29.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 603/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2013

maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(e), Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2)(a),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Táthar chun roinnt athruithe substaintiúla a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle an 11 Nollaig 2000 maidir le ‧Eurodac‧ a bhunú chun méarloirg a chur i gcomparáid chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (3) a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lena leagtar síos rialacha áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le "Eurodac" a bhunú chun méarloirg a chur i gcomparáid chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (4) a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Ar mhaithe le soiléire, ba cheart na Rialacháin sin a athmhúnlú.

(2)

Tá comhbheartas tearmainn, lena n-áirítear comhchóras Eorpach tearmainn, ina chuid de chuspóir an Aontais Eorpaigh an limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile a bheadh ar oscailt dóibh siúd, nach bhfuil an dara rogha acu, a fhéachann le cosaint idirnáisiúnta a fháil san Aontas.

(3)

Ghlac an Chomhairle Eorpach a tionóladh an 4 Samhain 2004 Clár na Háige inar leagadh síos na cuspóirí atá le cur chun feidhme sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais le linn na tréimhse 2005–2010. D'iarr an Comhaontú Eorpach um Inimirce agus Tearmann, a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 15–16 Deireadh Fómhair 2008, go gcuirfí bunú Comhchórais Eorpaigh Tearmainn i gcrích trí aon nós imeachta amháin a chruthú ina mbeadh ráthaíochtaí comhchoiteanna agus stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe agus do dhaoine atá i dteideal cosanta coimhdí.

(4)

Chun críocha chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (5), tá sé riachtanach céannacht a shuíomh i gcás iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus daoine a gabhadh maidir le teorainneacha seachtracha den Aontas a thrasnú go neamhdhleathach. Tá sé inmhianaithe freisin, d'fhonn Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus go háirithe pointe Airteagal 18(1) (b) agus (d) de, cead a thabhairt do gach Ballstát seiceáil cibé an ndearna náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a fuarthas ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríocha iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile nó nach ndearna.

(5)

Cuimsíonn méarloirg gné thábhachtach lena ndéantar céannacht bheacht daoine den sórt sin a shuíomh. Is gá córas a bhunú chun a gcuid sonraí méarlorg a chur i gcomparáid le chéile.

(6)

Chuige sin, ní mór córas a bhunú ar a dtabharfar ‧Eurodac‧, ina mbeidh Lárchóras, a fheidhmeoidh bunachar sonraí lárnach ríomhairithe de shonraí méarlorg, chomh maith le bealach tarchurtha leictreonaigh idir na Ballstáit agus an Lárchóras, dá ngairtear an "Bonneagar Cumarsáide" anseo feasta.

(7)

I gClár na Háige, iarradh feabhas a chur ar an rochtain ar chórais um chomhdú sonraí san Aontas atá ann cheana. Ina theannta sin, iarradh i gClár Stócólm go mbeadh an bailiú sonraí spriocdhírithe go maith agus go bhforbrófaí malartú faisnéise agus a uirlisí de réir riachtanas forghníomhaithe dlí.

(8)

Tá sé fíor-riachtanach sa chomhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile go mbeidh an fhaisnéis is iomláine agus is cothroime le dáta dá bhfuil ann ag na húdaráis forghníomhaithe dlí ionas go bhféadfaidh siad a gcúraimí a dhéanamh. Tá gá leis an bhfaisnéis atá ar fáil in Eurodac chun críocha cionta sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac (6) nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (7) a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí atá in Eurodac a bheith ar fáil, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo, chun go bhféadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát agus an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) comparáid a dhéanamh eatarthu.

(9)

Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí arna ndeonú d’údaráis forghníomhaithe dlí maidir le rochtain ar shonraí Eurodac gan dochar do cheart an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a iarratas a bheith próiseáilte in am trátha i gcomhréir leis an dlí ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh aon obair leantach a dhéanfar ina dhiaidh sin tar éis ‧amas‧ a fháil ar Eurodac gan dochar don cheart sin.

(10)

Ina theachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2005 maidir le héifeachtacht fheabhsaithe, idir-inoibritheacht fheabhsaithe agus sineirgíochtaí idir bunachair shonraí Eorpacha i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile, cuireann an Coimisiún in iúl go bhféadfadh rochtain a bheith ag na húdaráis atá freagrach as slándáil inmheánach ar shonraí Eurodac i gcásanna a bheadh sainithe go maith, nuair atá amhras ann a bhfuil bunús tugtha leis go bhfuil déantóir ciona sceimhlitheoireachta nó déantóir ciona choiriúil thromchúisigh tar éis iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh. Sa Teachtaireacht sin chinn an Coimisiún, freisin, go gceanglaíonn prionsabal na coimhdeachta nach gceadófar Eurodac chun críocha den sórt sin ach amháin nuair atá leas sáraitheach maidir le slándáil phoiblí ann, eadhon, i gcás ina bhfuil an cion a rinne an coirpeach nó an sceimhlitheoir atáthar ag iarraidh a aithint chomh tromchúiseach sin go bhfuil údar maith le bunachar sonraí ina gcláraítear daoine gan taifead coiriúil a chuardach, agus chomh maith leis sin tháinig sé ar an gconclúid nach foláir an tairseach is infheidhme maidir le húdaráis um shlándáil inmheánach Eurodac a cheadú, nach foláir í a bheith i bhfad níos airde ná an tairseach is infheidhme maidir le bunachair shonraí choiriúla a cheadú.

(11)

Thairis sin, tá ról lárnach ag Europol sa chomhar idir údaráis na mBallstát i réimse an imscrúdaithe choiriúil trasteorann ó thaobh tacú le coireanna a chosc, a anailísiú agus a imscrúdú ar fud an Aontais. Dá thoradh sin, ba cheart rochtain a bheith ag Europol ar shonraí Eurodac faoi chuimsiú a chúraimí agus i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (8).

(12)

Níor cheart iarrataí a cheadú go ndéanfaidh Europol comparáid ar shonraí Eurodac ach i gcásanna sonracha amháin, de réir imthosca sonracha agus de réir coinníollacha diana.

(13)

Ós rud é gur bunaíodh Eurodac ar an gcéad dul síos chun cur i bhfeidhm Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a éascú, is ionann rochtain ar fhaisnéis Eurodac chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú agus athrú ar bhunchuspóir Eurodac, rud a chuireann isteach ar an gceart bunúsach maidir le saol príobháideach daoine aonair a bpróiseáiltear a sonraí pearsanta in Eurodac a urramú. Ní foláir aon chur isteach dá leithéid a bheith i gcomhréir leis an dlí, agus ní foláir a fhoirmliú a bheith beacht a dhóthain chun gur féidir le daoine aonair a n-iompraíocht a choigeartú agus ní foláir dó daoine aonair a chosaint ar aon treallachas agus raon feidhme na lánrogha a bhronntar ar na húdaráis inniúla agus modh a fheidhmithe a léiriú ar bhealach soiléir a dhóthain. Aon chur isteach a dhéantar i sochaí dhaonlathach, ní foláir gá a bheith leis chun leas dlisteanach agus comhréireach a chosaint agus ní foláir é a bheith comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atáthar ag iarraidh a bhaint amach.

(14)

Cé nár ceanglaíodh le cuspóir bunúsach Eurodac go mbeadh an fhéidearthacht ann comparáidí idir sonraí agus an bunachar sonraí a iarraidh, bunaithe ar lorg neamhfhollas rud arb ionann é agus rian dachtalascópach is féidir a fháil ag láthair coire, is féidearthacht bhunriachtanach é i réimse an chomhair phóilíneachta. Maidir leis an bhféidearthacht sin lorg neamhfhollas a chur i gcomparáid le sonraí méarlorg atá stóráilte in Eurodac i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhféadfadh déantóir na coire nó an t-íospartach teacht faoi cheann amháin de na catagóirí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, beidh sí ina huirlis an-luachmhar ag údaráis ainmnithe na mBallstát chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, mar shampla nuair nach bhfuil d'fhianaise le fáil ag an láthair coire ach loirg neamhfhollasa.

(15)

Sa Rialachán seo leagtar síos freisin na coinníollacha faoinar cheart cead a thabhairt iarrataí a dhéanamh ar chomparáidí idir sonraí méarlorg agus sonraí Eurodac chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, agus leagtar síos ann freisin na cosaintí is gá lena áirithiú go gcosnófar an ceart bunúsach maidir le saol príobháideach daoine aonair a bhfuil a sonraí pearsanta próiseáilte in Eurodac a urramú. Léiríonn déine na gcoinníollacha seo go gcláraítear le bunachar sonraí Eurodac sonraí méarlorg daoine nach bhfuiltear a thoimdiú ina leith go bhfuil cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile déanta acu.

(16)

D'fhonn cóir chomhionann a áirithiú dóibh siúd ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad agus do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, agus d'fhonn comhsheasmhacht le acquis reatha an Aontais maidir le tearmann a áirithiú, go háirithe comhsheasmhacht le Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (9) agus le Rialachán (CE) Uimh. 604/2013, is iomchuí raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú d'fhonn iarratasóirí ar chosaint choimhdeach agus daoine atá i dteideal cosanta coimhdí a chumhdach.

(17)

Is gá freisin a cheangal ar na Ballstáit go nglacfaidh siad agus go dtarchuirfidh siad go pras sonraí méarlorg gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta agus gach náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát a ghabhtar agus iad ag trasnú teorainn sheachtrach de chuid Ballstáit go mírialta, má tá siad ar a laghad 14 bliana d'aois.

(18)

Is gá rialacha beachta a leagan síos a bhaineann le tarchur sonraí méarlorg den sórt sin chuig an Lárchóras, sonraí méarlorg den sórt sin agus sonraí ábhartha eile sa Lárchóras a thaifeadadh, a stóráil, an chomparáid a dhéantar idir iad agus sonraí méarlorg eile, torthaí comparáide den sórt sin a tharchur agus na sonraí taifeadta a mharcáil agus iad a scriosadh. D'fhéadfadh rialacha den sórt sin a bheith difriúil i gcás ina bhfuil catagóirí difriúla de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát i gceist, agus ba cheart sa chás sin iad a chur in oiriúint go sonrach dóibh.

(19)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí tarchur na sonraí méarlorg ar chaighdeán iomchuí chun críche comparáide tríd an gcóras aitheantais méarloirg ar an ríomhaire. Ba cheart do na húdaráis uile ag a mbeidh ceart rochtana ar shonraí Eurodac infheistiú a dhéanamh in oiliúint leormhaith agus sa trealamh teicneolaíochta atá ag teastáil. Ba cheart do na húdaráis ag a mbeidh ceart rochtana ar shonraí Eurodac an Ghníomhaireacht le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 (10) (an "Ghníomhaireacht") a chur ar an eolas faoi aon deacrachtaí sonracha maidir le cáilíocht sonraí sa chaoi go réiteofar na deacrachtaí sin.

(20)

Níor cheart go ndéanfadh aon neamhfhéidearthacht shealadach nó bhuan sonraí méarlorg a ghlacadh agus/nó a tharchur, de bharr cúiseanna amhail cáilíocht neamhleor na sonraí chun comparáid iomchuí a dhéanamh, de bharr fadhbanna teicniúla, de bharr cúiseanna a bhaineann leis an tsláinte a chosaint nó de bharr nach bhfuil an duine is ábhar do na sonraí sláintiúil go leor nó ábalta go leor chun a mhéarloirg a bheith glactha de bharr imthosca nach bhfuil aon neart aige orthu, dochar don scrúdú a dhéantar ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag an duine sin ná dochar don chinneadh a nglacfar ina leith.

(21)

Ba cheart do shaineolaí méarlorg oilte na hamais a fhaightear ó Eurodac a fhíorú d'fhonn cinneadh cruinn maidir le freagracht a áirithiú faoi Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 agus sainaithint bheacht an amhrastaigh choiriúil nó an íospartaigh choireachta a bhféadfadh a shonraí a bheith stóráilte in Eurodac a áirithiú.

(22)

D'fhéadfadh sé go mbeadh an rogha ag náisiúnaigh tríú tír nó ag daoine gan stát a d'iarr cosaint idirnáisiúnta i mBallstát amháin cosaint idirnáisiúnta a iarraidh i mBallstát eile ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh achar fada i gceist leis an uastréimhse inar cheart don Lárchóras sonraí méarlorg a choinneáil. Ag glacadh leis go mbeidh stádas lonnaithe nó fiú amháin saoránacht Ballstáit bainte amach ag formhór na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a d'fhan san Aontas ar feadh roinnt blianta i ndiaidh na tréimhse sin, ba cheart go ndéanfaí tréimhse deich mbliana a mheas mar thréimhse réasúnta chun sonraí méarlorg a stóráil.

(23)

Ba cheart an tréimhse stórála a bheith níos giorra i gcásanna speisialta áirithe i gcás nach bhfuil aon ghá sonraí méarlorg a choinneáil chomh fada sin. Ba cheart sonraí méarlorg a scriosadh chomh luath is a bhaineann náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát saoránacht Ballstáit amach.

(24)

Is iomchuí na sonraí a stóráil a bhaineann leis na daoine sin ar taifeadadh a méarloirg i dtús báire in Eurodac nuair a thaisc siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus dár deonaíodh cosaint idirnáisiúnta i mBallstát, d'fhonn na sonraí sin a chur i gcomparáid leis na sonraí a thaifeadtar ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh.

