31.3.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/42


RIALACHÁN (CE) UIMH. 217/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2009

maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht (athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1993 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht (2) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (3). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, is ceart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht..

(2)

Leis an gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh arna fhormheas le Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle (4) agus lena mbunaítear Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO), ceanglaítear ar an gComhphobal aon fhaisnéis staidrimh agus eolaíoch atá ar fáil agus a iarrann Comhairle Eolaíoch NAFO i bhfeidhmiú a cuid oibre a sholáthar don Chomhairle Eolaíoch sin.

(3)

Tá sé sainaitheanta ag Comhairle Eolaíoch NAFO go bhfuil staidreamh tráthúil ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht riachtanach do chur i gcrích a cuid oibre maidir le meastóireacht a dhéanamh ar staid na stoc éisc san Atlantach Thiar Thuaidh.

(4)

Tá sé iarrtha ag roinnt Ballstát na sonraí a thíolacadh i bhfoirm, nó trí mheán, atá éagsúil leis an bhformáid sin a shonraítear in Iarscríbhinn V (agus atá comhionann le ceistneoirí Statlant).

(5)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfaí iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5).

(6)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún oiriúnú a dhéanamh ar liostaí na speiceas agus na réigiún iascaireachta staidrimh, ar na tuairiscí ar na réigiúin sin, agus ar na bearta, ar na cóid agus ar na sainmhínithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le gníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, méideanna na soithí agus modhanna iascaireachta. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfaidh gach Ballstát sonraí ar na gabhálacha arna ndéanamh ag soithí atá cláraithe sa Bhallstát sin nó a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu, agus atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ag féachaint go cuí do Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 an 11 Meitheamh 1990 ón gComhairle maidir le tarchur sonraí faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (6).

Áireofar sna sonraí ar na gabhálacha ainmniúla na táirgí iascaigh go léir a chuirtear i dtír nó a thrasloingsítear ar muir is cuma cén fhoirm ina bhfuil siad ach ní áireofar iontu na cainníochtaí sin arb é a dhéantar ina leith, tar éis iad a ghabháil, ná iad a chaitheamh i leataobh ar muir, iad a thomhailt ar bord nó iad a úsáid mar bhaoite ar bord. Eisiafar táirgeadh ó dhobharshaothrú. Déanfar taifeadadh ar na sonraí i bhfoirm choibhéis bheomheáchain na ngabhálacha nó na dtrasloingsithe, go dtí an tona is gaire.

Airteagal 2

1.   Beidh dhá chineál sonraí le cur faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

na gabhálacha bliantúla ainmniúla, arna sloinneadh i gcoibhéis bheomheáchain na ngabhálacha i dtonaí, do gach ceann de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I i ngach ceann de na réigiúin iascaireachta staidrimh san Atlantach Thiar Thuaidh atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus sainmhínithe in Iarscríbhinn III;

(b)

na gabhálacha arna sonrú faoi phointe (a) agus an ghníomhaíocht iascaireachta a fhreagraíonn dóibh, arna bhforoinnt de réir mhí féilire na gabhála, trealaimh iascaireachta, mhéid an tsoithigh agus an phríomhspeicis a lorgaítear.

2.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine sa bhliain i ndiaidh na bliana tagartha agus féadfaidh siad a bheith i bhfoirm réamhshonraí. Déanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Lúnasa sa bhliain i ndiaidh na bliana tagartha agus ní mór iad a bheith i bhfoirm sonraí críochnaitheacha.

Maidir leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm réamhshonraí, ba cheart iad a shainaithint go soiléir mar shonraí den sórt sin.

Ní gá sonraí a thíolacadh maidir le comhcheangail sonraí réigiún iascaireachta/speiceas i gcás nár taifeadadh aon ghabhálacha ina leith sa tréimhse thagartha a bhaineann leis an tíolacadh.

I gcás nach mbeidh iascaireacht ar bith déanta ag an mBallstát lena mbaineann san Atlantach Thiar Thuaidh sa bhliain féilire roimhe sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún faoin 31 Bealtaine sa bhliain ina dhiaidh sin.

3.   Maidir leis na sainmhínithe agus na cóid atá le húsáid agus an fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, modh iascaireachta agus méid an tsoithigh á thíolacadh, tugtar iad in Iarscríbhinn IV.

4.   Féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh ar liostaí na speiceas agus na réigiún iascaireachta staidrimh agus ar na tuairiscí ar na réigiúin sin, mar aon leis na bearta, na cóid agus na sainmhínithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le gníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, méideanna na soithí agus modhanna iascaireachta.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Airteagal 3

Ach amháin mar a n-ordaítear a mhalairt le forálacha a glacadh faoin gcomhbheartas iascaigh, ceadófar do Bhallstát teicníochtaí samplála a úsáid chun sonraí ar ghabháil a dhíorthú le haghaidh na gcodanna sin den loingeas iascaireachta a mbeadh gá barraíocht nósanna imeachta riaracháin a ghlacadh ina leith chun iomlán na sonraí a fháil. Ní mór don Bhallstát mionsonraí ar na nósanna imeachta samplála, mar aon le mionsonraí ar an méid sonraí as na sonraí iomlána a díorthaíodh trí theicníochtaí den sórt sin, a áireamh sa tuarascáil a chuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 7(1).

Airteagal 4

Comhlíonfaidh na Ballstáit a n-oibleagáidí i leith an Choimisiúin de bhun Airteagal 1 agus Airteagal 2 trí na sonraí a chur faoina bhráid san fhormáid a thaispeántar in Iarscríbhinn V.

Féadfaidh na Ballstáit sonraí a chur faoi bhráid an Choimisiúin san fhormáid a dtugtar mionsonraí ina leith in Iarscríbhinn VI.

Ach formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún, féadfaidh na Ballstáit sonraí a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm dhifriúil nó ar mheán difriúil.

Airteagal 5

Laistigh de 24 huaire an chloig ó na tuarascálacha a fháil, déanfaidh an Coimisiún, aon uair is féidir, an fhaisnéis atá iontu a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.

Airteagal 6

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta arna chur ar bun le Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle (7), dá ngairtear ‘an Coiste’ anseo feasta, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 7

1.   Faoin 28 Iúil 1994 cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh tuairisc ar conas a dhíorthaítear na sonraí ar ghabhálacha agus ar ghníomhaíocht iascaireachta agus ina sonrófar cé chomh hionadaíoch agus chomh hiontaofa is atá na sonraí sin. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar na tuarascálacha sin a tharraingt suas i gcomhar leis na Ballstáit.

2.   Déanfaidh na Ballstáit aon mhodhnuithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi mhír 1 a chur in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí ón tráth a dtabharfar isteach na modhnuithe sin.

3.   Déanfar na tuarascálacha ar mhodheolaíochtaí, ar infhaighteacht sonraí agus ar iontaofacht sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus saincheisteanna ábhartha eile a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a scrúdú uair sa bhliain laistigh den Ghrúpa Oibre inniúil de chuid an Choiste.

Airteagal 8

1.   Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93.

2.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VONDRA


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Feabhra 2009.

(2)  IO L 186, 28.7.1993, lch. 1.

(3)  Féach Iarscríbhinn VI.

(4)  IO L 378, 30.12.1978, lch. 1.

(5)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(6)  IO L 151, 15.6.1990, lch. 1.

(7)  IO L 179, 7.8.1972, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA NA SPEICEAS A TUAIRISCÍODH SA STAIDREAMH AR GHABHÁIL TRÁCHTÁLA SAN ATLANTACH THIAR THUAIDH

Ní mór do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar ghabhálacha ainmniúla na speiceas sin a bhfuil réiltín(*) ag gabháil leo. Tá an tuairisc ar ghabhálacha ainmniúla na speiceas eile roghnach a mhéid a bhaineann le sainaithint na speiceas leithleach. I gcás nach gcuirtear sonraí a bhaineann leis na speicis leithleacha faoi bhráid an Choimisiúin, áfach, áireofar na sonraí sin i gcatagóirí comhiomlána. Féadfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le speicis nach bhfuil ar an liosta a thíolacadh ar choinníoll go bhfuil na speicis sainaitheanta go soiléir.

