31.7.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 670/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Iúil 2012

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007-2013) agus Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 agus Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) bunaítear an Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (CRIM) lena gcuimsítear cineálacha éagsúla beart cur chun feidhme a chuirtear i gcrích trí chláir ar leith, ar ceann díobh é an “Clár Tacaíochta Beartais Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC)” lena gcuirtear tacaíocht ar fáil chun an margadh inmheánach a neartú i ndáil le táirgí agus seirbhísí TFC agus le táirgí agus seirbhísí atá bunaithe ar TFC, agus a bhfuil sé d’aidhm aige an nuálaíocht a spreagadh trí bhíthin glacadh TFC, agus infheistiú ann, a chur ar bhonn níos forleithne.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (4) leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh agus cruthaítear freisin an ionstraim um chomhroinnt riosca “Ionstraim Ráthaíochta Iasachta le haghaidh Thionscadal GTE-Iompair (‘GTE-I’)”.

(3)

As seo go ceann deich mbliana, de réir meastachán ón gCoimisiún, beidh méideanna eisceachtúla infheistíochta i ngréasáin iompair, fuinnimh agus teileachumarsáide na hEorpa ag teastáil le rannchuidiú le cuspóirí beartas Eoraip 2020 a ghnóthú, go háirithe cuspóirí aeráide agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní agus bonneagair chliste, uasghrádaithe agus lán-idir-chónasctha a fhorbairt, agus chun comhlánú an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn.

(4)

Níl sé éasca teacht ar mhaoiniú mhargadh an chaipitil fiachais i gcomhair tionscadal bonneagair san Aontas. Níor cheart go mbeadh meathlú ar an bhfeidhmíocht ó thaobh na gcóras iompair, teileachumarsáide ná fuinnimh de ná moilliú ar fhódú an leathanbhanda mar thoradh ar dheacrachtaí na dtionscadal bonneagair rochtain a fháil ar airgeadas príobháideach fadtéarmach nó ar mhaoiniú poiblí fadtéarmach. Mar gheall ar ilroinnt na margaí bannaí ar fud an Aontais, in éineacht le héileamh anaithnid chomh maith le méid agus le castacht na dtionscadal bonneagair a fhágann gur fada na hagaí tionscanta a theastaíonn le tionscadail a ullmhú, is iomchuí aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo ar leibhéal an Aontais.

(5)

Trí ionstraimí airgeadais, arna rialú ag Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i leith bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (5), is féidir, i gcásanna áirithe, feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chaiteachais bhuiséid agus éifeachtaí móra iolraitheora a bhaint amach maidir le maoiniú a mhealladh ón earnáil phríobháideach. Tá sé sin ábhartha go háirithe sa chomhthéacs é a bheith deacair rochtain a fháil ar chreidmheas, srianta a bheith ar airgeadas poiblí agus i bhfianaise an gá atá ann taca a chur faoi téarnamh eacnamaíoch na hEorpa.

(6)

Sa rún a ghlac sí an 8 Meitheamh 2011 maidir le hInfheistíocht sa todhchaí: Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nua le go mbeadh an Eoraip iomaíoch, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, d’fháiltigh Parlaimint na hEorpa roimh Thionscnamh Bannaí Tionscadal Eoraip 2020, mar shásra um chomhroinnt riosca, ar tionscnamh é lena gcuireann BEI tacaíocht theoranta ar fáil ó bhuiséad an Aontais, atá ceaptha chun cistí an Aontais a ghiaráil agus spéis na n-infheisteoirí príobháideacha a mhealladh tuilleadh chun páirt a ghlacadh i dtionscadail tosaíochta atá i gcomhréir le cuspóirí Eoraip 2020. Ina conclúidí an 12 Iúil 2011 maidir leis an nGníomh um an Margadh Aonair, mheabhraigh an Chomhairle nach mór measúnú a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais maidir leis na héifeachtaí giarála a bheadh acu i gcomparáid leis na hionstraimí atá ann cheana, na rioscaí a bheadh le cur le cláir chomhardaithe na rialtas agus an tslí ina bhféadfadh sé go ndúnfaí institiúidí príobháideacha amach. Ba cheart go bhféachfaí ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirthionscadal i gcomhair Thionscnamh Bannaí Tionscadail Eoraip 2020 agus a mheasúnú tionchair, a bhain leas as comhairliúchán poiblí, sa chomhthéacs sin.

(7)

Ba cheart treoirthréimhse a sheoladh i gcomhair Thionscnamh Bannaí Tionscadail Eoraip 2020 arb é is aidhm di cabhrú le tionscadail tosaíochta a mhaoiniú, ar tionscadail iad ag a bhfuil breisluach soiléir AE, agus rannpháirtíocht níos fearr na hearnála príobháidí a éascú i maoiniú fadtéarmach ag na margaí caipitil ar thionscadail i réimsí atá inmharthana go heacnamaíoch i mbonneagar an iompair, an fhuinnimh agus TFC. Rachaidh an ionstraim seo chun tairbhe do thionscadail ag a bhfuil riachtanais chomhchosúla maoinithe agus ba cheart don ionstraim, a bhuíochas do na sineirgíochtaí idir na hearnálacha, buntáistí níos fearr a chur ar fáil freisin i dtéarmaí an tionchair ar an margadh, na héifeachtúlachta riaracháin agus na húsáide acmhainní. Ba cheart gur ionstraim chomhtháite a bheidh ann i gcomhair geallsealbhóirí i mbonneagar, amhail airgeadaithe, na húdaráis phoiblí, bainisteoirí ar an mbonneagar, cuideachtaí tógála agus oibreoirí tógála, agus is é éileamh an mhargaidh a bheidh á tiomáint.