(25)

Tá curtha de chúram ar an nGníomhaireacht cúraimí an Choimisiúin maidir le bainistiú oibríochtúil Eurodac i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cúraimí áirithe a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide amhail ón dáta a chuaigh an Ghníomhaireacht i mbun a freagrachtaí an 1 Nollaig 2012. Ba cheart don Ghníomhaireacht dul i mbun na gcúraimí a a thugtar ar iontaoibh di faoin Rialachán seo agus ba cheart forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 a leasú dá réir sin. Sa bhreis air sin, ba cheart stádas breathnóra a bheith ag Europol ag cruinnithe Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta, nuair atá ceist ar an gclár oibre i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le rochtain a bheith ar Eurodac ag údaráis ainmnithe Ballstát agus ag Europol chun na sonraí ann a cheadú chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ba cheart go gceadófaí do Europol ionadaí a cheapadh chuig Grúpa Comhairleach Eurodac na Gníomhaireachta.

(26)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (Rialachán Foirne Oifigigh)oifigigh agus coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh an (dá ngairtear le chéile na "Rialacha Foirne") a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (11) ón gComhairle, maidir leis an bhfoireann uile atá ag obair sa Ghníomhaireacht ar ábhair a bhaineann leis an Rialachán sin.

(27)

Is gá freagrachtaí faoi seach an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta maidir leis an Lárchóras agus leis an mBonneagar Cumarsáide, a leagan síos go soiléir chomh maith le freagrachtaí na mBallstát maidir le próiseáil sonraí, slándáil sonraí, rochtain ar shonraí taifeadta agus sonraí taifeadta a cheartú.

(28)

Is gá údaráis inniúla na mBallstát chomh maith leis an bPointe Rochtana Náisiúnta a ainmniú trína gcuirtear isteach na hiarrataí ar chomparáidí le sonraí Eurodac agus liosta a choimeád de na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe an chomparáid sin a iarraidh chun críoch sonrach cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile.

(29)

Maidir le hiarrataí ar chomparáid le sonraí arna stóráil i Lárchóras Eurodac, ba cheart go ndéanfadh na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe iad a chur chuig an bPointe Rochtana Náisiúnta, tríd an údarás fíoraithe agus ba cheart go mbeadh na hiarrataí sin réasúnaithe. Na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe chun comparáidí le sonraí Eurodac a iarraidh, níor cheart go ngníomhóidís mar údarás fíoraithe. Ba cheart go ngníomhódh na húdaráis fíoraithe go neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus ba cheart go mbeadh siad freagrach, ar mhodh neamhspleách, as dianchomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le rochtain mar atá bunaithe sa Rialachán seo. Ansin ba cheart do na húdaráis fíoraithe an iarraidh ar chomparáid a chur ar aghaidh gan na cúiseanna atá leis a bheith ag gabháil leis, chuig Eurodac tríd an bPointe Rochtana Náisiúnta tar éis a fhíorú cé acu a comhlíonadh na coinníollacha uile maidir le rochtain nó nár comhlíonadh. I gcásanna eisceachtúla práinne inar gá rochtain luath a thabhairt chun freagairt do bhagairt shonrach iarbhír a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta cóiriúla tromchúiseacha eile, ba cheart don údarás fíoraithe an iarraidh a phróiseáil láithreach agus gan an fíorú a dhéanamh go dtí go bhfuil sé sin déanta.

(30)

Féadfaidh an t-údarás ainmnithe agus an t-údarás fíoraithe a bheith páirteach san eagraíocht chéanna, má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta, ach ba cheart don údarás fíoraithe gníomhú go neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige faoin Rialachán seo.

(31)

Chun críocha sonraí pearsanta a chosaint, agus chun comparáidí córasacha a eisiamh, ba cheart sonraí Eurodac a phróiseáil i gcásanna ar leith agus nuair is gá chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Cás ar leith is ea cás ina mbaineann an iarraidh ar chomparáid le cás sonrach nithiúil nó le dainséar sonrach nithiúil a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile, nó le daoine sonracha a bhfuil forais thromchúiseacha ann ina leith lena chreidiúint go ndéanfaidh siad nó go ndearna siad cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile. Cás eile ar leith is ea cás ina mbaineann an iarraidh ar chomparáid le duine ar íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile é. Níor cheart d'údaráis ainmnithe ná do Europol comparáid le Eurodac a iarraidh ach amháin nuair atá forais réasúnacha ann lena chreidiúint go dtabharfaidh a leithéid de chomparáid faisnéis a chuideoidh leo go mór chun cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

(32)

Sa bhreis air sin, níor cheart rochtain a cheadú ach amháin ar choinníoll nach ndearnadh sna comparáidí le bunachair shonraí méarlorg náisiúnta agus le córais mhéarlorgaireachta uathoibrithe na mBallstát uile eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (12), céannacht an duine is ábhar do na sonraí a shuíomh. Ceanglaítear ar an mBallstát a rinne an t-iarratas leis an gcoinníoll sin comparáidí a dhéanamh le córais mhéarlorgaireachta uathoibrithe na mBallstát uile eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB, atá ar fáil go teicniúil, mura rud é gur féidir leo údar maith a thabhairt go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint nach suífí céannacht an duine is ábhar do na sonraí mar thoradh ar an gcomparáid sin a dhéanamh. Bheadh na forais réasúnacha sin i gceist go háirithe sa chás nach ndéanfadh an cás sonrach aon nasc oibríochtúil ná imscrúdaitheach le Ballstát ar leith. Ceanglaítear leis an gcoinníoll seo go ndéanfaí Cinneadh 2008/615/CGB a chur chun feidhme go dlíthiúil agus go teicniúil i réimse na sonraí méarlorg roimh ré ag an mBallstát a rinne an t-iarratas ós rud é nár cheart go gceadófaí seiceáil Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí i gcás nach ndearnadh na bearta thuas ar dtús.

(33)

Sula ndéanfaidh siad Eurodac a chuardach, ba cheart d’údaráis ainmnithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha chun comparáid den sórt sin a dhéanamh, Córas Faisnéise Víosaí a cheadú i gcomhréir le Cinneadh 2008/633/CGB an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain d’údaráis ainmnithe de chuid Ballstát agus Europol Córas Faisnéise Víosaí (VIS) a cheadú chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú (13).

(34)

Chun críche comparáid agus malartú éifeachtúil a dhéanamh ar shonraí pearsanta, ba cheart do na Ballstáit na comhaontuithe idirnáisiúnta láithreacha a chur chun feidhme go hiomlán agus a úsáid mar aon le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a mhalartú atá i bhfeidhm cheana féin, go háirithe Cinneadh 2008/615/CGB.

(35)

Ba cheart do Bhallstáit tús áite a thabhairt do leas an linbh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. I gcás ina suíonn an Ballstát atá ag iarraidh sonraí Eurodac go mbaineann siad le mionaoiseach, ní féidir leis an mBallstát atá dá n-iarraidh na sonraí seo a úsáid ach amháin chun críocha forghníomhaithe dlí i gcomhréir le dlíthe an Stáit sin is infheidhme maidir le mionaoisigh agus i gcomhréir leis an oibleagáid tús áite a thabhairt do leas an linbh.

(36)

Cé go mbeidh dliteanas neamhchonarthach an Aontais i dtaca le feidhmiú chóras Eurodac faoi rialú ag forálacha ábhartha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is gá rialacha sonracha a leagan síos do dhliteanas neamhchonarthach na mBallstát i dtaca le feidhmiú an chórais.

(37)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon córas a chruthú chun comparáid a dhéanamh idir sonraí méarlorg chun cuidiú le cur chun feidhme bheartas tearmainn an Aontais, a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstáit agus gur fearr dá bhrí sin is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(38)

Maidir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht na sonraí sin (14), tá feidhm aici maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit arna déanamh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, mura rud é gur údaráis ainmnithe nó fíoraithe na mBallstát a dhéanann an phróiseáil sin chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

(39)

Ba cheart go mbeadh an phróiseáil a dhéanann údaráis Bhallstát ar shonraí pearsanta chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú faoi réir caighdeán cosanta sonraí i gcomhréir lena dhlí náisiúnta a chomhlíonann Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le cosaint sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoi chuimsiú comhair póilíneachta agus comhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (15).

(40)

A mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart go soiléireofaí nó go bhforlíonfaí na prionsabail sin atá leagtha amach i dTreoir 95/46/CE maidir le cearta agus saoirse daoine aonair a chosaint, go mór mór an ceart chun príobháideachais, go háirithe i gcás earnálacha áirithe.

(41)

Ba cheart aistrithe sonraí pearsanta a fuair Ballstát nó Europol de bhun an Rialacháin seo ón Lárchóraschuig aon tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta nó eintiteas príobháideach atá bunaithe san Aontas nó lasmuigh de a thoirmeasc chun an ceart chun tearmainn a áirithiú agus chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a chosaint ar nochtadh a gcuid sonraí chuig aon tríú tír. Tugann an méid sin le fios nár cheart do Bhallstáit faisnéis a aistriú a fuarthas ón Lárchórasmaidir leis an méid seo a leanas: an Ballstát tionscnaimh/na Ballstáit tionscnaimh; áit agus an dáta don iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh; an dáta a tógadh na méarloirg mar aon leis an dáta a tharchuir an Ballstát/na Ballstáit na sonraí chuig Eurodac; uimhir aitheantais úsáideora an oibreora; agus aon fhaisnéis a bhaineann le haistriú an duine is ábhar do na sonraí faoi Rialachán (AE) Uimh. 604/2013. Ba cheart don toirmeasc sin bheith gan dochar do cheart na mBallstát na sonraí sin a aistriú chuig tríú tíortha a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 maidir leis, chun a áirithiú go mbeidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit comhoibriú leis na tríú tíortha sin chun críocha an Rialacháin seo.

(42)

Ba cheart do na húdaráis maoirseachta náisiúnta faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht phróiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstát, agus ba cheart don údarás maoirseachta arna bhunú ag Cinneadh Uimh. 2009/371/CGBfaireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht gníomhaíochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh ag Europol.

(43)

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (16) agus go háirithe Airteagal 21 agus Airteagal 22 de maidir le rúndacht agus slándáil próiseála, maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Ba cheart pointí áirithe a shoiléiriú, áfach, maidir leis an bhfreagracht as próiseáil na sonraí agus as maoirseacht ar chosaint sonraí, á mheabhrú gur fachtóir tábhachtach é cosaint sonraí i bhfeidhmiú rathúil Eurodac agus go bhfuil slándáil sonraí, ardcháilíocht theicniúil agus dlíthiúlacht ceaduithe riachtanach chun feidhmiú rianúil agus cuí Eurodac a áirithiú mar aon le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013;

(44)

Ba cheart go gcuirfí an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas maidir leis an gcuspóir dá bpróiseálfar a shonraí laistigh de Eurodac, lena n-áirítear cur síos ar aidhmeanna Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 agus an úsáid a d’fhéadfadh údaráis forghníomhaithe dlí a bhaint as a shonraí nó a sonraí.

(45)

Is iomchuí go ndéanfaidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta, agus ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(46)

Ba cheart do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na húdaráis maoirseachta náisiúnta agus Eorpacha in ann faireachán a dhéanamh go leordhóthanach ar úsáid agus ar rochtain ar shonraí Eurodac.

(47)

Is iomchuí faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht Eurodac go tráthrialta, lena n-áirítear maidir le cibé an ndearnadh idirdhealú go neamhdhíreach ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta de bharr rochtana forghníomhaithe dlí mar a ardaíodh i meastóireacht an Choimisiúin maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‧an Cairt‧). Ba cheart don Ghníomhaireacht tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le gníomhaíochtaí an Lárchórais.

(48)

Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit foráil do chóras pionós atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus a chuirfí i bhfeidhm i gcás phróiseáil na sonraí a iontráiltear sa Lárchóras ar bhealach atá i gcoinne chuspóir Eurodac.

(49)

Ní mór do na Ballstáit a bheith ar an eolas faoin stádas atá ag nósanna imeachta tearmainn áirithe, d'fhonn cur i bhfeidhm ceart Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a éascú.

(50)

Urramaítear sa Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear sa Chairt go háirithe. Féachtar sa Rialachán seo go háirithe le háirithiú go n-urramófar go hiomlán cosaint sonraí pearsanta agus an ceart chun cosaint idirnáisiúnta a iarraidh. Airteagal 8 agus Airteagal 18 den Chairt. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(51)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(52)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE,, [tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(53)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(54)

Is iomchuí raon feidhme críochach an Rialacháin seo a theorannú ionas go luífidh sé le raon feidhme críochach Rialachán (CE) Uimh 604/2013,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir ‧Eurodac‧

1.   Bunaítear leis seo córas ar a dtabharfar "Eurodac" a mbeidh sé mar chuspóir aige a bheith ina chúnamh nuair a chinnfear an Ballstát atá freagrach, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus, chomh maith leis sin, cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a éascú faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Leagtar síos freisin leis an Rialachán seo na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe Ballstát agus an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) sonraí méarlorg a chur i gcomparáid leis na sonraí atá stóráilte sa Lárchóras a iarraidh chun críocha críocha forfheidhmithe dlí.

