil ar ais a thapúla is féidir agus ar aon chaoi laistigh de dhá mhí ó amas Eurodac a fháil, de bhun Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013.

Má tá an iarraidh ar ghabháil ar ais bunaithe ar fhianaise seachas sonraí a gheofar ó chóras Eurodac, cuirfear ar aghaidh chuig an mBallstát iarrtha í laistigh de thrí mhí ón dáta a taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 20(2).

3.   I gcás nach ndéanfar an iarraidh ar ghabháil ar ais laistigh de na tréimhsí a leagtar amach i mír 2, is é an Ballstát inar taisceadh an t-iarratas nua an Ballstát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

4.   Déanfar iarraidh ar ghabháil ar ais trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach agus lena n-áireofar chruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a dhéantar cur síos orthu in dhá liosta a luaitear in Airteagal 22(3) agus/nó eilimintí ábhartha ó ráitis an duine lena mbaineann, ní a chuirfidh ar chumas údarás an Bhallstáit iarrtha a dheimhniú an bhfuil sé freagrach ar bhonn na gcritéir a leagtar síos sa Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh a ullmhú agus a thíolacadh. Deanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 24

Iarraidh ar ghabháil ar ais a chur isteach i gcás nach mbeidh iarratas nua taiscthe sa Ballstát iarrthach

1.   I gcás ina measfaidh Ballstát, a mbeidh duine amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(b), (c) nó (d) ag fanacht ar a chríoch gan doiciméad cónaithe agus nach mbeidh iarratas nua ar chosaint idirnáisiúnta taiscthe ann, go bhfuil Ballstát eile freagrach i gcomhreir le hAirteagal 20(5) agus Airteagal 18(1)(b), (c) nó (d), féadfaidh sé a iarraidh ar an mBallstát eile sin an duine sin a ghabháil ar ais.

2.   De mhaolú ar Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (15), i gcás ina chinnfidh Ballstát a mbeidh duine ag fanacht ar a chríoch gan doiciméad cónaithe cuardach a dhéanamh i gcóras Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, déanfar an iarraidh duine amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(b) nó (c) den Rialachán seo, nó duine amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) de nach bhfuil a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta diúltaithe le cinneadh deireanach a ghabháil ar ais a thapúla is féidir agus ar aon chaoi laistigh de dhá mhí tar éis amas Eurodac a fháil, de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán Uimh. 603/2013.

I gcás ina mbeidh an iarraidh maidir le gabháil ar ais bunaithe ar fhianaise seachas sonraí a gheofar ón gcóras Eurodac, cuirfear ar aghaidh é chuig an mBallstát iarrtha laistigh de thrí mhí ón dáta a mbeidh an Ballstát iarrthach ar an eolas go bhféadfaidh Ballstát eile a bheith freagrach as an duine lena mbaineann.

3.   I gcás nach ndéanfar an iarraidh maidir le gabháil ar ais laistigh de na tréimhsí a leagtar síos i mír 2, tabharfaidh an Ballstát a mbeidh an duine lena mbaineann ag fanacht ar a chríoch gan doiciméad cónaithe an deis don duine sin iarratas nua a thaisceadh.

4.   I gcás ina mbeidh duine dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) den Rialachán seo, ar diúltaíodh dá iarratas nó dá hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta le cinneadh críochnaitheach ach i mBallstát amháin, ar chríoch Ballstáit eile gan doiciméad cónaithe, féadfaidh an Ballstát sin a iarraidh ar an gcéad Bhallstát an duine lena mbaineann a ghabháil ar ais nó féadfaidh sé nós imeachta aisfhillte a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE.

Nuair a chinnfidh an Ballstát sin a iarraidh ar an gcéad Bhallstát an duine lena mbaineann a ghabháil ar ais, ní bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos i Treoir 2008/115/CE.

5.   Déanfaidh an Coimisiún an iarraidh an duine dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(b), (c) nó (d) a ghabháil ar ais trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach agus trí chruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a dhéantar cur síos orthu in dhá liosta a luaitear in Airteagal 22(3) agus/nó eilimintí ábhartha ó ráitis an duine a chur san áireamh, ní a chuirfidh ar chumas údarás an Bhallstáit iarrtha a dheimhniú an bhfuil sé freagrach ar bhonn na gcritéir a leagtar síos sa Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dhá liosta ina léireofar na heilimintí cruthúnais agus fianaise imthoiscí ábhartha a bhunú agus a athbhreithniú tréimhsiúil i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 22(3)(a) agus (b) den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 25

Freagra a thabhairt ar iarraidh ar ghabháil ar ais

1.   Déanfaidh an Ballstát iarrtha na seiceálacha is gá agus tabharfaidh sé cinneadh maidir leis an iarraidh an duine lena mbaineann a ghabháil ar ais a thapúla is féidir agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná mí ón dáta a fuair sé an iarraidh. Nuair a bheidh an iarraidh bunaithe ar shonraí a gheofar ó chóras Eurodac, laghdófar an teorainn ama sin go coicís.

2.   Is ionann neamhghníomh laistigh den tréimhse míosa nó coicíse a luaitear i mír 1 agus glacadh leis an iarraidh, agus gabhfaidh oibleagáid leis an duine lena mbaineann a ghabháil ar ais leis sin, lena n-áirítear an oibleagáid foráil a dhéanamh do shocruithe cuí i gcomhair teachta.

ROINN IV

Coimircí nóis imeachta

Airteagal 26

Fógra a thabhairt faoi chinneadh aistrithe

1.   I gcás ina nglacfaidh an Ballstát iarrtha iarratasóir nó duine eile dá dtagaítear in Airteagal 18(1)(c) nó (d) nó iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1) (c) nó (d) a ghabháil ar ais, tabharfaidh an Ballstát iarrthach fógra don duine lena mbaineann faoin gcinneadh é nó í a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach agus, i gcás inarb infheidhme, faoin gcinneadh gan a iarratas nó ar a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú. Más rud é go mbeidh comhairleoir dlí nó comhairleoir eile mar ionadaí ag an duine lena mbaineann, féadfaidh na Ballstáit a roghnú fógra a thabhairt do chomhairleoir dlí den sórt sin faoin gcinneadh seachas don duine lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, an duine lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcinneadh.

2.   Beidh sa chinneadh dá dtagraítear i mír 1 faisnéis faoi na réitigh dlí atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis an ceart iarratas a dhéanamh ar éifeacht fionraíochta, i gcás inarb infheidhme agus faoi shonraí ar na teorainneacha ama is infheidhme chun leigheasanna den sórt sin a lorg agus beidh, más gá, faisnéis ann ar an áit inar cheart don duine lena mbaineann láithriú, agus an dáta, má tá an duine sin ag taisteal go dtí an Ballstát atá freagrach, as a acmhainní nó a hacmhainní féin.