(8)

Le linn na treoirthréimhse do Thionscnamh Bannaí Tionscadail Eoraip 2020, tá buiséad an Aontais le húsáid in éineacht le maoiniú ó BEI i bhfoirm ionstraim chomhpháirteach um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a eiseoidh cuideachtaí tionscadail. Leis an ionstraim sin, féachtar an riosca fiach-sheirbhíse ag tionscadal agus an riosca creidmheasa atá ag sealbhóirí bannaí a mhaolú sa mhéid is go mbeidh rannpháirtithe an mhargaidh chaipitil, amhail cistí pinsin, cuideachtaí árachais agus páirtithe leasmhara eile, toilteanach infheistiú i méid níos mó bannaí tionscadal bonneagair seachas mar a dhéanfaidís gan tacaíocht an Aontais.

(9)

I bhfianaise shaineolas seanbhunaithe BEI, agus ós rud é gurb é is príomh-airgeadaí do thionscadail bonneagair agus gurb é an comhlacht maoinithe AE arna bhunú leis an gConradh, ba cheart don Choimisiún páirt a thabhairt don BEI i gcur chun feidhme na treoirthréimhse. Ba cheart príomhthéarmaí, príomhchoinníollacha agus príomhnósanna imeachta na hionstraime um chomhroinnt riosca a leagan síos trí bhíthin an Rialacháin seo. Ba cheart téarmaí agus coinníollacha níos mionsonraithe, lena n-áirítear comhroinnt riosca, luach saothair, faireachán agus rialú a leagan síos i gcomhaontú comhair idir an Coimisiún agus BEI. Ba cheart don Choimisiún agus do BEI an comhaontú comhair sin a fhormheas de réir a nósanna imeachta faoi seach.

(10)

Ba cheart an treoirthréimhse do Thionscnamh Bannaí Tionscadail Eoraip 2020 a sheoladh a luaithe is féidir le linn tréimhse an chreata airgeadais reatha agus ba cheart í a chur chun feidhme gan mhoill mhíchuí chun a fhionnadh an dtugann na hionstraimí airgeadais um chomhroinnt riosca sin breisluach, agus a mhéid a thugann siad é, i réimse an mhaoinithe bonneagair agus le haghaidh forbairt ar mhaoiniú mhargadh an chaipitil fiachais ar thionscadail bonneagair.

(11)

Ba cheart an treoirthréimhse a chistiú trí bhuiséid a athdhíreofar i mbuiséad 2012 agus i mbuiséad 2013 ó na cláir iompair, fuinnimh agus theileachumarsáide atá ann cheana. Chun na críche sin, ba cheart go bhféadfaí suas le EUR 200 milliún a athdhíriú le haghaidh an tionscnaimh seo ó bhuiséad GTE-I, suas le EUR 20 milliún ó bhuiséad an Chláir Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta agus suas le EUR 10 milliún ó bhuiséad Fhuinnimh GTE (“GTE-F”). Cuireann na cistí buiséadacha atá ar fáil srian le raon feidhme an tionscnaimh, agus le líon na dtionscadal ar féidir tacú leo, araon.

(12)

Ba cheart do BEI cistí buiséadacha a iarraidh ar bhonn raon tionscadal, is tionscadail a mheasfaidh BEI agus an Coimisiún a bheith oiriúnach, a bheith i gcomhréir le cuspóirí beartais fadtéarmacha an Aontais agus gur dóchúil go gcuirfear i gcrích iad. Ba cheart aon iarrataí den sórt sin agus na gealltanais bhuiséideacha chomhfhreagracha a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2013. I ngeall ar an gcastacht a bhaineann le mórthionscadail bhonneagair, ba cheart go bhféadfadh Bord Stiúrthóirí BEI an formheas iarbhír a dhéanamh tráth níos déanaí, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2014.

(13)

Ba cheart iarratais ar thacaíocht, agus roghnú agus cur chun feidhme na dtionscadal go léir a bheith faoi réir dhlí an Aontais, go háirithe maidir le státchabhair, agus ba cheart go mbeadh sé mar aidhm aige gan aon saobhadh margaidh a chruthú nó a mhéadú.

(14)

I dteannta na gceanglas um thuairisciú atá ann faoi phointe 49 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus le bainistíocht fhónta airgeadais (6), ba cheart don Choimisiún, le tacú BEI, tuarascáil a thabhairt gach sé mhí le linn na treoirthréimhse do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tar éis an comhaontú comhair a bheith sínithe agus tuarascáil eatramhach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara leath de 2013. Ba cheart meastóireacht neamhspleách iomlán a dhéanamh in 2015.

(15)

Agus úsáid á baint aige as an meastóireacht neamhspleách iomlán sin, ba cheart don Choimisiún ábharthacht Thionscnamh Bannaí Tionscadail Eoraip 2020 a mheasúnú chomh maith lena éifeachtacht ó thaobh méid na n-infheistíochtaí a mhéadú i dtionscadail tosaíochta agus ó thaobh éifeachtúlacht chaiteachas an Aontais a fheabhsú.

(16)

Ba cheart treoirthréimhse Thionscnamh Bannaí Tionscadail Eoraip 2020 a sheoladh mar ullmhúchán i gcomhair na Saoráide Cónasctha don Eoraip mar a mhol an Coimisiún. Tá sé gan dochar d’aon chinntí maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais (CAI) i ndiaidh 2013 maidir leis an athúsáid a d’fhéadfaí a dhéanamh ar athshreafaí ó ionstraimí airgeadais i gcomhthéacs caibidlíochta ar thogra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme ar bhuiséad bliantúil an Aontais.

