17.11.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1060/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2009

maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá ról tábhachtach ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sna margaí urrús agus baincéireachta ar an leibhéal domhanda toisc go n-úsáideann infheisteoirí, iasachtaithe, eisitheoirí agus rialtais a gcuid rátálacha creidmheasa mar chuid den chaoi a ndéanann siad cinntí infheistíochta agus maoinithe. Féadfaidh institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais, idir árachas saoil agus árachas eile, gnóthais athárachais, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) agus institiúidí um chóir ar scor ceirde, na rátálacha creidmheasa sin a úsáid mar an tagairt i gcomhair a gcuid ceanglas caipitil a ríomh chun críocha sócmhainneachta nó chun rioscaí maidir lena gcuid gníomhaíochta infheistíochta a ríomh. Bíonn iarmhairt shuntasach mar sin ag rátálacha creidmheasa ar an tslí a n-oibríonn na margaí agus ar mhuinín agus ar iontaoibh infheisteoirí agus tomhaltóirí. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go ndéantar gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a sheoladh i gcomhréir le prionsabail na sláine, na trédhearcachta, na freagrachta agus an dea-rialachais lena áirithiú go bhfuil na rátálacha creidmheasa a úsáidtear sa Chomhphobal neamhspleách, oibiachtúil agus de cháilíocht leormhaith.

(2)

Tá ceanncheathrú fhormhór na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa lonnaithe lasmuigh den Chomhphobal faoi láthair agus ní dhéanann an chuid is mó de na Ballstáit rialáil ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ná ar na coinníollacha i dtaobh rátálacha creidmheasa a eisiúint. D’ainneoin a dtábhachtachta suntasaí i dtaca le feidhmiú na margaí airgeadais, is i réimsí teoranta amháin a bhíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi réir ag dlí an Chomhphobail, go suntasach faoi Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (4). Ina theannta sin, déanann Treoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i gceann agus cleachtadh ghnó na n-institiúidí creidmheasa (5) agus Treoir 2006/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le leordhóthanacht chaipitil gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa (6) tagairt do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos lena n-áiritheofar go mbeidh gach rátáil creidmheasa a eisíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe sa Chomhphobal de cháilíocht leormhaith agus go n-eisíonn na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa iad faoi réir ag ceanglais dhochta. Leanfaidh an Coimisiún air de bheith ag obair lena pháirtithe idirnáisiúnta chun cóineasacht na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a áirithiú. Ba cheart go mbeadh sé indéanta bainc cheannais áirithe a eisíonn rátálacha creidmheasa a dhíolmhú ón Rialachán seo ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha infheidhme go léir lena n-áirithítear neamhspleáchas agus sláine a ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa agus gur coinníollacha iad atá chomh docht céanna leis na ceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(3)

Níor cheart go gcruthódh an Rialachán seo oibleagáid ghinearálta go ndéanfaí ionstraimí airgeadais nó oibleagáidí airgeadais a rátáil faoin Rialachán seo. Go háirithe, níor cheart go gceanglódh sé gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) arna sainmhíniú i dTreoir 85/611/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (UCITS) (7) nó institiúidí um chóir ar scor ceirde arna sainmhíniú i dTreoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí institiúidí um chóir ar scor ceirde agus maoirseacht ar institiúidí um chóir ar scor ceirde (8), gan infheistiú a dhéanamh, ach amháin in ionstraimí airgeadais atá rátáilte faoin Rialachán seo.

(4)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo oibleagáid ghinearálta a chruthú d’institiúidí airgeadais nó d’infheisteoirí gan infheistiú in urrúis taobh amuigh de na hurrúis dá bhfuil réamheolaire foilsithe ina dtaobh i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála (9) agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/71/CE i leith faisnéise atá i réamheolairí chomh maith leis an foirmeadú, ionchorprú de réir tagairte agus foilsiú réamheolairí den sórt sin agus scaipeadh fógraí (10) agus atá rátáilte faoin Rialachán seo. Thairis sin, níor cheart go n-éileodh an Rialachán seo creidmheas a fháil i gcomhair urrús atá faoi réir ag oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú ar eisiúnaithe nó ar thairgeoirí nó ar dhaoine a iarrann cead trádála ar mhargadh rialáilte rátálacha, ach an oiread, faoi Threoir 2003/71/CE agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 809/2004.

(5)

Ba cheart go mbeadh faisnéis shoiléir fheiceálach in aon réamheolaire a fhoilsítear faoi Threoir 2003/71/CE agus faoi Rialachán (CE) Uimh 809/2004 ar cibé ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa Chomhphobal agus cláraithe faoin Rialachán seo a eisíonn rátáil chreidmheasa na n-urrús faoi seach. Níor cheart go ndéanfadh aon rud sa Rialachán seo, áfach, daoine atá freagrach as réamheolaire a fhoilsiú faoi Threoir 2003/71/CE agus faoi Rialachán (CE) Uimh 809/2004 a stopadh ó aon fhaisnéis ábhartha a chur sa réamheolaire, lena n-áirítear rátálacha creidmheasa a eisítear i dtríú tíortha mar aon le faisnéis ghaolmhar.

(6)

Le cois rátálacha creidmheasa a eisiúint agus gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a dhéanamh, ba cheart go mbeadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ábalta gníomhaíochtaí coimhdeacha a dhéanamh freisin ar bhonn gairmiúil. a dhéanamh freisin. Níor cheart go mbainfeadh déanamh na ngníomhaíochtaí coimhdeacha an bonn de neamhspleáchas nó de shláine gníomhaíochtaí rátála creidmheasanna na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

(7)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo i leith rátálacha creidmheasa a eisíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe sa Chomhphobal. Is é is príomhaidhm don Rialachán seo ná cobhsaíocht na margaí airgeadais agus na n–infheisteoirí a chosaint. Níor cheart go dtiocfadh scóir chreidmheasa, córais scórála creidmheasa agus measúnachtaí comhchosúla a bhaineann leis na hoibleagáidí a thagann chun cinn as caidreamh le tomhaltóirí, caidreamh tráchtála nó caidreamh tionsclaíochta faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(8)

Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar bhonn deonach, Buntús an Chóid Iompair le haghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, arna eisiúint ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrúis, (Cód IOSCO) a chur i bhfeidhm. Sa bhliain 2006, thug teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa (11) cuireadh don Choiste um Rialtóirí Urrús Eorpach (an CESR) arna bhunú le Cinneadh 2009/77/CE ón gComisiúin (12), monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh Chód IOSCO agus tuairisc a thabhairt don Choimisiún ar bhonn bliantúil.

(9)

D’aontaigh an Chomhairle Eorpach, a tionóladh an 13 agus an 14 Márta 2008, le sraith conclúidí chun freagra a thabhairt ar na príomhlaigí a aithníodh sa chóras airgeadais. Ba é ceann de na cuspóirí ná feidhmiú an mhargaidh agus struchtúir dhreasachta, lena n-áirítear ról na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, a fheabhsú.

(10)

Meastar gur theip ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa i dtús báire léiriú a thabhairt luath go leor ina gcuid rátálacha creidmheasa ar dhul chun donais dhálaí an mhargaidh agus gur theip orthu, chomh maith leis sin, a gcuid rátálacha creidmheasa a choigeartú in am i ndiaidh mhéadú mór na géarchéime sa mhargadh. Is é an slí is fearr a fhéadfar na teipeanna sin a choigeartú ná le bearta a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, cáilíocht na rátálacha creidmheasa, trédhearcacht agus rialachas inmheánach na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus faireachas ar ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Ní cheart d’úsáideoirí rátálacha creidmheasa a bheith ag brath go neamhbhreithiúnach ar rátálacha creidmheasa ach ba cheart dóibh a bheith rí-chúramach go ndéanfaidh siad a n-anailís féin agus go gcleachtóidh siad dícheall cuí oiriúnach i gcónaí maidir lena bheith ag brath ar rátálacha creidmheasa den sórt sin.

(11)

Ní mór creat coiteann rialacha a leagan síos maidir le feabhsú cháilíocht na rátálacha creidmheasa, go háirithe maidir le cáilíocht na rátálacha creidmheasa a bheidh á n-úsáid ag institiúidí airgeadais agus daoine atá faoi rialú ag rialacha comhchuibhithe sa Chomhphobal. In éagmais creata choitinn den sórt sin, bheadh an baol ann go ndéanfadh Ballstáit bearta éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus go mbeadh iarmhairt dhiúltach dhíreach dá bharr sin ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus lena gcruthófaí constaicí dó, toisc go mbeadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheadh ag eisiúint rátálacha creidmheasa i gcomhair úsáid institiúidí airgeadais sa Chomhphobal faoi réir rialacha difriúla i mBallstáit éagsúla. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go leanfadh leibhéil dhifriúla cosanta infheisteora agus tomhaltóra as ceanglais cháilíochta éagsúla a bheith ann i leith rátálacha creidmheasa. Thairis sin ba cheart go mbeadh úsáideoirí in ann comparáid a dhéanamh idir na rátálacha creidmheasa a eisítear sa Chomhphobal agus rátálacha creidmheasa a eisítear go hidirnáisiúnta.

(12)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear ar aon slí don úsáid a bhaineann daoine seachas na daoine siúd dá dtagraítear sa Rialachán seo as rátálacha creidmheasa.

(13)

Is inmhianta go bhforálfaí d’úsáid a bhaint as rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint i dtríú tíortha chun críocha rialúcháin sa Chomhphobal ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais atá chomh docht céanna leis na ceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Tugtar isteach leis an Rialachán seo réim fhormhuinithe lena bhféadfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa Chomhphobal agus atá cláraithe i gcomhréir lena fhorálacha rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint i dtríú tíortha a fhormhuiniú. Agus rátáil creidmheasa arna eisiúint i dtríú tír á formhuiniú ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ba cheart dóibh a dhéanamh amach cibé an gcomhlíonann na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a eascraíonn as rátáil chreidmheasa den sórt sin a eisiúint na ceanglais chun rátálacha creidmheasa a eisiúint, ar ceanglais iad atá chomh docht céanna leo siúd dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus ba cheart dóibh faireacháin a dhéanamh air sin go leanúnach, agus leis sin go mbainfeadh siad amach i gcleachtas an cuspóir rialúcháin céanna agus na héifeachtaí céanna.

(14)

D’fhonn freagairt don imní atá léirithe go bhféadfadh sé go mbeadh easpa bunaíochta sa Chomhphobal ina bhac ar mhaoirseacht éifeachtach a bheadh chun sárleasa na margaí airgeadais sa Chomhphobal, ba cheart go dtabharfaí réim fhormhuinithe den sórt sin isteach le haghaidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cleamhnaithe leis na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe sa Chomhphobal, nó a oibríonn go dlúth leo. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur gá an ceanglas nach foláir a bheith i láthair go fisiceach sa Chomhphobal a choigeartú i gcásanna áirithe, go háirithe chomh fada agus a bhaineann leis na gníomhaireachtaí beaga rátála creidmheasa ó thríú tíortha nach bhfuil aon láithreacht sa Chomhphobal acu nó nach bhfuil aon ghnóthas cleamhnachta sa Chomhphobal acu. Ba cheart foráil a dhéanamh do réim shainiúil deimhniúcháin do na gníomhaireachtaí creidmheasa den sórt sin, sa mhéid nach bhfuil tábhacht chórasach leo do chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

(15)

Ba cheart go bhféadfaí deimhniúchán a dhéanamh i ndiaidh don Choimisiún a mheas cibé an bhfuil réim dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach le ceanglais an Rialacháin seo. Níor cheart go dtabharfadh an mheicníocht choibhéise rochtain uathoibríoch ar an gComhphobal, ach ba cheart go gcruthódh sé staid ina bhféadfaí gníomhaireachtaí rátála creidmheasa incháilithe ó thríú tíortha a mheas ar bhonn cás ar chás agus go bhféadfaí díolúine a thabhairt dóibh ó chuid de na ceanglais eagraíochtúla atá ann do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa Chomhphobal, lena n-áirítear an ceanglas go mbeadh láithreacht fhisiceach acu sa Chomhphobal.

(16)

Ba cheart freisin go gceanglófaí leis an Rialachán seo ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa ó thríú tír critéir a chomhlíonadh ar réamhriachtanais ghinearálta iad do shláine a gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, d’fhonn go gcuirfí cosc ar údaráis inniúla agus ar údaráis phoiblí eile ón tríú tír sin cur isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa agus d’fhonn foráil do bheartas leormhaith um choinbhleacht leasa, d’uainiú anailísithe agus do nochtadh tráthrialta agus leanúnach.

(17)

Réamhriachtanas tábhachtach eile do réim shlán fhormhuinithe agus do chóras coibhéise is ea socruithe slána comhair a bheith ann idir na húdaráis inniúla sa Bhallstát baile agus údaráis inniúla iomchuí na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa i dtríú tíortha.

(18)

Ba cheart go mbeadh gníomhaireacht rátála creidmheasa a fhormhuiníonn rátálacha creidmheasa a eisíodh i dtríú tír freagrach go hiomlán agus go neamhchoinníollach as na rátálacha creidmheasa arna bhformhuiniú amhlaidh aici agus ba cheart go mbeadh sé freagrach go hiomlán agus go neamhchoinníollach as comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha dá dtagraítear sa Rialachán seo.

(19)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo i leith rátálacha creidmheasa a thugann gníomhaireacht rátála creidmheasa ar aird de bhun ordú aonair agus a sholáthraíonn sí go heisiach don duine a d’ordaigh amhlaidh agus nach bhfuil beartaithe lena gcur in iúl go poiblí nó lena scaipeadh trí shuibscríobh.

(20)

Níor cheart go measfaí gur rátálacha creidmheasa iad taighde infheistíochta, moltaí infheistíochta agus barúlacha eile faoi luach nó praghas d’ionstraim airgeadais nó d’oibleagáid airgeadais.

(21)

Rátáil creidmheasa, eadhon rátáil chreidmheasa gan iarraidh agus rátáil chreidmheasa nár tionscnaíodh ar iarratas ón eisitheoir nó ó eintiteas rátáilte. Ba cheart rátáil chreidmheasa den sórt sin a shainiú go soiléir amhlaidh agus ba cheart go ndéanfaí í a idirdhealú ó rátálacha creidmheasa a iarradh ar an tslí chuí.

(22)

Chun coinbhleachtaí leasa ionchasacha a sheachaint, ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa díriú isteach ina ngníomhaíocht ghairmiúil ar rátálacha creidmheasa a eisiúint. Níor cheart ligean do ghníomhaireacht rátála creidmheasa seirbhísí comhairliúcháin nó comhairle a chur ar fáil. Níor cheart do ghníomhaireacht rátála creidmheasa, go háirithe, tograí nó moltaí a dhéanamh maidir le ceapadh ionstraime airgeadais struchtúraithe. Ba cheart, áfach, go mbeadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa in ann seirbhísí coimhdeacha a chur ar fáil nuair nach gcruthaíonn sé sin coinbhleachtaí leasa maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint.

(23)

Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa modheolaíochtaí rátála a úsáid atá docht, córasach agus leanúnach agus a bhíonn faoi réir ag bailíochtú, lena n-áirítear trí thaithí stairiúla agus cúltástáil. Níor cheart go mbeadh ceanglas den sórt sin, áfach, ina chúis le cur isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa agus sna modheolaíochtaí ó údaráis inniúla agus ó Bhallstáit. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart go mbainfeadh an ceanglas athbhreithniú ar dhéanamh ar rátálacha creidmheasa uair sa bhliain ar a laghad ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an bhonn den oibleagáid atá ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa monatóireacht a dhéanamh ar rátálacha creidmheasa ar bhonn leanúnach agus athbhreithniú a dhéanamh ar na rátálacha creidmheasa de réir mar is gá. Níor cheart na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ar shlí a chuirfeadh cosc ar ghníomhaireachtaí nua rátála creidmheasa dul isteach sa mhargadh.

(24)

Ba cheart go mbeadh rátálacha creidmheasa dea-bhunaithe agus go mbeadh údar maith teann leo, lena chinntiú nach gcruthófar staideanna ina mbainfí an bhonn den rátáil.

(25)

Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa faisnéis ar na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana rátála a mbaineann siad úsáid astu sa phróiseas rátála a nochtadh don phobal. Ba cheart go mbeadh an oiread mionsonraí a bhaineann le nochtadh faisnéise maidir le samhlacha ann agus go bhféadfaí faisnéis leormhaith a thabhairt d’úsáideoirí na rátálacha creidmheasa le go mbeadh siad in ann a ndícheall cuí féin a dhéanamh agus measúnú á dhéanamh ar cheart dóibh brath ar na rátálacha creidmheasa sin, nó gan brath orthu. Ní cheart, áfach, go sceithfí le nochtadh faisnéise a bhaineann le samhlacha faisnéis íogair ghnó ná cur isteach go mór ar nuálaíocht.

(26)

Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa beartais inmheánacha agus nósanna imeachta imleor a chur ar bun maidir le fostaithe agus daoine eile a bhíonn páirteach sa phróiseas rátála creidmheasa chun aon choinbhleachtaí leasa a chosc, a shainaithint, a dhíbirt nó a bhainistiú agus a nochtadh agus chun cáilíocht, sláine agus críochnúlacht an phróisis rátála creidmheasa agus athbhreithnithe a áirithiú an t-am ar fad. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh córas rialaithe inmheánach agus feidhm chomhlíonta san áireamh i mbeartais agus nósanna imeachta den sórt sin.

(27)

Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa cásanna ina bhfuil coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus na coinbhleachtaí sin a bhainistiú go sásúil nuair atá siad dosheachanta chun a neamhspleáchas a áirithiú. Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa coinbhleachtaí leasa a nochtadh go tráthúil. Ba cheart dóibh taifead a choinneáil de gach bagairt shuntasach ar neamhspleáchas na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus ar neamhspleáchas a cuid fostaithe agus na ndaoine eile a bhíonn páirteach sa phróiseas rátála creidmheasa, mar aon leis na cosaintí atá á gcur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú.

(28)

Ba cheart do ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó do ghrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheas socruithe le haghaidh dea-rialachais chorparáidigh a choimeád ar bun. I gcinneadh a gcuid socruithe rialachais chorparáidigh don ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó don ghrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ba cheart dóibh aird a bheith acu ar an ngá atá lena áirithiú go n-eisítear rátálacha atá neamhspleách, oibiachtúil agus de cháilíocht leormhaith.

(29)

Chun a áirithiú go mbíonn an próiseas rátála creidmheasa neamhspleách ar leas gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa mar chuideachta, ba cheart do na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a áirithiú go mbeidh aon trian ar a laghad, ach nach lú ná beirt, de chomhaltaí bhoird riaracháin nó maoirseachta neamhspleách i gcomhréir le pointe 13 i Roinn III de Mholadh 2005/162/CE ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2005 maidir le ról stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó maoirseachta ar chuideachtaí liostaithe agus ar choistí an bhoird (mhaoirseachta) (13). Ina theannta sin, tá sé riachtanach go mbeidh dóthain saineolais i réimsí cuí de na seirbhísí airgeadais ag tromlach na bainistíochta sinsearaí, gach comhalta neamhspleách den bhord riaracháin nó maoirseachta san áireamh. Ba cheart don oifigeach um chomhlíonadh tuairisc ar dhéanamh a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chur go tráthrialta faoi bhráid na bainistíochta sinsearaí agus faoi bhráid chomhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta.

(30)

Chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, níor cheart go mbraithfeadh an cúiteamh do na comhaltaí neamhspleácha ar an mbord riaracháin nó maoirseachta ar fheidhmíocht ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa.

(31)

Ba cheart do ghníomhaireacht rátála creidmheasa a gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a leithdháileadh ar líon leordhóthanach fostaithe a bhfuil eolas agus saineolas oiriúnach acu. Ba cheart, go háirithe, go ndéanfadh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go sanntar dóthain acmhainní daonna agus airgeadais ar eisiúint, ar fhaireacháin agus ar uasdátú rátálacha creidmheasa.

(32)

D’fhonn dálaí sainiúla na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ina bhfostaítear níos lú ná 50 fostaí a chur san áireamh, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa den sórt sin a dhíolmhú ó roinnt de na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo chomh fada agus a bhaineann le ról chomhaltaí neamhspleácha an bhoird, feidhm an chomhlíonta agus an mheicníocht uainíochta, agus a méid go bhfuil na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sin in ann a léiriú go gcomhlíonann siad na coinníollacha sainiúla sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla a scrúdú, go háirithe, cibé ar cinneadh méid na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar shlí lena bhféadfadh gníomhaireacht rátála creidmheasa nó grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint. Ba cheart go ndéanfaí feidhmiú dhíolmhú údaráis inniúla Ballstát ar shlí lena seachnófaí an baol go ndéanfaí blúiriú ar an margadh inmheánach agus ar shlí le go ráthófaí feidhmiú aonfhoirmeach dhlí an Chomhphobail.

(33)

D’fhéadfadh caidreamh seanbhunaithe leis na heintitis rátáilte chéanna nó lena gcuid tríú páirtithe gaolmhara an bonn a bhaint de neamhspleáchas na n-anailísithe rátála agus na ndaoine a fhormheasann na rátálacha creidmheasa. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na hanailísithe agus na daoine sin faoi réir meicníochta uainíochta cuí ar cheart dó foráil d’athrú de réir a chéile sna foirne anailíse agus sna coistí rátála creidmheasa.

(34)

Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a áirithiú go ndéanfar modheolaíochtaí, samhlacha agus príomh-bhoinn tuisceana rátála, amhail boinn tuisceana matamaiticiúla nó comhghaoil, a úsáidtear chun rátálacha creidmheasa a chinneadh a choimeád i gceart, cothrom le dáta agus faoi réir athbhreithnithe chuimsithigh ar bhonn tréimhsiúil agus go bhfoilseofaí tuairiscí orthu ar shlí a cheadódh athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh orthu. I gcásanna go n-ardaíonn easpa sonraí iontaofa nó castacht struchtúir de chineál nua, go háirithe ionstraimí airgeadais struchtúraithe, tromcheisteanna maidir le cibé ar féidir leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa inchreidte a chur ar fáil, níor cheart don ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa a éisiúint nó ba cheart di rátáil creidmheasa atá ann faoi láthair a tharraingt siar. Ba cheart go ndéanfaí athruithe i gcáilíocht na faisnéise atá ar fáil maidir le faireachán ar rátáil chreidmheasa atá cheana ann a nochtadh leis an athbhreithniú sin agus, más cuí, athrú a dhéanamh ar an rátáil chreidmheasa.

(35)

Chun caighdeán na rátálacha creidmheasa a áirithiú, ba cheart do ghníomhaireacht rátála creidmheasa bearta a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá in úsáid aici chun rátáil creidmheasa a thabhairt iontaofa. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh gníomhaireacht rátála creidmheasa ábalta foráil a dhéanamh chun a bheith in ann brath ar, inter alia, ráitis airgeadais a bhí iniúchta go neamhspleách agus ar nochtadh poiblí; fíorú ó sheirbhísí tríú páirtí creidiúnacha; scrúdú samplála randamaí ón ngníomhaireacht rátála creidmheasa ar an bhfaisnéis a fuarthas; nó forálacha conarthacha ina n-ordaítear dliteanas don eintiteas rátáilte nó a chuid tríú páirtithe gaolmhara, má tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil faoin gconradh bréagach go feasach ar bhonn ábhartha nó míthreorach nó má mhainníonn an t-eintiteas nó a chuid tríú páirtithe dícheall cuí réasúnach a chleachtadh maidir le cruinneas na faisnéise mar atá sonraithe faoi théarmaí an chonartha.

(36)

Tá an Rialachán seo gan dochar do dhualgas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa ceart chun príobháideachais dhaoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (14).

(37)

Ní mór go mbunódh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nósanna imeachta cuí i gcomhair athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana rátála a úsáideann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa chun dálaí athraitheacha sna margaí sócmhainní bunúsacha a léiriú go cruinn. D’fhonn trédhearcacht a áirithiú, ba cheart aon mhodhnú ábhartha ar mhodheolaíochtaí agus chleachtais, nósanna imeachta agus próisis ghníomhaireachta rátála creidmheasa a nochtadh sula dtagann siad in éifeacht, mura i ndán agus go n-éilítear athrú láithreach ar an rátáil chreidmheasa i ngeall ar dhálaí troma sa mhargadh.

(38)

Ba cheart do ghníomhaireacht rátála creidmheasa foláireamh riosca oiriúnach ar bith a léiriú, lena n-áirítear anailís íogaireachta ar na boinn tuisceana ábhartha. Ba cheart go míneofaí san anailís sin mar is féidir le forbairtí éagsúla margaidh a athraíonn na paraiméadair atá fite fuaite sa tsamhail tionchar a bheith acu ar athruithe rátála creidmheasa (mar shampla luaineacht). Ba cheart don ghníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis maidir le rátaí mainneachtana stairiúla a gcuid catagóirí rátála infhíoraithe agus inchainníochtaithe agus go gcuireann sí ar fáil bonn imleor do na páirtithe leasmhara chun feidhmíocht stairiúil gach catagóra rátála a thuiscint agus cibé ar athraigh agus conas mar a d’athraigh catagóirí rátála. Má dhéanann cineál na rátála creidmheasa nó tosca eile ráta mainneachtana stairiúil mí-oiriúnach, neamhbhailí ó thaobh staidrimh de, nó gur dócha go gcuirfidh sé úsáideoirí na rátála creidmheasa ar míthreoir, ba cheart don ghníomhaireacht rátála creidmheasa soiléirithe oiriúnacha a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis sin, chomh fada agus is féidir, inchomparáide le haon phatrúin tionscail atá ann cheana chun cabhrú le hinfheisteoirí comparáidí feidhmíochta a dhéanamh idir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa difriúla.

(39)

D’fhonn trédhearcacht na rátálacha creidmheasa a atreisiú agus d’fhonn cur le cosaint infheisteoirí, ba cheart don CESR stór lárnach a choimeád ar bun ina mbeadh faisnéis ar fheidhmíocht na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa san am a caitheadh agus inar cheart faisnéis faoi rátálacha creidmheasa a eisíodh san am a caitheadh a choimeád. Ba cheart do na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa faisnéis a chur ar fáil don stór sin i bhfoirm chaighdeánaithe. Ba cheart don CESR an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal agus ba cheart go bhfoilseodh sé faisnéis achomair ar na príomhfhorbairtí a tharla ar bhonn bliantúil.

(40)

I ndálaí ar leith, d’fhéadfadh sé go mbeidh éifeachtaí ag ionstraimí airgeadais struchtúraithe atá difriúil ó ionstraimí fiachais chorparáidigh traidisiúnta. D’fhéadfadh sé a bheith míthreorach d’infheisteoirí má chuirtear na catagóirí rátála céanna chun feidhme ar an dá chineál ionstraime gan tuilleadh mínithe. Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ról tábhachtach a bheith acu maidir le feasacht a mhúscailt i measc úsáideoirí rátálacha creidmheasa faoi shainiúlachtaí táirgí airgeadais struchtúraithe i gcomparáid leis na cinn thraidisiúnta. Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa dá bhrí sin idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na catagóirí rátála a úsáidtear le haghaidh ionstraimí airgeadais struchtúraithe rátála ar thaobh amháin agus na catagóirí rátála a úsáidtear le haghaidh ionstraimí airgeadais eile nó oibleagáidí airgeadais ar an taobh eile trí shiombail chuí a chur leis an gcatagóir rátála.

(41)

Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa bearta a dhéanamh chun cásanna a sheachaint ina n-iarrann eisitheoirí réamh-mheasúnú rátála ar an ionstraim airgeadais struchtúraithe lena mbaineann ó roinnt gníomhaireachtaí rátála creidmheasa éagsúla chun an ceann a thairgeann an rátáil chreidmheasa is fearr i leith an struchtúir bheartaithe a shainaithint. Ba cheart go seachnódh eisitheoirí cleachtais den sórt sin a chur i bhfeidhm.

(42)

Ba cheart do ghníomhaireacht rátála creidmheasa taifid a choimeád maidir leis an modheolaíocht do na rátálacha creidmheasa agus athruithe orthu a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus taifid a choimeád maidir le heilimintí substaintiúla an phlé idir an anailísí rátála agus an t-eintiteas rátáilte nó a chuid tríú páirtithe gaolmhara.

(43)

Chun leibhéal ard muiníne a áirithiú i measc infheisteoirí agus tomhaltóirí as an margadh inmheánach, ba cheart go mbeadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a eisíonn rátálacha creidmheasa sa Chomhphobal faoi réir ag clárúchán. Is é an clárúchán sin an príomh-réamhchoinníoll atá ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheas chun go bhféadfaidh siad rátálacha creidmheasa a eisiúint a bhíonn beartaithe lena n-úsáid chun críocha rialúcháin sa Chomhphobal. Ní mór dá bhrí sin na coinníollacha comhchuibhithe agus an nós imeachta a leagan síos chun an clárúchán sin a dheonú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar.

(44)

Níor cheart go dtiocfadh an Rialachán seo in áit an phróisis sheanbhunaithe chun Institiúidí um Measúnú Creidmheasa Sheachtraigh (ECAIanna) a aithint i gcomhréir le Cuid 2 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2006/48/CE. Ba cheart do na ECAIanna atá aitheanta cheana sa Chomhphobal cur isteach ar chlárúchán i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(45)

Ba cheart go mbeadh cead ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe ag údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha rátálacha creidmheasa a eisiúint ar fud an Chomhphobail. Ní mór dá bhrí sin nós imeachta coiteann do chlárúcháin a bhunú do gach gníomhaireacht rátála creidmheasa, agus éifeacht a bheith leis an nós imeachta sin ar fud an Chomhphobail. Ba cheart go dtiocfadh d’éifeacht a bheith ag clárú gníomhaireachta rátála creidmheasa ón tráth a mbeidh éifeacht faoin dlí náisiúnta ábhartha ag an gcinneadh um chlárúchán a eisíonn an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile.

(46)

Ní mór pointe aonair iontrála a bhunú i gcomhair iarratais ar chlárúchán a chur isteach. Ba cheart gurb é an CESR a gheobhadh na hiarratais ar chlárúchán agus a chuirfeadh na húdaráis inniúla sna Ballstáit go léir ar an eolas. Ba cheart go dtabharfadh an CESR comhairle freisin maidir le hiomláine an iarratais don údarás inniúil sa Bhallstát baile. Ba cheart go ndéanfadh an t-údarás inniúil ábhartha scrúdú ar na hiarratais ar chlárúchán ar an leibhéal náisiúnta. Chun déileáil go héifeachtúil le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ba cheart do na húdaráis inniúla líonra oibríochtúil (coláistí) a chur ar bun atá tacaithe ag bonneagar teicneolaíochta faisnéise éifeachtúil. Ba cheart don CESR fochoiste a chur ar bun atá speisialaithe i réimse na rátála creidmheasa le haghaidh gach ceann de na haicmí sócmhainne a rátálann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

(47)

Tá roinnt gníomhaireachtaí rátála creidmheasa comhdhéanta de roinnt eintiteas dlítheanach ar grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa iad le chéile. Agus iad ag clárú gach ceann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá mar chuid de ghrúpa den sórt sin, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann comhordú a dhéanamh ar scrúdú na n-iarratas a chuireann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar leis an ngrúpa céanna iad isteach mar aon leis an gcinnteoireacht a bhaineann le deonú an chlárúcháin. Ba cheart, áfach, go bhféadfaí clárú a dhiúltú do ghníomhaireacht rátála creidmheasa i ngrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcás nach gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa sin na ceanglais le haghaidh clárúcháin ach fós go gcomhlíonann comhaltaí eile an ghrúpa gach ceann de na ceanglais maidir le clárú faoin Rialachán seo. Ós rud é nach bhfuil an chumhacht tugtha do choláiste na n-údarás inniúil cinntí a bhfuil ceangal dlí leo a eisiúint, ba cheart do na húdaráis inniúla i mBallstáit bhaile chomhaltaí an ghrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, gach ceann díobh ar a chonlán féin, cinneadh aonair a eisiúint i ndáil leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

(48)

Ba cheart don choláiste d’údaráis inniúla a bheith mar an t-ardán éifeachtach le haghaidh malartú faisnéise maoirseachta i measc na n-údarás inniúil, le haghaidh comhordú ar a ngníomhaíochtaí agus le haghaidh na bearta maoirseachta is gá i gcomhair maoirsiú éifeachtach na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Go háirithe, ba cheart don choláiste éascú a dhéanamh ar an bhfaireacháin ar chomhlíonadh na gcoinníollacha le haghaidh formhuiniú rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint i dtríú tíortha, deimhniúchán, socruithe eisfhoinsithe agus an díolmhú do ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Ba cheart go rannchuideodh gníomhaíochtaí an choláiste d’údaráis inniúla le cur i bhfeidhm comhchuibhithe na rialacha faoin Rialachán seo agus le cóineasacht na gcleachtas maoirseachta.

(49)

D’fhonn comhordú praiticiúil ghníomhaíochtaí an choláiste a fheabhsú, ba cheart go roghnódh a chomhaltaí éascaitheoir as measc a líon féin. Ba cheart go mbeadh an t-éascaitheoir ina chaithaoirleach ar chruinnithe an choláiste, go leagfadh sé síos socruithe comhorduithe i scríbhinn don choláiste agus go ndéanfadh sé comhordú ar ghníomhartha an choláiste. I rith an phróisis chlárúcháin, ba cheart go ndéanfadh an t-éascaitheoir scrúdú ar an ngá atá leis an tréimhse i gcomhair scrúdú na n-iarratas a fhadú, a chomhordú, agus idirchaidreamh leis an CESR.

(50)

Bhunaigh an Coimisiún grúpa ardleibhéal i Samhain 2008 a raibh de fhreagracht orthu an struchtúr maoirseachta Eorpach i réimse na seirbhísí airgeadais a scrúdú amach anseo, lena n-áirítear ról an CESR.

(51)

Níor cheart an struchtúr maoirseachta reatha a mheas mar an réiteach fadtéarmach chun maoirsiú a dhéanamh ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Is céim mhaith chun cinn é Coláistí na n-údarás inniúil, lena mbeifear ag súil go ndéanfaidh siad sruthlíniú ar an gcomhar maoirseachta agus ar chóineaseacht sa réimse seo sa Chomhphobal, ach ní dócha go mbeadh sé in ann na tairbhí go léir a bhaineann le maoirseacht níos comhdhlúite ar an tionscal rátála creidmheasa a thabhairt leis. Is léir go follasach ón ngéarchéim sna margaí airgeadais idirnáisiúnta gur cuí an gá atá le hathchóirithe fadréimseacha ar shamhail rialúcháin agus maoirseachta earnáil airgeadais an Chomhphobail a scrúdú tuilleadh. D’fhonn an leibhéal is gá de chóineasú agus comhar maoirseachta an Chomhphobail a bhaint amach, agus chun bonn taca a chur faoi chobhsaíocht an chórais airgeadais, tá géarghá le tuilleadh athchóirithe fadréimseacha ar shamhail rialúcháin agus maoirseachta earnáil airgeadais an Chomhphobail agus ba cheart don Choimsiún é sin a chur ar aghaidh go beo agus aird chuí aige ar na conclúidí a thíolaic an mheitheal saineolaithe faoi chathaoirleacht Jacques de Larosière an 25 Feabhra 2009. Ba cheart don Choimisiún, a luaithe is féidir, agus in aon chás faoin 1 Iúil 2010, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus d’institiúidí eile lena mbaineann maidir lena chinntí ina leith seo agus ba cheart dó aon togra reachtach is gá a chur ar aghaidh chun dul i ngleic leis na heasnaimh a shainaithnítear chomh fada agus a bhaineann leis an gcomhordú maoirseachta agus leis na socruithe comhair.

(52)

Ba cheart athruithe suntasacha sa réim formhuinithe, socruithe eisfhoinsithe chomh maith le hoscailt agus dúnadh brainsí a mheas, inter alia, mar athruithe ábhartha ar na coinníollacha le clárú den chéad uair mar ghníomhaireacht rátála creidmheasa.

(53)

Ba cheart gurb é údarás inniúil an Bhallstáit baile a dhéanfadh maoirseacht ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa i bpáirt le húdaráis inniúla na mBallstát eile atá i gceist agus úsáid á bhaint acu as an gcoláiste ábhartha agus an CESR a choinneáil rannpháirteach ann de réir mar is cuí.

(54)

Maidir le cumas údarás inniúil an Bhallstáit baile agus comhaltaí eile an choláiste ábhartha measúnú agus faireacháin a dhéanamh ar mar a chomhlíonann gníomhaireacht rátála creidmheasa na hoibleagáidí dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, níor cheart go mbeadh sé teoranta d’aon socruithe eisfhoinsithe a dhéanann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa. Ba cheart go mbeadh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa fós freagrach as aon cheann dá cuid oibleagáidí faoin Rialachán seo i gcás ina mbaineann sí úsáid as socruithe eisfhoinsithe.

(55)

Chun ardleibhéal muinín infheisteoirí agus tomhaltóirí a chothabháil agus chun maoirseacht leanúnach na rátálacha creidmheasa a eisítear sa Chomhphobal a chumasú, ba cheart go gcuirfí de cheangal ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhfuil a gceanncheathrú lasmuigh den Chomhphobal fochuideachta a chur ar bun sa Chomhphobal ionas go bhféadfar maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí sa Chomhphobal agus úsáid éifeachtúil a bhaint as an réim fhormhuinithe. Ba cheart go spreagfaí freisin gníomhairí nua a bheith ag teacht chun cinn i margadh na gníomhaireachta rátála creidmheasa.

(56)

Ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá sainmhínithe sa Rialachán seo i ndáil le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, daoine atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, eintitis rátáilte agus tríú páirtithe gaolmhara, tríú páirtithe a bhfuil feidhmeanna nó gníomhaíochtaí áirithe eisfhoinsithe ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chucu agus daoine eile atá cleamhnaithe ar shlí eile leis na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nó le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, nó a bhaineann ar shlí eile leo. Ba cheart go n-áireofaí i measc daoine den sórt sin scairshealbhóirí nó comhaltaí de bhoird maoirseachta nó riaracháin na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus na n-eintiteas rátáilte.

(57)

Ba cheart go mbeadh forálacha an Rialacháin seo maidir le táillí maoirseachta gan dochar d’fhorálacha iomchuí an dlí náisiúnta lean rialaítear táillí maoirseachta nó táillí comhchosúla.

(58)

Is cuí meicníocht a chruthú chun forghníomhú éifeachtach fhorálacha an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart go mbeadh fáil ag údaráis inniúla na mBallstát ar na hacmhainní is gá chun a áirithiú go ndéantar na rátálacha a eisítear sa Chomhphobal a eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart úsáid na mbeart maoirseachta sin a chomhordú i gcónaí laistigh den choláiste ábhartha. Ba cheart bearta amhail tarraingt siar an chlárúcháin nó fionraíocht ar úsáid na rátálacha creidmheasa chun críocha rialúcháin a fhorchur nuair a mheastar iad a bheith ar comhréir le chomh trom agus a sáraíodh na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo. Agus a gcumhachtaí maoirseachta á bhfeidhmiú acu, ba cheart go mbeadh aird chuí ag na húdaráis inniúla ar leasanna na n-infheisteoirí agus ar chobhsaíocht an mhargaidh. Toisc gur cheart neamhspleáchas na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá ag eisiúint na rátálacha creidmheasa a chaomhnú, níor cheart do na húdaráis inniúla ná do na Ballstáit cur isteach ar shubstaint na rátálacha creidmheasa ná ar na modheolaíochtaí ina gcinneann gníomhaireacht rátála creidmheasa na rátálacha creidmheasa ionas go seachnófar an bonn a bhaint de na rátálacha creidmheasa.. Sa chás go gcuirtear an ghníomhaireacht rátála creidmheasa faoi bhrú, ba cheart dó é sin a fhógairt don Choimisiún agus don CESR. Ba cheart don Choimisiún a scrúdú ar bhonn cás ar chás cibé an bhfuil gníomhaíocht bhreise le glacadh in aghaidh an Bhallstáit lena mbaineann as mainneachtain an Bhallstáit sin a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

(59)

Tá sé inmhianta a áirithiú go bhfuil an chinnteoireacht dá dtagraítear sa Rialachán seo bunaithe ar dhlúthchomhar idir údaráis inniúla na mBallstát agus ba cheart, dá bhrí sin, gur ar bhonn comhaontaithe a ghlacfaí na cinntí clárúcháin. Is réamhriachtanas é seo nach mór a bheith ann do phróiseas éifeachtúil an chlárúcháin agus dhéanamh na maoirseachta. Ba cheart go mbeadh an chinnteoireacht éifeachtach, sciobtha agus toiliúil.

(60)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht na maoirseachta agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart do na húdaráis inniúla sna Ballstáit comhoibriú lena chéile.

(61)

Tá sé tábhachtach freisin foráil a dhéanamh do mhalartú faisnéise idir na húdarás inniúil atá freagrach as maoirsiú na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoin Rialachán seo agus i measc na n-údarás inniúil a mhaoirsíonn na hinstitiúidí airgeadais faoi mar a shonraítear sa Rialachán seo, go háirithe iad siúd atá freagrach as maoirseacht stuama, nó atá freagrach as cobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit.

(62)

Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla na mBallstát, nach iad na húdaráis inniúla sna Ballstáit bhaile iad, in ann idirghabháil agus bearta maoirseachta a dhéanamh, ar an méid sin a chur in iúl don CESR agus don údarás inniúil sa Bhallstát baile agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcoláiste ábhartha dóibh i gcás ina ndeimhnítear go bhfuil gníomhaireacht rátála creidmheasa cláraithe a mbaintear úsáid as a chuid rátálacha ina gcríoch ag sárú na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo.

(63)

Mura i ndán agus go bhforálann an Rialachán seo do nós imeachta sainiúil i dtaca le clárúchán, le deimhniúchán nó le tarraingt siar an deimhniúcháin, glacadh bearta maoirseachta, nó feidhmiú cumhachtaí maoirseachta, ba cheart go mbeadh feidhm ag an dlí náisiúnta lena rialaítear nósanna imeachta den sórt sin, lena n-áirítear na réimeanna teanga, rúndacht ghairmiúil agus pribhléid ghairmiúil dlí agus níor cheart go ndéanfaí difear do chearta na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus do chearta dhaoine eile faoin dlí sin.

(64)

Ní mór cóineasacht na gcumhachtaí atá ag na húdaráis inniúla a fheabhsú chun forghníomhú chomh tréan céanna a bhaint amach ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(65)

Ba cheart don CESR comhchuibheas a áirithiú i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart comhar agus comhordú na n-údarás inniúil a fheabhsú agus a éascú maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta agus treoir a thabhairt i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don CESR, dá bhrí sin, meicníocht eadrána agus athbhreithniú piaraí a chur ar bun chun cur chuige comhtháite na n-údarás inniúil a éascú.

(66)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás go sáraítear forálacha an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ba cheart, ar a laghad, go gcumhdódh siad cásanna de mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach agus easpa díchill chuí. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann do na Ballstáit foráil a dhéanamh do phionóis sa dlí riaracháin, nó sa dlí coiriúil. Ba cheart go leagfadh an CESR treoirlínte síos maidir le cóineasú na gcleachtas a bhaineann le pionóis den sórt sin.

(67)

Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise idir údaráis inniúla, údaráis eile, comhlachtaí nó daoine i gcomhréir leis na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE.

(68)

Ba cheart, leis an Rialachán seo, go dtabharfaí rialacha maidir le malartú faisnéise leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha, go háirithe leo sin atá freagrach as maoirsiú na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhíonn rannpháirteach i bhformhuiniú agus i ndeimhniúchán.

(69)

Gan dochar d’fheidhmiú dlí an Chomhphobail, ba cheart aon éileamh in aghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i dtaca le haon sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme ar dhliteanas sibhialta.

(70)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (15).

(71)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, agus aird á thabhairt aige ar fhorbairtí idirnáisiúnta, Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a leasú lena leagtar síos na critéir ar leith chun measúnú a dhéanamh ar an tslí a gcomhlíonann gníomhaireacht rátála creidmheasa a cuid dualgas i dtéarmaí an eagair inmheánaigh, socruithe oibríochtúla, rialacha maidir le fostaithe, tabhairt ar aird na rátálacha creidmheasa agus nochtadh agus sonrú nó leasú a dhéanamh ar na critéir chun coibhéis réim dlí rialúcháin agus maoirseachta na dtríú tíortha le forálacha an Rialacháin seo a chinneadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(72)

D’fhonn forbairtí breise sna margaí airgeadais a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina ndéantar measúnú ar fheidhmiú an Rialacháin seo, go háirithe mar atáthar ag brath ó thaobh rialúcháin de ar rátálacha creidmheasa chomh maith lena oiriúnaí atá an luach saothair a thugann an t-eintiteas rátáilte don ghníomhaireacht rátála creidmheasa. I bhfianaise an mheasúnaithe sin, ba cheart don Choimisiún tograí reachtacha cuí a chur ar aghaidh.

(73)

Ba cheart don Choimisiún freisin tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina ndéantar measúnú ar dhreasachtaí d’eisitheoirí úsáid a bhaint as gníomhaireachtaí rátála creidmheasa bunaithe sa Chomhphobal i gcomhair cion dá gcuid rátálacha, ar roghanna malartacha ar an samhail ‘ina n-íocann an t-eisitheoir’, lena n-áirítear gníomhaireacht rátála creidmheasa Comhphobail poiblí a chruthú, agus ar chóineasú na rialacha náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo. I bhfianaise an mheasúnaithe sin, ba cheart don Choimisiún tograí reachtacha cuí a chur ar aghaidh.

(74)

Ba cheart don Choimisiún freisin tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina ndéantar measúnú ar fhorbairtí sa chreat rialúcháin agus maoirseachta do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa i dtríú tíortha agus ar éifeachtaí na bhforbairtí sin agus na bhforálacha idirthréimhseacha dá dtagraítear sa Rialachán seo ar chobhsaíocht na margaí airgeadais sa Chomhphobal.

(75)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leibhéal ard de chosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí a áirithiú trí réim coiteann a leagan síos maidir le cáilíocht na rátálacha creidmheasa a eiseofar sa mhargadh inmheánach, a bhaint amach go leordhóthanach, toisc an easpa reachtaíochta náisiúnta sa réimse sin agus go bhfuil tromlach na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ann faoi láthair bunaithe lasmuigh den Chomhphobal, agus gur fearr, dá bhrí sin, na cuspóirí a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach d’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Tugtar isteach leis an Rialachán seo cur chuige rialúcháin coiteann chun feabhas a chur ar shláine, thrédhearcacht, fhreagracht, dhea-rialachas agus iontaofacht ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa, rud a chuireann le cáilíocht na rátálacha creidmheasa a eisítear sa Chomhphobal, agus ar an gcaoi sin cuirfear le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus bainfear leibhéal ard de chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí amach ag an am céanna. Leagtar síos na coinníollacha maidir le heisiúint rátálacha creidmheasa agus na rialacha maidir le heagrú agus stiúradh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun a neamhspleáchas a chur chun cinn agus chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le rátálacha creidmheasa a eisíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus atá cláraithe sa Chomhphobal a nochtar go poiblí nó a dháiltear trí bhíthin shuibscríbhinne.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a)

rátálacha creidmheasa a thugtar ar de bhun ordú aonair agus a sholáthraítear go heisiach don duine a rinne iad a ordú agus nach bhfuil sé ar intinn iad a nochtadh go poiblí nó iad a scaipeadh trí shuibscríobh;

(b)

scóir chreidmheasa, córais scórála creidmheasa nó measúnachtaí comhchosúla a bhaineann leis na hoibleagáidí a thagann chun cinn as caidreamh le tomhaltóirí, caidreamh tráchtála nó caidreamh tionsclaíochta;

(c)

rátálacha creidmheasa a thugann gníomhaireachtaí creidmheasa i gcomhréir le pointe 1.3 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2006/48/CE; nó

(d)

rátálacha creidmheasa arna dtabhairt ar aird ag na bainc cheannais:

(i)

agus nach bhfuil íoctha ag an eintiteas rátáilte;

(ii)

agus nach bhfuil nochta don phobal;

(iii)

agus atá eisithe i gcomhréir leis na prionsabail, na caighdeáin agus na nósanna imeachta a áirithíonn sláine dhóthanach agus neamhspleáchas dóthanach na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa faoi mar a fhoráiltear sa Rialachán seo; agus

(iv)

agus nach mbaineann le hionstraimí airgeadais a eisíonn bainc cheannais aonair na mBallstát.

3.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar chlárú faoin Rialachán seo mar choinníoll ar aitheantas a fháil mar institiúid um Measúnú Creidmheasa Sheachtraigh (ECAI) i gcomhréir le Cuid 2 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2006/48/CE, mura i ndán agus nach n-eisíonn sé ach amháin na rátálacha creidmheasa dá dtagraítear i mír 2.

4.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach phointe (d) de mhír 2 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air ag Ballstát, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(3) agus i gcomhréir leis pointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo, cinneadh a ghlacadh a deir go dtagann banc ceannais faoi raon feidhme an Airteagail seo agus dá bhrí sin go bhfuil sé díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Foilseoidh an Coimisiún liosta de na bainc cheannais a thagann faoi raon feidhme phointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘rátáil chreidmheasa’ tuairim maidir le hacmhainn creidmheasa eintitis, fiachas nó oibleagáid airgeadais, urrúis fiachais, scaireanna tosaíochta nó ionstraim airgeadais eile, nó ó eisitheoir ionstraim airgeadais den sórt sin, arna n-eisiúint ag baint úsáid as córas aicmithe sainmhínithe agus bunaithe de chatagóirí rátála;

(b)

ciallaíonn ‘gníomhaireacht rátála creidmheasa’ duine dlítheanach a eisíonn rátálacha creidmheasa ar bhonn gairmiúil mar chuid dá cheird;

(c)

ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe na gníomhaireachta rátála creidmheasa lonnaithe;

(d)

ciallaíonn ‘anailísí rátála’ duine a chomhlíonann feidhmeanna anailíseacha atá riachtanach chun rátáil chreidmheasa a eisiúint;

(e)

ciallaíonn ‘ceann-anailísí rátála’ duine atá freagrach go príomha as rátáil chreidmheasa a dhéanamh nó as cumarsáid a dhéanamh leis an eisitheoir i ndáil le rátáil chreidmheasa ar leithligh nó, go ginearálta, i ndáil le rátáil chreidmheasa ionstraime airgeadais arna eisiúint ag an eisitheoir sin agus, i gcás inarb iomchuí, as moltaí a ullmhú don choiste rátála i ndáil leis sin;

(f)

ciallaíonn ‘eintiteas rátáilte’ duine dlítheanach a bhfuil a acmhainn creidmheasa rátáilte go sainráite nó go hintuigthe sa rátáil chreidmheasa, cibé ar iarr sé an rátáil chreidmheasa sin nó nár iarr nó cibé ar chuir sé faisnéis ar fáil i gcomhair na rátála creidmheasa sin nó nár chuir;

(g)

ciallaíonn ‘críocha rialúcháin’ rátálacha creidmheasa a úsáid chun go gcomhlíonfaí, mar chríoch shonrach, dlí an Chomhphobail, faoi mar a chuirtear i bhfeidhm é le reachtaíocht náisiúnta na mBallstát;

(h)

ciallaíonn ‘catagóir rátála’ siombail rátála, amhail siombail litreach nó siombail uimhriúil a bhféadfadh carachtair shainaitheantais a bheith ag gabháil léi, a úsáidtear i rátáil chreidmheasa chun tomhas coibhneasta den riosca a chur ar fáil chun idirdhealú a dhéanamh idir tréithe riosca éagsúla na gcineálacha eintiteas rátáilte, eisitheoirí agus ionstraimí airgeadais nó sócmhainní eile;

(i)

ciallaíonn ‘tríú páirtí gaolmhar’ tionscnóir, socraitheoir, urraitheoir, seirbhíseoir nó páirtí ar bith eile a idirghníomhaíonn le gníomhaireacht rátála creidmheasa thar ceann an eintitis rátáilte, lena n-áirítear duine ar bith a bhfuil baint go díreach nó go hindíreach aige nó aici leis an eintitis rátáilte sin trí bhíthin rialaithe;

(j)

ciallaíonn ‘rialú’ an caidreamh idir máthair-ghnóthas agus foghnóthas, mar a leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 maidir le cuntais chomhdhlúite (16), nó dlúthnasc idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;

(k)

ciallaíonn ‘ionstraimí airgeadais’ aon cheann de na hionstraimí atá liostaithe i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaidh in ionstraimí airgeadais (17);

(l)

ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais struchtúraithe’ ionstraim airgeadais nó sócmhainní eile a eascraíonn as idirbheart nó scéim urrúsaithe dá dtagraítear i bpointe (36) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE;

(m)

ciallaíonn ‘grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa’ grúpa gnóthas atá bunaithe sa Chomhphobal atá comhdhéanta de mháthair-ghnóthas agus a chuid fochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE, chomh maith le gnóthais atá nasctha le chéile trí chaidreamh de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE agus a n-áirítear eisiúint rátálacha creidmheasa ar a gceird. Chun críocha phointe (a) d’Airteagal 4(3), áireofar gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha ar ghrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa;

(n)

ciallaíonn ‘an bhainistíocht shinsearach’ duine nó daoine, a stiúrann go héifeachtach gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa mar aon le comhalta nó comhaltaí a bhoird riaracháin nó maoirseachta;

(o)

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí rátála creidmheasa’ anailís sonraí agus faisnéise mar aon le meastóireacht, formheas, eisiúint agus athbhreithniú rátálacha creidmheasa.

2.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1, ní mheasfar gur rátálacha creidmheasa iad seo a leanas:

(a)

moltaí de réir bhrí Airteagal 1(3) de Threoir 2003/125/CE ón gCoimisiún (18)

(b)

taighde infheistíochta faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 24(1) de Threoir 2006/73/CE (19) agus cineálacha eile de mholadh ginearálta, amhail ‘ceannaigh’, ‘díol’ nó ‘coinnigh’ a bhaineann le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais nó in oibleagáidí airgeadais; nó

(c)

tuairimí faoi luach ionstraime airgeadais d’oibleagáid airgeadais.

Airteagal 4

Rátálacha creidmheasa a úsáid

1.   Ní fhéadfaidh institiúidí creidmheasa faoi mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2006/48/CE, gnólachtaí infheistíochta mar a shainítear i dTreoir 2004/39/CE, gnóthais árachais faoi réir ag an gcéad Treoir 73/239/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1973 maidir le comhordú dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le tosnú agus le seoladh gnó an árachais dhírigh seachas árachas saoil (20), gnóthais árachais neamhshaoil mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil (21), gnóthais athárachais mar a shainítear i dTreoir 2005/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2005 maidir le hathárachas (22), gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) faoi mar a shainmhínítear iad i dTreoir 85/611/CE agus institiúidí um chóir ar scor gairme faoi mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2003/41/CE rátálacha creidmheasa a úsáid chun críocha rialúcháin ach amháin más rud é go bhfuil siad eisithe ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe sa Chomhphobal agus cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

I gcás ina mbeadh tagairt do rátáil chreidmheasa nó do rátálacha creidmheasa i réamheolaire a fhoilsítear faoi Threoir 2003/71/CE agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 809/2004, áiritheoidh an tairgeoir, nó an duine a iarrann cead trádála ar mhargadh rialáilte, go mbeidh faisnéis shoiléir fheiceálach ann freisin ar cibé ar gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa Chomhphobal agus cláraithe faoin Rialachán seo a eisíonn an rátáil chreidmheasa sin, nó nach ea.

2.   Measfar go mbeidh rátáil chreidmheasa eisithe ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa Chomhphobal agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo nuair a bheidh an rátáil chreidmheasa foilsithe ar láithreán gréasáin na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó ar shlí eile, nó nuair a bhíonn sé dáilte trí shuibscríobh agus tugtha ar aird nó nochta i gcomhréir le hoibleagáidí Airteagal 10 agus go léirítear go soiléir go bhfuil an rátáil chreidmheasa formhuinithe.

3.   Ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe sa Chomhphobal agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo rátáil chreidmheasa, arna heisiúint i dtríú tír, a fhormhuiniú ach amháin nuair a chomhlíonann na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a eascraíonn as eisiúint rátála creidmheasa den sórt sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir leis na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a eascraíonn as an rátáil chreidmheasa atá le formhuiniú, is í an ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an ngrúpa céanna a dhéanann iad go hiomlán nó i bpáirt;

(b)

tá sé fíoraithe ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa go gcomhlíonann an tslí a seolann gníomhaireacht rátála creidmheasa tríú tír na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, a eascraíonn as eisiúint na rátála creidmheasa atá le formhuiniú, ceanglais tá chomh docht céanna ar a laghad leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 go hAirteagal 12, agus go bhfuil sé in ann é sin a léiriú ar bhonn leanúnach;

(c)

níl teorainn le cumas an údaráis inniúil i mBallstát baile na gníomhaireachta rátála creidmheasa a dhéanann an formhuiniú nó coláistí na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 29 measúnú agus faireachán a dhéanamh ar mar a chomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

cuireann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis is gá go léir ar fáil dá húdarás inniúil arna iarraidh sin dó lena chur ar chumas an údaráis inniúil sin maoirseacht a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar an tslí a gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo;

(e)

tá cúis oibiachtúil ann don rátáil chreidmheasa a tharraingt suas i dtríú tír;

(f)

tá an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa tríú tír údaraithe nó cláraithe agus tá sí faoi réir ag maoirseacht sa tríú tír sin;

(g)

cuireann an córas rialúcháin sa tríú tír sin cosc ar na húdaráis inniúla agus ar údaráis phoiblí eile sa tríú tír sin a bheith ag cur isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa agus na modheolaíochtaí; agus

(h)

is ann do shocrú cuí comhair idir an t-údarás inniúil i mBallstát baile na gníomhaireachta rátála creidmheasa a dhéanann an formhuiniú agus údarás inniúil iomchuí na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír. Áiritheoidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile go sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad:

(i)

an mheicníocht don mhalartú faisnéise idir na húdaráis inniúla lena mbaineann; agus

(ii)

na nósanna imeachta a bhaineann le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena chur ar chumas an údaráis inniúil i mBallstát baile na ngíomhaireachta rátála creidmheasa is formhuinitheoir monatóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a eascraíonn as rátáil chreidmheasa formhuinithe a eisiúint ar bhonn leanúnach.

4.   Déanfar rátáil chreidmheasa arna formhuiniú faoi mhír 3 a mheas mar rátáil chreidmheasa arna heisiúint ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa Chomhphobal agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Ní bhainfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa Chomhphobal agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo úsáid as formhuiniú ar shlí go mbeadh sé ar intinn aici ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.

5.   Beidh an gníomhaireacht rátála creidmheasa a d’fhormhuinigh rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint i dtríú tír i gcomhréir le mír 3 fós freagrach go hiomlán as rátáil chreidmheasa den sórt sin agus as comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha amach inti.

6.   Más rud é go dtugann an Coimisiún aitheantas, i gcomhréir le hAirteagal 5(6), do chreat dlí agus maoirseachta tríú tír mar chreat atá coibhéiseach le ceanglais an Rialacháin seo agus go mbíonn na socruithe comhair dá dtagraítear in Airteagal 5(7) i bhfeidhm, ní bheidh de cheangal a thuilleadh ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a fhormhuiníonn rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint sa tríú tír sin a fhíorú ná a léiriú, de réir mar is gá, go bhfuil an coinníoll a leagtar síos i bpointe (g) de mhír 3 den Airteagal seo comhlíonta.

Airteagal 5

Coibhéis agus deimhniúchán bunaithe ar choibhéis

1.   Féadfar na rátálacha creidmheasa a bhaineann le heintitis atá bunaithe i dtríú tíortha nó ionstraimí airgeadais a eisítear i dtríú tíortha agus arna n-eisiúint ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír, a úsáid sa Chomhphobal faoi Airteagal 4(1) gan iad a bheith formhuinithe i gcomhréir le hAirteagal 4(3), ar an gcoinníoll:

(a)

go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin agus go bhfuil sí faoi réir ag maoirseacht sa tríú tír sin;

(b)

go bhfuil cinneadh coibhéise glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, lena n-aithnítear réim dlí agus maoirseachta tríú tír sin a bheith coibhéiseach le ceanglais an Rialacháin seo;

(c)

go bhfuil na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo i mbun oibríochta;

(d)

nach bhfuil tábhacht chórasach leis na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa agus a cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa do chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais i gceann nó níos mó de na Ballstáit; agus

(e)

go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa deimhnithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.   Féadfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 iarratas a dhéanamh ar dheimhniúchán. Cuirfear an t-iarratas faoi bhráid Choiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (an CESR) i gcomhréir leis na forálacha iomchuí d’Airteagal 15. Laistigh de chúig lá oibre ón iarratas ar dheimhniúchán a fháil, seolfaidh CESR an t-iarratas chuig údaráis inniúla na mBallstát go léir, ag iarraidh orthu smaoineamh ar bheith ina gcomhalta den choláiste ábhartha i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 29(3). Tabharfaidh na húdaráis inniúla a mbeidh cinneadh déanta acu a bheith ina gcomhaltaí den choláiste fógra dá réir sin don CESR laistigh de dheich lá oibre ó iarratas CESR a fháil. Beidh na húdaráis inniúla a mbeidh an CESR curtha ar an eolas acu i gcomhréir leis an mír seo ina mbaill den Choláiste. Laistigh de fiche lá oibre tar éis an t-iarratas ar dheimhniúchán a fháil, tarraingeoidh an CESR suas liosta de na húdaráis inniúla ar comhaltaí den choláiste iad, agus foilseoidh sé an liosta sin ar a láithreán gréasáin. Laistigh de dheich lá ón bhfoilsiú, roghnóidh comhaltaí an choláiste éascaitheoir i gcomhréir leis na critéir atá in Airteagal 29(5). Ar an gcoláiste a bheith bunaithe, rialófar comhdhéanamh agus feidhmiú an choláiste leis na forálacha iomchuí d’Airteagal 29.

3.   Déanfar an t-iarratas ar dheimhniúchán a scrúdú i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 16. Beidh an cinneadh ar dheimhniúchán bunaithe ar na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo.

Fógrófar an cinneadh ar dheimhniúchán, agus foilseofar é, i gcomhréir le hAirteagal 18.

4.   Féadfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar leithligh a dhéanamh ag iarraidh í a dhíolmhú:

(a)

ar bhonn cás ar chás ó chuid de na ceanglais atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus in Airteagal 7(4) a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa in ann a léiriú, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna rátálacha creidmheasa, nach bhfuil na ceanglais comhréireach;

(b)

ón gceanglas a bheith i láthair go fisiceach sa Chomhphobal i gcás go mbeadh ualach rómhór ag gabháil le ceanglas den sórt sin, agus go mbeadh an ceanglas sin míréireach, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa.

Agus an t-iarratas á mheas, breithneoidh na húdaráis inniúla méid na gníomhaireachta rátála creidmheasa is iarrthóir, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó, mar aon le cineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa, agus an tionchar na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar chobhsaíocht airgeadais agus ar sláine na margaí airgeadais i gceann nó níos mó de na Ballstáit. Bunaithe ar na breithnithe sin féadfaidh leis na húdaráis inniúla díolmhú den sórt sin a thabhairt don ghníomhaireacht rátála creidmheasa.

5.   Beidh na cinntí ar dhíolúintí faoi mhír 4 den Airteagal seo faoi réir ag na forálacha agus na nósanna imeachta iomchuí a leagtar amach in Airteagal 16 ach an dara fomhír de mhír 7 den Airteagal sin mar eisceacht. I gcás nach mbítear fós in ann teacht ar chomhaontú i measc chomhaltaí an choláiste ábhartha cibé an bhfuil díolúine le deonú don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, glacfaidh an t-éascaitheoir cinneadh lán-réasúnaithe.

Chun críocha deimhniúcháin, lena n-áirítear díolúintí a dheonú agus maoirseachta, déanfaidh an t-éascaitheoir cúraimí an údaráis inniúil sa Bhallstát baile i gcás inarb iomchuí.

6.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(3), á lua go n-áirithíonn réim dlí agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach go dlíthiúil agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a eascraíonn as an Rialachán seo agus atá faoi réir ag maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin.

Féadfar réim dlí agus maoirseachta tríú tír a mheas a bheith coibhéiseach leis an Rialachán seo más rud é go gcomhlíonann an réim sin na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:

(a)

tá gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe sa tríú tír sin faoi réir ag údarú nó clárú agus tá siad faoi réir ag maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach ar bhonn leanúnach;

(b)

tá gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa tríú tír sin faoi réir ag rialacha ceangailteacha dlí atá coibhéiseach leo sin atá leagtha amach in Airteagal 6 go hAirteagal 12 den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn I; agus

(c)

cuireann an réim rialúcháin sa tríú tír sin cosc ar na húdaráis maoirseachta agus ar údaráis phoiblí eile sa tríú tír sin a bheith ag cur isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa agus na modheolaíochtaí.

Déanfaidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (c) den dara fomhír a shonrú tuilleadh, agus leasóidh sé na critéir sin, chun aird a thabhairt ar fhorbairtí sna margaí airgeadais. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

7.   Bunóidh an t-éascaitheoir comhaontuithe comhair le húdaráis inniúla iomchuí an tríú tíortha a meastar go bhfuil a chreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an mheicníocht don mhalartú faisnéise idir na húdaráis inniúla lena mbaineann; agus

(b)

na nósanna imeachta maidir leis an gcomhar idir na gníomhaíochtaí maoirseachta.

Comhordóidh an CESR forbairt na gcomhaontuithe comhair idir údaráis inniúla iomchuí an tríú tír a meastar go bhfuil a chreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6.

8.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha iomchuí Airteagal 20, Airteagal 24 agus Airteagal 25 i leith na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus i leith na rátálacha creidmheasa a eisíonn siad.

TEIDEAL II

RÁTÁLACHA CREIDMHEASA A EISIÚINT

Airteagal 6

Neamhspleáchas agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint

1.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa gach beart is gá lena áirithiú nach ndéanfaidh aon choinbhleacht leasa reatha nó féideartha nó aon chaidreamh gnó lena bhfuil baint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag eisiúint na rátála creidmheasa, a gcuid bainisteoirí, anailísithe rátála, fostaithe, aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid nó a cuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó atá á rialú aici, nó aon duine a bhfuil nasc díreach nó indíreach leis trí rialú, tionchar a imirt ar an rátáil chreidmheasa a eisiúint.

2.   Chun a áirithiú go bhfuiltear ag cloí le mír 1, cloífidh gníomhaireacht rátála creidmheasa leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn A agus i Roinn B d’Iarscríbhinn I.

3.   Arna iarraidh sin ag gníomhaireacht rátála creidmheasa, féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile gníomhaireacht rátála creidmheasa a dhíolmhú ó cheanglais phointe 2, phointe 5 agus phointe 6 de Roinn A d’Iarscríbhinn I agus Airteagal 7(4) a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa in ann a léiriú nach bhfuil na ceanglais sin comhréireach, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna na rátálacha creidmheasa sin, agus;

(a)

gur lú ná 50 fostaí atá ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa;

(b)

go bhfuil bearta cur chun feidhme agus nósanna imeachta, go háirithe córas rialaithe inmheánach, socruithe tuairiscithe agus bearta lena n-áirithítear neamhspleáchas na n-anailísithe rátála agus na ndaoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa, ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa, ar bearta agus nósanna imeachta iad a áirithíonn go gcomhlíontar cuspóirí rialúcháin an Rialacháin seo go héifeachtach; agus

(c)

nach gcinntear méid na gníomhaireachta a bhaineann le rátála creidmheasa ar shlí lena bhféadfadh gníomhaireacht rátála creidmheasa nó grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ceanglais a ghabhann leis an Rialachán seo a sheachaint.

I gcás grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, áiritheoidh na húdaráis inniúla gur ann do cheann amháin ar a laghad de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa ghrúpa nach bhfuil díolmhaithe ó cheanglais phointe 2, phointe 5 agus phointe 6 de Roinn A d’Iarscríbhinn I agus Airteagal 7(4) a chomhlíonadh.

Airteagal 7

Anailísithe rátála, fostaithe agus duine eile atá páirteach inéisiúintrátálachacreidmheasa

1.   Áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go bhfuil an t-eolas agus an taithí oiriúnach ag anailísithe rátála, a fostaithe agus aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid nó a cuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil siad faoina rialú, agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa i gcomhair na ndualgas atá sannta dóibh.

2.   Áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa nach gceadaítear do na daoine dá dtagraítear i mír 1 caibidlíocht maidir le táillí nó íocaíochtaí a thionscnamh, nó páirt a ghlacadh iontu, le haon eintiteas rátáilte, le tríú páirtí gaolmhar nó le haon duine a bhfuil nasc acu go díreach nó go hindíreach leis an eintiteas rátáilte trí rialú.

3.   Áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go ndéanfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais a leagtar amach i Roinn C d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.

4.   Bunóidh gníomhaireacht rátála creidmheasa meicníocht uainíochta chuí chéimnitheach i ndáil le hanailísithe rátála agus daoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa faoi mar a shainítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I. Déanfar an mheicníocht uainíochta i gcéimeanna agus beidh sé bunaithe ar dhaoine aonair seachas ar an bhfoireann iomlán.

5.   Ní bheidh cúiteamh agus meastóireacht feidhmíochta na n-anailísithe creidmheasa agus na ndaoine a dhéanann na rátálacha creidmheasa a fhormheas ag brath ar an méid ioncaim a fhaigheann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ón eintiteas rátáilte nó ó na tríú páirtithe gaolmhara.

Airteagal 8

Modheolaíochtaí, samhlacha agus príomh-bhoinn tuisceana rátála

1.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana rátála a mbaineann sí úsáid astu ina gníomhaíochtaí rátála creidmheasa faoi mar a shainmhínítear i bpointe 5 de Pháirt I de Roinn E d’Iarscríbhinn I a nochtadh don phobal.

2.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa bearta leormhaithe a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a fhorghníomhú d’fhonn a áirithiú go bhfuil na rátálacha creidmheasa a eisíonn sí bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ábhartha ar fad atá ar fáil di agus atá ábhartha dá hanailís de réir a cuid modheolaíochtaí rátála. Glacfaidh sí na bearta ar fad is gá le go mbeidh an fhaisnéis a úsáideann sí ar chaighdeán sách ard chun rátáil chreidmheasa a shannadh agus go bhfaightear an fhaisnéis sin as foinsí iontaofa.

3.   Úsáidfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa modheolaíochtaí rátála atá docht, córasach agus leanúnach agus a bhíonn faoi réir ag bailíochtú bunaithe ar thaithí stairiúil, lena n-áirítear cúltástáil.

4.   Nuair atá gníomhaireacht rátála creidmheasa ag úsáid rátáil chreidmheasa reatha a d’ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ionstraimí airgeadas struchtúraithe, ní dhiúltóidh sí rátáil chreidmheasa eintitis nó ionstraim airgeadais a eisiúint toisc rátáil a bheith déanta ar chuid den eintiteas nó den ionstraim airgeadais roimhe sin ag gníomhaireacht rátála creidmheasa eile.

Coinneoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa taifead de na cásanna ar fad ina n-imíonn a próiseas rátála creidmheasa, a d’ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ionstraimí airgeadas struchtúraithe ó na rátálacha creidmheasa reatha agus tabharfaidh sí údar maith don mheasúnú éagsúil sin.

5.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa faireachán ar rátálacha creidmheasa agus déanfaidh sí athbhreithniú ar a cuid rátálacha creidmheasa agus ar a cuid modheolaíochtaí féin ar bhonn leanúnach agus gach bliain ar a laghad, go háirithe sa chás go dtarlaíonn athruithe ábhartha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar rátáil chreidmheasa. Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa socruithe inmheánacha ar bun chun monatóireacht a dhéanamh ar an iarmhairt a bhíonn ag athruithe ar choinníollacha margaidh maicreacnamaíochta nó airgeadais ar rátálacha creidmheasa.

6.   Nuair a athrófar modheolaíochtaí, samhlacha nó príomh-bhoinn tuisceana rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa:

(a)

raon feidhme dóchúlach na rátálacha creidmheasa a n-imreofar tionchar orthu a nochtadh láithreach, agus úsáid á bhaint as an modh cumarsáide céanna agus a bhí in úsáid chun na rátálacha creidmheasa a bhfuil tionchar á n-imirt orthu a scaipeadh;

(b)

athbhreithniú ar na rátálacha creidmheasa a bhfuil tionchar á n-imirt orthu chomh luath agus is féidir agus ag tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh an athraithe, agus súil á choinneáil ar na rátálacha sin idir an dá linn; agus

(c)

athrátáil ar na rátálacha creidmheasa ar fad a bhí bunaithe ar na modheolaíochtaí, samhlacha nó príomh-bhoinn tuisceana sin más rud é, tar éis an athbhreithnithe, go ndéanann éifeacht nasctha fhoriomlán na n-athruithe difear do na rátálacha creidmheasa sin.

Airteagal 9

Foinsiú allamuigh

Ní dhéanfar eisfhoinsiú ar fheidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha ar shlí a dhéanfadh dochar go hábhartha do cháilíocht rialú inmheánach na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus do chumas na n-údarás inniúil maoirseacht a dhéanamh ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na hoibleagáidí faoin Rialachán seo.

Airteagal 10

Rátálacha creidmheasa a nochtadh agus a thabhairt ar aird

1.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa, ar bhonn neamhroghnach agus go tráthúil, rátáil chreidmheasa ar bith a nochtadh, chomh maith le cinneadh ar bith gan leanúint ar aghaidh le rátáil chreidmheasa. I gcás ina ndéantar cinneadh gan leanúint ar aghaidh le rátáil chreidmheasa, beidh cúiseanna ar fad leis an gcinneadh san áireamh san fhaisnéis a nochtfar.

Beidh feidhm freisin ag an gcéad fhomhír i leith rátálacha creidmheasa a scaiptear trí shuibscríobh.

2.   Áiritheoidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa go ndéanfar rátálacha creidmheasa a thabhairt ar aird i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn D d’Iarscríbhinn I.

3.   Nuair a eiseoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa i gcomhair ionstraimí airgeadais struchtúraithe, áiritheoidh sí go ndéanfar catagóirí rátála is féidir bheith inchurtha i leith ionstraimí airgeadais struchtúraithe a idirdhealú go soiléir tríd úsáid a bhaint as siombail bhreise lena n-idirdhealaítear iad ó chatagóirí rátála a úsáidtear d’eintitis eile, d’ionstraimí airgeadais nó d’oibleagáidí airgeadais.

4.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a cuid beartas agus nósanna imeachta i leith rátálacha creidmheasa gan iarraidh a nochtadh.

5.   Nuair a eiseoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa gan iarraidh sonrófar go soiléir sa rátáil chreidmheasa cibé ar ghlac an t-eintiteas rátáilte nó an tríú páirtí gaolmhar páirt sa phróiseas rátála creidmheasa nó nár ghlac agus cibé an raibh rochtain ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa ar chuntais agus doiciméid inmheánacha ábhartha eile an eintitis rátáilte nó a tríú páirtí gaolmhar.

Déanfar rátálacha creidmheasa gan iarraidh a aithint amhlaidh.

6.   Ní bhainfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa úsáid as ainm aon údaráis inniúil ar shlí a léireodh nó a thabharfadh le tuiscint go ndearna an t-údarás sin formhuiniú nó formheas ar na rátálacha creidmheasa nó ar aon ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa de chuid na gníomhaireachta.

Airteagal 11

Nochtuithe ginearálta agus tréimhsiúla

1.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis ar ábhair a leagtar amach i gCuid I de Roinn E d’Iarscríbhinn I a nochtadh go hiomlán don phobal.

2.   Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis maidir lena gcuid sonraí feidhmíochta stairiúla, lena n-áirítear minicíocht aistrithe rátálacha, agus faisnéis maidir le rátálacha creidmheasa a eisíodh san am a caitheadh agus ar athruithe orthu ar fáil i stór lárnach a bhunóidh an CESR. Déanfaidh na gníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis a chur ar fáil don stór sin ar fhoirm chaighdeánaithe faoi mar a fhorálann an CESR. Déanfaidh an CESR an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal agus foilseoidh sé faisnéis achomair ar na príomhfhorbairtí a tharla ar bhonn bliantúil.

3.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis ar ábhair a leagtar amach i bpointe 2 de Chuid II de Roinn E d’Iarscríbhinn I a sholáthar go bliantúil do na húdaráis inniúla sa Bhallstát baile agus don CESR. Nochtfaidh údarás inniúil an Ballstáit baile an fhaisnéis sin do chomhaltaí an choláiste ábhartha.

Airteagal 12

Tuarascáil trédhearcachta

Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú go bliantúil a chuimsíonn an fhaisnéis a bhaineann le hábhair a leagtar amach i bPáirt III de Roinn E d’Iarscríbhinn I. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú trí mhí i ndiaidh dheireadh gach bliana airgeadais, ar a dhéanaí, agus áiritheoidh sí go mbeidh sé ar fáil ar láithreán gréasáin na gníomhaireachta ar feadh cúig bliana ar a laghad.

Airteagal 13

Táillí um nochtadh poiblí

Ní ghearrfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa táille as an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 8 go hAirteagal 12.

TEIDEAL III

FAIREACHAS AR GHNÍOHMAÍOCHTAÍ RÁTÁLACHA CREIDMHEASA

CAIBIDIL I

an nós imeachta clárúcháin

Airteagal 14

Ceanglas maidir le clárúchán

1.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán chun críocha Airteagal 2(1) ar an gcoinníoll gur duine dlítheanach é atá bunaithe sa Chomhphobal

2.   Beidh an clárú éifeachtach i gcríoch iomlán an Chomhphobail ón tráth a mbeidh éifeacht faoin dlí náisiúnta ábhartha ag an gcinneadh clárúcháin arna eisiúint ag an údarás inniúil sa Bhallstát baile dá dtagraítear in Airteagal 16(7) nó in Airteagal 17(7).

3.   Comhlíonfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa cláraithe na coinníollacha don chlárúchán bunaidh an t-am ar fad.

Tabharfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa fógra gan aon mhoill mhíchuí don CESR, don údarás inniúil sa Bhallstát baile agus don éascaitheoir i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha don chlárúchán bunaidh, lena n-áirítear brainse a oscailt nó a dhúnadh laistigh den Chomhphobal.

4.   Gan dochar d’Airteagal 16 ná d’Airteagal 17, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú má thagann sé ar an tátal ó scrúdú a dhéanamh ar an iarratais go gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad, agus Airteagal 4 agus Airteagal 6 á gcur san áireamh aige.

5.   Ní dhéanfaidh údaráis inniúla aon cheanglais a fhorchur ar an gclárúchán nach ndéantar foráil dóibh sa Rialachán seo.

Airteagal 15

Iarratas ar chlárúchán

1.   Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán faoi bhráid an CESR. Beidh faisnéis ar na nithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II san áireamh san iarratas.

2.   I gcás ina gcuireann grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa iarratas isteach ar chlárúchán, tabharfaidh comhaltaí an ghrúpa sainordú do dhuine amháin dá gcuid an t-iarratas a chur faoi bhráid an CESR thar ceann an ghrúpa. Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa sainordaithe faisnéis ar fáil maidir leis na nithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II i gcomhair gach comhalta den ghrúpa.

3.   Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a hiarratas isteach sa teanga a cheanglaítear orthu faoin dlí ina mBallstát baile agus freisin i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

Measfar, maidir le hiarratas a bheidh seolta ag an CESR chuig údarás inniúil an Bhallstáit, gur iarratas é arna gcur isteach ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa inniúil.

4.   Laistigh de chúig lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an CESR cóipeanna den iarratas a tharchur chuig na húdaráis inniúla i ngach ceann de na Ballstáit bhaile.

Laistigh de dheich lá oibre ón iarratas a fháil, cuirfidh an CESR de chomhairle ar an údarás inniúil sa Bhallstát baile cibé an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine.

5.   Laistigh de 25 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát agus comhaltaí an choláiste ábhartha a mheasúnú cibé an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine nó nach bhfuil, agus aird á thabhairt acu ar an gcomhairle ó an CESR dá dtagraítear i mír 4. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile spriocdháta a leagan síos faoina mbeidh ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis bhreise a sholáthar dó agus don CESR agus tabharfaidh sé fógra dá réir do chomhaltaí an choláiste agus an CESR.

Tar éis measúnú go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile fógra dá réir don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, do chomhaltaí an choláiste agus don CESR.

6.   Laistigh de chúig lá oibre ón bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 5 a fháil, déanfaidh an CESR an fhaisnéis bhreise a tharchur chuig údaráis inniúla na mBallstát ar fad.

Airteagal 16

Iarratas ar chlárú ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa á scrúdú ag na húdarais inniúla

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile agus na húdaráis inniúla ar comhaltaí den choláiste ábhartha na nithe seo a leanas laistigh de 60 lá oibre tar éis an fhógartha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 15(5):

(a)

comhscrúdú ar an iarratas ar chlárúchán; agus

(b)

gach rud réasúnach is féidir leo a dhéanamh de bhíthin a gcumhachta, chun teacht ar chomhaontú faoi cibé an bhfuil clárúchán le deonú nó le diúltú an ghníomhaireacht rátála creidmheasa bunaithe ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh an t-éascaitheoir an tréimhse scrúdaithe a fhadú 30 lá oibre eile, go háirithe más rud go ndéanann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa:

(a)

formhuiniú na rátálacha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a thuar;

(b)

úsáid eisfhoinsithe a thuar; nó

(c)

díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) a iarraidh.

3.   Déanfaidh an t-éascaitheoir an scrúdú ar an iarratas arna thíolacadh ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a chomhordú agus áiritheoidh sé go ndéantar an fhaisnéis ar fad atá riachtanach chun dul i mbun scrúdaithe ar an iarratas a scaipeadh ar chomhaltaí an choláiste ábhartha.

4.   Ullmhóidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile dréacht lán-réasúnaithe den chinneadh tar éis teacht ar an gcomhaontú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus cuirfidh sé faoi bhráid an éascaitheora é.

In éagmais an chomhaontaithe i measc chomhaltaí an choláiste ábhartha, ullmhóidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile dréacht lán-réasúnaithe den chinneadh diúltú a thabhairt a bheidh bunaithe ar thuairimí i scríbhinn chomhaltaí an choláiste a chuireann i gcoinne clárú agus cuirfidh sé faoi bhráid an éascaitheora é. Déanfaidh na comhaltaí den Choláiste atá i bhfábhar clárú míniú mionsonraithe ar chineál agus ar fhorais mhionsonraithe a dtuairimí a ullmhú agus a thíolacadh don éascaitheoir.

5.   Laistigh de 60 lá oibre ón bhfógairt dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 15(5), agus in aon chás laistigh de 90 lá oibre ón tráth sin i gcás ina mbeidh feidhm ag mír 2, cuirfidh an t-éascaitheoir cinneadh clárúcháin nó cinneadh diúltaithe, a bheidh lán-réasúnaithe, i dteachtaireacht chuig an CESR agus beidh na forais mhionsonraithe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 i dteannta leis.

6.   Laistigh de 20 lá oibre ón teachtaireacht dá dtagraítear i mír 5 a fháil, léireoidh an CESR a thuairim do chomhaltaí an choláiste maidir leis an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na ceanglais do chlárúchán comhaltaí an choláiste ábhartha. Tar éis tuairim an CESR a fháil, déanfaidh comhaltaí an choláiste athscrúdú ar an dréacht den chinneadh.

7.   Glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinntí clárúcháin nó cinntí diúltaithe, a bheidh lán-réasúnaithe, laistigh de 15 lá oibre ó fhaightear tuairim CESR. Sa chás go n-imeoidh an t-údárás inniúil sa Bhallstát baile ó thuairimí CESR, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána lena aghaidh sin. Nuair nach léiríonn an CESR tuairim ar bith, glacfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile lena chinneadh laistigh de 30 lá ón teachtaireacht faoin dréachtchinneadh a chur chuig an CESR i gcomhréir le mír 5.

Más fada buan atáthar in éagmais an chomhaontaithe i measc chomhaltaí an choláiste ábhartha, glacfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile cinneadh diúltaithe, a bheidh lán-réasúnaithe, ina sainaithneofar na húdaráis inniúla nach bhfuil ag aontú agus ina mbeidh tuairisc ar a dtuairimí.

Airteagal 17

Iarratas ó ghrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa á scrúdú ag na húdaráis inniúla

1.   Déanfaidh an t-éascaitheoir agus na húdaráis inniúla ar comhaltaí den choláiste ábhartha iad, na nithe seo a leanas laistigh de 60 lá oibre tar éis an fhógartha dá dtagraítear sa dara fhomhír d’Airteagal 15(5):

(a)

comhscrúdú ar an iarratas ar chlárúchán; agus

(b)

gach rud réasúnach is féidir leo a dhéanamh de bhíthin a gcumachta, chun teacht ar chomhaontú faoi cibé an bhfuil clárúchán le deonú nó le diúltú do comhaltaí an ghrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa bunaithe ar an tslí a gcomhlíonann na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sin na coinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh an t-éascaitheoir an tréimhse scrúdaithe a fhadú 30 lá oibre eile, go háirithe más rud é go ndéanann aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa ghrúpa:

(a)

formhuiniú na rátálacha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a thuar;

(b)

úsáid eisfhoinsithe a thuar; nó

(c)

díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) a iarraidh.

3.   Déanfaidh an t-éascaitheoir an scrúdú ar an iarratais a chuirfidh an grúpa de gníomhaireachtaí rátála creidmheasa isteach a chomhordú agus áiritheoidh sé go ndéantar an fhaisnéis ar fad atá riachtanach chun dul i mbun scrúdaithe ar an iarratas a scaipeadh ar chomhaltaí an choláiste ábhartha.

4.   Ullmhóidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát baile dréachtchinntí lán-réasúnaithe aonair le haghaidh gach gníomhaireacht rátála creidmheasa den ghrúpa, tar éis teacht ar an gcomhaontú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus cuirfidh sé faoi bhráid an éascaitheora é.

In éagmais an chomhaontaithe i measc chomhaltaí an choláiste ábhartha, ullmhóidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát baile dréachtchinntí diúltaithe lán-réasúnaithe bunaithe ar thuairimí i scríbhinn chomhaltaí an choláiste atá i gcoinne clárú agus cuirfidh sé faoi bhráid an éascaitheora iad. Déanfaidh na comhaltaí den Choláiste atá i bhfábhar clárú a dheonú míniú mionsonraithe ar a dtuairimí a ullmhú agus a thíolacadh don éascaitheoir.

5.   Laistigh de 60 lá oibre ón bhfógairt dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 15(5), agus in aon chás laistigh de 90 lá oibre sa chás go mbeidh feidhm ag mír 2, cuirfidh an t-éascaitheoir cinneadh clárúcháin nó cinneadh diúltaithe aonair, a bheidh lán-réasúnaithe, i dteachtaireacht chuig an CESR agus beidh an míniú mionsonraithe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 i dteannta leis.

6.   Laistigh de 20 lá oibre ón teachtaireacht dá dtagraítear i mír 5 a fháil, tabharfaidh an CESR tuairim do chomhaltaí an choláiste ábhartha maidir leis an tslí a gcomhlíonann na ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa na ceanglais don chlárúchán. Tar éis tuairimí an CESR a fháil, déanfaidh comhaltaí an choláiste athscrúdú ar na dréachtchinntí.

7.   Glacfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile cinntí clárúcháin nó cinntí diúltaithe, a bheidh lán-réasúnaithe, laistigh de 15 lá oibre ó fhaightear tuairim an CESR. Má imíonn an t-údárás inniúil in aon cheann de na Ballstáit bhaile ó thuairim an CESR, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána. Muna léiríonn an CESR tuairim ar bith, glacfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit bhaile lena gcinneadh laistigh de 30 lá ón teachtaireacht faoin dréachtchinntí a chur chuig an CESR i gcomhréir le mír 5.

Más go fada buan atáthar in éagmais an chomhaontaithe i measc chomhaltaí an choláiste ábhartha maidir le cibé an ndéanfar aon de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa den ghrúpa a chlárú, glacfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát baile cinneadh diúltaithe, a bheidh lán-réasúnaithe, ina sainaithneofar na húdaráis inniúla nach bhfuil ag aontú agus ina mbeidh tuairisc ar a dtuairimí.

Airteagal 18

Fógra den chinneadh maidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú, diúltú don chlárú nó an clárú a tharraingt siar

1.   Laistigh de chúig lá oibre ó ghlacadh cinnidh faoi Airteagal 16, faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 20, tabharfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile fógra don gníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann ar cláraíodh nó nár cláraíodh í. I gcás go ndiúltaíonn an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána dá cinneadh.

2.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile fógra don Choimisiún, don CESR agus do na húdaráis inniúla eile faoi chinneadh a glacadh faoi Airteagal 16, faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 20.

3.   Foilseoidh an Coimisiún liosta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar a láithreán gréasáin de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta laistigh de 30 lá tar éis an fhógartha dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 19

Táille clárúcháin nó maoirseachta

Féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile táille clárúcháin agus/nó maoirseachta a ghearradh ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa. Beidh an táille clárúcháin agus/nó maoirseachta comhréireach leis an gcostas a thabhaíonn an t-údarás áitiúil sa Bhallstát baile.

Airteagal 20

Clárúchán a tharraingt siar

1.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile clárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt siar sa chás:

(a)

go dtréigeann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil rátálacha creidmheasa ar bith curtha ar fáil don sé mhí roimhe sin;

(b)

go bhfuair an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an clárúchán trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar mhodhanna neamhrialta ar bith eile;

(c)

nach gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh; nó

(d)

gur sháraigh, go tromchúiseach agus an athuair, an ghníomhaireacht rátála creidmheasa forálacha an Rialacháin seo a rialaíonn coinníollacha oibriúcháin na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

2.   Más rud é go measann an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile nach bhfuil ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, tabharfaidh sé fógra don éascaitheoir agus rachaidh sé i ndlúthchomhar le comhaltaí an choláiste ábhartha chun cinneadh a dhéanamh cibé an dtarraingeoidh sé siar an clárúchán don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó nach dtarraingeoidh.

Déanfaidh comhaltaí an choláiste comheasúnú agus déanfaidh siad gach ní réasúnach de bhíthin a gcumhachta teacht ar chomhaontú maidir leis an riachtanas an clárúchán leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a tharraingt siar.

In éagmais chomhaontaithe, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile, arna iarraidh sin air ag aon cheann de chomhaltaí eile an choláiste nó ar a thionscnamh féin, iarradh ar an CESR comhairle a chur ar fáil agus tabharfaidh an CESR a chomhairle uaidh laistigh de 15 lá oibre ó iarradh den sórt sin.

Glacfaidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát baile cinneadh aonair maidir leis an tarraingt siar bunaithe ar an gcomhaontú laistigh den choláiste.

In éagmais chomhaontaithe idir comhaltaí an choláiste laistigh de 30 lá oibre tar éis fógairt chuig an éascaitheoir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile cinneadh aonair maidir le tarraingt siar a ghlacadh. Má imíonn an cinneadh ó na tuairimí a léirigh comhaltaí eile an choláiste agus, mar is iomchuí, ón gcomhairle a chuirfidh an CESR ar fáil déanfar aon imeacht den sórt sin a réasúnú go hiomlán.

3.   Más rud é go measann an t-údarás inniúil i mBallstát, ina mbaintear úsáid as na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann, nach bhfuil ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 á chomhlíonadh, féadfaidh sé a iarraidh ar an gcoláiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 25 scrúdú a dhéanamh féachaint an ndéantar na coinníollacha chun an clárúchán a tharraingt siar a chomhlíonadh. Má chinneann an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile gan clárú na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann a tharraingt siar, tabharfaidh sé fáthanna iomlána.

4.   Beidh éifeacht láithreach ar fud an Chomhphobail ag an gcinneadh clárú a tharraingt siar, faoi réir ag an idirthréimhse chun rátálacha creidmheasa a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

CAIBIDIL II

An CESR agus na húdaráis inniúla

Airteagal 21

An Coiste um Rialtóirí Urrús Eorpach

1.   Cuirfidh an CESR comhairle ar fáil do na húdaráis inniúla, sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla an chomhairle sin a mheas sula nglactar cinneadh críochnaitheach ar bith faoin Rialachán seo.

2.   Faoin 7 Meitheamh 2010, eiseoidh an CESR treoir ar an méid seo a leanas:

(a)

an próiseas clárúcháin agus socruithe comhordaithe idir údaráis inniúla agus an CESR, lena n-áirítear an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus an réim teanga le haghaidh iarratas atá le cur faoi bhráid an CESR;

(b)

feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí, lena n-áirítear na modúlachtaí chun comhaltas chuig na coláistí a leagan amach, cur i bhfeidhm na gcritéar maidir le roghnú an éascaitheora dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 29(5), agus na socruithe scríofa maidir le riar na gColáistí agus na socruithe don chomhordú idir na coláistí;

(c)

cur i bhfeidhm an chórais formhuinithe faoi Airteagal 4(3) ag údaráis inniúla; agus

(d)

comhchaighdeáin maidir le faisnéis a thabhairt ar aird, lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus tréimhse tuairiscithe, a nochtóidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus i bpointe 1 de Chuid II de Roinn E d’Iarscríbhinn I.

3.   Faoin 7 Meán Fómhair 2010 eiseoidh an CESR treoir i dtaca le:

(a)

cleachtais agus gníomhaíochtaí forghníomhaithe a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo;

(b)

comhchaighdeáin maidir lena mheasúnú cibé an bhfuil na modheolaíochtaí rátála creidmheasa ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 8(3);

(c)

na cineálacha beart dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 24(1) chun a áirithiú go leanann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar aghaidh ag comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil; agus

(d)

an fhaisnéis a chaithfeadh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a sholáthar maidir leis an iarratas ar dheimhniú agus maidir le measúnú ar a thábhacht chórasach don chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5.

4.   Foilseoidh an CESR tuarascáil maidir leis an Rialachán a chur chun feidhme gach bliain agus den chéad uair faoin 7 Nollaig 2010. Beidh, go háirithe, measúnú ar an tslí a gcuireann na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, atá cláraithe faoin Rialachán seo, Iarscríbhinn I chun feidhme sa tuarascáil sin.

5.   Comhoibreoidh an CESR le Coiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha arna bhunú le Cinneadh 2009/78/CE (23) ón gCoimisiún agus le Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha arna bhunú le Cinneadh 2009/79/CE (24) ón gCoimisiún agus rachfar i gcomhairle leis na coistí sin sula bhfoilseofar treoir dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

Airteagal 22

Údaráis Inniúla

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil chun críche an Rialacháin seo faoin 7 Meitheamh 2010.

2.   Beidh foireann leormhaith, ó thaobh acmhainne agus saineolais de, ag na húdaráis inniúla chun go mbeidh siad in ann an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 23

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoin Rialachán seo, ní chuirfidh na húdaráis inniúla ná aon údarás poiblí eile Ballstáit isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa nó modheolaíochtaí.

2.   Ionas go ndéanfaidh siad a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a fheidhmiú, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth orthu chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú. Déanfaidh siad a gcumhachtaí a fheidhmiú:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile; nó

(c)

trí achainí chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

3.   Ionas go ndéanfaidh siad a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a fheidhmiú, beidh de chumhacht ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit, ina gcumais maoirseachta agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

rochtain a bheith acu ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a dhéanamh;

(b)

faisnéis a éileamh ó dhuine ar bith agus duine a thoghairm agus a cheistiú más gá chun faisnéis a fháil;

(c)

tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra nó dhá uireasa; agus

(d)

taifid a éileamh de thrácht teileafóin agus sonraí.

Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin a úsáid ach amháin i ndáil le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, daoine atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, eintitis rátáilte agus tríú páirtithe gaolmhara, tríú páirtithe a bhfuil feidhmeanna nó gníomhaíochtaí áirithe eisfhoinsithe ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chucu agus daoine atá cleamhnaithe ar shlí eile leis na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nó le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, nó a bhaineann ar shlí eile leo.

Airteagal 24

Bearta maoirseachta dá ndéanamh ag na húdaráis inniúla sa Bhallstát baile

1.   Más rud é go suíonn an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile go bhfuil gníomhaireacht rátála creidmheasa ag sárú na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, féadfaidh sé na bearta seo a leanas a ghlacadh:

(a)

an clárúchán a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 20;

(b)

cosc sealadach a fhorchur maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint le héifeacht ar fud an Chomhphobail;

(c)

fionraíocht a fhorchur ar úsáid rátálacha creidmheasa chun críocha rialúcháin le héifeacht aige ar fud an Chomhphobail;

(d)

bearta oiriúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar aghaidh ag comhlíonadh a gcuid ceanglas dlíthiúil;

(e)

fógraí poiblí a eisiúint;

(f)

cúrsaí i gcomhair ionchúisimh choiriúil a tharchur chuig a gcuid údarás náisiúnta iomchuí.

2.   Féadfar leanúint de rátálacha creidmheasa a úsáid chun críocha rialúcháin i ndiaidh ghlacadh na mbeart a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 ar feadh tréimhse nach faide ná:

(a)

deich lá oibre sa chás má tá rátálacha creidmheasa den ionstraim nó eintiteas airgeadais chéanna arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe faoin Rialachán seo; nó

(b)

trí mhí má tá rátálacha creidmheasa den ionstraim nó eintiteas airgeadais chéanna arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe faoin Rialachán seo.

Féadfaidh na húdaráis inniúla síneadh trí mhí eile a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír i gcúinsí eisceachtúla a bhaineann le dálaí ina bhféadfaí cur isteach ar an margadh nó ar éagobhsaíocht airgeadais.

3.   Sula ndéanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile aon bhearta dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh sé fógra don éascaitheoir agus rachaidh sé i gcomhairle le comhaltaí an choláiste ábhartha. Déanfaidh comhaltaí an choláiste gach ní réasúnach de bhíthin a gcumhachta teacht ar chomhaontú maidir leis an riachtanas aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh.

In éagmais chomhaontaithe idir comhaltaí an choláiste, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile, arna iarraidh sin air ag aon cheann de chomhaltaí an Choláiste nó ar a thionscnamh féin, iarradh ar an CESR Comhairle a chur ar fáil. Tabharfaidh an CESR a comhairle laistigh de deich lá oibre ó iarratas den sórt sin.

In éagmais chomhaonaithe idir comhaltaí an choláiste faoi an bhfuil aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 le glacadh laistigh de 15 lá oibre, agus tar éis an cheist a chur i bhfógra chuig an éascaitheoir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile cinneadh a ghlacadh. Má imíonn an cinneadh sin ón tuairim a léirigh comhaltaí eile an choláiste agus, i gcás inarb iomchuí, ón gcomhairle a chuir an CESR ar fáil, déanfar aon imeacht den sórt sin a réasúnú go hiomlán. Tabharfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile fógra faoina chinneadh, gan aon mhoill mhíchuí don éascaitheoir agus don CESR.

Beidh feidhm ag an mír seo gan dochar d’Airteagal 20.

Airteagal 25

Bearta maoirseachta dá ndéanamh ag údaráis inniúla seachas údarás inniúil an Bhallstáit baile

1.   Más rud é go suíonn an t-údarás inniúil i mBallstát go bhfuil gníomhaireacht rátála creidmheasa ar úsáideadh a chuid rátálacha laistigh dá chríoch ag sárú na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, féadfaidh sé na bearta seo a leanas a ghlacadh:

(a)

na bearta maoirseachta dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) d’Airteagal 24(1) a ghlacadh;

(b)

bearta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 24(1) a ghlacadh laistigh dá dhlínse agus, á dhéanamh seo, déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta atá glactha cheana ag an údarás inniúil sa Bhallstát baile, nó a bheartaíonn an t-údarás inniúil sin a ghlacadh, a bhreithniú go cuí;

(c)

úsáid rátálacha creidmheasa den gníomhaireacht mainneachtain chun críocha rialúcháin ag institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a bhfuil a n-oifig chláraithe suite laistigh dá dhlínse de réir Airteagal 24(2) a chur ar fionraí;

(d)

iarraidh ar an gcoláiste ábhartha scrúdú a dhéanamh chun féachaint an bhfuil gá leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) nó i bpointe (d) d’Airteagal 24(1).

2.   Sula nglacfar bearta dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) de mhír 1, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don éascaitheoir agus rachaidh sé i gcomhairle le comhaltaí an choláiste ábhartha. Déanfaidh comhaltaí an choláiste gach ní réasúnach de bhíthin a gcumhachta teacht ar chomhaontú maidir leis an riachtanas aon cheann de na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 a ghlacadh. I gcás easaontaithe, rachaidh an t-éascaitheoir, arna iarraidh sin air ag aon cheann de chomhaltaí an choláiste nó ar a thionscnamh féin iarradh ar an CESR comhairle a chur ar fáil. Tabharfaidh an CESR a chomhairle laistigh de dheich lá oibre tar éis é seo a ó iarratas den sórt sin.

3.   In éagmais chomhaontaithe idir comhaltaí an choláiste laistigh de 15 lá oibre tar éis an cheist a chur i bhfógra chuig an éascaitheoir i gcomhréir le mír 2, féadfaidh an t-údarás inniúil i mBallstát lena mbaineann cinneadh a ghlacadh. Má imíonn an cinneadh ón tuairim a léirigh comhaltaí eile an choláiste agus, i gcás inarb iomchuí, ón gcomhairle a chuir an CESR ar fáil, déanfar aon imeacht den sórt sin a réasúnú go hiomlán. Tabharfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann fógra faoina chinneadh, gan aon mhoill mhíchuí, don éascaitheoir agus don CESR.

4.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 20.

CAIBIDIL III

Comhar i measc na n-údaráis inniúil

Airteagal 26

Oibleagáid an chomhair

1.   Rachaidh na húdaráis inniúla i mbun comhair nuair atá sé riachtanach chun críche an Rialacháin seo, lena n-áirítear cásanna nuair nach bhfuil an t-iompar atá á fhiosrú ag sárú dréachtfhoráil nó rialúcháin ar bith atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Beidh dlúthchomhar freisin idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht na ngóthas dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

Airteagal 27

Malartú faisnéise

1.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo dá chéile.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla a tharchur chuig na húdaráis inniúla atá freagrach as gnóthais mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 4(1), chuig bainc cheannais, chuig Córas Eorpach na mBanc Ceannais agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach, ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, chuig údaráis phoiblí eile atá freagrach as córais íocaíochta agus réitigh a mhaoirsiú, faisnéis rúnda atá beartaithe i gcomhair feidhmiú a gcúraimí. Ar an gcaoi chéanna, ní bheidh cosc ar údaráis ná ar chomhlachtaí den sórt sin ó fhaisnéis a thabhairt do na húdaráis inniúla, ar faisnéis í a d’fhéadfadh a bheith de dhíth ar na húdarais inniúla chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Airteagal 28

Comhar i gcás iarrata i ndáil le cigireachtaí ar an láthair nó imscrúduithe

1.   Féadfaidh an t-údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh a iarraidh ar an údarás inniúil i mBallstát eile i leith cigireachtaí ar an láthair nó imscrúduithe.

Cuirfidh an t-údarás inniúil ag cur isteach iarratas dá leithead seo an CESR ar an eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás imscrúdaithe nó cigireachta ag a mbeidh éifeacht trasteorann, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an CESR comhordú ar an imscrúdú nó ar an gcigireacht a ghlacadh chuige féin.

2.   Nuair a gheobhaidh údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil i mBallstát eile tabhairt faoi chigireacht ar an láthair nó imscrúdú, déanfaidh sé:

(a)

tabhairt faoin gcigireacht ar an láthair nó faoin imscrúdú é féin;

(b)

cead a thabhairt don údarás inniúil a rinne an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht ar an láthair nó in imscrúdú;

(c)

cead a thabhairt don údarás inniúil a rinne an iarraidh tabhairt faoin gcigireacht ar an láthair nó faoin imscrúdú é féin;

(d)

iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh le tabhairt faoin gcigireacht ar an láthair nó faoin imscrúdú; nó

(e)

cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.

Airteagal 29

Coláistí na n-údarás inniúil

1.   Laistigh de dheich lá oibre ón iarratas ar chlárú a fháil, faoi Airteagal 15, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile, nó i gcás grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa an t-údarás inniúil i mBallstát baile na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá sainordaithe faoi Airteagal 15(2), coláiste d’údaráis inniúla a bhunú chun déanamh na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 4, 5, 6, 16, 17, 20, 24, 25 agus 28 a éascú.

2.   Beidh an coláiste comhdhéanta den údarás inniúil sa Ballstát baile agus de na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 i gcás gníomhaireachta aonair nó na húdaráis inniúla den Bhallstát baile nó na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3, i gcás grúpa gníomhaireachtaí rátála.

3.   Féadfaidh údarás inniúil, nach é an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile é, a chinneadh tráth ar bith a bheith ina chomhalta den choláiste, ar an gcoinníoll:

(a)

go bhfuil brainse ar cuid den ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó ceann de na gnóthais atá i ngrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa bunaithe laistigh dá dhlínse: nó

(b)

go bhfuil úsáid, chun críocha rialúcháin, rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa nó ag an ngrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa lena mbaineann ar siúl go forleathan nó go bhfuil tionchar suntasach aige sin laistigh dá dhlínse, nó gur dócha go mbeadh tionchar amhlaidh aige.

4.   Féadfaidh údaráis inniúla, taobh amuigh de chomhaltaí an choláiste faoi mar a dtagraítear dóibh i mír 3, agus ar ina ndlínsí atá na rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint ag gníomhaireacht rátála creidmheasa nó ag an ngrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa lena mbaineann á n-úsáid, páirt a ghlacadh i gcruinniú nó i ngníomhaíocht de chuid an choláiste.

5.   Laistigh de 15 lá oibre ó bhunú an choláiste, roghnóidh a chomhaltaí éascaitheoir, agus i éagmais comhaontaithe rachaidh siad i gcomhairle leis an CESR. Chun na críche sin, cuirfear na critéir seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(a)

an caidreamh idir an t-údarás inniúil agus an ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó an grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa;

(b)

a mhéid a úsáidfear na rátálacha creidmheasa chun críocha rialúcháin i gcríoch ar leith nó i gcríocha ar leith;

(c)

an áit sa Chomhphobal ina ndéanann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó an grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa dul sa tóir nó in a bhfuil sé beartaithe dul sa tóir ar an chuid is tábhachtaí de na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa; agus

(d)

caoithiúlacht riaracháin, barrfheabhsú ualaigh agus dáileadh cuí ar an ualach oibre.

Déanfaidh comhaltaí an choláiste athbhreithniú ar roghnú an éascaitheora ar a laghad uair gach cúig bliana lena áirithiú gurb é an t-éascaitheoir roghnaithe a bheidh ar an duine is oiriúnaí de réir na gcritéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

6.   Is é an t-éascaitheoir a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an choláiste, déanfaidh sé comhordú ar ghníomhaíochtaí an choláiste agus áiritheoidh sé go mbeidh malartú éifeachtúil faisnéise ann idir comhaltaí an choláiste.

7.   D’fhonn dlúthchomhar idir na húdaráis inniúla laistigh den choláiste a áirithiú, leagfaidh an t-éascaitheoir síos, laistigh de dheich lá oibre, socruithe scríofa comhordaithe faoi chuimsiú an choláiste maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

faisnéis atá le malartú i measc údarás inniúil;

(b)

an próiseas cinnteoireachta idir na húdaráis inniúla, gan dochar d’Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 20;

(c)

cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile;

(d)

cásanna ina gcuirfidh na húdaráis inniúla an mheicníocht eadrána dá dtagraítear in Airteagal 31 i bhfeidhm; agus

(e)

na cásanna ina ndéanann na húdaráis inniúla cúraimí maoirseachta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 30.

8.   In éagmais chomhaontaithe maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe faoi mhír 7, féadfaidh aon chomhalta den choláiste an cheist a tharchur chuig an CESR. Déanfaidh an t-éascaitheoir tuairim a thugann an CESR uaidh maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe a bhreithniú go cuí sula gcomhaontófar an téacs críochnaitheach. Déanfar na socruithe scríofa comhordaithe a leagan amach i ndoiciméad ina mbeidh míniú lánréasúnaithe ar aon imeacht suntasach ón tuairim a thug an CESR maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe. Tarchuirfidh an t-éascaitheoir an doiciméad seo chuig comhaltaí an choláiste agus chuig an CESR.

Airteagal 30

Cúraimí a tharmligean idir údaráis inniúla

Féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile ceann ar bith dá chúraimí a tharmligean ar údarás inniúil i mBallstát eile faoi réir comhaontaithe an údaráis sin. Ní dhéanfaidh tarmligean cúraimí difear do fhreagracht an údaráis inniúil atá ag déanamh an tarmligin.

Airteagal 31

Eadráin

1.   Bunóidh an CESR meicníocht eadrána mar chabhair chun teacht ar dhearcadh coiteann i measc an údarás inniúil lena mbaineann.

2.   I gcás easaontú i measc údarás inniúil maidir le measúnú nó gníomhaíocht faoin Rialachán seo, déanfaidh na údaráis inniúla seo comhairle a lorg ón CESR. Déanfaidh na húdaráis inniúla i dtrácht comhairle an CESR a bhreithniú go cuí agus tabharfaidh siad lánchúiseanna i gcás ina n-imíonn siad sin ón gcomhairle sin.

Airteagal 32

Rúndacht gairmiúil

1.   Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d’oibrigh don CESR, don údarás inniúil nó d’údarás nó do dhuine ar bith a ndearna an t-údarás inniúil cúraimí a tharmligean orthu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn an t-údarás inniúil ar chonradh. Déanfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh le duine nó le húdarás ar bith eile nuair atá an nochtadh sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla amháin.

2.   Déanfar an fhaisnéis ar fad a mhalartaítear idir an CESR agus na húdaráis inniúla, agus i measc na n-údarás inniúil faoin Rialachán seo, a mheas mar fhaisnéis rúnda, ach amháin nuair a shonraíonn an CESR nó an t-údarás inniúil i dtrácht ag tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó nuair atá nochtadh den chineál sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 33

Faisnéis ó Bhallstát eile a nochtadh

Ní nochtfaidh an t-údarás inniúil i mBallstát an fhaisnéis a fhaightear mura mbeidh comhaontú go sainráite faighte aige ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis. Ní nochtfar faisnéis den sórt sin ach chun na gcríoch dár thug an t-údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis a chomhaontú nó má tá gá leis an nochtadh sin i ndáil le himeachtaí dlíthiúla.

CAIBIDIL IV

Comhar le tríú tíortha

Airteagal 34

Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú

Féadfaidh na húdaráis inniúla comhaontuithe comhair a chur i gcrích maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla tríú tíortha sa chás go bhfuil an fhaisnéis a nochtfar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Airteagal 32, agus sa chás sin amháin.

Beidh malartú faisnéise den sórt sin beartaithe le húsáid chun cúraimí na n-údarás inniúil sin a chur i gcrích.

Maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, cuirfidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE i bhfeidhm.

Airteagal 35

Faisnéis ó thríú tíortha a nochtadh

Féadfaidh an t-údarás inniúil i mBallstát an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis inniúla i dtríú tíortha a nochtadh más rud é go bhfuil comhaontú go sainráite faighte ag an údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann ón údarás inniúil a d’aistrigh an fhaisnéis amháin agus, nuair is infheidhmithe, gur chun na gcríoch dár thug an t-údarás inniúil sin amháin a chomhaontú a nochtfar an fhaisnéis gan dochar don riachtanas an fhaisnéis a nochtadh i ndáil le himeachtaí dlíthiúla.

TEIDEAL IV

PIONÓIS, AN NÓS IMEACHTA COISTE, TUAIRISCIÚ, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL I

Pionóis, an nós imeachta coiste agus tuairisciú

Airteagal 36

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis a leagfar amach éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

Cinnteoidh na Ballstáit go nochtfaí an t-údarás inniúil gach pionós a fhorchuirfear as sárú ar na forálacha a ghlacfar i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, mura i ndán agus go gcuirfeadh nochtadh den sórt sin na margaí airgeadais i gcontúirt nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe rannpháirteacha.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír don Choimisiún faoin 20 Samhain 2010. Tabharfaidh sé fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

Airteagal 37

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú chun forbairt ar na margaí airgeadais, lena n-áirítear forbairtí idirnáisiúnta, a chur san áireamh, go háirithe i leith ionstraimí airgeadais nua agus maidir le cóineasacht an chleachtais mhaoirseachta.

Maidir leis na bearta sin atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

Airteagal 38

An nós imeachta coiste

1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE (25).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 39

Tuarascálacha

1.   Faoin 7 Nollaig 2012, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear measúnú ar an tslí a bhfuiltear ag brath ar rátálacha creidmheasa sa Chomhphobal, an tionchar ar an leibhéal comhchruinnithe sa mhargadh rátála creidmheasa, an costas agus an sochar atá le tionchar an Rialacháin agus oiriúnacht an luach saothair ón eintiteas rátáilte don ghníomhaireacht rátála creidmheasa (n-íocann an t-eisitheoir) agus tíolacfaidh sé tuarascáil faoi do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Faoin 7 Nollaig 2010 déanfaidh an Coimisiún, i bhfianaise comhráite leis na húdaráis inniúla, measúnú ar fheidhmiú Theideal III den Rialachán seo, go háirithe i dtaca le comhar na n-údarás inniúil, stádas dlíthiúil an CESR agus na cleachtais mhaoirseachta. Tíolacfaidh an Choimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar tograí maidir le hathbhreithniú an Teidil sin.

Beidh tagairt sa tuarascáil sin do Thógra an Chomisiúin an 12 Samhain 2008 do Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus do thuarascáil an 23 Márta 2009 ó Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa maidir leis an togra sin.

3.   Faoin 7 Nollaig 2010, déanfaidh an Coimisiún, i bhfianaise forbairtí sa chreat rialúcháin agus maoirseachta do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa i dtríú tíortha, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le héifeachtaí na bhforbairtí sin agus na bhforálacha idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 40 ar chobhsaíocht na margaí airgeadais sa Chomhphobal.

CAIBIDIL II

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 40

Foráil idirthréimhseach

Glacfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ag feidhmiú sa Chomhphobal roimh an 7 Meitheamh 2010 (gníomhaireachtaí rátála creidmheasa reatha) agus a bhfuil sé ar intinn acu clárú faoin Rialachán seo na bearta ar fad atá riachtanach chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh faoin 7 Meán Fómhair 2010.

Tíolacfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a n-iarratas ar chlárúchán ag tráth nach túisce ná 7 Meitheamh 2010. Tíolacfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa reatha, in aon chás, a n-iarratas ar chlárúchán faoin 7 Meán Fómhair 2010.

Féadfaidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ann leanúint de rátálacha creidmheasa a d’fhéadfadh institiúidí airgeadais a úsáid chun críocha rialúcháin faoi mar a shonraítear in Airteagal 4(1) a eisiúint mura i ndán agus go ndiúltaítear a gclárúchán. I gcás ina ndéantar clárúchán a dhiúltú, beidh feidhm ag Airteagal 24(2).

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm.

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, seachas:

Airteagal 4(1), a mbeidh feidhm aige ón 7 Nollaig 2010, agus

pointe (f), pointe (g) agus pointe (h) d’Airteagal 4(3), a mbeidh feidhm acu ón 7 Meitheamh 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

J. BURZEK

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  Tuairim an 13 Bealtaine 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 115, 20.5.2009, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíódh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2009.

(4)  IO L 96, 12.4.2003, lch. 16.

(5)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

(6)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 201.

(7)  IO L 375, 31.12.1985, lch. 3. Le héifeacht ón 1 Iúil 2011, cuirtear Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Féach leathanach 32 den Iris Oifigiúil seo) in ionad na Treorach.

(8)  IO L 235, 23.9.2003, lch. 10.

(9)  IO L 345, 31.12.2003, lch. 64.

(10)  IO L 149, 30.4.2004, lch. 1.

(11)  IO C 59, 11.3.2006, lch. 2.

(12)  IO L 25, 29.1.2009, lch. 18.

(13)  IO L 52, 25.2.2005, lch. 51.

(14)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(15)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(16)  IO L 193, 18.7.1983, lch. 1.

(17)  IO L 145, 30.4.2004, lch. 1.

(18)  IO L 339, 24.12.2003, lch. 73.

(19)  Treoir 2006/73/CE ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear i bhfeidhm Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais eagraíochtúla agus na coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téármaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 26).

(20)  IO L 228, 16.8.1973, lch. 3.

(21)  IO L 345, 19.12.2002, lch. 1.

(22)  IO L 323, 9.12.2005, lch. 1.

(23)  IO L 25, 29.1.2009, lch. 23.

(24)  IO L 25, 29.1.2009, lch. 28.

(25)  IO L 191, 13.7.2001, lch. 45.


IARSCRÍBHINN I

NEAMHSPLEÁCHAS AGUS COINBHLEACHTAÍ LEASA A SHEACHAINT

Roinn A

Ceanglais eagraíochtúla

1.   Beidh bord riaracháin nó maoirseachta ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa. Déanfaidh bainistíocht shinsearach an bhoird sin an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, lena n-áirítear ó gach tionchar nó laincis, idir pholaitiúil agus eacnamaíoch;

(b)

go ndéantar coinbhleachtaí leasa a aithint, a bhainistiú agus a nochtadh i gceart;

(c)

go gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ceanglais eile an Rialacháin seo.

2.   Déanfar gníomhaireacht rátála creidmheasa a eagrú ar bhealach lena n-áirithítear nach lagaíonn a leas gnó neamhspleáchas nó cruinneas na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

Beidh dea-chlú ar bhainistíocht shinsearach gníomhaireachta rátála creidmheasa agus beidh a ndóthain scileanna agus taithí acu, agus déanfaidh siad bainistiú slán stuama na gníomhaireachta rátála creidmheasa a áirithiú.

Is comhaltaí neamhspleácha, nach bhfuil lámh acu i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, a bheidh i dtrian ar a laghad, ach nach lú ná beirt, de chomhaltaí bhord riaracháin nó maoirseachta gníomhaireachta rátála creidmheasa.

Ní bheidh nasc idir cúiteamh na gcomhaltaí neamhspleácha de bhord riaracháin nó maoirseachta agus feidhmíocht ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, agus déanfar socrú ionas go n-áiritheofar go bhfuil a dtuairim neamhspleách. Is tréimhse a chomhaontófar roimh ré agus nach sáraíonn cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí neamhspleácha den bhord riaracháin nó maoirseachta agus ní dhéanfar é a athnuachan. Ní tharlóidh dífhostú chomhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta ach amháin i gcás mí-iompair nó tearcfheidhmíochta gairmiúla.

Beidh a ndóthain saineolais ar sheirbhísí airgeadais ag tromlach na gcomhaltaí ar an mbord riaracháin nó maoirseachta, lena n-áirítear a chuid comhaltaí neamhspleácha. Ar an gcoinníoll go n-eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa ionstraimí airgeadais struchtúraithe, beidh cur amach agus taithí ghrinn ag ar a laghad comhalta neamhspleách amháin agus comhalta amháin eile den bhord seo ar na margaí in ionstraimí struchtúraithe airgeadais ar an leibhéal sinsearach.

I dteannta fhreagracht fhoriomlán an bhoird, beidh cúram ar leith ag comhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta as monatóireacht a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

forbairt ar an mbeartas rátála creidmheasa, agus ar na modheolaíochtaí a úsáideann gníomhaireacht rátála creidmheasa i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa;

(b)

éifeachtacht an chórais inmheánaigh um rialú cáilíochta na gníomhaireachta rátála creidmheasa maidir le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa;

(c)

éifeachtacht na mbeart agus na nósanna imeachta a thionscnaítear lena áirithiú go ndéanfar aon choinbhleachtaí leasa a shainaithint, a dhíbirt nó a bhainistiú go cuí agus a nochtadh; agus

(d)

na próisis um chomhlíonadh agus rialachas, lena n-áirítear éifeachtacht na feidhme athbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe 9 den Roinn seo.

Cuirfear tuairimí chomhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta i leith na gcúrsaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) faoi bhráid an bhoird go tréimhsiúil agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil iad, nuair a iarrtar é.

3.   Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa beartais agus nósanna imeachta leormhaithe ar bun lena n-áiritheofar go bhfuil sí ag comhlíonadh a cuid oibleagáidí faoin Rialachán seo.

4.   Beidh nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta slán, meicníochtaí rialaithe inmheánaigh, nósanna imeachta éifeachtacha um measúnú riosca, agus socruithe rialaithe agus cosanta éifeachtacha maidir le córais próiseála faisnéise ag gníomhaireacht rátála creidmheasa.

Déanfar na meicníochtaí rialaithe inmheánacha sin a cheapadh ar shlí go gcinnteoidh siad go gcomhlíonfar cinntí agus nósanna imeachta ag gach leibhéal den ghníomhaireacht rátála creidmheasa.

Déanann gníomhaireacht rátála creidmheasa nósanna imeachta cinnteoireachta agus struchtúr eagraíochtúil a chur chun feidhme agus a chothabháil, lena sonraítear go soiléir agus ar shlí thuairiscithe na línte tuairiscithe agus lena leithdháiltear feidhmeanna agus freagrachtaí.

5.   Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa roinn feidhm chomhlíonta (feidhm chomhlíonta) bhuan agus éifeachtach, agus a oibríonn go neamhspleách, ar bun agus déanfaidh sí cothabháil ar an bhfeidhm sin. Déanfaidh an fheidhm chomhlíonta sin faireachán ar an tslí a gcomhlíonfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa agus a cuid fostaithe oibleagáidí na gníomhaireachta rátála creidmheasa faoin Rialachán seo, agus tuairisceofar an comhlíonadh sin de bhíthin na feidhme sin. Beidh an bhfeidhm chomhlíonta:

(a)

faireachán agus, ar bhonn rialta, measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na mbeart agus na nósanna imeachta atá curtha ar bun i gcomhréir le pointe 3, agus ar na gníomhaíochtaí a ghlacfar chun aghaidh a thabhairt ar laigí sa tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a cuid oibleagáidí;

(b)

comhairle a chur ar bhainisteoirí, ar anailísithe rátála, ar fhostaithe agus ar aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil a gcuid seirbhísí faoi rialú na gníomhaireachta sin, nó ar aon duine, atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis trí rialú agus atá freagrach as gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a dhéanamh, agus cabhrú leis na daoine sin, chun go gcomhlíonfar oibleagáidí na gníomhaireachta rátála creidmheasa faoin Rialachán seo.

6.   Ionas go mbeidh an fheidhm chomhlíonta in ann a cuid freagrachtaí a urscaoileadh go cuí agus go neamhspleách, áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil an t-údarás, na hacmhainní agus an saineolas is gá, mar aon le rochtain ar an bhfaisnéis iomchuí go léir, ag an bhfeidhm chomhlíonta;

(b)

go ndéanfar oifigeach um chomhlíonadh a cheapadh agus go bhfuil an duine sin a bheith freagrach as an bhfeidhm chomhlíonta agus as aon tuairisciú i leith an chomhlíonadh sin a cheanglaítear a dhéanamh le pointe 3;

(c)

ní bheidh bainisteoirí, anailísithe rátála, fostaithe agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil a gcuid seirbhísí faoi rialú na gníomhaireachta sin, ná aon duine atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis trí rialú agus atá freagrach as gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a dhéanamh, rannpháirteach i bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a ndéanann siad monatóireacht orthu. Áiritheoidh an t-oifigeach um chomhlíonadh go ndéanfar aon choinbhleachtaí leasa a bhaineann leis na daoine a chuirtear ar fáil don fheidhm chomhlíonta a shainaithint go cuí agus go ndíbrítear aon choinbhleacht leasa den sórt sin.

(d)

ní bheidh nasc idir luach saothair an oifigigh um chomhlíonadh agus feidhmíocht ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, agus déanfar socrú ionas go n-áiritheofar go bhfuil a thuairim neamhspleách.

Cinnteoidh an oifigeach um chomhlíonadh go mbíonn aon coinbhleacht leasa idir na daoine a chuirtear ar fáil don fheidhm comhlíonta aitheanta agus caite amach.

Déanfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh tuairisc ar dhéanamh a chuid nó a cuid dualgas a chur go tráthrialta faoi bhráid na bainistíochta sinsearaí agus faoi bhráid chomhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta.

7.   Bunóidh gníomhaireacht rátála creidmheasa socruithe eagraíochtúla agus riaracháin atá cuí agus éifeachtach chun aon choinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn B a chosc, a shainaithint, a dhíbirt nó a bhainistiú agus déanfar aon choinbhleachtaí leasa den sórt sin a nochtadh. Déanfaidh sé socrú lena gcoimeádfar taifid de gach bagairt shuntasach ar neamhspleáchas na gníomhaireachta rátála creidmheasa, lena n-áirítear bagairtí suntasacha ar na rialacha maidir le hanailíseoirí rátála dá dtagraítear i Roinn C, mar aon leis na cosaintí atá á gcur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú.

8.   Úsáidfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa córais, acmhainní agus nósanna imeachta oiriúnacha chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú maidir le feidhmíocht a cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

9.   Bunóidh gníomhaireacht rátála creidmheasa feidhm athbhreithnithe a bheidh freagrach as athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na modheolaíochtaí, samhlacha agus príomh-bhoinn tuisceana amhail boinn tuisceana matamaiticiúla agus comhghaoil, agus aon athruithe suntasacha nó modhnuithe dá sin chomh maith le hoiriúnacht na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana i gcás go mbaintear úsáid astu, nó go bhfuil sé beartaithe go mbainfí úsáid astu, chun measúnú a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais nua.

Beidh an fheidhm athbhreithnithe sin a bheith neamhspleách ó na línte gnó atá freagrach as gníomhaíochtaí rátála creidmheasa agus tuairisc a thabhairt do chomhaltaí an bhoird riaracháin nó maoirseachta dá dtagraítear i bpointe 2 den Roinn seo.

10.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa monatóireacht agus meastóireacht ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht córais na gníomhaireachta sin, meicníochtaí rialaithe inmheánaigh agus socruithe a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sí bearta cuí a ghlacadh chun dul i ngleic le haon easnaimh.

Roinn B

Ceanglais oibriúcháin

1.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa aon choinbhleachtaí leasa iarbhíre nó aon choinbhleachtaí leasa féideartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar anailís nó ar thuairim a cuid anailísithe rátála, a chuid fostaithe, nó aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid nó a cuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil siad faoina rialú, agus bhfuil páirt dhíreach acu in eisiúint rátála creidmheasa agus daoine a dhéanann rátálacha creidmheasa a fhormheas, a shainaithint agus deireadh a chur leo nó iad a bhainistiú agus a nochtadh go soiléir feiceálach.

2.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa ainmneacha na n-eintiteas rátáilte nó tríú páirtithe gaolmhara óna bhfaigheann sí níos mó ná 5 % dá hioncam bliantúil a fhoilsiú.

3.   Ní dhéanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa a nochtadh don phobal nó, i gcás gur ann do rátáil chreidmheasa reatha, déanfaidh sí a nochtadh láithreach go bhféadfadh tionchar a bheith á imirt ar an rátáil chreidmheasa ag an méid seo a leanas:

(a)

gur leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa, nó gur le daoine dá dtagraítear i bpointe 1, go díreach nó go hindíreach, ionstraimí airgeadais an eintitis rátáilte nó aon tríú páirtí gaolmhar nó go bhfuil aon leas úinéireachta díreach nó indíreach eile aici san eintiteas nó sa pháirtí sin taobh amuigh de ghabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe nó i gcistí bainistithe lena n-áirítear cistí pinsin nó árachas saoil;

(b)

go n-eisítear an rátáil chreidmheasa i leith eintitis rátáilte nó aon tríú páirtí gaolmhar a bhfuil nasc acu, go díreach nó go hindíreach, leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa trí rialú;

(c)

gur comhalta de bhoird riaracháin nó maoirseachta an eintitis rátáilte nó aon tríú páirtí gaolmhar é an duine dá dtagraítear i bpointe 1; nó

(d)

go raibh caidreamh ag anailísí a raibh baint aige nó aici le rátáil chreidmheasa a shocrú, nó ag duine a dhéanann an rátáil chreidmheasa a fhormheas, leis an eintiteas rátáilte nó le haon tríú páirtí gaolmhar de sin, agus go bhféadfadh an caidreamh sin a bheith ina bhonn do choinbhleacht leasa.

Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa measúnú láithreach freisin d’fhonn a dhéanamh amach an bhfuil forais ann chun rátáil chreidmheasa reatha a ath-rátáil nó a tharraingt siar.

4.   Ní chuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa seirbhísí sainchomhairliúcháin nó comhairleacha ar fáil don eintiteas rátáilte nó d’aon tríú páirtí gaolmhar a bhaineann le struchtúr corparáideach nó dlíthiúil, sócmhainní, dliteanais nó gníomhaíochta an eintitis rátáilte nó aon tríú páirtí gaolmhar.

Is féidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa seirbhísí eile a chur ar fáil seachas rátálacha creidmheasa a eisiúint, (seirbhísí coimhdeacha). Níl seirbhísí coimhdeacha mar chuid de ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa; tá siad déanta suas de thuair don mhargadh, de mheastacháin ar threochtaí eacnamaíochta, d’anailís ar phraghsáil agus d’anailísí eile ar shonraí ginearálta chomh maith le seirbhísí dáileacháin gaolmhara.

Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú nach mbeidh coinbhleachtaí leasa ann lena cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa de bharr seirbhísí coimhdeacha a sholáthar agus nochtfaidh sí ina tuarascála críochnaitheacha rátála eolas faoi aon seirbhísí coimhdeacha a soláthraíodh don eintiteas rátáilte nó d’aon tríú páirtí gaolmhar.

5.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú nach ndéanfaidh anailísithe rátála nó daoine a fhormheasann rátálacha tograí nó moltaí, go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, maidir le ceapadh na n-ionstraimí airgeadais struchtúraithe ar a bhfuiltear ag súil go n-eiseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa.

6.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a cuid bealaí tuairiscithe agus cumarsáide a cheapadh ar shlí a áiritheoidh go bhfuil anailísithe agus daoine dá dtagraítear i bpointe 1 neamhspleách ó ghníomhaíochta eile na gníomhaireachta rátála creidmheasa a dhéantar ar bhonn tráchtála.

7.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa socrú chun go gcoimeádfar taifid leormhaithe agus, i gcás inarb iomchuí, rianta iniúchta dá cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa. Beidh an méid seo a leanas sna taifid sin:

(a)

maidir le gach cinneadh um rátáil chreidmheasa, sainaitheantas na n-anailísithe rátála a bheidh páirteach i socrú na rátála creidmheasa, sainaitheantas na ndaoine a d’fhormheas an rátáil chreidmheasa, faisnéis faoi cibé ar iarraidh an rátáil creidmheasa nó arbh rátáil chreidmheasa gan iarraidh a bhí ann agus an dáta ar glacadh an ghníomhaíocht rátála creidmheasa;

(b)

na taifid chuntais maidir le táillí a fuarthas ó aon eintiteas rátáilte nó ó aon tríú páirtí gaolmhar nó aon úsáideoir rátálacha;

(c)

taifid chuntais do gach suibscríobhaí don rátáil chreidmheasa nó do sheirbhísí gaolmhara;

(d)

na taifid a thugann tuairisc ar nósanna imeachta agus modheolaíochtaí bunaithe a úsáideann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa chun rátálacha creidmheasa a chinneadh;

(e)

taifid agus comhaid inmheánacha, lena n-áirítear faisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal agus páipéir oibre, a úsáidtear mar bhonn d’aon chinneadh rátála creidmheasa a ghlactar;

(f)

tuarascálacha ar anailísí creidmheasa, tuarascálacha ar mheasúnuithe creidmheasa agus tuarascálacha ar rátáil chreidmheasa phríobháideach mar aon le taifid inmheánacha, lena n-áirítear faisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal agus páipéir oibre, a úsáidtear mar bhonn d’aon tuairim a thugtar sna tuarascálacha sin;

(g)

taifid ar na nósanna imeachta agus na bearta a chuir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa chun feidhme ionas go gcomhlíonfadh an Rialachán seo; agus

(h)

cóipeanna de chumarsáidí inmheánacha agus seachtracha, lena n-áirítear cumasráidí leictreonacha, a fuair an ghníomhaireacht rátála creidmheasa agus a cuid fostaithe, agus a sheol siad, ar cumarsáidí iad a bhaineann le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

8.   Coimeádfar na taifid agus rianta iniúchta dá dtagraítear i bpointe 7 ag áitreabh na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar feadh cúig bliana ar a laghad agus cuirfear ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann iad nuair a iarrtar iad.

I gcás go dtarraingítear clárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa siar, coimeádfar na taifid ar feadh tréimhse bhreise de thrí bliana ar a laghad.

9.   Coimeádfar taifid a leagann amach cearta agus oibleagáidí na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus an eintitis rátáilte nó a tríú páirtithe gaolmhara faoi seach faoi chomhaontú chun seirbhísí rátála creidmheasa a chur ar fáil ar feadh tréimhse ar ionann é agus an t-achar a mhaireann an caidreamh leis an eintiteas rátáilte sin nó lena tríú páirtithe gaolmhara ar a laghad.

Roinn C

Rialacha maidir le hanalaísithe rátála agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa

1.   Ní rachaidh anailísithe rátála agus fostaithe na gníomhaireachta rátála creidmheasa mar aon le aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid nó a cuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil siad faoina rialú, agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, ná daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo mar a thuigtear in Airteagal 1(2) de Threoir 2004/72/CE (1) i mbun ceannacháin nó díolacháin nó i mbun aon idirbheartaíochta in ionstraim airgeadais ar bith atá eisithe, faoi urrús nó tacaithe ar bhealach eile ag eintiteas rátáilte ar bith laistigh de phríomhréimse freagrachta ó thaobh anailíse de na ndaoine sin, seachas gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, cistí bhainistithe lena n-áirítear cistí pinsin agus árachas saoil san áireamh.

2.   Ní bheidh aon duine dá dtagraítear i bpointe 1 páirteach i rátáil chreidmheasa aon eintiteas rátáilte áirithe a shocrú, nó tionchar ar bith a imirt air, más rud é, i gcás an duine sin:

(a)

go bhfuil ionstraimí airgeadais leis an eintiteas rátáilte acu, seachas gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe;

(b)

go bhfuil ionstraimí airgeadais le haon eintiteas acu, a bhfuil gaol aige le heintiteas rátáilte, agus go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist leis an tseilbh sin, nó go bhféadfaí é sin a fheiceáil amhlaidh, seachas gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe;

(c)

go raibh sé nó sí fostaithe le déanaí san eintiteas rátáilte, nó go raibh caidreamh gnó nó caidreamh eile aige nó aici leis an eintiteas rátáilte a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú nó an dearcadh ginearálta a chruthú go bhfuil coinbhleacht leasa ann.

3.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go ndéanann na daoine dá dtagraítear i bpointe 1 na nithe seo a leanas:

(a)

na bearta oiriúnacha ar fad a ghlacadh chun maoin agus taifid atá i seilbh na gníomhaireachta rátála creidmheasa a chosaint ó chalaois, ó ghoid agus ó mhí-úsáid, agus aird á thabhairt ar chineál, scála agus castacht a ngnó agus ar chineál agus raon a ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa;

(b)

gan faisnéis ar bith maidir le rátálacha creidmheasa nó rátálacha creidmheasa a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a nochtadh, ach amháin leis an eintiteas rátáilte nó lena thríú páirtí gaolmhar;

(c)

gan faisnéis atá faoi rún agus atá ar iontaoibh na gníomhaireachta rátála creidmheasa a roinnt le hanailísithe rátála agus le fostaithe dhuine ar bith a bhfuil nasc aige nó aici léi trí rialú, chomh maith le haon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid nó a cuid seirbhísí curtha ar fáil d’aon duine a bhfuil nasc díreach nó indíreach aige leis trí bhíthin rialaithe, nó a bhfuil siad faoina rialú, agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa; agus

(d)

gan faisnéis atá faoi rún a úsáid nó a roinnt ar mhaithe le hionstraimí airgeadais a thrádáil, nó ar mhaithe le rud ar bith eile ach amháin chun gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a dhéanamh.

4.   Ní dhéanfaidh daoine dá dtagraítear i bpointe 1 airgead, bronntanais nó garanna a iarraidh nó a ghlacadh ó dhuine ar bith lena ndéanann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa gnó.

5.   Má mheasann duine dá dtagraítear i bpointe 1 go raibh iompar ar bun ag aon duine eile den sórt sin a mheasann sé nó sí a bheith ina iompar mídhleathach, déanfaidh sé nó sí an fhaisnéis sin a thuairisciú láithreach leis an oifigeach um chomhlíonadh agus ní bheidh aon iarmhairtí diúltacha ann don duine a dhéanfaidh an tuairisciú.

6.   I gcás ina gcuireann anailísí rátála deireadh lena chuid fostaíochta nó lena cuid fostaíochta agus go dtéann sé nó sí isteach in eintiteas rátáilte lena raibh baint ag an anailísí rátála i rátáil creidmheasa a dhéanamh air, nó isteach i ngnólacht airgeadais lena raibh déileáil ag an anailísí rátála mar chuid dá dhualgais nó dá dualgais sa ghníomhaireacht rátála creidmheasa, déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa athbhreithniú ar obair ábhartha an anailísí rátála sin don dhá bhliain sular imigh sé nó sí.

7.   Ní rachaidh duine dá dtagraítear i bpointe 1 i mbun príomhphoist bhainistíochta leis an eintiteas rátáilte nó lena tríú páirtí gaolmhar taobh istigh de 6 mhí ó rinneadh an rátáil chreidmheasa.

8.   Chun críocha Airteagal 7(4), áiritheoidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an méid seo a leanas:

(a)

ní bheidh na príomh-anailísithe rátála páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena tríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse is mó ná ceithre bliana;

(b)

ní bheidh na hanailísithe rátála páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena tríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse is mó ná cúig bliana;

(c)

ní bheidh na daoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena tríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse is mó ná seacht mbliana;

Ní bheidh na daoine dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír bainteach le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte nó leis na tríú páirtithe gaolmhara dá dtagraítear san pointí sin taobh istigh de dhá bhliain ó dheireadh na tréimhsí leagtha amach sna pointí sin.

Roinn D

Rialacha maidir le rátálacha creidmheasa a thabhairt ar aird

I.   Oibleagáidí ginearálta

1.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go sonróidh rátáil chreidmheasa, go soiléir feiceálach, ainm agus teideal poist an phríomhanailísí rátála in aon ghníomhaíocht rátála creidmheasa ar leith mar aon le hainm agus post an duine a bhfuil an fhreagracht phríomhúil air nó uirthi as an rátáil chreidmheasa a fhormheas.

2.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an méid seo a leanas, ar a laghad, a áirithiú:

(a)

go léirítear na foinsí ar fad atá ábhartha go substaintiúil chun an rátáil chreidmheasa a ullmhú, lena n-áirítear an t-eintiteas rátáilte nó, nuair is cuí, a tríú páirtí gaolmhar chomh maith le cibé acu an nochtadh an rátáil chreidmheasa leis an eintiteas rátáilte sin nó lena tríú páirtí gaolmhar agus an ndearnadh leasú air sular scaipeadh é i ndiaidh an nochtaithe sin;

(b)

go léirítear go soiléir an mhodheolaíocht phríomhúil nó an leagan den mhodheolaíocht a úsáideadh chun an rátáil a shocrú, le tagairt do thuairisc chuimsitheach air; más rud é go mbíonn an rátáil chreidmheasa bunaithe ar níos mó ná aon mhodheolaíocht amháin, nó más rud é go bhféadfadh infheisteoirí gnéithe tábhachtacha eile den rátáil chreidmheasa a ligean tharstu trí thagairt a dhéanamh don mhodheolaíocht phríomhúil amháin, lena n-áirítear coigeartuithe agus dialltaí suntasacha, míneoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa é seo sa rátáil chreidmheasa agus tabharfar le fios mar a chuirtear na modheolaíochtaí éagsúla nó na gnéithe eile seo san áireamh sa rátáil chreidmheasa;

(c)

go ndéantar an bhrí atá le gach catagóir rátála agus an sainmhíniú ar mhainneachtain nó aisghabháil nó aon rabhadh riosca iomchuí a mhíniú, lena n-áirítear anailís íogaireachta ar na príomh-bhoinn tuisceana rátála ábhartha, amhail boinn tuisceana matamaiticiúla agus comhghaoil, agus rátálacha creidmheasa maidir leis an gcás is measa chomh maith le rátálacha creidmheasa maidir leis an gcás is fearr ag gabháil leo;

(d)

go dtugtar an dáta ar ceadaíodh an rátáil chreidmheasa a scaipeadh den chéad uair agus an uair a rinneadh an nuashonrú is deireanaí air le fios go soiléir feiceálach; agus

(e)

faisnéis faoi cibé an mbaineann rátálacha creidmheasa le ionstraimí airgeadais nua-eisithe agus cibé an bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag rátáil na hionstraime airgeadais den chéad uair.

3.   Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an t-eintiteas atá faoi réir ag rátáil ar an eolas faoin rátáil chreidmheasa agus faoi na forais phríomha ar a bhfuil an rátáil sin bunaithe, ar a laghad 12 uair an chloig roimh a fhoilsithe, d’fhonn an deis a thabhairt don eintiteas aon earráidí i bhfíricí a thabhairt ar aird don ghníomhaireacht rátála creidmheasa.

4.   Luafaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go soiléir feiceálach aon tréithe agus teorainneacha a ghabhann leis an rátáil chreidmheasa nuair a bheidh na rátálacha creidmheasa á nochtadh aici. Go háirithe, sonróidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go feiceálach nuair a bhíonn aon rátáil chreidmheasa á nochtadh aici an bhfuil sí den tuairim go bhfuil caighdeán na faisnéise atá ar fáil maidir leis an eintiteas rátáilte sásúil nó nach bhfuil agus chomh fada agus a rinne sí faisnéis a chuir an t-eintiteas rátáilte nó a tríú páirtí gaolmhar ar fáil di a fhíorú. Má bhaineann cineál eintitis nó ionstraim airgeadais a bhfuil sonraí stairiúla ina leith teoranta leis an rátáil creidmheasa, cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa teorainneacha na rátála creidmheasa in iúl go soiléir, in áit fheiceálach.

I gcás ina mbíonn easpa sonraí iontaofa ann nó de bharr castachta i struchtúr chineál nua ionstraime airgeadais nó toisc nach bhfuil cáilíocht na faisnéise atá ar fáil sásúil go leor nó go n-ardaíonn sí ceisteanna tromchúiseacha maidir le cumas na gníomhaireachta rátála creidmheasa rátáil creidmheasa inchreidte a sholáthar, staonfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ó rátáil chreidmheasa a eisiúint nó déanfaidh sí rátáil atá ann cheana a tharraingt siar.

5.   Nuair atá rátáil chreidmheasa á fógairt, míneoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa ina cuid preaseisiúintí nó tuarascálacha na príomhghnéithe atá mar bhunús ag an rátáil chreidmheasa.

Nuair a bheadh an fhaisnéis a leagtar síos i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointe 4 díréireach i gcomparáid le fad na rátála creidmheasa a scaiptear, is leor tagairt shoiléir fheiceálach a dhéanamh sa rátáil chreidmheasa féin don áit inar féidir rochtain dhíreach éasca a fháil ar na nochtuithe sin, lena n-áirítear nasc idirlín díreach chuig an nochtadh ar láithreán gréasáin oiriúnach na gníomhaireachta rátála creidmheasa.

II.   Oibleagáidí breise maidir le rátálacha creidmheasa ionstraimí airgeadais struchtúraithe

1.   I gcás go ndéanann gníomhaireacht rátála creidmheasa ionstraim airgeadais struchtúraithe a rátáil, cuirfidh sí an fhaisnéis go léir maidir le hanailís caillteanais agus sreafa airgid atá curtha i gcrích aici nó a bhfuil sí ag brath air mar aon le tuairim d’aon athrú a bhfuiltear ag súil leis sa rátáil chreidmheasa ar fáil sa rátáil chreidmheasa.

2.   Sonróidh gníomhaireacht rátála creidmheasa cén leibhéal measúnaithe a chuir sí i gcrích maidir leis na próisis díchill chuí ar tugadh fúthu ag leibhéal na n-ionstraimí airgeadais nó ar leibhéal sócmhainní ionstraimí airgeadais struchtúraithe is bonn do na próisis sin. Nochtóidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar thug sí faoi mheasúnú ar bith ar na próisis díchill chuí sin nó an ndeachaigh sí i muinín measúnaithe tríú páirtí, ag tabhairt le fios mar a imríonn toradh measúnaithe den sórt sin tionchar ar an rátáil chreidmheasa.

3.   I gcás go n-eisíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa ionstraimí airgeadais struchtúrtha, cuirfidh sé a ghabhann leis an nochtadh ar mhodheolaíochtaí, shamhlacha agus phríomh-bhoinn tuisceana treoir a mhíníonn na boinn tuisceana, na paraiméadair na teorainneacha agus neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an samhlacha agus na modheolaíochtaí rátála a úsáideadh i rátálacha creidmheasa den sórt sin, lena n-áirítear ionsamhaltaí de na cásanna struis a rinne na gníomhaireachtaí agus iad ag bunú na rátálacha. Beidh an treoir sin soiléir agus éasca le tuiscint.

4.   Nochtfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa, ar bhonn leanúnach, faisnéis faoi na táirgí airgeadais struchtúrtha go léir a thíolactar chuige chun athbhreithniú tosaigh nó réamhrátáil a dhéanamh air. Déanfar nochtadh den sórt sin is cuma cé acu an rachaidh na heisitheoirí i mbun conartha leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa le haghaidh rátáil chríochnaitheach nó nach rachaidh.

Cuid E

Nochtuithe

I.   Nochtuithe ginearálta

Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fíoras go bhfuil sé cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo mar aon leis an bhfaisnéis seo a leanas a nochtadh go ginearálta:

1.   aon choinbhleachtaí leasa iarbhíre nó féideartha dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn B;

2.   liosta de na seirbhísí coimhdeacha;

3.   beartas na gníomhaireachta rátála creidmheasa maidir le rátálacha creidmheasa agus cumarsáid ghaolmhar eile a fhoilsiú;

4.   an tréith ghinearálta atá lena socruithe cúitimh;

5.   na modheolaíochtaí, agus tuairiscí ar na samhlacha agus príomh-bhoinn tuisceana rátála, amhail boinn tuisceana matamaiticiúla agus comhghaoil, a úsáidtear ina gníomhaíochtaí rátála creidmheasa chomh maith le hathruithe ábhartha orthu;

6.   aon mhodhnú ábhartha ar a córais, acmhainní nó nósanna imeachta; agus

7.   i gcás inar iomchuí, a cód iompair.

II.   Nochtuithe thréimhsiúla

Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh go tréimhsiúil:

1.   gach sé mhí, sonraí maidir leis na rátaí mainneachtana stairiúla ar a cuid catagóirí rátála, lena ndéantar idirdhealú idir príomhlimistéir gheografacha na n-eisitheoirí, agus cibé ar tháinig athrú ar rátaí mainneachtana na gcatagóirí seo le himeacht ama nó nár tháinig;

2.   go bliantúil, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

liosta den 20 cliant is mó atá ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa de réir an ioncaim a dhéanann siad; agus

(b)

liosta de chliaint na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar mhó a gcuid ranníocaíochta don ráta fáis i ndéanamh ioncam na gníomhaireachta rátála creidmheasa sa bhliain airgeadais roimhe sin ná 1,5 uaire an ráta fáis in ioncam iomlán na gníomhaireachta rátála creidmheasa an bhliain sin. Ní áireofar aon chliaint den sórt sin ar an liosta ach amháin i gcás ina bhfuil sé freagrach as níos mó ná 0,25 % d’ioncam iomlán domhanda na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar an leibhéal domhanda an bhliain sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallaíonn ‘cliant’ eintiteas, a fhochuideachtaí agus eintitis chomhlachaithe ina bhfuil gabháltas os cionn 20 % ag an eintiteas, chomh maith le heintiteas ar bith eile a ndearna sí caibidlíocht ina leith maidir le saincheist fiachais a struchtúrú thar ceann cliaint agus ar íocadh táille, go díreach nó go hindíreach, leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa chun rátáil a dhéanamh ar an tsaincheist fiachais sin.

III.   Tuarascáil trédhearcachta

Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go bliantúil:

1.   faisnéis mhionsonraithe maidir le struchtúr dlíthiúil agus úinéireacht na gníomhaireachta rátála creidmheasa, lena n-áirítear faisnéis maidir le gabháltais de réir bhrí Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisiúnaithe a nglactar lena gcuid urrús chun críche a dtrádála ar mhargadh rialaithe (2);

2.   tuairisc ar an meicníocht rialaithe inmheánaigh lena n-áirithítear cáilíocht gníomhaíochtaí rátála creidmheasa;

3.   staidreamh maidir le leithdháileadh na foirne chuig rátálacha creidmheasa nua, athbhreithnithe ar rátáil chreidmheasa, meastóireacht ar shamhlacha nó ar mhodheolaíochtaí agus bainistíocht shinsearach;

4.   tuairisc ar a beartas coimeádta taifead;

5.   toradh an athbhreithnithe inmheánaigh bhliantúil maidir leis a feidhm um chomhlíonadh neamhspleáchais;

6.   tuairisc ar bheartas uainíochta a bainistíocht agus a hanailís;

7.   faisnéis airgeadais ar ioncam na gníomhaireachta rátála creidmheasa, roinnte de réir táillí ó sheirbhísí rátála creidmheasa agus gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí rátála creidmheasa iad mar aon le tuairisc chuimsitheach ar gach ceann faoi seach; agus

8.   ráiteas rialachais de réir bhrí Airteagal 46a(1) de Threoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 a bhaineann le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí (3); chun críche an ráitis sin, cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 46a(1)(d) den Treoir sin ar fáil is cuma an bhfuil sí faoi réir Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail nó nach bhfuil (4).


(1)  Treoir 2004/72/CE an 29 Aibreán 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais mhargaidh a ghlactar leo, an sainmhíniu atá ar fhaisnéis ón taobh istigh i ndáil le díorthaigh ar thráchtearraí, liostaí daoine ar an taobh istigh a tharraingt suas, idirbhearta bainisteoirí a thabhairt ar aird agus idirbhearta amhrasacha a thabhairt ar aird (IO L 162, 30.4.2004, lch. 70).

(2)  IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

(3)  IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.

(4)  IO L 142, 30.4.2004, lch. 12.


IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR SAN IARRATAS AR CHLÁRÚCHÁN

1.   Ainm iomlán na gníomhaireachta rátála creidmheasa, seoladh na hoifige cláraithe laistigh den Chomhphobal

2.   Ainm agus sonraí teagmhála duine ar féidir dul i dteagmháil leis nó léi agus ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh um chomhlíonadh

3.   Stádas dlíthiúil

4.   Aicme na rátálacha creidmheasa dá bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag déanamh iarratais ar é a chlárú

5.   An struchtúr úinéireachta

6.   An struchtúr eagraíochta agus rialachas corparáideach

7.   Acmhainní airgeadais chun gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a dhéanamh

8.   Leibhéal foirne na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus saineolas na foirne sin

9.   Faisnéis maidir le fochuideachtaí na gníomhaireachta rátála creidmheasa

10.   Tuairisc ar na nósanna imeachta agus na modheolaíochta a úsáidtear chun rátálacha creidmheasa a eisiúint agus a athbhreithniú

11.   Beartais agus nósanna imeachta maidir le haon choinbhleachtaí leasa a shainaithint, a bhainistiú agus maidir le haon choinbhleachtaí leasa a nochtadh

12.   Faisnéis maidir le hanalaísithe rátála

13.   Socruithe cúitimh agus meastóireachta feidhmíochta

14.   Seirbhísí eile seachas gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhfuil sé i gceist ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a dhéanamh

15.   Clár oibríochtaí, lena n-áirítear an áit a bhfuiltear ag súil go rachfar i mbun na bpríomhghníomhaíochtaí gnó a thabhairt le fios, mar aon leis na brainsí atá le bunú, chomh maith leis an gcineál gnó atá beartaithe a leagan amach

16.   Doiciméid agus faisnéis mhionsonraithe a bhaineann le húsáid ionchasach fhormhuinithe

17.   Doiciméid agus faisnéis mhionsonraithe a bhaineann le socruithe ionchasacha eisfhoinsithe, lena n-áirítear faisnéis maidir le heintitis a ghlacfaidh na feidhmeanna eisfhoinsithe chucu féin.