14.11.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/51


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1071/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 71(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun margadh inmheánach iompair de bhóthar faoi choinníollacha córa iomaíochta a thabhairt i gcrích, ní mór rialacha comhchoiteanna a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach maidir le daoine a ligean isteach i ngairm an oibreora tarlaithe de bhóthar nó i ngairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar, (‘gairm an oibreora iompair de bhóthar’). Cuideoidh na rialacha comhchoiteanna sin le leibhéal cáilíochta gairmiúla níos airde a bhaint amach d’oibreoirí iompair de bhóthar, le cuíchóiriú an mhargaidh agus le feabhsú cháilíocht na seirbhíse a thugtar, chun leasa oibreoirí iompair de bhóthar, a gcustaiméirí agus an gheilleagair tríd is tríd, agus cuideoidh siad le sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Déanfaidh siad feidhmiú éifeachtach cheart bunaíochta na n-oibreoirí iompair de bhóthar a éascú freisin.

(2)

Le Treoir 96/26/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le hoibreoirí a ligean isteach i ngairm an oibreora tarlaithe de bhóthar agus i ngairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar agus maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dhioplómaí, do dheimhnithe agus do chruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla atá ceaptha chun feidhmiú na saoirse bunaíochta in oibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta a éascú do na hoibreoirí sin (4), leagtar síos coinníollacha íosta lena rialaítear glacadh le daoine i ngairm an oibreora iompair de bhóthar mar aon le coinníollacha íosta maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do na doiciméid a éilítear i ndáil leis sin. Léiríonn an taithí, measúnú tionchair agus staidéir éagsúla, áfach, go bhfuil an Treoir sin á cur i bhfeidhm go neamhréireach ag na Ballstáit. Is iomaí iarmhairt dhiúltach a eascraíonn as na difríochtaí sin, go háirithe saobhadh iomaíochta, easpa trédhearcachta sa mhargadh, agus easpa aonfhoirmeachta maidir le faireachán, chomh maith leis an mbaol go mbeadh gnóthais a fhostaíonn foireann a bhfuil leibhéal íseal cáilíochta gairmiúla acu faillíoch nó gur lú a chomhlíonfaidís rialacha maidir le sábháilteacht bóthair agus rialacha maidir le leas shóisialach, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’íomhá na hearnála.

(3)

Is diúltaí fós na hiarmhairtí sin sa mhéid go bhféadfaidís cur isteach ar oibriú réidh an mhargaidh inmheánaigh iompair de bhóthar, ó tharla rochtain oscailte a bheith ag gnóthais ar fud an Chomhphobail ar an margadh in iompar idirnáisiúnta earraí agus in oibríochtaí cabatáiste áirithe. Is é an t-aon choinníoll a fhorchuirtear ar na gnóthais sin go mbeadh ceadúnas Comhphobail acu, ceadúnas is féidir leo a fháil ach na coinníollacha a chomhlíonadh maidir le daoine a ligean isteach i ngairm an oibreora de bhóthar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (5) + agus i Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus (6).

(4)

Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéanfaí na rialacha atá ann cheana maidir le daoine a ligean isteach i ngairm an oibreora iompair de bhóthar a nuachóiriú d’fhonn a áirithiú go gcuirfí na rialacha sin i bhfeidhm ar bhealach a bheadh níos aonfhoirmí agus níos éifeachtaí. Ós rud é gurb é comhlíonadh na rialacha sin an príomhchoinníoll lena rialaítear rochtain ar mhargadh an Chomhphobail agus toisc gurb iad na Rialacháin na hionstraimí Comhphobail atá infheidhme sa réimse sin, is dealraitheach gur Rialachán an ionstraim is iomchuí chun glacadh le daoine i ngairm an oibreora de bhóthar a rialú.

(5)

Ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh a oiriúnú chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 299(2) den Chonradh, mar gheall ar shaintréithe speisialta na réigiún sin agus na srianta speisialta atá orthu. Níor cheart, áfach, go bhféadfadh na gnóthais a bunaíodh sna réigiúin sin ceadúnas Comhphobail a fháil mura gcomhlíonann siad na coinníollacha chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh ach mar thoradh ar an oiriúnú sin. Níor cheart go mbeadh oiriúnú na gcoinníollacha chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh ina bhac ar ghnóthais a ligfí isteach i ngairm an oibreora iompair de bhóthar agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar síos sa Rialachán seo chun go bhféadfaidís oibríochtaí iompair a dhéanamh sna réigiúin is forimeallaí.

(6)

Ar mhaithe leis an iomaíocht chóir, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha comhchoiteanna lena rialaítear cleachtadh ghairm an oibreora iompair de bhóthar maidir le gach gnóthas a mhéid is féidir. Ní gá, áfach, go n-áireofaí le raon feidhme an Rialachán seo gnóthais nach ndéanann ach oibríochtaí iompair ar fíorbheag an tionchar atá acu ar an margadh iompair.

(7)

Ba cheart gurbh ar an mBallstát bunaíochta a bheadh an fhreagracht a fhíorú go gcomhlíonann gnóthas i gcónaí na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo ionas go bhféadfadh údaráis inniúla an Bhallstáit sin cinneadh a dhéanamh, dá mba ghá, na húdaruithe lena gceadaítear don ghnóthas sin oibriú sa mhargadh a fhionraí nó a tharraingt siar. Caithfidh bunaíocht éifeachtach chobhsaí a bheith ag gnóthais i dtosach chun go gcomhlíonfar go cuí na coinníollacha lena rialaítear glacadh le gnóthais i ngairm an oibreora iompair de bhóthar go cuí agus chun go bhféadfar faireachán a dhéanamh orthu ar bhealach iontaofa.

(8)

Ba cheart daoine nádúrtha a bhfuil an dea-cháil is gá orthu agus a bhfuil an inniúlacht ghairmiúil is gá acu a shainaithint go soiléir agus iad a ainmniú do na húdaráis inniúla. Ba cheart do na daoine sin (na bainisteoirí iompair) a bheith ina gcónaí i mBallstát agus ba cheart dóibh gníomhaíochtaí iompair na ngnóthas iompair de bhóthar a bhainistiú ar bhonn éifeachtach, leanúnach. Is iomchuí, dá bhrí sin, na coinníollacha a shonrú faoina measfar go bhfuil duine ag bainistiú gníomhaíochtaí iompair gnóthais ar bhonn éifeachtach, leanúnach.

(9)

Tá dea-cháil bainisteoirí iompair ag brath ar an gcoinníoll nach bhfuarthas ciontach i gcion coiriúil tromchúiseach iad nó nár thabhaigh siad pionós mar gheall ar shárú tromchúiseach, go háirithe, ar rialacha Comhphobail a bhaineann le hiompar de bhóthar. Maidir le hionchúiseamh nó le pionós a thabhaigh bainisteoir iompair de bhóthar nó gnóthas iompair de bhóthar i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin mar gheall ar na sáruithe is tromchúisí ar rialacha Comhphobail, ba cheart go gcaillfí dea-cháil mar thoradh air sin ar choinníoll go bhfionnfadh an t-údarás inniúil gur tharla nós imeachta imscrúdaithe a cuireadh i gcrích agus a doiciméadaíodh go cuí, lenar deonaíodh cearta riachtanacha nós imeachta, sula ndearna sé a chinneadh críochnaitheach, agus gur urramaíodh cearta iomchuí achomhairc.

(10)

Is gá go mbeadh leibhéal íosta seasaimh airgeadais ag gnóthais iompair de bhóthar chun a áirithiú go ndéanfar an gnóthas a chur ar bun agus a riar mar is ceart. Féadfaidh sé gur modh simplí, cost-éifeachtúil chun seasamh airgeadais na ngnóthas a léiriú é ráthaíocht bhainc nó árachas dliteanais ghairmiúil.

(11)

Ba cheart go ndéanfadh ardleibhéal cáilíochta gairmiúla éifeachtúlacht shocheacnamaíoch na hearnála iompair de bhóthar a fheabhsú. Is iomchuí, dá bhrí sin, go mbeadh ardchaighdeán faisnéise gairmiúla ag iarratasóirí ar phoist mar bhainisteoirí iompair. D’fhonn tuilleadh aonfhoirmeachta a áirithiú sna scrúduithe agus d’fhonn ardchaighdeán oiliúna a chur chun cinn, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfadh na Ballstáit ionaid scrúdaithe agus oiliúna a údarú, de réir critéar a shaineoidh siad féin. Ba cheart go mbeadh an t-eolas is gá ag na bainisteoirí iompair chun oibríochtaí iompair náisiúnta agus oibríochtaí iompair idirnáisiúnta araon a bhainistiú. Is dóigh go n-athróidh liosta na n-ábhar a bhfuil eolas orthu ag teastáil chun deimhniú inniúlachta gairmiúla a fháil, mar aon leis na nósanna imeachta maidir le heagrú na scrúduithe, bonn ar bhonn leis an dul chun cinn teicniúil, agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir lena dtabhairt cothrom le dáta. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit daoine a dhíolmhú ó na scrúduithe ar féidir leo cruthúnas a sholáthar go bhfuil taithí leanúnach acu i mbainistiú gníomhaíochtaí iompair.

(12)

Éilíonn an iomaíocht chóir agus córas iompair de bhóthar a chomhlíonann na rialacha go hiomlán go mbeadh an faireacháin a dhéanfadh na Ballstáit ar leibhéal aonfhoirmeach. Maidir leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar ghnóthais agus ar bhailíocht a n-údaruithe, tá ról fíorthábhachtach acu maidir leis sin agus is iomchuí a áirithiú go ndéanfaidís bearta cuí a ghlacadh más gá, go háirithe sna cásanna is tromchúisí trí údaruithe a fhionraí nó a tharraingt siar, nó trí mhí-oiriúnacht bainisteoirí iompair a bhíonn faillíoch arís agus arís eile nó a bhíonn ag gníomhú de mheon mímhacánta a dhearbhú. Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, caithfear an beart a bhreithniú go cuí i ndáil le prionsabal na comhréireachta. Ba cheart fógra roimh ré a thabhairt don ghnóthas, áfach, agus ba cheart tréimhse ama réasúnta a thabhairt dó chun an staid a chur ina ceart sula dtabhfaidís na pionóis sin.

(13)

Chuirfeadh comhar riaracháin níos fearr idir Ballstáit feabhas ar éifeachtacht an fhaireacháin a dhéantar ar na gnóthais a bhíonn ag oibriú i roinnt Ballstát agus laghdódh sé na costais riaracháin sa todhchaí. Dhéanfadh cláir leictreonacha gnóthas a d’idirnascfaí ar fud an Chomhphobail, lena gcomhlíontar rialacha an Chomhphobail maidir le cosaint sonraí pearsanta, an comhar sin a éascú agus an costas a bhaineann le rialuithe a laghdú do na gnóthais agus do na riaracháin araon. Tá cláir leictreonacha náisiúnta ann cheana féin i roinnt Ballstát. Bunaíodh bonneagar freisin d’fhonn an t-idirnasc idir Ballstáit a chur ar aghaidh. D’fhéadfaí, dá bharr sin, go gcuirfeadh úsáid níos córasaí na gclár leictreonach go mór le laghdú na gcostas riaracháin a bhaineann le seiceálacha agus sa tslí chéanna dhéanfaí a n-éifeachtacht a fheabhsú.

(14)

Is sonraí pearsanta iad roinnt de na sonraí atá sna cláir leictreonacha náisiúnta a bhaineann le sáruithe agus le pionóis. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7), go háirithe i dtaca le faireachán a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí, le ceart na ndaoine a mbaineann na sonraí leo chun faisnéise, lena gceart rochtana agus lena gceart agóide. Chun críocha an Rialacháin seo, dealraíonn sé gur gá na sonraí sin a choinneáil ar feadh dhá bhliain ar a laghad chun a áirithiú nach ndéanfadh gnóthais dhícháilithe iad féin a bhunú i mBallstáit eile.

(15)

D’fhonn cur leis an trédhearcacht agus d’fhonn a cheadú do chliant gnóthais iompair a fhíorú go bhfuil an t-údarú iomchuí i seilbh an ghnóthais sin, ba cheart go mbeadh rochtain phoiblí ar shonraí áirithe atá sa chlár leictreonach náisiúnta a mhéid a chomhlíontar na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí.

(16)

Tá sé riachtanach cláir leictreonacha náisiúnta a idirnascadh de réir a chéile chun malartú tapa éifeachtúil faisnéise idir Ballstáit a chumasú agus chun a áirithiú nach gcuirfí cathú ar oibreoirí iompair de bhóthar sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh i mBallstáit eile seachas a mBallstát bunaíochta nó chun nach rachadh siad san amhantar lena ndéanamh. Éilíonn idirnascadh den sórt sin go saineofaí go comhpháirteach formáid shonrach na sonraí a bheidh le malartú agus na nósanna imeachta teicniúla chun na sonraí sin a mhalartú.

(17)

D’fhonn malartú faisnéise éifeachtúil idir Ballstáit a áirithiú, ba cheart pointí teagmhála náisiúnta a ainmniú agus ba cheart nósanna imeachta comhchoiteanna áirithe a bhaineann ar a laghad le teorainneacha ama agus le cineál na faisnéise a bheidh le cur ar aghaidh a shonrú.

(18)

D’fhonn saoirse bunaíochta a éascú, ba cheart go nglacfaí le doiciméid iomchuí arna eisiúint ag údarás inniúil sa Bhallstát ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair mar chruthúnas leordhóthanach ar dhea-cháil chun críche ligean isteach don ghairm an oibreora iompair de bhóthar sa Bhallstát bunaíochta, ar choinníoll nár dearbhaíodh go raibh na daoine lena mbaineann mí-oiriúnach chun an ghairm sin a chleachtadh i mBallstáit eile.

(19)

Maidir le hinniúlacht ghairmiúil, d’fhonn saoirse bunaíochta a éascú, ba cheart don Bhallstát bunaíochta a mheas gur cruthúnas leordhóthanach é deimhniú eiseamláireach aonair a eiseofar i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(20)

Is gá faireachán níos géire a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar leibhéal an Chomhphobail. Ciallaíonn an méid sin go gcaithfear tuarascálacha tráthrialta maidir le dea-cháil, seasamh airgeadais agus inniúlacht ghairmiúil gnóthas in earnáil an iompair de bhóthar, a tharraingeofar suas ar bhonn clár náisiúnta, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(21)

Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit foráil do phionóis a bheadh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(22)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon nuachóiriú na rialacha lena rialaítear gnóthas a ligean isteach do ghairm an oibreora iompair de bhóthar d’fhonn a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm ar bhealach níos aonfhoirmí agus níos inchomparáide sna Ballstáit, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(23)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (8).

(24)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún liosta a tharraingt suas de chatagóirí, de chineálacha agus de leibhéil tromchúise na sáruithe a chuirfeadh faoi deara go gcaillfeadh oibreoirí iompair de bhóthar dea-cháil, Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil i dtaobh an eolais a bheidh le cur san áireamh chun go dtabharfadh na Ballstáit aitheantas don inniúlacht ghairmiúil, agus i ndáil le múnla an deimhnithe inniúlachta gairmiúla, agus liosta a tharraingt suas de na sáruithe a bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá ndeasca, de bhreis ar na sáruithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(25)

Ba cheart Treoir 96/26/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Rialaítear leis an Rialachán seo gnóthais a ligean isteach i ngairm an oibreora iompair de bhóthar agus cleachtadh na gairme sin.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gnóthais go léir atá bunaithe sa Chomhphobal agus atá ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Beidh feidhm aige freisin maidir le gnóthais a bhfuil rún acu gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Áireofar i dtagairtí do ghnóthais atá ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar, de réir mar is iomchuí, tagairt do ghnóthais a bhfuil sé ar intinn acu gabháil do na hoibríochtaí sin.

3.   Maidir leis na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 299(2) den Chonradh, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann oiriúnú a dhéanamh ar na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh, sa mhéid go ndéantar na hoibríochtaí a chur i gcrích go hiomlán sna réigiúin sin go hiomlán.

4.   De mhaolú ar mhír 2, mura bhforáltar a mhalairt sa dlí náisiúnta, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gnóthais seo a leanas:

(a)

gnóthais a bhíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónasc feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna. Féadfaidh na Ballstáit an tairseach sin a ísliú, áfach, do gach catagóir oibríochtaí iompair de bhóthar nó do chuid díobh;

(b)

gnóthais a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí iompair do phaisinéirí de bhóthar chun críocha neamhthráchtála go heisiach, nó a bhfuil príomhghairm acu seachas gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar;

(c)

gnóthais nach mbíonn ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar ach trí bhíthin mótarfheithiclí nach sáraíonn a n-uasluas údaraithe 40 km/u.

5.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit díolúine ó chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo, nó ó chuid díobh, a thabhairt ach d’oibreoirí iompair de bhóthar a bhíonn ag gabháil go heisiach d’oibríochtaí iompair náisiúnta nach bhfuil ach tionchar fíorbheag acu ar mhargadh an iompair mar gheall ar na nithe seo a leanas:

(a)

cineál na n-earraí a iompraítear; nó

(b)

giorracht na n-achar atá i gceist.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1.

ciallaíonn ‘gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar’, gníomhaíocht aon ghnóthais a dhéanann earraí a iompar ar fruiliú nó ar luaíocht, trí bhíthin mótarfheithiclí nó trí bhíthin cónasc feithiclí;

2.

ciallaíonn ‘gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar’, gníomhaíocht aon ghnóthais a dhéanann, trí úsáid a bhaint as mótarfheithiclí a thógtar agus a fheistítear le bheith oiriúnach chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh, agus atá ceaptha chun na críche sin, seirbhísí iompair do phaisinéirí a chur ar fáil don phobal nó do chatagóirí áirithe úsáideoirí ar íocaíocht ón duine atá á iompar nó ó eagraí an iompair;

3.

ciallaíonn ‘gairm an oibreora iompair de bhóthar’, gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar nó gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar;

4.

ciallaíonn ‘gnóthas’ aon duine nádúrtha, nó aon duine dlítheanach, bíodh sé brabúsach nó ná bíodh, aon chomhlachas nó aon ghrúpa daoine gan pearsantacht dhlítheanach, bíodh sé brabúsach nó ná bíodh, nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó bíodh sé ag brath ar údarás a bhfuil an phearsantacht sin aige, atá ag gabháil d’iompar paisinéirí, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag gabháil d’iompar lastais chun críocha tráchtála;

5.

ciallaíonn ‘bainisteoir iompair’, duine nádúrtha atá fostaithe ag gnóthas nó, i gcás inar duine nádúrtha an gnóthas sin, an duine sin nó, i gcás inar foráladh amhlaidh, duine nádúrtha eile atá ainmnithe ag an ngnóthas trí mheán conartha, agus a stiúrann gníomhaíochtaí iompair an ghnóthais sin ar mhodh éifeachtach, buan;

6.

ciallaíonn ‘údarú gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh’ cinneadh riaracháin lena n-údaraítear do ghnóthas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh;

7.

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i mBallstát a fhíoraíonn, chun críche cleachtadh ghairm an oibreora iompair de bhóthar a údarú, an gcomhlíonann gnóthas na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, agus a dtugtar de chumhacht dó údarú gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh a dheonú, a fhionraí nó a tharraingt siar;

8.

ciallaíonn ‘Ballstát bunaíochta’, an Ballstát ina bhfuil gnóthas bunaithe, beag beann ar cibé acu an ó thír eile atá a thionscnamh ag a bhainisteoir iompair nó nach ea.

Airteagal 3

Ceanglais maidir le gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar

1.   Caithfidh gnóthais a bheidh ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar:

(a)

a bheith bunaithe go héifeachtach agus go cobhsaí i mBallstát;

(b)

dea-cháil a bheith acu;

(c)

seasamh airgeadais iomchuí a bheith acu; agus

(d)

an inniúlacht ghairmiúil is gá a bheith acu.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ceanglais fhorlíontacha bhreise a fhorchur, a bheidh comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh ar ghnóthais a chomhlíonadh chun go n-údarófar dóibh gabháil de ghairm an oibreora iompair de bhóthar.

Airteagal 4

Bainisteoir iompair

1.   Ainmneoidh gnóthas a ghabhann do ghairm an oibreora iompair de bhóthar duine nádúrtha amháin ar a laghad, an bainisteoir iompair, ar duine é a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1)(b) agus (d) agus a chomhlíonfaidh freisin na ceanglais seo a leanas:

(a)

bainisteoidh sé gníomhaíochtaí iompair an ghnóthais go héifeachtach agus go leanúnach;

(b)

beidh nasc dílis aige leis an ngnóthas, amhail a bheith ina fhostaí aige, ina stiúrthóir air nó ina scairshealbhóir ann, nó a bheith á riar, nó, más duine nádúrtha é an gnóthas, is eisean an duine sin; agus

(c)

beidh cónaí air sa Chomhphobal.

2.   Mura gcomhlíonfaidh gnóthas an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 3(1)(d), féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt dó gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar gan bainisteoir iompair a bheidh ainmnithe i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll:

(a)

go ndéanfaidh an gnóthas duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Chomhphobal a ainmniú, ar duine é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b) agus (d), agus atá i dteideal faoi chonradh cúraimí bainisteora iompair a fheidhmiú thar ceann an ghnóthais;

(b)

go ndéanfaidh an conradh a nascfaidh an gnóthas leis an duine dá dtagraítear i bpointe (a) na cúraimí a bheidh le déanamh ar bhonn éifeachtach, leanúnach ag an duine sin a shonrú, agus go léireoidh sé a fhreagrachtaí mar bhainisteoir iompair. Is iad na cúraimí a bheidh le sonrú go háirithe cúraimí a bhaineann le seirbhísiú agus le cothabháil na bhfeithiclí, conarthaí agus doiciméid iompair a fhíorú, cuntasaíocht bhunúsach, ualaí nó seirbhísí a shannadh do thiománaithe agus d’fheithiclí, agus nósanna imeachta maidir le sábháilteacht a fhíorú;

(c)

go bhféadfaidh an duine dá dtagraítear i bpointe (a), ina cháil mar bhainisteoir iompair, gníomhaíochtaí iompair suas le ceithre ghnóthas éagsúla, ar a mhéid, a bhainistiú, agus flít iomlán nach mó ná 50 feithicil eatarthu acu. Féadfaidh na Ballstáit líon na ngnóthas a laghdú agus/nó méid fhlít iomlán feithiclí a d’fhéadfadh an duine sin a bhainistiú a laghdú; agus

(d)

go bhfeidhmeoidh an duine dá dtagraítear i bpointe (a) na cúraimí a shonraítear ar mhaithe leis an ngnóthas amháin agus go bhfeidhmeoidh sé a fhreagrachtaí go neamhspleách ar aon ghnóthais eile a éileoidh go gcuirfeadh an gnóthas oibríochtaí iompair i gcrích.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhféadfar bainisteoir iompair a ainmneofar i gcomhréir le mír 1 a ainmniú i gcomhréir le mír 2 freisin, nó nach n-ainmneofar é ach i leith líon teoranta gnóthas nó i leith flít feithiclí is lú ná iad sin dá dtagraítear i mír 2(c).

4.   Tabharfaidh an gnóthas fógra don údarás inniúil faoin mbainisteoir iompair nó faoi na bainisteoirí iompair a ainmneofar.

CAIBIDIL II

NA COINNÍOLLACHA ATÁ LE COMHLÍONADH CHUN NA CEANGLAIS A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 3 A SHÁSAMH

Airteagal 5

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta

D’fhonn an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(a) a chomhlíonadh,

(a)

beidh bunaíocht ag an ngnóthas a bheidh suite sa Bhallstát lena mbaineann maille le háitreabh ina gcoimeádfaidh sé a phríomhdhoiciméid ghnó, go háirithe a dhoiciméid chuntasaíochta, a dhoiciméid uile maidir le bainistíocht foirne, a dhoiciméid uile ina bhfuil sonraí maidir le ham tiomána agus tréimhsí sosa agus aon doiciméad eile a gcaithfidh rochtain a bheith ag an údarás inniúil air d’fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo a fhíorú. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na gnóthais a bheidh ar a gcríoch doiciméid eile a bheith ar fáil freisin ar a n-áitreabh i gcónaí;

(b)

a luaithe a dheonófar údarú don ghnóthas, beidh feithicil amháin nó níos mó ná feithicil amháin a bheidh cláraithe nó a chuirfear i gcúrsaíocht ar shlí eile i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann ar fáil aige sa Bhallstát sin, cibé acu ar lánúinéireacht atá na feithiclí sin nó, mar shampla, ar feithiclí iad a choimeádtar faoi chonradh fruilcheannaigh, faoi chonradh fruilithe nó faoi chonradh léasúcháin;

(c)

sa Bhallstát lena mbaineann, déanfaidh an gnóthas a oibríochtaí a bhaineann leis an feithiclí a luaitear i bpointe (b) ar mhodh éifeachtach, leanúnach agus leis an trealamh riaracháin agus leis na saoráidí riaracháin is gá, ag lárionad oibríochta a bheidh suite sa Bhallstát sin.

Airteagal 6

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le dea-cháil

1.   Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, cinnfidh na Ballstáit na coinníollacha a chaithfidh gnóthais agus bainisteoirí iompair a chomhlíonadh d’fhonn an ceanglas maidir le dea-cháil a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b) a shásamh.

Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil an ceanglas sin maidir le dea-cháil comhlíonta ag gnóthas, cuirfidh na Ballstáit iompraíocht an ghnóthais, a bhainisteoirí iompair agus aon duine ábhartha eile san áireamh, de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh. Aon tagairt atá san Airteagal seo do chiontuithe, do phionóis nó do sháruithe, cuimseoidh sí ciontuithe, pionóis nó sáruithe an ghnóthais féin, a bhainisteoirí iompair agus aon duine ábhartha eile de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh.

Beidh ar a laghad an méid seo a leanas sna coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

ní bheidh aon chúiseanna láidre ann amhras a bheith ann maidir le dea-cháil an bhainisteora iompair nó le dea-cháil an ghnóthais iompair, amhail ciontuithe nó pionóis mar gheall ar shárú tromchúiseach ar na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm sna réimsí seo a leanas:

(i)

an dlí tráchtála;

(ii)

dlí na dócmhainneachta;

(iii)

coinníollacha pá agus fostaíochta na gairme;

(iv)

trácht ar bhóithre;

(v)

dliteanas gairmiúil;

(vi)

gáinneáil ar dhaoine nó ar dhrugaí; agus

(b)

ní dhearnadh an bainisteoir iompair ná an gnóthas iompair a chiontú i gcion coiriúil tromchúiseach ná níor thabhaigh siad pionós i mBallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin maidir le sárú tromchúiseach ar rialacha an Chomhphobail a bhaineann go háirithe leis na nithe seo a leanas:

(i)

am tiomána agus tréimhsí sosa na dtiománaithe, am oibre agus suiteáil agus úsáid trealaimh taifeadta;

(ii)

meáchain uasta agus toisí uasta feithiclí tráchtála a úsáidtear sa trácht idirnáisiúnta;

(iii)

buncháilíocht agus oiliúint leanúnach na dtiománaithe;

(iv)

ródacmhainneacht feithiclí tráchtála, lena n-áirítear an chigireacht theicniúil bhliantúil éigeantach ar mhótarfheithiclí;

(v)

rochtain ar mhargadh an tarlaithe idirnáisiúnta de bhóthar nó, de réir mar is iomchuí, rochtain ar mhargadh an iompair phaisinéirí de bhóthar;

(vi)

sábháilteacht maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar;

(vii)

suiteáil agus úsáid feistí teorannaithe luais i gcatagóirí áirithe feithiclí;

(viii)

na ceadúnais tiomána;

(ix)

ligean isteach sa ghairm;

(x)

iompar ainmhithe.

2.   Chun críocha phointe (b) den tríú fomhír de mhír 1:

(a)

i gcás ina ndéanfar an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair a chiontú i gcion coiriúil tromchúiseach nó i gcás ina dtabhóidh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair pionós i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin mar gheall ar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Chomhphobail, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhunaíochta nós imeachta riaracháin a chur i gcrích ar dhóigh atá iomchuí agus tráthúil agus a chríochnófar mar is cóir, lena n-áireofar, más iomchuí, seiceáil a dhéanamh ar áitreabh an ghnóthais lena mbaineann.

Cinnfear leis an nós imeachta an freagairt dhíréireach a bheadh ann, de bharr imthosca sonracha, dea-cháil a chailliúint sa chás sin ar leith. Beidh réasúnú cuí ag aon chinneadh den sórt sin agus bonn cirt leis.

Má shuíonn an t-údarás inniúil gur freagairt dhíréireach a bheadh ann dea-cháil a chailliúint, féadfaidh sé a chinneadh nach ndéanfaí difear don dea-cháil. Sa chás sin, taifeadfar na cúiseanna sa chlár náisiúnta. Sonrófar líon na gcinntí sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 26(1).

Má mheasann an t-údarás inniúil nach freagairt dhíréireach a bheadh ann dea-cháil a chailliúint, caillfear dea-cháil de thoradh an chiontaithe nó an phionóis;

(b)

tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de chatagóirí, de chineálacha agus de leibhéil tromchúise maidir le sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an Chomhphobail, chomh maith leis na sáruithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, a bhféadfaí dea-cháil a chailliúint dá mbarr. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh faisnéis faoi na sáruithe sin, lena n-airítear faisnéis a gheofar ó Bhallstáit eile, nuair a bheidh siad ag socrú na dtosaíochtaí le haghaidh seiceálacha de bhun Airteagal 12(1).

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus a bhainfidh leis an liosta sin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:

(i)

na catagóirí agus na cineálacha sáruithe is minice a gcastar orthu a leagan síos;

(ii)

leibhéal tromchúise na sáruithe a shainiú de réir a gcumais chun baol báis nó baol maidir le gortú tromchúiseach a chruthú; agus

(iii)

an mhinicíocht a sholáthar lena bhféachfar ar shraith sáruithe a théann thar an minicíocht sin mar sháruithe níos tromchúisí, tríd an líon tiománaithe a úsáidfear le haghaidh na ngníomhaíochtaí iompair a bhainisteoidh bainisteoir iompair a chur san áireamh.

3.   Ní chomhlíonfar an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b) go dtí go dtarlóidh beart athshlánúcháin nó aon bheart comhéifeachta eile, de bhun fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta.

Airteagal 7

Coinníollacha a bhaineann leis na gceanglas maidir le seasamh airgeadais

1.   D’fhonn an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(c) a chomhlíonadh, beidh gnóthas in ann a chuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh tráth ar bith i rith na bliana cuntasaíochta bliantúla. Chuige sin, taispeánfaidh an gnóthas, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe faoi mar is iomchuí, go bhfuil caipiteal agus cúlchistí aige arb é EUR 9 000, ar a laghad, a móriomlán nuair nach n-úsáidtear ach aon fheithicil amháin agus EUR 5 000 gach bliain do gach feithicil bhreise arna úsáid.

Chun críoch an Rialacháin seo, socrófar luach an euro gach bliain in airgeadraí na mBallstát nach nglacann páirt sa triú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Is iad na rátaí a bheidh le cur i bhfeidhm na rátaí a gheofar an chéad lá oibre de Dheireadh Fómhair agus a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh éifeacht acu ón 1 Eanáir an bhliain féilire dár gcionn.

Tuigfear gurb iad na hítimí cuntasaíochta a shainmhínítear sa Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 arna fothú ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí na hítimí cuntasaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír (9).

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a aontú nó a éileamh go léireoidh gnóthas a sheasamh airgeadais trí mheán deimhnithe amhail rathaíocht bhainc nó árachas, lena n-áirítear árachas dliteanais ghairmiúil ó bhanc amháin nó níos mó ná banc amháin nó ó institiúid airgeadais eile amháin nó níos mó ná institiúid airgeadais eile amháin, lena n-áirítear cuideachtaí árachais, a mbíonn ráthaíocht chomhpháirteach agus leithleach á cur ar fáil acu don ghnóthas i leith na méideanna a shonraítear sa chéad fhomhír de mhír 1.

3.   Maidir leis na cuntais bhliantúla dá dtagraítear i mír 1, nó maidir leis an ráthaíocht dá dtagraítear i mír 2, agus a chaithfear a fhíorú, is cuntais iad nó is ráthaíocht í de chuid an eintitis eacnamaíoch a bunaíodh sa Bhallstáit inar iarradh údarú agus ní cuntais ná ráthaíocht iad de chuid aon eintitis eile a bunaíodh in aon Bhallstát eile.

Airteagal 8

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil

1.   D’fhonn an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(d) a chomhlíonadh, beidh eolas ag an duine nó ag na daoine lena mbaineann a fhreagróidh don leibhéal dá bhforáiltear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I sna hábhair a liostaítear inti. Is trí scrúdú scríofa éigeantach a thaispeánfar an t-eolas sin agus féadfar an scrúdú scríofa a fhorlíonadh le scrúdú béil, má chinneann Ballstát amhlaidh. Eagrófar na scrúduithe sin i gcomhréir le Cuid II d’Iarscríbhinn I. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh tréimhse oiliúna a fhorchur roimh an scrúdú.

2.   Déanfaidh na daoine lena mbaineann an scrúdú sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu nó sa Bhallstát ina bhfuil siad ag obair.

Ciallaíonn ‘gnáthchónaí’ an áit ar ann is iondúil a bhíonn duine ag cur faoi, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá gach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta lena léirítear go bhfuil dlúthnasc ag an duine sin leis an áit ina bhfuil an duine sin ag cur faoi.

Gnáthchónaí duine nach ionann an áit a bhfuil a cheangail ghairme agus an áit a bhfuil a cheangail phearsanta agus a chónaíonn, dá bhrí sin, idir áiteanna éagsúla atá lonnaithe in dhá Bhallstát nó i níos mó ná dhá Bhallstát, measfar gurb é an áit ina bhfuil a cheangail phearsanta é, ar choinníoll go bhfilleann an duine sin ar an áit sin go rialta. Ní cheanglófar an coinníoll dheireanach sin a leagan síos i gcás ina mbeidh an duine ina chónaí i mBallstát d’fhonn tasc a chur i gcrích a bhfuil ré chinnte ag baint leis. Ní thabharfar le tuiscint go mbeidh athrú gnáthchónaí i gceist toisc duine a bheith ag freastal ar ollscoil nó ar scoil.

3.   Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí atá údaraithe go cuí chuige sin ag Ballstát i gcomhréir leis na gcritéar a shainmhíneoidh sé féin, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh na scrúduithe scríofa agus na scrúduithe béil dá dtagraítear i mír 1 a eagrú agus a dheimhniú. Fíoróidh na Ballstáit go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha faoina n-eagraíonn na húdaráis nó na comhlachtaí sin na scrúduithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

4.   Féadfaidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le critéir a shaineoidh na Ballstáit údarú a thabhairt do chomhlachtaí inniúla, chun oiliúint d’ardchaighdeán a chur ar fáil d’iarratasóirí chun iad a ullmhú do na scrúduithe mar aon le hoiliúint leanúnach chun go bhféadfaidh bainisteoirí iompair ar mian leo sin a gcuid eolais a thabhairt cothrom le dáta. Fíoróidh na Ballstáit sin go tráthrialta an bhfuil na critéir ba bhun lena n-údarú á gcomhlíonadh i gcónaí ag na comhlachtaí sin.

5.   Féadfaidh na Ballstát oiliúint thréimhsiúil ar na hábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur chun cinn ag eatraimh 10 mbliana lena áirithiú go mbeidh na bainisteoirí iompair ar an eolas faoi fhorbairtí san earnáil.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal maidir le daoine a bhfuil deimhniú inniúlachta gairmiúla acu ach nach ndearna bainistiú ar ghnóthas tarlaithe de bhóthar ná ar ghnóthas iompair phaisinéirí de bhóthar le cúig bliana anuas, go dtabharfaidís faoi athoiliúint d’fhonn an t-eolas atá acu ar fhobairtí reatha sa reachtaíocht dá dtagraítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta.

7.   Féadfaidh Ballstát díolúine a thabhairt do dhaoine a bhfuil cáilíochtaí áirithe ardoideachais nó cáilíochtaí oideachais theicniúil acu, a eisíodh sa Bhallstát sin, agus a ceapadh go sonrach chun na críche sin agus a chuimsíonn eolas i leith na n-ábhar uile a liostaítear in Iarscríbhinn I as an scrúdú sna hábhair a chumhdaítear leis na cáilíochtaí sin. Ní bheidh feidhm ag an díolúine sin ach maidir leis na ranna sin de Chuid I d’Iarscríbhinn I a gcuimsíonn an cháilíocht na hábhair uile a liostaítear faoi cheannteideal gach ranna ina leith.

Féadfaidh Ballstát díolúine a thabhairt i leith codanna sonraithe de na scrúduithe do dhaoine a bhfuil deimhnithe inniúlachta gairmiúla acu atá bailí d’oibríochtaí iompair náisiúnta sa Bhallstát sin.

8.   Déanfar deimhniú arna eisiúint ag an údarás nó ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt ar aird mar chruthúnas ar inniúlacht ghairmiúil. Ní bheidh an deimhniú sin inaistrithe chuig aon duine eile. Déanfar é a tharraingt suas i gcomhréir leis na gnéithe slándála agus i gcomhréir leis an deimhniú eiseamláireach a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III agus beidh stampa agus síniú an údaráis chuí-údaraithe nó an chomhlachta chuí-údaraithe a d’eisigh é air.

9.   Déanfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

10.   Déanfaidh an Coimisiún malartú taithí agus malartú faisnéise idir Ballstáit a éascú agus a spreagadh, nó trí aon chomhlacht a dhéanfaidh sé a ainmniú, a bhaineann le hoiliúint, le scrúduithe agus le húdaruithe.

Airteagal 9

Díolúine ón scrúdú

Daoine ar féidir leo cruthúnas a sholáthar go raibh gnóthas tarlaithe de bhóthar nó gnóthas iompair phaisinéirí de bhóthar á bhainistiú go leanúnach acu i mBallstát amháin nó i níos má ná Ballstát amháin i rith thréimhse 10 mbliana roimh an 4 Nollaig 2009 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh díolúine a thabhairt dóibh ó na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

CAIBIDIL III

ÚDARÚ AGUS FAIREACHÁN

Airteagal 10

Údaráis inniúla

1.   Déanfaidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó ná udarás inniúil amháin a ainmniú chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme mar is ceart. Beidh de chumhacht ag na húdaráis inniúla sin na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

iarratais a dhéanfaidh gnóthais a scrúdú;

(b)

údaruithe a dheonú chun gabháil do ghairm an oibreora de bhóthar, agus na húdaruithe sin a fhionraí nó a tharraingt siar;

(c)

a dhearbhú go bhfuil duine nádúrtha mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú i gcáil bainisteora iompair;

(d)

na seiceálacha is gá a dhéanamh chun a fhíorú an gcomhlíonann gnóthas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3.

2.   Foilseoidh na húdaráis inniúla na coinníollacha go léir a leagtar síos de bhun an Rialacháin seo, aon fhorálacha náisiúnta eile, na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag na hiarratasóirí leasmhara mar aon leis na míniúcháin a ghabhann leo.

Airteagal 11

Scrúdú agus clárú a dhéanamh ar iarratais

1.   Ar iarratas a chur isteach, údarófar do ghnóthas iompair a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3, gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Cinnteoidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an gnóthas a chuireann iarratas isteach na ceanglais a leagtar síos san Airteagal sin.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil na sonraí a bhaineann leis na gnóthais a údaróidh sé agus dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(2) a thaifeadadh sa chlár leictreonach náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 16.

3.   Beidh an teorainn ama chun go scrúdódh údarás inniúil iarratas ar údarú chomh gearr agus is féidir agus ní rachaidh sí thar thrí mhí ón dáta a bhfaighidh an t-údarás inniúil na doiciméid uile is gá chun an t-iarratas a mheas. Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an teorainn ama sin ar feadh tréimhse breise míosa i gcásanna ina mbeidh bonn cirt cuí leis.

4.   Go dtí an 31 Nollaig 2012, fíoróidh an t-údarás inniúil, i gcás ina mbeidh aon amhras ann agus dea-cháil gnóthais á meas aige, an mbeidh sé dearbhaithe tráth an iarratais, i gceann de na Ballstáit, go bhfuil an bainisteoir iompair nó na bainisteoirí iompair a ainmníodh mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú de bhun Airteagal 14.

Ón 1 Eanáir 2013 i leith, agus dea-cháil gnóthais á meas aige, fíoróidh an t-údarás inniúil, trí rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(2), trí rochtain dhíreach shlán ar an gcuid ábhartha de na cláir náisiúnta nó ar iarratas uaidh, an mbeidh sé dearbhaithe tráth an iarratais, i gceann de na Ballstáit, go bhfuil an bainisteoir iompair nó na bainisteoirí iompair a ainmníodh mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair a bhainistiú de bhun Airteagal 14.

Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a bhaineann leis na dátaí dá dtagraítear sa mhír seo a chur siar trí bliana ar a mhéid, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

5.   Laistigh de thréimhse 28 lá nó tréimhse is giorra ná sin, de réir mar a chinnfidh an Ballstát bunaíochta, déanfaidh gnóthais a bhfuil údarú acu chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthair fógra faoi aon athruithe ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt don údarás inniúil a d’eisigh an t-údarú.

Airteagal 12

Seiceálacha

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán lena sheiceáil go leanfaidh na gnóthais a údaraíonn siad chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 3. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha lena ndíreofar ar na gnóthais a bhfeicfear baol breise a bheith ag baint leo. Chun na críche sin, leathnóidh na Ballstáit an córas aicmithe rioscaí arna bhunú acu de bhun Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta chun Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar (10) a chur chun feidhme chun na sáruithe uile a shonraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo a chumhdach.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2014, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha ar a laghad gach cúig bliana chun a fhíorú an gcomhlíonann gnóthais na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3.

Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a bhaineann leis na dátaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur siar, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

3.   Déanfaidh Ballstáit seiceálacha leithleacha a chur i gcrích d’fhonn a fhíorú an gcomhlíonann an gnóthas na coinníollacha maidir le gnóthais a ligean isteach i ngairm an oibreora de bhóthar aon uair a iarrfaidh an Coimisiún air déanamh amhlaidh i gcásanna cuí-réasúnaithe. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi thorthaí na seiceálacha sin agus faoi thorthaí na mbeart a cuireadh i gcrích má shuitear nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an ngnóthas.

Airteagal 13

An nós imeachta maidir le húdaruithe a fhionraí agus a tharraingt siar

1.   Má shuíonn an t-údarás inniúil go bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh gnóthas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra faoi sin don ghnóthas. Má shuíonn an t-údarás inniúil nach bhfuil ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na ceanglais sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, féadfaidh sé ceann de na teorannacha ama seo a leanas a shocrú don ghnóthas chun an staid a chur ina ceart:

(a)

teorainn ama nach faide ná sé mhí a bhféadfar síneadh trí mhí a chur léis i gcás bhás nó éagumas fisiciúil an bhainisteora iompair, chun duine a earcú in ionad an bhainisteora iompair i gcás nach gcomhlíonfaidh an bainisteoir iompair na coinníollacha maidir le dea-cháil nó le hinniúlacht ghairmiúil a thuilleadh;

(b)

teorainn ama nach faide ná sé mhí a gcaithfidh an gnóthas a staid a chur ina ceart laistigh di trína thaispeáint go bhfuil bunaíocht éifeachtach chobhsaí aige;

(c)

teorainn ama nach faide ná sé mhí i gcás nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le seasamh airgeadais, d’fhonn a thaispeáint go gcomhlíonfar an ceanglas sin arís ar bhonn buan.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar ghnóthas ar fionraíodh nó ar tarraingíodh siar a údarú a áirithiú gur éirigh lena bhainisteoirí iompair sna scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) sula ndéanfar aon bheart athshlánúcháin.

3.   Má shuíonn an t-údarás inniúil nach gcomhlíonann gnóthas a thuilleadh ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3, fionróidh sé nó tarraingeoidh sé siar an t-údarú chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 14

Dearbhú faoi mhí-oiriúnacht an bhainisteoir iompair

1.   I gcás ina gcaillfidh bainisteoir iompair dea-cháil i gcomhréir le hAirteagal 6, dearbhóidh an t-údarás go bhfuil an bainisteoir iompair de bhóthar mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair an gnóthais a bhainistiú.

2.   Mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar beart athshlánúcháin i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta, ní bheidh deimhniú inniúlachta gairmiúla an bhainisteora iompair a dearbhaíodh a bheith mí-oiriúnach, dá dtagraítear in Airteagal 8(8), bailí a thuilleadh i mBallstát ar bith.

Airteagal 15

Cinntí ó na húdaráis inniúla agus achomhairc

1.   Cinntí diúltacha a dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear iarratas a dhiúltú, údarú atá ann a fhionraí nó a tharraingt siar nó mí-oiriúnacht bainisteora iompair a dhearbhú, luafaidh siad na cúiseanna ar a mbeidh siad bunaithe.

Cuirfear san áireamh i gcinntí den sórt sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil maidir le sáruithe a rinne an gnóthas nó an bainisteoir iompair, ar sáruithe iad a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhea-cháil an ghnóthais, maille le haon fhaisnéis eile a bheidh ar fáil ag an údarás inniúil. Sonrófar iontu na bearta athshlánúcháin is infheidhme i gcás údarú a fhionraí nó mí-oiriúnacht a dhearbhú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh an deis ag na gnóthais lena mbaineann agus ag na daoine lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear i mír 1 os comhair, ar a laghad, comhlachta neamhspleách neamhchlaonta amháin nó os comhair cúirte dlí.

CAIBIDIL IV

SIMPLIÚ AGUS COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 16

Cláir leictreonacha náisiúnta

1.   Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus go háirithe Airteagal 11 go hAirteagal 14 agus Airteagal 26 de, coimeádfaidh gach Ballstát clár leictreonach náisiúnta de na gnóthais iompair de bhóthar atá údaraithe ag údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Déanfar na sonraí a bheidh sa chlár sin a phróiseáil faoi mhaoirseacht údaráis phoiblí a ainmneofar chun na críche sin. Beidh na sonraí ábhartha a bheidh sa chlár leictreonach náisiúnta inrochtana ag údaráis inniúla uile an Bhallstáit a bheidh i gceist

Faoin 31 Nollaig 2009, glacfaidh an Coimisiún Cinneadh maidir leis na ceanglais íosta do na sonraí a bheidh le cur isteach sa chlár leictreonach náisiúnta ón dáta a gcuirtear ar bun é d’fhonn idirnascadh na gclár a éascú amach anseo. Féadfaidh sé a mholadh go n-áireofaí marcanna clárúcháin feithicle chomh maith leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2.

2.   Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad sna cláir leictreonacha náisiúnta:

(a)

ainm agus foirm dhlíthiúil an ghnóthais;

(b)

seoladh a bhunaíochta;

(c)

ainmneacha na mbainisteoirí iompair a bheidh ainmnithe chun na coinníollacha i dtaca le dea-cháil agus le hinniúlacht ghairmiúil a chomhlíonadh nó, de réir mar is iomchuí, ainm ionadaí dhlíthiúil;

(d)

an cineál údaraithe, líon na bhfeithiclí a chumhdaítear leis agus, i gcás inarb iomchuí, sraithuimhir an cheadúnais Chomhphobail agus na gcóipeanna deimhnithe;

(e)

líon, catagóir agus cineál na sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b), ar tháinig ciontuithe nó pionóis astu le linn an dá bhliain dheireanacha;

(f)

ainmneacha aon duine ar dearbhaíodh é a bheith mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú fad is nach bhfuil dea-cháil an duine sin athbhunaithe de bhun Airteagal 6(3), agus na bearta athshlánúcháin is infheidhme.

Chun críocha phointe (e), agus go dtí an 31 Nollaig 2015, féadfaidh na Ballstáit a roghnú gan ach na sáruithe is tromchúisí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a áireamh sa chlár leictreonach náisiúnta.

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) den chéad fhomhír a choimeád i gcláir ar leithligh. Sa chás sin, cuirfear ar fáil na sonraí ábhartha arna n-iarraidh sin nó beidh siad inrochtana go díreach ag údaráis inniúla uile an Bhallstáit a bheidh i gceist. Cuirfear an fhaisnéis a iarrfar ar fáil laistigh de 30 lá oibre ón iarraidh a fháil. Beidh rochtain phoiblí ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d), i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Ar aon chuma, ní bheidh rochtain ag údaráis seachas na húdaráis inniúla ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) den chéad fhomhír ach i gcás ina mbeidh cumhachtaí bronnta go cuí orthu a bhaineann le maoirseacht agus le forchur pionós in earnáil an iompair de bhóthar agus má tá a gcuid feidhmeannach faoi mhionn rúndachta nó faoi oibleagáid fhoirmiúil rúndachta.

3.   Sonraí i ndáil le gnóthas a bhfuil a údarú curtha ar fionraí nó a bhfuil a údarú tarraingthe siar, fanfaidh siad ar an gclár leictreonach náisiúnta ar feadh dhá bhliain ón lá a ndeachaidh an fionraí as feidhm nó ón lá ar tarraingíodh siar an ceadúnas, agus bainfear den chlár iad láithreach ina dhiaidh sin.

Sonraí a bhaineann le duine ar dearbhaíodh é a bheith mí-oiriúnach le haghaidh ghairm an oibreora de bhóthar, fanfaidh siad ar an gclár leictreonach náisiúnta fad nach n-athbhunófar dea-cháil an duine sin de bhun Airteagal 6(3). I gcás ina ndéanfar beart athshlánúcháin den sórt sin nó aon bheart eile a mbeidh éifeacht choibhéiseach aige, bainfear na sonraí den chlár láithreach.

Sonrófar sna sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír na cúiseanna is bun leis na húdaruithe nó leis an dearbhú mí-oiriúnachta a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, agus an ré a fhreagraíonn do gach ceann acu.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcoimeádfar na sonraí go léir sa chlár leictreonach náisiúnta cothrom le dáta agus cruinn, go háirithe na sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) go pointe (f) den chéad fhomhír de mhír 2.

5.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2, glacfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go mbeidh na cláir leictreonacha náisiúnta idirnasctha agus go mbeidh siad inrochtana ar fud an Chomhphobail tríd na pointí teagmhála náisiúnta a shainítear in Airteagal 18. Déanfar an inrochtaineacht trí phointí teagmhála náisiúnta agus an tidirnascadh a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2012 ar dhóigh go mbeidh údarás inniúil Ballstáit ar bith in ann clár leictreonach náisiúnta de chuid aon Bhallstáit a cheadú.

6.   Déanfaidh an Coimisiún rialacha comhchoiteanna a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(2) agus roimh an 31 Nollaig 2010, den chéad uair, maidir le mír 5 a chur chun feidhme, amhail formáid na sonraí a mhalartófar, na nósanna imeachta teicniúla le haghaidh ceadú leictreonach a dhéanamh ar chláir leictreonacha na mBallstát eile agus chun idir-inoibritheacht na gclár sin le bunachair sonraí ábhartha eile a chur chun cinn. Cinnfear leis na rialacha comhchoiteanna sin cé acu údarás a bheidh freagrach as an rochtain ar shonraí agus as úsáid bhreise a bhaint as sonraí tar éis na rochtana agus as na sonraí a choimeád cothrom le dáta tar éis na rochtana agus, chuige sin, áireofar iontu rialacha maidir le logáil sonraí agus maidir le faireachán a dhéanamh ar shonraí.

7.   Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a bhaineann leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5 a chur siar, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 17

Cosaint sonraí pearsanta

Ag féachaint do Threoir 95/46/CE a chur i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go háirithe:

(a)

go gcuirfear gach duine ar an eolas nuair a dhéanfar sonraí ina leith a thaifeadadh nó nuair a bheartófar na sonraí sin a chur ar aghaidh chuig tríú páirtithe. Sonrófar san fhaisnéis a chuirfear ar fáil céannacht an údaráis a bheidh freagrach as próiseáil na sonraí, cineál na sonraí a bheidh á bpróiseáil agus na cúiseanna a bheidh leis an ngníomhaíocht sin;

(b)

go mbeidh ceart rochtana ag gach duine ar na sonraí a bhaineann leo a bheidh ag an údarás a bheidh freagrach as próiseáil na sonraí. Féadfar an ceart sin a chur i bhfeidhm gan srian, ag eatraimh réasúnta agus gan rómhoill nó gan costas rómhór don iarratasóir;

(c)

go mbeidh an ceart ag gach duine a mbeidh a shonraí neamhiomlán nó míchruinn ceartú, scriosadh nó blocáil a fháil ar na sonraí sin;

(d)

go mbeidh an ceart ag gach duine, ar fhorais dhlisteanacha éignithe, cur i gcoinne próiseála ar shonraí a bhaineann leo. I gcás ina gcuirfear ina coinne ar bhonn cirt, ní fhéadfaidh baint a bheith ag an bpróiseáil leis na sonraí sin a thuilleadh.

(e)

go gcomhlíonfaidh na gnóthais, i gcás inarb infheidhme, na forálacha ábhartha maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Airteagal 18

Comhar riaracháin idir Ballstáit

1.   Déanfaidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as malartú faisnéise leis na Ballstáit eile i dtaca le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí a bpointí teagmhála náisiúnta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 4 Nollaig 2011. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála go léir a chur le chéile agus cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig na Ballstáit.

2.   Bainfidh na Ballstáit a mhalartóidh faisnéis faoi chuimsiú an Rialacháin seo úsáid as na pointí teagmhála náisiúnta a ainmneofar de bhun mhír 1.

3.   Maidir leis na Ballstáit a mhalartóidh faisnéis ar na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2), nó ar bhainisteoirí iompair a ndearbhófar go bhfuil siad mí-oiriúnach, comhlíonfaidh siad an nós imeachta agus cloífidh siad leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 nó, de réir mar is iomchuí, in Airteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Ballstát a gheobhaidh fógra faoi shárú tromchúiseach ar tháinig ciontú nó pionós i mBallstát eile dá thoradh, déanfaidh sé an sárú sin a thaifeadadh ina chlár leictreonach náisiúnta.

CAIBIDIL V

AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH A THABHAIRT DO DHEIMHNITHE AGUS DO DHOICIMÉID EILE

Airteagal 19

Deimhnithe dea-cháile agus doiciméid choibhéiseacha

1.   Gan dochar d’Airteagal 11(4), glacfaidh an Ballstát bunaíochta gur cruthúnas leordhóthanach ar dhea-cháil maidir le ligean isteach i ngairm an oibreora iompair de bhóthar é go dtabharfar ar aird sliocht as taifead dlíthiúil nó, mura féidir sin, doiciméad coibhéiseach arna eisiúint ag údarás inniúil dlíthiúil nó riaracháin sa Bhallstát ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile.

2.   I gcás ina bhforchuirfidh Ballstát ar a náisiúnaigh féin coinníollacha áirithe maidir le dea-cháil a chomhlíonadh, agus nach féidir cruthúnas go gcomhlíontar na coinníollacha sin a chur ar fáil trí bhíthin an doiciméid dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Ballstát sin gur cruthúnas leordhóthanach do náisiúnaigh de chuid Ballstát eile é deimhniú a eiseoidh údarás inniúil dlíthiúil nó riaracháin sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile agus ina luafar go bhfuil na coinníollacha seo comhlíonta. Bainfidh an deimhniú sin leis an bhfaisnéis shonrach a chuirfear san áireamh sa Bhallstát bunaíochta.

3.   Mura n-eiseoidh an Ballstát nó na Ballstáit ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 nó an dearbhú dá dtagraítear i mír 2, féadfar dearbhú faoi mhionn nó dearbhú sollúnta a chur in ionad an doiciméid nó an dearbhaithe sin, ar dearbhú é a dhéanfaidh an bainisteoir iompair nó aon duine ábhartha eile os comhair údaráis inniúil bhreithiúnaigh nó údaráis inniúil riaracháin nó, i gcás inarb iomchuí, os comhair nótaire sa Bhallstát ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile. Déanfaidh an t-údarás sin nó an nótaire sin deimhniú a eisiúint lena ndéanfar fíordheimhniú ar an dearbhú faoi mhionn nó ar an dearbhú sollúnta.

4.   Ní ghlacfar le doiciméad dá dtagraítear i mír 1 ná le deimhniú dá dtagraítear i mír 2 má thugtar ar aird iad tráth is déanaí ná trí mhí ón dáta a n-eiseofar iad. Beidh feidhm ag an gcoinníoll sin freisin maidir le dearbhú a dhéanfar i gcomhréir le mír 3.

Airteagal 20

Deimhnithe a bhaineann le seasamh airgeadais

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát coinníollacha áirithe maidir le seasamh airgeadais a fhorchur ar a náisiúnaigh de bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7, glacfaidh an Ballstát sin le deimhniú a eiseoidh údarás inniúil riaracháin sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile, ina luafar gur comhlíonadh na coinníollacha sin, mar chruthúnas leordhóthanach i gcás náisiúnach na mBallstát eile. Bainfidh an deimhniú sin leis an bhfaisnéis shonrach a chuirfear san áireamh sa Bhallstát bunaíochta nua.

Airteagal 21

Deimhnithe inniúlachta gairmiúla

1.   Déanfaidh na Ballstáit aitheantas mar chruthúnas leordhóthanach ar inniúlacht ghairmiúil a thabhairt do dheimhniú lena gcomhlíontar múnla an deimhnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus arna eisiúint ag an údarás nó ag an gcomhlacht atá cuí-údaraithe chun na críche sin.

2.   Deimhniú arna eisiúint roimh an 4 Nollaig 2011 mar chruthúnas ar inniúlacht ghairmiúil de bhun na bhforálacha a bhí i bhfeidhm go dtí an dáta sin, measfar é a bheith coibhéiseach le deimhniú lena gcomhlíontar an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus aithneofar é mar chruthúnas ar inniúlacht ghairmiúil sna Ballstáit go léir. Daoine a bhfuil deimhniú inniúlachta gairmiúla acu nach bhfuil bailí ach le haghaidh an iompair náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh orthu pas a fháil sna scrúduithe, nó i gcodanna de na scrúduithe, dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 4 Nollaig 2011, ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra faoi don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm gan idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntacht ná áit bhunaíochta an ghnóthais.

2.   Áireofar go háirithe sna pionóis dá dtagraítear i mír 1 fionraí an údaraithe chun gabháil do ghairm an oibreora de bhóthar, tarraingt siar an údaraithe sin agus dearbhú mí-oiriúnachta an bhainisteora iompair.

Airteagal 23

Forálacha idirthréimhseacha

Déanfaidh gnóthais a bhfuil údarú acu roimh an 4 Nollaig 2009 chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh faoin 4 Nollaig 2011.

Airteagal 24

Cúnamh frithpháirteach

Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go dlúth agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Malartóidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi chiontuithe agus faoi phionóis mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha agus faoi fhaisnéis shonrach eile ar dóigh go mbeadh iarmhairtí aici do chleachtadh ghairm an oibreora iompair de bhóthar, agus na forálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta á gcomhlíonadh.

Airteagal 25

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste a cuireadh ar bun le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar (11) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 26

Tuarascálacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil a tharraingt suas gach dhá bhliain agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig an gCoimisiún í. Is éard a bheidh sa tuarascáil sin:

(a)

forbhreathnú ar an earnáil i dtaca le dea-cháil, le seasamh airgeadais agus le hinniúlacht ghairmiúil;

(b)

líon na n-údaruithe a deonaíodh, de réir bliana agus de réir cineáil, líon na n-údaruithe a fionraíodh, líon na n-údaruithe a tarraingíodh siar, líon na ndearbhuithe mí-oiriúnachta mar aon leis na cúiseanna a bhí leis na cinntí sin;

(c)

líon na ndeimhnithe inniúlachta gairmiúla a eisíodh gach bliain;

(d)

príomhstaidreamh maidir leis na cláir leictreonacha náisiúnta agus an úsáid a bhaineann na húdaráis inniúla astu; agus

(e)

forbhreathnú ar mhalartuithe faisnéise leis na Ballstáit eile, ina mbeidh go háirithe líon bliantúil na sáruithe a suíodh agus ar tugadh fógra ina leith do Bhallstáit eile agus na freagraí a fuarthas de bhun Airteagal 18(2), chomh maith le líon bliantúil na n-iarrataí agus na bhfreagraí a fuarthas de bhun Airteagal 18(3).

2.   Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cleachtadh ghairm an oibreora iompair de bhóthar a chur isteach gach dhá bhliain chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Beidh sa tuarascáil sin go háirithe measúnú ar oibriú an mhalartaithe faisnéise idir Ballstáit agus athbhreithniú ar fheidhmiú na gclár náisiúnta leictreonach agus ar na sonraí atá iontu. Foilseofar an tuarascáil sin an tráth céanna leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialaí áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (12).

Airteagal 27

Liosta na n-údarás inniúil

Cuirfidh gach Ballstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 4 Nollaig 2011 liosta na n-údarás inniúil a bheidh ainmnithe aige chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh a údarú, mar aon le liosta de na húdaráis údaraithe nó de na comhlachtaí údaraithe a bheidh freagrach as na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a eagrú agus as na deimhnithe a eisiúint. Déanfaidh an Coimisiún liosta comhdhlúite de na húdaráis nó de na comhlachtaí sin ar fud an Chomhphobail a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 28

Bearta náisiúnta a chur in iúl

Déanfaidh na Ballstáit téacs na ndlíthe, na rialachán, agus na bhforálacha riaracháin arna nglacadh acu sa réimse atá faoi rialú ag an Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an lae a nglacfar iad, agus den chéad uair faoin 4 Nollaig 2011.

Airteagal 29

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Treoir 96/26/CE.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige le héifeacht ón 4 Nollaig 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 21 Deireadh Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  IO C 151, 17.6.2008, lch. 16.

(2)  IO C 14, 19.1.2008, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Bealtaine 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 9 Eanáir 2009 (IO C 62 E, 17.3.2009, lch. 1), Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 24 Meán Fomhair 2009.

(4)  IO L 124, 23.5.1996, lch. 1.

(5)  Féach leathanach 72 den Iris Oifigiúil seo.

(6)  Féach leathanach 88 den Iris Oifigiúil seo.

(7)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(8)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(9)  IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.

(10)  IO L 102, 11.4.2006, lch. 35.

(11)  IO L 370, 31.12.1985, lch. 8.

(12)  IO L 102, 11.4.2006, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

I.   LIOSTA DE NA hÁBHAIR DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8

Ní mór ar a laghad na hábhair a liostaítear thíos maidir le tarlú de bhóthar agus maidir le hiompar paisinéirí de bhóthar faoi seach a bheith cumhdaithe san eolas a chuirfear san áireamh chun go dtabharfadh Ballstáit aitheantas oifigiúil d’inniúlacht ghairmiúil. I ndáil leis na hábhair sin, caithfidh an leibhéal eolais agus an cumas praiticiúil is gá chun bainistiú a dhéanamh ar ghnóthas iompair a bheith ag iarratasóirí ar phoist mar oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus ag iarratasóirí ar phoist mar oibreoirí iompair phaisinéirí de bhóthar.

Ní fhéadfaidh an leibhéal íosta eolais, faoi mar a shonraítear thíos é, a bheith níos lú ná leibhéal 3 de struchtúr na leibhéal oiliúna a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 85/368/CEE ón gComhairle (1), eadhon an leibhéal a bhaintear amach le linn oideachais éigeantaigh a fhorlíontar le hoiliúint ghairmiúil agus le hoiliúint theicniúil bhreise, nó le hoiliúint theicniúil mheánscoile nó le hoiliúint theicniúil eile.

A.   An dlí sibhialta

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1.

cur amach a bheith aige ar na príomhchineálacha conarthaí a úsáidtear san iompar de bhóthar agus ar na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn astu;

2.

a bheith in ann conradh iompair a bheidh bailí ó thaobh an dlí de a chaibidil, go háirithe ó thaobh coinníollacha iompair de;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

3.

a bheith in ann éileamh óna phríomhaí a mheas maidir le cúiteamh as caillteanas earraí nó as damáiste d’earraí le linn a n-iompair nó as seachadadh déanach, agus tuiscint a bheith aige ar an difear a dhéanfadh éileamh den sórt sin dá dhliteanas conarthach;

4.

cur amach a bheith aige ar na rialacha agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún CMR ar an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

5.

a bheith in ann éileamh óna phríomhaí a mheas maidir le damáiste do phaisinéirí nó dá mbagáiste le linn timpiste i rith an iompair nó maidir le cúiteamh as moilleanna, agus tuiscint a bheith aige ar an difear a dhéanfadh éileamh den sórt sin dá dhliteanas conarthach.

B.   An dlí tráchtála

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1.

cur amach a bheith aige ar na coinníollacha agus ar na foirmiúlachtaí a leagtar síos maidir le cleachtadh na gairme, ar na hoibleagáidí ginearálta atá ar thrádálaithe (clárú, cuntais a choimeád, etc.) agus ar iarmhairtí na féimheachta;

2.

eolas iomchuí a bheith aige ar na cineálacha éagsúla cuideachtaí tráchtála agus ar na rialacha lena rialaítear a mbunú agus a n-oibriú.

C.   An dlí sóisialta

Caithfidh an t-iarratasóir, go háirithe, i dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, cur amach a bheith aige ar na nithe seo a leanas:

1.

ról agus feidhm na n-institiúidí sóisialta éagsúla a bhfuil baint acu le hearnáil an iompair de bhóthar (ceardchumainn, comhairlí oibreacha, maoir cheardchumann, cigirí saothair, etc.);

2.

na hoibleagáidí a bhíonn ar fhostóirí maidir le slándáil shóisialta;

3.

na rialacha lena rialaítear conarthaí oibre do na catagóirí éagsúla oibrithe a fhostaíonn gnóthais iompair de bhóthar (foirm na gconarthaí, oibleagáidí na bpáirtithe, coinníollacha oibre agus uaireanta oibre, saoire le pá, luach saothair, sárú conartha, etc.);

4.

na rialacha is infheidhme maidir le hamanna tiomána, le tréimhsí sosa agus le hamanna oibre, go háirithe forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85, Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Treoir 2006/22/CE, agus na socruithe praiticiúla chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm; agus

5.

na rialacha is infheidhme maidir le buncháilíochtaí agus le hoiliúint leanúnach na dtiománaithe, go háirithe na rialacha a thig ó Threoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

D.   An dlí fioscach

Caithfidh an t-iarratasóir, go háirithe, i dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, cur amach a bheith aige ar na rialacha lena rialaítear na nithe seo a leanas:

1.

an cháin bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí iompair;

2.

an cháin ar mhótarfheithiclí;

3.

na cánacha ar fheithiclí áirithe tarlaithe de bhóthar mar aon leis na dolaí agus na muirir le haghaidh lucht úsáidte bonneagair;

4.

an cháin ioncaim.

E.   Bainistiú gnó agus airgeadais an ghnóthais

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1.

cur amach a bheith aige ar na dlíthe agus ar na cleachtais a bhaineann le húsáid seiceanna, billí malairte, nótaí gealltanais, cártaí creidmheasa agus bealaí nó modhanna eile íocaíochta;

2.

cur amach a bheith aige ar na foirmeacha éagsúla creidmheasa (creidmheas bainc, creidmheas doiciméadach, taiscí ráthaíochta, morgáistí, léasú, tógáil ar cíos, fachtóireacht, etc.) agus ar na muirir agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn astu;

3.

fios a bheith aige cad is clár comhardaithe ann, conas a leagtar amach é agus conas é a léiriú;

4.

a bheith in ann cuntas sochair agus dochair a léamh agus a léiriú;

5.

a bheith in ann brabúsacht agus staid airgeadais an ghnóthais a mheas, go háirithe ar bhonn cóimheas airgeadais;

6.

a bheith in ann buiséad a ullmhú;

7.

cur amach a bheith aige ar ghnéithe costais an ghnóthais (costais sheasta, costais athraitheacha, caipiteal oibre, dímheas, etc.), agus a bheith in ann na costais a ríomh in aghaidh na feithicle, in aghaidh an chiliméadair nó in aghaidh an tonna;

8.

a bheith in ann cairt eagraíochta a tharraingt suas d’fhoireann an ghnóthais ina hiomláine agus pleananna oibre etc. a eagrú;

9.

cur amach a bheith aige ar phrionsabail na margaíochta, na poiblíochta agus an chaidrimh phoiblí lena n-áirítear seirbhísí iompair, tionscnamh díolacháin agus comhaid chustaiméirí a ullmhú, etc.;

10.

cur amach a bheith aige ar na cineálacha éagsúla árachais a bhaineann le hiompar de bhóthar (árachas dliteanais, árachas um ghortú tionóisceach/árachas saoil, árachas neamhshaoil agus árachas bagáiste) mar aon leis na ráthaíochtaí agus na hoibleagáidí a eascraíonn astu;

11.

cur amach a bheith aige ar an gcaoi a mbaintear feidhm as tarchur leictreonach sonraí i réimse an iompair de bhóthar;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

12.

a bheith in ann na rialacha lena rialaítear sonrascadh seirbhísí tarlaithe de bhóthar a chur i bhfeidhm agus an bhrí agus na himpleachtaí atá ag Incoterms a bheith ar eolas aige;

13.

cur amach a bheith aige ar na catagóirí éagsúla cúntóirí iompair, a ról, a bhfeidhmeanna agus, i gcás inarb iomchuí, a stádas;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

14.

a bheith in ann na rialacha lena rialaítear táillí agus praghsanna i dtaca le hiompar poiblí agus le hiompar príobháideach paisinéirí a chur i bhfeidhm;

15.

a bheith in ann na rialacha lena rialaítear sonrascadh seirbhísí iompair phaisinéirí de bhóthar a chur i bhfeidhm.

F.   Rochtain ar an margadh

Caithfidh an t-iarratasóir, go háirithe, i dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, cur amach a bheith aige ar na nithe seo a leanas:

1.

na rialacháin ghairme lena rialaítear iompar de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht, nó cíos agus fochonraitheoireacht feithiclí tionsclaíocha, agus go háirithe na rialacha lena rialaítear eagrú oifigiúil na gairme, ligean isteach sa ghairm, údaruithe le haghaidh oibríochtaí iompair de bhóthar laistigh den Chomhphobal agus lasmuigh de, cigireachtaí agus pionóis;

2.

na rialacha a bhaineann le gnóthas iompair de bhóthar a chur ar bun;

3.

na doiciméid éagsúla is gá chun seirbhísí iompair de bhóthar a oibriú, agus na nósanna imeachta seiceála a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar na doiciméid fhormheasta a bhaineann le gach oibríocht iompair, go háirithe na doiciméid a bhaineann leis an bhfeithicil, leis an tiománaí, leis na hearraí nó leis an mbagáiste, a choimeád san fheithicil agus in áitreabh an ghnóthais;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

4.

na rialacha a bhaineann le heagrú an mhargaidh i seirbhísí iompair earraí, chomh maith leis na rialacha a bhaineann le láimhseáil lasta agus le lóistíocht;

5.

na foirmiúlachtaí ag teorainneacha, ról agus raon feidhme dhoiciméid T agus carnets TIR agus maidir leis na hoibleagáidí agus na freagrachtaí a eascraíonn as a n-úsáid;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

6.

na rialacha maidir le heagrú an mhargaidh in iompar paisinéirí de bhóthar;

7.

na rialacha chun seirbhísí iompair a thionscnamh agus pleananna iompair a tharraingt suas.

G.   Caighdeáin theicniúla agus gnéithe teicniúla oibriúcháin

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1.

cur amach a bheith aige ar na rialacha a bhaineann le meáchain agus le toisí feithiclí sna Ballstáit agus ar na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás ualaí neamhghnácha ar eisceacht iad ó na rialacha sin;

2.

a bheith in ann feithiclí agus a gcomhpháirteanna (fonnadh, inneall, córas tarchurtha, córas coscánaithe, etc.) a roghnú i gcomhréir le riachtanais an ghnóthais;

3.

cur amach a bheith aige ar na nósanna imeachta a bhaineann le cineálcheadú, le clárú agus le hiniúchadh teicniúil na bhfeithiclí sin;

4.

tuiscint a bheith aige ar na bearta a chaithfear a dhéanamh d’fhonn torann a laghdú agus truailliú aeir trí astaíochtaí sceite mótarfheithiclí a chomhrac;

5.

a bheith in ann pleananna tréimhsiúla cothabhála a tharraingt suas d’fheithiclí agus dá dtrealamh;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

6.

cur amach a bheith aige ar na cineálacha éagsúla gaireas maidir le láimhseáil agus lódáil lasta (cúlchláir, coimeádáin, pailléid, etc.) agus a bheith in ann nósanna imeachta a thabhairt isteach agus treoracha a eisiúint maidir le hearraí a luchtú agus a dhíluchtú (dáileadh lasta, cruachadh, stuáil, blocáil, daingniú, etc.);

7.

cur amach a bheith aige ar theicníochtaí éagsúla an ‘mhuiniompair’ agus an iompair chomhcheangailte rolladh ann - rolladh as;

8.

a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha agus le hiompar dramhaíola a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a thig ó Threoir 2008/68/CE (4) agus ó Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (5);

9.

a bheith in ann na nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí meatacha a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a eascraíonn as an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Bia Meatacha agus maidir leis an Trealamh Speisialta atá le húsáid i ndáil leis an Iompar sin (ATP);

10.

a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar ainmhithe beo a chomhlíonadh.

H.   Sábháilteacht ar bhóithre

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1.

fios a bheith aige cad iad na cáilíochtaí a cheanglaítear a bheith ag tiománaithe (ceadúnas tiomána, deimhnithe dochtúra, deimhnithe infheidhmeachta, etc.);

2.

a bheith in ann na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh tiománaithe na rialacha tráchta, na toirmisc nó na srianta atá i bhfeidhm i mBallstáit éagsúla (luasteorainneacha, tosaíochtaí, srianta feithimh agus páirceála, úsáid soilse, comharthaí bóthair, etc.);

3.

a bheith in ann treoracha do thiománaithe a tharraingt suas chun comhlíonadh na gceanglas sábháilteachta ag tiománaithe a sheiceáil i dtaca le staid na bhfeithiclí, a dtrealaimh agus a lasta, agus i dtaca leis na bearta coisctheacha a bheidh le glacadh;

4.

a bheith in ann na coinníollacha a leagan síos a bheidh le leanúint i gcás timpiste agus nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme chun atarlú timpistí nó cionta tromchúiseacha tráchta a sheachaint;

5.

a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun earraí a dhaingniú i gceart agus a bheith ar an eolas maidir leis na teicníochtaí comhfhreagracha;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

6.

buneolas a bheith aige ar leagan amach ghréasán bóithre na mBallstát.

II.   EAGRÚ AN SCRÚDAITHE

1.

Eagróidh na Ballstáit scrúdú scríofa éigeantach a fhéadfaidh siad a fhorlíonadh le scrúdú roghnach béil chun a chinntiú go bhfuil an leibhéal eolais is gá ag na hiarratasóirí ar phoist mar oibreoirí tarlaithe sna hábhair a liostaítear i gCuid I agus go háirithe a gcumas na hionstraimí agus na teicníochtaí a ghabhann leis na hábhair sin a úsáid agus na dualgais fheidhmiúcháin agus chomhordaitheacha a chomhfhreagraíonn dóibh a chomhlíonadh.

(a)

Beidh dhá thástáil i gceist leis an scrúdú scríofa, eadhon:

(i)

ceisteanna scríofa ar ceisteanna ilroghnacha iad (ceithre fhreagra a d’fhéadfadh a bheith ar gach ceist), ceisteanna a éilíonn freagraí díreacha, nó meascán den dá chóras;

(ii)

cleachtaí scríofa/cás-staidéir.

Dhá uair an chloig ar a laghad a mhairfidh gach tástáil.

(b)

I gcás ina n-eagrófar scrúdú béil, féadfaidh na Ballstáit a ordú go mbeidh rannpháirtíocht ann ag brath ar cibé a éiríonn leis na hiarratasóirí sa scrúdú scríofa.

2.

I gcás ina n-eagróidh na Ballstáit scrúdú béil freisin, caithfidh siad, maidir le gach ceann de na trí thástáil, foráil a dhéanamh d’ualú marcanna, ar 25 % ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 40 % ar a mhéid.

I gcás nach n-eagróidh Ballstáit ach scrúdú scríofa, caithfidh siad, maidir le gach ceann de na tástálacha, foráil a dhéanamh d’ualú marcanna, ar 40 % ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 60 % ar a mhéid.

3.

Maidir leis na tástálacha go léir, ní mór d’iarratasóirí 60 % ar a laghad a ghnóthú mar mheán de líon iomlán na marcanna a bheidh le bronnadh, ach gan níos lú ná 50 % de líon iomlán na marcanna a d’fhéadfaí a bhaint amach a ghnóthú in aon tástáil faoi leith. Féadfaidh Ballstát an marc sin a ísliú ó 50 % go dtí 40 % in aon tástáil amháin.


(1)  . Cinneadh 85/368/CEE ón gComhairle an 16 Iúil 1985 maidir le hinchorparáideacht cáilíochtaí gairmoiliúna idir Ballstáit an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 199, 31.7.1985, lch. 56).

(2)  . Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú amanna oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(3)  . Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint leanúnach tiománaithe feithiclí áirithe bóthair d’iompar earraí nó paisinéirí (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

(4)  Treoir 2008/68/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

Gnéithe slándála an deimhnithe inniúlachta gairmiúla

Ní mór don deimhniú ar a laghad dhá ghné de na gnéithe slándála seo a leanas a bheith aige:

holagram;

snáithíní speisialta sa phaipéar a thagann chun sofheictheachta faoi sholas ultravialait,

líne mhicreaphrionta amháin ar a laghad (nach mbeidh a chló sofheicthe ach le gloine formhéadúcháin agus nach bhféadfar a atáirgeadh le meaisíní fótachóipeála),

carachtair, siombailí nó patrúin atá tadhlach,

uimhriú dúbailte: sraithuimhir agus uimhir eisiúna,

cúlra deartha slándála a bhfuil patrúin mhíne guilloche air agus priontáil bogha ceatha.


IARSCRÍBHINN III

Múnla an deimhnithe inniúlachta gairmiúla

AN COMHPHOBAL EORPACH

(Dath Pantoin osbhuí, formáid DIN A4; páipéar ceallalóis 100 g/m2 nó níos troime)

(An téacs i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an deimhniú á eisiúint aige)

Comhartha sainiúil an Bhallstáit a éisíonn an deimhniú (1)

Ainm an údaráis údaraithe nó an chomhlachta údaraithe (2)

DEIMHNIÚ INNIÚLACHTA GAIRMIÚLA DO THARLÚ DE BHÓTHAR D’IOMPAR PAISINÉIRÍ (3)

Uimh. …

Déanaimidne …

a dheimhniú leis seo maidir le (4)

a rugadh an …, i/in/sa/san

gur éirigh leis/léi sna tástálacha le haghaidh an scrúdaithe (bliain: …; seisiún: …) (5) is gá d’fhonn deimhniú inniúlachta gairmiúla a fháil do tharlú de bhóthar/d’iompar paisinéirí (3) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh (6).

Is leor an deimhniú seo mar chruthúnas ar an inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uim. 1071/2009.

Arna eisiúint i/in/sa …, an … (7)


(1)  Is iad seo a leanas comharthaí na mBallstát: (B) An Bheilg, (BG) An Bhulgáir, (CZ) Poblacht na Seice, (DK) An Danmhairg, (D) An Ghearmáin, (EST) An Eastóin, (IRL) Éire, (GR) An Ghréig, (E) An Spáinn, (F) An Fhrainc, (I) An Iodáil, (CY) An Chipir, (LV) An Laitvia, (LT) An Liotuáin, (L) Lucsamburg, (H) An Ungáir, (M) Málta, (NL) An Ísiltír, (A) An Ostair, (PL) An Pholainn, (P) An Phortaingéil, (RO) An Rómáin, (SLO) An tSlóivéin, (SK) An tSlóvaic, (FIN) An Fhionlainn, (S) An tSualainn, (UK) An Ríocht Aontaithe.

(2)  An t-údarás nó an comhlacht a ainmníodh roimh ré chun na críche seo ag gach Ballstát den Chomhphobal Eorpach, chun an deimhniú seo a eisiúint.

(3)  Scrios de réir mar is iomchuí.

(4)  Sloinne agus túsainm; áit bhreithe agus dáta breithe.

(5)  Aitheantas an scrúdaithe.

(6)  IO L 300, 14.11.2009, lch 51.

(7)  Stampa agus síniú an údaráis údaraithe nó an chomhlachta údaraithe a bhfuil an deimhniú á eisiúint aige.


IARSCRÍBHINN IV

Is iad seo a leanas na sáruithe is tromchúisí chun críocha Airteagail 6(2)(a)

1.

(a)

Dul 25 % nó níos mó thar na huasteorainneacha ama tiomána do thréimhsí sé lá nó coicíse.

(b)

Dul 50 % nó níos mó thar an uasteorainn tiomána laethúil le linn tréimhse laethúla oibre, gan sos ná tréimhse leanúnach scíthe 4,5 uair a chloig ar a laghad a thógáil.

2.

Gan tacagraf agus/nó sriantóir luais a bheith feistithe nó úsáid a bhaint as gaireas calaoiseach lena ndéantar taifid an trealaimh thaifeadta agus/nó an tsriantóra luais a mhodhnú nó bileoga taifeadta nó sonraí a íoslódáiltear ón tacagraf agus/nó an cárta tiomána a fhalsú.

3.

Tiomáint gan deimhniú bailí ródacmhainneachta má cheanglaítear a leithéid de dhoiciméad faoi dhlí an Chomhphobail agus/nó, ag tiomáint, inter alia, le córas coscánaithe, nó nascáil stiúrtha, rothaí/bonn, crochadh nó fonnadh atá an-easnamhach agus a chruthódh a oiread sin de bhaol láithreach do shábháilteacht ar bhóithre go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh.

4.

Earraí contúirteacha a iompar a bhfuil toirmeasc ar a n-iompar nó iompar earraí den sórt sin i ngabhdán a bhfuil toirmeasc air nó nach bhfuil formheasta nó iad a iompar gan taispeáint ar an bhfeithicil gur earraí contúirteacha iad, sa treo gur a oiread sin de chúis contúirte a bheadh iontu don bheatha nó don chomhshaol go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh.

5.

Paisinéirí nó earraí a iompar gan ceadúnas tiomána bailí nó iompar ag gnóthas nach sealbhóir ceadúnais bhailí Chomhphobail é.

6.

Úsáid a bhaint ag tiománaí as cárta falsaithe tiománaí, nó as cárta nárbh eisean a shealbhóir, nó a fuarthas ar bhonn dearbhuithe bréagacha agus/nó ar bhonn doiciméad brionnaithe.

7.

Earraí a iompar lena sáraítear an t–uasmhais ualaithe ceadaithe de bhreis is 20 % nó níos mó ná 20 % i gcás feithiclí ar mó ná 12 thonna é a n-uasmheáchan ualaithe ceadaithe, agus de bhreis is 25 % nó níos mó ná 25 % i gcás feithiclí nach mó ná 12 thonna a n-uasmheáchan ualaithe ceadaithe.