14.8.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) UIMH.9991/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2009

lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2007 dar teideal ‘Beartas Fuinnimh don Eoraip’ leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé na margaí inmheánacha sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha a chomhlánú. Sainaithníodh gur beart tábhachtach é chun an cuspóir sin a bhaint amach an creat rialála a fheabhsú ar leibhéal an Chomhphobail.

(2)

Le Cinneadh 2003/796/CE ón gCoimisiún (4), bunaíodh grúpa comhairleach neamhspleách maidir le leictreachas agus gás ar a dtugtar Grúpa Rialálaithe na hEorpa um Leictreachas agus um Ghás (ERGEG) chun comhairliúchán, comhordú agus comhar a éascú idir na comhlachtaí rialála sna Ballstáit agus idir na comhlachtaí sin agus an Coimisiún, d'fhonn na margaí inmheánacha sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha a chomhdhlúthú. Is é atá sa ghrúpa sin ná ionadaithe na n-údarás rialála náisiúnta a bunaíodh de bhun Threoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (5) agus Threoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (6).

(3)

D'fhag an obair atá déanta ag ERGEG ón uair a bunaíodh é rian dearfach ar na margaí inmheánacha sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha. Aithnítear go forleathan san earnáil seo, áfach, agus tá sé molta ag ERGEG féin, gur cheart go mbeadh comhar deonach ann anois idir na húdaráis rialála náisiúnta laistigh de struchtúr Comhphobail a bhfuil inniúlachtaí soiléire aige agus a bhfuil cumhacht aige cinntí rialála a ghlacadh i roinnt cásanna sonracha.

(4)

D'iarr an Chomhairle Eorpach an 8 agus an 9 Márta 2007 ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun sásra neamhspleách a chur ar bun le haghaidh comhair idir na rialálaithe náisiúnta.

(5)

Ba cheart go mbeadh dlúthchomhar ann idir na Ballstáit, rud a chuirfeadh deireadh leis na constaicí ar mhalartuithe trasteorann leictreachais agus gáis nádúrtha ar mhaithe le cuspóirí bheartas fuinnimh an Chomhphobail a bhaint amach. Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair maidir leis na hacmhainní a theastódh le haghaidh eintitis lárnaigh, thángthas ar an tuairim go mbeadh roinnt buntáistí fadtéarmacha ag roinnt le heintiteas lárnach neamhspleách nach mbeadh ag roinnt le roghanna eile. Ba cheart Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (an Ghníomhaireacht) a bhunú d'fhonn an bhearna rialála ar leibhéal an Chomhphobail a líonadh agus cur le feidhmiú éifeachtach na margaí inmheánacha sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha. Ba cheart go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht ar chumas na n-údarás rialála náisiúnta an comhar eatarthu a fheabhsú ar leibhéal an Chomhphobail freisin agus a bheith rannpháirteach, ar bhonn frithpháirteach, i bhfeidhmiú feidhmeanna a bhaineann leis an gComhphobal.

(6)

Ba cheart go gcinnteodh an Ghníomhaireacht go ndéanfar na feidhmeanna rialála a chomhlíonann na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (7)agus le Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (8), a chomhordú go cuí agus, más gá, go gcuirtear i gcrích iad ar leibhéal an Chomhphobail. Chuige sin, is gá neamhspleáchas na Gníomhaireachta a ráthú i leith táirgeoirí leictreachais agus gáis nádúrtha, oibreoirí na gcóras tarchurtha agus dáileacháin, cibé acu oibreoirí poiblí nó oibreoirí príobháideacha, agus tomhaltóirí agus a chinntiú go mbeadh a gníomhartha ag teacht le dlí an Chomhphobail, lena cumais theicniúla agus rialála agus lena trédhearcacht, lena géilliúlacht maidir le rialú daonlathach, agus lena héifeachtúlacht.

(7)

Ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht faireachán ar chomhar réigiúnach idir oibreoirí córas tarchurtha in earnáil an leictreachais agus in earnáil an gháis agus ar fhorfheidhmiú chúraimí Ghréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Leictreachas (ENTSO don Leictreachas) agus chúraimí Ghréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Ghás (ENTSO don Ghás). Tá páirteachas na Gníomhaireachta fíor-riachtanach chun a áirithiú go mbeidh an comhar idir oibreoirí córas tarchurtha éifeachtúil agus trédhearcach chun tairbhe an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas agus an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha.

(8)

Ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht faireachán, i gcomhar leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na húdaráis náisiúnta lena mbaineann, ar na margaí inmheánacha sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha agus ba cheart go gcuirfeadh sí Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta ar an eolas maidir lena fionnachtana i gcás inarb iomchuí sin. Níor cheart go ndéanfadh cúraimí faireacháin na Gníomhaireachta dúbailt, ná níor cheart go gcuirfeadh siad bac, ar fhaireachán arna dhéanmh ag an gCoimisiún nó ag na húdaráis náisiúnta, go háirithe na húdaráis iomaíochta náisiúnta.

(9)

Tá ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht maidir le forbairt creat-treoirlínte atá neamhcheangailteach ó chineál (creat-treoirlínte) agus nach mór cóid ghréasáin a bheith i gcomhréir leo. Meastar gurb iomchuí freisin, agus go bhfuil sé i gcomhréir lena cuspóir, go mbeidh ról ag an nGníomhaireacht maidir le hathbhreithniú na ndréachtchód gréasáin (tráth a gcruthaithe agus tráth a modhnaithe araon) chun a áirithiú go mbeidh siad i gcomhréir leis na creat-treoirlínte, sula molfaidh sí don Choimisiún iad a ghlacadh.

(10)

Is iomchuí creat comhtháite a chur ar fáil a mbeidh údaráis rialála náisiúnta in ann a bheith rannpháirteach ann agus in ann comhoibriú lena chéile ann. Ba cheart go n-éascódh an creat sin cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na reachtaíochta ar na margaí inmheánacha sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha ar fud an Chomhphobail. I gcás ina mbeidh níos mó ná Ballstát amháin i gceist, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Ghníomhaireacht cinntí aonair a ghlacadh. Ba cheart go gcumhdódh an chumhacht sin, faoi choinníollacha áirithe, saincheisteanna teicniúla, an córas rialála do bhonneagar leictreachais agus gáis nádurtha a cheanglaíonn dhá Bhallstát le chéile, nó a d'fhéadfadh dhá Bhallstát ar a laghad a cheangail le chéile, agus, mar rogha dheireanach, díolúintí ó rialacha an mhargaidh inmheánaigh i gcás idirnascairí nua leictreachais agus bonneagair nua gáis atá suite i níos mó ná aon Bhallstát amháin.

(11)

Ós rud é go bhfuil forléargas ag an nGníomhaireacht ar na húdaráis rialála náisiúnta, ba cheart go mbeadh ról comhairleach aici i leith an Choimisiúin, i leith institiúidí eile de chuid an Chomhphobail agus i leith na n-údarás rialála náisiúnta maidir leis na saincheisteanna a bhaineann leis an gcuspóir dar bunaíodh í. Ba cheart go mbeadh sé de cheangal uirthi freisin an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina bhfaigheann sí amach nach iad na torthaí a theastaíonn atá ag teacht as an gcomhar idir oibreoirí córas tarchurtha, nó nach ndéanann údarás rialála náisiúnta, nach bhfuil a chinneadh de réir na dTreoirlínte, tuairim, moladh nó cinneadh na Gníomhaireachta a chur chun feidhme mar is iomchuí.

