27.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2013

maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa dearbhú a rinne an Grúpa G-20 an 2 Aibreán 2009 maidir le Neartú an Chórais Airgeadais, iarradh go ndéanfaí iarrachtaí comhsheasmhacha idirnáisiúnta a mbeadh sé d'aidhm acu trédhearcacht, cuntasacht agus rialáil a neartú, trí fheabhas a chur ar mhéid agus ar cháilíocht an chaipitil atá sa chóras baincéireachta nuair a bheifí cinnte go mbeadh téarnamh eacnamaíoch ann. Iarradh sa dearbhú sin freisin go dtabharfaí isteach beart forlíontach nach mbeadh bunaithe ar priacal chun teorainn a chur le fás luamhánaithe sa chóras baincéireachta, agus creat a fhorbairt i gcomhair maolán leachtachta níos treise. Mar fhreagra ar an sainordú a thug an G-20, i Meán Fómhair 2009 rinne Grúpa na nGobharnóirí Banc Ceannais agus na gCeann Maoirseachta (GHOS) comhaontú faoi roinnt beart chun rialáil na hearnála baincéireachta a neartú. Thacaigh ceannairí an Ghrúpa G-20 leis na bearta sin ag a gcruinniú mullaigh in Pittsburg an 24-25 Meán Fómhair 2009 agus leagadh amach iad go mionchruinn i Nollaig 2009. I mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair 2010, d'eisigh GHOS dhá fhógra bhreise maidir le ceapadh agus le calabrú na mbeart nua sin, agus i mí na Nollag 2010, d'fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) na bearta deiridh, a dtugtar creat Basel III orthu anois.

(2)

Faoi chathaoirleacht Jacques de Larosière, d'iarr an Grúpa Ardleibhéil um Maoirseacht Airgeadais san AE (grúpa "de Larosière") ar an Aontas rialáil níos comhchuibhithe airgeadais a fhorbairt. I gcomhthéacs an chreata maoirseachta Eorpaigh a bheidh ann amach anseo, leag an Chomhairle Eorpach an 18 agus an 19 Meitheamh 2009 béim ar an ngá atá le ‘Leabhar Rialacha Aonair Eorpach‧ a bhunú a bhainfeadh le gach institiúid chreidmheasa agus gnólacht infheistíochta sa mhargadh inmheánach.

(3)

Mar a luaitear i dtuarascáil ghrúpa de Larosière an 25 Feabhra 2009 (tuarascáil "de Larosière"), "ba cheart go mbeadh Ballstát in ann bearta náisiúnta rialála níos déine a ghlacadh, a mheastar gur bearta iomchuí ar bhonn intíre iad chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, fad a urramaítear prionsabail an mhargaidh inmheánaigh agus na croíchaighdeáin íosta a comhaontaíodh".

(4)

Rinneadh leasuithe suntasacha roinnt uaireanta ar Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 a bhaineann le gnó institiúide chreidmheasa a thosú agus a shaothrú (3) agus ar Threoir 2006/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le leordhóthanacht caipitil gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa (4). Tá cuid mhaith d'fhorálacha Threoir 2006/48/CE agus Threoir 2006/49/CE infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta araon. Ar mhaithe le soiléireacht, agus d'fhonn na forálacha sin a chur i bhfeidhm go comhleanúnach, ba cheart iad a chumasc le chéile i ngníomhartha nua reachtacha atá infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta araon,eadhon an Rialachán seo agus Treoir 2013/36/ AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an (5). Ar mhaithe le hinrochtaineacht, ba cheart cuid dhílis de Threoir 2013/36/AE agus den Rialachán seo a dhéanamh de na forálacha sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2006/48/CE agus le Treoir 2006/49/CE.

(5)

Ba cheart go gcruthódh an Rialachán seo agus Treoir 2013/36/ AE, le chéile,an creat dlí lena rialófar rochtain ar an ngníomhaíocht, an creat maoirseachta agus na rialacha stuamachta d'institiúidícreidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta (dá ngairtear "institiúidí" le chéile). Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a léamh in éineacht leis an Treoir sin.

(6)

Maidir le Treoir 2013/36/AE, atá bunaithe ar Airteagal 53 (1) sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart a bheith ann, inter alia, na forálacha a bhaineann le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí, na rialacha mionsonraithe maidir lena rialachas, agus a gcreat maoirseachta, amhail forálacha lena rialaítear údarú an ghnó, éadáil sealúchas incháilithe, feidhmiú saoirse bunaíochta agus saoirse seirbhísí a sholáthar, cumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit aíochta ina leith sin, agus na forálacha lena rialaítear an caipiteal tosaigh agus athbhreithniú maoirseachta ar na hinstitiúidí.

(7)

Ba cheart a bheith sa Rialachán seo, inter alia, na ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí a bhfuil baint acu le feidhmiú margaí baincéireachta agus sheirbhísí airgeadais, agus leo sin amháin, agus a bhfuil sé d'aidhm acu cobhsaíocht airgeadais oibreoirí na margaí sin a áirithiú agus leibhéal ard cosanta a sholáthar d'infheisteoirí agus do thaisceoirí. Tá sé d'aidhm ag an Rialachán seo cur le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ar bhealach cinntitheach agus ba cheart, dá bhrí sin, é a bhunú ar fhorálacha Airteagal 114 CFAE, arna léiriú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(8)

Bíodh is go bhfuil méid áirithe comhchuibhithe déanta le Treoir 2006/48/CE agus le Treoir 2006/49/CE ar rialacha na mBallstát i réimse na maoirseachta stuamachta, tá roinnt mhaith roghanna agus deiseanna iontu do na Ballstáit chun rialacha níos déine a chur i bhfeidhm ná iad siúd atá leagtha síos leis na Treoracha sin. Cothaíonn sé sin dibhéirseachtaí idir na rialacha náisiúnta, agus d'fhéadfaí leo sin cur isteach go háirithe ar sholáthar seirbhísí trasteorann agus ar shaoirse bunaíochta agus d'fhéadfaí bacainní a chur leis sin ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(9)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúil agus mar gheall ar an ngá go mbeidh cothrom na féinne laistigh den Aontas, is príomheilimint le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh é tacar aonair rialachán le haghaidh rannpháirtithe ar fad an mhargaidh. D'fhonn saobhadh ar an margadh agus arbatráiste rialála a sheachaint, ba cheart go n-áiritheofaí le leis na híoscheanglais stuamachta, dá bhrí sin, comhchuibhiú uasta. Mar thoradh air sin, tá na tréimhsí idirthréimhseacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo ríthábhachtach le haghaidh dea-chur chun feidhme an Rialacháin sin agus chun neamhchinnteacht a sheachaint do na margaí.

(10)

Ag féachaint d'obair Ghrúpa Cur Chun Feidhme Caighdeán CBMB ó thaobh faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme chreata Basel III ag na tíortha is comhaltaí iad, ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún tuarascálacha chun dáta ar fáil ar bhonn leanúnach, agus ar a laghad tar éis fhoilsiú gach Tuarascála ar Dhul Chun Cinn, agCBMB, maidir le cur chun feidhme agus glacadh intíre an chreata Basel III i mórdhlínsí eile, lena n-áirítear measúnú ar chomhsheasmhacht reachtaíocht nó rialacháin tíortha eile leis an íoschaighdeán idirnáisiúnta, d'fhonn difríochtaí a aithint lena bhféadfaí imní faoi chothrom na féinne a ardú.

(11)

D'fhonn deireadh a chur leis na baic ar thrádáil agus le saobhadh ar iomaíochas de thoradh dlíthe náisiúnta a bheith dibhéirseach agus ionas nach dtiocfaidh na nithe sin chun cinn an athuair, tá sé riachtanach Rialachán a ghlacadh lena mbunófar rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme i ngach Ballstát.

(12)

Dá ndéanfaí ceanglais stuamachta a mhúnlú i bhfoirm rialacháin d'áiritheofaí go mbeadh na ceanglais sin infheidhme go díreach. D'áiritheodh sé sin go mbeadh dálaí aonfhoirmeacha ag cách trí chosc a chur ar cheanglais dhibhéirseacha náisiúnta de thoradh ar Ttreoir a thrasuí. Leanfadh gach institiúid na rialacha céanna ar fud an Aontais de thoradh an Rialacháin seo, rud a chothódh muinín i leith cobhsaíochta institiúidí, go mór mór in aimsir struis freisin. Lena chois sin laghdódh rialachán castacht rialála agus na costais chomhlíonta a sheasann gnólachtaí, go mór mór i gcás institiúidí atá ag feidhmiú ar bhonn trasteorann, agus chabhródh sé le deireadh a chur le saobhadh iomaíochta. I ndáil le tréithe ar leith na margaí maoine dochorraithe arb é is príomhthréithe iontu forbairtí eacnamaíocha agus difríochtaí dlínse a bhaineann go sonrach le Ballstát, réigiún nó ceantar áitiúil, ba cheart go mbeadh cead ag na húdaráis inniúla meáchain priacail níos airde a leagan síos nó critéir níos déine a chur i bhfeidhm a bheadh bunaithe ar an taithí atá acu ar chásanna mainneachtana agus ar fhorbairtí a mheastar a tharlóidh sa mhargadh maidir le risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe i limistéir áirithe.

(13)

I réimsí nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, amhail soláthar dinimiciúil, forálacha maidir le scéimeanna náisiúnta bannaí faoi chumhdach nach mbaineann le láimhseáil bannaí faoi chumhdach faoi na rialacha arna mbunú leis an Rialachán seo, fáil agus seilbh rannpháirtíochtaí san earnáil airgeadais agus san earnáil neamhairgeadais araon chun críocha nach mbaineann le ceanglais stuamachta atá sonraithe sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla nó na Ballstáit in ann rialacha náisiúnta a fhorchur, ar an gcoinníoll nach bhfuil siad ar neamhréir leis an Rialachán seo.

(14)

Ba iad leabhar rialacha aonair agus creat Eorpach le haghaidh maoirseachta macrastuamachta, i gcás inar díríodh leis an dá ghné sin arna gcomhcheangal le chéile ar an gcobhsaíocht airgeadais a áirithiú, na moltaí ba thábhachtaí a cuireadh chun cinn i dtuarascáil de Larosière agus a cuireadh chun feidhme ina dhiaidh sin san Aontas. Áirithítear creat rialála stóinseach agus aonfhoirmeach leis an leabhar rialacha aonair lena n-éascaítear an feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus lena gcuirtear cosc ar dheiseanna arbatráiste rialála. Sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí airgeadais, d'fhéadfadh priacail macrastuamachta, áfach, a bheith éagsúil ar roinnt bealaí agus d'fhéadfadh go mbeadh réimse sonraíochtaí náisiúnta ag gabháil leo arb é an toradh atá orthu go bhféadfadh éagsúlachtaí a bheith ann mar shampla i ndáil le struchtúr agus méid earnáil na baincéireachta i gcomparáid leis an ngeilleagar níos leithne agus leis an timthriall creidmheasa.

(15)

Áiríodh roinnt uirlísí chun priacail macrastuamachta agus shistéamacha a chosc agus a mhaolú sa Rialachán sin agus i dTreoir 2013/36/AE lena n-áirithítear solúbthacht agus lena n-áirithítear ag an am céanna go mbeidh an úsáid a mbainfear as na huirlisí sin faoi réir rialaithe iomchuí chun nach ndéanfar dochar d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus lena n-áirithítear ag am céanna go mbeidh an úsáid a bhainfear as uirlísí mar sin trédhearcach agus comhsheasmhach.

(16)

Lasmuigh den uirlis mhaolánach maidir le priacal sistéamach, mar a áirítear i dTreoir 2013/36/AE, i gcás ina mbaineann priacail macrastuamachta nó sistéamacha le Ballstát, ba cheart go mbeadh deis ag údaráis inniúla nó údaráis ainmnithe an Bhallstáit ábhartha aghaidh a thabhairt ar na priacail sin trí bhearta macrastuamachta náisiúnta áirithe sonracha, i gcás ina measfar go mbeadh sin níos éifeachtaí chun dul i ngleic leis na priacail sin. Ba cheart go mbeadh an deis ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach)("BERS") a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 (6) agus ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach ("ÚBE") arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 (7) a dtuairimí a thabhairt faoi cibé an gcomhlíontar na coinníollacha do bhearta macrastuamachta náisiúnta den chineál sin agus ba cheart go mbeadh sásra Aontais ann chun cosc a chur ar bhearta náisiúnta dul ar aghaidh, nuair atá fianaise láidir ann nach bhfuil na coinníollacha ábhartha comhlíonta. Cé go mbunaítear leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha micreastuamachta le haghaidh institiúidí, tá ról tosaigh ag na Ballstát i gcónaí i bhformhaoirseacht stuamachta mar gheall ar an saineolas atá acu agus na freagrachtaí atá orthu faoi láthair i ndáil le cobhsaíocht airgeadais. Sa chás ar leith sin, ó tharla go n-áirítear sa chinneadh chun aon bheart macrastuamachta náisiúnta measúnuithe áirithe i ndáil le priacail a bhféadfaí dochar a dhéanamh do chás maicreacnamaíoch, fioscach agus buiséadach an Bhallstáit ábhartha sa deireadh, tá sé riachtanach go dtabharfar de chumhacht don Chomhairle na bearta macrastuamachta náisiúnta atá beartaithe a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

(17)

I gcás inar chuir an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle chun na bearta náisiúnta macrastuamachta a dhiúltú, ba cheart go ndéanfadh an Chomhairle scrúdú ar an togra sin gan mhoill agus a chinneadh na bearta náisiúnta sin a dhiúltú nó gan iad a dhiúltú. D'fhéadfaí vótáil a chaitheamh i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (8) ar iarratas ó Bhallstát nó ón gCoimisiún. I gcomhréir le hAirteagal 296 CFAE, ba cheart go luafadh an Chomhairle na cúiseanna lena cinneadh i ndáil leis na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo le go ndéanfadh sí idirghabháil. Nuair a chuirtear san áireamh a thábhachtaí atá an priacal macrastuamachta agus an priacal sistéamach do mhargadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus, dá bhrí sin, an gá le freagairt thapa, tá sé tábhachtach go socrófar gur mí amháin an spriocam le haghaidh cinnidh den sórt sin ón gComhairle. Má chinneann an Chomhairle, tar éis di mionscrúdú a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún chun na bearta náisiúnta a beartaíodh a dhiúltú, nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo chun na bearta náisiúnta a chomhlíonadh, ba cheart go soláthródh sí na cúiseanna i gcónaí ar bhealach soiléir, gan débhrí.

(18)

Go dtí go ndéanfar comhchuibhiú ar na ceanglais leachtachta sa bhliain 2015 agus go dtí go ndéanfar an cóimheas luamhánaithe a chomhchuibhiú sa bhliain 2018, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit cibé bearta a chur i bhfeidhm a mheasann siad is iomchuí, lena n-áirítear trí bhearta lena ndéantar priacal macrastuamachta nó sistéamach a mhaolú i mBallstát sonrach.

(19)

Ba cheart go bhféadfaí maoláin priacal sistéamaigh nó bearta aonair a dhéanfaidh na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na priacail sistéamacha a bhaineann leis na Ballstáit sin a chur i bhfeidhm ar an earnáil bhaincéireachta i gcoitinne nó ar fhothacar amháin den earnáil nó níos mó ná fothacar amháin di, a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí a bhfuil próifílí priacal comhchosúla acu ina ngníomhaíochtaí gnó, nó go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm ar risíochtaí ar cheann amháin de na hearnálacha eacnamaíocha nó geografacha baile nó ar roinnt díobh ar fud na hearnála baincéireachta.

(20)

Má shainaithníonn údaráis ainmnithe dhá Bhallstát nó níos mó na hathruithe céanna maidir le déine an phriacail shistéamaigh nó an phriacail mhacrastuamachta ar priacal é don chobhsaíocht airgeadais ar an leibhéal náisiúnta i ngach Ballstát a mheasann na húdaráis ainmnithe go dtabharfaí aghaidh orthu ar bhealach níos fearr trí bhearta náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit fógra comhpháirteach a thabhairt don Chomhairle, don Choimisiún, don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus don Údarás Baincéireachta Eorpach (an ÚBE). Tabharfaidh siad an fhianaise ábhartha don Chomhairle, don Choimisiún, do BERS agus don ÚBE agus fógra á thabhairt acu dóibh, agus tabharfaidh siad údar maith maidir leis an bhfógra comhpháirteach.

(21)

Ba cheart, ina theannta sin, godtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena ndéantarardú sealadach ar leibhéal cheanglais cistí dílse, priacal, ar cheanglais maidir le risíochtaí móra agus maidir le nochtadh poiblí a ghlacadh. Ba cheart go mbeadh na forálacha sin infheidhme go ceann tréimhse bliana, ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse trí mhí. Ba cheart go luafadh an Coimisiún na cúiseanna atá le húsáid a bhaint as nós imeachta den sórt sin. Níor cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún ceanglais níos déine stuamachta a fhorchur ach amháin maidir le risíochtaí a eascraíonn as forbairtí margaidh san Aontas nó a eascraíonn as forbairtí margaidh lasmuigh den Aontas a dhéanfaidh difear do na Ballstáit uile.

(22)

Tá údar le hathbhreithniú ar na rialacha macrastuamachta chun go measfaidh an Coimisiún, i measc nithe eile, an bhfuil na huirlisí macrastuamachta atá sa Rialachán seo nó i dTreoir 2013/36/AE éifeachtach, éifeachtúil agus trédhearcach, an ceart go mbeartófar ionstraimí nua, an iomchuí an cumhdach agus an méid forluí a d'fhéadfadh a bheith ann leis na huirlisí macrastuamachta chun díriú ar phriacail chomhchosúla sa Rialachán nó i dTreoir 2013/36/AE agus measfar freisin an chaoi ina n-idirghníomhaíonn na caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta d'institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamachag gabháil leo leisan Rialachán seo nó le Treoir 2013/36/AE.

(23)

I gcás ina nglacann na Ballstáit le treoirlínte a bhfuil raon feidhme ginearálta acu, go háirithe i réimsí ina bhfuil an Coimisiún ag feitheamh le dréachtchaighdeáin teicniúla a ghlacadh, ní thiocfaidh na treoirlínte sin salach ar dhlí an Aontais agus ní bhainfidh siad bonn ó chur i bhfeidhm an dlí sin.

(24)

Ní chuireann an Rialachán seo bac ar na Ballstáit ceanglais choibhéiseacha a fhorchur, i gcás inarb iomchuí, ar ghnóthais nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin.

(25)

Forlíontar na ceanglais ghinearálta stuamachta atá leagtha síos sa Rialachán seo le socruithe aonair a gcinneann na húdaráis inniúla orthu mar thoradh ar an athbhreithniú leanúnach maoirseachta a dhéanann siad ar institiúidí aonair. Ba cheart raon feidhme a leithéid de shocruithe maoirseachta a leagan amach, inter alia, i dTreoir 2013/36/AE de bhrí gur cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann a mbreith a thabhairt faoi na socruithe ba cheart a chur i bhfeidhm.

(26)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo isteach ar chumas na n-údarás inniúil ceanglais shonracha a fhorchur faoin bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta atá leagtha amach i dTreoir 2013/36/AE agus ba cheart go gcuirfí na ceanglais sin in oiriúint do phróifíl shonrach priacal na n-institiúidí.

(27)

Is é is aidhm Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 cáilíocht agus comhsheasmhacht na maoirseachta náisiúnta a uasghrádú agus an fhormhaoirseacht a dhéantar ar ghrúpaí trasteorann a neartú.

(28)

Mar gheall ar an méadú ar líon nana gcúraimí a thugtar don ÚBE leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ba cheart go n-áiritheodh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go gcuirfear acmhainní iomchuí daonna agus acmhainní iomchuí airgeadais ar fáil gan mhoill.

(29)

Cuireann Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 de cheangal ar an ÚBE gníomhú faoi raon feidhme Threoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE. Tá sé de cheangal ar an ÚBE freisin gníomhú maidir le gníomhaíochtaí institiúidí i ndáil le saincheisteanna nach bhfuil cumhdaithe go díreach sna Treoracha sin, ar choinníoll go bhfuil a leithéid de ghníomhaíochtaí riachtanach chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach na dTreoracha sin a áirithiú. Ba cheart don Rialachán seo ról agus feidhm an ÚBE a chur san áireamh agus feidhmiú chumhachtaí an ÚBE atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a éascú.

(30)

Tar éis na tréimhse breathnaithe agus tar éis ceanglas cumhdaigh leachtachta a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún a mheas an éascófaí foirmiú agus feidhmiú praiticiúil foghrúpaí aonair leachtachta dá mbronnfaí cumhacht tionscnaíochta ar an ÚBE chun idiragairt a dhéanamh le hidirghabháil cheangailteach i ndáil le cinntí comhpháirteacha ag na húdaráis inniúla faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 den Rialachán, agus go n-éascófaí leis cinneadh an gcomhlíontar na critéir le haghaidh láimhseáil sonrach inghrúpa d'institiúidí trasteorann. Dá bhrí sin, ag an tráth sin, mar chuid de cheann amháin de na tuarascálacha rialta maidir le feidhmiú an ÚBE faoi Airteagal 81 de Rialachán (AE) Uimh 1093/2010, ba cheart don Choimisiún scrúdú ar leith a dhéanamh an gá cumhachtaí dá leithéid sin a thabhairt don ÚBE agus ba cheart go n-áireoidh sé torthaí an scrúdaithe sin ina thuarascáil, agus ba cheart go mbeadh tograí iomchuí reachtacha ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí.

(31)

I dtuarascáil de Larosière, luadh nach féidir le maoirseacht stuamachta ar an micrileibhéal coimirciú éifeachtach a thabhairt don chobhsaíocht airgeadais gan aird dhóthanach a thabhairt ar na forbairtí ar an macraileibhéal, agus ag an am céanna níl aon chiall le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal mura rud é go mbeidh tionchar ar bhealach éigin aici ar mhaoirseacht ar an micrileibhéal. Tá dlúthchomhar idir an ÚBE agus BERS riachtanach chun éifeacht iomlán a thabhairt d'fheidhmiú BERS agus chun go ndéanfar de réir na rabhadh agus na molta a thagann uaidh. Ba cheart go mbeadh an ÚBE, go háirithe, in ann a tharchur chuig BERS an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhailigh na húdaráis inniúla i gcomhréir leis na hoibleagáidí tuarascála atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(32)

Nuair a chuirtear san áireamh éifeachtaí millteacha na géarchéime airgeadais is déanaí, tá cuspóirí foriomlána an Rialacháin seo ann chun gníomhaíochtaí baincéireachta a bheadh úsáideach ó thaobh an gheilleagair de agus a bheadh ann don leas ginearálta a spreagadh agus chun amhantraíocht neamh-inbhuanaithe airgeadais gan fíor-bhreisluach a dhíspreagadh. Tugtar le fios leis sin athchóiriú cuimsitheach ar na bealaí a ndéantar coigilteas a stiúradh in infheistíochtaí táirgiúla. D'fhonn comhshaol baincéireachta san Aontas a bheidh inbhuanaithe agus dibhéirseach a chosaint, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla ceanglais chaipitil níos airde a fhorchur le haghaidh institiúidí atá tábhachtach ar bhealach sistéamach agus atá in ann, mar thoradh ar na gníomhaíochtaí gnó a dhéanann siad, a bheith ag bagairt don gheilleagar domhanda.

(33)

Tá ceanglais choibhéiseacha airgeadais riachtanach i gcomhair institiúidí a bhfuil airgead nó urrúis atá faoi úinéireacht ag a gcuid cliaint ina seilbh acu chun coimircí den chineál céanna a áirithiú i gcomhair coigilteoirí agus chun go mbeidh dálaí cothroma iomaíochta ann idir grúpaí inchomparáide d'institiúidí.

(34)

Ós rud é go bhfuil institiúidí sa mhargadh inmheánach in iomaíocht dhíreach le chéile, ba cheart go mbeadh ceanglais fhaireacháin coibhéiseacha ann ar fud an Aontais agus próifílí priacal éagsúla na n-institiúidí á gcur san áireamh.

(35)

Má tharlaíonn sé aon uair le linn na maoirseachta gur gá méid na gcistí dílse comhdhlúite atá ag grúpa institiúidí a chinneadh, ba cheart an ríomh a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(36)

De réir an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na ceanglais cistí dílse, ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite, seachas sa chás nach gcuirfidh na húdaráis inniúla maoirseacht i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcás ina measann siad gurb iomchuí sin. Uirlisí úsáideacha is ea maoirseacht aonair, maoirseacht chomhdhlúite agus maoirseacht chomhdhlúite trasteorann chun institiúidí a fhormhaoirsiú.

(37)

Tá sé riachtanach go gcuirfear na ceanglais chaipitil i bhfeidhm ar bhonn stádas comhdhlúite na n-institiúidí sinlaistigh den ghrúpa d'fhonn a áirithiú go bhfuil sócmhainneacht leordhóthanach ag na hinstitiúidí laistigh den ghrúpa sin. D'fhonn a áirithiú go leithdháilfear cistí dílse go hiomchuí laistigh den ghrúpa agus go bhfuil siad ar fáil chun coigiltis a chosaint más gá, ba cheart na ceanglais chaipitil a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí aonair laistigh de ghrúpa, ach amháin más féidir an cuspóir sin a bhaint amach go héifeachtach ar shlí eile.

(38)

Maidir leis na leasanna mionlaigh a eascraíonn as cuideachtaí inmheánacha sealbhaíochta airgeadais atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, féadfaidh siad a bheith incháilithe, laistigh de na teorainneacha ábhartha, do chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an ghrúpa ar bhonn comhdhlúite, toisc go ndéanann caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chuideachta inmheánach sealbhaíochta airgeadais atá inchurtha i leith leasanna mionlaigh agus an chuid den chaipiteal céanna atá inchurtha i leith máthairchuideachta araon caillteanais a bhfochuideachtaí a iompar ar chomhchéim nuair a tharlaíonn siad.

(39)

Maidir leis an modh cuntasaíochta ceart atá le húsáid chun cistí dílse a ríomh, lena leordhóthanacht le haghaidh an priacal ar a bhfuil an institiúid chreidmheasa ar ris a ríomh, agus chun comhchruinniú risíochtaí a mheasúnú, ba cheart forálacha Threoir 86/635/CCE an 8 Nollaig 1986 ón gComhairle maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus foras airgeadais eile a chur san áireamh (9), Treoir a ionchorpraíonn oiriúnuithe áirithe a rinneadh ar fhorálacha Sheachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 maidir le cuntais chomhdhlúite (10) nó Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le feidhmiú caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta (11), cibé ceann díobh sin a rialaíonn cuntasaíocht na n-institiúidí faoin dlí náisiúnta.

(40)

D'fhonn sócmhainneacht leordhóthanach a áirithiú tá sé tábhachtach ceanglais chaipitil a leagan síos lena n-ualaítear sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe de réir mhéid an priacal.

(41)

An 26 Meitheamh 2004, ghlac an CBMB comhaontú réime maidir le cóineasú idirnáisiúnta ar thomhas caipitil agus ceanglais chaipitil (‧creat Basel II‧). Tá forálacha Threoir 2006/48/CE agus Threoir 2006/49/CE atá ionchorpraithe sa Rialachán seo anois coibhéiseach leis na forálacha i gcreat Basel II. Dá réir sin, tá an Rialachán seo coibhéiseach le forálacha chreataí Basel II agus III toisc go bhfuil eilimintí forlíontacha chreat Basel III ionchorpraithe ann.

(42)

Tá sé ríthábhachtach aird a thabhairt ar éagsúlacht na n-institiúidí san Aontas trí chineálacha éagsúla cur chuige a sholáthar chun ceanglais chaipitil ó thaobh priacal creidmheasa a ríomh, agus lena n-ionchorpraítear leibhéil éagsúla maidir le híogaireacht i leith priacal agus go gceanglaítear céimeanna éagsúla sofaisticiúlachta. Nuair a bhaintear leas as rátálacha seachtracha agus as meastacháin a dhéanann na hinstitiúidí féin ar pharaiméadair priacal creidmheasa aonair, cuirtear feabhas mór ar íogaireacht i leith priacal agus ar fhóntacht stuamachta na rialacha a bhaineann le priacal creidmheasa. Ba cheart institiúidí a spreagadh chun tosú ar chineálacha cur chuige atá níos íogaire ó thaobh priacal de a úsáid. Agus iad ag soláthar na meastachán atá riachtanach chun na cineálacha cur chuige maidir le priacal creidmheasa atá sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart d'institiúidí feabhas a chur ar a bpróisis tomhais agus bhainistithe priacal creidmheasa chun modhanna a chur ar fáil chun cinneadh a dhéanamh faoi cheanglais rialála cistí dílse a léiríonn cineál, méid agus castacht na bpróiseas atá ag institiúidí. I ndáil leis seo, nuair atá sonraí á bpróiseáil i gceangal le tabhú agus bainistiú na risíochtaí ar chustaiméirí, ba cheart a mheas go n-áireofaí forbairt agus bailíochtú na gcóras um bainistiú agus tomhas priacal creidmheasa. Ní hamháin go bhfónann sé sin do leasanna dlisteanach institiúidí a chomhlíonadh ach fónann sé freisin do chuspóir an Rialacháin seo maidir le modhanna níos fearr a úsáid chun priacal a thomhas agus a bhainistiú agus na modhanna sin a úsáid freisin chun críocha rialála cistí dílse. D'ainneoin sin, teastaíonn saineolas suntasach agus acmhainní suntasacha chomh maith le sonraí leordhóthanacha ar ardchaighdeán ó na cineálacha cur chuige atá níos íogaire ó thaobh priacal de. Dá bhrí sin, ba cheart d'institiúidí na hardchaighdeáin a chomhlíonadh sula gcuirfidh siad na cineálacha cur chuige sin i bhfeidhm chun críocha rialála cistí dílse. Mar gheall ar an obair leanúnach lena n-áirithítear go mbeidh cúlstopanna iomchuí ann i gcás samhlacha inmheánacha, ba cheart go n-ullmhódh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an bhféidearthacht go sínfear tairseach Basel I lena ngabhfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí.

(43)

Ba cheart go mbeadh na ceanglais chaipitil i gcomhréir leis na priacail a dtugtar aghaidh orthu. Go háirithe, ba cheart go léireofaí sna ceanglais chaipitil an laghdú ar leibhéil na bpriacal a thig as líon mór risíochtaí atá sách beag a bheith i gceist.

(44)

Is ceann amháin de cholúin taca gheilleagar an Aontais iad fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) mar gheall ar an ról bunúsach atá acu i leith fás eacnamaíoch a chruthú agus fostaíocht a sholáthar. Braitheann téarnamh agus fás Gheilleagar an Aontais amach anseo go mór ar infhaighteacht caipitil agus maoinithe d'FBManna atá bunaithe san AE chun na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun teicneolaíochtaí agus trealamh nua a ghlacadh chun iomaíochas na bhfiontar a mhéadú. Tá FBManna atá bunaithe san Aontas níos íogaire fós i leith thionchar na géarchéime mar thoradh ar méid teoranta na bhfoinsí eile maoinithe. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go líonfar an bearna maoinithe atá ann cheana do FBManna agus go n-áiritheofar sreabhadh iomchuí creidmheasa bainc do FBManna sa chomhthéacs reatha. Ba cheart go labhdófaí muirir chaipitil maidir le risíochtaí do FBManna trí fhachtóir tacaíochta arb ionann é agus 0,7619 a chur i bhfeidhm chun a cheadú d'institiúidí creidmheasa iasachtú do FBManna a mhéadú. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart go n-úsáideadh institiúidí creidmheasa an faoiseamh caipitil a tháirgtear tríd an bhfachtóir tacaíochta a chur i bhfeidhm chun críocha eisiach sreabhadh iomchuí creidmheasa a chur ar fáil do FBManna atá bunaithe san Aontas. Ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla faireachán ó am go chéile ar méid iomlán risíochtaí na n-insitiúidí creidmheasa ar FBManna agus méid iomlán na hasbhainte caipitil.

(45)

I gcomhréir leis an gcinneadh ón CBMB, arna fhormhuiniú ag an GHOS an 10 Eanáir 2011, ba cheart go mbeifí in ann gach ionstraim breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 de chuid institiúide a dhíluacháil go hiomlán agus go buan nó an t-iomlán acu a thiontú ina Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth nach mbeidh an institiúid sin inmharthanach a thuilleadh. Maidir leis an reachtaíocht a bhfuil gá léi chun a áirithiú go bhfuil na hionstraimí cistí dílse faoi réir an sásra ionsúcháin breis caillteanais, ba cheart go n-ionchorprófaí í i ndlí an Aontais mar chuid de na ceanglais i ndáil le téarnamh agus réiteach na n-institiúidí. Mura mbeidh dlí an Aontais glactha faoin 31 Nollaig 2015, ar dlí é lena rialaítear an ceanglas gur cheart go mbeadh ionstraimí caipitil in ann a bheith díluacháilte go dtí náid go hiomlán agus go buan nó an t-iomlán acu a thiontú ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcás ina meastar nach mbeidh institiúid inmharthanach a thuilleadh, ba cheart don Choimisiún a thuairisciú ar cheart foráil den chineál sin a chur san áireamh sa Rialachán seo agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist sin agus, i bhfianaise an athbhreithnithe sin, ba cheart go dtíolacfadh sé tograí reachtacha iomchuí.

(46)

Tugann forálacha an Rialacháin seo urraim do phrionsabal na comhréireachta, ag féachaint go háirithe d'éagsúlachtaí méide agus scála na n-oibríochtaí agus do réimse gníomhaíochtaí institiúidí. Ciallaíonn urraim a thabhairt do phrionsabal na comhréireachta freisin go dtugtar aitheantas do na nósanna imeachta rátála is simplí, fiú amháin i gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (‧Cur Chuige IBR‧), chun risíochtaí miondíola a aithint. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeidh feidhme ag na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo ar bhealach a bheidh comhréireach le nádúr, scála agus castacht na priacail a bhaineann le samhail ghnó agus gníomhaíochtaí institiúide. Ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún go bhfuil gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme, caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta, ionas go n-áiritheofaí go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhréireach. Dá bhrí sin, ba cheart go n-áiritheodh an ÚBE go ndréachtófar na caighdeáin theicniúla rialála agus na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme uile ar bhealach ina mbeidh siad comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta agus go seasfaidh siad leis.

(47)

Ba cheart go dtabharfadh na húdaráis inniúla aird iomchuí ar chásanna a bhfuil tuairim acu ina leith gur measadh gurbh fhaisnéis dhílseanach nó rúnda a bhí inti d'fhonn nochtadh faisnéise den sórt sin a sheachaint. Cé go bhféadfaidh institiúid a roghnú gan faisnéis a nochtadh toisc gur faisnéis dhílseanach nó rúnda atá inti, bíodh is go meastar gur faisnéis dhílseanach nó rúnda atá inti, níor cheart go gcomhlíonfaí dlisteanacht a eascraíonn as i gcásnach ndéanfar neamhnochtadh na faisnéise sin a suitear go bhfuil éifeacht ábhartha aici.

(48)

Cuireann nádúr ‧éabhlóideach‧ an Rialacháin seo ar chumas institiúidí a rogha a dhéanamh idir trí chur chuige maidir le riosca creidmheasa a bhfuil leibhéil éagsúla castachta ag baint leo. Chun gur féidir le hinstitiúidí an-bheag an Cur Chuige IBR atá níos íogaire ó thaobh priacal de a roghnú, ba cheart na forálacha ábhartha a léamh sa chaoi go n-áirítear leis na haicmí risíochtaí gach risíocht atá, go díreach nó go hindíreach, á chur ar comhchéim leo sa Rialachán seo. Mar riail ghinearálta, níor cheart do na húdaráis inniúla idirdhealú a dhéanamh idir na trí chur chuige maidir leis an bPróiseas Athbhreithniúcháin Mhaoirseoireachta, i.e. níor cheart go ndéanfaí maoirseacht níos déine ar institiúidí ar an ábhar go bhfuil siad ag feidhmiú de réir fhorálacha an Cur Chuige Caighdeánaithe, agus ar an ábhar sin amháin.

(49)

Ba cheart aitheantas níos mó a thabhairt do theicnící maolaithe priacal creidmheasa laistigh de chreat rialacha a ceapadh d'fhonn a chinntiú nach mbainfear an bonn ó shócmhainneacht trí aitheantas míchuí a thabhairt. An chomhthaobhacht baincéireachta a úsáidtear de ghnáth sna Ballstáit chun priacail creidmheasa a mhaolú, ba cheart go dtabharfaí aitheantas dó aon uair is féidir sa Chur Chuige Caighdeánaithe agus sna cineálacha eile chur chuige freisin.

(50)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear san áireamh mar is iomchuí i gceanglais chaipitil institiúidí na priacail agus na laghduithe priacal a eascraíonn as infheistithe agus as gníomhaíochtaí urrúsaithe institiúidí, is gá rialacha a bheith ann ina bhfuil foráil maidir le láimhseáil atá íogair ó thaobh priacal de agus fónta ó thaobh stuamachta de a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus infheistíochtaí den sórt sin. Chuige sin, tá gá le sainmhíniú soiléir, uilechuimsitheach ar urrús lena n-áirítear aon idirbheart nó aon scéim ina ndéantar tráinsiú ar an bpriacal creidmheasa a bhaineann le risíocht nó le comhthiomsú risíochtaí. Maidir le risíocht lena gcruthaítear oibleagáid íocaíochta dírí le haghaidh idirbhirt nó scéime a úsáidtear chun sócmhainní fisiciúla a mhaoiniú nó a oibriú, níor cheart go measfar é mar risíocht ar urrús, fiú má tá oibleagáidí íocaíochta de shinsearacht éagsúil ag an idirbheart nó ag an scéim.

(51)

Sa bhreis ar fhaireachas a bhfuil sé d'aidhm aige cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, tá gá le shásraí atá deartha chun feabhas agus forbairt a dhéanamh i ndáil le faireachas éifeachtach ar bholgáin a d'fhéadfadh a bheith ann agus cosc a chur orthu ar bhealach éifeachtach, chun leithdháileadh barrmhaith caipitil a áirithiú i bhfianaise na ndúshlán agus na gcuspóirí, idir maicreacnamaíoch, go háirithe i ndáil le hinfheistíocht fhadtéarmach san fhíorgheilleagar.

(52)

Priacal suntasach atá ag institiúidí is ea priacal oibriúcháin agus ní mór é a chumhdach le cistí dílse. Tá sé riachtanach aird a thabhairt ar éagsúlacht institiúidí san Aontas trí chineálacha eile cur chuige a sholáthar chun ceanglais chaipitil ó thaobh priacal creidmheasa de a ríomh, cineálacha cur chuige ina mbeidh leibhéil éagsúla priacal íogaireachta agus leibhéil éagsúla sofaisticiúlachta. Ba cheart go mbeadh dreasachtaí iomchuí ann d'institiúidí chun tosú ar chineálacha cur chuige atá níos íogaire ó thaobh priacal de a úsáid. De bhrí go mbíonn modhanna nua ag teacht chun cinn le priacal oibriúcháin a thomhas agus a bhainistiú, ba cheart na rialacha a choinneáil faoi athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear na rialacha maidir le muirir le haghaidh cineálacha éagsúla gnó agus maidir le haitheantas a thabhairt do mhodhanna maolaithe priacal. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar árachas a chur san áireamh sna cineálacha cur chuige simplí maidir le ceanglais chaipitil a ríomh i gcomhair priacal oibriúcháin.

(53)

Ba cheart go mbeadh faireachán agus rialú risíochtaí institiúide mar chuid lárnach den mhaoirseacht a dhéantar ar institiúid. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh priacal do-ghlactha caillteanais a bheith ann de dhroim an iomarca risíochtaí a bheith ag cliant aonair nó ag grúpa cliant nasctha. Is féidir a mheas go bhféadfadh a leithéid de chás dochar a dhéanamh do shócmhainneacht institiúide.

(54)

Nuair atá cinneadh á dhéanamh faoi ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a bheith ann agus, dá bhrí sin, faoi aon priacal amháin a bheith sna risíochtaí, tá sé tábhachtach a chur san áireamh freisin priacail a eascraíonn as comhfhoinse mhaoinithe shuntasaigh atá curtha ar fáil ag an institiúid féin nó ag a g(h)rúpa airgeadais nó ag a p(h)áirtithe nasctha.

(55)

Cé go bhfuil sé inmhianaithe luach na risíochta a ríomh ar bhonn an mhodha a chuirtear ar fáil ar mhaithe le ceanglais chistí dhílse, is iomchuí rialacha a ghlacadh maidir le faireachán a dhéanamh ar risíochtaí móra ach gan ualuithe priacal ná céimeanna priacal a chur i bhfeidhm. Lena chois sin, ceapadh na teicnící maolaithe priacal creidmheasa a chuirtear i bhfeidhm sa chóras sócmhainneachta ar an tuiscint go mbeadh an priacal creidmheasa éagsúlaithe go maith. Ní bhíonn an priacal creidmheasa éagsúlaithe go maith i gcás risíochtaí móra a bhaineann le priacal comhchruinnithe in ainm amháin. Dá bhrí sin, ba cheart éifeachtaí na dteicnící sin a bheith faoi réir coimircí stuamachta. Sa chomhthéacs seo, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le cosaint creidmheasa a athghnóthú go héifeachtach chun críocha risíochtaí móra.

(56)

Ós rud é gur féidir caillteanas a eascraíonn as risíocht ar institiúid a bheith chomh dian le caillteanas ó aon risíocht eile, ba cheart risíochtaí den sórt sin a láimhseáil agus a thuairisciú sa tslí chéanna is a dhéanfaí i gcás aon risíocht eile. Tá teorainn chainníochtúil mhalartacha tugtha isteach chun an tionchar díréireach a d'imreodh cur chuige den sórt sin ar institiúidí beaga a mhaolú. Ina theannta sin, d'fhonn dea-fheidhmiú na margaí airgeadais agus an bhonneagair a bhaineann leo a éascú, cuirtear díolúine ar fáil i gcás risíochtaí an-ghearrthéarmacha a bhaineann le tarchur airgid, lena n-áirítear cur i gcrích seirbhísí íocaíochta, agus seirbhísí imréitigh, socraíochta agus cumhdaigh do chliaint. Cumhdaítear leis na seirbhísí sin, mar shampla, cur i gcrích gníomhaíochtaí imréitigh agus glanta airgid agus gníomhaíochtaí comhchosúla a dhéantar chun socraíocht a éascú. Áirítear ar na risíochtaí gaolmhara risíochtaí a d'fhéadfadh gan a bheith intuartha, agus dá bhrí sin, nach mbeadh faoi rialúiomlán institiúide chreidmheasa, inter alia, iarmhéideanna ar chuntais idirbhainc a eascraíonn ó íocaíochtaí cliant, lena n-áirítear ús agus táillí curtha do shochar nó do dhochar, agus íocaíochtaí eile i gcomhair seirbhísí do chliaint, chomh maith le comhthaobhacht a thugtar nó a fhaightear.

(57)

Tá sé tábhachtach ailíniú a dhéanamh ar leasanna na ngnóthas sin a dhéanann iasachtaí a ‘athphacáistiú‧ mar urrúis intrádála agus ionstraimí airgeadais eile (tionscnóirí nó urraitheoirí) agus ar leas na ngnóthas a infheistíonn sna hurrúis nó sna hionstraimí sin (infheisteoirí). Chuige sin, ba cheart don tionscnóir nó don urraitheoir leas suntasach a choinneáil sna sócmhainní foluiteacha. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go gcoinneoidh na tionscnóirí nó na hurraitheoirí risíocht ar priacal na n-iasachtaí atá i gceist. I dtéarmaí níos ginearálta, níor cheart idirbhearta urrúsaithe a struchtúrú sa chaoi go ndéantar cur i bhfeidhm an cheanglais choinneála a sheachaint, go háirithe trí leas a bhaint as táille nó struchtúr préimhe nó as an dá rud. Ba cheart a leithéid de choinneáil a bheith infheidhme i ngach cás ina bhfuil substaint eacnamaíoch urrúsaithe infheidhme, is cuma cén struchtúir dhlíthiúla nó ionstraimí dlí a úsáidtear chun an tsubstaint eacnamaíoch sin a fháil. Go háirithe, nuair a dhéantar priacal creidmheasa a aistriú le hurrúsú, níor cheart d'infheisteoirí a gcinntí a dhéanamh go dtí go bhfuil a ndícheall cuí déanta acu, rud a mbeadh faisnéis leordhóthanach maidir leis an urrúsú ag teastáil lena aghaidh.

(58)

Déantar foráil sa Rialachán seofreisin nach ndéanfaí an ceanglas coinneála a chur i bhfeidhm níos mó ná uair amháin. Is leor i gcás aon urrúsú faoi leith go mbeadh duine amháin faoi réir an cheanglais, is cuma cé acu an tionscnóir, an t-urraitheoir, nó an t-iasachtóir bunaidh an duine sin. Mar an gcéanna, i gcás ina bhfuil urrúsuithe eile mar fholuí le hidirbhearta urrúsaithe, níor cheart an ceanglas coinneála a chur i bhfeidhm ach maidir leis an urrúsú atá faoi réir na hinfheistíochta. Níor cheart go mbeadh earraí infhaighte ceannaithe faoi réir an cheanglais choinneála má eascraíonn siad ó ghníomhaíocht chorparáideach ina n-aistrítear nó ina ndíoltar iad ar lascaine chun gníomhaíocht den sórt sin a mhaoiniú. Ba cheart do na húdaráis inniúla a ndícheall cuí a dhéanamh agus iad ag cur i bhfeidhm an ualaithe priacal i ndáil le neamh-chomhlíonadh mar aon leis na hoibleagáidí bainistíochta priacal a bhaineann le hurrúsú maidir le sáruithe beartais agus nósanna imeachta nach sáruithe beagbhríocha iad agus atá abartha don anailís ar na priacail fholuiteacha. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar cibé an bhféadfadh sé cabhrú le cleachtais a théann timpeall ar an gceanglas coinneála dá seachnófaí an ceanglas coinneála a chur i bhfeidhm níos mó ná uair amháin agus ar cibé an ndéanann na húdaráis inniúla na rialacha maidir le hurrúsú a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

(59)

Ba cheart an dícheall cuí a úsáid d'fhonn measúnú ceart a dhéanamh ar priacail a eascraíonn as risíochtaí urrúsaithe i gcás an leabhair thrádála agus an leabhair neamhthrádála araon. Ina theannta sin, ní mór oibleagáidí an díchill chuí a bheith comhréireach. Ba cheart go gcabhródh nósanna imeachta an díchill chuí leis an muinín atá ag tionscnóirí, urraitheoirí agus infheisteoirí as a chéile a chothú. Dá bhrí sin, tá sé inmhianaithe go nochtfaí mar is ceart faisnéis ábhartha faoi nósanna imeachta an díchill chuí.

(60)

Bíonn stuamacht faoi leith ag teastáil nuair a thabhaíonn institiúid risíocht dá mháthairghnóthas féin nó do cheann d'fhochuideachtaí eile a mháthairghnóthais. Ba cheart na risíochtaí a thabhaíonn institiúidí a bhainistiú ar bhealach iomlán neamhspleách, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta, gan aird a thabhairt ar aon ní eile. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás risíochtaí móra agus i gcásanna nach mbaineann le riarachán inghrúpa amháin nó le gnáth-idirbhearta inghrúpa. Ba cheart d'údaráis inniúlaaird ar leith a thabhairt ar na risíochtaí inghrúpa sin. Ní gá caighdeáin den sórt sin a chur i bhfeidhm, áfach, nuair is cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó institiúid chreidmheasa é an máthairghnóthas, nó más institiúidí creidmheasa nó airgeadais nó gnóthais a thairgeann seirbhísí coimhdeachta iad na fochuideachtaí, ar choinníoll go bhfuil gach gnóthas den sórt sin cumhdaithe ag maoirseacht na hinstitiúide creidmheasa ar bhonn comhdhlúite.

(61)

I bhfianaise a íogaire ó thaobh priacal de atá na rialacha maidir le ceanglais chaipitil, tá sé inmhianaithe athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar cé acu atá éifeachtaí móra acu ar an timthriall eacnamaíoch nó nach bhfuil. Ag cur san áireamh dó tuairimí an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE), ba cheart don Choimisiún tuairisc faoi na gnéithe seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(62)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglais chaipitil déileálaithe tráchtearraí, lena n-áirítear na déileálaithe atá díolmhaithe faoi láthair ó cheanglais Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (12)

(63)

Sprioc thábhachtach eacnamaíoch agus pholaitiúil de chuid an Aontais is ea léirscaoileadh na margaí gáis agus leictreachais. Agus aird á tabhairt air sin, i gcás na gceanglas caipitil agus na rialacha stuamachta eile atá le cur i bhfeidhm ar ghnólachtaí atá gníomhach sna margaí sin ba cheart go mbeidís comhréireach agus nach gcuirfí isteach go míchuí leo ar bhaint amach sprioc an léirscaoilte. Ba cheart an sprioc sin go háirithe a choinneáil i gcuimhne nuair atá athbhreithnithe á ndéanamh ar an Rialachán sin.

(64)

Ba cheart d'institiúidí a infheistíonn in ath-urrúsuithe a ndícheall cuí a dhéanamh maidir leis na hurrúsuithe foluiteacha agus maidir leis na risíochtaí ar neamh-urrúsú atá sna hurrúsuithe foluiteacha sin sa deireadh. Ba cheart d'institiúidí measúnú a dhéanamh féachaint an risíochtaí ar ath-urrúsuithe iad risíochtaí i gcomhthéacs clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe, lena n-áirítear risíochtaí i gcomhthéacs clár ina bhfaightear tráinsí de chomhthiomsuithe ar leithligh d'iasachtaí iomlána sa chás nach bhfuil aon cheann de na hiasachtaí ina risíocht ar urrúsú ná ar ath-urrúsú, agus i gcás gurb é díoltóir na n-iasachtaí a chuireann cosaint chéadcaillteanais ar fáil ar gach infheistíocht díobh. Sa chás deireanach sin, níor cheart a mheas de ghnáth gur risíocht ar ath-urrúsú í saoráid leachtachta a bhaineann go sonrach le comhthiomsú toisc gur tráinse de chomhthiomsú aonair sócmhainní atá ann (is é sin le rá, comhthiomsú na n-iasachtaí iomlána is infheidhme) nach bhfuil aon risíocht ar urrúsú ann. Os a choinne sin, dá ndéanfaí feabhsú creidmheasa ar fud cláir ach nach gclúdódh sé ach cuid de na caillteanais sin os cionn an méid cosanta a chuirfeadh an díoltóir ar fáil sna comhthiomsithe éagsúla, de ghnáth dhéanfadh sé sin tráinsiú ar an bpriacal i gcomhthiomsú sócmhainní iolracha a mbeadh risíocht ar urrúsú amháin ar a laghad ann, agus ar an ábhar sin risíocht ar ath-urrúsú a bheadh ann. Mar sin féin, má dhéanann a leithéid de chlár maoiniú iomlán air féin le haicme aonair páipéir thráchtála, agus má tharlaíonn sé nach ath-urrúsú é an feabhsú creidmheasa ar fud an chláir nó má thugann an institiúid coimircíochta lántacaíocht don pháipéar tráchtála sa chaoi go bhfuil an t-infheisteoir sa pháipéar tráchtála sin ar ris ar phriacal mainneachtana an urraitheora, seachas maidir leis na comhthiomsuithe ná na sócmhainnía fholuíonn é, níor cheart a mheas de ghnáth mar sin gur risíocht ar ath-urrúsú é an páipéar tráchtála sin.

(65)

Na forálacha maidir le luacháil stuama a dhéanamh ar an leabhar trádála, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le gach ionstraim a thomhaistear ar luach cóir, is cuma cé acu i leabhar trádála nó i leabhar neamhthrádála na n-institiúidí a dhéantar. Ní mór a shoiléiriú, sa chás go mbeadh sé mar thoradh ar luacháil stuama a chur i bhfeidhm go mbeadh luach seilbhe níos ísle ann ná an luach a aithnítear go hiarbhír sa tréimhse chuntasaíochta, ba cheart luach absalóideach na difríochta a asbhaint ó na cistí dílse.

(66)

Ba cheart go mbeadh sé de rogha ag institiúidí ceanglas caipitil a chur i bhfeidhm maidir leis na suímh urrúsúcháin sin a dtugtar ualúpriacal 1 250 % dóibh faoin Rialachán seo nó iad a aisbhaint ó íitmí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, is cuma cé acu sa leabhar trádála nó sa leabhar neamhthrádála atá na suímh.

(67)

Níor cheart go mbeadh institiúidí tionscnóra nó institiúdí is urraitheoirí in ann dul timpeall ar an toirmeasc ar thacaíocht intuigthe a sholáthar trí leas a bhaint as a leabhair trádála chun a leithéid de thacaíocht a sholáthar.

(68)

Gan dochar don nochtadh atá ceangailte go sainráite sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag na ceanglais maidir le nochtadh faisnéis chruinn chuimsitheach a chur ar fáil do rannpháirtithe margaidh maidir le próifíl priacal institiúidí faoi leith. Ar an ábhar sin ba cheart go gceanglófaí ar institiúidí faisnéis bhreise a nochtadh nach bhfuil liostaithe go sainráite sa Rialachán seo, nuair atá an nochtadh sin riachtanach chun an aidhm sin a bhaint amach. Ag an am céanna, ba cheart go dtabharfadh na húdaráis inniúla aird iomchuí ar chásanna a bhfuil tuairim acu ina leith gur mheas institúid gur faisnéis dhílseanach nó rúnda a bhí inti d'fhonn nochtadh faisnéise den sórt sin a sheachaint.

(69)

I gcás ina n-ionchorpraíonn measúnú creidmheasa seachtrach i gcomhair suímh urrúsúcháin feidhm cosanta creidmheasa a chuireann an institiúid féin atá i mbun infheistithe ar fáil, níor cheart go mbeadh an institiúid in ann tairbhe a bhaint as an ualú priacal níos ísle a eascraíonn ón gcosaint sin. Níor cheart go ndéanfaí an suíomh urrúsúcháin a asbhaint ó chaipiteal má tá bealaí eile ann chun ualú priacal a mheas i gcomhréir le priacal iarbhír an tsuímh, agus gan an chosaint chreidmheasa sin a chur san áireamh.

(70)

Os rud é gur go lagmheasartha a chruthaigh siad le déanaí, ba cheart go neartófaí na caighdeáin maidir leis na múnlaí inmheánacha a úsáidtear chun ceanglais chaipitil i gcomhair priacal an mhargaidh a ríomh. Go háirithe, ba cheart gabháil na priacail ag na caighdeáin a chur i gcrích i ndáil leis na priacail creidmheasa sa leabhar trádála. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh comhpháirt sna muirir chaipitil a bheadh leordhóthanach maidir le coinníollacha struis chun ceanglais chaipitil a neartú i bhfianaise dhálaí an mhargaidh atá ag dul in olcas agus d'fhonn an baol comh-thimthriallachta a laghdú. Ba cheart d'institiúidí tástálacha struis droim ar ais a dhéanamh freisin féachaint cad iad na cásanna a d'fhéadfadh inmharthanacht na hinstitiúide a chur i mbaol ach amháin más féidir leo a chruthú nach bhfuil gá lena leithéid de thástáil. Mar gheall ar na deacrachtaí bhí ann le déanaí agus a tháinig as cur chuige arna mbunú ar shamhlacha inmheánacha a úsáid le suímh urrúsúcháin a láimhseáil, ba cheart teorainn a chur leis an aitheantas a thugann institiúidí do mhúnlú priacail urrúsúcháin chun ceanglais chaipitil a ríomh sa leabhar trádála agus ba cheart muirear caipitil caighdeánaithe a bheith ina cheangal sa ghnáthchúrsa i gcomhair suíomh urrúsúcháin sna leabhair thrádála.

(71)

Leagtar síos sa Rialachán sin eisceachtaí teoranta i gcomhair gníomhaíochtaí comhghaoil trádála áirithe, agus i gcomhréir leis na heisceachtaí sin féadfaidh an maoirseoir cead a thabhairt d'institiúid muirear cuimsitheach i leith caipitil priacal a ríomh faoi réir diancheanglas. I gcásanna den sórt sin ba cheart go gceanglófaí ar an institiúid na gníomhaíochtaí sin a chur faoi réir muirir chaipitil atá cothrom leis an muirear caipitil is airde i gcomhréir leis an gcur chuige a forbraíodh go hinmheánach agus atá cothrom le 8 % den mhuirear caipitil le haghaidh priacal shonraigh i gcomhréir leis an modh caighdeánaithe tomhais. Níor cheart go mbeadh sé ina cheangal muirear incriminteach priacal a ghearradh ar na risíochtaí sin ach ba cheart iad a ionchorprú i dtomhais an luacha faoi phriacal agus i dtomhais an luacha faoi phriacal faoi strus.

(72)

I bhfianaise chineál agus mhéid na gcaillteanas gan choinne a bhí ag institiúidí i rith na géarchéime airgeadais agus eacnamaíochta, tá sé riachtanach tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht agus ar chomhchuibhiú na gcistí dílse a bhfuil sé de cheangal ar institiúidí a choimeád ina seilbh. Ba cheart a bheith ina chuid de sin sainmhíniú nua a thabhairt isteach ar na gnéithe lárnacha caipitil atá ar fáil chun caillteanais gan choinne a sheasamh de réir mar a ráiníonn siad, feabhsuithe a chur ar an sainmhíniú ar chaipitil hibride agus coigeartuithe aonfhoirmeacha stuamachta ar chistí dílse. Tá sé riachtanach freisin leibhéal na gcistí dílse a ardú go suntasach, lena n-áirítear cóimheasa caipitil nua a cheapadh a bheidh dírithe ar ghnéithe lárnacha na gcistí dílse atá ar fáil chun caillteanais a sheasamh de réir mar a ráiníonn siad. Táthar ag súil leis go n-éireoidh le hinstitiúidí a bhfuil a scaireanna ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a gceanglais chaipitil maidir leis na gnéithe lárnacha caipitil a chomhlíonadh le scaireanna den sórt sin a chloíonn le sraith dhian critéar le haghaidh na n-ionstraimí lárnacha caipitil agus cúlchistí nochta na hinstitiúide amháin. D'fhonn éagsúlacht na bhfoirmeacha dlíthiúla faoina n-oibríonn institiúidí laistigh den Aontas a chur san áireamh mar is iomchuí, ba cheart go n-áiritheofaí leis an tsraith dhian critéar le haghaidh na n-ionstraimí lárnacha caipitil gur den chaighdeán is airde iad ionstraimí lárnacha caipitil i gcomhair institiúidí nach bhfuil a scaireanna ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Leis sin níor cheart go gcuirfí cosc ar institiúidí dáileacháin a íoc, ar scaireanna a bhfuil cearta difreáilte acu nó nach bhfuil aon chearta vótála acu, ar dáileacháin iad ar iolra iad díobh sin a íocfar ar scaireanna a bhfuil leibhéil chearta vótála níos airde acu, ar an gcoinníoll, beag beann ar leibhéal na gcearta vótála, go gcomhlíonfar na dianchritéir do na hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 lena n-áirítear iad sin a bhaineann le solúbthacht íocaíochtaí, agus ar an gcoinníoll má íoctar dáileachán, go mbeidh sé le híoc ar gach scair a eiseoidh an institiúid.

(73)

Tá risíochtaí trádála airgeadais dibhéirseach ó chineál ach comhroinneann siad tréithe amhail a bheith beag ó thaobh luacha de agus gearr ó thaobh faid de agus foinse inaitheanta athíocaíochta a bheith acu. Cuirtear taca fúthu le gluaiseacht earraí agus seirbhísí a thacaíonn leis an bhfíorgheilleagar agus sa chuid is mó de ná cásanna a chabhraíonn le cuideachtaí beaga ó thaobh na riachtanais laethúla atá acu, agus leis sin cruthaítear fás eacnamaíoch agus deiseanna post. De ghnáth déantar insreafaí agus eis-sreafaí a chomhoiriúnú agus dá bhrí sin tá teorainn ar an bpriacal leachtachta.

(74)

Is iomchuí é go gcoinníonn an ÚBE liosta cothrom le dáta de na foirmeacha uile d'ionstraimí caipitil atá i ngach Ballstát, ar ionstraimí iad a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Ba cheart don ÚBE ionstraimí nach Státchabhair atá iontu a eisíodh tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus nach gcomhlíonann na critéir atá sonraithe sa Rialachán seo a bhaint ón liosta sin, agus ba cheart dó fógra poiblí a thabhairt ina leith sin. I gcás ina n-aithnítear i gcónaí ionstraimí a bhain an ÚBE ón liosta, tar éis an fhógra a thug sé, ba cheart don ÚBE a chumhachtaí a fheidhmiú go hiomlán, go háirithe na cumhachtaí sin arna tabhairt ar Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais. Meabhraítear é go bhfuil feidhm ag sásra trí-chéim maidir le freagairt chomhréireach ar chásanna ina ndéantar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart agus go leordhóthanach, i gcás ina dtabharfar de chumhacht don ÚBE, mar chéad chéim, imscrúdú a dhéanamh ar aon chás ina líomhnaítear nach ndearna údaráis náisiúnta a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go cuí nó go leordhóthanach sa chleachtas maoirseachta atá acu agus moladh a dhéanamh mar chonclúid leis an imscrúdú sin. Mar dhara céim, i gcás nach leanann an t-údarás inniúil náisiúnta an moladh, tugtar de chumhacht don Choimisiún tuairim fhoirmiúil a eisiúint, agus moladh an ÚBE á chur san áireamh aige, ar tuairim í lena gceanglófaí ar an údarás inniúil na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú. Mar thríú céim, chun staideanna eisceachtúla ina bhfuil easpa leanúnach gníomhaíochta i gceist leis an údarás inniúil lena mbaineann a shárú, tugtar de chumhacht don ÚBE, mar rogha dheireanach, cinntí a ghlacadh atá dírithe ar institiúidí airgeadais aonair. Ina theannta sin, i gcás ina measann an Coimisiún gur theip ar Bhallstát oibleagáid a chomhlíonadh faoi na Conarthaí, meabhraítear go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 258 CFAE.

(75)

Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Rialachán seo do chumas na n-údarás inniúil próisis réamh-fhormheasa a choinneáil maidir leis na conarthaí lena rialaítear ionstraimí chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2. Sna cásanna sin, níor cheart na hionstraimí caipitil sin a ríomh chuig caipiteal Breise Leibhéal 1 nó chuig caipiteal Breise Leibhéal 2 de chuid na hinstitiúide ach amháin a luaithe a bheidh na próisis fhormheasa sin tugtha chun críche acu.

(76)

D'fhonn disciplín an mhargaidh a neartú agus cobhsaíocht airgeadais a mhéadú, ní mór ceanglais níos mionsonraithe a thabhairt isteach maidir le foirm agus cineál caipitil rialála agus na coigeartuithe stuamachta a rinneadh a nochtadh, d'fhonn a áirithiú go mbeidh dóthain eolais ag infheisteoirí agus ag taisceoirí faoi shócmhainneacht institiúidí.

(77)

Tá sé riachtanach freisin go mbeidh eolas ag na húdaráis inniúla, i dtéarmaí comhiomlána ar a laghad, ar leibhéal na gcomhaontuithe athcheannaigh, na n-iasachtaí urrús agus gach cineál eile sócmhainní. Ba cheart faisnéis den chineál sin a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla. D'fhonn disciplín an mhargaidh a neartú, ba cheart go mbeadh ceanglais níos mionsonraithe maidir le comhaontuithe athcheannaigh agus maoiniú urraithe a nochtadh.

(78)

Ba cheart an sainmhíniú nua ar chaipiteal agus ar cheanglais chaipitil rialála a thabhairt isteach agus aird á tabhairt ar na himthosca agus na dálaí náisiúnta éagsúla, agus is é an chaoi a dtiocfaidh laghdú i rith na tréimhse trasdula ar na héagsúlachtaí tosaigh sin. D'fhonn an leanúnachas iomchuí a áirithiú ar leibhéal na gcistí dílse, marthanófar ionstraimí a eiseofar faoi chuimsiú birt athchaipitlithe de bhun rialacha maidir leis an Státchabhair agus a eiseofar roimh an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm go ceann na tréimhse trasdula. Ba cheart go laghdófaí iontaoibh i Státchabhair a mhéid is féidir amach anseo. A mhéid atá gá leis an Státchabhair sin i gcásanna áirithe, áfach, ba cheart go bhforáilfear sa Rialachán do chreat chun déileáil le cásanna mar sin. Ba cheart go sonrófaí sa Rialachán seo, go háirithe, cén chaoi is ceart na hionstraimí cistí dílse a eisítear faoi chuimsiú birt athchaipitilithe de bhun rialacha maidir leis an Státchabhair a láimhseáil. Ba cheart an fhéidearthacht go mbainfeadh institiúidí tairbhe as láimhseáil den sórt sin a bheith faoi réir coinníollacha dochta. Ina theannta sin, a mhéid a cheadaítear imeachtaí ón gcritéar nua maidir le cáilíocht ionstraimí cistí dílse le láimhseáil den sórt sin, ba cheart go mbeadh na himeachtaí sin chomh teoranta agus is féidir. Maidir leis an láimhseáil i leith ionstraimí caipitil atá ann cheana agus a eisítear faoi chuimsiú birt athchaipitilithe de bhun rialacha maidir leis an Státchabhair, ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na hionstraimí caipitil sin a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo agus na hionstraimí nach gcomhlíonann iad. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha idirthréimhseacha iomchuí don chás deireanach sin a leagan síos sa Rialachán seo.

(79)

Ceanglaíonn Treoir 2006/48/CE ar institiúidí creidmheasa cistí dílse atá ar a laghad comhionann le méideanna íosta arna sonrú a chur ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2011. I bhfianaise iarmhairtí leanúnacha na géarchéime airgeadais in earnáil na baincéireachta agus leathnú ar na socruithe idirthréimhseacha ar ghlac an CBMB leo i gcomhair ceanglas caipitil, is iomchuí teorainn níos ísle a thabhairt isteach arís go ceann tréimhse teoranta go dtí go mbeidh go leor cistí dílse curtha ar bun i gcomhréir leis na socruithe idirthréimhseacha le haghaidh cistí dílse dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus a chuirfear i bhfeidhm de réir a chéile ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí 2019.

(80)

I gcás grúpaí a bhfuil gnó suntasach baincéireachta nó infhestíochta agus árachais acu, soláthraítear le Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais (13) rialacha sonracha chun aghaidh a thabhairt ar an 'comhaireamh dúbailte caipitil seo. Tá Treoir 2002/87/CE bunaithe ar phrionsabail a nglactar leo ar fud an domhain le déileáil le priacail a bhfuil baint acu le hearnálacha éagsúla. Neartaítear leis an Rialachán seo an bealach a mbeidh feidhm ag na rialacha sin le haghaidh ilchuideachtaí airgeadais ar ghrúpaí gnólachtaí infheistíochta agus baincéireachta, le cinntiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach daingean agus comhsheasmhach. Tabharfar aghaidh ar athruithe eile ar bith is gá a dhéanamh nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar Threoir 2002/87/CE, a bhfuil coinne leis in 2015.

(81)

Léirigh an ghéarchéim airgeadais gur ró-íseal i bhfad a mheas institiúidí an leibhéal priacal creidmheasa contrapháirtí a bhain le díorthaigh thar an gcuntar (OTC). Spreag sé sin an G-20, i Meán Fómhair 2009, chun a éileamh go ndéanfaí níos mó díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí contrapháirtí lárnach (CPL). Ina theannta sin, maidir leis na díorthaigh thar an gcuntar nach bhféadfaí a imréiteach go lárnach, d'iarr siad iad a bheith faoi réir ceanglas níos airde maidir le cistí dílse d'fhonn na priacail níos airde a bhaineann leo a léiriú ar bhealach níos fearr.

(82)

Tar éis don G-20 é sin a iarraidh, rinne an CBMB athrú ábhartha ar an gcóras priacal creidmheasa contrapháirtí, mar chuid de Basel III. Meastar go ndéanfaidh Basel III méadú suntasach ar na ceanglais cistí dílse a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar agus maidir le maoiniú idirbhearta urrúis i gcás agus meastar go gcruthófar dreasachtaí móra chun go mbainfeadh institiúidí leas as contrapháirtithe lárnacha. Meastar go gcuirfidh Basel III tuilleadh dreasachtaí ar fáil chun bainistiú priacal ar risíochtaí creidmheasa contrapháirtí a neartú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras reatha maidir le láimhseáil risíochtaí ar priacal creidmheasa contrapháirtithe lárnacha.

(83)

Ba cheart cistí dílse breise a bheith ina seilbh ag institiúidí mar gheall ar an bpriacal maidir le coigeartú luachála creidmheasa a eascraíonn as díorthaigh thar an gcuntar. Ba cheart d'institiúidí comhghaol luacha sócmhainne níos airde a úsáid agus iad ag ríomh na gceanglas maidir le cistí dílse le haghaidh risíochtaí ar priacal creidmheasa contrapháirtí a eascraíonn as díorthaigh thar an gcuntar agus as idirbhearta maoinithe urrús chuig institiúidí airgeadais áirithe. Ba cheart go mbeadh ceanglas ar institiúidí freisin feabhas suntasach a chur ar thomhas agus ar bhainistiú priacal creidmheasa contrapháirtí agus é sin a dhéanamh trí aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar priacal comhghaolmhaireachta, ar chontrapháirtithe an-ghiaráilte agus ar chomhthaobhacht, agus feabhsuithe comhfhreagracha i réimse na tástála siarghabhálaí agus na tástála struis ag gabháil leo.

(84)

An sásra iltaobhach glanluachála agus roinnte caillteanas a chuireann contrapháirtithe lárnacha ar fáil, is gnách go dtéann sí chun sochair do risíochtaí trádála ar chontrapháirtithe lárnacha. Dá thoradh sin, bíonn priacal an-íseal creidmheasa contrapháirtí ag baint leo agus ba cheart dá bhrí sin go mbeidís faoi réir ceanglas an-íseal maidir le cistí dílse. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh an ceanglas sin dearfach d'fhonn a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí rianú agus faireachán ar a risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha mar chuid de dhea-bhainistíocht priacal agus d'fhonn a léiriú nach bhfuil risíochtaí trádála ar chontrapháirtithe lárnacha fiú saor ó priacal.

(85)

Is éard atá i gciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh sásra a fhágann gur féidir caillteanais a roinnt (frithpháirtiú) ar bhaill imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh. Úsáidtear é i gcásanna ina mbeadh na caillteanais a thabhódh an contrapháirtí lárnach tar éis mhainneachtain baill imréitigh níos mó ná corrlaigh agus ranníocaíochtaí an chiste mainneachtana a chuireann an ball imréitigh sin ar fáil agus aon chosaint eile a d'fhéadfadh an contrapháirtí lárnach a úsáid sula mbainfeadh sé leas as ranníocaíochtaí ciste mhainneachtana na mball imréitigh eile. I bhfianaise an méid sin, tá an priacal a bhaineann le risíochtaí ó ranníocaíochtaí ciste mainneachtana níos airde ná an priacal a bhaineann le risíochtaí trádála. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh risíochtaí den chineál sin faoi réir ceanglais níos airde maidir le cistí dílse.

(86)

Ba cheart athróg a bheith in "caipitil hipitéiseach" contrapháirtí lárnaigh, athróg a bheadh riachtanach chun ceanglas cistí dílse a chinneadh maidir le risíochtaí baill imréitigh i ngeall ar a ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtithe lárnacha. Níor cheart a mheas gur aon ní eile é. Go háirithe, níor cheart a mheas gurb é sin an méid caipitil a chuireann an t-údarás inniúil de cheangal ar an gcontrapháirtí lárnach a bheith ina seilbh aige.

(87)

An t-athbhreithniú ar láimhseáil priacal creidmheasa contrapháirtí, go háirithe ceanglais níos airde a chur ar bun maidir le cistí dílse le haghaidh conarthaí díorthach déthaobhacha d'fhonn an priacal níos airde don chóras airgeadais a bhaineann leo sin a chur san áireamh, is cuid lárnach é d'iarrachtaí an Choimisiúin féachaint chuige go mbeidh na margaí díorthach éifeachtach, sábháilte agus slán. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo ina chomhlánú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (14).

(88)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na díolúintí ábhartha le haghaidh risíochtaí móra faoin 31 Nollaig 2015. Go dtí go bhfeicfear an toradh a bheidh ar an athbhreithniú sin, ba cheart ligean do na Ballstáit fós cinneadh a dhéanamh maidir le risíochtaí móra áirithe a dhíolmhú ó na rialacha sin go ceann idirthréimhse atá fada go leor. Ag cur leis an obair a rinneadh faoi chuimsiú Threoir 2009/111/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/48/CE, Treoir 2006/49/CE agus Treoir 2007/64/CE a mhéid a bhaineann le bainc atá cleamhnaithele hinstitiúidí larnacha, le hítimí cistí dílse áirithe, le risíochtaí móra áirithe, le socruithe maoirseachta agus le bainisitiú géarchéim (15) a ullmhú agus a chaibidliú agus ag cur forbairtí idirnáisiúnta agus Eorpacha maidir leis na saincheisteanna sin san áireamh, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh maidir lena bpléifear ar cheart go leanfaí de na díolúintí sin a chur i bhfeidhm ar bhealach lánroghnach nó ar bhealach níos ginearálta agus an dtabharfaí aghaidh ar na priacail a bhaineann leis na risíochtaí sin trí mheáin éifeachtacha eile a leagtar síos sa Rialachán seo.

(89)

D'fhonn a áirithiú nach ndéanfar dochar do chomhleanúnachas na rialacha aonfhoirmeacha a bhunaítear leis an Rialachán seo ar bhonn buan le díolúintí ar risíochtaí ag údaráis inniúla, tar éis idirthréimhse, agus mura bhfuil toradh ar bith ar an athbhreithniú thuasluaite, ba cheart go rachadh na húdaráis inniúla i gcomhairle leis an ÚBE le cinneadh an iomchuí é leanúint d'úsáid a bhaint as an deis risíochtaí áirithe a dhíolmhú.

(90)

Saintréithe de chuid blianta a tháinig roimh an ngéarchéim airgeadais ab ea an fás iomarcach a tháinig ar risíochtaí institiúidí i gcoibhneas lena gcistí dílse (luamhánú). Chuir caillteanais agus an easpa maoinithe le linn na géarchéime airgeadais iallach ar institiúidí laghdú suntasacha a dhéanamh ar an nluamhánú thar thréimhse ghearr. Mhéadaigh sé sin an chaoi a raibh praghsanna sócmhainní á mbrú síos, rud ba chúis le tuilleadh caillteanas a bheith ag institiúidí creidmheasa agus ag gnólachtaí infheistíochta araon sa chaoi gur tháinig laghduithe breise ar a gcistí dílse. Is é toradh a bhí ar an titim sin gur laghdaigh an creidmheas a bhí ar fáil don fhíorgheallagar agus go raibh an ghéarchéim níos doimhne agus níos faide.

(91)

Tá ceanglais priacal -bhunaithe maidir le cistí dílse fíor-riachtanach lena áirithiú go mbeidh go leor cistí dílse ann chun caillteanais gan choinne a chumhdach. Mar sin féin, léirigh an ghéarchéim nach leor na ceanglais sin iontu féin chun cosc a chur ar institiúidí priacal luamhánaithe iomarcach neamh-inbhuanaithe a ghlacadh.

(92)

I mí Mheán Fómhair 2009, chuir ceannairí an G-20 ceangal orthu féin rialacha a fhorbairt a nglacfaí leo go hidirnáisiúnta chun luamhánú iomarcach a dhíspreagadh. Chun na críche sin, thacaigh siad le cóimheas luamhánaithe a thabhairt isteach mar bheart forlíontach ar chreat Basel II.

(93)

I mí na Nollag 2010, d'fhoilsigh an CBMB treoirlínte a thug sainmhíniú ar an modheolaíocht chun an cóimheas luamhánaithe a ríomh. Foráiltear leis na rialacha sin go mbeidh tréimhse bhreathnóireachta ann ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 1 Eanáir 2017, tréimhse a ndéanfar faireachán lena linn ar an gcóimheas giarála, ar a chomhpháirteanna agus ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sé i dtaca leis an gceanglas priacal -bhunaithe. Tá sé beartaithe ag an CBMB coigeartuithe deiridh a dhéanamh, i bhfianaise thorthaí na tréimhse breathnóireachta, ar shainmhíniú agus ar chalabrú an chóimheasa luamhánaithe sa chéad leath de 2017, d'fhonn ceanglas a dhéanamh de an 1 Eanáir 2018 ar bhonn athbhreithniú agus calabrú cuí. Déantar foráil i dtreoirlínte an CBMB freisin maidir leis an gcóimheas luamhánaithe agus a chomhpháirteanna a nochtadh ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh.

(94)

Is uirlis rialála agus maoirseachta nua ag an Aontas an cóimheas giarála. I gcomhréir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta, ba cheart é a thabhairt isteach ar dtús mar ghné bhreise a d'fhéadfaí cur i bhfeidhm ar institiúidí aonair ar rogha na n-údarás maoirseachta. D'fhágfadh na hoibleagáidí tuairiscithe maidir le hinstitiúidí go bhféadfaí athbhreithniú agus calabrú cuí a dhéanamh air, d'fhonn gluaiseacht chuig beart cenagailteach a dhéanamh in 2018.

(95)

Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar thionchar an chóimheasa luamhánaithe ar cineálacha éagsúla gnó, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chineálacha gnó a mheastar priacal íseal a bheith ag baint leo, mar shampla iasachtaí morgáiste agus iasachtaí speisialaithe a dhéantar le rialtais réigiúnacha, le húdaráis áitiúla nó le heintitis san earnáil phoiblí. Ba cheart don ÚBE, bunaithe ar na sonraí a fhaightear agus ar na torthaí ón athbhreithniú maoirseachta le linn tréimhse bhreathnóireachta, aicmiú samhlacha gnó agus priacail a fhorbairt i gcomhar leis na húdaráis inniúla. Bunaithe ar an anailís iomchuí, agus sonraí stairiúil nó cásanna struis a chur san áireamh freisin, ba cheart go mbeadh measúnú ar na leibhéil iomchuí den chóimheas luamhánaithe a dhéanann cosaint ar theacht aniar na samhlacha gnó faoi seach agus cibé ar cheart go socrófaí leibhéil an chóimheasa ghiarála mar thairseacha nó mar raonta. Tar éis na tréimhse breathnóireachta agus calabiú leibhéal an chóimheasa luamhánaithe faoi seach, agus bunaithe ar an measúnú, féadfaidh an ÚBE athbhreithniú iomchuí maidir le staidreamh a fhoilsiú, lena n-áirítear meáin agus dialltaí caighdeánach an chóimheasa ghiarála. Tar éis ceanglais an chóimheasa luamhánaithe a ghlacadh, ba cheart don ÚBE athbhreithniú iomchuí maidir le staidreamh a fhoilsiú, lena n-áirítear meáin agus dialltaí caighdeánacha an chóimheasa luamhánaithe i ndáil le catagóirí aitheanta na n-institiúidí.

(96)

Ba cheart d'institiúidí faireachán a dhéanamh ar leibhéal an chóimheasa luamhánaithe, ar athruithe a thagann ar an leibhéal sin agus ar an bpriacal luamhánaithe mar chuid den phróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (PIMLC). Ba cheart faireachán den sórt sin a bheith ina cuid den phróiseas athbhreithniúcháin mhaoirseachta. Go háirithe, tar éis theacht i bhfeidhm na gceanglas maidir leis an gcóimheas giarála, ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa tsamhail ghnó agus ar an bpróifíl priacal a bhaineann leis sin d'fhonn a áirithiú go mbeadh aicmiú na n-institiúidí i gceart agus cothrom le dáta.

(97)

Tá struchtúir dhea-rialachais, trédhearcacht agus nochtadh riachtanach d'fhonn beartais fhónta maidir le luach saothair a áirithiú. D'fhonn trédhearcacht leormhaith a áirithiú don mhargadh maidir leis na struchtúir luacha saothair agus an priacal a bhaineann leo, ba cheart d'institiúidí faisnéis mhionsonraithe a nochtadh maidir lena gcuid beartas i leith luach saothair, a gcleachtais agus, ar chúiseanna rúndachta, na méideanna comhiomlánaithe a thugtar do na baill foirne sin a bhfuil tionchar ábharach ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacal na hinstitiúide. Ba cheart an fhaisnéis sin go léir a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir. Ba cheart go mbeadh na ceanglais áirithe sin gan dochar do cheanglais níos ginearálta nochta a bhaineann le beartais luacha saothair is infheidhme go cothrománach trasna earnálacha. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstát a chur de cheangal ar institiúidí faisnéis níos mionsonraithe maidir le luach saothair a chur ar fáil.

(98)

Níor cheart go méadófaí le Gníomhaireacht Rátála Creidmheasa a aithint mar Institiúid um Measúnú Creidmheasa Sheachtrach (IMCS) foriamh margaidh a bhfuil forlámhas ag trí ghnóthas lárnacha air cheana féin. Ba cheart go ndéanfadh an ÚBE agus na Bainc Cheannais foráil, gan an próiseas a dhéanamh níos fusa nó féachaint chuige go mbeadh sé chomh dian, chun níos mó Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa a aithint mar IMCS mar bhealach chun an margadh a oscailt do ghnóthais eile.

(99)

Maidir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt (16) sin agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndái (17) l le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, ba cheart iad a bheith lán-infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críche an Rialacháin seo.

(100)

Ba cheart maolán éagsúlaithe sócmhainní leachtacha a bheith ina seilbh ag institiúidí is féidir leo a úsáid chun riachtanais leachtachta a chlúdach le linn struis leachtachta gearrthéarmaí. Ós rud é nach féidir a bheith cinnte ex ante cé na sócmhainní sonracha laistigh de gach aicme sócmhainní a d'fhéadfadh a bheith faoi réir turraingí ex-post, tá sé iomchuí maolán leachtachta éagsúlaithe ardcháilíochta a chur chun cinn ina mbeadh catagóirí éagsúla sócmhainní. Le comhdhlúthacht sócmhainní agus ró-spleáchas ar leachtacht an mhargaidh, cruthaítear priacal sistéamach don earnáil airgeadais agus ba cheart an méid sin a sheachaint. Ba cheart da bhrí sin tacar leathan de ardcháilíochta a chur san áireamh le linn tréimhse breathnóireachta tosaigh a úsáidfear chun sainmhíniú a fhorbairt ar cheanglas maidir le cumhdach leachtachta. Agus sainmhíniú aonfhoirmeach ar shócmhainní leachtachta á dhéanamh, bheifí ag súil leis go ndéanfaí bannaí rialtais, agus bannaí cumhdaithe a thrádáiltear ar mhargaí trédhearcacha a bhfuil láimhdeachas leantach acu, ar a laghad, a mheas mar shócmhainní fíor-ardleachtachta agus ffíor-ardcháilíochta creidmheasa. Bheadh sé iomchuí freisin gur cheart sócmhainní a chomhfhreagraíonn d'Airteagal 416(1) -(a) go (c) a áireamh sa mhaolán gan teorainneacha. Nuair a úsáideann institiúidí an stoc leachtachta, ba cheart dóibh plean a chur ar bun chun a gcuid sealbhán sócmhainní leachtacha a athshlánú agus ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go bhfuil an plean leordhóthanach agus go gcuirtear i bhfeidhm é.

(101)

Ba cheart an stoc sócmhainní leachtacha a bheith ar fáil am ar bith chun freastal ar na heis-sreafaí leachtachta. Ba cheart leibhéal na riachtanas leachtachta le linn struis leachtachta gearrthéarmaí a chinneadh ar bhealach caighdeánaithe d'fhonn caighdeán aonfhoirmeach fóntachta agus bonn cothromaíochta a airithiú. Ba cheart go n-áiritheofaí nach mbeadh aon iarmhairtí neamhbheartaithe ag a leithéid de chinneadh caighdeánaithe ar mhargaí airgeadais, ar shíneadh creidmheasa ná ar fhás eacnamaíoch, agus ba cheart a chur san áireamh freisin samhlacha éagsúla gnó agus infheistíochta agus timpeallachtaí éagsúla maoinithe institiúidí ar fud an Aontais. Chuige sin, ba cheart an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta a bheith faoi réir tréimhse breathnóireachta. Bunaithe ar na tuairimí agus le tacaíocht tuarascálacha ó ÚBE, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun ceanglas maidir le cumhdach leachtachta atá mionsonraithe agus comhchuibhithe a thabhairt isteach don Aontas ar bhealach tráthúil. D'fhonn comhchuibhiú domhanda a áirithiú í réimse rialáil leachtachta, ba cheart go mbeadh aon ghníomh tarmligthe chun an ceanglas maidir le cóimheas cumhdaigh leachtachta a thabhairt isteach inchomparáide leis an gcóimheas maidir le cumhdach leachtachta a leagtar amach sa chreat idirnáisiúnta deiridh maidir le tomhas, caighdeáin agus faireachán priacail leachtachta de chuid CBMB agus sonraíochtaí an Aontais agus sonraíochta náisiúnta á gcur san áireamh.

(102)

Chun na críche sin, le linn na tréimhse breathnóireachta, ba cheart d’ÚBE athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh, inter alia, ar a iomchuí is a bheadh tairseach 60 % ar shócmhainní leachtachta leibhéal 1, uasteorainn 75 % ar insreafaí i gcoinne eis-sreafaí agus céimniú isteach an cheanglais maidir le cumhdach leachtachta ó 60 % ón 1 Eanáir 2015 agus é ag méadú ar bhonn céimnitheach go 100 %. Agus measúnú agus tuairisciú á ndéanamh aige ar shainmhínithe aonfhoirmeacha an stoic sócmhainní leachtacha, ba cheart d’ÚBE aird a thabhairt ar shainmhíniú CBMBCBMB ar shócmhainní leachtachta ardleibhéil (SLAL) mar bhonn dá anailís, agus sonraíochtaí an Aontais agus sonraíochtaí náisiúnta á gcur san áireamh. Cé gur cheart d’ÚBE na hairgeadraí sin a shainaithint ina sáraíonn an gá atá ag institiúidí atá bunaithe san Aontais le sócmhainní leachtacha infhaighteacht na sócmhainní leachtacha sin san airgeadra sin, ba cheart go ndéanfadh ÚBE scrúdú bliantúil i dtaobh ar cheart maoluithe, lena n-áirítear na maoluithe sin a shainaithnítear sa Rialachán seo, a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart d’ÚBE measúnú bliantúil a dhéanamh, i ndáil le haon mhaolú den chineál sin chomh maith le maoluithe a sainaithníodh cheana sa Rialachán seo, i dtaobh ar cheart go mbeadh aon choinníoll breise ceangailte le húsáid na maoluithe ag institiúidí atá bunaithe san Aontais, nó ar cheart go ndéanfaí coinníollacha atá ann cheana a athbhreithniú. Ba cheart d’ÚBE torthaí na hanailíse a rinne sé a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtuarascáil bhliantúil.

(103)

D'fhonn an éifeachtúlacht a mhéadú agus an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart d' ÚBE creat tuairiscithe comhleanúnach a chur ar bun ar bhonn tacair chomhchuibhithe caighdeán do cheanglais leachtachta ar cheart iad a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais. Chun na críche sin, ba cheart d' ÚBE formáidí tuairiscithe aonfhoirmeacha agus réitigh TF aonfhoirmeacha a fhorbairt lena gcuirtear san áireamh forálacha an Rialacháin seo agus forálachaThreoir 201336/AE. Go dtí dáta cur chun feidhme na gceanglas leachtachta iomlán, ba cheart do na hinstitiúidí leanúint dá gcuid ceanglas tuairiscithe náisiúnta a chomhlíonadh.

(104)

Ba cheart go n-eiseodh an ÚBE, i gcomhar le BERS, treoir maidir leis na prionsabail chun stoc leachtach a úsáid i riocht struis.

(105)

Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go dtabharfaidh institiúidí tacaíocht leachtachta d'institiúidí eile a bhaineann leis an ngrúpa céanna nuair a bhíonn deacrachtaí acu freastal ar a gcuid oibleagáidí íocaíochta. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann cur chun feidhme ancheanglais maidir le cumhdach a tharscaoileadh i leith institiúidíaonair, faoi réir coinníollacha diana agus faoi réir chomhaontú aonair na n-údarás inniúil go léir lena mbaineann, agus na hinstitiúidí sin a chur faoi réir ceanglais chomhdhlúite, d'fhonn a cheadú dóibh a leachtacht a bhainistiú go lárnach ar leibhéal an ghrúpa nó an fhoghrúpa.

(106)

Ar an gcuma chéanna, i gcás nach ndeonófar tarscaoileadh, maidir le sreafaí leachtachta idir dhá institiúid den ghrúpa céanna agus atá faoi réir maoirseachta comhdhlúite, nuair a thiocfaidh an ceanglas maidir le leachtacht chun bheith ina bheart ceangailteach, níor cheart go bhfaighidís rátaí insreafa agus eis-sreafa fabhracha ach amháin sna cásanna sin ina bhfuil na cosaintí go léir is gá i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh láimhseáil fhabhrach shonrach den sórt sin sainithe go beacht agus nasctha le comhlíonadh roinnt coinníollacha diana agus oibiachtúla. Ba cheart an láimhseáil shonrach is infheidhme do shreabhadh inghrúpa a fháil trí mhodheolaíocht lena n-úsáidtear critéir agus paraiméadair oibiachtúla d'fhonn leibhéil shonracha insreafaí agus eis-sreafaí a chinneadh idir na hinstitiúidí agus an contrapháirtí. Ar bhonn na dtuairimí sin agus le tacaíocht ó thuarascáil ÚBE, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí agus agus mar chuid den ghníomh tarmligthe a ghlacfaidh an Coimisiún de bhun an Rialacháin seo chun an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta a shonrú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na láimhseálacha sonracha inghrúpa sin, an mhodheolaíocht agus na critéir oibiachtúla a bhfuil siad nasctha leo chomh maith le módúlachtaí cinnidh chomhpháirtigh chun measúnú a dhéanamh ar na critéir sin, a leagan síos.

(107)

Tá na bannaí arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) in Éirinn thar a bheith tábhachtach don téarnamh baincéireachta in Éirinn agus tá formheas roimh ré tugtha dá n-eisiúint ag na Ballstáit, agus tá a n-eisiúint formheasta mar Státchabhair ag an gCoimisiún mar bheart tacaíochta atá tugtha isteach chun sócmhainní lagaithe a bhaint de chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa áirithe. Tá eisiúint bannaí den sórt sin, beart idirthréimhseach a bhfuil tacaithe leis ag an gCoimisiún agus ag BCE, mar chuid lárnach den athstruchtúrú ar chóras baincéireachta na hÉireann. Tá na bannaí sin ráthaithe ag rialtas na hÉireann agus is comhthaobhacht incháilithe iad leis na húdaráis airgeadaíochta. Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar shásraí sonracha chun marthanú a dhéanamh ar shócmhainní inaistrithe atá eisithe nó ráthaithe ag eintitis a bhfuil formheas Státchabhrach Aontais acu, mar chuid den ghníomh tarmligthe a ghlacfaidh sé de bhun an Rialacháin sin d'fhonn an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta a shonrú. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún agus é á chur san áireamh aige gur cheart a cheadú d'institiúidí a ríomhann na ceanglais maidir le cumhdach leachtachta i gcomhréir le leis an Rialachán seo bannaí sinsearacha de chuid GNBS a áireamh, go dtí mí na Nollag 2019, mar shócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa fíor- ard acu.

(108)

Ar an dul céanna, tá tábhacht ar leith ag baint leis na bannaí arna n-eisiúint ag Cuideachta na Spáinne um Bainistíocht Sócmhainní do théarnamh baincéireachta na Spáinne agus is beart idirthréimhseach iad a bhfuil tacaithe ag an gCoimisiún agus ag BCE leis, mar chuid lárnach den athstruchtúrú ar chóras baincéireachta na Spáinne. Ós rud é go ndearnadh foráil dá n-eisiúint sa Mheabhrán Tuisceana maidir le Coinníollacht Bheartais don Earnáil Airgeadais a shínigh an Coimisiún agus na hÚdaráis Spáinneacha an 23 Iúil 2012, agus ós rud é go dteastaíonn formheas ón gCoimisiún chun na sócmhainní a aistriú mar bheart státchabhrach atá tugtha isteach chun sócmhainní lagaithe a bhaint de chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa áirithe, agus a mhéid atá siad ráthaithe ag rialtas na Spáinne agus a mhéid gur comhthaobhacht incháilithe iad leis na húdaráis airgeadaíochta. Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar shásraí sonracha chun marthanú a dhéanamh ar shócmhainní inaistrithe atá eisithe nó ráthaithe ag eintitis a bhfuil formheas státchabhrach Aontais acu. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a dhéanamh,a mbeadh togra reachtach in éineacht leis, i gcás inarb iomchuí, ina gcuirfí san áireamh gur cheart a cheadú d'institiúidí a ríomhann na ceanglais maidirle cumhdach leachtachta i gcomhréir le Cuid a Sé bannaí sinsearacha de chuid Chuideachta na Spáinne um Bainistíocht Sócmhainní, a áireamh, go dtí mí na Nollag 2023, ar a laghad, mar shócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa thar a bheith ard acu.

(109)

Ar bhonn na dtuarascálacha a gceanglaítear ar ÚBE tíolacadh 509 agus nuair a bheidh an togra le haghaidh gnímh tharmligthe maidir le ceanglais leachtachta á ullmhú, ba cheart don Choimisiún a mheas freisin ar cheart láimhseáil den sórt sin a dheonú i gcás bannaí sinsearacha a eisíonn eintitis dhlíthiúla atá comhchosúil le GNBS in Éirinn nó leis an gCuideachta Bainistithe Sócmhainní sa Spáinn, ar eintitis iad a bunaíodh chun na críche céanna agus a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leo i ndáil le téarnamh na mbanc in aon Bhallstát eile, a mhéid a bheidh siad ráthaithe ag rialtas lárnach an Bhallstáit ábhartha agus a mhéid gur comhthaobhacht incháilithe iad leis na húdaráis airgeadaíochta.

(110)

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt i le modhanna a chinneadh chun an eis-sreabhadh breise a thomhas, ba cheart go mbreathnódh ÚBE siar ar chur chuige breathnaithe siar stairiúil caighdeánaithe mar mhodh tomhais mar sin.

(111)

Go dtí go dtabharfar isteach an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí (CGCC) mar íoschaighdeán ceangailteach, ba cheart go n-urramódh institiúidí oibleagáid ghinearálta maoiniúcháin. Níor cheart gur ceanglas cóimheasa an oibleagáid ghinearálta maoinithe. Má thugtar isteach cóimheas cobhsaí maoiniúcháin mar íoschaighdeán trí bhíthin forála náisiúnta, go dtí go dtabharfar isteach an CGCC, ba cheart go ndéanfadh institiúidí an t-íoschaighdeán sin a chomhlíonadh dá réir.

(112)

Le cois na gceanglas maidir le leachtacht ghearrthéarmach, ba cheart d'institiúidí struchtúir mhaoinithe a ghlacadh freisin a mbeadh cobhsaíocht fhadtéarmach ag baint leo. D'aontaigh an CBMB i mí na Nollag 2010 go ngluaisfidh an CGCC go dtí caighdeán íosta roimh an 1 Eanáir 2018 agus go gcuirfidh an CBMB dianphróisis tuairiscithe i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar an gcóimheas le linn tréimhse trasdula agus go leanfaidh sé leis ag athbhreithniú impleachtaí na gcaighdeán sin ar mhargaí airgeadais, ar shíneadh creidmheasa agus ar fhás eacnamaíoch, agus go dtabharfaidh sé aghaidh ar iarmhairtí neamhbheartaithe de réir mar is gá. Sa chaoi sin d'aontaigh an CBMB go mbeidh an CGCC faoi réir tréimhse bhreathnóireachta agus go mbeidh clásal athbhreithnithe ann freisin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d'ÚBE meastóireacht a dhéanamh, ar bhonn an tuairiscithe a cheanglaítear leis an Rialachán seo, i dtaobh conas ba cheart ceanglas maidir le maoiniú cobhsaí a cheapadh. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus bunaithe ar an meastóireacht sin, mar aon le haon tograí iomchuí d'fhonn ceanglas den sórt sin a thabhairt isteach faoi 2018.

(113)

Laigí i rialachas corparáideach roinnt institiúidí a chuir, i bpáirt, le glacadh priacail iomarcacha místuama in earnáil na baincéireachta agus is é a bhí faoi deara cliseadh institiúidí aonair agus fadhbanna sistéimeacha.

(114)

Ba cheart d'institiúidí a gcuid socruithe maidir le rialachas corparáideach a nochtadh don phobal d'fhonn faireachán ar na cleachtais maidir le rialachas corparáideach atá ag institiúidí a éascú agus rialú an mhargaidh a fheabhsú. Ba cheart do chomhlachtaí bainistíochta na n-institiúidí sin formheasa thabhairt do ráiteas a dhearbhódh don phobal go bhfuil na socruithe sin leordhóthanach éifeachtúil agus ba cheart an ráiteas a nochtadh don phobal.

(115)

D'fhonn éagsúlacht na samhlacha gnó atá ag institiúidí sa mhargadh inmheánach a chur san áireamh, ba cheart ceanglais áirithe fadtéarma struchtúracha amhail CGCC agus an cóimheas luamhánaithe a scrúdú go mion d'fhonn roinnt struchtúr fónta baincéireachta a chur chun cinn, ar struchtúir iad ar bhain geilleagar an Aontais leas astu agus ar cheart go leanfar de leas a bhaint astu.

(116)

Tá gá le struchtúr cobhsaí maoiniúcháin chun go bhféadfaí seirbhísí airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar bhonn leanúnach. I gcoitinne, d'fhéadfadh sé go mbeadh tréithe ag baint leis na sreafaí maoiniúcháin fadtéarmacha sna córais airgeadais bunaithe ar bhainc i gcuid mhór de na Ballstáit a bheidh éagsúil ó na cinn a bhíonn i margaí idirnáisiúnta eile. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh sé gur forbraíodh struchtúir shonracha mhaoiniúcháin i mBallstáit chun maoiniú cobhsaí a chur ar fáil d'infheistíocht fhadtéarma, lena n-áirítear struchtúir dhíláraithe bhaincéireachta chun leachtacht a threorú nó urrúis speisialacha do mhorgáistí a thrádáiltear ar mhargaí fíorleachtacha nó ar infheistíocht fhiúntach iad d'infheistitheoirí fadtéarma. Ba cheart na tosca struchtúracha sin a mheas go cúramach. Tá sé ríthábhachtach, chun na críche sin, go ndéanfaidh ÚBE agus BERS, bunaithe ar thuairisciú a éilítear leis an Rialachán seo, a luaithe a bheidh na caighdeáin idirnáisiúnta tugtha chun críche, meastóireacht ar an mbealach ar cheart ceanglas cobhsaí maoiniúcháin a cheapadh agus aird iomlán á tabhairt ar an éagsúlacht a bhaineann leis na struchtúir mhaoiniúcháín sa mhargadh baincéireachta san Aontas.

(117)

D'fhonn a áirithiú go gcóineasófar i leaba a chéile leibhéal na gcistí dílse agus na hoiriúnuithe stuamachta arna gcur i bhfeidhm maidir le sainiú na gcistí dílse ar fud an Aontais agus maidir le sainiú cistí dílse atá leagtha síos sa Rialachán seo le linn idirthréimhse, ba cheart na ceanglais cistí dílse sa Rialachán seo a thabhairt isteach go céimnitheach. Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go ndéanfar sin i gcomhréir leis na feabhsuithe a rinne na Ballstáit le déanaí ar leibhéil na gcistí dílse arna gceangal agus ar na sainithe ar chistí dílse atá i bhfeidhm sna Ballstáit. Chun na críche sin, i rith na tréimhse trasdula ba cheart do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh, laistigh d'uasteorainneacha agus d'íosteorainneacha sainithe, cé chomh gasta ba cheart leibhéal na gcistí dílse agus na coigeartuithe stuamachta arna gceangal atá leagtha síos sa Rialachán seo a thabhairt isteach.

(118)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar go réidh an t-athrú ó na coigeartuithe stuamachta éagsúla atá i bhfeidhm faoi láthair sna Ballstáit go dtí an tacar coigeartuithe stuamachta atá leagtha síos sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé ar chumas na n-údarás inniúil, le linn idirthréimhse, leanúint de cheangal a chur ar institiúidí go feadh méid airithe oiriúnuithe stuamachta a dhéanamh ar a gcistí dílse, is oiriúnaithe atá de mhaolú ar an Rialachán seo.

(119)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh go leor ama ag na hinstitiúidí na leibhéil nua arna gceangal maidir le cistí dílse agus an sainmhíniú nua atá tugtha orthu a chomhlíonadh, ba cheart ionstraimí caipitil áirithe nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar chistí dílse atá leagtha síos sa Rialachán seo a chéimniú amach idir an 1 Eanáir 2013 agus an 31 Nollaig 2021. Ina theannta sin, ba cheart stát-ionstraimí áirithe a aithint i gcistí dílse go ceann tréimhse teoranta. Thairis sin, maidir leis na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hítimí atá cáilithe mar chistí dílse faoi na bearta náisiúnta trasuí le haghaidh Treoir 2006/48/CE, ba cheart go gcáileodh siad faoi imthosca áirithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

(120)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar cóineasú de réir a chéile ionsar rialacha aonfhoirmeacha maidir le nochtadh arna dhéanamh ag institiúidí chun faisnéis chruinn chuimsitheach a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh maidir le próifíl priacal na n-institiúidí faoi leith, ba cheart na ceanglais nochta a thabhairt isteachgo céimnitheach.

(121)

D'fhonn aird a thabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar taithí i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, in éindí le tograí reachtacha, de réir mar is cuí, tuarascálacha faoi aon tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag ceanglais chaipitil ar an timthriall eacnamaíoch, ceanglais maidir le híosmhéid cistí dílse i gcomhair risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach, risíochtaí móra, ceanglais leachtachta, luamhánú, risíochtaí ar priacal creidmheasa arna aistriú, priacal creidmheasa contrapháirtí agus an modh risíochta bunaidh, risíochtaí miondíola, an sainiú ar chaipitil incháilithe, agus leibhéal chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(122)

Ba cheart go mbeadh sé mar phríomhchuspóir leis an gcreat dlíthiúil d'institiúidí creidmheasa a áirithiú go bhfeidhmeoidh na seirbhísí atá ríthábhachtach don fhíorgheilleagar agus teorainn á cur leis an mbaol a bhaineann le guais mhorálta. D'fhéadfaí sé go mbeadh an deighilt struchtúrach idir gníomhaíochtaí baincéireachta miondíola agus infheistíochta i ngrúpa baincéireachta ar cheann de na príomhuirlísí chun tacú leis an gcuspóir sin. Níor cheart go gcuirfí, mar sin, le haon fhoráil sa chreat rialála reatha, cosc ar bhearta a thabhairt isteach lena gcuirfí deighilt den chineál sin i bhfeidhm. Ba cheart go gcuirfí de cheangal ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an tsaincheist a bhaineann le deighilt struchtúrach san Aontas agus tuarascáil a chur faoi bhráidPharlaimint na hEorpa agus na Chomhairle in éineachtle tograí reachtacha.

(123)

Ar an gcuma céanna, d'fhonn taisceoirí a chosaint agus an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit bearta struchtúracha a ghlacadh lena n-éilítear ar institiúidí creidmheasa a údaraítear sa Bhallstát sin a risíochtaí ar eintitis éagsúla dhlíthiúla a laghdú ag brath ar a ngníomhaíochtaí, beag beann ar an áit ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin lonnaithe. Toisc go bhféadfadh bearta den chineál sin tionchar diúltach a bheith acu tríd an margadh inmheánach a scoilteadh, áfach, níor cheart go bhformheasfaí iad ach faoi réir coinníollacha dochta go dtí go dtiocfaidh gníomh dlí i bhfeidhm amach anseo lena gcomhchuibhítear bearta den chineál sin go sainráite.

(124)

D'fhonn na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar an Rialachán seo chun sainmhínithe a shoiléiriú lena áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach nó chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh. d'fhonn an téarmaíocht a ailíniú le gníomhartha bainteacha ina dhiaidh sin agus sainmhínithe a dhéanamh dá réir; chun coigeartú a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo maidir le cistí dílse d'fhonn forbairtí sna caighdeáin chuntasaíochta nó i ndlí an Aontais a léiriú, nó maidir le cóineasú na gcleachtas maoirseachta, d'fhonn síneadh a chur le liosta na ranganna risíochtaí chun críche an Chur Chuige Caighdeánaithe nó Chur Chuige IRB d'fhonn forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh; méideanna áirithe a bhaineann leis na ranganna risíochtaí sin a choigeartú d'fhonn tionchar an bhoilscithe a chur san áireamh; liosta agus aicmiú na n-ítimí sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe a choigeartú, agus coigeartú a dhéanamh ar fhorálacha sonracha agus ar chritéir theicniúla maidir le láimhseáil priacal creidmheasa contrapháirtí, an Cur Chuige Caighdeánaithe agus Cur Chuige IRB, maolú priacal creidmheasa, urrúsú, priacal oibriúcháin, priacal margaidh, leachtacht, luamhánú agus nochtadh d'fhonn forbairtí ar na margaí airgeadais nó i gcaighdeáin chuntasaíochta nó i ndlí an Aontais a chur san áireamh, nó maidir le cóineasú cleachtas maoirseachta agus tomhas priacal agus torthaí athbhreithnithe ar nithe éagsúla a bhaineann le raon feidhme Threoir 2004/39/CE a chur i gcuntas.

(125)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin maidir le laghdú sealadach a fhorordú ar leibhéal na gcistí dílse nó ar na hualaí priacal sonraithe faoin Rialachán sin d'fhonn aird a thabhairt ar dhálaí ar leith, soiléiriú a dhéanamh ar dhíolúine risíochtaí áirithe ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo maidir le risíochtaí móra, méideanna a bhaineann le ríomh na gceanglas caipitil don leabhar trádála a shonrú d'fhonn aird a thabhairt ar fhorbairtí eacnamaíocha agus airgeadaíochta, coigeartú a dhéanamh ar chatagóirí na ngnólachtaí infheistíochta atá incháilithe le haghaidh maoluithe áirithe maidir le leibhéil na gcistí dílse atá riachtanach chun aird a thabhairt ar fhorbairtí sna margaí airgeadais, soiléiriú a dhéanamh ar an gceanglas atá ar ghnólachtaí infheistíochta cistí dílse a bheith ina seilbh acu atá comhionann leis an gceathrú cuid dá bhforchostais seasta i rith na bliana roimhe sin chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú, cinneadh a dhéanamh faoi eilimintí na gcistí dílse sin as ar cheart ionstraimí eintiteas ábhartha atá i seilbh na hinstitiúide a asbhaint, forálacha idirthréimhseacha breise a thabhairt isteach maidir le láimhseáil gnóthachan agus caillteanas achtúireach nuair atá dliteanais sochair phinsin shainithe institiúidí á dtomhas; leibhéal na gcistí dílse a mhéadú go sealadach Tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a cuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí

(126)

I gcomhréir le Dearbhú (Uimh.39) maidir le hAirteagal290 CFAE, ba cheart don Choimisiún leanúint de dhul i gcomhairle leis na saineolaithe arna gceapadh ag na Ballstáit agus dréachtghníomhartha tarmligthe i réimse na seirbhísí airgeadais á n-ullmhú aige, i gcomhréir lena chleachtas seanbhunaithe.

(127)

Leis na caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais ba cheart go n-áiritheofaí comhchuibhiú, dálaí aonfhoirmeacha agus cosaint leordhóthanach taisceoirí, infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlacht é an ÚBE a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, b'éifeachtúil agus b'iomchuí an rud é a iarraidh air dréachtchaighdeáin rialála agus fhorfheidhmithe, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a fhorbairt lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don ÚBE próisis riaracháin agus tuairiscithe éifeachtúla a áirithiú agus caighdeáin theicniúla á ndréachtú aige. Ba cheart go mbeadh na formáidí tuairiscithe i gcomhréir le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí.

(128)

Ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag an ÚBE a ghlacadh i réimsí na gcumann frithpháirteach, na gcomharchumann, na n-institiúidí coigiltis nó na n-eintiteas dá samhail, ionstraimí áirithe cistí dílse, coigeartuithe stuamachta, asbhaintí as cistí dílse, ionstraimí breise cistí dílse, leasanna mionlaigh, coinníollacha chun na ceanglais do luacháil stuama a chur i bhfeidhm, láimhseáil coigeartuithe priacal creidmheasa, dóchúlacht mainneachtana, caillteanas i gcás mainneachtana, cur chuige maidir le hualú priacal sócmhainní, cóineasú cleachtas maoirseachta, leachtacht, agus na socruithe idirthréimhseacha le haghaidh cistí dílse, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh 1093/2010. Tá tábhacht ar leith leis go rachadh an Coimisiún i mbun comharliúchán iomhchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ag leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún agus d'ÚBE a áirithiú go bhféadfaidh na hinstitiúidí go léir lena mbaineann na caighdeáin agus na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, scála agus castacht na n-institiúidí sin agus a ngníomhaíochtaí.

(129)

D'fhéadfadh se go mbeadh tionchar suntasach ag cur chun feidhme roinnt gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán se,o amhail an gníomh tarmligthe a bhaineann leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta, ar institiúidí a ndéantar maoirseacht orthu agus ar an bhfíorgheilleagar. Ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún go gcuirtear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas i gcónaí faoi fhorbairtí ábhartha ar an leibhéal idirnáisiúnta agus faoin machnamh reatha laistigh den Choimisiún sula bhfoilseofar na gníomhartha tarmligthe.

(130)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht freisin don Choimisiún caighdéáin theicniula cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE ghlacadh i dtaca le comhdhlúthú, cinntí comhpháirteacha, tuairisciú, nochtadh, risíochtaí arna n-urrú ag morgáistí, measúnú priacal, cur chuige maidir le hualú priacal sócmhainní, ualuithe priacal agus sonrú risíochtaí áirithe, láimhseáil roghanna agus barántas, suímh in ionstraimí cothromais agus in airgeadra eachtrach, úsáid a bhaint as samhlacha inmheánacha, luamhánúluamhánú, agus ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe, trí bhithin gníomhartha chur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán 1093/2010.

(131)

I bhfianaise mhionsonruithe agus líon na gcaighdeán teicniúla rialála atá le glacadh de bhun an Rialachán seo, i gcás ina nglacfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála is ionann agus an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacfaidh an ÚBE, ba cheart, i gcás inarb iomchuí an tréimhse, ina bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh lena linn i gcoinne caighdeáin theicniúil rialála, a shíneadh aon mhí amháin eile. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh in am trátha chun go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle grinnscrúdú iomlán a fheidhmiú, agus aird á tabhairt ar mhéid agus ar chastacht na gcaighdeán teicniúla rialála, ar mhionsonruithe Rialacha Nós Imeachtafhéilire oibre agus chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(132)

D'fhonn ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú, ba cheart d'ÚBE comhairliúcháin maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo a sheoladh. Ba cheart d'ÚBE agus don Choimisiún tús a chur leis na hullmhúcháin dá dtuarascálacha i ndáil le ceanglais maidir le leachtacht agus le luamhánú, mar a fhoráiltear dóibh sa Rialachán seo, a luaithe is féidir.

(133)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (18).

(134)

I gcomhréir le hAirteagal 345 CFAE, lena bhforáiltear nach ndéanann na Conarthaí dochar ar dhóigh ar bith do na rialacha sna Ballstáit lena rialaítear an córas úinéireachta maoine, ní bheidh an Rialachán seo i bhfabhar cineálacha úinéireachta a thagann faoina raon feidhme an ná ní dhéanfar idirdhealú eatarthu leis na forálacha sin.

(135)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eoprach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (19) agus ghlac sé tuairim,

(136)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID A hAON

FORÁLACHA GINEARÁLTA

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Raon Feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais stuamachta ghinearálta a gcaithfidh institiúidí atá faoi mhaoirsiú Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

ceanglais cistí dílse a bhaineann le gnéithe de priacal creidmheasa, priacal margaidh, priacal oibriúcháin, agus de priacal socraíochta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;

(b)

ceanglais a chuireann teorainneacha le risíochtaí móra;

(c)

tar éis don ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 444 teacht i bhfeidhm, ceanglais leachtachta a bhaineann le gnéithe de priacal leachtachta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;

(d)

ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointí (a), (b) agus (c) agus le luamhánú;

(e)

ceanglais maidir le nochtadh poiblí.

Ní rialaíonn an Rialachán seo na ceanglais atá ar údaráis inniúla maidir le nochtadh i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta institiúidí mar atá leagtha amach i dTreoir 2013/36/AE (AE).

Airteagal 2

Cumhachtaí maoirseachta

D'fhonn a chinntiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, beidh na cumhachtaí ag na húdaráis inniúla atá leagtha amach i dTreoir (2013/36/AE agus leanfaidh siad na nósanna imeachta atá inti.

Airteagal 3

Cur i bhfeidhm ceanglas níos déine ag institiúidí

Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar institiúidí cistí dílse agus a gcomhpháirteanna de bhreis orthu siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bheith ina seilbh acu, ná bearta a chur i bhfeidhm atá níos déine ná iad siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‧institiúid chreidmheasa‧ gnóthas a bhfuil sé de ghnó aige taiscí nó cistí inaisíoctha eile a fháil ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá chuntas féin;

(2)

ciallaíonn ‧gnólacht infheistíochta‧ duine faoi mar a shainmhínítear é bpointe (1) d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE, atá faoi réir na gceanglas a fhorchuirtear leis an Treoir sin, seachas iad seo a leanas:

(a)

institiúidí creidmheasa;

(b)

gnólachtaí áitiúla;

(c)

gnólachtaí nach bhfuil údaraithe an tseirbhís choimhdeach dá dtagraítear i bpointe (1) de Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE nach soláthraíonn ach ceann amháin de na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí 1, 2, 4 agus 5 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus nach bhfuil cead acu airgead nó urrúis atá faoi úinéireacht ag a gcuid cliant a bheith ina seilbh acu, agus nach bhféadfaidh, ar an ábhar sin, a bheith i bhfiacha leis na cliaint sin tráth ar bith.

(3)

ciallaíonn ‧institiúid‧ institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta

(4)

ciallaíonn ‧gnólacht áitiúil‧ gnólacht a dhéileálann, dá chuntas féin, todhchaíochtaí nó roghanna airgeadais nó díorthaigh eile ar na margaí airgid tirim agus gan d'aidhm acu ach fálú a dhéanamh ar shuímh sna margaí díorthach, nó gnólacht a dhéileálann ar son cuntas ball eile de na margaí sin agus ráthú aige ó bhaill imréitigh de na margaí céanna, i gcás ina nglacann baill imréitigh na margaí céanna freagracht as feidhmíocht na gconarthaí a dhéanann an gnólacht sin;

(5)

ciallaíonn ‧gnóthas árachais‧ gnóthas áracháis mar a shainmhínítear faoi phointe (1) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (20);

(6)

ciallaíonn ‧gnóthas athárachais‧ gnóthas árachais mar a shainmhínítear faoi phointe (4) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

(7)

ciallaíonn ‧gnóthas comhinfheistíochta‧ nó ‧(GC)‧ Gnóthas le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (GCUI)mar atá sainmhínithe in Airteagal1 de Threoir 2009/65/AE an 13 Iúil 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (21), lena n-áirítear, mura bhforáiltear a mhalairt, eintitis de chuid tríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí cosúla, atá faoi réir maoirseachta de bhun dhlí an Aontais nó dhlíthe tríú tíre a chuireann ceanglais maoirseachta agus rialála i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, Ciste Infheistíochta Malartach (CIM) mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE 2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (22), nó CIM neamh-AE faoi mar a shainítear é in Airteagal 4(1)(aa) den Treoir sin.

(8)

ciallaíonn ‧eintiteas earnála poiblí‧ comhlacht riaracháin neamh-thráchtála atá freagrach do rialtais láir, do rialtais áitiúla nó d'údaráis áitiúla, nó d'údaráis a fheidhmíonn na freagrachtaí céanna a fheidhmíonn rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla; nó gnóthas neamh-thráchtála atá faoi úinéireacht nó bunaithe agus urraithe ag rialtais láir, ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla agus ag a bhfuil socruithe ráthaíochta follasacha, agus féadfaidh comhlachtaí féinriartha arna rialú ag dlí atá faoi mhaoirseach phoiblí a áireamh leo;

(9)

ciallaíonn ‧comhlacht bainistíochta‧ comhlacht bainistíochta mara shainmhínítear é i bpointe 7 d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE)

(10)

ciallaíonn ‧bainistíocht shinsearach‧ bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear í i bpointe (9) Airteagal 43(1) de Threoir 2013/36/(AE);

(11)

ciallaíonn "priacal sistéamach" priacal sistéamach mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE)

(12)

ciallaíonn "priacal samhla" priacal samhla mar a shainmhíntear éi bpointe (11) d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE);

(13)

ciallaíonn ‧tionscnóir‧ a bhfuil an méid a leanas fíor ina leith:

(a)

eintiteas a bhí páirteach, tríd an eintiteas féin nó trí eintitis ghaolmhara, go díreach nó go hindíreach, sa chomhaontú bunaidh a chruthaigh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaithe, nó an fhéichiúnaithe ionchais, as ar tháinig an risíocht arna urrúsú;

(b)

eintiteas a cheannaíonn risíochtaí tríú páirtí dá chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin;

(14)

ciallaíonn ‧urraitheoir‧ institiúid seachas institiúid tionscnóra a bhunaíonn agus a bhainistíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó scéim urrúsaithe eile a cheannaíonn risíochtaí ó eintitis tríú páirtí;

(15)

ciallaíonn ‧máthairghnóthas‧:

(a)

máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;

(b)

chun críocha Chuid 2 de Chaibidlí 3 agus 4 de Theideal VII, agus Theideal VIII de Threoir 2013/36/(AE) agus Chuid a Cúig den Rialachán seo, máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 83/349/CEE agus aon ghnóthas a bhfuil tionchar ceannasach aige ar aon ghnóthas eile;

(16)

ciallaíonn ‧fochuideachta‧:

(a)

gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;

(b)

gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 83/349/CEE agus aon ghnóthas ar a bhfuil tionchar ceannasach ag máthairghnóthas;

Fochuideachtaí de chuid fochuideachta, measfar gur fochuideachta í de chuid an ghnóthais atá ina mháthairghnóthas bunaidh aici;

(17)

ciallaíonn ‧brainse‧ áit ghnó atá ina cuid spleách de réir dlí d'institiúid agus a dhéanann go díreach na hidirbhearta uile nó cuid díobh ar cuid dhílis iad de ghnó na n-institiúidí;

(18)

ciallaíonn ‧gnóthas seirbhísí coimhdeacha‧ gnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó gníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht institiúid creidmheasa amháin nó níos mó;

(19)

ciallaíonn ‧cuideachta bhainistíochta sócmhainní‧ cuideachta bhainistíochta sócmhainní mar a shainmhínítear í i bpointe 5d'Airteagal 2de Threoir 2002/87/CE agus BCIMmar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear, mura bhforáiltear a mhalairt, eintitis de chuid tríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla, atá faoi réir dhlíthe tríú tír a chuireann ceanglais mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá ar a laghad cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas;

(20)

ciallaíonn ‧cuideachta shealbhaíochta airgeadais‧ institiúid airgeadais ar institiúidí airgeadais a fochuideachtaí uile nó an chuid is mó díobh, a bhfuil ceann amháin ar a laghad de na fochuideachtaí sin ina institiúid, agus nach bhfuil ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;

(21)

ciallaíonn ‧cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha‧ cuideacht sealbhaíocht mheasctha mar a shainmhínítear í i bpointe 15 d'Airteagal 2de Threoir 2002/87/CE;

(22)

ciallaíonn ‧cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha‧ máthairghnóthas nach cuideachta shealbhaíochta airgeadais ná institiúid ná cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha í, a bhfuil institiúid amháin ar a laghad i measc a fochuideachtaí

(23)

ciallaíonn ‧gnóthas árachais tríú tír‧ gnóthas árachais tríú tír mar a shainmhínítear é i bpointe (6) d'Airteagal 13de Threoir 2009/138/CE;

(24)

ciallaíonn ‧gnóthas athárachais tríú tír‧ gnóthas athárachais tríú tír mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 13de Threoir 2009/138/CE;

(25)

ciallaíonn ‧gnólacht infheistíochta aitheanta de chuid tríú tíortha‧ gnólacht a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

bheadh sé cumhdaithe ag an sainmhíniú ar ghnólacht infheistíochta, dá mbeadh sé bunaithe laistigh den Aontas;

(b)

tá sé údaraithe i dtríú tír;

(c)

tá sé faoi réir rialacha stuamachta a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ar a laghad chomh dian leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo nó le Treoir2013/36/AE agus a chomhlíonann na rialacha sin;

(26)

ciallaíonn ‧institiúid airgeadais‧ gnóthas seachas institiúid, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchas a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe 2 go pointe 12 agus i bpointe 15 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a shaothrú, lena n-áirítear cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachtasealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid íocaíochta laistigh de bhrí Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (23), agus cuideachtabainistíochta sócmhainní, ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE iad;

(27)

ciallaíonn ‧eintiteas earnála airgeadais‧ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

institiúid;

(b)

institiúid airgeadais;

(c)

gnóthas seirbhísí coimhdeacha a áirítear i staid chomhdhlúite airgeadais institiúide;

(d)

gnóthas árachais;

(e)

gnóthas árachais tríú tír;

(f)

gnóthas athárachais;

(g)

gnóthas athárachais tríú tír;

(h)

cuideachta sealbhaíochta árachais;

(i)

cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha;

(j)

cuideachta shealbhaíochta árachais ghníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear í i bpointe (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE;

(k)

gnóthas atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin;

(l)

gnóthas tríú tíre a bhfuil príomhghnó aige atá inchomparáide le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go (k) thuas.

(28)

ciallaíonn ‧máthairinstitiúid i mBallstát‧ institiúid i mBallstáit a bhfuil institiúid nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta aici, a bhfuil rannpháirtíocht aici in institiúid den chineál sin nó in institiúid airgeadais agus nach bhfuil ina fochuideachta de chuid institiúide eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna.

(29)

ciallaíonn ‧máthairinstitiúid AE‧ máthairinstitiúid i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe in aon Bhallstát;

(30)

ciallaíonn ‧máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát‧ cuideachta shealbhaíochta airgeadais nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna;

(31)

ciallaíonn ‧máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE‧ máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha eile atá bunaithe in aon Bhallstát;

(32)

ciallaíonn ‧máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát‧ cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna.

(33)

ciallaíonn ‧máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha AE‧ máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha eile atá bunaithe in aon Bhallstát;

(34)

ciallaíonn ‧contrapháirtí imréitigh‧ nó ‧CI‧ CI mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d'Airteagal 2de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;

(35)

ciallaíonn ‘rannpháirtíocht‧ rannpháirtíocht de réir bhrí na chéad abairte in Airteagal 17 de Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí (24), nó úinéireacht, díreach nó indíreach, 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal gnóthais;

(36)

ciallaíonn ‧sealúchas cáilitheach‧ sealúchas díreach nó indíreach i ngnóthas arb ionann é agus 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist nó a fhágann gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an ghnóthais sin;

(37)

ciallaíonn ‘rialú‧ an caidreamh idir máthairghnóthas agus fochuideachta, mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE ón gComhairle nó na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, nó caidreamh atá cosúil leis idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;

(38)

ciallaíonn ‧dlúthnaisc‧ staid ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dlítheanacha, nó níos mó, nasctha le chéile ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

rannpháirtíocht i bhfoirm úinéireachta, bíodh sé díreach nó i bhfoirm rialaithe, ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais;

(b)

smacht;

(c)

an dá duine nádúrtha nó dlítheanacha nó iad go léir a bheith buan-nasctha leis an tríú duine trí ghaolmhaireacht rialaithe;

(39)

ciallaíonn ‧grúpa cliant nasctha‧ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, ar aon priacal amháin iad, mura léirítear a mhalairt, toisc go bhfuil rialú ag duine acu, go díreach nó go hindíreach, ar an duine nó ar na daoine eile;

(b)

dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nach bhfuil aon ghaol rialaithe den chineál a dtagraítear dó i bpointe (a) eatarthu, ach atá le meas mar aon priacal amháin toisc go bhfuil an nasc chomh dlúth sin eatarthu gur dócha, dá mbeadh fadhbanna airgeadais ag duine amháin acu, go háirithe deacrachtaí maoinithe nó aisíocaíochta, go mbeadh deacrachtaí airgeadais ag an duine eile nó ag na daoine eile go léir;

D'ainneoin phointe (a) agus do phointe (b),sa chás go bhfuil rialú díreach ag rialtas láir ar níos mó ná duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó go bhfuil sé idirnasctha go díreach leo, féadfar, maidir leis an tacar arb éard atá ann an rialtas láir agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá faoina rialú díreach nó indíreach i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha leis i gcomhréir le pointe (b), an tacar sin a mheas mar ghrúpa nach bhfuil cliaint nasctha ann. Ina ionad sin, féadfar measúnú ar leith a dhéanamh, ina measfaí an ann do ghrúpa cliant nasctha ina bhfuil an rialtas láir agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ar measúnú do gach duine ar leith é atá faoina rialú díreach i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha go díreach leis i gcomhréir le pointe (b), agus do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá faoi rialú an duine sin i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha leis an duine sin i gcomhréir le pointe (b), lena n-áirítear an rialtas láir. Tá feidhm ag an méid sin freisin i gcás rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil a bhfuil feidhm ag Airteagal 115(2) ina leith;

(40)

ciallaíonn ‘udarás inniúil‧ údarás poiblí nó comhlacht atá aitheanta go hoifigiúil ag an dlí náisiúnta, agus a dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht dó maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí mar chuid den chóras maoirseachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann;

(41)

ciallaíonn ‧maoirseoir comhdhlúthaithe‧ údarás inniúil atá freagrach as feidhmiú na maoirseachta, ar bhonn comhdhlúite, ar mháthairinstitiúidí an AE agus ar institiúidí arna rialú ag máthairinstitiúidí cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais an AE nó ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha an AE;

(42)

ciallaíonn ‧údarú‧ ionstraim arna heisiúint i bhfoirm ar bith ag na húdaráis ar ar deonaíodh an ceart an gnó a dhéanamh;

(43)

ciallaíonn ‧Ballstát baile‧ an Ballstát ar tugadh údarú d'institiúid ann;

(44)

ciallaíonn ‧Ballstát óstaigh‧ an Ballstát a bhfuil brainse ag institiúid ann nó ina gcuireann sí seirbhísí ar fáil;

(45)

ciallaíonn ‘bainc cheannais CEBC‧ na bainc cheannais náisiúnta atá ina gcomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE);

(46)

ciallaíonn ‧bainc cheannais‧ bainc cheannais CEBC agus bainc cheannais tríú tíortha

(47)

ciallaíonn ‧cás comhdhlúite‧ an cás a thagann as ceanglais an rialacháin seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II de Chaibidil 2 ar institiúid amhail dá mba institiúid amháin í agus eintiteas amháin eile nó níos mó;

(48)

ciallaíonn ‧bonn comhdhlúite‧ ar bhonn an cháis chomhdhlúite;

(49)

ciallaíonn ‧ar bhonn fo-chomhdhlúite‧ ar bhonn cháis chomhdhlúite máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha gan fo-ghrúpa eintiteas san áireamh nó ar bhonn cháis chomhdhlúite máthairinstitiúide, cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nach an mháthairinstitiúid dheiridh, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais dheiridh nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha dheiridh í.

(50)

ciallaíonn ‧ionstraim airgeadais‧ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

conradh a bhfuil mar thoradh air sócmhainn airgeadais i gcás páirtí amháin agus dliteanas airgeadais nó ionstraim cothromais i gcás an pháirtí eile;

(b)

ionstraim a shainítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;

(c)

ionstraim airgeadais dhíorthach;

(d)

ionstraim phríomhúil airgeadais;

(e)

ionstraim airgid.

Ní ionstraimí airgeadais na hionstraimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) ach amháin sa chás go ndíorthaítear a luach ó phraghas ionstraime airgeadais fholuitigh, ó ítim eile fholuiteach, ó ráta, nó ó innéacs;

(51)

ciallaíonn ‧caipiteal tosaigh‧ suim agus cineálacha na gcistí dílse a shainítear in Airteagal 12 de Threoir 2013/36/AE i dtaca le hinstitiúidí creidmheasa agus i dTeideal IV den Treoir sin i dtaca le gnólachtaí infheistíochta;

(52)

ciallaíonn ‧priacal oibriúcháin‧ an priacal caillteanais a eascraíonn ó chórais, ó dhaoine nó ó phróisis inmheánaigh ar theip orthu nó nach raibh leormhaith, nó ó theagmhais sheachtracha, agus tá priacal dlíthiúil san áireamh freisin;

(53)

ciallaíonn ‧priacal caolúcháin‧ an priacal go laghdófaí suim infhála trí chreidmheasanna airgid nó neamh-airgid chuig an bhféichiúnaí;

(54)

ciallaíonn ‧dóchúlacht mainneachtana‧ nó ‧DM‧ an dóchúlacht mainneachtana a bhaineann le contrapháirtí ar feadh tréimhse bliana;

(55)

ciallaíonn ‧caillteanas i gcás mainneachtana‧ nó LGD cóimheas an chaillteanais ar risíocht de thoradh mainneachtana chontrapháirtí leis an tsuim gan íoc tráth na mainneachtana;

(56)

ciallaíonn ‘fachtóir coinbhéartaithe‧ cóimheas mhéid an ghealltanais atá gan tarraingt go fóill agus a d'fhéadfaí a tharraingt agus a bheadh gan íoc, dá bhrí sin, tráth na mainneachtana, le méid an ghealltanais atá gan tarraingt go fóill. Is í an teorainn mholta a chinnfidh fairsinge an ghealltanais, ach amháin má tá an teorainn neamh-mholta níos airde;

(57)

ciallaíonn ‧maolú priacal creidmheasa‧ teicníc a úsáideann institiúid chun an priacal creidmheasa a bhaineann le risíocht nó risíochtaí atá fós i seilbh na hinstitiúide a laghdú;

(58)

ciallaíonn ‧cosaint creidmheasa chistithe‧ teicníc maolaithe priacal creidmheasa ina dtagann an laghdú ar priacal creidmheasa ar risíocht institiúide as ceart na hinstitiúide sin,i gcás mainneachtana an chontrapháirtí nó i gcás teagmhais chreidmheasa sainithe eile a bhaineann leis an gcontrapháirtí,sócmhainní nó méideanna áirithe a leachtú nó iad a chur á n-aistriú nó á leithreasú, iad a choinneáil, nó an risíocht orthu a laghdú, nó an difear idir méid na risíochta agus méid éilimh ar an institiúid a chur ina n-ionad;

(59)

ciallaíonn ‧cosaint neamhchistithe creidmheasa‧ teicníc maolaithe priacal creidmheasa ina dtagann an laghdú ar priacal creidmheasa ar risíocht institiúide as oibleagáid tríú páirtí suim a íoc i gcás mainneachtana an iasachtaí nó i gcás teagmhas creidmheasa sainithe eile;

(60)

ciallaíonn ‧ionstraim chomhshamhlaithe airgid‧ deimhniú corrlaigh, banna lena n-áirítear banna faoi chumhdach nó aon ionstraim neamh-fho-ordaithe eile atá eisithe ag institiúid, a bhfuil íocaíocht iomlán faighte ag an institiúid ina leith cheana féin agus a aisíocfar gan choinníoll ag a luach ainmniúil;

(61)

ciallaíonn ‧urrúsú‧ idirbheart nó scéim ina ndéantar tráinsiú ar an bpriacal creidmheasa a bhaineann le risíocht nó comhthiomsú risíochtaí, lena mbaineann an dá thréith seo a leanas:

(a)

tá na híocaíochtaí san idirbheart nó sa scéim ag brath ar fheidhmíocht na risíochta nó an chomhthiomsaithe risíochtaí;

(b)

cinneann fo-ordú na dtráinsí dáileadh na gcaillteanas ar feadh shaolré leanúnach na hidirbhearta nó na scéime;

(62)

ciallaíonn ‧suíomh urrúsúcháin‧ risíocht ar urrúsúcháin;

(63)

ciallaíonn ‧ath-urrúsú‧ urrúsú ina bhfuil an priacal a bhaineann le comhthiomsú bunúsach risíochtaí ina thráinsí agus go bhfuil ar a laghad ceann amháin de na risíochtaí fholuiteacha ina suíomh urrúsúcháin;

(64)

ciallaíonn ‧suíomh ath-urrúsúcháin‧ risíocht ar ath-urrúsúchán;

(65)

ciallaíonn ‧feabhsú creidmheasa‧ socrú conarthach trína ndéantar cáilíocht chreidmheasa suímh atá in urrúsú a fheabhsú le hais mar a bheadh sé murach sin, lena n-áirítear feabhsú a thagann as tráinsí níos sóisearaí san urrúsú agus as cineálacha eile cosanta creidmheasa;

(66)

ciallaíonn 'eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin nó ‧SSPE‧ iontaobhas corparáide nó eintiteas eile, seachas institiúid, arna eagrú chun urrúsú a dhéanamh, a bhfuil a ghníomhaíochtaí teoranta do na gníomhaíochtaí sin is iomchuí chun an cuspóir sin a bhaint amach, a bhfuil a struchtúr ceaptha oibleagáidí an SSPE a scaradh ó oibleagáidí na hinstitiúide tionscnóra, agus ina bhfuil sé de cheart ag sealbhóirí leasanna tairbhiúla na leasa sin a ghealladh nó a mhalartú gan srian;

(67)

ciallaíonn ‧tráinse‧ deighleog, arna bhunú de réir conartha, den priacal creidmheasa a bhaineann le neamhcosaint nó roinnt risíochtaí, i gcás ina mbaineann priacal caillteanais chreidmheasa le suíomh sa deighleog atá níos mó nó níos lú ná an priacal a bhaineann le suíomh dar méid chéanna i ngach deighleog eile den chineál céanna, gan aird a thabhairt ar chosaint creidmheasa arna chur ar fáil go díreach ag tríú páirtithe do shealbhóirí suíomh sa deighleog sin nó i ndeighleoga eile;

(68)

ciallaíonn ‧marcáil ón margadh‧ luacháil suíomh ag praghsanna thráth dúnta an mhargaidh atá ar fáil gan dua agus a bhfuil foinse neamhspleách acu, lena n-áirítear praghsanna malartaithe, praghsanna scáileáin nó meastacháin ó roinnt bróicéirí neamhspleácha creidiúnacha;

(69)

ciallaíonn ‧marcáil de réir samhla‧ aon luacháil is gá a thagarmharcáil, a eachtarshuí nó a ríomh ar bhealach eile ó ionchur margaidh amháin nó níos mó;

(70)

ciallaíonn ‧fíorú neamhspleách ar phraghsanna‧ próiseas ina ndéantar praghsanna an mhargaidh nó ionchuir marcáil de réir samhla a fhíorú go rialta maidir le cruinneas agus neamhspleáchas;

(71)

ciallaíonn ‧caipiteal incháilithe‧ suim na nithe seo a leanas:

(a)

Caipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 25;

(b)

Caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin;

(72)

ciallaíonn ‧malartán aitheanta‧ malartán a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

is margadh rialáilte é;

(b)

tá sásra imréitigh aige trína ndéantar conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chur faoi réir ceanglas corrlaigh laethúil a chuireann cosaint iomchuí ar fáil, i dtuairim na n-údarás inniúil;

(73)

ciallaíonn ‧sochair phinsin lánroghnacha‧ sochair phinsin fheabhsaithe arna dtabhairt ar bhonn lánroghnach ag institiúid d'fhostaí mar chuid dá phacáiste luach saothair inathraithe, nach gcuimsíonn sochar fabhraithe a tugadh d'fhostaí faoi théarmaí scéim pinsean na cuideachta;

(74)

ciallaíonn ‧luach iasachta morgáiste‧ luach maoine dochorraithe arna chinneadh ag measúnú stuama ar indíoltacht na maoine sa todhchaí, ag cur san áireamh gnéithe inbhuanaithe fadtéarmacha na maoine, gnáthchoinníollacha an mhargaidh áitiúil, úsáid reatha agus úsáidí malartacha iomchuí na maoine;

(75)

Ciallaíonn ‧maoin chónaithe‧ áit chónaithe atá áitithe ag an úinéir nó ag léasaí na háite cónaithe, lena n-áirítear an ceart chun cónaí in árasán i gcomharchumainn tithíochtaatá lonnaithe sa tSualainn;

(76)

ciallaíonn ‧margadhluach‧, chun críocha maoine dochorraithe, an méid measta ba cheart a bheith ar an mhaoin ar í a mhalartú ar an dáta luachála idir ceannaitheoir toilteanach agus díoltóir toilteanach in idirbheart ar neamhthuilleamaí tar éis margaíochta cuí ina raibh na páirtithe ag gníomhú go heolasach, go stuama agus gan bheith faoi éigeantas;

(77)

ciallaíonn ‧creat cuntasaíochta infheidhme‧ na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil an institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó Treoir 86/635/CCE;

(78)

ciallaíonn ‧ráta mainneachtana aon bhliana‧ cóimheas an lín mainneachtana a thit amach i rith tréimhse dar tús aon bhliain amháin roimh dáta T leis an líon féichiúnaithe a shanntar don ghrád nó don líon sin aon bhliain amháin roimh an dáta sin;

(79)

ciallaíonn ‧maoiniú amhantrach maoine dochorraithe‧ iasachtaí ar mhaithe le héadáil nó forbairt nó tógáil ar thalamh a bhaineann leis an maoin dhochorraithe sin, nó a bhaineann leis an maoin sin, d'fhonn í a athdhíol chun brabús a dhéanamh;

(80)

ciallaíonn ‧maoiniú trádála‧ maoiniú, lena n-áirítear ráthaíochtaí, a bhaineann le malartú earraí nó seirbhísí trí tháirgí airgeadais d'aibíocht sheasta ghearrthéarmach, níos lú ná bliain amháin go hiondúil, gan tar-rolladh uathoibríoch,risíochtaí;

(81)

Ciallaíonn ‧creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht oifigiúil‧ iasachtaí nó creidmheasanna chun onnmhairiú earraí agus seirbhísí a mhaoiniú a sholáthraíonn gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil ráthaíochtaí, árachas nó maoiniú díreach ina leith;

(82)

ciallaíonn ‧comhaontú athcheannaigh‧ agus ‧comhaontú athcheannaigh droim ar ais‧ aon chomhaontú ina n-aistríonn institiúid nó a chontrapháirtí urrúis nó tráchtearraí nó cearta ráthaithe a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí nuair is malartán aitheanta a shealbhaíonn cearta na n-urrúis nó na dtráchtearraí a eisíonn an ráthaíocht sin, agus nuair nach dtugann an comhaontú cead don institiúid urrús nó tráchtearra ar leith a aistriú chuig níos mó ná contrapháirtí amháin san am céanna, faoi réir tiomantais iad a athcheannach;

(b)

urrúis nó tráchtearraí athsholáthraithe den chineál céanna ag praghas agus ar dháta sa todhchaí atá sainithe ag an aistreoir, nó ag praghas agus ar dháta a shaineoidh sé, agus arb é atá iontu comhaontú athcheannaigh ag an institiúid atá ag díol na n-urrús nó na dtráchtearraí agus comhaontú ceannaigh droim ar ais ag an institiúid atá á gceannach;

(83)

ciallaíonn ‧idirbheart athcheannaigh‧ aon idirbheart arna rialú ag comhaontú athcheannaigh nó comhaontú athcheannaigh droim ar ais;

(84)

ciallaíonn ‧comhaontú simplí athcheannaigh‧ idirbheart athcheannaigh ar shócmhainn aonair nó ar shócmhainní chomhchosúla, neamhchasta seachas bascaed sócmhainní;

(85)

ciallaíonn ‧suímh arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil‧ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

suímh dhílsithe agus suímh a eascraíonn ó sheirbhísiú cliaint agus ó dhéanamh margaí;

(b)

suímh atá ceaptha lena n-athdhíol sa ghearrtéarma;

(c)

suímh atá ceaptha leas a bhaint as difríochtaí praghais gearrthéarmacha iarbhír nó ionchais idir praghsanna ceannaigh agus praghsanna díola nó as athróga eile ar phraghsanna nó as athróga ar an ráta úis;]

(86)

ciallaíonn ‧leabhar trádála‧ gach suíomh in ionstraimí airgeadais agus i dtráchtearraí arna sealbhú ag institiúid le hintinn trádála nó d'fhonn suímh arna sealbhú le hintinn trádála a fhálú;]

(87)

ciallaíonn ‧saoráid trádála iltaobhach‧ saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhíníter í i bpointe 15 d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE;]

(88)

ciallaíonn ‧contrapháirtí lárnach cáilitheach‧ contrapháirtí lárnach atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin;

(89)

ciallaíonn ‧ciste mainneachtana‧ ciste arna bhunú ag contrapháirtí lárnach i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 agus arna úsáid i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán sin;

(90)

ciallaíonn ‧ranníocaíocht réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh‧ ranníocaíocht le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh a íocann institiúid;

(91)

ciallaíonn ‧risíocht trádála‧ risíocht reatha, lena n-áiritear corrlach athrúcháin atá dlite don chomhalta imréitigh ach nach bhfuarthas fós agus aon risíocht a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo de chuid chomhalta imréitigh nó de chuid chliaint ar chontrapháirtí lárnach a eascraíonn as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1), pointí (a) go (e), mar aon le corrlach tosaigh;]

(92)

ciallaíonn ‧margadh rialáilte‧ margadh rialtáilte mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE;

(93)

ciallaíonn ‧luamhánú‧ méid choibhneasta sócmhainní institiúide, oibleagáidí atá lasmuigh den chlár comhardaithe agus oibleagáidí teagmhasacha comhthaobhacht a íoc nó a sheachadadh nó a sholáthar, lena n-áirítear oibleagáidí ó mhaoiniú faighte, tiomantais déanta, díorthaigh nó comhaontuithe athcheannaigh, cé is moite d'oibleagáidí nach féidir a chur i bhfeidhm ach amháin le linn leachtú institiúide, i gcomparáid le cistí dílse na hinstitiúide sin;

(94)

ciallaíonn "priacal luamhánaithe iomarcaigh" an priacal a eascraíonn as leochaileacht institiúide mar gheall ar luamhán nó ar luamhán teagmhasach lena bhféadfaí bearta ceartaitheacha neamhbheartaithe a éileamh i ndáil lena phlean gnó, lena n-áirítear díol tochsail sócmhainní a bhféadfadh caillteanais nó coigeartuithe luachála ar na sócmhainní atá fós aige a bheith mar thoradh air;

(95)

ciallaíonn ‧coigeartú ar priacal creidmheasa‧ méid an tsoláthair shonraigh agus ghinearálta do chaillteanas ar iasachtaí i gcomhair priacail creidmheasa, ar méid é ar tugadh aitheantas ina leith i ráitis airgeadais na hinstitiúide i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(96)

ciallaíonn ‧fálú inmheánach‧ suíomh lena fritháirítear na n-eilimintí priacal comhpháirte idir suíomh sa leabhar trádála agus suíomh sa leabhar neamhthrádála nó sraith suímh, ó thaobh ábhair de;

(97)

ciallaíonn ‘oibleagáid tagartha‧ oibleagáid a mbaintear úsáid aisti chun an luach socraíochta a bheidh ag díorthach creidmheasa a chinneadh.

(98)

Ciallaíonn institiúidí um measúnú creidmheasa seachtrach nó IMCS gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe nó deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (25) nó banc ceannais a eisíonn rátálacha creidmheasa atá díolmhaithe ó fheidhm Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

(99)

Ciallaíonn "IMCS ainmnithe" IMCS a ainmníonn institiúid;

(100)

tá le ‘ioncam cuimsitheach carntha eile‧ an bhrí atá leis faoin gCaighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta (CCI) 1, de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(101)

ciallaíonn ‘cistí dílse bunúsacha‧ cistí dílse bunúsacha de réir bhrí Airteagal 88 de Threoir 2009/138/CE;

(102)

ciallaíonn ‘ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 1‧ ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 1 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 94 den Treoir sin;

(103)

ciallaíonn ‧ítimí breise d'árachas cistí dílse de Leibhéal 1‧ ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin mar chaipiteal Leibhéal 1 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 94(1) den Treoir sin, agus ina bhfuil teorainn ar áirithiú na hítimí sin de bhun ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 99 den Treoir sin;

(104)

ciallaíonn ‘ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 2‧ ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 2 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 2 d'Airteagal 94 den Treoir sin;

(105)

ciallaíonn ‘ítimí d'árachas cistí dílse de Leibhéal 3‧ ítimí árachais bunúsacha chistí dílse ghnóthais atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 3 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 3 d'Airteagal 94 den Treoir sin;

(106)

tá le ‘sócmhainní cánach iarchurtha‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(107)

ciallaíonn ‘sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí sócmhainní cánach iarchurtha nach bhféadfar a luach todhchaí a réadú ach amháin sa chás go ngineann an institiúid brabús inchánach sa todhchaí;

(108)

tá le ‘dliteanais cánach iarchurtha‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme

(109)

ciallaíonn ‧sócmhainní ciste pinsin le sochar sainithe‧ sócmhainní ciste pinsean sainithe nó sócmhainní plean pinsean sainithe, de réir mar is infheidhme, arna ríomh tar éis iad a laghdú le méid na n-oibleagáidí faoin bplean nó faoin gciste sin;

(110)

ciallaíonn ‘dáileacháin‧ íocaíocht díbhinní nó leas i bhfoirm ar bith;

(111)

tá le ‧gnóthas airgeadais‧ an bhrí atá leis faoi phointí (b) agus (d) d'Airteagal 13(25) de Threoir 2009/138/CE;

(112)

tá le ‘cistí do priacail baincéireachta ginearálta‧ an bhrí atá leis faoi Airteagal 38 de Threoir 86/635/CEE;

(113)

tá le ‘cáilmheas‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(114)

ciallaíonn ‧sealúchas indíreach‧ risíocht ar bith d'eintiteas idirmheánach a bhfuil risíocht aige ar ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais más rud é, sa chás go ndíscríobhtar ionstraimí caipitil arna eisiúint ag an eintiteas earnála airgeadais go buan, nach mbeadh aon difear ábharach idir an caillteanas a thabhódh an institiúid mar thoradh ar an díscríobh agus an caillteanas a thabhódh an institiúid ó shealúchas díreach na n-ionstraimí caipitil sin arna n-eisiúint ag an eintiteas earnála airgeadais;

(115)

tá le ‧sócmhainní doláimhsithe‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus áirítear leis cáilmheas;

(116)

ciallaíonn ‘ionstraimí caipitil eile‧ ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintitis ábhartha san earnáil airgeadais nach gcáilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 2, ítimí d'árachas cistí dílse de Leibhéal 1, ítimí breise d'árachas cistí dílse Leibhéal 1, ítimí d'árachas cistí dílse Leibhéal 2, ná ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 3;

(117)

ciallaíonn ‘cúlchistí eile‧ cúlchistí de réir bhrí an chreata cuntasaíochta is infheidhme nach foláir a nochtadh faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, cé is moite d'aon mhéideanna ar áireamh cheana féin in ioncam cuimsitheach carntha eile nó i dtuilleamh coimeádta;

(118)

ciallaíonn ‘cistí dílse‧ suim chaipiteal Leibhéal 1 agus caipiteal Leibhéal 2;

(119)

ciallaíonn ‘ionstraimí cistí dílse‧ ionstraimí chaipitil arna n-eisiúint ag an institiúid a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Breise Leibhéal 2;

(120)

ciallaíonn ‧leas mionlaigh‧ an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta institiúide atá inchurtha i leith duine nádúrtha nó dlítheanach seachas iad siúd a áirítear i raon feidhme comhdhlúthaithe stuamachta na hinstitiúide;

(121)

tá le ‘brabús‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(122)

ciallaíonn ‘tras-shealúchas cómhalartach‧ sealúchas chuid institiúide ar ionstraimí cistí dílse nó ionstraimí caipitil eile arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais i gcás ina bhfuil ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag an institiúid i seilbh na n-eintiteas sin freisin;

(123)

ciallaíonn ‘tuilleamh coimeádta‧ brabúis agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur chun feidhme deiridh an bhrabúis nó an chaillteanais faoi na creataí cuntasaíochta is infheidhme;

(124)

tá le ‘cuntas scairbhisigh‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(125)

tá le ‘difríochtaí sealadacha‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

(126)

ciallaíonn ‧sealúchas sintéiseach‧ infheistíocht a dhéanfaidh institiúid in ionstraim airgeadais a bhfuil nasc díreach ag luach na hionstraime le luach na n-ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais.

(127)

ciallaíonn ‧scéim trasráthaíochta‧ scéim lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7);

(b)

tá na hinstitiúidí comhdhlúite go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(b), (c) nó (d) nó le hAirteagal1 (2) den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle maidir le cuntais chomhdhlúite agus áirítear iad sa mhaoirseacht a dhéantar, ar bhonn comhdhlúite, ar an institiúid arb é máthairinstitiúid i mBallstát é de réir Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon agus atá faoi réir an cheanglais cistí dílse;

(c)

bunaítear máthairinstitiúid agus na fochuideachtaí sa Bhallstát céanna agus tá siad faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag an údarás inniúil céanna;

(d)

tá comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil ag an máthairinstitiúid i mBallstát agus ag na fochuideachtaí a thugann cosaint do na hinstitiúidí sin agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint i gcás ina bhfuil gá sin a dhéanamh;

(e)

tá socruithe i bhfeidhm lena áirithiú go gcuifear acmhainn airgeadais ar fáil go pras i dtéarmaí caipitil agus leachtachta más gá faoin gcomhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil dá dtagraítear i bpointe (d);

(f)

déanann an t-údarás inniúil faireachán ar leordhóthanacht na socruithe dá dtagraítear i bpointe (d) agus (e) go rialta;

(g)

tá íostréimhse fógartha10 mbliana ag fochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais;

(h)

tá sé de chumhacht ag an údarás inniúil cosc a chur ar fhochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais;

(128)

ciallaíonn ‧ítimí indáilte‧ méid an bhrabúis ag deireadh na bliana airgeadais deireanaí móide aon bhrabús a thugtar ar aghaidh agus aon chúlchistí atá ar fáil chuige sin sula ndéanfar dáileacháin ar shealbhóirí ionstraimí cistí dílse lúide aon chaillteanais a thugtar ar aghaidh, brabúis atá neamh-indáilte de bhun na bhforálacha sa reachtaíocht nó fodhlíthe na n-institiúidí agus suimeanna a chuirtear i gcúlchistí neamh-indáilte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme nó le reachtanna na hinstitiúideagus na caillteanais agus na cúlchistí sin á gcinneadh ar bhonn chuntas aonair na hinstitiúide seachas ar bhonn na gcuntas comhdhlúite.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do réadmhaoin nó do mhaoin chónaithe dhochorraithe nó do mhaoin tráchtála dhochorraithe nó do mhorgáiste ar mhaoin den chineál sin, áireofar lei scaireanna i gcuideachtaí tithíochta chónaithe Fionlannacha i gcomhréir leis an dlí Fionlannach maidir le cuideachtaí tithíochta (1991), nó i gcomhréir le reachtaíocht choibéiseach iardain. Féadfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla a cheadú go láimhseálfar scaireanna atá ina sealúchais indíreacha réadmhaoine choibhéiseacha mar shealúchas díreach réadmhaoine ar an gcoinníoll go rialófar an sealúchas indíreach sin go sonrach i ndlí náisiúnta an Bhallstáit agus nuair a chuirfear i ngeall mar chomhthaobhacht é go soláthróidh sé cosaint choibhéiseach do chreidiúnaithe.

3.   Bíonn maoiniú trádála mar dá dtagraítear i bpointe (80) de mhír 1 neamhcheangailteach de ghnáth agus éilíonn sé doiciméid tacaíochta idirbheartaíochta sásúla le haghaidh gach iarratais tarraingthe lena gceadófar an maoiniú a dhiúltú i gcás ina mbeidh amhras ar bith ann faoi hacmhainneacht creidmheasa nó faoi na doiciméid tacaíochta idirbheartaíochta. Bíonn aisíoc risíochtaí trádála airgeadais neamhspleách ón iasachtaí de ghnáth; ina ionad sin tagann na cistí ó airgead tirim a fuarthas ó allmhaireoirí nó bíonn siad mar thoradh ar fháltais ó na hearraí fholuiteacha a dhíol.

Airteagal 5

Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasa

Chun críocha Chuid a Trí, Theideal II, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‧neamhchosaint‧, sócmhainn nó ítim atá lasmuigh den chlár comhardaithe.

(2)

ciallaíonn ‧caillteanas‧ caillteanas eacnamaíoch, lena n-áirítear éifeachtaí lascainí móra, agus costais ábhartha dhíreacha agus indíreacha a bhaineann le hathghnóthú na hionstraime;

(3)

ciallaíonn ‧caillteanas ionchasach‧ nó CI, cóimheas na méide a cheaptar a chaillfear ar risíocht i ngeall ar mhainneachtain chontrapháirtí nó caolúchán thar thréimhse bliana leis an tsuim gan íoc tráth na mainneachtana;

TEIDEAL II

LEIBHÉAL CUR I BHFEIDHM CEANGLAS

CAIBIDIL 1

Cur i bhfeidhm ceanglas ar bhonn aonair

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta

1.   Comhlíonfaidh institiúidí na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Dó go Cuid a Cúig agus Cuid a hOcht ar bhonn aonair.

2.   Gach institiúid ar fochuideachta í sa Bhallstát ina bhfuil sí údaraithe agus maoirsithe, nó ar máthairghnóthas í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 19, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 89, Airteagal 90 agus Airteagal 91 a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

3.   Gach institiúid ar máthairghnóthas í, nó ar fochuideachta í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 19, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

4.   Institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun na seirbhísí agus na gníonmhaíochtaí infheistíochta atá liostaithe i bpointe 3 agus i bpointe 6 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a sholáthar, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Sé ar bhonn aonair. Go dtí go dtíolfacfaidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 508(3), féadfaidh údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh.

5.   Déanfaidh institiúidí, seachas na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 95(1) agus in Airteagal 96(1) agus na hinstitiúidí sin a fheidhmíonn na húdaráis inniúla an maolú atá sonraithe in Airteagal 7(1), nó in Airteagal 7(3), na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Seacht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

Airteagal 7

Maolú ar chur chun feidhme ceanglas stuamachta ar bhonn aonair

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh i leith aon fhochuideachta de chuid institiúide, i gcás ina bhfuil an fhochuideachta agus an institiúid faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcás ina bhfuil an fhochuideachta ar áireamh sa mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite ar an institiúid arb í an mháthairghnóthas í, agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear cistí dílse go leordhóthanach idir an máthairghnóthas agus na fochuideachtaí:

(a)

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;

(b)

sásaíonn an máthairghnóthas an t-údarás inniúil maidir le bainistíocht stuama na fochuideachta agus tá sé fógartha aige, le cead ón údarás inniúil, go ráthaíonn sé na gealltanais arna ndéanamh ag an bhfochuideachta, nó neachtar acu tá priacail an fhochuideachta diomaibhseach;

(c)

cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal na máthairchuideachta an fhochuideachta freisin;

(d)

tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal na fochuideachta i seilbh na máthairchuideachta nó neachtar acu tá sé de cheart ag an máthairchuideachta formhór bhaill de chomhlacht bainistíochta na fochuideachta a cheapadh nó a chur as oifig.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla an rogha dá bhforáiltear i mír 1 a fheidhmiú i gcás ina bhfuil an mháthairchuideachta ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna bunú in aon Bhallstát leis an institiúid, ar an gcoinníoll go bhfuil sí faoi réir na maoirseachta céanna a fheidhmítear maidir le hinstitiúidí, na caighdeáin atá leagtha síos in Airteagal 11(1) go háirithe.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh maidir le máthairinstitiúid i mBallstát, i gcás go bhfuil an institiúid sin faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil sí cuimsithe faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite, agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear na cistí dílse go leormhaith ar an máthairchuideachta agus ar na fochuideachtaí:

(a)

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairinstitiúid i mBallstát cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;

(b)

cuimsítear an mháthairinstitiúid i mBallstát leis na nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal atá ábhartha don mhaoirseacht chomhdhlúite;

An t-údarás inniúil a bhaineann úsáid as an mír seo, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile go léir ar an eolas ina leith.

Airteagal 8

Maolú ar chur chun feidhme ceanglas leachtachta ar bhonn aonair

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Chuid a Sé a tharscaoileadh i bpáirt nó ina iomláine maidir le hinstitiúid agus maidir lena fochuideachtaí go léir san Aontas, nó maidir le cuid acu, agus féadfaidh siad maoirseacht a dhéanamh orthu mar fhoghrúpa leachtachta aonair, fad a chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

déanann an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó institiúid fochuideachta ar bhonn fochomhdhlúite na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh;

(b)

déanann an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó an institiúid fochuideachta ar bhonn fochomhdhlúite faireachán agus maoirseacht i gcónaí ar shuímh leachtachta gach institiúide atá laistigh den ghrúpa nó den fhoghrúpa, atá faoi réir na tarscaoilte agus áirithíonn sí go mbíonn leibhéal leordhóthanach leachtachta ann do na hinstitiúidí sin uile;

(c)

tá na hinstitiúidí tar éis dul i gconarthaí atá chun sástacht na n-údarás inniúil ina ndéantar foráil maidir le saorghluaiseacht maoine eatarthu chun cur ar a gcumas a n-oibleagáidí aonair agus comhpháirteacha a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite;

(d)

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, maidir le comhlíonadh na gconarthaí dá dtagraítear i (c).

Faoin 1 Eanáir 2014, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le constaicí dlí ar bith a bhféadfadh sé dá mbarr gur dodhéanta a bheadh sé pointe (c) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm agus iarrtar air togra reachtach a dhéanamh, más iomchuí, faoin 31 Nollaig 2015 maidir le cé acu de na na constaicí sin ba cheart a bhaint.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm Chuid a Sé maidir le hinstitiúid agus maidir lena bhfochuideachtaí uile, nó cuid díobh, a tharscaoileadh ina iomláine nó i bpáirt, i gcás ina bhfuil institiúidí uile an fhoghrúpa leachtachta aonair údaraithe sa Bhallstát céanna agus ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 1.

3.   I gcás ina bhfuil institiúidí uile an fhoghrúpa leachtachta aonair údaraithe i roinnt Ballstát, ní chuirfear mír 1 i bhfeidhm ach amháin tar éis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 21 a leanúint, agus ní dhéanfar é sin ach amháin i gcás institiúidí a n-aontaíonn a n-údaráis inniúla maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)

a measúnú ar chomhlíonadh na heagraíochta agus ar láimhseáil an priacal leachtachta leis na coinníollacha a cheanglaítear le hAirteagal 86 de Threoir (AE)201336 thar an bhfoghrúpa leachtachta aonair;

(b)

dáileadh méideanna, láthair agus úinéireacht na sócmhainní leachtacha arna gceangal atá le sealbhú laistigh den bhfoghrúpa leachtachta aonair;

(c)

cinneadh a dhéanamh i ndáil le híoslíon sócmhainní leachtacha arna sealbhú ag institiúidí a bhfuil cur chun feidhme Chuid a Sé tarscaoilte ina leith;

(d)

an gá atá le paraiméadair níos déine ná iad sin atá leagtha amach i gCuid a Sé;

(e)

roinnt neamhshrianta faisnéise iomláine idir na húdaráis inniúla.

(f)

tuiscint iomlán ar impleachtaí tarscaoilte den sórt sin.

4.   Féadfaidh údaráis inniúla mír 1, mír 2 agus mír 2a a chur i bhfeidhm freisin maidir le hinstitiúidí atá ina mbaill den scéim chosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7)(b), ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir atá leagtha síos in Airteagal 113(7), agus maidir le hinstitiúidí eile atá nasctha trí chaidreamh dá dtagraítear in Airteagal 113(6) ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir atá leagtha síos ann. Sa chás sin, cinnfidh na húdaráis inniúla go bhfuil ceann amháin de na hinstitiúidí faoi réir na tarscaoilte chun Cuid a Sé a chomhlíonadh ar bhonn chás comhdhlúite na n-institiúidí go léir sa ghrúpa leachtachta aonair.

5.   I gcás ina bhfuil tarscaoileadh tugtha faoi mhír 1 nó mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla Airteagal 86 de Threoir 2013/36/AE, nó codanna de, a chur i bhfeidhm freisin, ar leibhéal an fhoghrúpa leachtachta aonair agus féadfaidh siad cur i bhfeidhm Airteagal 86 de Threoir 2013/36/AE, nó codanna de, ar bhonn aonair, a tharscaoileadh.

Airteagal 9

An modh comhdhlúthaithe aonair

1.   Faoi réir mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 144(3) de Threoir (AE)201336, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt do mháthairinstitiúidí, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, fochuideachtaí a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 7(1) a ionchorprú i ríomh a gceanglas faoi Airteagal 6(1), i gcás gur leis an mháthairinstitiúid sin aon risíochtaí nó dliteanais ábharacha.

2.   Ní cheadófar an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 ach amháin i gcás ina léiríonn an mháthairinstitiúid go hiomlán do na húdaráis inniúla na dálaí agus na socruithe, lena n-áirítear socruithe dlí, a fhágann nach bhfuil aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábharach ann, agus nach bhfuil súil le bac den chineál sin, maidir le haistriú pras chistí dílse, ná aisíoc dliteanas nuair atá siad dlite ón bhfochuideachta chuig a mháthairchuideachta.

3.   I gcás ina bhfeidhmíonn údarás inniúil an discréid atá leagtha síos i mír 1, cuirfidh sé údaráis inniúla gach Ballstát eile ar an eolas ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, maidir le húsáid mhír 1 agus maidir leis na dálaí agus na socruithe dá dtagraítear i mír 2. I gcás ina bhfuil an fhochuideachta i dtríú tír, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis chéanna ar fáil d'údaráis inniúla na tríú tíre sin freisin.

Airteagal 10

Tarscaoileadh maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach

1.   Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cur i bhfeidhm na gceanglas atá leagtha amach i gCuid a Dó go Cuid a hOcht a tharscaoileadh i bpáirt nó ina iomláine maidir le hinstitiúid creidmheasa amháin nó níos mó atá lonnaithe in aon Bhallstát agus atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach a dhéanann maoirsiú orthu agus atá bunaithe in aon Bhallstát, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is dliteanais chomhpháirteacha agus leithleacha iad gealltanais an chomhlachta lárnaigh agus institiúidí cleamhnaithe, nó tá gealltanais a institiúidí cleamhnaithe ráthaithe go hiomlán ag an gcomhlacht lárnach;

(b)

déantar faireachán ar shócmhainneacht agus ar leachtacht an chomhlachta lárnaigh agus na n-institiúidí cleamhnaithe uile ina n-iomlán ar bhonn chuntais chomhdhlúite na n-institiúidí sin;

(c)

tá sé de chumhacht ag bainistíocht an chomhlachta lárnaigh treoracha a eisiúint do bhainistíocht na n-institiúidí cleamhnaithe.

Féadfaidh Ballstáit an dlí náisiúnta atá ann cheana féin a choinneáil agus leas a bhaint as maidir leis an tarscaoileadhdá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm a mhéid is nach mbeidh sé ag teacht salach ar an Rialachán sin agusar Threoir 2013/36/AE.

2.   Nuair a bheidh na húdaráis inniúla sásta go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach sa chéad mhír á gcomhlíonadh, agus má tá dliteanais agus gealltanais an chomhlachta lárnaigh ráthaithe go hiomlán ag na hinstitiúidí cleamhnaithe, féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm Chodanna a Dó go dtí a ceathair agus cur i bhfeidhm Chodanna a Sé go dtí a hOcht a tharscaoileadh chuig an gcomhlacht lárnach ar bhonn aonair.

CAIBIDIL 2

Comhdhlúthú stuamachta

Roinn 1

Cur i bhfeidhm ceanglas ar bhonn comhdhlúite

Airteagal 11

Láimhseáil ghinearálta

1.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí i mBallstát, sa mhéid agus ar an modh a leagtar síos in Airteagal 18, na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Dó go Cuid a Ceathair agus i gCuid a Seacht ar bhonn a gcáis chomhdhlúite. Bunóidh na máthairghnóthais agus a gcuid bhfochuideachtaí atá faoi réir an Rialacháin seo struchtúr eagraíochtúil cuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh atá iomchuí d'fhonn a áirithiú go ndéantar na sonraí is gá don chomhdhlúthú a phróiseáil go cuí agus a chur ar aghaidh. Go háirithe, áiritheoidh siad go ndéanfaidh na fochuideachtaí sin nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí a chur chun feidhme chun comhdhlúthú cuí a áirithiú.

2.   Comhlíonfaidh institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, sa mhéid agus ar an modh a leagtar síos in Airteagal 18, na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Dó go Cuid a Ceathair agus i gCuid a Seacht ar bhonn chás comhdhlúite na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin.

I gcás ina bhfuil níos mó ná institiúid amháin rialaithe ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, ní bhei dh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i leith na hinstitiúide lena mbaineann maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE.

3.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí agus institiúidí AE arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE agus institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Sé ar bhonn chás comhdhlúite na máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin, má tá sa ghrúpa institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó atá údaraithe chun na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta atá liostaithe i bpointe (3) agus i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I do Threoir 2004/39/CE a sholáthar. Go dtí go dtíolfacfaidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 508(2), agus mura mbeidh ach gnólachtaí infheistíochta sa ghrúpa, féadfaidh údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh.

4.   I gcás ina gcuirtear Airteagal 10 i bhfeidhm, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin ceanglais Chuid a Dó go Cuid a hOcht ar bhonn chás comhdhlúite an iomláin arb éard atá ann an chomhlacht lárnach i dteannta a institiúidí chleamhnaithe.

5.   De bhreis ar na ceanglais i mír 1 go mír 4, agus gan dochar d'fhorálacha eile an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE nuair a bheidh bonn cirt ann chun críocha maoirseachta de bharr sonraíochtaí an priacal nó an struchtúir chaipitil de chuid institiúide, nó i gcás ina nglacfaidh na Ballstáit dlíthe náisiúnta lena gceanglaítear go ndéantar gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa baincéireachta a scaradh go struchtúrach, féadfaidh na húdaráis inniúla na hinstitiúidí atá scartha go struchtúrach na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Dó go Cuid a Ceathair agus i gCuid a Sé go Cuid a hOcht den Rialachán seo agus i dTeideal VII de chuid Threoir 2013/36/ (AE)2013 a chomhlíonadh ar bhonn fochomhdhlúite.

Beidh cur i bhfeidhm an cur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 12

Cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha ag a bhfuil fochuideachta atá ina hinstitiúid chreidmheasa agus fochuideachta atá ina ghnólacht infheistíochta araon

I gcás ina bhfuil ar a laghad institiúid chreidmheasa amháin agus gnólacht infheistíochta amháin mar fhochuideachtaí ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, beidh na ceanglais a bhfuil feidhm leo ar bhonn chás chomhdhlúite na cuideachta creidmheasa airgeadais nó na cuideachta creidmheasa airgeadais measctha, beidh siad infheidhme maidir leis an institiúid chreidmheasa.

Airteagal 13

Cur i bhfeidhm ceanglas maidir le nochtadh ar bhonn comhdhlúite

1.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.

Fochuideachtaí suntasacha de chuid máthairinstitiúidí den AE agus na fochuideachtaí sin a bhfuil suntasacht ábhartha ag roinnt leo ó thaobh a gcuid margaidh áitiúil, nochtfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 450, 451 agus 453, ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite.

2.   Déanfaidh institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn chás comhdhlúite na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin.

Fochuideachtaí suntasacha de chuid máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais an AE nó máthairchuideachtaí sealbhaíochta measctha agus na fochuideachtaí sin a bhfuil suntasacht ábhartha ag roinnt leo ó thaobh a gcuid margaidh áitiúil, nochtfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 450, 451 agus 453, ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite.

3.   Ní bheidh míreanna 1 agus 2 infheidhme go hiomlán ná go páirteach i leith máthairinstitiúidí AE, institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE ná máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, a mhéid a n-áirítear iad laistigh de nochtuithe coibhéiseacha arna soláthar ar bhonn comhdhlúite ag máthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír.

4.   I gcás ina gcuirtear Airteagal 10 i bhfeidhm, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin ceanglais Chuid a hOcht ar bhonn chás comhdhlúite an chomhlachta lárnaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) maidir leis an gcomhlacht lárnach agus láimhseálfar na hinstitiúidí cleamhnaithe mar fhochuideachtaí an chomhlachta lárnaigh.

Airteagal 14

Cur i bhfeidhm cheanglais Chuid a Cúig ar bhonn comhdhlúite

1.   Comhlíonfaidh máthairghnóthais agus a bhfochuideachtaí na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Cúig ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite faoi réir an Rialacháin seo, lena áirithiú go bhfuil na socruithe, na próisis agus na sásraí a cheanglaítear leis na forálacha sin comhsheasmhach agus comhtháite agus gur féidir aon sonraí agus aon fhaisnéis atá ábhartha do chuspóir na maoirseachta a chur ar fáil. Go háirithe, áiritheoidh siad go gcuireann fochuideachtaí nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí chun feidhme lena áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha sin.

2.   Cuirfidh institiúidí ualú priacal breise i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 407 nuair a bheidh Airteagal 92 á chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite, má sháraítear ceanglais Airteagal 405 nó ceanglais Airteagal 406 ag leibhéal eintitis atá bunaithe i dtríú tír agus a áirítear sa chomhdhlúthú de réir Airteagal 18 má tá an sárú ábhartha de réir phróifíl priacal foriomlán an ghrúpa.

3.   Oibleagáidí a d'eascair ó Chuid a Cúig maidir le fochuideachtaí agus nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo, ní bheidh siad infheidhme más féidir leis an máthairinstitiúid AE nó le hinstitiúidí rialaithe ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil cur i bhfeidhm Chuid a Cúig neamhdhleathach faoi rialacha na tríú tíre ina bhfuil an fhochuideachta bunaithe.

Airteagal 15

Maolú ar chur chun feidhme cheanglais chistí dílse ar bhonn comhdhlúite maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta

1.   Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, cur i bhfeidhm Chuid a Trí den Rialachán seo agus Theideal VII de Chaibidil 4 de Threoir (AE)201336 ar bhonn comhdhlúite a tharscaoileadh, ar an gcoinníoll go bhfuil na dálaí seo a leanas ann:

(a)

baineann gach gnólacht infheistíochta AE sa ghrúpa úsáid as an ríomh malartach de mhéid iomlán an risíochta ar priacal dá dtagraítear in Airteagal 95(2);

(b)

tá gach gnólacht infheistíochta sa ghrúpa laistigh de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 95(1) agus in Airteagal 96(1);

(c)

comhlíonann gach gnólacht infheistíochta AE sa ghrúpa na ceanglais a fhorchuirtear in Airteagal 95 ar bhonn aonair agus ag an am céanna asbhaineann sé ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí choimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin;

(d)

aon chuideachta shealbhaíochta airgeadais atá ina máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát aon ghnólachta infheistíochta sa ghrúpa, a bhfuil ar seilbh aici, ar a laghad, an méid caipitil atá sainmhínithe anseo mar shuim na nithe dá dtagraítear in Airteagal 26(1), in Airteagal 51(1) agus in Airteagal 62(1); d'fhonn suim na nithe seo a leanas a chumhdach:

(i)

suim luach iomlán, de réir na leabhar, aon sealúchais, éilimh fho-ordaithe agus ionstraimí dá dtagraítear in Airteagail 36(1)(h) agus (i),56(c) agus (d), agus 66(c) agus (d) i ngnólachtaí infheistíochta, in institiúidí airgeadais, i gcuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus i ngnóthais seirbhísí coimhdeacha a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin; agus

(ii)

suim iomlán aon dliteanais teagmhasaigh i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthas seirbhísí coimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin;

(e)

ní chuimsíonn an grúpa institiúidí creidmheasa.

I gcás ina gcomhlíontar critéir an chéad fho-ailt, beidh córais i bhfeidhm ag gach gnólacht infheistíochta AE chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar fhoinsí caipitil agus maoinithe gach cuideachta sealbhaíochta airgeadais, gnólacht infheistíochta, institiúide airgeadais, cuideachta bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí coimhdeacha laistigh den ghrúpa.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla an tarscaoileadh a chur i bhfeidhm freisin má tá suim níos ísle cistí dílse ag na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais ná an méid a ríomhtar faoi mhír 1(d), ach gan é a bheith níos ísle ná suim na gceanglas cistí dílse a fhorchuirtear ar bhonn aonair do ghnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí coimhdeacha a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin, agus suim iomlán aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí coimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin. Chun críocha na míre seo, is ceanglas barúlach cistí dílse atá sa cheanglas cistí dílse i gcás gnóthas infheistíochta tríú tíortha, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthas seirbhísí coimhdeacha.

Airteagal 16

Maolú ar chur i bhfeidhm cheanglais an chóimheasa luamhánaithe ar bhonn comhdhlúite maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta

I gcás inar gnólachtaí infheistíochta atá díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht a chur i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 6(5) iad gach eintiteas i ngrúpa de ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear an máthaireintiteas, féadfaidh an máthairghnólacht infheistíochta a shocrú gan na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite.

Airteagal 17

Maoirseacht ar ghnólachtaí infheistíochta a tharscaoileadh ó chur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse ar bhonn comhdhlúite

1.   Gnólachtaí infheistíochta i ngrúpa dár tugadh an tarscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 15, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na priacail a d'fhéadfadh an bonn a bhaint óna suímh airgeadais, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le comhdhéanamh agus foinsí a gcistí dílse, caipiteal inmheánach agus maoiniú.

2.   I gcás ina dtarscaoileann na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar an ngnólacht infheistíochta an oibleagáid maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite dá bhforáiltear in Airteagal 15, déanfaidh siad bearta iomchuí eile chun faireachán a dhéanamh ar na priacail, go háirithe risíochtaí leathana, a bhaineann leis an ngrúpa ina iomláine, lena n-áirítear aon ghnóthas nach bhfuil lonnaithe i mBallstát.

3.   I gcás ina dtarscaoileann na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar an ngnólacht infheistíochta cur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse ar bhonn comhdhlúite de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 15, beidh feidhm ag ceanglais Chuid a hOcht ar bhonn aonair.

Roinn 2

Modhanna chun comhdhlúthú stuamachta a dhéanamh

Airteagal 18

Modhanna chun comhdhlúthú stuamachta a dhéanamh

1.   Na hinstitiúidí ar a gceanglaítear na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 1 a chomhlíonadh, ar bhonn a stádas comhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú iomlán ar gach institiúid agus institiúid airgeadais atá ina bhfochuideachtaí aige, nó, nuair is ábhartha, ina bhfochuideachtaí ag an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha. Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 8 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil feidhm ag Cuid a Sé ar bhonn cáis chomhdhlúite institiúide.

2.   Féadfaidh na húdaráis áitiúla comhdhlúthú comhréireach a cheadú, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, de réir an scair caipitil a shealbhaíonn an mháthairchuideachta san fhochuideachta. Ní cheadófar comhdhlúthú comhréireach ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

tá dliteanas an mháthairghnóthais teoranta don scair caipitil a shealbhaíonn sé san fhochuideachta i dtaca le dliteanas scairshealbhóirí nó ball eile;

(b)

tá sócmhainneacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí eile sásúil;

(c)

tá dliteanas na scairshealbhóirí agus na gcomhaltaí eile bunaithe go soiléir ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh dlí de;

3.   I gcás ina bhfuil gnóthais nasctha lena chéile trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE, socróidh na húdaráis inniúla conas a dhéanfar an comhdhlúthú.

4.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe de cheangal go ndéanfar an comhdhlúthú comhréireach de réir an scair chaipitil arna sealbhú de rannpháirtíochtaí in institiúidí agus in institiúidí airgeadais arna mbainistiú ag gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó nach n-áirítear sa chomhdhlúthú, i gcás ina bhfuil dliteanas na ngnóthas sin teoranta don scair den chaipiteal atá ina seilbh.

5.   I gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla seachas iad sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é. Go háirithe, féadfaidh siad úsáid an mhodha chothromais a cheadú nó a cheangal. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

6.   Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil, i dtuairim na n-údarás inniúil, tionchar suntasach ag institiúid ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin; agus

(b)

i gcás ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó curtha faoi bhainistíocht aonair ach amháin má tá sé sin de bhun conartha nó clásail atá ina meabhráin nó ina n-airteagail chomhlachais.

Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid an mhodha dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir 83/349/CEE a cheadú, nó a cheangal. Ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

7.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha a shonrú a gcuirfear an comhdhlúthú i bhfeidhm dá réir sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 go mír 6 den Airteagal seo.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig.16.

Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

8.   I gcás ina bhfuil gá le maoirseacht comhdhlúite de bhun Airteagal 111 de Threoir 2013/36/AE, áireofar gnóthais seirbhísí coimhdeacha agus cuideachtaí bainistíochta sócmhainní, mar a shainítear iad i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE i gcomhdhlúthuithe sna cásanna atá leagtha síos san Airteagal seo agus de réir na modhanna atá leagtha síos san Airteagal seo.

Roinn 3

Raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta

Airteagal 19

Eintitis arna n-eisiamh ó raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta

1.   Aon institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá ina fhochuideachta nó ina ghnóthas ina bhfuil seilbh ar rannpháirtíocht, ní gá í a áirithiú sa chomhdhlúthú i gcás ina bhfuil méid iomlán shócmhainní agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe an ghnóthais lena mbaineann níos lú ná an ceann is ísle den dá shuim seo a leanas:

(a)

EUR 10 milliún;

(b)

1 % de shuim iomlán shócmhainní agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe an mháthairchuideachta nó an ghnóthais a shealbhaíonn an rannpháirtíocht.

2.   Sna cásanna thíos féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite de réir Airteagal 111 de Threoir (AE)201336 cinneadh a dhéanamh, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, nach gá a áirithiú sa chomhdhlúthú institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá ina fhochuideachta nó ina sealbhaítear rannpháirtíocht:

(a)

i gcás ina bhfuil an gnóthas lena mbaineann lonnaithe i dtríú tír ina bhfuil baic dhlíthiúla le haistriú na faisnéise is gá;

(b)

i gcás nach bhfuil ach tábhacht dhiomaibhseach ag an ngnóthas lena mbaineann i leith chuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí creidmheasa;

(c)

i gcás ina mbeadh sé mí-oiriúnach nó míthreorach comhdhlúthú a dhéanamh ar shuíomh airgeadais an ghnóthais lena mbaineann, a fhad a bhaineann le cuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí creidmheasa, dar leis an údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a fheidhmiú ar bhonn comhdhlúite.

3.   Más rud é, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2, go gcomhlíonann roinnt gnóthas na critéir a leagtar amach iontu, áireofar iad sa chomhdhlúthú ina ainneoin sin i gcás ina bhfuil tábhacht dhiomaibhseach ag baint leo i dteannta a chéile i leith na gcuspóirí sainithe.

Airteagal 20

Cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta

1.   Oibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile agus iad i lánchomhairle le chéile:

(a)

i gcás iarratas ar an gcead dá dtagraítear in Airteagail 143(1), 151(4), 151(9), 283, 312(2), 363, faoi seach, arna chur isteach ag máthairinstitiúid AE agus a fhochuideachtaí, nó i gcomhpháirt a chéile ag fochuideachtaí mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, chun cinneadh a dhéanamh cé acu a thabharfar nó nach dtabharfar an cead atá á lorg agus chun na téarmaí agus na coinníollacha, más ann dóibh, a chinneadh, a mbeadh cead den chineál seo faoina réir;.

(b)

chun a dhéanamh amach an bhfuil na critéir maidir le láimhseáil shonrach idirghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 422(9) agus in Airteagal 425(5) arna gcomhlánú le caighdeáin teicniúla rialála an ÚBE dá dtagraítear in Airteagal 422(10) agus in Airteagal 425(6) á gcomhlíonadh.

Chuig an maoirseoir comhdhlúthaithe amháin a chuirfear iarratais isteach.

Beidh san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 312(2) cur síos ar an modheolaíocht a úsáideadh chun caipiteal priacal oibriúcháin a leithdháileadh ar eintitis éagsúla an ghrúpa. Cuirfidh an t-iarratas in iúl an bhfuil sé beartaithe éifeachtaí an éagsúlaithe a chur san áireamh sa chóras chun priacal a thomhas, agus má tá, cén chaoi a ndéanfar sin.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla gach ní ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí maidir leis na nithe seo:

(a)

an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b)

na critéir a mheas agus an láimhseáil shonrach dá dtagraítear i mír 1(b) a dhéanamh amach;

Beidh an cinneadh comhpháirteach seo leagtha amach i ndoiciméad ina mbeidh an cinneadh lán-réasúnaithe, doiciméad a chuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don iarratasóir.

3.   Tosóidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 2:

(a)

an dáta a fhaigheann an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán dá dtagraítear i mír 1(a). Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán ar aghaidh chuid na húdaráis inniúla eile gan mhoill;

(b)

an dáta a fhaigheann na húdaráis inniúla tuarascáil arna hullmhú ag an maoirseoir comhdhlúthaithe ag déanamh anailíse ar thiomantais idirghrúpa laistigh den ghrúpa.

4.   Mura dtagann na húdaráis inniúla ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh féin maidir le mír 1(a). Ní chuirfidh cinneadh an mhaoirseora comhdhlúthaithe teorainn ar chumhachtaí na n-údarás inniúil faoi Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE.

Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n-údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí.

Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mháthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE agus do na húdaráis inniúla eile.

Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh maidir le mír 1(a) siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a d'fhéadfadh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lenachinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.

5.   Mura dtagann na húdaráis inniúla ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, déanfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfochuideachta ar bhonn aonair a chinneadh féin maidir le mír 1(b).

Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n -údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí.

Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe a thugann fógra don máthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE.

Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil an maoirseoir comhdhlúthaithe tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfochuideachta ar bhonn aonair a chinneadh maidir le mír 1(b) den Airteagal seo siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a fhéadfaidh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir leis an gcinneadh sin, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.

6.   I gcás ina mbaineann máthairinstitiúid AE agus a fhochuideachtaí, fochuideachtaí mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE úsáid as Ardmhodh an Tomhais dá dtagraítear in Airteagal 312(2) nó cur chuige IBR dá dtagraítear in Airteagal 143 ar bhonn aontaithe, ceadóidh na húdaráis inniúla na critéir cháilíochta atá leagtha síos in Airteagal 321 agus in Airteagal 322 nó i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, Roinn a Sé faoi seach, a chomhlíonadh trí bhreithniú a dhéanamh ar an máthairchuideachta agus na fochuideachtaí i dteannta a chéile, ar bhealach atá i gcomhréir le struchtúr, modheolaíochtaí, próisis agus córais bhainistíochta priacal an ghrúpa.

7.   Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann na cinntí dá dtagraítear i mír 2, i mír 4 agus i mír 5 a aithint mar chinntí cinntitheacha agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad.

8.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an próiseas a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i bpointe a (a) de mhír 1 a shonrú, maidir leis na hiarratais ar chead dá dtagraítear in Airteagail 143(1), 151(4), 151(9),283, 312(2), agus 363 d'fhonn cinntí comhpháirteacha a éascú.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 21

Cinntí comhpháirteacha maidir le leibhéal cur i bhfeidhm na gceanglas leachtachta

1.   Ar iarratas ó mháthairinstitiúid AE nó ó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE nó ó fhochuideachta fo-chomhdhlúthaithe de chuid máthairinstitiúide AE nó de chuid máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó de chuid máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí mháthairinstitiúid AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, déanfaidh siad gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach maidir lena bhfuil coinníollacha phointí (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh agus lena sainaithneofar foghrúpa leachtachta amháin do chur chun feidhme Airteagal 8.

Déanfar an cinneadh comhpháirteach laistigh de sé mhí ón dáta a sheolann an maoirseoir comhdhlúthaithe isteach tuarascáil a shainaithníonn foghrúpaí leachtachta aonair ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 8. I gcás easaontú i rith na tréimhse sé mhí, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an ÚBE arna iarraidh sin d'aon cheann de na húdaráis inniúla eile atá i gceist. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe dul i gcomhairle leis an ÚBE as a stuaim féin.

Féadfaidh an cinneadh comhpháirteach srianta a chur freisin ar láthair agus ar úinéireacht sócmhainní leachtacha agus a cheangal go mbeidh íoslíon sócmhainní leachtacha ina seilbh ag institiúidí atá díolmhaithe ó chur chun feidhme Chuid a Sé.

Leagfar an cinneadh comhpháirteach amach i ndoiciméad ina léireofar an cinneadh lán-réasúnaithe a thíolacfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe do mháthairinstitiúid an fhoghrúpa leachtachta.

2.   Mura ndéantar cinneadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin.

Mar sin féin, féadfaidh aon údarás inniúil ábhartha dul i gcomhairle leis an ÚBE i rith na tréimhse sé mhí maidir le cé acu atá coinníollacha (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. Sa chás sin, is féidir leis an ÚBE idirghabháil neamhcheangailteach a dhéanamh de réir Airteagal 31(c) de Rialachán Uimh (AE) 1093/2010 agus Sa chás sin, cuirfidh na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann a gcinntí siar go dtí go dtabharfar i gcrích an idirghabháil neamhcheangailteach. Más rud é nach dtagann na húdaráis inniúla ar chinneadh laistigh de thrí mhí, i rith na hidirghabhála, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin, agus comhréireacht na sochar agus na bpriacal ar leibhéal Bhallstáit na máthairinstitiúide á cur san áireamh mar aon le comhréireacht na sochar agus na bpriacal ar leibhéal Bhallstát na fochuideachta. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.

Beidh an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus na cinntí dá dtagraítear a dara fomhír den mhír seo ceangailteach.

3.   Féadfaidh aon údarás inniúil ábhartha dul i gcomhairle leis an ÚBE freisin i rith na tréimhse sé mhí i gcás easaontais maidir le coinníollacha (a) go (d) d'Airteagal 8(3). Sa chás sin, is féidir leis an ÚBE idirghabháil neamhcheangailteach a dhéanamh de réir Airteagal 31(c) de Rialachán Uimh (AE) 1093/2010 agus, cuirfidh na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann a gcinntí siar ar feitheamh chur i gcrích na hidirghabhála neamhcheangailtí. Más rud é nach dtagann na húdaráis inniúla ar chinneadh laistigh de thrí mhí, i rith na hidirghabhála, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin.

Airteagal 22

Fo-chomhdhlúthú i gcás eintiteas i dtríú tíortha

Déanfaidh institiúidí fochuideachta na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 89 go hAirteagal 91 de Chuid a Trí agus i gCuid a Cúig a chur i bhfeidhm ar bhonn a suímh fhochomhdhlúite má tá acu, nó ag an máthairchuideachta i gcás gur cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha atá ann, institiúid nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta i dtríú tír, nó má tá rannpháirtíocht i ngnóthas den chineál sin ina seilbh acu.

Airteagal 23

Gnóthais i dtríú tíortha

Chun críocha maoirseacht a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite de réir na Caibidle seo, beidh feidhm ag na téarmaí ‧gnólacht infheistíochta‧, ‧institiúid chreidmheasa‧, ‧institiúid airgeadais‧ agus ‧institiúid‧ maidir le gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha freisin, ar gnóthais iad a chomhlíonfadh sainiú na dtéarmaí sin in Airteagal 4 dá mba san Aontas a bheidís bunaithe.

Airteagal 24

Luacháil na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár-comhardaithe

1.   Cuirfear luacháil na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe i gcrích i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go gcuirfidh na hinstitiúidí luacháil na sócmhainní agus na n-itimí lasmuigh den chlár comhardaithe i gcrích i gcomhréir leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta (CCI) 1, de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

CUID A DÓ

CISTÍ DÍLSE

TEIDEAL I

EILIMINTÍ DE CHISTÍ DÍLSE

CAIBIDIL 1

Caipiteal Leibhéal 1

Airteagal 25

Caipiteal Leibhéal 1

Is éard atá i gcaipiteal Leibhéal 1 institiúide suim chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus chaipiteal breise Leibhéal 1 na hinstitiúide.

CAIBIDIL 2

Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

Roinn 1

Ítimí agus ionstraimí ghnáthchothromas leibhéal 1

Airteagal 26

Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Is éard atá in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúidí na nithe seo a leanas:

(a)

ionstraimí caipitil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infhedhme,Airteagal 29;

(b)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

tuilleamh coimeádta;

(d)

ioncam cuimsitheach carntha eile;

(e)

cúlchistí eile

(f)

cistí do priacail baincéireachta ginearálta.

Ní aithneofar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má tá siad ar fáil don institiúid lena úsáid láithreach, gan srian, chun priacail nó caillteanais a chumhdach a luaithe a thagann siad chun cinn.

2.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1, mura mbeidh cead faighte roimh ré ón údarás inniúil ní fhéadfaidh institiúidí brabúis eatramhacha nó brabúis dheireadh na bliana a chur ar áireamh i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sula mbeidh cinneadh foirmiúil déanta ag an institiúid á dhearbhú brabús nó caillteanas deiridh na hinstitiúide don bhliain. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh fíorú déanta ar na brabúis sin ag daoine atá neamhspleách ar an institiúid atá freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chuntais na hinstitiúide sin;

(b)

go mbeidh sé léirithe ag an institiúid chun shásamh an údaráis inniúil go bhfuil aon mhuirear nó díbhinn intuartha asbhainte ó mhéid na mbrabús sin.

Tabharfaidh fíorú ar bhrabúis eatramhacha nó ar bhrabúis deiridh bliana na hinstitiúide leibhéal leormhaith forchinntithe go bhfuil meastóireacht déanta ar na brabúis sin de réir na bprionsabal atá leagtha amach sa chreat cuntasaíochta is infheidhme.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar a bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29 á gcomhlíonadh ag eisiúintí ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Maidir le heisiúintí tar éis 31 Nollaig 2014, ní aicmeoidh na hinstitiúidí caipiteal mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin tar éis cead a fháil ó na húdaráis inniúla, a fhéadfaidh dul i gcomhairle le ÚBE.

I gcás ionstraimí cistí dílse, cé is moite den státchabhair, arna bhfaomhadh ag an údarás inniúil mar ionstraimí atá incháilithe lena n-aicmiú mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach i gcás, dar leis an ÚBE, go bhfuil sé casta i ndáiríre a dheimhniú an bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29, á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, míneoidh na húdaráis inniúla a réasúnaíocht don ÚBE.

Ar bhonn na faisnéise ó gach údarás inniúil, déanfaidh an ÚBE liosta de na foirmeacha uile d'ionstraimí caipitil a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú i ngach Ballstát, ar ionstraimí iad a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Bunóidh an ÚBE an liosta sin agus foilseoidh sé é 1 Feabhra 2015 don chéad uair.

Tar éis an phróisis athbhreithnithe a leagtar amach in Airteagal 80 agus i gcás ina bhfuil go leor fianaise ann nach bhfuil na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29, á gcomhlíonadh ag na hionstraimí sin, féadfaidh an ÚBE a chinneadh ionstraimí caipitil nach státchabhair atá iontu agus a eisíodh tar éis an 31 Nollaig 2014, a bhaint den liosta agus féadfaidh sé fógra a thabhairt chuige sin.

4.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an bhrí atá le ‧intuartha‧ a shonrú d'fhonn a chinneadh ar asbhaineadh aon dhíbhinn nó muirear intuartha.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 27

Ionstraimí caipitil cumann frithpháirteach, comharchumann, institiúidí coigiltis nó institiúidí comhchosúla in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Cuimseoidh ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 aon ionstraim chaipitil arna heisiúint ag institiúid faoina théarmaí reachtúla ar na gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an institiúid den chineál sin a shainítear faoin dlí náisiúnta infheidhme agus a mheasann údaráis inniúla a bheith mar cheann ar bith díobh seo a leanas:

(i)

cumann frithpháirteach;

(ii)

comharchumann;

(iii)

institiúid coigiltis;

(iv)

institiúid den chineál sin;

(v)

institiúid chreidmheasa atá faoi úinéireacht iomlán cheann amháin de na hinstitiúidí dá dtagraitear i bpointí (i) go (iv), agus a bhfuil cead faighte aici ón údarás inniúil ábhartha leas a bhaint as forálacha an Airteagail seo ar an gcoinníoll agus a mhéid is go bhfuil 100 % de na gnáthscaireanna atá eisithe san institiúid chreidmheasa á sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag institiúid dá dtagraítear sna pointí sin;

(b)

comhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme Airteagal 29;

Na cumainn frithpháirteacha, na comharchumainn, na hinstitiúidí coigiltis nó na hinstitiúidí cosúla sin a aithníodh amhlaidh faoin dlí náisiúnta ab infheidhme roimh an 31 Nollaig 2012, leanfar dá n-aicmiú amhlaidh chun críocha na Coda seo, ar choinníoll go mbeidh na critéir lenar cinneadh an t-aitheantas sin á gcomhlíonadh acu i gcónaí.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha ar dá réir a dhéanfaidh údaráis inniúla cinneadh go gcáilíonn cineál gnóthais a aithnítear faoin dlí náisiúnta infheidhme mar chumann frithpháirteach, mar chomharchumann, mar institiúid coigiltis nó mar institiúid eile den chineál sin chun críocha na Coda seo.

Cuirfidh an ÚBE an dréachtchaighdeán teicniúil rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréacht caighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 28

Ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Ní cháileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is í an institiúid féin a eisíonn na hionstraimí le cead roimh ré ó úinéirí na hinstitiúide, nó, i gcás ina bhfuil sé ceadmhach faoin dlí náisiúnta infheidhme, is é comhlacht bainistíochta na hinstitiúide a eisíonn;

(b)

tá na hionstraimí láníoctha agus níl a gceannach cistithe go díreach nó go hindíreach ag an institiúid;

(c)

comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas go léir maidir lena n-aicmiú:

(i)

cáilíonn siad mar chaipiteal de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE;

(ii)

tá siad aicmithe mar chothromas de réir bhrí an chreata chuntasaíochta is infheidhme;

(iii)

tá siad aicmithe mar chaipiteal cothromais chun críocha dócmhainneacht chlár comhardaithe a chinneadh, nuair is infheidhme faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta;

(d)

tá na hionstraimí nochta go soiléir agus go leithleach ar an gclár comhardaithe i ráitis airgeadais na hinstitiúide;

(e)

is ionstraimí síoraí iad;

(f)

ní féidir príomhshuim na n-ionstraimí a laghdú ná a aisíoc, seachas i gceann de na cásanna seo a leanas:

(i)

leachtú na hinstitiúide;

(ii)

athcheannach lánroghnach na n-ionstraimí nó bealaí lánroghnacha eile chun caipiteal a laghdú, i gcás ina bhfuil cead faighte roimh ré ag an institiúid ón údarás inniúil i gcomhréir le Airteagal 77;

(g)

ní thugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe sna forálacha a rialaíonn na hionstraimí go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na n-ionstraimí a laghdú nó a aisíoc seachas trí leachtú na hinstitiúide, agus ní thugann an institiúid é sin le fios ar aon slí eile roimh ná le linn eisiúint na n-ionstraimí, cé is moite de chás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27 ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimín chineál sin a fhuascailt;

(h)

comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas maidir le dáileacháin:

(i)

ní hann do láimhseáil fhabhrach dáileacháin maidir le hord na n-íocaíochtaí dáileacháin, lena n-áirítear i leith ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, agus ní chuirtear ar fáil leis na téarmaí lena rialaítear na hionstraimí cearta fabhracha i leith íoc na ndáileachán;

(ii)

is as ítimí indáilte amháin is féidir dáileacháin ar shealbhóirí na n-ionstraimí a íoc;

(iii)

níl caidhp ná srian eile ar an uasleibhéal dáileacháin sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27.

(iv)

ní chinntear an leibhéal dáileachán ar bhonn na méide a íocadh as na hionstraimí tráth a n-eisithe, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27;

(v)

sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí níl aon oibleagáid ar an institiúid dáileacháin a dhéanamh ar a sealbhóirí, agus níl aon oibleagáid den chineál sin ar an institiúid ar aon slí eile;

(vi)

ní ionann neamhíoc na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;

(vii)

ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;

(i)

i gcomparáid leis na hionstraimí caipitil uile arna n-eisiúint ag an institiúid, ionsúnn na hionstraimí an chéad sciar caillteanas, is é sin an sciar is mó go comhréireach, de réir mar a tharlaíonn siad, agus ionsúnn gach ionstraim caillteanais sa mhéid chéanna is a ionsúnn gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eile iad;

(j)

tá na hionstraimí aicmithe faoi bhun gach éileamh eile i gcás dhócmhainneacht nó leachtacht na hinstitiúide;

(k)

tugann na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, éileamh atá, i gcás leachtachta agus tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha, comhréireach le méid na n-ionstraimí a eisíodh agus nach bhfuil socraithe nó faoi réir caidhpe, seachas i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 27;

(l)

níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii)

máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;

(iii)

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;

(iv)

an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;

(v)

an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;

(vi)

aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);

(m)

níl na hionstraimí faoi réir aon socrú, is cuma cé acu socrú conarthach nó conradh de chineál eile é, a chuireann le sinsearacht na n-éileamh faoi na hionstraimí i gcás dócmhainneachta nó leachtachta.

Measfar go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (j) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim.

2.   Measfar go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointe (i) de mhír 1 d'ainneoin díluacháil ar bhonn buan ar phríomhshuim ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó Chaipiteal Leibhéal 2.

Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (f) de mhír 1 d'ainneoin an laghdú ar phríomhshuim na hionstraime caipitil laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.

Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (g) de mhír 1 d'ainneoin na bhforálacha lena rialaítear an ionstraim caipitil ina dtugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na hionstraime a laghdú laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.

3.   Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (h)(iii) de mhír 1 d'ainneoin na hionstraime lena n-íoctar iolraí díbhinne, ar choinníoll nach ndáiltear an t-iolraí díbhinne sin ar bhealach a chuireann ró-ualach díréireachach ar chistí dílse.

4.   Chun críche phointe (h)(i) de mhír 1, nídhéanfar ach cearta vótála difreáilte, agus iad sin amháin, a léiriú i ndáileadh difreáilte. Ar an gcaoi sin, ní bheidh dáileadh níos airde i bhfeidhm ach amháin maidir le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 lena ngabhann níos lú cearta vótála nó nach ngabhann cearta vótála ar bith leo.

5.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh ionstraimí caipitil is infheidhme;

(b)

Cé acu a gcuirfeadh ildáileacháin ró-ualach díréireach ar chistí dílse agus dá gcuirfeadh, cathain;

(c)

an bhrí atá le dáileacháin fhabhracha;

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 29

Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo

1.   Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo, ní cháileoidh siad mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 mar aon le modhnuithe a thig as an Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

2.   Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas maidir le fuascailt na n-ionstraimí caipitil:

(a)

seachas i gcás ina dtoirmeasctear é faoin dlí náisiúnta infheidhme, beidh sé ar chumas na hinstitiúide fuascailte na n-ionstraimí a dhiúltú;

(b)

i gcás ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimí a fhuascailt, cuirfidh na forálacha a rialaíonn na hionstraimí ar chumas na hinstitiúide a bhfuascailt a theorannú;

(c)

ní teagmhas mainneachtana de chuid na hinstitiúide a bheidh i ndiúltú na hionstraimí a fhuascailt, ná i dteorainn a chur le fuascailt na n-ionstraimí nuair is infheidhme.

3.   Ní fhéadfaidh caidhp ná srian ar an uasleibhéal dáileacháin a bheith sna hionstraimí caipitil ach amháin i gcás ina bhfuil an chaidhp nó an srian sin leagtha amach faoin dlí náisiúnta infheidhme nó faoi reacht na hinstitiúide.

4.   I gcás ina gcuireann na hionstraimí caipitil cearta ar fáil don úinéir maidir le cúlchistí na hinstitiúide i gcás dócmhainneachta nó leachtachta atá teoranta do luach ainmniúil na n-ionstraimí, beidh feidhm ag teorainn den chineál sin sa mhéid chéanna i gcás shealbhóirí uile gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna heisiúint ag an institiúid sin.

An coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, ní dochar é don deis a bheith ag cumann frithpháirteach, ag comharchumann, ag institiúid coigiltis nó ag institiúid atá cosúil leis ionstraimí a aithint laistigh de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach mbronntar cearta vótála don sealbhóir leo agus lena gcomhlíontar an dá choinníoll seo araon a leanas:

(a)

éileamh shealbhóirí na n-ionstraimí neamh-vótala i ndócmhainneacht nó i leachtacht na hinstitiúide, is comhréireach é le scair na n-ionstraimí iomlána sin de chuid Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arb ionann í agus na hionstraimí neamh-vótála sin;

(b)

cáilíonn na hionstraimí ar shlí eile mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

5.   I gcás ina dtugann na hionstraimí caipitil teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní na hinstitiúidí i gcás dócmhainneachta nó leachtachta atá socraithe nó faoi réir caidhpe, beidh feidhm ag teorainn den chineál sin sa mhéid chéanna i gcás shealbhóirí uile gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna eisiúint ag an institiúid.

6.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sainiú a dhéanamh na cineálacha teorainneacha is gá ar fhuascailt, i gcás ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimí cistí dílse a fhuascailt.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 30

Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

Beidh feidhm acu seo a leanas, i gcás ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1, nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29:

(a)

scoirfidh an ionstraim láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

scoirfidh na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, láithreach bonn.

Airteagal 31

Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime

1.   I gcásanna éigeandála, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí caipitil a chomhlíonann ar a laghad na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) go (e) d'Airteagal 28(1) a áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

Gur eisíodh na hionstraimí tar éis 1 Eanáir 2014.

(b)

Go measann an Coimisiún gur Státchabhair atá sna hionstraimí caipitil.

(c)

Go n-eisítear na hionstraimí caipitil i gcomhthéacs scéime athchaipitlithe de bhun na rialacha maidir le Státchabhair atá ann ag an am.

(d)

Go bhfuil na hionstraimí caipitil suibscríofa go hiomlán agus ina seilbh ag an Stát nó ag údarás ábhartha poiblí nó ag eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.

(e)

Go bhfuil na hionstraimí caipitil in ann caillteanais a sheasamh.

(f)

Ach amháin i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 25, go dtabharfaidh na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, i gcás leachtaithe, tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha.

(g)

Go bhfuil sásraí leordhóthanacha um imeacht ann don Stáit, nó i gcás inarb infheidhme, don údarás ábhartha poiblí nó don eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.

(h)

Go mbeidh cead tugtha roimh ré ag an údarás inniúil agus go mbeidh a chinneadh foilsithe aige in éineacht le míniú ar an gcinneadh sin.

2.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón údarás inniúil ábhartha agus i gcomhar leis, measfar don ÚBE go bhfuil na hionstraimí caipitil sin dá dtagraítear i mír 1 cóibhéiseach le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun críocha an Rialacháin seo.

Roinn 2

Scagairí stuamachta

Airteagal 32

Sócmhainní urrúsaithe

1.   Déanfaidh institiúid aon mhéadú ar a cothromas faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme a eascraíonn as sócmhainní urrúsaithe a eisiamh ó aon eilimint de na cistí dílse, iad seo a leanas san áireamh:

(a)

méadú den chineál sin atá gaolmhar le hioncam corrlaigh todhchaí a mbíonn gnóthachan ar dhíolachán don institiúid mar thoradh air;

(b)

i gcás gur tionscnóir an urrúsaithe an institiúid, gnóthachain ghlana a eascraíonn as caipitliú ioncaim todhchaí ó na sócmhainní urrúsaithe a chuireann feabhsú creidmheasa ar fáil do shuímh san urrúsú.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coincheapa maidir le gnóthachan ar dhíolachán dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a shonrú a thuilleadh.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 33

Fálú sreabhadh airgid agus athruithe ar luach dliteanas dílis

1.   Ní áireoidh institiúidí na hítimí seo a leanas in aon eilimint de na cistí dílse:

(a)

na cúlchistí luacha chóir a bhaineann le gnóthachain nó caillteanais ar fhálú sreabhadh airgid d'ionstraimí airgeadais nach bhfuil luacháilte ag luach cóir, lena n-áirítear sreabhadh airgid réamh-mheasta;

(b)

gnóthachain nó caillteanais ar dhliteanais na hinstitiúide atá luacháilte ag luach cóir a eascraíonn ó athruithe ar acmhainneacht creidmheasa dílse na hinstitiúide.

(c)

gach gnóthachan agus caillteanas ar luach cóir a eascraíonn as priacal creidmheasa na hinstitiúide féin i dtaca le dliteanais díorthacha.

2.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1, ní fhéadfaidh institiúidí gnóthachain ná caillteanais ar luach cóir a eascraíonn as priacal creidmheasa na n-institiúidí féin a fhritháireamh ina gcoinne siúd a eascraíonn as priacal creidmheasa an chontrapháirtí.

3.   Gan dochar do phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí méid na ngnóthachan agus na gcaillteanas ar a dhliteanais a áireamh i gcistí dílse i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

is i bhfoirm bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE iad atá na dliteanais;

(b)

is mar thoradh ar na hathruithe céanna i seasamh creidmheasa dílse na hinstitiúide na hathruithe ar luach sócmhainní agus dliteanas na hinstitiúide;

(c)

tá luach na mbannaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus luach sócmhainní na hinstitiúide ag teacht go dlúth le chéile;

(d)

is féidir na hiasachtaí morgáiste a fhuascailt trí na bannaí atá ag maoiniú na hiasachtaí morgáiste a cheannach ar ais ar luach an mhargaidh nó ar an luach ainmniúil.

4.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar cad is brí le luach na mbannaí agus luach na sócmhainní, a luaitear i bpointe (c) de mhír 3, bheith ag teacht go dlúth le chéile.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúinfaoin 30 Meán Fómhair 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 34

Coigeartuithe luacha breise

Cuirfidh institiúidí ceanglais Airteagal 105 i bhfeidhm ar a sócmhainní uile arna dtomhas ag luach cóir nuair a ríomhtar méid a gcistí dílse agus asbhainfidh siad méid aon choigeartuithe luacha breise is gá ó chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

Airteagal 35

Gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe arna dtomhas ag luach cóir

Seachas i gcás na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 33, ní dhéanfaidh institiúidí coigeartuithe chun gnóthachain nó caillteanais neamhréadaithe ar a sócmhainní nó ar a dliteanais arna dtomhas ag luach cóir a bhaint óna gcistí dílse.

Roinn 3

Asbhaintí as ítimí ghnáthchothromas leibhéal 1, díolúintí agus roghanna eile asbhainte

Foroinn 1

Asbhaintí as ítimí ghnáthchothromas leibhéal 1

Airteagal 36

Asbhaintí as Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(a)

caillteanais don bhliain airgeadais reatha;

(b)

sócmhainní doláimhsithe;

(c)

sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí;

(d)

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (Cur Chuige IBR), méideanna diúltacha a thig ó ríomh méideanna an chaillteanais ionchasaigh atá leagtha síos in Airteagal 158 agus Airteagal 159;

(e)

sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe ar chlár comhardaithe na hinstitiúide.

(f)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá d'oibleagáid iarbhír nó theagmhasach ar institiúid a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana;

(g)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais sa chás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach ag an institiúid leis na heintitis sin a measann an t-údarás inniúil gur ceapadh é chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;

(h)

méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;

(i)

méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;

(j)

méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 56 a sháraíonn Caipiteal Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide;

(k)

méid risíochta na n-ítimí seo a leanas a cháilíonn i gcomhair ualú priacal 1 250 %, i gcás ina n-asbhaineann an institiúid an méid risíochta sin ó mhéid Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar mhalairt ar ualú priacal 1 250 % a chur i bhfeidhm:

(i)

sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais;

(ii)

suímh urrúsúcháin, i gcomhréir le hAirteagail 243(1)(b), 241(1)(b) agus 258;

(iii)

seachadtaí in aisce, i gcomhréir le hAirteagal 379(3);

(iv)

suímh i mbascaed nach bhféadfaidh institiúid an t-ualú priacal a chinneadh ina leith faoi chur chuige IRB, i gcomhréir le hAirteagal 153(8);

(v)

risíochtaí ar chothromas faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha, i gcomhréir le hAirteagal 155(4).

(l)

aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn cur i bhfeidhm na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (e), (f), (h), (i) agus (l) de mhír 1 a shonrú, mar aon leis na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d) agus (f) d'Airteagal 56 agus pointí (a), (c) agus (d) d'Airteagal 66.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

3.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn sonrú a dhéanamh ar na cineálacha ionstraimí caipitil atá ag institiúidí airgeadais agus, i gcomhairle leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) UAPGE, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh.1094/2010 (26) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010., ag gnóthais árachais agus athárachais tríú tíre, agus ag gnóthais arna n-eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 4 den Treoir sin, agus a asbhainfear as na gnéithe seo a leanas de chistí dílse:

(a)

Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

Ítimí Breise Leibhéal 1;

(c)

Ítimí Leibhéal 2.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 37

Sócmhainní doláimhsithe a asbhaint

Déanfaidh na hinstitiúidí méid na sócmhainní doláimhsithe a bheidh le hasbhaint a chinneadh mar seo a leanas:

(a)

laghdófar an méid atá le hasbhaint de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar a mhúchfaí dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní doláimhsithe nó dá mbainfí den chlár comhardaithe iad faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(b)

cuimseoidh an méid atá le hasbhaint cáilmheas arna áireamh sa luacháil ar infheistíochtaí suntasacha na hinstitiúide.

Airteagal 38

Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a asbhaint

1.   Déanfaidh institiúidí méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a chaithfear a asbhaint i gcomhréir leis an Airteagal seo a chinneadh.

2.   Seachas i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 3, ríomhfar méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí gan é a laghdú de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar atá ag an institiúid.

3.   Féadfar méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a laghdú de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar atá ag an institiúid, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá ceart ag an eintiteas faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ar ceart é atá infhorghníomhaithe ó thaobh dlí de, chun na sócmhainní cánach reatha sin a fhritháireamh in aghaidh dliteanas cánach reatha;

(b)

baineann na sócmhainní cánach iarchurtha sin agus na dliteanais chánach iarchurtha le cánacha ioncaim a ghearrann an t-údarás cánachais céanna ar an eintiteas inchánach céanna.

4.   Ní fhéadfar dliteanais chánach iarchurtha, a laghdaíonn méid na sócmhainní doláimhsithe nó na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a chaithfear a asbhaint, a áireamh faoi dhliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara na hinstitiúide a úsáidtear chun críocha mhír 3.

5.   Déanfar méid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar dá dtagraítear i mír 4 a leithdháileadh orthu seo a leanas:

(a)

sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha nach n-asbhaintear i gcomhréir le hAirteagal 48(1);

(b)

na sócmhainní cánach iarchurtha eile go léir atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí.

Déanfaidh institiúidí na dliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara a leithdháileadh de réir an chion de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a bhfuil na hítimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b),agus (c) in ionannas leis.

Airteagal 39

Ró-íocaíochtaí cánach, tabhairt siar caillteanais chánach agus sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí

1.   Ní asbhainfear na hítimí a leanas ó na cistí dílse agus beidh siad faoi réir ualú priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme,:

(a)

ró-íocaíochtaí cánach a rinne an institiúid sa bhliain reatha;

(b)

caillteanais chánach na hinstitiúide sa bhliain reatha arna dtabhairt siar go blianta roimhe sin as a dtig éileamh ar, nó earra infhaighte ó, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás cánach áitiúil.

2.   Beidh na sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí teoranta do shócmhainní cánach iarchurtha a eascraíonn as difríochtaí sealadacha, sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

cuirtear creidmheas cánach ina n-ionad go huathoibríoch agus go héigeantach gan mhoill, i gcás ina dtuairiscíonn an institiúid caillteanas nuair a fhormheastar ráitis airgeadais bhliantúla na hinstitiúide go foirmiúil, agus i gcás leachtú nó dócmhainneacht na hinstitiúide;

(b)

beidh an institiúid in ann, de réir an dlí cánach náisiúnta is infheidhme, creidmheas cánach dá dtagraítear in bpointe (a) a fhritháireamh i gcoinne aon dliteanais chánach atá ag an institiúid nó aon ghnóthais eile ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna agus an institiúid chun críocha cánach de réir an dlí sin nó aon ghnóthais eile faoi réir na maoirseachta ar bhonn comhdhlúthaithe i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(c)

i gcás ina sáraíonn méid na gcreidmheasanna cánach dá dtagraítear i bpointe (b) na dliteanais chánach dá dtagraítear sa phointe sin, cuirtear éileamh díreach ar rialtas láir an Bhallstáit ina ionchorpraítear an institiúid in ionad barrachais den chineál sin gan mhoill.

Cuirfidh na hinstitiúidí ualú priacal de 100 % i bhfeidhm maidir le sócmhainní cánach iarchurtha i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí a) b) agus c).

Airteagal 40

Méideanna diúltacha a thig ó ríomh méideanna an chaillteanais ionchasaigh a asbhaint

Ní dhéanfar an méid a bheidh le hasbhaint i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 36(1) a laghdú i ngeall ar mhéadú i leibhéal na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí, nó ar éifeacht chánach bhreise eile, a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtarlódh sé go méadódh soláthairtí go leibhéal an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil 3 de Theideal II.

Airteagal 41

Sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a asbhaint

1.   Chun críocha phointe (e) d'Airteagal 36(1), déanfar méid na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a bheidh le hasbhaint a laghdú an méid seo leanas:

(a)

méid aon dliteanais cánach iarchurtha ghaolmhair arbh fhéidir go múchfaí é dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní nó dá ndéanfaí iad a bhaint den chlár comhardaithe faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(b)

méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe nach bhfuil srian ar chumas na hinstitiúide iad a úsáid, ar an gcoinníoll go bhfuil cead roimh ré faighte ag an institiúid ón údarás inniúil. Na sócmhainní sin a úsáidtear chun an méid a asbhainfear a laghdú, cuirfear ualú priacal leo i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na critéir a shonrú lena dtabharfaidh údarás inniúil cead d'institiúid méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe, arna shainiú i bpointe (b) de mhír 1, a laghdú.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 42

Sealúchais ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint

Chun críocha phointe (f) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir le hAirteagal 36, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

(a)

féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;

(b)

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;

(c)

féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

go bhfuil na suímh fhada agus na suímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála.

Airteagal 43

Infheistíocht shuntasach in eintiteas earnála airgeadais

Chun críocha asbhaint a dhéanamh, tiocfaidh infheistíocht shuntasach institiúide in eintiteas earnála airgeadais chun cinn sa chás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas

(a)

tá os cionn 10 % de na hionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;

(b)

tá dlúthnaisc ag an institiúid leis an eintiteas sin agus tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;

(c)

tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide agus ní áirítear an t-eintiteas sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, ach áirítear é sa chomhdhlúthú cuntasaíochta céanna leis an institiúid ar mhaithe le tuairisciú airgeadais faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

Airteagal 44

Sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas na hearnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

déanfar sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus d'ionstraimí caipitil eile arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;

(b)

déanfar ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.

Airteagal 45

Sealúchais d'ionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (h) agus pointe (i) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

gurb ionann aibíocht an tsuímh ghearr aibíocht an tsuímh fhada nó go bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin ar a laghad iontu;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araonsa leabhar trádála;

(b)

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh.

Airteagal 46

Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais

1.   Chun críocha phointe (h) d'Airteagal 36(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de chomhiomláin na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g), i bpointí k(ii) go k(v) agus i bpointe (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;

(iii)

Airteagal 44 agus Airteagal 45

(b)

an méid comhiomlán a sháraítear le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí dílse na n-eintiteas sin san earnáil airgeadais.

2.   Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

3.   Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b)

an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a léirítear le gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá sealbhaithe.

4.   Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí priacal is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

5.   Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí cistí dílse atá ualaithe de réir priacal a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b):

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an méid a shonraíteari bpointe (i) a roinnt ar an méid i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin

Airteagal 47

Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais

Chun críocha phointe (i) d'Airteagal 36(1), ní dhéanfar suímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra a áireamh sa mhéid infheidhme a asbhainfear as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus socrófar iad i gcomhréir le hAirteagal 44 agus Airteagal 45 agus le foroinn 2.

Foroinn 2

Díolúintí ó asbhaintí as ítimí ghnáthchothromas leibhéal 1 agus roghanna eile asbhainte

Airteagal 48

Díolúintí tairsí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Le linn dóibh na hasbhaintí is gá de bhun phointí (c) agus (i) d'Airteagal 36(1) a dhéanamh, níl sé de cheanglas ar na hinstitiúidí méideanna na n-ítimí atá liostaithe i bpointí (a) agus (b) den mhír seo atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, an méid na tairsí dá dtagraítear i mír 2:

(a)

sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

pointí (a) go (h), pointí (k)(ii) go k(v) agus pointe (1) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha.

(b)

i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais, sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na n-eintiteas sin atá ag an institiúid atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

pointí (a) go (h) agus pointí (k)(ii) go k(v) agus pointe (1)d'Airtegal 36(1) cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh méid na tairsí comhionann leis an méid dá dtagraítear ii bpointe (a) den mhír seo iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid iarmharach maidir le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe agus na hasbhaintí in Airteagal 32 gohAirteagal 35 a chur i bhfeidhm ina n-iomláine agus gan na díolúintí a shonraítear san Airteagal seo a chur i bhfeidhm;

(b)

17.65 %.

3.   Chun críocha mhír 1, cinnfidh institiúid an cion de shócmhainní cánach iarchurtha as méid iomlán na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach gá a asbhaint tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b):

(a)

sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin;

(b)

suim na nithe seo a leanas:

(i)

an méid dá dtagraítear i bpointe (a);

(ii)

méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí cistí dílse d'eintitis earnála airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin.

Tá an cion d'infheistíochtaí suntasacha as méid iomlán na n-ítimí nach gá a asbhaint cothrom lena a haon lúide an cion dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.   Déanfar méideanna na n-ítimí nach n-asbhaintear de bhun mhír 1 a ualú de réir priacal ag 250 %.

Airteagal 49

Ceanglas ar asbhaint i gcás ina gcuirtear comhdhlúthú, maoirseacht fhorlíontach nó scéimeanna cosanta institiúideacha i bhfeidhm

1.   Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite, sa chás ina gcuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar institiúidí nó ina gceadóidh siad d'institiúidí modh 1, modh 2 nó modh 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú d'institiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais a asbhaint, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid, ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais, ag an máthairchuideachta nó ag máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (e) den mhír seo:

(a)

is gnóthas árachais, gnóthas ath-árachais nó cuideachta shealbhaíochta árachais é an t-eintiteas earnála airgeadais;

(b)

áirítear an gnóthas árachais sin, an gnóthas ath-árachais sin nó an chuideachta shealbhaíochta árachais sin sa mhaoirseacht fhorlíontach chéanna faoi Threoir 2002/87/CE agus atá an mháthairinstitiúid, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an mháthairchuideachta nó máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bhfuil an sealúchas aici;

(c)

fuair an institiúid cead roimh ré ó na húdaráis inniúla;

(d)

sula ndeonóidh siad an cead sin dá dtagraítear i bpointe (c), agus ar bhonn leanúnach, tá na húdaráis inniúla sásta gur leor leibhéal na bainistíochta comhtháite, na bainistíochta priacal agus na rialaithe inmheánaí maidir leis na heintitis a chuirfí san áireamh faoi chuimsiú mhodh 1, mhodh 2 nó mhodh 3;

(e)

is le ceann díobh seo a leanas na sealúchais san eintiteas:

(i)

an mháthairinstitiúid chreidmheasa;

(ii)

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;

(iii)

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;

(iv)

an institiúid;

(v)

fochuideachta ceann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv) a áirítear sa raon feidhme comhdhlúthúcháin de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

Déanfar an modh a roghnófar a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach thar am.

2.   Ar mhaithe le cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair agus ar bhonn fo-chomhdhlúite, ní dhéanfaidh institiúidí atá faoi réir maoirseachta ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint, ar eintitis iad atá san áireamh i raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite, ach amháin má chinneann na húdaráis inniúla go gceanglaítear na hasbhaitntí sin chun críocha sonracha, go háirithe chun gníomhaíochtaí baincéireachta a scaradh go struchtúrach, agus pleanáil réitigh.

Agus an cur chuige seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chur i bhfeidhm ní fhéadfaidh go mbeidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an AE ina iomláine ina fhoirmeoidh nó ina chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

3.   Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú do na hinstitiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse a asbhaint sna cásanna a leanas:

(a)

áit a bhfuil sealúchas ag institiúid in institiúid eile agus áit a gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (i) go (v);

(i)

tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7);

(ii)

tá an cead dá dtagraítear in Airteagal 113(7) tugtha ag na húdaráis inniúla;

(iii)

comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 113(7);

(iv)

leis an scéim chosanta institiúideach déantar clár comhardaithe comhdhlúite dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 113(7) a tharraingt suas, áit nach gceanglaítear é cuntais chomhdhlúite a tharraingt suas, déanfar ríomh comhiomlán leathnaithe atá, chun sástachta na n-údarás inniúil, coibhéiseach leis na forálacha i dTreoir 86/635/CCE, Treoir a ionchorpraíonn oiriúnuithe áirithe a rinneadh ar fhorálacha Sheachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 nó Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, a rialaíonn cuntais chomhdhlúite na n-institiúidí creidmheasa. Déanfar coibhéise an ríomha chomhiomláin leathnaithe a fhíorú trí iniúchóir seachtrach agus fíorófar go háirithe go ngeofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúid maidir leis an ríomh sin; Déanfar an clár comhardaithe comhdhlúite nó an ríomh comhiomlán leathnaithe a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla chomh minic agus a leagtar síos in Airteagal 99, agus ní níos annaimhe ná sin.

(v)

comhlíonann na hinstitiúidí a áirítear i scéim chosanta institiúideach na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 92 le chéile ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn comhiomlán, agus déantar leo comhlíonadh na gceanglas sin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 99. Laistigh de scéim chosanta institiúideach, níl sé de cheangal ús na gcomhaltaí comharchumainn nó na n-eintiteas dlíthiúil a asbhaint, nach comhaltaí den Scéim Chosanta Institiúideach iad, ar an gcoinníoll go bhfaighfear réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí agus an scairshealbhóir mionlaigh, nuair atá institiúid i gceist.

(b)

i gás ina bhfuil sealúchas ag institiúid chreidmheasa réigiúnach ina hinstitiúid chreidmheasa lárnach nó in institiúid chreidmheasa réigiúnach eile agus go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (v).

4.   Na sealúchais sin nach ndéantar asbhaint ina leith i gcomhréir le mír 1, le mír 2 nó le mír 3, cáileoidh siad mar risíochtaí cothromais agus déanfar iad a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

5.   Áit ina gcuirfidh institiúid modhanna 1 agus 2 d'Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/87/CE i bhfeidhm, nochtfaidh an institiúid ceanglas forlíontach na gcistí dílse agus an cóimheas leordhóthanacht chaipitil den ilchuideachta airgeadais mar a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 6 den treoir sinagus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

6.   Forbróidh an ÚBE, an UAPGE (an tÚdarás Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 (27), trí bhíthin an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn a shonrú chun críocha an Airteagail seo na coinníollacha maidir leis na modhanna ríofa atá liostaithe in Iarscríbhinn I, Cuid II de Threoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm chun críocha na roghanna eile asbhainte dá dtagraítear i mír 1 den Rialachán seo.

Cuirfidh an ÚBE, an ÚAPGE agus an tÚdarás Eorpach Urrús na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach.

Foroinn 4

Caipiteal ghnáthchothromas leibhéal 1

Airteagal 50

Gnáthchothromas Leibhéal 1

Is é atá i gCaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe is gá de réir Airteagail 32 go 35, na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus na díolúintí agus na roghanna eile asbhainte atá leagtha síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79 a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL 3

Caipiteal Breise Leibhéal 1

Roinn 1

Ítimí agus ionstraimí chaipiteal breise leibhéal 1

Airteagal 51

Ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1

Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:

(a)

ionstraimí caipitil, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 52(1);

(b)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a).

Ionstraimí a chuimsítear faoi phointe (a), ní cháileoidh siad mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 2.

Airteagal 52

Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1

1.   Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na hionstraimí eisithe agus íoctha;

(b)

níl na hionstraimí ceannaithe ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii)

gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;

(c)

níl ceannach na n-ionstraimí cistithe go díreach nó go hindíreach ag an institiúid;

(d)

tá na hionstraimí aicmithe níos ísle ná ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide;

(e)

níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht na n-éileamh ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii)

máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;

(iii)

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;

(iv)

an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;

(v)

an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;

(vi)

aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v)

(f)

níl na hionstraimí faoi réir ag aon socrú, idir shocrú conarthach nó eile, a chuireann le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí atá dócmhainneach nó faoi leachtú;

(g)

is ionstraimí síoraí iad agus níl aon dreasacht áirithe sna forálacha lena rialaítear iad ionas go mbeidh an institiúid in ann iad a fhuascailt;

(h)

i gcás ina n-áirítear céadrogha amháin ar cheannach nó níos mó sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí, féadfar an chéadrogha ar cheannach a fheidhmiú ag lánrogha iomlán an eisitheora;

(i)

ní fhéadfar na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 77, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis na heisiúna ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 78(4);

(j)

ní thugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfaí nó go bhféadfaí na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach agus ní thugann an institiúid le fios é sin ar aon shlí eile, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i)

leachtú na hinstitiúide

(ii)

athcheannach lánroghnach na n-ionstraimí nó bealaí lánroghnacha eile chun méid chaipiteal breise Leibhéal 1 a laghdú, i gcás ina bhfuil cead faighte roimh ré ag an institiúid ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 77

(k)

ní thugann an institiúid le fios go sainráite nó go hintuigthe go dtabharfadh an t-údarás inniúil toiliú d'iarratas chun na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach;

(l)

comhlíonann dáileacháin faoi na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas:

(i)

íoctar amach as ítimí indáilte iad;

(ii)

ní leasófar leibhéal na ndáileachán a dhéanfar faoi na hionstraimí ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;

(iii)

tugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí lánrogha don institiúid tráth ar bith na dáileacháin faoi na hionstraimí a chur ar ceal ar feadh tréimhse gan teorainn agus ar bhonn neamhcharnach, agus féadfaidh an institiúid íocaíochtaí cealaithe den sórt sin a úsáid gan srian chun a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite;

(iv)

ní hionann cealú na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;

(v)

ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;

(m)

ní rannchuidíonn na hionstraimí le cinneadh go sáraíonn dliteanais institiúide a cuid sócmhainní, i gcás ina gcuimsíonn cinneadh den sórt sin tástáil dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta is infheidhme;

(n)

ceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfaí, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, díluacháil ar bhonn buan nó sealadach ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí, nó go ndéanfaí na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1,.

(o)

ní áirítear leis na forálacha lena rialaí tear na hionstraimí aon ghné a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide;

(p)

i gcás nach bhfuil na hionstraimí eisithe go díreach ag institiúid, comhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

eiseofar na hionstraimí trí eintiteas laistigh den chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(ii)

beidh na fáltais ar fáil láithreach gan teorainn agus i bhfoirm a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa mhír seo don institiúid.

Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (d) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim.

2.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

foirm agus cineál na ndreasachtaí fuascailte;

(b)

cineál aon uasluachála mhéid na príomhshuime d'ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis mhéid a príomhshuime a dhíluacháil ar bhonn sealadach.

(c)

na nósanna imeachta agus an t-uainiú dóibh seo a leanas:

(i)

cinneadh a dhéanamh gur tharla eachtra thucaide;

(ii)

uasluacháil mhéid na príomhshuime d'ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis mhéid a príomhshuime a dhíluacháil ar bhonn sealadach;

(d)

gnéithe d'ionstraimí a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide;

(e)

eintitis shainchuspóireacha a úsáid chun ionstraimí cistí dílse a eisiúint go hindíreach.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 53

Srianta ar dháileacháin faoi ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar ceal agus gnéithe a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide

Chun críocha phointí (l)(v) agus (o) d'Airteagal 52(1), ní áireofar iad seo a leanas go háirithe sna forálacha lena rialaítear ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:

(a)

ceanglas maidir le dáileacháin faoi na hionstraimí a dhéanamh i gcás ina ndéantar dáileachán faoi ionstraim arna heisiúint ag an institiúid atá aicmithe ar chomhchéim, nó níos ísle ná, ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, lena n-áirítear ionstraim de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

ceanglas chun íocaíocht dáileacháin faoi ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a chur ar ceal i gcás nach ndéantar dáileacháin faoi na hionstraimí sin de Chaipiteal Breise Leibhéal 1;

(c)

oibleagáid maidir le híocaíocht in aon fhoirm eile a chur in ionad na híocaíochta úis nó díbhinne. Ní bheidh an institiúid faoi réir ag oibleagáid den sórt sin ar aon shlí eile.

Airteagal 54

Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil nó a chomhshó

1.   Chun críocha phointe (n) d'Airteagal 52(1), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:

(a)

tarlóidh eachtra thucaide nuair a thitfidh an cóimheas de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92(1) faoi bhun ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

5.125 %;

(ii)

leibhéal níos airde ná 5.125 %, i gcás inar chinntigh an institiúid é agus inar sonraíodh é sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;

(b)

Féadfaidh institiúidí eachtra thucaide amháin nó níos mó a shonrú sna forálacha lena rialaítear an ionstraim, de bhreis ar an eachtra a dtagraítear di i bpointe(a);

(c)

i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí iad a chomhshó ina ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, sonróidh na forálacha sin ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

ráta comhshóite den sórt sin agus teorainn ar an méid comhshóite a cheadófar;

(ii)

raon, ar laistigh de, a chomhshóidh na hionstraimí ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(d)

i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí méid a bpríomhshuime a dhíluacháil tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, laghdófar na nithe seo a leanas ar fad sa díluacháil:

(i)

éileamh shealbhóir na hionstraime i ndócmhainneacht nó i leachtú na hinstitiúide;

(ii)

an méid a cheanglaítear a íoc i gcás ina ndéantar an ionstraim a ghlaoch nó a fhuascailt;

(iii)

na dáileacháin a dhéantar faoin ionstraim.

2.   Le díluacháil nó le comhshó ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, déanfar, faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, ítimí a ghiniúint a cháilíonn mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

3.   Tá méid na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a aithnítear in ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 teoranta d'íosmhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ghinfí dá ndéanfaí méid phríomhshuim na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil go hiomlán nó a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

4.   Maidir le méid comhiomlán ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nach mór a dhíluacháil nó a chomhshó tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, ní bheidh sé níos lú ná an ceann is ísle de na méideanna seo a leanas:

(a)

an méid a theastaíonn chun an cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide a chur ar ais go hiomlán go 5.125 %;

(b)

méid iomlán phríomhshuim na hionstraime.

5.   Nuair a tharlóidh eachtra thucaide déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:

(a)

na hinstitiúidí inniúla a chur ar an eolas láithreach bonn;

(b)

sealbhóirí na nIonstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar an eolas;

(c)

príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil, nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 gan mhoill, ach tráth nach déanaí ná i gceann mí amháin, i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo.

6.   Déanfaidh institiúid a eisíonn ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chomhshónn ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide a áirithiú gur leor i gcónaí a scairchaipiteal údaraithe chun na hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 inchomhshóite sin go léir a chomhshó ina scaireanna má tharlaíonn eachtra thucaide. Gheofar na húdaruithe uile is gá ar dháta eisiúna na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 in-chomhshóite sin. Coinneoidh an institiúid an réamhúdarú is gá chun na hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a eisiúint, ar ionstraimí iad ina gcomhshódh na hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 sin tráth a tharlódh eachtra thucaide.

7.   Déanfaidh institiúid a eisíonn ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chomhshónn ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide a áirithiú nach mbeidh baic nós imeachta ann leis an gcomhshó sin de bhun a hionchorpraithe nó a reachtanna nó de bhun socruithe reachtúla nó conarthacha.

Airteagal 55

Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear, i gcás ionstraime de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 52(1):

(a)

scoirfidh an ionstraim láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1;

(b)

scoirfidh an chuid sin de na cuntais scairbhisigh, ar cuid í a bhaineann leis an ionstraim sin, láithreach bonn de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1.

Roinn 2

Asbhaintí as ítimí chaipiteal breise leibhéal 1

Airteagal 56

Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1

Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:

(a)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;

(b)

sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;

(c)

méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 60, na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;

(d)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra;

(e)

méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 de bhun Airteagal 66 a sháraíonn Caipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide;

(f)

aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach.

Airteagal 57

Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint

Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

(a)

féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;

(ii)

go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

(b)

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;

(c)

féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

go bhfuil na suímh fhada agus ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó sa leabhar trádála;

Airteagal 58

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 53 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;

(b)

déanfar ítimí chistí dílse d'árachas breise Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.

Airteagal 59

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) d'Airteagal 56 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

gurb ionann aibíocht an tsuímh ghearr agus aibíocht an tsuímh fhada nó go bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin ar a laghad iontu;

(ii)

. go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

(b)

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh;

Airteagal 60

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais

1.   Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais ábhartha atá ag an institiúid 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

pointí (a) go (g) agus pointe (k)(ii) go pointe k(v) agus mír (1) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;

(iii)

Airteagal 44 agus Airteagal 45;

(b)

an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 d'eintitis sin na hearnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal Breise 2 n-eintiteas earnála airgeadais sin.

2.   Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

3.   Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú. Ríomhfar an méid a bheidh le hasbhaint ó gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun mhír 1 tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b)

an méid a shonraítear i bpointe (i) a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin.

4.   Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 56 atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i), (ii) agus(iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí priacal is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

5.   Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí cistí dílse atá ualaithe de réir priacal a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b):

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an méid i bpointe (i) a roinnt ar an méid i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu.

Roinn 3

Caipiteal breise leibhéal 1

Airteagal 61

Caipiteal Breise Leibhéal 1

Is é atá i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 institiúide ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus tar éis Airteagal 79 a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL 4

Caipiteal Leibhéal 2

Roinn 1

Itimí agus ionstraimí chaipiteal leibhéal 2

Airteagal 62

Ítimí Leibhéal 2

Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:

(a)

ionstraimí caipitil agus iasachtaí fo-ordaithe, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 63;

(b)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa, agus éifeachtaí cánach san áireamh, go dtí 1.25 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;

(d)

maidir le hinstitiúidí a dhéanann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh faoi Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí méideanna deimhneacha, agus éifeachtaí cánach san áireamh, a thig ón ríomh atá leagtha síos in Airteagal 158 agus Airteagal 158 go dtí 0.6 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomhtar faoi Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí.

Ní cháileoidh ítimí a áirítear faoi phointe (a) mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná Chaipiteal Breise Leibhéal 1.

Airteagal 63

Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2

Cáileoidh ionstraimí caipitil agus iasachtaí fo-ordaithe, mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na hionstraimí eisithe nó tá na hiasachtaí fo-ordaithefaighte, de réir mar is infheidhme, agus tá siad íoctha go hiomlán;

(b)

níl na hionstraimí ceannaithe nó níl na hiasachtaí fo-ordaithe faighte, de réir mar is infheidhme, ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii)

gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;

(c)

ní dhéanann an institiúid ceannach na n-ionstraimí nó fáil na n-iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, a mhaoiniú go díreach nó go hindíreach;

(d)

tá an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-iasachtaí fo-ordaithe faoi na forálacha lena rialaítear na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, go hiomlán faoi réir fo-ordaithe maidir le héilimh gach creidiúnaí neamh-fho-ordaithe

(e)

níl na hionstraimí ná na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii)

máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;

(iii)

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;

(iv)

an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;

(v)

an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó a fochuideachtaí;

(vi)

aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);

(f)

níl na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, faoi réir ag aon socrú a chuireann ar shlí eile le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí nó faoi iasachtaí fo-ordaithe faoi seach;

(g)

tá aibíocht bhunaidh chúig bliana ar a laghad ag na hionstraimí nó ag na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme;

(h)

sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, níl aon dreasacht don institiúid chun a méid príomhshuime a fhuascailt nó a aisíoc, de réir mar is infheidhme roimh thráth a n-aibíochta;

(i)

i gcás ina n-áirítear céadrogha amháin nó níos mó ar cheannach nó ar íoc luath sna hionstraimí nó sna hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, féadfar na roghanna a fheidhmiú ag lánrogha iomlán an eisitheora nó an fheichiúnaí;

(j)

ní fhéadfar na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme a ghlaoch, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc go luath ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 72, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis na heisiúna nó na fála, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 78(4);

(k)

ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, go ndéanfadh ná go bhféadfadh an institiúid na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe a ghlaoch, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtacht na hinstitiúide agus ní thugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;

(l)

ní thugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, an ceart don sealbhóir nó don iasachtóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide;

(m)

ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na hionstraimí nó ar iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme,ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;

(n)

i gcás nach bhfuil na hionstraimí faighte go díreach ag institiúid, nó i gcás nach bhfaigheann institiúid na hiasachtaí fo-ordaithe go díreach, de réir mar is infheidhme, comhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

eiseofar na hionstraimí nó gheofar na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, trí eintitis is cuid den chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(ii)

beidh na fáltais ar fáil láithreach gan teorainn don institiúid agus i bhfoirm a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa mhír seo.

Airteagal 64

Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a amúchadh

Déantar an méid a cháilíonn ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 sna cúig bliana deireanacha d'aibíocht na n-ionstraimí a ríomh tríd an toradh a dhíorthaítear ón ríomh i bpointe (a) a iolrú faoin méid dá dtagraítear i bpointe (b) mar seo a leanas:

(a)

méid ainmniúil na n-ionstraimí ar an gcéad lá den tréimhse dheireanach cúig bliana dá n-aibíocht chonarthach roinnte ar líon na laethanta féilire sa tréimhse sin;

(b)

líon na laethanta féilire d'aibíocht chonarthach atá fágtha maidir leis na hionstraimí nó leis na hiasachtaí fo-ordaithe.

Airteagal 65

Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 63:

(a)

scoirfidh an ionstraim sin láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Leibhéal 2;

(b)

scoirfidh an chuid de na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, láithreach bonn.

Roinn 2

Asbhaintí as ítimí chaipiteal leibhéal 2

Airteagal 66

Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2

Asbhainfear na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:

(a)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;

(b)

sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil a gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;

(c)

méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 70, sealúchas díreach, indíreach agus shintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;

(d)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá oibre.

Airteagal 67

Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint

Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 66, déanfaidh institiúidí sealúchais a ríomh ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

(a)

féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus na suímh fhada ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

(b)

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 sna hinnéacsanna sin a ríomh;

(c)

féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin.; ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

go bhfuil an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála.

Airteagal 68

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi pointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a)

déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a ríomh ar bhonn na n-ollshuíomh fada;

(b)

déanfar sealúchais d'ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 chun críocha asbhainte.

Airteagal 69

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointí (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas de chuid na hearnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

gurb ionann aibíocht an tsuímh ghearr aibíocht an tsuímh fhada nó go bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin ar a laghad iontu;

(ii)

go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

(b)

déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh ar bhonn na risíochta bunúsaí ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais ábhartha sna hinnéacsanna sin.

Airteagal 70

Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas ábhartha

1.   Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 66, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

pointí (a) go (g), pointe k(ii) go (v) agus (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;

(iii)

Airteagal 44 agus Airteagal 45;

(b)

méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag institiúid arna roinnt ar mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach go léir atá ag an institiúid d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 na n-eintiteas earnála airgeadais sin.

2.   Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

3.   An méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 thar gach ionstraim Leibhéal 2 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaintear a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid iomlán na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b)

an méid atá sonraithe i bpointe (i) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Leibhéal 2;

(ii)

an méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin.

4.   Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 66(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí priacal is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

5.   Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí cistí dílse atá ualaithe de réir priacal a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b):

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an méid a shonraítear i bpointe (i) a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin.

Roinn 3

Caipiteal leibhéal 2

Airteagal 71

Caipiteal Leibhéal 2

Is é atá i gCaipiteal Leibhéal 2 institiúide ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide tar éis na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 66 a asbhaint agus tar éis Airteagal 79 a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 5

Cistí dílse

Airteagal 72

Cistí dílse

Is é atá i gcistí dílse institiúide suim Chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide agus Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide.

CAIBIDIL 6

Ceanglais ghinearálta

Airteagal 73

Dáileacháin faoi ionstraimí cistí dílse

1.   Maidir le hionstraimí caipitil a bhfuil lánrogha iomlán ag institiúid a chinneadh ina leith dáileacháin a íoc in aon fhoirm seachas mar airgead tirim nó ionstraim cistí dílse, ní bheidh sé de chumas acu cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 ach amháin sa chás go bhfuil cead faighte ag an institiúid roimh ré ó na húdaráis inniúla.

2.   Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla an cead dá dtagraítear i mír 1 ach amháin sa chás go measann siad go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hinstitiúide íocaíochtaí a chur ar ceal faoin ionstraim;

(b)

nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hinstitiúide caillteanais a sheasamh;

(c)

nach laghdódh an rogha dá dtagraítear i mír 1 nó an fhoirm ina bhféadfaí na dáileacháin a dhéanamh cáilíocht na hionstraime caipitil ar aon shlí eile.

3.   Maidir le hionstraimí caipitil a bhfuil sé de rogha ag duine dlítheanach seachas an institiúid a eisíonn iad a chinneadh nó a cheangal ina leith go ndéanfar na dáileacháin faoin ionstraim a íoc in aon fhoirm seachas mar airgead tirim nó ionstraim cistí dílse, ní bheidh sé de chumas acu cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2

4.   Féadfaidh institiúidí in innéacs leathan an mhargaidh a úsáid mar cheann amháin de na boinn lena gcinntear leibhéal na ndáileachán ar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 sa chás gurb eintiteas tagartha í an institiúid in innéacs leathan an mhargaidh sin ach amháin sa chás go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas

(a)

measann an institiúid nach bhfuil na gluaiseachtaí in innéacs leathan an mhargaidh comhghaolaithe go suntasach le seasamh creidmheasa na hinstitiúide, a máthairinstitiúide nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha nó na máthairchuideachta sealbhaíochta gníomhaíochta measctha;

(b)

nár bhain an t-údarás inniúil amach cinneadh atá éagsúil ón gcinneadh dá dtagraítear i bpointe (a).

6,   Tíolacfaidh institiúidí tuarascáil ina dtabharfar le fios cé acu na hinnéacsanna leathana sa mhargadh ar a mbraitheann siad.

7.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn a shonrú na coinníollacha lena gcinnteofar an meastar go bhfuil innéacsanna cáilithe mar innéacsanna leathana margaidh chun críocha mhír 4.

Cuirfidh ÚBE na dréacht-chaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 74

Sealúchas d'ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais nach gcáilíonn mar chaipiteal rialála

Ní dhéanfaidh nstitiúidí aon eilimint a asbhaint dá gcistí féin, bíodh siad ina sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas rialaithe na hearnála airgeadais nach gcáilíonn mar chaipiteal rialála an eintitis sin. Cuirfidh institiúidí ualuithe priacal i bhfeidhm maidir le sealúchais den sórt sin i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 75

Ceanglais i ndáil le hasbhaint agus aibíocht le haghaidh suíomh gearr

Measfar go gcomhlíonfar na ceanglais aibíochta i ndáil le suímh ghearra dá dtagraítear i bpointe (a)d'Airteagail 45(a), 59(a) agus 69(a) maidir le suímh a thógtar nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé de cheart conarthach ag an institiúid an suíomh fada atá á fhálú a dhíol leis an gcontrapháirtí a chuireann an fálú ar fáil, ar dháta ar leith sa todhchaí;

(b)

tá oibleagáid chonarthach ar chontrapháirtí a chuireann an fálú ar fáil don institiúid an suíomh fada dá dtagraítear i bpointe (a) a cheannach ón institiúid ar an dáta sin ar leith sa todhchaí

Airteagal 76

Sealúchais innéacsanna d'ionstraimí caipitil

1.   Chun críocha Airteagal 42(a), 45(a), 57(a), 59(a), 67(a) agus 68(a), féadfaidh institiúidí méid suímh fhada in ionstraim chaipitil a laghdú le cion innéacs atá comhdhéanta den risíocht fholuiteach chéanna atá á fhálú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas

(a)

sealbhaítear an suíomh fada atá á fhálú, agus coimeádtar an suíomh gearr arna úsáid in innéacs chun an suíomh fada sin a fhálú araon sa leabhar trádála nó sealbhaítear iad araon sna leabhair neamhthrádála.

(b)

sealbhaítear na suímh dá dtagraítear i bpointe (a) ag luach chóir ar chlár comhordaithe na hinstitiúide;

(c)

cáilíonn an suíomh gearr dá dtagraítear i bpointe (a) mar fhálú éifeachtach faoi phróisis rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide

(d)

déanann na húdaráis inniúla measúnú ar leordhóthanacht na bpróiseas rialaithe dá dtagraítear i bpointe (c) ar bhonn bliantúil ar a laghad agus tá siad sásta lena oiriúnaí atá na próisis i gcónaí

2.   Féadfaidh institiúid, i gcás ina bhfuil cead roimh ré tugtha ag an údarás inniúil, meastachán coimeádach a úsáid ar risíocht fholuiteach na hinstitiúide ar ionstraimí caipitil a áirítear sna hinnéacsanna mar rogha eile ar institiúid a bheith ag ríomh na risíochta atá aici ar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) nó sa dá phointe araon:

(a)

ionstraimí dílse de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a áirítear sna hinnéacsanna

(b)

nó ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais, a áirítear sna hinnéacsanna;

3.   Ní thabharfaidh údaráis inniúla an cead dá dtagraítear i mír 2 ach amháin nuair atá sé léirithe ag an institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil go mbeadh sé ródhian ó thaobh na hoibre de ar an institiúid faireachán a dhéanamh ar a risíocht fholuiteach ar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b)de mhír 2 nó sa dá phointe araon de mhir 1, de réir mar is infheidhme.

4.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

cén uair a bheidh meastachán a úsáidtear mar rogha eile chun an risíocht fholuiteach dá dtagraítear i mír 2 a ríomh coimeádach go leordhóthanach;

(b)

an bhrí atá le ródhian ó thaobh na hoibre de chun críocha mhír 3.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 77

Coinníollacha chun cistí dílse a laghdú

Beidh cead roimh ré ón údarás inniúil de dhíth ar an institiúid chun ceann amháin díobh seo nó an dá cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a)

ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an institiúid ar shlí a cheadaítear faoin dlí náisiúnta is infheidhme a laghdú, a fhuascailt nó a athcheannach;

(b)

glaoch, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, a chur i gcrích roimh dháta a n-aibíochta conarthaí.

Airteagal 78

Cead maoirseachta chun cistí dílse a laghdú

1.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid chun ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a laghdú, a athcheannach, a ghlaoch nó a fhuascailt i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth níos luaithe ná an beart nó an tráth céanna leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 77, déanfaidh an institiúid na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 77 a ionadú le hionstraimí cistí dílse a mbeidh an cháilíocht chéanna nó cáilíocht níos airde iontu faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;

(b)

léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go sáródh cistí dílse na hinstitiúide, tar éis an bhirt lena mbaineann, na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 92(1) den Rialachán seo agus sa cheanglas maoláin chomcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE a shárú de chorrlach a fhéadfaidh an t-údarás inniúil a mheas a bheith riachtanach ar bhonn Airteagal 104(3) de Threoir 2013/36/AE.

2.   Agus inbhuanaitheacht na n-ionstraimí athsholáthair á measúnú faoi phointe (a) de mhír 1 d'inniúlacht ioncaim na hinstitiúide, measfaidh na húdaráis inniúla a mhéid a mbeadh na hionstraimí athsholáthair chaipitil sin níos costasaí don institiúid ná na hionstraimí a bhfuil siad ag gabháil ina n-ionad.

3.   I gcás ina ndéanfaidh institiúid beart dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 77 agus go dtoirmisctear de réir an dlí náisiúnta is infheidhme diúltú d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 27 a fhuascailt, féadfaidh an t-údarás inniúil na coinníollacha atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gceanglóidh an t-údarás inniúil ar an institiúid teorainn a chur le fuascailt ionstraimín sórt sin ar bhonn iomchuí.

4.   Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú d'institiúidí ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a fhuascailt roimh cúig bliana tar éis an dáta eisiúna ach amháin sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 agus i bpointe (a) nó (b) den mhír seo:

(a)

tá athrú in aicmiú rialála na n-ionstraimí sin ar dóchúil go mbeadh mar thoradh air eisiamh na n-ionstraimí ó chistí dílse nó athaicmiú mar chineál cáilíochta níos ísle de chistí dílse, agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas

(i)

measann an t-údarás inniúil go bhfuil athrú mar sin sách cinnte

(ii)

léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil nach raibh athaicmiú rialála na n-ionstraimí sin intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúint

(b)

tá athrú sa láimhseáil cánach atá infheidhme i ndáil leis na h-ionstraimí sin a léiríonn an institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil gurb athrú ábharach é agus nach raibh sé intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna.

5.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

an bhrí atá le hinbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;

(b)

na bunúis iomchuí le teorannú na fuascailte dá dtagraítear i mír 3;

(c)

an próiseas agus na ceanglais sonraí a theastóidh nuair a dhéanfaidh institiúid iarratas ar chead an údaráis inniúil chun beart atá liostaithe in Airteagal 77 a dhéanamh, lena n-áirítear an próiseas atá le cur i bhfeidhm i gcás fhuascailt na scaireanna arna n-eisiúint do chomhaltaí comharchumann, agus an teorainn ama chun iarratas den sórt sin a phróiseáil.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 79

Tarscaoileadh sealadach ar asbhaint as cistí dílse

1.   I gcás ina sealbhaíonn institiúid ionstraimí caipitil nó go bhfuil iasachtaí fo-ordaithe tugtha aici, i gcás inarb infheidhme, a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 in eintiteas san earnáil airgeadais ar bhonn sealadach agus go measann an t-údarás inniúil go bhfuil na sealúchais sin ann chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun an t-eintiteas sin a atheagrú agus a shábháil, féadfaidh an t-údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaint a bhainfeadh leis na hionstraimí sin a tharscaoileadh ar bhonn sealadach.;

2.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála chun an coincheap ‧sealadach‧ a shonrú chun críocha mhír 1 agus chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a measann údarás inniúil gur chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun eintiteas ábhartha a atheagrú agus a shábháil iad na sealúchais shealadacha sin dá dtagraítear.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 80

Athbhreithniú leanúnach ar cháilíocht na gcistí dílse

1.   Déanfaidh an ÚBE faireachán ar cháilíocht na n-ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún láithreach i gcás ina bhfuil fianaise shuntasach ann nach gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 28nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29, a chur chun feidhme.

Ar iarratas ón ÚBE agus gan aon mhoill, cuirfidh údaráis inniúla gach faisnéis ar aghaidh a bhfuil ÚBE den tuairim faoi go mbaineann sin le hábhar i ndáil le hionstraimí nua caipitil a eisíodh chun cur ar chumas ÚBE faireachán a dhéanamh ar ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar áireamh san fhógra:

(a)

míniú mionsonraithe ar chineál agus ar mhéid an easnaimh atá aitheanta;

(b)

comhairle theicniúil maidir leis an mbeart de chuid an Choimisiúin a mheasann an ÚBE a bheith riachtanach.

(c)

forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.

3.   Tabharfaidh an ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún maidir le haon athruithe suntasacha a mheasann sé a theastaíonn don sainiúmhíniú ar chistí dílse mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

forbairtí ábhartha i gcaighdeáin nó i gcleachtais an mhargaidh;

(b)

athruithe i gcaighdeáin ábhartha dlí nó cuntasaíochta;

(c)

forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.

4.   Tabharfaidh an ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2014 ar bhealaí ina bhféadfaí gnóthachain neamhréadaithe ag a luach cóir a láimhseáil seachas iad a áireamh gan choigeartú faoi Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Tabharfar aird i moltaí den sórt sin ar fhorbairtí ábhartha i gcaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le caighdeáin stuamachta i gcomhair na mbanc.

TEIDEAL II

LEAS MIONLAIGH AGUS IONSTRAIMÍ CHAIPITEAL BREISE LEIBHÉAL 1 AGUS DE CHAIPITEAL LEIBHÉAL 2 ARNA N-EISIÚINT AG FOCHUIDEACHTAÍ

Airteagal 81

Leasanna mionlaigh atá cáilithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite

1.   Is é atá i leasanna mionlaigh ná suim arb é ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 fochuideachta, na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hiontsraimí sin, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i)

institiúid;

(ii)

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir (AE)2013/36/, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme,

(b)

toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

(c)

tá na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear sa chuid réamhraiteach den mhír seo faoi úinéireacht daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

2.   Ní cháileofar mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite leasanna mionlaigh atá cistithe go díreach nó go hindíreach, trí eintiteas sainchuspóireach nó ar shlí eile, ag máthairghnóthas na hinstitiúide, nó ag a gcuid fochuideachtaí.

Airteagal 82

Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, Caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha

Is é atá i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus i gcistí dílse cáilitheacha an leas mionlaigh, ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 1 nó Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, móide an tuilleamh coimeádta gaolmhar agus cuntais scairbhisigh fochuideachta, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is ceachtar díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i)

institiúid;

(ii)

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir (AE)2013/36/, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

(c)

tá na hionstraimí sin faoi úinéireacht daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

Airteagal 83

Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal cáilitheach Leibhéal 2 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach

1.   Níl ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 nó i gCaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 nó i gcistí dílse cáilitheacha, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

(b)

níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 52(1);

(c)

níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaomhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Leibhéal 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 63;

(d)

is í an t-aon sócmhainn atá ag an eintiteas sainchuspóireach a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2, Theideal II de Chuid a hAon, agus comhlíonann a foirm na coinníollacha iomchuí atá leagtha amach in Airteagal 52(1) nó Airteagal 63, de réir mar is infheidhme.

I gcás ina measann an t-údarás inniúil gur mionsócmhainní agus sócmhainní neamhthábhachtacha i gcás eintitis shainchuspóirigh iad na sócmhainní atá ag eintiteas sainchuspóireach seachas a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, féadfaidh an t-údarás inniúil an coinníoll a shonraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír a tharscaoileadh.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na cineálacha sócmhainní ar féidir go mbaineannsiad le feidhmiú eintiteas sainchuspóireach agus na coincheapa ‧mionsócmhainní” agus ‧sócmhainní neamhthábhachtacha‧ dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 a shonrú.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 84

Leasanna mionlaigh atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite

1.   Déanfaidh institiúidí méid na leasanna mionlaigh atá ag fochuideachta a áireofar i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó leasanna mionlaigh an ghnóthais sin:

(a)

caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i)

an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 87(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 459, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Gnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas atá leagtha amach i bpointe (b) d'Airteagal 87(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 459, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas ómaoláin chomhcheangailte a shainmhinítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha iad a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

leasanna mionlaigh na fochuideachta arna sloinneadh mar chéatadán de na hionstraimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an ngnóthas sin móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.

2.   Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).

Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanann institiúid cinneadh mar sin, d'fhéadfaí nach n-áireofaí leas mionlach na fochuideachta sin i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.

3.   I gcás ina maolaíonn údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7, ní aithneofar an leas mionlach sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, mar is infheidhme.

4.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an ríomh fo-chomhdhlúite a éilítear i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, le hAirteagal 85 agus le hAirteagal 87, a shonrú.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.   Féadfaidh údaráis inniúla tarscaoileadh ó fheidhmiú an Airteagail seo a thabhairt do mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha seo go léir:

(a)

is é a príomhghníomhaíocht sealúchas a fháil;

(b)

tá sé faoi réir maoirseachta stuamachta ar bhonn comhdhlúite;

(c)

déanann sí comhdhlúthú ar fho-institiúid nach bhfuil ach sealbhaíocht mhionlach aici inti de bhua na gaolmhaireacht rialaithe a shainítear in Airteagal 1 den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle;

(d)

tagann níos mó ná 90 % den chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a éilítear ón bhfo-institiúid dá dtagraítear i pointe c) agus a ríomhtar ar bhonn fho-chomhdhlúite.

I gcás, tar éis an 31 Nollaig 2014, ina n-éireoidh máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír, ina máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, féadfaidh údaráis inniúla an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonú don mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos san fhomhír sin.

6.   I gcás ina mbeidh scéim trasráthaíochta curtha ar bun ag institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan i líonra le comhlacht lárnach agus institiúidí a bhunaítear laistigh de scéim cosanta institiúideach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 113(7) lena bhforáiltear nach ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, i gcás aistriú cistí dílse os cionn na gceanglas rialála ón gcontrapháirtí chuig an institiúid chreidmheasa, beidh díolúine ag na hinstitiúidí sin ó fhorálacha an Airteagail sin maidir le laghduithe agus féadfaidh sé aon leas mionlach a eascraíonn laistigh den scéim trasráthaíochta a aithint ina iomláine.

Airteagal 85

Ionstraimí cáilitheacha Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite

1.   Déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áirítear i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin.

(a)

Caipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i)

an méid de chaipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an tsuim atá sa cheanglas atá leagtha amach i bpointe (b) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;

(ii)

an méid de caipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas atá leagtha amach i bpointe (b) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal

(b)

caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta arna shloinneadh mar chéatadán d'ionstraimí uile Leibhéal 1 atá ag an ngnóthas sin móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.

2.   Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).

Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta sin a áireamh sa chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.

3.   I gcás ina maolaíonn údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar amach in Airteagal 6, ní aithneofar ionstraimí Leibhéal 1 sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 86

Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite

Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh trí leasanna mionlaigh an ghnóthais sin atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.

Airteagal 87

Cistí dílse cáilitheacha atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite

1.   Déanfaidh institiúidí an méid de chistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin.

(a)

cistí dílse na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i)

líon cistí dílse de chuid na fochuideachta a éilítear chun an tsuim atá sa cheanglas a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;

(ii)

líon cistí dílse a bhaineann leis an bhfochuideachta a éilítear ar bhonn comhdhlúite chun an tsuim atá sa cheanglas a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6)d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;

(b)

cistí dílse cáilitheacha an ghnóthais, arna sloinneadh mar chéatadán de na hionstraimí uile cistí dílse atá ag an bhfochuideachta agus atá ar áireamh in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.

2.   Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).

Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina nglacfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar leas mionlaigh na fochuideachta sin a chur san áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.

3.   I gcás ina maolaíonn údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar amach in Airteagal 6, ní aithneofar ionstraimí cistí dílse sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, mar is infheidhme.

Airteagal 88

Ionstraimí cáilitheacha de chistí dílse atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite

Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite a chinneadh trí chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite.

TEIDEAL III

SEALÚCHAIS CHÁILITHEACHA LASMUIGH DEN EARNÁIL AIRGEADAIS

Airteagal 89

Ualú priacal agus toirmeasc ar shealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais

1.   Beidh sealúchas cáilitheach, ar mó a mhéid ná 15 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide, i ngnóthas nach ceann díobh seo a leanas é faoi réir ag na forálacha atá leagtha amach i mír 3:

(a)

eintiteas earnála airgeadais;

(b)

gnóthas, nach eintiteas earnála airgeadais é, a bhfuil gníomhaíochtaí ar bun aige a measann an t-údarás inniúil gurb ionann iad agus aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

síneadh díreach ar bhaincéireacht;

(ii)

seirbhísí atá coimhdeach le baincéireacht;

(iii)

léasú, fachtóireacht, bainistiú ar iontaobhais aonad, bainistiú ar sheirbhísí próiseála sonraí nó aon ghníomhaíocht eile dá samhail.

2.   Beidh méid iomlán na sealúchas cáilitheach atá ag institiúid i ngnóthais seachas na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 agus ar mó iad ná 60 % dá chaipiteal incháilithe faoi réir na bhforálacha atá leagtha amach i mír 3.

3.   Cuirfidh údaráis inniúla na ceanglais atá leagtha amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) i bhfeidhm maidir le sealúchais cháilitheacha na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:

(a)

chun an ceanglas caipitil a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí cuirfidh institiúidí ualú priacal 1 250 % leis an gceann is mó de na cinn a leanas:

(i)

méid na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 1 ar mó iad ná 15 % den chaipiteal incháilithe;

(ii)

méid iomlán na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 2 ar mó iad ná 60 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide;

(b)

cuirfidh na húdaráis inniúla toirmeasc ar institiúidí sealúchais cháilitheacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bheith acu nuair is mó é a méid ná na céatadáin de chaipiteal incháilithe atá leagtha amach sna míreanna sin.

Foilseoidh na húdaráis inniúla a rogha idir (a) nó (b).

4.   Chun críoch phointe (b) de mhír 1, eiseoidh an ÚBE treoirlínte lena sonraítear na coincheapa seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí ar síneadh díreach ar bhaincéireacht iad;

(b)

gníomhaíochtaí atá coimhdeach le baincéireacht;

(c)

gníomhaíochtaí comhchosúla.

Glacfar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 90

Rogha eile ar ualú priacal 1 250 %

Mar rogha eile ar ualú priacal 1 250 % a chur i bhfeidhm maidir leis na méideanna ar mó iad ná na teorainneacha atá sonraithe i mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 89, féadfaidh institiúidí na méideanna sin a asbhaint as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d'Airteagal 36(1).

Airteagal 91

Eisceachtaí

1.   Ní dhéanfar scaireanna gnóthas nach dtagraítear dóibh i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 d'Airteagal 89 a áireamh nuair a ríomhfar na teorainneacha do chaipiteal incháilithe atá sonraithe san Airteagal sin i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

sealbhaítear na scaireanna sin go sealadach le linn oibríocht tarrthála airgeadais a bheith ar bun, dá dtagraítear in Airteagal 79;

(b)

is suíomh frithgheallta arna shealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra é sealúchas na scaireanna sin;

(c)

sealbhaítear na scaireanna sin in ainm na hinstitiúide féin agus thar ceann daoine eile.

2.   Ní dhéanfar scaireanna nach sócmhainní seasta airgeadais iad mar a thagraítear dóibh in Airteagal 38(2) de Threoir 86/635/CEE a áireamh sa ríomh atá sonraithe in Airteagal 89.

CUID A TRÍ

CEANGLAIS CHAIPITIL

TEIDEAL I

CEANGLAIS GHINEARÁLTA, LUACHÁIL AGUS TUAIRISCIÚ

CAIBIDIL 1

Leibhéal cistí dílse arna cheangal

Roinn 1

Ceanglais cistí dílse le haghaidh institiúidí

Airteagal 92

Ceanglais cistí dílse

1.   Faoi réir Airteagal 93 agus Airteagal 94, comhlíonfaidh institiúidí tráth ar bith na ceanglais cistí dílse seo a leanas:

(a)

cóimheas caipitil 4.5 % de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

cóimheas caipitil Leibhéal 1 6 %;

(c)

cóimheas caipitil iomlán 8 %.

2.   Ríomhfaidh institiúidí a gcóimheasa caipitil mar seo a leanas:

(a)

is ionann cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal;

(b)

is ionann cóimheas caipitil Leibhéal 1 agus Caipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal;

(c)

is ionann an cóimheas caipitil iomlán agus cistí dílse na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal.

3.   Ríomhfar méid iomlán na risíochta ar priacal mar shuim phointí (a) go (f) den mhír seo tar éis na forálacha atá leagtha amach i mír 4 a chur san áireamh:

(a)

na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás priacal creidmheasa agus priacal caolúcháin, arna ríomh i gcomhréir le Teideal II agus Airteagal 379, maidir le gníomhaíochtaí gnó uile institiúide, cé is moite de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ó ghnó na hinstitiúide a bhaineann leis an leabhar trádála;

(b)

na ceanglais cistí dílse, arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo nó de Chuid a Ceathair, de réir mar is infheidhme, do ghnó institiúide a bhaineann leis an leabhar trádála, i gcás an méid a leanas:

(i)

priacal an tsuímh;

(ii)

risíochtaí móra ar mó iad ná na teorainneacha atá sonraithe in Airteagail 395 go 401, a mhéid is ceadmhach d'institiúid na teorainneacha sin a shárú;

(c)

na ceanglais cistí dílse arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal IV nó Teideal V cé is moite d'Airteagal 379, de réir mar is infheidhme, dóibh seo a leanas:

(i)

priacal malairte eachtraí;

(ii)

priacal socraíochta;

(iii)

priacal tráchtearraí;

(d)

na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Teideal VI i gcás priacal a bhaineann le coigeartú luachála creidmheasa na n-ionstraimí díorthach thar an gcuntar seachas díorthaigh chreidmheasa atá aitheanta chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a laghdú le haghaidh priacal creidmheasa;

(e)

ceanglais cistí dílse arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal III le haghaidh priacal oibriúcháin;

(f)

na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal II le haghaidh priacal contrapháirtí a thig as gnó na hinstitiúide a bhaineann leis an leabhar trádála do na cineálacha idirbheart agus comhaontuithe a leanas:

(i)

conarthaí a liostaitear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;

(ii)

idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchearraí bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;

(iii)

idirbhearta iasachtaithe corrlaigh bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;

(iv)

idirbhearta socraíochta iarchurtha.

4.   Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas nuair a bheidh an méid iomlán risíochta dá dtagraítear i mír 3 á ríomh:

(a)

áireofar sna ceanglais cistí dílse dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus(e) den mhír sin na ceanglais sin a thig ó ghníomhaíochtaí gnó uile institiúide;

(b)

déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse atá leagtha amach i bpointí (b) go (e) den mhír sin a iolrú faoi 12,5.

Airteagal 93

Ceanglas caipitil tosaigh ar ghnóthas leantach

1.   Ní fhéadfaidh cistí dílse institiúide titim faoin méid caipitil tosaigh arna cheangal tráth a údaraithe.

2.   Maidir le hinstitiúidí creidmheasa a bhí ar an bhfód cheana féin an 1 Eanáir 1993, nach mbaineann méid a gcuid cistí dílse amach an méid caipitil tosaigh arna cheangal, féadfaidh siad leanúint dá gcuid gníomhaíochtaí. Sa chás sin, ní fhéadfaidh méid chistí dílse na n-institiúidí sin titim faoin leibhéal is airde a baineadh amach le héifeacht ón 22 Nollaig 1989.

3.   Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta agus gnólachtaí atá údaraithe a cumhdaíodh le hAirteagal 6 de Threoir 2006/49/CE a bhí ann roimh an 31 Nollaig 1995, méid a gcuid cistí dílse nach mbaineann amach an méid caipitil tosaigh arna cheangal leanúint lena gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh. Ní thitfidh cistí dílse gnólachtaí mar sin nó gnólachtaí infheistíochta faoin leibhéal tagartha is airde a ríomhadh tar éis an dáta a tugadh an fógra atá i dTreoir 93/6/CEE ón gComhairle an 15 Márta 1993 (28). Beidh an leibhéal tagartha sin ina mheánleibhéal laethúil de chistí dílse arna ríomh thar thréimhse sé mhí roimh dháta an ríomha. Ríomhfar é gach sé mhí i ndáil leis na tréimhse chomhfhreagrach roimhe sin.

4.   I gcás ina nglacann duine nádúrtha nó dlítheanach seachas an duine a raibh rialú aige ar an institiúid roimhe sin rialú ar institiúid atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3, bainfidh méid chistí dílse na hinstitiúide sin amach an méid caipitil tosaigh arna cheangal.

5.   I gcás ina bhfuil cumasc á dhéanamh ar dhá institiúid nó níos mó atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3, ní thitfidh méid chistí dílse na hinstitiúide a thig as an gcumasc faoi chistí dílse iomlána na n-institiúidí cumaiscthe tráth a ndéantar an cumasc, fad is nach bhfuil an méid caipitil tosaigh arna cheangal faighte.

6.   I gcás ina measann údaráis inniúla gur gá d'fhonn sócmhainneacht institiúide a áirithiú nach bhfuil an ceanglas atá leagtha amach i mír 1 comhlíonta, ní bheidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach i míreanna 2 go 5.

Airteagal 94

Maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála

1.   Féadfaidh institiúidí an ceanglas caipitil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 d'Airteagal 92 a ionadú le ceanglas caipitil arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) den mhír sin maidir lena ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh méid an ghnó atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann leis an leabhar trádála an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

go mbíonn sé de ghnáth níos lú ná 5 % de na sócmhainní iomlána agus EUR15 milliún;

(b)

nach mbíonn sé riamh níos mó ná 6 % de na sócmhainní iomlána agus EUR20 milliún.

2.   Agus méid an ghnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe á ríomh déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:.

(a)

déanfar luacháil ar ionstraimí fiachais ag a gcuid praghsanna ar an margadh nó ag a gcuid luachanna ainmniúla, ar chothromas ag a phraghsanna ar an margadh agus ar dhíorthaigh de réir luachanna ainmniúla nó margaidh na n-ionstraimía fholuíonn siad;.

(b)

déanfar suimiú ar luach absalóideach shuímh fhada agus ar luach absalóideach shuímh ghearra.

3.   I gcás ina dteipfidh ar institiúid an coinníoll i bpointe (b) de mhír 1 a chomhlíonadh tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás inniúil. Má chinneann an t-údarás inniúil, tar éis measúnú a dhéanamh, nár comhlíonadh an ceanglas i bpointe (a) de mhír 1 agus má thugann sé fógra don institiúid ina leith sin, scoirfidh an institiúid d'úsáid a bhaint as mír 1 ón gcéad dáta tuairiscithe eile.

Roinn 2

Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta a bhfuil údarú teoranta acu seirbhísí infheistíochta a sholáthar

Airteagal 95

Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta a bhfuil údarú teoranta acu seirbhísí infheistíochta a sholáthar

1.   Chun críocha Airteagal 92(3), déanfaidh gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil údaraithe na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhartha atá liostaithe i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a sholáthar an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe i mír 2 a úsáid.

2.   Déanfaidh na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) a chuireann na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí a liostáitear i bpointe (2) agus i bpointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE méid iomlán na risíochta ar priacal a ríomh mar a bheith níos airde ná an méid a leanas:

(a)

méid na n-ítimí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus (f) d'Airteagal 92(3) tar éis d'Airteagal 92(4) a chur i bhfeidhm;

(b)

12,5 iolraithe faoin méid atá sonraithe in Airteagal 97.

Déanfaidh na gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) a chuireann na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (2) agus i bpointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE na ceanglais atá in Airteagal 92(1) agus (2) a chomhlíonadh, bunaithe ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Féadfaidh údaráis inniúla na ceanglais cistí dílse le haghaidh gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) lena bhforáiltear go mbeidh na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochta atá liostaithe in uimhir (2) agus (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE mar na ceanglais cistí dílse a cheanglófar ar na gnólachtaí sin i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh a bheidh i bhfeidhm an 31 Nollaig 2013 le haghaidh Threoir 2006/49/CE agus Threoir 2006/48/CE.

3.   Tá gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 faoi réir ag gach foráil eile maidir le priacal oibriúcháin atá leagtha amach i dTeideal VII, Caibidil 3, Roinn II, Foroinn 1 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 96

Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta ina sealbhaítear caipiteal tosaigh mar atá leagtha amach in Airteagal 28(2) de Threoir 36 (AE)2013

1.   Chun críocha Airteagal 92(3), úsáidfidh na catagóirí seo a leanas de ghnólachtaí infheistíochta ina sealbhaítear caipiteal tosaigh i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Threoir 2013/36/AE an ríomh maidir le méid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe i mír 2 den Airteagal seo:

(a)

gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin amháin ar mhaithe le hordú cliaint a chomhlíonadh nó a chur i bhfeidhm nó ar mhaithe le dul isteach i gcóras socraíochta agus imréitigh nó i malartán aitheanta nuair a bheidh siad ag gníomhú i gcáil gníomhaireachta nó ag cur ordú cliaint i bhfeidhm;

(b)

gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:

(i)

nach bhfuil airgead nó urrúis cliant ina seilbh;

(ii)

a ghabhann de dhéileáil ar a gcuntas féin amháin;

(iii)

nach bhfuil aon chustaiméirí seachtracha acu;

(iv)

a ndéantar feidhmiú agus socrú na n-idirbheart sin ina leith faoi chúram institiúide imréitigh agus atá ráthaithe ag an institiúid imréitigh sin.

2.   Maidir le gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, ríomhfar méid iomlán na risíochta ar priacal mar shuim na nithe seo a leanas:

(a)

pointí (a) go (d) agus (f) d'Airteagal 92(3) tar éis Airteagal 92(4) a chur i bhfeidhm;

(b)

an méid dá dtagraítear in Airteagal 97 a iolrú faoi 12,5.

3.   Tá gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 faoi réir gach foráil eile maidir le priacal oibriúcháin atá leagtha amach i dTeideal VII, Caibidil 3, Roinn II, Foroinn 1 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 97

Cistí dílse bunaithe ar Fhorchostais Sheasta

1.   I gcomhréir le hAirteagal 95 agus le hAirteagal 96, déanfaidh gnólacht infheistíochta agus gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) lena bhforáiltear na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí atá liostaithe ibpointe (2) agus pointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2004/39/CE caipiteal incháilithe a shealbhú d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais na bliana roimhe sin.

2.   I gcás ina dtagann athrú ar ghnó gnólachta infheistíochta ón mbliain roimhe sin agus ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil sé ábhartha, féadfaidh an t-údarás inniúil coigeartú a dhéanamh ar an gceanglas atá leagtha amach i mír 1.

3.   I gcás nach bhfuil gnó curtha i gcrích ag gnólacht infheistíochta ar feadh bliana amháin, ag tosú ar an lá a dtosaíonn an gnó, sealbhóidh gnólacht infheistíochta caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad de na forchostais sheasta atá réamh-mheasta ina phlean gnó, cé is moite de chás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil an plean gnó a choigeartú.

4.   Forbróidh an ÚBE, i gcomhairle leis an ÚEÚM, dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe:

(a)

ríomh an cheanglais caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin a shealbhú;

(b)

na coinníollacha ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil coigeartú ar an gceanglas caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais na bliana roimhe sin a shealbhú;

(c)

forchostais sheasta réamh-mheasta a ríomh i gcás gnólachta infheistíochta nár chuir aon ghnó i gcrích ar feadh bliana amháin.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Márta 2014.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 98

Cistí dílse do ghnólachtaí infheistíochta ar bhonn comhdhlúite

1.   I gcás gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 95(1) i ngrúpa, i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa sa ghrúpa sin, cuirfidh máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát Airteagal 92 i bhfeidhm ag leibhéal comhdhlúite mar seo a leanas:

(a)

úsáidfidh sé an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe in Airteagal 95(2);

(b)

cistí dílse arna ríomh ar bhonn staid chomhdhlúite an mháthairghnólachta infheistíochta, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, de réir mar is infheidhme.

2.   I gcás gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 96(1) i ngrúpa, i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa sa ghrúpa sin, cuirfidh máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát agus gnólacht infheistíochta arna rialú ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha Airteagal 92 i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite mar seo a leanas:

(a)

úsáidfidh sé an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe in Airteagal 96(2);

(b)

úsáidfidh sé cistí dílse arna ríomh ar bhonn staid chomhdhlúite an mháthairghnólachta infheistíochta nó staid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó staid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, de réir mar is infheidhme, agus Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon á chomhlíonadh go hiomlán.

CAIBIDIL 2

Ceanglais ríofa agus tuairiscithe

Airteagal 99

Tuairisciú ar cheanglais cistí dílse agus ar fhaisnéis airgeadais

1.   Tabharfaidh na hinstitiúidí tuarascálacha do na hinstitiúidí inniúla maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 92 ar bhonn leathbhliantúil ar a laghad.

2.   Déanfaidh na hinstitiúidí sin atá faoi réir Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh 1606/2002 agus na hinstitiúidí creidmheasa, seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán sin a ullmhaíonn a gcuntais chomhdhlúite i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta cuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) den Rialachán sin, faisnéis airgeadais a thuairisciú freisin.

3.   Féadfaidh údaráis inniúla a chur de cheangal ar na hinstitiúidí creidmheasa sin a bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta cuntasaíochta á bhfeidhmiú acu mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 chun a gcistí dílse a thuairisciú ar bhonn comhdhlúite de bhua Airteagal 23(2) den Rialachán sin tuairisciú a dhéanamh ar fhaisnéis airgeadais mar a leagtar amach i mhír 2 den Airteagal seo freisin.

4.   Déanfar an fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear i mír 2 agus sa chéad fhomhír de mhír 3 a thuairisciú a mhéid a bheidh sin riachtanach chun léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl priacal ghníomhaíochtaí institiúide agus i bhfianaise na priacail shistéamacha a thugann na hinstitiúidí don earnáil airgeadais nó don fhíorgheilleagar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí aonfhoirmeacha, na minicíochtaí, na dátaí tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réitigh TF a chuirfear i bhfeidhm san Aontas le haghaidh an tuairisciú dá dtagraíteari mír 1 go dtí mír 4.

Beidh na ceanglais thuairiscithe i gcomhréir le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin chur chun feidhme teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

6.   I gcás ina measann údarás inniúil go bhfuil gá leis an bhfaisnéis airgeadais a éilítear le mír 2 chun léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl priacal ghníomhaíochtaí institiúidí seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, agus chun léargas a fháil ar na priacail shistéamacha a thugann siad, don earnáil airgeadais nó don fhíorgheilleagar, ar institiúidí iad atá faoi réir creata cuntasaíochta a bhunaítear ar Threoir 86/635/CCE, rachaidh sn t-údarás inniúil i gcomhairle leis an ÚBE maidir leis na ceanglais thuairiscithe i ndáil le faisnéis airgeadais a leathnú ar bhonn comhdhlúite chuig na hinstitiúidí sin, ar an gcoinníoll nach bhfuil siad ag tuairisciú cheana ar bhonn mar sin.

Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí atá le húsáid ag institiúidí a shonrú trína bhféadfaidh na húdaráis inniúla na ceanglais thuairiscithe maidir le faisnéis airgeadais institiúidí a leathnú i gomhréir leis an gcéad fhomhír.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin rialála teicniúla dá dtagraítear sadara fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.   I gcás ina measann údarás inniúil gur gá faisnéis nach gcumhdaítear le caighdeán cur chun feidhme teicniúla dá dtagraítear i mír 4 chun na gcríoch a leagtar amach sa chéad fhomhír, cuirfidh sé an ÚBE agus an BERS ar an eolas faoin fhaisnéis bhreise a mheasann sé is gá áireamh sna caighdeáin cur chun feidhme teicniúla dá dtagraítear i mír 4.

Airteagal 100

Ceanglais bhreise maidir le tuairisciú

Tuairisceoidh na hinstitiúidí do na húdaráis inniúla, i dtéarmaí comhiomláine ar a laghad, leibhéal a gcomhaontuithe athcheannaigh, iasachtaithe urrús agus gach cineál eire sócmhainní.

Cuirfidh an ÚBE an fhaisnéis sin san áireamh sa chaighdeán cur chun feidhme teicniúil maidir le tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 99, mír 5

Airteagal 101

Oibleagáidí sonracha maidir le tuairisciú

1.   Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn leathbhliantúil ar na mionsonraí seo a leanas maidir le gach margadh maoine náisiúnta ar a bhfuil siad ar ris:

(a)

caillteanas a eascraíonn as risíochtaí a bhfuil maoin chónaithe dhochorraithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht, suas go dtí an tsuim is ísle den méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó 80 % de luach iasachta morgáiste mura gcinnfear a mhalairt faoi Airteagal 124(2);

(b)

caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó risíochtaí a bhfuil maoin chónaithe dhochorraithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, suas go dtí an chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin chónaithe dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1).

(c)

luach risíochta na risíochtaí uile atá gan íoc atá aitheanta le maoin chónaithe dhochorraithe mar chomhthaobhacht ag institiúid, teoranta don chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin chónaithe dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1);

(d)

caillteanas a eascraíonn as risíochtaí a bhfuil maoin thráchtála dhochorraithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, suas go dtí an tsuim is ísle den méid atá curtha i ngeall agus 50 % den mhargadhluach nó 60 % de luach iasachta morgáiste mura gcinnfear a mhalairt faoi Airteagal 124(2);

(e)

caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó risíochtaí a bhfuil maoin thráchtála dhochorraithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, suas go dtí an chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin thráchtála dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1).

(f)

luach risíochta na risíochtaí uile atá gan íoc a bhfuil maoin thráchtála dhochorraithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, teoranta don chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin thráchtála dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1).

2.   Tuairisceofar na sonraí dá dtagraítear chuig údarás inniúil Bhallstát baile na hinstitiúide ábhartha. I gcás ina bhfuil brainse ag institiúid i mBallstát eile, déanfar na sonraí a bhaineann leis an mbrainse sin a thuairisciú d'údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta, go leithleach do gach margadh maoine laistigh den Aontas a bhfuil an institiúid ábhartha ar risithe air.

3.   Foilseoidh na húdaráis inniúla ar bhonn comhiomlán agus bliantúil na sonraí atá sonraithe i bpointí (a) go (f) de mhír 1, mar aon le sonraí stairiúla, nuair atá siad ar fáil. Déanfaidh údarás inniúil, arna iarraidh sin ag údarás inniúil eile i mBallstát nó ag ÚBE, faisnéis níos mionsonraithe faoi staid na margaí maoine cónaithe dochorraithe nó maoine tráchtála dochorraithe sa Bhallstát sin a chur ar fáil don údarás inniúil sin nó don ÚBE.

4.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

formáidí aonfhoirmeacha, sainmhínithe, minicíochtaí agus dátaí tuairiscithe, chomh maith le réitigh TF, na n-ítimídá dtagraítear i mír 1;

(b)

formáidí aonfhoirmeacha, sainmhínithe, minicíochtaí agus dátaí tuairiscithe, chomh maith le réitigh TF, na sonraí comhiomlána dá dtagraítear i mír 2.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 3

Leabhar trádála

Airteagal 102

Ceanglais maidir leis an Leabhar Trádála

1.   Beidh na suímh sa leabhar trádála saor ó shrianta ar a gcumas trádála nó beifear in ann iad a fhálú.

2.   Beidh fianaise ann ar intinn trádála ar bhonn na straitéisí, na mbeartas agus na nósanna imeachta arna mbunú ag an institiúid chun an suíomh nó an phunann a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 103.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 104 agus Airteagal 105, déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe chun a leabhar trádála a bhainistiú a bhunú agus a choimeád ar bun.

4.   Féadfaidh institiúidí fálú inmheánach a áireamh sa ríomh ar cheanglais chaipitil le haghaidh priacal an tsuímh ar an gcoinníoll go bhfuil siad á sealbhú le hintinn trádála agus go gcomhlíontar ceanglais Airteagail 103 go 106.

Airteagal 103

An leabhar trádála a bhainistiú

Agus í ag bainistiú a cuid suíomh nó a foirne suíomh sa leabhar trádála, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais a leanas ar fad:

(a)

beidh straitéis trádála a bheidh doiciméadaithe go soiléir, agus faofa ag an lucht bainistíocht sinsearaí, i bhfeidhm ag an institiúid don suíomh/ionstraim nó do na punanna, agus áireofar an tréimhse shealbhaíochta ionchasach ann;

(b)

beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid d'fhonn bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar shuímh a rachfar isteach iontu ar dheasc trádála. Áireofar na nithe seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta sin:

(i)

cé na suímh is féidir dul isteach iontu agus cén deasc trádála a bheidh i gceist;

(ii)

socraítear teorainneacha suímh agus déantar faireachán orthu féachaint cé chomh hoiriúnach is atá siad;

(iii)

beidh an uathriail ag déileálaithe dul isteach i suíomh agus é a bhainistiú laistigh de theorainneacha a bheidh comhaontaithe agus de réir na straitéise faofa;

(iv)

tuairiscítear suímh don lucht bainistíochta sinsearaí mar chuid lárnach de phróiseas bainistíochta priacal na hinstitiúide;

(v)

déanfar faireachán gníomhach ar shuímh agus tabharfar aird ar fhoinsí faisnéise an mhargaidh agus ar mheasúnú a dhéanfar ar an gcumas an suíomh nó na priacail comhpháirte a bhaineann leis a mhargú nó a fhálú, lena n-áirítear measúnú, cáilíocht agus infhaighteacht ionchuir an mhargaidh sa phróiseas luachála, leibhéal láimhdeachais an mhargaidh, méideanna na suíomh a dhéantar a thrádáil ar an margadh;

(vi)

nósanna imeachta agus rialuithe gníomhacha frithchalaoise.

(c)

beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar na suímh i gcomparáid le straitéis trádála na hinstitiúide lena n-áirítear faireachán ar láimhdeachas agus ar shuímh a bhfuil an tréimhse shealbhaíochta a bhí i gceist leo ag an tús sáraithe ina leith.

Airteagal 104

Áireamh sa Leabhar Trádála

1.   Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí chun cinneadh a dhéanamh cén suíomh a áireofar sa leabhar trádála ar mhaithe lena gceanglais cistí dílse a ríomh, i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 102 agus an sainmhíniú ar leabhar trádála i gcomhréir le pointe (86) den Airteagal 4(1)), agus cuirfidh siad inniúlachtaí agus cleachtais bainistíochta priacal na hinstitiúide san áireamh. Tabharfaidh an institiúid doiciméadú iomlán ar cé mar atá sí ag comhlíonadh na mbeartas agus na nósanna imeachta sin agus déanfaidh sí iniúchadh inmheánach tréimhsiúil orthu.

2.   Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí maidir le bainistíocht fhoriomlán an leabhair trádála. Rachaidh na beartais agus na nósanna imeachta sin i ngleic leo seo a leanas ar a laghad:

(a)

na gníomhaíochtaí a mheasann an institiúid gur gníomhaíochtaí trádála iad agus go bhfuil siad mar chuid den leabhar trádála chun críocha ceanglas cistí dílse;

(b)

a mhéid is féidir suíomh a mharcáil go laethúil ón margadh trí thagairt a dhéanamh do mhargadh dhá threo leachtach, gníomhach;

(c)

maidir le suímh atá marcáilte de réir samhla, an méid is féidir leis an institiúid:

(i)

priacail ábhartha an tsuímh ar fad a aithint;

(ii)

gach priacal ábhartha den suíomh a fhálú le hionstraimí a bhfuil margadh dhá threo leachtach, gníomhach ann ina leith;

(iii)

meastacháin iontaofa a dhíorthú do na príomhthoimhdí agus do na paraiméadair a úsáidtear sa tsamhail;

(d)

a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, luachálacha a ghiniúint don suíomh, luachálacha is féidir a bhailíochtú go seachtrach agus go comhleanúnach;

(e)

a mhéid a chuirfeadh srianta dlí nó ceanglais oibriúcháin eile bac ar chumas na hinstitiúide an suíomh a leachtú nó a fhálú go gearrthéarmach;

(f)

a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, priacail na suíomh laistigh dá hoibríocht trádála a bhainistiú;

(g)

a mhéid a fhéadfaidh an institiúid priacal nó suímh a aistriú idir na leabhair neamhthrádála agus na leabhair trádála agus na critéir maidir le haistrithe den sórt sin.

Airteagal 105

Ceanglas maidir le Luacháil Stuama

1.   Beidh gach suíomh i leabhar trádála faoi réir na gcaighdeán maidir le luacháil stuama atá sonraithe san Airteagal seo. Áiritheoidh institiúidí go háirithe go mbainfidh an luacháil stuama a dhéanfar ar a gcuid suíomh sa leabhar trádála leibhéal cinnteachta iomchuí amach ag féachaint don mhianach dinimiciúil a bhaineann le suímh leabhair thrádála, na héilimh a bhaineann le fóntacht stuamachta agus an modh oibríochta agus cuspóir na gceanglas caipitil maidir le suímh leabhair trádála.

2.   Déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe a bheidh leordhóthanach chun meastacháin luachála stuama agus iontaofa a sholáthar a bhunú agus a choimeád ar bun. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna córais agus sna rialuithe sin:

(a)

beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe don phróiseas luachála, lena n-áirítear freagrachtaí a bheidh sainmhínithe go soiléir maidir leis na réimsí éagsúla a bhaineann leis an luacháil a chinneadh, foinsí faisnéise an mhargaidh agus athbhreithniú ar cé chomh hoiriúnach is atá siad, treoirlínte maidir le hionchuir dhobhraite a úsáid, a léiríonn toimhdí na hinstitiúide maidir le cad a d'úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an suíomh á phraghsáil acu, minicíocht na luachála neamhspleáiche, uainiú na bpraghsanna scoir, nósanna imeachta chun luachálacha a choigeartú, nósanna imeachta fíorúcháin ad-hoc agus deireadh míosa;

(b)

línte tuairiscithe don roinn a bheidh freagrach as an bpróiseas luachála a bheidh soiléir agus neamhspleách ón oifig thosaigh.

Is é an comhlacht bainistíochta a bheidh ag deireadh na líne tuairiscithe.

3.   Déanfaidh institiúidí athluacháil ar shuímh leabhair trádála ar bhonn laethúil ar a laghad.

4.   Déanfaidh institiúidí a gcuid suímh a mharcáil ón margadh nuair is féidir sin a dhéanamh, lena n-áirítear nuair a bheidh láimhseáil caipitil sa leabhar trádála á cur i bhfeidhm.

5.   Nuair a dhéanfar marcáil ón margadh, ní bhainfidh institiúid leas as an taobh is stuama de thairiscint agus atairscint ach amháin sa chás gur féidir léi an cuntas a ghlanadh sa mheánmhargadh. I gcás ina mbaineann institiúidí leas as an maolú seo, tabharfaidh siad faisnéis gach sé mhí dá n-údaráis inniúla faoi na suímh lena mbaineann agus fianaise a chur ar fáil gur féidir léi an cuntas a ghlanadh sa mheánmhargadh.

6.   Nuair nach féidir marcáil ón margadh a dhéanamh, déanfaidh institiúidí marcáil choimeádach de réir samhla ar a suímh agus ar a bpunanna, lena n-áirítear nuair a bheidh ceanglais cistí dílse á ríomh le haghaidh suíomh sa leabhar trádála.

7.   Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas nuair a bheidh siad ag marcáil de réir samhla:

(a)

beidh eolas ag an lucht bainistíochta sinsearaí ar na gnéithe den leabhar trádála nó de shuímh eile a bhfuil luach cóir ag gabháil leo agus atá faoi réir ag marcáil de réir samhla agus tuigfidh siad ábharthacht na neamhchinnteachta a chruthófar leis sin sa tuairisciú ar an bpriacal /ar fheidhmíocht an ghnó;

(b)

déanfaidh institiúidí na hionchuir mhargaidh a fhoinsiú, nuair is féidir, i gcomhréir le praghsanna an mhargaidh, agus déanfaidh siad measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá ionchuir mhargaidh an tsuímh áirithe a bhfuil luach á chur air agus ar pharaiméadair na samhla agus déanfar é sin go minic;

(c)

nuair a bheidh fáil orthu, bainfidh institiúidí úsáid as modheolaíochtaí luachála atá glactha mar chleachtas ar an margadh i gcás ionstraimí nó tráchtearraí airgeadais áirithe;

(d)

i gcás gurb í an institiúid féin a fhorbraíonn an tsamhail, beidh sí bunaithe ar thoimhdí iomchuí, a bhfuil measúnú déanta orthu agus a bhfuil a ndúshlán tugtha ag páirtithe atá cáilithe go cuí agus atá neamhspleách ar an bpróiseas forbartha;

(e)

beidh nósanna imeachta foirmiúla i bhfeidhm ag institiúidí chun athruithe a rialú agus beidh cóip shlán den tsamhail ina seilbh acu agus úsáidfear í go tréimhsiúil chun luachálacha a sheiceáil;

(f)

tabharfar faoi deara i mbainistíocht priacal na laigeachtaí atá ag na samhlacha atá in úsáid agus conas is féidir na laigeachtaí sin a léiriú san aschur luachála; agus

(g)

beidh samhlacha institiúidí faoi réir ag athbhreithniú tréimhsiúil chun cruinneas a bhfeidhmíochta a chinneadh, agus áireofar leis sin measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá na toimhdí ar bhonn leanúnach, anailís ar bhrabús agus ar chaillteanas i gcoinne fachtóirí priacail, luachanna glanta cuntais iarbhír a chur i gcomparáid le haschuir na samhla.

Chun críocha phointe (d), forbrófar nó faomhfar an tsamhail go neamhspleách ar an deasc trádála agus déanfar tástáil neamhspleách uirthi, lena n-áirítear bailíochtú ar an matamaitic, ar na toimhdí agus ar chur chun feidhme na mbogearraí.

8.   Déanfaidh institiúidí fíorú neamhspleách ar phraghsanna anuas ar mharcáil laethúil ón margadh nó marcáil de réir samhla. Déanfaidh duine nó aonad a bheidh neamhspleách ar dhaoine nó ar aonaid a fhaigheann buntáiste ón leabhar trádála fíorú ar phraghsanna an mhargaidh agus ar ionchuir na samhla, agus déanfar é sin uair amháin sa mhí ar a laghad, nó níos minice ag brath ar an gcineál margaidh nó gníomhaíochta trádála. I gcás nach bhfuil foinsí praghsála neamhspleácha ar fáil nó go bhfuil foinsí praghsála níos suibiachtúla, féadfaidh bearta stuama amhail coigeartuithe ar an luacháil níos oiriúnaí.

9.   Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta chun coigeartuithe ar luachálacha a bhreithniú a bhunú agus a choimeád ar bun.

10.   Breithneoidh institiúidí go foirmiúil na coigeartuithe seo a leanas ar luacháil: raonta difríochta creidmheasa neamhthuillte, costais ghlanta cuntais, priacail oibriúcháin, neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, luathfhoirceannadh, costais infheistíochta agus chistithe, costais riaracháin todhchaí agus, nuair is ábhartha, priacal de bharr samhaltaithe.

11.   Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta chun coigeartú don luacháil reatha ar aon suímh bheagleachtacha a ríomh a bhunú agus a choimeád ar bun, ar suímh iad ar féidir leo go háirithe teacht ó theagmhais ar an margadh nó cásanna a bhaineann le hinstitiúid amhail suímh chomhchruinnithe agus/nó suímh a bhfuil an tréimhse shealbhaíochta a bhí leagtha amach dóibh ag an tús sáraithe. Déanfaidh institiúidí, más gá, coigeartuithe den sórt sin anuas ar aon athruithe ar luach an tsuímh a bheidh riachtanach chun críocha tuairiscithe airgeadais agus dearfar coigeartuithe den sórt sin mar léiriú ar neamhleachtacht an tsuímh. Faoi na nósanna imeachta sin, breithneoidh institiúidí roinnt fachtóirí nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil gá le coigeartú luachála ar shuímh bheagleachtacha. Áirítear leis na fachtóirí sin:

(a)

an méid ama a thógfadh sé an suíomh nó na priacail laistigh den suíomh sin a fhálú amach;

(b)

luaineacht agus meán raonta difríochta tairisceana/atairisceana;

(c)

infhaighteacht na gcuótaí margaidh (líon agus céannacht na gcruthaitheoirí margaidh) agus luaineacht agus meán na méideanna trádála lena n-áirítear méideanna trádála le linn tréimhsí struis sa mhargadh;

(d)

comhdhlúthacht an mhargaidh;

(e)

aosú na suíomh;

(f)

a mhéid a bhíonn luacháil ag brath ar mharcáil de réir samhla;

(g)

an tionchar a bhíonn ag priacail eile de bharr samhaltaithe.

12.   Agus luachálacha tríú páirtí nó marcáil de réir samhla á n-úsáid, breithneoidh institiúidí cibé a chuirfidh nó nach gcuirfidh siad coigeartú i bhfeidhm maidir le luacháil. Ina theannta sin, breithneoidh institiúidí an bhfuil gá le coigeartuithe a bhunú do shuímh bheagleachtacha agus déanfaidh siad athbhreithniú leanúnach ar a n-oiriúnacht leantach. Déanfaidh institiúidí measúnú sainráite freisin ar an ngá atá le coigeartuithe luachála a bhaineann le neamhchinnteacht ionchuir pharaiméadair a úsáideann samhlacha.

13.   Maidir le táirgí casta, lena n-áirítear risíochtaí urrúsaithe agus na díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain, déanfaidh institiúidí measúnú sainráite ar an ngá le coigeartuithe ar luacháil mar léiriú ar an bpriacal de bharr samhaltaithe a bhaineann le modheolaíocht luachála a d'fhéadfadh a bheith mícheart a úsáid agus an priacal de bharr samhaltaithe a bhaineann le paraiméadair chalabraithe dhobhraite (agus b'fhéidir mícheart) a úsáid sa tsamhail luachála.

14.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha ar dá réir a chuirfear ceanglais Airteagal 105 i bhfeidhm chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 106

Fálú Inmheánach

1.   Comhlíonfaidh fálú inmheánach go háirithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní bheidh sé i gceist go príomha ceanglais cistí dílse a sheachaint nó a laghdú leis;

(b)

déanfar é a dhoiciméadú i gceart agus beidh sé faoi réir faomhadh inmheánach áirithe agus nósanna imeachta iniúchta;

(c)

déileálfar leis ag coinníollacha an mhargaidh;

(d)

déanfar bainistiú dinimiciúil sa leabhar trádála ar an bpriacal margaidh a ghinfear leis an bhfálú inmheánach agus déanfar an bainistiú sin laistigh de na teorainneacha údaraithe;

(e)

déanfar faireachán cúramach air.

Áiritheofar go ndéanfar faireachán air trí nósanna imeachta leordhóthanacha.

2.   Beidh feidhm ag ceanglais mhír 1 gan dochar do na ceanglais is infheidhme maidir leis an suíomh fálaithe sa leabhar neamhthrádála.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, nuair a dhéanann institiúid fálú ar risíocht ar priacal creidmheasa leabhair neamhthrádála nó ar risíocht ar priacal contrapháirtí ag úsáid díorthaigh chreidmheasa atá cláraithe ina leabhar trádála trí fhálú inmheánach, ní mheasfar go bhfuil an risíocht ar priacal sa leabhar neamhthrádála nó an risíocht ar priacal contrapháirtí fálaithe ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh mura gceannaíonn an institiúid díorthach creidmheasa ó sholáthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais maidir le cosaint neamhchistithe creidmheasa sa leabhar neamhthrádála. Gan dochar do phointe (h) d'Airteagal 299(2), i gcás ina gceannaítear agus ina n-aithnítear cosaint tríú páirtí den sórt sin mar fhálú ar risíocht leabhair neamhthrádála ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a ríomh, ní chuimseofar an fálú inmheánach nó seachtrach ar dhíorthach creidmheasa sa leabhar trádála ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a ríomh.

TEIDEAL II

CEANGLAIS CHAIPITIL LE HAGHAIDH PRIACAL CREIDMHEASA

CAIBIDIL 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 107

Cineálacha cur chuige maidir le priacal creidmheasa

1.   Cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe dá bhforáiltear i gCaibidil 2 nó, má cheadaíonn na húdaráis inniúla é i gcomhréir le hAirteagal 143, an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha dá bhforáiltear i gCaibidil 3, i bhfeidhm chun a gcuid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh chun críocha phointí (a) agus (f) d'Airteagal 92(3).

2.   I gcás risíochtaí trádála ar ranníocaíochtaí an chiste mainneachtana le contrapháirtí lárnach, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm an láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 6, Roinn 9 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh ar mhaithe le pointí (a) go (f) d'Airteagal 92(3). I gcás gach cineál eile risíochta ar chontrapháirtí lárnach, déanfaidh institiúidí iad a láimhseáil mar a leanas:.

(a)

mar risíochtaí ar institiúid i gcás gach cineáil eile risíochta ar chontrapháirtí cáilitheach;

(b)

mar risíochtaí ar chorparáid i gcás gach cineáil eile risíochta ar chontrapháirtí neamhcháilitheach.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, láimhseálfar risíochtaí ar ghnólachtaí infheistíochta tríú tíortha agus risíochtaí ar institiúidí creidmheasa tríú tíortha agus risíochtaí ar thithe imréitigh tríú tíortha agus malartuithe mar risíochtaí ar institiúid má chuireann an tríú tír ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm maidir leis an eintiteas sin, ar ceanglais iad atá ar a laghad cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, agus sa chás sin amháin.

4.   Chun críocha mhír 3, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh an gcuireann tríú tír ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint de risíochtaí ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3 a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí, go dtí an 1 Eanáir 2015, ar choinníoll go mbeidh, an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 108

Teicníc um maolú priacal creidmheasa a úsáid faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus faoin gCur Chuige IRB

1.   Maidir le risíocht a gcuirfidh institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm ina leith faoi Chaibidil 2 nó a gcuireann sí an Cur Chuige IRB i bhfeidhm ina leith faoi Chaibidil 3 ach gan a cuid meastachán féin ar chaillteanas i gcás mainneachtana (LGD) agus a fachtóirí coinbhéartachta féin a úsáid faoi Airteagal 151, féadfaidh an institiúid maolú priacal creidmheasa a úsáid i gcomhréir le Caibidil 4 nuair a bheidh sí ag ríomh méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal chun críocha phointí (a) agus (f) d'Airteagal 92(3) nó, mar is iomchuí, méideanna caillteanais ionchasaigh chun críocha an ríofa dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 36(1) agus pointe (c) d'Airteagal 62.

2.   Maidir le risíocht a gcuirfidh institiúid an Cur Chuige IRB i bhfeidhm ina leith trína cuid meastachán féin ar LGD agus a fachtóirí coibhéartachta féin a úsáid faoi Airteagal 151, féadfaidh an institiúid maolú priacal creidmheasa a úsáid i gcomhréir le Caibidil 3.

Airteagal 109

Risíochtaí urrúsaithe faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus faoin gCur Chuige IRB a láimhseáil

1.   I gcás ina n-úsáideann institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe faoi Chaibidil 2 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca leis an aicme risíochta a sannfaí na risíochtaí urrúsaithe di faoi Airteagal 112, ríomhfaidh sí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i dtaca le suíomh urrúsaithe i gcomhréir le hAirteagail 245, 246 agus 251 go 258. Féadfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige Caighdeánaithe Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a úsáid freisin i gcás ina gceadaítear é sin faoi Airteagal 259(3).

2.   I gcás ina n-úsáideann institiúid an Cur Chuige IRB faoi Chaibidil 3 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca leis an aicme risíochta a sannfaí an risíocht urrúsaithe di faoi Airteagal 147, ríomhfaidh sí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagail 245, 246 agus 259 go 266.

Cé is moite de Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh, i gcás nach n-úsáidtear an Cur Chuige IRB ach amháin le haghaidh coda de na risíochtaí urrúsaithe a fholuíonn urrúsú, úsáidfidh an institiúid an cur chuige a chomhfhreagraíonn don sciar is mó de na risíochtaí urrúsaithe a fholuíonn an t-urrúsú seo.

Airteagal 110

Coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil

1.   Déanfaidh institiúidí a chuirfidh an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 62 (c).

2.   Déanfaidh institiúidí a bhfuil an Cur Chuige IRB á chur i bhfeidhm acu na coigeartuithe i leith priacal creidmheasa a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 159, Airteagal 62 (d) agus Airteagal 36 (1)(d).

Chun críocha an Airteagail seo agus Chaibidil 2 agus Chaibidil 3, ní bheidh cistí le haghaidh priacal ginearálta baincéireachta san áireamh i gcoigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith priacal creidmheasa.

3.   Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige IRB agus a chuireann an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm maidir le cuid dá risíochtaí ar bhonn comhdhlúite nó aonair, cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 148 agus Airteagal 150 faoin gcuid sin den choigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a shannfar chun coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus chun coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige IRB mar seo a leanas:

(a)

nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige IRB i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 2;

(b)

nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 1;

(c)

Sannfar an t-iarmhar den choigeartú i leith priacal creidmheasa ar bhonn pro rata de réir an chion de na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal atá faoi réir ag an gCur Chuige Caighdeánaithe agus atá faoi réir ag an gCur Chuige IRB.

4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ríomh na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na gcoigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa a shonrú faoin gcreat infheidhme cuntasaíochta maidir leo seo a leanas:

(a)

luach na risíochta faoin gCur Chuige Caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 111;

(b)

luach na risíochta faoin gCur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagail 166 go 168;

(c)

láimhseáil méideanna an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 159;

(d)

luach na risíochta chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca leis an suíomh urrúsaithe dá dtagraítear in Airteagal 246 agus Airteagal 266;

(e)

mainneachtain a chinneadh faoi Airteagal 178;

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 2

Cur Chuige Caighdeánaithe

Roinn 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 111

Luach na risíochta

1.   Beidh luach na risíochta ar ítim sócmhainne ionann leis an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa, na gcoigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 110 agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis an ítim sócmhainne a bheith curtha i bhfeidhm. Beidh luach na risíochta ar ítim lasmuigh den chlár comhardaithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I ionann leis an gcéatadán seo a leanas dá luach ainmniúil tar éis coigeartuithe i leith priacal creidmheasa shonraigh a bheith laghdaithe:

(a)

100 % más ítim lánpriacal atá i gceist;

(b)

50 % más ítim mheánpriacal atá i gceist;

(c)

20 % más ítim mheánpriacal /íospriacal atá i gceist;

(d)

0 % más ítim íospriacal atá i gceist.

Déanfar na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear sa dara habairt den chéad fhomhír a shannadh do chatagóirí priacal mar a thugtar le fios in Iarscríbhinn I.

Nuair a bheidh an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais faoi Airteagal 223 in úsáid ag institiúid, déanfar luach risíochta na n-urrús nó na dtráchtearraí a dhíolfar, a bhreacfar nó a thabharfar ar iasacht faoi idirbheart athcheannaigh nó faoi idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchtearraí, agus idirbhearta iasachtaithe corrlaigh, a mhéadú ag brath ar an gcoigeartú luaineachta a bheidh oiriúnach d'urrúis nó do thráchtearraí den sórt sin arna leagan síos in Airteagail 223 go 225.

2.   Déanfar an luach risíochta a bheidh ag ionstraim dhíorthach atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6 agus cuirfear na héifeachtaí a bheidh ag conarthaí nuachana agus ag comhaontuithe glanluachála eile san áireamh chun críocha na modhanna sin i gcomhréir le Caibidil 6. Féadfar an luach risíochta a bheidh ag idirbheart athcheannaigh, ag idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchtearraí, ag idirbhearta socraíochta iarchurtha agus ag idirbhearta iasachtaithe corrlaigh a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6 nó Caibidil 4.

3.   I gcás ina mbeidh risíocht faoi réir ag cosaint chistithe creidmheasa, féadfar an luach risíochta a bheidh infheidhme maidir leis an ítim sin a leasú i gcomhréir le Caibidil 4.

Airteagal 112

Aicmí risíochta

Déanfar gach risíocht a shannadh do cheann de na haicmí risíochta seo a leanas:

(a)

risíochtaí ar rialtais láir nó bainc cheannais

(b)

risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla;

(c)

risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí;

(d)

risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha;

(e)

risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(f)

risíochtaí ar institiúidí;

(g)

risíochtaí ar chorparáidí;

(h)

risíochtaí ar mhiondíol;

(i)

risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe;

(j)

risíochtaí ar mhainneachtain;

(k)

risíochtaí a bhaineann le priacal atá fíor-ard;

(l)

risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach;

(m)

ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe;

(n)

risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu;

(o)

risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna);

(p)

risíochtaí ar chothromas;

(q)

ítimí eile.

Airteagal 113

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh

1.   D'fhonn méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, cuirtear ualaí priacal i bhfeidhm maidir le gach risíocht, mura mbaintear ó chistí dílse iad, i gcomhréir leis na forálacha i Roinn 2. Beidh cur i bhfeidhm na n-ualaí priacal bunaithe ar an aicme risíochta a bhfuil an risíocht sannta di agus, a mhéid atá sonraithe i Roinn 2, ar a cháilíocht chreidmheasa. Féadfar cáilíocht chreidmheasa a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do mheasúnuithe creidmheasa na IMCSanna nó measúnuithe creidmheasa na nGníomhaireachtaí um Chreidmheas Onnmhairiúcháin i gcomhréir le Roinn 3.

2.   Ar mhaithe le hualú priacal a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear i mír 1, iolrófar luach na risíochta faoin ualú priacal atá sonraithe nó cinnte i gcomhréir le Roinn 2.

3.   I gcás ina mbeidh risíocht faoi réir ag cosaint chreidmheasa féadfar an t-ualú priacal is infheidhme maidir leis an ítim sin a leasú i gcomhréir le Caibidil 4.

4.   Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí urrúsaithe a ríomh i gcomhréir le Caibidil 5.

5.   Sannfar ualú priacal 100 % ar risíochtaí nach bhfuil aon ríomh a bhaineann leo ar fáil i Roinn 2.

6.   Cé is moite de risíochtaí as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2, féadfaidh institiúid, faoi réir fhaomhadh na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, cinneadh a dhéanamh gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí na hinstitiúide sin ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachta, fochuideachta de chuid a máthairghnóthas nó gnóthas atá nasctha trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE é. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla faomhadh a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is é atá sa chontrapháirtí institiúid, cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid airgeadais, cuideachta bhainistíochta sócmhainní nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha faoi réir ceanglas stuamachta iomchuí;

(b)

tá an contrapháirtí ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna leis an institiúid ar bhonn iomlán;

(c)

tá an contrapháirtí faoi réir ag an meastóireacht chéanna ar priacail, agus ag na nósanna imeachta tomhais agus rialaithe céanna leis an institiúid;

(d)

tá an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna leis an institiúid;

(e)

níl aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábhartha reatha ná ionchais ann maidir le haistriú pras cistí dílse nó aisíocaíocht dliteanas ón gcontrapháirtí chuig an institiúid.

I gcás ina bhfuil institiúid údaraithe, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ualú priacal 0 % a shannadh.

7.   Cé is moite de risíochtaí as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, itimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, féadfaidh institiúidí, faoi réir chead na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chontrapháirtithe a bhfuil scéim chosanta institiúideach déanta ag an institiúid leo ar comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil é a thugann cosaint do na hinstitiúidí agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint más gá. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla cead a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl na ceanglais atá leagtha amach i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 6 comhlíonta;

(b)

áirithíonn na socruithe go bhfuil an scéim chosanta institiúideach in ann tacaíocht a thabhairt atá riachtanach faoina thiomantas ó chistí atá ar fáil go héasca dó;

(c)

tá córais chonarthacha oiriúnacha agus aonfhoirmeacha sa scéim chosanta institiúideach chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar priacal, agus a thugann léargas iomlán ar staid priacal gach comhalta aonair agus na scéime cosanta institiúidí trí chéile, agus féidearthachtaí ag gabháil leis chun tionchar a imirt; déanfaidh na córais sin faireachán iomchuí ar risíochtaí a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178(1);

(d)

déanann an scéim chosanta institiúideach a athbhreithniú féin ar priacal a chuirtear in iúl do na comhaltaí aonair;

(e)

déanann an scéim chosanta institiúideach ceachtar den dá thuarascáil seo a leanas a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain: tuarascáil chomhdhlúite ina mbeidh an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar priacal, a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile; nó tuarascáil ina mbeidh an clár comhardaithe comhiomlánaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais comhiomlánaithe, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar priacal, a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile;

(f)

tá sé de dhualgas ar chomhaltaí na scéime cosanta institiúidí fógra roimh ré a thabhairt 24 mí ar a laghad más mian leo deireadh a chur leis an scéim chosanta institiúideach;

(g)

gheofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh (dá ngairtear ‧ilghiaráil‧ anseo feasta) chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí;

(h)

Beidh an scéim chosanta institiúideach bunaithe ar bhallraíocht leathan d'institiúidí creidmheasa a mbeidh próifíl ghnó aonchineálach acu den chuid is mó;

(i)

déanann na húdaráis inniúla ábhartha leordhóthanacht na gcóras dá dtagraítear i bpointe (c) and (d) a fhaomhadh go rialta agus déanann siad faireachán orthu go rialta.

I gcás ina gcinnfidh institiúid, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ualú priacal 0 % a shannadh.

Roinn 2

Ualuithe priacal

Airteagal 114

Risíochtaí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais

1.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ach amháin má tá feidhm leis na láimhseálacha atá leagtha amach i míreanna 2 go 7.

2.   Déanfar ualú priacal i gcomhréir le Tábla 1 a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith agus comhfhreagraíonn an t-ualú sin don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 1

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

0 %

20 %

50 %

100 %

100 %

150 %

3.   Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar BCE.

4.   Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais Ballstát atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre an rialtais láir agus an bhainc cheannais sin.

5.   Go dtí an 31 Nollaig 2017, déanfar an t-ualú priacal céanna a shannadh maidir leis na risíochtaí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais na mBallstát atá ainmnithe agus cistithe san airgeadra intíre Ballstáit ar bith faoi mar a chuirfí i bhfeidhm é maidir le risíochtaí den sórt sin a bheadh ainmnithe agus cistithe ina n-airgeadra intíre.

6   I gcás na risíochtaí a léirítear i mír 5:

(a)

in 2018 beidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal cothrom le 20 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);

(b)

in 2019 beidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal cothrom le 50 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);

(c)

in 2020 agus ón mbliain sin ar aghaidh, beidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal cothrom le 100 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2).

7.   I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin san Aontas ualú priacal atá níos ísle ná an t-ualú priacal sin atá tugtha le fios i míreanna 1 go 2 a shannadh do risíochtaí ar a rialtas láir agus a mbanc ceannais atá ainmnithe agus cistithe san airgeadra intíre, féadfaidh institiúidí ualú priacal a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí den sórt sin ar an tslí chéanna.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí ar rialtas láir nó ar bhanc ceannais de chuid tríú tíre, go dtí an 1 Eanáir 2015, i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 115

Risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla

1.   Déanfar risíochtaí ar rialtais láir agus ar údaráis áitiúla a ualú ó thaobh priacal mar risíochtaí ar institiúidí mura láimhseáiltear iad mar risíochtaí ar rialtais láir faoi mhír 2 nó mír 4 nó mura bhfhaigheann siad ualú priacal mar a shonraítear i mír 5. Ní chuirfear i bhfeidhm an láimhseáil fhabhrach i gcás risíochtaí gearrthéarmacha atá sonraithe in Airteagal 119(2) agus Airteagal 120(2).

2.   Déanfar risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla a láimhseáil mar risíochtaí ar an rialtas láir sin a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse i gcás nach bhfuil aon difríocht ó thaobh priacal idir risíochtaí den sórt sin toisc go bhfuil cumhachtaí sonracha tiomsaithe ioncaim ag na rialtais réigiúnacha agus ag na húdaráis áitiúla, agus toisc go bhfuil socruithe institiúideacha sonracha ann a bhfuil sé d'éifeacht acu a priacal mainneachtana a laghdú.

Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí a bheidh ar fáil don phobal ina mbeidh na rialtais réigiúnacha uile agus na húdaráis áitiúla uile san Aontas a dhéanann na húdaráis inniúla ábhartha a láimhseáil mar risíochtaí ar a rialtais lárnacha.

3.   Déanfar risíochtaí ar eaglaisí nó ar phobail reiligiúnacha arna gcomhdhéanamh i bhfoirm duine dhlítheanaigh faoin dlí poiblí, sa mhéid is go mbailíonn siad cánacha i gcomhréir le reachtaíocht a thugann de cheart dóibh sin a dhéanamh, a láimhseáil mar risíochtaí ar rialtais réigiúnacha agus ar údaráis áitiúla. Sa chás seo, ní bheidh feidhm ag mír 2 agus chun críocha Airteagal 150(1)(a), ní eiseofar cead chun an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm.

4.   I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla dlínse tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla a láimhseáil mar risíochtaí ar a rialtas láir féin agus nach bhfuil difríocht ar bith ó thaobh priacal idir risíochtaí den sórt sin toisc go bhfuil cumhachtaí sonracha tiomsaithe ioncaim ag an rialtas réigiúnach nó ag údaráis áitiúla agus mar gheall ar shocruithe institiúideacha sonracha chun an priacal mainneachtana a laghdú, féadfaidh institiúidí risíochtaí ar rialtais réigiúnacha agus ar údaráis áitiúla den sórt sin a ualú ar an tslí chéanna ó thaobh priacal.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

5.   Déanfar ualú priacal cothrom le 20 % a shannadh do risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát nach dtagraítear dóibh i míreanna 2 go 4 agus atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre an rialtais láir agus an údaráis áitiúil sin.

Airteagal 116

Risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí

1.   I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh de réir na céime cáilíochta creidmheasa a bhfuil risíochtaí ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil an t-eintiteas sin den earnáil phoiblí corpraithe sannta dó i gcomhréir le Tábla 2 seo a leanas:

Tábla 2

Céim cáilíochta creidmheasa a bhfuil an rialtas láir sannta dó

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

50 %

100 %

100 %

100 %

150 %

I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí atá corpraithe i dtíortha ina bhfuil an rialtas láir gan rátáil, beidh an t-ualú priacal cothrom le 100 %.

2.   Déanfar risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 120. Ní chuirfear an láimhseáil fhabhrach i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin i gcás risíochtaí gearrthéarmacha atá sonraithe in Airteagal 119(2) agus Airteagal 120(2).

3.   I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a bhfuil aibíocht bhunaidh trí mhí nó níos giorra ag gabháil leo, beidh an t-ualú priacal cothrom le 20 %.

4.   I gcúinsí eisceachtúla, féadfar risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáil mar risíochtaí ar an rialtas láir, ar an rialtas réigiúnach nó ar an údarás áitiúil sin a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse i gcás nach bhfuil aon difríocht, i dtuairim údaráis inniúla na dlínse sin, ó thaobh priacal idir risíochtaí den sórt sin toisc go bhfuil ráthaíocht iomchuí ann ón rialtas láir, ón rialtas réigúnach nó ón údarás áitiúil.

5.   I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla i ndlínse tríú tír, a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin san Aontas Eorpach, risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáil i gcomhréir le mír 1 nó mír 2, féadfaidh institiúidí ualú priacal a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar eintitis den sórt sin san earnáil phoiblí ar an tslí chéanna. Mura ndéantar é sin, cuirfidh na hinstitiúidí ualú priacal de 100 % i bhfeidhm.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 117

Risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha

1.   Déanfar risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha nach dtagraítear dóibh i mír 2 a láimhseáil ar an tslí chéanna le risíochtaí ar institiúidí. Ní chuirfear i bhfeidhm an láimhseáil fhabhrach i gcás risíochtaí gearrthéarmacha mar atá sonraithe in Airteagal 119(2), 120(2) agus 121 (3).

Measfar gur bainc forbartha iltaobhacha iad an Chorparáid Idir-Mheiriceánach Infheistíochta, Banc Trádála agus Forbartha na Mara Duibhe, an Banc Lár-Mheiriceánach um Lánpháirtíocht Eacnamaíoch agus CAF-Banc Forbartha Mheiriceá Laidineach.

2.   Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar na bainc forbartha iltaobhacha seo a leanas:

(a)

an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha;

(b)

an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta;

(c)

an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach;

(d)

Banc Forbartha na hÁise;

(e)

Banc Forbartha na hAfraice;

(f)

Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa;

(g)

an Banc Nordach Infheistíochta;

(h)

Banc Forbartha Mhuir Chairib;

(i)

an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha;

(j)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(k)

an Ciste Eorpach Infheistíochta;

(l)

an Ghníomhaireacht Iltaobhach Rathaithe Infheistíochtaí;

(m)

an tSaoráid Airgeadais Idirnáisiúnta um Imdhíonadh;

(n)

an Banc Ioslamach um Fhorbraíocht.

3.   Déanfar ualú priacal 20 % a shannadh don chion de chaipiteal neamhíoctha atá suibscríofa leis an gCiste Eorpach Infheistíochta.

Airteagal 118

Risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta

Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas:

(a)

an tAontas;

(b)

an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta;

(c)

an Banc le haghaidh Socruithe Idirnáisiúnta;

(d)

an tSaoráid um Chobhsaíocht Airgeadais;

(e)

an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;

(f)

institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bhunú ag dhá Bhallstát nó níos mó, a bhfuil sé mar aidhm aici cistiú a chur ar bun agus cúnamh airgeadais a thabhairt ar mhaithe lena cuid comhaltaí a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe acu nó atá i mbaol deacrachtaí móra maoinithe.

Airteagal 119

Risíochtaí ar institiúidí

1.   Déanfar risíochtaí ar institiúidí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 120. Déanfar risíochtaí ar institiúidí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 121.

2.   I gcás risíochtaí ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair trí mhí nó níos giorra iontu agus atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra náisiúnta an iasachtaí, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh a bheidh catagóir amháin nach lú fabhar ná an t-ualú priacal fabhrach, a thuairiscítear in Airteagal 114(4) go hAirteagal 114(7), atá sannta do risíochtaí ar an rialtas láir ina ionchorpraítear an institiúid.

3.   Ní dhéanfar ualú priacal níos lú ná 20 % a shannadh d'aon risíochtaí a bhfuil aibíocht iarmhair trí mhí nó níos giorra iontu agus atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra náisiúnta an iasachtaí.

4.   Féadfar risíocht ar institiúid i bhfoirm cúlchistí íosta a cheanglaíonn BCE nó banc ceannais Ballstáit iad a bheith sealbhaithe ag institiúid a ualú ó thaobh priacal mar risíochtaí ar bhanc ceannais an Bhallstáit atá i gceist ar an gcoinníoll:

(a)

go sealbhaítear na cúlchistí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1745/2003 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Meán Fómhair 2003 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta (29) nó i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta i ngach cás ábhartha atá coibhéiseach leis an Rialachán sin;

(b)

i gcás féimheachta nó dócmhainneachta na hinstitiúide ina sealbhaítear na cúlchistí, déantar na cúlchistí a aisíoc go hiomlán leis an institiúid ar shlí thráthúil agus ní chuirtear ar fáil iad chun fónamh do dhliteanais eile na hinstitiúide.

5.   Déanfar risíochtaí ar institiúidí airgeadais arna n-údarú agus arna maoirsiú ag na húdaráis inniúla agus atá faoi réir ceanglas stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí.

Airteagal 120

Risíochtaí ar institiúidí rátáilte

1.   I gcás risíochtaí ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair breis is trí mhí iontu a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 3 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 3

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

50 %

50 %

100 %

100 %

150 %

2.   I gcás risíochtaí ar institiúid a bhfuil aibíocht iarmhair suas le trí mhí iontu agus a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne an IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 4 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136:

Tábla 4

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

20 %

20 %

50 %

50 %

150 %

3.   Is mar seo a leanas a bheidh an idirghníomhaíocht idir an tslí ina láimhseáiltear measúnú creidmheasa gearrthéarmach faoi Airteagal 131 agus an láimhseáil fhabhrach ghinearálta a chuirtear i bhfeidhm maidir le risíochtaí gearrthéarmacha atá leagtha amach i mír 2:

(a)

Mura ndéantar aon mheasúnú ar risíocht ghearrthéarmach, beidh feidhm ag an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha mar atá sonraithe i mír 2 maidir le gach risíocht ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair suas le trí mhí iontu;

(b)

Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ualú priacal níos fabhraí nó ualú priacal comhionann i bhfeidhm seachas an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, úsáidfear an measúnú gearrthéarmach i gcás na risíochta sonraí sin amháin. Cuirfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm maidir le risíochtaí gearrthéarmacha eile;

(c)

Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ualú priacal nach lú fabhar ná an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm, ní úsáidfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha agus déanfar an t-ualú priacal céanna is a chuirtear i bhfeidhm leis an measúnú gearrthéarmach sonrach a shannadh do gach éileamh gearrthéarmach gan rátáil.

Airteagal 121

Risíochtaí ar institiúidí gan rátáil

1.   I gcás risíochtaí ar institiúidí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh de réir na céime cáilíochta creidmheasa a bhfuil risíochtaí ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil an institiúid corpraithe sannta dó i gcomhréir le Tábla 5.

Tábla 5

Céim cáilíochta creidmheasa a bhfuil an rialtas láir sannta dó

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal na risíochta

20 %

50 %

100 %

100 %

100 %

150 %

2.   I gcás risíochtaí ar institiúidí gan rátáil atá corpraithe i dtíortha ina bhfuil an rialtas láir gan rátáil, beidh an t-ualú priacal cothrom le 100 %.

3.   I gcás risíochtaí ar institiúidí gan rátáil a bhfuil aibíocht bhunaidh iarbhír de thrí mhí nó níos lú ag gabháil leo, beidh an t-ualú priacal cothrom le 20 %.

4.   In ainneoin mhír 2 agus mhír 3 maidir le risíochtaí trádála airgeadais dá dtagraítear pointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 162(3) ar institiúidí gan rátáil, beidh an t-ualú priacal cothrom le 50 % agus i gcás ina mbeidh aibíocht iarmhair na risíochtaí trádála airgeadais ar institiúidí gan rátáil trí mhí nó níos lú, beidh an t-ualú priacal cothrom le 20 %.

Airteagal 122

Risíochtaí ar chorparáidí

1.   I gcás risíochtaí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 6 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 6

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

50 %

100 %

100 %

150 %

150 %

2.   I gcás risíochtaí nach bhfuil measúnú creidmheasa ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal cothrom le 100 % nó ualú priacal na risíochtaí ar rialtais láir na dlínse ina bhfuil an chorparáid ionchorpraithe, cibé acu is airde, a shannadh dóibh.

Airteagal 123

Risíochtaí ar mhiondíol

Déanfar ualú priacal cothrom le 75 % a shannadh do risíochtaí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

is ar dhuine nó ar dhaoine nádúrtha, nó ar fhiontar beag nó meánmhéide (FBM), a bheidh risíocht;

(b)

beidh an risíocht ar cheann amháin de líon suntasach risíochtaí a mbeidh tréithe cosúla acu sa mhéid is go laghdaítear go mór na priacail a bhaineann le hiasachtú den sórt sin;

(c)

i gcás an mhéid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus a fochuideachtaí, lena n-áirítear aon risíocht ar mainneachtain, ag an oibleagáideoir cliant nó ag grúpa cliant nasctha, gan risíochtaí atá urraithe go hiomlán agus ar fad ar chomhthaobhacht a bhaineann le maoin chónaithe a áireamh, ar éilimh iad a sannadh d'aicme na risíochta a leagtar síos in Airteagal 112 (i), ní sháróidh sé, a mhéid is feasach don institiúid, EUR 1 milliún. Déanfaidh an institiúid bearta réasúnta chun an t-eolas sin a fháil.

Ní bheidh urrúis incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.

Ní bheidh risíochtaí nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) go (c) den chéad fhomhír incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.

Beidh luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.

Airteagal 124

Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar maoin dhochorraithe

1.   I gcás risíocht nó aon chuid de risíocht atá urraithe go hiomlán le morgáiste ar mhaoin dhochorraithe, déanfar ualú priacal cothrom le 100 % a shannadh di, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha faoi Airteagal 125 agus Airteagal 126, cé is moite d'aon chuid den risíocht atá sannta d'aicme risíochta eile. Déanfar an t-ualú priacal is infheidhme maidir le risíochtaí gan urrús an chontrapháirtí lena mbaineann a shannadh don chuid den risíocht lena sáraítear luach morgáiste na maoine.

Ní bheidh an chuid sin de risíocht a láimhseáiltear mar risíocht atá urraithe go hiomlán le maoin dhochorraithe níos airde ná an méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó, sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist.

2.   Bunaithe ar na sonraí a bailíodh faoi Airteagal 101, agus aon táscairí iomchuí eile, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú tréimhsiúil, agus measúnú bliantúil ar a laghad, féachaint an bhfuil an t-ualú priacal 35 % i gcás risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 125, agus an t-ualú priacal 50 % i gcás risíochtaí atá urraithe ar mhaoin thráchtála dhochorraithe dá dtagraítear in Airteagal 126, is é sin le rá maoin atá suite ina chríoch, oiriúnach bunaithe ar an méid a leanas:

(a)

caillteanas taithí na risíochtaí atá urraithe le maoin dhochorraithe;

(b)

forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe;

Féadfaidh na húdaráis inniúla ualú priacal níos airde nó critéir níos déine a shocrú ná iad sin atá leagtha amach in Airteagal 125(2) agus Airteagal 126(2), nuair is iomchuí, ar bhonn comaoineacha cobhsaíochta airgeadais.

I gcás risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe, socróidh an t-údarás inniúil an t-ualú priacal ag céatadán ó 35 % go 150 %.

I gcás risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe, socróidh an t-údarás inniúil an t-ualú priacal ag céatadán ó 50 % go 150 %.

Laistigh de na réimsí sin, déanfar an t-ualú priacal is airde a shocrú, bunaithe ar chaillteanas priacal agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí agus comaoineacha cobhsaíochta airgeadais á gcur san áireamh. I gcás ina dtaispeántar leis an measúnú nach léirítear leis na hualuithe priacal a leagtar amach in Airteagal 125(2) agus in Airteagal 126(2) na priacail iarbhír do cheann amháin nó níos mó de na deighleoga maoine a bhaineann le risíochtaí mar sin, a urraítear go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin thráchtála dhochorraithe a lonnaítear ar chuid amháin nó níos mó dá chríoch, déanfaidh na húdaráis inniúla, i gcás na risíochtaí sin ar dheighleoga maoine, ualú priacal níos airde a shocrú a chomhfhreagróidh do na priacail iarbhír.

Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE maidir leis na coigeartuithe ar na hualaí priacal agus ar na critéir a chuirfear i bhfeidhm, a ríomhfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa mhír seo, mar a shonraítear leis na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Foilseoidh ÚBE na hualaí priacal agus na critéir arna socrú ag na húdaráis inniúla le haghaidh risíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 125, 126 agus 199.

3.   I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis inniúla ualú priacal níos airde nó critéir níos déine a shocrú, beidh idirthréimhse 6 mí ag institiúidí chun an t-ualú priacal nua a chur i bhfeidhm.

4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun iad seo a leanas a shonrú:

(a)

na critéir dhiana chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 a chuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh agus na hualuithe is airde ó thaobh priacal á gcinneadh, go háirithe i dtéarmaí "comaoineacha cobhsaíochta airgeadais".

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.   Cuirfidh institiúidí Ballstáit amháin na hualaí priacal agus na critéir arna gcinneadh ag údaráis inniúla Ballstáit eile i bhfeidhm maidir le risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe agus ar mhaoin chónaithe dhochorraithe atá suite sa Bhallstát sin.

Airteagal 125

Risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe

1.   Mura gcinneann na húdaráis inniúla a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 124(2), is mar seo a leanas a láimhseálfar risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe:

(a)

déanfar ualú priacal 35 % a shannadh do risíochtaí nó d'aon chuid de risíocht arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá nó a bheidh áitithe nó ar cíos ag an úinéir, nó ag an úinéir tairbhiúil i gcás cuideachtaí infheistíochta pearsanta;

(b)

déanfar ualú priacal cothrom le 35 % a shannadh do risíochtaí ar thionónta faoi idirbheart léasaithe maoine maidir le maoin chónaithe faoinarb í an institiúid an léasóir agus tá sé de rogha ag an tionónta í a cheannach, ar an gcoinníoll go bhfuil an risíocht ar an institiúid urraithe go hiomlán lena húinéireacht ar an maoin.

2.   Ní mheasfaidh institiúidí go bhfuil risíocht nó aon chuid de risíocht urraithe go hiomlán chun críocha mhír 1, ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh luach na maoine ag brath go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an iasachtaí. Féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás go mbíonn tionchar ag tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch ar luach na maoine agus ar fheidhmíocht an iasachtaí araon óna gcinneadh maidir le hábharthacht spleáchais den sórt sin;

(b)

ní bheidh priacal an iasachtaí ag brath go hábhartha ar fheidhmíocht na maoine nó an tionscadail a fholuíonn é, ach ar chumas foluiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar iarmhairt air sin, ní bheidh aisíoc na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an maoin fholuiteach agus í ag fónamh mar chomhthaobhacht. Maidir leis na foinsí eile sin, déanfaidh institiúidí na cóimheasa uasta iasachta/ioncaim mar chuid dá mbeartas iasachtaithe agus gheobhaidh siad fianaise oiriúnach ar an ioncam iomchuí nuair a thabharfaidh siad an iasacht.

(c)

comhlíontar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1);

(d)

mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), an chuid den iasacht a bhfuil ualú priacal cothrom le 35 % sannta di, ní sháróidh sí 80 % de mhargadhluach na maoine atá i gceist, nó 80 % de luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste.

3.   Féadfaidh institiúidí pointe (b) de mhír 2 a mhaolú i gcás risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá suite laistigh de chríoch Ballstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise a léiríonn go bhfuil margadh maoine cónaithe atá dea-fhorbartha agus seanbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach mó ná na teorainneacha seo a leanas:

(a)

caillteanais a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe suas go dtí 80 % den mhargadhluach nó ní sháraíonn 80 % den luach iasachta morgáiste, mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), 0.3 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith;

(b)

caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe nach mó ná 0.5 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith.

4.   I gcás nach gcomhlíontar ceann na teorainneacha dá dtagraítear i mír 3 in aon bhliain faoi leith, scoirfear de bheith incháilithe chun mír 3 a úsáid agus beidh feidhm ag an gcoinníoll atá i mír 2(b) go dtí go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 3 i mbliain ina dhiaidh sin.

Airteagal 126

Risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe

1.   Mura gcinneann na húdaráis inniúla a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 124(2), is mar seo a leanas a láimhseálfar risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe:

(a)

féadfar ualú priacal cothrom le 50 % a shannadh do risíochtaí nó d'aon chuid de risíocht arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar oifigí nó ar áitribh thráchtála eile;

(b)

féadfar ualú priacal cothrom le 50 % a shannadh do risíochtaí a bhaineann le hidirbhearta léasaithe maoine maidir le hoifigí nó áitribh thráchtála eile faoinarb í an institiúid an léasóir agus tá sé de rogha ag an tionónta í a cheannach, ar an gcoinníoll go bhfuil an risíocht ar an institiúid urraithe go hiomlán lena húinéireacht ar an maoin.

2.   Ní mheasfaidh institiúidí go bhfuil risíocht nó aon chuid de risíocht urraithe go hiomlán chun críocha mhír 1, ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh luach na maoine ag brath go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an iasachtaí. Féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás go mbíonn tionchar ag tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch ar luach na maoine agus ar fheidhmíocht an iasachtaí araon óna gcinneadh maidir le hábharthacht spleáchais den sórt sin;

(b)

ní bheidh priacal an iasachtaí ag brath go hábhartha ar fheidhmíocht na maoine nó an tionscadail a fholuíonn é, ach ar chumas foluiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar iarmhairt air sin, ní bheidh aisíoc na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an maoin fholuiteach agus í ag fónamh mar chomhthaobhacht.

(c)

comhlíontar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1);

(d)

Déanfar ualú priacal cothrom le 50 %, mura bhforáiltear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), a shannadh don chuid sin den iasacht nach mó ná 50 % de mhargadhluach na maoine nó 60 %, mura bhforáiltear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), de luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste.

3.   Féadfaidh institiúidí pointe (b) de mhír 2 a mhaolú i gcás risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála atá suite laistigh de chríoch Ballstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise a léiríonn go bhfuil margadh maoine dochorraithe atá dea-fhorbartha agus seanbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn na teorainneacha seo a leanas:

(a)

caillteanais a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe suas go dtí 50 % den mhargadhluach nó nach sáraíonn 60 % den luach iasachta morgáiste mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2) 0,3 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe;

(b)

caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe nach mó ná 0.5 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe.

4.   I gcás nach gcomhlíontar ceann de na teorainneacha dá dtagraítear i mír 3 in aon bhliain faoi leith, scoirfear de bheith incháilithe chun mír 3 a úsáid agus beidh feidhm ag an gcoinníoll atá i mír 2(b) go dtí go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 3 i mbliain ina dhiaidh sin.

Airteagal 127

Risíocht ar mhainneachtain

1.   I gcás na coda neamhurraithe d'aon ítim ina ndearna an t-oibleagáideoir mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178 nó i gcás risíochtaí ar mhiondíol, sannfar ualú priacal cothrom leo siúd a leanas don chuid neamhurraithe d'aon saoráid creidmheasa a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178:

(a)

150 %, i gcás gur lú coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta mura gcuirfí na coigeartuithe sonracha sin i leith priacal creidmheasa i bhfeidhm;

(b)

100 %, i gcás gur lú coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta mura gcuirfí na coigeartuithe sonracha sin i leith priacal creidmheasa i bhfeidhm.

2.   Ar mhaithe leis an gcuid urraithe den ítim atá thar téarma a chinneadh, is í an chomhthaobhacht incháilithe agus na ráthaíochtaí incháilithe iad sin atá incháilithe chun críocha maolaithe priacal creidmheasa faoi Chaibidil 4.

3.   Sannfar ualú priacal cothrom le 100 % do luach na risíochta a bheidh ann tar éis coigeartuithe sonracha maidir le priacal creidmheasa ar risíochtaí, arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 125 i gcás gur tharla mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178.

4.   Sannfar ualú priacal cothrom le 100 % do luach na risíochta a bheidh ann tar éis coigeartuithe sonracha maidir le priacal creidmheasa ar risíochtaí, arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 126 i gcás gur tharla mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178.

Airteagal 128

Ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo

1.   Déanfaidh institiúidí ualú priacal 150 % a shannadh do risíochtaí, lena n-áirítear risíochtaí i bhfoirm scaireanna nó aonad in GC a mbaineann priacal fíor-ard leo, nuair is iomchuí.

2.   Áireofar aon cheann de na risíochtaí seo a leanas le risíochtaí a mbaineann priacal fíor-ard leo:

(a)

infheistíochtaí i ngnólachtaí caipitil fiontair;

(b)

infheistíochtaí i gcistí infheistíochta malartacha mar a sainítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE seachas i gcás nach gceadaítear, le sainordú an chiste, luamhánú níos airde ná an ceann a éilítear faoi Airteagal 51(3) de Threoir 2009/65/CE;

(c)

infheistíochtaí i gcothromas príobháideach;

(d)

maoiniú amhantrach ar mhaoin dhochorraithe.

3.   Agus measúnú á dhéanamh féachaint an bhfuil baint ag risíocht seachas risíochtaí dá dtagraítear i mír 2 le priacal fíor-ard, cuirfidh institiúidí na saintréithe priacal seo a leanas san áireamh:

(a)

tá priacal ard caillteanais ann mar thoradh ar mhainneachtain an oibleagáideora;

(b)

ní féidir a mheas go leormhaith an dtagann an risíocht faoi phointe (a).

Eiseoidh ÚBE treoirlínte ag sonrú cé na cineálacha risíochtaí a bhfuil priacal fíor-ard ag baint leo agus na dálaí faoina bhfuil sé sin amhlaidh.

Glacfar leis na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 129

Risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach

1.   Le bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach atá leagtha amach i mír 4 agus i mír 5, comhlíonfar leis na bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE (bannaí faoi chumhdach) na ceanglais a leagtar amach i mír 7 agus déanfar iad a chomhthaobhú le haon cheann de na sócmhainní incháilithe seo a leanas:

(a)

risíochtaí ar nó ráthaithe ag rialtais láir, bainc cheannais CEBC, eintitis san earnáil phoiblí, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla san Aontas;

(b)

risíochtaí ar nó ráthaithe ag rialtais láir tríú tíortha, bainc cheannais tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus risíochtaí ar nó ráthaithe ag eintitits na hearnála poiblí tríú tíortha, rialtais réigiúnacha tríú tíortha nó údaráis áitiúla tríú tíortha atá ualaithe ó thaobh priacal mar risíochtaí ar institiúidí nó ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais i gcomhréir le hAirteagal 115(1) nó (2), nó le hAirteagal 116(1), (2) nó (4) faoi seach agus a cháilíonn don bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus risíochtaí i gcomhthéacs an phointe seo a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, ar an gcoinníoll nach mó iad ná 20 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag institiúidí eisiúna;

(c)

risíochtaí ar institiúidí a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo. Ní bheidh risíocht iomlán den sórt sin níos mó ná 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna. Ní bheidh risíochtaí ar institiúidí san Aontas a bhfuil aibíocht nach mó ná 100 lá ag gabháil leo cuimsithe faoi cheanglas bheart 1 ach cáileoidh na hinstitiúidí sin ar a laghad do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo;

(d)

iasachtaí a urraítear leis an méid a leanas:

(i)

maoin chónaithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall; nó

(ii)

aonaid shinsearacha a eiseoidh Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó eintitis urrúsaithe coibhéiseacha a rialaítear le dlíthe Ballstáit a dhéanann urrúsú ar risíochtaí ar mhaoin chónaithe. I gcás ina n-úsáidtear aonaid shinsearacha den sórt sin mar chomhthaobhacht, áiritheoidh an mhaoirseacht phoiblí speisialta chun sealbhóirí bannaí a chosaint mar a ndéantar foráil di in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE go mbeidh na sócmhainní a fholuíonn aonaid den sórt sin, aon tráth le linn dóibh a bheidh áirithe sa chomhthiomsú cumhdaigh, comhdhéanta de 90 % ar a laghad de mhorgáistí ar mhaoin chónaithe atá cónasctha le haon lian roimhe sin suas go dtí an méid is ísle as méideanna na bpríomhshuimeanna atá dlite faoi na haonaid, méideanna phríomhshuimeanna na lian, agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall, go gcáileoidh na haonaid do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo agus nach mó aonaid den sórt sin ná 10 % de mhéid ainmniúil na heisiúna gan íoc.

(e)

iasachtaí cónaithe arna n-urrú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a cháilíonn le haghaidh céim 2 den cháilíocht chreidmheasa nó os a chionn, mar a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gcás nach mbeidh an chuid de gach ceann de na hiasachtaí a úsáidtear chun an gceanglas a leagtar amach sa mhír seo maidir le hurrús comhthaobhach an bhanna faoi chumhdach a chomhlíonadh níos mó ná 80 % de luach na maoine cónaithe comhfhreagraí a bheidh lonnaithe sa Fhrainc, agus i gcás ina n-urramaítear cóimheas iasacht/ioncaim 33 % ar a mhéid i gcás ina gceadaítear iasacht. Ní bheidh níos mó lian morgáiste ar an maoin chónaithe nuair a cheadófar an iasacht, agus i gcás na n-iasachtaí a cheadófar ón 1 Eanáir 2014, beidh an t-iasachtaí faoi cheangal conarthach gan liain mar sin a cheadú gan toiliú ón institiúid chreidmheasa a cheadaíonn an iasacht. Seasann an cóimheas iasachta/ioncaim do sciar d'ollioncam an iasachtaí lena gcumhdaítear aisíoc na hiasachta, ús san áireamh. Is institiúid airgeadais a bheidh údaraithe ag na húdaráis inniúla agus a ndéanfaidh na húdaráis maoirseacht orthu a bheidh i soláthraí na cosanta agus beidh sí faoi réir ceanglas stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta institiúide nó gnóthais árachais. Bunóidh sé comhchiste ráthaíochta nó cosaint choibhéiseach do ghnóthais árachais chun caillteanais priacal creidmheas a sheasamh, agus déanfaidh na húdaráis inniúla an calabrú a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil. Déanfaidh an institiúid chreidmheas agus soláthraí na cosanta araon measúnú creidmheasa ar an iasachtaí;

(f)

iasachtaí a urraítear leis an méid a leanas:

(i)

maoin thráchtála dhochorraithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall; nó

(ii)

aonaid shinsearacha a eiseoidh Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó eintitis urrúsaithe coibhéiseacha a rialaítear le dlíthe Ballstáit a dhéanann urrúsú ar risíochtaí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe. I gcás ina n-úsáidtear aonaid shinsearacha den sórt sin mar chomhthaobhacht, áiritheoidh an mhaoirseacht phoiblí speisialta chun sealbhóirí bannaí a chosaint mar a ndéantar foráil di in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE go mbeidh na sócmhainní a fholuíonn aonaid den sórt sin, aon tráth le linn dóibh a bheidh áirithe sa chomhthiomsú cumhdaigh, comhdhéanta de 90 % ar a laghad de mhorgáistí ar mhaoin thráchtála atá cónasctha le haon lian roimhe sin suas go dtí an méid is ísle as méideanna na bpríomhshuimeanna atá dlite faoi na haonaid, méideanna phríomhshuimeanna na lian, agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall, go gcáileoidh na haonaid do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo agus nach mó aonaid den sórt sin ná 10 % de mhéid ainmniúil na heisiúna gan íoc.

Tá iasachtaí arna n-urrú le maoin thráchtála dhochorraithe incháilithe i gcás ina ndéantar an cóimheas Iasachta/Luacha 60 % a shárú suas go dtí uasleibhéal 70 % más mó ná 10 % ar a laghad an sárú a dhéanann luach na sócmhainní iomlána atá curtha i ngeall mar chomhthaobhacht do na bannaí faoi chumhdach ar an méid ainmniúil gan íoc ar an mbanna faoi chumhdach, agus go gcomhlíonann éileamh na sealbhóirí bannaí na ceanglais maidir le deimhneacht dhlíthiúil atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh tús áite ag éileamh na sealbhóirí bannaí thar gach éileamh eile a dhéanfar ar an gcomhthaobhacht.

(g)

iasachtaí a urraítear le liain mhuirí ar longa suas go dtí an difríocht idir 60 % de luach na longa atá curtha i ngeall agus luach aon lian muirí a bhí ann roimhe sin.

Chun críocha phointí (c), (d)(ii) agus (f)(ii) den chéad fhomhír, ní bheidh ceangal na teorainneacha dá dtagraítear thuas a ríomh i gcás a tharla de dhroim tharchur agus bhainistiú íocaíochtaí na n-oibleagáideoirí i leith iasachtaí, nó de bharr fáltais leachtacha maidir le hiasachtaí, arna n-urrú le maoin na n-aonad sinsearach atá curtha i ngeall nó na n-urrús fiachais.

Féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, cur i bhfeidhm pointe (c) den chéad fhomhír a tharscaoileadh i bpáirt agus céim 2 den cháilíocht chreidmheasa a cheadú suas go dtí 10 % den risíocht iomlán ar mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna, ar an gcoinníoll gur féidir fadhbanna móra comhchruinnithe a d'fhéadfadh tarlú sna Ballstáit lena mbaineann a dhoiciméadú mar gheall ar fheidhmiú an cheanglais faoi bheart cáilíochta creidmheasa 1 dá dtagraítear sa phointe sin.

2.   Áireofar freisin sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(a) go (f) comhthaobhacht atá srianta go heisiach ag reachtaíocht chun sealbhóirí bannaí a chosaint i gcoinne caillteanas.

3.   Déanfaidh institiúidí, i gcás maoine dochorraithe a dhéanann bannaí faoi chumhdach a chomhthaobhú, na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1) a chomhlíonadh.

4.   I gcás bannaí faoi chumhdach a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 6a a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 6a

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

10 %

20 %

20 %

50 %

50 %

100 %

5.   I gcás bannaí faoi chumhdach nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh ar bhonn an ualaithe priacal a sannadh do risíochtaí neamhurraithe sinsearacha ar an institiúid a eisíonn iad. Beidh feidhm ag an gcomhfhreagairt seo a leanas idir ualaí priacal:

(a)

má dhéantar ualú priacal 20 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 10 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(b)

má dhéantar ualú priacal 50 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 20 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(c)

má dhéantar ualú priacal 100 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 50 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(d)

má dhéantar ualú priacal 150 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 100 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach.

6.   Níl bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 faoi réir ag ceanglais mhír 1 agus mhír 3. Tá siad incháilithe don láimhseáil fhabhrach faoi mhír 4 agus mhír 5 go dtí a n-aibíocht.

7.   Tá risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach incháilithe don láimhseáil fhabhrach, ar an gcoinníoll go mbeidh an institiúid a bhfuil infheistíocht á déanamh aici sna bannaí faoi chumhdach in ann an méid a leanas a léiriú do na húdaráis inniúla:

(a)

go bhfaigheann sí faisnéis punainne maidir leis an méid a leanas ar a laghad:

(i)

luach an chomhthiomsaithe chumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach gan íoc;

(ii)

dáileadh geografach agus cineál na sócmhainní cumhdaigh, méid na hiasachta, an ráta úis agus priacail airgeadra;

(iii)

struchtúr aibíochta na sócmhainní cumhdaigh agus na bannaí faoi chumhdach; agus

(iv)

céatadán na n-iasachtaí atá níos mó ná nócha lá thar téarma;

(b)

cuireann an t-eisitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil don institiúid ar a laghad dhá uair sa bhliain.

Airteagal 130

Ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe

Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i dtaca le suímh urrúsaithe a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 5.

Airteagal 131

Risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu

I gcás risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 7 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 7

Céim Cáilíochta Creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

50 %

100 %

150 %

150 %

150 %

Airteagal 132

Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna

1.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna mura gcuirfidh an institiúid an modh measúnaithe ar priacal creidmheasa faoi mhír 2, nó cur chuige na trédhearcachta faoi mhír 4 nó an cur chuige maidir le meánualú priacal faoi mhír 5 i bhfeidhm nuair a chomhlíontar na coinníollacha i mír 3.

2.   I gcás risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 8 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 8

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

50 %

100 %

100 %

150 %

150 %

3.   Féadfaidh institiúidí an t-ualú priacal a shannfar do GC a chinneadh i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, má chomhlíontar na critéir incháilitheachta seo a leanas:

(a)

is cuideachta atá faoi réir maoirseachta i mBallstát a dhéanann bainistiú ar an GC nó, i gcás GC i dtríú tír, nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

is cuideachta atá faoi réir maoirseachta a mheastar a bheith coibhéiseach leis an mhaoirseacht atá leagtha amach i ndlí an Aontais a dhéanann bainistiú ar an GC;

(ii)

áirithítear go bhfuil dóthain comhair ann idir údaráis inniúla;

(b)

beidh siad seo a leanas go léir le fáil i réamheolaire an GC nó i ndoiciméad coibhéiseach:

(i)

catagóirí na sócmhainní a bhfuil an GC údaraithe infheistíocht a dhéanamh iontu;

(ii)

na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;

(c)

tuairiscítear gnó an GC ar bhonn bliantúil ar a laghad ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar shócmhainní agus ar dhliteanais, agus ar ioncam agus ar oibríochtaí thar an tréimhse tuairiscithe.

Chun críocha phointe (a), féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir le risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna ó thríú tíortha i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla ábhartha mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

4.   I gcás inarb eol don institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC, féadfaidh sí na risíochtaí fholuiteacha sin a thrébhreathnú d'fhonn meánluach priacal a ríomh dá risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna sna GCanna i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo. I gcás gur risíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC eile a chomhlíonann critéir mhír 3 í risíocht fholuiteach an GC, féadfaidh an institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC eile sin a thrébhreathnú.

5.   I gcás nach eol d'institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC, féadfaidh sí meánluach priacal a ríomh dá risíochtaí i bhfoirm aonaid nó scaire sa GC i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo faoi réir an bhoinn tuisceana go ndéanfaidh an GC infheistíocht ar dtús, go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina shainordú, sna risíochtaí a mheallann an ceanglas caipitil is airde, agus go leanann sé ansin ag déanamh infheistíochtaí in ord íslitheach go dtí go mbainfear amach an uasteorainn infheistíochta iomlán.

Féadfaidh institiúidí a bheith ag brath ar na tríú páirtithe seo a leanas chun ualú priacal a ríomh agus a thuairisciú maidir leis an GC, i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i mír 4 agus mír 5:

(a)

institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanann sé gach urrús a chur i dtaisce ag an institiúid taisclainne sin nó san institiúid airgeadais;

(b)

i gcás GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 3.

Deimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 133

Risíochtaí ar chothromas

1.   Measfar gur risíochtaí ar chothromas iad na risíochtaí seo a leanas:

(a)

risíochtaí ar neamhfhiachas a chuireann fo-éileamh iarmharach in iúl ar shócmhainní nó ar ioncam an eisitheora;

(b)

risíochtaí ar fhiachas agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh, nó uirlisí eile, a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na risíochtaí atá sonraithe i bpointe (a).

2.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do risíochtaí ar chothromas, mura gceanglaítear iad a asbhaint i gcomhréir le Cuid a Dó, ualú priacal 250 % a shannadh dóibh i gcomhréir le hAirteagal 48(4), ualú priacal 1,250 % i gcomhréir le hAirteagal 89(3) nó déanfar iad a láimhseáil mar ítimí a bhfuil priacal fíor-ard ag baint leo i gcomhréir le hAirteagal 128.

3.   Déanfar infheistíochtaí in ionstraimí caipitil chothromais nó caipitil rialála arna n-eisiúint ag institiúidí a aicmiú mar éilimh iarmharacha, mura n-asbhaintear iad as cistí dílse nó má mheallann siad ualú priacal 250 % faoi Airteagal 48(4) nó má láimhseáiltear iad mar ítimí a bhfuil priacal fíor-ard ag baint leo i gcomhréir le hAirteagal 128.

Airteagal 134

Ítimí eile

1.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do shócmhainní inláimhsithe de réir bhrí Airteagal 4(10) de Threoir 86/635/CEE.

2.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do réamhíocaíochtaí agus d'ioncam fabhraithe nach bhfuil institiúid ábalta an contrapháirtí a chinneadh ina leith i gcomhréir le Treoir 86/635/CEE.

3.   Déanfar ualú priacal 20 % a shannadh d'ítimí airgid atá á gcruinniú. Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh d'airgead ar láimh agus d'ítimí airgid coibhéiseacha.

4.   Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh d'órbhuillean arna shealbhú ina bhoghtaí féin nó ar bhonn leithdháilte, sa mhéid is go bhfuil sé cumhdaithe ag dliteanais bhuillin.

5.   I gcás comhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh sócmhainne agus réamhcheannacháin glan amach, is é an t-ualú priacal a shannfar an t-ualú priacal sin a shannfar do na sócmhainní atá i gceist agus ní do na contrapháirtithe sna hidirbhearta.

6.   I gcás ina dtugann institiúid cosaint chreidmheasa do roinnt risíochtaí faoi théarmaí lena spreagfaidh an n-ú mainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht agus go ndéanfar an conradh a fhoirceannadh leis an teagmhas creidmheasa sin, agus i gcás ina bhfuil measúnú creidmheasa seachtrach ag an táirge ó IMCS, déanfar na hualaí priacal atá leagtha amach i gCaibidil 5 a shannadh. Mura bhfuil rátáil ag an táirge ó IMCS, déanfar comhiomlánú ar na hualaí priacal a áireofar sa bhascaed, cé is moite de risíochtaí n-1, suas go huasmhéid 1,250 % agus iolraithe faoi mhéid ainmniúil na cosanta arna soláthar ag an díorthach creidmheasa chun méid na sócmhainne a bheidh ualaithe ó thaobh priacal a fháil. Cinnfear na risíochtaí n-1 a eiseofar ón gcomhiomlánú ar an mbonn go gcuimseoidh siad na risíochtaí sin a dtáirgeann gach ceann acu méid risíochta níos ísle atá ualaithe ó thaobh priacal ná an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal d'aon cheann de na risíochtaí atá áirithe sa chomhiomlánú.

7.   Beidh luach na risíochta do léasanna cothrom leis na híocaíochtaí léasa íosta lascainithe. Is é a bheidh sna híocaíochtaí léasa íosta na híocaíochtaí thar an téarma léasa a cheanglaítear nó a cheanglófar ar an léasaí a dhéanamh agus aon céadrogha ar cheannach sladmhargaidh a bhfuil a fheidhmiú réasúnta cinnte. Féadfar a cheangal ar pháirtí seachas an léasaí íocaíocht a dhéanamh a bhaineann le luach iarmharach ar mhaoin léasaithe agus comhlíonann an oibleagáid íocaíochta sin an tsraith coinníollacha in Airteagal 201 maidir le hincháilitheacht soláthraithe cosanta chomh maith leis na ceanglais chun cineálacha eile ráthaíochtaí a aithint dá bhforáiltear in Airteagail 213 go 215, agus féadfar an oibleagáid íocaíochta sin a chur san áireamh mar chosaint neamhchistithe creidmheasa faoi Chaibidil 4. Déanfar na risíochtaí sin a shannadh don aicme risíochta iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 112. Nuair is luach iarmharach de shócmhainní léasaithe í an risíocht, déanfar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh mar seo a leanas: 1/t * 100 % * an luach iarmharach, i gcás ina bhfuil t ar an méid is airde idir 1 agus an líon is gaire de bhlianta iomlána atá fágtha sa léas.

Roinn 3

Measúnú priacal creidmheasa a aithint agus a mhapáil

Foroinn 1

Imcsanna a aithint

Airteagal 135

Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna

1.   Féadfar measúnú creidmheasa seachtrach a úsáid chun an t-ualú priacal a bheidh ar risíocht a chinneadh faoin gCaibidil seo ach amháin má d'eisigh IMCS é nó má tá sé formhuinithe ag IMCS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

2.   Foilseoidh ÚBE liosta na IMCSanna ar a láithreán gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus le hAirteagal 18(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

Foroinn 2

Measúnaithe creidmheasa an imcs a mhapáil

Airteagal 136

Measúnuithe creidmheasa an IMCS a mhapáil

1.   Forbróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme le go sonrófar maidir le gach IMCS cé na bearta cáilíochta creidmheasa atá leagtha amach i Roinn 2 lena gcomhfhreagraíonn measúnuithe creidmheasa ábhartha an IMCS (‧mapáil‧). Beidh na cinntí sin oibiachtúil agus comhsheasmhach.

Cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014 agus cuirfidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin más gá.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.

2.   Nuair a bheidh mapáil na measúnuithe creidmheasa á cinneadh, comhlíonfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na ceanglais seo a leanas:

(a)

d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta priacal a dhéantar le gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cainníochtúla a mheas amhail an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim a sanntar an measúnú creidmheasa céanna orthu. I gcás IMCSanna a bunaíodh le déanaí agus i gcás na IMCSanna sin nár thiomsaigh ach taifead gearr de shonraí mainneachtana, fiafróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM den IMCS cad a chreideann sé an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim ar a sanntar an measúnú creidmheasa céanna a bheith;

(b)

d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta priacal arna sloinneadh ag gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cailíochtúla a mheas amhail an comhthiomsú eisitheoirí arna chumhdach ag an IMCS, raon na measúnuithe creidmheasa arna sannadh ag an IMCS, an bhrí atá le gach measúnú creidmheasa agus an sainmhíniú a thugann an IMCS ar mhainneachtain;

(c)

cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar gach measúnú creidmheasa IMCS áirithe i gcomparáid le tagarmharc atá tógtha ar bhonn na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ag IMCSanna eile maidir le líon eisitheoirí a léiríonn leibhéal coibhéiseach priacal creidmheasa;

(d)

i gcás ina bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa IMCS áirithe níos airde ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM céim cáilíochta creidmheasa níos airde sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa a shannadh do mheasúnú creidmheasa an IMCS;

(e)

i gcás ina bhfuil an t-ualú priacal gaolmhar ardaithe ag ÚBE, ag UAPGE agus ag ÚEUM do mheasúnú creidmheasa sonrach IMCS áirithe, agus i gcás nach bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa an IMCS sin níos airde a thuilleadh ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, féadfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM an chéim cáilíochta creidmheasa bhunaidh a chur ar ais sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa do mheasúnú creidmheasa an IMCS.

3.   Forbróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na fachtóirí cainníochtúla dá dtagraítear i bpointe (a), na fachtóirí cailíochtúla dá dtagraítear i bpointe (b) agus an tagarmharc dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a shonrú.

Cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.

Foroinn 3

Measúnuithe creidmheasa ó ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin a úsáid

Airteagal 137

Measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin a úsáid

1.   Chun críocha Airteagal 114, féadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a d'ainmnigh an institiúid a úsáid, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is scór priacal na coitiantachta é ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin atá rannpháirteach sa ‧Socrú maidir le Treoirlínte do Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin a Fhaigheann Tacaíocht Oifigiúil‧ de chuid an ECFE;

(b)

foilsíonn an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a measúnuithe creidmheasa, agus glacann an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE, agus tá baint ag an measúnú creidmheasa le ceann de na hocht íosphréimheanna árachais onnmhairiúcháin a bhunaítear le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú.

2.   I gcás risíochtaí a n-aithnítear measúnú creidmheasa ó Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin ina leith chun críocha ualaithe priacal, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 9.

Tábla 9

MEIP

0

1

2

3

4

5

6

7

Ualú priacal

0 %

0 %

20 %

50 %

100 %

100 %

100 %

150 %

Roinn 4

Measúnuithe creidmheasa an imcs a úsáid chun ualú priacal a chinneadh

Airteagal 138

Ceanglais ghinearálta

Féadfaidh institiúid IMCS amháin nó níos mó a ainmniú a úsáidfear chun ualú priacal a bheidh le sannadh d'ítimí sócmhainne agus d'ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a chinneadh. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú. Ní úsáidfear na measúnuithe creidmheasa ar bhonn roghnaitheach. Úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa atá iarrtha. Ní fhéadfaidh sí measúnuithe creidmheasa gan iarraidh a úsáid, áfach, ach amháin má tá sé deimhnithe ag ÚBE nach bhfuil difríocht ó thaobh cáilíochta idir measúnuithe creidmheasa gan iarraidh de IMCS agus measúnuithe creidmheasa den IMCS sin atá iarrtha. Diúltóidh ÚBE nó cúlghairfidh sé an deimhniú sin go háirithe má tá measúnú creidmheasa gan iarraidh úsáidte ag an IMCS chun brú a chur ar an eintiteas rátáilte ord a chur isteach le haghaidh measúnaithe creidmheasa nó seirbhísí eile. Agus measúnú creidmheasa á úsáid, comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas:

(a)

maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid d'aicme áirithe ítimí, úsáidfidh sí na measúnuithe creidmheasa sin ar bhonn comhsheasmhach maidir leis na risíochtaí go léir atá san aicme sin;

(b)

maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid, úsáidfidh sí iad ar bhealach leanúnach agus comhsheasmhach le himeacht ama;

(c)

ní úsáidfidh institiúid ach measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS ina gcuirtear san áireamh na méideanna go léir, i bhfoirm príomhshuime agus úis, atá dlite di;

(d)

i gcás nach bhfuil ach measúnú creidmheasa amháin ar fáil ó IMCS ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin chun an t-ualú priacal don ítim sin a chinneadh;

(e)

i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ar fáil ó IMCSanna ainmnithe agus go gcomhfhreagraíonn an dá cheann d'ualú priacal éagsúil le haghaidh ítime rátáilte, déanfar an t-ualú priacal is airde a shannadh;

(f)

i gcás ina bhfuil níos mó ná dhá mheasúnú creidmheasa ar fáil ó IMCSanna ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, tagrófar don dá mheasúnú a ghineann an dá ualú priacal is ísle. Má tá an dá ualú priacal is ísle éagsúil, déanfar an t-ualú priacal is airde díobh a shannadh. Más ionann an dá ualú priacal is ísle, déanfar an t-ualú priacal sin a shannadh.

Airteagal 139

Measúnú creidmheasa an eisitheora agus na heisiúna

1.   I gcás ina bhfuil measúnú creidmheasa ann a bhaineann le clár sonrach nó le saoráid shonrach eisiúna ar leis nó léi an ítim arb í an risíocht í, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin chun an t-ualú priacal a shannfar don ítim sin a chinneadh.

2.   I gcás nach bhfuil aon mheasúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach ann a bhaineann le hítim áirithe, ach go bhfuil measúnú creidmheasa ann a bhaineann le clár sonrach nó le saoráid shonrach eisiúna nach leis nó léi an ítim arb í an risíocht í nó go bhfuil measúnú ginearálta creidmheasa ann a bhaineann leis an eisitheoir, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

léiríonn sé ualú priacal níos airde ná mar a bheadh amhlaidh thairis sin agus rangaítear an risíocht atá i gceist ar chomhchéim nó ar chéim níos sóisearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le risíochtaí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is iomchuí;

(b)

léiríonn sé ualú priacal níos ísle agus rangaítear an risíocht atá i gceist ar chomhchéim nó ar chéim níos sinsearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le risíochtaí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is iomchuí.