(17)

Chun treoirthréimhse Thionscnamh Bannaí Tionscadail Eoraip 2020 a chur chun feidhme, ba cheart Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 a leasú dá réir sin.

(18)

Le go mbeidh éifeacht leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i bhfianaise ré theoranta na treoirthréimhse, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE

Leasaítear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“5a.   Gan dochar do mhír 1 go mír 5, maidir le tionscadail a dhéanfar faoin ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 31(2), déanfaidh an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) tuarascáil eatramhach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara leath de 2013. Déanfar meastóireacht neamhspleách iomlán in 2015.

Ar bhonn na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún ábharthacht Thionscnamh Bannaí Tionscadail Eoraip 2020 a mheasúnú chomh maith lena éifeachtacht ó thaobh méid na n-infheistíochtaí a mhéadú i dtionscadail tosaíochta agus ó thaobh éifeachtúlacht chaiteachas an Aontais a fheabhsú. I bhfianaise an mheasúnaithe sin, agus na roghanna go léir á gcur san áireamh, breithneoidh an Coimisiún an ndéanfaidh sé athruithe rialála iomchuí a mholadh, lena n-áirítear athruithe reachtacha, go háirithe mura sásúil an glacadh sa mhargadh atá tuartha nó sa chás go dtiocfaidh fáil a dhóthain ar fhoinsí malartacha maoinithe d’fhiachas fadtéarmach.

Maidir leis an tuarascáil eatramhach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áireofar ann liosta de na tionscadail a mbeidh tairbhe bainte acu as an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 31(2a) go (2e), maille le faisnéis faoi théarmaí na mbannaí a eisíodh agus na cineálacha infheisteoirí, idir infheisteoirí faoi láthair agus infheisteoirí ionchasacha don todhchaí.”;

(2)

in Airteagal 26(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

an nuálaíocht a spreagadh trí bhíthin glacadh TFC agus leathanbhanda agus infheistiú iontu a chur ar bhonn níos forleithne;”;

(3)

leasaítear Airteagal 31 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh sé d’aidhm ag na tionscadail dá dtagraítear i mír 1(a) nuálaíocht, aistriú teicneolaíochta agus leathadh teicneolaíochtaí nua atá réidh don mhargadh a chur chun cinn.

Féadfaidh an tAontas deontas a thabhairt mar rannchuidiú le buiséad na dtionscadal sin.

Féadfaidh an tAontas, mar mhalairt air sin, le linn treoirthréimhse in 2012 agus 2013, ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh don BEI ar mhaithe le soláthar agus leithroinnt caipitil a dhéanamh le haghaidh ionstraimí fiachais nó le haghaidh ráthaíochtaí arna n-eisiúint ag BEI ar bhonn a acmhainní dílse de réir na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“2a.   Is ionstraim chomhpháirteach ag an gCoimisiún agus ag BEI an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2 a sholáthraíonn breisluach mar idirghabháil de chuid an Aontais, a thugann aghaidh ar staideanna infheistíochta fho-optamacha sa chás nach bhfaigheann tionscadail maoiniú leordhóthanach ó na margaí, agus a sholáthraíonn breisíocht. Seachnaíonn sé saobhadh iomaíochta, tá sé mar aidhm aige éifeacht iolraitheora a áirithiú agus déanann sé leasanna a chur ar chomhréim i bhfoirm feabhsú creidmheasa. Is é a dhéanfaidh an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail:

(a)

beidh sé i bhfoirm ionstraime fiachais nó ráthaíochta arna ndeonú ag BEI le tacaíocht ó ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais i bhfabhar maoiniú arna sholáthar do thionscadail i réimse TFC agus an leathanbhanda, agus déanfar léi maoiniú ó Bhallstáit nó ón earnáil phríobháideach a chomhlánú nó a mhealladh;

(b)

maolóidh sé an riosca fiach-sheirbhíse atá ag tionscadal agus riosca creidmheasa na sealbhóirí bannaí;

(c)

ní bhainfear úsáid as ach amháin le haghaidh na tionscadail a bhfuil a n-inmharthanacht airgeadais bunaithe ar ioncaim tionscadail.

2b.   Ní rachaidh risíocht an Aontais leis an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais incháilithe eile, in aon chás thar mhéid ranníocaíocht an Aontais chuig an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail, ná ní rachaidh sí thar aibíocht phunann na saoráidí foluiteacha d’fheabhsú creidmheasa. Ní bheidh aon dliteanas eile ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Is é BEI a iompróidh i gcónaí an riosca fuílligh atá gaolmhar do na hoibríochtaí banna tionscadail sin.

2c.   Leagtar síos na príomhthéarmaí, na príomhchoinníollacha agus na príomhnósanna imeachta in Iarscríbhinn IIIa. Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail, lena n-áirítear comhroinnt riosca, luach saothair, faireachán agus rialú, i gcomhaontú comhair idir an Coimisiún agus BEI. Déanfaidh an Coimisiún agus BEI an comhaontú comhair sin a fhormheas de réir a nósanna imeachta faoi seach.

