31.7.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/31


RIALACHÁN (CE) Uimh. 663/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2009

lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 156 agus Airteagal 175(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá lag trá géar ag bagairt ar gheilleagar na hEorpa de bharr na géarchéime airgeadais. Tá gá le hiarrachtaí urghnácha láithreacha a dhéanamh chun cur i gcoinne na staide tromchúisí eacnamaíochta seo nach raibh a leithéid ann riamh. Chun muinín a athbhunú i measc rannpháirtithe an mhargaidh, is gá bearta a mbeidh tionchar acu ar an ngeilleagar a thabhairt chun críche gan mhoill.

(2)

Ag an am céanna, is léir go bhfuil neart fadtéarmach agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach gheilleagar na hEorpa ag brath ar athmhúnlú an gheilleagair chun aghaidh a thabhairt ar éilimh na cinnteachta fuinnimh agus ar an ngá atá le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú. Neartaítear an chonclúid sin de thoradh ar na hábhair mhéadaitheacha imní atá ann i dtaobh soláthairtí iontaofa gáis a áirithiú.

(3)

I bhfianaise na n-ábhar imní seo, rinne an Chomhairle Eorpach an 11 agus an 12 Nollaig 2008 tacaíocht a thabhairt, ina cuid conclúidí, don Phlean don Téarnamh Eacnamaíoch Eorpach (an Plean don Téarnamh), ar plean é a thíolaic an Coimisiún an 26 Samhain 2008 agus ina leagtar amach conas is féidir leis na Ballstáit agus leis an Aontas Eorpach a gcuid beartas a chomhordú agus spreagadh nua a thabhairt do gheilleagar na hEorpa, agus an spreagadh sin a dhíriú ar chuspóirí fadtéarmacha an Chomhphobail.

(4)

Is cuid thábhachtach den Phlean don Téarnamh an togra maidir le caiteachas Comhphobail a mhéadú in earnálacha sainithe straitéiseacha, ionas go dtabharfaí aghaidh ar an easpa muiníne i measc infheisteoirí agus go dtabharfaí cuidiú i ndáil le forbairt na conaire i dtreo geilleagair níos láidre sa todhchaí. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún liosta tionscadal sonrach a thíolacadh, agus cothromaíocht leordhóthanach gheografach á cur san áireamh, chun infheistíocht i bhforbairt tionscadal bonneagair go háirithe a neartú.

(5)

Má tá an Plean don Téarnamh le bheith éifeachtach, tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí maoiniú ar bhearta a dhíreodh go tapa ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus ar riachtanais phráinneacha fuinnimh an Chomhphobail araon. Mar sin féin, níor cheart go ndéanfaí fasach a bhunú leis an gclár speisialta sin a bhunaítear leis an Rialachán seo i gcomhair rátaí cómhaoinithe sa todhchaí i réimse na n-infheistíochtaí bonneagair.

(6)

Chun go mbeidh tionchar inbhraite substaintiúil ag na bearta sin, ba cheart na bearta sin a dhíriú ar roinnt earnálacha sonracha ina rannchuideodh an ghníomhaíocht go soiléir leis na cuspóirí a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus le laghdú ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa; ina bhfuil mórthionscadail aibí ar marthain atá in ann úsáid éifeachtúil agus éifeachtach a bhaint as méideanna suntasacha cúnaimh airgeadais agus méideanna suntasacha infheistíochta a chatalú ó fhoinsí eile, lena n-áirítear ón mBanc Eorpach Infheistíochta; agus ina gcuirfeadh gníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach breisluach leo. Is iad na hearnálacha a chomhallann na critéir sin earnáil bhonneagar an gháis agus an leictreachais, earnáil an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta, agus earnáil ghabháil agus stórála carbóin. Maidir le roghnú na n-earnálacha sin, is léiriú é ar imthosca sonracha an Phlean don Téarnamh agus níor cheart go mbeadh aon cheist ann dá bharr maidir leis an ardtosaíocht a thugtar don éifeachtúlacht fuinnimh agus do chur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ar díríodh orthu sa Phlean don Téarnamh.

(7)

I gcás nach féidir na cistí go léir a chur in áirithe faoi dheireadh na bliana 2010, tá sé dearbhaithe ag an gCoimisiún go bhfuil rún aige, nuair a bheidh tuarascáil á dhéanamh aige sa bhliain 2010 ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, bearta a mholadh, más iomchuí, lena gceadófar maoiniú a dhéanamh ar thionscadail atá i gcomhréir leis an bPlean don Téarnamh, amhail tionscadail i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh agus i réimse an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite.

(8)

I gcás na mbonneagar gáis agus leictreachais, tháinig dúshláin áirithe chun cinn le cúpla bliain anuas. Léirigh na géarchéimeanna gáis a bhí ann le déanaí (le linn gheimhreadh 2006 agus gheimhreadh 2009) agus an méadú ar phraghsanna ola go dtí lár na bliana 2008 soghontacht na hEorpa. Toisc go bhfuil laghdú ag teacht ar acmhainní dúchasacha fuinnimh – gás agus ola – tá méadú ag teacht ar spleáchas na hEorpa ar allmhairí chun a soláthar fuinnimh a fháil. Sa chomhthéacs sin, beidh ról ríthábhachtach ag an mbonneagar fuinnimh.

(9)

Mar sin féin, tá an ghéarchéim reatha eacnamaíoch agus airgeadais ag fearadh ar chur chun feidhme na dtionscadal bonneagair fuinnimh. De bharr ganntanais airgid, d’fhéadfadh mórmhoill a bheith ar chur chun feidhme roinnt tionscadal tábhachtach, lena n-áirítear tionscadail chun leasa an Chomhphobail. Is iomchuí dá bhrí sin, beart práinneach a ghlacadh chun tacú le hinfheistíocht sa bhonneagar fuinnimh. De bharr an méid shuntasaigh ama is gá chun tionscadail den chineál sin a phleanáil agus a fhorfheidhmiú dá éis sin, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Comhphobal infheistíocht sa bhonneagar sin láithreach ionas go bhféadfaidh sé, go háirithe, dlús a chur le forbairt tionscadal a mbaineann tábhacht ar leith leo maidir le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh laistigh den Chomhphobal. Beidh an méid sin ríthábhachtach chun cinnteacht sholáthar fuinnimh an Chomhphobail ag praghsanna iomaíocha a áirithiú tráth a dtiocfaidh an geilleagar ar ais chuige féin agus a dtiocfaidh méadú ar an éileamh domhanda ar fhuinneamh.

(10)

As measc na dtionscadal bonneagair fuinnimh, is gá na cinn sin a roghnú atá tábhachtach ó thaobh oibriú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh de agus ó thaobh chinnteacht an tsoláthair fuinnimh de agus a rannchuideoidh freisin le téarnamh an gheilleagair.