I ngach cás eile, láimhseálfar an risíocht mar risíocht gan rátáil.

3.   Níl sé i gceist le mír 1 agus mír 2 cur chun feidhme Airteagal 129 a chosc.

4.   Ní féidir measúnuithe creidmheasa a bhaineann le heisitheoirí laistigh de ghrúpa corparáideach a úsáid mar mheasúnú creidmheasa ar eisitheoir eile laistigh den ghrúpa corparáideach céanna.

Airteagal 140

Measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha agus gearrthéarmacha

1.   Ní fhéadfar measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha a úsáid ach le haghaidh ítimí sócmhainne gearrthéarmaí agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ar risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí iad.

2.   Ní bheidh feidhm ag aon mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach ach amháin maidir leis an ítim a dtagraíonn an measúnú creidmheasa gearrthéarmach dó, agus ní úsáidfear é chun ualú priacal a dhíorthú maidir le hítim eile, cé is moite de na cásanna seo a leanas:

(a)

má dhéantar ualú priacal 150 % a shannadh do shaoráid rátáilte ghearrthéarmach, déanfar ualú priacal 150 % a shannadh freisin do gach risíocht neamhurraithe gan rátáil maidir leis an oibleagáideoir sin, bíodh siad gearrthéarmach nó fadtéarmach;

(b)

má dhéantar ualú priacal 50 % a shannadh do shaoráid rátáilte ghearrthéarmach, ní dhéanfar ualú priacal níos ísle ná 100 % a shannadh d'aon risíocht ghearrthéarmach gan rátáil.

Airteagal 141

Ítimí airgeadra intíre agus eachtraigh

Ní féidir measúnú creidmheasa a thagraíonn d'ítim atá ainmnithe in airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid chun ualú priacal a dhíorthú do risíocht eile maidir leis an oibleagáideoir céanna sin atá ainmnithe in airgeadra eachtrach.

Nuair a thagann risíocht chun cinn trí rannpháirtíocht institiúide in iasacht arna shíneadh ag banc forbartha iltaobhach a n-aithnítear a stádas mar chreidiúnaí tosaíochta sa mhargadh, féadfar an measúnú creidmheasa ar ítim airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid ar mhaithe le hualú ó thaobh priacal a dhéanamh.

CAIBIDIL 3

Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha

Roinn 1

Cead ó údaráis inniúla an cur chuige irb a úsáid

Airteagal 142

Sainmhínithe

1.   Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‧córas rátála‧ gach modh, próiseas, rialuithe, córas bailiúcháin sonraí agus TF a thacaíonn le priacal creidmheasa a mheasúnú, risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe rátála, agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanais a forbraíodh le haghaidh cineálacha áirithe risíochtaí a chainníochtú;

(2)

ciallaíonn cineál risíochtaí' grúpa risíochtaí arna mbainistiú go haonchineálach agus atá foirmithe ag cineál áirithe saoráidí agus a fhéadfaidh a bheith teoranta d'eintiteas amháin nó d'fho-fhoireann aonair eintiteas laistigh de ghrúpa ar an gcoinníoll go ndéantar bainistiú éagsúil ar an gcineál céanna risíochtaí in eintitis eile den ghrúpa;

(3)

ciallaíonn ‧aonad gnó‧ aon eintiteas eagraíochtúil nó dlíthiúil faoi leith, réimeanna gnó, suímh thíreolaíocha

(4)

ciallaíonn ‧mór-eintiteas earnála airgeadais‧ aon eintiteas earnála airgeadais, seachas na heintitis sin dá dtagraítear i bpointe (27)(j) d'Airteagal 4(1) a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ar mó ná, nó cothrom leis, an tairseach EUR 70 billiún iomlán a chuid sócmhainní, a ríomhtar ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, agus leas á bhaint as an ráiteas airgeadais iniúchta is déanaí nó as an ráiteas airgeadais chomhdhlúite d'fhonn méid na sócmhainne a chinneadh; agus

(b)

tá an t-eintiteas féin nó ceann dá fhochuideachtaí faoi réir rialála stuamachta san Aontas nó faoi réir dhlíthe tríú tíre a chuireann ceanglais faireacháin agus rialála stuamachta i bhfeidhm, a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas;

(5)

ciallaíonn ‧eintiteas airgeadais neamhrialáilte‧ aon eintiteas eile nach eintiteas earnála airgeadais rialáilte é ach a dhéanann, mar phríomhghnó dá chuid, ceann nó níos mó de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;

(6)

ciallaíonn 'grád oibleagáideora catagóir priacal laistigh de scála rátála oibleagáideora de chóras rátála, a sanntar d'oibleagáideoirí ar bhonn sraith critéar rátála sonrach agus sainiúil, óna ndíorthaítear meastacháin ar dhóchúlacht mainneachtana (PD);

(7)

ciallaíonn ‧grád saoráide‧ catagóir priacal laistigh den scála saoráide atá ag córas rátála, a sanntar risíochtaí dó ar bhonn sraith critéar rátála sonrach agus sainiúil, óna ndíorthaítear meastacháin dhílse ar LGDanna;

(8)

ciallaíonn ‧seirbhíseoir‧ eintiteas a bhainistíonn comhthiomsú d'earraí infhaighte ceannaithe nó na risíochtaí creidmheasa foluiteacha ar bhonn laethúil.

2.   Chun críocha mhír 1(4)(b) den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airtegal 447(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, go dtí an 1 Eanáir 2014, féadfaidh institiúidí an láimhseáil atá leagtha amach sa mhír sin a chur i bhfeidhm maidir le tríú tír i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 143

Cead chun an Cur Chuige IRB a úsáid

1.   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo, tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúidí an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (dá ngairtear ‧Cur Chuige IRB‧ anseo feasta) a úsáid chun a gcuid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh.

2.   Beidh gá cead a iarraidh roimh ré chun an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGDannaagus beidh gá le fachtóirí coinbhéartachta do gach aicme risíochta agus do gach córas rátála, modhanna na samhla inmheánaí i dtaca le risíochtaí ar chothromas agus do gach cur chuige maidir le meastachán a thabhairt ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta.

3.   Gheobhaidh institiúidí cead na n-údarás inniúil dóibh seo a leanas roimh ré:

(a)

athruithe ábharacha ar raon feidhme córais rátála nó mhodh na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas a bhfuair an institiúid cead a úsáid;

(b)

athruithe ábhartha ar chóras rátála nó ar mhodh na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas a bhfuair an institiúid cead a úsáid.

Beidh raon feidhme córais rátála comhdhéanta de na risíochtaí go léir den cineál ábhartha risíochta ar forbraíodh an córas rátála sin lena aghaidh.

4.   Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla maidir le gach athrú ar na córais rátála agus ar chineálacha modhanna na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas.

5.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht úsáid córais rátála atá ann cheana féin le haghaidh risíochtaí breise eile nach bhfuil cumhdaithe cheana faoin gcóras rátála sin agus athruithe ar chórais rátála nó ar bhealaí cur chuige na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas faoin gCur Chuige IRB.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 144

Measúnú na n-údarás inniúil ar iarratas chun an Cur Chuige IRB a úsáid

1.   Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid, de bhun Airteagal 143, an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ach amháin má tá an t-údarás inniúil sásta gur comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa Chaibidil seo, go háirithe na ceanglais sin a leagadh síos i Roinn 6, agus go bhfuil córais na hinstitiúide chun risíochtaí ar priacal creidmheasa a bhainistiú agus a rátáil fónta agus curtha chun feidhme ina n-iomláine agus, go háirithe, gur léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil gur comhlíonadh na caighdeáin seo a leanas:

(a)

tugann córais rátála na hinstitiúide deis measúnú fóinteach a dhéanamh ar thréithe an oibleagáideora agus na n-idirbheart, idirdhealú fóinteach a dhéanamh ar priacal agus meastacháin bheachta agus chomhsheasmhacha chainníochtúla a dhéanamh ar priacal;

(b)

tá rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas, a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse agus córais agus próisis ghaolmhara a ríomh, fíor-riachtanach don phróiseas bainistíochta priacal agus cinnteoireachta, agus d'fheidhmeanna na hinstitiúide a bhaineann le formheas creidmheasa, leithdháileadh caipitil inmheánaigh agus rialachas corparáideach;

(c)

tá aonad rialaithe priacal creidmheasa san institiúid atá freagrach as córais rátála na hinstitiúide agus atá neamhspleách go hiomchuí agus saor ó thionchar míchuí;

(d)

bailíonn agus stórálann an institiúid na sonraí ábhartha go léir chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt dá próiseas chun priacal creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú;

(e)

déanann an institiúid doiciméadú ar a córais rátála agus ar an réasúnaíocht a bhaineann lena ndearadh agus déanann sí bailíochtú ar a córais rátála;

(f)

rinne an institiúid bailíochtú ar gach córas rátála agus ar gach modh na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas i dtréimhse ama iomchuí sula bhfaighidh sí cead an córas rátála sin nó modh na samhlacha inmheánacha a úsáid i gcás risíochtaí ar chothromas, rinne sí measúnú le linn na tréimhse sin féachaint an oireann an córas rátála nó modhanna na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas do raon feidhme an chórais rátála nó modha na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas, agus, bunaithe ar an measúnú a rinne sí, rinne sí athruithe is gá ar na córais rátála sin nó ar mhodhanna sin na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas;

(g)

rinne an institiúid na ceanglais cistí dílse a thig óna cuid meastachán ar pharaiméadair priacal a ríomh faoin gCur Chuige IRB agus tá sí in ann an tuairisciú a cheanglaítear le hAirteagal 99 a chur isteach;

(h)

tá an institiúid tar éis gach risíocht a shannadh, agus leanfaidh sé den sannadh sin, i réimse chur i bhfeidhm córais rátála maidir le grád rátála nó comhthiomsú an chórais rátála seo; tá an institiúid tar éis gach risíocht a shannadh agus leanfaidh sé den sannadh sin i réimse chur i bhfeidhm an chur chuige do risíochtaí cothromais maidir le cur chuige na samhlacha inmheánacha seo.

Tá feidhm freisin leis na ceanglais chun an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta, i gcás inar chuir institiúid córas rátála, nó samhail arna húsáid laistigh de chóras rátála, a cheannaigh sí ó dhíoltóir tríú-páirtí, i bhfeidhm.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht mheasúnaithe a shonrú a mbeidh ar na údaráis inniúla a leanúint chun measúnú a dhéanamh féachaint ar chomhlíon institiúid na ceanglais chun an Cur Chuige IRB a úsáid.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 145

Taithí roimhe seo maidir le cur chuige IRB a úsáid

1.   Institiúid a dhéanfaidh iarratas ar an gCur Chuige IRB a úsáid, beidh córais rátála i gcás na n-aicmí risíochta IRB atá i gceist in úsáid aici cheana féin a bhí i gcomhréir tríd is tríd leis na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6 ar mhaithe le priacal inmheánach a thomhas agus a bhainistiú ar feadh trí bliana ar a laghad sular cháiligh sí chun an Cur Chuige IRB a úsáid.

2.   Institiúid a dhéanfaidh iarratas ar a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, léireoidh sí chun sástachta na n-údarás inniúil go raibh sí i mbun a cuid meastachán féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a mheas agus a úsáid ar bhealach a bhí comhsheasmhach tríd is tríd leis na ceanglais maidir le meastacháin féin na bparaiméadar sin atá leagtha amach i Roinn 6 a úsáid le trí bliana ar a laghad sular cháiligh sí chun a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid.

3.   I gcás ina sínfidh an institiúid úsáid an Chur Chuige IRB i ndiaidh an chéad chead a bheith faighte aici, is leor taithí na hinstitiúide chun ceanglais mhír 1 agus mhír 2 a chomhlíonadh maidir leis na risíochtaí breise a chumhdaítear. Má shíntear úsáid na gcóras rátála chuig risíochtaí atá an-éagsúil ó raon feidhme an chumhdaigh atá ann cheana, amhail is nach féidir glacadh leis go réasúnach gur leor í an taithí chun ceanglais na bhforálacha seo maidir leis na risíochtaí breise a chomhlíonadh, beidh feidhm ar leithligh ag ceanglais mhír 1 agus mhír 2 maidir leis na risíochtaí breise.

Airteagal 146

Bearta a ghlacfar i gcás ina scoirfear de bheith ag comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo

I gcás ina scoireann institiúid de chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa Roinn seo, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil agus déanfaidh sí ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

tíolacfaidh sí plean chun sástacht an údaráis inniúil ionas go gcomhlíonfar na ceanglais arís go tráthúil agus bainfidh sí amach an plean sin laistigh de thréimhse ama a chomhaontóidh an t-údarás inniúil;

(b)

taispeánfaidh sí chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil éifeacht an neamhchomhlíonta neamhábhartha.

Airteagal 147

Modheolaíocht chun risíocht a shannadh d'aicmí risíochta

1.   Beidh an mhodheolaíocht a úsáidfidh an institiúid chun risíochtaí a shannadh d'aicmí risíochta éagsúla iomchuí agus comhsheasmhach le himeacht ama.

2.   Déanfar gach risíocht a shannadh do cheann de na haicmí risíochta seo a leanas:

(a)

risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais;

(b)

risíochtaí ar institiúidí;

(c)

risíochtaí ar chorparáidí;

(d)

risíochtaí ar mhiondíol;

(e)

risíochtaí ar chothromas;

(f)

ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe;

(g)

sócmhainní eile oibleagáide neamhchreidmheasa.

3.   Déanfar na risíochtaí seo a leanas a shannadh don aicme atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 2:

(a)

risíochtaí ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla nó ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir faoi Airteagal 115 agus Airteagal 116.

(b)

risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2);

(c)

risíochtaí ar Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 118, a mheallann ualú priacal 0 % faoi na hAirteagail sin.

4.   Déanfar na risíochtaí seo a leanas a shannadh don aicme atá leagtha amach i bpointe (b) de mhír 2:

(a)

risíochtaí ar rialtais réigiúnacha agus ar údaráis áitiúla nach láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2) agus (4);

(b)

risíochtaí ar Eintitis san Earnáil Phoiblí nach láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4);

(c)

risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha nach sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117; agus

(d)

risíochtaí ar institiúidí airgeadais a láimhseáiltear mar risíochtaí ar institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 119(5).

5.   Le bheith incháilithe d'aicme na risíochtaí ar mhiondíol atá leagtha amach i bpointe (d) de mhír 2, comhlíonfaidh risíochtaí na critéir seo a leanas:

(a)

beidh ceann díobh seo a leanas i gceist leo:

(i)

risíochtaí ar dhuine nádúrtha amháin nó níos mó;

(ii)

risíochtaí ar FBM, ar an gcoinníoll sa chás sin nach sáróidh an méid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus a fochuideachtaí, lena n-áirítear aon risíocht atá thar téarma, ag an oibleagáideoir cliant nó ag an ngrúpa cliant nasctha, gan risíochtaí atá urraithe ar chomhthaobhacht a bhaineann le maoin chónaithe a áireamh, a mhéid is feasach don institiúid, a rinne bearta réasúnta chun an cás a dheimhniú, EUR 1 milliún;

(b)

déanann an institiúid iad a láimhseáil sa bhainistíocht priacal a bhíonn ar bun aici agus déantar é sin go comhsheasmhach le himeacht ama agus ar bhealach dá samhail;

(c)

ní dhéantar bainistiú orthu chomh haonair is a dhéantar ar risíochtaí in aicme na risíochtaí ar chorparáidí;

(d)

tá gach ceann in ionannas le ceann as líon suntasach risíochtaí a bhainistítear ar an gcaoi chéanna.

Anuas ar na risíochtaí atá liostaithe sa chéad fhomhír, áireofar luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol in aicme na risíochtaí ar mhiondíol.

6.   Déanfar na risíochtaí seo a leanas a shannadh d'aicme na risíochtaí ar chothromas atá leagtha amach i bpointe (e) de mhír 2;

(a)

risíochtaí ar neamhfhiachas a chuireann fo-éileamh iarmharach in iúl ar shócmhainní nó ar ioncam an eisitheora;

(b)

risíochtaí ar fhiachas agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh, nó uirlisí eile, a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na risíochtaí atá sonraithe i bpointe (a).

7.   Maidir le haon hoibleagáid chreidmheasa nach bhfuil sannta do na haicmí risíochta atá leagtha amach i bpointí (a), (b), (d), (e) agus (f) de mhír 2, déanfar iad a shannadh d'aicme na risíochtaí ar chorparáidí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin.

8.   Laistigh d'aicme na risíochtaí ar chorparáidí atá leagtha amach i bpointe (c) de mhír 2, déanfaidh institiúidí risíochtaí a bhfuil na tréithe seo a leanas acu a aithint ar leithligh mar risíochtaí ar iasachtú speisialaithe:

(a)

is risíocht ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun sócmhainní fisiciúla a mhaoiniú nó a oibriú atá i gceist nó is risíocht í atá inchomparáide go heacnamaíoch;

(b)

tugann na socruithe conarthacha roinnt mhaith rialaithe don iasachtóir ar na sócmhainní agus ar an ioncam a ghintear leo;

(c)

is é príomhfhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide an t-ioncam a ghintear leis na sócmhainní a bheith maoinithe, seachas an cumas neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne.

9.   Déanfar luach iarmharach na maoine léasaithe a shannadh don aicme risíochta atá leagtha amach i bpointe (g) de mhír 2, cé is moite a mhéid is atá luach iarmharach ar áireamh cheana féin sa risíocht ar léas atá leagtha amach in Airteagal 166(4).

10.   Déanfar an risíocht ar chosaint a sholáthar faoin díorthach creidmheasa bascaeid don n-ú mainneachtain a shannadh don aicme chéanna a leagtar síos i mír 2, a shannfaí na risíochtaí sa bhascaed dóibh, ach amháin dá sannfaí na risíochtaí aonair sa bhascaed d'aicmí áirithe risíochtaí agus go sannfaí an risíocht sa chás sin do na haicmí risíochta corparáidí a leagtar síos i bpointe (c) de mhír 2.

Airteagal 148

Coinníollacha maidir leis an gCur Chuige IRB a chur chun feidhme thar aicmí éagsúla risíochta agus aonad gnó

1.   Cuirfidh institiúidí agus aon mháthairghnóthas agus a fochuideachtaí an Cur Chuige IRB chun feidhme maidir le gach risíocht, mura bhfuair siad cead ó na húdaráis inniúla an Cur Chuige Caighdeánaithe a úsáid go buan i gcomhréir le hAirteagal 150.

Faoi réir réamhchead na n-údarás inniúil, féadfar an cur chun feidhme a dhéanamh go seicheamhach feadh na n-aicmí éagsúla risíochta, dá dtagraítear in Airteagal 147, laistigh den aonad gnó céanna, feadh aonad éagsúil gnó sa ghrúpa céanna nó ar mhaithe lena meastacháin féin ar LGDanna nó fachtóirí coinbhéartachta a úsáid chun ualaí priacal a ríomh le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, risíochtaí ar institiúidí, agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais.

I gcás aicme na risíochtaí ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(5), féadfar an cur chun feidhme a dhéanamh go seicheamhach feadh na gcatagóirí risíochtaí lena gcomhfhreagraíonn an comhghaol éagsúil in Airteagal 154.

2.   Cinnfidh na húdaráis inniúla an tréimhse ama a cheanglófar ar institiúid agus ar aon mháthairghnóthas agus a fochuideachtaí an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme maidir le gach risíocht. Beidh an tréimhse ama seo ar cheann a mheasann na húdaráis inniúla gur tréimhse iomchuí í ar bhonn chineál agus scála ghníomhaíochtaí na n-institiúidí, nó aon mháthairghnóthas agus a fochuideachtaí, agus líon agus chineál na gcóras rátála a chuirfear chun feidhme.

3.   Déanfaidh institiúidí an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme de réir na gcoinníollacha arna gcinneadh ag na húdaráis inniúla. Leagfaidh an t-údarás inniúil amach na coinníollacha sin amhail is go n-áirithíonn siad nach n-úsáidfear go roghnaitheach an tsolúbthacht faoi mhír 1 ar mhaithe le ceanglais cistí dílse laghdaithe a bhaint amach maidir leis na haicmí risíochta sin nó na haonaid ghnó atá le cur san áireamh fós sa Chur Chuige IRB nó chun a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid.

4.   Institiúidí a thosaigh ag úsáid an Cur Chuige IRB tar éis an 1 Eanáir 2013 amháin nó institiúidí a cheanglaíonn na húdaráis inniúla orthu a bheith in ann a gceanglais chapitil a ríomh tríd an gCur Chuige Caighdeánaithe a úsáid go dtí an dáta sin, coinneoidh siad an cumas atá acu ceanglais cistí dílse a ríomh ag úsáid an Cur Chuige Caighdeánaithe i gcás a risíochtaí go léir le linn na tréimhse cur chun feidhme go dtí go dtabharfaidh na húdaráis inniúla fógra dóibh go bhfuil siad sásta go ndéanfar cur chun feidhme an Chur Chuige IRB a chríochnú le cinnteacht réasúnta.

5.   Institiúid a gceadófar di an Cur Chuige IRB a úsáid i gcás aon aicme risíochta, úsáidfidh sí an Cur Chuige IRB d'aicme na risíochtaí ar chothromas atá leagtha síos in Airteagal 147(2)(e), seachas nuair a thugtar cead don institiúid sin an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chothromas de bhun Airteagal 150 agus d'aicme na risíochtaí ar shócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad atá leagtha síos in Airteagal 147(2)(g).

6.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a chinnfidh údaráis inniúla cineál agus uainiú iomchuí an rolláil amach sheicheamhach nó an Chur Chuige IRB trasna aicmí na risíochtaí dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 149

Coinníollacha chun filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna a úsáid

1.   Institiúid atá ag úsáid an Cur Chuige IRB le haghaidh aicme risíochtaí nó chineál risíochta ar leith, ní stadfaidh sí den chur chuige sin a úsáid agus an gCur Chuige Caighdeánaithe a úsáid ina ionad chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé léirithe ag an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil nach bhfuil sé beartaithe an Cur Chuige Caighdéanaithe a úsáid d'fhonn ceanglais chistí dílse na hinstitiúide a laghdú, go bhfuil sé riachtanach ar bhonn chineál agus chastacht na risíochtaí ar fad den chineál sin atá ag an institiúid agus nach mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aige ar shócmhainneacht na hinstitiúide ná ar an gcumas atá inti priacal a bhainistiú go héifeachtach;

(b)

fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.

2.   Maidir le hinstitiúidí a fuair cead faoi Airteagal 151(9) chun a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ní fhillfidh siad ar luachanna LGD agus fachtóirí coinbhéartachta dá dtagraítear in Airteagal 151(8) a úsáid, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil nach bhfuil sé i gceist na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta atá leagtha amach in Airteagal 151(8) le haghaidh aicme risíochtaí nó cineál risíochta ar leith a úsáid d'fhonn ceanglas cistí dílse na hinstitiúide a laghdú amháin, go bhfuil sé riachtanach ar bhonn chineál agus chastacht na risíochtaí ar fad den chineál sin atá ag an institiúid agus nach mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aige ar shócmhainneacht na hinstitiúide ná ar an gcumas atá inti priacal a bhainistiú go héifeachtach;

(b)

fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.

3.   Tá cur chun feidhme mhír 1 agus mhír 2 faoi réir na gcoinníollacha maidir leis an gCur Chuige IRB arna chinneadh ag na húdaráis inniúla a rolladh amach i gcomhréir le hAirteagal 148 agus an cead maidir le páirtúsáid bhuan dá dtagraítear in Airteagal 150.

Airteagal 150

Coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan

1.   I gcás ina bhfuair institiúidí cead roimh ré ó na húdaráis inniúla, féadfaidh institiúidí a bhfuil cead faighte acu an Cur Chuige IRB a úsáid chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh d'aicme risíochta amháin nó níos mó a ríomh, féadfaidh siad an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí seo a leanas:

(a)

an aicme risíochta atá leagtha amach in Airteagal 147(2)(a), i gcás ina bhfuil teorainn le líon na gcontrapháirtithe ábhartha agus go mbeadh sé ródhian ar an institiúid córas rátála a chur chun feidhme do na contrapháirtithe sin;

(b)

an aicme risíochta atá leagtha amach in Airteagal 147(2)(b), i gcás ina bhfuil teorainn le líon na gcontrapháirtithe ábhartha agus go mbeadh sé ródhian ar an institiúid córas rátála a chur chun feidhme do na contrapháirtithe sin;

(c)

risíochtaí in aonaid ghnó nach bhfuil tábhachtach chomh maith le haicmí risíochta nó cineálacha risíochtaí atá neamhábhartha ó thaobh méide agus na próifíle priacal a bhraitear leo;

(d)

risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát agus a gcuid rialtas réigiúnach, údarás áitiúil, comhlachtaí riaracháin agus a n-eintitis san earnáil phoiblí ar an gcoinníoll:

(i)

nach bhfuil aon difríocht ó thaobh priacal idir na risíochtaí ar an rialtas láir sin agus ar na bainc cheannais agus na risíochtaí eile sin i ngeall ar shocruithe poiblí sonracha, agus

(ii)

go ndéantar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar an rialtas láir agus ar an mbanc ceannais faoi Airteagal 114(2), Airteagal 114(4) nó Airteagal 114(5);

(e)

risíochtaí institiúide ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachtaí nó fochuideachta a máthairghnóthais é ar an gcoinníoll gurb é atá sa chontrapháirtí ná institiúid nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha, institiúid airgeadais, cuideachta bhainistíochta sócmhainní nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá faoi réir ag ceanglais stuamachta iomchuí nó gnóthas atá nasctha trí ghaolmhaireacht de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE;

(f)

risíochtaí idir institiúidí a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 113(7);

(g)

risíochtaí cothromais ar eintitis a sanntar ualú priacal 0 % ar a gcuid oibleagáidí creidmheasa faoi Chaibidil 2 lena n-áirítear na heintitis sin atá urraithe go poiblí áit is féidir ualú priacal 0 % a chur i bhfeidhm;

(h)

risíochtaí ar chothromas arna dtabhú faoi chláir reachtacha chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a chur chun cinn a sholáthraíonn fóirdheontais mhóra le hinfheistiú don institiúid agus lena mbaineann roinnt formhaoirseachta agus srianta a chuireann an rialtas ar na hinfheistíochtaí cothromais áit a bhféadfaí risíochtaí den sórt sin a eisiamh, i bhfoirm chomhiomlán, ón gCur Chuige IRB suas go dtí teorainn 10 % de chistí dílse amháin;

(i)

risíochtaí a aithníodh in Airteagal 119(4) a chomhlíonann na coinníollacha atá sonraithe ann;

(j)

ráthaíochtaí Stáit agus ráthaíochtaí ath-árachaithe Stáit dá dtagraítear in Airteagal 215(2).

Ceadóidh na húdaráis inniúla an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chothromas dá dtagraítear i bpointí (g) agus (h) den chéad fhomhír a ceadaíodh a láimhseáil mar sin i mBallstáit eile. Déanfaidh ÚBE liosta ina bhfuil na risíochtaí dá dtagraítear sna pointí sin agus atá le láimhseáil i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus a nuashonrú go rialta.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh ábharthacht ag baint le haicme na risíochtaí ar chothromas a bheidh ag institiúid más mó a luach comhiomlán, gan risíochtaí ar chothromas arna dtabhú faoi chláir reachtacha dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 a áireamh, ar an meán thar an mbliain roimhe sin ná 10 % de chistí dílse na hinstitiúide. I gcás ina bhfuil líon na risíochtaí sin ar chothromas níos ísle ná 10 sealúchas aonair, beidh an tairseach sin ionann le 5 % de chistí dílse na hinstitiúide.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha maidir le pointí (a), (b) agus (c) de mhír 1 a chur i bhfeidhm a chinneadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.   Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le cur chun feidhme phointe (d) de mhír 1 in 2018, ina molfar teorainneacha i dtéarmaí céatadán den chlár comhardaithe iomlán agus/nó sócmhainní ualaithe ó thaobh priacal atá le ríomh i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe.

Glacfar leis na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Roinn 2

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh

Foroinn 1

Láimhseáil de réir aicme risíochta

Airteagal 151

Láimhseáil de réir aicme risíochta

1.   Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal creidmheasa ar risíochtaí atá i gceann de na haicmí risíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) agus (g) d'Airteagal 147(2), mura n-asbhaintear iad as cistí dílse, a ríomh i gcomhréir le Foroinn 2 ach amháin nuair a asbhaintear na risíochtaí sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2.

2.   Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 157. I gcás inar féidir le hinstitiúid dul ar iontaoibh iomlán díoltóra earraí infhaighte ceannaithe le haghaidh priacal mainneachtana agus priacal caolúcháin, ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo agus Airteagal 152 agus Airteagal 158(1) go (4) maidir le hearraí infhaighte ceannaithe agus láimhseálfar an risíocht mar risíocht chomhthaobhaithe.

3.   Beidh an ríomh a dhéanfar ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal creidmheasa agus priacal caolúcháin bunaithe ar na paraiméadair ábhartha a bhaineann leis an risíocht atá i gceist. Orthu sin tá PD, LGD, aibíocht (dá ngairtear ‧M‧ anseo feasta) agus luach risíochta na risíochta. Féadfar PD agus LGD a mheas ar leithligh nó le chéile, i gcomhréir le Roinn 4.

4.   Déanfaidh institiúidí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh le haghaidh priacal creidmheasa ar na risíochtaí ar fad atá in aicme na risíochtaí ‧cothromas‧ dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 147(2) i gcomhréir le hAirteagal 155. Féadfaidh institiúidí na cur chuigí atá leagtha amach in Airteagal 155(3) agus (4) a úsáid i gcás ina bhfuil cead faighte acu roimh ré ó na húdaráis inniúla. Tabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid modh na samhlacha inmheánacha atá leagtha amach in Airteagal 155(4) a úsáid, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an institiúid na ceanglais atá leagtha amach i bhForoinn 4 de Roinn 6.

5.   Déanfar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal creidmheasa ar risíochtaí ar iasachtú speisialaithe a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 153(5).

6.   Maidir le risíochtaí atá sna haicmí risíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí a meastacháin féin ar PDanna ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 143 agus Roinn 6.

7.   Maidir le risíochtaí atá san aicme risíochta dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 143 agus Roinn 6.

8.   Maidir le risíochtaí atá sna haicmí risíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d'Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí na luachanna LGD atá leagtha amach in Airteagal 161(1), agus na fachtóirí coinbhéartachta atá leagtha amach in Airteagal 166(8) (a) go (d), i bhfeidhm ach amháin má ceadaíodh di a meastachán féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid i gcás na n-aicmí risíochta sin i gcomhréir le mír 9.

9.   Maidir le gach risíocht atá sna haicmí risíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d'Airteagal 147(2), tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúidí a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 143 agus le hAirteagal 6.

10.   Déanfar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí urrúsaithe agus le haghaidh risíochtaí atá san aicme risíochta dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 147(2) a ríomh i gcomhréir le Caibidil 5.

Airteagal 152

Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GCanna a láimhseáil

1.   I gcás ina gcomhlíonann risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GCanna na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3) agus gurb eol don institiúid gach cuid nó codanna de risíochtaí fholuiteacha an GC, déanfaidh an institiúid na risíochtaí fholuiteacha sin a thrébhreathnú d'fhonn méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo.

I gcás gur risíocht eile i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC eile í risíocht fholuiteach an GC, déanfaidh an chéad institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC eile a thrébhreathnú freisin.

2.   I gcás nach gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha maidir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo a úsáid do gach cuid nó codanna de risíochtaí fholuiteacha an GC, déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige seo a leanas:

(a)

maidir le risíochtaí atá san aicme risíochta ‧cothromas‧ dá dtagraítear in Airteagal 147(2)(e), cuirfidh institiúidí an cur chuige simplí maidir le hualú priacal i bhfeidhm atá leagtha amach in Airteagal 155(2);

(b)

maidir le gach risíocht fholuiteach eile dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe atá leagtha amach i gCaibidil 2 i bhfeidhm, faoi réir acu seo a leanas:

(i)

maidir le risíochtaí atá faoi réir ag ualú priacal sonrach i gcás risíochtaí gan rátáil nó atá faoi réir ag an gcéim cáilíochta creidmheasa a shaothraíonn an t-ualú priacal is airde i gcás aicme risíochta ar leith, déanfar an t-ualú priacal a iolrú faoi fhachtóir a dó ach ní bheidh an t-ualú priacal níos airde ná 1,250 %;

(ii)

maidir le gach risíocht eile, déanfar an t-ualú priacal a iolrú faoi fhachtóir 1,1 agus beidh sé faoi réir ualú íosta 5 %.

Más rud é, chun críocha phointe (a), nach bhfuil an institiúid in ann idirdhealú a dhéanamh idir risíochtaí ar chothromas príobháideach, risíochtaí ar chothromas atá trádáilte ar an malartán agus risíochtaí ar chothromas eile, déanfaidh sí na risíochtaí lena mbaineann a láimhseáil mar risíochtaí ar chothromas eile. I gcás nach bhfuil ábharthacht ag baint leis na risíochtaí sin, de réir bhrí Airteagal 150(2), nuair a chuirtear le chéile iad le risíochtaí díreacha na hinstitiúide san aicme risíochta sin, féadfar Airteagal 150(1) a chur i bhfeidhm faoi réir chead na n-údarás inniúil.

3.   I gcás nach gcomhlíonann risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3), nó nach eol don institiúid risíochtaí fholuiteacha go léir an GC nó a chuid risíochtaí fholuiteacha ar risíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC atá ann, déanfaidh an institiúid na risíochtaí fholuiteacha sin a thrébhreathnú agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir leis na gcur chuige simplí maidir le hualú priacal atá leagtha amach in Airteagal 155(2).

I gcás nach bhfuil an institiúid in ann idirdhealú a dhéanamh idir risíochtaí ar chothromas príobháideach, risíochtaí ar chothromas atá trádáilte ar an malartán agus risíochtaí ar chothromas eile, déanfaidh sí na risíochtaí lena mbaineann a láimhseáil mar risíochtaí ar chothromas eile. Déanfaidh sí risíochtaí ar chaipiteal nach cothromas é a shannadh don aicme risíochtaí ar chothromas eile.

4.   Mar rogha eile ar an modh a bhfuil cur síos déanta air i mír 3, féadfaidh institiúidí a ríomh féin a dhéanamh nó dul i muinín na dtríú páirtithe seo a leanas chun na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh agus a thuairisciú bunaithe ar risíochtaí fholuiteacha an GC i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2 sna cásanna seo a leanas:

(a)

institiúid taisclainne nó institiúid airgeadais an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistiú eisiach in urrúis agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce san institiúid taisclainne nó san institiúid airgeadais sin;

(b)

maidir le GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3)(a).

Deimhneoidh iniúchóir seachtrach go bhfuil an ríomh cruinn.

5.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha a shonrú lena bhféadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 150(1) a úsáid faoi phointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Foroinn 2

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh do priacal creidmheasa

Airteagal 153

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais.

1.   Faoi réir ag cur chun feidhme na láimhseálacha sonracha atá leagtha amach i míreanna 2, 3 agus 4, déanfar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

mar a bhfuil an t-ualú priacal RW arna shainiú mar a leanas:

(i)

má tá PD = 0, beidh RW cothrom le 0;

(ii)

má tá PD = 1, i.e. le haghaidh risíochtaí a mhainnigh:

i gcás ina gcuireann institiúidí na luachanna LGD atá leagtha amach in Airteagal 161(1) i bhfeidhm, beidh RW cothrom le 0;

i gcás ina n-úsáideann institiúidí a meastacháin féin ar LGDanna, beidh RW amhlaidh le Formula;

mar a mbeidh an meastachán is fearr maidir leis an gcaillteanas ionchasach (dá ngairtear ‧ELBE‧ anseo feasta) ionann leis an meastachán is fearr atá ag an institiúid ar chaillteanas ionchasach don risíochta mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h);

(iii)

má tá 0 < PD < 1

Formula

nuair atá

N(x)

=

an fheidhm dáileacháin charnaigh d’athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta le meán de nialas agus athraitheas d’aon níos lú ná, nó cothrom le, x);

G (Z)

=

an fheidhm dáileacháin charnaigh inbhéartaigh d'athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. luach x sa chaoi is go bhfuil N(x) = z);

R

=

an chomhéifeacht comhghaolúcháin, arna sainiú mar

Formula

b

=

an fachtóir coinbhéartachta aibíochta, arna shainiú mar.

Formula.

2.   Maidir le gach risíocht ar mhóreintitis san earnáil airgeadais, iolraítear comhéifeacht comhghaolúcháin mhír 1(iii) faoi 1,25. Maidir le gach risíocht ar eintitis airgeadais neamhrialáilte, iolraítear comhéifeachtaí comhghaolúcháin a leagtar amach i mír 1(iii) agus i mír 4, de réir mar is ábhartha, faoi 1,25.

3.   Féadfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir le gach risíochta chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 202 agus 217 a choigeartú de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

PDpp

=

PD sholáthraí na cosanta.

Déanfar RW a ríomh ag úsáid na foirmle ábhartha maidir le hualú priacal atá leagtha amach i bpointe 1 i gcás na risíochta, PD an oibleagáideora agus LGD ó risíocht dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta. Ríomhfar an fachtóir aibíochta (b) ag úsáid an PD is ísle as measc PD sholáthraí na cosanta agus PD an oibleagáideora.

4.   Maidir le risíochtaí ar chuideachtaí ina bhfuil líon na ndíolachán bliantúil don ghrúpa comhdhlúite a bhfuil an gnólacht ina chuid de níos lú ná EUR 50 milliún, féadfaidh institiúidí an fhoirmle chomhghaoil seo a leanas i mír 1 (iii) a úsáid chun ualaí priacal ar risíochtaí ar chorparáidí a ríomh. San fhoirmle seo sloinntear S mar an díolachán bliantúil iomlán i milliúin Euro, mar a bhfuil EUR 5 milliún ≤ S ≤ EUR 50 milliún. Déanfar díolacháin thuairiscithe níos ísle ná EUR 5 milliún a láimhseáil amhail is go raibh siad ionann le EUR 5 milliún. I gcás earra infhaighte ceannaithe beidh an díolachán bliantúil iomlán ionann leis an meán ualaithe de réir risíochtaí aonair an chomhthiomsaithe.

Formula

Déanfaidh institiúidí an díolachán bliantúil iomlán a chur in ionad shócmhainní iomlána an ghrúpa chomhdhlúite nuair nach táscaire fóinteach é an díolachán bliantúil iomlán ar mhéid an ghnólachta agus nuair is táscaire níos fóintí iad iomlán na sócmhainní ná an díolachán bliantúil iomlán.

5.   Maidir le risíochtaí ar iasachtú speisialaithe nach bhfuil institiúid in ann meastachán a thabhairt ar PDanna ina leith nó nach gcomhlíonann meastacháin PD na n-institiúidí na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6, déanfaidh an institiúid ualaí priacal a shannadh do na risíochtaí sin de réir Thábla 1, mar seo a leanas:

Tábla 1

Aibíocht Iarmhair

Catagóir 1

Catagóir 2

Catagóir 3

Catagóir 4

Catagóir 5

Níos lú ná 2.5 bliain

50 %

70 %

115 %

250 %

0 %

Cothrom le, nó níos mó ná, 2,5 bliain

70 %

90 %

115 %

250 %

0 %

Agus ualaí priacal á sannadh do risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, cuirfidh institiúidí na fachtóirí seo a leanas san áireamh: láidreacht airgeadais, an timpeallacht pholaitiúil agus dhlíthiúil, tréithe idirbhirt agus/nó sócmhainne, láidreacht an urraitheora agus an fhorbróra, lena n-áirítear aon sruth ioncaim ó chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí, agus pacáiste slándála.

6.   Maidir lena gcuid earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha, comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 184. Maidir le hearraí infhaighte ceannaithe corparáideacha a chomhlíonann freisin na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 154(5), agus i gcás ina mbeadh sé ródhian ar institiúid na caighdeáin chainníochtaithe priacal a úsáid i gcás risíochtaí ar chorparáidí mar atá leagtha amach i Roinn 6 do na hearraí infhaighte sin, féadfar na caighdeáin chainníochtaithe priacal i gcás risíochtaí ar mhiondíol mar atá leagtha amach i Roinn 6 a úsáid.

7.   Maidir le hearraí infhaighte ceannaithe corparáideacha, lascainí ceannaigh inaisíoctha, ráthaíochtaí comhthaobhachta nó páirteacha a thugann cosaint céadchaillteanais ar chaillteanais mhainneachtana, caillteanais chaolúcháin, nó an dá cheann, féadfar iad a láimhseáil mar shuímh chéadchaillteanais faoi chreat urrúsaithe an IRB.

8.   I gcás ina dtugann institiúid cosaint chreidmheasa do roinnt risíochtaí faoi théarmaí lena spreagfaidh an n-ú mainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht agus go ndéanfar an conradh a fhoirceannadh leis an teagmhas creidmheasa sin, agus go bhfuil measúnú creidmheasa seachtrach ag an táirge ó IMCS, déanfar na hualaí priacal atá leagtha amach i gCaibidil 5 a shannadh. Mura bhfuil rátáil ag an táirge ó IMCS, déanfar comhiomlánú ar na hualaí priacal a áireofar sa bhascaed, cé is moite de risíochtaí n-1, i gcás nach mó suim mhéid an chaillteanais ionchasaigh iolraithe faoi 12, 5 agus méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ná méid ainmniúil na cosanta arna tabhairt ag an díorthach creidmheasa iolraithe faoi 12,5. Cinnfear na risíochtaí n-1 a eiseofar ón gcomhiomlánú ar an mbonn go gcuimseoidh siad na risíochtaí sin a dtáirgeann gach ceann acu méid risíochta níos ísle atá ualaithe ó thaobh priacal ná an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal d'aon cheann de na risíochtaí atá áirithe sa chomhiomlánú. Beidh feidhm ag ualú priacal 1,250 % maidir le suímh i mbascaed nach féidir le hinstitiúid an t-ualú priacal a chinneadh ina leith faoin gCur Chuige IRB.

9.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn a léiriú mar a chuirfidh institiúidí na fachtóirí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5 san áireamh nuair a bheidh ualaí priacal á sannadh do risíochtaí ar iasachtú speisialaithe.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le HAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 154

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar mhiondíol

1.   Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar mhiondíol a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

mar a bhfuil an t-ualú priacal RW arna shainiú mar a leanas:

(i)

má tá PD = 1, i.e. le haghaidh risíochtaí a mhainnigh, beidh RW amhail le

Formula;

mar a mbeidh ELBE ionann leis an meastachán is fearr atá ag an institiúid ar chaillteanas ionchasach don risíochta mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h);

(ii)

má tá 0 < PD < 1, i.e., maidir le haon luach do PD seachas mar atá faoi (i)

Formula

nuair atá

N(x)

=

an fheidhm dáileacháin charnaigh d'athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta le meán de nialas agus athraitheas d'aon níos lú ná, nó cothrom le, x);

G (Z)

=

an fheidhm dáileacháin charnaigh inbhéartaigh d'athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. luach x sa chaoi is go bhfuil N(x) = z);

R

=

an chomhéifeacht comhghaolúcháin, arna sainiú mar

Formula

2.   Féadfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir le gach risíocht ar FBM dá dtagraítear in Airteagal 147(5) a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 202 agus Airteagal 217 a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 153(3).

3.   Maidir le risíochtaí ar mhiondíol arna n-urrú le comhthaobhacht maoine dochorraithe, cuirfear comhéifeacht comhghaolúcháin R de 0,15 in ionad an fhigiúir a thig ón bhfoirmle chomhghaoil i mír 1.

4.   Maidir le risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol i gcomhréir le pointí (a) go (e), cuirfear comhéifeacht comhghaolúcháin R de 0,04 in ionad an fhigiúir a thig ón bhfoirmle chomhghaoil i mír 1.

Cáileoidh risíochtaí mar risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is ar dhaoine aonair a dhéantar na risíochtaí;

(b)

is risíochtaí imrothlacha iad, tá siad neamhurraithe, agus sa mhéid is nach dtarraingítear láithreach iad agus iad inchealaithe go neamhchoinníollach ag an institiúid. Sa chomhthéacs sin, sainmhínítear risíochtaí imrothlacha mar risíochtaí ina gceadaítear iarmhéideanna custaiméirí luainiú bunaithe ar a gcuid cinntí iasacht a fháil agus a aisíoc, suas go dtí teorainn arna leagan síos ag an institiúid. Féadfar a mheas go bhfuil na línte creidmheasa miondíola inchealaithe go neamhchoinníollach má cheadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi reachtaíocht ghaolmhar;

(c)

is ionann an risíocht uasta ar dhuine aonair san fho-phunann agus EUR 100 000 nó níos lú;

(d)

tá úsáid an chomhghaoil sa mhír seo teoranta do phunanna a thaispeáin luaineacht íseal maidir le rátaí caillteanais, i gcoibhneas lena meánleibhéal rátaí caillteanais, go háirithe laistigh de bhannaí íseal PD;

(e)

beidh an láimhseáil mar risíocht imrothlach cháilitheach ar mhiondíol comhsheasmhach le saintréithe fholuiteacha priacal na fo-phunainne.

De mhaolú ar phointe (b), ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bheith neamhurraithe maidir le saoráidí creidmheasa comhthaobhaithe atá nasctha le cuntas pá. Sa chás sin, ní chuirfear san áireamh méideanna a ghnóthófar ón gcomhthaobhacht sa mheastachán LGD.

Déanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú ar luaineacht choibhneasta na rátaí caillteanais ar fud na bhfo-phunann de risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol, chomh maith leis an bpunann comhiomlán de risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol, agus roinnfidh siad faisnéis faoi ghnáth-shaintréithe na rátaí caillteanais de risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol ar fud na mBallstát.

5.   Le bheith incháilithe don láimhseáil mhiondíola, comhlíonfaidh na hearraí infhaighte ceannaithe na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 184 agus na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cheannaigh an institiúid na hearraí infhaighte ó dhíoltóirí tríú páirtí neamhghaolmhara, agus ní áirítear lena risíocht ar oibleagáideoir an earra infhaighte aon risíochtaí arna dtionscnamh go díreach nó go hindíreach ag an institiúid féin;

(b)

ginfear na hearraí infhaighte ceannaithe ar neamhthuilleamaí idir an díoltóir agus an t-oibleagáideoir. Dá bhrí sin, ní bheidh cuntais infhála idir chuideachtaí ná earraí infhaighte faoi réir ag cuntais chontra idir gnólachtaí a cheannaíonn óna chéile agus a dhíolann lena chéile incháilithe;

(c)

tá éileamh ag an institiúid cheannaigh ar gach fáltas ó na hearraí infhaighte ceannaithe nó tá ús pro-rata aici sna fáltais; agus

(d)

tá punann na n-earraí infhaighte ceannaithe éagsúlaithe a dhóthain.

6.   Maidir le hearraí infhaighte ceannaithe, lascainí ceannaigh inaisíoctha, ráthaíochtaí comhthaobhachta nó páirteacha a thugann cosaint céadchaillteanais ar chaillteanais mhainneachtana, caillteanais chaolúcháin, nó an dá cheann, féadfar iad a láimhseáil mar shuímh chéadchaillteanais faoi chreat urrúsaithe an IRB.

7.   Maidir le comhthiomsuithe hibrideacha d'earraí infhaighte miondíola ceannaithe, i gcás nach féidir le hinstitiúidí ceannaigh risíochtaí arna n-urrú le comhthaobhacht maoine dochorraithe agus risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol a scaradh ó risíochtaí eile ar mhiondíol, beidh feidhm maidir leis na risíochtaí sin ag an bhfeidhm ualaithe priacal ar mhiondíol a tháirgeann na ceanglais cistí dílse is airde.

Airteagal 155

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chothromas

1.   Socróidh institiúidí a gcuid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chothromas, cé is moite díobh sin a asbhaintear i gcomhréir le Cuid a Dó nó atá faoi réir ag ualú priacal 250 % i gcomhréir le hAirteagal 48, i gcomhréir leis na cur chuige atá leagtha amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo. Féadfaidh institiúid cur chuige éagsúil a chur i bhfeidhm maidir le punanna éagsúla cothromais i gcás ina n-úsáideann an institiúid féin cineálacha cur chuige éagsúla chun críocha bainisithe priacal inmheánach. I gcás ina n-úsáideann institiúid cineálacha éagsúla cur chuige, déanfar an rogha maidir le cur chuige PD/LGD nó cur chuige samhlacha inmheánacha go comhsheasmhach, lena n-áirítear le himeacht ama agus leis an gcur chuige a mbaintear úsáid as le haghaidh bainistithe priacal inmheánach na risíochtaí ábhartha ar chothromas, agus ní chinnfear é trí chomaoineacha arbatráiste rialála.

Féadfaidh institiúidí risíochtaí cothromais ar ghnóthais seirbhísí coimhdeacha a láimhseáil de réir mar a láimhseáiltear sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad.

2.   Faoin gcur chuige ualaithe priacal Simplí, ríomhfar méid na risíochta ualaithe ó thaobh priacal de réir na foirmle seo:

Formula,

Ualú priacal (RW)= 190 % i gcás risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain.

Ualú priacal (RW)= 290 % i gcás risíochtaí ar chothromas atá trádáilte ar an malartán.

Ualú priacal (RW)= 370 % do risíochtaí uile eile ar chothromas.

I gcás suíomh gearr airgid agus ionstraimí díorthacha arna sealbhú sa leabhar neamhthrádála, féadfaidh siad suímh fhada a fhritháireamh sna stoic aonair chéanna ar an gcoinníoll gur ainmníodh go sainráite na hionstraimí sin mar fhálú ar risíochtaí ar chothromas sonrach agus go dtabharfaidh siad fálú ar feadh bliana eile ar a laghad. Láimhseálfar suímh ghearra eile amhail is gur suímh fhada iad agus beidh an t-ualú priacal ábhartha sannta do luach absalóideach gach suímh. I gcomhthéacs na suímh mhí-oiriúnaithe maidir le haibíocht, is é an modh a úsáidfear ná an modh sin a úsáidtear i gcás risíochtaí ar chorparáidí mar atá leagtha amach in Airteagal 162(5).

Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint a fuarthas ar risíocht ar chothromas i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 4.

3.   Faoin gcur chuige PD/LGD, déanfar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh de réir na bhfoirmlí in Airteagal 153(1). Mura bhfuil dóthain faisnéise ag institiúidí chun úsáid a bhaint as an sainmhíniú ar mhainneachtain atá leagtha amach in Airteagal 178, déanfar fachtóir scálúcháin 1,5 a shannadh do na hualaí priacal.

Ar leibhéal na risíochta aonair, ní bheidh méid an chaillteanais ionchasaigh arna iolrú faoi 12,5 móide méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal níos airde ná luach na risíochta arna iolrú faoi 12,5.

Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint a fuarthas ar risíocht ar chothromas i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh sé sin faoi réir LGD 90 % ar an risíocht ar sholáthraí an fhálaithe. Maidir le risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain, féadfar LGD 65 % a úsáid. Chun na críocha sin beidh M cothrom le cúig bliana.

4.   Faoi mhodh na samhlacha inmheánacha, beidh méid na risíochta ualaithe ó thaobh priacal cothrom leis an gcaillteanas ionchasach ar risíochtaí na hinstitiúide ar chothromas arna dhíorthú ag úsáid na samhlacha inmheánacha den luach faoi phriacal faoi réir ag an 99ú peircintíl, eatramh muiníne aonfhoircneach den difríocht idir tuairisceáin ráithiúla agus ráta saor ó priacal iomchuí arna ríomh thar thréimhse shamplach fhadtéarmach, arna iolrú faoi 12,5. Ní bheidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ar leibhéal na punainne cothromais níos lú ná iomlán na suimeanna seo a leanas:

(a)

na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal atá ceangailte faoin gCur Chuige PD/LGD; agus

(b)

méideanna comhfhreagracha an chaillteanais ionchasaigh arna iolrú faoi 12,5.

Déanfar na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a ríomh ar bhonn na luachanna PD atá leagtha amach in Airteagal 165(1) agus na luachanna LGD comhfhreagracha atá leagtha amach in Airteagal 165(2).

Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint a fuarthas ar shuímh chothromais.

Airteagal 156

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad

Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Formula,

ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

airgead ar láimh agus ítimí coibhéiseacha airgid chomh maith le hórbhuillean arna shealbhú ina bhoghtaí féin nó ar bhonn leithdháilte, sa mhéid is go bhfuil sé cumhdaithe ag dliteanais bhuillin, déanfar ualú priacal 0 % a shannadh dóibh;

(b)

nuair is luach iarmharach de shócmhainní léasaithe í an risíocht, is mar seo a leanas a ríomhfar í:

Formula

i gcás ina bhfuil t ar an méid is airde idir 1 agus an líon is gaire de bhlianta iomlána atá fágtha sa léas.

Foroinn 3

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh le haghaidh priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe

Airteagal 157

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe

1.   Déanfaidh institiúidí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha agus miondíola a ríomh de réir na foirmle atá leagtha amach in Airteagal 153(1).

2.   Déanfaidh institiúidí na paraiméadair ionchuir maidir le PD agus LGD a chinneadh i gcomhréir le Roinn 4.

3.   Déanfaidh institiúidí luach na risíochta a chinneadh i gcomhréir le Roinn 5.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, tá luach M ionann le bliain amháin.

5.   Déanfaidh na húdaráis inniúla institiúid a dhíolmhú ó ríomh agus aithint na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal caolúcháin maidir le cineál risíochta a tharlaíonn de bharr earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha nó miondíola i gcás inar léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil an priacal caolúcháin neamhábhartha don institiúid sin maidir le risíocht den chineál sin.

Roinn 3

Méideanna an chaillteanais ionchasaigh

Airteagal 158

Láimhseáil de réir chineál na risíochta

1.   Ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh ar bhonn na bhfigiúirí ionchuir céanna maidir le PD, LGD agus luach na risíochta do gach risíocht a úsáidtear chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 151.

2.   Ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh do risíochtaí urrúsaithe i gcomhréir le Caibidil 5.

3.   Is ionann agus nialas méid an chaillteanais ionchasaigh do risíochtaí a bhaineann leis an aicme "sócmhainní eile gan oibleagáidí creidmheasa" dá dtagraítear i bpointe (g) in Airteagal 147(2).

4.   Ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás risíochtaí i bhfoirm scaireanna agus aonad GC dá dtagraítear in Airteagal 152 i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach san Airteagal seo.

5.   Ríomhfar an caillteanas ionchasach (EL) agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais agus ar risíochtaí ar mhiondíol de réir na bhfoirmlí seo a leanas:

Formula

Méid an chaillteanais ionchasaigh= EL [iolraithe faoi] luach na risíochta.

I gcás risíochtaí a mhainnigh (PD =100 %) nuair a úsáideann institiúidí a meastacháin féin ar LGD, beidh EL cothrom le ELBE, an meastachán is fearr de chuid na hinstitiúide ar an gcaillteanas ionchasach i gcás na risíochta a mhainnigh, i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h).

I gcás risíochtaí atá faoi réir na láimhseála atá leagtha amach in Airteagal 153(3), beidh EL cothrom le 0 %.

6.   Is de réir Thábla 2 a shannfar luachanna EL na risíochtaí ar iasachtú speisialaithe i gcás ina n-úsáideann institiúidí na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) maidir le hualuithe priacal a shannadh.

Tábla 2

Aibíocht Iarmhair

Catagóir 1

Catagóir 2

Catagóir 3

Catagóir 4

Catagóir 5

Níos lú ná 2.5 bliain

0 %

0,4 %

2,8 %

8 %

50 %

Cothrom le 2.5 bliain nó níos mó ná sin

0,4 %

0,8 %

2,8 %

8 %

50 %

7.   Is de réir na foirmle seo thíos a ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le risíochtaí ar chothromas i gcás ina ríomhtar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de réir chur chuige simplí an ualaithe priacal:

Formula

Is iad seo a leanas luachanna EL:

Caillteanas ionchasach (EL)= 0.8 % do risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain.

Caillteanas ionchasach (EL)= 0.8 % do risíochtaí ar chothromas arna thrádáil ar an stocmhalartán.

Caillteanas ionchasach (EL)= 2.4 % do gach risíocht eile ar chothromas.

8.   Is de réir na bhfoirmlí seo thíos a ríomhfar an caillteanas ionchasach agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le risíochtaí ar chothromas sa chás ina ríomhtar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de réir an chuir chuige PD/LGD:

Formula

Formula

9.   Is ionann agus nialas méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le risíochtaí ar chothromas i gcás ina ríomhtar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de réir chur chuige na samhlacha inmheánacha.

10.   Ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le priacal caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

Formula

Airteagal 159

Láimhseáil mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh

Dealóidh na hinstitiúidí méideanna an chaillteanais ionchasaigh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158 (5), (6) agus (10) ó na coigeartuithe sonracha agus ginearálta ar an bpriacal creidmheasa agus na coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 110 agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis na risíochtaí sin. Láimhseálfar lascainí ar risíochtaí sa chlár comhardaithe arna gceannach agus iad ar mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 166(1) ar an tslí chéanna le coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa. Ní úsáidfear coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ar risíochtaí ar mainneachtain chun méideanna an chaillteanais ionchasaigh ar risíochtaí eile a chumhdach. Ní áireofar sa ríomh seo méideanna an chaillteanais ionchasaigh do risíochtaí urrúsaithe agus do choigeartuithe sonracha agus ginearálta i leith priacal creidmheasa a bhaineann leis na risíochtaí sin.

cuid 4

PD, LGD agus aibíocht

Foroinn 1

Risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais

Airteagal 160

Dóchúlacht mainneachtana (PD)

1.   Beidh PD de chuid risíochta ar chorparáid nó ar institiúid cothrom le 0.03 % ar a laghad.

2.   I gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe nach bhfuil institiúid in ann meastachán a dhéanamh ar PDanna ina leith nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide do na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6, cinnfear PDanna na risíochtaí sin de réir na modhanna seo mar a leanas:

(a)

i gcás éileamh sinsearach ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is éard a bheidh in PD meastachán EL na hinstitiúide arna roinnt ar LGD do na hearraí infhaighte sin;

(b)

i gcás fo-éileamh ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is é meastachán EL na hinstitiúide a bheidh in PD;

(c)

institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil úsáid a bhaint as a meastacháin féin ar LGD le haghaidh risíochtaí corparáideacha de bhun Airteagal 143 agus a fhéadfaidh a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfaidh sí úsáid a bhaint as an meastachán PD a thig ón miondealú seo.

3.   100 % an PD a bheidh ag oibleagáideoirí mainneachtana.

4.   Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa sa PD a chur san áireamh i gcomhréir le forálacha Chaibidil 4. I gcás priacal caolúcháin, mar aon le soláthraithe na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 201(1)(g), tá díoltóir na n-earraí infhaighte ceannaithe incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá measúnú creidmheasa ag an eintiteas corparáideach ó IMCS a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le beart cáilíochta creidmheasa 3 nó le beart níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;

(b)

i gcás institiúidí a dhéanann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh de réir an Chuir Chuige IRB, níl measúnú creidmheasa ó IMCS aitheanta ag an eintiteas corparáideach agus tá sé rátáilte go hinmheánach mar chorparáidí a bhfuil PD acu atá coibhéiseach leis an PD a bhaineann le measúnuithe creidmheasa IMCSanna a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann siad le beart cáilíochta creidmheasa 3 nó le beart níos airde de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;

5.   Féadfaidh institiúidí a úsáideann a meastacháin LGD féin cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint trí bhíthin na PDanna a choigeartú faoi réir Airteagal 161(3).

6.   I gcás priacal caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, beidh PD cothrom le meastachán EL na hinstitiúide ar an bpriacal caolúcháin. Institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 úsáid a bhaint as a meastacháin LGD féin le aghaidh risíochtaí corparáideacha agus ar féidir léi a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfaidh sí úsáid a bhaint as an meastachán PD a thig ón miondealú seo. Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint sa PD i gcomhréir le forálacha Chaibidil 4. I gcás priacal caolúcháin, mar aon le soláthraithe na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 201(1)(g), tá díoltóir na n-earraí infhaighte ceannaithe incháilithe ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i mír 4.

7.   De mhaolú ar Airteagal 201(1)(g), tá na heintitis chorparáideacha a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i mír 4 incháilithe.

Aon institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin LGD féin a úsáid do priacal caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, féadfaidh sí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint trí bhíthin na PDanna a choigeartú faoi réir Airteagal 161(3).

Airteagal 161

Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)

1.   Úsáidfidh na hinstitiúidí na luachanna LGD a leanas:

(a)

risíochtaí sinsearacha gan comhthaobhacht incháilithe: 45 %;

(b)

fo-risíochtaí gan comhthaobhacht incháilithe: 75 %;

(c)

féadfaidh institiúidí cosaint chistithe creidmheasa agus cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint san LGD i gcomhréir le Caibidil 4;

(d)

is féidir luach LGD 11.25 % a shannadh do bhannaí faoi chumhdach atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó in Airteagal 129(5);

(e)

i gcás risíochtaí sinsearacha ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás nach mbeidh an institiúid in ann PDanna a mheas nó nuair nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6: 45 %;

(f)

i gcás fo-risíochtaí ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, nuair nach féidir le hinstitiúid meastachán a dhéanamh ar PDanna nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6: 100 %;

(g)

I gcás priacal caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe: 75 %.

2.   I gcás priacal caolúcháin agus mainneachtana, má tá cead faighte ag institiúid ón údarás inniúil a meastacháin LGD féin a úsáid le haghaidh risíochtaí corparáideacha de bhun Airteagal 143 agus más féidir léi a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfar úsáid a bhaint as an meastachán LGD le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe.

3.   Má tá cead faighte ag institiúid ón údarás inniúil a meastacháin LGD féin le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus ar bhainc cheannais a úsáid de bhun Airteagal 143, féadfar cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint trí bhíthin an PD nó an LGD a choigeartú faoi réir na gceanglas atá sonraithe i Roinn 6 agus faoi réir chead na n-údarás inniúil. Ní shannfaidh institiúid PD ná LGD coigeartaithe do risíochtaí faoi ráthaíocht ar chaoi gurbh ísle an t-ualú priacal coigeartaithe ná an t-ualú priacal a bheadh ag risíocht dhíreach inchomparáide ar an ráthóir.

4.   Chun críocha na ngealltanas dá dtagraítear in Airteagal 153(3), is éard a bheidh in LGD na risíochta dírí inchomparáide ar sholáthraí na cosanta an LGD a bhaineann le saoráid neamhfhálaithe chun an ráthóra, nó le saoráid neamhfhálaithe an oibleagáideora; beidh sé sin de réir an méid a thugann an fhianaise atá le fáil agus struchtúr na ráthaíochta le tuiscint, maidir le cé acu ar staid airgeadais an ráthóra nó an oibleagáideora faoi seach, a bhraithfeadh an méid a ghnóthófaí i gcás ina mainneodh an ráthóir agus an t-oibleagáideoir faoi seach le linn shaolré an idirbhirt fhálaithe.

Airteagal 162

Aibíocht

1.   Institiúidí nach bhfuil cead faighte acu úsáid a bhaint as a gcuid LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta féin le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí nó rialtais láir agus ar bhainc cheannais, déanfaidh siad luach aibíochta (M) 0,5 bliain a shannadh do risíochtaí a thagann as idirbhearta athcheannaigh nó as idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, agus luach (M) 2,5 bliain a shannadh do gach risíocht eile.

De rogha air sin, mar chuid den chead dá dtagraítear in Airteagal 143, cinnfidh na húdaráis inniúla cé acu a úsáidfidh nó nach n-úsáidfidh an institiúid aibíocht (M) do gach risíocht, mar atá leagtha amach faoi mhír 2.

2.   Institiúidí a bhfuil cead faighte acu ón údarás inniúil úsáid a bhaint as a LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta féin le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí nó rialtais láir agus ar bhainc cheannais de bhun Airteagal 143, ríomhfaidh siad M do gach ceann de na risíochtaí sin mar atá leagtha amach i bpointe (a) go (e) den mhír seo agus faoi réir mhír 3 go mír 5 den Airteagal seo. Ní bheidh M níos mó ná cúig bliana seachas i gcásanna a shonraítear in Airteagal 384(1) áit a úsáidfear M mar a shonraítear ansin é:

(a)

I gcás ionstraime atá faoi réir sceideal sreafa airgid, ríomhfar M de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

mar a gciallaíonn CFt na sreafaí airgid (an phríomhshuim, íocaíochtaí úis agus táillí), a bhfuil oibleagáid chonarthach ar an oibleagáideoir a íoc i dtréimhse t;

(b)

i gcás díorthach atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na risíochta, mar a mbeidh aon bhliain amháin ar a laghad in M, agus úsáidfear méid barúlach gach risíochta chun an aibíocht a ualú;

(c)

i gcás risíochtaí a thagann as ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II, agus as idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, agus atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh 10 lá ar a laghad in M;

(d)

i gcás idirbheart athcheannaigh nó idirbheart i leith urrús nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart mar a mbeidh 5 lá ar a laghad in M. Úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt d'fhonn an aibíocht a ualú;

(e)

maidir le hinstitiúid a bhfuil cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin PD féin a úsáid le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás méideanna a tarraingíodh beidh M cothrom le meánaibíocht ualaithe na risíochta ar earraí infhaighte ceannaithe, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M. Úsáidfear luach céanna seo M do mhéideanna neamhtharraingthe faoi shaoráid thiomanta ceannaigh ar an gcoinníoll go bhfuil sa tsaoráid cúnaint éifeachtacha, truicir um luathamúcadh, nó gnéithe eile a chosnaíonn an institiúid ceannaigh ar aon mheath suntasach ar cháilíocht na n-earraí infhaighte todhchaí a cheanglófar uirthi a cheannach le linn théarma na saoráide. In éagmais cosaintí éifeachtacha den sórt sin, ríomhfar M do mhéideanna neamhtharraingthe mar shuim an infháltais fhéideartha is faide ó dháta de réir an chomhaontaithe ceannaigh agus aibíocht iarmhair na saoráide ceannaigh, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M;

(f)

i gcás aon ionstraime seachas iad siúd atá luaite sa mhír seo nó i gcás nach bhfuil an institiúid in ann M a ríomh mar atá leagtha amach in (a), is éard a bheidh in M an tréimhse is faide a bheidh fágtha (i mblianta) a bheidh ceadaithe don oibleagáideoir le go gcomhlíonfadh sé a oibleagáidí conarthacha, mar a mbeidh aon bhliain amháin ar a laghad in M;

(g)

i gcás institiúidí a úsáideann Modh na Samhla Inmheánaí mar atá leagtha amach i Roinn 6 de Chaibidil 6 chun luachanna na risíochta a ríomh, ríomhfar M do na risíochtaí ar a gcuireann siad an modh sin i bhfeidhm agus ar mó ná bliain amháin aibíocht an chonartha is faide ó dháta acu sa tacar glanluachála, de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

Formula

=

athróg táscaire arb ionann a luach sa tréimhse todhchaí tk agus 0 má tá tk > 1 bliain agus 1 má tá tk ≤ 1;

Formula

=

an risíocht ionchasach ag tréimhse todhchaí tk;

Formula

=

an risíocht ionchasach éifeachtach ag tréimhse todhchaí tk;

Formula

=

an fachtóir lascaine saor ó priacal don tréimhse todhchaí tk;

Formula;

(h)

féadfaidh institiúid a úsáideann samhail inmheánach chun coigeartú leataobhach ar luacháil creidmheasa a ríomh úsáid a bhaint as an ré iarbhír creidmheasa arna meas ag an tsamhail inmheánach mar M, faoi réir chead na n-údarás inniúil.

Faoi réir mhír 2, cuirfear an fhoirmle atá i bpointe (a) i bhfeidhm maidir le tacair ghlanluachála ar lú ná bliain amháin an aibíocht tosaigh acu;

(i)

i gcás institiúidí a úsáideann Modh na Samhla Inmheánaí atá leagtha amach i Roinn 6 de Chaibidil 6, chun luachanna na risíochta a ríomh, agus a bhfuil cead samhla inmheánaí acu le haghaidh an priacal shonraigh a bhaineann le suímh fhiachais arna dtrádáil i gcomhréir le Roinn a Trí, Teideal IV, Caibidil 5, socrófar M ar 1 san fhoirmle atá leagtha amach in Airteagal 153(1), ar an gcoinníoll gur féidir leis an institiúid a thaispeáint do na húdaráis inniúla go bhfuil iarmhairtí imirce rátála ar áireamh sa tsamhail inmheánach don Priacal sonrach a bhaineann le suímh fhiachais intrádála, a chuirtear i bhfeidhm in Airteagal 383;

(j)

chun críocha Airteagal 153(3), beidh M cothrom le haibíocht iarmhír na cosanta creidmheasa ach gan é a bheith níos giorra ná bliain amháin.

3.   Nuair is gá an doiciméadacht a ataisceadh agus a athluacháil gach lá agus go bhfuil forálacha inti lena gceadaítear leachtú nó fritháireamh pras na comhthaobhachta i gcás mainneachtana nó i gcás nach ndéantar an t-ataisceadh, beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad i gcás na nithe seo a leanas:

(a)

ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II;

(b)

idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe nó geall leis;

(c)

idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús agus tráchtearraí;

Ina theannta sin, i gcás risíochtaí gearrthéarmacha cáilitheacha nach cuid iad de mhaoiniú leanúnach an oibleagáideora ar an institiúid, beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad. Áireofar iad seo a leanas ar risíochtaí gearrthéarmacha cáilitheacha:

(a)

risíochtaí ar institiúidí a thagann as oibleagáidí malairte eachtraí a ghlantar;

(b)

idirbhearta maoiniúcháin trádála gearrthéarmacha atá féinleachtaitheach a bhaineann le malartú earraí nó seirbhísí ag a bhfuil aibíocht iarmhair suas le bliain amháin dá dtagraítear i bpointe (80)d'Airteagal 4 (1);

(c)

risíochtaí a thagann as díol agus ceannach urrús a ghlantar laistigh den ghnáth-thréimhse sheachadta nó laistigh de dhá lá gnó;

(d)

risíochtaí a thagann as aistrithe socraíochtaí airgid de shreang agus socraíochtaí idirbhearta ríomhíocaíochta agus costais réamhíoctha, lena n-áirítear rótharraingtí a thagann as idirbhearta loicthe nach faide iad ná líon gearr, socruithe de laethanta gnó arna chomhaontú.

4.   I gcás risíochtaí ar chorparáidí atá lonnaithe san Aontas agus ar lú a ndíolacháin chomhdhlúite agus a sócmhainní comhdhlúite ná EUR 500 milliún, beidh de rogha ag institiúidí M a shocrú go seasmhach mar atá leagtha amach i mír 1 seachas mír 2 a chur i bhfeidhm. Féadfaidh institiúidí iomlán sócmhainní is fiú 1 000 milliún a chur in ionad iomlán sócmhainní is fiú 500 milliún i gcás corparáidí ar leo, agus a ligeann ar cíos, maoin chónaithe neamh-amhantrach go príomha.

5.   Láimhseálfar neamhréireanna aibíochta mar a shonraítear i gCaibidil 4.

Foroinn 2

Risíochtaí ar mhiondíol

Airteagal 163

Dóchúlacht mainneachtana (PD)

1.   Beidh PD aon risíochta cothrom le 0,03 % ar a laghad.

2.   Beidh PD oibleagáideoirí, nó PD risíochtaí ar mainneachtain má úsáidtear cur chuige oibleagáide, beidh sé cothrom le 100 %.

3.   I gcás priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe, socrófar PD ar luach atá cothrom le meastacháin EL ar priacal caolúcháin. Más féidir le hinstitiúid a meastacháin EL ar priacal caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfar an meastachán PD a úsáid.

4.   Is féidir cosaint neamhchistithe creidmheasa a chur san áireamh trí bhíthin na PDanna a choigeartú faoi réir Airteagal 164(2). I gcás priacal caolúcháin, mar aon le soláthraithe na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 201(1)(g), tá díoltóir na n-earraí infhaighte ceannaithe incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 160(4).

Airteagal 164

Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)

1.   Cuirfidh na hinstitiúidí a meastacháin féin ar LGDanna ar fáil faoi réir na gceanglas atá sonraithe i Roinn 6 agus ar an gcoinníoll go bhfaighidh siad cead ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 143. I gcás priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe, úsáidfear luach LGD atá cothrom le 75 %. Más féidir le hinstitiúid a meastacháin EL ar priacal caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar bhealach iontaofa, féadfaidh an institiúid a meastachán LGD féin a úsáid.

2.   Féadfar cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint mar ghné atá incháilithe ach na meastacháin PD nó LGD a choigeartú faoi réir na gceangaltas atá sonraithe in Airteagal 183(1), (2) agus (3) agus faoi réir chead na n-údarás inniúil ag tacú le risíocht ar leith nó le comhthiomsú risíochtaí. Ní shannfaidh institiúid PD ná LGD coigeartaithe do risíochtaí faoi ráthaíocht ar chaoi gurbh ísle an t-ualú priacal coigeartaithe ná an t-ualú priacal a bheadh ag risíocht dhíreach inchomparáide ar an ráthóir.

3.   Chun críocha Airteagal 154(2), is ionann LGD na risíochta dírí inchomparáide ar sholáthraí na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 153(3) agus an LGD a bhaineann le saoráid neamhfhálaithe chun an ráthóra, é sin nó saoráid neamhfhálaithe an oibleagáideora, nó neachtar acu saoráid neamhfhálaithe an oibleagáideora; beidh sé sin de réir an méid a thugann an fhianaise atá le fáil agus struchtúr na ráthaíochta le tuiscint maidir le cé acu ar staid airgeadais an ráthóra nó an oibleagáideora a bhraithfeadh an méid a ghnóthófaí i gcás ina mainneodh an ráthóir agus an t-oibleagáideoir araon le linn shaolré an idirbhirt fhálaithe.

4.   An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht arna hurrú le maoin dhochorraithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 10 %.

An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht arna hurrú le maoin dhochorraithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 15 %.

5.   Bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh faoi Airteagal 101 agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine agus aon táscairí ábhartha eile á gcur san áireamh, déanfaidh na húdaráis inniúla a mheas go tréimhsiúl, ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na luachanna íosta LGA i mír 4 den Airteagal seo iomchuí do risíochtaí atá urraithe le maoin dhochorraithe nó tráchtála atá suite ar a gcríoch. Féadfaidh údaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn comaoineacha cobhsaíochta airgeadais, luachanna íosta níos airde a shocrú do mheán LGA atá ualaithe do risíochtaí a urraítear le maoin atá suite ar a gcríoch.

Cuirfidh údaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi aon athruithe a dhéanfar ar na luachanna íosta LGD i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus foilseoidh ÚBE na luachanna LGD sin.

6.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na coinníollacha a chuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh nuair a bheidh luach íosta LGD níos airde á gcinneadh acu.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.   Cuirfidh institiúidí Ballstáit amháin na luachanna íosta LGD níos airde arna gcinneadh ag údaráis inniúla Ballstáit eile i bhfeidhm maidir le risíochtaí atá urraithe le maoin atá suite sa Bhallstát sin.

Foroinn 3

Risíochtaí ar chothromas faoi réir an mhodha PD/LGD

Airteagal 165

Risíochtaí ar chothromas faoi réir an mhodha PD/LGD

1.   Cinnfear PDanna de réir na modhanna a úsáidtear le haghaidh risíochtaí corparáideacha.

Beidh feidhm ag na PDanna íosta seo a leanas:

(a)

0,09 % i gcás risíochtaí ar chothromas arna thrádáil ar an stocmhalartán i gcás gur cuid de chaidreamh fadtéarmach leis an gcustaiméir í an infheistíocht;

(b)

0,09 % i gcás risíochtaí nach risíochtaí ar chothromas arna dtrádáil ar an stocmhalartán iad, má tá na fáltais ar an infheistíocht bunaithe ar shreafaí rialta agus tréimhsiúla airgid nach dtagann as gnóthachain chaipitiúla;

(c)

0,40 % i gcás risíochtaí ar chothromas arna thrádáil ar an stocmhalartán lena n-áirítear suímh ghearra eile mar atá leagtha amach in Airteagal 155(2);

(d)

1,25 % i gcás gach risíochta eile ar chothromas lena n-áirítear suímh ghearra eile mar atá leagtha amach in Airteagal 155(2).

2.   Maidir le risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain, féadfar LGD 65 % a shannadh dóibh. Sannfar LGD 90 % do gach risíocht eile den sórt sin.

3.   Beidh an M a shannfar do gach risíocht cothrom le cúig bliana.

Roinn 5

Luach na risíochta

Airteagal 166

Risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus ar bhainc cheannais agus risíochtaí ar mhiondíol

1.   Mura dtugtar a mhalairt le fios, is ionann luach risíochta na risíochtaí laistigh den chlár comhardaithe agus an luach cuntasaíochta, arna thomhas gan aon choigeartuithe i leith an priacal creidmheasa a chur san áireamh.

Tá feidhm ag an riail seo freisin maidir le sócmhainní a ceannaíodh ar phraghas nach ionann é agus an méid atá dlite.

I gcás sócmhainní ceannaithe, meastar gur lascaine ar an difríocht idir an méid atá dlite agus an luach cuntasaíochta a fhanann ar chlár comhardaithe na hinstitiúide agus í ag ceannach na sócmhainne, tar éis di na coigeartuithe sonracha ar an bpriacal creidmheasa a chur i bhfeidhm, más mó an méid atá dlite, agus meastar gur préimh í más lú an méid atá dlite.

2.   Ríomhfar an luach risíochta i gcomhréir le Caibidil 4 nó le Caibidil 6 i gcás ina n-úsáideann institiúidí Máistir-chomhaontuithe glanluachála maidir le hidirbhearta athcheannaigh nó maidir le hidirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí.

3.   Chun luach na risíochta a ríomh i gcás glanluachála iasachtaí agus taiscí laistigh den chlár comhardaithe, cuirfidh institiúidí isteach ar na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 4.

4.   Beidh luach na risíochta do léasanna cothrom leis na híocaíochtaí léasa íosta lascainithe. Beidh na híocaíochtaí léasa íosta comhdhéanta de na híocaíochtaí a cheanglaítear nó is féidir a cheangal ar an léasaí a dhéanamh i rith théarma an léasa agus aon rogha margaidh (i.e. rogha a bhfuil a feidhmiú réasúnta cinnte). Más féidir a cheangal ar pháirtí seachas an léasaí íocaíocht a dhéanamh a bhaineann le luach iarmharach sócmhainne léasaithe agus má chomhlíonann an oibleagáid íocaíochta sin an tacar coinníollacha atá in Airteagal 201 maidir le hincháilitheacht sholáthraithe na cosanta, chomh maith leis na ceanglais maidir le cineálacha eile ráthaíochtaí a aithint mar a fhoráiltear in Airteagal 213, féadfar an oibleagáid íocaíochta sin a chur san áireamh mar chosaint neamhchistithe creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 4.

5.   I gcás aon chonartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II, cinnfear luach na risíochta de réir na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 6 agus ní chuirfear aon choigeartú i leith an priacal creidmheasa san áireamh.

6.   Is ionann luach na risíochta a úsáidfear chun na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal d'earraí infhaighte ceannaithe a ríomh agus an luach arna ríomh i gcomhréir le mír 1 lúide na ceanglais cistí dílse le haghaidh an priacal caolúcháin roimh an maolú priacal creidmheasa.

7.   I gcás risíochta i bhfoirm urrús nó tráchtearraí a díoladh, a breacadh chun cuntais nó a tugadh ar iasacht faoi idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus idirbhearta iasachta corrlaigh, is ionann luach na risíochta agus luach na n-urrús nó na dtráchtearraí arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24. I gcás ina n-úsáidfear an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais de réir mar atá sé leagtha amach in Airteagal 223, méadófar luach na risíochta den choigeartú luaineachta is iomchuí d'urrúis nó do thráchtearraí den sórt sin, mar atá leagtha amach ann. Féadfar luach risíochta na n-idirbheart athcheannaigh, na n-idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, na n-idirbheart socraíochta iarchurtha agus na n-idirbheart iasachta corrlaigh a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6 nó le hAirteagal 220(2).

8.   Ríomhfar luach risíochta na n-ítimí seo a leanas mar an méid atá tiomanta ach nár tarraingíodh fós arna iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta. Úsáidfidh na hInstitiúidí na fachtóirí coinbhéartachta a leanas i gcomhréir le hAirteagal 151(8) maidir le risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais:

(a)

i gcás línte creidmheasa is féidir leis an institiúid a chealú go neamhchoinníollach aon tráth gan fógra a thabhairt roimh ré, nó lena ndéantar foráil go hiarbhír gur féidir iad a chealú go huathoibríoch má thagann meath ar chreidmheasacht an iasachtaí, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 0 % i bhfeidhm. Chun fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí faireachán gníomhach ar staid airgeadais an oibleagáideora agus cuirfidh a gcórais rialaithe inmheánaigh ar a gcumas aon mheathlú ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora a bhrath láithreach. Féadfar a mheas go bhfuil na línte creidmheasa miondíola inchealaithe go neamhchoinníollach má cheadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi reachtaíocht ghaolmhar;

(b)

i gcás litreacha creidmheasa gearrthéarmacha a thagann as gluaiseacht earraí, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 20 % i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí eisiúna agus na hinstitiúid daingniúcháin araon;

(c)

i gcás ceangaltais cheannaigh neamhtharraingthe i leith earraí infhaighte ceannaithe imrothlacha is féidir a chealú go neamhchoinníollach nó a dhéanann foráil go bhféadfaidh an institiúid iad a chealú tráth ar bith gan fógra a thabhairt roimh ré, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 0 % i bhfeidhm. Chun fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí faireachán gníomhach ar staid airgeadais an oibleagáideora agus cuirfidh a gcórais rialaithe inmheánaigh ar a gcumas aon mheath ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora a bhrath láithreach;

(d)

i gcás línte creidmheasa eile, saoráidí eisiúna nótaí (NIFanna) agus saoráidí frithgheallta imrothlacha (RUFanna), cuirfear fachtóir coinbhéartachta 75 % i bhfeidhm;

(e)

féadfaidh institiúidí a chomhlíonann na ceanglais maidir le húsáid a bhaint as a meastacháin féin ar fhachtóirí coinbhéartachta, mar a shonraítear i Roinn 6, a meastacháin féin a úsáid thar chineálacha táirgí éagsúla mar a luaitear i bpointí (a) go (d), faoi réir chead na n-údarás inniúil.

9.   I gcás ina dtagraítear i gceangaltas do shíneadh ceangaltais eile, is é an ceann is ísle den dá fhachtóir coinbhéartachta a bhaineann leis an gceangaltas aonair a úsáidfear.

10.   I gcás ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe, seachas iad sin ar a bhfuil trácht i míreanna 1 go 8, beidh luach na risíochta dóibh uile cothrom leis an gcéatadán seo a leanas dá luach:

(a)

100 % más ítim lánpriacal atá i gceist;

(b)

50 % más ítim mheánpriacal atá i gceist;

(c)

20 % más ítim mheánpriacal /íospriacal atá i gceist;

(d)

0 % más ítim íospriacal atá i gceist.

Chun críocha na míre seo sannfar na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe do chatagóirí priacal mar a thugtar le fios in Iarscríbhinn I.

Airteagal 167

Risíochtaí ar chothromas

1.   Beidh luach na risíochta i gcás risíochtaí ar chothromas cothrom leis an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha nuair a chuirfear an coigeartú sonrach ar an bpriacal creidmheasa i bhfeidhm.

2.   Beidh luach na risíochta do risíochtaí ar chothromas lasmuigh den chlár comhardaithe cothrom lena luach ainmniúil nuair a laghdófar a luach ainmniúil le coigeartuithe sonracha ar an bpriacal creidmheasa don risíocht seo.

Airteagal 168

Sócmhainní eile nach sócmhainní oibleagáide creidmheasa iad

Is ionann luach na risíochta i gcás sócmhainní eile nach sócmhainní oibleagáide creidmheasa iad agus an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha nuair a chuirfear coigeartuithe sonracha ar an bpriacal creidmheasa i bhfeidhm.

Roinn 6

Ceanglais maidir le cur chuige irb

Foroinn 1

Córais rátála

Airteagal 169

Prionsabail ghinearálta

1.   I gcás ina n-úsáideann institiúid roinnt córas rátála, doiciméadófar an réasúnaíocht ba bhun le hoibleagáideoir nó idirbheart a shannadh do chóras rátála ar leith agus déanfar sin ar bhealach a léiríonn mar is ceart leibhéal an priacal.

2.   Déanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar chritéir agus ar phróisis an tsannta lena chinneadh an bhfuil siad iomchuí i gcónaí don phunann reatha agus do na dálaí seachtracha.

3.   I gcás ina n-úsáideann institiúid meastacháin dhíreacha ar pharaiméadair priacal d'oibleagáideoirí aonair nó do risíochtaí, is féidir iad a mheas mar mheastacháin a shannfar do ghráid ar scála rátála leanúnach.

Airteagal 170

Struchtúr na gcóras rátála

1.   Comhlíonfaidh struchtúr na gcóras rátála maidir le risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais na ceanglais seo a leanas:

(a)

cuirfear saintréithe priacal an oibleagáideora agus an idirbhirt san áireamh sa chóras rátála;

(b)

beidh scála rátála oibleagáideora sa chóras rátála nach léireoidh ach an cainníochtú ar priacal mainneachtana an oibleagáideora. Beidh ar a laghad 7 ngrád sa scála rátála féichiúnaí d'oibleagáideoirí neamh-mhainneachtana agus ceann amháin d'oibleagáideoirí mainneachtana;

(c)

déanfaidh institiúid doiciméadú ar an ngaol atá idir na gráid oibleagáideora ar bhonn leibhéal an priacal mainneachtana a bhaineann le gach grád agus ar bhonn na gcritéar a úsáidtear d'fhonn an leibhéal sin de priacal mainneachtana a aithint;

(d)

institiúidí a bhfuil punanna acu atá comhchruinnithe i ndeighleog mhargaidh ar leith agus i raon priacal mainneachtana ar leith, beidh a ndóthain grád oibleagáideora acu laistigh den raon sin le nach mbeidh an iomarca oibleagáideoirí comhchruinnithe in aon ghrád ar leith. I gcás comhchruinnithe suntasacha in aon ghrád amháin, tabharfar fianaise eimpíreach dhiongbháilte go gcumhdaíonn an grád oibleagáideora banda réasúnta caol PD agus go bhfuil priacal mainneachtana gach oibleagáideoir sa ghrád sin laistigh den bhanda sin;

(e)

le go mbeidh cead ag an údarás inniúil a meastacháin féin ar LGDanna a úsáid chun a gceanglais cistí dílse a ríomh, ní mór scála rátála saoráidí ar leith a bheith sa chóras rátála nach léiríonn ach saintréithe na n-idirbheart a bhaineann le LGD. Beidh i sainiú an ghráid saoráide cur síos ar an gcaoi a sanntar risíochtaí don ghrád sin agus cur síos ar na critéir a úsáidtear chun leibhéal an priacal sna gráid éagsúla a aithint;

(f)

i gcás comhchruinnithe suntasacha in aon ghrád saoráide ar leith, tabharfar fianaise eimpíreach dhiongbháilte go gcumhdaíonn an grád saoráide banda réasúnta caol LGD agus go bhfuil priacal gach risíochta sa ghrád sin laistigh den bhanda sin.

2.   Institiúidí a úsáideann na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) chun ualuithe priacal a shannadh do risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, tá siad díolmhaithe ón gceanglas scála rátála oibleagáideora a bheith acu nach léiríonn ach an cainníochtú ar priacal mainneachtana an oibleagáideora i leith na risíochtaí sin. Beidh ar a laghad 4 ghrád ag na hinstitiúidí sin do na risíochtaí sin ar oibleagáideoirí neamh-mhainneachtana agus grád amháin ar a laghad d'oibleagáideoirí mainneachtana;

3.   Comhlíonfaidh struchtúr na gcóras rátála do risíochtaí ar mhiondíol na ceanglais seo a leanas:

(a)

léireofar an bpriacal oibleagáideora agus an priacal idirbhirt araon sna córais rátála, agus gabhfar saintréithe iomchuí uile an oibleagáideora agus an idirbhirt iontu;

(b)

áiritheoidh leibhéal difreála an priacal gur leor líon na risíochtaí in aon ghrád nó in aon chomhthiomsú ar leith le gur féidir cainníochtú agus bailíochtú fóinteach a dhéanamh ar na saintréithe caillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe. Dáilfear na risíochtaí agus na hoibleagáideoirí ar na gráid nó na comhthiomsuithe ar chaoi nach mbeidh an iomarca comhchruinnithe ann;

(c)

fágfaidh próiseas sannta na risíochtaí do ghráid agus do chomhthiomsuithe go bhféadfar difreáil fhóinteach a dhéanamh ar na priacail, go ngrúpálfar na risíochtaí atá aonchineálach a ndóthain agus go bhféadfar meastachán beacht comhsheasmhach a dhéanamh ar shaintréithe an chaillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe. I gcás earraí infhaighte ceannaithe, léireoidh an ghrúpáil cleachtaí frithgheallta an díoltóra agus ilchineálacht a chustaiméirí.

4.   Cuirfidh na hinstitiúidí na spreagaithe priacal seo a leanas san áireamh agus iad ag sannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe:

(a)

saintréithe an phriacail oibleagáideora;

(b)

saintréithe an phriacail idirbhirt, lena n-áirítear na cineálacha táirge nó comhthaobhachta nó iad araon. Tabharfaidh institiúidí aghaidh go sainráite ar chásanna mar a dtéann an chomhthaobhacht chéanna chun tairbhe do roinnt risíochtaí;

(c)

faillí, ach amháin i gcás ina dtaispeánann institiúid chun sástachta a údaráis inniúil nach spreagaí ábhartha priacal don risíocht í an fhaillí.

Airteagal 171

Grádanna nó comhthiomsuithe a shannadh

1.   Beidh sainmhínithe, próisis agus critéir ar leith ag institiúid chun risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe laistigh de chóras rátála a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh sainmhínithe agus critéir na ngrád agus na gcomhthiomsuithe mionsonraithe a ndóthain le gur féidir leo siúd a bhfuil sé de chúram orthu rátálacha a shannadh na hoibleagáideoirí nó na saoráidí a bhfuil an priacal céanna ag baint leo a shannadh go comhsheasmhach don ghrád nó don chomhthiomsú céanna. Beidh an chomhsheasmhacht sin le fáil thar línte gnó, ranna agus suímh gheografacha;

(b)

cuirfidh doiciméadú an phróisis rátála ar chumas tríú páirtithe sannadh na risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe a thuiscint, an sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe a mhacasamhlú agus meastachán a dhéanamh ar oiriúnacht an tsannta don ghrád nó don chomhthiomsú;

(c)

ina theannta sin, beidh na critéir comhsheasmhach le caighdeáin inmheánacha iasachtaithe na hinstitiúide agus lena beartais maidir leis an gcaoi a bpléitear le hoibleagáideoirí nó le saoráidí struis.

2.   Cuirfidh institiúid gach faisnéis ábhartha san áireamh agus í ag sannadh oibleagáideoirí agus saoráidí do ghráid nó do chomhthiomsuithe. Dá laghad faisnéis a bheidh ag an institiúid, is ea is coimeádaí a bheidh sí agus í ag sannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe oibleagáideoirí nó saoráidí. Má bhaineann institiúid úsáid as rátáil sheachtrach mar phríomhfhachtóir chun sannadh rátála inmheánaí a chinneadh, áiritheoidh an institiúid go gcuirfear faisnéis ábhartha eile san áireamh.

Airteagal 172

Sannadh risíochtaí

1.   I gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus i gcás risíochtaí ar chothromas ina mbaineann institiúid úsáid as an cur chuige PD/LGS a leagtar amach in Airteagal 155(3), sannfar na risíochtaí i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)

sannfar gach oibleagáideoir do ghrád oibleagáideora ar leith mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh;

(b)

i gcás na risíochtaí sin a bhfuil cead faighte ag institiúid ón údarás inniúil a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a úsáid de bhun Airteagal 143, sannfar gach risíocht do ghrád saoráide freisin mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh;

(c)

institiúidí a úsáideann na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) chun ualuithe priacal a shannadh do risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, sannfaidh siad gach ceann de na risíochtaí sin do ghrád ar leith i gcomhréir le hAirteagal 170(2);

(d)

déanfar rátáil ar leith ar gach eintiteas dlíthiúil ar leith ar a bhfuil an institiúid ar ris. Beidh beartais iomchuí ag institiúid maidir leis an gcaoi a láimhseálfar cliaint aonair ar oibleagáideoirí iad agus le grúpaí de chliaint atá bainteach le chéile;

(e)

déanfar risíochtaí leithleacha ar an oibleagáideoir céanna a shannadh don ghrád oibleagáideora céanna, beag beann ar aon difríocht idir cineál gach idirbhirt ar leith. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn gráid éagsúla ag an oibleagáideoir céanna de bharr risíochtaí leithleacha, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(i)

priacal aistrithe tíre, rud a bhíonn ag brath ar cé acu in airgeadra áitiúil nó in airgeadra eachtrach a ainmnítear na risíochtaí;

(ii)

féadfar láimhseáil ráthaíochtaí gaolmhara ar risíocht a léiriú i sannadh coigeartaithe do ghrád oibleagáideora;

(iii)

toirmeascann an reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí, rúndacht bhaincéireachta nó reachtaíocht eile malartú sonraí na gcliant.

2.   I gcás risíochtaí ar mhiondíol, sannfar gach risíocht do ghrád nó do chomhthiomsú ar leith mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh.

3.   I gcás sanntaí do ghráid agus do chomhthiomsuithe, doiciméadóidh institiúidí na cásanna ina bhféadfaidh breithiúnas daonna ionchuir agus aschuir an phróisis sannta a shárú agus an pearsanra a bhfuil de chúram orthu na sáruithe sin a fhaomhadh. Doiciméadóidh institiúidí na sáruithe sin agus déanfaidh siad nóta den phearsanra atá freagrach. Déanfaidh institiúidí anailís ar fheidhmíocht na risíochtaí ar sáraíodh a sanntaí. Áireofar san anailís sin measúnú ar fheidhmíocht na risíochtaí ar sháraigh duine ar leith a rátáil, agus cuirfear an pearsanra freagrach uile san áireamh.

Airteagal 173

Sláine an phróisis sannta

1.   I gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus i gcás neamhcosaintí ar chothromas ina mbaineann institiúid leas as an gcur chuige PD/LGD a leagtar amach in Airteagal 155(3), ar comhlíonfaidh an próiseas sannta na ceanglais sláine seo a leanas:

(a)

Is páirtí neamhspleách nach mbaineann aon tairbhe dhíreach as aon chinneadh síneadh a chur leis an gcreidmheas a dhéanfaidh nó a fhaomhfaidh na sanntaí agus na hathbhreithnithe tréimhsiúla ar na sanntaí;

(b)

Athbhreithneoidh institiúidí na sanntaí uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad agus déanfaidh siad an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe. Déanfar athbhreithnithe níos minice ar oibleagáideoirí ardpriacal agus ar risíochtaí a bhfuil fadhb ag baint leo. Gabhfaidh institiúidí sannadh nua ar láimh má bhíonn faisnéis ábhartha ar an oibleagáideoir nó ar an risíocht ar fáil;

(c)

Beidh próiseas éifeachtach ag institiúid chun faisnéis ábhartha maidir le saintréithe oibleagáideora a dhéanann difear do PDanna agus faisnéis maidir le saintréithe idirbhirt a dhéanann difear do LGDanna nó d'fhachtóirí coinbhéartacha a fháil agus a nuashonrú.

2.   I gcás risíochtaí ar mhiondíol, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad athbhreithneoidh institiúid na sanntaí oibleagáideora agus saoráide agus déanfaidh sí an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe, nó déanfaidh sí athbhreithniú ar shaintréithe caillteanais agus ar stádas faillí gach comhthiomsaithe aitheanta de priacail, cibé acu is infheidhme. Uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana arís eile, déanfaidh institiúid athbhreithniú i sampla ionadaíoch ar stádas risíochtaí ar leith laistigh de gach comhthiomsú, lena áirithiú go sannfar na risíochtaí don chomhthiomsú ceart i gcónaí, agus déanfaidh sí an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhair mhodheolaíochtaí na n-údarás inniúil chun sláine an phróisis sannta agus an measúnú neamhspleách rialta a dhéantar ar priacail a mheas.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 174

Úsáid samhlacha

Má úsáideann institiúid samhlacha staitistiúla agus modhanna meicniúla eile chun risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe oibleagáideoirí nó saoráide, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh acmhainn mhaith réamhaisnéise ag an tsamhail agus ní chuirfear na riachtanais chaipitil as a riocht de bharr í a úsáid. Beidh na hathróga ionchuir ina mbonn réasúnta éifeachtach ag na réamhaisnéisí a a sholáthrófar. Ní bheidh aon laofacht ábhartha sa tsamhail;

(b)

beidh próiseas i bhfeidhm ag an institiúid chun na hionchuir sonraí sa tsamhail a sheiceáil, lena n-airítear measúnú ar bheachtas, ar chomhláine agus ar oiriúnacht na sonraí;

(c)

beidh na sonraí a úsáidfear chun an tsamhail a thógáil ionadaíoch do dhaonra oibleagáideoirí nó risíochtaí iarbhír na hinstitiúide;

(d)

beidh timthriall rialta bailíochtaithe samhla ag an institiúid lena n-áireofar faireachán ar fheidhmíocht agus ar chobhsaíocht na samhla; athbhreithniú ar shonraíocht na samhla; agus tástáil ar aschuir na samhla in aghaidh na dtorthaí;

(e)

comhlánóidh an institiúid an tsamhail staitistiúil le breithiúnas daonna agus le formhaoirseacht dhaonna chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sanntaí atá bunaithe ar an tsamhail agus lena áirithiú go n-úsáidfear na samhlacha go hiomchuí. Is é aidhm a bheidh ag na nósanna imeachta athbhreithnithe na hearráidí a thagann as laigí na samhla a aimsiú agus a theorannú. Déanfaidh an breithiúnas daonna gach faisnéis ábhartha nár cuireadh san áireamh sa tsamhail a chur san áireamh. Doiciméadóidh an institiúid an chaoi nach mór an breithiúnas daonna agus torthaí na samhla a thabhairt le chéile.

Airteagal 175

Doiciméadú na gcóras rátála

1.   Doiciméadóidh institiúidí dearadh agus mionsonraí oibríochta a córas rátála. Cuirfidh an doiciméadú fianaise ar fáil go bhfuiltear ag comhlíonadh ceanglas na Roinne seo, agus déileálfaidh sé le hábhair lena n-áirítear difreáil punann, critéir rátála, freagrachtaí na bpáirtithe a rátálann na hoibleagáideoirí agus na risíochtaí, minicíocht na n-athbhreithnithe ar shanntaí agus an mhaoirseacht bhainistíochta ar an bpróiseas rátála.

2.   Doiciméadóidh an institiúid an réasúnaíocht is bun leis na critéir rátála arna roghnú aici agus an anailís a thacaíonn leis an rogha sin. Doiciméadóidh an institiúid aon athrú mór a dhéanfar ar an bpróiseas rátála priacal agus beidh an doiciméadú ag tacú leis na hathruithe a rinneadh ar an bpróiseas rátála priacal ón uair a rinne na húdaráis inniúla athbhreithniú go deireanach air a aithint. Déanfar doiciméadú freisin ar eagrú an tsannta rátála, lena n-áirítear an próiseas sannta rátála agus an struchtúr rialaithe inmheánaigh.

3.   Doiciméadóidh an institiúid na sainmhínithe ar leith ar mhainneachtain agus ar chaillteanas a úsáidtear go hinmheánach agus áiritheoidh sí go mbeidh siad comhsheasmhach leis na sainmhínithe atá leagtha amach sa Rialachán seo.

4.   I gcás ina n-úsáideann an institiúid samhlacha staitistiúla sa phróiseas rátála, doiciméadóidh an institiúid a modheolaíochtaí. Déanfar an méid seo a leanas sa doiciméadacht sin:

(a)

achoimre mhionsonraithe a sholáthar ar an teoiric, ar na toimhdí agus ar an mbunús matamaiticiúil agus eimpiriciúil is bonn le sannadh na meastachán do ghráid, d'oibleagáideoirí aonair, do risíochtaí nó do comhthiomsuithe, agus ar an bhfoinse/na foinsí sonraí a úsáideadh chun an tsamhail a mheas;

(b)

dianphróiseas staitistiúil a bhunú, lena n-áirítear trialacha feidhmíochta as am agus as sampla chun an tsamhail a bhailíochtú;

(c)

na dálaí a thabhairt le fios nach n-oibríonn an tsamhail go éifeachtach iontu.

5.   Léireoidh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil ceanglais an Airteagail seo á gcomhlíonadh, i gcás ina bhfuil córas rátála, nó samhail a úsáidtear laistigh de chóras rátála, faighte ag institiúid ó dhíoltóir tríú páirtí agus go ndiúltaíonn sé rochtain a thabhairt don institiúid ar fhaisnéis a bhaineann le modheolaíocht an chórais rátála nó na samhla sin, nó ar shonraí foluiteacha a úsáideadh chun an mhodheolaíocht nó an tsamhail sin a fhorbairt, nó go dteorannaíonn sé an fhaisnéis sin, ar an mbonn go bhfuil an fhaisnéis sin dílsithe.

Airteagal 176

Cothabháil sonraí

1.   Cruinneoidh agus stórálfaidh institiúidí sonraí ar ghnéithe a bhaineann lena rátálacha inmheánacha mar a cheanglaítear faoi Chuid a hOcht.

2.   I gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus i gcás risíochtaí ar chothromas ina mbaineann institiúidí leas as an gcur chuige PD/LGD a leagtar amach in Airteagal 155(3), baileoidh agus stórálfaidh institiúidí na nithe seo a leanas:

(a)

tuairiscí iomlána rátála ar oibleagáideoirí agus ar ráthóirí aitheanta;

(b)

na dátaí ar ar sannadh na rátálacha;

(c)

na príomhshonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh le teacht ar an rátáil;

(d)

an duine atá freagrach as an sanndh rátála;

(e)

céannacht na n-oibleagáideoirí agus na risíochtaí a mhainnigh;

(f)

dáta agus na dálaí na mainneachtana sin;

(g)

sonraí maidir leis na PDanna agus na rátaí mainneachtana réadaithe a bhaineann le gráid rátála agus le himirce rátálacha.

3.   Institiúidí nach n-úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta, baileoidh siad agus stórálfaidh siad sonraí ar chomparáidí idir LGDanna réadaithe agus na luachanna mar atá leagtha amach in Airteagal 161(1) agus idir fachtóirí coinbhéartachta réadaithe agus na luachanna mar atá leagtha amach in Airteagal 166(8).

4.   Baileoidh agus stórálfaidh institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta na nithe seo a leanas:

(a)

tuairiscí iomlána na sonraí ar na rátálacha saoráide agus ar na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a bhaineann le gach aon scála rátála;

(b)

na dátaí ar ar sannadh na rátálacha agus ar a ndearnadh na meastacháin;

(c)

na príomhshonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh le teacht ar na rátálacha saoráide agus ar na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta;

(d)

an duine a shann an rátáil saoráide agus an duine a sholáthair na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta;

(e)

sonraí maidir leis na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta measta agus réadaithe a bhaineann le gach risíochta mhainnigh;

(f)

sonraí maidir le LGD na risíochta roimh mheastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí ráthaíochta nó díorthaigh chreidmheasa agus ina dhiaidh sin, i gcás na n-institiúidí sin a chuireann i gcuntas sa LGD an chaoi a maolaíonn na ráthaíochtaí nó na díorthaigh chreidmheasa an priacal creidmheasa;

(g)

sonraí maidir le comhpháirteanna an chaillteanais i gcás gach risíochta a mhainnigh.

5.   I gcás risíochtaí ar mhiondíol, baileoidh agus stórálfaidh institiúidí na nithe seo a leanas:

(a)

na sonraí á úsáidtear agus risíochtaí á sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe;

(b)

sonraí maidir leis na PDanna, na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta measta a bhaineann le gráid nó le comhthiomsuithe risíochtaí;

(c)

céannacht na n-oibleagáideoirí agus na risíochtaí a mhainnigh;

(d)

i gcás risíochtaí a mhainnigh, sonraí maidir leis na gráid nó na comhthiomsuithe ar sannadh dóibh an risíocht i rith na bliana roimh an mainneachtain agus na torthaí réadaithe ar LGD nó ar an bhfachtóir coinbhéartachta;

(e)

sonraí maidir le rátaí caillteanais i gcás risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol.

Airteagal 177

Tástálacha struis a úsáidtear chun leordhóthanacht caipitil a mheasúnú

1.   Beidh próisis fhónta tástála struis ar bun ag institiúid le leordhóthanacht a caipitil a mheasúnú. Aithneofar teagmhais fhéideartha nó athruithe sa todhchaí sna dálaí eacnamaíocha a rachadh i gcion go mífhabhrach ar risíochtaí creidmheasa na hinstitiúide agus déanfar measúnú leis ar chumas na hinstitiúide dul i ngleic le hathruithe den sórt sin.

2.   Déanfaidh institiúid tástáil struis go rialta ar an bpriacal creidmheasa le measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag dálaí ar leith ar cheanglais chaipitil iomlána do priacal creidmheasa. Is í an institiúid a roghnóidh an tástáil, faoi réir athbhreithniú maoirseachta. Beidh an tástáil a dhéanfar fóinteach agus cuirfear i gcuntas na héifeachtaí a bheadh ag cásanna cúlaithe eacnamaíochta atá géar ach dealraitheach. Déanfaidh institiúid measúnú ar an imirce ina rátálacha faoi na cásanna á áirítear sa tástáil struis. Áireofar formhór mór de risíochtaí iomlána na hinstitiúide i bpunanna struis.

3.   Institiúidí a bhaineann úsáid as an láimhseáil atá leagtha amach in Airteagal 153(3), cuirfidh siad san áireamh sa chreat tástála struis atá acu an éifeacht a bheadh ag meath ar cháilíocht chreidmheasa sholáthraithe na cosanta, go háirithe an éifeacht a bheadh ag soláthraithe cosanta nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta.

Foroinn 2

Cainníochtú priacal

Airteagal 178

Mainneachtain oibleagáideora

1.   Measfar go mbeidh mainneachtain tar éis tarlú maidir le hoibleagáideoir ar leith má tharlaíonn ceachtar den dá rud a leanas nó an dá rud:

(a)

measann an institiúid nach dócha go n-íocfaidh an t-oibleagáideoir iomlán a oibleagáidí creidmheasa leis an institiúid, leis an máthairchuideachta nó le ceann ar bith dá fochuideachtaí gan an institiúid dul i muinín birt amhail urrús a réadú;

(b)

tá an t-oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 90 lá in aon oibleagáid chreidmheasa ábhartha i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí. Féadfaidh na húdaráis áitiúla 180 lá a chur in ionad an 90 lá i gcás risíochtaí arna n-urrú ag réadmhaoin chónaithe nó ag réadmhaoin tráchtála FBM in aicme na risíochta ar mhiondíol, chomh maith le risíochtaí ar eintitis na hearnála poiblí. Ní bheidh feidhm ag an 180 lá chun críocha Airteagal 127.

I gcás risíochtaí ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí an sainmhíniú ar mhainneachtain a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide aonair creidmheasa seachas ar na hoibleagáidí iomlána a bheidh ag iasachtaí.

2.   Beidh feidhm ag an méid seo a leanas chun críocha phointe (b) de mhír 1:

(a)

i gcás rótharraingtí, tosaíonn na laethanta thar téarma a luaithe a sháraíonn an t-oibleagáideoir teorainn mholta, a luaithe a mholtar teorainn dó atá níos lú ná na suimeanna gan íoc, nó a luaithe atá creidmheas tarraingthe aige gan údarás, nuair atá an méid bunúsach ábhartha;

(b)

chun críocha phointe (a), cuimsíonn teorainn mholta aon teorainn chreidmheasa a chinn an institiúid agus a d'fhógair an institiúid don oibleagáideoir;

(c)

i gcás cártaí creidmheasa, tosaíonn na laethanta thar téarma ar an dáta a bhfuil an íos-íocaíocht dlite.

(d)

ábharthacht oibleagáid chreidmheasa thar theárma a mheasúnófar le tairseach, arna sainiú ag na húdaráis inniúla. Cuirfear i gcuntas sa tairseach seo an leibhéal priacal is dóigh leis an údarás inniúil a bheith réasúnta;

(e)

beidh beartais dhoiciméadaithe ag institiúidí i leith áireamh na laethanta thar téarma, go háirithe maidir le hathaosú na saoráidí agus le síntí, leasuithe nó iarchur a cheadú, athnuachaintí, agus glanluacháil a dhéanamh ar chuntais atá ann cheana. Cuirfear na beartais sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama, agus beidh siad I gcomhréir le próisis chinnteoireachta agus le bainistíocht priacal inmheánach na hinstitiúide.

3.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1, áireofar na heilimintí seo a leanas mar tháscairí ar mhídhóchúlacht na híocaíochta:

(a)

tugann an institiúid an stádas “neamhfhabhraithe” don oibleagáid chreidmheasa;

(b)

sainaithníonn an institiúid coigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa a thig ó mheathlú suntasach atá le sonrú sa cháilíocht chreidmheasa tar éis don institiúid glacadh leis an risíocht;

(c)

díolann an institiúid an oibleagáid chreidmheasa faoi chaillteanas eacnamaíoch ábhartha a bhaineann le creidmheas;

(d)

toilíonn an institiúid le hathchóiriú struis na hoibleagáide creidmheasa i gcás inar dóigh go mbeadh mar thoradh air oibleagáid airgeadais níos lú mar gur maitheadh nó gur cuireadh siar an phríomhshuim, an t-ús nó, nuair is iomchuí, na táillí. Cuimsíonn sé sin, i gcás na risíochtaí ar chothromas a mheasúnaítear faoi Chur Chuige PD/LGD, athchóiriú struis ar an gcothromas féin;

(e)

tá an institiúid tar éis iarratas oifigiúil a dhéanamh ar ordú féimheachta nó ordú dá leithéid i leith oibleagáid chreidmheasa an oibleagáideora i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí;

(f)

tá an t-oibleagáideoir tar éis féimheacht a iarraidh nó breithníodh é ina fhéimheach nó tá sé tar éis cosaint dá samhail a iarraidh nó a fháil i gcás ina mbacfaí nó ina gcuirfí moill ar aisíocaíocht na hoibleagáide creidmheasa i leith na hinstitiúide, na máthairchuideachta nó ceann ar bith dá fochuideachtaí dá bharr.

4.   Institiúidí a úsáideann sonraí seachtracha nach bhfuil comhsheasmhach iontu féin leis an sainmhíniú ar mhainneachtain atá leagtha síos i mír 1, déanfaidh siad na coigeartuithe iomchuí le go mbeidh siad coibhéiseach, tríd is tríd, leis an sainmhíniú ar mhainneachtain.

5.   Má mheasann an institiúid go bhfuil risíocht a mhainnigh cheana de chineál a chiallaíonn nach bhfuil feidhm a thuilleadh le truicear mainneachtana, rátálfaidh an institiúid an t-oibleagáideoir nó an tsaoráid mar a dhéanfadh sí i gcás risíochta nár mhainnigh. I gcás ina spreagfaí sainiú na mainneachtana ina dhiaidh sin, mheasfaí go mbeadh mainneachtain eile ann.

6.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a chinnfidh údarás inniúil an tairseach dá dtagraítear i mír 2(d).

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.   Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo. Glacfar leis na treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 179

Ceanglais fhoriomlána maidir le meastachán a dhéanamh

1.   Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm.

(a)

beidh gach sonra, faisnéis agus modh ábhartha ar áireamh i meastacháin na hinstitiúide féin ar na paraiméadair priacal, PD, LGD, fachtóirí coinbhéartachta agus EL. Díorthófar na meastacháin trí úsáid a bhaint as an taithí stairiúil agus as an bhfianaise eimpíreach araon, gan dul i muinín ceisteanna breithiúnais amháin. Beidh na meastacháin dealraitheach agus iomasach agus iad bunaithe ar spreagaí gach paraiméadair priacal faoi seach. Dá laghad sonraí a bheidh ag institiúid, is amhlaidh is coimeádaí a bheidh sí ina meastachán;

(b)

beidh institiúid in ann miondealú a chur ar fáil ar stair a chaillteanais maidir le minicíocht na mainneachtana, LGD, fachtóir coinbhéartachta, nó caillteanas i gcás ina n-úsáidtear meastachán EL, ar bhonn na bhfachtóirí a mheasann sí a bheith ina spreagaithe le gach paraiméadair priacal faoi leith. Beidh an taithí fhadtéarmach curtha san áireamh i meastacháin na hinstitiúide;

(c)

cuirfear san áireamh aon athrú a thiocfaidh ar an gcleachtas iasachtaithe nó ar an bpróiseas chun fiacha a ghnóthú dá dtagraítear in Airteagal 180(1)(h) agus (2)(e), in Airteagal 181(1)(j) agus (2), agus in Airteagal 182(2) agus (3). Cuirfear san áireamh i meastacháin na hinstitiúide impleachtaí an dul chun cinn teicniúil agus sonraí nua agus faisnéis eile, de réir mar a chuirfear iad sin ar fáil. Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar a meastacháin nuair a thiocfaidh faisnéis nua chun solais agus ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana;

(d)

beidh líon na risíochtaí atá san áireamh sna sonraí a úsáideadh le haghaidh an mheastacháin, na caighdeáin iasachtaithe a úsáideadh nuair a gineadh na sonraí, agus saintréithe ábhartha eile, beidh siad inchomparáide leo siúd a bhaineann le risíochtaí agus le caighdeáin na hinstitiúide. Beidh dálaí an mhargaidh nó dálaí eacnamaíocha is bonn leis na sonraí ábhartha do na dálaí reatha nó ionchasacha. Beidh líon na risíochtaí sa sampla agus an tréimhse shonraí a úsáideadh le haghaidh an chainníochtú leordhóthanach le go mbeidh muinín ag an institiúid as beachtas agus as stóinseacht a meastachán;

(e)

i gcás earraí infhaighte ceannaithe, cuirfear i gcuntas sna meastacháin gach faisnéis iomchuí a bheidh ar fáil don institiúid cheannaigh maidir le caighdeán na n-earraí infhaighte foluiteacha, lena n-áirítear sonraí maidir le comhthiomsuithe comhchosúla arna gcur ar fáil ag an díoltóir, ag an institiúid cheannaigh, nó ag foinsí seachtracha. Déanfaidh an institiúid cheannaigh meastóireacht ar aon sonra a chuirtear san áireamh arbh é an díoltóir a chuir ar fáil é;

(f)

cuirfidh institiúid corrlach choimeádachais lena meastacháin a bhaineann le raon ionchasach na n-earráidí meastacháin. I gcás ina meastar nach bhfuil na modhanna agus na sonraí sásúil nó go bhfuil raon ionchasach na n-earráidí níos mó, bheidh an corrlach choimeádachais níos mó.

I gcás ina n-úsáideann institiúidí meastacháin éagsúla chun na hualuithe priacal a ríomh nó chun críocha inmheánacha, doiciméadófar é sin agus beidh sé réasúnta. Más féidir le hinstitiúidí a léiriú dá n-údaráis inniúla go ndearnadh coigeartuithe iomchuí ar na sonraí a bailíodh roimh an 1 Eanáir 2007 sa chaoi is go bhfuil siad coibhéiseach, tríd is tríd, leis an sainmhíniú ar mhainneachtain atá leagtha síos in Airteagal 178 nó le caillteanas, féadfaidh údaráis inniúla roinnt solúbthachta a cheadú do na hinstitiúidí maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán arna gceangal maidir le sonraí.

2.   I gcás ina n-úsáideann institiúid sonraí atá comhthiomsaithe thar institiúidí éagsúla, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá córais rátála agus critéir na n-institiúidí eile sa chomhthiomsú cosúil lena cuid córas rátála agus critéar féin;

(b)

tá an comhthiomsú ionadaíoch don phunann a n-úsáidtear na sonraí comhthiomsaithe lena aghaidh;

(c)

úsáideann an institiúid na sonraí comhthiomsaithe go comhsheasmhach le himeacht ama dá meastacháin;

(d)

leanfaidh an institiúid de bheith freagrach as sláine a córais rátála;

(e)

coimeádfaidh an institiúid ar bun an t-eolas atá ag a foireann ar chórais rátála i gcónaí, lena n-áirítear an cumas faireachán agus iniúchóireacht éifeachtach a dhéanamh ar an bpróiseas rátála.

Airteagal 180

Ceanglais a bhaineann go sonrach le meastachán ar PD

1.   Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh na hinstitiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le meastachán ar PD a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, agus ar rialtas láir agus ar bhainc cheannais agus maidir le risíochtaí ar chothromas i gcás ina mbaineann institiúid leas as an gcur chuige PD/LGD a leagtar amach in Airteagal 155(3):

(a)

déanfaidh institiúidí meastachán ar PDanna de réir grád oibleagáideora ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana aon bhliain amháin. Cuirfear san áireamh i meastacháin PD oibleagáideoirí atá dianluamhánaithe nó oibleagáideoirí ar sócmhainní trádáilte den chuid is mó a sócmhainní feidhmíocht na sócmhainní foluiteacha ar bhonn tréimhsí luaineachta struis;

(b)

i gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe féadfaidh institiúidí an EL de réir an ghráid oibleagáideora a mheas ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana réadaithe aon bhliain amháin;

(c)

má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PDanna agus LGDanna i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe ó mheastachán EL, agus ar mheastachán iomchuí ar PD nó ar LGD, comhlíonfaidh an próiseas chun na caillteanais iomlána a mheas na caighdeáin ghinearálta maidir le meastacháin ar PDanna agus LGDanna atá leagtha amach sa chuid seo, agus beidh an toradh comhsheasmhach le coincheap an LGD mar atá sé leagtha amach in Airteagal 181(1)(a);

(d)

ní bhainfidh institiúidí úsáid as teicnící measta PD gan anailís a chur mar thaca leo. Cuirfidh institiúidí san áireamh an tábhacht a bhaineann le breithiúnas maidir le torthaí na dteicnící a chur le chéile agus coigeartuithe a dhéanamh i ngeall ar easnamh na dteicnící agus na faisnéise;

(e)

sa mhéid go n-úsáideann institiúid sonraí maidir leis an taithí inmheánach ar an mainneachtain chun PDanna a mheas, cuirfear san áireamh sna meastacháin na caighdeáin frithgheallta agus na difríochtaí sa chóras rátála a ghin na sonraí agus an córas rátála reatha. I gcás ina bhfuil athrú ar chaighdeáin frithgheallta nó ar na córais rátála, cuirfidh an institiúid corrlach choimeádachais lena meastachán PD;

(f)

sa mhéid go gcomcheanglaíonn nó go mapálann institiúid a gráid inmheánacha leis an scála a úsáideann IMCS nó eagraíochtaí dá leithéid agus go sannann sí ansin an ráta mainneachtana atá le haithint ar ghráid na heagraíochta seachtraí do ghráid na hinstitiúide, beidh na mapálacha bunaithe ar chomparáid idir na critéir rátála inmheánacha agus na critéir a úsáideann an eagraíocht sheachtrach agus ar chomparáid idir na rátálacha inmheánacha agus na rátálacha seachtracha i gcás aon oibleagáideoir atá i bpáirt acu. Seachnófar laofachtaí nó neamhréireanna sa chur chuige mapála nó sna bunsonraí. Beidh critéir na heagraíochta seachtraí a fholuíonn na sonraí a úsáidfear don chainníochtú dírithe ar an bpriacal mainneachtana amháin agus ní chuirfidh siad saintréithe na n-idirbheart san áireamh. Áireofar san anailís a dhéanfaidh an institiúid comparáid idir na sainmhínithe ar mhainneachtain arna n-úsáid, faoi réir na gceanglas in Airteagal 178. Doiciméadóidh an institiúid bunús na mapála;

(g)

sa mhéid go n-úsáideann institiúid samhlacha staitistiúla chun mainneachtain a thuar, is ceadmhach meastachán a dhéanamh ar na PDanna mar mheán simplí na meastachán ar dhóchúlacht mainneachtana oibleagáideoirí aonair in aon ghrád ar leith. An úsáid a bhainfidh an institiúid as samhlacha um dhóchúlacht mainneachtana chun na críche seo, comhlíonfaidh sí na caighdeáin atá leagtha amach in Airteagal 174;

(h)

is cuma cé acu foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán den trí rud sin a úsáideann an institiúid dá meastachán PD, beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla bunúsaí cothrom le cúig bliana ar a laghad i gcás foinse amháin díobh ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí sin ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear. Tá feidhm aige sin freisin maidir leis an gCur Chuige PD/LGD i leith cothromais. Tá feidhm aige sin freisin maidir leis an gCur Chuige PD/LGD i leith cothromais. faoi réir chead na n-údarás inniúil, institiúidí nach mbeidh cead faighte acu ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin féin ar LGD ná ar fhachtóirí coinbhéartachta a úsáid, féadfaidh siad sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm. Cuirfear aon bhliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana.

2.   I gcás risíochtaí ar mhiondíol, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfaidh institiúidí meastacháin ar PDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe oibleagáideora ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana aon bhliain amháin.

(b)

féadfar meastacháin PD a dhéanamh freisin ar bhonn meastachán na gcaillteanas iomlán agus ar bhonn meastachán ábhartha ar LGDanna;

(c)

measfaidh na hinstitiúidí gurb iad na sonraí inmheánacha maidir le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe príomhfhoinse na faisnéise chun meastachán a dhéanamh ar shaintréithe an chaillteanais. Féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as sonraí seachtracha (lena n-áirítear sonraí comhthiomsaithe) nó samhlacha staitistiúla don chainníochtú ar an gcoinníoll go mbeidh an dá nasc láidir seo i gceist:

(i)

idir próiseas na hinstitiúide maidir le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomthiomsuithe agus an próiseas a úsáideann foinse na sonraí seachtracha; agus

(ii)

idir próifíl priacal inmheánach na hinstitiúide agus comhdhéanamh na sonraí seachtracha;

(d)

má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PD agus LGD i leith an mhiondíola a dhíorthú ó mheastachán ar chaillteanais iomlána agus ar mheastachán ábhartha ar PD nó an LGD, comhlíonfaidh an próiseas chun meastachán a dhéanamh ar na caillteanais iomlána na caighdeáin ghinearálta maidir leis meastacháin PD agus LGD atá leagtha amach sa chuid seo, agus beidh an toradh comhsheasmhach le coincheap an LGD mar atá sé leagtha amach i bpointe (a) d'Airteagal 181(1);

(e)

is cuma cé acu foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán den trí rud sin a úsáideann an institiúid dá meastachán ar shaintréithe an chaillteanais, beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla bunúsaí cothrom le cúig bliana ar a laghad d'fhoinse amháin díobh ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí sin ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear. Ní gá gur comhthábhachtach leis an institiúid na sonraí stairiúla agus sonraí is déanaí más fearr an réamhtháscaire iad seo ar na rátaí caillteanais. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid. Is mó d'aon bhliain an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana;

(f)

sainaithneoidh institiúidí na hathruithe ionchasacha ar na paraiméadair priacal thar shaolré na risíochtaí creidmheasa (éifeachtaí stálaithe) agus déanfaidh siad anailís orthu.

I gcás earraí infhaighte ceannaithe, féadfaidh institiúidí sonraí tagartha inmheánacha agus seachtracha a úsáid. Bainfidh na hinstitiúidí úsáid as gach foinse sonraí ábhartha mar phointí comparáide.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

na dálaí ar dá réir a fhéadfaidh na húdaráis inniúla na ceadanna sin a thabhairt dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 agus i bpointe (e) de mhír 2;

(b)

na modheolaíochtaí ar dá réir a mheasúnóidh údaráis inniúla modheolaíocht institiúide maidir le PD a mheas de bhun Airteagal 143.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 181

Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna

1.   Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna i bhfeidhm.

(a)

déanfaidh institiúidí meastachán ar LGDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn na meán-LGDanna réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí (an meán mainneachtain-ualaithe);

(b)

úsáidfidh institiúidí meastacháin ar LGDanna atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad sin níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála LGDanna réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair priacal de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun iarmhairt an ghéarchoir sa gheilleagar ar an gcaipiteal a theorannú;

(c)

breithneoidh institiúid a mhéid a bhraitheann priacal an oibleagáideora agus priacal na comhthaobhachta nó sholáthraí na comhthaobhachta ar a chéile. Caithfear go coimeádach leis na cásanna ina bhfuil spleáchas suntasach;

(d)

déileálfar go coimeádach le neamhréireanna airgeadra idir an bhunoibleagáid agus an chomhthaobhacht maidir le measúnú na hinstitiúide ar an LGD;

(e)

sa mhéid go gcuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna comhthaobhacht a bheith ann, ní bheidh na meastacháin sin bunaithe ar mhargadhluach measta na comhthaobhachta sin amháin. Cuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna cén chaoi a rachadh sé i gcion ar na hinstitiúidí gan a bheith in ann a gcomhthaobhacht a ghabháil go gasta agus í a leachtú;

(f)

sa mhéid go gcuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna comhthaobhacht a bheith ann, bunóidh na hinstitiúidí ceanglais inmheánacha maidir le bainistiú na comhthaobhachta, deimhneacht dhlíthiúil agus bainistíocht priacal a bheidh comhsheasmhach, tríd is tríd, leis na cinn atá leagtha amach i gCaibidil 4, Roinn 3;

(g)

sa mhéid go gcuireann an institiúid an chomhthaobhacht san áireamh maidir le luach na risíochta ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6, Roinn 5 nó 6, ní chuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna aon suim a bhfuiltear ag súil a ghnóthú ón gcomhthaobhacht;

(h)

maidir le sainchás na risíochtaí atá ar mainneachtain cheana, úsáidfidh an institiúid suim an mheastacháin is fearr atá aici ar an gcaillteanas ionchasach do gach risíocht díobh de réir dálaí eacnamaíocha reatha agus stádas na risíochta agus a meastachán faoin ardú ar an ráta caillteanais a bheidh ann mar gheall ar chaillteanais eile a d'fhéadfadh a bheith ann nach raibh súil leo i rith na tréimhse aisghnóthaithe, i.e. idir an dáta a ndéanfar an mainneachtain agus dáta leachtú deiridh na risíochta;

(i)

sa mhéid go gcaipitlítear táillí gan íoc déanacha i ráiteas ioncaim na hinstitiúide, cuirfear iad sin le tomhas na hinstitiúide ar an risíochtagus ar an gcaillteanas;

(j)

i gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, bunófar na meastacháin ar LGDanna ar shonraí cúig bliana ar a laghad, agus cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse sin tar éis a chuir chun feidhme nó go sroichfear seacht mbliana ar a laghad, i gcás aon fhoinse sonraí amháin ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear.

2.   I gcás risíochtaí ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na meastacháin ar LGDanna a dhíorthú ó na caillteanais réadaithe agus ar mheastacháin ábhartha ar PDanna;

(b)

tarraingtí todhchaí a chur san áireamh ina bhfachtóirí coinbhéartachta nó ina meastacháin ar LGDanna;

(c)

I gcás earraí infhaighte ceannaithe, sonraí tagartha inmheánacha agus seachtracha a úsáid chun LGDanna a mheas.

I gcás risíochtaí ar mhiondíol, bunófar meastacháin ar LGDanna ar shonraí thar chúig bliana ar a laghad. Ní gá gur comhthábhachtach leis an institiúid na sonraí stairiúla agus sonraí is déanaí más fearr an réamhtháscaire na sonraí is déanaí i leith na rátaí caillteanais. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid. Cuirfear aon bhliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

cineál, géire agus fad an ghéarchoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid, de bhun mhír 3, sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid, nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 182

Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta

1.   Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta a chur i bhfeidhm:

(a)

déanfaidh institiúidí fachtóirí coinbhéartachta a mheas de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn mheán na bhfachtóirí coinbhéartachta réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as an meán mainneachtain-ualaithe a thig ó gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí;

(b)

úsáidfidh na hinstitiúidí meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála fachtóirí coinbhéartachta réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair priacal de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun éifeacht an ghéarchoir eacnamaíoch ar an gcaipiteal a theorannú;

(c)

cuirfear san áireamh i meastacháin na n-institiúidí ar fhachtóir coinbhéartachta go bhféadfadh an t-oibleagáideoir tarraingtí breise a dhéanamh go dtí go spreagfar teagmhas mainneachtana agus ina dhiaidh. Cuimseofar sa mheastachán ar an bhfachtóir coinbhéartachta corrlach choimeádachais níos mó más féidir súil a bheith acu go réasúnach le comhghaol deimhneach níos láidre idir minicíocht na mainneachtana agus méad an fhachtóra coinbhéartaigh;

(d)

le linn dóibh teacht ar mheastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta, cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh na beartais agus na straitéisí sonracha lenar ghlac siad maidir leis an bhfaireachán ar chuntais agus le próiseáil na n-íocaíochtaí. Cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh freisin a mhéid atá siad ábalta agus toilteanach tarraingtí eile a chosc i ndálaí atá gar don mhainneachtain, amhail sáruithe cúnaint nó teagmhais mhainneachtana theicniúla eile;

(e)

beidh córais agus nósanna imeachta leormhaithe ar bun ag institiúidí le faireachán a dhéanamh ar mhéideanna saoráide, ar mhéideanna gan íoc i gcomparáid leis na línte atá tiomanta agus ar na hathruithe ar na méideanna gan íoc de réir an oibleagáideora agus an ghráid. Beidh an institiúid i riocht faireachán a dhéanamh go laethúil ar aon iarmhéid gan íoc;

(f)

Má úsáideann institiúidí meastacháin éagsúla ar na fachtóirí coinbhéartachta le méideanna na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh agus chun críocha inmheánacha, doiciméadófar é sin agus beidh sé réasúnta.

2.   I gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus bhainc cheannais, bunófar na meastacháin ar na fachtóirí coinbhéartachta ar shonraí cúig bliana ar a laghad, agus cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse sin tar éis a chuir chun feidhme nó go sroichfear seacht mbliana ar a laghad, i gcás aon fhoinse sonraí amháin ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear.

3.   I gcás risíochtaí ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí tarraingtí todhchaí a áireamh ina bhfachtóirí coinbhéartachta nó ina meastacháin ar LGDanna.

I gcás risíochtaí ar mhiondíol, bunófar meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta ar shonraí thar cúig bliana ar a laghad. De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, ní gá gur comhthábhachtach leis an institiúid iad na sonraí stairiúla más fearr an réamhtháscaire iad na sonraí is déanaí ar íostarraingtí. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid. Cuirfear aon bhliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana.

4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

cineál, géire agus fad an ghéarchoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme den chéad uair.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 183

Ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar iarmhairt ráthaíochtaí agus díorthaigh chreidmheasa ar risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidíagus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais nuair a úsáidtear féinmheastacháin ar LGDanna agus risíochtaí ar mhiondíol

1.   Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le ráthóirí agus ráthaíochtaí incháilithe:

(a)

beidh ag institiúidí critéir atá sonraithe go soiléir maidir leis na cineálacha ráthóirí a aithníonn siad chun na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh;

(b)

i gcás ráthóirí aitheanta beidh feidhm ag na rialacha céanna sin a bhaineann le hoibleagáideoirí mar atá leagtha amach in Airteagal 171, Airteagal 172 agus Airteagal 173;

(c)

beidh an ráthaíocht fianaithe i scríbhinn, beidh sí neamh-inchealaithe ó thaobh an ráthóra, beidh sí i bhfeidhm nó go gcomhlíonfar an oibleagáid ina hiomláine (go feadh mhéid agus bhrí na ráthaíochta) agus beidh sí inchurtha i bhfeidhm le dlí i gcoinne an ráthóra i ndlínse ina bhfuil sócmhainní ag an ráthóir a fhéadfar a urghabháil chun breithiúnas a fhorfheidhmiú. Ráthaíochtaí coinníollacha lena leagtar síos téarmaí a shonraíonn na coinníollacha nach bhféadfar oibleagáid chomhlíonta a chur ar an ráthóir fúthu, féadfar iad a aithint faoi réir chead na n-údarás inniúil. Tabharfaidh na critéir shannacháin aghaidh go leormhaith ar aon laghdú a d'fhéadfadh teacht ar an éifeacht mhaolaithe priacal.

2.   Beidh ag institiúid critéir atá sonraithe go soiléir maidir leis na gráid, na comhthiomsuithe nó na meastacháin ar LGDanna a choigeartú agus, i gcás earraí infhaighte ceannaithe incháilithe agus miondíola, an próiseas maidir le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do comhthiomsuithe, chun iarmhairt na ráthaíochtaí ar ríomh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a chur san áireamh. Comhlíonfaidh na critéir sin na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 171, Airteagal172 agus Airteagal 173.

Beidh na critéir dealraitheach iomasach. Tabharfaidh siad aghaidh ar chumas agus ar thoil an ráthóra feidhmiú faoin ráthaíocht, an uair is dócha a dhéanfaidh an ráthóir aon íocaíocht, a mhéid atá cumas an ráthóra maidir leis na téarmaí a chomhlíonadh comhghaolaithe le cumas an oibleagáideora an aisíocaíocht a dhéanamh agus a mhéid a fhanann an priacal iarmharach i leith an oibleagáideora.

3.   Beidh feidhm freisin ag na ceanglais maidir le ráthaíochtaí san Airteagal seo i leith díorthaigh chreidmheasa aonainm. I gcás neamhréire idir an bhunoibleagáid agus oibleagáid tagartha an díorthaigh chreidmheasa nó an oibleagáid lena gcinntear ar tharla teagmhas creidmheasa nó nár tharla, beidh feidhm ag na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 216(2). Maidir le risíochtaí ar mhiondíol agus ar earraí infhaighte ceannaithe incháilithe, tá feidhm ag an mír seo maidir leis an bpróiseas chun na risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe;

Tabharfaidh na critéir aghaidh ar struchtúr eisíocaíochta an díorthaigh chreidmheasa agus measúnóidh siad go coimeádach a iarmhairt ar leibhéal agus ar uainiú na n-aisghnóthuithe. Cuirfidh an institiúid san áireamh a mhéid atá cineálacha eile priacal iarmharaigh fanta.

4.   Ní bheidh feidhm ag na ceanglais atá leagtha amach i míreanna 1 go 3 le ráthaíochtaí a sholáthair institiúidí, rialtas láir agus bainc cheannais, ná maidir le heintitis chorparáideacha a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 201(1)(g), má tá cead faighte ag an institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm i gcás risíochtaí ar eintitis den chineál sin de bhun Airteagal 148 agus Airteagal 150. Sa chás sin beidh feidhm ag ceanglais Chaibidil 4.

5.   I gcás ráthaíochtaí miondíola, beidh feidhm freisin ag na ceanglais atá leagtha amach i mír 1,i mír 2 agus i mír 3 maidir le sannadh na risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe, agus le meastacháin ar PD a dhéanamh.

6.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a fhéadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt ráthaíochtaí coinníollacha a aithint.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 184

Ceanglais maidir le hearraí infhaighte ceannaithe

1.   Agus na paraiméadair priacal á gcainníochtú acu a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála d'earraí infhaighte ceannaithe, áiritheoidh institiúidí go gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha síos i míreanna 2 go 6.

2.   Áiritheoidh struchtúr na saoráide, i ngach cás is féidir a thuar, go mbeidh úinéireacht agus rialú iarbhír ag an institiúid ar gach íocaíocht airgid a thagann as na hearraí infhaighte. Nuair a dhéanann an t-oibleagáideoir íocaíochtaí díreacha le díoltóir nó le seirbhíseoir, deimhneoidh an institiúid go rialta go gcuirfear na híocaíochtaí ina n-iomláine ar aghaidh de réir théarmaí a bheidh aontaithe de réir conartha. Beidh nósanna imeachta ag institiúidí lena áirithiú go mbeidh úinéireacht na n-earraí infhaighte agus na bhfáltas airgid cosanta ar bhaic fhéimheachta nó ar agóidí dlí a d'fhéadfadh moill shuntasach a chur ar chumas an iasachtóra na hearraí infhaighte a leachtú nó a shannadh nó na fáltais airgid a rialú.

3.   Déanfaidh an institiúid faireachán ar cháilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus freisin ar staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora. Beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh an institiúid measúnú ar an gcomhghaol atá idir cáilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora, beidh beartais agus nósanna imeachta inmheánacha ar bun aici a mbeidh ina gcosaint iomchuí ar aon teagmhas, lena n-áirítear rátáil priacal inmheánach a shannadh do gach díoltóir agus gach seirbhíseoir;

(b)

beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha ag an institiúid le hincháilitheacht an díoltóra agus an tseirbhíseora a chinneadh. Déanfaidh an institiúid nó a gníomhaire athbhreithnithe tréimhsiúla ar dhíoltóirí agus ar sheirbhíseoirí le beachtas thuarascálacha an díoltóra nó an tseirbhíseora a dheimhniú, le calaois nó laigí oibriúcháin a aimsiú agus le cáilíocht bheartais chreidmheasa an díoltóra agus cáilíocht bheartais agus nósanna imeachta bailiúcháin an tseirbhíseora a dheimhniú. Doiciméadófar torthaí na n-athbhreithnithe sin;

(c)

measúnóidh an institiúid saintréithe na gcomhthiomsaithe d'earraí infhaighte ceannaithe, lena n-áirítear ró-airleacain; stair riaráistí agus dhrochfhiacha an díoltóra agus stair a lamháltas in aghaidh drochfhiach; téarmaí íocaíochta agus cuntais contra ionchasacha;

(d)

beidh beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar bhonn comhiomláin ar chomhchruinnithe oibleagáideoirí aonair trasna comhthiomsuithe d'earraí infhaighte ceannaithe agus laistigh díobh;

(e)

áiritheoidh an institiúid go bhfaighidh sí tuarascálacha tráthúla mionsonraithe a ndóthain ón seirbhíseoir ar aosú agus ar chaolú na n-earraí infhaighte lena áirithiú go gcomhlíonfar critéir incháilitheachta na hinstitiúide agus na beartais airleacain a rialaíonn na hearraí infhaighte ceannaithe, agus le modh éifeachtach a chur ar fáil le faireachán a dhéanamh ar théarmaí díolta agus caolúcháin an díoltóra agus iad sin a dhaingniú.

4.   Beidh córais agus nósanna imeachta ag an institiúid le haon mheath ar staid airgeadais an díoltóra agus ar cháilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe a bhrath go luath, agus le haghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar aon fhadhb a bheadh ag teacht chun cinn. Go háirithe, beidh beartais, nósanna imeachta agus córais fhaisnéise shoiléire agus éifeachtacha ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar aon sárú cúnaint agus beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha aici le caingne dlí a thionscnamh agus le plé le hearraí infhaighte ceannaithe fadhbacha.

5.   Beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha ag an institiúid le rialú a dhéanamh ar earraí infhaighte ceannaithe, ar an gcreidmheas agus ar an airgead tirim. Go háirithe, sonróidh beartais inmheánacha scríofa gach eilimint ábhartha sa chlár chun earraí infhaighte a cheannach, lena n-áirítear na rátaí airleacain, an chomhthaobhacht incháilithe, an doiciméadacht riachtanach, na srianta ar chomhchruinniú agus an chaoi nach mór fáltais airgid a láimhseáil. Áireofar sna gnéithe sin gach toisc ábhartha agus iomchuí, lena n-áirítear staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora, na comhchruinnithe priacal, agus treochtaí maidir le cáilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus cáilíocht bhonn custaiméirí an díoltóra, agus áiritheoidh na córais inmheánacha nach dtabharfar cistí ar airleacan gan comhthaobhacht agus doiciméadacht tacaíochta a bheith ann.

6.   Beidh próiseas inmheánach éifeachtach ag an institiúid chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na mbeartas agus na nósanna imeachta inmheánacha ar fad. Beidh sa phróiseas sin iniúchóireacht rialta ar gach staid chriticiúil de chlár a hinstitiúide chun earraí infhaighte a cheannach, deimhniú go bhfuil na dualgais arna ndeighilt idir measúnú an díoltóra agus an tseirbhíseora agus measúnú an oibleagáideora, ar an gcéad dul síos, agus, ar an dara dul síos, idir measúnú an díoltóra agus an tseirbhíseora agus iniúchadh allamuigh an díoltóra agus an tseirbhíseora, agus an mheastóireacht ar na hoibríochtaí cúloifige, agus beidh béim ar leith ann ar na cáilíochtaí, an taithí, na leibhéil soláthair foirne agus na córais uathoibrithe tacaíochta.

Foroinn 3

Bailíochtú na meastachán inmheánach

Airteagal 185

Bailíochtú na meastachán inmheánach

Déanfaidh institiúidí bailíochtú ar a gcuid meastachán faoi réir na gceanglas seo a leanas:

(a)

beidh córais stóinsithe i bhfeidhm ag an institiúid chun cruinneas agus comhsheasmhacht na gcóras rátála agus na bpróiseas a bhailíochtú, mar aon leis an meastachán ar gach paraiméadar priacal ábhartha. Cuirfidh an próiseas bailíochtaithe inmheánach ar chumas na hinstitiúide measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras rátála agus na meastachán priacal inmheánach go comhsheasmhach agus go fóinteach;

(b)

déanfaidh institiúidí comparáid go rialta idir na rátaí mainneachtana a réadaíodh agus PDanna measta gach gráid agus, má tá na rátaí mainneachtana lasmuigh den raon a bhfuil súil leis sa ghrád sin, déanfaidh na hinstitiúidí anailís shonrach ar na cúiseanna is bun leis an diall. Institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartachta féin, déanfaidh siad anailís den chineál céanna i gcás na meastachán sin. Bainfidh na comparáidí seo úsáid as sonraí stairiúla a chumhdaíonn an tréimhse is faide is féidir. Tabharfaidh an institiúid tuairisc ar na modhanna agus ar na sonraí a úsáideadh i gcomparáidí den sórt sin. Tabharfar an anailís agus an doiciméadacht cothrom le dáta uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad;

(c)

úsáidfidh institiúidí uirlisí bailíochtaithe cainníochtúla eile freisin mar aon le comparáidí le foinsí sonraí seachtracha ábhartha. Bunófar an anailís ar shonraí atá oiriúnach don phunann, a nuashonraítear go rialta agus a chumhdaíonn tréimhse bhreathnóireachta ábhartha. Bunófar measúnuithe inmheánacha na n-institiúidí maidir le feidhmiú a gcóras rátála ar an tréimhse is faide is féidir;

(d)

beidh na modhanna agus na sonraí a úsáidfear don bhailíochtú cainníochtúil comhsheasmhach go fadtéarmach. Tuairisceofar na hathruithe ar na modhanna agus ar na sonraí meastacháin agus bailíochtaithe (foinsí na sonraí agus na tréimhsí a chumhdaíonn siad);

(e)

beidh caighdeáin fhónta inmheánacha ag na hinstitiúidí le haghaidh cásanna ina bhfuil na diallais ó na luachanna ionchasacha sna PDanna, sna LGDanna, sna fachtóirí coinbhéartachta agus sna caillteanais iomlána, nuair a úsáidtear an EL, suntasach a ndóthain le bheith in amhras faoi bhailíocht na meastachán. Cuirfear san áireamh sna caighdeáin sin timthriallta gnó agus inathraitheachtaí córasacha comhchosúla i stair an mhainneachtana. Más airde i gcónaí na luachanna réadaithe ná na luachanna ionchasacha, leasóidh an institiúid na meastacháin in airde chun a stair mhainneachtana agus chaillteanais a chur san áireamh iontu;

Foroinn 4

Ceanglais maidir le risíochtaí ar chothromas de réir chur chuige na samhlacha inmheánacha

Airteagal 186

Ceanglas maidir le cistí dílse agus cainníochtaí priacal

D'fhonn na ceanglais maidir le cistí dílse a ríomh, comhlíonfaidh institiúidí na caighdeáin seo a leanas:

(a)

beidh an meastachán ar an gcaillteanas ionchais stóinsithe go leor le gluaiseachtaí díobhálacha margaidh a bhaineann le próifíl priacal fhadtéarmach na hinstitiúide a chur sa chuntas. Léireoidh na sonraí a úsáidfear d'fhonn na dáileacháin ioncaim a léiriú an tréimhse shamplach is faide dá bhfuil sonraí ar fáil atá fóinteach maidir le próifíl priacal na risíochtaí sonracha ar chothromas na hinstitiúide a léiriú. Beidh na sonraí a úsáidfear leordhóthanach chun meastacháin choimeádacha ar an gcaillteanas a chur ar fáil a bheidh stóinsithe agus iontaofa go staitistiúil agus nach mbeidh bunaithe ar an mbreithiúnas pearsanta ná ar chúrsaí suibiachtúla amháin. Cuirfidh an turraing a úsáidfear meastachán coimeádach ar fáil de na caillteanais ionchasacha thar thimthriall fadtéarmach ábhartha margaidh nó gnó. Déanfaidh an institiúid anailís eimpíreach ar na sonraí atá ar fáil agus ina theannta sin coigeartuithe atá bunaithe ar fhachtóirí éagsúla d'fhonn samhlacha aschuir a fháil atá réalaíoch agus coimeádach mar is cuí. Agus iad ag ceapadh samhlach ‧Luach faoi Phriacal‧ (VaR) chun measúnú a dhéanamh ar na caillteanais ráithiúla ionchasacha, féadfaidh institiúidí sonraí ráithiúla a úsáid nó coibhéis ráithiúil a dhéanamh de shonraí tréimhse níos giorra, ag baint úsáide as modh anailíse iomchuí arna thacú ag fianaise eimpíreach agus próiseas réasúnaíochta agus fianaise dea-fhorbartha doiciméadaithe. Cuirfear cur chuige dá leithéid chun feidhme go comhsheasmhach agus go coimeádach thar thréimhse ama. I gcás nach bhfuil ach méid teoranta sonraí ábhartha ar fáil, cuirfidh an institiúid corrlaigh choimeádachais iomchuí leo;

(b)

déanfaidh na samhlacha a úsáidfear gach priacal ábhartha atá cuimsithe sa toradh ar chothromas a ghabháil go hiomchuí, lena n-áirítear an bpriacal margaidh ginearálta agus an risíocht ar priacal sonrach a bhaineann le punann cothromais na hinstitiúide. Míneofar go leormhaith sna samhlacha inmheánacha na hathruithe stairiúla ar phraghsanna, gabhfaidh siad méid na gcomhchruinnithe féideartha agus na hathruithe ar a gcomhdhéanamh sin, agus beidh siad in ann ag dálaí margaidh díobhálacha. Beidh líon na risíochtaí ar priacal arna léiriú sna sonraí a úsáidfear le haghaidh an mheastacháin an-chosúil, nó ar a laghad beidh siad inchomparáide, le risíochtaí na hinstitiúide ar chothromas;

(c)

beidh an tsamhail inmheánach ag teacht le próifíl priacal agus le castacht phunann cothromais na hinstitiúide. Má tá sealúchais ábhartha ag institiúid agus luachanna acu atá de chineál atá thar a bheith neamhlíneach, ceapfar na samhlacha inmheánacha sa chaoi is go ngabhfaidh siad go hiomchuí na priacail a bhaineann le hionstraimí den sórt sin;

(d)

beidh mapáil na suíomh aonair i leith seachshonraí, innéacsanna margaidh agus fachtóirí priacal dealraitheach, iomasach agus fónta ó thaobh an choincheapa;

(e)

taispeánfaidh institiúidí trí bhíthin anailíse eimpírí oiriúnacht na bhfachtóirí priacal, lena n-áirítear an cumas atá acu an priacal sonrach agus an priacal ginearálta araon a chumhdach;

(f)

sna meastacháin ar luaineacht fháltais na risíochtaí ar chothromas, ionchorprófar na sonraí, an fhaisnéis agus na modhanna ábhartha atá ar fáil. Úsáidfear sonraí inmheánacha a athbhreithníodh go neamhspleách nó sonraí ó fhoinsí seachtracha, lena n-áirítear sonraí comhthiomsaithe;

(g)

beidh clár dian cuimsitheach tástála struis i bhfeidhm.

Airteagal 187

Próiseas agus rialú an bhainistithe priacal

Maidir le forbairt agus le húsáid samhlacha inmheánacha chun críocha an cheanglais a bhaineann le cistí dílse, bunóidh institiúidí beartais, nósanna imeachta agus rialuithe d'fhonn sláine na samhla agus an phróisis shamhaltaithe a áirithiú. Cuimseoidh na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe an méid seo a leanas:

(a)

lánchomhtháthú iomlán na samhla inmheánaí i gcórais ghinearálta faisnéise bainistíochta na hinstitiúide agus i mbainistiú na punainne cothromais sa leabhar neamhthrádála. Déanfar na samhlacha inmheánacha a lánpháirtiú go hiomlán i mbonneagar bainistíochta priacal na hinstitiúide má úsáidtear iad go háirithe chun feidhmiú na punainne cothromais a thomhas agus a mheasúnú, lena n-áirítear an feidhmiú priacal -choigeartaithe, sannadh an chaipitil eacnamaíoch do na risíochtaí ar chothromas agus measúnú ar leordhóthanacht fhoriomlán an chaipitil, agus an próiseas bainistithe infheistíochta;

(b)

córais bhainistíochta, nósanna imeachta agus feidhmeanna rialaithe seanbhunaithe d'fhonn athbhreithniú tréimhsiúil neamhspleách ar gach gné den phróiseas samhaltaithe inmheánach a áirithiú, lena n-áirítear na leasuithe ar an tsamhail a fhormheas, ionchuir na samhla a phromhadh agus athbhreithniú ar thorthaí na samhla, amhail ríomhaireacht an priacal a fhíorú go díreach. Déanfar measúnú sna hathbhreithnithe sin ar chruinneas, ar chomhláine agus ar oiriúnacht ionchuir agus thorthaí na samhla agus díreoidh siad ar earráidí féideartha a bhaineann le laigí aithnidiúla a aimsiú agus a theorannú, agus chomh maith ar laigí nach aithnid a bheadh sa tsamhail a shainaithint. Féadfaidh aonad inmheánach neamhspleách, nó tríú páirtí seachtrach neamhspleách athbhreithnithe den sórt sin a dhéanamh;

(c)

córais agus nósanna imeachta leordhóthanacha chun faireachán a dhéanamh ar theorainneacha infheistíochta agus risíochtaí ar phriacal na risíochtaí ar chothromas;

(d)

beidh na haonaid atá freagrach as dearadh agus cur chun feidhme na samhla neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na haonaid atá freagrach as infheistíochtaí aonair a bhainistiú;

(e)

beidh na páirtithe atá freagrach as aon ghné den phróiseas samhaltaithe cáilithe mar ba cheart. Sannfaidh an bhainistíocht a ndóthain acmhainní sciliúla inniúla d'fheidhm an tsamhaltaithe.

Airteagal 188

Bailíochtú agus doiciméadú

Beidh córais stóinsithe i bhfeidhm ag institiúidí chun cruinneas agus comhsheasmhacht a gcuid samhlacha inmheánacha agus a gcuid próiseas samhaltaithe a bhailíochtú. Tabharfar tuairisc maidir le gach gné ábhartha de na samhlacha inmheánacha agus den phróiseas samhaltaithe agus den bhailíochtú.

Beidh bailíochtú agus doiciméadú shamhlacha inmheánacha agus phróisis samhaltaithe na n-institiúidí faoi réir na gceanglas seo a leanas:

(a)

bainfidh institiúidí úsáid as an bpróiseas bailíochtaithe inmheánach chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú a gcuid samhlacha agus a gcuid próiseas ar bhealach comhsheasmhach fóinteach;

(b)

beidh na modhanna agus na sonraí a úsáidfear don bhailíochtú cainníochtúil comhsheasmhach go fadtéarmach. Tabharfar tuairisc ar athruithe ar na modhanna meastacháin agus bailíochtaithe agus ar na sonraí, lena n-áirítear foinsí na sonraí agus na tréimhsí a chumhdaíonn siad;

(c)

déanfaidh institiúidí comparáidí rialta idir an toradh iarbhír ar chothromas, arna ríomh agus leas á bhaint as na gnóthachain agus caillteanais réadaithe agus neamhréadaithe, agus meastacháin de réir samhlacha. Bainfidh na comparáidí seo úsáid as sonraí stairiúla a chumhdaíonn an tréimhse is faide is féidir. Tabharfaidh an institiúid tuairisc ar na modhanna agus ar na sonraí a úsáideadh i gcomparáidí den sórt sin. Tabharfar an anailís agus an doiciméadacht cothrom le dáta uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad;

(d)

úsáidfidh an institiúid uirlisí bailíochtaithe cainníochtúla eile freisin, mar aon le comparáidí le foinsí sonraí seachtracha. Bunófar an anailís ar shonraí atá oiriúnach don phunann, a nuashonraítear go rialta agus a chumhdaíonn tréimhse bhreathnóireachta ábhartha. Bunófar measúnuithe inmheánacha na n-institiúidí maidir le feidhmiú a gcuid samhlacha ar an tréimhse is faide is féidir;

(e)

beidh caighdeáin fhónta inmheánacha ag an institiúid chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina gcaitheann an chomparáid idir an toradh iarbhír ar chothromas agus meastacháin na samhlacha amhras ar bhailíocht na meastachán nó na samhlacha. Cuirfidh na caighdeáin sin san áireamh timthriallta gnó agus inathraitheachtaí córasacha den sórt céanna i dtoradh ar chothromas. Tabharfar tuairisc ar gach coigeartú a dhéanfar ar na samhlacha inmheánacha mar fhreagairt ar athbhreithnithe ar shamhlacha agus beidh siad comhsheasmhach le caighdeáin athbhreithnithe samhlacha na hinstitiúide;

(f)

déanfar tuairisciú ar an tsamhail inmheánach agus ar an bpróiseas samhaltaithe, lena n-áirítear freagrachtaí na bpáirtithe a bhfuil baint acu leis an samhaltú agus na próisis fhormheasta agus athbhreithnithe a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an tsamhail.

Foroinn5

Rialachas inmheánach agus formhaoirseacht

Airteagal 189

Rialachas Corparáideach

1.   Formheasfaidh comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó coiste ainmnithe den chomhlacht sin, mar aon leis an mbainistíocht shinsearach, gach gné de na próisis rátála agus meastacháin. Beidh tuiscint ghinearálta ag na páirtithe sin ar chórais rátála na hinstitiúide agus miontuiscint acu ar na tuarascálacha bainistíochta bainteacha.

2.   Beidh an bhainistíocht shinsearach faoi réir na gceanglas seo a leanas:

(a)

fógróidh siad don chomhlacht bainistíochta nó don choiste ainmnithe den chomhlacht sin aon athrú ábhartha ar, nó aon eisceacht ó, na beartais bhunaithe a dhéanfaidh difear ábhartha d'oibríochtaí chórais rátála na hinstitiúide;

(b)

beidh tuiscint mhaith acu ar dhearadh agus ar oibríochtaí na gcóras rátála;

(c)

áiritheoidh siad go seasta go bhfuil na córais rátála ag feidhmiú mar ba cheart;

Cuirfidh na haonaid rialaithe priacal creidmheasa an bhainistíocht shinsearach ar an eolas faoi fheidhmiú an phróisis rátála, faoi ghnéithe nár mhór a fheabhsú agus faoi stádas na n-iarrachtaí atá déanta le feabhas a chur ar easnaimh a sainaithníodh roimhe sin.

3.   Beidh an anailís inmheánach a dhéanfar de réir na rátálacha ar phróifíl priacal creidmheasa na hinstitiúide ina Cuid bhunúsach den tuairisciú bainistíochta chun na bpáirtithe sin. Áireofar sa tuairisciú, ar a laghad, an phróifíl priacal de réir an ghráid, an imirce thar na gráid, meastachán ar na paraiméadair ábhartha de réir an ghráid agus comparáidí idir na rátaí mainneachtana a réadaíodh agus, má úsáidtear meastacháin, comparáidí idir na LGDanna a réadaíodh agus na fachtóirí coinbhéartachta a réadaíodh in aghaidh na n-ionchas agus in aghaidh thorthaí na tástála struis. Braithfidh minicíocht an tuairiscithe ar thábhacht agus ar chineál na faisnéise agus ar leibhéal an fhaighteora.

Airteagal 190

Rialú priacal creidmheasa

1.   Beidh an t-aonad rialaithe priacal creidmheasa neamhspleách ar na feidhmeanna pearsanra agus na feidhmeanna bainistíochta atá freagrach as risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan agus tuairisceoidh sé go díreach chun na bainistíochta sinsearaí. Beidh an t-aonad freagrach as dearadh nó roghnú, cur chun feidhme agus feidhmíocht na gcóras rátála, agus formhaoirseacht orthu. Ullmhóidh sé tuairiscí go rialta maidir le haschur na gcóras rátála agus déanfaidh sé anailís orthu.

2.   Cuimseoidh réimsí freagrachta an aonaid nó na n-aonad rialaithe priacal creidmheasa:

(a)

gráid agus comhthiomsuithe a thástáil agus faireachán a dhéanamh orthu;

(b)

tuairiscí achoimre ó chórais rátála na hinstitiúide a ullmhú agus anailís a dhéanamh orthu;

(c)

nósanna imeachta a chur chun feidhme chun a dheimhniú go bhfuil sainmhínithe na ngrád agus na gcomhthiomsuithe á gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach thar ranna agus thar limistéir gheografacha;

(d)

aon athrú ar an bpróiseas rátála a athbhreithniú agus a dhoiciméadú, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis na hathruithe;

(e)

athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir rátála chun a mheas an bhfuil siad fós réamhfháistineach maidir le priacal. Déanfar na hathruithe ar an bpróiseas rátála, agus ar chritéir nó ar pharaiméadair rátála aonair a dhoiciméadú agus a choinneáil;

(f)

rannpháirtíocht ghníomhach i ndearadh nó roghnú, i gcur chun feidhme agus I mbailíochtú na samhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála;

(g)

formhaoirseacht agus maoirseacht ar shamhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála;

(h)

athbhreithniú leanúnach agus athruithe ar shamhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála.

3.   Féadfaidh institiúidí a úsáideann sonraí comhthiomsaithe i gcomhréir le hAirteagal 179(2) na cúraimí seo a leanas a sheachfhoinsiú:

(a)

faisnéis a tháirgeadh atá ábhartha maidir le gráid agus comhthiomsuithe a thástáil agus faireachán a dhéanamh orthu;

(b)

tuairiscí achoimre a tháirgeadh ó chórais rátála na hinstitiúide;

(c)

faisnéis a tháirgeadh atá ábhartha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na critéir rátála chun a mheas an bhfuil siad fós réamhfháistineach maidir le priacal;

(d)

athruithe ar an bpróiseas rátála, ar chritéir nó ar pharaiméadair rátála aonair a dhoiciméadú;

(e)

faisnéis a tháirgeadh atá ábhartha don athbhreithniú leanúnach ar shamhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála agus do na hathruithe orthu.

4.   Áiritheoidh institiúidí a bhainfidh úsáid as mír 3 go bhfuil rochtain ag na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis iomchuí go léir ón tríú páirtí atá riachtanach chun scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas, agus go bhféadfaidh na húdaráis inniúla scrúduithe ar an láthair a dhéanamh a mhéid chéanna a dhéantar laistigh den institiúid.

Airteagal 191

Iniúchadh Inmheánach

Déanfaidh an t-aonad iniúchta inmheánaigh nó aonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile athbhreithniú bliantúil ar a laghad ar chórais rátála na hinstitiúide agus ar a Cuid oibríochtaí, lena n-áirítear oibríochtaí na feidhme creidmheasa agus an meastachán ar PDanna, LGDanna, ELanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta. Áireofar sna réimsí athbhreithnithe comhlíonadh na ceanglais go léir is infheidhme.

CAIBIDIL 4

Maolú priacal creidmheasa

Roinn 1

Sainmhínithe agus ceanglais ghinearálta

Airteagal 192

Sainmhínithe

Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‧institiúid iasachtaí‧ an institiúid ag a bhfuil an risíocht i gceist;

(2)

Ciallaíonn ‧idirbheart iasachta urraithe‧ aon idirbheart as a dtagann risíocht atá urraithe ag comhthaobhacht nach bhfuil foráil ann lena mbronntar ar an institiúid an ceart chun corrlach a fháil ar a laghad gach lá;

(3)

Ciallaíonn ‧idirbheart caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh‧ aon idirbheart as a dtagann risíocht atá urraithe ag comhthaobhacht nach bhfuil foráil ann lena mbronntar ar an institiúid an ceart chun corrlach a fháil ar a laghad gach lá;

(4)

Ciallaíonn ‧GC bunúsach‧ GC a bhfuil infheistíocht déanta ag GC eile ina scaireanna nó a aonaid.

Airteagal 193

Prionsabail maidir le héifeacht teicnící maolaithe priacal creidmheasa a aithint

1.   Maidir le haon risíocht a bhfaigheann institiúid maolú ar an bpriacal creidmheasa ina leith, ní bheidh méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal nó méid an chaillteanais ionchasaigh a bhaineann leis an risíocht níos airde ná risíocht atá comhionann i ngach slí eile ach nach bhfuil maolú priacal creidmheasa ag institiúid ina leith.

2.   I gcás ina bhfuil cosaint creidmheasa faoi Chaibidil 2 nó faoi Chaibidil 3, de réir mar is infheidhme, curtha san áireamh cheana maidir leis an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal, ní chuirfidh na hinstitiúidí an chosaint creidmheasa sin san áireamh sna ríomhanna faoin gCaibidil seo.

3.   I gcás ina gcomhlíontar na forálacha atá i Roinn 2 agus Roinn 3, féadfaidh institiúidí ríomh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a leasú faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus féadfaidh siad ríomh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a mhodhnú faoin gCur Chuige IRB i gcomhréir le forálacha Ranna 4, 5, agus 6.

4.   Láimhseálfaidh institiúidí mar chomhthaobhacht aon airgead tirim, urrúis nó tráchtearraí a cheannaítear, a fhaightear ar iasacht nó a fhaightear in idirbheart athcheannaigh nó in idirbherart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht.

5.   I gcás ina bhfuil níos mó ná cineál amháin maolaithe priacal creidmheasa lena gcumhdaítear risíocht amháin ag institiúid a bhfuil méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal á ríomh aici faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, déanfaidh sí an dá ní seo a leanas:

(a)

an risíocht a fhoroinnt sna codanna atá cumhdaithe ag gach aon chineál uirlise maolaithe priacal creidmheasa;

(b)

an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh maidir le gach cuid a fhaightear i bpointe (a) ar leithligh i gcomhréir le forálacha Chaibidil 2 agus na Caibidle seo.

6.   Maidir le hinstitiúid a bhfuil méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal á ríomh aici faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, i gcás ina gcumhdaíonn sí risíocht amháin le cosaint creidmheasa arna soláthar ag soláthraí na cosanta amháin agus ina bhfuil aibíochtaí éagsúla ag an gcosaint sin, déanfaidh sí an dá ní seo a leanas:

(a)

an risíocht a fhoroinnt sna codanna atá cumhdaithe ag gach aon chineál uirlise maolaithe priacal creidmheasa;

(b)

an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh maidir le gach cuid a fhaightear i bpointe (a) ar leithligh i gcomhréir le forálacha Chaibidil 2 agus na Caibidle seo.

Airteagal 194

Prionsabail lena rialaítear incháilitheacht teicnící maolaithe priacal creidmheasa

1.   An teicníc a úsáidfidh an institiúid iasachta chun cosaint creidmheasa a chur ar fáil, mar aon leis na gníomhaíochtaí agus na bearta a dhéanfaidh an institiúid iasachtaí sin agus na nósanna imeachta agus na beartais a chuirfidh sí chun feidhme, beidh siad de shaghas go mbeidh socruithe cosanta creidmheasa mar thoradh orthu a bheidh éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse iomchuí.

An leagan is déanaí den tuairim nó de na tuairimí dlíthiúla réasúnaithe neamhspleácha i scríbhinn a d'úsáid an institiúid lena cruthú cibé an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír lena socrú nó a socruithe cosanta creidmheasa nó nach gcomhlíontar an coinníoll sin, déanfaidh an institiúid iasachta é a chur ar fáil, arna iarraidh sin don údarás inniúil.

2.   Déanfaidh an institiúid iasachtaí gach céim is iomchuí chun éifeachtacht an tsocraithe cosanta creidmheasa a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na priacail a bhaineann leis an socrú sin.

3.   Ní fhéadfaidh institiúidí cosaint creidmheasa cistithe a aithint agus éifeacht an mhaolaithe ar phriacal creidmheasa á ríomh ach amháin i gcás ina mbeidh an dá choinníoll seo a leanas á gcomhlíonadh ag na sócmhainní a bhfuiltear ag brath orthu chun cosanta:

(a)

tá siad san áireamh i liosta na sócmhainní incháilithe atá leagtha amach in Airteagail 197 go 200, de réir mar is infheidhme;

(b)

tá siad sách leachtach agus tá a luach thar thréimhse ama sách seasmhach le cinnteacht a thabhairt maidir leis an gcosaint creidmheasa atá bainte amach, ag féachaint don chur chuige a úsáideadh chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh agus ag féachaint don mhéid aitheanta atá ceadaithe.

4.   Ní fhéadfaidh institiúidí cosaint creidmheasa cistithe a aithint agus éifeacht an mhaolaithe ar phriacal creidmheasa á ríomh ach amháin i gcás ina mbeidh sé de cheart ag an institiúid iasachtaí na sócmhainní óna ndíorthaítear an chosaint a leachtú nó a choinneáil, ar shlí thráthúil, i gcás mhainneachtain, dhócmhainneacht nó fhéimheacht — nó teagmhas creidmheasa eile arna leagan amach i ndoiciméadacht an idirbhirt — an oibleagáideora, agus, más infheidhme, an choimeádaí a bhfuil an chomhthaobhacht aige. Ní bheidh méid an chomhghaoil idir luach na sócmhainní a mbraitear orthu i gcomhair cosanta agus caighdeán creidmheasa an oibleagáideora ró-ard.

5.   I gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa, ní cháileoidh soláthraí cosanta mar sholáthraí cosanta incháilithe ach amháin i gcás ina mbeidh sé san áireamh i liosta na soláthraithe cosanta incháilithe a leagtar amach in Airteagal 201 nó in Airteagal 202, de réir mar is infheidhme.

6.   I gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa, cáileoidh comhaontú cosanta mar chomhaontú cosanta incháilithe sa chás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

tá sé san áireamh i liosta na gcomhaontuithe cosanta incháilithe atá leagtha amach in Airteagal 203 agus in Airteagal 204(1);

(b)

tá sé éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí de sna dlínsí dlíthiúla, ionas gur féidir cinnteacht iomchuí a chur ar fáil maidir leis an gcosaint creidmheasa atá baint amach, ag féachaint don chur chuige a úsáidtear chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh agus ag féachaint don mhéid aitheanta atá ceadaithe.

(c)

comhlíonann soláthraí na cosanta na critéir a leagtar síos i mír 5.

7.   Comhlíonfaidh cosaint creidmheasa na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 3, de réir mar is infheidhme.

8.   Beidh an institiúid ábalta a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil próisis leordhóthanacha bainistithe priacal aici chun na priacail a rialú a bhféadfadh sí a bheith ar ris orthu mar thoradh ar chleachtais maolaithe priacal creidmheasa a chur i gcrích.

9.   D'ainneoin go gcuirtear maolú priacal creidmheasa san áireamh d'fhonn méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh agus, nuair is infheidhme, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, leanfaidh institiúidí orthu de bheith ag tabhairt faoi mheasúnú priacal creidmheasa ar an risíocht fholuiteach iomlán agus beidh siad in ann comhlíonadh an cheanglais sin a léiriú do na húdaráis inniúla. I gcás idirbheart athcheannaigh agus idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, measfar gurb ionann an risíocht fholuiteach, chun críocha na míre seo amháin, agus glanmhéid na risíochta.

10.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú cad is sócmhainní atá sách leachtach ann agus cathain is féidir a mheas go bhfuil luachanna sócmhainne sách cobhsaí chun críche mhír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2014.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Roinn 2

Foirmeacha incháilithe maolaithe priacal creidmheasa

Foroinn 1

Cosaint cistithe creidmheasa

Airteagal 195

Glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe

Féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe ar éilimh fhrithpháirteacha idir í féin agus a contrapháirtí mar fhoirm incháilithe maolaithe priacal creidmheasa.

Gan dochar d'Airteagal 196, tá incháilitheacht teoranta d'iarmhéideanna airgid cómhalartacha idir an institiúid agus an contrapháirtí. Féadfaidh institiúidí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a leasú agus, nuair is iomchuí, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a mhodhnú le haghaidh iasachtaí agus taiscí a fuair siad féin agus atá faoi réir comhaontú glanluachála laistigh den chlár comhardaithe, agus chun na críche sin amháin.

Airteagal 196

Máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh.

Institiúidí a ghlacann an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 223, féadfaidh siad a chur san áireamh éifeachtaí conarthaí déthaobhacha glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, le contrapháirtí. Gan dochar d'Airteagal 299, an chomhthaobhacht a ghlacfar agus na hurrúis nó na tráchtearraí a gheofar ar iasacht laistigh de chomhaontuithe nó d'idirbhearta den sórt sin, comhlíonfaidh siad na ceanglais incháilitheachta maidir le comhthaobhacht atá leagtha amach in Airteagal 197 agus Airteagal 198.

Airteagal 197

Incháilitheacht na comhthaobhachta faoi gach cineál cur chuige agus gach modh

1.   Féadfaidh institiúidí na nithe seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe faoi gach cineál cur chuige agus gach modh:

(a)

airgead i dtaisce leis an institiúid iasachtaí, nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid arna sealbhú aici;

(b)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS nó ag gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin a aithnítear a bheith incháilithe chun críocha Chaibidil 2, a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le céim 4 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir leis na risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais faoi Chaibidil 2;

(c)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag institiúidí, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir leis na risíochtaí ar institiúidí faoi Chaibidil 2;

(d)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis eile, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir leis na risíochtaí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;

(e)

urrúis fiachais a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach ina leith ag IMCS a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí gearrthéarmacha faoi Chaibidil 2;

(f)

cothromas nó na bannaí in-chomhshóite a áirítear i bpríomhinnéacs;

(g)

ór;

(h)

suímh urrúsúcháin nach suímh ath-urrúsúcháin iad, a bhfuil measúnú creidmheasa seachtrach ina leith ag IMCS a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí urrúsúcháin faoi gcur chuige a shonraítear i gCaibidil 5, Roinn 3, Foroinn 3.

2.   Chun críocha phointe (b) de mhír 1, áireofar in ‧urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais‧ iad seo ar fad a leanas:

(a)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla, a láimhseáiltear risíochtaí orthu mar risíochtaí ar an rialtas láir a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse, faoi Airteagal 115(2);

(b)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4);

(c)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2);

(d)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 118.

3.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1, áireofar in ‧urrúis fiachais arna n-eisiúint ag institiúidí‧ iad seo ar fad a leanas:

(a)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla seachas na hurrúis fiachais sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;

(b)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí, a láimhseáiltear risíochtaí orthu de réir Airteagal 116(1) agus (2);

(c)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha seachas iad sin a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2);

4.   Urrúis fiachais a eisíonn institiúidí eile agus nach bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS, féadfaidh institiúid iad a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfaidh na hurrúis fiachais sin na critéir seo a leanas ar fad:

(a)

tá siad liostaithe ar mhalartán aitheanta;

(b)

cáilíonn siad mar fhiachas sinsearach;

(c)

maidir leis na heisiúintí rátáilte ón institiúid eisithe a mbaineann an tsinsearacht chéanna leo, tá measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS a bhfuil sé cinnte ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar institiúidí nó risíochtaí gearrthéarmacha faoi Chaibidil 2;

(d)

níl aon fhaisnéis ag an institiúid iasachtaí a thabharfadh le fios go mbeadh údar le measúnú creidmheasa a bheadh níos ísle ná an ceann a shonraítear i bpointe (c);

(e)

is leor leachtacht mhargaidh na hionstraime chun na críocha sin.

5.   Féadfaidh institiúidí aonaid nó scaireanna in GCanna a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

tá praghas luaite poiblí laethúil ag na haonaid nó ag na scaireanna;

(b)

tá na GCanna teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe d'aitheantas faoi mhír 1 agus mhír 2;

(c)

comhlíonann na GCanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 132(3).

I gcás ina n-infheistíonn GC i scaireanna nó in aonaid GC eile, beidh na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír i bhfeidhm go cothrom maidir le haon GC bunúsach den sórt sin.

I gcás ina n-úsáideann GC ionstraimí díorthaigh chun infheistíochtaí ceadaithe a fhálú, ní choiscfear aonad ná scaireanna sa ghnóthas sin a bheith incháilithe mar chomhthaobhacht dá bharr sin.

6.   Chun críocha mhír 5, i gcás nach bhfuil GC (‧an GC bunaidh‧) nó aon cheann dá GCanna foluiteacha teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe faoi mhír 1 agus mhír 4, féadfaidh institiúidí aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht go dtí méid atá cothrom le luach na sócmhainní incháilithe arna sealbhú ag an GC sin, á ghlacadh leis gur infheistigh an GC nó aon cheann dá GCanna foluiteacha i sócmhainní neamh-incháilithe go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina gcuid sainorduithe féin.;

I gcás ina bhfuil GCanna foluiteacha dá chuid féin aige ag aon GC bunúsach, féadfaidh institiúidí aonaid nó scaireanna sa GC bunaidh a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe ar an gcoinníoll go ndéanfaidh siad an mhodheolaíocht a leagtar síos sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm.

I gcás ina bhféadfadh luach diúltach a bheith ag sócmhainní neamh-incháilithe mar gheall ar dhliteanais nó ar dhliteanais theagmhasacha a thig ó úinéireacht, déanfaidh institiúidí an dá ní seo a leanas:

(a)

ríomhfaidh siad luach iomlán na sócmhainní neamh-incháilithe;

(b)

i gcás ina bhfuil an méid a gheofar faoi phointe (a) diúltach, dealóidh siad luach absalóideach an mhéid sin ó luach iomlán na sócmhainní incháilithe.

7.   Maidir le pointí (b) go (e) de mhír 1, i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ag urrús ó IMCSanna, cuirfidh institiúidí an measúnú is lú fabhar i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil níos mó ná dhá mheasúnú creidmheasa ag urrús ó IMCSanna, cuirfidh institiúidí an dá mheasúnú is fabhraí i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí éagsúil, cuirfidh institiúidí an measúnú is lú fabhar i bhfeidhm.

8   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

na príomhinnéacsanna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo, i bpointe (a) d'Airteagal 198(1), in Airteagal 224(1) agus (4), agus i bpointe (e) d'Airteagal 299(2);

(b)

na malartuithe aitheanta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 den Airteagal seo,i bpointe (a) d'Airteagal 198(1), in Airteagal 224(1) agus (4), i bpointe (e) d'Airteagal 299(2), i bpointe (k) d'Airteagal 400(2), i bpointe (e) d'Airteagal 416(3), i bpointe (c) d'Airteagal 428(1), agus i bpointe 12 d'Iarscríbhinn III i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (72) d'Airteagal 4(1).

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 198

Incháilitheacht bhreise na comhthaobhachta faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais

1.   I dteannta na comhthaobhachta a bhunaítear in Airteagal 197, i gcás ina n-úsáideann institiúid an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 223, féadfaidh an institiúid sin na nithe seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe:

(a)

cothromais nó bannaí in-chomhshóite nach n-áirítear i bpríomhinnéacs ach a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta;

(b)

aonaid nó scaireanna in GCanna i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

tá praghas luaite poiblí laethúil ag na haonaid nó ag na scaireanna;

(ii)

tá an GC teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe d'aitheantas faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus na hítimí a luaitear i bpointe (a) den fhomhír seo.

I gcás ina n-infheistíonn GC i scaireanna nó in aonaid GC eile, beidh na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a) agus (b) den mhír seo i bhfeidhm go cothrom maidir le haon GC bunúsach den sórt sin.

I gcás ina n-úsáideann GC ionstraimí díorthaigh chun infheistíochtaí ceadaithe a fhálú, ní choiscfear incháilitheacht aonad ná scaireanna sa ghnóthas sin mar chomhthaobhacht dá bharr sin.

2.   I gcás nach bhfuil GC ná aon cheann dá GCanna foluiteacha teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe i gcomhair aitheantais faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus sna nithe a luaitear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht go dtí méid atá cothrom le luach na sócmhainní incháilithe arna sealbhú ag an GC sin, á ghlacadh leis gur infheistigh an GC nó aon cheann dá GCannafoluiteacha i sócmhainní neamh-incháilithe go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina gcuid sainorduithe faoi seach.

I gcás ina bhféadfadh luach diúltach a bheith ag sócmhainní neamh-incháilithe mar gheall ar dhliteanais nó ar dhliteanais theagmhasacha a thig ó úinéireacht, déanfaidh institiúidí an dá ní seo a leanas:

(a)

ríomhfaidh siad luach iomlán na sócmhainní neamh-incháilithe;

(b)

i gcás ina bhfuil an méid a gheofar faoi phointe (a) diúltach, dealóidh siad luach absalóideach an mhéid sin ó luach iomlán na sócmhainní incháilithe.

Airteagal 199

Incháilitheacht bhreise do chomhthaobhacht faoin gCur Chuige IRB

1.   I dteannta na comhthaobhachta dá dtagraítear in Airteagail 197 agus 198, féadfaidh institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoin gCur Chuige IRB na cineálacha comhthaobhachta seo a úsáid freisin:

(a)

comhthaobhacht maoine dochorraithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;

(b)

earraí infhaighte i gcomhréir le mír 5;

(c)

comhthaobhacht fhisiceach eile i gcomhréir le míreanna 6 agus 8;

(d)

léasú i gcomhréir le mír 7.

2.   Mura sonrófar a mhalairt faoi Airteagal 124(2), féadfaidh institiúidí comhthaobhacht incháilithe a úsáid mar mhaoin chónaithe atá nó a bheidh á háitiú nó á ligean ar cíos ag an úinéir, nó ag an úinéir tairbhiúil i gcás cuideachtaí infheistíochta pearsanta, agus maoin dhochorraithe tráchtála, lena n-áirítear oifigí agus áitribh thráchtála eile, i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

ní bhraitheann luach na maoine go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora. Féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás go mbíonn tionchar ag tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch ar luach na maoine agus ar fheidhmíocht an iasachtaí araon óna gcinneadh maidir le hábharthacht spleáchais den sórt sin;

(b)

ní bhraitheann priacal an iasachtaí go hábhartha ar fheidhmíocht na maoine bunúsaí ná an tionscadail fholuitigh, ach ar chumas bunúsach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar thoradh air sin, ní bheidh aisíocaíocht na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an maoin bhunúsach a fheidhmíonn mar chomhthaobhacht.

3.   Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás risíochtaí arna n-urrú le maoin chónaithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine cónaithe dea-fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn aon cheann de na teorainneacha seo a leanas:

(a)

ní mó ná 0,3 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith na caillteanais atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe suas le 80 % den mhargadhluach nó 80 % den luach iasachta morgáiste, mura bhforáiltear a mhalairt faoi Airteagal 124(2).

(b)

ní mó ná 0,5 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith na caillteanais fhoriomlána atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith.

I gcás nach gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír in aon bhliain faoi leith, ní úsáidfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san fhomhír sin go dtí go gcomhlíonfar an dá choinníoll i mbliain ina dhiaidh sin.

4.   Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás maoine dochorraithe tráchtala atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine cónaithe dea-fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraítear aon cheann de na teorainneacha seo a leanas leo:

(a)

caillteanais atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe thráchtála suas le 50 % den mhargadhluach nó 60 % den luach iasachta morgáiste, ní mó iad ná 0,3 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe thráchtála in aon bhliain faoi leith;

(b)

caillteanais fhoriomlána atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe thráchtála, ní mó iad ná 0,5 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe thráchtála in aon bhliain faoi leith.

I gcás nach gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír in aon bhliain faoi leith, ní úsáidfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san fhomhír sin go dtí go gcomhlíonfar an dá choinníoll i mbliain ina dhiaidh sin.

5.   Féadfaidh institiúidí earraí infhaighte a bhaineann le hidirbheart nó le hidirbhearta tráchtála ag a bhfuil aibíocht tosaigh níos lú ná bliain amháin nó cothrom le bliain amháin a úsáid mar mhéideanna comhthaobhachta incháilithe. Ní áirítear ar earraí infhaighte incháilithe na cinn a bhaineann le hurrúsuithe, le fo-rannpháirteachas, le díorthaigh chreidmheasa ná le méideanna atá dlite ó pháirtithe cleamhnaithe.

