4.2.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/47


RIALACHÁN (CE) Uimh. 80/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Eanáir 2009

maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71 agus Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is rannchuidiú mór é Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle an 24 Iúil 1989 maidir le cód iompraíochta do chórais áirithinte ar ríomhairí (4) le coinníollacha córa agus neamhchlaonta a áirithiú i gcomhair aeriompróirí i gcórais áirithinte ar ríomhairí (dá ngairfear “CAR” anseo feasta), agus sa chaoi sin cosnaítear leasanna tomhaltóirí.

(2)

Úsáidtear CAR chun cuid shuntasach d’áirithintí aerlíne a dhéanamh fós.

(3)

Fágann na forbairtí sa teicneolaíocht agus sa mhargadh gur féidir simpliú suntasach a dhéanamh ar an réim reachtach trí bhreis solúbthachta a thabhairt do dhíoltóirí na gcóras agus d’aeriompróirí táillí áirithinte agus sonraí táillí a chaibidil. Ba cheart go bhfágfadh sé seo go bhféadfaidh siad iad féin a chur in oiriúint i slí sholúbtha do riachtanais agus d’iarrataí na ngníomhairí taistil agus na dtomhaltóirí agus a dtáirgí iompair a dháileadh ar shlí níos éifeachtaí.

(4)

Dá ainneoin sin, is gá forálacha áirithe a choimeád i gcás na gCAR sa mhargadh mar atá sé faoi láthair, a mhéid atá táirgí iompair i gceist iontu, d’fhonn mí-úsáid iomaíochta a chosc agus a áirithiú go soláthraítear faisnéis neodrach do na tomhaltóirí.

(5)

I gcás go ndiúltaíonn na máthair-iompróirí an fhaisnéis chéanna a sholáthar maidir le sceidil, táillí agus infhaighteacht do chórais eile seachas dá gcórais féin nó glacadh le háirithintí arna ndéanamh ar na córais sin, d’fhéadfaí an iomaíocht idir na CAR a shaobhadh go mór.

(6)

Is gá iomaíocht éifeachtach a chothabháil idir iompróirí rannpháirteacha agus máthair-iompróirí agus urraim do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú i measc aeriompróirí beag beann ar a rannpháirtíocht sa CAR.

(7)

Ba cheart go mbeadh máthair-iompróirí faoi réir rialacha sonracha d’fhonn téarmaí iomaíochta trédhearcacha agus inchomparáide a áirithiú sa mhargadh.

(8)

Ba cheart do na díoltóirí córais na CAR a scaradh go soiléir ó aon chóras áirithinte inmheánach nó aon chineál eile córais áirithinte de chuid aon aerlíne agus staonadh ó shaoráidí dáileacháin a chur in áirithe dá máthair-iompróirí, d’fhonn a sheachaint go mbeadh rochtain phribhléideach ag máthair-iompróir na CAR.

(9)

Chun leasanna tomhaltóirí a chosaint, is gá céadtaispeáint neamhchlaonta a chur i láthair úsáideoirí CAR agus a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis maidir leis na hiompróirí rannpháirteacha uile inrochtana go cothrom ionas nach dtaobhófar le hiompróir rannpháirteach amháin seachas le hiompróir rannpháirteach eile.

(10)

Méadaíonn úsáid taispeána neamhchlaonta trédhearcacht na dtáirgí agus na seirbhísí iompair a chuireann na hiompróirí rannpháirteacha ar fáil agus cuireann sé go mór le muinín an tomhaltóra.

(11)

Ba cheart go n-áiritheodh na díoltóirí córais go bhfuil na sonraí maidir le margú CAR ar fáil do gach iompróir rannpháirteach gan aon idirdhealú, agus níor cheart go mbeadh soláthraithe iompair ábalta sonraí den sórt sin a úsáid chun tionchar míchuí a bheith acu ar rogha an ghníomhaire taistil ná ar rogha an tomhaltóra.

(12)

D’fhéadfadh comhaontú nó comhaontuithe idir na sínitheoirí agus an díoltóir córais ar Shonraí maidir le Faisnéis Margaíochta ar Téip (“MIDT”) scéim cúitimh i bhfabhar na sínitheoirí a chur san áireamh.

(13)

Ba cheart soláthar faisnéise maidir le seirbhísí iarnróid agus le seirbhísí iarnróid-aeir a éascú ar na taispeáintí CAR.

(14)

De réir Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (athmhúnlú) (5), ní mór d’aeriompróirí a dtáillí ina gcuimsítear na cánacha, na muirir, na formhuirir agus na táillí dosheachanta agus intuartha go léir a fhoilsiú. Ba cheart go dtabharfadh taispeáintí CAR faisnéis faoi tháillí ina gcuimsítear na catagóirí céanna praghsanna chun a áirithiú gur féidir le gníomhairí taistil an fhaisnéis sin a thabhairt dá gcliaint.

(15)

Ba cheart go mbeadh faisnéis faoi sheirbhísí bus i gcomhair táirgí aeriompair nó táirgí iompair ar iarnród a ionchorpraítear taobh le táirgí aeriompair ar taispeáint as seo amach sa phríomhthaispeáint CAR.

