9.2.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/30


RIALACHÁN (AE) Uimh. 100/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a glacadh mar fhreagairt ar theagmhas tancaeir ola “Erika”, bunaíodh Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (an “Ghníomhaireacht”) chun leibhéal ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach sábháilteachta muirí agus coisc ar thruailliú ó longa a áirithiú.

(2)

Tar éis theagmhas an tancaeir ola “Prestige” in 2002, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a mhodhnú chun tuilleadh cúraimí a thabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le freagairt do thruailliú.

(3)

Is gá a shoiléiriú céard iad na cineálacha truaillithe mara a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002. Mar sin, ba cheart truailliú mara ar suiteálacha ola agus gáis is cúis léi a thuiscint mar thruailliú d’ola nó d’aon substaint eile nach ola í, ar substaint í, má thugtar isteach sa chomhshaol mara í, gur dócha go gcruthófaí léi guaiseacha do shláinte an duine, dochar a dhéanamh d’acmhainní beo agus do bheathra na mara, dochar a dhéanamh do shaoráidí nó cur isteach ar úsáidí dleathacha eile a bhaint as an muir, mar atá bunaithe ag an bPrótacal um Ullmhacht, Freagracht agus Comhar maidir le Teagmhais Truaillithe de dheasca Substaintí Guaiseacha agus Díobhálacha, 2000.

(4)

Ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, rinne Bord Riaracháin na Gníomhaireachta (an “Bord Riaracháin”) meastóireacht sheachtrach neamhspleách ar chur chun feidhme an Rialacháin sin a choimisiúnú in 2007. Bunaithe ar an meastóireacht sin, d’eisigh sé moltaí i mí an Mheithimh 2008 maidir le hathruithe ar fheidhmiú na Gníomhaireachta, ar a réimsí inniúlachta agus ar a cleachtais oibre.

(5)

Bunaithe ar thoradh na meastóireachta seachtraí, ar na moltaí, agus ar an straitéis ilbhliantúil, ar straitéis í a ghlac an Bord Riaracháin i mí an Mhárta 2010, ba cheart roinnt forálacha de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a shoiléiriú agus a uasdátú. Le linn don Ghníomhaireacht díriú isteach ar a cuid cúraimí tosaíochta i réimse na sábháilteachta muirí, ba cheart roinnt croíchúraimí nua agus roinnt cúraimí coimhdeacha nua a chur uirthi a léiríonn an fhorbairt sa bheartas sábháilteachta muirí ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. I bhfianaise na laincisí buiséadacha atá i ndán don Aontas, tá gá le hiarrachtaí as cuimse scagtha agus ath-imlonnaithe chun éifeachtúlacht costais agus buiséid a ráthú agus chun aon fhorluí eatarthu a sheachaint. Ba cheart go bhféadfaí an fhoireann is gá le haghaidh na gcroíchúraimí nua agus na gcúraimí nua coimhdeacha a fháil, mar phrionsabal, trí ath-imlonnú inmheánach ag an nGníomhaireacht. Ag an am céanna, ba cheart go bhfaigheadh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, maoiniú ó chodanna eile de bhuiséad an Aontais, go háirithe ó ionstraim Beartais Chomharsanachta na hEorpa. Cuirfidh an Ghníomhaireacht aon chroíchúraimí nua agus aon chúraimí nua coimhdeacha i gcrích laistigh de theorainneacha na Peirspictíochta Airgeadais reatha agus laistigh de theorainneacha bhuiséad na Gníomhaireachta, gan dochar don chaibidlíocht agus do na cinntí a dhéanfar ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo. Ós rud é nach cinneadh maoinithe é an Rialachán seo, ba cheart don Údarás Buiséadach cinneadh a dhéanamh ar acmhainní don Ghníomhaireacht faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(6)

Ba cheart go ndéanfaí cur síos soiléir agus beacht ar chúraimí na Gníomhaireachta, agus ba cheart aon dúbailt cúraimí a sheachaint.

(7)

Tá sé léirithe ag an nGníomhaireacht gur féidir cúraimí áirithe a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla ar leibhéal na hEorpa, lena bhféadfaí, i gcásanna áirithe, coigilt a dhéanamh ar bhuiséid náisiúnta na mBallstát agus, i gcás ina léireofaí í, breisluach iarbhír Eorpach a sholáthar.

(8)

Ba cheart roinnt forálacha maidir le gnéithe sonracha de rialachas na Gníomhaireachta a shoiléiriú. Agus an fhreagracht ar leith atá ar an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais atá cumhdaithe leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á cur san áireamh, ba cheart don Choimisiún treoir bheartais a thabhairt don Ghníomhaireacht i gcomhlíonadh a cúraimí agus ag an am céanna stádas dlíthiúil na Gníomhaireachta agus neamhspleáchas a Stiúrthóra Feidhmiúcháin a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a urramú go hiomlán.

(9)

Agus comhaltaí an Bhoird Riaracháin á gceapadh, agus Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Riaracháin á dtoghadh, agus Cinn Roinne á gceapadh, ba cheart a chur san áireamh go hiomlán a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom inscne a áirithiú.

(10)

Aon tagairt do ghníomhartha ábhartha dlí de chuid an Aontais, ba cheart go dtuigfí gur tagairt í do ghníomhartha i réimse na sábháilteachta muirí, mar aon le réimse na slándála muirí, réimse an choisc ar thruailliú ó longa agus na freagartha ar an truailliú sin, agus réimse na freagartha ar thruailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola.

(11)

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh sé le tuiscint le “slándáil mhuirí” – i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (4) – gurb é atá i gceist na bearta coisctheacha comhcheangailte atá ceaptha le saoráidí loingseoireachta agus calafoirt a chosaint ar bhagairtí ó ghníomhartha neamhdhleathacha a dhéanfaí d’aon turas. Ba cheart an cuspóir slándála a bhaint amach trí bhearta iomchuí a ghlacadh i réimse an bheartais mhuiriompair gan dochar do rialacha na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, na cosanta náisiúnta agus na slándála poiblí náisiúnta, agus sa réimse maidir le coireanna airgeadais i gcoinne an Stáit a chomhrac.

(12)

Ba cheart don Ghníomhaireacht gníomhú chun leasanna an Aontais. Ba cheart a áireamh leis sin cás ina gcuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht gníomhú lasmuigh de chríoch na mBallstát ina réimsí inniúlachta agus cúnamh teicniúil a sholáthar do thríú tíortha, agus beartas sábháilteachta muirí an Aontais á chur chun cinn.

(13)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil a thabhairt do na Ballstáit agus ba cheart go bhféadfaí leis sin an acmhainneacht náisiúnta is gá a bhunú d’fhonn acquis an Aontais a chur chun feidhme.

(14)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún. Ba cheart seirbhísí amhail Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí, (SafeSeaNet), Seirbhís faireachán satailíte Eorpach Ola (CleanSeaNet), Lárionad Sonraí maidir le hAithint agus Rianú Fadraoin Long an AE (Lárionad Sonraí LRIT AE) agus bunachar sonraí AE chun Rialú ag Stát an Chalafoirt a chur chun feidhme (Thetis) a áireamh leis sin.

(15)

Ba cheart saineolas na Gníomhaireachta i dtarchur sonraí leictreonacha agus i gcórais malartaithe faisnéise mhuiriompair a úsáid chun foirmiúlachtaí tuairiscithe a shimpliú do longa d’fhonn bacainní ar mhuiriompar a dhíchur agus d’fhonn Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a bhunú. Go háirithe, ba cheart don Ghníomhaireacht tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit agus Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát á cur chun feidhme (5).

(16)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a cúnamh don Choimisiún a fheabhsú maidir le gníomhaíochtaí taighde a bhaineann lena réimsí inniúlachta. Ba cheart a sheachaint, áfach, go ndéanfaí dúbláil i dtaca leis an obair a dhéantar faoi chlár réime taighde an Aontais atá ann cheana. Go háirithe, níor cheart don Ghníomhaireacht a bheith i bhfeighil ar bhainistiú tionscadal taighde.

(17)

I bhfianaise go bhfuil feidhmchláir agus seirbhísí nua nuálacha á bhforbairt agus go bhfuil na feidhmchláir agus seirbhísí atá cheana ann á bhfeabhsú agus d’fhonn Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a chur chun feidhme, ba cheart don Ghníomhaireacht lán-úsáid a bhaint as an bhféidearthacht atá á cur ar fáil ag na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Gailileo) agus ag an gclár um Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES).

(18)

Ar dhul in éag do chreat an Aontais um chomhar i réimse an truaillithe mara de thaisme nó d’aon ghnó a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 2850/2000/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chuid de na gníomhaíochtaí a dhéantaí roimhe sin faoin gcreat sin, go háirithe trí leas a bhaint as saineolas an Ghrúpa Theicniúil Comhairliúcháin um Ullmhacht agus Fhreagairt i gcás Truaillithe Mara. Níor cheart, le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta sa réimse sin, na Stáit chósta a scaoileadh óna ndualgas maidir le sásraí iomchuí a chur ar bun chun freagairt don truailliú agus ba cheart, leis na gníomhaíochtaí sin, na socruithe comhair atá ann idir na Ballstáit nó idir grúpaí Ballstát a urramú.

(19)

Arna iarraidh sin, tugann an Ghníomhaireacht faisnéis mhionsonraithe do na Ballstáit faoi chásanna ionchasacha truaillithe ó longa trí CleanSeaNet ionas go mbeidh ar chumas na mBallstát a gcuid freagrachtaí faoi Threoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (7) a chomhlíonadh. Tá éagsúlacht mhór, áfach, in éifeachtacht an fhorfheidhmithe in ainneoin go bhféadfadh sé gur in uiscí náisiúnta eile a chríochnódh truailliú den sórt sin. Ina chéad tuarascáil eile faoi Airteagal 12 den Treoir sin, ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin faisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le héifeachtacht agus le comhsheasmhacht fhorfheidhmiú na Treorach sin agus ba cheart dó faisnéis ábhartha eile maidir lena chur i bhfeidhm a chur ar fáil freisin.

(20)

Ba cheart go rachadh iarrataí ó Bhallstáit lena mbaineann go ndéanfadh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí frith-thruaillithe trí Shásra an AE um Chosaint Shibhialta arna bunú le Cinneadh 2007/779/CE, Euratom ón gComhairle (8). D’fhéadfadh an Coimisiún áfach a mheas, i gcásanna seachas iad sin ina mbeadh iarrataí á gcur isteach go ndéanfaí longa cúltaca frith-thruaillithe agus trealamh cúltaca frith-thruaillithe a shlógadh, go bhféadfadh sé go mbeadh meáin eile cumarsáide ina mbainfí úsáid as ardteicneolaíocht faisnéise níos iomchuí agus féadfaidh sé, ar an gcaoi sin, an méid sin a chur in iúl don Bhallstát a rinne an t-iarratas.

(21)

De dhroim imeachtaí a thit amach le déanaí, aibhsíodh na rioscaí do mhuiriompar agus don timpeallacht mhuirí a bhaineann le taiscéalaíocht agus táirgeadh ola agus gáis amach ón gcósta. Ba cheart cumais freagartha na Gníomhaireachta maidir le truailliú ola agus a saineolas i réimse an truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus díobhálacha a úsáid chun freagairt ar thruailliú a chumhdach a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin, arna iarraidh sin do stát lena mbaineann.

(22)

Ba cheart don Ghníomhaireacht, go háirithe, CleanSeaNet, atá in úsáid faoi láthair chun fianaise a sholáthar ar dhoirteadh ola ó longa, a úsáid chun doirteadh ola ó shuiteálacha cósta agus ó shuiteálacha amach ón gcósta a bhrath agus a thuairisciú, gan aon díobháil a dhéanamh don tseirbhís a sholáthraítear do mhuiriompar.

(23)

Tá saineolas fiúntach agus uirlisí fiúntacha bunaithe agus aitheanta ag an nGníomhaireacht i réimse na sábháilteachta muirí, na slándála muirí, an choisc ar thruailliú ó longa agus na freagartha ar an truailliú sin. D’fhéadfadh an saineolas agus na huirlisí sin a bheith ábhartha do ghníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais a bhaineann le beartas muiriompair an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh maidir le forbairt agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais ar choinníoll go mbeidh sé sin ceadaithe ag an mBord Riaracháin i gcomhthéacs chlár oibre bliantúil na Gníomhaireachta. Ba cheart don chúnamh sin a bheith faoi réir anailíse costais agus tairbhe agus níor cheart dó cur as do chroíchúraimí na Gníomhaireachta.

(24)

Trí bhíthin an chúnaimh theicniúil a chuireann sí ar fáil, cuireann an Ghníomhaireacht le muiriompar atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt.

(25)

Maidir le comhlachtaí aicmiúcháin, bíonn formhór na gcomhlachtaí aicmiúcháin ag plé le soithí muirí agus le soithí uiscebhealaí intíre araon. Bunaithe ar an taithí atá ag an nGníomhaireacht maidir le comhlachtaí aicmiúcháin i gcás soithí muirí, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht faisnéis ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún i ndáil le comhlachtaí aicmiúcháin i gcás soithí uiscebhealaí intíre, rud a chumasódh méadú na héifeachtúlachta ar an gcaoi sin.

(26)

Maidir leis an gcomhéadan idir chórais fhaisnéise iompair, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit trí fhéachaint, i gcomhar leis na húdaráis inniúla do Chóras na Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann, an bhféadfaí faisnéis a roinnt idir na córais sin.

(27)

Gan dochar do fhreagracht na n-údarás inniúla, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit maidir le forbairt agus cur chun feidhme thionscnamh “e-Maritime” a bheidh ann amach anseo, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar éifeachtúlacht na hearnála Eorpaí um iompar muirí trí úsáid ardteicneolaíochtaí faisnéise a éascú.

(28)

D’fhonn an margadh aonair agus Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a bhaint amach, ba cheart an t-ualach riaracháin ar loingseoireacht a laghdú, agus loingseoireacht ghearrthurais inter alia a spreagadh ar an gcaoi sin. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí coincheap “An Crios Gorm” agus e-Maritime a úsáid chun laghdú a dhéanamh ar na foirmiúlachtaí tuairiscithe a cheanglaítear ar longa tráchtála ar dhul isteach i gcalafoirt dóibh nó ar chalafoirt a fhágáil dóibh sna Ballstáit.

(29)

Meabhraítear nach bhféadtar an chumhacht a thabhairt do Ghníomhaireacht cinntí a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh, de réir chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus d’fhonn prionsabal na cothromaíochta institiúidí a urramú.

(30)

Gan dochar do na cuspóirí agus do na cúraimí atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, ba cheart don Choimisiún, laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, staidéar féidearthachta a ullmhú agus a thíolacadh d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar na féidearthachtaí, agus na féidearthachtaí a shainiú, maidir le comhar feabhsaithe agus comhordú feabhsaithe feidhmeanna éagsúla garda cósta. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa staidéar sin an creat dlíthiúil agus na moltaí ábhartha ó na fóraim iomchuí de chuid an Aontais maraon le forbairt reatha na Timpeallachta Comónta um Chomhroinnt Faisnéise, agus ba cheart go ndéanfaí prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a urramú go hiomlán leis, agus na costais agus na tairbhí á ndéanamh soiléir do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(31)

Maraithe Eorpacha a bhfuil dea-oiliúint orthu a mhealladh, is rud tábhachtach é sin d’iomaíochas braislí muirí an Aontais. Dá bhrí sin, agus ag féachaint don éileamh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann as seo amach ar mharaithe ardcháilithe san Aontas, ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit agus don Choimisiún chun oiliúint mhuirí a chur chun cinn trí mhalartú deonach na gcleachtas is fearr a éascú agus trí fhaisnéis a sholáthar maidir le cláir malartaithe Aontais um oiliúint mhuirí. D’fhéadfaí a áireamh ann cúnamh a thabhairt do gheallsealbhóirí Eorpacha inniúla chun barr feabhais a bhaint amach san oideachas muirí agus san oiliúint mhuirí ar bhonn deonach, agus freagracht na mBallstát i dtaobh ábhar agus eagrú na hoiliúna muirí á hurramú go hiomlán san am céanna.

(32)

Chun frithghníomhú in aghaidh riosca méadaitheach na píoráideachta, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint den fhaisnéis mhionsonraithe a chur chuig na húdaráis náisiúnta inniúla, i gcás inarb iomchuí, agus chuig comhlachtaí ábhartha eile, lena n-áirítear oibríochtaí amhail oibríocht Atalanta Fhórsa Cabhlaigh an AE, ar faisnéis mhionsonraithe í faoi log na soithí faoi bhratach na mBallstát atá ag dul trí na limistéir sin, atá aicmithe mar limistéir an-chontúirteach. Thairis sin, tá modhanna ag an nGníomhaireacht a d’fhéadfadh a bheith úsáideach, go háirithe maidir le TCCF. Tá sé iomchuí dá bhrí sin go soláthróidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin, sonraí ábhartha suiteála soitheach agus bhreathnadóireacht na Cruinne chuig na húdaráis inniúla náisiúnta agus chuig comhlachtaí an Aontais, amhail Frontex agus Europol, chun bearta coisctheacha a éascú i gcoinne gníomhartha neamhdhleathacha a dhéanfaí d’aon turas mar a thuigtear i ndlí ábhartha an Aontais gan dochar do chearta agus d’oibleagáidí na mBallstát agus i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus le dlí an Aontais is infheidhme, go háirithe maidir leis na comhlachtaí sin a lorgaíonn sonraí. Ba cheart go mbeadh soláthar sonraí maidir le hAithint agus Rianú Fadraoin Long (LRIT) faoi réir thoiliú an Bhratstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá le bunú ag an mBord Riaracháin.

(33)

Agus faisnéis á foilsiú acu i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 i ndáil le Rialú ag Stát an Chalafoirt (9), ba cheart don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht cur leis an saineolas agus leis an taithí a fuarthas faoi Mheabhrán Tuisceana Pháras i ndáil le Rialú ag Stát an Chalafoirt (“MT Pháras”) chun an chomhsheasmhacht a áirithiú.

(34)

Ba cheart go mbeadh an cúnamh a thugann an Ghníomhaireacht do na Ballstáit agus don Choimisiún, maidir le hobair ábhartha eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí réigiúnacha gan dochar don ghaol atá idir na heagraíochtaí sin agus na Ballstáit ar gaol é atá mar thoradh ar bhallraíocht na mBallstát sna heagraíochtaí sin.

(35)

Tá an tAontas tar éis aontú do na hionstraimí seo a leanas lena mbunaítear eagraíochtaí réigiúnacha, a bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí cumhdaithe freisin le cuspóirí na Gníomhaireachta: don Choinbhinsiún um Chosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (Coinbhinsiún Heilsincí mar a athbhreithníodh sa bhliain 1992 é) (10); don Choinbhinsiún chun an Mheánmhuir a Chosaint ar Thruailliú (Coinbhinsiún Barcelona) (11), agus don athbhreithniú a rinneadh air sa bhliain 1995 (12) agus do roinnt de na prótacail a ghabhann leis; don Chomhaontú le haghaidh comhair i ndáil le tabhairt faoi thruailliú na Mara Thuaidh ag ola agus ag substaintí díobhálacha eile (Comhaontú Bonn) (13); don Choinbhinsiún um chosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir-Thuaidh (Coinbhinsiún OSPAR) (14); don Chomhaontú um Chomhar maidir le cóstaí agus uiscí an Atlantaigh Thoir-Thuaidh a chosaint ar thruailliú, arna shíniú an 17 Deireadh Fómhair 1990 (Comhaontú Liospóin) (15), agus don Phrótacal Forlíontach a ghabhann leis, arna shíniú an 20 Bealtaine 2008, ar comhaontú é agus ar prótacal é nach bhfuil tagtha i bhfeidhm go fóill (16). Tá idirbheartaíocht ar siúl ag an Aontas freisin i ndáil le haontachas don Choinbhinsiún um Mhuir Bhailt a Chosaint i gCoinne an Truaillithe, arna shíniú i mí Aibreáin 1992 (Coinbhinsiún Bhúcairist). Ba cheart don Ghníomhaireacht, mar sin, cúnamh teicniúil a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún agus iad ag glacadh páirte in obair ábhartha na gcomhlachtaí réigiúnacha sin.

(36)

Maidir le freagairt do thruailliú, tá roinnt socruithe eile réigiúnacha, fo-réigiúnacha agus déthaobhacha comhordaithe agus comhair ann chomh maith leis na heagraíochtaí réigiúnacha sin. Agus cúnamh á sholáthar maidir le freagairt do thruailliú a thabhairt do thríú tíortha a roinneann imchuach réigiúnach farraige leis an Aontas, ba cheart don Ghníomhaireacht gníomhú, agus na socruithe sin á gcur san áireamh aici.

(37)

Comhroinneann an tAontas imchuacha réigiúnacha farraige na Meánmhara, na Mara Duibhe agus Mhuir Bhailt le tíortha máguaird. Arna iarraidh sin don Choimisiún uirthi, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a sholáthar maidir le freagairt do thruailliú a thabhairt do na tíortha sin.

(38)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht a uasmhéadú, ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú chomh dlúth agus is féidir le MT Pháras. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit féachaint i gcónaí ar na roghanna chun níos mó a dhéanamh chun cur leis an éifeachtúlacht, arbh fhéidir féachaint orthu faoi chuimsiú MT Pháras.

(39)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún trí chuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit d’fhonn a áirithiú go bhfuil gníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí i réimse na sábháilteachta muirí agus an choisc ar thruailliú ó longa á gcur chun feidhme i gceart go hiarbhír. Ba cheart go ligfí don Ghníomhaireacht, leis na cuairteanna sin ar na rialtais náisiúnta, an fhaisnéis riachtanach uile a bhailiú chun tuarascáil chuimsitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar tuarascáil í a dhéanfaidh seisean a mheasúnú tuilleadh. Ba cheart go gcuirfí na cuairteanna i gcrích i spiorad na bprionsabal dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ba cheart iad a chur i gcrích ar dhóigh ina ndéanfar ualach riaracháin na rialtas muirí náisiúnta a íoslaghdú. Thairis sin, ba cheart na cuairteanna a chur i gcrích i gcomhréir le nós imeachta socraithe lena n-áirítear modheolaíocht chaighdeánach arna glacadh ag an mBord Riaracháin.

(40)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún trí chigireachtaí ar eagraíochtaí aitheanta a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (17). D’fhéadfaí an chigireacht sin a dhéanamh i dtríú tíortha freisin. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht a áirithiú go gcuirfear na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas go cuí. Ina theannta sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cúraimí cigireachta a chur i gcrích maidir le maraithe i dtríú tíortha a oiliúint agus a dheimhniú de bhun Threoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le híosleibhéal traenála maraithe (18), atá tarmligthe ag an gCoimisiún chuig an nGníomhaireacht. Níor cheart sonraí an chúnaimh theicniúil a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht a chumhdach le Rialachán (AE) Uimh. 1406/2002, ar sonraí iad maidir leis an gcigireacht slándála muirí a chuireann an Coimisiún i gcrích i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 324/2008 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta athbhreithnithe le haghaidh cigireachta a dhéanann an Coimisiún i réimse na slándála muirí (19).

(41)

D’fhonn comhleanúnachas a áirithiú le cuspóirí beartais agus le leagan amach institiúideach an Aontais chomh maith leis na nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais is infheidhme, ba cheart don Choimisiún comhairle fhoirmiúil a lorg mar thuairim i scríbhinn maidir le dréacht-straitéis ilbhliantúil na Gníomhaireachta chomh maith leis na dréachtchláir oibre bhliantúla atá aici, ar cheart don Bhord Riaracháin a chur san áireamh sula nglacfaidh sé na doiciméid sin.

(42)

D’fhonn nós imeachta cothrom agus trédhearcach maidir le ceapachán an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a áirithiú, ba cheart go mbeadh an nós imeachta roghnúcháin a leantar i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le roghnú agus le hainmniú Stiúrthóirí do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Foráiltear leis na treoirlínte sin gur féidir le náisiúnaigh aon Bhallstáit iarratas a chur isteach. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart go ndéanfadh breathnóir ionadaíocht ar son an Bhoird Riaracháin sa choiste réamhroghnúcháin. Ba cheart an breathnóir a choimeád ar an eolas le linn céimeanna an nós imeachta roghnúcháin a thiocfaidh ina dhiaidh sin. Tráth a nglacfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh maidir le ceapachán, ba cheart go mbeadh a chomhaltaí in ann ceisteanna maidir leis an nós imeachta roghnúcháin a chur ar an gCoimisiún. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an deis ag an mBord Riaracháin agallamh a chur ar na hiarrthóirí gearrliostaithe, i gcomhréir leis an nós imeachta caighdeánach. Ba cheart go ndéanfadh gach páirtí lena mbainfeadh, ag gach céim den nós imeachta roghnúcháin agus ceapacháin le haghaidh phost Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (20).

(43)

Cé go ndéantar an Ghníomhaireacht a mhaoiniú den chuid is mó trí bhíthin ranníocaíochta ón Aontas, tá ioncaim aici freisin atá mar thoradh ar tháillí agus ar mhuirir a bhaineann lena cuid seirbhísí. Baineann na táillí agus na muirir sin go háirithe le hoibriú Ionad Sonraí LRIT an AE agus cuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an Rún ón gComhairle a glacadh an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2007 agus an 9 Nollaig 2008 maidir le hIonad Sonraí LRIT an AE a bhunú agus go háirithe leis na míreanna a bhaineann le maoiniú tuarascálacha de chuid an LRIT.

(44)

Faoi chuimsiú na tuarascála ar dhul chun cinn dá bhforáiltear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, ba cheart go scrúdódh an Coimisiún chomh maith an méid a d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht cur le gníomh reachtach a chur chun feidhme amach anseo maidir le sábháilteacht gníomhaíochtaí sirtheoireachta, taiscéalaíochta agus táirgthe ola agus gáis amach ón gcósta, atá á scrúdú faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, i ndáil le cosc ar thruailliú ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta, agus saineolas agus uirlisí bunaithe agus aitheanta na Gníomhaireachta á gcur san áireamh.

(45)

Ba cheart go gcuideodh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, i gcás inarb iomchuí, le Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní iarbhír a bhunú.

(46)

Ba cheart go ndéanfaí Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (21), agus go háirithe Airteagal 208 de, a chur san áireamh.

(47)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 leis seo mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 go 3:

“Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (“an Ghníomhaireacht”) d’fhonn leibhéal ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach sábháilteachta muirí, slándála muirí, coisc agus freagartha ar thruailliú ó longa a áirithiú agus chun freagairt den leibhéal sin a áirithiú freisin ar thruailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola.

2.   Chuige sin, comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus déanfaidh sí cúnamh teicniúil, oibríochtúil agus eolaíoch sna réimsí dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar dóibh laistigh de theorainneacha na gcroíchúraimí a leagtar amach in Airteagal 2 den Airteagal seo agus, de réir mar is iomchuí agus nuair is iomchuí, laistigh de theorainneacha na gcúraimí coimhdeacha atá leagtha amach in Airteagal 2a, go háirithe d’fhonn cabhrú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún gníomhartha ábhartha dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart. Maidir le réimse na freagartha do thruailliú, ní sholáthróidh an Ghníomhaireacht cúnamh oibríochtúil ach arna iarraidh sin don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann.

3.   Tríd an gcúnamh dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, cuideoidh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, le héifeachtúlacht fhoriomlán maidir le trácht iomlán agus le hiompar muirí mar a leagtar amach é sa Rialachán seo, lena n-éascófar Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a bhunú.

Airteagal 2

Croíchúraimí na Gníomhaireachta

1.   D’fhonn a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 ar bhealach iomchuí, comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht na croíchúraimí a liostaítear san Airteagal seo.

2.   Beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún:

(a)

san obair ullmhúcháin chun gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais a uasdátú agus a fhorbairt, go háirithe i gcomhréir le forbairt na reachtaíochta idirnáisiúnta;

(b)

i gcur chun feidhme éifeachtach na ngníomhartha ábhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, go háirithe trí chuairteanna agus trí chigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo a chur i gcrích agus trí chúnamh teicniúil a sholáthar don Choimisiún i gcomhlíonadh na gcúraimí cigireachta a shanntar dó de bhun Airteagal 9(4) de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 (22). Maidir leis sin, féadfaidh sí moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le haon fheabhsú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na gníomhartha sin atá ceangailteach ó thaobh dlí de;

(c)

san anailís ar thionscadail atá ar siúl agus atá curtha i gcrích ar tionscadail iad atá ábhartha do chuspóirí na Gníomhaireachta; féadfaidh sainaithint bhearta leantacha mar thoradh ar thionscadail taighde shonracha a áireamh;

(d)

i bhfeidhmiú aon chúraim eile a shanntar don Choimisiún i ngníomhartha reachtacha an Aontais maidir le cuspóirí na Gníomhaireachta.

3.   Oibreoidh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha a eagrú i réimsí a bhfuil na Ballstáit freagrach astu;

(b)

réitigh theicniúla a fhorbairt, lena n-áirítear seirbhísí ábhartha oibríochtúla a sholáthar, agus cúnamh teicniúil a sholáthar i ndáil leis an gcumas náisiúnta is gá a fhorbairt le haghaidh ghníomhartha ábhartha dlí an Aontais a chur chun feidhme;

(c)

faisnéis iomchuí a sholáthar, arna iarraidh sin do Bhallstát, a thagann as na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 d’fhonn tacú leis an bhfaireachán ar eagraíochtaí aitheanta a dhéanann cúraimí deimhniúcháin thar ceann na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha na gcóras riaracháin muirí (23) gan dochar do chearta agus oibleagáidí an bhratstáit;

(d)

tacaíocht a thabhairt, ar bhealaí breise atá éifeachtúil ó thaobh costais de, do ghníomhaíochtaí freagartha do thruailliú i gcás truaillithe ó longa mar aon le truailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola, tráth a ndéanfaidh Ballstát iarraidh mar sin, ar Ballstát é a bhfuil éifeacht ag an truailliú sin air agus ar faoina údarás a chuirtear na hoibríochtaí glanta i gcrích, gan dochar don fhreagracht atá ar Stáit ar an gcósta sásraí iomchuí chun freagairt ar thruailliú a bheith ar bun acu agus an comhar atá idir na Ballstáit cheana sa réimse seo á n-urramú acu. De réir mar is iomchuí, rachaidh iarrataí ar ghníomhaíochtaí frith-thruaillithe a shlógadh trí Shásra an AE um Chosaint Shibhialta arna bunú le Cinneadh 2007/779/CE ón gComhairle, Euratom (24).

4.   Éascóidh an Ghníomhaireacht an comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún:

(a)

i réimse an fhaireacháin tráchta atá cumhdaithe le Treoir 2002/59/CE, cothóidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, comhar idir bruach-Stáit sna réimsí loingseoireachta lena mbaineann, agus forbróidh sí agus oibreoidh sí Lárionad an Aontais Eorpaigh um Shonraí maidir le hAithint agus Rianú Fadraoin Long (Lárionad Sonraí LRIT Eorpach) agus Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (SafeSeaNet) dá dtagraítear in Airteagal 6b agus in Airteagal 22a den Treoir sin chomh maith le córas malartaithe sonraí faisnéise um Aithint agus Rianú Idirnáisiúnta Fadraoin Long a fhorbairt agus a oibriú i gcomhréir leis an tiomantas a rinneadh (“EMI”);

(b)

tríd an méid a leanas a sholáthar, arna iarraidh sin agus gan dochar don dlí náisiúnta ná do dhlí an Aontais: sonraí ábhartha suiteála soitheach agus bhreathnadóireacht na Cruinne do na húdaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí ábhartha an Aontais de réir a sainordú, chun cabhrú le bearta i gcoinne bhagairtí na píoráideachta agus bhagairtí ó ghníomhartha neamhdhleathacha a dhéanfaí d’aon turas, faoi mar a fhoráiltear dó i ndlí infheidhme an Aontais nó faoi ionstraimí dlí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta i réimse an iompair mhuirí, faoi réir na rialacha infheidhme maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta riaracháin a bhunóidh Bord Riaracháin nó Grúpa Stiúrtha Ardleibhéil arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE, de réir mar is iomchuí. Beidh soláthar sonraí maidir le haithint agus rianú fadraoin long faoi réir thoiliú an Bhratstáit lena mbaineann.

(c)

i réimse an imscrúdaithe ar thaismigh agus teagmhais mhuirí i gcomhréir le Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na bunphrionsabail a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí in earnáil an mhuiriompair (25); tabharfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin do na Ballstáit ábhartha agus ag glacadh leis nach dtiocfadh coinbhleacht leasa as, tacaíocht oibríochtúil do na Ballstáit sin i leith imscrúduithe a bhaineann le taismigh thromchúiseacha nó fhíor-thromchúiseacha agus déanfaidh sí anailís ar thuarascálacha imscrúduithe sábháilteacht d’fhonn breisluach ar leibhéal an Aontais a aithint i dtéarmaí aon cheachta ábhartha atá le tarraingt as. Ar bhonn sonraí a sholáthróidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Treoir sin, cuirfidh an Ghníomhaireachta tuairisc bhliantúil i dtoll a chéile i ndáil le taismigh agus teagmhais mhuirí;

(d)

agus staidreamh, faisnéis agus sonraí atá oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide á soláthar, lena gcuirfí ar chumas an Choimisiúin agus na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun a ngníomhaíochtaí a fheabhsú agus chun éifeachtacht agus cost-éifeachtúlacht na mbeart atá ann cheana a mheas. Áireofar sna cúraimí sin sonraí teicniúla a bhailiú agus a thaifeadadh agus meastóireacht a dhéanamh ar na sonraí sin, bunachair shonraí atá ann cheana a shaothrú go córasach, lena n-áirítear a gcrostoirchiú, agus, nuair is iomchuí, bunachair shonraí bhreise a fhorbairt. Ar bhonn na sonraí a bhaileofar, beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún agus faisnéis i ndáil le longa á foilsiú de bhun Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú ag Stát an chalafoirt (26);

(e)

trí shonraí a bhailiú agus a anailisiú a bhaineann le maraithe, ar sonraí iad a sholáthraítear agus a úsáidtear i gcomhréir le Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le híosleibhéal traenála maraithe (27);

(f)

agus sainaithint agus tóraíocht long á bhfeabhsú, ar longa iad a dhéanann sceitheadh neamhdhleathach, i gcomhréir le Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (28);

(g)

maidir le truailliú ola mara ó shuiteálacha gáis agus ola, trína Seirbhís Eorpach Faireachán Satailíte Ola (CleanSeaNet) a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar mhéid an truaillithe sin agus ar a thionchar ar an gcomhshaol;

(h)

agus cúnamh teicniúil á sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún chun cur le hobair ábhartha na gcomhlachtaí teicniúla mar an IMO, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a mhéid a bhaineann sé le loingseoireacht, agus Meabhrán Tuisceana Pháras i ndáil le Rialú ag Stát an Chalafoirt (“MT Pháras”) agus eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha a bhfuil an tAontas aontaithe dóibh, i ndáil le ceisteanna a bhaineann le hinniúlacht an Aontais;

(i)

maidir le cur chun feidhme Treorach 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát (29), go háirithe trí tharchur leictreonach na sonraí a éascú trí SafeSeaNet agus trí thacú le forbairt na fuinneoige aonair.

5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear eagrú gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha, maidir le gníomhartha dlí ábhartha an Aontais, do Stáit atá ag cur isteach ar aontachas, agus nuair is iomchuí, do thíortha comhpháirtíochta Chomharsanacht na hEorpa agus do thíortha atá páirteach i MT Pháras i ndáil le Rialú ag Stát an Chalafoirt.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a sholáthar i gcás truaillithe ó longa chomh maith le truailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola a mbíonn iarmhairt acu ar na tríú tíortha sin a roinneann imchuach réigiúnach leis an Aontas, i gcomhréir le Sásra an AE um Chosaint Shibhialta arna bunú le Cinneadh 2007/779/CE, Euratom, ón gComhairle trí analaí leis na coinníollacha is infheidhme maidir le Ballstáit dá dtagraítear i mír 3(d) den Airteagal seo. Déanfar na cúraimí sin a chomhordú leis na socruithe comhair réigiúnacha atá ann cheana agus a bhaineann le truailliú muirí.

Airteagal 2a

Cúraimí coimhdeacha na Gníomhaireachta

1.   Gan dochar do na croíchúraimí dá dtagraítear in Airteagal 2, beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, agus gníomhaíochtaí an Aontais mar a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a bhaineann le cuspóirí na Gníomhaireachta á bhforbairt agus á gcur chun feidhme, sa mhéid go bhfuil saineolas agus uirlisí bunaithe agus aitheanta ag an nGníomhaireacht. Maidir leis na cúraimí coimhdeacha a leagtar amach san Airteagal seo:

(a)

cruthófar breisluach réasúnaithe leo;

(b)

seachnófar dúbláil iarrachtaí leo;

(c)

is ar mhaithe le beartas muiriompair an Aontais a bheidh siad;

(d)

ní bheidh siad díobhálach do chroíchúraimí na Gníomhaireachta agus

(e)

ní sháróidh siad cearta agus oibleagáidí na mBallstát, go háirithe mar Bhratstáit, Stáit an chalafoirt agus Stáit chósta.

2.   Beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún:

(a)

i gcomhthéacs chur chun feidhme Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (30), trí rannchuidiú leis an gcuspóir chun dea-riocht comhshaoil d’uiscí mara a bhaint amach, le heilimintí na treorach a bhaineann le loingseoireacht agus trí thorthaí na n-uirlisí atá ann cheana amhail SafeSeaNet agus CleanSeaNet a shaothrú;

(b)

chun cúnamh teicniúil a sholáthar maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa ó longa, go háirithe agus forbairtí idirnáisiúnta leanúnacha á leanúint;

(c)

faoi mar a bhaineann sé le clár an Fhaireacháin Dhomhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES), agus úsáid sonraí agus seirbhísí GMES chun críocha muirí á gcur chun cinn, laistigh de chreat rialachais an GMES;

(d)

agus Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise á forbairt i réimse muirí AE;

(e)

i ndáil le suiteálacha soghluaiste ola agus gáis amach ón gcósta, agus riachtanais IMO á n-imscrúdú, agus faisnéis bhunúsach á bailiú faoi bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don mhuiriompar agus don chomhshaol muirí;

(f)

trí fhaisnéis ábhartha a sholáthar i ndáil le comhlachtaí aicmiúcháin le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre i gcomhréir le Treoir 2006/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena leagtar síos riachtanais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre (31). Beidh an fhaisnéis sin mar chuid de na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) agus (5) den Rialachán seo chomh maith.

3.   Beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit:

(a)

trí indéantacht agus cur chun feidhme na mbeartas agus na dtionscadal lena dtacaítear bunú an Spáis Eorpaigh Muiriompair gan Bhacainní, amhail coincheap an Crios Gorm agus e-Maritime, chomh maith le Mótarbhealaí na Farraige. Déanfar sin go háirithe trí fheáchaint le feidhmiúlachtaí breise a chur le SafeSeaNet, gan dochar do ról an Ghrúpa Stiúrtha Ardleibhéil a bunaíodh i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE;

(b)

trí fhéachaint, i gcomhar leis na húdaráis inniúla do Chóras na Seirbhísí Faisnéise Abhann, an bhféadfaí faisnéis a roinnt idir an córas sin agus córais faisnéise mhuiriompair ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2010/65/AE.

(c)

trí idirmhalartú deonach na ndeachleachtas a éascú san oiliúint mhuirí agus san oideachas muirí san Aontas agus trí fhaisnéis a sholáthar maidir le cláir mhalartaithe an Aontais atá ábhartha maidir leis an oiliúint mhuirí, agus Airteagal 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) á urramú ina iomláine aici ag an am céanna.

Airteagal 3

Cuairteanna ar Bhallstáit agus cigireachtaí

1.   D’fhonn na cúraimí a shanntar di a chomhlíonadh agus chun cuidiú leis an gCoimisiún i gcomhlíonadh a dhualgas faoi CFAE, agus go háirithe cur chun feidhme éifeachtach dhlí ábhartha an Aontais a mheasúnú, déanfaidh an Ghníomhaireacht cuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit i gcomhréir leis an modheolaíocht arna bunú ag an mBord Riaracháin.

2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Ballstát lena mbaineann ar an eolas in am tráthúil faoin gcuairt phleanáilte, faoi ainm na n-oifigeach údaraithe, agus faoin dáta ar a dtosóidh an chuairt agus an fad a mhairfidh sí. Maidir leis na hoifigigh atá tarmligthe chun cuairteanna mar sin a thabhairt, déanfaidh siad é ach cinneadh i scríbhinn a fháil ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta lena sonrófar cuspóir agus aidhmeanna a misin.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí thar ceann an Choimisiúin mar a cheanglófar le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le heagraíochtaí a aithníonn an tAontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin choitianta le haghaidh cigireacht a dhéanamh ar longa agus maidir le heagraíochtaí suirbhéireacht (32), agus maidir le maraithe i dtríú tíortha a oiliúint agus a dheimhniú i gcomhréir le Treoir 2008/106/CE.

4.   Ag deireadh gach cuairte nó gach cigireachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil a tharraingt suas agus a chur chuig an gCoimisiún í agus chuig an mBallstát lena mbaineann.

5.   I gcás inarb iomchuí, agus in aon chás ina gcuirfear timthriall cigireachtaí nó cuairteanna i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís ar thuarascálacha ón timthriall sin d’fhonn torthaí cothrománacha agus conclúidí ginearálta ar éifeachtacht agus ar chostas-éifeachtúlacht na mbeart atá ar bun a aithint. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an anailís seo faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh tuilleadh plé leis na Ballstáit chun aon cheacht ábhartha a tharraingt as agus chun scaipeadh na ndea-chleachtas oibre a éascú.

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.   Glacfaidh an Bord Riaracháin na socruithe praiticiúla chun mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, socruithe maidir le dul i gcomhairle leis na Ballstáit sula bhfoilseofar an fhaisnéis.

4.   An fhaisnéis a bhaileoidh agus a phróiseálfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sí faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (33) agus déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta is gá leo chun láimhseáil agus próiseáil shábháilte na faisnéise rúnda a áirithiú.

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, féadfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, agus i gcomhar leo, agus an aire iomchuí á tabhairt ar impleachtaí buiséadacha, lena n-áirítear an méid a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann ar fáil, na lárionaid réigiúnacha is gá a bhunú d’fhonn cuid de chúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus is féidir. Agus cinneadh mar sin á dhéanamh, saineoidh an Bord Riaracháin scóp beacht gníomhaíochtaí an lárionaid réigiúnaigh agus seachnófar aon chostais airgeadais neamhriachtanacha agus cuirfear leis an gcomhar leis na líonraí réigiúnacha agus náisiúnta arbh ann dóibh cheana.”;

(4)

in Airteagal 10, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

glacfaidh sé an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé ar aghaidh í gach bliain faoin 15 Meitheamh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na Ballstáit.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht ar aghaidh chuig an údarás buiséadach, ar bhonn bliantúil, an fhaisnéis uile a bhaineann le toradh na nósanna imeachta meastóireachta;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

iarrataí ar chúnamh a dhéantar chuig an gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(d), iarrataí ar chúnamh teicniúil ó Bhallstáit, dá dtagraítear in Airteagal 2(3), agus iarrataí ar chúnamh teicniúil, dá dtagraítear in Airteagal 2(5) mar aon le hiarrataí ar chúnamh dá dtagraítear in Airteagal 2a a scrúdú agus a fhormheas, faoi chuimsiú an ullmhúcháin a dhéantar don chlár oibre;

(ca)

straitéis ilbhliantúil a scrúdú agus a ghlacadh le haghaidh thréimhse cúig bliana agus lena gcuirfear an tuairim scríofa ón gCoimisiún san áireamh;

(cb)

plean beartais foirne ilbhliantúil na Gníomhaireachta a scrúdú agus a ghlacadh;

(cc)

machnamh a dhéanamh ar dhréachtsocruithe riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 15(2)(ba);”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

modheolaíocht a shainiú do na cuairteanna a dhéanfar de bhua Airteagal 3. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a nglacfar an mhodheolaíocht, nach n-aontaíonn sé léi, déanfaidh an Bord Riaracháin an mhodheolaíocht a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta uirthi más iomchuí, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian, lena n-áirítear ionadaithe an Choimisiúin, nó d’aon toil ionadaithe na mBallstát;”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

a chuid cúraimí i ndáil le buiséad na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 21 a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar bhearta leantacha, mar aon le bearta leantacha dóthanacha a áirithiú, i dtaobh chinntí agus moltaí a eascraíonn as tuarascálacha agus meastóireachtaí éagsúla iniúchóireachta, bíodh siad inmheánach nó seachtrach;”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar na Cinn Roinne dá dtagraítear in Airteagal 16;”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

“(l)

athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú airgeadais an phlean mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe (k) den mhír seo agus ar na ceangaltais bhuiséadacha dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 2038/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le maoiniú ilbhliantúil do ghníomhaíocht na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí i réimse na freagartha do thruailliú ó longa (34);”;

(g)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(m)

breathnóir a cheapadh as measc a comhaltaí chun go leanfadh sé nós imeachta roghnúcháin an Choimisiúin chun Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh.”;

(5)

leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

“Déanfar comhaltaí an Bhoird Riaracháin a cheapadh ar bhonn an méid taithí agus saineolais ábhartha atá acu sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, araon a ndícheall le go mbeidh ionadaíocht chothrom ar fhir agus ar mhná ar an mBord Riaracháin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ceithre bliana a bheidh i ré an téarma oifige. Féadfar an téarma oifige a athnuachan.”;

(6)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Nuair atá ceist rúndachta nó coinbhleachta leasa ann, féadfaidh an Bord Riaracháin cinneadh a dhéanamh na hábhair sonracha ar a chlár oibre a scrúdú gan na comhaltaí lena mbaineann bheith i láthair. Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo sna rialacha an nós imeachta.”;

(7)

leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

ullmhóidh sé/sí straitéis ilbhliantúil na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé/sí í faoi bhráid an Bhoird Riaracháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún ar a laghad ocht seachtaine roimh chruinniú ábhartha an Bhoird Riaracháin, agus na barúlacha agus na moltaí a rinne comhaltaí an Bhoird Riaracháin á gcur san áireamh;

(aa)

ullmhóidh sé/sí plean beartais foirne ilbhliantúil na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé/sí é faoi bhráid an Bhoird Riaracháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún ar a laghad ceithre seachtaine roimh chruinniú ábhartha an Bhoird Riaracháin;

(ab)

ullmhóidh sé/sí an clár oibre bliantúil, ina dtabharfar le fios na hacmhainní ionchasacha daonna agus airgeadais a chionroinnfear ar gach gníomhaíocht, agus an plean mionsonraithe i gcomhair gníomhaíochtaí ullmhachta agus freagartha na Gníomhaireachta i gcás truaillithe, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin iad tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún ar a laghad ocht seachtaine roimh an gcruinniú ábhartha Boird. Déanfaidh sé/sí na bearta is gá chun iad a chur chun feidhme. Freagróidh sé/sí aon iarrataí ar chúnamh ó Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(c);

(b)

cinnfidh sé/sí na cuairteanna agus na cigireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 3 a dhéanamh, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus de réir an bheartais do chuairteanna a bhunaigh an Bord Riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g);

(ba)

féadfaidh sé/sí dul i mbun socruithe riaracháin le comhlachtaí eile atá ag obair i réimse gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta ar choinníoll gur cuireadh an dréachtsocrú faoi bhráid an Bhoird Riaracháin le haghaidh comhairliúcháin agus ar choinníoll nach ndéanfaidh an Bord Riaracháin agóid laistigh de cheithre seachtaine.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

eagróidh sé/sí córas faireacháin éifeachtach ionas go mbeidh sé/sí in ann na spriocanna atá bainte amach ag an nGníomhaireacht a chur i gcomparáid lena cuspóirí agus lena cúraimí mar atá leagtha síos sa Rialachán seo. Chun na críche sin, bunóidh sé/sí, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, táscairí feidhmíochta sainoiriúnaithe lena bhféadfar measúnú éifeachtach a dhéanamh ar na torthaí atá bainte amach. Áiritheoidh sé/sí go ndéanfar struchtúr éagrúcháin na Gníomhaireachta a oiriúnú go rialta do na hathruithe a thiocfaidh ar na riachtanais agus é sin laistigh de na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil. Ar an mbonn sin, ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht-tuarascáil ghinearálta gach bliain agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin í chun machnamh a dhéanamh uirthi. Beidh roinn ar leith sa tuarascáil i ndáil le feidhmiú airgeadais an phlean mhionsonraithe i gcomhair gníomhaíochtaí ullmhachta agus freagartha na Gníomhaireachta i gcás truaillithe agus tabharfar tuairisc chun dáta ar stádas na ngníomhaíochtaí ar fad atá cistithe faoin bplean sin. Bunóidh sé/sí nósanna imeachta le haghaidh meastóireachta rialta a chomhlíonfaidh caighdeáin ghairmiúla aitheanta;”;

(c)

i mír 2, scriostar pointe (g);

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc ar chomhlíonadh a thascanna nó a cúraimí do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, dé réir mar is iomchuí.

Go háirithe, cuirfidh sé/sí i láthair an staid reatha maidir le hullmhú na straitéise ilbhliantúla agus maidir leis an gclár oibre bliantúil.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Ceapachán agus dífhostú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus na gCeann Roinne

1.   Is é an Bord Riaracháin a cheapfaidh agus a dhífhostóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ceapfar duine ar feadh thréimhse cúig bliana agus ar bhonn tuillteanais agus inniúlachta riaracháin agus bainistithe doiciméadaithe, mar aon le taithí doiciméadaithe sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 tar éis tuairim an bhreathnóra dá dtagraítear in Airteagal 10 a fháil. Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta ar a mbeidh trí iarrthóir ar a laghad a mholfaidh an Coimisiún tar éis comórtais oscailte i ndiaidh cuireadh ar léirithe spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus in áiteanna eile. Féadfar iarraidh ar an iarrthóir a roghnaítear ráiteas a thabhairt os comhair an choiste inniúil de chuid Parlaimint na hEorpa agus ceisteanna chomhaltaí an choiste a fhreagairt. Déanfaidh an Bord Riaracháin plé ar dhífhostú arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag aon trian dá chomhaltaí. Déanfaidh an Bord Riaracháin cinntí ar cheapacháin nó ar dhífhostú trí thromlach ceithre chúigiú de na comhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu.

2.   Féadfaidh an Bord Riaracháin, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an tuarascáil meastóireachta á cur san áireamh, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú, aon uair amháin, ar feadh ceithre bliana ar a mhéid. Déanfaidh an Bord Riaracháin cinneadh trí thromlach ceithre chúigiú de na comhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu. Cuirfidh an Bord Riaracháin Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir leis an rún atá aige téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú. Laistigh de mhí sula bhfadófar a théarma/a téarma oifige, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna arna gcur ag comhaltaí an choiste a fhreagairt. I gcás nach bhfadaítear an téarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba/a comharba.

3.   Féadfaidh Ceann Roinne amháin nó níos mó cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé nó sí ar fáil, glacfaidh duine de na Cinn Roinne a ionad/a hionad.

4.   Ceapfar na Cinn Roinne ar bhonn tuillteanais agus scileanna riaracháin agus bainistithe doiciméadaithe, agus ar bhonn inniúlachta gairmiúla agus taithí sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapfaidh agus a dhífhostóidh na Cinn Roinne tar éis tuairim dhearfach a fháil ón mBord Riaracháin.”;

(9)

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

táillí agus muirir ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus/nó ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas ar na meastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn, ar bhonn buiséadaithe ghníomhaíochtbhunaithe, agus déanfaidh sé an dréachtráiteas sin, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, a chur ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 agus mhír 8:

“7.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar na meastacháin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (“an t-údarás buiséadach”) mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontas Eorpaigh.

8.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta, mar aon le méid an fhóirdheontais a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta, a thaifeadadh i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, a chuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE, in éineacht le tuairisc ar aon difríocht idir ráiteas meastacháin na Gníomhaireachta agus an fóirdheontas a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta, chomh maith le bonn cirt do na difríochtaí sin.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.   Glacfaidh an Bord Riaracháin an buiséad. Tiocfaidh sé chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfar é, in éineacht leis an gclár oibre bliantúil, a choigeartú dá réir sin.”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

“Airteagal 22

Meastóireacht

1.   Go tráthrialta agus ar a laghad gach cúig bliana, déanfaidh an Bord Riaracháin meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a mheasann an Ghníomhaireacht a bheith ábhartha don mheastóireacht sin a chur ar fáil di.

2.   Déanfar measúnú ar thionchar an Rialacháin seo sa mheastóireacht, agus ar fhóntas, ar ábharthacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtais oibre. Cuirfear tuairimí geallsealbhóirí san áireamh sa mheastóireacht, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Tabharfaidh sí aghaidh, go háirithe, ar aon ghá a d’fhéadfadh bheith ann maidir le cúraimí na gníomhaireachta a mhodhnú. Eiseoidh an Bord Riaracháin téarmaí tagartha sonracha i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe a bheidh i gceist.

3.   Gheobhaidh an Bord Riaracháin an mheastóireacht agus seolfaidh sé moltaí chuig an gCoimisiún maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, ar an nGníomhaireacht agus ar a cleachtais oibre. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta mar aon leis na moltaí a eascróidh aisti ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus poibleofar iad. Beidh plean gníomhaíochta agus clár ama san áireamh, más iomchuí.”;

(11)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 22a

Tuarascáil ar an dul chun cinn

Faoin 2 Márta 2018, agus an tuarascáil meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 22 á cur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena leagfar amach conas a thug an Ghníomhaireacht faoi na cúraimí breise a tugadh di faoin Rialachán seo d’fhonn aon bhreiséifeachtúlacht a baineadh amach a shainaithint agus, más gá, cás a leagan amach faoina cuid cuspóirí agus cúraimí a mhodhnú.”;

(12)

Scriostar Airteagal 23.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Eanáir 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 107, 6.4.2011, lch. 68.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 4 Deireadh Fómhair 2012 (IO C 352 E, 16.11.2012, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2012.

(3)  IO L 208, 5.8.2002, lch. 1.

(4)  IO L 129, 29.4.2004, lch. 6.

(5)  IO L 283, 29.10.2010, lch. 1.

(6)  IO L 332, 28.12.2000, lch. 1.

(7)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 11.

(8)  IO L 314, 1.12.2007, lch. 9.

(9)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 57.

(10)  Cinneadh 94/157/CE ón gComhairle (IO L 73, 16.3.1994, lch. 19).

(11)  Cinneadh 77/585/CEE ón gComhairle (IO L 240, 19.9.1977, lch. 1).

(12)  Cinneadh 1999/802/CE ón gComhairle (IO L 322, 14.12.1999, lch. 32).

(13)  Cinneadh 84/358/CEE ón gComhairle (IO L 188, 16.7.1984, lch. 7).

(14)  Cinneadh 98/249/CE ón gComhairle (IO L 104, 3.4.1998, lch. 1).

(15)  Cinneadh 93/550/CEE ón gComhairle (IO L 267, 28.10.1993, lch. 20).

(16)  Cinneadh 2010/655/AE ón gComhairle (IO L 285, 30.10.2010, lch. 1).

(17)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 11.

(18)  IO L 323, 3.12.2008, lch. 33.

(19)  IO L 98, 10.4.2008, lch. 5.

(20)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(21)  IO L 298, 26.10.2012, lch. 1.

(22)  IO L 129, 29.4.2004, lch. 6.

(23)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 47.

(24)  IO L 314, 1.12.2007, lch. 9.

(25)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 114.

(26)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 57.

(27)  IO L 323, 3.12.2008, lch. 33.

(28)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 11.

(29)  IO L 283, 29.10.2010, lch. 1.

(30)  IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.

(31)  IO L 389, 30.12.2006, lch. 1.

(32)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 11.”;

(33)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.”;

(34)  IO L 394, 30.12.2006, lch. 1.”.