(11)

I gcás gabhála agus stórála carbóin agus i gcás fuinnimh gaoithe amach ón gcósta go háirithe, ba cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo leis an bPlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh, a thíolaic an Coimisiún an 22 Samhain 2007, agus inar iarradh plean comhpháirteach straitéiseach maidir le taighde fuinnimh agus maidir le hiarrachtaí nuálaíochta i gcomhréir le spriocanna bheartas an AE i ndáil le fuinneamh, mar aon le gealltanas chun sé Thionscnamh Thionsclaíocha Eorpacha a bhunú. Ina cuid conclúidí, d’iarr Comhairle Eorpach an 16 Deireadh Fómhair 2008 ar an gCoimisiún dlús suntasach a chur le chur chun feidhme an Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh. Leis an gclár, tionscnaítear an maoiniú le haghaidh Gabhála agus Stórála Carbóin agus le haghaidh tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta gan dochar do chur ar bun na sé thionscnamh thionsclaíocha amach anseo maidir le tionscadail taispeána fuinnimh mar a leagtar amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh.

(12)

Chun tionchar láithreach a imirt ar an ngéarchéim eacnamaíoch, tá sé fíorthábhachtach go liostófaí sa Rialachán seo na tionscadail a d’fhéadfadh cúnamh láithreach airgeadais a fháil, faoi réir chomhlíonadh na gcritéar lena n-áirithítear éifeachúlacht agus éifeachtacht agus faoi réir na dteorainneacha arna socrú leis an imchlúdach airgeadais.

(13)

I gcás na dtionscadal bonneagair gáis agus leictreachais, bunaítear an liosta sin i gcomhréir le rannchuidiú an tionscadail leis na cuspóirí i ndáil le cinnteacht agus le héagsúlú soláthair mar a sainaithníodh sa Dara hAthbhreithniú Straitéiseach ar Fhuinneamh ón gCoimisiún an 13 Samhain 2008, ar cuspóirí iad lenar thacaigh Parlaimint na hEorpa, ina rún an 3 Feabhra 2009, agus lenar thacaigh an Chomhairle ina conclúidí ar an 19 Feabhra 2009. Ba cheart go roghnófaí na tionscadail ar an mbonn go ndéantar na tosaíochtaí a sainaithníodh san Athbhreithniú sin a chur chun feidhme leo, go bhfuil leibhéal réasúnta aibíochta bainte amach acu agus go rannchuidíonn siad leis na nithe seo a leanas: cinnteacht agus éagsúlú foinsí fuinnimh agus soláthairtí; leas iomlán a bhaint as cumas an ghréasáin agus as lánpháirtiú mhargadh inmheánach an fhuinnimh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcuid trasteorann; forbairt an ghréasáin chun an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí laghdú a dhéanamh ar iargúltacht na réigiún is mídheisiúla agus na réigiún oileánach de chuid an Chomhphobail; acmhainní fuinnimh in-athnuaite a nascadh; sábháilteacht, iontaofacht agus idir-inoibritheacht na ngréasán idirnasctha; agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Chun na tionscadail sin a chur chun feidhme, beidh gá le gealltanas ó na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla go gcuirfidh siad dlús leis na nósanna imeachta riaracháin agus leis na húdaruithe.I gcás cuid mhór tionscadal, ní bheidh tacaíocht ar fáil laistigh den chreat ama a shocrófar mura dtarlaíonn an luathú sin.

(14)

I gcás fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, ba cheart go mbeadh tionscadail sa liosta ar féidir a mheas ina leith, ar bhonn na faisnéise arna bailiú ó gheallsealbhóirí faoi chuimsiú an Chláir Oibre Eorpaigh um Theicneolaíocht Fuinnimh Gaoithe, agus ó fhoinsí tionsclaíocha agus ó fhoinsí eile, go bhfuil siad formheasta agus ullamh lena gcur chun feidhme; go bhfuil siad nuálach, agus ag an am céanna go bhfuil siad bunaithe ar choincheapa seanbhunaithe; go mbeidh siad inluathaithe mar fhreagairt ar spreagadh airgeadais; go bhfuil tábhacht trasteorann ag baint leo; go bhfuil siad ar scála mór; agus go bhfuil siad in ann a léiriú conas a scaipfear torthaí an dul chun cinn teicneolaíoch go héifeachtach i bhfianaise na gcuspóirí agus na struchtúr lena dtacaítear sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh. Ba cheart an cúnamh airgeadais a dhíriú ar na tionscadail sin a mbeidh an deis acu dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le forbairt tionscadal sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010.

(15)

I gcás gabhála agus stórála carbóin, ba cheart an liosta a bhunú go formhór ar bhonn na faisnéise arna bailiú ó gheallsealbhóirí faoi chuimsiú an Fhóraim um Breosla Iontaise, agus an Chláir Oibre um Theicneolaíocht maidir le Gléasraí Cumhachta Breosla Iontaise atá Saor ó Astaíochtaí agus ó fhoinsí eile. Ba cheart an cúnamh airgeadais a dhíriú ar na tionscadail sin a mbeidh an deis acu dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le forbairt tionscadal i 2009 agus i 2010. Ba cheart ullmhacht a mheasúnú ar an mbonn go bhfuil coincheap aibí agus féideartha ann don tsuiteáil thionsclaíoch, lena n-áirítear an chuid di a bhaineann le gabháil carbóin; go bhfuil coincheap aibí agus féideartha ann ó thaobh CO2 a iompar agus a stóráil; agus go bhfuarthas gealltanas soiléir ó na húdaráis áitiúla go dtacóidís leis an tionscadal. Ba cheart go léireodh na tionscadail freisin conas a scaipfear torthaí an dul chun cinn teicneolaíochta go héifeachtach agus conas a chuirfear dlús leis na gcuspóirí a leagadh amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh a bhaint amach.

(16)

Beidh gá le rogha a dhéanamh as measc na dtograí cáilithe. Trí roghnú den sórt sin, ba cheart go ráthófaí, inter alia, nach dtabharfar tacaíocht do níos mó ná togra amháin gabhála agus stórála carbóin i ngach Ballstát chun a áirithiú go ndéanfar scrúdú ar réimse leathan dálaí stórála geolaíocha agus chun tacú leis an gcuspóir maidir leis an téarnamh eacnamaíoch a spreagadh ar fud na hEorpa.

(17)

Níor cheart go ndéanfadh maoiniú an Chomhphobail saobhadh míchuí ar an iomaíocht ná ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ag féachaint go háirithe do na rialacha a bhaineann le rochtain ag tríú páirtí agus leis na díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le rochtain ag tríú páirtí. i gcás aon chistí náisiúnta eile a bheadh ann sa bhreis ar an maoiniú Comhphobail sin, ní mór na rialacha a bhaineann le státchabhair a chur san áireamh freisin. Maidir le cúnamh airgeadais an Chomhphobail, ba cheart, gan spleáchas dá chineál, é a dheonú i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (3) (an Rialachán Airgeadais) agus le forálacha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (4), ach i gcás ina n-imíonn forálacha an Rialacháin seo go sonrach ó na rialacha sin.

