30.6.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/3


RIALACHÁN (AE) Uimh. 530/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2012

maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach (3) a leasú go substainteach roinnt uaireanta (4). Ós rud é go bhfuil gá le tuilleadh leasuithe, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair, ba cheart bearta a dhéanamh chun sábháilteacht a fheabhsú agus chun truailliú a chosc ó thaobh muiriompair de.

(3)

Is ábhar mór imní don Aontas tionóiscí loingis a mbíonn tancaeir ola bainteach leo agus an truailliú a dhéanann na tionóiscí sin dá imeallbhoird agus an dochar a dhéantar dá fhlóra agus fauna agus d’acmhainní eile mara.

(4)

Ina theachtaireacht ar chomhbheartas maidir le sábháilteacht ar muir, chuir an Coimisiún béim ar an iarraidh a rinne an Chomhairle urghnách maidir leis an gComhshaol agus Iompar an 25 Eanáir 1993 tacú le gníomhaíocht na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) an bhearna sábháilteachta idir longa nua agus longa atá ann cheana féin a chúngú trí longa atá ann cheana féin a uasghrádú agus/nó a chéimniú amach.

(5)

Lena Rún an 8 Meitheamh 1993 i leith comhbheartais maidir le sábháilteacht ar muir (5), thacaigh an Chomhairle go huile agus go hiomlán le cuspóirí na teachtaireachta ón gCoimisiún.

(6)

Ina Rún an 11 Márta 1994 i leith comhbheartais maidir le sábháilteacht ar muir (6), d’fháiltigh Parlaimint na hEorpa roimh an teachtaireacht ón gCoimisiún agus d’iarr sí, go háirithe, go ndéanfaí gníomhaíocht chun caighdeáin sábháilteachta tancaer a fheabhsú.

(7)

Ina Rún an 20 Eanáir 2000 i leith thubaiste an leo ola mar thoradh ar longbhriseadh an Erika (7), d’fháiltigh Parlaimint na hEorpa roimh dhícheall an Choimisiúin an dáta a thabhairt ar aghaidh faoina mbeadh sé d’oibleagáid ar thancaeir ola cabhail dhúbailte a bheith iontu.

(8)

Ina Rún an 21 Samhain 2002 i leith thubaiste an tancaeir ola “Prestige” a tharla amach ó chósta na Gailíse (8), d’iarr Parlaimint na hEorpa go mbeadh bearta níos láidre ann is féidir teacht i bhfeidhm níos sciobtha, agus mhaígh sí gur léiriú eile a bhí sa tubaiste sin go bhfuil gá le gníomhaíocht éifeachtach ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun feabhas mór a chur ar shábháilteacht mhuirí.

(9)

Trí bhíthin an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, 1973 agus trí bhíthin Phrótacal 1978 atá bainteach leis sin (Marpol 73/78), bhunaigh an IMO rialacha idirnáisiúnta maidir le truailliú a chosc, ar rialacha iad a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, agus a dhéanann difear do dhearadh agus d’oibriú thancaer ola. Is Páirtithe i Marpol 73/78 iad na Ballstáit.

(10)

De réir Airteagal 3.3 de Marpol 73/78, ní bhaineann an Coinbhinsiún sin le longa cogaidh, le longa cúntacha cabhlaigh ná le longa eile faoi úinéireacht Stáit nó atá á n-oibriú ag Stát agus nach n-úsáidtear, ach amháin i gcomhair seirbhísí neamhthráchtála rialtais.

(11)

Léiríonn an staidreamh maidir le haois agus tionóiscí tancaer go bhfuil méadú ag teacht ar an ráta tionóiscí a bhaineann do sheanlonga. Táthar ar aon fhocal ar an leibhéal idirnáisiúnta go mbeidh leibhéal níos airde cosanta i gcoinne truailliú taismeach le hola i gcás imbhualadh nó tráchur ag tancaeir ola aonchabhlach atá ann cheana féin tar éis ghlacadh leasuithe 1992 ar Marpol 73/78 lena gceanglaítear go ndéanfar caighdeáin cabhlach dúbailte nó caighdeáin deartha choibhéiseacha a chur i bhfeidhm maidir le tancaeir ola aonchabhlach nuair a bheidh aois áirithe slánaithe acu.

