31.5.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 462/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Bealtaine 2013
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ón Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Déanann Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ceangal a chur ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa rialacha iompair a chomhlíonadh d’fhonn aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh bheith ann a mhaolú, agus d’fhonn a áirithiú go mbeidh rátálacha creidmheasa agus an próiseas rátála d’ardchaighdeán agus trédhearcach a ndóthain. I ndiaidh na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 513/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá de chumhacht ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chlárú agus maoirsiú a dhéanamh orthu. Déanann an Rialachán seo an creat rialúcháin reatha le haghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chomhlánú. Roinnt de na saincheisteanna is tábhachtaí, amhail coinbhleachtaí leasa i ngeall ar an tsamhail ina n-íocann an t-eisitheoir agus nochtadh i gcás ionstraimí airgeadais struchtúraithe, tugadh aghaidh orthu agus beidh gá an creat a athbhreithniú tar éis a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse ama réasúnta chun a mheasúnú an réitíonn sé na saincheisteanna sin go hiomlán. Idir an dá linn, chuir géarchéim an fhiachais cheannasaigh chun suntais an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais trédhearcachta agus nós imeachta agus ar thráthú an fhoilsithe a bhaineann le rátálacha fiachais cheannasaigh go háirithe. |
(2) |
Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2011 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa: peirspictíochtaí todhchaí (7), éilíodh rialúchán níos fearr ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí aige an 30 Meán Fómhair 2010 agus an 1 Deireadh Fómhair 2010, d’admhaigh Comhairle Ecofin gur cheart iarracht níos mó a dhéanamh dul i ngleic le roinnt ceisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, lena n-áirítear an baol a bhaineann le róspleáchas ar rátálacha creidmheasa agus an baol coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht as an tsamhail luacha saothair um ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Tháinig Comhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair 2011 ar an gconclúid nach mór dul chun cinn a dhéanamh maidir le róspleáchas ar rátálacha creidmheasa. |
(3) |
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, an 20 Deireadh Fómhair 2010 d’fhormhuinigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA), a bhfuil an Banc Ceannais Eorpach ina bhall de, roinnt prionsabal maidir le laghdú a dhéanamh ar spleáchas údarás agus institiúidí airgeadais ar rátálacha creidmheasa (“prionsabail BCA”). Formhuiníodh prionsabail BCA i gcruinniú mullaigh an G20 i Súl i Samhain 2010. Is iomchuí dá bhrí sin, go ndéanann na húdaráis inniúla earnála measúnú ar chleachtais rannpháirtithe an mhargaidh agus go dtugann siad dreasacht do rannpháirtithe an mhargaidh maolú a dhéanamh ar thionchar cleachtas den sórt sin. Ba cheart d’údaráis inniúla earnála cinneadh ar bhearta chun dreasacht a thabhairt. Ba cheart do ÚEUM, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus don tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), gníomhaíocht a dhéanamh chun cóineasú cleachtas maoirseachta a éascú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus laistigh de chreat an Rialacháin seo. |
(4) |
Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa infheisteoirí a chur ar an eolas faoi dhóchúlacht mainneachtana rátálacha creidmheasa agus tuartha rátálacha atá bunaithe ar shonraí maidir leis an bhfeidhmíocht stairiúil, faoi mar a fhoilsítear iad ar an stór lárnach arna chruthú ag ÚEUM. |
(5) |
De bhun phrionsabail BCA, “ba cheart do bhainc cheannais teacht ar a dtuairimí creidmheasa féin maidir leis na hionstraimí airgeadais a ghlacfaidh siad leo in oibríochtaí margaidh, mar chomhthaobhacht agus mar dhíolacháin glan amach. Ba cheart go seachnófaí le beartais banc ceannais cineálacha cur chuige meicníocha, a bhféadfadh mórathruithe róthobann a bheith mar thoradh orthu in incháilitheacht na n-ionstraimí airgeadais agus i leibhéal na gcaolchorrlach a d’fhéadfadh éifeachtaí aille a dhéanamh níos measa”. Thairis sin, luaigh BCE ina thuairim an 2 Aibreán 2012 go bhfuil sé tiomanta tacaíocht a thabhairt don chuspóir comhchoiteann laghdú a dhéanamh ar róspleáchas ar rátálacha creidmheasa. Chuige sin, tuairiscíonn BCE go rialta ar na bearta éagsúla a dhéanann an Eurochóras chun spleáchas ar rátálacha creidmheasa a laghdú. De bhun Airteagal 284(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá BCE chun tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha a dhíriú ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún, agus ar an gComhairle Eorpach freisin. Tá Uachtarán BCE leis an tuarascáil sin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, ar féidir léi díospóireacht ghinearálta a chur ar siúl ar an mbonn sin, agus don Chomhairle. Thairis sin, d’fhéadfadh BCE, i dtuarascálacha den sórt sin, tuairisc a thabhairt ar an gcaoi ar chuir sé chun feidhme prionsabail BCA agus ar na sásraí malartacha um measúnú a úsáideann sé. |
(6) |
Tá an tAontas ag oibriú i dtreo athbhreithniú a dhéanamh, mar chéad chéim, an amhlaidh atá aon tagairtí do rátálacha creidmheasa i ndlí an Aontais ina n-údar, nó an amhlaidh go bhféadfadh siad a bheith ina n-údar, le spleáchas aonair nó le spleáchas meicníoch ar rátálacha creidmheasa den sórt sin agus, ag an dara céim, ar na tagairtí uile do rátálacha creidmheasa chun críocha rialúcháin lena n-éilítear nó lena gceadaítear úsáid nó eisiúint rátálacha creidmheasa chun críocha rialúcháin, chun go ndéanfaí iad a scriosadh faoi 2020, ar choinníoll go ndéantar malairtí iomchuí don mheasúnú riosca creidmheasa a shainaithint agus a chur chun feidhme. |
(7) |
An tábhacht atá ag tuartha rátála d’infheisteoirí agus d’eisitheoirí, agus éifeachtaí na dtuartha sin ar na margaí, tá siad inchurtha le tábhacht agus éifeachtaí rátálacha creidmheasa. Dá bhrí sin, ceanglais uile Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 arb é is aidhm leo a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí rátála cruinn trédhearcach agus saor ó choinbhleachtaí leasa, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le tuartha rátála freisin. I gcomhréir leis an gcleachtas reatha maoirseachta, tá feidhm ag roinnt ceanglas de chuid an Rialacháin sin maidir le tuartha rátála. Ba cheart go soiléireofaí leis an Rialachán seo na rialacha agus ba cheart go soláthrófaí leis deimhneacht dhlíthiúil trí shainmhíniú a thabhairt isteach ar thuartha rátála agus trí na forálacha sonracha a bhfuil feidhm acu maidir leis na tuartha rátála sin a shoiléiriú. Sa sainmhíniú a dhéantar ar thuartha rátála ba cheart tuairimí a chuimsiú ann maidir le treocht dhealraitheach rátála creidmheasa sa ghearrthéarma, rud a dtugtar faire creidmheasa air de ghnáth. |
(8) |
Sa mheántéarma, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht bhreise a ghlacadh lena scriosfaí tagairtí do rátálacha creidmheasa amach as an rialúchán airgeadais agus chun deireadh a chur le hualú riosca sócmhainní trí bhíthin rátálacha creidmheasa. Tá ról tábhachtach, áfach, go fóill ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sna margaí airgeadais. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le neamhspleáchas agus ionracas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus lena ngníomhaíochtaí rátála ó thaobh a inchreidte atá siad dar le rannpháirtithe an mhargaidh, infheisteoirí agus úsáideoirí eile rátálacha creidmheasa go háirithe. Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 go bhfuil gníomhaireachtaí rátála creidmheasa le bheith cláraithe agus go bhfuil maoirsiú le déanamh orthu ó tharla go bhfuil mórthionchar ag a gcuid seirbhísí ar leas an phobail. Murab ionann is taighde infheistíochta, is mó ná tuairimí iad rátálacha creidmheasa i dtaca le luach nó praghas ionstraime airgeadais nó oibleagáide airgeadais. Ní anailísí airgeadais ná comhairleoirí infheistíochta amháin iad gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ach oiread. Tá luach rialúcháin sna gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ag infheisteoirí rialáilte ar nós institiúidí creidmheasa, comhlachtaí árachais agus infheisteoirí eile institiúideacha. Cé go bhfuil laghdú á dhéanamh ar na dreasachtaí le bheith ag brath an iomarca ar rátálacha creidmheasa, tá tionchar cinniúnach fós ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar na roghanna infheistíochta a dhéantar, go háirithe i ngeall ar neamhshiméadrachtaí faisnéise agus chun críocha éifeachtúlachta. Dá bhrí sin, caithfidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheith neamhspleách agus caithfidh rannpháirtithe margaí a chreidiúint go bhfuil siad neamhspleách, agus caithfidh a modhanna rátála a bheith trédhearcach agus go mbraitear iad a bheith amhlaidh. |
(9) |
Ba cheart róspleáchas ar rátálacha creidmheasa a laghdú agus ba cheart na héifeachtaí uathoibríocha a dhíorthaíonn ó na rátálacha creidmheasa a dhíbirt de réir a chéile. Ba cheart institiúidí creidmheasa agus gnóthais infheistíochta a spreagadh chun nósanna imeachta inmheánacha a chur i bhfeidhm chun a measúnú riosca féin a dhéanamh agus ba cheart dóibh infheisteoirí a spreagadh chun cleachtadh díchill chuí a chur i gcríoch. Laistigh den chreat sin, foráiltear sa Rialachán seo nár cheart go mbraithfeadh na hinstitiúidí go hiomlán ná go meicníoch ar rátálacha creidmheasa. Dá bhrí sin, ba cheart go seachnódh na hinstitiúidí sin dul i gconarthaí nuair atá siad spleách ar rátálacha creidmheasa amháin nó spleách go meicníoch ar rátálacha creidmheasa agus ba cheart dóibh a n-úsáid a sheachaint i gconarthaí mar an t-aon pharaiméadar chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa infheistíochtaí agus a chinneadh i dtaobh ar cheart infheistiú nó dífheistiú. |
(10) |
Tá foráil déanta cheana i Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009 maidir le babhta beart, an chéad cheann, chun aghaidh a thabhairt ar cheist neamhspleáchas agus ionracas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus a ngníomhaíochtaí rátála. Neamhspleáchas gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a ráthú agus aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn a shainaithint, a bhainistiú agus, a oiread is féidir, a sheachaint, is cuspóirí iad sin ba fhothaca le roinnt forálacha de chuid an Rialacháin sin. Tagann coinbhleachtaí leasa as an ngníomhaireacht rátála a bheith á roghnú agus as luach saothair a bheith á thabhairt di ag an eintiteas rátáilte (an tsamhail “íocann an t-eisitheoir”). De réir na samhla sin, is le leas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa rátálacha bogáis a eisiúint chun caidreamh gnó fadtéarmach a chothú chun ioncaim a ráthú nó chun breis oibre agus ioncaim a ghnóthú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an caidreamh idir scairshealbhóirí na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus na heintitis rátáilte a bheith faoi deara coinbhleachtaí leasa nach dtéann na rialacha atá ann faoi láthair i ngleic leo go leormhaith. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh sé go measfaí gur rátáil a fheileann don eisitheoir seachas an rátáil a bhfuil gá ag an infheisteoir léi atá i rátálacha creidmheasa a eisítear faoin tsamhail “íocann an t-eisitheoir”. Tá sé sár-riachtanach na coinníollacha neamhspleáchais a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a athneartú chun inchreidteacht rátálacha creidmheasa a eisítear faoin tsamhail sin a mhéadú. |