3.   Gan dochar do phróiseáil sonraí atá beartaithe do Eurodac ag an mBallstát tionscnaimh i mbunú bunachar sonraí faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin, ní fhéadfar sonraí méarlorg agus sonraí pearsanta eile a phróiseáil in Eurodac ach amháin chun na gcríoch atá leagtha amach sa Rialachán seo agus in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn ‧iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta‧ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(h) de Threoir 2011/95/AE agus nach bhfuil cinneadh deiridh déanta ina leith go fóill;

(b)

ciallaíonn ‧Ballstát tionscnaimh‧:

(i)

maidir le duine arna chumhdach ag Airteagal 9(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig an Lárchóras agus a fhaigheann torthaí na comparáide;

(ii)

maidir le duine arna chumhdach ag Airteagal 14(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig an Lárchóras;

(iii)

maidir le duine arna chumhdach ag Airteagal 17(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig an Lárchóras agus a fhaigheann torthaí na comparáide;

(c)

ciallaíonn ‧tairbhí de chosaint idirnáisiúnta‧ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dó arna sainmhíniú in 'Airteagal 2(a) de Threoir 2011/95/AE;

(d)

ciallaíonn ‧amas‧ meaitseáil nó meaitseálacha a fhaigheann an Lárchóras trí chomparáid a dhéanamh idir sonraí méarlorg arna dtaifeadadh sa bhunachar sonraí lárnach ríomhairithe agus iad sin arna dtarchur ag Ballstát maidir le duine, gan dochar don cheanglas go seiceálfaidh Ballstáit láithreach torthaí na comparáide de bhun Airteagal 25(4);

(e)

ciallaíonn ‧Pointe Rochtana Náisiúnta‧ an córas náisiúnta ainmnithe a dhéanann cumarsáid leis an Lárchóras;

(f)

ciallaíonn ‧Gníomhaireacht‧ an Ghníomhaireacht arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011;

(g)

ciallaíonn ‧Europol‧ an Oifig Eorpach Póilíní arna bunú le Cinneadh 2009/371/CGB;

(h)

ciallaíonn ‧sonraí Eurodac‧ na sonraí méarloirg uile atá stóráilte sa Lárchóras i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 14(2);

(i)

ciallaíonn ‧forghníomhú dli‧ cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(j)

ciallaíonn ‧cionta sceimhlitheoireachta‧ na cionta faoin dlí náisiúnta a chomhfhreagraíonn do na cionta dá dtagraítear in Airteagail 1 go 4 de Chinneadh Réime 2002/475/CGB nó atá comhionann leo;

(k)

ciallaíonn ‧cionta coiriúla tromchúiseacha‧ na foirmeacha coireachta a chomhfhreagraíonn do na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, nó atá comhionann leo, má tá siad inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse de thrí bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta;

(l)

ciallaíonn ‧sonraí méarlorg‧ na sonraí a bhaineann le méarloirg na méar uile nó ar a laghad le méarloirg na gcorrmhéar, agus má tá siad sin in easnamh, méarloirg mhéara eile uile an duine, nó lorg neamhfhollas.

2.   Beidh an chiall chéanna leis na téarmaí atá sainmhínithe in Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE sa Rialachán seo ach amháin má dhéanann údaráis na mBallstát na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) den Rialachán seo.

3.   Mura luaitear a mhalairt, beidh an chiall chéanna sa Rialachán seo ag na téarmaí arna sainmhíniú in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 604/2013.

4.   An chiall atá leis na téarmaí atá sainmhínithe in Airteagal 2 de Threoir Réime 2008/977/CGB, beidh an chiall chéanna leo sa Rialachán seo a mhéid a dhéanann údaráis na mBallstát na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Struchtúr an Lárchórais agus a bhunphrionsabail

1.   Is éard a bheidh in Eurodac:

(a)

bunachar sonraí méarlorg lárnach ríomhairithe ("Lárchóras") ina mbeidh

(i)

Aonad Lárnach,

(ii)

Plean agus Córas Leanúnachais Gnó;

(b)

bonneagar cumarsáide idir an Lárchóras agus na Ballstáit a sholáthraíonn líonra fíorúil criptithe tiomnaithe do shonraí Eurodac ("Bonneagar Cumarsáide").

2.   Beidh Pointe Rochtana Náisiúnta aonair ag gach Ballstát.

3.   Déanfar sonraí ar dhaoine arna bpróiseáil ag Airteagal 9(1), ag Airteagal 14(1) agus ag Airteagal 17(1) a phróiseáiltear sa Lárchóras a phróiseáil thar ceann an Bhallstáit tionscnaimh faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus a scaradh trí mhodhanna teicniúla cuí.

4.   Beidh feidhm leis na rialacha a rialaíonn Eurodac freisin i gcás oibríochtúlaí a dhéanann Ballstáit ó tharchur sonraí chuig an Lárchóras go dtí go mbaintear úsáid as torthaí na comparáide.

5.   Déanfar an nós imeachta maidir le méarloirg a thógáil a chinneadh agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cleachtas náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus i gcomhréir leis na coimircí atá leagtha síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sa Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Airteagal 4

Bainistiú oibríochtúil

1.   Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as bainistiú oibríochtúil Eurodac.

Is éard a bheidh i mbainistíocht oibríochtúil Eurodac na cúraimí go léir a bheidh riachtanach chun Eurodac a choinneáil ag feidhmiú 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla a bheidh riachtanach chun a áirithiú go mbeidh an córas ag feidhmiú ar leibhéal sásúil cáilíochta oibríochtúla, go háirithe maidir leis an méid ama a bheidh de dhíth chun an Lárchóras a cheadú. Forbrófar Plean Leanúnachais Gnó agus riachtanais cothabhála agus aga neamhfhónaimh gan choinne an chórais á gcur san áireamh, lena n-áirítear tionchar bhearta leanúnachais gnó ar chosaint sonraí agus ar shlándáil.

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit, go n-úsáidfear le haghaidh an Lárchórais an teicneolaíocht agus na teicnící is fearr agus is sláine dá bhfuil ar fáil i gcónaí, faoi réir anailíse costais agus tairbhe.

2.   Beidh an Ghníomhaireacht freagrach freisin as na cúraimí seo a leanas a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide:

(a)

maoirseacht;

(b)

slándáil;

(c)

comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí.

3.   Beidh an Coimisiún freagrach as gach cúram eile a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide, cé is moite de na cúraimí dá dtagraítear i mír 2, go háirithe:

(a)

cur chun feidhme an bhuiséid;

(b)

fáil agus athnuachan;

(c)

ábhair chonarthacha.

4.   Gan dochar d'Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne, cuirfidh an Ghníomhaireacht rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí coibhéiseacha eile rúndachta i bhfeidhm maidir lena baill foirne ar fad ar gá dóibh oibriú le sonraí Eurodac. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a gcúraimí.

Airteagal 5

Udaráis Ainmnithe Ballstát chun críocha forghníomhaithe dlí

1.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2), ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis atá údaraithe comparáidí le sonraí Eurodac a iarraidh de bhun an Rialacháin seo. Is iad na húdaráis ainmnithe údaráis na mBallstát atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ní áireofar ar údaráis ainmnithe gníomhaireachtaí ná aonaid atá freagrach go heisiach as faisnéis a bhaineann le slándáil náisiúnta.

2.   Coimeádfaidh gach Ballstát liosta de na húdaráis ainmnithe.

3.   Coimeádfaidh gach Ballstát liosta de na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe comparáidí le sonraí Eurodac a iarraidh tríd an bPointe Rochtana Náisiúnta.

Airteagal 6

Údaráis fíoraithe Ballstát chun críocha forghníomhaithe dlí

1.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2), ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta aonair nó aonad den údarás sin chun gníomhú mar údarás fíoraithe aige. Is iad na húdaráis fíoraithe údaráis na mBallstát atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

Féadfaidh an t-údarás ainmnithe agus an t-údarás fíoraithe a bheith páirteach san eagraíocht chéanna, má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta, ach gníomhóidh an t-údarás fíoraithe go neamhspleách agus a gcúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Beidh an t-údarás fíoraithe ar leithligh ó na haonaid oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus ní bhfaighidh siad treoracha uathu maidir le toradh an fhíoraithe.

Féadfaidh na Ballstáit níos mó ná aon údarás fíoraithe amháin a ainmniú ag brath ar a struchtúir eagraíochtúla agus riaracháin, i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla nó dhlíthiúla.

2.   Áiritheoidh an t-údarás fíoraithe go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le méarloirg a chur i gcomparáid le sonraí Eurodac a iarraidh.

Is í an fhoireann ar tugadh an chumhacht chuí di agus í sin amháin a bheidh údaraithe iarraidh a ghlacadh le haghaidh rochtana ar shonraí Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 19.

Ní údarófar ach an t-údarás fíoraithe chun iarrataí ar chomparáidí méarlorg a chur ar aghaidh chuig an bPointe Rochtana Náisiúnta.

Airteagal 7

Europol

1.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2), ainmneoidh Europol aonad speisialaithe, ina mbeidh oifigigh de chuid Europol ar tugadh an chumhacht chuí dóibh, chun gníomhú mar údarás fíoraithe aige, arb aonad é a ghníomhóidh go neamhspleách ar an údarás ainmnithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus a gcúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige agus ní bhfaighidh sé treoracha ón údarás ainmnithe maidir le toradh an fhíoraithe. Áiritheoidh an t-aonad seo go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le méarloirg a chur i gcomparáid le sonraí Eurodac a iarraidh. Ainmneoidh Europol, i gcomhaontú le haon Bhallstát, Pointe Rochtana Náisiúnta an Bhallstáit sin a chuirfidh a iarrataí ar shonraí méarlorg chuig an Lárchóras.

2.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2), ainmneoidh Europol aonad oibríochtúil atá údaraithe chun comparáidí le sonraí Eurodac a iarraidh trína Phointe Rochtana Náisiúnta. Is aonad oibríochtúil de chuid Europol a bheidh san údarás ainmnithe atá inniúil faisnéis a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a ainilísiú agus a aistriú chun gníomhaíocht na mBallstát a thacú agus a threisiú i gcionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha a thagann faoi shainordú Europol a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

Airteagal 8

Staidreamh

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht staidreamh maidir le hobair an Lárchórais gach ráithe, ag tabhairt le fios go háirithe:

(a)

líon na dtacar sonraí a tharchuirtear i dtaobh na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 9(1), in Airteagal 14(1) agus in Airteagal 17(1);

(b)

líon na n-amas d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile;

(c)

líon na n-amas do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a thaisc iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh sin;

(d)

líon na n-amas do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a thaisc iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile roimhe sin;

(e)

líon na sonraí méarlorg arbh éigean don Lárchóras a iarraidh níos mó ná uair amháin ó na Ballstáit tionscnaimh toisc nárbh fhéidir na sonraí méarlorg a tarchuireadh ar dtús a úsáid i gcomhair comparáide ag úsáid an chórais aitheantais méarloirg ar ríomhaire;

(f)

líon na dtacar sonraí arna marcáil, arna. ndímharcáil, arna mblocáil agus arna ndíbhlocáil i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus (3);

(g)

líon na n-amas do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a bhfuil amais taifeadta dóibh faoi phointe(b) agus faoi phointe (d) den Airteagal seo.

(h)

líon na n-iarrataí agus na n-amas dá dtagraítear in Airteagal 20(1);

(i)

líon na n-iarrataí agus na n-amas dá dtagraítear in Airteagal 21(1);

2.   Ag deireadh gach bliana, bunófar sonraí staitistiúla i bhfoirm tiomsaithe de na staitisticí ráithiúla don bhliain sin, lena n-áirítear tásc ar líon na ndaoine a bhfuil amais taifeadta dóibh faoi mhír 1(b), (c) agus (d). Beidh miondealú ar shonraí gach Ballstáit sa staidreamh. Déanfar na torthaí a phoibliú.

CAIBIDIL II

IARRATASÓIRÍ AR CHOSAINT IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 9

Méarloirg a bhailiú, a tharchur agus a chur i gcomparáid

1.   Tógfaidh gach Ballstát go pras méarloirg ó mhéara uile gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta atá 14 bliana d'aois ar a laghad agus tarchuirfidh sé iad a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna shainmhíniú in Airteagal 20(2) de Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 a thaisceadh, mar aon leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11(b) go (g) den Rialachan seo, chuig an Lárchóras.

Fiú amháin mura gcomhlíontar an teorainn ama 72 uair an chloig, tá an oibleagáid fós ar na Ballstáit na méarloirg a thógáil agus a tharchur chuig an Lárchóras. I gcás ina bhfágann an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 25, tógfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg an iarratasóra arís agus cuirfear ar aghaidh arís iad a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire a chloig tar éis iad a athógáil go rathúil.

2.   De mhaolú ar mhír 1, mura féidir méarloirg iarratasóra a thógáil de bharr bearta a glacadh ar mhaithe le sláinte an iarratasóra nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh na Ballstáit na méarloirg sin agus cuirfidh siad ar aghaidh iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis deireadh a bheith leis na forais sláinte sin.

I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n-uair an chloig a chur leis an teorainn ama 72 uair an chloig bunaidh i mír 1 chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

3.   Déanfar comparáid go huathoibríoch idir sonraí méarlorg de réir bhrí Airteagal 11(a), arna dtarchur ag aon Bhallstát, ach amháin na sonraí sin a tarchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 10(b), agus sonraí méarlorg arna dtarchur ag Ballstáit eile agus atá stóráilte cheana féin sa Lárchóras.

4.   Áiritheoidh an Lárchóras, arna iarraidh sin ag Ballstát, go gclúdóidh an chomparáid dá dtagraítear i mír 3 na sonraí méarlorg a tharchuir an Ballstát sin roimhe seo, mar aon leis na sonraí ó Bhallstáit eile.

5.   Tarchuirfidh an Lárchóras an t-amas nó toradh diúltach na comparáide chuig an mBallstát tionscnaimh go huathoibríoch. I gcás amas a bheith ann, tarchuirfidh sé, i gcás gach tacar sonraí a chomhfhreagraíonn don amas, na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (k) d'Airteagal 11 mar aon leis an marc dá dtagraítear in Airteagal 18(1), i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 10

Faisnéis faoi stádas an duine is ábhar do na sonraí

Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar aghaidh chuig an Lárchóras chun í a stóráil i gcomhréir le hAirteagal 12 chun críche tarchurtha faoi Airteagal 9(5):

(a)

nuair a thagann iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta nó duine eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 i dtír sa Bhallstát freagrach i ndiaidh aistriú de bhun cinnidh lena nglactar le hiarraidh an duine sin é/í a thógáil ar ais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 604/2013, nuashonróidh an Ballstát freagrach a thacar sonraí, arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo, a bhaineann leis an duine ábhartha, trí dháta a theacht nó a teacht i dtír a chur leis an tacar;

(b)

nuair a thagann iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i dtír sa Bhallstát freagrach i ndiaidh aistriú de bhun cinnidh á ghlacadh le hiarraidh é/í a ghabháil ar láimh i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 604/2013, seolfaidh an Ballstát freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo, tacar sonraí a bhaineann leis an duine lena mbaineann agus beidh sa tacar sin dáta a theacht nó a teacht i dtír;

(c)

a luaithe is féidir leis an mBallstát tionscnaimh a shuíomh go bhfuil an duine ábhartha, ar taifeadadh a shonraí in EURODAC i gcomhréir le hAirteagal 11, imithe ó chríoch na mBallstát, nuashonróidh sé a thacar sonraí, arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo, a bhaineann leis an duine ábhartha, trí dháta imeachta an duine sin ón gcríoch a chur leis an tacar, chun cur i bhfeidhm Airteagal 19(2) agus Airteagal 20(5) de Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 a éascú;

(d)

a luaithe a dhearbhaíonn an Ballstát tionscnaimh go bhfuil an duine ábhartha ar taifeadadh a shonraí in EURODAC i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo imithe ó chríoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh maidir le filleadh nó ordú aistrithe a d’eisigh an Ballstát tionscnaimh tar éis an t-iarratas, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 19(3) de Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 a tharraingt siar nó a dhiúltú, nuashonróidh sé an tacar sonraí, arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo, a bhaineann leis an duine ábhartha, trí dháta aistrithe an duine nó an dáta ar fhág sé nó sí an chríoch a chur leis an tacar;

(e)

nuashonróidh an Ballstát thagann chun bheith freagrach i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 an tacar sonraí, arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo, a bhaineann leis an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta, tríd an dáta ar cinneadh an t-iarratas a scrúdú a chur leis an tacar.

Airteagal 11

Sonraí a thaifeadadh

Ní dhéanfar ach na sonraí seo a leanas a thaifeadadh sa Lárchóras:

(a)

sonraí méarlorg;

(b)

an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta; sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(b), is é dáta an iarratais an dáta arna chur isteach ag an mBallstát a d'aistrigh an t-iarratasóir;

(c)

inscne;

(d)

uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

(e)

an dáta ar tógadh na méarloirg;

(f)

an dáta ar tarchuireadh na sonraí chuig an Lárchóras;

(g)

aitheantas úsáideora an oibreora.

(h)

i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 10(a) nó (b), dáta theacht i dtír an duine lena mbaineann tar éis aistriú rathúil;

(i)

i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 10(c), an dáta ar fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát;

(j)

i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 10(d), an dáta ar fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát nó an dáta ar aistríodh as an gcríoch é;

(k)

i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 10(e), an dáta ar cinneadh an t-iarratas a scrúdú.

Airteagal 12

Stóráil sonraí

1.   Stórálfar gach tacar sonraí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11, sa Lárchóras go ceann deich mbliana ón dáta ar tógadh na méarloirg.

2.   A luaithe is a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, scriosfaidh an Lárchóras na sonraí go huathoibríoch ón Lárchóras.

Airteagal 13

Luathscriosadh sonraí

1.   Déanfar sonraí a bhaineann le duine a bhain saoránacht amach ó aon Bhallstát roimh dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a scriosadh ón Lárchóras, i gcomhréir le hAirteagal 27(4), a luaithe a fhaigheann an Ballstát tionscnaimh amach go bhfuil saoránacht den sórt sin faighte ag an duine lena mbaineann.

2.   cuirfidh an Lárchóras gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tar éis 72 uair go bhfuil sonraí scriosta ag Ballstát tionscnaimh eile ar an gcúis atá sonraithe i mír 1, i ndiaidh dó toradh dearfach a fháil ar shonraí a chuardach, ar sonraí iad a tharchuir na Ballstáit tionscnaimh go léir agus a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó in Airteagal 14(1).

CAIBIDIL III

NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍR NÓ DAOINE GAN STÁT A GHABHTAR MAIDIR LE TEORAINN SHEACHTRACH A THRASNÚ GO MÍRIALTA

Airteagal 14

Sonraí méarlorg a bhailiú agus a tharchur

1.   Tógfaidh gach Ballstát méarloirg go pras ó mhéara uile gach náisiúnach tríú tír nó gach duine gan stát atá 14 bliana d'aois ar a laghad a ghabhann na húdaráis rialaithe inniúla maidir le trasnú mírialta a dhéanamh ar thalamh, ar muir nó san aer ar theorainn an Bhallstáit sin, ar duine é atá tagtha as tríú tír agus nár seoladh ar ais é nó atá fós i láthair go fisiciúil ar chríoch na mBallstát agus nach bhfuil faoi choimeád, faoi ghaibhniú nó faoi choinneáil le linn na tréimhse ar fad idir an t-am a ghabhtar é agus a chuirtear den chríoch é ar bhonn an chinnidh é nó í a chur ar ais.

2.   Tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an dáta gabhála na sonraí seo a leanas chuig an Lárchóras maidir le haon náisiúnach tríú tír nó duine gan stát, amhail dá dtagraítear i mír 1, nach gcuirtear ar ais:

(a)

sonraí méarlorg;

(b)

an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta na gabhála;

(c)

inscne;

(d)

uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

(e)

an dáta ar tógadh na méarloirg;

(f)

an dáta ar tarchuireadh na sonraí chuig an Lárchóras;

(g)

aitheantas úsáideora an oibreora.

3.   De mhaolú ar mhír 2, maidir leis na sonraí arna sonrú i mír 2 a bhaineann le daoine a ghabhtar mar a luaitear i mír 1 agus atá fós i láthair go fisiciúil ar chríoch na mBallstát ach atá faoi choimeád, faoi ghaibhniú nó faoi choinneáil tar éis a ngabhála ar feadh tréimhse níos faide ná 72 uair an chloig, tarchuirfear iad sula scaoilfear ó choimeád, ó ghaibhniú nó ó choinneáil na daoine sin.

4.   Fiú amháin mura gcomhlíontar an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit na méarloirg a thógáil agus a tharchur chuig an Lárchóras. I gcás ina bhfágann an bhail atá ar bharra na méar nach féidir na méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 25, tógfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg an duine sin arís mar a luaitear i mír 1 den Airteagal seo agus cuirfear ar aghaidh arís iad a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis iad a thógáil go rathúil.

5.   De mhaolú ar mhír 1, mura féidir méarloirg an duine dá dtagraítear i mír 1 a thógáil de bharr bearta a glacadh ar mhaithe le sláinte an duine sin nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh an Ballstát lena mbaineann na méarloirg agus cuirfidh siad méarloirg an duine sin ar aghaidh a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis deireadh a bheith curtha leis na forais sláinte sin.

I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n-uaire an chloig a chur leis an teorainn ama 72 uair an chloig i mír 2 chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 15

Sonraí a thaifeadadh

1.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a thaifeadadh sa Lárchóras.

Gan dochar d'Airteagal 8, déanfar sonraí arna dtarchur chuig an Lárchóras de bhun Airteagal 14(2) a thaifeadadh chun críche comparáid a dhéanamh idir iad agus sonraí faoi iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta amháin agus chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2) arna dtarchur ina dhiaidh sin chuig an Lárchóras.

Ní chuirfidh an Lárchóras sonraí arna dtarchur chuige de bhun Airteagal 14(2) i gcomparáid le haon sonraí eile arna dtaifeadadh roimhe sin sa Lárchóras, ná le sonraí arna dtarchur ina dhiaidh sin chuig an Lárchóras de bhun Airteagal 14(2).

2.   Maidir le sonraí iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta arna dtarchur chuig an Lárchóras ina dhiaidh sin a chur i gcomparáid leis na sonraí dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9(3) agus (5) agus in Airteagal 25(4).

Airteagal 16

Sonraí a stóráil

1.   Stórálfar gach tacar sonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát amhail dá dtagraítear in Airteagal 14(1) sa Lárchóras ar feadh 18 mí ón dáta ar tógadh a mhéarloirg nó a méarloirg. Ar dhul in éag don tréimhse sin, scriosfaidh an Lárchóras sonraí den sórt sin go huathoibríoch.

2.   Scriosfar sonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát amhail dá dtagraítear in Airteagal 14(1) ón Lárchóras i gcomhréir le hAirteagal 28(3) a luaithe agus a fhaigheann an Ballstát tionscnaimh eolas faoi cheann de na himthosca seo a leanas sula dtéann an tréimhse 18 mí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag:

(a)

eisíodh doiciméad cónaithe don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát;

(b)

d'fhág an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát críoch na mBallstát;

(c)

fuair an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát saoránacht aon Bhallstáit.

3.   Cuirfidh an Lárchóras gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tar éis 72 uair an chloig go bhfuil sonraí scriosta ar an gcúis atá sonraithe i mír 2(a) nó (b) den Airteagal seo, nó go bhfuil siad scriosta ag Ballstát tionscnaimh eile i ndiaidh dó amas a fháil ar shonraí a chuardach, ar sonraí iad a tharchuir na Ballstáit tionscnaimh go léir agus a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

4.   Cuirfidh an Lárchóras gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tar éis 72 uair an chloig go bhfuil sonraí scriosta ag Ballstát tionscnaimh eile ar an gcúis atá sonraithe i mír 2(c) den Airteagal seo, i ndiaidh dó toradh dearfach a fháil ar shonraí a chuardach, ar sonraí iad a tharchuir na Ballstáit tionscnaimh go léir agus a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó in Airteagal 14(1).

CAIBIDIL IV

NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍR NÓ DAOINE GAN STÁT A FHAIGHTEAR A BHEITH AG FANACHT GO NEAMHDHLEATHACH I mBALLSTÁT

Airteagal 17

Sonraí méarlorg a chur i gcomparáid lena chéile

1.   D'fhonn a sheiceáil an ndearna náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a fuarthas a bheith ag fanacht go neamhdhleathach laistigh de chríoch Ballstáit, an ndearna sé iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile roimhe sin, féadfaidh Ballstát sonraí méarlorg a tharchur chuig an Lárchóras, ar sonraí iad a bhaineann le méarloirg a d'fhéadfadh a bheith tógtha aige d'aon náisiúnach tríú tír nó duine gan stát den sórt sin atá 14 bliana d'aois ar a laghad, mar aon leis an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát sin.

Mar riail ghinearálta, bíonn forais ann le seiceáil ar thaisc an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile roimhe sin sna cásanna seo a leanas:

(a)

dhearbhaigh an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát gur thaisc sé iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ach níor thug sé le fios cén Ballstát inar thaisc sé/sí an t-iarratas;

(b)

ní iarrann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát cosaint idirnáisiúnta ach cuireann sé i gcoinne é a sheoladh ar ais chuig a thír thionscnaimh trí éileamh a dhéanamh go mbeadh sé i gcontúirt, nó

(c)

féachann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát seachas sin le cosc a chur ar a sheoladh ar ais trí dhiúltú comhoibriú lena chéannacht a shuíomh, go háirithe trí pháipéir chéannachta bhréagacha a thaispeáint, nó gan aon chinn a thaispeáint.

2.   I gcás ina bhfuil Ballstáit páirteach sa nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, tarchuirfidh siad chuig an Lárchóras na sonraí méarlorg a bhaineann leis na méara ar fad nó leis na corrmhéara ar a laghad, agus, má tá siad sin ar iarraidh, méarloirg gach méire eile, de chuid náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát dá dtagraítear i mír 1.

3.   Tarchuirfear sonraí méarlorg náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát amhail dá dtagraítear i mír 1 chuig an Lárchóras chun críche comparáid a dhéanamh idir iad agus sonraí méarlorg iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta arna dtarchur ag Ballstáit eile agus atá taifeadta cheana féin sa Lárchóras, agus is chun na críche sin amháin.

Ní dhéanfar sonraí méarlorg náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát den sórt sin a thaifeadadh sa Lárchóras, ná ní chuirfear iad i gcomparáid leis na sonraí arna dtarchur chuig an Lárchóras de bhun Airteagal 14(2).

4.   A luaithe a bheidh torthaí na comparáide idir na sonraí méarlorg tarchurtha chuig an mBallstát tionscnaimh, ní dhéanfaidh an Lárchóras taifead na gcuardach a choimeád ach amháin chun críocha Airteagal 28. Seachas chun na gcríoch sin, ní fhéadfaidh Ballstáit ná an Lárchóras aon taifead eile de chuid an chuardaigh a stóráil.

5.   Maidir le sonraí méarlorg arna dtarchur faoin Airteagal seo a chur i gcomparáid le sonraí méarlorg iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta arna dtarchur ag Ballstáit eile agus atá stóráilte sa Lárchóras cheana féin, beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9(3) agus (5) agus in Airteagal 25(4).

CAIBIDIL V

TAIRBHITHE DE CHOSAINT IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 18

Sonraí a mharcáil

1.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), an Ballstát tionscnaimh a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta d'iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a raibh a chuid sonraí taifeadta sa Lárchóras roimhe de bhun Airteagal 11, déanfaidh sé na sonraí ábhartha a mharcáil i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cumarsáid leictreonach leis an Lárchóras arna bhunú ag an nGníomhaireacht. Stórálfar an marc sin sa Lárchóras i gcomhréir le hAirteagal 12 chun críocha tarchurtha faoi Airteagal 9(5). Cuirfidh an Lárchóras gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas go bhfuil sonraí marcáilte ag Ballstát tionscnaimh eile, i ndiaidh dó amas a fháil ar shonraí a tharchuir na Ballstáit tionscnaimh go léir agus a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó in Airteagal 14(1). Déanfaidh na Ballstáit tionscnaimh sin na tacair shonraí chomhfhreagracha a mharcáil freisin.

2.   Déanfar sonraí tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta atá stóráilte sa Lárchóras agus marcáilte de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil le haghaidh comparáide chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2) ar feadh tréimhse trí bliana tar éis an dáta ar ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta don duine is ábhar do na sonraí.

I gcás amas a bheith ann, tarchuirfidh an Lárchóras na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11(a) go (k). I gcás gach tacar sonraí a chomhfhreagraíonn don amas.ní tharchuirfidh an Lárchóras an marc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ar dhul in éag don tréimhse trí bliana, déanfaidh an Lárchóras go huathoibríoch sonraí den sórt sin a bhlocáil ó bheith tarchurtha i gcás iarrata ar chomparáid chun críocha forghníomhaithe dlí, agus fós go bhfágfar na sonraí atá ar fáil le haghaidh comparáide chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) go dtí an pointe a scriosadh iad. Ní dhéanfar sonraí blocáilte a tharchur agus cuirfidh an Lárchóras toradh diúltach ar ais chun an Bhallstáit iarrthaigh i gcás amais.

3.   Bainfidh an Ballstát tionscnaimh an marc nó an bhlocáil de shonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó le duine gan stát ar marcáladh nó ar blocáladh a chuid sonraí roimhe i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 den Airteagal seo má dhéantar a stádas a aisghairm nó má chuirtear deireadh lena stádas nó má dhiúltaítear a stádas a athnuachan faoi Airteagal 14 nó faoi Airteagal 19 de Threoir 2011/95/AE.

CAIBIDIL VI

NÓS IMEACHTA CHUN COMPARÁID A DHÉANAMH AGUS CHUN SONRAÍ A THARCHUR CHUN CRÍOCHA AN DLÍ A FHORGHNÍOMHÚ

Airteagal 19

Nós imeachta chun sonraí méarlorg a chur i gcomparáid le sonraí EURODAC

1.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2), féadfaidh na húdaráis ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 7(2) iarraidh leictreonach réasúnaithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) mar aon leis an uimhir thagartha arna húsáid acu, a chur faoi bhráid an údaráis fíoraithe chun sonraí méarlorg a tharchur chuig an Lárchóras tríd an bPointe Rochtana Náisiúnta chun comparáid a dhéanamh. Ar iarraidh den sórt sin a fháil, fíoróidh an t-údarás fíoraithe an bhfuil na coinníollacha ar fad chun comparáid a iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 20 nó in Airteagal 21, de réir mar is iomchuí, comhlíonta.

2.   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ar fad a bhaineann le comparáid a iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 20 nó in Airteagal 21, tarchuirfidh an t-údarás fíoraithe an iarraidh ar chomparáid chuig an bPointe Rochtana Náisiúnta, agus cuirfidh an Pointe Rochtana Náisiúnta sin í chuig an Lárchóras i gcomhréir le hAirteagal 9(3) agus (5) agus chun críche comparáide leis na sonraí a tarchuireadh chuig an Lárchóras de bhun Airteagal 9(1) agus 14(2).

3.   I gcásanna eisceachtúla práinne nuair atá gá le garchontúirt a chosc a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó cion tromchúiseach coiriúil eile, féadfaidh an t-údarás fíoraithe na sonraí méarlorg a tharchur chuig an bPointe Rochtana Náisiúnta chun comparáid a dhéanamh láithreach ar iarraidh a fháil ó údarás ainmnithe agus féadfaidh sé gan ach fíorú ex-post a dhéanamh maidir le cé acu ar comhlíonadh na coinníollacha uile do chomparáid dá dtagraítear in Airteagal 20 nó in Airteagal 21, lena n-áirítear má bhí cás eisceachtúil éigeandála ann i ndáiríre nó nach raibh. Déanfar an fíorú ex-post gan moill mhíchuí i ndiaidh an iarraidh a phróiseáil.

4.   I gcás ina gcinntear leis an bhfíorú ex-post nach raibh údar leis an rochtain ar shonraí Eurodac, déanfaidh na húdaráis go léir a cheadaigh an fhaisnéis a chuir EURODAC in iúl an fhaisnéis sin a scriosadh agus cuirfidh siad an t-údarás fíoraithe ar an eolas faoin scriosadh sin.

Airteagal 20

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí EURODAC ag údaráis ainmnithe

1.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2), féadfaidh údaráis ainmnithe iarraidh leictreonach réasúnaithe a chur isteach ar chomparáid a dhéanamh idir sonraí méarlorg agus na sonraí a stóráiltear sa Lárchóras laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí ach amháin más rud é nach toradh a bhí ar chomparáidí leis na bunachair shonraí seo a leanas go ndearnadh céannacht an duine is ábhar do na sonraí a shuíomh:

bunachair shonraí méarlorg náisiúnta;

córais mhéarlorgaireachta uathoibrithe méarlorg na mBallstát uile eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB i gcás ina bhfuil comparáidí ar fáil go teicniúil, mura bhfuil forais réasúnta chun a chreidiúint nach mbeadh mar thoradh ar an gcomparáid leis na bunachair sonraí sin go ndéanfar céannacht an duine is ábhar do na sonraí a shuíomh. Cuirfear na forais réasúnacha sin san áireamh san iarraidh leictreonach réasúnaithe ar chomparáid a dhéanamh le sonraí EURODAC a chuir an t-údarás ainmnithe chuig an údarás fíoraithe, agus

an Córas Faisnéise Víosaí ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha le haghaidh comparáide den sórt sin a leagtar síos i gCinneadh 2008/633/DGB;

agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

tá gá leis an gcomparáid chun críocha forghníomhaithe dlí, rud a chiallaíonn go bhfuil údar sáraitheach imní maidir le slándáil phoiblí ann a dhéanann cuardach an bhunachair shonraí comhréireach;

(b)

más gá an chomparáid a dhéanamh i gcás ar leith; ní dhéanfar comparáidí córasacha; agus

(c)

má tá forais réasúnta ann a cheapadh go mbeidh an chomparáid ina mórchuidiú le cosc, brath nó imscrúdú ar chion sceimhlitheoireachta nó ar chionta tromchúiseacha eile. Tá forais réasúnacha den sórt sin ann go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go bhfuil amhrastach, déantóir nó íospartach d'aon chion den sórt sin i gcatagóir atá clúdaithe ag an Rialachán seo.

2.   Beidh iarrataí ar chomparáid a dhéanamh le sonraí Eurodac teoranta do shonraí méarlorg a cheadú.

Airteagal 21

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí Eurodac ag Europol

1.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2), féadfaidh údarás ainmnithe Europol iarraidh leictreonach réasúnaithe a thíolacadh ar chomparáid a dhéanamh idir sonraí méarlorg agus na sonraí atá stóráilte sa Lárchóras laistigh de theorainneacha shainordú Europol agus nuair is gá chun tascanna Europol a chomhall ach amháin más rud é gurb é an toradh a bhí ar chomparáidí le sonraí méarlorg atá stóráilte in aon chórais phróiseála faisnéise atá inrochtana go teicniúil agus go dleathach ag Europol nach ndearnadh céannacht an duine is ábhar do na sonraí a shuíomh agus más rud é:

(a)

gur gá an chomparáid chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht ag na Ballstáit le linn cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú a thagann faoi réim shainordú Europol, a chiallaíonn go bhfuil údar sáraitheach imní maidir le slándáil phoiblí ann a dhéanann cuardach an bhunachair shonraí comhréireach;

(b)

gur gá an chomparáid a dhéanamh i gcás ar leith (i.e. ní dhéanfar comparáidí córasacha); agus

(c)

go bhfuil forais réasúnta ann a cheapadh go mbeidh an chomparáid ina mórchuidiú le cosc, brath nó imscrúdú aon chionta sceimhlitheoireachta nó ciona thromchúisigh choiriúil eile. Tá forais réasúnta den sórt sin ann go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtiteann an t-amhrastach, an déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó íospartach ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá clúdaithe ag an Rialachán seo.

2.   Beidh iarrataí ar chomparáid a dhéanamh le sonraí Eurodac teoranta do chomparáidí a dhéanamh le sonraí méarlorg.

3.   Aon phróiseáil ar fhaisnéis arna fáil ag Europol ó chomparáid a dhéanamh le sonraí Eurodac, beidh sí faoi réir údarú ón mBallstát tionscnaimh. Gheofar an t-údarú sin trí aonad náisiúnta Europol sa Bhallstát sin.

Airteagal 22

Cumarsáid idir na húdaráis ainmnithe, na húdaráis fíoraithe agus na Pointí Rochtana Náisiúnta

1.   Gan dochar d’Airteagal 26, beidh gach cumarsáid idir na húdaráis ainmnithe, na húdaráis fíoraithe agus na Pointí Rochtana Náisiúnta ar mhodh slán agus déanfar iad go leictreonach.

2.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2), déanfaidh na Ballstáit méarloirg a phróiseáil go digiteach agus tarchuirfear iad san fhormáid sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, d’fhonn a áirithiú gur féidir an chomparáid a dhéanamh leis an gcóras aitheantais méarloirg ar ríomhaire.

CAIBIDIL VII

PRÓISEÁIL SONRAÍ, COSAINT SONRAÍ AGUS DLITEANAS

Airteagal 23

Freagracht as próiseáil sonraí

1.   Beidh an Ballstát tionscnaimh freagrach as a áirithiú:

(a)

go dtógfar méarloirg go dleathach;

(b)

go dtarchuirfear sonraí méarlorg agus na sonraí eile dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 14(2) agus Airteagal 17(2) go dleathach chuig an Lárchóras;

(c)

go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta nuair a tharchuirfear chuig an Lárchóras iad;

(d)

gan dochar do fhreagrachtaí na Gníomhaireachta, go ndéantar sonraí sa Lárchóras a thaifeadadh, a stóráil, a cheartú agus a scriosadh go dleathach;

(e)

go bpróiseálfar go dleathach torthaí na gcomparáidí idir sonraí méarlorg arna dtarchur ag an Lárchóras.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 34, áiritheoidh an Ballstát tionscnaimh go mbeidh na sonraí dá dtagraítear i mír 1 slán sula ndéantar iad a tharchur chuig an Lárchóras agus le linn a dtarchurtha, chomh maith le slándáil na sonraí a fhaigheann sé ón Lárchóras a áirithiú.

3.   Beidh an Ballstát tionscnaimh freagrach as na sonraí a aithint sa deireadh de bhun Airteagal 25(4).

4.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go bhfeidhmítear an Lárchóras i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, iad seo a leanas:

(a)

glacfaidh sí bearta chun a áirithiú nach bpróiseálfaidh daoine a oibríonn leis an Lárchóras na sonraí arna dtaifeadadh ann ach amháin i gcomhréir le cuspóir Eurodac mar atá leagtha síos in Airteagal 1;

(b)

glacfaidh sí na bearta is gá chun slándáil an Lárchórais a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 34;

(c)

áiritheoidh sí nach mbeidh rochtain ar an Lárchóras ach amháin ag daoine atá údaraithe oibriú leis, gan dochar d'inniúlachtaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle mar aon leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas faoi na bearta a ghlacfaidh sí de bhun na chéad fhomhíre.

Airteagal 24

Tarchur

1.   Déanfar méarloirg a phróiseáil agus a tharchur go digiteach san fhormáid sonraí a fhorordaítear in Iarscríbhinn I. A mhéid agus is gá d'oibriú éifeachtúil an Lárchórais, bunóidh an Ghníomhaireacht na ceanglais theicniúla i gcomhair tharchur na formáide sonraí ó Bhallstáit chuig an Lárchóras agus vice versa. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh an córas aitheantais méarloirg ar an ríomhaire in ann na sonraí méarlorg arna dtarchur ag na Ballstáit a chur i gcomparáid lena chéile.

2.   Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11, in Airteagal 14(2) agus in Airteagal 17(2) go leictreonach. Déanfar taifeadadh go huathoibríoch sa Lárchóras ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 14(2). A mhéid is gá d'oibriú éifeachtúil an Lárchórais, bunóidh an Ghníomhaireacht na ceanglais theicniúla chun a áirithiú gur féidir sonraí a tharchur i gceart go leictreonach ó na Ballstáit go dtí an Lárchóras agus vice versa.

3.   Leis an uimhir thagartha dá dtagraítear in Airteagal 11(d), in Airteagal 14(2)(d), in Airteagal 17(1) agus in Airteagal 19(1) beifear in ann sonraí a chur in iúl go soiléir do dhuine amháin faoi leith agus don Bhallstát atá ag tarchur na sonraí. Ina theannta sin, beifear in ann a aithint an mbaineann sonraí den sórt sin le duine dá dtagraítear in Airteagal 9(1), in Airteagal 14(1) nó in Airteagal 17(1).

4.   Tosóidh an uimhir thagartha leis an litir nó leis na litreacha aitheantais lena n-aithnítear, i gcomhréir leis an norm dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, an Ballstát atá ag tarchur na sonraí. Déanfar catagóir an duine nó na hiarrata a shainaithint i ndiaidh na litreach nó na litreacha aitheantais. Déanann "1" tagairt do shonraí a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 9(1), déanann "2" tagairt do shonraí a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 14(1), déanann "3" tagairt do shonraí a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 17(1), déanann "4" tagairt d’iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 20, déanann "5" tagairt d’iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 21 agus déanann "9" tagairt d’iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 29.

5.   Bunóidh an Ghníomhaireacht na nósanna imeachta teicniúla is gá do Bhallstáit chun a áirithiú go bhfaighidh siad sonraí soiléire ón Lárchóras.

6   Deimhneoidh an Lárchóras go bhfuil na sonraí tarchurtha faighte aige a luaithe is féidir. Chuige sin bunóidh an Ghníomhaireacht na ceanglais theicniúla is gá chun a áirithiú go bhfaigheann Ballstáit an admháil deimhnithe má iarrtar sin.

Airteagal 25

Comparáidí a dhéanamh agus torthaí a tharchur

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tarchur na sonraí méarlorg ar chaighdeán iomchuí chun críocha comparáide tríd an gcóras aitheantais méarloirg ar an ríomhaire. A mhéid is gá chun a áirithiú go mbaineann torthaí na comparáide a dhéanfaidh an Lárchóras leibhéal an-ard cruinnis amach, sonróidh an Ghníomhaireacht caighdeán iomchuí do shonraí méarlorg tarchurtha. Seiceálfaidh an Lárchóras caighdeán na sonraí méarlorg a tarchuireadh, a luaithe is féidir. Mura féidir comparáid a dhéanamh idir na sonraí méarlorg ag baint úsáide as an gcóras aitheantais méarloirg ar an ríomhaire, cuirfidh an Lárchóras an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi sin. Tarchuirfidh an Ballstát sin lena mbaineann sonraí méarlorg den chaighdeán iomchuí ansin ag baint úsáide as an uimhir thagartha chéanna a bhí ag an tacar sonraí méarlorg roimhe sin.

2.   Déanfaidh an Lárchóras comparáidí san ord ina dtiocfaidh iarrataí isteach. Déileálfar le gach iarraidh laistigh de 24 uair an chloig. Féadfaidh Ballstát, ar chúiseanna a bhaineann leis an dlí náisiúnta, a éileamh go ndéanfaí comparáidí atá fíorphráinneach laistigh d'uair an chloig. I gcás nach féidir na teorannacha ama sin a urramú mar gheall ar dhálaí nach bhfuil aon smacht ag an nGníomhaireacht orthu, próiseálfaidh an Lárchóras an iarraidh ar bhonn tosaíochta a luaithe nach bhfuil dálaí den sórt sin ann níos mó. I gcásanna den sórt sin, agus a mhéid is gá d'oibriú éifeachtúil an Lárchórais, bunóidh an Ghníomhaireacht critéir lena áirithiú go láimhseálfar iarrataí ar bhonn tosaíochta.

3.   A mhéid is gá d'oibriú éifeachtúil an Lárchórais, bunóidh an Ghníomhaireacht na nósanna imeachta oibríochtúla chun na sonraí a fhaightear a phróiseáil agus chun toradh na comparáide a tharchur.

4.   Seiceálfaidh saineolaí méarlorg torthaí na comparáide láithreach sa Bhallstát glactha, ar saineolaí méarlorg é de réir mar a shainmhínítear i gcomhréir lena rialacha náisiúnta agus atá oilte go sonrach sna cineálacha comparáidí méarlorg dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh an aithint dheireanach i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, de bhun Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013.

Scriosfar faisnéis arna fáil ón Lárchóras a bhaineann le sonraí eile a mheastar a bheith neamhiontaofa a luaithe a fhaightear amach go bhfuil na sonraí neamhiontaofa.

5.   I gcás go dtugann aithint dheireanach i gcomhréir le mír 4 le fios nach bhfuil toradh na comparáide a fhaightear ón Lárchóras ag freagairt do na sonraí méarlorg a seoladh chun comparáid a dhéanamh, scriosfaidh na Ballstáit toradh na comparáide láithreach agus cuirfidh siad an méid sin in iúl chomh luath agus is féidir don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht agus tráth nach déanaí ná tar éis trí lá oibre.

Airteagal 26

Cumarsáid idir Ballstáit agus an Lárchóras

Bainfidh sonraí arna dtarchur ó na Ballstáit chuig an Lárchóras agus vice versa úsáid as an mBonneagar Cumarsáide. A mhéid agus is gá d'oibriú éifeachtúil an Lárchórais, bunóidh an Ghníomhaireacht na nósanna imeachta teicniúla is gá chun úsáid a bhaint as an mBonneagar Cumarsáide.

Airteagal 27

Rochtain ar shonraí arna dtaifeadadh in EURODAC, iad a cheartú nó a scriosadh

1.   Beidh rochtain ag an mBallstát tionscnaimh ar shonraí a tharchuir sé agus atá taifeadta sa Lárchóras i gcomhréir leis an Rialacháin seo.

Ní fhéadfaidh aon Bhallstát cuardaigh a dhéanamh sna sonraí arna dtarchur ag Ballstát eile, ná ní fhéadfaidh sé sonraí den sórt sin a fháil cé is moite de shonraí a fhaightear de thoradh na comparáide dá dtagraítear in Airteagal 9(5).

2.   Is ionann údaráis na mBallstát a mbeidh rochtain acu, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar shonraí arna dtaifeadadh sa Lárchóras agus iad sin arna n-ainmniú ag gach Ballstát chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1). Sonrófar go beacht leis an ainmniúchán sin an t-aonad a bheidh freagrach as na cúraimí a chur i gcrích a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh gach Ballstát liosta de na haonaid sin agus aon leasuithe orthu in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht gan mhoill. Foilseoidh an Ghníomhaireacht an liosta comhdhlúite in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéantar leasuithe air, foilseoidh an Ghníomhaireacht liosta comhdhlúite ar líne a thabharfar cothrom le dáta uair sa bhliain.

3.   Ní bheidh sé de cheart ach ag an mBallstát tionscnaimh sonraí atá tarchurtha aige chuig an Lárchóras a leasú trí na sonraí sin a cheartú nó trí ábhar breise a chur leo, ná a scriosadh, gan dochar do scriosadh arna dhéanamh de bhun Airteagal 12(2) nó Airteagal 16(1).

4.   Má tá fianaise ag Ballstát nó ag an nGníomhaireacht a thugann le tuiscint go bhfuil na sonraí arna dtaifeadadh sa Lárchóras míchruinn ar bhonn fíorasach, cuirfidh sé é sin in iúl don Bhallstát tionscnaimh chomh luath agus is féidir.

Má tá fianaise ag Ballstát a thugann le tuiscint gur taifeadadh sonraí sa Lárchóras de shárú ar an Rialachán seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Ghníomhaireacht, don Choimisiún agus don Bhallstát tionscnaimh a luaithe is féidir. Déanfaidh an Ballstát tionscnaimh na sonraí lena mbaineann a sheiceáil agus, más gá, iad a leasú nó a scriosadh gan mhoill.

5.   Ní aistreoidh an Ghníomhaireacht aon sonraí arna dtaifeadadh sa Lárchóras chuig údaráis aon tríú tír. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc seo maidir le traschuir na sonraí sin chuig tríú tíortha a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 604/2013.

Airteagal 28

Taifid a choimeád

1.   Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht taifid de na hoibríochtúlaí próiseála sonraí go léir laistigh den Lárchóras. Taispeánfaidh na taifid seo cuspóir, dáta agus am na rochtana, na sonraí a tarchuireadh, na sonraí a úsáideadh i gcomhair ceistithe agus ainm an aonaid a chuireann isteach na sonraí nó a dhéanann aisghabháil ar na sonraí agus ainmneacha na ndaoine freagracha.

2.   Ní fhéadfar na taifid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a úsáid ach amháin le haghaidh faireacháin chosanta sonraí ar inghlacthacht phróiseáil na sonraí agus chun slándáil sonraí a áirithiú de bhun Airteagal 34. Ní mór na taifid a chosaint trí bhearta iomchuí i gcoinne rochtana neamhúdaraithe agus scriosfar iad bliain tar éis don tréimhse stórála dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus in Airteagal 16(1) dul in éag, ach amháin má tá siad de dhíth i gcomhair nósanna imeachta faireacháin atá tosaithe cheana.

3.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo maidir lena chóras náisiúnta a bhaint amach. Chomh maith leis sin coimeádfaidh gach Ballstát taifid den fhoireann atá cuí-údaraithe chun sonraí a chur isteach nó a aisghabháil.

Airteagal 29

Cearta an duine is ábhar do na sonraí

1.   Cuirfidh an Ballstát tionscnaimh duine atá cumhdaithe le hAirteagal 9(1), Airteagal 14(1) nó Airteagal 17(1) ar an eolas faoin méid seo thíos i scríbhinn, agus i gcás inar gá, ó bhéal, i dteanga a thuigfidh sé nó a shíltear le réasún go dtuigfidh sé:

(a)

céannacht an rialaitheora de réir bhrí Airteagal 2 (d) de Threoir 95/46/CE agus a ionadaí, más ann dó;

(b)

an cuspóir chuig a bpróiseálfar a chuid sonraí laistigh de Eurodac, lena n-áirítear cur síos ar aidhmeanna Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin agus míniú a thabhairt i bhfoirm intuigthe, ag úsáid teanga shoiléir agus éasca, go bhféadfadh na Ballstáit agus Europol rochtain a bheith acu ar Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí;

(c)

faighteoirí na sonraí;

(d)

maidir le duine atá cumhdaithe faoi Airteagal 9(1) nó ag Airteagal 14(1), an oibleagáid a chuid méarloirg a thógáil;

(e)

go bhfuil ceart rochtana aige ar na sonraí a bhaineann leis agus go bhfuil sé de cheart aige a iarraidh go gceartófar aon sonraí míchruinne a bhaineann leis, nó go scriosfar aon sonraí a bhaineann leis a próiseáladh go neamhdhleathach, mar aon leis an gceart faisnéis a fháil faoi na nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú lena n-áirítear sonraí teagmhála an rialaitheora agus na n-údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30(1).

2.   Maidir le duine atá cumhdaithe le hAirteagal 9(1) nó le hAirteagal 14(1), soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír tráth a bhfuil méarloirg an duine sin á dtógáil.

Maidir le duine atá cumhdaithe le hAirteagal 17(1), soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír tráth nach déanaí ná an t-am a dtarchuirfear na sonraí a bhaineann leis an duine sin chuig an Lárchóras. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina bhfuil soláthar faisnéise den sórt sin dodhéanta nó go mbeadh iarracht dhíréireach i gceist leis.

I gcás inar mionaoiseach an duine atá cumhdaithe le hAirteagal 9(1), Airteagal 14(1), agus Airteagal 17(1), soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis ar bhealach a oirfidh dá aois.

3.   Tarraingeofar suas bileog eolais choiteann ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 604/2013 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(2) de Rialachán Uimh. 604/2013. Beidh an bhileog eolais choiteann soiléir simplí, arna dréachtú i dteanga a thuigfidh an duine lena mbaineann nó i dteanga a shíltear le réasún go dtuigfidh sé.

Socrófar an bhileog eolais choiteann ar bhealach a chumasóidh do na Ballstáit í a chomhlánú le faisnéis bhreise is sonrach don Bhallstát. Áireofar san fhaisnéis is sonrach don Bhallstát, ar an gcuid is lú de, cearta an duine is ábhar do na sonraí, an fhaisnéis go bhféadfaí cabhair a fháil óna húdaráis maoirseachta náisiúnta mar aon le sonraí teagmhála an rialaitheora agus na n-údarás maoirseachta náisiúnta.

4.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, féadfaidh aon duine is ábhar do na sonraí, i ngach Bhallstát, i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Stáit sin, na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir 95/46/CE a fheidhmiú.

Gan dochar don oibleagáid faisnéis eile a chur ar fáil i gcomhréir le Airteagal 12(a) de Threoir 95/46/CE, beidh sé de cheart ag an duine is ábhar do na sonraí go guirfí ar an eolas é faoi shonraí a bhaineann leis/léi atá taifeadta sa Lárchóras mar aon le scéala faoin mBallstát a tharchuir na sonraí sin chuig an Lárchóras. Is Ballstát amháin a fhéadfaidh rochtain den sórt sin a thabhairt ar shonraí.

5.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), i ngach Ballstát, féadfaidh aon duine a iarraidh go gceartófaí na sonraí sin atá míchruinn ar bhonn fíorasach nó go scriosfaí aon sonraí a taifeadadh go neamhdhleathach. Déanfaidh an Ballstát a tharchuir na sonraí an ceartúchán agus an scriosadh gan mhoill iomarcach, i gcomhréir lena dhlíthe, lena rialacháin agus lena nósanna imeachta.

6.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), má fheidhmítear na cearta ceartúcháin agus scriosta i mBallstát, cé is moite den Bhallstát sin, nó díobh sin, a tharchuir na sonraí, rachaidh údaráis an Bhallstáit sin i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit nó na mBallstát a tharchuir na sonraí, ionas go bhféadfaidh na húdaráis sin cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht a dtarchurtha agus a gcuid taifeadta sa Lárchóras a sheiceáil.

7.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), má thagann sé chun solais go bhfuil na sonraí a taifeadadh sa Lárchóras míchruinn go fíorasach nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, ceartóidh nó déanfaidh an Ballstát a tharchuir na sonraí iad a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 27(3). Deimhneoidh an Ballstát sin i scríbhinn gan moill iomarcach don duine is ábhar do na sonraí go bhfuil gníomh déanta aige chun na sonraí a bhaineann leis/léi a cheartú nó a scriosadh.

8.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1), mura n-aontóidh an Ballstát a tharchuir na sonraí go bhfuil na sonraí atá taifeadta sa Lárchóras míchruinn go fíorasach nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, míneoidh sé gan mhoill iomarcach i scríbhinn don duine is ábhar do na sonraí an fáth nach bhfuil sé toilteanach na sonraí a cheartú nó a scriosadh.

Cuirfidh an Ballstát sin faisnéis ar fáil don duine is ábhar do na sonraí chomh maith ag míniú na gcéimeanna is féidir leis a thógáil mura nglacann sé leis an míniú a chuirtear ar fáil. Áireofar leis an bhfaisnéis sin eolas maidir leis an gcaoi le caingean a thabhairt nó, más iomchuí, an chaoi le gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin, agus aon chúnamh airgeadais nó aon chúnamh eile atá ar fáil i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit sin.

9.   Beidh na sonraí ar fad is gá chun an duine is ábhar do na sonraí a aithint, lena n-áirítear méarloirg, le fáil in aon iarraidh faoi mhír 4 agus faoi mhír 5. Úsáidfear sonraí den sórt sin go heisiach chun feidhmiú na gcearta dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 a cheadú agus scriosfar iad láithreach ina dhiaidh sin.

10.   Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach chun na cearta a leagtar síos i mír 5, i mír 6 agus i mír 7 a fhorghníomhú go pras.

11.   Aon uair a iarrann duine sonraí a bhaineann leis i gcomhréir le mír 4, coimeádfaidh an t-údarás inniúil taifead i bhfoirm doiciméid scríofa go ndearnadh a leithéid d'iarraidh agus an bealach ar déileáladh leis an iarratas, agus cuirfidh sé an doiciméad sin ar fáil gan mhoill do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna iarraidh sin dóibh.

12.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, i ngach Ballstát, cabhróidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta leis an duine is ábhar do na sonraí, ar bhonn a iarrata, i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir 95/46/CE maidir lena chearta a fheidhmiú.

13.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, tabharfaidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a tharchuir na sonraí agus údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an duine is ábhar do na sonraí i láthair cúnamh dó, agus, arna iarraidh sin air, cuirfidh sé comhairle air maidir leis an gceart atá aige sonraí a cheartú nó a scriosadh. Comhoibreoidh an dá údarás maoirseachta náisiúnta chuige sin. Is féidir iarrataí ar chúnamh den sórt sin a chur chuig údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an duine is ábhar do na sonraí, agus tarchuirfidh an t-údarás sin na hiarrataí chuig údarás an Bhallstáit a tharchuir na sonraí.

14.   I ngach Ballstát, beidh sé de cheart ag aon duine, i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Stáit sin, caingean a thabhairt nó, más iomchuí, gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó chúirteanna an Stáit sin má dhiúltaítear an ceart rochtana dá bhforáiltear i mír 4 dó.

15.   Beidh sé de cheart ag aon duine, i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit a tharchuir na sonraí, caingean a thabhairt nó, más iomchuí, gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó chúirteanna an Stáit sin maidir leis na sonraí a bhaineann leis atá taifeadta sa Lárchóras, d'fhonn a chuid cearta a fheidhmiú faoi mhír 3. Beidh oibleagáid na n-údarás maoirseachta náisiúnta cúnamh a thabhairt agus, arna iarraidh sin orthu, comhairle a chur ar an duine is ábhar do na sonraí, i gcomhréir le mír 13, ar marthain ar feadh na n-imeachtaí go léir.

Airteagal 30

Maoirsiú arna dhéanamh ag an údarás maoirseachta náisiúnta

1.   Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, déanfaidh gach Ballstát foráil go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta nó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna n-ainmniú de bhua Airteagal 28(1) de Threoir 95/46/CE faireachán go neamhspleách, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta faoi seach, ar dhlíthiúlacht na próiseála arna déanamh, i gcomhréir leis an Rialachán seo, ag an mBallstát i gceist ar shonraí pearsanta, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig an Lárchóras.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh rochtain ag a údarás maoirseachta náisiúnta ar chomhairle ó dhaoine a bhfuil dóthain eolais acu ar shonraí méarlorg.

Airteagal 31

Maoirsiú arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.   Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéanfar na gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta ar fad a bhaineann le EURODAC, go háirithe na gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus leis an Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéanfar iniúchóireacht ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta na Gníomhaireachta i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta uair gach trí bliana ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchóireacht sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an nGníomhaireacht agus chuig na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. Tabharfar deis don Ghníomhaireacht barúlacha a nochtadh sula nglacfar an tuarascáil.

Airteagal 32

Comhoibriú idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.   Comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad araon ag gníomhú taobh istigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, go gníomhach faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí agus déanfaidh siad maoirseacht chomhordaithe Eurodac a áirithiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlacht neamhspleách iniúchóireacht ar phróiseáil sonraí pearsanta gach bliain chun na gcríoch a leagtar síos inAirteagal 1(2) i gcomhréir le hAirteagal 33(2) lena n-áirítear anailís ar shampla d'iarrataí leictreonacha réasúnaithe.

Beidh an iniúchóireacht i gceangal le tuarascáil bhliantúil na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 40(7).

3.   Agus iad araon ag feidhmiú laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, malartóidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faisnéis ábhartha, cabhróidh siad lena chéile iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh siad staidéar ar fhadhbanna a bhaineann le feidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó le feidhmiú chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, tarraingeoidh siad tograí comhchuibhithe suas i gcomhair comhréiteach ar aon fhadhbanna agus cuirfidh siad feasacht faoi chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.

4.   Chun na críche a leagtar síos i mír 3, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile faoi dhó sa bhliain, ar a laghad. Is ar chuntas an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh costais agus reáchtáil na gcruinnithe sin. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirt a chéile, de réir mar is gá. Seolfar comhthuarascáil ar a ngníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an nGníomhaireacht gach dhá bhliain.

Airteagal 33

Sonraí pearsanta a chosaint chun críocha forghníomhaithe dlí

1.   Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh na forálacha a glacadh faoi dhlí náisiúnta lena gcuirtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB chun feidhme infheidhme freisin maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag a údaráis náisiúnta chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2) den Rialachán seo

2.   Is iad na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna n-ainmniú de bhun Chinneadh Réime 2008/977/CGB a dhéanfaidh an faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo arna déanamh ag na Ballstáit na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig EURODAC agus uaidh sin.

3.   Déanfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo i gcomhréir le Cinneadh 2009/371/CGB agus déanfaidh maoirseoir neamhspleách seachtrach ar chosaint sonraí maoirseacht air sin. Beidh Airteagal 30, Airteagal 31 agus Airteagal 32 den Chinneadh sin infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag Europol de bhun an Rialacháin seo. Áiritheoidh an maoirseoir neamhspleách seachtrach ar chosaint sonraí nach sárófar cearta an duine aonair

4.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a gheofar ó EURODAC de bhun an Rialacháin seo chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2) a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch an cás sonrach ar iarr an Ballstát sin nó Europol na sonraí ina leith a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

5.   Coinneoidh an Lárchóras, na húdaráis fhreagracha agus Europol taifead ar na cuardaigh chun go bhféadfaidh na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh ar an tslí a bhfuil an phróiseáil sonraí ar comhréir le rialacha um chosaint sonraí de chuid an Aontais, lena n-áirítear chun críche taifid a chothabháil chun na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 40(7) a ullmhú. Seachas i gcás na gcríoch thuasluaite, déanfar sonraí pearsanta chomh maith le taifid ar na cuardaigh, a scriosadh sna comhaid náisiúnta agus i gcomhaid Europol uile tar éis tréimhse aon mhí, ach amháin má tá na sonraí de dhíth chun críocha an imscrúdaithe choiriúil shonraigh atá ar siúl ar iarr an Ballstát sin nó Europol na sonraí ina leith.

Airteagal 34

Slándáil sonraí

1.   Áiritheoidh an Ballstát tionscnaimh slándáil na sonraí sula dtarchuirfear chuig an Lárchóras iad agus le linn a dtarchurtha.

2.   Glacfaidh gach Ballstát, i ndáil leis na sonraí uile arna bpróiseáil ag a údaráis ábhartha de bhun an Rialacháin seo, na bearta is gá, lena n-áirítear plean slándála, chun:

(a)

na sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh le bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)

rochtain ar shuiteálacha náisiúnta ina gcuireann an Ballstát oibríochtaí i gcrích i gcomhréir le haidhm Eurodac a shéanadh ar dhaoine neamhúdaraithe (seiceálacha ar an mbealach isteach chuig an tsuiteáil);

(c)

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar bhaint neamhúdaraithe na meán sonraí (rialú meán sonraí);

(d)

ionchur neamhúdaraithe sonraí agus iniúchadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte a chosc (rialú stórála);

(e)

próiseáil neamhúdaraithe sonraí in Eurodac agus aon mhodhnú sonraí nó aon scriosadh sonraí arna bpróiseáil in Eurodac a chosc (rialú iontrála sonraí);

(f)

a áirithiú nach bhfuil rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar shonraí Eurodac ach ar na sonraí a chumhdaíonn a n-údarú rochtana, trí aitheantas úsáideora aonair eisiach agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

(g)

a áirithiú go gcruthóidh gach údarás a bhfuil ceart rochtana ar shonraí Eurodac aige próifílí a thugann tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na ndaoine atá údaraithe chun na sonraí a rochtain, a iontráil, a thabhairt cothrom le dáta, a scriosadh agus a chuardach, agus go gcuirfidh na húdaráis na próifílí sin agus aon fhaisnéis ábhartha eile a éilíonn na húdaráis chun críocha maoirseachta ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir 95/46/CE agus in Airteagal 25 de Chinneadh Réime 2008/977/CGB gan mhoill arna iarraidh sin dóibh (próifílí pearsanra);

(h)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu trí threalamh cumarsáide sonraí a úsáid (rialú cumarsáide);

(i)

a áirithiú go bhféadfar a fhíorú agus a shuíomh cad iad na sonraí a próiseáladh in Eurodac, cathain a rinneadh an phróiseáil, cé a rinne í agus cén cuspóir a bhí léi (rialú taifeadta sonraí);

(j)

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn tarchur sonraí pearsanta chuig Eurodac nó ó Eurodac nó le linn do mheáin sonraí a bheith á n-iompar, go háirithe trí theicnící criptithe iomchuí (rialú iompair);

(k)

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin is gá a dhéanamh maidir le faireachán inmheánach chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo (féin-iniúchóireacht) agus chun aon imeachtaí ábhartha a thagann chun cinn i gcur i bhfeidhm beart a liostaítear i bpointe (b) go pointe (j) a d'fhéadfadh teagmhas slándála a léiriú a bhrath go huathoibríoch laistigh de 24 uaire an chloig.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na teagmhais slándála a bhraithfear ar a gcórais. Cuirfidh an Ghníomhaireacht na Ballstáit, Europol agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas faoi theagmhais slándála. Comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann, an Ghníomhaireacht agus Europol le linn teagmhais slándála.

4.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach maidir le hoibriú Eurodac, lena n-áirítear plean slándála a ghlacadh.

Airteagal 35

Toirmeasc ar aistrithe sonraí chuig tríú tíortha, chuig comhlachtaí idirnáisiúnta nó chuig páirtithe príobháideacha

1.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a gheobhaidh Ballstát nó Europol ón Lárchóras de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig aon tríú tír, aon eagraíocht idirnáisiúnta ná aon eintiteas príobháideach laistigh ná lasmuigh den Aontas, ná ní dhéanfar iad a chur ar fáil dóibh. Beidh feidhm ag an toirmeasc seo freisin má dhéantar na sonraí sin a phróiseáil tuilleadh ar an leibhéal náisiúnta nó idir Ballstáit de réir bhrí Airteagal 2(b) de Chinneadh 2008/977/CGB ón gComhairle.

2.   Maidir le sonraí pearsanta a thionscain i mBallstát agus a mhalartaítear idir Ballstáit tar éis amas a fuarthas chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2), ní aistreofar chuig tríú tíortha iad má bhíonn riosca tromchúiseach ann go bhfulaingeoidh an duine is ábhar do na sonraí céasadh, íde nó pionós atá mídhaonna agus táireach nó aon sárú eile a bhunchearta nó a bunchearta de thoradh an aistrithe sin.

3.   Beidh na toirmisc dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 gan dochar do cheart na mBallstát na sonraí sin a aistriú chuig tríú tíortha a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 maidir leo.

Airteagal 36

Logáil agus doiciméadú

1.   Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go ndéanfar gach oibríocht próiseála sonraí a thagann as iarrataí ar chomparáid le sonraí Eurodac chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2) a logáil nó a dhoiciméadú chun críocha inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus ar shláine agus slándáil sonraí agus chun féinfhaireachán a dhéanamh.

2.   Léireoidh an logáil nó an doiciméadú an méid seo a leanas i ngach cás:

(a)

cad go baileach is cuspóir don iarraidh ar chomparáid, lena n-áirítear foirm an chiona sceimhlitheoireachta nó an chiona choiriúil thromchúisaigh eile lena mbaineann agus, i gcás Europol, cad go baileach is cuspóir don iarraidh ar chomparáid;

(b)

na forais réasúnacha a luaitear gan comparáid a dhéanamh le Ballstáit eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB, i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Rialachán seo;

(c)

tagairt an chomhaid náisiúnta;

(d)

an dáta agus an t-am go baileach a d'iarr an Pointe Rochtana Náisiúnta comparáid ar an Lárchóras;

(e)

ainm an údaráis a d'iarr rochtain chun comparáid a dhéanamh, agus an duine freagrach a chuir an iarraidh isteach agus a phróiseáil na sonraí;

(f)

i gcás inarb infheidhme, úsáid an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 19(3) agus an cinneadh arna ghlacadh maidir leis an bhfíorú ex-post;

(g)

na sonraí a úsáideadh chun comparáid a dhéanamh;

(h)

i gcomhréir le rialacha náisiúnta nó rialacha Chinneadh Uimh. 2009/371/CGB, marc aitheantais an oifigigh a rinne an cuardach agus an oifigigh a d'ordaigh an cuardach nó an soláthar.

3.   Ní úsáidfear logálacha ná doiciméadú den sórt sin ach amháin chun faireachán cosanta sonraí a dhéanamh ar dhlíthiúlacht próiseála sonraí agus freisin chun slándáil sonraí a áirithiú. Ní fhéadfaidh ach logálacha ina bhfuil sonraí neamhphearsanta a úsáid i gcomhair an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 40. Na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla atá freagrach as inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil agus as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus as sláine agus slándáil sonraí, beidh rochtain acu ar na logálacha sin arna iarraidh sin dóibh chun críche a ndualgais a chomhlíonadh.

Airteagal 37

Dliteanas

1.   Aon duine, nó aon Bhallstát, ar bhain damáiste dó de thoradh oibriúcháin próiseála neamhdhleathaigh nó aon ghnímh nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát atá freagrach as an damáiste a bhain dó. Déanfar an Stát sin a dhíolmhú óna dhliteanas, go hiomlán nó go páirteach, má chruthaíonn sé nach bhfuil sé freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.

2.   Má bhíonn aon mhainneachtain de chuid Ballstáit a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh ina chúis damáiste don Lárchóras, beidh an Ballstát sin faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, mura i ndán agus a mhéid gur mhainnigh an Ghníomhaireacht nó Ballstát eile bearta réasúnta a ghlacadh chun cosc a chur ar an damáiste tarlú nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.   Beidh éilimh ar chúiteamh in éadan Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 faoi rialú ag forálacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit atá mar chosantóir.

CAIBIDIL VIII

LEASUITHE AR RIALACHÁN (AE) Uimh. 1077/2011

Airteagal 38

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

Déanfar Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 a leasú mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

"Airteagal 5

Cúraimí a bhaineann le Eurodac

I ndáil le Eurodac, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

na cúraimí arna dtabhairt don Ghníomhaireacht le Rialachán (AE) Uimh 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an26 Meitheamh 2013 maidir le bunú ‧Eurodac‧ chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú a thaisc náisiúnach tríú tír nó duine gan stát i gceann de na Ballstáit; agus chun go bhféadfaidh údaráis forghníomhaithe na mBallstát agus Europol comparáidí le sonraí Eurodac a iarraidh chun críocha forghníomhaithe dlí (17);

(b)

cúraimí a bhaineann le hoiliúint maidir le húsáid theicniúil Eurodac

(2)

Leasaítear Airteagal 12(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (u) agus phointe (v):

"(u)

an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí Lárchóras Eurodac a ghlacadh de bhun Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013

(v)

tráchtanna a dhéanamh ar thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí de bhun Airteagal 45(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 agus obair leantach iomchuí ar na hiniúchtaí a áirithiú;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (x):

"(x)

staidreamh a thiomsú maidir le hobair Lárchóras Eurodac de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (z):

"(z)

a áirithiú go bhfoilseofar, gach bliain, liosta údarás arna n-ainmniú de bhun Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013,"

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(4):

"4.   Féadfaidh Europol agus Eurojust freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta, mar bhreathnóirí, nuair atá ceist a bhaineann le SIS II, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/CGB, ar an gclár oibre. Féadfaidh Europol freastal mar bhreathnóir ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin nuair a bheidh ceist a bhaineann le VIS, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2008/633/CGB, ar an gclár oibre nó nuair atá ceist a bhaineann le Eurodac, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ar an gclár oibre."

(4)

Leasaítear Airteagal 17 mar seo a leanas:

(a)

i mír 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

"(g)

gan dochar d'Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne, ceanglais rúndachta a bhunú chun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 17 de Chinneadh 2007/533/CGB agus Airteagal 26(9) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 faoi seach agus Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013; a chomhlíonadh;"

(b)

i mír 6 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

"(i)

tuarascálacha ar fheidhmiú teicniúil gach córais mórscála TF dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(t) agus sa tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí Lárchóras Eurodac dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(u), ar bhonn na dtorthaí a thagann ón bhfaireachán agus ón meastóireacht."

5.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(3):

"3.   Féadfaidh Europol agus Eurojust araon ionadaí a cheapadh do Ghrúpa Comhairleach SIS II. Féadfaidh Europol ionadaí a cheapadh do Ghrúpa Comhairleach VIS agus do Ghrúpa Comhairleach Eurodac freisin."

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 39

Costais

1.   Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca le bunú agus oibrí an Lárchórais agus an Bhonneagair Chumarsáide.

2.   Is ar gach Ballstát a thitfidh na costais a thabhóidh pointí rochtana náisiúnta chomh maith leis na costais a bhainfidh lena nascadh leis an Lárchóras.

3.   Déanfaidh gach Ballstát agus Europol an bonneagar teicniúil is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, a chur ar bun agus a chothabháil ar a gcostas féin, agus beidh siad freagrach as na costais a íoc a bheidh ann de thoradh iarrataí ar chomparáid a dhéanamh le sonraí EURODAC chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2).

Airteagal 40

Tuarascáil bhliantúil: faireachán agus meastóireacht

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Lárchórais, lena n-áirítear ar fheidhmiú teicniúil agus ar shlándáil an chéanna, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Beidh faisnéis sa tuarascáil bhliantúil maidir le bainistíocht agus feidhmíocht Eurodac i gcoinne táscairí cainníochtúla réamhshainithe na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 2.

2.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an Lárchórais de réir a chuspóirí, maidir le haschur, costéifeachtacht agus caighdeán seirbhíse.

3.   Chun críocha cothabhála teicniúla, tuairisciú agus staidrimh, beidh rochtain ag an nGníomhaireacht ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtúlaí próiseála a dhéanfar sa Lárchóras.

4.   Faoin 20 Iúil 2018 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar Eurodac le chéile, ina ndéanfar scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí a bhí ann, agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear ar lean idirdhealú indíreach in aghaidh daoine a chumhdaítear leis an Rialachán seo as rochtain forghníomhaithe dlí, agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnachta, agus ar aon impleachtaí d'oibríochtúlaí amach anseo agus déanfaidh sé aon mholtaí is gá. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú.

6.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus Europol don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear i mír 4 a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh ann a nochtfaidh foinsí, baill foirne ná imscrúduithe na n-údarás ainmnithe.

7.   Agus forálacha an dlí náisiúnta maidir le foilsiú faisnéise íogaire á n-urramú, déanfaidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla a ullmhú maidir le héifeachtacht chomparáid na sonraí méarlorg le sonraí Eurodac chun críocha rochtana forghníomhaithe dlí, ina mbeidh faisnéis agus staidreamh faoi:

cad go baileach is cuspóir don chomparáid, lena n-áirítear an cineál ciona sceimhlitheoireachta nó an cineál ciona thromchúisigh choiriúil,

na forais a luaitear le haghaidh amhrais réasúnaigh,

na forais réasúnacha a luaitear gan comparáid a dhéanamh le Ballstáit eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Rialachán seo,

líon na n-iarrataí ar chomparáid a dhéanamh,

líon agus cineál na gcásanna ina rabhthas in ann sainaithint a dhéanamh agus faoin ngá agus faoin úsáid a bhaintear as an gcás práinne eisceachtúil, lena n-áiritear na cásanna sin nár glacadh leis an bpráinn sin iontu san fhíorú ex-post a rinne an t-údarás fíoraithe.

Tarchuirfear tuarascálacha Ballstát agus tuarascálacha Europol chuig an gCoimisiún roimh an 30 Meitheamh den bhliain ina dhiaidh sin.

8.   Ar bhonn tuarascálacha bliantúla na mBallstát agus Europol agus sa bhreis ar an meastóireacht foriomlán dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo, tiomsóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar rochtain forghníomhaithe dlí ar fhaisnéis Eurodac agus tarchuirfidh í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 41

Pionóis

Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá d'fhonn a áirithiú gur inphionósaithe le pionóis gach próiseáil a dhéanfar ar shonraí arna gcur isteach sa Lárchóras atá i gcoinne chuspóirí Eurodac mar atá leagtha síos in Airteagal 1, lena n-áirítear pionóis riaracháin agus/nó pionóis choiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 42

Raon feidhme críche

Ní bheidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le haon chríoch nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 maidir léi.

Airteagal 43

Fógra a thabhairt d'údaráis ainmnithe agus d'údaráis fíoraithe

1.   Faoin 20 Deireadh Fómhair 2013 ar a dhéanaí tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir lena údaráis ainmnithe agus maidir leis na haonaid oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus maidir lena údarás fíoraithe agus tabharfaidh sé fógra gan mhoill maidir le haon leasú air sin.

2.   Faoin 20 Deireadh Fómhair 2013, tabharfaidh Europol fógra don Choimisiún maidir lena údarás fíoraithe agus maidir leis an bPointe Rochtana Náisiúnta atá ainmnithe aige agus tabharfaidh sé fógra gan mhoill maidir le haon leasú air sin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar bhonn bliantúil agus i bhfoilseachán leictreonach a bheidh ar fáil ar líne agus a nuashonrófar gan mhoill.

Airteagal 44

Foráil idirthréimhseach

Bainfear an bac de shonraí bactha sa Lárchóras i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 agus marcálfar iad i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den Rialachán seo an 20 Iúil 2015.

Airteagal 45

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 a aisghairm le héifeacht ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 46(2) den Rialachán seo an 20 Iúil 2015.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.

Airteagal 46

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ó 20 Iúil 2015.

Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas chomh luath agus atá na socruithe teicniúla chun sonraí a aistriú chuig an Lárchóras déanta acu, agus i ngach cás tráth nach déanaí ná 20 Iúil 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SHATTER


(1)  IO C 92, 10.4.2010, lch. 1.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meitheamh 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Meitheamh 2013.

(3)  IO L 316, 15.12.2000, lch. 1.

(4)  IO L 62, 5.3.2002, lch. 1.

(5)  Féach leathanach 31 den Iris Oifigiúil seo.

(6)  IO L 164, 22.6.2002, lch. 3.

(7)  IO L 190, 18.7.2002, lch. 1.

(8)  IO L 121, 15.5.2009, lch. 37.

(9)  IO L 337, 20.12.2011, lch. 9.

(10)  IO L 286, 1.11.2011, lch. 1.

(11)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(12)  IO L 210, 6.8.2008, lch 1.

(13)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 129.

(14)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(15)  IO L 350, 30.12.2008, lch. 60.

(16)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(17)  OJ L 180, 29.6.2013, p. 1.".


IARSCRÍBHINN I

Text missing

Formáid sonraí chun sonraí méarlorg a mhalartú

Forordaítear an fhormáid seo a leanas chun sonraí méarlorg a mhalartú:

ANSI/NIST-ITL 1a-1997, Ver.3, Meitheamh 2001 (INT-1) agus aon fhorbairtí eile ar an gcaighdeán seo amach anseo.

An norm do litreacha aitheantais na mBallstát

Beidh feidhm leis an norm ISO seo a leanas: ISO 3166 – cód 2 litir

Image


IARSCRÍBHINN II

Rialacháin aisghairthe (dá dtagraítear in Airteagal 45)

Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle

(IO L 316, 15.12.2000, lch 1.)

Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle

(IO L 62, 5.3.2002, lch. 1.)


IARSCRÍBHINN III

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2), an chéad fhomhír, pointe (a) agus pointe (b)

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 1(2), an chéad fhomhír, pointe (c)

Airteagal 1(2), an dara fomhír

Airteagal 3(4)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2(1)(a)

 

Airteagal 2(1)(b) go (e)

Airteagal 2(1)(a) go (d)

Airteagal 2(1)(e) go (j)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(3)(a) go (e)

Airteagal 8(1)(a) go (e)

Airteagal 8(1)(f) go (i)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(1)

Airteagal 9(1) agus Airteagal 3(5)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 9(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 9(5)

Airteagal 4(6)

Airteagal 25(4)

Airteagal 5(1), pointí (a) go (f)

Airteagal 11, pointí (a) go (f)

Airteagal 11, pointí (g) go (k)

Airteagal 5(1), pointe (g) agus (h)

Airteagal 6

Airteagal 12

Airteagal 7

Airteagal 13

Airteagal 8

Airteagal 14

Airteagal 9

Airteagal 15

Airteagal 10

Airteagal 16

Airteagal 11(1) go (3)

Airteagal 17(1)) go (3)

Airteagal 11(4)

Airteagal 17(5)

Airteagal 11(5)

Airteagal 17(4)

Airteagal 12

Airteagal 18

Airteagal 13

Airteagal 23

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 27

Airteagal 16

Airteagal 28(1) agus (2)

Airteagal 28(3)

Airteagal 17

Airteagal 37

Airteagal 18

Airteagal 29(1),(2),(4) go (10) agus (12) go (15)

Airteagal 29(3) agus (11)

Airteagal 19

Airteagal 30

Airteagail 31 go 36

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 39(1) agus (2)

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24(1) agus (2)

Airteagal 40(1) agus (2)

Airteagal 40(3) go (8)

Airteagal 25

Airteagal 41

Airteagal 26

Airteagal 42

Airteagail 43 go 45

Airteagal 27

Airteagal 46


Rialachán 407/2002/CE

An Rialachán seo

Airteagal 2

Airteagal 24

Airteagal 3

Airteagal 25(1) go (3)

Airteagal 25(4) agus (5)

Airteagal 4

Airteagal 26

Airteagal 5(1)

Airteagal 3(3)

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II