6.   Tabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid comhthaobhacht fhisiceach de chineál seachas na cinn atá léirithe i mír 2, mír 3 agus mír 4 a úsáid mar comhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leanas:

(a)

tá margaí leachtacha ann, arna bhfianú ag idirbhearta minice, agus cineál na sócmhainne á chur san áireamh, chun comhthaobhacht a dhiúscairt ar mhodh atá gasta agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Déanfaidh institiúidí measúnú ar an gcoinníoll seo go tréimhsiúil agus i gcás inar léir ón fhaisnéis go bhfuil athruithe ábhartha sa mhargadh;

(b)

tá praghsanna margaidh ann don chomhthaobhacht atá dea-bhunaithe agus ar fáil don phobal. Féadfaidh institiúidí a mheas gur praghsanna dea-bhunaithe iad praghsanna an mhargaidh i gcás ina dtagann siad as foinsí iontaofa faisnéise amhail innéacsanna poiblí agus gur léiriú iad ar phraghas na n-idirbheart faoi ghnáthdhálaí. Féadfaidh institiúidí a mheas gur praghsanna atá fáil don phobal iad praghsanna an mhargaidh, sa chás go nochtar praghsanna, go bhfuil rochtain éasca orthu, agus gur féidir iad a fháil go rialta agus gan aon ualach míchuí riaracháin nó airgeadais ag baint leo;

(c)

déanann an institiúid anailís ar phraghsanna an mhargaidh, ar an am agus ar na costais a bhaineann leis an gcomhthaobhacht a réadú agus ar na fáltais réadaithe ón gcomhthaobhacht;

(d)

léiríonn an institiúid nach bhfuil na fáltais réadaithe ón gcomhthaobhacht faoi 70 % de luach na comhthaobhachta i níos mo ná 10 % de na leachtuithe ar fad i gcás cineál áirithe comhthaobhachta. I gcás ina bhfuil luaineacht ábhartha i bpraghsanna an mhargaidh, léireoidh an institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil go bhfuil a luacháil ar an gcomhthaobhacht sách coimeádach.

Doiciméadóidh an institiúid comhlíonadh na gcoinníollacha atá sonraithe i bpointí (a) go (d) sa chéad fhomhír agus na coinníollacha sin atá sonraithe in Airteagal 210.

7.   Faoi réir fhorálacha Airteagal 230(2), i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 211, féadfar risíochtaí a thagann as idirbhearta trína léasaíonn institiúid maoin le tríú páirtí a láimhseáil ar an tslí chéanna a láimhseáiltear iasachtaí atá comhthaobhaithe leis an gcineál maoine atá léasaithe.

8.   Cuirfidh ÚBE liosta de na cineálacha comhthaobhachta fisicí ar fáil lena bhféadfaidh institiúidí glacadh leis go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 6 lena n-aghaidh.

Airteagal 200

Cosaint chistithe creidmheasa eile

Féadfaidh institiúidí an chosaint chistithe creidmheasa eile seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe:

(a)

airgead i dtaisce le hinstitiúid tríú páirtí i socrú neamhchoinneála nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid atá ina seilbh agus atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí;

(b)

polasaithe árachas saoil atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí;

(c)

ionstraimí arna n-eisiúint ag institiúidí tríú páirtí a athcheannóidh an institiúid sin arna iarraidh sin.

Foroinn 2

Cosaint neamhchistithe creidmheasa

Airteagal 201

Incháilitheacht sholáthraithe na cosanta faoi gach cur chuige

1.   Féadfaidh institiúidí na páirtithe seo a leanas a úsáid mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa:

(a)

rialtais láir agus bainc cheannais;

(b)

rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla;

(c)

bainc forbartha iltaobhacha;

(d)

risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117;

(e)

eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear éilimh orthu i gcomhréir le hAirteagal 116;

(f)

institiúidí, agus institiúidí airgeadais a ndéantar risíochtaí ar an institiúid airgeadais ina leith a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 119(5);

(g)

eintitis chorparáideacha eile, lena n-áirítear máthair-eintitis chorparáideacha, fo-eintitis chorparáideacha agus eintitis chorparáideacha chleamhnaithe na hinstitiúide, i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

tá measúnú creidmheasa ag na heintitis chorparáideacha eile sin ó IMCS;

(ii)

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh de réir an Chuir Chuige IRB, níl measúnú creidmheasa ó IMCS aitheanta ag na heintitis chorparáideacha eile sin agus déanann an institiúid iad a rátáil go hinmheánach;

(h)

contrapháirtithe lárnacha.

2.   I gcás ina ríomhann institiúidí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh de réir an Chuir Chuige IRB, le bheith incháilithe mar sholáthraí na cosanta neamhchistithe creidmheasa, déanfaidh an institiúid ráthóir a rátáil go hinmheánach i gcomhréir le forálacha Roinn 6 de Chaibidil 3.

Foilseoidh agus coinneoidh údaráis inniúla liosta de na hinstitiúidí airgeadais sin ar soláthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa iadi bpointe (f) de mhír 1, nó na treoirchritéir chun soláthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa den chineál sin a aithint, mar aon le cur síos ar na ceanglais stuamachta is infheidhme, agus roinnfidh siad a liosta le húdaráis inniúla eile i gcomhréir le hAirteagal 117 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 202

Incháilitheacht sholáthraithe na cosanta de réir an Chuir Chuige IBR a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3)

Féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as institiúidí, gnóthais árachais agus as athárachais agus gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3) i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá saineolas a ndóthain acu ar chosaint neamhchistithe creidmheasa a sholáthar;

(b)

déantar iad a rialú ar mhodh atá coibhéiseach leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, nó, bhí measúnú creidmheasa acu tráth a soláthraíodh an chosaint creidmheasa, ó IMCS aitheanta a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar chorparáidí a leagtar amach i gCaibidil 2;

(c)

tráth a soláthraíodh an chosaint creidmheasa, nó ar feadh tréimhse ar bith ina dhiaidh sin, bhí rátáil inmheánach acu ag a raibh PD atá coibhéiseach leis an PD a bhaineann le céim 2 nó níos airde den cháilíocht chreidmheasa, nó atá níos ísle ná an PD sin, i gcomhréir leis na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar chorparáidí a leagtar amach i gCaibidil 2;

(d)

tá rátáil inmheánach acu ag a bhfuil PD atá coibhéiseach leis an PD a bhaineann le céim 2 nó níos airde den cháilíocht chreidmheasa, nó atá níos ísle ná an PD sin, i gcomhréir le rialacha ualú priacal na risíochtaí ar chorparáidí mar a leagtar amach i gCaibidil 2.

Chun críche an Airteagail seo, ní rachaidh aon fhrithráthaíocht fhollasach ón rialtas láir chun tairbhe na cosanta creidmheasa arna soláthar ag gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin.

Airteagal 203

Incháilitheacht ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa

Féadfaidh institiúidí leas a bhaint as ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe.

Foroinn 3

Cineálacha díorthach

Airteagal 204

Cineálacha díorthach creidmheasa incháilitheach

1.   Féadfaidh institiúidí na cineálacha seo a leanas de dhíorthaigh chreidmheasa, agus ionstraimí a a bheadh comhdhéanta de dhíorthaigh chreidmheasa den sórt sin nó de chinn a bhfuil éifeacht eacnamaíoch chomhchosúil acu, a úsáid mar chosaint creidmheasa incháilithe:

(a)

babhtálacha mainneachtain chreidmheasa;

(b)

babhtálacha an toraidh iomláin;

(c)

nótaí creidmheas-nasctha, go feadh mhéid a cistithe airgid.

I gcás ina gceannaíonn institiúid cosaint creidmheasa trí bhabhtáil an toraidh iomláin agus ina ndéanann sí taifead ar na glaníocaíochtaí arna bhfáil ar an mbabhtáil mar ghlanioncam, ach nach ndéanann sí taifeadadh ar an meath fritháirimh i luach na sócmhainne atá cosanta faoi laghduithe i luach cothrom nó trí mhéid breise a bheith curtha le cúlchistí, ní cháilíonn an chosaint creidmheasa sin mar chosaint creidmheasa incháilithe.

2.   I gcás ina ndéanann institiúid fálú inmheánach ag baint úsáide as díorthach creidmheasa, ionas go gcáileofar an chosaint creidmheasa mar chosaint creidmheasa incháilithe chun críche na Caibidle seo, déanfar an bpriacal creidmheasa a aistríodh chuig an leabhar trádála a aistriú chuig tríú páirtí nó páirtithe.

I gcás ina ndearnadh fálú inmheánach de réir na chéad fhomhíre agus inar comhlíonadh na ceanglais sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí na rialacha a leagtar amach i Roinn 4 go 6 i bhfeidhm maidir le méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás ina bhfaigheann siad cosaint neamhchistithe creidmheasa.

Roinn 3

Ceanglais

Foroinn 1

Cosaint cistithe creidmheasa

Airteagal 205

Ceanglais maidir le comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár chomhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 206 seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála

Cáileoidh comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár chomhardaithe, seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 206, mar fhoirm incháilithe de mhaolú priacal creidmheasa i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

tá éifeacht dlí ag na comhaontuithe sin agus tá siad inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí, i ngach dlínse ábhartha, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta nó féimheachta contrapháirtí;

(b)

is féidir le hinstitiúidí na sócmhainní nó na dliteanais atá faoi réir na gcomhaontuithe sin a chinneadh aon tráth;

(c)

déanann institiúidí faireachán ar na priacail a bhaineann le foirceannadh na cosanta creidmheasa agus rialaíonn siad iad ar bhonn leanúnach;

(d)

déanann institiúidí faireachán ar na risíochtaí ábhartha agus rialaíonn siad iad ar bhonn glanluachála agus ar bhonn leanúnach.

Airteagal 206

Ceanglais maidir le máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh

Máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, cáileoidh siad mar fhoirm incháilithe de mhaolú priacal creidmheasa i gcás ina gcomhlíonfaidh an chomhthaobhacht a bheidh curtha ar fáil faoi na comhaontuithe sin na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 207(2) go (4) agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

tá éifeacht dlí ag na comhaontuithe sin agus tá siad inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí, i ngach dlínse ábhartha, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta nó féimheachta contrapháirtí;

(b)

tugtar an ceart iontu don pháirtí neamh-mhainneachtana gach idirbheart a fhoirceannadh nó a dhúnadh go tráthúil faoin gcomhaontú i gcás mainneachtana, lena n-áirítear i gcás féimheachta nó dócmhainneachta contrapháirtí;

(c)

déantar foráil leo maidir le gnóthachain agus caillteanais a ghlanluacháil ar idirbhearta a dúnadh faoi chomhaontú sa chaoi is go mbeidh aon ghlanluach amháin ag páirtí amháin ar an bpáirtí eile.

Airteagal 207

Ceanglais maidir le comhthaobhacht airgeadais

1.   Faoi na cineálacha cur chuige agus modhanna uile, cáileoidh comhthaobhacht airgeadais agus óir mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais uile a leagtar síos i míreanna 2 go 4.

2.   Ní bheidh comhghaol deimhneach ábhartha idir cáilíocht chreidmheasa an oibleagáideora agus luach na comhthaobhachta. I gcás ina dtiocfaidh laghdú suntasach ar luach na comhthaobhachta, ní mar thoradh air sin amháin a thiocfadh meathlú suntasach ar chaighdeán creidmheasa an oibleagáideora. I gcás ina n-éireoidh caighdeán creidmheasa an oibleagáideora criticiúil, ní mar thoradh air sin amháin a thiocfadh laghdú suntasach ar luach na comhthaobhachta.

Ní cháileofar urrúis arna n-eisiúint ag an oibleagáideoir, ná ag aon eintiteas grúpa gaolmhar, mar chomhthaobhacht incháilithe. D'ainneoin sin, cáilítear eisiúintí an oibleagáideora féin de bhannaí faoi chumhdach a thagann faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 129 mar chomhthaobhacht incháilithe nuair a bhreactar iad mar chomhthaobhacht le haghaidh idirbhirt athcheannaigh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad an coinníoll a leagtar amach sa chéad fhomhír.

3.   Comhlíonfaidh institiúidí aon cheanglais chonarthacha nó reachtúla i ndáil le hin-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta faoin dlí is infheidhme maidir lena leas sa chomhthaobhacht, agus déanfaidh siad na bearta is gá d'fhonn é sin a áirithiú.

Beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúidí lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta i ngach dlínse iomchuí. Déanfaidh siad athbhreithnithe den chineál sin arís de réir mar is gá d'fhonn in-fhorfheidhmitheacht leanúnach a áirithiú.

4.   Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais oibriúcháin uile a leanas:

(a)

déanfaidh siad na socruithe comhthaobhachta a dhoiciméadú mar is cuí agus beidh nósanna imeachta soiléire agus stóinsithe i bhfeidhm acu le haghaidh leachtú tráthúil na comhthaobhachta;

(b)

úsáidfidh siad nósanna imeachta agus próisis stóinsithe chun rialú a dhéanamh ar priacail a thagann as úsáid comhthaobhachta, lena n-áirítear priacail cosanta creidmheasa teipthe nó laghdaithe, priacail measúnaithe, priacail a bhaineann le foirceannadh na cosanta creidmheasa, priacal comhchruinnithe a thagann as úsáid comhthaobhachta agus as an idirghníomhaíocht le próifíl priacal fhoriomlán na hinstitiúide;

(c)

beidh beartais agus próisis dhoiciméadaithe i bhfeidhm acu a bhaineann le cineálacha agus méideanna na comhthaobhachta a nglactar leo;

(d)

ríomhfaidh siad margadhluach na comhthaobhachta, agus déanfaidh siad é a athluacháil dá réir sin, uair amháin gach sé mhí ar a laghad agus aon am a mbeidh cúis acu le creidiúint go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar mhargadhuach na comhthaobhachta;

(e)

i gcás in bhfuil an chomhthaobhacht i seilbh tríú páirtí, déanfaidh siad bearta réasúnta lena áirithiú go leithscarfaidh an tríú páirtí an chomhthaobhacht óna sócmhainní féin;

(f)

áiritheoidh siad go ndíreoidh siad acmhainní leordhóthanacha ar fheidhmiú ordúil na gcomhaontuithe corrlaigh le díorthaigh thar an gcuntar agus contrapháirtithe um maoiniú urrús, mar a thomhaistear é le tráthúlacht agus beachtas a nglaonna corrlaigh amach agus leis an aga freagartha ar ghlaonna corrlaigh isteach;

(g)

beidh beartais bhainistíochta i leith comhthaobhachta i bhfeidhm acu d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an méid seo a leanas agus chun é a rialú agus a thuairisciú:

(i)

na priacail ar a mbíonn siad risíochta de thoradh na gcomhaontuithe corrlaigh;

(ii)

an priacal comhchruinnithe do chineálacha éagsúla de shócmhainní comhthaobhachta;

(iii)

athúsáid na comhthaobhachta lena n-áirítear na heasnaimh leachtachta a d'fhéadfadh tarlú mar thoradh ar athúsáid na comhthaobhachta a fhaightear ó chontrapháirtithe;

(iv)

géilleadh na gceart maidir le comhthaobhacht breactha go dtí contrapháirtithe.

5.   Chomh maith leis na ceanglais uile a leagtar amach i mír 2 go mír 4 a chomhlíonadh, chun go gcáileofar comhthaobhacht airgeadais mar chomhthaobhacht incháilithe faoin Modh Simplí Comhthabhach Airgeadais beidh aibíocht iarmhair na cosanta ar a laghad chomh fada le haibíocht iarmhair na risíochta.

Airteagal 208

Ceanglais maidir le comhthaobhacht maoine dochorraithe

1.   Cáileofar maoin mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais uile a leagtar síos i mír 2 go mír 5 agus sa chás sin amháin.

2.   Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le deimhneacht dhlíthiúil:

(a)

beidh morgáiste nó muirear inchurtha i bhfeidhm i ngach dlínse a bheidh iomchuí an tráth a chuirfear an comhaontú creidmheasa i gcrích agus déanfar é a chomhdú mar is cuí ar bhonn tráthúil;

(b)

comhlíonadh gach ceanglas dlíthiúil maidir leis an ngealltán a bhunú;

(c)

fágann an comhaontú cosanta agus an próiseas dlíthiúil is bonn leis go bhfuil sé ar chumas na hinstitiúide luach na cosanta a réadú laistigh de fhráma ama réasúnta.

3.   Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le faireachán a dhéanamh ar luachanna maoine agus ar luacháil maoine:

(a)

déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na maoine go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad i gcás maoine dochorraithe tráchtála agus uair amháin gach trí bliana i gcás réadmhaoine cónaithe. Déanfaidh institiúidí faireachán níos minice i gcás ina dtagann athruithe móra ar dhálaí an mhargaidh;

(b)

déanfar athbhreithniú ar an luacháil maoine nuair is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil d'institiúidí go bhféadfadh sé gur tháinig laghdú ábhartha ar luach na maoine i gcoibhneas le praghsanna ginearálta an mhargaidh agus déanfaidh luachálaí ag a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus an cumas cuí chun luacháil a chur i gcrích agus atá neamhspleách ón bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa an t-athbhreithniú sin. I gcás iasachtaí os cionn EUR 3 mhilliún nó 5 % de chistí dílse na hinstitiúide, déanfaidh luachálaí den sórt sin athbhreithniú ar luacháil na maoine gach trí bliana ar a laghad.

Féadfaidh institiúidí modhanna staitistiúla a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar luach na maoine agus chun maoin a shainaithint ar gá athluacháil le déanamh uirthi.

4.   Déanfaidh institiúidí cineálacha na maoine cónaithe agus na maoine dochorraithe tráchtála a nglacann siad leo agus a mbeartais iasachtaithe i dtaca leis sin a dhoiciméadú go soiléir.

5.   Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí chun fíorú go bhfuil an mhaoin a bheidh glactha mar chosaint creidmheasa árachaithe a dóthain i gcoinne priacal damáiste.

Airteagal 209

Ceanglais maidir le hearraí infhaighte

1.   Cáileofar earraí infhaighte mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais ar fad a leagtar síos i míreanna 2 go 3.

2.   Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le deimhneacht dhlíthiúil:

(a)

beidh an sásra dlíthiúil lena soláthrófar an chomhthaobhacht d'institiúid iasachtaí stóinsithe agus éifeachtach agus áiritheoidh sí go mbeidh cearta soiléire ag an institiúid ar an gcomhthaobhacht lena n-áirítear an ceart ar na fáltais tar éis an chomhthaobhacht a dhíol;

(b)

déanfaidh institiúidí gach beart is gá chun riachtanais áitiúla a chomhlíonadh maidir le hin-fhorfheidhmitheacht leas urrúis. Beidh éileamh chéadtosaíochta ag institiúidí iasachtaí ar an gcomhthaobhacht cé go bhféadfadh sé go mbeadh éilimh den sórt sin faoi réir éileamh na gcreidiúnaithe tosaíochta dá bhforáiltear i bhforálacha reachtaíochta;

(c)

beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúidí lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta i ngach dlínse iomchuí;

(d)

déanfaidh siad a socruithe comhthaobhachta a dhoiciméadú mar is cuí agus beidh nósanna imeachta soiléire agus stóinsithe i bhfeidhm acu maidir le comhthaobhacht a bhailiú go tráthúil;

(e)

beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar aon choinníollacha dlíthiúla is gá chun mainneachtain iasachtaí a dhearbhú agus comhthaobhacht a bhailiú go tráthúil;

(f)

i gcás struis nó mainneachtana airgeadais iasachtaí, beidh údarás dlíthiúil ag institiúidí na hearraí infhaighte a dhíol le páirtithe eile nó a shannadh dóibh gan toiliú oibleagáideoirí na n-earraí infhaighte.

3.   Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le bainistíocht priacal:

(a)

beidh próiseas fónta i bhfeidhm ag institiúid chun an priacal creidmheasa a bhaineann leis na hearraí infhaighte a chinneadh. Áireofar i bpróiseas den sórt sin anailísí ar ghnólacht agus ar thionscal an iasachtaí agus ar na cineálacha custaiméirí lena ndéanann an t-iasachtaí sin gnó. I gcás go mbraitheann institiúid ar a hiasachtaithe chun priacal creidmheasa na gcustaiméirí a fhionnadh, déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar chleachtais chreidmheasa na n-iasachtaithe d'fhonn a chreidiúnaí agus a fhónta atá siad a fhionnadh;

(b)

léireoidh an difríocht idir méid na risíochta agus luach na n-earraí infhaighte na fachtóirí iomchuí uile, lena n-áirítear costas an bhailithe, comhchruinniú laistigh de chomhthiomsú na n-earraí infhaighte arna gcur i ngeall ag iasachtaí ar leith, agus an comhchruinniú priacal a d'fhéadfadh a bheith ann laistigh de risíochtaí iomlána na hinstitiúide os cionn an méid a rialaítear le modheolaíocht ghinearálta na hinstitiúide. Déanfaidh institiúidí próiseas faireacháin leanúnach atá oiriúnach do na hearraí infhaighte. Déanfaidh siad athbhreithniú, ar bhonn rialta chomh maith, ar chomhlíonadh cúnant iasachtaí, srianta comhshaoil, agus ceanglas dlíthiúil eile;

(c)

déanfar earraí infhaighte arna gcur i ngeall ag iasachtaí a éagsúlú agus ní dhéanfar iad a a chomhghaolú go míchuí leis an iasachtaí sin. I gcás go bhfuil comhghaol deimhneach ábhartha i gceist, cuirfidh institiúidí priacal coimhdeach san áireamh i socrú na n-corrlaigh le haghaidh chomhthiomsú na comhthaobhachta ina hiomláine;

(d)

ní úsáidfidh institiúidí earraí infhaighte ó chleamhnaithe iasachtaí, lena n-áirítear fochuideachtaí agus fostaithe, mar chosaint creidmheasa incháilithe;

(e)

beidh próiseas doiciméadaithe i bhfeidhm ag institiúid trína mbaileofar íocaíochtaí infhála i gcásanna struis. Beidh na saoráidí riachtanacha ag institiúidí le híocaíochtaí a bhailiú fiú amháin más gnách leo brath ar a gcuid iasachtaithe lena mbailiú.

Airteagal 210

Ceanglais maidir le comhthaobhacht fhisiceach eile

Cáileoidh comhthaobhacht fhisiceach seachas comhthaobhacht maoine dochorraithe mar chomhthaobhacht incháilithe faoin gChur Chuige IBR i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

beidh an comhaontú comhthaobhachta faoina soláthraítear an chomhthaobhacht fhisiceach d'institiúid éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse iomchuí agus cuirfear ar chumas na hinstitiúide sin luach na comhthaobhachta a réadú laistigh d'amchlár réasúnta;

(b)

cé is moite de na héilimh chéadtosaíochta incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 209(2)(b), ní cháileofar ach túsliain nó muirir ar chomhthaobhacht mar chomhthaobhacht incháilithe agus beidh tús áite ag institiúid thar gach iasachtaí eile ó thaobh fháltais réadaithe na comhthaobhachta;

(c)

déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na comhthaobhachta go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh institiúidí faireachán níos minice sa chás go bhfuil an margadh faoi réir athruithe suntasacha dálaí;

(d)

áireofar ar an gcomhaontú iasachta tuairiscí mionsonraithe ar an gcomhthaobhacht mar aon le sonraíochtaí mionsonraithe ar mhodh agus ar mhinicíocht an athluachála;

(e)

déanfaidh institiúidí na cineálacha comhthaobhachta fisicí a nglacann siad leo agus na beartais agus na cleachtais atá i bhfeidhm acu maidir le méid iomchuí gach cineáil chomhthaobhachta i gcoibhneas le méid na risíochta a dhoiciméadú go soiléir i mbeartais agus i nósanna imeachta creidmheasa a bheidh ar fáil lena scrúdú;

(f)

tabharfar aghaidh i mbeartais chreidmheasa institiúidí maidir le struchtúr na n-idirbheart ar na nithe seo a leanas:

(i)

ceanglais chomhthaobhachta iomchuí i gcoibhneas le méid na risíochta;

(ii)

an cumas an chomhthaobhacht a leachtú go héasca;

(iii)

an cumas praghas nó margadhluach a bhunú go hoibiachtúil;

(iv)

an mhinicíocht lenar féidir an luach a fháil go héasca, lena n-áirítear breithmheas gairmiúil nó luacháil ghairmiúil;

(v)

luaineacht nó ionadaí luaineacht luach na comhthaobhachta.

(g)

cuirfidh institiúidí san áireamh ina iomláine gach meath nó dífheidhmeacht maidir leis an gcomhthaobhacht agus an luacháil tosaigh agus an athluacháil á ndéanamh acu, agus tabharfaidh siad aird faoi leith ar an tionchar a bhíonn ag imeacht ama ar chomhthaobhachtaí atá íogair ó thaobh cúrsaí faisin nó dáta;

(h)

beidh an ceart ag institiúidí iniúchadh fisiceach a dhéanamh ar an gcomhthaobhacht. Beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm acu freisin ina dtabharfar aghaidh ar fheidhmiú a gcirt chun iniúchadh fisiceach a dhéanamh;

(i)

beidh an chomhthaobhacht a nglacfar leis mar chosaint árachaithe a dóthain i gcoinne priacal damáiste agus beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí chun faireachán a dhéanamh air sin.

Airteagal 211

Ceanglais maidir le risíochtaí a láimhseáil mar risíochtaí comhthaobhaithe

Láimhseálfaidh institiúidí risíochtaí a thagann as idirbhearta léasaithe mar risíochtaí atá comhthaobhaithe leis an gcineál maoine atá léasaithe, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 208 nó 210, de réir mar is infheidhme, maidir leis an gcineál maoine a bheidh léasaithe le cáiliú mar chomhthaobhacht incháilithe;

(b)

tá bainistíocht priacal stóinsithe i bhfeidhm ag an léasóir maidir leis an úsáid a bhaintear as an tsócmhainn léasaithe, an suíomh ina bhfuil sí agus an aois atá aici agus an tréimhse atá beartaithe í a úsáid, lena n-áirítear faireachán iomchuí a dhéanamh ar luach an urrúis;

(c)

tá úinéireacht dhlíthiúil ag an léasóir ar an tsócmhainn agus tá sé ábalta a chearta mar úinéir a fheidhmiú go tráthúil;

(d)

sa chás nár fionnadh é sin agus leibhéal an LGD á ríomh, níl an difríocht idir luach an méid gan amúchadh agus margadhluach an urrúis chomh mór sin is go ndéanfaí meastachán thar ceart ar an maolú priacal creidmheasa a chuirtear i leith na sócmhainní léasaithe.

Airteagal 212

Ceanglais maidir le cosaint chistithe creidmheasa eile

1.   Beidh airgead i dtaisce le hinstitiúid tríú páirtí nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid ina seilbh incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 232(1), i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

tá éileamh an iasachtaí i gcoinne na hinstitiúide tríú páirtí curtha i ngeall go hoscailte nó sannta don institiúid iasachtaí agus tá an gealltán nó an sannadh sin éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse iomchuí agus tá sé neamhchoinníollach agus neamh-inchúlghairthe;

(b)

tugtar fógra don institiúid tríú páirtí maidir leis an ngealltán nó an sannadh;

(c)

mar thoradh ar an bhfógra, ní féidir leis an institiúid tríú páirtí íocaíochtaí a dhéanamh leis an institiúid iasachtaí agus sin amháin nó le páirtithe eile mura bhfaigheann sí toiliú na hinstitiúide iasachtaí roimh ré;

2.   Cáileoidh polasaithe árachas saoil atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

tá an polasaí árachas saoil curtha i ngeall nó sannta go hoscailte don institiúid iasachtaí;

(b)

tugtar fógra maidir leis an ngealltán nó an sannadh don chuideachta atá ag soláthar an árachais saoil, agus mar thoradh ar an bhfógra, ní fhéadfaidh sí méideanna atá iníoctha faoin gconradh a íoc gan toiliú na hinstitiúide iasachtaí roimh ré;

(c)

tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí an polasaí a chur ar ceal agus an luach géilliúna a fháil i gcás mhainneachtain an iasachtaí;

(d)

cuirtear in iúl don institiúid aon íocaíochtaí faoin bpolasaí nach ndearna sealbhóir an pholasaí;

(e)

cuirtear an chosaint creidmheasa ar fáil go ceann théarma na hiasachta. Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh toisc go gcríochnaíonn an caidreamh árachais sular n-éagann an caidreamh iasachta, cinnteoidh an institiúid go n-úsáidfear an méid a thagann ón gconradh árachais mar urrús don institiúid go dtí deireadh thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa;

(f)

tá an gealltán nó an sannadh éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm go dlíthiúil an tráth a chuirfear an comhaontú creidmheasa i gcrích;

(g)

dearbhaíonn an chuideachta atá ag soláthar an árachais an luach géilliúna agus tá sé neamh-inlaghdaithe;

(h)

tá an luach géilliúna le híoc go tráthúil ag an gcuideachta atá ag soláthar an árachais saoil, arna iarraidh sin;

(i)

ní iarrfar an luach géilliúna gach toiliú na hinstitiúide roimh ré;

(j)

tá an chuideachta atá ag soláthar an árachais saoil faoi réir Threoir 2009/138/CE nó tá sí faoi réir maoirseachta ag údarás inniúil tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na cinn a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Foroinn 2

Cosaint neamhcistithe creidmheasa agus nótaí creidmheas-nasctha

Airteagal 213

Ceanglais a bhaineann le ráthaíochtaí agus le díorthaigh chreidmheasa araon

1.   Faoi réir Airteagal 214(1), cáileoidh cosaint creidmheasa a eascraíonn ó ráthaíocht nó ó dhíorthaigh chreidmheasa mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

is cosaint creidmheasa dhíreach í an chosaint creidmheasa;

(b)

tá méid na cosanta creidmheasa sainithe go soiléir agus ní fhéadfar é a chonspóid;

(c)

níl aon chlásal i gconradh na cosanta creidmheasa, a bhfuil a chomhlíonadh faoi rialú díreach an iasachtóra, a d'fhágfadh:

(i)

go bhféadfadh soláthraí na cosanta an chosaint a chealú go haontaobhach;

(ii)

go dtiocfadh laghdú ar chostas éifeachtach na cosanta mar thoradh ar cháilíocht chreidmheasa na risíochta faoi chosaint a bheadh ag meathlú;

(iii)

go bhféadfaí cosc a chur ar oibleagáid a bheith ar sholáthraí na cosanta íocaíocht a dhéanamh go tráthúil i gcás ina mainneodh an oibleagáideoir bunaidh íocaíochtaí atá dlite ar bith a íoc, nó i gcás ina mbeadh an conradh léasaithe éagtha chun luach iarmharach ráthaithe a aithint faoi Airteagail 134(7) agus 166(4);

(iv)

go bhféadfadh soláthraí na cosanta aibíocht na cosanta creidmheasa a laghdú;

(d)

tá conradh na cosainta creidmheasa éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm go dlíthiúil i ngach dlínse is iomchuí tráth an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích.

2.   Léireoidh institiúid d'údaráis inniúla go bhfuil córais i bhfeidhm aici chun comhchruinniú priacal a d'fhéadfadh teacht chun cinn de thoradh na húsáide a bhaineann sí as ráthaíochtaí agus díorthaigh chreidmheasa a bhainistiú. Beidh institiúid ábalta an chaoi a n-idirghníomhaíonn a straitéis maidir leis an úsáid a bhaineann sí as díorthaigh chreidmheasa agus as ráthaíochtaí leis an bhainistíocht a dhéanann sí ar a próifíl priacal fhoriomlán a léiriú chun sástachta na n-údarás inniúil.

3.   Comhlíonfaidh institiúid aon cheanglas conartha agus reachtúil i leith in-fhorfheidhmitheacht a gcosanta neamhchistithe creidmheasa faoin dlí is infheidhme maidir lena leas sa chosaint chreidmheasa, agus déanfaidh sí na bearta is gá d'fhonn é sin a áirithiú.

Beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúid lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na cosanta neamhchistithe creidmheasa i ngach dlínse iomchuí. Déanfaidh sí athbhreithniú den sórt sin arís de réir mar is gá d'fhonn in-fhorfheidhmitheacht leanúnach a áirithiú.

Airteagal 214

Frithráthaíochtaí cheannasacha agus frithráthaíochtaí eile de chuid na hearnála poiblí

1.   Féadfaidh institiúidí na risíochtaí dá dtagraítear i mír 2 a láimhseáil mar risíocht atá faoi chosaint ráthaíochta arna soláthar ag na heintitis a liostaítear sa mhír sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

cumhdaítear gach eilimint priacal creidmheasa den éileamh faoin bhfrithráthaíocht;

(b)

comhlíonann an ráthaíocht bhunaidh agus an fhrithráthaíocht na ceanglais le haghaidh ráthaíochtaí a leagtar amach in Airteagail 213 agus 215(1), ach amháin nach gcaithfidh an fhrithráthaíocht a bheith díreach;

(c)

tá an cumhdach stóinsithe agus ní léir ó aon rud san fhianaise stairiúil nach bhfuil cumhdach na frithráthaíochta coibhéiseach le cumhdach ráthaíochta dírí ón eintiteas i gceist.

2.   Beidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 maidir le risíochtaí faoi chosaint ráthaíochta arna bhfrithráthú ag aon cheann de na heintitis seo a leanas:

(a)

rialtais láir nó bainc cheannais;

(b)

rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil;

(c)

eintiteas earnála poiblí, a láimhseáiltear éilimh air mar éilimh ar an rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4);

(d)

banc forbartha iltaobhach nó eagraíocht idirnáisiúnta, dá sanntar ualú priacal 0 % faoi Airteagal 117(2) agus Airteagal 118 nó de bhua Airteagal 117(2) agus Airteagal 118 faoi seach;

(e)

eintiteas earnála poiblí, a láimhseáiltear éilimh air i gcomhréir le hAirteagal 116(1) agus le hAirteagal 116(2).

3.   Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 i bhfeidhm freisin maidir le risíocht nach bhfuil frithráthaithe ag aon eintiteas a liostaítear i mír 2 i gcás ina mbeidh frithráthaíocht na risíochta sin ráthaithe go díreach ag ceann de na heintitis sin agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a liostaítear i mír 1.

Airteagal 215

Ceanglais bhreise maidir le ráthaíochtaí

1.   Cáileoidh ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

ar mhainneachtain cháilitheach an chontrapháirtí, nó ar an méid dlite gan a bheith íoctha aige, tá an ceart ag an institiúid iasachtaí an ráthóir a thóraíocht go tráthúil i leith airgid ar bith atá dlite faoin éileamh a bhfuil an chosaint á soláthar ina leith agus ní bheidh ar an institiúid iasachtaí an ráthóir a thóraíocht ar dtús chun íocaíocht a fháil;

I gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa ina gcuimsítear iasachtaí morgáiste áit chónaithe, tá tréimhse 24 mí ann chun na ceanglais in Airteagal 213(1)(c)(iii) agus sa chéad fhomhír den phointe seo a chomhlíonadh.

(b)

is oibleagáid atá doiciméadaithe go sainráite arna gabháil ag an ráthóir atá sa ráthaíocht;

(c)

comhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

cumhdaítear gach cineál íocaíochta atáthar ag súil go ndéanfadh an oibleagáideoir maidir leis an éileamh faoin ráthaíocht;

(ii)

i gcás ina ndéantar cineálacha faoi leith íocaíochta a eisiamh ón ráthóir, tá luach na ráthaíochta coigeartaithe ag an institiúid iasachtaí chun an cumhdach teoranta a léiriú.

2.   I gcás na ráthaíochtaí a sholáthraítear i gcomhthéacs comhscéimeanna ráthaíochta nó a sholáthraíonn nó a fhrithráthaíonn na heintitis a liostaítear in Airteagal 214(2), measfar go mbeidh na ceanglais i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an ceart ag an institiúid iasachtaí íocaíocht shealadach a fháil go tráthúil ón ráthóir, ar íocaíocht í a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

léiríonn sé meastachán stóinsithe ar an gcaillteanas, lena n-áirítear caillteanais a thig ón ús gan a bheith íoctha agus cineálacha eile íocaíochta a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh, ar méideanna iad is dócha a thabhóidh an institiúid iasachtaí;

(ii)

tá sé comhréireach le cumhdach na ráthaíochta;

(b)

is féidir leis an institiúid iasachtaí a léiriú chun sástachta na n-údarás inniúil go dtugann éifeachtaí na ráthaíochta, a chumhdóidh caillteanais a thig ó ús gan a bheith íoctha agus cineálacha íocaíochta eile a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh freisin, go dtugann siad údar le láimhseáil den sórt sin.

Airteagal 216

Ceanglais bhreise maidir le díorthaigh chreidmheasa

1.   Cáileoidh díorthaigh chreidmheasa mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

áirítear ar na teagmhais chreidmheasa a shonraítear sa chonradh díorthach creidmheasa:

(i)

mainneachtain na méideanna atá dlite faoi théarmaí na hoibleagáide foluití a íoc atá i bhfeidhm tráth na mainneachtana sin, agus tréimhse chairde ann atá comhionann leis an tréimhse chairde nó atá níos giorra ná an tréimhse chairde sa bhunoibleagáid;

(ii)

féimheacht, dócmhainneacht nó neamhábaltacht an oibleagáideora a fhiacha a íoc, nó mainneachtain nó admháil i scríbhinn an oibleagáideora maidir lena neamhábaltacht go ginearálta a fhiacha a íoc de réir mar a thagann siad chun bheith dlite, agus teagmhais comhchosúla.

(iii)

athchóiriú na hoibleagáide foluití trí bhíthin na príomhshuime, an úis nó na dtáillí as a dtig teagmhas caillteanas creidmheasa a mhaitheamh nó a chur siar;

(b)

i gcás ina ndéantar foráil do shocraíochtaí airgid le díorthaigh chreidmheasa:

(i)

tá próiseas luachála stóinsithe i bhfeidhm ag institiúidí d'fhonn caillteanas a mheas go hiontaofa;

(ii)

tá tréimhse ann a shonraítear go soiléir chun luachálacha na hoibleagáide foluití a fháil tar éis an teagmhais chreidmheasa;

(c)

i gcás ina bhfuil ceart agus cumas cheannaitheoir na cosanta an oibleagáid fholuiteach a aistriú chuig soláthraí na cosanta ag teastáil chun socrú a dhéanamh, foráiltear le téarmaí na hoibleagáide foluití nach gcoinneofar siar gan chall aon toiliú a bheadh ag teastáil chun aistriú den chineál sin a dhéanamh;

(d)

tá sainithe go soiléir céannacht na bpáirtithe atá freagrach as a chinneadh cé acu a tharla teagmhas creidmheasa nó nár tharla;

(e)

níl sé faoi sholáthraí na cosanta agus faoi-sean amháin an teagmhas creidmheasa a chinneadh;

(f)

tá sé de cheart nó de chumas ag ceannaitheoir na cosanta teagmhas creidmheasa a tharla a chur in iúl do sholáthraí na cosanta.

I gcás nach n-áirítear athchóiriú na hoibleagáide foluití ar na teagmhais chreidmheasa mar a thuairiscítear i bpointe (a)(iii), d'fhéadfadh an chosaint creidmheasa a bheith incháilithe mar sin féin faoi réir laghdaithe sa luach mar a shonraítear in Airteagal 233(2);

2.   Aon neamhréir idir an oibleagáid fholuiteach agus an oibleagáid tagartha faoin díorthach creidmheasa nó idir an oibleagáid fholuiteach agus an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, ní ceadmhach í a úsáid ach i gcás go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

tá an oibleagáid tagartha nó an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, de réir mar a bheidh, pari passu leis an oibleagáid fholuiteach nó tá sí sóisearach dó;

(b)

tá an oibleagáideoir céanna ag an oibleagáid fholuiteach agus ag an oibleagáid tagartha nó an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, de réir mar a bheidh, agus tá clásail um thrasmhainneachtain nó um thras-luathú is inchurtha i bhfeidhm le dlí i bhfeidhm.

Airteagal 217

Ceanglais le cáiliú don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3)

1.   Le bheith incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3), comhlíonfaidh cosaint creidmheasa a thig as ráthaíocht nó as díorthach creidmheasa na coinníollacha seo a leanas:

(a)

Is i leith ceann de na risíochtaí seo a leanas atá an bhunoibleagáid:

(i)

risíocht chorparáideach dá dtagraítear in Airteagal 147, gan gnóthais árachais nó athárachais a áireamh;

(ii)

risíocht ar rialtas réigiúnach, údarás áitiúil nó ar eintiteas earnála poiblí nach láimhseáiltear mar risíocht ar rialtas láir nó ar bhanc ceannais i gcomhréir le hAirteagal 147;

(iii)

risíocht ar FBM, atá aicmithe mar risíocht ar mhiondíol i gcomhréir le hAirteagal 147(5);

(b)

Níl na hoibleagáideoirí foluiteacha ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna le soláthraí na cosanta;

(c)

tá an risíocht fálaithe le ceann de na hionstraimí seo a leanas:

(i)

díorthaigh chreidmheasa neamhchistithe aonainm nó ráthaíochtaí aonainm;

(ii)

táirgí bascaeid den chéad mhainneachtain;

(iii)

táirgí bascaeid don n-ú mainneachtain;

(d)

comhlíonann an chosaint creidmheasa na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 213, in Airteagal 215 agus in Airteagal 216, mar is infheidhme;

(e)

níl an t-ualú priacal a bhaineann leis an risíocht roimh an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3) san áireamh in aon ghné den chosaint creidmheasa;

(f)

tá an ceart ag institiúid agus is féidir léi bheith ag coinne le híocaíocht a fháil ón soláthraí cosanta gan a bheith uirthi caingean dlí a thionscnamh chun an contrapháirtí a thóraíocht chun go n-íocfaidh sé. A mhéad is féidir, déanfaidh an institiúid bearta lena dheimhniú di féin go bhfuil an soláthraí cosanta toilteanach íoc go pras dá dtarlódh teagmhas creidmheasa;

(g)

glacann an chosaint creidmheasa cheannaithe chuici féin na caillteanais chreidmheasa uile ar an gcuid fhálaithe de risíocht a thagann chun cinn mar gheall ar theagmhais chreidmheasa a tharlaíonn a leagtar amach sa chonradh;

(h)

I gcás ina ndéantar foráil i struchtúr eisíocaíochta na cosanta creidmheasa maidir le socraíocht fhisiceach, tá deimhneacht dhlíthiúil ann gur féidir iasacht, banna nó dliteanas teagmhasach a sheachadadh;

(i)

i gcás ina mbeidh sé beartaithe ag institiúid oibleagáid seachas an risíocht fholuiteach a sheachadadh, áiritheoidh sí go bhfuil an oibleagáid inseachadta sách leachtach ionas go mbeadh ar chumas na hinstitiúide í a cheannach lena seachadadh i gcomhréir leis an gconradh;

(j)

tá téarmaí agus coinníollacha na socruithe cosanta creidmheasa dearbhaithe le dlí i scríbhinn ag soláthraí na cosanta agus an institiúid araon;

(k)

tá próiseas i bhfeidhm ag institiúidí d'fhonn comhghaol iomarcach a bhrath idir acmhainneacht creidmheasa sholáthraí na cosanta agus oibleagáideoir na risíochta foluití toisc go mbraitheann a bhfeidhmíocht ar chomhfhachtóirí thar an bhfachtóir priacal córasach;

(l)

i gcás cosanta i gcoinne priacal caolúcháin, níl díoltóir na n-earraí infhaighte ceannaithe ina chomhalta den ghrúpa céanna agus atá soláthraí na cosanta.

2.   Chun críocha phointe (c)(ii) de mhír 1, cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3) i bhfeidhm maidir leis an tsócmhainn laistigh den bhascaed ag a bhfuil an méid is ísle risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal.

3.   Chun críocha phointe (c)(iii) de mhír 1, ní cháileoidh an chosaint arna fáil lena háireamh faoin gcreat sin i gcás ina bhfuarthas cosaint mhainneachtana (n-1)ú incháilithe chomh maith nó i gcás inar mhainnigh (n-1) de na sócmhainní laistigh den bhascaed cheana. Más amhlaidh atá sé, cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3) i bhfeidhm maidir leis an tsócmhainn laistigh den bhascaed ag a bhfuil an méid is ísle risíochta a ualaítear ó thaobh priacal.

Roinn 4

Éifeachtaí an mhaolaithe priacal creidmheasa a ríomh

Foroinn 1

Cosaint cistithe creidmheasa

Airteagal 218

Nótaí creidmheas-nasctha

Féadfar infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag institiúid iasachtaí a láimhseáil mar chomhthaobhacht airgid d'fhonn éifeacht na cosanta cistithe creidmheasa a ríomh i gcomhréir leis an bhForoinn seo, ar an gcoinníoll go gcáileoidh an bhabhtáil mainneachtain chreidmheasa atá leabaithe sa nóta creidmheas-nasctha mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe. Lena chinneadh an gcáileoidh an bhabhtáil mainneachtain chreidmheasa atá leabaithe sa nóta creidmheas-nasctha mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe, féadfaidh an institiúid a mheas gur comhlíonadh an coinníoll i bpointe (c) d'Airteagal 194(6).

Airteagal 219

Glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe

Iasachtaí agus taiscí leis an institiúid iasachtaí atá faoi réir glanluachála laistigh den chlár comhardaithe, láimhseálfaidh an institiúid sin iad mar chomhthaobhacht airgid d'fhonn éifeacht na cosanta cistithe creidmheasa a ríomh maidir leis na hiasachtaí agus na taiscí sin de chuid na hinstitiúide iasachtaí atá faoi réir glanluachála laistigh den chlár comhardaithe atá ainmnithe san airgeadra céanna.

Airteagal 220

An Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta nó an Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin maidir le Coigeartuithe Luaineachta a úsáid le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála

1.   Nuair a ríomhann institiúidí ‧luach na risíochta lánchoigeartaithe‧ (E*) maidir leis na risíochtaí atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála incháilithe ina gcuimsítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, ríomhfaidh siad na coigeartuithe luaineachta is gá dóibh a chur i bhfeidhm tríd an gCur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta nó tríd an gCur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin maidir le Coigeartuithe Luaineachta a úsáid (‧Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin‧) arna leagan amach in Airteagail 223 go 226 maidir leis an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais.

Beidh úsáid an Chuir Chuige bunaithe ar a Mheastacháin Féin faoi réir na gcoinníollacha agus na gceanglas céanna is infheidhme faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais.

2.   Chun críocha E* a ríomh, déanfaidh institiúidí an méid a leanas:

(a)

ríomhfaidh siad an suíomh glan i ngach grúpa urrús nó i ngach cineál tráchtearra trí bhíthin an méid i bpointe (ii) a dhealú ón méid i bpointe (i):

(i)

luach iomlán grúpa urrús nó tráchtearraí den chineál céanna a iasachtaíodh, a díoladh nó a soláthraíodh faoin máistir-chomhaontú glanluachála;

(ii)

luach iomlán grúpa urrús nó tráchtearraí den chineál céanna a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas faoin máistir-chomhaontú glanluachála;

(b)

ríomhfaidh institiúidí an suíomh glan i ngach airgeadra, seachas airgeadra socraíochta an mháistir-chomhaontaithe glanluachála, trí bhíthin an méid i bpointe (ii) a dhealú ón méid i bpointe (i):

(i)

suim luach iomlán na n-urrús atá ainmnithe san airgeadra sin a iasachtaíodh, a díoladh nó a soláthraíodh faoin máistir-chomhaontú glanluachála agus méid an airgid thirim san airgeadra sin a iasachtaíodh nó a aistríodh faoin gcomhaontú sin;

(ii)

suim luach iomlán na n-urrús atá ainmnithe san airgeadra sin a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas faoin máistir-chomhaontú glanluachála agus méid an airgid thirim san airgeadra sin a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas faoin gcomhaontú sin;

(c)

cuirfidh institiúidí an coigeartú luaineachta is iomchuí do ghrúpa ar leith urrús nó do shuíomh airgid i bhfeidhm maidir le luach absalóideach an tsuímh ghlain dheimhnigh nó dhiúltaigh sna hurrúis sa ghrúpa sin;

(d)

cuirfidh siad an coigeartú luaineachta maidir le priacal malairte eachtraí (fx) i bhfeidhm maidir leis an suíomh glan deimhneach nó diúltach i ngach airgeadra seachas airgeadra socraíochta an mháistir-chomhaonaithe glanluachála.

3.   Ríomhfaidh institiúidí E* de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

Ei

=

luach risíochta gach risíochta ar leith faoin gcomhaontú a bheadh i bhfeidhm in éagmais na cosanta creidmheasa, i gcás ina ríomhann institiúidí méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó i gcás ina ríomhann siad na méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoin gCur Chuige IRB;

Ci

=

luach na n-urrús i ngach aon ghrúpa nó tráchtearraí den chineál céanna a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas nó an t-airgead a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas maidir le gach aon risíocht i;

Formula

=

an suíomh glan (deimhneach nó diúltach) i ngrúpa ar leith urrús j;

Formula

=

an suíomh glan (deimhneach nó diúltach) in airgeadra ar leith k seachas airgeadra socraíochta an chomhaontuithe arna ríomh faoi phointe (b) de mhír 2;

Formula

=

an coigeartú luaineachta is iomchuí do ghrúpa áirithe urrús j;

Formula

=

coigeartú luaineachta airgeadra k i leith airgeadra eachtraigh.

4.   Ar mhaithe le méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh idirbheart athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh a chumhdaítear faoin máistir-chomhaontú glanluachála a ríomh, úsáidfidh institiúidí E* arna ríomh faoi mhír 3 mar luach risíochta na risíochta ar an gcontrapháirt a thagann as na hidirbhearta atá faoi réir an mháistir-chomhaontaithe glanluachála chun críocha Airteagal 113 faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó chun críocha Chaibidil 3 faoin gCur Chuige IRB.

5.   Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, ciallaíonn ‧grúpa urrús‧ urrúis a eisíonn an t-eintiteas céanna, urrúis ag a bhfuil an dáta eisiúna céanna, an aibíocht chéanna, atá faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha céanna, agus atá faoi réir na dtréimhsí leachtaithe céanna arna léiriú in Airteagail 224 agus 225, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 221

Cur Chuige na Samhlacha Inmheánacha a úsáid le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála

1.   Mar mhalairt ar an gCur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta nó ar an gCur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin a úsáid chun luach na risíochta lánchoigeartaithe a ríomh (E*) a thig ó mháisitir-chomhaontú glanluachála incháilithe a chur i bhfeidhm ag cuimsiú idirbheart athcheannaigh nó idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbheart caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh seachas idirbhearta díorthach, féadfaidh institiúidí, faoi réir chead na n-údarás inniúil, cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid ina gcuirtear san áireamh éifeachtaí comhghaolaithe idir na suímh urrúis atá faoi réir an mháistir-chomhaontaithe glanluachála mar aon le leachtacht na n-ionstraimí lena mbaineann.

2.   Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí a samhlacha inmheánacha féin a úsáid chomh maith le haghaidh idirbheart iasachta corrlaigh, i gcás ina bhfuil na hidirbhearta cuimsithe faoi mháistir-chomhaontú déthaobhach glanluachála a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 6, Roinn 7.

3.   Féadfaidh institiúid cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid is cuma cé acu an Cur Chuige Caighdeánaithe nó an Cur Chuige IBR atá roghnaithe acu chun méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal a ríomh. Mar sin féin, i gcás ina bhféachann institiúid le cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid, déanfaidh sí amhlaidh i gcás gach contrapháirtí agus gach urrúis, gan punanna neamhábhartha a áireamh i gcás ina bhféadfaidh sí an Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta nó an Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin a leagtar síos in Airteagal 220 a úsáid.

Féadfaidh institiúidí a bhfuil cead faighte acu samhail inmheánach na bainistíochta priacal a úsáid faoi Theideal IV, Caibidil 5 cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid. I gcás nach bhfuil cead den sórt sin faighte ag institiúid, féadfaidh sí iarratas a dhéanamh ar na húdaráis inniúla fós chun cead a fháil cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid chun críocha an Airteagail seo.

4.   Ní thabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid ach amháin i gcás inar deimhin leo go bhfuil córas na hinstitiúide maidir leis na priacail a thagann as na hidirbhearta a chuimsíonn an máistir-chomhaontú glanluachála slán ar bhonn coincheapúil agus curtha chun feidhme le hionracas agus i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin cháilíochtúla seo a leanas:

(a)

tá an tsamhail tomhas priacal inmheánach a úsáidtear chun luaineacht praghsanna fhéideartha a ríomh le haghaidh na n-idirbheart comhtháite go dlúth le próiseas bainistithe priacal laethúil na hinstitiúide agus úsáidtear í mar an bhonn le risíochtaí ar priacal a thuairisciú do bhainistíocht shinsearach na hinstitiúide;

(b)

tá aonad rialaithe priacal ag an institiúid a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

tá sé neamhspleách ar aonaid trádála gnó agus tuairiscíonn sé go díreach don bainistíocht shinsearach;

(ii)

tá sé freagrach as córas bainistíochta priacal na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme;

(iii)

déanann sé tuairiscí laethúla ar aschur na samhla tomhas priacal agus ar na bearta iomchuí atá le déanamh i dtéarmaí teorainneacha suímh agus déanann sé anailís orthu.

(c)

athbhreithnítear na tuairiscí laethúla a dhéantar san aonad rialaithe priacal ar leibhéal bainistíochta ag a bhfuil údarás leordhóthanach le laghduithe a fhorfheidhmiú ar shuímh a glacadh agus le laghduithe ar risíocht fhoriomlán ar priacal a fhorfheidhmiú;

(d)

tá a dóthain ball foirne ag an institiúid san aonad rialaithe priacal atá oilte i samhlacha sofaisticiúla a úsáid;

(e)

tá nósanna imeachta bunaithe ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar shraith dhoiciméadaithe de bheartais agus rialuithe inmheánacha a bhaineann le feidhmiú foriomlán an chórais chun priacal a thomhas agus lena áirithiú go gcomhlíonfar na beartais agus na rialuithe sin;

(f)

tá cuntas teiste cruthaithe ag samhlacha na hinstitiúide maidir le cruinneas réasúnta i priacail a thomhas arna léiriú trí thástáil a théann siar ar a haschur ag úsáid sonraí bliana ar a laghad;

(g)

déanann an institiúid dianchlár tástála struis go minic agus déanann an bhainistíocht shinsearach athbhreithniú ar thorthaí na dtástálacha sin agus léirítear iad sna beartais agus sna teorainneacha a shocraíonn sí;

(h)

déanann an institiúid, mar chuid dá próisis iniúchóireachta inmheánaí rialta, athbhreithniú neamhspleách ar a córas chun priacal a thomhas. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleáigh rialaithe priacal araon.

(i)

Uair amháin sa bhliain ar a laghad, déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe priacal.

(j)

comhlíonann an tsamhail inmheánach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 292(8) agus (9) agus in Airteagal 294.

5.   Gabhfar líon leordhóthanach fachtóirí priacal i samhail inmheánach tomhas priacal na hinstitiúide d'fhonn na priacail praghais ábhartha uile a ghabháil.

Féadfaidh institiúid comhghaoil eimpíreacha úsáid laistigh de chatagóirí priacal agus thar chatagóirí priacal i gcás ina bhfuil a córas tomhaiste comhghaol fónta agus go gcuirtear chun feidhme é go hionraic.

6.   Déanfaidh institiúidí atá ag úsáid chur chuige na samhlacha inmheánacha E* a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

Ei

=

luach risíochta gach risíochta ar leith faoin gcomhaontú a bheadh i bhfeidhm in éagmais na cosanta creidmheasa, i gcás ina ríomhann institiúidí na méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó i gcás ina ríomhann siad na méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoin gCur Chuige IRB;

Ci

=

luach na n-urrús a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas nó an t-airgead a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas maidir le gach aon risíocht i den sórt sin.

Agus méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal á ríomh ag úsáid samhlacha inmheánacha, úsáidfidh institiúidí aschur shamhail an lae gnó roimhe sin.

7.   Beidh ríomh an athraithe a d'fhéadfadh tarlú i luach dá dtagraítear i mír 6 faoi réir na gcaighdeán seo a leanas ar fad:

(a)

déanfar é gach lá ar a laghad;

(b)

beidh sé bunaithe ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl;

(c)

beidh sé bunaithe ar thréimhse leachtaithe atá coibhéiseach le 5 lá, ach amháin i gcás idirbheart seachas idirbhearta athcheannaigh i leith urrús nó idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht mar a n-úsáidfear tréimhse leachtaithe atá coibhéiseach le 10 lá;

(d)

tréimhse bhreathnóireachta stairiúil iarbhír 1 bhliana ar a laghad ach amháin nuair atá údar le tréimhse bhreathnóireachta níos giorra i ngeall ar bhorradh suntasach i luaineacht praghsanna;

(e)

déanfar an tacar sonraí a úsáidtear sa ríomh a nuashonrú gach trí mhí.

I gcás ina bhfuil idirbheart athcheannaigh ag institiúid, nó idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht agus idirbheart iasachta corrlaigh nó idirbheart dá shamhail nó tacar glanluachála a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 285(2), (3) agus (4), beidh an íostréimhse shealbhaíoctha i gcomhréir leis an tréimhse corrlaigh faoi phriacal a bheadh i bhfeidhm faoi na míreanna sin, i gcomhar le hAirteagal 285(5).

8.   Ar mhaithe le méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh idirbheart athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh a chumhdaítear faoin máistir-chomhaontú glanluachála a ríomh, úsáidfidh institiúidí E* arna ríomh faoi mhír 6 mar luach risíochta na risíochta ar an gcontrapháirt a thagann as na hidirbhearta atá faoi réir an mháistir-chomhaontaithe glanluachála chun críocha Airteagal 113 faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó chun críocha Chaibidil 3 faoin gCur Chuige IRB.

9.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

cad is punann neamhábhartha ann chun críocha mhír 3;

(b)

na critéir lena chinneadh an bhfuil an tsamhail inmheánach fónta agus curtha chun feidhme le hionracas chun críocha mhír 4 agus mhír 5 agus chun críocha na máistir-chomhaontuithe glanluachála.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 222

Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais

1.   Ní fhéadfaidh institiúidí an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais a úsáid ach amháin i gcás ina ríomhann siad méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige Caighdeánaithe. Ní úsáidfidh institiúidí an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais agus an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais araon, ach amháin chun críocha Airteagail 148(1) agus 150(1). Ní úsáidfidh institiúidí an eisceacht seo go roghnaitheach ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a bhaint amach nó ar mhaithe le arbatráiste rialála a stiúradh.

2.   Faoin Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais sannfaidh institiúidí luach atá cothrom lena margadhluach do comhthaobhacht airgeadais incháilithe arna chinneadh i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 207(4).

3.   Sannfaidh institiúidí an t-ualú priacal a shannfaidís faoi Chaibidil 2 mar a raibh risíocht dhíreach ag an institiúid iasachtaí ar an ionstraim chomhthaobhachta do na codanna sin de luachanna na risíochta atá comhthaobhaithe le margadhluach na comhthaobhachta incháilithe. Chun na críocha sin, beidh luach risíochta na hítime lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I cothrom le 100 % de luach na hítime seachas luach na risíochta a shonraítear in Airteagal 111(1) a bheith ann.

Beidh an t-ualú priacal a bhaineann leis an gcuid chomhthaobhaithe cothrom le 20 % ar a laghad ach amháin mar a shonraítear i míreanna 4 go 6. Cuirfidh institiúidí an t-ualú priacal a shannfaidís do risíocht neamhurraithe ar an gcontrapháirtí faoi Chaibidil 2 i bhfeidhm maidir leis an gcuid eile de luach na risíochta.

4.   Sannfaidh institiúidí ualú priacal 0 % don chuid chomhthaobhaithe den risíocht a thagann as idirbhearta athcheannaigh agus idirbhearta maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht a chomhlíonann na critéir in Airteagal 227. I gcás nach príomhpháirtí sa mhargadh é an contrapháirtí san idirbheart, sannfaidh institiúidí ualú priacal 10 %.

5.   Sannfaidh institiúidí ualú priacal 0 %, de réir mhéid an tsoláthair urrúis chomhthaobhaigh, do luachanna na risíochta arna gcinneadh faoi Chaibidil 6 i gcás na n-ionstraimí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus faoi réir marcáil laethúil ón margadh, luachanna a bheidh comhthaobhaithe le hairgead nó le hionstraimí comhshamhlaithe airgid i gcás nach bhfuil neamhréir airgeadra i gceist.

Sannfaidh institiúidí ualú priacal 10 %, de réir mhéid an tsoláthair urrúis chomhthaobhaigh, do luachanna risíochta na n-idirbheart sin a bheidh comhthaobhaithe le hurrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais dá sanntar ualú priacal 0 % faoi Chaibidil 2.

6.   I gcás idirbheart seachas na cinn sin dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, féadfaidh institiúidí ualú priacal 0 % a shannadh i gcás ina mbeidh an risíocht agus an chomhthaobhacht ainmnithe san airgeadra céanna, agus i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

airgead i dtaisce nó ionstraim chomhshamhlaithe airgid is ea an chomhthaobhacht;

(b)

tá an chomhthaobhacht i bhfoirm urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtas láir nó ag bainc cheannais a cháilíonn d'ualú priacal 0 % faoi Airteagal 114, agus rinneadh lascaine 20 % ar a mhargadhluach.

7.   Chun críocha mhíreanna 5 agus 6, áireofar ar ‧urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais‧ na nithe seo a leanas:

(a)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla, risíochtaí a láimhseáiltear mar risíochtaí ar an rialtas láir a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse faoi Airteagal 115;

(b)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2) nó de bhua Airteagal 117(2);

(c)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 118.

(d)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4).

Airteagal 223

Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais

1.   D'fhonn luaineacht praghsanna a chur san áireamh, cuirfidh institiúidí coigeartuithe luaineachta i bhfeidhm maidir le margadhluach na comhthaobhachta, mar a leagtar amach in Airteagail 224 go 227, agus comhthaobhacht airgeadais á luacháil chun críocha an Mhodha Chuimsithigh Chomhthaobhaigh Airgeadais.

I gcás ina mbeidh comhthaobhacht ainmnithe in airgeadra atá éagsúil leis an airgeadra ina bhfuil an risíocht fholuiteach ainmnithe, cuirfidh institiúidí coigeartú leis a léireoidh luaineacht airgeadra ar an gcoigeartú luaineachta atá iomchuí don chomhthaobhacht mar a leagtar amach in Airteagail 224 go 227.

I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar arna gcumhdach faoi chomhaontuithe glanluachála a aithníonn na húdaráis inniúla faoi Chaibidil 6, cuirfidh institiúidí coigeartú luaineachta i bhfeidhm a léireoidh luaineacht airgeadra ar an gcoigeartú luaineachta nuair a bheidh neamhréir idir an t-airgeadra comhthaobhachta agus an t-airgeadra socraíochta. Fiú nuair atá airgeadraí éagsúla i gceist sna hidirbhearta arna gcumhdach faoin gcomhaontú glanluachála, cuirfidh institiúidí coigeartú luaineachta aonair i bhfeidhm.

2.   Ríomhfaidh institiúidí luach na comhthaobhachta arna choigeartú de réir na luaineachta (CVA) nach mór dóibh a chur san áireamh mar a leanas:

Formula

nuair atá:

C

=

luach na comhthaobhachta;

HC

=

an coigeartú luaineachta is iomchuí don chomhthaobhacht, arna ríomh faoi Airteagail 224 agus 227;

Hfx

=

an coigeartú luaineachta is iomchuí do neamhréir airgeadra, arna ríomh faoi Airteagail 224 agus 227.

Úsáidfidh institiúidí an fhoirmle sa mhír seo agus luach na comhthaobhachta arna choigeartú de réir na luaineachta á ríomh acu le haghaidh gach idirbhirt seachas na hidirbhearta sin atá faoi réir mháistir-chomhaontuithe glanluachála aitheanta a bhfuil feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagail 220 agus 221 maidir leo.

3.   Ríomhfaidh institiúidí luach na risíochta arna choigeartú de réir na luaineachta(CVA) nach mór dóibh a chur san áireamh mar a leanas:

Formula

nuair atá:

E

=

luach na risíochta mar a chinnfí é faoi Chaibidil 2 nó faoi Chaibidil 3 de réir mar is infheidhme, i gcás nach raibh an risíocht comhthaobhaithe;

HE

=

an coigeartú luaineachta is iomchuí don neamhchosaint, arna ríomh faoi Airteagail 2224 agus 227.

I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar ríomhfaidh institiúidí EVa mar a leanas:

Formula.

4.   Chun críocha E a ríomh i mír 3, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, beidh luach risíochta ítime lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I cothrom le 100 % de luach na hítime sin seachas a bheith cothrom le luach na risíochta a shonraítear in Airteagal 111(1);

(b)

maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige IRB, ríomhfaidh siad luach risíochta na n-ítimí a liostaíteara liostaítear in Airteagal 166(8) go (10) trí fhachtóir coinbhéartachta 100 % a úsáid seachas na fachtóirí coinbhéartachta nó na céatadáin a shonraítear sna míreanna sin.

5.   Ríomhfaidh institiúidí luach na risíochta lánchoigeartaithe (E*), agus éifeachtaí luaineachta agus maolaithe priacal na comhthaobhachta á gcur san áireamh mar a leanas:

Formula

nuair atá:

EVA

=

luach na risíochta arna choigeartú de réir na luaineachta mar a ríomhadh é i mír 3;

CVAM

=

CVA arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronacht aibíochta ar bith i gcomhréir le forálacha Roinn 5;

6.   Féadfaidh institiúidí coigeartuithe luaineachta a ríomh tríd an gCur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta dá dtagraítear in Airteagal 224 nó tríd an gCur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin dá dtagraítear in Airteagal 225 a úsáid.

Féadfaidh institiúid an Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta nó an Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin a úsáid is cuma cé acu an Cur Chuige Caighdeánaithe nó an Cur Chuige IBR atá roghnaithe acu chun na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh.

Mar sin féin, i gcás ina n-úsáideann institiúid an Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin, déanfaidh sí amhlaidh do raon iomlán na gcineálacha ionstraime, gan punanna neamhábhartha a áireamh mar a bhféadfaidh sí an Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta a úsáid.

7.   Mar a bhfuil an chomhthaobhacht comhdhéanta de roinnt ítimí incháilithe, ríomhfaidh institiúidí an coigeartú luaineachta (H) mar a leanas:

Formula

nuair atá:

ai

=

an cion de luach na hítime incháilithe i luach iomlán na comhthaobhachta;

Hi

=

an coigeartú luaineachta is infheidhme maidir leis an ítim incháilithe i. An bhféadfadh na dlítheangeolaithe a áirithiú gur i bhfoscript atá an "i" a thagann i ndiaidh an H]

Airteagal 224

Coigeartú luaineachta de réir maoirseachta faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais

1.   Is iad na coigeartuithe luaineachta a bheidh le cur i bhfeidhm ag institiúidí faoin gCur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta, ag glacadh leis go ndéantar athluacháil laethúil, iad sin a leagtar amach i dTáblaí 1 go 4 den mhír seo.

COIGEARTUITHE LUAINEACHTA

Tábla 1

An chéim den cháilíochta chreidmheasa lena mbaineann an measúnú creidmheasa ar an urrús fiachais.

Aibíocht Iarmhair

Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrús fiachais arna n-eisiúint ag eintitis a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 197(1)(b)

Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrús fiachais arna n-eisiúint ag eintitis a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 197(1)(c) agus (d)

Coigeartuithe luaineachta le haghaidh suíomh urrúsúcháin agus a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 197(1)(h)

 

 

tréimhse leachtaithe 20 lá (%)

tréimhse leachtaithe 10 lá (%)

tréimhse leachtaithe 5 lá (%)

tréimhse leachtaithe 20 lá (%)

tréimhse leachtaithe 10 lá (%)

tréimhse leachtaithe 5 lá (%)

tréimhse leachtaithe 20 lá (%)

tréimhse leachtaithe 10 lá (%)

tréimhse leachtaithe 5 lá (%)

1

≤ 1 bhliain

0,707

0,5

0,354

1,414

1

0,707

2,829

2

1,414

 

> 1 ≤ 5 bliana

2,828

2

1,414

5,657

4

2,828

11,314

8

5,657

 

> 5 bliana

5,657

4

2,828

11,314

8

5,657

22,628

16

11,313

2-3

≤ 1 bhliain

1,414

1

0,707

2,828

2

1,414

5,657

4

2,828

 

> 1 ≤ 5 bliana

4,243

3

2,121

8,485

6

4,243

16,971

12

8,485

 

> 5 bliana

8,485

6

4,243

16,971

12

8,485

33,942

24

16,970

4

≤ 1 bhliain

21,213

15

10,607

+ Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

 

> 1 ≤ 5 bliana

21,213

15

10,607

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

 

> 5 bliana

21,213

15

10,607

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach

Neamh bhainteach


Tábla 2

An chéim den cháilíochta chreidmheasa lena bhfuil baint ag measúnú creidmheasa ar urrús fiachais gearrthéarmach

Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrús fiachais arna n-eisiúint ag eintitis a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 197(1)(b) a ngabhann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo

Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrús fiachais arna n-eisiúint ag eintitis a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 197(1)(c) agus (d) a ngabhann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo

Coigeartuithe luaineachta le haghaidh suíomh urrúsúcháin agus a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 197(1)(h)

 

tréimhse leachtaithe 20 lá (%)

tréimhse leachtaithe 10 lá (%)

tréimhse leachtaithe 5 lá (%)

tréimhse leachtaithe 20 lá (%)

tréimhse leachtaithe 10 lá (%)

tréimhse leachtaithe 5 lá (%)

tréimhse leachtaithe 20 lá (%)

tréimhse leachtaithe 10 lá (%)

tréimhse leachtaithe 5 lá (%)

1

0,707

0,5

0,354

1,414

1

0,707

2,829

2

1,414

2-3

1,414

1

0,707

2,828

2

1,414

5,657

4

2,828


Tábla 3

Cineálacha eile comhthaobhachta nó risíochta

 

tréimhse leachtaithe 20 lá (%)

tréimhse leachtaithe 10 lá (%)

tréimhse leachtaithe 5 lá (%)

Cothromais Phríomhinnéacs, Bannaí In-chomhshóite Príomhinnéacs

21,213

15

10,607

Cothromas eile nó Bannaí In-chomhshóite a liostaíteara liostaítear ar mhalartán aitheanta

35,355

25

17,678

Airgead tirim

0

0

0

Ór

21,213

15

10,607


Tábla 4

Coigeartú luaineachta le haghaidh neamhréire airgeadra

tréimhse leachtaithe 20 lá (%)

tréimhse leachtaithe 10 lá (%)

tréimhse leachtaithe 5 lá (%)

11,314

8

5,657

2.   Beidh ríomh na gcoigeartuithe luaineachta i gcomhréir le mír 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás idirbheart iasachta urraithe beidh an tréimhse leachtaithe cothrom le 20 lá gnó;

(b)

i gcás idirbheart athcheannaigh, ach amháin a mhéid is a bhaineann na hidirbhearta sin le haistriú na dtráchtearraí nó na gceart faoi ráthaíocht a bhaineann le teideal chun tráchtearraí, agus idirbhearta maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht, beidh an tréimhse leachtaithe cothrom le 5 lá gnó;

(c)

i gcás idirbheart caipitil eile faoi thionchar an mhargaidh, beidh an tréimhse leachtaithe cothrom le 10 lá gnó;

I gcás ina bhfuil idirbheart nó tacar glanluachála ag institiúid trína gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 285(2), (3) agus (4), beidh an íostréimhse shealbhaíochta i gcomhréir leis an tréimhse corrlaigh faoi phriacal a bheadh i bhfeidhm faoi na míreanna sin.

3.   I dTáblaí 1 go 4 de mhír 1 agus i míreanna 4 go 6, is ionann an chéim den cháilíocht chreidmheasa lena mbaineann measúnú creidmheasa ar an urrús fiachais agus an chéim den cháilíocht chreidmheasa lena gcinneann ÚBE an measúnú creidmheasa a bheidh le comhcheangal faoi Chaibidil 2.

Ar mhaithe leis an gcéim den cháilíocht chreidmheasa lena mbaineann measúnú creidmheasa ar an urrús fiachais dá dtagraítear san chéad fhomhír a chinneadh, tá feidhm ag Airteagal 197(7) chomh maith.

4.   I gcás urrús neamhcháilithe nó tráchtearraí arna n-iasachtú nó arna ndíol faoi idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, baineann an coigeartú luaineachta céanna leo is a bhaineann leis an gcothromas neamh-phríomhinnéacs a liostaítear ar mhalartán aitheanta.

5.   I gcás aonaid incháilithe i GCanna, tá an coigeartú luaineachta cothrom leis na meánchoigeartuithe luaineachta ualaithe a mbeadh feidhm acu, ag féachaint do thréimhse leachtaithe an idirbhirt a shonraítear i mír 2, maidir leis na sócmhainní inar infheistigh an ciste.

I gcás nach eol don institiúid cad iad na sócmhainní inar infheistigh an ciste, tá an coigeartú luaineachta cothrom leis an gcoigeartú luaineachta is airde a mbeadh feidhm aige maidir le ceann ar bith de na sócmhainní a bhfuil sé de cheart ag an gciste infheistiú iontu.

6.   I gcás urrús fiachais gan rátáil arna n-eisiúint ag institiúidí agus a chomhlíonann na critéir incháilitheachta in Airteagal 197(4) is ionann an coigeartú luaineachta agus an coigeartú luaineachta a dhéantar ar urrúis arna n-eisiúint ag institiúidí nó ag corparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa seachtrach acu a bhaineann le céimeanna 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa.

Airteagal 225

A meastacháin féin ar choigeartuithe luaineachta faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais

1.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead d'institiúidí a meastacháin luaineachta féin a úsáid chun na coigeartuithe luaineachta a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le comhthaobhacht agus risíochtaí a ríomh i gcás ina gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí sin na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 agus 3. Institiúidí a mbeidh cead faighte acu a meastacháin luaineachta féin a úsáid, ní rachaidh siad i muinín modhanna eile arís ach amháin má léiríonn siad cúis mhaith a bheith leis sin agus beidh sé faoi réir chead na n-údarás inniúil.

I gcás urrús fiachais ag a bhfuil measúnú creidmheas ó IMCS atá coibhéiseach le grád infheistíochta nó níos airde, féadfaidh institiúidí meastachán luaineachta a ríomh do gach catagóir den urrús.

I gcás urrús fiachais ag bhfuil measúnú creidmheas ó IMCS atá coibhéiseach le grád infheistíochta nó níos ísle ná sin, agus i gcás gach comhthaobhachta incháilithe eile, féadfaidh institiúidí na coigeartuithe luaineachta a ríomh maidir le gach ítim ar leith.

Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin féin luaineacht na comhthaobhachta nó na neamhréire malairte eachtraí a mheas gan comhghaoil ar bith idir an t-urrús neamhurraithe, an chomhthaobhacht nó rátaí malairte a chur san áireamh.

Agus catagóirí ábhartha á gcinneadh, cuirfidh institiúidí cineál eisitheora an urrúis, measúnú creidmheasa seachtrach na n-urrús, a n-aibíocht iarmhair, agus a marthanacht leasaithe san áireamh. Beidh na meastacháin luaineachta ionadaíoch do na hurrúis a bheidh curtha ar áireamh sa chatagóir ag an institiúid.

2.   Beidh ríomh na gcoigeartuithe luaineachta faoi réir na gcritéar seo a leanas ar fad:

(a)

bunóidh institiúidí an ríomh ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl;

(b)

bunóidh institiúidí an ríomh ar na tréimhse leachtaithe seo a leanas:

(i)

20 lá gnó i gcás idirbhearta iasachta urraithe;

(ii)

5 lá gnó i gcás idirbhearta athcheannaigh, ach amháin a mhéid a bhaineann na hidirbhearta sin le haistriú na dtráchtearraí nó na gceart faoi ráthaíocht a bhaineann le teideal chun idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;

(iii)

10 lá gnó i gcás idirbheart caipitil eile faoi thionchar an mhargaidh;

(c)

féadfaidh institiúidí uimhreacha coigeartúcháin luaineachta a úsáid arna ríomh de réir tréimhsí leachtaithe níos giorra nó níos faide, arna méadú nó arna laghdú ó scála ar an tréimhse leachtaithe a leagtar amach i bpointe (b) maidir leis an gcineál idirbhirt atá i gceist, ag úsáid na foirmle um fhréamh chearnach ama:

Formula

nuair atá:

TM

=

an tréimhse leachtaithe iomchuí;

HM

=

an coigeartú luaineachta arna bhunú ar an tréimhse leachtaithe TM;

HN

=

an coigeartú luaineachta arna bhunú ar an tréimhse leachtaithe TN.

(d)

cuirfidh institiúidí neamhleachtacht na sócmhainní ísealcháilíochta san áireamh. Déanfaidh siad an tréimhse leachtaithe a choigeartú in airde i gcásanna ina bhfuil amhras faoi leachtacht na comhthaobhachta. Ina theannta sin sainaithneoidh siad cásanna ina bhféadfadh an luaineacht fhéideartha bheith measta faoi bhun an chirt sna sonraí stairiúla. Déileálfar le cásanna den sórt sin le cás struis;

(e)

beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla a úsáideann institiúidí chun coigeartuithe luaineachta a ríomh cothrom le bliain amháin ar a laghad. I gcás institiúidí a úsáideann scéim ualaithe nó modhanna eile don tréimhse bhreathnóireachta stairiúil, beidh fad na tréimhse breathnóireachta éifeachtaí cothrom le bliain amháin ar a laghad. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúid a coigeartuithe luaineachta a ríomh ag úsáid tréimhse bhreathnóireachta níos giorra i gcás ina bhfuil údar leis sin, dar leis na húdaráis inniúla, mar gheall ar bhorradh suntasach i luaineacht praghsanna;

(f)

déanfaidh institiúidí a dtacair shonraí a nuashonrú agus ríomhfaidh siad coigeartuithe luaineachta uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Déanfaidh siad athmheasúnú ar a dtacair shonraí chomh maith nuair a bheidh praghsanna an mhargaidh faoi réir athruithe ábhartha.

3.   Déanfar na critéir cháilíochtúla seo a leanas a chomhlíonadh maidir leis na coigeartuithe luaineachta a mheas:

(a)

úsáidfidh institiúidí na meastacháin luaineachta sa phróiseas bainistithe priacal ó lá go lá agus maidir lena teorainneacha inmheánacha risíochta chomh maith.

(b)

i gcás ina bhfuil an tréimhse leachtaithe a úsáideann institiúid ina próiseas bainistithe priacal ó lá go lá níos faide ná an tréimhse a leagtar amach sa Roinn seo le haghaidh an chineáil idirbhirt atá i gceist, déanfaidh an institiúid sin a coigeartuithe luaineachta a mhéadú ó scála i gcomhréir leis an bhfoirmle um fhréamh chearnach ama a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 2;

(c)

beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúid le faireachán a dhéanamh ar shraith dhoiciméadaithe de bheartais agus rialuithe inmheánacha a bhaineann le feidhmiú a córais chun coigeartuithe luaineachta a mheas agus chun na coigeartuithe luaineachta sin a chomhtháthú lena próiseas bainistithe priacal agus lena áirithiú go gcomhlíonfar na beartais agus na rialuithe sin;

(d)

déanfar athbhreithniú neamhspleách ar chóras na hinstitiúide chun coigeartuithe luaineachta a mheas ar bhonn rialta laistigh de phróiseas iniúchóireachta inmheánach na hinstitiúide féin. Déanfar athbhreithniú ar an gcóras iomlán chun coigeartuithe luaineachta a mheas agus chun na meastacháin sin a chomhtháthú le próiseas bainistithe priacal na hinstitiúide uair amháin sa bhliain ar a laghad. Cuimseofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad san athbhreithniú sin:

(i)

comhtháthú na mbeart CCR le bainistíocht laethúil priacal;

(ii)

bailíochtú aon athraithe shuntasaigh ar an bpróiseas chun coigeartuithe luaineachta a mheas;

(iii)

fíorú ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun samhlacha a rith d'fhonn coigeartuithe luaineachta a mheas, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin;

(iv)

cruinneas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta.

Airteagal 226

Coigeartú luaineachta a mhéadú ó scála faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais

Is iad na coigeartuithe luaineachta a leagtar amach in Airteagal 224 na coigeartuithe luaineachta a chuirfidh institiúid i bhfeidhm i gcás ina ndéantar athluacháil laethúil. Mar an gcéanna, i gcás ina n-úsáideann institiúid a meastacháin féin ar na coigeartuithe luaineachta i gcomhréir le hAirteagal 225, ríomhfaidh sí iad sa chéad dul síos ar bhonn na hathluachála laethúla. I gcás nach ndéantar an athluacháil gach lá, cuirfidh institiúidí coigeartuithe luaineachta níos mó i bhfeidhm. Ríomhfaidh institiúidí iad trí choigeartuithe luaineachta na hathluachála laethúla a mhéadú ó scála, ag úsáid na foirmle um fhréamh chearnach ama a leanas:

Formula

nuair atá:

H

=

an coigeartú luaineachta atá le cur i bhfeidhm;

HM

=

an coigeartú luaineachta i gcás ina ndéantar athluacháil laethúil;

NR

=

líon iarbhír na laethanta gnó idir athluachálacha;

TM

=

an tréimhse leachtaithe don chineál idirbhirt lena mbaineann.

Airteagal 227

Coinníollacha maidir le coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm faoin modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais

1.   I gcás idirbheart athcheannaigh agus idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht, i gcás ina n-úsáideann institiúid an Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta faoi Airteagal 224 nó an Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin faoi Airteagal 225 agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (h) de mhír 2, féadfaidh institiúidí coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm in ionad na gcoigeartuithe luaineachta arna ríomh faoi Airteagail 224 go 226 a chur i bhfeidhm. Ní úsáidfidh institiúidí a úsáideann cur chuige na samhlacha inmheánacha a leagtar amach in Airteagal 221 an láimhseáil a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Féadfaidh institiúidí coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

Urrúis in airgead tirim nó urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtas láir nó ag bainc cheannais incháilithe is ea an risíocht agus an chomhthaobhacht de réir bhrí Airteagal 197(1)(b) agus cáilíonn siad d'ualú priacal 0 % faoi Chaibidil 2;

(b)

tá an risíocht agus an chomhthaobhacht araon ainmnithe san airgeadra céanna;

(c)

ní faide ná lá amháin aibíocht an idirbhirt nó tá an risíocht agus an chomhthaobhacht araon faoi réir marcáil laethúil ón margadh nó ataisceadh laethúil;

(d)

ní faide ná ceithre lá gnó an tréimhse idir an mharcáil laethúil dheireanach ón margadh sular mhainnigh an contrapháirtí ataisceadh a déanamh agus leachtú na comhthaobhachta;

(e)

socraítear an t-idirbheart i gcóras socraíochta atá cruthaithe don chineál sin idirbhirt;

(f)

is é atá sa doiciméadacht ina gcuimsítear an comhaontú nó an t-idirbheart an doiciméadacht mhargaidh chaighdeánach le haghaidh idirbheart athcheannaigh nó idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht laistigh de na hurrúis lena mbaineann;

(g)

tá an t-idirbheart faoi rialú ag doiciméadacht ina sonraítear gur féidir an t-idirbheart a fhoirceannadh láithreach i gcás ina mainníonn an contrapháirtí oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hairgead tirim nó urrúis nó corrlach a sheachadadh nó má mhainníonn sé ar shlí eile;

(h)

measann na húdaráis inniúla gur príomhpháirtí sa mhargadh é an contrapháirtí.

3.   Áireofar ar na príomhpháirtithe sa mhargadh dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 2 na heintitis seo a leanas:

(a)

na heintitis atá luaite in Airteagal 197(1)(b), risíochtaí dá sanntar ualú priacal 0 % faoi Chaibidil 2;

(b)

institiúidí;

(c)

gnóthais airgeadais eile de réir bhrí phointe 25(b) agus phointe 25(d) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE a sanntar ualú priacal 20 % do risíochtaí orthu faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh de réir an Chuir Chuige IRB, nach bhfuil measúnú creidmheasa acu ó IMCS aitheanta agus atá rátáilte go hinmheánach ag an institiúid.

(d)

GCanna rialáilte atá faoi réir riachtanais chaipitil nó luamhánachta;

(e)

cistí pinsean rialáilte;

(f)

eagraíochtaí aitheanta imréitigh.

Airteagal 228

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais

1.   Faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, úsáidfidh institiúidí E* arna ríomh faoi Airteagal 223(5) mar luach na risíochta chun críocha Airteagal 113. I gcás ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn 1, úsáidfidh institiúidí E* mar an luach a bhfuil na céatadáin a shonraítear in Airteagal 111(1) le cur i bhfeidhm maidir leis chun luach na risíochta a ríomh.

2.   Faoin gCur Chuige IRB, úsáidfidh institiúidí an LGD iarbhír (LGD*) mar an LGD chun críocha Chaibidil 3. Déanfaidh institiúidí LGD* a ríomh mar a leanas:

Formula

nuair atá:

LGD

=

an LGD a mbeadh feidhm aige maidir leis an risíocht faoi Chaibidil 3 áit nach raibh an risíocht comhthaobhaithe;

E

=

luach na risíochta i gcomhréir le hAirteagal 223(3);

E*

=

luach na risíochta lánchoigeartaithe i gcomhréir le hAirteagal 223(5).

Airteagal 229

Prionsabail luachála do chomhthaobhacht incháilithe eile faoin gCur Chuige IRB

1.   I gcás comhthaobhachta maoine, déanfaidh luachálaí neamhspleách an chomhthaobhacht a luacháil ar an margadhluach nó níos ísle ná an margadhluach. Ceanglóidh institiúid ar an luachálaí neamhspleách an margadhluach a dhoiciméadú ar mhodh trédhearcach soiléir.

Sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste i bhforálacha reachtúla nó rialúcháin, féadfaidh luachálaí neamhspleách an mhaoin a luacháil ina ionad ar an luach iasachta morgáiste nó ar níos ísle ná an luach iasachta morgáiste. Éileoidh institiúidí nach n-áireoidh an luachálaí neamhspleách gnéithe amhantracha le linn dó an luach iasachta morgáiste a ríomh agus go ndéanfaidh sé an luach sin a dhoiciméadú ar mhodh trédhearcach agus soiléir.

Beidh luach na comhthaobhachta cothrom leis an margadhluach nó leis an luach iasachta morgáiste arna laghdú de réir mar is iomchuí d'fhonn torthaí an fhaireacháin a cheanglaítear faoi Airteagal 208(3) a léiriú, agus d'fhonn aon éileamh tosaíochta ar an maoin a áireamh.

2.   I gcás earraí infhaighte, beidh luach na n-earraí infhaighte cothrom leis an méid is infhaighte.

3.   Déanfaidh institiúidí comhthaobhacht fhisiceach seachas maoin dhochorraithe a luacháil ar a margadhluach. Chun críocha an Airteagail seo, is ionann an margadhluach agus an méid measta ar a ndéanfaí an mhaoin a mhalartú dáta na luachála idir ceannaitheoir toilteanach agus díoltóir toilteanach in idirbheart ar neamhthuilleamaí.

Airteagal 230

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i leith comhthaobhachta incháilithe eile faoin gCur Chuige IRB

1.   Úsáidfidh institiúidí LGD *arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo agus mír 2 mar an LGD chun críocha Chaibidil 3.

I gcás ina bhfuil an cóimheas idir luach na comhthaobhachta (C) agus luach na risíochta (E) faoin íosleibhéal is gá ó thaobh urrús comhthaobhach a sholáthar i leith na risíochta (C*) mar a leagtar síos i dTábla 5, is é LGD*an LGD a leagtar síos i gCaibidil 3 le haghaidh risíochtaí neamh-chomhthaobhaithe ar an gcontrapháirtí. Chun na críocha seo, ríomhfaidh institiúidí luach risíochta na n-ítimí a liostaítear in Airteagail 166(8) go (10) trí fhachtóir coinbhéartachta nó trí chéatadán de 100 % a úsáid seachas na fachtóirí coinbhéartachta nó na céatadáin a shonraítear sna míreanna sin.

Sa chás gur mó an cóimheas idir luach na comhthaobhachta agus luach na risíochta ná leibhéal tairsí C** eile atá níos airde mar a leagtar síos i dTábla 5, beidh LGD* leagtha síos i dTábla 5 sa chás sin.

Sa chás nach mbaintear amach an leibhéal de sholáthar urrúis chomhthaobhaigh C** is gá i leith na risíochta ina hiomláine, measfaidh institiúidí gur dhá risíocht atá sa risíocht — ceann amháin a chomhfhreagraíonn don chuid a mbaintear amach an leibhéal is gá ó thaobh urrús comhthaobhach a sholáthar C** ina leith agus ceann eile a chomhfhreagraíonn don chuid eile.

2.   Tá leagtha amach i dTábla 5 den mhír seo an LGD* is infheidhme agus na leibhéil de sholáthar urrúis chomhthaobhaigh is gá i leith codanna urraithe na risíochtaí.

Tábla 5

LGD íosta le haghaidh codanna urraithe de risíochtaí

 

LGD* le haghaidh risíochta shinsearaigh

LGD* le haghaidh fo-risíochtaí

Íosleibhéal is gá ó thaobh urrús comhthaobhach a sholáthar i leith na risíochta (C*)

Íosleibhéal is gá ó thaobh urrús comhthaobhach a sholáthar i leith na risíochta (C**)

Earraí infhaighte

35 %

65 %

0 %

125 %

Réadmhaoin chónaithe/réadmhaoin tráchtála

35 %

65 %

30 %

140 %

Comhthaobhacht eile

40 %

70 %

30 %

140 %

3.   Mar mhalairt ar an láimhseáil a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, agus faoi réir Airteagal 124(2), féadfaidh institiúidí ualú priacal 50 % a shannadh don chuid den risíocht atá lánchomhthaobhaithe le maoin chónaithe nó le maoin dhochorraithe thráchtála atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 125(2)(d) agus in Airteagal 126(2)(d) faoi seach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 199(6).

Airteagal 231

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás comhthiomsuithe measctha comhthaobhachta

1.   Ríomhfaidh institiúid luach an LGD * a úsáidfidh sí mar an LGD chun críocha Chaibidil 3 i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

úsáideann an institiúid an Cur Chuige IBR d'fhonn méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh;

(b)

tá risíocht comhthaobhaithe le comhthaobhacht airgeadais agus le comhthaobhacht incháilithe araon.

2.   Maidir le luach na risíochta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, arna fháil tríd an gcoigeartú luaineachta a leagtar amach in Airteagal 223(5) a chur i bhfeidhm maidir le luach na risíochta, ceanglófar ar institiúidí é a fhoroinnt ina chodanna ionas gur féidir leo na codanna seo a leanas a fháil de réir mar is infheidhme; an chuid atá faoi chumhdach comhthaobhacht airgeadais incháilithe, an chuid atá faoi chumhdach earraí infhaighte, an chuid atá faoi chumhdach comhthaobhacht maoine dochorraithe tráchtála nó maoine cónaithe, an chuid atá faoi chumhdach comhthaobhacht incháilithe eile, agus an chuid neamhurraithe.

3.   Is i gcomhréir le forálacha iomchuí na Caibidle seo a ríomhfaidh institiúidí LGD* gach cuid den risíocht atá faighte i mír 2 ar leithligh.

Airteagal 232

Cosaint chistithe creidmheasa eile

1.   I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 212(1), féadfar taiscí le hinstitiúidí tríú páirtí a láimhseáil mar ráthaíocht ón institiúid tríú páirtí.

2.   I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 212(2), déanfaidh institiúidí an cion den risíocht atá comhthaobhaithe le luach géilliúna reatha na bpolasaithe árachais atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí a láimhseáil mar a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh an risíocht faoi réir an Chuir Chuige Chaighdeánaigh, déanfar í a ualú ó thaobh priacal ag úsáid na n-ualuithe priacal atá sainithe i mír 3;

(b)

i gcás ina bhfuil an risíocht faoi réir an Chuir Chuige IBR ach nach bhfuil sí faoi réir meastacháin na hinstitiúide féin ar LGD, sannfar LGD 40 % di.

Má tharlaíonn neamhréir airgeadra, laghdóidh institiúidí an luach géilliúna reatha i gcomhréir le hAirteagal 233(3), arb é luach na cosanta creidmheasa luach géilliúna reatha an pholasaí árachas saoil.

3.   Chun críocha phointe (a) de mhír 2, sannfaidh institiúidí na hualuithe priacal seo a leanas ar bhonn an ualaithe priacal arna shannadh do risíocht neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil:

(a)

ualú priacal 20 %, mar a bhfuil ualú priacal 20 % sannta don risíocht neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil;

(b)

ualú priacal 35 %, mar a bhfuil ualú priacal 50 % sannta don risíocht neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil;

(c)

ualú priacal 70 %, mar a bhfuil ualú priacal 100 % sannta don risíocht neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil;

(d)

ualú priacal 150 %, mar a bhfuil ualú priacal 150 % sannta don risíocht neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil;

4.   Féadfaidh institiúidí ionstraimí arna n-athcheannach ar iarraidh atá incháilithe faoi Airteagal 200(c) a láimhseáil mar ráthaíocht ón institiúid eisiúna. Beidh luach na cosanta creidmheasa cothrom leis na méideanna seo a leanas:

(a)

mar a n-athcheannófar an ionstraim ar a haghaidhluach, beidh luach na cosanta cothrom leis an méid sin;

(b)

mar a n-athcheannófar an ionstraim ar phraghas an mhargaidh, beidh luach na cosanta cothrom le luach na hionstraime arna luacháil ar an dóigh chéanna leis na hurrúis fiachais lena gcomhlíontar na coinníollacha atá in Airteagal 197(4).

Foroinn 2

Cosaint neamhchistithe creidmheasa

Airteagal 233

Luacháil

1.   Ar mhaithe le héifeachtaí na cosanta neamhchistithe creidmheasa a ríomh i gcomhréir leis an bhForoinn seo, is éard a bheidh i luach na cosanta neamhchistithe creidmheasa (G) an méid a bhfuil sé geallta ag soláthraí na cosanta a íoc i gcás ina mainníonn an t-iasachtaí nó nach n-íocann sé nó i gcás ina dtarlaíonn teagmhais chreidmheasa shonraithe eile.

2.   Más rud é nach n-áirítear mar theagmhas creidmheasa i ndíorthach creidmheasa athchóiriú na hoibleagáide foluití a bhaineann le príomhshuim, ús nó táillí a mhaitheamh nó a chur ar atráth as a dtig teagmhas caillteanais chreidmheasa, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

i gcás nach mó ná luach na risíochta an méid atá geallta ag soláthraí na cosanta a íoc, déanfaidh institiúidí luach na cosanta creidmheasa arna ríomh faoi mhír 1 a laghdú 40 %;

(b)

i gcás ar mó ná luach na risíochta an méid atá geallta ag soláthraí na cosanta a íoc, ní bheidh luach na cosanta creidmheasa níos airde ná 60 % de luach na risíochta.

3.   I gcás ina bhfuil an chosaint neamhchistithe creidmheasa ainmnithe in airgeadra atá éagsúil ón airgeadra ina bhfuil an risíocht ainmnithe, laghdóidh institiúidí luach na cosanta creidmheasa trí choigeartú luaineachta a chur i bhfeidhm mar a leanas:

Formula

nuair atá:

G*

=

méid na cosanta creidmheasa arna choigeartú i leith priacal malairte eachtraí,

G*

=

méid ainmniúil na cosanta creidmheasa;

Hfx

=

an coigeartú luaineachta le haghaidh neamhréire airgeadra ar bith idir an chosaint chreidmheasa agus an oibleagáid fholuiteach arna chinneadh i gcomhréir le mír 4.

I gcás nach bhfuil neamhréir airgeadra ar bith i gceist tá Hfx cothrom le nialas.

4.   Bunóidh institiúidí na coigeartuithe luaineachta le haghaidh neamhréire airgeadra ar bith ar thréimhse leachtaithe 10 lá gnó, ag glacadh leis go ndéantar athluacháil laethúil, agus féadfaidh siad iad a ríomh bunaithe ar an gcur chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta nó ar an gCur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin mar a leagtar amach in Airteagal 224 agus Airteagal 225 faoi seach. Déanfaidh institiúidí na coigeartuithe luaineachta a mhéadú ó scála i gcomhréir le hAirteagal 226.

Airteagal 234

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás cosanta páirtí agus tráinsiú

I gcás ina n-aistríonn institiúid cuid de priacal na hiasachta i dtráinse amháin nó níos mó, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i gCaibidil 5. Féadfaidh institiúidí tairseacha ábharthachta ar íocaíochtaí nach ndéanfar íocaíocht ar bith fúthu a mheas i gcás caillteanais a bheadh coibhéiseach le suímh céadchaillteanais coinnithe agus a chuirfeadh aistriú priacal i dtráinsí faoi deara.

Airteagal 235

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh faoin gCur Chuige Caighdeánaithe

1.   Chun críocha Airteagal 113(3), déanfaidh institiúidí na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

E

=

luach na risíochta i gcomhréir le hAirteagal 111; chun na críche sin, beidh luach risíochta ítime atá lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I cothrom le 100 % dá luach seachas luach na risíochta a shonraítear in Airteagal 106(1);

GA

=

méid na cosanta priacal creidmheasa arna ríomh faoi Airteagal 233(3) (G*) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronachta aibíochta ar bith mar a leagtar síos i Roinn 5;

r

=

ualú priacal na risíochtaí ar an oibleagáideoir mar a shonraítear faoi Chaibidil 2;

g

=

ualú priacal na risíochtaí ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear faoi Chaibidil 2.

2.   I gcás ar lú an méid cosanta (GA) ná an risíocht (E), ní fhéadfaidh institiúidí an fhoirmle a shonraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil na codanna cosanta agus na codanna risíochta den risíocht ar chomhshinsearacht.

3.   Féadfaidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 114(4) agus (7) a leathnú chun risíochtaí nó codanna de risíochtaí atá ráthaithe ag an rialtas láir nó ag an mbanc ceannais a chumhdach, i gcás ina bhfuil an ráthaíocht ainmnithe in airgeadra intíre an iasachtaí agus ina bhfuil an risíocht cistithe san airgeadra sin.

Airteagal 236

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gCur Chuige IRB

1.   I gcás na coda cumhdaithe de luach na risíochta (E), atá bunaithe ar luach coigeartaithe na cosanta creidmheasa GA, chun críocha Roinn 4 de Chaibidil 3, féadfaidh sé gurb é an PD PD sholáthraí na cosanta, nó PD idir PD an iasachtaí agus PD an ráthóra i gcás ina meastar nach dteastaíonn ionadú iomlán. I gcás fo-risíochtaí agus cosanta neamhchistithe neamh-fho-ordaithe, féadfaidh sé gurb é an LGD atá le cur i bhfeidhm ag institiúidí chun críocha Roinn 4 de Chaibidil 3 an LGD a bhaineann le héilimh shinsearacha.

2.   I gcás aon choda neamhchumhdaithe de luach na risíochta (E) is é an PD PD an iasachtaí agus is é an LGD LGD na risíochta foluití.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, is é GA luach G* arna ríomh faoi Airteagal 233(3) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aon aisioncronachta aibíochta mar a leagtar síos i Roinn 5. Is é E luach na risíochta arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 5 de Chaibidil 3. Chun na críche sin, ríomhfaidh institiúidí luach risíochta na n-ítimí a liostaítear in Airteagal 166(8) go (10) trí fhachtóir coinbhéartachta nó céatadán 100 % a úsáid seachas na fachtóirí coinbhéartachta nó na céatadáin a shonraítear sna míreanna sin.

Roinn 5

Aisioncronachtaí aibíochta

Airteagal 237

Aisioncronacht aibíochta

1.   Chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh, tarlaíonn aisioncronacht aibíochta nuair atá aibíocht iarmhair na cosanta creidmheasa níos lú ná aibíocht iarmhair na risíochta faoi chosaint. I gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair na cosanta níos lú ná trí mhí agus go bhfuil aibíocht na cosanta níos lú ná aibíocht na risíochta foluití ní cháilíonn an chosaint sin mar chosaint chreidmheasa incháilithe.

2.   I gcás ina bhfuil aisioncronacht aibíochta ann, ní cháileoidh an chosaint chreidmheasa mar chosaint chreidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá aibíocht tosaigh na cosanta níos lú ná bliain amháin;

(b)

risíocht ghearrthéarmach is ea an risíocht arna sonrú ag na húdaráis inniúla mar risíocht atá faoi réir íosráta ríomha aon lae seachas íosráta ríomha aon bhliana maidir leis an luach aibíochta (M) faoi Airteagal 162(3).

Airteagal 238

Aibíocht na cosanta creidmheasa

1.   Faoi réir uastréimhse cúig bliana, is éard a bheidh in aibíocht iarbhír na cosanta foluití an tréimhse is faide is féidir a bheith fágtha sula mbeidh an oibleagáideoir in ainm a oibleagáidí a chomhlíonadh. Faoi réir mhír 2, is éard a bheidh in aibíocht na cosanta creidmheasa an tréimhse go dtí an dáta is luaithe a bhféadfaidh an chosaint foirceannadh nó a bhféadfar í a fhoirceannadh.

2.   I gcás inar féidir an chosaint a fhoirceannadh de rogha dhíoltóir na cosanta, measfaidh institiúidí gurb í aibíocht na cosanta an tréimhse go dtí an dáta is luaithe ar a bhféadfar an rogha sin a fheidhmiú. I gcás inar féidir an chosaint a fhoirceannadh de rogha cheannaitheoir na cosanta agus ina bhfuil dreasacht dhearfach i dtéarmaí an tsocraithe ag túsphointe na cosanta don institiúid an t-idirbheart a ghlaoch roimh an aibíocht chonarthach, glacfaidh institiúid leis gurb í aibíocht na cosanta an tréimhse go dtí an dáta is luaithe ar a bhféadfaí an rogha sin a fheidhmiú; ar shlí eile féadfaidh an institiúid a mheas nach ndéanann rogha den sórt sin difear d'aibíocht na cosanta.

3.   I gcás nach gcuirtear cosc ar dhíorthach creidmheasa foirceannadh sula n-éagfaidh aon tréimhse chairde a bhfuil gá léi chun go dtarlódh mainneachtain ar an oibleagáid fholuiteach mar gheall ar mhainneachtain an méid atá dlite a íoc, laghdóidh institiúidí aibíocht na cosanta le fad na tréimhse cairde.

Airteagal 239

Cosaint a luacháil

1.   I gcás idirbheart atá faoi réir cosanta cistithe creidmheasa faoin Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais, nuair atá aisioncronacht ann idir aibíocht na risíochta agus aibíocht na cosanta, ní cháilíonn an chomhthaobhacht mar chosaint chistithe creidmheasa incháilithe.

2.   I gcás idirbheart atá faoi réir cosanta cistithe creidmheasa faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais, léireoidh institiúidí aibíocht na cosanta creidmheasa agus na risíochta i luach coigeartaithe na comhthaobhachta de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

CVA

=

luach na comhthaobhachta arna choigeartú de réir luaineachta mar a shonraítear in Airteagal 218(2) nó méid na risíochta, cibé acu is ísle;

t

=

líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na cosanta creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238, nó luach T, cibé acu is ísle;

T

=

líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na cosanta creidmheasa arna ríomh de réir Airteagal 238, nó cúig bliana, cibé acu is ísle;

t*

=

0,25.

Úsáidfidh institiúidí CVAM mar CVA arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronachta aibíochta san fhoirmle chun luach na risíochta atá coigeartaithe go hiomlán (E*) a ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 223(5).

3.   I gcás idirbheart atá faoi réir cosanta neamhchistithe creidmheasa, léireoidh institiúidí aibíocht na cosanta creidmheasa agus na risíochta i luach coigeartaithe na cosanta creidmheasa de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

GA

=

G* arna choigeartú i leith aisioncronachta aibíochta ar bith;

G*

=

méid na cosanta arna choigeartú i leith neamhréire airgeadra ar bith;

t

=

líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na cosanta creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238, nó luach T, cibé acu is ísle;

T

=

líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na risíochta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238, nó cúig bliana, cibé acu is ísle;

t*

=

0,25.

Úsáidfidh institiúidí GA mar luach na cosanta chun críocha Airteagail 233 go 236.

Roinn 6

Teicnící bascaeid um maolú priacal creidmheasa

Airteagal 240

Díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain

I gcás ina bhfaigheann institiúid cosaint chreidmheasa le haghaidh roinnt risíochtaí faoi na téarmaí go spreagfaidh an chéad mhainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht agus go ndéanfar an conradh a fhoirceannadh mar gheall ar an teagmhas creidmheasa sin, féadfaidh an institiúid leasú a dhéanamh ar ríomh an mhéid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus, de réir mar is iomchuí, ar ríomh mhéid an chaillteanais ionchasaigh i leith na risíochta, a mbeadh, in éagmais na cosanta creidmheasa, an méid is ísle den mhéid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

(a)

nó i gcás institiúidí a bhfuil an Cur Chuige Caighdeánaithe á úsáid acu, is é an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomhfar faoin gCur Chuige Caighdeánaithe;

(b)

i gcás institiúidí a bhfuil an Cur Chuige IBR á úsáid acu, beidh an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal ionann is suim an mhéid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomhtar faoin gCur Chuige IBR móide méid an chaillteanais ionchasaigh atá iolraithe faoi 12.5.

Ní bheidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach san Airteagal seo ach amháin i gcás ina bhfuil luach na risíochta níos lú ná, nó cothrom le, luach na cosanta creidmheasa.

Airteagal 241

Díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain

I gcás ina spreagann an n-ú mainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht faoin gcosaint chreidmheasa, ní fhéadfaidh an institiúid atá ag ceannach na cosanta ach an chosaint a bhaineann le ríomh méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus, de réir mar is iomchuí, le ríomh mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh a aithint i gcás ina bhfuarthas cosaint freisin le haghaidh mainneachtain 1 go n-1 nó i gcás gur tharla n-1 mainneachtain cheana. Sna cásanna sin, féadfaidh an institiúid leasú a dhéanamh ar ríomh an mhéid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus, de réir mar is infheidhme, ar ríomh mhéid an chaillteanais ionchasaigh i leith na risíochta a mbeadh, in éagmais na cosanta creidmheasa, an n-ú méid risíochta is ísle, a ualaítear ó thaobh priacal, mar thoradh air i gcomhréir leis an gCaibidil seo. Déanfaidh institiúidí an n-ú méid is ísle a ríomh mar a shonraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 240.

Ní bheidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach san Airteagal seo ach amháin i gcás ina bhfuil luach na risíochta níos lú ná, nó cothrom le, luach na cosanta creidmheasa.

Comhlíonfaidh na risíochtaí uile sa bhascaed na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 204(2) agus in Airteagal 216(1)(d).

CAIBIDIL 5

Urrúsúchán

Roinn 1

Sainmhínithe

Airteagal 242

Sainmhínithe

Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‧barrachas an raon difríochta‧ muirir airgeadais a bhailítear agus ioncam ó tháillí eile a fhaightear maidir leis na risíochtaí urrúsaithe, gan costais agus caiteachais a áireamh;

(2)

ciallaíonn ‧céadrogha ar cheannach farasbairr‧ rogha chonarthach atá ag an tionscnóir na suímh urrúsúcháin a athcheannach nó a mhúchadh sula mbeidh na risíochtaí foluiteacha ar fad aisíoctha, i gcás ina dtiteann méid na risíochtaí gan íoc faoi leibhéal sonraithe;

(3)

ciallaíonnn ‧saoráid leachtachta‧ an suíomh urrúsúcháin a thagann as comhaontú conarthach cistiú a chur ar fáil chun tráthúlacht sreafaí airgid chuig infheisteoirí a áirithiú;

(4)

ciallaíonn ‧K IBR‧ 8 % de na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomhfaí faoi Chaibidil 3 i leith na risíochtaí urrúsaithe, i gcás nach mbeidís urrúsaithe, móide méid na gcaillteanas ionchasach a bhaineann leis na risíochtaí sin arna ríomh faoin gCaibidil sin;

(5)

ciallaíonn ‧modh bunaithe ar rátálacha‧ an modh chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal le haghaidh suíomh urrúsúcháin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 261;

(6)

ciallaíonn ‧modh na foirmle maoirseachta‧ an modh chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal le haghaidh suíomh urrúsúcháin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 262;

(7)

ciallaíonn ‧suíomh gan rátáil‧ suíomh urrúsúcháin nach ndearnadh measúnú creidmheasa incháilithe ó IMCS air dá dtagraítear i Roinn 4;

(8)

ciallaíonn ‧suíomh rátáilte‧ suíomh urrúsúcháin a ndearnadh measúnú creidmheasa incháilithe ó IMCS air dá dtagraítear i Roinn 4;

(9)

ciallaíonn ‧clár páipéar tráchtála bunaithe ar shócmhainní (ABCP)‧ clár urrúsuithe ar i bhfoirm páipéir thráchtála le haibíocht tosaigh aon bhliana nó níos lú atá na hurrúis arna n-eisiúint aige den chuid is mó;

(10)

ciallaíonn ‧urrúsú traidisiúnta‧ urrúsú a bhaineann le haistriú eacnamaíoch na risíochtaí atá á n-urrúsú. Tarlóidh sé sin trí úinéireacht na risíochtaí urrúsaithe a aistriú ón institiúid tionscnóra go SSPE nó trí fho-rannpháirtíocht SSPE. Ní ionann na hurrúis a eisíodh agus oibleagáidí íocaíochta na hinstitiúide tionscnóra;

(11)

ciallaíonn ‧urrúsú sintéiseach‧ urrúsú i gcás ina mbaintear aistriú priacal amach trí dhíorthaigh chreidmheasa nó ráthaíochtaí a úsáid, agus go bhfágtar na risíochtaí atá á n-urrúsú mar risíochtaí na hinstitiúide tionscnóra;

(12)

ciallaíonn ‧risíocht imrothlach‧ risíocht trína gceadaítear iarmhéideanna custaiméara atá gan íoc luainiú bunaithe ar a gcuid cinntí iasacht a fháil agus a aisíoc, suas go dtí teorainn chomhaontaithe;

(13)

ciallaíonn ‧urrúsú imrothlach‧ urrúsú i gcás ina n-imrothlaíonn an struchtúr urrúsúcháin féin trí risíochtaí a bheith á gcur leis an gcomhthiomsú risíochtaí nó a bheith á mbaint astu cé acu a imrothlaíonn na risíochtaí foluiteacha nó nach n-imrothlaíonn siad';

(14)

ciallaíonn ‧soláthar um luathamúchadh‧ clásal conarthach laistigh d'urrúsú risíochtaí imrothlacha nó d'urrúsú imrothlach lena gceanglaítear, i gcás ina dtarlaíonn teagmhais shainithe, go ndéanfar suímh infheisteoirí a fhuascailt roimh an aibíocht tosaigh a luadh leis na hurrúis a eisíodh;

(15)

ciallaíonn ‧tráinse céadchaillteanais‧ an tráinse is fo-ordaithe atá ann in urrúsú arb é an chéad tráinse é a thabhóidh caillteanas ar na risíochtaí urrúsaithe agus trína soláthraítear cosaint don dara caillteanas, agus nuair is iomchuí, do thráinsí ar chéim níos airde.

Roinn 2

Aistriú priacal shuntasaigh a aithint

Airteagal 243

Urrúsú traidisiúnta

1.   Féadfaidh institiúid tionscnóra de chuid urrúsaithe thraidisiúnta risíochtaí urrúsaithe a eisiamh le linn di méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

meastar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach a bhaineann leis na risíochtaí urrúsaithe chuig tríú páirtithe;

(b)

cuireann an institiúid tionscnóra ualú priacal 1 250 % i bhfeidhm maidir leis na suímh urrúsúcháin go léir atá ina seilbh laistigh den urrúsú sin nó asbhaineann sí na suímh urrúsúcháin sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 36(1)(k).

2.   Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach sna cásanna seo a leanas:

(a)

na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal na suíomh urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra laistigh den urrúsú sin, ní sháraíonn siad 50 % de mhéideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal na suíomh urrúsúcháin mezzanine go léir atá laistigh den urrúsú sin;

(b)

i gcás nach bhfuil aon suíomh urrúsúcháin mezzanine in urrúsú ar leith agus gur féidir leis an tionscnóir a léiriú go ndéanann luach risíochta na suíomh urrúsúcháin a bheadh faoi réir a n-asbhainte ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó faoi réir ualú priacal 1 250 % meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí urrúsaithe a shárú faoi chorrlach suntasach, ní bheidh níos mó ná 20 % de luachanna risíochta na suíomh urrúsúcháin a bheadh faoi réir asbhainte ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná faoi réir ualú priacal 1 250 % i seilbh na hinstitiúide tionscnóra.

I gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacal creidmheasa ar chóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú seo, féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh ar bhonn gach cáis ar leith nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.

3.   Chun críocha mhír 2, ciallaíonn suímh urrúsúcháin mezzanine suímh urrúsúcháin a bhfuil feidhm ag ualú priacal níos ísle ná 1 250 % maidir leo agus atá níos sóisearaí ná an suíomh is sinsearaí laistigh den urrúsú sin agus níos sóisearaí ná aon suíomh urrúsúcháin laistigh den urrúsú sin dá sanntar ceachtar de na nithe seo a leanas i gcomhréir le Roinn 4:

(a)

i gcás suímh urrúsúcháin atá faoi réir Roinn 3, Foroinn 3, céim 1 den cháilíocht chreidmheasa;

(b)

i gcás suímh urrúsúcháin atá faoi réir phointí Roinn 3, Foroinn 4 céim 1 nó céim 2 den cháilíocht chreidmheasa.

4.   Mar mhalairt ar mhír 2 agus mhír 3, tabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúidí tionscnóra priacal creidmheasa suntasach a mheas mar priacal a aistríodh i gcás inar féidir leis an institiúid tionscnóra a léiriú, i ngach cás d'urrúsú, go bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacal creidmheasa ar chóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú ar cheanglais cistí dílse a bhaineann an tionscnóir amach leis an urrúsú.

Ní thabharfar cead ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

tá beartais agus modheolaíochtaí priacal -íogaire mar is iomchuí i bhfeidhm ag an institiúid chun an t-aistriú priacal a mheasúnú;

(b)

d'aithin an institiúid an t-aistriú priacal creidmheasa chuig tríú páirtithe i ngach cás ar mhaithe le bainistíocht priacal inmheánach agus leithdháileadh caipitil inmheánach na hinstitiúide.

5.   Chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 4, de réir mar is infheidhme, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

léiríonn an doiciméadacht urrúsúcháin tábhacht eacnamaíoch an idirbhirt;

(b)

ní ceadmhach don institiúid tionscnóra agus dá creidiúnuithe teacht ar na risíochtaí urrúsaithe fiú i gcás féimheachta agus i gcás glacadóireachta. Beidh tuairim dlíodóra cháilithe mar thaca leis sin;

(c)

ní ionann na hurrúis arna n-eisiúint agus oibleagáidí íocaíochta ar an institiúid tionscnóra;

(d)

ní choimeádann an institiúid tionscnóra rialú éifeachtach nó indíreach ar na risíochtaí aistrithe. Measfar go mbeidh rialú éifeachtach coimeádta ag tionscnóir ar na risíochtaí aistrithe má tá sé de cheart aige na risíochtaí a aistríodh roimhe sin a athcheannach ón aistrí d'fhonn a dtairbhí a réadú nó má tá sé faoi oibleagáid an priacal aistrithe a ghlacadh arís. Má tá institiúid tionscnóra ag coimeád na gceart nó na n-oibleagáidí seirbhísithe i leith risíochtaí, ní leor é sin ann féin mar rialú indíreach ar na risíochtaí;

(e)

comhlíonfaidh an doiciméadacht urrúsúcháin na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(i)

níl clásail inti lena gceanglaítear ar an institiúid tionscnóra, ach amháin i gcás forálacha um luathamúchadh, suímh laistigh den urrúsú a fheabhsú, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, na risíochtaí foluiteacha ar chreidmheas a athrú nó an toradh is iníoctha le hinfheisteoirí a mhéadú mar fhreagairt ar mheathlú ar cháilíocht chreidmheasa na risíochtaí urrúsaithe;

(ii)

níl clásail inti lena méadaítear an toradh is iníoctha le sealbhóirí suíomh laistigh den urrúsú mar fhreagairt ar mheathlú ar cháilíocht chreidmheasa an chomhthiomsaithe fholuitigh;

(iii)

cuirtear in iúl go soiléir inti, nuair is infheidhme, gur rud eisceachtúil é go ndéanfadh an tionscnóir nó an t-urraitheoir suímh urrúsúcháin a cheannach nó a athcheannach thar a oibleagáidí conarthacha agus nach bhféadfaidh siad sin a dhéanamh ach de réir coinníollacha ar neamhthuilleamaí;

(f)

i gcás ina bhfuil céadrogha ar cheannach farasbairr ann, comhlíonfaidh an rogha sin na coinníollacha seo a leanas freisin:

(i)

tá sí infheidhmithe de rogha na hinstitiúide tionscnóra;

(ii)

ní féidir í a fheidhmiú ach amháin nuair atá 10 % nó níos lú de luach bunaidh na risíochtaí urrúsaithe fós gan amúchadh;

(iii)

níl sí struchtúraithe ionas nach leithdháilfear caillteanais ar shuímh feabhsaithe creidmheasa ná ar shuímh eile atá i seilbh infheisteoirí agus níl sé struchtúraithe ar shlí ar bith eile chun feabhsú creidmheasa a chur ar fáil.

6.   Coinneoidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi na cásanna sonracha, dá dtagraítear i mír 2, i gcás nach bhfuil bonn cirt leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal mar gheall ar aistriú priacal creidmheasa ar chóimhéid chuig tríú páirtithe, ná mar gheall ar an úsáid a bhaineann institiúidí as mír 4. Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas sa réimse seo agus eiseoidh sé treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar chur chun feidhme na dtreoirlínte sin ag na Ballstáit agus cuirfidh sé comhairle ar fáil don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2017 maidir leis an gná le caighdeán teicniúil atá ceangailteach.

Airteagal 244

Urrúsú sintéiseach

1.   Féadfaidh institiúid tionscnóra de chuid urrúsaithe shintéisigh méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus, mar is iomchuí, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh le haghaidh na risíochtaí urrúsaithe i gcomhréir le hAirteagal 294, má chomhlíontar ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a)

meastar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe trí chosaint neamhchistithe creidmheasa nó trí chosaint chistithe creidmheasa;

(b)

cuireann an institiúid tionscnóra ualú priacal 1 250 % i bhfeidhm maidir leis na suímh urrúsúcháin go léir atá ina seilbh laistigh den urrúsú sin nó asbhaineann sí na suímh urrúsúcháin sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 36(1)(k).

2.   Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach má chomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní sháraíonn méideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal na suíomh urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra san urrúsú sin 50 % de mhéideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal na suíomh urrúsúcháin mezzanine go léir san urrúsú sin;

(b)

i gcás nach bhfuil aon suíomh urrúsúcháin mezzanine in urrúsú ar leith agus gur féidir leis an tionscnóir a léiriú go ndéanann luach risíochta na suíomh urrúsúcháin a bheadh faoi réir a n-asbhainte ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó faoi réir ualú priacal 1 250 % meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí urrúsaithe a shárú faoi chorrlach suntasach, ní bheidh níos mó ná 20 % de luachanna risíochta na suíomh urrúsúcháin a bheadh faoi réir asbhainte ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná faoi réir ualú priacal 1 250 % i seilbh na hinstitiúide tionscnóra.

(c)

i gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacal creidmheasa ar chóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú seo, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh ar bhonn gach cáis ar leith nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.

3.   Chun críocha mhír 2, ciallaíonn suímh urrúsúcháin mezzanine suímh urrúsúcháin lena mbaineann ualú priacal níos ísle ná 1 250 % agus atá níos sóisearaí ná an suíomh is sinsearaí san urrúsú agus níos sóisearaí ná aon suíomh urrúsúcháin san urrúsú seo dá sanntar ceachtar de na nithe seo a leanas i gcomhréir le Roinn 4:

(a)

i gcás suímh urrúsúcháin atá faoi réir Roinn 3, Foroinn 3, céim 1 den cháilíocht chreidmheasa;

(b)

i gcás suímh urrúsúcháin atá faoi réir Roinn 3, Foroinn 4, céim 1 nó céim 2 den cháilíocht chreidmheasa.

4.   Mar mhalairt ar mhír 2 agus mhír 3, tabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúidí tionscnóra priacal creidmheasa suntasach a mheas mar priacal a aistríodh i gcás inar féidir leis an institiúid tionscnóra a léiriú, i ngach cás d'urrúsú, go bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacal creidmheasa ar chóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú ar cheanglais cistí dílse a bhaineann an tionscnóir amach leis an urrúsú.

Ní thabharfar cead ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

tá beartais agus modheolaíochtaí priacal -íogaire mar is iomchuí i bhfeidhm ag an institiúid chun an t-aistriú priacal a mheasúnú;

(b)

d'aithin an institiúid an t-aistriú priacal creidmheasa chuig tríú páirtithe i ngach cás ar mhaithe le bainistíocht priacal inmheánach agus leithdháileadh caipitil inmheánach na hinstitiúide.

5.   Chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 4, de réir mar is infheidhme, comhlíonfaidh an t-aistriú na coinníollacha seo a leanas:

(a)

léiríonn an doiciméadacht urrúsúcháin tábhacht eacnamaíoch an idirbhirt;

(b)

an chosaint chreidmheasa trína n-aistrítear an bpriacal creidmheasa, comhlíonann sí Airteagal 247(2);

(c)

níl téarmaí ná coinníollacha a dhéanann na nithe seo a leanas ar áireamh sna hionstraimí a úsáidtear chun priacal creidmheasa a aistriú:

(i)

tairseacha ábharthachta suntasacha a fhorchur a measfar nár spreagadh cosaint chreidmheasa fúthu má tharlaíonn teagmhas creidmheasa;

(ii)

foirceannadh na cosanta a cheadú mar gheall ar mheathlú ar cháilíocht chreidmheasa na risíochtaí foluiteacha;

(iii)

ach amháin i gcás forálacha um luathamúchadh, a cheangal ar an institiúid tionscnóra suímh laistigh den urrúsú a fheabhsú;

(iv)

costas cosanta creidmheasa na hinstitiúide nó an toradh is iníoctha le sealbhóirí suíomh laistigh den urrúsú a mhéadú mar fhreagairt ar mheathlú ar cháilíocht chreidmheasa an chomhthiomsaithe fholuitigh;

(d)

tuairim a fháil ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhnítear in-fhorfheidhmitheacht na cosanta creidmheasa i ngach dlínse ábhartha;

(e)

cuirfear in iúl go soiléir sa doiciméadacht urrúsúcháin, nuair is infheidhme, nach féidir leis an tionscnóir ná urraitheoir suímh urrúsúcháin a cheannach ná a athcheannach thar a oibleagáidí conarthacha ach de réir coinníollacha ar neamhthuilleamaí;

(f)

i gcás ina bhfuil céadrogha ar cheannach farasbairr ann, comhlíonann an rogha sin na coinníollacha seo a leanas freisin:

(i)

tá sí infheidhmithe de rogha na hinstitiúide tionscnóra;

(ii)

ní féidir í a fheidhmiú ach amháin nuair atá 10 % nó níos lú de luach bunaidh na risíochtaí urrúsaithe fós gan amúchadh;

(iii)

níl sí struchtúraithe ionas nach leithdháilfear caillteanais ar shuímh feabhsaithe creidmheasa ná ar shuímh eile atá i seilbh infheisteoirí agus níl sé struchtúraithe ar shlí ar bith eile chun feabhsú creidmheasa a chur ar fáil.

6.   Coinneoidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi na cásanna sonracha, dá dtagraítear i mír 2, i gcás nach bhfuil bonn cirt leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal mar gheall ar aistriú priacal creidmheasa ar chóimhéid chuig tríú páirtithe, ná mar gheall ar an úsáid a bhaineann institiúidí as mír 4. Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas sa réimse seo agus eiseoidh sé treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar chur chun feidhme na dtreoirlínte sin ag na Ballstáit agus cuirfidh sé comhairle ar fáil don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2017 maidir leis an ngá le caighdeán teicniúil atá ceangailteach.

Roinn 3

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh

Foroinn 1

Prionsabal

Airteagal 245

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh

1.   I gcás inar aistrigh institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach a bhaineann le risíochtaí urrúsaithe i gcomhréir le Roinn 2, féadfaidh an institiúid sin:

(a)

i gcás urrúsú traidisiúnta, na risíochtaí atá urrúsaithe aici a eisiamh le linn di méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal, agus mar is iomchuí, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh;

(b)

i gcás urrúsú sintéiseach, méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus, mar is iomchuí, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, i leith na risíochtaí urrúsaithe i gcomhréir le hAirteagal 249 agus Airteagal 250.

2.   I gcás inar chinn an institiúid tionscnóra mír 1 a chur i bhfeidhm, ríomhfaidh sí na méideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal a leagtar síos sa Chaibidil seo i leith na suíomh a d'fhéadfadh sí a shealbhú laistigh den urrúsú sin.

I gcás nár aistrigh an institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach nó gur chinn sí gan mír 1 a chur i bhfeidhm, ní gá di méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i leith aon suíomh a d'fhéadfadh a bheith aici laistigh den urrúsú atá i gceist ach leanfaidh sí de na risíochtaí urrúsaithe a áireamh le linn di méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh amhail is nár urrúsaíodh riamh iad.

3.   I gcás ina bhfuil risíocht ann ar thráinsí éagsúla laistigh d'urrúsú, measfar gur suíomh urrúsúcháin ar leith í an risíocht ar gach aon tráinse. Measfar go mbeidh suímh laistigh den urrúsú á sealbhú ag soláthraithe na cosanta creidmheasa do shuímh urrúsúcháin. Áireofar ar shuímh urrúsúcháin risíochtaí ar urrúsú a thagann as conarthaí díorthach ráta úis nó airgeadra.

4.   Mura n-asbhaintear suíomh urrúsúcháin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 36(1)(k), áireofar an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal in iomlán na méideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal de chuid na hinstitiúide chun críocha Airteagal 92(3).

5.   Déanfar méid risíochta ualaithe ó thaobh priacal de chuid suímh urrúsúcháin a ríomh tríd an ualú iomlán priacal ábhartha a chur i bhfeidhm maidir le luach risíochta an tsuímh, luach a ríomhtar mar a leagtar amach in Airteagal 246.

6.   Cinnfear an t-ualú iomlán priacal mar shuim an ualaithe priacal a leagtar amach sa Chaibidil seo agus aon ualú priacal breise i gcomhréir le hAirteagal 407.

Airteagal 246

Luach na risíochta

1.   Déanfar luach na risíochta a ríomh mar a leanas:

(a)

i gcás ina ríomhann institiúid méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoi Fhoroinn 3, is é a bheidh i luach risíochta suímh urrúsúcháin laistigh den chlár comhardaithe ná a luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa a chur i bhfeidhm, ar coigeartuithe iad a láimhseáiltear i gcomhréir le hAirteagal 110;

(b)

i gcás ina ríomhann institiúid méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoi Fhoroinn 4, is é a bheidh i luach risíochta suímh urrúsúcháin laistigh den chlár comhardaithe ná an luach cuntasaíochta a ríomhfar gan aon choigeartuithe i leith priacal creidmheasa a chur san áireamh, ar coigeartuithe iad a láimhseáiltear i gcomhréir le hAirteagal 110;

(c)

i gcás ina ríomhann institiúid méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoi Fhoroinn 3, is é a bheidh i luach risíochta suímh urrúsúcháin lasmuigh den chlár comhardaithe ná a luach ainmniúil lúide aon choigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa an tsuímh urrúsúcháin sin, arna iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta mar a leagtar síos sa Chaibidil seo. Beidh an fachtóir coinbhéartachta cothrom le 100 % mura sonraítear a mhalairt;

(d)

i gcás ina ríomhann institiúid méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoi Fhoroinn 4, is é a bheidh i luach risíochta suímh urrúsúcháin lasmuigh den chlár comhardaithe ná a luach ainmniúil arna iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta mar a leagtar síos sa Chaibidil seo. Beidh an fachtóir coinbhéartachta cothrom le 100 % mura sonraítear a mhalairt;

(e)

Déanfar luach na risíochta ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí i gcás ionstrame díorthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6.

2.   I gcás ina bhfuil dhá shuíomh fhorluiteacha nó níos mó laistigh d'urrúsú ag institiúid, ní áireoidh sí, a mhéid a bhfuil forluí eatarthu, ach an suíomh nó an chuid de shuíomh a thugann na méideanna risíochta is airde a ualaítear ó thaobh priacal le linn di méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh. Féadfaidh an institiúid forluí den sórt sin a aithint idir ceanglais cistí dílse faoi phriacal sonrach i leith suíomh sa leabhar trádála agus ceanglais cistí dílse i leith suíomh urrúsúcháin sa leabhar neamhthrádála, ar an gcoinníoll gur féidir leis an institiúid ceanglais cistí dílse i leith na suíomh iomchuí a ríomh agus a chur i gcomparáid le chéile. Chun críche na míre seo, bíonn forluí idir suímh nuair a bhíonn na suímh in ionannas, iomlán nó páirteach, le risíocht ar an bpriacal céanna, sa chaoi is nach bhfuil ann ach risíocht amháin, a mhéid a bhfuil forluí eatarthu.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 268(c) maidir le suímh san ABCP, féadfaidh an institiúid an t-ualú priacal atá sannta do shaoráid leachtachta a úsáid d'fhonn an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal don ABCP a ríomh ar an gcoinníoll go bhfuil 100 % den ABCP atá eisithe ag an gclár cumhdaithe ag an tsaoráid seo nó ag saoráidí leachtachta eile agus go bhfuil na saoráidí leachtachta sin go léir ar chomhchéim leis an ABCP ionas gur suímh forluiteacha iad.

Cuirfidh an institiúid an úsáid a bhaineann siad as an láimhseáil sin in iúl do na húdaráis inniúla.

Airteagal 247

Maolú priacal creidmheasa a aithint le haghaidh suíomh urrúsúcháin

1.   Féadfaidh institiúid cosaint neamhchistithe creidmheasa nó cosaint chistithe creidmheasa a aithint a fuarthas maidir le suíomh urrúsúcháin i gcomhréir le Caibidil 4 agus faoi réir na gceanglas a leagtar síos sa Chaibidil seo agus i gCaibidil 4.

Níl i gcosaint chistithe creidmheasa incháilithe ach comhthaobhacht airgeadais atá incháilithe chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh faoi Chaibidil 2 mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4 agus tá an aithint faoi réir chomhlíonadh na gceanglas ábhartha mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4.

2.   Níl i soláthraithe na cosanta cistithe creidmheasa incháilithe agus i soláthraithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa ach amháin na soláthraithe sin atá incháilithe faoi Chaibidil 4 agus tá an aithint faoi réir chomhlíonadh na gceanglas ábhartha mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4.

3.   De mhaolú ar mhír 2, déanfaidh IMCS aitheanta measúnú creidmheasa ar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa a liostaítear i bpointe (a) go pointe (h) d'Airteagal 201 seachas contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha a mbeidh sé deimhnithe go mbaineann sé le céim 3 nó le céim níos airde den cháilíocht chreidmheasa faoi Airteagal 136 agus a raibh baint aige le céim 2 nó le céim níos airde den cháilíocht chreidmheasa an tráth ar aithníodh an chosaint chreidmheasa den chéad uair. Féadfaidh institiúidí a bhfuil cead acu an cur chuige IBR a chur i bhfeidhm maidir le risíocht dhíreach ar sholáthraí na cosanta incháilitheacht a mheasúnú de réir na chéad abairte bunaithe ar PD sholáthraí na cosanta a bheith coibhéiseach leis an PD a bhaineann leis na céimeanna den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 136.

4.   De mhaolú ar mhír 2, is ionann SSPEanna agus soláthraithe cosanta incháilithe i gcás ina bhfuil sócmhainní faoina n-úinéireacht a cháilíonn mar chomhthaobhacht airgeadais incháilithe agus i gcás nach bhfuil aon chearta ná cearta teagmhasacha ina leith atá ar chomhchéim nó ar chéim roimhe sin le cearta teagmhasacha na hinstitiúide atá ag fáil cosaint neamhchistithe creidmheasa agus i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais go léir maidir le comhthaobhacht airgeadais faoi Chaibidil 4. Sna cásanna sin, ní bheidh in GA (méid na cosanta arna choigeartú i leith aon neamhréire airgeadra agus aisioncronachta aibíochta i gcomhréir le forálacha Chaibidil 4) ach margadhluach na sócmhainní sin arna choigeartú de réir luaineachta agus déanfar g (ualú priacal na risíochtaí ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear faoin gCur Chuige Caighdeánaithe) a chinneadh mar an meáchan meánpriacal ualaithe a mbeadh feidhm aige maidir leis na sócmhainní sin mar chomhthaobhacht airgeadais faoin gCur Chuige Caighdeánaithe.

Airteagal 248

Tacaíocht intuigthe

1.   Institiúid is urraitheoir, nó institiúid tionscnóra a bhain úsáid as Airteagal 245(1) agus (2) maidir le hurrúsú le linn di méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh nó a bhfuil ionstraimí óna leabhar trádála díolta aici sa chaoi is nach gceanglaítear uirthi a thuilleadh cistí dílse a shealbhú maidir le priacail na n-ionstraimí sin, ní gá di tacaíocht a thabhairt don urrúsú thar a hoibleagáidí conarthacha ar mhaithe le caillteanais fhéideartha nó iarbhír a laghdú d'infheisteoirí. Ní mheasfar go soláthraíonn idirbheart tacaíocht má dhéantar é de réir coinníollacha ar neamhthuilleamaí agus má chuirtear san áireamh é le linn aistriú priacal suntasach a mheasúnú. Cuirfear aon idirbheart den chineál sin, is cuma an soláthraíonn sé tacaíocht nó nach soláthraíonn, in iúl do na húdaráis inniúla agus beidh sé faoi réir phróiseas athbhreithnithe agus faofa creidmheasa na hinstitiúide. Déanfaidh an institiúid, agus measúnú á dhéanamh aici maidir lena bhfuil an t-idirbheart struchtúraithe chun tacaíocht a chur ar fáil nó nach bhfuil, na nithe seo a leanas ar fad ar a laghad a mheas:

(a)

praghas an athcheannaigh;

(b)

suíomh caipitil agus leachtachta na hinstitiúide roimh an athcheannach agus ina dhiaidh;

(c)

feidhmiú na risíochtaí urrúsaithe;

(d)

feidhmiú na suíomh urrúsúcháin;

(e)

tionchar na tacaíochta ar na caillteanais a mheastar a thabhóidh an tionscnóir i gcomparáid leis na hinfheisteoirí.

2.   Déanfaidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte a eisiúint maidir le míniú a thabhairt ar cad is coinníollacha ar neamhthuilleamaí agus idirbheart nach bhfuil struchtúraithe chun tacaíocht a sholáthar ann.

3.   Má theipeann ar institiúid tionscnóra nó ar institiúid is urraitheoir mír 1 a chomhlíonadh maidir le hurrúsú sealbhóidh an institiúid sin cistí dílse ar a laghad i gcoinne na risíochtaí urrúsaithe go léir amhail is nár urrúsaíodh riamh iad.

Foroinn 2

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh riosca arna nurrúsú in urrúsú sintéiseach agus arna ríomh ag institiúidí tionscnóra

Airteagal 249

Láimhseáil ghinearálta

Le linn méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i leith na risíochtaí urrúsaithe a ríomh, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 244, bainfidh institiúid tionscnóra an urrúsaithe shintéisigh úsáid as na modheolaíochtaí ríomhaireachta iomchuí a leagtar amach sa Roinn seo agus ní na modheolaíochtaí a leagtar amach i gCaibidil 2, faoi réir Airteagal 250. I gcás institiúidí atá ag ríomh méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoi Chaibidil 3, beidh méid an chaillteanais ionchasaigh i leith na risíochtaí sin cothrom le nialas.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír maidir le comhthiomsú iomlán na risíochtaí atá ar áireamh san urrúsú. Faoi réir Airteagal 250, déanfaidh an institiúid tionscnóra méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i leith na dtráinsí go léir laistigh den urrúsú i gcomhréir le forálacha na Roinne seo lena n-áirítear na forálacha sin dá n-aithníonn an institiúid maolú priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 247, agus sa chás sin féadfar an t-ualú priacal a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis an suíomh sin a leasú i gcomhréir le Caibidil 4, faoi réir na gceanglas a leagtar síos sa Chaibidil seo.

Airteagal 250

Aisioncronacht aibíochta in urrúsuithe sintéiseacha a láimhseáil

Ar mhaithe le méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh de réir Airteagal 249, déanfar aon aisioncronacht aibíochta atá ann idir an chosaint chreidmheasa ar tráinse í agus faoina mbaintear amach an t-aistriú priacal agus na risíochtaí urrúsaithe a chur san áireamh mar a leanas:

(a)

glacfar leis gurb í aibíocht na risíochtaí urrúsaithe aibíocht na risíochta a bhfuil an aibíocht is faide aici, faoi réir uasteorainn cúig bliana. Cinnfear aibíocht na cosanta creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 4;

(b)

déanfaidh institiúid tionscnóra neamhaird d'aon aisioncronacht aibíochta le linn méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i leith tráinsí arb ann dóibh de bhun na Roinne seo a bhfuil ualú priacal 1 250 % acu. I gcás gach tráinse eile, cuirfear an tslí a láimhseáiltear aisioncronacht aibíochta a leagtar amach i gCaibidil 4 i bhfeidhm de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

RW*

=

méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal chun críocha Airteagal 92(3)(a);

RWAss

=

méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i leith risíochtaí murar urrúsaíodh riamh iad, arna ríomh ar bhonn pro rata;

RWSP.

=

méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal arna ríomh faoi Airteagal 249 mura raibh aon aisioncronacht aibíochta ann;

T

=

aibíocht na risíochtaí foluiteacha arna sloinneadh i mblianta;

t

=

aibíocht na cosanta creidmheasa arna sloinneadh i mblianta;

t*

=

0,25.

Foroinn 3

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh faoin gcur chuige irb

Airteagal 251

Ualú riosca

Faoi réir Airteagal 252, déanfaidh an institiúid méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal de chuid suímh urrúsúcháin nó suímh ath-urrúsúcháin rátáilte a ríomh tríd an ualú priacal ábhartha a chur i bhfeidhm maidir le luach na risíochta.

Is é a bheidh san ualú priacal ábhartha an t-ualú priacal mar a leagtar síos i dTábla 1, lena bhfuil baint ag measúnú creidmheasa an tsuímh i gcomhréir le Roinn 4.

Tábla 1

Céim Cáilíochta Creidmheasa

1

2

3

(do mheasúnuithe creidmheasa seachas measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha agus dóibh siúd amháin)

gach céim eile den cháilíocht chreidmheasa

Suímh Urrúsúcháin

20 %

50 %

100 %

350 %

1 250 %

Suímh Athurrúsúcháin

40 %

100 %

225 %

650 %

1 250 %

Faoi réir Airteagail 252 go 255, déanfar méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal de chuid suímh urrúsúcháin a ríomh trí ualú priacal 1 250 % a chur i bhfeidhm.

Airteagal 252

Institiúidí tionscnóra agus institiúidí is urraitheoirí

I gcás institiúide tionscnóra nó institiúide is urraitheoir, féadfar na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal arna ríomh i leith a suíomh urrúsúcháin in aon urrúsú ar leith a theorannú do na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomhfaí faoi láthair i leith na risíochtaí urrúsaithe i gcás nach mbeidís urrúsaithe faoi réir chur i bhfeidhm toimhdithe ualú priacal 150 % maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na hítimí go léir atá ar mainneachtain faoi láthair;

(b)

na hítimí go léir a mbaineann priacal fíor-ard leo i gcomhréir le hAirteagal 128 i measc na risíochtaí urrúsaithe.

Airteagal 253

Suímh gan rátáil a láimhseáil

1.   Ar mhaithe le méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal de chuid suímh urrúsúcháin gan rátáil a ríomh, féadfaidh institiúid an meáchan meánpriacal ualaithe a chur i bhfeidhm a chuirfeadh institiúid a bhfuil seilbh aici ar na risíochtaí i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí urrúsaithe faoi Chaibidil 2, arna iolrú faoin gciondáil chomhchruinnithe dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, beidh comhdhéanamh an chomhthiomsaithe de risíochtaí urrúsaithe ar eolas ag an institiúid i gcónaí.

2.   Beidh an chiondáil chomhchruinnithe cothrom le suim mhéideanna ainmniúla na dtráinsí go léir arna roinnt ar shuim mhéideanna ainmniúla na dtráinsí atá níos sóisearaí ná an tráinse ina bhfuil an suíomh á shealbhú atá ar chomhchéim leis an tráinse sin, lena n-áirítear an tráinse féin. Ní bheidh an t-ualú priacal a sholáthrófar níos airde ná 1 250 % ná níos ísle ná aon ualú priacal is infheidhme maidir le tráinse rátáilte níos sinsearaí. I gcás nach féidir leis an institiúid an t-ualú priacal a chuirfí i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí urrúsaithe a chinneadh faoi Chaibidil 2, cuirfidh sí ualú priacal 1 250 % i bhfeidhm maidir leis an suíomh.

Airteagal 254

Suímh urrúsúcháin a láimhseáil i dtráinse dara caillteanas nó i dtráinse níos fearr i gclár ABCP

Faoi réir láimhseála is mó fabhar a bheith ar fáil do shaoráidí leachtachta gan rátáil faoi Airteagal 255 féadfaidh institiúid ualú priacal atá cothrom leis an ualú priacal is airde idir ualú priacal 100 % agus an t-ualú priacal is airde a chuirfeadh institiúid a bhfuil seilbh aici ar na risíochtaí i bhfeidhm maidir le haon cheann de na risíochtaí urrúsaithe faoi Chaibidil 2 a chur i bhfeidhm maidir le suímh urrúsúcháin a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh an suíomh urrúsúcháin i dtráinse atá i suíomh dara caillteanas nó i suíomh níos fearr ó thaobh an gheilleagair de laistigh den urrúsú agus soláthróidh an tráinse céadchaillteanais feabhsú creidmheasa fóinteach don tráinse dara caillteanas;

(b)

beidh cáilíocht an tsuímh urrúsúcháin coibhéiseach le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa faoin gCur chuige Caighdeánaithe nó le céim níos airde;

(c)

is institiúid nach bhfuil suíomh sa tráinse céadchaillteanais aici a shealbhóidh an suíomh urrúsúcháin.

Airteagal 255

Saoráidí leachtachta gan rátáil a láimhseáil

1.   Féadfaidh institiúidí fachtóir coinbhéartachta 50 % a chur i bhfeidhm maidir le méid ainmniúil saoráide leachtachta gan rátáil d'fhonn a luach risíochta a chinneadh nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé sonraithe agus teorannaithe go soiléir sa doiciméadacht a bhaineann leis an tsaoráid leachtachta na cúinsí faoinar féidir an tsaoráid a tharraingt;

(b)

ní fhéadfar an tsaoráid a tharraingt le go soláthrófar tacaíocht chreidmheasa trí chaillteanais a chuimsiú atá tabhaithe cheana féin tráth na tarraingthe agus, go háirithe, ní fhéadfar í a tharraingt le go soláthrófar leachtacht i leith risíochtaí ar mainneachtain tráth na tarraingthe nó le go bhfaighfear sócmhainní ar luach níos mó ná luach cóir;

(c)

ní úsáidfear an tsaoráid chun cistiú buan ná rialta a sholáthar don urrúsú;

(d)

ní dhéanfar aisíoc na dtarraingtí ar an tsaoráid a fho-ordú i leith éileamh infheisteoirí seachas i leith éileamh a thiocfaidh chun cinn i leith conarthaí díorthach ráta úis nó airgeadra, le táillí nó le híocaíochtaí eile den sórt sin, ná ní bheidh sé faoi réir a tharscaoilte ná a iarchurtha;

(e)

ní fhéadfar an tsaoráid a tharraingt tar éis do na feabhsuithe creidmheasa go léir is infheidhme a bhainfeadh an tsaoráid leachtachta tairbhe astu a bheith ídithe;

(f)

beidh foráil ar áireamh sa tsaoráid as a dtiocfaidh laghdú uathoibríoch ar an méid is féidir le méid na risíochtaí atá ar mainneachtain a tharraingt, nuair is é is brí le ‧mainneachtain‧ an bhrí a shanntar dó faoi Chaibidil 3, nó i gcás ina mbeidh ionstraimí rátáilte i gceist i gcomhthiomsú na risíochtaí urrúsaithe, a dhéanann an tsaoráid a fhoirceannadh má théann meáncháilíocht an chomhthiomsaithe faoi bhun an ghráid infheistíochta.

Is é an t-ualú priacal a bheidh le cur i bhfeidhm an t-ualú priacal is airde a chuirfeadh institiúid a bhfuil seilbh aici ar na risíochtaí i bhfeidhm maidir le haon cheann de na risíochtaí urrúsaithe faoi Chaibidil 2.

2.   Féadfar fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm maidir le méid ainmniúil saoráide leachtachta atá inchealaithe go neamhchoinníollach chun luach risíochta saoráidí airleacan airgid a chinneadh ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus go bhfuil aisíoc na dtarraingtí ar an tsaoráid níos sinsearaí ná haon éilimh eile ar na sreafaí airgid a thagann as na risíochtaí urrúsaithe.

Airteagal 256

Ceanglais cistí dílse bhreise i leith urrúsú risíochtaí imrothlacha faoi réir clásal um luathamúchadh

1.   I gcás ina bhfuil urrúsú risíochtaí imrothlacha ann atá faoi réir clásail um luathamúchadh, ríomhfaidh an institiúid tionscnóra méid risíochta breise a ualaítear ó thaobh priacal i leith an priacal go bhféadfaidh leibhéil an priacal creidmheasa a bhfuil sí ar ris orthu a mhéadú tar éis an clásal um luathamúchadh a oibriú, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Ríomhfaidh an institiúid méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i leith shuim luachanna risíochta leas an tionscnóra agus leas an infheisteora.

I gcás struchtúr urrúsúcháin ina gcuimsíonn na risíochtaí urrúsaithe risíochtaí imrothlacha agus risíochtaí neamh-imrothlacha, cuirfidh institiúid tionscnóra an láimhseáil a leagtar amach i míreanna 3 go 6 i bhfeidhm maidir leis an gcuid sin den chomhthiomsú foluiteach ina bhfuil risíochtaí imrothlacha.

Is é a bheidh i luach na risíochta i gcás leas an tionscnóra luach na risíochta i leith na coda barúlaí sin de chomhthiomsú ina bhfuil méideanna tarraingthe a dhíoltar le bheith laistigh d'urrúsú, agus a chinneann cion an luacha sin i ndáil le méid an chomhthiomsaithe iomláin a dhíoltar le bheith sa struchtúr cion na sreafaí airgid arna nginiúint le bailiúcháin príomhshuime agus úis agus méideanna gaolmhara eile nach bhfuil ar fáil chun íocaíochtaí a dhéanamh leo sin a bhfuil suímh laistigh den urrúsú acu. Ní bheidh leas an tionscnóra faoi réir leas an infheisteora. Is é a bheidh i luach na risíochta i gcás leas na n-infheisteoirí luach na risíochta i gcás na coda barúlaí de chomhthiomsú méideanna tarraingthe.

Ríomhfar an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i leith luach na risíochta i gcás leas an tionscnóra ar an dóigh a ríomhtar risíocht pro rata ar risíochtaí urrúsaithe amhail is nár urrúsaíodh riamh iad.

3.   Tá tionscnóirí na gcineálacha seo a leanas d'urrúsú díolmhaithe ó mhéid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i mír 1:

(a)

urrúsú risíochtaí imrothlacha a mbíonn infheisteoirí ar a ris i gcónaí ar gach tarraingt sa todhchaí ag iasachtaí ionas nach bhfillfidh an priacal i leith na saoráidí foluiteacha ar an institiúid tionscnóra fiú amháin tar éis teagmhas luathamúchadh tarlú;

(b)

urrúsú nach spreagtar clásal um luathamúchadh ach amháin mar gheall ar theagmhais nach mbaineann le feidhmíocht na sócmhainní urrúsaithe ná an institiúid tionscnóra, amhail athruithe ábhartha i rialacháin nó i ndlíthe cánach.

4.   I gcás institiúide tionscnóra atá faoi réir méid risíochta breise a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir le mír 1 ní bheidh iomlán na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i leith a suíomh i leas na n-infheisteoirí agus na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal arna ríomh faoi mhír 1 níos mó ná an ceann is mó díobh seo a leanas:

(a)

na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal arna ríomh i leith a suíomh i leas na n-infheisteoirí;

(b)

na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomhfadh institiúid a bhfuil seilbh aici ar na risíochtaí amhail is nár urrúsaíodh riamh iad maidir leis na risíochtaí urrúsaithe i méid atá cothrom le leas na n-infheisteoirí.

Déanfar asbhaint gnóthachan glan, más ann dóibh, a thagann as caipitliú ioncaim todhchaí a cheanglaítear faoi hAirteagal 32(1), a láimhseáil lasmuigh den uasmhéid a shonraítear san fhomhír roimhe seo.

5.   Cinnfear an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a bheidh le ríomh i gcomhréir le mír 1 trí luach na risíochta i gcás leas na n-infheisteoirí a iolrú faoi thoradh an fhachtóra coinbhéartachta iomchuí mar a thugtar le fios i míreanna 6 go 9 agus faoin meáchan meánpriacal ualaithe a mbeadh feidhm aige maidir leis na risíochtaí urrúsaithe más rud é nár urrúsaíodh na risíochtaí.

Measfar gur clásal um luathamúchadh faoi rialú é clásal um luathamúchadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

tá plean cistí dílse/leachtachta iomchuí i bhfeidhm ag an institiúid tionscnóra lena áirithiú go bhfuil dóthain cistí dílse agus leachtachta ar fáil i gcás luathamúchadh a bheith ann;

(b)

ar feadh ré an idirbhirt tá roinnt pro-rata ann idir leas an tionscnóra agus leas an infheisteora i leith íocaíochtaí úis agus príomhshuime, costas, caillteanas agus aisghabhálacha bunaithe ar chomhardú na n-earraí infhaighte gan íoc ag pointe tagartha amháin nó níos mó le linn gach míosa;

(c)

meastar gur leor an tréimhse amúchta chun 90 % den fhiachas iomlán (leas an tionscnóra agus leas an infheisteora) atá gan íoc ag tús na tréimhse luathamúchta a bheith aisíoctha nó aitheanta mar fhiachas ar mainneachtain;

(d)

nach n-aisíocfaí an fiachas níos gasta ná mar a d'aisíocfaí é de réir amúchadh dronlíneach thar an tréimhse a leagtar amach i bpointe (c).

6.   I gcás urrúsuithe atá faoi réir ag clásal um luathamúchadh maidir le risíocht ar mhiondíol atá neamhcheangailteach agus inchealaithe go neamhchoinníollach gan fógra roimh ré, i gcás ina spreagtar an luathamúchadh de bharr laghdú ar leibhéal barrachais an raon difríochta go leibhéal sonraithe, cuirfidh institiúidí leibhéal meánbharrachais trí mhí an raon difríochta i gcomparáid le leibhéil bharrachais an raon difríochta ar a gceanglaítear barrachas an raon difríochta a ghaistiú.

I gcás nach gceanglaíonn an t-urrúsú barrachas an raon difríochta a ghaistiú, meastar go bhfuil an pointe gaisteoireachta 4,5 pointe céatadáin níos airde ná leibhéal barrachais an raon difríochta ag a spreagtar luathamúchadh.

Déanfear an fachtóir coinbhéartachta a bheidh le cur i bhfeidhm de réir leibhéal meánbharrachais iarbhír trí mhí an raon difríochta a chinneadh i gcomhréir le Tábla 2.

Tábla 2

 

Urrúsú atá faoi réir ag foráil um luathamúchadh rialaithe

Urrúsú atá faoi réir ag foráil um luathamúchadh neamhrialaithe

Meánbharrachais trí mhí an raon difríochta

Fachtóir comhshóite

Fachtóir comhshóite

Níos airde ná leibhéal A

0 %

0 %

Leibhéal A

1 %

5 %

Leibhéal B

2 %

15 %

Leibhéal C

10 %

50 %

Leibhéal D

20 %

100 %

Leibhéal E

40 %

100 %

I gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

(a)

Tagraíonn ‧Leibhéal A‧ do leibhéil bharrachais an raon difríochta níos lú ná 133,33 % de leibhéal gaisteoireachta barrachais an raon difríochta ach nach lú ná 100 % den leibhéal gaisteoireachta sin;

(b)

Tagraíonn ‧Leibhéal B‧ do leibhéil bharrachais an raon difríochta níos lú ná 100 % de leibhéal gaisteoireachta barrachais an raon difríochta ach nach lú ná 75 % den leibhéal gaisteoireachta sin;

(c)

Tagraíonn ‧Leibhéal C‧ do leibhéil bharrachais an raon difríochta níos lú ná 75 % de leibhéal gaisteoireachta barrachais an raon difríochta ach nach lú ná 50 % den leibhéal gaisteoireachta sin;

(d)

Tagraíonn ‧Leibhéal D‧ do leibhéil bharrachais an raon difríochta níos lú ná 50 % de leibhéal gaisteoireachta barrachais an raon difríochta ach nach lú ná 25 % den leibhéal gaisteoireachta sin;

(e)

Tagraíonn ‧Leibhéal E‧ do leibhéil bharrachais an raon difríochta níos lú ná 25 % de leibhéal gaisteoireachta barrachais an raon difríochta.

7.   I gcás urrúsuithe atá faoi réir ag clásal um luathamúchadh maidir le risíochtaí ar mhiondíol atá neamhcheangailteach agus inchealaithe go neamhchoinníollach gan fógra roimh ré agus i gcás ina spreagtar an luathamúchadh le luach cainníochtúil i leith ní eile seachas meánbharrachas 3 mhí an raon difríochta, féadfaidh institiúidí, faoi réir cead a fháil ó na húdaráis inniúla, láimhseáil a chur i bhfeidhm atá geall le bheith comhionann leis an láimhseáil a leagtar síos i mír 6 maidir leis an bhfachtóir coinbhéartachta a shonraítear a chinneadh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an láimhseáil sin níos oiriúnaí toisc gur féidir leis an ngnólacht tomhas cainníochtúil a shuíomh, i ndáil leis an luach cainníochtúil a spreagann luathamúchadh, atá coibhéiseach le leibhéal gaisteoireachta barrachais an raon difríochta;

(b)

mar thoradh ar an láimhseáil sin cruthaítear tomhas ar an bpriacal a bhféadfaidh an priacal creidmheasa a bhfuil an institiúid ar ris air méadú chuige tar éis an clásal um luathamúchadh a oibriú, tomhas atá chomh stuama agus atá an tomhas a ríomhtar i gcomhréir le mír 6.

8.   Beidh gach urrúsú eile atá faoi réir ag clásal um luathamúchadh faoi rialú maidir le risíochtaí imrothlacha faoi réir fhachtóir coinbhéartachta 90 %.

9.   Beidh gach urrúsú eile atá faoi réir ag clásal um luathamúchadh neamhrialaithe maidir le risíochtaí imrothlacha faoi réir fhachtóir coinbhéartachta 100 %.

Airteagal 257

Maolú priacal creidmheasa i leith suíomh urrúsúcháin faoi réir ag an gCur Chuige Caighdeánaithe

I gcás ina bhfaightear cosaint chreidmheasa i leith suímh urrúsúcháin, féadfar ríomh na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a leasú i gcomhréir le Caibidil 4.

Airteagal 258

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a laghdú

I gcás ina sanntar ualú priacal 1 250 % do shuíomh urrúsúcháin, féadfaidh institiúidí luach risíochta an tsuímh a asbhaint as caipiteal Gnáthchothromais Leibhéal 1, i gcomhréir le hAirteagal 36(1)(k), mar mhalairt ar an suíomh a áireamh le linn dóibh méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh. Chun na críocha sin, féadfaidh ríomh luach na risíochta cosaint chistithe creidmheasa incháilithe a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir le hAirteagal 257.

I gcás ina mbaineann institiúid tionscnóra úsáid as an rogha sin, féadfaidh sí méid atá cothrom le 12.5 oiread an méid a asbhaintear i gcomhréir le hAirteagal 36(1)(k) a asbhaint ón méid a shonraítear in Airteagal 252 mar an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomhfaí faoi láthair do na risíochtaí urrúsaithe i gcás nár urrúsaíodh iad.

Foroinn 4

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh faoin gcur chuige irb

Airteagal 259

Ordlathas modhanna

1.   Úsáidfidh institiúidí na modhanna i gcomhréir leis an ordlathas seo a leanas:

(a)

i gcás suímh rátáilte nó suímh ar féidir rátáil bunaithe ar thátal a úsáid ina leith, úsáidfear an Modh Bunaithe ar Rátálacha a leagtar amach in Airteagal 261 chun an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh;

(b)

i gcás suímh gan rátáil féadfaidh an institiúid Modh na Foirmle Maoirseachta a leagtar amach in Airteagal 262 a úsáid i gcás inar féidir léi meastacháin PD a dhéanamh, agus luach na risíochta agus LGD nuair is infheidhme, mar ionchuir i Modh na Foirmle Maoirseachta i gcomhréir leis na ceanglais maidir le meastachán ar na paraiméadair sin faoin gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha i gcomhréir le Roinn 3. Ní féidir le hinstitiúid seachas an institiúid tionscnóra Modh na Foirmle Maoirseachta a úsáid ach ar an gcoinníoll go gceadóidh na húdaráis inniúla é sin roimh ré, agus ní tabharfar an cead sin ach amháin má chomhlíonann an institiúid an coinníoll atá sa chéad abairt den phointeseo;

(c)

mar mhalairt ar phointe (b) agus i gcás suíomh gan rátáil agus sin amháin sna cláir ABCP, féadfaidh an institiúid úsáid a bhaint as cur chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh mar a leagtar amach i mír 4 i gcás ina mbeidh cead tugtha ag na húdaráis inniúla a dhéanamh amhlaidh;

(d)

i ngach cás eile, sannfar ualú priacal 1 250 % do shuímh urrúsúcháin gan rátáil.

(e)

ainneoin phointe (d), agus ar an gcoinníoll go gceadóidh na húdaráis inniúla é roimh ré, féadfaidh institiúid ualú priacal a ríomh maidir le suíomh gan rátáil i gclár ABCP i gcomhréir le hAirteagal 253 nó le hAirteagal 254, murar páipéar tráchtála é an suíomh gan rátáil agus má thagann sé faoi raon feidhme Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a bhfuil cead á lorg ina leith. Ní ábhartha a bheidh luachanna na risíochta comhiomlánaithe a láimhseáiltear leis an eisceacht sin agus, ar aon nós, is lú ná 10 % de luachanna na risíochta comhiomlánaithe a láimhseáileann an institiúid faoi Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a bheidh siad. Stopfaidh an institiúid de leas a bhaint as sin nuair a dhiúltófar an cead do Chur Chuige ábhartha an Mheasúnaithe Inmheánaigh.

2.   Ar mhaithe le rátálacha bunaithe ar thátal a úsáid, déanfaidh institiúid measúnú creidmheasa bunaithe ar thátal atá coibhéiseach le measúnú creidmheasa ar shuíomh tagartha rátáilte a shannadh do shuíomh gan rátáil, suíomh tagartha rátáilte arb é an suíomh is sinsearaí é atá faoi réir an tsuímh urrúsúcháin gan rátáil atá i gceist ar gach slí agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

beidh na suímh tagartha faoi réir an tsuímh urrúsúcháin gan rátáil ar gach slí;

(b)

beidh aibíocht na suíomh tagartha cothrom le haibíocht an tsuímh gan rátáil atá i gceist nó níos faide ná í;

(c)

tabharfar aon rátáil bunaithe ar thátal cothrom le dáta chun aon athruithe i measúnú creidmheasa na suíomh tagartha a léiriú.

3.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead d'institiúidí ‧Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh‧ a úsáid mar a leagtar amach i mír 4 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

suímh rátáilte a bheidh sna suímh sa pháipéar tráchtála a bheidh eisithe ón gclár ABCP;

(b)

léireoidh measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa an tsuímh an mhodheolaíocht mheasúnaithe atá ag IMCS amháin nó níos mó agus atá ar fáil don phobal, chun urrúsú a rátáil atá bunaithe ar risíochtaí den chineál a urrúsaítear;

(c)

áireofar leis na IMCSanna, a mbeidh an mhodheolaíocht lena mbaineann léirithe de réir mar is gá i bpointe (b), na IMCSanna sin a mbeidh rátáil sheachtrach curtha ar fáil acu don pháipéar tráchtála a bheidh eisithe ón gclár ABCP. Beidh gnéithe cainníochtúla, amhail fachtóirí struis, a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an suíomh i leith cáilíochta creidmheasa ar leith chomh coimeádach ar a laghad agus atá na gnéithe a úsáidtear i modheolaíocht mheasúnaithe iomchuí na IMCSanna atá i gceist;

(d)

le linn don institiúid a modheolaíocht um measúnú inmheánach a fhorbairt, cuirfidh sí modheolaíochtaí rátálacha foilsithe ábhartha na IMCSanna san áireamh faoina rátáiltear páipéar tráchtála an chláir ABCP. Déanfaidh an institiúid an ní sin a bheidh le cur san áireamh a dhoiciméadú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, mar a leagtar amach i bpointe (g);

(e)

beidh gráid rátála ar áireamh i modheolaíocht na hinstitiúide um measúnú inmheánach. Beidh na gráid rátála sin agus measúnuithe creidmheasa na IMCSanna ag teacht le chéile. Déanfar an chaoi ina mbeidh siad ag teacht le chéile a dhoiciméadú go sainráite;

(f)

úsáidfear an mhodheolaíocht um measúnú inmheánach i bpróisis inmheánacha na hinstitiúide um bainistiú priacal, lena n-áirítear cinnteoireacht, bainistíocht faisnéise agus próisis maidir le leithdháileadh caipitil inmheánach na hinstitiúide;

(g)

déanfaidh iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha, IMCS, nó feidhm inmheánach athbhreithnithe creidmheasa nó bainistíochta priacal na hinstitiúide athbhreithnithe rialta ar an bpróiseas measúnaithe inmheánaigh agus ar cháilíocht na measúnuithe inmheánacha arna ndéanamh ar cháilíocht chreidmheasa risíochtaí na hinstitiúide ar chlár ABCP. Má dhéanann feidhm inmheánach iniúchóireachta, athbhreithnithe creidmheasa, nó bainistíochta priacal na hinstitiúide an t-athbhreithniú, beidh na feidhmeanna sin neamhspleách ar réim gnó chlár ABCP, agus ar an gcaidreamh le custaiméirí chomh maith;

(h)

déanfaidh an institiúid feidhmíocht a rátálacha inmheánacha a rianú le himeacht ama chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht a modheolaíochta um measúnú inmheánach agus déanfaidh sí an mhodheolaíocht sin a chur in oiriúint, de réir mar is gá, nuair a bhíonn difríocht rialta idir feidhmíocht na risíochtaí agus an fheidhmíocht a léirítear de réir na rátálacha inmheánacha;

(i)

beidh caighdeáin frithgheallta i bhfoirm treoirlínte creidmheasa agus infheistíochta mar chuid den chlár ABCP. Le linn dó nó di cinneadh a dhéanamh faoi shócmhainní a cheannach, cuirfidh riarthóir an chláir ABCP na nithe seo a leanas san áireamh; cineál na sócmhainne a bheidh á ceannach, cineál agus luach airgeadúil na risíochtaí a thig as soláthar na saoráidí leachtachta agus na bhfeabhsuithe creidmheasa, an dáileachán caillteanais, agus aonrú dlíthiúil agus eacnamaíoch na sócmhainní aistrithe ón eintiteas a bheidh ag díol na sócmhainní. Déanfar anailís chreidmheasa ar phróifíl priacal dhíoltóir na sócmhainne agus áireofar anailís ar fheidhmíocht airgeadais roimhe seo agus ar fheidhmíocht airgeadais is dóigh a bheidh ann amach anseo, ar an suíomh reatha ar an margadh, ar iomaíochas is dócha a bheidh ann amach anseo, ar luamhánacht, ar shreabhadh airgid, ar chumhdach úis agus ar rátáil fiachais. Ina theannta sin, déanfar athbhreithniú ar chaighdeáin frithgheallta an díoltóra, ar chumas fiachas a sheirbhísiú, agus ar phróisis bhailiúcháin;

(j)

déanfar íoschritéir cháilitheacha i leith sócmhainní a shuíomh le caighdeáin frithgheallta an chláir ABCP agus déanfaidh na híoschritéir sin, go háirithe:

(i)

ceannach sócmhainní atá go mór i riaráiste nó a mhainnigh a eisiamh;

(ii)

ró-chomhchruinniú a theorannú do limistéar geografach nó oibleagáideoir aonair;

(iii)

éirim na sócmhainní a bheidh le ceannach a theorannú;

(k)

Beidh beartais agus próisis bhailiúcháin ag an gclár ABCP a chuirfidh cumas oibriúcháin agus cáilíocht chreidmheasa an tseirbhíseora san áireamh. Maolóidh an clár ABCP priacal a bhaineann le feidhmíocht an díoltóra agus an tseirbhíseora ar mhodhanna éagsúla, amhail truicir a bheidh bunaithe ar cháilíocht chreidmheasa reatha a d'fhágfadh nach bhféadfaí cistí a mheascadh;

(l)

maidir le meastachán comhiomlánaithe ar chaillteanas ar chomhthiomsú sócmhainní a bhfuil an clár ABCP ag smaoineamh ar a cheannach, cuirfear gach foinse priacal fhéideartha, amhail priacal creidmheasa agus priacal caolúcháin san áireamh. Mura bhfuil méid na bhfeabhsuithe creidmheasa a sholáthair an díoltóir bunaithe ach ar chaillteanais a bhaineann le creidmheas agus orthu sin amháin, bunófar cúlchiste ar leith don priacal caolúcháin má tá priacal caolúcháin ábhartha i gcás an chomhthiomsaithe risíochtaí ar leith sin. Ina theannta sin, le linn méid a shocrú don leibhéal feabhsúcháin is gá, déanfaidh an clár athbhreithniú ar roinnt blianta d'fhaisnéis stairiúil, lena n-áirítear caillteanais, ciontóireacht, caoluithe, agus ráta láimhdeachais earraí infhaighte;

(m)

faoin gclár ABCP beidh gnéithe struchtúracha amhail tairseacha clabhsúir i gceist le linn risíochtaí a cheannach d'fhonn meathlú creidmheasa féideartha na punainne foluití a mhaolú.

4.   Faoi Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh, sannfaidh an institiúid an suíomh gan rátáil do cheann amháin de na gráid rátála a leagtar síos i bpointe (e) de mhír 3. Sannfar rátáil bunaithe ar thátal don suíomh agus beidh an rátáil sin mar an gcéanna leis na measúnuithe creidmheasa a fhreagraíonn don ghrád rátála mar a leagtar síos i bpointe (e) de mhír 3. I gcás ina mbeidh an rátáil seo atá bunaithe ar thátal ar leibhéal an ghráid infheistíochta nó ar leibhéal níos fearr, tráth a ndéantar an t-urrúsú a thionscnamh, measfar gurb ionann é agus measúnú creidmheasa incháilithe ag IMCS ar mhaithe le méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh.

5.   Ní rachaidh institiúidí a mbeidh cead faighte acu chun Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a úsáid i muinín modhanna eile arís mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

beidh sé léirithe ag an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil cúis mhaith ag an institiúid déanamh amhlaidh;

(b)

fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.

Airteagal 260

Uasmhéideanna risíochta a ualaítear ó thaobh riosca

Institiúid tionscnóra, institiúid is urraitheoir, nó institiúidí eile ar féidir leo KIRB a ríomh, féadfaidh siad na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal arna ríomh i leith a suíomh laistigh d'urrúsú a theorannú go dtí an méid sin a thabharfadh ceanglas cistí dílse faoi Airteagal 92(3) a bheadh cothrom le suim 8 % de na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a thabharfaí i gcás nár urrúsaíodh na sócmhainní urrúsaithe agus dá mbeidís ar chlár comhardaithe na hinstitiúide móide méideanna caillteanais ionchasaigh na risíochtaí sin.

Airteagal 261

Modh Bunaithe ar Rátálacha

1.   Faoin Modh Bunaithe ar Rátálacha, ríomhfaidh an institiúid méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal de chuid suímh urrúsúcháin nó suímh ath-urrúsúcháin rátáilte tríd an ualú priacal ábhartha a chur i bhfeidhm maidir le luach na risíochta agus an toradh a iolrú faoi 1,06.

Is é a bheidh san ualú priacal ábhartha an t-ualú priacal mar a leagtar síos i dTábla 4, lena bhfuil baint ag measúnú creidmheasa an tsuímh i gcomhréir le Roinn 4.

Tábla 4

Céim Cáilíochta Creidmheasa

Suímh Urrúsúcháin

Suímh Athurrúsúcháin

Measúnuithe creidmheasa seachas measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha

Measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha

A

B

C

D=

E

1

1

7 %

12 %

20 %

20 %

30 %

2

 

8 %

15 %

25 %

25 %

40 %

3

 

10 %

18 %

35 %

35 %

50 %

4

2

12 %

20 %

40 %

65 %

5

 

20 %

35 %

60 %

100 %

6

 

35 %

50 %

100 %

150 %

7

3

60 %

75 %

150 %

225 %

8

 

100 %

200 %

350 %

9

 

250 %

300 %

500 %

10

 

425 %

500 %

650 %

11

 

650 %

750 %

850 %

gach cineál eile agus iad siúd atá gan rátáil

1 250 %

Cuirfear na hualuithe i gcolún C de Thábla 4 i bhfeidhm i gcás nach suíomh ath-urrúsúcháin é an suíomh urrúsúcháin agus i gcás inar lú ná sé líon éifeachtach na risíochtaí.

I gcás na coda eile de na suímh urrúsúcháin nach suímh ath-urrúsúcháin iad, cuirfear na hualuithe i gcolún B i bhfeidhm mura bhfuil an suíomh sa tráinse is sinsearaí d'urrúsú, agus sa chás sin cuirfear na hualuithe i gcolún A i bhfeidhm.

I gcás suíomh ath-urrúsúcháin cuirfear na hualuithe i gcolún E i bhfeidhm mura bhfuil an suíomh ath-urrúsúcháin sa tráinse is sinsearaí den ath-urrúsú agus nach risíochtaí ath-urrúsúcháin aon cheann de na risíochtaí foluiteacha iad féin, agus sa chás sin cuirfear colún D i bhfeidhm.

Nuair atá cinneadh á dhéanamh faoin tráinse is sinsearaí, ní cheanglaítear méideanna atá dlite faoi chonarthaí díorthacha ráta úis nó airgeadra, táillí dlite, ná íocaíochtaí dá samhail a áireamh.

Le linn líon éifeachtach na risíochtaí urrúsaithe a ríomh, láimhseáilfear risíochtaí iolracha ar oibleagáideoir amháin mar risíocht amháin. Ríomhfar líon éifeachtach na risíochtaí mar a leanas:

Formula

nuair atá EADi in ionannas le suim luachanna risíochta gach risíochta ar an i-ú oibleagáideoir. Má tá an sciar punainne lena mbaineann an risíocht is mó, C1, ar fáil, féadfaidh an institiúid N a ríomh mar 1/C1.

2.   Féadfar maolú priacal creidmheasa ar shuímh urrúsúcháin a aithint i gcomhréir le hAirteagail 264(1) agus (4), faoi réir na gcoinníollacha in Airteagal 247.

Airteagal 262

Modh na Foirmle Maoirseachta

1.   Faoi Mhodh na Foirmle Maoirseachta, déanfar an t-ualú priacal do shuíomh urrúsúcháin a ríomh mar a leanas faoi réir íostairseach 20 % a bheith ann i gcás gach suímh ath-urrúsúcháin agus íostairseach 7 % a bheith ann i gcás gach suímh urrúsúcháin eile: sa mhéid gurb iad seo a leanas na noda:

Formula

nuair atá:

S[x] =

x,

when x ≤ K IRBR

Formula

,

when x > K IRBR

nuair atá:

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

τ= 1 000;

ω= 20;

Beta x; a, b]= an dáileadh béite carnach le paraiméadair a agus b arb é x a luach;

T= tiús an tráinse ina bhfuil an suíomh ar seilbh, arna thomhas mar an cóimheas idir (a) méid ainmniúil an tráinse agus (b) suim mhéideanna ainmniúla na risíochtaí a urrúsaíodh. Maidir le hionstraimí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II, bainfear úsáid as suim an chostais athsholáthair reatha agus na risíochta féideartha todhchaí ar chreidmheas arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 6 in ionad an mhéid ainmniúil;

KIRBR = an cóimheas de (a) KIRB le (b) suim luachanna na risíochta de na risíochtaí a urrúsaíodh, agus sloinntear i bhfoirm dheachúil é;

L= an leibhéal feabhsaithe creidmheasa arna thomhas mar an cóimheas idir méid ainmniúil gach tráinse atá mar fho-thráinse don tráinse ina bhfuil an suíomh ar seilbh go suim mhéideanna ainmniúla na risíochtaí a urrúsaíodh. Ní bheidh ioncam todhchaí caipitlithe ar áireamh san L arna thomhas. Féadfaidh suimeanna atá dlite ag contrapháirtithe le hionstraimí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II atá in ionannas le tráinsí níos sóisearaí ná an tráinse atá i gceist a thomhas ag a gcostas athsholáthair reatha, gan na risíochtaí creidmheasa ionchasacha sa todhchaí, agus an leibhéal feabhsaithe á ríomh;

N= líon éifeachtach na risíochtaí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 261. I gcás ath-urrúsuithe, féachfaidh an institiúid ar líon na risíochtaí urrúsúcháin sa chomhthiomsú, seachas líon na risíochtaí foluiteacha sna comhthiomsuithe bunaidh óna dtagann na risíochtaí urrúsúcháin bunúsacha;

ELGD= an meánchaillteanas i gcás mainneachtana ualaithe ó thaobh risíochta, arna ríomh mar a leanas:

nuair atá:

LGDi = an LGD meánach a bhaineann le gach risíocht ar an iú oibleagáideoir, i gcás ina ndéantar LGD a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 3. I gcás ath-urrúsaithe, cuirfear LGD 100 % i bhfeidhm maidir leis na suímh urrúsaithe. Nuair a láimhseáiltear an bpriacal mainneachtana agus caolúcháin le haghaidh earraí infhaighte ceannaithe ar bhealach comhiomlán laistigh d'urrúsú, tógfar an t-ionchur LGDi mar mheán ualaithe den LGD don priacal creidmheasa agus den 75 % LGD don priacal caolúcháin. Is iad na muirir cistí dílse neamhspleácha a bhaineann leis an priacal creidmheasa agus leis an priacal caolúcháin faoi seach a bheidh sna hualuithe.

2.   I gcás nach bhfuil méid ainmniúil na risíochta urrúsaithe is mó, C1, níos mó ná 3 % de shuim an mhéid ainmniúil de na risíochtaí urrúsaithe, féadfaidh an institiúid, chun críocha Mhodh na Foirmle Maoirseachta, a chinneadh go bhfuil LGD = 50 % i gcás urrúsuithe nach n-ath-urrúsuithe iad agus N cothrom le ceachtar díobh seo a leanas:Nóta do na toscaireachtaí; ceartófar an fhoirmle níos faide anonn]

Formula

Formula

nuair atá:

Cm

=

an cóimheas idir suim na méideanna ainmniúla de na risíochtaí ‧m‧ is mó agus shuim na méideanna ainmniúla de na risíochtaí a urrúsaíodh. Féadfaidh an institiúid leibhéal ‧m‧ a shocrú.

Le haghaidh urrúsuithe ina bhfuil gach risíocht urrúsaithe go hábhartha ina risíochtaí ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí, faoi réir ceada ón údarás inniúil, Modh na Foirmle Maoirseachta a úsáid ag baint úsáide as an simpliú h=0 agus v=0, ar an gcoinníoll nach bhfuil líon éifeachtach na risíochtaí íseal agus nach bhfuil na risíochtaí thar a bheith comhchruinnithe.

3.   Coinneoidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas maidir leis an úsáid a bhainfidh na hinstitiúidí as mír 2. Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas sa réimse seo agus eiseoidh sé treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.   Féadfar maolú priacal creidmheasa ar shuímh urrúsúcháin a aithint i gcomhréir le hAirteagal 264(2) go (4), faoi réir na gcoinníollacha in Airteagal 247.

Airteagal 263

Saoráidí leachtachta

1.   Féadfar fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm maidir le méid ainmniúil saoráide leachtachta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 255(2) chun luach na risíochta le haghaidh suímh urrúsúcháin gan rátáil i bhfoirm saoráidí airleacan airgid a chinneadh.

2.   Nuair nach bhféadfaidh an institiúid méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh le haghaidh na risíochtaí urrúsaithe amhail is dá nár urrúsaíodh iad, féadfaidh institiúid, ar bhonn eisceachtúil agus ar an gcoinníoll go gceadóidh na húdaráis inniúla é, an modh a leagtar amach i mír 3 a chur i bhfeidhm go sealadach chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh le haghaidh suímh urrúsúcháin gan rátáil i bhfoirm saoráide leachtachta a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 255(1). Tabharfaidh institiúidí fógra do na hinstitiúidí inniúla faoin úsáid a bhainfidh siad as an gcéad abairt, chomh maith leis na fáthanna a bhí aici agus an tréimhse úsáide atá beartaithe.

Measfar, i gcoitinne, nach bhféadfar méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacail a ríomh mura bhfuil rátáil bunaithe ar thátal, Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh ná Cur Chuige na Foirmle Maoirseachta ar fáil don institiúid.

3.   Féadfar an t-ualú priacal is airde a chuirfí i bhfeidhm faoi Chaibidil 2 i leith ceann ar bith de na risíochtaí urrúsaithe, dá mba rud é nach raibh siad urrúsaithe, a chur i bhfeidhm maidir leis an suíomh urrúsúcháin atá in ionannas le saoráid leachtachta a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 255(1). Cuirfear fachtóir coinbhéartachta 100 % i bhfeidhm chun luach risíochta an tsuímh a chinneadh.

Airteagal 264

Maolú priacal creidmheasa i leith suíomh urrúsúcháin faoi réir ag an gCur Chuige IRB

1.   I gcás ina ndéantar méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh ag úsáid Modha Bunaithe ar Rátálacha, féadfar luach na risíochta nó an t-ualú priacal le haghaidh suímh urrúsúcháin a bhfuarthas cosaint chreidmheasa ina leith a leasú i gcomhréir leis na forálacha i gCaibidil 4 de réir mar atá feidhm leo maidir le méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh faoi Chaibidil 2.

2.   I gcás cosaint chreidmheasa iomlán, i gcás ina ndéantar na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh ag baint úsáide as Modh na Foirmle Maoirseachta, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a)

cinnfidh an institiúid ‧ualach iarmhír priacal‧ an tsuímh. Déanfaidh sí é sin tríd an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a roinnt ar luach na risíochta den suíomh agus an toradh a iolrú faoi 100;

(b)

i gcás cosanta cistithe creidmheasa, déanfar an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal den suíomh urrúsúcháin a ríomh trí mhéid risíochta an tsuímh atá coigeartaithe i leith na cosanta cistithe (E*), mar atá ríofa faoi Chaibidil 4 maidir le ríomh méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoi Chaibidil 2, ag glacadh leis gurb é E méid an tsuímh urrúsúcháin, a iolrú faoin ualach iarmhír priacal;

(c)

i gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa, déanfar an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal den suíomh urrúsúcháin a ríomh trí mhéid na cosanta, arna choigeartú i leith neamhréire airgeadra ar bith agus aisioncronachta aibíochta ar bith (GA) i gcomhréir leis na forálacha i gCaibidil 4, a iolrú faoi ualú priacal sholáthraí na cosanta; agus an méid sin a chur leis an méid a fhaightear trí mhéid an tsuímh urrúsúcháin lúide GA a iolrú faoin ualach iarmhír priacal.

3.   I gcás cosanta páirtí, i gcás ina ndéantar na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh ag baint úsáide as Modh na Foirmle Maoirseachta, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a)

má chumhdaíonn an maolú priacal creidmheasa an chéad chaillteanas nó na chéad chaillteanais ar bhonn comhréireachta ar an suíomh urrúsúcháin, féadfaidh an institiúid mír 2 a chur i bhfeidhm;

(b)

i gcásanna eile, láimhseálfaidh an institiúid an suíomh urrúsúcháin mar dhá shuíomh nó níos mó, ag caitheamh leis an gcuid neamhchumhdaithe mar an suíomh a bhfuil an cháilíocht chreidmheasa is ísle aige. Ar mhaithe leis an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh don suíomh seo, beidh feidhm ag na forálacha in Airteagal 262 faoi réir T a choigeartú i leith e* i gcás cosanta cistithe creidmheasa agus i leith T-g i gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa, áit a seasann e* don chóimheas idir E* agus méid barúlach iomlán an chomhthiomsaithe fholuitigh, sa chás gurb é E* méid coigeartaithe na risíochta den suíomh urrúsúcháin arna ríomh i gcomhréir leis na forálacha i gCaibidil 4, de réir mar atá feidhm leo chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh faoi Chaibidil 2, ag glacadh leis gurb é E méid an tsuímh urrúsúcháin; agus is é g an cóimheas idir méid ainmniúil na cosanta creidmheasa, arna choigeartú i leith aon neamhréire airgeadra nó aisioncronachta aibíochta i gcomhréir leis na forálacha i gCaibidil 4, agus suim mhéideanna risíochta na risíochtaí urrúsaithe. I gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa, cuirfear ualú priacal sholáthraí na cosanta i bhfeidhm maidir leis an gcuid sin den suíomh nach dtagann faoi luach coigeartaithe T.

4.   I gcás cosaint neamhchistithe chreidmheasa, má thug na húdaráis inniúla cead don institiúid méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí inchomparáide díreacha ar sholáthraí na cosanta a ríomh i gcomhréir le Caibidil 3, cinnfear ualú priacal g de na risíochtaí ar an soláthraí cosanta i gcomhréir le hAirteagal 235 mar a shonraítear i gCaibidil 3.

Airteagal 265

Ceanglais cistí dílse bhreise i leith urrúsú risíochtaí imrothlacha faoi réir clásal um luathamúchadh

1.   Chomh maith leis na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i leith a cuid suíomh urrúsúcháin, déanfaidh institiúid tionscnóra méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 256 nuair a dhíolann sí risíochtaí imrothlacha isteach in urrúsú atá faoi réir clásail um luathamúchadh.