(11) |
Chun iomaíochas a mhéadú i margadh atá faoi cheannas ag trí ghníomhaíocht rátála creidmheasa, ba cheart bearta a ghlacadh chun úsáid gníomhaireachtaí rátála creidmheasa níos lú a spreagadh. Is é an cleachtas a bhí ag eisitheoirí nó tríú páirtithe gaolmhara le blianta beaga anuas rátálacha creidmheasa a lorg ó dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó níos mó, agus dá bhrí sin, nuair a bhíonn dhá rátáil chreidmheasa nó níos mó á lorg, ba cheart don eisitheoir nó do thríú páirtí gaolmhar a bhreithniú an bhféadfaí ar a laghad gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin nach bhfuil níos mó ná 10 % de chion an mhargaidh aici a cheapadh agus a bhféadfadh an t-eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar í meastóireacht a dhéanamh uirthi á rá go mbeadh sí in ann an eisiúint nó an t-eintiteas ábhartha a rátáil. |
(12) |
Is gnách, sa mhargadh rátálacha creidmheasa, go mbíonn dlúthchaidreamh fadtéarmach idir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus eintitis rátáilte. Cuireann sé sin le baol an róchaidrimh, ós rud é go bhféadfadh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dearcadh róbháúil do chás an eintitis rátáilte a ghlacadh. Dá dtarlódh sé sin, d’fhéadfadh meath a theacht ar neamhchlaontacht gníomhaireachtaí rátála creidmheasa de réir a chéile. Go deimhin, is amhlaidh atá sé le leas gníomhaireachtaí rátála creidmheasa arna gceapadh agus arna n-íoc ag eisitheoir corparáideach rátálacha rófhabhrach a eisiúint i leith an eintitis rátáilte sin nó i leith a ionstraimí fiachais d’fhonn an caidreamh gnó leis an eisitheoir a chothú. Bíonn eisitheoirí faoi réir dreasachtaí a chothaíonn caidreamh fadtéarmach freisin, ar nós an “éifeacht ghlasála” ar éifeacht í le go mb’fhéidir nach n-athródh an t-eisitheoir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar fhaitíos go bhféadfadh sé sin amhras a mhúscailt in infheisteoirí maidir lena acmhainneacht creidmheasa. Sainaithníodh an fhadhb sin cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a chuir de cheangal ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa sásra uainíochta a chur i bhfeidhm lena n-athrófaí de réir a chéile foirne anailíse agus coistí rátála creidmheasa sa chaoi is nach gcuirfí i gcontúirt neamhspleáchas anailísithe ná daoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa. Ach is amhlaidh a bhí cur i bhfeidhm ceart na rialacha sin ag brath go mór ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa réitigh inmheánacha iompair a chur i bhfeidhm, eadhon neamhspleáchas agus gairmiúlacht fhostaithe na gníomhaireachta ó thaobh leasa tráchtála na gníomhaireachta í féin. Níor ceapadh na rialacha sin chun ráthaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do thríú páirtithe go maolófaí nó go seachnófaí coinbhleachtaí leasa a thiocfadh as an gcaidreamh fadtéarmach. Bealach éifeachtach chun é sin a dhéanamh ab ea teorainn a chur leis an tréimhse ar féidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa a sholáthar go leanúnach lena linn i leith aon eisitheora ar leith nó i leith a ionstraimí fiachais. Ba cheart go bhféadfaí deireadh a chur leis an dreasacht chun rátálacha creidmheasa fabhracha a eisiúint i leith an eisitheora sin ach uasteorainn a chur leis an gcaidreamh conarthach idir an t-eisitheoir atá á rátáil, nó a d’eisigh na hionstraimí fiachais rátáilte, agus an ghníomhaireacht rátála creidmheasa. Ina theannta sin, dá mbeadh sé ina cheangal uainíocht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa mar gnáthchleachtas rialta margaidh, ba cheart go maolófaí fadhb an éifeachta ghlasála. Ar deireadh, ba cheart go mbeadh éifeacht dhearfach ag an uainíocht gníomhaireachtaí ar an margadh rátála ós rud é go mbeadh sé ní b’fhusa do ghníomhaireachtaí nua teacht isteach sa mhargadh rátála creidmheasa agus ós rud é go dtabharfadh sé an deis do na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a gcuid gnó a leathnú amach chuig réimsí nua. |
(13) |
Tá sé tábhachtach, áfach, go ndearfaí cur chun feidhme sásra uainíochta ar bhealach lena sárófar na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh teacht as sásra uainíochta go mór le tairbhí an tsásra sin. Mar shampla, d’fhéadfadh costais mhéadaithe a bheith ar eisitheoirí agus ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa mar thoradh ar uainíocht a tharlaíonn go minic mar is gnách gurb airde an costas a bhaineann le heintiteas nó le hionstraim airgeadais nua a rátáil ná an costas a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar rátáil chreidmheasa atá eisithe cheana féin. Freisin, tógann sé lear mór ama agus acmhainní a bheith bunaithe mar ghníomhaireacht rátála creidmheasa, cibé acu mar ghníomhairí sainréimse nó mar ghníomhairí a chumhdaíonn na haicmí sócmhainne go léir. Thairis sin, d’fhéadfadh uainíocht leantach gníomhaireachtaí rátála creidmheasa tionchar suntasach a bheith aici ar cháilíocht agus ar leanúnachas rátálacha creidmheasa. Chomh tábhachtach céanna, ba cheart sásra uainíochta a chur chun feidhme le cosaintí leordhóthanacha chun go mbeidh an margadh in ann oiriúnú de réir a chéile roimh feabhas a chur ar an sásra amach anseo, más féidir. D’fhéadfaí an méid sin a bhaint amach trí raon feidhme an tsásra a theorannú go hath-urrúsúcháin, ar foinse theoranta é de chistiú bainc, fad is go bhféadfaí fós faireachán a dhéanamh ar rátálacha creidmheasa atá eisithe cheana féin arna iarraidh sin fiú nuair a bheidh an uainíocht éigeantach. Mar sin, mar riail ghinearálta, ní cheart go ndéanfadh uainíocht difear ach amháin d’ath-urrúsúcháin nua a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chibé an bhfuil sé iomchuí sásra uainíochta teoranta a choimeád nó é a chur i bhfeidhm ar aicmí eile sócmhainne agus más amhlaidh atá, i dtaobh an éilítear cóireáil éagsúil i leith aicmí eile, mar shampla, uasfhad an chaidrimh chonarthaigh. Má tá an sásra uainíochta bunaithe d’aicmí eile sócmhainne, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chibé an gá oibleagáid a thabhairt isteach don ghníomhaireacht rátála creidmheasa chun sraith faisnéise a sholáthar, ag deireadh uastréimhse an chaidrimh chonarthaigh, maidir leis an eisitheoir agus maidir leis na hionstraimí rátáilte (an comhad aistrithe), don ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag teacht isteach. |
(14) |
Is iomchuí uainíocht a thabhairt isteach sa mhargadh rátála creidmheasa le haghaidh ath-urrúsúchán. Ar an gcéad dul síos, is é sin an deighleog mhargaidh den mhargadh Eorpach le haghaidh urrúsúchán lenar ghabh tearcfheidhmíocht ó tharla an ghéarchéim airgeadais, agus, dá bhrí sin, is é an deighleog é ina bhfuil an gá is mó le haghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa. Ar an dara dul síos, más rud é go mbraitheann riosca creidmheasa na n-ionstraimí creidmheasa a eisítear go mór ar chumas an eisitheora féin fónamh a dhéanamh ar fhiacha, is uathúil an riosca creidmheasa maidir le hath-urrúsúcháin i gcoitinne le haghaidh gach idirbhirt. Mar sin, nuair a chruthaítear ath-urrúsúchán, níl baol mór ann eolas a chailleadh trí ghníomhaireacht rátála creidmheasa nua a fhruiliú. I bhfocail eile, cé nach bhfuil ach méid teoranta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa gníomhach ar an margadh rátála creidmheasa d’ath-urrúsúcháin, tá an margadh sin ar oscailt níos nádúrtha don iomaíochas agus d’fhéadfadh sásra uainíochta a bheith ina spreagadh chun níos mó dinimice a chruthú ar an margadh sin. Ar deireadh, tá an margadh rátála creidmheasa chun ath-urrúsúcháin a rátáil faoi cheannas roinnt gníomhaireachtaí creidmheasa móra ach tá gníomhairí eile ann atá ag cur lena gcuid saineolais sa réimse sin. |
(15) |
Ba cheart d’uainíocht rialta ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a eisíonn rátálacha creidmheasa i leith ath-urrúsúchán tuilleadh éagsúlachta a thabhairt don mheasúnú acmhainneachta creidmheasa. Is é an toradh ba cheart a bheith ar iliomad tuairimí, dearcthaí agus modhanna éagsúla arna gcur i bhfeidhm ag gníomhaireachtaí rátálacha creidmheasa atá níos ilghnéithí a sholáthar, agus, i ndeireadh thiar thall, feabhas a theacht ar mheasúnuithe ar acmhainneacht creidmheasa ath-urrúsúchán. Ionas go bhféadfaidh tionchar a bheith ag éagsúlú den sórt sin agus ionas nach mbeidh tionscnóirí ná gníomhaireachtaí rátála creidmheasa bogásach, ní mór srian a chur leis an uastréimhse ina gceadófar don ghníomhaireacht rátála creidmheasa ath-urrúsúcháin ón tionscnóir céanna a rátáil chuig leibhéal lena rathófar measúnaithe rialta nua ar acmhainneacht creidmheasa. Ciallaíonn na fachtóirí sin, maraon leis an ngá atá ann leanúnachas cinnte an chur chuige i leith rátálacha creidmheasa go bhfuil tréimhse ceithre bliana ina tréimhse iomchuí. I gcás ina cheapfar ar a laghad ceithre ghníomhaireacht creidmheasa, beidh na cuspóirí i gcomhair sásra uainíochta bainte amach cheana féin agus mar sin níor cheart go mbeadh feidhm ag an gceanglas maidir le huainíocht. Chun iomaíochas ceart a áirithiú, níor cheart go mbeadh díolúine den sórt sin infheidhme ach amháin i gcás ina ndéanann ar a laghad ceithre cinn de na gníomhaireacht rátála creidmheasa arna gceapadh rátáil ar chion áirithe de na hionstraimí airgeadais atá i lámha an tionscnóra. |
(16) |
Is iomchuí sásra uainíochta le haghaidh ath-urrúsúchán timpeall ar thionscnóir. Déantar ath-urrúsúcháin a eisiúint ó aonán sainchuspóireach gan aon chumas suntasach an fiachas a sheirbhísiú. Dá bhrí sin, fágfadh sé sin an sásra neamhéifeachtach dá ndéanfaí uainíocht a struchtúrú timpeall ar an eisitheoir. Os a choinne sin, chiallódh uainíocht a struchtúrú timpeall ar an urraitheoir go mbeadh feidhm beagnach i gcónaí ag an díolúine sin. |
(17) |
D’fhéadfadh sásra uainíochta a bheith ina uirlis thábhachtach chun bacannaí a ísliú chun iontráil ar an margadh rátála creidmheasa d’ath-urrúsúcháin. Ag an am céanna d’fhéadfadh sé é a dhéanamh níos deacra do ghníomhairí nua margaidh chun cosa a chur i dtaca sa mhargadh mar nach gceadófar dóibh ag cliaint a choinneáil. Is iomchuí mar sin díolúine a thabhairt isteach ón sásra uainíochta do ghníomhaireachtaí beaga rátála creidmheasa. |
(18) |
