18.7.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/14


RIALACHÁN (CE) Uimh. 596/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2009

lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe, atá faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú — Cuid a Ceathair

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 47(2), 55, 71(1), 80(2), 95, 152(4)(a) agus (b), 175(1) agus 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4) le Cinneadh 2006/512/CE (5), lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, inter alia, trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(2)

I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (6) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí atá i bhfeidhm cheana agus a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, ní mór na hionstraimí sin a oiriúnú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(3)

Ós rud é gur leasuithe teicniúla iad na leasuithe arna ndéanamh ar ionstraimí chun na críche sin, agus gur leis na nósanna imeachta coiste amháin a bhaineann siad, ní gá go ndéanfaidh na Ballstáit iad a thrasuí i gcás treoracha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo na hionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn a oiriúnú do Chinneadh 1999/468/CE, arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Déanfar tagairtí d'fhorálacha na n-ionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn a fhorléiriú mar thagairtí do na forálacha sin faoi mar a oiriúnaítear iad leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Š. FÜLE


(1)  IO C 224, 30.8.2008, lch. 35.

(2)  IO C 117, 14.5.2008, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), agus Cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2009.

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(5)  IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.

(6)  IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

1.   FIONTRAÍOCHT

1.1.   Treoir 97/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta i gcoinne astaíocht truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh atá le suiteáil in innealra soghluaiste neamhbhóthair  (1)

Maidir le Treoir 97/68/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha a leagan síos faoin ar cheart leasuithe riachtanacha a ghlacadh, i bhfianaise oiriúnaithe don ascnamh teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 97/68/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear Treoir 97/68/CE dá réir sin mar a leanas:

1.

in Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí:

‘Leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinn VIII. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).’;

2

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 7a(4):

‘4.   Oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinn VII chun an fhaisnéis bhreise agus shonrach a fhéadfar a éileamh maidir leis an deimhniú cineálcheadaithe le haghaidh inneall a shuiteálfar i soithí uiscebhealaigh intíre a lánpháirtiú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun na hIarscríbhinní a oiriúnú don ascnamh teicniúil, cé is moite de na ceanglais a shonraítear i roinn 1, i roinn 2.1 go roinn 2.8 agus i roinn 4 d'Iarscríbhinn I.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14a:

‘Airteagal 14a

Scrúdóidh an Coimisiún deacrachtaí teicniúla a d'fhéadfadh a bheith ag baint le ceanglais chéim II a chomhlíonadh maidir le húsáidí áirithe na n-inneall, go háirithe innealra soghluaiste a bhfuil innill d'aicmí SH:2 agus SH:3 suiteáilte iontu. Más é an tátal ar scrúdú an Choimisiúin nach féidir le hinnealra soghluaiste áirithe, ar chúiseanna teicniúla, go háirithe innealra ilsuímh láimhe atá ceaptha don úsáid ghairmiúil, na ceanglais sin a chomhlíonadh faoi na spriocdhátaí arna leagan síos, tíolacfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2003, tuarascáil agus na tograí iomchuí in éineacht léi, le haghaidh síntí ar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 9a(7) agus/nó tuilleadh maoluithe, nach mó ná cúig bliana, ach amháin in imthosca eisceachtúla, le haghaidh na n-innealra sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).’;

5.

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3;

6.

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí de phointe 4.1.2.7:

‘Sainmhíneoidh an Coimisiún an limistéar faoi rialú a bheidh infheidhme maidir leis an gcéatadán nach féidir a shárú agus na coinníollacha oibriúcháin atá eisiata don inneall. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(2).’;

7.

in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre deireanaí de phointe 1.3.2:

‘Sula dtabharfar an t-ord tástála ilchodach fhuar/the isteach, modhnóidh an Coimisiún na siombailí (Iarscríbhinn I, roinn 2.18), an t-ord tástála (Iarscríbhinn III) agus na cothromóidí ríofa (Iarscríbhinn III, Foscríbhinn 3). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).’.

1.2.   Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí liachta diagnóiseacha in vitro  (2)

Maidir le Treoir 98/79/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta faireacháin sláinte áirithe a ghlacadh agus Iarscríbhinn II a leasú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin, agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 98/79/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun toirmisc, chun srianta nó chun ceanglais áirithe a ghlacadh maidir le táirgí áirithe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 98/79/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 6(2) de Threoir 90/385/CEE cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE (3) ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(5):

‘5.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gclárófar na fógraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 láithreach sa bhunachar sonraí a thuairiscítear in Airteagal 12.

Maidir leis na nósanna imeachta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme agus go háirithe na nósanna imeachta sin a thagraíonn don fhógra agus do choincheap an athraithe shuntasaigh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(5):

‘5.   Arna iarraidh sin ag na Ballstáit eile, cuirfidh na Ballstáit ar an eolas iad faoi na mionsonraí dá dtagraítear i mír 1 go mír 4. Maidir leis na nósanna imeachta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   Maidir leis na nósanna imeachta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

I gcás ina mbeidh Ballstát den tuairim, i ndáil le táirge áirithe nó grúpa táirgí áirithe, gur cheart toirmeasc nó srian a chur le hinfhaighteacht na dtáirgí sin, nó iad a chur faoi réir ceanglas áirithe, d'fhonn cosaint sláinte agus sábháilteachta a áirithiú agus/nó d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le sláinte phoiblí de bhun Airteagal 36 den Chonradh, féadfaidh sé aon bhearta idirthréimhseacha a bhfuil gá agus údar maith leo a ghlacadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile go léir ar an eolas ansin, agus na cúiseanna lena chinneadh á dtabhairt aige. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus leis na Ballstáit agus, más rud é go bhfuil údar maith leis na bearta náisiúnta, glacfaidh sé na bearta Comhphobail is gá.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 7(4).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(1):

‘1.   I gcás ina mbeidh Ballstát den tuairim:

(a)

gur cheart liosta na bhfeistí in Iarscríbhinn II a leasú nó a shíneadh; nó

(b)

gur cheart comhréireacht feiste nó catagóire feistí a bhunú, de mhaolú ar fhorálacha Airteagal 9, trí nós imeachta ar leith amháin nó níos mó ná nós imeachta ar leith amháin as measc na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur i bhfeidhm,

cuirfidh sé iarraidh chuí-réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin agus iarrfaidh sé air na bearta is gá a ghlacadh.

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).

Déanfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’.

1.3.   Treoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le trealamh raidió agus trealamh teirminéil teileachumarsáide agus maidir le haitheantas frithpháirteach a gcomhréireachta  (4)

Maidir le Treoir 1999/5/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cinneadh a ghlacadh lena sonrófar, i gcás gaireas laistigh d'aicmí áirithe trealaimh nó gaireas de chineálacha áirithe, cé acu de na ceanglais bhreise a mbeidh feidhm acu, an dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm a shocrú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, idirthréimhse maidir le ceanglais riachtanacha bhreise le haghaidh aicmí sonracha trealaimh nó le haghaidh gaireas de chineálacha áirithe, agus cinneadh a dhéanamh maidir le foirm an tsainaitheantóra aicme trealaimh a bheidh le greamú do chineálacha áirithe trealaimh raidió. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/5/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/5/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3):

‘3.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go dtógfar gaireas laistigh d'aicmí áirithe trealaimh nó gaireas de chineálacha áirithe sa chaoi agus:

(a)

go n-oibreoidh sé trí ghréasáin in éineacht le gairis eile agus gur féidir é a nascadh le comhéadain den chineál iomchuí ar fud an Chomhphobail; agus/nó

(b)

nach ndéanfaidh sé díobháil don ghréasán ná a oibriú agus nach mbainfidh sé mí-úsáid as acmhainní gréasáin, agus ar an tslí sin dochar neamh-inghlactha a dhéanamh don tseirbhís; agus/nó

(c)

go gcuimseoidh sé cosaintí chun a áirithiú go gcosnaítear sonraí pearsanta agus príobháideacht an úsáideora agus an tsuibscríobhaí; agus/nó

(d)

go dtacóidh sé le gnéithe áirithe a áirithíonn go seachnaítear calaois; agus/nó

(e)

go dtacóidh sé le gnéithe áirithe a áirithíonn rochtain ar sheirbhísí éigeandála; agus/nó

(f)

go dtacóidh sé le gnéithe áirithe chun a úsáid a éascú d'úsáideoirí faoi mhíchumas.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15a.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3):

‘3.   I gcás ina mbeidh easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil leis na ceanglais riachtanacha, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14, moltaí maidir le léirmhíniú na gcaighdeán comhchuibhithe nó maidir leis an coinníollacha faoina gcothaítear toimhde comhréireachta le comhlíonadh na caighdeáin sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúi an Aotais Eorpaighl. Tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún caighdeáin chomhchuibhithe a tharraingt siar trí fhógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2):

‘2.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le ceanglais riachtanacha faoi Airteagal 3(3) a chur i bhfeidhm, socróidh an Coimisiún an dáta a gcuirfear na ceanglais i bhfeidhm.

Má shocraítear gur gá d'aicme trealaimh ceanglais riachtanacha áirithe a chomhlíonadh faoi Airteagal 3(3), féadfar leanúint d'aon ghaireas as an aicme trealaimh i dtrácht, a cuireadh ar an margadh den chéad uair roimh an dáta a dtáinig socrú an Choimisiúin i bhfeidhm, a chur ar an margadh ar feadh tréimhse réasúnta a bheidh socraithe ag an gCoimisiún.

Maidir lesi na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15a.’;

4.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 15a

An nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

I gcás ina ndéantar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5 d'Iarscríbhinn VII:

‘5.

Ní mór go mbeidh an sainaitheantóir aicme trealaimh i bhfoirm a chinnfidh an Coimisiún.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15a.’.

1.4.   Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachta  (5)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 141/2000, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún sainmhínithe ar ‘táirge íocshláinte comhchosúil’ agus ar ‘airde chliniciúil’ a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór go nglacfaí iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

‘2.   Déanfaidh an Coimisiún na forálacha is gá chun mír 1 den Airteagal seo a chur chun feidhme i bhfoirm Rialacháin cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10a(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(8):

‘8.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chríochnaitheach an Choiste a chur ar aghaidh láithreach chuig an gCoimisiún, agus glacfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de 30 lá ón tuairim a fháil. Más rud é, in imthosca eisceachtúla, nach mbeidh an dréachtchinneadh i gcomhréir le tuairim an Choiste, glacfar an cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10a(2). Tabharfar fógra maidir leis an gcinneadh don urraitheoir agus cuirfear in iúl é don Ghníomhaireacht agus d'údaráis inniúla na mBallstát.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(4):

‘4.   Glacfaidh an Coimisiún sainmhínithe ar “táirge íocshláinte comhchosúil” agus ar “airde chliniciúil” i bhfoirm Rialacháin cur chun feidhme.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10a(3).’;

4.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 10a

1.   Beidh an Buanchoiste um Tháirgí Íocshláinte lena n-úsáid ag an Duine, dá dtagraítear in Airteagal 121(1) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine de chúnamh ag an gCoimisiún (6).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (7), ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de.

1.5.   Treoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le dea-chleachtas cliniciúil a chur chun feidhme i stiúradh trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine  (8)

Maidir le Treoir 2001/20/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, prionsabail a bhaineann leis an dea-chleachtas cliniciúil mar aon le rialacha mionsonraithe a bheidh ag teacht leis na prionsabail sin a ghlacadh, ceanglais shonracha a leagan síos agus forálacha áirithe a oiriúnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2001/20/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/20/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(3):

‘3.   Déanfaidh an Coimisiún na prionsabail a ghlacadh a bhaineann leis an dea-chleachtas cliniciúil mar aon le rialacha mionsonraithe a bheidh ag teacht leis na prionsabail sin agus, más gá, déanfaidh sé athbhreithniú ar na prionsabail agus ar na rialacha mionsonraithe sin chun aird a thabhairt ar ascnamh teicniúil agus eolaíoch. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis na nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).

Foilseoidh an Coimisiún na prionsabail agus na rialacha mionsonraithe sin.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(1):

‘1.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun a áirithiú go mbeidh monarú nó allmhairiú táirgí íocshláinte imscrúdaitheacha faoi réir údarú a shealbhú.

Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais íosta nach mór don iarratasóir agus, ina dhiaidh sin, do shealbhóir an údaraithe a chomhlíonadh chun an t-údarú a fháil.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

‘Airteagal 20

Oiriúnóidh an Coimisiún an Treoir seo chun aird a thabhairt ar ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

‘Airteagal 21

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um Tháirgí Íocshláinte lena n-úsáid ag an Duine, dá dtagraítear in Airteagal 121(1) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (9), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

1.6.   Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta  (10)

Maidir le Treoir 2001/82/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, forálacha agus iarscríbhinní áirithe a oiriúnú agus coinníollacha sonracha maidir lena cur i bhfeidhm a leagan síos. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2001/82/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/82/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(3):

‘3.   De mhaolú ar Airteagal 11, bunóidh an Coimisiún liosta substaintí atá fíor-riachtanach i gcóireáil equidae agus a mbeidh tréimhse aistarraingthe nach lú ná sé mhí i bhfeidhm dóibh i gcomhréir leis na meicníochtaí rialaithe a leagtar síos i gCinneadh 93/623/CEE agus i gCinneadh 2000/68/CE.

Maidir leis an mbeart sin, ata ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

2.

in Airteagal 11(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Féadfaidh an Coimisiún, áfach, na tréimhsí aistarraingthe sonracha sin a mhodhnú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

3.

in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

‘Fadófar, áfach, an tréimhse deich mbliana dá bhforáiltear sa dara fomhír go 13 bliana i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh iasc nó beach nó speiceas eile arna n-ainmniú ag an gCoimisiún.

Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

4.

in Airteagal 17(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Más dealraitheach údar maith a bheith leis ag féachaint d'fhianaise eolaíoch nua, féadfaidh an Coimisiún pointe (b) agus pointe (c) den chéad fhomhír a oiriúnú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

5.

in Airteagal 39(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Glacfaidh an Coimisiún na socruithe sin i bhfoirm rialacháin cur chun feidhme. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50a(2):

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe a fhéadfaidh a bheith riachtanach chun forálacha mhír1 a oiriúnú d'fhonn aird a thabhairt ar ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

7.

in Airteagal 51, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Déanfaidh an Coimisiún prionsabail agus treoirlínte an dea-chleachtais monaróireachta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 50 a ghlacadh i bhfoirm Treorach a bheidh dírithe chuig na Ballstáit. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

8.

in Airteagal 67, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (aa):

‘(aa)

táirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe.

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, díolúintí ón gceanglas seo a dheonú i gcomhréir leis na critéir atá bunaithe ag an gCoimisiún. Maidir le bunú na gcritéar sin, is beart atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).

Féadfaidh na Ballstáit leanúint d'fhorálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm go dtí:

(i)

dáta chur i bhfeidhm an chinnidh arna ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír; nó

(ii)

an 1 Eanáir 2007, i gcás nár glacadh cinneadh den sórt sin faoin 31 Nollaig 2006;’;

9.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68(3):

‘3.   Déanfaidh an Coimisiún aon leasuithe ar an liosta substaintí dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

10.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75(6):

‘6.   Féadfaidh an Coimisiún mír 5 a leasú i bhfianaise na taithí a bheidh faighte óna oibriú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

11.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79:

‘Airteagal 79

Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe a fhéadfaidh a bheith riachtanach chun Airteagal 72 go hAirteagal 78 a thabhairt cothrom le dáta chun aird a thabhairt ar ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

12.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 88:

‘Airteagal 88

Glacfaidh an Coimisiún aon athruithe is gá chun Iarscríbhinn I a oiriúnú chun aird a thabhairt ar ascnamh teicniúil.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

13.

leasaítear Airteagal 89 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Cuirfear rialacha nós imeachta an Bhuanchoiste ar fáil go poiblí.’.

1.7.   Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra  (11)

Maidir le Treoir 2006/42/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coinníollacha a bhunú i ndáil le liosta táscach na gcomhpháirteanna sábháilteachta a thabhairt cothrom le dáta agus i ndáil leis na bearta maidir le srianta ar innealra a fhéadfaidh a bheith contúirteach a chur ar an margadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/42/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/42/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Bearta sonracha

1.   Féadfaidh an Coimisiún aon bheart iomchuí a ghlacadh i ndáil leis an méid a leanas:

(a)

liosta táscach na gcomhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn V dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 a thabhairt cothrom le dáta;

(b)

an srian ar innealra dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur ar an margadh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

2.   Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2), aon bheart iomchuí a bhaineann le feidhmiú praiticiúil na Treorach seo a ghlacadh, lena n-áirítear bearta is gá chun comhar na mBallstát lena chéile agus leis an gCoimisiún a áirithiú, mar a fhoráiltear in Airteagal 19(1).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(3):

‘3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile agus cuirfidh sé na bearta a bhfuil sé ar intinn aige a ghlacadh in iúl dóibh, d'fhonn ardleibhéal cosanta do shláinte agus sábháilteacht an duine a áirithiú ar leibhéal an Chomhphobail.

Agus aird chuí á tabhairt ar thorthaí an chomhairliúcháin sin, glacfaidh sé na bearta is gá.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 22(3).’;

3.

leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 4.

2.   AN COMHSHAOL

2.1.   Treoir 96/59/CE ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 1996 maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe (PCB/PCT)  (12)

Maidir le Treoir 96/59/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na modhanna tagartha tomhais a shocrú chun an t-inneachar PCB atá in ábhair éillithe a dhéanamh amach agus na caighdeáin theicniúla i gcomhair modhanna eile diúscartha PCBanna a shocrú agus, más gá, chun críche phointe (b) agus phointe (c) d'Airteagal 9(1) agus, agus chun na críche sin amháin, substaintí eile nach bhfuil chomh contúirteach céanna a chinneadh mar mhalairt ar PCBanna. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus bhfuil siad ceaptha chun Treoir 96/59/CE a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/59/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10a(2), liosta ainmneacha táirgthe i gcomhair toilleoirí, friotóirí agus cornaí ionduchtais ina bhfuil PCBanna a chur ar fáil.

