30.3.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 258/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2012

lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh 2001/748/CE ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2001 maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal na Náisiún Aontaithe maidir le monarú agus le gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlón, atá i gceangal le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (2), shínigh an Coimisiún an Prótacal sin (dá ngairtear “Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe” anseo feasta) thar ceann an Chomhphobail an 16 Eanáir 2002.

(2)

Tháinig Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, a bhfuil sé mar chuspóir aige comhar i measc Páirtithe a chur chun cinn, a éascú agus a neartú d’fhonn monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlón a chosc, a chomhrac agus a dhíothú, i bhfeidhm an 3 Iúil 2005.

(3)

D’fhonn rianú arm tine a éascú agus d’fhonn gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a chomhrac go héifeachtúil, is gá an malartú faisnéise idir Ballstáit a fheabhsú, go háirithe trí úsáid níos fearr a bhaint as na bealaí cumarsáide atá ann cheana.

(4)

Ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (3) agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (4).

(5)

Sa Teachtaireacht uaidh an 18 Iúil 2005 maidir le bearta chun breis slándála a áirithiú i ndáil le pléascáin, maidhmitheoirí, trealamh déanta buamaí agus airm tine (5), d’fhógair an Coimisiún go raibh sé de rún aige Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme mar chuid de na bearta nach mór a ghlacadh d’fhonn an tAontas a bheith in ann an Prótacal sin a thabhairt i gcrích.

(6)

Ceanglaítear, le Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, ar Pháirtithe nósanna imeachta nó córais riaracháin a chur i bhfeidhm nó a fheabhsú chun monarú, marcáil, allmhairiú agus onnmhairiú arm tine a rialú go héifeachtach.

(7)

Chun Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh, ceanglaítear freisin go ndéanfaí cionta coiriúla de mhonarú nó de gháinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón, agus go gcuirfear bearta i gcrích chun gur féidir earraí a mhonaraítear nó a ndéantar gáinneáil orthu sa tslí sin a choigistiú.

(8)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha ná armlón atá beartaithe go sonrach d’úsáid mhíleata. Maidir leis na bearta lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, ba cheart iad a oiriúnú chun foráil a dhéanamh do nósanna imeachta simplithe maidir le hairm tine d’úsáid shibhialtach. Ba cheart, dá thoradh sin, éascú éigin a áirithiú maidir le húdarú d’il-lastais, do bhearta idirthurais agus d’onnmhairithe sealadacha chun críoch dleathach.

(9)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Airteagal 346 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina ndéantar tagairt do leasanna riachtanacha maidir le slándáil na mBallstát, ná níl aon iarmhairt ag an Rialachán seo ar Threoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (6), ná ar Threoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le héadáil agus seilbh arm a rialú (7). Fairis sin, ní bheidh feidhm ag Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, ná ag an Rialachán seo dá thoradh sin, maidir le hidirbhearta ó Stát amháin go Stát eile ná le haistrithe Stáit i gcásanna ina ndéanfadh cur i bhfeidhm an Phrótacail dochar do cheart Stáit is Páirtí gníomhaíocht a chur i gcrích chun leasa na slándála náisiúnta, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe.

(10)

Tá Treoir 91/477/CEE dírithe ar aistrithe arm d’úsáid shibhialtach laistigh de chríoch an Aontais, ach díríonn an Rialachán seo ar bhearta i leith onnmhairú ó chríoch an Aontais go tríú tíortha nó tríothu.

(11)

Bíonn airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón, faoi réir dhlí an Aontais, nuair a allmhairítear ó thríú tíortha iad, agus faoi réir cheanglais Threoir 91/477/CEE go háirithe.

(12)

Ba cheart comhleanúnachas a áirithiú maidir leis na forálacha i ndáil le taifead a choinneáil atá i bhfeidhm faoi dhlí an Aontais.

(13)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart, ba cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun na cumhachtaí iomchuí a thabhairt do na húdaráis inniúla.

(14)

D’fhonn liosta a choinneáil de na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a bhfuil údarú ag teastáil ina dtaobh faoin Rialachán seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a ailíniú le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (8) agus le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477/CEE. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(15)

Ghlac an tAontas corpas rialacha custaim, atá le fáil i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (9) agus a fhorálacha cur chun feidhme mar atá leagtha amach i Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún (10). Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (11) a chur san áireamh freisin, ar rialachán é a bhfuil feidhm ag a fhorálacha i gcéimeanna éagsúla de réir Airteagal 188 de. Níl aon rud sa Rialachán seo a chuireann srian ar chumhacht ar bith faoi Chód Custaim an Chomhphobail agus a fhorálacha cur chun feidhme, ná de bhun an Chóid agus na bhforálacha sin.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás ina ndéanfar sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(17)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chóras an Aontais maidir le rialú onnmhairithe agus le haistriú, bróicéireacht agus idirthuras earraí dé-úsáide arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (12).

(18)

Tá an Rialachán seo i gcomhréir le forálacha ábhartha eile maidir le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón atá ceaptha go sonrach d’úsáid mhíleata, maidir le straitéisí slándála, gáinneáil aindleathach arm beag agus arm éadrom agus onnmhairí teicneolaíochta míleata, lena n-áirítear Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialáiltear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (13).

(19)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a ghlactar faoin Rialachán seo agus faoi fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i dtaobh an Rialacháin seo.

(20)

Ní chuireann an Rialachán seo bac ar Bhallstáit a rialacha bunreachtúla maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla a chur i bhfeidhm, agus Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún á chur san áireamh (14),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, SAINMHÍNITHE AGUS RAON FEIDHME

Airteagal 1

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha lena rialáiltear údarú onnmhairithe agus bearta allmhairithe agus idirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón, chun críche Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (“Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe”).

Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn “arm tine” aon arm iniompartha a bhfuil bairille air agus a dhíchuireann grán, urchar nó diúracán nó atá ceaptha chun iad a dhíchur trí bhíthin tiomántáin indóite, nó aon arm dá leithéid a d’fhéadfaí a athchóiriú chun iad a dhíchur agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

Meastar go bhféadfaí gléas a athrú chun grán, urchar nó diúracán a dhíchur trí mheán tiomántán indóite sna cásanna seo a leanas:

má tá cuma airm tine air, agus

más féidir é a athchóiriú chuige sin de bharr a dhéanaimh, nó an ábhair as a bhfuil sé déanta;

(2)

ciallaíonn “páirteanna” aon eilimint nó aon eilimint athsholáthair dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus atá ceaptha go sonrach le haghaidh airm tine agus atá riachtanach dá fheidhmiú, lena n-áirítear bairille, fráma nó glacadóir, sleamhnán nó sorcóir, bloc bolta nó craosbhloc, agus gléas ar bith atá ceaptha nó oiriúnaithe chun fothram airm tine arna scaoileadh, a mhaolú;

(3)

ciallaíonn “comhpháirteanna riachtanacha” meicníocht dúnta craois, cuasán agus bairille airm tine a áirítear, ós rud é gur réada ar leithligh iad, i gcatagóir na n-arm tine ar a bhfuil siad feistithe nó ar a bhfuil sé beartaithe iad a fheistiú;

(4)

ciallaíonn “armlón” an t-urchar iomlán nó na comhpháirteanna de a úsáidtear in arm tine, lena n-áirítear cásanna na gcartús, príméir, púdar tiomána, piléir nó diúracáin, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, ar an gcoinníoll go bhfuil na comhpháirteanna sin faoi réir údaraithe sa Bhallstát ábhartha;

(5)

ciallaíonn “airm tine díghníomhachtaithe” réada atá ag teacht ar dhóigh eile leis an sainmhíniú ar arm tine agus a cuireadh as feidhm go buan trí bhíthin a ndíghníomhachtaithe, á áirithiú go bhfuil na codanna riachtanacha ar fad do-úsáidte go buan agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná iad a mhodhnú chun an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith.

Déanfaidh na Ballstáit socruithe chun go bhfíoróidh údarás inniúil na bearta díghníomhachtaithe sin. Forálfaidh na Ballstáit, i gcomhthéacs an fhíoraithe sin, d’eisiúint teastais nó taifid lena bhfianófar gur gníomhachtaíodh an t-arm tine nó gur cuireadh marc, atá infheicthe go soiléir, lena léirítear sin, ar an arm tine;

(6)

ciallaíonn “onnmhairiú”:

(a)

nós imeachta onnmhairithe de réir bhrí Airteagal 161 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(b)

ath-onnmhairú de réir bhrí Airteagal 182 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92, seachas earraí atá i mbun gluaiseachta faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, dá dtagraítear in Airteagal 91 den Rialachán sin, nuair nár comhlíonadh aon fhoirmiúlachtaí ath-onnmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 182(2) de;

(7)

ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus, i gcás ina bhforáiltear dó sin faoi na rialacha atá i bhfeidhm, aon chomhlachas daoine a n-aithnítear go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh ach nach bhfuil stádas dlíthiúil duine dlítheanaigh aige;

(8)

ciallaíonn “onnmhaireoir” aon duine, atá bunaithe san Aontas, a dhéanann dearbhú onnmhairithe nó a ndéantar dearbhú onnmhairithe ar a shon, is é sin le rá an duine a bhfuil an conradh aige leis an gcoinsíní sa tríú tír, an tráth a ghlactar leis an dearbhú, agus a bhfuil sé de chumhacht aige a chinneadh go seolfar an t-earra amach as críoch chustaim an Aontais. Mura mbeidh aon chonradh onnmhairithe tugtha i gcrích nó mura mbeidh sealbhóir an chonartha ag gníomhú ar a shon féin, ciallóidh an t-onnmhareoir an duine a bhfuil an chumhacht aige cinneadh a dhéanamh an t-earra a sheoladh ó chríoch an Aontais.

I gcás ina fhabhreoidh an ceart chun fáil réidh le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón do dhuine atá bunaithe lasmuigh den Aontas de bhun an chonartha ar a bhfuil an t-onnmhairiú bunaithe, measfar gurb é an t-onnmhaireoir an páirtí conarthach bunaithe san Aontas;

(9)

ciallaíonn “críoch chustaim an Aontais” an chríoch de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(10)

ciallaíonn “dearbhú onnmhairithe” an gníomh trína dtugann duine le fios ar an mbealach ar leith atá forordaithe go bhfuil sé i gceist aige airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a chur faoi nós imeachta onnmhairithe;

(11)

ciallaíonn “onnmhairiú sealadach” gluaiseacht arm tine a fhágann críoch chustaim an Aontais agus a bhfuil sé beartaithe iad a ath-allmhairiú laistigh de thréimhse nach mó ná 24 mí;

(12)

ciallaíonn “idirthuras” iompar earraí a fhágann críoch chustaim an Aontais agus a théann trí chríoch tríú tíre amháin nó níos mó ná sin, i gcás ina bhfuil an chríoch dheiridh i dtríú tír eile;

(13)

ciallaíonn “trasloingsiú” idirthuras lena mbaineann an oibríocht fhisiciúil earraí a dhíluchtú ón modh allmhairithe iompair agus iad a athluchtú ina dhiaidh sin, lena n-onnmhairiú an athuair, go modh eile iompair de ghnáth;