Chun a bheith éifeachtach, is gá an sásra uainíochta a fhorghníomhú ar bhealach inchreidte. Ní chomhlíonfaí cuspóirí na gceanglas uainíochta dá mbeadh cead ag an ngníomhaireacht rátála atá ag imeacht ath-urrúsúcháin ón tionscnóir céanna a rátáil laistigh de thréimhse róghairid. Ar an ábhar sin tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le tréimhse iomchuí nach bhféadfar an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag dul as oifig a cheapadh chun ath-urrúsúcháin ón tionscnóir céanna a rátáil arís. Ba cheart an tréimhse sin a bheith fada a dóthain chun go bhféadfaidh an ghníomhaireachta rátála creidmheasa nua a cuid seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar go héifeachtach, chun go n-áiritheofar gur fíor-ghrinnscrúdú a dhéanfar ar na hath-urrúsúcháin, agus sin de réir cur chuige difriúil, agus chun a ráthú go mbeidh leanúnachas ag baint leis an rátáil chreidmheasa a eisíonn an ghníomhaireachta rátála creidmheasa nua. Mar sin féin, chun go bhfeidhmeodh sásra uainíochta i gceart, déantar fad na tréimhse a shrianadh trí shaineolas leordhóthanach a bheith á sholáthar do na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Dá bhrí sin, ba cheart fad na tréimhse a bheith comhréireach, ba cheart, go ginearálta, go mbeadh sé cothrom le fad an chonartha atá imithe in éag de chuid na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá ag imeacht ach níor cheart go rachadh sé thar ceithre bliana. |
(19) |
Tá sé i gcomhréir leis an sprioc atáthar á saothrú go gceanglaítear uainíocht rialta ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Níl feidhm ag an gceanglas ach amháin maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa cláraithe atá rialáilte agus a sholáthraíonn seirbhísí a dhéanann difear do leas an phobail (rátálacha creidmheasa is féidir a úsáid chun críocha rialúcháin) faoin tsamhail “íocann an t-eisitheoir” agus i gcomhair aicme sócmhainne ar leith (ath-urrúsúcháin). An phribhléid atá ag seirbhísí áirithe aitheantas a bheith acu go bhfuil ról tábhacht acu i rialúchán mhargadh na seirbhísí airgeadais, agus údarú a bheith acu an ról sin a fheidhmiú, eascraíonn aisti an dualgas oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh chun neamhspleáchas a áirithiú agus chun go bhfeicfear go bhfuil an neamhspleáchas sin ann, i ngach uile chás. Aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa a gcuirtear bac uirthi ath-urrúsúcháin a rátáil ó thionscnóir ar leith, cheadófaí dó fós ath-urrúsúcháin ó thionscnóirí eile chomh maith le haicmí eile sócmhainne a rátáil. I margadh ina bhfuil an riail maidir le huainíocht i bhfeidhm maidir le gach rannpháirtí, tiocfaidh méadú ar dheiseanna gnó ós rud é go mbeadh ar gach gníomhaireacht rátála creidmheasa uainíocht a dhéanamh. Thairis sin, beidh cead i gcónaí ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa gan iarraidh a eisiúint maidir le hath-urrúsúcháin ón tionscnóir céanna, ag baint tairbhe as a dtaithí. Ós rud é nach bhfuil rátálacha creidmheasa gan iarraidh faoi réir ag an tsamhail ina n-íocann an t-eisitheoir níl sé chomh dóchúil céanna go teoiriciúil, dá bhrí sin, go mbeidh siad faoi thionchar coinbhleachtaí leasa. I dtaca le cliaint gníomhaireachtaí rátála creidmheasa de, an t-uasfhad atá leis an gcaidreamh conarthach le gníomhaireacht rátála creidmheasa, agus an ceanglas gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin nó níos mó a fhostú, cuireann siad srianta ar an tsaoirse atá acu a gcuid gnó a dhéanamh. Mar sin féin, tá gá leis an srian sin ar fhorais a bhaineann le leas an phobail ós rud é go gcuireann an tsamhail “íocann an t-eisitheoir” isteach ar neamhspleáchas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, neamhspleáchas atá fíor-riachtanach d’fhonn rátálacha creidmheasa neamhspleácha a ráthú a fhéadfaidh infheisteoirí a úsáid chun críocha rialúcháin. San am céanna, ní théann na srianta sin thar a bhfuil riachtanach agus ba cheart a mheas go ndéanann siad acmhainneacht creidmheasa ath-urrúsúcháin a mhéadú i dtaca le páirtithe eile, agus sa deireadh thiar thall, i dtaca leis an margadh. |
(20) |
Aon choinbhleachtaí leasa idir mór-scairshealbhóirí de chuid gníomhaireachta rátála creidmheasa agus an t-eintiteas rátáilte, d’fhéadfadh siad difear a dhéanamh do neamhspleáchas na gníomhaireachta sin maidir leis an eintiteas sin. Mar shampla d’fhéadfadh scairshealbhóir de chuid gníomhaireachta rátála creidmheasa bheith ina bhall de bhord riaracháin nó maoirseachta eintitis rátáilte nó tríú páirtí ghaolmhair. Ní dheachaigh Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 i ngleic le cásanna den sórt sin ach i dtaca le coinbhleachtaí leasa a bhain le hanailísithe rátála, daoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa nó fostaithe eile de chuid na gníomhaireachta rátála creidmheasa. Níl aon trácht sa Rialachán sin, áfach, ar choinbhleachtaí leasa a bhaineann le scairshealbhóirí nó baill de ghníomhaireacht rátála creidmheasa. D’fhonn neartú ar an tuiscint go bhfuil gníomhaireacht rátála creidmheasa neamhspleách ar eintiteas rátáilte, is iomchuí síneadh a chur leis na rialacha atá ann cheana atá leagtha amach sa Rialachán sin a bhfuil feidhm acu maidir le coinbhleachtaí leasa a bhaineann le fostóirí gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus le scairshealbhóirí tábhachtacha nó baill thábhachtacha de ghníomhaireacht rátála creidmheasa. Dá bhrí sin, níor cheart don ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa a eisiúint, nó ba cheart dó a nochtadh go bhféadfadh sé go ndéanfaí difear don rátáil chreidmheasa i gcás ina mbeadh scairshealbhóir nó comhalta a bhfuil 10 % de chearta vótála na gníomhaireachta sin aige ina bhall de bhord riaracháin nó maoirseachta an eintitis rátáilte freisin, nó i gcás ina mbeadh infheistíocht déanta aige sin san eintiteas rátáilte, nuair a bheadh méid áirithe sroichte ag an infheistíocht. Thairis sin, i gcás ina mbeadh infheistíocht déanta ag scairshealbhóir nó comhalta a bhfuil 5 % ar a laghad de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin aige san eintiteas rátáilte, nó i gcás gur comhalta de bhord riaracháin nó maoirseachta an eintitis rátála é, ba cheart é a nochtadh don phobal ar a laghad sa chás go mbeadh méid áirithe bainte amach ag an infheistíocht sin. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil scairshealbhóir nó comhalta in ann mórthionchar a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, níor cheart dó seirbhísí sainchomhairliúcháin nó comhairleacha ar a sholáthar don eintiteas rátáilte ná don tríú páirtí gaolmhar maidir le struchtúr corparáideach nó dlíthiúil, sócmhainní, dliteanais nó gníomhaíochta an eintitis rátáilte nó an tríú páirtí sin. |
(21) |
D’fhonn cur i bhfeidhm inoibrithe na rialacha maidir le neamhspleáchas agus le coinbhleachtaí leasa a chosc a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a áirithiú agus d’fhonn iad a chosc ó éirí mí-éifeachtach, tá gá le líon mór go leor gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nach bhfuil aon bhaint acu leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag imeacht, i gcás uainíochta, agus leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag soláthar seirbhísí rátála creidmheasa san am céanna don eisitheoir céanna. Is iomchuí a cheangal go mbeidh dealú docht idir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag imeacht agus an ghníomhaireacht rátála creidmheasa nua (i gcás uainíochta) agus idir an dá ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag soláthar seirbhísí rátála creidmheasa san am céanna don eisitheoir céanna. Níor cheart na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheith nasctha lena chéile trí chaidreamh rialaithe, trína bheith sa ghrúpa céanna de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ná trí chead vótála a bheith acu in aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile, ná trí chead a bheith acu baill de bhoird riaracháin nó maoirseachta aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a cheapadh. |
(22) |
Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa struchtúr éifeachtach rialaithe inmheánaigh a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a thaifeadadh i ndoiciméad lena rialaítear cur chun feidhme beartas agus nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc agus a rialú agus chun neamhspleáchas rátálacha creidmheasa, anailísithe rátála agus foirne rátála a áirithiú maidir le scairshealbhóirí, comhlachtaí riaracháin agus bainistíochta agus gníomhaíochtaí díolacháin agus margaíochta. Ba cheart Buan-Nósanna Imeachta Oibríochta (BIOanna) a chur i bhfeidhm i dtaca leis an rialachas corparáideach, le cúrsaí eagrúcháin, agus le bainistiú na gcoinbhleachtaí leasa. Ba cheart athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh ar BIOanna go tráthrialta chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an struchtúir rialaithe inmheánaigh agus i dtaobh ar cheart é a thabhairt cothrom le dáta. |
(23) |
Dhéanfaí mórdhíobháil don tuiscint go bhfuil gníomhaireachtaí rátála creidmheasa neamhspleách dá mbeadh scairshealbhóirí nó comhaltaí de ghníomhaireachta rátála creidmheasa ag infheistiú i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhaineann le grúpa eile gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar a laghad ar bith sa chás go mbeadh infheistíocht den sórt sin mór a dóthain le go bhféadfaidís tionchar áirithe a imirt ar ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa. Dá bhrí sin, d’fhonn neamhspleáchas gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, agus an tuiscint go bhfuil siad neamhspleách, a áirithiú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha níos déine maidir leis an gcaidreamh idir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus a gcuid scairshealbhóirí nó comhaltaí. Ar an ábhar sin níor cheart 5 %, nó níos mó, de scaireanna breis is gníomhaireachta rátála creidmheasa amháin bheith ag duine ar leith san am céanna, ach amháin má bhaineann na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa lena mbaineann leis an ngrúpa céanna. |
(24) |
Ceanglaítear leis an gcuspóir neamhspleáchas leordhóthanach gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a áirithiú, nach mbeidh infheistíochtaí 5 % nó níos mó ag infheisteoirí i níos mó ná gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin i gcomhthráth. Le Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe (10), ceanglaítear ar dhaoine a bhfuil 5 % de chearta vótála cuideachta liostaithe é sin a nochtadh don phobal, ós rud é, inter alia, gur le leas infheisteoirí é eolas a bheith acu ar struchtúr vótála na cuideachta sin. Meastar, dá bhrí sin, gur sciar mór de na cearta vótála é 5 %, lena bhféadfaí tionchar a imirt ar struchtúr vótála na cuideachta. Is iomchuí dá bhrí sin an tairseach 5 % a úsáid chun críocha cosc a chur ar infheistíocht a dhéanamh san am céanna i níos mó ná gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin. Ní féidir a mheas go bhfuil an beart sin díréireach, ó tharla gur gnóthas neamhliostaithe gach gníomhaireacht rátála creidmheasa chláraithe san Aontas agus, dá bhrí sin, níl siad faoi réir rialacha trédhearcachta agus nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu maidir le cuideachtaí liostaithe san Aontas i gcomhréir le Treoir 2004/109/CE. Is minic a bhíonn gnóthais neamhliostaithe á rialú ag prótacail nó comhaontuithe na scairshealbhóirí agus is gnách gur beag a bhíonn líon na scairshealbhóirí. Dá bhrí sin, fiú amháin sciar mionlaigh i ngníomhaireacht rátála creidmheasa neamhliostaithe, d’fhéadfadh sé tionchar a bheith aige. Mar sin féin, d’fhonn a áirithiú go bhféadfar leanúint d’infheistíocht atá de chineál eacnamaíoch amháin i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ní bhainfidh an cosc ar infheistiú i mbreis is gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin san am céanna le hinfheistíochtaí a chuirtear trí scéimeanna comhinfheistíochta a bhainistíonn tríú páirtithe atá neamhspleách ar an infheisteoir agus nach bhfuil faoi réir thionchar an infheisteora. |
(25) |
Ba cheart do na forálacha sa Rialachán seo i dtaobh coinbhleachtaí leasa maidir leis an struchtúr scairshealbhóra tagairt ní hamháin do na scairshealbha díreacha ach do na scairshealbha indíreacha chomh maith mar go bhféadfaí dul timpeall ar na rialacha go héasca mura ndéantar é sin. Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa gach iarracht a dhéanamh chun aithne a chur ar a scairshealbhóirí díreacha chun gur féidir leo aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann chuige sin a sheachaint. |
(26) |
Maidir leis na rialacha i leith neamhspleáchais agus cosc a chur ar choinbhleachtaí leasa a chuireann ceangal ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa gan seirbhísí rátálacha creidmheasa a sholáthar don eisitheoir céanna ar feadh tréimhse fada, d’fhéadfaí an bonn a bhaint díobh dá mbeadh cead ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheith ina scairshealbhóirí nó ina gcomhaltaí suntasacha, ar bhealach díreach nó indíreach, de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa. |
(27) |
Tá sé tábhachtach a áirithiú nach modheolaíochtaí nach bhfuil chomh críochnúil céanna a bheidh mar thoradh ar mhodhnuithe ar na modheolaíochtaí rátála. Chun na críocha sin, ba cheart deis a bheith ag eisitheoirí, infheisteoirí agus páirtithe leasmhara eile a gcuid tuairimí a thabhairt uathu maidir le haon athruithe atá beartaithe ar mhodheolaíochtaí rátála. Cuideoidh sé sin leo tuiscint a bheith acu ar na cúiseanna atá leis na modheolaíochtaí nua agus leis an athrú i gceist. D’fhéadfadh tuairimí eisitheoirí agus infheisteoirí i leith na ndréacht-mhodheolaíochtaí bheith ina mórchuidiú ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus iad ag sainiú modheolaíochtaí. Ba cheart fógra a thabhairt freisin do ÚEUM i dtaobh athruithe beartaithe. Cé go dtugtar an chumhacht do ÚEUM le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 chun a fhíorú go bhfuil modheolaíochtaí a úsáideann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa dian, córasach agus leanúnach agus faoi réir ag bailíochtú atá bunaithe ar thaithí stairiúil, lena n-áirítear cúltástáil, níor cheart an próiseas fíoraithe sin a dheonú do ÚEUM aon chumhacht chun oiriúnacht na modheolaíochta atá beartaithe nó na rátálacha creidmheasa a eisíodh tar éis chur i bhfeidhm na modheolaíochtaí a mheas. I gcás inarb iomchuí, ba cheart go gcuirfeadh modheolaíochtaí rátála rioscaí airgeadais a chineann ó ghuaiseacha comhshaoil san áireamh. |
(28) |
I ngeall ar a chasta atá ionstraimí airgeadais struchtúrtha, ní dheachaigh i gcónaí ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa de chaighdeán ard go leor a ullmhú i leith na n-ionstraimí sin. Laghdú ar mhuinín an mhargaidh sna cineálacha sin rátálacha creidmheasa an toradh atá air sin. D’fhonn muinín an mhargaidh a ghnóthú, b’iomchuí ceangal a chur ar eisitheoirí, nó ar thríú páirtithe gaolmhara, dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar a laghad a fhostú chun rátálacha creidmheasa i leith ionstraimí airgeadais struchtúrtha a sholáthar, rud as a dtiocfadh, b’fhéidir, measúnuithe éagsúla iomaíocha. D’fhéadfadh sé sin róspleáchas ar aon rátáil chreidmheasa amháin. |
(29) |
Leis an togra le haghaidh treorach maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta agus leis an togra le haghaidh rialacháin maidir le ceanglais stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, atá le cur in ionad Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i gceann agus cleachtadh gnó institiúidí creidmheasa (11) agus Threoir 2006/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le leordhóthanacht caipitil gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa (12), déantar ceanglas ar institiúidí creidmheasa a thabhairt isteach agus ar ghnólachtaí infheistíochta measúnú a dhéanamh ar rioscaí creidmheasa eintitis agus ar ionstraimí airgeadais a ndéanann siad féin infheistíocht iontu agus gan, go díreach, a bheith ag brath ar rátálacha creidmheasa ina leith. Ba cheart an ceanglas sin a leathnú chuig rannpháirtithe eile sa mhargadh a ndéantar rialúchán orthu faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear bainisteoirí infheistíochta. Maidir le rannpháirtithe uile an mhargaidh, áfach, ba cheart an ceanglas sin a fhorghníomhú ar bhealach comhréireach agus aird á tabhairt ar chineál, ar scála agus ar chastacht an rannpháirtí i dtrácht. Níor cheart go mbeadh na Ballstáit i dteideal rialacha a fhorchur nó a choinneáil a ligeann do na hinfheisteoirí sin a bheith níos spleáiche ar rátálacha creidmheasa seachtracha. |
(30) |
Ina theannta sin thiocfadh feabhas ar chumas infheisteoirí measúnú eolasach a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa ionstraimí airgeadais struchtúrtha ach faisnéis leordhóthanach maidir leis na hionstraimí sin a bheith ag infheisteoirí. Mar shampla, de bhrí go mbraitheann an riosca maidir le hionstraimí airgeadais struchtúraithe go mór ar cháilíocht agus ar fheidhmíocht na sócmhainní bunúsacha, ba cheart tuilleadh faisnéise a chur ar fáil d’infheisteoirí maidir leis na sócmhainní bunúsacha. Laghdódh sé sin spleáchas infheisteoirí ar rátálacha creidmheasa. Ina cheann sin, is dealraitheach gurb é an toradh a bheadh ar fhaisnéis ábhartha maidir le hionstraimí airgeadais a nochtadh neartú a dhéanamh ar an iomaíocht idir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa de bharr méadú a theacht ar líon na rátálacha creidmheasa gan iarraidh teacht as. Ba cheart don Choimisiún, faoi Eanáir 2016 athbhreithniú a dhéanamh ar a iomchuí atá sé raon feidhme an cheanglais nochta a leathnú chuig táirgí airgeadais eile, agus tuairisc a dhéanamh ar an athbhreithniú sin. Mar shampla, tá táirgí airgeadais eile ann, cosúil le bannaí faoi chumhdach agus fiachas urraithe eile, i gcás ina mbraitheann an riosca a bheag nó a mhór ar shaintréithe aon comhthaobhachta bunúsaí agus i gcás ina bhféadfadh sé a bheith ábhartha tuilleadh faisnéise a chur ar fáil d’infheisteoirí faoin gcomhthaobhacht. |
(31) |
Ba cheart rochtain a bheith ag infheisteoirí, ag eisitheoirí agus ag páirtithe eile leasmhara ar fhaisnéis atá cothrom le dáta, trí láithreán gréasáin lárnach. Ba cheart d’ÚEUM Ardán Rátála Eorpach a bhunú agus ba cheart go ligfeadh sé d’infheisteoirí comparáid a dhéanamh go héasca idir na rátálacha creidmheasa go léir i leith eintitis rátáilte ar leith. Tá sé tábhachtach go dtaispeánfar ar láithreán gréasáin an ardáin rátála Eorpaigh gach rátáil chreidmheasa atá ar fáil i leith gach ionstraime ionas go mbeidh an deis ag infheisteoirí an raon iomlán tuairimí atá ann a bhreithniú sula gcinnfidh siad ar infheistíocht a dhéanamh. Mar sin féin, ionas nach mbainfear an bonn de chumas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa go léir oibriú faoin tsamhail “íocann an t-infheisteoir”, níor cheart na rátálacha creidmheasa sin a áireamh san Ardán Eorpach Rátála. Ba cheart go gcuideodh an t-ardán rátála Eorpach le gníomhaireachtaí beaga rátála agus gníomhaireachtaí nua rátála éirí níos feiceálaí. Ba cheart don ardán rátála Eorpach stór lárnach ÚEUM a ionchorprú chun go ndéanfaí ardán amháin a chruthú le haghaidh na rátálacha creidmheasa uile atá ar fáil le haghaidh gach ionstraime agus le haghaidh sonraí maidir le feidhmíocht stairiúil, ar nithe iad a fhoilseofar ar an stór lárnach. Thacaigh Parlaimint na hEorpa le bunú fhoilsiú na rátálacha creidmheasa sin ina rún maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an 8 Meitheamh 2011. |
(32) |
Bíonn tionchar mór ag rátálacha creidmheasa ar chinntí infheistíochta, is cuma cé acu chun críocha rialúcháin nó chun críche eile a eisítear iad, agus ar íomhá na n-eisitheoirí chomh maith le chomh mealltach is atá siad ó thaobh airgeadais de. Dá bhrí sin, tá freagracht mhór ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i leith infheisteoirí agus eisitheoirí, eadhon féachaint chuige go gcomhlíonann siad Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 sa chaoi is go bhfuil a gcuid rátálacha creidmheasa neamhspleách, oibiachtúil agus de cháilíocht leordhóthanach. Ní bhíonn sé ar chumas infheisteoirí agus eisitheoirí i gcónaí, áfach, freagracht na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa ina leith a fhorghníomhú. Ní gan dua a fhéadfar gníomhaireacht rátála creidmheasa a chur faoi dhliteanas sibhialta de cheal caidrimh chonarthaigh idir gníomhaireacht rátála creidmheasa agus mar shampla, infheisteoir nó eisitheoir a rátáiltear gan iarraidh. Féadfaidh deacrachtaí a bheith ag eisitheoirí freisin agus iad ag iarraidh dliteanas sibhialta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ina leith a fhorghníomhú fiú i gcás ina mbíonn caidreamh conarthach acu leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa: cuir i gcás, má chinntear íosghrádú a dhéanamh ar rátáil chreidmheasa de bhrí gur sáraíodh d’aon ghnó nó le mórfhaillí Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, féadfaidh tionchar diúltach a bheith ag an méid sin ar cháil agus ar chostais chistithe eisitheora, agus féadfar damáiste a dhéanamh don eisitheoir sa chaoi sin fiú mura gcumhdaítear é le dliteanas conarthach. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le ceart leordhóthanach sásaimh a bheith ag infheisteoirí a bhraith go réasúnta ar rátáil chreidmheasa a eisíodh de shárú ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus chomh maith leis sin ag eisitheoirí a dhéanann damáistí a thabhú mar gheall ar rátáil chreidmheasa a eisíodh de shárú ar rialacha Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Aon damáistí arbh é sárú ar an Rialachán sin ba chúis leis agus a raibh tionchar aige ar an rátáil deiridh, ba cheart go bhféadfadh an t-infheisteoir agus an t-eisitheoir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chur faoi dhliteanas na damáistí. Cé go bhféadfadh infheisteoirí agus eisitheoirí a bhfuil caidreamh conarthach acu le gníomhaireacht rátála creidmheasa a roghnú éileamh in aghaidh na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin a bhunú ar shárú ar chonradh, ba cheart fáil a bheith ag gach infheisteoir agus gach eisitheoir ar éileamh chun damáistí as Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a shárú, is cuma má tá caidreamh conarthach ann idir na páirtithe. |
(33) |
Ba cheart go mbeadh sé indéanta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chur faoi dhliteanas má sháraíonn siad d’aon ghnó nó le mórfhaillí na hoibleagáidí a chuireann Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 orthu. Tá an chéim lochta sin iomchuí toisc go mbíonn measúnú le déanamh ar thosca casta eacnamaíocha chun rátáil chreidmheasa a ullmhú agus d’fhéadfadh torthaí éagsúla bheith ar chur i bhfeidhm modheolaíochtaí éagsúla agus ní féidir a mheas go bhfuil aon cheann acu sin mícheart. Freisin, ní iomchuí go nochtfaí gníomhaireachtaí rátála creidmheasa do dhliteanas a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta ach i gcás ina bhfuil sárú ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 déanta d’aon ghnó nó le mórfhaillí. |
