8.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1227/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2011

maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh muinín a bheith acu as sláine na margaí leictreachais agus gáis, go bhfreagraítear le praghsanna arna socrú ar mhargaí mórdhíola fuinnimh idirghníomhú cóir agus iomaíoch idir soláthar agus éileamh, agus nach féidir aon bhrabúis a ghnóthú as droch-úsáid mhargaidh.

(2)

Ba cheart gurb é an aidhm a bheadh ag sláine mhéadaithe agus ag trédhearcacht sna margaí mórdhíola fuinnimh ná iomaíocht oscailte agus chóir a chothú sna margaí mórdhíola fuinnimh, rud a rachadh chun tairbhe do thomhaltóirí deiridh fuinnimh.

(3)

Sa chomhairle ó Choiste na Rialtóirí Urrús Eorpacha agus ó Ghrúpa Rialálaithe na hEorpa um Leictreachas agus um Ghás (ERGEG), daingníodh go bhféadfadh sé nach dtugtar aghaidh mar is cuí, faoi raon feidhme na reachtaíochta reatha, ar shaincheisteanna maidir le sláine margaidh sna margaí gáis agus leictreachais agus moladh go ndéanfaí breithniú ar chreat iomchuí reachtaíochta a cheapfaí go sainiúil don earnáil fuinnimh agus trína gcoiscfí droch-úsáid margaidh agus a chuirfeadh dálaí sainiúla earnála san áireamh nach bhfuil cumhdaithe le treoracha agus rialacháin eile.

(4)

Tá margaí mórdhíola fuinnimh idirnasctha ar fud an Aontais níos mó ná riamh. Is minic a dhéanann droch-úsáid margaidh i mBallstát amháin difear ní amháin do phraghsanna mórdhíola gáis nádúrtha agus leictreachais thar theorainneacha náisiúnta ach do phraghsanna miondíola do thomhaltóirí agus do mhicrifhiontair freisin. Ní féidir, dá bhrí sin, gur faoi Bhallstáit aonair, agus fúthu amháin, atá sé sláine margaí a áirithiú. Tá faireachán margaidh láidir trasteorann sár-riachtanach chun margadh fuinnimh inmheánach atá lánfheidhmiúil, idirnasctha agus lánpháirtithe a chomhlánú.

(5)

Cuimsíonn margaí mórdhíola fuinnimh margaí tráchtearraí agus margaí díorthach araon, ar margaí iad atá ríthábhachtach do na margaí fuinnimh agus airgeadais, agus tá foirmiú praghsanna sa dá earnáil idirnasctha. Áirítear orthu sin, inter alia, margaí rialáilte, saoráidí trádála iltaobhacha agus idirbhearta thar an gcuntar (OTC) agus conarthaí déthaobhacha, cibé acu go díreach nó trí bhróicéirí.

(6)

Go dtí seo, tá cleachtais maidir le faireachán ar mhargaí fuinnimh sainiúil don Bhallstát agus don earnáil. Ag brath ar chreat foriomlán an mhargaidh agus ar an staid ó thaobh cúrsaí rialála, is féidir gurb é atá mar thoradh air sin go bhfuil gníomhaíochtaí trádála faoi réir ildlínsí agus go bhfuil faireachán á dhéanamh ag roinnt údarás éagsúil a d’fhéadfadh a bheith suite i mBallstáit éagsúla. Is féidir gurb é atá mar thoradh air sin go bhfuil easpa soiléireachta faoi cé atá freagrach agus fiú amháin, nach bhfuil aon fhaireachán den sórt sin ann.

(7)

Ní dhéantar iompraíocht a bhaineann an bonn de shláine an mhargaidh fuinnimh a thoirmeasc go soiléir faoi láthair ar chuid de na margaí fuinnimh is tábhachtaí. Chun na tomhaltóirí deiridh a chosaint agus chun praghsanna fuinnimh inacmhainne a ráthú do shaoránaigh na hEorpa, tá sé sár-riachtanach iompraíocht den sórt sin a thoirmeasc.

(8)

Déantar trádáil díorthach, a fhéadtar a shocrú go fisiceach nó ar bhonn airgeadais, agus trádáil tráchtearraí a úsáid in éineacht lena chéile ar mhargaí mórdhíola fuinnimh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh na sainmhínithe ar thrádáil chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh, arb ionann agus droch-úsáid mhargaidh iad, comhoiriúnach i dtaca le margaí díorthach agus margaí tráchtearraí. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo, i bprionsabal, maidir le gach idirbheart a thugtar i gcrích ach, ag an am céanna, ba cheart go gcuirfí san áireamh leis saintréithe sonracha na margaí mórdhíola fuinnimh.

(9)

Níl conarthaí miondíola lena gcumhdaítear soláthar leictreachais nó gáis nádúrtha do thomhaltóirí deiridh a chur faoi réir cúblála margaidh ar an gcaoi chéanna le conarthaí mórdhíola, ar conarthaí iad sin is féidir a cheannach agus a dhíol go héasca. Mar sin féin, is féidir le cinntí tomhaltais na n-úsáideoirí fuinnimh is mó difear a dhéanamh freisin do phraghsanna ar na margaí mórdhíola fuinnimh, rud a bhfuil éifeachtaí aige thar theorainneacha náisiúnta. Dá bhrí sin, is iomchuí conarthaí soláthair úsáideoirí móra den sórt sin a bhreithniú i gcomhthéacs áirithiú shláine na margaí mórdhíola fuinnimh.

(10)

Agus aird á tabhairt ar thorthaí an scrúdaithe atá leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2010 dar teideal “I dtreo creata feabhsaithe formhaoirseachta margaidh do Scéim Trádála Astaíochtaí an AE”, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh togra reachtach a thabhairt ar aghaidh chun dul i ngleic leis na heasnaimh atá sainaitheanta maidir le trédhearcacht, sláine agus maoirseacht an mhargaidh carbóin san Eoraip laistigh de thráthchlár iomchuí.

(11)

Le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas (3) agus le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin tarchurtha gáis nádúrtha (4), aithnítear go bhfuil gá le rochtain chomhionann ar fhaisnéis maidir le stádas fisiceach agus le héifeachtúlacht an chórais chun a chumasú do gach rannpháirtí margaidh staid fhoriomlán an éilimh agus an tsoláthair a mheasúnú agus na cúiseanna le luaineachtaí sa phraghas mórdhíola a shainaithint.

(12)

Ba cheart úsáid faisnéise cos istigh, nó féachaint lena húsáid, ag duine chun trádáil ar chuntas an duine féin nó ar chuntas tríú páirtí a thoirmeasc go soiléir. Is féidir gurb ionann úsáid faisnéise cos istigh agus trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh ag daoine, a bhfuil a fhios acu, nó ar cheart dóibh fios a bheith acu, gur faisnéis chos istigh í an fhaisnéis atá acu. Níor cheart go measfaí gur faisnéis chos istigh í faisnéis i ndáil le pleananna agus straitéisí an rannpháirtí margaidh féin le haghaidh trádála. Maidir le faisnéis a cheanglaítear a phoibliú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, lena n-áirítear treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na Rialachán sin, más faisnéis phraghas-íogair í, féadfar í a úsáid mar bhonn le cinntí de chuid rannpháirtithe margaidh chun idirbhearta a dhéanamh i dtáirgí mórdhíola fuinnimh agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gurb ionann í agus faisnéis chos istigh go dtí tráth a foilsithe.

(13)

Is é atá i gceist le cúbláil ar mhargaí mórdhíola fuinnimh ná gníomhaíochtaí a dhéanann daoine agus a chuireann faoi deara go saorga do phraghsanna a bheith ar leibhéal nach bhfuil údar maith leis de réir fhórsaí soláthair agus éilimh an mhargaidh, lena n-áirítear infhaighteacht iarbhír acmhainneachta táirgthe, stórála nó iompair, agus éileamh. Áirítear na nithe seo a leanas i measc cineálacha cúblála margaidh: orduithe bréagacha a dhéanamh agus a tharraingt siar; faisnéis bhréagach nó mhíthreorach nó ráflaí a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear ar an idirlíon, nó ar aon mhodh eile; faisnéis bhréagach a sholáthar d’aon ghnó do ghnóthais a sholáthraíonn praghasmheasúnuithe nó tuarascálacha margaidh, ar faisnéis í a mbeadh d’éifeacht aici go ndéanfaí rannpháirtithe margaidh, ag gníomhú dóibh ar bhonn na bpraghasmheasúnuithe nó na dtuarascálacha margaidh sin, a chur ar míthreoir; agus é a thabhairt le tuiscint, d’aon ghnó, go bhfuil infhaighteacht acmhainneachta giniúna leictreachais nó infhaighteacht gáis nádúrtha, nó infhaighteacht acmhainneachta tarchurtha, de chineál nach ionann agus an acmhainneacht atá ar fáil iarbhír go teicniúil i gcás ina ndéanfadh an fhaisnéis sin difear, nó inar dóigh di difear a dhéanamh, do phraghas na dtáirgí mórdhíola fuinnimh. Féadfaidh cúbláil agus éifeachtaí na cúblála tarlú thar theorainneacha, idir margaí leictreachais agus gáis, agus thar na margaí airgeadais agus tráchtearraí, lena n-áirítear margaí na lamháltas i gcomhair astaíochtaí.

(14)

I measc na samplaí de chúbláil mhargaidh agus d’iarrachtaí cúbláil a dhéanamh ar an margadh, áirítear iompraíocht duine, nó iompraíocht daoine atá ag gníomhú i gcomhar lena chéile, chun ról cinntitheach a bhaint amach i ndáil le soláthar táirge mórdhíola fuinnimh, nó i ndáil le héileamh ar tháirge den sórt sin, rud a mbeadh d'éifeacht dhíreach aige, nó a bhféadfadh sé go mbeadh sé d'éifeacht dhíreach aige, praghsanna a shocrú, go díreach nó go hindíreach, nó go gcruthófaí coinníollacha trádála éagóracha eile; agus táirgí mórdhíola fuinnimh a thairiscint, a cheannach nó a dhíol agus é mar chuspóir rannpháirtithe sa mhargadh, ag gníomhú dóibh ar bhonn praghsanna tagartha, a chur ar míthreoir nó le hintinn rannpháirtithe den sórt sin a chur ar míthreoir nó arb é is éifeacht leis sin ná rannpháirtithe den sórt sin a chur ar míthreoir. D’fhéadfadh sé, áfach, gur bealach dlisteanach é do rannpháirtithe margaidh chun praghas fabhrach a bhaint amach do tháirge mórdhíola fuinnimh na cleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo amhail na cleachtais sin a chuirtear i bhfeidhm sa réimse seirbhísí airgeadais agus a shainmhínítear faoi láthair le hAirteagal 1(5) de Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (droch-úsáid mhargaidh) (5), ar cleachtais iad a fhéadfar a oiriúnú más rud é go ndéanfar an Treoir sin a leasú.

(15)

I gcás ina ndéanfadh iriseoirí, ag gníomhú ina gcáil ghairmiúil dóibh, faisnéis chos istigh a nochtadh i ndáil le táirge mórdhíola fuinnimh, ba cheart an nochtadh sin a mheasúnú agus aird á tabhairt ar na rialacha lena rialaítear a ngairm agus ar na rialacha lena rialaítear saoirse an phreasa, mura rud é go ndéanann na daoine sin, go díreach nó go hindíreach, buntáiste nó brabúis a fháil as scaipeadh na faisnéise i dtrácht nó mura rud é go ndéantar an nochtadh sin le hintinn an margadh a chur ar míthreoir i dtaca le soláthar na dtáirgí mórdhíola fuinnimh nó i dtaca leis an éileamh nó leis na praghsanna atá orthu.

(16)

De réir mar a thagann forbairt ar na margaí airgeadais, déanfar oiriúnú ar choincheapa na droch-úsáide margaidh a bhaineann leis na margaí sin. Dá bhrí sin, chun an tsolúbthacht is gá chun freagairt go mear do na forbairtí sin a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le nuashonrú teicniúil a dhéanamh ar na sainmhínithe ar fhaisnéis chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh chun comhleanúnachas a áirithiú le reachtaíocht ábhartha eile an Aontais i réimsí na seirbhísí airgeadais agus an fhuinnimh. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(17)

Tá faireachán éifeachtúil ar an margadh ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach chun droch-úsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a bhrath agus a dhíspreagadh. Is í an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“an Ghníomhaireacht”) atá sa riocht is fearr chun an faireachán sin a dhéanamh, toisc dearcadh uile-Aontais a bheith aici ar mhargaí gáis agus leictreachais agus, ina theannta sin, toisc an saineolas riachtanach a bheith aici maidir le hoibriú na margaí leictreachais agus gáis agus na gcóras leictreachais agus gáis san Aontas. Maidir le húdaráis rialála náisiúnta, a bhfuil tuiscint chuimsitheach acu ar fhorbairtí ar mhargaí fuinnimh ina mBallstát, ba cheart go mbeadh ról tábhachtach acu maidir le faireachán éifeachtúil ar an margadh a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, tá gá le dlúthchomhar agus le dlúthchomhordú idir an Ghníomhaireacht agus údaráis náisiúnta chun faireachán cuí agus trédhearcacht chuí a áirithiú sna margaí fuinnimh. Beidh an bailiú sonraí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht gan dochar do cheart údarás náisiúnta sonraí breise a bhailiú chun críocha náisiúnta.

(18)

Tá gá le rochtain rialta agus thráthúil ar thaifid na n-idirbheart, mar aon le rochtain ar shonraí struchtúrtha maidir le hacmhainneacht agus úsáid na saoráidí do tháirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur leictreachais nó gáis nádúrtha, ionas gur féidir faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar an margadh. Ar an gcúis sin, ba cheart a cheangal ar rannpháirtithe margaidh, lena n-áirítear oibreoirí córas tarchurtha, soláthróirí, trádálaithe, táirgeoirí, bróicéirí agus úsáideoirí móra, a dhéanann trádáil ar tháirgí mórdhíola fuinnimh, an fhaisnéis sin a sholáthar don Ghníomhaireacht. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, óna thaobh féin de, naisc láidre a bhunú le mórmhargaí eagraithe.

(19)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú do chur chun feidhme na bhforálacha maidir le bailiú sonraí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (7). Ba cheart oibleagáidí tuairiscithe a choimeád chomh híseal agus is féidir agus níor cheart go gcruthóidís costais ná ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo do rannpháirtithe margaidh. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí anailís chostais/sochair ex ante ar na rialacha comhionanna don tuairisciú ar fhaisnéis, ba cheart tuairisciú dúbailte a sheachaint agus ba cheart go dtabharfaí aird ar na creataí tuairiscithe leo, ar creataí iad arna bhforbairt faoi reachtaíocht ábhartha eile. Thairis sin, ba cheart an fhaisnéis is gá, nó codanna den fhaisnéis sin, a bhailiú ó dhaoine eile agus ó fhoinsí atá cheana ann, aon uair is féidir. Más rud é go bhfuil rannpháirtí margaidh, nó tríú páirtí atá ag gníomhú thar a cheann, córas tuairiscithe trádála, margadh eagraithe, córas meaitseála trádála, nó duine eile a shocraíonn idirbhearta go gairmiúil tar éis a chuid oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh i ndáil le húdarás inniúil i gcomhréir le Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (8) nó i gcomhréir le reachtaíocht infheidhme de chuid an Aontais maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála, ba cheart go measfaí go bhfuil a oibleagáid tuairiscithe comhlíonta freisin faoin Rialachán seo, ach sin go feadh an méid go bhfuil an fhaisnéis go léir is gá a thabhairt faoin Rialachán seo tuairiscithe, agus go feadh an méid sin amháin.

(20)

Tá sé tábhachtach go n-oibreodh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go dlúth lena chéile le linn an Rialachán seo a chur chun feidhme agus go rachaidís i gcomhairle, de réir mar is iomchuí, le Gréasáin Eorpacha Oibreoirí Córas Tarchurtha i leith Leictreachais agus Gáis agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (ÚEUM), le húdaráis rialála náisiúnta, le húdaráis airgeadais inniúla agus le húdaráis eile de chuid Ballstát, amhail údaráis iomaíochta náisiúnta, agus le geallsealbhóirí amhail ionaid mhargaidh eagraithe (e.g. malartáin fuinnimh) agus le rannpháirtithe margaidh.

(21)

Ba cheart go mbunófaí clár Eorpach rannpháirtithe margaidh, agus é bunaithe ar chláir náisiúnta, chun feabhas a chur ar thrédhearcacht fhoriomlán agus ar shláine fhoriomlán margaí mórdhíola fuinnimh. Bliain amháin tar éis an clár sin a bhunú, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht, i gcomhréir leis na tuarascálacha arna gcur faoi bhráid an Chomisiúin ag an nGníomhaireacht, agus i gcomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta, measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar fhóinteacht Chlár Eorpach na rannpháirtithe margaidh. Má mheastar gurb iomchuí sin, ar bhonn an mheasúnaithe sin, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún breithniú i dtaobh tuilleadh ionstraimí a thíolacadh chun feabhas a chur ar thrédhearcacht fhoriomlán agus ar shláine fhoriomlán margaí mórdhíola fuinnimh agus chun machaire réidh a áirithiú ar fud an Aontais do rannpháirtithe margaidh.

(22)

Chun faireachán éifeachtúil ar na gnéithe ar fad a bhaineann le trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh a éascú, ba cheart don Ghníomhaireacht sásraí a bhunú chun rochtain ar an bhfaisnéis a fhaigheann sí faoi idirbhearta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a thabhairt d’údaráis ábhartha eile, go háirithe do ÚEUM, d’údaráis rialála náisiúnta, d’údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, d’údaráis náisiúnta iomaíochta agus d’údaráis ábhartha eile.

(23)

Ba cheart don Ghníomhaireacht slándáil agus cosaint oibríochtúil na sonraí a fhaigheann sí a áirithiú, rochtain neamhúdaraithe ar an bhfaisnéis a choinníonn an Ghníomhaireacht a chosc, agus nósanna imeachta a bhunú lena áirithiú nach mbainfidh daoine, a bhfuil rochtain údaraithe acu ar na sonraí a bhailíonn sí, mí-úsáid astu. Ba cheart don Ghníomhaireacht a fhionnadh freisin an bhfuil na húdaráis sin a bhfuil rochtain acu ar na sonraí atá i seilbh na Gníomhaireachta in ann leibhéal slándála a chothabháil atá chomh hard lena leibhéal slándála féin agus an bhfuil siad faoi cheangal ag socruithe rúndachta iomchuí. Is gá, dá bhrí sin, slándáil oibríochtúil na gcóras TF a úsáidtear chun na sonraí a phróiseáil agus a tharchur a áirithiú freisin. Chun córas TF, a áiritheoidh an leibhéal is airde is féidir maidir le rúndacht sonraí a chur ar bun, ba cheart go ndéanfaí an Ghníomhaireacht a spreagadh chun oibriú go dlúth leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA). Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le húdaráis eile atá i dteideal rochtain a bheith acu ar shonraí chun críche an Rialacháin seo.

(24)

Leis an Rialachán seo, urramaítear cearta bunúsacha agus déantar de réir na bprionsabal a aithnítear, go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar nithe iad sin dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus de réir na dtraidisiún bunreachtúla sna Ballstáit, agus ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil ar ceart í a aithnítear in Airteagal 11 den Chairt.

(25)

I gcás nach bhfuil faisnéis íogair ó thaobh na tráchtála nó na slándála de, nó nach bhfuil an fhaisnéis sin íogair a thuilleadh, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil do rannpháirtithe margaidh agus don phobal i gcoitinne d’fhonn rannchuidiú a dhéanamh maidir le heolas feabhsaithe ar an margadh. Cabhróidh trédhearcacht den sórt sin cur le muinín as an margadh agus cothóidh sí an fhorbairt ar eolas maidir le feidhmiú margaí mórdhíola fuinnimh. Ba cheart don Ghníomhaireacht rialacha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí faoin tslí ina gcuirfidh sí an fhaisnéis sin ar fáil ar mhodh cóir agus trédhearcach.

(26)

Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith freagrach as a áirithiú go ndéantar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú sna Ballstáit. Chuige sin, ba cheart go mbeadh acu na cumhachtaí imscrúdaithe is gá ionas gur féidir leo an cúram sin a chur i gcrích go héifeachtúil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus féadfar iad a chur faoi réir formhaoirseachta iomchuí.

(27)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go ndéantar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhordaithe ar fud an Aontais, agus ar bhealach atá comhsheasmhach le cur i bhfeidhm Threoir 2003/6/CE. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht, de réir mar is iomchuí, treoraíocht neamhcheangailteach a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart go dtabharfadh an treoraíocht sin aghaidh, inter alia, ar an tsaincheist i ndáil le cleachtas margaidh a bhfuil glactha leo. Thairis sin, ós rud é gur minic a dhéanann droch-úsáid margaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh difear do níos mó ná Ballstát amháin, ba cheart go mbeadh ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht maidir lena áirithiú go ndéantar imscrúduithe a chur i gcrích ar bhealach éifeachtúil agus comhtháite. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann comhar a iarraidh, agus comhordú a dhéanamh ar oibriú na ngrúpaí imscrúdúcháin arb é a bheidh iontu ná ionadaithe na n-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe údarás eile lena n-áirítear údaráis náisiúnta iomaíochta.

(28)

Ba cheart go ndéanfaí na hacmhainní iomchuí airgeadais agus daonna a sholáthar don Ghníomhaireacht, ionas go bhféadfaidh sí na cúraimí breise a shanntar di faoin Rialachán seo a chomhall go leordhóthanach. Chun na críche sin, ba cheart go ndéanfaí aird chuí a thabhairt ar na cúraimí sin sa nós imeachta maidir lena buiséad a bhunú, a chur chun feidhme agus a rialú de réir mar a leagtar amach in Airteagal 23 agus in Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009. Ba cheart go n-áiritheodh an t-údarás buiséadach go ndéantar na caighdeáin éifeachtúlachta is fearr a chomhlíonadh.

(29)

Ba cheart go rachadh údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis náisiúnta iomaíochta i gcomhar lena chéile chun cur chuige comhordaithe a áirithiú i dtaca le dul i ngleic le droch-úsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh ar margaí iad lena n-áirítear margaí tráchtearraí agus margaí díorthach araon. Ba cheart go n-áireofaí sa chomhar sin, malartú frithpháirteach faisnéise maidir le hábhair dhrochamhrais go bhfuil gníomhaíochtaí, ar dóigh dóibh a bheith ina sárú ar an Rialachán seo, ar Threoir 2003/6/CE, nó ar dhlí na hiomaíochta, á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an comhar sin ina chuid de chur chuige comhordaithe agus comhsheasmhach i leith imscrúduithe agus imeachtaí breithiúnacha.

(30)

Tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leo siúd a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht, údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát agus na húdaráis náisiúnta iomaíochta rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaigheann siad a áirithiú.

(31)

Tá sé tábhachtach go mbeadh na pionóis i leith sáruithe ar an Rialachán seo comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach, agus go léireofaí leo tromaíocht na sáruithe, an damáiste atá déanta do thomhaltóirí agus na gnóchain a d’fhéadfadh teacht as trádáil ar bhonn faisnéise cos istigh agus ar bhonn cúblála margaidh. Ba cheart cur i bhfeidhm na bpionós sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Agus aitheantas á thabhairt do na hidirghníomhaíochtaí idir an trádáil i dtáirgí díorthacha leictreachais agus gáis nádurtha agus an trádáil sa leictreachas iarbhír agus sa ghás nádúrtha iarbhír, ba cheart go mbeadh na pionóis i leith sáruithe ar an Rialachán seo i gcomhréir leis na pionóis arna nglacadh ag na Ballstáit le linn dóibh Treoir 2003/6/CE a chur chun feidhme. Agus aird á tabhairt ar an gcomhairliúchán maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2010 dar teideal “Na réimeanna smachtbhannaí in earnáil na seirbhísí airgeadais a athneartú”, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh maidir le tograí a thíolacadh chun cuíchuibhiú a dhéanamh, laistigh de thráthchlár iomchuí, ar chaighdeáin íosta le haghaidh chórais pionóis Ballstát. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na rialacha náisiúnta ar an gcaighdeán cruthúnais ná ar oibleagáidí údarás rialála náisiúnta agus chúirteanna na mBallstát chun fíorais ábhartha cáis áirithe a fhionnadh, ar choinníoll go bhfuil rialacha agus oibleagáidí den sórt sin comhoiriúnach le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais.

(32)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchuibhithe a sholáthar chun trédhearcacht agus sláine an mhargaidh mórdhíola fuinnimh a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus gaolmhaireacht le reachtaíocht eile an Aontais

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha lena dtoirmisctear cleachtais droch-úsáide a dhéanann difear do mhargaí mórdhíola fuinnimh, atá comhsheasmhach leis na rialacha is infheidhme i margaí airgeadais agus le feidhmiú cuí na margaí mórdhíola fuinnimh sin, agus, ag an am céanna, aird á tabhairt ar shaintréithe sonracha na margaí sin. Déantar foráil leis maidir le faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh ag an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (“an Ghníomhaireacht”) i ndlúthchomhpháirt leis na húdaráis rialála náisiúnta agus aird á tabhairt ar na hidirghníomhaíochtaí idir an Scéim Trádála Astaíochtaí agus na margaí mórdhíola fuinnimh.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 ná ag Airteagal 5 den Rialachán seo maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh ar ionstraimí airgeadais iad agus a bhfuil feidhm ag Airteagal 9 de Threoir 2003/6/CE maidir leo. Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2003/6/CE agus do Threoir 2004/39/CE agus tá sé gan dochar freisin do chur i bhfeidhm dhlí Eorpach iomaíochta maidir leis na cleachtais a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

3.   Rachaidh an Ghníomhaireacht, údaráis rialála náisiúnta, ÚEUM, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis náisiúnta iomaíochta i gcomhar lena chéile chun a áirithiú go nglacfar cur chuige comhordaithe i leith fhorfheidhmiú na rialacha ábhartha i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag Airteagal 9 de Threoir 2003/6/CE maidir léi nó maidir leo agus i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí sin freisin le táirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag Airteagal 3, ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 5 maidir leis nó maidir leo.

4.   Áiritheoidh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a shanntar di faoin Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009.

5.   Rachaidh Stiúrthóir na Gníomhaireachta i gcomhairle le Bord Rialálaithe na Gníomhaireachta maidir le gach gné de chur chun feidhme an Rialacháin seo agus beidh aird chuí aige ar chomhairle agus ar thuairimí an Bhoird.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “faisnéis chos istigh” faisnéis de chineál beacht nár poiblíodh, a bhaineann go díreach nó go hindíreach le táirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó agus, dá bpoibleofaí í, ar dóigh di difear suntasach a dhéanamh do phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh sin.

Chun críocha an tsainmhínithe seo, ciallaíonn “faisnéis”:

(a)

faisnéis a cheanglaítear a phoibliú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, lena n-áirítear treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na Rialachán sin;

(b)

faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí i ndáil le táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur leictreachais nó gáis nádúrtha, nó faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus le húsáid saoráidí LNG, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin;

(c)

faisnéis a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir le forálacha dlíthiúla nó rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le rialacha margaidh, agus i gcomhréir le conarthaí nó nósmhaireachtaí ar an margadh mórdhíola fuinnimh ábhartha, sa mhéid gur dóigh don fhaisnéis sin éifeacht shuntasach a bheith aici ar phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh; agus

(d)

faisnéis eile ar dóigh do rannpháirtí réasúnach margaidh í a úsáid mar chuid den bhunús dá chinneadh chun idirbheart a dhéanamh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh nó chun ordú a eisiúint chun trádáil a dhéanamh i dtáirge mórdhíola fuinnimh.