Áiritheoidh na Ballstáit, go ndéanfar faisnéis faoi dhaoine nó faoi eintitis a d’fhéadfadh cúnamh dlí a chur ar fáil don duine lena mbaineann, a chur in iúl don duine lena mbaineann é in éineacht leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, i gcás nach mbeidh an fhaisnéis sin curtha in iúl cheana.

3.   Nuair nach bhfaighidh an duine lena mbaineann cúnamh nó ionadaíocht ó chomhairleoir dlí nó ó chomhairleoir eile, cuirfidh na Ballstáit é nó í ar an eolas faoi phríomheilimintí an chinnidh, ina n-áireofar i gcónaí faisnéis faoi na réitigh dlí a bheidh ar fáil agus ar na teorainneacha ama is infheidhme chun réitigh den chineál sin a lorg, agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i dteanga a thuigfidh an duine lena mbaineann nó a cheaptar le réasún go dtuigfidh sé/sí í.

Airteagal 27

Leigheasanna

1.   Beidh an ceart ag an iarratasóir nó ag duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1) (c) nó (d) chun leigheas éifeachtach a fháil, i bhfoirm achomhairc nó athbhreithnithe, maidir le fíoras agus dlí, i gcoinne an chinnidh aistrithe, os comhair cúirte nó binse.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil do thréimhse réasúnta ina bhféadfaidh an duine lena mbaineann a cheart nó a ceart a fheidhmiú chun leigheas éifeachtach a fháil de bhun mhír 1.

3.   Chun críocha achomharc nó athbhreithnithe i leith na gcinntí aistrithe, déanfaidh na Ballstáit foráil do na nithe seo a leanas ina ndlí náisiúnta:

(a)

go dtabharfar don duine lena mbaineann an ceart chun fanacht sa Bhallstát lena mbaineann go dtí go mbeidh toradh ar an achomharc nó ar an athbhreithniú; nó

(b)

go ndéanfar an t-aistriú a chur ar fionraí go huathoibríoch agus go rachaidh fionraí den sórt sin in éag tar éis tréimhse réasúnta ama, agus le linn na tréimhse sin beidh cinneadh déanta ag cúirt nó binse, tar éis grinnscrúdú dlúth agus dian, i leith éifeachta fionraíochta a dheonú ar achomharc nó ar athbhreithniú; nó

(c)

go mbeidh an deis ag an duine lena mbaineann a iarraidh ar chúirt nó ar bhinse, laistigh de thréimhse réasúnta ama, cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí go dtí go mbeidh toradh ar a achomharc nó a hachomharc nó ar a athbhreithniú nó a hathbhreithniú. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear réiteach éifeachtach i mbun tríd an aistriú a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an gcéad iarraidh fionraíochta. Déanfar aon chinneadh i leith chur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus grinnscrúdú dlúth, dian ar an iarraidh fionraíochta á chumasú. Cuirfear in iúl i gcinneadh gan cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí na cúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh, ag gníomhú dóibh ex officio, cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí go dtí go mbeidh toradh ar an achomharc nó ar an athbhreithniú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an duine lena mbaineann ar chúnamh dlí agus, í gcás inar gá, cúnamh teanga.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndeonfar cúnamh dlí saor, arna iarraidh sin, i gcás nach mbeidh an duine lena mbaineann in acmhainn íoc as na costais Féadfaidh an Ballstáit foráil a dhéanamh, i ndáil le táillí agus costais eile, nach ndéileálfar le hiarratasóirí ar bhealach níos fabhraí ná an chaoi a ndéileáiltear le náisiúnaigh na mBallstát i gcúrsaí a bhaineann le cúnamh dlí.

Gan srian láithreach a chur ar rochtain ar chúnamh dlí, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach ndeonófar cúnamh dlí agus ionadaíocht saor i gcás nach measfaidh an t-údarás inniúl nó cúirt nó binse go mbeidh an t-achomharc nó an t-athbhreithniú rathúil in aon chor.

Nuair a dhéanann údarás nach cúirt nó binse é cinneadh gan cúnamh dlí saor in aisce agus ionadaíocht a dheonú de bhun na míre seo, soláthróidh an Ballstáit an ceart chun réitigh éifeachtaigh os comhair cúirte nó binse chun agóid i gcoinne an chinnidh sin.

Agus na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo á chomhlíonadh acu, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear teorainn treallach ar chúnamh dlí agus ar ionadaíocht dlí agus nach gcuirfear bac ar rochtain éifeachtach an iarratasóra ar an gceartas.

Áireofar i gcúnamh dlí ar a laghad ullmhúchán na ndoiciméad nós imeachta is gá agus ionadaíocht os comhair cúirte nó binse d’fhéadfadh sé a bheith teoranta do chomhairleoirí dlí nó do chomhairleoirí a ainmneofark go sonrach ag an dlí náisiúnta chun cúnamh a thabhairt agus chun ionadaíocht a dhéanamh.

Leagfar síos sa dlí náisiúnta nósanna imeachta do rochtain ar chúnamh dlí.

ROINN V

Coinneáil chun críche aistrithe

Airteagal 28

Coinneáil

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit duine faoi choinneáil ar an gcúis amháin go bhfuil sé nó sí faoi réir an nós imeachta a bunaítear leis an Rialachán seo.

2.   Nuair atá baol suntasach ann go n-éalóidh duine, féadfaidh Ballstáit an duine lena mbaineann chun nósanna imeachta aistrithe a chinntiú i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar bhonn measúnú aonair ar gach cás agus sa mhéid go mbeidh an coinneáil comhréireach, agus sa mhéid sin amháin, agus nach féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigeantach a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

3.   Beidh an tréimhse choinneála chomh gearr agus is féidir agus ní bheidh sí níos faide ná an tréimhse is gá le réasún chun na nósanna imeachta riaracháin a bheidh riachtanach a chomhlíonadh leis an dícheall cuí go dtí go ndéanfar an t-aistriú faoin Rialachán seo.

I gcás ina ndéanfar duine a choinneáil de bhun an Airteagail seo, ní bheidh an tréimhse chun iarraidh a dhéanamh an duine sin a ghabháil ar láimh nó as an duine sin a ghabháil ar ais níos faide ná mí amháin ón tráth a ndearnadh an iarraidh. Iarrfaidh an Ballstát a mbeidh an nós imeachta á chomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo freagra práinneach i gcásanna den sórt sin. Tabharfar freagra den sórt sin tráth nach faide ná dhá sheachtaine ón iarraidh a fháil. Mura dtabharfar freagra ar an iarraidh laistigh den tréimhse dhá sheachtaine sin, is ionann sin glacadh leis an iarraidh agus leis an oibleagáid an duine a ghabháil ar láimh nó an duine a ghabháil ar ais, lena n-áirítear an oibleagáid socruithe cuí a dhéanamh maidir le teacht i dtír an duine sin.

I gcás ina ndéanfar duine a choinneáil de bhun an Airteagail seo, féadfar an duine sin a aistriú ón mBallstát iarrthach chuig an mBallstát atá freagrach a luaithe a fhéadfar sin a dhéanamh go praiticiúil, agus ar a dhéanaí laistigh istigh de shé seachtaine ón dáta a nglacfaidh Ballstát eile, go hintuigthe nó go sainráite, an iarraidh an duine lena mbaineann a ghabháil ar láimh nó an duine sin a ghabháil ar ais nó ón tráth nach mbeidh éifeacht fionraíochta a thuilleadh ag an achomharc nó ag an athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 27(3).

I gcás ina theipeann ar Bhallstát iarrthach na spriocdhátaí a chomhlíonadh maidir le hiarraidh a dhéanamh duine a ghabháil ar láimh nó an duine sin a ghabháil ar ais nó i gcás nach ndéanfar an t-aistriú taobh istigh den tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa tríú fomhír, ní dhéanfar an duine sin a choinneáil níos mó. Beidh feidhm fós ag Airteagal 21, 23, 24 agus 29 dá réir.

4.   I dtaca le coinníollacha coinneála daoine faoi choinneáil agus leis na ráthaíochtaí is infheidhme maidir leo, beidh feidhm ag Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Threoir 2013/33/AE, d’fhonn na nósanna imeachta aistrithe a cur faoi chúram an Bhallstáit atá freagrach.

ROINN VI

Aistrithe

Airteagal 29

Ríomh na dteorainneacha ama

1.   Déanfar aistriú an iarratasóra nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(c) nó (d) ón mBallstát iarrthach á gcomhlíonadh chun go nglacfaí freagracht chuig an mBallstát atá freagrach a chur i gcrích i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh, tar éis comhairliúcháin idir na Ballstáit lena mbaineann, a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de shé mhí tar éis do Bhallstát eile glacadh leis an iarraidh an duine a bheidh lena mbaineann a ghabháil ar láimh nó an duine lena mbaineann a ghabháil ar ais nó laistigh de shé mhí ón gcinneadh críochnaitheach maidir le hachomharc nó maidir le hathbhreithniú i gcás ina mbeidh éifeacht fionraíochta ann i gcomhréir le hAirteagal 27(3).

Má dhéantar na haistrithe chuig an mBallstát atá freagrach faoi imeacht maoirsithe nó faoi choimhdeacht, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar sin ar bhealach daonnúil agus go dtabharfar urraim iomlán do chearta bunúsacha agus do dhínit an duine.

Más gá, tabharfar laissez passer don iarratasóir. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh den laissez passer a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Cuirfidh an Ballstát atá freagrach an Ballstát iarrthach ar an eolas, de réir mar is iomchuí, gur tháinig an duine lena mbaineann isteach slán sábháilte nó nár láithrigh sé nó sí sa teorainn ama a leagadh síos.

2.   I gcás nach gcuirfear an t-aistriú i gcrích laistigh den teorainn ama sé mhí, bainfear a oibleagáidí an duine lena mbaineann a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais den Bhallstát atá freagrach agus cuirfear freagracht ansin ar an mBallstát iarrthach. Féadfar an teorainn ama sin a fhadú suas go dtí bliain amháin ar a mhéid más rud é narbh fhéidir an aistriú a chur i gcrích toisc an duine lena mbaineann a bheith i bpríosún nó suas go dtí ocht mí déag ar a mhéid ma éalaíonn an duine lena mbaineann.

3.   Má aistríodh duine go hearráideach nó má cuireadh cinneadh aistrithe ar neamhní ar achomharc nó ar athbhreithniú tar éis don aistriú a bheith curtha i gcrích, déanfaidh an Ballstát a chuir an t-aistriú i gcrích an duine sin a ghlacadh láithreach.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir leis an gcomhairliúchán agus le faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit, go háirithe i gcás ina bhfuil moill ar an tarchur nó ar an aistriú mar thoradh ar a nglacadh ar bhonn réamhshocraithe nó nuair a chuirtear an tarchur nó an t-aistriú sin ar fionraí, nó i gcásanna nuair a aistrítear mionaoisigh nó cleithiúnaithe, agus i gcásanna nuair a dhéantar aistrithe faoi mhaoirseacht. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 30

Costas an aistrithe

1.   Íocfaidh an Ballstát a dhéanfaidh an t-aistriú as na costais is gá chun iarratasóir nó duine eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(c) nó (d) a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach.

2.   I gcás nach foláir an duine lena mbaineann a aistriú ar ais chuig Ballstát, de bharr aistrithe earráidigh nó cinnidh aistrithe a cuireadh ar neamhní ar achomharc nó ar athbhreithniú tar éis don aistriú a bheith tugtha i gcrích, beidh an Ballstát a thug an t-aistriú i gcrích i dtús báire freagrach as na costais chun an duine lena mbaineann a aistriú ar ais ina chríoch.

3.   Ní bheidh ar dhaoine a bheidh le haistriú de bhun an Rialacháin seo íoc as costais na n-aistrithe sin.

Airteagal 31

Malartú faisnéise ábhartha sula gcuirfear aistriú i gcrích.

1.   Cuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh iarratasóir nó duine eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(c) nó (d) a aistriú in iúl don Bhallstát atá freagrach aon sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a bheidh le haistriú, agus a bheidh iomchuí, ábhartha agus nach mbeidh iomarcach chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta sa Bhallstát atá freagrach, in ann cúnamh leordhóthanach a chur ar fáil don duine sin, agus chuige sin amháin, lena n-áirítear an cúram sláinte láithreach a bheidh riachtanach chun a leas ríthábhachtach a chosaint, agus d’fhonn leanúnachas a áirithiú sa chosaint agus sna cearta a thugtar leis an Rialachán seo agus le hionstraimí ábhartha dlíthiúla eile maidir le tearmainn. Cuirfear na sonraí sin in iúl don Bhallstát atá freagrach laistigh de thréimhse réasúnta ama sula dtabharfar aistriú i gcrích, chun a áirithiú go mbeidh go leor ama ag a údaráis inniúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun na bearta is gá a ghlacadh.

