30.3.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/22


RIALACHÁN (AE) Uimh. 260/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2012

lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gá margadh lánpháirtithe a chruthú le haghaidh íocaíochtaí leictreonacha in euro, gan aon idirdhealú idir íocaíochtaí náisiúnta agus íocaíochtaí trasteorann, ar mhaithe le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chuige sin, is é is aidhm do thionscadal an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA) comhsheirbhísí íocaíochta a fhorbairt don Aontas ar fad chun iad a chur in ionad na seirbhísí náisiúnta íocaíochta atá ann faoi láthair. De thoradh caighdeáin, rialacha agus cleachtais atá oscailte agus coiteann a thabhairt isteach le haghaidh íocaíochtaí, agus trí bhíthin próiseála comhtháite íocaíochta, ba cheart go ndéanfadh SEPA seirbhísí íocaíochta in euro atá slán, ar phraghas iomaíoch, soláimhsithe don úsáideoir agus iontaofa a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnóthais an Aontais. Ba cheart go mbeadh feidhm aige seo i gcás íocaíochtaí SEPA, laistigh de theorainneacha náisiúnta agus trasna na dteorainneacha náisiúnta sin, faoi na bunchoinníollacha céanna agus i gcomhréir leis na cearta agus na hoibleagáidí céanna, is cuma cén áit laistigh den Aontas a bhfuil siad lonnaithe. Ba cheart SEPA a chur i gcrích i slí a chumasaíonn rochtain ar iontrálaithe nua sa mhargadh agus ar fhorbairt táirgí nua agus a chruthaíonn dálaí atá fabhrach maidir le breis iomaíochta i seirbhísí íocaíochta agus maidir le nuálaíochtaí maidir le híocaíochtaí a fhorbairt gan bhac agus a chur chun feidhme go mear ar fud an Aontais. Dá dhroim sin, ba cheart go mbeadh brú síos ar phraghsanna ar sheirbhísí íocaíochta leictreonacha in euro ar bhonn “togha an chineáil” mar thoradh ar fheabhas ar bharainneachtaí scála, méadú ar éifeachtúlachtaí oibríochtúla agus neartú ar iomaíocht. Ba cheart go mbeadh éifeachtaí suntasacha ag baint leis sin, go háirithe sna Ballstáit ina bhfuil íocaíochtaí sách costasach i gcomparáid le Ballstáit eile. Níor cheart go méadófaí praghsanna foriomlána d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta (“USIanna”) go ginearálta agus do thomhaltóirí go háirithe le linn an ascnaimh go SEPA. Seachas sin, sa chás gur tomhaltóir é an USI, ba cheart go spreagfaí an prionsabal nach ngearrfar muirir níos airde. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag faire ar fhorbairtí praghais san earnáil íocaíochta agus iarrtar air anailís bhliantúil de seo a chur ar fáil.

(2)

Tá sé ríthábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta agus na polaitíochta de, go n-éireodh le SEPA. Luíonn SEPA go hiomlán le straitéis Eoraip 2020 a bhfuil sé d’aidhm aici geilleagar níos cliste a chruthú, ar geilleagar é ina dtiocfaidh rachmas de thoradh nuálaíochta agus de thoradh úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil. Rinne Parlaimint na hEorpa ina rún an 12 Márta 2009 (4) agus ina rún an 10 Márta 2010 (5) maidir le SEPA a chur chun feidhme, agus rinne an Chomhairle sna conclúidí a ghlac sí an 2 Nollaig 2009, béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le hascnamh tapa chuig SEPA a bhaint amach.

(3)

Le Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (6), soláthraítear bunús dlí nua-aimseartha chun margadh inmheánach aonair d’íocaíochtaí a chruthú, dar buneilimint é SEPA.

(4)

Foráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal (7) do roinnt beart éascaithe le go n-éireodh le SEPA amhail prionsabal chomhionannas na muirear ar íocaíochtaí trasteorann a shíneadh go dochair dhíreacha agus inrochtaineacht do dhochair dhíreacha.

(5)

Níor leor na hiarrachtaí féinrialála a rinne an earnáil baincéireachta Eorpach trí thionscnamh SEPA chun dlús a chur le hascnamh comhbheartaithe chuig scéimeanna uile-Aontais le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach ar thaobh an tsoláthair agus an éilimh araon. Go háirithe, ní dhearnadh leasanna tomhaltóra agus leasanna eile a chur san áireamh i slí leordhóthanach agus thrédhearcach. Ba cheart go n-éisteofaí le guth gach geallsealbhóra lena mbaineann. Thairis sin, ní dhearnadh an próiseas féinrialála a chur faoi réir sásraí iomchuí rialachais, rud a d’fhéadfadh an glacadh mall a bhí leis ar thaobh an éilimh a mhíniú go páirteach. Cé gur dul chun cinn suntasach é do rialachas thionscadal SEPA Comhairle SEPA a bheith curtha ar bun le déanaí, tá gá fós leis go bhfanfadh an rialachas i lámha na Comhairle Eorpaí um Íocaíochtaí (CEI) go bunúsach agus go foirmiúil. Ba cheart mar sin go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar shocruithe rialachais thionscadal SEPA ina iomláine roimh dheireadh 2012 agus, nuair is iomchuí, moladh a dhéanamh. Ba cheart go ndeánfadh an t-athbhreithniú sin scrúdú, inter alia, ar chomhdhéanamh CEI, ar an idirghníomhaíocht idir CEI agus an struchtúr uileghabhálach rialachais, amhail Comhairle SEPA, agus ról an struchtúir uileghabhálaigh sin.

(6)

Ní ghinfear na tairbhí iomlána a bhaineann le margadh íocaíochtaí lánpháirtithe ach trí bhíthin ascnaimh thapa agus chuimsithigh chuig aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais, ionas go bhféadfar deireadh a chur leis na costais arda a bhaineann le táirgí “leagáide” agus táirgí SEPA a reáchtáil go comhuaineach. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos chun cur i gcrích gach idirbheart aistrithe creidmheasa agus gach idirbheart dochair dhírigh atá ainmnithe in euro laistigh den Aontas a chumhdach. Níor cheart, áfach, go mbeadh idirbhearta cárta cumhdaithe ag an gcéim seo, ós rud é go bhfuil comhchaighdeáin le haghaidh íocaíochtaí cárta san Aontas fós á bhforbairt. Níor cheart seoltáin airgid, íocaíochtaí arna bpróiseáil go hinmheánach, idirbhearta íocaíochta mórluacha, íocaíochtaí idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta (SSIanna) dá gcuntas féin agus íocaíochtaí trí fhóin phóca nó trí aon mheán eile teileachumarsáide nó trí fheiste digiteach nó TF teacht laistigh de raon feidhme na rialacha sin ós rud é nach bhfuil na seirbhísí íocaíochta sin inchomparáide le haistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha. Ba cheart an t-idirbheart íocaíochta sin a áireamh, áfach, sa chás go n-úsáidtear cárta íocaíochta ag an bpointe díolacháin nó go n-úsáidtear aon fheiste eile amhail teileafón soghluaiste mar mheán chun idirbheart íocaíochta a thosú ag an bpointe díolacháin nó go cianda, a mbeidh mar thoradh air aistriú creidmheasa nó dochar díreach go dtí cuntas agus ó chuntas íocaíochta a bheidh sainaitheanta leis an uimhir náisiúnta bhunúsach chuntas bhainc atá ann (BBAN) nó leis an uimhir idirnáisiúnta chuntas bhainc (IBAN). Ina theannta sin, de bharr shaintréithe na n-íocaíochtaí arna bpróiseáil trí chórais íocaíochta mhórluacha, eadhon an ardtosaíocht agus an phráinn a bhaineann leo, mar aon leis an mórluach atá iontu, ní iomchuí íocaíochtaí den sórt sin a chumhdach faoin Rialachán seo. Ba cheart nach gcuirfí san áireamh leis an eisiamh sin íocaíochtaí de dhochar díreach, ach amháin má iarrann an t-íocóir go mbeadh an íocaíocht treoraithe trí chóras íocaíochta mórluacha.

(7)

Tá roinnt ionstraimí íocaíochta ann faoi láthair, le haghaidh íocaíochtaí ar líne den chuid is mó, ar seirbhísí iad a úsáideann an IBAN agus an cód aitheantóra gnó (BIC) agus atá bunaithe ar aistrithe creidmheasa nó ar dhochair dhíreacha ach a bhfuil gnéithe breise ag baint leo. Meastar go bhfeidhmeoidh na seirbhísí sin thar na teorainneacha náisiúnta atá orthu faoi láthair agus d’fhéadfaidís éileamh na dtomhaltóirí ar seirbhísí íocaíochta atá nuálaíoch, sábháilte agus neamhchostasach a shásamh. Ionas nach ndéanfar seirbhísí den sórt sin a eisiamh ón margadh, níor cheart feidhm a bheith ag rialáil na ndátaí deiridh le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar dhíreach dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach amháin ar an aistriú creidmheasa nó ar an dochar díreach atá mar bhunús leis na hidirbhearta sin.

(8)

I gcás fhormhór mór na n-idirbheart íocaíochta san Aontas, is féidir íocaíocht ar leith a shainaithint tríd an IBAN amháin a úsáid, gan an BIC a lua sa bhreis air sin. Agus an méid seo á chur in iúl, tá eolaire, bunachar sonraí nó meán eile teicniúil chun an BIC a aithint de réir IBAN ar leith bunaithe cheana ag mórán Ballstát. Níl an BIC ag teastáil ach amháin i líon beag breise de chásanna. Ceaptar nach bhfuil údar maith leis agus go mbainfeadh ualach rómhór leis go gcuirfí iachall ar íocóirí agus ar íocaithe ar fud an Aontais BIC a chur ar fáil i gcónaí mar aon leis an IBAN don líon beag sin cásanna ina bhfuil gá leis seo faoi láthair. Cur chuige i bhfad níos simplí a bheadh ann go ndéanfadh na SSIanna agus páirtithe eile na cásanna sin a réiteach agus go gcuirfidís deireadh leo sa chás nach féidir cuntas íocaíochta a shainaithint gan débhrí tríd an IBAN a thabhairt. Dá réir sin, ba cheart an meán teicniúil is gá a fhorbairt, chun a chumhachtú do gach úsáideoir cuntas íocaíochta a shainaithint gan débhrí tríd an IBAN amháin.

(9)

D’fhonn aistriú creidmheasa a dhéanamh, ní mór rochtain a bheith ar chuntas íocaíochta an íocaí. Dá bhrí sin, d’fhonn go n-áiritheofar go n-úsáidfaí seirbhísí aistrithe creidmheasa agus seirbhísí do dhochair dhíreacha uile-Aontais, ba cheart oibleagáid inrochtaineachta a bhunú ar fud an Aontais. Chun trédhearcacht a fheabhsú, is iomchuí freisin an oibleagáid sin agus an oibleagáid inrochtaineachta a bhaineann le dochair dhíreacha a bunaíodh cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a chomhdhlúthú in aon ghníomh amháin. Ba cheart go mbeadh gach cuntas íocaíochta íocaithe a bheidh inrochtana d’aistriú creidmheasa náisiúnta inrochtana trí scéim d’aistriú creidmheasa uile-Aontais. Ba cheart go mbeadh gach cuntas íocaíochta íocóra a bheidh inrochtana do dhochar díreach náisiúnta inrochtana trí scéim do dhochar díreach uile-Aontais. Ba cheart go beadh feidhm aige seo gan dochar do chinneadh SSI bheith rannpháirteach in aistriú creidmheasa nó i scéim dochair dhírigh ar leith.

(10)

Réamhriachtanas le haghaidh iomaíochta is ea idir-inoibritheacht theicniúil. Chun margadh lánpháirtithe a chruthú le haghaidh córas íocaíochtaí leictreonacha in euro, tá sé bunriachtanach go mbeidh próiseáil aistrithe creidmheasa agus dochar díreach gan constaicí teicniúla ná rialacha gnó amhail go gcaithfí breis agus aon chóras amháin a leanúint chun íocaíochtaí trasteorann a dhéanamh. Ba cheart go ndéanfaí aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha faoi scéim, a gcloífidh SSIanna a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar fhormhór na SSIanna i bhformhór na mBallstát agus a dhéanann suas tromlach glan na SSIanna san Aontas le bunrialacha na scéime sin, agus a mbeidh na bunrialacha céanna i bhfeidhm inti le haghaidh idirbheart trasteorann agus idirbheart náisiúnta, ar idirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh iad. I gcás ina bhfuil breis agus córas íocaíochta amháin ann le haghaidh próiseáil íocaíochtaí den sórt sin, ba cheart na córais íocaíochta sin a bheith idir-inoibritheach trí chaighdeáin ar fud an Aontais agus go hidirnáisiúnta a úsáid ionas go bhféadfaidh gach USI agus gach SSI leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le híocaíochtaí miondíola euro gan uaim ar fud an Aontais.

(11)

I bhfianaise shaintréithe an mhargaidh ghnó, agus cé go gcaithfidh gach scéim d’aistriú creidmheasa nó de dhochar díreach ó ghnó go gnó nó scéim aistrithe creidmheasa cloí le gach foráil eile sa Rialachán seo, lena n-áirítear na rialacha céanna a bheith ann le haghaidh idirbheart trasteorann agus idirbheart náisiúnta, ba cheart nach mbeadh feidhm ag an riachtanas go mbeadh rannpháirtithe a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar thromlach na SSIanna i bhformhór na mBallstát ach amháin sa mhéid agus go mba cheart go ndéanfadh SSIanna a bhfuil seirbhísí d’aistriú creidmheasa nó de dhochar díreach ó ghnó go gnó nó scéim aistrithe creidmheasa ionadaíocht ar thromlach na SSIanna i bhformhór na mBallstát nach bhfuil seirbhísí den sórt sin ar fáil iontu, agus gur cheart go ndéanfaidís suas tromlach na SSIanna a chuireann seirbhísí den sórt sin ar fáil laistigh den Aontas.

(12)

Tá sé fíor-riachtanach ceanglais theicniúla a shainathaint, ar ceanglais iad a chinneann gan doiléire na gnéithe ar cheart a urramú i scéimeanna íocaíochta uile-Aontais atá le forbairt faoi shocruithe rialachais iomchuí d’fhonn idir-inoibritheacht idir córais íocaíochta a áirithiú. Níor cheart do cheanglais theicniúla den sórt sin srian a chur ar sholúbthacht agus ar nuálaíocht, ach ba cheart iad a bheith oscailte d’fhorbairtí nua agus d’fheabhsuithe nua a d’fhéadfadh a bheith ann i margadh na n-íocaíochtaí, agus neodrach ina dtaobh. Ba cheart riachtanais theicniúla a cheapadh agus saintréithe aistrithe creidmheasa agus dochar díreach á gcur san áireamh, go háirithe maidir leis na gnéithe sonraí atá sa teachtaireacht íocaíochta.

(13)

Tá sé tábhachtach bearta a ghlacadh chun muinín na SSIanna a mhéadú maidir le seirbhísí den sórt sin a úsáid, go háirithe i gcás dochar díreach. Ba cheart go gceadódh bearta den sórt sin d’íocóirí a iarraidh ar a SSIanna teorannú a dhéanamh ar bhailiú dochar díreach go méid áirithe nó go tréimhse áirithe agus liosta íocaithe dearfach nó diúltach a chur ar bun. Mar chuid de chreat bhunú scéimeanna dochar díreach ar fud an Aontais, is iomchuí gur féidir le tomhaltóirí leas a bhaint as seiceálacha den sórt sin. Mar sin féin, ar mhaithe le cur chun feidhme praiticiúil sheiceálacha den sórt sin ar íocaithe, tá sé tábhachtach go mbeadh SSIanna ábalta seiceáil a dhéanamh ar bhonn an IBAN, agus, ar feadh idirthréimhse nuair is gá sin, an BIC, nó aon sainaitheantóir creidiúnaithe d’íocaithe sainaitheanta. Tá cearta ábhartha eile úsáideoirí curtha ar bun cheana i dTreoir 2007/64/CE agus ba cheart iad a áirithiú go hiomlán.

(14)

Bunchloch is ea caighdeánú teicniúil le haghaidh comhtháthú líonraí, amhail margadh íocaíochtaí an Aontais. Ba cheart é a bheith éigeantach caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí caighdeánaithe idirnáisiúnta nó Eorpacha a úsáid ó dháta áirithe le haghaidh gach idirbhirt ábhartha. I gcomhthéacs íocaíochtaí, is iad na caighdeáin éigeantacha sin an IBAN, an BIC, agus an caighdeán teachtaireachtaí seirbhísí airgeadais “ISO 20022 XML”. Riachtanas is ea é, dá bhrí sin, le haghaidh idir-inoibritheachta iomláine ar fud an Aontais go n-úsáidfeadh gach SSI na caighdeáin sin. Ba cheart, go háirithe, úsáid éigeantach IBAN agus BIC nuair is gá a chur chun cinn trí bhearta cuimsitheacha cumarsáide agus éascaithe sna Ballstáit chun ascnamh rianúil agus éasca chuig aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais a cheadú, le haghaidh tomhaltóirí go háirithe. Ba cheart go mbeadh SSIanna in ann comhaontú, go déthaobhach nó go hiltaobhach, ar bhunleagan na gcarachtar Laidineach a leathnú chun tacú le héagsúlachtaí réigiúnacha i ngnáth-theachtaireachtaí SEPA.

(15)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh gach gníomhaí, agus go háirithe saoránaigh de chuid an Aontais, ar an eolas ceart, go tráthúil, ionas go mbeidh siad ullamh go hiomlán do na hathruithe a tugadh isteach le SEPA. Dá réir sin, ba cheart go ndéanfadh na príomhpháirtithe leasmhara, amhail SSIanna, riaracháin phoiblí agus bainc cheannais náisiúnta, mar aon le húsáideoirí troma íocaíochtaí rialta feachtais faisnéise sainiúla agus fairsinge a chur ar bun, a bheidh i gcomhréir leis an ngá a bheidh ann agus a bheidh oiriúnaithe dá bpobal mar is gá, d’fhonn feasacht phoiblí a ardú agus saoránaigh a ullmhú don ascnamh go SEPA. Go háirithe, tá gá le saoránaigh a chur ar an eolas i dtaobh aistriú ó na UNCBanna go dtí leas a bhaint as UICBanna. Tá ról níos oiriúnaí ag coiste náisiúnta comhordaithe SEPA chun feachtais faisnéise den sórt sin a chomhordú.

(16)

D’fhonn próiseas aistrithe comhaontaithe a cheadú ar mhaithe leis an tsoiléireacht agus leis an tsimplíocht do thomhaltóirí, is iomchuí spriocdháta amháin a leagan síos don ascnamh faoinar cheart do gach idirbheart aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh na ceanglais theicniúla sin a chomhlíonadh, ach an margadh a fhágáil ar oscailt i gcomhair tuilleadh forbartha agus nuálaíochta.

