31.12.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

34


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1334/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2008

maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gá Treoir 88/388/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin atá le húsáid in earraí bia agus maidir le bunábhair chun iad a tháirgeadh (3) a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí teicniúla agus eolaíocha. Ar mhaithe le soiléireacht agus le héifeachtúlacht, ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Threoir 88/388/CEE.

(2)

Le Cinneadh 88/389/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir leis gCoimisiún a bunú fardail ag an gCoimisiún de na bunábhair agus de na substaintí a úsáidtear agus blastáin á n-ullmhú (4), foráiltear do bhunú an fhardail sin laistigh de 24 mhí ón dáta a nglacfar an Cinneadh. Tá an Cinneadh sin as feidhm anois agus ba cheart é a aisghairm.

(3)

Le Treoir 91/71/CEE ón gComhairle an 16 Eanáir 1991 lena gcomhlántar Treoir 88/388/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin atá le húsáid in earraí bia agus maidir le bunábhair chun iad a tháirgeadh (5), leagtar síos rialacha maidir le lipéadú blastán. Cuirtear an Rialachán seo in ionad na rialacha sin agus ba cheart an Treoir a aisghairm anois.

(4)

Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine na saoránach, agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha.

(5)

D’fhonn sláinte an duine a chosaint ba cheart go gcumhdódh an Rialachán seo blastáin, bunábhair do bhlastáin agus bianna a bhfuil blastáin iontu. Ba cheart go gcumhdódh sé freisin comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a chuirtear le bia, agus ar chun blas a chur ar an mbia is mó a dhéantar amhlaidh, agus a chuireann go mór le láithreacht substaintí neamh-inmhianaithe áirithe i mbia, ar substaintí iad a fhaightear go nádúrtha (dá ngairfear ‘comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu’ anseo feasta), a mbunábhar agus bianna a bhfuil siad iontu.

(6)

Earraí bia amha, nach ndearnadh aon chóireáil próiseála orthu agus earraí bia nach comhbhianna iad amhail luibheanna, spíosraí, taenna agus insiltí (e.g. tae torthaí nó tae luibhe) mar aon le meascáin de spíosraí agus/nó de luibheanna, meascáin tae agus meascáin le haghaidh insilte, fad a chaitear iad agus/nó nach gcuirtear leis an mbia iad, ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(7)

Úsáidtear blastáin chun boladh agus/nó chun blas bianna a fheabhsú nó a mhodhnú chun tairbhe an tomhaltóra. Níor cheart go n-úsáidfí blastáin ná comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu ach má chomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Caithfidh siad a bheith sábháilte agus iad á n-úsáid, agus dá bhrí sin ba cheart go ndéanfaí measúnú riosca orthu sula gceadófaí i mbia iad. I gcás inar féidir é, ba cheart aird a dhíriú cibé an mbeadh aon iarmhairtí diúltacha ann do ghrúpaí leochaileacha agus blastáin áirithe in úsáid. Níor cheart go gcuirfeadh úsáid blastán an tomhaltóir amú agus ba cheart, dá bhrí sin, go léireofaí i gcónaí le lipéadú iomchuí go bhfuil siad i mbia. Níor cheart go n-úsáidfí na blastáin ar shlí a chuirfeadh an tomhaltóir amú maidir le saincheisteanna a bhaineann, inter alia, le cineál, le húire, agus le cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, le nádúrthacht táirge nó le nádúrthacht an phróisis táirgthe, nó le cáilíocht cothúcháin an táirge. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, agus blastáin á bhformheas, na tosca eile atá ábhartha maidir leis an ábhar atá á mheas, lena n-áirítear tosca sochaíocha, eacnamaíocha, traidisiúnta, eitice agus comhshaoil, prionsabal an réamhchúraim agus a indéanta atá sé rialuithe a dhéanamh.

(8)

Ó 1999 i leith, tá a thuairimí tugtha uaidh ag an gCoiste Eolaíoch Bia agus ina dhiaidh sin ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia (6) faoi roinnt substaintí a fhaightear go nádúrtha i mbunábhair do bhlastáin agus faoi chomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu ar cúis imní iad ó thaobh na tocsaineolaíochta de, dar le Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa maidir le Substaintí Blaistithe. Ba cheart substaintí ar dhearbhaigh an Coiste Eolaíoch Bia gur cúis imní iad ó thaobh na tocsaineolaíochta, a mheas mar shubstaintí neamh-inmhianaithe nár cheart a chur le bia.

(9)

Toisc go bhfaightear go nádúrtha i bplandaí iad, d’fhéadfadh substaintí neamh-inmhianaithe a bheith in ullmhóidí blaistithe agus i gcomhábhair bia a mbeadh airíonna blaistithe acu. Úsáidtear na plandaí go traidisiúnta mar bhia nó mar chomhábhair bia. Ba cheart leibhéil uasta iomchuí a bhunú do na substaintí neamh-inmhianaithe sin sna bianna sin is mó a chuireann le hiontógáil na substaintí sin ag an duine, agus an gá atá le sláinte an duine a chosaint agus an fíoras nach féidir iad a sheachaint i mbianna traidisiúnta á gcur san áireamh.

(10)

Ba cheart go mbeadh na leibhéil uasta de shubstaintí neamh-inmhianaithe áirithe a fhaightear go nádúrtha dírithe ar an mbia nó ar na catagóirí bia is mó a chuireann lena n-ionghabháil chothaithe. Má chuirfidh substaintí neamh-inmhianaithe breise atá ann go nádúrtha sláinte an tomhaltóra i mbaol, ba cheart go socrófaí na huasleibhéil i ndiaidh don Údarás tuairim a thabhairt. Ba cheart do na Ballstáit rialuithe a eagrú ar bhonn riosca i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun fíorú comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (7). Tá sé de dhualgas ar tháirgeoirí bia a chur san áireamh go bhfuil na substaintí ann agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus/nó blastáin á n-úsáid acu chun gach bia a ullmhú d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh aon bhia nach bhfuil sábháilte.

(11)

Ba cheart forálacha a bhunú ar leibhéal an Chomhphobail d’fhonn úsáid ábhar plandúil, ainmhíoch, micribhitheolaíoch, nó mianrach áirithe a chosc nó a theorannú, ar cúis imní iad do shláinte an duine i dtáirgeadh blastán agus i dtáirgeadh comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus ina gcur i bhfeidhm i dtáirgeadh bia.

(12)

Ba cheart go ndéanfadh an tÚdarás na measúnuithe riosca.

(13)

D’fhonn comhchuibhiú a áirithiú, ba cheart gur i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia a dhéanfaí an measúnú riosca agus an formheas ar bhlastáin agus ar bhunábhair ar gá meastóireacht a dhéanamh orthu (8).