(12)

Ba cheart freisin go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann moltaí a dhéanamh chun cuidiú le húdaráis rialála agus le gníomhaithe margaidh i dtaca le dea-chleachtais a roinnt.

(13)

Ba cheart don Ghníomhaireacht dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, más iomchuí, agus deis réasúnach a thabhairt dóibh chun tuairim a thabhairt i leith na mbeart atá molta, amhail cóid ghréasáin agus rialacha.

(14)

Ba cheart go rannchuideodh an Ghníomhaireacht le cur chun feidhme na dtreoirlínte um ghréasáin fuinnimh tras-Eorpacha mar atá leagtha síos i gCinneadh Uimh. 1364/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 lena leagtar síos treoirlínte do ghréasáin fuinnimh tras-Eorpacha (9), go háirithe le linn a tuairim ar na pleananna neamhcheangailteacha deich mbliana uile-Chomhphobail maidir le forbairt gréasán (pleananna forbartha gréasán uile-Chomhphobail) a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialachán seo.

(15)

Ba cheart go rannchuideodh an Ghníomhaireacht leis na hiarrachtaí chun an tslándáil fuinnimh a fheabhsú.

(16)

Ba cheart struchtúr na Gníomhaireachta a oiriúnú chun freastal ar riachtanais shonracha na rialála fuinnimh. Go háirithe, is gá ról sonrach na n-údarás rialála náisiúnta a chur san áireamh go hiomlán agus a neamhspleáchas a ráthú.

(17)

Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an mBord Riaracháin chun an buiséad a bhunú, chun cur chun feidhme an bhuiséid a sheiceáil, chun rialacha inmheánacha a tharraingt suas, chun rialacháin airgeadais a ghlacadh agus chun Stiúrthóir a cheapadh. Ba cheart córas uainíochta a úsáid i gcomhair athnuachan na gcomhaltaí den Bhord Riaracháin a cheapann an Chomhairle, chun a áirithiú go mbeidh rannpháirteachas cothrom ann ó thaobh na mBallstát de thar am. Ba cheart don Bhord Riaracháin gníomhú go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar mhaithe le leas an phobail agus níor cheart go lorgódh sé ná go leanfadh sé treoracha polaitiúla.

(18)

Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an nGníomhaireacht chun a feidhmeanna rialála a chomhlíonadh ar bhealach trédhearcach, réasúnaithe agus, thar aon rud eile, neamhspleách. Ní hamháin gur prionsabal lárnach den dea-rialachas é neamhspleáchas na Gníomhaireachta i leith táirgeoirí leictreachais agus gáis agus oibreoirí na gcóras tarchurtha agus dáileacháin ach is bunchoinníoll é i dtaca le muinín sa mhargadh a áirithiú freisin. Gan dochar dá chomhaltaí do ghníomhú thar ceann a n-údarás náisiúnta faoi seach, ba cheart, dá bhrí sin, go ngníomhódh an Bord Rialálaithe go neamhspleách ar aon leas margaidh, ba cheart go ndéanfadh sé coimhlintí leasanna a sheachaint agus ba cheart nach lorgódh sé treoracha ná nach leanfadh sé treoracha ó aon rialtas Ballstáit, ón gCoimisiún ná ó aon eintiteas eile, bíodh sé poiblí nó príobháideach, agus nach nglacfadh sé le moltaí uathu. Ag an am céanna, ba cheart go gcomhlíonfadh cinntí an Bhoird Rialálaithe dlí an Chomhphobail maidir le fuinneamh, amhail an margadh inmheánach fuinnimh, leis an gcomhshaol agus leis an iomaíocht. Ba cheart don Bhord Rialálaithe a thuairimí, a mholtaí agus a chinntí a thuairisciú d'institiúidí an Chomhphobail.

(19)

I gcás ina bhfuil cumhachtaí ag an nGníomhaireacht chun cinntí a dhéanamh, ba cheart, ar mhaithe le barainneacht nós imeachta, ceart achomhairc chuig Bord Achomhairc a dheonú do pháirtithe leasmhara, agus ba cheart go mbeadh an Bord Achomhairc sin ina chuid den Ghníomhaireacht ach é a bheith neamhspleách ar struchtúr riaracháin agus rialála na Gníomhaireachta. Ar mhaithe le leanúnachas, ba cheart go gceadófaí gan ach cuid de chomhaltaí an Bhoird Achomhairc a athrú nuair a bheadh a chomhaltaí á gceapadh nó á n-athcheapadh. Féadfaidh cinntí an Bhoird Achomhairc a bheith ina n-abhar achomhairc os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.

(20)

Ba cheart go ndéanfaí an Ghníomhaireacht a mhaoiniú go príomha ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, trí tháillí agus trí ranníocaíochtaí saorálacha. Go háirithe, maidir leis na hacmhainní a chomhthiomsaíonn na húdaráis rialála le haghaidh a gcomhair ar leibhéal an Chomhphobail, ba cheart go leanfaidís de bheith ar fáil don Ghníomhaireacht. Ba cheart go leanfadh nós imeachta buiséid an Chomhphobail de bheith infheidhme a mhéid a bhaineann le haon fhóirdheontais atá inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, ba cheart go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchadh ar na cuntas i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gCreatrialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (10).

(21)

Tar éis bhunú na Gníomhaireachta, ba cheart don údarás buiséadach measúnú a dhéanamh ar a buiséad ar bhonn leanúnach agus faoi threoir ualach oibre agus fheidhmíocht na Gníomhaireachta. Ba cheart go n-áiritheodh an t-údarás buiséadach go ndéantar na caighdeáin is fearr éifeachtúlachta a bhaint amach.

(22)

Ba cheart go mbeadh foireann an-ghairmiúil ag an nGníomhaireacht. Go háirithe, ba cheart go mbainfeadh an Ghníomhaireacht leas as inniúlacht agus as taithí na foirne a bheidh ar iasacht ó na húdaráis rialála náisiúnta, ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit. Maidir le Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach (na Rialacháin Foirne) agus Coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach, (na Coinníollacha Fostaíochta), atá leagtha síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (11) agus sna rialacha a ghlac institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach chun na rialacháin sin a chur i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta. Ba cheart go nglacfadh an Bord Riaracháin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na rialacha cur chun feidhme iomchuí.

(23)

Ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht na rialacha ginearálta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh comhlachtaí Comhphobail a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbunódh an Bord Riaracháin na bearta praiticiúla chun sonraí íogaire tráchtála agus sonraí pearsanta a chosaint.

(24)

Ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht cuntasach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí sin.

(25)

Ba cheart go mbeadh tíortha nach Ballstáit den Chomhphobal iad in ann páirt a ghlacadh in obair na Gníomhaireachta i gcomhréir leis na comhaontuithe iomchuí a chuirfidh an Comhphobal i gcrích.

(26)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (12).

(27)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún na Treoirlínte is gá a ghlacadh i gcásanna ina dtiocfaidh an Ghníomhaireacht chun bheith inniúil chun na téarmaí agus na coinníollacha a chinneadh maidir le rochtain ar bhonneagar trasteorann agus maidir leis an tslándáil oibríochtúil do bhonneagar trasteorann. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(28)

Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlamint na hEorpa agus na Comhairle, laistigh de thréimhse trí bliana tar éis don chéad stiúrthóir dul i mbun a dhualgas agus gach ceithre bliana dá éis sin, i leith chúraimí sonracha na Gníomhaireachta agus i leith na dtorthaí a bhaintear amach, mar aon le haon tograí iomchuí. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún moltaí sa tuarascáil sin i leith cúraimí breise don Ghníomhaireacht.

(29)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an rannpháirtíocht agus an comhar idir na húdaráis rialála náisiúnta ar leibhéal an Chomhphobail, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

BUNÚ AGUS STÁDAS DLÍTHIÚIL

Airteagal 1

Bunú

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (an Ghníomhaireacht).

2.   Is é is cuspóir don Ghníomhaireacht ná cuidiú leis na húdaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 35 de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (7) agus in Airteagal 39 de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (8) le linn dóibh na cúraimí rialála a chomhlíontar sna Ballstáit a fheidhmiú ar leibhéal an Chomhphobail, agus, i gcás inar gá, a ngníomhaíocht a chomhordú.

3.   Go dtí go mbeidh áitreabh na Gníomhaireachta ullamh, beidh sí suite ar áitreabh an Choimisiúin.

Airteagal 2

Stádas dlíthiúil

1.   Comhlacht Comhphobail a bheidh sa Ghníomhaireacht agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach Ballstát, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Go háirithe, beidh sí in ann maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt, agus beidh sí in ann a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Déanfaidh a Stiúrthóir ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

Airteagal 3

Comhdhéanamh

Is é a bheidh sa Ghníomhaireacht:

(a)

Bord Riaracháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 13;

(b)

Bord Rialálaithe a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 15;

(c)

Stiúrthóir a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 17; agus

(d)

Bord Achomhairc a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 19.

Airteagal 4

Cineál ghníomhartha na Gníomhaireachta

Déanfaidh an Ghníomhaireacht:

(a)

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig oibreoirí córas tarchurtha;

(b)

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig údaráis rialála;

(c)

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle nó chuig an gCoimisiún;

(d)

cinntí aonair a ghlacadh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 7, in Airteagal 8 agus in Airteagal 9; agus

(e)

creat-treoirlínte neamhcheangailteacha (creat-treoirlínte) a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán i gcomhair malartuithe trasteorann sa leictreachas (13) agus le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar na gréasáin tarchurtha gáis nádúrtha (14).

CAIBIDIL II

CÚRAIMÍ

Article 5

Cúraimí ginearálta

Féadfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún, nó ar a tionscnamh féin, tuairim nó moladh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le haon cheann de na saincheisteanna a bhaineann leis an gcuspóir dar bunaíodh í.

Airteagal 6

Cúraimí maidir le comhar idir oibreoirí córas tarchurtha

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairim maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta an ENTSO don Leictreachas a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 agus déanfaidh sí tuairim maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta an ENTSO don Ghás a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh 9993/2009.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar fhorghníomhú chúraimí an ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 agus déanfaidh sí faireachán ar chúraimí an ENTSO don Ghás i gcomhréir le Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairim a thabhairt:

(a)

don ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 agus don ENTSO don Ghás i gcomhréir le Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 maidir leis na cóid ghréasáin; agus

(b)

don ENTSO don Leictreachas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 agus don ENTSO don Ghás i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh 9993/2009 maidir leis an dréacht-chlár oibre bliantúil, maidir leis an dréacht-phlean forbartha uile-Chomhphobail deich mbliana agus maidir le doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 agus in Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009, agus cuspóirí an neamh-idirdhealaithe, na hiomaíochta éifeachtaí agus fheidhmiú éifeachtúil, shlán na margaí inmheánacha sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha á gcur san áireamh.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chuí-réasúnaithe mar aon le moltaí, is tuairim a bheidh bunaithe ar ábhair fíoras, a thabhairt don ENTSO don Leictreachas, don ENTSO don Ghás, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sí nach rannchuidíonn an dréacht-chlár oibre bliantúil nó an dréacht-phlean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail deich mbliana a cuireadh faoina bráid i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 agus leis an dara fomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 le neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó le leibhéal leordhóthanach idirnasctha trasteorann a bheadh oscailte do rochtain tríú páirtithe nó i gcás nach gcomhlíontar forálacha ábhartha Threoir 2009/73/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 ná Threoir 2009/723/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009.

Beidh an Ghníomhaireacht rannpháirteach i bhforbairt na gcód gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 agus i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht dréacht-chreatTreoirlíne neamhcheangailteach a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó faoi Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009. Athbhreithneoidh an Ghníomhaireacht an dréacht-chreatTreoirlíne neamhcheangailteach agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin athuair í i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 6(4) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó faoi Airteagal 6(4) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009.

Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim réasúnaithe don ENTSO don Leictreachas nó don ENTSO don Ghás maidir leis an gcód gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 6(7) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó le hAirteagal 6(7) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht an cód gréasáin faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é i gcomhréir le hAirteagal 6(9) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó le hAirteagal 6(9) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 Déanfaidh an Ghníomhaireacht dréachtchód gréasáin a ullmhú agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin é i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 6(10) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó faoi Airteagal 6(10) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009.

5.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chuí-réasúnaithe don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 i gcás inar mhainnigh an ENTSO don Leictreachas nó an ENTSO don Ghás cód gréasáin a chur chun feidhme a forbraíodh faoi Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó faoi Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 nó cód gréasáin a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) go (10) de na Rialacháin sin ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 6(11) de na Rialacháin sin.

6.   Déanfaidh an Ghniomhaireacht faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dTreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(11) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 agus in Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 iad, agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme atá dírithe ar chomhtháthú margaidh a éascú mar aon le neamhidirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh agus tabharfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na dtionscadal chun acmhainn nua idirnascaire a chruthú.

8.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna forbartha gréasáin uile-Chomhphobail. Má shainaithníonn sí aon neamhréireachtaí idir plean den sórt sin agus cur chun feidhme phlean den sórt sin, déanfaidh sí imscrúdú ar chúiseanna na neamhréireachtaí sin agus tabharfaidh sí moltaí do na hoibreoirí córas tarchurtha, do na húdaráis rialála náisiúnta nó do chomhlachtaí inniúla eile lena mbaineann d'fhonn na hinfheistíochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir leis na pleananna forbartha gréasáin uile-Chomhphobail.

9.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar an gcomhar réigiúnach idir oibreoirí córas tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 agus in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009, agus tabharfaidh sí aird chuí ar thoradh an chomhair sin le linn di a cuid tuairimí, a cuid moltaí agus a cuid cinntí a fhoirmliú.

Airteagal 7

Cúraimí maidir leis na húdarás rialála náisiúnta

1.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht cinntí aonair maidir le saincheisteanna teicniúla i gcás ina ndéantar foráil maidir leis na cinntí sin i dTreoir 2009/72/CE, i dTreoir 2009/73/CE, i Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó i Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir lena clár oibre nó arna iarraidh sin don Choimisiún, moltaí a dhéanamh chun cuidiú le húdaráis rialála agus le gníomhaithe margaidh dea-chleachtais a roinnt le chéile.

3.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht creat inar féidir le húdaráis rialála náisiúnta comhoibriú. Cuirfidh sí comhar chun cinn idir na húdaráis náisiúnta rialála agus idir na húdaráis rialála ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Chomhphobail, agus tabharfaidh sí aird chuí ar thoradh an chomhair sin le linn di a cuid tuairimí, a cuid moltaí agus a cuid cinntí a fhoirmliú. I gcás ina measann an Ghníomhaireacht gur gá rialacha ceangailteacha don chomhar sin, cuirfidh sí na moltaí iomchuí faoi bhráid an Choimisiúin.

4.   Arna iarraidh sin d'aon údarás rialála nó don Choimisiún, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim, is tuairim a bheidh bunaithe ar ábhair fíoras, i dtaobh an gcomhlíonann cinneadh a rinne údarás rialála na Treoirlínte dá dtagraítear i dTreoir 2009/72/CE, i dTreoir 2009/73CE, i Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó i Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 nó an gcomhlíonann sé forálacha ábhartha eile de chuid na dTreoracha nó na Rialachán sin.

5.   I gcás nach gcomhlíonann údarás rialála náisiúnta tuairim na Gníomhaireachta, dá dtagraítear i mír 4, laistigh de cheithre mhí ón lá a faightear an tuairim, cuirfidh an Ghníomhaireacht an méid sin in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann.

6.   Más rud é, i gcás sonrach, go bhfuil deacrachtaí ag údarás rialála náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm na dTreoirlínte dá dtagraítear i dTreoir 2009/72/CE, i dTreoir 2009/73/CE, i Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó i Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009, féadfaidh sé tuairim a iarraidh ar an nGníomhaireacht. Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, tabharfaidh an Ghníomhaireacht a tuairim laistigh de thrí mhí tar éis an iarraidh sin a fháil.

7.   I gcomhréir le hAirteagal 8, cinnfidh an Ghníomhaireacht na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rochtain ar an mbonneagar leictreachais agus gáis lena nasctar dhá Bhallstát ar a laghad, nó lena bhféadfaí dhá Bhallstát ar a laghad a nascadh (bonneagar trasteorann) agus maidir le slándáil oibríochtúil an bhonneagair sin.

Airteagal 8

Cúraimí maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rochtain ar bhonneagar trasteorann agus a bhaineann le slándáil oibríochtúil an bhonneagair sin

1.   I gcás bonneagair trasteorann, maidir leis na saincheisteanna rialála sin a thagann faoi réim inniúlacht na n-údarás rialála náisiúnta, a fhéadfaidh na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rochtain agus slándáil oibríochtúil a bheidh san áireamh iontu, ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh ina leith ach amháin:

(a)

i gcás nach n-éiríonn leis na húdaráis inniúla rialála náisiúnta teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse sé mhí ón tráth ar tarchuireadh an cás chuig an údarás deiridh de na húdaráis rialála sin; nó

(b)

tar éis iarraidh chomhpháirteach a fháil ó na húdaráis inniúla rialála náisiúnta.

Féadfaidh na húdaráis rialála inniúla náisiúnta a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfaran tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) a fhadú go ceann tréimhse suas go sé mhí.

Le linn di a cinneadh a ullmhú, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta agus leis na hoibreoirí córas tarchurtha lena mbaineann agus cuirfear ar an eolas í faoi thograí agus faoi bharúlacha na n-oibreoirí córas tarchurtha go léir lena mbaineann.

2.   Cuimseofar na nithe seo a leanas sna téarmaí agus sna coinníollacha maidir le rochtain ar bhonneagar trasteorann:

(a)

nós imeachta chun acmhainn a leithroinnt;

(b)

amchlár don leithroinnt;

(c)

ioncam ón bplódú a roinnt; agus

(d)

muirir a thobhach ar úsáideoirí an bhonneagair, dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó in Airteagal 36(1)(d) de Threoir 2009/73/CE.

3.   I gcás ina dtarchuirfear cás chuig an nGníomhaireacht faoi mhír 1:

(a)

tabharfaidh an Ghníomhaireacht a cinneadh laistigh de thréimhse sé mhí ó lá an tarchurtha; agus

(b)

féadfaidh an Ghníomhaireacht, más gá, cinneadh eatramhach a thabhairt chun go n-áiritheofar cosaint do shlándáil an tsoláthair nó do shlándáil oibríochtúil an bhonneagair i dtrácht.

4.   Féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a ghlacadh maidir leis na cásanna ina mbeidh an Ghníomhaireacht inniúil chun na téarmaí agus na coinníollacha a chinneadh maidir le rochtain ar an mbonneagar trasteorann agus maidir le slándáil oibríochtúil an bhonneagair sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 32(2) den Rialachán seo.

5.   Más rud é, maidir leis na saincheisteanna rialála dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil eisceachtaí de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó Airteagal 36(4) de Threoir 2009/73/CE, san áireamh iontu, ní dhéanfar na spriocamanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na spriocamanna dá bhforáiltear sna forálacha sin a charnadh.

Airteagal 9

Cúraimí eile

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh ar dhíolúintí, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh ar dhíolúintí freisin, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 36(4) de Threoir 2009/73/CE i gcás ina bhfuil an bonneagar lena mbaineann suite ar chríoch níos mó ná Ballstát amháin.

2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim, arna iarraidh sin don Choimisiún i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó leis an dara fomhír d'Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh 9993/2009, maidir le cinntí na n-údarás rialála náisiúnta ar dheimhniúchán.

Féadfar cúraimí breise nach bhfuil aon chumhachtaí cinnteoireachta ag baint leo a thabhairt don Ghníomhaireacht in imthosca arna sainiú go soiléir ag an gCoimisiún i dTreoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó de bhun Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 agus maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gcuspóir dar bunaíodh í.

Airteagal 10

Comhairliúcháin agus trédhearcacht

1.   Le linn a cúraimí a chur i gcrích, go háirithe sa phróiseas a ghabhann le creat-treoirlínte a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 agus sa phróiseas a ghabhann le leasuithe ar na cóid ghréasáin a mholadh faoi Airteagal 7 de cheachtar de na Rialacháin sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle go forleathan, agus ag céim luath, le rannpháirtithe sa mhargadh, le hoibreoirí córas tarchurtha, le tomhaltóirí, le húsáideoirí deiridh agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis iomaíochta, gan dochar dá n-inniúlachtaí faoi seach, ar bhealach oscailte trédhearcach, go háirithe nuair a bhaineann a cúraimí le hoibreoirí córas tarchurtha.

2.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht, más iomchuí, go ndéanfar faisnéis oibiachtúil, iontaofa agus inrochtana a thabhairt don phobal agus d'aon pháirtithe leasmhara, go háirithe maidir le toradh a cuid oibre.

Poibleofar doiciméid agus miontuairiscí uile na gcruinnithe comhairliúcháin a reáchtálfar le linn na Creat-Treoirlínte a bheith á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 nó le linn na cóid ghréasáin a leasú faoi Airteagal 7 de cheachtar de na Rialacháin sin.

3.   Sula ndéanfar creat-treoirlínte a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 9992/2009 nó le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009, nó sula ndéanfar leasuithe ar na cóid ghréasáin a mholadh faoi Airteagal 7 de cheachtar de na Rialacháin sin, léireoidh an Ghníomhaireacht conas a cuireadh na barúlacha a fuarthas i rith an chomhairliúcháin san áireamh agus tabharfaidh sí na cúiseanna más rud é nach ndearnadh de réir na mbarúlacha sin.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an clár ama, na doiciméid chúlra agus, más iomchuí, miontuairiscí chruinnithe an Bhoird Riaracháin, an Bhoird Rialálaithe agus an Bhoird Achomhairc, ar a laghad, a phoibliú ar a láithreán gréasáin féin.

Airteagal 11

Faireachán agus tuairisciú ar earnáil an leictreachais agus ar earnáil an gháis nádúrtha

1.   I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na húdaráis rialála náisiúnta, agus gan dochar d'inniúlachtaí na n-údarás iomaíochta, déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na margaí inmheánacha sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha, go háirithe ar phraghasanna miondíola an leictreachais agus an gháis nádúrtha, ar rochtain ar an ngréasán lena n-áirítear rochtain ar leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, agus ar chomhlíonadh chearta na dtomhaltóirí a leagtar síos i dTreoir 2009/72/CE agus i dTreoir 2009/73/CE

2.   Poibleoidh an Ghníomhaireacht tuarascáil bhliantúil ar thorthaí an fhaireacháin dá bhforáiltear i mír 1. Sa tuarascáil sin, sainaithneoidh sí aon bhacainní ar chomhlánú na margaí inmheánacha sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha.

3.   Le linn don Ghníomhaireacht a tuarascáil bhliantúil a phoibliú, féadfaidh sí tuairim i leith na mbeart a d'fhéadfaí a dhéanamh chun deireadh a chur leis na bacainní dá dtagraítear i mír 2 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin.

CAIBIDIL III

EAGRÚCHÁN

Airteagal 12

An Bord Riaracháin

1.   Naonúr comhaltaí a bheidh ar an mBord Riaracháin. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta. Ceapfaidh an Coimisiún beirt chomhaltaí agus a malartaigh, ceapfaidh Parlaimint na hEorpa beirt beirt chomhaltaí agus a malartaigh agus ceapfaidh an Chomhairle cúigear comhaltaí agus a malartaigh. Ní bheidh aon chomhalta den Bhord Riaracháin ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus a malartach agus beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin. I gcás an chéad sainordaithe, sé bliana a bheidh i dtéarma oifige leath na gcomhaltaí den Bhord Riaracháin agus a malartach.

2.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin a Chathaoirleach agus a Leas-Chathaoirleach as líon a chomhaltaí. Glacfaidh an Leaschathaoirleach áit an Chathaoirligh go huathoibríoch mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a dhualgais a chomhlíonadh. Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh, agus beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin. Rachaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh in éag nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin.

3.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Rialálaithe, nó ainmnitheach an Bhoird Rialálaithe agus an Stiúrthóir rannpháirteach, gan aon cheart vótála, sna pléití mura gcinnfidh an Bord Riaracháin a mhalairt maidir leis an Stiúrthóir. Tiocfaidh an Bord Riaracháin le chéile i ngnáthsheisiún ar a laghad dhá uair sa bhliain. Tiocfaidh sé le chéile freisin ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ar iarraidh ó thrian dá chomhaltaí ar a laghad. Féadfaidh an Bord Riaracháin cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh tuairim ábhartha a bheith aige freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnadóra. Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe, ach sin faoi réir a rialacha nós imeachta. Soláthróidh an Ghníomhaireacht seirbhísí rúnaíochta don Bhord Riaracháin.

4.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bheidh i láthair a ghlacfar cinntí an Bhoird Riaracháin. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Riaracháin nó ag a mhalartach.

5.   Leagfar amach an méid seo a leanas ar bhealach níos mionsonraithe sna rialacha nós imeachta:

(a)

na socruithe lena rialaítear vótáil, go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta amháin feidhmiú thar ceann chomhalta eile agus, más iomchuí, na rialacha lena rialaítear córaim; agus

(b)

na socruithe lena rialaítear an uainíocht is infheidhme maidir le hathnuachan comhaltaí den Bhord Riaracháin arna gceapadh ag an gComhairle chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit rannpháirteach ann ar bhealach cothrom thar am.

6.   Ní bheidh comhalta den Bhord Riaracháin ina chomhalta den Bhord Rialálaithe.

7.   Glacfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin orthu féin go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar mhaithe le leas an phobail, gan treoracha polaitiúla a lorg ná a leanúint. Chun na críche sin, déanfaidh gach comhalta agus a mhalartach, ina nduine agus ina nduine, dearbhú scríofa maidir lena oibleagáidí agus dearbhú i scríbhinn maidir lena leasanna, á léiriú nach bhfuil aon leas aige a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach aige a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas. Poibleofar na dearbhuithe sin go bliantúil.

Airteagal 13

Cúraimí an Bhoird Riaracháin

1.   Tar éis don Bhord Riaracháin dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus tuairim fhabhrach a fháil ón mBord sin i gcomhréir le hAirteagal 15(2), ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 16(2).

2.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin comhaltaí an Bhoird Rialálaithe go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 14(1).

3.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus (2).

4.   Áiritheoidh an Bord Riaracháin go gcuirfidh an Ghníomhaireacht a misean i gcrích agus go gcomhlíonfaidh sí na cúraimí a shanntar di i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tar éis formheas an Bhoird Rialálaithe a fháil i gcomhréir le hAirteagal 15(3), déanfaidh an Bord Riaracháin, roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, clár oibre na Gníomhaireachta a ghlacadh don bhliain dár gcionn agus tarchuirfidh sé chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún é. Glacfar an clár oibre gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.

6.   Glacfaidh an Bord Riaracháin clár ilbhliantúil agus, más gá, athbhreithneoidh sé é. Beidh an t-athbhreithniú sin bunaithe ar thuarascáil mheastóireachta a dhéanfaidh saineolaí seachtrach neamhspleách, ar iarraidh ón mBord Riaracháin. Poibleofar na doiciméid sin.

7.   Feidhmeoidh an Bord Riaracháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 24.

8.   Tar éis don Bhord Riaracháin comhaontú an Choimisiúin a fháil, déanfaidh sé cinneadh i dtaobh an nglacfaidh sé le haon leagáidí, deonacháin nó deontais ó fhoinsí Comhphobail eile nó le haon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit nó ó na húdaráis rialála. Sa tuairim a thabharfaidh an Bord Riaracháin de bhun Airteagal 24(5), díreofar go sainráite ar na foinsí maoinithe a leagtar amach sa mhír seo.

9.   Feidhmeoidh an Bord Riaracháin údarás araíonachta ar an Stiúrthóir, i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe.

10.   Más gá, déanfaidh an Bord Riaracháin rialacha cur chun feidhme a tharraingt suas chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne de bhun Airteagal 28(2).

11.   Glacfaidh an Bord Riaracháin bearta praiticiúla maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 30.

12.   Déanfaidh an Bord Riaracháin an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ghlacadh agus a fhoilsiú, ar bhonn na dréacht-tuarascála bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 17(8), agus déanfaidh sé an tuarascáil sin a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún faoin 15 Meitheamh gach bliain. Beidh roinn neamhspleách san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta ar roinn í a bheidh formheasta ag an mBord Rialálaithe agus a bhainfidh le gníomhaíochtaí rialála na Gníomhaireachta le linn na bliana atá i dtrácht.

13.   Glacfaidh an Bord Riaracháin a rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad.

Airteagal 14

An Bord Rialálaithe

1.   Is iad seo a leanas na comhaltaí a bheidh ar an mBord Rialálaithe:

(a)

ionadaithe sinsearacha de chuid na n-údaráis rialála, i gcomhréir le Airteagal 35(1) de Threoir 2009/72/CE agus le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE, agus malartach amháin in aghaidh an Bhallstáit ó fhoireann shinsearach reatha na n-údarás sin;

(b)

ionadaí amháin de chuid an Choimisiúin gan ceart vótála.

Ní fhéadfar ach ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit ón údarás rialála náisiúnta a ghlacadh ar an mBord Rialálaithe.

Beidh gach údarás rialála náisiúnta freagrach as an gcomhalta malartach a ainmniú as measc fhoireann an údaráis rialála náisiúnta a bheidh ann ag an am áirithe sin.

2.   Ceapfaidh an Bord Rialálaithe Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as líon a chomhaltaí. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach áit an Chathaoirligh mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a dhualgais a chomhlíonadh. Dhá bhliain go leith an téarma oifige a bheidh ag an gCathaoirleach agus ag an Leas-Chathaoirleach, agus beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin. Rachaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh in éag, áfach, nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Rialálaithe.

3.   Is trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bheidh i láthair a ghníomhóidh an Bord Rialálaithe. Beidh vóta amháin ag gach comhalta nó ag gach malartach.

4.   Déanfaidh an Bord Rialálaithe a Rialacha nós imeachta féin a ghlacadh agus a fhoilsiú agus déanfar na socruithe maidir le vótáil a leagan amach sna sna rialacha sin ar bhealach níos mionsonraithe, go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta amháin feidhmiú thar ceann chomhalta eile agus, más iomchuí, na rialacha maidir le córaim. Féadfar foráil a dhéanamh sna rialacha nós imeachta maidir le modhanna sonracha oibre chun saincheisteanna a éireoidh i gcomhthéacs tionscnamh um chomhar réigiúnach a bhreithniú.

5.   Le linn dó na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, agus gan dochar dá chomhaltaí a bheith ag gníomhú thar ceann a n-údarás rialála faoi seach, gníomhóidh an Bord Rialálaithe go neamhspleách agus ní lorgóidh sé ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó rialtas Ballstáit, ón gCoimisiún nó ó eintiteas poiblí nó príobháideach eile.

6.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht seirbhísí rúnaíochta don Bhord Rialálaithe.

Airteagal 15

Cúraimí an Bhoird Rialálaithe

1.   Tabharfaidh an Bord Rialálaithe tuairimí don Stiúrthóir maidir leis na tuairimí, na moltaí agus na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6, 7, 8 agus 9 agus a bheidh á mbreithniú lena nglacadh. Ina theannta sin, déanfaidh an Bord Rialálaithe, laistigh dá réimse inniúlachta, treoraíocht a sholáthar don Stiúrthóir i dtaca le forghníomhú chúraimí an Stiúrthóra.

2.   Tabharfaidh an Bord Rialálaithe tuairim don Bhord Riaracháin maidir leis an iarrthóir atá le ceapadh mar Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 13(1) agus Airteagal 16(2). Is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a ghlacfaidh an Bord Rialálaithe an cinneadh sin.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 13(5) agus le hAirteagal 17(6) agus i gcomhréir leis an réamh-dhréachtbhuiséad a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 23(1), formheasfaidh an Bord Rialálaithe clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn agus, faoin 1 Meán Fómhair gach bliain, tíolacfaidh sé é lena ghlacadh ag an mBord Riaracháin.

4.   Déanfaidh an Bord Rialálaithe an roinn neamhspleách maidir le gníomhaíochtaí rialála atá sa tuarascáil bhliantúil a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 13(12) agus le hAirteagal 17(8).

5.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt do Chathaoirleach an Bhoird Rialálaithe nó dá ionadaí, agus a neamhspleáchas á urramú go hiomlán, chun ráiteas a dhéanamh os comhair a coiste inniúil agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

Airteagal 16

An Stiúrthóir

1.   Is é Stiúrthóir na Gníomhaireachta a dhéanfaidh bainistiú ar an nGníomhaireacht agus gníomhóidh sé i gcomhréir leis an treoraíocht dá dtagraítear sa dara habairt d'Airteagal 15(1) agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Rialachán seo, i gcomhréir le tuairimí an Bhoird Rialálaithe. Gan dochar do róil an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Rialálaithe faoi seach i dtaca le cúraimí an Stiúrthóra, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir aon treoir lorg ná a ghlacadh ó aon rialtas, ón gCoimisiún ná ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile.

2.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir tar éis dó tuairim fhabhrach an Bhoird Rialálaithe a fháil, ar bhonn tuillteanais mar aon le scileanna agus le taithí a bhaineann leis an earnáil fuinnimh, as liosta triúr iarrthóirí ar a laghad arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis cuireadh poiblí um léiriú spéise. Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Riaracháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra. Le linn na naoi mí roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú. Sa mheasúnú sin, scrúdóidh an Coimisiún na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

feidhmíocht an Stiúrthóra;

(b)

dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta sna blianta atá le teacht.

Déanfar an measúnú a bhaineann le pointe (b) a sheoladh le cúnamh ó shaineolaí seachtrach neamhspleách.

4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus an measúnú agus tuairim an Bhoird Rialálaithe ar an measúnú sin a bhreithniú go dian, agus sna cásanna sin ina mbeidh sé inchosanta ar bhonn dhualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta, agus sna cásanna sin amháin, téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú, aon uair amháin, go ceann tréimhse nach faide ná trí bliana.

5.   Cuirfidh an Bord Riaracháin in iúl do Pharlaimint na hEorpa go bhfuil sé ar intinn aige téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú. Laistigh de mhí amháin sula bhfadaítear a théarma oifige, féadfar a iarraidh ar an Stiúrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

6.   I gcás nach bhfadaítear a théarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba.

7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir a chur as oifig ach amháin de bhun cinnidh ón mBord Riaracháin, tar éis tuairim fhabhrach an Bhoird Rialálaithe a fháil. Is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a ghlacfaidh an Bord Riaracháin an cinneadh sin.

8.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir tuarascáil a thíolacadh maidir le comhlíonadh a dhualgas. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir chomh maith chun ráiteas a dhéanamh os comhair a coiste inniúil agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

Airteagal 17

Cúraimí an Stiúrthóra

1.   Beidh an Stiúrthóir freagrach as ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta agus beidh sé i gceannas ar bhainistiú na Gníomhaireachta.

2.   Ullmhóidh an Stiúrthóir obair an Bhoird Riaracháin. Glacfaidh sé páirt, gan cead vótála a bheith aige, in obair an Bhoird Riaracháin.

3.   Glacfaidh an Stiúrthóir na tuairimí, na moltaí agus na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6, 7, 8 agus 9, agus a mbeidh tuairim fhabhrach an Bhoird Rialálaithe faighte ina dtaobh, agus foilseoidh sé iad.

4.   Beidh an Stiurthóir freagrach as clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta a chur chun feidhme faoi threoraíocht an Bhoird Rialálaithe agus faoi rialú riaracháin an Bhoird Riaracháin.

5.   Déanfaidh an Stiúrthóir na bearta riachtanacha, go háirithe i leith treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a chinntiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

6.   Gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir dréachtchlár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialálaithe, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin é faoin 30 Meitheamh sa bhliain sin.

7.   Tarraingeoidh an Stiúrthóir réamh-dhréachtbhuiséad na Gníomhaireachta suas de bhun Airteagal 23(1) agus cuirfidh sé buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme de bhun Airteagal 24.

8.   Gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir dréacht-tuarascáil bhliantúil ina mbeidh roinn neamhspleách faoi ghníomhaíochtaí rialála na Gníomhaireachta agus roinn faoi chúrsaí airgeadais agus riaracháin.

9.   Maidir le foireann na Gníomhaireachta, feidhmeoidh an Stiúrthóir na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 28(3).

Article 18

An Bord Achomhairc

1.   Seisear comhaltaí agus seisear malartach a bheidh ar an mBord Achomhairc, arna roghnú as foireann shinsearach reatha nó iar-fhoireann shinsearach na n-údarás rialála náisiúnta, na n-údarás iomaíochta nó na n-institiúidí eile náisiúnta nó Comhphobail a bhfuil taithí chuí in earnáil an fhuinnimh acu. Ainmneoidh an Bord Achomhairc a Chathaoirleach. Glacfar cinntí an Bhoird Achomhairc trí thromlach cáilithe de cheathrar ar a laghad den seisear comhaltaí. Comórfar an Bord Achomhairc de réir mar is gá.

2.   Is é an Bord Riaracháin a dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh go foirmiúil, ar thogra ón gCoimisiún, tar éis cuireadh poiblí um léiriú spéise agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Achomhairc. Beidh an téarma sin inathnuaite. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus a gcinntí á ndéanamh acu. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní fheidhmeoidh siad aon dualgais eile sa Ghníomhaireacht, ar a Bord Riaracháin nó ar a Bord Rialálaithe. Ní chuirfear comhalta den Bhord Achomhairc as oifig le linn a théarma oifige mura rud é go bhfaightear ciontach i mí-iompar tromchúiseach é agus go ndéanann an Bord Riaracháin cinneadh chuige sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe.

4.   Ní ghlacfaidh comhaltaí den Bhord Achomhairc páirt in aon imeachtaí achomhairc má tá leas pearsanta acu iontu, nó má bhí baint acu cheana leis na himeachtaí mar ionadaithe do dhuine de na páirtithe sna himeachtaí, nó má bhí siad rannpháirteach sa chinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh.

5.   Más rud é, ar cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 4 nó ar aon chúis eile, go measann comhalta den Bhord Achomhairc nár cheart do chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhord. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc a bheith rannpháirteach ar aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 4, nó má tá amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta. Ní bheidh agóid den sórt sin inghlactha más rud é go bhfuil sí bunaithe ar náisiúntacht comhalta nó más rud é go mbeidh an páirtí agóideach sna himeachtaí achomhairc, agus é nó í ar an eolas go raibh cúis agóide ann, tar éis céim nós imeachta a ghlacadh sna himeachtaí achomhairc seachas cur i gcoinne chomhdhéanamh an Bhoird Achomhairc.

6.   Déanfaidh an Bord Achomhairc an gníomh atá le glacadh sna cásanna a shonraítear i mír 4 agus i mír 5 a dhéanamh gan an comhalta lena mbaineann a bheith rannpháirteach. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, malartach an chomhalta lena mbaineann áit an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc. I gcás ina bhfuil an malartach i riocht den tsamhail chéanna leis an gcomhalta, ainmneoidh an Cathaoirleach duine ionaid as measc na malartach a bheidh ar fáil.

7.   Glacfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin orthu féin go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail. Chun na críche sin, déanfaidh siad dearbhú i scríbhinn maidir lena n-oibleagáidí agus dearbhú i scríbhinn maidir lena leasanna, á léiriú nach bhfuil aon leas acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dá neamhspleáchas. Poibleofar na dearbhuithe sin go bliantúil.

Airteagal 19

Achomhairc

1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údaráis rialála náisiúnta, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh dá dtagraítear in Airteagal 7, in Airteagal 8 nó in Airteagal 9 agus atá dírithe chuig an duine sin, nó in aghaidh cinnidh a bhaineann go díreach agus go leithleach leis an duine sin cé gur cinneadh é atá dírithe chuig duine eile.

2.   Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis, a chomhdú i scríbhinn sa Ghníomhaireacht, laistigh de dhá mhí ón lá ar tugadh fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó ina éagmais sin, laistigh de dhá mhí ón lá ar fhoilsigh an Ghníomhaireacht a cinneadh. Glacfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de dhá mhí ón tráth a thaisctear é.

3.   Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc a thaiscfear de bhun mhír 1. Féadfaidh an Bord Achomhairc, áfach, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh atá á chonspóid a fhionraí.

4.   Má tá an t-achomharc inghlactha, déanfaidh an Bord Achomhairc scrúdú i dtaobh an bhfuil bunús maith leis an achomharc. Tabharfaidh sé cuireadh, a mhinice is gá, do na páirtithe sna himeachtaí achomhairc barúlacha a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir leis na fógraí arna n-eisiúint aige féin nó maidir le teachtaireachtaí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal cur i láthair ó bhéal a dhéanamh.

5.   Féadfaidh an Bord Achomhairc, i gcomhréir leis an Airteagal seo, aon chumhacht a thagann faoi réim inniúlacht na Gníomhaireachta a fheidhmiú nó féadfaidh sé an cás a tharchur chuig comhlacht inniúil na Gníomhaireachta. Beidh cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar an gcomhlacht inniúil.

6.   Glacfaidh an Bord Achomhairc a rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad.

7.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht cinntí arna ndéanamh ag an mBord Achomhairc.

Airteagal 20

Caingne os comhair na Cúirte Céadchéime agus na Cúirte Breithiúnais

1.   Féadfar caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Céadchéime nó os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 230 den Chonradh, chun cur i gcoinne cinnidh arna ghlacadh ag an mBord Achomhairc nó i gcásanna nach mbeidh aon cheart ann os comhair an Bhoird Achomhairc, cinnidh arna ghlacadh ag an nGníomhaireacht.

2.   I gcás ina mainneoidh an Ghníomhaireacht cinneadh a ghlacadh, féadfar imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain gníomhú a thabhairt os comhair na Cúirte Céadchéime nó os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 232 den Chonradh.

3.   Beidh de cheangal ar an nGníomhaireacht na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Céadchéime nó breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 21

Buiséad na Gníomhaireachta

1.   Is iad na nithe seo a leanas, go háirithe, a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta:

(a)

fóirdheontas ón gComhphobal, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin);

(b)

na táillí a íocfar leis an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 22;

(c)

ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit nó ó na húdaráis rialála, faoi Airteagal 13(8); agus

(d)

aon leagáidí, deonacháin nó deontais faoi Airteagal 13(8).

2.   Cuimseoidh caiteachas na Gníomhaireachta costais foirne, costais riaracháin, costais bhonneagair agus costais oibríochtúla.

3.   Beidh ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta ar comhardú.

4.   Déanfar réamhaisnéisí i leith ioncam agus chaiteachas uile na Gníomhaireachta do gach bliain airgeadais, beidh an bhliain airgeadais comhthráthach leis an mbliain féilire, agus iontrálfar an t-ioncam agus an caiteachas sin i mbuiséad na Gníomhaireachta.

Airteagal 22

Táillí

1.   Dlífear táillí a íoc leis an nGníomhaireacht as cinneadh díolúine a iarraidh de bhun Airteagal 9(1).

2.   Is é an Coimisiún a shocróidh na táillí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 23

Bunú an bhuiséid

1.   Gach bliain, faoin 15 Feabhra, tarraingeoidh an Stiúrthóir réamh-dhréachtbhuiséad suas a chuimseoidh an caiteachas oibríochtúil agus an clár oibre oirchilleach don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus cuirfidh sé an réamh-dhréachtbhuiséad sin chuig an mBord Riaracháin mar aon le liosta post shealadacha. Gach bliain, déanfaidh an Bord Riaracháin meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, ar meastachán é a bheidh bunaithe ar an réamh-dhréachtbhuiséad arna ullmhú ag an Stiúrthóir. Déanfaidh an Bord Riaracháin an meastachán sin, lena n-áireofar dréachtphlean bunaíochta, a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta. Sula nglacfar an meastachán, cuirfear an dréacht a d'ullmhaigh an Stiúrthóir chuig an mBord Rialálaithe agus féadfaidh an Bord sin tuairim réasúnaithe a thabhairt faoin dréacht.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an meastachán dá dtagraítear i mír 1 a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (an t-údarás buiséadach), mar aon le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

3.   Ar bhonn an mheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí a mheasann sé a bheith riachtanach maidir leis an bplean bunaíochta agus an méid den deontas atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 272 den Chonradh a iontráil i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

4.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

5.   Déanfaidh an Bord Riaracháin buiséad na Gníomhaireachta a tharraingt suas. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bheith glactha go críochnaitheach. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.

6.   Tabharfaidh an Bord Riaracháin fógra gan mhoill don údarás buiséadach faoi aon tionscadal atá ar intinn aige a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú bhuiséad na Gníomhaireachta, go háirithe faoi aon tionscadal a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh an Bord Riaracháin an Coimisiún ar an eolas faoina bhfuil ar intinn aige freisin. Má tá sé ar intinn ag ceachtar brainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, cuirfidh sé in iúl don Ghníomhaireacht, laistigh de dhá sheachtain tar éis dó an fhaisnéis maidir leis an tionscadal a fháil, go bhfuil sé ar intinn aige tuairim den sórt sin a eisiúint. Mura bhfaighfear freagra, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar aghaidh leis an tionscadal atá beartaithe.

Airteagal 24

Cur chun feidhme agus rialú an bhuiséid

1.   Gníomhóidh an Stiúrthóir mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha ar aghaidh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí mar aon leis an tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Chomh maith leis sin, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta an tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Márta sa bhliain dár gcionn. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe ansin i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (15) (an Rialachán Airgeadais).

3.   Faoin 31 Márta tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí mar aon le tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Déanfar an tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin.

4.   Tar éis don Stiúrthóir barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta i gcomhréir le forálacha Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh sé cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas, faoina fhreagracht féin, agus tarchuirfidh sé chuig an mBord Riaracháin iad chun tuairim a fháil uaidh ina leith.

5.   Tabharfaidh an Bord Riaracháin tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

6.   Faoin 1 Iúil tar éis dheireadh na bliana airgeadais, tarchuirfidh an Stiúrthóir na cuntais chríochnaitheacha sin, mar aon le tuairim an Bhoird Riaracháin, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

8.   Faoin 15 Deireadh Fómhair, déanfaidh an Stiúrthóir freagra a chur chuig an gCúirt Iniúchóirí ar bharúlacha na Cúirte sin. Cuirfidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Riaracháin agus chuig an gCoimisiún freisin.

9.   Déanfaidh an Stiúrthóir aon fhaisnéis is gá maidir le cur i bhfeidhm rianúil an nós imeachta um urscaoileadh don bhliain airgeadais i dtrácht a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di agus de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 146(3) den Rialachán Airgeadais.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir roimh an 15 Bealtaine den bhliain N N + 2, i leith an buiséad don bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

Airteagal 25

Rialacha Airgeadais

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, tarraingeoidh an Bord Riaracháin suas na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an nGníomhaireacht. Féadfaidh na rialacha sin claonadh ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 más gá sin de réir riachtanais shonracha oibríochtúla na Gníomhaireachta, ach ní fhéadfaidh siad claonadh amhlaidh ach amháin le haontú roimh ré ón gCoimisiún.

Airteagal 26

Bearta frithchalaoise

1.   Chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna gcur i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (16) maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontas Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (17) agus glacfaidh sí láithreach na forálacha iomchuí maidir le foireann uile na Gníomhaireachta.

3.   Maidir leis na cinntí ar mhaoiniú agus leis na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn as na cinntí sin, sonrófar go sainráite iontu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar thairbhithe airgid atá eisíoctha ag an nGníomhaireacht agus ar dhaoine den fhoireann atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 27

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 28

An fhoireann

1.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne, ag na Coinníollacha fostaíochta agus ag na rialacha arna nglacadh ag institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta a chur i bhfeidhm, maidir le foireann na Gníomhaireachta, lena n-áirítear Stiúrthóir na Gníomhaireachta.

2.   Déanfaidh an Bord Riaracháin, le comhaontú an Choimisiúin, rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3.   Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht, i ndáil lena foireann, na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus feidhmeoidh sí na cumhachtaí a thugtar leis na Coinníollacha Fostaíochta don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích.

4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht chuig an nGníomhaireacht.

Airteagal 29

Dliteanas na Gníomhaireachta

1.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arb í féin nó arb í a foireann is cúis leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le damáiste den sórt sin a leigheas.

2.   Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann na Gníomhaireachta i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na forálacha ábhartha a bhfuil feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta.

Airteagal 30

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (18) maidir le doiciméid a shealbhaíonn na Gníomhaireachta.

2.   Glacfaidh an Bord Riaracháin bearta praiticiúla, faoin 3 Márta 2010 chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.   Féadfaidh na cinntí a ghlacann an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 195 agus in Airteagal 230 den Chonradh faoi seach.

Article 31

Rannpháirtíocht tríú tíortha

1.   Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a mbeidh comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an gComhphobal ar comhaontuithe iad ar dá réir a bheidh dlí an Chomhphobail glactha acu agus á chur i bhfeidhm acu i réimse an fhuinnimh, agus, más ábhartha, i réimsí an chomhshaoil agus na hiomaíochta.

2.   Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, déanfar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid, scóip agus gnéithe nós imeachta rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus foireann.

Airteagal 32

An Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Article 33

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag forálacha Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag an gComhphobal Eorpach (19) maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Déanfaidh an Bord Riaracháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga na Gníomhaireachta.

3.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin is gá i ndáil le feidhmiú na Gníomhaireachta.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 34

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, le cúnamh ó shaineolaí seachtrach neamhspleách, ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Cuimseoidh an mheastóireacht sin torthaí obair na Gníomhaireachta agus torthaí a modhanna oibre, i gcomparáid lena cuspóir, lena sainordú agus leis na cúraimí atá sainithe sa Rialachán seo agus ina cláir oibre bhliantúla. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe ar chomhairliúchán fairsing i gcomhréir le hAirteagal 10.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid Bhord Rialálaithe na Gníomhaireachta. Déanfaidh an Bord Rialálaithe moltaí maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, ar an nGníomhaireacht agus ar a mhodhanna oibre a eisiúint chuig an gCoimisiún, agus féadfaidh an Coimisiún na moltaí sin a chur ar aghaidh, maille lena thuairim féin agus aon togra iomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an chéad mheastóireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle laistigh de thrí bliana tar éis don chéad Stiúrthóir dul i mbun a dhualgas. Dá éis sin, tíolacfaidh an Coimisiún meastóireacht gach ceithre bliana ar a laghad.

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm agus bearta idirthréimhseacha

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 5 go 11 ón 3 Márta 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. ERLANDSSON


(1)  IO C 211, 19.8.2008, lch. 23.

(2)  IO C 172, 5.7.2008, lch. 55.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an18 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 9 Eanáir 2009 (IO C 75 E, 31.3.2009, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Cinneadh ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009.

(4)  IO L 296, 14.11.2003, lch. 34.

(5)  IO L 176, 15.7.2003, lch. 37.

(6)  IO L 176, 15.7.2003, lch. 57.

(7)  Féach leathanach 55 den Iris Oifigiúil seo.

(8)  Féach leathanach 94 den Iris Oifigiúil seo

(9)  IO L 262, 22.9.2006, lch. 1.

(10)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

(11)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(12)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(13)  Féach leathanach 15 den Iris Oifigiúil seo.

(14)  Féach leathanach 36 den Iris Oifigiúil seo.

(15)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(16)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(17)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(18)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(19)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385.