(17)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta, ar feadh idirthréimhse, SSIanna a cheadú chun a údarú do thomhaltóirí leanúint de bheith ag baint úsáide as BBAN d’idirbhearta íocaíochtaí náisiúnta ar an gcoinníoll go n-áireofar an inoibritheacht tríd an mBBAN a mhalartú go teicniúil agus go slán go dtí an t-aitheantóir sainchuntais íocaíochta de chuid an SSI lena mbaineann. Níor cheart go ndéanfadh an SSI muirir a ghearradh go díreach nó go hindíreach ná aon chostais eile a bhaineann leis an seirbhís sin a ghearradh.

(18)

Cé go bhfuil éagsúlacht ann ó Bhallstát go Ballstát maidir le leibhéal forbartha sheirbhísí aistrithe creidmheasa agus dochar díreach, chuirfeadh spriocdháta comónta i ndeireadh tréimhse leordhóthanaí don chur chun feidhme, a cheadódh do gach próiseas is gá tarlú, le hascnamh comhordaithe, comhréireach agus lánpháirtithe go SEPA a bheith ann agus chabhródh sé go mór le bac a chur le SEPA ar dhá-luas, a chuirfeadh níos mó mearbhaill ar thomhaltóirí.

(19)

Ba cheart go mbeadh a ndóthain ama ag SSIanna agus ag USIanna chun dul in oiriúint do na riachtanais theicniúla. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh an tréimhse oiriúnaithe moill gan ghá ar na leasanna do thomhaltóirí ná go gcuirfí pionós ar iarrachtaí oibreoirí réamhghníomhacha atá tar éis bogadh i dtreo SEPA cheana féin. I gcás idirbhearta íocaíochta náisiúnta nó trasteorann, ba cheart go dtabharfadh na SSIanna na seirbhísí teicniúla is gá dá gcustaiméirí miondíola d’fhonn comhshó réidh agus slán a áirithiú go dtí na riachtanais theicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo.

(20)

Tá sé tábhachtach cinnteacht dhlíthiúil a thabhairt don tionscal íocaíochta maidir le múnlaí gnó do dhochair dhíreacha. Tá sé bunriachtanach táillí idirmhalartaithe iltaobhaigh (TIIanna) ar dhochair dhíreacha a rialáil chun dálaí iomaíochta neodracha a chruthú idir SSIanna agus, ar an dóigh sin, ligean do mhargadh aonair forbairt le haghaidh dochar díreach. D’fhéadfadh na táillí sin le haghaidh idirbheart a dhéantar a dhiúltú, a eiteach, a aischur nó a fhreaschur toisc nach féidir iad a chur i gcrích nó a mbeidh próiseáil eisceachtúil mar thoradh orthu (dá ngairtear “R-idirbhearta”, áit is féidir go gciallaíonn “R”“diúltaíonn”, “eitíonn”, “aischuireann”, “freaschuireann”, “aisghairmeacha” agus “iarrtha go gcuirfí ar ceal”), cabhrú chun costais a leithdháileadh go héifeachtúil laistigh den mhargadh aonair. Dá bhrí sin, dealraíonn sé go rachaidh sé chun tairbhe margaidh Eorpaigh éifeachtaigh i ndochar díreach cosc a chur ar tháillí idirmhalartaithe iltaobhaigh in aghaidh an idirbhirt. Mar sin féin, ba cheart táillí R-idirbhearta a cheadú, ar chuntar go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe. Caithfaidh SSIanna faisnéis shoiléir agus intuigthe a thabhairt do thomhaltóirí ar tháillí do R-idirbhearta ar mhaithe le trédhearcacht agus cosaint tomhaltóirí. I ngach cás, tá na rialacha do R-idirbhearta gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil tréithe difriúla go ginearálta ag dochair dhíreacha agus íocaíochtaí cárta, go háirithe i dtéarmaí acmhainneacht ard íocaithe dreasachtaí a thabhairt d’íocóirí chun dochar díreach a úsáid trí chonradh a bheidh ann cheana idir an t-íocaí agus an t-íocóir, agus nach mbeidh conradh den sórt sin ann d’íocaíochtaí cárta agus gur imeacht ar leith agus neamhrialta é an t-idirbheart íocaíochta. Dá bhrí sin, tá na forálacha maidir le TIIanna do dhochair dhíreacha gan dochar don anailís faoi rialacha iomaíochais an Aontais maidir le TIIanna d’idirbhearta cárta íocaíochta. Ní chumhdaítear leis an toirmeasc faoin Rialachán seo seirbhísí breise roghnacha más rud é gur léir agus gur aonchiallach gur seirbhísí ar leith iad ó phríomhsheirbhísí dochar díreach agus más rud é go mbeidh SSIanna agus USIanna saor go hiomlán seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil nó a úsáid. Mar sin féin, tá siad fós faoi réir ag rialacha iomaíochais an Aontais agus náisiúnta.

(21)

Dá bhrí sin, ba cheart teorainn ama a chur leis an deis TII in aghaidh an idirbhirt a chur i bhfeidhm agus ba cheart coinníollacha ginearálta a leagan síos le haghaidh cur i bhfeidhm táillí idirmhalartaithe le haghaidh R-idirbheart.

(22)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar leibhéal na dtáillí do R-idirbhearta ar fud an Aontais. Ba cheart go ndéanfaí comhtháthú de réir a chéile ar na táillí do R-idirbhearta d’fhonn agus nach mbeadh éagsúlacht eatarthu thar na Ballstáit go feadh méid a bhagródh ar an machaire réidh.

(23)

I roinnt Ballstát, tá seirbhísí íocaíochtaí leagáide áirithe ann, ar aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha iad ach a bhfuil feidhmiúlachtaí an-sonrach acu, ar chúiseanna staire nó dlí go minic. Bíonn méid idirbhearta seirbhísí den sórt sin imeallach de ghnáth. D’fhéadfaí seirbhísí den sórt sin a aicmiú mar tháirgí nideoige dá bhrí sin. Ba cheart go gcuideodh idirthréimhse le haghaidh táirgí nideoige den sórt sin, ar idirthréimhse í a bheadh fada go leor chun tionchar an ascnaimh ar USIanna a íoslaghdú, le dhá thaobh an mhargaidh díriú ar dtús ar ascnamh thromchuid na n-aistrithe creidmheasa agus na ndochar díreach, sa dóigh go bhféadfaí mórchuid na dtairbhí féideartha a bhaineann le margadh íocaíochtaí lánpháirtithe san Aontas a fháil ní ba luaithe. I roinnt Ballstát, tá ionstraimí dochair dhírigh ann a bhfuil an dealramh orthu go bfhuil siad an-chosúil le hidirbhearta cárta íocaíochta sa mhéid agus go n-úsáideann an t-íocóir cárta ag an bpointe díolacháin chun an t-idirbheart íocaíochta a thosú ach is scéim dochair dhírigh an t-idirbheart íocaíochta bunúsach. In idirbhearta íocaíochta den sórt sin, úsáidtear an cárta do léamh amach amháin d’fhonn sainordú leictreonach a chumasú, a chaithfear a shíniú ar pháipéar ag an bpointe díolacháin. Cé nach féidir seirbhísí íocaíochta den sórt sin a aicmiú mar tháirge nideoige, tá gá le hidirthréimhse i ndáil le seirbhísí íocaíochta den sórt sin mar go bhfuil méid shubstainteach idirbheart i gceist. D’fhonn páirtithe leasmhara a chumasú malairt SEPA leordhóthanach a chur chun feidhme, ba cheart go mbeadh fad leordhóthanach san idirthréimhse sin.

(24)

Ar mhaithe le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh d’íocaíochtaí, tá sé bunriachtanach a áirithiú go mbeidh íocóirí amhail tomhaltóirí, gnóthais nó údaráis phoiblí in ann aistrithe creidmheasa a chur chuig cuntais íocaíochta atá ag na híocaithe le SSIanna atá lonnaithe i mBallstáit eile agus a bhfuil rochtain orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(25)

D’fhonn go mbeadh trasdul réidh ann go SEPA, ba cheart go mbeadh údarú bailí íocaíochta chun dochair dhíreacha athfhillteacha a bhailiú in aon scéim leagáide fós bailí tar éis an spriocdháta ascnaimh a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart a mheas gurb ionann údarú den sórt sin agus toiliú go ndéanfadh SSI an íocóra na dochair dhíreacha a bheidh bailithe ag an íocaí a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo, cheal dlí náisiúnta a bhaineann le bailíocht leantach an tsainordaithe nó chomhaontuithe tomhaltóra a athródh sainorduithe do dhochair dhíreacha chun go gceadófaí leanúint ar aghaidh leo. Mar sin féin, caithfear cearta tomhaltóirí a chosaint, agus más rud é go mbeidh cearta neamhchoinníollacha aisíocaíochta ag na sainorduithe do dhochair dhíreacha a bheidh ann cheana, ba cheart na cearta sin a choimeád ar bun.

(26)

Ba cheart é a thabhairt de chumhacht d’údaráis inniúla a ndualgais faireacháin a chomhlíonadh go héifeachtúil agus na bearta uile is gá a ghlacadh lena n-áirítear gearáin a bhreithniú chun a áirithiú go gcomhlíonann SSIanna an Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit deimhin de gur féidir gearáin i gcoinne SSIanna mar gheall ar gan an Rialachán seo a chomhlíonadh a chomhdú agus gur féidir an Rialachán seo a fhorfheidhmiú ar shlí éifeachtach agus éifeachtúil trí mhodhanna riaracháin nó breithiúnacha. Chun go spreagfaí comhlíonadh an Rialacháin seo, ba cheart go gcomhoibreodh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil lena chéile agus, nuair is iomchuí, leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus le bainc cheannais na mBallstát agus leis na húdaráis ábhartha inniúla eile, amhail an tÚdarás Eorpach Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach Baincéireachta) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (ÚEB), a ainmnítear faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta is infheidhme ar SSIanna.