Nóta:

:

is iad ‘n.s.a.’ agus ‘n.e.i.’ na giorrúcháin le haghaidh ‘ní shainaithnítear in aon áit eile’ agus ‘not elsewhere identified’ faoi seach.

Ainm Gaeilge

Aitheantóir 3-alfa

Ainm eolaíochta

Ainm Béarla

ÉISC GHRINNILL

Trosc an Atlantaigh

COD (*)

Gadus morhua

Atlantic cod

Cadóg

HAD (*)

Melanogrammus aeglefinus

Haddock

Péirsí mara an Atlantaigh n.s.a.

RED (*)

Sebastes spp.

Atlantic redfishes n.e.i.

Colmóir airgid

HKS (*)

Merluccius bilinearis

Silver hake

Colmóir dearg

HKR (*)

Urophycis chuss

Red hake

Glasán (=mangach)

POK (*)

Pollachius virens

Saithe (= pollock)

Péirse mhara

REG (*)

Sebastes marinus

Golden redfish

Péirse dhomhainmhara

REB (*)

Sebastes mentella

Beaked redfish

Daba gorm

PLA (*)

Hippoglossoides platessoides

American plaice (L. R. dab)

Leathóg bhán

WIT

Glyptocephalus cynoglossus

Witch flounder

Leadhbóg earrbhuí

YEL (*)

Pleuronectes ferruginea

Yellowtail flounder

Haileabó Graonlannach

GHL (*)

Reinhardtius hippoglossoides

Greenland halibut

Haileabó an Atlantaigh

HAL (*)

Hippoglossus hippoglossus

Atlantic halibut

Leith gheimhridh Mheiriceánach

FLW (*)

Pseudopleuronectes americanus

Winter flounder

Leith shamhraidh Mheiriceánach

FLS (*)

Paralichthys dentatus

Summer flounder

Turbard Cheanada

FLD (*)

Scophthalmus aquosus

Windowpane flounder

Leathóga n.s.a.

FLX

Pleuronectiformes

Flatfishes n.e.i.

Láimhíneach Meiriceánach

ANG (*)

Lophius americanus

American angler

Cnúdáin an Atlantaigh

SRA

Prionotus spp.

Atlantic searobins

Tomcod an Atlantaigh

TOM

Microgadus tomcod

Atlantic tomcod

Antimora gorm

ANT

Antimora rostrata

Blue antimora

Faoitín gorm

WHB

Micromesistius poutassou

Blue whiting (= poutassou)

Péirse ghorm Mheiriceánach

CUN

Tautogolabrus adspersus

Cunner

Torsca

USK

Brosme brosme

Cusk (= tusk)

Trosc Graonlannach

GRC

Gadus ogac

Greenland cod

Langa gorm

BLI

Molva dipterygia

Blue ling

Langa

LIN (*)

Molva molva

Ling

Léasán leice

LUM (*)

Cyclopterus lumpus

Lumpfish (= lumpsucker)

Rí-iasc an Tuaiscirt

KGF

Menticirrhus saxatilis

Northern kingfish

Iasc bolgach Mheiriceá Thuaidh

PUF

Sphoeroides maculatus

Northern puffer

Puteascanna n.s.a.

ELZ

Lycodes spp.

Eelpouts n.e.i.

Puteascann Mheiriceánach

OPT

Zoarces americanus

Ocean pout

Trosc Artach

POC

Boreogadus saida

Polar cod

Gránadóir cruinnsocach

RNG

Coryphaenoides rupestris

Roundnose grenadier

Gránadóir berglax

RHG

Macrourus berglax

Roughhead grenadier

Corra gainimh

SAN

Ammodytes spp.

Sandeels (= sand lances)

Myoxocephalus spp. n.s.a.

SCU

Myoxocephalus spp.

Sculpins n.e.i.

Stenotomus chrysops

SCP

Stenotomus chrysops

Scup

Tautoga

TAU

Tautoga onitis

Tautog

Lopholatilus chamaeleonticeps

TIL

Lopholatilus chamaeleonticeps

Tilefish

Colmóir geal

HKW (*)

Urophycis tenuis

White hake

Cait mhara n.s.a.

CAT (*)

Anarhichas spp.

Wolf-fishes n.e.i.

Cat mara an Atlantaigh

CAA (*)

Anarhichas lupus

Atlantic wolf-fish

Cat beag mara

CAS (*)

Anarhichas minor

Spotted wolf-fish

Éisc ghrinnill n.s.a.

GRO

Osteichthyes

Groundfishes n.e.i.

ÉISC PHEILIGEACHA

Scadán an Atlantaigh

HER (*)

Clupea harengus

Atlantic herring

Ronnach an Atlantaigh

MAC (*)

Scomber scombrus

Atlantic mackerel

Sleamhnóg an Atlantaigh

BUT

Peprilus triacanthus

Atlantic butterfish

Menhaden an Atlantaigh

MHA (*)

Brevoortia tyrannus

Atlantic menhaden

Preabaire an Atlantaigh

SAU

Scomberesox saurus

Atlantic saury

Ainseabhaí Meiriceánach

ANB

Anchoa mitchilli

Bay anchovy

Sclamhaire gorm

BLU

Pomatomus saltatrix

Bluefish

Bolmán

CVJ

Caranx hippos

Crevalle Jack

Tuinnín frigéid

FRI

Auxis thazard

Frigate tuna

Rí-Ronnach

KGM

Scomberomorus cavalla

King mackerel

Ronnach buí an Atlantaigh

SSM (*)

Scomberomorus maculatus

Atlantic Spanish mackerel

Colgán na ndealg

SAI

Istiophorus albicans

Sailfish

Mairlín geal an Atlantaigh

WHM

Tetrapturus albidus

White marlin

Mairlín gorm an Atlantaigh

BUM

Makaira nigricans

Blue marlin

Colgán

SWO

Xiphias gladius

Swordfish

Tuinnín colgach

ALB

Thunnus alalunga

Albacore tuna

Boiníotó an Atlantaigh

BON

Sarda sarda

Atlantic bonito

Tuinnín bán

LTA

Euthynnus alletteratus

Little tunny

Tuinnín mórshúileach

BET

Thunnus obesus

Bigeye tuna

Tuinnín gorm

BFT

Thunnus thynnus

Northern bluefish tuna

Tuinnín

SKJ

Katsuwonus pelamis

Skipjack tuna

Tuinnín buí

YFT

Thunnus albacares

Yellowfin tuna

Tuinníní n.s.a.

TUN

Thunnini

Tunas n.e.i.

Éisc pheiligeacha n.s.a.

PEL

Osteichthyes

Pelagic fishes n.e.i.

ÉISC EITE EILE

Sead bhréagscadáin

ALE

Alosa pseudoharengus

Alewife

Bolmáin ómra n.s.a.

AMX

Seriola spp.

Amberjacks n.e.i.

Eascann mhara

COA

Conger oceanicus

American conger

Eascann Mheiriceánach

ELA

Anguilla rostrata

American eel

Sead Mheiriceánach

SHA

Alosa sapidissima

American shad

Airgintínigh n.s.a.

ARG

Argentina spp.

Argentines n.e.i.

Grágaire an Atlantaigh

CKA

Micropogonias undulatus

Atlantic croaker

Bior-iasc an Atlantaigh

NFA

Strongylura marina

Atlantic needlefish

Snáthscadán an Atlantaigh

THA

Opisthonema oglinum

Atlantic thread herring

Ceann sleamhain Baird

ALC

Alepocephalus bairdii

Baird's slickhead

Grágaire dubh

BDM

Pogonias cromis

Black drum

Doingean mara Meiriceánach

BSB

Centropristis striata

Black sea bass

Sead ghorm

BBH

Alosa aestivalis

Blueback herring

Caibeallán

CAP (*)

Mallotus villosus

Capelin

Ruabhric n.s.a.

CHR

Salvelinus spp.

Char n.e.i.

Cóibia

CBA

Rachycentron canadum

Cobia

Pampanó coiteann (=Florida)

POM

Trachinotus carolinus

Common (= Florida) pompano

Sead eagaoise

SHG

Dorosoma cepedianum

Gizzard shad

Gramhsairí n.s.a.

GRX

Haemulidae

Grunts n.e.i.

Sead hicearaí

SHH

Alosa mediocris

Hickory shad

Iasc laindéir

LAX

Notoscopelus spp.

Lanternfish

Milléid n.s.a.

MUL

Mugilidae

Mullets n.e.i.

Iasc fómhair an Atlantaigh Thuaidh

HVF

Peprilus alepidotus

North Atlantic harvestfish

Iasc muice

PIG

Orthopristis chrysoptera

Pigfish

Smealt dea-dhathach

SMR

Osmerus mordax

Rainbow smelt

Grágaire dearg

RDM

Sciaenops ocellatus

Red drum

Garbhánach pargo

RPG

Pagrus pagrus

Red porgy

Bolmán garbh

RSC

Trachurus lathami

Rough shad

Péirse ghainimh

PES

Diplectrum formosum

Sand perch

Garbhánach ceann caorach

SPH

Archosargus probatocephalus

Sheepshead

Grágaire ballach

SPT

Leiostomus xanthurus

Spot croaker

Lagiasc riabhach

SWF

Cynoscion nebulosus

Spotted weakfish

Lagiasc liath Meiriceánach

STG

Cynoscion regalis

Squeteague

Doingean riabhach

STB

Morone saxatilis

Striped bass

Bradáin fhearna n.s.a.

STU

Acipenseridae

Sturgeons n.e.i.

Tarpán an Atlantaigh

TAR

Megalops atlanticus

Tarpon

Bric n.s.a.

TRO

Salmo spp.

Trout n.e.i.

Péirse gheal

PEW

Morone americana

White perch

Alfainsíní

ALF

Beryx spp.

Alfonsinos

Fíogach gobach

DGS (*)

Squalus acanthias

Spiny (= picked) dogfish

Fíogaigh n.s.a.

DGX (*)

Squalidae

Dogfishes n.e.i.

Craosaire

POR (*)

Lamna nasus

Porbeagle

Siorcanna móra n.s.a.

SHX

Squaliformes

Large sharks n.e.i.

Mácó biorshrónach

SMA

Isurus oxyrinchus

Shortfin mako shark

Siorc biorshrónach an Atlantaigh

RHT

Rhizoprionodon terraenovae

Atlantic sharpnose shark

Fíogach dubh

CFB

Centroscyllium fabricii

Black dogfish

Siorc beagcheannach

GSK

Somniosus microcephalus

Boreal (Greenland) shark

Liamhán gréine

BSK

Cetorhinus maximus

Basking shark

Roc beag

RJD

Leucoraja erinacea

Little skate

Roc mór Mheiriceá Thuaidh

RJL

Dipturus laevis

Barndoor skate

Roc an gheimhridh

RJT

Leucoraja ocellata

Winter skate

Roc réaltach

RJR

Amblyraja radiata

Thorny skate

Roc mín

RJS

Malacoraja senta

Smooth skate

Roc earrspíonach

RJQ

Bathyraja spinicauda

Spinytail (spinetail) skate

Roc Artach

RJG

Amblyraja hyperborea

Arctic skate

Roic n.s.a.

SKA (*)

Raja spp.

Skates n.e.i.

Éisc eite n.s.a.

FIN

Osteichthyes

Finfishes n.e.i.

INVEIRTEABRAIGH

Máthair shúigh fhada

SQL (*)

Loligo pealeii

Long-finned squid

Máthair shúigh ghearr

SQI (*)

Illex illecebrosus

Short-finned squid

Máithreacha súigh n.s.a.

SQU (*)

Loliginidae, Ommastrephidae

Squids n.e.i.

Scian mhara an Atlantaigh

CLR

Ensis directus

Atlantic razor clam

Breallach crua

CLH

Mercenaria mercenaria

Hard clam

Breallach quahog

CLQ

Arctica islandica

Ocean quahog

Breallach gainimh

CLS

Mya arenaria

Soft clam

Dlúthshliogán trach

CLB

Spisula solidissima

Surf clam

Breallaigh n.s.a.

CLX

Bivalvia

Clams n.e.i.

Muirín cuain an Atlantaigh

SCB

Argopecten irradians

Bay scallop

Muirín caileacó

SCC

Argopecten gibbus

Calico scallop

Muirín Íoslannach

ISC

Chlamys islandica

Icelandic scallop

Muirín mara

SCA

Placopecten magellanicus

Sea scallop

Muiríní n.s.a.

SCX

Pectinidae

Scallops n.e.i.

Cuasoisre Meiriceánach

OYA

Crassostrea virginica

American cupped oyster

Diúilicín gorm

MUS

Mytilus edulis

Blue mussel

Cuachmaí n.s.a.

WHX

Busycon spp.

Whelks n.e.i.

Faochain n.s.a.

PER

Littorina spp.

Periwinkles n.e.i.

Moilisc n.s.a.

MOL

Mollusca

Marine molluscs n.e.i.

Portán carraige Mheiriceá Thuaidh

CRK

Cancer irroratus

Atlantic rock crab

Portán gorm

CRB

Callinectes sapidus

Blue crab

Portán glas

CRG

Carcinus maenas

Green crab

Portán Ióna Meiriceánach

CRJ

Cancer borealis

Jonah crab

Portán sneachta

CRQ

Chionoecetes opilio

Queen crab

Portán dearg

CRR

Geryon quinquedens

Red crab

Portán na gcloch

KCT

Lithodes maja

Stone king crab

Portáin mhara n.s.a.

CRA

Brachyura

Marine crabs n.e.i.

Gliomach Meiriceánach

LBA

Homarus americanus

American lobster

Ribe róibéis tuaisceartach

PRA (*)

Pandalus borealis

Northern prawn

Cloicheán Aesop

AES

Pandalus montagui

Aesop shrimp

Cloicheáin Penaeus n.s.a.

PEN (*)

Penaeus spp.

Penaeus shrimps n.e.i.

Séaclaí bándearga

PAN (*)

Pandalus spp.

Pink (= pandalid) shrimps

Crústaigh mhara n.s.a.

CRU

Crustacea

Marine crustaceans n.e.i.

Cuán mara

URC

Strongylocentrotus spp.

Sea urchin

Péisteanna mara n.s.a.

WOR

Polychaeta

Marine worms n.e.i.

Portán crúbach Meiriceánach

HSC

Limulus polyphemus

Horseshoe crab

Inveirteabraigh mhara n.s.a.

INV

Invertebrata

Marine invertebrates n.e.i.

FEAMAINN

Feamainn rua

SWB

Phaeophyceae

Brown seaweeds

Feamainn dhearg

SWR

Rhodophyceae

Red seaweeds

Feamainn n.s.a.

SWX

Algae

Seaweeds n.e.i.

RÓNTA

Rón Graonlannach

SEH

Pagophilus groenlandicus

Harp seal

Rón cochallach

SEZ

Cystophora cristata

Hooded seal


IARSCRÍBHINN II

LIMISTÉIR IASCAIREACHTA STAIDRIMH AN ATLANTAIGH THIAR THUAIDH A BHFUIL SONRAÍ LE TÍOLACADH INA LEITH

Folimistéar 0

 

Roinn 0 A

 

Roinn 0 B

Folimistéar 1

 

Roinn 1 A

 

Roinn 1 B

 

Roinn 1 C

 

Roinn 1 D

 

Roinn 1 E

 

Roinn 1 F

 

Roinn 1 NK (níl ar eolas)

Folimistéar 2

 

Roinn 2 G

 

Roinn 2 H

 

Roinn 2 J

 

Roinn 2 NK (níl ar eolas)

Folimistéar 3

 

Roinn 3 K

 

Roinn 3 L

 

Roinn 3 M

 

Roinn 3 N

 

Roinn 3 O

 

Roinn 3 P

 

Foroinn 3 P n

 

Foroinn 3 P s

 

Roinn 3 NK (níl ar eolas)

Folimistéar 4

 

Roinn 4 R

 

Roinn 4 S

 

Roinn 4 T

 

Roinn 4 V

 

Foroinn 4 V n

 

Foroinn 4 V s

 

Roinn 4 W

 

Roinn 4 X

 

Roinn 4 NK (níl ar eolas)

Folimistéar 5

 

Roinn 5 Y

 

Roinn 5 Z

 

Foroinn 5 Z e

 

Fo-aonad 5 Z c

 

Fo-aonad 5 Z u

 

Foroinn 5 Z w

 

Roinn 5 NK (níl ar eolas)

Folimistéar 6

 

Roinn 6 A

 

Roinn 6 B

 

Roinn 6 C

 

Roinn 6 D

 

Roinn 6 E

 

Roinn 6 F

 

Roinn 6 G

 

Roinn 6 H

 

Roinn 6 NK (níl ar eolas)

Limistéir iascaireachta staidrimh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

Image


IARSCRÍBHINN III

TUAIRISC AR FHOLIMISTÉIR AGUS AR RANNA NAFO ARNA N-ÚSÁID CHUN CRÍOCHA STAIDRIMH AGUS RIALACHÁN IASCAIGH SAN ATLANTACH THIAR THUAIDH

Is mar a leanas na folimistéir, na ranna agus na foranna eolaíochta agus staidrimh dá bhforáiltear le hAirteagal XX de Choinbhinsiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh:

Folimistéar 0

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá teorantach ó dheas le líne a shíneann soir díreach ó phointe ag domhanleithead 61o00′ ó thuaidh agus domhanfhad 65o00′ siar go pointe ag domhanleithead 61o00′ ó thuaidh agus domhanfhad 59o00′ siar, as sin soir ó dheas feadh rumlíne go pointe ag domhanleithead 60o12′ ó thuaidh agus domhanfhad 57o13′ siar; agus as sin teorantach ar an taobh thoir le sraith línte geodasacha a cheanglaíonn na pointí seo a leanas lena chéile:

Uimh. an Phointe

Domhanleithead

Domhanfhad

1

60o12′0

57o13′0

2

61o00′0

57o13′1

3

62o00′5

57o21′1

4

62o02′3

57o21′8

5

62o03′5

57o22′2

6

62o11′5

57o25′4

7

62o47′2

57o41′0

8

63o22′8

57o57′4

9

63o28′6

57o59′7

10

63o35′0

58o02′0

11

63o37′2

58o01′2

12

63o44′1

57o58′8

13

63o50′1

57o57′2

14

63o52′6

57o56′6

15

63o57′4

57o53′5

16

64o04′3

57o49′1

17

64o12′2

57o48′2

18

65o06′0

57o44′1

19

65o08′9

57o43′9

20

65o11′6

57o44′4

21

65o14′5

57o45′1

22

65o18′1

57o45′8

23

65o23′3

57o44′9

24

65o34′8

57o42′3

25

65o37′7

57o41′9

26

65o50′9

57o40′7

27

65o51′7

57o40′6

28

65o57′6

57o40′1

29

66o03′5

57o39′6

30

66o12′9

57o38′2

31

66o18′8

57o37′8

32

66o24′6

57o37′8

33

66o30′3

57o38′3

34

66o36′1

57o39′2

35

66o37′9

57o39′6

36

66o41′8

57o40′6

37

66o49′5

57o43′0

38

67o21′6

57o52′7

39

67o27′3

57o54′9

40

67o28′3

57o55′3

41

67o29′1

57o56′1

42

67o30′7

57o57′8

43

67o35′3

58o02′2

44

67o39′7

58o06′2

45

67o44′2

58o09′9

46

67o56′9

58o19′8

47

68o01′8

58o23′3

48

68o04′3

58o25′0

49

68o06′8

58o26′7

50

68o07′5

58o27′2

51

68o16′1

58o34′1

52

68o21′7

58o39′0

53

68o25′3

58o42′4

54

68o32′9

59o01′8

55

68o34′0

59o04′6

56

68o37′9

59o14′3

57

68o38′0

59o14′6

58

68o56′8

60o02′4

59

69o00′8

60o09′0

60

69o06′8

60o18′5

61

69o10′3

60o23′8

62

69o12′8

60o27′5

63

69o29′4

60o51′6

64

69o49′8

60o58′2

65

69o55′3

60o59′6

66

69o55′8

61o00′0

67

70o01′6

61o04′2

68

70o07′5

61o08′1

69

70o08′8

61o08′8

70

70o13′4

61o10′6

71

70o33′1

61o17′4

72

70o35′6

61o20′6

73

70o48′2

61o37′9

74

70o51′8

61o42′7

75

71o12′1

62o09′1

76

71o18′9

62o17′5

77

71o25′9

62o25′5

78

71o29′4

62o29′3

79

71o31′8

62o32′0

80

71o32′9

62o33′5

81

71o44′7

62o49′6

82

71o47′3

62o53′1

83

71o52′9

63o03′9

84

72o01′7

63o21′1

85

72o06′4

63o30′9

86

72o11′0

63o41′0

87

72o24′8

64o13′2

88

72o30′5

64o26′1

89

72o36′3

64o38′8

90

72o43′7

64o54′3

91

72o45′7

64o58′4

92

72o47′7

65o00′9

93

72o50′8

65o07′6

94

73o18′5

66o08′3

95

73o25′9

66o25′3

96

73o31′1

67o15′1

97

73o36′5

68o05′5

98

73o37′9

68o12′3

99

73o41′7

68o29′4

100

73o46′1

68o48′5

101

73o46′7

68o51′1

102

73o52′3

69o11′3

103

73o57′6

69o31′5

104

74o02′2

69o50′3

105

74o02′6

69o52′0

106

74o06′1

70o06′6

107

74o07′5

70o12′5

108

74o10′0

70o23′1

109

74o12′5

70o33′7

110

74o24′0

71o25′7

111

74o28′6

71o45′8

112

74o44′2

72o53′0

113

74o50′6

73o02′8

114

75o00′0

73o16′3

115

75o05′

73o30′

agus as sin ó thuaidh díreach chuig parailéal dhomhanleithead 78o10′ ó thuaidh; agus teorantach ar an taobh thiar le líne a thosaíonn ag domhanleithead 61o00′ ó thuaidh agus domhanfhad 65o00′ siar agus a shíneann siar ó thuaidh feadh rumlíne chuig cósta Oileán Baffin ag East Bluff (domhanleithead 61o55′ ó thuaidh agus domhanfhad 66o20′ siar), agus as sin ó thuaidh feadh chósta Oileán Baffin, Oileán Bylot, Oileán Devon agus Oileán Ellesmere agus ag leanúint fhadlíne dhomhanfhad 80o siar sna huiscí idir na hoileáin sin agus domhanleithead 78o10′ ó thuaidh; agus teorantach ó thuaidh le parailéal dhomhanleithead 78o10′ ó thuaidh.

Tá folimistéar 0 comhdhéanta de dhá roinn

Roinn 0A

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 66o15′ ó thuaidh.

Roinn 0B

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 66o15′ ó thuaidh

Folimistéar 1

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite soir ó fholimistéar 0 agus ó thuaidh agus soir ó rumlíne a cheanglaíonn pointe ag domhanleithead 60o12′ ó thuaidh agus domhanfhad 57o13′ siar le pointe ag domhanleithead 52o15′ ó thuaidh agus domhanfhad 42o00′ siar.

Tá folimistéar 1 comhdhéanta de shé roinn

Roinn 1A

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 68o50′ ó thuaidh (Christianshaab).

Roinn 1B

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir parailéal dhomhanleithead 66o15′ ó thuaidh (5 mhuirmhíle ó thuaidh ó Umanarsugssuak) agus parailéal dhomhanleithead 68o50′ ó thuaidh (Christianshaab).

Roinn 1C

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir parailéal dhomhanleithead 64o15′ ó thuaidh (4 mhuirmhíle ó thuaidh ó Godthaab) agus parailéal dhomhanleithead 66o15′ ó thuaidh (5 mhuirmhíle ó thuaidh ó Umanarsugssuak).

Roinn 1D

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir parailéal dhomhanleithead 62o30′ ó thuaidh (Oighearshruth Frederikshaab) agus parailéal dhomhanleithead 64o15′ ó thuaidh (4 mhuirmhíle ó thuaidh ó Godthaab).

Roinn 1E

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir parailéal dhomhanleithead 60o45′ ó thuaidh (Rinn Desolation) agus parailéal dhomhanleithead 62o30′ ó thuaidh (Oighearshruth Frederikshaab).

Roinn 1F

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 60o45′ ó thuaidh (Rinn Desolation).

Folimistéar 2

An chuid sin de Limistéar an Coinbhinsiúin atá suite soir ó fhadlíne dhomhanfhad 64o30′ siar i limistéar Chaolas Hudson, ó dheas ó fholimistéar 0, ó dheas agus siar ó fholimistéar 1 agus ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 52o15′ ó thuaidh.

Tá folimistéar 2 comhdhéanta de thrí roinn

Roinn 2G

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 57o40′ ó thuaidh (Rinn Mugford).

Roinn 2H

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir parailéal dhomhanleithead 55o20′ ó thuaidh (Hopedale) agus parailéal dhomhanleithead 57o40′ ó thuaidh (Rinn Mugford).

Roinn 2J

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 55o20′ ó thuaidh (Hopedale).

Folimistéar 3

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 52o15′ ó thuaidh, agus soir ó líne a shíneann ó thuaidh díreach ó Rinn Bauld ar chósta thuaidh Thalamh an Éisc go dtí domhanleithead 52o15′ ó thuaidh; ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh; agus soir agus ó thuaidh ó rumlíne a thosaíonn ag domhanleithead 39o00′ ó thuaidh, domhanfhad 50o00′ siar agus a shíneann siar ó thuaidh agus a théann trí phointe ag domhanleithead 43o30′ ó thuaidh, domhanfhad 55o00′ siar i dtreo pointe ag domhanleithead 47o50′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar go dtí go dtrasnaíonn sí líne dhíreach a cheanglaíonn Rinn Ray, domhanleithead 47o37,0′ ó thuaidh agus domhanfhad 59o18,0′ siar ar chósta Thalamh an Éisc le Rinn an Tuaiscirt, domhanleithead 47o02,0′ ó thuaidh, domhanfhad 60o25,0′ siar ar Oileán Rinn Breton; as sin soir ó thuaidh feadh na líne sin go Rinn Ray, domhanleithead 47o37,0′ ó thuaidh, domhanfhad 59o18,0′ siar.

Tá folimistéar 3 comhdhéanta de shé roinn

Roinn 3K

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 49o15′ ó thuaidh (Rinn Freels, Talamh an Éisc).

Roinn 3L

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Thalamh an Éisc ó Rinn Freels go Rinn St. Mary agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Rinn Freels, as sin soir díreach go dtí fadlíne dhomhanfhad 46o30′ siar, as sin ó dheas díreach chuig parailéal dhomhanleithead 46o00′ ó thuaidh, as sin siar díreach chuig fadlíne dhomhanfhad 54o30′ siar, as sin feadh rumlíne go Rinn St. Mary, Talamh an Éisc.

Roinn 3M

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 49o15′ ó thuaidh agus soir ó fhadlíne dhomhanfhad 46o30′ siar.

Roinn 3N

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 46o00′ ó thuaidh agus idir fadlíne dhomhanfhad 46o30′ siar agus fadlíne dhomhanfhad 51o00′ siar.

Roinn 3O

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 46o00′ ó thuaidh agus idir fadlíne dhomhanfhad 51o00′ siar agus fadlíne dhomhanfhad 54o30′ siar.

Roinn 3P

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó chósta Thalamh an Éisc agus siar ó líne ó Rinn St. Mary, Talamh an Éisc go pointe ag domhanleithead 46o00′ ó thuaidh, domhanfhad 54o30′ siar, as sin ó dheas díreach go teorainn an fholimistéir.

Tá Roinn 3P roinnte ina dhá foroinn:

3Pn – foroinn thiar thuaidh – an chuid sin de roinn 3P atá suite siar ó thuaidh ó líne ó dhomhanleithead 47o30,7′ ó thuaidh, domhanfhad 57o43,2′ siar, beagnach siar ó dheas go pointe ag domhanleithead 46o50,7′ ó thuaidh agus domhanfhad 58o49,0′ siar;

3Ps – foroinn thoir theas – an chuid sin de roinn 3P atá suite soir ó dheas ón líne atá sainmhínithe le haghaidh fhoroinn 3Pn.

Folimistéar 4

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, siar ó fholimistéar 3, agus soir ó líne arna tuairisciú mar a leanas:

ag tosú ag foirceann na teorann idirnáisiúnta idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada i gCaol Grand Manan, ag pointe ag domhanleithead 44o46′35,346″ ó thuaidh, domhanfhad 66o54′11,253″ siar; as sin ó dheas díreach chuig parailéal dhomhanleithead 43o50′ ó thuaidh; as sin siar díreach go fadlíne dhomhanfhad 67o24′27,24″ siar; as sin feadh líne geodasaí siar ó dheas go pointe ag domhanleithead 42o53′14″ ó thuaidh agus domhanfhad 67o44′35″ siar; as sin feadh líne geodasaí soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 42o31′08″ ó thuaidh agus domhanfhad 67o28′05″ siar; as sin feadh líne geodasaí go pointe ag domhanleithead 42o20′ ó thuaidh agus domhanfhad 67o18′13,15″ siar;

as sin soir díreach go pointe ag domhanfhad 66o00′ siar; as sin feadh rumlíne soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 42o00′ ó thuaidh agus domhanfhad 65o40′ siar agus as sin ó dheas díreach chuig parailéal dhomhanleithead 39o00 ó thuaidh.

Tá folimistéar 4 comhdhéanta de shé fhoroinn

Roinn 4R

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Thalamh an Éisc ó Rinn Bauld go Rinn Ray agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Rinn Bauld, as sin ó thuaidh díreach chuig parailéal dhomhanleithead 52o15′ ó thuaidh, as sin siar díreach go cósta Labradar, as sin feadh chósta Labradar chomh fada le foirceann na teorann idir Labradar agus Québec, as sin feadh rumlíne siar ó dheas go pointe ag domhanleithead 49o25′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin ó dheas díreach go pointe ag domhanleithead 47o50′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin feadh rumlíne soir ó dheas go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn teorainn Fholimistéar 3 an líne dhíreach a cheanglaíonn Rinn an Tuaiscirt, Albain Nua le Rinn Ray, Talamh an Éisc, as sin go Rinn Ray, Talamh an Éisc.

Roinn 4S

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta theas Québec ó fhoirceann theorainn Labradar-Québec go Pte. des Monts agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Pte. des Monts, as sin soir díreach go pointe ag domhanleithead 49o25′ ó thuaidh agus domhanfhad 64o40′ siar, as sin feadh rumlíne soir soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 47o50′ ó thuaidh agus domhanfhad 60o00′ siar, as sin ó thuaidh díreach go pointe ag domhanleithead 49o25′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin feadh rumlíne soir ó thuaidh go foirceann theorainn Labradar-Québec.

Roinn 4T

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cóstaí Albain Nua, New Brunswick agus Québec ó Rinn an Tuaiscirt go Pte. des Monts, agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Pte. des Monts, as sin soir díreach go pointe ag domhanleithead 49o25′ ó thuaidh, domhanfhad 64o40′ siar, as sin feadh rumlíne soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 47o50′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin feadh rumlíne ó dheas go dtí Rinn an Tuaiscirt, Albain Nua.

Roinn 4V

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Albain Nua, ó Rinn an Tuaiscirt go Fourchu, agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Fourchu, as sin feadh rumlíne soir go pointe ag domhanleithead 45o40′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin ó dheas díreach feadh fhadlíne dhomhanfhad 60o00′ siar go parailéal dhomhanleithead 44o10′ ó thuaidh, as sin soir díreach go fadlíne dhomhanfhad 59o00′ siar, as sin ó dheas díreach go parailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, as sin soir díreach go pointe ag a mbuaileann an teorainn idir folimistéar 3 agus folimistéar 4 le parailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh; as sin feadh na teorann idir folimistéar 3 agus folimistéar 4 agus líne a shíneann siar ó thuaidh go pointe ag domhanleithead 47o50′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, agus as sin feadh rumlíne ó dheas go dtí Rinn an Tuaiscirt, Albain Nua.

Tá Roinn 4V roinnte ina dhá foroinn:

4Vn– foroinn thuaisceartach – an chuid sin de roinn 4V atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 45o40′ ó thuaidh;

4Vs– foroinn dheisceartach – an chuid sin de roinn 4V atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 45o40′ ó thuaidh.

Roinn 4W

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Albain Nua, ó Halifax go Fourchu, agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Fourchu, as sin feadh rumlíne soir go pointe ag domhanleithead 45o40′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin ó dheas díreach feadh fhadlíne dhomhanfhad 60o00′ siar go parailéal dhomhanleithead 44o10′ ó thuaidh, as sin soir díreach go dtí an fhadlíne le domhanfhad 59o00′ siar, as sin ó dheas díreach go dtí parailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, as sin siar díreach go dtí fadlíne dhomhanfhad 63o20′ siar, as sin ó thuaidh díreach go pointe ar an bhfadlíne sin ag domhanleithead 44o20′ ó thuaidh, as sin feadh rumlíne siar ó thuaidh go dtí Halifax, Albain Nua.

Roinn 4X

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir teorainn thiar fholimistéar 4 agus cóstaí New Brunswick agus Albain Nua, ó fhoirceann na teorann idir New Brunswick agus Maine go Halifax, agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Halifax, as sin feadh rumlíne soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 44o20′ ó thuaidh, domhanfhad 63o20′ siar, as sin ó dheas díreach go dtí parailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, agus as sin siar díreach go dtí fadlíne dhomhanfhad 65o40′ siar.

Folimistéar 5

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite siar ó theorainn thiar fholimistéar 4, ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, agus soir ó fhadlíne dhomhanfhad 71o40′ siar.

Tá folimistéar 5 comhdhéanta de dhá fhoroinn

Roinn 5Y

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cóstaí Maine, New Hampshire agus Massachusetts, ón teorainn idir Maine agus New Brunswick go dtí domhanfhad 70o00′ siar ar Rinn Cod (beagnach domhanleithead 42o ó thuaidh), agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag pointe ar Rinn Cod ag domhanfhad 70o siar (beagnach domhanleithead 42o ó thuaidh), as sin ó thuaidh díreach go domhanleithead 42o20′ ó thuaidh, as sin soir díreach go domhanfhad 67o18′13,15″ siar ag an teorainn idir folimistéar 4 agus folimistéar 5, agus as sin feadh na teorann sin go dtí teorainn Cheanada agus na Stát Aontaithe.

Roinn 5Z

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas agus soir ó roinn 5Y.

Tá roinn 5Z roinnte ina dhá foroinn: foroinn iartharach agus foroinn oirthearach arna sainmhíniú mar a leanas:

5Ze – foroinn oirthearach – an chuid sin de roinn 5Z atá suite soir ó fhadlíne dhomhanfhad 70o00′ siar;

Tá foroinn 5Ze foroinnte ina dhá fo-aonad (1):

Is é 5Zu (uiscí na Stát Aontaithe) an chuid sin d'fhoroinn 5Ze atá suite siar ó na línte geodasacha a cheanglaíonn na pointí sin ag a bhfuil na comhordanáidí seo a leanas:

Domhanleithead ó thuaidh

Domhanfhad siar

A

44o11′12″

67o16′46″

B

42o53′14″

67o44′35″

C

42o31′08″

67o28′05″

D

40o27′05″

65o41′59″.

Is é 5Zc (uiscí Cheanada) an chuid sin d'fhoroinn 5Ze soir ó na línte geodasacha thuasluaite;

5Zw – folimistéar iartharach – an chuid sin de roinn 5Z atá suite siar ó fhadlíne dhomhanfhad 70o00′ siar.

Folimistéar 6

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá teorantach le líne a thosaíonn ag pointe ar chósta Oileán Rhode ag domhanfhad 71o40′ siar, as sin ó dheas díreach go domhanleithead 39o00′ ó thuaidh, as sin soir díreach go domhanfhad 42o00′ siar, as sin ó dheas díreach go domhanleithead 35o00′ ó thuaidh, as sin siar díreach go cósta Mheiriceá Thuaidh, as sin ó thuaidh feadh chósta Mheiriceá Thuaidh go dtí an pointe ar Oileán Rhode ag domhanfhad 71o40′ siar.

Tá folimistéar 6 comhdhéanta d'ocht roinn

Roinn 6A

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh agus siar ó fholimistéar 5.

Roinn 6B

An chuid sin den fholimistéar atá suite siar ó dhomhanfhad 70o00′ siar, ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, agus ó thuaidh agus siar ó líne a shíneann siar feadh pharailéal dhomhanleithead 37o00′ ó thuaidh go domhanfhad 76o00′ siar agus as sin ó dheas díreach go Rinn Henry, Virginia.

Roinn 6C

An chuid sin den fholimistéar atá suite siar ó dhomhanfhad 70o00′ siar agus ó dheas ó roinn 6B.

Roinn 6D

An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6B agus roinn 6C agus siar ó dhomhanfhad 65o00′ siar.

Roinn 6E

An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6D agus siar ó dhomhanfhad 60o00′ siar.

Roinn 6F

An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6E agus siar ó dhomhanfhad 55o00′ siar.

Roinn 6G

An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6F agus siar ó dhomhanfhad 55o00′ siar.

Roinn 6H

An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6G agus siar ó dhomhanfhad 42o00′ siar.


(1)  Níl taifead déanta ar an dá fho-aonad seo sa séú foilseachán de chuid Choinbhinsiún NAFO (Bealtaine 2000). Tar éis togra a fháil ó Chomhairle Eolaíoch NAFO, áfach, rinne Ard-Chomhairle NAFO iad a fhormheas de bhun Airteagal XX(2) de Choinbhinsiún NAFO.


IARSCRÍBHINN IV

SAINMHÍNITHE AGUS CÓDÚ ATÁ LE hÚSÁID AGUS SONRAÍ AR GHABHÁLACHA Á dTÍOLACADH

(a)   LIOSTA CATAGÓIRÍ MAIDIR LE TREALAMH IASCAIREACHTA/SOITHÍ IASCAIREACHTA

(ón Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach Staidrimh ar Threalamh Iascaireachta (ISSCFG))

Catagóir

Giorrúchán

Tráil

 

Tráil ghrinnill

 

tráil bhíoma

TBB

tráil dobharchú (cliathán nó deireadh neamhshonraithe)

OTB

tráil dobharchú (cliathán)

OTB1

tráil dobharchú (deireadh)

OTB2

tráil i bpáirt (dhá shoitheach)

PTB

tráil séaclaí

TBS

tráil nephrops

TBN

tráil ghrinnill (neamhshonraithe)

TB

Tráil mheánuisce

 

tráil dobharchú (cliathán nó deireadh neamhshonraithe)

OTM

tráil dobharchú (cliathán)

OTM1

tráil dobharchú (deireadh)

OTM2

tráil i bpáirt (dhá shoitheach)

PTM

tráil séaclaí

TMS

tráil mheánuisce (neamhshonraithe)

TM

Dé-thráil

OTS

Dé-thráil dobharchú

OTT

Tráil i bpáirt (dhá shoitheach) (neamhshonraithe)

PT

Tráil dobharchú (neamhshonraithe)

OT

Tráil eile (neamhshonraithe)

TX

Saighní

 

Saighní trá

SB

Saighní báid nó saighní soithigh

SV

saighní Danmhargacha

SDN

saighní Albanacha

SSC

saighní i bpáirt (dhá shoitheach)

SPR

Saighní (neamhshonraithe)

SX

Líonta timpeallaithe

 

Le peas-saighneoireacht

PS

soitheach amháin

PS1

dhá shoitheach

PS2

Gan pheas-saighneoireacht (lampara)

LA

Eangacha geolbhaigh agus sáinneangacha

 

Eangacha geolbhaigh socraithe (ar ancaire)

GNS

Sruthlíonta geolbhaigh

GND

Eangacha geolbhaigh crioslaithe

GNC

Eangacha geolbhaigh seasta (le cuaille)

GNF

Traimlí

GTR

Traimlí agus eangacha geolbhaigh in éineacht

GTN

Eangacha geolbhaigh agus sáinneangacha (neamhshonraithe)

GEN

Eangacha geolbhaigh (neamhshonraithe)

GN

Duáin agus doruithe

 

Doruithe fada socraithe

LLS

Doruithe fada le sruth

LLD

Doruithe fada (neamhshonraithe)

LL

Doruithe láimhe agus doruithe cuaille (láimhe)

LHP

Doruithe láimhe agus doruithe cuaille (meicniúla)

LTM

Doruithe le roithleán

LTL

Duáin agus doruithe (neamhshonraithe)

LX

Gaistí

 

Sáinneangacha do-aistrithe gan chlúdach

FPN

Potaí clúdaithe

FPO

Líonta Fyke

FYK

Bacainní, sconsaí, coraí etc.

FWR

Líonta scríbe beaga

FSN

Líonta aeir

FAR

Gaistí (neamhshonraithe)

FIX

Trealamh titimeach

 

Teilglíonta

FCN

Trealamh titimeach (neamhshonraithe)

FG

Dreidirí

 

Dreidire báid

DRB

Dreidire láimhe

DRH

Streachailt agus goineadh

 

Harpún

HAR

Líonta ardaithe

 

Líonta ardaithe iniompartha

LNP

Líonta ardaithe le bád

LNB

Líonta ardaithe do-aistrithe ar chladach

LNS

Líonta ardaithe (neamhshonraithe)

LN

Meaisíní fómhair

 

Caidéil

HMP

Dreidirí meicnithe

HMD

Meaisíní fómhair (neamhshonraithe)

HMX

Trealamh ilghnéitheach

MIS

Trealamh neamhaithnid

NK

(B)   SAINMHÍNITHE AR IARRACHT IASCAIREACHTA A THOMHAS I LEITH CATAGÓIRÍ TREALAIMH

Ba cheart trí leibhéal beachtais a thabhairt i leith iarracht iascaireachta, nuair is féidir.

Catagóir A

Trealamh iascaireachta

Tomhas iarrachta

Sainmhínithe

Líonta timpeallaithe (peas-saighneoireacht)

An líon caitheamh

An líon amanna a caitheadh na líonta iascaireachta, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh gabháil. Úsáidtear an tomhas seo nuair a bhíonn méid agus dlús na scoileanna éisc gaolmhar le líonmhaireacht stoic, nó i gcás ina ndéantar na caithimh go randamach

Saighní trá

An líon caitheamh

An líon amanna a caitheadh na líonta iascaireachta, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh gabháil

Saighní báid

Líon na n-uaireanta iascaireachta

An líon amanna a caitheadh na líonta iascaireachta arna iolrú faoi mheánfhad measta na gcaitheamh

Tráil

Líon na n-uaireanta

An líon uaireanta ina raibh an trál san uisce (trál meánuisce) nó ar an ngrinneall (trál grinnill), agus iascaireacht ar siúl

Dreidirí báid

Líon na n-uaireanta iascaireachta

An líon uaireanta ina raibh an dreidire ar an ngrinneall agus iascaireacht ar siúl

Eangacha geolbhaigh (socraithe nó le sruth)

Líon na n-aonad iarrachta

Fad na líonta arna shloinneadh in aonaid 100-méadar arna n-iolrú ar líon na gcaitheamh a rinneadh (= fad iomlán carntha i méadair de na líonta a úsáideadh i dtráth áirithe arna roinnt ar 100)

Eangacha geolbhaigh (seasta)

Líon na n-aonad iarrachta

Fad an lín arna shloinneadh in aonaid 100-méadar arna n-iolrú faoi líon na n-amanna a glanadh an líon

Gaistí (sáinneangacha gan chlúdach)

Líon na n-aonad iarrachta

Líon laethanta iascaireachta arna iolrú faoi líon na n-aonad a tharlaítear

Potaí clúdaithe agus líonta fyke

Líon na n-aonad iarrachta

Líon na n-arduithe arna iolrú faoi líon na n-aonad (= líon iomlán na n-aonad ar a ndearnadh iascaireacht i dtréimhse ama áirithe)

Doruithe fada (socraithe nó le sruth)

Mílte duán

Líon na nduán arna n-úsáid i dtréimhse ama áirithe arna roinnt ar 1 000

Doruithe láimhe (cuaille, roithleán, díreog, etc.)

Líon na laethanta doruithe

Líon iomlán na ndoruithe arna n-úsáid i dtréimhse ama áirithe

Harpúin

 

(Sonraí a thabhairt ar leibhéil iarrachta B agus C amháin)

Catagóir B

Líon na laethanta iascaireachta: líon na laethanta ar a ndearnadh iascaireacht. Maidir leis na hiascaigh sin ina mbíonn an cuardach ina chuid mhór den obair iascaireachta, is cóir na laethanta sin a raibh cuardach ar siúl lena linn, ach nach ndearnadh aon iascaireacht lena linn, a áireamh sna sonraí a bhaineann le ‘laethanta iascaireachta’.

Catagóir C

Maidir le líon na laethanta ar an meá, ba cheart, mar aon le laethanta ar a ndearnadh iascaireacht agus cuardach, gach lá eile a raibh an soitheach ar an meá a áireamh freisin.

Céatadán den iarracht mheasta (iarracht pro rata)

Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh fáil ar thomhais chomhfhreagracha iarrachta don ghabháil iomlán, ba cheart céatadán den iarracht mheasta a thabhairt le fios. Déantar an céatadán sin a ríomh mar a leanas:

(((Gabháil iomlán) – (An ghabháil a bhfuil iarracht taifeadta ina leith)) × 100)/(Gabháil iomlán)

(C)   CATAGÓIRÍ MHÉID NA SOITHÍ

(ón Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach Staidrimh ar Shoithí Iascaireachta (ISSCFV))

Aicmí tonnáiste

Catagóir olltonnáiste

Cód

0 -49,9

02

50 - 149,9

03

150 - 499,9

04

500 - 999,9

05

1 000-1 999,9

06

2 000-99 999,9

07

Níl ar eolas

00

(D)   AN PRÍOMHSPEICEAS ARNA LORG

Is é seo an speiceas a raibh an iascaireacht dírithe air den chuid is mó. D'fhéadfadh sé tarlú, áfach, nach bhfreagróidh an speiceas sin don speiceas is coitianta a bhí sa ghabháil. Ba cheart an speiceas a léiriú tríd an aitheantóir 3-alfa a úsáid (féach Iarscríbhinn I).


IARSCRÍBHINN V

FORMÁID CHUN SONRAÍ A THÍOLACADH AR MHEÁIN MHAIGHNÉADACHA

(A)   MEÁIN MHAIGHNÉADACHA

Téipeanna ríomhaire:

Naoi rian agus dlús 1 600 nó 6 250 BPI acu agus EBCDIC de chódú ASCII, agus lipéad orthu más gá. Má tá lipéad ar na téipeanna, ba cheart críochchód comhaid a áireamh ann.

Dioscaí boga:

Dioscaí formáidithe MS DOS 3,5″ 720 K nó 1,4 Mb nó dioscaí 5,25″360 K nó 1,2 Mb.

(B)   FORMÁID AN CHÓDAITHE

Do thíolacadh de bhun Airteagal 2(1), pointe (a)

Uimhreacha beart

Mír

Nótaí

1 go 4

Tír (cód ISO 3-alfa)

e.g. FRA = An Fhrainc

5 go 6

Bliain

e.g. 90 = 1990

7 go 8

Mórlimistéar iascaireachta FAO

21 = An tAtlantach Thiar Thuaidh

9 go 15

Roinn

e.g. 3 Pn = foroinn 3 Pn NAFO

16 go 18

Speiceas

aitheantóir 3-alfa

19 go 26

Gabháil

tonaí

Do thíolacadh de bhun Airteagal 2(1), pointe (a)

Uimhreacha beart

Mír

Nótaí

1 go 4

Tír

cód IS0 3-alfa (e.g. FRA = An Fhrainc)

5 go 6

Bliain

e.g. 94 = 1994

7 go 8

e.g. 01 = Eanáir

9 go 10

Mórlimistéar iascaireachta FAO

21 = An tAtlantach Thiar Thuaidh

11 go 18

Roinn

e.g. 3 Pn = foroinn 3 Pn NAFO: alfa-uimhriúil

19 go 21

Príomhspeiceas arna lorg

aitheantóir 3-alfa

22 go 26

Catagóir soithigh/trealaimh

Cód ISSCFG (e.g.0TB2 = trál dobharchú grinnill): alfa-uimhriúil

27 go 28

Aicmiú mhéid an tsoithigh

Cód ISSCFV (e.g. 04 = 150-499,9 GT): alfa-uimhriúil

29 go 34

Olltonnáiste meánach

Tonaí: uimhriúil

35 go 43

Meánchumhacht an innill

Cileavatanna: uimhriúil

44 go 45

Céatadán den iarracht mheasta

Uimhriúil

46 go 48

Aonad

Aitheantóir 3-alfa an speicis nó aitheantóir iarrachta (e.g. COD = trosc an Atlantaigh A = tomhais iarrachta A)

49 go 56

Sonraí

Gabháil (i dtonaí méadracha) nó aonad iarrachta

Nótaí

(a)

Ba cheart na réimsí uimhriúla go léir a chomhfhadú ar dheis agus úsáid a bhaint as úrbhánáin. Ba cheart na réimsí alfa-uimhriúla go léir a chomhfhadú ar clé agus úsáid a bhaint as cúlbhánáin.

(b)

Ba cheart an ghabháil a thaifeadadh i bhfoirm choibhéis bheomheáchain na ngabhálacha, go dtí an tona méadrach is gaire.

(c)

Ba cheart cainníochtaí (bearta 49 go 56) is lú ná leath-aonad a thaifeadadh mar ‘- 1’.

(d)

Ba cheart cainníochtaí anaithnide (bearta 49 go 56) a thaifeadadh mar ‘- 2’.

(e)

Cóid na dTíortha (cóid ISO):

An Ostair

AUT

An Bheilg

BEL

An Bhulgáir

BGR

An Chipir

CYP

Poblacht na Seice

CZE

An Ghearmáin

DEU

An Danmhairg

DNK

An Spáinn

ESP

An Eastóin

EST

An Fhionlainn

FIN

An Fhrainc

FRA

An Ríocht Aontaithe

GBR

Sasana agus an Bhreatain Bheag

GBRA

Albain

GBRB

Tuaisceart Éireann

GBRC

An Ghréig

GRC

An Ungáir

HUN

Éire

IRL

An Íoslainn

ISL

An Iodáil

ITA

An Liotuáin

LTU

Lucsamburg

LUX

An Laitvia

LVA

Málta

MLT

An Ísiltír

NLD

An Iorua

NOR

An Pholainn

POL

An Phortaingéil

PRT

An Rómáin

ROU

Poblacht na Slóvaice

SVK

An tSlóivéin

SVN

An tSualainn

SWE

An Tuirc

TUR


IARSCRÍBHINN VI

FORMÁID CHUN SONRAÍ A THÍOLACADH AR MHEÁIN MHAIGHNÉADACHA

A.   FORMÁID AN CHÓDAITHE

Do thíolacadh de bhun Airteagal 2(1), pointe (a)

Ba cheart na sonraí a thíolacadh i bhfoirm taifead ilfhaid agus idirstad (:) a chur idir réimsí an taifid. Ba cheart na réimsí seo a leanas a áireamh i ngach taifead:

Réimse

Nótaí

Tír

Cód IS0 3-alfa (e.g. FRA = An Fhrainc)

Bliain

e.g. 2001 nó 01

Mórlimistéar iascaireachta FAO

21 = An tAtlantach Thiar Thuaidh

Roinn

e.g. 3 Pn = foroinn 3 Pn NAFO

Speiceas

aitheantóir 3-alfa

Gabháil

Tonaí

Do thíolacadh de bhun Airteagal 2(1), pointe (b)

Ba cheart na sonraí a thíolacadh i bhfoirm taifead ilfhaid agus idirstad (:) a chur idir réimsí an taifid. Ba cheart na réimsí seo a leanas a áireamh i ngach taifead:

Réimse

Nótaí

Tír

cód IS0 3-alfa (e.g. FRA = An Fhrainc)

Bliain

e.g. 0001 nó 2001 don bhliain 2001

e.g. 01 = Eanáir

Mórlimistéar iascaireachta FAO

21 = An tAtlantach Thiar Thuaidh

Roinn

e.g. 3 Pn = foroinn 3 Pn NAFO

Príomhspeiceas arna lorg

aitheantóir 3-alfa

Catagóir soithigh/trealaimh

Cód ISSCFG (e.g. 0TB2 = trál dobharchú grinnill)

Aicmiú mhéid an tsoithigh

Cód ISSCFV (e.g. 04 = 150-499,9 GT):

Olltonnáiste meánach

Tonaí

Meánchumhacht an innill

Cileavatanna

Céatadán den iarracht mheasta

Uimhriúil

Aonad

Aitheantóir 3-alfa an speicis nó aitheantóir iarrachta (e.g. COD = trosc an Atlantaigh nó A = tomhais iarrachta A)

Sonraí

Gabháil (i dtonaí méadracha) nó aonad iarrachta

(a)

Ní mór an ghabháil a thaifeadadh i bhfoirm coibhéise beomheáchain de na gabhálacha.

(b)

Cóid na dtíortha:

An Ostair

AUT

An Bheilg

BEL

An Bhulgáir

BGR

An Chipir

CYP

Poblacht na Seice

CZE

An Ghearmáin

DEU

An Danmhairg

DNK

An Spáinn

ESP

An Eastóin

EST

An Fhionlainn

FIN

An Fhrainc

FRA

An Ríocht Aontaithe

GBR

Sasana agus an Bhreatain Bheag

GBRA

Albain

GBRB

Tuaisceart Éireann

GBRC

An Ghréig

GRC

An Ungáir

HUN

Éire

IRL

An Íoslainn

ISL

An Iodáil

ITA

An Liotuáin

LTU

Lucsamburg

LUX

An Laitvia

LVA

Málta

MLT

An Ísiltír

NLD

An Iorua

NOR

An Pholainn

POL

An Phortaingéil

PRT

An Rómáin

ROU

Poblacht na Slóvaice

SVK

An tSlóivéin

SVN

An tSualainn

SWE

An Tuirc

TUR

B.   AN MODH LEIS NA SONRAÍ A THARCHUR CHUIG AN gCOIMISIÚN EORPACH

A mhéid is féidir, ba cheart na sonraí a tharchur i bhformáid leictreonach (mar shampla, mar cheangaltán ríomhphoist).

I gcás nach féidir sin a dhéanamh, glacfar leis an gcomhad ar dhiosca bog 3,5" HD.


IARSCRÍBHINN VII

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93 ón gComhairle

(IO L 186, 28.7.1993, lch. 1)

 

Pointe X.6 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994

(IO C 241, 29.8.1994, lch. 189)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1636/2001 ón gCoimisiún

(IO L 222, 17.8.2001, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

Airteagal 3 agus pointe 44 d'Iarscríbhinn III amháin

Pointe 10.9 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003

(IO L 236, 23.9.2003, lch. 571)

 


IARSCRÍBHINN VIII

Tábla comhghaoil

Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6(1) agus (2)

Airteagal 6(1) agus (2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(3)

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII