20.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/34


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1217/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2012

maidir le leithdháileadh cuótaí rátaí taraife a bhfuil feidhm acu i ndáil le honnmhairithe adhmaid ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le hallmhairithe adhmaid amh don Aontas agus i bhfianaise thábhacht Chónaidhm na Rúise don Aontas mar sholáthraí adhmaid amh, tá caibidlithe ag an gCoimisiún le Cónaidhm na Rúise go ndéanfaidh Cónaidhm na Rúise gealltanais chun na dleachtanna onnmhairiúcháin ar adhmad amh a laghdú nó a dhíchur.

(2)

Sna gealltanais sin, a rinneadh cuid de Sceideal Lamháltas agus Ceangaltais Earraí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) i dtaca le Cónaidhm na Rúise dóibh tráth a haontachais le EDT, tá cuótaí rátaí taraife le haghaidh allmhairiú cineálacha sonraithe adhmaid bhuaircínigh, agus leithdháileadh sciar díobh sin le haghaidh allmhairithe chun an Aontais.

(3)

I gcomhthéacs na caibidlíochta maidir le haontachas Chónaidhm na Rúise le EDT, tá caibidlithe ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le riaradh cuótaí rátaí taraife a bhfuil feidhm acu i ndáil le hadhmad ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais Eorpaigh (2) (“an Comhaontú”).

(4)

Tá Prótacal i ndáil le rialacha mionsonraithe teicniúla de bhun an Chomhaontaithe caibidlithe ag an Aontas agus ag Cónaidhm na Rúise (3) (“an Prótacal”).

(5)

An 14 Nollaig 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/105/AE (4) lenar údaraíodh an Comhaontú agus an Prótacal a shíniú agus iad a chur i bhfeidhm go sealadach ó dháta aontachais Chónaidhm na Rúise le EDT. Síníodh an Comhaontú agus an Prótacal an 16 Nollaig 2011. D’aontaigh Cónaidhm na Rúise le EDT an 22 Lúnasa 2012.

(6)

I gcomhréir le téarmaí an Chomhaontaithe, déanfaidh an tAontas bainistiú ar an scair de na cuótaí rátaí taraife a leithdháileadh air i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha. Leagtar síos le Cinneadh 2012/105/AE go nglacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir leis an modh ina leithdháiltear údaruithe cuóta de bhun an Phrótacail, mar aon le haon fhorálacha eile is gá ionas gur féidir leis an Aontas bainistiú a dhéanamh ar chainníochtaí na gcuótaí taraife arna leithdháileadh ar onnmhairithe chun an Aontais. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 ón gCoimisiún (5) bunaíodh na rialacha cur chun feidhme sealadacha is gá d’fhonn a chur ar chumas an Aontais bainistiú a dhéanamh ar a scair de na cuótaí rátaí taraife a bheidh iomlán oibríochtúil faoin tráth a ghlacfaidh Cónaidhm na Rúise ballraíocht sa EDT. Scoirfidh an Rialachán sin d’fheidhm a bheith aige nuair a thabharfar an Comhaontú agus an Prótacal i gcrích agus nuair a thiocfaidh siad i bhfeidhm.

(7)

D’fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Comhaontú agus an Prótacal a chur chun feidhme tar éis a dteacht i bhfeidhm, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (6).

(8)

D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas dlíthiúil a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart na gníomhartha cur chun feidhme nua atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo éifeachtaí dlíthiúla na mbeart idirthréimhseach a glacadh cheana féin faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 a choimeád. Ba cheart déileáil leis na bearta idirthréimhseacha sin, ina dhiaidh sin, faoin bhforáil chomhfhreagrach sna gníomhartha cur chun feidhme nua sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   D’fhonn an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le riaradh cuótaí rátaí taraife a bhfuil feidhm acu maidir le honnmhairithe adhmaid ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais agus maidir leis an bPrótacal i ndáil le rialacha mionsonraithe teicniúla de bhun an Chomhaontaithe sin a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an modh ina leithdháiltear údaruithe cuóta de bhun mhír 2 d’Airteagal 5 den Phrótacal agus lena leagfar síos aon fhorálacha eile is gá ionas gur féidir leis an Aontas chainníochtaí na gcuótaí rátaí taraife arna leithdháileadh ar onnmhairithe chun an Aontais a bhainistiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2(2).

2.   Faoi na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 coimeádfar éifeachtaí dlíthiúla na mbeart idirthréimhseacha a glacadh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012.

Airteagal 2

1.   Beidh an Coiste um Adhmad a bunaíodh faoi Airteagal 5 de Chinneadh 2012/105/AE de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Féadfaidh an Coiste um Adhmad aon ábhar a scrúdú a bhaineann le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus an Phrótacail, a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó arna iarraidh sin do Bhallstát.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Nollaig 2012.

(2)  IO L 57, 29.2.2012, lch. 3.

(3)  IO L 57, 29.2.2012, lch. 5.

(4)  IO L 57, 29.2.2012, lch. 1.

(5)  IO L 152, 13.6.2012, lch. 28.

(6)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.