(34) |
Ba cheart don infheisteoir nó don eisitheoir atá ag éileamh damáistí mar gheall ar shárú Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 faisnéis chruinn agus mhionsonraithe a chur i láthair a léiríonn go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa tar éis sárú den sórt sin ar an Rialachán sin a dhéanamh. Ba cheart go ndéanfadh an chúirt inniúil é seo a mheasúnú, ag cur san áireamh di go bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain ag an infheisteoir nó ag an eisitheoir ar fhaisnéis atá go hiomlán laistigh de réimse na gníomhaireachta rátála creidmheasa, agus é sin amháin. |
(35) |
Maidir le ceisteanna a bhaineann le dliteanas sibhialta gníomhaireachta rátála creidmheasa, nach bhfuil cumhdaithe ná sainmhínithe ag an Rialachán seo, lena n-áirítear cúisíocht agus coincheap na mórfhaillí, ba cheart iad a bheith faoi réir an dlí náisiúnta is infheidhme, arna chinneadh le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann réimis maidir le dliteanas sibhialta náisiúnta a chothabháil atá níos fabhraí d’infheisteoirí nó d’eisitheoirí, go háirithe, nó nach bhfuil bunaithe ar shárú ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Is trí na rialacha ábhartha maidir leis an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh ba cheart a chinneadh cé an chúirt atá inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le héileamh i leith dliteanais shibhialta arna dhéanamh ag infheisteoir nó ag eisitheoir. |
(36) |
An oibleagáid atá ar infheisteoirí institiúideacha, lena n-áirítear bainisteoirí infheistíochta, a measúnú féin a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa sócmhainní, níor cheart dó sin cosc a chur ar chúirt cinneadh a dhéanamh go ndearna sárú a rinne gníomhaireacht rátála creidmheasa ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 díobháil d’infheisteoir agus go bhfuil an ghníomhaireacht sin faoi dhliteanas ina leith. Cé go gcuirfidh an Rialachán seo feabhas ar an tsaoirse atá ag infheisteoirí a measúnú riosca féin a dhéanamh, leanfaidh an rochtain atá acu ar fhaisnéis de bheith níos srianta ná an rochtain atá ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa uirthi. Thairis sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé ar chumas infheisteoirí beaga go háirithe measúnú a dhéanamh go criticiúil ar rátáil chreidmheasa a sholáthair gníomhaireacht rátála creidmheasa. |
(37) |
Ba cheart do na Ballstáit agus do ÚEUM a áirithiú go ndéanfar aon phionóis a fhorchuirfear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a nochtadh go poiblí i gcás ina mbeadh nochtadh poiblí den sórt sin comhréireach. |
(38) |
Chun coinbhleachtaí leasa a mhaolú a thuilleadh, agus iomaíocht chothrom a éascú sa mhargadh rátála creidmheasa, tá sé tábhachtach a áirithiú nach bhfuil na táillí a ghearrann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar a gcliaint idirdhealaitheach. Níor cheart údar a bheith le táillí éagsúla a ghearradh as seirbhísí den sórt céanna ach amháin má tá difear idir an costas atá ar na seirbhísí sin a sholáthar do chliaint éagsúla. Ina cheann sin, níor cheart go mbeadh na táillí a ghearrtar as seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar d’eisitheoir ar leith ag brath ar thorthaí na hoibre a dhéantar ná ar sholáthar seirbhísí gaolmhara (coimhdeacha). Thairis sin, ionas go bhféadfar maoirsiú éifeachtach a dhéanamh ar na rialacha sin, ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa na táillí a fuair siad ó gach ceann dá gcliaint agus a mbeartas ginearálta praghsála a nochtadh do ÚEUM. |
(39) |
Ionas go mbeidh sé níos fusa rátálacha ceannasacha atá cothrom le dáta agus inchreidte a eisiúint agus d’fhonn tuiscint úsáideoirí na rátálacha sin a mhéadú, tá sé tábhachtach athbhreithniú rialta a dhéanamh ar rátálacha. Tá sé tábhachtach freisin méadú ar a thrédhearcaí atá an taighde a dhéantar, na baill foirne a leithdháiltear ar ullmhú rátálacha agus na boinn tuisceana is bun leis na rátálacha ceannasacha a ullmhaíonn na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i leith fiachais cheannasaigh. |
(40) |
Tá sé ríthábhachtach faisnéis iomchuí a bheith ag infheisteoirí chun acmhainneacht creidmheasa na mBallstát a mheasúnú. I gcreat an fhaireachais a dhéanann sé ar bheartais eacnamaíocha agus fhioscacha na mBallstát, déanann an Coimisiún sonraí a bhailiú agus a phróiseáil ar staid agus ar fheidhmíocht eacnamaíoch, airgeadais agus fhioscach na mBallstát go léir, a fhoilsíonn an Coimisiún an chuid is mó dóibh agus a d’fhéadfadh infheisteoirí a úsáid dá bhrí sin chun acmhainneacht creidmheasa féideartha na mBallstát a mheasúnú. I gcás inarb iomchuí agus i gcás ina mbeidh fáil air, agus faoi réir na rialacha ábhartha rúndachta is infheidhme i gcreat an fhaireachais a dhéanann sé ar bheartais eacnamaíocha agus fhioscacha na mBallstát, ba cheart don Choimisiún an tuairisciú atá déanta cheana ar fheidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a chomhlánú, le tosca nó táscairí breise féideartha, a d’fhéadfadh cuidiú le hinfheisteoirí meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa na mBallstát. Ba cheart na tosca sin a chur ar fáil don phobal, rud a chomhlánódh na foilseacháin atá ann cheana agus faisnéis eile arna nochtadh go poiblí, d’fhonn sonraí breise a chur ar fáil d’infheisteoirí chun cuidiú leo acmhainneacht creidmheasa eintiteas ceannasach agus a bhfaisnéis fiachais a mheasúnú. Agus é sin á chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann measúnú Eorpach ar acmhainneacht creidmheasa a fhorbairt, le go bhféadfadh infheisteoirí measúnú neamhchlaonta agus oibiachtúil a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa na mBallstát, agus aird á tabhairt ar an bhforbairt shonrach eacnamaíoch agus shóisialta. Más gá, ba cheart don Choimisiún tograí reachtacha iomchuí a chur isteach. |
(41) |
Tá foráil déanta cheana sna rialacha atá ann faoi láthair maidir le rátálacha creidmheasa a fhógairt don eintiteas rátáilte 12 uair an chloig roimh a bhfoilsiú. Ionas nach dtarlóidh sé go dtabharfar fógra den sórt sin lasmuigh d’uaireanta an chloig oibre agus ionas go mbeidh a dhóthain ama ag an eintiteas rátáilte cruinneas na sonraí is bun leis an rátáil chreidmheasa a fhíorú, ba cheart fógra a thabhairt don eintiteas rátáilte lá oibre iomlán roimh fhoilsiú na rátála creidmheasa nó an tuair rátála. Maidir le liosta na ndaoine atá i dteideal fógra den sórt sin a fháil ba cheart dó a bheith srianta agus ba cheart don eintiteas rátáilte í a shainaithint go soiléir. |
(42) |
I bhfianaise sainiúlachtaí rátálacha ceannasacha agus chun an baol luaineachta a laghdú, is iomchuí agus is comhréireach ceangal a chur ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa gan na rátálacha sin a fhoilsiú go dtí tar éis ama scoir ionad trádála atá bunaithe san Aontas agus ar a dhéanaí uair an chloig roimh dóibh oscailt. Ar an mbonn céanna, is iomchuí agus is comhréireach freisin go ndéanfadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ag deireadh mhí na Nollag féilire a fhoilsiú don chéad 12 mhí ina dhiaidh sin ina socrófaí na dátaí ar a ndéanfaí rátálacha ceannasacha a fhoilsiú agus ag freagairt dóibh siúd, na dátaí ar a ndéanfaí tuartha rátála gaolmhara a fhoilsiú i gcás inarb infheidhme é. Ba cheart na dátaí sin a shocrú ar Aoine. Níor cheart líon na bhfoilseachán san fhéilire a bheith srianta do idir dhá cheann agus trí cinn ach i gcás rátálacha ceannasacha gan iarraidh. I gcás inar gá sin chun a gcuid oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, ba cheart cead a bheith ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa imeacht óna bhféilire fógartha agus míniú mion a thabhairt ar na fáthanna a ndearnadh amhlaidh. Mar sin féin, níor cheart go dtarlódh imeacht den sórt sin ón bhféilire ar bhonn gnáthaimh. |
(43) |
Ar bhonn fhorás an mhargaidh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina bhfiosrófaí a iomchuí atá gníomhaireacht phoiblí Eorpach rátála creidmheasa agus bealaí chun tacú léi, a bheadh tiomnaithe do mheasúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa fhiachas ceannasach na mBallstát agus/nó fondúireacht rátála creidmheasa Eorpaí le haghaidh gach rátála creidmheasa eile. Más gá, ba cheart don Choimisiún tograí reachtacha iomchuí a thíolacadh. |
(44) |
I bhfianaise sainiúlachtaí rátálacha ceannasacha agus chun an riosca maidir le héifeachtaí gabhála a sheachaint ar fud an Aontais, ba cheart cosc a chur ar ráitis ina bhfógraítear athbhreithniú ar ghrúpa tíortha ar leith mura ngabhann tuarascálacha tíre aonair leo. Thairis sin, chun bailíocht agus inrochtaineacht ar fhoinsí faisnéise a éascú arna n-úsáid ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i dteachtaireachtaí poiblí ar athruithe féideartha ar rátálacha ceannasacha, seachas rátálacha creidmheasa, tuartha rátála agus preaseisiúintí atá ina dteannta, ba cheart do na teachtaireachtaí bheith bunaithe i gcónaí ar fhaisnéis atá i réimse an eintitis rátála, a nochtadh le toiliú ón eintiteas rátáilte mura rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil ó fhoinsí a bhfuil rochtain fhorleathan orthu. I gcás ina bhforáiltear sa chreat dlíthiúil lena rialaítear an t-eintiteas rátála nár cheart don eintiteas rátáilte an fhaisnéis sin a nochtadh, amhail i gcás faisnéis ón taobh istigh mar a shainítear i bpointe (1) d’Airteagal 1 de Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) (13), ní mór nach dtabharfaidh an t-eintiteas rátála a thoiliú. |
(45) |
Chun críche na trédhearcachta, agus a gcuid rátálacha ceannasacha á bhfoilsiú acu, ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa míniú a thabhairt ina gcuid preaseisiúintí nó tuarascálacha ar na príomhthosca atá mar bhunús leis na rátálacha creidmheasa sin. Níor cheart, áfach, trédhearcacht rátálacha ceannasacha a bheith ina fianaise dhochloíte ar threocht beartas náisiúnta (eacnamaíoch, saothair nó eile). Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh na beartais sin a bheith ina dtosca le go bhféadfadh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa acmhainneacht creidmheasa eintitis cheannasacha nó a gcuid ionstraimí airgeadais a mheasúnú, agus cé go bhféadfaí iad a úsáid chun na príomhchúiseanna atá le rátáil cheannasach a mhíniú, níor cheart ceanglais ná moltaí díreacha nó follasacha ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa d’eintitis cheannasacha a cheadú maidir leis na beartais sin. Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa staonadh ó aon mholtaí díreacha nó follasacha beartais a thabhairt maidir le beartais eintiteas ceannasach. |
(46) |
Ba cheart go n-áiritheodh caighdeáin theicniúla maidir le hearnáil na seirbhísí airgeadais cosaint leordhóthanach taisceoirí, infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais. Ó tharla gur comhlacht a bhfuil ard-saineolas aige é ÚEUM, beart éifeachtúil iomchuí a bheadh ann ullmhú dréachtchaighdeán teicniúla rialúcháin agus cur chun feidhme nach mbaineann le roghanna beartais a chur de chúram air lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin. |
(47) |
Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialúcháin arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh maidir le hinneachar, minicíocht agus cur i láthair na faisnéise atá le soláthar ag eisitheoirí i leith ionstraimí struchtúrtha airgeadais, maidir le cur i láthair na faisnéise — lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus uainíocht na tuarascála — ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a nochtadh do ÚEUM i leith an ardáin rátála Eorpaigh agus inneachar agus fhormáid an tuairiscithe thréimhsiúil ar tháillí a ghearrann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun críocha mhaoirseacht leanúnach ÚEUM. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
(48) |
Ceadaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 rátálacha creidmheasa a eisíodh i dtríú tíortha a úsáid chun críocha rialúcháin más rud é gur gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá deimhnithe i gcomhréir leis an Rialachán sin nó atá formhuinithe ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe san Aontas i gcomhréir leis an Rialachán sin a d’eisigh iad. Chun deimhniú a fháil, caithfidh cinneadh coibhéise bheith glactha ag an gCoimisiún maidir le córas rialúcháin na tríú tíre le haghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus chun formhuiniú a fháil caithfidh iompar gníomhaireachta rátála creidmheasa na tríú tíre ceanglais a chomhlíonadh atá ar a laghad chomh dian céanna le rialacha ábhartha an Aontais. Níor cheart feidhm a bheith ag roinnt de na forálacha a tugadh isteach leis an Rialachán seo i gcás na measúnuithe coibhéise ná formhuinithe: Is amhlaidh atá i gcás na bhforálacha sin a chuireann oibleagáidí ar eisitheoirí ach nach gcuireann aon oibleagáid ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Sa bhreis air sin, maidir le forálacha a bhaineann le struchtúr an mhargaidh rátála creidmheasa laistigh den Aontas seachas le rialacha iompair do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhunú níor cheart iad a chur san áireamh sa chomhthéacs seo. Chun a dhóthain ama a thabhairt do thríú tíortha a gcreataí rialúcháin a athbhreithniú i bhfianaise na bhforálacha nua substainteacha, níor cheart feidhm a bheith ag an gceann deireanach acu sin ach chun críocha na measúnuithe coibhéise agus formhuinithe amhail ón 1 Meitheamh 2018. Ní mór a mheabhrú ina leith seo nach gá gurb ionann córas rialúcháin tríú tíre agus na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Amhail dá bhforáiltear cheana féin i Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, ba cheart gur leor go mbaineann amach córas rialúcháin na tríú tíre na cuspóirí céanna agus go mbíonn na torthaí céanna air le go bhféadfar a mheas go bhfuil sé coibhéiseach nó chomh dian céanna le córas rialúcháin an Aontais. |
(49) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon neamhspleáchas gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a athneartú, próisis agus modheolaíochtaí rátála creidmheasa fónta a chur chun cinn, maolú ar na rioscaí a bhaineann le rátálacha ceannasacha, maolú ar an mbaol go mbeidh rannpháirtithe an mhargaidh róspleách ar rátálacha creidmheasa, agus chun a áirithiú go mbeidh ceart chun cúitimh ag infheisteoirí, a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin gur fearr, de dhroim struchtúr uile-Eorpach agus thionchar uile-Eorpach na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa atá le maoirsiú, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. |
(50) |
Ba cheart don Choimisiún, faoi dheireadh 2013, tuarascáil a chur ar aghaidh le féachaint an bhféadfaí líonra gníomhaireachtaí beaga rátála creidmheasa a chruthú chun iomaíocht sa mhargadh a mhéadú. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh sa tuarascáil sin ar thacaíocht agus ar dhreasachtaí airgeadais agus neamhairgeadais an Aontais chun líonra den sórt sin a chruthú, agus aird á tabhairt ar na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht as an maoiniú poiblí sin. |
(51) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (14) agus ghlac sé tuairim (15). |
(52) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Ábhar Tugtar isteach leis an Rialachán seo cur chuige rialúcháin coiteann chun feabhas a chur ar shláine, ar thrédhearcacht, ar fhreagracht, ar dhea-rialachas agus ar neamhspleáchas gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, lena gcuirfear le cáilíocht na rátálacha creidmheasa a eisítear san Aontas agus le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus infheisteoirí á bhaint amach. Leagtar síos leis coinníollacha maidir le heisiúint rátálacha creidmheasa agus rialacha maidir le heagrú agus iompar gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, a scairshealbhóirí agus a gcomhaltaí san áireamh, chun neamhspleáchas na ngníomhaireachtaí sin a chur chun cinn, chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí. Ina theannta sin leagtar síos leis oibleagáidí d’eisitheoirí, do thionscnóirí, agus d’urraitheoirí atá bunaithe san Aontas i leith ionstraimí airgeadais struchtúrtha.”; |
(2) |
in Airteagal 2(1), Airteagal 3(1)(m), Airteagal 4(2), Airteagal 4(3), an chuid réamhráiteach, Airteagal 4(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír, Airteagal 5(1), an chuid réamhráiteach, Airteagal 14(1), agus Iarscríbhinn II, pointe (1) cuirtear “Aontas” in ionad “Chomhphobal”; |
(3) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:
|
(5) |
leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:
|
(6) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach i dTeideal I: “Airteagal 5a Róspleáchas ar rátálacha creidmheasa ag institiúidí airgeadais 1. Déanfaidh institiúidí creidmheasa dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) a measúnú féin ar riosca creidmheasa agus ní bheidh siad tuilleamaíoch hiomlán ná go meicníoch ar rátálacha creidmheasa chun acmhainneacht creidmheasa eintitis nó ionstraime airgeadais a mheasúnú. 2. Maidir le húdaráis inniúla earnála a bhfuil sé de chúram orthu maoirsiú a dhéanamh ar na heintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1), agus aird á tabhairt ar chineál, ar scála agus ar chastacht ghníomhaíochtaí na ngnóthas sin, déanfaidh siad faireachán ar leordhóthanacht a bpróisis mheasúnaithe riosca creidmheasa agus measúnú ar úsáid tagairtí conartha do rátálacha creidmheasa agus, i gcás inarb iomchuí, iad a spreagadh chun tionchar na dtagairtí sin a mhaolú, d’fhonn spleáchas aonair agus meicníoch ar rátálacha creidmheasa a laghdú, ar comhréir le reachtaíocht earnála shonrach. Airteagal 5b Spleáchas na nÚdarás Maoirseachta Eorpach agus Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach ar rátálacha creidmheasa 1. Ní dhéanfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme) (ÚEÁPG) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) ná ÚEUM tagairt do rátálacha creidmheasa ina gcuid treoirlínte, moltaí ná dréachtchaighdeán teicniúil i gcás ina bhféadfadh tagairtí den sórt sin bheith ina n-údar le spleáchas aonair nó le spleáchas meicníoch ar rátálacha creidmheasa ó na húdaráis inniúla, na húdaráis inniúla earnála nó na heintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) nó rannpháirtithe eile sa mhargadh airgeadais. Dá réir sin, faoin 31 Nollaig 2013, déanfaidh ÚBE, ÚÁPGE agus ÚEUM, athbhreithniú ar na tagairtí uile den sórt sin do rátálacha creidmheasa sna treoirlínte agus sna moltaí atá ann agus, nuair is ábhartha, ar bhonn cás ar chás, bainfidh siad iad. 2. Maidir leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (24), ní dhéanfaidh sé tagairt do rátálacha creidmheasa ina gcuid rabhadh ná moltaí i gcás ina bhféadfadh tagairtí den sórt sin bheith ina n-údar le spleáchas aonair nó le spleáchas meicníoch ar rátálacha creidmheasa. Airteagal 5c Róspleáchas ar rátálacha creidmheasa i ndlí an Aontais Gan dochar dá cheart tionscnaimh, leanfaidh an Coimisiún d’athbhreithniú a dhéanamh an amhlaidh go bhfuil tagairtí do rátálacha creidmheasa i ndlí an Aontais ina n-údar nó an amhlaidh go bhféadfadh siad a bheith ina n-údar le spleáchas aonair nó le spleáchas meicníoch ar rátálacha creidmheasa ag na húdaráis inniúla, ag na húdaráis inniúla earnála, ag na heintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) nó ag rannpháirtithe eile sa mhargadh chun go ndéanfaí forálacha dhlí an Aontais lena n-éilítear nó lena gceadaítear úsáid nó eisiúint rátálacha creidmheasa chun críocha rialúcháin a scriosadh faoin 1 Eanáir 2020, ar choinníoll gur sainaithníodh malairtí iomchuí ar mheasúnú ar riosca creidmheasa agus gur cuireadh chun feidhme iad. |
(7) |
leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:
|
(8) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 6a Coinbhleachtaí leasa a bhaineann le hinfheistíochtaí i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa 1. Aon scairshealbhóir nó comhalta de ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag a bhfuil ar a laghad 5 % de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin nó de chuid cuideachta ag a bhfuil an chumhacht rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa cláraithe beidh sé faoi thoirmeasc:
Níl feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír maidir le sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, lena n-áirítear cistí bainistithe amhail cistí pinsin nó árachas saoil, ar choinníoll nach bhfágann na sealúchais i scéimeanna den sórt sin go bhfuil sé ar a chumas mórthionchar a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na scéimeanna sin. 2. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le hinfheistíochtaí i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile a bhaineann leis an ngrúpa céanna gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Airteagal 6b Uasfhad an chaidrimh chonartha le gníomhaireacht rátála creidmheasa 1. I gcás ina dtéann gníomhaireacht rátála creidmheasa i gconradh maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán, ní eiseoidh sí aon rátálacha creidmheasa i leith ath-urrúsúchán nua a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre bliana. 2. I gcás ina dtéann gníomhaireacht rátála creidmheasa i gconradh maidir le hath-urrúsúcháin a rátáil, iarrfaidh sé ar an eisitheoir an méid seo a leanas a dhéanamh:
I gcás ina rátálann ceithre ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar a laghad níos mó ná 10 % an ceann de líon iomlán na n-ath-urrúsúchán rátáilte gan íoc, ní bheidh feidhm ag na teorainneacha atá leagtha amach i mír 1. Beidh feidhm ag an díolúine a leagtar amach sa dara fomhír go dtí go rachaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa i gconradh nua ar a laghad maidir le hath-urrúsúcháin rátála a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna. Más rud é nach gcomhlíontar na critéir a leagtar amach sa dara na fomhíre seo nuair a dhéantar an conradh sin, déanfar an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ó dháta a chuathas sa chonradh nua. 3. Ó dháta éaga conartha de bhun mhír 1, ní rachaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa i gconradh nua chun rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna ar feadh tréimhse ar comhfhad le fad an chonartha atá imithe in éag ach nach faide ná ceithre bliana. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas freisin:
4. D’ainneoin mhír 1, i gcás ina n-eisítear rátáil chreidmheasa ath-urrúsúcháin roimh dheireadh thréimhse uasta an chaidrimh chonartha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa leanúint d’fhaireachán agus de nuashonrú a dhéanamh ar na rátálacha creidmheasa sin, arna n-iarraidh, ar feadh fhad tréimhse an ath-urrúsúcháin. 5. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhfuil baint ag níos lú ná 50 fostaí ar leibhéal grúpa le foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, ná le láimhdeachas bliantúil de níos lú ná EUR 10 milliún ar leibhéal grúpa. 6. I gcás ina dtéann gníomhaireacht rátála creidmheasa i gconradh chun rátálacha creidmheasa i leith ath-urrúsúchán a eisiúint roimh an 20 Meitheamh 2013, déanfar an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ón dáta sin.”; |
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(5): “5. Ní bheidh cúiteamh ná meastóireacht feidhmíochta na bhfostaithe a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa nó leis na tuartha rátála agus na ndaoine a dhéanann na rátálacha creidmheasa nó na tuartha rátála a fhormheas ag brath ar an méid ioncaim a fhaigheann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ó na heintitis rátáilte nó ó na tríú páirtithe gaolmhara.”; |
(10) |
leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:
|
(11) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 8a Rátálacha ceannasacha 1. Déanfar rátálacha ceannasacha a eisiúint ar mhodh a áirithíonn go ndearnadh anailís ar shainiúlacht aonair Ballstáit áirithe. Beidh sé toirmiscthe ráiteas a dhéanamh ina bhfógrófar athbhreithniú ar ghrúpa áirithe tíortha mura mbeidh tuarascálacha tíre aonair ag gabháil leis. Cuirfear tuarascálacha den sórt sin ar fáil go poiblí. 2. Ní bheidh teachtaireachtaí poiblí seachas rátálacha creidmheasa, tuartha rátála ná na preaseisiúintí nó tuarascálacha a ghabhann leo amhail dá dtagraítear i bpointe 5 de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I a bhaineann le hathruithe ionchasacha ar rátálacha ceannasacha bunaithe ar fhaisnéis atá i réimse an eintitis rátáilte a nochtadh gan toiliú an eintitis rátáilte, mura rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil ó fhoinsí ginearálta inrochtana nó mura rud é nach bhfuil aon chúiseanna dlisteanacha ag an eintiteas rátáilte sin gan a thoiliú a thabhairt maidir le nochtadh na faisnéise. 3. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa, agus an dara fomhír d’Airteagal 8(5) á cur san áireamh, féilire a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid ÚEUM ar bhonn bliantúil i gcomhréir le pointe 3, de Chuid III, de Roinn D d’Iarscríbhinn I, ag deireadh mhí na Nollag don 12 mhí ina dhiaidh sin, lena leagfar síos trí dháta ar a uasmhéid maidir le foilsiú rátálacha ceannasacha gan iarraidh agus tuartha gaolmhara agus lena leagfar síos dátaí maidir le rátálacha ceannasacha gan iarraidh agus tuartha gaolmhara. An Aoine a bheidh sna dátaí sin. 4. Ní fhéadfadh foilsiú rátálacha ceannasacha nó tuar rátála gaolmhar imeacht ón bhféilire ach amháin nuair is gá don ghníomhaireacht rátála creidmheasa a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 8(2), Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1) agus beidh míniú mionsonraithe faoi na cúiseanna leis an imeacht ón bhféilire fógartha ag gabháil leo. Airteagal 8b Faisnéis faoi ionstraimí airgeadais struchtúraithe 1. Foilseoidh eisitheoir, tionscnóir agus urraitheoir na hionstraime struchtúraithe airgeadais arna bunú san Aontas i gcomhpháirt, ar an láithreán gréasáin arna chur ar bun ag ÚEUM de bhun mhír 4, faisnéis faoi cháilíocht chreidmheasa agus faoi fheidhmíocht bhunsócmhainní na hionstraime struchtúraithe airgeadais, struchtúr na hidirghabhála urrúsaithe, na sreafaí airgid agus aon chomhthaobhacht a thacaíonn le nochtadh urrúsaithe mar aon le haon fhaisnéis is gá chun tástálacha struis cuimsitheacha eolasacha a dhéanamh ar na sreafaí airgid agus ar na luachanna comhthaobhacha a thacaíonn leis na bun-neamhchosaintí. 2. Ní chuimseoidh an oibleagáid faoi mhír 1 maidir le faisnéis a fhoilsiú foilsiú na faisnéise sin a sháródh dlí náisiúnta nó Aontais lena rialaítear cosaint rúndacht na bhfoinsí faisnéise nó próiseáil sonraí pearsanta. 3. Forbróidh ÚEUM dréacht-chaighdeáin theicniúla rialúcháin chun an méid seo a leanas a shonrú:
Cuirfidh ÚEUM na dréacht-chaighdeáin theicniúla rialúcháin sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Meitheamh 2014. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 4. Bunóidh ÚEUM láithreán gréasáin chun an fhaisnéis maidir le hionstraimí airgeadais struchtúraithe a fhoilsiú amhail dá dtagraítear i mír 1. Airteagal 8c Rátáil dhúbailte chreidmheasa na n-ionstraimí airgeadais struchtúraithe 1. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar rátáil chreidmheasa ionstraime airgeadais struchtúraithe a iarraidh, déanfaidh siad dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar a laghad a cheapadh chun rátálacha creidmheasa a sholáthar go neamhspleách ar a chéile. 2. Déanfaidh an t-eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa arna gceapadh na coinníollacha seo a leanas:
Airteagal 8d Ilghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a úsáid 1. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar laghad a cheapadh do rátáil chreidmheasa na heisiúna nó an eintitis chéanna, déanfaidh an t-eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar breithniú i ndáil le gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin ar a laghad nach bhfuil níos mó ná 10 % de sciar iomlán an mhargaidh aici a cheapadh agus ar féidir leis an eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar meastóireacht a dhéanamh uirthi á rá go bhfuil sí in ann an eisiúint nó an t-eintiteas ábhartha a rátáil, ar choinníoll go bhfuil, bunaithe ar liosta ÚEUM a luaitear i mír 2, gníomhaireacht rátála creidmheasa ar fáil chun an eisiúint nó an t-eintiteas sonrach sin a rátáil. Sa chás nach gceapann an t-eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin ar a laghad nach bhfuil níos mó ná 10 % de sciar iomlán an mhargaidh aici, déanfar é a dhoiciméadú. 2. D’fhonn an mheastóireacht ag an eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar faoi mhír 1 a éascú, déanfaidh ÚEUM liosta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa cláraithe a fhoilsiú ar a láithreán idirlín go bliantúil, ar a léireofar a sciar iomlán den mhargadh agus na cineálacha rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint, agus ar féidir leis an eisitheoir a úsáid mar phointe tosaigh sa mheastóireacht. 3. Chun críocha an Airteagail seo, déanfar sciar iomlán den mhargadh a thomhas faoi threoir an láimhdeachais bhliantúil arna ghiniúint ó ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa agus ó sheirbhísí coimhdeacha, ar leibhéal an ghrúpa.”; |
(12) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2: “1. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa, ar bhonn neamhroghnach agus go tráthúil, aon rátáil chreidmheasa nó tuar rátála, chomh maith le haon chinneadh rátáil chreidmheasa a tharraingt siar, a nochtadh. I gcás ina ndéanfar cinneadh rátáil chreidmheasa a tharraingt siar, beidh na cúiseanna ar fad leis an gcinneadh sin san áireamh san fhaisnéis a nochtfar. Beidh feidhm freisin ag an gcéad fhomhír i leith rátálacha creidmheasa a scaiptear trí shuibscríbhinn. 2. Áiritheoidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa go ndéanfar rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a thíolacadh agus a phróiseáil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn D d’Iarscríbhinn I agus ní thíolacfaidh siad tosca seachas na cinn sin a bhaineann leis na rátálacha creidmheasa. 2a. Go dtí go nochtar don mhargadh iad, féachfar ar rátálacha creidmheasa, tuartha rátála agus an fhaisnéis a bhaineann leo mar fhaisnéis ón taobh istigh mar a shainmhínítear i dTreoir 2003/6/CE agus i gcomhréir leis an Treoir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 6(3) den Treoir sin, go háirithe, mutatis mutandis maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chomh fada agus a bhaineann lena ndualgas rúndachta, lena n-oibleagáid liosta daoine a choimeád ag a mbíonn rochtain ar a rátáil chreidmheasa, tuartha rátála nó faisnéis ghaolmhar sula ndéantar nochtadh. Déanfar liosta na ndaoine a gcuirfear an rátáil chreidmheasa in iúl dóibh sula nochtfar í a theorannú chuig daoine arna n-ainmniú ag gach eintiteas rátáilte chun na críche sin.”; |
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d’Airteagal 10(5): “5. I gcás go n-eisíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa gan iarraidh, luafaidh sé go suntasach sa rátáil chreidmheasa, ag úsáid cód dathanna difriúil atá in-idirdhealaithe go soiléir don chatagóir rátála, ar ghlac an t-eintiteas rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar páirt sa phróiseas rátála creidmheasa agus an raibh rochtain ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa ar na cuntais, ar an mbainistíocht agus ar dhoiciméid ábhartha inmheánacha eile a bhain leis an eintiteas rátáilte nó le tríú páirtí gaolmhar.”; |
(14) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(2): “2. Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe nó atá deimhnithe faisnéis maidir lena gcuid sonraí feidhmíochta stairiúla, lena n-áirítear minicíocht aistrithe rátálacha, agus faisnéis maidir le rátálacha creidmheasa a eisíodh san am a caitheadh agus maidir le hathruithe orthu ar fáil i stór lárnach arna bunú ag ÚEUM. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa den sórt sin faisnéis a chur ar fáil don stór sin ar fhoirm chaighdeánaithe dá bhforálann ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal agus foilseoidh sé faisnéis achomair ar na príomhfhorbairtí a tugadh faoi deara ar bhonn bliantúil.”; |
(15) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 11a Ardán rátála Eorpach 1. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe nó atá deimhnithe, agus rátáil chreidmheasa á heisiúint nó tuar rátála á eisiúint aici, faisnéis rátála a chur faoi bhráid ÚEUM, lena n-áirítear rátáil chreidmheasa agus tuar rátála na hionstraime rátáilte, faisnéis faoin gcineál rátála, faoin gcineál gníomhaíochta rátála creidmheasa agus faoi dháta agus uair an fhoilsithe. 2. Foilseoidh ÚEUM ar láithreán gréasáin na rátálacha aonair creidmheasa arna gcuireadh faoina bhráid de bhun mhír 1 (‘ardán rátála Eorpach’). Déanfar an stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a ionchorprú san ardán rátála Eorpach. 3. Ní bheidh an tAirteagal seo infheidhme maidir le rátálacha creidmheasa nó tuartha rátála a thairgtear agus a nochtar go heisiach d’infheisteoirí ar a ngearrtar táille.”; |
(16) |
in Airteagal 14(3) cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas: “Gan dochar don dara fomhír, tabharfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa fógra do ÚEUM i leith na n-athruithe ábhartha atá beartaithe a dhéanamh ar na modheolaíochtaí rátála, na samhlacha rátála nó na príomhbhoinn tuisceana rátála nó i leith na modheolaíochtaí rátála, na samhlacha rátála nó na príomhbhoinn tuisceana rátála molta nua nuair a fhoilseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na hathruithe molta nó na modheolaíochtaí rátála molta nua ar a shuíomh idirlín i gcomhréir le hAirteagal 8(5a). I ndiaidh don tréimhse comhairliúcháin dul in éag tabharfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa fógra do ÚEUM i leith aon athruithe a rinneadh de bharr an chomhairliúcháin.”; |
(17) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(2): “2. Cuirfidh ÚEUM in iúl don Choimisiún, do ÚBE, do ÚÁPGE, do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis inniúla earnála, aon chinneadh a dhéanfar faoi Airteagal 16, Airteagal 17 nó Airteagal 20.”; |
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(1): “1. Gearrfaidh ÚEUM táille ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an rialachán ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2. Cumhdófar leis an táille sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le clárúchán, deimhniúchán agus maoirseacht gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus aisíocaíocht aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus obair á dhéanamh acu de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 30.”; |
(19) |
leasaítear Airteagal 21 mar seo a leanas:
|
(20) |
in Airteagal 22a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas modheolaíochta”; |
(21) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25a: “Airteagal 25a Na húdaráis inniúla earnála atá freagrach as Airteagal 4(1), agus as Airteagal 5a, Airteagal 8b, Airteagal 8c agus Airteagal 8d a mhaoirsiú agus a fhorghníomhú. Beidh na húdaráis inniúla earnála freagrach as Airteagal 4(1), Airteagal 5a, Airteagal 8b, Airteagal 8c agus Airteagal 8d a mhaoirsiú agus a fhorghníomhú i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha earnála.”; |
(22) |
cuirtear isteach an Teideal seo a leanas: “TEIDEAL IIIa DLITEANAS SIBHIALTA NA nGNÍOMHAIREACHTAÍ RÁTÁLA CREIDMHEASA Airteagal 35a Dliteanas sibhialta 1. I gcás ina bhfuil sárú déanta ag gníomhaireacht rátála creidmheasa d’aon ghnó nó de dheasca mórfhaillí ar sárú é atá liostaithe in Iarscríbhinn III agus a mbeidh tionchar aige ar rátáil chreidmheasa, féadfaidh infheisteoir nó eisitheoir damáistí a éileamh ón ngníomhaireacht rátála creidmheasa sin as aon damáiste a ndearnadh dóibh de bharr an tsáraithe sin. Féadfaidh infheisteoir damáistí a éileamh faoin Airteagal seo i gcás go suíonn sé gur bhrath sé le réasún, i gcomhréir le hAirteagal 5a(1), nó ar shlí eile le haird chuí, ar rátáil chreidmheasa chun cinneadh a dhéanamh i leith infheistiú in ionstraim airgeadais atá clúdaithe ag an rátáil chreidmheasa sin, nó i leith an ionstraim airgeadais sin a choinneáil nó dífheistiú uaithi. Féadfaidh eisitheoir damáistí a éileamh faoin Airteagal seo i gcás go suíonn sé go bhfuil sé féin nó a ionstraimí airgeadais clúdaithe ag an rátáil chreidmheasa sin agus nach faisnéis mhíthreorach agus mhíchruinn ba chúis leis an sárú, ar faisnéis í a chuir an t-eisitheoir ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, go díreach nó go hindíreach nó trí fhaisnéis atá ar fáil go poiblí. 2. Beidh freagracht ar an infheisteoir nó ar an eisitheoir faisnéis chruinn agus mhionsonraithe a chur ar aghaidh ag léiriú go ndearna an ghníomhaireacht rátála creidmheasa sárú ar an Rialachán seo agus go raibh tionchar ag an sárú sin ar an rátáil chreidmheasa a eisíodh. Déanfaidh an chúirt náisiúnta inniúil measúnú ar cad is faisnéis chruinn agus mhionsonraithe ann, ag cur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain ag an infheisteoir ná ag an eisitheoir ar fhaisnéis atá ar fáil laistigh de réimse na gníomhaireachta rátála creidmheasa amháin. 3. Ní fhéadfar dliteanas sibhialta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, amhail dá dtagraítear i mír 1 a theorannú roimh ré ach amháin sa chás ina bhfuil:
Maidir le haon teorainn ar dhliteanas sibhialta nach gcomhlíonfaidh an chéad fhomhír, nó maidir le heisiamh aon dliteanais shibhialta, ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil aige. 4. Déanfar téarmaí amhail ‘damáiste’, ‘intinn dhlíthiúil’, ‘mórfhaillí’, ‘i dtuilleamaí go réasúnach’, ‘aird chuí’, ‘tionchar’, ‘réasúnta’ agus ‘comhréireacht’ dá dtagraítear san Airteagal seo ach nach sainmhínítear a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme arna chinneadh le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh. Maidir le ceisteanna a bhaineann le dliteanas sibhialta gníomhaireachta rátála creidmheasa nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo, déanfar iad a rialú faoi réir an dlí náisiúnta is infheidhme, arna chinneadh le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh. Is le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a chinnfear cén chúirt atá inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le héileamh i leith dliteanais shibhialta arna dhéanamh ag infheisteoir nó ag eisitheoir. 5. Ní eisiafar leis an Airteagal seo éilimh bhreise maidir le dliteanas sibhialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. 6. Ní choiscfidh an ceart chun sásaimh a leagtar amach san Airteagal seo ar ÚEUM a chumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 36a a fheidhmiú go hiomlán.”; |
(23) |
in Airteagal 36a(2), leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:
|
(24) |
leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:
|
(25) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39a: “Airteagal 39a Foireann agus acmhainní ÚEUM Faoin 21 Meitheamh 2014, déanfaidh ÚEUM measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as glacadh a chumhachtaí agus a dhualgas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.”; |
(26) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 39b Oibleagáidí maidir le tuairisciú 1. Faoin 31 Nollaig 2015, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle ar an méid seo a leanas:
chun go ndéanfaí na tagairtí do rátálacha creidmheasa i ndlí an Aontais a scriosadh faoin 1 Eanáir 2020 chun críocha rialúcháin, ar choinníoll go ndéantar malairtí iomchuí don mheasúnú riosca creidmheasa a shainaithint agus a chur chun feidhme. Cuirfidh ÚEUM comhairle theicniúil ar fáil don Choimisiún faoi chuimsiú na míre seo. 2. Agus staid an mhargaidh á cur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2014, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle maidir leis an oiriúnacht do mheasúnú acmhainneacht creidmheasa Eorpach i gcomhair fiachais cheannasaigh. Agus torthaí na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus staid an mhargaidh á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2016, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hoiriúnacht agus le hindéantacht gníomhaireacht rátála creidmheasa Eorpach a bhunú a bheadh tiomnaithe d’acmhainneacht creidmheasa fhiachas ceannasach na mBallstát a mheasúnú agus/nó foras rátála creidmheasa Eorpach a bhunú do na rátálacha creidmheasa uile eile. 3. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2013, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hindéantacht líonra gníomhaireachtaí beaga rátála creidmheasa a chruthú chun iomaíocht sa mhargadh a mhéadú. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar thacaíocht airgeadais agus neamhairgeadais chun líonra den sórt sin a chruthú, agus na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht as an maoiniú poiblí sin á gcur san áireamh. I bhfianaise thorthaí na tuarascála sin agus tar éis comhairle theicniúil ÚEUM a fháil, féadfaidh an Coimisiún athmheastóireacht a dhéanamh agus a mholadh go leasófaí Airteagal 8d.”; |
(27) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(28) |
leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
D’ainneoin na chéad fhomhíre
(1) |
beidh feidhm ag pointe 7(a), pointe 9 agus pointe 10, pointe 11 maidir le hAirteagal 8d de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus ag pointe 12 agus pointe 27 d’Airteagal 1 den Rialachán seo ón 1 Meitheamh 2018 chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear:
|
(2) |
beidh feidhm ag pointe 8 d’Airteagal 1 den Rialachán seo maidir le hAirteagal 6a(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, ón 21 Meitheamh 2014, i ndáil le haon scairshealbhóir nó comhalta de ghníomhaireacht rátála creidmheasa a raibh 5 % nó níos mó de chaipiteal gníomhaireachta creidmheasa amháin nó níos mó ina sheilbh aige an 15 Samhain 2011; |
(3) |
beidh feidhm ag pointe 15 d’Airteagal 1 ón 21 Meitheamh 2015. |
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Bealtaine 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. CREIGHTON
(1) IO C 167, 13.6.2012, lch. 2.
(2) IO C 181, 21.6.2012, lch. 68.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) angus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013.
(4) IO L 302, 17.11.2009, lch. 1.
(5) IO L 145, 31.5.2011, lch. 30.
(6) IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.
(7) IO C 380 E, 11.12.2012, lch. 24.
(8) IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.
(9) IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.
(10) IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.
(11) IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.
(12) IO L 177, 30.6.2006, lch. 201.
(13) IO L 96, 12.4.2003, lch. 16.
(14) IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.
(15) IO C 139, 15.5.2012, lch. 6.
(16) IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.
(17) IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.
(18) IO L 174, 1.7.2011, lch. 1.
(19) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.”;
(20) IO L 309, 25.11.2005, lch. 15.”;
(21) IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.”;
(22) IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.
(23) IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.
(24) IO L 331, 15.12.2010, lch. 1.”;
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Roinn C mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn D: “Rialacha maidir le rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a thabhairt ar aird”; |
(4) |
leasaítear Cuid I de Roinn D mar a leanas:
|
(5) |
scriostar pointe 3 agus pointe 4 de Chuid II de Roinn D; |
(6) |
i Roinn D, cuirtear isteach an Chuid seo a leanas: “III. Breisoibleagáidí i ndáil le rátálacha ceannasacha
|
(7) |
i gCuid I de Roinn E, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
|
(8) |
sa chéad fhomhír de phointe 2 de Chuid II de Roinn E, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(9) |
leasaítear Cuid III de Roinn E mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Roinn I mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Roinn II mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Roinn III mar a leanas:
|