Measfar go mbeidh faisnéis ina faisnéis de chineál beacht má léirítear leis an bhfaisnéis sin gur ann do shraith imthosca nó go bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go dtiocfadh ann don tsraith imthosca sin, nó gur ann do theagmhas atá tarlaithe nó go bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go dtarlódh sé, agus má tá an fhaisnéis sin sách sonrach chun go bhféadfar teacht ar chonclúid faoin éifeacht fhéideartha a bheadh ag an tsraith imthosca sin nó ag an teagmhas sin ar phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh;

(2)

ciallaíonn “cúbláil mhargaidh”:

(a)

aon idirbheart a dhéanamh nó aon ordú a eisiúint chun trádáil a dhéanamh i dtáirgí mórdhíola fuinnimh más rud é gur idirbheart nó ordú é:

(i)

lena ndéantar, nó ar dóigh dó, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(ii)

lena ndéanann duine, nó daoine ag gníomhú i gcomhar le chéile, a chur faoi deara go mbeadh an praghas atá ar tháirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó ar leibhéal saorga, nó lena bhféachann duine, nó daoine ag gníomhú i gcomhar le chéile lena chur faoi deara go mbeadh an praghas sin amhlaidh, mura rud é go suíonn an duine a rinne na hidirbhearta nó a d'eisigh na horduithe chun trádáil a dhéanamh go bhfuil cúiseanna dlisteanacha aige chun déanamh amhlaidh agus go bhfuil na hidirbhearta sin nó na horduithe sin chun trádáil a dhéanamh i gcomhréir le cleachtais mhargaidh a nglactar leo ar an margadh mórdhíola fuinnimh lena mbaineann; nó

(iii)

lena n-úsáidtear seift shamhailteach nó aon chineál eile meabhlaireachta nó saorgachta, nó lena bhféachtar lena n-úsáid, ar ní é sin lena ndéantar, nó ar dóigh dó, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(b)

lena ndéantar faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear ar an idirlíon, nó ar aon mhodh eile, ar faisnéis í lena ndéantar, nó ar dóigh di, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu, lena n-áirítear ráflaí agus scéala bréagach nó míthreoracha a scaipeadh, i gcás ina raibh a fhios ag an duine a scaip í, nó inar cheart dó fios a bheith aige, gur faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a bhí inti.

Nuair a dhéantar faisnéis a scaipeadh chun críocha iriseoireachta nó mar léiriú ealaíne, déanfar an scaipeadh faisnéise sin a mheasúnú agus aird á tabhairt ar na rialacha lena rialaítear saoirse an phreasa agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh i meáin eile:

(i)

mura rud é go bhfaigheann na daoine sin, go díreach nó go hindíreach, buntáiste nó brabúis as scaipeadh na faisnéise atá i dtrácht; nó

(ii)

mura rud é go ndéantar an nochtadh nó an scaipeadh le hintinn an margadh a chur ar míthreoir i dtaca le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó i dtaca leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(3)

ciallaíonn “iarracht chun an margadh a chúbláil”:

(a)

aon idirbheart a dhéanamh, aon ordú a eisiúint chun trádáil a dhéanamh, nó aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh le hintinn na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)

comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(ii)

a áirithiú go gcuirfeadh duine nó daoine atá ag gníomhú i gcomhar lena chéile faoi deara go mbeadh an praghas atá ar tháirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó ar leibhéal saorga, nó féachaint le déanamh amhlaidh, mura rud é go suíonn an duine a rinne na hidirbhearta nó a d'eisigh na horduithe chun trádáil a dhéanamh go bhfuil cúiseanna dlisteanacha aige chun déanamh amhlaidh agus go bhfuil na hidirbhearta sin nó na horduithe sin chun trádáil a dhéanamh i gcomhréir le cleachtais mhargaidh a nglactar leo ar an margadh mórdhíola fuinnimh lena mbaineann; nó

(iii)

seift shamhailteach nó aon chineál eile meabhlaireachta nó saorgachta a úsáid, ar ní é ar dóigh dó comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(b)

faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear an t-idirlíon, nó ar aon mhodh eile le hintinn comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(4)

ciallaíonn “táirgí mórdhíola fuinnimh” na conarthaí agus na díorthaigh seo a leanas, gan spleáchas don áit agus don dóigh ina dtrádáiltear iad:

(a)

conarthaí maidir le leictreachas nó gás nádúrtha a sholáthar i gcás ina ndéantar an seachadadh san Aontas;

(b)

díorthaigh a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a tháirgtear, a thrádáiltear nó a sheachadtar san Aontas;

(c)

conarthaí a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a iompar san Aontas;

(d)

díorthaigh a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a iompar san Aontas.

Ní táirgí mórdhíola fuinnimh iad conarthaí maidir le leictreachas nó gás nádúrtha a sholáthar agus a dháileadh lena n-úsáid ag custaiméirí deiridh. Maidir le conarthaí chun leictreachas nó gás nádúrtha a sholáthar do chustaiméirí deiridh, agus a dháileadh orthu, áfach, ar custaiméirí iad ag a bhfuil acmhainneacht tomhaltas leictreachais nó gáis nádúrtha is mó ná an tairseach a leagtar amach sa dara mír de phointe (5), déileálfar leo mar tháirgí mórdhíola fuinnimh;

(5)

ciallaíonn “acmhainneacht tomhaltais” tomhaltas leictreachais nó gáis nádúrtha custaiméara deiridh agus lánúsáid á baint as acmhainneacht táirgeachta an chustaiméara sin. Cuimsítear leis tomhaltas uile an chustaiméara sin mar eintiteas eacnamaíoch aonair, sa mhéid go dtarlaíonn an tomhaltas ar mhargaí ag a bhfuil praghsanna mórdhíola idirghaolmhara.

Chun críocha an tsainmhínithe seo, ní dhéanfar an tomhaltas i ngléasraí ar leithligh atá faoi rialú eintitis eacnamaíoch aonair, agus ag a bhfuil acmhainneacht tomhaltais is lú ná 600 GWh in aghaidh na bliana, a chur san áireamh sa mhéid nach bhfuil tionchar comhpháirteach ag na gléasraí sin ar phraghsanna an mhargaidh mórdhíola fuinnimh mar gheall ar an ábhar go bhfuil siad suite i margaí éagsúla geografacha ábhartha;

(6)

ciallaíonn “margadh mórdhíola fuinnimh” aon mhargadh laistigh den Aontas ar a ndéantar trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh;

(7)

ciallaíonn “rannpháirtí margaidh” aon duine, lena n-áirítear oibreoirí córas tarchurtha, a dhéanann idirbhearta, lena n-áirítear orduithe a dhéanamh chun trádáil a dhéanamh, i margadh mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó;

(8)

ciallaíonn “duine” aon duine nádúrtha nó dlítheanach;

(9)

ciallaíonn “údarás airgeadais inniúil” údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11 de Threoir 2003/6/CE;

(10)

ciallaíonn “údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2009/72/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas (10) nó i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (11);

(11)

tá le “oibreoir córas tarchurtha” an bhrí atá leagtha amach i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE agus i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(12)

ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 arna fothú ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais chomhdhlúite (12);

(13)

ciallaíonn “gnóthas gaolmhar” fochuideachta nó gnóthas eile ina sealbhaítear rannpháirtíocht, nó gnóthas atá nasctha le gnóthas eile trí bhíthin gaolmhaireachta de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE;

(14)

tá le “dáileadh gáis nádúrtha” an bhrí a leagtar amach i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(15)

tá le “dáileadh leictreachais” an bhrí a leagtar amach i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE.

Airteagal 3

Trádáil chos istigh a thoirmeasc

1.   Toirmiscfear ar dhaoine a bhfuil faisnéis chos istigh, maidir le táirge mórdhíola fuinnimh, acu na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an fhaisnéis sin a úsáid chun táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, nó trí fhéachaint le táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, go díreach nó go hindíreach, ar a gcuntas féin, nó ar chuntas tríú páirtí;

(b)

an fhaisnéis sin a nochtadh d’aon duine eile, mura rud é go ndéantar an nochtadh sin i ngnáthchúrsa fheidhmiú a bhfostaíochta, a ngairme nó a ndualgas;

(c)

ar bhonn faisnéise cos istigh, a mholadh do dhuine eile táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt nó duine eile a aslú chun táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt.

2.   Tá feidhm ag an toirmeasc atá leagtha amach i mír 1 maidir leis na daoine seo a leanas a bhfuil faisnéis chos istigh acu i ndáil le táirge mórdhíola fuinnimh:

(a)

comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid gnóthais;

(b)

daoine a bhfuil sealúchais acu i gcaipiteal de chuid gnóthais;

(c)

daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis trí fheidhmiú a bhfostaíochta, a ngairme nó a ndualgas;

(d)

daoine a bhfuil faisnéis den sórt sin faighte acu trí ghníomhaíocht choiriúil;

(e)

daoine a bhfuil a fhios acu, nó ar cheart dóibh fios a bheith acu, gur faisnéis chos istigh í.

3.   Ní bheidh feidhm ag pointe (a) agus pointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo maidir le hoibreoirí córas tarchurtha nuair atá siad ag ceannach leictreachais nó gáis nádúrtha lena áirithiú go n-oibreoidh an córas go slán sábháilte i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi phointe (d) agus faoi phointe (e) d'Airteagal 12 de Threoir 2009/72/CE nó faoi phointe (a) agus faoi phointe (c) d'Airteagal 13(1) de Threoir 2009/73/CE.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

idirbhearta a dhéantar le linn oibleagáid a chomhlíonadh atá tagtha chun bheith dlite i ndáil le táirgí mórdhíola fuinnimh a fháil nó a dhiúscairt i gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid sin as comhaontú a tugadh i gcrích, nó as ordú a rinneadh chun trádáil a dhéanamh, sula bhfuair an duine lena mbaineann seilbh ar fhaisnéis chos istigh;

(b)

idirbhearta a dhéanann táirgeoirí leictreachais agus gáis nádúrtha, oibreoirí saoráidí stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí saoráidí allmhairithe LNG, ar idirbhearta iad arb é is aon chuspóir leo ná cumhdach a dhéanamh ar chaillteanas fisiceach láithreach a eascraíonn as éarthaí neamhphleanáilte, dá mba rud é, mura ndéanfaí amhlaidh, gurbh é an toradh a bheadh ann ná nach mbeadh an rannpháirtí margaidh in ann na hoibleagáidí conarthacha atá ann a chomhlíonadh nó i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht sin le comhaontú ó oibreoir/oibreoirí córas tarchurtha lena mbaineann chun oibríocht shlán shábháilte an chórais a áirithiú. I gcás den sórt sin, déanfar an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta a thuairisciú don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta. Tá an oibleagáid sin maidir le tuairisciú gan dochar don oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 4(1);

(c)

rannpháirtithe margaidh atá ag gníomhú faoi rialacha éigeandála náisiúnta, i gcás ina bhfuil údaráis náisiúnta tar éis idirghabháil a dhéanamh chun a chur faoi deara go ndéanfar an soláthar leictreachais nó gáis nádúrtha a choimeád ar bun agus ina bhfuiltear tar éis sásraí margaidh a chur ar fionraí i mBallstát, nó i gcodanna de Bhallstát. Sa chás sin, déanfaidh an t-údarás atá inniúil do phleanáil éigeandála foilsiú a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 4.

5.   Más duine dlítheanach an duine a shealbhaíonn faisnéis chos istigh i ndáil le táirge mórdhíola fuinnimh, beidh feidhm ag na toirmisc atá leagtha síos i mír 1 freisin maidir leis na daoine nádúrtha a ghlacann páirt sa chinneadh chun an t-idirbheart a dhéanamh ar chuntas an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.

6.   Nuair a scaiptear faisnéis chun críocha iriseoireachta nó mar léiriú ealaíne, déanfar an scaipeadh faisnéise sin a mheasúnú agus aird á tabhairt ar na rialacha lena rialaítear saoirse an phreasa agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh i meáin eile mura rud é:

(a)

go bhfaigheann na daoine sin, go díreach nó go hindíreach, buntáiste nó brabúis as scaipeadh na faisnéise i dtrácht; nó

(b)

go ndéantar an nochtadh nó an scaipeadh sin le hintinn an margadh a chur ar míthreoir i dtaca le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó i dtaca leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu.

Airteagal 4

Oibleagáid faisnéis chos istigh a fhoilsiú

1.   Déanfaidh rannpháirtithe margaidh faisnéis chos istigh a shealbhaíonn siad i ndáil le gnó nó le saoráidí ar leis an rannpháirtí margaidh lena mbaineann, nó ar lena mháthairghnóthas nó ar le gnóthas gaolmhar é nó iad, nó a rialaíonn an rannpháirtí margaidh lena mbaineann, nó a rialaíonn máthairghnóthas nó gnóthas gaolmhar, nó a bhfuil an rannpháirtí margaidh sin nó an gnóthas sin freagrach as cúrsaí oibríochtúla ina leith, go hiomlán nó go páirteach, a nochtadh go poiblí, go héifeachtach agus go tráthúil. Áireofar ar an nochtadh faisnéise sin, faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí i ndáil le táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur leictreachais nó gáis nádúrtha, nó faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí LNG, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin.

2.   Féadfaidh rannpháirtí margaidh, faoina fhreagracht féin ar bhonn eisceachta, moill a chur le faisnéis chos istigh a nochtadh go poiblí, ionas nach ndéanfar dochar dá leasanna dlisteanacha féin ar choinníoll nach dóigh go gcuirfí an pobal ar míthreoir toisc nár nocht sé í agus ar choinníoll go bhfuil an rannpháirtí margaidh in ann rúndacht na faisnéise sin a áirithiú agus nach ndéanann sé cinntí a bhaineann le trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh agus atá bunaithe ar an bhfaisnéis sin. I gcás den sórt sin déanfaidh an rannpháirtí margaidh an fhaisnéis sin, mar aon le húdar maith a thabhairt i leith na moille ar nochtadh na faisnéise go poiblí, a sholáthar gan mhoill don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta ábhartha ag féachaint d’Airteagal 8(5).

3.   Aon uair a dhéanann rannpháirtí margaidh, nó duine atá fostaithe ag rannpháirtí margaidh nó atá ag gníomhú thar a cheann, faisnéis chos istigh a nochtadh maidir le táirge mórdhíola fuinnimh i ngnáthfheidhmiú a fhostaíochta, a ghairme nó a dhualgas, ar nithe iad sin dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3(1), áiritheoidh sé, maidir le nochtadh poiblí na faisnéise sin, go ndéanfar é go comhuaineach, go hiomlán agus go héifeachtach. I gcás ina nochtar an fhaisnéis sin go neamhbheartaithe, áiritheoidh an rannpháirtí margaidh go ndéanfar nochtadh iomlán agus éifeachtach go poiblí ar an bhfaisnéis a luaithe is féidir tar éis an nochta neamhbheartaithe. Ní bheidh feidhm ag an mír seo má tá dualgas rúndachta ar an duine a fhaigheann an fhaisnéis, is cuma an eascraíonn an dualgas sin as dlí, as rialachán, as airteagail chomhlachais nó as conradh.

4.   Maidir le foilsiú faisnéise cos istigh, lena n-áirítear i bhfoirm chomhiomlánaithe, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, nó le treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na Rialachán sin, is ionann é agus nochtadh go poiblí atá comhuaineach, iomlán agus éifeachtach.

5.   Más rud é, maidir leis an oibleagáid chun sonraí áirithe a fhoilsiú, go mbeifear tar éis díolúine ón oibleagáid sin a dheonú d'oibreoir córas tarchurtha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, díolmhaítear leis sin an t-oibreoir sin freisin ón oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis na sonraí sin.

6.   Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar d’oibleagáidí na rannpháirtithe margaidh faoi Threoir 2009/72/CE agus faoi Threoir 2009/73/CE, agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, lena n-áirítear treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na dTreoracha agus na Rialachán sin, go háirithe maidir le tráthú agus modh foilsithe na faisnéise.

7.   Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar do cheart na rannpháirtithe margaidh chun moill a chur ar nochtadh faisnéise íogaire a bhaineann le cosaint bonneagair chriticiúil, dá bhforáiltear i bpointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair criticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (13) má tá an fhaisnéis sin aicmithe mar fhaisnéis rúnda ina dtír féin.

Airteagal 5

Cúbláil mhargaidh a thoirmeasc

Déanfar aon rannpháirtíocht i gcúbláil mhargaidh, nó aon iarracht a dhéanamh chun gabháil le rannpháirtíocht den sórt sin, ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a thoirmeasc.

Airteagal 6

Nuashonrú teicniúil a dhéanamh ar na sainmhínithe ar fhaisnéis chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na sainmhínithe a leagtar amach i bpointí (1), (2), (3) agus (5) d'Airteagal 2 a ailíniú chun comhchuibheas a áirithiú le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais i réimsí na seirbhísí airgeadais agus fuinnimh; agus

(b)

nuashonrú a dhéanamh ar na sainmhínithe sin chun aird a thabhairt ar forbairtí amach anseo sna margaí mórdhíola fuinnimh agus chun na críche sin amháin.

2.   Maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird leo ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a)

feidhmiú sonrach na margaí mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear sainiúlachtaí na margaí leictreachais agus gáis, agus an idirghníomhaíocht idir margaí tráchtearraí agus margaí díorthach;

(b)

an t-ionchas atá ann maidir le cúbláil thar theorainneacha, idir margaí leictreachais agus gáis, agus thar mhargaí tráchtearraí agus mhargaí díorthach;

(c)

an tionchar ionchasach ar phraghsanna an mhargaidh mórdhíola fuinnimh mar gheall ar tháirgeadh, ar thomhaltas, ar úsáid tarchurtha nó ar úsáid acmhainneachta stórála, atá pleanáilte nó atá ann iarbhír; agus

(d)

cóid ghréasáin agus creat-treoirlínte arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

Airteagal 7

Faireachán a dhéanamh ar an margadh

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar ghníomhaíocht trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh chun trádáil atá bunaithe ar fhaisnéis chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh a bhrath agus a chosc. Baileoidh sí na sonraí chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 8.

2.   Comhoibreoidh údaráis rialála náisiúnta ar an leibhéal réigiúnach agus leis an nGníomhaireacht chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, beidh rochtain ag údaráis rialála náisiúnta ar fhaisnéis ábhartha arna sealbhú ag an nGníomhaireacht agus atá bailithe aici i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, faoi réir Airteagal 10(2). Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta faireachán a dhéanamh freisin ar ghníomhaíocht trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh ar an leibhéal náisiúnta.

Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh a n-údarás náisiúnta iomaíochta nó comhlacht faireacháin margaidh, arna bhunú laistigh den údarás sin, faireachán margaidh a dhéanamh in éineacht leis an údarás rialála náisiúnta. Le linn an faireachán margaidh sin a dhéanamh, beidh ag an údarás náisiúnta iomaíochta nó ag an gcomhlacht faireacháin margaidh na cearta céanna agus na hoibleagáidí céanna atá ag an údarás rialála náisiúnta de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, an dara habairt den dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, an dara habairt d’Airteagal 4(2), na chéad abairte d’Airteagal 8(5), agus Airteagal 16.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, uair sa bhliain ar a laghad, tuarascáil a thíolacadh don Choimisiún maidir lena cuid gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo agus cuirfidh sí an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Sna tuarascálacha sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar oibriú agus ar thrédhearcacht catagóirí éagsúla d'ionaid mhargaidh agus ar bhealaí trádála, agus féadfaidh sí moltaí a dhéanamh don Choimisiún i ndáil le rialacha margaidh, caighdeáin mhargaidh agus nósanna imeachta margaidh lena bhféadfaí feabhas a chur ar shláine an mhargaidh agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Féadfaidh sí meastóireacht a dhéanamh freisin i dtaobh an bhféadfaí cur le trédhearchacht fheabhsaithe sa mhargadh le haon cheanglais íosta i gcomhair margaí eagraithe. Féadfar tuarascálacha a chumascadh leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht moltaí a dhéanamh don Choimisiún maidir leis na taifid ar idirbhearta, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, ar taifid iad a measann sí ina leith go bhfuil gá leo chun faireachán éifeachtach agus éifeachtúil a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh. Sula ndéanfaidh sí moltaí den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le páirtithe leasmhara, go háirithe le húdaráis rialála náisiúnta, le húdaráis airgeadais inniúla sna Ballstáit, le húdaráis náisiúnta iomaíochta agus le ÚEUM.

Ba cheart na moltaí go léir a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún Eorpach agus ba cheart iad a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 8

Sonraí a bhailiú

1.   Déanfaidh rannpháirtithe margaidh, nó duine nó údarás thar a gceann atá liostaithe i bpointe (b) go pointe (f) de mhír 4, taifead ar idirbhearta sa mhargadh mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, a sholáthar don Ghníomhaireacht. Áireofar ar an bhfaisnéis a thuairiscítear sainaithint bheacht ar na táirgí mórdhíola fuinnimh a cheannaítear agus a dhíoltar, an praghas agus an chainníocht atá comhaontaithe, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, na páirtithe san idirbheart agus tairbhithe an idirbhirt mar aon le haon fhaisnéis ábhartha eile. Cé go bhfuil an fhreagracht fhoriomlán ar na rannpháirtithe margaidh, measfar go mbeidh oibleagáid an rannpháirtí margaidh i dtrácht maidir le tuairisciú comhlíonta aige a luaithe a bheidh an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faighte ó dhuine nó údarás atá liostaithe i bpointe (b) go pointe (f) de mhír 4.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

liosta a tharraingt suas de na conarthaí agus de na díorthaigh, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, ar nithe iad atá le tuairisciú i gcomhréir le mír 1, agus, i gcás inarb iomchuí, tairseacha de minimis iomchuí maidir le tuairisciú idirbheart a tharraingt suas;

(b)

rialacha comhionanna a ghlacadh maidir leis an tuairisciú faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1;

(c)

an tráthú agus an fhoirm ina mbeidh an fhaisnéis sin le tuairisciú a leagan síos.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 21(2). Tabharfaidh siad aird ar na córais tuairiscithe atá ann cheana.

3.   Níl daoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 4 agus a mbeidh idirbhearta tuairiscithe acu i gcomhréir le Treoir 2004/39/CE nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála faoi réir oibleagáidí tuairiscithe dúbailte a bhaineann leis na hidirbearta sin.

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, féadfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 a cheadú do mhargaí eagraithe agus do chórais mheaitseála trádála nó do chórais tuairiscithe trádála taifid ar idirbhearta mórdhíola fuinnimh a sholáthar don Ghníomhaireacht.

4.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh siad seo a leanas faisnéis a sholáthar:

(a)

an rannpháirtí margaidh;

(b)

tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an rannpháirtí margaidh;

(c)

córas tuairiscithe trádála;

(d)

margadh eagraithe, córas meaitseála trádála nó duine eile a shocraíonn idirbhearta go gairmiúil;

(e)

taisclann trádála atá cláraithe nó aitheanta faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála; nó

(f)

údarás inniúil a bhfuil an fhaisnéis sin faighte aige i gcomhréir le hAirteagal 25(3) de Threoir 2004/39/CE nó ÚEUM nuair atá an fhaisnéis sin faighte aige i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála.

5.   Déanfaidh rannpháirtithe margaidh faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht agus do na húdaráis rialála náisiúnta a bhaineann le hacmhainneacht agus le húsáid na saoráidí i gcomhair tháirgeadh, stóráil, thomhaltas nó tharchur leictreachais nó gáis nádúrtha nó a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí LNG, lena n-áirítear neamhinfhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin, chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil i margaí mórdhíola fuinnimh. Déanfar oibleagáidí rannpháirtithe margaidh maidir le tuairisciú a íoslaghdú tríd an bhfaisnéis a cheanglaítear a thabhairt, nó codanna di, a bhailiú ó fhoinsí atá ann cheana nuair is féidir é sin a dhéanamh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

rialacha comhionanna a ghlacadh maidir le tuairisciú faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 5 agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le tairseacha iomchuí do thuairisciú den sórt sin;

(b)

an tráthú agus an fhoirm ina bhfuil an fhaisnéis sin le tuairisciú a leagan síos.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Tabharfar aird leo ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

Airteagal 9

Rannpháirtithe margaidh a chlárú

1.   Maidir le rannpháirtithe margaidh a dhéanann idirbhearta a cheanglaítear a thuairisciú don Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 8(1), cláróidh siad leis an údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe nó ina bhfuil cónaí orthu nó, mura bhfuil siad bunaithe san Aontas nó mura bhfuil cónaí orthu ann, cláróidh siad i mBallstát ina bhfuil siad gníomhach.

Ní chláróidh rannpháirtí margaidh ach amháin le húdarás rialála náisiúnta amháin. Ní cheanglóidh Ballstáit ar rannpháirtí margaidh atá cláraithe cheana féin i mBallstát eile clárú athuair.

Tá clárú rannpháirtithe margaidh gan dochar do na hoibleagáidí chun na rialacha trádála agus comhardúcháin is infeidhme a chomhlíonadh.

2.   Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a ghlacann an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 8(2), bunóidh na húdaráis rialála náisiúnta cláir náisiúnta rannpháirtithe margaidh agus coinneoidh siad na cláir sin cothrom le dáta. Sa chlár sin, tabharfar sainaitheantóir uathúil do gach rannpháirtí margaidh agus beidh dóthain faisnéise ann chun an rannpháirtí margaidh a shainaithint, lena n-áirítear mionsonraí ábhartha a bhaineann lena uimhir chánach breisluacha, a áit bhunaíochta, na daoine atá freagrach as a chinntí oibríochtúla agus trádála agus rialtóir deiridh nó tairbhí deiridh ghníomhaíochtaí trádála an rannpháirtí margaidh.

3.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhaisnéis atá ina gcláir náisiúnta a tharchur chuig an nGníomhaireacht i bhformáid a chinnfidh an Ghníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis sin, an fhormáid sin a chinneadh agus a fhoilsiú faoin 29 Meitheamh 2012. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na húdaráis rialála náisiúnta, bunóidh an Ghníomhaireacht clár Eorpach rannpháirtithe margaidh. Beidh rochtain ag údaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis ábhartha eile ar an gclár Eorpach. Faoi réir Airteagal 17, féadfaidh an Ghníomhaireacht a chinneadh an clár Eorpach, nó sleachta as, a chur ar fáil go poiblí ar choinníoll nach ndéanfar faisnéis faoi rannpháirtithe aonair margaidh, ar faisnéis í atá íogair ó thaobh na tráchtála de, a nochtadh.

4.   Déanfaidh rannpháirtithe margaidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhoirm chlárúcháin a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta sula ndéanfaidh siad idirbheart a cheanglaítear a thuairisciú don Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 8(1).

5.   Déanfaidh rannpháirtithe margaidh dá dtagraítear i mír 1 aon athrú a bheidh tar éis tarlú i ndáil leis an bhfaisnéis arna soláthar san fhoirm chlárúcháin a chur in iúl go pras don údarás rialála náisiúnta.

Airteagal 10

Faisnéis a chomhroinnt idir an Ghníomhaireacht agus údaráis eile

1.   Bunóidh an Ghníomhaireacht sásraí chun faisnéis a fhaigheann sí i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus le hAirteagal 8 a chomhroinnt le húdaráis rialála náisiúnta, le húdaráis airgeadais inniúla na mBallstát, le húdaráis iomaíochta náisiúnta, le ÚEUM agus le húdaráis ábhartha eile. Sula mbunófar sásraí den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis sin.

2.   Ní thabharfaidh an Ghníomhaireacht rochtain ar na sásraí dá dtagraítear i mír 1 ach amháin d’údaráis a bhfuil córais curtha ar bun acu trína gcumasaítear don Ghníomhaireacht ceanglais Airteagal 12(1) a chomhlíonadh.

3.   Maidir le taisclanna trádála atá cláraithe nó aitheanta faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála, déanfaidh siad faisnéis ábhartha a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh agus le díorthaigh lamháltas astaíochtaí arna mbailiú acu a chur ar fáil don Ghníomhaireacht.

Déanfaidh ÚEUM tuarascálacha maidir le hidirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh a fhaightear faoi Airteagal 25(3) de Threoir 2004/39/CE, agus faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála, a tharchur chuig an nGníomhaireacht. Déanfaidh údaráis inniúla a fhaigheann tuarascálacha maidir le hidirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh, ar tuarascálacha iad a fhaightear faoi Airteagal 25(3) de Threoir 2004/39/CE, na tuarascálacha sin a tharchur chuig an nGníomhaireacht.

Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar thrádáil i lámhaltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh a bhaineann le lámhaltais astaíochtaí lena chéile agus bunóidh siad sásraí iomchuí chun rochtain a thabhairt don Ghníomhaireacht ar thaifid ar na hidirbhearta i lámhaltais agus i ndíorthaigh den sórt sin i gcás ina mbailíonn na húdaráis sin faisnéis ar idirbhearta den sórt sin.

Airteagal 11

Cosaint sonraí

Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (14) nó d’oibleagáidí na Gníomhaireachta, nuair atá a cuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aici i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann sí ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (15).

Airteagal 12

Iontaofacht oibríochtúil

1.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaightear faoi Airteagal 4(2), Airteagal 8 agus Airteagal 10. Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach beart is gá chun cosc a chur ar mhí-úsáid na faisnéise a choimeádtar ina córais agus ar aon rochtain neamhúdaraithe ar an bhfaisnéis sin.

Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, údaráis náisiúnta iomaíochta, ÚEUM agus údaráis ábhartha eile rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaigheann siad faoi Airteagal 4(2), faoi Airteagal 7(2), faoi Airteagal 8(5) nó faoi Airteagal 10 a áirithiú agus déanfaidh siad bearta chun cosc a chur ar mhí-úsáid na faisnéise sin.

Sainaithneoidh an Ghníomhaireacht foinsí riosca oibríochtúil agus déanfaidh sí iad a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt.

2.   Faoi réir Airteagal 17, féadfaidh an Ghníomhaireacht a chinneadh codanna den fhaisnéis atá ina seilbh a chur ar fáil go poiblí ar choinníoll nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de maidir le rannpháirtithe aonair margaidh nó maidir le hidirbhearta aonair nó maidir le hionaid mhargaidh aonair a nochtadh agus nach féidir faisnéis den sórt sin a bhaint mar thátal as na codanna sin den fhaisnéis a chuirtear ar fáil go poiblí.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht a bhunachar sonraí ar thrádáil nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil chun críocha eolaíochta, ach sin faoi réir ceanglas rúndachta.

Déanfar faisnéis a fhoilsiú nó a chur ar fáil ar mhaithe le feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí mórdhíola fuinnimh agus déanfar é sin ar choinníoll nach dóigh di aon saobhadh a chruthú san iomaíocht ar na margaí fuinnimh sin.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a scaipeadh ar bhealach cóir de réir rialacha trédhearcacha a tharraingeoidh sí féin suas agus a chuirfidh sí féin ar fáil go poiblí.

Airteagal 13

Toirmisc a chur chun feidhme i gcoinne droch-úsáide margaidh

1.   Áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go ndéanfar na toirmisc atá leagtha amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 5, agus na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 4, a chur i bhfeidhm.

Faoin 29 Meitheamh 2013, áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin is gá ag a údaráis rialála náisiúnta chun an fheidhm sin a fheidhmiú. Feidhmeofar na cumhachtaí sin ar bhealach comhréireach.

Féadfar na cumhachtaí sin a fheidhmiú:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile; nó

(c)

trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a gcuid cumhachtaí imscrúdúcháin a fheidhmiú i gcomhar le margaí eagraithe, le córais mheaitseála trádála nó le daoine eile a shocraíonn idirbhearta go gairmiúil agus dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 8(4).

2.   Beidh na cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1 teoranta d’aidhm an imscrúdaithe. Feidhmeofar na cumhachtaí sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus áireofar iontu an ceart chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rochtain a fháil ar aon doiciméad ábhartha in aon fhoirm, agus cóip de a fháil;

(b)

faisnéis a éileamh ó aon duine ábhartha, lena n-áirítear iad sin a bhfuil baint comhleanúnach acu le tarchur orduithe nó le seoladh na n-oibríochtaí lena mbaineann, chomh maith lena gcuid príomhaithe, agus más gá, an ceart chun duine nó príomhaí den sórt sin a thoghairm agus a éisteacht;

(c)

cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh;

(d)

taifid theileafóin atá ann cheana agus taifid de shreabhadh sonraí atá ann cheana a éileamh;

(e)

a éileamh go scoirfear d’aon chleachtas atá contrártha don Rialachán seo nó do na gníomhartha tarmligthe nó do na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn;

(f)

a iarraidh ar chúirt sócmhainní a chalcadh nó a fhorlámhú;

(g)

a iarraidh ar chúirt nó ar aon údarás inniúil toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil.

Airteagal 14

Ceart achomhairc

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sásraí oiriúnacha ar marthain, ar an leibhéal náisiúnta, ar sásraí iad faoina mbeidh ceart ag páirtí a ndearna cinneadh de chuid an údaráis rialála difear dó chun achomharc a dhéanamh chuig comhlacht atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon rialtas.

Airteagal 15

Oibleagáidí daoine a shocraíonn idirbhearta go gairmiúil

Maidir le haon duine a shocraíonn idirbhearta go gairmiúil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh agus a bhfuil amhras réasúnach air go bhféadfadh idirbheart Airteagal 3 nó Airteagal 5 a shárú, déanfaidh sé fógra ina leith sin a thabhairt don údarás rialála náisiúnta gan a thuilleadh moille.

Maidir le daoine a shocraíonn idirbhearta go gairmiúil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh, déanfaidh siad socruithe éifeachtacha agus nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú agus a choimeád ar bun chun sáruithe ar Airteagal 3 nó ar Airteagal 5 a shainaithint.

Airteagal 16

Comhar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta

1.   Beidh sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht a áirithiú go ndéanfaidh údaráis rialála náisiúnta a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích ar bhealach comhordaithe agus comhsheasmhach.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht treoraíocht neamhcheangailteach a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2, de réir mar is iomchuí.

Comhoibreoidh údaráis rialála náisiúnta leis an nGníomhaireacht agus lena chéile, lena n-áirítear ar leibhéal réigiúnach, chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla agus an t-údarás náisiúnta iomaíochta i mBallstát cineálacha iomchuí comhair a bhunú chun imscrúdú éifeachtach agus éifeachtúil agus forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú, agus chun rannchuidiú le cur chuige comhordaithe agus comhsheasmhach i leith imscrúdúcháin, imeachtaí breithiúnacha agus fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus an dlí ábhartha airgeadais agus iomaíochta.

2.   Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill sa tslí is sonraí agus is féidir i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun drochamhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí lena sáraítear an Rialachán seo á ndéanamh nó déanta sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile.

I gcás ina bhfuil drochamhras ar údarás rialála náisiúnta go bhfuil gníomhartha lena ndéantar difear do mhargaí mórdhíola fuinnimh nó do phraghas táirgí mórdhíola fuinnimh sa Bhallstát sin á ndéanamh i mBallstát eile, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht gníomhaíocht a dhéanamh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus, má dhéanann na gníomhartha difear d'ionstraimí airgeadais atá faoi réir Airteagal 9 de Threoir 2003/6/CE, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

3.   Chun cur chuige comhordaithe agus comhsheasmhach a áirithiú i dtaca le droch-úsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh:

(a)

cuirfidh údaráis rialála náisiúnta údarás airgeadais inniúla a mBallstáit agus an Ghníomhaireacht ar an eolas más rud é go bhfuil forais réasúnacha acu chun droch-amhras a bheith orthu go bhfuil gníomhartha á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh ar gníomhartha iad atá in ionannas le droch-úsáid mhargaidh de réir bhrí Threoir 2003/6/CE, agus ar gníomhartha iad a dhéanann difear d'ionstraimí airgeadais atá faoi réir Airteagal 9 den Treoir sin; chun na gcríoch sin, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta cineálacha iomchuí comhair a bhunú leis an údarás airgeadais inniúil ina mBallstát;

(b)

cuirfidh an Ghníomhaireacht ÚEUM agus an t-údarás airgeadais inniúil iomchuí ar an eolas más rud é go bhfuil forais réasúnacha aici chun droch-amhras a bheith uirthi go bhfuil gníomhartha á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh ar gníomhartha iad atá in ionannas le droch-úsáid mhargaidh de réir bhrí Threoir 2003/6/CE agus ar gníomhartha iad lena ndéantar difear d'ionstraimí airgeadais a thagann faoi réir Airteagal 9 den Treoir sin;

(c)

cuirfidh údarás airgeadais inniúil Ballstáit ÚEUM agus an Ghníomhaireacht ar an eolas más rud é go bhfuil forais réasúnacha aige chun droch-amhras a bheith air go bhfuil gníomhartha lena sáraítear Airteagal 3 agus Airteagal 5, á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh i mBallstát eile;

(d)

cuirfidh údaráis rialála náisiúnta údarás náisiúnta iomaíochta a mBallstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas más rud é go bhfuil forais réasúnacha acu chun droch-amhras a bheith orthu go bhfuil gníomhartha ar dóigh dóibh a bheith ina sárú ar dhlí na hiomaíochta á ndéanamh nó déanta ar an margadh mórdhíola fuinnimh.

4.   Chun a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoi mhír 1, i gcás ina bhfuil droch-amhras ar an nGníomhaireacht, inter alia ar bhonn measúnuithe tosaigh nó anailísí tosaigh, go ndearnadh sárú an Rialachán seo, beidh sé de chumhacht aici:

(a)

a iarraidh ar údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó aon fhaisnéis a bhaineann leis an sárú a bhfuil droch-amhras ann ina leith a sholáthar;

(b)

a iarraidh ar údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó tús a chur le himscrúdú faoin sárú a bhfuil droch-amhras ann ina leith, agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun aon sárú a dhéantar a fhionnadh a leigheas. Maidir le haon chinneadh i ndáil leis an ngníomhaíocht iomchuí a bheidh le déanamh chun aon sárú a aimsítear a leigheas, beidh sé mar fhreagracht ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann;

(c)

i gcás ina measann sí go bhfuil nó go raibh tionchar trasteorann ag an sárú a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh sí grúpa imscrúdúcháin a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis rialála náisiúnta ar cás leo an t-ábhar a bhunú agus a chomhordú chun imscrúdú a dhéanamh i dtaobh ar sáraíodh an Rialachán seo agus cén Ballstát inar tharla an sárú. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh freisin go mbeidh ionadaithe ó údarás airgeadais inniúil nó ó údarás ábhartha eile as Ballstát amháin nó níos mó rannpháirteach sa ghrúpa imscrúdúcháin.

5.   Mura rud é go bhfuil feidhm ag ceann de na díolúintí atá leagtha amach thíos, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta a fhaigheann iarraidh ar fhaisnéis faoi phointe (a) de mhír 4, nó a fhaigheann iarraidh chun tús a chur le himscrúdú maidir le sárú a bhfuil droch-amhras ann ina leith faoi phointe (b) de mhír 4, na bearta is gá a dhéanamh láithreach chun an iarraidh sin a chomhlíonadh. Mura bhfuil an t-údarás rialála náisiúnta in ann an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar láithreach, tabharfaidh sé fógra don Ghníomhaireacht gan a thuilleadh moille maidir leis na cúiseanna atá leis sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údarás rialála náisiúnta diúltú gníomhú de bhun iarrata, más rud é:

(a)

go bhféadfadh comhlíonadh difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht nó do shlándáil an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chuige;

(b)

go ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna os comhair údaráis an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chuige; nó

(c)

gur tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana féin i ndáil leis na daoine sin i dtaca leis na gníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh sin chuige.

In aon chás den sórt sin, tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta sin fógra don Ghníomhaireacht dá réir agus soláthróidh sé faisnéis atá chomh mionsonraithe agus is féidir i dtaobh na n-imeachtaí sin nó an bhreithiúnais sin.

Beidh údaráis rialála náisiúnta rannpháirteach i ngrúpa imscrúdúcháin arna thionól i gcomhréir le pointe (c) de mhír 4, agus soláthróidh siad gach cúnamh is gá. Beidh an grúpa imscrúdúcháin faoi réir a chomhordaithe ag an nGníomhaireacht.

6.   Ní bheidh feidhm ag an abairt deiridh d'Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 maidir leis an nGníomhaireacht nuair atá a cúraimí á gcur i gcrích aici faoin Rialachán seo.

Airteagal 17

Rúndacht ghairmiúil

1.   Beidh aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla atá leagtha síos i mír 2, i mír 3 agus i mír 4.

2.   Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil i leith na nithe seo a leanas:

(a)

daoine atá ag obair nó a d’oibrigh le haghaidh na Gníomhaireachta;

(b)

iniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann teagasc ón nGníomhaireacht;

(c)

daoine atá ag obair nó a d’oibrigh le haghaidh na n-údarás rialála náisiúnta nó le haghaidh údarás ábhartha eile;

(d)

iniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann teagasc ó údaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis ábhartha eile a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Ní fhéadfar faisnéis rúnda a fhaigheann na daoine dá dtagraítear i mír 2 i gcúrsa a gcuid dualgas a nochtadh d'aon duine eile nó d'aon údarás eile, seachas i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán ionas nach féidir rannpháirtí aonair margaidh nó ionad margaidh aonair a shainaithint, ach sin gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, le forálacha eile an Rialacháin seo nó le reachtaíocht ábhartha eile an Aontais.

4.   Gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht, údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, ÚEUM, na comhlachtaí nó na daoine a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin le linn a ndualgas a chomhlíonadh agus chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Féadfaidh údaráis, comhlachtaí nó daoine eile an fhaisnéis sin a úsáid chun na críche ar soláthraíodh an fhaisnéis sin dóibh nó i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin. Féadfaidh an t-údarás a fhaigheann an fhaisnéis í a úsáid chun críoch eile, ar choinníoll go dtoilíonn an Ghníomhaireacht, údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, ÚEUM, comhlachtaí, nó daoine a dhéanann faisnéis a chur in iúl, leis an méid sin a dhéanamh.

5.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar údarás i mBallstát faisnéis rúnda a mhalartú nó a tharchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar choinníoll nach bhfuarthas í ó údarás de chuid Bhallstáit eile nó ón nGníomhaireacht faoin Rialachán seo.

Airteagal 18

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór go mbeidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach, agus go léireoidh siad cineál, fad agus tromchúis an tsáraithe, an damáiste a rinneadh do thomhaltóirí agus na gnóchain ionchasacha ó thrádáil ar bhonn faisnéise cos istigh agus ar bhonn cúblála margaidh.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin faoin 29 Meitheamh 2013 ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear dóibh.

Forálfaidh Ballstáit go bhféadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta bearta nó pionóis a fhorchuirtear mar gheall ar shárú ar an Rialachán seo a nochtadh don phobal, mura rud é go mbeadh an nochtadh sin ina chúis le damáiste míréireach do na páirtithe atá i gceist.

Airteagal 19

Caidreamh idirnáisiúnta

A mhéid is gá chun na cuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d’inniúlachtaí faoi seach na mBallstát agus institiúidí an Aontais, lena n-áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, féadfaidh an Ghníomhaireacht teagmhálacha a fhorbairt agus comhaontuithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le córais riaracháin tríú tíortha, go háirithe iad sin a bhfuil tionchar acu ar mhargadh mórdhíola fuinnimh an Aontais, chun comhchuibhiú an chreata rialála a chur chun cinn. Ní chruthóidh na socruithe sin oibleagáidí dlíthiúla i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad ar na Ballstáit agus a gcuid údarás inniúil socruithe déthaobhacha nó socruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na húdaráis mhaoirseachta sin, leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin agus le córais riaracháin de chuid tríú tíortha.

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déantar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 28 Nollaig 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ar an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a thugtar fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 21

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag mír 1, ag an gcéad fhomhír de mhír 3, ag mír 4 agus ag mír 5 d’Airteagal 8 le héifeacht ó shé mhí tar éis an dáta a nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 6 den Airteagal sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. DOWGIELEWICZ


(1)  IO C 132, 3.5.2011, lch. 108.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2011.

(3)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 15.

(4)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 36.

(5)  IO L 96, 12.4.2003, lch. 16.

(6)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 1.

(7)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(8)  IO L 145, 30.4.2004, lch. 1.

(9)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(10)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 55.

(11)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 94.

(12)  IO L 193, 18.7.1983, lch. 1.

(13)  IO L 345, 23.12.2008, lch. 75.

(14)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(15)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

Measann an Coimisiún nach bhféadfar na tairseacha do thuairisciú na n-idirbheart mar a shainmhínítear iad in Airteagal 8(2)(a) agus na tairseacha do thuairisciú faisnéise mar a shainmhínítear iad in Airteagal 8(6)(a) a shocrú ach amháin le gníomhartha cur chun feidhme.

I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach síos lena socrófar na tairseacha sin.


RÁITEAS ÓN gCOMHAIRLE

Thug reachtóir an AE cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE maidir le bearta dá bhforáiltear in Airteagal 8. Tá an méid sin ceangailteach ó thaobh an dlí de i gcás an Choimisiúin in ainneoin an dearbhú a rinne sé i ndáil le hAirteagal 8(2)(a) agus 8(6)(a).