(14)

Is substaintí sainmhínithe ceimiceacha iad substaintí blaistithe, lena n-áirítear substaintí blaistithe a fhaightear trí shintéis cheimiceach nó substaintí blaistithe a leithlisítear trí phróisis cheimiceacha a úsáid agus substaintí blaistithe nádúrtha. Tá clár meastóireachta ar shubstaintí blaistithe ar bun faoi láthair i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 1996 lena leagtar síos nós imeachta Comhphobail maidir le substaintí blaistithe a úsáidtear nó a cheaptar lena n-úsáid in earraí bia nó ar earraí bia (9). Faoin Rialachán sin, glacfar liosta de shubstaintí blaistithe laistigh de chúig bliana ón dáta a nglacfar an clár sin. Ba cheart spriocdháta nua a shocrú maidir leis an liosta sin a ghlacadh. Beartófar an liosta a áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008

(15)

Is blastáin iad ullmhóidí blaistithe, seachas na substaintí ceimiceacha sainmhínithe, a fhaightear ó ábhair de bhunús plandúil, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch, trí phróisis fhisiceacha, einsímeacha nó micribhitheolaíocha iomchuí, agus an t-ábhar i staid amh nó i ndiaidh a phróiseála lena chaitheamh ag an duine. Ní gá meastóireacht ná nós imeachta formheasta a dhéanamh ar ullmhóidí blaistithe a tháirgtear ó bhia lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna ach amháin i gcás ina mbeidh amhras faoina sábháilteacht. Ba cheart, áfach, go ndéanfaí meastóireacht ar shábháilteacht ullmhóidí blaistithe a tháirgtear ó ábhar neamhbhia agus go ndéanfaí iad a fhormheas.

(16)

Is é an sainmhíniú a dhéantar i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ar bhia, aon substaint nó táirge, bíodh sí nó sé próiseáilte, próiseáilte go páirteach nó neamhphróiseáilte, a cheaptar lena n-ionghabháil ag daoine, nó a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach go ndéanfadh daoine í nó é a ionghabháil. Maidir le hábhair de thionscnamh plandúil, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch, ar féidir a léiriú go leordhóthanach gur úsáideadh go dtí seo iad chun blastáin a tháirgeadh, meastar gur ábhair bia iad chun na críche sin, cé go bhféadfadh sé nár úsáideadh cuid de na bunábhair, amhail an rósadhmad, agus duilleoga sútha talún, mar bhia ann féin. Ní gá meastóireacht a dhéanamh orthu.

(17)

Mar an gcéanna, ní gá meastóireacht a dhéanamh ar bhlastáin próisis theirmigh a tháirgtear ó bhia faoi choinníollacha sonraithe, chun go n-úsáidfear iad i mbianna agus ar bhia ná ní gá formheas a dhéanamh orthu ach amháin i gcás ina mbeidh amhras faoina sábháilteacht. Ba cheart, áfach, go ndéanfaí meastóireacht agus formheas ar shábháilteacht blastán próisis theirmigh a tháirgtear ó ábhar neamhbhia nó nach gcomhlíonann coinníollacha áirithe táirgthe.

(18)

Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a cheaptar lena n-úsáid i mbianna nó ar bhianna (10) nós imeachta maidir le measúnú sábháilteachta agus formheas a dhéanamh ar bhlastáin deataigh agus is é an aidhm atá ag an Rialachán liosta a bhunú de na bun-chomhdhlútháin deataigh agus de na bunchodáin tarra a n-údaraítear a n-úsáid d’eisiamh gach bun-chomhdhlútháin eile deataigh agus bunchodáin eile tarra.

(19)

Cuireann réamhtheachtaithe blais amhail carbaihiodráití, oligaipeiptídí agus aimínaigéid blas ar bhia trí imoibrithe ceimiceacha a tharlaíonn agus an bia á phróiseáil. Ní gá go ndéanfaí meastóireacht ar réamhtheachtaithe blais a tháirgtear ó bhia le go n-úsáidfear i mbianna agus ar bhianna iad ná go gcuirfí faoi nós imeachta formheasa iad mura mbeidh amhras ann faoina sábháilteacht. Ba cheart, áfach, meastóireacht agus formheas a dhéanamh ar shábháilteacht réamhtheachtaithe blais a tháirgtear ó ábhair neamhbhia.

(20)

Féadfar blastáin eile nach dtagann faoi réim na sainmhínithe ar na blastáin a luadh cheana a úsáid i mbianna agus ar bhianna, tar éis dóibh dul faoi mheastóireacht agus faoi nós imeachta formheasta. Ar na samplaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist, bheadh blastáin a fhaightear trí ola nó trí shaill a théamh chuig teocht fíorard ar feadh tréimhse an-ghairid, a thabharfadh blas a bheadh cosúil le blas ón ngríoscán.

(21)

Ní fhéadfar ábhar de thionscnamh plandúil, ainmhíoch, micribhitheolaíoch nó mianrach seachas bia a údarú le haghaidh blastáin a tháirgeadh ach amháin i gcás measúnú eolaíoch a bheith déanta maidir lena shábháilteacht. D’fhéadfadh sé gur gá a údarú nach ndéanfaí ach codanna áirithe den ábhar a úsáid nó go gcaithfí coinníollacha úsáide a leagan síos.

(22)

Féadfaidh breiseáin bia a bheith i mblastáin, de réir mar a cheadaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (11)agus/nó comhábhair eile bia chun críocha teicneolaíocha amhail chun iad a stóráil, a chaighdeánú, a chaolú nó a thuaslagadh agus a chobhsú.

(23)

Blastán nó bunábhar a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (12), ba cheart go mbeadh sé údaraithe i gcomhréir leis an Rialacháin sin agus faoin Rialachán araon.

(24)

Fanfaidh blastáin faoi réir na n-oibleagáidí ginearálta maidir le lipéadú dá bhforáiltear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, le tíolacadh agus le fógraíocht earraí bia (13) agus, de réir mar a bheidh, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (14). Ina theannta sin, ba cheart forálacha sonracha maidir leis an lipéadú ar bhlastáin a dhíoltar mar bhlastáin leis an monaróir nó leis an tomhaltóir deiridh a áireamh sa Rialachán seo.

(25)

Níor cheart an lipéad ‘nádúrtha’ a chur ar shubstaintí blaistithe ná ar ullmhóidí blaistithe ach amháin i gcás ina gcloíonn siad le critéir áirithe a áirithíonn nach gcuirtear tomhaltóirí amú.

(26)

Ba cheart go n-áiritheofaí le ceanglais shonracha faisnéise nach gcuirtear tomhaltóirí amú maidir leis an mbunábhar a úsáidtear chun blastáin nádúrtha a tháirgeadh. I gcás ina n-úsáidtear an téarma nádúrtha le cur síos a dhéanamh ar bhlas, ba cheart, go háirithe, gur de bhunús nádúrtha ar fad na comhpháirteanna blaistithe a úsáidtear. Ina theannta sin, ba cheart foinse na mblastán a lipéadú, ach amháin nuair nach n-aithneofaí na bunábhair dá dtagraítear i mblas an bhia. I gcás ina luaitear foinse, ba cheart gur ón ábhar dá dtagraítear a thagann 95 % ar a laghad den chomhpháirt blaistithe. Os rud é nár chóir d’úsáid blastán an tomhaltóir a chur amú, ní fhéadfar an leibhéal uasta eile 5 % a úsáid ach do chaighdeánú nó chun, mar shampla, blas níos úire, níos géire, níos aibí nó níos glaise a chur ar an mblastán. I gcás ina n-úsáidtear níos lú ná 95 % den chomhpháirt blaistithe arna dhíorthú ón bhfoinse dá dtagraítear agus gur féidir fós blas na foinse a aithint, ba cheart an fhoinse a nochtadh i dteannta ráitis ag dearbhú gur cuireadh blastáin nádúrtha eile léi, mar shampla, úsc cócó ar cuireadh blastáin nádúrtha leis chun blas banana a chur air.