(18)

De bharr an ghéarghá le déileáil leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus le riachtanais phráinneacha fuinnimh an Chomhphobail, tá forálacha mionsonraithe sa Rialachán seo cheana féin, lena n-áirítear liosta tionscadal cáilithe, maidir leis na socruithe i gcomhair cúnaimh airgeadais. De bhreis air sin, de bharr an ghéarghá leis an spreagadh, maidir leis na gealltanais dhlíthiúla lena gcuirfear na gealltanais bhuiséadacha a rinneadh sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010 chun feidhme, ba cheart iad a dhéanamh roimh dheireadh 2010.

(19)

Nuair a dhéanfar gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go gcosnófaí leasanna airgeadais an Chomhphobail trí bhearta coisctheacha i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a chur i bhfeidhm trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (5), i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (6) agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (7).

(20)

Agus cineál na saincheisteanna atá sna fochláir á gcur san áireamh, ba cheart do choistí éagsúla cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le roghnú na dtograí a choimeádfar le haghaidh maoinithe agus chun méid an mhaoinithe a dheonófar faoi gach fochlár a chinneadh.

(21)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (8).

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch laistigh den Chomhphobal, aghaidh a thabhairt ar éilimh na cinnteachta fuinnimh agus astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú trí chaiteachas a mhéadú in earnálacha straitéiseacha sainithe, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr raon feidhme an Rialacháin seo agus chineál na n-earnálacha agus na dtionscadal a roghnófar, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(23)

De bharr an ghéarghá le déileáil leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus le riachtanais phráinneacha fuinnimh an Chomhphobail, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm díreach tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RÉAMHFHORÁLACHA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear ionstraim maoinithe, dar teideal an Clár Fuinnimh Eorpach do Théarnamh (an CFET), chun tionscadail a fhorbairt sa Chomhphobal i réimse an fhuinnimh, ar tionscadail iad a rannchuideoidh, trí spreagadh airgeadais a sholáthar, leis an téarnamh eacnamaíoch, le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus le laghdú na n-astaíochtaí gáis ceaptha teasa.

Leis an Rialachán seo bunaítear fochláir chun na cuspóirí sin a chur chun cinn sna réimsí seo a leanas:

(a)

bonneagair gáis agus leictreachais;

(b)

fuinneamh gaoithe amach ón gcósta; agus

(c)

gabháil agus stóráil carbóin.

Leis an Rialachán seo sainaithnítear na tionscadail a bheidh le maoiniú faoi gach fochlár agus leagtar síos ann critéir chun na gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme na dtionscadal sin a shainaithint agus a chur chun feidhme.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “ gabháil agus stóráil carbóin” dé-ocsaíd charbóin (CO2) a ghabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha, í a iompar go láithreán stórála agus í a instealladh i bhfoirmíocht oiriúnach gheolaíoch faoi thalamh chun críocha buanstórála;

(b)

tá an bhrí chéanna le “costais cháilithe” atá leis i Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 2342/2002;

(c)

ciallaíonn “bonneagair gáis agus leictreachais”:

(i)

na línte ardvoltais go léir, seachas na línte sin a bhaineann le gréasáin dáilte, agus naisc faoi thoinn, ar choinníoll go n-úsáidtear an bonneagar sin i ndáil le tarchur nó nasc idir-réigiúnach nó idirnáisiúnta;

(ii)

píblínte gáis ardbhrú, seachas na cinn sin a bhaineann le gréasáin dáilte;

(iii)

saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte gáis ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (ii);

(iv)

saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe le haghaidh gáis nádúrtha leachtaithe (GNL); agus

(v)

aon trealamh nó aon suiteálacha atá riachtanach chun go n-oibreoidh an bonneagar dá dtagraítear i bpointí (i), (ii), (iii) nó (iv) i gceart, lena n-áirítear córais cosanta, faireacháin agus rialaithe;

(d)

ciallaíonn ‘cuid de thionscadal’ aon ghníomhaíocht atá neamhspleách ó thaobh airgeadais nó ar bhonn teicniúil nó thar thréimhse ama agus a rannchuidíonn le cur i gcrích an tionscadail;

(e)

ciallaíonn “céim na hinfheistíochta” an chéim sin de thionscadal ar lena linn a dhéantar an tógáil agus a thabhaítear costais chaipitiúla;

(f)

ciallaíonn “fuinneamh gaoithe amach ón gcósta” an chumhacht leictreach a ghintear ó innill tuirbín a thiomáintear leis an ngaoth agus atá suite san fharraige, cibé acu gar don chósta nó i bhfad amach ón gcósta;

(g)

ciallaíonn “céim na pleanála” an chéim sin de thionscadal a thagann roimh an gcéim infheistíochta agus ar lena linn a ullmhaítear cur chun feidhme an tionscadail lena n-áirítear, más iomchuí, measúnú féidearthachta, staidéir ullmhúcháin agus staidéir theicniúla agus ceadúnais agus údaruithe a fháil agus ar lena linn a thabhaítear costais chaipitiúla.

Airteagal 3

An Buiséad

1.   Beidh EUR 3 980 000 000 san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme CFET sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010, agus leithdháilfear mar a leanas é:

(a)

tionscadail bhonneagair gáis agus leictreachais: EUR 2 365 000 000;

(b)

tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta: EUR 565 000 000;

(c)

tionscadail ghabhála agus stórála carbóin: EUR 1 050 000 000.

2.   Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla aonair lena gcuirfear na gealltanais bhuiséadacha arna ndéanamh sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010 a chur chun feidhme, déanfar faoin 31 Nollaig 2010 iad.

CAIBIDIL II

FOCHLÁIR

ROINN 1

Tionscadail bhonneagair gáis agus leictreachais

Airteagal 4

Cuspóirí

Déanfaidh an Comhphobal tionscadail bhonneagair gáis agus leictreachais is airde breisluach Comhphobail agus a rannchuideoidh leis na cuspóirí seo a leanas a chur chun cinn:

(a)

cinnteacht agus éagsúlú foinsí fuinnimh, bealaí agus soláthairtí;

(b)

an leas iomlán a bhaint as cumas an ghréasáin fuinnimh agus an margadh inmheánach fuinnimh a lánpháirtiú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcuid trasteorann;

(c)

an gréasán a fhorbairt chun comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí iargúltacht na réigiún is mídheisiúla nó na n-oileán is mídheisiúla de chuid an Chomhphobail a laghdú;

(d)

acmhainní fuinnimh in-athnuaite a nascadh agus a chomhtháthú; agus

(e)

sábháilteacht, iontaofacht agus idir-inoibritheacht na ngréasán fuinnimh idirnasctha, lena n-áirítear sreabhaidh iltreocha gáis a úsáid, más gá.

