14.11.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1024/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D’fhonn gníomhartha áirithe de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm, ar gníomhartha iad lena rialaítear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil sa mhargadh inmheánach, ní mór do na Ballstáit comhoibriú le chéile ar bhealach níos éifeachtaí agus faisnéis a mhalartú le chéile agus leis an gCoimisiún. Ós rud é gur minic nach sonraítear sna gníomhartha sin modhanna praiticiúla chun malartú faisnéise den chineál sin a chur chun feidhme, is gá socruithe praiticiúla iomchuí a dhéanamh.

(2)

Is éard atá i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) feidhmchlár bogearraí a bhfuil fáil air tríd an idirlíon agus a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit, chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit na ceanglais maidir le malartú faisnéise atá leagtha síos i ngníomhartha de chuid an Aontais a chur chun feidhme go praiticiúil trí shásra cumarsáide láraithe a sholáthar chun malartú faisnéise thar theorainneacha agus cúnamh frithpháirteach a éascú. Cuidíonn IMI, go háirithe, le húdaráis inniúla chun a gcontrapháirtí i mBallstát eile a aithint, chun malartú na faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a bhainistiú ar bhonn nósanna imeachta simplí agus aontaithe agus chun constaicí teanga a shárú de bhun sreabh oibre atá réamhshainithe agus réamhaistrithe. I gcás go bhfuil teacht air, ba cheart don Choimisiún aon fheidhmiúlacht aistriúcháin eile atá ann cheana a sholáthar d’úsáideoirí IMI, ar feidhmiúlacht í a chomhlíonann a gcuid riachtanas, a luíonn leis na riachtanais slándála agus rúndachta a bhaineann le malartú faisnéise san IMI, agus is féidir a chur ar fáil ar chostas réasúnta.

(3)

D’fhonn go bhféadfar constaicí teanga a shárú, ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh IMI ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

(4)

Ba cheart gurb é is cuspóir d’IMI feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí uirlis éifeachtach soláimhsithe a sholáthar chun an comhar riaracháin idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún a chur chun feidhme, agus sa dóigh sin cur i bhfeidhm gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a éascú.

(5)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2011 dar teideal “Rialachas níos fearr ar an Margadh Aonair trí chomhar riaracháin níos fearr: Straitéis chun Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’) a leathnú agus a fhorbairt”, leagtar amach pleananna a d’fhéadfaí a úsáid chun IMI a leathnú go gníomhartha eile de chuid an Aontais. Ina Theachtaireacht an 13 Aibreán 2011 dar teideal “Gníomh um an Margadh Aonair: 12 Luamhán chun an fás agus an mhuinín a neartú — ‘Ag obair i dteannta a chéile chun an fás nua a chruthú’”, leagann an Coimisiún béim ar an tábhacht a bhaineann le IMI chun an comhar a neartú i measc na ngníomhaithe atá rannpháirteach sa mhargadh aonair, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, agus sa dóigh sin cuirtear le rialachas níos fearr ar an margadh aonair. Is gá, dá bhrí sin, creat fónta dlí a bhunú le haghaidh IMI, maille le sraith comhrialacha chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh IMI go héifeachtúil.

(6)

I gcás ina gceanglófar le foráil gníomh de chuid an Aontais go malartóidh Ballstáit sonraí pearsanta agus ina ndéanfar foráil maidir le críoch na próiseála sin, ba cheart a mheas gur leor í foráil den sórt sin mar bhunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 8 agus in Airteagal 52 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart breathnú ar IMI mar uirlis a úsáidtear go príomha chun faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a mhalartú, ar faisnéis í a mhalartófaí ar mhodhanna eile i gcásanna eile, lena n-áirítear tríd an ngnáthphost, trí fhacs nó trí ríomhphost ar bhonn oibleagáide dlíthiúla arna forchur ar údaráis agus ar chomhlachtaí na mBallstát i ngníomhartha de chuid an Aontais. Níor cheart sonraí pearsanta a mhalartaítear trí bhíthin IMI a bhailiú, a phróiseáil ná a úsáid ach amháin chun críocha atá ag teacht leis na críocha chuig ar bailíodh iad den chéad uair agus ba cheart go mbeadh siad faoi réir gach coimirce ábhartha.

(7)

Ag déanamh de réir phrionsabal an phríobháideachais d’aon ghnó, tugadh aird, agus IMI á fhorbairt, ar cheanglais na reachtaíochta maidir le cosaint sonraí agus urramaíodh cosaint sonraí ann ón gcéad lá riamh, go háirithe de bharr na srianta a chuirtear ar rochtain ar shonraí pearsanta a mhalartaítear in IMI. Dá bhrí sin, tugtar leibhéal cosanta agus slándála i bhfad níos airde le IMI i gcomparáid le modhanna eile chun faisnéis a mhalartú amhail an gnáthphost, teileafón, facs nó post leictreonach.

(8)

Ba cheart go gcomhlíonfadh an comhar riaracháin ar mhodh leictreonach idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (3) agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (4). Ba cheart go mbeadh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 chun críocha an Rialacháin seo.

(9)

Déanann an Coimisiún na bogearraí agus an bonneagar TF d’IMI a sholáthar agus a bhainistiú, slándáil IMI a áirithiú, líonra chomhordaitheoirí náisiúnta IMI a bhainistiú agus tá sé rannpháirteach in oiliúint a chur ar úsáideoirí IMI agus i gcúnamh teicniúil a thabhairt dóibh. Chuige sin, ba cheart nach mbeadh rochtain ag an gCoimisiún ach amháin ar na sonraí pearsanta sin a mbeadh fíorghá leo chun go gcuirfidh sé a chuid cúraimí i gcrích faoi chuimsiú na bhfreagrachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo, amhail comhordaitheoirí náisiúnta IMI a chlárú. Ba cheart go mbeadh rochtain ag an gCoimisiún freisin, arna iarraidh sin do ghníomhaí IMI eile, ar shonraí pearsanta le linn dó sonraí den sórt sin a aisghabháil atá blocáilte in IMI agus ar sonraí iad ar iarr an duine is ábhar dóibh rochtain ina leith. Níor cheart go mbeadh rochtain ag an gCoimisiún ar shonraí pearsanta a mhalartófar mar chuid den chomhar riaracháin laistigh d’IMI mura bhforáiltear le gníomh de chuid an Aontais do ról don Choimisiún sa chomhar sin.