(27)

Más mar gheall ar bhlastáin deataigh a chur le bia áirithe atá blas deataithe ar an mbia, ba cheart é sin a chur in iúl don tomhaltóir. I gcomhréir le Treoir 2000/13/CE, níor cheart don lipéadú an tomhaltóir a chur amú maidir le cibé acu a ndeataítear an táirge ar an ngnáthbhealach le deatach úr nó a gcóirítear le blastáin deataigh é. Is gá Treoir 2000/13/CE a oiriúnú do na sainmhínithe ar bhlastáin, ar bhlastáin deataigh agus ar an téarma ‘nádúrtha’ maidir leis an gcur síos ar bhlastáin a leagtar síos sa Rialachán seo.

(28)

Tá sé fíor-riachtanach faisnéis a fháil maidir le tomhaltas agus maidir le húsáid substaintí blaistithe chun meastóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht substaintí blaistithe do shláinte an duine. Ba cheart seiceáil a dhéanamh go rialta ar mhéideanna na substaintí blaistithe a chuirtear le bia.

(29)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (15).

(30)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus bearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh maidir leis an liosta Comhphobail a bhunú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le míreanna nua neamhriachtanacha, ba cheart go nglacfaí iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(31)

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm d’fhonn na bearta a glacadh a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 8(2) agus sna leasuithe ar Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

(32)

Ba cheart Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, de réir mar is gá, agus an fhaisnéis arna soláthar ag táirgeoirí agus ag úsáideoirí blastán agus/nó an fhaisnéis a thiocfaidh as monatóireacht agus as rialuithe na mBallstát á cur san áireamh.

(33)

D’fhonn dlí an Chomhphobail maidir le blastáin a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach comhréireach, éifeachtach, is gá sonraí a bhailiú, faisnéis a roinnt agus obair a chomhordú idir na Ballstáit. Chuige sin, d’fhéadfadh sé gur mhaith an rud staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna ar leith d’fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú. Is iomchuí go maoiníonn an Comhphobal staidéir den sórt sin mar chuid dá nós imeachta buiséadach. Tagann maoiniú beart den sórt sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

(34)

Go dtí go mbunófar an liosta Comhphobail, ba cheart foráil a dhéanamh do mheastóireacht agus d’fhormheas substaintí blaistithe nach gcumhdaítear leis an gclár meastóireachta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2232/96. Ba cheart, dá bhrí sin, córas idirthréimhseach a leagan síos. Faoin gcóras sin, ba cheart substaintí blaistithe den sórt sin a mheas agus a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 Toisc gur cheart tosaíocht a thabhairt don chlár leanúnach meastóireachta, áfach, níor cheart go mbeadh feidhm acu maidir leis na tréimhsí ama áfach dá bhforáiltear sa Rialachán sin ar laistigh díobh a ghlacfaidh an tÚdarás a thuairim agus a chuirfidh an Coimisiún dréacht-Rialachán faoi bhráid an Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe lena ndéantar an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta.

(35)

Ó tharla nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha Comhphobail a leagan síos maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a úsáid i mbianna agus ar bhianna, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr dá bhrí sin, ar mhaithe le haontacht an mhargaidh agus ar mhaithe le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(36)

Is gá Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe (16) agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha (17) a oiriúnú do shainmhínithe nua áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo.

(37)

Ba cheart Rialacháin (CEE) Uimh. 1601/91, (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le blastáin agus maidir le comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna d’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach éifeachtach agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus ardleibhéal cosanta don tomhaltóir á n-áirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear leasanna an tomhaltóra a chosaint agus cleachtais chothroma i dtrádáil bia, agus cosaint an chomhshaoil á cur san áireamh i gcás inarb iomchuí.

Chun na críocha sin, foráiltear leis an Rialachán seo do na nithe seo a leanas:

(a)

liosta Comhphobail de bhlastáin agus de bhunábhair arna bhformheas lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna, agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I (dá ngairfear an ‘liosta Comhphobail’ anseo feasta);

(b)

coinníollacha maidir le húsáid blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu i mbianna agus ar bhianna;

(c)

rialacha maidir le lipéadú blastán.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

blastáin a úsáidtear nó a cheaptar lena n-úsáid i mbianna nó ar bhianna, gan dochar d’fhorálacha níos sainiúla a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003;

(b)

comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu;

(c)

bia a bhfuil blastáin ann agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu;

(d)

bunábhair do bhlastáin agus/nó bunábhair do chomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

substaintí ar blas milis, ar blas géar nó ar blas goirt amháin atá orthu;

(b)

bianna amha;

(c)

bianna neamhchumaisc agus meascáin amhail, ach ní go heiseach, spíosraí agus/nó luibheanna triomaithe nó reoite, meascáin de thaeanna agus agus meascáin lena n-insileadh mar thae, fad nach n-úsáidtear mar chomhábhair bia iad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn ‘blastáin’:

(i)

táirgí nach gceaptear lena gcaitheamh mar bhlastáin, agus a chuirtear le bia d’fhonn boladh agus/nó blas a chur air nó d’fhonn é a mhodhnú;

(ii)

táirgí a dhéantar as na catagóirí seo a leanas nó ar ceann de na catagóirí seo a leanas atá iontu: substaintí blaistithe, ullmhóidí blaistithe, blastáin próisis theirmigh, blastáin deataigh, réamhtheachtaithe blais nó blastáin eile nó meascáin díobh;

(b)

ciallaíonn ‘substaint blaistithe’ substaint cheimiceach shainmhínithe a bhfuil airíonna blaistithe aici;

(c)

ciallaíonn ‘substaint blaistithe nádúrtha’ substaint blaistithe a fhaightear trí phróisis iomchuí fhisiceacha, einsímeacha nó mhicribhitheolaíocha ó ábhar de thionscnamh plandúil, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch ina staid amh nó tar éis a phróiseála lena chaitheamh ag an duine trí cheann amháin nó trí níos mó ná ceann amháin de na próisis ullmhúcháin bia thraidisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn II. Freagraíonn substaintí blaistithe nádúrtha do shubstaintí a fhaightear go nádúrtha agus a sainaithníodh sa nádúr;

(d)

ciallaíonn ‘ullmhóid blaistithe’ táirge, seachas substaint blaistithe, a fhaightear:

(i)

ó bhia trí phróisis iomchuí fhisiceacha, einsímeacha nó mhicribhitheolaíocha i staid amh an ábhair nó tar éis a phróiseála lena chaitheamh ag an duine trí cheann amháin nó trí níos mó ná ceann amháin de na próisis ullmhúcháin bia thraidisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn II;

agus/nó

(ii)