(27)

Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus a áirithiú go mbeidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus go gcuirtear i bhfeidhm iad. Níor cheart na pionóis sin a chur i bhfeidhm ar thomhaltóirí.

(28)

Chun a áirithiú gur féidir sásamh a thabhairt i gcás inar cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach mícheart, nó ina eascraíonn díospóidí idir USIanna agus SSIanna maidir le cearta agus oibleagáidí faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt a bhunú. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na nósanna imeachta sin ach amháin i gcás tomhaltóirí nó i gcás tomhaltóirí agus micreafhiontair.

(29)

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ÚEB agus BCE. Ba cheart go mbeadh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.

(30)

Chun a áirithiú go bhfanfaidh na riachtanais theicniúla d’aistrithe creidmheasa agus do dhochair dhíreacha in euro suas chun dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Sa Dearbhú (Uimh. 39) maidir le hAirteagal 290 CFAE, atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, thug an Chomhdháil dá haire go raibh sé i gceist ag an gCoimisiún, i gcomhréir lena chleachtas seanbhunaithe, leanúint de dhul i gcomhairle i gcónaí le saineolaithe arna gceapadh ag na Ballstáit agus dréachtghníomhartha tarmligthe i réimse na seirbhísí airgeadais á n-ullmhú aige. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí agus trédhearcach le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le BCE agus le gach geallsealbhóir ábhartha. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(31)

Ós rud é go mbeadh ar SSIanna a bheidh bunaithe i mBallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu obair ullmhúcháin speisialta a dhéanamh lasmuigh den mhargadh íocaíochta dá airgeadra náisiúnta, ba cheart a cheadú do na SSIanna sin cur i bhfeidhm na gceanglas teicniúil a chur siar ar feadh tréimhse áirithe. Ba cheart, áfach, go gcomhlíonfadh na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu na riachtanais theicniúla chun fíor-limistéar Eorpach íocaíochta a chruthú, rud a threiseoidh an margadh inmheánach.

(32)

D’fhonn a chinntiú go mbeidh tacaíocht leathan do SEPA ann i measc an phobail, tá gá le hardleibhéal cosanta d’íocóirí, go háirithe d’idirbhearta do dhochair dhíreacha. Tugann an scéim pan-Eorpach do dhochair dhíreacha thomhaltóirí, an t-aon scéim atá ann faoi láthair, arna forbairt ag an CEI, ceart aisíocaíochta a bheidh “gan cheist agus gan choinníoll” i gcás íocaíochtaí údaraithe i rith na tréimhse ocht seachtaine ón dáta ar a ndéanfar na cistí sin a chur do dhochar, fad agus go mbeidh an ceart aisíocaíochta seo faoi roinnt coinníollacha faoi Airteagal 62 agus Airteagal 63 de Threoir 2007/64/CE. I bhfianaise staid an mhargaidh faoi láthair agus an gá atá le hardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, ba cheart measúnú a dhéanamh ar éifeacht na bhforálacha sin sa tuarascáil a dhéanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 87 de Threoir 2007/64/CE, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, lena mbeidh togra dá athbhreithniú, más iomchuí, tráth nach déanaí ná 1 Samhain 2012.

(33)

Déantar próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo a rialú le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (9). Ba cheart go mbeadh an t-ascnamh go SEPA agus caighdeáin chomónta agus rialacha comónta a thabhairt isteach d’íocaíochtaí bunaithe ar chomhlíonadh an dlí náisiúnta maidir le sonraí pearsanta íogaire a chosaint sna Ballstáit agus leasanna shaoránaigh an Aontais a choimiriciú.

(34)

Tá teachtaireachtaí airgeadais a bhaineann le híocaíochtaí agus le haistrithe in SEPA lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá an 28 Meitheamh 2010 maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú (10).

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon riachtanais ghnó agus riachtanais theicniúla d’aistrithe creidmheasa agus do dhochair dhíreacha nua a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge nó a iarmhairtí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(36)

De bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009, cuirfidh na Ballstáit deireadh le hoibleagáidí tuairiscithe náisiúnta de suas le EUR 50 000 atá bunaithe ar shocraíocht agus a fhorchuirtear ar SSIanna i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta a gcustaiméirí. Foinse mhór sonraí i dteannta foinsí eile ab ea bailiú staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí bunaithe ar shocruithe a tháinig chun cinn tar éis deireadh na rialuithe ar mharlairt eachtrach agus a bhfuil rannpháirt aici i staidreamh ar ardchaighdeán. Ó thosach na 1990í roghnaigh Ballstáit áirithe brath níos mó ar fhaisnéis a bheidh tuairiscthe go díreach ag cuideachtaí agus teaghlaigh seachas ar shonraí a bheidh tuairiscthe tríd na bainc ar son a gcustaiméirí. Cé gur réiteach é tuairisciú a bheidh bunaithe ar shocraíocht a laghdaíonn, i dtéarmaí na sochaí ina hiomláine, costas tiomsaithe chomhardú na n-íocaíochtaí agus, ag an am céanna, staidreamh ar chaighdeán maith a áirithiú i ndianthéarmaí íocaíochtaí trasteorann, d’fhéadfadh tuairisciú den sórt sin a choimeád ar bun i mBallstáit áirithe an éifeachtúlacht a laghdú agus na costais a ardú. Ós rud é costas íocaíochtaí trasteorann a laghdú mar cheann d’aidhmeanna SEPA, ba cheart deireadh iomlán a chur le tuairsiciú ar chomhardú íocaíochtaí a bheidh bunaithe ar shocruithe.

(37)

Chun an chinnteacht dhlíthiúil a fheabhsú is iomchuí na spriocdhátaí maidir le táillí idirmhalartaithe atá leagtha amach in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a ailíniú leis na forálacha atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(38)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh atá ainmnithe in euro laistigh den Aontas i gcás ina mbeidh soláthraí seirbhíse íocaíochta agus go bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra lonnaithe san Aontas, nó i gcás ina mbeidh an t-aon soláthraí seirbhíse íocaíochta (SSI) lena mbaineann an t-idirbheart íocaíochta lonnaithe san Aontas.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

idirbhearta íocaíochta arna ndéanamh idir agus laistigh de SSIanna, lena n-áirítear a ghníomhaithe nó brainsí, ar a gcuntas féin;

(b)

idirbhearta íocaíochta arna bpróiseáil agus arna socrú trí chórais íocaíochta mórluacha, amach ó idirbhearta íocaíochta do dhochair dhíreacha nach mbeidh sé iarrtha ag an íocóir go mbeadh siad treoraithe trí chóras íocaíochta ardluacha;

(c)

idirbhearta íocaíochta trí bhíthin cárta íocaíochta nó feiste comhchosúil, lena n-áirítear aistarraingtí in airgead tirim, ach amháin má úsáidtear an cárta íocaíochta nó an feiste comhchosúil chun faisnéis a bheidh riachtanach a ghiniúint chun aistriú creidmheasa nó dochar díreach a dhéanamh chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó le IBAN, agus ó na cuntas sin;

(d)

idirbhearta íocaíochta trí bhíthin aon fheiste teileachumarsáide, digití nó TF, murar aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN agus ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh ar idirbhearta íocaíochta den sórt sin;

(e)

idirbhearta seoltán airgid mar a ndéantar sainmhíniú orthu in Airteagal 4(13) de Threoir 2007/64/CE;

(f)

idirbhearta íocaíochta lena n-aistrítear airgead leictreonach a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air (11), ach amháin más aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN nó ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh air.

3.   I gcás ina mbeidh scéimeanna íocaíochta bunaithe ar idirbhearta íocaíochta trí aistrithe creidmheasa nó trí dhochair dhíreacha, ach má tá gnéithe nó seirbhísí breise roghnacha ag baint leo, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach ar na haistrithe creidmheasa nó na dochair dhíreacha atá mar bhunús leo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “aistriú creidmheasa” seirbhís íocaíochta náisiúnta nó trasteorann chun cuntas íocaíochta íocaí a chreidiúnú le hidirbheart íocaíochta nó sraith idirbheart íocaíochta ó chuntas íocaíochta íocóra ó SHSI ar leis cuntas íocaíochta an íocóra, ar bhonn treorach ón íocóir;

(2)

ciallaíonn “dochar díreach” seirbhís íocaíochta náisiúnta nó trasteorann chun cuntas íocaíochta íocóra a chur chun dochair, ina dtionscnaíonn an t-íocaí idirbheart íocaíochta ar bhonn thoiliú an íocóra;

(3)

ciallaíonn “íocóir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta íocóra ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugann ordú íocaíochta do chuntas íocaíochta íocóra;

(4)

ciallaíonn “íocaí” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar leis cuntas íocaíochta agus a bheartaítear mar fhaighteoir cistí is ábhar d’idirbheart íocaíochta;

(5)

ciallaíonn “cuntas íocaíochta” cuntas atá sealbhaithe in ainm úsáideora seirbhíse íocaíochta amháin nó níos mó a úsáidtear chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh;

(6)

ciallaíonn “córas íocaíochta” córas aistrithe cistí ag a bhfuil socruithe foirmiúla agus caighdeánaithe agus rialacha coiteanna le haghaidh próiseáil, imréiteach nó socrú idirbheart íocaíochta;

(7)

ciallaíonn “scéim íocaíochta” sraith aonair rialacha, cleachtas, caighdeán agus/nó treoirlínte chur chun feidhm arna gcomhaontú idir SSIanna chun idirbhearta íocaíochta a chur i gcrích ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit, agus ar sraith í atá ar leithligh ó aon bhonneagar nó aon chóras íocaíochta a thacaíonn le hoibriú na scéime;

(8)

ciallaíonn “SSI” soláthraí seirbhíse íocaíochta faoi aon cheann de chatagóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir 2007/64/CE agus na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Threoir 2007/64/CE, ach déanann sé na comhlachtaí sin a eisiamh atá liostaithe in Airteagal 2 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin (12) agus a thairbhíonn de tharscaoileadh faoi Airteagal 2(3) de Threoir 2007/64/CE;

(9)

ciallaíonn “USI” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó íocaí;

(10)

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” gníomh, arna thionscnamh ag an íocóir nó ag an íocaí, lena n-aistrítear cistí idir cuntas íocaíochta san Aontas, is cuma faoi aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí;

(11)

ciallaíonn “ordú íocaíochta” treoir a thugann íocóir nó íocaí dá SSI ag iarraidh go ndéanfaí idirbheart íocaíochta;

(12)

ciallaíonn “táille idirmhalartaithe” táille a íoctar idir SSI an íocóra agus SSI an íocaí ar dhochair dhíreacha;

(13)

ciallaíonn “TII” táille idirmhalartaithe iltaobhaigh atá faoi réir ag socrú idir níos mó ná dhá SSIanna;

(14)

ciallaíonn “BBAN” aitheantóir uimhreach cuntais bhainc íocaíochta lena sainaithnítear gan débhrí cuntas aonair íocaíochta le SSI i mBallstát agus nach féidir a úsáid ach le haghaidh idirbheart náisiúnta íocaíochta agus go bhfuil an cuntas íocaíochta sin sainaitheanta le IBAN d’idirbhearta trasteorann íocaíochta;

(15)

ciallaíonn “IBAN” aitheantóir uimhreach cuntais íocaíochta idirnáisiúnta lena sainaithnítear gan débhrí cuntas aonair íocaíochta le soláthraí seirbhíse íocaíochta uathúil i mBallstát, a bhfuil na heilimintí a bhaineann leis sonraithe ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO);

(16)

ciallaíonn “BIC” cód aitheantóra gnó lena sainaithnítear gan débhrí SSI, a bhfuil a eilimintí sainithe ag an ISO;

(17)

ciallaíonn “caighdeán ISO 20022 XML” caighdeán le haghaidh forbairt teachtaireachtaí airgeadais leictreonacha mar atá sainmhínithe ag ISO, lena gcuimsítear léiriú fisiciúil na n-idirbheart íocaíochta i gcomhréir XML, i gcomhréir le rialacha gnó agus treoirlínte cur chun feidhme scéimeanna uile-Aontais le haghaidh idirbheart íocaíochta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(18)

ciallaíonn “córas íocaíochta mórluach” córas íocaíochta arb é a bpríomhaidhm idirbhearta íocaíochta aonair ar ardtosaíocht agus ardphráinn, agus ar luach mór go príomha, a phróiseáil, a ghlanadh nó a íoc;

(19)

ciallaíonn “dáta socraíochta” dáta ar a ndéantar na hoibleagáidí maidir le haistriú cistí a urscaoileadh idir SSI an íocóra agus SSI an íocaí;

(20)

ciallaíonn “bailiú” cuid d’idirbheart dochair dhírigh a thosaíonn óna thionscnamh ag an íocaí go dtí a dheireadh tríd an ngnáthdhochar ó chuntas íocaíochta an íocóra;

(21)

ciallaíonn “sainordú” comhthoil nó údarú a thugann an t-íocóir don íocaí (go díreach nó go hindíreach tríd an íocaí) do SSI an íocóra chun a cheadú don íocaí bailiú a thionscnamh do dhochar ó chuntas íocaíochta sainithe an íocóra agus a cheadú do SSI an íocóra cloí le treoracha den sórt sin;

(22)

ciallaíonn “córas íocaíochta miondíola” córas íocaíochta arb é a phríomhchuspóir aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha a phróiseáil, a ghlanadh nó a shocrú, a chuachtar le chéile le haghaidh tarchuir agus ar luach beag íseal go príomha iad ar thosaíocht íseal, agus nach córas íocaíocht mórluacha é sin;

(23)

ciallaíonn “micreafhiontar” fiontar ar fiontar é tráth an chonartha seirbhíse íocaíochta a thabhairt chun críche, faoi mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 agus in Airteagal 2(1) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (13);

(24)

ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críocha eile seachas críocha trádála, gnó nó gairme i gconarthaí seirbhíse íocaíochta;

(25)

ciallaíonn “R-idirbheart” idirbheart íocaíochta nach féidir le SSI a chur i gcrích i gceart nó a bhfuil próiseáil eisceachtúil mar thoradh air, inter alia toisc easpa cistí, cúlghairm, luach nó dáta mícheart, easpa sainordaithe nó cuntas mícheart nó dúnta;

(26)

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta trasteorann” idirbheart íocaíochta arna thionscnamh ag íocóir nó íocaí sa chás go mbeidh SSI an íocóra agus SSI an íocaí lonnaithe i mBallstáit éagsúla;

(27)

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta náisiúnta” idirbheart íocaíochta arna thionscnamh ag íocóir nó íocaí sa chás go mbeidh SSI an íocóra agus SSI an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna;

(28)

ciallaíonn “páirtí tagartha” duine nádúrtha nó duine dlíthiúil ar thar a cheann a dhéanann íocóir íocaíocht nó go bhfaigheann íocaí íocaíocht.

Airteagal 3

Inrochtaineacht

1.   Beidh SSI de chuid íocaithe atá inrochtana d’aistriú creidmheasa náisiúnta faoi scéim íocaíochta, i gcomhréir le rialacha scéim íocaíochta uile-Aontais, d’aistrithe creidmheasa arna thionscnamh ag íocóir trí SSI lonnaithe in aon Bhallstát.

2.   Beidh SSI de chuid íocóra atá inrochtana do dhochar díreach náisiúnta faoi scéim íocaíochta, i gcomhréir leis na rialacha de scéim íocaíochta uile-Aontais, do dhochair dhíreacha arna dtionscnamh ag íocóir trí SSI lonnaithe in aon Bhallstát.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ach amháin maidir le hidirbhearta dochair dhírigh atá ar fáil do chustaiméirí faoin scéim íocaíochta.

Airteagal 4

Idir-inoibritheacht

1.   Déanfaidh scéimeanna íocaíochta a bheidh le húsáid ag SSIanna chun críocha aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha a dhéanamh na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

gurb ionann a rialacha d’aistrithe náisiúnta agus trasteorann creidmheasa laistigh den Aontas agus, gurb amhlaidh do dhochair dhíreacha náisiúnta agus trasteorann laistigh den Aontas; agus

(b)

gurb ionann na rannpháirtithe sa scéim íocaíochta agus formhór SSIanna i bhformhór na mBallstát, agus go ndéanann siad suas tromlach na SSIanna laistigh den Aontas, agus SSIanna a dhéanann aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha faoi seach agus iad sin amháin á gcur san áireamh.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, sa chás nach tomhaltóir an t-íocóir ná an t-íocaí, ní dhéanfar ach na Ballstáit ina ndeánfaidh SSIanna seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil agus na SSIanna sin amháin a chuireann seirbhísí den sórt sin ar fáil a chur san áireamh.

2.   Déanfaidh an t-oibreoir nó, sa chás nach mbeidh oibreoir foirmeáilte ann, déanfaidh rannpháirtithe an chórais íocaíochta miondíola laistigh den Aontas deimhin de go bhfuil a gcóras íocaíochta idir-inoibritheach go teicniúil le seirbhísí eile íocaíochta miondíola laistigh den Aontas trí bhíthin caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí caighdeánaithe idirnáisiúnta nó Eorpacha a úsáid. Ina theannta sin, ní dhéanfaidh siad rialacha gnó a ghlacadh a chuirfidh srian leis an idir-inoibritheacht le córais eile íocaíochta miondíola laistigh den Aontas. Ní bheidh iachall ar sheirbhísí íocaíochta a bheidh ainmnithe faoi Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (14) idir-inoibritheacht theicniúil a áirithiú le córais eile íocaíochta a bheidh ainmnithe faoin Treoir chéanna.

3.   Ní chuirfidh constaicí teicniúla isteach ar phróiseáil aistrithe creidmheasa agus dochar díreach.

4.   Féadfaidh úinéir na scéime íocaíochta nó, i gcás nach mbeidh úinéir foirmeálta scéime íocaíochta ann, príomh-rannpháirtí an chórais nua íocaíochta miondíola iontrála a bhfuil rannpháirtithe aige in ocht mBallstát ar a laghad iarratas a chur isteach go dtí údaráis inniúla sna Ballstáit ina mbeidh úinéir na scéime íocaíochta nó an príomh-rannpháirtí lonnaithe do mhaolú sealadach ó ná coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1. Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta sna Ballstáit eile ina bhfuil rannpháirtí ag an gcóras nua íocaíochta iontrála, leis an gCoimisiún agus leis an BCE, féadfaidh na húdaráis inniúla sin maolú den sórt sin a dheonú do thrí bliana ar a mhéid. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin a gcinneadh a bhunú ar fhéidearthacht na scéime íocaíochta nua iontrála scéim íocaíochta pan-Eorpach lánfheidhme a fhorbairt agus ar a rannpháirtíocht i leith iomaíochas a fhorbairt nó nuálaíocht a chur chun cinn.

5.   Cé is moite de sheirbhísí íocaíochta a bhaineann leas as tarscaoileadh faoi Airteagal 16(4), beidh éifeacht ag an Airteagal seo faoin 1 Feabhra 2014.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le haistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha

1.   Déanfaidh SSIanna aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní mór dóibh aitheantóir sainchuntais atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn chun cuntais íocaíochta a aithint gan féachaint do láthair na SSIanna lena mbaineann;

(b)

ní mór dóibh úsáid a bhaint as formáidí teachtaireachta i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn, agus idirbhearta íocaíochta á dtarchur chuig SSI eile le córas íocaíochta miondíola;

(c)

ní mór dóibh a áirithiú go n-úsáideann USIanna aitheantóir sainchuntais atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn le haghaidh cuntas íocaíochta a aithint, cibé an bhfuil SSI an íocóra agus SSI an íocaí araon nó an t-aon SSI amháin san idirbheart íocaíochta atá suite sa Bhallstát céanna nó nach bhfuil;

(d)

ní mór dóibh a áirithiú sa chás nach tomhaltóir nó micreathionscadal é an USI a thionscnaíonn nó a fhaigheann aistrithe creidmheasa aonair nó dochair dhírigh aonair nach dtarchuirtear go haonair, ach a chuachtar le chéile le haghaidh tarchuir, go mbaintear úsáid as formáidí teachtaireachta atá sonraithe i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn.

Gan dochar do phointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh na SSIanna, ar iarraidh shonrach USI, na formáidí teachtaireachta atá sonraithe i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn a úsáid maidir leis an USI sin.

2.   Déanfaidh na SSIanna aistrithe creidmheasa i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas, faoi réir aon oibleagáide atá leagtha síos sa dlí náisiúnta a chuireann Treoir 95/46/CE chun feidhme:

(a)

ní mór do SSI an íocóra a áirithiú go gcuireann an t-íocóir na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (2)(a) den Iarscríbhinn;

(b)

ní mór do SSI an íocóra na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (2)(b) den Iarscríbhinn a chur ar fáil do SSI an íocaí;

(c)

ní mór do SSI an íocaí na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (2)(d) den Iarscríbhinn a chur ar fáil don íocaí.

3.   Déanfaidh na SSIanna dochair dhírigh i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas, faoi réir aon oibleagáide atá leagtha síos sa dlí náisiúnta a chuireann Treoir 95/46/CE chun feidhme:

(a)

ní mór do SSI an íocóra a áirithiú:

(i)

go gcuireann an t-íocaí na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (3)(a) den Iarscríbhinn leis an gcéad dhochar díreach agus le dochar díreach aonuaire agus le gach idirbheart íocaíochta ina dhiaidh sin;

(ii)

go dtugann an t-íocaí cead do SSI an íocaí agus an íocóra (go díreach nó go hindíreach leis an íocaí), déanfaidh an t-íocaí nó tríú páirtí thar ceann an íocaí na sainorduithe, maraon le modhnuithe níos deireanaí nó cealú, a stóráil agus déanfaidh an SSI an t-íocaí a chur ar an eolas maidir leis an oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 41 agus le hAirteagal 42 de Threoir 2007/64/CE;

(b)

ní mór do SSI an íocaí na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (3)(b) den Iarscríbhinn a chur ar fáil do SSI an íocóra;

(c)

ní mór do SSI an íocóra na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (3)(c) den Iarscríbhinn a chur ar fáil don íocóir;

(d)

caithfidh sé a bheith de cheart ag an íocóir ordú dá SSI:

(i)

bailiú dochair dhírigh a theorannú chuig méid áirithe nó tréimhsiúlacht nó chucu iad araon;

(ii)

i gcás nach bhforálann sainordú faoi scéim íocaíochta an ceart chun aisíocaíochta, d’fhonn gach idirbheart dochair dhírigh a fhíorú, agus d’fhonn a sheiceáil arb ionann méid agus tréimhsiúlacht an idirbhirt dochair dhírigh agus méid agus tréimhsiúlacht atá aontaithe sa sainordú, sula gcuirfear chun dochair dá gcuntas íocaíochta, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an sainordú;

(iii)

d’fhonn aon dochair dhíreacha chuig cuntas íocaíochta an íocóra a bhlocáil nó d’fhonn aon dochair dhíreacha a thionscnaigh ceann amháin nó níos mó de na híocaithe sonracha nó chun dochair dhírigh a údarú nár tionscnaíodh ach ag ceann amháin de na híocaithe sonracha.

I gcás nach íocóir ná íocaí é an tomhaltóir, ní cheanglófar ar na SSIanna pointe (d)(i), (ii) ná (iii) a chomhlíonadh.

Cuirfidh SSI an íocóra an t-íocóir ar an eolas maidir leis na cearta dá dtagraítear i bpointe (d) i gcomhréir le hAirteagal 41 agus le hAirteagal 42 de Threoir 2007/64/CE.

Ar an gcéad idirbheart dochair dhírigh nó ar idirbheart dochair dhírigh aonuaire agus ar idirbheart dochair dhírigh ina dhiaidh sin, tarchuirfidh an t-íocaí an fhaisnéis atá bainteach le sainordú chuig a SSI nó tarchuirfidh SSI an íocóra an fhaisnéis atá bainteach le sainordú chuig SSI an íocóra le gach idirbheart dochair dhírigh.

4.   Mar aon leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an t-íocaí a ghlacann idirbhearta creidmheasa a aitheantóir cuntais íocaíochta in iúl atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn agus, go dtí an 1 Feabhra 2014 le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta agus go dtí an 1 Feabhra 2016 le haghaidh idirbheart íocaíochta trasteorainn, ach i gcás inar gá, BIC an SSI dá íocóirí, nuair a iarrtar aistriú creidmheasa.

5.   Roimh an gcéad idirbheart dochair dhírigh, déanfaidh íocóir a aitheantóir cuntais íocaíochta atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn a chur in iúl. Déanfaidh an t-íocóir BIC SSI an íocóra a chur in iúl go dtí an 1 Feabhra 2014 le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta agus go dtí an 1 Feabhra 2016 le haghaidh idirbheart íocaíochta trasteorainn, ach i gcás inar gá agus sa chás sin amháin.

6.   I gcás nach bhforálann an creatchomhaontú idir an t-íocóir agus SSI an íocóra don cheart maidir le haisíocaíocht, déanfaidh SSI an íocóra, gan dochar do mhír (3)(a)(ii), gach idirbheart dochair dhírigh a fhíorú chun a sheiceáil arb ionann méid an idirbhirt dochair dhírigh a tíolacadh agus an méid a comhaontaíodh sa sainordú sula gcuirfear chun dochair cuntas íocaíochta an íocóra, bunaithe ar fhaisnéis atá bainteach le sainordú.

7.   I ndiaidh an 1 Feabhra 2014, ní bheidh USIanna ag teastáil le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta agus i ndiaidh an 1 Feabhra 2016 le haghaidh SSIanna idirbhearta íocaíochta trasteorann chun BIC SSI íocóra nó SSI an íocaí a léiriú.

8.   Ní ghearrfaidh SSI an íocóra ná SSI an íocaí muirir bhreise ná táillí eile ar an bpróiseas léamh-amach chun sainordú a ghiniúint go huathoibríoch le haghaidh na n-idirbheart íocaíochta sin a tionscnaíodh trí nó trí mheán cárta íocaíochta ag an díolphointe, lena ndéantar dochar díreach.

Airteagal 6

Dátaí deiridh

1.   Faoin 1 Feabhra 2014, déanfar aistrithe creidmheasa a chur i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla atá leagtha amach in Airteagal 5(1), (2) agus (4) agus i bpointe 1 agus i bpointe 2 den Iarscríbhinn.

2.   Faoin 1 Feabhra 2014, déanfar dochair dhíreacha a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3) agus leis na ceanglais theicniúla atá leagtha amach in Airteagal 5(1), (3), (5), (6) agus (8) agus i bpointe 1 agus i bpointe 3 den Iarscríbhinn.

3.   Gan dochar d’Airteagal 3, déanfar dochair dhíreacha a chur i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 8(1) ón 1 Feabhra 2017 le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta agus faoin 1 Samhain 2012 le haghaidh íocaíochtaí trasteorann.

4.   Maidir le hidirbhearta náisiúnta íocaíochta Ballstáit nó, le formheas an Bhallstáit lena mbaineann, féadfaidh SSIanna Ballstáit, tar éis dó ullmhacht agus réidhe a saoránach a chur san áireamh agus a mheasúnú, dátaí níos luaithe a shocrú dóibh siúd dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 7

Bailíocht sainorduithe agus an ceart chun aisíocaíochta

1.   Leanfaidh aon údarú íocaithe bailí chun dochair dhírigh athfhillteacha a bhailiú i scéim íocaíochta leagáide roimh an 1 Feabhra 2014 de bheith bailí i ndiaidh an dáta sin agus measfar gurb ionann é agus toiliú go ndéanfaidh SSI an íocóra na dochair dhíreacha athfhillteacha a bhailigh an t-íocóir sin a fheidhmiú i gcomhlíonadh an Rialacháin seo d’uireasa aon dlí náisiúnta nó comhaontuithe custaiméirí a choinníonn bailíocht na sainorduithe dochair dhírigh.

2.   Ceadófar leis na sainorduithe dá dtagraítear dóibh i mír 1 aisíocaíochtaí neamhchoinníollacha agus aisíocaíochtaí siardhátaithe chuig dáta na híocaíochta siardhátaithe i gcás foráil a bheith déanta d’aisíocaíochtaí den sórt sin faoi chreat an tsainordaithe atá ann cheana féin.

Airteagal 8

Táillí idirmhalartaithe d’idirbhearta do dhochair dhíreacha

1.   Gan dochar do mhír 2, ní bheidh feidhm maidir le hidirbhearta dochair dhírigh ag aon TII in aghaidh an idirbhirt dochair dhírigh ná ag comhaontú eile luacha saothair ag a bhfuil cuspóir nó éifeacht atá coibhéiseach.

2.   I gcás R-idirbhearta féadfar TII a chur i bhfeidhm ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

dírítear leis an socrú ar chostais a leithdháileadh go héifeachtúil chuig an SSI, nó chuig an USI, is cúis leis an R-idirbheart, de réir mar is iomchuí, agus é á chur san áireamh go bhfuil costais idirbhirt ann agus áirithítear nach muirearaítear an t-íocóir go huathoibríoch agus beidh an SSI faoi thoirmeasc USIanna a mhuirearú i leith táillí áirithe R-idirbhearta a sháraíonn an costas a bhíonn ar an SSI i gcomhair idirbhearta den sórt sin;

(b)

tá na táillí bunaithe ar chostas, agus air sin amháin;

(c)

ní sháraíonn leibhéal na dtáillí an costas iarbhír a bheidh ar R-idirbheart a láimhseáil ag an SSI inchomparáide is costas-éifeachtúla a bhfuil costas orthu de dhroim R-idirbhirt, ar páirtí ionadaíoch é don socrú i dtéarmaí mhéid na n-idirbheart agus chineál na seirbhísí;

(d)

de bharr chur i bhfeidhm na dtáillí i gcomhréir le fomhír (a), le fomhír (b) agus le fomhír (c), cuirtear cosc ar SSI ó tháillí breise mhuirearú, a bhaineann leis na costais a chumhdaíonn na táillí idirmhalartaithe sin, a ghearradh ar a USIanna faoi seach;

(e)

níl aon rogha mhalartach ann atá praiticiúil agus inmharthanach go heacnamaíoch ar an socrú, ar rogha mhalartach í trína láimhseálfaí R-idirbhearta ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna nó ní b’éifeachtúla agus ar an gcostas céanna nó ní b’ísle do thomhaltóirí.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ní dhéanfar ach catagóirí costais atá ábhartha go díreach agus gan aon éideimhne maidir le láimhseáil R-idirbheart a mheas agus táillí an R-idirbhirt á ríomh. Cinnfear na costais sin go cruinn. Beidh miondealú mhéid na gcostas, lena n-áirítear a chomhpháirteanna ar fad a shainaithint ar bhonn leithligh, mar chuid den socrú chun fíorú agus monatóireacht éasca a cheadú.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 agus ag mír 2 maidir le socruithe aontaobhacha a dhéanann SSI agus maidir le socruithe déthabhaobhacha idir SSIanna a bhfuil cuspóir nó éifeacht acu atá coibhéiseach le cuspóir nó éifeacht socrú iltaobhach.

Airteagal 9

Inrochtaineacht íocaíochta

1.   Ní dhéanfaidh íocóir a dhéanann aistriú creidmheasa chuig íocaí a bhfuil cuntas íocaíochta acu atá lonnaithe laistigh den Aontas an Ballstát a shonrú ina lonnófar an cuntas íocaíochta ar choinníoll go bhfuil fáil ar an gcuntas íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3.

2.   Ní dhéanfaidh íocaí a dhéanann aistriú creidmheasa nó a úsáideann dochar díreach chun cistí a bhailiú ó íocóir a bhfuil cuntas íocaíochta aige atá lonnaithe laistigh den Aontas an Ballstát a shonrú ina bhfuil an cuntas íocaíochta le bheith lonnaithe ar choinníoll go bhfuil fáil ar an gcuntas íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3.

Airteagal 10

Údaráis inniúla

1.   Déanfaidh Ballstáit údaráis phoiblí, comhlachtaí atá aitheanta sa dlí náisiúnta nó údaráis phoiblí a dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht sin dóibh go sainráiteach, lena n-áirítear bainc cheannais náisiúnta, a ainmniú mar údaráis inniúla atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú chun gníomhú mar údaráis inniúla.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla atá ainmnithe faoi mhír 1 faoin 1 Feabhra 2013. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus don Údarás Eorpach Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach Baincéireachta) (ÚEB), gan mhoill, maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na n-údarás sin.

3.   Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina mbeidh breis is údarás inniúil amháin ar a gcríoch le haghaidh ábhar a gcumhdaítear leis an Rialachán seo, áiritheoidh Ballstáit go n-oibreoidh na húdarais sin i ndlúthchomhar ionas gur féidir leo a ndualgais faoi seach a chomhall go héifeachtach.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla monatóireacht éifeachtach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag SSIanna agus gach beart is gá a ghlacadh chun an comhlíonadh sin a áirithiú. Comhoibreoidh siad le chéile i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir 2007/64/CE agus le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 11

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 1 Feabhra 2013, na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin faoin 1 Lúnasa 2013 agus tabharfaidh sé fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Ní chuirfear na pionóis dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ar thomhaltóirí.

Airteagal 12

Nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt

1.   Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt chun díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo idir USIanna agus SSIanna. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú nó i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad comhlachtaí nua a bhunú.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 faoin 1 Feabhra 2013. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan mhoill, maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na gcomhlachtaí sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh an tAirteagal seo infeidhme i gcás SSIanna ar tomhaltóirí iad nó i gcas iad siúd ar tomhaltóirí nó micreafhiontair iad agus sna cásanna sin amháin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na húdaráis inniúla sin faoin 1 Lúnasa 2013.

Airteagal 13

Cumhachtaí a tharmligean

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 d’fhonn an Iarscríbhinn a leasú chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí margaidh a chur san áireamh.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 31 Márta 2012. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 3 mhí ón uair a tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás, roimh dhul in éag na tréimhse sin, ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Athbhreithniú

Faoin 1 Feabhra 2017, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus faoi bhráid BCE agus ÚEB lena ngabhfaidh togra, más iomchuí.

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit a cheadú do SSIanna, go dtí an 1 Feabhra 2016, seirbhísí tiontaithe le haghaidh idirbheart íocaíochtaí náisiúnta a chur ar fáil do USIanna, a chumasaíonn do USIanna ar tomhaltóirí iad de leanúint de BBAN a úsáid in ionad an aitheantóra cuntais íocaíochta atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn ar an gcoinníoll go n-áirithítear idir-inoibritheacht trí BBAN an íocóra agus an íocaí a thiontú go teicniúil agus go daingean isteach san aitheantóir cuntais íocaíochta faoi seach atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn. Seachadfar an t-aitheantóir an cuntas íocaíochta sin don USI tionscantach, i gcás inarb iomchuí sula ndéantar an íocaíocht. I gcás den sórt sin, ní thoibheoidh SSIanna aon mhuirir bhreise ná táillí eile ar an USI atá bainteach go díreach ná go hindíreach leis na seirbhísí tiontaithe sin.

2.   Déanfaidh SSIanna a thairgíonn seirbhísí íocaíochta atá ainmnithe in euro agus atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige Airteagal 3 a chomhlíonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2016 agus seirbhísí íocaíochta á dtairiscint acu atá ainmnithe in euro. Má thugtar an euro isteach, áfach, mar airgeadra aon cheann de na Ballstáit sin roimh an 31 Deireadh Fómhair 2015, comhlíonfaidh SSI atá lonnaithe sa Bhallstát sin Airteagal 3 laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht isteach an Bhallstáit lena mbaineann i limistéar an euro.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá n-údaráis inniúla roinnt de na ceanglais, nó na ceanglais ar fad dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) a tharscaoileadh sa Bhallstát sin go dtí an 1 Feabhra 2016, maidir leis na hidirbhearta aistrithe creidmheasa nó dochair dhírigh sin ag a bhfuil sciar charnach den mhargadh, bunaithe ar an staidreamh íocaíochta oifigiúil a fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach go bliantúil, ar lú ná 10 % é den líon iomlán d’idirbhearta aistrithe creidmheasa nó d’idirbhearta dochair dhírigh faoi seach.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá n-údaráis inniúla roinnt de na ceanglais, nó na ceanglais ar fad, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) a tharscaoileadh go dtí an 1 Feabhra 2016, maidir leis na hidirbhearta íocaíochta sin a ghintear trí chárta íocaíochta ag an bpointe díolacháin agus a bhfuil dochar díreach ó chuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN de thoradh orthu.

5.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2) féadfaidh na Ballstáit a cheadú dá n-údaráis inniúla, go dtí an 1 Feabhra 2016, roinnt de na ceanglais shonracha a tharscaoileadh chun na formáidí teachtaireachta a úsáid atá sonraithe i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn atá leagtha amach in Airteagal 5(1)(d) le haghaidh USIanna a thionscnaíonn nó a fhaigheann aistrithe creidmheasa indibhidiúla nó dochair dhírigh indibhidiúla a chuachtar le chéile le haghaidh tarchuir. In ainneoin tarscaoileadh a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh SSIanna na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 5(1)(d) a chomhlíonadh más rud é go n-iarrann USI seirbhís den sórt sin.

6.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit na ceanglais a bhaineann le foráil BIC le haghaidh idirbheart íocaíochtaí náisiúnta in Airteagal 5(4), (5) agus (7) a chur siar go dtí an 1 Feabhra 2016.

7.   Más rud é go mbeartaíonn Ballstát úsáid a bhaint as maolú dá bhforáiltear i mír 1, 3, 4, 5 nó 6, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún dá réir sin faoin 1 Feabhra 2013, agus ceadóidh sé dá údarás inniúil ina dhiaidh sin, de réir mar is iomchuí, roinnt de na ceanglais nó na ceanglais uile atá leagtha amach in Airteagal 5, in Airteagal 6(1) nó (2) agus san Iarscríbhinn, le haghaidh na hidirbhearta ábhartha íocaíochta dá dtagraítear sna míreanna agus sna fomhíreanna faoi seach agus go ceann tréimhse nach faide ná tréimhse an mhaolaithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na hidirbhearta íocaíochta atá faoi réir an mhaolaithe agus maidir le haon athrú ina dhiaidh sin.

8.   Déanfaidh SSIanna atá suite, agus USIanna a úsáideann seirbhís íocaíochta i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige ceanglais Airteagal 4 agus Airteagal 5 a chomhlíonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2016. Déanfaidh oibreoirí córais eile íocaíochta miondíola atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige Airteagal 4(2) a chomhlíonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2016.

Más rud é, áfach, go dtugtar isteach an euro mar airgeadra aon cheann de na Ballstáit sin roimh an 31 Deireadh Fómhair 2015, déanfaidh SSIanna nó i gcás inarb ábhartha, oibreoirí córas eile íocaíochta miondíola atá lonnaithe sa Bhallstát agus USIanna a úsáideann seirbhís íocaíochta, sa Bhallstát sin na forálacha faoi seach a chomhlíonadh laistigh de bhliain amháin den dáta ar tháinig an Ballstát isteach sa limistéar euro, ach tráth nach luaithe ná na dátaí faoi seach atá sonraithe do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu an 31 Márta 2012.

Airteagal 17

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (10):

“10.

ciallaíonn ‘cistí’ nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air (15).

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin ar úsáideoirí seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí comhfhreagracha den luach céanna agus san airgeadra céanna laistigh den Bhallstát óna dtagann an íocaíocht trasteorann.”;

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta muirir a thobhach sa bhreis ar na muirir a toibhíodh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) maidir le húsáideoir na seirbhíse íocaíochta i gcás ina dtreoraíonn an t-úsáideoir sin don soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaíocht trasteorann a dhéanamh gan IBAN a chur in iúl agus i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (16), an BIC gaolmhar le haghaidh an chuntais íocaíochta sa Bhallstát eile. Beidh na muirir sin iomchuí agus i gcomhréir leis na costais. Beidh siad aontaithe idir an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus úsáideoir na seirbhíse íocaíochta. Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta úsáideoir na seirbhíse íocaíochta ar an eolas maidir le méid na muirear breise in am agus i dtráth sula mbeidh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta faoi cheangal ag comhaontú den chineál sin.

(4)

in Airteagal 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Le héifeacht ón 1 Feabhra 2016, cuirfidh Ballstáit deireadh le hoibleagáidí tuairiscthe náisiúnta atá bunaithe ar shocraíocht agus a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta a gcustaiméirí.”;

(5)

leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;

(b)

i mír 2, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;

(c)

i mír 3, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;

(6)

scriostar Airteagal 8.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Márta 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 155, 25.5.2011, lch. 1.

(2)  IO C 218, 23.7.2011, lch. 74.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2012.

(4)  IO C 87 E, 1.4.2010, lch. 166.

(5)  IO C 349 E, 22.12.2010, lch. 43.

(6)  IO L 319, 5.12.2007, lch. 1.

(7)  IO L 266, 9.10.2009, lch. 11.

(8)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

(9)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(10)  IO L 195, 27.7.2010, lch. 5.

(11)  IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.

(12)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

(13)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

(14)  IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.

(15)  IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.”;

(16)  IO L 94, 30.3.2012, lch. 22.”;


IARSCRÍBHINN

CEANGLAIS THEICNIÚLA (AIRTEAGAL 5)

(1)

I dteannta na gceanglas riachtanach atá leagtha amach in Airteagal 5, beidh na ceanglais theicniúla seo a leanas infheidhme maidir le haistrithe creidmheasa agus le hidirbhearta dochair dhírigh:

(a)

Is é IBAN an t-aitheantóir cuntais íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a) agus (c).

(b)

Is é an caighdeán ISO 20022 XML an caighdeán don fhormáid teachtaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) agus (d).

(c)

Beidh spás i réimse sonraí an seoltáin le haghaidh 140 carachtar. Féadfaidh scéimeanna íocaíochta spás a thabhairt le haghaidh líon níos mó carachtar, seachas má tá srianta teicniúla i dtaca le líon na gcarachtar ag baint leis an bhfeiste a úsáidtear chun faisnéis a sheoladh; sa chás sin tá feidhm ag an teorainn theicniúil sin.

(d)

Maidir leis an bhfaisnéis thagartha seoltáin agus na sonraí eile ar fad a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (2) agus pointe (3) den Iarscríbhinn seo, déanfar iad a chur ar aghaidh ina n-iomláine agus gan athrú idir SSIanna sa slabhra íocaíochta.

(e)

Nuair a bheidh na sonraí is gá ar fáil i bhfoirm leictreonach, déanfaidh idirbheart íocaíochta próiseáil leictreonach atá iomlán uathoibríoch a cheadú le linn gach céime den phróiseáil (ó thús go deireadh díreach tríd an bpróiseáil), lena mbeifear in ann an próiseas ar fad a dhéanamh go leictreonach gan aon ghá le sonraí a athchódú ná le baint dó de láimh. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le láimhseáil eisceachtúil idirbheart aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh, tráth ar bith is indéanta.

(f)

Ní chuirfidh scéimeanna íocaíochta aon tairseach íosta ar mhéid an idirbhirt íocaíochta agus ceadóidh siad aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha ach ní cheanglaítear orthu idirbhearta íocaíochta a phróiseáil le méid nialasach.

(g)

Ní chuirtear oibleagáid ar scéimeanna íocaíochta aistrithe creidmheasa ná dochair dhíreacha a théann thar EUR 999 999 999,99 a chur i gcrích.

(2)

I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa:

(a)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a):

(i)

ainm an íocóra agus/nó IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;

(ii)

méid an aistrithe creidmheasa;

(iii)

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí;

(iv)

ainm an íocaí, i gcás go mbeidh sé ar fáil;

(v)

aon fhaisnéis seoltáin.

(b)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(b):

(i)

ainm an íocóra;

(ii)

IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;

(iii)

méid an aistrithe creidmheasa;

(iv)

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí;

(v)

aon fhaisnéis seoltáin;

(vi)

aon chód aitheantais íocaithe;

(vii)

ainm aon pháirtí tagartha de chuid an íocaí;

(viii)

aon chuspóir de chuid an aistrithe creidmheasa;

(ix)

catagóir aon chuspóra de chuid an aistrithe creidmheasa.

(c)

Ina theannta sin, tabharfaidh SSI an íocóra na sonraí éigeantacha a leanas do SSI an íocaí:

(i)

BIC SSI an íocóra (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(ii)

BIC SSI an íocaí (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(iii)

cód aitheantais na scéime íocaíochta;

(iv)

dáta socraíochta an aistrithe creidmheasa;

(v)

uimhir thagartha SSI an íocóra le haghaidh na teachtaireachta aistrithe creidmheasa.

(d)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(c):

(i)

ainm an íocóra;

(ii)

méid an aistrithe creidmheasa;

(iii)

aon fhaisnéis seoltáin.

(3)

I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta dochair dhírigh:

(a)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(a)(i):

(i)

an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur);

(ii)

ainm an íocaí;

(iii)

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú;

(iv)

más rud é go bhfuil sé ar fáil, ainm an íocaí;

(v)

IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú;

(vi)

tagairt uathúil an tsainordaithe;

(vii)

i gcás do dtabharfar sainordú an íocóra tar éis an 31 Márta 2012, an dáta ar a síníodh é;

(viii)

an méid a bhaileofar;

(ix)

tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú, má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú;

(x)

aitheantóir an íocaí;

(xi)

aitheantóir an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú, i gcás ina bhfuil an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú;

(xii)

aon fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir;

(xiii)

aon chuspóir de chuid an bhailithe;

(xiv)

aon chatagóir de chuid chuspóir an bhailithe.

(b)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(b):

(i)

BIC SSI an íocaí (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(ii)

BIC SSI an íocóra (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(iii)

ainm pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);

(iv)

cód aitheantais pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);

(v)

ainm pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó sa sainordú dí-ábharaithe);

(vi)

cód aitheantais pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);

(vii)

cód aitheantais na scéime íocaíochta;

(viii)

dáta socraíochta an bhailithe;

(ix)

tagairt sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí le haghaidh an bhailithe;

(x)

an cineál sainordaithe;

(xi)

an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur);

(xii)

ainm an íocaí;

(xiii)

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú;

(xiv)

más rud é go bhfuil sé ar fáil, ainm an íocaí;

(xv)

IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú;

(xvi)

tagairt uathúil an tsainordaithe;

(xvii)

dáta sínithe an tsainordaithe má thugann an t-íocóir sainordú tar éis an 31 Márta 2012;

(xviii)

an méid a bhaileofar;

(xix)

tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú);

(xx)

aitheantóir an íocaí;

(xxi)

aitheantóir an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú);

(xxii)

aon fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir.

(c)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(c):

(i)

tagairt uathúil an tsainordaithe;

(ii)

aitheantóir an íocaí;

(iii)

ainm an íocaí;

(iv)

an méid a bhaileofar;

(v)

aon fhaisnéis seoltáin;

(vi)

cód aitheantais na scéime íocaíochta.