(10)

Chun an trédhearcacht a áirithiú, go háirithe le haghaidh na n-ábhar sonraí, ba cheart forálacha de chuid ghníomhartha an Aontais a n-úsáidfear IMI ina leith a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(11)

Féadfar IMI a leathnú amach anseo go dtí réimsí nua, áit is féidir leis cuidiú chun gníomh de chuid an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach ar bhealach cost-éifeachtach, soláimhsithe agus an indéantacht theicniúil á cur san áireamh mar aon leis an tionchar foriomlán a bheadh ar IMI. Ba cheart don Choimisiún na tástálacha riachtanacha a dhéanamh chun ullmhacht theicniúil IMI d’aon mhéadú atá beartaithe a thástáil. Is tríd an ngnáthnós imeachta reachtach ba cheart cinntí a dhéanamh chun IMI a leathnú chuig gníomhartha eile de chuid an Aontais.

(12)

Is uirlisí úsáideacha iad treoirthionscadail chun a thástáil an mbeadh bonn cirt le IMI a leathnú agus chun feidhmiúlacht theicniúil agus socruithe nós imeachta a oiriúnú do riachtanais úsáideoirí IMI. Ba cheart do na Ballstáit a bheith rannpháirteach go hiomlán agus cinneadh á dhéanamh cé na gníomhartha de chuid an Aontais ba cheart a bheith faoi réir treoirthionscadail agus maidir le módúlachtaí an treoirthionscadail sin, chun a áirithiú go n-áireofaí riachtanais úsáideoirí IMI sa treoirthionscadal agus go ndéanfaí na forálacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil a chomhlíonadh go hiomlán. Ba cheart go saineofaí na módúlachtaí sin ar leithligh do gach treoirthionscadal.

(13)

Níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo cosc ar na Ballstáit ná ar an gCoimisiún a chinneadh IMI a úsáid chun faisnéis a mhalartú nach mbaineann próiseáil sonraí pearsanta leis.

(14)

Ba cheart go ndéanfaí na rialacha i dtaobh IMI a úsáid chun críche comhair riaracháin a leagan amach sa Rialachán seo, ar comhar é a fhéadfaidh, inter alia, malartú faisnéise duine le duine, nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt, sásraí foláirimh, socruithe cúnaimh fhrithpháirtigh agus réiteach fadhbanna, a chumhdach.

(15)

Ba cheart nach ndéanfaí difear leis an Rialachán seo don cheart atá ag na Ballstáit an cinneadh a dhéanamh cé na húdaráis náisiúnta a chomhlíonfaidh na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann feidhmeanna agus freagrachtaí i ndáil le IMI a chur in oiriúint dá struchtúir riaracháin inmheánacha, mar aon leis na riachtanais atá ag sreabh oibre sonrach IMI a chur chun feidhme. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann comhordaitheoirí breise IMI a cheapadh chun cúraimí comhordaitheoirí náisiúnta IMI a chur i gcrích, ina n-aonair nó i bpáirt le comhordaitheoirí eile, i gcomhair réimse ar leith den mhargadh inmheánach, i gcomhair roinne ar leith den riarachán, i gcomhair réigiúin gheografaigh, nó de réir critéir eile. Ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl don Choimisiún cé hiad na comhordaitheoirí atá ceaptha acu, ach níor cheart go mbeadh dualgas orthu comhordaitheoirí IMI breise a lua sa cháil sin in IMI, nuair nach gá sin dá feidhmiú rianúil.

(16)

D’fhonn comhar éifeachtúil riaracháin a bhaint amach trí bhíthin IMI, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag a gcuid gníomhaithe IMI chun a gcuid oibleagáidí a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(17)

Cé gur uirlis chumarsáide don chomhar riaracháin idir údaráis inniúla é IMI go bunúsach, ar uirlis í nach bhfuil ar oscailt don phobal i gcoitinne ach d’údaráis phoiblí amháin, d’fhéadfadh sé gur ghá modhanna teicniúla a fhorbairt le go bhféadfadh gníomhaithe seachtracha amhail saoránaigh, fiontair agus eagraíochtaí idirghníomhú a dhéanamh leis na húdaráis phoiblí chun faisnéis a sholáthar nó chun sonraí a aisghabháil, nó chun a gcearta a fheidhmiú mar ábhair sonraí. Ba cheart go n-áiritheofaí le modhanna teicniúla den sórt sin coimircí iomchuí chun sonraí a chosaint. Chun ardleibhéal slándála a áirithiú, ba cheart aon chomhéadan poiblí den sórt sin a fhorbairt ar bhealach ina mbeadh sé ar leithligh go hiomlán, ó thaobh na gné teicniúla de, ó IMI, ar feidhmchlár é nár cheart rochtain a bheith air ach ag úsáideoirí IMI, agus acusan amháin.

(18)

Ba cheart úsáid IMI chun tacaíocht theicniúil a thabhairt do ghréasán SOLVIT a bheith gan dochar do chineál neamhfhoirmiúil nós imeachta SOLVIT atá bunaithe ar ghealltanas deonach na mBallstát, i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2001 maidir le prionsabail chun leas a bhaint as “SOLVIT” (5) — an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (“Moladh SOLVIT”). Chun go leanfar de bheith ag feidhmiú ghréasán SOLVIT ar bhonn na socruithe oibre atá ann cheana, féadfar cúram amháin nó níos mó de chuid comhordaitheora náisiúnta IMI a shannadh d’ionaid SOLVIT faoi chuimsiú shainchúram a gcuid oibre, chun go bhféadfaidh siad feidhmiú go neamhspleách ar chomhordaitheoir náisiúnta IMI. Ba cheart go rachaidh na ráthaíochtaí uile a leagtar amach sa Rialachán seo chun tairbhe na próiseála a dheánfar, mar chuid de nósanna imeachta SOLVIT, ar shonraí pearsanta agus ar fhaisnéis rúnda, gan dochar do chineál neamhcheangailteach Moladh SOLVIT.

(19)

Cé go n-áirítear ar IMI comhéadan atá bunaithe ar an Idirlíon le haghaidh a chuid úsáideoirí, i gcásanna áirithe agus arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí réitigh theicniúla a bhreithniú i gcomhair sonraí a tharchur go díreach ó chórais náisiúnta chuig IMI, i gcás go mbeidh na córais náisiúnta sin forbartha cheana féin, go háirithe i gcomhair nósanna imeachta um fhógraí a thabhairt. Ba cheart go mbraithfeadh cur chun feidhme na réiteach teicniúil sin ar thoradh measúnaithe ar a indéanta atá siad, ar na costais a bhaineann leo agus ar na buntáistí a bhfuil coinne leo dá mbarr. Ba cheart nach gcuirfeadh na réitigh sin isteach ar struchtúir atá ann cheana ná ar ord náisiúnta na n-inniúlachtaí.