ó ábhar de thionscnamh plandúil, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch, seachas bia, trí phróisis iomchuí fhisiceacha einsímeacha nó mhicribhitheolaíocha, agus an t-ábhar á thógáil mar ábhar den sórt sin nó á ullmhú trí cheann amháin nó trí níos mó ná ceann amháin de na próisis ullmhúcháin bia thraidisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(e)

ciallaíonn ‘blastán próisis theirmigh’ táirge a fhaightear tar éis cóireála teasa ó mheascán de chomhábhair nach bhfuil airíonna blaistithe acu astu féin, ar comhábhar ina bhfuil nítrigin (aimín) i gceann amháin díobh ar a laghad agus ar siúcra dí-ocsaídithe ceann eile; ar na comhábhair chun blastáin próisis theirmigh a tháirgeadh, féadfar iad seo a leanas a áireamh:

(i)

bia;

agus/nó

(ii)

bunábhar seachas bia;

(f)

ciallaíonn ‘blastán deataigh’ táirge a fhaightear ó dhifreálú agus ó íonú ar dheatach comhdhlúite arb iad na torthaí a bhíonn orthu comhdhlútháin deataigh phríomhúla, príomhchodanna tarra agus/nó blastáin deataigh dhíorthaithe mar a shainmhínítear i bpointe (1), i bpointe (2) agus i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 iad;

(g)

ciallaíonn ‘réamhtheachtaí blais’ táirge, nach gá go mbeadh airíonna blaistithe aige ann féin, agus a chuirtear le bia d’aon ghnó chun blas a tháirgeadh trí bhriseadh síos nó trí imoibriú le comhábhair eile le linn bia a phróiseáil, agus chuige sin amháin; féadfar é a fháil:

(i)

ó bhia;

agus/nó

(ii)

ó bhunábhar seachas bia;

(h)

ciallaíonn ‘blastán eile’ blastán a chuirtear le bia nó a cheaptar lena chur le bia d’fhonn boladh agus/nó blas a chur air agus nach dtagann faoi shainmhíniú (b) go sainmhíniú (g);

(i)

ciallaíonn ‘comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe aige’ comhábhar bia seachas blastáin a chuirfear le bia go príomha chun blas a chur air nó chun an blas atá air a athrú agus a chuireann go suntasach le láithreacht substaintí neamh-inmhianaithe áirithe a fhaightear go nádúrtha i mbia;

(j)

ciallaíonn ‘bunábhar’ ábhar de thionscnamh plandúil, ainmhíoch, micribhitheolaíoch nó mianrach óna dtáirgtear blastáin nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu; féadfar iad seo a leanas a áireamh:

(i)

bia;

(ii)

bunábhar seachas bia;

(k)

ciallaíonn ‘próiseas fisiceach iomchuí’ próiseas fisiceach nach n-athraíonn nádúr ceimiceach chomhábhair an bhlastáin d’aon ghnó, gan dochar do liostú na bpróiseas ullmhúcháin bia traidisiúnta in Iarscríbhinn II, agus nach mbaineann inter alia le húsáid ocsaigine singléid, ózóin, catalaíoch neamhorgánach, catalaíoch miotail, imoibrithe orgánaimhiotalacha agus/nó radaíochta UV.

3.   Chun críche na sainmhínithe a liostaítear i mír 2(d), (e), (g) agus (j), maidir le bunábhair a bhfuil fianaise shuntasach ann go bhfuil siad á n-úsáid go dtí seo chun blastáin a tháirgeadh, measfar gur bia iad chun críche an Rialacháin seo.

4.   Féadfaidh breiseáin bia a cheadaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 agus/nó comhábhair eile bia a chuirtear isteach chun críocha na teicneolaíochta, a bheith sna blastáin.

CAIBIDIL II

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hÚSÁID BLASTÁN, COMHÁBHAR BIA A bhFUIL AIRÍONNA BLAISTITHE ACU AGUS BUNÁBHAR

Airteagal 4

Coinníollacha ginearálta maidir le húsáid blastán nó comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu

Ní fhéadfar ach blastáin nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a úsáid i mbianna nó ar bhianna:

(a)

nach mbainfidh riosca leo, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, do shláinte na dtomhaltóirí de agus

(b)

nach gcuireann a n-úsáid an tomhaltóir amú.

Airteagal 5

Blastáin neamhchomlíontacha agus/nó bia neamhchomhlíontach a thoirmeasc

Ní chuirfidh aon duine blastán ná aon bhia a bhfuil an blastán sin ann agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu ar an margadh mura gcomhlíonfaidh a n-úsáid an Rialachán seo.

Airteagal 6

Láithreacht substaintí áirithe

1.   Ní chuirfear na substaintí a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn III le bia mar shubstaintí.

2.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, ní rachfar thar leibhéil uasta substaintí áirithe, ar substaintí iad a fhaightear go nádúrtha i mblastáin agus/nó i gcomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu, sna bianna cumaisc a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn III mar thoradh ar úsáid blaistithe agus/nó comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu sna bianna sin agus ar na bianna sin. Beidh feidhm ag leibhéil uasta na substaintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le bianna a chuirtear ar an margadh, mura sonraítear a mhalairt. De mhaolú ar an bprionsabal seo, i gcás bianna triomaithe agus/nó bianna tiubhaithe a chaitear a athbhunú, beidh feidhm ag na leibhéil uasta maidir leis an mbia faoi mar a athbhunaítear é de réir na dtreoracha a thugtar ar an lipéad, agus an íosfhachtóra chaolaithe á chur san áireamh.

3.   Féadfar rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun mír 2 a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2), agus tar éis tuairim a fháil ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta), i gcás inar gá.

Airteagal 7

Úsáid bunábhar áirithe

1.   Ní úsáidfear na bunábhair a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV chun blastáin agus/nó chun comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgeadh.

2.   Ní fhéadfar blastáin agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ó bhunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a úsáid ach faoi na coinníollacha a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 8

Blastáin agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus nach n-éilítear meastóireacht ná formheas ina leith

1.   Féadfar na blastáin seo a leanas agus na comhábhair bia seo a leanas a bhfuil airíonna blaistithe acu a úsáid i mbianna nó ar bhianna gan meastóireacht agus formheas faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad Airteagal 4 den Rialachán seo:

(a)

ullmhóidí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i);

(b)

blastáin próisis theirmigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e)(i) lena gcomhlíontar na coinníollacha maidir le blastáin próisis theirmigh a tháirgeadh agus na leibhéil uasta do shubstaintí áirithe i mblastáin próisis theirmigh áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(c)

réamhtheachtaithe blais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(g)(i);

(d)

comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu.

2.   D’ainneoin mhír 1, má chuireann an Coimisiún, Ballstát nó an tÚdarás in iúl go bhfuil amhras orthu faoi shábháilteacht blastáin nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe aige dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an tÚdarás measúnú riosca ar an mblastán nó ar an gcomhábhar bia sin a bhfuil airíonna blaistithe aige. Sa chás sin, cuirfidh Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 mutatis mutandis i bhfeidhm. Glacfaidh an Coimisiún bearta, más gá, tar éis tuairim ón Údarás a fháil, ar bearta iad a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3). Leagfar síos na bearta sin in Iarscríbhinn III, in Iarscríbhinn IV agus/nó in Iarscríbhinn V i gcás inarb iomchuí. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 21(4).

