31.10.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/36


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1007/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2009

maidir le trádáil i dtáirgí róin

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is neacha mothaitheacha iad rónta ar féidir leo pian, anacair, eagla agus cineálacha eile fulaingthe a bhrath. Ina dearbhú maidir le táirgí róin a thoirmeasc san Aontas Eorpach (3), d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún rialachán a dhréachtú maidir le hallmhairiú, le honnmhairiú agus le díol táirgí uile a fhaightear as rónta Graonlannacha agus rónta cochallacha a thoirmeasc. Ina rún an 12 Deireadh Fómhair 2006 i ndáil le Plean Gníomhaíochta an Chomhphobail maidir le Cosaint agus Leas Ainmhithe 2006-2010 (4), d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún toirmeasc iomlán ar allmhairiú táirgí róin a mholadh. Ina Moladh 1776 (2006) an 17 Samhain 2006 maidir le fiach rónta, mhol Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa iarradh ar na Ballstáit de Chomhairle na hEorpa ina bhfiachtar rónta toirmeasc a chur ar na modhanna cruálacha seilge uile nach gcinntíonn bás na n-ainmhithe láithreach agus gan fulaingt, ionstraimí ar nós hakapik, maidí agus gunnaí a úsáidtear chun néal a chur ar ainmhithe a thoirmeasc agus tionscnaimh a chur chun cinn a bheidh dírithe ar thrádáil táirgí róin a thoirmeasc.

(2)

Toirmisctear seithí laonna róin Ghraonlannaigh agus laonna róin chochallaigh agus táirgí a dhíorthaítear astu a allmhairiú isteach sna Ballstáit chun críocha tráchtála faoi Threoir 83/129/CEE ón gComhairle an 28 Márta 1983 maidir le seithí laonna róin áirithe agus táirgí a dhíorthaítear astu a allmhairiú isteach sna Ballstáit (5).

(3)

Déantar rónta a fhiach laistigh agus lasmuigh den Chomhphobal agus úsáidtear iad chun táirgí agus chun earraí, amhail feoil, ola, blonag, orgáin, seithí fionnaidh agus earraí a dhéantar astu a fháil lena n-áirítear táirgí amhail capsúil Omega-3 agus baill éadaigh ina bhfuil seithí agus fionnadh róin próiseáilte. Díoltar na táirgí sin ar bhonn tráchtála ar mhargaí éagsúla, lena n-áirítear margadh an Chomhphobail. De bharr nádúr na dtairgí sin, is deacair nó is dodhéanta do thomhaltóirí idirdhealú a dhéanamh idir na táirgí sin agus táirgí cosúil leo nach ndíorthaítear ó róin.

(4)

I ngeall ar an bhfiach rónta thosaigh rialtais agus daoine den phobal atá íogair maidir le cúrsaí leasa ainmhithe, ag léiriú a míshástachta ar an bpian, an anacair, an eagla agus na cineálacha eile anó a fhulaingíonn na hainmhithe sin leis an tslí is minice a ndéantar róin a mharú agus a fheannadh.

(5)

Mar fhreagra ar imní saoránach agus tomhaltóirí maidir le gnéithe leasa ainmhithe i ndáil le marú agus feannadh rónta agus dá bharr sin go bhféadfadh táirgí a bheith ar an margadh a fuarthas ó ainmhithe a maraíodh nó a feannadh ar shlí a bhí ina cúis le pian, le hanacair, le heagla nó le cineálacha eile fulaingthe, tá roinnt Ballstát tar éis reachtaíocht a ghlacadh nó tá sé beartaithe acu reachtaíocht a ghlacadh, lena rialálfar trádáil i dtáirgí róin trí thoirmeasc a chur ar a n-allmhairiú agus ar táirgeadh na dtáirgí sin, cé nach gcuirtear srianta ar bith ar thrádáil na dtáirgí seo i mBallstáit eile.

(6)

Mar sin, tá difríochtaí idir forálacha náisiúnta lena rialaítear trádáil, allmhairiú, táirgeadh agus margú táirgí róin. Déanann na difríochtaí sin dochar d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i dtáirgí a bhfuil táirgí róin iontu nó a bhféadfadh táirgí róin a bheith iontu agus is bacainní iad ar thrádáil táirgí den sórt sin.

(7)

D’fhéadfadh na forálacha éagsúla sin atá ann tuilleadh drochmhisní a chur ar thomhaltóirí táirgí nach ndéantar as rónta a cheannach, ach nach féidir a idirdhealú go héasca ó earraí cosúil leo siúd a dhéantar as rónta, nó táirgí a d’fhéadfadh eilimintí nó comhábhair a fhaightear ó rónta a bheith iontu gan a leithéid a bheith so-aitheanta go soiléir, amhail fionnaidh, capsúil agus olaí Omega-3 agus earraí leathair.

(8)

Ba cheart go gcomhchuibheodh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo na rialacha maidir le gníomhaíochtaí tráchtála i ndáil le táirgí róin sa Chomhphobal ar fad agus mar thoradh air sin suaitheadh an mhargaidh inmheánaigh a chosc maidir leis na táirgí lena mbaineann, lena n-áirítear táirgí coibhéiseacha, nó a d’fhéadfaí a chur in ionaid táirgí róin.

(9)

I gcomhréir leis an bPrótacal ar chosaint agus leas ainmhithe atá i gceangal leis an gConradh, tabharfaidh an Comhphobal aird iomlán ar na ceanglais leasa ainmhithe agus, inter alia, beartas an mhargaidh inmheánaigh á cheapadh agus á chur chun feidhme aige. Ba cheart go gcuirfeadh na rialacha comhchuibhithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo cúinsí leasa ainmhithe go hiomlán san áireamh.

(10)

D’fhonn deireadh a chur leis an ilroinnt atá sa mhargadh inmheánach faoi láthair, ní mór foráil a dhéanamh do rialacha comhchuibhithe agus cúrsaí leasa ainmhithe á gcur san áireamh. D’fhonn cur i gcoinne bacainní ar shaorghluaiseacht táirgí lena mbaineann ar bhealach éifeachtach agus comhréireach, níor cheart go gceadófaí táirgí róin a chur ar an margadh, mar riail ghinearálta, chun muinín na dtomhaltóirí a athbhunú, agus ag an am céanna chun freastal iomlán a dhéanamh ar imní leasa ainmhithe. Ós rud é go mbaineann imní na saoránach agus na dtomhaltóirí le marú agus le feannadh rónta sa cháil sin, ní mór freisin gníomhú chun an t-éileamh is cúis le táirgí róin a chur ar an margadh a laghdú agus as sin an t-éileamh eacnamaíochta is cúis le fiach tráchtála rónta. D’fhonn forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú, ba cheart go mbeadh na rialacha comhchuibhithe sin curtha i bhfeidhm ag an tráth nó ag an bpointe allmhairithe do tháirgí allmhairithe.

(11)

Cé go bhféadfadh sé a bheith indéanta rónta a mharú agus a fheannadh i slí is go ndéanfaí pian, anacair, eagla agus cineálacha eile fulaingthe nach gá a sheachaint, nuair a chuirtear san áireamh na dálaí ina dtarlaíonn fiach rónta, ní féidir deimhniú nó srianadh leanúnach nó praiticiúil a dhéanamh ar chomhlíonadh ceanglais leasa ainmhithe ag sealgairí nó bheadh a leithéid an-deacair a bhaint amach ar a laghad ar bhealach éifeachtach, faoi mar atá ráite ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an 6 Nollaig 2007.

(12)

Is léir freisin nach mbainfí an toradh céanna amach le cineálacha eile de rialacha comhchuibhithe, amhail ceanglais lipéadaithe. Ina theannta sin, dá gcuirfí de cheangal ar mhonaróirí, ar dháileoirí nó ar mhiondíoltóirí táirgí a lipéadú a dhíorthaítear go hiomlán nó i bpáirt ó rónta, bheadh ualach suntasach ar na hoibreoirí eacnamaíocha sin agus bheadh costas díréireach ag baint leis i gcásanna nach mbeadh táirgí róin ach ina gcuid bheag den táirge lena mbaineann. Ós a choinne sin, beidh sé níos éasca na bearta sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus tomhaltóirí á gcur ar a suaimhneas chomh maith.

(13)

D’fhonn a áirithiú go bhfuil na rialacha comhchuibhithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo lánéifeachtach, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha sin, ní amháin maidir le táirgí róin a thagann ón gComhphobal, ach maidir leis na táirgí sin a thagann isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha.

(14)

Níor cheart dochar a dhéanamh do leasa bunúsacha eacnamaíocha agus sóisialta na bpobal Ionúiteach, a bhíonn ag fiach rónta chun a mbeatha a shaothrú. Is bunchuid de chultúr agus de chéannacht na sochaí Ionúití é an fiach, agus sa cháil sin dó tugann Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasacha aitheantas dó. Dá bhrí sin, ba cheart go gceadófaí táirgí róin a thagann ón bhfiach a dhéanann na pobail Ionúiteacha agus pobail dhúchasacha eile agus a rannchuidíonn lena mbeatha a shaothrú, a chur ar an margadh.

(15)

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí róin a chur ar an margadh. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha eile Comhphobail agus náisiúnta lena rialaítear fiach rónta.

(16)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfar iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (6).

(17)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha a shainiú maidir le táirgí róin a chur ar an margadh a thagann ón bhfiach a dhéanann na pobail Ionúiteacha agus pobail dhúchasacha eile go traidisiúnta agus a chuidíonn leo a mbeatha a shaothrú; na coinníollacha a shainiú maidir le táirgí róin a allmhairiú atá de nádúr ócáideach, agus arb é atá iontu go heisiach earraí le haghaidh úsáid phearsanta taistealaithe nó a dteaghlach; agus na coinníollacha a shainiú do cheadú táirgí róin a chur ar an margadh a thagann ón bhfiach arna rialú ag an dlí náisiúnta arb é is aidhm leis bainistiú inbhuanaithe acmhainní mara. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(18)

D’fhonn oibríochtaí forfheidhmithe arna gcur i gcrích ag na húdaráis náisiúnta ábhartha a éascú, ba cheart don Choimisiún nótaí teicniúla treorach a eisiúint ina ndéantar cur síos ar shonraí neamhcheangailteacha maidir le cóid na hAinmníochta Comhcheangailte a d’fhéadfaidís táirgí a chumhdach atá faoi réir an Rialacháin seo.

(19)

Ba cheart go leagfadh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart go n-áiritheoidís go gcuirfí i bhfeidhm iad. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(20)

Ba cheart do na Ballstáit tuarascáil a ullmhú ar bhonn rialta maidir leis na bearta a ghlactar chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I bhfianaise na dtuarascálacha sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(21)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon deireadh a chur le constaicí ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na toirmisc náisiúnta ar thrádáil i dtáirgí róin ar leibhéal an Chomhphobail, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí róin a chur ar an margadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘rón’ eiseamail de na speicis uile eite-chosach (Phocidae, Otariidae agus Odobenidae);

2.

ciallaíonn ‘táirge róin’ na táirgí go léir, próiseáilte nó neamhphróiseáilte, a dhíorthaítear nó a fhaightear ó rónta, lena n-áirítear feoil, ola, blonag, orgáin agus seithí amh fionnaidh agus seithí fionnaidh súdaraithe nó cóirithe, lena n-áirítear seithí fionnaidh a choimeáiltear i bplátaí, i gcrosa agus i bhfoirmeacha dá leithéid agus earraí a dhéantar as seithí fionnaidh;

3.

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ tabhairt isteach ar mhargadh an Chomhphobail agus, leis sin cur ar fáil do thríú páirtithe, ar íocaíocht;

4.

ciallaíonn ‘Ionúiteach’ daoine dúchasacha de chríoch dhúchais na nIonúiteach, eadhon na ceantair artacha agus fho-artacha sin ina bhfuil cearta agus leasa bundúchasacha ag na hIonúitigh faoi láthair nó go traidisiúnta, agus atá aitheanta ag na hIonúitigh mar dhaoine dá bpobal agus lena n-áirítear Inupiat, Yupik (Alasca), Ionúiteach, Inuvialuit (Ceanada), Kalaallit (an Ghraonlainn) agus Yupik (an Rúis);

5.

ciallaíonn ‘allmhairiú’ aon ghluaiseacht earraí isteach i gcríoch custam an Chomhphobail.

Airteagal 3

Coinníollacha maidir le cur ar an margadh

1.   Ní cheadófar táirgí róin a chur ar an margadh ach amháin i gcás ina dtagann na táirgí róin ón bhfiach a dhéanann na pobail Ionúiteacha agus pobail dhúchasacha eile go traidisiúnta agus a rannchuidíonn lena mbeatha a shaothrú. Beidh na coinníollacha seo infheidhme ag an tráth nó ag an bpointe allmhairithe do tháirgí allmhairithe.

2.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)

ceadófar allmhairiú táirgí róin i gcás ina bhfuil sé de chineál ócáideach, agus nuair nach bhfuil ann go heisiach ach earraí d’úsáid phearsanta taistealaithe nó a dteaghlach. Ní bheidh cineál ná cainníocht na n-earraí sin amhlaidh go dtuigfí leis go bhfuil siad á n-allmhairiú ar chúiseanna tráchtála;

(b)

ceadófar táirgí róin a chur ar an margadh a thagann ó sheachtháirgí fiaigh arna rialú ag an dlí náisiúnta agus arb é is aidhm leo an bainistiú inbhuanaithe acmhainní mara a chur ar an margadh. Ní cheadófar na táirgí sin a chur ar an margadh ach ar bhonn neamhbhrabúsach. Ní léireoidh nádúr ná cainníocht na dtáirgí róin sin go bhfuil siad á gcur ar an margadh ar chúiseanna tráchtála.

Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm na míre seo dochar do ghnóthú chuspóir an Rialacháin seo.

3.   Eiseoidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), nótaí teicniúla treorach ina leagtar amach liosta táscach maidir le cóid na hAinmníochta Comhcheangailte a d’fhéadfadh táirgí róin atá faoi réir an Rialacháin seo a chumhdach.

4.   Gan dochar do mhír 3, glacfar bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

Airteagal 4

Saorghluaiseacht

Maidir leis na táirgí róin a chomhlíonann an Rialachán seo, ní chuirfidh na Ballstáit bac ar a gcur ar an margadh.

Airteagal 5

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste, arna bhunú faoi Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le fána agus flora fiáin a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (7), cúnamh don Choimisiún. Féadfaidh an coiste dul i gcomhairle le coistí rialúcháin eile atá ann de réir mar is gá, amhail an Buanchoiste ar an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus riachtanais ghinearálta dhlí an bhia lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia (8).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 6

Pionóis agus forfheidhmiú

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme ar sháruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 20 Lúnasa 2010, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú iardain orthu.

Airteagal 7

Tuairisciú

1.   Faoin 20 Samhain 2011 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil isteach chuig an gCoimisiún ina dtabharfar breac-chuntas ar na gníomhaíochtaí a dhéantar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.   I bhfianaise na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh gach tréimhse tuarascála lena mbaineann.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 20 Lunasa 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  Tuairim a tugadh an 26 Feabhra 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2009 (nár foilsíódh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2009.

(3)  IO C 306 E, 15.12.2006, lch. 194.

(4)  IO C 308 E, 16.12.2006, lch. 170.

(5)  IO L 91, 9.4.1983, lch. 30.

(6)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(7)  IO L 61, 3.3.1997, lch. 1.

(8)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.