Airteagal 5

Tosaíochtaí

Fónfaidh CFET chun gréasáin fuinnimh a mbaineann tábhacht ar leith leo don Chomhphobal a oiriúnú agus a fhorbairt chun tacaíocht a thabhairt d’oibriú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus go háirithe chun cur leis an gcumas idirnaisc, le cinnteacht agus le héagsúlú an tsoláthair agus chun constaicí comhshaoil, teicniúla agus airgeadais a shárú. Tá tacaíocht speisialta Chomhphobail riachtanach chun gréasáin fuinnimh a fhorbairt ar dhóigh níos déine agus chun dlús a chur lena dtógáil, go háirithe i gcás leibhéal íseal éagsúlachta a bheith ann i dtaca le bealaí agus foinsí an tsoláthair.

Airteagal 6

Cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú

1.   Déanfar cúnamh airgeadais faoi CFET (cúnamh CFET) le haghaidh tionscadal bonneagair gáis agus leictreachais a dhámhadh ar ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh na tionscadail, nó codanna de na tionscadail, i gCuid A den Iarscríbhinn a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad lena rannchuideofar leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 4.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún tograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na tograí sin na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 7 agus na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 8.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe ar an eolas faoi aon chúnamh CFET atá le deonú.

Airteagal 7

Cáilitheacht

1.   Ní bheidh tograí cáilithe chun cúnamh CFET a fháil ach amháin i gcás ina gcuireann siad na tionscadail a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn chun feidhme, nach rachaidh siad thar an méid uasta de chúnamh CFET a leagtar síos ansin, agus go gcomhallann siad na critéir roghnúcháin agus dámhachtana faoi Airteagal 8.

2.   Maidir le tograí a thíolacadh:

(a)

féadfaidh Ballstát amháin nó roinnt Ballstát, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, déanamh amhlaidh;

(b)

le comhaontú na mBallstát go léir a mbeidh baint dhíreach ag an tionscadal i dtrácht leo:

(i)

féadfaidh gnóthas poiblí nó príobháideach amháin nó roinnt gnóthas poiblí nó príobháideach, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, déanamh amhlaidh;

(ii)

féadfaidh eagraíocht idirnáisiúnta amháin nó roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, déanamh amhlaidh; nó

(iii)

féadfaidh gnóthas comhpháirteach déanamh amhlaidh.

3.   Ní bheidh tograí cáilithe más daoine nádúrtha a thíolacann iad.

Airteagal 8

Critéir roghnúcháin agus dámhachtana

1.   Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir roghnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

fóntacht agus leordhóthanacht theicniúil an chur chuige;

(b)

fóntacht an phacáiste airgeadais do chéim iomlán infheistíochta na gníomhaíochta.

2.   Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir dámhachtana seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

aibíocht, arb é a sainmhíniú ná céim na hinfheistíochta a bheith bainte amach, agus caiteachas substaintiúil caipitiúil a thabhú faoi dheireadh 2010;

(b)

a mhéid atá an easpa rochtana ar mhaoiniú ag moilliú chur chun feidhme na gníomhaíochta;

(c)

a mhéid a spreagfaidh cúnamh CFET maoiniú poiblí agus maoiniú príobháideach;

(d)

tionchair shocheacnamaíocha;

(e)

tionchair chomhshaoil;

(f)

an rannchuidiú i ndáil le leanúnachas agus le hidir-inoibritheacht an ghréasáin fuinnimh agus le leas iomlán a bhaint as acmhainn an ghréasáin;

(g)

an rannchuidiú i ndáil le feabhsú cáilíochta, sábháilteachta agus cinnteachta;

(h)

an rannchuidiú i ndáil le margadh fuinnimh a chruthú a bheidh comhtháite go maith.

Airteagal 9

Coinníollacha maidir le maoiniú

1.   Rannchuideoidh cúnamh CFET le caiteachas ar chur chun feidhme an tionscadail, ar caiteachas é atá gaolmhar leis an tionscadal agus a thabhóidh na tairbhithe nó tríú páirtithe atá freagrach as an tionscadal a chur chun feidhme.

2.   Ní rachaidh cúnamh CFET thar 50 % de na costais cháilithe.

Airteagal 10

Ionstraimí

1.   Tar éis na hiarrata ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 6(2), déanfaidh an Coimisiúin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), na tograí a roghnú a ndeonófar cúnamh CFET orthu agus an méid chúnamh CFET a dheonófar a chinneadh. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha agus na modhanna ar dá réir a chuirfear na tograí chun feidhme.

2.   Deonófar cúnamh CFET ar bhonn chinntí an Choimisiúin.

Airteagal 11

Freagrachtaí airgeadais na mBallstát

1.   Rachaidh na Ballstáit i mbun fhaireachán teicniúil agus rialú airgeadais na dtionscadal i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus deimhneoidh siad méid an chaiteachais arna thabhú i leith tionscadal nó codanna de thionscadail agus comhréireacht an chaiteachais sin leis an Rialachán seo. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i seiceálacha ar an láthair.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta arna nglacadh faoi mhír 1 agus, go háirithe, soláthróidh siad tuairisc ar na córais rialaithe, bainistithe agus faireacháin a bhunaítear chun a áirithiú go gcuirfear tionscadail i gcrích ar bhealach rathúil.

ROINN 2

Tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta

Airteagal 12

Cúnamh CFET a dheonú

1.   Déanfar cúnamh CFET le haghaidh tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a dhámhadh tar éis na hiarrata ar thograí a bheidh teoranta do na gníomhaíochtaí lena ndéanfar na tionscadail a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn a chur chun feidhme.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún tograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na tograí sin na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 13 agus na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 14.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe ar an eolas faoi aon chúnamh CFET a bheidh le deonú.

Airteagal 13

Cáilitheacht

1.   Ní bheidh tograí cáilithe chun cúnamh CFET a fháil ach amháin i gcás ina gcuireann siad na tionscadail a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn chun feidhme, nach rachaidh siad thar na méideanna uasta de chúnamh CFET a leagtar síos ansin, agus go gcomhallann siad na critéir roghnúcháin agus dámhachtana faoi Airteagal 14. Treoróidh gnóthas tráchtála na tionscadail sin.

2.   Féadfaidh gnóthas amháin nó roinnt gnóthas, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, tograí a thíolacadh.

3.   Ní bheidh tograí cáilithe más daoine nádúrtha a thíolacann iad.

Airteagal 14

Critéir roghnúcháin agus dámhachtana

1.   Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir roghnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

fóntacht agus leordhóthanacht theicniúil an chur chuige;

(b)

fóntacht an phacáiste airgeadais do chéim iomlán infheistíochta an tionscadail.

2.   Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir dámhachtana seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

aibíocht, arb é a sainmhíniú ná céim na hinfheistíochta a bheith bainte amach, agus caiteachas substaintiúil caipitiúil a thabhú faoi dheireadh 2010;

(b)

a mhéid atá an easpa rochtana ar mhaoiniú ag moilliú chur chun feidhme na gníomhaíochta;

(c)

a mhéid a fheabhsaíonn nó a mhéadaíonn an tionscadal scála na suiteálacha agus na mbonneagar atá á dtógáil cheana féin, nó atá ag céim na pleanála;

(d)

a mhéid a áirítear sa tionscadal tógáil suiteálacha agus bonneagar lánmhéide ar scála tionsclaíoch, agus a mhéid a dhéileáiltear leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(i)

inathraitheacht leictreachais gaoithe a chothromú trí chórais comhtháthaithe;

(ii)

córais stórála ar mhórscála a bheith ann;

(iii)

feirmeacha gaoithe a bhainistiú mar ghléasraí fíorúla cumhachta (níos mó ná 1 GW)

(iv)

tuirbíní á gcur níos faide amach ón gcósta nó in uisce níos doimhne (20 m go 50 m) ná mar a dhéantar de ghnáth faoi láthair;

(v)

nuadhearadh le haghaidh fo-struchtúr; nó

(vi)

na próisis a ghabhann le cóimeáil, suiteáil, oibriú agus díchoimisiúnú, agus tástáil na bpróiséas sin i dtionscadail a bheidh ar fhíorscála;

(e)

gnéithe nuálacha an tionscadail agus a mhéid a léireoidh sé cur chun feidhme na ngnéithe sin;

(f)

tionchar an tionscadail agus a mhéid a rannchuideoidh sé leis an gcóras eangaí gaoithe amach ón gcósta atá ag an gComhphobal, lena n-áirítear a chumas maidir le macasamhlú;

(g)

an tiomantas a léiríonn na tairbhithe maidir le torthaí dul chun cinn teicneolaíochta an tionscadail a scaipeadh ar bhealach atá i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus go háirithe leis na cuspóirí agus na struchtúir arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh.

Airteagal 15

Coinníollacha maidir le maoiniú

1.   Rannchuideoidh cúnamh CFET le caiteachas ar chur chun feidhme an tionscadail, ar caiteachas é atá gaolmhar leis an tionscadal.

2.   Ní rachaidh cúnamh CFET thar 50 % de na costais cháilithe.

Airteagal 16

Ionstraimí

1.   Tar éis na hiarrata ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 12(1), déanfaidh an Coimisiúin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), na tograí a gheobhaidh cúnamh CFET a roghnú agus méid an mhaoinithe a dheonófar a chinneadh. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha agus na modhanna ar dá réir a dhéanfar na tograí a chur chun feidhme.

2.   Deonófar cúnamh CFET ar bhonn comhaontuithe maidir le deonú.

ROINN 3

Tionscadail ghabhála agus stórála carbóin

Airteagal 17

Cúnamh CFET a dheonú

1.   Déanfar cúnamh CFET le haghaidh tionscadal gabhála agus stórála carbóin a dhámhadh ar ghníomhaíochtaí lena gcuirfear na tionscadail a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn chun feidhme.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún tograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na tograí na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 18 agus na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 19.

3.   Má chomhlíonann roinnt tograí ó thionscadail atá suite sa Bhallstát céanna na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 18 agus na critéir roghnúcháin a leagtar síos in Airteagal 19(1), déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na gcritéar dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 19(2), líon nach mó ná togra amháin in aghaidh an Bhallstáit a roghnú as measc na dtograí sin le haghaidh chúnamh CFET.

4.   Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe ar an eolas faoi aon chúnamh CFET a bheidh le deonú.

Airteagal 18

Cáilitheacht

1.   Ní bheidh tograí cáilithe chun cúnamh CFET a fháil ach amháin i gcás ina gcuireann siad na tionscadail atá liostaithe i gCuid C den Iarscríbhinn chun feidhme agus go gcomhallann siad na critéir roghnúcháin agus dámhachtana faoi Airteagal 19 agus na coinníollacha seo a leanas:

(a)

léiríonn na tionscadail go bhfuil ar a gcumas 80 % ar a laghad den CO2 i suiteálacha tionsclaíocha a ghabháil agus iompar an CO2 sin agus storáil gheolaíoch an CO2 sin faoin talamh a dhéanamh go sábháilte;

(b)

i suiteálacha cumhachta, léirítear gabháil an CO2 ar shuiteáil ag a bhfuil aschur 250 MW ar a laghad nó a choibhéis;

(c)

déanann tionscnóirí na dtionscadal dearbhú ceangailteach go ndéanfar an fhaisnéis chineálach a ghintear ón ngléasra taispeána a chur ar fáil don earnáil tionscail i gcoitinne agus don Choimisiún mar rannchuidiú leis an bPlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh.

2.   Déanfaidh gnóthas amháin nó roinnt gnóthas, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, tograí a thíolacadh.

3.   Ní bheidh tograí cáilithe más daoine nádúrtha a thíolacann iad.

Airteagal 19

Critéir roghnúcháin agus dámhachtana

1.   Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir roghnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

fóntacht agus leordhóthanacht theicniúil an chur chuige;

(b)

aibíocht, arb é a sainmhíniú ná céim na hinfheistíochta a bheith bainte amach, lena n-áirítear na roghanna stórála a fhiosrú agus a fhorbairt, agus caiteachas substaintiúil atá gaolmhar le hinfheistíocht a thabhú ar an tionscadal faoi dheireadh 2010;

(c)

fóntacht an phacáiste airgeadais do chéim iomlán infheistíochta an tionscadail;

(d)

na ceadanna go léir is gá le haghaidh thógáil agus oibriú an tionscadail ag an láithreán beartaithe nó ag na láithreáin bheartaithe a shainaithint, agus straitéis a bheith ann chun na ceadanna sin a fháil.

2.   Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir dámhachtana seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

a mhéid atá an easpa rochtana ar mhaoiniú ag moilliú chur chun feidhme na gníomhaíochta;

(b)

an maoiniú in aghaidh gach tona CO2 a iarradh le laghdú le linn na gcéad chúig bliana den tionscadal;

(c)

castacht an tionscadail agus an leibhéal nuálaíochta a bhaineann leis an tsuiteáil fhoriomlán lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde eile a ghabhann leis mar aon leis an tiomantas a léirigh na tairbhithe maidir le torthaí dul chun cinn teicneolaíochta an tionscadail a scaipeadh i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus go háirithe leis na cuspóirí agus na struchtúir arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh;

(d)

fóntacht agus leordhóthanacht an phlean bainistíochta lena n-áirítear, i dtaca leis an bhfaisnéis agus na sonraí eolaíochta, innealtóireachta agus teicniúlachta atá ann, tuairisc ar ullmhacht an choincheapa bheartaithe chun an tionscadal a chur i gcrích faoin 31 Nollaig 2015.

Airteagal 20

Coinníollacha maidir le maoiniú

1.   Ní rannchuideoidh cúnamh CFET ach amháin leis an gcaiteachas ar chur chun feidhme an tionscadail ar caiteachas é atá gaolmhar leis an tionscadal agus atá inchurtha i leith ghabháil an charbóin, agus iompar agus stóráil, agus na tairbhí oibriúcháin a d’fhéadfadh bheith ann á gcur san áireamh.