CAIBIDIL III

LIOSTA COMHPHOBAIL DE BHLASTÁIN AGUS DE BHUNÁBHAIR A FORMHEASADH LENA nÚSÁID I mBIANNA NÓ AR BHIANNA

Airteagal 9

Blastáin agus bunábhair a n-éilítear meastóireacht agus formheas ina leith

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

substaintí blaistithe;

(b)

ullmhóidí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(ii);

(c)

blastáin próisis theirmigh a fhaightear trí chomhábhair a théamh, ar comhábhair iad a thagann faoi réim Airteagal 3(2)(e)(ii) go páirteach nó go hiomlán agus/nó nach gcomhlíontar ina leith na coinníollacha maidir le blaistithe próisis theirmigh a tháirgeadh agus/nó maidir leis na leibhéil uasta do shubstaintí neamh-inmhianaithe áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(d)

réamhtheachtaithe blais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(g)(ii);

(e)

blastáin eile dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(h);

(f)

bunábhair seachas bia dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(j)(ii).

Airteagal 10

Liosta Comhphobail de bhlastáin agus de bhunábhair

Ar na blastáin agus ar na bunábhair dá dtagraítear in Airteagal 9, ní fhéadfar ach na blastáin agus na bunábhair atá ar an liosta Comhphobail a chur ar an margadh mar bhlastáin agus mar bhunábhair agus a úsáid i mbianna nó ar bhianna faoi na coinníollacha úsáide a shonraítear san Airteagal sin, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 11

Blastáin agus bunábhair a áireamh ar an liosta Comhphobail

1.   Ní fhéadfar blastán ná bunábhar a áireamh ar liosta an Chomhphobail, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 seachas má chomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo.

2.   Sonrófar an méid seo a leanas in iontráil maidir le blastán nó bunábhar ar liosta an Chomhphobail:

(a)

cuifear an blastán nó an bunábhar a fhormheastar in iúl;

(b)

i gcás inar gá, na coinníollacha faoina bhféadfar an blastán a úsáid.

3.   Leasófar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

Airteagal 12

Blastáin nó bunábhair a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003

1.   Ní fhéadfar blastán nó bunábhar a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a áireamh ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Rialachán seo seachas nuair a chumhdaítear é faoi údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

2.   I gcás blastáin atá ar liosta an Chomhphobail cheana féin a bheith táirgthe ó fhoinse dhifriúil a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, ní bheidh údarú nua de dhíth air faoin Rialachán seo, chomh fada agus a chumhdaítear an fhoinse nua faoi údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus chomh fada agus a chomhlíonann an blastán na sonraíochtaí a bhunaítear faoin Rialachán seo.

Airteagal 13

Cinntí léirmhínithe

I gcás inar gá, féadfar a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2):

(a)

cibé an dtagann nó nach dtagann substaint nó meascán de shubstaintí, ábhar nó cineál bia faoi na catagóirí a liostaítear in Airteagal 2(1);

(b)

an catagóir sonrach, a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) go (j), lena mbaineann substaint áirithe;

(c)

cibé an mbaineann táirge bia ar leith le catagóir bia nó an bia é dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn III, Cuid B.

CAIBIDIL IV

LIPÉADÚ

Airteagal 14

Lipéid a chuirtear ar bhlastáin ach nach mbeartaítear a dhíol leis an tomhaltóir deiridh

1.   Maidir le blastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh seachas má bhíonn an lipéadú dá bhforáiltear in Airteagal 15 agus in Airteagal 16 orthu, agus caithfidh an lipéadú sin a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 15 i dteanga ar furasta do cheannaitheoirí í a thuiscint.

2.   Laistigh dá chríoch féin, féadfaidh an Ballstát a mbeidh an t-earra á chur ar an margadh ann a ordú, i gcomhréir leis an gConradh, go dtabharfaí an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 15 i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Chomhphobail nó i mbreis agus teanga oifigiúil amháin de chuid an Chomhphobail, a chinnfidh an Ballstát sin. Ní choiscfidh sé sin an fhaisnéis sin a chur in iúl i líon teangacha.

Airteagal 15

Ceanglais ghinearálta lipéadaithe do bhlastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad

1.   I gcás ina ndíolfar blastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, ina n-aonar nó measctha le chéile agus/nó le comhábhair eile bia agus/nó le substaintí eile curtha leo i gcomhréir le hAirteagal 3(4), beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin:

(a)

an tuairisc díolacháin: an focal ‘blastán’ nó ainm nó tuairisc níos sainiúla ar an mblastán;

(b)

an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a cheaptar dó i mbia;

(c)

na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide, más gá;

(d)

marc lena shainaithnítear an bhaisc nó an luchtóg;

(e)

de réir ord a meáchain anuas, liosta de na nithe seo a leanas:

(i)

catagóirí na mblastán atá ann agus

(ii)

ainmneacha gach ceann de na substaintí nó de na hábhair eile atá sa táirge nó, i gcás inar iomchuí, a nE-uimhreacha;

(f)

ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaí nó an díoltóra;

(g)

sonrú maidir le cainníocht uasta gach comhpháirte nó gach grúpa comhpháirteanna atá faoi réir srianta cainníochta i mbia agus/nó faisnéis iomchuí atá soiléir agus sothuigthe agus a chuirfidh ar chumas an cheannaitheora an Rialachán seo nó dlí ábhartha eile Comhphobail a chomhlíonadh;

(h)

an chainníocht ghlan;

(i)

dáta marthanachta íosta nó an dáta faoinar cheart iad a úsáid;

(j)

i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi bhlastán nó faoi shubstaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo agus a liostaítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE maidir le sonrú na gcomhábhar atá in earraí bia.

2.   De mhaolú ar mhír 1, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i bpointe (e) agus i bpointe (g) den mhír sin, d’fhéadfadh sé gur ar na doiciméid sin amháin a bhaineann leis an gcoinsíneacht a bheidís, a sholáthrófar leis an seachadadh nó roimhe, ar choinníoll go mbeidh an sonrú ‘ná miondíoltar’ le feiceáil in áit shofheicthe ar phacáistiú nó ar choimeádán an táirge a bheidh i gceist.

3.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás gur i dtancaeir a sholáthrófar blastáin, féadfaidh an fhaisnéis uile a bheith ar na doiciméid sin a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh agus orthu sin amháin.

Airteagal 16

Ceanglais shonracha maidir leis an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid

1.   I gcás ina n-úsáidfear an téarma ‘nádúrtha’ chun cur síos a dhéanamh ar bhlastán sa tuairisc díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(a) beidh feidhm ag forálacha mhír 2 go mír 6 den Airteagal seo.

2.   Ní fhéadfar an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid chun cur síos ar bhlastán seachas mura mbeidh sa chomhpháirt blaistithe ach ullmhóidí blaistithe agus/nó substaintí blaistithe nádúrtha.