2.   De mhaolú ar Airteagal 256, is é suim na n-ítimí seo a leanas a bheidh i luach na risíochta ar leas na dtionscnóirí:

(a)

luach risíochta na coda barúlaí sin de chomhthiomsú de mhéideanna tarraingthe a dhíoltar isteach in urrúsú, agus arb é cion an luacha sin i ndáil le méid an chomhthiomsaithe iomláin a dhíoltar isteach sa struchtúr a chinneann cion na sreafaí airgid arna nginiúint trí bhailiúcháin príomhshuime agus úis agus méideanna gaolmhara eile nach bhfuil ar fáil chun íocaíochtaí a dhéanamh leo sin a bhfuil suímh laistigh den urrúsú acu;

(b)

luach na risíochta den chuid sin de chomhthiomsú de mhéideanna neamhtharraingthe na línte creidmheasa, ar díoladh na méideanna tarraingthe díobh isteach san urrúsú, arb ionann an cion den mhéid sin i leith méid iomlán na méideanna neamhtharraingthe sin agus an cion de luach na risíochta, a ndéantar cur síos air i bpointe (a) ar luach na risíochta de chomhthiomsú na méideanna tarraingthe a dhíoltar isteach san urrúsú.

Ní bheidh leas an tionscnóra faoi réir leas an infheisteora.

Is é a bheidh i luach na risíochta i gcás leas na n-infheisteoirí ná luach na risíochta i gcás na coda barúlaí den chomhthiomsú de na méideanna tarraingthe nach dtagann faoi phointe (a) móide luach na risíochta den chuid sin den chomhthiomsú de mhéideanna neamhtharraingthe na línte creidmheasa, ar díoladh na méideanna tarraingthe díobh isteach san urrúsú, nach dtagann faoi phointe (b).

3.   Ríomhfar an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i leith luach na risíochta i gcás leas an tionscnóra i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2 ar an dóigh a ríomhtar risíocht pro rata ar mhéideanna tarraingthe urrúsaithe amhail is nár urrúsaíodh iad agus risíocht pro rata ar mhéideanna neamhtharraingthe na línte creidmheasa, ar díoladh na méideanna tarraingthe díobh isteach san urrúsú.

Airteagal 266

Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a laghdú

1.   Féadfar an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal de shuíomh urrúsúcháin a bhfuil ualú priacal 1 250 % sannta dó a laghdú 12.5 uair méid aon choigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa a láimhseáiltear i gcomhréir le hAirteagal 110 a rinne an institiúid i ndáil leis na risíochtaí urrúsaithe. A mhéid is a chuirtear coigeartuithe i leith priacal creidmheasa shonraigh san áireamh don chuspóir seo, ní chuirfear san áireamh iad chun críocha an ríomha a leagtar síos in Airteagal 159.

2.   Féadfar an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal de shuíomh urrúsúcháin a laghdú 12,5 uair méid aon choigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa a láimhseáiltear i gcomhréir le hAirteagal 110 a rinne an institiúid i ndáil leis an suíomh. Molta ag toscaireacht UK: le bheith comhsheasmhach le mír 1]

3.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 36(1)(k) maidir le suíomh urrúsúcháin a bhfuil ualú priacal 1 250 % i bhfeidhm ina leith, féadfaidh institiúidí luach risíochta an tsuímh a asbhaint as cistí dílse mar mhalairt ar an suíomh a áireamh le linn dóibh méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh, faoi réir ag an méid seo a leanas:

(a)

féadfar luach na risíochta den suíomh a dhíorthú ó na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal, ach laghdú ar bith a dhéantar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 a chur san áireamh;

(b)

féadfaidh ríomh luach na risíochta cosaint chistithe incháilithe a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 247 agus Airteagal 264;

(c)

i gcás ina mbaintear úsáid as Modh na Foirmle Maoirseachta chun na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh agus go bhfuil L < KIRBR agus L+T] > KIRBR, féadfar an suíomh a láimhseáil mar dhá shuíomh le L cothrom le KIRBR don suíomh is sinsearaí.

4.   I gcás ina mbaineann institiúid úsáid as an rogha i mír 3, féadfaidh sí 12,5 uair an mhéid a asbhaintear i gcomhréir leis an mír sin a dhealú ón méid a shonraítear in Airteagal 260 mar an méid a fhéadfaidh an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i ndáil lena suíomh in urrúsú a bheith teoranta dó.

Roinn 4

Measúnuithe creidmheasa seachtracha

Airteagal 267

Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna

Ní fhéadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa a úsáid chun ualú priacal de chuid suímh urrúsúcháin a chinneadh ach amháin sa chás ina bhfuil an measúnú creidmheasa eisithe nó má tá sé formhuinithe ag IMCS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

Airteagal 268

Ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag measúnuithe creidmheasa IMCSanna

Chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh de réir Roinn 3, ní úsáidfidh institiúidí measúnú creidmheasa de chuid IMCS ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh neamhréir ar bith idir na cineálacha íocaíochtaí arna léiriú sa mheasúnú creidmheasa agus na cineálacha íocaíochtaí a bhfuil an institiúid ina dteideal faoin gconradh as a dtagann an suíomh urrúsúcháin atá i gceist;

(b)

beidh anailís caillteanais agus sreabha airgid agus íogaireacht na rátálacha i leith athruithe i dtoimhdí foluiteacha na rátálacha, lena n-áirítear feidhmíocht shócmhainní an chomhthiomsaithe, foilsithe ag an IMCS, chomh maith le measúnaithe creidmheasa, nósanna imeachta, modheolaíochtaí, toimhdí agus na príomhghnéithe atá ina mbonn taca leis na measúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Ní mheasfar gur foilsíodh faisnéis nach gcuirtear ar fáil ach do líon teoranta eintiteas. Beidh na measúnuithe creidmheasa san áireamh i maitrís thrasdultach an IMCS;

(c)

ní bheidh an measúnú creidmheasa bunaithe nó bunaithe i bpáirt ar thacaíocht neamhchistithe arna soláthar ag an institiúid féin. I gcás mar sin, measfaidh an institiúid an suíomh ábhartha ar mhaithe le méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh don suíomh sin i gcomhréir le Roinn 3 amhail is go raibh sé gan rátáil.

Beidh an IMCS tiomanta mínithe a fhoilsiú maidir le conas a bheidh tionchar ag feidhmíocht shócmhainní an chomhthiomsaithe ar an measúnú creidmheasa seo.

Airteagal 269

Measúnuithe creidmheasa a úsáid

1.   Féadfaidh institiúid IMCS amháin nó níos mó a ainmniú, agus úsáidfear measúnuithe creidmheasa ón institiúid/ó na hinstitiúidí sin chun a méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh faoin gCaibidil seo (‧IMCS ainmnithe‧).

2.   Bainfidh institiúid úsáid as measúnuithe creidmheasa go comhsheasmhach agus ní go roghnaitheach i ndáil lena suímh urrúsúcháin, i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

ní fhéadfaidh institiúid measúnuithe creidmheasa IMCS a úsáid dá suímh i dtráinsí áirithe agus measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS eile a úsáid dá suímh i dtráinsí eile laistigh den urrúsú céanna a d'fhéadfadh a bheith nó gan a bheith rátáilte ag an gcéad IMCS;

(b)

i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfidh an institiúid úsáid as an measúnú creidmheasa is lú fabhar;

(c)

i gcás ina bhfuil níos mó ná dhá mheasúnú creidmheasa ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfear úsáid as an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí. Má tá an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí éagsúil, bainfear úsáid as an measúnú is lú fabhar.

(d)

ní iarrfaidh institiúid go ndéanfaí rátálacha is lú fabhar a tharraingt siar.

3.   I gcás ina gcuirtear an chosaint chreidmheasa incháilithe faoi Chaibidil 4 ar fáil go díreach don SSPE, agus go léiríonn IMCS ainmnithe an chosaint sin i measúnú creidmheasa ar shuíomh, féadfar an t-ualú priacal a bhaineann leis an measúnú creidmheasa sin a úsáid. I gcás nach bhfuil an chosaint incháilithe faoi Chaibidil 4, ní aithneofar an measúnú creidmheasa. I gcás nach bhfuil an chosaint chreidmheasa á soláthar don SSPE ach go bhfuil sí á soláthar go díreach do shuíomh urrúsúcháin, ní aithneofar an measúnú creidmheasa.

Airteagal 270

Mapáil

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun cinneadh a dhéanamh, maidir le gach IMCS, cé acu de na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach sa Chaibidil seo a dhéanfar a chomhcheangal leis na measúnuithe creidmheasa ábhartha de chuid IMCS. Beidh na cinntí sin oibiachtúil agus comhsheasmhach, agus tabharfar fúthu i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

déanfaidh ÚBE idirdhealú idir na céimeanna coibhneasta priacal a chuirtear in iúl i ngach measúnú;

(b)

déanfaidh ÚBE fachtóirí cainníochtúla a mheas, amhail rátaí mainneachtana agus/nó caillteanais agus feidhmíocht stairiúil na measúnuithe creidmheasa de chuid gach IMCS thar aicmí sócmhainne éagsúla;

(c)

déanfaidh ÚBE fachtóirí cáilíochtúla a mheas, amhail raon na n-idirbheart arna mheasúnú ag an IMCS, a mhodheolaíocht agus an bhrí atá lena measúnuithe creidmheasa, go háirithe cibé acu an ar chaillteanas ionchasach nó ar an gcéad chaillteanas Euro atá sé bunaithe, agus íocaíocht thráthúil úis nó íocaíocht dheiridh úis;

(d)

déanfaidh ÚBE iarracht a áirithiú go bhfuil suímh urrúsúcháin maidir lena gcuirtear an t-ualú priacal céanna i bhfeidhm ar bhonn measúnuithe creidmheasa na IMCSanna faoi réir ag céimeanna priacal creidmheasa coibhéiseacha. Déanfaidh ÚBE machnamh ar leasú a dhéanamh ar a chinneadh maidir leis an gcéim de cháilíocht chreidmheasa a ndéanfar measúnú creidmheasa ar leith a chomhcheangal léi a mheas, de réir mar is iomchuí.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir a leagtarhAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 6

Priacal creidmheasa an chontrapháirtí

Roinn 1

Sainmhínithe

Airteagal 271

Luach na risíochta a chinneadh

1.   Cinnfidh institiúid luach na risíochta a bhaineann le hionstraimí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

2.   Féadfaidh institiúid luach risíochta na n-idirbheart athcheannaigh, na n-idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, na n-idirbheart socraíochta iarchurtha agus na n-idirbheart iasachtaithe corrlaigh a chinneadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo in ionad úsáid a bhaint as Caibidil 4.

Airteagal 272

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo agus Theideal VI den Chuid seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

 

Téarmaí ginearálta

(1)

ciallaíonn ‧priacal creidmheasa an chontrapháirtí‧ nó ‧CCR‧ an priacal a d'fhéadfadh contrapháirtí in idirbheart mainneachtain roimh shocraíocht chríochnaitheach shreabha airgid an idirbhirt;

 

Cineálacha idirbheart

(2)

ciallaíonn ‧idirbhearta socraíochta iarchurtha‧ idirbhearta i gcás ina ngeallann contrapháirtí urrús, tráchtearra nó suim malairte eachtraí a sheachadadh i gcoinne airgid thirim, ionstraimí airgeadais eile, nó tráchtearraí, nó a mhalairt, ag dáta socraíochta nó seachadta arna shonrú i gconradh atá níos déanaí ná caighdeán an mhargaidh don chineál idirbhirt ar leith seo nó cúig lá gnó tar éis an dáta ina dtéann an institiúid i mbun an idirbhirt, cibé acu is luaithe;

(3)

ciallaíonn ‧idirbhearta iasachta corrlaigh‧ idirbhearta ina síneann institiúid creidmheas i ndáil le hurrúis a cheannach, a dhíol, a iompar nó a thrádáil. Níl iasachtaí eile atá urraithe le comhthaobhacht i bhfoirm urrús san áireamh in idirbhearta iasachta corrlaigh;

 

Tacar glanluachála, tacar fálaithe agus téarmaí gaolmhara

(4)

ciallaíonn ‧tacar glanluachála‧ grúpa idirbheart idir institiúid agus contrapháirtí amháin atá faoi réir ag socrú glanluachála déthaobhach is infheidhme le dlí a aithnítear faoi Roinn 7 agus Caibidil 4;

Déanfar gach idirbheart nach bhfuil faoi réir ag socrú glanluachála déthaobhach is infheidhme le dlí a aithnítear faoi Roinn 7 a láimhseáil mar a thacar glanluachála féin chun cuspóirí na Caibidle seo;

Faoi Mhodh na Samhla Inmheánaí a leagtar amach i Roinn 6, féadfar gach tacar glanluachála le contrapháirtí amháin a láimhseáil mar thacar glanluachála amháin má shocraítear luachanna margaidh ionsamhlaithe diúltacha na dtacar glanluachála aonair go 0 sa mheastachán den risíochtionchasach (dá ngairtear ‧EE‧ anseo feasta);

(5)

ciallaíonn ‧suíomh priacal‧ uimhir priacal a shanntar d'idirbheart faoin Modh Caighdeánaithe a leagtar amach i Roinn 5 de réir algartaim réamhchinntithe;

(6)

ciallaíonn ‧tacar fálaithe‧ grúpa de shuímh priacal a thagann as na hidirbhearta laistigh de thacar glanluachála amháin, sa chás nach n-úsáidtear ach iarmhéid na suíomh priacal sin chun luach na risíochta a chinneadh faoin Modh Caighdeánaithe a leagtar amach i Roinn 5;

(7)

ciallaíonn ‧comhaontú corrlaigh‧ comhaontú nó forálacha comhaontaithe faoinar gá do chontrapháirtí amháin comhthaobhacht a sholáthar do dhara contrapháirtí eile nuair a sháraíonn risíocht den dara contrapháirtí sin ar an gcéad chontrapháirtí leibhéal sonraithe;

(8)

ciallaíonn ‧tairseach corrlaigh‧ an méid is mó de risíochta fhanann gan íoc sula mbeidh ceart ag páirtí amháin glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht;

(9)

ciallaíonn ‧tréimhse corrlaigh faoi phriacal‧ an tréimhse ama ón malartú comhthaobhachta is déanaí ina gcuimsítear tacar glanluachála idirbheart le contrapháirtí mainneachtana go dtí go ndúntar amach na hidirbhearta agus go ndéantar an bpriacal margaidh atá ann dá bharr a ath-fhálú;

(10)

ciallaíonn ‧aibíocht iarbhír faoi Mhodh na Samhla Inmheánaí le haghaidh tacar glanluachála le haibíocht de níos mó ná bliain amháin‧ cóimheas shuim na risíochta ionchasaí thar shaolré na n-idirbheart sa tacar glanluachála lascainithe ag an ráta toraidh saor ó priacal, arna roinnt ar shuim na risíochta ionchasaí thar bhliain amháin i dtacar glanluachála lascainithe ag an ráta saor ó priacal;

Féadfar an aibíocht iarbhír sin a oiriúnú chun an priacal tar-rollta a léiriú má dhéantar an risíocht ionchasach a ionadú leis an risíocht ionchasach iarbhír do thréimhsí réamhaisnéise níos lú ná bliain amháin;

(11)

ciallaíonn ‧glanluacháil trastáirgí‧ idirbhearta de chatagóirí éagsúla táirgí a áireamh laistigh den tacar glanluachála céanna de bhun na rialacha um Ghlanluacháil Trastáirgí a leagtar amach sa Chaibidil seo;

(12)

ciallaíonn ‧Margadhluach Reatha‧ (dá ngairtear ‧CMV‧ anseo feasta) chun críocha Roinn 5 margadhluach glan den phunann idirbheart laistigh de thacar glanluachála, sa chás ina n-úsáidtear na luachanna margaidh deimhneacha agus diúltacha araon chun an CMV a ríomh;

 

Dáileacháin

(13)

ciallaíonn ‧dáileadh margadhluachanna‧ réamhaisnéis maidir le dáileadh dóchúlachta de ghlan-mhargadhluachanna na n-idirbheart laistigh de thacar glanluachála do dháta sa todhchaí (an tréimhse réamhaisnéise), má thugtar margadhluach réadaithe na n-idirbheart sin ar dháta na réamhaisnéise;

(14)

ciallaíonn ‧dáileadh risíochtaí‧ réamhaisnéis maidir le dáileadh dóchúlachta na margadhluachanna a ghintear trí áisc réamhaisnéise de ghlan-mhargadhluachanna diúltacha a shocrú cothrom le nialas;

(15)

ciallaíonn ‧dáileadh priacal -neodrach‧ dáileadh margadhluachanna nó risíochtaí thar thréimhse ama sa todhchaí nuair a dhéantar an dáileadh a ríomh ag úsáid luachanna intuigthe an mhargaidh amhail luaineachtaí intuigthe;

(16)

ciallaíonn ‧dáileadh iarbhír‧ dáileadh margadhluachanna nó risíochtaí ag tréimhse ama sa todhchaí nuair a dhéantar an dáileadh a ríomh ag úsáid luachanna stairiúla nó réadaithe amhail luaineachtaí arna ríomh ag úsáid athruithe ar phraghsanna nó ar rátaí ón am atá thart;

 

Aonaid tomhais agus coigeartuithe risíochta

(17)

ciallaíonn ‧risíocht reatha‧ an ceann is mó idir nialas agus margadhluach idirbhirt nó punainne idirbheart laistigh de thacar glanluachála le contrapháirtí a chaillfí ar mhainneachtain an chontrapháirtí, ag glacadh leis nach ndéanfaí gnóthú ar luach na n-idirbheart sin i ndócmhainneacht nó i leachtacht;

(18)

ciallaíonn ‧risíocht bhuaice‧ peircintíl ard de dháileadh na risíochtaí ar dháta faoi leith sa todhchaí roimh dháta aibíochta an idirbhirt is faide sa tacar glanluachála;

(19)

ciallaíonn ‧risíocht ionchasach‧ (dá ngairtear ‧EE‧ anseo feasta) an meán de dháileadh na risíochtaí ar dháta faoi leith sa todhchaí sula n-aibeoidh an t-idirbheart is faide sa tacar glanluachála;

(20)

ciallaíonn ‧risíocht ionchasach iarbhír ar dháta sonrach‧ (dá ngairtear ‧EE iarbhír‧ anseo feasta) an risíocht ionchasach uasta a bhíonn ann an dáta sin nó aon dáta roimhe sin. A mhalairt sin, féadfar é a shainiú do dháta sonrach mar an gceann is mó idir risíocht ionchasach ar an dáta sin nó an risíocht ionchasach iarbhír ar dháta ar bith roimhe sin;

(21)

ciallaíonn ‧risíocht dheimhneach ionchasach‧ (dá ngairtear ‧EPE‧ anseo feasta) meán ualaithe le himeacht ama de risíochtaí ionchasacha, sa chás gurb iad na hualuithe an cion den tréimhse ama iomlán a bhfuil an risíocht ionchasach aonair in ionannas léi;

Agus an ceanglas cistí dílse á ríomh, úsáidfidh institiúidí an meán thar an gcéad bhliain nó, má aibíonn gach ceann de na conarthaí laistigh den tacar glanluachála faoi cheann bliana amháin, thar an tréimhse ama go dtí go n-aibeoidh an conradh leis an aibíocht is faide sa tacar glanluachála.

(22)

ciallaíonn ‧risíocht dheimhneach ionchasach iarbhír‧ (dá ngairtear ‧EPE iarbhír‧ anseo feasta), meán ualaithe den risíocht ionchasach iarbhír thar an gcéad bhliain de thacar glanluachála nó, má aibíonn gach ceann de na conarthaí laistigh den tacar glanluachála faoi cheann bliana amháin, thar thréimhse ama an chonartha leis an aibíocht is faide sa tacar glanluachála, sa chás gurb iad na hualuithe an cion den tréimhse ama iomlán a bhfuil an risíocht ionchasach aonair in ionannas leis;

 

Priacail a bhaineann le CCR

(23)

ciallaíonn ‧priacal tar-rollta‧ an méid faoina ndéantar an EPE a ghanniontráil nuair atáthar ag súil leis go ndéanfar idirbhearta sa todhchaí le contrapháirtí ar bhonn leanúnach;

Níl an risíocht bhreise arna giniúint ag na hidirbhearta sin sa todhchaí ar áireamh agus EPE á ríomh;

(24)

ciallaíonn ‧contrapháirtí‧ chun críocha Roinn 7 duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a dhéanann comhaontú glanluachála, agus a bhfuil an cumas conarthach aige nó aici é sin a dhéanamh;

(25)

ciallaíonn ‧comhaontú glanluachála trastáirge conarthach‧ comhaontú conarthach déthaobhach i scríbhinn idir institiúid agus contrapháirtí faoina gcruthaítear oibleagáid dhlíthiúil amháin (bunaithe ar ghlanluacháil na n-idirbheart atá clúdaithe) a chumhdaíonn gach máistir-chomhaontú déthaobhach agus gach idirbheart déthaobhach a bhaineann le catagóirí éagsúla táirgí atá ar áireamh laistigh den chomhaontú;

Chun críocha an tsainmhínithe seo, ciallaíonn ‧catagóirí éagsúla táirgí‧:

(a)

idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús agus tráchtearraí;

(b)

idirbhearta iasachta corrlaigh;

(c)

na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(26)

ciallaíonn ‧cuid d'íocaíocht‧ an íocaíocht a chomhaontaítear in idirbheart díorthach thar an gcuntar le próifíl líneach priacal ina sonraítear go ndéanfar ionstraim airgeadais a mhalartú le haghaidh íocaíochta.

I gcás na n-idirbheart ina sonraítear go ndéanfar íocaíocht a mhalartú in aghaidh íocaíochta, beidh an dá chuid d'íocaíocht sin comhdhéanta de na híocaíochtaí comhlána comhaontaithe, lena n-áirítear méid barúlach an idirbhirt.

Roinn 2

Modhanna chun luach na risíochta a ríomh

Airteagal 273

Modhanna chun luach na risíochta a ríomh

1.   Cinnfidh institiúidí luach risíochta na gconarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II ar bhonn ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Ní úsáidfidh institiúid nach bhfuil incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 94 an modh a leagtar amach i Roinn 4. Ní úsáidfidh institiúid an modh a leagtar amach i Roinn 4 chun luach na risíochta a chinneadh maidir leis na conarthaí a liostaítear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn II. Féadfaidh institiúidí na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 6 a úsáid i dteaglaim ar bhonn buan laistigh de ghrúpa. Ní úsáidfidh institiúid amháin na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 i dteaglaim ar bhonn buan ach ceadófar di modhanna a leagtar amach i Roinn 3 agus i Roinn 5 a úsáid i dteaglaim má úsáidtear ceann de na modhanna sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 282(6).

2.   Féadfaidh institiúid luach na risíochta a chinneadh maidir leis na hítimí seo a leanas ag baint úsáide as Modh na Samhla Inmheánaí a leagtar amach i Roinn 6 sa chás ina gceadaíonn na húdaráis inniúla é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 283(1) agus (2):

(a)

na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(b)

idirbhearta athcheannaigh;

(c)

idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;

(d)

idirbhearta iasachta corrlaigh;

(e)

idirbhearta socraíochta iarchurtha.

3.   Má cheannaíonn institiúid cosaint trí dhíorthach creidmheasa i gcoinne risíochta ar leabhar neamhthrádála nó i gcoinne risíochta ar priacal an chontrapháirtí, féadfaidh sí a ceanglas cistí dílse féin don risíochtfhálaithe a ríomh i gcomhréir le ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

Airteagail 233 go 236;

(b)

i gcomhréir le hAirteagal 153(3), nó Airteagal 183, sa chás gur tugadh cead i gcomhréir le hAirteagal 143.

Nialas a bheidh i luach na risíochta le haghaidh CCR i gcás na ndíorthach creidmheasa sin, ach amháin má chuireann institiúidí cur chuige (ii) i bpointe (h) d'Airteagal 299(2) i bhfeidhm.

4.   D'ainneoin mhír 3, féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gach díorthach creidmheasa nach bhfuil san áireamh sa leabhar trádála, agus a ceannaíodh mar chosaint i gcoinne risíochta ar leabhar neamhthrádála nó i gcoinne risíochta ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí, a chur san áireamh go comhsheasmhach ar mhaithe le ceanglais cistí dílse do priacal creidmheasa an chontrapháirtí a ríomh, i gcás ina n-aithnítear an chosaint chreidmheasa faoin Rialachán seo.

5.   I gcás ina láimhseálann institiúid babhtálacha mainneachtana creidmheasa arna ndíol ag institiúid mar chosaint chreidmheasa arna sholáthar ag an institiúid sin agus go bhfuil siad faoi réir ag ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal creidmheasa den ionstraim fholuiteach don mhéid barúlach iomlán, beidh luach na risíochta cothrom le nialas chun críocha CCR sa leabhar neamhthrádála.

6.   Faoi gach modh a leagtar amach i Ranna 3 go 6, beidh luach na risíochta le haghaidh contrapháirtí áirithe cothrom le suim na luachanna risíochta arna ríomh do gach tacar glanluachála leis an gcontrapháirtí sin.

Le haghaidh contrapháirtí faoi leith, beidh luach na risíochta le haghaidh tacar glanluachála áirithe d'ionstraimí díorthacha thar an gcuntar a liostaítear in Iarscríbhinn II arna ríomh i gcomhréir leis an gCaibidil seo cothrom leis an gceann is mó idir nialas agus an difríocht idir suim na luachanna risíochta thar gach tacar glanluachála leis an gcontrapháirtí agus suim CVAdon chontrapháirtí sin arna aithint ag an institiúid mar dhíluacháil thabhaithe. Déanfar na coigeartuithe luachála creidmheasa a ríomh gan aon choigeartuithe luachála dochair fhritháirimh a chur san áireamh a thugtar do priacal creidmheasa na gnólachta airgeadais féin atá eisiata cheana ó na cistí dílse faoi Airteagal 33(b).

7.   Déanfaidh institiúidí luach na risíochta le haghaidh risíochtaí a thagann as idirbhearta socraíochta iarchurtha a chinneadh trí cheann ar bith de na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 6, beag beann ar an modh atá roghnaithe ag an institiúid chun díorthaigh thar an gcuntar agus idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí agus idirbhearta iasachta corrlaigh a láimhseáil. Agus ceanglais cistí dílse á ríomh le haghaidh idirbhearta socraíochta iarchurtha, féadfaidh institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 3 ualuithe priacal a shannadh faoin gcur chuige a leagtar amach i gCaibidil 2 ar bhonn buan agus beag beann ar ábharthacht suíomh den sórt sin.

8.   Maidir leis na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 agus i Roinn 4, glacfaidh an institiúid modheolaíocht chomhsheasmhach chun an méid barúlach a chinneadh i gcás cineálacha éagsúla táirgí, agus áiritheoidh sí go dtugann an méid barúlach atá le cur san áireamh tomhas iomchuí ar an bpriacal is gné den chonradh. I gcás ina ndéantar foráil sa chonradh maidir le hiolrú na sreabh airgid, leasóidh institiúid an méid barúlach chun iarmhairtí an iolraithe ar struchtúr priacal an chonartha sin a chur san áireamh.

I dtaca leis na modhanna a leagtar amach i roinn 3 go roinn 6, idirbhearta ina ndearnadh sainpriacal comhghaolmhaireachta a aithint i gcomhréir le hAirteagal 291(2), (4), (5) agus (6) láimhseálfaidh institiúidí iad mar idirbhearta iomchuí.

Roinn 3

Modh um marcáil ón margadh

Airteagal 274

Modh um Marcáil ón Margadh

1.   D'fhonn an costas athsholáthair reatha maidir le gach conradh a bhfuil luach deimhneach acu a chinneadh, déanfaidh institiúidí luachanna reatha margaidh a cheangal leis na conarthaí.

2.   D'fhonn an risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas a chinneadh, déanfaidh institiúidí na méideanna barúlacha nó na luachanna foluiteacha, de réir mar is infheidhme, a iolrú faoi na céatadáin i dTábla 1 agus i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

láimhseálfar conarthaí nach dtagann faoi cheann de na cúig chatagóir a thugtar le fios i dTábla 1 mar chonarthaí a bhaineann le tráchtearraí seachas miotail lómhara;

(b)

maidir le conarthaí le malartuithe iolracha príomhshuime, déanfar na céatadáin a iolrú faoi líon na n-íocaíochtaí atá fágtha a bheidh fós le déanamh i gcomhréir leis an gconradh;

(c)

maidir le conarthaí a bhfuil struchtúr acu chun risíocht gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus nuair a dhéantar na téarmaí a athshocrú le go mbeidh margadhluach nialasach ag an gconradh ar na dátaí sonraithe sin, beidh an aibíocht iarmhair cothrom leis an tréimhse idir an pointe sin agus an chéad dáta athshocraithe eile. I gcás conarthaí ráta úis a chomhlíonann na critéir sin agus a bhfuil aibíocht iarmhair d'os cionn bliana amháin acu, ní bheidh an céatadán níos lú ná 0,5 %.

Tábla 1

Aibíocht Iarmhair

Conarthaí ráta úis

Conarthaí i malairt eachtrach agus conarthaí maidir le hór

Conarthaí a bhaineann le cothromas

Conarthaí a bhaineann le miotail lómhara cé is moite d'ór

Conarthaí a bhaineann le tráchtearraí seachas miotail lómhara

Bliain amháin nó níos lú

0 %

1 %

6 %

7 %

10 %

Os cionn bliana amháin, nach mó ná cúig bliana

0,5 %

5 %

8 %

7 %

12 %

Os cionn cúig bliana

1,5 %

7,5 %

10 %

8 %

15 %

3.   Maidir le conarthaí a bhaineann le tráchtearraí eile seachas ór, dá dtagraítear dóibh i bpointe 3 d'Iarscríbhinn II, féadfaidh institiúid, mar mhalairt ar na céatadáin i dTábla 1 a chur i bhfeidhm, na céatadáin i dTábla 2 a chur i bhfeidhm ar an gcoinníoll go leanfaidh an institiúid an cur chuige dréimire aibíochta leathnaithe a leagtar amach in Airteagal 361 le haghaidh na gconarthaí sin.

Tábla 2

Aibíocht Iarmhair

Miotail lómhara

(cé is moite d'ór)

Miotail neamhlómhara

Táirgí talmhaíochta

(táirgí boga)

Eile, lena n-áirítear táirgí fuinnimh

Bliain amháin nó níos lú

2 %

2,5 %

3 %

4 %

Os cionn bliana amháin, nach mó ná cúig bliana

5 %

4 %

5 %

6 %

Os cionn cúig bliana

7,5 %

8 %

9 %

10 %

4.   Is é luach na risíochta suim an chostais athsholáthair reatha agus na risíochta féideartha todhchaí ar chreidmheas.

Roinn 4

Modh na risíochta tosaigh

Airteagal 275

Modh na Risíochta Tosaigh

1.   Is ionann luach na risíochta agus méid barúlach gach ionstraime iolraithe faoi na céatadáin a leagtar amach i dTábla 3.

Tábla 3

Aibíocht bhunaidh

Conarthaí ráta úis

Conarthaí i malairt eachtrach agus conarthaí maidir le hór

Bliain amháin nó níos lú

0,5 %

2 %

Os cionn bliana amháin, nach mó ná dhá bhliain

1 %

5 %

Liúntas breise maidir le gach bliain bhreise

1 %

3 %

2.   Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh an aibíocht tosaigh nó an aibíocht iarmhair a úsáid chun luach na risíochta de chonarthaí ráta úis a ríomh.

Airteagal 276

Modh caighdeánaithe

1.   Ní fhéadfaidh institiúidí an Modh Caighdeánaithe (dá ngairtear ‧SM‧ anseo feasta) a úsáid ach amháin chun luach na risíochta a ríomh le haghaidh díorthach thar an gcuntar agus idirbheart socraíochta iarchurtha.

2.   Agus an SM á chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí luach na risíochta a ríomh ar leithligh maidir le gach tacar glanluachála, glan ar chomhthaobhacht, mar a leanas:

Formula

nuair atá:

CMV

=

margadhluach reatha na punainne idirbheart laistigh den tacar glanluachála le contrapháirtí, comhthaobhacht san áireamh, mar a bhfuil:

Formula

nuair atá:

CMVi

=

margadhluach reatha idirbheart i;

CMC

=

margadhluach reatha den chomhthaobhacht atá sannta don tacar glanluachála, mar a bhfuil:

Formula

nuair atá

CMCl

=

margadhluach reatha chomhthaobhacht l;

i

=

innéacs lena n-ainmnítear idirbheart;

L

=

innéacs lena n-ainmnítear comhthaobhacht;

j

=

innéacs lena n-ainmnítear catagóir tacar fálaithe;

Tá na tacair fhálaithe chun na críche seo ag freagairt d'fhachtóirí priacal ar féidir suímh priacal leis an gcomhartha malartach a fhritháireamh ina leith ionas go mbeidh suíomh priacal glan ann dá bharr ar a mbunaítear an beart risíochta.

RPTij

=

suíomh priacal ó idirbheart i i ndáil leis an tacar fálaithe j;

RPClj

=

suíomh priacal ó chomhthaobhacht l i ndáil leis an tacar fálaithe j;

CCRMj

=

iolraitheoir CCR a leagtar amach i dTábla 5 i ndáil leis an tacar fálaithe j;

β

=

1,4.

3.   Chun críocha an ríomha faoi mhír 2:

(a)

beidh comhartha deimhneach ag comhthaobhacht incháilithe a fhaightear ó chontrapháirtí agus beidh comhartha diúltach ag comhthaobhacht a bhreactar i leith contrapháirtí;

(b)

ní úsáidfear ach comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagal 197, Airteagal 198 agus Airteagal 299(2)(d) don SM;

(c)

féadfaidh institiúid neamhaird a dhéanamh den priacal ráta úis ó chodanna d'íocaíocht le haibíocht iarmhair de níos lú ná bliain amháin;

(d)

féadfaidh institiúid idirbhearta atá comhdhéanta de dhá chuid d'íocaíocht atá ainmnithe san airgeadra céanna a láimhseáil mar idirbheart comhiomlán amháin. Tá feidhm maidir leis an idirbheart comhiomlán ag an láimhseáil do na codanna d'íocaíocht.

Airteagal 277

Idirbhearta le próifíl líneach riosca

1.   Déanfaidh institiúidí idirbhearta le próifíl líneach priacal a mhapáil ar shuímh priacal i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a)

déanfar idirbhearta le próifíl líneach priacal le cothromas (lena n-áirítear innéacsanna cothromais), ór, miotail lómhara eile nó tráchtearraí eile mar ionstraim fholuiteach a mhapáil ar shuíomh priacal sa chothromas sin (nó innéacs cothromais) nó tráchtearra sin agus suíomh priacal ráta úis don chuid d'íocaíocht;

(b)

déanfar idirbhearta le próifíl líneach priacal le hionstraim fiachais mar ionstraim fholuiteach a mhapáil ar shuíomh priacal ráta úis don ionstraim fiachais agus suíomh priacal ráta úis eile don chuid d'íocaíocht;

(c)

déanfar idirbhearta le próifíl líneach priacal faoina sonraítear go ndéanfar íocaíocht a mhalartú i gcoinne íocaíochta, lena n-áirítear réamhchonarthaí i malairt eachtrach, a mhapáil ar shuíomh priacal ráta úis maidir le gach ceann de na codanna d'íocaíocht.

Más rud é, faoi idirbheart a luaitear i bpointe (a), (b) nó (c), go bhfuil cuid d'íocaíocht nó an bhunionstraim fiachais ainmnithe in airgeadra eachtrach, mapálfar an chuid d'íocaíocht nó an bhunionstraim sin ar shuíomh priacal san airgeadra sin freisin.

2.   Chun críocha mhír 1, is é an méid a bheidh i suíomh priacal ó idirbheart le próifíl líneach priacal ná an luach barúlach iarbhír (praghas an mhargaidh iolraithe faoin gcainníocht) de na bunionstraimí airgeadais nó na tráchtearraí comhshóite in airgeadra intíre na hinstitiúide trí iolrú leis an ráta malairte iomchuí, cé is moite d'ionstraimí fiachais.

3.   Maidir le hionstraimí fiachais agus codanna d'íocaíocht, beidh méid an tsuímh priacal cothrom le luach barúlach iarbhír na n-íocaíochtaí comhlána gan íoc (lena n-áirítear an méid barúlach) comhshóite in airgeadra an Bhallstáit baile, arna iolrú faoi mharthanacht leasaithe na hionstraime fiachais nó na coda d'íocaíocht, cibé acu atá i gceist.

4.   Is é an méid a bheidh ag suíomh priacal ó bhabhtáil mainneachtana creidmheasa ná luach barúlach na hionstraime fiachais tagartha iolraithe faoin aibíocht iarmhair den bhabhtáil mainneachtana creidmheasa.

Airteagal 278

Idirbhearta le próifíl neamhlíneach riosca

1.   1 Socróidh institiúidí méid na suíomh priacal d'idirbhearta le próifíl neamhlíneach priacal i gcomhréir leis na míreanna seo a leanas.

2.   Beidh méid suímh priacal ó dhíorthach thar an gcuntar le próifíl neamhlíneach priacal, lena n-áirítear roghanna agus roghtálacha, nach ionstraim fiachais nó cuid d'íocaíocht í an bhunionstraim, cothrom le deiltechoibhéis an luacha bharúlaigh iarbhír den ionstraim airgeadais a fhorluíonn an t-idirbheart i gcomhréir le hAirteagal 280(1).

3.   Beidh méid suímh priacal ó dhíorthach thar an gcuntar le próifíl neamhlíneach priacal, lena n-áirítear roghanna agus roghtálacha, ar ionstraim fiachais nó cuid d'íocaíocht í an bhunionstraim, cothrom le deiltechoibhéis an luacha bharúlaigh iarbhír den ionstraim airgeadais nó den chuid d'íocaíocht, arna iolrú faoi mharthanacht leasaithe na hionstraime fiachais nó na coda d'íocaíocht, de réir mar a bheidh.

Airteagal 279

Comhthaobhacht a láimhseáil

Chun suímh priacal a chinneadh, láimhseálfaidh institiúidí comhthaobhacht mar a leanas:

(a)

láimhseálfar comhthaobhacht a fhaightear ó chontrapháirtí mar éileamh ar an gcontrapháirtí faoi chonradh díorthach (suíomh fada) atá dlite ar an lá a dhéantar an cinneadh;

(b)

láimhseálfar comhthaobhacht atá breactha aici le contrapháirtí mar oibleagáid don chontrapháirtí (suíomh gearr) atá dlite ar an lá a dhéantar an cinneadh.

Airteagal 280

Suímh priacal a ríomh

1.   Cinnfidh institiúid méid agus comhartha suímh priacal mar a leanas:

(a)

maidir le gach ionstraim nach ionstraimí fiachais iad:

(i)

mar luach barúlach iarbhír i gcás idirbhirt le próifíl líneach priacal;

(ii)

mar dheiltechoibhéis an luacha bharúlaigh,

Formula

, i gcás idirbhirt le próifíl neamhlíneach priacal;

nuair atá:

Pref

=

praghas na bunionstraime, arna shloinneadh san airgeadra tagartha;

V

=

luach na hionstraime airgeadais (i gcás rogha, is é praghas na rogha an luach);

p

=

praghas na bunionstraime, arna shloinneadh san airgeadra céanna le V;

(b)

maidir le hionstraimí fiachais agus na codanna d'íocaíocht de na hidirbhearta ar fad:

(i)

mar luach barúlach iarbhír arna iolrú faoin marthanacht leasaithe i gcás idirbhirt le próifíl líneach priacal;

(ii)

mar dheiltechoibhéis an luacha bharúlaigh arna iolrú faoin marthanacht leasaithe,

Formula

, i gcás idirbhirt le próifíl neamhlíneach priacal,

nuair atá:

V

=

luach na hionstraime airgeadais (i gcás rogha, is é praghas na rogha é);

r

=

leibhéal an ráta úis.

Má tá V ainmnithe in airgeadra seachas an t-airgeadra tagartha, déanfar an díorthach a chomhshó san airgeadra tagartha trí iolrú a dhéanamh faoin ráta malairte iomchuí.

2.   Déanfaidh institiúidí na suímh priacal a ghrúpáil i dtacair fhálaithe. Déanfar méid an luacha absalóidigh de shuim na suíomh priacal atá ann dá bharr a ríomh maidir le gach tacar fálaithe. Beidh an suíomh priacal glan cothrom le toradh an ríomha sin agus déanfar é a ríomh chun críocha Airteagal 276(2) mar a leanas:

Formula

Airteagal 281

Suímh maidir le priacal an ráta úis

1.   D'fhonn suíomh maidir le priacal an ráta úis a ríomh, cuirfidh institiúidí na forálacha seo a leanas i bhfeidhm.

2.   I gcás suíomh maidir le priacal an ráta úis a thig uathu seo a leanas:

(a)

corrlaigh airgid faighte ón gcontrapháirtí mar chomhthaobhacht;

(b)

codanna d'íocaíocht;

(c)

bunionstraimí fiachais,

lena bhfuil feidhm ag muirear caipitil 1,60 % nó níos lú i ngach cás i gcomhréir le Tábla 1 d'Airteagal 336, sannfaidh institiúidí na suímh seo do cheann den sé thacar fálaithe i gcás gach airgeadra a leagtar amach i dTábla 4.

Tábla 4

 

Rátaí úis le tagairt rialtais

Rátaí úis gan tagairt rialtais

Aibíocht

< 1 bhliain

< 1 bhliain

> 1 ≤ 5 bliana

> 1 ≤ 5 bliana

> 5 bliana

> 5 bliana

3.   I gcás suíomh maidir le priacal an ráta úis ó bhunionstraimí fiachais nó ó chodanna d'íocaíocht lena bhfuil an ráta úis nasctha le ráta úis tagartha a léiríonn leibhéal úis ginearálta margaidh, beidh an aibíocht iarmhair cothrom le fad an eatraimh ama chomh fada leis an gcéad athchoigeartú eile ar an ráta úis. I ngach cás eile, is é an saolré atá fágtha ag an mbunionstraim fiachais a bheidh ann, nó, i gcás coda d'íocaíocht, an saolré atá fágtha ag an idirbheart.

Airteagal 282

Tacair fhálaithe

1.   Bunóidh institiúidí tacair fhálaithe i gcomhréir le míreanna (2) go (5).

2.   Beidh tacar fálaithe amháin ann do gach eisitheoir d'ionstraim fiachais tagartha a fholuíonn babhtáil mainneachtana creidmheasa.

Láimhseálfar babhtálacha mainneachtana creidmheasa bascaeid don n-ú mainneachtain mar a leanas:

(a)

beidh méid suímh priacal in ionstraim fiachais tagartha i mbascaed a fholuíonn babhtáil mainneachtana creidmheasa don n-ú mainneachtain cothrom le luach barúlach iarbhír na hionstraime fiachais tagartha, arna iolrú faoi mharthanacht leasaithe an díorthaigh don n-ú mainneachtain i leith athrú i raon difríochta creidmheasa na hionstraime fiachais tagartha;

(b)

beidh tacar fálaithe amháin le haghaidh gach ionstraime fiachais i mbascaed a fholuíonn babhtáil mainneachtana creidmheasa ar leith don n-ú mainneachtain'. Ní bheidh suímh priacal ó bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa éagsúla don n-ú mainneachtain san áireamh sa tacar fálaithe céanna;

(c)

beidh an t-iolraitheoir CCR is infheidhme maidir le gach tacar fálaithe a chruthaítear le haghaidh ceann de na hionstraimí fiachais tagartha de chuid díorthaigh don n-ú mainneachtain mar a leanas:

(i)

0,3 % le haghaidh ionstraimí fiachais tagartha a bhfuil measúnú creidmheasa acu ó IMCS aitheanta atá coibhéiseach le céimeanna 1 go 3 den cháilíocht chreidmheasa;

(ii)

0,6 % le haghaidh ionstraimí fiachais eile.

3.   I gcás suíomh maidir le priacal an ráta úis:

(a)

corrlaigh airgid atá breactha le contrapháirtí mar chomhthaobhacht nuair nach bhfuil oibleagáidí fiachais de priacal íseal sonrach gan íoc ag an gcontrapháirtí sin;

(b)

bunionstraimí fiachais, a bhfuil muirear caipitil níos mó ná 1,60 % i bhfeidhm ina leith de réir Thábla 1 d'Airteagal 336

Beidh tacar fálaithe amháin ann le haghaidh gach eisitheora.

Nuair a dhéanann cuid d'íocaíocht aithris ar ionstraim fiachais den sórt sin, beidh tacar fálaithe amháin ann freisin do gach eisitheoir d'ionstraim fiachais tagartha.

Féadfaidh institiúid suímh priacal a thagann chun cinn as ionstraimí fiachais eisitheora ar leith, nó ó ionstraimí fiachais tagartha den eisitheoir céanna a ndéanann codanna d'íocaíocht aithris orthu, nó a fholuíonn babhtáil mainneachtana creidmheasa, a shannadh don tacar fálaithe céanna.

4.   Ní shannfar ionstraimí airgeadais foluiteacha nach ionstraimí fiachais iad don tacar fálaithe céanna ach amháin más ionstraimí comhionanna nó cosúla iad. I ngach cás eile sannfar iad do thacair fhálaithe ar leithligh.

Chun críocha na míre seo, cinnfidh institiúidí an bhfuil na bunionstraimí cosúil le chéile nó nach bhfuil i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

i gcás cothromais, bíonn an bhunionstraim cosúil más rud é gurb é an t-eisitheoir céanna a d'eisigh í. Láimhseálfar innéacs cothromais mar eisitheoir ar leithligh;

(b)

i gcás miotal lómhar, bíonn an bhunionstraim cosúil más rud é gurb é an miotal céanna é. Láimhseálfar innéacs miotal lómhar mar mhiotal lómhar ar leithligh;

(c)

i gcás cumhachta leictrigh, tá an bhunionstraim cosúil más rud é go bhfuil na cearta agus oibleagáidí seachadta ag tagairt don eatramh ama lódála buaice nó neamhbhuaice céanna laistigh de thréimhse 24 uair an chloig ar bith;

(d)

i gcás tráchtearraí, tá an bhunionstraim cosúil más rud é gurb é an tráchtearra céanna é. Láimhseálfar innéacs tráchtearraí mar thráchtearra ar leithligh.

5.   Leagtar amach na hiolraitheoirí CCR (dá ngairtear CCRM' anseo feasta) le haghaidh na gcatagóirí éagsúla tacar fálaithe sa tábla seo a leanas:

Tábla 5

 

Catagóirí tacar fálaithe

CCRM

1.

Rátaí Úis

0,2 %

2.

Rátaí Úis le haghaidh suíomh priacal ó ionstraim fiachais tagartha a fholuíonn babhtáil mainneachtana creidmheasa agus lena bhfuil feidhm ag muirear caipitil 1.60 %, nó níos lú, ina leith faoi Thábla 1 de Chaibidil 2 de Theideal IV.

0,3 %

3.

Rátaí Úis le haghaidh suíomh priacal ó ionstraim fiachais nó ionstraim fiachais tagartha lena bhfuil feidhm ag muirear caipitil os cionn 1.60 % ina leith faoi Thábla 1 de Chaibidil 2 de Theideal IV.

0,6 %

4.

Rátaí Malairte

2,5 %

5.

Cumhacht Leictreach

4 %

6.

Ór

5 %

7.

Cothromas

7 %

8.

Miotail Lómhara (seachas ór)

8,5 %

9.

Tráchtearraí eile (cé is moite de mhiotail lómhara agus cumhacht leictreach)

10 %

10.

Bunionstraimí dhíorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil i gceann ar bith de na catagóirí thuas

10 %

Déanfar bunionstraimí dhíorthaigh thar an gcuntar, dá dtagraítear i bpointe 10 de Thábla 5, a shannadh do thacair fhálaithe aonair ar leithligh maidir le gach catagóir bunionstraime.

6.   Maidir le hidirbhearta le próifíl neamhlíneach priacal nó codanna d'íocaíocht agus idirbhearta le hionstraimí fiachais foluiteacha nach féidir leis an institiúid an deilt nó an mharthanacht leasaithe a chinneadh ina leith, de réir mar a bheidh, le samhail ionstraime atá faofa ag an údarás inniúil d'fhonn na ceanglais cistí dílse a chinneadh don priacal margaidh, déanfaidh an t-údarás inniúil méid na suímh priacal agus na CCRManna is infheidhme a chinneadh go coimeádach, nó ceanglóidh sí ar an institiúid an modh a leagtar amach i Roinn 3 a úsáid. Ní aithneofar an ghlanluacháil (is é sin, cinnfear luach na risíochta amhail is dá mbeadh tacar glanluachála ann nach bhfuil comhdhéanta ach d'idirbheart aonair).

7.   Beidh nósanna imeachta inmheánacha ag institiúid lena fhíorú, sula gcuirtear idirbheart i dtacar fálaithe, go bhfuil an t-idirbheart clúdaithe ag conradh glanluachála is infheidhme le dlí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Roinn 7.

8.   Beidh nósanna imeachta inmheánacha ag institiúid a úsáideann comhthaobhacht chun a CCR a mhaolú d'fhonn a fhíorú, sula ndéantar éifeacht na comhthaobhachta ina ríomhanna a aithint, go gcomhlíonann an chomhthaobhacht na caighdeáin um chinnteacht dhlíthiúil a leagtar amach i gCaibidil 4.

Roinn 6

Modh na samhla inmheánaí

Airteagal 283

Cead chun Modh na Samhla Inmheánaí a úsáid

1.   Ar an gcoinníoll go bhfuil na húdaráis inniúla sásta gur chomhlíon institiúid an ceanglas i mír 2, tabharfaidh siad cead don institiúid sin Modh na Samhla Inmheánaí (IMM) a úsáid chun luach na risíochta a ríomh le haghaidh ceann ar bith de na hidirbhearta seo a leanas:

(a)

idirbhearta in Airteagal 273(2)(a);

(b)

idirbhearta in Airteagal 273(2)(b), (c) agus (d);

(c)

idirbhearta in Airteagal 273(2)(a) go (d),

I gcás ina dtugtar cead d'institiúid an IMM a úsáid chun luach na risíochta a ríomh maidir le haon cheann de na hidirbhearta a luaitear i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír, féadfaidh sí an IMM a úsáid maidir leis na hidirbhearta in Airteagal 273(2)(e) freisin.

D'ainneoin an tríú fomhír d'Airteagal 273(1), féadfaidh institiúid an rogha a dhéanamh gan an modh seo a chur i bhfeidhm i leith risíochtaí atá neamhábhartha ó thaobh méide agus priacal de. I gcás mar sin, cuirfidh an institiúid ceann de na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 5 i bhfeidhm i leith na risíochtaí sin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais ábhartha uile maidir le gach cur chuige.

2.   Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla cead d'institiúidí IMM a úsáid do na ríomhanna dá dtagraítear dóibh i mír 1 ach amháin má tá sé léirithe ag an institiúid go bhfuil sí ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Roinn seo, agus go bhfuil sé fíoraithe ag na húdaráis inniúla go bhfuil na córais chun an CCR a bhainistiú atá á gcoinneáil ag an institiúid slán agus curtha i bhfeidhm i gceart.

3.   Féadfaidh na húdaráis áitiúla cead a thabhairt d'institiúidí an IMM a chur i bhfeidhm go seicheamhach thar chineálacha éagsúla idirbhirt ar feadh tréimhse teoranta. I rith na tréimhse sin de chur chun feidhme seicheamhach, féadfaidh institiúidí na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó Roinn 5 a úsáid don chineál idirbhirt nach bhfuil an IMM in úsáid acu ina leith.

4.   Maidir le gach idirbheart díorthach thar an gcuntar agus idirbhearta socraíochta iarchurtha nach bhfuil cead faighte ag institiúid an IMM a úsáid ina leith faoi mhír 1, bainfidh an institiúid úsáid as na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó Roinn 5.

Féadfar na modhanna sin a úsáid i dteaglaim ar bhonn buan laistigh de ghrúpa. Laistigh d'institiúid, ní fhéadfar na modhanna sin a úsáid i dteaglaim ach amháin sa chás go n-úsáidtear ceann de na modhanna sin le haghaidh na gcásanna a leagtar amach in Airteagal 282(6).

5.   Ní fhillfidh institiúid a bhfuil cead faighte aici an IMM a úsáid i gcomhréir le mír 1 ar na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó Roinn 5 ach amháin má fhaigheann sí cead ón údarás inniúil é sin a dhéanamh. Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead den sórt sin má léiríonn an institiúid go bhfuil cúis mhaith leis.

6.   I gcás ina scoireann institiúid de chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Roinn seo, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil agus déanfaidh sí ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

cuirfidh sí plean faoi bhráid an údaráis inniúil ionas go gcomhlíonfar na ceanglais arís go tráthúil;

(b)

taispeánfaidh sí chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil éifeacht an neamhchomhlíonta neamhábhartha.

Airteagal 284

Luach na risíochta

1.   I gcás ina dtugtar cead d'institiúid an IMM a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 283(1), chun luach na risíochta a ríomh le haghaidh roinnt de na hidirbhearta a luaitear sa mhír sin, nó iad ar fad, déanfaidh sí luach na risíochta de na hidirbhearta sin a thomhas ar leibhéal an tacair ghlanluachála.

Déanfaidh an tsamhail arna húsáid ag an institiúid chun na críche sin:

(a)

an dáileachán réamhaisnéise a shonrú le haghaidh athruithe i margadhluach an tacair ghlanluachála de thoradh ar chomhathruithe in athróga ábhartha an mhargaidh, amhail rátaí úis agus rátaí malairte eachtraí;

(b)

luach na risíochta a ríomh don tacar glanluachála ar gach ceann de na dátaí sa todhchaí ar bhonn na gcomhathruithe in athróga an mhargaidh.

2.   Ionas go ndéanfaidh an tsamhail éifeachtaí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil, comhlíonfaidh samhail luach na comhthaobhachta na ceanglais chainníochtúla, cháilíochtúla agus sonraí don tsamhail IMM i gcomhréir leis an Roinn seo agus ní fhéadfaidh an institiúid ach comhthaobhacht airgeadais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 197 agus, Airteagal 198 agus i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal299(2)a chur san áireamh ina dáileacháin réamhaisnéise maidir le hathruithe i margadhluach an tacair ghlanluachála.

3.   Beidh an ceanglas cistí dílse do priacal creidmheasa an chontrapháirtí i ndáil leis na risíochtaí ar CCR a gcuireann institiúid an IMM i bhfeidhm ina leith, cothrom leis an gceann is airde díobh seo a leanas:

(a)

an ceanglas cistí dílse do na risíochtaí sin arna ríomh ar bhonn an EPE iarbhír ag úsáid sonraí reatha an mhargaidh;

(b)

an ceanglas cistí dílse do na risíochtaí sin arna ríomh ar bhonn an EPE iarbhír ag úsáid calabrú struis amháin do gach risíocht ar CCR a gcuireann siad an IMM i bhfeidhm maidir leis.

4.   Cé is moite de na contrapháirtithe a aithnítear a bhfuil Sainpriacal Comhghaolmhaireachta acu a thagann faoi raon feidhme Airteagal 291(4) agus (5), déanfaidh institiúidí luach na risíochta a ríomh mar an toradh ar alfa (α) uair an EPE iarbhír, mar a leanas:

Formula

nuair atá:

α

=

1.4, ach amháin má bhíonn α níos airde de dhíth ar údaráis inniúla nó má cheadaíonn siad a meastacháin féin a úsáid i gcomhréir le mír 9;

Déanfar an EPE iarbhír a ríomh trí mheastachán a dhéanamh den risíocht ionchasach (EEt) mar an risíocht mheánach ar dháta sa todhchaí t, i gcás ina ndéantar an meán a thógáil thar luachanna féideartha fachtóirí priacal margaidh ábhartha.

Déanfaidh an tsamhail meastachán ar EE ar shraith dátaí sa todhchaí, t1, t2, t3, etc.

5.   Déanfar EE iarbhír a ríomh go hathchúrsach mar a leanas:

Formula

nuair atá:

 

an dáta reatha curtha in iúl mar t0;

 

Tá EEt0 iarbhír cothrom leis an risíocht reatha.

6.   Is é atá in EPE iarbhír meán an EE iarbhír i rith na chéad bhliana de risíocht todhchaí. Má aibíonn gach conradh sa tacar glanluachála faoi cheann bliana amháin, beidh an EPE cothrom le meán an EE go dtí go n-aibeoidh gach conradh sa tacar glanluachála. Déanfar an EPE iarbhír a ríomh mar mheán ualaithe den EE iarbhír:

Formula

i gcás ina gceadaítear leis na hualuithe Formula gur féidir an risíocht todhchaí a ríomh ar dhátaí nach bhfuil an méid ama céanna eatarthu.

7.   Ríomhfaidh institiúidí an EE nó na bearta risíochta buaice ar bhonn dáilte risíochtaí arb ionann iad agus neamh-normáltacht fhéideartha dháileadh na risíochtaí.

8.   Féadfaidh institiúid aonad tomhais den dáileadh arna ríomh ag an tsamhail a úsáid atá níos coimeádaí ná α iolraithe faoi EPE iarbhír arna ríomh i gcomhréir leis an gcothromóid i mír 4 maidir le gach contrapháirtí.

9.   D'ainneoin mhír 4, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí a meastacháin féin ar alfa a úsáid sa chás seo a leanas:

(a)

beidh alfa cothrom leis an gcóimheas idir an caipiteal inmheánach ó ionsamhlú iomlán de risíocht CCR thar chontrapháirtithe (uimhreoir) agus an caipiteal inmheánach bunaithe ar EPE (ainmneoir);

(b)

san ainmneoir, bainfear úsáid as EPE amhail is dá mba shuim sheasta gan íoc í.

Nuair a dhéantar meastachán ar alfa i gcomhréir leis an mír seo, ní bheidh sé níos ísle ná 1.2.

10.   Ar mhaithe le meastachán a dhéanamh ar alfa faoi mhír 9, áiritheoidh institiúid go ndéanfar an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir a ríomh ar bhealach atá comhsheasmhach leis an modheolaíocht ionsamhlaithe, sonraíochtaí na bparaiméadar agus comhdhéanamh na punainne. Beidh an cur chuige a úsáidfear chun meastachán a dhéanamh ar α bunaithe ar chur chuige na hinstitiúide maidir le caipiteal inmheánach; déanfar é a dhoiciméadú go maith agus beidh sé faoi réir bailíochtú neamhspleách. Ina theannta sin, déanfaidh institiúid athbhreithniú ar a cuid meastachán maidir le halfa ar bhonn ráithiúil ar a laghad, agus níos minice nuair a bhíonn éagsúlacht ar chomhdhéanamh na punainne ag amanna éagsúla. Déanfaidh institiúid measúnú ar priacal na samhla freisin.

11.   Déanfaidh institiúid measúnú ar priacal na samhla freisin. Léireoidh institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil go bhfuil a meastacháin inmheánacha den ghabháil alfa i bhfoinsí ábhartha spleáchais de dháileadh margadhluachanna idirbheart nó punanna idirbheart thar chontrapháirtithe. Cuirfear gráinneacht na bpunann san áireamh sna meastacháin inmheánacha ar alfa.

12.   Agus maoirseacht á déanamh ar úsáid na meastachán faoi mhír 9, tabharfaidh na húdaráis inniúla aird ar an éagsúlacht shuntasach i meastacháin den alfa a thagann chun cinn ón bhféidearthacht míshonraíocht a dhéanamh sna samhlacha a úsáidtear don uimhreoir, go háirithe nuair a bhíonn dronnacht i gceist.

13.   Nuair is iomchuí, beidh fachtóir an priacal creidmheasa mar choinníoll do na luaineachtaí agus na táblaí comhghaoil d'fhachtóirí an priacal margaidh a úsáidtear i gcomh-ionsamhlú an mhargaidh agus an priacal creidmheasa chun méaduithe féideartha i luaineacht nó comhghaol i gcor chun donais eacnamaíoch a léiriú.

Airteagal 285

Luach na risíochta maidir le tacair ghlanluachála atá faoi réir ag comhaontú éarlaise

1.   Má tá an tacar glanluachála faoi réir ag comhaontú corrlaigh agus luacháil laethúil marcála ón margadh, féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as ceann de na bearta EPE seo a leanas:

(a)

EPE iarbhír, gan comhthaobhacht ar bith atá á sealbhú nó atá breactha mar corrlach a chur san áireamh móide comhthaobhacht ar bith breactha le contrapháirtí, neamhspleách ón bpróiseas laethúil luachála agus corrlaigh nó ón risíocht reatha;

(b)

Forlíontán a léiríonn an méadú féideartha sa risíocht thar an tréimhse corrlaigh faoi phriacal, móide an ceann is mó idir:

(i)

an risíocht reatha lena n-áirítear an chomhthaobhacht uile atá á sealbhú nó atá breactha, seachas comhthaobhacht atá glaoite nó faoi dhíospóid;

(ii)

an risíocht ghlan is mó, lena n-áirítear comhthaobhacht faoin gcomhaontú corrlaigh, nach spreagfadh glao ar chomhthaobhacht. Léireofar sa tsuim seo gach tairseach, íosmhéideanna aistrithe, méideanna neamhspleácha agus corrlaigh tosaigh is infheidhme faoi chomhaontú corrlaigh;

(c)

Más rud é go ndéantar iarmhairtí socraithe corrlaigh a ghabháil sa tsamhail agus an EE á ríomh, féadfaidh institiúid, faoi réir ceada ón údarás inniúil, beart EE na samhla a úsáid go díreach sa chothromóid in Airteagal 284(5). Ní bhronnfaidh údaráis inniúla cead den sórt sin ach amháin má dhéanann siad a fhíorú go ndéanann an tsamhail iarmhairtí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil i gceart agus meastachán á dhéanamh ar EE.

Chun críocha phointe (b), déanfaidh institiúidí an forlíontán a ríomh mar an t-athrú deimhneach a bhfuiltear ag súil leis i luach marcála ón margadh na n-idirbheart i rith na tréimhse corrlaigh faoi phriacal. Léireofar athruithe ar luach comhthaobhachta ag baint úsáide as coigeartuithe luaineachta maoirseachta i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil 4 nó sna meastacháin féin den choigeartú luaineachta sa Mhodh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais, ach ní dhéanfar talamh slán d'aon íocaíochtaí comhthaobhachta i rith na tréimhse corrlaigh faoi phriacal. Tá an tréimhse corrlaigh faoi phriacal faoi réir ag na híostréimhsí a leagtar amach i míreanna 2 go 54.

2.   Maidir le hidirbhearta atá faoi réir ag athshocrú laethúil corrlaigh agus luacháil marcála ón margadh, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi phriacal a úsáidtear chun críocha ionsamhlaithe ar luach na risíochta le comhaontuithe corrlaigh níos lú ná:

(a)

5 lá gnó maidir le tacair ghlanluachála atá comhdhéanta d'idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí agus idirbhearta iasachta corrlaigh amháin;

(b)

10 lá gnó maidir le gach tacar glanluachála eile.

3.   Beidh pointe (a) agus pointe (b) de mhír 2 faoi réir ag na heisceachtaí seo a leanas:

(a)

maidir le gach tacar glanluachála ina bhfuil líon na dtrádálacha níos mó ná 5,000 ag tráth ar bith i rith ráithe, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi phriacal don chéad ráithe eile níos lú ná 20 lá gnó. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht seo maidir le risíochtaí trádála institiúidí;

(b)

maidir le tacair ghlanluachála ina bhfuil trádáil amháin nó níos mó lena bhfuil comhthaobhacht neamhleachtach i gceist, nó díorthach thar an gcuntar nach féidir a ionadú go héasca, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi phriacal níos lú ná 20 lá gnó.

Cinnfidh institiúid an bhfuil comhthaobhacht neamhleachtach nó nach bhfuil nó ar féidir díorthaigh thar an gcuntar a athsholáthar go héasca i gcomhthéacs na ndálaí struis sa mhargadh, rud a chiallaíonn go bhfuil easpa margaí atá gníomhach go leanúnach ann i gcás ina bhfaigheadh contrapháirtí, laistigh de dhá lá nó níos lú ná sin, praghsanna iolracha reatha nach ndéanfadh an margadh a bhogadh ná praghas a léiriú lena ndéanfaí lascaine margaidh (i gcás comhthaobhachta) nó préimh (i gcás díorthach thar an gcuntar) a léiriú.

Déanfaidh institiúid a mheas an bhfuil trádálacha agus urrúis arna sealbhú aici comhdhlúite i gcontrapháirtí áirithe nó nach bhfuil agus, dá bhfágfadh an contrapháirtí sin an margadh go rite, an mbeadh an institiúid in ann na trádálacha nó na hurrúis sin a athsholáthar nó nach mbeadh.

4.   Má bhí baint ag institiúid le níos mó ná dhá dhíospóid um ghlao ar corrlach maidir le tacar glanluachála áirithe thar an dá ráithe go díreach roimhe a mhair níos faide ná an tréimhse corrlaigh atá infheidhme faoi mhír 2 agus mhír 3, bainfidh an institiúid úsáid as tréimhse corrlaigh faoi phriacal dhá oiread ar a laghad na tréimhse a shonraítear i mír 2 agus mír 3 le haghaidh an tacair ghlanluachála sin don dá ráithe ina dhiaidh sin.

5.   Maidir le hathshocrú corrlaigh lena mbaineann tréimhse N lá, beidh an tréimhse corrlaigh faoi phriacal cothrom ar a laghad leis an tréimhse a shonraítear i mír 2 agus mír 3, F, móide N lá lúide lá amháin. Is é sin:

Formula

6.   Má tá éifeacht an tsocraithe corrlaigh ar athruithe ar margadhluach an tacair ghlanluachála san áireamh sa tsamhail inmheánach, déanfaidh institiúid comhthaobhacht, seachas airgead tirim den airgeadra céanna ina bhfuil an risíocht í féin, a shamhaltú go comhpháirteach leis an risíocht ina ríomhanna um luach risíochta maidir le díorthaigh thar an gcuntar agus idirbhearta maoinithe urrús.

7.   Mura bhfuil institiúid in ann comhthaobhacht a shamhaltú go comhpháirteach leis an neamhchosaint, ní dhéanfaidh sí éifeacht na comhthaobhachta a aithint ina ríomhanna den luach risíochta maidir le díorthaigh thar an gcuntar agus idirbhearta maoinithe urrús seachas airgead tirim den airgeadra céanna ina bhfuil an risíocht í féin, mura n-úsáideann sí coigeartuithe luaineachta lena gcomhlíontar caighdeáin an mhodha chuimsithigh chomhthaobhaigh airgeadais lena meastacháin féin ar choigeartuithe luaineachta nó na coigeartuithe luaineachta maoirseachta caighdeánacha de réir Chaibidil 4.

8.   Tabharfaidh institiúid a úsáideann an IMM neamhaird ina samhlacha ar éifeacht laghdú i luach na risíochta mar gheall ar aon chlásal i gcomhaontú comhthaobhachta óna dteastaíonn comhthaobhacht a fháil nuair a mheathlaíonn cáilíocht chreidmheasa an chontrapháirtí.

Airteagal 286

Bainistíocht ar CCR – Beartais, próisis agus córais

1.   Déanfaidh institiúid creat bainistíochta CCR a bhunú agus a choimeád ar bun, lena gcuimsítear na nithe seo a leanas:

(a)

beartais, próisis agus córais chun aithint, tomhas, bainistíocht, faomhadh agus tuairisciú inmheánach a áirithiú maidir le CCR;

(b)

nósanna imeachta chun a áirithiú go gcomhlíontar na beartais, na próisis agus na córais sin.

Beidh na beartais, na próisis agus na córais sin bunaithe ar bhonn coincheapúil fónta, arna bhfeidhmiú le hionracas agus arna ndoiciméadú. Áireofar leis an doiciméadú míniú ar na teicnící eimpíreacha a úsáideadh chun CCR a thomhas.

2.   Cuirfear priacail margaidh, leachtachta agus priacail dlíthiúla agus oibriúcháin a bhaineann le CCR san áireamh sa chreat bainistíochta CCR a cheanglaítear le mír 1. Áiritheoidh an creat go háirithe go gcomhlíonann an institiúid na prionsabail seo a leanas:

(a)

ní dhéanann sí gnó le contrapháirtí gan a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;

(b)

cuireann sí priacal creidmheasa socraíochta agus réamhshocraíochta san áireamh go hiomlán;

(c)

déanann sí priacail den sórt sin a bhainistiú chomh cuimsitheach agus is féidir ar leibhéal an chontrapháirtí trí risíochtaí CCR a chomhiomlánú le risíochtaí creidmheasa eile ar fud an ghnólachta.

3.   Áiritheoidh institiúid a úsáideann an IMM go gcomfhreagraíonn a creat bainistíochta CCR, chun sástachta an údaráis inniúil, do na priacail leachtachta a bhaineann leis na nithe seo a leanas go léir:

(a)

glaonna ionchasacha ar corrlach a thiocfadh isteach i gcomhthéacs malartuithe corrlaigh athrúcháin nó cineálacha corrlaigh eile, amhail corrlach thosaigh nó neamhspleách, faoi shuaití neamhfhabhracha sa mhargadh;

(b)

glaonna ionchasacha a thiocfadh isteach ar aisíoc comhthaobhachta iomarcaí a dhéantar a thaisceadh ag contrapháirtithe;

(c)

glaonna mar thoradh ar íosghrádú ionchasach ar a measúnú seachtrach féin ar cháilíocht chreidmheasa.

Áiritheoidh institiúid go bhfuil cineál agus scóip athúsáid na comhthaobhachta comhsheasmhach lena riachtanais leachtachta agus nach gcuirtear a cumas comhthaobhacht a bhreacadh nó a aisíoc ar bhealach tráthúil i gcontúirt.

4.   Beidh baint ghníomhach ag comhlacht bainistíochta agus lucht bainistíochta sinsearaí institiúide le bainistíocht an CCR, agus déanfaidh siad a áirithiú go ndéantar dóthain acmhainní a leithdháileadh ina leith. Beidh an lucht bainistíochta sinsearaí ar an eolas faoi theorainneacha agus thoimhdí na samhla a úsáidtear agus faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na teorainneacha agus ag na toimhdí sin ar iontaofacht an aschuir trí phróiseas foirmiúil. Beidh an lucht bainistíochta sinsearaí ar an eolas freisin faoi neamhchinnteachtaí thimpeallacht an mhargaidh agus saincheisteanna oibríochta agus an dóigh a léirítear iad seo sa tsamhail.

5.   Déanfar athbhreithniú ar na tuarascálacha laethúla a ullmhaítear maidir le risíochtaí institiúide ar CCR de réir Airteagal 287(2)(b) ag leibhéal bainistíochta ag a mbeidh sinsearacht agus údarás leodhóthanach chun laghduithe i suímh a ghlacann bainisteoirí creidmheasa nó trádálaithe aonair a fhorfheidhmiú chomh maith le laghduithe i risíocht fhoriomlán na hinstitiúide ar CCR.

6.   Bainfear úsáid as creat bainistíochta CCR institiúide agus bunófar an creat sin de réir mhír 1 i gcomhcheangal le teorainneacha creidmheasa agus trádála inmheánacha. Beidh baint ag teorainneacha creidmheasa agus trádála le samhail tomhais priacal na hinstitiúide ar bhealach a bheidh comhsheasmhach thar am agus ar a mbeidh dea-thuiscint ag bainisteoirí creidmheasa, ag trádálaithe agus ag bainistíocht shinsearach. Beidh próiseas foirmiúil ag institiúid chun sáruithe ar theorainneacha creidmheasa a thuairisciú don leibhéal bainistíochta iomchuí.

7.   Áireofar le tomhas institiúide ar CCR tomhas laethúil agus úsáid ionlae as línte creidmheasa. Déanfaidh an institiúid risíocht reatha a thomhas le comhthaobhacht san áireamh agus glan ar chomhthaobhacht. Ar leibhéal na punainne agus an chontrapháirtí, déanfaidh an institiúid risíocht nó risíocht fhéideartha thodhchaí a ríomh agus déanfaidh sí faireachán orthu ag an eatramh muiníne a roghnóidh an institiúid. Cuirfidh an institiúid suímh mhóra nó chomhdhlúite san áireamh, lena n-áirítear suímh a ghlacann grúpaí de chontrapháirtithe gaolmhara, tionscail agus an margadh.

8.   Déanfaidh institiúid clár dian rialta de thástáil struis a bhunú agus a choimeád ar bun. Déanfaidh lucht bainistíochta sinsearaí athbhreithniú rialta ar thorthaí na tástála struis sin gach ráithe ar a laghad agus déanfar iad a léiriú i mbeartais agus i dteorainneacha CCR a leagfaidh an comhlacht bainistíochta nó an bhainistíocht shinsearach síos. I gcás ina ndéantar leochaileacht áirithe a nochtadh leis na tástálacha struis maidir le sraith imthosca áirithe, glacfaidh an institiúid céimeanna prasa chun na priacail sin a bhainistiú.

Airteagal 287

Struchtúir eagrúcháin maidir le bainistíocht CCR

1.   Déanfaidh institiúid a úsáideann an IMM na nithe seo a leanas a bhunú agus a choimeád ar bun:

(a)

aonad rialaithe priacal a chomhlíonann le mír 2;

(b)

aonad bainistíochta comhthaobhachta a chomhlíonann le mír 3.

2.   Beidh an t-aonad rialaithe priacal freagrach as bainistíocht CCR na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear bailíochtú tosaigh agus leanúnach na samhla, agus déanfaidh sé na feidhmeanna seo a leanas agus comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh sé freagrach as córas bainistíochta CCR na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme;

(b)

déanfaidh sé tuarascálacha laethúla a tháirgeadh maidir le haschur shamhail tomhais priacal na hinstitiúide agus déanfaidh sé anailís air. Áireofar leis an anailís sin meastóireacht ar an gcaidreamh idir toisí luachanna na risíochtaí CCR agus teorainneacha trádála;

(c)

déanfaidh sé sláine na sonraí ionchuir a rialú agus déanfaidh sé tuarascálacha a tháirgeadh agus a anailísiú maidir le haschur shamhail tomhais priacal na hinstitiúide, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcaidreamh idir toisí luachanna na risíochta ar priacal agus teorainneacha creidmheasa agus trádála;

(d)

beidh sé neamhspleách ó aonaid atá freagrach as risíochtaí a thionscnamh, a athnuachan nó a thrádáil agus beidh sé saor ó thionchar míchuí;

(e)

beidh dóthain foirne ann;

(f)

déanfaidh sé tuairiscí a chur díreach chuig lucht bainistíochta sinsearaí na hinstitiúide;

(g)

beidh a chuid oibre comhtháite go dlúth le próiseas laethúil bainistithe priacal creidmheasa na hinstitiúide;

(h)

beidh a aschur ina chuid ríthábhachtach den phróiseas pleanála, faireacháin agus rialaithe maidir le próifíl chreidmheasa agus priacal fhoriomláin na hinstitiúide.

3.   Cuirfidh an t-aonad bainistíochta comhthaobhachta na cúraimí agus na feidhmeanna seo a leanas i gcrích:

(a)

glaonna ar chorrlach a ríomh agus a dhéanamh, díospóidí maidir le glaonna ar corrlach a bhainistiú agus leibhéil na méideanna neamhspleácha, corrlaigh tosaigh agus corrlaigh athrúcháin a thuairisciú go beacht ar bhonn laethúil;

(b)

sláine na sonraí a rialú a úsáidtear chun glaonna ar chorrlach a dhéanamh, agus a áirithiú go bhfuil siad comhsheasmhach agus go ndéantar iad a réiteach go rialta le foinsí sonraí ábhartha uile laistigh den institiúid;

(c)

rianú a dhéanamh ar cé chomh mór is a dhéantar athúsáid ar chomhthaobhacht agus ar aon leasú ar chearta na hinstitiúide ar an gcomhthaobhacht a thaisceann sí nó maidir leis an gcomhthaobhacht sin;

(d)

tuairisciú don leibhéal bainistíochta iomchuí maidir leis na cineálacha sócmhainní comhthaobhachta a athúsáidtear, agus téarmaí athúsáide den sórt sin lena n-áirítear an ionstraim, cáilíocht an chreidmheasa agus aibíocht;

(e)

rianú a dhéanamh ar chomhdhlúthacht chuig cineálacha aonair sócmhainní comhthaobhachta a nglacann an institiúid leo;

(f)

faisnéis bainistíochta comhthaobhachta a thuairisciú ar bhonn rialta, agus gach ráithe ar a laghad, don lucht bainistíochta sinsearaí, lena n-áirítear faisnéis maidir le cineál na comhthaobhachta a fhaightear agus a dhéantar a bhreacadh, méid, aosú agus an chúis maidir le díospóidí um ghlaonna ar chorrlach. Léireofar claontaí sna figiúirí seo sa tuairisciú inmheánach sin.

4.   Déanfaidh lucht bainistíochta sinsearaí dóthain acmhainní a leithdháileadh ar an aonad bainistíochta comhthaobhachta a theastaíonn faoi mhír 1(b) lena áirithiú go mbaintear leibhéal iomchuí feidhmíochta oibríochta amach lena chórais, arna thomhas le tráthúlacht agus le beachtas na nglaonna ar chorrlach arna ndéanamh ag an institiúid agus tráthúlacht fhreagra na hinstitiúide ar ghlaonna ar chorrlach arna ndéanamh ag a contrapháirtithe. Áiritheoidh an lucht bainistíochta sinsearaí go mbeidh dóthain foirne ag an aonad chun glaonna agus díospóidí a phróiseáil ar bhealach tráthúil fiú faoi ghéarchéim throm sa mhargadh, agus chun cur ar chumas na hinstitiúide teorainn a chur le líon mór na ndíospóidí a tharlaíonn mar thoradh ar mhéideanna trádála.

Airteagal 288

Athbhreithniú ar chóras bainistíochta CCR

Déanfaidh institiúid athbhreithniú neamhspleách rialta ar a córas bainistíochta CCR trína próiseas iniúchta inmheánaigh. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad bainistíochta rialaithe agus comhthaobhachta araon a cheanglaítear le hAirteagal 287 agus tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas go sainiúil, ar a laghad:

(a)

leordhóthanacht dhoiciméadú an chórais agus an phróisis bhainistíochta CCR a cheanglaítear le hAirteagal 286;

(b)

eagrúchán an aonaid rialaithe CCR a cheanglaítear le hAirteagal 287(1)(a);

(c)

eagrúchán an aonaid bhainistíochta comhthaobhachta a cheanglaítear le hAirteagal 287(1)(b);

(d)

comhtháthú na mbeart CCR le bainistíocht laethúil priacal;

(e)

an próiseas faofa maidir le samhlacha praghsála priacal agus córais luachála arna n-úsáid ag pearsanra na hoifige tosaigh agus na cúloifige;

(f)

bailíochtú aon athraithe shuntasaigh ar an bpróiseas tomhais CCR;

(g)

raon feidhme an CCR arna ghabháil ag an tsamhail tomhais priacal;

(h)

sláine an chórais faisnéise bainistíochta;

(i)

beachtas agus iomláine na sonraí CCR;

(j)

léiriú beacht na dtéarmaí dlíthiúla i gcomhaontuithe comhthaobhachta agus glanluachála go tomhais luachanna risíochtaí;

(k)

fíorú ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun samhlacha a rith, lena n-áirítear neamhspleáchas foinsí sonraí den sórt sin;

(l)

beachtas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta agus comhghaolúcháin;

(m)

beachtas na ríomhanna luachála agus claochlaithe priacal;

(n)

fíorú ar bheachtas na samhla trí chúltástáil a dhéanamh go minic mar a leagtar amach i bpointí (b) go (e) d'Airteagal 293(1);

(o)

comhlíonadh na gceanglas rialála ábhartha ag an aonad rialaithe agus aonad bainistíochta comhthaobhachta CCR.

Airteagal 289

Tástáil úsáide

1.   Áiritheoidh institiúidí go ndéanfar leithdháileadh na risíochtaí arna nginiúint ag an tsamhail a úsáidtear chun EPE iarbhír a ríomh a chomhtháthú go dlúth le próiseas bainistithe laethúil CCR na hinstitiúide, agus go gcuirfear aschur na samhla san áireamh sa phróiseas a bhaineann le faomhadh creidmheasa, bainistíocht CCR, leithdháileadh caipitil inmheánaigh agus rialachas corparáideach.

2.   Taispeánfaidh an institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil go raibh sí ag baint úsáide as samhail chun leithdháileadh na risíochtaí a ríomh ar a bhfuil an ríomh EPE bunaithe lena gcomhlíontar, tríd is tríd, na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo le haghaidh bliana amháin ar a laghad roimh fhaomhadh a fháil ó na húdaráis inniúla an IMM a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 283.

3.   Beidh an tsamhail arna húsáid chun leithdháileadh risíochtaí ar CCR a ghiniúint ina cuid den chreat bainistíochta CCR a cheanglaítear le hAirteagal 286. Áireofar leis an gcreat sin tomhas ar úsáid línte creidmheasa, agus risíochtaí ar CCR á gcomhiomlánú le risíochtaí creidmheasa eile, agus leithdháileadh caipitil inmheánaigh.

4.   I dteannta an EPE, déanfaidh institiúid risíochtaí reatha a thomhas agus a bhainistiú. Nuair is iomchuí, déanfaidh an institiúid risíocht reatha a thomhas le comhthaobhacht san áireamh agus glan ar chomhthaobhacht. Comhlíontar an tástáil úsáide má úsáideann institiúid bearta eile CCR, amhail risíocht bhuaice, bunaithe ar leithdháileadh risíochtaí arna nginiúint ag an tsamhail chéanna a úsáidtear chun EPE a ríomh.

5.   Beidh an cumas córais ag institiúid EE a mheas ar bhonn laethúil más gá, mura dtaispeánann sí chun sástachta a n-údarás inniúil go dteastaíonn ríomh níos lú minicíochta óna risíochtaí ar CCR. Déanfaidh an institiúid EE a mheas feadh phróifíl ama de thréimhsí réamhaisnéise lena léirítear go leordhóthanach struchtúr ama sreabh airgid sa todhchaí agus aibíocht na gconarthaí agus ar bhealach atá comhsheasmhach le hábharthacht agus le comhdhéanamh na risíochtaí.

6.   Déanfar risíocht a thomhas, a mhonatóiriú agus a rialú thar shaolré na gconarthaí uile sa tacar glanluachála agus ní amháin thar shaolré tréimhse bliana amháin. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag an institiúid chun na priacail a aithint agus a rialú do chontrapháirtithe nuair a ardaítear an risíocht thar thréimhse aon bhliana. Beidh an méadú ar risíocht atá tuartha ina ionchur i samhail caipitil inmheánaigh na hinstitiúide.

Airteagal 290

Tástáil struis

1.   Beidh clár cuimsitheach um thástáil struis maidir le CCR ag an institiúid, lena n-áirítear úsáid a bhaint as chun ceanglais cistí dílse maidir le CCR a mheasúnú, lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 10.

2.   Aithneofar teagmhais fhéideartha nó athruithe sa todhchaí sna dálaí eacnamaíocha a rachadh i gcion go mífhabhrach ar risíochtaí creidmheasa na hinstitiúide agus déanfar measúnú leis ar chumas na hinstitiúide dul i ngleic le hathruithe den sórt sin.

3.   Cuirfear na bearta struis faoin gclár i comparáid le teorainneacha priacal agus measfaidh an institiúid iad mar chuid den phróiseas a leagtar amach in Airteagal 81 de Threoir 201336/AE.

4.   Déanfar trádalacha agus risíochtaí comhlána a ghabháil go cuimsitheach leis an gclár ar fud na bhfoirmeacha uile de priacal creidmheasa an chontrapháirtí ar leibhéal na gcontrapháirtithe sainiúla i bhfráma ama leordhóthanach chun tástáil struis rialta a dhéanamh.

5.   Déanfar foráil leis maidir le tástáil struis risíochta ar bhonn míosúil ar a laghad ar phríomhfhachtóirí priacal don mhargadh amhail rátaí úis, FX (airgeadraí eachtracha), cothromas, raonta difríochta creidmheasa agus praghsanna tráchtearraí do chontrapháirtithe uile na hinstitiúide, d'fhonn comhchruinnithe mórthomhais i priacail treocha sainiúla a aithint agus cur ar chumas na hinstitiúide iad a laghdú nuair is gá. Maidir le tástáil struis ar risíochtaí - lena n-áirítear priacail aonfhachtóireacha, priacail ilfhachtóireacha agus priacail neamhthreocha ábhartha - agus comhthástáil struis ar risíochtaí agus ar acmhainneacht creidmheasa déanfar iad ar leibhéal an chontrapháirtí shainiúil, ar leibhéal an ghrúpa contrapháirtithe agus ar leibhéal comhlán CCR ar fud na hinstitiúide.

6.   Cuirfear cásanna ráithiúla tástála struis ilfhachtóirgh i bhfeidhm agus déanfar measúnú ar priacail neamhthreocha ábhartha lena n-áirítear risíocht cuar toraidh agus bunpriacail. Mar íosmhéid, tabharfar aghaidh ar na cásanna a leanas ina dtarlaíonn na nithe seo a leanas le tástálacha struis ilfhachtóirigh:

(a)

teagmhais thromchúiseacha eacnamaíocha nó margaidh;

(b)

laghdú suntasach ar leachtacht leathan an mhargaidh;

(c)

tá suímh á leachtú ag mór-idirghabhálaí airgeadais.

7.   Beidh déine shuaitheadh na bhfachtóirí priacal foluiteacha comhsheasmhach le cuspóir na tástála struis. Nuair a dhéantar sócmhainneacht faoi strus a mheasúnú, beidh suaitheadh na bhfachtóirí priacal foluiteacha de dhéine leordhóthanach chun timpeallachtaí margaí foircneacha stairiúla agus dálaí struis foircneacha ach sochreidte sa mhargadh a ghabháil. Déanfar measúnú sna tástálacha struis ar thionchar suaite den sórt sin ar chistí dílse, ar cheanglais cistí dílse agus ar thuilleamh. D'fhonn faireachán laethúil a dhéanamh ar phunanna, ar fhálú, agus ar chomhchruinnithe a bhainistiú breithneofar sa chlár tástála cásanna de dhéine níos ísle agus de dhóchúlacht níos airde.

8.   Áireofar leis an gclár foráil, nuair is iomchuí, maidir le tástálacha struis droim ar ais chun cásanna diana, ach sochreidte, a aithint a bhféadfadh torthaí neamhfhabhracha suntasacha a bheith leo. Tabharfaidh tástáil struis droim ar ais cuntas ar an tionchar a bhíonn ag neamhlíneacht ábhartha sa phunann.

9.   Déanfar torthaí na tástála struis faoin gclár a thuairisciú go rialta, ar bhonn ráithiúil ar a laghad, don lucht bainistíochta sinsearaí. Clúdófar sna tuarascálacha agus san anailís ar na torthaí an tionchar is mó ar leibhéal na gcontrapháirtithe ar fud na punainne, chomh maith le comhchruinnithe ábhartha laistigh de dheighleoga na punainne (laistigh den tionscal céanna nó den réigiún céanna) agus claontaí ábhartha a bhaineann le punanna nó contrapháirtithe sainiúla.

10.   Beidh príomhról ag lucht bainistíochta sinsearaí i gcomhtháthú na tástála struis le creat bainistíochta priacal agus cultúr priacal na hinstitiúide agus déanfar a áirithiú go bhfuil na torthaí fóinteach agus go mbainfear úsáid astu chun CCR a bhainistiú. Déanfar torthaí na tástála struis maidir le risíochtaí suntasacha a mheasúnú i gcoinne treoirlínte lena léirítear fonn priacal na hinstitiúide, agus déanfar iad a atreorú chuig an lucht banistíochta sinsearaí le haghaidh plé agus gnímh nuair a dhéanfar priacail iomarcacha nó comhchruinnithe a aithint.

Airteagal 291

Priacal Comhghaolmhaireachta

1.   Chun críocha an Airteagail seo:

(a)

tarlaíonn ‧priacal ginearálta comhghaolmhaireachta‧ nuair a dhéantar dealraitheacht de mainneachtana ag contrapháirtithe a chur i gcomhchoibhneas deimhneach le fachtóirí ginearálta um priacail margaidh;

(b)

tarlaíonn ‧Sainpriacal Comhghaolmhaireachta‧ nuair a dhéantar risíocht todhchaí ar chontrapháirtí sonrach a chur i gcomhchoibhneas deimhneach le PD an chontrapháirtí de bharr nádúr na n-idirbheart leis an gcontrapháirtí. Measfar institiúid a bheith ar ris ar shainpriacal comhghaolmhaireachta má táthar ag súil go mbeidh an risíocht todhchaí ar chontrapháirtí sonrach ard tráth a mbeidh dóchúlacht mainneachtana an chontrapháirtí ard freisin.

2.   Tabharfaidh institiúid aird chuí ar risíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ina mbonn le méid suntasach de Shainpriacal agus de Priacal Ginearálta Comhghaolmhaireachta.

3.   D'fhonn priacal ginearálta comhghaolmhaireachta a aithint, ceapfaidh institiúid tástáil struis agus anailísí ar chásanna chun fachtóirí priacal a chur faoi strus a bhaineann go neamhfhabhrach le hacmhainneacht creidmheasa contrapháirtithe. Le tástáil den sórt sin, tabharfar aghaidh ar an bhféidearthacht go dtarlódh suaitheadh dian nuair a dhéantar na caidrimh idir fachtóirí priacal a athrú. Déanfaidh institiúid faireachán ar priacal ginearálta comhghaolmhaireachta de réir táirge, réigiúin, tionscail nó de réir catagóirí eile atá ábhartha don ghnó.

4.   Déanfaidh institiúid nósanna imeachta a chothabháil chun cásanna de priacal comhghaolmhaireachta a aithint, a rialú agus chun faireachán a dhéanamh orthu i gcás gach eintitis dhlíthiúil, ag tosú le tionscnamh idirbhirt agus ag leanúint feadh shaolré an idirbhirt.

5.   Déanfaidh institiúidí a gceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh CCR maidir le hidirbhearta i gcás ina ndearnadh sainpriacal comhghaolmhaireachta a aithint agus i gcás ina bhfuil baint dhlíthiúil idir an contrapháirtí agus eisitheoir bhunionstraim an díorthaigh bhunúsaí thar an gcuntar nó bhunionstraim na n-idirbheart dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 273(2), i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

tá sainpriacal comhghaolmhaireachta ann ach ní dhéanfar na hionstraimí a áireamh sa tacar glanluachála céanna ina bhfuil idirbhearta eile leis an gcontrapháirtí, agus láimhseálfar gach ceann acu mar thacar glanluachála ar leith;

(b)

laistigh de thacar glanluachála ar leith den sórt sin, maidir le babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm, is ionann luach na risíochta agus an caillteanas ionchasach iomlán i luach an luacha chóir atá fágtha de na bunionstraimí bunaithe ar an toimhde go bhfuil an t-eisitheoir foluiteach faoi leachtú;

(c)

beidh an LGD d'institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 3 cothrom le 100 % le haghaidh idirbheart babhtála den sórt sin;

(d)

nó institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 2, beidh an t-ualú priacal infheidhme coibhéiseach leis sin a bhaineann le hidirbheart neamhurraithe;

(e)

maidir le gach idirbheart eile lena ndéantar aon ainm a thagairt i dtacar glanluachála ar leith den sórt sin, beidh ríomh luach na risíochta comhsheasmhach leis an toimhde go mainneofar na bunoibleagáidí sin gan choinne i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí. Maidir le hidirbhearta lena ndéantar bascaed ainmneacha nó innéacs a thagairt, cuirfear i bhfeidhm mainneachtain na mbunoibleagáidí faoi seach, i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí, más ábhartha;

(f)

a mhéid agus a úsáidtear ríomhanna um priacal margaidh leis seo le haghaidh ceanglas cistí dílse maidir le priacal mainneachtana agus priacal imirce incriminteach mar a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 5, Roinn 4 ina bhfuil toimhde LGD cheana féin, is é 100 % an LGD a úsáidfear san fhoirmle.

6.   Déanfaidh institiúidí tuarascálacha rialta ar shainpriacail agus priacail ginearálta comhghaolmhaireachta araon agus ar na céimeanna atá á ndéanamh chun na priacail sin a bhainistiú a thabhairt do lucht bainistíochta sinsearaí agus do choiste iomchuí an chomhlachta bainistíochta.

Airteagal 292

Sláine an phróisis samhaltaithe

1.   Áiritheoidh institiúid sláine an phróisis samhaltaithe mar a leagtar amach in Airteagal 284 trí na bearta seo a leanas a ghlacadh ar a laghad:

(a)

léireofar téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart leis an tsamhail ar bhealach tráthúil, iomlán agus coimeádach;

(b)

áireofar leis na téarmaí sin ar a laghad méideanna barúlacha, aibíocht, sócmhainní tagartha, socruithe faoi shocrú corrlaigh agus socruithe glanluachála a bhainfidh leis an gconradh;

(c)

déanfar na téarmaí agus sonraíochtaí sin a choinneáil i mbunachar sonraí a bheidh faoi réir ag iniúchadh foirmiúil tréimhsiúil;

(d)

próiseas chun socruithe glanluachála a aithint óna dteastaíonn foireann dhlíthiúil chun a fhíorú go bhfuil glanluacháil faoi na socruithe sin infheidhme le dlí;

(e)

cuirfidh aonad neamhspleách an fíorú a cheanglaítear le pointe (d) isteach sa bhunachar sonraí atá luaite i bpointe (c);

(f)

beidh tarchur téarmaí idirbheart agus sonraí na sonraíochtaí chuig an tsamhail EPE faoi réir ag iniúchadh inmheánach;

(g)

beidh próisis ann chun réiteach foirmiúil a dhéanamh idir an tsamhail agus córais na sonraí foinseacha chun fíorú a dhéanamh ar bhonn leanúnach go bhfuil téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart á léiriú i gceart, nó go coimeádach ar a laghad, in EPE.

2.   Bainfear úsáid as sonraí margaidh reatha chun risíochtaí reatha a chinneadh. Féadfaidh institiúid a samhail EPE a chalabrú agus sonraí margaidh stairiúla nó sonraí intuigthe ón margadh á n-úsáid chun paraiméadair na bpróiseas stocastach foluiteach a bhunú, amhail síobadh, luaineacht agus comhchoibhneas. Má úsáideann institiúid sonraí stairiúla, bainfidh sí úsáid as trí bliana ar a laghad de shonraí den sórt sin. Déanfar na sonraí a nuashonrú gach ráithe ar a laghad, agus níos minice más gá chun na dálaí margaidh a léiriú.

Chun an EPE iarbhír a ríomh le calabrú struis, déanfaidh institiúid EPE iarbhír a chalabrú agus trí bliana de shonraí, lena n-áirítear tréimhse struis i dtaca le raonta difríochta creidmheasa a contrapháirtithe, a úsáid nó sonraí intuigthe ón margadh ó thréimhse struis den sórt sin.

Cuirfidh an institiúid na ceanglais i míreanna 3, 4 agus 5 i bhfeidhm chun na críche sin.

3.   Taispeánfaidh institiúid chun sástachta an údaráis inniúil, gach ráithe ar a laghad, go gcomhtharlaíonn an tréimhse struis a úsáidtear don ríomh faoin mír seo le tréimhse de bhabhtáil mainneachtana creidmheasa mhéadaithe nó raonta difríochta creidmheasa eile (amhail iasacht nó banna corparáideach) maidir le sampla ionadaíoch dá contrapháirtithe ag a bhfuil raonta difríochta creidmheasa trádáilte. I gcásanna nach bhfuil dóthain sonraí ag institiúid faoi raon difríochta creidmheasa a bhaineann le contrapháirtí, déanfaidh sí an contrapháirtí sin a mhapáil le sonraí sainiúla maidir le raon difríochta creidmheasa bunaithe ar réigiún, rátáil inmheánach agus cineálacha gnólachtaí.

4.   Sa tsamhail EPE maidir leis na contrapháirtithe uile, bainfear úsáid as sonraí stairiúla nó sonraí intuigthe, lena n-áirítear na sonraí ón tréimhse creidmheasa faoi strus agus bainfear úsáid as sonraí den sórt sin ar bhealach atá comhsheasmhach leis an modh a úsáidtear chun an tsamhail EPE a chalabrú le sonraí reatha.

5.   Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an chalabraithe struis maidir le EEPE, déanfaidh institiúid roinnt punann tagarmharcála a chruthú atá leochaileach do na príomhfhachtóirí priacal ar a bhfuil an institiúid risíochta. Déanfar an risíocht ar na punanna tagarmharcála seo a ríomh ag úsáid (a) modheolaíocht struis bunaithe ar na luachanna margaidh reatha agus ar pharaiméadair shamhlacha atá calabraithe do dhálaí struis sa mhargadh, agus (b) an risíocht a rinneadh a ghiniúint sa tréimhse struis, ach an modh á chur i bhfeidhm a leagtar amach sa Roinn seo (luach margaidh dheireadh na tréimhse struis, luaineachtaí, agus réitigh ón tréimhse struis trí bliana).

Ceanglóidh na húdaráis inniúla ar institiúid an calabrú struis a choigeartú má athraíonn na risíochtaí ar na punanna tagarmharcála sin go suntasach óna chéile.

6.   Déanfaidh institiúid an tsamhail a chur faoi phróiseas bailíochtaithe atá léirithe go soiléir i mbeartais agus i nósanna imeachta na n-institiúidí. Maidir leis an bpróiseas bailíochtaithe:

(a)

sonrófar an cineál tástála is gá chun sláine na samhla a áirithiú agus dálaí a aithint faoi nach leor na toimhdí a fholuíonn an tsamhail agus a bhféadfadh maolaisnéis i leith EPE a bheith mar thoradh orthu dá bhrí sin;

(b)

áireofar athbhreithniú ar chuimsitheacht na samhla.

7.   Déanfaidh institiúid faireachán ar na priacail ábhartha agus beidh próisis i bhfeidhm aici chun a meastachán ar EEPE a choigeartú nuair a éiríonn na priacail sin suntasach. Déanfaidh an institiúid na nithe seo a leanas agus an mhír seo á comhlíonadh:

(a)

a risíochtaí ar shainpriacal comhghaolmhaireachta a tharlaíonn a aithint agus a bhainistiú mar a shonraítear in Airteagal 291(1)(b) agus a risíochtaí ar priacal ginearálta comhghaolmhaireachta a tharlaíonn a aithint agus a bhainistiú mar a shonraítear in Airteagal 291(1)(a);

(b)

maidir le risíochtaí lena mbaineann próifíl priacal atá ag dul i méid tar éis bliana amháin, déanfar comparáid ar bhonn rialta idir meastachán ar mhéid risíochta thar bhliain amháin leis an méid risíochta céanna thar shaolré na risíochta;

(c)

maidir le risíochtaí a bhfuil aibíocht iarmhair níos lú ná aon bhliain amháin acu, déanfar comparáid ar bhonn rialta idir an costas athsholáthair (risíocht reatha) agus próifíl na risíochta réadaithe, agus déanfar sonraí a stóráil a cheadódh comparáid den sórt sin.

8.   Beidh nósanna imeachta inmheánacha ag institiúid lena fhíorú, sula n-áireofar idirbheart i dtacar glanluachála, go bhfuil an t-idirbheart clúdaithe ag conradh glanluachála inchurtha i bhfeidhm le dlí lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i Roinn 7.

9.   Beidh nósanna imeachta inmheánacha ag institiúid a úsáideann comhthaobhacht chun a CCR a mhaolú lena fhíorú, sula ndéanfar éifeacht na comhthaobhachta ina ríomhanna a aithint, go gcomhlíonann an chomhthaobhacht na caighdeáin maidir le deimhneacht dhlíthiúil a leagtar amach i gCaibidil 4.

10.   Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas sa réimse seo agus, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, eiseoidh sé treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 293

Ceanglais maidir leis an gcóras bainistíochta priacal

1.   Comhlíonfaidh institiúid na ceanglais seo a leanas:

(a)

comhlíonfaidh sí na ceanglais cháilíochtúla a leagtar amach i gCuid 3, Teideal IV, Caibidil 5;

(b)

déanfaidh sí clár rialta de chúltástáil, agus na bearta priacal a ghineann an tsamhail á gcur i gcomparáid le bearta priacal réadaithe, agus athruithe hipitéiseacha bunaithe ar shuímh statacha á gcur i gcomparáid le bearta réadaithe;

(c)

déanfaidh sí bailíochtú tosaigh agus athbhreithniú tréimhsiúil leanúnach ar samhail na risíochta ar CCR agus ar na bearta priacal arna nginiúint léi. Beidh an bailíochtú agus an t-athbhreithniú neamhspleách ó fhorbairt na samhla;

(d)

beidh baint ag comhlacht bainistíochta agus lucht bainistíochta sinsearaí leis an bpróiseas rialaithe priacal agus áiritheoidh siad go leithdháilfear dóthain acmhainní ar rialú creidmheasa agus rialú priacal creidmheasa contrapháirtithe. I dtaca leis sin, déanfar athbhreithniú ar na tuarascálacha laethúla arna n-ullmhú ag an aonad rialaithe creidmheasa neamhspleách arna bhunú de réir Airteagal 287(1)(a) ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh sinsearacht agus údarás imleor chun laghduithe i suímh a ghlacann trádálaithe aonair a fhorfheidhmiú chomh maith le laghduithe i risíocht fhoriomlán na hinstitiúide ar priacal;

(e)

beidh an tsamhail inmheánach um thomhas risíochtaí ar priacal comhtháite go dlúth le próiseas laethúil um bainistiú priacal creidmheasa na hinstitiúide;

(f)

bainfear úsáid as an gcóras chun priacal a thomhas in éineacht le teorainneacha inmheánacha maidir le trádáil agus le neamhchosaint. I dtaca leis sin, beidh baint ag teorainneacha risíochta le samhail tomhais priacal na hinstitiúide ar bhealach a bheidh comhsheasmhach thar am agus ar a mbeidh dea-thuiscint ag trádálaithe, an fheidhm chreidmheasa agus lucht bainistíochta sinsearaí;

(g)

áiritheoidh institiúid go bhfuil a córas bainistíochta priacal doiciméadaithe go leormhaith. Go háirithe, déanfaidh sí tacar doiciméadaithe de bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha a choinneáil a bhaineann le hoibriú an chórais tomhais priacal, chomh maith le socruithe chun a áirithiú go gcomhlíontar na beartais sin;

(h)

déanfar athbhreithniú neamhspleách ar an gcóras tomhais priacal go rialta i bpróiseas iniúchta inmheánaigh na hinstitiúide. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleáigh rialaithe priacal araon. Déanfar athbhreithniú ar an gcóras bainistithe priacal foriomlán ag eatraimh rialta (agus tráth nach lú ná uair amháin sa bhliain) agus tabharfar faoi na pointí go léir dá dtagraítear in Airteagal 288 go háirithe;

(i)

déanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar an mbailíochtú leanúnach ar shamhlacha priacal creidmheasa contrapháirtithe, lena n-áirítear cúltástáil, ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh údarás leormhaith chun aghaidh a thabhairt ar laigí sna samhlacha.

2.   Cuirfidh údaráis inniúla an méid a chomhlíonann institiúid na ceanglais i mír 1 san áireamh agus an leibhéal alfa a shocrú acu, mar a leagtar amach in Airteagal 284(4). Is iad na hinstitiúidí sin a chomhlíonann na ceanglais sin go hiomlán, agus na hinstitiúidí sin amháin, a bheidh incháilithe chun an fachtóir iolrúcháin íosta a chur i bhfeidhm.

3.   Déanfaidh institiúid an próiseas maidir le bailíochtú tosaigh agus bailíochtú leanúnach a samhala um risíocht CCR agus maidir le ríomh na mbeart priacal a ghineann na samhlacha a dhoiciméadú go leibhéal mionsonraithe a chuirfeadh ar chumas tríú páirtí na bearta anailíse agus priacal, faoi seach, a athchruthú. Leagfar amach sa doiciméadú sin an mhinicíocht lena ndéanfar anailísí cúltástála agus aon bhailíochtú leanúnach eile a fheidhmiú, an dóigh a ndéanfar an bailíochtú a fheidhmiú maidir le sreabha sonraí agus punanna agus na hanailísí a úsáidtear.

4.   Déanfaidh institiúid critéir a shainiú lena ndéanfar samhlacha na risíochta ar CCR agus na samhlacha a thugann ionchur i ríomh na risíochta a mheasúnú agus déanfaidh sí beartas i scríbhinn a choinneáil lena gcuirtear síos ar an bpróiseas trína ndéanfar feidhmíocht mhíshásúil a aithint agus a leigheas.

5.   Déanfaidh institiúid an dóigh ina ndéantar punanna contrapháirtithe ionadaíocha a chruthú a shainiú chun samhail na risíochta ar CCR agus a bearta priacal a bhailíochtú.

6.   Déanfar níos mó ná staitistic amháin ó leithdháileadh réamhaisnéise a bhreathnú i mbailíochtú shamhlacha na risíochta ar CCR agus a mbearta priacal lena dtáirgtear leithdháiltí réamhaisnéise.

Airteagal 294

Ceanglais bhailíochtaithe

1.   Mar chuid den bhailíochtú tosaigh agus leanúnach ar shamhail na risíochta ar CCR agus a bearta priacal, áiritheoidh institiúid go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfaidh an institiúid cúltástáil ag úsáid sonraí stairiúla maidir le gluaiseachtaí i bhfachtóirí priacal an mhargaidh roimh an gcead ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 283(1). Breithneofar roinnt tréimhsí ama um réamhaithrisí sainiúla sa chúltástáil chomh fada amach le haon bhliain ar a laghad, thar raon dátaí túsaithe éagsúla agus lena gcumhdaítear raon leathan dálaí sa mhargadh;

(b)

déanfaidh an institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i mír 12(b) d'Airteagal 284 bailíochtú rialta ar a samhail lena thástáil an bhfuil risíochtaí réadaithe reatha comhsheasmhach le réamhaisnéisí thar na tréimhsí corrlaigh ar fad laistigh d'aon bhliain. Má bhaineann aibíocht níos giorra ná aon bhliain le cuid de na trádálacha sa tacar glanluachála, agus má tá íogaireachtaí níos airde i dtaobh fachtóirí priacal ag an tacar glanluachála d'uireasa na dtrádálacha, cuirfear é seo san áireamh sa bhailíochtú;

(c)

déanfaidh sí cúltástáil ar fheidhmíocht shamhail na risíochta ar CCR agus ar bhearta priacal ábhartha na samhla chomh maith leis na réamhaithrisí maidir le fachtóirí priacal margaidh. Maidir le trádálacha comhthaobhaithe, cuirfear ar áireamh leis na tréimhsí ama réamhaithrise na cinn lena léirítear tréimhsí tipiciúla corrlaigh priacal a chuirtear i bhfeidhm i dtrádáil chomhthaobhaithe nó faoi chumhdach corrlaigh;

(d)

má léirítear le bailíochtú na samhla go bhfuil an EPE iarbhír gannmheasta, gníomhóidh an institiúid mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar mhíchruinneas na samhla;

(e)

déanfaidh sí tástáil ar na samhlacha praghsála a úsáidtear chun risíocht ar CCR a ríomh maidir le cás áirithe de shuaitheadh amach anseo d'fhachtóirí priacal margaidh mar chuid den phróiseas bailíochtaithe tosaigh agus leanúnach. Tabharfar fáthanna sna samhlacha praghsála le neamhlíneacht luacha rogha maidir le fachtóirí priacal margaidh;

(f)

déanfar an fhaisnéis a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta atá riachtanach le bheith in ann risíochtaí a chomhiomlánú ar leibhéal an tacair ghlanluachála a ghabháil le samhail na risíochta ar CCR. Deimhneoidh institiúid go ndéantar idirbhearta a shannadh don tacar glanluachála iomchuí laistigh den tsamhail;

(g)

áireofar le samhail na risíochta ar CCR faisnéis a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta chun éifeachtaí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil. Cuirfear an méid corrlaigh reatha agus an corrlach a dhéanfaí a aistriú idir contrapháirtithe sa todhchaí araon san áireamh leis. Tabharfaidh samhail den sórt sin cuntas ar nádúr na gcomhaontuithe corrlaigh atá aontaobhach nó déthaobhach, ar mhinicíocht na nglaonna ar corrlaigh, an tréimhse corrlaigh faoi phriacal, íostairseach na risíochta nach bhfuil faoi chumhdach corrlaigh atá an institiúid toilteanach a ghlacadh, agus íosmhéid an aistrithe. Déanfar an t-athrú i leith marcáil ón margadh ar luach na comhthaobhachta a bhreactar a mheas le samhail den sórt sin nó cuirfear na rialacha a leagtar amach i gCaibidil 4 i bhfeidhm;

(h)

áireofar le próiseas bailíochtaithe na samhla cúltástáil stairiúil statach ar phunanna contrapháirtithe ionadaíocha. Déanfaidh institiúid cúltástáil den sórt sin ar roinnt punann contrapháirtithe ionadaíocha atá iarbhír nó hipitéiseach ag eatraimh rialta. Roghnófar na punanna ionadaíocha sin ar bhonn a n-íogaireachta maidir leis na fachtóirí priacal ábhartha agus meascán de na fachtóirí priacal ar a bhfuil an institiúid ar ris;

(i)

déanfaidh institiúid cúltástáil atá deartha chun tástáil a dhéanamh ar phríomhthoimhdí shamhail na risíochta ar CCR agus ar na bearta priacal ábhartha, lena n-áirítear an caidreamh samhaltaithe idir éirimí an fhachtóra priacal chéanna, agus na caidrimh shamhaltaithe idir na fachtóirí priacal;

(j)

beidh feidhmíocht shamhlacha na risíochta ar CCR agus a bearta priacal faoi réir ag cleachtas cúltástála iomchuí. Beidh an clár cúltástála in ann tearcfheidhmíocht i mbearta priacal na samhla EPE a aithint;

(k)

déanfaidh institiúid samhlacha na risíochta ar CCR agus na bearta priacal uile a bhailíochtú chomh fada amach le tréimhsí ama ar cóimhéid le haibíocht na dtrádálacha atá cumhdaithe ag an tarscaoileadh IMM i gcomhréir le hAirteagal 283;

(l)

déanfaidh institiúid tástáil rialta ar na samhlacha praghsála a úsáidtear chun risíocht contrapháirtithe a ríomh i gcoinne tagarmharcanna neamhspleácha iomchuí mar chuid den phróiseas leanúnach ar bhailíochtú na samhla;

(m)

áireofar measúnú ar leorgacht na feidhmíochta is déanaí sa bhailíochtú leanúnach ar shamhail na risíochta ar CCR atá ag an institiúid agus na bearta priacal ábhartha;

(n)

déanfaidh institiúid measúnú ar an minicíocht lena ndéantar paraiméadair shamhail na risíochta ar CCR a nuashonrú mar chuid den phróiseas ar bhailíochtú tosaigh agus leanúnach;

(o)

déanfar measúnú leis an mbailíochtú tosaigh agus leanúnach ar cibé acu atá ríomhanna na risíochta maidir le leibhéal an chontrapháirtí agus an tacair ghlanluachála iomchuí nó nach bhfuil.

2.   Féadfar beart a úsáid atá níos coimeádaí ná an méadrach a úsáidtear chun luach na risíochta rialála a ríomh maidir le gach contrapháirtí in áit an alfa arna iolrú ag an EPE iarbhír le cead roimh ré ó na húdaráis inniúla. Déanfar méid an choimeádachais ábhartha a mheasúnú ach faomhadh tosaigh a fháil ó na húdaráis inniúla agus le linn na n-athbhreithnithe maoirseachta rialta ar shamhlacha EPE. Déanfaidh institiúid an coimeádachas a bhailíochtú go rialta. Clúdófar na contrapháirtithe uile dá n-úsáidtear na samhlacha sa mheasúnú leanúnach ar fheidhmíocht na samhla.

3.   Má léirítear le cúltástáil nach bhfuil samhail beacht go leor, déanfaidh na húdaráis inniúla a gcead i leith na samhla a aisghairm, nó déanfaidh siad bearta iomchuí a fhorchur lena áirithiú go ndéanfar an tsamhail a fheabhsú go pras.

Roinn 7

Glanluacháil chonarthach

Airteagal 295

Glanluacháil chonarthach a aithint mar laghdú priacal

Ní fhéadfaidh institiúidí a láimhseáil mar laghdú priacal i gcomhréir le hAirteagal 298 ach na cineálacha comhaontuithe seo a leanas a bhaineann le glanluacháil chonarthach i gcás ina bhfuil an comhaontú glanluachála aitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 296 agus i gcás ina gcomhlíonann an institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 297:

(a)

conarthaí déthaobhacha le haghaidh nuachana idir institiúid agus a contrapháirtí faoina ndéantar éilimh agus oibleagáidí frithpháirteacha a chónascadh go huathoibríoch ar bhealach ina ndéantar aon mhéid aonair glan a shocrú leis an nuachan gach uair atá sé infheidhme chun conradh singil nua a chruthú a chuirtear in áit na gconarthaí agus na n-oibleagáidí uile roimhe sin idir páirtithe de bhun na gconarthaí sin agus tá sé ceangailteach ar na páirtithe;

(b)

comhaontuithe déthaobhacha eile idir institiúid agus a contrapháirtí;

(c)

comhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha maidir le hinstitiúidí a bhfuil cead faighte acu an modh a leagtar amach i Roinn 6 a úsáid i dtaca le hidirbhearta lasmuigh de raon feidhme an mhodha sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla liosta de na comhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha a formheasadh a thuairisciú do ÚBE.

Ní dhéanfar glanluacháil thar idirbhearta a dhéanann eintitis dhlíthiúla éagsúla i ngrúpa a aithint ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse a ríomh.

Airteagal 296

Comhaontuithe glanluachála conarthacha a aithint

1.   Ní dhéanfaidh údaráis inniúla comhaontú glanluachála conarthach a aithint ach amháin i gcas ina gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2 agus i gcás inarb ábhartha, i mír 3.

2.   Comhlíonfaidh gach comhaontú glanluachála conarthach na coinníollacha uile a leanas a úsáideann institiúid ar mhaithe le luach na risíochta a chinneadh sa Chuid seo:

(a)

thug an institiúid comhaontú glanluachála conarthach i gcrích lena contrapháirtí lena gcruthaítear oibleagáid dhlíthiúil aonair, lena gcumhdaítear gach idirbheart atá ar áireamh, ionas go mbeadh sí i dteideal, i gcás mainneachtana ar thaobh an chontrapháirtí, an tsuim ghlan amháin de luachanna deimhneacha agus diúltacha maidir le marcáil ón margadh idirbheart aonair atá ar áireamh a fháil nó iad a íoc;

(b)

chuir an institiúid tuairimí dlíthiúla réasúnaithe i scríbhinn ar fáil do na húdaráis inniúla ionas nach mbeadh éilimh ná oibleagáidí na hinstitiúide níos mó ná na héilimh agus na hoibleagáidí sin dá dtagraítear i bpointe (a), i gcás ina ndéanfaí agóid dhlíthiúil i gcoinne an chomhaontaithe ghlanluachála. Déanfar tagairt don dlí is infheidhme sa tuairim dhlíthiúil:

(i)

an dlínse ina bhfuil an contrapháirtí corpraithe;

(ii)

má tá baint ag brainse gnóthais leis, atá suite i dtír eile seachas an tír ina bhfuil an gnóthas corpraithe, an dlínse ina bhfuil an brainse suite;

(iii)

an dlínse ina ndéantar na hidirbhearta aonair atá ar áireamh sa chomhaontú glanluachála a rialú lena dlí;

(iv)

an dlínse ina ndéantar aon chonradh nó comhaontú a rialú lena dlí atá riachtanach chun an ghlanluacháil chonarthach a chur i gcrích;

(c)

déantar an bpriacal creidmheasa i leith gach contrapháirtí a chomhiomlánú chun risíocht dhlíthiúil aonair a chruthú thar idirbhearta le gach contrapháirtí. Déanfar an comhiomlánú sin a fhachtóiriú idir cuspóirí teorann creidmheasa agus cuspóirí caipitil inmheánaigh;

(d)

ní bheidh aon chlásal sa chonradh lena dtugtar cead, i gcás mainneachtana ar thaobh contrapháirtí, do chontrapháirtí neamh-mhainneachtana íocaíochtaí teoranta amháin a dhéanamh, nó gan íocaíochtaí ar bith a dhéanamh, le heastát an pháirtí mainneachtana, fiú má tá an páirtí mainneachtana ina ghlanchreidiúnaí (i.e. clásáil tréigthe).

Mura bhfuil ceann ar bith de na húdaráis inniúla sásta go bhfuil an ghlanluacháil chonarthach bailí go dlíthiúil agus infhorghníomhaithe faoi dhlí gach dlínse dá dtagraítear i bpointe (b) ní dhéanfar an comhaontú glanluachála conarthach a aithint mar laghdú priacal maidir le ceachtar de na contrapháirtithe. Cuirfidh údaráis inniúla é sin in iúl dá chéile dá réir sin.

3.   Féadfar na tuairimí dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (b) a tharraingt suas trí thagairt do chineálacha glanluachála conarthaí. Comhlíonfaidh comhaontuithe glanluachála trastáirge conarthacha na coinníollacha breise seo a leanas:

(a)

is í an tsuim ghlan dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo an tsuim ghlan de na luachanna imréitigh deimhneacha agus diúltacha d'aon mháistir-chomhaontú déthaobhach aonair atá ar áireamh agus de luach deimhneach agus diúltach um marcáil ón margadh na n-idirbheart aonair (an ‧Méid Glan Trastáirge‧);

(b)

na tuairimí dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, tabharfar eolas ar bhailíocht agus ar infhorghníomhacht an chomhaontaithe glanluachála trastáirgí chonarthaigh iomláin faoina théarmaí agus ar thionchar an chomhaontaithe glanluachála ar fhorálacha ábhartha atá in aon mháistir-chomhaontú déthaobhach aonair atá ar áireamh.

Airteagal 297

Oibleagáidí na n-institiúidí

1.   Déanfaidh institiúid nósanna imeachta a bhunú agus a choimeád ar bun lena áirithiú go ndéantar athbhreithniú ar bhailíocht dhlíthiúil agus ar infhorghníomhacht a glanluachála conarthaí ag féachaint d'athruithe ar dhlí na ndlínsí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 296(2)(b).

2.   Déanfaidh an institiúid an doiciméadacht riachtanach uile a bhaineann lena glanluacháil chonarthach a choinneáil ina comhaid.

3.   Cuirfidh an institiúid éifeachtaí na glanluachála isteach mar fhachtóir ina tomhas ar risíocht chomhiomlán ar priacal creidmheasa gach contrapháirtí agus déanfaidh an institiúid an CCR a bhainistiú ar bhonn éifeachtaí an tomhais sin.

4.   I gcás na gcomhaontuithe glanluachála trastáirge conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 295, déanfaidh an institiúid nósanna imeachta a choinneáil faoi Airteagal 296(2)(c) chun a fhíorú go bhfuil aon idirbheart atá le háireamh sa tacar glanluachála clúdaithe ag tuairim dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 296(2)(b).

Agus an comhaontú glanluachála trastáirgí á chur san áireamh, leanfaidh an institiúid de bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le glanluacháil dhéthaobhach a aithint agus ceanglais Chaibidil 4 maidir le maolú priacal creidmheasa a aithint, de réir mar is infheidhme, maidir le gach máistir-chomhaontú déthaobhach aonair agus idirbheart atá ar áireamh.

Airteagal 298

Na héifeachtaí a bhaineann le glanluacháil mar rud a laghdaíonn priacal a aithint

1.   Baineann an láimhseáil seo a leanas le comhaontuithe glanluachála conarthacha:

(a)

déanfar glanluacháil chun críocha Roinn 5 agus Roinn 6 a aithint mar atá leagtha amach sna Ranna sin;

(b)

i gcás conarthaí le haghaidh nuachana, féadfar na méideanna glana aonair atá socraithe ag conarthaí den sórt sin, seachas na méideanna comhlána atá i gceist, a ualú.

Nuair a chuirtear Roinn 3 i bhfeidhm, féadfaidh institiúidí an conradh le haghaidh nuachana a chur san áireamh agus na nithe seo a leanas á gcinneadh:

(i)

an costas athsholáthair reatha dá dtagraítear in Airteagal 274(1);

(ii)

méideanna barúlacha na príomhshuime nó luachanna foluiteacha dá dtagraítear in Airteagal 274(2).

Nuair a chuirtear Roinn 4 i bhfeidhm, chun an méid barúlach dá dtagraítear in Airteagal 275(1) a chinneadh, féadfaidh institiúidí an conradh le haghaidh nuachana a chur san áireamh ar mhaithe le méid barúlach na príomhshuime a ríomh. I gcásanna den sórt sin cuirfidh institiúidí na céatadáin i dTábla 3 i bhfeidhm.

(c)

I gcás comhaontuithe glanluachála eile, cuirfidh institiúidí Roinn 3 i bhfeidhm mar seo a leanas:

(i)

déanfar an costas athsholáthair reatha dá dtagraítear in Airteagal 274(2) le haghaidh na gconarthaí atá ar áireamh i gcomhaontú glanluachála a fháil tríd an gcostas athsholáthair glan hipitéiseach iarbhír atá ina thoradh ar an gcomhaontú a chur san áireamh; i gcás ina bhfuil oibleagáid ghlan ina thoradh ar an nglanluacháil don institiúid a bhfuil an costas athsholáthair glan á ríomh aici, déanfar an costas athsholáthair reatha a ríomh mar ‧0‧;

(ii)

déanfar an figiúr maidir le risíocht fhéideartha todhchaí ar creidmheas dá dtagraítear in Airteagal 274(2) maidir leis na conarthaí uile atá san áireamh i gcomhaontú glanluachála a laghdú de réir na foirmle a leanas:

Formula

nuair atá:

PCEred

=

an figiúr laghdaithe maidir le risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas i gcás na gconarthaí uile le contrapháirtí áirithe atá san áireamh i gcomhaontú glanluachála déthaobhach atá bailí faoin dlí;

PCEgross

=

suim na bhfigiúirí maidir le risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas i gcás na gconarthaí uile le contrapháirtí áirithe atá san áireamh i gcomhaontú glanluachála déthaobhach atá bailí faoin dlí agus a dhéantar a ríomh trí mhéideanna barúlacha na príomhshuime a iolrú faoi na céatadáin atá leagtha amach i dTábla 1;

NGR

=

an cóimheas glan/comhlán arna ríomh mar shainuimhir an chostais athsholáthair ghlain i gcás na gconarthaí uile le contrapháirtí áirithe (uimhreoir) atá san áireamh i gcomhaontú glanluachála déthaobhach atá bailí faoin dlí agus an chostais athsholáthair chomhláin i gcás na gconarthaí uile leis an gcontrapháirtí sin (ainmneoir) atá san áireamh i gcomhaontú glanluachála déthaobhach atá bailí faoin dlí.

2.   Nuair a dhéantar an risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i mír 1, féadfaidh institiúidí conarthaí a lánmheaitseálann atá ar áireamh sa chomhaontú glanluachála a láimhseáil mar a bheadh conradh singil ann le príomhshuim bharúlach atá coibhéiseach leis na fáltais ghlana.

Agus Airteagal 275(1) á chur i bhfeidhm, féadfaidh institiúidí conarthaí a lánmheaitseálann atá ar áireamh sa chomhaontú glanluachála a láimhseáil mar a bheadh conradh singil ann le príomhshuim bharúlach atá coibhéiseach leis na fáltais ghlana, agus déanfar méideanna barúlacha na príomhshuime a iolrú faoi na céatadáin atá tugtha i dTábla 3.

Chun críocha na míre seo, is ionann conarthaí a lánmheaitseálann agus réamhchonarthaí i malairt eachtrach nó conarthaí dá samhail ina bhfuil príomhshuim bharúlach atá coibhéiseach le sreabha airgid thirim má tá na sreabha airgid thirim dlite ar an dáta luacha céanna agus dlite go hiomlán san airgeadra céanna.

3.   Maidir le gach conradh eile i gcomhaontú glanluachála, féadfar na céatadáin is infheidhme a laghdú mar atá léirithe i dTábla 6:

Tábla 6

Aibíocht bhunaidh

Conarthaí ráta úis

Conarthaí i malairt eachtrach

Bliain amháin nó níos lú

0,35 %

1,50 %

Níos mó ná bliana amháin ach nach faide ná dhá bhliain

0,75 %

3,75 %

Liúntas breise maidir le gach bliain bhreise

0,75 %

2,25 %

4.   I gcás conarthaí ráta úis, féadfaidh institiúidí, faoi réir ag faomhadh a n-údarás inniúil, aibíocht tosaigh nó aibíocht iarmhair a roghnú.

Roinn 8

Ítimí sa leabhar trádála

Airteagal 299

Ítimí sa leabhar trádála

1.   D'fhonn an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, beidh tagairt in Iarscríbhinn II d'ionstraimí díorthacha le haghaidh priacal creidmheasa a aistriú mar atá luaite i bpointe (8) Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE.

2.   Agus méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal á ríomh maidir le priacal contrapháirtí i dtaca le hítimí sa leabhar trádála, comhlíonfaidh institiúidí na prionsabail seo a leanas:

(a)

i gcás díorthach creidmheasa um babhtáil an toraidh iomláin agus díorthach creidmheasa um babhtáil mainneachtana creidmheasa, chun figiúr a fháil maidir le risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas faoin modh atá leagtha amach i Roinn 3, déanfar méid ainmniúil na hionstraime a iolrú faoi na céatadáin seo a leanas:

(i)

5 %, i gcás inar oibleagáid thagartha í, dá mba rud é go mbeadh risíocht dhíreach na hinstitiúide mar thoradh uirthi, a bheadh ina hítim cháilitheach chun críocha Chuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2;

(ii)

10 %, i gcás inar oibleagáid thagartha í, dá mba rud é go mbeadh risíocht dhíreach na hinstitiúide mar thoradh uirthi, nach mbeadh ina hítim cháilitheach chun críocha Chuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2.

I gcás institiúide a bhfuil a risíocht a thig ó bhabhtáil mainneachtana creidmheasa in ionannas le suíomh fada san oibleagáid fholuiteach, féadfaidh 0 % a bheith sa chéatadán maidir le neamhcosaint fhéideartha todhchaí ar chreidmheas, mura bhfuil an bhabhtáil mainneachtana creidmheasa faoi réir socraíochta de bharr dhócmhainneacht an eintitis a bhfuil a risíocht a thig ón mbabhtáil in ionannas le suíomh gearr san oibleagáid fholuiteach, cé nár mhainnigh an oibleagáid fholuiteach.

Nuair a sholáthraítear leis an díorthach creidmheasa cosaint ‧don n-ú mainneachtain‧ i measc roinnt oibleagáidí foluiteacha, cinnfidh institiúid cén ceann de na figiúirí céatadáin a leagtar amach sa chéad fhomhír atá infheidhme trí thagairt a dhéanamh don oibleagáid leis an n-ú cáilíocht chreidmheasa is ísle, agus, má thabhaíonn an institiúid í, bheadh sí ina hítim cháilitheach chun críocha Chuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2;

(b)

ní bhainfidh institiúidí úsáid as an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 222 chun éifeachtaí na comhthaobhachta airgeadais a aithint;

(c)

i gcás idirbheart athcheannaigh agus idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí a chuirtear sa leabhar trádála, féadfaidh institiúidí na hionstraimí airgeadais agus tráchtearraí uile a aithint mar chomhthaobhacht incháilithe atá le cur san áireamh sa leabhar trádála;

(d)

maidir le risíochtaí a thagann as ionstraimí díorthacha thar an gcuntar arna gcur sa leabhar trádála, féadfaidh institiúidí tráchtearraí atá incháilithe a áireamh sa leabhar trádála a aithint mar chomhthaobhacht incháilithe;

(e)

chun críocha coigeartuithe luaineachta a ríomh i gcás ina ndéantar ionstraimí airgeadais nó tráchtearraí den sórt sin nach bhfuil incháilithe faoi Chaibidil 4 a thabhairt ar iasacht, a dhíol nó a sholáthar, nó a fháil ar iasacht, a cheannach nó a fháil trí chomhthaobhacht nó trí mheán eile faoina leithéid d'idirbheart, agus nuair a úsáideann institiúid cur chuige na gcoigeartuithe luaineachta maoirseachta faoi Roinn 3 de Chaibidil 4, déanfaidh institiúidí ionstraimí agus tráchtearraí den sórt sin a láimhseáil ar an mbealach céanna agus a láimhseálann siad cothromas neamh-phríomhinnéacs ar mhalartán aitheanta;

(f)

i gcás ina bhfuil institiúid ag úsáid an cur chuige bunaithe ar a meastacháin féin de choigeartuithe luaineachta faoi Roinn 3 de Chaibidil 4 maidir le hionstraimí airgeadais nó tráchtearraí nach bhfuil incháilithe faoi Chaibidil 4, ríomhfaidh sí coigeartuithe luaineachta do gach ítim ar leith. I gcás go bhfuil cead faighte ag institiúid Modh na Samhlacha Inmheánacha arna shainiú i gCaibidil 4 a úsáid, féadfaidh sí an cur chuige sin a chur i bhfeidhm sa leabhar trádála;

(g)

maidir le máistir-chomhaontuithe glanluachála a aithint ina gcuimsítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, ní aithneoidh institiúidí ach glanluacháil thar shuímh sa leabhar trádála agus sa leabhar neamhthrádála nuair a chomhlíonann na hidirbhearta glanluacháilte na coinníollacha seo a leanas:

(i)

déantar gach idirbheart a mharcáil ón margadh ar bhonn laethúil;

(ii)

féadfar aon ítimí a fhaightear ar iasacht, a cheannaítear nó a fhaightear faoi na hidirbhearta a aithint mar chomhthaobhacht airgeadais incháilithe faoi Chaibidil 4 gan pointí (c) go (f) den mhír seo a chur i bhfeidhm;

(h)

i gcás gur cuid d'fhálú inmheánach é díorthach creidmheasa atá ar áireamh sa leabhar trádála agus go n-aithnítear an chosaint chreidmheasa faoin Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 204, cuirfidh institiúidí ceann amháin de na modhanna seo a leanas i bhfeidhm:

(i)

láimhseálfaidh siad é amhail is nár thig aon priacal contrapháirtí ón suíomh sa díorthach creidmheasa sin;

(ii)

chun na ceanglais cistí dílse a ríomh maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí, cuirfidh siad ar áireamh go comhsheasmhach na díorthaigh chreidmheasa go léir atá sa leabhar trádála agus atá ina gcuid d'fhálú inmheánach nó a ceannaíodh mar chosaint i gcoinne risíochta ar CCR sa chás go bhfuil an chosaint chreidmheasa aitheanta mar chosaint incháilithe faoi Chaibidil 4.

Roinn 9

Ceanglais cistí dílse maidir le risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach

Airteagal 300

Sainmhínithe

Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‧gan baint le féimheacht‧, maidir le sócmhainní cliant, go bhfuil socruithe éifeachtacha i bhfeidhm lena n-áirithítear nach mbeidh na sócmhainní sin ar fáil do chreidiúnaithe contrapháirtí lárnaigh nó chomhalta imréitigh i gcás dhócmhainneacht an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh sin faoi seach nó nach mbeidh na sócmhainní ar fáil don comhalta imréitigh chun caillteanais a chumhdach a thabhaigh sé i ndiaidh mhainneachtain cliaint nó cliant seachas iad siúd a chuir na sócmhainní sin ar fáil;

(2)

ciallaíonn ‧idirbheart a bhaineann le contrapháirtí lárnach‧ conradh nó idirbheart atá liostaithe in Airteagal 301(1) idir cliant agus comhalta imréitigh a bhaineann go díreach le conradh nó idirbheart atá liostaithe sa mhír sin idir an comhalta imréitigh sin agus contrapháirtí lárnach;

(3)

ciallaíonn ‧comhalta imréitigh‧ comhalta imréitigh mar atá sainmhínithe i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Rialachán(AE) Uimhir 648/2012

(4)

ciallaíonn ‧cliant‧ cliant mar atá sainmhínithe i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012 nó gnóthás a bhfuil socruithe imréitigh indíreacha bunaithe acu le comhalta imréitigh, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán sin.

Airteagal 301

Raon feidhme ábhartha

1.   Baineann an Roinn seo leis na conarthaí agus na hidirbhearta seo a leanas fad agus atá siad gan réiteach le contrapháirtí lárnach:

(a)

na conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;

(b)

idirbhearta athcheannaigh;

(c)

idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;

(d)

idirbhearta socraíochta iarchurtha;

(e)

idirbhearta iasachta corrlaigh;

2.   Féadfaidh institiúidí a roghnú an bhfuil siad chun ceann den dá láimhseáil a leanas a chur i bhfeidhm ar chonarthaí agus ar idirbhearta atá gan íoc le contrapháirtí lárnach cáilitheach arna liostú i mír 1:

(a)

an láimhseáil maidir le risíochtaí trádála agus le risíochtaí ó ranníocaíochtaí ciste mainneachtana a shonraítear in Airteagal 306, seachas an láimhseáil a shonraítear i mír 1(b) den Airteagal sin, agus in Airteagal 307, faoi seach;

(b)

an láimhseáil a shonraítear in Airteagal 310.

3.   Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a shonraítear in Airteagal 306, seachas an láimhseáil a shonraítear i mír (1)(a) den Airtegal sin, agus in Airteagal 309 i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, maidir leis na conarthaí agus leis na hidirbhearta atá gan íoc le contrapháirtí lárnach neamhcháilitheach atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 302

Faireachán a dhéanamh ar risíochtaí contrapháirtithe lárnacha

1.   Déanfaidh institiúidí faireachán ar a risíochtaí uile ar chontrapháirtithe lárnacha agus leagfaidh siad síos nósanna imeachta maidir le faisnéis a thuairisciú go rialta maidir leis na risíochtaí sin dá lucht bainistíochta sinsearaí agus do choiste iomchuí nó do choistí iomchuí an chomhlachta bainistíochta.

2.   Maidir le leibhéal na gcistí dílse atá á sealbhú i gcoinne risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, lena n-áirítear risíochtaí creidmheasa ionchasacha sa todhchaí nó risíochtaí ar ranníocaíochtaí ciste mainneachtana agus, nuair atá an institiúid ag gníomhú mar chomhalta imréitigh, risíochtaí de thoradh ar shocruithe conarthacha mar atá leagtha síos in Airteagal 304, déanfaidh institiúidí a mheas, trí anailís iomchuí ar chnámha an scéil a dhéanamh, an leor iad le cois na priacail is gné dhílis de na risíochtaí sin.

Airteagal 303

Risíochtaí na gcomhaltaí imréitigh ar chontrapháirtithe lárnacha a láimhseáil

1.   I gcás ina ngníomhaíonn institiúid mar chomhalta imréitigh, chun a críocha féin nó mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, ríomhfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach i gcomhréir le hAirteagail 301 (2) agus (3).

2.   I gcás ina ngníomhaíonn institiúid mar chomhalta imréitigh, agus sa cháil sin, go ngníomhaíonn sí mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a ríomh dá hidirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach leis an gcliant i gcomhréir leis na Ranna roimhe seo den Chaibidil seo, de réir mar is infheidhme.

3.   I gcás gur cliant de chomhalta imréitigh í an institiúid, ríomhfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá hidirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach leis an gcomhalta imréitigh sin i gcomhréir leis na Ranna roimhe seo den Chaibidil seo, de réir mar is infheidhme.

4.   Mar mhalairt ar an gcur chuige atá sonraithe i mír 4, i gcás gur cliant í an institiúid, féadfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá hidirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach leis an gcomhalta imréitigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 296 (b) (2) ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas araon:

(a)

tá suímh agus sócmhainní na hinstitiúide sin a bhaineann leis na hidirbhearta sin idirdhealaithe agus leithscartha de réir bhrí Airteagal 39 EMIR, ar leibhéal an chomhalta imréitigh agus an chontrapháirtí lárnaigh araon, ó shuímh agus sócmhainní an chomhalta imréitigh agus chliaint eile an chomhalta imréitigh sin agus mar gheall ar an leithscaradh sin níl baint ag na suímh agus sócmhainní sin le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó dá chliaint eile;

(b)

éascaítear le dlíthe, rialacháin, rialacha agus socruithe conarthacha ábhartha is infheidhme maidir leis an institiúid sin nó leis an gcontrapháirtí lárnach atá ceangailteach orthu, go ndéanfar suímh an chliaint a bhaineann leis na conarthaí agus idirbhearta sin agus an chomhthaobhacht chomhfhreagrach a aistriú chuig comhalta imréitigh eile laistigh den tréimhse corrlaigh priacail.phriacal i gcás dhócmhainneacht nó mhainneachtain an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh bhunaidh.

5.   I gcás ina ndéanann institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh socrú conarthach le cliant comhalta imréitigh eile d'fhonn iniomparthacht na sócmhainní agus na suímh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5 a áirithiú don chliant sin, féadfaidh an institiúid sin luach risíochta de nialas a shannadh don oibleagáid theagmhasach a chruthaítear mar gheall ar an socrú conarthach sin.

Airteagal 304

Risíochtaí na gcomhaltaí imréitigh ar chliaint a láimhseáil

1.   I gcás ina ngníomhaíonn institiúid mar chomhalta imréitigh, agus sa cháil sin, go ngníomhaíonn sí mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a ríomh dá hidirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach leis an gcliant i gcomhréir le Roinn 1 go Roinn 8 den Chaibidil seo, agus le Teideal VI de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

2.   I gcás ina ndéanann institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh socrú conarthach le cliant comhalta imréitigh eile lena n-éascaítear, i gcomhréir le hAirteagal 48(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012, aistriú suíomh agus comhthaobhachta dá dtagraítear in Airteagal 305(2),(b) den Rialachán sin don chliant sin, agus go mbíonn oibleagáid theagmhasach don institiúid mar bharr ar an gcomhaontú conarthach sin féadfaidh an institiúid sin luach risíochta nialais a shannadh don oibleagáid theagmhasach sin.

3.   Féadfaidh institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh tréimhse corrlaigh priacal níos giorra a chur i bhfeidhm agus an ceanglas cístí dílse á ríomh i leith a risíochtaí ar chliant i gcomhréir le Modh na Samhla Inmheánaí. Ní bheidh an tréimhse corrlaigh priacal a chuirfidh an institiúid i bhfeidhm níos lú ná 5 lá.

4.   Féadfaidh institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh an EAD a iolrú le scálach agus an ceanglas cístí dílse á ríomh i leith a risíochtaí ar chliant i gcomhréir leis an Modh um Marcáil ón Margadh, leis an Modh Caighdeánaithe nó le Modh na Risíochta Tosaigh. Is iad na scálaigh go bhféadfaidh na hinstitiúidí a chur i bhfeidhm na scálaigh a leanas:

(a)

0.71 do thréimhse corrlaigh priacal chúig lá;

(b)

0.77 do thréimhse corrlaigh priacal shé lá;

(c)

0.84 do thréimhse corrlaigh priacal seacht lá;

(d)

0.89 do thréimhse corrlaigh priacal ocht lá;

(e)

0.95 do thréimhse corrlaigh priacal naoi lá;

(f)

1 do thréimhse corrlaigh priacal deich lá nó níos mó

5.   Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála chun na tréimhsí corrlaigh faoi phriacal a shonrú go bhféadfaí institiúidí a úsáid chun críocha mhír 3 agus mhír 4.

Agus na dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh an ÚBE na prionsabail a leanas i bhfeidhm:

(a)

sonróidh sé an tréimhse corrlaigh faoi phriacal i gcás gach cineál conarthaí agus idirbheart a liostaítear in Airteagal 301(1);

(b)

léireofar leis na tréimhsí corrlaigh faoi phriacal arna sonrú i bpointe (a) tréimhse socraíochta na gconarthaí agus na n-idirbheart dá dtagraítear sa phointe sin.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2014.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 305

Risíochtaí na gcliant a láimhseáil

1.   I gcás gur cliant de chomhalta imréitigh í an institiúid, ríomhfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá hidirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh sin i gcomhréir le Rann 1 go Rann 8 den Chaibidil seo agus le Teideal VI de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

2.   Gan dochar don chur chuige atá sonraithe i mír 1, i gcás gur cliant í an institiúid, féadfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá risíochtaí trádála d'idirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 306 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá suímh agus sócmhainní na hinstitiúide sin a bhaineann leis na hidirbhearta sin idirdhealaithe agus leithscartha, ar leibhéal an chomhalta imréitigh agus an chontrapháirtí lárnaigh araon, ó shuímh agus sócmhainní an chomhalta imréitigh agus chliaint eile an chomhalta imréitigh sin agus mar gheall ar an idirdhealú sin agus an leithscaradh sin níl baint ag na suímh agus sócmhainní sin le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó dá chliaint eile;

(b)

éascaítear le dlíthe, rialacháin, rialacha agus socruithe conarthacha is infheidhme maidir leis an institiúid sin nó leis an gcontrapháirtí lárnach atá ceangailteach orthu, go ndéanfar suímh an chliaint a bhaineann leis na conarthaí agus idirbhearta sin agus an chomhthaobhacht chomhfhreagrach a aistriú chuig comhalta imréitigh eile laistigh den tréimhse corrlaigh is infheidhme faoi phriacal i gcás dhócmhainneacht nó mhainneachtain an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh bhunaidh. In imthosca mar sin, déanfar suímh agus comhthaobhacht an chliaint a aistriú ag luach an mhargaidh mura n-iarrann an cliant go ndéanfaí an suíomh a shocrú ar luach an mhargaidh;

(c)

tá tuairim neamhspleách, i scríbhinn agus réasúnaithe ar fáil ag an institiúid a deir go bhfaigheadh, i gcás ina ndéanfaí agóid dhlíthiúil, na cúirteanna ábhartha agus na húdaráis riaracháin ábhartha nach dtabhódh an cliant aon chaillteanas de bharr dhócmhainneacht a chomhalta imréitigh nó de bharr dhóchmhainneacht aon cheann de chliaint an chomhalta imréitigh faoi dhlíthe dhlínse na hinstitiúide, dhlíthe a chomhalta imréitigh agus an chontrapháirtí lárnaigh, faoi dhlí lena rialaítear na hidirbhearta agus na conarthaí a imréitíonn an institiúid tríd an gcontrapháirtí lárnach, an dlí lena rialaítear an chomhthaobhacht, agus an dlí lena rialaítear aon chonradh nó aon chomhaontú atá riachtanach chun an coinníoll i bpointe (b) a chomhlíonadh,

(d)

is contrapháirtí lárnach cáilitheach é an contrapháirtí lárnach.

3.   Gan dochar do na coinníollacha atá sonraithe i mír 2, i gcás nach gcosnaítear institiúid ar cliant í ó chaillteanais i gcás go gcomh-mhainneachtaíonn an comhalta imréitigh agus cliant eile de chuid an chomhalta imréitigh, ach go bhfuil na coinníollacha uile eile a leagtar amach i mír 2 á gcomhlíonadh, féadfaidh an cliaint na ceanglais cistí dílse dá risíochtaí trádála d'idirbhearta a bhaineann le contrapháirtithe lárnacha lena chomhalta imréitigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 306, faoi réir ualú priacal 4 % a chur in ionad an ualaithe priacal 2 % atá i mír 1 (a) den Airteagal sin.

4.   Má bhaineann institiúid ar cliant í leas as seirbhísí contrapháirtí lárnaigh trí shocruithe neamhdhíreacha imréitigh, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012, ní fhéadfaidh an institiúid sin an láimhseáil a leagtar amach i mír 2 nó i mír 3 a chur i bhfeidhm ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha i ngach mír ar gach leibhéal de shlabhra na n-idirghabhálaithe.

Airteagal 306

Ceanglais cistí dílse maidir le risíochtaí trádála

1.   Cuirfidh institiúid an láimhseáil a leanas i bhfeidhm ar a risíochtaí trádála ar chontrapháirtithe lárnacha:

(a)

cuirfidh sí ualú priacal 2 % i bhfeidhm maidir le luachanna risíochta a risíochtaí trádála uile le contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha;

(b)

cuirfidh sí i bhfeidhm an t-ualú priacal a úsáidtear don Chur chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa a leagtar amach in Airteagal 107(2)(b) ar a risíochtaí trádála uile le contrapháirtithe lárnacha neamhcháilitheacha.

(c)

i gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach agus go bhforálann téarmaí an idirbhirt a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach nach bhfuil sé d'oibleagáid ag an institiúid an cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhain dó de thoradh ar athruithe ar luach an idirbhirt sin má mhainníonn an contrapháirtí lárnach cothrom le nialas is ea luach risíochta an idirbhirt leis an gcontrapháirtí lárnach a chomhfhreagraíonn don idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach.

2.   D'ainneoin mhír 1, i gcás ina bhfuil sócmhainní a bhreactar mar chomhthaobhacht do chontrapháirtí lárnach nó do chomhalta imréitigh neamhbhainteach le féimheacht i gcás ina n-éireoidh an contrapháirtí lárnach, an comhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó de na cliaint eile dócmhainneach, féadfaidh institiúid luach risíochta de nialas a shannadh do risíochtaí priacal creidmheasa contrapháirtithe maidir leis na sócmhainní sin.

3.   Ríomhfaidh institiúid luachanna risíochta a risíochtaí trádála le contrapháirtí lárnach i gcomhréir leRoinn 1 go 8 den Chaibidil seo, de réir mar is infheidhme.

4.   Ríomhfaidh institiúid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir lena risíochtaí trádala le contrapháirtithe lárnacha chun críocha Airteagal 92(3) mar shuim luachanna risíochta a risíochtaí trádála le contrapháirtithe lárnacha, arna ríomh i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, agus arna n-iolrú faoin ualú priacal a chinntear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 307

Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh

Cuirfidh institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh an láimhseáil seo a leanas i bhfeidhm ar a risíochtaí a thagann as a ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh.

(a)

ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 308;

(b)

ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 309.

Airteagal 308

Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh réamh-mhaoinithe

1.   An luach risíochta do ranníocaíocht réamh-mhaoinithe institiúide le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh (DFi), beidh sé cothrom leis an méid a íocadh isteach nó luach margaidh na sócmhainní arna seachadadh ag an institiúid sin, laghdaithe le haon chuid den ranníocaíocht sin atá úsáidte cheana féin ag an gcontrapháirtí lárnach cáilitheach chun a chaillteanais a sheasamh tar éis mainneachtana ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí imréitigh.

2.   Is mar seo a leanas a ríomhfaidh institiúid an ceanglas cistí dílse (Ki) chun an risíochta thagann as a ranníocaíocht réamh-mhaoinithe (DFi) a chumhdach:

Formula

nuair atá:

β

=

an fachtóir comhchruinnithe a chuireann an contrapháirtí lárnach in iúl don institiúid;

N

=

líon na gcomhaltaí imréitigh a chuireann an contrapháirtí lárnach in iúl don institiúid;

DFCM

=

suim ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe chomhaltaí imréitigh uile an chontrapháirtí lárnaigh Formula a chuireann an contrapháirtí lárnach in iúl don institiúid;

KCM

=

suim ceanglais chistí dílse chomhaltaí imréitigh uile an chontrapháirtí lárnaigh arna ríomh de réir na foirmle is infheidhme atá sonraithe i mír 3 Formula.

3.   Déanfaidh institiúid KCM a ríomh mar seo a leanas:

(a)

mar a bhfuil KCPL ≤ DFCPL, úsáidfidh an institiúid an fhoirmle seo a leanas:

Formula;

(b)

mar a bhfuil DFCPL < KCPL ≤DF*, úsáidfidh an institiúid an fhoirmle seo a leanas:

Formula;

(c)

mar a bhfuil DF* < KCPL, úsáidfidh an institiúid an fhoirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

DFCPL

=

acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe an chontrapháirtí lárnaigh a chuireann an contrapháirtí lárnach in iúl don institiúid;

KCPL

=

caipiteal hipitéiseach an chontrapháirtí lárnaigh a chuireann an contrapháirtí lárnach in iúl don institiúid;

DF

=

na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe iomlána

DF*

=

Formula;

Formula

=

Formula

Formula

;

=

an mheánranníocaíocht réamh-mhaoinithe, Formula, a chuireann an contrapháirtí lárnach in iúl don institiúid;

c1

=

comhéifeacht chaipitil cothrom le Formula

c2

=

comhéifeacht chaipitil cothrom le 100 %;

μ

=

1.2.

4.   Déanfaidh institiúid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh maidir le risíochtaí a thagann as ranníocaíocht réamh-mhaoinithe institiúide chun críche Airteagal 92(3) mar an ceanglas cistí dílse (Ki) arna chinneadh i gcomhréir le mír 2 arna iolrú faoi 12.5.

5.   Mar a bhfuil KCPL cothrom le nialas, úsáidfidh institiúidí luach 0.16 % le haghaidh c1 chun críocha an ríofa i míreanna 3.

Airteagal 309

Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh réamh-mhaoinithe agus le ranníocaíochtaí neamhmhaoinithe le contrapháirtí lárnach neamhcháilitheach

1.   Cuirfidh an institiúid an fhoirmle seo a leanas i bhfeidhm chun an ceanglas cistí dílse (Ki) a ríomh maidir le risíochtaí a thagann as a ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe do chiste mainneachtana contrapháirtí neamhcháilitheach (DFi) agus as ranníocaíochtaí neamh-mhaoinithe (UCi) do chontrapháirtí lárnach den sórt sin:

Formula

agus c2·and μ á sainmhíniú mar a dhéantar in Airteagal 308(3).

2.   Chun críche mhír 1, ciallaíonn ranníocaíochtaí neamhchistithe ranníocaíochtaí a gheallann institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh go conarthach a sholáthar do chontrapháirtí lárnach tar éis don chontrapháirtí lárnach a chiste mainneachtana a ídiú chun caillteanais a chumhdach a thabhaigh sí tar éis mainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh.

3.   Déanfaidh institiúid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh maidir le risíochtaí a thagann as ranníocaíocht réamh-mhaoinithe institiúide chun críche Airteagal 92(3) mar an ceanglas cistí dílse (Ki) arna chinneadh i gcomhréir le míreanna 1 arna iolrú faoi 12.5.

Airteagal 310

Ceanglas cistí dílse maidir le risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach cáilitheach a ríomh ar bhealach malartach

Cuirfidh an institiúid an fhoirmle seo a leanas i bhfeidhm chun an ceanglas cistí dílse (Ki) a ríomh maidir le risíochtaí a thagann as a risíochtaí trádála agus as risíochtaí trádála a cliant (TEi) agus ranníocaíochtaí reamh-mhaoinithe (DFi) le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh:

Formula

Airteagal 311

Ceanglais cistí dílse do risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha nach gcomhlíonann coinníollacha áirithe a thuilleadh

1.   Cuirfidh institiúid an láimhseáil a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leanas:

(a)

fuair an institiúid fógra ón gcontrapháirtí lárnach a cheanglaítear le pointe (j)(ii) d'Airteagal 50b de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012 gur stad an contrapháirtí lárnach de KCPL a ríomh;

(b)

tháinig institiúid de bheith ar an eolas – tar éis fógra phoiblí nó fógra ó údarás inniúil chontrapháirtí lárnaigh a úsáideann an institiúid nó ón gcontrapháirtí lárnach féin - nach gcomhlíonfaidh an contrapháirtí lárnach na coinníollacha maidir le húdarú nó le haitheantas, i gcás inarb infheidhme, níos mó;

2.   I gcás nár comhlíonadh ach an coinníoll i bpointe (a) de mhír 1, fíoróidh údarás inniúil na hinstitiúide na fáthanna lenar stad an contrapháirtí lárnach KCPL a ríomh.

Má mheasanna an t-údarás inniúil go bhfuil na fáthanna dá dtagraítear sa chéad fho-mhír bailí, féadfaidh sé na hinstitiúidí ina Bhallstát an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 310 a chur I bhfeidhm maidir lena chuid risíochtaí trádála ar an gcontrapháirtí lárnach sin agus maidir lena ranníocaíochtaí ciste mainneachtana leis. Má thugann sé an cead sin, déanfaidh sé na cúiseanna lena chinneadh a nochtadh.

Má mheasann an t-údarás inniúil nach bhfuil na cúiseanna dá dtagraítear sa chéad fho-mhír bailí, déanfaidh gach institiúid ina Bhallstát, beag beann ar an láimhseáil a roghnaigh siad i gcomhréir le hAirteagal 301(2), an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 3, den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

3.   I gcás gur comhlíonadh an coinníoll i mír 1(b)), beag beann ar an gcomhlíonadh an coinníoll i bpointe (a) den mhír sin nó nár comhlíonadh é, déanfaidh institiúid, laistigh de thrí mhí d'fheidhm a bheith ag na himthosca a leagtar amach i bpointe (b) den mhír sin), nó níos luaithe má éilíonn údarás inniúil na hinstitiúide sin é, an méid a leanas maidir lena risíochtaí ar an gcontrapháirtí lárnach sin:

(a)

scoirfidh sí an láimhseáil a roghnaigh sí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 301(2);

(b)

cuirfidh sí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 306(1) (b) i bhfeidhm maidir lena risíochtaí trádála ar an gcontrapháirtí lárnach sin;

(c)

cuirfidh sí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 309 i bhfeidhm maidir lena ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh sin agus lena ranníocaíochtaí neamhmhaoinithe ar an gcontrapháirtí lárnach sin;

(d)

risíochtaí seachas iad sin a liostaítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) ar an gcontrapháirtí lárnach sin a láimhseáil mar risíochtaí ar eintiteas corporáideach i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa atá leagtha amach i gCaibidil 2.

TEIDEAL III

CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE LE HAGHAIDH PRIACAL OIBRIÚCHÁIN

CAIBIDIL 1

Prionsabail ghinearálta lena rialaítear úsáid na gcineálacha éagsúla cur chuige

Airteagal 312

Cead agus fógra

1.   D'fhonn cáiliú chun an Cur Chuige Caighdeánaithe a úsáid, comhlíonfaidh institiúidí na critéir atá leagtha amach in Airteagal 320, i dteannta na gcaighdeán ginearálta um bainistíocht priacal atá leagtha amach in Airteagal 74 agus Airteagal 85 de Threoir 2013/36/AE. Tabharfaidh na hinstitiúidí fógra do na húdaráis inniúla roimh an gcur chuige caighdeánaithe a úsáid.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead do na hinstitiúidí táscaire ábhartha malartach a úsáid i gcomhair réimsí gnó na baincéireachta miondíola agus na baincéireachta tráchtála i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 319(2) agus Airteagal 320.

2.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead do na hinstitiúidí Ardmhodhanna Tomhais a úsáid bunaithe ar a gcórais féin chun priacail oibriúcháin a thomhas, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin cháilíochtúla agus chainníochtúla go léir atá leagtha amach in Airteagal 321 agus Airteagal 322 faoi seach agus i gcás ina gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí na caighdeáin ghinearálta um bainistíocht priacal atá leagtha amach in Airteagal 74 agus Airteagal 85 de Threoir (AE)/36/2013 agus i Roinn II, Caibidil 3, Teideal VII den Treoir sin.

Cuirfidh na hinstitiúidí isteach ar chead óna n-údaráis inniúla freisin i gcás inar mian leo síntí agus athruithe ábhartha a chur chun feidhme maidir leis na hArdmhodhanna Tomhais sin. Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla cead ach amháin sna cásanna sin ina leanfadh institiúidí orthu ag comhlíonadh na gcaighdeán sin a shonraítear sa chéad fhomhír i ndiaidh na síntí agus na n-athruithe ábhartha sin.

3.   Tabharfaidh na hinstitiúidí fógra do na húdaráis inniúla maidir le haon athruithe ar a gcuid samhlacha Cur Chuige Ardtomhais.

4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

an mhodheolaíocht mheasúnaithe trína dtugann na húdaráis inniúla cead d'institiúidí leas a bhaint as Ardmhodhanna Tomhais;

(b)

na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar Ardmhodhanna Tomhais;

(c)

módúlachtaí an fhógra a éilítear le mír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 313

Filleadh ar mhodhanna nach bhfuil chomh sofaisticiúil a úsáid

1.   Ní fhillfidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige Caighdeánaithe ar Chur Chuige an Bhuntáscaire mura gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 3.

2.   Maidir le hinstitiúidí a úsáideann na hArdmhodhanna Tomhais ní fhillfidh siad ar an gCur Chuige Caighdeánaithe ná ar Chur Chuige an Bhuntáscaire mura gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 3.

3.   Ní fhéadfaidh institiúid filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil i gcás priacal oibriúcháin ach amháin i gcás ina mbeidh an dá choinníoll seo a leanas comhlíonta:

(a)

tá sé léirithe ag an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil nach bhfuil sé beartaithe cur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil a úsáid d'fhonn ceanglais cistí dílse na hinstitiúide le haghaidh priacal oibriúcháin a laghdú, go bhfuil sé riachtanach ar bhonn chineál agus chastacht na hinstitiúide agus nach mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aige ar shócmhainneacht na hinstitiúide ná ar a cumas priacal oibriúcháin a bhainistiú go héifeachtach;

(b)

fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.

Airteagal 314

Cineálacha éagsúla cur chuige a úsáid i dteannta a chéile

1.   Féadfaidh institiúidí leas a bhaint as cineálacha éagsúla cur chuige i dteannta a chéile ar an gcoinníoll go bhfaigheann siad cead ó na húdaráis inniúla. Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead den sórt sin i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais atá leagtha amach i míreanna 2 go 4, de réir mar is infheidhme.

2.   Féadfaidh institiúid Ardmhodh Tomhais a úsáid i dteannta Chur Chuige an Bhuntáscaire nó an Chur Chuige Chaighdeánaithe, i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

gabhtar priacail oibriúcháin ar fad na hinstitiúide leis na cineálacha Cur Chuige a úsáideann sí i dteannta a chéile agus tá na húdaráis inniúla sásta leis an modheolaíocht atá in úsáid ag an institiúid chun gníomhaíochtaí éagsúlaúla, suímh geografacha, struchtúir dhlíthiúla nó rannáin ábhartha eile arna gcinneadh ar bhonn inmheánach a chumhdach;

(b)

comhlíontar na critéir atá leagtha amach in Airteagal 320 agus na caighdeáin atá leagtha amach in Airteagal 321 agus Airteagal 322 i gcás na coda sin de na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe leis an gCur Chuige Caighdeánaithe agus leis na hArdmhodhanna Tomhais faoi seach.

3.   I gcás institiúidí ar mian leo Ardmhodh Tomhais a úsáid i dteannta Chur Chuige an Bhuntáscaire nó an Chur Chuige Chaighdeánaithe, déanfaidh údaráis inniúla na coinníollacha breise seo a leanas a fhorchur, maidir le cead a thabhairt:

(a)

ar an dáta a chuirfear Ardmhodh Tomhais chun feidhme, go mbeidh cuid shuntasach de priacail oibriúcháin na hinstitiúide gafa leis an gCur Chuige sin;

(b)

tá an institiúid tiomanta an Ardmhodh Tomhais a chur i bhfeidhm i gcuid ábhartha dá hoibríochtaí laistigh de sceideal ama a cuireadh faoi bhráid na n-údarás inniúil agus a d'fhaomh siad.

4.   Ní fhéadfaidh institiúid cead a iarraidh ó údarás inniúil Cur Chuige an Bhuntáscaire agus an Cur Chuige Caighdeánaithe a úsáid i dteannta a chéile ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, mar shampla gnóthas nua a fuarthas mar éadáil le déanaí agus a mbeadh idirthréimhse ag teastáil dó chun an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm.

Ní thabharfaidh údarás inniúil cead den sórt sin ach amháin i gcás ina bhfuil an institiúid tiomanta an Chur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm laistigh de sceideal ama a cuireadh faoi bhráid an údaráis inniúil agus a d'fhaomh siad.

5.   Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

na coinníollacha a úsáidfidh na húdaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;

(b)

na coinníollacha a úsáidfidh na húdaráis inniúla agus cinneadh á dhéanamh acu an bhforchuirfidh nó nach bhforchuirfidh siad na coinníollacha breise dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2016.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 2

Cur chuige an bhuntáscaire

Airteagal 315

Ceanglas cistí dílse

1.   Faoi Chur Chuige an Bhuntáscaire, tá an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin cothrom le 15 % den mheán thar thréimhse trí bliana den táscaire ábhartha a leagtar amach in Airteagal 316.

Déanfaidh institiúidí meán an táscaire a ríomh thar thréimhse trí bliana den táscaire ábhartha ar bhonn na dtrí bhreathnóireacht dhá mhí dhéag is deireanaí ag deireadh na bliana airgeadais. Mura bhfuil figiúirí iniúchta ar fáil, féadfaidh institiúidí meastacháin ghnó a úsáid.

2.   I gcás ina bhfuil insitiúid ag feidhmiú ar feadh níos lú ná trí bliana, féadfaidh sé meastacháin réamhbhreathnaitheacha gnó a úsáid chun an táscaire ábhartha a ríomh, ar an gcoinníoll go dtosóidh sé ag úsáid sonraí stairiúla a thúisce a bheidh siad ar fáil.

3.   I gcás inar féidir le hinstitiúid a chruthú dá húdarás inniúil go mbeadh - de bharr chumasc, éadáil nó dhiúscairt na n-eintiteas nó na ngníomhaíochtaí - meastachán claonta mar thoradh ar an táscaire ábhartha a ríomh tríd an méan trí bliana a úsáid don cheanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin, féadfaidh an t-údarás inniúil ceadú do na hinstitiúidí an ríomh a leasú ar bhealach lena gcuirfí imeachtaí den chineál sin san áireamh agus cuirfidh sé ÚBE ar an eolas faoi. Sna himthosca sin, féadfaidh an t-údarás inniúil ceanglas a chur ar institiúid ar a thionscnamh féin, an ríomh a leasú.

4.   Maidir le breathnóireacht ar bith, i gcás ina bhfuil an táscaire ábhartha diúltach nó cothrom le nialas, ní chuirfidh institiúidí an figiúr sin san áireamh le linn dóibh an meán thar thréimhse trí bliana a ríomh. Ríomhfaidh institiúidí an meán thar thréimhse trí bliana mar shuim na bhfigiúirí deimhneacha arna roinnt ar líon na bhfigiúirí deimhneacha.

Airteagal 316

Táscaire ábhartha

1.   I gcás institiúidí a chuireann na caighdeáin chuntasaíochta a bunaíodh le Treoir 86/635/CEE i bhfeidhm, bunaithe ar na catagóirí cuntasaíochta do chuntas brabúis agus caillteanais na n-institiúidí faoi Airteagal 27 den Treoir sin, is é an táscaire ábhartha suim na n-eilimintí atá liostaithe i dTábla 1 den mhír seo. Cuirfidh institiúidí gach eilimint lena comhartha deimhneach nó lena comhartha diúltach san áireamh sa tsuim.

Tábla 1

1

Ús infhála agus ioncam dá shamhail

2

Ús iníoctha agus muirir dá shamhail

3

Ioncam ó scaireanna agus ó urrúis toraidh athraithigh/ toraidh sheasta

4

Coimisiúin/táillí infhála

5

Coimisiúin/táillí iníoctha

6

Glanbhrabrús nó glanchaillteanas ar oibríochtaí airgeadais

7

Ioncam oibriúcháin eile

Déanfaidh institiúidí na heilimintí sin a choigeartú chun na cáilíochtaí seo a leanas a léiriú:

(a)

ríomhfaidh institiúidí an táscaire ábhartha sula n-asbhainfear aon soláthairtí agus caiteachais oibriúcháin. Áireoidh institiúidí mar caiteachais oibriúcháin na táillí a íocadh i leith eisfhoinsiú seirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe nach mathairchuideachta ná fochuideachta de chuid na hinstitiúide iad ná fochuideachta de chuid máthairchuideachta arb í máthairchuideachta na hinstitiúide í. Féadfaidh institiúidí an caiteachas ar eisfhoinsiú seirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe a úsáid chun an táscaire ábhartha a laghdú i gcás ina dtabhaítear an caiteachas ó ghnóthas atá faoi réir rialacha faoin Rialachán seo, nó faoi réir rialacha atá coibhéiseach leo;

(b)

ní bhainfidh institiúidí feidhm as na heilimintí seo a leanas le linn dóibh an táscaire ábhartha a ríomh:

(i)

brabúis/caillteanais ó dhíol ítimí ón leabhar neamhthrádála;

(ii)

ioncam ó ítimí urghnácha nó neamhrialta;

(iii)

ioncam díorthaithe ó árachas.

(c)

féadfaidh institiúidí athluacháil ítimí trádála a áireamh nuair is cuid den ráiteas brabúis agus caillteanais í. Nuair a chuireann institiúidí Airteagal 36(2) de Threoir 86/635/CEE i bhfeidhm, áireoidh siad athluacháil arna cur sa chuntas brabúis agus caillteanais.

2.   Nuair a chuireann institiúidí caighdeáin chuntasaíochta i bhfeidhm nach ionann iad agus na cinn a bunaíodh le Treoir 86/635/CEE, ríomhfaidh siad an táscaire ábhartha ar bhonn na sonraí is fearr a léiríonn an sainmhíniú atá leagtha amach san Airteagal seo.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an mhodheolaíocht a chinneadh chun an táscaire ábhartha dá dtagraítear i mír 2 a ríomh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 3

Cur Chuige Caighdeánaithe

Airteagal 317

Ceanglas cistí dílse

1.   Faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, roinnfidh institiúidí a ngníomhaíochtaí ar na réimeanna gnó atá leagtha amach i dTábla 2 de mhír 4 agus i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 318.

2.   Is mar mheán thar thréimhse trí bliana de shuim na gceanglas cistí dílse bliantúla thar gach réim gnó dá dtagraítear i dTábla 2 de mhír 4 a ríomhfaidh institiúidí an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin. Tá ceanglas cistí dílse bliantúil gach aon réime gnó cothrom le toradh an bhéite-fhachtóra chomhfhreagraigh dá dtagraítear sa Tábla sin agus leis an gcuid den táscaire ábhartha arna mapáil go dtí an réim gnó faoi seach.

3.   In aon bhliain ar leith, féadfaidh institiúidí ceanglais cistí dílse dhiúltacha a thig ó chuid dhiúltach den táscaire ábhartha in aon réim gnó a fhritháireamh gan teorainn leis na ceanglais cistí dílse dheimhneacha i réimeanna gnó eile. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil an ceanglas comhiomlán cistí dílse ar fud gach réime gnó i mbliain ar leith diúltach, tabharfaidh institiúidí luach nialais mar ionchur d'uimhreoir na bliana sin.

4.   Déanfaidh institiúidí meán thar thréimhse trí bliana den tsuim dá dtagraítear i mír 2 a ríomh ar bhonn na dtrí bhreathnóireacht dhá mhí dhéag is deireanaí ag deireadh na bliana airgeadais. Mura bhfuil figiúirí iniúchta ar fáil, féadfaidh institiúidí meastacháin ghnó a úsáid.

I gcás inar féidir le hinstitiúid a chruthú dá húdarás inniúil go mbeadh - de bharr chumasc, éadáil nó dhiúscairt na n-eintiteas nó na ngníomhaíochtaí - meastachán claonta mar thoradh ar an táscaire ábhartha a ríomh tríd an méan trí bliana a úsáid don cheanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin, féadfaidh an t-údarás inniúil ceadú do na hinstitiúidí an ríomh a leasú ar bhealach lena gcuirfí imeachtaí den chineál sin san áireamh agus cuirfidh sé ÚBE ar an eolas faoi. Sna himthosca sin, féadfaidh an t-údarás inniúil ceanglas a chur ar institiúid ar a thionscnamh féin, an ríomh a leasú.

I gcás ina bhfuil insitiúid ag feidhmiú ar feadh níos lú ná trí bliana, féadfaidh sé meastacháin réamhbhreathnaitheacha gnó a úsáid chun an táscaire ábhartha a ríomh, ar an gcoinníoll go dtosóidh sé ag úsáid sonraí stairiúla a thúisce a bheidh siad ar fáil.

Tábla 2

Réim gnó

Liosta gníomhaíochtaí

Céatadán

(Béite-fhactóir)

Maoiniúchán corparáideach

Ionstraimí airgeadais a fhrithghealladh nó ionstraimí airgeadais a sholáthar ar bhonn oibleagáide daingne

Seirbhísí a bhaineann le frithghealladh

Comhairle infheistíochta

Comhairle do ghnóthais faoi struchtúr caipitil, straitéis thionsclaíoch agus ábhair ghaolmhara, agus comhairle agus seirbhísí a bhaineann le cumaisc agus le ceannach gnóthas

Taighde infheistíochta agus anailís airgeadais agus cineálacha eile moltaí ginearálta a bhaineann le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais

18 %

Trádáil agus Díolacháin

Déileáil ar a gcuntas féin

Bróicéireacht airgid

Orduithe i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó a ghlacadh agus a tharchur

Orduithe a fhorghníomhú ar son cliant

Ionstraimí airgeadais a sholáthar gan bonn oibleagáide daingne

Oibriú Saoráidí Trádála Iltaobhacha

18 %

Bróicéireacht mhiondíola

(Gníomhaíochtaí le daoine nádúrtha nó le FBManna a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 123 maidir le haicme na risíochta ar mhiondíol)

Orduithe i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó a ghlacadh agus a tharchur

Orduithe a fhorghníomhú ar son cliant

Ionstraimí airgeadais a sholáthar gan bonn oibleagáide daingne

12 %

Baincéireacht tráchtála

Taiscí agus cistí inaisíoctha eile a ghlacadh

Iasachtú

Léasú airgeadais

Ráthaíochtaí agus Gealltanais

15 %

Baincéireacht mhiondíola

(Gníomhaíochtaí le daoine nádúrtha nó le FBManna a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach in Airteagal 123 maidir le haicme na risíochta ar mhiondíol)

Taiscí agus cistí inaisíoctha eile a ghlacadh

Iasachtú

Léasú airgeadais

Ráthaíochtaí agus Gealltanais

12 %

Íocaíocht agus socraíocht

Seirbhísí tarchur airgid,

Modhanna íocaíochta a eisiúint agus a riar

18 %

Seirbhísí gníomhaireachta

Ionstraimí airgeadais a chumhdach agus a riar chun cuntais na gcliant, lena n-airítear feighlíocht agus seirbhísí gaolmhara amhail bainistíocht airgid thirim nó comhthaobhachta

15 %

Bainistíocht sócmhainní

Bainistíocht punainne

GCUI a bhainistiú

Cineálacha eile bainistíochta

12 %

Airteagal 318

Prionsabail maidir le réimeanna gnó a mhapáil

1.   Forbróidh institiúidí beartais agus critéir shonracha chun an táscaire ábhartha i gcomhair réimeanna agus gníomhaíochtaí gnó reatha a mhapáil sa chreat caighdeánaithe atá leagtha síos in Airteagal 317 agus déanfaidh siad doiciméadú orthu. Déanfaidh siad athbhreithniú agus coigeartú ar na beartais agus ar na critéir sin de réir mar is cuí le déileáil le priacail agus gníomhaíochtaí gnó atá ag athrú nó atá nua.

2.   Cuirfidh institiúidí na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm maidir le réimeanna gnó a mhapáil:

(a)

mapálfaidh institiúidí na gníomhaíochtaí ina réimeanna gnó ar bhealach atá comheisiatach agus uileghabhálach le chéile;

(b)

murar féidir le hinstitiúidí aon ghníomhaíocht a mhapáil go héasca i gcreat na réimeanna gnó, agus más gníomhaíocht choimhdeach í a bhaineann le gníomhaíocht atá ar áireamh sa chreat oibre, déanfaidh na hinstitiúidí an ghníomhaíocht sin a mhapáil sa réim ghnó a dtugann sí tacaíocht di. I gcás ina bhfuil gníomhaíocht choimhdeach ag tacú le breis agus réim gnó amháin, úsáidfidh institiúidí critéar mapála oibiachtúil;

(c)

i gcás nach féidir gníomhaíocht a mhapáil i réim gnó ar leith bainfidh na hinstitiúidí feidhm as an réim gnó a thugann an céatadán is airde. Baineann an réim gnó chéanna le haon ghníomhaíocht choimhdeach a ghabhann leis an ngníomhaíocht sin freisin;

(d)

féadfaidh institiúidí modhanna praghsála inmheánacha a úsáid chun an táscaire ábhartha a leithdháileadh ar réimeanna gnó éagsúla. Féadfar costas arna ghiniúint i réim gnó amháin is féidir a iontráil go barúlach i réim gnó eile a ath-leithdháileadh ar an réim gnó lena mbaineann siad;

(e)

beidh an chaoi a mapálfar gníomhaíochtaí i réimeanna gnó chun críocha caipitil priacal oibriúcháin comhsheasmhach leis na catagóirí a úsáideann na hinstitiúidí i gcomhair priacail creidmheasa agus priacail margaidh;

(f)

beidh an lucht bainistíochta sinsearaí freagrach as an mbeartas mapála atá faoi rialú chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide;

(g)

cuirfidh institiúidí an próiseas mapála i réimeanna gnó faoi réir athbhreithnithe neamhspleáigh.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn na coinníollacha a chinneadh ar dá réir a chuirfear na prionsabail i ndáil le mapáil réimeanna gnó dá bhforáiltear san Airteagal seo i bhfeidhm.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 31.12.17.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 319

Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach

1.   Faoin gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach, i gcás réimeanna gnó na baincéireachta miondíola agus na baincéireachta tráchtála, cuirfidh institiúidí an méid seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

táscaire normalaithe ioncaim is ea an táscaire ábhartha atá cothrom le méid ainmniúil na n-iasachtaí agus na n-airleacan arna n-iolrú faoi 0.035;

(b)

is éard atá sna hiasachtaí agus sna hairleacain méideanna iomlána tarraingthe sna punanna creidmheasa comhfhreagracha. I gcás réim gnó na baincéireachta tráchtála, cuirfidh institiúidí urrúis arna sealbhú sa leabhar neamhthrádála ar áireamh i méid ainmniúil na n-iasachtaí agus na n-airleacan.

2.   Ní mór d'institiúid na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh le cead a bheith aici leas a bhaint as an gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach:

(a)

is ó ghníomhaíochtaí baincéireachta miondíola nó tráchtála a fhaigheann sí ar a laghad 90 % dá hioncam;

(b)

beidh iasachtaí a bhfuil PD ard ag baint leo ina gcion suntasach dá gníomhaíochtaí baincéireachta miondíola nó tráchtála;

(c)

is bonn iomchuí é an Cur chuige Caighdeánaithe Malartach chun a ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin a ríomh.

Airteagal 320

Critéir maidir leis an gCur chuige Caighdeánaithe

Is iad seo a leanas na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 312(1):

(a)

beidh córas atá doiciméadaithe go maith i bhfeidhm ag institiúid chun priacail oibriúchán a mheasúnú agus a bhainistiú agus beidh freagrachtaí soiléire sannta don chóras sin. Déanfaidh sí a risíochtaí ar priacail oibriúcháin a aithint agus sonraí ábhartha maidir le priacail oibriúcháin a rianú, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le caillteanas ábhartha. Beidh an córas sin faoi réir a athbhreithnithe go rialta ar bhonn neamhspleách arna dhéanamh ag páirtí inmheánach nó seachtrach a bhfuil an fhaisnéis riachtanach aige chun athbhreithniú den chineál sin a dhéanamh;

(b)

beidh córais na hinstitiúide chun priacail oibriúcháin a mheas comhtháite go dlúth le próisis um bainistiú priacal na hinstitiúide sin. Beidh a haschur ina dhlúthchuid den phróiseas chun próifíl priacal oibriúcháin na hinstitiúide a rialú agus chun faireachán a dhéanamh uirthi;

(c)

cuirfidh institiúid córas chun feidhme maidir le tuairisciú chuig an lucht bainistíochta sinsearaí faoina soláthraítear tuairiscí ar priacal oibriúcháin do na feidhmeanna ábhartha laistigh de na hinstitiúidí. Beidh nósanna imeachta ag institiúid chun beart cuí a dhéanamh de réir an eolais atá sna tuarascálacha a thugtar don lucht bainistíochta.

CAIBIDIL 4

Ardmhodhanna Tomhais

Airteagal 321

Caighdeáin cháilíochtúla

Is iad seo a leanas na caighdeáin cháilíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 312(2):

(a)

déanfar córas inmheánach na hinstitiúide chun priacail oibriúcháin a thomhas a chomhtháthú go dlúth lena próisis laethúla bainistíochta priacal;

(b)

beidh feidhm neamhspleách bainistíochta priacal maidir le priacal oibriúcháin i bhfeidhm ag institiúid;

(c)

beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúid chun tuairisciú rialta a dhéanamh ar risíochtaí ar priacail oibriúcháin agus ar thaithí chaillteanais agus beidh nósanna imeachta i bhfeidhm aici chun gníomh ceartaitheach cuí a dhéanamh;

(d)

beidh córas bainistíochta priacal na n-institiúidí doiciméadaithe go maith. Beidh gnáthaimh i bhfeidhm ag institiúid chun comhlíonadh a chinntiú mar aon le beartais chun neamhchomhlíonadh a láimhseáil;

(e)

áiritheoidh institiúid go ndéanfaidh iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha athbhreithnithe rialta ar a bpróisis chun priacail oibriúcháin a bhainistiú agus ar a córais chun priacail oibriúcháin a thomhas;

(f)

feidhmeoidh próiseas bailíochtaithe inmheánach na n-institiúidí ar bhealach fónta agus éifeachtach;

(g)

beidh an sreabhadh sonraí agus na próisis a bhaineann le córas institiúide chun priacal a thomhas trédhearcach agus inrochtana.

Airteagal 322

Caighdeáin chainníochtúla

1.   Áirítear ar na caighdeáin chainníochtúla dá dtagraítear in Airteagal 312(2) na caighdeáin a bhaineann le próisis, le sonraí inmheánacha, le sonraí seachtracha, le hanailís ar chnámha scéil, le timpeallacht an ghnó agus le fachtóirí rialaithe inmheánaigh a leagtar síos i míreanna 2 go 6 faoi seach.

2.   Is iad seo a leanas na caighdeáin a bhaineann le próisis:

(a)

ríomhfaidh institiúid a ceanglas cistí dílse mar mhéid ina mbeidh caillteanas ionchasach agus caillteanas gan choinne ar áireamh, mura ndéantar caillteanas ionchasach a áireamh go sásúil ina cleachtais ghnó inmheánacha. Gabhfaidh an beart um priacail oibriúcháin aon earrtheagmhais a d'fhéadfadh a bheith dian, agus beidh caighdeán na hiontaofachta lena mbaineann inchurtha le heatramh muiníne 99.9 % thar thréimhse bliana;

(b)

áireofar ar chóras na hinstitiúide chun priacail oibriúcháin a thomhas úsáid sonraí inmheánacha, sonraí seachtracha, anailís ar chnámha scéil agus fachtóirí a léiríonn timpeallacht an ghnó agus na córais rialaithe inmheánaigh mar atá leagtha amach i míreanna 3 go 6. Beidh cur chuige i bhfeidhm ag an institiúid a bheidh doiciméadaithe go maith chun úsáid na gceithre eilimint sin a ualú ina córas foriomlán chun priacail oibriúcháin a thomhas;

(c)

gabhfaidh córas na hinstitiúide chun priacal a thomhas na foinsí móra priacal a dhéanfaidh difear don chruth a bheidh ar an earr ar dháileadh measta na gcaillteanas;

(d)

ní fhéadfaidh institiúid comhghaolta i gcaillteanais priacail oibriúcháin a aithint thar mheastacháin aonair ar priacail oibriúcháin ach amháin i gcás ina mbeidh córais fhónta aici chun comhghaolta a thomhas, go gcuirfear i bhfeidhm iad le hionracas, agus go gcuirfear san áireamh an neamhchinnteacht a bhaineann le haon mheastacháin ar chomhghaolta den sórt sin, go háirithe i dtréimhsí struis. Déanfaidh institiúid bailíochtú ar a cuid toimhdí comhghaolúcháin ag baint úsáide as teicnící cainníochtúla agus cáilíochtúla iomchuí;

(e)

beidh córas na hinstitiúide chun priacal a thomhas comhsheasmhach go hinmheánach agus ní dhéanfar measúnuithe cáilíochtúla ná teicnící maolaithe priacal a aithnítear i réimsí eile den Rialachán seo a chomhaireamh níos mó ná uair amháin sa chóras sin.