2.   An Ballstát a dhéanfaidh an t-aistriú, a mhéad a bheidh faisnéis den sórt sin ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfaidh sé aon fhaisnéis a bheidh riachtanach chun coimirce a thabhairt do chearta agus do riachtanais speisialta láithreacha an duine atá le haistriú a thabhairt don Ballstát atá freagrach, agus go háirithe:

(a)

aon bhearta láithreacha nach mór don Ballstát atá freagrach a dhéanamh lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar bhealach leordhóthanach ar riachtanas speisialta an duine a bheidh le haistriú, lena n-áirítear aon chúram sláinte láithreach a mbeidh gá leis;

(b)

sonraí teagmhála ball teaghlaigh, nó leanaí, siblíní, tuismitheoirí nó gaoltashiblíní eile sa Bhallstát is faighteoir, i gcás inarb infheidhme;

(c)

i gcás mionaoiseach, faisnéis faoina n-oideachais;

(d)

measúnú ar aois an iarratasóra.

3.   Ní mhalartófar faisnéis faoin Airteagal seo ach amháin idir na húdaráis a dtabharfar fógra don Choimisiún fúthu i gcomhréir le hAirteagal 35 den Rialachán seo trí úsáid a bhaint as an ngréasán cumarsáide leictreonaí “DubliNet” a bunaíodh faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003. Ní bhainfear úsáid as an bhfaisnéis a mhalartófar ach amháin chun na gcríoch atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo agus ní dhéanfar é a phróiseáil tuilleadh.

4.   D’fhonn malartú faisnéise idir Ballstáit a éascú, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirm chaighdeánach chun na sonraí a tharchur is gá de bhun an Airteagail seo a tharraingt suas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 44(2).

5.   Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 34(8) go (12) maidir le malartú faisnéise de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 32

Malartú sonraí sláinte sula gcuirfear an t-aistriú i gcrích

1.   Chun cúram nó cóireáil leighis a sholáthar, agus chuige sin amháin, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine aosta, do mhná torracha, do mhionaoisigh agus do dhaoine a d’fhulaing céastóireacht, éagnú nó foirmeacha tromchúiseacha eile foréigin siceolaíoch, fhisicigh nó ghnéis, tarchuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an t-aistriú, a mhéad a bheidh an faisnéis sin ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faisnéis faoi aon riachtanais speisialta a bheidh ag an duine a bheidh le haistriú chuig an mBallstát atá freagrach, ar faisnéis í a d’fhéadfaidh a chuimsiú, i gcásanna áirithe, faisnéis maidir le staid fhisiceach agus mheabhrach sláinte an duine sin. Déanfar an fhaisnéis sin a aistriú i dteastas sláinte coitianta agus beidh na doiciméid riachtanacha i gceangal leis. Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach go gcomhlíonfar na riachtanais speisialta sin go sásúil, lena n-áirítear aon chúram leighis riachtanach a bhféadfaidh fhéadfaidh gá a bheith leis.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teastas sláinte coitianta a tharraingt suas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 44(2).

2.   Tarchuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an t-aistriú an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 chuig an mBallstát atá freagrach tar éis dó toiliú sainráite an iarratasóra agus/nó a ionadaí nó a hionadaí a fháil nó, muna bhfuil an t-iarratasóir in ann go fisiciúil nó go dleathach a thoiliú nó a toiliú a thabhairt, nuair is gá toiliú den sórt sin a thabhairt chun leas an iarratasóra nó duine eile a chosaint. Ní chuirfear bac ar an aistriú le heaspa toilithe, lena n-áirítear toiliú a dhiúltú.

3.   Ní dhéanfar sonraí phearsanta sláinte dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil ach ag gairmí sláinte a bheidh faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, faoin dlí náisiúnta nó faoi rialacha arna mbunú ag comhlachtaí náisiúnta inniúla, nó ag duine eile a bheidh faoi réir oibleagáide comhbhéisí na rúndachta gairmiúla.

4.   Ní mhalartófar faisnéis faoin Airteagal seo ach amháin idir gairmithe sláinte nó daoine eile dá dtagraítear i mír 3. Ní bhainfear úsáid as an bhfaisnéis a mhalartófar ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos i mír 1 agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha agus socruithe praiticiúila a ghlacadh chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhalartú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 44(2).

6.   Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 34(8) go (12) maidir le malartú faisnéise de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 33

Sásra le haghaidh réamhrabhaidh, ullmhacht agus bainistiú géarchéime

1.   I gcás ina suífidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a bhaileoidh an Oifig Eorpach um Thacaíocht don Chóras Tearmainn (EASO) de bhun Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 go háirithe, go bhféadfaí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur i mbaol mar gheall ar bhaol réasúnaithe maidir le brú faoi leith a chuirtear ar chóras tearmainn Ballstáit agus/nó maidir le fadhbanna a bhaineann le feidhmiú an chórais tearmainn de chuid Ballstáit, déanfaidh sé, i gcomhar le EASO, moltaí don Ballstát sin, ina n-iarrfar air plean coisctheach gníomhaíochta a dhréachtú.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas an mbeartaíonn sé plean coisctheach gníomhaíochta a tharraingt suas chun go bhféadfar brú agus/nó fadhbanna i bhfeidhmiú a chórais tearmainn a shárú agus á áirithiú ag an am céanna go gcosnófar cearta bunúsacha na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

Féadfaidh Ballstát, dá rogha féin agus ar a thionscnamh féin, plean coisctheach gníomhaíochta a dhréachtú, chomh maith leis na hathbhreithnithe a dhéanfar air ina dhiaidh sin. Agus plean coisctheach gníomhaíochta á dhréachtú ag an mBallstát, féadfaidh sé cúnamh a iarraidh ar an gCoimisiún, ar Bhallstáit eile, ar EASO agus ar ghníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais.

2.   I gcás ina dtarraingeofar suas plean coisctheach gníomhaíochta, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an plean sin isteach, agus déanfaidh sé tuairisciú tráthrialta ar a chur chun feidhme chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas ina dhiaidh sin faoi phríomhghnéithe an phlean choiscthigh ghníomhaíochta. Cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha faoi chur chun feidhme an phlean faoi bhráid na Comhairle agus tarchuirfidh sé tuarascálacha maidir lena chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa.

Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta iomchuí chun dul i ngleic le suíomh ina mbeidh brú faoi leith ar a chóras tearmainn nó lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar na fadhbanna a aithneofar sula n-éireoidh an cás níos measa. I gcás ina n-áireofar sa phlean coisctheach gníomhaíochta bearta lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar an mbrú faoi leith atá ar chóras tearmainn Ballstáit, a bhféadfaí cur i bhfeidhmiú an Rialacháin sin a chur i mbaol, déanfaidh an Coimisiún comhairle a lorg ó EASO sula dtabharfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.   I gcás ina suífidh an Coimisiún, ar bhonn comhairle EASO nár ceartaíodh le cur chun feidhme an phlean choiscthigh gníomhaíochta na heaspaí a aithníodh nó i gcás ina mbeidh baol tromchúiseach ann go n-eascróidh géarchéim as an suíomh sa Bhallstát lena mbaineann maidir le tearmann agus nach dóigh go ndéanfar é a réiteach le plean coisctheach gníomhaíochta, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar le EASO de réir mar is infheidhme, a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann plean gníomhaíochta bainistithe géarchéime a tharraingt suas agus, i gcás inar gá, na hathbhreithnithe a dhéanfar ar an bplean sin a ullmhú. Áiritheofar leis an bplean gníomhaíochta bainistithe géarchéime, síos tríd an bpróiseas uilig, don luathrabhadh, don ullmhacht agus do bhainistiú géarchéime go gcomhlíonfar acquis thearmainn an Aontais, go háirithe i gcás chearta bunúsacha na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

Tar éis an iarraidh a fháil plean gníomhaíochta bainistithe géarchéime a tharraingt suas, déanfaidh an Ballstáit lena mbaineann, i gcomhar leis an gCoimisiún agus EASO, é sin go pras, agus ar a dhéanaí laistigh de thrí mhí ón iarratas.

Tíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann a phlean gníomhaíochta bainistithe géarchéime agus tuairisceoidh sé, gach trí mhí ar a laghad, chuig an gCoimisiún agus chuig na geallsealbhóirí ábhartha eile, amhail EASO, de réir mar is iomchuí, faoina chur chun feidhme.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin bplean gníomhaíochta bainistithe géarchéime, faoi athbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh agus faoi chur chun feidhme an phlean. Sna tuarascálacha sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann tuarascáil ar shonraí chun faireachán a dhéanamh an bhfuil an plean gníomhaíochta bainistithe géarchéime á chomhlíonadh, amhail fad an nós imeachta, na coinníollacha coinneála agus an cumas glactha maidir le plódú na n-iarratasóirí.

4.   Déanfaidh an Chomhairle faireachán géar ar an suíomh le linn an phróisis ar fad don luathrabhadh, don ullmhacht agus do bhainistiú géarchéime a bhunaítear leis an Rialachán seo, agus féadfaidh sí tuilleadh faisnéise a iarraidh agus treoir pholaitiúil a chur ar fáil, go háirithe maidir le práinn agus le déine na staide, agus, ar an dul sin, ar an ngá go ndréachtóidh Ballstát plean coisctheach gníomhaíochta nó, más gá, plean gníomhaíochta bainistithe géarchéime. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i rith an phróisis iomláin, plé a dhéanamh agus treoir a chur ar fáil faoi aon bhearta dlúthpháirtíochta a mheasfadh siad a bheith iomchuí.

CAIBIDIL VII

COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 34

Faisnéis a roinnt

1.   Cuirfidh gach Ballstát in iúl d’aon Bhallstát a iarrfaidh sin sonraí phearsanta a bhaineann leis an iarratasóir, de réir mar is iomchuí, ábhartha agus nach bhfuil iomarach chun:

(a)

an Ballstát atá freagrach a chinneadh;

(b)

an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú;

(c)

aon oibleagáid a eascraíonn faoin Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.   Ní chumhdóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ach:

(a)

sonraí pearsanta an iarratasóra agus, i gcás inarb iomchuí, sonraí pearsanta bhaill a theaghlaigh nó a teaghlaigh, a leanaí, a shiblíní nó a siblíní, a thuismitheoirí nó a tuismitheoirí, nó gaolta eile dá chuid nó dá cuid (ainm iomlán agus, i gcás inarb iomchuí, sean-ainm; leasainmneacha nó ainmneacha bréige; náisiúntacht, i láthair na huaire agus cheana; dáta breithe agus ionad breithe);

(b)

céannacht agus páipéir taistil (tagairtí, bailíocht, dáta eisithe, údarás eisithe, ionad eisithe, etc.);

(c)

faisnéis eile is gá chun céannacht an iarrthóra a dheimhniú, lena n-áirítear méarloirg a phróiseálfar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013;

(d)

áiteanna cónaithe agus agus bealaí taistil;

(e)

doiciméid chónaithe nó víosaí a d’eisigh Ballstát;

(f)

an áit inar taisceadh an t-iarratas;

(g)

an dáta ar ar taisceadh aon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta cheana, an dáta ar ar taisceadh an t-iarratas láithreach, an staid a shroich na himeachtaí agus an cinneadh a glacadh, más ann.

3.   Thairis sin, ar choinníoll go mbeidh gá leis don scrúdú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, féadfaidh an Ballstát atá freagrach iarraidh ar Bhallstát eile é a chur ar an eolas faoi na forais a mbeidh iarratas an iarratasóra bunaithe orthu agus, i gcás inarb infheidhme, faoi fhorais aon chinnidh a glacadh i leith an iarratasóra. Féadfaidh an Ballstát eile diúltú freagra a thabhairt ar an iarraidh a taisceadh leis, más dóigh go ndéanfaí dochar dá leasa riachtanach nó do chosaint saoirsí agus chearta bunúsacha an duine lena mbaineann nó daoine eile tríd an bhfaisnéis sin a thabhairt. Ar aon nós, beidh páirtiú na faisnéise a iarradh faoi réir fhormheas i scríbhinn an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta, a gheobhaidh an Ballstát iarrthach. Sa chás sin, ní mór don iarratasóir bheith eolach ar an bhfaisnéis shonrach a mbeidh sé nó sí ag tabhairt fomheasa ina leith.

4.   Ní sheolfar aon iarraidh ar fhaisnéis ach i gcomthéacs iarratais ar leith ar chosaint idirnáisiúnta. Leagfar amach inti na forais ar a mbeidh sé bunaithe agus, nuair is í an aidhm a bheidh léi fiosrú lena sheiceáil an bhfuil critéar ann ar dóigh dó freagracht a chur ar an mBallstát iarrtha, sonrófar inti an fhianaise, lena n-áirítear faisnéis ábhartha ó fhoinsí iontaofa ar na bealaí agus na modhanna a mbaineann iarratasóirí leas astu chun iontráil i gcríocha na mBallstát, nó cad é an chuid shonrach agus infhíoraithe de ráiteas an iarratasóra ar a mbeidh sí bunaithe. Tuigtear nach leor inti féin an fhaisnéis ábhartha sin ó fhoinsí iontaofa chun freagracht agus inniúlacht Ballstáit a chinneadh faoin Rialachán seo, ach d’fhéadfadh sé rannchuidiú le meastóireacht sonraí eile maidir le hiarratasóir ar leith.

5.   Beidh ar an mBallstát iarrtha freagra a thabhairt laistigh de chúig seachtaine. Tabharfar údar cuí le haon mhoill ar an bhfreagra. Ní scaoilfear an Ballstát iarrtha ón oibleagáid freagra a thabhairt mura gcloítear leis an teorainn ama cúig seachtaine. Má tharlaíonn sé go gcuireann taighde a dhéanfaidh an Ballstát iarrtha, ar taighde é nach ndearnadh laistigh den teorainn ama uasta, faisnéis ar fáil a léiríonn go bhfuil sé freagrach, ní féidir leis an mBallstát sin dul in éag na dteorannacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 21, Airteagal 23 agus Airteagal 24 a agairt mar údar le diúltú d’iarraidh duine a ghabháil ar láimh nó duine a ghabháil ar ais a chomhlíonadh. Sa chás sin, cuirfear tréimhse ama leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 21, Airteagal 23 agus Airteagal 24 chun iarraidh a dhéanamh ar dhuine a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais a bheidh comhionann leis an moill a bhí ann maidir le freagra a fháil ón mBallstát iarrtha.

6.   Malartófar faisnéis arna iarraidh sin ó Bhallstát agus ní fhéadfar faisnéis a mhalartú ach amháin idir údaráis ar chuir gach Ballstát a aimnigh iad é sin in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 35(1).

7.   Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a mhalartófar ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos i mír 1. I ngach Ballstát, ní fhéadfar an fhaisnéis sin, ag brath ar an gcineál faisnéise a bheidh i gceist agus cumhachtaí an údaráis a gheobhaidh an fhaisnéis, a chur in iúl ach amháin do na húdaráis agus na cúirteanna agus na binsí a mbeidh sé de chúram orthu:

(a)

an Ballstát atá freagrach a chinneadh;

(b)

an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú;

(c)

aon oibleagáid a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme.

8.   Áiritheoidh an Ballstát a chuirfidh an fhaisnéis ar aghaidh go mbeidh sí cruinn agus cothrom le dáta. Má thagann sé chun solais gur chuir sé faisnéis ar aghaidh atá míchruinn nó nár cheart í a chur ar aghaidh, cuirfear na Ballstáit a fuair an fhaisnéis ar an eolas láithreach. Beidh sé d’oibligeáid orthu an fhaisnéis sin a cheartú nó a áirithiú go scriosfar í.

9.   Beidh sé de cheart ag an iarratasóir fógra a fháil, arna iarraidh sin dó, faoi aon sonraí a phróiseálfar a bhaineann leis nó léi.

Má fhaigheann an t-iarratasóir amach gur próiseáladh na sonraí sin de shárú ar an Rialachán seo nó ar Threoir 95/46/CE, go háirithe toisc go bhfuil siad neamhiomlán nó míchruinn, beidh sé nó sí i dteideal a éileamh go gceartófaí nó go scriosfaí iad.

Cuirfidh an t-údarás a cheartóidh nó a scriosfaidh na sonraí, mar is iomchuí, an Ballstát a thraschuirfidh nó a gheobhaidh an fhaisnéis ar an eolas.

Beidh sé de cheart ag an iarratasóir caingean a thabhairt nó gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó chúirteanna nó bhinsí an Bhallstáit sin a dhiúltaigh ceart rochtana ar na sonraí nó ceart chun sonraí a bhain leis nó léi a cheartú nó a scriosadh.

10.   I ngach Ballstát lena mbaineann, coimeádfar taifead, sa chomhad aonair don duine lena mbaineann agus/nó i gclár, ar thraschur agus fáil na faisnéise a mhalartófar.

11.   Coimeádfar na sonraí a mhalartófar ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na gcríoch ar chucu a malartaíodh iad.

12.   I gcás nach bpróiseálfar na sonraí go huathoibríoch nó nach bhfuil siad á gcur isteach i gcomhad, nó nach bhfuil rún é sin a dhéanamh, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tAirteagal seo trí bhíthin seiceálacha éifeachtúla.

Airteagal 35

Údaráis inniúla agus acmhainní

1.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na húdaráis shonracha a bheidh freagrach as na hoibleagáidí a eascróidh as an Rialachán seo, agus as aon leasuithe air, a chomhlíonadh. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hacmhainní is gá ag na húdaráis sin chun a gcúraimí a chur i gcrích agus go háirithe chun freagra a thabhairt laistigh de na teorainneacha ama a fhorordófar ar iarrataí ar fhaisnéis, iarrataí iarrthóirí tearmainn a ghabháil ar láimh agus iarrataí iarratasóirí a ghabháil ar ais.

2.   Foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite na n-údarás dá dtagraítear i mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar leasuithe air, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite nuashonraithe uair sa bhliain.

3.   Gheobhaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 an oiliúint chuí maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le sruthanna sábháilte tarchuir leictreonaigh a bhunú idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 chun iarrataí, freagraí agus gach comhfhreagras i scríbhinn a tharchur agus chun a áirithiú go bhfaighidh seoltóirí cruthúnas leictreonach uathoibríoch ar an seachadadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 36

Socruithe riaracháin

1.   Féadfaidh Ballstáit, ar bhonn déthaobhach, socruithe riaracháin a bhunú eatarthu féin i ndáil le sonraí praiticiúla chur chun feidhme an Rialacháin seo, d’fhonn a chur i bhfeidhm a éascú agus a éifeachtúlacht a mhéadú. D’fhéadfaí baint a bheith ag na socruithe sin le:

(a)

malartú oifigeach idirchaidrimh;

(b)

simpliú na nósanna imeachta agus giorrú ar na teorainneacha ama a bhaineann le tarchur agus scrúdú ar iarrataí ar iarratasóirí a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais.

2.   Féadfaidh na Ballstáit na socruithe riarachain a tugadh chun críche faoi Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a choimeád freisin. A mhéad nach mbeidh na socruithe sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, leasóidh na Ballstáit lena mbaineann na socruithe ar bhealach ina gcuirfear deireadh le haon neamhréireachtaí a thabharfar faoi deara.

3.   Sula dtabharfar aon socrú dá dtagraítear i mír 1(b) chun críche nó sula ndéanfar leasú air, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún faoi chomhréireacht an tsocraithe leis an Rialachán sin.

4.   Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na socuithe dá dtagraítear i mír 1(b) i gcomhréir leis an Rialachán sin, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát lena mbaineann, laistigh de thréimhse réasúnta ama. Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna iomchuí uile chun an socrú a bheidh i gceist a leasú taobh istigh de thréimhse réasúnta ama ar bhealach ina gcuirfear deireadh le haon neamhréireachtaí a thugtar faoi deara.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na socruithe uile dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon séanadh a dhéanfar ina leith nó faoi aon leasú a dhéanfar orthu.

CAIBIDIL VIII

IDIR-RÉITEACH

Airteagal 37

Idir-réiteach

1.   I gcás nach mbeidh na Ballstáit in ann díospóid maidir le haon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a réiteach, féadfaidh siad leas a bhaint as an nós imeachta idir-réitigh dá bhforáiltear i mír 2.

2.   Tionscnófar an nós imeachta idir-réitigh le hiarraidh ó cheann de na Ballstáit sa díospóid chuig Cathaoirleach an Choiste a bhunófar le hAirteagal 44. Trí aontú le húsáid an nós imeachta idir-réitigh, gabhfaidh na Ballstáit lena mbaineann an réiteach a bheidh molta a chur san áireamh go lánmhaith.

Ceapfaidh Cathaoirleach an Choiste tríur ball den Choiste, a dhéanfaidh ionadaíocht ar thrí Bhallstát nach mbeidh baint acu leis an gceist. Gheobhaidh siad argóintí na bpáirtithe i scríbhinn nó ó bhéal agus, tar éis plé, molfaidh siad réiteach laistigh de mhí amháin, tar éis vóta a chaitheamh i gcás inar gá.

Beidh Cathaoirleach an Choiste, nó a ionadaí, i gceannas ar an bplé. Féadfaidh sé a thuairim a chur in iúl ach ní fhéadfaidh sé vóta a chaitheamh.

Cibé a ghlacfaidh na páirtithe leis nó a dhiúltóidh siad é, beidh an réiteach a bheidh beartaithe críochnaitheach agus neamh-inchúlghairthe.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 38

Slándáil sonraí agus cosaint sonraí

Déanfaidh na Ballstáit gach bearta is iomchuí le slándáil na sonraí pearsanta a tharchuirfear a áirithiú agus go háirithe chun nach dtabharfar rochtain neamhdhleathach nó neamhúdaraithe ar na sonraí pearsanta a próiseáladh, nó chun nochtadh, athrú nó cailliúint na sonraí sin a sheachaint.

Forálfaidh gach Ballstát go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta nó na húdaráis a ainmníodh de bhun Airteagal 28(1) de Threoir 95/46/CE faireachán neamhspleách, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta faoi seach, ar dhlíthiúlacht na próiseála a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann ar shonraí pearsanta, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 39

Rúndacht

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 35 faoi cheangal na rialacha rúndachta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, maidir le haon fhaisnéis a gheobhaidh siad le linn a gcuid oibre.

Airteagal 40

Pionóis

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go bhféadfar pionóis, a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, a fhorchur as aon mhí-úsáid a bhaint as sonraí a phróiseálfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear pionóis riaracháin agus/nó pionóis choiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 41

Bearta idirthréimhseacha

I gcás ina dtaiscfear iarratas tar éis an dáta a luaitear sa dara mír d’Airteagal 49, cuirfear san áireamh na heachtraí ar dóigh go gcuirfí freagracht ar Bhallstát faoin Rialachán seo dá mbarr, fiú dá mba rud é gur tharla siad roimh an dáta sin, ach amháin na heachtraí a luaitear in Airteagal 13(2).

Airteagal 42

Ríomh na dteorainneacha ama

Déanfar aon achar ama a fhorordaítear sa Rialachán seo a ríomh mar seo a leanas:

(a)

i gcás ina ríomhfar tréimhse a shloinntear i laethanta, seachtainí nó míonna ón am ag a dtarlaíonn eachtra nó ag a ndéantar beart, ní ríomhfar an lá ar a dtarlaíonn an eachtra sin nó ar a ndéantar an beart sin mar lá laistigh den tréimhse a bheidh i gceist;

(b)

críochnóidh tréimshe a shloinntear i seachtainí nó míonna ag deireadh cibé lá sa tseachtain nó sa mhí dheiridh arb ionann é agus an lá céanna den tseachtain nó arb é an dáta céanna agus an lá ar tharla an eachtra nó a rinneadh an beart óna ríomhfar an tréimhse. Más rud é, i dtréimhse a shloinntear i míonna, nach lá sa mhí dheiridh é an lá ar cheart don tréimhse críochnú, críochnóidh an tréimhse nuair a thiocfaidh deireadh le lá deiridh na míosa sin;

(c)

beidh Satharn, Domhnach agus laethanta saoire oifigiúla in aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann san áireamh sna teorainneacha ama.

Airteagal 43

Raon feidhme críche

A mhéad a bhainfidh sé le Poblacht na Fraince, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin i ndáil lena críoch Eorpach.

Airteagal 44

Coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 45

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(5) agus Airteagal 16(3) don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear dá dtagraítear in Airteagal 8(5) agus Airteagal 16(3) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní bheidh éifeacht aige ar bhailíocht aon ghníomhartha cur chun feidhme atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(5) agus Airteagal 16(3) i bhfeidhm ach i gcás nach ndearna Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse ceithre mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur thug Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon le fios don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid i gcoinne an ghnímh. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 46

Faireachán agus meastóireacht

Faoin 21 Iúil 2016, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé na leasuithe is gá. Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach faisnéis is cuí chun an tuarascáil sin a ullmhú, ar a dhéanaí sé mhí sula rachaidh an teorainn ama sin in éag.

Tar éis dó an tuarascáil sin a thíolacadh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag an am céanna is a chuirfidh sé tuarascálacha ar chur chun feidhme chóras Eurodac dá bhforáiltear in Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013.

Airteagal 47

Staidreamh

I gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta (16), cuirfidh na Ballstáit in iúl don Chomisiún (Eurostat), staidreamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003.

Airteagal 48

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 343/2003.

Aisghairtear Airteagail 11(1), 13, 14 agus 17 de Rialachán (CÉ) Uimh. 1560/2003.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe nó do na hAirteagail aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 49

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a thaiscfear ón gcéad lá den séú mhí tar éis a theacht i bhfeidhm agus, ón dáta sin, beidh feidhm aige maidir le haon iarraidh ar iarrthóirí tearmainn a ghabháil ar láimh nó iarratasóirí a ghabháil ar ais, is cuma cén dáta a rinneadh an t-iarratas. Glacfar cinneadh maidir leis an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh roimh an dáta sin i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 343/2003.

Déanfar tagairtí sa Rialachán seo do Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, do Threoir 2013/32/AE, agus do Threoir 2013/33/AE a fhorléiriú, go dtí dáta a gcur i bhfeidhm, mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 (17), do Threoir 2003/9/CE (18) agus do Threoir 2005/85/CE (19) faoi seach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SHATTER


(1)  IO C 317, 23.12.2009, lch. 115.