(20)

I gcás ina mbeidh an oibleagáid fógra a thabhairt faoi Airteagal 15(7) de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (6) comhlíonta ag na Ballstáit tríd an nós imeachta a úsáid i gcomhréir le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 ag leagan síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (7), níor cheart go mbeadh ceangal orthu an fógra céanna a thabhairt trí IMI freisin.

(21)

Eascraíonn malartú faisnéise trí IMI ón oibleagáid dhlíthiúil atá ar údaráis na mBallstát cúnamh frithpháirteach a thabhairt. Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is cuí, níor cheart an luach atá uirthi mar fhianaise in imeachtaí riaracháin a bhaint den fhaisnéis a fhaigheann údarás inniúil ó Bhallstát eile trí IMI ar an aon fhoras amháin gur de thionscnamh Ballstáit eile í nó go bhfuarthas ar mhodh leictreonach í, agus ba cheart don údarás inniúil sin caitheamh léi sa tslí chéanna is a chaitheann sé le doiciméid comhchosúla de thionscnamh a Ballstáit féin.

(22)

D’fhonn ardleibhéal cosanta sonraí a áirithiú, is gá uastréimhsí coinneála a bhunú i gcomhair sonraí pearsanta in IMI. Ba cheart cothromaíocht mhaith a bheith ag baint leis na tréimhsí sin, áfach, agus an gá atá ann go bhfeidhmeoidh IMI go cuí á chur san áireamh go cuí mar aon leis na cearta atá ag na hábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú ina n-iomláine, trí fhianaise a fháil gur malartaíodh sonraí chun achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh, mar shampla. Go háirithe, níor cheart do na tréimhsí coinneála sin a bheith níos faide ná an t-achar ama a bheidh riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

(23)

Ba cheart go bhféadfaí ainm agus sonraí teagmhála úsáideoirí IMI a phróiseáil chun críocha a luíonn le cuspóirí an Rialacháin seo, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann comhordaitheoirí IMI agus an Coimisiún as IMI, tionscnaimh chumarsáide, oiliúna agus feasachta, agus faisnéis a bhailiú maidir le comhar riaracháin nó cúnamh frithpháirteach sa mhargadh inmheánach.

(24)

Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus féachaint lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é, lena n-áirítear na forálacha ábhartha maidir le slándáil sonraí inter alia trí theagmhálacha a choinneáil ar bun le húdaráis náisiúnta cosanta sonraí.

(25)

D’fhonn faireachán éifeachtach agus tuairisciú éifeachtach a áirithiú maidir le feidhmiú IMI agus maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún.

(26)

Ba cheart ábhair sonraí a chur ar an eolas i dtaobh phróiseáil a sonraí pearsanta in IMI agus i dtaobh ceart rochtana a bheith acu ar na sonraí a bhaineann leo, maille leis an gceart sonraí míchruinne a cheartú agus sonraí a próiseáladh go mídhleathach a scriosadh, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme.

(27)

D’fhonn go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát forálacha dlí don chomhar riaracháin a chur chun feidhme agus faisnéis a mhalartú go héifeachtúil, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le socruithe praiticiúla a leagan síos don mhalartú sin. Ba cheart don Choimisiún na socruithe sin a ghlacadh i bhfoirm gnímh cur chun feidhme ar leith do gach gníomh de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó do gach cineál nós imeachta comhair riaracháin agus ba cheart go gcumhdófaí leo an fheidhmiúlacht theicniúil fhíor-riachtanach agus na socruithe fíor-riachtanacha maidir le nósanna imeachta a theastaíonn chun na nósanna imeachta ábhartha um chomhar riaracháin a chur chun feidhme trí IMI. Ba cheart don Choimisiún cothabháil agus forbairt na mbogearraí agus an bhonneagair TF le haghaidh IMI a áirithiú.

(28)

D’fhonn a áirithiú go bhfuil dóthain trédhearcachta ann le haghaidh na n-ábhar sonraí, ba cheart na sreabha oibre réamhshainithe, na tacair réamhshainithe ceisteanna agus freagraí, na foirmeacha réamhshainithe agus na socruithe eile réamhshainithe a bhaineann le nósanna imeachta um chomhar riaracháin in IMI a phoibliú.

(29)

I gcás ina ndéanfaidh Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 95/46/CE, aon teorainneacha nó aon eisceachtaí a chur i bhfeidhm ar chearta na n-ábhar sonraí, ba cheart faisnéis i dtaobh na dteorainneacha nó na n-eisceachtaí sin a phoibliú chun trédhearcacht iomlán a áirithiú le haghaidh na n-ábhar sonraí. Ba cheart go mbeadh na heisceachtaí nó na teorainneacha sin riachtanach agus go mbeadh siad comhréireach leis an gcuspóir atá beartaithe agus faoi réir coimircí leordhóthanacha.

(30)

I gcás ina dtugtar comhaontuithe idirnáisiúnta i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha, lena gcumhdaítear freisin cur i bhfeidhm forálacha de chuid na ngníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart go bhféadfaí contrapháirtithe ghníomhaithe IMI i dtríú tíortha den sórt sin a áireamh sna nósanna imeachta um chomhar riaracháin lena dtacaíonn IMI, ar choinníoll gur suíodh go dtugann an tríú tír lena mbaineann cosaint leordhóthanach i ndáil le sonraí pearsanta i gcomhréir le Treoir 95/46/CE.

(31)

Ba cheart Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2007 maidir le cur chun feidhme Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) i dtaca le cosaint sonraí pearsanta (8) a aisghairm. Maidir le Cinneadh 2009/739/CE ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar amach na socruithe praiticiúla chun faisnéis a mhalartú ar mhodhanna leictreonacha idir na Ballstáit faoi Chaibidil VI de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (9), ba cheart go leanfadh sé d’fheidhm a bheith aige maidir le saincheisteanna a bhaineann le faisnéis a mhalartú faoi Threoir 2006/123/CE.

(32)

D’fhonn coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (10).

(33)

Ba cheart go ndéanfaí faireachán ar fheidhmíocht na mBallstát maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo sa tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmiú IMI, bunaithe ar shonraí staidrimh ó IMI agus ar aon sonraí ábhartha eile. Ba cheart go ndéanfaí meastóireacht ar fheidhmíocht na mBallstát, inter alia, bunaithe ar mheán-agaí freagartha d’fhonn freagraí gasta d’ardcháilíocht a áirithiú.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha i gcomhair úsáid IMI le haghaidh comhair riaracháin a leagan síos, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(35)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug an Maoirseoir tuairim an 22 Samhain 2011 (11),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha i gcomhair úsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) le haghaidh comhair riaracháin, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta, idir údaráis inniúla de chuid na mBallstát agus idir údaráis inniúla de chuid na mBallstát agus an Coimisiún.

Airteagal 2

Bunú IMI

Bunaítear IMI go foirmiúil leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Úsáidfear IMI le haghaidh comhair riaracháin idir údaráis inniúla de chuid na mBallstát agus idir údaráis inniúla de chuid na mBallstát agus an Coimisiún, ar comhar é a bhfuil gá leis chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme i réimse an mhargaidh inmheánaigh, de réir bhrí Airteagal 26(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena ndéantar foráil maidir le comhar riaracháin, lena n-áirítear malartú sonraí pearsanta, idir Ballstáit nó idir Ballstáit agus an Coimisiún. Liostaítear na gníomhartha Aontais sin san Iarscríbhinn.

2.   Ní bheidh d’éifeacht le haon ní sa Rialachán go ndéanfar éigeantach forálacha gníomhartha Aontais nach bhfuil aon bhrí cheangailteach leo.

Airteagal 4

IMI a leathnú

1.   Féadfaidh an Coimisiún treoirthionscadail a dhéanamh chun a mheasúnú an uirlis éifeachtach é IMI chun forálacha le haghaidh comhair riaracháin de chuid ghníomhartha de chuid an Aontais nach liostaítear san Iarscríbhinn a chur chun feidhme. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun a chinneadh cé na forálacha de ghníomhartha an Aontais a chuirfear faoi réir treoirthionscadail agus chun módúlachtaí gach tionscadal a leagan amach go háirithe an bhunfheidhmiúlacht theicniúil agus na socruithe nós imeachta is gá chun na forálacha ábhartha comhair riaracháin a chur chun feidhme. Is i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(3) a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún meastóireacht faoi thoradh an treoirthionscadail, lena n-áirítear saincheisteanna maidir le cosaint sonraí agus feidhmiúlachtaí i gcomhair aistriúcháin éifeachtaigh, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an meastóireacht sin chun úsáid IMI a leathnú d’fhorálacha ábhartha gníomhartha de chuid an Aontais.

Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Ina dteannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn “IMI” an uirlis leictreonach arna soláthar ag an gCoimisiún chun comhar riaracháin idir údaráis inniúla na mBallstát agus idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún a éascú;

(b)

ciallaíonn “comhar riaracháin” údaráis inniúla na mBallstát nó údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún a bheith ag obair i gcomhar le chéile, trí fhaisnéis a mhalartú agus a phróiseáil, lena n-áirítear trí bhíthin fógraí agus foláirimh, nó trí chúnamh frithpháirteach a thabhairt, lena n-áirítear cúnamh chun fadhbanna a réiteach, chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm níos fearr;

(c)

ciallaíonn “réimse de chuid an mhargaidh inmheánaigh” réimse reachtach nó feidhme de chuid an mhargaidh inmheánaigh de réir bhrí Airteagal 26(2) CFAE, ina n-úsáidtear IMI i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo;

(d)

ciallaíonn “nós imeachta um chomhar riaracháin” sreabh oibre réamhshainithe dá bhforáiltear in IMI lena gceadaítear do ghníomhaithe IMI cumarsáid agus caidreamh a dhéanamh le chéile ar mhodh struchtúrtha;

(e)

ciallaíonn “comhordaitheoir IMI” comhlacht arna cheapadh ag Ballstát chun cúraimí tacaíochta a dhéanamh a bhfuil gá leo ionas go bhfeidhmeoidh IMI go héifeachtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(f)

ciallaíonn “údarás inniúil” aon chomhlacht atá bunaithe ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus atá cláraithe in IMI, is comhlacht a bhfuil freagrachtaí sonracha aige a bhaineann le dlí náisiúnta nó gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm i réimse amháin nó níos mó den mhargadh inmheánach;

(g)

ciallaíonn “gníomhaithe IMI” na húdaráis inniúla, comhordaitheoirí IMI agus an Coimisiún;

(h)

ciallaíonn “úsáideoir IMI” duine nádúrtha atá ag obair faoi údarás ghníomhaí IMI agus atá cláraithe in IMI thar ceann an ghníomhaí IMI sin;

(i)

ciallaíonn “gníomhaithe seachtracha” daoine nádúrtha nó dlítheanacha cé is moite d’úsáideoirí IMI, is daoine nach bhféadfaidh idirghníomhú le IMI ach amháin trí mhodhanna teicniúla ar leith agus i gcomhréir le sreabh oibre réamhshainithe arna sholáthar chun na críche sin;

(j)

ciallaíonn “blocáil” modh teicniúil a chur i bhfeidhm lena n-áiritheofar nach mbeidh rochtain ag úsáideoirí IMI ar shonraí pearsanta trí ghnáth-chomhéadan IMI;

(k)

ciallaíonn “dúnadh foirmiúil” an tsaoráid theicniúil a chuirtear ar fáil ag IMI a chur i bhfeidhm chun nós imeachta um chomhar riaracháin a dhúnadh.

CAIBIDIL II

FEIDHMEANNA AGUS FREAGRACHTAÍ I nDÁIL LE IMI

Airteagal 6

Comhordaitheoirí IMI

1.   Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta IMI amháin a mbeidh freagrachtaí, lena n-áirítear iad seo a leanas, air:

(a)

comhordaitheoirí IMI agus údaráis inniúla a chlárú nó a gclárúcháin a bhailíochtú;

(b)

gníomhú mar an príomhphointe teagmhála le haghaidh saincheisteanna a bhaineann le IMI do ghníomhaithe IMI de chuid na mBallstát lena n-áirítear faisnéis a sholáthar faoi ghnéithe a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c)

gníomhú mar an teagmhálaí leis an gCoimisiún i gcás saincheisteanna a bhaineann le IMI, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar faoi ghnéithe a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(d)

eolas, oiliúint agus tacaíocht, lena n-áirítear cúnamh teicniúil bunúsach, a sholáthar do ghníomhaithe IMI de chuid na mBallstát;

(e)

feidhmiú éifeachtúil IMI a áirithiú, a mhéid a bheidh sé faoina rialú acu, lena n-áirítear soláthar freagairtí tráthúla agus leordhóthanacha ag gníomhaithe IMI de chuid na mBallstát ar iarrataí ar chomhar riaracháin.

2.   Féadfaidh gach Ballstát, ina theannta sin, comhordaitheoir IMI amháin nó níos mó a cheapadh chun ceann amháin nó níos mó de na cúraimí a liostaítear i mír 1 a dhéanamh, i gcomhréir lena struchtúr inmheánach riaracháin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na comhordaitheoirí IMI arna gceapadh i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 in iúl don Choimisiún, maille leis na cúraimí a bheidh orthu. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis na Ballstáit eile.

4.   Féadfaidh gach comhordaitheoir IMI feidhmiú mar údarás inniúil. I ngach cás den sórt sin, beidh na cearta rochtana céanna ag comhordaitheoir IMI mar atá ag údarás inniúil. Beidh gach comhordaitheoir IMI ina rialtóir ar a ghníomhaíochtaí próiseála sonraí féin, ina cháil mar ghníomhaí IMI.

Airteagal 7

Údaráis inniúla

1.   Le linn dóibh bheith i mbun comhair trí IMI, déanfaidh na húdaráis inniúla, ag gníomhú dóibh trí úsáideoirí IMI i gcomhréir le nósanna imeachta um chomhar riaracháin, a áirithiú go ndéanfaidh úsáideoirí IMI, i gcomhréir leis an ngníomh Aontais is infheidhme, freagairt shásúil a sholáthar laistigh den tréimhse is giorra is féidir agus in aon chás faoin spriocdháta arna leagan síos leis an ngníomh sin.

2.   Féadfaidh údarás inniúil aon fhaisnéis, aon doiciméad, aon toradh, aon ráiteas nó aon fhíorchóip dheimhnithe a fuair sé go leictreonach trí IMI a úsáid mar fhianaise ar an mbonn céanna le faisnéis chomhchosúil a fuarthas ina thír féin, chun críocha atá ag luí leis na críocha ar chucu a bailíodh na sonraí an chéad uair riamh.

3.   Beidh gach údarás inniúil ina rialtóir i ndáil lena ghníomhaíochtaí próiseála sonraí féin, is gníomhaíochtaí a fheidhmeoidh úsáideoir IMI atá faoina údarás, agus áiritheoidh sé gur féidir le hábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir le Caibidil III agus Caibidil IV, i gcás inar gá, i gcomhar leis an gCoimisiún.

Airteagal 8

An Coimisiún

1.   Beidh an Coimisiún freagrach as na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

(a)

slándáil, infhaighteacht, cothabháil agus forbairt na mbogearraí agus an bhonneagair TF le haghaidh IMI a áirithiú;

(b)

córas ilteangach, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí aistriúcháin atá ann cheana, oiliúint i gcomhar leis na Ballstáit agus deasc chabhrach chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit IMI a úsáid a sholáthar;

(c)

comhordaitheoirí náisiúnta IMI a chlárú agus rochtain ar IMI a thabhairt dóibh;

(d)

oibríochtaí próiseála a dhéanamh ar shonraí pearsanta in IMI, i gcás ina bhfuil foráil déanta dóibh sa Rialachán seo i gcomhréir leis na críocha a chinntear leis na gníomhartha is infheidhme de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn;

(e)

faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 25.

2.   D’fhonn na cúraimí, ar cúraimí iad a liostaítear i mír 1, a fheidhmiú agus chun tuarascálacha staidrimh a sholáthar, beidh rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis is gá, ar faisneis í a bhaineann leis na hoibríochtaí próiseála arna ndéanamh in IMI.

3.   Ní bheidh an Coimisiún rannpháirteach i nósanna imeachta um chomhar riaracháin ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil, mura gceanglaítear amhlaidh le foráil de ghníomh de chuid an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn.

Airteagal 9

Cearta rochtana gníomhaithe agus úsáideoirí IMI

1.   Is ag úsáideoirí IMI, agus acu sin amháin, a bheidh rochtain ar IMI.

2.   Ainmneoidh na Ballstáit comhordaitheoirí IMI agus na húdaráis inniúla agus na réimsí den mhargadh inmheánach ina bhfuil inniúlacht acu. Féadfaidh an Coimisiún ról comhairleach a ghlacadh sa phróiseas sin.

3.   Déanfaidh gach gníomhaí IMI na cearta rochtana iomchuí a dheonú agus a chúlghairm, de réir mar is gá, d’úsáideoirí IMI sa réimse den mhargadh inmheánach ina bhfuil inniúlacht aige.

4.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit modhanna iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go ligtear d’úsáideoirí IMI rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI ar bhonn riachtanais amháin, agus laistigh den réimse nó de na réimsí den mhargadh inmheánach inar deonaíodh cearta rochtana dóibh i gcomhréir le mír 3, agus laistigh den réimse sin nó de na réimsí sin amháin.

5.   Cuirfear cosc ar sonraí pearsanta a ndéantar próiseáil orthu in IMI a úsáid ar mhaithe le cuspóir sonrach agus ar bhealach nach bhfuil ag luí leis an gcuspóir bunaidh sin, ach amháin má dhéantar foráil shainráite maidir leis sin sa dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

6.   I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta mar chuid de nós imeachta um chomhar riaracháin, ní bheidh rochtain ach ag gníomhaithe IMI atá rannpháirteach sa nós imeachta sin ar na sonraí pearsanta sin, agus ag na gníomhaithe sin amháin.

Airteagal 10

Rúndacht

1.   Cuirfidh gach Ballstát a rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil nó maidir le dualgais choibhéiseacha rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena chuid gníomhaithe IMI agus lena chuid úsáideoirí IMI, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht an Aontais.

2.   Áiritheoidh gníomhaithe IMI go n-urramóidh úsáideoirí IMI atá ag obair faoina n-údarás iarrataí ó ghníomhaithe eile IMI go ndéileálfar leis an bhfaisnéis a aistrítear trí IMI ar bhealach rúnda.

Airteagal 11

Nósanna imeachta um chomhar riaracháin

Beidh IMI bunaithe ar nósanna imeachta um chomhar riaracháin lena ndéanfar forálacha ghníomhartha ábhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh gnímh shonraigh de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó le haghaidh cineál nós imeachta um chomhar riaracháin, lena leagtar amach an fheidhmiúlacht theicniúil fhíor-riachtanach agus na socruithe nós imeachta is gá ionas go bhféadfaí na forálacha ábhartha maidir le comhar riaracháin oibriú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhmithe, an idirghníomhaíocht idir gníomhaithe seachtracha agus IMI mar a thagraítear di in Airteagal 12. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Airteagal 12

Gníomhaithe seachtracha

Féadfar meáin theicniúla a chur ar fáil ionas gur féidir le gníomhaithe seachtracha idirghníomhú le IMI i gcás inarb amhlaidh, maidir leis an idirghníomhaíocht sin:

(a)

go bhforáiltear di le gníomh de chuid an Aontais;

(b)

go bhforáiltear di le gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11 chun comhar riaracháin a éascú idir údaráis inniúla de chuid na mBallstát d’fhonn forálacha ghníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm; nó

(c)

go bhfuil sí riachtanach chun iarrataí a chur isteach d’fhonn a gcearta mar ábhair sonraí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 19.

Beidh aon mheáin theicniúla den sórt sin leithleach ó IMI agus ní chuirfidh siad ar chumas gníomhaithe seachtracha rochtain a fháil ar IMI.

CAIBIDIL III

PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA AGUS SLÁNDÁIL

Airteagal 13

Cuspóir a theorannú

Ní dhéanfaidh gníomhaithe IMI sonraí pearsanta a aistriú ná a phróiseáil ach chun na gcríoch atá sainmhínithe i bhforálacha ábhartha ghníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn.

Ní bhainfear úsáid as sonraí a dhéanfaidh ábhair sonraí a chur faoi bhráid IMI ach chun na gcríocha ar chucu a tíolacadh na sonraí.

Airteagal 14

Sonraí pearsanta a choinneáil

1.   Déanfar na sonraí pearsanta a phróiseáiltear in IMI a bhlocáil sa chóras a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leo chun na críche ar chuige a bailíodh iad, ag brath ar shainiúlachtaí gach cineál comhair riaracháin, agus, mar riail ghinearálta, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an nós imeachta maidir le comhar riaracháin a dhúnadh go foirmiúil.

Má fhoráiltear do thréimhse níos faide le gníomh is infheidhme de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn, áfach, féadfar sonraí pearsanta a phróiseáiltear in IMI a choinneáil go ceann uastréimhse 18 mí tar éis an nós imeachta maidir le comhar riaracháin a dhúnadh go foirmiúil.

2.   I gcás ina n-éilítear stór faisnéise de bhun ghníomh ceangailteach de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn, ar stór é a mbeidh gníomhaithe IMI in ann tarraingt air amach anseo, féadfar próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta atá sa stór sin a fhad is gá iad chun na críche sin, le toiliú an ábhair sonraí nó, nuair a dhéantar foráil dó sin leis an ngníomh sin de chuid an Aontais.

3.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta arna mblocáil de bhun an Airteagail seo, gan stóráil na sonraí sin a áireamh, a phróiseáil ach chun críocha cruthúnais i dtaobh malartú faisnéise trí IMI le toiliú an ábhair sonraí, mura n-iarrtar go ndéanfar próiseáil ar chúiseanna sáraitheacha ar mhaithe leis an bpobal.

4.   Déanfar na sonraí blocáilte a scriosadh go huathoibríoch in IMI, trí bliana tar éis an nós imeachta um chomhar riaracháin a dhúnadh go foirmiúil.

5.   Arna iarraidh sin go sainráite d’údarás inniúil i gcás sonrach agus le toiliú an ábhair sonraí, féadfar sonraí pearsanta a scriosadh sula rachaidh an tréimhse coinneála is infheidhme in éag.

6.   Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú, trí mheáin theicniúla, go mblocálfar agus go scriosfar sonraí pearsanta agus go n-aisghabhfar iad i gcomhréir le mír 3.

7.   Cuirfear meáin theicniúla i bhfeidhm ionas go spreagfar gníomhaithe IMI chun nósanna imeachta um chomhar riaracháin a dhúnadh go foirmiúil a luaithe is féidir tar éis an mhalartaithe faisnéise agus chun a chumasú do ghníomhaithe IMI comhordaitheoirí IMI atá freagrach a tharraingt isteach in aon nós imeachta, ar nós imeachta é nach raibh gníomhach ar feadh níos mó ná dhá mhí agus gan bonn cirt a bheith leis sin.

Airteagal 15

Sonraí pearsanta úsáideoirí IMI a choinneáil

1.   De mhaolú ar Airteagal 14, beidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo maidir le sonraí pearsanta úsáideoirí IMI a choinneáil. Áireofar sna sonraí pearsanta sin ainm iomlán an úsáideora agus gach meán teagmhála, leictreonach agus eile, is gá chun críocha an Rialacháin seo.

2.   Déanfar sonraí pearsanta a bhaineann le húsáideoirí IMI a stóráil in IMI chomh fada agus a leanann siad de bheith ina n-úsáideoirí IMI, agus féadfar na sonraí a phróiseáil chun críocha atá ag luí le cuspóirí an Rialacháin seo.

3.   Nuair a scoireann duine nádúrtha de bheith ina úsáideoir IMI, déanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin a bhlocáil trí mheáin theicniúla ar feadh tréimhse trí bliana. Ní phróiseálfar na sonraí sin, gan stóráil na sonraí a áireamh, ach chun críocha cruthúnais i dtaobh malartú faisnéise trí IMI, agus scriosfar iad ag deireadh na tréimhse trí bliana.

Airteagal 16

Próiseáil ar chatagóirí speisialta sonraí

1.   Ní cheadófar próiseáil le IMI ar chatagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 95/46/CE agus in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ach amháin ar bhonn forais shonraigh atá luaite in Airteagal 8(2) agus (4) den Treoir sin agus in Airteagal 10(2) den Rialachán sin agus faoi réir coimircí iomchuí dá bhforáiltear sna hAirteagail sin chun cearta daoine aonair a ndéantar próiseáil ar a sonraí pearsanta a áirithiú.

2.   Féadfar IMI a úsáid chun sonraí a bhaineann le cionta, le ciontuithe coiriúla nó le bearta slándála dá dtagraítear in Airteagal 8(5) de Threoir 95/46/CE agus in Airteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a phróiseáil, faoi réir coimircí dá bhforáiltear sna hAirteagail sin, lena n-áirítear faisnéis maidir le smachtbhannaí araíonachta, riaracháin nó coiriúla nó faisnéis eile is gá le dea-cháil duine aonair nó duine dhlítheanaigh a shuíomh, i gcás ina ndéantar foráil maidir le próiseáil na sonraí sin i ngníomh de chuid an Aontais arb é an bonn atá faoin bpróiseáil, nó le toiliú sainráite an ábhair sonraí, faoi réir coimircí sonracha iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 8(5) de Threoir 95/46/CE.

Airteagal 17

Slándáil

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh IMI na rialacha maidir le slándáil sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.   Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na bearta is gá chun slándáil na sonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI a áirithiú, lena n-áirítear rialú iomchuí ar rochtain ar shonraí agus plean slándála a choinneofar cothrom le dáta.

3.   Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú, i gcás teagmhais slándála, gur féidir cé na sonraí pearsanta sin a próiseáladh in IMI a fhíorú, maille le cathain a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil agus cad chuige a ndearnadh an phróiseáil sin.

4.   Déanfaidh gníomhaithe IMI gach beart nós imeachta agus gach beart eagrúcháin is gá chun slándáil sonraí pearsanta arna bpróiseáil acu in IMI a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 95/46/CE.

CAIBIDIL IV

CEARTA NA nÁBHAR SONRAÍ AGUS MAOIRSEACHT

Airteagal 18

Faisnéis le haghaidh na n-ábhar sonraí agus trédhearcacht

1.   Áiritheoidh gníomhaithe IMI go gcuirfear ábhair sonraí ar an eolas faoin bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta in IMI a luaithe is féidir agus go mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis maidir lena gcearta agus cén chaoi na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear céannacht agus sonraí teagmhála an rialtóra agus ionadaí an rialtóra, más ann dó, i gcomhréir le hAirteagal 10 nó le hAirteagal 11 de Threoir 95/46/CE agus leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gcomhréir leis an Treoir sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chur ar fáil go poiblí ar bhealach ar féidir teacht go héasca air:

(a)

faisnéis a bhaineann le IMI i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, is faisnéis a leagfar amach ar bhealach soiléir agus intuigthe;

(b)

faisnéis faoi ghnéithe cosanta sonraí na nósanna imeachta um chomhar riaracháin in IMI dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo;

(c)

faisnéis faoi eisceachtaí ó chearta, nó faoi theorainneacha le cearta, na n-ábhar sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo;

(d)

cineálacha nósanna imeachta um chomhar riaracháin, feidhmiúlachtaí IMI atá fíor-riachtanach agus catagóirí sonraí a fhéadfar a phróiseáil in IMI;

(e)

liosta cuimsitheach de gach gníomh cur chun feidhme nó gach gníomh tarmligthe i dtaca le IMI, arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo nó de bhun gníomh eile de chuid an Aontais, agus leagan comhdhlúite den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus na leasuithe arna ndéanamh air dá éis sin le gníomhartha eile de chuid an Aontais.

Airteagal 19

Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh

1.   Áiritheoidh gníomhaithe IMI gur féidir le hábhair sonraí a gceart rochtana ar shonraí a bhaineann leo in IMI a fheidhmiú go héifeachtúil, mar aon leis an gceart sonraí atá míchruinn nó neamhiomlán a cheartú agus an ceart sonraí a phróiseáiltear go mídhleathach a scriosadh, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Déanfaidh gníomhaí IMI lena mbaineann a mbeidh an fhreagracht sin air na sonraí a cheartú nó a scriosadh a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí 30 lá ón tráth a fhaigheann sé an t-iarratas ón ábhar sonraí.

2.   I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí cruinneas nó dleathacht na sonraí arna mblocáil de bhun Airteagal 14(1) a chonspóid, déanfar an méid sin a thaifeadadh mar aon leis an bhfaisnéis chruinn atá ceartaithe.

Airteagal 20

Eisceachtaí agus teorainneacha

I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le heisceachtaí ó chearta, nó teorainneacha le cearta, na n-ábhar sonraí arna leagan amach sa Chaibidil seo sa reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 95/46/CE, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 21

Maoirseacht

1.   Déanfaidh an t-údarás náisiúnta maoirseachta nó na húdaráis náisiúnta maoirseachta arna ainmiú nó arna n-ainmniú i ngach Ballstát agus dá dtugtar na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir 95/46/CE (“an tÚdarás Náisiúnta Maoirseachta”) faireachán go neamhspleách ar a dhleathaí atá sé go mbeadh sonraí pearsanta á bpróiseáil ag gníomhaithe IMI a mBallstáit, agus áiritheoidh sé nó siad, go háirithe, go ndéantar cearta na n-ábhar sonraí, is cearta atá leagtha amach sa Chaibidil seo, a chosaint i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta an Choimisiúin, ina cháil mar ghníomhaí IMI, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus féachfaidh sé lena áirithiú go ndéanfar amhlaidh. Beidh feidhm ag na dualgais agus ag na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 46 agus in Airteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 dá réir.

3.   Áiritheoidh na hÚdaráis Náisiúnta Mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad araon ag gníomhú laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí féin, go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar IMI agus ar an úsáid a bhaineann gníomhaithe IMI as.

4.   Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a iarraidh ar na hÚdaráis Náisiúnta Mhaoirseachta teacht le chéile i gcás inar gá sin chun an mhaoirseacht chomhordaithe ar IMI agus ar an úsáid a bhaineann gníomhaithe IMI as, agus dá dtagraítear i mír 3, a áirithiú. Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a íocfaidh costas cruinnithe den sórt sin. Féadfar tuilleadh modhanna oibre, lena n-áirítear rialacha nós imeachta, a fhorbairt i gcomhpháirt chun na críche sin de réir mar is gá. Seolfar comhthuarascáil ar ghníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún gach trí bliana ar a laghad.

CAIBIDIL V

RAON FEIDHME GEOGRAFACH IMI

Airteagal 22

Úsáid náisiúnta IMI

1.   Ní fhéadfaidh Ballstát IMI a úsáid chun críche comhair riaracháin idir údaráis inniúla laistigh dá chríoch féin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach n-éilítear athruithe substaintiúla ar na nósanna imeachta um chomhar riaracháin atá ann cheana;

(b)

go bhfuil fógra faoin úsáid atá beartaithe a bhaint as IMI curtha faoi bhráid an Údaráis Náisiúnta Mhaoirseachta i gcás ina gceanglaítear leis an dlí náisiúnta go ndéanfaí amhlaidh; agus

(c)

nach bhfuil tionchar diúltach aige ar fheidhmiú éifeachtúil IMI d’úsáideoirí IMI.

2.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag Ballstát úsáid chórasach a bhaint as IMI chun críocha náisiúnta, cuirfidh sé a rún in iúl don Choimisiún agus iarrfaidh sé cead roimh ré air. Scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh. I gcás inar gá, agus i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfar comhaontú a thabhairt i gcrích idir an Ballstát agus an Coimisiún, is comhaontú ina leagfar amach, inter alia, na socruithe teicniúla, airgeadais agus eagrúcháin i gcomhair úsáide náisiúnta, lena n-áirítear freagrachtaí ghníomhaithe IMI.

Airteagal 23

Malartú faisnéise le tríú tíortha

1.   Ní féidir faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a mhalartú in IMI de bhun an Rialacháin seo idir gníomhaithe IMI laistigh den Aontas agus a gcuid contrapháirtithe i dtríú tír ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bpróiseáiltear an fhaisnéis de bhun forála gníomh de chuid an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn agus de bhun forála coibhéisí i ndlí an tríú tír;

(b)

go ndéantar an fhaisnéis a mhalartú nó a chur ar fáil i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

an tríú tír do chur i bhfeidhm forála gníomh de chuid an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn;

(ii)

úsáid IMI; agus

(iii)

prionsabail agus módúlachtaí an mhalartaithe sin; agus

(c)

go n-áirithíonn an tríú tír i dtrácht cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 95/46/CE lena n-áirítear coimircí leordhóthanacha nach n-úsáidfear na sonraí arna bpróiseáil in IMI ach chun na críche ar chuige a malartaíodh iad ar an gcéad dul síos, agus go bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE.

2.   I gcás inar gníomhaí IMI é an Coimisiún, beidh feidhm ag Airteagal 9(1) agus (7) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le malartú aon sonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI lena chontrapháirtithe atá i dtríú tír.

3.   Déanfaidh an Coimisiún liosta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus a choinneáil cothrom le dáta, is liosta de na tríú tíortha atá údaraithe faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a mhalartú, i gcomhréir le mír 1.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 25

Faireachán agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar fheidhmiú IMI a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil.

2.   Faoin 5 Nollaig 2017 agus gach cúig bliana dá éis sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar ghnéithe a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta in IMI, lena n-áirítear slándáil sonraí, a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

3.   D’fhonn na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a sholáthar, cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis is ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar fáil don Choimisiún, lena n-áirítear faisnéis ar an gcaoi a gcuirtear na ceanglais um chosaint sonraí atá leagtha síos sa Rialachán seo i bhfeidhm go praiticiúil.

Airteagal 26

Costais

1.   Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bheidh na costais arna dtabhú i dtaobh fhorbairt, chur chun cinn, fheidhmiú agus chothabháil IMI, gan dochar do na socruithe atá ann faoi Airteagal 22(2).

2.   Ach amháin má leagtar síos a mhalairt i ngníomh de chuid an Aontais, is ar gach Ballstát a bheidh na costais a bhaineann le hoibríochtaí IMI ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear na hacmhainní daonna atá de dhíth le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna, cur chun cinn agus cúnaimh theicniúil (deasc chabhrach), mar aon leis na costais a bhaineann le IMI a riar ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 27

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE.

Airteagal 28

Cur i bhfeidhm éifeachtach

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh a ngníomhaithe IMI an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach.

Airteagal 29

Eisceachtaí

1.   D’ainneoin Airteagal 4 den Rialachán seo, maidir le treoirthionscadal IMI a seoladh an 16 Bealtaine 2011 chun oiriúnacht IMI a thástáil maidir le cur chun feidhme Airteagal 4 de Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (12) féadfaidh an treoirthionscadal sin leanúint ag oibriú ar bhonn na socruithe a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   D’ainneoin Airteagal 8(3) agus pointe (a) agus pointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 12 den Rialachán seo, i ndáil le forálacha chomhair riaracháin Mholadh SOLVIT a chur chun feidhme trí IMI, féadfaidh rannpháirtíocht an Choimisiúin i nósanna imeachta um chomhar riaracháin agus an tsaoráid atá ann cheana do ghníomhaithe seachtracha leanúint ar aghaidh ar bhonn na socruithe a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ocht mí dhéag a bheidh sa tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Rialachán seo i gcás sonraí pearsanta a phróiseáiltear in IMI chun críocha Mholadh SOLVIT.

3.   D’ainneoin Airteagal 4(1) den Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún treoirthionscadal a sheoladh le measúnú a dhéanamh ar IMI lena fháil amach an uirlis éifeachtúil é atá éifeachtach ó thaobh costais de agus atá furasta le húsáid chun Airteagal 3(4), (5) agus (6) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir um thráchtáil leictreonach) (13) a chur chun feidhme. Tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an treoirthionscadal sin a sheoladh, cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus cumhdófar léi freisin an idirghníomhaíocht idir comhar riaracháin laistigh den chóras comhair um chosaint tomhaltóirí arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe um chosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (14) agus laistigh d’IMI.

4.   D’ainneoin Airteagal 14(1) den Rialachán seo, maidir le haon tréimhsí suas go dtí uastréimhse 18 mí a chinntear ar bhonn Airteagal 36 de Threoir 2006/123/CE maidir le comhar riaracháin de bhun Chaibidil VI de, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu i ndáil leis an réimse sin.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 43, 15.2.2012, lch. 14.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2012.

(3)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(4)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(5)  IO L 331, 15.12.2001, lch. 79.

(6)  IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.

(7)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

(8)  IO L 13, 16.1.2008, lch. 18.

(9)  IO L 263, 7.10.2009, lch. 32.

(10)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(11)  IO C 48, 18.2.2012, lch. 2.

(12)  IO L 18, 21.1.1997, lch. 1.

(13)  IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.

(14)  IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR RIARACHÁIN I NGNÍOMHARTHA AONTAIS A CHUIRTEAR CHUN FEIDHME TRÍ IMI, DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3

1.

Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (1): Caibidil VI, Airteagal 39(5), mar aon le hAirteagal 15(7) ach amháin má thugtar fógra, dá bhforáiltear san Airteagal deireanach sin, i gcomhréir le Treoir 98/34/CE.

2.

Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (2): Airteagal 8, Airteagal 50(1), (2) agus (3), agus Airteagal 56.

3.

Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (3): Airteagal 10(4).

4.

Rialachán (AE) Uimh. 1214/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le hiompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir Ballstáit sa limistéar euro (4): Airteagal 11(2).

5.

Moladh ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2001 maidir le prionsabail chun leas a bhaint as “SOLVIT” — an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (5): Caibidil I agus Caibidil II.


(1)  IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.

(2)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 22.

(3)  IO L 88, 4.4.2011, lch. 45.

(4)  IO L 316, 29.11.2011, lch. 1.

(5)  IO L 331, 15.12.2001, lch. 79.