3.   Is iad seo a leanas na caighdeáin a bhaineann le sonraí inmheánacha:

(a)

bunóidh institiúid a bearta um priacail oibriúcháin a ghintear go hinmheánach ar thréimhse stairiúil bhreathnóireachta cúig bliana ar a laghad. Nuair a thosaíonn institiúid an tArdmhodh Tomhais a úsáid den chéad uair, féadfaidh sí tréimhse bhreathnóireachta stairiúil trí bliana a úsáid;

(b)

beidh institiúid in ann a gcuid sonraí stairiúla inmheánacha maidir le caillteanas a mhapáil sna réimeanna gnó arna sainmhíniú in Airteagal 317 agus sna cineálacha teagmhais arna sainmhíniú in Airteagal 324, agus na sonraí sin a sholáthar d'údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh institiúid teagmhais chaillteanais a dhéanfaidh difear don institiúid ar fad a leithdháileadh ar réim gnó bhreise na "n-ítimí corparáideacha". Beidh critéir oibiachtúla, dhoiciméadaithe ag institiúid chun caillteanais a leithdháileadh ar réimeanna gnó agus ar chineálacha teagmhas sonraithe. Is sna bunachair sonraí priacail oibriúcháin a thaifeadfaidh institiúid na caillteanais priacail oibriúcháin a bhaineann le priacal creidmheasa agus a bhíodh á n-áireamh aici roimhe sin sna bunachair shonraí inmheánacha um priacal creidmheasa agus déanfaidh sí iad a aithint ar leithligh. Ní bheidh caillteanais den sórt sin faoi réir an mhuirir um priacal oibriúcháin, ar an gcoinníoll go leanann an institiúid uirthi á láimhseáil mar priacal creidmheasa ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a ríomh. Cuirfidh institiúid na caillteanais priacail oibriúcháin a bhaineann le priacail margaidh san áireamh faoi réim an cheanglais cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin:

(c)

beidh sonraí inmheánacha na hinstitiúide maidir le caillteanas cuimsitheach sa mhéid is go ngabhfaidh siad na gníomhaíochtaí agus na risíochtaí ábhartha go léir a bhaineann le gach fochóras agus suíomh geografach iomchuí. Beidh institiúid in ann a léiriú nach mbeadh aon tionchar ábhartha ag aon ghníomhaíochtaí nó risíochtaí eisiata, cibé acu ina n-aonair nó i dteannta a chéile, ar na meastacháin fhoriomlána ar an bpriacal. Saineoidh institiúid íostairseacha caillteanais iomchuí i leith sonraí inmheánacha maidir le caillteanas a bhailiú;

(d)

le cois faisnéis a bhailiú faoi mhéideanna an chaillteanais chomhláin, baileoidh institiúid faisnéis faoi dháta an teagmhais chaillteanais, faoi mhéideanna an chaillteanais chomhláin a gnóthaíodh, mar aon le faisnéis thuairisciúil faoi na cúiseanna leis an teagmhas caillteanais nó na gníomhaithe nó na cúiseanna a spreag é;

(e)

maidir le sonraí caillteanais a thig ó theagmhas caillteanais i bhfeidhm láraithe nó i ngníomhaíocht a bhaineann le níos mó ná réim gnó amháin, agus iad siúd a thig ó theagmhais chaillteanais ghaolmhara thar thréimhse ama, beidh critéir shonracha i bhfeidhm ag institiúid chun iad a shannadh thar imeacht ama;

(f)

beidh nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag institiúid chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht leanúnach shonraí an chaillteanais stairiúil, lena n-áirítear na cásanna inar féidir sáruithe ar bhreithiúnais, scálú nó coigeartuithe eile a úsáid, a mhéid is féidir iad a úsáid agus cé atá údaraithe chun cinntí den sórt sin a dhéanamh.

4.   Is iad seo a leanas na caighdeáin cháilitheacha a bhaineann le sonraí seachtracha:

(a)

bainfear leas as sonraí seachtracha ábhartha sa chóras atá ag institiúidí chun priacail oibriúcháin a thomhas, go háirithe nuair atá cúis ann lena chreidiúint go bhfuil an institiúid ar ris ar chaillteanais, agus bíodh is nach minic a bhíonn sí risíochta orthu go bhféadfaidís a bheith dian. Beidh próiseas córasach ag an institiúid chun cinneadh a dhéanamh cad iad na cásanna a n-úsáidfear sonraí seachtracha ina leith agus na modheolaíochtaí a úsáidfear chun na sonraí a ionchorprú ina córas tomhais;

(b)

déanfaidh institiúid athbhreithnithe rialta ar na coinníollacha agus ar na cleachtais le haghaidh sonraí seachtracha agus déanfaidh sí iad a dhoiciméadú agus áiritheoidh sí go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách tréimhsiúil orthu.

5.   Bainfidh an institiúid leas as anailís ar chnámha scéil bunaithe ar thuairim shaineolach mar aon le sonraí seachtracha le measúnú a dhéanamh ar a risíocht ar theagmhais an-dian. Le himeacht ama, déanfaidh an institiúid bailíochtú agus athmheasúnú ar na measúnuithe sin trí iad a chur i gcomparáid le caillteanas iarbhír ó thaithí lena áirithiú go bhfuil siad réasúnta.

6.   Is iad seo a leanas na caighdeáin cháilitheacha a bhaineann le tosca thimpeallacht an ghnó agus le tosca rialaithe inmheánaigh:

(a)

cuimseofar príomhthosca thimpeallacht an ghnó agus na príomhthosca rialaithe inmheánaigh a d'fhéadfadh athrú a dhéanamh ar phróifíl priacal oibriúcháin na hinstitiúide i modheolaíocht na hinstitiúide chun priacal a mheasúnú i gcomhair an ghnólachta uile;

(b)

léireoidh institiúid go bhfuil údar maith le gach toisc a roghnaíonn sí toisc gur gníomhaí a spreagann priacal í, bunaithe ar thaithí agus ar bhreithiúnas saineolaithe sna réimsí gnó lena mbaineann;

(c)

beidh sé ar chumas institiúid a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil údar maith leis na meastacháin ar an bpriacal a bheith íogair ó thaobh athruithe ar na fachtóirí agus ar ualú coibhneasta na bhfachtóirí éagsúla. Mar aon le hathruithe i priacal de bharr feabhsuithe i rialuithe priacal a ghabháil, gabhfar le creat na hinstitiúide chun priacail a thomhas na méaduithe a d'fhéadfadh teacht ar priacal i ngeall ar ghníomhaíochtaí níos casta a bheith ar siúl nó i ngeall ar mhéadú ar an méid gnó a bheidh le déanamh;

(d)

déanfaidh an institiúid a creat chun priacal a thomhas a dhoiciméadú agus áiritheoidh sí go mbeidh sé faoi réir a athbhreithnithe ar bhonn neamhspleách laistigh den institiúid agus ag údaráis inniúla. Le himeacht ama, déanfaidh institiúidí bailíochtú agus athmheasúnú ar an bpróiseas agus ar na torthaí trí iad a chur i gcomparáid leis an gcaillteanas inmheánach iarbhír ó thaithí agus le sonraí ábhartha seachtracha.

Airteagal 323

Tionchar an árachais agus na sásraí eile chun priacal a aistriú

1.   Ceadóidh údaráis inniúla d'institiúidí tionchar an árachais a aithint faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach i míreanna 2 go 5 agus sásraí eile chun priacal a aistriú i gcás inar féidir leis an institiúid a léiriú go mbainfear amach éifeacht mhaolaitheach shuntasach maidir le priacal.

2.   Beidh soláthraí an árachais údaraithe chun árachas nó athárachas a sholáthar agus beidh rátáil íosta aige maidir le hinniúlacht chun éilimh a íoc ó IMCS a bhfuil sé deimhnithe ag an ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar institiúidí faoi, Theideal II, Caibidil 2.

3.   Comhlíonfaidh an t-árachas agus creat árachais na hinstitiúide na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá téarma tosaigh nach lú ná bliain amháin ag an bpolasaí árachais. I gcás polasaithe a bhfuil téarma iarmharach níos lú ná bliain amháin acu, déanfaidh institiúid caolchorrlaigh iomchuí a léireoidh tréimhse iarmharach an pholasaí atá ag meath, agus í sin chomh hard le caolchorrlach iomlán 100 % i gcás polasaithe a bhfuil tréimhse iarmharach 90 lá nó níos lú acu;

(b)

tá íostréimhse fógartha 90 lá ag an bpolasaí árachais chun an conradh a chealú;

(c)

níl aon eisceachtaí ná teorainneacha ag an bpolasaí árachais a spreagtar de bharr gníomhaíochtaí maoirseachta nó, i gcás institiúide teipthe, a chuirfeadh bac ar ghlacadóir nó ar leachtaitheoir na hinstitiúide an damáiste a d'fhulaing an institiúid nó na caiteachais a thabhaigh sí a ghnóthú, ach amháin i leith teagmhas a tharlódh tar éis imeachtaí glacadóireachta nó leachtaithe a thionscnamh i leith na hinstitiúide. Mar sin féin, féadfaidh an polasaí árachais aon fhíneáil, aon phionós, nó aon damáistí pionósacha a thig ó ghníomhaíochtaí na n-údarás inniúil a eisiamh;

(d)

léireoidh na ríomhanna maolaithe priacal an cumhdach árachais ar bhealach a bheidh trédhearcach ó thaobh an ghaoil atá aige le dóchúlacht iarbhír agus le tionchar an chaillteanais a bheidh in úsáid chun caipiteal priacail oibriúcháin a chinneadh ar an iomlán agus a bheidh comhsheasmhach leis an méid sin;

(e)

cuireann eintiteas tríú páirtí an t-árachas ar fáil. I gcás árachais a chuirtear ar fáil trí chuideachtaí faoi chuing nó trí chleamhnaithe, ní mór an risíochta roinnt ar eintiteas neamhspleách tríú páirtí a chomhlíonann na critéir cháilitheachta a leagtar amach i mír 2;

(f)

tá an creat chun árachas a aithint réasúnaithe agus doiciméadaithe go maith.

4.   Déanfar na heilimintí seo a leanas go léir a ghabháil leis an modheolaíocht chun árachas a aithint trí lascainí nó trí chaolchorrlaigh i méid na haitheanta árachais:

(a)

tréimhse iarmharach an pholasaí árachais, i gcás inar lú í ná bliain amháin;

(b)

téarmaí cealúcháin an pholasaí, i gcás inar lú an tréimshe ná bliain amháin;

(c)

neamhchinnteacht na híocaíochta, chomh maith le neamhréireanna i gcumhdach na bpolasaithe árachais.

5.   Maidir leis an laghdú ar cheanglais cistí dílse i ngeall ar árachais agus ar shásraí eile um aistriú priacal a aithint, ní sháróidh sé 20 % de na ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin roimh theicnící maolaithe priacal a aithint.

Airteagal 324

Teagmhais chaillteanais a aicmiú de réir cineáil

Is iad seo a leanas cineálacha na dteagmhas caillteanais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 322(3):

Tábla 3

Catagóir de Chineál Teagmhais

Sainmhíniú

Calaois inmheánach

Caillteanais mar gheall ar ghníomhartha de chineál atá beartaithe chun calaois a dhéanamh, maoin a mhídhílsiú nó dul timpeall ar rialacháin, ar an dlí nó ar bheartas na cuideachta, ach gan éagsúlacht/teagmhais idirdhealaithe, a bhaineann le páirtí inmheánach amháin ar a laghad, a chur san áireamh

Calaois sheachtrach

Caillteanais mar gheall ar ghníomhartha tríú páirtí de chineál atá beartaithe chun calaois a dhéanamh, maoin a mídhílsiú nó dul timpeall ar an dlí

Cleachtais Fostaíochta agus Sábháilteacht san Ionad Oibre

Caillteanais a eascraíonn ó ghníomhartha atá ar neamhréir le dlíthe nó le comhaontuithe fostaíochta nó sláinte agus sábháilteachta, agus a eascraíonn ó éilimh chun díobháil phearsanta a ghnóthú a íoc, nó ó theagmhais éagsúlachta/idirdhealaithe

Cliaint, Táirgí & Cleachtais Ghnó

Caillteanais a eascraíonn ó mhainneachtain neamhbheartaithe nó fhaillíoch oibleagáide gairmiúla i leith cliant sonrach a chomhlíonadh (lena n-áirítear ceanglais mhuiníneacha agus oiriúnachta), nó ó nádúr nó ó dhearadh táirge

Damáiste do Shócmhainní Fisiceacha

Caillteanais a eascraíonn ó chaillteanas nó ó dhamáiste do shócmhainní fisiceacha de bharr tubaiste nádúrtha nó teagmhas eile

Míshocracht ghnó agus teipeanna córais

Caillteanais a eascraíonn ó mhíshocracht ghnó nó ó theipeanna córais

Forghníomhú, Seachadadh & Bainistíocht Próisis

Caillteanais ó phróiseáil idirbheart teipthe nó ó bhainistíocht próisis, ó chaidreamh le contrapháirtithe trádála agus le díoltóirí

TEIDEAL IV

CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE LE HAGHAIDH PRIACAL MARGAIDH

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 325

Lamháltais i leith ceanglas comhdhlúite

1.   Faoi réir mhír 2 agus ar mhaithe le glansuímh agus ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir leis an Teideal seo ar bhonn comhdhlúite, agus ar mhaithe leis sin amháin, féadfaidh institiúidí suímh in institiúid nó i ngnóthas amháin a úsáid chun suímh in institiúid nó i ngnóthas eile a fhritháireamh.

2.   Ní fhéadfaidh institiúidí mír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin le cead ó na húdaráis inniúla, cead a thabharfar má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá cistí dílse leithdháilte go sásúil laistigh den ghrúpa;

(b)

ráthaítear leis an gcreat rialúcháin, dlíthiúil nó conarthach ina bhfeidhmíonn na hinstitiúidí go bhfuil tacaíocht airgeadais fhrithpháirteach laistigh den ghrúpa.

3.   I gcás ina bhfuil na gnóthais suite i dtríú tíortha, comhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas i dteannta na gcoinníollacha i mír 2:

(a)

tá na gnóthais sin údaraithe i dtríú tír agus comhlíonann siad an sainmhíniú ar institiúid chreidmheasa nó is gnólachtaí infheistíochta aitheanta tríú tír iad;

(b)

comhlíonann na gnóthais sin, ar bhonn aonair, ceanglais cistí dílse atá coibhéiseach leis na cinn sin atá leagtha síos sa Rialachán seo;

(c)

níl aon rialacháin sna tríú tíortha atá i gceist a d'fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d'aistriú cistí laistigh den ghrúpa.

CAIBIDIL 2

Ceanglais na gcistí dílse le haghaidh priacal an tsuímh

Roinn 1

Forálacha ginearálta agus ionstraimí ar leith

Airteagal 326

Ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal an tsuímh

Beidh ceanglais cistí dílse na hinstitiúide le haghaidh priacal an tsuímh cothrom le suim na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal ginearálta agus sonrach a suímh laistigh d'ionstraimí fiachais agus cothromais. Láimhseálfar suímh urrúsúcháin sa leabhar trádála mar ionstraimí fiachais.

Airteagal 327

Glanluacháil

1.   Maidir le luach absalóideach fharasbarr shuímh fhada (ghearra) na hinstitiúide ar shuímh ghearra (fhada) na hinstitiúide sna heisiúintí cothromais, fiachais agus in-chomhshóite céanna agus sna todhchaíochtaí airgeadais, roghanna, barántais agus barántais chumhdaithe chomhionanna, beidh an luach sin cothrom le glansuíomh na hinstitiúide laistigh de gach ceann de na hionstraimí éagsúla sin. Láimhseálfar suímh laistigh d'ionstraimí díorthacha mar atá leagtha síos in Airteagail 328 go 330 agus an glansuíomh á ríomh. Agus ceanglais chaipitil le haghaidh priacal shonraigh á ríomh faoi Airteagal 336, déanfar neamhaird d'ionstraimí fiachais na hinstitiúide arna sealbhú ag an institiúid féin.

2.   Ní cheadófar aon ghlanluacháil idir suíomh in-chomhshóite agus suíomh fritháirimh san ionstraim fholuiteach, mura nglacann na húdaráis inniúla le cur chuige faoina gcuirtear san áireamh an dóchúlacht go gcomhshófaí suíomh in-chomhshóite faoi leith nó mura gceanglaíonn siad go gcumhdófar faoi cheanglas cistí dílse aon chaillteanas a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis an suíomh a chomhshó. Cuirfear na cineálacha cur chuige sin nó na ceanglais cistí dílse sin in iúl do ÚBE. Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas sa réimse seo agus eiseoidh sé treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

3.   Déanfar gach glansuíomh, is cuma cén comhartha atá air, a chomhshó gach lá in airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide de réir an spotráta malartaithe atá i réim an tráth sin sula ndéantar é a chomhiomlánú.

Airteagal 328

Todhchaíochtaí ráta úis agus réamhchonarthaí

1.   Déanfar todhchaíochtaí ráta úis, comhaontuithe ar réamhráta (FRAnna) agus réamhoibleagáidí chun ionstraimí fiachais a cheannach nó a dhíol a láimhseáil mar theaglamaí de shuímh fhada agus de shuímh ghearra. Dá bhrí sin, láimhseálfar suíomh todhchaíochtaí a bhfuil ráta fada úis ag baint leis mar theaglaim d'iasacht a thiocfaidh in aibíocht dáta seachadta an chonartha todhchaíochtaí agus de shealúchas sócmhainne a bhfuil dáta aibíochta aige atá cothrom le dáta aibíochta na hionstraime nó an tsuímh bharúlaigh foluiteach an gconradh todhchaíochtaí atá i gceist. Ar an gcaoi chéanna láimhseálfar FRA díolta mar shuíomh fada a bhfuil dáta aibíochta aige atá cothrom leis an dáta socraíochta móide an tréimhse chonartha, agus mar shuíomh gearr a bhfuil dáta aibíochta aige atá cothrom leis an dáta socraíochta. Cuirfear an sealúchas iasachta agus sócmhainne ar áireamh sa chéad chatagóir atá leagtha amach i dTábla 1 in Airteagal 336 d'fhonn an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh i gcomhair todhchaíochtaí ráta úis agus FRAnna a ríomh. Láimhseálfar réamhoibleagáid chun ionstraim fiachais a cheannach mar theaglaim d'iasacht a thiocfaidh in aibíocht an dáta seachadta agus de (spot)suíomh fada san ionstraim fiachais féin. Cuirfear an iasacht ar áireamh sa chéad chatagóir atá leagtha amach i dTábla 1 in Airteagal 336 chun críocha an priacal shonraigh, agus cuirfear an ionstraim fiachais faoin gcolún is iomchuí dó sa tábla céanna.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‧suíomh fada‧ suíomh ina bhfuil an ráta úis a gheobhaidh institiúid am éigin sa todhchaí socraithe aici, agus ciallaíonn ‧suíomh gearr‧ suíomh ina bhfuil an ráta úis a íocfaidh sí am éigin sa todhchaí socraithe aici.

Airteagal 329

Roghanna agus barántais

1.   Láimhseálfar roghanna agus barántais ar rátaí úis, ar ionstraimí fiachais, ar innéacsanna cothromais, ar thodhchaíochtaí airgeadais, ar bhabhtálacha agus ar airgeadraí eachtracha amhail is dá mba shuímh iad a bhfuil luach acu atá cothrom le luach mhéid na hionstraime foluiteach dá dtagraíonn an rogha seo, arna iolrú faoina deilte chun críocha na Caibidle seo. Féadfar na suímh dheireanacha sin a ghlanluacháil i gcoinne aon suímh fritháirimh sna hurrúis nó sna díorthaigh chomhionanna fholuiteacha. Is í an deilte a úsáidfear ceann na malairte lena mbaineann. Le haghaidh roghanna thar an gcuntar, nó i gcás nach bhfuil fáil ar deilte ón mhalairt lena mbaineann, d'fhéadfadh an institiúid féin an deilte a ríomh agus samhail chuí á úsáid, faoi riar cead a fháil ó na húdaráis inniúla. Tabharfar cead má mheastar ráta athraithe luach na rogha nó luach an bharántais go hiomchuí leis an tsamhail i leith athruithe beaga i bpraghas margaidh na hionstraime foluiteach.

2.   Léireoidh institiúidí priacail eile go sásúil, seachas an priacal deilte a bhaineann le roghanna sna ceanglais cistí dílse.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena saineofar réimse modhanna chun priacail eile, seachas priacal deilte, dá dtagraítear i mír 2 a léiriú sna ceanglais cistí dílse ar bhealach a thagann le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí maidir le roghanna agus le barántais.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.   Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh institiúidí inniúla leanúint de na láimhseálacha náisiúnta atá ann cheana féin a chur i bhfeidhm, i gcás gur chuir na húdaráis inniúla an láimhseáil sin i bhfeidhm roimh an 31 Nollaig 2013

Airteagal 330

Babhtálacha

Láimhseálfar le babhtálacha chun críocha priacal an ráta úis ar an mbonn céanna is a láimhseáiltear le hionstraimí ar an gclár comhardaithe. Dá bhrí sin, i gcás babhtála ráta úis faoina bhfaigheann institiúid ús de réir ráta chomhlúthaigh agus faoina n-íocann sí ús de réir ráta sheasta, láimhseálfar í amhail is dá mbeadh sí coibhéiseach le suíomh fada in ionstraim ráta chomhlúthaigh a bhfuil aibíocht aici atá coibhéiseach leis an tréimhse go dtí go socrófar ús an chéad uair eile agus le suíomh gearr in ionstraim ráta sheasta a bhfuil an aibíocht chéanna aici is atá ag an mbabhtáil féin.

Airteagal 331

Priacal ráta úis ar ionstraimí díorthacha

1.   Féadfaidh institiúidí a mharcálann ón margadh agus a bhainistíonn priacal ráta úis ar na hionstraimí díorthacha atá cumhdaithe in Airteagail 328 go 330 ar bhonn sreafa airgid lascainithe, faoi réir chead na n-údarás inniúil, leas a bhaint as samhlacha íogaireachta chun na suímh dá dtagraítear sna hAirteagail sin a ríomh agus féadfaidh siad iad a úsáid le haghaidh aon bhanna a amúchtar thar a shaolré iarmharach seachas tríd an bpríomhshuim a aisíoc in aon íocaíocht deiridh amháin. Tabharfar an cead seo má ghineann na samhlacha sin suímh a bhfuil an íogaireacht chéanna acu maidir le hathruithe sa ráta úis is atá ag na sreabha airgid foluiteacha. Déanfar an íogaireacht seo a mheas faoi threoir gluaiseachtaí neamhspleácha i rátaí samplacha ar fud an chuair toraidh, a bhfuil pointe íogaireachta amháin ar a laghad acu i ngach aon cheann de na bannaí aibíochta atá leagtha amach i dTábla 2 in Airteagal 339. Déanfar na suímh sin a áireamh agus ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal sonrach na n-ionstraimí fiachais á ríomh.

2.   Féadfaidh institiúidí nach n-úsáideann samhlacha faoi mhír 1, suímh laistigh d'ionstraimí díorthacha a chumhdaítear in Airteagail 328 go 330 agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas ar a laghad a láimhseáil mar shuímh lán-fhritháirimh:

(a)

tá an luach céanna ar na suímh agus tá siad ainmnithe san airgeadra céanna;

(b)

tá an ráta tagartha (i gcás suímh ráta chomhlúthaigh) nó an cúpón (i gcás suímh ráta sheasta) comhoiriúnaithe go dlúth;

(c)

freagraíonn an chéad dáta eile chun ús a shocrú, nó i gcas suímh chúpóin sheasta, an aibíocht iarmhair, do na srianta seo a leanas:

(i)

níos lú ná mí amháin agus dá bhrí sin: an lá céanna;

(ii)

idir mí amháin agus bliain amháin agus dá bhrí sin: laistigh de sheacht lá;

(iii)

níos mó ná bliain amháin agus dá bhrí sin: laistigh de 30 lá.

Airteagal 332

Díorthaigh chreidmheasa

1.   Nuair atá ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal ginearálta agus priacal sonrach an pháirtí sin a ghlacann an priacal creidmheasa (‧díoltóir na cosanta‧) á ríomh, mura sonraítear a mhalairt, úsáidfear méid barúlach an chonartha díorthach creidmheasa. D'ainneoin na chéad abairte, féadfaidh an institiúid rogha a dhéanamh an luach barúlach móide an t-athrú i margadhluach glan an díorthaigh chreidmheasa ó thráth tionscanta na trádála, arb ionann é agus athrú glan síos ó thaobh dhíoltóir na cosanta de agus a mbeadh comhartha diúltach air, a chur in ionad an luacha bharúlaigh. Ar mhaithe leis an muirear um priacal sonrach a ríomh, seachas i gcás babhtálacha an toraidh iomláin, beidh feidhm ag aibíocht an chonartha díorthach creidmheasa, seachas ag aibíocht na hoibleagáide. Déantar suímh a chinneadh mar seo a leanas:

(a)

cruthaíonn babhtáil an toraidh iomláin suíomh fada i priacal ginearálta na hoibleagáide tagartha mar aon le suíomh gearr i priacal ginearálta an bhanna rialtais a bhfuil aibíocht aige atá coibhéiseach leis an tréimhse go dtí an chéad uair eile a shocrófar ús agus a sanntar ualú priacal 0 % dó faoi Theideal II, Caibidil 2. Cruthaíonn sí suíomh fada freisin i priacal sonrach na hoibleagáide tagartha;

(b)

ní chruthaíonn babhtáil mainneachtana creidmheasa suíomh i gcomhair priacal ghinearálta. Chun críocha priacal shonraigh, déanfaidh an institiúid suíomh fada sintéiseach a thaifeadadh in oibleagáid an eintitis tagartha, ach amháin sa chás go bhfuil rátáil sheachtrach á déanamh ar an díorthach agus comhlíonann sé na coinníollacha maidir le hítim féich cháilithigh, agus sa chás sin taifeadtar suíomh fada sa díorthach. Má tá íocaíochtaí préimhe nó úis dlite faoin toradh, déanfar na sreabha airgid sin a léiriú mar shuímh bharúlacha i mbannaí rialtais;

(c)

cruthaíonn nóta creidmheas-nasctha aonainm suíomh fada i priacal ginearálta an nóta féin, mar tháirge ráta úis. Chun críche priacal shonraigh, cruthaítear suíomh fada sintéiseach in oibleagáid an eintitis tagartha. Cruthaítear suíomh fada breise in eisitheoir an nóta. I gcás ina bhfuil rátáil sheachtrach ag nóta creidmheas-nasctha agus ina gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir le hítim féich cháilithigh, ní gá ach suíomh fada aonair mar aon le priacal sonrach an nóta a thaifeadadh;

(d)

chomh maith le suíomh fada i priacal sonrach eisitheoir an nóta, cruthaíonn nóta creidmheas-nasctha il-ainmneacha a sholáthraíonn cosaint chomhréireach suíomh laistigh de gach eintiteas tagartha, agus méid barúlach iomlán an chonartha sannta do na suímh de réir an chion den mhéid barúlach iomlán atá in ionannas le gach risíocht ar eintiteas tagartha. I gcás inar féidir níos mó ná oibleagáid amháin de chuid eintitis tagartha a roghnú, is de réir na hoibleagáide ag a bhfuil an t-ualú priacal is airde a chinntear an bpriacal sonrach.

(e)

cruthaíonn díorthach creidmheasa don chéad sócmhainn a mhainníonn suíomh don mhéid barúlach in oibleagáid gach aon eintiteas tagartha. I gcás ina bhfuil uasmhéid na híocaíochta i leith teagmhas creidmheasa níos ísle ná an ceanglas cistí dílse faoin modh sin a luaitear sa chéad abairt den phointe seo, féadfar an méid sin a ghlacadh mar an gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh.

Cruthaíonn díorthach creidmheasa don n-ú sócmhainn a mhainníonn suíomh don mhéid barúlach in oibleagáid gach aon eintitis tagartha lúide na heintitis tagartha n-1 a bhfuil an ceanglas cistí dílse is ísle le haghaidh priacal shonraigh acu. I gcás ina bhfuil uasmhéid na híocaíochta i leith teagmhas creidmheasa níos ísle ná an ceanglas cistí dílse faoin modh sin a luaitear sa chéad abairt den phointe seo, féadfar an méid sin a ghlacadh mar an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh.

I gcás ina ndéantar rátáil sheachtrach ar dhíorthach creidmheasa don n-ú mainneachtain, ríomhfaidh díoltóir na cosanta an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh ag baint leasa as rátáil an díorthaigh agus cuirfidh sé na hualuithe priacal urrúsúcháin faoi seach i bhfeidhm de réir mar is infheidhme;

2.   I gcás an pháirtí a aistríonn priacal creidmheasa (ceannaitheoir na cosanta), cinntítear na suímh trí aithris a dhéanamh ar phrionsabal dhíoltóir na cosanta, cé is moite de nóta creidmheas-nasctha (nach bhfuil aon suíomh gearr san eisitheoir ag dul leis). Nuair atá an ceanglas cistí dílse le haghaidh ‧ceannaitheoir na cosanta‧ á ríomh, úsáidfear méid barúlach na chonartha díorthach creidmheasa. D'ainneoin na chéad abairte, féadfaidh an institiúid rogha a dhéanamh an luach barúlach móide an t-athrú i margadhluach glan an díorthaigh chreidmheasa ó thráth tionscanta na trádála, arb ionann é agus athrú glan síos ó thaobh dhíoltóir na cosanta de agus a mbeadh comhartha diúltach air, a chur in ionad an luacha bharúlaigh. Má tharlaíonn sé tráth faoi leith, go bhfuil céadrogha ar cheannach i dteannta banna uaschéimnigh ann, láimhseálfar tráth den sórt sin mar aibíocht na cosanta.

3.   Ní áireofar na díorthaigh chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 338 (1) nó (3) ach amháin chun an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 338 (4).

Airteagal 333

Urrúis arna ndíol faoi chomhaontú athcheannaigh nó arna n-iasachtú

AisTreoir na n-urrús nó na gceart faoi ráthaíocht a bhaineann le teidlíocht chun urrús i gcomhaontú athcheannaigh, agus iasachtóir na n-urrús in iasachtú urrús, cuirfidh siad na hurrúis sin ar áireamh agus ceanglas cistí dílse a ríomh faoin gCaibidil seo ar choinníoll gur suímh sa leabhar trádála iad na hurrúis sin.

Roinn 2

Ionstraimí fiachais

Airteagal 334

Glansuímh in ionstraimí fiachais

Déanfar glansuímh a aicmiú de réir an airgeadra ina bhfuil siad ainmnithe agus ríomhfaidh siad an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal ghinearálta agus priacal shonraigh i ngach airgeadra aonair ar leithligh.

Foroinn 1

Priacal sonrach

Airteagal 335

Uasteorainn ar an gceanglas cistí dílse le haghaidh glansuímh

Féadfaidh an institiúid uasteorainn a chur ar an gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal sonrach an ghlansuímh in ionstraim fiachais ar uasleibhéal féideartha an chaillteanais a bhaineann le priacal mainneachtana. I gcás suímh ghearr, is féidir an teorainn sin a ríomh mar athrú i luach toisc gur tháinig an ionstraim nó, i gcás inarb iomchuí sin, na hainmneacha foluiteach chun bheith saor ó priacal mainneachtana láithreach.

Airteagal 336

Ceanglas cistí dílse le haghaidh ionstraimí fiachais nach ionstraimí urrúsúcháin iad

1.   Déanfaidh an institiúid a glansuímh sa leabhar trádála in ionstraimí nach suímh urrúsúcháin iad arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 327 a shannadh do na catagóirí iomchuí i dTábla 1 ar bhonn a n-eisitheora nó a n-oibleagáideora, ar bhonn a measúnaithe creidmheasa inmheánaigh nó sheachtraigh, agus ar bhonn a n-aibíochta iarmhair, agus ansin déanfaidh sí iad a iolrú faoi na hualuithe a thaispeántar sa tábla sin. Suimeoidh sí a suímh ualaithe a thig ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo, is cuma más suímh fhada nó suímh ghearra iad, d'fhonn a ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh a ríomh.

Tábla 1

Catagóirí

ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh

Urrúis fiachais a gheobhadh ualú priacal 0 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa

0 %

Urrúis fiachais a gheobhadh ualú priacal 20 % nó 50 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa agus ítimí cáilitheacha eile arna sainiú i mír 4.

0,25 % (tréimhse iarmharach sé mhí nó níos lú go dtí aibíocht deiridh)

1.00 % (tréimhse iarmharach níos mó ná sé mhí agus suas go dtí 24 mí, agus é sin san áireamh, go dtí aibíocht deiridh)

1,60 % (téarma iarmharach níos mó ná 24 mí go dtí aibíocht)

Urrúis fiachais a gheobhadh ualú priacal 100 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa

8,00 %

Urrúis fiachais a gheobhadh ualú priacal 150 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa

12,00 %

2.   I gcás institiúidí a chuireann an Cur chuige IBR i bhfeidhm maidir le haicme sin na risíochta a bhfuil eisitheoir na hionstraime ina chuid de, d'fhonn cáiliú chun ualú priacal a fháil faoin gcur chuige caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa dá dtagraítear i mír 1, beidh rátáil inmheánach ag eisitheoir na risíochta ag a mbeidh PD a bheidh coibhéiseach leis an PD nó níos ísle ná an PD a bhaineann leis an gcéim iomchuí den cháilíocht chreidmheasa faoin gCur chuige Caighdeánaithe.

3.   Féadfaidh institiúidí na ceanglais priacal shonraigh a bhaineann le haon bhannaí a cháilíonn d'ualú priacal 10 % i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4), (5) agus (6) a ríomh mar leath den cheanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh is infheidhme don dara catagóir i dTábla 1.

4.   I measc na n-ítimí cáilitheacha eile tá:

(a)

suímh fhada agus ghearra i sócmhainní nach bhfuil measúnú creidmheasa ó IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, agus a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

measann an institiúid lena mbaineann go bhfuil siad sách leachtach;

(ii)

tá an cháilíocht infheistíochta atá acu, de réir bhreithiúnas na hinstitiúide féin, ar a laghad coibhéiseach le cáilíocht infheistíochta na sócmhainní dá dtagraítear faoi Thábla 1 dara sraith;

(iii)

tá siad liostaithe ar mhargadh rialáilte amháin ar a laghad i mBallstát nó ar stocmhalartán i dtríú tír ar choinníoll go n-aithníonn údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha an malartán;

(b)

suímh fhada agus ghearra i sócmhainní arna n-eisiúint ag institiúidí faoi réir na gceanglas cistí dílse atá leagtha amach sa Rialachán seo a mheasann an institiúid lena mbaineann go bhfuil siad sách leachtach agus a bhfuil cáilíocht infheistíochta acu, de réir bhreithiúnas na hinstitiúide féin, atá coibhéiseach ar a laghad le cáilíocht infheistíochta na sócmhainní dá dtagraítear faoi Thábla 1 dara sraith;

(c)

urrúis arna n-eisiúint ag institiúidí a mheastar a bheith de cháilíocht chreidmheasa atá coibhéiseach leis an gcáilíocht chreidmheasa, nó níos airde ná é, a bhaineann le céim 2 den cháilíocht chreidmheasa faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa na risíochtaí ar institiúidí agus atá faoi réir socruithe maoirseachta agus rialála atá inchomparáide leis na socruithe faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2013/36/AE.

Beidh modheolaíocht dhoiciméadaithe i bhfeidhm ag institiúidí a bhaineann leas as pointe (a) nó pointe (b) chun measúnú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann na sócmhainní na ceanglais sna pointí sin, agus cuirfidh siad an mhodheolaíocht sin in iúl do na húdaráis inniúla.

Airteagal 337

Ceanglas cistí dílse le haghaidh ionstraimí urrúsúcháin

1.   I gcás ionstraimí sa leabhar trádála ar suímh urrúsúcháin iad, déanfaidh an institiúid a glansuímh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 327(1) a ualú de réir na méideanna seo a leanas:

(a)

i gcás suímh urrúsúcháin a bheadh faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa i leabhar neamhthrádála na hinstitiúide céanna, 8 % den ualú priacal faoin gCur Chuige Caighdeánaithe faoi mar a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 5, Roinn 3;

(b)

i gcás suímh urrúsúcháin a bheadh faoi réir an Chur Chuige Inmheánaigh Bunaithe ar Rátálacha i leabhar neamhthrádála na hinstitiúide céanna, 8 % den ualú priacal faoin gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha mar a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 5, Roinn 3.

2.   Féadfar Modh na Foirmle Maoirseachta atá leagtha amach in Airteagal 262 a úsáid i gcás inar féidir leis an institiúid meastacháin a dhéanamh ar PD, agus nuair is infheidhme ar luach na risíochta agus ar LGD mar ionchuir i Modh na Foirmle Maoirseachta i gcomhréir leis na ceanglais maidir le meastachán a dhéanamh ar na paraiméadair sin faoin gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3.

Maidir le hinstitiúid seachas an institiúid tionscnóra a d'fhéadfadh é a chur i bhfeidhm maidir leis an suíomh urrúsúcháin céanna ina leabhar neamhthrádála, ní féidir léi an modh sin a úsáid ach amháin faoi réir chead na n-údarás inniúil, cead a thabharfar nuair a chomhlíonann an institiúid an coinníoll atá sa chéad fhomhír.

Mar mhalairt air sin, is féidir Meastacháin ar PD agus ar LGD mar ionchuir i Modh na Foirmle Maoirseachta a chinneadh freisin bunaithe ar na meastacháin a fhaightear ón gcur chuige IRC atá ag institiúid ar tugadh cead di úsáid a bhaint as samhail inmheánach i gcomhair priacal sonrach na n-ionstraimí fiachais. Ní fhéadfar an rogha deiridh sin a úsáid ach amháin faoi réir chead na n-údarás inniúil, cead a thabharfar má chomhlíonann na meastacháin sin na ceanglais chainníochtúla maidir leis an gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha atá leagtha amach i dTeideal II, Caibidil 3.

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le meastacháin ar PD agus ar LGD a úsáid mar ionchuir nuair atá na meastacháin sin bunaithe ar chur chuige IRC.

3.   I gcás suímh urrúsúcháin atá faoi réir ualú priacal breise i gcomhréir le hAirteagal 407, cuirfear 8 % den ualú iomlán priacal i bhfeidhm.

Cé is moite de shuímh urrúsúcháin a láimhseáiltear i gcomhréir le hAirteagal 338(4), suimeoidh an institiúid a suímh ualaithe a thig ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo (is cuma más suímh ghearra nó suímh fhada iad) d'fhonn a ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh a ríomh.

4.   De mhaolú ar an dara fomhír de mhír 34, ar feadh idirthréimhse dar críoch 31 Nollaig 2014, déanfaidh an institiúid a glansuímh fhada ualaithe agus a glansuímh ghearra ualaithe a shuimiú ar leithligh. Beidh an ceann is mó den dá shuim sin ina cheanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh. Déanfaidh an institiúid suim iomlán a glansuímh fhada ualaithe agus a glansuímh ghearra ualaithe, arna miondealú de réir chineál na sócmhainní foluiteacha, a thuairisciú gach ráithe, áfach, d'údarás inniúil an Bhallstáit bhaile.

5.   I gcás nach gcomhlíonann institiúid tionscnóra d'urrúsú traidisiúnta na coinníollacha maidir le haistriú priacal shuntasaigh in Airteagal 243, áireoidh sí, agus an ceanglas cistí dílse á ríomh faoin Airteagal seo, na risíochtaí urrúsaithe seachas a suímh urrusaithe ón urrúsú sin.

I gcás nach gcomhlíonann institiúid tionscnóra d'urrúsú sintéiseach na coinníollacha maidir le haistriú priacal shuntasaigh in Airteagal 244, áireoidh sí, agus an ceanglas cistí dílse á ríomh faoin Airteagal seo, na risíochtaí urrúsaithe ón urrúsú sin, ach ní áireoidh sí aon chosaint chreidmheasa a fuarthas don phunann úrrúsaithe.

Airteagal 338

Ceanglas cistí dílse maidir leis an bpunann trádála comhgaoil

1.   Is é a bheidh sa phunann trádála chomhghaoil suímh urrúsúcháin mar aon le díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain a chomhlíonann gach ceann de na critéir seo a leanas:

(a)

ní suímh athurrúsúcháin iad, ná roghanna ar thráinse urrúsúcháin, ná aon díorthaigh eile de risíochtaí ar urrúsú nach soláthraíonn sciar pro-rata sna fáltais ó thráinse urrúsúcháin;

(b)

is ceann amháin díobh seo a leanas gach ionstraim thagartha:

(i)

ionstraimí aonainm, lena n-áirítear díorthaigh chreidmheasa aonainm, a bhfuil margadh dhá threo leachtach ann ina leith;

(ii)

innéacsanna a thrádáiltear de ghnáth bunaithe ar na heintitis tagartha sin.

Meastar go bhfuil margadh dhá threo ann má dhéantar tairiscintí neamhspleácha bona fide chun earraí a cheannach agus a dhíol ionas gur féidir praghas a bhaineann go réasúnach leis an bpraghas díola deireanach nó le tairiscint iomaíoch bona fide agus luachanna tairisceana reatha a chinneadh laistigh de lá amháin agus a shocrú ar an bpraghas sin laistigh de thréimhse measartha gearr ag teacht le gnás trádála.

2.   Ní bheidh suímh faoina ndéantar tagairt d'aon cheann díobh seo a leanas mar chuid den phunann trádála chomhghaoil:

(a)

ionstraim fholuiteach is féidir a shannadh d'aicme na risíochta ‧risíochtaí miondíola‧ nó d'aicme na risíochtaí maidir le ‧risíochtaí arna n-urrúsú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe‧ faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa i leabhar neamhthrádála na hinstitiúide;

(b)

éileamh ar eintiteas sainchuspóireach, arna gcomhthaobhú, go díreach nó go hindíreach, le suíomh nach mbeadh incháilithe é féin le cur isteach sa phunann trádála comhghaoil i gcomhréir le mír 1 agus leis an mír seo.

3.   Féadfaidh institiúid suímh a áireamh sa phunann trádála chomhghaoil nach suímh urrúsúcháin ná díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain iad ach a fhálaíonn suímh eile den phunann sin, ar choinníoll go bhfuil margadh dhá threo leachtach, mar a mhínítear san fhomhír dheireanach de mhír 1 é, ann don ionstraim sin nó dá ionstraimí foluiteacha.

4.   Socróidh institiúid an ceann is mó de na méideanna seo a leanas mar cheanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh i gcás na punainne trádála comhghaoil:

(a)

an ceanglas cistí dílse iomlán le haghaidh priacal shonraigh a mbeadh feidhm aige maidir le glansuímh fhada na punainne trádála comhghaoil agus leo sin amháin;

(b)

an ceanglas cistí dílse iomlán le haghaidh priacal shonraigh a mbeadh feidhm aige maidir le glansuímh ghearra na punainne trádála comhghaoil agus leo sin amháin.

Foroinn 2

Priacal ginearálta

Airteagal 339

Priacal ginearálta a ríomh bunaithe ar aibíocht

1.   D'fhonn ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal ghinearálta a ríomh, déanfar gach suíomh a ualú de réir aibíochta mar a mhínítear i mír 2 chun méid na gceanglas cistí dílse a cheanglaítear ina n-aghaidh a ríomh. Déanfar an ceanglas seo a laghdú nuair a shealbhaítear suíomh ualaithe taobh le suíomh ualaithe urchomhaireach atá laistigh den bhanda aibíochta céanna. Déanfar laghdú ar an gceanglas freisin nuair atá na suímh ualaithe urchomhaireacha i mbandaí aibíochta éagsúla, agus braithfidh méid an laghdaithe sin ar cibé atá nó nach bhfuil an dá shuíomh laistigh den chrios céanna, agus ar na criosanna áirithe ina bhfuil siad.

2.   Déanfaidh an institiúid a glansuímh a shannadh do na bandaí aibíochta iomchuí i gcolún 2 nó i gcolún 3, de réir mar is iomchuí, i dTábla 2 i mír 4. Déanfaidh sí é sin ar bhonn na haibíochta iarmhair i gcás ionstraimí ráta sheasta agus ar bhonn na tréimhse go dtí go socrófar an chéad ráta úis eile i gcás na n-ionstraimí sin ar a bhfuil ráta athraitheach úis roimh an aibíocht deiridh. Déanfaidh sí idirdhealú freisin idir ionstraimí fiachais a bhfuil cúpón 3 % nó níos mó acu agus na cinn sin a bhfuil cúpón níos lú ná 3 % acu agus déanfaidh sí iad a leithdháileadh ar an dóigh sin ar cholún 2 nó ar cholún 3 i dTábla 2. Déanfaidh sí gach aon cheann díobh a iolrú faoin ualú i gcomhair an bhanda aibíochta atá i gceist i gcolún 4 i dTábla 2.

3.   Ina dhiaidh sin, ríomhfaidh an institiúid suim na suíomh fada ualaithe agus suim na suíomh gearr ualaithe i ngach aon bhanda aibíochta. Beidh suim na suíomh fada atá comhoiriúnaithe leis na suímh ghearra i mbanda aibíochta áirithe cothrom leis an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe sa bhanda sin, agus beidh an suíomh iarmharach fada nó gearr cothrom leis an suíomh ualaithe gan chomhoiriúnú don bhanda céanna. Ríomhfar iomlán na suímh ualaithe chomhoiriúnaithe i ngach banda ansin.

4.   Ríomhfaidh an institiúid iomláin na suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú i gcomhair na mbandaí atá ar áireamh i ngach aon cheann de na criosanna i dTábla 2 d'fhonn an suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú a fháil i gcomhair gach creasa. Ar an gcaoi chéanna, déanfar suim na suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú i gcomhair gach aon bhanda i gcrios áirithe a shuimiú chun an suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú a ríomh le haghaidh an chreasa sin. Beidh an chuid sin den suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú do chrios áirithe atá comhoiriúnaithe leis an suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú le haghaidh an chreasa chéanna cothrom leis an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe le haghaidh an chreasa sin. Beidh an chuid sin den suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú nó den suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú i gcomhair creasa nach féidir a chomhoiriúnú amhlaidh cothrom leis an suíomh ualaithe gan chomhoiriúnú i comhair an chreasa sin.

Tábla 2

Crios

Banda aibíochta

Ualú (%)

Athruithe toimhdithe ar rátaí úis (%)

Cúpón 3 % nó níos mó

Cúpón 3 % nó níos lú

Uimhir a haon

0 ≤ 1 mhí

0 ≤ 1 mhí

0,00

1 ≤ 3 mhí

1 ≤ 3 mhí

0,20

1,00

3 ≤ 6 mhí

3 ≤ 6 mhí

0,40

1,00

6 ≤ 12 mhí

6 ≤ 12 mhí

0,70

1,00

Uimhir a dó

> 1 ≤ 2 bliana

> 1.0 ≤ 1.9 bliana

1,25

0,90

> 2 ≤ 3 bliana

> 1.9 ≤ 2.8 bliana

1,75

0,80

> 3 ≤ 4 bliana

> 2.8 ≤ 3.6 bliana

2,25

0,75

Uimhir a trí:

> 4 ≤ 5 bliana

> 3.6 ≤ 4.3 bliana

2,75

0,75

> 5 ≤ 7 bliana

> 4.3 ≤ 5.7 bliana

3,25

0,70

> 7 ≤ 10 bliana

> 5.7 ≤ 7.3 bliana

3,75

0,65

> 10 ≤ 15 bliana

> 7.3 ≤ 9.3 bliana

4,50

0,60

> 15 ≤ 20 bliana

> 9.3 ≤ 10.6 bliana

5,25

0,60

> 20 bliana

> 10,6 ≤ 12,0 bliana

6,00

0,60

 

> 12.0 ≤ 20,0 bliana

8,00

0,60

 

> 20 bliana

12,50

0,60

5.   Beidh méid an tsuímh fhada nó an tsuímh ghearr ualaithe gan chomhoiriúnú i gcrios a haon atá comhoiriúnaithe leis an suíomh gearr nó fada ualaithe gan chomhoiriúnú i gcrios a dó cothrom leis an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir crios a haon agus crios a dó. Déanfar an ríomh céanna ansin maidir leis an gcuid sin den suíomh ualaithe gan chomhoiriúnú i gcrios a dó atá fágtha agus an suíomh ualaithe gan chomhoiriúnú i gcrios a trí d'fhonn an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir crios a dó agus crios a trí a ríomh.

6.   Féadfaidh an institiúid an t-ord atá i mír 5 a chasadh droim ar ais chun an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir crios a dó agus crios a trí a ríomh sula ríomhann sí an suíomh idir crios a haon agus crios a dó.

7.   Déanfar fuílleach an tsuímh ualaithe gan chomhoiriúnú i gcrios a haon a chomhoiriúnú leis an bhfuílleach den suíomh sin i gcrios a trí tar éis dó a bheith comhoiriúnaithe le crios a dó, d'fhonn an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir crios a haon agus crios a trí a fháil.

8.   Déanfar na suímh iarmharacha a bheidh fágtha i ndiaidh na dtrí ríomh comhoiriúnaithe faoi leith i mír 5, mír 6 agus mír 7 a shuimiú.

9.   Déanfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide a ríomh mar shuim:

(a)

10 % de shuim na suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i ngach banda aibíochta;

(b)

40 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i gcrios a haon;

(c)

30 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i gcrios a dó;

(d)

30 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i gcrios a trí;

(e)

40 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir criosanna a haon agus a dó agus idir criosanna a dó agus a trí;

(f)

150 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir criosanna a haon agus a trí;

(g)

100 % de na suímh ualaithe iarmharacha gan chomhoiriúnú.

Airteagal 340

Priacal ginearálta a ríomh bunaithe ar fhad tréimhse

1.   Féadfaidh institiúidí leas a bhaint as cur chuige a léiríonn fad tréimhse chun ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal ghinearálta ar ionstraimí fiachais a ríomh, in ionad an chur chuige atá leagtha amach in Airteagal 339, ar choinníoll go ndéanann an institiúid amhlaidh ar bhonn comhsheasmhach.

2.   Faoin gcur chuige bunaithe ar fhad tréimhse dá dtagraítear i mír 1, tógfaidh an institiúid margadhluach gach ionstraime fiachais ar ráta seasta agus ríomhfaidh sí a thoradh go dtí aibíocht dá bhrí sin, arb ionann é agus an ráta lascaine intuigthe don ionstraim sin. I gcás ionstraimí ráta chomhlúthaigh, tógfaidh an institiúid margadhluach gach ionstraime agus ríomhfaidh sí a toradh, dá bhrí sin, ar an toimhde go mbeidh an phríomhshuim dlite nuair a bheifear in ann an ráta úis a athrú an chéad uair eile.

3.   Ina dhiaidh sin, ríomhfaidh an institiúid fad tréimhse leasaithe gach ionstraime fiachais ar bhonn na foirmle seo a leanas: sa mhéid gurb iad seo a leanas na noda:

Formula

nuair atá:

D

=

fad tréimhse arna ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

R

=

toradh go dtí aibíocht;

Ct

=

íocaíocht airgid i rith ama t;

M

=

aibíocht iomlán

Ceartófar ríomh na tréimhse leasaithe i gcás ionstraimí fiachais atá faoi réir priacal réamhíocaíochta. Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an tslí ina gcuirtear ceartúcháin den chineál sin i bhfeidhm.

4.   Leithdháilfidh an institiúid gach ionstraim fiachais ar an gcrios iomchuí i dTábla 3. Déanfaidh sé é sin ar bhonn fhad tréimhse leasaithe gach ionstraime.

Tábla 3

Crios

Marthanacht leasaithe

(blianta)

Ús toimhdithe (athrú de réir %)

Uimhir a haon

> 0 ≤ 1,0

1,0

Uimhir a dó

> 1,0 ≤ 3,6

0,85

Uimhir a trí:

> 3,6

0,7

5.   Ríomhfaidh an institiúid an suíomh ualaithe ó thaobh faid tréimhse i gcás gach ionstraime trína praghas margaidh a iolrú faoina fad tréimhse leasaithe agus faoi athrú toimhdithe an ráta úis i gcás ionstraime a bhfuil an fad tréimhse leasaithe áirithe sin aici (féach colún 3 i dTábla 3).

6.   Ríomhfaidh an institiúid a suíomh fhada ualaithe ó thaobh faid tréimhse agus a suímh ghearra ualaithe ó thaobh faid tréimhse laistigh de gach aon chrios. Beidh suim na suíomh fada atá comhoiriúnaithe leis na suímh ghearra i ngach aon chrios cothrom leis an suíomh comhoiriúnaithe ualaithe ó thaobh faid tréimhse don chrios sin.

Ríomhfaidh an institiúid na suímh gan chomhoiriúnú atá ualaithe ó thaobh faid tréimhse do gach aon chrios. Ansin leanfaidh sí na nósanna imeachta maidir le suímh ualaithe gan chomhoiriúnú atá leagtha síos in Airteagal 339(5) go (8).

7.   Ríomhfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide mar shuim na méideanna seo a leanas:

(a)

2 % den suíomh comhoiriúnaithe ualaithe ó thaobh faid tréimhse do gach aon chrios;

(b)

40 % de na suímh chomhoiriúnaithe ualaithe ó thaobh faid tréimhse idir criosanna a haon agus a dó agus idir criosanna a dó agus a trí;

(c)

150 % den suíomh comhoiriúnaithe ualaithe ó thaobh faid tréimhse idir criosanna a haon agus a trí;

(d)

100 % de na suímh iarmharacha gan chomhoiriúnú, ualaithe ó thaobh faid tréimhse.

Roinn 3

Cothromais

Airteagal 341

Glansuímh in ionstraimí fiachais

1.   Déanfaidh an institiúid suim a glansuíomh fada agus suim a glansuíomh gearr a ríomh ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 327 Beidh suim luachanna absalóideacha an dá fhigiúr cothrom lena suíomh comhlán foriomlán.

2.   Déanfaidh an institiúid an difríocht idir suim na nglansuíomh fada agus suim na nglansuíomh gearr a ríomh ar leithligh, i gcás gach margaidh. Beidh suim luachanna absalóideacha na ndifríochtaí sin cothrom lena glansuíomh foriomlán.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an téarma margaidh dá dtagraítear i mír 2 a shainiú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Eanáir 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 342

Priacal sonrach ionstraimí cothromais

Déanfaidh an institiúid a suíomh comhlán foriomlán a iolrú faoi 8 % d'fhonn a ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh a ríomh.

Airteagal 343

Priacal ginearálta ionstraimí cothromais

Beidh an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal ghinearálta cothrom le glansuíomh foriomlán na hinstitiúide arna iolrú faoi 8 %.

Airteagal 344

Innéacsanna stoic

1.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina liostaítear na hinnéacsanna stoic a mbeidh na láimhseálacha a leagtar amach sa dara abairt de mhír 4 ar fáil dóibh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

2.   Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach i mír 3 agus mír 4 a chur i bhfeidhm, i gcás ina mbeidh an láimhseáil sin curtha i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla roimh an 1 Eanáir 2014.

3.   Féadfar todhchaíochtaí innéacsanna stoic arb ionann iad agus coibhéisí ualaithe ó thaobh deilte i leith na roghanna i dtodhchaíochtaí innéacsanna stoic agus in innéacsanna stoic, dá ngairtear ‧todhchaíochtaí innéacsanna stoic‧ i dteannta a chéile anseo feasta, a mhiondealú ina suímh i ngach aon cheann dá gcothromais bhunaithe. Féadfar na suímh sin a láimhseáil mar shuímh foluiteacha sa chothromas atá i gceist, agus féadfar iad a ghlanluacháil i gcoinne suímh urchomhaireacha sa chothromas fholuiteach féin. Tabharfaidh institiúidí fógra don údarás inniúil faoin leas a bhaineann siad as an láimhseáil sin.

4.   Sa chás nach miondealaítear todhchaíocht innéacsanna stoic ina suímh fholuiteacha, láimhseálfar í amhail is dá mba chothromas aonair í. Mar sin féin, is féidir neamhaird a dhéanamh den priacal sonrach ar an gcothromas aonair sin más rud é go bhfuil an todhchaíocht innéacsanna stoic atá i gceist á trádáil ar an stocmhalartán agus más innéacs ábhartha atá éagsúlaithe go hiomchuí í.

Roinn 4

Frithghealladh

Airteagal 345

Glansuímh a laghdú

1.   I gcás ina bhfrithghealltar fiachas agus ionstraimí cothromais, féadfaidh institiúid leas a bhaint as an nós imeachta seo a leanas chun a ceanglais cistí dílse a ríomh. Ríomhfaidh an institiúid a glansuímh ar dtús trí na suímh fhrithgheallta atá suibscríofa nó fo-fhrithgheallta ag tríú páirtithe ar bonn comhaontuithe foirmiúla a asbhaint. Laghdóidh an institiúid na glansuímh ansin de réir na bhfachtóirí laghdaithe i dTábla 4 agus ríomhfaidh sí a ceanglais cistí dílse ag úsáid na suímh fhrithgheallta laghdaithe.

Tábla 4

lá oibre 0:

100 %

lá oibre 1:

90 %

laethanta oibre 2 go 3:

75 %

lá oibre 4:

50 %

lá oibre 5:

25 %

i ndiaidh lá oibre 5:

0 %.

Is éard a bheidh i ‧lá oibre a náid‧ an lá oibre ar a dtabharfaidh an institiúid gealltanas gan choinníoll glacadh le líon áirithe urrús ar phraghas comhaontaithe.

2.   Cuirfidh na hinstitiúidí an leas a bhaineann siad as mír 1 in iúl do na húdaráis inniúla.

Roinn 5

Ceanglais cistí dílse priacal shonraigh le haghaidh suímh atá fálaithe ag díorthaigh chreidmheasa

Airteagal 346

Lamháltas le haghaidh fálú ag díorthaigh chreidmheasa

1.   Tabharfar lamháltas le haghaidh fálú a chuireann díorthaigh chreidmheasa ar fáil, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach i míreanna 2 go 6.

2.   Láimhseálfaidh institiúidí an suíomh sa díorthach creidmheasa mar ‧chéim‧ amháin agus an suíomh fálaithe a bhfuil an méid ainmniúil céanna, nó nuair is infheidhme, an méid barúlach céanna, aige mar an ‧chéim‧ eile.

3.   Tabharfar lamháltas iomlán nuair a ghluaiseann luachanna an dá chéim ar malairt treonna agus má ghluaiseann siad an méid céanna i gcónaí tríd is tríd. Beidh an scéal amhlaidh sna cásanna seo a leanas:

(a)

ionstraimí atá comhionann le chéile go hiomlán atá sa dá chéim;

(b)

tá suíomh fada airgid fálaithe ag babhtáil ráta toraidh iomlán (nó vice versa) agus tá an oibleagáid tagartha comhoiriúnaithe go cruinn leis an risíocht fholuitheach (i.e. an suíomh airgid). D'fhéadfadh aibíocht na babhtála féin a bheith éagsúil ó aibíocht na risíochta foluiteach.

Sna cásanna sin, ní chuirfear ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh i bhfeidhm maidir le ceachtar taobh den suíomh.

4.   Cuirfear fritháireamh 80 % i bhfeidhm nuair a ghluaiseann luachanna an dá chéim i malairt treonna agus nuair atá comhoiriúnú cruinn ann ó thaobh na hoibleagáide tagartha, ó thaobh aibíocht na hoibleagáide tagartha agus an díorthaigh chreidmheasa araon, agus ó thaobh airgeadra na risíochta foluiteach. Ina theannta sin, ní chuirfidh gnéithe tábhachtacha den chonradh díorthach creidmheasa faoi deara go mbeidh gluaiseacht praghsanna an díorthaigh chreidmheasa ag diall go hábhartha ó ghluaiseachtaí praghsanna an tsuímh airgid. A mhéid a ndéanann an t-idirbheart priacal a aistriú, cuirfear fritháireamh 80 % i bhfeidhm maidir le taobh an idirbhirt a bhfuil ceanglas cistí dílse níos airde aige, agus beidh na ceanglais priacal shonraigh ar an taobh eile cothrom le nialas.

5.   Tabharfar lamháltas páirteach, sna cásanna seo a leanas, in éagmais na gcásanna i mír 3 agus mír 4:

(a)

tagann an suíomh faoi mhír 3(b) ach tá neamhréir sócmhainní ann idir an oibleagáid tagartha agus an risíocht fholuiteach. Mar sin féin, comhlíonann na suímh na ceanglais seo a leanas:

(i)

tá an oibleagáid tagartha ar chomhchéim nó ar chéim níos sóisearaí ná an noibleagáid foluiteach;

(ii)

tá an t-oibleagáideoir céanna ag an oibleagáid foluiteach agus ag an oibleagáid tagartha agus tá clásail um thrasmhainneachtain nó clásail um thras-luathú iontu atá infheidhme le dlí;

(b)

tagann an suíomh faoi mhír 3(a) nó faoi mhír 4 ach tá neamhréir airgeadra nó aisioncronacht aibíochta ann idir an chosaint chreidmheasa agus an sócmhainn fholuiteach. Áireofar neamhréir airgeadra den chineál sin sa cheanglas cistí dílse le haghaidh priacal malairte eachtraí;

(c)

tagann an suíomh faoi mhír 4 ach tá neamhréir sócmhainní ann idir an suíomh airgid agus an díorthach creidmheasa. Mar sin féin, tá an sócmhainn fholuiteach ar áireamh sna hoibleagáidí (inseachadta) i ndoiciméadacht an díorthaigh chreidmheasa.

D'fhonn lamháltas páirteach a thabhairt, seachas na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh a chur le gach taobh den idirbheart, ní bheidh feidhm ach ag an gceann is airde den dá cheanglas cistí dílse.

6.   I ngach cás nach dtagann faoi mhíreanna 3 go 5, déanfar ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh a ríomh ar leithligh don dá thaobh de na suímh.

Airteagal 347

Lamháltas le haghaidh fálú ag díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain agus don n-ú mainneachtain

I gcás na ndíorthach creidmheasa don chéad mhainneachtain agus na ndíorthach creidmheasa don n-ú mainneachtain, beidh feidhm ag an láimhseáil seo a leanas maidir leis an lamháltas a bheidh le tabhairt i gcomhréir le hAirteagal 346:

(a)

i gcás ina bhfaigheann institiúid cosaint chreidmheasa i gcomhair roinnt eintiteas tagartha fholuiteach díorthach creidmheasa faoi théarmaí lena sanntar go ndéanfar íocaíocht a luaithe is a tharlaíonn an chéad mhainneachtain agus go gcuirfidh an teagmhas creidmheasa sin deireadh leis an gconradh, féadfaidh an institiúid fritháireamh a dhéanamh ar priacal sonrach an eintitis tagartha sin lena bhfuil feidhm ag an muirear céatadáin is ísle um priacal sonrach i measc na n-eintiteas tagartha foluiteach i gcomhréir le Tábla 1 in Airteagal 336;

(b)

i gcás ina spreagfar íocaíocht maidir le cosaint chreidmheasa a luaithe a tharlaíonn an n-ú mainneachtain sna risíochtaí, ní fhéadfaidh ceannaitheoir na cosanta an priacal sonrach sin a fhritháireamh ach amháin más rud é go bhfuil cosaint faighte chomh maith i gcomhair mainneachtainí 1 go n-1 nó má tá n-1 mainneachtain tarlaithe cheana féin. I gcásanna den sórt sin, leanfar den mhodheolaíocht a leagtar amach i bpointe (a) maidir le díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain arna leasú mar is iomchuí i gcomhair táirgí don n-ú mainneachtain.

Roinn 6

Ceanglais cistí dílse le haghaidh gcanna

Airteagal 348

Ceanglais cistí dílse le haghaidh GCanna

1.   Gan dochar d'fhorálacha eile sa Roinn seo, beidh suímh in GCanna faoi réir ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal an tsuímh, arb éard a bheidh ann priacal sonrach agus priacal ginearálta, arb ionann é agus 32 %. Gan dochar d'Airteagal 353 a ghlactar in éineacht leis an modh leasaithe le hór a láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 352(4)agus in Airteagal 367(2)(b), beidh suímh in GCanna faoi réir ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal an tsuímh, arb éard a bheidh ann priacal sonrach agus priacal ginearálta, agus priacal malairte eachtraí 40 %.;

2.   Mura dtugtar a mhalairt le fios in Airteagal 350, ní cheadaítear aon ghlanluacháil idir infheistíochtaí foluiteacha GC agus suímh eile i seilbh na hinstitiúide.

Airteagal 349

Critéir ghinearálta maidir le GCanna

Beidh GCanna incháilithe don chur chuige atá leagtha amach in Airteagal 350, i gcás ina mbeidh na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta:

(a)

beidh siad seo a leanas go léir le fáil i réamheolaire an GC nó i ndoiciméad coibhéiseach:

(i)

catagóirí na sócmhainní a bhfuil an GC údaraithe infheistíocht a dhéanamh iontu;

(ii)

na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;

(iii)

i gcás ina gceadaítear luamhánú, an t-uasleibhéal luamhánaithe;

(iv)

i gcás ina gceadaítear idirbhearta díorthach creidmheasa thar an gcuntar nó idirbhearta athcheannaigh, nó iasachtú nó iasachtaíocht urrús a thabhairt i gcrích, beartas chun teorainn a chur le priacal contrapháirtí a eascraíonn as na hidirbhearta sin;

(b)

déanfar gnó an GC a thuairisciú i dtuarascálacha leathbhliantúla agus bliantúla chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar na sócmhainní agus ar na dliteanais, ar ioncam agus ar oibríochtaí thar an tréimhse tuairiscithe;

(c)

is féidir scaireanna nó aonaid an GC a fhuascailt in airgead tirim, as sócmhainní an ghnóthais, ar bhonn laethúil arna iarraidh sin ag sealbhóir an aonaid;

(d)

coinneofar infheistíochtaí sa GC scartha ó shócmhainní bhainisteoir an GC;

(e)

déanfaidh an institiúid infheistíochta measúnú priacal sásúil ar an GC;

(f)

daoine a ndéanfar maoirseacht i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó i gcomhréir le reachtaíocht choibhéiseach orthu a bheidh ina mbainisteoirí ar GCanna.

Airteagal 350

Modhanna sonracha i gcomhair GCanna

1.   I gcás ina bhfuil an institiúid ar an eolas faoi infheistíochtaí foluiteacha an GC ar bhonn laethúil, féadfaidh an institiúid trébhreathnú a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí foluiteacha sin d'fhonn ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal an tsuímh a ríomh, arb éard a bheidh ann priacal sonrach agus priacal ginearálta. Faoi chur chuige den chineál sin, láimhseálfar suímh in GCanna mar shuímh in infheistíochtaí foluiteacha an GC. Ceadófar glanluacháil idir suímh in infheistíochtaí bunúsacha an GC agus suímh eile i seilbh na hinstitiúide, ar an gcoinníoll go sealbhaíonn an institiúid méid leordhóthanach scaireanna nó aonad chun go mbeifear in ann iad a fhuascailt nó a chruthú mar mhalairt ar na hinfheistíochtaí foluiteacha.

2.   Féadfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal an tsuímh a ríomh, arb éard a bheidh ann priacal sonrach agus priacal ginearálta, le haghaidh suíomh in GCanna trí ghlacadh leis go bhfuil suímh ann arb ionann iad agus na suímh sin atá riachtanach chun aithris a dhéanamh ar chomhdhéanamh agus ar fheidhmíocht an innéacs atá ginte go seachtrach nó an bhascaeid sheasta de chothromas nó d'urrús fiachais dá dtagraítear i bpointe (a) thíos, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

is é cuspóir do shainordú an GC aithris a dhéanamh ar chomhdhéanamh agus ar fheidhmíocht innéacs atá ginte go seachtrach nó bascaeid sheasta de chothromas nó d'urrúis fiachais;

(b)

is féidir a léiriú go soiléir thar thréimhse sé mhí ar a laghad go bhfuil comhéifeacht chomhghaoil íosta 0.9 idir an toradh laethúil ar an GC agus an t-innéacs nó an bascaed de chothromas nó d'urrúis fiachais a rianaíonn sé.

3.   I gcás nach bhfuil an institiúid ar an eolas faoi infheistíochtaí foluiteacha an GC ar bhonn laethúil, féadfaidh an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal an tsuímh a ríomh, arb éard a bheidh ann, priacal sonrach agus priacal ginearálta, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

glacfar leis go n-infheistíonn an GC ar dtús go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina shainordú sna haicmí sócmhainní sin a bhfuil an ceanglas cistí dílse is airde ag baint leo i leith priacal shonraigh agus priacal ghinearálta ar leithligh, agus ansin go leanann sé ar aghaidh ag infheistiú in ord íslitheach go dtí go mbainfear an teorainn uasta amach maidir le hinfheistíocht iomlán. Is mar shealúchas díreach sa suíomh a glacadh a láimhseálfar an suíomh sa GC;

(b)

cuirfidh institiúidí san áireamh an risíocht indíreach is airde a d'fhéadfaidís a bhaint amach trí shuímh luamhánaithe a ghlacadh tríd an GC nuair atá a gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh agus priacal ghinearálta á ríomh ar leithligh acu, tríd an suíomh sa GC a mhéadú go comhréireach suas go dtí an risíocht uasta ar na hítimí infheistíochta foluiteacha a thig ón sainordú;

(c)

má sháraíonn an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh agus priacal ghinearálta i dteannta a chéile i gcomhréir leis an mír seo an méid sin atá leagtha amach in Airteagal 348(1) cuirfear uasteorainn leis an gceanglas cistí dílse ar an leibhéal sin.

4.   Féadfaidh institiúidí dul i muinín na dtríú páirtithe seo a leanas chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal an tsuímh i gcás suíomh in GCanna a thagann faoi réim mhír 1 go mír 4 a ríomh agus a thuairisciú, i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo:

(a)

taisclann an GC ar choinníoll go n-infheistíonn an GC in urrúis amháin agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce sa taisclann seo;

(b)

i gcás GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir a leagtar amach in Airteagal 132(3)(a).

Deimhneoidh iniúchóir seachtrach go bhfuil an ríomh cruinn.

CAIBIDIL 3

Ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal malairte eachtraí

Airteagal 351

De minimis agus ualú maidir le priacal malairte eachtraí

Más mó ná 2 % d'iomlán a cistí dílse suim ghlansuíomh foriomlán na hinstitiúide in airgeadra eachtrach agus ghlansuíomh óir na hinstitiúide, arna ríomh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 352, lena n-áirítear aon suímh in airgeadra eachtrach nó suímh óir a ríomhtar ceanglais cistí dílse ina leith ag úsáid samhail inmheánach, ríomhfaidh an institiúid ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal malairte eachtraí. Beidh an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal malairte eachtraí cothrom le suim a glansuímh fhoriomláin in airgeadra eachtrach agus a glansuímh óir san airgeadra tuairiscithe, arna iolrú faoi 8 %.

Airteagal 352

An glansuíomh foriomlán in airgeadra eachtrach a ríomh

1.   Ríomhfar glansuíomh oscailte na hinstitiúide i ngach airgeadra (lena n-áirítear an t-airgeadra tuairiscithe) agus in ór mar shuim na n-eilimintí a leanas (deimhneach nó diúltach):

(a)

an spotsuíomh glan (i.e. gach ítim shócmhainne lúide gach ítim dhliteanais, lena n-áirítear ús fabhraithe, san airgeadra atá i gceist nó, maidir le hór, an spotsuíomh glan in ór);

(b)

an réamhshuíomh glan, is é sin na méideanna uile lena bhfáil lúide na méideanna uile lena n-íoc faoi idirbhearta réamh-mhalairte agus óir, lena n-áirítear todhchaíochtaí airgeadra agus óir agus an phríomhshuim ar bhabhtálacha sealadacha airgeadraí nach n-áirítear sa spotsuíomh;

(c)

ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe agus ionstraimí dá samhail ar deimhin go nglaofar iad agus ar dóigh dóibh a bheith do-aisghabhála;

(d)

coibhéis an deilte ghlan, nó coibhéis bunaithe ar dheilte, na roghanna malairte eachtraí agus óir iomlána de réir na leabhar;

(e)

margadhluach na roghanna eile.

Is í an deilte a úsáidfear chun críocha phointe (d) deilte na malairte lena mbaineann. Le haghaidh roghanna thar an gcuntar, nó i gcás nach bhfuil fáil ar deilte ón mhalairt lena mbaineann, d'fhéadfadh an institiúid í féin an deilte a ríomh agus samhail chuí á húsáid, faoi riar cead a fháil ó na húdaráis inniúla. Tabharfar cead má mheastar ráta athraithe luach na rogha nó luach an bharántais go hiomchuí leis an tsamhail i leith athruithe beaga i bpraghas margaidh na ionstraime foluiteach.

Féadfaidh an institiúid ioncam/caiteachais todhchaí nár fabhraíodh fós ach atá fálaithe go hiomlán cheana a chur san áireamh má dhéanann sé é go comhsheasmhach.

Féadfaidh an institiúid glansuímh in airgeadraí ilchodacha a mhiondealú ina n-airgeadraí comhpháirte de réir na gcuótaí atá i bhfeidhm.

2.   Féadfar aon suímh arna nglacadh d'aonghnó ag institiúid d'fhonn fálú i gcoinne éifeacht dhíobhálach an ráta malairte ar a gcóimheasa i gcomhréir le hAirteagal 92(1) a eisiamh nuair a dhéantar glansuímh in airgeadra oscailte a ríomh, faoi réir chead na n-údarás inniúil. Beidh suímh den sórt sin de chineál neamhthrádala nó struchtúrach agus beidh aon athrú i dtéarmaí a n-eisiaimh faoi réir ceada ar leith ó na húdaráis inniúla. Féadfar an láimhseáil chéanna faoi réir na gcoinníollacha céanna a chur i bhfeidhm maidir le suímh na hinstitiúide a bhaineann le hítimí atá asbhainte cheana agus a cistí dílse á ríomh.

3.   Féadfaidh institiúid an glanluach láithreach a úsáid nuair a bheidh an glansuíomh oscailte i ngach airgeadra agus in ór á ríomh ar choinníoll go n-úsáideann an institiúid an cur chuige sin go comhsheasmhach.

4.   Déanfar glansuímh ghearra agus fhada i ngach airgeadra seachas an t-airgeadra tuairiscithe agus an glansuíomh fada nó gearr in ór a chomhshó ag spotrátaí san airgeadra tuairiscithe. Beidh siad suimithe ansin ar leithligh chun iomlán na nglansuíomh gearr agus iomlán na nglansuíomh fada faoi seach a chruthú. Is é an ceann is airde den dá iomlán sin a bheidh i nglansuíomh foriomlán na hinstitiúide maidir le malairt eachtrach.

5.   Léireoidh institiúidí go leormhaith sna ceanglais cistí dílse na priacail eile a bhaineann le roghanna seachas an priacal deilte.

6.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena saineofar raon modhanna chun priacail eile, seachas an priacal deilte, a léiriú i gceanglais cistí dílse ar bhealach atá comhréireach le scála agus castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí i roghanna.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh institiúidí inniúla leanúint de na cóireálacha náisiúnta atá ann cheana féin a chur i bhfeidhm, i gcás gur chuir na húdaráis inniúla an láimhseáil sin i bhfeidhm roimh an 31 Nollaig 2013

Airteagal 353

Priacal malairte eachtraí na GCanna

1.   Chun críocha Airteagal 352, beidh, i gcás GCanna, suíomh iarbhír an CUI maidir le hairgeadra eachtrach curtha san áireamh.

2.   Féadfaidh institiúidí dul i muinín thuairisciú na dtríú páirtithe seo a leanas maidir le suímh in airgeadra eachtrach sa GC:

(a)

institiúid taisclainne an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistiú eisiach in urrúis agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce san institiúid taisclainne sin;

(b)

i gcás GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) d'Airteagal 132 (3).

Deimhneoidh iniúchóir seachtrach go bhfuil an ríomh cruinn.

3.   I gcás nach feasach d'institiúid na suímh in airgeadra eachtrach atá in GC, glacfar leis go bhfuil an GC infheistithe go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoi shainordú an GC maidir le hairgeadra eachtrach agus cuirfidh institiúidí san áireamh, maidir le suímh sa leabhar trádála, an risíocht indíreach ba mhó arbh fhéidir leo a bhaint amach trí shuímh luamhánaithe a ghlacadh tríd an GC nuair atá a gceanglais cistí dílse le haghaidh priacal malairte eachtraí á ríomh. Déanfar sin tríd an suíomh sa GC a mhéadú go comhréireach go dtí an risíocht uasta ar na hítimí infheistíochta foluiteacha a eascraíonn as an sainordú infheistíochta. Láimhseálfar suíomh toimhdithe an GC maidir le malairt eachtrach mar airgeadra ar leithligh de réir láimhseáil na n-infheistíochtaí in ór, faoi réir iomlán an tsuímh fhada a chur le hiomlán an tsuímh fhada oscailte in airgeadra eachtrach agus iomlán an tsuímh ghearr a chur le hiomlán an tsuímh ghearr oscailte in airgeadra eachtrach nuair atá stiúradh infheistíocht GC ar fáil. Ní cheadófar glanluacháil idir shuímh den sórt sin roimh an ríomh.

Airteagal 354

Airgeadraí dlúth-chomhghaolaithe

1.   Féadfaidh institiúidí ceanglais cistí dílse níos ísle a sholáthar i gcoinne suíomh in airgeadraí dlúth-chomhghaolaithe ábhartha. Ní mheastar péire airgeadraí a bheith dlúth-chomhghaolaithe ach sa chás ina mbeadh dóchúlacht chaillteanais — arna ríomh ar bhonn sonraí ráta malairte na dtrí nó na gcúig bliana roimhe — ar shuímh chothroma agus urchomhaireacha in airgeadraí den sórt sin thar an 10 lá oibre dar gcionn, ar 4 % nó níos lú é de luach an tsuímh chomhoiriúnaithe atá i gceist (arna luacháil i dtéarmaí an airgeadra thuairiscithe), ina mbeadh an dóchúlacht sin ar a laghad 99 % nuair a d'úsáidfí tréimhse bhreathnóireachta trí bliana, agus 95 % nuair a d'úsáidfí tréimhse bhreathnóireachta cúig bliana. Beidh an ceanglas cistí dílse maidir leis an suíomh comhoiriúnaithe in dhá airgeadra dhlúth-chomhghaolaithe cothrom le 4 % arna iolrú faoi luach an tsuímh chomhoiriúnaithe.

2.   Le linn cheanglais na Caibidle seo a ríomh, féadfaidh institiúidí neamhaird a dhéanamh de shuímh in airgeadraí atá faoi réir comhaontaithe idir-rialtasaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun teorainn a chur lena n-athrúchán i gcoibhneas le hairgeadraí eile arna gcumhdach faoin gcomhaontú céanna. Ríomhfaidh institiúidí a suímh chomhoiriúnaithe in airgeadraí den sórt sin agus déanfaidh siad ceanglas cistí dílse a chur i bhfeidhm maidir leo nach lú ná leath an athrúcháin uasta cheadaithe atá leagtha síos sa chomhaontú idir-rialtasach atá i gceist i leith na n-airgeadraí lena mbaineann.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina liostaítear na hairgeadraí a bhfuil an láimhseáil atá leagtha amach i mír 1 ar fáil dóibh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.   Féadfar an ceanglas cistí dílse maidir leis na suímh chomhoiriúnaithe in airgeadraí na mBallstát a bheidh rannpháirteach i ndara céim an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a ríomh mar 1,6 % de luach na suíomh comhoiriúnaithe sin.

5.   Ní bheidh ionchorpraithe sa ghlansuíomh oscailte foriomlán i gomhréir le hAirteagal 352(4) ach na suímh gan chomhoiriúnú in airgeadraí dá dtagraítear san Airteagal seo.

6.   Maidir le sonraí ráta malairte laethúla na dtrí nó na gcúig bliana roimhe atá ar shuímh chothroma agus urchomhaireacha i bpéire airgeadra ar feadh na 10 lá oibre ina dhiaidh sin, i gcás ina léirítear leo go bhfuil an dá airgeadra sin i gcomhchoibhneas deimhneach foirfe lena chéile agus a bhféadfaidh an institiúid raon tairisceana is atairisceana nialais a bhaint amach i gcónaí i leith gach trádála faoi seach, féadfaidh an institiúid arna cheadú sin go follasach ag a húdarás inniúil, ceanglas maidir le cistí dílse 0 % a chur i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana 2017.

CAIBIDIL 4

Ceanglais na gcistí dílse le haghaidh priacal tráchtearraí

Airteagal 355

Modh a roghnú maidir le priacal tráchtearraí

Faoi réir Airteagal 356 go hAirteagal 358, ríomhfaidh institiúidí an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal tráchtearraí ag úsáid ceann de na modhanna a leagtar amach in Airteagal 359, Airteagal 360 nó Airteagal 361.

Airteagal 356

Gnó tráchtearraí coimhdeacha

1.   Féadfaidh institiúidí a bhfuil gnó tráchtearraí coimhdeacha talmhaíochta acu na ceanglais cistí dílse maidir lena stoc tráchtearraí fisiciúla a shocrú ag deireadh gach bliana le haghaidh na bliana dar gcionn i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

tráth ar bith den bhliain tá cistí dílse ina seilbh maidir leis an priacal sin nach lú iad ná an meáncheanglas cistí dílse i leith an priacal sin a bheidh measta ar bhonn coimeádach le haghaidh na bliana dar gcionn;

(b)

déanfaidh sí luaineacht ionchasach maidir leis an bhfigiúr atá ríofa faoi phointe (a) a mheas ar bhonn coimeádach;

(c)

níl a meáncheanglas cistí dílse i leith an priacal sin níos mó ná 5 % dá cistí dílse nó EUR 1 mhilliún agus, ag cur an luaineacht atá measta i gcomhréir le (b) san áireamh, ní bheidh buaic ionchasach na gceanglas cistí dílse níos mó ná 6.5 % dá cistí dílse;

(d)

déanann an institiúid faireachán ar bhonn leanúnach féachaint an meastacháin réadúla iad na meastacháin arna ndéanamh faoi phointe (a) agus phointe (b).

2.   Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla faoin úsáid a bhaineann siad as an rogha dá ndéantar foráil i mír 1.

Airteagal 357

Suímh i dtráchtearraí

1.   Sloinnfear gach suíomh i dtráchtearraí nó i ndíorthaigh tráchtearraí i dtéarmaí an aonaid tomhais chaighdeánaigh. Sloinnfear an spotphraghas i ngach tráchtearra san airgeadra tuairiscithe.

2.   Measfar go bhfuil suímh in ór nó i ndíorthaigh óir faoi réir priacal malairte eachtraí agus láimhseálfar iad i gcomhréir le Caibidil 3 nó Caibidil 5, mar is iomchuí, ar mhaithe le priacal tráchtearraí a ríomh.

3.   Chun críocha Airteagal 360(1), is glansuíomh institiúide i ngach tráchtearra a bheidh i mbarrachas a suíomh fada thar a suímh ghearra, nó a mhalairt, sa tráchtearra céanna agus i dtodhchaíochtaí tráchtearraí, i roghanna agus i mbarántais chomhionanna. Láimhseálfar ionstraimí díorthacha, mar atá leagtha síos in Airteagal 358, mar shuímh sa tráchtearra foluiteach.

4.   Ar mhaithe le suíomh i dtráchtearra a ríomh, láimhseálfar na suímh seo a leanas mar shuímh sa tráchtearra céanna:

(a)

suímh i bhfo-chatagóirí éagsúla tráchtearraí i gcás ina bhfuil na fochatagóirí inseachadta i gcoinne a chéile;

(b)

suímh i dtráchtearraí comhchosúla más dlúthionadaithe iad agus nuair is féidir comhghaol íosta 0.9 idir ghluaiseachtaí praghsanna a bhunú go soiléir thar íostréimhse bliana.

Airteagal 358

Ionstraimí áirithe

1.   Beidh todhchaíochtaí tráchtearraí agus réamhoibleagáidí tráchtearraí aonair a cheannach nó a dhíol ionchorpraithe sa chóras tomhais mar mhéideanna barúlacha i dtéarmaí an aonaid tomhais chaighdeánaigh agus sannfar aibíocht dóibh ag tagairt do dháta éaga.

2.   Babhtálacha tráchtearraí i gcás inar praghas seasta taobh amháin den idirbheart agus inar praghas an mhargaidh an taobh eile, láimhseálfar iad mar shraith suíomh atá cothrom le méid barúlach an chonartha agus, nuair is ábhartha, le suíomh amháin i gcomhréir le gach íocaíocht i leith na babhtála agus suite isteach sna bandaí aibíochta in Airteagal 359(1). Is suímh fhada iad na suímh má bhíonn an institiúid ag íoc praghas seasta agus ag fáil praghas comhlúthach agus is suímh ghearra iad má bhíonn an institiúid ag fáil praghas seasta agus ag íoc praghas comhlúthach. Is gá babhtálacha tráchtearraí i gcás ina bhfuil taobhanna an idirbhirt i dtráchtearraí éagsúla a thuairisciú sa dréimire tuairiscithe ábhartha i leith chur chuige an dréimire aibíochta.

3.   Láimhseálfar roghanna agus barántais ar thráchtearraí agus ar dhíorthaigh tráchtearraí amhail is dá mba shuímh iad atá cothrom i luach foluiteach lena mbaineann an rogha, arna iolrú faoi dheilte na rogha chun críocha na Caibidle seo. Féadfar na suímh dheireanacha sin a ghlanluacháil i gcoinne aon suímh fhritháirimh sa tráchtearra céanna nó sa díorthach céanna foluiteach. Is í an deilte a úsáidfear, deilte na malairte lena mbaineann. Le haghaidh roghanna thar an gcuntar, nó i gcás nach bhfuil fáil ar deilte ón mhalairt lena mbaineann, d'fhéadfadh an institiúid í féin an deilte a ríomh agus samhail chuí á úsáid, faoi riar cead a fháil ó na húdaráis inniúla. Tabharfar cead má mheastar ráta athraithe luach na rogha nó luach an bharántais go hiomchuí leis an tsamhail i leith athruithe beaga i bpraghas margaidh na ionstraime foluiteach.

Léireoidh institiúidí go leormhaith sna ceanglais cistí dílse na priacail eile a bhaineann le roghanna seachas an priacal deilte.

4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena saineofar raon modhanna chun priacail eile, seachas an priacal deilte, a léiriú i gceanglais cistí dílse ar bhealach atá comhréireach le scála agus castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí i roghanna.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh institiúidí inniúla leanúint de na láimhseálacha náisiúnta atá ann cheana féin a chur i bhfeidhm, i gcás gur chuir na húdaráis inniúla na láimhseálacha sin i bhfeidhm roimh an 31 Nollaig 2013.

5.   I gcás inar ceann de na cinn a leanas an institiúid, cuirfidh sí na tráchtearraí lena mbaineann san áireamh agus a ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal tráchtearraí á ríomh:

(a)

aistreoir tráchtearraí nó ceart ráthaithe a bhaineann le teidlíocht chun na tráchtearraí i gcomhaontú athcheannaigh;

(b)

iasachtóir tráchtearraí i gcomhaontú maidir le tráchtearraí a iasachtú.

Airteagal 359

Cur chuige an dréimire aibíochta

1.   Úsáidfidh an institiúid dréimire aibíochta ar leithligh i gcomhréir le Tábla 1 le haghaidh gach tráchtearra. Sannfar gach suíomh sa tráchtearra sin do na bandaí aibíochta iomchuí. Sannfar stoic fhisiciúla don chéad bhanda aibíochta idir 0 mí agus 1 mhí, í sin san áireamh.

Tábla 1

Banda aibíochta

(1)

Ráta difríochta (%)

(2)

0 ≤ 1 mhí

1,50

> 1 ≤ 3 mhí

1,50

> 3 ≤ 6 mhí

1,50

> 6 ≤ 12 mhí

1,50

> 1 ≤ 2 bliana

1,50

> 2 ≤ 3 bliana

1,50

> 3 bliana

1,50

2.   Féadfar suímh sa tráchtearra céanna a fhritháireamh agus a shannadh do na bandaí aibíochta iomchuí ar bhonn glan maidir leo seo a leanas:

(a)

suímh i gconarthaí a thiocfaidh in aibíocht ar an dáta céanna;

(b)

suímh i gconarthaí a thiocfaidh in aibíocht laistigh de 10 lá dá chéile má thrádáiltear iad ar mhargaí a bhfuil dátaí seachadta laethúla acu.

3.   Ríomhfaidh an institiúid suim na suíomh fada agus suim na suíomh gearr i ngach banda aibíochta. Beidh suim na suíomh fada atá comhoiriúnaithe leis na suíomh gearr i mbanda áirithe cothrom le suímh chomhoiriúnaithe sa bhanda sin, agus beidh an suíomh iarmharach fada nó gearr cothrom leis an suíomh gan chomhoiriúnú don bhanda céanna.

4.   Beidh an chuid sin den suíomh fada gan chomhoiriúnú maidir le banda aibíochta áirithe atá comhoiriúnaithe leis an suíomh gearr gan chomhoiriúnú, nó a mhalairt, maidir le banda aibíochta níos faide amach cothrom leis an suíomh comhoiriúnaithe idir dhá bhanda aibíochta. Beidh an suíomh gan chomhoiriúnú cothrom leis an gcuid sin den suíomh fada gan chomhoiriúnú nó den suíomh gearr gan chomhoiriúnú nach féidir a chomhoiriúnú amhlaidh.

5.   Ríomhfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide maidir le gach tráchtearra ar bhonn an dréimire aibíochta ábhartha mar shuim na nithe seo a leanas:

(a)

suim na suíomh fada agus gearr comhoiriúnaithe, arna hiolrú faoin ráta difríochta iomchuí mar atá tugtha le fios sa dara colún de Thábla 1 maidir le gach banda aibíochta agus arna hiolrú faoi spotphraghas an tráchtearra;

(b)

an suíomh comhoiriúnaithe idir dhá bhanda aibíochta maidir le gach banda aibíochta ina bhfuil suíomh gan chomhoiriúnú tugtha ar aghaidh, arna iolrú faoi 0,6 %, is é sin an ráta tugtha anonn, agus arna iolrú faoin spotphraghas don tráchtearra;

(c)

suim na suíomh iarmharach gan chomhoiriúnú, arna hiolrú faoi 15 %, is é sin an ráta glan amach, agus arna hiolrú faoin spotphraghas don tráchtearra.

6.   Ríomhfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide le haghaidh priacal tráchtearraí mar shuim na gceanglas cistí dílse arna ríomh maidir le gach tráchtearra i gcomhréir le mír 5.

Airteagal 360

Cur chuige simplithe

1.   Ríomhfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide maidir le gach tráchtearra mar shuim na nithe seo a leanas:

(a)

15 % den suíomh glan, fada nó gearr, arna iolrú faoi spotphraghas an tráchtearra;

(b)

3 % den suíomh comhlán, fada móide gearr, arna iolrú faoi spotphraghas an tráchtearra.

2.   Ríomhfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide le haghaidh priacal tráchtearraí mar shuim na gceanglas cistí dílse arna ríomh maidir le gach tráchtearra i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 361

Cur chuige an dréimire aibíochta sínte

Féadfaidh institiúidí na rátaí íosta difríochta, tugtha anonn agus glan amach atá leagtha amach i dTábla 2 a leanas a úsáid seachas na rátaí sin atá luaite in Airteagal 359 ar an gcoinníoll go bhfuil na nithe seo a leanas comhlíonta ag na hinstitiúidí:

(a)

déanann siad gnó suntasach tráchtearraí;

(b)

tá punann tráchtearraí acu atá éagsúlaithe go hiomchuí;

(c)

níl siad fós in ann samhlacha inmheánacha a úsáid ar mhaithe leis an gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal tráchtearraí a ríomh.

Tábla 2

 

Miotail lómhara

(cé is moite d'ór)

Miotail neamhlómhara

Táirgí talmhaíochta

(táirgí boga)

Eile, lena n-áirítear táirgí fuinnimh

Ráta difríochta (%)

1,0

1,2

1,5

1,5

Ráta tugtha (%)

0,3

0,5

0,6

0,6

Ráta glan amach (%)

8

10

12

15

Tabharfaidh institiúidí fógra dá n-údaráis inniúla maidir leis an úsáid a bhaineann siad as an Airteagal seo i dteannta le fianaise faoina n-iarrachtaí samhail inmheánach a chur chun feidhme ar mhaithe leis an gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal tráchtearraí a ríomh.

CAIBIDIL 5

Samhlacha inmheánacha a úsáid chun ceanglais cistí dílse a ríomh

Roinn 1

Cead agus ceanglais cistí dílse

Airteagal 362

Priacail sonracha agus priacail ginearálta

Chun críocha na Caibidle seo féadfar priacal an tsuímh ar ionstraim fiachais nó ar ionstraim cothromais intrádála nó ar dhíorthach díobh a roinnt ina dhá chomhpháirt. Beidh an chéad cheann cothrom lena chomhpháirt priacal shonraigh agus cuimseofar leis sin an priacal d'athrú i bpraghas na hionstraime lena mbaineann i ngeall ar fhachtóirí a bhaineann lena heisitheoir, nó i gcás díorthaigh, eisitheoir na hionstraime foluiteach. Cuimseofar leis an gcomhpháirt priacal ghinearálta priacal d'athrú i bpraghas na hionstraime i ngeall ar athrú i leibhéal na rátaí úis i gcás ionstraime fiachais intrádála nó díorthaigh fiachais nó i gcás cothromais nó díorthaigh cothromais i ngeall ar ghluaiseacht leathan sa mhargadh cothromais nach bhfuil baint aici le tréithe sonracha na n-urrús aonair.

Airteagal 363

Cead chun samhlacha inmheánacha a úsáid

1.   Tar éis dóibh a fhíorú gur chomhlíon an institiúid na ceanglais de réir Ranna 2, 3 agus 4 mar atá ábhartha, tabharfaidh na húdaráis inniúla cead d'institiúidí a gceanglais cistí dílse a ríomh maidir le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí priacal seo a leanas trína samhlacha inmheánacha a úsáid in áit na modhanna atá léirithe i gCaibidil 2 go Caibidil 4 nó i gcomhcheangal leo;

(a)

priacal ginearálta ionstraimí cothromais;

(b)

priacal sonrach ionstraimí cothromais;

(c)

priacal ginearálta ionstraimí fiachais;

(d)

priacal sonrach ionstraimí fiachais;

(e)

priacal malairte eachtraí;

(f)

priacal tráchtearraí.

2.   I gcás catagóirí priacal nár tugadh an cead dá dtagraítear i mír 1 don institiúid ina leith chun a samhlacha inmheánacha a úsáid, leanfaidh an institiúid sin dá ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir leis na modhanna sin i gCaibidil 2, i gCaibidil 3 agus i gCaibidil 4 mar is ábhartha. Beidh cead ó na húdaráis inniúla ag teastáil i ndáil le húsáid na samhlacha inmheánacha maidir le gach catagóir priacal agus ní cheadófar sin ach amháin má chumhdaítear leis an tsamhail inmheánach cion suntasach de na suímh a bhaineann le catagóir áirithe priacal.

3.   Éilítear cead ar leithligh ón údarás inniúil maidir le hathruithe ábhartha ar úsáid na samhlacha inmheánacha a bhfuil cead faighte ag an institiúid lena n-úsáid, maidir le síneadh ar úsáid na samhlacha inmheánacha a bhfuil cead faighte ag an institiúid lena n-úsáid, go háirithe maidir le catagóirí priacal breise, agus maidir le ríomh tosaigh an luacha faoi phriacal struis i gcomhréir le hAirteagal 365(2).

Cuirfidh na hinstitiúidí na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na síntí agus na hathruithe uile ar fad a dhéanfar ar an úsáid a bhaintear as na samhlacha inmheánacha sin a bhfuil cead faighte ag an institiúid leas a bhaint astu.

4.   Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha;

(b)

an mhodheolaíocht mheasúnaithe faoina dtugann na húdaráis inniúla cead d'institiúidí leas a bhaint as samhlacha inmheánacha;

(c)

Féachfar ar na coinníollacha faoina gcumhdaítear cion na suíomh leis an tsamhail inmheánach laistigh de chatagóir priacal mar coinníollacha suntasacha faoi mar a thagraítear dóibh i mír 2.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 364

Ceanglais cistí dílse nuair a úsáidtear samhlacha inmheánacha

1.   Gach institiúid a úsáideann samhail inmheánach, comhlíonfaidh sí, i dteannta le ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2, Caibidil 3 agus Caibidil 4 maidir leis na catagóirí priacal nár tugadh cead ina leith chun samhail inmheánach a úsáid, ceanglas cistí dílse arna shloinneadh mar shuim phointe (a) agus phointe (b):

(a)

an luach is airde de na luachanna a leanas:

(i)

a huimhir luacha faoi phriacal (VaR) don lá roimhe arna ríomh sin i gcomhréir le hAirteagal 365(1) (VaRt-1);

(ii)

meán na n-uimhreacha luacha faoi phriacal arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 365(1) do gach lá den seasca lá gnó roimhe sin (VaRavg), arna iolrú faoin bhfachtóir iolrúcháin (mc) i gcomhréir le hAirteagal 366;

(b)

an luach is airde de na luachanna a leanas:

(i)

a huimhir luacha faoi phriacal struis is déanaí atá ar fáil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 365(2) (sVaRt-1); agus

(ii)

meán na n-uimhreacha luacha faoi phriacal struis arna ríomh sa mhodh agus leis an minicíocht atá sonraithe in Airteagal 365(2) le linn an seasca lá gnó roimhe sin (sVaRavg), arna iolrú faoin bhfachtóir iolrúcháin (ms) i gcomhréir le hAirteagal 366;

2.   Maidir le hinstitiúidí a úsáideann samhail inmheánach chun a gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal sonrach na n-ionstraimí fiachais a ríomh, comhlíonfaidh siad ceanglas cistí dílse breise arna shloinneadh mar shuim phointe (a) agus phointe (b) a leanas:

(a)

an ceanglas cistí dílse arna ríomh de réir Airteagal 337 agus Airteagal 338 maidir le priacal sonrach na suíomh urrúsúcháin agus na ndíorthach creidmheasa don n-ú mainneachtain sa leabhar trádála cé is moite díobh sin atá ionchorpraithe i gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal sonrach na punainne trádála comhghaoil i gcomhréir le Roinn 5 agus, nuair is infheidhme, an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh i gcomhréir le Caibidil 2, Roinn 6, maidir leis na suímh sin in GCanna nach bhfuil na coinníollacha in Airteagal 350(1) ná na coinníollacha in Airteagal 350(2) comhlíonta ina leith;

(b)

an uimhir is airde de na huimhreacha a leanas:

(i)

an uimhir priacal is déanaí maidir leis an priacal incriminteach mainneachtana agus imirce i gcomhréir le Roinn 3;

(ii)

meán na huimhreach sin thar an 12 sheachtain roimhe.

3.   Institiúidí a bhfuil punann trádála comhghaoil acu, lena gcomhlíontar na ceanglais in Airteagal 338(1) go (3), féadfaidh siad ceanglas cistí dílse breise a chomhlíonadh ar bhonn Airteagal 377 in ionad Airteagal 338 (4), arna ríomh mar an gceann is airde de na huimhreacha a leanas:

(a)

an uimhir priacal is déanaí maidir leis an bpunann trádála comhghaoil arna ríomh i gcomhréir le Roinn 5;

(b)

meán na huimhreach sin thar na 12 sheachtain roimhe;

(c)

8 % den cheanglas cistí dílse, tráth a ríomhadh an uimhir priacal is déanaí dá dtagraítear i bpointe (a), a bheadh ríofa i gcomhréir le hAirteagal 338(4) maidir leis na suímh sin uile atá ionchorpraithe sa tsamhail inmheánach maidir leis an bpunann trádála comhghaoil.

Roinn 2

Ceanglais ghinearálta

Airteagal 365

VaR agus VaR struis a Ríomh

1.   Beidh ríomh na huimhreach luacha faoi phriacal dá dtagraítear in Airteagal 364 faoi réir na gceanglas seo a leanas:

(a)

ríomh laethúil na huimhreach luacha faoi phriacal;

(b)

eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl;

(c)

tréimhse shealbhaíochta 10 lá;

(d)

tréimhse bhreathnóireachta stairiúil iarbhír 1 bhliana ar a laghad ach amháin nuair atá údar le tréimhse bhreathnóireachta níos giorra i ngeall ar bhorradh suntasach i luaineacht praghsanna;

(e)

nuashonruithe míosúla ar a laghad ar shraith sonraí.

Féadfaidh an institiúid uimhreacha luacha faoi phriacal a úsáid arna ríomh de réir tréimhsí sealbhaíochta níos giorra ná 10 lá atá scálaithe suas go 10 lá de réir modheolaíochta iomchuí a ndéantar athbhreithniú tréimhsiúil uirthi.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh an institiúid ‧luach faoi phriacal struis‧ a ríomh maidir leis an bpunann reatha ar bhonn seachtainiúil ar a laghad, i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach sa chéad mhír, le hionchur samhla den luach faoi phriacal atá calabraithe do shonraí stairiúla ó thréimhse leanúnach 12 mhí struis airgeadais shuntasaigh atá ábhartha do phunann na hinstitiúide. Beidh rogha na sonraí stairiúla sin faoi réir a athbhreithnithe gach bliain ar a laghad ag an institiúid, agus cuirfidh an institiúid fógra chuig na húdaráis inniúla maidir leis an toradh. Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas maidir le luach faoi phriacal struis a ríomh agus eiseoidh sé treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na cleachtais sin.

Airteagal 366

Iarthástáil rialála agus fachtóirí iolrúcháin

1.   Déanfar torthaí na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 365 a mhéadú ó scála faoi na fachtóirí iolrúcháin (mc) agus (ms).

2.   Beidh gach ceann de na fachtóirí iolrúcháin (mc) agus (ms) cothrom leis an lánsuim 3 ar a laghad móide suimeann idir 0 agus 1 i gcomhréir le Tábla 1. Beidh an tsuimeann sin spleách ar líon na róluaineachtaí i leith an 250 lá gnó is déanaí arna fhianú le hiarthástáil ar an uimhir luacha faoi phriacal mar atá leagtha amach in Airteagal 365(1).

Tábla 1

Líon na róluaineachtaí

suimeann

Níos lú ná 5

0,00

5

0,40

6

0,50

7

0,65

8

0,75

9

0,85

10 nó níos mó

1,00

3.   Ríomhfaidh na hinstitiúidí na róluaineachtaí laethúla ar bhonn iarthástála ar athruithe hipitéiseacha agus iarbhír i luach na punainne. Athrú lá amháin i luach na punainne is ea róluaineacht ar mó í ná an uimhir luacha faoi phriacal lá amháin gaolmhar arna giniúint ag samhail na hinstitiúide. Ar mhaithe leis an tsuimeann a chinneadh, déanfar líon na róluaineachtaí a mheas ar bhonn ráithiúil ar a laghad agus beidh siad cothrom leis an líon is airde de na róluaineachtaí faoi athruithe hipitéiseacha agus iarbhír i luach na punainne.

Beidh iarthástáil ar athruithe hipitéiseacha i luach na punainne bunaithe ar chomparáid idir luach deiridh lae na punainne agus, ag glacadh leis nach bhfuil athruithe ar shuímh, a luach ag deireadh an lae dar gcionn.

Beidh iarthástáil ar athruithe iarbhír i luach na punainne bunaithe ar chomparáid idir luach deiridh lae na punainne agus a luach iarbhír ag deireadh an lae dar gcionn cé is moite de tháillí, de choimisiúin, agus de ghlanioncam úis.

4.   Féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcásanna aonair, teorainn a chur leis an tsuimeann go dtí suimeann a thig ó róluaineachtaí faoi athruithe hipitéiseacha, nuair nach dtagann líon na róluaineachtaí faoi athruithe iarbhír ó easpa sa tsamhail inmheánach.

5.   D'fhonn ligean do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar oiriúnacht na bhfachtóirí iolrúcháin ar bhonn leanúnach, tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla go pras, agus tráth nach déanaí ná laistigh de chúig lá oibre, maidir le róluaineachtaí a thig óna gclár iarthástála.

Airteagal 367

Ceanglais maidir le priacal a thomhas

1.   Aon samhail inmheánach a úsáidtear chun ceanglais chaipitil a ríomh le haghaidh priacal an tsuímh, priacal malairte eachtraí, priacal tráchtearraí, agus aon samhail inmheánach le haghaidh trádála comhghaoil, comhlíonfaidh sí na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

gabhfar na priacail praghais ábhartha uile go cruinn leis an tsamhail;

(b)

gabhfar líon dóthanach fachtóirí priacal leis an tsamhail, ag brath ar leibhéal gníomhaíochta na hinstitiúide sna margaí faoi seach. I gcás ina mbíonn fachtóir priacal ionchorpraithe i samhail praghsála na hinstitiúide ach ní sa tsamhail tomhais priacal, beidh an institiúid in ann údar a thabhairt le heasnamh den sórt sin chun sástachta an údaráis inniúil. Gabhfar leis an tsamhail tomhais priacal neamhlíneachtaí maidir le roghanna agus táirgí eile chomh maith le priacal comhghaoil agus priacal boinn. I gcás ina n-úsáidtear ionadaigh in áit fachtóirí priacal taispeánfaidh siad cuntas teiste maith i leith an tsuímh iarbhír arna shealbhú.

2.   Aon samhail inmheánach a úsáidfear chun ceanglais chaipitil a ríomh le haghaidh priacal an tsuímh, priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí, comhlíonfaidh sí na ceanglais uile a leanas:

(a)

ionchorprófar leis an tsamhail sraith fachtóirí priacal a fhreagraíonn do rátaí úis gach airgeadra ina bhfuil suímh lena mbaineann íogaireacht ráta úis laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ag an institiúid. Déanfaidh an institiúid na cuair toraidh a shamhaltú ag úsáid ceann de na cineálacha cur chuige a bhfuil glactha leo go ginearálta. I gcás risíochtaí ábhartha ar priacal an ráta úis sna mórairgeadraí agus sna mórmhargaí, roinnfear an cuar toraidh ina shé dheighleog aibíochta ar a laghad chun na hathruithe i luaineachtaí rátaí feadh an chuair toraidh a ghabháil. Gabhfar leis an tsamhail freisin an priacal a bhaineann le gluaiseachtaí nach bhfuil comhghaolaithe ar bhealach iomlán foirfe idir chuair toraidh éagsúla;

(b)

ionchorprófar leis an tsamhail fachtóirí priacal a fhreagraíonn d'ór agus do na hairgeadraí eachtracha aonair ina bhfuil suímh na hinstitiúide ainmnithe. I gcás GCanna cuirfear suímh iarbhír maidir le hairgeadra eachtrach an GC san áireamh. Féadfaidh institiúidí dul i muinín tuairisciú tríú páirtí ar shuíomh an GC in airgeadra eachtrach i gcás ina bhfuil cruinneas na tuairisce sin áirithithe go leormhaith. I gcás nach feasach d'institiúid suímh an GC in airgeadra eachtrach, déanfar an suíomh sin a ghearradh amach agus a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 353(3);

(c)

úsáidfear sa tsamhail fachtóir priacal ar leithligh maidir le gach margadh cothromais ar a laghad ina sealbhaíonn an institiúid suímh shuntasacha;

(d)

úsáidfear sa tsamhail fachtóir priacal ar leithligh maidir le gach tráchtearra ar a laghad ina sealbhaíonn an institiúid suímh shuntasacha. Déanfar a ghabháil leis an tsamhail freisin an priacal a bhaineann le gluaiseachtaí nach bhfuil comhghaolaithe ar bhealach iomlán foirfe idir tráchtearraí comhchosúla, nach comhionann iad, agus an risíocht ar athruithe i réamhphraghsanna a thagann as aisioncronachtaí aibíochta. Cuirfear san áireamh inti freisin tréithe an mhargaidh, go háirithe dátaí seachadta agus an raon feidhme a chuirtear ar fáil do thrádálaithe chun suímh a ghlanadh;

(e)

déanfar measúnú coimeádach le samhail inmheánach na hinstitiúide ar an bpriacal a thagann, i gcásanna margaidh réalaíocha, as suímh is lú leachtacht agus suímh le trédhearcacht ó thaobh praghsanna atá teoranta. Ina theannta sin, comhlíonfar íoschaighdeáin sonraí leis an tsamhail inmheánach. Beidh na hionadaigh coimeádach go hiomchuí agus ní úsáidfear iad ach amháin i gcás ina bhfuil na sonraí atá ar fáil neamhleor nó nach léirítear leo fhíorluaineacht suímh nó punainne.

3.   Ní fhéadfaidh institiúidí, i gcás aon samhail inmheánach arna húsáid chun críocha na Caibidle seo, comhghaolta eimpíreacha a úsáid laistigh de chatagóirí priacal agus thar chatagóirí priacal ach amháin i gcás ina bhfuil cur chuige na hinstitiúide maidir le comhghaolta a thomhas fónta agus á chur i bhfeidhm le hionracas.

Airteagal 368

Ceanglais cháilíochtúla

1.   Beidh aon samhail arna húsáid chun críocha na Caibidle seo fónta ar bhonn coincheapúil agus curtha chun feidhme le hionracas agus, go háirithe, comhlíonfar léi na ceanglais cháilíochtúla uile a leanas:

(a)

aon tsamhail inmheánach a úsáidtear chun ceanglais chaipitil a ríomh le haghaidh priacal an tsuímh, priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí, beidh sí comhtháite go dlúth le próiseas laethúil bainistithe priacal na hinstitiúide agus is féidir í a úsáid mar bhonn chun risíochtaí ar priacal a thuairisciú don lucht bainistíochta sinsearaí;

(b)

beidh aonad rialaithe priacal ag an institiúid atá neamhspleách ó aonaid trádála gnó agus a bheidh freagrach go díreach don lucht bainistíochta sinsearaí. Beidh an t-aonad freagrach as aon samhail inmheánach arna húsáid chun críocha na Caibidle seo a dhearadh agus a chur chun feidhme. Déanfar bailíochtú tosaigh agus leanúnach san aonad ar aon tsamhail inmheánach arna húsáid chun críocha na Caibidle seo, ó tharla gurb é an t-aonad a bheidh freagrach as an gcóras foriomlán bainistíochta priacal. Ullmhófar tuairiscí laethúla agus déanfar anailís orthu san aonad maidir le haschur aon samhla inmheánaí arna húsáid chun ceanglais chaipitil a ríomh le haghaidh priacal an tsuímh, priacal malairte eachtraí agus priacal tráchtearraí agus maidir leis na bearta iomchuí atá le déanamh i dtéarmaí teorainneacha trádála;

(c)

beidh comhlacht bainistíochta agus lucht bainistíochta sinsearaí na hinstitiúide rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas rialaithe priacal agus déanfar athbhreithniú ar na tuairiscí laethúla arna ndéanamh ag an aonad rialaithe priacal ar leibhéal bainistíochta a mbeidh údarás imleor aige chun laghduithe ar shuímh arna nglacadh ag trádálaithe aonair agus laghduithe i risíocht fhoriomlán na hinstitiúide ar priacal a fhorfheidhmiú;

(d)

beidh líon foirne imleor ag an institiúid a bhfuil scileanna acu in úsáid samhlacha inmheánacha sofaisticiúla, lena n-áirítear na samhlacha sin arna n-úsáid chun críocha na Caibidle seo, sna réimsí trádála, rialaithe priacal, iniúchta agus cúloifige;

(e)

beidh nósanna imeachta bunaithe ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar shraith dhoiciméadaithe de bheartais agus de rialuithe inmheánacha a bhaineann le feidhmiú foriomlán a samhlacha inmheánacha agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad, lena n-áirítear na cinn arna n-úsáid chun críocha na Caibidle seo;

(f)

beidh cuntas teiste cruthaithe maidir le beachtas réasúnta i dtomhas priacail ag aon samhail inmheánach arna húsáid chun críocha na Caibidle seo;

(g)

déanfaidh an institiúid dianchlár tástála struis go minic, lena n-áirítear tástálacha struis droim ar ais, lena gcuimsítear aon samhail inmheánach arna húsáid chun críocha na Caibidle seo agus déanfaidh an lucht bainistíochta sinsearaí athbhreithniú ar thorthaí na dtástálacha sin agus léireofar iad sna beartais agus sna teorainneacha a chuirtear ar bun. Tabharfar aghaidh sa phróiseas sin ar na nithe seo a leanas go háirithe: neamhleachtacht i margaí faoi dhálaí struis sa mhargadh, priacal comhchruinnithe, margaí aontreo, priacail teagmhais agus priacail mainneachtana gan choinne, neamhlíneacht táirgí, suímh atá go mór lasmuigh den airgead, suímh faoi réir bearnú praghsanna agus priacail eile i gcás ina bhféadfadh sé nach ngabhfar iad go hiomchuí sna samhlacha inmheánacha. Léireoidh na suaití arna gcur i bhfeidhm cineál na bpunann agus an t-am a d'fhéadfadh a bheith i gceist chun na priacail a fhálú amach nó a bhainistiú faoi dhiandálaí margaidh;

(h)

déanfaidh an institiúid mar chuid dá próiseas iniúchóireachta inmheánach rialta, athbhreithniú neamhspleách ar a samhlacha inmheánacha, lena n-airítear na samhlacha sin arna n-úsáid chun críocha na Caibidle seo.

2.   San áireamh san athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 beidh gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid rialaithe priacal neamhspleách araon. Uair amháin sa bhliain ar a laghad, déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe priacal. Breithneofar na nithe seo a leanas san athbhreithniú:

(a)

leordhóthanacht dhoiciméadú an chórais agus an phróisis um bainistiú priacal agus eagrúchán an aonaid rialaithe priacal;

(b)

bearta priacal a chomhtháthú leis an mbainistíocht priacal laethúil agus sláine an chórais faisnéise bainistíochta;

(c)

an próiseas atá in úsáid ag an institiúid chun samhlacha praghsála priacal agus córais luachála atá in úsáid ag pearsanra na hoifige tosaigh agus na cúloifige a fhaomhadh;

(d)

raon feidhme na priacail arna ngabhadh ag an tsamhail tomhais priacail agus bailíochtú aon athruithe suntasacha sa phróiseas tomhais priacail;

(e)

beachtas agus iomláine na sonraí suíomh, beachtas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta agus comhghaoil, agus beachtas na ríomhanna luachála agus íogaireachta maidir le priacal;

(f)

an próiseas fíoraithe atá in úsáid ag an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun samhlacha inmheánacha a rith, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin;

(g)

an próiseas fíoraithe atá in úsáid ag an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarthástáil a dhéantar d'fhonn beachtas na samhlacha a mheasúnú.

3.   De réir mar a fhorbraítear teicnící agus dea-chleachtais, cuirfidh institiúidí na teicnící agus na cleachtais nua sin i bhfeidhm maidir le haon samhail inmheánach arna húsáid chun críocha na Caibidle seo.

Airteagal 369

Bailíochtú Inmheánach

1.   Beidh próisis ar bun ag institiúidí lena áirithiú go ndearna páirtithe atá cáilithe go cuí agus neamhspleách ón bpróiseas forbartha, bailíochtú leordhóthanach ar a samhlacha inmheánacha uile arna n-úsáid chun críocha na Caibidle seo lena áirithiú go bhfuil siad fónta ar bhonn coincheapúil agus go ngabhtar leo go leordhóthanach na priacail ábhartha uile. Déanfar an bailíochtú le linn don tsamhail inmheánach a bheith á forbairt i dtosach agus nuair a dhéantar aon athruithe suntasacha ar an tsamhail inmheánach. Déanfar an bailíochtú freisin ar bhonn tráthúil agus go háirithe i gcás ina raibh aon athruithe struchtúracha suntasacha sa mhargadh nó athruithe i gcomhdhéanamh na punainne a d'fhéadfadh amhras a tharraingt ar leordhóthanacht na samhla inmheánaí. De réir mar a fhorbraítear teicnící agus dea-chleachtais maidir le bailíochtú inmheánach, cuirfidh na hinstitiúidí na forbairtí sin i bhfeidhm. Ní bheidh bailíochtú leis an tsamhail inmheánach teoranta d'iarthástáil, ach áireoidh sé, ar a laghad, na nithe seo a leanas:

(a)

tástálacha lena léiriú gur iomchuí aon toimhdí a dhéantar laistigh den tsamhail inmheánach agus nach ndéantar leo gannmheastachán nó rómheastachán ar an bpriacal;

(b)

i dteannta na gclár iarthástála rialála, déanfaidh institiúidí a dtástálacha bailíochtaithe féin ar an tsamhail inmheánach, lena n-áirítear iarthástáil, maidir le priacail agus struchtúir a bpunann;

(c)

úsáid a bhaint as punanna hipitéiseacha lena áirithiú gur féidir cuntas a thabhairt leis an tsamhail inmheánach ar ghnéithe struchtúracha ar leith a d'fhéadfadh teacht chun cinn, mar shampla priacail ábhartha boinn agus priacal comhchruinnithe.

2.   Déanfaidh an institiúid iarthástáil ar athruithe iarbhír agus hipitéiseacha araon i luach na punainne.

Roinn 3

Ceanglais a bhaineann go sainiúil le priacail sonracha a shamhaltú

Airteagal 370

Ceanglais maidir le priacail sonracha a shamhaltú

Maidir le samhail inmheánach arna húsáid chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh priacal shonraigh agus samhail inmheánach maidir le trádáil chomhghaoil, comhlíonfaidh sí na ceanglais bhreise seo a leanas:

(a)

míneoidh sí na hathruithe stairiúla ar phraghsanna sa phunann;

(b)

gabhtar léi comhchruinnithe i dtéarmaí méide agus athruithe i gcomhdhéanamh na punainne;

(c)

tá sí stóinsithe in aghaidh timpeallachta díobhálaí;

(d)

déantar í a bhailíochtú le hiarthástáil dírithe ar mheasúnú a dhéanamh féachaint an bhfuiltear ag gabháil priacal sonrach go beacht. Má dhéanann an institiúid iarthástáil den sórt sin ar bhonn fo-phunann ábhartha, déanfar iad a roghnú ar mhodh comhsheasmhach;

(e)

gabhtar léi priacal boinn a bhaineann le hainm agus beidh sí íogair go háirithe i leith difríochtaí neamhghnácha ábhartha idir suímh atá comhchosúil ach nach bhfuil comhionann;

(f)

gabhtar léi priacal teagmhais.

Airteagal 371

Eisiaimh ó shamhlachapriacal shonraigh

1.   Nuair a dhéantar ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh a ríomh ag úsáid samhail inmheánach, féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh na suímh sin a gcomhlíonann sí ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh ina leith a eisiamh ón ríomh sin i gcomhréir le hAirteagal 332(1)(e) nó le hAirteagal 337 seachas na suímh atá faoi réir an chur chuige a leagtar amach in Airteagal 377.

2.   Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan priacail mainneachtana agus priacail imirce le haghaidh ionstraimí fiachais trádáilte a ghabháil ina samhail inmheánach i gcás ina bhfuil sí ag gabháil na priacail sin de réir na gceanglas atá leagtha amach i Roinn 4.

Roinn 4

Samhail inmheánach maidir le priacal incriminteach mainneachtana agus imirce

Airteagal 372

Ceanglas maidir le samhail inmheánach IRC a bhunú

Fairis sin, beidh samhail inmheánach maidir le priacal incriminteach mainneachtana agus imirce (samhail IRC) bunaithe ag institiúid a úsáideann samhail inmheánach chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh i leith ionstraimí fiachais trádáilte a ríomh, d'fhonn priacail mainneachtana agus priacail imirce a suíomh sa leabhar trádála a ghabháil ar priacail incriminteacha iad ar na priacail arna ngabháil leis an mbeart luacha faoi phriacal atá sonraithe in Airteagal 365(1). Léireoidh an institiúid go gcomhlíonann a samhail inmheánach na caighdeáin a leanas ag glacadh leis go bhfuil leibhéal seasmhach priacal ann, agus arna oiriúnú nuair is iomchuí chun tionchar leachtachta, comhchruinnithe, fálaithe agus roghnaíochta a léiriú:

(a)

cuirtear idirdhealú fóinteach ar priacal ar fáil leis an tsamhail inmheánach chomh maith le meastacháin bheachta, chomhsheasmhacha ar priacal incriminteach mainneachtana agus imirce;

(b)

tá ról bunriachtanach maidir le bainistiú priacal san institiúid ag meastachán na samhla inmheánaí le haghaidh caillteanas ionchasach;

(c)

tá sonraí an mhargaidh agus sonraí na suíomh a úsáidtear don tsamhail inmheánach cothrom le dáta agus faoi réir measúnú cáilíochta iomchuí;

(d)

comhlíontar na ceanglais in Airteagail 367(3), 368, 369 (1) agus 370(b) (c), (e) agus (f).

Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir leis na ceanglais in Airteagal 373 go hAirteagal 376.

Airteagal 373

Raon feidhme na samhla inmheánaí IRC

Cumhdófar leis an tsamhail inmheánach IRC na suímh uile atá faoi réir ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh ráta úis, lena n-áirítear na suímh sin atá faoi réir muirir chaipitil priacal 0 % de réir Airteagal 336, ach ní chumhdófar léi suímh urrúsúcháin ná díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain.

Féadfaidh an institiúid, faoi réir chead na n-údarás inniúil, rogha a dhéanamh na suímh chothromais liostaithe uile agus na suímh dhíorthacha atá bunaithe ar chothromas liostaithe a áireamh go comhsheasmhach. Tabharfar an cead má tá an cuimsiú sin comhsheasmhach leis an modh ina ndéanann an institiúid priacal a thomhas agus a bhainistiú go hinmheánach.

Airteagal 374

Paraiméadair na samhla inmheánaí IRC

1.   Úsáidfidh na hinstitiúidí an tsamhail inmheánach chun uimhir a ríomh lena ndéantar caillteanais i ngeall ar mhainneachtain agus i ngeall ar imirce rátálacha inmheánacha nó seachtracha a thomhas ag an eatramh muiníne 99,9 % thar thréimhse ionchasach bliana. Ríomhfaidh institiúidí an uimhir sin go seachtainiúil ar a laghad.

2.   Tacófar le toimhdí comhghaoil trí anailís a dhéanamh ar shonraí oibiachtúla i gcreat atá fónta ar bhonn coincheapúil. Léireofar go hiomchuí leis an tsamhail inmheánach comhchruinnithe eisitheora. Léireofar freisin comhchruinnithe a d'fhéadfadh teacht chun cinn thar aicmí táirgí agus laistigh díobh faoi dhálaí struis.

3.   Léireofar leis an tsamhail inmheánach IRC tionchar na gcomhghaolta idir teagmhais mhainneachtana agus teagmhais imirce. Ní léireofar tionchar na héagsúlachta idir, ar thaobh amháin, theagmhais mhainneachtana agus imirce agus, ar an taobh eile, fachtóirí priacal eile.

4.   Beidh an tsamhail inmheánach bunaithe ar an toimhde go mbeidh leibhéal seasmhach priacal ann thar thréimhse ionchasach bliana, rud a chiallaíonn i gcás suíomh aonair áirithe sa leabhar trádála nó sraitheanna suíomh a raibh mainneachtain nó imirce thar a dtréimhse leachtachta ionchasach i gceist leo, go ndéantar iad a athchomhardú ag deireadh a dtréimhse leachtachta ionchasaí chun an leibhéal priacal tosaigh a bhaint amach. De rogha air sin, féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh toimhde suímh sheasta bliana a úsáid go comhsheasmhach.

5.   Socrófar na tréimhsí leachtachta ionchasacha de réir an ama a theastaíonn chun an suíomh a dhíol nó chun na priacail praghais ábhartha iomchuí uile a fhálú i margadh struis, agus tabharfar aird ar leith ar mhéid an tsuímh. Léireofar leis na tréimhsí leachtachta ionchasacha an cleachtas iarbhír agus an taithí le linn tréimhsí struis córasacha agus neamhghnácha araon. Déanfar an tréimhse leachtachta ionchasach a thomhas faoi thoimhdí coimeádacha agus beidh sé sách fada le nach mbeadh tionchar ábhartha ag an díol ná ag an bhfálú iontu féin ar an bpraghas ar a ndéanfaí an díol nó an fálú.

6.   Tá socrú na tréimhse leachtachta ionchasaí iomchuí i leith suímh nó sraith suíomh faoi réir íostairsí trí mhí.

7.   Agus an tréimhse leachtachta ionchasach iomchuí i leith suímh nó sraith suíomh á cinneadh, cuirfear beartais inmheánacha na hinstitiúide maidir le coigeartuithe luachála agus maidir le bainistíocht suíomh stálaithe san áireamh. Nuair a chinnfidh institiúid tréimhsí leachtachta ionchasacha i leith sraitheanna suíomh seachas i leith suíomh aonair, saineofar na critéir chun na sraitheanna suíomh a shainiú ar mhodh lena léirítear go fóinteach na difríochtaí leachtachta. Beidh na tréimhsí leachtachta ionchasacha níos mó i leith suíomh atá comhchruinnithe, rud a léiríonn an tréimhse níos faide a theastaíonn chun suímh mar sin a leachtú. Léireofar leis an tréimhse leachtachta ionchasach i leith stóras urrúsúcháin an t-am chun na sócmhainní a fhorbairt, a dhíol agus a urrúsú, nó chun na fachtóirí priacal ábhartha a fhálú, faoi dhálaí struis sa mhargadh.

Airteagal 375

Fálú a aithint sa tsamhail inmheánach IRC

1.   Féadfar fálú a ionchorprú i samhail inmheánach institiúide chun priacail incriminteach mainneachtana agus imirce a ghabháil. Féadfar na suímh a ghlanluacháil i gcás ina dtagraítear don ionstraim airgeadais chéanna leis na suímh fhada agus na suímh ghearra. Éifeachtaí éagsúlaithe nó fálaithe a bhaineann le suímh fhada agus ghearra lena mbaineann ionstraimí éagsúla nó urrúis éagsúla den fhéichiúnaí céanna, ní féidir iad a aithint ach trí na suímh fhada agus ghearra sna hionstraimí éagsúla a shamhaltú go sainráite. Léireoidh na hinstitiúidí tionchar na priacail ábhartha a d'fhéadfadh tarlú le linn an eatraimh idir aibíocht an fhálaithe agus an tréimhse leachtachta ionchasach chomh maith leis an bhféidearthacht go dtarlódh priacail boinn suntasacha i straitéisí fálaithe, de réir na nithe seo a leanas: táirge, sinsearacht sa struchtúr caipitiúil, rátáil inmheánach nó sheachtrach, aibíocht, bliain/seanré, agus difríochtaí eile sna hionstraimí. Ní léireoidh institiúid fálú ach a mhéid is féidir é a chothabháil fiú amháin nuair atá oibleagáideoir ag druidim le teagmhas creidmheasa nó eile.

2.   I gcás suímh atá fálaithe trí straitéisí fálaithe dinimiciúla, féadfar athchothromú an fhálaithe laistigh de thréimhse leachtachta ionchasach an tsuímh fhálaithe a aithint ar an gcoinníoll go ndéanann an institiúid mar a leanas:

(a)

roghnaíonn sí athchothromú an fhálaithe a shamhaltú go comhsheasmhach thar shraith ábhartha na suíomh sa leabhar trádála;

(b)

léiríonn sí go bhfuil tomhas priacal níos fearr ann mar thoradh ar athchothromú a chuimsiú;

(c)

léiríonn sí go bhfuil na margaí i leith ionstraimí a fhónann mar fhálú sách leachtach le gur féidir athchothromú den sórt sin a dhéanamh fiú le linn tréimhsí struis. Déanfar aon phriacail iarmharacha a eascraíonn ó straitéisí fálaithe dinimiciúla a léiriú sa cheanglas cistí dílse.

Airteagal 376

Ceanglais shonracha maidir leis an tsamhail inmheánach IRC

1.   Sa tsamhail inmheánach chun priacail incriminteacha mainneachtana agus imirce a ghabháil, léireofar tionchar neamhlíneach na roghanna, na ndíorthach creidmheasa struchtúrtha, agus na suíomh eile lena mbaineann iompar neamhlíneach ábhartha i leith athruithe i bpraghsanna. Beidh aird chuí ag an institiúid freisin ar mhéid an priacal de bharr samhaltaithe atá intuigthe i luacháil agus meastachán ar na priacail praghais a bhaineann le táirgí den sórt sin.

2.   Beidh an tsamhail inmheánach bunaithe ar shonraí atá oibiachtúil agus cothrom le dáta.

3.   Mar chuid den athbhreithniú agus den bhailíochtú neamhspleách ar a samhlacha inmheánacha arna n-úsáid chun críocha na Caibidle seo, chun críocha an chórais tomhais priacal go cuimsitheach, déanfaidh institiúid na nithe seo a leanas uile go háirithe:

(a)

a bhailíochtú go bhfuil a cur chuige i leith shamhaltú na gcomhghaolta agus na n-athruithe i bpraghsanna oiriúnach dá punann, lena n-áirítear rogha agus ualuithe a fachtóirí priacal córasach;

(b)

tástálacha struis éagsúla a dhéanamh, lena n-airítear anailís íogaireachta agus anailís ar chnámha scéil, chun réasúntacht chainníochtúil agus cháilíochtúil na samhla inmheánaí a mheasúnú, go háirithe maidir le láimhseáil comhchruinnithe. Ní bheidh tástálacha den sórt sin teoranta don réimse teagmhas a chonacthas go stairiúil;

(c)

bailíochtú cainníochtúil iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear tagarmharcanna samhaltaithe inmheánacha iomchuí.

4.   Beidh an tsamhail inmheánach comhsheasmhach le modheolaíochtaí inmheánacha um bainistíocht priacal na hinstitiúide arna n-úsáid chun priacail trádála a aithint, a thomhas agus a bhainistiú.

5.   Déanfaidh institiúidí a samhlacha inmheánacha a dhoiciméadú ionas go mbeidh a toimhdí comhghaolaithe agus a toimhdí samhaltaithe eile trédhearcach do na húdaráis inniúla.

6.   Beidh na hionadaigh coimeádach mar is cuí agus ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil na sonraí atá ar fáil neamhleor nó nach léirítear leo luaineacht fhíor an tsuímh nó na punainne. Ina theannta sin, comhlíonfar íoschaighdeáin sonraí leis an tsamhail inmheánach. Beidh na hionadaigh coimeádach mar is cuí agus ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil na sonraí atá ar fáil neamhleor nó nach léirítear leo luaineacht fhíor an tsuímh nó na punainne.

Roinn 5

Samhail inmheánach maidir le trádáil chomhghaoil

Airteagal 377

Ceanglais i leith samhla inmheánaí maidir le trádáil chomhghaoil

1.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead d'institiúidí úsáid a bhaint as samhail inmheánach chun a gceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh na punainne trádála comhghaoil seachas i gcomhréir le hAirteagal 338 má tá cead ag na hinstitiúidí sin samhail inmheánach a úsáid le haghaidh priacal sonrach na n-ionstraimí fiachais agus má chomhlíonann siad na ceanglais i míreanna 2 go 6 agus den Airteagal seo agus in Airteagail 367(1) agus(3), Airteagal 368, Airteagal 369 (1) agus pointí (a), (b), (c), (e) agus (f) d'Airteagal 370.

2.   Úsáidfidh institiúidí an tsamhail inmheánach sin chun uimhir a ríomh lena ndéantar priacail praghais uile a thomhas go leormhaith ag an eatramh muiníne 99,9 % thar thréimhse ionchasach ama bliana faoi thoimhde de leibhéal seasmhach priacal, agus arna oiriúnú nuair is iomchuí chun tionchar leachtachta, comhchruinnithe, fálaithe agus roghnaíochta a léiriú. Ríomhfaidh institiúidí an uimhir sin go seachtainiúil ar a laghad.

3.   Beidh na priacail a leanas gafa go leormhaith ag an tsamhail dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an priacal carnach a thagann as mainneachtainí iolracha i dtáirgí i dtráinsí, lena n-áirítear mainneachtainí á gcur in eagar ar mhodhanna éagsúla;

(b)

priacal um raon difríochta creidmheasa, lena n-áirítear na héifeachtaí gáma agus trasgháma;

(c)

luaineacht na gcomhghaol intuigthe, lena n-áirítear an cros-éifeacht idir raonta difríochta agus comhghaolta;

(d)

priacal boinn, lena n-áirítear an dá priacal boinn a leanas araon;

(i)

an bonn idir raon difríochta innéacs agus raon difríochta sin a n-aonainmneacha comhpháirteacha;

(ii)

an bonn idir comhghaol intuigthe innéacs agus comhghaol sin na bpunann saincheaptha;

(e)

luaineacht sa rátáil téarnaimh, mar a bhaineann sí leis an gclaonadh ag rátaí téarnaimh tionchar a bheith acu ar phraghsanna i dtráinsí;

(f)

a mhéid a ionchorpraítear buntáistí ó fhálú dinimiciúil sa bheart cuimsitheach priacal, an priacal go dtarlódh sciorradh fálaithe agus costais fhéideartha a bhainfeadh le hathchothromú an fhálaithe sin;

(g)

aon priacail praghais ábhartha eile i suímh sa phunann trádála comhghaoil.

4.   Úsáidfidh institiúid sonraí margaidh leordhóthanacha laistigh den tsamhail dá dtagraítear i mír 1 d'fhonn a áirithiú go ngabhtar léi go hiomlán priacail suntasacha na risíochtaí sin ina cur chuige inmheánach i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach san Airteagal seo. Beidh sí in ann a léiriú don údarás inniúil trí iarthástáil nó trí mhodhanna iomchuí eile gur féidir athrú stairiúil i bpraghsanna na dtáirgí sin a mhíniú go hiomchuí lena samhail.

Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí ag an institiúid d'fhonn na suímh a bhfuil cead aici a ionchorprú sa cheanglas cistí dílse de réir an Airteagail seo a idirdhealú ó shuímh eile nach bhfuil an cead sin aici ina leith.

5.   Maidir leis an bpunann de na suímh uile atá ionchorpraithe sa tsamhail dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an institiúid sraith cásanna struis sonracha, réamhshocraithe i bhfeidhm go rialta. Scrúdófar leis na cásanna struis sin éifeachtaí struis ar na nithe seo a leanas: rátaí mainneachtana, rátaí téarnaimh, raonta difríochta creidmheasa, priacal boinn, comhghaolta agus fachtóirí priacal iomchuí eile don phunann trádála comhghaoil. Cuirfidh an institiúid cásanna struis i bhfeidhm go seachtainiúil ar a laghad agus tabharfaidh sí fógra ráithiúil ar a laghad do na húdaráis inniúla maidir leis na torthaí, lena n-áirítear comparáidí le ceanglas cistí dílse na hinstitiúide de réir an Airteagail sin. Tabharfar fógra do na húdaráis inniúla ar mhodh tráthúil maidir le haon chásanna ina dtaispeántar le torthaí na tástála struis go bhfuil an ceanglas cistí dílse sáraithe go hábhartha. Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le cásanna struis a chur i bhfeidhm don phunann trádála comhghaoil.

6.   Beidh na hionadaigh coimeádach mar is cuí agus ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil na sonraí atá ar fáil neamhleor nó nach léirítear leo luaineacht fhíor an tsuímh nó na punainne. Ina theannta sin, comhlíonfar íoschaighdeáin sonraí leis an tsamhail inmheánach. Beidh na hionadaigh coimeádach mar is cuí agus ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil na sonraí atá ar fáil neamhleor nó nach léirítear leo luaineacht fhíor an tsuímh nó na punainne.

TEIDEAL V

CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE LE HAGHAIDH PRIACAL SOCRAÍOCHTA

Airteagal 378

Priacal socraíochta/seachadta

I gcás ina bhfuil ionstraimí fiachais, cothromas, airgeadraí eachtracha agus tráchtearraí atá in idirbheart, cé is moite d'idirbhearta athcheannaigh agus d'idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, neamhshocraithe tar éis a ndátaí seachadta dlite, déanfaidh institiúid an difríocht sna praghsanna ar a bhfuil sí ar ris a ríomh.

Déantar an difríocht sna praghasanna a ríomh mar an difríocht idir an praghas socraíochta arna aontú i leith na hionstraime fiachais, an chothromais, an airgeadra eachtraigh nó an tráchtearra atá i gceist agus a luach reatha margaidh, i gcás ina bhféadfadh caillteanas don institiúid chreidmheasa a bheith mar thoradh ar an difríocht.

Déanfaidh an institiúid an difríocht sin i bpraghsanna a iolrú faoin bhfachtóir iomchuí sa cholún deas de Thábla 1 a leanas, d'fhonn ceanglas cistí dílse na hinstitiúide le haghaidh priacal socraíochta a ríomh.

Tábla 1

Líon na laethanta oibre tar éis an dáta socraíochta dhlite

(%)

5 — 15

8

16 — 30

50

31 — 45

75

46 nó níos mó

100

Airteagal 379

Seachadtaí saor in aisce

1.   Beidh ceangal ar an institiúid a cistí dílse a shealbhú, mar atá leagtha amach i dTábla 2, i gcás ina dtarlaíonn na nithe seo a leanas:

(a)

d'íoc sí as urrúis, airgeadraí eachtracha nó tráchtearraí sula bhfuair sí iad nó tá urrúis, airgeadraí eachtracha nó tráchtearraí seachadta aici roimh di íocaíocht a fháil ina leith;

(b)

i gcás idirbheart trasteorann, tá lá amháin ar a laghad caite ó rinne sí an íocaíocht nó an seachadadh sin.

Tábla 2

Láimhseáil caipitil maidir le seachadtaí saor in aisce

Colún 1

Colún 2

Colún 3

Colún 4

Cineál idirbhirt

Suas go dtí an chéad íocaíocht chonarthach nó an chéad chéim den seachadadh

Ón gcéad íocaíocht chonarthach nó ón gcéad chéim den seachadadh suas go ceithre lá tar éis an dara híocaíocht chonarthach nó an dara céim den seachadadh

Ó 5 lá gnó tar éis an dara híocaíocht chonarthach nó an dara céim den seachadadh go dtí múchadh an idirbhirt

Seachadadh saor in aisce

Muirear caipitiúil ar bith

Láimhseáil mar neamhchosaint

Láimhseáil mar risíocht ar phriacal ualaithe ag 1 250 %

2.   Agus ualú priacal á chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí seachadta saor in aisce arna láimhseáil de réir Cholún 3 de Thábla 2, féadfaidh institiúid a úsáideann an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 PDanna a shannadh do chontrapháirtithe, nach bhfuil risíocht leabhair neamhthrádála eile aici ina leith, ar bhonn rátáil sheachtrach an chontrapháirtí. Féadfaidh institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar ‧LGDanna‧ an LGD atá leagtha amach in Airteagal 161(1) a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí seachadta saor in aisce arna láimhseáil de réir Cholún 3 de Thábla 2 ar an gcoinníoll go gcuireann siad i bhfeidhm é maidir le risíochtaí uile den sórt sin. De rogha air sin, féadfaidh institiúid a úsáideann an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 ualuithe priacal an Chur Chuige Chaighdeánaithe a chur i bhfeidhm, mar atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 ar an gcoinníoll go gcuireann sí i bhfeidhm iad maidir le risíochtaí uile den sórt sin nó féadfaidh sí ualú priacal 100 % a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí uile den sórt sin.

Mura bhfuil méid na risíochta deimhní a eascraíonn ó idirbhearta seachadta saor in aisce ábhartha, féadfaidh institiúidí ualú priacal 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí sin, cé is moite den chás in a bhfuil ualú priacal 1 250 % riachtanach de réir Cholún 4 de Thábla 2 i mír 1.

3.   De rogha ar ualú priacal 1 250 % a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí seachadta saor in aisce de réir Cholún 4 de Thábla 2 i mír 1, féadfaidh institiúidí an luach aistrithe móide risíocht dheimhneach reatha na risíochtaí sin a asbhaint ó mhíreanna de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d'Airteagal 36(1).

Airteagal 380

Tarscaoileadh

I gcás ina dtarlaíonn cliseadh ar fud an chórais i gcóras socraíochta nó imréitigh, nó contrapháirtí lárnaigh, féadfaidh údaráis inniúla na ceanglais cistí dílse arna ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 378 agus Airteagal 379 a tharscaoileadh go dtí go mbeidh an cás ceartaithe. Sa chás sin, ní mheasfar gur mainneachtain chun críocha priacal chreidmheasa í mainneachtain an chontrapháirtí trádáil a shocrú.

TEIDEAL VI

CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE LE HAGHAIDH PRIACAL UM CHOIGEARTÚ LUACHÁLA CREIDMHEASA

Airteagal 381

An Bhrí atá le Coigeartú Luachála Creidmheasa

Chun críocha an Teidil seo agus Chaibidil 6 de Theideal II, ciallaíonn ‧Coigeartú Luachála Creidmheasa‧ nó ‧CVA‧ coigeartú ar luacháil mheánmhargaidh na punainne idirbheart le contrapháirtí. Léirítear leis an gcoigeartú sin margadhluach reatha priacal creidmheasa an chontrapháirtí i leith na hinstitiúide, ach ní léirítear leis margadhluach reatha priacal creidmheasa na hinstitiúide i leith an chontrapháirtí.

Airteagal 382

Raon Feidhme

1.   Ríomhfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVAi gcomhréir leis an Teideal seo i leith ionstraimí díorthacha thar an gcuntar uile i dtaca lena gníomhaíochtaí gnó uile, cé is moite de dhíorthaigh chreidmheasa arna n-aithint chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a laghdú i leith priacal creidmheasa.

2.   Agus cistí dílse a cheanglaítear le mír 1 á ríomh aici, cuirfidh institiúid idirbhearta um maoiniú urrús san áireamh má chinneann an t-údarás inniúil gur ábhartha iad risíochtaí na hinstitiúide ar priacal CVAa thagann as na hidirbhearta sin.

3.   Beidh idirbhearta le contrapháirtí lárnach cáilitheach agus idrbhearta cliaint le comhalta imréitigh, i gcás ina ngníomhaíonn an comhalta imréitigh mar idirghabhálaí idir an cliant agus contrapháirtí lárnach cáilitheach agus ina dtiocfaidh risíocht trádála an chomhalta imréitigh i leith an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh de bharr na n-idirbheart, beidh na hidirbhearta sin eisiata ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh an priacal CVA.

4.   Eisiafar na hidirbhearta seo a leanas ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVA.

(a)

idirbhearta le contrapháirtithe neamhairgeadais mar atá sainmhínithe i bpointe (9) d'Airteagal 2 i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó le contrapháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i dtríú tír, i gcás nach sáraíonn na hidirbhearta sin an tairseach imréitigh mar atá sonraithe in Airteagal 10(3) agus (4) den Rialachán sin.

(b)

idirbhearta laistigh de ghrúpa dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ach amháin i gcás ina nglacann Ballstáit dlíthe náisiúnta lena n-éilítear deighilt struchtúrach laistigh de ghrúpa baincéireachta, agus sa chás sin dob fhéidir d'údaráis inniúla a éileamh go mbeadh na hidirbhearta sin laistigh den ghrúpa idir na hinstitiúidí struchtúracha deighilte, ina gcroíchuid de na ceanglais cistí dílse;

(c)

idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoi réir fhorálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 89 (1)den Rialachán sin go dtí go scoirfear de na forálacha idirthréimhseacha sin a chur i bhfeidhm;

(d)

idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 1 (4) (a) agus (b) agus Airteagal 1 (5) (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus idirbhearta le contrapháirtithe a sonraítear, maidir le risíochtaí ar an gcontrapháirtí sin, ualach priacal 0 % ina leith le hAirteagal 115 den Rialachán seo.

An díolúine ón táille CLC maidir leis na hidirbhearta sin dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a dhéanfar le linn na hidirthréimhse atá leagtha síos in Airteagal 89 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh feidhm aici fad a mhaireann conradh an idirbhirt sin.

5.   Déanfaidh ÚBE athbhreithniú faoin 1 Eanáir 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, i bhfianaise forbairtí rialála idirnáisiúnta agus modheolaíochtaí ionchasacha faoi chalabrúcháin agus thairseacha a áireamh le haghaidh táillí CLC a chur i bhfeidhm ar chontrapháirtithe neamhairgeadais ón tríú tír.

Forbróidh ÚBE i gcomhar le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nósanna imeachta a shonrú le haghaidh idirbhearta contrapháirtithe neamhairgeadais a bunaíodh lasmuigh den Aontas i dtríú tír a eisiamh ón gceanglas maidir le cistí dílse le haghaidh priacal CVA.

Soláthróidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin laistigh de 6 mhí ón dáta a ndéanfar an t-athbhreithniú dá dtagráitear sa chéad fhomhír.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh agus na nósanna imeachta á sonrú i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.]

Airteagal 383

Ardmhodh

1.   Institiúid a bhfuil cead aici samhail inmheánach a úsáid maidir le priacal sonrach na n-ionstraimí fiachais i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 363(1), déanfaidh sí, i gcás na n-idirbheart uile a bhfuil cead aici an IMM a úsáid ina leith chun luach risíochta a chinneadh maidir leis an risíocht ghaolmhar ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 283, na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CLC a chinneadh trí thionchar na n-athruithe i raonta difríochta na gcontrapháirtithe ar CLCanna chontrapháirtithe uile na n-idirbheart sin a shamhaltú, ag cur fálú CLC atá incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386 san áireamh.

Úsáidfidh institiúid a samhail inmheánach chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh an phriacail shonraigh a bhaineann le suímh fiachais trádáilte a chinneadh agus cuirfidh sí eatramh muiníne 99 % i bhfeidhm agus tréimhse choibhéiseach sealbhaíochta 10 lá. Úsáidfear an tsamhail inmheánach ar shlí ina spreagtar athruithe i raonta difríochta na gcontrapháirtithe, ach nach samhaltaítear le híogaireacht an CLC d'athruithe i bhfachtóirí margaidh eile, lena n-áirítear i luach sócmhainne tagartha, tráchtearra, airgeadra nó ráta úis díorthaigh.

Déanfar ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CLC a ríomh i leith gach contrapháirtí i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

ti

=

tráth an i-ú hathluacháil, ag tosú ag t0=0;

tT

=

an aibíocht chonarthach is faide thar na tacair ghlanluachála leis an gcontrapháirtí;

si

=

raon difríochta an chontrapháirtí ag éirim ti, arna húsáid chun CLC an chontrapháirtí a ríomh. I gcás ina bhfuil raon difríochta bhabhtáil mainneachtana creidmheasa an chontrapháirtí ar fáil, úsáidfidh an institiúid an raon difríochta sin. I gcás nach bhfuil an raon difríochta sin maidir le babhtáil mainneachtana creidmheasa ar fáil, úsáidfidh an institiúid raon difríochta ionadach atá iomchuí ag féachaint do rátáil, do thionscal agus do réigiún an chontrapháirtí;

LGDMKT

=

LGD an chontrapháirtí a bheidh bunaithe ar raon difríochta ionstraim mhargaidh an chontrapháirtí má tá ionstraim contrapháirtí ar fáil. I gcás nach bhfuil ionstraim contrapháirtí ar fáil, beidh sé bunaithe ar an raon difríochta atá iomchuí ag féachaint do rátáil, do thionscal agus do réigiún an chontrapháirtí.

Tá an chéad fhachtóir laistigh den tsuim in ionannas le neastachán maidir leis an dóchúlacht imeallach intuigthe ón margadh go dtarlódh mainneachtain idir tráthanna ti-1 agus ti;

EEi

=

an risíocht ionchasach ar an gcontrapháirtí tráth na hathluachála ti, i gcás ina suimítear risíochtaí na dtacar glanluachála éagsúla don chontrapháirtí sin, agus i gcás ina dtugtar aibíocht is faide gach tacair ghlanluachála de réir na haibíochta conarthaí is faide laistigh den tacar glanluachála; Cuirfidh institiúid an láimhseáil a leagtar amach i mír 3 i gcás trádála faoi chumhdach corrlaigh i bhfeidhm, má úsáideann an institiúid an tomhas EPE dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) d'Airteagal 285(1) maidir le trádálacha faoi chumhdach corrlaigh;

Di

=

an fachtóir lascaine saor ó priacal um mainneachtain ag tráth ti mar a bhfuil D0 =1.

2.   Nuair atá ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CLC i leith contrapháirtí á ríomh, bunóidh an institiúid gach ionchur ina samhail inmheánach maidir le priacal sonrach i leith ionstraimí fiachais ar na foirmlí seo a leanas (cibé acu is iomchuí):

(a)

i gcás ina bhfuil an tsamhail bunaithe ar athphraghsáil iomlán, déanfar an fhoirmle i mír 1 a úsáid go díreach;

(b)

i gcás ina bhfuil an tsamhail bunaithe ar íogaireachtaí na raonta difríochta creidmheasa maidir le héirimí sonracha, bunóidh an institiúid gach íogaireacht i raon difríochta creidmheasa (‧CS01 Rialála‧) ar an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

Don aga deiridh i=T, tá an fhoirmle chomhfhreagrach mar a leanas;

Formula

(c)

i gcás ina n-úsáideann an tsamhail íogaireachtaí na raonta difríochta creidmheasa d'athruithe comhthreomhara i raonta difríochta creidmheasa, úsáidfidh an institiúid an fhoirmle seo a leanas:

Formula

(d)

i gcás ina n-úsáideann an tsamhail íogaireachtaí den dara hord d'athruithe i raonta difríochta creidmheasa (raon difríochta gáma), ríomhfar na difríochtaí gáma bunaithe ar an bhfoirmle i mír 1.

3.   Institiúid atá ag úsáid an tomhas EPE maidir leis na díorthaigh chomhthaobhaithe thar an gcuntar dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) d'Airteagal 285(1), déanfaidh sí na nithe seo a leanas araon agus í ag cinneadh ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CLC i gcomhréir le mír 1:

(a)

glacfaidh sí le próifíl EE sheasta;

(b)

socróidh sí EE cothrom leis an risíocht ionchasach iarbhír arna ríomh faoi Airteagal 285(1)(b) i leith aibíochta atá cothrom leis an gceann is mó de na cinn a leanas:

(i)

leath na haibíochta is faide sa tacar glanluachála;

(ii)

meánaibíocht ualaithe bharúlach na n-idirbheart uile laistigh den tacar glanluachála.

4.   Institiúid a bhfuil cead aici ón údarás inniúil de réir Airteagal 283 IMM a úsáid chun luach na risíochta a ríomh maidir leis an gcuid is mó dá gnó, ach a úsáideann na modhanna atá leagtha amach i Roinn 3, Roinn 4 nó Roinn 5 de Theideal II, Caibidil 6 i leith punann níos lú, agus a gceadaítear di an tsamhail inmheánach i leith priacal margaidh a úsáid maidir leis an bpriacal sonrach ionstraimí fiachais i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 363(1), féadfaidh sí, faoi réir chead na n-údarás inniúil, ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVAa ríomh i gcomhréir le mír 1 i leith na dtacar glanluachála neamh-IMM. Ní thabharfaidh údaráis inniúla an cead sin ach i gcás ina n-úsáideann an institiúid na modhanna atá leagtha amach i Roinn 3, Roinn 4 nó Roinn 5 de Theideal II, Caibidil 6 maidir le líon teoranta de na punanna níos lú.

Chun críocha ríomha faoin bhfomhír roimhe seo agus i gcás nach dtáirgtear próifíl risíochta ionchasach leis an tsamhail IMM, déanfaidh an institiúid na nithe seo a leanas araon:

(a)

glacfaidh sí le próifíl EE sheasta;

(b)

socróidh sí EE cothrom le luach na risíochta arna ríomh faoi na modhanna atá leagtha amach i Roinn 3, Roinn 4 nó Roinn 5 de Theideal II, Caibidil 6, nó IMM i leith aibíochta cothrom leis an gceann is mó de na cinn a leanas:

(i)

leath na haibíochta is faide sa tacar glanluachála;

(ii)

meánaibíocht ualaithe bharúlach na n-idirbheart uile laistigh den tacar glanluachála.

5.   Cinnfidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVAi gcomhréir le hAirteagal 364(1), Airteagal 365, agus Airteagal 367 mar shuim an Luacha faoi Phriacal neamhstruis agus an Luacha faoi Phriacal struis, a ríomhfar mar a leanas:

(a)

maidir leis an Luach faoi Phriacal neamhstruis, úsáidfear calabrúcháin paraiméadar reatha mar atá leagtha amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 292(2), maidir leis an risíocht ionchasach;

(b)

maidir leis an Luach faoi Phriacal struis, úsáidfear próifílí EE contrapháirtithe todhchaí lena n-úsáidtear calabrúchán struis mar atá leagtha amach sa dara fomhír d'Airteagal 292(2). Is í an tréimhse struis bliana is déine atá ar áireamh laistigh den tréimhse struis trí bliana arna húsáid i leith na bparaiméadar risíochta an tréimhse struis a úsáidfear i leith na bparaiméadar raon difríochta creidmheasa.

(c)

beidh feidhm sna ríomhaireachtaí seo ag an iolraitheoir trí huaire a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh bunaithe ar Luach faoi Phriacal agus ar Luach faoi Phriacalstruis i gcomhréir le 354(1). Déanfaidh ÚBE faireachán maidir le comhsheasmhacht ar aon rogha mhaoirseachta a úsáidtear chun iolraitheoir níos airde ná an t-iolraitheoir trí huaire sin a chur i bhfeidhm ar an mbanna Luach faoi Phriacal agus ionchuir Luach faoi Phriacal struis ar an muirear CVA. Soláthróidh na húdaráis inniúla a chuireann i bhfeidhm iolraitheoir níos airde ná na trí cinn sin údarú i scríbhinn do ÚBE;

(d)

déanfar an ríomh ar bhonn míosa ar a laghad agus ríomhfar an EE a úsáidfear ar an minicíocht chéanna. Más minicíocht níos lú ná minicíocht laethúil a úsáidtear, tógfaidh institiúidí an meán thar thréimhse trí mhí chun críocha an ríomha a shonraítear i bpointí (a)(ii) agus (b)(ii) d'Airteagal 364 (1).

6.   Maidir le risíochtaí ar chontrapháirtí, nach dtáirgtear raon difríochta dóibh le samhail inmheánach Luach faoi Phriacal na hinstitiúide maidir le priacal sonrach ionstraimí fiachais atá iomchuí ag féachaint do na critéir rátála, tionsclaíocha agus réigiúnacha an chontrapháirtí, bainfidh an institiúid leas as an modh a leagtar amach in Airteagal 384 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVAa ríomh.

7.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú níos mionsonraithe:

(a)

an chaoi ina ndéanfar raon difríochta a chinneadh le samhail inmheánach fhormheasta Luach faoi Phriacal na hinstitiúide maidir le priacal sonrach ionstraimí fiachais chun críocha si agus LGDMKT dá dtagraítear in alt 1, a shainaithint;

(b)

líon agus méid na bpunann lena gcomhlíontar an critéar maidir le líon teoranta de phunanna níos lú dá dtagraítear i mír 4.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 384

Modh caighdeánaithe

1.   Institiúid nach ríomhann ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVAi leith a comhpháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 383, ríomhfaidh sí ceanglais cistí dílse punainne le haghaidh priacal CVAi leith gach contrapháirtí i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, agus cuirfidh sí fálú CVAatá incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386 san áireamh:

Formula

nuair atá:

h

=

tréimhse ionchasach priacal bliana (in aonaid de bhlianta); h = 1;

wi

=

an t-ualú is infheidhme maidir le contrapháirtí "i".

Mapálfar contrapháirtí "i" go ceann de na sé ualú wi bunaithe ar mheasúnú creidmheasa seachtrach arna dhéanamh ag IMCS ainmnithe, mar atá leagtha amach i dTábla 1. Maidir le contrapháirtí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith:

(a)

déanfaidh institiúid a úsáideann an cur chuige i dTeideal II, Caibidil 3 rátáil inmheánach an chontrapháirtí a mhapáil go ceann de na measúnuithe creidmheasa seachtracha;

(b)

déanfaidh institiúid a úsáideann an cur chuige i dTeideal II, Caibidil 2 wi=1.0 % a shannadh don chontrapháirtí sin; I gcás ina n-úsáideann institiúid Airteagal 128, áfach, chun risíochtaí priacal creidmheasa contrapháirtithe a ualú ó thaobh priacal don chontrapháirtí sin, déanfar wi=3.0 % a shannadh.

Formula

=

luach iomlán risíochta ar priacal creidmheasa chontrapháirtí "i" (suimithe thar a dtacair ghlanluachála) lena n-áirítear éifeacht na comhthaobhachta i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha síos i Ranna 3 go 6 de Theideal II, Caibidil 6 mar is infheidhme maidir le ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal creidmheasa contrapháirtí a ríomh i leith an chontrapháirtí sin. Maidir le hinstitidiúd a bhainfidh úsáid as ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 agus i Roinn 4 de Theideal II, Caibidil 6, féadfaidh sé luach na risíochta lánchoigeartaithe a úsáid mar EADitotal i gcomhréir le hAirteagal 223(5).

I gcás institiúide nach n-úsáideann an modh atá leagtha amach i Roinn 6 de Theideal II, Caibidil 6, déanfar an risíocht a lascainiú tríd an gcomhéifeacht a leanas a chur i bhfeidhm:

Formula

Bi

=

méid barúlach na bhfáluithe de bhabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannaithe aonainm (suimithe má tá níos mó ná suíomh amháin i gceist) lena ndéantar tagairt do chontrapháirtí "i" agus arna úsáid chun priacal CVAa fhálú.

Déanfar an méid barúlach a lascainiú tríd an gcomhéifeacht a leanas a chur i bhfeidhm:

Formula

Bind

=

méid barúlach iomlán de bhabhtáil mainneachtana creidmheasa innéacs amháin nó níos mó de chosaint cheannaithe chun priacal CVAa fhálú.

Déanfar an méid barúlach a lascainiú tríd an gcomhéifeacht a leanas a chur i bhfeidhm:

Formula

Wind

=

an t-ualach is infheidhme maidir le fálú innéacsanna.

Déanfaidh institiúid Wind a chinneadh trí mheán ualaithe de w; a ríomh atá infheidhme ar chomhábhair aonair an innéacs;

Mi

=

aibíocht iarbhír na n-idirbheart le contrapháirtí i.

I gcás institiúide a úsáideann an modh atá leagtha amach i Roinn 6 de Theideal II, Caibidil 6, ríomhfar Mi i gcomhréir le hAirteagal 162(2)(g). Mar sin féin, chun na críche sin, ní chuirfear uasteorainn cúig bliana le Mi ach cuirfear í de réir na haibíochta conarthaí is faide a bheidh fágtha sa tacar glanluachála;

I gcás institiúide nach n-úsáideann an modh atá leagtha amach i Roinn 6 de Theideal II, Caibidil 6 is é Mi an mheánaibíocht bharúlach ualaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 162(2); Mar sin féin, chun na críche sin, ní chuirfear uasteorainn cúig bliana le Mi ach cuirfear í de réir na haibíochta conarthaí a bheidh fágtha sa tacar glanluachála;

Formula

=

aibíocht na hionstraime fálaithe le Bi barúlach (ní mór na méideanna Mihedge Bi a shuimiú má tá níos mó ná suíomh amháin i gceist);

Mind

=

aibíocht an fhálaithe innéacs

I gcás ina bhfuil níos mó ná suíomh fálaithe innéacs amháin i gceist, is é Mind an aibíocht ualaithe go barúlach.

2.   I gcás ina bhfuil contrapháirtí ar áireamh in innéacs a bhfuil babhtáil mainneachtana creidmheasa arna húsáid chun priacal creidmheasa an chontrapháirtí a fhálú bunaithe air, féadfaidh an institiúid an méid barúlach atá inchurtha i leith an chontrapháirtí sin i gcomhréir lena ualú eintitis tagartha a asbhaint ó mhéid barúlach an innéacs CDS agus é a láimhseáil mar fhálú aonainm (Bi) an chontrapháirtí aonair le haibíocht bunaithe ar aibíocht an innéacs.

Tábla 1

Céim na cáilíochta creidmheasa

Ualú wi

1

0,7 %

2

0,8 %

3

1,0 %

4

2,0 %

5

3,0 %

6

10,0 %

Airteagal 385

Cur chuige eile ná modhanna CVAa úsáid agus ceanglais cistí dílse á ríomh

Mar mhalairt ar Airteagal 384, le haghaidh ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 382 agus faoi réir toiliú roimh ré ón údarás inniúil, féadfaidh institiúidí ina n-úsáidtear Modh na Risíochta Tosaigh a leagtar síos in Airteagal 275, fachtóir iolrúcháin 10 a chur i bhfeidhm ar na méideanna risíochta a thiocfaidh as atá ualaithe ó thaobh priacal de le haghaidh priacal creidmheasa contrapháirtithe le haghaidh na risíochtaí sin, in ionad ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVAa ríomh.

Airteagal 386

Fálú incháilithe

1.   Ní ‧fálú incháilithe‧ a bheidh i bhfálú ar mhaithe le ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVAa ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383 agus Airteagal 384 ach amháin nuair a úsáidtear é ar mhaithe le priacal CVAa mhaolú agus nuair a bhainistítear é ar an dóigh sin, agus más ceann de na cinn seo a leanas é:

(a)

babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm nó ionstraimí fálaithe coibhéiseacha lena ndéantar tagairt dhíreach don chontrapháirtí;

(b)

babhtálacha mainneachtana creidmheasa innéacs, ar an gcoinníoll go léirítear chun sástachta an údaráis inniúil, sa Luach Faoi Phriacal an bonn idir aon raon difríochta contrapháirtí aonair agus raonta difríochta na bhfáluithe um babhtáil mainneachtana creidmheasa innéacs.

An ceanglas i bpointe (b), is é sin nach mór go léireodh an Luach Faoi Phriacal an bonn idir aon raon difríochta contrapháirtí aonair agus raonta difríochta na bhfáluithe um babhtáil mainneachtana creidmheasa innéacs, beidh feidhm aige freisin i gcásanna ina n-úsáidtear ionadach i leith raoin difríochta contrapháirtí.

I gcás na gcontrapháirtithe uile a n-úsáidtear ionadach ina leith, úsáidfidh institiúid amshraith ar bhonn réasúnta as grúpa ionadaíoch d'ainmneacha comhchosúla a bhfuil raon difríochta ar fáil ina leith.

Mura léirítear an bonn idir aon raon difríochta contrapháirtí aonair agus raonta difríochta na bhfáluithe um babhtáil mainneachtana creidmheasa innéacs chun sástacht an údaráis inniúil, ní léireoidh an institiúid ach 50 % de mhéid barúlach na bhfáluithe innéacs sa Luach Faoi Phriacal.

Ní cheadaítear rófhálú ar na risíochtaí le babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm faoin mhodh atá leagtha amach in Airteagal 383.

2.   Ní chuirfidh institiúid cineálacha eile fáluithe priacal contrapháirtí ar áireamh agus ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVAá ríomh acu. Go háirithe, ní fáluithe incháilithe ar mhaithe le ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVAa ríomh iad babhtálacha mainneachtana creidmheasa i dtráinsí, babhtálacha mainneachtana creidmheasa don n-ú mainneachtain agus nótaí creidmheas-nasctha.

3.   Ní áireofar fálú incháilithe a áirítear agus ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVAá ríomh nuair a ríomhtar ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh mar atá leagtha amach i dTeideal IV ná ní láimhseálfar é mar mhaolú priacal creidmheasa seachas i leith priacal creidmheasa contrapháirtí na punainne céanna idirbhirt.

CUID A CEATHAIR

RISÍOCHTAÍ MÓRA

Airteagal 387

Ábhar

Déanfaidh institiúidí faireachán ar a risíochtaí móra agus rialóidh siad iad i gcomhréir leis an gCuid seo.

Airteagal 388

Raon feidhme diúltach

Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach in Airteagal 95(1) nó Airteagal 96(1).

Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le grúpa ar bhonn a cháis chomhdhlúite más gnólachtaí infheistíochta a bheidh sa ghrúpa sin agus sin amháin, dá dtagraítear in Airteagal 95(1) nó in Airteagal 96(1) agus cuideachtaí coimhdeachta agus i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa leis an ngrúpa sin.

Airteagal 389

Sainmhíniú

Beidh feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas chun críocha na Coda seo: Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn ‧Risíochtaí” aon sócmhainn nó ítim lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2, gan na hualuithe priacal ná na céimeanna priacal a chur i bhfeidhm.

Airteagal 390

Luach na risíochta a ríomh

1.   Risíochtaí a thagann as na hítimí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ríomhfar iad i gcomhréir le ceann de na modhanna atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6.

2.   Institiúidí a bhfuil cead acu Modh na Samhla Inmheánaí a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 283, féadfaidh siad Modh na Samhla Inmheánaí a úsáid chun luach na risíochta i leith na nithe seo a leanas a ríomh: luach risíochta na n-idirbheart athcheannaigh, na n-idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, na n-idirbheart socraíochta iarchurtha agus na n-idirbheart iasachtaithe corrlaigh a chinneadh.

3.   Déanfaidh na hinstitiúidí sin a ríomhann a gceanglais cistí dílse dá gcuid gnó a bhaineann leis an leabhar trádála i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2, Airteagal 299, agus le Cuid a Trí, Teideal V agus, mar is iomchuí, le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 5 na risíochtaí ar chliaint aonair a thiocfaidh chun cinn ar an leabhar trádála a ríomh trí na hítimí seo a leanas a shuimiú:

(a)

barrachas deimhneach shuímh fhada na hinstitiúide thar a suímh ghearra i gcás na n-ionstraimí airgeadais uile arna n-eisiúint ag an gcliant atá i gceist, agus an glansuíomh i ngach ceann de na hionstraimí éagsúla á ríomh de réir na modhanna atá leagtha síos i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2;

(b)

an risíocht ghlan, i gcás fiachas nó ionstraim chothromais a fhrithghealladh;

(c)

na risíochtaí i ngeall ar na hidirbhearta, ar na comhaontuithe agus ar na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 299 agus Airteagail 378 go 380 leis an gcliant atá i gceist, agus na risíochtaí sin á ríomh ar an modh atá leagtha síos sna hAirteagail sin maidir le luachanna na risíochta a ríomh.

Chun críocha phointe (b), ríomhtar an risíocht ghlan trí na suímh fhrithgheallta sin atá suibscríofa nó fo-fhrithgheallta ag tríú páirtithe ar bhonn comhaontaithe fhoirmiúil a asbhaint agus arna laghdú de réir na bhfachtóirí atá leagtha amach in Airteagal 345.

Chun críocha phointe (b), cuirfidh institiúidí córais ar bun chun faireachán a dhéanamh ar a risíochtaí frithgheallta agus chun iad a rialú idir tráth an cheangaltais tosaigh agus an lá gnó dar gcionn i bhfianaise chineál na priacail arna dtabhú sna margaí atá i gceist.

Chun críocha phointe (c), beidh Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 eisiata ón tagairt in Airteagal 299.

4.   Ríomhfar risíochtaí foriomlána ar chliaint aonair nó ar ghrúpaí cliant nasctha trí risíochtaí an leabhair trádála agus risíochtaí an leabhair neamhthrádála a shuimiú.

5.   Ríomhfar risíochtaí ar ghrúpaí cliant nasctha trí na risíochtaí ar chliaint aonair i ngrúpa a shuimiú.

6.   Ní áireofar aon cheann de na nithe seo a leanas mar risíochtaí:

(a)

i gcás idirbheart airgeadraí eachtracha, risíochtaí arna dtabhú sa ghnáthchúrsa socraíochta le linn an dá lá oibre tar éis íocaíochta;

(b)

i gcás idirbheart chun urrúis a cheannach nó a dhíol, risíochtaí arna dtabhú sa ghnáthchúrsa socraíochta le linn cúig lá oibre tar éis íoc as na hurrúis nó tar éis iad a sheachadadh, cibé acu is túisce;

(c)

i gcás ina soláthraítear tarchur airgid lena n-áirítear seirbhísí íocaíochta a dhéanamh, imréiteach agus socraíocht in aon airgeadra agus imréiteach comhfhreagrach ionstraimí baincéireachta nó ionstraimí airgeadais, seirbhísí glanta agus cumhdaigh do chliaint, fáltais mhoillithe i leith risíochtaí cistithe agus eile a thagann as gníomhaíocht cliaint nach maireann níos faide ná an lá gnó dar gcionn;

(d)

i gcás ina soláthraítear tarchur airgid lena n-áirítear seirbhísí íocaíochta a dhéanamh, imréiteach agus socraíocht in aon airgeadra agus baincéireacht chomhfhreagrach, risíochtaí ionlae ar institiúidí a sholáthraíonn na seirbhísí sin;

(e)

risíochtaí arna n-asbhaint as cistí dílse i gcomhréir le hAirteagail 36, 56 agus 66.

7.   D'fhonn an risíocht fhoriomlán ar chliant nó ar grúpa cliant nasctha a chinneadh, i leith cliant a bhfuil risíochtaí ag an institiúid ina leith trí idirbhearta dá dtagraítear i bpointe (l) agus i bpointe (n) d'Airteagal 112 nó trí idirbhearta eile i gcás ina bhfuil risíocht ar sócmhainní foluiteacha ann, déanfaidh institiúid measúnú ar a risíochtaí foluiteacha lena gcuirfear san áireamh an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le struchtúr an idirbhirt agus na priacail is gné de struchtúr an idirbhirt féin, d'fhonn a chinneadh an risíocht bhreise atá ann.

8.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

na coinníollacha agus na modheolaíochtaí a úsáidtear chun an risíocht fhoriomlán ar chliant nó ar grúpa cliant nasctha a chinneadh i ndáil leis na cineálacha risíochtaí dá dtagraítear i mír 7;

(b)

na coinníollacha faoin cuimsítear le struchtúr an idirbhirt dá dtagraítear i mír 7 nach risíocht bhreise a bheadh ann;

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 391

Sainmhíniú ar institiúid chun críocha risíochtaí móra

Ar mhaithe le luach risíochtaí a ríomh i gcomhréir leis an gCuid seo, áireofar leis an téarma ‧institiúid‧ aon ghnóthas príobháideach nó poiblí, lena n-áirítear a bhrainsí, a chomhlíonfadh an sainmhíniú ar an téarma ‧institiúid‧ dá mbunófaí san Aontas í, agus atá údaraithe i dtríú tír agus a chuireann ceanglais mhaoirseachta agus rialála stuamachta i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin atá i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 392

Sainmhíniú ar risíocht mhór

Measfar gur risíocht mhór í risíocht institiúide ar chliant nó ar ghrúpa cliant nasctha i gcás ina bhfuil a luach cothrom le, nó níos mó ná, 10 % dá caipiteal incháilithe.

Airteagal 393

Cumas risíochtaí móra a aithint agus a bhainistiú

Beidh nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta fónta ag institiúid agus sásraí rialaithe inmheánaigh leordhóthanacha chun críocha risíochtaí móra agus athruithe orthu ina dhiaidh sin a aithint, a bhainistiú, a thuairisciú, a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh orthu, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 394

Ceanglais um thuairisciú

1.   Tabharfaidh institiúid fógra faoin bhfaisnéis seo a leanas do na húdaráis inniúla maidir le gach risíocht mhór, lena n-áirítear risíochtaí móra atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1)

(a)

an cliant nó an grúpa cliant nasctha a aithint a bhfuil risíocht mhór ag an institiúid orthu;

(b)

luach na risíochta sula gcuirtear san áireamh éifeacht an mhaolaithe priacal creidmheasa, nuair is infheidhme;

(c)

i gcás ina n-úsáidtear é, cineál na cosanta creidmheasa cistithe nó neamhchistithe;

(d)

luach na risíochta tar éis éifeacht an mhaolaithe priacal creidmheasa arna ríomh chun críocha Airteagal 395(1) a chur san áireamh.

I gcás ina bhfuil institiúid faoi réir Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, cuirfear an 20 risíocht is mó ar bhonn comhdhlúite atá aici ar fáil do na húdaráis inniúla, cé is moite de na risíochtaí sin atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1).

2.   Tuairisceoidh institiúid an fhaisnéis a leanas do na húdaráis inniúla, agus tuairisceoidh sí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ina theannta sin, maidir lena 10 risíocht is mó atá aici ar institiúidí ar bhonn comhdhlúite, agus an 10 risíocht is mó atá aici fairis sin ar eintitis airgeadais neamhrialáilte ar bhonn comhdhlúite, lena n-áirítear risíochtaí móra atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1)

(a)

an cliant nó an grúpa cliant nasctha a aithint a bhfuil risíocht mhór ag an institiúid orthu;

(b)

luach na risíochta sula gcuirtear san áireamh éifeacht an mhaolaithe priacal creidmheasa, nuair is infheidhme;

(c)

i gcás ina n-úsáidtear é, cineál na cosanta creidmheasa cistithe nó neamhchistithe;

(d)

luach na risíochta tar éis éifeacht an mhaolaithe priacal creidmheasa arna ríomh chun críocha Airteagal 395(1) a chur san áireamh;

(e)

an caillteanas ar an risíocht a cheaptar a bheidh ann arna shloinneadh mar an méid a thiocfaidh in aibíocht laistigh de bhuicéid aibíochta mhíosúla suas go dtí trí bliana agus go bliantúil ina dhiaidh sin.

3.   Déanfar an tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar a laghad.

4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

na formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 3 a bheidh comhréireach le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí chomh maith leis na treoracha chun na formáidí sin a úsáid;

(b)

minicíochtaí agus dátaí an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 3;

(c)

na réitigh teicneolaíochta faisnéise lena gcur i bhfeidhm i leith an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoi 1 Eanáir 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 395

Teorainn na risíochtaí móra

1.   Tar éis éifeacht an mhaolaithe priacal creidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403, ní thabhóidh institiúid risíocht ar chliant ná ar ghrúpa cliant nasctha a bhfuil a luach níos mó ná 25 % dá caipiteal incháilithe. I gcás inar institiúid an cliant sin, nó i gcás ina bhfuil institiúid amháin nó níos mó ná institiúid amháin ar áireamh i ngrúpa cliant nasctha, ní bheidh an luach sin níos airde ná 25 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide nó EUR 150 milliún, cibé acu is airde, ar an gcoinníoll nach bhfuil suim luachanna na risíochtaí ar na cliaint nasctha uile nach institiúidí iad níos airde ná 25 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide, tar éis éifeacht an mhaolaithe priacal creidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403

I gcás ina bhfuil an méid EUR 150 milliún níos airde ná 25 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide, tar éis éifeacht an mhaolaithe priacal creidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403, ní ghabhfaidh luach na risíochta thar theorainn réasúnta i dtéarmaí chaipiteal incháilithe na hinstitiúide. Cinnfidh an institiúid an teorainn sin i gcomhréir leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE, chun aghaidh a thabhairt ar le phriacal comhchruinnithe agus chun é a rialú. Ní bheidh an teorainn sin níos airde ná 100 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide.

Féadfaidh údaráis inniúla teorainn níos ísle ná EUR 150 milliún a shocrú agus cuirfidh siad ÚBE agus an Coimisiún ar an eolas faoi.

2.   Déanfaidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus éifeacht an mhaoluithe priacal creidmheasa á cur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403, chomh maith le torthaí na bhforbairtí i réimse na scáthbhaincéireachta agus risíochtaí móra ag leibhéal idirnáisiúnta agus an Aontais, treoirlínte a eisiúint faoi 31 Nollaig 2014 chun teorainneacha comhiomlána iomchuí a leagan síos i leith risíochtaí dá sórt nó teorainneacha aonair níos dlúithe maidir le risíochtaí i leith eintitis scáthbhaincéireachta a mbíonn gníomhaíochtaí baincéireachta a ndéanamh acu lasmuigh de chreat rialáilte.

Agus na treoirlínte sin á bhforbairt, féachfaidh ÚBE an mbeadh éifeacht dhíobhálach ábhartha ann ar phróifíl priacal institiúidí a bhunaítear san Aontas, ar sholáthar creidmheasa don bhfíoreacnamaíocht nó ar chobhsaíocht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais dá dtabharfaí isteach teorainneacha breise.

Faoi 31 Nollaig 2015 déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a oiriúnaí agus a éifeachtaí atá sé teorainneacha a fhorchur ar risíochtaí ar eintitis bhaincéireachta a mbíonn gníomhaíochtaí baincéireachta á ndéanamh acu lasmuigh de chreat rialáilte, agus forbairtí idirnáisiúnta agus Aontais á gcur san áireamh i réimse na scáthbhaincéireachta agus na risíochtaí móra mar aon le maolú priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i gcás inarb iomchuí in éineacht le togra reachtach maidir le teorainneacha risíochtaí i leith eintitis scáthbhaincéireachta ag gabháil leis an tuairis a mbíonn gníomhaíochtaí baincéireachta á ndéanamh acu lasmuigh de chreat rialáilte.

3.   Faoi réir Airteagal 396, comhlíonfaidh institiúid an teorainn ábhartha atá leagtha síos i mír 1 i gcónaí.

4.   Sócmhainní arb éard atá iontu éilimh agus risíochtaí eile ar ghnólachtaí infheistíochta ó thríú tír aitheanta, féadfar iad a bheith faoi réir na láimhseála céanna mar a leagtar amach i mír 1.

5.   Féadfar dul thar na teorainneacha atá leagtha síos san Airteagal seo maidir le risíochtaí ar leabhar trádála na hinstitiúide má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní théann an risíocht sa leabhar trádála ar an gcliant nó ar an ngrúpa cliant nasctha atá i gceist thar an teorainn atá leagtha síos i mír 1, agus an teorainn sin arna ríomh ag tagairt do chaipiteal incháilithe, ionas go dtiocfaidh an barrachas chun cinn go hiomlán ar an leabhar trádála;

(b)

comhlíonann an institiúid ceanglas cistí dílse breise ar an mbarrachas i leith na teorann atá leagtha síos i mír 1 a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 397 agus Airteagal 398;

(c)

i gcás ina bhfuil 10 lá nó níos lú ná sin caite ó tharla an barrachas, ní bheidh an risíocht sa leabhar trádála ar an gcliant nó ar an ngrúpa cliant nasctha atá i gceist níos mó ná 500 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide;

(d)

i gcás aon bharrachais a mhairfidh níos faide ná 10 lá, ní bheidh sé, i gcomhiomlán, níos mó ná 600 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide.

I ngach cás inar sáraíodh an teorainn, tabharfaidh an institiúid fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill faoi mhéid an bharrachais agus faoi ainm an chliaint lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí ainm an ghrúpa cliant nasctha lena mbaineann.

6.   Chun críocha na míre seo, ciallaíonn bearta struchtúracha bearta a ghlacann Ballstát agus a chuireann údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit sin chun feidhme, roimh do ghníomh dlíthiúil teacht i bhfeidhm lena gcomhchuibhítear bearta den sórt sin go sainráite, a éilíonn go laghdóidh institiúidí creidmheasa arna n-údarú sa Bhallstát sin a risíochtaí ar eintitis éagsúla dlíthiúla ag brath ar a ngníomhaíochtaí, beag beann ar an áit ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin lonnaithe, d'fhonn taisceoirí a chosaint agus cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú.

D'ainneoin mír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 400(1)(f), i gcás ina nglacann Ballstáit dlíthe náisiúnta lena n-éilítear go ndéanfar bearta struchtúracha laistigh de ghrúpa baincéireachta, d'fhéadfadh údaráis inniúla a éileamh go gcuirfeadh institiúidí an ghrúpa baincéireachta a bhfuil taiscí ina seilbh acu arna gcumhdach ag Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (30) nó ag scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír, go gcuirfidís teorainn mhór risíochtaí i bhfeidhm faoi bhun 25 % ach ní faoi bhun 15 % idir 31 Nollaig 2014 agus an 30 Meitheamh 2015, agus ní faoi bhun 10 % ó 1 Iúil 2015 ar bhonn fochomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 11(5) maidir le risíochtaí inghrúpa i gcás go gcuimseoidh na risíochtaí sin risíochtaí ar eintiteas nach mbaineann leis an bhfoghrúpa céanna maidir leis na bearta struchtúracha.

Chun críocha na míre seo, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

féachtar ar gach eintiteas a bhaineann leis an bhfoghrúpa céanna maidir leis na bearta struchtúracha mar aon chliant amháin nó mar ghrúpa de chliaint nasctha;

(b)

cuirfidh na húdaráis inniúla teorainn aonfhormeach i bhfeidhm ar na risíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige seo gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

7.   Sula nglacfaidh siad na sainbhearta struchtúracha sin dá dtagraítear i mír 6 a bhaineann le mór-risíochtaí,cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl don Chomhairle, don Choimisiún, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus doÚBE dhá mhí ar a laghad sula bhfoilsítear an cinneadh chun na bearta struchtúracha a ghlacadh, agus cuirfidh siad isteach fianaise cháilíochtúil agus chainíochtúil lena mbaineann den mhéid seo a leanas go léir:

(a)

raon na ngníomhaíochtaí atá faoi réir na mbeart struchtúrach;

(b)

míniú maidir le cén fáth a meastar dréachtbhearta dá sórt a bheith oiriúnach, éifeachtach agus comhréireach chun taisceoirí a chosaint;

(c)

measúnú ar thionchar dóchúil dearfach nó diúltach na mbeart ar an margadh aonair bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Bhallstát.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún agus é ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 464(2), gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun glacadh leis na bearta náisiúnta atá molta dá dtagraítear i mír 7 nó chun diúltú dóibh.

Laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 7 a fháil, cuirfidh ÚBE a dtuairimí maidir leis na pointí a luaitear sa mhír sin chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt maidir leis na pointí a luaitear sa mhír sin don Chomhairle, don Choimisiún agus don mBallstát lena mbaineann.

Agus na tuairimí dá dtagraítear sa dara fomhír á gcur san áireamh go hiomlán agus i gcás ina mbeidh fianaise stóinseach, láidir ann go mbeidh tionchar diúltach ag na bearta ar an margadh inmheánach a sháróidh na buntáistí a bheidh ann i leith na cobhsaíochta airgeadais, diúltóidh an Coimisiún do na bearta náisiúnta atá molta, laistigh de dhá mhí tar éis dó an fógra a fháil. Murach sin, glacfaidh an Coimisiún leis na bearta náisiúnta atá molta ar feadh tréimhse tosaigh de 2 bhliain agus, nuair is iomhcuí, d'fhéadfadh na bearta a bheith faoi réir leasaithe.

Ní dhiúltóidh an Coimisiún do na bearta náisiúnta atá molta ach amháin más dóigh leis go mbaineann droch-éifeachtaí míréireacha leo ar an gcóras airgeadais ar an iomlán nó ar chodanna de i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine, lena ndéantar nó lena gcruthaítear, dá bharr sin, bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó ar shaorghluaiseacht chaipitil i gcomhréir le forálacha CFAE.

Tabharfar ar aird tuairim ÚBE i measúnú an Choimisiúin agus agus tabharfar ar aird an fhianaise arna cur i láthair i gcomhréir le mír 7.

Roimh dhul in éag do na bearta, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta nua a mholadh chun síneadh a chur leis an tréimhse lena gcuirfear i bhfeidhm iad go ceann dhá bhliain bhreise gach uair. Sa chás sin, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, don Chomhairle, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus doÚBE. Beidh formheas na mbeart nua faoi réir an phróisis a leagtar amach san Airteagal seo. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'Airteagal 458.

Airteagal 396

Ceanglais maidir le risíochtaí móra a chomhlíonadh

1.   Má théann risíochtaí, i gcás eisceachtúil, thar an teorainn atá leagtha síos in Airteagal 395(1), tabharfaidh an institiúid fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill faoi luach an bharrachais agus féadfaidh siad, i gcúinsí a fhágann gur ceart dóibh é a dhéanamh, tréimhse theoranta a cheadú don institiúid ina bhféadfaidh sí an teorainn a chomhlíonadh.

