28.5.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/24 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 392/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Aibreán 2009
maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3), i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d'fhormheas an Coiste Idir réitigh an 3 Feabhra 2009,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair, tá gá le bearta breise a ghlacadh d'fhonn sábháilteacht muiriompair a fheabhsú. Ba cheart, maidir leis na bearta sin, go mbeadh rialacha dliteanais san áireamh iontu i leith damáiste a dhéantar do phaisinéirí, ós rud é go bhfuil sé tábhachtach leibhéal cuí cúitimh a áirithiú do phaisinéirí a mbaineann tionóiscí dóibh ar muir. |
(2) |
Rinneadh Prótacal 2002 a ghabhann le Coinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 1974, a ghlacadh an 1 Samhain 2002 faoi choimirce na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO). Tá cinneadh á dhéanamh faoi láthair ag an gComhphobal agus ag a Bhallstáit i dtaobh an aontófar don Phrótacal sin nó an ndaingneofar é. In aon chás, maidir lena fhorálacha, a ionchorpraítear leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeidh feidhm acu maidir leis an gComhphobal ó thráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2012. |
(3) |
Is maidir le hiompar idirnáisiúnta amháin atá feidhm ag Coinbhinsiún na hAithne maidir le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 1974, arna leasú le Prótacal 2002 (“Coinbhinsiún na hAithne”). Táthar tar éis deireadh a chur leis an idirdhealú idir iompar náisiúnta agus iompar idirnáisiúnta laistigh den mhargadh inmheánach i seirbhísí muiriompair agus, dá bhrí sin, is iomchuí go mbeadh an leibhéal céanna agus an cineál céanna dliteanais i bhfeidhm ar iompar idirnáisiúnta agus ar iompar náisiúnta araon laistigh den Chomhphobal. |
(4) |
Ní mór go gcuirfeadh na socruithe árachais a cheanglaítear faoi Choinbhinsiún na hAithne acmhainní airgeadais úinéirí loinge agus cuideachtaí árachais san áireamh. Ní mór d'úinéirí loinge a bheith in ann a socruithe árachais a bhainistiú ar bhealach atá inghlactha, ó thaobh na heacnamaíochta de, agus ní mór, go háirithe, i gcás cuideachtaí beaga loingseoireachta a oibríonn seirbhísí náisiúnta iompair, cineál séasúrach a n-oibríochtaí a chur san áireamh. Le linn socruithe árachais a leagan amach faoin Rialachán seo, ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfar na haicmí éagsúla loinge a chur i gcuntas. |
(5) |
Is cuí iachall a chur ar an iompróir réamhíocaíocht a dhéanamh i gcás báis paisinéara nó díobhála pearsanta do phaisinéir, i gcás nach ionann an réamhíocaíocht agus dliteanas a aithint. |
(6) |
Ba cheart faisnéis chuí maidir le cearta arna mbronnadh ar phaisinéirí a thabhairt do na paisinéirí sin roimh a dturas, nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, tráth a n imeachta ar a dhéanaí. |
(7) |
Rinne Coiste Dlí an IMO Forchoimeádas agus Treoirlínte an IMO maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme (“Treoirlínte an IMO”) a ghlacadh an 19 Deireadh Fómhair 2006 d'fhonn díriú ar shaincheisteanna áirithe faoi Choinbhinsiún na hAithne, amhail cúiteamh as damáiste a bhaineann le sceimhlitheoireacht, go háirithe. Dá réir sin, is féidir a mheas gur lex specialis iad Treoirlínte an IMO. |
(8) |
Leis an Rialachán seo, ionchorpraítear codanna de Threoirlínte an IMO agus tugtar brí cheangailteach dóibh. Chuige sin, ba cheart, go háirithe, friotal na n-abairtí i dTreoirlínte an IMO ina bhfuil na focail “ba cheart/gur cheart” móide briathar a athrú ionas gurb é an aimsir fháistineach den bhriathar sin atá ann. |
(9) |
Ba cheart gur i gcomhthéacs reachtaíocht an Chomhphobail a thuigfí forálacha Choinbhinsiún na hAithne (Iarscríbhinn I) agus forálacha Threoirlínte an IMO (Iarscríbhinn II), mutatis mutandis. |
(10) |
Ba cheart an córas dliteanais dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a leathnú de réir a chéile chuig na haicmí éagsúla loinge de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 4 de Threoir 98/18/CE ón gComhairle an 17 Márta 1998 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (4). Ba cheart go ndéanfaí na hiarmhairtí i leith táillí mar aon le cumas an mhargaidh chun cumhdach árachais incheannaithe a fháil ag an leibhéal is gá i gcomhthéacs an chúlra beartais maidir le cearta paisinéirí a neartú, chomh maith le cineál séasúrach cuid den trácht, a chur san áireamh. |
(11) |
Tagann na hábhair a chumhdaítear le hAirteagail 17 agus le hAirteagal 17a de Choinbhinsiún na hAithne faoi réim inniúlacht eisiach an Chomhphobail sa mhéid go ndéanann na hAirteagail sin difear do na rialacha a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (5). Sa mhéid sin, beidh an dá fhoráil sin ina gcuid de dhlíchóras an Chomhphobail nuair a aontaíonn an Comhphobal do Choinbhinsiún na hAithne. |
(12) |
Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go measfaí gurb é a chiallaíonn an abairt “nó go bhfuil an long cláraithe i mBallstát” ná gur Ballstát nó gur páirtí conarthach i gCoinbhinsiún na hAithne é an bratstát chun críocha cláraithe cairtfhostaithe loim. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun a iarraidh ar an IMO treoirlínte a fhorbairt maidir leis an gcoincheap a bhaineann le clárú cairtfhostaithe loim. |
(13) |
Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go measfaí gurb é a chiallaíonn an abairt “trealamh soghluaisteachta” ná trealamh nach bagáiste ná feithiclí é de réir bhrí Airteagal 8 de Choinbhinsiún na hAithne. |
(14) |
Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (6). |
(15) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a leasú d'fhonn leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta, ar na prótacail, ar na cóid agus ar na rúin a bhaineann leis a ionchorprú ann. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(16) |
Ba cheart go dtabharfadh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), cúnamh don Choimisiún le linn tuarascáil ar dhul chun cinn a ullmhú agus a dhréachtú maidir le feidhmiú na rialacha arna leagan síos leis an Rialachán seo. |
(17) |
Tá ról bunúsach agus riachtanach ag na húdaráis náisiúnta, go háirithe na húdaráis chalafoirt, maidir le sainaithint agus bainistiú na rioscaí éagsúla i ndáil le sábháilteacht mhuirí. |
(18) |
Tá gealltanas daingean tugtha ag na Ballstáit ina Ráiteas ar Shábháilteacht Mhuirí an 9 Deireadh Fómhair 2008 á rá go dtoileoidh siad, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2012, a bheith faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Dhliteanais i leith Éileamh Muirí a Theorannú, 1976, arna leasú le Prótacal 1996. Féadfaidh Ballstáit leas a bhaint as an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 15(3a) den Choinbhinsiún sin chun rialáil a dhéanamh, trí bhíthin forálacha sonracha de chuid an Rialacháin seo, ar an gcóras teorannaithe dliteanais atá le cur i bhfeidhm maidir le paisinéirí. |
(19) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon sraith amháin rialacha a chruthú lena rialófar cearta iompróirí de mhuir agus a bpaisinéirí i gcás tionóisce, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos córas an Chomhphobail maidir le dliteanas agus árachas i leith iompair paisinéirí de mhuir de réir mar a leagtar amach é sna forálacha ábhartha díobh seo a leanas:
(a) |
Coinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 1974, arna leasú le Prótacal 2002 (“Coinbhinsiún na hAithne”), de réir mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I; agus |
(b) |
Forchoimeádas agus Treoirlínte an IMO maidir le Cur chun Feidhme Choinbhinsiún na hAithne arna ghlacadh ag Coiste Dlí an IMO an 19 Deireadh Fómhair 2006 (“Treoirlínte an IMO”) de réir mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II. |
2. Ina theannta sin, leis an Rialachán seo leathnaítear cur i bhfeidhm na bhforálacha sin chuig iompar paisinéirí de mhuir laistigh d'aon Bhallstát amháin ar bord longa Aicme A agus Aicme B faoi Airteagal 4 de Threoir 98/18/CE agus leagtar síos leis ceanglais fhorlíontacha áirithe.
3. Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2013, déanfaidh an Coimisiún, más cuí, togra reachtach a thíolacadh chun go ndéanfar, inter alia, raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig longa Aicme C agus Aicme D faoi Airteagal 4 de Threoir 98/18/CE.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon iompar idirnáisiúnta de réir bhrí phointe 9 d'Airteagal 1 de Choinbhinsiún na hAithne agus maidir le hiompar de mhuir laistigh d'aon Bhallstát amháin, ar bord longa Aicme A agus Aicme B faoi Airteagal 4 de Threoir 98/18/CE, más rud é:
(a) |
go bhfuil bratach Ballstáit ar foluain ar an long nó go bhfuil an long cláraithe i mBallstát; |
(b) |
go ndearnadh an conradh iompair i mBallstát; nó |
(c) |
gur i mBallstát atá an áit imeachta nó an ceann scríbe, de réir an chonartha. |
Féadfaidh Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le gach turas farraige baile.
Airteagal 3
Dliteanas agus árachas
1. Déanfar an córas dliteanais i leith paisinéirí, a gcuid bagáiste agus a bhfeithiclí, agus na rialacha maidir le hárachas nó le hurrús airgeadais eile, a rialú leis an Rialachán seo, le hAirteagail 1 agus 1a, le hAirteagal 2(2), le hAirteagail 3 go 16, agus le hAirteagail 18, 20 agus 21 de Choinbhinsiún na hAithne a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus le forálacha Threoirlínte an IMO, a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
2. Beidh Treoirlínte an IMO a leagtar amach in Iarscríbhinn II ceangailteach.
Airteagal 4
Cúiteamh i leith trealaimh soghluaisteachta nó trealaimh shonraigh eile
I gcás ina gcailltear trealamh soghluaisteachta nó trealamh sonrach eile a úsáideann paisinéir atá faoi mhíchumas luaineachta nó i gcás ina ndéantar damáiste do threalamh den sórt sin, déanfar dliteanas an iompróra a rialú le hAirteagal 3(3) de Choinbhinsiún na hAithne. Beidh an cúiteamh i gcomhréir le luach athsholáthair an trealaimh lena mbaineann, nó, más infheidhme, beidh sé i gcomhréir leis na costais a bhaineann le deisiúcháin.
Article 5
Teorannú uilíoch ar dhliteanas
1. Maidir le cearta nó dualgais an iompróra, nó an iompróra feidhmithe, faoi reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Dhliteanas i leith Éileamh Muirí a Theorannú, 1976, arna leasú le Prótacal 1996, lena n-áirítear aon leasú air amach anseo, a chur chun feidhme, ní mhodhnófar iad leis an Rialachán seo.
Cheal aon reachtaíochta náisiúnta infheidhme den sórt sin, déanfar dliteanas an iompróra nó an iompróra feidhmithe a rialú le hAirteagal 3 den Rialachán seo agus leis an Airteagal sin amháin.
2. Maidir le héilimh i leith báis paisinéara nó díobhála pearsanta do phaisinéir arb é is cúis leis nó léi ná aon cheann de na rioscaí dá dtagraítear i mír 2.2 de Threoirlínte an IMO, féadfaidh an t-iompróir agus an t-iompróir feidhmithe a ndliteanas a theorannú de bhun na bhforálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 6
Réamhíocaíocht
1. I gcás inar teagmhas loingseoireachta is cúis le bás paisinéara nó le díobháil phearsanta do phaisinéir, déanfaidh an t-iompróir a d'fheidhmigh an t-iompar iomlán nó cuid den iompar ar tharla an teagmhas loingseoireachta lena linn réamhíocaíocht a íoc laistigh de 15 lá ón tráth a sainaithneofar an duine atá i dteideal damáistí a fháil, ar réamhíocaíocht í a bheidh leordhóthanach chun neasriachtanais eacnamaíocha a chumhdach ar bhonn a bheidh comhréireach leis an damáiste a fulaingíodh. I gcás báis, ní bheidh an íocaíocht seo níos lú ná EUR 21 000.
Beidh feidhm ag an bhforáil seo freisin i gcás an t-iompróir a bheith bunaithe laistigh den Chomhphobal.
2. Ní ionann réamhíocaíocht agus dliteanas a aithint agus féadfar í a fhritháireamh i gcoinne aon suimeanna a íocfar ina dhiaidh sin ar bhonn an Rialacháin seo. Ní bheidh sí inaisíoctha ach amháin sna cásanna atá leagtha amach in Airteagal 3(1) nó in Airteagal 6 de Choinbhinsiún na hAithne, nó i bhFoscríbhinn A a ghabhann le Treoirlínte an IMO, nó i gcás nach é an duine a fuair í an duine a bhí i dteideal damáistí a fháil.
Airteagal 7
Faisnéis do phaisinéirí
Gan dochar d'oibleagáidí tionscnóirí turas atá leagtha amach i dTreoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe (8), áiritheoidh an t-iompróir agus/nó an t-iompróir feidhmithe go soláthrófar faisnéis iomchuí agus shothuigthe do phaisinéirí maidir lena gcearta faoin Rialachán seo.
I gcás ina ndéantar an conradh iompair i mBallstát, soláthrófar an fhaisnéis sin ag gach pointe díola, lena n-áirítear díol a dhéantar le teileafón agus leis an Idirlíon. I gcás ina bhfuil an áit imeachta suite i mBallstát, soláthrófar an fhaisnéis sin roimh imeacht. I ngach cás eile soláthrófar í ag am na himeachta ar a dhéanaí. Sa mhéid go mbeidh an t-iompróir nó an t-iompróir feidhmithe tar éis an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin Airteagal seo a sholáthar, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an bpáirtí eile í a sholáthar. Déanfar an fhaisnéis a sholáthar san fhormáid is cuí.
D'fhonn an ceanglas faisnéise faoin Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh an t-iompróir agus an t-iompróir feidhmithe, ar a laghad, an fhaisnéis atá in achoimre ar fhorálacha an Rialacháin seo, arna hullmhú ag an gCoimisiún agus arna poibliú, a sholáthar do phaisinéirí.
Airteagal 8
Tuairisciú
Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar tuarascáil í ina ndéanfar, inter alia, forbairtí eacnamaíocha agus forbairtí i bhfóraim idirnáisiúnta a chur san áireamh.
Féadfar togra maidir leis an Rialachán seo a leasú, nó togra maidir leis an gComhphobal do thabhairt aighneachta os comhair na bhfóram ábhartha idirnáisiúnta, a chur ag gabháil leis an tuarascáil sin.
Airteagal 9
Leasuithe
1. Maidir le bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a bhaineann le leasuithe ar na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 3(1), Airteagal 4a(1), Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 de Choinbhinsiún na hAithne a ionchorprú chun cinntí arna nglacadh de bhun Airteagal 23 den Choinbhinsiún sin, agus, chomh maith leis sin, a bhaineann le huasdátú comhfhreagrach ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chur san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo.
Agus na hiarmhairtí i leith táillí mar aon le cumas an mhargaidh chun cumhdach árachais incheannaithe a fháil ag an leibhéal is gá i gcomhthéacs an chúlra beartais maidir le cearta paisinéirí a neartú, chomh maith le cineál séasúrach cuid den trácht, á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2016, ar bhonn measúnachta tionchair oiriúnaí, beart a ghlacadh a bhaineann leis na teorainneacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I le haghaidh longa Aicme B faoi Airteagal 4 de Threoir 98/18/CE. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo.
2. Maidir le bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a bhaineann le leasuithe ar fhorálacha Threoirlínte an IMO a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ionchorprú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo.
Airteagal 10
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 11
Forálacha idirthréimhseacha
1. Maidir le hiompar de mhuir laistigh de Bhallstát amháin ar bord longa Aicme A faoi Airteagal 4 de Threoir 98/18/CE, féadfaidh Ballstáit a roghnú cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí ceithre bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm.
2. Maidir le hiompar de mhuir laistigh de Bhallstát amháin ar bord longa Aicme B faoi Airteagal 4 de Threoir 98/18/CE, féadfaidh Ballstáit a roghnú cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 31 Nollaig 2018.
Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó dháta theacht i bhfeidhm Choinbhinsiún na hAithne don Chomhphobal agus, in aon chás, ó dháta nach déanaí ná an 31 Nollaig 2012.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Aibreán 2009.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NEČAS
(1) IO C 318, 23.12.2006. lch. 195.
(2) IO C 229, 22.9.2006. lch. 38.
(3) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2007 (IO C 74 E, 20.3.2008, lch. 562), Comhsheasamh ón gComhairle an 6 Meitheamh 2008 (IO C 190 E, 29.7.2008, lch. 17), Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Cinneadh ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 agus Rún Reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4) IO L 144, 15.5.1998, lch. 1.
(5) IO L 12, 16.1.2001, lch. 1.
(6) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.
(7) IO L 208, 5.8.2002, lch. 1.
(8) IO L 158, 23.6.1990, lch. 59.
(9) IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.
IARSCRÍBHINN I
FORÁLACHA DE CHOINBHINSIÚN NA hAITHNE A BHAINEANN LE hIOMPAR PAISINÉIRÍ AGUS A gCUID BAGÁISTE DE MHUIR AR FORÁLACHA IAD ATÁ ÁBHARTHA MAIDIR LEIS AN RIALACHÁN SEO A CHUR I bhFEIDHM
(Téacs comhdhlúite Choinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hiompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 1974, agus Phrótacal 2002 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún)
Airteagal 1
Sainmhínithe
Sa Choinbhinsiún seo tá an bhrí a shanntar dóibh leis seo ag na habairtí seo a leanas:
1) |
|
2) |
ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh arna dhéanamh ag iompróir nó thar ceann iompróra d'fhonn paisinéir a iompar de mhuir nó d'fhonn paisinéir agus a chuid bagáiste a iompar de mhuir, de réir mar a bheidh; |
3) |
ní chiallaíonn ‘long’ aon long seachas soitheach farraige, gan feithicil aerchúisín a áireamh; |
4) |
ciallaíonn ‘paisinéir’ aon duine a iompraítear ar long:
|
5) |
ciallaíonn ‘bagáiste’ aon earra nó aon fheithicil a iompraíonn an t-iompróir faoi chonradh iompair, gan na nithe seo a leanas a áireamh:
|
6) |
ciallaíonn ‘bagáiste cábáin’ bagáiste atá ag an bpaisinéir ina chábán nó atá ina sheilbh, ina choimeád nó faoina rialú aige ar shlí eile. Ach amháin chun mír 8 den Airteagal seo agus Airteagal 8 a chur i bhfeidhm, folaíonn bagáiste cábáin bagáiste atá ag an bpaisinéir ina fheithicil nó ar a fheithicil; |
7) |
folaíonn ‘bagáiste a chailleadh nó damáiste a dhéanamh do bhagáiste’ caillteanas airgid toisc nár athsheachadadh an bagáiste ar an bpaisinéir laistigh d'am réasúnach tar éis don long ar iompraíodh an bagáiste uirthi nó ar cheart go n-iomprófaí an bagáiste uirthi teacht i dtír, ach ní fholaíonn sé aon mhoill de thoradh ar dhíospóidí saothair; |
8) |
cumhdaíonn ‘iompar’ na tréimhsí seo a leanas:
|
9) |
ciallaíonn ‘iompar idirnáisiúnta’ aon iompar arb amhlaidh ina leith, de réir an chonartha iompair, go bhfuil an áit imeachta agus an ceann scríbe lonnaithe in dhá Stát éagsúla, nó in aon Stát amháin más rud é, de réir an chonartha iompair nó de réir an chúrsa taistil sceidealta, go bhfuil calafort idirmheánach cuarda ann i Stát eile; |
10) |
ciallaíonn ‘Eagraíocht’ an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta; |
11) |
ciallaíonn ‘Ard-Rúnaí’ Ard-Rúnaí na hEagraíochta. |
Airteagal 1a
Iarscríbhinn
Beidh an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo ina cuid dhílis den Choinbhinsiún.
Airteagal 2
Feidhm
1. […] (1)
2. D'ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo nuair a bheidh an t-iompar, faoi aon choinbhinsiún idirnáisúnta eile maidir le paisinéirí nó bagáiste a iompar ar mhodh iompair eile, faoi réir córais dliteanais shibhialta faoi fhorálacha coinbhinsiúin den sórt sin, a mhéid a bheidh feidhm shainordaitheach ag na forálacha sin maidir le hiompar de mhuir.
Airteagal 3
Dliteanas an iompróra
1. Maidir leis an gcaillteanas a fhulaingítear de thoradh ar bhás paisinéara nó ar dhíobháil phearsanta do phaisinéir ar theagmhas loingseoireachta ba chúis leis an mbás sin nó leis an díobháil sin, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas go feadh an méid nach rachaidh an caillteanas sin i leith an phaisinéara sin thar 250 000 aonad cuntais ar gach ócáid ar leith, mura rud é go gcruthóidh an t-iompróir:
(a) |
gur tharla an teagmhas de thoradh ar ghníomh cogaidh, ar chogaíocht, ar chogadh cathartha, ar éirí amach nó ar fheiniméan nádúrtha de chineál eisceachtúil, dosheachanta agus dochoiscthe; |
(b) |
gurbh é an t-aon chúis amháin a bhí leis an teagmhas ná gníomh nó neamhghníomh de chuid tríú páirtí le hintinn go mbeadh sé ina chúis leis an teagmhas. |
Má théann an caillteanas thar an teorainn thuas, agus a mhéid a théann sé thairsti, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas breise mura rud é go gcruthóidh an t-iompróir, maidir leis an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas, gur tharla sé gan locht nó faillí a bheith ann ar thaobh an iompróra.
2. Maidir leis an gcaillteanas a fhulaingítear de thoradh ar bhás paisinéara nó ar dhíobháil phearsanta do phaisinéir agus nach teagmhas loingseoireachta ba chúis leis an mbás sin nó leis an díobháil sin, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas ina leith má tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas de thoradh ar locht nó ar fhaillí ar thaobh an iompróra. Beidh an dualgas ar an éilitheoir locht nó faillí a chruthú.
3. Maidir leis an gcaillteanas a fhulaingítear de thoradh ar bhagáiste cábáin a chailleadh nó ar dhamáiste do bhagáiste cábáin, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas ina leith más mar gheall ar locht nó faillí ar thaobh an iompróra a tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas. Toimhdeofar locht nó faillí ar thaobh an iompróra i gcás caillteanais ar teagmhas loingseoireachta is cúis leis.
4. Maidir leis an gcaillteanas a fhulaingítear de thoradh ar bhagáiste, seachas bagáiste cábáin, a chailleadh nó ar dhamáiste do bhagáiste seachas bagáiste cábáin, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas ina leith mura rud é go gcruthóidh an t-iompróir gur tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas gan locht nó faillí a bheith ann ar thaobh an iompróra.
5. Chun críocha an Airteagail seo:
(a) |
ciallaíonn ‘teagmhas loingseoireachta’ longbhriseadh, iompú na loinge, imbhualadh na loinge nó tráchur na loinge, pléascadh nó dóiteán ar an long nó fabht ar an long; |
(b) |
folaíonn ‘locht nó faillí ar thaobh an iompróra’ locht nó faillí ar thaobh sheirbhísigh an iompróra, ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a bhfostaíochta; |
(c) |
ciallaíonn ‘fabht ar an long’ aon mhífheidhm, aon chliseadh nó aon neamhchomhlíonadh i ndáil leis na rialacháin sábháilteachta infheidhme i leith aon chuid den long nó de threalamh na loinge nuair a úsáidtear an céanna chun ligean do phaisinéirí éalú, aslonnú, bordáil agus díbhordáil, nó nuair a úsáidtear an céanna do thiomáint, do stiúradh, do loingseoireacht shábháilte, d'fheistiú, do chur ar ancaire, do theacht chuig leaba báid nó d'imeacht aisti, nó do theacht chuig ancaireacht nó d'imeacht aisti nó do rialú damáiste tar éis tuile; nó nuair a úsáidtear an céanna chun fearais sábhála anama a lainseáil; agus |
(d) |
ní fholóidh ‘caillteanas’ damáistí pionósacha ná damáistí eiseamláireacha. |
6. Ní bhaineann dliteanas an iompróra faoin Airteagal seo ach le caillteanas a éiríonn as teagmhais a tharla i gcúrsa an iompair. Beidh an dualgas ar an éilitheoir a chruthú gur i gcúrsa an iompair a tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas agus beidh an dualgas air méid an chaillteanais a chruthú.
7. Ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo dochar do cheart cúláraigh an iompróra i gcoinne aon tríú páirtí, ná do chosaint ar bhonn faillí rannpháirtí faoi Airteagal 6 den Choinbhinsiún seo. Ní dhéanfaidh aon ní san Airteagal seo dochar d'aon cheart chun teorannaithe faoi Airteagal 7 nó Airteagal 8 den Choinbhinsiún seo.
8. Ní dhéanfaidh toimhdí lochta nó faillí ar thaobh páirtí nó dáileadh an dualgais cruthúnais chuig páirtí cosc a chur le breithniú a dhéanamh ar fhianaise i bhfabhar an pháirtí sin.
Airteagal 4
Iompróir feidhmithe
1. Má cuireadh feidhmiú an iompair nó cuid de faoi chúram iompróra feidhmithe, beidh an t-iompróir fós faoi dhliteanas i leith an iompair uile de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin seo. Ina theannta sin, beidh an t-iompróir feidhmithe faoi réir agus i dteideal fhorálacha an Choinbhinsiúin seo don chuid sin den iompar a fheidhmíonn sé.
2. I ndáil leis an iompar a fheidhmíonn an t-iompróir feidhmithe, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas i leith ghníomhartha agus neamhghníomhartha an iompróra feidhmithe agus a sheirbhíseach agus a ghníomhairí ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a bhfostaíochta.
3. Ní dhéanfaidh aon chomhaontú speisialta faoina nglacfaidh an t-iompróir oibleagáidí chuige féin ar oibleagáidí iad nach bhforchuirtear leis an gCoinbhinsiún seo ná ní dhéanfaidh aon tarscaoileadh ceart a thugtar leis an gCoinbhinsiún seo difear don iompróir feidhmithe ach amháin má aontaíonn sé leis sin go sainráite agus i scríbhinn.
4. I gcás ina mbeidh, agus a mhéid a bheidh, an t-iompróir agus an t-iompróir feidhmithe faoi dhliteanas, is comhdhliteanas agus dliteanas leithleach a ndliteanas.
5. Ní dhéanfaidh aon ní san Airteagal seo dochar d'aon cheart cúláraigh amhail idir an t-iompróir agus an t-iompróir feidhmithe.
Airteagal 4a
Árachas éigeantach
1. I gcás ina n-iompraítear paisinéirí ar bord loinge atá cláraithe i Stát is Páirtí agus atá ceadúnaithe chun níos mó ná dhá phaisinéir déag a iompar, agus i gcás ina bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún seo, déanfaidh aon iompróir a fheidhmíonn an t-iompar ina iomláine nó cuid de iarbhír árachas nó urrús airgeadais eile, amhail ráthaíocht ó bhanc nó ó fhoras airgeadais den tsamhail chéanna, a choimeád chun dliteanas faoin gCoinbhinsiún seo a chumhdach i leith báis paisinéirí agus i leith díobhála pearsanta do phaisinéirí. Ní bheidh teorainn an árachais éigeantaigh nó an urrúis airgeadais eile níos lú ná 250 000 aonad cuntais in aghaidh an phaisinéara ar gach ócáid ar leith.
2. Déanfar deimhniú á fhianú go bhfuil árachas nó urrús airgeadais eile i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin seo a eisiúint chuig gach long tar éis d'údarás iomchuí Stáit is Páirtí a chinneadh go bhfuil ceanglais mhír 1 comhlíonta. Maidir le long atá cláraithe i Stát is Páirtí, eiseoidh nó deimhneoidh údarás iomchuí an Stáit ina bhfuil an long cláraithe deimhniú den sórt sin; maidir le long nach bhfuil cláraithe i Stát is Páirtí, féadfaidh údarás iomchuí aon Stáit is Páirtí an deimhniú a eisiúint nó a dheimhniú. Beidh an deimhniú sin i bhfoirm na samhla a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo agus beidh na sonraí seo a leanas ann:
(a) |
ainm na loinge, uimhir shainiúil nó litreacha sainiúla agus calafort an chláraithe; |
(b) |
ainm agus príomhionad gnó an iompróra a fheidhmíonn iarbhír an t-iompar iomlán nó cuid den iompar; |
(c) |
uimhir aitheantais loinge an IMO; |
(d) |
cineál agus ré an urrúis; |
(e) |
ainm agus príomhionad gnó an árachóra nó an duine eile a sholáthraíonn urrús airgeadais agus, i gcás inar iomchuí, an t-ionad gnó ina bhfuil an t-árachas nó an t-urrús airgeadais eile bunaithe; agus |
(f) |
tréimhse bailíochta an deimhnithe, nach mbeidh níos faide ná tréimhse bailíochta an árachais nó an urrúis airgeadais eile. |
3. |
|
4. Beidh an deimhniú i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Stáit eisiúna. Murab é an Béarla, an Fhraincis nó an Spáinnis an teanga a úsáidtear, folóidh an téacs aistriúchán go ceann amháin de na teangacha sin, agus, i gcás ina gcinnfidh an Stát amhlaidh, féadfar teanga oifigiúil an Stáit a fhágáil ar lár.
5. Iomprófar an deimhniú ar bord na loinge, agus taiscfear cóip leis na húdaráis a choimeádann an taifead ar chlárú na loinge nó, mura bhfuil an long cláraithe i Stát is Páirtí, taiscfear cóip le húdarás an Stáit a eisíonn nó a dheimhníonn an deimhniú.
6. Ní shásóidh árachas nó urrús airgeadais eile ceanglais an Airteagail seo más amhlaidh go bhféadfadh sé scor, ar chúiseanna seachas tréimhse bailíochta an árachais nó an urrúis a shonraítear sa deimhniú do dhul in éag, sula mbeidh trí mhí caite ón dáta a dtugtar fógra faoina fhoirceannadh do na húdaráis dá dtagraítear i mír 5, mura rud é gur tugadh suas an deimhniú do na húdaráis sin nó gur eisíodh deimhniú nua laistigh den tréimhse sin. Beidh an fheidhm chéanna ag na forálacha sin roimhe seo maidir le haon mhodhnú arb é a leanann as ná nach sásaíonn an t-árachas nó an t-urrús airgeadais eile ceanglais an Airteagail seo a thuilleadh.
7. Faoi réir fhorálacha an Airteagail seo, déanfaidh an Stát a bhfuil an long cláraithe ann coinníollacha eisiúna agus bailíochta an deimhnithe a chinneadh.
8. Ní fhorléireofar aon ní sa Choinbhinsiún seo ar shlí ina gcuirfear cosc ar Stát is Páirtí a bheith ag brath ar fhaisnéis a fhaightear ó Stáit eile nó ón Eagraíocht nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus a bhaineann le seasamh airgeadais soláthróirí árachais nó urrúis airgeadais eile chun críocha an Choinbhinsiúin seo. I gcásanna den sórt sin, ní dhéantar an Stát is Páirtí atá ag brath ar fhaisnéis den sórt sin a fhuascailt óna fhreagracht mar Stát a eisíonn an deimhniú.
9. Maidir le deimhnithe arna n-eisiúint nó arna ndeimhniú faoi údarás Stáit is Páirtí, glacfaidh Stáit eile is Páirtithe leo chun críocha an Choinbhinsiúin seo agus measfaidh Stáit eile is Páirtithe ina leith go bhfuil an fheidhm chéanna acu atá ag deimhnithe arna n-eisiúint nó arna ndeimhniú acu féin, fiú más rud é gur eisíodh nó gur deimhníodh iad i leith loinge nach bhfuil cláraithe i Stát is Páirtí. Féadfaidh Stát is Páirtí comhairliúchán leis an Stát eisiúna nó leis an Stát deimhnithe a iarraidh tráth ar bith i gcás ina gcreideann sé nach bhfuil an acmhainneacht airgeadais ag an árachóir nó ag an ráthóir arna ainmniú ar an deimhniú árachais chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gCoinbhinsiún seo a chomhlíonadh.
10. Féadfar aon éileamh ar chúiteamh a chumhdaítear le hárachas nó le hurrús airgeadais eile de bhun an Airteagail seo a dhéanamh go díreach i gcoinne an árachóra nó i gcoinne duine eile a sholáthraíonn urrús airgeadais. Sa chás sin, is é an méid a leagtar amach i mír 1 a mbeidh feidhm aige mar theorainn ar dhliteanas an árachóra nó an duine eile a sholáthraíonn urrús airgeadais fiú mura bhfuil an t-iompróir nó an t-iompróir feidhmithe i dteideal teorann dliteanais. Féadfaidh an cosantóir agairt a dhéanamh thairis sin i leith na gcosaintí (seachas féimheacht nó foirceannadh) a mbeadh an t-iompróir dá dtagraítear in mír 1 i dteideal agairt a dhéanamh ina leith i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo. Fairis sin, féadfaidh an cosantóir agairt a dhéanamh i leith na cosanta gur de thoradh ar mhí-iompar toiliúil an árachaí a tharla an damáiste ach ní dhéanfaidh an cosantóir agairt i leith aon chosanta eile a bhféadfadh an cosantóir a bheith i dteideal agairt a dhéanamh ina leith in imeachtaí arna dtionscnamh ag an árachaí i gcoinne an chosantóra. Beidh sé de cheart ag an gcosantóir ar scor ar bith a cheangal go ndéanfar an t-iompróir agus an t-iompróir feidhmithe a uamadh sna himeachtaí.
11. Maidir le haon suimeanna a sholáthraítear trí árachas nó urrús airgeadais eile arna choimeád i gcomhréir le mír 1, beidh siad ar fáil go heisiach chun éilimh faoin gCoinbhinsiún seo a shásamh agus glanfaidh aon íocaíocht i leith suimeanna den sórt sin aon dliteanas a éiríonn faoin gCoinbhinsiún seo go feadh mhéid na méideanna a íoctar.
12. Ní cheadóidh Stát is Páirtí do long a bhfuil a bhratach ar foluain aici agus a bhfuil feidhm ag an Airteagal seo maidir léi oibriú tráth ar bith mura mbeidh deimhniú eisithe faoi mhír 2 nó faoi mhír 15.
13. Faoi réir fhorálacha an Airteagail seo, áiritheoidh gach Stát is Páirtí faoina dhlí náisiúnta go bhfuil árachas nó urrús airgeadais eile i bhfeidhm, go feadh an méid a shonraítear i mír 1, i leith aon loinge atá ceadúnaithe chun níos mó ná dhá phaisinéir déag a iompar, is cuma cén áit ina bhfuil sí cláraithe, ar dhul isteach in aon chalafort ina chríoch di nó ar fhágáil aon chalafoirt ina chríoch di a mhéid atá feidhm ag an gCoinbhinsiún seo.
14. D'ainneoin fhorálacha mhír 5, féadfaidh Stát is Páirtí a chur in iúl don Ard-Rúnaí nach gceanglaítear ar longa, chun críocha mhír 13, an deimhniú a éilítear le mír 2 a iompar ar bord ná a thabhairt ar aird ar dhul isteach i gcalafoirt ina chríoch dóibh nó ar fhágáil calafort ina chríoch dóibh, ar choinníoll go gcuirfidh an Stát is Páirtí a eisíonn an deimhniú in iúl don Ard-Rúnaí go gcoimeádann sé taifid i bhformáid leictreonach, ar taifid iad atá ar fáil do gach Stát is Páirtí, á fhianú gurb ann don deimhniú agus á chumasú do Stáit is Páirtithe a gcuid oibleagáidí faoi mhír 13 a chomhlíonadh.
15. Más rud é nach gcoimeádtar árachas nó urrús airgeadais eile i leith loinge atá faoi úinéireacht Stáit is Páirtí, ní bheidh forálacha an Airteagail seo a bhaineann leis sin infheidhme maidir leis an long sin, ach déanfar deimhniú arna eisiúint ag údaráis iomchuí an Stáit ina bhfuil an long cláraithe a iompar ar an long ar deimhniú é ina luafar gurb é an Stát sin úinéir na loinge agus go bhfuil an dliteanas cumhdaithe laistigh den mhéid a fhorordaítear i gcomhréir le mír 1. Cloífidh deimhniú den sórt sin chomh daingean agus is féidir leis an tsamhail a fhorordaítear le mír 2.
Airteagal 5
Earraí Luachmhara
Ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas as cailleadh airgid, urrús inaistrithe, óir, earraí airgid, seodra, ornáidí, saothar ealaíne, nó earraí luachmhara eile ná as damáiste dóibh, seachas i gcás inar taisceadh earraí luachmhara den sórt sin leis an iompróir chun críche a comhaontaíodh, is é sin, iad a shlánchoimeád, agus sa chás sin beidh an t-iompróir faoi dhliteanas suas go dtí an teorainn dá bhforáiltear i mír 3 d'Airteagal 8 mura rud é go gcomhaontaítear teorainn níos airde i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 10.
Airteagal 6
Locht rannpháirteach
Má chruthaíonn an t-iompróir gur locht nó faillí ar thaobh an phaisinéara ba chúis le bás an phaisinéara sin nó le díobháil phearsanta don phaisinéir sin nó le cailleadh a bhagáiste nó le damáiste dá bhagáiste, nó gur rannchuidigh locht nó faillí ar thaobh an phaisinéara leis na nithe sin, féadfaidh an Chúirt ar os a comhair atá an cás an t-iompróir a shaoradh go hiomlán nó go páirteach óna dhliteanas i gcomhréir le forálacha dhlí na cúirte sin.
Airteagal 7
Teorainn ar dhliteanas as bás agus as díobháil phearsanta
1. Ní bheidh dliteanas an iompróra faoi Airteagal 3 as bás paisinéara nó as díobháil phearsanta do phaisinéir níos mó, in aon chás, ná 400 000 aonad cuntais in aghaidh an phaisinéara ar gach ócáid ar leith. Más rud é, i gcomhréir le dlí na cúirte ar os a comhair atá an cás, go ndámhfar damáistí i bhfoirm íocaíochtaí tréimhsiúla ioncaim, ní rachaidh luach caipitiúil coibhéiseach na n-íocaíochtaí sin thar an teorainn sin.
2. Féadfaidh Stát is Páirtí rialáil a dhéanamh, trí fhorálacha sonracha de chuid an dlí náisiúnta, ar an teorainn ar dhliteanas a fhorordaítear i mír 1, ar choinníoll nach bhfuil an teorainn náisiúnta ar dhliteanas, más ann, níos ísle ná an teorainn a fhorordaítear i mír 1. Déanfaidh Stát is Páirtí a bhaineann leas as an rogha dá bhforáiltear sa mhír seo an tArd-Rúnaí a chur ar an eolas faoin teorainn ar dhliteanas a ghlactar nó cuirfidh sé ar an eolas é i dtaobh nach ann d'aon teorainn den sórt sin.
Airteagal 8
Teorainn ar dhliteanas as cailleadh bagáiste agus feithiclí nó as damáiste do bhagáiste agus d'fheithiclí
1. Ní rachaidh dliteanas an iompróra, as cailleadh bagáiste cábáin nó as damáiste do bhagáiste cábáin, thar 2 250 aonad cuntais, in aon chás, in aghaidh an phaisinéara, agus in aghaidh an iompair.
2. Ní rachaidh dliteanas an iompróra as cailleadh feithiclí nó as damáiste d'fheithiclí, lena n-áirítear gach bagáiste a iompraítear san fheithicil nó ar an bhfeithicil, thar 12 700 aonad cuntais, in aon chás, in aghaidh an phaisinéara, agus in aghaidh an iompair.
3. Ní rachaidh dliteanas an iompróra as cailleadh bagáiste nó as damáiste do bhagáiste, seachas bagáiste a luaitear i mír 1 agus i mír 2, thar 3 375 aonad cuntais, in aon chás, in aghaidh an phaisinéara, agus in aghaidh an iompair.
4. Féadfaidh an t-iompróir agus an paisinéir a chomhaontú go mbeidh dliteanas an iompróra faoi réir asbhaintigh nach mó ná 330 aonad cuntais i gcás damáiste d'fheithicil agus nach mó ná 149 n-aonad cuntais in aghaidh an phaisinéara i gcás ina gcailltear bagáiste eile nó ina ndéantar damáiste do bhagáiste eile, agus asbhainfear an tsuim sin ón gcaillteanas nó ón damáiste.
Airteagal 9
Aonad Cuntais agus comhshó
1. Is é atá san Aonad Cuntais a luaitear sa Choinbhinsiún seo ná an Ceart Tarraingthe Speisialta mar atá sainmhínithe ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Déanfar na méideanna a luaitear in Airteagal 3, mír 1, in Airteagal 4a, mír 1, in Airteagal 7, mír 1 agus in Airteagal 8 a chomhshó in airgeadra náisiúnta Stát na cúirte ar os a comhair atá an cás ar bhonn luach an airgeadra sin faoi threoir an Chirt Tarraingthe Speisialta ar dháta an bhreithiúnais nó ar an dáta arna chomhaontú ag na páirtithe. Déanfar luach airgeadra náisiúnta Stáit is Páirtí atá ina chomhalta den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, a ríomh i gcomhréir leis an modh luachála arna chur i bhfeidhm ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus atá in éifeacht ar an dáta a bheidh i gceist dá chuid oibríochtaí agus dá chuid idirbheart. Déanfar luach airgeadra náisiúnta Stáit is Páirtí nach comhalta é den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, a ríomh ar bhealach a chinnfidh an Stát sin is Páirtí.
2. Ach ar a shon sin, maidir le Stát nach comhalta é den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus nach gceadaítear lena dhlí forálacha mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sé, tráth daingnithe an Choinbhinsiúin seo, tráth a ghlactha, tráth a fhormheasta nó tráth aontachais leis nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, a dhearbhú go mbeidh an tAonad Cuntais dá dtagraítear i mír 1 cothrom le 15 franc óir. Comhfhreagraíonn an franc óir dá dtagraítear sa mhír seo do chúig mhilleagram go leith is seasca d'ór ag a bhfuil fíneáltacht naoi gcéad as an míle. Maidir le comhshó an franc óir in airgeadra náisiúnta, déanfar é de réir dhlí an Stáit lena mbaineann.
3. Déanfar an ríomh a luaitear san abairt dheireanach de mhír 1 agus an comhshó a luaitear i mír 2 ar shlí ina léireofar, in airgeadra náisiúnta na Stát is Páirtí, a mhéid is féidir, an fíorluach céanna do na méideanna in Airteagal 3, mír 1, in Airteagal 4a, mír 1, in Airteagal 7, mír 1 agus in Airteagal 8 agus a bheadh ann de thoradh ar na chéad trí abairt de mhír 1 a chur i bhfeidhm. Déanfaidh na Stáit an modh ríomha de bhun mhír 1 nó toradh an chomhshó i mír 2, de réir mar a bheidh, a chur in iúl don Ard-Rúnaí tráth taiscthe ionstraime daingniúcháin, glactha nó formheasta an Choinbhinsiúin seo, nó tráth taiscthe ionstraime aontachais leis, agus aon uair a tharlaíonn athrú ar aon cheann díobh.
Airteagal 10
Forálacha forlíontacha maidir le teorainneacha ar dhliteanas
1. Féadfaidh an t-iompróir agus an paisinéir teorainneacha dliteanais is airde ná na teorainneacha a fhorordaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 a chomhaontú go sainráite agus i scríbhinn.
2. Ní bheidh ús ar dhamáistí ná costais dlí san áireamh sna teorainneacha ar dhliteanas a fhorordaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8.
Airteagal 11
Cosaintí agus teorainneacha do sheirbhísigh iompróirí
Má thionscnaítear caingean i gcoinne seirbhísigh nó gníomhaire de chuid an iompróra nó an iompróra feidhmithe, ar caingean í a éiríonn as damáiste a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo, beidh an seirbhíseach nó an gníomhaire sin, má chruthaíonn sé gur ghníomhaigh sé laistigh de raon feidhme a fhostaíochta, i dteideal leas a bhaint as na cosaintí agus as na teorainneacha ar dhliteanas a bhfuil teideal ag an iompróir nó ag an iompróir feidhmithe agairt a dhéanamh ina leith faoin gCoinbhinsiún seo.
Airteagal 12
Éilimh a chomhiomlánú
1. I gcás ina dtiocfaidh na teorainneacha ar dhliteanas a fhorordaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir le comhiomlán na méideanna is inghnóthaithe i ngach éileamh a éiríonn as bás aon phaisinéara aonair nó as díobháil phearsanta d'aon phaisinéir aonair nó as cailleadh a bhagáiste nó as damáiste dá bhagáiste.
2. Maidir leis an iompar a fheidhmíonn an t-iompróir feidhmithe, ní rachaidh comhiomlán na méideanna is inghnóthaithe ón iompróir agus ón iompróir feidhmithe agus óna seirbhísigh agus óna ngníomhairí, ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a bhfostaíochta, thar an méid is airde a d'fhéadfaí a dhámhachtain i gcoinne an iompróra nó i gcoinne an iompróra feidhmithe faoin gCoinbhinsiún seo, ach ní bheidh aon duine de na daoine atá luaite faoi dhliteanas as suim de bhreis ar an teorainn is infheidhme maidir leis.
3. In aon chás ina bhfuil seirbhíseach nó gníomhaire de chuid an iompróra nó an iompróra feidhmithe i dteideal, faoi Airteagal 11 den Choinbhinsiún seo, leas a bhaint as na teorainneacha ar dhliteanas a fhorordaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8, ní rachaidh comhiomlán na méideanna is inghnóthaithe ón iompróir nó ón iompróir feidhmithe, de réir mar a bheidh, agus ón seirbhíseach sin nó ón ngníomhaire sin, thar na teorainneacha sin.
Airteagal 13
Cailleadh an chirt chun dliteanas a theorannú
1. Ní bheidh an t-iompróir i dteideal leas a bhaint as na teorainneacha ar dhliteanas a fhorordaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus i mír 1 d'Airteagal 10 má chruthaítear gur eascair an damáiste as gníomh nó as neamhghníomh an iompróra arna dhéanamh le hintinn chun damáiste den sórt sin a chruthú nó arna dhéanamh go meargánta agus ar an eolas gur dhóigh go n-eascródh an damáiste sin as.
2. Ní bheidh seirbhíseach nó gníomhaire an iompróra ná seirbhíseach nó gníomhaire an iompróra feidhmithe i dteideal leas a bhaint as na teorainneacha sin ar dhliteanas má chruthaítear gur eascair an damáiste as gníomh nó as neamhghníomh an tseirbhísigh nó an ghníomhaire sin arna dhéanamh le hintinn chun damáiste den sórt sin a dhéanamh nó arna dhéanamh go meargánta agus ar an eolas gur dhóigh go n-eascródh an damáiste sin as.
Airteagal 14
Bunús éileamh
Ní dhéanfar aon chaingean le haghaidh damáistí i leith báis paisinéara nó díobhála pearsanta do phaisinéir, nó i leith bagáiste a chailleadh nó damáiste do bhagáiste, a thionscnamh i gcoinne iompróra nó i gcoinne iompróra feidhmithe ar shlí seachas i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo.
Airteagal 15
Fógra maidir le cailleadh bagáiste nó damáiste do bhagáiste
1. Tabharfaidh an paisinéir fógra i scríbhinn don iompróir nó dá ghníomhaire:
(a) |
i gcás inar léir go ndearnadh damáiste do bhagáiste:
|
(b) |
i gcás damáiste nach léir é do bhagáiste, nó i gcás ina gcailltear bagáiste, laistigh de chúig lá dhéag ón dáta díbhordála nó ón dáta athsheachadta nó ón tráth ar cheart an t-athsheachadadh sin a bheith déanta. |
2. Má mhainníonn an paisinéir an tAirteagal seo a chomhlíonadh, toimhdeofar ina leith, mura gcruthaítear a mhalairt, go bhfuil an bagáiste faighte aige gan aon damáiste.
3. Ní gá an fógra i scríbhinn a thabhairt más amhlaidh go ndearnadh suirbhé comhpháirteach nó cigireacht chomhpháirteach ar an mbail a bhí ar an mbagáiste tráth a fhaighte.
Airteagal 16
Teorainn ama le haghaidh caingne
1. Maidir le haon chaingean i leith damáistí a éiríonn as bás paisinéara nó díobháil phearsanta do phaisinéir, nó i leith bagáiste a chailleadh nó damáiste do bhagáiste, beidh cosc orthu tar éis tréimhse dhá bhliain a bheith caite.
2. Ríomhfar an tréimhse teorann mar a leanas:
(a) |
i gcás díobhála pearsanta, ó dháta díbhordála an phaisinéara; |
(b) |
i gcás báis a tharlaíonn i rith an iompair, ón dáta ar cheart don phaisinéir díbhordáil agus, i gcás díobhála pearsanta a tharlaíonn i rith an iompair agus ar díobháil í is cúis le bás an phaisinéara tar éis na díbhordála, ón dáta báis, ar choinníoll nach rachaidh an tréimhse sin thar thrí bliana ó dháta na díbhordála; |
(c) |
i gcás ina gcailltear bagáiste nó i gcás ina ndéantar damáiste do bhagáiste, ón dáta díbhordála nó ón dáta ar cheart go ndéanfaí an díbhordáil, cibé acu is déanaí. |
3. Is le dlí na cúirte a bhfuil an cás os a comhair a rialófar na forais chun na tréimhsí teorann a chur ar fionraí nó a bhearnú, ach ní thionscnófar caingean faoin gCoinbhinsiún seo, in aon chás, tar éis dheireadh aon cheann amháin de na tréimhsí ama seo a leanas:
(a) |
tréimhse cúig bliana dar tús dáta díbhordála an phaisinéara nó ón dáta ar cheart go ndéanfaí an díbhordáil, cibé acu is déanaí; nó, más luaithe; |
(b) |
tréimhse trí bliana dar tús an dáta a raibh an t-éilitheoir ar an eolas faoin díobháil, faoin gcaillteanas nó faoin damáiste arbh é an teagmhas ba chúis léi nó leis, nó dar tús an dáta ar cheart le réasún go mbeadh an t-éilitheoir ar an eolas faoin díobháil, faoin gcaillteanas nó faoin damáiste sin. |
4. D'ainneoin mhír 1, mhír 2, agus mhír 3 den Airteagal seo, féadfar an tréimhse teorann a fhadú le dearbhú ón iompróir nó le comhaontú na bpáirtithe tar éis cúis na caingne teacht chun cinn. Beidh an dearbhú nó an comhaontú sin i scríbhinn.
Airteagal 17
Dlínse inniúil (2)
Airteagal 17a
Aitheantas agus forfheidhmiú (2)
Airteagal 18
Neamhbhailíocht forálacha conarthacha
Maidir le haon fhoráil chonarthach a cuireadh i gcrích sular tharla an teagmhas ba chúis le bás paisinéara nó le díobháil phearsanta do phaisinéir nó ba chúis le cailleadh bhagáiste an phaisinéara nó le damáiste do bhagáiste an phaisinéara, ar foráil í a airbheartaíonn aon duine atá faoi dhliteanas faoin gCoinbhinsiún seo a fhuascailt ó dhliteanas i leith an phaisinéara nó teorainn níos ísle dliteanais a fhorordú ná mar a shocraítear sa Choinbhinsiún seo, ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 8, mír 4, agus maidir le haon fhoráil den sórt sin a airbheartaíonn an dualgas cruthúnais atá ar an iompróir nó ar an iompróir feidhmithe a aistriú, nó a bhfuil d'éifeacht aici srian a chur ar na roghanna atá sonraithe i mír 1 nó i mír 2 d'Airteagal 17, beidh an fhoráil sin ar neamhní, ach ní fhágfaidh neamhniú na forála sin go bhfuil an conradh iompair ar neamhní agus leanfaidh an conradh sin de bheith faoi réir fhorálacha an Choinbhinsiúin seo.
Airteagal 20
Damáiste núicléach
Ní éireoidh aon dliteanas faoin gCoinbhinsiún seo i leith damáiste ar teagmhas núicléach is cúis leis:
(a) |
má tá oibreoir suiteála núicléiche faoi dhliteanas i leith damáiste den sórt sin faoi Choinbhinsiún Pháras an 29 Iúil 1960 maidir le Dliteanas Tríú Páirtí i Réimse an Fhuinnimh Núicléach arna leasú lena Phrótacal Breise dar dáta an 28 Eanáir 1964, nó faoi Choinbhinsiún Vín an 21 Bealtaine 1963 maidir le Dliteanas Sibhialta i leith Damáiste Núicléach, nó faoi aon leasú nó aon Phrótacal a ghabhann leis agus atá i bhfeidhm; nó |
(b) |
má tá oibreoir suiteála núicléiche faoi dhliteanas i leith damáiste den sórt sin de bhua aon dlí náisiúnta lena rialaítear dliteanas i leith damáiste den sórt sin, ar choinníoll go bhfuil gach gné de dhlí den sórt sin chomh fabhrach i leith daoine a fhulaingíonn damáiste a fhulaingt agus atá Coinbhinsiún Pháras nó Coinbhinsiún Vín nó aon leasú nó aon Prótacal a ghabhann leis agus atá i bhfeidhm. |
Airteagal 21
Iompar tráchtála ag údaráis phoiblí
Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le hiompar tráchtála arna dhéanamh ag Stáit nó ag Údaráis Phoiblí faoi chonradh iompair de réir bhrí Airteagal 1.
[Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Phrótacal 2002 a ghabhann le Coinbhinsiún na hAithne a bhaineann le Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste a Iompar de Mhuir, 1974]
Airteagal 22
Athmheas agus leasú (3)
Airteagal 23
Leasú ar theorainneacha
1. Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 22, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta speisialta san Airteagal seo ach amháin chun na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 3, mír 1, in Airteagal 4a, mír 1, in Airteagal 7, mír 1 agus in Airteagal 8 den Choinbhinsiún arna athmheas leis an bPrótacal seo a leasú.
2. Ar iarraidh a fháil ó leath de na Stáit is Páirtithe sa Phrótacal seo, ar a laghad, ach in aon chás ó líon nach lú ná sé Stát, déanfaidh an tArd-Rúnaí aon togra maidir le teorainneacha a leasú, lena n-áirítear na hasbhaintigh a shonraítear in Airteagal 3, mír 1, in Airteagal 4a, mír 1, in Airteagal 7, mír 1 agus in Airteagal 8 den Choinbhinsiún arna athmheas leis an bPrótacal seo, a scaipeadh ar gach Comhalta den Eagraíocht agus ar gach Stát is Páirtí.
3. Déanfar aon leasú a mholtar agus a scaiptear mar a luaitear thuas a chur faoi bhráid Choiste Dlí na hEagraíochta (dá ngairtear ‘an Coiste Dlí’ anseo feasta) lena bhreithniú ar dháta atá sé mhí ar a laghad tar éis an dáta a scaiptear é.
4. Beidh gach Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún arna athmheas leis an bPrótacal seo, bídís ina gComhaltaí den Eagraíocht nó ná bíodh, i dteideal páirt a ghlacadh in imeachtaí an Choiste Dlí maidir le leasuithe a bhreithniú agus a ghlacadh.
5. Glacfar leasuithe trí thromlach dhá thrian de na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún arna athmheas leis an bPrótacal seo a bheidh i láthair agus a vótálfaidh sa Choiste Dlí arna mhéadú mar a fhoráiltear i mír 4, ar choinníoll go mbeidh, ar a laghad, leath de na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún arna athmheas leis an bPrótacal seo i láthair tráth na vótála.
6. Nuair a ghníomhóidh an Coiste Dlí ar thogra chun na teorainneacha a leasú, cuirfidh sé san áireamh an taithí ar theagmhais agus go háirithe méid an damáiste a eascraíonn de thoradh ar theagmhais, athruithe ar na luachanna airgeadaíochta agus an éifeacht a bheidh ag an leasú atá á mholadh ar chostas árachais.
7. |
|
8. Tabharfaidh an Eagraíocht fógra do gach Stát is Páirtí maidir le haon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 5. Measfar go mbeidh glactha leis an leasú ag deireadh thréimhse ocht mí dhéag tar éis an dáta a dtabharfar an fógra, mura rud é go dtarlóidh sé, laistigh den tréimhse sin, go gcuirfidh líon nach lú ná an ceathrú cuid de na Stáit a bhí ina Stáit is Páirtithe tráth glactha an leasaithe in iúl don Ard-Rúnaí nach nglacann siad leis an leasú, agus sa chás sin diúltófar don leasú agus ní bheidh aon éifeacht leis.
9. Maidir le leasú a measfar ina leith gur glacadh leis i gcomhréir le mír 8, tiocfaidh sé i bhfeidhm ocht mí dhéag ón tráth a nglactar leis.
10. Beidh gach Stát is Páirtí faoi cheangal ag an leasú, mura rud é go ndéanfaidh siad, i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 d'Airteagal 21, an Prótacal seo a shéanadh sé mhí ar a laghad sula dtiocfaidh an leasú i bhfeidhm. Gabhfaidh éifeacht le séanadh den sórt sin nuair a thiocfaidh an leasú i bhfeidhm.
11. Nuair a bheifear tar éis leasú a ghlacadh ach nach mbeidh an tréimhse ocht mí dhéag chun glacadh leis caite, beidh aon Stát a thiocfaidh chun bheith ina Stát is Páirtí i rith na tréimhse sin faoi cheangal ag an leasú má thagann sé i bhfeidhm. Beidh Stát a thiocfaidh chun bheith ina Stát is Páirtí tar éis na tréimhse sin faoi cheangal ag leasú ar glacadh leis i gcomhréir le mír 8. Sna cásanna dá dtagraítear sa mhír seo, tagann Stát chun bheith faoi cheangal ag leasú nuair a thagann an leasú sin i bhfeidhm, nó nuair a thagann an Prótacal seo i bhfeidhm don Stát sin, más déanaí.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LE COINBHINSIÚN NA hAITHNE
DEIMHNIÚ ÁRACHAIS NÓ DEIMHNIÚ URRÚIS AIRGEADAIS EILE MAIDIR LE DLITEANAS AS BÁS PAISINÉIRÍ AGUS AS DÍOBHÁIL PHEARSANTA DO PHAISINÉIRÍ
Arna eisiúint i gcomhréir le forálacha Airteagal 4a de Choinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 2002
Ainm na Loinge |
Uimhir shainiúil nó litreacha sainiúla |
Uimhir Aitheantais Loinge an IMO |
Calafort an Chláraithe |
Ainm agus seoladh iomlán phríomhionad gnó an iompróra a fheidhmíonn an t-iompar iarbhír |
|
|
|
|
|
Deimhnítear leis seo go bhfuil polasaí árachais nó urrús airgeadais eile i bhfeidhm maidir leis an long thuasluaite ar polasaí nó urrús é lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 4a de Choinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 2002.
Cineál an Urrúis …
Ré an Urrúis …
Ainm agus seoladh an árachóra nó na n-árachóirí agus/nó an ráthóra nó na ráthóirí
Ainm …
Seoladh …
Tá an deimhniú seo bailí go dtí …
Arna eisiúint nó arna dheimhniú ag Rialtas …
(Ainm iomlán an Stáit)
NÓ
Is ceart an téacs seo a leanas a úsáid nuair a bhaineann Stát is Páirtí leas as mír 3 d'Airteagal 4a:
Eisítear an deimhniú seo faoi údarás Rialtas … (ainm iomlán an Stáit) ag … (ainm na hinstitiúide nó na heagraíochta)
Sa/i …An …
(Áit) (Dáta)
…
(Síniú agus Teideal an oifigigh eisiúna nó deimhnithe)
Nótaí Míniúcháin:
1. |
Más gá, féadfaidh tagairt d'údarás poiblí inniúil na tíre ina n-eisítear an Deimhniú a bheith san áireamh in ainm an Stáit. |
2. |
Má sholáthraíonn níos mó ná foinse amháin méid iomlán an urrúis, ba cheart an méid a tháinig ó gach foinse díobh a chur in iúl. |
3. |
Má sholáthraítear urrús i roinnt foirmeacha, ba cheart iad a liostú. |
4. |
Ní mór an dáta a bhfuil feidhm le hurrús den sórt sin a shonrú san iontráil ‘Ré an Urrúis’. |
5. |
Maidir leis an iontráil ‘Seoladh’ an árachóra nó na n-árachóirí agus/nó an ráthóra nó na ráthóirí, ní mór príomhionad gnó an árachóra nó na n-árachóirí agus/nó an ráthóra nó na ráthóirí a shonrú inti. Más iomchuí, sonrófar an t-ionad gnó ina bhfuil an t-árachas nó an t-urrús eile bunaithe. |
(1) Gan atáirgeadh.
(2) Gan atáirgeadh.
(3) Gan atáirgeadh.
IARSCRÍBHINN II
Sliocht As Forchoimheádas agus Treoirlínte an IMO maidir le Coinbhinsíun NA hAITHNE a Chur chun feidhme, a ghlac Coiste Dlí na hEAGRAÍOCHTA MUIRÍ IDIRNÁISIÚNTA an 19 Deireadh Fómhair 2006
FORCHOIMEÁDAS AGUS TREOIRLÍNTE AN IMO MAIDIR LE COINBHINSIÚN NA hAITHNE A CHUR CHUN FEIDHME
Forchoimeádas
1. |
Ba cheart Coinbhinsiún na hAithne a dhaingniú agus an forchoimeádas seo a leanas, nó dearbhú a mbeadh an éifeacht chéanna aige leis an bhforchoimeádas seo, ag gabháil leis:
Teorannú ar dhliteanas iompróirí, etc.
Árachas éigeantach agus teorannú dliteanais árachóirí
Deimhniúchán
An ghaolmhaireacht idir an Forchoimeádas seo agus Treoirlínte an IMO maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme
|
Treoirlínte
2. |
Sa staid ina bhfuil an margadh árachais faoi láthair, ba cheart do Stáit is Páirtithe deimhnithe árachais a eisiúint ar bhonn gealltanais ó árachóir ar gealltanas é lena gcumhdófar rioscaí cogaidh, agus ar bhonn gealltanais ó árachóir eile ar gealltanas é lena gcumhdófar rioscaí neamhchogaidh. Ba cheart go mbeadh gach árachóir ar leith faoi dhliteanas i leith a chuid féin agus ina leith sin amháin. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha seo a leanas (tá na clásail dá dtagraítear leagtha amach i bhFoscríbhinn A):
|
3. |
Áirítear i bhFoscríbhinn B sampla de shraith gealltanas árachais (Cártaí Gorma) agus deimhniú árachais, agus tá gach ceann díobh de réir na dtreoirlínte seo. |
FOSCRÍBHINN A
Clásail dá dtagraítear i dtreoirlíne 2.1.1, i dtreoirlíne 2.1.2 agus i dtreoirlíne 2.2.1
Clásal Institiúide lena n-eisiatar Truailliú Radaighníomhach agus Airm Cheimiceacha, Bhitheolaíocha, Bhithcheimiceacha agus Leictreamaighnéadacha (Cl. 370, 10/11/2003)
Beidh forlámhas ag an gclásal seo agus sáróidh sé aon ní atá san árachas seo agus atá ar neamhréir leis an gclásal seo
1. |
Ní chumhdóidh an t-árachas seo i gcás ar bith caillteanas, damáiste, dliteanas nó caiteachas arbh iad na nithe seo a leanas ba chúis leis go díreach nó go neamhdhíreach nó a rannchuidigh go díreach nó go neamhdhíreach leis nó ar éirigh sé as go díreach nó go neamhdhíreach:
|
Clásal Institiúide lena n-eisiatar Cibearionsaí (Cl. 380, 10/11/03)
1. |
Ní chumhdóidh an t-árachas seo i gcás ar bith, ach sin faoi réir chlásal 10.2 thíos, caillteanas, damáiste, dliteanas nó caiteachas arbh é ba chúis leis go díreach nó go neamhdhíreach aon ríomhaire, aon chóras ríomhaireachta, aon chlár bogearraí ríomhaireachta, aon chód mailíseach, aon víreas nó próiseas ríomhaire nó aon chóras leictreonach eile a úsáid nó a oibriú mar mheán chun díobháil a dhéanamh, nó arbh iad na nithe sin a rannchuidigh go díreach nó go neamhdhíreach leis nó ar éirigh sé as go díreach nó go neamhdhíreach. |
2. |
I gcás ina ndéantar an clásal seo a fhormhuiniú ar pholasaithe lena gcumhdaítear rioscaí cogaidh, cogaidh chathartha, réabhlóide, éirí amach, ceannairce nó achrainn shibhialta de thoradh air, nó aon ghníomh naimhdeach arna dhéanamh ag cumhacht chogaíoch nó i gcoinne cumhachta cogaíche, nó sceimhlitheoireacht nó aon duine a ghníomhóidh le rún polaitiúil, ní oibreoidh Clásal 10.1 chun caillteanais a eisiamh (a chumhdófaí seachas sin) ar caillteanais iad a éiríonn as aon ríomhaire, aon chóras ríomhaireachta nó aon chlár bogearraí ríomhaireachta nó as aon chóras leictreonach eile a úsáid i gcóras lainseála agus/nó i dtreoirchóras agus/nó i meicníocht lámhaigh aon airm nó diúracáin. |
Foirceannadh agus Eisiamh Uathoibríoch i gcás Cogaidh
1.1. Foirceannadh Uathoibríoch an Chumhdaigh
Cibé acu a bheidh nó nach mbeidh fógra cealaithe tugtha, déanfar an cumhdach a thugtar faoin árachas seo a FHOIRCEANNADH GO hUATHOIBRÍOCH
1.1.1. |
ar chogadh a bhriseadh amach (cibé acu a fhógraítear nó nach bhfógraítear an cogadh) idir aon tíortha díobh seo a leanas: An Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, An Fhrainc, Cónaidhm na Rúise, Daon-Phoblacht na Síne; |
1.1.2. |
maidir le haon soitheach, ar ina leith a dheonaítear cumhdach faoin bpolasaí seo, i gcás ina ndéanfar an soitheach sin a fhoréileamh le haghaidh teidil nó le haghaidh úsáide. |
1.2. Cogadh na gCúig Chumhacht
Ní chumhdaíonn an t-árachas seo
1.2.1. |
caillteanas, damáiste, dliteanas nó caiteachas a éiríonn as briseadh amach cogaidh (cibé ach a fhógraítear nó nach bhfógraítear an cogadh) idir aon tíortha díobh seo a leanas: An Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, An Fhrainc, Cónaidhm na Rúise, Daon-Phoblacht na Síne; |
1.2.2. |
foréileamh le haghaidh teidil nó le haghaidh úsáide. |
FOSCRÍBHINN B
I. Samplaí de ghealltanais árachais (Cártaí Gorma) dá dtagraítear i dtreoirlíne 3
Cárta Gorm arna eisiúint ag Árachóir Cogaidh
Deimhniú arna thabhairt mar fhianaise ar árachas de bhun Airteagal 4a de Choinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 2002.
Ainm na Loinge:
Uimhir Aitheantais Loinge an IMO:
Calafort an chláraithe:
Ainm agus Seoladh an úinéara:
Deimhnítear leis seo go bhfuil polasaí árachais i bhfeidhm maidir leis an long thuasainmnithe fad atá sí faoin úinéireacht thuasluaite, ar polasaí é lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 4a de Choinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 2002, ach sin faoi réir gach eisceachta agus gach teorann a cheadaítear d'árachas éigeantach cogaidh faoin gCoinbhinsiún agus faoi na treoirlínte cur chun feidhme arna nglacadh ag Coiste Dlí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta i Mí Dheireadh Fómhair 2006, lena n-áirítear go háirithe na clásail seo a leanas: [Féadfar téacs an Choinbhinsiúin agus na dtreoirlínte maille le foscríbhinní a chur isteach anseo a mhéid is inmhianaithe]
Tréimhse árachais ó: 20 Feabhra 2007
go: 20 Feabhra 2008
Ar choinníoll i gcónaí go bhféadfaidh an t-árachóir an deimhniú seo a chealú trí fhógra 30 lá i scríbhinn a thabhairt don Údarás thuasluaite agus air sin scoirfidh dliteanas an árachóra faoin árachas seo amhail ón dáta a rachaidh tréimhse an fhógra sin in éag ach sin i gcás teagmhas a tharlóidh ina dhiaidh sin agus sa chás sin amháin.
Dáta:
Tá an deimhniú seo a leanas arna eisiúint ag an árachóir seo a leanas: |
War Risks, Inc [Seoladh] |
… Síniú an árachóra |
Mar ghníomhaire do War Risks, Inc, agus sa cháil sin amháin |
Cárta Gorm arna eisiúint ag Árachóir Neamhchogaidh
Deimhniú arna thabhairt mar fhianaise ar árachas de bhun Airteagal 4a de Choinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 2002
Ainm na Loinge:
Uimhir Aitheantais Loinge an IMO:
Calafort an chláraithe:
Ainm agus Seoladh an úinéara:
Deimhnítear leis seo go bhfuil polasaí árachais i bhfeidhm maidir leis an long thuasainmnithe fad atá sí faoin úinéireacht thuasluaite, ar polasaí é lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 4a de Choinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 2002, ach sin faoi réir gach eisceachta agus gach teorann a cheadaítear d'árachóirí neamhchogaidh faoin gCoinbhinsiún agus faoi na treoirlínte cur chun feidhme arna nglacadh ag Coiste Dlí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta i Mí Dheireadh Fómhair 2006, lena n-áirítear go háirithe na clásail seo a leanas: [Féadfar téacs an Choinbhinsiúin agus na dtreoirlínte maille le foscríbhinní a chur isteach anseo a mhéid is inmhianaithe]
Tréimhse árachais ó: 20 Feabhra 2007
go: 20 Feabhra 2008
Ar choinníoll i gcónaí go bhféadfaidh an t-árachóir an deimhniú seo a chealú trí fhógra trí mhí i scríbhinn a thabhairt don Údarás thuasluaite agus air sin scoirfidh dliteanas an árachóra faoin árachas seo ón dáta a rachaidh tréimhse an fhógra sin in éag ach sin i gcás teagmhas a tharlóidh ina dhiaidh sin agus sa chás sin amháin.
Dáta:
Tá an deimhniú seo arna eisiúint ag an árachóir seo a leanas: |
PANDI P&I [Seoladh] |
… Síniú an árachóra |
Mar ghníomhaire do PANDI P&I, agus sa cháil sin amháin |
II. Samhail de dheimhniú árachais dá dtagraítear i dtreoirlíne 3
DEIMHNIÚ ÁRACHAIS NÓ DEIMHNIÚ URRÚIS AIRGEADAIS EILE MAIDIR LE DLITEANAS AS BÁS PAISINÉIRÍ AGUS AS DÍOBHÁIL PHEARSANTA DO PHAISINÉIRÍ
Arna eisiúint i gcomhréir le forálacha Airteagal 4a de Choinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 2002
Ainm na Loinge |
Uimhir shainiúil nó litreacha sainiúla |
Uimhir Aitheantais Loinge an IMO |
Calafort an Chláraithe |
Ainm agus seoladh iomlán phríomhionad gnó an iompróra a fheidhmíonn an t iompar iarbhír |
|
|
|
|
|
Deimhnítear leis seo go bhfuil polasaí árachais nó urrús airgeadais eile i bhfeidhm maidir leis an long thuasainmnithe, ar polasaí nó urrús é lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 4a de Choinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 2002.
Cineál an Urrúis …
Ré an Urrúis …
Ainm agus seoladh an árachóra nó na n-árachóirí agus/nó an ráthóra nó na ráthóirí
Tá an cumhdach árachas a dheimhnítear leis seo deighilte in aon chuid amháin d'árachas cogaidh agus in aon chuid eile d'árachas neamhchogaidh, de bhun na dtreoirlínte cur chun feidhme arna nglacadh ag Coiste Dlí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta i Mí Dheireadh Fómhair 2006. Tá gach ceann de na codanna sin den chumhdach árachais faoi réir gach eisceachta agus gach teorann a cheadaítear faoin gCoinbhinsiún agus faoi na treoirlínte cur chun feidhme. Níl na hárachóirí faoi dhliteanas i gcomhpháirt ná go leithleach. Is iad seo a leanas na hárachóirí:
Do rioscaí cogaidh: War Risks, Inc., [seoladh]
Do rioscaí neamhchogaidh: Pandi P&I, [seoladh]
Tá an deimhniú seo bailí go dtí …
Arna eisiúint nó arna dheimhniú ag Rialtas …
(Ainm iomlán an Stáit)
NÓ
Ba cheart an téacs seo a leanas a úsáid nuair a bhaineann Stát is Páirtí leas as mír 3 d'Airteagal 4a:
Eisítear an deimhniú seo faoi údarás Rialtas … (ainm iomlán an Stáit) ag … (ainm na hinstitiúide nó ainm na heagraíochta)
Sa/i … |
An … |
(Áit) |
(Dáta) |
…
(Síniú agus Teideal an oifigigh eisiúna nó deimhnithe)
Nótaí Míniúcháin:
1. |
Más gá, féadfaidh tagairt d'údarás poiblí inniúil na tíre ina n-eisítear an Deimhniú a bheith san áireamh in ainm Stáit. |
2. |
Má sholáthraíonn níos mó ná foinse amháin méid iomlán an urrúis, ba cheart an méid a tháinig ó gach foinse díobh a chur in iúl. |
3. |
Má sholáthraítear urrús i roinnt foirmeacha, ba cheart iad a liostú. |
4. |
Ní mór an dáta a bhfuil feidhm le hurrús den sórt sin a shonrú san iontráil ‘Ré an Urrúis’. |
5. |
Maidir leis an iontráil ‘Seoladh’ an árachóra nó na n-árachóirí agus/nó an ráthóra nó na ráthóirí ní mór príomhionad gnó an árachóra nó na n-árachóirí agus/nó an ráthóra nó na ráthóirí a shonrú inti. Más iomchuí, sonrófar an t-ionad gnó ina bhfuil an t-árachas nó an t urrús eile bunaithe. |