(12)

Is chun leas an Aontais Eorpaigh é bearta a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh Rialachán 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, arna athbhreithniú in 2004 le Rún MEPC 117(52) a ghlac Coiste Cosanta Comhshaoil Mhuirí (MEPC) IMO, á chomhlíonadh ag tancaeir ola a thagann isteach i gcalafoirt agus i gcríochfoirt amach ón gcósta, nó a théann ar ancaire i limistéar atá faoi dhlínse na mBallstát, nó ag tancaeir ola a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu, chun an baol go dtarlódh truailliú taismeach ola in uiscí na hEorpa a laghdú.

(13)

Trí bhíthin Rún MEPC 114(50), a glacadh an 4 Nollaig 2003, tugadh isteach Rialachán 21 nua in Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 maidir le cosc a chur ar thruailliú ó thancaeir ola a bhfuil ola de ghrád trom (HGO) ar iompar acu lena gcuirtear cosc ar HGO a iompar i dtancaeir ola aonchabhlach. I mír 5, mír 6, agus mír 7 de Rialachán 21 déantar foráil don fhéidearthacht díolúintí a bheith ann ó chur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán sin. Sa ráiteas a rinne Uachtaránacht na hIodáile ar an gComhairle Eorpach thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus a taifeadadh i dtuairisc oifigiúil an MEPC ar a 50ú seisiún (MEPC 50/3), tugtar gealltanas polaitiúil go staonfar ó úsáid a bhaint as na díolúintí sin.

(14)

Tháinig leasuithe ar Marpol 73/78, arna nglacadh ag an IMO an 6 Márta 1992, i bhfeidhm an 6 Iúil 1993. Leis na bearta sin, forchuirtear ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha ar thancaeir ola a seachadadh an 6 Iúil 1996, nó ina dhiaidh sin, agus is é is aidhm leo cosc a chur ar thruailliú le hola i gcás imbhualadh nó tráchur. De réir bhrí na leasuithe sin, tháinig éifeacht an 6 Iúil 1995 le scéim céimnithe amach do thancaeir ola aonchabhlach lenar ceanglaíodh go ndéanfadh tancaeir ola a seachadadh roimh an 1 Meitheamh 1982 na caighdeáin cabhlach dúbailte nó caighdeáin deartha choibhéiseacha a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná 25 bliana agus, i gcásanna áirithe, 30 bliain tar éis dháta a seachadta. Ní cheadófaí do thancaeir ola aonchabhlach den sórt sin atá ann faoi láthair a bheith i mbun oibríochta tar éis 2005 agus, i gcásanna áirithe, tar éis 2012, mura rud é go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha atá i Rialachán 19 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78. I gcás tancaer ola aonchabhlach a seachadadh tar éis an 1 Meitheamh 1982 nó i gcás iad siúd a seachadadh roimh an 1 Meitheamh 1982 agus a tiontaíodh chun go ndéanfaidís ceanglais Marpol 73/78 maidir le humair bhallasta dheighilte agus a n-ionad cosanta a chomhlíonadh, beidh an spriocdháta istigh sa bhliain 2026 ar a dhéanaí.

(15)

Glacadh leasuithe tábhachtacha ar Rialachán 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 an 27 Aibreán 2001 sa 46ú seisiún de MEPC trí Rún MEPC 95(46) agus an 4 Nollaig 2003, trí Rún MEPC 111(50) lenar tugadh isteach scéim nua chun tancaeir ola aonchabhlach a chéimniú amach ar mhodh luathaithe. Ar mhéid agus ar aois na long a bhraitheann na dátaí deiridh faoinar gá do na tancaeir ola Rialachán 19 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 a chomhlíonadh. Déantar, dá bhrí sin, tancaeir ola atá sa scéim sin a roinnt ina dtrí chatagóir de réir a dtonnáiste, a ndéantúis agus a n-aoise. Tá tábhacht ag baint leis na catagóirí sin ar fad, lena n-áirítear an chatagóir is ísle, Catagóir 3, ó thaobh trádála de laistigh den Aontas.