3.   Ní fhéadfar an téarma ‘substaint(í) blaistithe nádúrtha’ a úsáid seachas le haghaidh blastán nach bhfuil ina gcomhpháirt blaistithe ach substaintí blaistithe nádúrtha.

4.   Ní fhéadfar an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid seachas i gcomhcheangal le tagairt do bhia, do chatagóir bia nó d’fhoinse blaistithe phlandúil nó ainmhíoch má fuarthas 95 % de réir w/w ar a laghad den chomhpháirt blaistithe go heisiach ón mbunábhar dá dtagraítear.

Is éard a bheidh sa tuairisc ‘blastán “bia nó bianna nó catagóir bia nó foinse nó foinsí bia” nádúrtha’.

5.   Ní fhéadfar an téarma ‘blastán “bia nó bianna nó catagóir bia nó foinse nó foinsí bia” nádúrtha le blastáin nádúrtha eile’ a úsáid ach má tá an chomhpháirt blaistithe díorthaithe i bpáirt ón mbunábhar dá dtagraítear agus más furasta blas an bhunábhair a aithint.

6.   Ní fhéadfar an téarma ‘blastán nádúrtha’ a úsáid ach amháin i gcás ina mbeidh an chomhpháirt blaistithe díorthaithe ó bhunábhair éagsúla agus i gcás nach léireofaí an blas a bheadh orthu le tagairt do na bunábhair.

Airteagal 17

Lipéadú a chur ar bhlastáin a cheaptar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh

1.   Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, do Threoir 89/396/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1989 maidir le sonruithe nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia (18) ná do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, blastáin a dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair bia eile agus/nó le substaintí eile curtha leo agus ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an ráiteas ‘do bhia’ nó ‘úsáid shrianta i mbia’ ar an bpacáistiú nó tagairt níos sainiúla don úsáid dá gceaptar iad i mbia, a chaithfidh a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 16 más rud é go n-úsáidtear an téarma ‘nádúrtha’ chun cur síos a dhéanamh ar bhlastán sa tuairisc díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(a).

Airteagal 18

Ceanglais eile maidir le lipéadú

Ní dhéanfar dochar, le hAirteagal 14 go hAirteagal 17, do dhlíthe, do rialacháin ná d’fhorálacha riaracháin atá níos mionsonraithe nó níos cuimsithí agus a bhaineann le meáchain agus le tomhais, nó a bhfuil feidhm acu maidir le cur i láthair, le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú substaintí agus ullmhóidí contúirteacha, nó a bhfuil feidhm acu maidir le substaintí agus ullmhóidí den sórt sin a iompar.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 19

Tuairisciú ó na hoibreoirí gnó bia

1.   Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir substainte blaistithe nó ionadaí táirgeora nó úsáideora substainte blaistithe den sórt sin an Coimisiún ar an eolas, ar iarraidh uaidh, maidir le méid na substainte a chuirtear le bianna sa Chomhphobal i dtréimhse 12 mhí. Caithfear leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil sa chomhthéacs sin mar shonraí rúnda sa mhéid nach mbeidh gá leis an fhaisnéis sin don mheasúnú sábháilteachta.

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir le leibhéil úsáide do chatagóirí sonracha bia sa Chomhphobal do na Ballstáit.

2.   Más infheidhme, maidir le blastán a formheasadh cheana féin faoin Rialachán seo agus a ullmhaítear le modhanna táirgthe nó le hábhair tosaigh a bhfuil difríochtaí suntasacha idir iad agus na modhanna táirgthe nó na hábhair tosaigh arna n-áireamh i measúnú riosca an Údaráis, ba cheart don táirgeoir nó don úsáideoir, sula gcuirfear an blastán ar an margadh, na sonraí is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin le go mbeidh an tÚdarás in ann meastóireacht a dhéanamh ar an mblastán maidir leis an modh táirgthe modhnaithe nó maidir leis na saintréithe modhnaithe.

3.   Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir blastán agus/nó bunábhar in iúl don Choimisiún láithreach aon fhaisnéis eolaíoch nó aon fhaisnéis theicniúil nua atá ar eolas aige nó atá ar fáil aige agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don mheasúnú ar shábháilteacht na substainte blaistithe.

4.   Déanfar rialacha mionsonraithe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) chun mír 1 a chur chun feidhme.

Airteagal 20

Monatóireacht agus tuairisciú ag na Ballstáit

1.   Bunóidh na Ballstáit córais chun monatóireacht a dhéanamh ar thomhaltas agus ar úsáid blastán a leagtar amach sa liosta Comhphobail agus ar thomhaltas na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III ar chur chuige riosca-bhunaithe, agus cuirfidh siad a gconclúidí in iúl don Choimisiún agus don Údarás a mhinice is iomchuí.

2.   Tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, glacfar modheolaíocht chomhchoiteann maidir leis na Ballstáit a bheith ag bailiú faisnéise i dtaca le tomhaltas agus le húsáid na mblastán a leagtar amach sa liosta Comhphobail agus na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) faoin 20 Éanair 2011.

Airteagal 21

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 22

Leasuithe ar Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V

Maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo chun an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a léiriú, ar leasuithe iad a cheapfar chun míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3), tar éis tuairim ón Údarás a fháil, i gcás inar gá.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 21(4).

Airteagal 23

Maoiniú Comhphobail do bheartais chomhchuibhithe

Is é Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú beart a eascróidh as an Rialachán seo.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear Treoir 88/388/CEE, Cinneadh 88/389/CEE agus Treoir 91/71/CEE ón 20 Éanair 2011.

2.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ón dáta a gcuirfear an liosta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin i bhfeidhm.

3.   Forléirítear tagairtí do na hionstraimí arna aisghairm mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 25

An liosta de shubstaintí blaistithe a thabhairt isteach ar an liosta Comhphobail de bhlastáin agus de bhunábhair agus córas idirthréimhseach

1.   Bunófar an liosta Comhphobail tríd an liosta de shubstaintí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 a thabhairt isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo tráth a nglacfar é.

2.   Go dtí go mbunófar an liosta Comhphobail, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 maidir le meastóireacht agus le formheas ar shubstaintí blaistithe nach gcumhdaítear leis an gclár meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96.

De mhaolú ar an nós imeachta sin, ní bheidh feidhm ag an tréimhse naoi mí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 maidir le meastóireacht ná formheas den sórt sin.

3.   Maidir le haon bhearta idirthréimhseacha iomchuí arna gceapadh chun míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).

Airteagal 26

Leasuithe ar Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91

Leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:

1.

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den tríú fleasc:

‘—

substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna (*), agus/nó

(*)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.’"

2.

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den dara fleasc:

‘—

substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, agus/nó’;

3.

i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den dara fleasc:

‘—

substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus/nó’.

Airteagal 27

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2232/96

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96:

‘1.   Glacfar an liosta de na substaintí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 faoin 31 Nollaig 2010 ar a dhéanaí.’.