2.   Déanfaidh an Coimisiún:

(a)

na modhanna tagartha tomhais a shocrú chun an t-inneachar PCB atá in ábhair éillithe a dhéanamh amach. Fanfaidh aon tomhais a rinneadh sular socraíodh na modhanna tagartha bailí;

(b)

más gá, chun críche phointe (b) agus phointe (c) d'Airteagal 9(1), agus chun na críche sin amháin, substaintí eile nach bhfuil chomh contúirteach céanna a shocrú mar mhalairt ar PCBanna.

Féadfaidh an Coimisiún caighdeáin theicniúla a shocrú i gcomhair modhanna eile diúscartha PCBanna dá dtagraítear sa dara habairt d'Airteagal 8(2).

Maidir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10a(3).’;

2.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 10a

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 18 de Threoir 2006/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

2.2.   Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a bheartaítear le hól ag an duine  (14)

Maidir le Treoir 98/83/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil agus sonraí áirithe maidir le monatóireacht a leagan amach in Iarscríbhinn II. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 98/83/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 98/83/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(4):

‘4.   Féadfar treoirlínte Comhphobail maidir leis an bhfaireachán a fhorordaítear leis an Airteagal seo a tharraingt suas i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(2):

‘2.   Gach cúig bliana, ar a laghad, leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III chun na hoiriúnuithe is gá d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil a dhéanamh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

4.

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Socrófar na formáidí agus an fhaisnéis íosta le haghaidh na dtuarascálacha dá bhforáiltear i mír 2 ag féachaint go háirithe do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), in Airteagal 5(2) agus (3), in Airteagal 7(2), in Airteagal 8, in Airteagal 9(6) agus (7) agus in Airteagal 15(1), agus leasófar iad, más gá, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(2).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   In éineacht leis an gcéad tuarascáil ar an Treoir seo, faoi mar a luaitear é i mír 2, cuirfidh na Ballstáit, freisin, tuarascáil ar fáil a bheidh le cur ar aghaidh chuig an gCoimisiún maidir leis na bearta a bheidh glactha acu nó a bheidh beartaithe acu a ghlacadh chun a n-oibleagáidí de bhun Airteagal 6(3) agus de bhun nóta 10 de chuid B d'Iarscríbhinn I a chomhall. De réir mar is iomchuí, tíolacfar togra maidir le formáid na tuarascála sin i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(2).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(3):

‘3.   Scrúdófar an iarraidh sin i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(2).’;

6.

in Iarscríbhinn I, Cuid C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1 de nóta 10:

‘1.

Glacfaidh an Coimisiún na bearta a cheanglaítear faoi Nóta 8 maidir le minicíochtaí faireacháin, agus faoi Nóta 9 maidir le minicíochtaí faireacháin, modhanna faireacháin agus na suímh is ábhartha le haghaidh pointí faireacháin in Iarscríbhinn II. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis na nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Agus na bearta sin á leagan amach, beidh aird ag an gCoimisiún, inter alia, ar na forálacha ábhartha faoin reachtaíocht atá ann cheana nó cláir faireacháin iomchuí, lena n-áirítear torthaí an fhaireacháin a dhíorthaítear uathu.’;

7.

in Iarscríbhinn II, tábla A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.   Faireachán iniúchta

Is é an cuspóir atá le faireachán iniúchta an fhaisnéis is gá a sholáthar lena dhéanamh amach cibé an bhfuiltear ag comhlíonadh luachanna paraiméadracha uile na Treorach nó nach bhfuil. Ní mór go mbeadh na paraiméadair go léir, arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) agus (3), faoi réir ag faireachán iniúchta mura i ndán agus gur féidir leis na húdaráis inniúla a shuíomh, ar feadh tréimhse ama a bheidh le socrú acu féin, nach dócha go mbeadh paraiméadar chomh rábach sin i soláthar ar leithligh go bhféadfadh sárú ar an luach paraiméadrach iomchuí leanúint as. Níl feidhm ag an bpointe seo i gcás paraiméadair i gcomhair radaighníomhaíochta, a dhéanfar faireachán uirthi, faoi réir Nóta 8, Nóta 9 agus Nóta 10 de Chuid C d'Iarscríbhinn I, i gcomhréir leis na ceanglais faireacháin arna nglacadh ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

8.

in Iarscríbhinn III, pointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Tugtar na prionsabail seo a leanas i dtaca le modhanna i gcomhair paraiméadar micribhitheolaíoch mar thagairt cibé uair a dtugtar modh CEN/ISO, nó a dtugtar mar threoir iad, ag feitheamh ar mhodhanna idirnáisiúnta CEN/ISO breise i gcomhair na bparaiméadar sin a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh amach anseo. Féadfaidh na Ballstáit modhanna malartacha a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonfar forálacha Airteagal 7(5).

Maidir leis na bearta sin maidir le modhanna idirnáisiúnta CEN/ISO breise, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’.

2.3.   Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin  (15)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn VI a leasú; an leibhéal ríofa de bhróimíd mheitile is féidir a chur ar an margadh nóis féidir le hallmhaireoirí nó táirgeoirí a úsáid ar a gcuntas féin chun críche coraintín agus réamhlastais a leagan síos agus a laghdú; meicníocht a chinneadh chun cuótaí na leibhéal ríofa de bhróimíd mheitile a leithdháileadh ar gach táirgeoir agus allmhaireoir; modhnuithe a ghlacadh, más gá, agus nuair is iomchuí, tréimhsí ama a ghlacadh chun deireadh a chur de réir a chéile leis na húsáidí criticiúla halón atá liostaithe in Iarscríbhinn VII; cinneadh a dhéanamh cibé an n-oiriúnófar nó nach n-oiriúnófar an dáta deiridh don toirmeasc ar úsáid hidreaclórafluaracarbón; an liosta agus na dátaí maidir le rialú ar úsáid hidreaclórafluaracarbón a mhodhnú; an liosta míreanna a bhaineann leis an iarraidh ar cheadúnas allmhairiúcháin agus Iarscríbhinn IV a mhodhnú, liosta na dtáirgí ina bhfuil substaintí rialaithe agus liosta chóid na hAinmníochta Comhcheangailte in Iarscríbhinn V a leasú; agus an dáta a chur ar aghaidh a dtoirmisctear halón atá aisghafa, athchúrsáilte nó athghinte a onnmhairiú le haghaidh úsáidí criticiúla, agus na ceanglais tuairiscithe a mhodhnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 mar a leanas:

1.

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an 16ú fleasc:

‘—

ciallaíonn “oibreán próiseála” substaintí rialaithe a úsáidtear mar oibreáin phróiseála ceimiceán sna feidhmeanna a liostaítear in Iarscríbhinn VI, i suiteálacha a bhí ann cheana amhail an 1 Meán Fómhair 1997, agus i gcás ina mbeidh na hastaíochtaí neamhshuntasach. Bunóidh an Coimisiún, i bhfianaise na gcritéar sin, agus i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 18(2), liosta gnóthas ina gceadófar substaintí rialaithe a úsáid mar oibreáin phróiseála, lena leagfar síos uasteorainneacha astaíochta le haghaidh gach gnóthas de na gnóthais lena mbaineann.

I bhfianaise faisnéise nua nó forbairtí teicniúla, lena n-áirítear an t-athbhreithniú dá bhforáiltear i gCinneadh X/14 ó Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal, féadfaidh an Coimisiún:

(a)

an liosta gnóthas dá dtagraítear thuas a leasú i gcomhréir leis na nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 18(2);

(b)

Iarscríbhinn VI a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

2.

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de phointe (iii) de mhír 2:

‘Glacfaidh an Coimisiún bearta chun an leibhéal ríofa de bhróimíd mheitile a fhéadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí a chur ar an margadh nó a úsáid ar a gcuntas féin chun críche coraintín agus réamhlastais a laghdú i bhfianaise infhaighteacht theicniúil agus eacnamaíoch substaintí malartacha nó teicneolaíochtaí malartacha, agus i bhfianaise na bhforbairtí idirnáisiúnta ábhartha faoin bPrótacal. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii) de mhír 3:

‘(ii)

Féadfaidh an Coimisiún an mheicníocht chun cuótaí na leibhéal ríofa a leithdháileadh ar gach táirgeoir agus allmhaireoir, arna leagan amach in (d) go (f) agus atá infheidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2003 go dtí an 31 Nollaig 2003 agus do gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin, a leasú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv) de mhír 4:

‘(iv)

Ní bheidh feidhm ag mír 1(c) maidir le halóin atá aisghafa, athchúrsáilte nó athghinte a chur ar an margadh ná a úsáid i gcórais atá ann cheana chun cosaint a thabhairt ó dhóiteán go dtí 31 Nollaig 2002 ná maidir le halóin a chur ar an margadh ná a úsáid le haghaidh úsáidí criticiúla a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát fógra gach bliain don Choimisiún maidir leis na cainníochtaí halón a úsáideadh le haghaidh úsáidí criticiúla, na bearta a glacadh chun a n-astaíochtaí a laghdú mar aon le meastachán ar astaíochtaí den sórt sin, agus na gníomhaíochtaí reatha chun malairtí leormhaithe a shainaithint agus a úsáid.

Athbhreithneoidh an Coimisiún, gach bliain, na húsáidí criticiúla a liostaítear in Iarscríbhinn VII agus, más gá, glacfaidh sé modhnuithe agus, nuair is iomchuí, tréimhsí ama chun deireadh a chur leo de réir a chéile, agus aird á tabhairt aige ar infhaighteacht malairtí atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch araon nó ar theicneolaíochtaí atá inghlactha ó thaobh an chomhshaoil agus na sláinte de.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

3.

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír de phointe (c)(v) de mhír 1:

‘Cuirfidh an Coimisiún toradh an athbhreithnithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na faoi bhráid na Comhairle. Déanfaidh sé cinneadh, de réir mar is iomchuí, cibé an oiriúnófar an dáta 1 Eanáir 2015 nó nach n-oiriúnófar. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise na taithí ó fheidhmiú an Rialacháin seo nó chun ascnamh teicniúil a léiriú, an liosta agus na dátaí a leagtar amach i mír 1 a leasú, ach ní fhéadfaidh sé na tréimhsí arna socrú inti a shíneadh i gcás ar bith, gan dochar do na díolúintí dá bhforáiltear i mír 7.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(5):

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún an liosta míreanna a luaitear i mír 3 agus in Iarscríbhinn IV a leasú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(2):

‘2.   Tugtar liosta táirgí ina bhfuil substaintí rialaithe agus liosta chóid na hAinmníochta Comhcheangailte in Iarscríbhinn V chun treoir a thabhairt d'údaráis chustaim na mBallstát. Féadfaidh an Coimisiún cur leis an liosta sin, míreanna a scriosadh as nó é a leasú i bhfianaise na liostaí arna mbunú ag na Páirtithe.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) d'Airteagal 11(1):

‘(d)

halón atá aisghafa, athchúrsáilte agus athghinte agus a stóráiltear le haghaidh úsáidí criticiúla i saoráidí a bhíonn údaraithe ag an údarás inniúil, nó a bhíonn á n-oibriú aige, chun usáidí criticiúla a liostaítear in Iarscríbhinn VII a chomhlíonadh go dtí an 31 Nollaig 2009, agus táirgí agus trealamh ina bhfuil halón chun úsáidí criticiúla a liostaítear in Iarscríbhinn VII a chomhlíonadh. Tar éis athbhreithniú arna dhéanamh ag an gCoimisiún faoin 1 Eanáir 2005 ar onnmhairithe halón den sórt sin atá aisghafa, athchúrsáilte agus athghinte le haghaidh úsáidí criticiúla, féadfaidh an Coimisiún onnmhairithe den sórt sin a thoirmeasc tráth is luaithe ná an 31 Nollaig 2009. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(6):

‘6.   Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i mír 1 go mír 4 a leasú chun tiomantais faoin bPrótacal a chomhall nó chun cur i bhfeidhm praiticiúil na gceanglas tuairiscithe sin a fheabhsú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’.

2.4.   Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú  (16)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a ghlacadh; Iarscríbhinn II nó Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch nó teicniúil; agus Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú mar thoradh ar aon leasú ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Prótacal UNECE um Chláir Eorpacha ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán arna ghlacadh ag Cruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal sin. Ós rud é bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

‘3.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil aon sonraí ann ar an scaoileadh ó fhoinsí idirleata, glacfar bearta chun tuairisciú a thionscnamh ar scaoileadh truailleán ábhartha ó fhoinse idirleata amháin nó níos mó agus úsáid á baint, i gcás inarb iomchuí, as modheolaíochtaí atá formheasta go hidirnáisiúnta.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Déanfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá ar na hiarscríbhinní chun na críocha seo a leanas:

(a)

Iarscríbhinn II nó Iarscríbhinn III a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch nó teicniúil;

(b)

Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a oiriúnú mar thoradh ar aon leasú ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal arna nglacadh ag Cruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal sin.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).’;

3.

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 19:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.5.   Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú  (17)

Maidir le Treoir 2006/7/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na modhanna anailíse i gcomhair na bparaiméadar agus rialacha samplála a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn V faoi seach a oiriúnú i bhfianaise ascnaimh eolaíoch agus theicniúil, agus an caighdeán EN/ISO maidir le coibhéis modhanna micribhitheolaíocha a shonrú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/7/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/7/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

Oiriúnuithe teicniúla agus bearta cur chun feidhme

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2), leagfaidh an Coimisiún síos an méid seo a leanas:

(a)

rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 8(1), pointe (a) d'Airteagal 12(1) agus Airteagal 12(4) a chur chun feidhme;

(b)

treoirlínte i gcomhair modha chomhchoitinn chun samplaí aonair a mheasúnú.

2.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas:

(a)

sonraíocht an chaighdeáin EN/ISO maidir le coibhéis modhanna micribhitheolaíocha chun críocha Airteagal 3(9);

(b)

aon leasuithe is gá d'fhonn na modhanna anailíse i gcomhair na bparaiméadar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a oiriúnú i bhfianaise ascnaimh eolaíoch agus theicniúil;

(c)

aon leasuithe is gá d'fhonn Iarscríbhinn V a oiriúnú i bhfianaise ascnaimh eolaíoch agus theicniúil.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

3.   Tíolacfaidh an Coimisiún dréacht de na bearta a bheidh le glacadh i gcomhréir le mír 1(a) i ndáil le pointe (a) d'Airteagal 12(1) faoin 24 Márta 2010. Sula ndéanfaidh sé é sin, rachaidh sé i gcomhairle le hionadaithe na mBallstát, le hionadaithe na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, le hionadaithe na n-eagraíochtaí ábhartha turasóireachta agus tomhaltóirí agus le páirtithe leasmhara eile. Ar na rialacha ábhartha a bheith glactha aige, poibleoidh sé ar an Idirlíon iad.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.6.   Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú  (18)

Maidir le Treoir 2006/21/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na forálacha is gá maidir le cur chun feidhme Airteagal 13(6) a ghlacadh; na ceanglais theicniúla maidir le tréithriú dramhaíola in Iarscríbhinn II a chomhlánú; an sainmhíniú i bpointe 3 d'Airteagal 3 a léirmhíniú; na critéir maidir le haicmiú saoráidí dramhaíola a shainmhíniú i gcomhréir le hIarscríbhinn III; caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh modhanna samplála agus anailíse a chinneadh; agus na hIarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/21/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/21/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

‘Airteagal 22

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2), glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

na forálacha is gá chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(5) agus in Airteagal 12(6) a chomhchuibhiú agus a tharchur go tráthrialta;

(b)

treoirlínte teicniúla maidir leis an ráthaíocht airgeadais a bhunú i gcomhréir le ceanglais Airteagal 14(2);

(c)

treoirlínte teicniúla maidir le hiniúchtaí i gcomhréir le hAirteagal 17.

2.   Leagfaidh an Coimisiún síos na forálacha is gá maidir leis an méid seo a leanas, agus tosaíocht á tabhairt aige do phointe (b), do phointe (c) agus do phointe (d):

(a)

Airteagal 13(6) a chur chun feidhme, lena n-áirítear na ceanglais theicniúla a bhaineann le ciainíd so-díthiomsaithe le haigéad lag agus a modh tomhais a shainmhíniú;

(b)

na ceanglais theicniúla maidir le dramhaíl a thréithriú agus atá in Iarscríbhinn II a chomhlánú;

(c)

an sainmhíniú atá bpointe 3 d'Airteagal 3 a léirmhíniú;

(d)

na critéir maidir le haicmiú saoráidí dramhaíola a shainmhíniú i gcomhréir le hIarscríbhinn III;

(e)

aon chaighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh modhanna samplála agus anailíse is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme a chinneadh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).

3.   Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe is gá ar na hIarscríbhinní chun iad a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Déanfar na leasuithe sin d'fhonn ardleibhéal cosanta comhshaoil a bhaint amach.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 23(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.   EUROSTAT

3.1.   Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí  (19)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2494/95, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha a ghlacadh lena n-áiritheofar, trína leanúint, comparáideacht idir HICPanna agus chun a n-iontaofacht agus a n-ábharthacht a chothabháil agus a fheabhsú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 mar a leanas:

1.

in Airteagal 3, cuirtear na focail ‘in Airteagal 14(2)’ in ionad ‘in Airteagal 14’.