(16)

Is é cothromdháta seachadta na loinge an dáta deiridh faoina mbeidh tancaer ola aonchabhlach le céimniú amach, de réir sceidil dar tús 2003 agus dar críoch 2005 i gcás tancaer ola de Chatagóir 1, agus dar críoch 2010 i gcás tancaer ola de Chatagóir 2 agus de Chatagóir 3.

(17)

Tugtar isteach, le Rialachán 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, an ceanglas nach bhféadfaidh aon tancaer ola aonchabhlach leanúint de bheith ag oibriú ach amháin sa chás ina mbeidh an Scéim um Bailmheasúnú (SBM), arna glacadh an 27 Aibreán 2001 le Rún MEPC 94(46) arna leasú le Rún MEPC 99(48) an 11 Deireadh Fómhair 2002 agus le Rún MEPC 112(50) an 4 Nollaig 2003, á comhlíonadh aige. Déantar, le SBM, oibleagáid a fhorchur go n-eiseoidh córas riaracháin an Stáit bhrataí Ráiteas Comhlíontachta agus go nglacfaidh sé páirt i nósanna imeachta suirbhé an SBM. Ceaptar SBM chun laigí struchtúracha i dtancaeir ola atá ag dul in aois a bhrath agus ba cheart feidhm a bheith aici maidir le gach tancaer ola atá níos sine ná 15 bliana.

(18)

I Rialachán 20.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 ceadaítear eisceacht i gcás tancaer ola de Chatagóir 2 agus de Chatagóir 3 lena gceadaítear dóibh oibriú, faoi imthosca áirithe, tar éis teorainn ama a gcéimnithe amach. Le Rialachán 20.8.2 den Iarscríbhinn chéanna, tugtar an ceart do na Páirtithe i Marpol 73/78 cead isteach i gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta atá faoina ndlínse a dhiúltú do thancaeir ola a bhfuil cead acu oibriú faoin eisceacht sin. Tá sé dearbhaithe ag na Ballstáit go bhfuil sé ar intinn acu an ceart sin a fheidhmiú. Ba cheart aon chinneadh dul i muinín an chirt sin a chur in iúl don IMO.

(19)

Tá sé tábhachtach a áirithiú nach é a bheidh mar thoradh ar fhorálacha an Rialacháin seo sábháilteacht an chriú ná sábháilteacht tancaer ola a chur i mbaol agus iad ar lorg cuain shábháilte nó áit dídine.

(20)

Ionas go bhféadfaidh longchlóis sna Ballstáit tancaeir ola aonchabhlach a dheisiú, féadfaidh na Ballstáit eisceachtaí a dhéanamh chun ligean do longa den sórt sin teacht isteach ina gcalafoirt, ar choinníoll nach bhfuil aon lastas iontu.

(21)

Ní móide go ndéanfadh an IMO aon mhodhnú ar a bhfuil sna Rialacháin ábhartha atá in Marpol 73/78 ná ar Rún MEPC 111(50) agus Rún MEPC 94(46) arna nglacadh ag an MEPC dá dtagraítear sa Rialachán seo. D’fhéadfaí, áfach, leasuithe neamhshubstaintiúla, amhail athuimhriú, a dhéanamh ar na téacsanna sin. Chun an Rialachán seo a choinneáil cothrom le dáta i bhfianaise na bhforbairtí is deireanaí ar an dlí idirnáisiúnta ábhartha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na leasuithe sin, agus leo sin amháin, a mhéid nach leathnóidh siad raon feidhme an Rialacháin seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir

Is é is cuspóir don Rialachán seo ná scéim luathaithe don chéimniú isteach a bhunú chun na ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha atá i Marpol 73/78, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, a chur i bhfeidhm maidir le tancaeir ola aonchabhlach, agus d’fhonn cosc a chur ar ola de ghrád trom a bheith á hiompar i dtancaeir ola aonchabhlach isteach i gcalafoirt na mBallstát, nó amach astu.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tancaeir ola ag a bhfuil meálasta 5 000 tona nó níos mó ná sin:

(a)

a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu;

(b)

is cuma cén bratach atá ar foluain acu, atá ag teacht isteach i gcalafort nó i gcríochfort amach ón gcósta, nó ag imeacht astu, nó atá ar ancaire i limistéar atá faoi dhlínse Ballstáit.