I gcás ina bhfuil feidhm leis an méid EUR 150 milliún dá dtagraítear in Airteagal 395(1), féadfaidh na húdaráis inniúla, ar bhonn cáis ar chás, cead a thabhairt an teorainn 100 % i dtéarmaí caipitil incháilithe na hinstitiúide a shárú.

2.   I gcás ina ndífheidhmítear faoi Airteagal 7(1) comhlíonadh na n-oibleagáidí arna bhforchur sa Chuid seo ag institiúid ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó i gcás ina bhfeidhmítear forálacha Airteagal 9 maidir le cás na máthairinstitiúidí i mBallstát, déanfar bearta d'fhonn leithdháileadh sásúil priacail laistigh den ghrúpa a áirithiú.

Airteagal 397

Ceanglais cistí dílse a ríomh maidir le risíochtaí móra sa leabhar trádála

1.   Ríomhfar an barrachas dá dtagraítear in Airteagal 395(54)(b) trí na comhpháirteanna den risíocht trádála iomlán ar an gcliant nó ar an ngrúpa cliant nasctha atá i gceist a roghnú lena dtarraingítear na ceanglais priacal shonraigh is airde i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 nó na ceanglais in Airteagal 299 agus i gCuid a Trí, Teideal V, nó an dá rud, arb ionann an tsuim díobh agus méid an bharrachais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 395(54).

2.   I gcás aon bharrachais nár mhair níos faide ná 10 lá, is é 200 % de na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a bheidh sa cheanglas caipitil breise i leith na gcomhpháirteanna sin.

3.   Amhail ó 10 lá tar éis don bharrachas tarlú, leithdháilfear comhpháirteanna an bharrachais, arna roghnú i gcomhréir le mír 1, ar an líne iomchuí i gColún 1 de Thábla 1 in ord ardaitheach na gceanglas priacal shonraigh i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 agus/nó in ord ardaitheach na gceanglas in Airteagal 299 agus i gCuid a Trí, Teideal V. Beidh an ceanglas cistí dílse breise cothrom le suim na gceanglas priacal shonraigh i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 agus/nó suim na gceanglas in Airteagal 299 agus i gCuid a Trí, Teideal V, arna iolrú ag an bhfachtóir comhfhreagrach i gColún 2 de Thábla 1.

Tábla 1

Colún 1: Barrachas thar na teorainneacha

(ar bhonn chéatadán an chaipitil incháilithe)

Colún 2: Fachtóirí

Suas go 40 %

200 %

Ó 40 % go 60 %

300 %

Ó 60 % go 80 %

400 %

Ó 80 % go 100 %

500 %

Ó 100 % go 250 %

600 %

Os cionn 250 %

900 %

Airteagal 398

Nósanna imeachta chun cosc a chur ar institiúidí maidir leis an gceanglas cístí dílse breise a sheachaint

Ní sheachnóidh institiúidí na ceanglais cistí dílse bhreise atá leagtha amach in Airteagal 397 a thabhóidís murach sin, ar risíochtaí a sháraíonn an teorainn atá leagtha síos in Airteagal 395(1) i gcás inar coinníodh na risíochtaí sin ar feadh níos mó ná 10 lá, trí na risíochtaí atá i gceist a aistriú go sealadach go cuideachta eile, laistigh den ghrúpa céanna nó lasmuigh de, agus/nó trí idirbhearta saorga a dhéanamh chun an risíocht a ghlanadh le linn na tréimhse 10 lá agus risíocht nua a chruthú.

Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta a chothabháil lena n-áirithítear go dtabharfar fógra láithreach do na húdaráis inniúla maidir le haon aistriú lena mbaineann an éifeacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 399

Teicnící maolaithe creidmheasa incháilithe

1.   Chun críocha Airteagail 400 go 403 áireofar faoin téarma ‧ráthaíocht‧ díorthaigh chreidmheasa a aithnítear faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 seachas nótaí creidmheas-nasctha.

2.   Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, más rud é, faoi Airteagail 400 go 403 go gceadaítear cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa a aithint, beidh sé faoi réir ag na ceanglais incháilitheachta agus ceanglais eile atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 a chomhlíonadh.

3.   I gcás ina dtéann institiúid i muinín Airteagal 401(2), beidh aithint cosanta cistithe creidmheasa faoi réir na gceanglas ábhartha faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3. Chun críocha na Roinne seo, ní chuirfidh institiúid an chomhthaobhacht dá dtagraítear in Airteagal 199 (7) go (9) san áireamh, mura gceadaítear di sin a dhéanamh faoi Airteagal 402.

4.   Déanfaidh institiúidí anailís, chomh fada agus is féidir, ar a gcuid risíochtaí ar eisitheoirí comhthaobhachta, ar sholáthraithe cosanta neamhchistithe creidmheasa agus ar sócmhainní foluiteacha de bhun Airteagal 390(7) i dtaca le comhchruinnithe a d'fhéadfadh a bheith ann agus, nuair is iomchuí, déanfaidh siad beart agus tabharfaidh siad tuairisc dá n-údarás inniúil maidir le haon torthaí suntasacha.

Airteagal 400

Díolúintí

1.   Beidh díolúine ag na risíochtaí seo a leanas ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):

(a)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais láir, ar bhainc cheannais nó ar eintitis earnála poiblí, dá sannfaí, i gcás ina mbeidís neamhurraithe, ualú priacal 0 % faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;

(b)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ar bhainc forbartha iltaobhacha dá sannfaí, i gcás ina mbeidís neamhurraithe, ualú priacal 0 % faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;

(c)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh a thugann anonn na ráthaíochtaí follasacha atá ag rialtais láir, ag bainc cheannais, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag bainc forbartha iltaobhacha nó ag eintitis earnála poiblí, i gcás ina sannfaí ualú priacal 0 % d'éilimh neamhurraithe ar an eintiteas a thugann an ráthaíocht faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;

(d)

risíochtaí eile atá inchurtha i leith rialtas láir, banc ceannais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, banc forbartha iltaobhacha nó eintiteas earnála poiblí, nó arna ráthú acu, i gcás ina sannfaí ualú priacal 0 % ar an eintiteas a bhfuil an risíocht inchurtha ina leith nó a bhfuil sé ráthaithe ina leith faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;

(e)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla Ballstát i gcás ina sannfaí ualú priacal 0 % do na héilimh sin faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 agus do risíochtaí eile ar na rialtais réigiúnacha nó ar na húdaráis áitiúla sin, nó arna ráthú acu, éilimh a sannfaí ualú priacal 0 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;

(f)

risíochtaí ar chontrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 113(6) nó (7) dá sannfaí ualú priacal 0 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2. Risíochtaí nach gcomhlíonann na critéir sin, cibé acu atá díolúine acu ó Airteagal 395(1) nó nach bhfuil, láimhseálfar iad mar risíochtaí ar thríú páirtí;

(g)

ítimí sócmhainne agus risíochtaí eile arna n-urrú le comhthaobhacht i bhfoirm taisce airgid arna dtaisceadh leis an institiúid iasachta nó le hinstitiúid ar máthairchuideachta nó fochuideachta de chuid na hinstitiúide iasachta í;

(h)

ítimí sócmhainne agus risíochtaí eile arna n-urrú le comhthaobhacht i bhfoirm deimhnithe taisce arna n-eisiúint ag an institiúid iasachta nó ag institiúid ar máthairchuideachta nó fochuideachta de chuid na hinstitiúide iasachta í agus arna dtaisceadh le ceachtar díobh;

(i)

risíochtaí a thagann as saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe atá aicmithe mar ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe lena mbaineann íospriacal in Iarscríbhinn i agus ar an gcoinníoll gur tugadh comhaontú i gcrích leis an gcliant nó le grúpa cliant nasctha agus ní fhéadfar an tsaoráid a tharraingt ach amháin nuair a dheimhnítear nach gcuirfidh sé faoi deara go ndéanfar an teorainn atá infheidhme faoi Airteagal 395(1) a shárú;

(j)

risíochtaí trádála ar chontrapháirtithe lárnacha agus ranníocaíochtaí an chiste mainneachtana le contrapháirtithe lárnacha;

(k)

risíochtaí ar scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Threoir 94/19/CE a thagann as cistiú na scéimeanna sin, má tá oibleagáid chonarthach nó dlí ar bhall-institiúidí na scéime an scéim a chistiú.

Maidir le hairgead a fhaightear faoi nóta creidmheas-nasctha arna eisiúint ag an institiúid agus maidir le hiasachtaí agus taiscí contrapháirtí chuig an institiúid nó leis an institiúid atá faoi réir comhaontaithe glanluachála laistigh den chlár comhardaithe atá aitheanta faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4, measfar go dtiocfaidh siad faoi phointe (g).

2.   Féadfaidh údaráis inniúla díolúine iomlán nó pháirteach a thabhairt i leith na risíochtaí seo a leanas:

(a)

bannaí faoi chumhdach a thagann faoi chuimsiú Airteagal 129(1), agus (6);

(b)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla Ballstát i gcás ina sannfaí ualú priacal 20 % do na héilimh sin faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 agus do risíochtaí eile ar na rialtais réigiúnacha nó ar na húdaráis áitiúla sin, nó arna ráthú acu, éilimh a sannfaí ualú priacal 20 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;

(c)

risíochtaí, lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, a thabhaigh institiúid i leith a máthairchuideachta, i leith fhochuideachtaí eile na máthairchuideachta nó i leith a cuid fochuideachtaí féin, sa mhéid is go bhfuil na gnóthais sin faoi chumhdach ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Treoir 2002/87/CE nó le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír; láimhseálfar risíochtaí nach gcomhlíonann na critéir sin, bíodh díolúine acu ó Airteagal 395(1) nó ná bíodh, mar risíochtaí ar thríú páirtí;

(d)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus risíochtaí eile, lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, ar institiúidí creidmheasa réigiúnacha nó lárnacha lena bhfuil baint ag an institiúid chreidmheasa i líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla agus atá freagrach, faoi na forálacha sin, as oibríochtaí imréitigh airgid laistigh den líonra;

(e)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus risíochtaí eile ar institiúidí creidmheasa arna dtabhú ag institiúidí creidmheasa, a bhfeidhmíonn ceann amháin acu ar bhonn neamhiomaíoch agus a sholáthraíonn nó a ráthaíonn iasachtaí faoi chláir reachtacha nó faoina cuid reachtanna, chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a chur chun cinn faoi fhormhaoirseacht rialtais de chineál éigin agus srianta maidir le húsáid na n-iasachtaí, ar an gcoinníoll go dtiocfaidh na risíochtaí faoi seach as iasachtaí den sórt sin a chuirtear ar aghaidh chuig na tairbhithe trí institiúidí creidmheasa nó ó ráthaíochtaí na n-iasachtaí sin;

(f)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar institiúidí agus risíochtaí eile orthu, ar an gcoinníoll nach gcuimseoidh na risíochtaí sin cistí dílse na n-institiúidí sin, agus nach maireann níos faide ná an chéad lá gnó eile agus nach bhfuil siad ainmnithe i mórairgeadra trádála;

(g)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar bhainc cheannais i bhfoirm na gcúlchistí íosta is gá a sealbhaíonn na bainc cheannais sin atá ainmnithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta;

(h)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais láir i bhfoirm ceanglas leachtachta reachtúla a shealbhaítear in urrúis rialtais atá ainmnithe agus cistithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta ar an gcoinníoll gombeidh, ag lánrogha an údaráis inniúil, measúnú creidmheasa na rialtas láir sin atá sannta ag IMCS ainmnithe de ghrád infheistíochta;

(i)

50 % de chreidmheasanna doiciméadacha íospriacal /meánpriacal lasmuigh den chlár comhardaithe agus de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe íospriacal /meánpriacal lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus faoi réir chomhaontú na n-údarás inniúil, 80 % de ráthaíochtaí seachas ráthaíochtaí iasachta a bhfuil bonn dlí nó rialála fúthu agus a thugtar dá gcuid comhaltaí trí chomhscéimeanna ráthaíochta a bhfuil stádas acu mar institiúidí creidmheasa;

(j)

ráthaíochtaí a cheanglaítear leis an dlí a úsáidtear nuair a íoctar iasacht mhorgáiste atá maoinithe trí bhannaí morgáiste a eisiúint le hiasachtaí an mhorgáiste sula gclárófar an morgáiste den uair dheiridh sa chlár talún, ar an gcoinníoll nach n-úsáidfear an ráthaíocht mar ní a laghdóidh an priacal a bhaineann leis na méideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal a ríomh;

(k)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar agus risíochtaí eile ar mhalairtí aitheanta.

3.   Ní fhéadfar an díolúine dá bhforáiltear i mír 2 a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a)

go ndéanann cineál sonrach na risíochta, an chontrapháirtí nó an chaidrimh idir an institiúid agus an contrapháirtí priacal na risíochta a dhíothú nó a laghdú; agus

(b)

go bhféadfar aghaidh a thabhairt ar aon phriacal comhchruinnithe a bheidh fágtha trí mhodhanna a bheadh chomh héifeachtach céanna amhail na socruithe, na próisis agus na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE.

Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas an bhuil nó nach bhfuil sé i gceist acu aon cheann de na díolúintí dá bhforáiltear i mír 2 a úsáid, i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) den mhír seo agus rachaidh siad i gcomhairle le ÚBE maidir leis an rogha sin.

Airteagal 401

An éifeacht atá ag úsáid teicnící maolaithe priacal creidmheasa a ríomh

1.   Ar mhaithe le luach na risíochtaí a ríomh chun críocha Airteagal 395(1), féadfaidh institiúid ‧luach na risíochta lánchoigeartaithe‧ a úsáid arna ríomh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4, ag cur an maolú priacal creidmheasa, coigeartuithe luaineachta, agus aon neamhréir aibíochta (E*) san áireamh.

2.   Institiúid atá ceadaithe a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a úsáid le haghaidh aicme na risíochta faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, féadfaidh sí, faoi réir cead a fháil ó na húdaráis inniúla na héifeachtaí a bhaineann le comhthaobhacht airgeadais a aithint nuair atá luach na risíochtaí á ríomh chun críocha Airteagal 395(1).

Ní thabharfaidh údaráis inniúla an cead dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo ach amháin más féidir leis an institiúid meastachán a thabhairt ar éifeachtaí na comhthaobhachta airgeadais ar a cuid risíochtaí agus é sin a dhéanamh ar leithligh ó ghnéithe eile a bhaineann leis an LGD.

Beidh na meastacháin a chuirfidh an institiúid le chéile sách oiriúnach chun luach na risíochta a laghdú ar mhaithe le forálacha Airteagal 395 a chomhlíonadh.

I gcás ina gceadaítear d'institiúid a cuid meastachán féin ar éifeachtaí na comhthaobhachta airgeadais a úsáid, déanfaidh sí é sin ar bhonn comhsheasmhach leis an gcur chuige a glacadh nuair a bhí ceanglais cistí dílse á ríomh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Institiúidí atá ceadaithe chun a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a úsáid le haghaidh aicme na risíochta faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, nach ríomhann luach a gcuid risíochtaí ag úsáid an mhodha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh siad an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais nó an cur chuige atá leagtha amach in Airteagal 403(1)(b) a úsáid chun luach na risíochtaí a ríomh.

3.   Institiúid a bhaineann úsáid as an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais nó a gceadaítear di an modh a bhfuil cur síos air i mír 2 den Airteagal seo a úsáid chun luach na risíochtaí a ríomh chun críocha Airteagal 395(1), déanfaidh sí tástálacha struis maidir lena gcomhchruinnithe ar priacal creidmheasa ar bhonn tréimhsiúil, lena n-áirítear maidir le luach inréadaithe aon chomhthaobhachta a ghlactar.

Tabharfaidh na tástálacha struis tréimhsiúla sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír aghaidh ar na priacail a thagann as athruithe a d'fhéadfadh teacht ar dhálaí sa mhargadh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar leordhóthanacht chistí dílse na n-institiúidí agus priacail a thagann as réadú na comhthaobhachta i riochtaí struis.

Beidh na tástálacha struis a dhéanfar leormhaith agus iomchuí chun an measúnú a dhéanamh ar priacail den sórt sin.

I gcás ina léiríonn an tástáil struis tréimhsiúil luach inréadaithe níos ísle den chomhthaobhacht a glacadh ná mar a cheadófaí a chur san áireamh agus an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais nó an modh a ndéantar cur síos air i mír 2 in úsáid de réir mar is iomchuí, déanfar luach na comhthaobhachta a cheadaítear a aithint le linn luach na risíochtaí a ríomh chun críocha Airteagal 395(1) a laghdú dá réir sin.

Áireoidh institiúidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír na nithe seo a leanas ina gcuid straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar priacal comhchruinnithe:

(a)

beartais agus nósanna imeachta chun aghaidh a thabhairt ar priacail a eascraíonn as aisioncronachtaí aibíochta idir risíochtaí agus aon chosaint chreidmheasa maidir leis na risíochtaí sin;

(b)

beartais agus nósanna imeachta i gcás ina dtugann tástáil struis luach inréadaithe níos ísle de chomhthaobhacht a glacadh le fios ná mar a cuireadh san áireamh nuair a bhí an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais nó an modh a ndéantar cur síos air i mír 2 in úsáid;

(c)

beartais agus nósanna imeachta a bhaineann le priacal comhchruinnithe a thagann as cur i bhfeidhm teicnící chun priacal creidmheasa a mhaolú, agus go háirithe risíochtaí móra ar chreidmheas indíreach, mar shampla ar eisitheoir urrús aonair a thógtar mar chomhthaobhacht.

Airteagal 402

Risíochtaí a thig as iasachtú morgáiste

1.   Chun na luachanna risíochta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúid luach risíochta nó aon chuid de risíocht a laghdú, ar risíocht í arna hurrú go hiomlán ag réadmhaoin i gcomhréir le hAirteagal 125(1) de réir an méid atá curtha i ngeall de mhargadhluach nó de luach iasachta morgáiste na maoine lena mbaineann ach nach mó ná 50 % den mhargadh nó 60 % den luach iasachta morgáiste sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

Níl ualú priacal níos airde ná 35 % socraithe ag údaráis inniúla na mBallstát le haghaidh risíochta í nó codanna de risíochtaí arna n-urrú ag maoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124(2);

(b)

tá an risíocht nó cuid den risíocht urraithe go hiomlán ag an méid seo a leanas:

(i)

ag morgáistí ar mhaoin chónaithe; nó

(ii)

maoin chónaithe in idirbheart léasaithe faoina gcoinníonn an léasóir úinéireacht iomlán ar an maoin chónaithe agus nach bhfuil rogha an léasaí í a cheannach feidhmithe aige go fóill;

(c)

comhlíontar na ceanglais in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1).

2.   Chun na luachanna risíochta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúid luach risíochta nó aon chuid de risíocht a laghdú, ar risíocht í arna hurrú go hiomlán ag réadmhaoin i gcomhréir le hAirteagal 126(1) de réir an méid atá curtha i ngeall de mhargadhluach nó de luach iasachta morgáiste na réadmhaoine lena mbaineann ach nach mó ná 50 % den mhargadh nó 60 % den luach iasachta morgáiste sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

níl ualú priacal níos airde ná 50 % socraithe ag údaráis inniúla na mBallstát le haghaidh risíochtaí nó codanna de risíochtaí arna n-urrú ag réadmhaoin tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 124(2);

(b)

tá an risíocht á hurrú go hiomlán ag an méid a leanas:

(i)

morgáistí ar oifigí nó ar áitribh tráchtála eile; nó

(ii)

oifigí nó áitribh tráchtála eile agus na risíochtaí a bhaineann le hidirbhearta léasaithe maoine.

(c)

comhlíonfar na ceanglais in Airteagal 126(2)(a), in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1);

(d)

déanfar maoin thráchtála a thógáil go hiomlán.

3.   Risíocht ar chontrapháirtí a eascraíonn as comhaontú athcheannaigh droim ar ais faoinar cheannaigh an institiúid ón gcontrapháirtí liain mhorgáiste neamhspleácha neamh-ghabháltais ar mhaoin dhochorraithe tríú páirtithe, féadfaidh institiúid í a láimhseáil mar roinnt risíochtaí aonair ar gach ceann de na tríú páirtithe sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas:

(a)

is institiúid é an contrapháirtí;

(b)

tá an risíocht á hurrú go hiomlán ag liain ar mhaoin dhochorraithe na dtríú páirtithe sin a cheannaigh an institiúid agus is féidir leis an institiúid na liain sin a chleachtadh;

(c)

d'áirithigh an institiúid go gcomhlíonfar na ceanglais atá in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1);

(d)

beidh an institiúid mar thairbhí na n-éileamh a dhéanann an contrapháirtí i gcoinne na dtríú páirtithe i gcás mhainneachtain, dhócmhainneacht nó leachtacht an chontrapháirtí;

(e)

tabharfaidh an institiúid tuarascáil do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 394 i ndáil le méid iomlán na risíochtaí ar gach institiúid eile a láimhseálfar i gcomhréir leis an mír seo.

Chun na críche sin, glacfaidh an institiúid leis go mbeidh risíocht aici ar gach ceann de na tríú páirtithe sin i leith mhéid an éilimh a dhéanfaidh an contrapháirtí i gcoinne an tríú pháirtí in ionad mhéid comhfhreagrach na risíochta ar an gcontrapháirtí. Leanfar den chuid eile den risíocht ar an gcontrapháirtí, más ann di, a láimhseáil mar risíocht ar an gcontrapháirtí.

Airteagal 403

Cur chuige ionadaíochta

1.   I gcás ina bhfuil risíocht ar chliant ráthaithe ag tríú páirtí, nó urraithe le comhthaobhacht arna heisiúint ag tríú páirtí, féadfaidh institiúid:

(a)

an chuid den risíocht atá ráthaithe a láimhseáil amhail is go bhfuil sí tabhaithe don ráthóir seachas don chliant ar an gcoinníoll go sannfaí don risíocht neamhurraithe ar an ráthóir ualú priacal atá cothrom le, nó níos ísle ná, ualú priacal na risíochta neamhurraithe ar an gcliant faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;

(b)

an chuid den risíocht arna comhthaobhú le margadhluach na comhthaobhachta aitheanta a láimhseáil amhail is go bhfuil sí tabhaithe don tríú páirtí seachas don chliant, má rinneadh urrúsú ar an risíocht le comhthaobhacht agus ar an gcoinníoll go sannfaí do chuid chomhthaobhaithe na risíochta ualú priacal atá cothrom le, nó níos ísle ná, ualú priacal na risíochta neamhurraithe ar an gcliant faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2.

Ní úsáidfidh an institiúid an cur chuige dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír i gcás ina bhfuil aisioncronacht ann idir aibíocht na risíochta agus aibíocht na cosanta.;

Chun críocha na Coda seo, ní fhéadfaidh institiúid an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais agus an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír a úsáid ach amháin i gcás ina gceadaítear di an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais agus an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais araon a úsáid chun críocha Airteagal 92.

2.   I gcás ina gcuireann institiúid pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm:

(a)

i gcás ina bhfuil an ráthaíocht ainmnithe in airgeadra atá éagsúil ón airgeadra sin ina bhfuil an risíocht ainmnithe, déanfar méid na risíochta a mheasfar a bheith cumhdaithe a ríomh i gcomhréir leis na forálacha maidir le neamhréir airgeadra a láimhseáil le haghaidh cosanta neamhchistithe creidmheasa a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4;

(b)

láimhseálfar aisioncronacht idir aibíocht na risíochta agus aibíocht na cosanta i gcomhréir leis na forálacha maidir le haisioncronacht aibíochta a láimhseáil a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4;

(c)

féadfar cumhdach páirteach a aithint i gcomhréir leis an láimhseáil atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil.

CUID A CÚIG

RISÍOCHTAÍ AR PRIACAL CREIDMHEASA AISTRITHE

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA DON CHUID SEO

Airteagal 404

Infheidhmeacht

Beidh feidhm ag Teideal II agus Teideal III maidir le hurrúsuithe nua arna n-eisiúint an 1 Eanáir 2011 nó dá éis. Beidh feidhm ag Teideal II agus Teideal III, tar éis an 31 Nollaig 2014, maidir le hurrúsuithe atá ann cheana i gcás ina gcuirtear risíochtaí foluiteacha nua leis nó ina gcuirtear iad in ionad risíochtaí eile tar éis an dáta sin.

TEIDEAL II

CEANGLAIS MAIDIR LE HINSTITIÚIDÍ INFHEISTEOIRÍ

Airteagal 405

Leas coinnithe an eisitheora

1.   Maidir le hinstitiúid, seachas nuair atá sí ag gníomhú mar thionscnóir, mar urraitheoir nó mar iasachtóir bunaidh, ní fhéadfaidh sí a bheith ar ris ar phriacal creidmheasa suímh urrúsúcháin ina leabhar trádála ná ina leabhar neamhthrádála ach amháin má nochtaigh sí go sainráite don institiúid go gcoinneoidh sí, ar bhonn leanúnach, glanleas eacnamaíoch ábhartha nach mbeidh, in aon chás, níos lú ná 5 %.

Ní cháileoidh ach ceann amháin díobh seo a leanas mar ghlanleas eacnamaíoch ábhartha nach lú é ná 5 % atá coinnithe:

(a)

nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na tráinsí a dhíoltar nó a aistrítear chuig na hinfheisteoirí a choinneáil;

(b)

i gcás urrúsú risíochtaí imrothlacha, leas an tionscnóra de níos lú ná 5 % de luach ainmniúil na risíochtaí urrúsaithe a choinneáil;

(c)

risíochtaí a roghnaítear go randamach a choinneáil, cothrom le, nó níos lú ná, 5 % de luach ainmniúil na risíochtaí urrúsaithe, i gcás ina mbeadh na risíochtaí sin urrúsaithe laistigh den urrúsú murach sin, ar an gcoinníoll nach lú ná 100 ag an túsphointe líon na risíochtaí urrúsaithe féideartha;

(d)

an tráinse céadchaillteanais a choinneáil agus, más gá, tráinsí eile a bhfuil an phróifíl priacal chéanna nó níos déine acu ná iad sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo agus nach dtiocfaidh in aibíocht níos luaithe ná na cinn sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo, ionas go mbeidh an choinneáil ina hiomlán cothrom le, nó níos lú ná, 5 % de luach ainmniúil na risíochtaí urrúsaithe;

(e)

risíocht chéadchaillteanais a choinneáil nach lú ná 5 % gach risíocht urrúsaithe san urrúsú.

Déantar glanleas eacnamaíoch a thomhas ag an túsphointe agus déanfar é a chothabháil ar bhonn leanúnach. Ní bheidh an glanleas eacnamaíoch, lena n-áirítear suímh choinnithe, ús nó risíochtaí, faoi réir ag aon mhaolú priacal creidmheasa ná aon suímh ghearra ná aon fhálú eile agus ní dhíolfar é. Cinnfear an glanleas eacnamaíoch de réir an luacha ainmniúil ar ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe.

Ní dhéanfar na ceanglais choinneála a bhaineann le haon urrúsú faoi leith a chur i bhfeidhm níos mó ná uair amháin.

2.   I gcás ina ndéanann máthairinstitiúid chreidmheasa san AE, cuideachta shealbhaíochta airgeadais san AE, cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha an AE nó ceann dá cuid fochuideachtaí, mar thionscnóir nó mar urraitheoir, urrúsú ar risíochtaí ó roinnt institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí airgeadais eile atá san áireamh i raon feidhme na maoirseachta ar bhonn comhdhlúite, féadfar an ceanglas dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh bunaithe ar chás comhdhlúite na máthairinstitiúide creidmheasa san AE, cuideachta sealbhaíochta airgeadais an AE, nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha an AE.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i gcás inar thug institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí airgeadais a chruthaigh na risíochtaí urrúsaithe tiomantas cloí leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 408 agus a chur ar fáil, ar mhodh tráthúil, don tionscnóir nó don urraitheoir agus don mháthairinstitiúid chreidmheasa san AE. Cuideachta shealbhaíochta airgeadais san AE nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha an AE an fhaisnéis is gá chun na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 409 a chomhlíonadh.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inarb ionann na risíochtaí urrúsaithe agus risíochtaí ar na heintitis seo a leanas nó arna ráthú go hiomlán, go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe acu:

(a)

rialtais láir nó bainc cheannais;

(b)

rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí Ballstát;

(c)

institiúidí dá sanntar ualú priacal 50 % nó níos lú faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;

(d)

bainc forbartha iltaobhacha.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas idirbhearta atá bunaithe ar innéacs soiléir, trédhearcach agus inrochtana, ina bhfuil na heintitis thagartha foluiteach comhionann leo sin atá ar áireamh in innéacs eintiteas a dhéantar a thrádáil go forleathan, nó ar urrúis intrádála eile iad seachas suímh urrúsúcháin.

Airteagal 406

Dícheall cuí

1.   Roimh bheith ar ris ar phriacail creidmheasa urrúsúcháin, agus de réir mar is iomchuí ina dhiaidh sin, beidh institiúidí in ann a léiriú do na húdaráis inniúla i gcás gach ceann dá gcuid suímh urrúsúcháin aonair, go bhfuil tuiscint chuimsitheach agus chruinn acu ar bheartais agus ar nósanna imeachta foirmiúla atá curtha chun feidhme acu agus atá iomchuí dá leabhar trádála agus dá leabhar neamhthrádála agus ar chóimhéid le próifíl priacal a gcuid infheistíochtaí i suímh urrúsúcháin chun iad seo a leanas a anailísiú agus a thaifeadadh:

(a)

faisnéis arna nochtadh faoi Airteagal 405(1), ag tionscnóirí, ag urraitheoirí nó ag iasachtóirí bunaidh d'fhonn a shonrú cén glanleas eacnamaíoch atá acu, ar bhonn leanúnach, san urrúsú;

(b)

saintréithe priacal an tsuímh urrúsúcháin aonair;

(c)

saintréithe priacal na risíochtaí foluiteach an suíomh urrúsúcháin;

(d)

clú agus taithí ó chaillteanais na dtionscnóirí nó na n-urraitheoirí in urrúsuithe roimhe seo in aicmí na risíochta iomchuí foluiteach an suíomh urrúsúcháin;

(e)

na ráitis agus an nochtadh arna ndéanamh ag na tionscnóirí nó ag na hurraitheoirí, nó ag a gcuid gníomhairí nó a gcomhairleoirí, i dtaca lena ndícheall cuí maidir leis na risíochtaí urrúsaithe agus, nuair is infheidhme, maidir le caighdeán na comhthaobhachta a thacaíonn leis na risíochtaí urrúsaithe;

(f)

nuair is infheidhme, na modheolaíochtaí agus na coincheapa ar a bhfuil luacháil na comhthaobhachta a thacaíonn leis na risíochtaí urrúsaithe bunaithe agus na beartais arna nglacadh ag an tionscnóir nó ag an urraitheoir chun neamhspleáchas an luachálaí a áirithiú;

(g)

gnéithe struchtúracha uile an urrúsaithe a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht shuíomh urrúsúcháin na hinstitiúide, amhail cascáidí conarthacha agus truicir a bhaineann le cascáidí, feabhsuithe creidmheasa, feabhsuithe leachtachta, truicir maidir leis an margadhluach, agus sainmhínithe ar mhainneachtain atá sainiúil don láimhseáil.

Déanfaidh institiúidí a gcuid tástálacha struis féin go rialta a bheidh oiriúnach dá gcuid suímh urrúsúcháin. Chuige sin, féadfaidh institiúidí dul i muinín samhlacha airgeadais arna bhforbairt ag IMCS ar an gcoinníoll gur féidir le hinstitiúidí a léiriú, nuair a iarrtar orthu, go ndearna siad cúram cuí sular infheistigh siad na toimhdí ábhartha maidir leis na samhlacha agus a struchtúrú a bhailíochtú agus chun tuiscint a fháil ar mhodheolaíocht, ar thoimhdí agus ar thorthaí.

2.   Bunóidh institiúidí, seachas nuair atá siad ag gníomhú mar thionscnóirí nó mar urraitheoirí nó mar iasachtóirí bunaidh, nósanna imeachta foirmiúla a bheidh oiriúnach dá leabhar trádála agus dá leabhar neamhthrádála agus a bheidh ar chóimhéid le próifíl priacal a gcuid infheistíochtaí i suímh urrúsúcháin d'fhonn faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach agus ar mhodh tráthúil ar fhaisnéis feidhmíochta maidir leis na risíochtaí foluiteach l a gcuid suímh urrúsúcháin. Nuair is ábhartha, áireofar leis sin an cineál risíochta, an céatadán d'iasachtaí atá níos mó ná 30, 60 agus 90 lá thar téarma, rátaí mainneachtana, rátaí réamhíocaíochta, iasachtaí á bhforiamh, cineál comhthaobhachta agus áitíocht na comhthaobhachta, agus dáileadh minicíochta na scór creidmheasa nó modhanna eile chun acmhainneacht creidmheasa a thomhas thar risíochtaí foluiteacha, éagsúlú tionscail agus tíreolaíoch, dáileadh minicíochta de chóimheasa iasachta i gcoinne luacha le bandaleithid a éascaíonn anailís íogaireachta leormhaith. I gcás inar suímh urrúsúcháin iontu féin iad na risíochtaí foluiteacha, beidh ag institiúidí an fhaisnéis atá leagtha amach san fhomhír seo maidir leis na tráinsí urrúsúcháin foluiteacha, amhail ainm agus cáilíocht chreidmheasa an eisitheora, agus maidir le saintréithe agus feidhmíocht na gcomhthiomsuithe foluiteach na tráinsí urrúsúcháin sin chomh maith.

Cuirfidh institiúidí na caighdeáin anailíse chéanna i bhfeidhm maidir le heisiúintí urrúsúcháin a cheannaítear ó thríú páirtithe a fhrithghealladh nó maidir le rannpháirteachais iontu, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh rannpháirteachais nó frithghealladh den sórt sin á sealbhú ar a leabhar trádála nó neamhthrádála.

Airteagal 407

Ualú priacal breise

I gcás nach gcomhlíonann institiúid na ceanglais in Airteagal 405, 406 nó 409 aon cháil ábhartha mar gheall ar fhaillí nó ar mhainneachtain na hinstitiúide, forchuirfidh na húdaráis inniúla ualú priacal breise comhréireach nach lú ná 250 % den ualú priacal (uasteorainn 1 250 % curtha air) a mbeidh feidhm aige maidir leis na suímh urrúsúcháin iomchuí ar an tslí a shonraítear in Airteagal 245(6) nó Airteagal 337(3) faoi seach. Méadóidh an t-ualú priacal breise de réir a chéile le gach sárú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na forálacha maidir le dícheall cuí.

Cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na díolúintí d'urrúsúcháin áirithe a thugtar in Airteagal 405(3) tríd an ualú priacal a d'fhorchuirfí murach sin faoin Airteagal seo a laghdú i leith urrúsú a bhfuil feidhm ag Airteagal 405(3) maidir leis.

TEIDEAL III

CEANGLAIS LE HAGHAIDH INSTITIÚIDÍ IS URRAITHEOIRÍ AGUS INSTITIÚIDÍ TIONSCNÓRA

Airteagal 408

Critéir maidir le creidmheas a dheonú

Cuirfidh institiúidí is urraitheoirí agus institiúidí tionscnóra na critéir fhónta dea-shainithe chéanna i bhfeidhm chun creidmheas a dheonú i gcomhréir le ceanglais Airteagal 79 de Threoir 2013/36/AE maidir le risíochtaí a bheidh le hurrúsú de réir mar a bheidh feidhm leo maidir le risíochtaí a bheidh le sealbhú ina gcuid leabhar neamhthrádála féin. Chuige sin, cuirfidh na hinstitiúidí is urraitheoirí agus na hinstitiúidí tionscnóra na próisis chéanna i bhfeidhm chun creidmheasanna a cheadú agus, nuair is iomchuí, iad a leasú, a athnuachan agus a athmhaoiniú.

I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo, ní chuirfidh an institiúid tionscnóra Airteagal 245(1) i bhfeidhm agus ní cheadófar don institiúid tionscnóra sin na risíochtaí urrúsaithe a eisiamh ó ríomh a ceanglas caipitil faoin Rialachán seo.

Airteagal 409

Faisnéis a nochtadh d'infheisteoirí

Institiúidí atá ag gníomhú mar thionscnóir, mar urraitheoir nó mar iasachtóir bunaidh, nochtfaidh siad leibhéal a ngealltanas d'infheisteoirí faoi Airteagal 405 d'fhonn glanleas eacnamaíoch a choimeád san urrúsú. Áiritheoidh institiúidí is urraitheoirí agus institiúidí tionscnóra go mbeidh rochtain éasca ar fáil ag infheisteoirí ionchasacha ar na sonraí iomchuí ábhartha go léir maidir le cáilíocht chreidmheasa agus feidhmíocht na risíochtaí foluiteacha aonair, sreabha airgid agus comhthaobhacht a thacaíonn le risíocht ar urrúsú chomh maith le faisnéis den sórt sin atá riachtanach chun tástálacha struis cuimsitheacha agus feasacha a dhéanamh maidir leis na sreabha airgid agus na luachanna comhthaobhachta a thacaíonn leis na risíochtaí foluiteacha. Chun na críche sin, cinnfear sonraí a bheidh iomchuí go hábhartha amhail ar dháta an urrúsaithe agus, nuair is iomchuí, i ngeall ar chineál an urrúsaithe ina dhiaidh sin.

Airteagal 410

Coinníoll maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach

1.   Tabharfaidh ÚBE tuairisc don Choimisiún go bliantúil ar bhearta arna nglacadh ag na húdaráis inniúla d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí na ceanglais a bhaineann le Teideal II agus Teideal III.

2.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú níos mionsonraithe:

(a)

na ceanglais in Airteagl 405 agus Airteagal 406 a chuirfear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí ar baol dóibh a bheith ar ris ar phriacal urrúsúcháin;

(b)

an ceanglas coinneála, lena n-áirítear na critéir cháilitheacha le haghaidh glanleas eacnamaíoch ábhartha a choinneáil dá dtagraítear in Airteagal 405 agus leibhéal na coinneála;

(c)

ceanglais an díchill chuí in Airteagl 406 maidir le hinstitiúidí ar baol dóibh a bheith ar ris ar shuíomh urrúsúcháin; agus

(d)

na ceanglais in Airteagal 408- agus in Airteagal 409 a bhfuil feidhm acu maidir le hinstitiúidí is urraitheoirí agus institiúidí tionscóra.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn cóineasú na gcleachtas maoirseachta a éascú i dtaca le hAirteagal 407 a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta a ghlacfar i gcás ina sárófar na hoibleagáidí maidir le dícheall cuí agus bainistíocht priacal.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 01.01.14.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.'

CUID A SÉ

LEACHTACHT

TEIDEAL I

SAINMHÍNITHE AGUS CEANGLAS MAIDIR LE CUMHDACH LEACHTACHTA

Airteagal 411

Sainmhínithe

Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn ‧custaiméir airgeadais‧ custaiméir a dhéanann ceann nó níos mó de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE mar a phríomhghnó, nó arb ionann iad agus ceann díobh seo a leanas:

(a)

institiúid chreidmheasa;

(b)

gnólacht infheistíochta;

(c)

SSPE;

(d)

GC;

(e)

scéim infheistíochta nach bhfuil neamhiata;

(f)

gnóthas árachais;

(g)

cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha.

(2)

Ciallaíonn ‧taisce miondíola‧ dliteanas i leith duine nádúrtha nó i leith FBM, i gcás ina gcáileodh an duine nádúrtha sin nó an FBM sin d'aicme na risíochta ar mhiondíol faoin gcur chuige Caighdeánaithe nó faoin gcur chuige IBR maidir le priacal creidmheasa. nó dliteanas do chuideachta atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(4) agus i gcás nach mó ná EUR 1 milliún na taiscí comhiomlána ó gach fiontar den sórt sin ar bhonn grúpa.

Airteagal 412

Ceanglas maidir le cumhdach leachtachta

1.   Sealbhóidh institiúidí sócmhainní leachtacha, agus cumhdóidh suim luachanna na sócmhainní sin na heis-sreafaí leachtachta lúide na hinsreafaí leachtachta faoi dhálaí struis, ionas go n-áiritheofar go gcoinneoidh institiúidí leibhéil maolán leachtachta a bheidh leordhóthanach chun dul i ngleic le haon éagothroime a d'fhéadfadh a bheith idir insreafaí agus eis-sreafaí leachtachta faoi dhálaí mórstruis thar thréimhse tríocha lá. Le linn tréimhsí struis, féadfaidh institiúidí a gcuid sócmhainní leachtacha a úsáid chun a gcuid glan-eis-sreafaí leachtachta a chumhdach.

2.   Ní dhéanfaidh institiúidí insreafaí leachtachta dúbailte ná sócmhainní leachtacha a chomhaireamh.

3.   Féadfaidh institiúidí na sócmhainní leachtacha dá dtagraítear i mír 1 a úsáid chun a gcuid oibleagáidí faoi dhálaí struis a chomhlíonadh mar atá sonraithe faoi Airteagal 414.

4.   Beidh feidhm go heisiach ag na forálacha atá leagtha amach i dTeideal II chun oibleagáidí tuairiscithe a shonrú atá leagtha amach in Airteagal 415.

5.   Féadfaidh Ballstáit forálacha náisiúnta i réimse na gceanglas maidir le leachtacht a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach sula sonraítear íoschaighdeáin cheangailteacha i dtaca le ceanglais maidir le cumhdach leachtachta agus sula dtugtar isteach san Aontas ina n-iomláine iad i gcomhréir le hAirteagal 460. Féadfaidh Ballstáit nó údaráis inniúla a cheangal ar institiúidí atá údaraithe ar bhonn intíre, nó ar fhothacar de na hinstitiúidí sin, ceanglas níos airde maidr le cumhdach leachtachta suas le 100 % a choinneáil go dtí go dtabharfar isteach an t-íoschaighdeán ceangailteach ina iomláine de réir ráta 100 % i gcomhréir le hAirteagal 460.

Airteagal 413

Cistiúcháin Cobhsaí

1.   Áiritheoidh na hinstitiúidí go gcomhlíonfar oibleagáidí fadtéarmacha go leordhóthanach trí éagsúlacht ionstraimí cistiúcháin chobhsaí faoi ghnáthchúinsí agus faoi chúinsí struis araon.

2.   Beidh feidhm go heisiach ag na forálacha atá leagtha amach i dTeideal III chun oibleagáidí tuairiscithe a shonrú atá leagtha amach in Airteagal 415.

3.   Féadfaidh Ballstáit forálacha náisiúnta i réimse na gceanglas cistiúcháin chobhsaí a choinneáil nó a thabhairt isteach sula sonraítear íoschaighdeáin cheangailteacha i dtaca le ceanglais glanchistiúcháin chobhsaí agus sula dtugtar isteach san Aontas iad i gcomhréir le hAirteagal 510.

Airteagal 414

Ceanglais leachtachta a chomhlíonadh

I gcás nach gcomhlíonann institiúid, nó go bhfuil sí ag súil nach gcomhlíonfaidh sí, an ceanglas atá leagtha amach in Airteagal 412(1), nó an oibleagáid ghinearálta atá leagtha amach in Airteagal 413 (1), lena n-áirítear le linn tréimhsí struis, tabharfaidh sí fógra láithreach do na húdaráis inniúla agus cuirfidh sí isteach plean gan aon mhoill mhíchuí chuig na húdaráis inniúla ionas go dtosófar ag comhlíonadh Airteagal 412 nó Airteagal 413 (1) arís ar bhonn tráthúil. Go dtí go dtosófar ag comhlíonadh an Airteagail sin arís, tabharfaidh an institiúid tuairisc faoi na hítimí dá dtagraítear i dTeideal II nó i dTeideal III, i gcás inarb iomchuí, go laethúil faoi dheireadh gach lae gnó mura dtugann an t-údarás inniúil údarú maidir le minicíocht tuairiscithe níos ísle agus moill tuairiscithe níos faide. Ní dhéanfaidh údaráis inniúla údaruithe den sórt sin a cheadú ach amháin ar bhonn cáis aonair institiúide agus méid agus castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide á gcur san áireamh. Déanfaidh siad faireachán ar chur chun feidhme an phlean chun filleadh ar chomhlíonadh dá dtagraítear san Airteagal sin agus iarrfaidh siad, más iomchuí, tréimhse um chomhlíonadh níos gasta ná mar atá leagtha amach sa phlean.

TEIDEAL II

TUAIRISCIÚ LEACHTACHTA

Airteagal 415

Oibleagáid tuairiscithe agus formáid an tuairiscithe

1.   Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla in airgeadra aonair, beag beann ar an ainmníocht iarbhír, maidir leis na hítimí dá dtagraítear i dTeideal II agus i dTeideal III agus a gcomhpháirteanna, lena n-áirítear comhdhéanamh a gcuid sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416. Go dtí go saineofar go hiomlán an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta i gCuid a Sé agus go dtí go gcuirfear chun feidhme é mar chaighdeán íosta i gcomhréir le hAirteagal 460, tuairisceoidh institiúidí na hítimí atá leagtha amach i dTeideal II agus in Iarscríbhinn III. Tuairisceoidh na hinstitiúidí na hítimí atá i dTeideal III. Ní bheidh an mhinicíocht tuairiscithe níos lú ná uair sa mhí i gcás an cheanglais i dTeideal II agus in Iarscríbhinn III agus nach lú ná uair sa ráithe i gcás ítimí dá dtagraítear i dTeideal III.

Áireofar sna formáidí tuairiscithe an fhaisnéis uile is gá agus ligfear don ÚBE a mheas leo cé acu ar leachtaíodh idirbhearta iasachta urraithe agus idirbhearta babhtála comhthaobhachta i gceart i gcás go bhfuarthas na sóchmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointí (a) (b) agus (c) d'Airteagal 416(1) i gcoinne comhthaobhachta nach bhfuil incháilithe faoi phointí (a) (b) agus (c) d'Airteagal 416(1).

2.   Nuair a bheidh an méid seo a leanas fíor maidir le hinstitiúid cuirfidh sí tuairisciú ar leith ar na hítimí dá dtagraítear i mír 1 san airgeadra a luaitear thíos chuig údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile:

(a)

tá dliteanas comhiomlán aici in airgeadra atá éagsúil leis an airgeadra tuairiscithe faoi mhír 1 arb é 5 % nó níos mó de dhliteanas iomlán na hinstitiúide nó an fhoghrúpa leachtachta aonair; nó

(b)

tá brainse sonrach aici i mBallstát aíochta i gcomhréir le hAirteagal 51 de Threoir 2013/36/AE ar brainse é a úsáideann airgeadra atá éagsúil leis an airgeadra tuairiscithe faoi mhír 1 den Airteagal seo é.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

formáidí aonfhoirmeacha agus réitigh TF le treoracha gaolmhara maidir le minicíochtaí agus maidir le dátaí tagartha agus íocaíochta. Beidh na formáidí agus na minicíochtaí tuairiscithe i gcomhréir le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí éagsúla agus áireofar orthu an tuairisciú atá riachtanach igcomhréir le mír 1 agus le mír 2;

(b)

beidh meadarachtaí faireacháin leachtachta breise riachtanach, d'fhonn cead a thabhairt d'údaráis inniúla léargas cuimsitheach a fháil ar an bpróifíl priacal leachtachta, a bheidh comhréireach le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin maidir leis na hítimí sin a shonraítear i bpointe (a) faoi bhráid an Choimisiúin faoi 1 Feabhra 2015, agus maidir leis na hítimí a shonraítear i bpointe (b,) faoin 1 Eanáir 2014.

Go dtí go dtabharfar ceanglais cheangailteacha leachtachta isteach ina n-iomláine, féadfaidh na húdaráis inniúla leanúint d'fhaisnéis a bhailiú trí huirlisí faireacháin ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán náisiúnta leachtachta atá ann cheana.

Tugtar cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.   Arna iarraidh sin, soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát baile an tuairisciú aonair ar bhonn tráthúil agus trí mheán leictreonach do na húdaráis inniúla agus do bhanc ceannais na mBallstát óstach agus doÚBE i gcomhréir leis an Airteagal seo.

5.   Déanfaidh údaráis inniúla a fheidhmíonn maoirseacht ar bhonn comhdhlúite igcomhréir le hAirteagal 112 de Threoir 2013/36/AE gach tuairisc, arna iarraidh sin, atá curtha isteach ag an institiúid, a thabhairt ar bhonn tráthúil agus trí mheán leictreonach do na húdaráis seo a leanas i gcomhréir leis na formáidí aonfhoirmeacha dá dtagraítear i mír 3

(a)

na húdaráis inniúla agus banc ceannais náisiúnta na mBallstát aíochta ina bhfuil brainsí móra i gcomhréir le hAirteagal 51 de Threoir 2013/36/AE de chuid na máthairinstitiúide nó institiúidí arna rialú ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna;

(b)

na húdaráis inniúla a bhfuil fochuideachtaí údaraithe acu den mháthairinstitiúid nó d'institiúidí arna rialú ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna agus ag banc ceannais an Bhallstáit chéanna;

(c)

ÚBE;

(d)

BCE.

6.   Na húdaráis inniúla a thug údarú d'institiúid ar fochuideachta de mháthairinstitiúid nó de mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais í, déanfaidh siad gach tuairisc, arna iarraidh sin, atá curtha isteach ag an institiúid i gcomhréir leis na formáidí tuairiscithe aonfhoirmeacha dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt ar bhonn tráthúil agus trí mheán leictreonach do na húdaráis inniúla a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE, do bhanc ceannais an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid údaraithe agus do ÚBE.

Airteagal 416

Tuairisc a thabhairt maidir le sócmhainní leachtacha

1.   Tuairisceoidh na hinstitiúidí na nithe seo a leanas mar shócmhainní leachtacha mura bhfuil siad eisiata le mír 2 sa chás go gcomhlíonann na sócmhainní leachtacha na coinníollacha i mír 3 agus sa chás sin amháin:

(a)

airgead agus risíochtaí ar bhainc cheannais a mhéid isféidir na risíochtaí sin a aistarraingt ag aon am i dtréimhsí struis. Maidir le taiscí atá á sealbhú le bainc cheannais, beidh sé mar aidhm ag an údarás inniúil agus ag an mbanc ceannais teacht ar chomhthuiscint i dtaobh a mhéid is féidir cúlchistí íosta a aistarraingt i dtréimhsí struis:

(b)

sócmhainní inaistrithe eile a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa fíor-ard ag baint leo;

(c)

sócmhainní inaistrithe in ionannas d’éilimh orthu seo a leanas nó atá ráthaithe acu:

(i)

rialtas lárnach Ballstáit, réigiún a bhfuil neamhspleáchas fioscach aige chun cáin a ghearradh agus a bhailiú, nó de chuid tríú tír, in airgeadra baile an rialtais lárnaigh nó réigiúnaigh, sa chás go dtabhaíonn an institiúid priacal leachtachta sa Bhallstát sin nó sa tríú tír sin a chumhdaíonn sí trí na sócmhainní leachtacha sin a shealbhú;

(ii)

bainc cheannais agus eintitis earnála poiblí, in airgeadra baile an bhainc ceannais agus an eintitis earnála poiblí;

(iii)

an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Coimisiún agus bainc forbartha iltaobhacha;

(iv)

an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach an Sásra Cobhsaíochta Eorpach

(d)

sócmhainní inaistrithe a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard ag baint leo.

(e)

saoráidí creidmheasa fuireachais a dheonaíonn bainc cheannais laistigh de raon feidhme beartais airgeadaíochta a mhéid nach ndéantar na saoráidí sin a chomhthaobhú le sócmhainní leachtacha ach gan cúnamh leachtachta éigeandála a áireamh;

(f)

i gcás ina bhfuil an institiúid chreidmheasa i seilbh líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla, na híostaiscí dlíthiúla nó reachtúla atá leis an institiúid chreidmheasa lárnach agus cistiú leachtach reachtúil eile nó cistiú leachtach atá ar fáil ar bhonn conarthach ón institiúid chreidmheasa lárnach nó ó institiúidí creidmheasa lárnacha ar baill iad den líonra dá dtagraítear in Airteagal 113 (7), nó atá incháilithe le haghaidh an tarscaoilte dá bhforáiltear in Airteagal 10, a mhéid nach gcomhthaobhaítear an cistiú sin le sócmhainní leachtacha.

Go dtí go sonrófar sainmhíniú aonfhoirmeach i gcomhréir le hAirteagal 460 ar cháilíocht leachtachta agus creidmheasa ard agus an-ard, sainaithneoidh institiúidí féin, in airgeadra faoi leith, sócmhainní inaistrithe a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard nó an-ard ag baint leo, faoi seach. Go dtí go sonófar sainmhíniú aonfhoirmeach, féadfaidh údaráis inniúla, agus na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(34) (4) agus (5) á gcur san áireamh, treoir ghinearálta a thabhairt a leanfaidh institiúidí chun sócmhainní a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard agus an-ard ag baint leo a shainaithint. In éagmais treorach den sórt sin, úsáidfidh institiúidí critéir a bheidh trédhearcach agus oibiachtúil chuige sin, lena n-áirítear roinnt de na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(34) (4) agus (5) nó iad ar fad.

2.   Ní mheasfar gur sócmhainní leachtacha iad seo a leanas:

(a)

sócmhainní arna n-eisiúint ag institiúid chreidmheasa mura gcomhlíonann siad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

is bannaí iad atá incháilithe don láimhseáil atá leagtha amach in Airteagal 129(44) nó (5) nó is ionstraimí sócmhainn-bhunaithe iad sa chás go dtaispeántar gur den cháilíocht creidmheasa is airde iad de réir mar a shuífidh ÚBE de bhun na gcritéar in Airteagal 509(3), (4) agus (5);

(ii)

is bannaí iad mar a thagraítear dóibh in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (i) den phointe seo;

(iii)

bhunaigh rialtas lárnach nó rialtas réigiúnach Ballstáit an institiúid chreidmheasa, agus tá oibleagáid ar an rialtas sin bonn eacnamaíoch na hinstitiúide a chosaint agus a hinmharthanacht a choinneáil ar feadh a saoil; nó tá an tsócmhainn ráthaithe go sainráite ag an rialtas sin; nó tá 90 % ar a laghad de na hiasachtaí arna dtabhairt agan institiúid ráthaithe go díreach nó go hindíreach ag an rialtas sin agus baintear feidhm as an tsócmhainn go príomha chun cistiú a dhéanamh ar iasachtaí cur chun cinn a thugtar ar bhonn neamhiomaíoch, gan beann ar bhrabús, chun cuspóirí beartais phoiblí an rialtais sin a chur chun cinn;

(b)

sócmhainní a sholáthraítear don institiúid mar chomhthaobhacht faoi idirbhearta comhaontaithe athcheannaigh droim ar ais agus idirbhearta cistithe urrús agus nach sealbhaíonn an institiúid ach amháin mar mhaolaitheoir ar phriacal creidmheasa agus nach bhfuil ar fáil don institiúid lena n-úsáid ar bhonn dlíthiúil agus conarthach;

(c)

sócmhainní arna n-eisiúint ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

gnólacht infheistíochta;

(ii)

gnóthas árachais;

(iii)

cuideachta shealbhaíochta airgeadais;

(iv)

cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;

(v)

aon eintiteas eile a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE mar a phríomhghnó.

3.   Is iad na sócmhainní a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas mar shócmhainní leachtcha na sócmhainní a ndéanfaidh institiúidí tuairisciú orthu, i gcomhréir le fomhír 1:

(a)

tá siad neamhualaithe nó tá siad ar fáil i gcomhthiomsuithe comhthaobhachta a mbainfear feidhm astu chun cistiúchán breise a fháil faoi línte creidmheasa geallta atá ar fáil don institiúid ach nach bhfuil cistithe go fóill;

(b)

ní eisíonn an institiúid féin ná a máthairinstitiúidí ná a fo-institiúidí iad, ná fochuideachta eile dá máthairinstitiúidí nó dá máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;

(c)

comhaontaíonn rannpháirtithe margaí a bpraghas de ghnáth agus is féidir breathnú air go héasca sa mhargadh, nó is féidir a bpraghas a chinneadh de réir foirmle atá éasca a ríomh bunaithe ar ionchuir atá ar fáil go poiblí agus nach dtéann i muinín toimhdí láidre mar a tharlaíonn de ghnáth i gcás táirgí struchtúrtha nó coimhthíocha;

(d)

is comhthaobhacht incháilithe iad le haghaidh oibríochtaí leachtachta caighdeánacha de chuid bainc ceannais i mBallstát, nó má shealbhaítear na sócmhainní leachtacha chun freagairt d'eis-sreafaí leachtachta in airgeadra tríú tír, de chuid bhanc ceannais an tríú tír sin;

(e)

tá siad liostaithe ar mhalartán aitheanta nó tá siad intrádála ar glandíol gníomhach nó trí chomhaontú athcheannaigh simplí ar mhargaí athcheannaigh formheasta. Déanfar measúnú ar leithligh ar na critéir sin do gach margadh.

Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraitear i bpointí (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír maidir leis na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1.

Ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír i gcás sócmhainní leachtacha arna sealbhú chun freagairt d'eis-sreafaí leachtachta in airgeadra ina bhfuil sainmhíniú an-chúng ar fad ar incháilitheacht bainc ceannais. I gcás sócmhainní leachtacha arna n-ainmniú in airgeadraí tríú tíortha, ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin ach amháin má chuireann údaráis inniúla an tríú tír an eisceacht chéanna nó eisceacht choibhéiseach i bhfeidhm.

4.   D'ainneoin fhorálacha mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, go dtí go ndéanfar sonraíocht maidir le ceanglas leachtachta ceangailteach i gcomhréir le hAirteagal 460 agus i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar na nithe seo leanas:

(a)

sócmhainní incháilithe eile nach sócmhainníbainc ceannais ach is sócmhainní intrádála iad amhail cothromais agus ór, bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear roinnt de na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(4) nó iad ar fad;

(b)

sócmhainní incháilithe intrádála eile bainc ceannais amhail ionstraimí sócmhainn-bhunaithe den cháilíocht creidmheasa is airde, de réir mar a shuífidh ÚBE de bhun na gcritéar in Airteagal 509(3),(4) agus (5);

(c)

sócmhainní incháilithe eile bainc ceannais nach sócmhainní intrádála iad, amhail éilimh chreidmheasa, de réir mar a shuífidh ÚBE de bhun na gcritéar in Airteagal 509(3), (4) agus (5).

5.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina liostófar na hairgeadraí a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear sa tríú fomhír, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa dara fomhír de mhír 3 a chur i bhfeidhm, i gcás inar chuir na húdaráis inniúla an láimhseáil sin i bhfeidhm roimh 1 Eanáir 2014.

6   Féadfar scaireanna nó aonaid in GCanna a láimhseáil mar shócmhainní leachtacha suas le méid absalóideach EUR 500 milliún i bpunann sócmhainní leachtachagach institiúide ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na ceanglais in Airteagal 132(3) agus, seachas díorthaigh chun priacal ráta úis nó creidmheasa nó airgeadra a mhaolú, nach ndéanann an GC infheistíocht ach amháin i sócmhainní leachtacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Ní fhágfaidh úsáid nó úsáid ionchasach ionstraimí díorthaigh ag GC chun priacail maidir le hinfheistíochtaí ceadaithe a fhálú, go mbeidh cosc ar an GC sin a bheith incháilithe. I gcás nach ndéanann na tríú páirtithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 418 (4) luach scaireanna nó aonad an GC a mharcáil ón margadh go rialta agus i gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta go bhfuil modheolaíochtaí agus próisis láidre forbartha ag institiúid le haghaidh luacháil den sórt sin dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 418(4), ní láimhseálfar scaireanna nó aonaid sa GC sin mar shócmhainní leachtacha.

7.   I gcás ina scoireann sócmhainn leachtach de bheith incháilithe sa stoc sócmhainní leachtacha, féadfaidh institiúid, dá ainneoin sin, leanúint dá meas mar shócmhainn leachtach ar feadh tréimhse breise 30 lá féilire. I gcás ina scoireann sócmhainn leachtachi GC de bheith incháilithe le haghaidh na láimhseála a leagtar amach i mír 6, féadfaidh na scaireanna nó na haonaid sa GC, dá ainneoin sin, leanúint dá meas mar shócmhainn leachtach le haghaidh tréimhse breise 30 lá ar an gcoinníoll nach sáróidh na sócmhainní sin 10 % de shócmhainní foriomlána an GC.

Airteagal 417

Ceanglais oibriúcháin le haghaidh sealúchas sócmhainní leachtacha

Ní dhéanfaidh an institiúid ach na sealúchais sócmhainní leachtacha sin a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a thuairisciú mar shócmhainní leachtacha:

(a)

tá siad éagsúlaithe go hiomchuí. Ní cheanglaítear éagsúlú i dtéarmaí sócmhainní a chomhfhreagraíonndo phoint (a), do phointe (b) agus do phointe (c) d'Airteagal 416(1;

(b)

tá siad ar fáil go héasca lena leachtú, de réir dlí agus de réir mar is praiticiúil aon tráth le linn an 30 lá dar gcionn, trí dhíolacháin glan amach nó trí chomhaontú simplí athcheannaigh ar mhargaí athcheannaigh atá formheasta d'fhonn oibleagáidí a thiocfaidh chun bheith dlite a chomhlíonadh. Sócmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 416(1) atá á sealbhú i dtríú tíortha ina bhfuil srianta aistrithe nó atá ainmnithe in airgeadraí nach bhfuil inmhalartaithe, ní mheasfar go mbeidh siad ar fáil ach amháin sa mhéid is go bhfuil siad ag freagairt d'eis-sreafaí sa tríú tír nó san airgeadra atá i gceist; ach amháin i gcás gur féidir leis an Iinstitiúid a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil sí tar éis an priacal airgeadra a leanann as a fhálú go hiomchuí;

(c)

tá na sócmhainní leachtacha á rialú ag feidhm bhainistíochta leachtachta;

(d)

déantar leachtú go tréimhsiúil agus go bliantúil ar a laghad ar chuid de na sócmhainní leachtacha seachas na sócmhainní sin dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (c) agus i bpointe (e)d'Airteagal 416(1), trí dhíolacháin glan amach nó trí chomhaontuithe simplí athcheannaigh ar mhargadh athcheannaigh atá formheasta chun na críocha seo a leanas:

(i)

tástáil a dhéanamh ar rochtain na sócmhainní sin ar an margadh;

(ii)

éifeachtacht a cuid próiseas a thástáil chun na sócmhainní a leachtú;

(iii)

úsáideacht na sócmhainní a thástáil;

(iv)

an priacal a bhaineann le comharthaíocht dhiúltach le linn tréimhse struis a íoslaghdú;

(e)

féadfar priacail praghsanna a bhaineann leis na sócmhainní a fhálú ach beidh na sócmhainní leachtacha faoi réir ag socruithe inmheánacha iomchuí a áirithíonn go mbeidh siad ar fáil aon tráth don státchiste nuair is gá agus go háirithe nach n-úsáidfear iad in oibríochtaí leanúnacha eile, lena n-áirítear:

(i)

fálú nó straitéisí trádála eile;

(ii)

feabhsuithe creidmheasa a thabhairt in idirbhearta struchtúrtha;

(iii)

chun costais oibriúcháin a chumhdach.

(f)

tá ainmníocht na sócmhainní leachtacha comhsheasmhach leis an dáileadh de réir airgeadra d'eis-sreafaí leachtachta tar éis insreafaí a asbhaint.

Airteagal 418

Luacháil na sócmhainní leachtacha

1.   Beidh luach sócmhainne leachtaí atá le tuairisciú comhionann lena margadhluach, faoi réir ag caolchorrlaigh iomchuí trína léirítear an fad tréimhse, an priacal creidmheasa agus leachtachta agus gnáth-chaolchorrlaigh athcheannaigh i dtréimhsí struis ghinearálta sa mhargadh. Ní bheidh na caolchorrlaigh níos lú ná 15 % le haghaidh na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 416(1). Má fhálaíonn an institiúid an priacal praghais a bhaineann le sócmhainn, cuirfidh sí san áireamh an sreabhadh airgid a a eascraíonn ó shocraíocht ionchasach an fhálaithe.

2.   Beidh scaireanna nó aonaid in GCanna dá dtagraítear in Airteagal 416 (6) faoi réir ag caolchorrlaigh, agus trébhreathnú á dhéanamh ar na sócmhainní foluiteacha mar seo a leanas:

(a)

0 % i gcás na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 416 (1);

(b)

5 % i gcás na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 416 (1);

(c)

20 % i gcás na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 416 (1).

3.   Cuirfear an cur chuige trébhreathnaitheach dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm mar a leanas:

(a)

i gcás gurb eol don institiúid risíochtaí foluiteacha GC, féadfaidh sí trébhreathnú a dhéanamh ar na risíochtaí foluiteacha sin d'fhonn iad a shannadh do phointí (a) go (d) d'Airteagal 416(1);

(b)

i gcás nach eol don institiúid risíochtaí foluiteacha GC, toimhdeofar go ndéanann an GC infheistíocht, go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina sainordú, in ord íslitheach sna cineálacha sócmhainne dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 416(1) go dtí go mbaintear amach an teorainn infheistíochta iomlán uasta.

4.   Forbróidh institiúidí modheolaíochtaí agus próisis láidre chun an margadhluach agus na caolchorrlaigh a ríomh agus a thuairisciú le haghaidh scaireanna nó aonad in GCanna. Ní fhéadfaidh institiúidí dul i muinín na dtríú páirtithe seo a leanas chun na caolchorrlaigh a ríomh agus a thuairisciú le haghaidh scaireanna nó aonad in GCanna, i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 3,

(a)

institiúid taisclainne an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistiú eisiach in urrúis agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce san institiúid taisclainne sin;

(b)

maidir le GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3)(a).

Deimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas na ríomhanna arna ndéanamh ag an institiúid taisclainne nó ag cuideachta bhainistíochta an GC.

Airteagal 419

Airgeadraí ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht sócmhainní leachtacha

1.   Déanfaidh ÚBE measúnú ar an bhfáil a bheidh ag institiúidí ar na sócmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 416(1) sna hairgeadraí atá ábhartha d'institiúidí a bhunaítear san Aontas.

2.   I gcás inar mó na riachtanais chuí-réasúnaithe le sócmhainní leachtacha i bhfianaise an cheanglais in Airteagal 412 ná infhaighteacht na sócmhainní leachtacha sin in airgeadra, beidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na maoluithe seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar phointe (f) d'Airteagal 417, féadfaidh ainmníocht na sócmhainní leachtacha a bheith ar neamhréir le dáileadh de réir airgeadra eis-sreafaí leachtachta tar éis insreafaí a asbhaint.

(b)

i gcás airgeadraí Ballstáit eile nó tríú tíortha, féadfar línte creidmheasa ó bhanc ceannais an Bhallstáit sin nó an tríú tír sin, atá tiomanta go neamh-inchúlghairthe ar bhonn conarthach don 30 lá dar gcionn agus a bhfuil a bpraghsanna socraithe go cóir, neamhspleách ar an méid atá tarraingthe faoi láthair, a chur in ionad sócmhainní leachtacha riachtanacha ar an gcoinníoll go ndéanann údaráis inniúla an Bhallstáit eile sin nó an tríú tír sin an rud céanna agus go bhfuil ceanglais tuairiscithe inchomparáide i bhfeidhm ag an mBallstát eile sin nó ag an tríú tír eile sin.

3.   Beidh na maoluithe a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 comhréireach go hinbhéartach le hinfhaighteacht na sócmhainní ábhartha. Déanfar measúnú ar riachtanais chuí-réasúnaithe institiúidí, agus an cumas atá acu chun laghdú a dhéanamh á chur san áireamh, trí bhainistíocht leachtachta fhónta, ar an ngá atá leis na sócmhainní leachtacha sin agus le sealúchais na sócmhainní sin ag rannpháirtithe eile sa mhargadh.

4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina liostaítear na hairgeadraí a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach san Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 a shainiú, lena n-áirítear na coinníollacha faoina gcuirfear i bhfeidhm iad.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 420

Eis-sreabha leachtachta

1.   Go dtí go ndéanfar sainiú ar cheanglas leachtachta i gcomhréir le hAirteagal 460, áireofar na nithe seo a leanas ar na heis-sreafaí leachtachta a thuairisceofar:

(a)

an méid reatha gan íoc maidir le taiscí miondíola mar atá leagtha amach in Airteagal 421;

(b)

na méideanna reatha gan íoc de dhliteanais eile a thiocfaidh chun bheith dlite, is féidir leis na hinstitiúidí eisiúna nó le soláthraí an chistithe glaoch lena n-íoc amach nó ina bhfuil ionchas intuigthe ag soláthraí an chistithe go n-aisíocfaidh an institiúid an dliteanas le linn an 30 lá dar gcionn mar atá leagtha amach in Airteagal 422;

(c)

na heis-sreafaí breise dá dtagraítear in Airteagal 423;

(d)

an t-uasmhéid is féidir a aistarraingt i rith an 30 lá dar gcionn as saoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe, de réir mar atá sé leagtha amach in Airteagal 424;

(e)

na heis-sreafaí breise a sainaithníodh sa mheasúnú i gcomhréir le mír 2.

2.   Déanfaidh institiúidí measúnú rialta ar dhóchúlacht agus ar mhéid ionchasach n-eis-sreafaí leachtachta sa 30 lá dar gcionn chomh fada is a bhaineann sé le táirgí nó seirbhísí nach bhfuil gafa in Airteagal 422, Airteagal 423 agus Airteagal 424 agus atá tairgthe nó urraithe acu nó a mheasfadh ceannaitheoirí féideartha go raibh baint acu leo, lena n-áirítear eis-sreafaí leachtachta a eascróidh as aon chomhaontuithe conarthacha, amhail oibleagáidí eile lasmuigh den chlár comhardaithe agus oibleagáidí cistithe teagmhasacha, ach nach mbeidh siad teoranta dóibh sin amháin, agus lena n-áirítear saoráidí tiomanta cistiúcháin, iasachtaí neamhtharraingthe agus airleacain do chontrapháirtithe mórdhíola, morgáistí a comhaontaíodh ach nár tarraingíodh anuas go fóill, cártaí creidmheasa, rótharraingtí, eis-sreafaí beartaithe a bhaineann le hiasachtaí nua miondíola nó mórdhíola a athnuachan nó a fhadú, díorthaigh iníoctha beartaithe agus táirgí a bhaineann le creidmheas trádála lasmuigh den chlár comhardaithe, ach nach mbeidh siad teoranta dóibh sin amháin, de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 429 agus in Iarscríbhinn 1. Déanfar measúnú ar na heis-sreafaí seo faoin toimhde a bhaineann le meascán de chás neamhghnách agus de chás struis ar fud an mhargaidh.

Chun an measúnú sin a dhéanamh, cuirfidh institiúidí san áireamh go háirithe damáistí ábhartha do chlú a d'fhéadfadh tarlú i ngeall ar thacaíocht leachtachta gan a bheith curtha ar fáil acu do tháirgí nó do sheirbhísí den sórt sin. Déanfaidh institiúidí na táirgí agus seirbhísí sin a bhfuil dóchúlacht agus méid ionchasach na n-eis-sreafaí leachtacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina leith ábhartha, déanfaidh siad a dtuairisciú do na húdaráis inniúla uair sa bhliain ar a laghad agus cinnfidh na húdaráis inniúla na heis-sreafaí a bheidh le sannadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla ráta eis-sreafa 5 % a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a bhaineann le creidmheas trádála lasmuigh den chlár comhardaithe, de réir mar a shainmhínítear é in Airteagal 429 agus in Iarscríbhinn 1.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla tuairisc ar bhonn bliantúil ar a laghad doÚBE maidir leis na cineálacha táirgí nó seirbhísí a bhfuil eis-sreafaí cinntithe acu ina leith agus déanfar sin ar bhonn na dtuairiscí a gheofar ó institiúidí. Míneoidh siad freisin sna tuairiscí sin cén mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm chun na heis-sreafaí a chinneadh.

Airteagal 421

Eis-sreabha ar thaiscí miondíola

1.   Tabharfaidh gach institiúid tuairisc ar leithligh maidir le méid na dtaiscí miondíola a chumhdaítear faoi Scéim ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE nó faoi scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír agus a iolrú faoi 5 % ar a laghad i gcás ina bhfuil ceachtar den dá chás seo leanas i gceist:

(a)

tá an taisce ina cuid de ghaol seanbhunaithe, rud a chiallaíonn nach dóigh go ndéanfar í a aistarraingt;

(b)

tá an taisce á sealbhú i gcuntas idirbheartaíochta, lena n-áirítear cuntais a ndéantar tuarastail a chur chun sochair dóibh go minic.

2.   Déanfaidh institiúidí taiscí miondíola eile nach dtagraítear dóibh i mír 1 a iolrú faoi 10 % ar a laghad.

3.   Agus iompar taisceoirí áitiúla á chur san áireamh i gcomhréir le comhairle ó na húdaráis inniúla náisiúnta, eiseoidh ÚBE treoirlínte faoin 1 Eanáir 2014 i ndáil leis na critéir, d'fhonn coinníollacha cur i bhfeidhm mír 1 agus mír 2 a chinneadh maidir le taiscí miondíola a shainaithint atá faoi réir eis-sreafaí éagsúla agus faoi réir shainmhínithe na dtáirgí sin chun críocha an Teidil seo. Cuirfear san áireamh sna treoirlínte sin an dóchúlacht atá ann go mbeidh eis-sreafaí leachtachta mar thoradh ar na taiscí sin sa 30 lá dar gcionn. Déanfar measúnú ar na heis-sreafaí seo faoin toimhde a bhaineann le meascán de chás neamhghnách agus de chás struis ar fud an mhargaidh.

4.   D'ainneoin mhír (1) agus mhír (2), déanfaidh institiúidí taiscí miondíola a ghlac siad i dtríú tíortha a iolrú faoi chéatadán níos airde ná mar a fhoráiltear dó sna míreanna sin, sa chás go bhforáiltear do chéatadán den sórt sin le ceanglais tuairiscithe inchomparáide i dtríú tíortha.

5.   Féadfaidh institiúidí catagóirí áirithe taiscí miondíola atá imscríofa go soiléir a eisiamh ó ríomh eis-sreafaí fad is go gcuirfidh an institiúid an méid seo a leanas i bhfeidhm, i ngach cás, i gcás chatagóir iomlán na dtaiscí sin, ach amháin má tá dálaí aonair cruatain ann don taisceoir, dálaí a bhfuil údar maith leo:

(a)

nach gceadaítear don taisceoir an taisce a aistarraingt laistigh de 30 lá; nó

(b)

i gcás aistarraingtí a dhéantar níos túisce ná 30 lá, caithfidh an taisceoir pionós a íoc lena n-áirítear cailliúint na n-ús idir an dáta a aistarraingíodh í agus dáta aibíochta an chonartha móide pionós ábhartha nach gá go rachadh sé thar an ús a bheidh dlite don am a chuaigh thart idir dáta na taisce agus an dáta a aistarraingíodh í.

Airteagal 422

Eis-sreafaí ar dhliteanais eile

1.   Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó caiteachaisoibriúcháin na hinstitiúide féin a iolrú faoi 0 %.

2.   Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó iasachtú urraithe agus ó idirbhearta atá faoi thionchar an mhargaidh caipitil mar atá sainmhínithe i bpointe (3) d'Airteagal 192 a iolrú fúthu seo a leanas:

(a)

0 % suas go dtí luach na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 418 má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;

(b)

100 % thar luach na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 418, má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;

(c)

100 % má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416, cé is moite d'idirbhearta arna gcumhdach le pointe (d) agus le pointe (e) den mhír sin.

(d)

25 % má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416 agus más ionann an t-iasachtóir agus an rialtas lárnach, nó eintiteas earnála poiblí de chuid an Bhallstáit inar údaraíodh an institiúid chreidmheasa nó inar bhunaigh sí brainse, nó banc forbartha iltaobhach. Beidh eintitis earnálá poiblí a dtugtar an láimhseáilsin dóibh, teoranta dóibh sin a bhfuil ualú priacail 20 % nó níos lú acu i gcomhréir le Caibidil 2, Teideal II de Chuid a Trí.

(e)

0 % más banc ceannais an t-iasachtóir.

3.   Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó thaiscí nach mór a choinneáil:

(a)

ag an taisceoir d'fhonn seirbhísí imréitigh, coimeádta nó bainistíochta airgid nó seirbhísí inchomparáide eile a fháil ón institiúid;

(b)

i gcomhthéacs cúraimí comhchoiteanna a roinnt laistighde scéim cosanta institiúideach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7) nó mar íostaisce dhlíthiúil nó reachtúil ag eintiteas eile ar Comhalta é den scéim cosanta institiúideach chéanna;

(c)

ag an taisceoir i gcomhthéacs gaoil oibríochtúil sheanbhunaithe seachas an gaol a luaitear i bpointe (a);

(d)

ag an taisceoir chun seirbhísí imréitigh airgid agus institiúide creidmheasa lárnaí a fháil agus i gcás go bhfuil an institiúid chreidmheasa ina cuid de líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó forálacha reachtúla;

a iolrú faoi 5 % i gcás phointe (a) a mhéid a chumhdaítear iad le Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE nó le scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír agus faoi 25 % murach sin.

Déanfar taiscí ó institiúidí creidmheasa a chuirtear in institiúidí creidmheasa lárnacha a meastar gur sócmhainní leachtacha iad i gcomhréir le hAirteagal 416(1)(f) a iolrú faoi ráta eis-sreafa 100 %.

4.   Ní chumhdaíonn seirbhísí imréitigh, coimeádta nó bainistíochta airgidnó seirbhísí inchomparáide eile dá dtagraítear i bpointe (a) agus (d) de mhír 3 ach amháin seirbhísí den sórt sin a mhéid a chuirtear ar fáil iad i gcomhthéacs gaoil sheanbhunaithe ar a bhfuil spleáchas substaintiúil ag an taisceoir. Ní chuimseofar i seirbhísí baincéireachta comhfhreagraí nó bróicéireachta príomha amháin iad agus beidh fianaise ag an institiúid nach bhfuil an cliant ábalta méideanna atá dlite de réir dlí a aistarraingt thar thréimhse 30 lá gan cur isteach ar a feidhmiú oibríochtúil.

Go dtí go soláthrófar sainmhíniú aonfhoirmeach ar ghaol oibríochtúil seanbhunaithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3. thuas, bunóidh institiúidí féin na critéir chun gaol oibríochtúil seanbhunaithe a shainaithint a bhfuil fianaise acu ina leith nach bhfuil an cliant ábalta méideanna atá dlite de réir dlí a aistarraingt thar thréimhse 30 lá gan cur isteach ar a bhfeidhmiú oibríochtúil agus tuairisceoidh siad na critéir sin do na húdaráis inniúla. Mura bhfuil sainmhíniú aonfhoirmeach ann, féadfaidh údaráis inniúla treoir ghinearálta a thabhairt a leanfaidh institiúidí chun taiscí arna gcoinneáil ag an taisceoir a shainaithint i gcomhthéacs gaoil oibríochtúil sheanbhunaithe.

5.   Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó thaiscí ag cliaint nach custaiméirí airgeadais iad a iolrú faoi 40 % a mhéid nach dtagann siad faoi mhír 3 agus mhír 4 agus iolróidh siad faoi 20 % méid na ndliteanas sin arna gcumhdach ag Scéim Ráthaíochtaí Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE nó Scéim Ráthaíochta Taiscí choibhéiseach i dtríú tír.

6.   Déanfaidh institiúidí eis-sreafaí agus insreafaí a mbeidh súil leo thar an tréimhse 30 lá ó na conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chur san áireamh ar bhonn glan thar contrapháirtithe agus iolróidh siad iad faoi 100 % i gcás glan-eis-sreafa. Ciallóidh bonn glan comhthaobhacht a cháilíonn mar shócmhainní leachtacha faoi Airteagal 416 a bheith faighte freisin.

7.   Déanfaidh institiúidí tuairisciú ar leithligh ar dhliteanais eile nach dtagann faoi mhíreanna 1 go 5.

8.   Féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt céatadán eis-sreafa níos ísle a chur i bhfeidhm ar bhonn cáis ar chás, maidir leis na dliteanais dá dtagraítear i mír 7, nuair a chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir leis an taisceoir:

(i)

is máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide nó fo-chuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna é;

(ii)

tá sé nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE;

(iii)

is institiúid é a thagann faoin scéim cosanta institiúideach chéanna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7);

(iv)

is é an institiúid lárnach é nó is comhalta é de líonra a chomhlíonann Airteagal 400 (2) (d);

(b)

tá cúiseanna ann chun a bheith ag súil le heis-sreabhadh níos ísle thar an gcéad 30 lá eile ina dhiaidh sin fiú amháin faoi chás struis atá neamhghnách agus atá ar fud an mhargaidh araon;

(c)

cuireann an taisceoir insreabhadh siméadrach comhfhreagrach nó insreabhadh níos coimeádaí i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 425;

(d)

tá an institiúid agus an taisceoir bunaithe sa Bhallstát céanna.

9.   Féadfaidh údaráis inniúla na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 8 a tharscaoileadh, i gcás ina gcuirtear pointe (b) d'Airteagal 20 (1) i bhfeidhm. Sa chás sin, ní mór na critéir bhreise oibiachtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460 a chomhlíonadh. I gcás ina gceadaítear eis-sreabhadh níos ísle den sórt sin a chur i bhfeidhm, cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi thoradh an phróisis dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 20 (1). Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú rialta ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a bheidh ann maidir le heis-sreafaí níos ísle den sórt sin.

10.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir oibiachtúla bhreise dá dtagraítear i mír 9.shonrú tuilleadh

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 423

Eis-sreabha Breise

1.   Beidh comhthaobhacht seachas sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 416(1) (a), (b) agus (c), arna breacadh ag an institiúid maidir le conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa, faoi réir ag eis-sreabhadh breise 20 %

2.   Cuirfidh institiúidí na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na conarthaí go léir a dhéanfar, ar conarthaí iad a n-eascróidh, laistigh de 30 lá, eis-sreafaí leachtachta nó riachtanais chomhthaobhachta bhreise as a gcoinníollacha conartha i ndiaidh do mheathlú ábhartha teacht ar cháilíocht chreidmheasa na hinstitiúide. Má mheasann na húdaráis inniúla go bhfuil na conarthaí sin ábhartha maidir leis na heis-sreafaí leachtachta a d'fhéadfadh a bheith ag an institiúid, cuirfidh siad ceangal ar an institiúid eis-sreabhadh breise a chur isteach do na conarthaí sin, is eis-sreabhadha chomhfhreagraíonn do na riachtanais chomhthaobhachta bhreise a thiocfaidh chun cinn, ó mheath ábhartha i gcáilíocht chreidmheasa na hinstitiúide amhail íosghrádú trí scór ina measúnú creidmheasa seachtrach. Déanfaidh an institiúid athbhreithniú rialta ar mhéid an mheatha ábhartha sin i bhfianaise an mhéid a bhaineann le hábhar faoi na conarthaí atá déanta aici agus tabharfaidh sí fógra maidir le toradh a athbhreithnithe do na húdaráis inniúla.

3.   Cuirfidh an institiúid eis-sreabhadh breise isteach a chomhfhreagróidh do na riachtanais chomhthaobhachta a thiocfadh chun cinn ón tionchar a bheadh ag cás díobhálach an mhargaidh maidir le hidirbhearta díorthach na hinstitiúide, idirbhearta maoinithe na hinstitiúide agus conarthaí eile na hinstitiúide más ábhartha iad.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun cinneadh a dhéanamh maidir le coinníollacha cur i bhfeidhm i dtaca leis an smaoineamh a bhaineann le hábharthacht agus modhanna chun an t-eis-sreabhadh breise sin a thomhas.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.   Cuirfidh an institiúid eis-sreabhadh breise isteach a chomhfhreagróidh do mhargadhluach na n-urrús nó na sócmhainní eile a dhíoltar folamh agus a bheidh le seachadadh laistigh den tréimhse 30 lá murar leis an institiúid na hurrúis atá le seachadadh nó mura bhfuil siad ar iasacht aici ar théarmaí lena n-iarrtar go dtabharfaí ar ais iad tar éis na tréimhse 30 lá amháin agus nach cuid de shócmhainní leachtacha na hinstitiúide iad na hurrúis.

5.   Cuirfidh an institiúid eis-sreabhadh breise isteach a chomhfhreagróidh do na nithe seo a leanas:

(a)

an chomhthaobhacht iomarcach atá i seilbh na hinstitiúide ar féidir an contrapháirtí iad a ghlaoch go conarthach ag am ar bith;

(b)

comhtaobhacht a dhlítear a thabhairt ar ais don chontráphairtí;

(c)

comhthaobhacht a chomhfhreagraíonn do shócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha chun críocha Airteagal 416 ar féidir í a chur in ionad sócmhainní a chomhfhreagraíonn do shócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha chun críocha Airteagal 416 gan toiliú na hinstitiúide.

6.   Ní áireofar go mbeidh taiscí a fhaightear mar chomhthaobhacht ina ndliteanais chun críocha Airteagal 422 ach beidh siad faoi réir fhorálacha an Airteagail seo i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 424

Eis-sreafaí ó shaoráidí creidmheasa agus leachtachta

1.   Tabharfaidh institiúidí tuairisciú ar eis-sreafaí ó shaoráidí tiomanta creidmheasa agus ó shaoráidí tiomanta leachtachta, a chinnfear mar chéatadán den uasmhéid is féidir a tharraingt laistigh den 30 lá dar gcionn. Féadfar an t-uasmhéid sin is féidir a tharraingt a mheasúnú glan ar aon cheanglas leachtachta a bheadh sainordaithe faoiAirteagal 420(2) le haghaidh ítimí atá lasmuigh den chlár comhordaithe a bhaineann le creidmheas trádála agus glan ar an luach i gcomhréir le hAirteagal 418 den chomhthaobhacht a chuirfear ar fáil más féidir leis an institiúid an chomhthaobhacht a athúsáid agus má shealbhaítear an chomhthaobhacht i bhfoirm sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416. Ní bheidh an chomhthaobhacht a chuirfear ar fáil i bhfoirm sócmhainní arna n-eisiúint ag contrapháirtí na saoráide nó ag ceann dá cuid eintiteas cleamhnaithe. Má tá an fhaisnéis is gá ar fáil don institiúid, cinnfear an t-uasmhéid is féidir a tharraingt le haghaidh saoráidí creidmheasa agus leachtachta mar an t-uasmhéid a d'fhéadfaí a tharraingt ag glacadh leis na hoibleagáidí a bheidh ar an gcontrapháirtí nó ag glacadh leis an sceideal tarraingthe conarthaí réamh-shainmhínithe agus a bheidh dlite sa 30 lá dar gcionn.

2.   Déanfar an t-uasmhéid de shaoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe is féidir a tharraingt laistigh den 30 lá dar gcionn a iolrú faoi 5 % má cháilíonn siad d'aicme na risíochta ar mhiondíol faoin gcur chuige caighdeánaithe nó faoi chur chuige IBR maidir le priacal creidmheasa.

3.   Déanfar an t-uasmhéid de shaoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe is féidir a tharraingt laistigh den 30 lá dar gcionn a iolrú faoi 10 % i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní cháilíonn siad d'aicme na risíochta ar mhiondíol faoin gcur chuige caighdeánaithe ná faoin gcur chuige IBR maidir le priacal creidmheasa;

(b)

cuireadh ar fáil iad do chliaint nach custaiméirí airgeadais iad;

(c)

níor cuireadh ar fáil iad ar mhaithe le cur in ionad chistiú an chliaint i gcásanna nach bhfuil sé ar a chumas a chuid riachtanas cistithe a fháil sna margaí airgeadais.

4.   Déanfar an méid tiomanta de shaoráid leachtachta atá curtha ar fáil do SSPE d'fhonn cur ar chumas SSPE sin sócmhainní a cheannach, seachas urrúis, ó chliaint nach custaiméirí airgeadais iad, a iolrú faoi 10 % a mhéid a sháraíonn sé méid na sócmhainní atá ceannaithe cheana féin ó chliaint agus áit a mbeidh an t-uasmhéid is féidir a tharraingt teoranta go conarthach do mhéid na sócmhainní atá ceannaithe cheana féin.

5.   Déanfaidh na hinstitiúidí, laistigh den 30 lá dar gcionn, tuairisciú ar an uasmhéid is féidir a tharraingt de shaoráidí tiomanta eile creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe. Tá feidhm aige sin go háirithe i gcás na nithe seo a leanas:

(a)

saoráidí leachtachta arna dtabhairt ag an institiúid ar SSPEanna seachas mar a dhéantar cur síos orthu i mír 3(b);

(b)

socruithe faoina n-éileofar ar an institiúid sócmhainní a cheannach nó a bhabhtáil ó SSPE.

(c)

saoráidí arna síneadh chuig institiúidí creidmheasa

(d)

saoráidí arna síneadh chuig institiúidí airgeadais agus gnólachtaí infheistíochta

6.   De mhaolú ar mhír 5, institiúidí, a bunaíodh agus atá urraithe ag rialtas láir nó réigiúnach aon Bhallstáit amháin ar a laghad, féadfaidh siad na láimhseálacha a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 a chur i bhfeidhm agus freisin ar shaoráidí creidmheasa agus leachtachta a thugtar d'institiúidí díreach ar mhaithe le hiasachtaí cur chun cinn a cháilíonn d'aicmí na risíochta dá dtagraítear sna míreanna sin a chistiú go díreach nó go hindíreach. De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 425(2), sa chás ina chuirtear síneadh leis na hiasachtaí cur chun cinn sin trí institiúid eile mar iasachtaí idirghabhála (iasachtaí idirmheánacha) féadfaidh institiúidí insreabhadh agus eis-sreabhadh siméadrach a chur i bhfeidhm. Ní bheidh na hiasachtaí cur chun cinn sin ar fáil ach amháin do dhaoine nach custaiméirí airgeadais iad ar bhonn neamhiomaíoch, gan beann ar bhrabús d'fhonn cuspóirí beartais phoiblí an Aontais agus/nó rialtas láir nó réigiúnach an Bhallstáit sin a chur chun cinn. Ní bheifear in ann tarraingt ar shaoráidí den sórt sin ach amháin i gcás éileamh a bheith déanta, a mbeifí ag súil leis go réasúnta, ar iasacht cur chun cinn agus suas go dtí méid an éilimh sin a bheidh nasctha le tuairisciú ina dhiaidh sin maidir leis an leas a bhainfear as na cistí eisíoctha.

Airteagal 425

Insreafaí

1.   Tabharfaidh institiúidí tuairisc ar a gcuid insreafaí leachtachta. Is éard a bheidh in insreafaí leachtachta a bhfuil uasteorainn leo na hinsreafaí leachtachta arna dteorannú do 75 % d'eis-sreafaí leachtachta. Féadfaidh institiúidí díolúine a thabhairt ón teorainn seo d'insreafaí leachtachta ó thaiscí a thaisctear le hinstitiúidí eile agus a cháilíonn do na láimhseálacha a leagtar amach in Airteagal 113(6) nó Airteagal 113(7). Féadfaidh institiúidí insreafaí leachtachta a dhíolmhú ó airgead atá dlite ó iasachtóirí agus ó infheisteoirí bannaí a bhaineann le hiasachtú morgáistí atá maoinithe trí bhanna atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) (5) nó (6) nó trí bhannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ón uasteorainn seo. Féadfaidh institiúidí insreafaí a dhíolmhú ó iasachtaí cur chun cinn atá ceadaithe ag an institiúid. Faoi réir fhaomhadh an údaráis inniúil atá freagrach as maoirseacht ar bhonn aonair a fháil roimh ré, féadfaidh an institiúid insreafaí a dhíolmhú ina n-iomláine nó i bpáirt nuair is ionann an soláthraí agus máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide nó fochuideachta eile den mháthairinstitiúid chéanna nó atá nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE.

2.   Déanfar na hinsreafaí leachtachta a thomhas thar an 30 lá dar gcionn. Ní bheidh siad comhdhéanta ach amháin d'insreafaí conarthacha ó risíochtaí nach bhfuil thar téarma agus nach bhfuil aon chúis ag an institiúid a bheith ag súil go mbeidh neamhfheidhmíocht i gceist ina leith laistigh den tréimhse ionchasach 30 lá. Déanfar insreafaí leachtachta a thuairisciú go hiomlán agus na hinsreafaí seo leanas á dtuairisciú ar leithligh:

(a)

Déanfar airgid atá dlite ó chustaiméirí nach bainc cheannais nó custaiméirí airgeadais iad chun críocha íocaíochta príomhshuime, déanfar iad a laghdú 50 % dá luach nó de luach na gceangaltas conarthach do na custaiméirí sin chun cistiú a leathnú, cibé acu is airde. Ní bhaineann sé sin le hairgid atá dlite ó iasachtú urraithe agus idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh mar ashainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 192 arna gcomhthaobhú le sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416 de réir mar a thagraítear dó i bpointe (d) den mhír seo.

De mhaolú ar …ar an gcéad fhomhír den phointe sin, institiúidí a fuair gealltanas dá dtagraítear in Airteagal 424(6), ionas go n-eisíocfaidh siad iasacht cur chun cinn do thairbhí deiridh, féadfaidh siad insreabhadh a chur san áireamh suas go méid an eis-sreafa a chuirfidh siad i bhfeidhm maidir leis an ngealltanas comhfhreagrach chun síneadh a chur leis na hiasachtaí cur chun cinn sin.

(b)

Cuirfear san áireamh ina n-iomláine mar insreafaí, airgid atá dlite ó idirbhearta creidmheasa trádála dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 162(3) ina mbeidh aibíocht iarmhair suas go 30 lá.

(c)

cuirfear san áireamh sócmhainní a bhfuil dáta deiridh neamhshainithe leo le 20 % insreabhadh ar an gcoinníoll go gceadaítear don mbanc íocaíocht a aistarraingt agus a iarraidh laistigh de 30 lá de réir an chonartha.

(d)

airgead atá dlite ó iasachtú urraithe agus idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (3) d'Airteagal 192 má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní leachtacha dá dtagraítear in Airteagal 416(1), ní chuirfear san áireamh é suas go dtí an luach atá glan ar chaolchorrlaigh na sócmhainní leachtacha agus cuirfear san áireamh go hiomlán é i gcás na coda eile den airgead atá dlite;

(e)

airgid atá dlite a láimhseálann an institiúid a bhfuil an t-airgead sin dlite aici, i gcomhréir le hAirteagal 422(3) agus(4), déanfar iad a iolrú faoi insreabhadh siméadrach comhfhreagrach

(f)

airgid atá dlite ó shuímh in ionstraimí cothromais mórinnéacs ar an gcoinníoll nach gcuirfear i gcuntas iad le sócmhainní leachtacha;

(g)

aon saoráidí creidmheasa nó leachtachta neamhtharraingthe agus aon cheangaltais eile a fhaightear, ní chuirfear san áireamh iad.

3.   Déanfar eis-sreafaí agus insreafaí a bhfuiltear ag súil leo thar an tréimhse ionchasach de 30 lá ó na conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a léiriú ar bhonn glan thar na contrapháirtithe agus déanfar iad a iolrú faoi 100 % i gcás glanmhéid insreafa. Ciallóidh bunús glan freisin gan comhthaobhacht a bheidh le fáil a cháilíonn mar shócmhainní leachtacha faoi Airteagal 416a áireamh.

4.   De mhaolú ar mhír 2 pointe (g), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt insreabhadh níos airde a chur i bhfeidhm ar bhonn cáis le haghaidh creidmheasa agus saoráidí leachtachta i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá cúiseanna ann a bheith ag súil go mbeidh insreabhadh níos airde ann fiú amháin faoi mheascán de strus margaidh agus de strus neamhghnách an tsoláthraí;

(b)

is ionann an contrapháirtí agus máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide nó fochuideachta eile den mháthairinstitiúid chéanna nó atá nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE nó comhalta den scéim chosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) den Rialachán seo nó an institiúid lárnach nó comhalta den líonra atá faoi réir an tarscaoilte da dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo.

(c)

cuireann an contrapháirtí eis-sreabhadh siméadrach comhfhreagrach nó éis-sreabhadh níos coimeádaí i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 422 agus Airteagal 424;

(d)

beidh an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna.

5.   Féadfaidh na húdaráis inniúla an coinníoll a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 4 a tharscaoileadh i gcás ina gcuirfear Airteagal 20 (1)(b) i bhfeidhm. Sa chás sin ní mór na critéir bhreise oibiachtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460 a chomhlíonadh. I gcás ina gceadaítear eis-sreabhadh níos airde den sórt sin a chur i bhfeidhm, cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi thoradh an phróisis dá dtagraítear in Airteagal 20 (1) (b). Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú rialta ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a bheidh ann maidir le heis-sreafaí níos airde den sórt sin.

6   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na ceanglais maidir le nochtadh atá leagtha amach i mír 5

Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.   Ní thabharfaidh institiúidí tuairisc ar insreabha ó aon cheann de na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416 seachas íocaíochtaí atá dlite ar na sócmhainní nach léirítear i margadhluach na sócmhainne.

8.   Ní thabharfaidh institiúidí tuairisc ar insreabha ó aon oibleagáidí nua a ndeachaigh siad fúthu.

9.   Ní áiritheoidh institiúidí na hinsreafaí leachtachta atá le fáil i dtríú tíortha ina bhfuil srianta maidir le haistrithe nó atá ainmnithe in airgeadraí nach bhfuil inmhalartaithe, ach amháin a mhéid is a chomhfhreagraíonn siad d'eis-sreafaí sa tríú tír nó san airgeadra atá i gceist faoi seach.

Airteagal 426

Ceanglais leachtachta a bheidh ann amach anseo a nuashonrú

Tar éis don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh maidir le ceanglas leachtachta a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 460, féadfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin cur chun feidhme teicniúla a fhorbairt chun sainiú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 421(1), Airteagal 422 (cé is moite de mhír 8, mír 9 agus mír 10 den Airteagal sin), agus Airteagal 424 chun caighdeáin atá comhaontaithe ar bhonn idirnáisiúnta a chur san áireamh.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

TEIDEAL III

TUAIRISCIÚ AR CHISTIÚ COBHSAÍ

Airteagal 427

Ítimí a chuireann cistiú cobhsaí ar fáil

1.   Tabharfaidh insititiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 415.1 agus leis na formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 415.3, ar na hítimí seo a leanas agus ar a gcomhpháirteanna d'fhonn deis a thabhairt measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht an chistithe chobhsaí:

(a)

na cistí dílse a leanas tar éis asbhaintí a chur i bhfeidhm i gcás inarb iomchu:í

(i)

ionstraimí caipitil leibhéal 1;

(ii)

ionstraimí caipitil leibhéal 2;

(iii)

scaireanna tosaíochta eile agus ionstraimí caipitil eile de bhreis ar an méid ceadaithe de Leibhéal 2 agus aibíocht iarbhír de bhliain amháin nó níos mó acu;

(b)

na dliteanais seo a leanas nach bhfuil ar áireamh i bpointe (a)

(i)

taiscí miondíola a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 421(1);

(ii)

taiscí miondíola a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 421(2);

(iii)

taiscí a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 422(4)

(iv)

asmeasc na dtaiscí dá dtagraítea ibpointe (iii), iad sin atá faoi réir Scéim Ráthaíochta Taisce i gcomhréir le h Treoir 94/19/CE nó scéim ráthaíochta taisce choibhéiseach i dtríú tír, ar ráthaithe taisce iad atá faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 421(2);

(v)

as measc na dtaiscí dá dtagraítear in (iii), iad sin a thagann faoi phointe (b) d'Airteagal 422(4);

(vi)

as measc na dtaiscí dá dtagraítear in (iii), iad sin a thagann faoi phointe (d) d'Airteagal 422(43);

(vii)

méideanna arna dtaisceadh nach dtagann faoi phointe (i), (ii) nó (iii) mura ndéanann custaiméirí airgeadais iad a thaisceadh;

(viii)

gach cistiú arna fháil ó chustaiméirí airgeadais;

(ix)

ar bhonn leithligh maidir le méideanna a thagann faoi (vi) agus (vii) faoi seach, cistiú ó iasachtú urraithe agus idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 192:

arna gcomhthaobhú le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;

arna gcomhthaobhú le sócmhainní ar bith eile;

(x)

dliteanais a thig ó urrúis eisithe, atá cáilithe don láimhseáila leagtar amach in Airteagal 129(3) nó dá dtagraítear in Airteagal 129 (4) nó mar a shainmhínítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE;

(xi)

na dliteanais a leanas a thig ó urrúis eisithe, nach dtagann faoi phointe (a)

dliteanais a thig ó urrúis eisithe a bhfuil dáta aibíochta iarbhír de bhliain amháin nó níos mó leo;

dliteanais a thig ó urrúis eisithe a bhfuil dáta aibíochta iarbhír de níos lú ná bliain amháin leo,

(xii)

aon dliteanais eile.

2.   Nuair is infheidhme, cuirfear gach ítim i láthair sna cúig bhuicéad seo a leanas de réir ghaireacht an dáta aibíochta atá leo agus an dáta is luaithe ar ar féidir iad a ghlaoch go conarthach:

(a)

laistigh de thrí mhí,

(b)

idir trí mhí agus sé mhí;

(c)

idir sémhí agus naoi mí;

(d)

idir naoi mí agus 12 mhí;

(e)

tar éis 12 mhí.

Airteagal 428

Ítimí óna dteastaíonn cistiú cobhsaí

1.   Mura mbainfear iad ó chistí dílse, tabharfar tuairisc ar leithligh d'údaráis inniúla ar na hítimí seo a leanas d'fhonn deis a thabhairt measúnú a dhéanamh ar na riachtanais maidir le cistiú cobhsaí:

(a)

sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416, arna miondealú de réir chineál na sócmhainne;

(b)

na hurrúis agus na hionstraimí margaidh airgid a leanas nach n-áirítear i bpointe (a);

(i)

sócmhainní a cháilíonn do chéim chreidmheasa 1 faoi Airteagal 122;

(ii)

sócmhainní a cháilíonn do chéim chreidmheasa 2 faoi Airteagal 122

(iii)

sócmhainní eile.

(c)

urrúis chothromais de chuid eintiteas neamhairgeadais atá liostaithe ar mhórinnéacs i malartán aitheanta;

(d)

urrúis chothromais eile;

(e)

ór;

(f)

miotail lómhara eile;

(g)

iasachtaí neamh-in-athnuaite agus earraí infhaighte, agus na hiasachtaí in-athnuaite agus infháltais arb iad a gcuid iasachtaithe ar leithligh:

(i)

daoine nádúrtha seachas dílseánaigh aonair thráchtála agus comhpháirtíochtaí;

(ii)

FBManna a cháilíonn d'aicme na risíochtaí ar mhiondíol faoi na cineálacha cur chuige Caighdeánaithe nó IBR i gcomhair priacal creidmheasa nó do chuideachta atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(4) agus i gcás gur lú ná EUR 1 milliún an taisce chomhiomlánaithe arna taisceadh ag an gcliant sin nó ag an ngrúpa cliant nasctha;

(iii)

stáit, bainc cheannais agus eintitis earnála poiblí;

(iv)

cliaint nach dtagraítear dóibh i bpointe (i) agus i bpointe (ii) seachas custaiméirí airgeadais;

(v)

cliaint nach dtagraítear dóibh i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) ar custaiméirí airgeadais iad, agus iad siúd ar institiúidí creidmheasa agus custaiméirí eile airgeadais iad ar leithligh;

(h)

iasachtaí nach féidir a athnuachan agus earraí infhaighte dá dtagraítear i bpointe (g), ar leithligh iad siúd atá:

(i)

comhthaobhaithe le réadmhaoin tráchtála (RT);

(ii)

comhthaobhaithe le réadmhaoin chónaithe (RC);

(iii)

maoinithe le cistiú meaitseála (faoi bhealach) trí bhannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) nó trí bhannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE;

(i)

earraí infhaighte díorthacha;

(j)

sócmhainní ar bith eile;

(k)

saoráidí tiomanta creidmheasa neamhtharraingthe a cháilíonn mar shaoráidí ‧meánphriacal‧ nó ‧meán/íosphriacal‧ faoi Iarscríbhinn I.

2.   Nuair is infheidhme, cuirfear gach ítim i láthair sna cúig bhuicéad a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 427(2).

CUID A SEACHT

LUAMHÁNÚ

Airteagal 429

An cóimheas luamhánaithe a ríomh

1.   Ríomhfaidh institiúidí a gcóimheas luamhánaithe i gcomhréir leis na modheolaíochta a leagtar amach i míreanna 2 go 11.

2.   Ríomhfar an cóimheas luamhánaithe mar thomhas caipitil institiúide arna roinnt ar thomhas risíochta iomlán na hinstitiúide sin agus sloinnfear é mar chéatadán.

Ríomhfaidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe mar mheán uimhríochtúil simplí na gcóimheas luamhánaithe míosúil thar ráithe.

3.   Chun críocha mhír 2, beidh an tomhas caipitil cothrom le Caipiteal Leibhéal 1.

4.   Is ionann tomhas iomlán na risíochta agus suim luachanna risíochta na sócmhainní agus na n-ítimí go léir lasmuigh den chlár comhardaithe nach n-asbhaintear agus an tomhas caipitil dá dtagraítear i mír 3 á chinneadh.

I gcás ina ndéanfaidh institiúidí eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil infheistíocht shuntasach á sealbhú acu i gcomhréir le hAirteagal 43 a áireamh ina gcomhdhlúthú de réir an chreata cuntasaíochta is infheidhme, ach gan é a áireamh ina gcomhdhlúthú stuamachta de réir Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, cinnfidh siad luach na risíochta don infheistíocht shuntasach ní i gcomhréir le mír 5(a) den Airteagal sin ach i gcomhréir le méid arb ionann é agus an méid a fhaightear tríd an méid a shainítear i bpointe (a) den fhomhír sin a iolrú faoin bhfachtóir a shainítear i bpointe (b) den fhomhír sin:

(a)

suim luachanna na risíochta de risíochtaí uile an eintitis earnála airgeadais ina bhfuil an infheistíocht shuntasach á sealbhú;

(b)

do shealúchais uile dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá ag an institiúid d'ionstraimí chuid Ghnáthchothromas Leibhéal 1 den eintiteas earnála airgeadais sin, méid iomlán na n-ítimí sin nach n-asbhaintear de bhun Airteagal 47 agus de bhun phointe (b) d'Airteagal 48(1)roinnte ar méid iomlán na n-ítimí sin.

5.   Cinnfidh institiúidí luach risíochta sócmhainní i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

ciallaíonn luachanna risíochta sócmhainní, cé is moite de chonarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa, luachanna risíochta i gcomhréir leis an gcéad abairt d'Airteagal 111(1);

(b)

ní úsáidfear comhthaobhacht fhisiceach ná airgeadais, ráthaíochtaí ná maolú priacal creidmheasa ceannaithe chun luachanna risíochta na sócmhainní a laghdú;

(c)

ní dhéanfar iasachtaí a ghlanluacháil le taiscí.

6.   Cinnfidh institiúidí luachanna risíochta conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus na ndíorthach creidmheasa lena n-áirítear na cinn sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i mír 274.

Agus luach risíochta na gconarthaí sin a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa á chinneadh, cuirfidh institiúidí san áireamh éifeachtaí na gconarthaí le haghaidh nuachana agus comhaontuithe glanluachála eile, cé is moite de chomhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha, i gcomhréir le hAirteagal 295.

7.   De mhaolú ar mhír 6, ní fhéadfaidh institiúidí an modh a leagtar amach in Airteagal 275 a úsáid chun luach risíochta na gconarthaí a liostaítear i bpointe 1 agus i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II a chinneadh ach amháin má úsáideann siad an modh sin freisin chun luach risíochta na gconarthaí sin a chinneadh ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach in Airteagal 92 a chomhlíonadh.

8.   Agus risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas na ndíorthach creidmheasa á cinneadh, cuirfidh a hinstitiúidí na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 299(2) i bhfeidhm maidir leis na díorthaigh chreidmheasa go léir atá acu, ní amháin iad siúd atá sannta don leabhar trádála.

9.   Cinnfidh institiúidí luachanna risíochta maidir le hidirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus idirbhearta iasachtaithe corrlaigh lena n-áirítear na cinn sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe, i gcomhréir le hAirteagal 220(1) go (3) agus Airteagal 22, agus tabharfaidh siad aird ar mháistir-chomhaontuithe glanluachála, seachas comhaontuithe glanluachála conarthacha tras-tháirgí, i gcomhréir le hAirteagal 206.

10.   Cinnfidh institiúidí luach risíochta na n-ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe, cé is moite de na hítimí dá dtagraítear i mír 6 agus i mír 9 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 111(1), faoi réir na n-athruithe seo a leanas ar na fachtóirí coinbhéartachta a liostaítear san Airteagal sin:

(a)

is ionann agus 10 % an fachtóir coinbhéartachta atá le cur i bhfeidhm maidir leis an luach ainmniúil le haghaidh saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe, a fhéadfar a chealú go neamhchoinníollach aon tráth gan fógra a thabhairt, dá dtagraítear i bpointe 4(a) agus i bpointe 4(b) d'Iarscríbhinn I;

(b)

is ionann agus 20 % an fachtóir coinbhéartachta maidir le hítimí meánphriacal/íosphriacal atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le trádáil dá dtagraítear i mír 3(a) d'Iarscríbhinn I agus maidir le hítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le maoiniú onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht oifigiúil dá dtagraítear i mír 3(b)(i) d'Iarscríbhinn 1; Is téarma sainithe é in Airteagal 4 "creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil tacaíocht oifigiúil acu"]

(c)

is ionann agus 50 % an fachtóir coinbhéartachta maidir le hítimí meánphriacal maoiniúcháin atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le trádáil dá dtagraítear i bpointe 2a agus i bpointe 2(b)(i) d'Iarscríbhinn I agus maidir le hítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht oifigiúil dá dtagraítear i bpointe 2(b)(ii) d'Iarscríbhinn I;.

(d)

is ionann agus 100 % an fachtóir coinbhéartachta maidir leis na hítimí eile go léir atá lasmuigh den chlár comhardaithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I.

11.   I gcás ina n-aithnítear sócmhainní muiníneacha ar chlár comhardaithe ag cleachtas cuntasaíochta náisiúnta a nglactar i gcoitinne leis, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle féadfar iad a fhágáil as tomhas iomlán risíochtaí an chóimheasa ghiarála ar an gcoinníoll go mbeidh na sócmhainní sin ag cloí leis na critéir le haghaidh neamhaitheanta a leagtar amach i gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (CIC) 39, de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) 1606/2002, agus, i gcás inarb infheidhme, na critéir le haghaidh neamh chomhdhlúthú de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) 1606/2002, na critéir in Caighdeán Idirnáisiúnta Tuairiscithe Airgeadais (CITA) 10.

Airteagal 430

Ceanglas maidir le tuairisciú

1.   Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis go léir is gá maidir leis an gcóimheas luamhánaithe agus a chomhpháirteanna i gcomhréir le hAirteagal 429 a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil. Cuirfidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin san áireamh nuair a bheidh siad ag tabhairt faoin athbhreithniú maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 92 de Threoir (AE)201336.

Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 511 a ullmhú a thíolacadh do na húdaráis inniúla.

Déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis a gheofar ó institiúidí a chur faoi bhráid ÚBE, arna iarraidh sin dó, d'fhonn an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 511 a éascú.

2.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an teimpléad aonfhoirmeach don tuairisciú a chinneadh, mar aon leis na treoracha maidir le teimpléad den sórt sin a úsáid agus minicíochtaí agus dátaí don tuairisciú agus na réitigh teicneolaíochta faisnéise chun críocha an cheanglais maidir le tuairisciú atá leagtha síos i mír 1.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CUID A hOCHT

NOCHTADH AG INSTITIÚIDÍ

TEIDEAL I

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Airteagal 431

Raon feidhme na gceanglas maidir le nochtadh

1.   Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis atá leagtha síos i dTeideal II, faoi réir na bhforálacha atá leagtha síos in Airteagal 432, a nochtadh don phobal.

2.   Beidh cead na n-údarás inniúil faoi Chuid a Trí i leith na n-ionstraimí agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear i dTeideal III faoi réir an fhaisnéis atá leagtha síos ann a bheith nochta ag institiúidí don phobal.

3.   Glacfaidh institiúidí beartas foirmiúil chun na ceanglais maidir le nochtadh atá a bheidh leagtha síos sa Chuid seo a chomhlíonadh, agus beidh beartais acu chun oiriúnacht a nochtuithe a mheas, lena n-áirítear fíorú agus minicíocht na nochtuithe. Beidh beartais ag institiúidí freisin chun measúnú a dhéanamh féachaint an dtugann a nochtuithe léargas cuimsitheach ar a bpróifíl priacal do rannpháirtithe an mhargaidh.

I gcás nach dtugann na nochtuithe sin léargas cuimsitheach ar a bpróifíl priacal do rannpháirtithe an mhargaidh, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis is gá, de bhreis ar an bhfaisnéis sin a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1, a nochtadh don phobal. Mar sin féin, ní iarrfar orthu ach amháin faisnéis atá ábhartha agus nach faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í i gcomhréir le hAirteagal 432 a nochtadh.

4.   Tabharfaidh institiúidí, má iarrtar sin orthu, míniú ar a gcinntí rátála do FBManna agus d'iarratasóirí corparáideacha eile ar iasachtaí, agus tabharfaidh siad míniú i scríbhinn nuair a iarrtar sin orthu. Beidh costais riaracháin an mhínithe comhréireach le méid na hiasachta.

Airteagal 432

Faisnéis neamhábhartha, dhílseánaigh nó rúnda

1.   Féadfaidh institiúidí ceann nó níos mó de na nochtuithe atá liostaithe i dTeideal II a fhágáil ar lár mura meastar gur faisnéis ábhartha í an fhaisnéis a chuirtear ar fáil le nochtuithe den sórt sin, cé is moite de na nochtuithe atá leagtha síos in Airteagal 437, 435(2)(c) agus 450.

Measfar gur faisnéis ábhartha i nochtuithe í faisnéis, más rud é, de bharr í a fhágáil ar lár nó míráiteas a thabhairt ina leith, go bhféadfaí athrú a dhéanamh nó tionchar a imirt ar mheasúnú nó ar chinneadh úsáideora a théann i muinín na faisnéise ar mhaithe le cinntí eacnamaíocha a dhéanamh.

Déanfaidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte a eisiúint faoin 31 Nollaig 2014 maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí ábharthacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá in Teideal II.

2.   Féadfaidh institiúidí freisin ceann nó níos mó de na míreanna faisnéise atá ar áireamh sna nochtuithe atá liostaithe i dTeideal II agus i dTeideal III a fhágáil ar lár freisin má áirítear ar na míreanna sin faisnéis a meastar gur faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í i gcomhréir leis an dara fomhír agus an tríú fomhír, cé is moite de na nochtuithe atá leagtha síos in Airteagal 437 agus Airteagal 450.

Measfar gur faisnéis dhílseánaigh de chuid institiúide í faisnéis de chineál a fhágann, dá nochtfaí don phobal í, go mbainfí an bonn de staid iomaíoch na hinstitiúide sin. D'fhéadfaí a áireamh léi faisnéis maidir le táirgí nó córais a d'fhágfadh, dá roinnfí le hiomaitheoirí í, go mbeadh luach níos ísle ar infheistíochtaí institiúide sna táirgí agus sna córais sin.

Measfar gur faisnéis rúnda í faisnéis má tá oibleagáidí i leith custaiméirí nó gaolmhaireachtaí eile le contrapháirtithe inti lena gceanglaítear ar institiúid cloí le rúndacht.

Déanfaidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte a eisiúint faoin 31 Nollaig 2014 maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí an ghné dhílseánaigh agus an rúndacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá in Teideal II agus i dTeideal III.

3.   Sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear i mír 2, luafaidh an institiúid lena mbaineann ina nochtuithe, más amhlaidh nár nochtaíodh na míreanna faisnéise sonracha, an chúis nach bhfuil siad á nochtadh, agus foilseoidh sí faisnéis níos ginearálta faoi ábhar an cheanglais maidir le nochtadh, cé is moite de chás inar cheart iad sin a aicmiú mar fhaisnéis dhílseánaigh nó rúnda.

4.   Tá míreanna (1), (2) agus (3) gan dochar do raon feidhme an dliteanais i gcás ina mainneofar faisnéis ábhartha a nochtadh.

Airteagal 433

Minicíocht an nochta

Déanfaidh institiúidí na nochtuithe a cheanglaítear leis an gCuid seo a nochtadh uair amháin sa bhliain ar a laghad.

Foilseofar nochtuithe bliantúla i gcomhcheangal le dáta foilsithe na ráiteas airgeadais.

Déanfaidh institiúidí measúnú ar an ngá a bheidh ann roinnt de na nochtuithe nó na nochtuithe ar fad a fhoilsiú níos minice ná uair sa bhliain i bhfianaise shaintréithe ábhartha a gcuid gnó amhail scála oibríochtaí, raon gníomhaíochtaí, láithreacht i dtíortha éagsúla, rannpháirtíocht in earnálacha airgeadais éagsúla, agus rannpháirtíocht i margaí airgeadais idirnáisiúnta agus córais um íocaíocht, um ghlanadh agus um imréiteach. Beidh aird faoi leith sa mheasúnú sin ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le míreanna faisnéise atá leagtha síos in Airteagal 437, agus i bpointí (c) go (f) d'Airteagal 438, agus faisnéis maidir le risíocht ar priacal agus míreanna eile a d'fhéadfadh athrú go tobann, a nochtadh níos minice.

Déanfaidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte a eisiúint faoin 31 Nollaig 2014 maidir le measúnú a bheith á dhéanamh ag institiúidí ar nochtuithe níos minice de chuid Theideal II agus Theideal III.

Airteagal 434

Modhanna nochta

1.   Féadfaidh institiúidí an meán, an suíomh agus an modh fíoraithe iomchuí a chinneadh d'fhonn na ceanglais maidir le nochtadh atá leagtha síos sa Chuid seo a chomhlíonadh go héifeachtach. A mhéid agus is féidir, déanfar gach nochtadh in aon mheán amháin nó in aon suíomh amháin. Má nochtaítear píosaí faisnéise atá cosúil lena chéile in dhá mheán nó níos mó, áireofar i ngach meán tagairt don fhaisnéis chomhchiallach atá sna meáin eile.

2.   I gcás nochtuithe coibhéiseacha a dhéanfaidh institiúidí faoi cheanglais chuntasaíochta, faoi cheanglais liostaithe nó faoi cheanglais eile, measfar gur comhlíonadh iad ar an gCuid seo. Mura bhfuil nochtuithe ar áireamh sna ráitis airgeadais, tabharfaidh institiúidí le fios go glan soiléir sna ráitis airgeadais cá bhfuil fáil orthu.

TEIDEAL II

CRITÉIR THEICNIÚLA MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS NOCHTADH

Airteagal 435

Cuspóirí agus beartais bainistíochta priacail

1.   Nochtfaidh institiúidí a gcuid cuspóirí bainistíochta priacal agus a mbeartais bhainistíochta priacal agus i gcás gach catagóire priacal ar leithligh, lena n-áirítear na priacail dá dtagraítear faoin Teideal seo. Áireofar ar na nochtuithe sin:

(a)

na straitéisí agus na próisis chun na priacail sin a bhainistiú;

(b)

struchtúr agus eagrú na feidhme bainistíochta priacal ábhartha lena n-áirítear faisnéis faoina húdarás agus a reacht, nó socruithe eile iomchuí;

(c)

raon feidhme agus cineál an tuairiscithe priacal agus na gcóras tomhais;

(d)

na beartais maidir le priacal a fhálú agus a mhaolú, agus na straitéisí agus na próisis chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht leanúnach na bhfáluithe agus na maolaitheoirí;

(e)

dearbhú atá faofa ón gcomhlacht bainistíochta maidir le leordhóthanacht socruithe bainistíochta priacal na hinstitiúide ina dtugtar cinnteacht gur leor na córais bhainistíochta priacal atá i bhfeidhm maidir le próifíl agus straitéis na hinstitiúide;

(f)

ráiteas priacal gairid arna fhaomhadh ag an gcomhlacht bainistíochta ina ndéantar cur síos gonta ar phróifíl fhoriomlán priacal na hinstitiúide a bhaineann leis an straitéis ghnó. Áireofar sa ráiteas seo cóimheasa agus figiúirí ríthábhachtacha ina dtugtar léargas cuimsitheach do pháirtithe leasmhara seachtracha ar an mbainistiú a dhéanann an institiúid ar priacal, lena n-áirítear an chaoi a ndéantar, le próifíl priacal na hinstitiúide, idirghníomhú leis an lamháltas priacal arna shocrú ag an gcomhlacht bainistíochta.

2.   Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas, lena n-áirítear nuashonruithe rialta, a dhéanfar uair sa bhliain ar a laghad, maidir le socruithe rialachais:

(a)

líon na stiúrthóireachtaí arna sealbhú ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta;

(b)

an beartas earcaíochta chun comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a roghnú agus an t-eolas, na scileanna agus an saineolas iarbhír atá acu;

(c)

an beartas maidir le héagsúlacht maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a roghnú, na cuspóirí agus aon spriocanna iomchuí atá leagtha amach sa bheartas sin, agus a mhéid a baineadh amach na cuspóirí agus na spriocanna sin;

(d)

cibé acu atá nó nach bhfuil coiste priacal ar leithligh bunaithe ag an institiúid agus an méid uaireanta ar tháinig an coiste le chéile;

(e)

an tuairisc ar an sreabhadh faisnéise maidir le priacal a thugtar don chomhlacht bainistíochta.

Airteagal 436

Raon feidhme an chur i bhfeidhm

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm cheanglais an Rialacháin sin i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE:

(a)

ainm na hinstitiúide lena mbaineann ceanglais an Rialacháin seo;

(b)

breac-chuntas ar na difríochtaí sa bhonn comhdhlúite chun críocha cuntasaíochta agus stuamachta, ina mbeidh tuairisc ghairid ar na heintitis a áirítear ann, agus beidh míniú tugtha maidir lena bhfuil siad:

(i)

comhdhlúite go hiomlán;

(ii)

comhdhlúite go comhréireach;

(iii)

asbhainte as cistí dílse;

(iv)

neamh-chomhdhlúite ná neamh-asbhainte;

(c)

aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ábhartha reatha nó ionchais ar aistriú pras cistí dílse nó aisíoc dliteanas i measc na máthairchuideachta agus a fochuideachtaí;

(d)

an méid comhiomlán faoinar lú na cistí dílse iarbhír ná mar a theastaíonn i ngach fochuideachta nach bhfuil ar áireamh sa chomhdhlúthú, agus ainm nó ainmneacha fochuideachtaí den sórt sin;

(e)

más infheidhme, cásanna ina mbaintear úsáid as na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 7 agus in Airteagal 9.

Airteagal 437

Cistí dílse

1.   Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir lena gcistí dílse:

(a)

réiteach iomlán ar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 2 agus scagairí agus asbhaintí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagail 32 go 35, 36, 56, 66 agus 794 maidir le cistí dílse na hinstitiúide agus an clár comhardaithe i ráitis airgeadais iniúchta na hinstitiúide;

(b)

tuairisc ar na príomhghnéithe d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag an institiúid;

(c)

téarmaí agus coinníollacha iomlána gach ionstraime de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2;

(d)

nochtadh ar leithligh ar chineál agus ar mhéideanna na nithe seo a leanas:

(i)

gach scagaire stuamachta a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagail 32 go 35;

(ii)

gach asbhaint a dhéantar de bhun Airteagail 36, 56 agus 66;

(iii)

ítimí nach n-asbhaintear i gcomhréir le hAirteagail 47, 48, 56, 66 agus 794;

(e)

tuairisc ar na srianta go léir a chuirtear i bhfeidhm maidir le ríomh cistí dílse i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na hionstraimí, scagairí stuamachta agus na hasbhaintí a bhfuil feidhm ag na srianta sin maidir leo;

(f)

i gcás ina nochtann institiúidí cóimheasa caipitil ag úsáid eilimintí de chistí dílse arna gcinneadh ar bhonn seachas é sin atá leagtha síos sa Rialachán seo, míniú cuimsitheach ar an mbonn ar a ríomhtar na cóimheasa caipitil sin.

2.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn teimpléid aonfhoirmeacha maidir le nochtadh a shonrú faoi phointí (a), (b), (c), (d) agus (e) de mhír 1.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Tugtar cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 438

Ceanglais Chaipitil

Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir leis an tslí a bhfuil an institiúid ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 92 den rialachán seo agusin Airteagal 73 de Threoir (AE)2013/36/AE:

(a)

achoimre ar chur chuige na hinstitiúide maidir le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht a caipitil inmheánaigh d'fhonn tacú le gníomhaíochtaí reatha agus todhchaí;

(b)

arna iarraidh sin don Údarás Inniúil ábhartha, toradh ar an bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil lena n-áirítear comhdhéanamh na gceanglas cistí dílse breise atá bunaithe ar an bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) de Threoir 2013/36/AE;

(c)

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 de Chuid a Trí, Teideal II, 8 % de na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal maidir le gach ceann de na haicmí risíochta a shonraítear in Airteagal 112;

(d)

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 3 de Chuid a Trí, Teideal II, 8 % de na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal maidir le gach ceann de na haicmí risíochta a shonraítear in Airteagal 147; I gcás aicme na risíochta ar mhiondíol, i gcás gach ceann de na catagóirí risíochtaí dá gcomhfhreagraíonn na comhghaolta éagsúla in Airteagal 154(1) go (4). I gcás aicme na risíochta ar chothromas, tá feidhm ag an gceanglas maidir leo seo a leanas:

(i)

gach ceann de na cineálacha cur chuige a fhoráiltear in Airteagal 1550;

(ii)

risíochtaí arna dtrádáil ar an malartán, risíocht ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain, agus risíochtaí eile;

(iii)

risíochtaí atá faoi réir ag an athrú chuig córas maoirseachta maidir le ceanglais cistí dílse;

(iv)

risíochtaí atá faoi réir ag forálacha marthanachta maidir le ceanglais cistí dílse;

(e)

ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 92(3);

(f)

ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidlí 2, 3 agus 4 agus á atá nocthaithe ar bhonn leithligh.

Déanfaidh na hinstitiúidí a bheidh ag ríomh na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 153(5) nó 155(2) na risíochtaí atá sannta do gach catagóir i dTábla 1 i mír 5 d'Airteagal 153, nó atá sannta do gach ualú priacal atá luaite in Airteagal 155(2), a nochtadh.

Airteagal 439

Risíocht ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí

Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir le risíochtaí na hinstitiúide ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí dá dtagraítear i gCuid a Trí, de Theideal II, Caibidil 6 a nochtadh:

(a)

plé ar an modheolaíocht a úsáideadh chun teorainneacha inmheánacha le caipiteal agus creidmheas a shannadh do risíochtaí ar chreidmheas an chontrapháirtí;

(b)

plé ar bheartais chun comhthaobhacht a fháil agus cúlchistí creidmheasa a bhunú;

(c)

plé ar bheartais i dtaca le risíochtaí ar priacal comhghaolmhaireachta;

(d)

plé ar thionchar mhéid na comhthaobhachta a chaithfeadh an institiúid a sholáthar i gcás ina ndéanfaí íosghrádú ar a rátáil chreidmheasa;

(e)

oll-luach cóir deimhneach na gconarthaí, sochair na glanluachála, glan-risíocht reatha ar chreidmheas, comhthaobhacht arna sealbhú agus glan-risíocht ar chreidmheas i leith díorthach. Is ionann glan-risíocht ar chreidmheas i leith díorthach agus an risíocht ar chreidmheas in idirbhearta díorthach tar éis na sochair ó chomhaontuithe glanluachála is infheidhme le dlí agus socruithe comhthaobhachta a mheas;

(f)

tomhais ar luach na risíochta faoi na modhanna atá leagtha síos i Ranna 3 go 6 de Theideal II, Caibidil 6, cibé modh is infheidhme;

(g)

luach barúlach na bhfáluithe díorthach creidmheasa, agus dáileadh na risíochtaí reatha ar chreidmheas de réir na gcineálacha risíochta ar chreidmheas;

(h)

méideanna barúlacha na n-idirbheart díorthach creidmheasa, arna leithscaradh idir úsáid do phunanna creidmheasa na hinstitiúide féin, chomh maith lena cuid gníomhaíochtaí idirghabhála, lena n-áirítear dáileadh na dtáirgí díorthach creidmheasa a úsáideadh, arna miondealú tuilleadh trí chosaint a cheannaítear agus a dhíoltar laistigh de gach grúpa táirgí;

(i)

meastachán ar α má fuair an institiúid cead ó na húdaráis inniúla chun meastachán a dhéanamh ar α.

Airteagal 440

Caipiteal maolánach

1.   Nochtfaidh institiúid an fhaisnéis seo a leanas faoin tslí atá ag éirí léi an ceanglas maidir le caipiteal maolánach frith-thimthriallach dá dtagraítear i dTeideal VII, Caibidil 4 de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh:

(a)

dáileadh geografach a cuid risíochtaí ar chreidmheas atá ábhartha chun a caipiteal maolánach frith-thimthriallach a ríomh;

(b)

méid an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh atá sainiúil don institiúid.

2.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na ceanglais maidir le nochtadh atá leagtha amach i mír 1.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh.1093/2010.

Airteagal 441

Táscairí a bhfuil tábhacht shistéamach leo ar fud an domhain

1.   Na hinstitiúidí sin a shainaithnítear mar G-SIIanna i gcomhréir le hAirteagal 131de Threoir 2013/36/AE, nochtfaidh siad, ar bhonn bhliantúil, luachanna na dtáscairí a úsáideadh chun scór na n-institiúidí a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht an tsainaitheantais dá dtagraítear san Airteagal sin.

2.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí aonfhoirmeacha agus na dátaí a shonrú chun críocha an nochtha dá dtagraítear i mír 1. Agus na caighdeáin teicniúla sin á fhorbairt aige, cuirfidh an ÚBE na caighdeáin idirnáisiúnta san áireamh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 442

Coigeartuithe i leith priacal creidmheasa

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir le risíocht na hinstitiúide ar priacal creidmheasa agus ar priacal caolúcháin:

(a)

na sainmhínithe chun críocha cuntasaíochta ar ‧thar téarma‧ agus ‧lagaithe‧;

(b)

tuairiscí ar na cineálacha cur chuige agus na modhanna arna nglacadh chun coigeartuithe ar priacal creidmheasa ginearálta agus sonrach a chinneadh;

(c)

méid iomlán na risíochtaí tar éis fritháireamh cuntasaíochta agus gan éifeachtaí an mhaolaithe ar priacal creidmheasa a chur san áireamh, agus meánmhéid na risíochtaí thar an tréimhse arna miondealú de réir na gcineálacha éagsúla aicmí risíochta;

(d)

dáileadh geografach na risíochtaí, arna miondealú i limistéir shuntasacha de réir aicmí ábhartha na risíochta, agus é mionsonraithe tuilleadh más cuí;

(e)

dáileadh na risíochtaí de réir cineálacha tionscail nó contrapháirtí, arna miondealú de réir aicmí na risíochta, lena n-áirítear an risíocht ar FBManna a shonrú, agus é mionsonraithe tuilleadh más cuí;

(f)

miondealú ar aibíocht iarmhair na risíochtaí go léir, arna miondealú de réir aicmí na risíochta, agus é mionsonraithe tuilleadh más cuí;

(g)

de réir cineálacha suntasacha tionscail nó contrapháirtí, méid na nithe seo a leanas:

(i)

na risíochtaí lagaithe agus na risíochtaí thar téarma, curtha ar fáil ar leithligh;

(ii)

coigeartuithe sonracha agus ginearálta i leith priacal creidmheasa;

(iii)

muirir maidir le coigeartuithe sonracha agus ginearálta i leith priacal creidmheasa i rith na tréimhse tuairiscithe;

(h)

méid na risíochtaí lagaithe agus na risíochtaí thar téarma, arna gcur ar fáil ar leithligh, arna miondealú de réir limistéar geografach suntasach lena n-áirítear, más féidir é, méideanna na gcoigeartuithe sonracha agus ginearálta i leith priacal creidmheasa a bhaineann le gach limistéar geografach;

(i)

réiteach na n-athruithe sna coigeartuithe sonracha agus ginearálta ar priacal creidmheasa i gcás risíochtaí lagaithe, arna dtaispeáint ar leithligh. Cuimseoidh an fhaisnéis sin:

(i)

tuairisc ar chineál na gcoigeartuithe sonracha agus ginearálta i leith priacal creidmheasa;

(ii)

na comharduithe tosaigh;

(iii)

na méideanna a thógtar i gcoinne na gcoigeartuithe i leith priacal creidmheasa i rith na tréimhse tuairiscithe;

(iv)

na méideanna a chuirtear ar leataobh nó a dhéantar a aisiompú maidir le caillteanais mheasta ar risíochtaí is dócha a bheadh ann i rith na tréimhse tuairiscithe, aon choigeartuithe eile lena n-áirítear iad sin arna gcinneadh de bharr difríochtaí sa ráta malairte, teaglam gnó, éadálacha agus diúscairtí fochuideachtaí agus aistrithe idir coigeartuithe ar priacal creidmheasa;

(v)

na comharduithe deiridh.

Déanfar coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus aisghabhálacha arna dtaifeadadh go díreach chuig an ráiteas ioncaim a nochtadh ar bhonn leithligh.

Airteagal 443

Sóchmhainní neamhualaithe

Faoin 30 Meitheamh 2014, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint lena saineofar nochtadh sóchmhainní neamhualaithe, lena gcuirfear san áireamh an Moladh ó BERS an 20 Nollaig 2012 maidir le hinstitiúidí creidmheasa (31) a mhaoiniú (BERS/2012/2) agus go háirithe Moladh D - Trédhearcacht Margaidh maidir le Neamhualú Sóchmhainn. Glacfar leis na treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn nochtadh a shonrú maidir le luach an chláir chomhardaithe in aghaidh aicme na risíochtaí a bhristear síos de réir cáilíocht sócmhainní agus méid iomlán luach an chláir chomhardaithe atá neamhualaithe, lena gcuirfear Moladh BERS/2012/2 san áireamh agus ar an gcoinníoll go measfaidh ÚBE ina thuarascáil go mbaineann faisnéis iontaofa agus fóntach le nochtadh breise den chineál sin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2016.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) 1093/2010.

Airteagal 444

IMCSanna a úsáid

I gcás institiúidí a dhéanann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2, nochtfar an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach ceann de na haicmí risíochta a shonraítear in Airteagal 112:

(a)

ainmneacha na IMCSanna agus MCSnna ainmnithe agus na cúiseanna le haon athruithe;

(b)

aicmí na risíochta a n-úsáidtear gach IMCS agus MCS ina leith;

(c)

tuairisc ar an bpróiseas a úsáideadh chun measúnuithe creidmheasa an eisitheora agus na heisiúna a aistriú anuas ar na hítimí nach bhfuil áirithe sa leabhar trádála;

(d)

comhcheangal na rátála seachtraí de gach IMCS nó MCS ainmnithe leis na céimeanna den cháilíocht chreidmheasa atá leagtha síos i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2, ag cur san áireamh nach gá an fhaisnéis seo a nochtadh má chomhlíonann an institiúid an comhcheangal caighdeánach arna fhoilsiú ag ÚBE;

(e)

luachanna na risíochta agus luachanna na risíochta tar éis maolú priacal creidmheasa a bhaineann le gach céim den cháilíocht chreidmheasa atá leagtha síos i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 chomh maith leo sin a asbhaintear as cistí dílse.

Airteagal 445

Risíocht ar phriacal margaidh

Déanfaidh institiúidí a ríomhann a gcuid ceanglas cistí dílse i gcomhréir le pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 92(3) na ceanglais sin a nochtadh ar leithligh maidir le gach priacal dá dtagraítear sna forálacha sin. Ina theannta sin, déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal sonrach an ráta úis de shuímh urrúsúcháin a nochtadh ar leithligh.

Airteagal 446

Priacal oibriúcháin

Déanfaidh institiúidí na cineálacha cur chuige chun measúnú a dhéanamh ar cheanglais cistí dílse in aghaidh priacal oibriúcháin a gcáilíonn an institiúid dóibh a nochtadh; tuairisc ar an modheolaíocht atá leagtha síos in Airteagal 312(2), má tá siad in úsáid ag an institiúid, lena n-áirítear plé ar na fachtóirí inmheánacha agus seachtracha iomchuí a mheastar i gcur chuige tomhais na hinstitiúide, agus i gcás páirtúsáide, raon feidhme agus cumhdach na modheolaíochtaí éagsúla a úsáideadh.

Airteagal 447

Risíochtaí i gcothromas nach n-áirítear sa leabhar trádála

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir le risíochtaí i gcothromas nach n-áirítear sa leabhar trádála:

(a)

an t-idirdhealú idir risíochtaí bunaithe ar a gcuid cuspóirí, lena n-áirítear i gcás gaoil ghnóthachan caipitiúil agus cúiseanna straitéiseacha, agus forléargas ar na teicnící cuntasaíochta agus na modheolaíochtaí luachála a úsáideadh, lena n-áirítear príomhthoimhdí agus cleachtais a dhéanfaidh difear do luacháil agus aon athruithe suntasacha eile sna cleachtais sin;

(b)

luach an chláir chomhardaithe, an luach cóir agus, i gcás na risíochtaí sin arna dtrádáil ar an malartán, comparáid le praghas an mhargaidh i gcás ina bhfuil sé éagsúil go hábhartha ón luach cóir;

(c)

cineálacha, nádúr agus méideanna na risíochtaí arna dtrádáil ar an malartán, na risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain, agus risíochtaí eile;

(d)

na gnóthachain nó caillteanais réadaithe carnacha a eascraíonn as díolacháin agus as leachtuithe sa tréimhse; agus

(e)

iomlán na ngnóthachan nó na gcaillteanas neamhréadaithe, iomlán na ngnóthachan nó na gcaillteanas folaigh athluachála, agus aon cheann de na méideanna sin atá ar áireamh sna cistí dílse bunaidh nó sna cistí dílse breise.

Airteagal 448

Risíocht ar phriacal ráta úis maidir le suímh nach n-áirítear sa leabhar trádála

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena risíocht ar priacal ráta úis maidir le suímh nach n-áirítear sa leabhar trádála:

(a)

cineál an priacal ráta úis agus na príomhthoimhdí (lena n-áirítear toimhdí maidir le réamhíocaíochtaí iasachta agus iompraíocht taiscí neamhaibíochta), agus a mhinice a thomhaistear an bpriacal ráta úis;

(b)

an éagsúlacht i dtuillimh, luach eacnamaíoch nó tomhas iomchuí eile arna n-úsáid ag an lucht bainistíochta le haghaidh suaite de bharr ardú agus ísliú rátaí de réir an mhodha atá ag an lucht bainistíochta chun an priacal ráta úis a thomhas, arna miondealú de réir airgeadra.

Airteagal 449

Risíocht ar shuíomhanna urrúsúcháin

Nochtfaidh institiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5 nó ceanglais cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 337 nó Airteagal 338 an fhaisnéis seo a leanas, nuair is ábhartha, agus déanfaidh siad é sin ar bhonn leithligh dá leabhar trádála agus dá leabhar neamhthrádála:

(a)

tuairisc ar chuspóirí na hinstitiúide maidir le gníomhaíochtaí urrúsúcháin;

(b)

cineál na priacail eile lena n-áirítear priacal leachtachta ar gné dhílis de na sócmhainní urrúsaithe é;

(c)

na cineálacha priacail ó thaobh shinsearacht na suíomh urrúsúcháin bunúsacha agus i dtéarmaí sócmhainní a fholuíonn na suímh urrúsúcháin sin arna ngabháil agus arna gcoinneáil le gníomhaíocht athurrúsúcháin;

(d)

na róil éagsúla a bhíonn ag an institiúid sa phróiseas urrúsúcháin;

(e)

léiriú ar chomh rannpháirteach is atá an institiúid i ngach ceann de na róil dá dtagraítear i bpointe (d);

(f)

tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar athruithe i priacal creidmheasa agus priacal margaidh na risíochtaí ar urrúsú lena n-áirítear, an tslí a mbíonn tionchar ag iompraíocht na msócmhainní foluiteacha ar risíochtaí ar urrúsú agus tuairisc ar an difríocht idir na próisis sin i gcás risíochtaí ar athurrúsú;

(g)

tuairisc ar bheartas na hinstitiúide chun an úsáid a bhaintear as cosaint fhálaithe agus neamhchistithe a rialú chun na priacail a bhaineann le hurrúsú coinnithe agus risíochtaí ar athurrúsú a mhaolú, lena n-áirítear contrapháirtithe fálaithe ábhartha a shainaithint de réir chineál ábhartha na risíochta ar priacal;

(h)

na cineálacha cur chuige chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh arna leanúint ag an institiúid dá cuid gníomhaíochtaí urrúsúcháin, lena n-áirítear na cineálacha risíochtaí ar urrúsú lena mbaineann gach cur chuige;

(i)

na cineálacha SSPEanna a úsáideann an institiúid, mar urraitheoir, chun risíochtaí tríú páirtí a urrúsú, lena n-áirítear an bhfuil risíochtaí ar na SSPEanna ag an institiúid agus, i gcás go bhfuil, an fhoirm ina bhfuil siad, ar bhonn leithligh i gcás risíochtaí laistigh agus risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe, chomh maith le liosta de na heintitis atá á mbainistiú nó á gcomhairliú ag an institiúid agus a dhéanann infheistíocht sna suímh urrúsúcháin atá urrúsaithe ag an institiúid nó in SSPEanna a bhfuil an institiúid ina hurraitheoir orthu;

(j)

achoimre ar bheartais chuntasaíochta na hinstitiúide maidir le gníomhaíochtaí urrúsúcháin, lena n-áirítear:

(i)

cibé an láimhseáiltear na hidirbhearta mar dhíolacháin nó mar mhaoinithe;

(ii)

gnóthachain ar dhíolacháin a aithint;

(iii)

na modhanna, na príomhthoimhdí, ionchuir agus athruithe ón tréimhse roimhe sin chun suímh urrúsúcháin a luacháil;

(iv)

an láimhseáil a dhéantar ar urrúsuithe sintéiseacha mura bhfuil siad cumhdaithe le beartais chuntasaíochta eile;

(v)

conas a dhéantar luacháil ar shócmhainní atá ar feitheamh urrúsú agus cibé acu i leabhar neamhthrádála nó i leabhar trádála na hinstitiúide a dhéantar iad a thaifeadadh;

(vi)

beartais chun dliteanais a aithint ar an gclár comhardaithe le haghaidh socruithe lena bhféadfaí a cheangal ar an institiúid tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do shócmhainní urrúsaithe;

(k)

ainmneacha na IMCSanna a úsáidtear i gcomhair urrúsuithe agus na cineálacha risíochta a n-úsáidtear gach gníomhaireacht dóibh;

(l)

nuair is infheidhme, tuairisc ar Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh mar atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, Roinn 3, lena n-áirítear struchtúr an phróisis measúnaithe inmheánaigh agus an gaol idir measúnú inmheánach agus rátálacha seachtracha, an úsáid a bhaintear as measúnú inmheánach seachas chun críocha caipitil an Chur Chuige Measúnaithe Inmheánaigh IAA, na sásraí rialaithe don phróiseas measúnaithe inmheánaigh lena n-áirítear plé ar neamhspleáchas, ar chuntasacht, agus ar athbhreithniú ar an bpróiseas measúnaithe inmheánaigh, na cineálacha risíochta a gcuirtear an próiseas measúnaithe inmheánaigh i bhfeidhm maidir leo agus na fachtóirí struis a úsáidtear chun leibhéil feabhsaithe creidmheasa a chinneadh, de réir an chineál risíochta;

(m)

míniú ar athruithe suntasacha ar aon cheann de na risíochtaí cainníochtúla i bpointí (n) go (q) ón tréimhse tuairiscithe deiridh;

(n)

déanfar miondealú ar leithligh ar an bhfaisnéis seo a leanas de réir an chineáil risíochta i gcás an leabhair trádála agus an leabhair neamhthrádála:

(i)

méid iomlán na risíochtaí gan íoc atá urrúsaithe ag an institiúid, ar bhonn leithligh i gcás urrúsuithe traidisiúnta agus urrúsuithe sintéiseacha agus urrúsuithe a ngníomhaíonn an institiúid díreach mar urraitheoir ina leith;

(ii)

méid comhiomlán na suíomh urrúsúcháin laistigh den chlár comhardaithe atá coinnithe nó ceannaithe agus risíochtaí ar urrúsú lasmuigh den chlár comhardaithe;

(iii)

méid comhiomlán na sócmhainní atá ar feitheamh urrúsú,

(iv)

i gcás saoráidí urrúsaithe atá faoi réir na láimhseála luathamúchta, na risíochtaí comhiomlána tarraingthe atá inchurtha i leith leasa an tionscnóra agus na n-infheisteoirí faoi seach, ceanglais chaipitil chomhiomlána arna dtabhú ag an institiúid i gcoinne leas an tionscnóra agus na ceanglais chaipitil chomhiomlána arna dtabhú ag an institiúid i gcoinne scaireanna an infheisteora d'iarmhéideanna tarraingthe agus de línte neamhtharraingthe;

(v)

méid na suíomh urrúsúcháin a asbhaintear as cistí dílse nó a bheidh ualaithe ó thaobh priacal ag 1 250 %;

(vi)

achoimre ar ghníomhaíocht urrúsúcháin na tréimhse reatha, lena n-áirítear méid na risíochtaí atá urrúsaithe agus gnóthachan nó caillteanas aitheanta ar dhíolachán;

(o)

an fhaisnéis seo a leanas, ar leithligh, maidir leis an leabhar trádála agus leis an leabhar neamhthrádála:

(i)

méid comhiomlán na suíomh urrúsúcháin atá coinnithe nó ceannaithe agus na ceanglais chaipitil ghaolmhara, arna miondealú idir risíochtaí ar urrúsú agus ar athurrúsú agus arna miondealú tuilleadh i líon ábhartha bandaí d'ualú priacal nó de cheanglais chaipitil, maidir le gach cur chuige i ndáil le ceanglais chaipitil a úsáidfear;

(ii)

méid comhiomlán na risíochtaí ar athurrúsú atá coinnithe nó ceannaithe arna miondealú de réir na risíochta roimh fhálú/árachas, agus ina dhiaidh sin, agus de réir na risíochta ar ráthóirí airgeadais, arna miondealú de réir catagóirí inacmhainneachta creidmheasa an ráthóra nó ainm an ráthóra;

(p)

maidir leis an leabhar neamhthrádála agus maidir le risíochtaí atá urrúsaithe ag an institiúid, méid na sócmhainní lagaithe/thar téarma urrúsaithe agus na gcaillteanas arna n-aithint ag an institiúid i rith na tréimhse reatha, arna miondealú de réir chineál na risíochta;

(q)

maidir leis an leabhar trádála, iomlán na risíochtaí gan íoc atá urrúsaithe ag an institiúid agus atá faoi réir ag ceanglas caipitil le haghaidh priacal margaidh, arna miondealú i gcinn thraidisiúnta/shintéiseacha agus de réir chineál na risíochta."

(r)

nuair is infheidhme, cibé ar thug nó nár thug an institiúid tacaíocht de réir théarmaí Airteagal 248(1) agus an tionchar ar chistí dílse.

Airteagal 450

Beartas luacha saothair

1.   Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad, maidir le beartas luacha saothair agus cleachtais na hinstitiúide maidir leis na catagóirí foirne a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar a bpróifíl priacal:

(a)

faisnéis faoin bpróiseas cinnteoireachta a úsáidtear chun an beartas luacha saothair a chinneadh, agus faoi líon na gcruinnithe a thionól an príomhchomhlacht a bhfuil maoirsiú á dhéanamh aige ar an luach saothair le linn na bliana airgeadais lena n-áirítear más infheidhme, faisnéis faoi chomhdhéanamh agus sainordú an choiste luacha saothair, an sainchomhairleoir seachtrach ar úsáideadh a chuid seirbhísí chun an beartas luacha saothair a chinneadh agus ról na bpáirtithe leasmhara iomchuí;

(b)

faisnéis faoin nasc idir pá agus feidhmíocht;

(c)

na saintréithe deartha is tábhachtaí den chóras luacha saothair, lena n-áirítear faisnéis faoi na critéir a úsáidtear chun feidhmíocht a thomhas agus coigeartú priacal, beartas iarchurtha agus critéir dílsithe;

(d)

na cóimheasa idir luach saothair seasta agus inathraithe atá leagtha síos i gcomhréir le hAirteagal. 94(1) (g) de Threoir2013/36/AE;

(e)

faisnéis faoi na critéir feidhmíochta ar a bhfuil an teidlíocht ar scaireanna, ar roghanna nó ar chomhpháirteanna inathraithe de luach saothair bunaithe;

(f)

na príomhpharaiméadair agus an réasúnaíocht d'aon scéim comhpháirte athraithí agus aon sochair eile neamhairgid;

(g)

faisnéis chomhiomlán chainníochtúil maidir le luach saothair, arna miondealú de réir an réimse gnó;

(h)

faisnéis chomhiomlán chainníochtúil maidir le luach saothair, arna miondealú de réir na bainistíochta sinsearaí agus na gcomhaltaí foirne a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl priacal na hinstitiúide, ag tabhairt an méid seo a leanas le fios:

(i)

méideanna an luacha saothair don bhliain airgeadais, á ndeighilt idir luach saothair seasta agus inathraithe, agus líon na dtairbhithe;

(ii)

méideanna agus foirmeacha an luacha saothair inathraithe, á ndeighilt idir airgead tirim, scaireanna, ionstraimí atá nasctha le scaireanna agus cineálacha eile;

(iii)

méideanna an luacha saothair iarchurtha gan íoc, á ndeighilt idir codanna dílsithe agus neamhdhílsithe;

(iv)

méideanna an luacha saothair iarchurtha a bronnadh le linn na bliana airgeadais, a íocadh amach agus a laghdaíodh trí choigeartuithe bunaithe ar fheidhmíocht;

(v)

íocaíochtaí sínithe agus scaoilíocaíochtaí nua a rinneadh i rith na bliana airgeadais, agus líon na ndaoine a bhain tairbhe as íocaíochtaí den sórt sin;

(vi)

méideanna na scaoilíocaíochtaí a bronnadh i rith na bliana airgeadais, líon na ndaoine a bhain tairbhe astu agus an íocaíocht is airde dá leithéid a bronnadh ar dhuine amháin.

(i)

líon na ndaoine aonair a fhaigheann luach saothair EUR 1 mhilliún nó níos mó in aghaidh na bliana airgeadais, i gcás luacha saothair idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún arna mhiondealú i mbandaí pá de EUR 500,000 agus i gcás luacha saothair EUR 5 mhilliún agus os a chionn arna mhiondealú i mbandaí pá de EUR 1 mhilliún.

(j)

arna iarraidh sin don Bhallstát nó don údarás inniúil, luach saothair iomlán gach comhalta den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach.

2.   I gcás institiúidí atá suntasach ó thaobh a méide, an chaoi a n-eagraítear iad go hinmheánach agus cineál, raon feidhme agus castacht a gcuid gníomhaíochtaí, cuirfear ar fáil don phobal freisin an fhaisnéis chainníochtúil dá dtagraítear san Airteagal seo agus déanfar sin ar leibhéal chomhaltaí chomhlacht bainistíochta na 2013*.

Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo ar bhealach a bheidh oiriúnach dá méid, dá n-eagrúchán inmheánach agus do chineál, do raon feidhme agus do chastacht a gcuid gníomhaíochtaí agus gan dochar do Threoir 95/46/CE.

Airteagal 451

Luamhánú

1.   Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas luamhánaithe mar atá ríofa i gcomhréir le hAirteagal 429 agus an bhainistíocht a dhéanann siad ar an bpriacal a bhaineann le luamhánú iomarcach.

(a)

an cóimheas luamhánaithe agus an chaoi a gcuireann an institiúid Airteagal 499, (2) agus (3) i bhfeidhm;

(b)

miondealú ar thomhas na risíochta iomláine mar aon le réiteach na risíochta iomláine leis an bhfaisnéis a nochtar i ráitis fhoilsithe airgeadais;

(c)

i gcás inarb iomchuí, méid na n-ítimí muiníneacha a baineadh den chlár i gcomhréir le hAirteagal 429(11);

(d)

tuairisc ar na próisis a úsáideadh chun an priacal maidir le luamhánú iomarcach a bhainistiú;

(e)

tuairisc ar na fachtóirí a raibh tionchar acu ar an gcóimheas luamhánaithe i rith na tréimhse a dtagraíonn an cóimheas luamhánaithe nochta dó.

2.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an teimpléad aonfhoirmeach maidir le nochtadh a chinneadh don nochtadh dá dtagraítear i mír 1, mar aon leis na treoracha maidir le teimpléad den sórt sin a úsáid.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

TEIDEAL III

CEANGLAIS CHÁILITHEACHTA CHUN IONSTRAIMÍ NÓ MODHEOLAÍOCHTAÍ ÁIRITHE A ÚSÁID

Airteagal 452

Úsáid a bhaint as an gCur Chuige IBR maidir le priacal creidmheasa

Déanfaidh institiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige IBR an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh:

(a)

an cead a thugann an t-údarás inniúil don chur chuige nó don aistriú faofa;

(b)

míniú agus athbhreithniú orthu seo a leanas:

(i)

struchtúr na gcóras rátála inmheánach agus an gaol idir rátálacha inmheánacha agus seachtracha;

(ii)

an úsáid a bhaintear as meastacháin inmheánacha seachas chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3;

(iii)

an próiseas chun maolú priacal creidmheasa a bhainistiú agus a aithint;

(iv)

na sásraí rialaithe do chórais rátála lena n-áirítear tuairisc ar an athbhreithniú ar neamhspleáchas, ar chuntasacht, agus ar na córais rátála;

(c)

tuairisc ar an bpróiseas rátála inmheánach, arna gcur ar fáil ar leithligh d'aicmí na risíochta seo a leanas:

(i)

rialtais láir agus bainc cheannais;

(ii)

institiúidí;

(iii)

corparáidí, lena n-áirítear Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, iasachtú speisialaithe agus earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe;

(iv)

miondíol, i gcás gach ceann de na catagóirí risíochtaí dá gcomhfhreagraíonn na comhghaolta éagsúla in Airteagal 154(1) go (4);

(v)

cothromais;

(d)

luach na risíochta maidir le gach ceann de na haicmí risíochta a shonraítear in Airteagal 147. Maidir le risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar institiúidí agus ar chorparáidí i gcás ina mbaineann institiúidí úsáid as a meastacháin féin ar LGDanna nó ar chomhéifeachtaí coinbhéartachta chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh, déanfar iad a nochtadh ar leithligh ó risíochtaí nach n-úsáideann institiúidí meastacháin dá gcuid féin ina leith;

(e)

maidir le gach ceann de na haicmí risíochta ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar institiúidí, ar chorparáidí agus ar chothromas, agus thar líon leordhóthanach de ghráid oibleagadóra (lena n-áirítear mainneachtain) chun deis a thabhairt difreáil fhóinteach a dhéanamh ar priacal creidmheasa, nochtfaidh institiúidí iad seo a leanas:

(i)

maidir le risíochtaí iomlána, lena n-áirítear aicmí na risíochta ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar institiúidí agus ar chorparáidí, suim na n-iasachtaí gan íoc agus luachanna na risíochta maidir le ceangaltais neamhtharraingthe; agus i gcás cothromais, an méid gan íoc;

(ii)

meánualach priacal a ualaítear ó thaobh na risíochta;

(iii)

maidir leis na hinstitiúidí a úsáideann a meastachán féin ar chomhéifeachtaí coinbhéartachta chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh, méid na gceangaltas neamhtharraingthe agus meánluachanna risíochta a ualaítear ó thaobh na risíochta maidir le gach aicme risíochta;

(f)

Maidir le haicme na risíochta ar mhiondíol agus i gcás gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i bpointe (c)(iv), na nochtuithe a bhfuil cuntas orthu i bpointe (e) thuas (ar bhonn comhthiomsaithe, más infheidhme), nó anailís ar risíochtaí (iasachtaí gan íoc agus luachanna risíochta i leith ceangaltas neamhtharraingthe) i gcoinne lín shuntasaigh de ghráid EL d'fhonn deis a thabhairt difreáil ábhartha a dhéanamh ar priacal creidmheasa (ar bhonn comhthiomsaithe, más infheidhme);

(g)

na coigeartuithe sonracha iarbhír i leith priacal creidmheasa sa tréimhse roimhe sin maidir le gach aicme risíochta (i gcás miondíola, maidir le gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i bpointe (c)(iv) agus an difríocht atá eatarthu ó thaithí roimhe seo;

(h)

tuairisc ar na fachtóirí a raibh tionchar acu ar chaillteanas ó thaithí sa tréimhse roimhe sin (mar shampla, an raibh rátaí mainneachtana níos airde ná an meán san institiúid, nó níos airde ná na LGDanna agus na comhéifeachtaí coinbhéartachta ar an meán);

(i)

meastacháin na hinstitiúide i gcoinne torthaí iarbhír thar thréimhse níos faide. Áireofar leo sin, ar a laghad ar bith, faisnéis faoi mheastacháin ar chaillteanais i gcoinne caillteanas iarbhír i ngach aicme risíochta (i gcás miondíola, i gcás gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i bpointe (c)(iv) thar thréimhse ar leor é chun deis a thabhairt measúnú fóinteach a dhéanamh ar fheidhmíocht na bpróiseas rátála inmheánaí do gach aicme risíochta (i gcás miondíola, maidir le gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i bpointe (c)(iv). Nuair is iomchuí, déanfaidh na hinstitiúidí dianscaoileadh breise air sin chun anailís a thabhairt ar PD agus, i gcás na n-institiúidí a úsáideann a gcuid meastachán féin ar LGDanna nó ar chomhéifeachtaí coinbhéartachta, torthaí LGD agus fachtóirí coinbhéartachta i gcoinne na meastachán arna gcur ar fáil sna nochtuithe maidir le measúnú cainníochtúil ar priacal a leagtar amach san Airteagal sin;

(j)

maidir le gach aicme risíochta a shonraítear in Airteagal 147 agus maidir le gach catagóir risíochta dá gcomhfhreagraíonn na comhghaolta éagsúla in Airteagal 154(1) go 154 (4), comhfhreagraíonn siad:

(i)

leis na hinstitiúidí a úsáideann a meastacháin LGD féin chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh, an meán ualaithe ó thaobh na risíochta ar LGD agus PD i gcéatadán maidir le gach suíomh geografach ábhartha de risíochtaí ar chreidmheas;

(ii)

leis na hinstitiúidí nach n-úsáideann a gcuid meastachán LGD féin, an meánluach PD ualaithe ó thaobh na risíochta i gcéatadán maidir le gach suíomh geografach ábhartha de risíochtaí ar chreidmheas.

Chun críocha phointe (c), áireofar sa tuairisc na cineálacha risíochta atá ar áireamh in aicme na risíochta, na sainmhínithe, na modhanna agus na sonraí chun meastachán agus bailíochtú a dhéanamh ar PD agus, más infheidhme, ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta, lena n-áirítear toimhdí arna n-úsáid i ndíorthú na n-athróg sin, agus na tuairiscí ar chásanna ina n-imítear ón sainmhíniú ar mhainneachtain mar atá leagtha amach in Airteagal 178, lena n-áirítear na deighleoga leathana a ndearna imeacht den sórt sin difear dóibh.

Chun críocha phointe (j), ciallaíonn an suíomh geografach ábhartha de risíochtaí ar chreidmheas risíochtaí sna Ballstáit ina bhfuil an institiúid údaraithe agus Ballstáit nó tríú tíortha ina ndéanann institiúidí gníomhaíochtaí trí bhrainse nó trí fhochuideachta.

Airteagal 453

Teicnící a úsáid chun an priacal creidmheasa a mhaolú

Déanfaidh institiúidí a úsáideann teicnící chun priacal creidmheasa a mhaolú an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh:

(a)

na beartais agus na próisis a bhaineann le glanluacháil laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus léiriú ar a mhéid a bhaineann an t-eintiteas úsáid aisti;

(b)

na beartais agus na próisis chun luacháil agus bainistíocht a dhéanamh ar chomhthaobhacht;

(c)

tuairisc ar na príomhchineálacha comhthaobhachta arna nglacadh ag an institiúid;

(d)

na príomhchineálacha ráthóirí agus chontrapháirtithe díorthach creidmheasa agus a n-acmhainneacht;

(e)

faisnéis faoi chomhchruinnithe margaidh nó priacal creidmheasa laistigh den mhaolú creidmheasa a glacadh;

(f)

maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó faoin gCur Chuige IRB, ach nach dtugann meastacháin dá gcuid féin ar LGDanna ná ar fhachtóirí coinbhéartachta maidir le haicme na risíochta, i gcás gach aicme risíochta ar leithligh, luach iomlán na risíochta (tar éis, nuair is infheidhme, glanluacháil a dhéanamh laistigh nó lasmuigh den chlár comhardaithe) atá cumhdaithe — tar éis coigeartuithe luaineachta a bheith curtha i bhfeidhm — le comhthaobhacht airgeadais incháilithe, agus le comhthaobhacht incháilithe eile;

(g)

maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó faoin gCur Chuige IRB, i gcás gach aicme risíochta ar leithligh, an risíocht iomlán (tar éis, nuair is infheidhme, glanluacháil a dhéanamh laistigh nó lasmuigh den chlár comhardaithe) atá cumhdaithe le ráthaíochtaí nó le díorthaigh chreidmheasa. Maidir le haicme na risíochta ar chothromas, beidh feidhm ag an gceanglas seo maidir le gach ceann de na cineálacha cur chuige a bhfuil foráil déanta dóibh in Airteagal 155.

Airteagal 454

Ardmhodhanna Tomhais i leith priacal oibriúcháin a úsáid

Na hinstitiúidí a úsáideann na hArdmhodhanna Tomhais atá leagtha amach in Airteagail 321 go 324 chun a gceanglais cistí dílse in aghaidh priacal oibriúcháin a ríomh, déanfaidh siad tuairisc a nochtadh maidir leis an úsáid a bhaineann siad as árachais agus as sásraí aistrithe priacal eile ar mhaithe leis an priacal sin a mhaolú.

Airteagal 455

Samhlacha Inmheánacha um Priacal Margaidh a Úsáid

Déanfaidh institiúidí a ríomhann a gcuid ceanglas caipitil i gcomhréir le hAirteagal 363 an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh:

(a)

maidir le gach fophunann atá cumhdaithe:

(i)

saintréithe na samhlacha a úsáideadh;

(ii)

nuair is infheidhme, i gcás na samhlacha inmheánacha do priacal incriminteach mainneachtana agus maolaithe agus i gcás trádála comhghaoil, na modheolaíochtaí a úsáideadh agus na priacail arna dtomhas trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach lena n-áirítear tuairisc ar an gcur chuige a d'úsáid an institiúid chun tréimhsí leachtachta a chinneadh, na modheolaíochtaí a úsáideadh chun measúnú caipitil a bhaint amach atá comhsheasmhach leis an gcaighdeán iontaofachta a theastaíonn agus na cineálacha cur chuige a úsáideadh chun an tsamhail a bhailíochtú;

(iii)

tuairisc ar an tástáil struis a cuireadh i bhfeidhm ar an bhfophunann;

(iv)

tuairisc ar na cineálacha cur chuige a úsáideadh chun cruinneas agus comhsheasmhacht na samhlacha inmheánacha agus na bpróiseas samhaltaithe a iarthástáil agus a bhailíochtú;

(b)

raon feidhme chead an údaráis inniúil;

(c)

tuairisc ar mhéid agus ar na modheolaíochtaí chun na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 104 agus Airteagal 105 a chomhlíonadh;

(d)

an tomhas is airde, is ísle agus an meán díobh seo a leanas:

(i)

na tomhais laethúla ar luach faoi phriacal thar an tréimhse tuairiscithe agus amhail ag deireadh na tréimhse;

(ii)

na tomhais struis ar an luach faoi phriacal thar an tréimhse tuairiscithe agus amhail ag deireadh na tréimhse;

(iii)

líon na priacail maidir le priacal incriminteach mainneachtana agus maolaithe agus maidir le priacal sonrach na punainne trádála comhghaoil thar an tréimhse tuairiscithe agus amhail ag deireadh na tréimhse;

(e)

na heilimintí den cheanglas cistí dílse mar a shonraítear in Airteagal 364;

(f)

an mheántréimhse leachtachta ionchasach ualaithe do gach fophunann atá cumhdaithe leis na samhlacha inmheánacha maidir le priacal incriminteach mainneachtana agus maolaithe agus maidir le trádáil chomhghaoil;

(g)

comparáid idir na tomhais laethúla ar luach faoi phriacal ag deireadh an lae agus na hathruithe lá amháin ar luach na punainne faoi dheireadh an lae gnó ina dhiaidh sin mar aon le hanailís ar aon róluaineacht thábhachtach i rith na tréimhse tuairiscithe.

CUID A NAOI

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 456

Gníomhartha tarmligthe

1.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 462, maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)

soiléiriú ar na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagail 4, 45, 142, 153, 192, 242, 272, 300, 381agus 411 d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin sin a áirithiú.

(b)

soiléiriú ar na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagail 4, 45, 142, 153, 192, 242, 272, 300, 381 agus 411 d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(c)

leasú ar an liosta d'aicmí na risíochta in Airteagal 112 agus Airteagal 147 d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh;

(d)

an méid a shonraítear i bpointe c d'Airteagal 123, Airteagal 147(5)(a), Airteagal 153(4) agus Airteagal 162(4), chun éifeachtaí boilscithe a chur san áireamh;

(e)

liosta agus aicmiú na n-ítimí sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe in Iarscríbhinn I agus II, d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh:

(f)

coigeartú ar na catagóirí de ghnólachtaí infheistíochta in Airteagal 95(1) agus Airteagal 96(1) chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh;

(g)

soiléiriú ar an gceanglas atá leagtha síos in Airteagal 97 d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin sin a áirithiú.

(h)

leasú ar cheanglais chistí dílse mar a leagtar amach in Airteagal 301 go hAirteagal 311 den Rialachán seo iad agus Airteagail 50a go 50d de Rialachán (AE) 648/2012 agus leis na forbairtí nó na leasuithe a dhéanfar ar na caighdeáin idirnáisiúnta do risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach;

(i)

soiléiriú ar na téarmaí dá dtagraítear sna díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 400;

(j)

leasú ar an tomhas caipitil agus ar thomhas na risíochta iomláine ar an gcóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 429(2) d'fhonn aon easnamh a aimsíodh a cheartú ar bhonn an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 430(1) sula gcaithfidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe a fhoilsiú mar atá leagtha amach in Airteagal 451(1)(a).

2.   Déanfaidh ÚBE faireachán ar na ceanglais chistí dílse do priacal coigeartaithe luachála creidmheasa agus tíolacfaidh sé tuarascail don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2015. Is é seo a leanas, go háirithe, a mheasfar sa tuarascáil sin:

(a)

láimhseáil priacal a bhaineann le coigeartú luachála creidmheasa mar mhuirear neamhspleách seachas mar ghné chomhdhlúite den chreat priacal margaidh

(b)

raon feidhme an mhuirir priacal CVAlena n-áirítear an díolúine in Airteagal 482;

(c)

fálú incháilithe;

(d)

ceanglais chaipitil ó thaobh priacal CVA a ríomh;

Ar bhonn na tuarascála sin agus i gcás ina gcinntear gur gá sin a dhéanamh, tabharfar de chumhacht freisin don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 chun Airteagal 381, 382(1)(4) go (3) agus Airteagal 383 go hAirteagal 386 a leasú maidir leis na hítimí sin.

Airteagal 457

Coigeartuithe teicniúla agus ceartuithe teicniúla

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, chun coigeartú teicniúil agus ceartuithe teicniúla a dhéanamh ar eilimintí neamhriachtanacha sna forálacha seo a leanas d'fhonn forbairtí nua maidir le táirgí nua airgeadais nó maidir le gníomhaíochtaí nua airgeadais a chur san áireamh d'fhonn coigeartuithe a dhéanamh lena gcuirfear forbairtí san áireamh tar éis an Rialachán seo a ghlacadh i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais agus cuntasaíocht, lena n-áirítear caighdeáin chuntasaíochta bunaithe ar Rialachán Uimh. (AE) 1606/2002:

(a)

na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal creidmheasa a leagtar síos in Airteagail 111 go 134, agus in Airteagail 143 go 191;

(b)

na héifeachtaí atá ag maolú priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 193 go 241;

(c)

na ceanglais cistí dílse maidir le hurrúsú a leagtar síos in Airteagail 243 go 266;

(d)

na ceanglais cistí dílse maidir le priacail creidmheasa an chontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagail 272 go 311;

(e)

na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin a leagtar síos in Airteagail 315 go 324;

(f)

na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a leagtar síos in Airteagail 325 go 377;

(g)

na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal socraíochta a leagtar síos in Airteagal 378 agus Airteagal 379;

(h)

na ceanglais cistí dílse le haghaidh coigeartú luachála creidmheasa a leagtar síos in Airteagail 383, 384 agus 386;

(i)

Cuid a Dó agus Airteagal 99 amháin de toradh ar fhorbairtí sna caighdeáin chuntasaíochta nó na ceanglais lena gcuirtear reachtaíocht an Aontais san áireamh.

Airteagal 458

Priacal macrastuamachta nó sistéamach arna shainiú ar leibhéal an Bhallstáit

1.   Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás atá i bhfeighil ar an Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh i gceist leis an údarás sin.

2.   Sa chás ina shainaithníonn údarás a dhearbhaítear i gcomhréir le mír 1 athruithe maidir le déine an phriacail shistéamaigh nó an phriacail mhacrastuamachta sa chóras airgeadais ag a mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ar an gcóras airgeadais agus ar an ngeilleagar iarbhír i mBallstát sonrach a measann an t-údarás sin go dtabharfaí aghaidh orthu ar bhealach níos fearr trí bhearta náisiúnta níos doichte, tabharfaidh sé fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún, don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus don Údarás Eorpach Baincéireachta (ÚBE) maidir leis sin agus tabharfaidh siad fianaise ábhartha chainníochtúil agus cháilíochtúil i leith na nithe go léir seo a leanas:

(a)

athruithe maidir le déine an phriacail shistéamaigh nó an phriacail mhacrastuamachta

(b)

na cúiseanna a d'fhéadfadh athruithe den chineál sin bagairt a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais ar leibhéal náisiúnta.

(c)

údar maidir leis an bhfáth nach féidir le hAirteagal 124 agus 164 den Rialachán seo ná le hAirteagal 101, 103, 104, 105, 133 agus 136 de Threoir 2013/36/AE aghaidh leordhóthanach a thabhairt ar an bpriacal macrastuamachta nó sistéamach sainaitheanta agus éifeachtacht choibhneasta na mbeart sin á cur san áireamh.

(d)

dréachtbhearta náisiúnta d'institiúidí atá údararaithe sa bhaile, nó fothacar de na hinstitiúidí sin, chun na hathruithe i ndéine an priacal agus na athruithe lena mbaineann an méid a leanas a mhaolú:

(i)

leibhéal na gcistí dílse atá leagtha síos in Airteagal 92;

(ii)

na ceanglais i gcomhair risíochtaí móra atá leagtha síos in Airteagal 392 agus in Airteagal 395 go 403;

(iii)

na ceanglais maidir le nochtadh poiblí atá leagtha síos in Airteagal 431 go 455; nó

(iv)

leibhéal an an mhaoláin chaomhnaithe mar a leagtar síos in Airteagal 129 de Threoir 2013/36/AE é;

(v)

Ceanglais maidir le leachtacht a leagtar síos i gCuid a Sé;

(vi)

Ualuithe priacal chun díriú ar bholgáin sócmhainní in earnáil na maoine cónaithí agus tráchtála.

(vii)

Risíochtaí inearnála airgeadais

(e)

míniú ar an bhfáth a mheasann na húdaráis dearbhaithe i gcomhréir le mír 1 go bhfuil dréachtbhearta den chineál sin oiriúnach, éifeachtach agus cohmréireach chun aghaidh a thabhairt ar an gcás; agus

(f)

measúnú ar thionchar dóchúil dearfach nó diúltach na ndréachtbheart ar an margadh aonair bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Bhallstát lena mbaineann.

3.   Nuair atá siad údaraithe bearta náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh na húdaráis a dhearbhaítear i gcomhréir le mír 1 gach fáisnéis ábhartha ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha nó na húdaráis ainmnithe sna Ballstáit eile.

4.   Déantar an chumhacht gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá molta agus dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 a thabhairt don Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar thogra ón gCoimisiún.

Laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, cuirfidh BERS agus ÚBE a dtuairimí maidir leis na pointí a luaitear sa mhír sin chuig an gComhairle chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit lena mbaineann.

Agus na tuairimí dá dtagraítear sa dara fomhír á gcur san áireamh go hiomlán agus i gcás ina mbeidh fianaise stóinseach, láidir, mionsonraithe ann go mbeidh tionchar diúltach ag an mbeart ar an margadh inmheánach a sháróidh na buntáistí a bheidh ann i leith na cobhsaíochta airgeadais de dhroim laghdú sna priacail mhacrastuamacha nó shistéamacha a shainaithnítear, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de mhí amháin, gníomh cur chun feidhme a mholadh don Chomhairle chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá molta.

Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra laistigh den tréimhse míosa amháin sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann na dréachtbhearta náisiúnta a ghlacadh láithreach ar feadh tréimhse suas go dtí dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an bpriacal macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin.

Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis an togra ón gCoimisiún laistigh de mhí amháin tar éis an togra a fháil agus sonróidh sí na cúiseanna atá aici leis na dréachtbhearta náisiúntaa dhiultú nó gan iad a dhiúltú.

Ní dhiúltóidh an Chomhairle do na dréachtbhearta náisiúnta atá molta má mheasann sí nach bhfuil ceann amháin nó níos mó ná sin de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)

gur de chineál iad na hathruithe i ndéine an phriacail mhacrastuamachta nó shistéamaigh go bhféadfadh priacal eascairt astu do chobhsaíocht airgeadais ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

nach féidir le hAirteagal 124 agus 164 den Rialachán seo ná le hAirteagal 101, 103, 104, 105, 133 agus 136 de Threoir 2013/36/AE aghaidh leordhóthanach a thabhairt ar an bpriacal macrastuamachta nó sistéamach sainaitheanta agus éifeachtacht choibhneasta na mbeart sin á cur san áireamh;

(c)

gur oiriúnaí na dréachtbhearta náisiúnta atá molta chun aghaidh a thabhairt ar an bpriacal macrastuamachta nó corásach agus nach mbaineann droch-éifeachtaí míréireacha leo ar an gcóras airgeadais ar an iomlán nó ar chodanna de i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine, lena gcruthaítear dá bharr sinn bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh;

(d)

nach mbaineann an tsaincheist ach le Ballstát amháin agus

(e)

nár tugadh aghaidh ar na priacail cheana le bearta sa Rialachán seo nó sa Treoir 2013/36/AE.

Tabharfar ar aird i measúnú na Comhairle tuairim BERS agus ÚBE agus beidh sé bunaithe ar fhianaise arna cur i láthair i gcomhréir le mír 1 ag an údarás dearbhaithe i gcomhréir le mír 1.

In éagmais gníomh cur chun feidhme ón gComhairle chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá á moladh laistigh de mhí amháin tar éis don Choimisiún an togra a fháil, féadfaidh an Ballstát na bearta a ghlacadh agus iad a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse suas go dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an bpriacal macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin.

5.   Féadfaidh Ballstáit eile an beart a shocraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo aithint agus féadfaidh siad na bearta a chur i bhfeidhm maidir le brainsí atá údararaithe sa bhaile agus lonnaithe sa Bhallstát a bhfuil údar aige na bearta a chur i bhfeidhm.

6.   Sa chás ina n-aithníonn na Ballstáit na bearta a shocraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Chomhairle, don Choimisiún, do ÚBE, do BERS agus don Bhallstát a bhfuil údar aige na bearta a chur i bhfeidhm.

7.   Agus cinneadh á dhéanamh aige an aithneoidh sé na bearta a shocraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo nó nach n-aithneoidh sé iad, cuirfidh an Ballstát na critéir a leagtar amach i mír 4 san áireamh.

8.   Féadfaidh an Ballstát a bhfuil údar aige na bearta a chur i bhfeidhm iarraidh ar BERS moladh a eisiúint dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit nach dtugann aitheantas do na bearta.

9.   Roimh dhul in éag don údarú a eisítear i gcomhréir le mír 4, déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gcás, i gcomhairliúchán le BERS agus leÚBE, agus féadfaidh sé cinneadh nua a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, chun síneadh achur leis an tréimhse ina gcuirfear bearta náisiúnta i bhfeidhm go ceann bliain amháin bhreise gach uair. Tar éis an chéad sínidh, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le BERS agus ÚBE, athbhreithniú ar a laghad gach bliain ar an gcás.

10.   D'ainneoin an nós imeachta mar a leagtar amach é i mír 3 go mír 9, beidh cead ag na Ballstáit na hualuithe priacal a mhéadú thar na hualuithe sin suas go 25 % a sholáthraítear sa Rialachán seo do na risíochtaí a aithnítear i mír 2(d) den Airteagal sin agus teorainn na risíochta móire suas go 15 % a sholáthraítear in Airteagal 395 a theannadh, ar feadh tréimhse suas go dtí dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an priacal macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha agus na ceanglais maidir le fógra a thabhairt atá i mír 2 den Airteagal sin.

Airteagal 459

Ceanglais stuamachta

1.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, chun ceanglais níos déine stuamachta a fhorchur, ar feadh tréimhse bliana, maidir le risíochtaí nuair is gá sin chun aghaidh a thabhairt ar athruithe maidir le déine na priacail micreastuamachta agus macrastuamachta a eascraíonn ó fhorbairtí margaidh san Aontas nó taobh amuigh den Aontas a bhfuil tionchar acu ar na Bhallstáit go léir, agus nach bhfuil ionstraimí an Rialacháin sin ná Treoir 2013/36/AE leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na priacail sin, go háirithe ar mholadh nó tuairim ó BERS nó ÚBE, maidir leis an méid a leanas:

(a)

leibhéal na gcistí dílse atá leagtha síos in Airteagal 92;

(b)

na ceanglais i gcomhair risíochtaí móra atá leagtha síos in Airteagal 392 agus in Airteagal 395 go 403

(c)

na ceanglais maidir le nochtadh poiblí atá leagtha síos in Airteagal 431 go 455.

Cuirfidh an Coimisiún i gcomhair le BERS, ar bhonn bliantúil ar a laghad, tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, maidir le forbairtí margaidh óna bhféadfadh úsáid Airteagal 443B a bheith ag teastáil.

Airteagal 460

Leachtacht

1.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 d'fhonn mionsonrú a thabhairt ar an gceanglas ginearálta a leagtar amach in Airteagal 412 (1). Is ar na hítimí atá le tuairisciú i gcomhréir le Cuid a Sé, le Teideal II agus le hIarscríbhinn III a bhunófar an gníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an mír seo, sonrófar ann na cúinsí faoina mbeidh ar údaráis inniúla leibhéil shonracha insreibhe nó eis-sreibhe a fhorchur ar institiúidí creidmheasa d'fhonn priacail sainiúla a bhfuil siad ar a ris ina leith a ghabháil agus urramófar leis na tairseacha a leagtar amach i mír 2.

2.   Tabharfar isteach an ceanglas maidir lecumhdach leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 412 i gcomhréir leis an gcéimniú isteach seo a leanas:

(a)

60 % den cheanglas maidir le cumhdach leachtachta in 2015;

(b)

70 % amhail ón 1 Eanáir 2016;

(c)

80 % amhail ón 1 Eanáir 2017;

(d)

100 % amhail ón 1 Eanáir 2018.

Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 509(1) agus Airteagal 509(3) agus caighdeáin idirnáisiúnta atá forbartha ag fóraim idirnáisiúnta mar aon le sonraíochtaí an Aontais a chur san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2014. Tiocfaidh sé i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2014, ach ní bheidh feidhm aige roimh an 1 Eanáir 2015.

Airteagal 461

Athbhreithniú ar an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta.a chéimniú isteach

1.   Tabharfaidh ÚBE, tar éis dul i gcomhairle le BERS, tuarascáil don Choimisiún faoin 30 Meitheamh 2016 maidir le cé acu ar cheart céimniú isteach an cheanglais maidir le cumhdach leachtachta mar a shonraítear in Airteagal 460(1a) é a leasú. San anailís sin, tabharfar aird chuí ar a bhfuil ag titim amach sa mhargadh agus ó thaobh na rialála idirnáisiúnta agus ar shonraíochtaí an Aontais.

Sa tuarascáil ón ÚBE, déanfar measúnú go háirithe ar thabhairt isteach iarchurtha an íoschaighdeáin cheangailtigh 100 %, go dtí an 1 Eanáir 2019. Déanfar na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 509(1), sonraí ábhartha an mhargaidh agus moltaí uile na nÚdarás Inniúil a chur san áireamh sa tuarascáil.

2.   I gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar forbairtí eile, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 chun an céimniú isteach a shonraítear in Airteagal 460a athrú chun iarchur a dhéanamh ar íoschaighdeán ceangailteach 100 % a thabhairt isteach don cheanglas maidir le cumhdach leachtachta a leagtar amach in Airteagal 412(1) agus chun íoschaighdeán ceangailteach 90 % a chur i bhfeidhm don cheanglas maidir le cumhdach leachtachta.

Chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hiarchur a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh.

Ní bheidh feidhm ag gníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo roimh an 1 Eanáir 2018 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 30 Meitheamh 2017.