(2)  IO C 79, 27.3.2010, lch. 58.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2009 (IO C 212 E.5.8.2010, lch. 370) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 6 Meitheamh 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(4)  IO L 50, 25.2.2003, lch. 1.

(5)  IO L 132, 29.5.2010, lch. 11.

(6)  IO L 337, 20.12.2011, lch. 9.

(7)  Féach leathanach 96 den Iris Oifigiúil seo.

(8)  Féach leathanach 60 den Iris Oifigiúil seo.

(9)  IO L 222, 5.9.2003, lch. 3.

(10)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(11)  Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo.

(12)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.

(13)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(14)  IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

(15)  IO L 348, 24.12.2008, p. 98

(16)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 23.

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle an 11 Nollaig 2000 maidir le “Eurodac” a bhunú chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (IO L 316, 15. 12.2000, lch. 1).

(18)  Treoir 2003/9/CE ón gComhairle maidir le caighdeáin íosta i ndáil le glacadh le hiarrthóirí tearmainn (IO L 31, 6.2.2003, lch. 18).

(19)  Treoir 2005/85/CE ón gComhairle maidir le caighdeáin íosta i ndáil le nósanna imeachta i mBallstáit chun stádas dídeanaí a bhronnadh nó a aistarraingt (IO L 326, 13.12.2005, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Rialacháin aisghairthe (dá dtagraítear in Airteagal 48)

Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle

(IO L 50, 25.2.2003, lch. 1)

Rialachán (CE Uimh. 1560/2003) ón gCoimisiúin Airteagail 11(1), 13, 14 agus 17 amháin.

(IO L 222, 5.9.2003, lch. 3)


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 343/2003

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(b)

Scriosta

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(j)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(k)

Airteagal 2(j) agus (k)

Airteagal 2(l) agus (m)

Airteagal 2(n)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 17(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(1), réamhrá

Airteagal 4(1)(a) go (f)

Airteagal 4(2) agus (3)

Airteagal 4(1) go (5)

Airteagal 20(1) go (5)

Airteagal 20(5), an tríú fomhír

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 5(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 6, an chéad mhír

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(3)

Airteagal 6, an dara mír

Airteagal 8(4)

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 12

Airteagal 10

Airteagal 13

Airteagal 11

Airteagal 14

Airteagal 12

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 13

Airteagal 3(2)

Airteagal 14

Airteagal 11

Airteagal 15(1)

Airteagal 17(2), an chéad fhomhír

Airteagal 15(2)

Airteagal 16(1)

Airteagal 15(3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 15(4)

Airteagal 17(2), an ceathrú fomhír

Airteagal 15(5)

Airteagail 8(5) agus (6) agus Airteagal 16(2)

Airteagal 16(1)(a)

Airteagal 18(1)(a)

Airteagal 16(1)(b)

Airteagal 18(2)

Airteagal 16(1)(c)

Airteagal 18(1)(b)

Airteagal 16(1)(d)

Airteagal 18(1)(c)

Airteagal 16(1)(e)

Airteagal 18(1)(d)

Airteagal 16(2)

Airteagal 19(1)

Airteagal 16(3)

Airteagal 19(2), an chéad fhomhír

Airteagal 19(2), an dara fomhír

Airteagal 16(4)

Airteagal 19(3)

Airteagal 19(3), an dara fomhír

Airteagal 17

Airteagal 21

Airteagal 18

Airteagal 22

Airteagal 19(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 19(2)

Airteagal 26(2) agus Airteagal 27(1)

Airteagal 27(2) go (6)

Airteagal 19(3)

Airteagal 29(1)

Airteagal 19(4)

Airteagal 29(2)

Airteagal 29(3)

Airteagal 19(5)

Airteagal 29(4)

Airteagal 20(1), réamhrá

Airteagal 23(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 23(4)

Airteagal 20(1)(a)

Airteagal 23(5), an chéad fhomhír

Airteagal 24

Airteagal 20(1)(b)

Airteagal 25(1)

Airteagal 20(1)(c)

Airteagal 25(2)

Airteagal 20(1)(d)

Airteagal 29(1), an chéad fhomhír

Airteagal 20(1)(e)

Airteagal 26(1), (2), Airteagal 27(1), Airteagal 29(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 20(2)

Airteagal 29(2)

Airteagal 20(3)

Airteagal 23(5), an dara fomhír

Airteagal 20(4)

Airteagal 29(4)

Airteagal 28

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 21(1) go (9)

Airteagal 34(1) go (9), an chéad go dtí an tríú fomhír

Airteagal 34(9), an ceathrú fomhír

Airteagal 21(10) go (12)

Airteagal 34(10) go (12)

Airteagal 22(1)

Airteagal 35(1)

Airteagal 35(2)

Airteagal 35(3)

Airteagal 22(2)

Airteagal 35(4)

Airteagal 23

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 40

Airteagal 24(1)

Scriosta

Airteagal 24(2)

Airteagal 41

Airteagal 24(3)

Airteagal 25(1)

Airteagal 42

Airteagal 25(2)

Airteagal 26

Airteagal 43

Airteagal 27(1), (2)

Airteagal 44(1), (2)

Airteagal 27(3)

Airteagal 45

Airteagal 28

Airteagal 46

Airteagal 47

Airteagal 48

Airteagal 29

Airteagal 49


Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003

An Rialachán seo

Airteagal 11(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 17(2), an chéad fhomhír

Airteagal 13(2)

Airteagal 17(2), an dara fomhír

Airteagal 13(3)

Airteagal 17(2), an tríú fomhír

Airteagal 13(4)

Airteagal 17(2), an chéad fhomhír

Airteagal 14

Airteagal 37

Airteagal 17(1)

Airteagail 9, 10, 17(2), an chéad fhomhír

Airteagal 17(2)

Airteagal 34(3)


RÁITEAS ÓN gCOMHAIRLE, Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOIMISIÚN

Iarrann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún smaoineamh ar Airteagal 8(4) den Athmhúnlú ar Rialachán Bhaile Átha Cliath a athbhreithniú, gan dochar dá cheart tionscnaimh, nuair a rialóidh an Chúirt Bhreithiúnais ar Chás C-648/11 MA agus Grúpaí Eile vs. An Rúnaí Stáit don Roinn Baile agus ar a dhéanaí faoi na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 46 de Rialachán Bhaile Átha Cliath. Feidhmeoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a n-inniúlachtaí reachtacha ansin, agus leas an linbh á chur san áireamh acu.

Toilíonn an Coimisiún, de mheon an chomhréitigh, agus lena áirithiú go nglacfar an togra láithreach, machnamh ar an iarraidh sin, agus tuigeann sé go bhfuil sin teoranta do na cúinsí sonracha sin agus nach gcruthaítear fasach leis an méid sin.