4.2.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/56


RIALACHÁN (CE) Uimh. 81/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Eanáir 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 maidir le húsáid an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) de réir Chód Teorainneacha Schengen

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 62(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2) leagtar síos na coinníollacha, na critéir agus na rialacha mionsonraithe a rialaíonn seiceálacha ag láithreacha trasnaithe teorann agus faireachas ag an teorainn, lena n-áirítear seiceálacha i gCóras Faisnéise Schengen.

(2)

Tá sé d'aidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (3) cur chun feidhme an chomhbheartais víosaí a fheabhsú. Foráiltear leis freisin go n-áireofar éascú seiceálacha ag láithreacha trasnaithe teorann seachtraí agus an comhrac i gcoinne na calaoise i gcuspóirí an VIS araon.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 leagtar síos critéir agus coinníollacha cuardaigh maidir le rochtain na n-údarás inniúil, chun seiceálacha a dhéanamh ag láithreacha trasnaithe teorann seachtraí, ar shonraí chun céannacht sealbhóirí víosaí mar aon le barántúlacht víosaí a fhíorú agus chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hiontráil, agus chun duine ar bith a shainaithint nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh iontrála, fanachta ná cónaithe ar chríoch na mBallstát, nó nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a thuilleadh.

(4)

Ós rud é gur le fíorú méarlorg amháin a fhéadfar a dhearbhú go cinnte gurb ionann duine ar mian leis teacht isteach i limistéar Schengen agus an duine ar eisíodh an víosa dó, ba cheart foráil a dhéanamh d'úsáid an VIS ag teorainneacha seachtracha.

(5)

Chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha iontrála do náisiúnaigh tríú tíortha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus chun a gcúraimí a bhainistiú go rathúil, ba cheart go n-úsáidfeadh gardaí teorann an fhaisnéis go léir is gá agus atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí a fhéadfar a cheadú sa VIS.

(6)

Ionas nach mbeifear ag teacht timpeall ar láithreacha trasnaithe teorann ag a mbeidh an VIS in úsáid agus chun a éifeachtacht iomlán a ráthú, tá gá ar leith leis an VIS a úsáid ar bhonn comhchuibhithe agus seiceálacha iontrála ag na teorainneacha seachtracha á ndéanamh.

(7)

Ós rud é, i gcás ina ndéantar iarratais ar víosa arís is arís eile, gur cuí sonraí bithmhéadracha a athúsáid agus a chóipeáil ón gcéad iarratas ar víosa sa VIS, ba cheart gurb éigeantach an VIS a úsáid le haghaidh seiceálacha iontrála ag na teorainneacha seachtracha.

(8)

Ba cheart gur cuardach córasach sa VIS, ag baint úsáide as uimhir an ghreamáin víosa i dteannta le fíorú na méarlorg, a bheadh i gceist le húsáid an VIS. Mar sin féin, mar gheall ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cuardaigh den sórt sin ar amanna feithimh ag láithreacha trasnaithe teorann, ba cheart go mbeadh sé indéanta, ar feadh idirthréimhse de mhaolú ar na gnáthrialacha agus in imthosca a bheidh sainmhínithe go soiléir, an VIS a cheadú gan fíorú córasach na méarlorg a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbaintear úsáid as an maolú sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha lena aghaidh go hiomlán agus go gcoinnítear tréimhse agus minicíocht chur i bhfeidhm an mhaolaithe sin chomh gearr agus chomh híseal agus is féidir ag na láithreacha éagsúla trasnaithe teorann.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, sin Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 a leasú dá réir sin.

(10)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na rialacha is infheidhme a bhunú maidir le húsáid an VIS ag na teorainneacha seachtracha, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(11)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus a léirítear sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chomh maith.

(12)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhóralacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin i gcur chun feidhme, i gcur i bhfeidhm agus i bhforbairt acquis Schengen (4), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 (5) maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

(13)

Maidir leis an Eilvéis, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i gcur chun feidhme, i gcur i bhfeidhm agus i bhforbairt acquis Schengen (6), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (7).

(14)

Maidir le Lichtinstéin, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i gcur chun feidhme, i gcur i bhfeidhm agus i bhforbairt acquis Schengen (8), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle (9).

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus dá bhrí sin níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ba cheart don Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal sin, a chinneadh laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an Rialachán seo a ghlacadh cibé an gcuirfidh sí chun feidhme é ina dlí náisiúnta nó nach gcuirfidh.

(16)

Is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (10). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(17)

Is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (11). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir, gníomh atá sa Rialachán seo a chuireann le acquis Schengen nó a bhfuil baint aige ar shlí eile leis de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003.

(19)

Gníomh atá sa Rialachán seo a chuireann le acquis Schengen nó a bhfuil baint aige ar shlí eile leis de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú

Leasaítear Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 leis seo mar a leanas:

1)

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach tar éis phointe (a):

“(aa)

má bhíonn víosa dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) ina sheilbh ag náisiúnach de thríú tír, is éard a bheidh sna seiceálacha críochnúla ar iontráil go bhfíorófar céannacht shealbhóir an víosa agus barántúlacht an víosa, trí bhíthin an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (12);

(ab)

de mhaolú air sin, más i gcás:

(i)

inarb ann don oiread sin tráchta agus go mbeidh an t-am feithimh ag an láthair trasnaithe teorann iomarcach;

(ii)

ina mbeidh na hacmhainní go léir ídithe a mhéid a bhaineann le foireann, saoráidí agus eagar; agus

(iii)

ar bhonn measúnuithe, nach ann d'aon bhaol a bhaineann le slándáil inmheánach agus le hinimirce mhídhleathach,

féadfar an VIS a cheadú ag baint úsáide as uimhir an ghreamáin víosa i ngach cás agus, ar bhonn randamach, uimhir an ghreamáin víosa i dteannta le fíorú méarlorg.

I ngach cás ina mbeidh amhras faoi chéannacht shealbhóir an víosa agus/nó faoi bharántúlacht an víosa, áfach, déanfar an VIS a cheadú go córasach ag baint úsáide as uimhir an ghreamáin víosa i dteannta le fíorú méarlorg.

Ní fhéadfar an maolú seo a chur i bhfeidhm ach amháin ag an láthair trasnaithe teorann lena mbaineann fad a chomhlíonfar na coinníollacha thuasluaite;

(ac)

is é an garda teorann a bheidh i gceannas ag an láthair trasnaithe teorann a dhéanfaidh an cinneadh an VIS a cheadú i gcomhréir le pointe (ab), nó is ar leibhéal níos airde a dhéanfar an cinneadh sin.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra láithreach faoi aon chinneadh den sórt sin do na Ballstáit eile agus don Choimisiún;

(ad)

tarchuirfidh gach Ballstát tuarascáil ar fheidhmiú phointe (ab) uair sa bhliain chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiún, agus beidh líon na náisiúnach de thríú tíortha a seiceáladh sa VIS trí úsáid a bhaint as uimhir an ghreamáin víosa amháin mar aon le fad an ama feithimh dá dtagraítear i bpointe (ab)(i) sa tuarascáil sin;

(ae)

beidh feidhm ag pointe (ab) agus ag pointe (ac) ar feadh uastréimhse trí bliana, dar tosach trí bliana tar éis don VIS tosú i mbun oibríochta. Tarchuirfidh an Coimisiún, roimh dheireadh an dara bliain a gcuirfear pointe (ab) agus pointe (ac) i bhfeidhm, meastóireacht ar chur chun feidhme na bpointí sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ar bhonn na meastóireachta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle iarraidh ar an gCoimisiún leasuithe cuí ar an Rialachán seo a mholadh.

2)

Cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag deireadh phointe (c)(i):

“féadfaidh sé go gceadófar an VIS san fhíorú sin i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”.

3)

Cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

“(d)

chun duine ar bith a shainaithint nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha le haghaidh iontrála, fanachta nó cónaithe i gcríoch na mBallstát, féadfar an VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón bhfichiú lá tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 48(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Eanáir 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VONDRA


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Samhain 2008.

(2)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

(3)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.

(4)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(6)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(7)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(8)  Doiciméad 16462/06 ón gComhairle; inrochtana ar http://register.consilium.europa.eu.

(9)  IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.

(10)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(11)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

(12)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.”.