Airteagal 462

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha a tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 456 go 460 go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 31 Nollaig 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 456 go 460 a chúlghairm tráth ar bith. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní bheidh éifeacht aige ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 456 go 460 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal. 463

Agóidí i gcoinne caighdeán teicniúil

I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála de bhun an Rialacháin sin is ionann agus an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a bheidh tíolactha ag ÚBE, is aon mhí amháin ó dháta an fhógra a bheidh sa tréimhse a bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an chaighdeáin theicniúil rialála sin lena linn. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, cuirfear síneadh aon mhí amháin leis an tréimhse sin. De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 13(1)de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, féadfar síneadh breise aon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin a bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an chaighdeáin theicniúil rialála sin lena linn, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 464

Coiste Baincéireachta Eorpach

1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste Baincéireachta Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2004/10/CE (32) ón gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CUID A DEICH

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA, TUARASCÁLACHA, ATHBHREITHNITHE AGUS LEASUITHE

TEIDEAL I

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

CAIBIDIL 1

Ceanglais cistí dílse, gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe arna dtomhas de réir luacha chóir agus asbhaintí

Roinn 1

Ceanglais cistí dílse

Airteagal 465

Ceanglais cistí dílse

1.   De mhaolú ar phointe (a) agus ar phointe (b) d'Airteagal 92(1) beidh feidhm ag na ceanglais cistí dílse seo a leanas le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014:

(a)

cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de leibhéal a thagann faoi raon idir 4 % agus 4.5 %;

(b)

cóimheas caipitil de Leibhéal 1 de leibhéal a thagann faoi raon idir 5.5 % agus 6 %.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla leibhéil na gcóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus de Leibhéal 1 lena gcloífidh institiúidí nó a sháróidh siad sna raonta a shonraítear i mír 1 a chinneadh agus a fhoilsiú.

Airteagal 466

Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a chur i bhfeidhm den chéad uair

De mhaolú ar Airteagal 24(2), déanfaidh údaráis inniúla am tosaigh 24 mhí a thabhairt d'institiúidí chun na próisis inmheánacha riachtanacha agus na ceanglais theicniúla a chur chun feidhme, ar institiúidí iad a gcuirtear de cheangal orthu sócmhainní agus ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a luacháil agus cistí dílse a chinneadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

Roinn 2

Gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe arna dtomhas ag luach cóir

Airteagal 467

Caillteanais neamhréadaithe arna dtomhas de réir luacha chóir

1.   De mhaolú ar Airteagal 35, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, ní dhéanfaidh institiúidí, le linn dóibh ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh, ach amháin an céatadán is infheidhme de chaillteanais neamhréadaithe a bhaineann le sócmhainní nó le dliteanais a rinneadh a thomhas de réir luacha chóir agus a thuairisciú ar an gclár comhardaithe a áireamh, cé is moite dóibh sin dá dtagraítear in Airteagal 33 agus gach caillteanas neamhréadaithe eile a rinneadh a thuairisciú mar chuid den chuntas brabúis agus caillteanais.

2.   Tiocfaidh an céatadán is infheidhme chun críocha mhír 1 faoi na raonta seo a leanas:

(a)

20 % go 100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;

(b)

40 % go 100 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31.12.15;

(c)

60 % go 100 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31.12.16; agus

(d)

80 % go 100 % don tréimhse idir an 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017.

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla, sna cásanna sin inar cuireadh láimhseáil den sórt sin i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2014, cead a thabhairt d'institiúidí gan a áireamh i ngné ar bith de chistí dílse gnóthachain nó caillteanais neamhréadaithe ar risíochtaí ar rialtais láir a aicmítear sa chatagóir "Ar Fáil lena nDíol" den IAS 39 a dtacaíonn an AE leis.

Cuirfear an láimhseáil a leagtar amach sa dara fomhír i bhfeidhm go dtí go nglacann an Coimisiún rialachán ar bhonn Rialachán (CE) Uimh1606/2002 lena dtacaítear leis an gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a bheith ag gabháil ionad an IAS 39.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an céatadán is infheidhme sna raonta a shonraítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 2 a chinneadh agus a fhoilsiú;

Airteagal 468

Gnóthachain neamhréadaithe arna dtomhas ag luach cóir

1.   De mhaolú ar Airteagal 35, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, asbhainfidh institiúidí óna gcuid ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an céatadán is infheidhme de ghnóthachain neamhréadaithe a bhaineann le sócmhainní nó le dliteanais a rinneadh a thomhas de réir luacha chóir agus a thuairisciú ar an gclár comhardaithe, cé is moite dóibh sin dá dtagraítear in Airteagal 33 agus gach gnóthachan neamhréadaithe eile amach uathu siúd a bhaineann le maoin infheistíochta a rinneadh a thuairisciú mar chuid den chuntas brabúis agus caillteanais. Ní asbhainfear an méid iarmharach a thiocfaidh as sin ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh an céatadán is infheidhme cothrom le 100 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014, agus tiocfaidh sé, tar éis an dáta sin, faoi na raonta seo a leanas:

(a)

60 % go 100 % i rith na tréimhse ón 01.01.15 go dtí an 31.12.15;

(b)

40 % go 100 % i rith na tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31.12.16;

(c)

20 % go 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017.

Amhail ón 1 Eanáir 2015, i gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil ceangal a chur faoi Airteagal 467 ar institiúidí agus caipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 á ríomh acu a áireamh 100 % dá gcaillteanais neamhréadaithe a rinneadh a thomhas de réir luacha chóir, féadfaidh an t-údarás inniúil sin a cheadú d'institiúidí freisin 100 % dá ngnóthachain neamhréadaithe de réir luacha chóir a chur san áireamh agus an méid sin á ríomh.

Ón 1 Eanáir 2015, faoi Airrteagal 467, sa chás ina gcuirtear ceanglas ar institiúidí céatadán is infheidhme de chaillteanais neamhréadaithe arna thomhas de réir luacha chóir a áireamh agus caipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 á ríomh acu, ní fhéadfaidh údaráis inniúla céatadán a shocrú is infheidhme de ghnóthachain neamhréadaithe faoi mhír 2 den Airteagal sinar céatadán é lena sárófar an céatadán is infheidhme de chaillteanais neamhréadaithe atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 467.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an céatadán is infheidhme sna raonta a shonraítear i bpointe (a) go pointe (c); de mhír 2 nach bhfuil asbhainte ón gcaipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a chinneadh agus a fhoilsiú;

4.   De mhaolú ar Airteagal 30(1)(c), le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2017, áireoidh institiúidí ina gcuid cistí dílse an céatadán is infheidhme, mar a shonraítear é in Airteagal 478, de na gnóthachain agus na caillteanais luacha cóir ó dhliteanais díorthach a eascraíonn as a bpriacal creidmheasa féin.

Roinn 3

Asbhaintí

Foroinn 1

Asbhaintí as ítimí ghnáthchothromais leibhéal 1

Airteagal 469

Asbhaintí as Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

1.   De mhaolú ar Airteagal 36(1), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

asbhainfidh institiúidí ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 478 de na méideanna is gá a asbhaint de bhun phointí (a) go (h) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;

(b)

cuirfidh institiúidí na forálacha ábhartha a leagtar síos in Airteagal 4723 i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha is gá a asbhaint de bhun phointí (a) go (h) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;

(c)

asbhainfidh institiúidí ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 472 de na méideanna iomlána is gá a asbhaint de bhun phointí (c) go (i) d'Airteagal 36(1), tar éis Airteagal 470 a chur i bhfeidhm;

(d)

cuirfidh institiúidí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 472(5) nó in Airteagal 472(11) i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, maidir leis an méid iomlán iarmharach d'ítimí is gá a asbhaint de bhun phointí (c) go (i) d'Airteagal 36(1), tar éis Airteagal 470 a chur i bhfeidhm.

2.   Déanfaidh institiúidí an cion den mhéid iarmharach iomlán dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, atá faoi réir Airteagal 472(4), a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír sin a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b) den mhír sin:

(a)

méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann as difríochtaí sealadacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 470(2);

(b)

suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 470(2).

3.   Déanfaidh institiúidí an cion den mhéid iarmharach iomlán dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, atá faoi réir Airteagal 472(10), a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír sin a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b) den mhír sin:

(a)

méid na sealúchas díreach agus indíreach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 470(2);

(b)

suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 470(2)

Airteagal 470

Díolúintí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Chun críocha an Airteagail seo, cuimseoidh ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide a ríomhfar tar éis fhorálacha Airteagal 32 go dtí Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus na hasbhaintí a dhéanamh de bhun phointí (a) go (h) agus (k)(ii) go dtí k(v) agus (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha.

2.   De mhaolú ar Airteagal 48(1), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, ní asbhainfidh institiúidí na hítimí a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, 15 % de na hítimí ábhartha de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide:

(a)

sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, 10 % de na hítimí ábhartha de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

i gcás ina mbeidh infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas san earnáil airgeadais, sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha atá ag an institiúid d'ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an eintitis sin atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, 10 % de na hítimí ábhartha Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

3.   De mhaolú ar Airteagal 48(2), déanfar na hítimí a mbeidh díolúine acu ó asbhaint de bhun mhír 2 den Airteagal sin a ualú ó thaobh priacal ag 250 %. Beidh na hítimí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal sin faoi réir cheanglais Theideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 471

Díolúine ó Asbhaintí Gabháltas Cothromais i gCuideachtaí Árachais ó Ítim Gnáthchothromais Leibhéal 1

1.   De mhaolú ar Airteagal 49, (1), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2022, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí gan sealúchais cothromais a asbhaint i ngnóthais árachais, athárachais agus i gcuideachtaí sealbhaíochta árachais i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

na coinníollacha arna leagan síos i bpointe (a), (c) agus (e) d'Airteagal 49(1);

(b)

sa chás go mbeadh na húdaráis inniúla sásta le leibhéal an rialú priacal agus na nósanna imeachta anailíse airgeadais a ghlac an institiúid go sonrach d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an infheistíocht sa ghnóthas nó sa chuideachta shealbhaíochta;

(c)

sa chás nach mó ná 15 % d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 iad sealúchais chothromais na hinstitiúide sa ghnóthas árachais, gnóthas athárachais nó sa chuideachta sealbhaíochta árachais arna eisiúint ag an eintiteas árachais sin faoin 31 Nollaig 2012 agus i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2022;

(d)

Sa chás nach mó an sealúchas cothromais nach bhfuil asbhainte ná an méid a shealbhaítear in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal sa ghnóthas árachais, sa ghnóthas athárachais nó sa chuideachta sealbhaíochta árachais faoin 31 Nollaig 2012.

2.   Cáileoidh na sealúchais chothromais nach n-asbhaintear faoi mhí 1 mar risíochtaí lena mbaineann ualú priacal 370 %.

Airteagal 472

Ítimí nach n-asbhaintear ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1

1.   De mhaolú ar phointe (c) d'Airteagal 33(1) agus ar phointe (a) go (i) d'Airteagal 36(1), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, cuirfidh institiúidí an tAirteagal seo i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha d'ítimí dá dtagraítear in Airteagal 468(4) agus i bpointe (b) agus i bpointe (d) d'Airteagal 469(1), de réir mar is infheidhme.

2.   Ní asbhaintear an méid iarmharach de na coigeartuithe luachála ar dhliteanais díorthach a eascraíonn as priacal creidmheasa na hinstitiúide féin.

3.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis an méid iarmharach de chaillteanais na bliana airgeadais reatha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 36(1):

(a)

asbhaintear caillteanais ábhartha ó ítimí Leibhéal 1;

(b)

ní asbhaintear caillteanais nach bhfuil ábhartha.

4.   Asbhainfidh institiúidí an méid iarmharach de na sócmhainní doláimhsithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 36(1) ó ítimí Leibhéal 1.

5.   Ní asbhainfear an méid iarmharach de na sócmhainní cánach iarchurtha dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 36(1) agus beidh sé faoi réir ag ualú priacal 0 %.

6.   Asbhainfear leath den mhéid iarmharach de na hítimí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 36(1) ó ítimí Leibhéal 1 agus na leath eile ó ítimí Leibhéal 2.

7.   Ní dhéanfar méid iarmharach na sócmhainní i gciste pinsean le sochar sainithe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 36(1) a asbhaint ó aon eilimint de chistí dílse, agus áireofar iad in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéid a aithneofaí an méid sin mar chistí dílse bunaidh i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh faoi phointí (a) go (ca) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE.

8.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na sealúchas d'ionstraimí dílse de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 36(1):

(a)

asbhaintear méid na sealúchas díreach ó ítimí Leibhéal 1;

(b)

maidir le méid na sealúchas indíreach agus sintéiseach, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bhféadfadh ceangal a bheith ar institiúid iad a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana nó oibleagáide teagmhasaí, ní asbhainfear é agus beidh sé faoi réir ag ualú priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

9.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na sealúchas d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintiteas earnála airgeadas i gcás ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis an eintiteas sin dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 36(1):

(a)

i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid san eintiteas earnála airgeadais sin, láimhseáiltear méid a sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (h) d'Airteagal 36(1);

(b)

i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid san eintiteas earnála airgeadais sin, láimhseáiltear méid a sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (i) d'Airteagal 36(1).

10.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha d'ítimí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1):

(a)

déantar leath de na méideanna is gá a asbhaint a bhaineann le sealúchais dhíreacha a asbhaint ó ítimí Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Leibhéal 2;

(b)

ní dhéantar na méideanna a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha a asbhaint agus tá siad faoi réir ag ualuithe priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme;

11.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha de na hítimí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1):

(a)

déantar leath de na méideanna is gá a asbhaint a bhaineann le sealúchais dhíreacha a asbhaint ó ítimí Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Leibhéal 2;

(b)

ní dhéantar na méideanna a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha a asbhaint agus tá siad faoi réir ag ualuithe priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 473

Leasuithe ar IAS 39 a thabhairt isteach

1.   De mhaolú ar Airteagal 481, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2018, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú d'institiúidí a ullmhaíonn a gcuntais i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 le cur lena nGnáthchothromas Leibhéal 1 an méid is infheidhme i gcomhréir le mír 2 nó mír 3 de réir mar is infheidhme arna iolrú faoin bhfachtóir a gcuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le mír 4.

2.   Ríomhfar an méid is infheidhme tríd an tsuim a fhaightear i gcomhréir le pointe (b) a asbhaint ón tsuim a fhaightear i gcomhréir le pointe (a)

(a)

Cinnfidh institiúidí luach sócmhainní a gcistí nó a bpleananna pinsin le sochar sainithe, mar is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1126/2008 (33) mar a a leasaítear le Rialachán (AE) Uimh 475/2012 (34) iad. Déanfaidh na hinstitiúidí a asbhaint ó luach na sócmhainní sin luachanna na n-oibleagáidí faoi na cistí nó pleananna sainithe céanna arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta céanna.

(b)

Cinnfidh institiúidí luach sócmhainní a gcistí nó a bpleananna pinsin sainithe, mar is infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh 1126/2008. Déanfaidh na hinstitiúidí a asbhaint ó luach na sócmhainní sin luachanna na n-oibleagáidí sin faoi na cistí nó pleananna sainithe céanna arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta céanna.

3.   An méid a chinnfear i gcomhréir le mír 2, déanfar é a theorannú don mhéid nach gá a asbhaint ó chistí dísle roimh 1 Eanáir 2014, faoi bhearta trasuí náisiúnta Threoir 2006/48/CE, a mhéid a bheadh na bearta trasuí náisiúnta sin i dteideal na láimhseála in Airteagal 481 sa Bhallstát lena mbaineann.

4.   Beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:

(a)

1 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;

(b)

0,8 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015;

(c)

0,6 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2016;

(d)

0,4 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017;

(e)

0,2 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go 31 Nollaig 2018

5.   Déanfaidh institiúidí luachanna sócmhainní agus dliteanais eile i gcomhréir le mír a 2 a nochtadh ina ráitis fhoilsithe airgeadais.

Foroinn 2

Aisbhaintí as ítimí chaipiteal breise leibhéal 1

Airteagal 474

Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1

De mhaolú ar Airteagal 56, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

asbhainfidh institiúidí ó ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 478 de na méideanna is gá a asbhaint de bhun Airteagal 56;

(b)

cuirfidh institiúidí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 475 i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha d'ítimí is gá a asbhaint de bhun Airteagal 56.

Airteagal 475

Ítimí nach n-asbhaintear ó ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1

1.   De mhaolú ar Airteagal 56, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo maidir leis na méideanna iarmharacha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 474.

2.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 56:

(a)

déantar sealúchais dhíreacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1a asbhaint ag a luach de réir na leabhar ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 1;

(b)

sealúchais indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bhféadfadh oibleagáid a bheith ar institiúid iad a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana nó de bhua oibleagáide teagmhasaí, ní dhéantar iad a asbhaint agus déantar iad a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus beidh siad faoi réir ag ceanglais Theideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

3.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 56:

(a)

i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid a sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach de na hionstraimí sin de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 an eintitis sin amhail is go dtagann siad faoi phointe (c) d'Airteagal 56;

(b)

i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid a sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach de na hionstraimí sin de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (d) d'Airteagal 56.

4.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 56:

(a)

déantar leath den mhéid a bhaineann le sealúchais dhíreacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d'Airteagal 56 a asbhaint ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2;

(b)

ní dhéantar an méid a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d'Airteagal 56 a asbhaint agus beidh siad faoi réir ag ualú priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais de Theideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

Foroinn 3

Asbhaintí as ítimí chaipiteal leibhéal 2

Airteagal 476

Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2

De mhaolú ar Airteagal 66, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

asbhainfidh institiúidí ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 478 de na méideanna is gá a asbhaint de bhun Airteagal 66;

(b)

cuirfidh institiúidí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 477 i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha is gá a asbhaint de bhun Airteagal 66.

Airteagal 477

Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2

1.   De mhaolú ar Airteagal 66, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo maidir leis na méideanna iarmharacha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 476.

2.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 66:

(a)

déantar sealúchais dhíreacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint ag a luach de réir na leabhar ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2;

(b)

sealúchais indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a bhféadfadh oibleagáid a bheith ar institiúid iad a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana nó de bhua oibleagáide teagmhasaí, ní asbhaintear iad agus déantar iad a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus beidh siad faoi réir ag ceanglais Theideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

3.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 66:

(a)

i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá aici d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (c) d'Airteagal 66;

(b)

i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (d) d'Airteagal 66

4.   Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 66:

(a)

déantar leath den mhéid a bhaineann le sealúchais dhíreacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 66 a asbhaint ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2;

(b)

ní dhéantar an méid a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d'Airteagal 66 a asbhaint agus beidh siad faoi réir ag ualú priacal faoi Chaibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

Foroinn 4

Céatadáin is infheidhme maidir le hasbhaint

Airteagal 478

Céatadáin is infheidhme maidir le hasbhaint ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2

1.   Tiocfaidh an céatadán is infheidhme chun críocha 'Airteagal 468(5), Airteagal 469(1)(a) agus (c) Airteagal 474(a) agus Airteagal 476(a) faoi na raonta seo a leanas:

(a)

20 % go 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;

(b)

40 % go 100 % don tréimhse ón 1. Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015;

(c)

60 % go 100 % don tréimhse ón 1.Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2016;

(d)

80 % go 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 36 (1) arbh ann dóibh roimh an, tiocfaidh an céatadán is infheidhme chun críoch phointe (c) d'Airteagal 469 (1) faoi na raonta seo a leanas:

(a)

0 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí 2 Eanáir 2015

(b)

10 % go dtí 100 % don tréimhse ón 2 Eanáir 2015 go dtí 2 Eanáir 2016

(c)

20 % go dtí 100 % don tréimhse ón 2 Eanáir 2016 go dtí 2 Eanáir 2017

(d)

30 % go dtí 100 % don tréimhse ón 2 Eanáir 2017 go dtí 2 Eanáir 2018

(e)

40 % go dtí 100 % don tréimhse ón 2 Eanáir 2018 go dtí 2 Eanáir 2019

(f)

50 % go dtí 100 % don tréimhse ón 2 Eanáir 2019 go dtí 2 Eanáir 2020

(g)

60 % go dtí 100 % don tréimhse ón 2 Eanáir 2020 go dtí 2 Eanáir 2021

(h)

70 % go dtí 100 % don tréimhse ón 2 Eanáir 2021 go dtí 2 Eanáir 2022

(i)

80 % go dtí 100 % don tréimhse ón 2 Eanáir 2022 go dtí 2 Eanáir 2023

(j)

90 % go dtí 100 % don tréimhse ón 2 Eanáir 2023 go dtí 2 Eanáir 2024

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla céatadán is infheidhme sna raonta a shonraítear i mír 1 agus i mír 1 agus mír 2 a chinneadh agus a fhoilsiú do gach ceann de na hasbhaintí seo a leanas:

(a)

na hasbhaintí aonair is gá de bhun phointí (a) go (h) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;

(b)

méid comhiomlán na sócmhainní cánach iarchurtha atá spléach ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha agus na hítimí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1) is gá a asbhaint de bhun Airteagal 85;

(c)

gach asbhaint is gá de bhun phointí (b) go (d) d'Airteagal 56;

(d)

gach asbhaint is gá de bhun phointí (b) go (d) d'Airteagal 66

Roinn 4

Leas mionlaigh agus ionstraimí chaipiteal breise leibhéal 1 agus de chaipiteal leibhéal 2 arna n-eisiúint ag fochuideachtaí

Airteagal 479

Ítimí agus ionstraimí nach gcáilíonn mar leasanna mionlaigh a aithint i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite

1.   De mhaolú ar Theideal III de Chuid a Dó, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, cinnfidh na húdaráis inniúla na hítimí a cháileodh mar chúlchistí comhdhlúite i gcomhréir le bearta náisiúnta trasuímh le haghaidh Airteagal 65 de Threoir 2006/48/CE nach gcáilíonn mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite ar cheann ar bith de na cúiseanna seo a leanas a aithint i gcistí dílse comhdhlúite i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal sin:

(a)

ní cháilíonn an ionstraim mar ionstraim de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, agus dá réir sin ní cháilíonn an tuilleamh coinnithe agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite;

(b)

ní cháilíonn na hítimí mar thoradh ar mhír 2 d'Airteagal 81(2);

(c)

ní cháilíonn na hítimí toisc nach institiúid ná eintiteas í an fhochuideachta atá faoi réir cheanglais an Rialacháin sin agus Threoir 2013/36/AE de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(d)

ní cháilíonn na hítimí toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

2.   An céatadán is infheidhme de na hítimí dá dtagraítear i mír 1 a cháileodh mar chúlchistí comhdhlúite i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh maidir le hAirteagal 65 de Threoir 2006/48/CE, cáileoidh sé mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.

3.   Chun críocha mhír 2, tiocfaidh na céatadáin is infheidhme faoi na raonta seo a leanas:

(a)

0 % go 80 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;

(b)

0 % go 60 % don tréimhse idir an 01.01.15 agus an 31 Nollaig 2015:

(c)

0 % go 40 % don tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31.12.16;

(d)

0 % go 20 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an céatadán is infheidhme sna raonta a shonraítear i mír 3 a chinneadh agus a fhoilsiú.

Airteagal 480

Caipiteal Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal Leibhéal 2 cáilitheach a aithint i gcistí dílse comhdhlúite de leasanna mionlaigh

1.   De mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 84(1), phointe (b) d'Airteagal 85(1) agus phointe (b) d'Airteagal 87(1), i rith na tréimhse ón 1 Nollaig 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, déanfar na céatadáin dá dtagraítear sna hAirteagail sin a iolrú faoi fhachtóir is infheidhme.

2.   Chun críocha mhír 1, tiocfaidh an fachtóir is infheidhme faoi na raonta seo a leanas:

(a)

0,2 go 1 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;

(b)

0,4 go 1 sa tréimhse ón 01.01.15 go dtí an 31.12.15;

(c)

0,6 go 1 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2016; agus

(d)

0,8 go 1 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla luach an fhachtóra is infheidhme sna raonta a shonraítear i mír 2 a chinneadh agus a fhoilsiú.

Roinn 5

Scagairí breise agus asbhaintí breise

Airteagal 481

Scagairí breise agus asbhaintí breise

1.   De mhaolú ar Airteagail 32 go 36, ar Airteagal 56 agus ar Airteagal 66, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, déanfaidh institiúidí coigeartuithe d'fhonn an céatadán is infheidhme de na scagairí nó na n-asbhaintí a éilítear faoi bhearta náisiúnta trasuímh maidir le hAirteagail 57, 61, 63, 63a, 64 agus 66 de Threoir 2006/48/CE, agus maidir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 16 de Threoir 2006/49/CE, agus nach n-éilítear i gcomhréir le Cuid a Dó den Rialachán seo a chur san áireamh in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 2 nó in ítimí cistí dílse nó iad a bhaint astu.

2.   De mhaolú ar Airteagail 36(1)(i) agus ar Airteagal 49(1) agus (3) i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014, féadfaidh na húdaráis inniúla cur de cheangal ar institiúidí nó iad a cheadú na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chur i bhfeidhm i gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i bpointe (b) agus i bpointe (e) d'Airteagal 49(1) seachas an asbhaint a cheanglaítear de bhun Airteagal 36(1). Sna cásanna sin, dearbhófar an chomhréir sealúchais ionstraimí cístí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid nach gceanglaítear í a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 49(1) ag an gcéatadán is infheidhme dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin. Beidh an méid nach n-asbhainfear faoi réir cheanglais Airteagal 49(4), mar is infheidhme.

3.   Chun críocha mhír 1, tiocfaidh an céatadán is infheidhme faoi na raonta seo a leanas:

(a)

0 % go 80 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;

(b)

0 % go 60 % don tréimhse idir an 01.01.15 agus an 31 Nollaig 2015:

(c)

0 % go 40 % don tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31.12.16;

(d)

0 % go 20 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017

4.   Chun críche mhír 2, beidh an céatadán is infheidhme idir 0 % agus 50 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;:

5.   Maidir le gach scagaire nó asbhaint dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh údaráis inniúla na céatadáin is infheidhme sna raonta a shonraítear i mír 3 agus mír 4 a chinneadh agus a fhoilsiú.

6.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha a shonrú faoina gcinnfidh na húdaráis inniúla an ceart nó nár cheart coigeartuithe a rinneadh ar chistí dílse, nó ar eilimintí díobh, chun críocha an Airteagail seo, i gcomhréir le bearta náisiúnta trasuímh maidir le Treoir 2006/48/CE nó Treoir 2006/49/CE nach n-áirítear i gCuid a Dó den Rialachán seo a dhéanamh ar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 2 nó ar ítimí cistí dílse.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ón 1 Feabhra 2014

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 482

Raon feidhme d' idirbhearta díorthach le cistí pinsean a chur i bhfeidhm

Maidir leis na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 89 de Rialachán AE Uimh648/2012] agus a rinneadh le socruithe scéime pinsin mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Rialachán seo iad, ní ríomhfaidh na hinstitiúidí na ceanglais maidir le cistí dílse do priacal CVAdá bhforáiltear in Airteagal 382(4)(c) den Rialachán sin.

CAIBIDIL 2

Marthanú ionstraimí caipitil

Roinn 1

Ionstraimí lenambunaítear státchabhair

Airteagal 483

Ionstraimí lena mbunaítear Státchabhair a mharthanú

1.   De mhaolú ar Airteagail 26 go 29, 51, 52, 62 agus 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hionstraimí agus ítimí caipitil i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

eisíodh na hionstraimí roimh an 1 Eanáir 2014;

(b)

eisíodh na hionstraimí i gcomhthéacs scéime athchaipitlithe de bhun rialacha i leith Státchabhrach; Sa mhéid go suibscríobhtar cuid de na hionstraimí go príobháideach, déanfar iad a eisiúint roimh an 30 Meitheamh 2012 i gcomhar leis na codanna sin atá suibcríofa ag an mBallstát;

(c)

mheas an Coimisiún go raibh na hionstraimí comhoiriúnach don mhargadh inmheánach faoi Airteagal 107 CFAE;

(d)

Snacásanna inar ionstraimí iad atá suibscríofa ag an mBallstát agus ag infheisteoirí príobháideacha araon, i gcás ina ndéanfar fuascailt pháirteach ar na hionstraimí atá subscríofa ag an mBallstát, déanfar sciar comhfhreagrach den chuid atá suibscríofa go príobháideach a mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 484. Nuair a bheidh na hionstraimí uile atá suibscríofa ag an mBalltát fuascailte, déanfar na hionstraimí a bheidh fágtha atá suibscríofa ag infheisteoirí príobháideacha a mharthanú i gcomhréir lehAirteagal 484.

2.   Cáileoidh ionstraimí a cháiligh i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, d'ainneoin ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28 den Rialachán sin;

(b)

d'eisigh gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán seo na hionstraimí agus níor comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28 den Rialachán seo seo, nó i gcás inarb infheidhme in Airteagal 29 den Rialachán seo.

3.   Cáileoidh ionstraimí dá dtagraítear i mír 1(c) den Airteagal sin nach gcáilíonn faoi na bearta náisiúnta trasuí maidir le pointe (a) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, d'ainneoin nár comhlíonadh ceanglais mhír 2 (a) nó (b) den Airteagal sin, ar an gcoinníoll go gcloífear le ceanglais mhír 8 den Airteagal sin.

Ní fhéadfaidh ionstraimí a cháilíonn mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun na chéad fho-mhíre cáiliú mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 faoi mhír 5 nó faoi mhír 7.

4.   Cáileoidh ítimí a cháiligh i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (ca) d'Airteagal 57 agus maidir le hAirteagal 66(1) de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, d'ainneoin nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 52(1) den Rialachán sin.

5.   Cáileoidh ionstraimí dá dtagraítear i mír 1(c) den Airteagal sin nach gcáilíonn faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (ca) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, d'ainneoin nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52(1)den Rialachán sin, ar an gcoinníoll go gcloífear le ceanglais mhír 6 den Airteagal sin.

Ní fhéadfaidh ionstraimí a cháilíonn mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1de bhun na chéad fho-mhíre cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 faoi mhír 3 nó faoi mhír 7.

6.   Cáileoidh ítimí a cháiligh i gcomhréir le bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointí (f), (g) nó (h) d'Airteagal 57 agus maidir le hAirteagal 66(1) de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2, d'ainneoin nár comhlíonadh na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 62 den Rialachán seo agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63 den Rialachán sin.

7.   Cáileoidh ionstraimí dá dtagraítear i mír 1(c) den Airteagal sin nach gcáilíonn i gcomhréir le bearta náisiúnta trasuí maidir le pointe (f), pointe (g) nó pointe (h) d'Airteagal 57 agus maidir le hAirteagal 66(1) de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2, d'ainneoin nár comhlíonadh na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 62 agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha mhír den Airteagal seo.

Ní fhéadfaidh ionstraimí a cháilíonn mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de bhun na chéad fho-mhíre cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 faoi mhír 3 nó faoi mhír 5.

8.   Ní fhéadfaidh ionstraimí dá dtagraítear i mír 3, i mír 5 agus i mír 7 cáiliú mar ionstraimí cistí dílse dá dtagraítear sna míreanna sin ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar an coinníoll i bpointe (a) de mhír 1 agus nuair a eiseoidh institiúidí atá corpraithe i mBallstát atá faoi réir Cláir Choigeartaithe Eacnamaíoch iad, agus comhaontófar eisiúint na n-ionstraimí sin faoin gclár sin.

Roinn 2

Ionstraimí nach mbunaítear státchabhair leo

Foroinn 1

Incháilitheacht mharthanachta agus teorainneacha

Airteagal 484

Incháilitheacht chun ítimí a cháiligh mar chistí dílse faoi bhearta náisiúnta trasuímh maidir le Treoir 2006/48/CE a mharthanú

1.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le hionstraimí agus ítimí a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2011 agus nach iad na hionstraimí ná na hítimí sin dá dtagraítear in Airteagal 483(1) iad.

2.   De mhaolú ar Airteagail 26 go 29, 51, 52, 62 agus 63, beidh feidhm ag an Airteagal seo i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021

3.   Faoi réir Airteagal 485 den Rialachán seo agus faoi réir na teorann a shonraítear in Airteagal 486(2) de, caipiteal de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, a cháiligh mar chistí dílse bunaidh faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE, déanfar iad a cháiliú mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, d'ainneoin nach gcomhlíonann an caipiteal na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29 den Rialachán seo.

4.   Faoi réir na teorann a shonraítear in Airteagal 486(3) den Rialachán sin, ionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, a cháiligh mar chistí dílse bunaidh faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (ca) d'Airteagal 57 agus Airteagal 154(8) agus (9) de Threoir 2006/48/CE, déanfar iad a cháiliú mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, d'ainneoin na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 den Rialachán sin.

5.   Faoi réir na dteorainneacha a shonraítear in Airteagal 486(4) den Rialachán sin, ítimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, a cháiligh faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointí (e), (f), (g) nó (h) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE déanfar iad a cháiliú mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, d'ainneoin nár áiríodh na hítimí sin in Airteagal 62 den Rialachán seo nó d'ainneoin na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63 den Rialachán sin.

Airteagal 485

Incháilitheacht le cur isteach i nGnáthchothromas Leibhéal 1 de na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hítimí a cháiligh mar chistí dílse faoi bhearta náisiúnta trasuímh maidir le Treoir 2006/48/CE

1.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le hionstraimí a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2010 agus nach iad na hionstraimí sin dá dtagraítear in Airteagal 483(1) iad.

2.   Cuntais scairbhisigh a bhaineann le caipiteal de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/365/CEE, a cháiligh mar chistí dílse bunaidh faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE, cáileoidh siad mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (i) agus i bpointe (j) d'Airteagal 28 den Rialachán sin.

Airteagal 486

Teorainneacha ar ítimí a mharthanú in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2

1.   I rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, beidh teorainn leis an méid a cháileoidh na hionstraimí agus ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484 mar chistí dílse i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(3) a cháileoidh mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 teoranta don chéatadán is infheidhme de shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin:

(a)

méid ainmniúil an chaipitil dá dtagraítear in Airteagal 484(3) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012;

(b)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hítimí dá dtagraítear i bpointe (a);

3.   Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a cháileoidh mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 teoranta don chéatadán is infheidhme iolraithe faoin toradh a fhaightear nuair a dhealaítear suim na méideanna a shonraítear i bpointí (c) go (f) den mhír sin ó shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin:

(a)

méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí eisithe fós an 31 Nollaig 2012;

(b)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

méid na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí, an 31 Nollaig 2012, os cionn na dteorainneacha a shonraítear sna bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 66(1) agus Airteagal 66(1a) de Threoir 2006/48/CE;

(d)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (c);

(e)

méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 ach nach gcáilíonn mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 489(4);

(f)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (e).

4.   Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a cháileoidh mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 teoranta don chéatadán is infheidhme den toradh a fhaightear nuair a dhealaítear suim na méideanna a shonraítear i bpointí (e) go (h) den mhír sin ó shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) go (d):

(a)

méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe fós an 31 Nollaig 2012;

(b)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

méid ainmniúil an chaipitil ó iasacht fho-ordaithe a bhí fós eisithe an 31 Nollaig, laghdaithe leis an méid a éilítear de bhun na mbeart náisiúnta trasuímh maidir le pointe (c) d'Airteagal 64(3) de Threoir 2006 /48/CE;

(d)

méid ainmniúil na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 44(5), seachas na hionstraimí agus an caipiteal ó iasacht fho-ordaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) den mhír seo, a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012;

(e)

méid ainmniúil na n-ionstraimí agus na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 agus a chuaigh thar na teorainneacha a shonraítear sna bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 66(1) de Threoir 2006/48/CE;

(f)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (e);

(g)

méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 nach gcáilíonn mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 de bhun Airteagal 490(4);

(h)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (g).

5.   Chun críocha an Airteagail seo, tiocfaidh na céatadáin is infheidhme dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 faoi na raonta seo a leanas:

(a)

60 % go 80 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 o dtí an 31 Nollaig 2014;

(b)

40 % go 70 % i rith na tréimhse ón 01.01.15 go dtí an 31.12.15;

(c)

20 % go 60 % i rith na tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31.12.16;

(d)

0 % go 50 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017;

(e)

0 % go 40 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2018;

(f)

0 % go 30 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019;

(g)

0 % go 20 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;

(h)

0 % go 10 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021

6.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na céatadáin is infheidhme sna raonta a shonraítear i mír 5 a chinneadh agus a fhoilsiú;

Airteagal 487

Ítimí atá eisiata ó mharthanú in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a mharthanú in eilimintí eile de chistí dílse

1.   De mhaolú ar Airteagail 51, 52, 62 agus 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, féadfaidh institiúidí caipiteal, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a eisiatar ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 toisc go sáraíonn siad an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 486(2), a láimhseáil mar ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4), a mhéid is nach sáraítear, trí áireamh an chaipitil sin agus na gcuntas scairbhisigh gaolmhar, teorainn an chéatadáin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 486(3).

2.   De mhaolú ar Airteagail 51, 52, 62 agus 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, féadfaidh institiúidí na nithe seo a leanas a láimhseáil mar ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5), a mhéid is nach sáraítear, trína n-áireamh, teorainn an chéatadáin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 486(4):

(a)

caipiteal, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, dá dtagraítear in Airteagal 484(3) a eisiatar ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 toisc go sáraíonn siad an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 486(2);

(b)

ionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a sháraíonn an céatadán is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 486(3).

3.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha a shonrú chun ionstraimí cistí dílse dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a láimhseáil mar ionstraimí a thig faoi Airteagal 486(4) nó faoi Airteagal 486(5) i rith na tréimhse 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 488

Amúchadh ar ítimí a marthanaíodh mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2

Beidh na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a cháilíonn mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 484(5) nó in Airteagal 486(4) faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 64.

Foroinn 2

Ionstraimí ina bhfuil rogha agus dreasacht fuascailte a áireamh in ítimí chaipiteal breise leibhéal 1 agus de chaipiteal leibhéal 2

Airteagal 489

Ionstraimí hibrideacha ina bhfuil rogha agus dreasacht fuascailte

1.   De mhaolú ar Airteagal 51 agus ar Airteagal 52, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, maidir leis na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a gcuimsítear ina dtéarmaí agus ina gcoinníollacha rogha agus dreasacht don institiúid iad a fhuascailt, beidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos i míreanna 2 go 7 den Airteagal sin.

2.   Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is roimh an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b)

níor fheidhmigh an institiúid an rogha;

(c)

comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ón 1 Eanáir 2013.

3.   Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bhfuil aithint laghdaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 484(4) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír agus cáileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 gan aon teorainn, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b)

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;

(c)

comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.

4.   Ní cháileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, agus ní bheidh siad faoi réir Airteagal 484(4) ón 1 Eanáir 2014 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is idir an 31 Nollaig 2011 agus an 1 Eanáir 2013 a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b)

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;

(c)

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.

5.   Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bhfuil aithint laghdaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 484(4) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír agus ní cháileoidh siad ina dhiaidh sin mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b)

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;

(c)

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.

6.   Cáileoidh ionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 484(4) i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is an 31 Nollaig 2011 nó roimhe sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b)

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;

(c)

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.

Airteagal 490

Ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 lena ngabhann dreasacht fuascailte

1.   De mhaolú ar Airteagal 62 agus Airteagal 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, maidir le hítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a cháiligh faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (f) nó le pointe (h) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE agus ina gcuimsítear ina dtéarmaí agus ina gcoinníollacha rogha le dreasacht don institiúid iad a fhuascailt, beidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos i míreanna 2 go 7 den Airtegal sin.

2.   Cáileoidh na hítimí mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is roimh an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b)

níor fheidhmigh an institiúid an rogha;

(c)

comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ón 1 Eanáir 2013.

3.   Cáileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 484(5) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír, agus cáileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b)

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;

(c)

comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.

4.   Ní cháileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 ón 1 Eanáir 2013 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is idir an 31 Nollaig 2011 agus an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b)

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;

(c)

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 60 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.

5.   Cáileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 a bhfuil aithint laghdaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 484(5) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír, agus ní cháileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b)

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta a n-aibíochta iarbhír;

(c)

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.

6.   Cáileoidh ítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 484(5), i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is an 31 Nollaig 2011 nó roimhe sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b)

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;

(c)

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.

Airteagal 491

Aibíocht iarbhír

Chun críocha Airteagal 489 agus Airteagal 490, déanfar aibíocht iarbhír a chinneadh mar a leanas:

(a)

maidir leis na hítimí dá dtagraítear i mír 3 agus mír 5 de na hAirteagail sin, is ionann é agus dáta na céadrogha le dreasacht fuascailte a tharlóidh an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin;

(b)

maidir leis na hítimí dá dtagraítear i mír 4 de na hAirteagail sin, is ionann é agus dáta na céadrogha le dreasacht fuascailte a tharlaíonn idir an 31 Nollaig 2011 agus an 1 Eanáir 2013;

(c)

maidir leis na hítimí dá dtagraítear i mír 6 de na hAirteagail sin, is ionann é agus dáta na céadrogha le dreasacht fuascailte a tharla roimh an 31 Nollaig 2011

CAIBIDIL 3

Forálacha idirthréimhseacha maidir le nochtadh cistí dílse

Airteagal 492

Nochtadh cistí dílse

1.   Cuirfidh na hinstitiúidí an tAirteagal seo i bhfeidhm i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021

2.   I rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 1 Nollaig 2015, nochtfaidh institiúidí a mhéid a sháraíonn an leibhéal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 1 na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 465.

3.   I rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis bhreise seo a leanas maidir lena gcistí dílse:

(a)

maidir leis na scagairí agus na hasbhaintí aonair a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 467 go 470, 474, 476 agus 479, an cineál a bhí iontu agus a n-éifeacht ar Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ar Chaipiteal Breise Leibhéal 1, ar Chaipiteal Leibhéal 2 agus ar chistí dílse;

(b)

méideanna na leasanna mionlaigh agus na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2, agus an tuilleamh coinnithe gaolmhara agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, a d'eisigh fochuideachtaí a áirítear i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite, nó i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite nó i gcistí dílse comhdhlúite i gcomhréir le Roinn 4 de Chaibidil 1;

(c)

éifeacht na scagairí agus na n-asbhaintí aonair, a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 481, ar Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ar Chaipiteal Breise Leibhéal 1, ar Chaipiteal Leibhéal 2 agus ar chistí dílse;

(d)

cineál agus méideanna na n-ítimí a cháilíonn mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 de bhua na maoluithe a shonraítear i Roinn 2 de Chaibidil 2 a chur i bhfeidhm.

4.   I rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, nochtfaidh institiúidí méid na n-ionstraimí a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484 a chur i bhfeidhm.

5.   Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an teimpléad aonfhoirmeach maidir le nochtadh a shonrú don nochtadh faoin Airteagal seo. Cuimseoidh na teimpléid na hítimí a liostaítear in Airteagal 437, mír 1, pointí (a), (b), (d) agus (e), a leasaítear le Caibidil 1 agus 2 den Teideal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 4

Risíochtaí móra, ceanglais cistí dílse, luamhánú agus íosráta ríofa Basel I

Airteagal 493

Forálacha idirthréimhseacha maidir le risíochtaí móra

1.   Ní bheidh feidhm ag na forálacha maidir le risíochtaí móra a leagtar síos in Airteagail 387 go 403 maidir le gnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach i bpointí 5, 6, 7, 9 agus 10 de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE agus nach raibh feidhm ag Treoir 93/22/CEE an 10 Bealtaine 1993 (35) ina leith an 31 Nollaig 2006. Tá an díolúine sin ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2014 nó an dáta ar a dtiocfaidh leasuithe ar bith de bhun mhír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm, cibé acu is luaithe.

2.   Faoin 31 Nollaig 2015, cuirfidh an Coimisiún, ar bhonn comhairliúchán poiblí agus i bhfianaise na caibidlíochta leis na húdaráis inniúla, tuarascáil ar an méid seo a leanas chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle:

(a)

córas iomchuí le haghaidh maoirseachta stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na díorthaigh tráchtearraí nó na conarthaí díorthacha a leagtar amach i bpointí 5, 6, 7, 9 agus 10 de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;

(b)

a inmhianaithe atá sé Treoir 2004/39/CE a leasú chun catagóir eile de ghnólachtaí infheistíochta a chruthú a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach i bpointí 5, 6, 7, 9 agus 10 de Roinn C d'Iarscríbhinn I de Threoir 2004/39/CE a bhaineann le soláthairtí fuinnimh.

Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun leasuithe a dhéanamh ar an Rialachán seo.

3.   De mhaolú ar Airteagal 400 (2) agus (3), le linn idirthréimhse go dtí go dtiocfaidh aon ghníomh reachtach i bhfeidhm tar éis an athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 507, ach ní tar éis 2 Eanáir 2029, díolúine iomlán nó díolúine pháirteach a thabhairt i leith na risíochtaí a leanas ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):

(a)

bannaí faoi chumhdach a thagann faoi chuimsiú Airteagal 129(1), Airteagal 129(3) agus Airteagal 129(6);

(b)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla Ballstát i gcás ina sannfaí ualú priacal 20 % do na héilimh sin faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 agus do risíochtaí eile ar na rialtais réigiúnacha nó ar na húdaráis áitiúla sin, nó arna ráthú acu, éilimh a sannfaí ualú priacal 20 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;

(c)

risíochtaí, lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, a thabhaigh institiúid i leith a máthairchuideachta, i leith fhochuideachtaí eile na máthairchuideachta nó i leith a cuid fochuideachtaí féin, sa mhéid is go bhfuil na gnóthais sin faoi chumhdach ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Treoir 2002/87/CE nó le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír; láimhseálfar risíochtaí nach gcomhlíonann na critéir sin, bíodh díolúine acu ó Airteagal 395(1) den Rialachán seo nó ná bíodh, mar risíochtaí ar thríú páirtí;

(d)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus risíochtaí eile, lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, ar institiúidí creidmheasa réigiúnacha nó lárnacha lena bhfuil baint ag an institiúid chreidmheasa i líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla agus atá freagrach, faoi na forálacha sin, as oibríochtaí imréitigh airgid laistigh den líonra;

(e)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus risíochtaí eile ar institiúidí creidmheasa arna dtabhú ag institiúidí creidmheasa, a bhfeidhmíonn ceann amháin acu ar bhonn neamhiomaíoch agus a sholáthraíonn nó a ráthaíonn iasachtaí faoi chláir reachtacha nó faoina cuid reachtanna, chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a chur chun cinn faoi fhormhaoirseacht rialtais de chineál éigin agus srianta maidir le húsáid na n-iasachtaí, ar an gcoinníoll go dtiocfaidh na risíochtaí faoi seach as iasachtaí den sórt sin a chuirtear ar aghaidh chuig na tairbhithe trí institiúidí creidmheasa nó ó ráthaíochtaí na n-iasachtaí sin;

(f)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar institiúidí agus risíochtaí eile orthu, ar an gcoinníoll nach gcuimseoidh na risíochtaí sin cistí dílse na n-institiúidí sin, agus nach maireann níos faide ná an chéad lá gnó eile agus nach bhfuil siad ainmnithe i mórairgeadra trádála;

(g)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar bhainc cheannais i bhfoirm na gcúlchistí íosta is gá a sealbhaíonn na bainc cheannais sin atá ainmnithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta;

(h)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais láir i bhfoirm ceanglas leachtachta reachtúla a shealbhaítear in urrúis rialtais atá ainmnithe agus cistithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta ar an gcoinníoll gombeidh, ag lánrogha an údaráis inniúil, measúnú creidmheasa na rialtas láir sin atá sannta ag IMCS ainmnithe de ghrád infheistíochta;

(i)

50 % de chreidmheasanna doiciméadacha íospriacal /meánpriacal lasmuigh den chlár comhardaithe agus de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe íospriacal /meánpriacal lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus faoi réir chomhaontú na n-údarás inniúil, 80 % de ráthaíochtaí seachas ráthaíochtaí iasachta a bhfuil bonn dlí nó rialála fúthu agus a thugtar dá gcuid comhaltaí trí chomhscéimeanna ráthaíochta a bhfuil stádas acu mar institiúidí creidmheasa;

(j)

ráthaíochtaí a cheanglaítear leis an dlí a úsáidtear nuair a íoctar iasacht mhorgáiste atá maoinithe trí bhannaí morgáiste a eisiúint le hiasachtaí an mhorgáiste sula gclárófar an morgáiste den uair dheiridh sa chlár talún, ar an gcoinníoll nach n-úsáidfear an ráthaíocht mar ní a laghdóidh an priacal a bhaineann leis na méideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal a ríomh;

(k)

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh agus risíochtaí eile ar mhalairtí aitheanta.

Airteagal 494

Forálacha idirthréimhseacha maidir le caipiteal incháilithe

De mhaolú ar phointe (71)(b) d'Airteagal 4(1), féadfar Caipiteal Leibhéal 2 áireamh ar chaipiteal incháilithe, suas go dtí na méideanna a leanas:

(a)

100 % de Chaipiteal Leibhéal 1 i rith na tréimhse ón 01.01.14 go dtí an 31 Nollaig 2014;

(b)

75 % de Chaipiteal Leibhéal 1 i rith na tréimhse ón 01.01.15 go dtí an 31 Nollaig 2015;

(c)

50 % de Chaipiteal Leibhéal 1 i rith na tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31 Nollaig 2016;

Airteagal 495

Risíochtaí ar chothromas faoin gCur Chuige IBR a láimhseáil

1.   De mhaolú ar Chaibidil 3 de Chuid a Trí, go dtí an 31 Nollaig 2017, féadfaidh an t-údarás inniúil catagóirí áirithe risíochtaí ar chothromas atá sealbhaithe ag institiúidí agus ag fochuideachtaí AE d'institiúidí sa Bhallstát sin amhail an 31 Nollaig 2007 a dhíolmhú ó láimhseáil de réir chur chuige IRB. Déanfaidh an t-údarás inniúil na catagóirí risíochtaí ar chothromas a bhaineann buntáiste as an láimhseáil sin a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.

Déanfar an suíomh díolmhaithe a thomhas mar líon na scaireanna amhail an 31 Nollaig 2007 agus aon scair bhreise a thig go díreach as úinéireacht ar na sealúchais sin, ar an gcoinníoll nach méadófar sciar chomhréireach na húinéireachta i gcuideachta phunainne leo.

Má mhéadaítear sciar chomhréireach na húinéireachta i sealúchas sonrach, de bharr éadála, ní bheidh an chuid den sealúchas a rachaidh thar an sciar chomhréireach faoi réir na díolúine. Ní bheidh feidhm ach an oiread ag an díolúine maidir leis na sealúchais a bhí faoi réir na díolúine ar dtús, ach ar díoladh agus ar ceannaíodh ar ais iad.

Beidh risíochtaí ar chothromas a bheidh faoi réir na forála seo faoi réir na gceanglas caipitil a ríomhfar i gcomhréir leis na gCur Chuige Caighdeánaithe faoi Chuid a Trí, Teideal a Dó, Caibidil II agus na gceanglas a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Trí, más infheidhme.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra don Choimisiún agus doÚBE faoi chur in iúl na míre seo.

2.   Agus méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal á ríomh chun críocha Airteagal 114(4), déanfar, go dtí an 31 Nollaig 2015, an t-ualú priacal céanna a shannadh maidir leis na risíochtaí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais na mBallstát atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre Ballstáit ar bith faoi mar a chuirfí i bhfeidhm é maidir le risíochtaí den sórt sin a bheadh ainmnithe agus cistithe ina n-airgeadra intíre.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha ar dá réir a thabharfaidh Ballstáit an díolúine dá dtagraítear i mír 1 a shonrú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2014.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 496

Ceanglais cistí dílse maidir le bannaí faoi chumhdach

1.   Go dtí an 31 Nollaig 2017, féadfaidh na húdaráis inniúla an teorainn 10 % a tharscaoileadh go hiomlán nó go páirteach maidir le haonaid shinsearacha a eiseoidh le Fonds Communs de Créances nó eintitis urrúsaithe atá coibhéiseach le Fonds Communs de Créances na Fraince a leagtar síos i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 129(1), ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll a leanas:

(a)

gur comhalta den ghrúpa comhdhlúite céanna a bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach ina chomhalta de, nó eintiteas atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna lena bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach cleamhnaithe chomh maith, a thionscain na risíochtaí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá urrúsaithe, i gcás ina gcinnfear ballraíocht nó cleamhnacht an chomhghrúpa sin an tráth a ndéanfar comhthaobhacht de na haonaid shinsearacha le haghaidh bannaí faoi chumhdach;

(b)

go mbeidh an tráinse iomlán céadchaillteanais atá mar thaca ag na haonaid shinsearacha sin á choimeád ag comhalta den ghrúpa comhdhlúite céanna a bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach ina chomhalta de chomh maith, nó ag eintiteas atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna lena bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach cleamhnaithe.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2014, chun críocha phointe (c) d'Airteagal 1291), measfar go gcáileoidh risíochtaí neamhurraithe sinsearacha institiúidí a cháiligh d'ualú priacal 20 % faoin dlí náisiúnta roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin sin do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa.

3.   Go dtí an 31 Nollaig 2014, chun críocha phointe (c) d'Airteagal 129(4), measfar go gcáileoidh risíochtaí neamhurraithe sinsearacha institiúidí a cháiligh d'ualú priacal 20 % faoin dlí náisiúnta roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin sin d'ualú priacal 20 %.

Airteagal 497

Ceanglais cistí dílse do risíochtaí ar Chontrapháirtithe Lárnacha

1.   Go dtí 15 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an ceann is déanaí den aon chaighdeán teicniúil rialála déag i bhfeidhm dá dtagraítear ag deireadh na chéad fhomhíre d'Airteagal 89(3) de Rialachán (AE) 648/2012, nó go dtí go ndéanfar cinneadh faoi Airteagal 14 den Rialachán seo maidir le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh, cé acu dáta is luaithe, féadfaidh institiúid a mheas gur contrapháirtí lárnach cáilitheach é contrapháirtí lárnach, ar an gcoinníoll go bhfuil an coinníoll atá leagtha síos sa chéad chuid den fhomhír sin comhlíonta.

2.   Go dtí 15 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an ceann is déanaí den deich gcaighdeán teicniúil rialála i bhfeidhm dá dtagraítear ag deireadh na chéad fhomhíre d'Airteagal 89(3) de Rialachán (AE) 648/2012, nó go dtí go ndéanfar cinneadh faoi Airteagal 25 den Rialachán seo maidir le contrapháirtí lárnach a bunaíodh í dtríú tír a aithint, cé acu dáta is luaithe, féadfaidh institiúid a mheas gur contrapháirtí lárnach cáilitheach é an contrapháirtí lárnach sin,

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 chun 6 mhí eile a chur leis na forálacha idirthréimhseacha i mír 1 agus i mír 2, i gcúinsí eisceachtúla ina bhfuil gá leis sin agus ina bhfuil sé comhréireach chun briseadh sna margaí airgeadais idirnáisiúnta a sheachaint.

4.   Go dtí na spriocdhátaí a sainíodh i mír 1 agus i mír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás nach bhfuil ciste mainneachtana ná socrú ceangailteach i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile nó chuid de a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, cuirfidh institiúid an chéad fhoirmle eile in ionad an fhoirmle cheart chun an ceanglas cistí dílse (Ki) in Airteagal 308(2) a ríomh:

Formula

nuair atá

IMi

=

an corrlach tosaigh arna breacadh ag comhalta imréitigh i le contrapháirtí lárnach;

IM

=

suim iomlán an chorrlaigh tosaigh a chuireann an contrapháirtí lárnach in iúl don institiúid;

Airteagal 498

Díolúine do dhéileálaithe tráchtearraí

1.   Ní bheidh feidhm ag na forálacha maidir le ceanglais chistí dílse arna leagan síos sa Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais atá leagtha amach i bpointí 5, 6, 7, 9 agus 10 de Roinn C d'Iarscríbhinn I de Threoir 2004/39/CE agus nach raibh feidhm ag Treoir 93/22/CEE maidir leo an 31 Nollaig 2006

Beidh an díolúine seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2017 nó ar an dáta a dtiocfaidh leasuithe ar bith de bhun mhír 2 agus mhír 3 i bhfeidhm, cibé acu is luaithe.

2.   Faoin 31 Nollaig 2015, cuirfidh an Coimisiún, ar bhonn comhairliúchán poiblí agus i bhfianaise na caibidlíochta leis na húdaráis inniúla, tuarascáil ar an méid seo a leanas chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle:

(a)

córas iomchuí le haghaidh maoirseachta stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na díorthaigh tráchtearraí nó na conarthaí díorthacha a leagtar amach i bpointí 5, 6, 7, 9 agus 10 de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;

(b)

a inmhianaithe is atá sé Treoir 2004/39/CE a leasú chun catagóir eile de ghnólachtaí infheistíochta a chruthú a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais atá leagtha amach i bpointí 5, 6, 7, 9 agus 10 de Roinn C d'Iarscríbhinn I de Threoir 2004/39/CE a bhaineann le soláthairtí fuinnimh, lena n-áirítear leictreachas, gual, gás agus ola.

3.   Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún tograí a chur isteach chun leasuithe a dhéanamh ar an Rialachán seo.

Airteagal 499

Luamhánú

1.   De mhaolú ar Airteagal 429 agus Airteagal 430, i rith na tréimhse idir 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2021, ríomhfaidh agus tuairisceoidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe tríd an dá cheann acu seo a leanas a úsáid mar thomhas caipitil:

(a)

Caipiteal Leibhéal 1;

(b)

Caipiteal Leibhéal 1, faoi réir na maoluithe atá leagtha síos i gCaibidil 1 agus i gCaibidil 2 den Teideal seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 451(1), féadfaidh institiúidí rogha a dhéanamh an fhaisnéis faoin gcóimheas luamhánaithe a nochtadh bunaithe ar cheann amháin de na sainmhínithe nó ar an dá shainmhíniú ar thomhas caipitil a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal sin. I gcás ina n-athraíonn institiúidí a gcinneadh faoi cén cóimheas luamhánaithe a nochtfaidh siad, cuimseofar réiteach maidir leis an bhfaisnéis ar gach cóimheas luamhánaithe suas go dtí nóiméad an athraithe sa chéad nochtadh a tharlóidh i ndiaidh athraithe den sórt sin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 429(2), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúid cóimheas luamhánaithe deireadh ráithe a ríomh i gcás ina measann siad go bhféadfadh sé nach bhfuil sonraí de cháilíocht leormhaith ag na hinstitiúidí chun cóimheas luamhánaithe ar meán uimhríochtúil é de na cóimheasa luamhánaithe míosúla thar ráithe a ríomh.

Airteagal 500

Forálacha idirthréimhseacha – Íosráta ríofa Basel I

1.   Go dtí an 31 Nollaig 2017, maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil a Trí agus institiúidí a úsáideann an tArdmhodh Tomhais mar a shonraítear i gCuid a Trí, Teideal III, Caibidil 4 lena gceanglais cístí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin a ríomh, déanfaidh siad an dá cheanglas seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

sealbhóidh siad a gcistí dílse mar a cheanglaítear le hAirteagal 92;

(b)

Sealbhóidh siad a gcistí dílse atá i gcónaí comhionann le 80 % nó níos mó ná sin d'íosmhéid iomlán na gcistí dílse a bhfuil sé de cheanglas ar an institiúid iad a shealbhú faoi Airteagal 4 de Threoir 93/6/CEE mar a bhí an Treoir sin agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le gabháil le gnó institiúidí creidmheasa agus lena saothrú (36) roimh an 1 Eanáir 2007.

2.   Faoi réir fhormheas na húdaráis inniúla, féadfar ceanglas a chur in ionad an méid dá dtagraítear i bpointe b de mhír 1maidir le cistí dílse a shealbhú atá i gcónaí comhionann le 80 % na gcistí dílse nó níos mó ná sin mar a cheanglófaí ar an institiúid a shealbhú faoi Airteagal 92 lena ríomhtar méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal de, i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2, agus Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2 nó 3, i gcás inarb infheidhme, in ionad bheith i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, nó Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 4, i gcás inarb infheidhme.

3.   Ní fhéadfaidh institiúid chreidmheasa mír 1a a chur i bhfeidhm ach amháin má luaitear cur chuige IBR a úsáid nó na hArdmhodhanna Tomhais chun a gceanglais dílse a ríomh an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh sin.

4.   Bunófar comhlíonadh na gceanglas maidir le pointe b de mhír1 ar mhéideanna cistí dílse atá coigeartaithe go hiomlán chun na difríochtaí a léiriú i ríomh na gcistí dílse faoi Threoir 93/6/CEE agus faoi Threoir 2000/12/CE mar a bhí na Treoracha sin roimh an 1 Eanáir 2007 agus ríomh na gcistí dílse faoin Rialachán seo ó na láimhseálacha ar leithligh den chaillteanas ionchasach agus den chaillteanas gan choinne faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 den Rialachán seo.

5.   Féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis ÚBE, cur i bhfeidhm phointe (b) de mhír 1maidir le hinstitiúidí a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar gach ceanglas maidir leis an gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, Roinn 6 nó na critéir cháilitheachta maidir le húsáid an Chur Chuige Inmheánaigh Bunaithe ar Rátálacha atá leagtha amach i gCuid a Trí, Teideal III, Caibidil 4, i gcás inarb infheidhme.

6.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 1 Eanáir 2017 faoinar iomchuí cur i bhfeidhm an íosráta ríofa Basel I a shíneadh níos faide ná an 31 Nollaig 2017 d'fhonn a áiritihiú go mbeidh cúlstop ann i gcás samhlacha inmheánacha, lena n-airítear forbairtí cuntasaíochta idirnáisiúnta agus caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 501

Ceanglais chaipitil asbhainte don phriacal creidmheasa ar risíochtaí ar FBManna

1   .Déanfar ceanglais chaipitil don priacal creidmheasa ar risíochtaí ar FBManna a iorlú faoin bhfachtóir 0,7619.

2.   Chun críocha an Airteagail sin:

(a)

cuimseofar an risíochtin aicme na miondíola nó san aicme chorparáideach nó déanfar é a urrú trí mhorgáistí ar aicmí maoine dochorraithe. Eiseofar risíochtaí ar mainneachtain.

(b)

sainmhínítear FBM i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 a bhaineann le sainmhíniú ar mhicreafhiontar, ar fhiontar beag agus ar fhiontar meánmhéide (37). I measc na gcritéar a liostaítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh sin ní chuirfear ach an láimhdeachas bliantúil san áireamh;

(c)

i gcás an mhéid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus a fochuideachtaí, lena n-áirítear aon risíocht ar mainneachtain, ag an oibleagadóir cliant nó ag grúpa cliant nasctha, gan éilimh nó éilimh theagmhasacha atá urraithe ar chomhthaobhacht a bhaineann le maoin chónaithe a áireamh, ní sháróidh sé, a mhéid is feasach don institiúid, EUR 1,5 milliún. Déanfaidh an institiúid bearta réasúnta chun an t-eolas sin a fháil.

3.   Tabharfaidh na institiúidí tuarascáil do na húdaráis inniúla gach trí mhí maidir le i ndáil le méid iomlán na risíochtaí ar FBManna arna ríomh i gcomhréir le mír 2.

4.   Déanfaidh an Coimisiún faoin 1 Eanáir 2017 tuarascáil ar thionchar na gceanglas cistí dílse a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le hiasachtaí a thabhairt do FBManna agus do dhaoine nádúrtha agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

5.   Chun críocha mhír 4, tabharfaidh an UBÉ tuairisc orthu seo a leanas don Choimisiún:

(a)

anailís ar eabhlóid na gclaontaí iasachta agus na gcoinníollacha iasachta do FBManna thar an tréimshe dá dtagraítear i mír 4;

(b)

anailís ar fhiontraíocht éifeachtach FBManna an Aontais thar raon iomlán eacnamaíoch;

(c)

comhsheasmhacht an cheanglais cistí dílse atá leagtha síos sa Rialachán seo le haghaidh priacail creidmheasa ar risíochtaí do FBManna le torthaí na hanailíse faoi pointí (a) agus (b).

TEIDEAL II

TUARASCÁLACHA AGUS ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 502

Timthriallacht na gceanglas caipitil

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis ÚBE, le BERS agus leis na Ballstáit, agus tuairim BCEá cur san áireamh, faireachán tréimhsiúil féachaint an bhfuil éifeachtaí suntasacha ag an Rialachán seo ina iomláine, mar aon le Treoir 2013/36/AE, ar an timthriall eacnamaíoch agus, i bhfianaise an scrúdaithe sin, measfaidh siad an bhfuil údar le bearta ceartaitheacha. Faoin 31 Nollaig 2013, déanfaidh ÚBE tuairisc a thabhairt don Choimisiún ar cheart modheolaíochtaí na n-institiúidí faoin gCur Chuige IBR a chomhtháthú ar mhaithe le ceanglais chaipitil níos inchomparáide, ach comh-thimthriallacht a mhaolú ag an am céanna, agus maidir leis an dóigh a ndéanfaí é sin.

Bunaithe ar an anailís sin agustuairim BCE á cur san áireamh, dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil dhébhliantúil agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í, mar aon le haon tograí iomchuí. Tabharfar aitheantas leormhaith do ranníocaíochtaí ó pháirtithe glactha creidmheasa agus iasachta creidmheasa nuair a bheidh an tuarascáil á dréachtú.

Faoin 31 Nollaig 2014, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil ar chur i bhfeidhm Airteagal 33(1)(c) agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Maidir leis an bhféidearthacht Airteagal 33(1)(c) a dhíothú agus maidir leis an bhféidearthacht í a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais, áiritheofar go sonrach san athbhreithniú go mbeidh cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm d'fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú sna Ballstáit uile.

Airteagal 503

Ceanglais cistí dílse maidir le risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach

1.   Tabharfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2014 agus tar éis dó dul i gcomhairle leÚBE, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, mar aon le haon tograí iomchuí, an bhfuil na hualuithe priacal a leagtar síos in Airteagal 129 agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal shonraigh in Airteagal 336(3) leordhóthanach le haghaidh na n-ionstraimí uile atá cáilithe le haghaidh na láimhseála seo agus an bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 129 iomchuí.

2.   Tabharfar aird sa tuarascáil agus sna tograí dá dtagraítear i mír 1 do na nithe seo a leanas:

(a)

a mhéad a dhéantar idirdhealú leordhóthanach leis na ceanglais rialála caipitil atá ann faoi láthair agus atá infheidhme maidir le bannaí faoi chumhdach ar dhifríochtaí idir cáilíocht chreidmheasa na mbannaí faoi chumhdach agus an chomhthaobhacht a bhfuil na bannaí faoi chumhdach urraithe ina coinne, lena n-áirítear méid na ndifríochtaí i measc na mBallstát;

(b)

trédhearcacht mhargaí na mbannaí faoi chumhdach agus a mhéad a éascaítear léi anailís chuimsitheach inmheánach a dhéanann infheisteoirí maidir le priacal creidmheasa na mbannaí faoi chumhdach agus maidir leis an gcomhthaobhacht dhócmhainneacht an eisitheora, lena n-áirítear éifeachtaí maolaithe an dianchreata fholuitigh náisiúnta dlí i gcomhréir le hAirteagal 129 den Rialachán seo agus Airteagal 52 (4) de Threoir 2009/65/CE maidir le cáilíocht creidmheasa fhoriomlán banna atá faoi chumhdach agus na himpleachtaí atá aige sin ar an trédhearcacht atá riachtanach d'infheisteoirí; agus

(c)

a mhéid a bhíonn éifeacht ag eisiúint bannaí cumhdaithe arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa ar priacal creidmheasa a bhfuil creidiúnaithe eile na hinstitiúide eisiúna ar a ris ina choinne.

3.   Tar éis dó dul i gcomhairle leÚBE agus faoin 31 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina ndéarfar ar cheart, faoi choinníollacha áirithe, iasachtaí atá á n-urrú le haerárthaí (lian aerárthaí) agus iasachtaí le haghaidh tithe cónaithe atá n-urrú le ráthaíochtaí, ach gan a bheith urraithe le morgáiste cláraithe, a mheas mar shóchmhainní incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 129.

4.   Faoin 31 Nollaig 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar oiriúnacht an mhaolaithe a leagtar amach in Airteagal 496 agus, más ábhartha, ar oiriúnacht láimhseáil chomhchosúil a úsáid d'fhoirm ar bith eile de bhannaí faoi chumhdach. I bhfianaise an athbhreithnithe sin, féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 d'fhonn an maolú sin a dhéanamh buan nó tograí reachtacha a dhéanamh d'fhonn é a úsáid d'fhoirmeacha eile de bhannaí faoi chumhdach.a bhfuil siad urraithe ina coinne agus an leithscaradh sóchmhainní i gcás

Airteagal 504

Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime

Tabharfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2016 agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an ÚBE, tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, mar aon le tograí iomchuí ar bith, faoinar ghá an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 28a a leasú nó a scrios.

Airteagal 505

Maoiniú fadtéarmach a athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le haon togra iomchuí, maidir le hoiriúnacht cheanglais an rialacháin sin i bhfianaise an gá atá ann leibhéil leordhóthanacha maoinithe a áirithiú i gcás gach cineál maoinithe fhadtéarmaigh don gheilleagar, lena n-áirítear tionscadail chriticiúla bonneagair san Aontas Eorpach i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus na cumarsáide.

Airteagal 506

Priacal creidmheasa – sainmhíniú ar mhainneachtain

Tabharfaidh ÚBE tuarascáil don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2017 maidir leis an tionchar atá ag 180 lá a chur in ionad 90 lá, mar a fhoráiltear le hAirteagal 174(1) (b), ar mhéideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus maidir lena oiriúnaí a bheadh sé leanúint den fhoráil sin a chur i bhfeidhm i ndiaidh 31 Nollaig 2019

Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chun leasuithe a dhéanamh ar an Rialachán seo.

Airteagal 507

Risíochtaí móra

Faoin 31 Nollaig 2015 déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil ar chur chun feidhme Airteagal 400(1)(j) agus 400(2), lena n-áirítear ar cheart do dhíolúintí in Airteagal 400(2) a bheith lánroghnach, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Maidir leis an bhféidearthacht an lánrogha náisiúnta a dhíothú faoi Airteagal 400(2)(c) agus maidir leis an bhféidearthacht í a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais, cuirfear éifeachtúlacht priacal bainistíochta an ghrúpa san áireamh go sonrach san athbhreithniú, agus áiritheofar, ag an am céanna, go bhfuil cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm d'fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú sna Ballstáit uile a bhfuil eintiteas i ngrúpa corpraithe iontu.

Airteagal 508

Leibhéal an chur i bhfeidhm

1.   Faoin 31 Nollaig 2014 déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil ar chur i bhfeidhm Chuid a hAon, Teideal II, agus Airteagal 113(6) agus 113(7) agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta a leagtar síos i gCuid a Sé maidir le gnólachtaí infheistíochta agus ar an dóigh ar cheart feidhm a bheith aige maidir leo, agus cuirfidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leÚBE, an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

3.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leÚBE agus le ÚEUM agus i bhfianaise an phlé leis na húdaráis inniúla, tuarascáil ar chóras iomchuí le haghaidh maoirseachta stuamachta ar na gnólachtaí infheistíochta agus do ghnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (2)(b) agus (c) agus in Airteagal 4 (1) a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Beidh togra reachtach ag leanúint ón tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 509

Ceanglais maidir le leachtacht

1.   Déanfaidh ÚBE faireachán agus meastóireacht ar na tuarascálacha a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 415(1), thar airgeadraí agus thar shamhlacha éagsúla gnó. Tabharfaidh an ÚBE, i ndiaidh dó dul i gcomhairle le BERS, le húsáideoirí deireanacha neamh-airgeadais, le tionscal na baincéireachta, leis na húdaráis inniúla agus le bainc ceannais de chuid CEBC agus ar bhonn bliantúil agus, den chéad uair faoin 31 Nollaig 2013, tuarascáil don Choimisiún i dtaobh cé acu andóigh go mbeadh tionchar díobhálach ábhartha agag sonrú an cheanglais ghinearálta maidir le cumhdach leachtachta i gCuid a Sé bunaithe ar na critéir maidir le tuairisciú ítimí i gcomhréir le Teideal II de Chuid a Sé agus in Iarscríbhinn III, a bhreithnítear ina n-aonair nó go carnach, ar phróifíl ghnó agus ar phróifíl priacal institiúidí a bhunaítear san Aontais nó ar chobhsaíocht agus feidhmiú rianúil na margaí airgeadais nó ar an ngeilleagar agus ar chobhsaíocht sholáthar iasachtaithe bainc, agus cuirfear fócas faoi leith ar iasachtú chuig FBManna agus ar mhaoiniú trádála, lena n-áirítear iasachtú faoi scéimeanna árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla.

Tabharfar aird chuí sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar a bhfuil ag titim amach sna margaí agus sa rialáil idirnáisiúnta mar aon le hidirghníomhaíocht an cheanglais maidir le cumhdach leachtachta le ceanglais stuamachta eile faoin rialachán seo amhail cóimheasa caipitil priacal mar a leagtar amach in Airteagal 92 agus sna cóimheasa giarála.

Tabharfar an deis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Déanfaidh ÚBE measúnú ina thuarascáil go háirithe ar an méid seo a leanas:

(a)

foráil a dhéanamh do shásraí lena gcuirtear srian ar luach na n-insreabh leachtachta, go háirithe d'fhonn uasteorainn iomchuí insreibhe a chinneadh chomh maith leis na coinníollacha lena cur i bhfeidhm, lena gcuirfear san áireamh samhlacha éagsúla gnó lena n-áirítear maoiniú faoi bhealach, fachtóiriú, léasú, bannaí faoi chumhdach, morgáistí, eisiúint bannaí faoi chumhdach, agus a mhéid ba cheart an chaidhp sin a leasú nó a bhaint chun í a oiriúnú do shonraíochtaí maoinithe speisialaithe;

(b)

calabrúchán an mhéid insreabh agus an mhéid eis-sreabh dá dtagraítear i gCuid a Sé Teideal II go háirithe faoi Airteagal 422(7) agus Airteagal 425 (2).

(c)

sásraí a chur ar fáil lena gcuirtear srianta ar na ceanglais maidir le cumhdach leachtachta ag catagóirí ar leith sócmhainní leachtacha, go háirithe an t-íoschéatadán iomchuí do shócmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointí (a) (b) agus (c) de mhír 1 d'Airteagal 416(1) a mheas go dtí iomlán na sócmhainní leachtacha, lena ndéanfaí tairseach 60 % a thástáil agus lena gcuirtear forbairtí rialála idirnáisiúnta san áireamh. Níor cheart go gcuirfí sócmhainní atá dlite nó inghlaoite laistigh de 30 lá féilire i gcuntas sa teorainn 60 % mura bhfuarthas na sócmhainní i gcoinne comhthaobhachta a cháilíonn freisin faoi phointí (a), (b) agus(c) d'Airteagal 416;

(d)

foráil a dhéanamh do rátaí sonracha níos ísle eis-sreibhe agus/nó rátaí sonracha níos airde insreibhe a le haghaidh sreabh inghrúpaina shonrófar na coinníollacha sin faoina mbeadh údar leis na rátaí sonracha insreibhe nó eis-sreibhe sin ó thaobh stuamachta de agus ina leagfar amach an achoimre ardleibhéil ar mhodheolaíocht ina n-úsáidtear critéir agus paraiméadair oibiachtúla d'fhonn leibhéil shonracha insreabha agus eis-sreabha a chinneadh idir an institiúid agus an contrapháirtí i gcás nach sa Bhallstát céanna atá siad bunaithe.

(e)

calabrú na rátaí íostarraingtí is infheidhme maidir leis an gcreidmheas geallta neamhtharraingthe agus áiseanna leachtachta faoi Airteagal 424(3) agus (5). Déanfaidh ÚBE tástail, go háirithe, ar ráta íostarraingte 100 %;

(f)

an sainmhíniú ar thaisce miondíola i bpointe (2) Airteagal 411, go háirithe a oiriúnaí a bheadh sé tairseach a thabhairt isteach maidir le taiscí daoine nádúrtha;

(g)

an gá le catagóir nua taisce miondíola a thabhairt isteach lena mbaineann eis-sreabhadh níos ísle i bhfianaise saintréithe taiscí den chineál sin lena bhféadfaí bonn cirt a sholáthar d'eis-sreabhadh níos ísle agus lena gcuirtear forbairtí idirnáisiúnta san áireamh;

(h)

maoluithe ó cheanglais maidir le comhdhéanamh na sócmhainní leachtacha a mbeidh sé de cheangal ar institiúidí iad a bheith á sealbhú acu, i gcás inar mó riachtanais chuí-réasúnaithe chomhchoiteanna na n-institiúidí le haghaidh sócmhainní leachtacha ná líon na sócmhainní leachtacha sin atá ar fáil in airgeadra ar leith agus coinníollacha ar cheart do mhaoluithe sin bheith faoina réir;

(i)

an sainmhíniú ar tháirgí airgeadais i gcomhréir le Shari'ah mar mhalairt rogha ar shócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtachta chun críocha Airteagal 416, lena n-úsáid ag bainc a fheidhmíonn i gcomhréir le Shari'ah.

(j)

an sainmhíniú ar dhálaí struis, lena n-áirítear prionsabail le haghaidh na húsáide a d'fhéadfaí a bhaint as stoc na sócmhainní leachtacha agus na freagairtí maoirseachta a mbeadh gá leo le go mbeadh institiúidí in ann a gcuid sócmhainní leachtacha a úsáid chun freagairt d'eis-sreabha leachtachta agus conas aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh;

(k)

an sainmhíniú ar an ngaol oibríochtúil atá bunaithe le haghaidh custaiméara neamh-airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 422(3)c);

(l)

calabrú an ráta eis-sreabhaidh is infheidhme chun a bheith comhfhreagrach le seirbhísí baincéireachta agus bróicéireachta príómha dá datagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 422(4);

(m)

sásraí chun marthanú a dhéanamh ar bhannaí atá ráthaithe ag rialtais agus a eisítear chuig institiúidí creidmheasa mar chuid de bhearta tacaíochta Rialtais, a bhfuil formheas státchabhrach an Aontais acu, amhail bannaí arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) in Éirinn nó an Chuideachta um Bainistíocht Sócmhainní sa Spáinn, atá ceaptha chun sócmhainní is cúis le fadhbanna a bhaint de chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa, mar shócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa thar a bheith ard acu.

3.   Tabharfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM agus BCE, agus faoin 31 Nollaig 2013, tuarascáil don Choimisiún ar shainmhínithe aonfhoirmeacha iomchuí ar leachtacht ard agus fíor-ard agus ar cháilíocht chreidmheasa sócmhainní inaistrithe chun chríocha Airteagal 416 agus caolchorrlaigh iomchuí do shócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha chun críochta Airteagal 416, cé is moite de na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c) d'Airteagal 416(1).

Tabharfar an deis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an tuarascáil sin.

Ba cheart go ndéanfaí an méid a leanas a mheas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

catagóirí eile de shócmhainní incháilithe, go háirithe urrúis chónaithe le taca morgáistí ar cháilíocht ard leachtach agus creidmheasa,

(b)

catagóirí eile d'urrúis nó iasachtaí incháilithe bainc cheannais, mar shampla bannaí rialtais áítiúil, agus páipéar tráchtála agus

(c)

sócmhainní nach bhfuil incháilithe don bhanc ceannais ach sócmhainní intrádála amhail cothromais a liostaítear ar mhalartán aitheanta, ór, ionstraimí cothromais mórinnéacs, bannaí atá ráthaithe, bannaí faoi chumhdach, agus bannaí agus cistí corparáideacha bunaithe ar na sócmhainní sin, a mheas sa tuarascáil freisin.

4.   Leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3, ba cheart go measfaí ar cheart agus, más ceart, a mhéid a chuirfí áiseanna creidmheasa teannta dá dtagraítear in i bpointe (e) d'Airteagal 416(1)san áireamh mar shócmhainní leachtacha i bhfianaise forbartha idirnáisiúnta agus lena gcuirtear san áireamh sonraíochtaí Eorpacha, lena n-áirítear an chaoi a bhfeidhmítear beartas airgeadaíochta san Aontas.

Déanfaidh an ÚBE tástáil go háirithe ar leordhóthanacht na gcritéar seo a leanas agus ar na leibhéil iomchuí maidir le sainmhínithe den sórt sin:

(a)

íosmhéid trádála na sócmhainní

(b)

íosmhéid trádála na sócmhainní, gan íoc

(c)

faisnéis praghsála agus iarthrádála thrédhearcach;

(d)

na céimeanna den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear i gCuid 3, Teideal II, Caibidil 2;

(e)

cuntas cruthaithe ar chobhsaíocht praghsanna;

(f)

méid a trádáladh ar an meán agus meánmhéid na trádála;

(g)

an raon tairisceana is atairisceana;

(h)

an t-am atá fágtha go dtí an aibíocht;

(i)

íoschóimheas láimhdeachais;

5.   Faoin 31 Eanáir 2014, tabharfaidh an ÚBE tuarascáil maidir leis an méid seo a leanas chomh maith:

(a)

sainmhínithe aonfhoirmeacha ar leachtacht ard agus fíor-ard agus ar cháilíocht chreidmheasa;

(b)

iarmhairtí neamhbheartaithe an tsainmhínithe ar shócmhainní leachtacha ar iompar oibríocht bheartas airgeadaíochta agus:

(i)

a mhéid a fhéadfaidh liosta sócmhainní leachtacha atá dínasctha ó liosta sócmhainní incháilithe an bhainc cheannais institiúidí a dhreasú chun sócmhainne incháilithe nach bhfuil san áireamh sa sainmhíniú ar shócmhainní leachtacha in oibríochtaí athmhaoinithe a thíolacadh;

(ii)

a mhéid a fhéadfaidh rialáil leachtachta institiúidí a dhídhreasú ó iasachtaí a thabhairt nó a fháil ar mhargaí airgid neamhurraithe agus an amhlaidh go n-ardódh sé sin ceist i dtaobh an chaoi a bhfuil EONIA á dhíriú agus beartas maoinithe á gcur chun feidhme;

(iii)

a mhéid a fhéadfaidh sé a bheith níos deacra do bhainc cheannais cobhsaíocht praghsanna a áirithiú leis an gcreat beartais airgeadaíochta agus na hionstraimí atá ann cheana nuair a thabharfar an ceanglas maidir el cumhdach leachtachta isteach.

(c)

na ceanglais oibriúcháin do shealúchais sócmhainní leachtacha, dá dtagraítear i bpointe (b) go (f) d'Airteagal 417, i gcomhréir le forbairtí rialála idirnáisiúnta.

Airteagal 510

Ceanglais maidir le Glanchistiúchán Cobhsaí

1.   Faoin 31 Nollaig 2015, tabharfaidh ÚBE tuarascáil don Choimisiún, bunaithe ar na hítímí a mbeidh tuairisc le déanamh orthu i gcomhréir le Cuid a Sé, Teideal III, á rá an mbeadh sé oiriúnach, agus conas a bheadh se oiriúnach, a áirithiú go n-úsáidfidh institiúidí foinsí cobhsaithe cistithe, lena n-áirítear an measúnú ar thionchar ar phróifíl ghnó agus ar phróifíl priacal institiúidí a bhunaítear san Aontas nó ar mhargaí airgeadais nó ar an ngeilleagar agus iasachtú bainc, ar measúnú é ina gcuirfear fócas faoi leith ar iasachtaí a thabhairt do FBManna agus ar mhaoiniú trádála, lena n-áirítear iasachtú faoi scéimeanna árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla agus múnlaí maoinithe faoi bhealach agus iasachtú morgáiste comhoiriúnaithe ó thaobh maoinithe de agus faoin dóigh a mbeadh sé oiriúnach é sin a dhéanamh. Déanfaidh ÚBE go háirithe anailís ar an tionchar atá ag foinsí cobhsaithe cistithe ar struchtúir athmhaoinithe samhlacha éagsúla baincéireachta san Aontas.

2.   Faoin 31 Nollaig 2015, cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin freisin, bunaithe ar na hítimí a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le Cuid a Sé, Teideal III agus i gcomhréir le formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 415(3) agus tar éis dul i gcomhairle le BERS, maidir le modheolaíochtaí lena gcinntear suim an chistithe chobhsaí atá ar fáil do na hinstitiúidí agus a éilíonn siad agus maidir leis na sainmhínithe aonfhoirmeacha iomchuí chun an ceanglas sin maidir le glanchistiúchán cobhsaí a ríomh, ina scrúdaítear an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na catagóirí agus na hualuithe a chuirtear i bhfeidhm ar fhoinsí cistiúcháin chobhsaí in Airteagal 427(1);

(b)

na catagóirí agus na hualuithe a chuirtear i bhfeidhm chun an ceanglas maidir le cistiúchán cobhsaí in Airteagal 428(1) a chinneadh;

(c)

leis na modheolaíochtaí, tabharfar dreasachtaí agus dídhreasachtaí mar is iomchuí chun cisitiú cobhsaí fadtéarmach sócmhainní, gníomhaíochtaí gnó, infheistiú agus cistiú d'institiúidí a spreagadh.

(d)

an gá atá ann modheolaíochtaí éagsúla a fhorbairt do chineálacha éagsúla institiúidí.

3.   Faoin 31 Nollaig 2016, cuirfidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an mbealach a bhféadfar a áirithiú go mbainfidh na hinstitiúidí leas as foinsí cobhsaí cistiúcháin, agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 á gcur san áireamh, agus lánaird á tabhairt freisin ar éagsúlacht atá in earnáil bhaincéireachta na hEorpa.

Airteagal 511

Luamhánú

1.   Bunaithe ar thorthaí na tuarascála dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an Coimisiún, faoi 31 Nollaig 2016, tuarascáil ar thionchar agus ar éifeachtacht an chóimheasa luamhánaithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Nuair is iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin i leith líon iomchuí leibhéal den chóimheas luamhánaithe a thabhairt isteach a mbeadh ceanglas ar institiúidí a leanann samhlacha gnó éagsúla é nó iad a chomhlíonadh, lena molfaí calabrú leordhóthanach do na leibhéil sin agus aon choigeartuithe iomchuí ar thomhas an chaipitil nó ar thomhas iomlán na risíochtaí mar dá dtagraítear in Airteagal 429 iad, maraon le haon bhearta solúbthachta bainteacha más gá, lena n-áirítear leasuithe iomchuí ar Airteagal 458 chun an cóimheas luamhánaithe a thabhairt isteach faoi raon feidhme beart á áirítear san Airteagal sin.

3.   Chun críocha mhír 1, tabharfaidh ÚBE tuarascáil don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2016 maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

An iomchuí an uirlis é creat an chóimheasa luamhánaithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo agus le hAirteagal 87 agus le hAirteagal 98 de Threoir 2013/36/AE chun priacal na róghiarála a mhaolú sna hinstitiúidí ar bhealach agus go feadh méid a bheadh sásúil;

(b)

maidir le samhlacha gnó a shainaithint lena léireofaí próifílí foriomlána priacal na n-institiúidí agus maidir le leibhéil dhifreáilte den chóimheas luamhánaithe a thabhairt isteach do na samhlacha gnó sin.

(c)

an leor iad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 76 agus in Airteagal 87 de Threoir 2013/36/AE i gcomhréir le hAirteagal 73 agus Airteagal 92 de Threoir 2013/36/AE chun aghaidh a thabhairt ar priacal na luamhánaithe iomarcaí, bainistíocht fhónta institiúidí ar an bpriacal seo a áirithiú agus, murar leo, cén feabhsúcháin eile a theastaíonn d'fhonn na cuspóirí sin a áirithiú;

(d)

an mbeadh gá le hathruithe ar an modheolaíocht ríomh dá dtagraítear in Airteagal 429 lena áirithiú gur féidir an cóimheas luamhánaithe a úsáid mar tháscaire iomchuí maidir le priacal luamhánaithe iomarcaí institiúide - agus más amhlaidh, cad iad na hathruithe a bheadh i gceist;

(e)

i gcomhthéacs thomhas iomlán risíochtaí an chóimheasa luamhánaithe a ríomh, an bhfuil difríocht ábhartha idir luach risíochta na gconarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa a chinntear trí Mhodh na Risíochta Tosaigh a úsáid agus luach na risíochta a chinntear ag úsáid an Mhodha um Marcáil ón Margadh;

(f)

an mbeadh sé níos oiriúnaí cistí dílse nó Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a úsáid mar thomhas caipitil an chóimheasa luamhánaithe i gcomhair an chuspóra priacal na luamhánaithe iomarcaí a rianú agus, más amhlaidh, cad é an calabrú cuí maidir leis an gcóimheas luamhánaithe a bheadh i gceist;

(g)

an fachtóir sách coimeádach é, ar bhonn na fianaise a bailíodh le linn na tréimhse breathnóireachta, an fachtóir coinbhéartachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 429(10) do shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe, ar féidir iad a chur ar ceal gan choinníollacha gan fógra am ar bith;

(h)

an bhfuil an mhinicíocht agus an fhormáid maidir le nochtadh na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 451 leordhóthanach;

(i)

cad é an leibhéal iomchuí le haghaidh an chóimheasa luamhánaithe i gcás gach ceann de na samhlacha gnó a shainaithnítear i gcomhréir le pointe (b);

(j)

ar chóir raon a shainiú do gach leibhéal den chóimheas luamhánaithe;

(k)

an mbeadh gá le hathruithe ar chreat an chóimheasa luamhánaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo toisc an cóimheas luamhánaithe a thabhairt isteach mar cheanglas ar institiúidí agus, dá mbeadh, cad iad na hathruithe a bheadh i gceist;

(l)

le tabhairt isteach an chóimheasa luamhánaithe mar cheanglas ar institiúidí, an gcuirfí srian, go bunúsach, ar priacal na luamhánaithe iomarcaí ar thaobh na n-institiúidí sin agus, dá gcuirfeadh, ar cheart don leibhéal don chóimheas luamhánaithe a bheith mar an gcéanna le haghaidh gach cineáil institiúide nó ar cheart é a chinneadh de réir na próifíle priacal agus na samhlacha gnó chomh maith le toirt na n-institiúidí agus, sa chás deireanach sin, cad é an calabrú breise nó an idirthréimhse bhreise a theastódh.

4.   Déanfar an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2016 ar a laghad a chuimsiú sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 agus cuirfear an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh inti:

(a)

an tionchar a bhaineann le cóimheas luamhánaithe a thabhairt isteach, a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 429, mar cheanglas lena mbeadh ar institiúidí na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

margaí airgeadais go ginearálta agus margaí i gcomhair idirbheart athcheannaigh, díorthach agus bannaí faoi chumhdach go háirithe;

(ii)

stóinseacht institiúidí;

(iii)

samhlacha gnó agus struchtúir institiúidí lasmuigh den chlár comhardaithe; go háirithe i dtaca le réimsí gnó lena mbaineann leibhéal íseal priacal, amhail creidmheas cur chun cinn ag bainc forbartha poiblí, bannaí bardasacha, cistiú maoine cónaithe agus réimsí eile lena mbaineann leibhéal íseal priacal agus a rialaítear faoin dlí náisiúnta;

(iv)

imirce risíochtaí chuig eintitis nach bhfuil faoi réir maoirseachta stuamachta;

(v)

nuálaíocht airgeadais, go háirithe forbairt ionstraimí ina bhfuil luamhánú leabaithe;

(vi)

iompar glactha priacail institiúidí;

(vii)

gníomhaíochtaí imréitigh, glanta agus coimeádta agus feidhmiú contrapháirtí lárnaigh;

(viii)

timthriallacht an tomhais chaipitil agus tomhas iomlán risíochta an chóimheasa giarála;

(ix)

iasachtú bainc, agus fócas faoi leith ar iasachtú le FBManna, le húdaráis áitiúla, le rialtais réigiúnacha agus le heintitis san earnáil phoiblí agus ar mhaoiniú trádála, lena n-áirítear iasachtú faoi scéimeanna árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla;

(b)

an idirghníomhaíocht idir an cóimheas luamhánaithe leis na ceanglais cistí dílse bunaithe ar priacail agus na ceanglais maidir le leachtacht mar a shonraítear iad sa Rialachán seo;

(c)

tionchar na ndifríochtaí cuntasaíochta idir caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme faoi Threoir 86/635/CEE agus creataí eile is infheidhme agus creataí ábhartha eile cuntasaíochta maidir le comparáideacht an chóimheasa giarála.

Airteagal 512

Risíochtaí ar phriacal creidmheasa aistrithe

Faoin 31 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar thionchar agus ar éifeachtacht fhorálacha Chuid a Cúig chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i bhfianaise fhorbairtí an mhargaidh idirnáisiúnta.;

Airteagal 513

Rialacha macrastuamachta

1.   Faoin 30 Meitheamh 2014, measfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus ÚBE, an leor é rialacha macrastuamachta sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE chun priacal sistéamacha a mhaolú in earnálacha, i réigiúin agus i mBallstáit, agus measfaidh sé freisin:

(a)

an bhfuil na huirlisí macrastuamachta reatha atá sa Rialachán nó i dTreoir 2013/36/AE éifeachtach, éifeachtúil agus trédhearcach;

(b)

an leordhóthanach an cumhdach agus an méid forluí a d'fhéadfadh a bheith ann leis na huirlisí macrastuamachta chun díriú ar priacail comhchosúla sa Rialachán nó i dTreoir 2013/36/AE agus rialacha nua macrastuamachta a mholadh más iomchuí;

(c)

an chaoi ina n-idirghníomhaíonn na caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta d'institiúidí sistéamacha leis na forálacha atá sa Rialachán seo nó i dTreoir 2013/36/AE agus rialacha nua macrastuamachta a mholadh más iomchuí lena gcuirfí na caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta san áireamh.

2.   Faoin 31 Nollaig 2014 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuigParlaimint na hEorpa aguschuig an gComhairle, bunaithe ar an gcomhairliúchán a bheidh déanta le BERS agus le ÚBE, maidir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 514

Priacal Creidmheasa an Chontrapháirtí agus Modh na Risíochta Tosaigh

Faoin 31 Nollaig 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil ar chur i bhfeidhm Airteagal 275 agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 515

Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh

1.   Cuirfidh ÚBE, i gcomhar le ÚEUM, faoin 2 Eanáir 2015 tuarascáil i dtoll a chéile maidir le feidhmiú an Rialacháin sin leis na hoibleagáidí lena mbaineann faoi Rialachán (AE) Uimh 648/2012, agus go háirithe i dtaca leis na hinstitiúidí a bhfuil contrapháirtí lárnach á bhfeidhmiú acu, chun dúbláil a sheachaint i gcás ceanglas maidir le hidirbhearta díorthacha agus ar an gcaoi sin priacal méadaithe rialála d'údaráis inniúla a sheachaint mar aon le costais bhreise i ndáil le faireachán.

2.   Déanfaidh ÚBE faireachán agus meastóireacht ar fheidhmiú na bhforálacha i dtaobh ceanglas cistí dílse maidir le risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach a leagtar amach i Roinn 9 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí. Cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 1 Eanáir 2015, maidir le tionchar agus éifeachtacht na bhforálacha sin.

3.   Faoin 31 Nollaig 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar réiteach an Rialacháin sin leis na hoibleagáidí lena mbaineann faoi Rialachán (AE) Uimh 648/2012, na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i Roinn 9 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, cuirfidh sé an tuarascáil sin i dtoll a chéile agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í, agus más iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoina mbráid freisin.

Airteagal 516

Maoiniú fadtéarmach

Faoin 31 Nollaig 2015, tuairisceoidh an Coimisiún maidir le tionchar an rialacháin sin i ndáil le hinfheistíochtaí fadtéarmacha a spreagadh i mbonneagar lena gcothaítear fás

Airteagal 517

Sainmhíniú ar chaipiteal incháilithe

Faoin 31 Nollaig 2014, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil ar oiriúnacht an tsainmhínithe ar chaipiteal incháilithe atá á chur i bhfeidhm chun críocha Theideal IV de Chuid a Dó agus Chuid a Ceathair agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 518

Athbhreithniú ar na hionstraimí Caipitil ar féidir iad a dhíluacháil nó a thiontú tráth nach mbeidh inmharthanacht ann

Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisceoidh sé ar cheart go mbeadh sa Rialachán seo ceanglas go ndéantar ionstraimí caipitil a dhíluacháil i gcás cinnidh nach bhfuil institiúid inmharthanach a thuilleadh. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ina teannta.

Airteagal 519

Sócmhainní faoi chistí pinsin sainithe a asbhaint as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

Faoin 30 Meitheamh 2014, ullmhóidh ÚBE tuairisc an dtiocfaidh luaineacht mhíchuí i gcistí dílse institiúidí mar gheall ar an CCI 19 athbhreithnithe de réir mar, taobh leis an laghdú ar ghlansócmainní pinsin arna leagan amach in Airteagal 36(1)(e) agus taobh le hathruithe i glansócmhainní pinsin.

Agus an tuarascáil óÚBE á cur san áireamh, faoin 31 Nollaig 2014 ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tsaincheist dá dtagraítear sa chéad fhomhír, le chéile le togra reachtach i gcás inarb iomchuí chun modh láimhseála a thabhairt isteach lena gcoigeartófar glantairbhithe sainithe i ndáil le sócmhainní nó dliteanais i gcistí pinsin d'fhonn cistí dílse a ríomh.

TEIDEAL III

LEASUITHE

Airteagal 520

Leasú ar Rialachán (AE) 648/2012

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 mar seo a leanas:

(1)

Cuirtear an téacs seo a leanas leis an téacs atá i dTeideal IV:

"CAIBIDIL 4

Ríomhanna agus tuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 575/2013

Airteagal 50a

Ríomh an KCPL

1.   Chun críocha Airteagal 308 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta curtha isteach ag OP], nuair a fhaigheann contrapháirtí lárnach an fógra dá dtagraítear in Airteagal 301(2)(b) den Rialachán sin (38), déanfaidh sé an KCPL a ríomh mar a shonraítear é i mír 2 den Airteagal sin maidir le gach conradh agus gach idirbheart atá imréitithe aige agus maidir le gach comhalta imréitigh má thiteann siad laistigh de chumhdach an chiste mhainneachtana a tugadh.

2.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach an caipiteal hipitéiseach (KCPL) a ríomh mar seo a leanas:

Formula

nuair atá:

EBRMi

=

luach na risíochta roimh mhaolú an priacal atá cothrom le luach risíochta an chontrapháirtí lárnaigh ar chomhalta imréitigh a thagann as gach conradh agus idirbheart leis an gcomhalta imréitigh sin, arna ríomh gan an chomhthaobhacht a bhreacann an comhalta imréitigh sin a chur san áireamh;

IMi

=

an corrlach tosaigh arna breacadh ag comhalta imréitigh i le contrapháirtí lárnach;

DFi

=

ranníocaíocht réamh-mhaoinithe chomhalta imréitigh i;

RW

=

ualú priacal 20 %;

cóimheas caipitil

=

8 %.

3.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach an ríomh a cheanglaítear le mír 2 ar bhonn ráithiúil ar a laghad nó níos minice má cheanglaíonn na húdaráis inniúla sin ar na comhaltaí imréitigh sin ar institiúidí iad.

4.   Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla maidir le cur i bhfeidhm lena sonrófar na gnéithe seo a leanas chun críocha mír 3:

(a)

minicíochtaí agus dátaí na ríomhanna a leagtar síos i mír 2;

(b)

cásanna ina bhféadfadh údarás inniúil institiúide atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh minicíochtaí níos airde de ríomh agus de thuairisciú ná na cinn dá dtagraítear i bpointe (a) a iarraidh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 01.01.14.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.'

Airteagal 50b

Rialacha ginearálta maidir le ríomh an KCPL

Chun críocha an ríofa arna leagan síos in Airteagal 50a(2), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh contrapháirtí lárnach luach a risíochta ar a chomhaltaí imréitigh a róimh mar seo a leanas:

(i)

risíochtaí mar gheall ar chonarthaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1)(a) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013;

(ii)

maidir le risíochtaí mar gheall ar chonarthaí liostaithe in Airteagal 301(1)(b), (c) agus (e) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ríomhfar iad i gcomhréir leis an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais a shonraítear in Airteagal 223 den Rialachán seo agus le coigeartuithe maoirseachta luaineachta a shonraítear in Airteagal 223-224 den Rialachán sin; ní bheidh feidhm ag an eisceacht a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 285(3);

(iii)

maidir le risíochtaí mar gheall ar idirbhearta nach liostaítear in Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 agus a bhaineann le priacal socraíochta amháin ríomhfar iad i gcomhréir le Roinn a Trí, Teideal V den Rialachán sin.

(b)

maidir le hinstitiúidí a thiteann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh 575/2013is ionann na tacair ghlanluachála agus iad siúd a shainmhínítear faoi Chuid III, Teideal II den Rialachán sin.;

(c)

Nuair a dhéanann sé na luachanna sin a ríomh dá dtagraítear i bpointe (a), asbhainfidh an contrapháirtí lárnach an chomhthaobhacht arna breacadh ag a chomhaltaí imréitigh óna risíochtaí, arna laghdú go hiomchuí ag na coigeartuithe luaineachta maoirseachta i gcomhréir leis an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais a shonraítear in Airteagal 224 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013.

(d)

Déanfaidh contrapháirtí lárnach a risíochtIdirbhirt um Maoiniú Urrús ar a chomhaltaí imréitigh a ríomh i gcomhréir leis an modh cuimsitheach comhthaobhach airgeadais (le coigeartuithe maoirseachta luaineachta) a shonraítear in Airteagal 223 agus in Airteagal 224 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013;

(e)

i gcás ina bhfuil risíochtaí ag contrapháirtí lárnach ar chontrapháirtí lárnach amháin nó níos mó, déanfaidh sé risíochtaí den sórt sin a láimhseáil amhail is gur risíochtaí ar chomhaltaí imréitigh iad agus cuirfidh sé aon chorrlach nó ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe a fhaightear ó na contrapháirtithe lárnacha sin san áireamh chun KCPL a ríomh;

(f)

I gcás ina bhfuil socrú conarthach ceangailteach i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh nó roinnt díobh a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, déanfaidh an contrapháirtí lárnach an chorrlaigh tosaigh sin a mheas mar ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe chun críocha an ríofa i mír 1 agus murab ionann agus corrlach tosaigh.

(g)

agus an Modh um Marcáil ón Margadh á chur i bhfeidhm, cuirfidh an contrapháirtí lárnach an foirmle seo a leanas in ionad na foirmle sin atá i bpointe (c)(ii) d'Airteagal 298(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013:

Formula;

nuair a ríomhtar uimhreoir an NGR i gcomhréir le hAirteagal 274(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 agus díreach sula malairtítear an corrlach athrúcháin ag deireadh na tréimhse socraíochta, agus is é an t-ainmneoir an costas athsholáthair comhiomláin;

(h)

agus an Modh um Marcáil ón Margadh á chur i bhfeidhm mar a leagtar sin amach in Airteagal 274 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, cuirfidh contrapháirtí lárnach an fhoirmle seo a leanas in ionad na foirmle sin atá i bpointe (c)(ii) in Airteagal 298(1) den Rialachán seo curtha isteach ag OP]:

Formula

nuair a ríomhtar uimhreoir an NGR i gcomhréir le hAirteagal 274(1) den Rialachán sin agus díreach sula malairtítear na corrlaigh athrúcháin ag deireadh na tréimhse socraíochta, agus is é an t-ainmneoir an costas athsholáthair comhiomláin;

(i)

i gcás nach bhfuil contrapháirtí lárnach in ann luach NGR a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (c)(ii) d'Airteagal 298(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013curtha isteach ag OP], déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(i)

cuirfidh sé na comhaltaí imréitigh sin atá aige agus atá ina n-institiúidí agus chuig a údaráis inniúla faoina éagumas chun an NGR a ríomh agus na cúiseanna nach raibh sé in ann tabhairt faoin ríomh;

(ii)

ar feadh tréimhse trí mhí, féadfaidh sé luach NGR 0,3 a úsáid chun PCEred a ríomh mar a shonraítear i bpointe (g);

(j)

i gcás ina mbeadh, ag deireadh na tréimhse a shonraítear i bpointe (ii) de phointe (g), an contrapháirtí lárnach fós neamhábalta luach NGR a ríomh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(i)

stadfaidh sé de KCPL a ríomh;

(ii)

tabharfaidh sé fógra do na comhaltaí imréitigh sin ar institiúidí iad agus a n-institiúidí inniúla gur stad sé de KCPL a ríomh;

(k)

d'fhonn an risíocht fhéideartha thodhchaíoch a ríomh maidir le roghanna agus roghtálacha faoin Modh um Marcáil ón Margadh a shonraítear in Airteagal 274 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 déanfaidh contrapháirtí lárnach méid barúlach an chonartha a iolrú faoi luach absalóideach dheilt an rogha

Formula

mar a shainmhínítear sin i bpointe (a) d'Airteagal 280(1) den Rialachán sin;

(l)

nuair atá níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin ag contrapháirtí lárnach, déanfaidh sé an ríomh arna leagan síos in Airteagal 50a(2) ar gach ciste mainneachtana ina aonar.

Airteagal 50c

Faisnéis a thuairisciú

1.   Chun críocha Airteagal 308 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013curtha isteach ag OP], tuairisceoidh an contrapháirtí lárnach an fhaisnéis seo a leanas chuig na comhaltaí imréitigh sin atá aige agus atá ina n-institiúidí agus chuig a údaráis inniúla.

(a)

an caipiteal hipitéiseach (KCPL);

(b)

suim na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe (DFCM);

(c)

suim a acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe a bhfuil ceangal air a úsáid - de réir an dlí nó mar gheall ar chomhaontú conarthach lena chomhaltaí imréitigh - chun a chaillteanais a chumhdach mar gheall ar mhainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh sula n-úsáideann sé ranníocaíochtaí ciste mainneachtana na gcomhaltaí imréitigh eile (DFCPL);

(d)

líon iomlán a chomhaltaí imréitigh (N);

(e)

an fachtóir comhchruinnithe (β), mar a leagtar amach i mír 50d;

(f)

suim na ranníocaíochtaí uile atá geallta go conarthach

Formula

.

Nuair atá níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin ag contrapháirtí lárnach, déanfaidh sé an fhaisnéis a thuairisciú sa chéad fhomhír maidir le gach ciste mainneachtana ina aonar

2.   Tabharfaidh an contrapháirtí lárnach fógra do na comhaltaí imréitigh sin ar institiúidí iad ar bhonn ráithiúil ar a laghad nó níos minice má cheanglaíonn na húdaráis inniúla sin ar na comhaltaí imréitigh sin.

3.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

an teimpléad aonfhoirmeach chun críocha an tuairiscithe arna sonrí i mír 1;

(b)

minicíochtaí agus dátaí an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2;

(c)

cásanna ina bhféadfadh údarás inniúil institiúide atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh minicíochtaí níos airde de thuairisciú ná na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) a iarraidh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 50d

Ríomh na n-ítímí sonracha a bheidh le tuairisciú ag an gcontrapháirtí lárnach

Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

Nuair a fhéachtar leis faoi rialacha an chontrapháirtí lárnaigh go n-úsáidfidh sé cuid nó iomlán a n-acmhainní airgeadais taobh leis na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe óna chomhaltaí imréitigh i gcaoi lena bhfágtar na hacmhainní sin ar chomhchéim le ranníocaíochtaí réamh-mhaointihe ó chomhalta imréitigh i dtéarmaí conas a ionsúitear na caillteanais a thabhaíonn an contrapháirtí lárnach i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta ag ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí imréitigh, cuirfidh an contrapháirtí lárnach méid comhfhreagrach na n-acmhainní sin leis an DFCM;

(b)

nuair a fhéachtar leis i rialacha contrapháirtí lárnaigh go n-úsáidfidh sé cuid dá acmhainní airgeadais chun a chaillteanais a chumhdach mar gheall ar mhainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh tar éis a chiste mainneachtana a bheith ídithe, ach sula nglaonn sé ar ranníocaíochtaí a chomhaltaí imréitigh atá geallta go conarthach, déanfaidh an contrapháirtí lárnach méid comfhreagrach na n-acmhainní airgeadais breise sin

Formula

a chur le méid iomlán na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe (DF) mar seo a leanas:

Formula.

(c)

ríomhfaidh contrapháirtí lárnach an fachtóir comhchruinnithe (β) i gcomhréir leis na foirmle seo a leanas:

Formula

nuair atá:

PCEred,i

=

an figiúr laghdaithe maidir le risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas maidir le gach conradh agus idirbheart contrapháirtí lárnaigh le comhalta imréitigh i;

PCEred,1

=

an figiúr laghdaithe maidir le risíocht fhéideartha todhchaíoch ar chreidmheas maidir le gach conradh agus idirbheart contrapháirtí lárnaigh leis an gcomhalta imréitigh a bhfuil an luach PCEred is mó aige;

PCEred,2

=

an figiúr laghdaithe maidir le risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas maidir le gach conradh agus idirbheart contrapháirtí lárnaigh le comhalta imréitigh a bhfuil an dara luach PCEred is mó aige;

(38)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.‧;"

(2)

In Airteagal 11(15), scriostar pointe (b);

(3)

Cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 89 de Rialachán (CE) 648/2012:

"5a.   Suas le 15 mhí tar éis an dáta nuair a thagann an ceann is déanaí den aon chaighdeán teicniúil rialála déag i bhfeidhm dá dtagraítear ag deireadh na chéad fhomhíre de mhír 3, nó go dtí go ndéantar cinneadh faoi Airteagal 14 den Rialachán seo maidir le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh, cibé dáta is lusithecuirfidh an contrapháirtí lárnach sin láimhseáil sin i bhfeidhm a shonraítear sa tríú fomhír den mhír seo.

I gcás nach bhfuil ciste mainneachtana ag Contrapháirtí Lárnach agus nach bhfuil socrú ceangailteach i bhfeidhm aige lena chomhaltaí imréitigh lena ligtear dó an corrlach tosaigh ina iomláine, nó cuid de, a úsáid mar chorrlach a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh amhail is go mba ranníocaíochtaí réamhchistithe iad, áireofar san fhaisnéis a thuairscíonn sé i gcomhréir le hAirteagal 50a(1) méid iomlán an chorrlaigh tosaigh a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh (CI).

Maidir leis na spriocdhátaí sa chéad agus sa dara fomhír den mhír seo, féadfar iad a shíneadh sé mhí breise i gcás ina mbeidh an Coimisiún tar éis an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 497(3) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 a ghlacadh."

CUID a hAON DÉAG

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 521

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014, seachas:

(a)

Airteagail 8(3), 21 agus Airteagal 451(1), a mbeidh feidhm acu ón 1 Eanáir 2015;

(b)

Airteagal 413(1), a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2016;

(c)

forálacha an Rialacháin seo lena gcuirtear ceanglas ar ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus forálacha an Rialacháin sin lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a mbeidh feidhm acu ón 31 Nollaig 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 26 Meitheamh 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SHATTER


(1)  IO C 105, 11.4.2012, lch. 1.

(2)  IO C 68, 6.3.2012, lch. 39.

(3)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

(4)  IO L 177, 30.6.2006, lch 201.

(5)  Féach leathanach 338 den Iris Oifigiúil seo.

(6)  IO L 331, 15.12.2010, lch 1

(7)  IO L 331, 15.12.2010, lch 12

(8)  Cinneadh 2009/937 ón gComhairle an 1 Nollag 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.(IO L 325, 11.12.2009, lch. 35)

(9)  IO L 372, 31.12.1986, lch. 1.

(10)  IO L 193, 18.7.1983, lch. 1.

(11)  IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.

(12)  IO L 145, 30.3.2004, lch. 1.

(13)  IO L 35, 11.2.2005, lch. 1.

(14)  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(15)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 97.

(16)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(17)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(18)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(19)  IO C 175, 19.6.2012, lch. 1.

(20)  IO L 335, 17.12.2009.lch 1

(21)  IO L 302, 17.11.2009.lch 32

(22)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 1.

(23)  IO L 319, 5.12.2007, lch.1.

(24)  IO L 222, 14.8.1978. lch 11

(25)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 1

(26)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

(27)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(28)  OJ L 141, 11.6.1993, p. 1.

(29)  IO L 250, 2.10.2003, lch. 10.

(30)  IO L 135, 31.5.1994, lch. 5

(31)  IO C 119, 25.4.2013, lch. 1.

(32)  IO L 3, 7.1.2004, lch. 36.

(33)  Rialachán (CE) Uimh 1126 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta cuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch 1).

(34)  Rialachán (AE) Uimh 1205/2011 an 22 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta cuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 7 (IO L 305, 23.11.2011, lch. 16).

(35)  IO: L 141, 11.6.1993, lch. 27.

(36)  IO L 126, 26.5.2000, lch. 1.

(37)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.


IARSCRÍBHINN I

Aicmiú ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe

1.

Lánphriacal:

(a)

ráthaíochtaí de chineál ionadaithe creidmheasa, (e.g. ráthaíochtaí chun saoráidí creidmheasa a íoc go cuí);

(b)

díorthaigh chreidmheasa;

(c)

glacachtaí;

(d)

formhuinithe ar bhillí nach bhfuil ainm institiúide eile orthu;

(e)

idirbhearta a bhfuil iontaoibh iomlán acu (e.g. fachtóireacht, saoráidí um lascainí ar shonraisc);

(f)

litreacha creidmheasa teannta neamh-inchúlghairthe de chineál ionadaithe creidmheasa;

(g)

sócmhainní a ceannaíodh faoi chomhaontuithe réamhcheannaigh glan amach;

(h)

réamhthaiscí réamh-mhalairte;

(i)

cion neamhíoctha de scaireanna agus d'urrúis atá páirtíoctha;

(j)

comhaontuithe maidir le sócmhainní a dhíol agus a athcheannach mar atá sainithe in Airteagal 12(3) agus in Airteagal (5) de Threoir 86/635/CEE,

(k)

ítimí eile ina n-iompraítear lánpriacal freisin.

2.

Meánphriacal:

(a)

maoiniú trádála atá lasmuigh den chlár comhardaithe, amhail:

creidmheasanna doiciméadacha eisithe nó dearbhaithe (féach ‧Meánphriacal /íospriacal‧ chomh maith);

(b)

ítimí eile atá lasmuigh den chlár comhardaithe:

(i)

ráthaíochtaí muiriompair, bannaí custaim agus cánach

(ii)

saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe (comhaontuithe maidir le hiasachtaí a thabhairt, urrúis a cheannach, ráthaíochtaí nó saoráidí glactha a chur ar fáil) a bhfuil aibíocht tosaigh níos faide ná bliain amháin acu,

(iii)

Saoráidí eisiúna nótaí (NIFanna) agus saoráidí frithgheallta imrothlacha (RUFanna);

(iv)

Ítimí eile ina n-iompraítear meánphriacal agus mar a thuairiscítear iad doÚBE.

3.

Meánphriacal /íosphriacal:

(a)

maoiniú trádála atá lasmuigh den chlár comhardaithe:

(i)

creidmheasanna doiciméadacha ina bhfuil loingsiú bunúsach ina chomhthaobhacht agus idirbhearta féinleachtaitheacha eile;

(ii)

barántais (lena n-áirítear bannaí tairisceana agus feidhmíochta agus ráthaíochtaí gaolmhara maidir le réamh-mhaoiniú agus coinneáil) agus ráthaíochtaí nach de chineál ionadaithe creidmheasa iad;

(iii)

Litreacha creidmheasa teannta neamh-inchúlghairthe nach de chineál ionadaithe creidmheasa iad.

(b)

ítimí eile atá lasmuigh den chlár comhardaithe:

(i)

saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe ina gcuimsítear comhaontuithe maidir le hiasachtaí a thabhairt, urrúis a cheannach, ráthaíochtaí nó saoráidí glactha a chur ar fáil a bhfuil aibíocht tosaigh suas le bliain amháin acu, nó bliain amháin, nach féidir a chur ar ceal gan choinníoll tráth ar bith gan fógra nó nach bhforáiltear go héifeachtach iontu d'uathchealú de bharr meathlaithe in acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí;

(ii)

ítimí eile ina n-iompraítear meánphriacal /íosphriacal agus mar a thuairiscítear iad do ÚBE.

4.

Íosphriacal:

(a)

Saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe ina gcuimsítear comhaontuithe maidir le hiasachtaí a thabhairt, urrúis a cheannach, ráthaíochtaí nó saoráidí glactha a chur ar fáil agus is féidir a chur ar ceal gan choinníoll tráth ar bith gan fógra, nó nach bhforáiltear go héifeachtach iontu d'uathchealú de bharr meathlaithe in acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí. Féadfar a mheas go bhfuil na línte creidmheasa miondíola inchealaithe go neamhchoinníollach má cheadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi reachtaíocht ghaolmhar;

(b)

saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe le haghaidh ráthaíochtaí tairisceana agus feidhmíochta ar féidir a chur ar ceal gan choinníoll tráth ar bith gan fógra, nó nach bhforáiltear go héifeachtach iontu d'uathchealú de bharr meathlaithe in acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí; agus

(c)

Ítimí eile ina n-iompraítear íospriacal agus mar a thuairiscítear iad do ÚBE.


IARSCRÍBHINN II

Cineálacha díorthach

1.

Conarthaí ráta úis

(a)

babhtálacha rátaí úis airgeadra aonair;

(b)

babhtálacha bonnrátaí;

(c)

comhaontuithe ar réamhráta;

(d)

todhchaíochtaí ráta úis;

(e)

roghanna rátaí úis ceannaithe;

(f)

conarthaí eile dá samhail.

2.

Conarthaí i malairt eachtrach agus conarthaí maidir le hór:

(a)

babhtálacha rátaí úis trasairgeadra;

(b)

réamhchonarthaí i malairt eachtrach;

(c)

todhchaíochtaí airgeadra;

(d)

roghanna airgeadra ceannaithe;

(e)

conarthaí eile dá samhail;

(f)

conarthaí de shamhail (a) go (e) maidir le hór.

3.

Conarthaí de shamhail na gconarthaí sin i bpointí 1(a) go (e) agus i bpointí 2(a) go (d) den Iarscríbhinn seo maidir le hítimí nó innéacsanna tagartha eile. Áirítear leis seo ar a laghad gach ionstraim a shonraítear i bpointí 4 go 7, 9 agus 10 de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE nach n-áirítear ar shlí eile i bpointe 1 ná i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo.


IARSCRÍBHINN III

Ítimí faoi réir tuairiscithe fhorlíontaigh maidir le sócmhainní leachtacha

1.

Airgead tirim;

2.

risíochtaí i gcúlchistí bainc ceannais, a mhéid is gur féidir na neamhchonsaintí sin a íostarraingt i dtréimhsí struis;

3.

urrúis inaistrithe in ionannas le héilimh ar stáit, ar bhainc cheannais, ar eintiteas earnála poiblí neamhrialtais lárnaigh, ar réigiúin a bhfuil neamhspleáchas buiséadach acu chun cáin a ghearradh agus a bhailiú agus ar údaráis áitiúla, ar an mBanc le haghaidh Socruithe Idirnáisiúnta, ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ar an Aontas Eorpach, ar an Saoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach, ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, nó ar bhainc forbartha iltaobhacha, nó éilimh a ráthaíonn siad, agus na coinníollacha seo ar fad a leanas á gcomhlíonadh:

(a)

sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Chuid a Trí de Theideal II, Caibidil 2;

(b)

ní hionann iad agus oibleagáid de chuid institiúide nó de chuid ceann ar bith dá heintitis chleamhnaithe.

4.

urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointe (3) agus iad in ionannas le héilimh ar stáit nó ar bhainc cheannais nó le héilimh a ráthaíonn siad acu, a d'eisigh an stát nó an banc ceannais in airgeadraí intíre san airgeadra agus sa tír ina nglactar an priacal leachtachta nó ina eisítear é in airgeadra eachtrach, a mhéad atá sealbhú féich den sórt sin comhoiriúnach le riachtanais leachtachta oibríochtaí an bhainc sa tríú tír sin;

5.

Urrúis inaistrithe in ionannas le héilimh ar stáit, ar bhainc cheannais, ar eintitis earnála poiblí neamhrialtais lárnaigh, ar réigiúin a bhfuil neamhspleáchas buiséadach acu chun cáin a ghearradh agus a bhailiú agus ar údaráis áitiúla, nó ar bhainc forbartha iltaobhacha agus na coinníollacha seo a leanas ar fad á gcomhlíonadh:

(a)

sanntar ualú priacal 20 % dóibh faoi Cuid a Trí de Theideal II, Caibidil 2;

(b)

ní hionann iad agus oibleagáid de chuid institiúide nó de chuid ceann ar bith dá heintitis chleamhnaithe.

6.

urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointí 3, 4 agus 5 a cháilíonn d'ualú priacal 20 % nó níos mó ná sin faoi Roinn 2 de Theideal III, Caibidil 3 nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus aon cheann de na coinníollacha seo a leanas á chomhlíonadh:

(a)

ní hionann iad agus éileamh ar SSPE, ar institiúid nó ar cheann ar bith dá heintitis chleamhnaithe;

(b)

is bannaí iad atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5);

(c)

is bannaí iad dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (b) den phointe sin;

7.

Urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointí 3 go 6 a cháilíonn d'ualú priacal 50 % nó níos mó ná sin faoi Roinn 2 de Theideal III, Caibidil 3 nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus ní hionann iad agus éileamh ar SSPE, ar institiúid nó ar cheann ar bith dá heintitis chleamhnaithe.

8.

Urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointí (3) go (7) atá comhthaobhaithe le sócmhainní, cáilíonn siad d'ualú priacal 35 % nó níos mó ná sin faoi Roinn 2 de Theideal III, Caibidil 3 nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus atá ráthaithe go huile is go hiomlán ag morgáistí ar mhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 125.

9.

Áiseanna creidmheasa teannta a dheonaíonn na bainc cheannais laistigh de raon feidhme an bheartais airgeadaíochta sa mhéid nach ndéantar na háiseanna sin a chomhthaobhú le sócmhainní leachtacha ach gan cúnamh éigeandála leachtachta a bheith san áireamh;

10.

I gcás ina bhfuil an institiúid chreidmheasa bainteach i líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla, na híostaiscí dlíthiúla nó reachtúla atá san institiúid lárnach chreidmheasa agus cistiú leachtach eile reachtúil nó cistiú atá ar fáil ar bhonn conarthach ón institiúid lárnach chreidmheasa nó ó institiúidí ar baill iad den líonra dá dtagraítear in Airteagal 113 (7), nó atá incháilithe don tarscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 10, sa mhéid nach gcomhthaobhaítear an cistiú sin le sócmhainní leachtacha;

11.

Airgeadra a mhalartaítear, scaireanna comhchothromais atá imréitithe ar bhonn lárnach, agus atá mar fhochuid de mhórinnéacs malartáin, ainmnithe in airgeadra intíre an Bhallstáit agus nach n-eisítear ag aon institiúid ná ag aon cheann de chleamhnaithe na hinstitiúide.

12.

ór, atá liostaithe ar mhalartán aitheanta, a shealbhaítear ar bhonn leithdháilte.

Ní mór do gach ítim, seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe 1,2 agus a 9 na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

déantar iad a thrádáil i gcomhaontú athcheannaigh simplí nó margaí airgid thirim arb é a bpríomhthréith leibhéal íseal comhchruinnithe;

(b)

tá siad cruthaithe mar fhoinse iontaofa leachtachta trí chomhaontú athcheannaigh nó trí dhíolachán fiú le linn dálaí struis sa mhargadh;

(c)

go bhfuil siad neamhualaithe.


IARSCRÍBHINN IV

Tábla Comhghaoil

An Rialachán seo

Treoir 2006/48/CE

Treoir 2006/49/CE

Airteagal 1

 

 

Airteagal 2

 

 

Airteagal 3

 

 

Pointe (1) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4 (1)

 

Pointe (2) d'Airteagal 4(1)

 

Airteagal 3(1)b

Pointe (3) d'Airteagal 4(1)

 

Airteagal 3(1)c

Pointe (4) d'Airteagal 4(1)

 

Airteagal 3(1)p

Pointí (5)-(7) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (8) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(18)

 

Pointí (9)-(12) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (13) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(41)

 

Pointe (14) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(42)

 

Pointe (15) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(12)

 

Pointe (16) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(13)

 

Pointe (17) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(3)

 

Pointe (18) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(21)

 

Pointe (19) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (20) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(19)

 

Pointe (21) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (22) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(20)

 

Pointe (23) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (24) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (25) d'Airteagal 4(1)

 

Airteagal 3(1)c

Pointe (26) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(5)

 

Pointe (27) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (28) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(14)

 

Pointe (29) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(16)

 

Pointe (30) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(15)

 

Pointe (31) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(17)

 

Pointí (32)-(34) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (35) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(10)

 

Pointe (36) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (37) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(9)

 

Pointe (38) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(46)

 

Pointe (39) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(45)

 

Pointe (40) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(4)

 

Pointe (41) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(48)

 

Pointe (42) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

 

Pointe (43) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(7)

 

Pointe (44) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(8)

 

Pointe (45) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (46) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(23)

 

Pointí (47)-(49) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (50) d'Airteagal 4(1)

 

Airteagal 3(1)e

Pointe (51) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (52) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(22)

 

Pointe (53) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(24)

 

Pointe (54) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(25)

 

Pointe (55) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(27)

 

Pointe (56) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(28)

 

Pointe (57) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(30)

 

Pointe (58) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(31)

 

Pointe (59) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(32)

 

Pointe (60) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(35)

 

Pointe (61) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(36)

 

Pointe (62) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(40)

 

Pointe (63) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(40a)

 

Pointe (64) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(40b)

 

Pointe (65) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(43)

 

Pointe (66) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(44)

 

Pointe (67) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(39)

 

Pointí (68)-(71) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (72) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(47)

 

Pointe (73) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(49)

 

Pointí (74)-(81) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (82) d'Airteagal 4(1)

 

Airteagal 3(1)m

Pointe (83) d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(33)

 

Pointí (84)-(91) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (92) d'Airteagal 4(1)

 

Airteagal 3(1)i

Pointí (93)-(117) d'Airteagal 4(1)

 

 

Pointe (118) d'Airteagal 4(1)

 

Airteagal 3(1)r

Pointí (119)-(128) d'Airteagal 4(1)

 

 

Airteagal 4(2)

 

 

Airteagal 4(3)

 

 

Airteagal 5

 

 

Airteagal 6(1)

Airteagal 68(1)

 

Airteagal 6(2)

Airteagal 68(2)

 

Airteagal 6(3)

Airteagal 68(3)

 

Airteagal 6(4)

 

 

Airteagal 6(5)

 

 

Airteagal 7(1)

Airteagal 69(1)

 

Airteagal 7(2)

Airteagal 69(2)

 

Airteagal 7(3)

Airteagal 69(3)

 

Airteagal 8(1)

 

 

Airteagal 8(2)

 

 

Airteagal 8(3)

 

 

Airteagal 9(1)

Airteagal 70(1)

 

Airteagal 9(2)

Airteagal 70(2)

 

Airteagal 9(3)

Airteagal 70(3)

 

Airteagal 10(1)

Airteagal 3(1)

 

Airteagal 10(2)

 

 

Airteagal 11(1)

Airteagal 71(1)

 

Airteagal 11(2)

Airteagal 71(2)

 

Airteagal 11(3)

 

 

Airteagal 11(4)

Airteagal 3(2)

 

Airteagal 11(5)

 

 

Airteagal 12

 

 

Airteagal 13(1)

Airteagal 72(1)

 

Airteagal 13(2)

Airteagal 72(2)

 

Airteagal 13(3)

Airteagal 72(3)

 

Airteagal 13(4)

 

 

Airteagal 14(1)

Airteagal 73(3)

 

Airteagal 14(2)

 

 

Airteagal 14(3)

 

 

Airteagal 15

 

Airteagal 22

Airteagal 16

 

 

Airteagal 17(1)

 

Airteagal 23

Airteagal 17(2)

 

 

Airteagal 17(3)

 

 

Airteagal 18(1)-

Airteagal 133(1) fomhír 1

 

Airteagal 18(2)

Airteagal 133(1) fomhír 2

 

Airteagal 18(3)

Airteagal 133(1) fomhír 3

 

Airteagal 18(4)

Airteagal 133(2)

 

Airteagal 18(5)

Airteagal 133(3)

 

Airteagal 18(6)

Airteagal 134(1)

 

Airteagal 18(7)

 

 

Airteagal 18(8)

Airteagal 134(2)

 

Airteagal 19(1)

Airteagal 73(1) (b)

 

Airteagal 19(2)

Airteagal 73(1)

 

Airteagal 19(3)

Airteagal 73(1) fomhír 2

 

Airteagal 20(1)

Airteagal 105(3) Airteagal 129(2) agus Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointí 30 agus 31

 

Airteagal 20(2)

Airteagal 129(2) fomhír 3

 

Airteagal 20(3)

Airteagal 129(2) fomhír 4

 

Airteagal 20(4)

Airteagal 129(2) fomhír 5

 

Airteagal 20(5)

 

 

Airteagal 20(6)

Airteagal 84(2)

 

Airteagal 20(7)

Airteagal 129(2) fomhír 6

 

Airteagal 20(8)

Airteagal 129(2) fomhíreanna 7 agus 8

 

Airteagal 21(1)

 

 

Airteagal 21(2)

 

 

Airteagal 21(3)

 

 

Airteagal 21(4)

 

 

Airteagal 22

Airteagal 73(2)

 

Airteagal 23

 

Airteagal 3(1) fomhír 2

Airteagal 24

Airteagal 74 (1)

 

Airteagal 25

 

 

Airteagal 26 (1)

Airteagal 57(a)

 

Airteagal 26 (1)(a)

Airteagal 57(a)

 

Airteagal 26 (1)(b)

Airteagal 57(a)

 

Airteagal 26 (1)(c)

Airteagal 57(b)

 

Airteagal 26 (1)(d)

 

 

Airteagal 26 (1)(e)

Airteagal 57(b)

 

Airteagal 26 (1)(f)

Airteagal 57(c)

 

Airteagal 26 (1) an chéad fo-mhír

Airteagal 61 fomhír 2

 

Airteagal 26 (2)(a)

Airteagal 57 fo-mhír 2, 3 agus 4

 

Airteagal 26 (2)(b)

Airteagal 57 2, 3 agus 4

 

Airteagal 26 (3)

 

 

Airteagal 26 (4)

 

 

Airteagal 27

 

 

Airteagal 28(1)(a)

 

 

Airteagal 28(1)(b)

Airteagal 57(a)

 

Airteagal 28(1)(c)

Airteagal 57(a)

 

Airteagal 28(1)(d)

 

 

Airteagal 28(1)(e)

 

 

Airteagal 28(1)(f)

 

 

Airteagal 28(1)(g)

 

 

Airteagal 28(1)(h)

 

 

Airteagal 28(1)(i)

Airteagal 57(a)

 

Airteagal 28(1)(j)

Airteagal 57(a)

 

Airteagal 28(1)(k)

 

 

Airteagal 28(1)(l)

 

 

Airteagal 28(1)(m)

 

 

Airteagal 28(2)

 

 

Airteagal 28(3)

 

 

Airteagal 28(4)

 

 

Airteagal 28(5)

 

 

Airteagal 29

 

 

Airteagal 30

 

 

Airteagal 31

 

 

Airteagal 32(1)(a)

 

 

Airteagal 32(1)(b)

Airteagal 57 fomhír 4

 

Airteagal 32(2)

 

 

Airteagal 33(1)(a)

Airteagal 64(4)

 

Airteagal 33(1)(b)

Airteagal 64(4)

 

Airteagal 33(1)(c)

 

 

Airteagal 33(2)

 

 

Airteagal 33(3)(a)

 

 

Airteagal 33(3)(b)

 

 

Airteagal 33(3)(c)

 

 

Airteagal 33(3)(d)

 

 

Airteagal 33(4)

 

 

Airteagal 34

Airteagal 64(5)

 

Airteagal 35

 

 

Airteagal 36(1)(a)

Airteagal 57(k)

 

Airteagal 36(1)(b)

Airteagal 57(j)

 

Airteagal 36(1)(c)

 

 

Airteagal 36(1)(d)

Airteagal 57(q)

 

Airteagal 36(1)(e)

 

 

Airteagal 36(1)(f)

Airteagal 57(i)

 

Airteagal 36(1)(g)

 

 

Airteagal 36(1)(h)

Airteagal 57(n)

 

Airteagal 36(1)(i)

Airteagal 57(m)

 

Airteagal 36(1)(j)

Airteagal 66(2)

 

Airteagal 36(1)(k)(i)

 

 

Airteagal 36(1)(k)(ii)

Airteagal 57(r)

 

Airteagal 36(1)(k)(iii)

 

 

Airteagal 36(1)(k)(iv)

 

 

Airteagal 36(1)(k)(v)

 

 

Airteagal 36(1)(l)

Airteagal 61 fomhír 2

 

Airteagal 36(2)

 

 

Airteagal 36(3)

 

 

Airteagal 37

 

 

Airteagal 38

 

 

Airteagal 39

 

 

Airteagal 40

 

 

Airteagal 41

 

 

Airteagal 42

 

 

Airteagal 43

 

 

Airteagal 44

 

 

Airteagal 45

 

 

Airteagal 46

 

 

Airteagal 47

 

 

Airteagal 48

 

 

Airteagal 49(1)

Airteagal 59

 

Airteagal 49(2)

Airteagal 60

 

Airteagal 49(3)

 

 

Airteagal 49(4)

 

 

Airteagal 49(5)

 

 

Airteagal 49(6)

 

 

Airteagal 50

Airteagal 66, Airteagal 57(ca), Airteagal 63a

 

Airteagal 51

Airteagal 66, Airteagal 57(ca), Airteagal 63a

 

Airteagal 52

Airteagal 63a

 

Airteagal 53

 

 

Airteagal 54

 

 

Airteagal 55

 

 

Airteagal 56

 

 

Airteagal 57

 

 

Airteagal 58

 

 

Airteagal 59

 

 

Airteagal 60

 

 

Airteagal 61

Airteagal 66, Airteagal 57(ca), Airteagal 63a

 

Airteagal 62(a)

Airteagal 64(3)

 

Airteagal 62(b)

 

 

Airteagal 62(c)

 

 

Airteagal 62(d)

Airteagal 63(3)

 

Airteagal 63

Airteagal 63(1), Airteagal 63(2), Airteagal 64(3)

 

Airteagal 64

Airteagal 64 (3) (c)

 

Airteagal 65

 

 

Airteagal 66

Airteagal 57, Airteagal 66(2)

 

Airteagal 67

Airteagal 57, Airteagal 66(2)

 

Airteagal 68

 

 

Airteagal 69

Airteagal 57, Airteagal 66(2)

 

Airteagal 70

Airteagal 57, Airteagal 66(2)

 

Airteagal 71

Airteagal 66, Airteagal 57(ca), Airteagal 63a

 

Airteagal 72

Airteagal 57, Airteagal 66

 

Airteagal 73

 

 

Airteagal 74

 

 

Airteagal 75

 

 

Airteagal 76

 

 

Airteagal 77

Airteagal 63a(2)

 

Airteagal 78(1)

Airteagal 63a(2)

 

Airteagal 78(2)

 

 

Airteagal 78(3)

 

 

Airteagal 78(4)

Airteagal 63a(2) fomhír 4

 

Airteagal 78(5)

 

 

Airteagal 79

Airteagal 58

 

Airteagal 80

 

 

Airteagal 81

Airteagal 65

 

Airteagal 82

Airteagal 65

 

Airteagal 83

 

 

Airteagal 84

Airteagal 65

 

Airteagal 85

Airteagal 65

 

Airteagal 86

Airteagal 65

 

Airteagal 87

Airteagal 65

 

Airteagal 88

Airteagal 65

 

Airteagal 89

Airteagal 120

 

Airteagal 90

Airteagal 122

 

Airteagal 91

Airteagal 121

 

Airteagal 92

Airteagal 66, Airteagal 75

 

Airteagal 93(1)-(4)

Airteagal 10(1)-(4)

 

Airteagal 93(5)

 

 

Airteagal 94

 

Airteagal 18(2)-(4)

Airteagal 95

 

 

Airteagal 96

 

 

Airteagal 97

 

 

Airteagal 98

 

Airteagal 24

Airteagal 99(1)

Airteagal 74(2)

 

Airteagal 99(2)

 

 

Airteagal 100

 

 

Airteagal 101(1)

 

 

Airteagal 101(2)

 

 

Airteagal 101(3)

 

 

Airteagal 102(1)

 

Airteagal 11(1)

Airteagal 102(2)

 

Airteagal 11(3)

Airteagal 102(3)

 

Airteagal 11(4)

Airteagal 102(4)

 

Iarscríbhinn VII, Cuid C, Pointe 1

Airteagal 103

 

Iarscríbhinn VII, Cuid A, Pointe 1

Airteagal 104(1)

 

Iarscríbhinn VII, Cuid D, Pointe 1

Airteagal 104(2)

 

Iarscríbhinn VII, Cuid D, Pointe 2

Airteagal 105(1)

 

Airteagal 33(1)

Airteagal 105(2)-(10)

 

Iarscríbhinn VII, Cuid B, Pointí 1-9

Airteagal 105(11)-(13)

 

Iarscríbhinn VII, Cuid B, Pointí 11-13

Airteagal 106

 

Iarscríbhinn VII, Cuid C, Pointí 1-3

Airteagal 107

Airteagal 76, Airteagal 78(4) agus Iarscríbhinn III, Cuid 2, Pointe 6

 

Airteagal 108(1)

Airteagal 91

 

Airteagal 108(2)

 

 

Airteagal 109

Airteagal 94

 

Airteagal 110

 

 

Airteagal 111

Airteagal 78(1)-(3)

 

Airteagal 112

Airteagal 79(1)

 

Airteagal 113(1)

Airteagal 80(1)

 

Airteagal 113(2)

Airteagal 80(2)

 

Airteagal 113(3)

Airteagal 80(4)

 

Airteagal 113(4)

Airteagal 80(5)

 

Airteagal 113(5)

Airteagal 80(6)

 

Airteagal 113(6)

Airteagal 80(7)

 

Airteagal 113(7)

Airteagal 80(8)

 

Airteagal 114

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 1-5

 

Airteagal 115(1) (4)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 8-11

 

Airteagal 115(5)

 

 

Airteagal 116(1)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 14

 

Airteagal 116(2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 14

 

Airteagal 116(3)

 

 

Airteagal 116(4)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 15

 

Airteagal 116(5)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 17

 

Airteagal 116(6)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 17

 

Airteagal 117(1)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 18 agus 19

 

Airteagal 117(2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 20

 

Airteagal 117(3)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 21

 

Airteagal 118

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 22

 

Airteagal 119(1)

 

 

Airteagal 119(2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 37 agus 38

 

Airteagal 119(3)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 40

 

Airteagal 119(4)

 

 

Airteagal 119(5)

 

 

Airteagal 120(1)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 29

 

Airteagal 120(2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 31

 

Airteagal 120(3)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 33-36

 

Airteagal 121(1)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 26

 

Airteagal 121(2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 25

 

Airteagal 121(3)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 27

 

Airteagal 122

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 41 agus 42

 

Airteagal 123

Airteagal 79(2), 79(3) agus Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 43

 

Airteagal 124(1)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 44

 

Airteagal 124(2)

 

 

Airteagal 124(3)

 

 

Airteagal 125(1)-(3)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 45-49

 

Airteagal 125(4)

 

 

Airteagal 126(1) agus (2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 51-55

 

Airteagal 126(3) agus (4)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 58 agus 59

 

Airteagal 127(1) agus (2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 61 agus 62

 

Airteagal 127(3) agus (4)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 64 agus 65

 

Airteagal 128(1)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 66 agus 76

 

Airteagal 128(2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 66

 

Airteagal 128(3)

 

 

Airteagal 129(1)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 68, paragraphs 1 agus 2

 

Airteagal 129(2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 69

 

Airteagal 129(3)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 71

 

Airteagal 129(4)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 70

 

Airteagal 129(5)

 

 

Airteagal 130

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 72

 

Airteagal 131

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 73

 

Airteagal 132(1)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 74

 

Airteagal 132(2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 75

 

Airteagal 132(3)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 77 agus 78

 

Airteagal 132(4)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 79

 

Airteagal 132(5)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 80 agus Pointe 81

 

Airteagal 133(1)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 86

 

Airteagal 133(2)

 

 

Airteagal 133(3)

 

 

Airteagal 134(1)-(3)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 82-84

 

Airteagal 134(4)-(7)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 87-90

 

Airteagal 135

Airteagal 81(1), (2) agus (4)

 

Airteagal 136(1)

Airteagal 82(1)

 

Airteagal 136(2)

Iarscríbhinn VI, Cuid 2, Pointí 12-16

 

Airteagal 136(3)

Airteagal 150(3)

 

Airteagal 137(1)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 6

 

Airteagal 137(2)

Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 7

 

Airteagal 137(3)

 

 

Airteagal 138

Iarscríbhinn VI, Cuid III, Pointí 1-7

 

Airteagal 139

Iarscríbhinn VI, Cuid III, Pointí 8-17

 

Airteagal 140(1)

 

 

Airteagal 140(2)

 

 

Airteagal 141

 

 

Airteagal 142(1)

 

 

Airteagal 142(2)

 

 

Airteagal 143(1)

Airteagal 84 (1) agus Iarscríbhinn VII, Cuid 4, Pointe 1

 

Airteagal 143(1)

Airteagal 84(2)

 

Airteagal 143(1)

Airteagal 84(3)

 

Airteagal 143(1)

Airteagal 84(4)

 

Airteagal 143(1)

 

 

Airteagal 144

 

 

Airteagal 145

 

 

Airteagal 146

 

 

Airteagal 147(1)

Airteagal 86(9)

 

Airteagal 147(2)-(9)

Airteagal 86(1)-(8)

 

Airteagal 148(1)

Airteagal 85(1)

 

Airteagal 148(2)

Airteagal 85(2)

 

Airteagal 148(3)

 

 

Airteagal 148(4)

Airteagal 85(3)

 

Airteagal 148(5)

 

 

Airteagal 148(1)

 

 

Airteagal 149

Airteagal 85(4) agus (5)

 

Airteagal 150(1)

Airteagal 89(1)

 

Airteagal 150(2)

Airteagal 89(2)

 

Airteagal 150(3)

 

 

Airteagal 150(4)

 

 

Airteagal 151

Airteagal 87(1)-(10)

 

Airteagal 152(1) agus (2)

Airteagal 87(11)

 

Airteagal 152(3) agus (4)

Airteagal 87(12)

 

Airteagal 152(5)

 

 

Airteagal 153(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 3

 

Airteagal 153(2)

 

 

Airteagal 153(3)-(8)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 4-9

 

Airteagal 153(9)

 

 

Airteagal 154

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 10-16

 

Airteagal 155(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 17 agus 18

 

Airteagal 155(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 19 go 21

 

Airteagal 155(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 22 go 24

 

Airteagal 155(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 25 go 26

 

Airteagal 156

 

 

Airteagal 156

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 27

 

Airteagal 157(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 28

 

Airteagal 157(2)-(5)

 

 

Airteagal 158(1)

Airteagal 88(2)

 

Airteagal 158(2)

Airteagal 88(3)

 

Airteagal 158(3)

Airteagal 88(4)

 

Airteagal 158(4)

Airteagal 88(6)

 

Airteagal 158(5)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 30

 

Airteagal 158(6)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 31

 

Airteagal 158(7)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 32

 

Airteagal 158(8)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 33

 

Airteagal 158(9)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 34

 

Airteagal 158(10)

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 35

 

Airteagal 158(11)

 

 

Airteagal 159

Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 36

 

Airteagal 160(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 2

 

Airteagal 160(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 3

 

Airteagal 160(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 4

 

Airteagal 160(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 5

 

Airteagal 160(5)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 6

 

Airteagal 160 (6)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 7

 

Airteagal 160(7)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 7

 

Airteagal 161(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 8

 

Airteagal 161(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 9

 

Airteagal 161(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 10

 

Airteagal 161(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 11

 

Airteagal 162(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 12

 

Airteagal 162(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 13

 

Airteagal 162(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 14

 

Airteagal 162(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 15

 

Airteagal 162(5)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 16

 

Airteagal 163(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 17

 

Airteagal 163(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 18

 

Airteagal 163(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 19

 

Airteagal 163(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 20

 

Airteagal 164(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 21

 

Airteagal 164(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 22

 

Airteagal 164(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 23

 

Airteagal 164(4)

 

 

Airteagal 165(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 24

 

Airteagal 165(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 25 agus 26

 

Airteagal 165(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 27

 

Airteagal 166(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 1

 

Airteagal 166(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 2

 

Airteagal 166(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 3

 

Airteagal 166(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 4

 

Airteagal 166(5)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 5

 

Airteagal 166(6)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 6

 

Airteagal 166(7)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 7

 

Airteagal 166(8)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 9

 

Airteagal 166(9)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 10

 

Airteagal 166(10)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 11

 

Airteagal 167(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 12

 

Airteagal 167(2)

 

 

Airteagal 168

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 13

 

Airteagal 169(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 2

 

Airteagal 169(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 3

 

Airteagal 169(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 4

 

Airteagal 170(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 5-11

 

Airteagal 170(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 12

 

Airteagal 170(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 13-15

 

Airteagal 170(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 16

 

Airteagal 171(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 17

 

Airteagal 171(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 18

 

Airteagal 172(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 19-23

 

Airteagal 172(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 24

 

Airteagal 172(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 25

 

Airteagal 173(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí26-28

 

Airteagal 173(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 29

 

Airteagal 173(3)

 

 

Airteagal 174

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 30

 

Airteagal 175(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 31

 

Airteagal 175(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 32

 

Airteagal 175(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 33

 

Airteagal 175(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 34

 

Airteagal 175(5)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 35

 

Airteagal 176(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 36

 

Airteagal 176(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 37 an chéad fomhír

 

Airteagal 176(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 37 an dara fomhír

 

Airteagal 176(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 38

 

Airteagal 176(5)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 39

 

Airteagal 177(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 40

 

Airteagal 177(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 41

 

Airteagal 177(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 42

 

Airteagal 178(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 44

 

Airteagal 178(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 44

 

Airteagal 178(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 45

 

Airteagal 178(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 46

 

Airteagal 178(5)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 47

 

Airteagal 178(6)

 

 

Airteagal 178(7)

 

 

Airteagal 179(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 43 agus 49-56

 

Airteagal 179(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 57

 

Airteagal 180(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 59-66

 

Airteagal 180(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 67-72

 

Airteagal 180(3)

 

 

Airteagal 181(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 73-81

 

Airteagal 181(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 82

 

Airteagal 181(3)

 

 

Airteagal 182(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 87-92

 

Airteagal 182(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 93

 

Airteagal 182(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 94 agus 95

 

Airteagal 182(4)

 

 

Airteagal 183(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 98-100

 

Airteagal 183(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 101 agus 102

 

Airteagal 183(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 103 agus Pointe 104

 

Airteagal 183(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 96

 

Airteagal 183(5)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 97

 

Airteagal 183(6)

 

 

Airteagal 184(1)

 

 

Airteagal 184(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 105

 

Airteagal 184(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 106

 

Airteagal 184(4)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 107

 

Airteagal 184(5)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 108

 

Airteagal 184(6)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 109

 

Airteagal 185

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 110-114

 

Airteagal 186

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 115

 

Airteagal 187

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 116

 

Airteagal 188

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 117-123

 

Airteagal 189(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 124

 

Airteagal 189(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 125 agus 126

 

Airteagal 189(3)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 127

 

Airteagal 190(1)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 128

 

Airteagal 190(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 129

 

Airteagal 190(3) (4)

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 130

 

Airteagal 191

Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 131

 

Airteagal 192

Airteagal 90 agus Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 2

 

Airteagal 193(1)

Airteagal 93 (2)

 

Airteagal 193(2)

Airteagal 93 (3)

 

Airteagal 193(3)

Airteagal 93(1) agus Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 1

 

Airteagal 193(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 2

 

Airteagal 193(5)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 5, Pointe 1

 

Airteagal 193(6)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 5, Pointe 2

 

Airteagal 194(1)

Airteagal 92(1)

 

Airteagal 194(2)

Airteagal 92(2)

 

Airteagal 194(3)

Airteagal 92(3)

 

Airteagal 194(4)

Airteagal 92(4)

 

Airteagal 194(5)

Airteagal 92(5)

 

Airteagal 194(6)

Airteagal 92(5)

 

Airteagal 194(7)

Airteagal 92(6)

 

Airteagal 194(8)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 1

 

Airteagal 194(9)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 2

 

Airteagal 194(10)

 

 

Airteagal 195

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointí 3 agus 4

 

Airteagal 196

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 5

 

Airteagal 197(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 7

 

Airteagal 197(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 7

 

Airteagal 197(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 7

 

Airteagal 197(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 8

 

Airteagal 197(5)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 9

 

Airteagal 197(6)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 9

 

Airteagal 197(7)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 10

 

Airteagal 197(8)

 

 

Airteagal 198(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 11

 

Airteagal 198(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 11

 

Airteagal 199(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 12

 

Airteagal 199(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 13

 

Airteagal 199(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 16

 

Airteagal 199(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointí 17 agus 18

 

Airteagal 199(5)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 20

 

Airteagal 199(6)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 21

 

Airteagal 199(7)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 22

 

Airteagal 199(8)

 

 

Airteagal 200

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointí 23 go 25

 

Airteagal 201(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointí 26 agus 28

 

Airteagal 201(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 27

 

Airteagal 202

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 29

 

Airteagal 203

 

 

Airteagal 204(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 30 agus Pointe 31

 

Airteagal 204(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 32

 

Airteagal 205

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 3

 

Airteagal 206

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointí 4 go 5

 

Airteagal 207(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 6

 

Airteagal 207(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 6(a)

 

Airteagal 207(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 6(b)

 

Airteagal 207(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 6(c)

 

Airteagal 207(5)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 7

 

Airteagal 208(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 8

 

Airteagal 208(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 8(a)

 

Airteagal 208(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 8(b)

 

Airteagal 208(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 8(c)

 

Airteagal 208(5)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 8(d)

 

Airteagal 209(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 9

 

Airteagal 209(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 9(a)

 

Airteagal 209(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 9(b)

 

Airteagal 210

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 10

 

Airteagal 211

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 11

 

Airteagal 212(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 12

 

Airteagal 212(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 13

 

Airteagal 213 (1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 14

 

Airteagal 213(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 15

 

Airteagal 213(3)

 

 

Airteagal 214(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 16(a) go (c)

 

Airteagal 214(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 16

 

Airteagal 214(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 17

 

Airteagal 215(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 18

 

Airteagal 215(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 19

 

Airteagal 216(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 20

 

Airteagal 216(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 21

 

Airteagal 217(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 22

 

Airteagal 217(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 22(c)

 

Airteagal 217(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 22(c)

 

Airteagal 218

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 3

 

Airteagal 219

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 4

 

Airteagal 220(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 5

 

Airteagal 220(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 6, 8 go 10

 

Airteagal 220(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 11

 

Airteagal 220(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 22 agus 23

 

Airteagal 220(5)

Iarscríbhinn VIII, Cuid III3, Pointe 9

 

Airteagal 221(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 12

 

Airteagal 221(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 12

 

Airteagal 221(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 13 go 15

 

Airteagal 221(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe16

 

Airteagal 221(5)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 18 agus 19

 

Airteagal 221(6)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 20 agus 21

 

Airteagal 221(7)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe17

 

Airteagal 221(8)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 22 agus 23

 

Airteagal 221(9)

 

 

Airteagal 222(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 24

 

Airteagal 222(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 25

 

Airteagal 222(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 26

 

Airteagal 222(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 27

 

Airteagal 222(5)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 28

 

Airteagal 222(6)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 29

 

Airteagal 222(7)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 28 agus 29

 

Airteagal 223(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 30 go 32

 

Airteagal 223(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 33

 

Airteagal 223(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 33

 

Airteagal 223(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 33

 

Airteagal 223(5)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 33

 

Airteagal 223(6)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 34 agus 35

 

Airteagal 223(7)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 35

 

Airteagal 224(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 36

 

Airteagal 224(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 37

 

Airteagal 224(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 38

 

Airteagal 224(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 39

 

Airteagal 224(5)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 40

 

Airteagal 224(6)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 41

 

Airteagal 225(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 42 go 46

 

Airteagal 225(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 47 go 52

 

Airteagal 225(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 53 go 56

 

Airteagal 226

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 57

 

Airteagal 227(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 58

 

Airteagal 227(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 58(a) go (h)

 

Airteagal 227(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 58(h)

 

Airteagal 228(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 60

 

Airteagal 228(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 61

 

Airteagal 229(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 62 go 65

 

Airteagal 229(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 66

 

Airteagal 229(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 63 agus 67

 

Airteagal 230(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 68 go 71

 

Airteagal 230(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 72

 

Airteagal 230(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 73 agus 74

 

Airteagal 231(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 76

 

Airteagal 231(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 77

 

Airteagal 231(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 78

 

Airteagal 231(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 79

 

Airteagal 231(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 80

 

Airteagal 231(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 80a

 

Airteagal 231(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 81 go 82

 

Airteagal 232(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 83

 

Airteagal 232(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 83

 

Airteagal 232(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 84

 

Airteagal 232(4)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 85

 

Airteagal 234

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 86

 

Airteagal 235(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 87

 

Airteagal 235(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 88

 

Airteagal 235(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 89

 

Airteagal 236(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 90

 

Airteagal 236(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 91

 

Airteagal 236(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid III, Pointe 92

 

Airteagal 237(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 1

 

Airteagal 237(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 2

 

Airteagal 238(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 3

 

Airteagal 238(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 4

 

Airteagal 238(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 5

 

Airteagal 239(1)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 6

 

Airteagal 239(2)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 7

 

Airteagal 239(3)

Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 8

 

Airteagal 240

Iarscríbhinn VIII, Cuid VI, Pointe 1

 

Airteagal 241

Iarscríbhinn VIII, Cuid VI, Pointe 2

 

Airteagal 242(1) go (9)

Iarscríbhinn IX, Cuid I, Pointe 1

 

Airteagal 242(10)

Airteagal 4 Pointe 37

 

Airteagal 242(11)

Airteagal 4 Pointe 38

 

Airteagal 242(12)

 

 

Airteagal 242(13)

 

 

Airteagal 242(14)

 

 

Airteagal 242(15)

 

 

Airteagal 243(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 1

 

Airteagal 243(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 1a

 

Airteagal 243(3)

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 1b

 

Airteagal 243(4)

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 1c

 

Airteagal 243(5)

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 1d

 

Airteagal 243(6)

 

 

Airteagal 244(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 2

 

Airteagal 244(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 2a

 

Airteagal 244(3)

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 2b

 

Airteagal 244(4)

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 2c

 

Airteagal 244(5)

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 2d

 

Airteagal 244(6)

 

 

Airteagal 245(1)

Airteagal 95(1)

 

Airteagal 245(2)

Airteagal 95(2)

 

Airteagal 245(3)

Airteagal 96(2)

 

Airteagal 245(4)

Airteagal 96(4)

 

Airteagal 245(5)

 

 

Airteagal 245(6)

 

 

Airteagal 246(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointí 2 agus 3

 

Airteagal 246(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 5

 

Airteagal 246(3)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 5

 

Airteagal 247(1)

Airteagal 96(3), Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 60

 

Airteagal 247(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 61

 

Airteagal 247(3)

 

 

Airteagal 247(4)

 

 

Airteagal 248(1)

Airteagal 101(1)

 

Airteagal 248(2)

 

 

Airteagal 248(3)

Airteagal 101(2)

 

Airteagal 249

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointí 3 agus 4

 

Airteagal 250

Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointí 5-7

 

Airteagal 251

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 6-7

 

Airteagal 252

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 8

 

Airteagal 253(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 9

 

Airteagal 253(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 10

 

Airteagal 254

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 11-12

 

Airteagal 255(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 13

 

Airteagal 255(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 15

 

Airteagal 256(1)

Airteagal 100(1)

 

Airteagal 256(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 17-20

 

Airteagal 256(3)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 21

 

Airteagal 256(4)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointí 22-23

 

Airteagal 256(5)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 24-25

 

Airteagal 256(6)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 26-29

 

Airteagal 256(7)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 30

 

Airteagal 256(8)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 32

 

Airteagal 256(9)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 33

 

Airteagal 257

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 34

 

Airteagal 258

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 35-36

 

Airteagal 259(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointí 38-41

 

Airteagal 259(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 42

 

Airteagal 259(3)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 43

 

Airteagal 259(4)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 44

 

Airteagal 259(5)

 

 

Airteagal 260

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 45

 

Airteagal 261(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 46-47, 49

 

Airteagal 261(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 51

 

Airteagal 262(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 52, 53

 

Airteagal 262(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 53

 

Airteagal 262(3)

 

 

Airteagal 262(4)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 54

 

Airteagal 263(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 57

 

Airteagal 263(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 58

 

Airteagal 263(3)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 59

 

Airteagal 264(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 62

 

Airteagal 264(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointí63-65

 

Airteagal 264(3)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointí 66 agus 67

 

Airteagal 264(4)

 

 

Airteagal 265(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 68

 

Airteagal 265(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 70

 

Airteagal 265(3)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 71

 

Airteagal 266(1)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 72

 

Airteagal 266(2)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 73

 

Airteagal 266(3)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 74-75

 

Airteagal 266(4)

Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 76

 

Airteagal 267(1)

Airteagal 97(1)

 

Airteagal 267(3)

Airteagal 97(3)

 

Airteagal 268

Iarscríbhinn IX, Cuid III, Pointe 1

 

Airteagal 269

Iarscríbhinn IX, Cuid III, Pointe 2-7

 

Airteagal 270

Airteagal 98 (1) agus Iarscríbhinn IX, Cuid III, Pointí 8 agus 9

 

Airteagal 271(1)

Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 1

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 5

 

Airteagal 271(2)

Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 7

 

Airteagal 272(1)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 1

 

Airteagal 272(2)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 3

 

Airteagal 272(3)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 4

 

Airteagal 272 (4)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 5

 

Airteagal 272(5)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 6

 

Airteagal 272(6)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 7

 

Airteagal 272(7)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 8

 

Airteagal 272(8)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 9

 

Airteagal 272(9)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 10

 

Airteagal 272(10)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 11

 

Airteagal 272(11)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 12

 

Airteagal 272(12)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 13

 

Airteagal 272(13)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 14

 

Airteagal 272(14)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 15

 

Airteagal 272(15)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 16

 

Airteagal 272(16)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 17

 

Airteagal 272(17)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 18

 

Airteagal 272(18)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 19

 

Airteagal 272(19)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 20

 

Airteagal 272(20)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 21

 

Airteagal 272(21)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 22

 

Airteagal 272(22)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 23

 

Airteagal 272(23)

Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 26

 

Airteagal 272(24)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe a)

 

Airteagal 272(25)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe a)

 

Airteagal 272(26)

Iarscríbhinn III; Cuid V, Pointe 2

 

Airteagal 273(1)

Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 1

 

Airteagal 273(2)

Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 2

 

Airteagal 273(3)

Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 3 an chéad agus an dara fo-mhír

 

Airteagal 273(4)

Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 3 3rd fo-mhír

 

Airteagal 273(5)

Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 4

 

Airteagal 273(6)

Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 5

 

Airteagal 273(7)

Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 7

 

Airteagal 273(8)

Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 8

 

Airteagal 274(1)

Iarscríbhinn III, Cuid III

 

Airteagal 274(2)

Iarscríbhinn III, Cuid III

 

Airteagal 274(3)

Iarscríbhinn III, Cuid III

 

Airteagal 274(4)

Iarscríbhinn III, Cuid III

 

Airteagal 275(1)

Iarscríbhinn III, Cuid IV

 

Airteagal 275(2)

Iarscríbhinn III, Cuid IV

 

Airteagal 276(1)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 1

 

Airteagal 276(2)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 1

 

Airteagal 276(3)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointí 1-2

 

Airteagal 277(1)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 3-4

 

Airteagal 277(2)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 5

 

Airteagal 277(3)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 6

 

Airteagal 277(4)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 7

 

Airteagal 278(1)

 

 

Airteagal 278(2)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 8

 

Airteagal 278(3)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 9

 

Airteagal 279

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 10

 

Airteagal 280(1)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 11

 

Airteagal 280(2)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 12

 

Airteagal 281(1)

 

 

Airteagal 281(2)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 13

 

Airteagal 281(3)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 14

 

Airteagal 282(1)

 

 

Airteagal 282(2)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 15

 

Airteagal 282(3)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 16

 

Airteagal 282(4)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 17

 

Airteagal 282(5)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 18

 

Airteagal 282(6)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 19

 

Airteagal 282(7)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 20

 

Airteagal 282(8)

Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 21

 

Airteagal 283(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 1

 

Airteagal 283(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 2

 

Airteagal 283(3)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 2

 

Airteagal 283(4)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 3

 

Airteagal 283(5)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 4

 

Airteagal 283(6)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 4

 

Airteagal 284(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 5

 

Airteagal 284(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 6

 

Airteagal 284(3)

 

 

Airteagal 284(4)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 7

 

Airteagal 284(5)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 8

 

Airteagal 284(6)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 9

 

Airteagal 284(7)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 10

 

Airteagal 284(8)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 11

 

Airteagal 284(9)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 12

 

Airteagal 284(10)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 13

 

Airteagal 284(11)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 9

 

Airteagal 284(12)

 

 

Airteagal 284(13)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 14

 

Airteagal 285(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 15

 

Airteagal 285(2)-(8)

 

 

Airteagal 286(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointí 18 agus 25

 

Airteagal 286(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 19

 

Airteagal 286(3)

 

 

Airteagal 286(4)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 20

 

Airteagal 286(5)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 21

 

Airteagal 286(6)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 22

 

Airteagal 286(7)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 23

 

Airteagal 286(8)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 24

 

Airteagal 287(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 17

 

Airteagal 287(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 17

 

Airteagal 287(3)

 

 

Airteagal 287(4)

 

 

Airteagal 288

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 26

 

Airteagal 289(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 27

 

Airteagal 289(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 28

 

Airteagal 289(3)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 29

 

Airteagal 289(4)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 29

 

Airteagal 289(5)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 30

 

Airteagal 289(6)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 31

 

Airteagal 290(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 32

 

Airteagal 290(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 32

 

Airteagal 290(3)-(10)

 

 

Airteagal 291(1)

Iarscríbhinn I, Cuid I, Pointí 27-28

 

Airteagal 291(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 34

 

Airteagal 291(3)

 

 

Airteagal 291(4)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 35

 

Airteagal 291(5)

 

 

Airteagal 291(6)

 

 

Airteagal 292(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 36

 

Airteagal 292(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 37

 

Airteagal 292(3)

 

 

Airteagal 292(4)

 

 

Airteagal 292(5)

 

 

Airteagal 292(6)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 38

 

Airteagal 292(7)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 39

 

Airteagal 292(8)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 40

 

Airteagal 292(9)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 41

 

Airteagal 292(10)

 

 

Airteagal 293(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 42

 

Airteagal 293(2)-(6)

 

 

Airteagal 294(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 42

 

Airteagal 294(2)

 

 

Airteagal 294(3)

Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 42

 

Airteagal 295

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe a)

 

Airteagal 296(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b)

 

Airteagal 296(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b)

 

Airteagal 296(3)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b)

 

Airteagal 297(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b)

 

Airteagal 297(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b)

 

Airteagal 297(3)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b)

 

Airteagal 297(4)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b)

 

Airteagal 298(1)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe c)

 

Airteagal 298(2)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe c)

 

Airteagal 298(3)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe c)

 

Airteagal 298(4)

Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe c)

 

Airteagal 299(1)

 

Iarscríbhinn II, Pointe 7

Airteagal 299(2)

 

Iarscríbhinn II, Pointí 7-11

Airteagal 300

 

 

Airteagal 301

Iarscríbhinn III, Cuid 2, Pointe 6

 

Airteagal 302

 

 

Airteagal 303

 

 

Airteagal 304

 

 

Airteagal 305

 

 

Airteagal 306

 

 

Airteagal 307

 

 

Airteagal 308

 

 

Airteagal 309

 

 

Airteagal 310

 

 

Airteagal 311

 

 

Airteagal 312(1)

Airteagal 104(3) agus (6) agus Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointí 2, 5 agus 8

 

Airteagal 312(2)

Airteagal 105(1) agus 105(2) agus Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 1

 

Airteagal 312(3)

 

 

Airteagal 312(4)

Airteagal 105(1)

 

Airteagal 313(1)

Airteagal 102(2)

 

Airteagal 313(2)

Airteagal 102(3)

 

Airteagal 313(3)

 

 

Airteagal 314(1)

Airteagal 102(4)

 

Airteagal 314(2)

Iarscríbhinn X, Cuid 4, Pointe 1

 

Airteagal 314(3)

Iarscríbhinn X, Cuid 4, Pointe 2

 

Airteagal 314(4)

Iarscríbhinn X, Cuid 4, Pointí 3 agus 4

 

Airteagal 314(5)

 

 

Airteagal 315(1)

Airteagal 103 agus Iarscríbhinn X, Cuid 1, Pointí 1 go 3

 

Airteagal 315(2)

 

 

Airteagal 315(3)

 

 

Airteagal 315(4)

Iarscríbhinn X, Cuid 1, Pointe 4

 

Airteagal 316(1)

Iarscríbhinn X, Cuid 1, Pointí 5 go 8

 

Airteagal 316(2)

Iarscríbhinn X, Cuid 1, Pointe 9

 

Airteagal 316(3)

 

 

Airteagal 317(1)

Airteagal 104 (1)

 

Airteagal 317(2)

Airteagal 104(2) agus (4) agus Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointe 1

 

Airteagal 317(3)

Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointe 1

 

Airteagal 317(4)

Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointe 2

 

Airteagal 318(1)

Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointe 4

 

Airteagal 318(2)

Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointe 4

 

Airteagal 318(3)

 

 

Airteagal 319(1)

Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointí 6 go 7

 

Airteagal 319(2)

Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointí 10 agus 11

 

Airteagal 320

Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointí 9 agus 12

 

Airteagal 321

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointí 2 go 7

 

Airteagal 322(1)

 

 

Airteagal 322(2)

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointí 8 go 12

 

Airteagal 322(3)

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointí 13 go 18

 

Airteagal 322(4)

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 19

 

Airteagal 322(5)

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 20

 

Airteagal 322(6)

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointí 21 go 24

 

Airteagal 323(1)

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 25

 

Airteagal 323(2)

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 26

 

Airteagal 323(3)

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 27

 

Airteagal 323(4)

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 28

 

Airteagal 323(5)

Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 29

 

Airteagal 324

Iarscríbhinn X, Cuid 5

 

Airteagal 325(1)

 

Airteagal 26

Airteagal 325(2)

 

Airteagal 26

Airteagal 325(3)

 

 

Airteagal 326

 

 

Airteagal 327(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 1

Airteagal 327(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 2

Airteagal 327(3)

 

Iarscríbhinn I Pointe 3

Airteagal 328(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 4

Airteagal 328(2)

 

 

Airteagal 329(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 5

Airteagal 329(2)

 

 

Airteagal 330

 

Iarscríbhinn I Pointe 7

Airteagal 331(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 9

Airteagal 331(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 10

Airteagal 332(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 8

Airteagal 332(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 8

Airteagal 333

 

Iarscríbhinn I Pointe 11

Airteagal 334

 

Iarscríbhinn I Pointe 13

Airteagal 335

 

Iarscríbhinn I Pointe 14

Airteagal 336(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 14

Airteagal 336(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 14

Airteagal 336(3)

 

Iarscríbhinn I Pointe 14

Airteagal 336(4)

 

Airteagal 19(1)

Airteagal 337(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 16a

Airteagal 337(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 16a

Airteagal 337(3)

 

Iarscríbhinn I Pointe 16a

Airteagal 337(4)

 

Iarscríbhinn I Pointe 16a

Airteagal 337(4)

 

Iarscríbhinn I Pointe 16a

Airteagal 338(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 14a

Airteagal 338(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 14b

Airteagal 338(3)

 

Iarscríbhinn I Pointe 14c

Airteagal 338(4)

 

Iarscríbhinn I Pointe 14a

Airteagal 339(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 17

Airteagal 339(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 18

Airteagal 339(3)

 

Iarscríbhinn I Pointe 19

Airteagal 339(4)

 

Iarscríbhinn I Pointe 20

Airteagal 339(5)

 

Iarscríbhinn I Pointe 21

Airteagal 339(6)

 

Iarscríbhinn I Pointe 22

Airteagal 339(7)

 

Iarscríbhinn I Pointe 23

Airteagal 339(8)

 

Iarscríbhinn I Pointe 24

Airteagal 339(9)

 

Iarscríbhinn I Pointe 25

Airteagal 340(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 26

Airteagal 340(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 27

Airteagal 340(3)

 

Iarscríbhinn I Pointe 28

Airteagal 340(4)

 

Iarscríbhinn I Pointe 29

Airteagal 340(5)

 

Iarscríbhinn I Pointe 30

Airteagal 340(6)

 

Iarscríbhinn I Pointe 31

Airteagal 340(7)

 

Iarscríbhinn I Pointe 32

Airteagal 341(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 33

Airteagal 341(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 33

Airteagal 341(3)

 

 

Airteagal 342

 

Iarscríbhinn I Pointe 34

Airteagal 343

 

Iarscríbhinn I Pointe 36

Airteagal 344(1)

 

 

Airteagal 344(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 37

Airteagal 344(3)

 

Iarscríbhinn I Pointe 38

Airteagal 345(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 41

Airteagal 345(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 41

Airteagal 346(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 42

Airteagal 346(2)

 

 

Airteagal 346(3)

 

Iarscríbhinn I Pointe 43

Airteagal 346(4)

 

Iarscríbhinn I Pointe 44

Airteagal 346(5)

 

Iarscríbhinn I Pointe 45

Airteagal 346(6)

 

Iarscríbhinn I Pointe 46

Airteagal 347

 

Iarscríbhinn I Pointe 8

Airteagal 348(1)

 

Iarscríbhinn I Pointí 48-49

Airteagal 348(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 50

Airteagal 349

 

Iarscríbhinn I Pointe 51

Airteagal 350(1)

 

Iarscríbhinn I Pointe 53

Airteagal 350(2)

 

Iarscríbhinn I Pointe 54

Airteagal 350(3)

 

Iarscríbhinn I Pointe 55

Airteagal 350(4)

 

Iarscríbhinn I Pointe 56

Airteagal 351

 

Iarscríbhinn III Pointe 1

Airteagal 352(1)

 

Iarscríbhinn III Pointe 2(1)

Airteagal 352(2)

 

Iarscríbhinn III Pointe 2(2)

Airteagal 352(3)

 

Iarscríbhinn III Pointe 2(1)

Airteagal 352(4)

 

Iarscríbhinn III Pointe 2(2)

Airteagal 352(5)

 

 

Airteagal 353(1)

 

Iarscríbhinn III Pointe 2(1)

Airteagal 353(2)

 

Iarscríbhinn III Pointe 2(1)

Airteagal 353(3)

 

Iarscríbhinn III Pointe 2(1)

Airteagal 354(1)

 

Iarscríbhinn III Pointe 3(1)

Airteagal 354(2)

 

Iarscríbhinn III Pointe 3(2)

Airteagal 354(3)

 

Iarscríbhinn III Pointe 3(2)

Airteagal 354(4)

 

 

Airteagal 355

 

 

Airteagal 356

 

 

Airteagal 357(1)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 1

Airteagal 357(2)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 2

Airteagal 357(3)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 3

Airteagal 357(4)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 4

Airteagal 357(5)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 6

Airteagal 358(1)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 8

Airteagal 358(2)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 9

Airteagal 358(3)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 10

Airteagal 358(4)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 12

Airteagal 359(1)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 13

Airteagal 359(2)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 14

Airteagal 359(3)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 15

Airteagal 359(4)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 16

Airteagal 359(5)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 17

Airteagal 359(6)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 18

Airteagal 360(1)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 19

Airteagal 360(2)

 

Iarscríbhinn IV Pointe 20

Airteagal 361

 

Iarscríbhinn IV Pointe 21

Airteagal 362

 

 

Airteagal 363(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 1

Airteagal 363(2)

 

 

Airteagal 363(3)

 

 

Airteagal 364(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 10b

Airteagal 364(2)

 

 

Airteagal 364(3)

 

 

Airteagal 365(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 10

Airteagal 365(2)

 

Iarscríbhinn V Pointe 10a

Airteagal 366(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 7

Airteagal 366(2)

 

Iarscríbhinn V Pointe 8

Airteagal 366(3)

 

Iarscríbhinn V Pointe 9

Airteagal 366(4)

 

Iarscríbhinn V Pointe 10

Airteagal 366(5)

 

Iarscríbhinn V Pointe 8

Airteagal 367(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 11

Airteagal 367(2)

 

Iarscríbhinn V Pointe 12

Airteagal 367(3)

 

Iarscríbhinn V Pointe 12

Airteagal 368(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 2

Airteagal 368(2)

 

Iarscríbhinn V Pointe 2

Airteagal 368(3)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5

Airteagal 368(4)

 

 

Airteagal 369(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 3

Airteagal 369(2)

 

 

Airteagal 370(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5

Airteagal 371(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5

Airteagal 371(2)

 

 

Airteagal 372

 

Iarscríbhinn V Pointe 5a

Airteagal 373

 

Iarscríbhinn V Pointe 5b

Airteagal 374(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5c

Airteagal 374(2)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5d

Airteagal 374(3)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5d

Airteagal 374(4)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5d

Airteagal 374(5)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5d

Airteagal 374(6)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5d

Airteagal 374(7)

 

 

Airteagal 375(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5a

Airteagal 375(2)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5e

Airteagal 376(1)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5f

Airteagal 376(2)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5g

Airteagal 376(3)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5h

Airteagal 376(4)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5h

Airteagal 376(5)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5i

Airteagal 376(6)

 

Iarscríbhinn V Pointe 5

Airteagal 377

 

Iarscríbhinn V Pointe 5l

Airteagal 378

 

Iarscríbhinn II Pointe 1

Airteagal 379(1)

 

Iarscríbhinn II Pointe 2

Airteagal 379(2)

 

Iarscríbhinn II Pointe 3

Airteagal 379(3)

 

Iarscríbhinn II Pointe 2

Airteagal 380

 

Iarscríbhinn II Pointe 4

Airteagal 381

 

 

Airteagal 382

 

 

Airteagal 383

 

 

Airteagal 384

 

 

Airteagal 385

 

 

Airteagal 386

 

 

Airteagal 387

 

Airteagal 28(1)

Airteagal 388

 

 

Airteagal 389

Airteagal 106 (1) fomhír 1

 

Airteagal 390(1)

Airteagal 106(1) fomhír 2

 

Airteagal 390(2)

 

 

Airteagal 390(3)

 

Airteagal 29(1)

Airteagal 390(4)

 

Airteagal 30(1)

Airteagal 390(5)

 

Airteagal 29(2)

Airteagal 390(6)

Airteagal 106(2) fomhír 1

 

Airteagal 390(7)

Airteagal 106(3)

 

Airteagal 390(8)

Airteagal 106(2) fomhíreanna 2 agus 3

 

Airteagal 391

Airteagal 107

 

Airteagal 392

Airteagal 108

 

Airteagal 393

Airteagal 109

 

Airteagal 394(1)

Airteagal 110(1)

 

Airteagal 394(2)

Airteagal 110(1)

 

Airteagal 394(3) agus (4)

Airteagal 110 (2)

 

Airteagal 394(4)

Airteagal 110 (2)

 

Airteagal 395(1)

Airteagal 111(1)

 

Airteagal 395(2)

 

 

Airteagal 395(3)

Airteagal 111 (4) fomhír 1

 

Airteagal 395(4)

 

Airteagal 30 (4)

Airteagal 395(5)

 

Airteagal 31

Airteagal 395(6)

 

 

Airteagal 395(7)

 

 

Airteagal 395(8)

 

 

Airteagal 396(1)

Airteagal 111 (4) fomhíreanna 1 agus 2

 

Airteagal 396 (2)

 

 

Airteagal 397(1)

 

Iarscríbhinn VI, Pointe 1

Airteagal 397(2)

 

Iarscríbhinn VI, Pointe 2

Airteagal 397(3)

 

Iarscríbhinn VI, Pointe 3

Airteagal 398

 

Airteagal 32(1)

Airteagal 399(1)

Airteagal 112(1)

 

Airteagal 399(2)

Airteagal 112(2)

 

Airteagal 399(3)

Airteagal 112(3)

 

Airteagal 399(4)

Airteagal 110 (3)

 

Airteagal 400(1)

Airteagal 113(3)

 

Airteagal 400(2)

Airteagal 113(4)

 

Airteagal 400(3)

 

 

Airteagal 401(1)

Airteagal 114(1)

 

Airteagal 401(2)

Airteagal 114(2)

 

Airteagal 401(3)

Airteagal 114(3)

 

Airteagal 402(1)

Airteagal 115(1)

 

Airteagal 402(2)

Airteagal 115(2)

 

Airteagal 402(3)

 

 

Airteagal 403(1)

Airteagal 117(1)

 

Airteagal 403(2)

Airteagal 117(2)

 

Airteagal 404

Airteagal 122a(8)

 

Airteagal 405(1)

Airteagal 122a(1)

 

Airteagal 405(2)

Airteagal 122a(2)

 

Airteagal 405(3)

Airteagal 122a(3) fo-mhír 1

 

Airteagal 405(4)

Airteagal 122a(3) fo-mhír 2

 

Airteagal 406(1)

Airteagal 122a(4) agus Airteagal 122a (5) fomhír 2

 

Airteagal 406(2)

Airteagal 122a(5) fomhír 1 agus Airteagal 122a(6) fomhír 1

 

Airteagal 407

Airteagal 122a(5) fomhír 3

 

Airteagal 408

Airteagal 122a(6) fomhíreanna 1 agus 2

 

Airteagal 409

Airteagal 122a(7)

 

Airteagal 410

Airteagal 122a(10)

 

Airteagal 411

 

 

Airteagal 412

 

 

Airteagal 413

 

 

Airteagal 414

 

 

Airteagal 415

 

 

Airteagal 416

 

 

Airteagal 417

 

 

Airteagal 418

 

 

Airteagal 419

 

 

Airteagal 420

 

 

Airteagal 421

 

 

Airteagal 422

 

 

Airteagal 423

 

 

Airteagal 424

 

 

Airteagal 425

 

 

Airteagal 426

 

 

Airteagal 427

 

 

Airteagal 428

 

 

Airteagal 429

 

 

Airteagal 430

 

 

Airteagal 431(1)

Airteagal 145(1)

 

Airteagal 431(2)

Airteagal 145(2)

 

Airteagal 431(3)

Airteagal 145(3)

 

Airteagal 431(4)

Airteagal 145(4)

 

Airteagal 432(1)

Iarscríbhinn XII, Cuid I, Pointe 1 agus Airteagal 146(1)

 

Airteagal 432(2)

Airteagal 146(2) agus Iarscríbhinn XII, Cuid I, Pointí 2 agus 3

 

Airteagal 432(3)

Airteagal 146(3)

 

Airteagal 433

Airteagal 147 agus Iarscríbhinn XII, Cuid I, Pointe 4

 

Airteagal 434(1)

Airteagal 148

 

Airteagal 434(2)

 

 

Airteagal 435(1)

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 1

 

Airteagal 435(2)

 

 

Airteagal 436

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 2

 

Airteagal 437

 

 

Airteagal 438

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointí 4, 8

 

Airteagal 439

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 5

 

Airteagal 440

 

 

Airteagal 441

 

 

Airteagal 442

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 6

 

Airteagal 443

 

 

Airteagal 444

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 7

 

Airteagal 445

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 9

 

Airteagal 446

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 11

 

Airteagal 447

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 12

 

Airteagal 448

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 13

 

Airteagal 449

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 14

 

Airteagal 450

Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 15

 

Airteagal 451

 

 

Airteagal 452

Iarscríbhinn XII, Cuid III, Pointe 1

 

Airteagal 453

Iarscríbhinn XII, Cuid III, Pointe 2

 

Airteagal 454

Iarscríbhinn XII, Cuid III, Pointe 3

 

Airteagal 455

 

 

Airteagal 456, fomhír 1

Airteagal 150(1)

Airteagal 41

Airteagal 456, fomhír 2

 

 

Airteagal 457

 

 

Airteagal 458

 

 

Airteagal 459

 

 

Airteagal 460

 

 

Airteagal 461

 

 

Airteagal 462(1)

Airteagal 151a

 

Airteagal 462(2)

Airteagal 151a

 

Airteagal 462(3)

Airteagal 151a

 

Airteagal 462(4)

 

 

Airteagal 462(5)

 

 

Airteagal 463

 

 

Airteagal 464

 

 

Airteagal 465

 

 

Airteagal 466

 

 

Airteagal 467

 

 

Airteagal 468

 

 

Airteagal 469

 

 

Airteagal 470

 

 

Airteagal 471

 

 

Airteagal 472

 

 

Airteagal 473

 

 

Airteagal 474

 

 

Airteagal 475

 

 

Airteagal 476

 

 

Airteagal 477

 

 

Airteagal 478

 

 

Airteagal 479

 

 

Airteagal 480

 

 

Airteagal 481

 

 

Airteagal 482

 

 

Airteagal 483

 

 

Airteagal 484

 

 

Airteagal 485

 

 

Airteagal 486

 

 

Airteagal 487

 

 

Airteagal 488

 

 

Airteagal 489

 

 

Airteagal 490

 

 

Airteagal 491

 

 

Airteagal 492

 

 

Airteagal 493(1)

 

 

Airteagal 493 (2)

 

 

Airteagal 494

 

 

Airteagal 495

 

 

Airteagal 496

 

 

Airteagal 497

 

 

Airteagal 498

 

 

Airteagal 499

 

 

Airteagal 500

 

 

Airteagal 501

 

 

Airteagal 502

 

 

Airteagal 503

 

 

Airteagal 504

 

 

Airteagal 505

 

 

Airteagal 506

 

 

Airteagal 507

 

 

Airteagal 508

 

 

Airteagal 509

 

 

Airteagal 510

 

 

Airteagal 511

 

 

Airteagal 512

 

 

Airteagal 513

 

 

Airteagal 514

 

 

Airteagal 515

 

 

Airteagal 516

 

 

Airteagal 517

 

 

Airteagal 518

 

 

Airteagal 519

 

 

Airteagal 520

 

 

Airteagal 521

 

 

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

 

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn IV

 

Iarscríbhinn III