(16)

Ba cheart spreagadh a thabhairt do CARanna faisnéis shothuigthe a chur ar fáil, as seo amach, maidir le hastuithe CO2 agus maidir leis an ídiú breosla don eitilt. D’fhéadfaí é sin a chur in iúl trí shonraí maidir le meán-ídiú breosla in aghaidh an duine i lítear/100km agus na meán-astuithe CO2 in aghaidh an duine i g/km agus d’fhéadfaí é sin a chur i gcomparáid leis na sonraí maidir leis an nasc traenach/bus comhroghnach is fearr do thurais a mhaireann níos lú ná cúig uair an chloig.

(17)

Ba cheart caitheamh le haeriompróirí ón gComhphobal agus ó thríú tíortha ar an tslí chéanna maidir le seirbhísí CAR.

(18)

D’fhonn cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí forfheidhmithe iomchuí ag an gCoimisiún, lena n-áirítear an deis sáruithe a iniúchadh, cibé ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearáin, chun ordú a thabhairt do na gnóthais lena mbaineann deireadh a chur le sáruithe den sórt sin, agus fíneálacha a fhorchur.

(19)

Ba cheart don Choimisiún monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo go tráthrialta agus go háirithe maidir lena éifeachtacht chun cleachtais frithiomaíochta agus cleachtais idirdhealaithe a chosc i margadh an dáileacháin seirbhísí taistil trí CAR, ó tharla, go háirithe, go bhfuil iompróirí ann a mbíonn dlúthnaisc acu le díoltóirí córais.

(20)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh. Comhlánaíonn an Rialachán seo na rialacha ginearálta iomaíochta, a fhanann infheidhme go hiomlán maidir le mí-úsáidí iomaíochta, amhail sáruithe i gcoinne trusta nó mí-úsáidí maidir leis an gceannasacht.

(21)

Is í Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (6) a rialaíonn cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Is sonrú agus comhlánú ar Threoir 95/46/CE forálacha an Rialacháin seo maidir le gníomhaíochtaí CAR.

(22)

Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ROINN 1

FORÁLACHA TOSAIGH

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Beidh an Rialachán seo infheidhme maidir le haon chóras áirithinte ar ríomhairí (“CAR”), a mhéid atá táirgí aeriompair i gceist, nuair a thairgtear é lena úsáid sa Chomhphobal nó nuair a úsáidtear é sa Chomhphobal.

Beidh an Rialachán seo infheidhme freisin maidir le táirgí iompair ar iarnród, a ionchorpraítear taobh leis na táirgí aeriompair ar phríomhthaispeáint CAR, nuair a thairgtear é lena úsáid sa Chomhphobal nó nuair a úsáidtear é sa Chomhphobal.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn “táirge iompair” iompar paisinéara idir dhá aerfort nó dhá stáisiún traenach;

2.

ciallaíonn “aersheirbhís sceidealta” sraith eitiltí ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas:

(a)

i gcás gach eitilte tá suíocháin agus/nó cumas iompair lasta agus/nó poist ar fáil le ceannach go leithleach ag an bpobal (díreach ón aeriompróir nó óna ghníomhairí údaraithe);

(b)

oibrítear an tseirbhís chun freastal ar thrácht idir an dá aerfort chéanna nó níos mó cibé:

de réir amchláir foilsithe; nó

trí eitiltí atá chomh rialta nó chomh minic sin gur léir gurb ionann iad agus sraith chórasach;

3.

ciallaíonn “táillí” na praghsanna atá le híoc ag paisinéirí le haeriompróirí, le hoibreoirí iompair ar iarnród, lena ngníomhairí nó le díoltóirí eile ticéad chun na paisinéirí sin a iompar ar sheirbhísí iompair agus aon choinníollacha atá i bhfeidhm maidir leis na praghsanna sin, lena n-áirítear luach saothair agus coinníollacha arna dtairiscint do sheirbhísí gníomhairí agus do sheirbhísí cúnta eile;

4.

ciallaíonn “córas áirithinte ar ríomhairí” nó “CAR” córas ríomhairithe ar a bhfuil faisnéis maidir le, inter alia, sceidil, infhaighteacht agus táillí, a bhaineann le níos mó ná aeriompróir amháin, cibé an ngabhann saoráidí chun áirithintí a dhéanamh nó chun ticéid a eisiúint leo nó nach ngabhann, a mhéid a chuirtear roinnt de na seirbhísí sin nó na seirbhísí go léir ar fáil do shínitheoirí;

5.

ciallaíonn “díoltóir córais” aon eintiteas agus a chleamhnaithe atá freagrach as CAR a oibriú nó a mhargú;

6.

ciallaíonn “saoráidí dáileacháin” saoráidí arna soláthar ag díoltóir córais chun faisnéis a chur ar fáil faoi aeriompróirí agus faoi oibreoirí iompair ar iarnród agus faoina sceidil, faoina n-infhaighteacht, faoina dtáillí agus faoina seirbhísí gaolmhara agus chun áirithintí a dhéanamh agus/nó ticéid a eisiúint, agus i gcomhair aon seirbhísí gaolmhara eile;