Airteagal 28

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

Leasaítear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 110/2008 mar a leanas:

1.

in Airteagal 5(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

ina bhfuil substaintí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna (**) agus ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin;

(**)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.’;"

2.

in Airteagal 5(3) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

ina bhfuil ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na blastáin a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;’;

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9 d’Iarscríbhinn I:

‘(9)

Blastán

Ciallaíonn blastán ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na blastáin a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a úsáid agus deoch bhiotáilleach á hullmhú.’;

4.

Leasaítear Iarscríbhinn II mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 19(c):

‘(c)

Féadfar substaintí blaistithe eile a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus/nó ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin, agus/nó plandaí aramatacha nó codanna de phlandaí aramatacha a úsáid chomh maith, ach ní mór tréithe orgánaileipteacha aitil a bheith inaitheanta, fiú amháin má bhíonn siad caolaithe anois agus arís.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 20(c):

‘(c)

Ní fhéadfar ach substaintí blaistithe eile a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus/nó ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin a úsáid chun gin-bhiotáille a tháirgeadh sa chaoi gurb é blas an aitil an blas is láidre a bheidh iontu.’;

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 21(a)(ii):

‘(ii)

meascán de thoradh an driogtha sin agus d’alcól eitile de bhunús talmhaíochta a bhfuil an comhdhéanamh céanna, an íonacht chéanna agus an neart alcóil céanna ann; féadfar substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear i gcatagóir 20(c) a úsáid freisin le gin driogtha a bhlaistiú.’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 23(c):

‘(c)

Féadfar substaintí blaistithe eile a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus/nó ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin a úsáid chomh maith ach caithfidh blas an chearbhais a bheith ar an mblas is láidre iontu.’;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 24(c):

‘(c)

Féadfar substaintí nádúrtha eile a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh 1334/2008 agus/nó ullmhóidí blaistithe eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin, a úsáid chomh maith, ach is iad driogáití cearbhais (Carum carvi L.) agus/nó an tsíl lusa mhín (Anethum graveolens L.) is mó a chuireann blas ar na deochanna sin, os rud é go bhfuil toirmeasc ar úsáid bhlátholaí.’;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 30(a):

‘(a)

Biotáillí ar blas searbh is mó atá orthu a thagann as alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le substaintí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus/nó ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin.’;

(g)

i mír 32(c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre agus an chuid réamhléiritheach den dara fomhír:

‘(c)

Féadfar substaintí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin a úsáid agus licéar á ullmhú. Bainfear úsáid as substaintí nádúrtha blaistithe amháin, áfach, a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin agus na licéir seo a leanas á n-ullmhú:’;

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 41(c):

‘(c)

Ní fhéadfar ach substaintí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin a úsáid agus licéar uibheacha nó advocaat nó avocat nó advokat á ullmhú.’;

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 44(a):

‘(a)

Is deoch bhiotáilleach é an väkevä glögi nó spritglögg a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le clóbh agus/nó le cainéal agus trí cheann de na próisis seo a leanas a úsáid: maothú agus/nó driogadh, athdhriogadh an alcóil i láthair codanna de na plandaí a shonraítear thuas, substaintí blaistithe, de réir mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, clóbh nó cainéil a chur leis nó cumasc de na modhanna sin.’;

(j)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 44(c):

‘(c)

Féadfar blastáin eile, substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b), (d) agus (h) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a úsáid chomh maith, ach caithfidh blas spíosraí sonraithe a bheith ar an mblas is láidre iontu.’;

(k)

cuirfear ‘ullmhóidí blaistithe’ in ionad ‘ullmhóidí’ i bpointe (c) de mhíreanna 25, 26, 27, 28, 29, 33, 34, 35, 36, 37, 38, 39, 40, 42, 43, 45 agus 46.

Airteagal 29

Leasú ar Threoir 2000/13/CE

I dTreoir 2000/13/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

‘IARSCRÍBHINN III

BLASTÁIN A AINMNIÚ I LIOSTA NA gCOMHÁBHAR

1.

Gan dochar do mhír 2, déantar blastáin a ainmniú leis na téarmaí:

“blastáin” nó ainm nó tuairisc níos sainiúla ar an mblastán, i gcás ina mbeidh blastáin a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b), (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna (***);

“blastán deataigh nó blastáin deataigh”, nó “blastán deataigh nó blastáin deataigh a tháirgtear ó “bhia nó ó bhianna nó ó chatagóir bia nó ó fhoinse nó ó fhoinsí”” (e.g. blastán deataigh a tháirgtear ón bhfáibhile) i gcás ina mbeidh blastáin a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(f) de Rialachán CE Uimh. 1334/2008 sa chomhpháirt blaistithe agus i gcás ina bhfágfaidh sí blas deataithe ar an mbia.

2.

Úsáidtear an téarma “nádúrtha” chun tuairisc a dhéanamh ar bhlastáin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 20 Éanair 2011

Beidh feidhm ag Airteagal 10 ó 18 mí tar éis dáta chur i bhfeidhm an liosta Comhphobail.

Beidh feidhm ag Airteagal 26 agus ag Airteagal 28 ó dháta chur i bhfeidhm an liosta Comhphobail.

Beidh feidhm ag Airteagal 22 ón.20 Éanair 2009. Maidir le bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach nó a lipéadaítear roimh an 20 Éanair 2011 agus nach gcomhlíonann an Rialachán seo, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndátaí íosmharthanachta nó go dtí a ndátaí éaga.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2008

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 (IO C 175 E, 10.7.2008, lch. 176), Comhsheasamh ón gComhairle an 10 Márta 2008 (IO C 111 E, 6.5.2008, lch. 46), Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 18 Samhain 2008.

(3)  IO L 184, 15.7.1988, lch. 61.

(4)  IO L 184, 15.7.1988, lch. 67.

(5)  IO L 42, 15.2.1991, lch. 25.

(6)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(7)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1.

(8)  Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo.

(9)  IO L 299, 23.11.1996, lch. 1.

(10)  IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.

(11)  Féach leathanach 16 den Iris Oifigúil seo.

(12)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

(13)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29.

(14)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.

(15)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(16)  IO L 149, 14.6.1991, lch. 1.

(17)  IO L 39, 13.2.2008, lch. 16.

(18)  IO L 186, 30.6.1989, lch. 21.