2d.   In 2013, féadfar suim suas le EUR 20 milliún ón mbuiséad arna leithroinnt chun an beartas TFC agus leathanbhanda a shaothrú i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach i bpointe (b) d’Iarscríbhinn I a úsáid. I bhfianaise ré theoranta na treoirthréimhse, féadfaidh an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail aon ioncaim a fhaightear roimh an 31 Nollaig 2013 a athúsáid d’ionstraimí fiachais agus ráthaíochtaí nua laistigh den tsaoráid um chomhroinnt riosca chéanna agus do thionscadail a chomhlíonann na critéir cháilíochta chéanna chun an méid infheistíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh a uasmhéadú. Sa chás nach mbeidh síneadh leis an ionstraim ráthaíochta iasachta i gcomhair bannaí tionscadail i dtreo is go leanfaidh sí ar aghaidh faoin gcéad chreat ilbhliantúil airgeadais eile, cuirfear ar ais ar thaobh an ioncaim aon chistí de bhuiséad ginearálta an Aontais a bheidh fágtha.

2e.   I dteannta na gceanglas um thuairisciú a leagtar amach i bpointe 49 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 maidir le smacht buiséadach agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus gan dochar d’aon cheanglais rialála eile um thuairisciú, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach sé mhí le linn na treoirthréimhse maidir le feidhmíocht na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail, lena n-áirítear téarmaí airgeadais agus láithriú aon bhannaí tionscadail a bheidh eisithe.”;

(4)

cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

“IARSCRÍBHINN IIIa

Príomhthéarmaí, príomhchoinníollacha agus príomhnósanna imeachta don ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 31(2c)

Is comhpháirtí comhroinnte riosca a bheidh i BEI agus déanfaidh sé bainistiú, thar cheann an Aontais, ar ranníocaíocht an Aontais leis an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail. Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha níos mionsonraithe do chur chun feidhme na hionstraime sin, lena n-áirítear faireachán agus rialú uirthi, i gcomhaontú comhair idir an Coimisiún agus BEI, agus na forálacha a leagtar síos san Iarscríbhinn seo á gcur san áireamh.

(a)   Saoráid BEI

1.

Déanfar an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a cheapadh do gach tionscadal incháilithe mar shaoráid fho-ordaithe, i bhfoirm ionstraime fiachais agus nó saoráide (ráthaíochta) teagmhasaí nó i bhfoirm an dá cheann acu chun éascú a dhéanamh ar bhanna tionscadail a eisiúint.

2.

Más rud é go mbeidh BEI ina chreidiúnaí do thionscadal, nó go dtiocfaidh sé chun bheith ina chreidiúnaí amhlaidh, rangófar cearta BEI faoin ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail i rang faoin bhfiachas sinsearach agus os cionn cothromais agus aon oibríochtaí maoinithe a bhaineann le cothromas.

3.

Ní rachaidh an tsaoráid thar 20 % de shuim iomlán an fhiachais shinsearaigh a bheidh eisithe.

(b)   Buiséad

TFC:

2013: Suas le EUR 20 milliún

Eiseofar an iarraidh ar aistriú na suimeanna thuas faoin 31 Nollaig 2012 agus beidh réamhaisnéis maidir leis an ngá le ranníocaíocht sceidealta an Aontais ag gabháil leis an iarraidh sin.

Féadfaidh an réamhaisnéis sin, más gá, fónamh mar bhunús do laghdú éileamhbhunaithe ar shuim 2013 a ndéanfar é a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

(c)   Cuntas muiníneach

1.

Bunóidh BEI cuntas muiníneach ina gcoinneofar ranníocaíocht an Aontais agus na hioncaim a eascróidh as ranníocaíocht an Aontais.

2.

I bhfianaise ré theoranta na treoirthréimhse, déanfar an t-ús a ghnóthófar ar na cuntais mhuiníneacha agus na hioncaim eile a eascróidh as ranníocaíocht an Aontais, amhail préimheanna ráthaíochta, ús agus corrlaigh riosca ar shuimeanna arna n-eisíoc ag BEI, a chur le hacmhainní an chuntais mhuinínigh. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, áfach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 46(2), go gcuirfear ar ais iad go dtí an líne buiséid CRIM TFC.

(d)   Ranníocaíocht an Aontais a úsáid

Déanfaidh BEI ranníocaíocht an Aontais a úsáid:

1.

maidir le soláthar a dhéanamh le haghaidh riosca ar bhonn céadchaillteanais i gcomhair saoráidí fo-ordaithe na punainne tionscadal incháilithe, i gcomhréir le rialacha ábhartha BEI agus i gcomhréir le measúnú riosca arna dhéanamh ag BEI faoina chuid beartas is infheidhmithe;

2.

d’fhonn na costais incháilithe nach bhfuil gaolmhar le tionscadal ach atá bainteach le bunú agus riar na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a chumhdach, lena n-áirítear meastóireacht na hionstraime sin.

(e)   Comhroinnt riosca agus ioncaim

Déanfar an patrún comhroinnte a thiocfaidh as pointe (d) a léiriú trí chomhroinnt iomchuí idir an tAontas agus BEI a dhéanamh ar an luach saothair riosca a ghearrann BEI ar a chomhpháirtí san oibríocht i ndáil le gach saoráid atá laistigh den phunann tionscadal.

(f)   Praghsáil

Tá praghsáil na saoráidí bannaí tionscadail bunaithe ar an luach saothair riosca i gcomhréir le rialacha caighdeánacha agus critéir chaighdeánacha ábhartha BEI.

(g)   An nós imeachta um iarratais

Déanfar iarratais ar chlúdach riosca faoin ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a dhíriú chuig BEI i gcomhréir le nós imeachta caighdeánach BEI um iarratais.