Chun críocha Airteagal 4(3), beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tancaeir ola ag a bhfuil meálasta 600 tona nó níos mó ná sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon long chogaidh, long chúntach chabhlaigh ná long eile atá faoi úinéireacht Stáit nó atá á hoibriú ag Stát agus nach mbíonn in úsáid, de thuras na huaire, ach amháin le haghaidh seirbhísí rialtais neamhthráchtála. Féachfaidh na Ballstáit, a oiread is praiticiúil agus is réasúnta, leis an Rialachán seo a urramú i gcás na long dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “Marpol 73/78” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, 1973, arna leasú le Prótacal 1978 atá bainteach leis sin, sna leaganacha nuashonraithe díobh;

(2)

ciallaíonn “tancaer ola” tancaer ola mar a shainmhínítear é i Rialachán 1.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(3)

ciallaíonn “meálasta” meálasta mar a shainmhínítear é i Rialachán 1.23 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(4)

ciallaíonn “tancaer ola de Chatagóir 1” tancaer ola ag a bhfuil meálasta 20 000 tona nó níos mó ná sin agus ina bhfuil amhola, ola bhreosla, ola throm dhíosail nó ola bhealaithe á hiompar mar lasta nó tancaer ola ag a bhfuil meálasta 30 000 tona nó níos mó ná sin agus ina bhfuil ola seachas na holaí thuasluaite á hiompar agus nach gcomhlíonann ceanglais Rialacháin 18.1 go 18.9, 18.12 go 18.15, 30.4, 33.1, 33.2, 33.3, 35.1, 35.2 agus 35.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(5)

ciallaíonn “tancaer ola de Chatagóir 2” tancaer ola ag a bhfuil meálasta 20 000 tona nó níos mó ná sin agus ina bhfuil amhola, ola bhreosla, ola throm dhíosail nó ola bhealaithe á hiompar mar lasta, nó tancaer ola ag a bhfuil meálasta 30 000 tona nó níos mó agus ina bhfuil ola seachas na holaí thuasluaite á hiompar agus a chomhlíonann ceanglais Rialacháin 18.1 go 18.9, 18.12 go 18.15, 30.4, 33.1, 33.2, 33.3, 35.1, 35.2 agus 35.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 agus a bhfuil umair bhallasta dheighilte feistithe ann in ionad cosanta (SBT/PL);

(6)

ciallaíonn “tancaer ola de Chatagóir 3” tancaer ola ag a bhfuil meálasta 5 000 tona nó níos mó ná sin, ach go bhfuil an meálasta sin níos lú ná an meálasta atá sonraithe i bpointe (4) agus i bpointe (5);

(7)

ciallaíonn “tancaer ola aonchabhlach” tancaer ola nach gcomhlíonann na ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha atá i Rialachán 19 agus Rialachán 28.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(8)

ciallaíonn “tancaer ola cabhlach dúbailte” tancaer ola:

(a)

ag a bhfuil meálasta 5 000 tona nó níos mó agus a chomhlíonann na ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha atá i Rialachán 19 agus Rialachán 28.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 nó leis na ceanglais atá i Rialachán 20.1.3 den Iarscríbhinn sin; nó

(b)

ag a bhfuil meálasta 600 tona nó níos mó ach is lú ná meálasta 5 000 tona agus atá feistithe le humair thóin dúbailte nó spásanna dúbailte a chomhlíonann Rialachán 19.6.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 agus atá feistithe le humair chliathánacha nó spásanna cliathánacha atá socraithe i gcomhréir le Rialachán 19.3.1 den Iarscríbhinn sin agus a chomhlíonann an ceanglas maidir le hachar w i Rialachán 19.6.2. den Iarscríbhinn sin;

(9)

ciallaíonn “aois” aois na loinge, arna sloinneadh i líon blianta ó dháta a seachadta;

(10)

ciallaíonn “ola throm dhíosail” ola dhíosail mar a shainmhínítear í i Rialachán 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(11)

ciallaíonn “ola bhreosla” driogáití troma amhola nó iarmhair díobh nó cumaisc d’ábhair den sórt sin mar a shainmhínítear iad i Rialachán 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(12)

ciallaíonn “ola de ghrád trom”:

(a)

amholaí ag a bhfuil dlús os cionn 900 kg/m3 ag 15 °C (a chomhfhreagraíonn do ghrád API is lú ná 25,7);

(b)

olaí seachas amholaí agus ag a bhfuil dlús os cionn 900 kg/m3 ag 15 °C, nó ag a bhfuil slaodacht chinéimiteach os cionn 180 mm2/s ag 50 °C (a chomhfhreagraíonn do shlaodacht chinéimiteach atá os cionn 180 cSt);

(c)

biotúman agus tarra agus eibleachtaí díobh.

Airteagal 4

Na ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a bheith á gcomhlíonadh ag tancaeir ola aonchabhlach

1.   Ní cheadófar d’aon thancaer ola oibriú faoi bhratach Ballstáit ná ní cheadófar d’aon thancaer ola, is cuma cén bratach atá ar foluain aige, dul isteach i gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta atá faoi dhlínse Ballstáit mura rud é gur tancaer ola cabhlach dúbailte é an tancaer sin.

2.   In ainneoin mhír 1, maidir le tancaeir ola de Chatagóir 2 nó de Chatagóir 3 ar tóin dhúbailte nó taobhanna dúbailte amháin nach mbíonn in úsáid chun ola a iompar agus a chlúdaíonn fad iomlán an umair lastais atá feistithe iontu, nó maidir le tancaeir ola ar spásanna cabhlach dúbailte amháin nach mbíonn in úsáid chun ola a iompar agus a chlúdaíonn fad iomlán an umair lastais atá feistithe iontu, ach nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le díolúine ó fhorálacha Rialachán 20.1.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, féadfar leanúint de bheith á n-oibriú, ach ní fhéadfar leanúint den oibriú sin tar éis chothromdháta seachadta na loinge sa bhliain 2015 nó ón dáta a mbeidh aois 25 bliana slánaithe ag an long, cibé acu sin is túisce.

3.   Ní cheadófar d’aon thancaer ola a bhfuil ola de ghrád trom á hiompar aige bratach Ballstáit a bheith ar foluain aige mura rud é gur tancaer ola cabhlach dúbailte é an tancaer sin.

Ní cheadófar d’aon thancaer ola a bhfuil ola de ghrád trom á hiompar aige, is cuma cén bhratach a bheidh ar foluain aige, dul isteach i gcalafoirt ná i gcríochfoirt amach ón gcósta, ná imeacht astu, ná dul ar ancaire i limistéir atá faoi dhlínse Ballstát, mura rud é gur tancaer ola cabhlach dúbailte é an tancaer sin.

4.   Féadfar tancaeir ola a oibrítear go heisiach i gcalafoirt agus in uiscebhealaí intíre a dhíolmhú ó mhír 3 ar choinníoll go mbeidh siad deimhnithe go cuí faoin reachtaíocht maidir le huiscebhealaí intíre.

Airteagal 5

An Scéim um Bailmheasúnú a chomhlíonadh

Is cuma cén bhratach atá ar foluain aige, ní cheadófar d’aon tancaer ola aonchabhlach atá níos sine ná 15 bliana d’aois dul isteach i gcalafoirt ná críochfoirt amach ón gcósta, ná imeacht astu, ná dul ar ancaire i limistéir atá faoi dhlínse Ballstáit, mura rud é go bhfuil an Scéim um Bailmheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 6 á comhlíonadh ag tancaer den sórt sin.

Airteagal 6

An Scéim um Bailmheasúnú

Chun críocha Airteagal 5, beidh feidhm ag an Scéim um Bailmheasúnú, a glacadh le Rún MEPC 94(46) an 27 Aibreán 2001 arna leasú le Rún MEPC 99(48) an 11 Deireadh Fómhair 2002 agus le Rún MEPC 112(50) an 4 Nollaig 2003.

Airteagal 7

Dáta deiridh

Tar éis chothromdháta seachadta na loinge in 2015, ní cheadófar a thuilleadh an méid seo a leanas:

(a)

tancaeir ola de Chatagóir 2 agus de Chatagóir 3 a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu leanúint orthu de bheith á n-oibriú, i gcomhréir le Rialachán 20.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(b)

tancaeir ola eile de Chatagóir 2 agus de Chatagóir 3 a theacht isteach i gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta atá faoi dhlínse Ballstáit, beag beann ar iad a bheith fós ag oibriú faoi bhratach tríú Stáit i gcomhréir le Rialachán 20.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78.

Airteagal 8

Díolúintí do longa i gcruachás nó do longa atá le deisiú

De mhaolú ar Airteagal 4, Airteagal 5, agus Airteagal 7, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit, faoi réir forálacha náisiúnta, in imthosca eisceachtúla, cead a thabhairt do long ar leith dul isteach i gcalafort nó i gcríochfort amach ón gcósta, nó imeacht astu, nó dul ar ancaire i limistéar atá faoi dhlínse an Bhallstáit sin, sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair atá tancaer ola i gcruachás agus é ar lorg áit dídine;

(b)

nuair atá tancaer ola díluchtaithe ag dul ar aghaidh chuig calafort deisiúcháin.

Airteagal 9

Fógra a thabhairt don IMO

1.   Ar bhonn Rialachán 20.8.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, déanfaidh gach Ballstát an IMO a chur ar an eolas maidir lena chinneadh cead isteach i gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta atá faoina dhlínse a dhiúltú do thancaeir ola, de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo, agus ar tancaer é atá ag oibriú i gcomhréir le Rialachán 20.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78.

2.   Ar bhonn Rialachán 20.8.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, maidir le gach Ballstát a dhéanfaidh oibriú tancaeir ola de Chatagóir 1 nó de Chatagóir 2 atá i dteideal bratach an Bhallstáit sin a bheith ar foluain aige, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, a cheadú, a chur ar fionraí, a tharraingt siar nó a dhiúltú, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin don IMO.

Airteagal 10

An nós imeachta leasaithe

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 i dtaca leis na tagairtí sa Rialachán seo a ailíniú leis na leasuithe neamh-shubstaintiúla, amhail athuimhriú, arna nglacadh ag an IMO, ar Rialacháin Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, agus freisin leis na tagairtí do Rún MEPC 111(50) agus do Rún MEPC 94(46), arna leasú le Rún MEPC 99(48) agus le Rún MEPC 112(50), a mhéid nach leathnóidh na leasuithe sin raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Féadfar na leasuithe ar Marpol 73/78 a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus le truailliú ó longa a chosc (9).

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Iúil 2012. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a thugtar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 417/2002.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Meitheamh 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 43, 15.2.2012, lch. 98.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Bealtaine 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Meitheamh 2012.

(3)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 1.

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  IO C 271, 7.10.1993, lch. 1.

(6)  IO C 91, 28.3.1994, lch. 301.

(7)  IO C 304, 24.10.2000, lch. 198.

(8)  IO C 25 E, 29.1.2004, lch. 415.

(9)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

(dá dtagraítear in Airteagal 12)

Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 64, 7.3.2002, lch. 1.)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.)

Airteagal 11, agus an tAirteagal sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1726/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 249, 1.10.2003, lch. 1.)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2172/2004 ón gCoimisiún

(IO L 371, 18.12.2004, lch. 26.)

 

Rialachán (CE) Uimh. 457/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 113, 30.4.2007, lch. 1.)

 

Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 87, 31.3.2009, lch. 109.)

Pointe 7.4 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1163/2009 ón gCoimisiún

(IO L 314, 1.12.2009, lch. 13.)

 


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 417/2002

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1), na focail tosaigh

Airteagal 2(1), na focail tosaigh

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, an dara fleasc

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 2(1), an dara fomhír

Airteagal 2(1), an dara fomhír

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4(1), na focail tosaigh

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1), pointe (a)

Airteagal 4(1), pointe (b)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(6)

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7, na focail tosaigh

Airteagal 7, na focail tosaigh

Airteagal 7, an chéad fhleasc

Airteagal 7(a)

Airteagal 7, an dara fleasc

Airteagal 7(b)

Airteagal 7, na focail chríochnaitheacha

Airteagal 7, na focail tosaigh

Airteagal 8(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 8, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 8(1), an chéad fhleasc

Airteagal 8(a)

Airteagal 8(1), an dara fleasc

Airteagal 8(b)

Airteagal 8(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(3)

Airteagal 9(2)

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 11

 

 

Airteagal 12

Airteagal 12, an chéad mhír

Airteagal 12, an dara mír

Airteagal 13

Airteagal 13

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II