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 4:

‘Glacfaidh an Coimisiún (Eurostat) rialacha lena n-áiritheofar, trína leanúint, comparáideacht idir HICPanna. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3):

‘3.   Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme don Rialachán seo a bheidh riachtanach d'fhonn comparáideacht idir HICPanna a áirithiú agus chun a n-iontaofacht agus a n-ábharthacht a chothabháil agus a fheabhsú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3). Iarrfaidh an Coimisiún ar an BCE a thuairim a thabhairt maidir leis na bearta a bheartaíonn an Coimisiún a chur faoi bhráid an Choiste.’;

4.

in Airteagal 8(3), cuirtear na focail ‘in Airteagal 14(2)’ in ionad ‘in Airteagal 14’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Torthaí a sholáthar

Déanfaidh na Ballstáit próiseáil ar na sonraí a bhailítear chun na HICPanna a sholáthar, agus is innéacs de chineál Laspeyres a bheidh ann, lena gcuimseofar na catagóirí don aicmiú idirnáisiúnta Coicop (aicmiú ar thomhaltas aonair de réir cuspóra) (20), a oiriúnóidh an Coimisiún d'fhonn HICPanna comparáideacha a bhunú. Cinnfidh an Coimisiún na modhanna, na nósanna imeachta agus na foirmlí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais chomparáideachta. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

6.

in Airteagal 11, cuirtear na focail ‘in Airteagal 14(2)’ in ionad ‘in Airteagal 14’.

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (21), agus dá ngairfear “an Coiste” anseo feasta, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CEón gComhairle (22), ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 15:

‘Sna tuarascálacha sin, tabharfaidh an Coimisiún a thuairimí i dtaobh oibriú na nósanna imeachta a thuairiscítear in Airteagal 14 agus molfaidh sé aon leasuithe a mheasfaidh sé a bheith iomchuí.’.

3.2.   Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal  (23)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 577/98, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún athróga breise a ghlacadh, mar aon leis na sainmhínithe, na rialacha maidir le seiceáil agus códú na n-athróg a oiriúnú, agus liosta d'athróga struchtúracha, an samplamhéid íosta agus minicíocht an bhailithe a tharraingt suas. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 577/98 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 577/98 mar a leanas:

1.

sa tríú fleasc den chúigiú mír d'Airteagal 1 cuirtear na focail ‘in Airteagal 8(2)’ in ionad ‘in Airteagal 8’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4 d'Airteagal 4:

‘2.   Féadfar an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi i mír 1 a fhorlíonadh trí shraith bhreise athróg, dá dtagraítear mar “modúl ad hoc” anseo feasta a chur isteach.

Glacfaidh an Coimisiún, gach bliain, clár ilbhliantúil de mhodúil ad hoc ina gcumhdófar roinnt blianta.

Sonrófar leis an gclár sin, i gcás gach modúil ad hoc, an t-ábhar, an tréimhse thagartha, an samplamhéid (atá comhionann nó níos lú ná an samplamhéid a shocrófar de réir Airteagal 3), chomh maith leis an spriocam faoinar cheart na torthaí a tharchur (a fhéadfaidh bheith difriúil ón spriocam de réir Airteagal 6).

Tarraingeofar suas liosta de na Ballstáit agus de na réigiúin lena mbaineann chomh maith le liosta mionsonraithe den fhaisnéis a bheidh le bailiú i modúl ad hoc dhá mhí dhéag ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha don mhodúl sin.

Ní beidh níos mó ná aon athróg déag i mhodúl ad hoc.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

3.   Déanfaidh an Coimisiún na sainmhínithe, na rialacha maidir le seiceáil, códú na n-athróg, oiriúnú liosta na n-athróg suirbhéanna is gá a dhéanamh i ngeall ar fhorbairt teicníochtaí agus coincheapa, chomh maith le liosta de phrionsabail chun ceisteanna a fhoirmliú a bhaineann le staid an tsaothair, a tharraingt suas. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

4.   Ar thogra ón gCoimisiún, féadfar liosta athróg, dá ngairfear “athróga struchtúracha” anseo feasta, a shainaithint as measc shaintréithe an tsuirbhé a shonraítear i mír 1, agus nach mór a thiomsú mar mheáin bhliantúla amháin, ag tagairt do 52 seachtain seachas mar mheáin ráithiúla. Is é an Coimisiún a tharraingeoidh suas an liosta de na hathróga struchtúracha, an samplamhéid íosta agus minicíocht an tsuirbhé. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3). Féadfaidh an Spáinn, an Fhionlainn agus an Ríocht Aontaithe na hathróga struchtúracha a thiomsú ag tagairt do ráithe amháin i rith idirthréimhse go dtí deireadh 2007.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (24) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE (25) ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.3.   Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le staidreamh gearrthréimhseach  (26)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1165/98, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na scéimeanna samplála Eorpacha a fhormheas agus a chur chun feidhme, na hIarscríbhinní a oiriúnú agus bearta cur chun feidhme an Rialacháin seo a chinneadh, lena n-áirítear na bearta chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a bhaineann le bailiú agus próiseáil staidrimh sonraí agus tarchur na n-athróg. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) d'Airteagal 4(2):

‘(d)

rannpháirtíocht i scéimeanna samplála Eorpacha arna gcomhordú ag Eurostat chun meastacháin Eorpacha a sholáthar.

Beidh mionsonraí na scéimeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar a shonraítear iad sna hIarscríbhinní. Glacfaidh an Coimisiún bearta maidir lena bhformheas agus lena gcur chun feidhme. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

Bunófar scéimeanna samplála Eorpacha nuair nach gcomhlíonann na scéimeanna samplála náisiúnta na ceanglais Eorpacha. Chomh maith leis sin, féadfaidh na Ballstáit a roghnú páirt a ghlacadh i scéimeanna samplála Eorpacha nuair is indéanta le scéimeanna den sórt sin laghduithe substaintiúla a dhéanamh i gcostas an chórais staidrimh nó ar an ualach a chuireann comhlíonadh na gceanglas Eorpach ar an ngnó. Le Ballstát a bheith rannpháirteach i scéim samplála Eorpach comhlíonfar na coinníollacha a leagtar ar Bhallstát maidir le soláthar na hathróige i gcomhréir le cuspóir scéim den sórt sin. Féadfaidh scéimeanna samplála Eorpacha spriocdhíriú ar na coinníollacha, an leibhéal mionsonraí agus na spriocamanna don tarchur sonraí.’;

2.

in Airteagal 16(1), cuirtear na focail ‘in Airteagal 18(2)’ in ionad ‘in Airteagal 18’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17 agus Airteagal 18:

‘Airteagal 17

Bearta cur chun feidhme

Cinnfidh an Coimisiún na bearta lena gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme, lena n-áirítear na bearta chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a bhaineann le bailiú agus próiseáil staidrimh sonraí agus tarchur na n-athróg a chur san áireamh. Le linn dó déanamh amhlaidh, tabharfar aird ar an bprionsabal nach mór gur mó sochair an bhirt ná costas an bhirt, agus ar an bprionsabal nach mbeidh aon mhóracmhainní breise i gceist cibé do na Ballstáit ná do ghnóthais i gcomparáid le forálacha bunaidh an Rialacháin seo. Áireofar, go háirithe, sna bearta lena gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme:

(a)

úsáid aonad ar leith (Airteagal 2);

(b)

liosta na n-athróg a thabhairt cothrom le dáta (Airteagal 3);

(c)

sainmhínithe agus foirmeacha iomchuí na n-athróg arna dtarchur (Airteagal 3);

(d)

scéimeanna samplála Eorpacha a bhunú (Airteagal 4);

(e)

an mhinicíocht do thiomsú an staidrimh (Airteagal 5);

(f)

na leibhéil miondealaithe agus comhshuimithe a bheidh le cur i bhfeidhm ar na hathróga (Airteagal 6);

(g)

na spriocamanna don tarchur (Airteagal 8);

(h)

na critéir maidir le cáilíocht a thomhas (Airteagal 10);

(i)

na hidirthréimhsí (Airteagal 13(1));

(j)

na maoluithe a dheonaítear i rith na n-idirthréimhsí (Airteagal 13(2));

(k)

treoirstaidéir a thionscnamh (Airteagal 16);

(l)

an chéad bhonnbhliain a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhair amshraitheanna in NACE Ath. 2;

(m)

maidir le hamshraitheanna roimh 2009, a bheidh le tarchur i gcomhréir le NACE Ath. 2, leibhéal an mhionsonraithe, an fhoirm, an chéad tréimhse thagartha agus an tréimhse thagartha.

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (j) agus i pointe (k), glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i) agus i bpointe (l) agus i bpointe (m), ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

Airteagal 18

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (27) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (28), ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.

leasaítear Iarscríbhinn A (‘Tionscal’) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) (‘Raon feidhme’):

‘(a)   Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a liostaítear i Roinn B go Roinn E de NACE Ath. 2, nó de réir mar a bheidh, maidir leis na táirgí go léir a liostaítear i Roinn B go Roinn E den CPA. Ní éilítear an fhaisnéis le haghaidh 37, 38.1, 38.2 agus 39 de NACE Ath. 2. Féadfaidh an Coimisiún liosta na ngníomhaíochtaí a athbhreithniú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 de phointe (b) (‘Aonad breathnóireachta’):

‘3.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go n-úsáidfear aonaid bhreathnóireachta eile. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(c)

leasaítear pointe (c) (‘Liosta na n-athróg’) mar a leanas:

(i)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:

‘Cinnfidh an Coimisiún na coinníollacha chun an cháilíocht sonraí is gá a áirithiú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

‘3.

Ag tosú le tús na chéad tréimhse thagartha, féadfar an fhaisnéis maidir le horduithe nua (Uimh. 130, Uimh. 131, Uimh. 132) a neasú le treoirtháscaire malartach, a fhéadfar a ríomh ó shonraí as suirbhéanna faoi thuairimí lucht gnó. Ceadófar an neastachán sin ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Déanfar an tréimhse sin a fhadú suas go cúig bliana eile mura gcinneann an Coimisiún a mhalairt. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

4.

Ag tosú le tús na chéad tréimhse thagartha, féadfar an fhaisnéis maidir le daoine fostaithe (Uimh. 210) a neasú le líon na bhfostaithe (Uimh. 211). Ceadófar an neastachán sin ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Déanfar an tréimhse sin a fhadú suas go cúig bliana eile mura gcinneann an Coimisiún a mhalairt. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh de mhír 8:

‘Féadfaidh an Coimisiún liosta na ngníomhaíochtaí a athbhreithniú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh de mhír 10:

‘Féadfaidh an Coimisiún liosta na ngníomhaíochtaí a athbhreithniú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 de phointe (d) (‘Foirm’):

‘2.

Sa bhreis air sin, beidh an athróg táirgeachta (Uimh. 110) agus athróg na n-uaireanta a oibríodh (Uimh. 220) le tarchur i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre.

Aon áit a léiríonn athróga eile éifeachtaí an lae oibre, féadfaidh na Ballstáit na hathróga sin a tharchur, freisin, i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre. Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-athróg a bheidh le tarchur i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8 agus mhír 9 de phointe (f) (‘Leibhéal an mhionsonraithe’):

‘8.

Maidir le hathróg an phraghais allmhairithe (Uimh. 340), féadfaidh an Coimisiún na téarmaí a chinneadh maidir le cur i bhfeidhm na scéime samplála Eorpaí faoi mar a shainmhínítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 4(2) í. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

9.

Beidh na hathróga maidir leis na margaí nach margaí baile iad (Uimh. 122, Uimh. 132 agus Uimh. 312) le tarchur i gcomhréir leis an idirdhealú idir limistéar laistigh de chrios an euro agus go limistéar lasmuigh de chrios an euro. Cuirfear an t-idirdhealú i bhfeidhm maidir leis an tionscal iomlán a shainmhínítear mar NACE Ath. 2 (Roinn B go Roinn E), na príomhghrúpaí tionscail (MIG), an Roinn (1 litir) agus Rannán leibhéal 2-dhigit de NACE Ath. 2. Ina theannta sin beidh athróg an phraghais allmhairithe (Uimh. 340) le tarchur i gcomhréir leis an idirdhealú go limistéar laistigh de chrios an euro agus go limistéar lasmuigh de chrios an euro. Cuirfear an t-idirdhealú i bhfeidhm maidir leis an tionscal iomlán a shainmhínítear mar CPA Roinn B go Roinn E, na príomhghrúpaí tionscail (MIGanna), an Roinn (1 litir) agus Rannán leibhéal 2-dhigit den CPA. Maidir leis an idirdhealú idir limistéar laistigh de chrios an euro agus go limistéar lasmuigh de chrios an euro, féadfaidh an Coimisiún na téarmaí a chinneadh maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna samplála Eorpacha mar a shainmhínítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 4(2). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3). Féadfaidh an scéim samplála Eorpach an raon feidhme atá ag athróg an phraghais allmhairithe a theorannú maidir le táirgí a allmhairiú ó thíortha nach bhfuil i gcrios an euro. Ní gá do na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha mar airgeadra acu an t-idirdhealú idir limistéar laistigh de chrios an euro agus go limistéar lasmuigh de chrios an euro a dhéanamh i sonraí a tharchuirtear i gcomhair athróga 122, 132, 312 agus 340.’;

(f)

i bpointe (j) (‘Idirthréimhse’), cuirtear tagairtí d'Airteagal 18(2) in ionad na dtagairtí go léir d'Airteagal 18;

5.

leasaítear Iarscríbhinn B (‘Foirgníocht’) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 de phointe (b) (‘Aonad breathnóireachta’):

‘4.

Is féidir leis an gCoimisiún a chinneadh go n-úsáidfear aonaid bhreathnóireachta eile. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(b)

leasaítear pointe (c) (‘Liosta na n-athróg’) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.

Ag tosú le tús na chéad tréimhse tagartha, féadfar an fhaisnéis maidir le daoine fostaithe (Uimh. 210) a neasú le líon na bhfostaithe (Uimh. 211). Ceadófar an neastachán seo ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Déanfar an tréimhse sin a fhadú suas go cúig bliana eile mura gcinneann an Coimisiún a mhalairt. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír 6:

‘Cinnfidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná an 11 Lúnasa 2008 cibé an ndéanfar Airteagal 17(b) a agairt chun athróg an phraghais aschuir a chur in ionad athróg an chostais foirgníochta, le héifeacht ón mbonnbhliain 2010. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 de phointe (d) (‘Foirm’):

‘2.

Sa bhreis air sin, tarchuirfear na hathróga táirgeachta (Uimh. 110, Uimh. 115, Uimh. 116) agus athróg na n-uaireanta a oibríodh (Uimh. 220) i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre. Aon áit a léiríonn athróga eile éifeachtaí an lae oibre, féadfaidh na Ballstáit na hathróga sin a tharchur, freisin, i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre. Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-athróg a bheidh le tarchur i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(d)

i bpointe (j) (‘Idirthréimhse’), cuirtear tagairtí d'Airteagal 18(2) in ionad na dtagairtí go léir d'Airteagal 18;

6.

leasaítear Iarscríbhinn C (‘Trádáil mhiondíola agus deisiú’) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 de phointe (b) (‘Aonad breathnóireachta’):

‘2.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go n-úsáidfear aonaid bhreathnóireachta eile. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(b)

leasaítear pointe (c) (‘Liosta na n-athróg’) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.

Ag tosú le tús na chéad tréimhse tagartha, féadfar an fhaisnéis maidir le daoine fostaithe (Uimh. 210) a neasú le líon na bhfostaithe (Uimh. 211). Ceadófar an neastachán sin ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Déanfar an tréimhse sin a fhadú suas go cúig bliana eile mura gcinneann an Coimisiún a mhalairt. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír 4:

‘Cinnfidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná an 11 Lúnasa 2008 cibé an ndéanfar Airteagal 17(b) a agairt chun athróg na n-uaireanta a oibríodh (Uimh. 220) agus an athróg d'ollphá agus d'olltuarastal (Uimh. 230) a áireamh le héifeacht ón mbonnbhliain 2010. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 de phointe (d) (‘Foirm’):

‘2.

Beidh athróg an láimhdeachais (Uimh. 120) agus athróg mhéid na ndíolachán (Uimh. 123) le tarchur i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre. Aon áit a léiríonn athróga eile éifeachtaí an lae oibre, féadfaidh na Ballstáit na hathróga sin a tharchur, freisin, i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre. Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-athróg a bheidh le tarchur i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 de phointe (g) (‘Spriocamanna chun sonraí a tharchur’):

‘2.

Tarchuirfear na hathróga maidir le láimhdeachas (Uimh. 120) agus díbhoilsceoir na ndíolachán/méid na ndíolachán (Uimh. 330/Uimh. 123) laistigh de mhí amháin i gcomhair leibhéal an mhionsonraithe atá sonraithe i mír 3 faoi cheannteideal (f) den Iarscríbhinn seo. Féadfaidh na Ballstáit roghnú a bheith rannpháirteach i dtaca leis an athróg maidir le láimhdeachas (Uimh. 120) agus i dtaca leis na hathróga maidir le díbhoilsceoir na ndíolachán/méid na ndíolachán (Uimh. 330/Uimh. 123) trí ionchur a dhéanamh a bheidh i gcomhréir le leithdháileadh scéime samplála Eorpaí faoi mar a shainmhínítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 4(2) í. Is é an Coimisiún a chinnfidh téarmaí an leithdháilte. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(e)

i bpointe (j) (‘Idirthréimhse’), cuirtear tagairtí d'Airteagal 18(2) in ionad na dtagairtí go léir d'Airteagal 18;

7.

leasaítear Iarscríbhinn D (‘Seirbhísí eile’) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 de phointe (b) (‘Aonad breathnóireachta’):

‘2.

Is féidir leis an gCoimisiún a chinneadh go n-úsáidfear aonaid bhreathnóireachta eile. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(b)

leasaítear pointe (c) (‘Liosta na n-athróg’) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.

