31.12.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

60


RIALACHÁIN (CE) Uimh. 1336/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2008

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 d'fhonn é a oiriúnú do Rialachán (CE) Uimh 1272/2008 maidir le haicmiú, le lipéadú agus le pacáistiú substaintí agus meascán

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, le lipéadú agus le pacáistiú substaintí agus meascán (3) foráiltear d'aicmiú agus do lipéadú substaintí agus meascán a chomhchuibhiú laistigh den Chomhphobal. Gabhfaidh an Rialachán sin ionad Threoir 67/548/CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1967 maidir le comhfhogasú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú substaintí contúirteacha (4) chomh maith le Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú na ndlíthe, na rialachán agus na forálacha riaracháin de chuid na mBallstát i ndáil le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú ullmhóidí contúirteacha (5).

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh 1272/2008 tógtar ar an taithí a fuarthas le Treoir 67/548/CEE agus le Treoir 1999/45/CE agus ionchorpraítear leis na critéir d'aicmiú agus do lipéadú substaintí agus meascán dá bhforáiltear leis an gCóras Comhchuibhithe Domhanda um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú (CCD) ar glacadh leis ar an leibhéal idirnáisiúnta, laistigh de struchtúr na Náisiún Aontaithe.

(3)

D'fhéadfaí forálacha áirithe maidir le haicmiú agus le lipéadú a leagtar síos i dTreoir 67/548/CEE agus i dTreoir 1999/45/CE a úsáid chun críche cur i bhfeidhm reachtaíochta eile Comhphobail, amhail Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh (6).

(4)

Tar éis anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí ionstraim eile in ionad Threoir 67/548/CEE agus Threoir 1999/45/CE agus dá dtabharfaí isteach critéir an CCD, thángthas ar an gconclúid go mba cheart raon feidhme an ghníomhartha sin a chothabháil trí na tagairtí do na Treoracha sin i Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 a oiriúnú.

(5)

Ba cheart go mbeadh an trasdul ó chritéir le haghaidh aicmiú atá i dTreoir 67/548/CEE agus i dTreoir 1999/45/CE tugtha i gcrích go hiomlán an 1 Meitheamh 2015. Is monaróirí, allmhaireoirí nó úsáideoirí iarmhartacha de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh 1272/2008 iad monaróirí glantach agus ba cheart, dá bhrí sin, go dtabharfaí an fhéidearthacht dóibh faoin Rialachán seo iad féin a choigeartú don trasdul sin laistigh d'amchlár cosúil leis an gceann dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh1272/2008.

(6)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 a leasú mar seo a leanas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 648/2004

Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an focal ‘meascán’ nó ‘meascáin’, faoi seach, in ionad ‘ullmhóid’ nó ‘ullmhóidí’ de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ina leagan an 30 Nollaig 2006, tríd an téacs;

(2)

i mír 1 d'Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Gan dochar d'Airteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, le lipéadú agus le pacáistiú substaintí agus meascán (*), déanfaidh monaróirí a chuirfidh substaintí agus/nó meascáin a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar an margadh, na nithe seo a leanas a chur ar láimh údarás inniúil na mBallstát:

(*)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1’;"

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(1):

‘1.   Ní dhéanfaidh mír 2 go mír 6 dochar do na forálacha i ndáil le haicmiú, le lipéadú agus le pacáistiú substaintí agus meascán i Rialachán (CE) Uimh 1272/2008.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe 2 agus ag pointe 3 d'Airteagal 1 ón 1 Meitheamh 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO C 120, 16.5.2008, lch. 50.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 28 Samhain 2008.

(3)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(4)  IO 196, 16.8.1967, lch. 1.

(5)  IO L 200, 30.7.1999, lch. 1.

(6)  IO L 104, 8.4.2004, lch. 1.

(7)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 136, 29.5.2007, lch. 3.