(14)

ciallaíonn “údarú onnmhairithe”:

(a)

údarú amháin nó ceadúnas a dheonaítear d’onnmhaireoir sonrach le haghaidh lastais amháin a bhaineann le harm tine amháin nó níos mó ná sin, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón chuig aon fhaighteoir nó aon choinsíní deiridh sainaitheanta amháin atá i dtríú tír nó;

(b)

il-údarú nó ceadúnas a dheonaítear d’onnmhaireoir sonrach le haghaidh il-lastas a bhaineann le harm tine amháin nó níos mó ná sin, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón chuig aon fhaighteoir nó aon choinsíní deiridh sainaitheanta atá i dtríú tír nó;

(c)

údarú uilíoch nó ceadúnas a dheonaítear d’onnmhaireoir sonrach le haghaidh il-lastas a bhaineann le harm tine amháin nó níos mó ná sin, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón chuig aon fhaighteoir nó aon choinsíní sainaitheanta deiridh amháin atá i dtríú tír amháin nó i dtríú tíortha éagsúla;

(15)

ciallaíonn “gáinneáil aindleathach” allmhairiú, onnmhairiú, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón ó chríoch Ballstáit amháin chuig críoch tríú tíre, nó trasna críche Ballstáit amháin chuig críoch tríú tíre, má tá feidhm ag aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

níl sé údaraithe ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le téarmaí an Rialacháin seo;

(b)

níl na hairm tine marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (2) de Threoir 91/477/CEE;

(c)

níl na hairm tine allmhairithe marcáilte tráth a n-allmhairithe le marc simplí ar a laghad, lenar féidir an chéad tír allmhairithe laistigh den Aontas Eorpach a shainaithint nó, i gcás nach bhfuil marc den chineál sin ar na hairm tine, le marc uathúil lena sainaithnítear na hairm tine allmhairithe;

(16)

ciallaíonn “rianú” rianú córasach arm tine agus, i gcás inar féidir é, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón ón monaróir go dtí an gceannaitheoir chun críche cabhrú le húdaráis inniúla na mBallstát monarú agus gáinneáil aindleathach a bhrath, a scrúdú agus a anailísiú.

Airteagal 3

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

idirbhearta ó Stát amháin go Stát eile ná aistrithe Stáit;

(b)

airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón má tá siad ceaptha go sonrach d’úsáid mhíleata agus, i gcás ar bith, airm tine a bhfuil cumas lámhaigh atá go hiomlán uathoibríoch acu;

(c)

airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón nuair is dul chuig na fórsaí armtha, na póilíní, nó údaráis phoiblí na mBallstát atá i ndán dóibh;

(d)

bailitheoirí agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le gnéithe cultúrtha agus stairiúla na n-arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón agus a bhfuil an t-aitheantas sin acu chun críche an Rialacháin seo ón mBallstát a bhfuil siad bunaithe ina chríoch, ar an gcoinníoll go n-áirithítear go bhfuil bearta rianaithe i bhfeidhm;

(e)

airm tine dhíghníomhachtaithe;

(f)

airm tine sheanda agus a macasamhla, mar a shainmhínítear iad i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ar an gcoinníoll nach n-áirítear le hairm tine sheanda, airm tine a monaraíodh tar éis 1899.

2.   Tá an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 (Cód Custaim an Chomhphobail), Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 (forálacha chur chun feidhme Chód Custaim an Chomhphobail), Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 (an Cód Custaim Nuashonraithe), ná don chóras chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht earraí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 (an Rialachán Dé-Úsáide).

CAIBIDIL II

ÚDARÚ, NÓSANNA IMEACHTA AGUS RIALUITHE ONNMHAIRITHE AGUS BEARTA ALLMHAIRITHE AGUS IDIRTHURAIS

Airteagal 4

1.   Beidh gá le húdarú onnmhairithe arna bhunú i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh onnmhairiú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Bronnfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe an t-údarú sin agus déanfar é a eisiúint i scríbhinn nó go leictreonach.

2.   I gcás ina n-éilítear údarú onnmhairithe d’onnmhairiú arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón de bhun an Rialacháin seo agus i gcás ina mbeidh an t-onnmhairiú sin freisin faoi réir ceanglas údaraithe i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES, féadfaidh na Ballstáit aon nós imeachta amháin a úsáid chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu leis an Rialachán seo agus leis an gComhsheasamh sin a chomhlíonadh.

3.   Más rud é go bhfuil na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó ná sin seachas sa Bhallstát ina ndearnadh an t-iarratas ar údarú onnmhairithe, léireofar an méid sin ar an iarratas sin. Rachaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ar cuireadh an t-iarratas ar údarú onnmhairithe faoina bhráid i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát a bheidh i gceist láithreach agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil. Déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit a rachfar i gcomhairle leo aon agóidí a d’fhéadfadh a bheith aige nó acu maidir le húdarú den sórt sin a bhronnadh a chur in iúl laistigh de 10 lá oibre, agus beidh siad ina gceangal ar an mBallstát ina ndearnadh an t-iarratas.

Airteagal 5

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun Iarscríbhinn I a leasú ar bhonn na leasuithe a dhéantar ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 agus ar bhonn na leasuithe a dhéantar ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477/CEE.

Airteagal 6

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse dochinnte.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun tarmligean a chúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin arna sonrú sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon, sula mbeidh an tréimhse sin caite, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 7

1.   Sula ndéantar údarú onnmhairithe le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a eisiúint, fíoróidh an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an t-allmhairiú ábhartha údaraithe ag an tríú tír atá i mbun allmhairithe agus;

(b)

go bhfuil fógra tugtha i scríbhinn ag na tríú tíortha idirthurais, más ann dóibh, ar a dhéanaí sula seolfar an lastas, nach ndéanfaidh siad aon agóid i gcoinne an idirthurais. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir leis na nithe a leanas:

lastais ar muir nó d’aer agus trí chalafoirt nó aerfoirt tríú tíortha ar an gcoinníoll nach bhfuil aon trasloingsiú ná athrú sa mhodh iompair,

i gcás onnmhairithe sealadacha i gcomhair críoch is féidir a fhíorú a bheith dleathach, lena n-áirítear sealgaireacht, lámhach spóirt, meastóireacht, taispeántais gan díol, agus deisiúchán.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, mura bhfaighfear aon agóid maidir leis an idirthuras laistigh de 20 lá oibre ón lá a chuireann an t-onnmhaireoir iarratas i scríbhinn isteach nach ndéanfar aon agóid i gcoinne an idirthurais, glacfar leis nach bhfuil aon agóid ag an tríú tír idirthurais a ndeachthas i gcomhairle léi.

3.   Maidir leis na doiciméid riachtanacha a chruthaíonn gur údaraigh an tríú tír allmhairithe an t-allmhairiú agus nach ndearna an tríú tír idirthurais aon agóid i gcoinne an idirthurais, déanfaidh an t-onnmhaireoir iad a chur ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an údarú onnmhairithe a eisiúint.

4.   Déanfaidh na Ballstáit iarratais ar údarú onnmhairithe a phróiseáil laistigh de thréimhse ama, a bheidh le socrú le dlí náisiúnta nó le cleachtas, nach faide ná 60 lá oibre, ón dáta a mbeidh an fhaisnéis riachtanach go léir curtha ar fáil do na húdaráis inniúla. Faoi chúinsí eisceachtúla agus ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo, féadfar an tréimhse sin a fhadú go tréimhse 90 lá oibre.

5.   Ní bheidh an tréimhse bailíochta le haghaidh údaraithe onnmhairithe níos faide ná an tréimhse bailíochta le haghaidh an údaraithe allmhairithe. I gcás nach sonraítear tréimhse bailíochta san údarú allmhairithe, seachas faoi chúinsí eisceachtúla agus ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo, is naoi mí ar a laghad a bheidh sa tréimhse bailíochta le haghaidh údaraithe onnmhairithe.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbainfear úsáid as doiciméid leictreonacha d’fhonn na hiarratais ar údarú onnmhairithe a phróiseáil.

Airteagal 8

1.   Chun críche an rianaithe, áireofar an fhaisnéis seo a leanas san údarú onnmhairithe agus sa cheadúnas allmhairithe nó san údarú allmhairithe arna eisiúnt ag an tríú tír is allmhaireoir agus sna doiciméid a ghabhann leo:

(a)

dátaí eisithe agus éagtha;

(b)

áit eisithe;

(c)

an tír onnmhairithe;

(d)

an tír allmhairithe;

(e)

an tríú tír nó na tríú tíortha idirthurais, nuair is infheidhme;

(f)

an coinsíní;

(g)

an faighteoir deiridh, más eol é tráth an lastais;

(h)

na sonraí lena bhféadfar na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlón a shainaithint, lena n-áirítear an mharcáil atá ar na hairm tine, ar a dhéanaí sula seolfar an lastas.

2.   Cuirfidh an t-onnmhaireoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, má tá sé sa cheadúnas allmhairithe nó san údarú allmhairithe, ar fáil roimh ré do na tríú tíortha idirthurais, ar a dhéanaí sula seolfar an lastas.

Airteagal 9

1.   Nósanna imeachta simplithe i ndáil le hairm tine, lena bpáirteanna, lena gcomhpháirteanna riachtanacha agus le harmlón, a onnmhairiú ar bhonn sealadach nó a athonnmhairiú, mar seo a leanas:

(a)

Ní cheanglófar aon údarú onnmhairithe i ndáil leis:

(i)

an méid seo a leanas á onnmhairiú ar bhonn sealadach ag sealgairí nó ag lámhachóirí spóirt mar chuid dá ngiúirléidí pearsanta le linn turais chuig tríú tír, ar an gcoinníoll go gcuirfidh siad in iúl do na húdaráis inniúla cúiseanna an turais, go háirithe trí chuireadh nó cruthúnas eile a sholáthar faoi na gníomhaíochtaí sealgaireachta nó lámhaigh spóirt sa tríú tír is ceann scríbe:

arm tine amháin nó níos mó ná ceann amháin,

a gcomhpháirteanna riachtanacha, má tá siad marcáilte, chomh maith lena bpáirteanna,

an t-armlón a ghabhann leo, faoi theorainn uasmhéid de 800 urchar do shealgairí agus uasmhéid de 1 200 urchar do lámhachóirí spóirt;

(ii)

an méid thuas á ath-onnmhairiú ag sealgairí nó ag lámhachóirí spóirt mar chuid dá ngiúirléidí pearsanta le linn turais tar éis dóibh cead isteach sealadach a fháil le haghaidh gníomhaíochtaí sealgaireachta nó lámhaigh spóirt, ar an gcoinníoll gur sealúchas de chuid duine atá bunaithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais i gcónaí na hairm tine sin, agus ar an gcoinníoll go n-ath-onnmhairítear na hairm tine chuig an duine sin.

(b)

Nuair a bheidh críoch chustaim an Aontais á fágáil ag sealgairí agus lámhachóirí spóirt, trí Bhallstát seachas an Ballstát a bhfuil cónaí orthu ann, cuirfidh siad Pas Arm Tine Eorpach dá bhforáiltear in Airteagal 1 agus in Airteagal 12 de Threoir 91/477/CEE ar fáil do na húdaráis inniúla. I gcás taistil d’aer, cuirfear an Pas Arm Tine Eorpach ar fáil do na húdaráis inniúla i gcás ina dtugtar na hearraí ábhartha don aerlíne lena n-iompair amach as críoch chustaim an Aontais.

Nuair a bheidh críoch chustaim an Aontais á fágáil ag sealgairí agus lámhachóirí spóirt, tríd an mBallstát a bhfuil cónaí orthu ann, féadfaidh siad doiciméad eile a roghnú seachas Pas Arm Tine Eorpach lena chur ar fáil, ar doiciméad é a measann údaráis inniúla an Bhallstáit sin a bheith bailí chun na críche sin.

(c)

Cuirfidh na húdaráis inniúla Ballstáit an próiseas onnmhairíochta ar fionraí le haghaidh tréimhse nach faide ná 10 lá nó, i gcás inar gá sin a dhéanamh, cuirfidh siad cosc ar bhealach eile ar airm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón a chur amach as críoch chustaim an Aontais tríd an Bhallstáit sin, i gcás ina mbeidh forais amhrais acu faoi na cúiseanna a thug sealgairí nó lámhachóirí spóirt mar bhunús dóibh a bheith i gcomhréir leis na breithnithe ábhartha agus leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 10. I gcúinsí eisceachtúla agus ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo, féadfar an tréimhse dá dtagraítear sa phointe seo a fhadú go tréimhse 30 lá.

2.   Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta don mhéid seo a leanas:

(a)

airm tine a ath-onnmhairiú i ndiaidh dóibh a bheith ligthe isteach ar bhonn sealadach lena luacháil nó lena dtaispeáint gan díol nó lena bpróiseáil go hinmheánach le haghaidh a ndeisithe, ar an gcoinníoll gur sealúchas de chuid duine atá bunaithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais i gcónaí na hairm tine sin, agus go n-ath-onnmhairítear iad chuig an duine sin;

(b)

airm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a athonnmhairiú má tá siad i stóráil sealadach nó i gcásanna eile ina mbeidh siad faoi mhaoirseacht chustaim ón tráth a dtagann siad isteach i gcríoch chustaim an Aontais go dtí go dtéann siad amach;

(c)

airm tine a onnmhairiú ar bhonn sealadach chun críche luachála agus deisithe agus taispeána gan díol, ar an gcoinníoll go gcruthóidh an t-onnmhaireoir go bhfuil na hairm tine ina sheilbh go dleathach agus go n-onnmhaireoidh sé iad de réir na nósanna imeachta custaim um próiseáil amach nó um onnmhairiú sealadach.

Airteagal 10

1.   Agus cinneadh á dhéanamh an dtabharfar údarú onnmhairithe faoin Rialachán seo, cuirfidh na Ballstáit na breithnithe ábhartha ar fad san áireamh, lena n-áireofar na nithe seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

a n-oibleagáidí agus a dtiomantais mar pháirtithe sna socruithe ábhartha idirnáisiúnta maidir le rialú onnmhairithe, nó faoi na conarthaí idirnáisiúnta ábhartha;

(b)

breithnithe beartais náisiúnta, beartais eachtraigh agus beartais slándála, lena n-áirítear iad siúd a chumhdaítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES;

(c)

breithnithe maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe, an coinsíní, an fhaighteoir agus riosca an atreoraithe.

2.   I dteannta na mbreithnithe ábhartha atá leagtha amach i mír 1, agus measúnú á dhéanamh acu ar iarratas ar údarú onnmhairithe, tabharfaidh na Ballstáit aird ar chur i bhfeidhm an onnmhaireora d’acmhainní agus nósanna imeachta comhréireacha agus leormhaithe chun comhlíonadh fhorálacha agus chuspóirí an Rialacháin seo agus théarmaí agus choinníollacha an údaraithe a áirithiú.

Agus cinneadh á dhéanamh an dtabharfar nó nach dtabharfar údarú faoin Rialachán seo, comhlíonfaidh na Ballstáit a n-oibleagáidí maidir leis na smachtbhannaí a fhorchuirtear le cinntí a ghlacann an Chomhairle nó trí chinneadh de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) nó trí rún ceangailteach de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go háirithe maidir le trádbhaic arm.

Airteagal 11

1.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

diúltóidh siad údarú onnmhairithe a thabhairt má tá taifead coiriúil ag an iarratasóir, ar taifead coiriúil é a bhaineann le hiompar ar cion é atá liostaithe in Airteagal 2(2) den Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (15), nó i ndáil le taifead coiriúil a bhaineann le hiompar ar bith eile, ar an gcoinníoll gurbh iompar é ba inphionóis le huasmhéid de chailleadh saoirse de cheithre bliana ar a laghad nó gur cion is inphionóis le píonós níos tromchúisí é;

(b)

neamhneoidh, fionróidh, modhnóidh nó cúlghairfidh siad údarú onnmhairithe mura gcomhlíontar na coinníollacha ar ar bronnadh é nó mura bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh.

Tá an mír seo gan dochar d’aon rialacha níos déine atá ann faoin reachtaíocht náisiúnta.

2.   I gcás ina ndiúltaíonn Ballstáit údarú onnmhairithe a thabhairt, nó ina ndéanann siad údarú onnmhairithe a neamhnú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas ina thaobh sin agus roinnfidh siad an fhaisnéis ábhartha leo. I gcás ina bhfuil údarú onnmhairithe curtha ar fionraí ag údaráis inniúla Ballstáit, cuirfear a measúnú deiridh in iúl do na Ballstáit eile ag deireadh na tréimhse fionraí.

3.   Sula dtabharfaidh údaráis inniúla de chuid Ballstáit údarú onnmhairithe faoin Rialachán seo, cuirfidh siad san áireamh gach diúltú faoin Rialachán seo ar cuireadh fógra chucu faoi, chun a dhearbhú ar dhiúltaigh údaráis inniúla Ballstáit eile nó Ballstát cheana údarú a thabhairt d’idirbheart eile arbh ionann é, go bunúsach, agus an t-idirbheart a bhfuil iarratas ina leith á dhéanamh anois (maidir le hearra a bhfuil na pairiméadair bhunúsacha céanna nó na saintréithe teicniúla bunúsacha céanna aige agus maidir leis an t-allmhaireoir nó leis an gcoinsíní céanna).

I dtús báire, féadfaidh siad dul i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát a d’eisigh diúltaithe, neamhnithe, fionraithe, modhnuithe nó cúlghairmeacha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2. Má chinneann údaráis inniúla an Bhallstáit údarú a thabhairt, tar éis an chomharliúcháin sin, tabharfaidh siad fógra d’údaráis inniúla na mBallstát eile, lena soláthrófar an fhaisnéis ábhartha ar fad d’fhonn an cinneadh a mhíniú.

4.   Comhlíonfaidh an fhaisnéis ar fad a roinnfear i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo forálacha Airteagal 19(2) maidir lena rúndacht.

Airteagal 12

I gcomhréir lena ndlí náisiúnta nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm, coinneoidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse nach giorra ná 20 bliain, an fhaisnéis ar fad a bhaineann le hairm tine agus, i gcás inarb iomchuí agus inar féidir é, lena bpáirteanna agus lena gcomhpháirteanna riachtanacha agus le harmlón, ar faisnéis í atá riachtanach chun na hairm tine sin, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a rianú agus a shainaithint, agus chun gáinneáil aindleathach na dtáirgí sin a chosc agus a bhrath. Áireofar leis an bhfaisnéis sin áit eisithe, dáta eisithe agus dáta éagtha an údaraithe onnmhairithe; an tír onnmhairithe; an tír allmhairithe; an tríú tír idirthurais, i gcás inarb infheidhme; an coinsíní; an faighteoir deiridh, más eol é tráth an onnmhairithe; agus cur síos ar na hearraí agus an méid acu atá ann, lena n-áirítear aon mharcáil a chuirtear orthu.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le honnmhairithe mar a dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 13

1.   I gcás ina mbeidh siad in amhras, iarrfaidh na Ballstáit ar an tríú tír is allmhaireoir a dhearbhú go bhfuarthas an lastas a seoladh d’airm tine, dá bpáirteanna agus dá gcomhpháirteanna riachtanacha nó d’armlón.

2.   Arna iarraidh sin ó thríú tír is Páirtí i bPrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe tráth an onnmhairithe, déanfaidh Ballstáit a dheimhniú go bhfuarthas, laistigh de chríoch chustaim an Aontais, an lastas seachadta d’airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, a áiritheofar i bprionsabal trí na doiciméid ábhartha onnmhairithe custaim a sholáthair.

3.   Comhlíonfaidh na Ballstáit mír 1 agus mír 2 i gcomhréir lena ndlí náisiúnta nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm. Maidir le honnmhairithe, go háirithe, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit dul i dteagmháil leis an onnmhaireoir nó go díreach leis an tríú tír atá i mbun onnmhairithe.

Airteagal 14

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil a nósanna imeachta údaraithe slán agus gur féidir barántúlacht na ndoiciméad údaraithe a fhíorú nó a bhailíochtú.

Féadfar fíorú agus bailíochtú a áirithiú freisin, i gcás inarb iomchuí, trí chainéil taidhleoireachta.

Airteagal 15

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm i gceart, glacfaidh na Ballstáit na bearta comhréireacha is gá chun go mbeidh sé de chumas ag a n-údaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis a bhailiú maidir le haon ordú nó idirbheart a bhaineann le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón; agus

(b)

a dhearbhú go bhfuil na bearta maidir le rialú onnmhairithe á gcur i bhfeidhm i gceart. D’fhéadfaí a áireamh leis sin go háirithe an chumhacht dul isteach in áitreabh daoine a bhfuil leas acu in idirbheart onnmhairithe.

Airteagal 16

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL III

FOIRMIÚLACHTAÍ CUSTAIM

Airteagal 17

1.   Nuair a bheidh foirmiúlachtaí custaim i ndáil le hairm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón a onnmhairiú á gcur i gcrích ag an onnmhaireoir in oifig chustaim an onnmhairithe, cuirfidh sé cruthúnas ar fáil go bhfuarthas aon údarú onnmhairithe a bhí riachtanach.

2.   Féadfar a éileamh ar an onnmhaireoir aistriúchán a sholáthar go teanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhú onnmhairithe á chur isteach ar cheann ar bith de na doiciméid a cuireadh ar fáil mar chruthúnas.

3.   Gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar dóibh faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 agus de bhun an Rialacháin sin, cuirfidh na Ballstáit próiséas an onnmhairithe óna gcríoch féin ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 10 lá nó, más gá, cuirfidh sé cosc ar bhealach eile ar airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, agus iad cumhdaithe ag údarú bailí onnmhairithe, a chur amach as críoch custaim an Aontais trína gcríoch féin, má tá fórais amhrais acu:

(a)

níor cuireadh faisnéis ábhartha san áireamh tráth a tugadh an t-údarú; nó

(b)

go bhfuil athrú suntasach tagtha ar na cúinsí ón tráth a tugadh an t-údarú.

I gcúinsí eisceachtúla agus ar chúiseanna a bhfuil bunús leo, féadfar an tréimhse sin a fhadú go 30 lá.

4.   Le linn na tréimhse nó na tréimhse fadaithe dá dtagraítear i mír 3, scaoilfidh na Ballstáit leis na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, nó gníomhóidh siad de bhun Airteagal 11(1)(b).

Airteagal 18

1.   Féadfaidh Ballstáit a fhoráil gur féidir foirmiúlachtaí custaim maidir le honnmhairiú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, a chur i gcrích in oifigí custaim a bhfuil sé de chumhacht acu é sin a dhéanamh, agus sna hoifigí sin amháin.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a bhainfidh leas as an rogha atá leagtha amach i mír 1, an Coimisiún ar an eolas faoi na hoifigí custaim a bhfuil sé de chumhacht acu é sin a dhéanamh, nó faoi athruithe arna ndéanamh orthu ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a fhoilsiú agus a nuashonrú ar bhonn bliantúil i sraith C de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL IV

COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 19

1.   Glacfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, agus i gcomhréir le hAirteagal 21(2) na bearta iomchuí uile chun comhar díreach agus malartú faisnéise a bhunú idir údaráis inniúla d’fhonn éifeachtúlacht na mbeart a bhunaítear leis an Rialachán seo a fheabhsú. Féadfar a áireamh leis an bhfaisnéis sin:

(a)

sonraí onnmhaireoirí a ndiúltaítear dá n-iarratas ar údarú nó sonraí onnmhaireoirí ar ghlac Ballstáit cinntí ina leith de bhun Airteagal 11;

(b)

sonraí i dtaobh coinsínithe nó gníomhairí eile a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí amhrasacha agus, má tá siad ar fáil, sonraí faoi na bealaí a chuathas.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (16) maidir le cúnamh frithpháirteach, agus go háirithe ag na forálacha de maidir le rúndacht faisnéise, maidir le bearta faoin Airteagal seo, gan dochar d’Airteagal 20 den Rialachán seo.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20

1.   Bunófar Grúpa Comhordaithe um Onnmhairiú Arm Tine (an “Grúpa Comhordaithe”) agus beidh ionadaí ón gCoimisiún ina chathaoirleach air. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí air.

Scrúdóidh an Grúpa Comhordaithe aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bhféadfaidh an Cathaoirleach nó ionadaí Ballstáit a ardú. Beidh sé faoi cheangal na rialacha rúndachta i Rialachán (CE) Uimh. 515/97.

2.   Aon uair a bhfuil gá leis, rachaidh Cathaoirleach an Ghrúpa Comhordaithe, nó an Grúpa Comhordaithe, i gcomhairle le haon gheallsealbhóirí ábhartha a mbaineann an Rialachán seo leo.

Airteagal 21

1.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin arna nglacadh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16.

2.   Faoin 19 Aibreán 2012, cuirfidh gach Ballstát na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi na húdaráis náisiúnta atá inniúil chun Airteagail 7, 9, 11 agus 17 a chur chun feidhme. Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, déanfaidh an Coimisiún liosta na n-údarás sin a fhoilsiú agus a nuashonrú ar bhonn bliantúil i sraith C de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Faoin 19 Aibreán 2017, agus ina dhiaidh sin, arna iarraidh sin ag an nGrúpa Comhordaithe, agus ar aon chuma gach 10 mbliana déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin, a bhféadfadh moltaí a bheith inti i leith an Rialachán a leasú. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis iomchuí uile don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú, lena n-áireofar faisnéis faoi úsáid an nós imeachta aonair dá bhforáiltear in Airteagal 4(2).

Airteagal 22

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Meán Fómhair 2013.

Beidh feidhm, áfach, ag mír 1 agus mír 2 d’Airteagal 13 ón tríochadú lá tar éis an dáta a thiocfaidh Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe san Aontas Eorpach i bhfeidhm, i ndiaidh cur i gcrích an Phrótacail de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Márta 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Deireadh Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 8 Márta 2012.

(2)  IO L 280, 24.10.2001, lch. 5.

(3)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(4)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(5)  COM(2005) 329. Fógraíodh sa Teachtaireacht freisin, modhnú teicniúil ar Threoir 91/477/CEE atá dírithe ar na forálacha iomchuí a éilítear le Prótacal na Náisiún Aontaithe maidir le haistrithe arm, a mbaineann an Treoir leo, laistigh den Chomhphobal, a chomhtháthú, agus leasaíodh é ar deireadh le Treoir 2008/51/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 179, 8.7.2008, lch. 5).

(6)  IO L 146, 10.6.2009, lch. 1.

(7)  IO L 256, 13.9.1991, lch. 51.

(8)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(9)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

(10)  IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

(11)  IO L 145, 4.6.2008, lch. 1.

(12)  IO L 134, 29.5.2009, lch. 1.

(13)  IO L 335, 13.12.2008, lch. 99.

(14)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(15)  IO L 190, 18.7.2002, lch. 1.

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I (1)

Liosta na n-arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón

 

Tuairisc

CÓD AC (2)

1

Airm tine ghearra leathuathoibríocha nó airm tine ghearra athchaite

ex 9302 00 00

2

Airm tine aonurchair ghearra le forbhualadh lárlámhaigh

ex 9302 00 00

3

Airm tine aonurchair ghearra le forbhualadh imeall-lámhaigh, ar lú a bhfad iomlán ná 28 cm

ex 9302 00 00

4

Airm tine leathuathoibríocha fhada ar féidir a bpiléarlann agus a gcuasán le chéile níos mó ná trí urchar a choinneáil

ex 9303 20 10

ex 9303 20 95

ex 9303 30 00

ex 9303 90 00

5

Airm tine leathuathoibríocha fhada nach féidir a bpiléarlann ná a gcuasán níos mó ná trí urchar a choinneáil, i gcás go mbeidh an gléas lódála inaistrithe nó i gcás nach mbeifear cinnte nach féidir an t-arm sin a athrú, le gnáthuirlisí, ina arm ar féidir a bpiléarlann agus a gcuasán le chéile níos mó ná trí urchar a choinneáil.

ex 9303 20 10

ex 9303 20 95

ex 9303 30 00

ex 9303 90 00

6

Airm tine athchaite fhada agus airm tine leathuathoibríocha fhada le bairillí mínchró nach faide ná 60 cm

ex 9303 20 10

ex 9303 20 95

7

Airm tine leathuathoibríocha, le húsáid ag sibhialtaigh, atá cosúil le hairm le meicníochtaí uathoibríocha

ex 9302 00 00

ex 9303 20 10

ex 9303 20 95

ex 9303 30 00

ex 9303 90 00

8

Airm tine athchaite fhada seachas na cinn a liostaítear i bpointe 6

ex 9303 20 95

ex 9303 30 00

ex 9303 90 00

9

Airm tine fhada le bairillí eitreacha aonurchair

ex 9303 30 00

ex 9303 90 00

10

Airm tine leathuathoibríocha fhada seachas na cinn atá i bpointí 4 go 7

ex 9303 90 00

11

Airm tine aonurchair ghearra le forbhualadh imeall-lámhaigh, nach lú a bhfad iomlán ná 28 cm

ex 9302 00 00

12

Airm tine aonurchair fhada le bairillí mínchró

9303 10 00

ex 9303 20 10

ex 9303 20 95

13

Páirteanna atá ceaptha go sonrach le haghaidh airm tine agus atá riachtanach dá fheidhmiú, lena n-áirítear bairille, fráma nó glacadóir, sleamhnán nó sorcóir, bloc bolta nó craosbhloc, agus gléas ar bith atá ceaptha nó oiriúnaithe chun an fothram a thagann as arm tine a scaoileadh, a mhaolú.

Aon chomhpháirt riachtanach d’airm tine mar sin: an meicníocht dúnta craois, cuasán agus bairille airm tine a áirítear, ós rud é gur réada ar leithligh iad, i gcatagóir na n-arm tine ar a bhfuil siad feistithe nó ar a bhfuil sé beartaithe iad a fheistiú

ex 9305 10 00

ex 9305 21 00

ex 9305 29 00

ex 9305 99 00

14

Armlón: an t-urchar iomlán nó na comhpháirteanna de a úsáidtear in arm tine, lena n-áirítear cásanna na gcartús, príméir, púdar tiomána, piléir nó diúracáin, ar an gcoinníoll go bhfuil na comhpháirteanna sin faoi réir údaraithe sa Bhallstát ábhartha

ex 3601 00 00

ex 3603 00 90

ex 9306 21 00

ex 9306 29 00

ex 9306 30 10

ex 9306 30 90

ex 9306 90 90

15

Bailiúcháin agus baill na mbailitheoirí ar ábhar spéise iad go stairiúil

Seandachtaí atá ann le níos mó ná 100 bliain

ex 9705 00 00

ex 9706 00 00

Chun críocha na hIarscríbhinne seo:

(a)

ciallaíonn “arm tine gearr” arm tine le bairille nach faide ná 30 ceintiméadar nó arm tine le bairille nach faide ná 60 ceintiméadar a fhad foriomlán;

(b)

ciallaíonn “arm tine fada” aon arm tine seachas arm tine gearr;

(c)

ciallaíonn “arm tine uathoibríoch” arm tine a athlódáiltear go huathoibríoch gach uair a scaoiltear urchar agus atá in ann níos mó ná urchar amháin a scaoileadh má tharraingítear an truicear iarraidh amháin;

(d)

ciallaíonn “arm tine leathuathoibríoch” arm tine a athlódáiltear go huathoibríoch gach uair a scaoiltear urchar agus nach bhfuil in ann ach urchar amháin a scaoileadh má tharraingítear an truicear iarraidh amháin;

(e)

ciallaíonn “arm tine athchaite” arm tine atá ceaptha lena athlódáil ó philéarlann nó ó shorcóir tar éis urchar a scaoileadh trí ghníomh a oibrítear de láimh;

(f)

ciallaíonn “arm tine aonurchair” arm tine gan piléarlann a lódáiltear sula scaoilfear gach urchar trí urchar a chur isteach de láimh sa chuasán nó i gcuaisín lódála ag craos an bhairille.


(1)  Bunaithe ar Ainmníocht Chomhcheangailte na n-earraí mar a leagtar síos í i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim.

(2)  I gcás ina luaitear cód a bhfuil “ex” roimhe, cinntear an scóip tríd an gCód AC agus an tuairisc a fhreagraíonn dó araon a úsáid.


IARSCRÍBHINN II

(samhail d’fhoirmeacha údaraithe onnmhairithe)

(dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo)

Agus údaruithe onnmhairithe á ndeonú acu, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun a áirithiú go mbeidh cineál an údaraithe feiceálach ar an bhfoirm a eisítear.

Ta an t- údarú onnmhairithe thíos bailí i ngach Ballstát san Aontas Eorpach go dtí go rachaidh sé in éag.

Image

Image

Image