Ag tosú le tús na chéad tréimhse tagartha, féadfar an fhaisnéis maidir le daoine fostaithe (Uimh. 210) a neasú le líon na bhfostaithe (Uimh. 211). Ceadófar an neastachán sin ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Déanfar an tréimhse seo a fhadú suas go cúig bliana eile mura gcinneann an Coimisiún a mhalairt. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír 4:

‘Cinnfidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 11 Lúnasa 2008, cibé an ndéanfar Airteagal 17(b) a agairt chun athróg na n-uaireanta a oibríodh (Uimh. 220) agus an athróg d'ollphá agus d'olltuarastal (Uimh. 230) a áireamh le héifeacht ón mbonnbhliain 2010. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 de phointe (d) (‘Foirm’):

‘2.

Beidh athróg an láimhdeachais (Uimh. 120), freisin, le tarchur i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre. Cibé uair a léiríonn athróga eile éifeachtaí an lae oibre, féadfaidh na Ballstáit na hathróga sin a tharchur, freisin, i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre. Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-athróg a bheidh le tarchur i bhfoirm a bheidh coigeartaithe don lá oibre a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre dheiridh de phointe (e) (‘Tréimhse thagartha’):

‘Cinnfidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 11 Lúnasa 2008, cibé an ndéanfar Airteagal 17(e) a agairt i ndáil leis an minicíocht do thiomsú athróg an láimhdeachais a athbhreithniú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 de phointe (f) (‘Leibhéal an mhionsonraithe’):

‘6.

Féadfaidh an Coimisiún liosta na ngníomhaíochtaí agus na ngrúpálacha a leasú tráth nach déanaí ná an 11 Lúnasa 2008. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

(f)

i bpointe (i) (‘An chéad tréimhse thagartha’) agus i bpointe (j) (‘Idirthréimhse’), cuirtear tagairtí d'Airteagal 18(2) in ionad na dtagairtí go léir d'Airteagal 18.

3.4.   Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair  (29)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 530/1999, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an sainmhíniú agus an miondealú ar an bhfaisnéis atá le soláthar a oiriúnú, agus na critéir maidir le meastóireacht ar cháilíocht a leagan síos. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11 agus Airteagal 12:

‘Airteagal 11

Bearta cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta lena dtabharfar aird ar athruithe eacnamaíocha agus teicniúla, le haghaidh gach tréimhse tagartha naoi mí ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha:

(i)

an sainmhíniú agus an miondealú ar an bhfaisnéise a bheidh le soláthar (Airteagal 6),

(ii)

an fhormáid theicniúil iomchuí chun na torthaí a tharchur (Airteagal 9),

(iii)

na critéir maidir le meastóireacht ar cháilíocht (Airteagal 10),

(iv)

na maoluithe, i gcásanna cuí-réasúnaithe, le haghaidh na mblianta 2004 agus 2006 faoi seach (Airteagal 13(2)).

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (ii) agus i bpointe (iv), glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (iii), ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Airteagal 12

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (30) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE (31) ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(2):

‘2.   I gcomhair na mblianta 2004 agus 2006, faoi seach, féadfar maoluithe ó Airteagal 3 agus ó Airteagal 6 a chinneadh, sa mhéid agus go gcaithfear mór-oiriúnuithe a dhéanamh ar an gcóras staidrimh náisiúnta, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin a leagtar amach in Airteagal 12(2).’.

3.5.   Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le hinnéacs na gcostas saothair  (32)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 450/2003, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sainmhínithe a oiriúnú agus na sonraíochtaí teicniúla a leasú, ranna nua a chur ar áireamh sa suirbhé, miondealú na n-innéacsanna de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha a oiriúnú, na critéir cháilíochta a shainmhíniú, staidéir féidearthachta a bhunú agus cinntí a dhéanamh de réir thorthaí na staidéar sin, agus an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun an t-innéacs a shlabhrú a chinneadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(4):

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh chun sonraíocht theicniúil an innéacs a ath-shainmhíniú agus an struchtúr ualaithe a athbhreithniú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

‘2.   Is é an Coimisiún a chinnfidh, agus aird á tabhairt aige ar na staidéir féidearthachta dá dtagraítear in Airteagal 10, cibé an áireofar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá sainmhínithe i roinn O go roinn S de NACE Ath. 2 faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Miondealú ar na hathróga

1.   Déanfar miondealú ar na sonraí de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha mar a shainmhínítear i ranna NACE Ath. 2 agus trí thuilleadh dí-chomhbhailithe, arna sainmhíniú ag an gCoimisiún, gan leibhéal rannáin NACE Ath. 2 (leibhéal 2-dhigit) ná grúpálacha rannán a shárú, agus aird á tabhairt ar na ranníocaíochtaí d'fhostaíocht iomlán agus do chostais saothair ar leibhéal an Chomhphobail agus ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Soláthrófar innéacsanna costais saothair ar leith do gach ceann de na trí chatagóir de chostais saothair a shainaithnítear thíos:

(a)

costais saothair ina n-iomláine;

(b)

pá agus tuarastail, arna sainmhíniú trí thagairt do mhír D.11 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1726/1999;

(c)

ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostóirí móide cánacha a íocann an fostóir lúide fóirdheontais a fhaigheann an fostóir, mar a shainmhínítear trí shuim mhír D.12 agus mhír D.4 lúide mír D.5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1726/1999.

2.   Soláthrófar innéacs ina dtabharfar meastachán ar na costais saothair ina n-iomláine, cé is moite de bhónais, agus ina sainmhínítear na bónais trí D.11112 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1726/1999, agus beidh sé miondealaithe de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha arna sainmhíniú ag an gCoimisiún agus bunaithe ar aicmiú NACE Ath. 2, agus aird á tabhairt ar na staidéir féidearthachta a shainmhínítear in Airteagal 10. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Cáilíocht

1.   Comhlíonfaidh na sonraí reatha agus na cúlsonraí a tharchuirfear critéir leithleacha cáilíochta a bheidh sainmhínithe ag an gCoimisiún. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

2.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar cháilíocht ar fáil don Choimisiún, ag tosú sa bhliain 2003. Is é an Coimisiún a shaineoidh inneachar na dtuarascálacha sin. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11 agus Airteagal 12:

‘Airteagal 11

Bearta cur chun feidhme

Leagfaidh an Coimisiún síos na bearta seo a leanas chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta lena dtabharfar aird ar athruithe eacnamaíocha agus teicniúla:

(a)

an sainmhíniú, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), ar na fo-rannáin a áireofar sa struchtúr socraithe;

(b)

sonraíocht theicniúil an innéacs (Airteagal 2);

(c)

roinn O go roinn S de NACE Ath. 2 a chur ar áireamh (Airteagal 3);

(d)

an miondealú ar na hinnéacsanna de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha (Airteagal 4);

(e)

an fhormáid ina ndéanfar na torthaí a tharchur agus na nósanna imeachta coigeartaithe a chuirfear i bhfeidhm (Airteagal 6);

(f)

na critéir cháilíochta ar leithligh i gcomhair na sonraí reatha agus i gcomhair na gcúlsonraí a tharchuirfear agus inneachar na dtuarascálacha ar cháilíocht (Airteagal 8);

(g)

an idirthréimhse (Airteagal 9);

(h)

staidéir féidearthachta a bhunú agus cinntí a dhéanamh de bhun thorthaí na staidéar sin (Airteagal 10); agus

(i)

an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an t-innéacs a shlabhrú (Iarscríbhinn).

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (e), i bpointe (g) agus i bpointe (h), glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 12(2).

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (f) agus (i), ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Airteagal 12

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (33) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3 den Iarscríbhinn:

‘3.

Is é an Coimisiún a shaineoidh an mhodheolaíocht maidir leis an innéacs a shlabhrú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’.

3.6.   Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le staidreamh i ndáil le gairmoiliúint i ngnóthais  (34)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sainmhínithe agus na modhanna samplála a oiriúnú, na sonraí sonracha a bheidh le bailiú a shainmhíniú agus na ceanglais maidir le cáilíocht na sonraí agus na socruithe tarchuir a chinneadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2):

‘2.   Agus aird á tabhairt ar dháileadh sonrach na ngnóthas, de réir méide, ar leibhéal náisiúnta agus na riachtanais atá ag athrú maidir leis an mbeart is gá a ghlacadh, féadfaidh na Ballstáit leathnú a dhéanamh ar shainmhíniú an aonaid staidrimh ina gcríoch féin. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, freisin, leathnú a dhéanamh ar an sainmhíniú seo más rud é go gcuirfeadh leathnú den sórt sin go suntasach le hionadaíocht agus cáilíocht thoradh an tsuirbhé sa Bhallstát lena mbaineann. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(3):

‘3.   Is é an Coimisiún a chinnfidh an modh samplála agus na ceanglais maidir le cruinneas, méideanna na samplaí a éilítear chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, agus na sonraíochtaí mionsonraithe de NACE Ath. 2 agus na catagóirí méide ina bhféadfar na torthaí a mhiondealú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

‘2.   Is é an Coimisiún a chinnfidh na sonraí sonracha a bhaileofar maidir le gnóthais oiliúna agus gnóthais neamhoiliúna agus na cineálacha éagsúla gairmoiliúna. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagl 9(4):

‘4.   Is é an Coimisiún a chinnfidh na ceanglais maidir le cáilíocht na sonraí a bheidh le bailiú agus le tarchur le haghaidh staidrimh Comhphobail i ndáil le gairmoiliúint i ngnóthais, struchtúr na dtuarascálacha ar cháilíocht dá dtagraítear i mír 2 agus aon bhearta is gá chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí agus chun feabhas a chur orthu. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(2):

‘2.   Socróidh an Coimisiún an chéad bhliain tagartha nach foláir sonraí a bhailiú ina leith. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14:

‘Airteagal 13

Bearta cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun aird a thabhairt ar fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a bhaineann le bailiú, tarchur agus próiseáil na sonraí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

Maidir le bearta eile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear an fhormáid theicniúil iomchuí agus an caighdeán idirmhalartaithe do na sonraí a tharchuirtear go leictreonach, glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (35) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   AN MARGADH INMHEÁNACH

4.1.   Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV)  (36)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún struchtúr agus cóid an stóir focal chomhchoiteann um sholáthar (CPV) a thabhairt cothrom le dáta agus coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar iomlán na nIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin chun uirlis atá oiriúnaithe dá riachtanais agus d'fhorbairtí sa mhargadh a chur ar fáil d'úsáideoirí. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil said ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun leasuithe de chineál teicniúil, agus leasuithe den chineál sin amháin, a ghlacadh.

Dá réir sin, cuirtear an méid seo a leanas in áit Airteagal 2 agus Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002:

‘Airteagal 2

Glacfaidh an Coimisiún na forálacha is gá chun CPV a athbhreithniú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 3(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 3(3).

Airteagal 3

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle (37), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.2.   Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist  (38)

Maidir le Treoir 2004/17/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar fhorálacha áirithe den Treoir agus ar a hIarscríbhinní, i bhfianaise ascnaimh theicniúil nó forbairtí teicniúla sna Ballstáit, agus athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha chun na socruithe a chur i bhfeidhm. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceaptear iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/17/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar fhorais éifeachtúlachta, agus mar gheall ar na teorainneacha ama a fhorchuirtear leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gcomhair ríomh agus foilsiú, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama is infheidhme i leith an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú le haghaidh athbhreithniú tairseacha áirithe.

Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun leasuithe de chineál teicniúil, agus leasuithe den chineál sin amháin, a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/17/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68:

‘Airteagal 68

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle (39),cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Ceithre seachtaine, dhá sheachtain agus sé seachtaine, faoi seach, a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e), de Chinneadh 1999/468/CE.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

2.

leasaítear Airteagal 69 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

‘Fíoróidh an Coimisiún na tairseacha a bhunaítear in Airteagal 16 gach dara bliain amhail ón 30 Aibreán 2004, agus, maidir leis an dara fomhír, athbhreithneoidh sé iad, más gá. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 68(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 68(5).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

‘Agus an t-athbhreithniú dá bhforáiltear i mír 1 á dhéanamh, cuirfidh an Coimisiún na tairseacha dá bhforáiltear in Airteagal 61 (na comórtais deartha) ar comhréim leis an tairseach athbhreithnithe is infheidhme maidir le conarthaí seirbhísí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 68(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 68(5).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 70:

‘Airteagal 70

Leasuithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(2), an méid seo a leanas a leasú:

(a)

an nós imeachta maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn XX a sheoladh agus a fhoilsiú ar fhorais a bhaineann le hascnamh teicniúil nó ar chúiseanna riaracháin;

(b)

na nósanna imeachta maidir le tarraingt suas, tarchur, glacadh, aistriú, bailiú agus dáileadh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagail 41, 42, 43 agus 63;

(c)

ar mhaithe leis an simpliú riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 67(3), na nósanna imeachta maidir le húsáid, tarraingt suas, tarchur, glacadh, aistriú, bailiú agus dáileadh na dtuarascálacha staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 67(1) agus (2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a leasú:

(a)

liosta na n-eintiteas conarthacha in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn X ionas go gcomhallfaidh siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 2 go hAirteagal 7;

(b)

na nósanna imeachta maidir leis na tagairtí sonracha do shuímh ar leith san ainmníocht CPV sna fógraí;

(c)

na huimhreacha tagartha san ainmníocht a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII, sa mhéid nach n-athróidh sí raon feidhme na Treorach, agus na nósanna imeachta tagartha sna fógraí do shuímh ar leith san ainmníocht sin laistigh de na catagóirí seirbhísí a liostaítear san Iarscríbhinn;

(d)

na huimhreacha tagartha san ainmníocht a leagtar amach in Iarscríbhinn XII, sa mhéid nach n-athraítear raon feidhme ábhartha na Treorach, agus na nósanna imeachta tagartha do shuímh ar leith san ainmníocht sin sna fógraí;

(e)

Iarscríbhinn XI;

(f)

mionsonraí agus saintréithe teicniúla na ngléasanna le haghaidh glacadh leictreonach dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (f) agus i bpointe (g) d'Iarscríbhinn XXIV;

(g)

na nósanna imeachta teicniúla i gcomhair na modhanna ríofa dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 69(1) agus sa dara fomhír d'Airteagal 69(2).

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 68(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 68(5).’.

4.3.   Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú  (40)

Maidir le Treoir 2004/18/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar fhorálacha áirithe den Treoir agus ar a hIarscríbhinní, chun go mbeidh siad ag teacht le hascnamh teicniúil nó forbairtí teicniúla sna Ballstáit, agus athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha chun na socruithe a chur i bhfeidhm. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil said ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/18/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar fhorais éifeachtúlachta, agus mar gheall ar na teorainneacha ama a fhorchuirtear leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gcomhair ríomh agus foilsiú, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama is infheidhme i leith an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú le haghaidh athbhreithniú tairseacha áirithe.

Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun leasuithe de chineál teicniúil, agus leasuithe den chineál sin amháin, a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/18/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 77:

‘Airteagal 77

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle (41) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Ceithre seachtaine, dhá sheachtain agus sé seachtaine, faoi seach, a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

2.

leasaítear Airteagal 78 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

‘Fíoróidh an Coimisiún na tairseacha a bhunaítear in Airteagal 7 gach dara bhliain amhail ón 30 Aibreán 2004 agus athbhreithneoidh sé iad más gá. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 77(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 77(5).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Nuair a bheidh an t-athbhreithniú dá bhforáiltear i mír 1 á dhéanamh, cuirfidh an Coimisiún na tairseacha seo a leanas ar comhréim:

(a)

na tairseacha a bhunaítear in (a) den chéad mhír d'Airteagal 8, in Airteagal 56 agus sa chéad fhomhír d'Airteagal 63(1) maidir leis an tairseach athbhreithnithe is infheidhme maidir leis na conarthaí oibreacha poiblí;

(b)

an tairseach a bhunaítear i bpointe (a) d'Airteagal 67(1) maidir leis an tairseach athbhreithnithe is infheidhme maidir leis na conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain ag na húdaráis chonarthacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV;

(c)

na tairseacha a bhunaítear i bpointe (b) den chéad mhír d'Airteagal 8 agus i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 67(1) maidir leis an tairseach athbhreithnithe is infheidhme maidir le conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha seachas na húdaráis dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 77(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 77(5).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79:

‘Airteagal 79

Leasuithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2), an méid seo a leanas a leasú:

(a)

na nósanna imeachta maidir le tarraingt suas, tarchur, glacadh, aistriú, bailiú agus dáileadh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagail 35, 58, 64 agus in Airteagal 69 agus na dtuarascálacha staidrimh dá bhforáiltear sa cheathrú fomhír d'Airteagal 35(4) agus in Airteagal 75 agus Airteagal 76;

(b)

na nósanna imeachta chun na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII a sheoladh agus a fhoilsiú ar fhorais a bhaineann le hascnamh teicniúil nó ar chúiseanna riaracháin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a leasú:

(a)

nósanna imeachta teicniúla na modhanna ríofa a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 78(1) agus in Airteagal 78(3);

(b)

na nósanna imeachta maidir leis na tagairtí sonracha do shuímh ar leith san ainmníocht CPV sna fógraí;

(c)

liostaí na gcomhlachtaí agus na gcatagóirí comhlachtaí arna rialú faoin dlí poiblí in Iarscríbhinn III, nuair is léir, ar bhonn fógraí ó na Ballstát, gur gá an leasú sin a dhéanamh;

(d)

liostaí na n-údarás rialtais lárnach in Iarscríbhinn IV, tar éis na n-oiriúnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don Chomhaontú;

(e)

na huimhreacha tagartha san ainmníocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I, sa mhéid nach n-athróidh sé sin raon feidhme ábhartha na Treorach seo, agus na nósanna imeachta tagartha do shuímh ar leith san ainmníocht sin sna fógraí;

(f)

na huimhreacha tagartha san ainmníocht a leagtar amach in Iarscríbhinn II, sa mhéid nach n-athróidh sé sin raon feidhme na Treorach seo, agus na nósanna imeachta tagartha sna fógraí do shuímh ar leith san ainmníocht sin laistigh de na catagóirí seirbhísí a liostaítear san Iarscríbhinn;

(g)

mionsonraí agus saintréithe teicniúla na ngléasanna le haghaidh glacadh leictreonach, dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (f) agus i bpointe (g) d'Iarscríbhinn X.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 77(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 77(5).’.