IARSCRÍBHINN I

An liosta Comhphobail de bhlastáin agus de bhunábhair arna bhformheas lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna


IARSCRÍBHINN II

Liosta de phróisis thraidisiúnta ullmhaithe bia

Mionghearradh

Cumhdach

Téamh, cócaireacht, bácáil, friochadh (suas go 240 °C ag brú an atmaisféir) agus cócaireacht i mbrú-chócaire (suas go 120 °C)

Fuarú

Gearradh

Driogadh/athdhriogadh

Triomú

Eibliú

Galú

Eastóscadh, lena n-áirítear eastóscadh tuaslagóra i gcomhréir le Treoir 88/344/CEE

Coipeadh

Scagachán

Meilt

 

Insileadh

Maothú

Próisis mhicribhitheolaíocha

Meascadh

Scealpadh

Síothlú

Preasáil

Cuisniú/Reo

Róstadh/Gríoscadh

Fáscadh

Cuir ar maos

 


IARSCRÍBHINN III

Láithreacht substaintí áirithe

Cuid A:   Substaintí nach gcuirfear amhlaidh le bia

Aigéad agarach

Alóin

Caipsicin

1,2-Beinsipréin, cúmairin

Hipiricín

Béitea-asarón

1-Aillil-4-meatocsaibeinséin, eistreagól

Aigéad hidricianach

Meantafuran

4-Aillil-1,2-démheatocsaibeinséin, meitileoigeanól

Púlagón

Cuaisin

1-Allil-3,4-meitiléin dé-oscaibeinséin, safról

Tiúicrin A

Túsón (alfa agus béite)

Cuid B:   Leibhéil uasta de shubstaintí áirithe, a fhaightear go nádúrtha i mblastáin agus i gcomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu, i gcomhbhia áirithe, lena chaitheamh, ar cuireadh blastáin agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu leis.

Ainm na substainte

Comhbhia a bhfuil teorainn leis an méid den tsubstaint a fhéadfaidh a bheith ann

Leibhéal uasta mg/cg

Béitea-asarón

Deochanna alcólacha

1,0

1-Aillil-4-meatocsaibeinséin,

Estragol (*)

Táirgí déiríochta

50

Torthaí, glasraí (lena n-áirítear beacáin, fungais, fréamhacha, tiúbair, bíoga agus pischineálaigh), cnónna agus síolta próiseáilte

50

Táirgí éisc

50

Deochanna neamhalcólacha

10

Aigéad hidricianach

Eithneagán, prásóg nó a hionadaigh nó táirgí comhchosúla

50

Torthaí cloch stánaithe

5

Deochanna alcólacha

35

Meantafuran

Milseogra a bhfuil miontas/lus an phiobair ann, seachas micrimhilseogra um chumhrú anála

500

Micrimhilseogra um chumhrú anála

3 000

Guma coganta

1 000

Deochanna alcólacha a bhfuil miontas/lus an phiobair iontu

200

4-Aillil-1,2-démheatocsai-beinséine, meitileoigeanól

Meitileoganól (*)

Táirgí déiríochta

20

Ullmhóidí feola agus táirgí feola, lena n-áirítear éineoil agus géim

15

Ullmhóidí éisc agus táirgí éisc

10

Anraithí agus anlainn

60

Blastóga atá réidh le hithe

20

Deochanna neamhalcólacha

1

Púlagón

Milseogra a bhfuil miontas/lus an phiobair ann, seachas micrimhilseogra um chumhrú anála

250

Micrimhilseogra um chumhrú anála

2 000

Guma coganta

350

Deochanna neamhalcólacha a bhfuil miontas/lus an phiobair iontu

20

Deochanna alcólacha a bhfuil miontas/lus an phiobair iontu

100

Cuaisin

Deochanna neamhalcólacha

0,5

Earraí bácála

1

Deochanna alcólacha

1,5

1-Allil-3,4-meitiléin dé-oscaibeinséin, safról (*)

Ullmhóidí feola agus táirgí feola, lena n-áirítear éineoil agus géim

15

Ullmhóidí éisc agus táirgí éisc

15

Anraithí agus anlainn

25

Deochanna neamhalcólacha

1

Tiúicrin A

Biotáillí searbha nó beoir shearbh (1)

5

Licéir (2) a bhfuil blas searbh orthu

5

Deochanna alcólacha eile

2

Túsón (alfa agus béite)

Deochanna alcólacha, seachas iad siúd a tháirgtear ón speiceas Artemisia

10

Deochanna alcólacha a tháirgtear ón speiceas Artemisia

35

Deochanna neamhalcólacha a tháirgtear ón speiceas Artemisia

0,5

Cúmairin

Earraí bácála traidisiúnta agus/nó séasúraí a mbíonn tagairt do chainéil ar a lipéadú

50

‘Gránaigh bhricfeasta’ lena n-áirítear muesli

20

Earraí míne bácála seachas earraí bácála traidisiúnta agus/nó earraí bácála séasúraí a mbíonn cainéil luaite ar a lipéadú

15

Milseoga

5


(*)  Ní bheidh feidhm ag na huasleibhéil i gcás nach mbeidh blastáin curtha le comhbhia agus gur spíosraí agus luibheanna úra, triomaithe ná reoite amháin na comhábhair bia le hairíonna blaistithe a cuireadh leis. Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an Údarás, bunaithe ar shonraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit agus ar an bhfaisnéis eolaíoch is deireanaí, agus an úsáid a bhaintear as luibheanna agus as spíosraí agus as ullmhóidí nádúrtha blaistithe á cur san áireamh, molann an Coimisiún, más cuí, leasuithe ar an maolú seo.

(1)  Mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, Pointe 30 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

(2)  Mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, Pointe 32 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.


IARSCRÍBHINN IV

Liosta de na bunábhair a bhfuil feidhm ag srianta ina leith maidir lena n-úsáid i dtáirgeadh blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu

Cuid A:   Bunábhair nach n-úsáidfear i dtáirgeadh blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu

Bunábhar

An t-ainm Laidine

An t-ainm coitianta

Foirm theitreaplóideach Acorus calamus L.

Foirm theitreaplóideach an Chalmais

Cuid B:   Coinníollacha úsáide blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ó bhunábhair áirithe

Bunábhar

Coinníollacha úsáide

An t-ainm Laidine

An t-ainm coitianta

Quassia amara L. agus

Picrasma excelsa (Sw)

Cuaisin

Ní fhéadfar blastáin agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ón mbunábhar a úsáid ach chun deochanna agus earraí bácála a tháirgeadh

Laricifomes officinales (Vill.: Fr) Kotl. et Pouz

Fomes officinalis

Beacán agarach bán

Ní fhéadfar blastáin agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ón mbunábhar a úsáid ach chun deochanna alcólacha a tháirgeadh

Hypericum perforatum L.

Beathnua

Teucrium chamaedrys L.

Dairín


IARSCRÍBHINN V

Coinníollacha maidir le blastáin próisis theirmigh a tháirgeadh agus leibhéil uasta substaintí áirithe i mblastáin próisis theirmigh

Cuid A:   Coinníollacha maidir leis an táirgeadh:

(a)

Ní rachaidh teocht na dtáirgí thar 180 °C le linn na próiseála.

(b)

Ní rachaidh ré na próiseála teirmí thar 15 nóiméad ag 180 °C agus beidh tréimhsí níos faide dá réir ag teochtaí níos ísle, i.e. an t-am teasa a dhúbláil le haghaidh gach laghdú teochta faoi 10 °C, gan dul thar 12 uair an chloig.

(c)

Níor cheart go rachadh an pH thar luach 8,0 le linn na próiseála.

Cuid B:   Leibhéil uasta le haghaidh substaintí áirithe

Substaint

Leibhéal uasta µg/cg

2-aimín-3,4,8-trimheitileamadasó [4,5-f] cuinocsailín (4,8-DiMeIQx)

50

2-aimín-1-meitil-6-feinileamadasól [4,5-b]piridín (PhIP)

50