2.   Ní rachaidh cúnamh CFET thar 80 % de na costais iomlána cháilithe infheistíochta.

Airteagal 21

Ionstraimí

1.   Tar éis na hiarrata ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), déanfaidh an Coimisiúin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), na tograí a gheobhaidh cúnamh CFET orthu a roghnú agus an méid de chúnamh CFET a dheonófar a chinneadh. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha agus na modhanna ar dá réir a dhéanfar na tograí a chur chun feidhme.

2.   Deonófar cúnamh CFET ar bhonn comhaontuithe maidir le deonú.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 22

Cúnamh agus ionstraimí eile CFET

1.   Féadfar cuid de chúnamh an Chomhphobail le haghaidh na dtionscadal a liostaítear san Iarscríbhinn a chur chun feidhme trí ranníocaíocht le hionstraim iomchuí faoi acmhainní an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Ní rachaidh an ranníocaíocht sin thar EUR 500 000 000.

2.   Beidh dliteanas an Chomhphobail i leith na hionstraime ráthaíochta iasachta nó i leith ionstraime maoinithe eile, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais cháilithe eile, teoranta do mhéid ranníocaíocht an Chomhphobail leis an ionstraim sin agus ní bheidh aon dliteanas eile ann do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), an méid de chúnamh CFET a bheidh le deonú ar an ionstraim sin a chinneadh. Déanfaidh an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta meabhrán tuisceana a thabhairt chun críche lena sonrófar na coinníollacha agus na modhanna a bhaineann le cur chun feidhme an chinnidh sin.

Airteagal 23

Socruithe cláraithe agus cur chun feidhme

1.   Seolfar na hiarrataí ar thograí go díreach ón gCoimisiún ar bhonn na hinfhaighteachta buiséid dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus na gcritéar cáilitheachta, roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar amach i gCaibidil II.

2.   Ní chumhdóidh cúnamh CFET ach an caiteachas sin a bhaineann le tionscadail agus a thabhaigh na tairbhithe agus freisin, maidir le tionscadail faoi Airteagal 9, a thabhaigh tríú páirtithe a bhí freagrach as tionscadal a chur chun feidhme. Beidh caiteachas cáilithe amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 29.

3.   Ní bheidh CBL, seachas CBL neamh-inaisíoctha, ina chostas cáilithe.

4.   Déanfar na tionscadail agus na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus cuirfear aon bheartais ábhartha de chuid an Chomhphobail san áireamh iontu, go háirithe na beartais sin a bhaineann le hiomaíocht, lena n-áirítear na rialacha is infheidhme a bhaineann le státchabhair, agus le cosaint an chomhshaoil, le sláinte, le forbairt inbhuanaithe agus le soláthar poiblí.

Airteagal 24

Freagrachtaí ginearálta na mBallstát

Laistigh de réimse a bhfreagrachta, déanfaidh na Ballstáit gach iarracht chun na tionscadail a fhaigheann cúnamh CFET a chur chun feidhme, go háirithe trí nósanna imeachta éifeachtúla a bheith ann maidir le riarachán, údarúchán, ceadúnúchán agus deimhniúchán.

Airteagal 25

Leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint

1.   Nuair a dhéanfar gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Chomhphobail trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe, agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

2.   Maidir leis na bearta Comhphobail a mhaoineofar faoin Rialachán seo, ciallaíonn coincheap na neamhrialtachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil den dlí Comhphobail nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach arb é is cúis leis ná gníomh nó neamhghníomh de chuid oibreora eacnamaíoch, a bhfuil sé d’éifeacht leis nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, de bharr ítime caiteachais gan údar, ná dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó do bhuiséid arna mbainistiú aige.

3.   Maidir leis na bearta cur chun feidhme go léir a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo, forálfar leo, go háirithe, go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, maoirseacht agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí Eorpach, lena n-áirítear iniúchtaí ar an láthair, más gá, ina leith.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Coistí

1.   Tabharfaidh na coistí seo a leanas cúnamh don Choimisiún:

(a)

i gcás tionscadal bonneagair gáis agus leictreachais, an coiste arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh (9);

(b)

i gcás tionscadal gaoithe amach ón gcósta, an coiste arna bhunú le hAirteagal 8 de Chinneadh 2006/971/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gComhar Cláir Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Seachtú Creat-Chlár an Chomhphobail ar thaighde, ar fhorbairt theicneolaíochta agus ar ghníomhaíochtaí taispeána (2007 go 2013) (10);

(c)

i gcás tionscadal gabhála agus stórála carbóin, an coiste arna bhunú le hAirteagal 8 de Cinneadh 2006/971/CE;

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 27

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar CFET faoin 31 Nollaig 2011 chun a mhéid a rannchuidíonn sé le húsáid éifeachtach na leithreasaí a mheasúnú.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát ar tairbhí é meastóireacht shonrach a sholáthar ar thionscadail arna maoiniú faoi Roinn I de Chaibidil II, den Rialachán seo nó, más iomchuí, an fhaisnéis agus an cúnamh is gá a sholáthar dó le go ndéanfaidh sé meastóireacht ar na tionscadail sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar na torthaí atá bainte amach ag CFET a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 28

Faisnéis a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Gach bliain, nuair a thíolacann sé an réamh-dhréachtbhuiséad, tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme CFET.

Má dhéantar rioscaí móra maidir le cur chun feidhme na dtionscadal tosaíochta a shainaithint sa tuarascáil, molfaidh an Coimisiún bearta mar fhritháireamh ar na rioscaí sin, agus déanfaidh sé tograí breise i gcomhair tionscadal, más iomchuí sin agus má tá sé i gcomhréir leis an bPlean don Téarnamh.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Júil 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. ERLANDSSON


(1)  Tuairim an 13 Bealtaine 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 7 Iúil 2009.

(3)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(4)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.

(5)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

(6)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(7)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(8)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(9)  IO L 162, 22.6.2007, lch. 1.

(10)  IO L 400, 30.12.2006, lch. 86.


IARSCRÍBHINN

TIONSCADAIL CHÁILITHE

A.   Tionscadail bhonneagair Gáis agus Leictreachais

1.   Idirnascairí gáis

Tionscadal

Suíomh na dtionscadal lena dtacaítear

An ranníocaíocht Chomhphobail atá beartaithe

(EUR milliún)

Conair Gáis an Deiscirt

NABUCCO

An Ostair, an Ungáir, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Rómáin.

200

ITGI–Poseidon

an Iodáil, an Ghréig

100

An tIdirnasc Baltach

Skanled/Píopa Baltach

An Pholainn, an Danmhairg, an tSualainn

150

An Gréasán GNL

Críochfort Gáis Nadúrtha Leachtaithe ar chósta na Polainne, i gcalafort Świnoujście

An Pholainn

80

Lár agus Oirdheisceart na hEorpa

An t-idirnascaire idir an tSlóvaic agus an Ungáir (Veľký Krtíš – Vecsés)

An tSlóvaic, an Ungáir

30

Córas tarchurtha gáis sa tSlóivéin ó Theorainn na hOstaire go Ljubljana (seachas an chuid sin idir Rogatec agus Kidričevo)

An tSlóivéin

40

An t-idirnasc idir an Bhulgáir agus an Ghréig (Stara Zagora - Dimitrovgrad-Komotini)

An Bhulgáir, an Ghréig

45

An t-idirnascaire idir an Rómáin agus an Ungáir

An Rómáin, an Ungáir

30

An Cumas Stórála Gáis sa mhol Seiceach a mhéadú

Poblacht na Seice

35

Bonneagar agus trealamh chun ais-sreabhadh gáis a cheadú i gcás an soláthar a bheith briste ar feadh seala

An Ostair, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ghréig, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic

80

An t-idirnasc idir an tSlóvaic agus an Pholainn

An tSlóvaic, an Pholainn

20

An t-idirnasc idir an Ungáir agus an Chróit

An Ungáir

20

An t-idirnasc idir an Bhulgáir agus an Rómáin

An Bhulgáir, an Rómáin

10

An Mheánmhuir

Gréasán gáis na Fraince a neartú ar ais na hAfraice–na Spáinne–na Fraince.

An Fhrainc

200

GALSI (Gazoduc Algérie-Italie)

An Iodáil

120

Brainse Larrau d'Idirnascaire Ais an Iarthair

An Spáinn

45

Limistéar na Mara Thuaidh

Píblíne idir an Ghearmáin, an Bheilg agus an Ríocht Aontaithe

An Bheilg

35

An nasc idir an Fhrainc agus an Bheilg

An Fhrainc, an Bheilg

200

IOMLÁN

 

1 440


2.   Idirnascairí leictreachais

Tionscadal

Suíomh na dtionscadal lena dtacaítear

An ranníocaíocht Chomhphobail atá beartaithe

(EUR milliún)

An tIdirnasc Baltach

Estlink-2

An Eastóin, an Fhionlainn

100

An t-idirnasc idir an tSualainn agus na Stáit Bhaltacha agus an eangach sna Stáit Bhaltacha a neartú.

An tSualainn, an Laitvia, an Liotuáin

175

Lár agus Oirdheisceart na hEorpa

Halle/Saale-Schweinfurt

An Ghearmáin

100

Wien-Győr

An Ostair, an Ungáir

20

An Mheánmhuir

An t-idirnasc idir an Phortaingéil agus an Spáinn a neartú

An Phortaingéil

50

An t-idirnasc idir an Fhrainc agus an Spáinn (Baixas-Sta Llogaia)

An Fhrainc, an Spáinn

225

Cábla nua fomhuirí srutha ailtéarnaigh 380 kV idir an tSicil agus mórthír na hIodáile (Sorgente-Rizziconi)

An Iodáil

110

Limistéar na Mara Thuaidh

Idirnascaire 500 MW idir Éire agus an Bhreatain Bheag (An Mhí-Deeside)

Éire, an Ríocht Aontaithe

110

Idirnasc leictreachais idir Málta agus an Iodáil

Málta/an Iodáil

20

IOMLÁN

 

910


3.   Tionscadail ar oileáin bheaga

Tionscadail ar oileáin bheaga iargúlta

An Chipir

10

Málta

5

IOMLÁN

 

15

B.   Tionscadail ghaoithe amach ón gcósta

Tionscadal

Cumas

Suíomh na dtionscadal lena dtacaítear

An ranníocaíocht Chomhphobail

atá beartaithe (EUR milliún)

1.   

Comhtháthú eangaí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta

1.1.

Baltic - Kriegers Flak I, II, III

Tionscadail atá idir lámha a fhorbairt. Maoiniú arb é is aidhm leis costas breise a áirithiú i ndáil le réiteach comh-idirnaisc a fháil.

1,5 GW

An Danmhairg, an tSualainn, an Ghearmáin, an Pholainn

150

1.2.

Eangach na Mara Thuaidh

Eangach amach ón gcósta a fhorbairt ar bhonn modúlach; gléasra fíorúil cumhachta amach ón gcósta a thaispeáint agus comhtháthú sa chóras eangaí atá ann cheana féin ar tír mór.

1 GW

An Ríocht Aontaithe, an Ísiltír, an Ghearmáin, Éire, an Danmhairg, an Bheilg, an Fhrainc, Lucsamburg

165

2.   

Tuirbíní nua, struchtúir nua agus comhpháirteanna nua, leas iomlán a bhaint as cumas monarúcháin

2.1.

Borkum West II – Bard 1 -Nordsee Ost – Global Tech I

Glúin nua tuirbíní de mhéid il-mheigeavata (5-7 MW) agus struchtúr nuálacha, agus iad suite i bhfad amach ón gcósta (suas go 100 km) in uiscí níos doimhne (suas go 40m).

1,6 GW

An Ghearmáin

200

2.2.

Feirm ghaoithe amach ón gcósta, Obar Dheathain (Ionad tástála Eorpach)

Tionscadal atá idir lámha faoi láthair a fhorbairt; tuirbíní il-MW a thástáil. Struchtúir agus fo-struchtúir nuálacha a fhorbairt, lena n-áirítear leas iomlán a bhaint as cumas monarúcháin an trealaimh sin amach ón gcósta sin lena dtáirgtear fuinneamh gaoithe. Is féidir a bheith ag súil le méadú 100 MW.

0,25 GW

An Ríocht Aontaithe

40

2.3.

Thornton Bank

Tionscadal atá idir lámha faoi láthair a fhorbairt. Ceacht a fhoghlaim as Tionscadal Downvind (arna chómhaoiniú FP 6). Scála thuirbíní shuiteálacha Downvind a mhéadú (5 MW) in uiscí doimhne (suas go 30 m) gan tionchar mór amhairc a bheith aige sin (suas go 30 km).

90 MW

An Bheilg

10

IOMLÁN

 

 

565

C.   Tionscadail ghabhála agus stórála carbóin

Ainm an Tionscadail/Suímh

An ranníocaíocht Chomhphobail atá beartaithe

(EUR milliún)

Breosla

Cumas

Teicníocht ghabhála

Coincheap stórála

Huerth

An Ghearmáin

180

Gual

450 MW

Comh-thimthriall comhtháite gásúcháin

Uiscíoch Salanda

Jaenschwalde

 

 

Gual

500 MW

Ocsaibhreosla

Olacheantair/Gáscheantair

Eemshaven

An Ísiltír

180

Gual

1 200 MW

Comh-thimthriall comhtháite gásúcháin

Olacheantair/Gáscheantair

Rotterdam

Gual

1 080 MW

Gual púdair

Olacheantair/Gáscheantair

Rotterdam

Gual

800 MW

Gual púdair

Olacheantair/Gáscheantair

Bełchatów

An Pholainn

180

Gual

858 MW

Gual púdair

Uiscíoch Salanda

Compostilla

(León)

An Spáinn

180

Gual

500 MW

Ocsaibhreosla

Uiscíoch Salanda

Kingsnorth

An Ríocht Aontaithe

180

Gual

800 MW

Gual púdair

Olacheantair/Gáscheantair

Longannet

Gual

3 390 MW

Gual púdair

Uiscíoch Salanda

Tilbury

Gual

1 600 MW

Gual púdair

Olacheantair/Gáscheantair

Hatfield

(Yorkshire)

Gual

900 MW

Comh-thimthriall comhtháite gásúcháin

Olacheantair/Gáscheantair

Porto Tolle

An Iodáil

100

Gual

660 MW

Gual púdair

 

Tionscadal gábhála carbóin thionsclaíoch

Florange

An Fhrainc

50

CO2 a iompar ó shuiteáil thionsclaíoch (gléasra cruach) chuig stóráil faoi thalamh (uiscíoch salanda)

IOMLÁN

1 050


DEARBHÚ ON gCOIMISIÚIN

Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir gur eochairthosaíochtaí iad an éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí inathnuaite fuinnimh i mbeartas fuinnimh an AE, ar chúiseanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus ar chúiseanna a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair. Sa mhéid seo, rannchuideoidh an Rialachán leis na tosaíochtaí sin trí thacaíocht mhór a thabhairt do thionscadail gaoithe amach ón gcósta.

Meabhraíonn an Coimisiún sa chomhthéacs seo na tionscnaimh éagsúla nua eile a thacaíonn leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus le foinsí inathnuaite fuinnimh a mholann an Coimisiún, agus ar thug sé moladh go háirithe dó sa Phlean Eorpach don Téarnamh, a d'fhormhuinigh Comhairle Eorpach Nollaig 2008. Áirítear leo sin:

Modhnú ar an Rialachán CFRE chun infheistíochtaí suas go dtí EUR 8 billiún a cheadú in éifeacht fuinnimh agus i bhfuinnimh inathnuaite sa tithíocht sna Ballstáit uile.

Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí do thionscnamh Eorpach na bhfoirgneamh atá éifeachtúil ar fhuinnimh chun teicneolaíochtaí glasa agus forbairt córas agus ábhar a bheadh éifeachtúil ar fhuinnimh i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh athchóirithe a chur chun cinn. EUR 1 billiún an t-imchlúdach measta a bheidh ann don ghníomhaíocht seo: EUR 500 milliún ón mbuiséad EC FP7 atá ann cheana féin idir 2010 agus 2013 agus EUR 500 milliún ón tionscal.

Tionscnamh CE-BEI ‘Tionscnamh Maoinithe an AE don Fhuinneamh Inbhuanaithe’. Is é an aidhm atá aige infheistíochtaí a chumasú do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus do thionscadail fuinnimh inathnuaite i suímh uirbeacha. Déanann an Coimisiún maoiniú ar shaoráid um chúnamh teicniúil ón gClár Eorpach um Stuamacht Fuinnimh (leithdháileadh bliantúil 15 M EUR do 2009). Leis an tsaoráid seo, a bheidh á bainistiú ag BEI, éascófar an rochtain ar iasachtaí ón BEI leis na héifeachtaí suntasacha giarála a bheidh aici.

Cruthóidh infheisteoirí institiúideacha AE - faoi stiúir BEI - ciste cothromais margadh-dhírithe, dá ngairfear Marguerite: Ciste Eorpach 2020 don Fhuinneamh, don Athrú Aeráide agus don Bhonneagar. Dhéanfaí infheistiú ón gCiste seo i réimsí an fhuinnimh agus an athraithe aeráide (TEN-E, fuinneamh inbhuanaithe, fuinneamh inathnuaite, teicneolaíochtaí, infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, cinnteacht an tsoláthair, chomh maith leis an mbonneagar comhshaoil). Tacaíonn an Coimisiún leis an tionscnamh seo.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún i láthair roimh dheireadh mhí na Samhna 2009 an t-athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta um éifeachtúlacht fuinnimh a d'iarr an Chomhairle (Conclúidí Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta 2009) agus an Pharlaimint (Rún PE P6_TA (2009)0064) uirthi a dhéanamh.

Aontaíonn na saineolaithe gurb í an éifeachtúlacht fuinnimh an rogha is saoire atá ar fáil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú. Faoi mhí na Samhna 2009, cuirfidh an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar fáil ar na constaicí atá roimh infheistíochtaí breise san éifeachtúlacht fuinnimh. Féachfaidh sé go háirithe an bhfuil gá le dreasachtaí breise airgeadais i bhfoirm iasachtaí ar ús íseal agus/nó le deontais, féachfaidh sé an chaoi a bhféadfaí an buiséad Eorpach a úsáid chuige seo, agus, más iomchuí, áireoidh an Coimisiún, inter alia, cistí breise do mhaoiniú na héifeachtúlachta fuinnimh san Ionstraim nua AE don Chinnteacht Fuinnimh agus don Bhonneagar Fuinnimh, atá le tíolacadh in 2010.

Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an bplean gníomhaíochta um éifeachtúlacht fuinnimh, tabharfaidh sé aird faoi leith ar ghné na comharsanachta den éifeachtúlacht fuinnimh. Déanfaidh sé anailís ar an gcaoi a bhféadfaidh sé dreasachtaí airgeadais agus rialúcháin a thabhairt do thíortha comharsanacha chun dlús a chur lena n-infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh.

Má aimsíonn an Coimisiún, agus tuairisciú á dhéanamh aige sa bhliain 2010 maidir le cur chun feidhme an Rialacháin faoina Airteagal 28, nach bhféadfaí a chur in áirithe, faoi dheireadh 2010, cuid de na cistí dá bhforáiltear le haghaidh na dtionscadal a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán, molfaidh an Coimisiún, más iomchuí agus i slí a bheadh cothrom ó thaobh na tíreolaíochta de, leasú a dhéanamh ar an Rialachán lena gceadófar maoiniú na dtionscadal i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh agus na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite, de bhreis ar na tionscnaimh thuas, lena n-áirítear critéir cáilitheachta a bheadh cosúil leis na critéir a bhaineann leis na tionscadail san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Ráiteas ón bPortaingéil

Vótálfaidh an Phortaingéil ar son an togra, cé go measann sí gur cheart, in athbhreithniú ar an gclár faoi Airteagal 28, féachaint le tionscadail maidir le fuinneamh in-athnuaite agus maidir le héifeachtacht fuinnimh a áireamh, go háirithe i dtaca le greillí cliste agus le méadair chliste, d'fhonn cuidiú leis na cuspóirí atá in Airteagal 4(a) agus (b) den Rialachán a bhaint amach.