5.   SLÁINTE AGUS COSAINT TOMHALTÓIRÍ

5.1.   Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia  (42)

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 315/93, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún lamháltais uasta a leagan síos d'éilleáin shonracha. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 a leasú, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

D'fhéadfadh aon mhoill a bhainfeadh le lamháltais uasta a bhunú d'éilleáin shonracha a bheith ina bhagairt do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe. Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun na lamháltais sin a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 2(3):

‘D'fhonn an tsláinte phoiblí a chosaint agus de bhun mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, na lamháltais uasta d'éilleáin shonracha a bhunú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 8(4).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2):

‘2.   Scrúdóidh an Coimisiún na cúiseanna a bheidh tugtha ag an mBallstát dá dtagraítear i mír 1 chomh luath agus is féidir sa Bhuanchoiste um Ábhair Bia arna bhunú le Cinneadh 69/414/CEE (43), agus tabharfaidh sé a thuairim uaidh láithreach agus déanfaidh sé cibé beart is gá a bheidh dírithe ar an mbeart náisiúnta a dheimhniú, a leasú nó a aisghairm i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin a leagtar síos in Airteagal 8(2).

3.

sa cheathrú fomhír d'Airteagal 5(3), cuirtear na focail ‘Airteagal 8(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 8’;

4.

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE (44) ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.2.   Treoir 93/74/CEE ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 1993 maidir le hábhair bheatha atá beartaithe chun críocha áirithe cothaitheacha  (45)

Maidir le Treoir 93/74/CEE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha ginearálta a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na faisnéise atá san áireamh sa liosta d'úsáidí atá beartaithe agus maidir le leasuithe a ghlacadh, i gcomhréir le forbairtí in eolas eolaíoch agus teicniúil, ar an liosta d'úsáidí atá beartaithe agus ar na forálacha ginearálta i dtaca le cur i bhfeidhm na faisnéise atá san áireamh sa liosta d'úsáidí atá beartaithe. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 93/74/CEE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Tá ról níos tábhachtaí de réir a chéile ag ábhair bheatha atá beartaithe chun críocha áirithe cothaitheacha i gcothú peataí agus baintear úsáid astu freisin i dtógáil beostoic. Ní mór comhdhéanamh agus ullmhú na n-ábhar beatha seo a dhearadh sa chaoi go gcomhlíonfaidh siad riachtanais chothaitheacha shonracha na gcatagóirí peataí nó beostoic a bhféadfaí dochar gearrthréimhseach a dhéanamh dá bpróiseas asamhlaithe agus ionsúcháin nó dá meitibileacht, nó a bhféadfaí dochar sealadach nó dochúlaithe a dhéanamh dá bpróiseas asamhlaithe agus ionsúcháin nó dá meitibileacht. Ní mór, ar an ábhar sin, an fhaisnéis bheacht agus shuntasach go léir a thabhairt d'úsáideoirí na n-ábhar beatha sin, láithreach bonn, ionas go bhféadfaidh siad na roghanna iomchuí a dhéanamh. Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a úsáid d’fhorálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na faisnéise atá sa liosta d'úsáidí atá beartaithe a ghlacadh, agus i gcomhréir le forbairtí in eolas eolaíoch agus teicniúil, maidir le leasuithe ar an liosta d'úsáidí atá beartaithe a ghlacadh agus na forálacha ginearálta a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na faisnéise atá sa liosta d'úsáidí atá beartaithe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 93/74/CEE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a)

liosta na n-úsáidí atá beartaithe faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 1994, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2). Beidh ar áireamh sa liosta sin:

na táisc dá dtagraítear i bpointí(b), (c), (d) agus (e) d'Airteagal 5(1), agus,

i gcás inarb iomchuí, na táisc dá dtagraítear in Airteagal 5(2), agus sa dara fomhír d'Airteagal 5(4).

(b)

forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na dtásc dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear na tualaingí is infheidhme;

(c)

leasuithe ar na bearta a glacadh i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) i bhfianaise na bhforbairtí in eolas eolaíoch agus teicniúil.

Maidir leis na bearta dá bhforáiltear i bpointe (b) agus i bpointe (c), ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 9(4).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

‘2.   Tionscnóidh an Coimisiún, chomh luath agus is féidir, an nós imeachta rialúcháin a leagtar síos in Airteagal 9(2) d'fhonn bearta cuí a ghlacadh a bheidh dírithe ar an mbeart náisiúnta a dheimhniú, a leasú nó a aisghairm.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.3.   Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n-iarmhair in ainmhithe beo agus i dtáirgí  (46)

Maidir le Treoir 96/23/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/23/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/23/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

1.   Ní mór don phlean a bheith i gcomhréir leis na leibhéil samplála agus na minicíochtaí samplála a leagtar síos in Iarscríbhinn IV. Arna iarraidh sin ag Ballstát, áfach, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2), na híoscheanglais rialaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a choigeartú don Bhallstát lena mbaineann ar an gcoinníoll go suitear go soiléir go méadaíonn coigeartuithe den sórt sin éifeachtacht fhoriomlán an phlean i leith an Bhallstáit lena mbaineann agus nach laghdaíonn siad ar shlí ar bith a chumas iarmhairtí substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó cásanna de chóireáil neamhdhlíthiúil leis na substaintí sin, a shainaithint.

2.   Déanfaidh an Coimisiún athscrúdú ar na grúpaí iarmhar a bheidh le seiceáil i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus cinnfidh sé na leibhéil samplála agus na minicíochtaí samplála a chuimsíonn na hainmhithe agus na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus nach leagtar síos cheana féin in Iarscríbhinn IV, agus déanfar amhlaidh den chéad uair, laistigh de 18 mí ón Treoir seo a ghlacadh. Ina dhéanamh sin, tabharfaidh an Coimisiún aird ar an taithí a fuarthas faoi bhearta náisiúnta atá ann cheana agus ó fhaisnéis a cuireadh ar aghaidh chuig an gCoimisiún de bhun na gceanglas Comhphobail atá ann cheana agus beidh na grúpaí sonracha táirgí sin faoi réir monatóireachta le haghaidh iarmhar. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(4).’;

2.

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír de mhír 1:

‘A luaithe a shuífidh an Coimisiún comhréireacht na bpleananna, cuirfidh sé ar aghaidh le haghaidh formheasa iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

D'fhonn aird a thabhairt ar na hathruithe sa staid i mBallstát áirithe nó i réigiún ar leith de, mar aon le torthaí suirbhéanna náisiúnta nó iniúchtaí a dhéanfar faoi chuimsiú Airteagal 16 agus Airteagal 17, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag an mBallstát lena mbaineann, nó ar a thionscnamh féin, a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2), leasú ar phlean a formheasadh roimh ré de bhun mhír 2, nó sliocht bhreise a chuirtear le plean den sórt sin, a fhormheas.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír de mhír 2:

‘I gcás barúlacha a bheith faighte ó Bhallstáit nó i gcás ina mbeidh an Coimisiún den tuairim nach bhfuil an nuashonrú i gcomhréir nó go bhfuil sé easpach, cuirfidh an Coimisiún na pleananna nuashonraithe faoi bhráid an Bhuanchoiste Tréidliachta, agus ní mór don Choiste sin gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 14(1):

‘Tarraingeofar suas liosta de shaotharlanna ainmnithe den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin a leagtar síos in Airteagal 33(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 15(1):

‘Sonróidh an Coimisiún na rialacha mionsonraithe maidir le samplaí oifigiúla a ghlacadh agus an gnáthamh agus na modhanna tagartha a úsáidfear chun samplaí oifigiúla den sórt sin a anailísiú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(4).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír d'Airteagal 20(2):

‘I bhfianaise thuairim na saineolaithe, féadfar bearta cuí a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1 agus in ionad mhír 2 d'Airteagal 21:

‘Glacfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta is gá chun torthaí na bhfíoruithe sin a chur san áireamh agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a ghlacfar. I gcás ina mbeidh an Coimisiún den tuairim nach leor na bearta a bheidh glactha, déanfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát i dtrácht agus ag féachaint do na bearta is gá chun an tsláinte phoiblí a chosaint, bearta iomchuí a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

2.   Cinnfear na rialacha ginearálta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, go háirithe maidir leis an minicíocht agus an modh ina seolfar na fíoruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 (lena n-áirítear comhar leis na húdaráis inniúla), i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

7.

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír den chéad mhír:

‘Formheasfaidh an Coimisiún an plean i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Faoin nós imeachta céanna, féadfar glacadh le ráthaíochtaí seachas na ráthaíochtaí sin a eascraíonn as cur chun feidhme na Treorach seo.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás nach gcomhlíonfar ceanglais mhír 1, féadfar áireamh tríú tíre ar liostaí na dtríú tíortha a leagtar síos le reachtaíocht an Chomhphobail, nó de thoradh an tsochair réamhliostaithe, a chur ar fionraí i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3), arna iarraidh sin ag Ballstát nó ag an gCoimisiún ar a thionscnamh féin.’;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 30(3):

‘3.   Más rud é, i gcásanna a bhaineann le tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe coibhéise curtha i gcrích acu leis an gComhphobal, go mbeidh an Coimisiún den tuairim, tar éis dó dul i mbun fiosrúcháin le húdaráis inniúla na dtríú tíortha i dtrácht, gur mhainnigh siad a n-oibleagáidí agus na ráthaíochtaí arna dtabhairt sna pleananna dá dtagraítear in Airteagal 29(1) a chomhlíonadh, ní cheadóidh sé a thuilleadh don tír i dtrácht, faoin nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2), tairbhiú de na comhaontuithe sin i gcomhair na n-ainmhithe agus na dtáirgí i dtrácht go dtí go gcuireann an tríú tír sin na heasnaimh sin ina gceart. Cúlghairfear an fionraí faoin nós imeachta céanna.’;

9.

scriostar Airteagal 32;

10.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33, Airteagal 34 agus Airteagal 35:

‘Airteagal 33

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna chur ar bun de bhun Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (47) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE (48) ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Cúig lá dhéag a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 34

Gan dochar d'Airteagal 6(2), féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinní I, III, IV agus V a leasú nó a fhorlíonadh. Go háirithe, féadfar na hIarscríbhinní sin a leasú d'fhonn measúnú priacail a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas:

tocsaineacht fhéideartha iarmhar in ábhair bia de bhunadh ainmhíoch,

an dóchúlacht go mbeadh iarmhair in ábhair bia de bhunadh ainmhíoch.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(4).

Airteagal 35

Féadfaidh an Coimisiún bearta idirthréimhseacha a ghlacadh, ar bearta iad a bheidh de dhíth chun na socruithe a leagtar síos leis an Treoir seo a chur chun feidhme.

Maidir le bearta idirthréimhseacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia lena forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, agus go háirithe sonraí breise de na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha na Treorach seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(4).

Féadfar bearta idirthréimhseacha eile a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

5.4.   Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia  (49)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún socruithe maidir le cosaint sonraí a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 mar a leanas:

1.

in Airteagal 1(3), cuirtear na focail ‘Airteagal 13(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 13’;

2.

sa dara fomhír d'Airteagal 3(4), cuirtear na focail ‘Airteagal 13(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 13’;

3.

in Airteagal 4(5), cuirtear na focail ‘Airteagal 13(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 13’.

4.

in Airteagal 7(1), cuirtear na focail ‘Airteagal 13(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 13’;

5.

in Airteagal 8(3), cuirtear na focail ‘Airteagal 13(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 13’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Glacfaidh an Coimisiún na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis a sholáthróidh an t-iarratasóir a chosaint. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3).’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(2):

‘2.   Scrúdóidh an Coimisiún na forais dá dtagraítear i mír 1 chomh luath agus is féidir sa Bhuanchoiste um Ábhair Bia. Déanfaidh sé na bearta cuí a bheidh dírithe ar an mbeart náisiúnta a dheimhniú, a leasú nó a aisghairm i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin a leagtar síos in Airteagal 13(2). Féadfaidh an Ballstát a mbeidh an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 glactha aige an cinneadh sin a choimeád ar bun go dtí go mbeidh na bearta tagtha i bhfeidhm.’;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.5.   Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear gréasán chun faireachas eipidéimeolaíoch agus rialú a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha sa Chomhphobal  (50)

Maidir le Cinneadh Uimh. 2119/98/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na galair theagmhálacha a fholófar faoi ghréasán an Chomhphobail, agus na critéir chun na galair sin a roghnú, a leagan síos, mar aon leis na modhanna faireachais eipidéimeolaíocha agus micribhitheolaíocha. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Chinneadh Uimh. 2119/98/CE a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

I gcás ina dtarlaíonn staid éigeandála maidir le galar teagmhálach tromchúiseach a theacht chun cinn nó maidir le forbairtí nua i ngalar teagmhálacha tromchúiseach, ba cheart an córas faireachais eipidéimeolaíoch a chur i ngníomh chomh luath agus is féidir, chun a áirithiú go ndéanfar pobal agus an tsláinte phoiblí a chosaint. Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun cinntí a ghlacadh lena socraítear na galair theagmhálacha, na critéir maidir le roghnú na ngalar sin agus na modhanna faireachais eipidéimeolaíocha agus micribhitheolaíocha, agus maidir leis na leasuithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ina bhfuil liosta de chatagóirí na ngalar teagmhálach.

Dá réir sin, leasaítear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

‘D'fhonn oibríocht éifeachtach ghréasán an Chomhphobail maidir le faireachas eipidéimeolaíoch agus maidir le faisnéis aonfhoirmeach a chur i gcrích laistigh den chreat seo, glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:’;

(b)

cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

‘Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (e), ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Chinneadh seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 7(4).

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (f), (g) agus (h), glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(5):

‘5.   Bunófar nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis agus leis an gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 agus nósanna imeachta maidir leis an gcomhordú dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

3.

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a leasú nó a fhorlíonadh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Chinneadh seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 7(4).’.

5.6.   Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia  (51)

Maidir le Treoir 2000/13/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta áirithe atá riachtanach dá cur chun feidhme a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2000/13/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, úsáid substaintí contúirteacha a threisiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun na liostaí de chatagóirí áirithe comhábhar a leasú.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2000/13/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(3):

‘3.   Glacfaidh an Coimisiún na forálacha Comhphobail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

2.

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an téacs seo a leanas in ionad phointe (d) den dara fomhír de mhír 3a:

‘(d)

maidir le táirgí eile, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

(b)

leasaítear an dara fomhír de mhír 6, mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

‘—

comhábhair a bhaineann le ceann de na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus ar comhábhair d'earra bia eile iad, ní gá iad a ainmniú ach amháin de réir ainm na catagóire sin.

Féadfaidh an Coimisiún athruithe a dhéanamh ar liosta na gcatagóirí in Iarscríbhinn I. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis na nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).

Ní mór, áfach, go gcomhlánfar an ainmníocht “stáirse” a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcónaí le faisnéis faoina bhunadh plandúil sonrach, i gcás ina bhféadfaidh glútan a bheith sa chomhábhar sin,’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

‘—

ní mór na comhábhair a bhaineann le ceann de na catagóirí a líostaítear in Iarscríbhinn II a ainmniú le hainm na catagóire sin, agus a n-ainm sonrach nó a n-uimhir CE ina dhiaidh; i gcás ina mbaineann comhábhar le níos mó ná ceann de na catagóirí sin, tabharfar an chatagóir is iomchuí don phríomhfheidhm le fios i gcás an earra bia lena mbaineann.

Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar Iarscríbhinn II, a bheidh bunaithe ar fhorbairtí in eolas eolaíoch agus teicniúil, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 20(4).

Ní mór, áfach, go gcomhlánfar an ainmníocht “stáirse modhnaithe” a liostaítear in Iarscríbhinn II le faisnéis ar a bhunadh plandúil sonrach, i gcás ina bhféadfaidh glútan a bheith sa chomhábhar sin,’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 7:

‘Glacfaidh an Coimisiún na forálacha Comhphobail dá dtagraítear sa mhír seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 11:

‘Gan dochar don dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn IIIa a leasú, tar éis tuairim a fháil ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia arna heisiúint ar bhonn Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (52). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis na nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 20(4).

3.

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) de mhír 2:

‘(d)

sna cásanna a chinnfidh an Coimisiún; déanfar cinneadh na gcásanna sin, beart a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) de mhír 3:

‘(d)

sna cásanna a chinnfidh an Coimisiún; déanfar cinneadh na gcásanna sin, ar beart é atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt de mhír 4:

‘Is é an Coimisiún a ghlacfaidh na forálacha Comhphobail sin. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

4.

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 4:

‘Féadfaidh an Coimisiún an liosta seo a fhorlíonadh. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Glacfaidh an Coimisiún na forálacha Comhphobail dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, i bpointí (b) agus i bpointe (d) de mhír 2, agus sa dara fomhír de mhír 5. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3)’;

5.

in Airteagal 11(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Glacfaidh an Coimisiún na forálacha Comhphobail dá dtagraítear sa mhír seo. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

6.

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘I gcás deochanna eile ina bhfuil níos mó ná 1,2 % alcóil de réir toirte, is é an Coimisiún a leagfaidh síos na rialacha sin.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(1):

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmiscfear earraí bia a dhíol laistigh dá gcríoch i gcás nach bhfuil mionsonraí na n-earraí sin, dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(2), tugtha i dteanga a thuigfidh na tomhaltóirí go héasca, mura i ndán agus go gcuirtear na tomhaltóirí ar an eolas trí bhearta eile, a chinnfear maidir le mionsonra lipéadaithe amháin nó níos mó. Déanfar cinneadh na mbeart sin, ar bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

8.