(h)   An nós imeachta um fhormheas

Déanfaidh BEI réamhrialú riosca, airgeadais, teicniúil agus dlí agus déanfaidh sé cinneadh maidir le húsáid ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail agus roghnóidh sé an tsaoráid fho-ordaithe iomchuí i gcomhréir lena rialacha caighdeánacha agus lena critéir chaighdeánacha, go sonrach Treoirlínte BEI um an mBeartas Riosca Creidmheasa agus critéir roghnúcháin BEI sa réimse sóisialta, comhshaoil agus aeráide.

(i)   Ré

1.

Déanfar ranníocaíocht an Aontais chuig an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a ghealladh tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2013. Beidh formheas iarbhír na saoráidí bannaí tionscadail ag Bord Stiúrthóirí BEI le tabhairt chun críche faoin 31 Nollaig 2014.

2.

I gcás ina bhfoirceannfar an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail le linn an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha, déanfar aon iarmhéideanna a bheidh sa chuntas muiníneach, seachas cistí a bheidh geallta agus cistí atá riachtanach chun costais agus caiteachais incháilithe eile a chumhdach, a chur ar ais go dtí an líne buiséid CRIM TFC.

3.

Déanfar cistí a bheidh leithroinnte ar an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a aisíoc isteach sa chuntas muiníneach ábhartha de réir mar a rachaidh saoráidí in éag nó de réir mar a dhéantar iad a aisíoc, ar choinníoll gur leordhóthanach i gcónaí an clúdach riosca.

(j)   Tuairisciú

Déanfar modhanna maidir le tuairisciú bliantúil ar chur chun feidhme na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a chomhaontú idir an Coimisiún agus BEI.

Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún, le tacú BEI, tuarascáil ar chur chun feidhme a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach sé mhí, ag tosú sé mhí tar éis an comhaontú comhair dá dtagraítear in Airteagal 31(2c) a bheith sínithe.

(k)   Faireachán, rialú agus meastóireacht

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na hionstraime, lena n-áirítear trí rialuithe ar an láthair de réir mar is iomchuí, agus déanfaidh sé fíorúchán agus rialuithe i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (*1).

Bainisteoidh BEI saoráidí fo-ordaithe i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta BEI féin, lena n-áirítear bearta iomchuí iniúchta, rialaithe agus faireacháin. Ina theannta sin, déanfaidh Bord Stiúrthóirí BEI, ar a bhfuil ionadaíocht ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, gach saoráid fo-ordaithe a fhormheas agus beidh sé ag faire go bhfuil bainistiú á dhéanamh ar BEI i gcomhréir lena Reacht agus leis na treoracha ginearálta arna leagan síos ag a Bhord Gobharnóirí.

Déanfaidh an Coimisiún agus BEI tuarascáil eatramhach maidir le feidhmiú na treoir-ionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara leath den bhliain 2013 d’fhonn dearadh na hionstraime sin a bharrfheabhsú.

Déanfar meastóireacht neamhspleách iomlán i 2015 tar éis na hoibríochtaí bhannaí tionscadail críochnaitheacha a bheith formheasta. Cumhdófar leis an meastóireacht sin, inter alia, an breisluach, breisíocht i gcomparáid le hionstraimí eile Aontais nó Ballstáit agus le foirmeacha eile maoinithe fiachais fhadtéarmaigh atá ar marthain, an éifeacht iolraitheora a bheidh gnóthaithe, measúnú ar na rioscaí atá i gceist chomh maith le cruthú nó ceartú éifeachtaí saofa, más ann dóibh. Cumhdóidh an mheastóireacht freisin an tionchar ar inmharthanacht airgeadais na dtionscadal, méid, téarmaí agus costais eisiúna bannaí, an éifeacht ar na margaí bannaí i gcoitinne mar aon le rialú ar ghnéithe creidiúnaí agus soláthair. Soláthróidh sé freisin, más féidir, comparáid costais le modhanna malartacha maoinithe tionscadail, lena n-áirítear iasachtaí bainc. Le linn na treoirthréimhse, déanfar gach ceann de na tionscadail roghnaithe a mheasúnú.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 680/2007

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(14)

ciallaíonn an ‘ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail’ ionstraim chomhpáirteach ag an gCoimisiún agus ag BEI a sholáthraíonn breisluach mar idirghabháil an Aontais, a thugann aghaidh ar an staid infheistíochta fho-optamach sa chás nach bhfaigheann tionscadail maoiniú dóthanach ó na margaí, agus a sholáthraíonn breisíocht, trí mhaoiniú ó Bhallstáit nó ón earnáil phríobháideach a chomhlánú nó a mhealladh. Seachnaíonn sé saobhadh iomaíochta, tá sé mar aidhm aige éifeacht iolraitheora a dhaingniú agus déanann sé leasanna a chur ar chomhréim. Tá an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail i bhfoirm feabhsú creidmheasa do thionscadail leasa choitinn, maolaítear leis an riosca fiach-sheirbhíse atá ag tionscadal agus riosca creidmheasa na sealbhóirí bannaí agus ní bhainfear úsáid aisti ach amháin le haghaidh tionscadal a bhfuil a n-inmharthanacht airgeadais bunaithe ar ioncaim tionscadail;

(15)

ciallaíonn ‘feabhsú creidmheasa’ saoráid fho-ordaithe i bhfoirm ionstraim fiachais de chuid BEI nó ráthaíocht ón BEI nó an dá cheann, arna thacú le ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais, chun cáilíocht chreidmheasa fhiachas tionscadail a fheabhsú.”;

(2)

cuirtear an abairt seo a leanas leis an gcéad mhír d’Airteagal 4:

“Déanfar iarratais ar chlúdach riosca faoin ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail faoi Airteagal 6(1)(g) a dhíriú chuig BEI i gcomhréir le nós imeachta caighdeánach BEI um iarratais.”;

(3)

leasaítear Airteagal 6(1) mar a leanas:

(a)

i bpointe (d), cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

“In 2012 agus in 2013, féadfar suim suas le EUR 200 milliún ar mhaithe le treoirthréimhse na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail in earnáil an iompair a athdhíriú.”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(g)

le linn treoirthréimhse in 2012 agus 2013, ranníocaíocht airgeadais leis BEI ar mhaithe le soláthar agus leithroinnt caipitil a dhéanamh le haghaidh ionstraimí fiachais nó le haghaidh ráthaíochtaí arna n-eisiúint ag BEI ar bhonn a acmhainní dílse de réir na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail i réimse GTE-I agus GTE-F. Ní rachaidh risíocht an Aontais leis an ionstraim um chomhroinnt riosca, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais incháilithe eile, in aon chás thar mhéid ranníocaíocht an Aontais chuig an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail, ná ní rachaidh sí thar aibíocht phunann na saoráidí foluiteacha d’fheabhsú creidmheasa. Ní bheidh aon dliteanas eile ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Is é BEI a iompróidh i gcónaí an riosca fuílligh atá gaolmhar leis na hoibríochtaí bannaí tionscadail sin.

Déantar príomhthéarmaí, príomhchoinníollacha agus príomhnósanna imeachta na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a leagan síos in Iarscríbhinn Ia. Déanfar téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail, lena n-áirítear comhroinnt riosca, luach saothair, faireachán agus rialú, a leagan síos i gcomhaontú comhair idir an Coimisiún agus BEI. Déanfaidh an Coimisiún agus BEI an comhaontú comhair a fhormheas de réir a nósanna imeachta faoi seach.

In 2012 agus in 2013, féadfar suim suas le EUR 210 milliún, a mbeidh suas le EUR 200 milliún de i gcomhair tionscadal iompair agus a mbeidh suas le EUR 10 milliún de i gcomhair tionscadal fhuinnimh, a athdhíriú chun na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2) ó na línte buiséid maidir leis an ionstraim ráthaíochta iasachta do thionscadail GTE-I, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus do GTE-F faoi seach.

I dteannta na gceanglas um thuairisciú a leagtar amach i bpointe 49 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 maidir le smacht buiséadach agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus gan dochar d’aon cheanglais rialála eile um thuairisciú, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach sé mhí le linn na treoirthréimhse maidir le feidhmíocht na hionstraime um chomhroinnt riosca, lena n-áirítear téarmaí airgeadais agus láithriú aon bhannaí tionscadail a bheidh eisithe.

I bhfianaise ré theoranta na treoirthréimhse, féadfar an t-ús agus ioncam eile arna gcruthú ag an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair banaí tionscadail a fhaightear roimh an 31 Nollaig 2013 a athúsáid d’ionstraimí fiachais agus ráthaíochtaí nua laistigh den tsaoráid um chomhroinnt riosca chéanna agus do thionscadail a chomhlíonann na critéir cháilíochta chéanna chun an méid infheistíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh a uasmhéadú. Mura gcuirfear síneadh leis an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail i dtreo is go leanfaidh sí ar aghaidh faoin gcéad chreat airgeadais eile, cuirfear ar ais ar thaobh an ioncaim de bhuiséad ginearálta an AE aon chistí a bheidh fágtha.”;

(4)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 16:

“2a.   Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, i dtaca le tionscadail a dhéantar faoin ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(g), déanfaidh an Coimisiún agus BEI tuarascáil eatramhach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara leath de 2013. Déanfar meastóireacht neamhspleách iomlán in 2015.

Bunaithe ar an meastóireacht sin, déanfaidh an Coimisiún ábharthacht Thionscnamh Bannaí Tionscadail Eoraip 2020 a mheasúnú, agus a éifeachtacht ó thaobh méid na n-infheistíochtaí a mhéadú i dtionscadail tosaíochta agus ó thaobh éifeachtacht chaiteachas an Aontais a fheabhsú. I bhfianaise an mheasúnaithe sin, agus na roghanna go léir á gcur san áireamh, breithneoidh an Coimisiún an ndéanfaidh sé athruithe rialála iomchuí a mholadh, lena n-áirítear athruithe reachtacha, go háirithe mura sásúil an glacadh sa mhargadh atá tuartha nó sa chás go dtiocfaidh d’fháil a dhóthain a bheith ar fhoinsí malartacha do mhaoiniú fiachais fadtéarmach.”;

(5)

cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 17(1):

“Maidir leis an tuarascáil eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 16(2a), beidh liosta ann freisin de na tionscadail a mbeidh tairbhe bainte acu as an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(g), maille le faisnéis faoi théarmaí na mbannaí a eisíodh agus na cineálacha infheisteoirí, idir infheisteoirí reatha agus infheisteoirí ionchasacha don todhchaí.”;

(6)

athuimhrítear an Iarscríbhinn mar Iarscríbhinn I agus cuirtear “Iarscríbhinn I” in ionad na focail “an Iarscríbhinn” dá réir sin in Airteagal 6(1)(d);

(7)

cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

“IARSCRÍBHINN Ia

Príomhthéarmaí, príomhchoinníollacha, agus príomhnósanna imeachta do na bannaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(g)

Is comhpháirtí comhroinnte riosca a bheidh sa BEI agus déanfaidh sé bainistiú, thar ceann an Aontais, ar ranníocaíocht an Aontais san ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail. Déanfar téarmaí agus coinníollacha níos mionsonraithe d’fheidhmiú na hionstraime sin, lena n-áirítear faireachán agus rialú air, a leagan síos i gcomhaontú comhair idir an Coimisiún agus BEI, agus na forálacha a leagtar síos san Iarscríbhinn seo á gcur san áireamh.

(a)   Saoráid BEI

1.

Déanfar an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail do gach tionscadal incháilithe a cheapadh mar shaoráid fho-ordaithe, i bhfoirm ionstraime fiachais nó saoráide (ráthaíochta) teagmhasaí nó an dá cheann, chun éascú a dhéanamh ar bhanna tionscadail a eisiúint;

2.

Más rud é go mbeidh BEI ina chreidiúnaí do thionscadal, nó go dtiocfaidh sé chun bheith ina chreidiúnaí amhlaidh, rangófar cearta BEI faoin ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail i rang faoin bhfiachas sinsearach agus os cionn cothromais agus oibríochtaí maoinithe gaolmhara a bhaineann le cothromas;

3.

Ní rachaidh an tsaoráid thar 20 % de shuim iomlán an fhiachais shinsearaigh a bheidh eisithe.

(b)   Buiséad

GTE-I:

2012: Suas le EUR 100 milliún

2013: Suas le suim charntha de EUR 200 milliún

le hath-leithroinnt ó bhuiséad GTE-I atá tiomanta don ionstraim ráthaíochta iasachta do thionscadail GTE-I dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, ach nach bhfuil caite.

GTE-F:

2013: Suas le EUR 10 milliún

Déanfar an iarraidh ar aistriú le haghaidh shuim 2012 a eisiúint gan aon mhoill mhíchuí tar éis an comhaontú comhair a bheith sínithe.

Déanfar na hiarrataí ar aistriú i mblianta ina dhiaidh sin a eisiúint faoin 31 Nollaig sa bhliain roimhe sin.

I ngach cás, beidh réamhaisnéis maidir leis an ngá atá le ranníocaíocht sceidealta an Aontais ag gabháil le hiarraidh ar aistriú.

Más gá, féadfaidh an réamhaisnéis sin fónamh mar bhunús do laghdú éileamhbhunaithe ar na méideanna a ndéanfar iad a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

(c)   Cuntas muiníneach

1.

Bunóidh BEI dhá chuntas mhuiníneacha (ceann do thionscadail faoi GTE-I, an ceann eile do thionscadail faoi GTE-F) ina gcoinneofar ranníocaíochtaí an Aontais agus ioncaim a eascróidh as ranníocaíochtaí an Aontais. Féadfar an cuntas muiníneach do GTE-I a chumascadh leis an gcuntas muiníneach a chuirfear ar bun don ionstraim ráthaíochta iasachta le haghaidh tionscadal GTE-I, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, ar choinníoll nach gcuireann an beart sin isteach ar cháilíocht an tuairiscithe agus an fhaireacháin a leagtar síos faoi phointe (j) agus faoi phointe (k).

2.

I bhfianaise ré theoranta na treoirthréimhse, déanfar an t-ús a ghnóthófar ar na cuntais mhuiníneacha agus na hioncaim eile a eascróidh as ranníocaíocht an Aontais, amhail préimheanna ráthaíochta, ús agus corrlaigh riosca ar shuimeanna arna n-eisíoc ag BEI, a chur le hacmhainní an chuntais mhuinínigh. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, áfach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), go gcuirfear ar ais iad go dtí líne buiséid GTE-I nó go dtí líne buiséid GTE-F.

(d)   Ranníocaíocht an Aontais a úsáid

Déanfaidh BEI ranníocaíocht an Aontais a úsáid:

1.

d’fhonn soláthar do riosca a dhéanamh ar bhonn céadchaillteanais i gcomhair saoráidí fo-ordaithe na punainne tionscadal incháilithe, i gcomhréir le rialacha ábhartha BEI agus i gcomhréir le measúnú riosca arna dhéanamh ag BEI faoina chuid beartas is infheidhmithe;

2.

d’fhonn cuimsiú a dhéanamh ar na costais incháilithe nach bhfuil gaolmhar le tionscadal ach atá bainteach le bunú agus riar na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail, lena n-áirítear meastóireacht na hionstraime sin.

(e)   Comhroinnt riosca agus ioncaim

Déanfar an patrún comhroinnte riosca a thiocfaidh as pointe (d) a léiriú trí chomhroinnt iomchuí idir an tAontas agus BEI a dhéanamh ar an luach saothair riosca a ghearrann BEI ar a chomhpháirtí san oibríocht i ndáil le gach saoráid a chomhdhéanann an phunann tionscadal.

Ainneoin na bhforálacha is infheidhme maidir le roinnt riosca don ionstraim ráthaíochta iasachta a bhaineann le tionscadail GTE-I, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, beidh feidhm freisin ag an bpatrún comhroinnte rioscaí i gcomhair bannaí tionscadail maidir leis an ionstraim sin, lena n-áirítear oibríochtaí a phunainne atá ar marthain.

(f)   Praghsáil

Tá praghsáil na saoráidí bannaí tionscadail bunaithe ar an luach saothair riosca i gcomhréir le rialacha caighdeánacha agus critéir chaighdeánacha ábhartha BEI.

(g)   An nós imeachta um iarratais

Déanfar iarratais ar chlúdach riosca faoin ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a dhíriú chuig BEI i gcomhréir le nós imeachta caighdeánach BEI um iarratais.

(h)   An nós imeachta um fhormheas

Déanfaidh BEI dícheall cuí riosca, airgeadais, teicniúil agus dlí a chur i gcrích agus déanfaidh sé cinneadh maidir le húsáid ionstraim um chomhroinnt riosca bannaí tionscadail agus roghnóidh sé an tsaoráid fho-ordaithe iomchuí i gcomhréir lena rialacha caighdeánacha agus lena critéir chaighdeánacha, go sonrach Treoirlínte BEI um an mBeartas Riosca Creidmheasa agus critéir roghnúcháin BEI sa réimse sóisialta, comhshaoil agus aeráide.

(i)   Ré

1.

Déanfar an tráinse deiridh de ranníocaíocht an Aontais chuig an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a ghealladh tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2013. Beidh formheas iarbhír na saoráidí bannaí tionscadail ag Bord Stiúrthóirí BEI le tabhairt chun críche tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2014.

2.

I gcás ina bhfoirceannfar an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail le linn an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha, déanfar aon iarmhéideanna a bheidh sna cuntais mhuiníneacha, seachas cistí a bheidh geallta agus cistí atá riachtanach chun costais agus caiteachais incháilithe eile a chumhdach, a chur ar ais go dtí na línte buiséid GTE-I, GTE-F.

3.

Déanfar cistí a bheidh leithroinnte chuig an ionstraim um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a aisíoc isteach sa chuntas muiníneach ábhartha de réir mar a rachaidh saoráidí in éag nó de réir mar a dhéantar iad a aisíoc, ar choinníoll gur leordhóthanach i gcónaí an clúdach riosca.

(j)   Tuairisciú

Déanfar modhanna maidir le tuairisciú bliantúil ar chur chun feidhme na hionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a chomhaontú idir an Coimisiún agus BEI.

Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún, le tacú BEI, tuarascáil ar chur chun feidhme a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach sé mhí, ag tosú sé mhí tar éis an comhaontú comhair dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(g) a bheith sínithe.

(k)   Faireachán, rialú agus meastóireacht

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na hionstraime, lena n-áirítear trí rialuithe ar an láthair de réir mar is iomchuí, agus déanfaidh sé fíorúchán agus rialuithe i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

Bainisteoidh BEI saoráidí fo-ordaithe i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta BEI féin, lena n-áirítear bearta iomchuí iniúchta, rialaithe agus faireacháin. Thairis sin, déanfaidh Bord Stiúrthóirí BEI, ar a bhfuil ionadaíocht ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, gach saoráid bannaí tionscadail a fhormheas agus beidh sé ag faire go bhfuil bainistiú á dhéanamh ar BEI i gcomhréir lena Reacht agus leis na treoracha ginearálta arna leagan síos ag a Bhord Gobharnóirí.

Déanfaidh an Coimisiún agus BEI tuarascáil eatramhach maidir le feidhmiú na treoir-ionstraime um chomhroinnt riosca i gcomhair bannaí tionscadail a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara leath den bhliain 2013 d’fhonn dearadh na hionstraime sin a bharrfheabhsú.

Déanfar meastóireacht neamhspleách iomlán in 2015 tar éis na hoibríochtaí bannaí tionscadail críochnaitheacha a bheith formheasta. Cumhdófar leis an meastóireacht sin, inter alia, an breisluach, breisíocht i gcomparáid le hionstraimí Aontais nó Ballstáit eile agus le foirmeacha eile maoinithe fiachais fhadtéarmaigh atá ar marthain, an éifeacht iolraitheora a bheidh gnóthaithe, measúnú ar na rioscaí atá i gceist chomh maith le cruthú nó ceartú éifeachtaí saofa, más ann dóibh. Cumhdóidh an mheastóireacht freisin an tionchar ar inmharthanacht airgeadais, méid, téarmaí agus costais eisiúna bannaí na dtionscadal, an éifeacht ar na margaí bannaí i gcoitinne mar aon le rialú ar ghnéithe creidiúnaí agus soláthair. Soláthróidh sé freisin, más féidir, comparáid costais le modhanna malartacha maoinithe tionscadail, lena n-áirítear iasachtaí bainc. Le linn na treoirthréimhse, déanfar gach ceann de na tionscadail roghnaithe a mheasúnú.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 11 Iúil 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)   IO C 143, 22.5.2012, lch. 134.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Iúil 2012.

(3)   IO L 310, 9.11.2006, lch. 15.

(4)   IO L 162, 22.6.2007, lch. 1.

(5)   IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(6)   IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

(*1)   IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.”.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach

Faoi phointe 49 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais, tugann an Coimisiún tuairisc don údarás buiséadach uair sa bhliain ar na hionstraimí airgeadais. I dtuairisc na bliana 2012 beidh plé freisin ar thionscnamh an AE agus an BEI maidir le bannaí le haghaidh tionscadal.

Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise a ghiorra a mhairfidh treoirthréimhse na mbannaí le haghaidh tionscadal, ba mhaith leis an gCoimisiún a shoiléiriú gurb é is brí leis na focail “tabharfaidh … tuairisc gach sé mhí le linn na treoirthréimhse” atá in aithris 14 in Airteagal 1(3)(b), in Airteagal 1(4), in Airteagal 2(3)(b) agus in Airteagal 2(7) go gcuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus an Pharlaimint ar an eolas trí theacht i láthair os comhair ceachtar den dá institiúid agus ábhar tacaíochta oiriúnach leis, seachas trí thuairisc oifigiúil de chuid an Choimisiúin a thabhairt, rud a d’éileodh iarracht a bheadh díréireach le réimse cúng na treoirthréimhse.