7.

ciallaíonn “máthair-iompróir” aon aeriompróir nó oibreoir iompair ar iarnród a rialaíonn go díreach nó go hindíreach, ina aonar nó i gcomhpháirt le daoine eile, nó a ghlacann páirt sa chaipiteal agus cearta nó ionadaíocht aige ar an mbord stiúrthóirí, ar an mbord maoirseoireachta nó ar aon chomhlacht ceannais eile de chuid díoltóra córais, chomh maith le haon aeriompróir nó oibreoir iompair ar iarnród arna rialú aige;

8.

ciallaíonn “rannpháirtíocht i gcaipiteal agus cearta nó ionadaíocht aige ar an mbord stiúrthóirí, ar an mbord maoirseoireachta nó ar aon chomhlacht ceannais eile de chuid díoltóra córais” infheistíocht lena gceanglaítear cearta nó ionadaíocht ar an mbord stiúrthóirí, ar an mbord maoirseoirseachta nó ar aon chomhlacht ceannais eile de chuid díoltóra córais, agus a thugann an deis tionchar cinntitheach a fheidhmiú, ina aonar nó i gcomhpháirt le daoine eile, ar reachtáil ghnó an díoltóra córais;

9.

ciallaíonn “rialú” caidreamh bunaithe ar chearta, ar chonarthaí nó ar aon mhodh eile a thugann an deis, cibé ina aonar nó i gcomhpháirt agus ag féachaint do chúrsaí fíorais nó dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar ghnóthas, agus go háirithe:

(a)

trí úinéireacht ar chuid de shócmhainní gnóthais nó sócmhainní uile gnóthais nó tríd an gceart chun cuid de shócmhainní gnóthais nó sócmhainní uile gnóthais a úsáid;

(b)

trí chearta nó conarthaí a thugann tionchar cinntitheach ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí orgáin gnóthais;

10.

ciallaíonn “iompróir rannpháirteach” aeriompróir nó oibreoir iompair ar iarnród a bhfuil comhaontú aige le díoltóir córais maidir le dáileadh táirgí iompair trí CAR;

11.

ciallaíonn “sínitheoir” duine nó gnóthas, seachas iompróir rannpháirteach, a úsáideann CAR faoi chonradh le díoltóir córais, d’fhonn áirithintí a dhéanamh ar tháirgí aeriompair agus ar tháirgí gaolmhara thar ceann cliaint;

12.

ciallaíonn “príomhthaispeáint” taispeáint neodrach chuimsitheach sonraí a bhaineann le seirbhísí iompair idir phéirí cathracha, laistigh de thréimhse ama shonraithe;

13.

ciallaíonn “ticéad” doiciméad bailí a thugann teideal chun iompair, nó a choibhéis i bhfoirm nach páipéar é, arna eisiúint nó arna údarú ag an aeriompróir, ag an oibreoir iompair ar iarnród nó ag gníomhaire údaraithe;

14.

ciallaíonn “táirge cuachta” iompar i dteaglaim réamhshocraithe le seirbhísí eile nach seirbhísí cúnta iompair iad agus an táirge á tairiscint ar phraghas cuimsitheach;

15.

ciallaíonn “táille áirithinte” an praghas atá le híoc ag aeriompróirí le díoltóirí córais le haghaidh na seirbhísí arna soláthar ag an CAR.

ROINN 2

RIALACHA IOMPRAÍOCHTA DO DHÍOLTÓIRÍ CÓRAIS

Airteagal 3

Caidreamh le soláthraithe iompair

1.   Ní dhéanfaidh díoltóir córais:

(a)

coinníollacha míchothroma agus/nó coinníollacha nach mbeidh údar leo a chur le haon chonradh le hiompróir rannpháirteach nó a cheangal go nglacfaidh iompróir rannpháirteach le coinníollacha forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna gcineál nó ó ghnás na tráchtála, le rannpháirtíocht ina CAR;

(b)

a chur mar choinníoll chun a bheith rannpháirteach ina CAR nach bhféadfaidh iompróir rannpháirteach a bheith rannpháirteach an tráth céanna i gcóras eile nó nach bhféadfaidh iompróir rannpháirteach córais áirithinte mhalartacha, amhail a chóras áirithinte Idirlín féin agus a ionaid ghlaonna féin, a úsáid gan bhac.

2.   Lódálfaidh agus próiseálfaidh díoltóir córais na sonraí arna soláthar ag na hiompróirí rannpháirteacha go léir leis an gcúram céanna agus leis an tráthúlacht chéanna, faoi réir na srianta sin amháin a bhaineann leis an modh lódála arna roghnú ag na hiompróirí éagsúla rannpháirteacha.

3.   Nochtfaidh díoltóir córais go poiblí, mura bhfoilsítear ar shlí phoiblí eile é, má bhíonn sealbhán caipitil, díreach nó indíreach ag aeriompróir nó ag oibreoir iompair ar iarnród i ndíoltóir córais, nó má bhíonn sealbhán den sórt sin ag díoltóir córais in aeriompróir nó in oibreoir iompair ar iarnród, agus nochtfaidh sé méid an tsealbhán sin.

Airteagal 4

Saoráidí dáileacháin

1.   Ní chuirfidh díoltóir córais aon nós imeachta lódála agus/nó próiseála, aon saoráid dáileacháin eile, ná aon athruithe orthu sin, in áirithe d’iompróir rannpháirteach amháin nó do níos mó ná iompróir rannpháirteach amháin lena n-áirítear a mháthair-iompróir nó a mháthair-iompróirí. Cuirfidh an díoltóir córais faisnéis ar fáil do na hiompróirí rannpháirteacha uile maidir le hathruithe ar a shaoráidí dáileacháin agus ar a nósanna imeachta lódála/próiseála.

2.   Áiritheoidh díoltóir córais go bhfuil a shaoráidí dáileacháin scartha, trí mheán bogearraí ar a laghad agus i slí shoiléir agus infhíoraithe, ó fhardal príobháideach aon iompróra agus ó shaoráidí bainistíochta agus margaíochta aon iompróra.

Airteagal 5

Taispeáintí

1.   Soláthróidh díoltóir córais príomhthaispeáint nó príomhthaispeáintí i gcomhair gach idirbhirt ar leith trína CAR agus áireoidh sé ann na sonraí arna soláthar ag iompróirí rannpháirteacha i slí neodrach agus chuimsitheach agus gan idirdhealú ná gan chlaontacht. Ní bhunófar na critéir a úsáidtear i gcomhair tosaíochta ar aon fhachtóir a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le céannacht iompróra agus cuirfear i bhfeidhm iad ar shlí neamh-idirdhealaitheach maidir le gach iompróir rannpháirteach. Ní chuirfidh an príomhthaispeáint nó na príomhthaispeáintí an t-úsáideoir ar mhíthreoir, beidh rochtain orthu go héasca agus urramófar na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.   I gcás faisnéise arna soláthar ag CAR don tomhaltóir, úsáidfidh sínitheoir taispeáint neodrach i gcomhréir le mír 1 mura mbeidh taispeáint eile ag teastáil chun rogha an tomhaltóra a shásamh.

3.   Ní foláir eitiltí arna n-oibriú ag aeriompróirí atá faoi réir coisc ar a n-oibriú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bhunú atá faoi réir cosc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra (7) a shainaithint go soiléir agus go sonrach ar an taispeáint.

4.   Tabharfaidh an díoltóir córais siombail shonrach isteach ar thaispeáint an CAR a bheidh inaitheanta ag na húsáideoirí chun críocha na faisnéise ar chéannacht an aeriompróra oibríochta dá bhforáiltear faoi Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le CAR arna úsáid ag aeriompróir, nó ag oibreoir iompair ar iarnród, nó ag grúpa aeriompróirí, nó ag grúpa oibreoirí iompair ar iarnród, ina n-oifig nó ina n-oifigí féin nó ag na cuntair díolacháin nó ar a láithreáin ghréasáin féin agus a bheidh sainaitheanta go soiléir amhlaidh.

Airteagal 6

An gaol le sínitheoirí

1.   Ní cheanglóidh díoltóir córais coinníollacha míchothroma agus/nó coinníollacha nach mbeidh údar leo le conradh a chomhaontaítear le sínitheoir, amhail sínitheoir a chosc ó shuibscríobh d’aon chóras nó córais eile ná é nó iad a úsáid, a cheanglódh coinníollacha forlíontacha nach bhfuil aon bhaint acu le suibscríobh ina CAR a ghlacadh, nó oibleagáid a fhorchur gur gá glacadh le tairiscint maidir le trealamh teicniúil nó le bogearraí.

2.   I gcás inar fiontar féinrialaitheach an sínitheoir a fhostaíonn níos lú ná 50 duine agus nach dtéann a láimhdeachas bliantúil agus/nó a chlár comhardaithe bliantúil thar EUR 10 milliún, féadfaidh sé a chonradh leis an díoltóir córais a fhoirceannadh trí fhógra, nach gá dó dul thar trí mhí, a thabhairt, is fógra nach rachaidh in éag roimh dheireadh chéad bliana an chonartha sin. I gcás dá leithéid, ní bheidh díoltóir córais i dteideal níos mó ná na costais a bhaineann go díreach le foirceannadh an chonartha a ghnóthú.

Airteagal 7

Sonraí maidir le Faisnéis Margaíochta ar Téip (“MIDT”)

1.   Féadfaidh na díoltóirí córais aon sonraí ar mhargaíocht, áirithintí agus díolacháin a chur ar fáil ar choinníoll go dtairgtear sonraí den sórt sin leis an tráthúlacht chéanna agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do na hiompróirí rannpháirteacha go léir, agus dá máthair-iompróirí. Féadfaidh na sonraí baint a bheith acu leis na hiompróirí rannpháirteacha go léir agus/nó na sínitheoirí go léir agus, arna iarraidh sin, beidh baint acu leo.

2.   Ní bhainfidh iompróirí rannpháirteacha úsáid as sonraí den sórt sin chun tionchar a imirt ar rogha an tsínitheora.

3.   I gcás ina n-eascraíonn sonraí den sórt sin as an úsáid a bhaineann sínitheoir atá bunaithe sa Chomhphobal as saoráidí dáileacháin CAR, ní áireofar ann aon shonraí lena n-aitheanfaí go díreach ná go hindíreach an sínitheoir sin mura n-aontaíonn an sínitheoir agus an díoltóir córais ar na coinníollacha maidir le húsáid iomchuí sonraí den sórt sin. Tá feidhm aige seo freisin maidir le sonraí den sórt seo a chuireann díoltóirí córais ar fáil do pháirtí eile lena n-úsáid ag an bpáirtí sin seachas le haghaidh socraíochta billeála.

4.   Cuirfear ar fáil don phobal aon socrú nó socruithe idir sínitheoir nó sínitheoirí agus díoltóir córais nó díoltóirí córais maidir leis an MIDT.

Airteagal 8

Cóir choibhéiseach i dtríú tíortha

1.   Gan dochar do chomhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an Comhphobal nó na Ballstáit, i gcás nach gcaitheann díoltóir córais le haeriompróirí Comhphobail atá ag feidhmiú i dtríú tír mar a chaitear le hiompróirí rannpháirteacha an tríú tír maidir le haon ábhar atá sa Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar na díoltóirí córais go léir atá ag feidhmiú sa Chomhphobal caitheamh le haeriompróirí an tríú tír sin ar an gcaoi chéanna agus a chaitear le haeriompróirí Comhphobail sa tríú tír sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar chóir idirdhealaitheach nó neamhchoibhéiseach arna chur i bhfeidhm ar aeriompróirí an Chomhphobail ag díoltóirí córais i dtríú tíortha. Ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar na cásanna ionchasacha idirdhealaithe in aghaidh iompróirí Comhphobail i gCAR tríú tíortha. I gcás ina n-aimseofar idirdhealú den sórt sin, sula ndéanfaidh sé cinneadh, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit agus páirtithe leasmhara ar an eolas agus lorgóidh sé a mbarúlacha, lena n-áirítear trí chruinniú de shaineolaithe ábhartha ó na Ballstáit a thionól.

ROINN 3

RIALACHA IOMPRAÍOCHTA DO SHOLÁTHRAITHE IOMPAIR

Airteagal 9

Sonraí arna soláthar ag iompróirí rannpháirteacha

Áiritheoidh na hiompróirí rannpháirteacha, agus na hidirghabhálaithe a láimhseálann na sonraí, go bhfuil na sonraí a chuireann siad isteach ar CAR cruinn agus go bhfágann na sonraí go bhféadfaidh an díoltóir córais na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a urramú.

Airteagal 10

Rialacha sonracha maidir le máthair-iompróirí

1.   Ní fhéadfaidh máthair-iompróir, faoi réir an chómhalartaithe dá dtagraítear i mír 2, idirdhealú a dhéanamh in aghaidh CAR atá in iomaíocht leis trí dhiúltú, arna iarraidh sin dó agus le tráthúlacht chomhionann, na sonraí céanna a sholáthar maidir le sceidil, táillí agus infhaighteacht a bhaineann lena tháirgí iompair féin agus a sholáthraíonn sé dá CAR féin a sholáthar nó a tháirgí iompair a dháileadh trí CAR eile, nó trí dhiúltú áirithint arna déanamh trí CAR atá in iomaíocht leis a ghlacadh ná a dhaingniú leis an tráthúlacht chéanna d’aon cheann dá tháirgí iompair agus a dháiltear trína CAR féin. Beidh sé d’oibleagáid ar an máthair-iompróir na háirithintí sin amháin atá ar comhréir lena tháillí agus lena choinníollacha a ghlacadh agus a dhaingniú.

2.   Ní dhiúltóidh CAR atá in iomaíocht leis sonraí maidir le hamchláir, táillí agus suíocháin infhaighte a stóráil i ndáil le seirbhísí iompair arna dtairscint ag máthair-iompróir agus lódálfaidh agus próiseálfaidh sé sonraí leis an gcúram céanna agus leis an tráthúlacht chéanna a chuirtear ar fáil dá chustaiméirí agus dá shínitheoirí eile ar aon cheann de na margaí, faoi réir na srianta sin amháin a bhaineann leis an modh lódála arna roghnú ag na hiompróirí aonair.

3.   Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an máthair-iompróir glacadh le haon chostas i ndáil leis sin, ach amháin i gcás athsholáthar na sonraí a bheidh le soláthar agus i gcás áirithintí atá glactha. Beidh an táille áirithinte, a bheidh iníoctha le CAR, maidir le háirithint atá glactha agus a rinneadh i gcomhréir le mír 1, ar comhréir leis an táille a ghearrfaidh an CAR céanna ar iompróirí rannpháirteacha eile maidir le hidirbhearta coibhéiseacha.

4.   Ní dhéanfaidh máthair-iompróir, go díreach ná go hindíreach, idirdhealú i bhfabhar a CAR féin tríd an úsáid a bhaineann sínitheoir as aon chóras shonrach CAR a nascadh le haon choimisiún nó le haon dreasacht nó dídhreasacht eile chun a tháirgí iompair a dhíol.

5.   Ní dhéanfaidh máthair-iompróir, go díreach ná go hindíreach, idirdhealú i bhfabhar a CAR féin trína cheangal go mbeidh ar shínitheoir CAR sonrach a úsáid i gcomhair ticéid a dhíol nó a eisiúint maidir le haon táirgí iompair arna soláthar ag an máthair-iompróir go díreach nó go hindíreach.

ROINN 4

COSAINT SONRAÍ PEARSANTA

Airteagal 11

Próiseáil agus stóráil sonraí pearsanta agus rochtain orthu

1.   Ní phróiseálfar sonraí pearsanta arna mbailiú le linn ghníomhaíochtaí CAR chun críoch áirithintí a dhéanamh nó ticéid a eisiúint i gcomhair táirgí iompair seachas ar bhealach atá comhoiriúnach leis na críocha seo. Maidir le próiseáil sonraí den sórt sin, glactar le díoltóir córais mar rialaitheoir sonraí i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Threoir 95/46/CE.

2.   Ní phróiseálfar sonraí pearsanta ach a mhéid atá gá le próiseáil chun conradh a shínigh ábhar na sonraí a chomhlíonadh nó d’fhonn bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag ábhar na sonraí sular shínigh sé nó sí an conradh.

3.   I gcás go bhfuil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear faoi Airteagal 8 de Threoir 95/46/CE i gceist, ní phróiseálfar sonraí den sórt sin ach amháin i gcás gur thug ábhar na sonraí a thoiliú nó a toiliú follasach ar bhonn eolasach do phróiseáil na sonraí sin.

4.   Déanfar faisnéis atá faoi rialú díoltóra córais agus a bhaineann le háirithintí inaitheanta ar leith a stóráil as líne laistigh de sheachtó a dó uaire an chloig ón tráth a chríochnaítear an ghné dheireanach den áirithint ar leith agus scriosfar an fhaisnéis sin laistigh de thrí bliana. Ní cheadófar rochtain ar shonraí den sórt sin ach ar chúiseanna gearáin maidir le billeáil amháin.

5.   Ní áireofar, go díreach ná go hindíreach, aitheantas daoine nádúrtha nó, i gcás inar iomchuí, aitheantas eagraíochtaí nó cuideachtaí a bhfuil siad ag gníomhú thar a gceann, in aon sonraí a chuirfidh díoltóir córais ar fáil maidir le margú, áirithintí agus díolachán.

6.   Arna iarraidh sin, cuirfidh sínitheoir in iúl don tomhaltóir ainm agus seoladh an díoltóra córais, cuspóirí na próiseála, an t-achar a choimeádfar sonraí pearsanta agus na modhanna atá ar fáil d’ábhar na sonraí maidir lena chearta nó a cearta rochtana a fheidhmiú.

7.   Beidh ábhar na sonraí i dteideal rochtain saor in aisce a fháil ar shonraí a bhaineann leis nó léi, ainneoin an bhfuil na sonraí stóráilte ag an díoltóir córais nó ag an sínitheoir.

8.   Tá na cearta a aithnítear san Airteagal seo mar chomhlánú agus mar bhreis ar chearta ábhar na sonraí atá leagtha síos le Treoir 95/46/CE, leis na forálacha náisiúnta ar glacadh leo dá bhun agus leis na forálacha a ghabhann le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí an Comhphobal iontu.

9.   Sonrú agus comhlánú ar Threoir 95/46/CE atá i bhforálacha an Rialacháin seo chun na gcríoch a luaitear in Airteagal 1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, beidh feidhm ag na sainmhínithe sa Treoir sin. I gcás nach bhfuil feidhm ag na forálacha sonracha maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí CAR a leagtar síos san Airteagal seo, beidh an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha na Treorach sin, do na forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit dá bhun agus d’fhorálacha na gcomhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an Comhphobal.

10.   I gcás go n-oibríonn díoltóir córais bunachair sonraí i gcáileanna éagsúla amhail mar CAR nó mar óstach i gcás aerlínte, glacfar bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun nach dtiocfar timpeall ar na rialacha a bhaineann le cosaint sonraí tríd an idirnasc idir na bunachair sonraí, agus chun a áirithiú nach mbíonn rochtain ar shonraí pearsanta ach amháin don chríoch shonrach dár bailíodh iad.

ROINN 5

INIÚCHÓIREACHT

Airteagal 12

Iniúchóir agus tuairisc iniúchta

1.   Tíolacfaidh gach díoltóir córais tuarsacáil iniúchta neamhspleách, ina mbeidh tuairisc ar an struchtúr úinéireachta agus ar an múnla rialachais, gach ceithre bliana, agus ina theannta sin, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún. Is é an díoltóir córais a íocfaidh na costais a bhaineann leis an tuarscáil iniúchta.

2.   Cuirfidh an díoltóir córais céannacht an iniúchóra in iúl don Choimisiún sula ndaingneofar an ceapachán. Féadfaidh an Coimisiún agóid a dhéanamh, agus laistigh de dhá mhí agus tar éis dul i gcomhairle leis an iniúchóir, leis an díoltóir córais agus le haon pháirtí eile a éilíonn go bhfuil leas dlisteanach aige, cinnfidh sé an gcuirfear iniúchóir nua in ionad an iniúchóra.

ROINN 6

SÁRUITHE AGUS PIONÓIS

Airteagal 13

Sáruithe

Má shuíonn an Coimisiún, ag gníomhú dó i leith gearáin nó ar a thionscnamh féin, gur tharla sárú ar an Rialachán seo, féadfaidh sé, le cinneadh, a cheangal ar na gnóthais nó ar na comhlachais ghnóthas lena mbaineann deireadh a chur le sárú dá leithéid. Cuirfidh imscrúduithe i ndáil le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith déanta ar Rialachán torthaí aon fhiosrúcháin faoi Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh san áireamh go hiomlán.

Airteagal 14

Cumhachtaí imscrúdaithe

Chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó nó le cinneadh, a cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar, lena n-áirítear iniúchtaí sonracha, go háirithe ar shaincheisteanna arna gcumhdach le hAirteagal 4, Airteagal 7, Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo.

Airteagal 15

Fíneálacha

1.   Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó iad ná 10 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais ghnóthas sa chás go sáraíonn siad an Rialachán seo d’aonghnó nó go faillíoch.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó iad ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais ghnóthas sa chás go soláthraíonn siad, d’aonghnó nó go faillíoch, faisnéis atá mícheart nó neamhiomlán nó sa chás nach soláthraíonn siad an fhaisnéis laistigh den teorainn ama is gá de thoradh iarrata arna déanamh le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 14.

3.   Agus méid na bhfíneálacha á shocrú tabharfar aird ar thromaíocht agus ar fhad an tsáraithe.

4.   Ní bheidh fíneálacha de chineál coiriúil.

5.   Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneáil. Féadfaidh sí an fhíneáil a chealú, a ísliú nó a ardú.

Airteagal 16

Nósanna imeachta

1.   Sula ndéanfaidh an Coimisiún cinntí de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 15, eiseoidh sé ráiteas agóidí chuig na gnóthais nó chuig na comhlachais ghnóthas lena mbaineann agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur isteach i scríbhinn agus, arna iarraidh sin dóibh amhlaidh, ag éisteacht ó bhéal.

2.   Ní nochtfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis den chineál atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla agus a fuair sé de bhun an Rialacháin seo.

Déanfaidh aon duine a chuireann faisnéis isteach chuig an gCoimisiún faoin Rialachán seo aon ábhar a mheasann sé a bheith rúnda a shainaithint go soiléir, agus cúiseanna a thabhairt leis sin, agus soláthróidh sé nó sí leagan neamhrúnda ar leithligh faoin dáta a bheidh socraithe ag an gCoimisiún.

3.   I gcás go bhfuil an Coimisiún den tuairim nach bhfuil forais dhóthanacha ann, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh aige, chun gníomhú i leith gearáin, cuirfidh sé a chúiseanna leis sin in iúl don ghearánach agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a thabhairt le fios i scríbhinn.

Má thugann an gearánach a thuairimí le fios laistigh den teorainn ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún agus mura mbeidh mar thoradh ar na haighneachtaí i scríbhinn arna ndéanamh ag an ngearánach go ndéanfar measúnú éagsúil ar an ngearán, diúltóidh an Coimisiún don ghearán le cinneadh. Mura n-éiríonn leis an ngearánach a thuairimí a thabhairt le fios laistigh den teorainn ama atá socraithe ag an gCoimisiún, measfar gur tharraing an gearánaí siar an gearán.

Sa chás go n-eisíonn an Coimisiún ráiteas agóidí, soláthróidh sé don ghearánach cóip den leagan neamhrúnda agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a thabhairt le fios i scríbhinn.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcomhad do na páirtithe ar sheol sé ráiteas agóidí chucu agus don ghearánach, arna iarraidh sin dóibh amhlaidh. Tabharfar rochtain tar éis an ráiteas agóidí a fhógairt. Ní fholóidh an ceart rochtana ar an gcomhad rúin ghnó, faisnéis rúnda eile agus doiciméid inmheánacha an Choimisiúin.

5.   Má mheasann an Coimisiún go bhfuil gá leis, féadfaidh sé éisteacht a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile.

ROINN 7

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

Aisghairm

1.   Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89.

2.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus leifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 18

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn tráthrialta, monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, le cúnamh ó iniúchtaí sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 14. Déanfaidh sé scrúdú go háirithe ar cé chomh héifeachtach agus atá an Rialachán seo ó thaobh neamh-idirdhealú agus iomaíocht chothrom a áirithiú sa mhargadh le haghaidh seirbhísí CAR.

2.   Tuairisceoidh an Coimisiún, nuair is iomchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur i bhfeidhm Airteagal 8 maidir le cóir choibhéiseach i dtríú tíortha agus molfaidh sé aon bheart iomchuí chun coinníollacha idirdhealaitheacha a mhaolú, lena n-áirítear comhaontuithe déthaobhacha aeriompair idir an Comhphobal agus tríú tíortha eile a thabhairt i gcrích nó iad a mhodhnú.

3.   Faoin 29 Márta 2013, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina ndéanfar measúnú ar an ngá atá leis an Rialachán seo a choinneáil, a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 29 Márta 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Eanáir 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VONDRA


(1)  IO C 224, 30.8.2008, lch. 57.

(2)  IO C 233, 11.9.2008, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2008.

(4)  IO L 220, 29.7.1989, lch. 1.

(5)  IO L 293, 31.10.2008, lch. 3.

(6)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(7)  IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.


IARSCRÍBHINN I

RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE PRÍOMHTHAISPEÁINTÍ

1.   I gcás ina dtaispeántar praghsanna ar an bpríomhthaispeáint, agus/nó i gcás ina roghnaítear céimniú bunaithe ar phraghsanna, áireofar sna praghsanna na táillí mar aon leis na cánacha, na muirir, na formhuirir agus na táillí go léir is infheidhme atá le híoc leis an aeriompróir nó leis an oibreoir iompair ar iarnród agus atá dosheachanta agus intuartha ag an am a thaispeántar ar an taispeáint iad.

2.   Ní dhéanfar aon idirdhealú ar bhonn aerfort ná ar bhonn stáisiún traenach a fhónann don chathair chéanna agus táirgí iompair á dtógáil agus á roghnú maidir le dhá chathair ar leith a bheidh le háireamh sa phríomhthaispeáint.

3.   Ní foláir eitiltí nach aersheirbhísí sceidealta iad a shainaithint go soiléir. Beidh tomhaltóir i dteideal, arna iarraidh sin dó, príomhthaispeáint a bheidh teoranta do sheirbhísí sceidealta nó neamhsceidealta amháin a bheith aige.

4.   Ní foláir eitiltí ina ndéantar stadanna faoi bhealach a shainaithint go soiléir.

5.   I gcás gur aeriompróir eile a oibríonn an eitilt nach ionann agus an t-aeriompróir a shainaithnítear ag an sainchód iompróra, ní foláir oibreoir iarbhír na heitilte a shainaithint go soiléir. Beidh an ceanglas sin infheidhme maidir le gach cás, cé is moite de shocruithe gearrthéarmacha ad hoc.

6.   Ní chuirfear faisnéis maidir le táirgí cuachta ar an bpríomhthaispeáint.

7.   Ar rogha an tsínitheora, rangófar na roghanna taistil sa phríomhthaispeáint de réir táillí nó san ord seo a leanas:

(i)

roghanna taistil gan stad a rangófar de réir am imeachta;

(ii)

gach rogha taistil eile a rangófar de réir fhad iomlán an aistir.

8.   Ach amháin mar a fhoráiltear i bpointe 10, ní fhéadfar aon rogha taistil a leiriú níos mó ná uair amháin ar aon phríomhthaispeáint.

9.   I gcás ina rangaítear roghanna taistil i gcomhréir le pointe 7(i) agus (ii), agus i gcás go dtairgtear seirbhísí traenacha idir an dá chathair chéanna ar an CAR, beidh, ar a laghad, an tseirbhís traenach nó an tseirbhís aer-iarnróid leis an rangú is fearr ar an gcéad scáileán den phríomhthaispeáint.

10.   I gcás go n-oibríonn aeriompróirí faoi shocruithe cód-roinnte, ceadófar do gach aon cheann de na haeriompróirí lena mbaineann — nach mó ná dhá aeriompróir — taispeáint ar leith a bheith acu ina n-úsáidfaidh siad a sainchód iompróra leithleach féin. I gcás ina mbeidh níos mó ná dhá aeriompróir i gceist, is faoin iompróir atá ag oibriú na heitilte go hiarbhír a bheidh sé an dá iompróir a ainmniú.


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) 2299/89

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3(1) agus (2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(1)

Airteagal 3a

Airteagal 10(1) agus (3)

Airteagal 4(1)

Airteagal 9

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 3(2)

Airteagal 4a (1) agus (2)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4a(3)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4a(4)

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7 agus Airteagal 11

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 10(4) agus (5)

Airteagal 9

Airteagal 6

Airteagal 9a

Airteagal 5(2) agus Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 16(2)

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 15(1) go (4)

Airteagal 17

Airteagal 15(5)

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 16(1) agus (5)

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 21a

Airteagal 21b

Airteagal 22

Airteagal 11

Airteagal 23

Airteagal 18

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I