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear isteach an méid seo a leanas:

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

9.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

‘Airteagal 21

Glacfaidh an Coimisiún bearta idirthréimhseacha, más léir go bhfuil gá leo d'fhonn cur i bhfeidhm na Treorach seo a éascú.

Maidir le bearta sealadacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, lena n-áirítear na bearta sin a fhorlíonann an Treoir seo le heilimintí nua neamhriachtanacha, go háirithe sonraí breise de na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha na Treorach seo, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).

Féadfar bearta sealadacha eile a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).’.

5.7.   Treoir 2001/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí tobac a mhonarú, a chur i láthair agus a dhíol  (53)

Maidir le Treoir 2001/37/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha maidir le grianghraif dhaite nó léaráidí a úsáid ar tháirgí tobac a ghlacadh agus na forálacha maidir le modhanna tomhais agus na forálacha maidir le rabhaidh sláinte a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2001/37/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/37/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 5(3):

‘3.   Glacfaidh an Coimisiún na rialacha maidir le grianghraif dhaite nó léaráidí eile a úsáid chun iarmhairtí sláinte ó chaitheamh tobac a thaispeáint agus a mhíniú d'fhonn a áirithiú nach mbainfear an bonn d'fhorálacha an mhargaidh inmheánaigh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Oiriúnuithe

1.   Is é an Coimisiún a chinnfidh an t-oiriúnú ar na modhanna tomhais a leagtar síos in Airteagal 4 agus ar na sainmhínithe a bhaineann leo d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

2.   Is é an Coimisiún a chinnfidh an t-oiriúnú ar rabhaidh sláinte a thaispeánfar ar aonad-phaicéid táirgí tobac faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I iad d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil mar aon le minicíocht uainíochta na rabhadh sláinte. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

3.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin a leagtar síos in Airteagal 10(2), marcáil táirgí tobac chun críocha aitheantais agus rianaithe a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.8.   Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí  (54)

Maidir le Treoir 2001/95/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na príomhrialacha agus na nósanna imeachta fógartha maidir le priacail thromchúiseacha ó tháirgí a leagan amach agus a oiriúnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2001/95/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar fhorais éifeachtúlachta agus, go háirithe, toisc go bhfuil sé ina réamhchoinníoll i gcomhair feidhmiú ceart an chórais mear-fholáirimh go mbeadh na príomhrialacha agus nósanna imeachta maidir le fógraí i dtaobh priacail thromchúiseacha ó tháirgí leordhóthanach, ba cheart na teorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/95/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 4(1):

‘(a)

cinnfidh an Coimisiún na ceanglais a bheartaítear chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgí a chomhlíonann na caighdeáin seo an ceanglas sábháilteachta ginearálta. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(4);’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 5(3):

‘Oiriúnóidh an Coimisiún na ceanglais shonracha i ndáil leis an oibleagáid faisnéis a sholáthar a leagtar síos in Iarscríbhinn I. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(5).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   Leagtar amach nósanna imeachta mionsonraithe le haghaidh RAPEX in Iarscríbhinn II. Is é an Coimisiún a oiriúnóidh iad. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(5).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Cúig lá dhéag a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí, faoi seach, a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), agus (4) (b) agus (e) de Chinneadh 1999/468/CE.’.

5.9.   Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia  (55)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha a ghlacadh maidir le líon agus ainmneacha na bPainéal Eolaíoch, na rialacha nós imeachta maidir le hiarraidh ar thuairim a thíolacadh don Údarás agus critéir maidir le hinstitiúid a iniamh ar liosta na n-eagraíochtaí inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 28(4):

‘Féadfaidh an Coimisiún líon agus ainmneacha na bPainéal Eolaíoch a oiriúnú i bhfianaise forbairtí teicniúla agus eolaíocha, arna iarraidh sin ag an Údarás. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29(6):

‘6.   Bunóidh an Coimisiún rialacha maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás. Sonrófar sna rialacha sin go háirithe:

(a)

an nós imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm ag an Údarás maidir leis na hiarrataí a chuirfear ar aghaidh chuige;

(b)

na treoirlínte a rialaíonn an mheastóireacht eolaíoch ar shubstaintí, táirgí nó próisis atá faoi réir, faoi reachtaíocht an Chomhphobail, córais réamhúdarúcháin nó iontrála ar liosta dearfach, go háirithe i gcás ina bhforáiltear le reachtaíocht an Chomhphobail, nó ina n-údaraítear sa reachtaíocht sin, don iarratasóir sainchomhad a thíolacadh chun na críche sin.

Maidir leis an mbeart sin dá dtagraítear i bpointe (a), atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).

Maidir leis na treoirlínte sin dá dtagraítear i bpointe (b), glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 58(2).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36(3):

‘3.   Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an Údarás, leagfaidh sé síos na rialacha lena mbunaítear na critéir maidir le hinstitiúid a áireamh ar liosta na n-eagraíochtaí inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, na socruithe maidir leis na ceanglais cháilíochta chomhchuibhithe a leagan amach agus na rialacha airgeadais lena rialófar aon tacaíocht airgeadais. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).

Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an Údarás, leagfaidh sé síos rialacha eile cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3 d'Airteagal 58:

‘2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.10   Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 lena leagtar síos rialacha sláinte a bhaineann le seachtháirgí ainmhíocha nach bhfuil beartaithe mar bhia don duine  (56)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha a bhunú maidir le hábhair ó sheachtháirgí ainmhíocha de Chatagóir 1, de Chatagóir 2 agus de Chatagóir 3 a dhiúscairt, a phróiseáil, a allmhairiú/onnmhairiú agus a chlaochlú, mar aon le rialacha maidir le seachtháirgí ainmhíocha a thagann ó chríocha atá faoi réir srianta sláinte ainmhithe agus leasacháin orgánacha agus feabhsaitheoirí ithreach a chur ar an margadh; na coinníollacha chun bia peataí agus amhábhar le haghaidh táirgeadh bia peataí a allmhairiú ó thríú tíortha a shainiú mar aon le ceanglais sláinteachais shonracha nó mhalartacha arna leagan síos sna hIarscríbhinní a shainiú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun rialacha a ghlacadh i dtaca le seachtháirgí ainmhíocha, nó táirgí arna ndíorthú astu, agus a thagann ó chríocha atá faoi réir srianta sláinte ainmhithe a chur ar an margadh, agus chun rialacha malartacha a ghlacadh i gcomhair cásanna sonracha a bhaineann le seachtháirgí ainmhíocha, nó le táirgí arna ndíorthú astu, agus a thagann ó chríocha atá faoi réir srianta sláinte ainmhithe a chur ar an margadh agus chun leasuithe a dhéanamh ar na hIarscríbhinní.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

‘2.   Féadfaidh na Ballstáit, áfach, rialáil a dhéanamh faoin dlí náisiúnta ar tháirgí nach dtagraítear dóibh in Iarscríbhinn VII agus in Iarscríbhinn VIII a allmhairiú agus a chur ar an margadh, ar feitheamh ar an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach bonn maidir leis an úsáid a bhainfidh siad as an deis sin.’;

2.

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) de mhír 2:

‘(e)

i bhfianaise forbairtí in eolas eolaíoch, a dhiúscairt trí bhealaí eile a bheidh formheasta ag an gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Féadfaidh na bealaí sin na bealaí dá bhforáiltear i bpointe (a) go pointe (d) den mhír seo a fhorlíonadh nó a ionadú.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 4:

‘Ní dhéanfar ábhar de Chatagóir 1 a allmhairiú ná a onnmhairiú ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

3.

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

i gcás ábhair phrótéinigh iarmhartaigh, úsáidfear é mar leasachán orgánach nó mar fheabhsaitheoir ithreach i gcomhlíonadh na gceanglas, más ann dóibh, arna leagan síos ag an gCoimisiún tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3),’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

i gcás ábhair de bhunadh éisc, a stóráil mar shadhlas nó a dhéanamh ina mhúirín i gcomhréir le rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3);’;

(iii)

i bpointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

‘(iii)

a chlaochlú i monarcha bithgháis nó a dhéanamh ina mhúirín i gcomhréir le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3);’;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

a dhiúscairt ar bhealaí eile, nó a úsáid ar shlite eile, i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Féadfaidh na bealaí nó na slite sin na bealaí nó na slite dá bhforáiltear i bpointe (a) go pointe (f) den mhír seo a fhorlíonadh nó a ionadú.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Ní dhéanfar ábhar de Chatagóir 2 a chur ar an margadh ná a onnmhairiú ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g), phointe (h) agus phointe (i) d'Airteagal 6(2):

‘(g)

i gcás dramhaíola ó lónadóireacht dá dtagraítear i bpointe (1) de mhír 1, a chlaochlú i monarcha bithgháis nó a dhéanamh ina mhúirín i gcomhréir le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún nó, ar feitheamh ar rialacha den sórt sin a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3);

(h)

i gcás ábhair de bhunadh éisc, a stóráil mar shadhlas nó a dhéanamh ina mhúirín i gcomhréir le rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3); nó

(i)

a dhiúscairt ar bhealaí eile, nó a úsáid ar shlite eile, i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí; Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Féadfaidh na bealaí nó na slilte sin na bealaí nó na slite dá bhforáiltear i bpointe (a) go pointe (h) a fhorlíonadh nó a ionadú.’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(5):

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún ceanglais mhír 2 agus mhír 3 a leasú i bhfianaise forbairtí in eolas eolaíoch, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

6.

leasaítear Airteagal16(3) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

na ceanglais arna leagan síos in Iarscríbhinn VII agus Iarscríbhinn VIII, nó rialacha mionsonraithe a bheidh le leagan síos ag an gCoimisiún, a chomhlíonadh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 33(4).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh den dara fomhír:

‘Féadfar coinníollacha eile seachas na coinníollacha sin a leagtar amach sa chéad fhomhír a leagan síos i gcásanna sonracha le cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 33(4).’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2):

‘2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar leasacháin orgánacha agus feabhsaitheoirí ithreach arna dtáirgeadh as táirgí próiseáilte, cé is moite de díobh sin a tháirgtear as aoileach agus as ábhar ó chonair an díleá, a chur ar an margadh ná a onnmhairiú ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais, más ann dóibh, arna leagan síos ag an gCoimisiún tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(2):

‘2.   Bunóidh an Coimisiún rialacha a bhaineann le bearta rialaithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

Glacfar rialacha eile chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Féadfar maoluithe ar phointe (a) de mhír 1a dheonú i ndáil le héisc agus le hainmhithe fionnaidh, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

9.

Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) de mhír 2:

‘(d)

Sa bhreis air sin, féadfaidh na Ballstáit, faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil, úsáid ábhair ó Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b)(ii) a údarú chun speicis éan neicreafagach atá i mbaol nó faoi dhianchosaint a chothú i gcomhréir le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le bearta fíoraithe a ghlacadh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

10.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airtegal 25(3):

‘3.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha maidir le minicíocht na seiceálacha agus modhanna tagartha le haghaidh anailísí micribhitheolaíocha a leagan síos. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

Féadfar aon socruithe mionsonraithe eile maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo a leagan síos faoin nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).’;

11.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26(5):

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha maidir le minicíocht na seiceálacha agus modhanna tagartha le haghaidh anailísí micribhitheolaíocha a leagan síos. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

Féadfar aon socruithe mionsonraithe eile maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo a leagan síos faoin nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).’;

12.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 28:

‘Ceadófar, áfach, bia peataí agus amhábhar le haghaidh táirgeadh bia peataí, arna ndíorthú ó ainmhithe a cóireáladh le substaintí áirithe a thoirmisctear i gcomhréir le Treoir 96/22/CE, a allmhairiú ó thríú tíortha ar an gcoinníoll go mbeidh amhábhar den sórt sin marcáilte go buan agus faoi choinníollacha sonracha arna leagan síos ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

13.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32(1):

‘1.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí maidir le haon cheist a d'fhéadfadh tionchar a bheith aici ar shláinte ainmhithe nó ar shláinte phoiblí, féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú nó a fhorlíonadh nó aon bhearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh.

Maidir le bearta idirthréimhseacha agus bearta lena leasaítear nó lena bhforlíontar na hIarscríbhinní, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, go háirithe sonraíochtaí breise ar na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an Rialacháin seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 33(4).

Féadfar bearta idirthréimhseacha eile a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).’;

14.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

‘Airteagal 33

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, dá ngairfear “an Coiste” anseo feasta, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

15 lá a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Threoir 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

15.

in Iarscríbhinn III, Caibidil II, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

‘11.

Ní mór fuíolluisce a chóireáil chun a áirithiú, a mhéid is féidir, nach bhfanann aon phaitigin san uisce. Féadfaidh an Coimisiún ceanglais shonracha a leagan síos maidir le cóireáil fuíolluisce ó mhonarchana idirmheánacha de Chatagóir 1 agus Catagóir 2. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

16.

Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4 de Chaibidil II:

‘4.

Ní mór fuíolluisce a thagann ón earnáil neamhghlan a chóireáil chun a áirithiú, a mhéid is féidir go réasúnta agus go praiticiúil, nach bhfanann aon phaitigin san uisce. Féadfaidh an Coimisiún ceanglais shonracha a leagan síos maidir le cóireáil fuíolluisce ó mhonarchana próiseála. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5 de Chaibidil V:

‘5.

Féadfaidh an Coimisiún nósanna imeachta bailíochtaithe bunaithe ar mhodhanna tástála a leagan síos. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

17.

Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8 de Chuid C de Chaibidil I:

‘8.

Ní mór táirgí próiseáilte arna ndíorthú ó ábhar de Chatagóir 1 nó de Chatagóir 2, cé is moite de tháirgí leachtacha le haghaidh bithgháis nó monarchana múirín, a mharcáil go buan, trí bholadh nuair is féidir go teicniúil é, agus úsáid á baint as córas a bheidh formheasta ag an údarás inniúil. Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le marcáil den sórt sin a leagan síos. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(b) de Chaibidil III:

‘(b)

i bpróiseas leanúnach ag 140 °C agus ag 2 bhar (2 000 hPa) ar feadh ocht nóiméad, nó faoi choinníollacha coibhéiseacha arna leagan síos ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

18.

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 13(b) i gCuid C de Chaibidil II:

‘(b)

í a athphróiseáil i monarcha próiseála arna formheas de bhun an Rialacháin seo nó í a dhí-éilliú trí chóireáil arna údarú ag an údarás inniúil. Féadfaidh an Coimisiún liosta de chóireálacha ceadaithe a tharraingt suas. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Ní ceadmhach ligean leis an gcoinsíneacht go dtí go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cóireáil uirthi agus tástáil le haghaidh salmonella i gcomhréir le mír 10 de Chaibidil I, agus go bhfaighfear toradh diúltach.’;

(b)

Leasaítear Caibidil V mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5 de Chuid A:

‘5.

Ní mór bainne amh agus bainne buí a tháirgeadh faoi choinníollacha a thugann ráthaíochtaí leormhaithe maidir le sláinte ainmhithe. Féadfaidh an Coimisiún coinníollacha den sórt sin a leagan síos. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3 de Chuid B:

‘3.

Sa chás ina sainaithnítear baol go dtabharfaí isteach galar andúchasach nó aon phriacal eile do shláinte ainmhithe, féadfaidh an Coimisiún coinníollacha breise a leagan síos chun sláinte ainmhithe a chosaint. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3(c) i gCuid B de Chaibidil VI:

‘(c)

próiseas coibhéiseach táirgthe arna fhormheas ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1 i gCuid A de Chaibifil VII:

‘1.

Ní mór fosfáit déchailciam a tháirgeadh le próiseas:

(a)

lena n-áirithítear go bhfuil an t-ábhar cnáimhe go léir de Chatagóir 3 meilte go mín agus díbhealaithe le huisce te agus cóireáilte le haigéad hidreaclórach caolaithe (ag íostiúchan 4 % agus le pH níos lú ná 1,5) thar tréimhse dhá lá ar a laghad;

(b)

tar éis an nós imeachta dá bhforáiltear i bpointe (a), lena gcuirfear cóireáil air den licéar fosfarach a fhaightear le haol, a mbeidh deascán fosfáite déchailciam ag pH 4 go pH 7 mar thoradh air; agus

(c)

ag an gcéim deiridh, lena dtriomaítear an deascán fosfáite déchailciam le teocht ionraoin idir 65 °C agus 325 °C agus teocht deiridh idir 30 °C agus 65 °C, nó

le próiseas coibhéiseach arna fhormheas ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1 i gCuid A de Chaibidil VIII:

‘1.

Ní mór fosfáit tríchailciam a tháirgeadh le próiseas a áiritheoidh:

(a)

go bhfuil an t-ábhar cnáimhe go léir de Chatagóir 3 meilte go mín agus díbhealaithe i bhfrithshreabh le huisce te (sliseanna cnáimhe níos lú ná 14 mm);

(b)

cócaireacht leanúnach le gal ag 145 °C ar feadh 30 nóiméad ag 4 bhar;

(c)

go ndeighiltear an brat próitéine ón hiodrocsapaitít (fosfáit tríchailciam) trí lártheifneoiriú; agus

(d)

gránú na fosfáite tríchailciam tar éis í a thriomú i sreabhleaba le haer ag teocht 200 °C; nó

le próiseas coibhéiseach táirgthe arna fhormheas ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

19.

Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(e) i gCuid A de Chaibidil VI:

‘(e)

leasaithe trí phróiseas eile seachas súdaireacht, arna shonrú ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4(a)(iii) i gCuid A de Chaibidil VII:

‘(iii)

leasaithe le cóireáil eile seachas súdaireacht arna fhormheas ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’.

5.11.   Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta maidir le bailiú, tástáil, próiseáil, stóráil agus dáileadh fhuil agus chomhábhair fola an duine  (57)

Maidir le Treoir 2002/98/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na ceanglais theicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/98/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

I gcás ina léiríonn forbairtí eolaíocha agus teicniúla gur cheart faisnéis bhreise a sholáthar do dheontóirí nó a fháil ó dheontóirí, ionas, mar shampla, nach gcuirfeadh deontóirí sláinte daoine eile i mbaol, ba cheart oiriúnú a dhéanamh gan mhoill. Ar an gcuma chéanna, má léiríonn an t-ascnamh eolaíoch go bhfuil critéir incháilitheachta nua ann maidir le hoiriúnacht deontóirí nua fola agus plasma, ba cheart critéir nua iarchuir an liosta láithreach bonn. Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun na ceanglais theicniúla maidir le faisnéis atá le soláthar do dheontóirí nó le fáil ó dheontóirí, mar aon le ceanglais i ndáil le hoiriúnacht deontóirí fola agus plasma, a leagtar amach in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV, a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/98/CE mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

‘Airteagal 28

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

2.

Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Cinnfidh an Coimisiún oiriúnú na gceanglas teicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV ag féachaint d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 28(4) maidir leis na ceanglais theicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinn IV.’;

(b)

sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Cinnfidh an Coimisiún na ceanglais theicniúla seo a leanas agus a n-oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch:’;

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘Na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i) den dara mír, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(3).

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 28(4) maidir leis na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i bpointí (b), (c), (d), (e), (f) agus (g) den dara mír.’.

5.12.   Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe  (58)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, mar thoradh ar fhorbairtí-theicneolaíocha nó ar ascnamh eolaíoch, catagóirí agus feidhmghrúpaí breise de bhreiseáin i gcothú ainmhithe a bhunú, na leasuithe ar Iarscríbhinn III agus ar choinníollacha ginearálta Iarscríbhinn IV a ghlacadh chun aird a thabhairt ar ascnamh teicneolaíoch agus ar an fhorbairt eolaíoch agus leasuithe ar Iarscríbhinn II a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil said ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(5):

‘5.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún, de thoradh na bhforbairtí eolaíocha nó an ascnaimh theicniúil, na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a oiriúnú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 22(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(3):

‘3.   I gcás inarb iomchuí, bunóidh an Coimisiún, de thoradh na forbairteí eolaíche nó an ascnaimh theicniúil, catagóirí agus feidhmghrúpaí breise de bhreiseáin lena n-úsáid i mbeatha ainmhithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 22(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 7(5):

‘Tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, féadfar rialacha breise a leagan síos chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Leagfaidh an Coimisiún síos rialacha lena bhféadfaidh forálacha simplithe a bheith ann maidir le húdarú breiseán a bheidh údaraithe cheana lena n-úsáid i mbia. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

Féadfar rialacha eile cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2). Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfadh na rialacha sin idirdhealú idir na ceanglais maidir le breiseáin i mbeathaí bia-ainmhithe agus na ceanglais maidir le beathaí d'ainmhithe eile, go háirithe peataí.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(6):

‘6.   Féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghlacadh chun aird a thabhairt ar ascnamh teicniúil agus forbairtí eolaíocha. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 22(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 21:

‘Glacfar rialacha mionsonraithe maidir le hIarscríbhinn II a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn II a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 22(3).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.13.   Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna  (59)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(3):

‘3.   Más gá, agus tar éis don Choimisiún cúnamh eolaíoch agus teicniúil a iarraidh ar an Údarás, féadfaidh an Coimisiún critéir cháilíochta a oiriúnú le haghaidh modhanna anailíseacha bailíochtaithe, arna moladh i gcomhréir le pointe 4 d'Iarscríbhinn II, lena n-áirítear substaintí a bheidh le tomhas.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).’;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

Leasuithe

1.   Is é an Coimisiún a ghlacfaidh leasuithe ar na hIarscríbhinní tar éis don Údarás iarraidh ar chúnamh eolaíoch agus/nó teicniúil a fháil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).

2.   Glacfar leasuithe ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) tar éis don Údarás iarraidh ar chúnamh eolaíoch agus/nó teicniúil a fháil.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.14.   Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus oibreáin zónóiseacha bhia-iompartha a rialú  (60)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún spriocanna an Chomhphobail a ghlacadh maidir le leitheadúlacht zónóisí agus oibreán zónóiseach a laghdú, modhanna sonracha rialaithe agus rialacha sonracha a bhaineann leis na critéir chun meastóireacht a dhéanamh ar mhodhanna tástála a ghlacadh, agus freagrachtaí agus cúraimí a leagan síos do na saotharlanna tagartha mar aon leis na rialacha maidir le rialuithe an Chomhphobail a chur chun feidhme. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh 2160/2003 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 leis seo mar a leanas:

1.

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

‘Is é an Coimisiún a bhunóidh na spriocanna, agus aon leasuithe orthu. Maidir leis na bearta seo, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 6:

‘(a)

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a leasú chun na gcríoch atá liostaithe i bpointe (b), tar éis dó, go háirithe, aird a thabhairt ar na critéir a liostaítear i bpointe (c). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn III a leasú nó a fhorlíonadh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(6):

‘6.   Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais agus na rialacha maidir le sampláil íosta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a leasú, a oiriúnú nó a fhorlíonadh, tar éis dó, go háirithe, aird a thabhairt ar na critéir a liostaítear i bpointe (c) d'Airteagal 4(6). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

3.

leasaítear Airteagal 8(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

‘Ar thionscnamh an Choimisiúin nó arna iarraidh sin ag Ballstát:’

(b)

cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

‘Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(4):

‘4.   Gan dochar d'Airteagal 5(6), féadfaidh an Coimisiún rialacha sonracha a leagan síos maidir leis na Ballstáit do shocrú na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus i mír 2 den Airteagal seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(5):

‘5.   Féadfar an Ballstát cinn scríbe a údarú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2), a cheangal ar feadh idirthréimhse go gcomhlíonfaidh torthaí na tástála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo na critéir chéanna agus a leagtar síos faoina chlár náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 5(5). Féadfar an t-údarú a tharraingt siar agus, gan dochar d'Airteagal 5(6), féadfaidh an Coimisiún rialacha sonracha maidir le critéir den sórt sin a leagan síos. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

6.

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Leagfaidh an Coimisiún síos na freagrachtaí agus na cúraimí a bheidh ar shaotharlanna tagartha an Chomhphobail, go háirithe maidir le comhordú a ngníomhaíochtaí agus ghníomhaíochtaí na saotharlann tagartha náisiúnta. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún freagrachtaí agus cúraimí áirithe a bheidh ar na saotharlanna tagartha náisiúnta a leagan síos, go háirithe maidir le comhordú a ngníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí na saotharlann ábhartha sna Ballstáit arna n-ainmniú faoi Airteagal 12(1)(a). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 12(3):

‘Nuair is gá, féadfaidh an Coimisiún modhanna eile tástála a fhormheas. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Bearta cur chun feidhme agus bearta idirthréimhseacha

Féadfaidh an Coimisiún bearta idirthréimhseacha nó bearta cur chun feidhme iomchuí, lena n-áirítear na leasuithe is gá ar dheimhnithe sláinte ábhartha, a ghlacadh. Maidir le bearta idirthréimhseacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear bearta chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, go háirithe sonraíochtaí breise de na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an Rialacháin seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

Féadfar bearta cur chun feidhme eile nó bearta idirthréimhseacha eile a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’;

9.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

10.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(2):

‘2.   Leagfar síos socruithe praiticiúla maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, go háirithe socruithe praiticiúla a rialaíonn an nós imeachta le haghaidh comhar le húdaráis inniúla náisiúnta, faoin nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’

5.15.   Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna  (61)

Maidir le Treoir 2004/23/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún ceanglais inrianaitheachta maidir le fíocháin agus cealla agus na nósanna imeachta forfheidhmithe gaolmhara a leagan síos, mar aon le ceanglais theicniúla áirithe a bhaineann, inter alia, le corás creidiúnaithe do bhunaíochtaí fíocháin agus do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, slánchoimeád, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/23/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

I gcás ina dtagann fianaise nua ar ghalair a tharchuirtear trí dheonú as forbairtí eolaíocha agus teicniúla ar chritéir roghnúcháin agus tástálacha saotharlainne do dheontóirí, ba cheart, dá thoradh sin, go ndéanfaí reachtaíocht an Chomhphobail a oiriúnú go pras. Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun cinntí a ghlacadh maidir le critéir roghnúcháin a bhaineann le deontóirí fíochán agus/nó ceall agus maidir le tástálacha saotharlainne is gá a dhéanamh ar dheontóirí.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/23/CE mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Glacfaidh an Coimisiún na ceanglais inrianaitheachta maidir le fíocháin agus cealla, agus maidir le táirgí agus ábhair a thagann i dteagmháil leis na fíocháin agus na cealla sin agus a mbeidh tionchar acu ar a gcáilíocht agus a sábháilteacht. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 29(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Bunóidh an Coimisiún na nósanna imeachta maidir le hinrianaitheacht a áirithiú ar leibhéal an Chomhphobail. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 29(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(4):

‘4.   Bunóidh an Coimisiún na nósanna imeachta maidir le fíorú na gcaighdeán cáilíochta agus sábháilteachta cóibhéiseach i gcomhréir le mír 1. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 29(3).’;

3.

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Cinnfidh an Coimisiún na ceanglais theicniúla seo a leanas agus a n-oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil:’;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘Maidir leis na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i), ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 29(4) maidir leis na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 28.’;

4.

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.16.   Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun fíorú chomhlíonadh an dlí beatha agus bia, mar aon le rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe, a áirithiú  (62)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta cur chun feidhme maidir le modhanna samplála agus anailíse a ghlacadh, na coinníollacha faoinar féidir cóireálacha speisialta a dhéanamh a leagan síos, na rátaí íosta le haghaidh aon táillí nó muirear a thabhairt cothrom le dáta, na himthosca ina mbeidh deimhniúchán oifigiúil ag teastáil a shocrú, liostaí de na saotharlanna tagartha Comhphobail a leasú agus a thabhairt cothrom le dáta, na critéir a leagan síos maidir le priacail a bhaineann le táirgí a onnmhairítear go dtí an Comhphobal agus maidir le coinníollacha allmhairithe sonracha a mheasúnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil said ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh 882/2004 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 11(4) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh:

‘Féadfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme seo a leanas a ghlacadh:’;

(b)

cuirtear isteach an fomhír seo a leanas:

‘Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2):

‘2.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcuirfear na cóireálacha speisialta i gcrích i mbunaíochtaí atá faoina rialú, nó faoi rialú Ballstáit eile, agus i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4). I gcás nach ann do choinníollacha den sórt sin, cuirfear na cóireálacha speisialta i gcrích i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 27(3):

‘Tabharfaidh an Coimisiún na rátaí i Roinn B d'Iarscríbhinn IV agus i Roinn B d'Iarscríbhinn V cothrom le dáta gach dara bliain ar a laghad, go háirithe chun boilsciú a chur san áireamh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4).’;

4.

leasaítear Airteagal 30(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh:

‘Gan dochar do na ceanglais i dtaca le deimhniú oifigiúil arna nglacadh chun críocha sláinte ainmhithe nó leasa ainmhithe, féadfaidh an Coimisiún na ceanglais seo a leanas a ghlacadh:’;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a), atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4).

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) go pointe (g), glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(3).’;

5.

Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún saotharlanna tagartha Comhphobail eile is ábhartha do na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 a áireamh in Iarscríbhinn VII. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4). Féadfar uasdátú a dhéanamh ar Iarscríbhinn VII i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Féadfaidh an Coimisiún freagrachtaí breise agus cúraimí breise a leagan síos do na saotharlanna tagartha Comhphobail. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33(6):

‘6.   Féadfaidh an Coimisiún freagrachtaí breise agus cúraimí breise a leagan síos do na saotharlanna tagartha náisiúnta. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4).’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 46(3):

‘Is é an Coimisiún a chinnfidh na critéir maidir leis an bpriacal a dhéanamh amach chun críocha an mheasúnaithe priocail dá dtagraítear i bpointe (a). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4).’;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48(1):

‘1.   Sa mhéid is nach bhforáiltear i reachtaíocht an Chomhphobail do na coinníollacha agus na nósanna imeachta mionsonraithe a bheidh le comhlíonadh agus táirgí á n-allmhairiú ó thríú tíortha nó óna réigiúin, agus go háirithe le Rialachán (CE) Uimh. 854/2004, leagfaidh an Coimisiún síos iad, más gá. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4).’;

9.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 62(4):

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

10.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:

‘Airteagal 63

Bearta cur chun feidhme agus bearta idirthréimhseacha

1.   Bearta idirthréimhseacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, go háirithe

aon mhodhnú ar na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 12(2),

sainmhíniú ar na beathaí ainmhithe a bheidh le breithniú mar bheatha de bhunadh ainmhíoch chun críocha an Rialacháin seo.

agus maidir le sonraíochtaí breise de na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an Rialacháin seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4).

Féadfar bearta idirthréimhseacha eile agus bearta cur chun feidhme eile, atá riachtanach chun cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú, a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(3). Tá feidhm aige seo go háirithe i dtaca le:

tarmligean na gcúraimí rialaithe chuig na comhlachtaí rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 5, i gcás na comhlachtaí rialaithe sin a bheith i mbun oibríochta cheana roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo,

an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 28 is cúis le caiteachais a eascraíonn as rialuithe oifigiúla breise,

caiteachas a thabhaítear de bhun Airteagal 54,

rialacha ar anailís mhicribhitheolaíoch, fhisiceach agus/nó cheimiceach i rialuithe oifigiúla, go háirithe i gcás go mbítear in amhras gur ann do phriacal agus lena n-áirítear faireachas ar shábháilteacht táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha.

2.   D'fhonn sainiúlacht Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91, Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 agus Rialachán (CEE) Uimh. 2082/92 a chur san áireamh, féadfar, le bearta sonracha arna nglacadh ag an gCoimisiún, foráil a dhéanamh do na maoluithe agus na coigeartuithe is gá ar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4).’;

11.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:

‘Airteagal 64

Leasú ar na hIarscríbhinní agus tagairtí do chaighdeáin Eorpacha

Maidir leis na bearta seo a leanas, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 62(4):

(1)

féadfar uasdátú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, cé is moite d'Iarscríbhinn I, d'Iarscríbhinn IV agus d'Iarscríbhinn V, gan dochar d'Airteagal 27(3), go háirithe chun aird a thabhairt ar athruithe riaracháin agus ascnamh eolaíoch agus/nó teicneolaíoch;

(2)

féadfar na tagairtí do na caighdeáin Eorpacha a luaitear sa Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina leasóidh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) na tagairtí sin.’.

5.17.   Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia  (63)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta sonracha a ghlacadh le haghaidh grúpaí ábhar agus nithe, údarú Comhphobail le haghaidh substainte a ghlacadh, mar aon leis an údarú sin a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mor iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

D'fhonn iomaíochas agus nuálaíocht thionscal na hEorpa a neartú, ba cheart ábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia a chur ar an margadh chomh luath agus is féidir tar éis dá sábháilteacht a bheith suite. Ar fhorais éifeachtúlachta, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú maidir le glacadh liosta de shubstaintí a údarófar le húsáid i monarú ábhar agus nithe; liosta/liostaí de shubstaintí údaraithe a ionchorpraítear in ábhair nó nithe gníomhacha nó cliste a bheidh i dtadhall le bia, liosta/liostaí d'ábhair nó nithe gníomhacha nó cliste agus, nuair is gá, coinníollacha speisialta úsáide le haghaidh na substaintí seo agus/nó na n-ábhar agus na nithe ina n-ionchorpraítear iad; caighdeáin íonachta; coinníollacha speisialta úsáide le haghaidh substaintí áirithe agus/nó ábhar nó nithe ina n-úsáidtear iad; teorainneacha sonracha maidir le haistriú comhábhar áirithe nó grúpaí de chomhábhair isteach i mbia nó ar bhia; leasuithe ar na treoracha sonracha reatha maidir le hábhair agus nithe; údaruithe Comhphobail mar aon lena modhnú, a gcur ar fionraí nó a gcúlghairm.

Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun bearta sonracha a ghlacadh maidir le húdaruithe Comhphobail a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 mar a leanas:

1.

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre de mhír 1:

‘Maidir leis na grúpaí ábhar agus nithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, nuair is iomchuí, maidir le cumaisc de na hábhair agus na nithe sin nó ábhair agus nithe athchúrsáilte arna n-úsáid chun monarú a dhéanamh ar na hábhair agus na nithe sin, féadfaidh an Coimisiún bearta sonracha a ghlacadh nó a leasú.’;

(b)

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas le mír 1:

‘Maidir leis na bearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (m), glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Maidir leis na bearta sonracha dá dtagraítear i bpointí (f), (g), (h), (i), (j), (k), (l) agus (n), ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).

Maidir leis na bearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e), ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(4).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh an Coimisiún na treoracha sonracha atá ann cheana maidir le hábhair agus nithe a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(4).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(3):

‘3.   Glacfaidh an Coimisiún údarú Comhphobail i bhfoirm birt shonraigh dá dtagraítear i mír 1. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(4).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(6):

‘6.   Glacfaidh an Coimisiún beart sonrach críochnaitheach maidir le húdarú a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 23(5).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

‘Airteagal 22

Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(3).’;

5.

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí, faoi seach, a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

6.   FUINNEAMH AGUS IOMPAR

6.1.   Treoir 96/98/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le trealamh muirí  (64)

Maidir le Treoir 96/98/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún caighdeáin tástála a ghlacadh i gcás ina mainníonn eagraíochtaí idirnáisiúnta iad a ghlacadh laistigh de thréimhse réasúnach, nó ina ndiúltaíonn siad déanamh amhlaidh, an trealamh in Iarscríbhinn A.2 a aistriú go hIarscríbhinn A.1, agus a údarú, in imthosca eisceachtúla, trealamh atá nuálaíoch ar bhonn teicniúil a chur ar bord. Ba cheart, freisin, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, chun críocha na Treorach seo, leasuithe leantacha ar ionstraimí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm, Iarscríbhinn A a thabhairt cothrom le dáta, an deis a chur isteach maidir le modúil áirithe a úsáid don trealamh atá liostaithe in Iarscríbhinn A.1, na colúin atá sna modúil don mheasúnú ar chomhlíonadh a leasú, agus eagraíochtaí caighdeánaithe a áireamh sa sainmhíniú ar na ‘caighdeáin tástála’ in Airteagal 2. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/98/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/98/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(5) agus (6):

‘5.   Más rud é go mainníonn na heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), na caighdeáin tástála iomchuí maidir le mír shonrach trealaimh a ghlacadh laistigh de thréimhse ama réasúnach, nó ina ndiúltaíonn siad déanamh amhlaidh, féadfar caighdeáin atá bunaithe ar obair na n-eagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha a ghlacadh. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

6.   Nuair a ghlacfar, nó de réir mar is iomchuí, nuair a thiocfaidh na caighdeáin tástála dá dtagraítear i mír 1 nó mír 5 maidir le mír shonrach trealaimh i bhfeidhm, féadfar an trealamh sin a aistriú ó Iarscríbhinn A.2 go hIarscríbhinn A.1. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 5 maidir leis an trealamh sin ó dháta an aistrithe sin.’;

2.

in Airteagal 13(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

‘—

údar maith a bheith leis na bearta, cuirfidh sé an Ballstát a thionscain an beart agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach bonn; i gcás ina gcuirtear an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 síos d'easnaimh sna caighdeáin tástála, cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe lena mbaineann, an t-ábhar faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1), laistigh de dhá mhí, má bheartaíonn an Ballstát a rinne an cinneadh cloí leis, agus tionscnóidh sé an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(5):

‘5.   Cuirfear an trealamh dá dtagraítear i mír 1 isteach in Iarscríbhinn A.2. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 17:

‘Féadfar an Treoir seo a leasú d'fhonn:

(a)

leasuithe leantacha ar ionstraimí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm chun críocha na Treorach seo;

(b)

Iarscríbhinn A a thabhairt cothrom le dáta, trí threalamh nua a thabhairt isteach agus trí threalamh a aistriú ó Iarscríbhinn A.2 go hIarscríbhinn A.1 agus a mhalairt go cruinn;

(c)

an deis modúil B + C agus modúl H a úsáid do threalamh a liostaítear in Iarscríbhinn A.1, agus trí na colúin atá sna modúil don mheastóireacht ar chomhlíonadh a leasú;

(d)

eagraíochtaí caighdeánaithe eile a áireamh sa sainmhíniú ar na “caighdeáin tástála” in Airteagal 2.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

1.   Tabharfaidh an Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) arna bhunú le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 (65) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE (66) ón gComhairle ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

6.2.   Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus truailliú ó longa a chosc  (67)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Airteagal 2(2) a leasú chun tagairt a áireamh ann do ghníomhartha an Chomhphobail lena dtugtar cumhachtaí cur chun feidhme don COSS ar gníomhartha iad a bheidh tagtha i bhfeidhm tar éis an Rialachán seo a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Coiste a bhunú

1.   Tabharfaidh an Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a chosc (dá ngairfear an COSS anseo feasta) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Cumhachtaí an COSS

Feidhmeoidh an COSS na cumhachtaí a thugtar dó de bhua na reachtaíochta Comhphobail atá i bhfeidhm. Féadfar Airteagal 2(2) a leasú leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) chun tagairt a áireamh ann do ghníomhartha an Chomhphobail lena dtugtar cumhachtaí cur chun feidhme don COSS ar gníomhartha iad a bheidh tagtha i bhfeidhm tar éis an Rialachán seo a ghlacadh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 3(3).’.

6.3.   Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le tuairisciú ar tharluithe in eitlíocht shibhialta  (68)

Maidir le Treoir 2003/42/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a leasú chun na samplaí a fhorleathnú nó a athrú, chun malartú faisnéise a éascú, agus chun bearta maidir le scaipeadh faisnéise ar pháirtithe leasmhara a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/42/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/42/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

‘2.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh na hIarscríbhinní a leasú chun na samplaí a fhorleathnú nó a athrú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2):

‘2.   Gan dochar do cheart rochtana an phobail ar dhoiciméid an Choimisiúin, a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (69), glacfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, bearta maidir le scaipeadh na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, agus na coinníollacha a ghabhann leis sin, ar pháirtithe leasmhara. Maidir leis na bearta sin, a fhéadfaidh a bheith ina mbearta ginearálta nó ina mbearta aonair, beidh siad bunaithe ar an ngá atá ann:

an fhaisnéis a bhíonn de dhíth ar dhaoine agus ar eagraíochtaí chun feabhas a chur ar shábháilteacht in eitlíocht shibhialta a sholáthar dóibh,

teorainn a chur le scaipeadh faisnéise ionas nach scaiptear ach amháin an fhaisnéis sin a éilítear chun críocha a húsáideoirí, d'fhonn rúndacht iomchuí na faisnéise sin a áirithiú.

Glacfar na bearta aonair i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Maidir leis na bearta ginearálta, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

Beidh an cinneadh faisnéis a scaipeadh faoin mír seo teoranta don mhéid a éilítear chun críocha a húsáideoirí, gan dochar d'fhorálacha Airteagal 8.

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

1.   Tabharfaidh coiste arna bhunú le hAirteagal 12 de Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollag 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta (70) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

6.4.   Treoir 2004/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht aerárthaí tríú tíortha a úsáideann aerfoirt an Chomhphobail  (71)

Maidir le Treoir 2004/36/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh chun faisnéis a fhaightear trí chigireachtaí rampa arna ndéanamh faoi Chlár SAFA de chuid an Chomhphobail Eorpaigh (CE) a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara, agus bearta a ghlacadh lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir, agus lena leagtar síos eilimintí na nósanna imeachta teicniúla a bhaineann le seoladh agus tuairisciú cigireachtaí rampa SAFA. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/36/CE a leasú, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/36/CE mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(3):

‘3.   Gan dochar do cheart rochtana an phobail ar dhoiciméid an Choimisiúin, faoi mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 é, glacfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, bearta maidir le scaipeadh na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, agus na coinníollacha a ghabhann leis, ar pháirtithe leasmhara. Maidir leis na bearta seo, a fhéadfaidh a bheith ina mbearta ginearálta nó ina mbearta aonair, beidh siad bunaithe ar an ngá atá ann:

an fhaisnéis atá de dhíth ar dhaoine agus ar eagraíochtaí chun feabhas a chur ar shábháilteacht in eitlíocht shibhialta a sholáthar dóibh,

teorainn a chur le scaipeadh faisnéise ionas nach scaiptear ach amháin an fhaisnéis sin a éilítear chun críocha a húsáideoirí, d'fhonn rúndacht iomchuí na faisnéise sin a áirithiú.

Glacfar na bearta aonair i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

Maidir leis na bearta ginearálta, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(4).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

‘2.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear faoi mhír 1, féadfaidh an Coimisiún

(a)

i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2), aon bhearta iomchuí a ghlacadh d'fhonn cur chun feidhme Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 a éascú, amhail:

an fhormáid do stóráil agus scaipeadh sonraí a shonrú,

comhlachtaí cuí a chruthú chun na huirlisí is gá i gcomhair bailiú agus malartú faisnéise a bhainistiú nó a oibriú, nó tacú le comhlachtaí den sórt sin,

(b)

mionsonraí a leagan amach maidir le coinníollacha chun cigireachtaí rampa, lena n-áirítear cigireachtaí córasacha, a stiúradh agus liostaí den fhaisnéis a bheidh le bailiú a chur i dtoll a chéile. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(4).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

1.   Tabharfaidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 12 de Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

5.   Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an gCoiste maidir le haon ábhar a bhaineann leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a leasú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(4).’.

6.5.   Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le cosaint ar fhóirdheonú agus ar chleachtais éagóracha praghsála a dhéanann díobháil d'aeriompróirí Comhphobail agus iad ag soláthar aersheirbhísí ó thíortha nach Ballstáit den Chomhphobal Eorpach iad  (72)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 868/2004, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún modheolaíocht mhionsonraithe a fhorbairt chun cleachtais éagóracha praghsála a shuíomh. Ba cheart go gcuimseodh an mhodheolaíocht sin, inter alia, an chaoi ina measúnófar gnáthphraghsáil iomaíoch, costais iarbhír agus corrlaigh bhrabúis réasúnacha i gcomhthéacs sonrach na hearnála eitlíochta. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaotha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 a leasú trína fhorlíonadh, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 leis seomar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3):

‘3.   Forbróidh an Coimisiún modheolaíocht mhionsonraithe chun cleachtais éagóracha praghsála a shuíomh. Ba cheart go gcuimseodh an mhodheolaíocht sin, inter alia, an chaoi ina measúnófar gnáthphraghsáil iomaíoch, costais iarbhír agus corrlaigh bhrabúis réasúnacha i gcomhthéacs sonrach na hearnála eitlíochta. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(4).’;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste arna bhunú le hAirteagal 11 de Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 an 23 Iúil 1992 maidir le rochtain aeriompróirí Comhphobail ar aerbhealaí laistigh den Chomhphobal (73) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

6.6.   Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceanglais íosta sábháilteachta le haghaidh tollán sa Líonra Bóithre Tras-Eorpach  (74)

Maidir le Treoir 2004/54/CE, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na leasuithe is gá a dhéanamh chun na hIarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceaptar iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/54/CE a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/54/CE leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3):

‘3.   Faoin 30 Aibreán 2009 foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar an gcleachtas a leanfaidh na Ballstáit. Más gá, déanfaidh sé moltaí maidir le cómhodheolaíocht anailís priacail chomhchuibhithe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Oiriúnú d'ascnamh teicniúil

Oiriúnóidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo d'ascnamh teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(3).’;

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

‘Airteagal 17

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

6.7.   Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d'aeriompróirí a tharraingt suas a bheidh faoi réir coisc oibríochta laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta  (75)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir chomhchoiteanna maidir le cosc oibríochta a chur ar aeriompróir a mhodhnú chun aird a thabhairt ar fhorbairtí eolaíocha agus teicniúla. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil said ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar fhorais éifeachtúlachta, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú maidir le modhnú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn ina leagtar amach na critéir chomhchoiteanna maidir le cosc oibríochta ar chúiseanna sábháilteachta ar leibhéal an Chomhphobail a bhreithniú.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

‘2.   Leagfar amach na critéir chomhchoiteanna maidir le cosc oibríochta ar aeriompróir, a bheidh bunaithe ar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha, san Iarscríbhinn (dá ngairtear na critéir chomhchoiteanna anseo feasta). Féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a mhodhnú, go háirithe chun aird a thabhairt ar fhorbairtí eolaíocha agus teicniúla. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(4).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(1):

‘1.   Glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, bearta cur chun feidhme chun rialacha mionsonraithe a leagan síos i ndáil leis na nósanna imeachta dá dtagraítear sa Chaibidil seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(4).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

1.   Tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (dá ngairfear “an Coiste” anseo feasta) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin, aon mhí amháin agus dhá mhí, faoi seach, a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5.   Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an gCoiste i dtaca le haon ábhar eile a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.’.


(1)  IO L 59, 27.2.1998, lch. 1.

(2)  IO L 331, 7.12.1998, lch 1.

(3)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.’;

(4)  IO L 91, 7.4.1999, lch. 10.

(5)  IO L 18, 22.1.2000, lch. 1.

(6)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.’.

(8)  IO L 121, 1.5.2001, lch. 34.

(9)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.’

(10)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 1.

(11)  IO L 157, 9.6.2006, lch. 24.

(12)  IO L 243, 24.9.1996, lch. 31.

(13)  IO L 114, 27.4.2006, lch. 9.’.

(14)  IO L 330, 5.12.1998, lch. 32.

(15)  IO L 244, 29.9.2000, lch. 1.

(16)  IO L 33, 4.2.2006, lch. 1.

(17)  IO L 64, 4.3.2006, lch. 37.

(18)  IO L 102, 11.4.2006, lch. 15.

(19)  IO L 257, 27.10.1995, lch. 1.

(20)  Arna fhoilsiú ag na Náisiúin Aontaithe, sraith F Uimh. 2, athbhreithniú 3, tábla 6.1, arna leasú ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (DES/NI/86.9), Páras 1986.’;

(21)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(22)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.’;

(23)  IO L 77, 14.3.1998, lch. 3.

(24)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(25)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.’.

(26)  IO L 162, 5.6.1998, lch. 1.

(27)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(28)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.’;

(29)  IO L 63, 12.3.1999, lch. 6.

(30)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(31)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.’;

(32)  IO L 69, 13.3.2003, lch. 1.

(33)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.’;

(34)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 1.

(35)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.’.

(36)  IO L 340, 16.12.2002, lch. 1.

(37)  IO L 185, 16.8.1971, lch. 15.’.

(38)  IO L 134, 30.4.2004, lch. 1.

(39)  IO L 185, 16.8.1971, lch. 15.’;

(40)  IO L 134, 30.4.2004, lch. 114.

(41)  IO L 185, 16.8.1971, lch. 15.’;

(42)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(43)  IO L 291, 19.11.1969, lch. 9.’;

(44)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.’;

(45)  IO L 237, 22.9.1993, lch. 23.

(46)  IO L 125, 23.5.1996, lch. 10.

(47)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(48)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.’.

(49)  IO L 43, 14.2.1997, lch. 1.

(50)  IO L 268, 3.10.1998, lch. 1.

(51)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29.

(52)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.’;

(53)  IO L 194, 18.7.2001, lch. 26.

(54)  IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.

(55)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(56)  IO L 273, 10.10.2002, lch. 1.

(57)  IO L 33, 8.2.2003, lch. 30.

(58)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(59)  IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.

(60)  IO L 325, 12.12.2003, lch. 1.

(61)  IO L 102, 7.4.2004, lch. 48.

(62)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

(63)  IO L 338, 13.11.2004, lch. 4.

(64)  IO L 46, 17.2.1997, lch. 25.

(65)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.

(66)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.’.

(67)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.

(68)  IO L 167, 4.7.2003, lch. 23.

(69)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.’;

(70)  IO L 373, 31.12.1991, lch. 4.’.

(71)  IO L 143, 30.4.2004, lch. 76.

(72)  IO L 162, 30.4.2004, lch. 1.

(73)  IO L 240, 24.8.1992, lch. 8.’.

(74)  IO L 167, 30.4.2004, lch. 39.

(75)  IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.

Innéacs croineolaíoch

(1)

Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia.

(2)

Treoir 93/74/CEE ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 1993 maidir le hábhair bheatha atá beartaithe chun críocha áirithe cothaitheacha.

(3)

Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí.

(4)

Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun monatóireacht a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n-iarmhair in ainmhithe beo.

(5)

Treoir 96/59/CE ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 1996 maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe.

(6)

Treoir 96/98/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le trealamh muirí.

(7)

Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia.

(8)

Treoir 97/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta atá le glacadh i gcoinne astaíocht truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh atá le suiteáil in innealra soghluaiste neamhbhóthair.

(9)

Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal.

(10)

Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le staidreamh gearrthréimhseach.

(11)

Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear gréasán chun faireachas eipidéimeolaíoch agus rialú a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha sa Chomhphobal.

(12)

Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí liachta diagnóiseacha in vitro.

(13)

Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a bheartaítear le hól ag an duine.

(14)

Treoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le trealamh raidió agus trealamh teirminéil teileachumarsáide agus maidir le haitheantas frithpháirteach a gcomhréireachta.

(15)

Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair.

(16)

Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachta.

(17)

Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia.

(18)

Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin.

(19)

Treoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le dea-chleachtas cliniciúil a chur chun feidhme i stiúradh trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine.

(20)

Treoir 2001/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí tobac a mhonarú, a chur i láthair agus a dhíol.

(21)

Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta.

(22)

Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí.

(23)

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia.

(24)

Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 lena leagtar síos rialacha sláinte a bhaineann le seachtháirgí ainmhíocha nach bhfuil beartaithe mar bhia don duine.

(25)

Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus truailliú ó longa a chosc.

(26)

Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le stór focal comhchoiteann um sholáthar (CPV).

(27)

Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta maidir le bailiú, tástáil, phróiseáil, stóráil agus dáileadh fhuil agus chomhábhair fola an duine.

(28)

Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le hinnéacs na gcostas saothair.

(29)

Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le tuairisciú ar tharluithe in eitlíocht shibhialta.

(30)

Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe.

(31)

Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna.

(32)

Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus oibreáin zónóiseacha bhia-iompartha a rialú.

(33)

Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist.

(34)

Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú.

(35)

Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna.

(36)

Treoir 2004/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht aerárthaí tríú tíortha a úsáideann aerfoirt an Chomhphobail.

(37)

Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le cosaint ar fhóirdheonú agus ar chleachtais éagóracha praghsála a dhéanann díobháil d'aeriompróirí Comhphobail agus iad ag soláthar aersheirbhísí ó thíortha nach Ballstáit den Chomhphobal Eorpach iad.

(38)

Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceanglais íosta sábháilteachta le haghaidh tollán sa Líonra Bóithre Tras-Eorpach.

(39)

Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun fíorú chomhlíonadh an dlí beatha agus bia, mar aon le rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe, a áirithiú.

(40)

Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia.

(41)

Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le staidreamh i ndáil le gairmoiliúint i ngnóthais.

(42)

Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d'aeriompróirí a tharraingt suas a bheidh faoir réir coisc oibríochta laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta.

(43)

Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú.

(44)

Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú.

(45)

Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú.

(46)

Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra.