14.11.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/43


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1029/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

lena dtugtar isteach fabhair thrádála uathrialacha phráinneacha don Phacastáin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach (dá ngairtear “an tAontas” anseo feasta) agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine (dá ngairtear “an Phacastáin” anseo feasta) cuirtear leis an gComhaontú um Chomhar a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2004 (2). Is é ceann de na príomhchuspóirí a bhaineann leis an gComhaontú na coinníollacha le haghaidh trádála idir na Páirtithe is páirtithe sa Chomhaontú Comhair a áirithiú agus méadú agus forbairt ar an trádáil sin a chur chun cinn. Is gné bhunriachtanach den Chomhaontú sin freisin é urramú chearta an duine, lena n-áirítear bunchearta saothair agus prionsabail an daonlathais.

(2)

In Iúil agus i Lúnasa 2010 i ndiaidh báistí troime monsúin, rinne tuilte millteacha dochar do réigiúin fhairsinge den Phacastáin, go háirithe na limistéir seo a leanas, an Bhalúcastáin, Khyber Pakhtunkhwa, an Phuinseaib, Sindh agus Gilgit-Baltistan. De réir fhoinsí na Náisiún Aontaithe, bhí éifeacht ag na tuilte ar thart ar 20 milliún duine agus ar 20 faoin gcéad de thalamh na Pacastáine, arb ionann é agus 160 000 ciliméadar cearnach ar a laghad agus bhí suas le 12 milliún duine a raibh cabhair dhaonnúil ag teastáil uathu go práinneach.

(3)

Ar ndóigh, is í cabhair dhaonnúil, an áis phríomha i gcás mar seo agus tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sa réimse sin ó thosaigh an ghéarchéim, agus níos mó ná EUR 423 milliún i gcabhair éigeandála don Phacastáin á gheallúint aige.

(4)

Beidh sé tábhachtach leas a bhaint as gach deis atá ar fáil chun tacú le téarnamh na Pacastáine ón ngéarchéim seo, lena n-áirítear na bearta trádála eisceachtúla atá beartaithe chun onnmhairí na Pacastáine a neartú agus chun cuidiú lena forbairt eacnamaíoch amach anseo, agus comhsheasmhacht agus comhleanúnachas á n-áirithiú ar gach leibhéal ag féachaint do straitéis inbhuanaithe fhadtéarmach a fhorbairt.

(5)

Éilítear le déine na tubaiste nádúrtha freagairt láithreach agus shuntasach a chuirfeadh san áireamh tábhacht gheostraitéiseach chomhpháirtíocht na Pacastáine leis an Aontas, go háirithe trí ról ríthábhachtach na Pacastáine sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta fad agus a chuirtear le forbairt, slándáil agus cobhsaíocht an réigiúin san fhoriomlán.

(6)

Ba cheart go mbeadh éifeachtaí na bhfabhar trádála uathrialach intomhaiste go coincréiteach chomh fada agus a bhaineann le poist a chruthú, deireadh a chur leis an mbochtanas agus forbairt inbhuanaithe dhaonra oibre agus bhochtáin na Pacastáine.

(7)

I nDearbhú maidir leis an bPacastáin atá i gceangal lena Conclúidí an 16 Meán Fómhair 2010, chinn an Chomhairle Eorpach sainordú a thabhairt do na hAirí chun pacáiste cuimsitheach beart a chomhaontú láithreach bonn, ar bearta iad don ghearrthéarma, don mheántéarma agus don fhadtéarma a bheidh mar thaca do théarnamh na Pacastáine agus d’fhorbairt na tíre sin sa todhchaí agus ina mbeidh inter alia bearta trádála uaillmhianacha a bheidh riachtanach le haghaidh téarnaimh agus foráis eacnamaíoch.

(8)

Leag an Chomhairle Eorpach béim, go háirithe, ar a geallúint chun breis rochtana a thabhairt don Phacastáin, agus di sin amháin, ar mhargadh an Aontais trí dhleachtanna ar na príomhallmhairí ón bPacastáin a laghdú láithreach, go ceann tréimhse teoranta. I bhfianaise an Dearbhaithe sin, mhol an Coimisiún pacáiste lena sainaithnítear 75 líne taraife a bhaineann go sonrach le bunearnálacha onnmhairiúcháin na Pacastáine sna limistéir sin is mó a d’fhulaing de bharr na dtuillte, agus dearbhaíodh go gcuirfeadh méadú EUR 100 milliún nó níos mó sa bhliain in onnmhairí na Pacastáine chuig an Aontas fíorchúnamh suntasach agus fiúntach ar fáil don réigiún.

(9)

Maidir le trádáil na Pacastáine leis an Aontas, is i dteicstílí agus i dtáirgí éadaí a bhíonn an trádáil sin den chuid is mó, arb ionann í agus 73,7 % d’onnmhairí na Pacastáine chuig an Aontas in 2009. Onnmhairíonn an Phacastáin eatánól agus leathar freisin, arb iad mar aon le teicstílí agus éadach, táirgí tionsclaíocha íogaire i mBallstáit áirithe, ina bhfuil tionchar cheana féin ag an gcúlú eacnamaíoch domhanda ar phoist sa tionscal sin. Tá na tionscail sin ag streachailt le dul in oiriúint don timpeallacht nua trádála domhanda.

(10)

Tá earnáil na dteicstílí, arb ionann 8,5 % den olltairgeacht intíre í agus ina bhfuil 38 % den lucht saothair fostaithe agus is mná iad leath acu, thar a bheith tábhachtach do gheilleagar na Pacastáine.

(11)

I bhfianaise an chruatain atá á fhulaingt ag muintir na Pacastáine de bharr na dtuillte is iomchuí mar sin fabhair thrádála uathrialacha eisceachtúla a thabhairt don Phacastáin trí na taraifí uile a chur ar fionraí go ceann tréimhse teoranta i gcás táirgí áirithe atá tábhachtach mar onnmhairí don Phacastáin. Ní bheadh aon drochthionchar suntasach ag na fabhair thrádála den sórt sin ar mhargadh intíre an Aontais ná ní bheadh tionchar diúltach aige ar na Baill is lú forbairt den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).

(12)

Is mar chuid de phacáiste eisceachtúil a mholtar na bearta sin mar fhreagairt ar an staid shonrach sa Phacastáin. In imthosca ar bith, ní ceart gur fasach iad na bearta sin maidir le beartas trádála an Aontais le tíortha eile.

(13)

Is i bhfoirm díolúine ó dhleachtanna custaim agus táirgí á n-allmhairiú isteach san Aontas nó i bhfoirm cuótaí rátaí taraife a bheidh na fabhair thrádála uathrialacha.

(14)

Beidh an Phacastáin i dteideal leas a bhaint as na fabhair thrádála uathrialacha ar choinníoll go gcloífidh sí leis na rialacha ábhartha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus leis na nósanna imeachta a bhaineann leo agus ar choinníoll go mbeidh an Phacastáin rannpháirteach i riarachán éifeachtach in éineacht leis an Aontas d’fhonn aon bhaol a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le calaois a chosc. Ba cheart go gcuirfí na fabhair ar fionraí go sealadach dá sárófaí, go tromchúiseach nó go córasach, coinníollacha na teidlíochta i leith an tsocraithe fhabhraigh, dá dtarlódh calaois nó dá mainneofaí comhar riaracháin a sholáthar chun tionscnamh earraí a fhíorú.

(15)

Chun críoch na gcoincheap maidir le táirgí tionscnaimh, deimhniú ar an tionscnamh agus nósanna imeachta comhoibrithe riaracháin a shainmhíniú, ba cheart go mbeadh feidhm ag Cuid I, Teideal IV, Caibidil 2, Roinn 1 agus Roinn 1A de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha le haghaidh cur chun feidhme Rialacháin (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (3), cé is moite d’Airteagal 68 go hAirteagal 71, Airteagal 90 go hAirteagal 97i agus Airteagal 97j(2) de na Ranna sin. Maidir le carnadh tionscnaimh, áfach, níor cheart ach ábhair de thionscnamh an Aontais a cheadú lena n-úsáid chun na gcríoch sin. Carnadh réigiúnach agus cineálacha eile carntha seachas carnadh le hábhair de thionscnamh an Aontais, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le stádas tionscnaimh táirgí a chumhdaítear leis na fabhair uathrialacha trádála a bunaíodh de bhun an Rialacháin seo a chinneadh d’fhonn a áirithiú go ndéanfar go leor trasfhoirmithe sa Phacastáin.

(16)

D’fhonn fabhair thrádála uathrialacha a dheonú don Phacastáin, bheadh gá le tarscaoileadh ó oibleagáidí an Aontais de réir Airteagal I agus Airteagal XIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 (CGTT) de bhun Airteagal IX den Chomhaontú lena mbunaítear an EDT. Cheadaigh Comhairle Ghinearálta an EDT an tarscaoileadh sin an 14 Feabhra 2012.

(17)

D’fhonn tionchar láithreach agus inbhuanaithe ar théarnamh eacnamaíoch na Pacastáine a áirithiú i ndiaidh na dtuilte agus i gcomhréir le tarscaoileadh ón EDT, moltar an tréimhse a mbeidh na fabhair uathrialacha trádála i bhfeidhm a theorannú go dtí an 31 Nollaig 2013.

(18)

D’fhonn gníomhú go tapa agus sláine agus feidhmiú rianúil na bhfabhar trádála uathrialach a áirithiú don Phacastáin agus d’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le fionraíocht shealadach de bharr neamhchomhlíonadh nósanna imeachta agus oibleagáidí custaim, sáruithe dáiríre agus córasacha ar bhunphrionsabail dhaonlathacha chearta an duine, na prionsabail dhaonlathacha agus riail an dlí ag an bPacastáin, nó ós rud é nach ndearna an Phacastáin an chonníoll a urramú go staonfadh sí ón 1 Iúil 2012 ó dhleachtanna nua ar onnmhairí a thabhairt isteach nó ó dhleachtanna ar onnmhairí atá ann cheana a mhéadú nó ó mhuirir chomhéifeachta nó ó aon bhac nó ó thoirmeasc eile i ndáil le honnmhairiú nó le díol le haghaidh onnmhairiú d’aon ábhair a úsáidtear i dtáirgeadh na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh, sa chás go n-éileofar é sin le mórchúiseanna práinne. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (4).

(19)

D’fhonn na hoiriúnuithe teicniúla is gá a dhéanamh don liosta earraí a bhfuil na fabhair thrádála uathrialacha infheidhme ina leith agus chun táirgí a bhaint ó raon feidhme an Rialacháin sin sa chás go méadóidh toirteanna na n-allmhairí atá cumhdaithe leis an Rialachán seo thar leibhéil áirithe ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le hIarscríbhinn I agus le hIarscríbhinn II a leasú chun athruithe san ainmníocht chomhcheangailte a léiriú agus chun táirgí a bhaint ó raon feidhme an Rialacháin seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(20)

D’fhonn aghaidh a thabhairt gan mhoill shuntasach ar allmhairí a bhfuil méadú suntasach tagtha orthu atá díolmhaithe ó dhleachtanna custaim nuair a allmhairítear iad isteach san Aontas agus a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith acu ar tháirgeoirí an Aontais, ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a bhainfidh táirgí ó raon feidhme an Rialacháin seo faoin nós imeachta práinne.

(21)

Tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dháta éagtha an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le héifeachtaí na bhfabhar trádála uathrialach seo. Ba cheart go mbeadh anailís mhionsonraithe faoi éifeachtaí na bhfabhar seo ar gheilleagar na Pacastáine agus a dtionchar ar thrádáil agus ar ioncam taraife an Aontais mar aon lena dtionchar ar gheilleagar agus poist an Aontais san áireamh sa tuarascáil sin. Sa tuarascáil sin, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar éifeachtaí na bhfabhar trádála uathrialach chomh fada agus a bhaineann le poist a chruthú, deireadh a chur leis an mbochtanas agus forbairt inbhuanaithe dhaonra oibre agus bhochtáin na Pacastáine,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socruithe fabhair

1.   Maidir le táirgí de thionscnamh na Pacastáine agus a áirítear in Iarscríbhinn I, beidh siad saor ó dhleachtanna custaim nuair a allmhaireofar isteach san Aontas iad.

2.   Maidir le táirgí de thionscnamh na Pacastáine agus a áirítear in Iarscríbhinn II, ceadófar iad a allmhairiú isteach san Aontas faoi réir na bhforálacha speisialta atá leagtha síos in Airteagal 3.

Airteagal 2

Coinníollacha teidlíochta i leith na socruithe fabhair

1.   Beidh teidlíocht chun leas a bhaint as na socruithe fabhair a tugadh isteach in Airteagal 1 faoi réir:

(a)

na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo de réir mar a fhoráiltear i gCuid I, Teideal IV, Caibidil 2, Roinn I agus Roinn IA, fo-roinn 1 agus fo-roinn 2 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93, cé is moite d’Airteagal 68 go hAirteagal 71, Airteagal 90 go hAirteagal 97i agus Airteagal 97j(2) de na Ranna sin, a bheith á gcomhlíonadh. Mar sin féin, maidir le carnadh tionscnaimh chun stádas tionscnaimh táirgí a chumhdaítear leis na socruithe a tugadh isteach in Airteagal 1 den Rialachán seo a chinneadh, ní cheadaítear ach carnadh leis na hábhair sin ar de thionscnamh an Aontais iad. Ní cheadaítear carnadh réigiúnach ná cineálacha eile carntha seachas an carnadh le hábhair de thionscnamh an Aontais;

(b)

chomhlíonadh modhanna an chomhair riaracháin dá bhfhoráiltear i gCuid I, Teideal IV, Caibidil 2, Roinn 1, fo-roinn 3 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93;

(c)

an Phacastáin gan a bheith ag gabháil do sháruithe córasacha ar chearta an duine, lena n-áirítear bunchearta saothair, prionsabail bhunúsacha an daonlathais agus riail an dlí;

(d)

an Phacastáin a bheith ag staonadh ó dhleachtanna nua ar onnmhairí a thabhairt isteach nó ó dhleachtanna ar onnmhairí atá ann cheana a mhéadú nó ó mhuirir chomhéifeachta nó ó aon bhac nó ó thoirmeasc eile i ndáil le honnmhairiú nó le díol le haghaidh onnmhairiú d’aon ábhair a úsáidtear go príomha i dtáirgeadh aon cheann de na táirgí a chumhdaítear leis na socruithe fabhair seo atá ceaptha do chríoch an Aontais, ón 1 Iúil 2012.

2.   Maidir le deimhnithe tionscnaimh de Fhoirm A arna eisiúint ag údaráis inniúla na Pacastáine de bhun an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh an formhuiniú seo a leanas i mbosca 4 acu “Autonomous measure — Rialachán (AE) Uimh. 1029/2012 (5)”.

Airteagal 3

Cuótaí taraife

1.   Ceadófar táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II a allmhairiú isteach san Aontas le díolúine ó dhleachtanna custaim laistigh de theorainneacha chuótaí taraife an Aontais mar a leagtar amach san Iarscríbhinn sin iad.

2.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na cuótaí taraife dá dtagraítear i mír 1 agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a riaradh i gcomhréir le hAirteagal 308a, le hAirteagal 308b agus le hAirteagal 308c de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93.

Airteagal 4

Na táirgí a bhaint ó raon feidhme an Rialacháin seo

1.   Más rud é sa bhliain féilire 2012 nó 2013, maidir le hallmhairí atá bunaithe ar shonraí allmhairí custaim táirge de thionscnamh na Pacastáine agus a áirítear in Iarscríbhinn I, go méadaíonn siad 25 % nó níos mó, de réir toirte, le hais mheán na mblianta 2009 go 2011, bainfear an táirge sin ó raon feidhme an Rialacháin seo ar feadh an chuid eile den bhliain sin. Chun críocha na míre seo, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 6, chun Iarscríbhinn I a leasú leis an táirge sin a bhaint de raon feidhme an Rialacháin ar feadh an chuid eile den bhliain sin.

2.   Ar theacht i bhfeidhm don ghníomh tarmligthe, beidh onnmhairí den táirge dá dtagraítear i mír 1 faoi réir dleachtanna na náisiún barrfhabhair nó faoi réir dleachtanna eile is infheidhme.

Airteagal 5

Coigeartuithe teicniúla ar na hIarscríbhinní

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6, chun na hIarscríbhinní a leasú d’fhonn leasuithe agus coigeartuithe teicniúla a ionchorprú, ar leasuithe agus coigeartuithe iad a bheidh riachtanach trí leasuithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC.

Airteagal 6

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a ghlacadh, tugtar don Choimisiún í faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Maidir leis an gcumhacht na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í ar feadh tréimhse feidhmithe an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 7

An nós imeachta práinne

1.   Gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar aon agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 8

An nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 247a(1) agus le hAirteagal 248a(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle (6) de chúnamh ag an Coimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin. Féadfaidh an Coiste sin aon ábhar a scrúdú a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, arna tharraingt anuas ag an gCoimisiún nó ar iarratas ó Bhallstát.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 9

Fionraí sealadach

1.   Má chinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann gur mainníodh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh, féadfaidh sé, chun an phráinn sin a fhreagairt, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach na socruithe fabhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach go ceann tréimhse nach mó ná sé mhí, ar choinníoll go mbeidh an méid seo a leanas déanta i dtosach báire aige:

(a)

go mbeidh an Coiste, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), curtha ar an eolas aige;

(b)

go mbeidh sé tar éis a iarraidh ar na Ballstáit na bearta réamhchúraim is gá a dhéanamh d’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint nó d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Phacastáin Airteagal 2;

(c)

go mbeidh fógra foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aige lena gcuirfear in iúl go bhfuil forais ann le hamhras réasúnach a bheith ann maidir leis an bPacastáin ó thaobh na socruithe fabhair a chur i bhfeidhm nó ó thaobh Airteagal 2 a chomhlíonadh, ar forais iad a d’fhéadfadh an ceart atá ag an bPacastáin leanúint de bheith ag baint tairbhe as na buntáistí a dheonófar leis an Rialachán seo a thabhairt faoi cheist;

(d)

go mbeidh an Phacastáin curtha ar an eolas aige maidir le haon chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an mír seo, sula dtiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm.

2.   Nuair a bheidh críoch le tréimhse shealadach na fionraíochta, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gcuirfidh sé deireadh leis an bhfionraíocht nó an gcuirfidh sé síneadh leis an tréimhse a chuirtear í i bhfeidhm.

3.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

4.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile is gá a d’fhéadfadh seasamh le socruithe fabhair a chur ar fionraí go sealadach nó iad a shíneadh a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 10

Tuarascáil

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2015, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi oibriú agus faoi éifeachtaí an Rialacháin seo.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2012.

(2)  Cinneadh 2004/870/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Chomhar idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine (IO L 378, 23.12.2004, lch. 22).

(3)  IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

(4)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(5)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 43.

(6)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

NA TÁIRGÍ A BHFUIL AN DLEACHT CHUSTAIM DÍOLMHAITHE INA LEITH

Sainaithnítear lena gcód AC ocht n-uimhir na táirgí a mbeidh feidhm ag na bearta maidir leo. Tá tuairisc ar na cóid sin ar fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (1). Is chun críocha faisnéise amháin a thugtar tuairisc ar na cóid AC.

Cód AC

Tuairisc

0712 39 00

Beacáin thirime agus srufail, iad iomlán, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú breise déanta orthu (seachas beacáin den ghéineas Agaricus, cluasa adhmaid (Auricularia spp.) agus glóthfhungais (Tremella spp.))

5205 12 00

Abhras singil cadáis, de shnáithíní neamhspíonta, ar cadás é 85 % de de réir meáchain nó níos mó, atá níos lú ná 714,29 deiciteics ar dlús ach nach bhfuil níos lú ná 232,56 deiciteics (uimhir mhéadrach: níos mó ná 14 ach gan dul thar 43), agus nach bhfuil cóirithe lena miondíol

5205 22 00

Abhras singil cadáis, de shnáithíní spíonta, ar cadás é 85 % de de réir meáchain nó níos mó, atá níos lú ná 714,29 deiciteics ar dlús ach nach bhfuil níos lú ná 232,56 deiciteics (uimhir mhéadrach: níos mó ná 14 ach gan dul thar 43), agus nach bhfuil cóirithe lena miondíol

5205 32 00

Abhras iolrach fillte cadáis nó abhras cábla cadáis, de shnáithíní neamhspíonta, ar cadás é 85 % de de réir meáchain nó níos mó, atá níos lú ná 714,29 deiciteics ar dlús in aghaidh an abhrais shingil ach nach bhfuil níos lú ná 232,56 deiciteics (uimhir mhéadrach: níos mó ná 14 ach gan dul thar 43 in aghaidh an abhrais shingil), agus nach bhfuil cóirithe lena miondíol

5205 42 00

Abhras iolrach fillte cadáis nó abhras cábla cadáis, de shnáithíní spíonta, ar cadás é 85 % de de réir meáchain nó níos mó, atá níos lú ná 714,29 deiciteics ar dlús in aghaidh an abhrais shingil ach nach bhfuil níos lú ná 232,56 deiciteics (uimhir mhéadrach: níos mó ná 14 ach gan dul thar 43 in aghaidh an abhrais shingil), agus nach bhfuil cóirithe lena miondíol

5208 11 90

Faibrící fite pléineáilte neamhthuartha cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, a bhfuil meáchan nach mó ná 100 g/m2 acu, seachas faibrící a úsáidtear chun bindealáin, cóirithe agus uigí míochaine a mhonarú

5208 12 16

Faibrící fite pléineáilte neamhthuartha cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, a bhfuil meáchan de níos mó ná 100 g/m2 acu ach nach dtéann thar 130 g/m2, agus nach bhfuil níos mó ná 165 cm ar leithead

5208 12 19

Faibrící fite pléineáilte neamhthuartha cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, a bhfuil meáchan de níos mó ná 100 g/m2 acu ach nach dtéann thar 130 g/m2 agus atá níos mó ná 165 cm ar leithead

5208 13 00

Faibrící fite neamhthuartha cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, i gcorrán 3 shnáth nó i gcorrán 4 shnáth, lena n-áirítear croschorrán

5208 19 00

Faibrící fite neamhthuartha eile cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó

5208 21 90

Faibrící fite pléineáilte tuartha cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, a bhfuil meáchan nach mó ná 100 g/m2 acu, seachas faibrící a úsáidtear chun bindealáin, cóirithe agus uigí míochaine a mhonarú

5208 22 19

Faibrící fite pléineáilte tuartha cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, a bhfuil meáchan de níos mó ná 100 g/m2 acu ach nach dtéann thar 130 g/m2, agus atá níos mó ná 165 cm ar leithead

5208 22 96

Faibrící fite pléineáilte tuartha cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, a bhfuil meáchan de níos mó ná 130 g/m2 acu, agus nach bhfuil níos mó ná 165 cm ar leithead

5208 29 00

Faibrící fite tuartha cadáis eile, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó

5208 51 00

Faibrící fite pléineáilte priontáilte cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, agus a bhfuil meáchan nach mó ná 100 g/m2 acu

5208 52 00

Faibrící fite pléineáilte priontáilte cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, agus a bhfuil meáchan is mó ná 200 g/m2 acu

5208 59 90

Faibrící fite priontáilte eile cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó

5209 11 00

Faibrící fite pléineáilte neamhthuartha cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, agus a bhfuil meáchan is mó ná 200 g/m2 acu

5209 12 00

Faibrící fite neamhthuartha cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó agus a bhfuil meáchan is mó ná 200 g/m2 acu, i gcorrán 3 shnáth nó i gcorrán 4 shnáth, lena n-áirítear croschorrán

5209 19 00

Faibrící fite neamhthuartha eile cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó

5209 22 00

Faibrící fite tuartha cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, agus a bhfuil meáchan is mó ná 200 g/m2 acu, i gcorrán 3 shnáth nó i gcorrán 4 shnáth, lena n-áirítear croschorrán

5209 29 00

Faibrící fite tuartha eile cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó

5209 32 00

Faibrící fite ruaimnithe cadáis, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, agus a bhfuil meáchan is mó ná 200 g/m2 acu, i gcorrán 3 shnáth nó i gcorrán 4 shnáth, lena n-áirítear croschorrán

5211 12 00

Faibrící fite neamhthuartha cadáis, ar cadás é níos lú ná 85 % díobh de réir meáchain, agus iad measctha go príomha nó go leithleach le snáithíní de dhéantús an duine, agus a bhfuil meáchan is mó ná 200 g/m2 acu, i gcorrán 3 shnáth nó i gcorrán 4 shnáth, lena n-áirítear croschorrán

5407 81 00

Faibrící fite abhrais, ar filiméid shintéiseacha é níos lú ná 85 % díobh de réir meáchain, lena n-áirítear faibrící fite a dhéantar as aonfhiliméad sintéiseach atá 67 deiciteics ar dlús nó níos mó agus nach dtéann aon toise trasghearrthach dá gcuid thar 1 mm, arna meascadh go príomha le cadás nó le cadás amháin, agus iad neamhthuartha nó tuartha

5407 82 00

Faibrící fite abhrais, ar filiméid shintéiseacha é níos lú ná 85 % díobh de réir meáchain, lena n-áirítear faibrící fite a dhéantar as aonfhiliméad sintéiseach atá 67 deiciteics ar dlús nó níos mó agus nach dtéann aon toise trasghearrthach dá gcuid thar 1 mm, arna meascadh go príomha le cadás nó le cadás amháin, agus iad ruaimnithe

5513 11 20

Faibrící fite déanta as snáithíní stáplacha poileistir, ar snáithíní den sórt sin é níos lú ná 85 % díobh de réir meáchain, iad measctha go príomha le cadás nó le cadás amháin; tá meáchan nach mó ná 170 g/m2 acu; fí phléineáilte atá i gceist; iad neamhthuartha nó tuartha; 165 cm ar leithead nó níos lú

5513 21 00

Faibrící fite déanta as snáithíní stáplacha poileistir, ar snáithíní den sórt sin é níos lú ná 85 % díobh de réir meáchain, iad measctha go príomha le cadás nó le cadás amháin; tá meáchan nach mó ná 170 g/m2 acu; fí phléineáilte atá i gceist; iad ruaimnithe

5513 41 00

Faibrící fite déanta as snáithíní stáplacha poileistir, ar snáithíní den sórt sin é níos lú ná 85 % díobh de réir meáchain, iad measctha go príomha le cadás nó le cadás amháin; tá meáchan nach mó ná 170 g/m2 acu agus tá siad priontáilte

6101 20 90

Anoraic d’fhir nó do bhuachaillí (lena n-áirítear seaicéid sciála) cótaí gaoithe, seaicéid ghaoithe agus earraí dá samhail, as cadás, atá cniotáilte nó cróiseáilte

6112 12 00

Cultacha spóirt de snáithíní sintéiseacha, atá cniotáilte nó cróiseáilte

6116 10 20

Lámhainní, atá tuilithe, brataithe nó clúdaithe le rubar, agus atá cniotáilte nó cróiseáilte

6116 10 80

Mitíní agus miotóga, atá tuilithe, brataithe nó clúdaithe le plaistigh nó le rubar agus atá cniotáilte nó cróiseáilte, agus lámhainní atá tuilithe, brataithe nó clúdaithe le plaistigh agus atá cniotáilte nó cróiseáilte

6116 92 00

Lámhainní, mitíní agus miotóga, as cadás, atá cniotáilte nó cróiseáilte

6116 93 00

Lámhainní, mitíní agus miotóga, as snáithíní sintéiseacha, atá cniotáilte nó cróiseáilte

6201 93 00

Anoraic d’fhir nó do bhuachaillí, cótaí gaoithe, seaicéid ghaoithe agus earraí dá samhail as snáithíní de dhéantús an duine

6203 43 19

Treabhsair agus brístí d’fhir nó do bhuachaillí, as snáithíní sintéiseacha (seachas iad atá tionsclaíoch nó a bhaineann le ceird)

6204 22 80

Ensembles do mhná nó do chailíní, as cadás (seachas iad atá tionsclaíoch nó a bhaineann le ceird)

6204 62 90

Brístí sciota as cadás do mhna nó do chailíní

6207 91 00

Singléid agus veisteanna eile, róbaí folctha, fallaingeacha seomra agus earraí dá samhail as cadás d’fhir nó do bhuachaillí

6208 91 00

Singléid agus veisteanna eile, brístíní, negligés, róbaí folctha, fallaingeacha seomra agus earraí dá samhail as cadás do mhna nó do chailíní

6211 43 10

Naprúin, rabhlaeir, forléine-rabhlaeir agus éadaí tionsclaíocha agus ceirde eile do mhná nó do chailíní, as snáithíní de dhéantús an duine

6216 00 00

Lámhainní, miotóga agus mitíní

6303 91 00

Cuirtíní (lena n-áirítear scaraoidí) agus dallóga intí, cuirtíní leapa nó sciortaí leapa as cadás gan a bheith cniotáilte nó cróiseáilte

6303 92 90

Cuirtíní (lena n-áirítear scaraoidí) agus dallóga intí, sciortaí cuirtíní nó sciortaí leapa, as snáithíní sintéiseacha, seachas iad sin nach bhfuil fite agus seachas iad sin atá cniotáilte nó cróiseáilte

6303 99 90

Cuirtíní (lena n-áirítear scaraoidí) agus dallóga intí, sciortaí cuirtíní nó sciortaí leapa, seachas iad sin atá déanta as cadás nó as snáithíní sintéiseacha agus seachas iad sin nach bhfuil fite, agus iad atá cniotáilte ná cróiseáilte

6304 92 00

Earraí eile d’fhearastú as cadás, nach bhfuil cniotáilte nó cróiseáilte

6307 10 90

Ceirteacha urláir, ceirteacha mias, glantóirí deannaigh agus ceirteacha glantacháin seachas iad atá cniotáilte nó cróiseáilte agus seachas iad nach bhfuil fite

6307 90 99

Earraí rédhéanta eile teicstíle, lena n-áirítear patrúin do ghúnaí, nach bhfuil cniotáilte nó cróiseáilte agus nach bhfuil déanta as feilt


(1)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.


IARSCRÍBHINN II

AN TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR NA GCUÓTAÍ TARAIFE BLIANTÚLA SAOR Ó DHLEACHT DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3

Aithnítear lena gcód AC ocht n-uimhir na táirgí a mbeidh feidhm ag na bearta maidir leo. Tá tuairisc ar na cóid sin ar fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87. Is chun críocha faisnéise amháin a thugtar tuairisc ar na cóid AC.

Uimh. an Ordaithe

Cód AC

Tuairisc

Ó theacht i bhfeidhm go dtí deireadh 2012

1.1.2013 go 31.12.2013

09.2401

2207 10 00

Alcól eitile gan dínádúrú a bhfuil neart iarbhír alcóil >= 80 % aige

18 750 tona

75 000 tona

09.2409

4107 92 10

Scoilteanna snáithe de leathar bó-ainmhithe (lena n-áirítear buabhaill) an fionnadh bainte díobh, agus ullmhú breise déanta orthu tar éis súdaireacht a dhéanamh nó crústa a chur orthu, seachas seithí agus craicne iomlána

89 tona

356 tona

09.2410

4107 99 10

Leathar bó-ainmhithe (lena n-áirítear buabhaill), an fionnadh bainte díobh, agus ullmhú breise déanta orthu tar éis súdaireacht a dhéanamh nó crústa a chur orthu, seachas seithí agus craicne iomlána, snáitheanna iomlána neamhscoilte agus scoilteanna snáithe

90,25 tona

361 tona

09.2411

4203 21 00

Lámhainní, mitíní agus miotóga, as leathar nó as leathar comhdhéanta, atá saindeartha le haghaidh úsáide sa spórt

361,75 tona

1 447 tona

09.2412

4203 29 10

Lámhainní, mitíní agus miotóga, as leathar nó as leathar comhdhéanta, cosanta do na ceirdeanna go léir, seachas iad sin atá saindeartha le haghaidh úsáide sa spórt

1 566,5 tona

6 266 tona

09.2413

ex 4203 29 90

Lámhainní, mitíní agus miotóga d’fhir agus do bhuachaillí, as leathar nó as leathar comhdhéanta, seachas iad sin atá saindeartha le haghaidh úsáide sa spórt agus iad atá cosanta do na ceirdeanna go léir

62,75 tona

251 tona

09.2414

ex 4203 29 90

Lámhainní, mitíní agus miotóga, as leathar nó as leathar comhdhéanta, seachas iad sin atá saindeartha le haghaidh úsáide sa spórt, iad atá cosanta do na ceirdeanna go léir agus iad sin atá d’fhir agus do bhuachaillí

135,5 tona

542 tona

09.2415

5205 23 00

Abhras singil cadáis, de shnáithíní spíonta, ar cadás é 85 % de de réir meáchain nó níos mó, atá níos lú ná 232,56 deiciteics ar dlús ach nach bhfuil níos lú ná 192,31 deiciteics (uimhir mhéadrach: níos mó ná 43 ach gan dul thar 52), agus nach bhfuil cóirithe lena miondíol

1 790 tona

7 160 tona

09.2416

5205 24 00

Abhras singil cadáis, de shnáithíní spíonta, ar cadás é 85 % de de réir meáchain nó níos mó, atá níos lú ná 192,31 deiciteics ar dlús ach nach bhfuil níos lú ná 125 deiciteics (uimhir mhéadrach: níos mó ná 52 ach gan dul thar 80), agus nach bhfuil cóirithe lena miondíol

1 276,25 tona

5 105 tona

09.2417

5208 39 00

Faibrící fite ruaimnithe cadáis eile, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó

421,25 tona

1 685 tona

09.2418

5209 39 00

Faibrící fite ruaimnithe cadáis eile, ar cadás é 85 % díobh de réir meáchain nó níos mó, agus a bhfuil meáchan de níos mó ná 200 g/m2 acu

689,25 tona

2 757 tona

09.2419

5509 53 00

Abhras (seachas snáth fuála) déanta as snáithíní stáplacha poileistir, arna meascadh go príomha le cadás nó le cadás amháin, agus ar abhras é nach bhfuil cóirithe lena miondíol

3 061 tona

12 244 tona

09.2420

6103 32 00

Seaicéid agus bléasair as cadás d’fhir nó do bhuachaillí, atá cniotáilte nó cróiseáilte

249,75 tona

999 tona

09.2421

6103 42 00

Treabhsair, rabhlaer beannóg is guailleán, brístí agus brístí sciota (seachas feisteas snámha), as cadás, d’fhir nó do bhuachaillí, atá cniotáilte nó cróiseáilte

568,75 tona

2 275 tona

09.2422

6107 21 00

Léinte oíche agus pitseámaí, as cadás, d’fhir nó do bhuachaillí, atá cniotáilte nó cróiseáilte

167,5 tona

670 tona

09.2423

6108 31 00

Gúnaí oíche agus pitseámaí, as cadás, do mhná nó do chailíní, atá cniotáilte nó cróiseáilte

374,5 tona

1 498 tona

09.2424

6109 90 20

T-léinte, singléid agus veisteana eile as olann nó fionnadh fíneáilte ainmhithe nó snáithíní de dhéantús an duine, atá cniotáilte nó cróiseáilte

297,5 tona

1 190 tona

09.2425

6111 20 90

Baill éadaigh babaithe agus gabhálais éadaigh, as cadás, atá cniotáilte nó cróiseáilte (seachas lámhainní, mitíní agus miotóga)

153,5 tona

614 tona

09.2426

6115 95 00

Riteoga, stocaí, gearrstocaí agus góiséireacht eile, agus coisbheart gan boinn a bheith curtha leo, iad as cadás agus cniotáilte nó cróiseáilte (seachas góiséireacht chomhbhrú ghrádaithe agus riteoga comhbhrú grádaithe, stocaí lánfhada ban nó stocaí glún ban, atá níos lú ná 67 deiciteics ar dlús in aghaidh an abhrais shingil)

2 263 tona

9 052 tona

09.2427

6204 62 31

Treabhsair dheinime agus brístí deinime as cadás do mhná nó do chailíní (seachas iad atá tionsclaíoch nó a bhaineann le ceird)

1 892,75 tona

7 571 tona

09.2428

6211 42 90

Baill éadaigh as cadás do mhná nó do chailíní

96,5 tona

386 tona

09.2429

6302 60 00

Línéadach ionlainne agus línéadach cistine de thuáille gibíneach agus d’fhaibrící gibínigh eile dá samhail as cadás

9 602 tona

38 408 tona

09.2430

6302 91 00

Línéadach ionlainne agus línéadach cistine as cadás, seachas faibrící tuáille gibíneach agus faibrící gibínigh eile dá samhail

2 499,25 tona

9 997 tona

09.2431

6403 99 93

Coisbheart a bhfuil boinn sheachtracha rubair, boinn sheachtracha phlaisteacha nó boinn sheachtracha de leathar comhdhéanta agus uachtair leathair aige, ag a bhfuil boinn istigh atá 24 cm ar fad nó níos mó agus nach bhfuil inaitheanta mar choisbheart fear ná coisbheart ban, seachas coisbheart spóirt agus coisbheart a bhfuil bairbín cosanta miotail aige, coisbheart nach mbíonn an rúitín á chlúdach aige, nach ndearnadh ar bhonn ná ar chlár adhmaid (nach bhfuil bonn istigh aige), seachas coisbheart le huachtar atá déanta as strapaí nó a bhfuil píosa nó roinnt píosaí gearrtha as, seachas slipéir

60,5 tona

242 tona

09.2432

6403 99 96

Coisbheart a bhfuil boinn sheachtracha rubair, boinn sheachtracha phlaisteacha nó boinn sheachtracha de leathar comhdhéanta agus uachtair leathair aige, ag a bhfuil boinn istigh atá 24 cm ar fad nó níos mó, d’fhir, seachas coisbheart spóirt agus coisbheart a bhfuil bairbín cosanta miotail aige, coisbheart nach mbíonn an rúitín á chlúdach aige, nach ndearnadh ar bhonn ná ar chlár adhmaid (nach bhfuil bonn istigh aige), seachas coisbheart le huachtar atá déanta as strapaí nó a bhfuil píosa nó roinnt píosaí gearrtha as, seachas slipéir

363,25 tona

1 453 tona

09.2433

6403 99 98

Coisbheart a bhfuil boinn sheachtracha rubair, boinn sheachtracha phlaisteacha nó boinn sheachtracha de leathar comhdhéanta agus uachtair leathair aige, ag a bhfuil boinn istigh atá 24 cm ar fad nó níos mó, do mhná, seachas coisbheart spóirt agus coisbheart a bhfuil bairbín cosanta miotail aige, coisbheart nach mbíonn an rúitín á chlúdach aige, nach ndearnadh ar bhonn ná ar chlár adhmaid (nach bhfuil bonn istigh aige), seachas coisbheart le huachtar atá déanta as strapaí nó a bhfuil píosa nó roinnt píosaí gearrtha as, seachas slipéir

172,75 tona

691 tona