31.12.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (CE) uimh. 1272/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Nollaig 2008
maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Rialachán seo ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol chomh maith le saorghluaiseacht substaintí ceimiceacha, meascán ceimiceach agus earraí sonracha áirithe, agus an t-iomaíochas agus an nuálaíocht á bhfeabhsú. |
(2) |
Ní féidir feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh do shubstaintí, do mheascáin agus do na hearraí sin a bhaint amach ach mura mbeidh difríocht shuntasach idir na ceanglais is infheidhme maidir leo sna Ballstáit éagsúla. |
(3) |
Ba cheart go ndéanfaí ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú i gcomhfhogasú na reachtaíochta maidir leis na critéir chun substaintí agus meascáin a aicmiú agus a lipéadú, agus é d'aidhm an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach. |
(4) |
Ní ceist í an trádáil i substaintí agus i meascáin a bhaineann leis an margadh inmheánach amháin, ach baineann sí leis an margadh domhanda freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, go dtairbheodh na gnóthais den chomhchuibhiú domhanda ar na rialacha maidir le haicmiú agus lipéadú agus den chomhsheasmhacht idir na rialacha maidir le haicmiú agus lipéadú le haghaidh soláthair agus úsáide, ar thaobh amháin, agus na rialacha maidir le hiompar ar an taobh eile. |
(5) |
D'fhonn an trádáil dhomhanda a éascú agus sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ag an am céanna, tá critéir chomhchuibhithe maidir le haicmiú agus maidir le lipéadú curtha le chéile go cúramach thar thréimhse 12 bhliain laistigh de struchtúr na Náisiún Aontaithe (NA), as a dtagann an Córas Comhchuibhithe Domhanda um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú (dá ngairtear ‘an GHS’ anseo feasta). |
(6) |
Tagann an Rialachán sna sála ar ráitis éagsúla inar dhearbhaigh an Comhphobal go raibh rún aige cur leis an gcomhchuibhiú domhanda ar na critéir maidir le haicmiú agus maidir le lipéadú, ní hé amháin ar leibhéal na NA, ach freisin trí na critéir GHS a bhí comhaontaithe go hidirnáisiúnta a ionchorprú i ndlí an Chomhphobail. |
(7) |
Méadóidh na tairbhí do ghnóthais de réir mar a ghlacfaidh níos mó tíortha ar domhan na critéir GHS ina reachtaíocht. Ba cheart go mbeadh an Comhphobal ar thús cadhnaíochta sa dul chun cinn seo chun spreagadh a thabhairt do thíortha eile iad a leanúint agus é d'aidhm acu buntáiste iomaíoch a sholáthar don tionsclaíocht sa Chomhphobal. |
(8) |
Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, na forálacha agus na critéir maidir le haicmiú agus lipéadú substaintí, meascán agus earraí sonracha eile laistigh den Chomhphobal a chomhchuibhiú, agus critéir aicmithe agus rialacha lipéadaithe an GHS á gcur san áireamh, ach sin ag tógáil freisin ar thaithí 40 bliain a fuarthas trí chur chun feidhme na reachtaíochta ceimiceán Comhphobail atá ann cheana agus tríd an leibhéal cosanta atá bainte amach tríd an gcóras comhchuibhithe d'aicmiú agus do lipéadú a chothabháil, trí aicmí guaise Comhphobail nach cuid den GHS fós iad agus freisin trí rialacha reatha um pacáistiú agus um lipéadú. |
(9) |
Níor cheart gur dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm iomlán rialacha iomaíochta Comhphobail. |
(10) |
Ba cheart gurbh é cuspóir an Rialacháin seo a chinneadh cé acu d'airíonna substaintí agus meascán a dhéanfaí a aicmiú mar airíonna guaiseacha, le go ndéanfaí guaiseacha substaintí agus meascán a shainaithint agus a chur in iúl i gceart. Ba cheart go n-áireofaí in airíonna den sórt sin guaiseacha fisiceacha chomh maith le guaiseacha do shláinte an duine agus don chomhshaol, lena n-áirítear guaiseacha don chiseal ózóin. |
(11) |
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo, mar phrionsabal ginearálta, maidir leis na substaintí agus leis na meascáin go léir a sholáthrófaí sa Chomhphobal, ach i gcás ina leagfaí síos le reachtaíocht eile Chomhphobail rialacha níos mionsonraithe maidir le haicmiú agus lipéadú, amhail Treoir 76/768/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí cosmaideacha (3), Treoir 82/471/CEE ón gComhairle an 30 Meitheamh 1982 maidir le táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe (4), Treoir 88/388/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin a úsáidtear in earraí bia agus le hábhair bhunaidh chun iad a tháirgeadh (5), Treoir 89/107/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le breiseáin bia arna n-údarú in earraí bia a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (6), Treoir 90/385/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feistí inphlandaithe míochaine gníomhacha (7), Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 a bhaineann le feistí míochaine (8), Treoir 98/79 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí míochaine diagnóiseacha in vitro (9), Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún an 23 Feabhra 1999 lena nglactar clár substaintí blaistithe arna n-úsáid in earraí bia nó ar earraí bia arna tharraingt suas i gcur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine tréidliachta (11), Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine (12), Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (13) agus Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (14) nó i gcás ina ndéanfar substaintí agus meascáin a iompar d'aer, de mhuir, de bhóthar, d'iarnród nó d'uiscebhealaí intíre. |
(12) |
Ba cheart go réiteodh na téarmaí agus na sainmhínithe a úsáidtear sa Rialachán seo leis na téarmaí atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), (15), leis na téarmaí agus leis na sainmhínithe a leagtar amach sna rialacha lena rialaítear an t-iompar agus leis na sainmhínithe a shonraítear ag leibhéal na NA sa GHS, chun an chomhsheasmhacht is mó is féidir a áirithiú i gcur i bhfeidhm na reachtaíochta ceimiceán laistigh den Chomhphobal i gcomhthéacs na trádála domhanda. Ba cheart na haicmí guaise a shonraítear sa GHS a leagan amach sa Rialachán seo ar an gcúis chéanna. |
(13) |
Is cuí go mór go n-áireofaí na haicmí guaise a shainmhínitear sa GHS agus lena gcuirtear san áireamh, go sonrach, go mbíonn tionchar ag an gcaoi ina scaoiltear substaintí agus meascáin, a bheag nó a mhór, ar na guaiseacha fisiceacha a d'fhéadfaidís a léiriú. |
(14) |
Ba cheart go mbeadh leis an téarma ‘meascán’, mar a shainmhínítear é sa Rialachán seo, an bhrí chéanna a bhí leis an téarma ‘ullmhóid’ a úsáideadh cheana i reachtaíocht Chomhphobail. |
(15) |
Ba cheart go ngabhfadh an Rialachán seo ionad Threoir 67/548/CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1967 maidir le comhfhogasú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin maidir le substaintí contúirteacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú (16) agus ionad Threoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialachán agus fhorálacha riaracháin na mBallstát i dtaca le hullmhóidí contúirteacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú (17). Ba cheart go gcoimeádfadh sé ar bun an leibhéal reatha foriomlán cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol dá bhforáiltear leis na Treoracha sin. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcoimeádfaí sa Rialachán seo roinnt aicmí guaise a chumhdaítear leis na Treoracha sin ach nach bhfuil ar áireamh fós sa GHS. |
(16) |
Ba cheart gurbh iad monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha na substaintí agus na meascán sin a bheadh freagrach go príomha as guaiseacha substaintí agus meascán a shainaithint agus as a n-aicmiú a chinneadh, is cuma an bhfuil siad faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Agus a bhfreagrachtaí maidir le haicmiú á gcomhall acu, ba cheart go gceadófaí d'úsáideoirí foghabhálacha an t-aicmiú ar shubstaint nó ar mheascán arna dhíorthú ag gníomhaí sa slabhra soláthair i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid le haghaidh substainte nó meascáin, ar an gcoinníoll nach n-athróidh siad comhdhéanamh na substainte nó an mheascáin. Ba cheart gurbh iad monaróirí, táirgeoirí earraí agus allmhaireoirí a bheadh freagrach go príomha as aicmiú a dhéanamh ar shubstaintí nach gcuirfí ar an margadh agus a bheadh faoi réir chlárú nó faoi réir fógra a thabhairt faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Ba cheart áfach, go bhféadfaí foráil a dhéanamh d'aicmithe comhchuibhithe ar shubstaintí sna haicmí guaise is mó a bhfuil imní ag baint leo agus ar shubstaintí eile de réir gach cáis ar leith, agus ba cheart do mhonaróirí, d'allmhaireoirí agus d'úsáideoirí foghabhálacha na substaintí sin agus meascán ina bhfuil na substaintí sin na haicmithe comhchuibhithe sin a chur i bhfeidhm. |
(17) |
I gcás ina mbeidh cinneadh glactha chun aicmiú substainte a chomhchuibhiú maidir le haicme ghuaise shonrach nó le difreáil laistigh d'aicme ghuaise trí iontráil chun na críche sin a athbhreithniú nó a chur san áireamh i gCuid 3 de Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart don mhonaróir, don allmhaireoir agus don úsáideoir foghabhálach an t-aicmiú comhchuibhithe seo a chur i bhfeidhm, agus níor cheart dó féinaicmiú a dhéanamh ach amháin do na haicmí guaise nó do na difreálacha neamh-chomhchuibhithe atá fágtha laistigh den aicme ghuaise. |
(18) |
Lena áirithiú go bhfaighidh custaiméirí faisnéis maidir le guaiseacha, ba cheart do sholáthróirí substaintí agus meascán a áirithiú go ndéanfaí lipéadú agus pacáistiú ar shubstaintí nó ar mheascáin i gcomhréir leis an Rialachán seo sula gcuirfí ar an margadh iad, de réir an aicmithe a dhíorthófar. Agus a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo á gcomhall acu, ba cheart go gceadófaí d'úsáideoirí foghabhálacha an t-aicmiú ar shubstaint nó ar mheascán arna dhíorthú ag gníomhaí sa slabhra soláthair i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid le haghaidh substainte nó meascáin, ar an gcoinníoll nach n-athróidh siad comhdhéanamh na substainte nó an mheascáin, agus ba cheart go gceadófaí do dháileoirí an t-aicmiú ar shubstaint nó ar mheascán arna dhíorthú ag gníomhaí sa slabhra soláthair i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid. |
(19) |
D'fhonn a áirithiú go mbeidh faisnéis maidir le substaintí guaiseacha ar fáil nuair a áireofar iad i meascáin ina bhfuil substaint amháin ar a laghad atá aicmithe mar shubstaint ghuaiseach, ba cheart faisnéis bhreise maidir le lipéadú a chur ar fáil, i gcás inar iomchuí. |
(20) |
Cé nár cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar mhonaróir, ar allmhaireoir nó ar úsáideoir foghabhálach aon substainte nó aon mheascáin sonraí tocsaineolaíocha nua nó sonraí éiceathocsaineolaíocha nua a chruthú chun críocha an aicmithe, ba cheart dó an fhaisnéis ábhartha go léir atá ar fáil dó maidir le guaiseacha na substainte nó an mheascáin a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh ar a cáilíocht. Ba cheart don mhonaróir, don allmhaireoir nó don úsáideoir foghabhálach sonraí stairiúla daoine, amhail staidéir eipidéimeolaíocha ar dhaonraí a nochtadh, sonraí maidir le nochtadh trí thimpiste nó nochtadh ceirde a chur san áireamh freisin agus staidéir ar shonraí agus staidéir chliniciúla a dhéanamh. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur i gcomparáid leis na critéir le haghaidh na n-aicmí guaise agus na ndifreáluithe chun go bhféadfadh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach sin teacht ar chonclúid maidir le cibé acu an bhfuil an tsubstaint nó an meascán sin le haicmiú mar ghuaiseach nó nach bhfuil. |
(21) |
Cé go bhféadfar aicmiú aon substainte nó aicmiú aon mheascáin a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil, b'fhearr go ndéanfaí an fhaisnéis a bheidh ar fáil agus a úsáidfear chun críocha an Rialacháin seo a ghiniúint i gcomhréir leis na modhanna tástála dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, i gcomhréir le forálacha iompair nó i gcomhréir le prionsabail nó nósanna imeachta idirnáisiúnta maidir le bailíochtú faisnéise, chun cáilíocht agus inchomparáideacht na dtorthaí agus comhréireacht le ceanglais eile ar an leibhéal idirnáisiúnta nó ar leibhéal an Chomhphobail a áirithiú. Ba cheart na modhanna céanna tástála, na forálacha céanna, na prionsabail chéanna agus na nósanna imeachta céanna a leanúint i gcás ina roghnóidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach faisnéis nua a ghiniúint. |
(22) |
D'fhonn sainaithint ghuaise do mheascáin a éascú, ba cheart do mhonaróirí, d'allmhaireoirí agus d'úsáideoirí foghabhálacha an tsainaithint sin a bhunú ar na sonraí maidir leis an meascán féin, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, ach amháin i gcás meascán ina bhfuil substaintí atá carcanaigineach, só-ghineach maidir le gaiméití, toscsaineach maidir le hatáirgeadh, nó i gcás ina ndéanfar meastóireacht ar na hairíonna maidir le bith-dhíghrádú nó maidir le bithcharnadh san aicme ghuaise guaiseach don chomshaol uisceach. Sna cásanna sin, ó tharla nach féidir guaiseacha an mheascáin a mheasúnú go leordhóthanach ar bhealach atá bunaithe ar an meascán féin, ba cheart na sonraí maidir le substaintí aonair an mheascáin a úsáid de ghnáth mar bhunús chun guais an mheascáin a shainaithint. |
(23) |
Má tá dóthain faisnéise ar fáil maidir le meascáin dá samhail a tástáladh, lena n-áirítear comhábhair ábhartha na meascán, is féidir airíonna guaiseacha meascáin neamhthástáilte a chinneadh trí rialacha áirithe dá ngairtear ‘prionsabail an eachtarshuímh’ a chur i bhfeidhm. Faoi na rialacha sin, féadfar guaiseacha an mheascáin a thréithriú gan tástálacha a dhéanamh air, ach trí chur leis an bhfaisnéis atá ar fáil maidir le meascáin dá samhail a tástáladh. I gcás nach mbeidh aon sonraí tástála ar fáil nó nach mbeidh sonraí leordhóthanacha tástála ar fáil maidir leis an meascán féin, ba cheart, mar sin, do mhonaróirí, d'allmhaireoirí agus d'úsáideoirí foghabhálacha prionsabail an eachtarshuímh a leanúint chun inchomparáideacht leordhóthanach thorthaí an aicmithe ar na meascáin sin a áirithiú. |
(24) |
Féadfaidh earnálacha sonracha tionscail líonraí a bhunú chun malartú sonraí a éascú agus chun saineolas a thabhairt le chéile i dtaca le meastóireacht a dhéanamh ar fhaisnéis, ar shonraí tástála, ar chinntí thromachar na fianaise agus ar phrionsabail an eachtarshuímh. Féadfaidh na líonraí sin tacú le monaróirí, le hallmhaireoirí agus le húsáideoirí foghabhálacha sna hearnálacha tionscail sin, agus go háirithe le gnóthais bheaga agus mheánmhéide (GBManna) i gcomhall a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo. Féadfar na líonraí sin a úsáid freisin chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú d'fhonn comhall na n-oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a shimpliú. Ba cheart go leanfadh soláthróirí a bhaineann leas as an tacaíocht sin de bheith freagrach go hiomlán as a bhfreagrachtaí maidir le haicmiú, maidir le lipéadú agus maidir le pacáistiú faoin Rialachán seo a chomhall. |
(25) |
Is ardtosaíocht í an chosaint ainmhithe a thagann faoi raon feidhme Threoir 86/609/CEE ón gComhairle an 24 Samhain 1986 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialachán agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críocha turgnaimh agus chun críocha eile eolaíocha (18). Dá réir sin, i gcás ina roghnóidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach faisnéis a ghiniúint chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart dóibh breathnú ar dtús ar bhealaí eile seachas tástáil ar ainmhithe a thagann faoi raon feidhme Threoir 86/609/CEE. Ba cheart tástálacha ar phríomhaigh neamhdhaonna a thoirmeasc chun críocha an Rialacháin seo. |
(26) |
Déantar na modhanna tástála i Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008, ag leagan síos na modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (19) a athbhreithniú agus a fheabhsú go tráthrialta d'fhonn tástáil ar ainmhithe veirteabracha a laghdú agus d'fhonn an líon ainmhithe atá i gceist a laghdú. Tá ról tábhachtach ag an Lárionad Eorpach um Modhanna Malartacha a Bhailíochtú (ECVAM) de chuid Ionad Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh i measúnú eolaíoch agus i mbailíochtú modhanna malartacha tástála. |
(27) |
Ba cheart go dtabharfadh na critéir maidir le haicmiú agus le lipéadú a leagtar amach sa Rialachán seo lánaird ar chur chun cinn modhanna malartacha chun measúnú a dhéanamh ar ghuaiseacha substaintí agus meascán agus ba cheart go dtabharfaidís lánaird ar an oibleagáid chun faisnéis a ghiniúint maidir le hairíonna intreacha ar mhodh eile seachas tástálacha ar ainmhithe de réir bhrí Threoir 86/609/CEE faoi mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Níor cheart go mbeadh critéir sa todhchaí ina mbacainn ar an aidhm seo ná ar na hoibleagáidí comhfhreagracha faoin Rialachán sin, agus níor cheart, ar chúinse ar bith, go leanfadh úsáid tástálacha ainmhithe ó na critéir sin i gcás ina mbeadh tástálacha malartacha leordhóthanach chun críocha an aicmithe agus an lipéadaithe. |
(28) |
Chun críocha an aicmithe, níor cheart sonraí a ghiniúint trí thástálacha ar dhaoine. Ba cheart sonraí eipidéimeolaíocha iontaofa agus taithí eipidéimeolaíoch iontaofa atá ar fáil maidir le héifeachtaí substaintí agus meascán ar dhaoine (e.g. sonraí ceirde agus sonraí ó bhunachair shonraí timpistí) a chur san áireamh agus féadfar tosaíocht a thabhairt dóibh ar shonraí a díorthaíodh ó staidéir ar ainmhithe nuair a léiríonn siad guaiseacha nár aithníodh ó na staidéir sin. Ba cheart go mbreathnófaí ar thorthaí staidéar ar ainmhithe le hais torthaí sonraí faoi dhaoine agus ba cheart breithiúnas saineolaithe a úsáid chun an chosaint is fearr do shláinte an duine a áirithiú agus meastóireacht á déanamh ar shonraí faoi ainmhithe agus faoi dhaoine araon. |
(29) |
Ba cheart go mbeadh gá i gcónaí le faisnéis nua maidir le guaiseacha fisiceacha, ach amháin má bhíonn na sonraí ar fáil cheana nó má fhoráiltear do mhaolú sa Rialachán seo. |
(30) |
Maidir le tástálacha a dhéanfar chun críche an Rialacháin seo agus chun na críche sin amháin, déanfar iad ar an tsubstaint nó ar an meascán san fhoirm nó sna foirmeacha nó sa staid fhisiceach nó sna staideanna fisiceacha ina gcuirfear an tsubstaint nó an meascán ar an margadh agus ina bhféadfar bheith ag súil go réasúnach go n-úsáidfear í nó é. Ba cheart go bhféadfaí, áfach, chun críche an Rialacháin seo, úsáid a bhaint as torthaí na dtástálacha a dhéantar chun ceanglais rialúcháin eile a chomhlíonadh, lena n-áirítear na cinn arna leagan síos ag tríú tíortha, fiú mura ndearnadh na tástálacha ar an tsubstaint nó ar an meascán san fhoirm nó sna foirmeacha nó sa staid fhisiceach nó sna staideanna fisiceacha ina gcuirtear í nó é ar an margadh nó san fhoirm ina bhféadfar bheith ag súil leis go réasúnach go n-úsáidfear í nó é. |
(31) |
Má dhéantar tástálacha, ba cheart go gcomhlíonfaidís na ceanglais ábhartha maidir le cosaint ainmhithe saotharlainne a leagtar amach i dTreoir 86/609/CEE agus, i gcás tástálacha éiceathocsaineolaíocha nó tocsaineolaíocha, ba cheart go gcomhlíonfaidís an dea-chleachtas saotharlainne a leagtar amach i dTreoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus le fíorú ar a gcur i bhfeidhm i dtaca le tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha (20). |
(32) |
Ba cheart na critéir maidir le haicmiú sna haicmí guaise agus sna difreálacha éagsúla a leagan amach in iarscríbhinn inar cheart go mbeadh forálacha breise maidir le conas is féidir na critéir a chomhall. |
(33) |
Agus é á aithint acu nach díreach ná simplí i gcónaí a bhíonn cur i bhfeidhm na gcritéar maidir le faisnéis do na haicmí guaise éagsúla, ba cheart do mhonaróirí, d'allmhaireoirí agus d'úsáideoirí foghabhálacha cinntí thromachar na fianaise a chur i bhfeidhm agus breithiúnas saineolaithe á úsáid acu chun teacht ar thorthaí leordhóthanacha. |
(34) |
Ba cheart do mhonaróir, d'allmhaireoir nó d'úsáideoir foghabhálach sainteorainneacha tiúchana le haghaidh substaintí a shannadh do shubstaint i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa Rialachán seo, ar choinníoll go mbeidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach in ann na teorainneacha a dhlisteanú agus go gcuirfidh sé an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (dá ngairtear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta) ar an eolas dá réir sin. Ar a shon sin, níor cheart sainteorainneacha tiúchana a shocrú d'aicmí comhchuibhithe guaise nó do dhifreálacha le haghaidh substaintí a áirítear sna táblaí aicmithe agus lipéadaithe comhchuibhithe atá i gceangal leis an Rialachán seo. Ba cheart go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht treoir ar fáil chun na sainteorainneacha tiúchana a shocrú. D'fhonn an aonfhoirmeacht a áirithiú, ba cheart sainteorainneacha tiúchana a chur san áireamh freisin, más iomchuí, i gcás aicmithe comhchuibhithe. Ba cheart go mbeadh tosaíocht ag na sainteorainneacha tiúchana ar aon teorainn eile tiúchana chun críche an aicmithe. |
(35) |
Maidir le fachtóirí iolraithe (‘M-fhachtóirí’) do shubstaintí a aicmítear mar shubstaintí atá guaiseach don chomhshaol uisceach, géarchatagóir 1 nó catagóir ainsealach 1, ba cheart do mhonaróir, d'allmhaireoir nó d'úsáideoir foghabhálach iad a shannadh do shubstaint i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa Rialachán seo. Ba cheart go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht treoir ar fáil maidir leis na M-Fhachtóirí a shocrú. |
(36) |
Ar mhaithe le comhréireacht agus le hinoibritheacht, ba cheart luachanna cineálacha scoite a shainmhíniú d'eisíontais aitheanta, do bhreiseáin aitheanta agus do chomhábhair aonair aitheanta substaintí agus do shubstaintí i meascáin, ag sonrú cathain is ceart faisnéis maidir leo a chur san áireamh agus aicmiú guaise substaintí agus meascán á chinneadh. |
(37) |
D'fhonn aicmiú leordhóthanach meascán a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis atá ar fáil maidir le héifeachtaí sineirgisteacha agus le héifeachtaí freasúla a chur san áireamh agus aicmiú á dhéanamh ar mheascáin. |
(38) |
Ba cheart do mhonaróirí, d'allmhaireoirí agus d'úsáideoirí foghabhálacha athmheastóireacht a dhéanamh ar aicmithe substaintí nó meascán a chuireann siad ar an margadh má thagann siad ar an eolas faoi fhaisnéis nua eolaíoch nó faoi fhaisnéis nua theicniúil atá leordhóthanach agus iontaofa agus a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do na haicmithe sin nó má athraíonn siad comhdhéanamh a meascán, chun a áirithiú go bhfuil an t-aicmiú bunaithe ar fhaisnéis atá cothrom le dáta, mura mbíonn fianaise leordhóthanach ann nach n-athródh an t-aicmiú. Ba cheart do sholáthróirí na lipéid a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. |
(39) |
Ba cheart substaintí agus meascáin a aicmítear mar shubstaintí guaiseacha nó mar mheascáin ghuaiseacha a lipéadú agus a phacáistiú de réir a n-aicmithe, chun cosaint iomchuí a áirithiú agus chun faisnéis riachtanach a sholáthar dá bhfaighteoirí, trí aird na bhfaighteoirí a tharraingt ar ghuaiseacha na substainte nó an mheascáin. |
(40) |
Is iad na lipéid agus na bileoga sonraí sábháilteachta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 an dá ionstraim a bhforáiltear leis an Rialachán seo dá n-úsáid chun guaiseacha substaintí agus meascán a chur in iúl. Ar an dá cheann sin, is é an lipéad an t-aon uirlis chun cumarsáid a dhéanamh le tomhaltóirí, ach féadfaidh sé freisin aird oibrithe a tharraingt ar fhaisnéis níos cuimsithí a sholáthraítear ar bhileoga sonraí sábháilteachta maidir le substaintí nó meascáin. Ó tharla go n-áirítear na forálacha maidir le bileoga sonraí sábháilteachta i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 lena n- úsáidtear an bhileog sonraí sábháilteachta mar an phríomhuirlis chumarsáide laistigh de shlabhra soláthair substaintí, is iomchuí gan na forálacha céanna a dhúbailt sa Rialachán seo. |
(41) |
Chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis iomchuí, chuimsitheach do thomhaltóirí maidir le guaiseacha agus maidir le húsáid shábháilte ceimiceán agus meascán, ba cheart úsáid agus leathadh láithreán Idirlín agus uimhreacha saorghlao a chur chun cinn, go háirithe i dtaca le faisnéis a sholáthar maidir le cineálacha sonracha pacáistithe. |
(42) |
Thairbheodh oibrithe agus tomhaltóirí ar fud an domhain d'uirlis chumarsáide chomhchuibhithe dhomhanda faoi ghuais i bhfoirm lipéadaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, na heilimintí atá le háireamh ar lipéid a shonrú i gcomhréir leis na picteagraim ghuaise, leis na focail chomharthaíochta, leis na ráitis ghuaise agus i gcomhréir leis na ráitis réamhchúraim atá mar fhaisnéis bhunúsach sa GHS. Ba cheart faisnéis eile a áirítear ar lipéid a theorannú don mhéid íosta agus níor cheart go ndéanfadh an fhaisnéis sin na príomheilimintí a thabhairt faoi cheist. |
(43) |
Tá sé riachtanach go sainaithneofaí i gceart na substaintí agus na meascáin a chuirfear ar an margadh. Ba cheart, áfach, go gceadódh an Ghníomhaireacht do ghnóthais, arna iarraidh sin dóibh agus más gá, cur síos a dhéanamh ar chéannacht cheimiceach substaintí ar leith ar bhealach nach gcuirfeadh cineál rúnda a ngnóthaí i mbaol. I gcás ina ndiúltóidh an Ghníomhaireacht d'iarraidh den sórt sin, ba cheart go gceadófaí achomharc i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh éifeacht fionraíochta ag an achomharc ionas nach mbeadh an fhaisnéis rúnda, ar ina leith a rinneadh an iarraidh, ar an lipéad fad a bheidh an t-achomharc ar feitheamh. |
(44) |
Is údarás domhanda a bhfuil seasamh fada aige é Comhar Idirnáisiúnta na Ceimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC) maidir le hainmníocht agus maidir le téarmaíocht cheimiceach. Is cleachtas forleathan ar fud an domhain é substaintí a shainaithint lena n-ainmneacha IUPAC agus leagann sé síos bonn caighdeánach chun substaintí a shainaithint i gcomhthéacs idirnáisiúnta, ilteangach. Is iomchuí, dá bhrí sin, na hainmneacha sin a úsáid chun críocha an Rialacháin seo. |
(45) |
Cuireann Seirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) córas ar fáil trína gcuirtear substaintí le Clárlann CAS agus trína sanntar Uimhir Chláraithe uathúil CAS dóibh. Úsáidtear na huimhreacha CAS sin ar fud an domhain i saothair thagartha, i mbunachair sonraí agus i ndoiciméid maidir le comhlíonadh rialúcháin ionas gur féidir substaintí a shainaithint gan athbhrí na hainmníochta ceimicí. Is iomchuí, dá bhrí sin, uimhreacha CAS a úsáid chun críocha an Rialacháin seo. |
(46) |
Chun an fhaisnéis ar an lipéad a theorannú don fhaisnéis is riachtanaí, ba cheart go socrófaí na heilimintí lipéad is mó is iomchuí trí bhíthin prionsabal tosaíochta i gcásanna ina mbeadh airíonna guaiseacha éagsúla ag substaintí nó ag meascáin. |
(47) |
Ba cheart go bhfanfadh Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (21) agus forálacha Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (22), infheidhme go hiomlán maidir le haon táirge a thagann faoina raon feidhme. |
(48) |
Ní bheidh ar lipéid nó ar phacáistiú aon substainte guaisí nó aon mheascáin ghuaisigh ráitis amhail ‘neamhthocsaineach’, ‘neamhdhochrach’, ‘neamhthruaillitheach’, ‘éiceolaíoch’ nó aon ráitis eile a chuireann in iúl nach bhfuil an tsubstaint nó an meascán guaiseach nó aon ráitis eile nach bhfuil ar comhréir lena aicmiú. |
(49) |
Ba cheart go ndéanfaí substaintí agus meascáin, go háirithe substaintí agus meascáin a sholáthraítear don phobal i gcoitinne, a sholáthar i bpacáistiú mar aon leis an bhfaisnéis riachtanach maidir le lipéadú. Áirithítear soláthar faisnéise iomchuí idir ghairmithe, lena n-áiritear faisnéis maidir le substaintí agus maidir le meascáin neamhphacáistithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Féadfar i gcúinsí eisceachtúla, áfach, substaintí agus meascáin neamhphacáistithe a sholáthar don phobal i gcoitinne. Más iomchuí, ba cheart faisnéis ábhartha maidir le lipéadú a sholáthar don phobal i gcoitinne ar mhodh eile, amhail sonrasc nó bille. |
(50) |
Tá rialacha maidir le greamú lipéad agus maidir le suíomh faisnéise ar lipéid riachtanach lena áirithiú gur furasta an fhaisnéis ar lipéid a thuiscint. |
(51) |
Ba cheart go leagfaí amach leis an Rialachán seo caighdeáin ghinearálta maidir le pacáistiú, lena áirithiú go soláthrófar substaintí guaiseacha agus meascáin ghuaiseacha go sábháilte. |
(52) |
Ba cheart acmhainní na n-údarás a dhíriú ar na substaintí is mó a bhfuil imní ag baint leo maidir leis an tsláinte agus maidir leis an gcomhshaol. Ba cheart foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, chun a chumasú d'údaráis inniúla agus do mhonaróirí, d'allmhaireoirí agus d'úsáideoirí foghabhálacha tograí a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta le haghaidh aicmiú cagus lipéadú omhchuibhithe substaintí arna n-aicmiú i dtaca le carcanaigineacht, le só-ghineacht ghaiméite nó le tocsaineacht atáirgthe catagóir 1A, 1B nó 2, le híogrú riospráide, nó i dtaca le héifeachtaí eile de réir gach cáis ar leith. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla na mBallstát in ann aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe a mholadh do shubstaintí gníomhacha a úsáidtear i dtáirgí cosanta plandaí agus i dtáirgí bithcídeacha. Ba cheart don Ghníomhaireacht a tuairim a thabhairt maidir leis an togra agus ba cheart go mbeadh an deis ag páirtithe leasmhara barúil a thabhairt. Ba cheart don Choimisiún dréachtchinneadh a thíolacadh maidir leis an aicmiú deireanach agus maidir leis na heilimintí lipéid. |
(53) |
D'fhonn an obair agus an taithí a carnadh faoi Threoir 67/548/CEE a chur san áireamh go hiomlán, lena n-áirítear aicmiú agus lipéadú substaintí sonracha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 67/548/CEE, ba cheart na haicmithe comhchuibhithe go léir atá ann cheana a aistriú ina n-aicmithe comhchuibhithe nua ag baint úsáid as na critéir nua. Thairis sin, ós rud é go gcuirtear infheidhmeacht an Rialacháin seo siar agus go bhfuil na haicmithe comhchuibhithe i gcomhréir le critéir Threoir 67/548/CEE ábhartha d'aicmiú substaintí agus meascán i rith na hidirthréimhse a leanann, ba cheart na haicmithe comhchuibhithe go léir atá ann cheana a chur in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo gan athrú a dhéanamh orthu. Trí na comhchuibhithe aicmithe go léir sa todhchaí a chur faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart neamhréireachtaí a sheachaint in aicmithe comhchuibhithe den tsubstaint chéanna faoi na critéir atá ann cheana agus faoi na critéir nua. |
(54) |
D'fhonn feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh do shubstaintí agus do mheascáin a bhaint amach, agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú san am céanna, ba cheart rialacha a bhunú maidir le fardal aicmithe agus lipéadaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, go dtabharfaí fógra don Ghníomhaireacht maidir le haicmiú agus le lipéadú aon substainte cláraithe nó aon substainte guaisí a chuirfí ar an margadh chun go n-áireofaí san fhardal í. |
(55) |
Ba cheart don Ghníomhaireacht staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann chun an nós imeachta maidir le fógra a thabhairt a shimpliú tuilleadh go háirithe agus riachtanais Gnóthas Beag agus Meánmhéide á gcur san áireamh. |
(56) |
Ba cheart go ndéanfadh monaróirí agus allmhaireoirí éagsúla na substainte céanna gach iarracht aontú ar aicmiú amháin don tsubstaint sin ach amháin d'aicmí guaise agus do dhifreálacha atá faoi réir aicmithe chomhchuibhithe don tsubstaint sin. |
(57) |
Chun leibhéal cosanta chomhcuibhithe a áirithiú don phobal i gcoitinne, agus go háirithe do dhaoine a theagmhaíonn le substaintí áirithe, agus chun oibriú cuí reachtaíochta eile Comhphobail a bhíonn ag brath ar aicmiú agus lipéadú a áirithiú, ba cheart taifead a dhéanamh san fhardal, más féidir agus i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar an aicmiú a chomhaontaigh monaróirí agus allmhaireoirí na substainte céanna, mar aon le taifead ar chinntí arna nglacadh ar leibhéal an Chomhphobail chun aicmiú agus lipéadú substaintí áirithe a chomhchuibhiú. |
(58) |
Ba cheart gurbh ionann an leibhéal rochtana agus cosanta don fhaisnéis a áirítear i bhfardal an aicmithe agus an lipéadaithe agus an leibhéal a thugtar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, go háirithe maidir le faisnéis a d'fhéadfadh leasanna tráchtála na ndaoine lena mbaineann a chur i gcontúirt dá nochtfaí í. |
(59) |
Ba cheart do na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla atá freagrach as tograí le haghaidh aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe a cheapadh agus na húdaráis atá freagrach as forghníomhú na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a cheapadh. Ba cheart do na Ballstáit bearta éifeachtacha monatóireachta agus rialaithe a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. |
(60) |
Tá sé tábhachtach go gcuirfí comhairle ar fáil do sholáthróirí agus d'aon pháirtithe leasmhara eile, go háirithe GBManna, maidir lena bhfreagrachtaí agus lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo. Féadfaidh deasca náisiúnta cabhrach atá bunaithe cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 gníomhú mar dheasca náisiúnta cabhrach dá bhforáiltear faoin Rialachán seo. |
(61) |
Chun go bhfeidhmeoidh an córas a bhunaítear leis an Rialachán seo go héifeachtach, tá sé tábhachtach go mbeadh comhoibriú agus comhordú maith ann idir na Ballstáit, an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún. |
(62) |
D'fhonn pointí lárnacha faisnéise a chur ar fáil maidir le substaintí guaiseacha agus maidir le meascáin ghuaiseacha, ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí a cheapadh a bheadh freagrach as faisnéis a fháil maidir le sláinte agus maidir le céannacht cheimiceach, comhábhair agus nádúr substaintí, lena n-áirítear substaintí a gceadaítear ainm ceimiceach malartach a úsáid ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo, mar aon leis na húdaráis inniúla chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus na húdaráis a bheadh freagrach as forghníomhú an Rialacháin seo a cheapadh. |
(63) |
Féadfaidh na comhlachtaí atá freagrach, i gcás ina n-iarrfaidh an Ballstát é, anailís staidrimh a dhéanamh chun réimsí a aimsiú ina bhféadfadh bearta feabhsaithe bainistithe priacail a bheith ag teastáil. |
(64) |
Ba cheart go mbeadh tuarascálacha tráthrialta ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht maidir le feidhmiú an Rialacháin seo fíor-riachtanach chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta maidir le ceimiceáin agus ar threochtaí sa réimse seo. Ba cheart go mbeadh conclúidí ó thorthaí sna tuarascálacha ina n-uirlisí úsáideacha, praiticiúla chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán agus, i gcás inar gá, chun tograí le haghaidh leasuithe a fhoirmiú. |
(65) |
Ba cheart don Fhóram um malartú faisnéise maidir le forghníomhú sa Ghníomhaireacht, arna bhunú le Rialachán (EC) Uimh. 1907/2006, faisnéis a mhalartú freisin maidir le forghníomhú an Rialacháin seo. |
(66) |
Chun trédhearcacht, neamhchlaontacht agus comhréireacht a áirithiú i leibhéal na ngníomhaíochtaí forghníomhaithe ag na Ballstáit, ní mór do na Ballstáit creat iomchuí a bhunú d'fhonn pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur i leith neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo, toisc go bhféadfadh damáiste do shláinte an duine agus don chomhshaol a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh. |
(67) |
Ba cheart rialacha a leagan síos lena gceanglófaí go luafaí na guaiseacha gaolmhara ar fhógraí do shubstaintí a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú a leagtar amach sa Rialachán seo, chun faighteoirí substaintí, lena n-áirítear tomhaltóirí, a chosaint. Ba cheart, ar an gcúis chéanna, go luafaí an cineál guaise nó na cineálacha guaise a shonraítear ar an lipéad ar fhógraí do mheascáin a aicmítear mar mheascáin ghuaiseacha agus a cheadaíonn do dhuine den phobal i gcoitinne conradh ceannaigh a chur i gcrích gan an lipéad a fheiceáil roimh ré. |
(68) |
Ba cheart go bhforálfaí do chlásal cosanta chun aghaidh a thabhairt ar staideanna ina mbainfeadh priacal tromchúiseach do shláinte an duine nó don chomhshaol le substaint nó le meascán, fiú mura n-aicmítear í nó é mar shubstaint ghuaiseach nó mar mheascán guaiseach i gcomhlíonadh an Rialacháin seo. I gcás den sórt sin, d'fhéadfadh sé gur ghá gníomh ag leibhéal na NA mar gheall ar nádúr domhanda na trádála i substaintí agus meascáin. |
(69) |
Cé go leanann a lán de na hoibleagáidí a bhíonn ar ghnóthais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ón aicmiú, níor cheart go n-athródh an Rialachán seo raon feidhme ná tionchar an Rialacháin sin, seachas a fhorálacha maidir le bileoga sonraí sábháilteachta. Chun é seo a áirithiú, ba cheart go ndéanfaí an Rialachán seo a leasú dá réir. |
(70) |
Ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agaithe chun a chumasú do na páirtithe go léir atá i gceist, údaráis, gnóthais, mar aon le páirtithe leasmhara, a gCuid acmhainní a dhíriú ar ullmhú do dhualgais nua ag na hamanna cearta. Ar an ábhar sin, agus toisc go mbraitheann aicmiú meascán ar aicmiú substaintí, níor cheart na forálacha maidir le haicmiú meascán a chur i bhfeidhm ach amháin tar éis athaicmiú a dhéanamh ar na substaintí go léir. Ba cheart go gceadófaí d'oibreoirí na critéir aicmithe atá sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm níos luaithe ar bhonn deonach, ach sa chás sin d'fhonn mearbhall a sheachaint ba cheart go gcomhlíonfadh an lipéadú agus an pacáistiú an Rialachán seo seachas Treoir 67/548/CEE nó Treoir 1999/45/CE. |
(71) |
D'fhonn ualaí neamhriachtanacha ar ghnóthais a sheachaint, féadfar leanúint ar feadh tréimhse áirithe ama de shubstaintí agus de mheascáin a chur ar an margadh gan athlipéadú a dhéanamh orthu, ar substaintí agus meascáin iad a bheidh sa slabhra soláthair cheana féin nuair a thiocfaidh forálacha an Rialacháin seo maidir le lipéadú chun bheith infheidhme ina dtaobh. |
(72) |
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na rialacha maidir le haicmiú, maidir le lipéadú agus maidir le pacáistiú a chomhchuibhiú, foráil d'oibleagáid maidir le haicmiú agus liosta comhchuibhithe de shubstaintí atá aicmithe ar leibhéal an Chomhphobail mar aon le fardal an aicmithe agus an lipéadaithe a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. |
(73) |
Cloíonn an Rialachán seo leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a aithnítear go háirithe sa i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (23). |
(74) |
Ba cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo le baint amach an Chur chuige Straitéisigh maidir le Bainistiú Idirnáisiúnta Ceimiceán (SAICM) arna ghlacadh an 6 Feabhra 2006 in Dubai. |
(75) |
Faoi réir forbairtí ar leibhéal na NA, ba cheart aicmiú agus lipéadú marthanach, bithchnuasaitheach agus tocsaineach (PBT) agus an-mharthanach agus an-bhithchnuasaitheach (vPvB) a áireamh sa Rialachán seo ag céim níos deireanaí. |
(76) |
Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (24). |
(77) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear ionchorprú leasuithe ar an GHS arna ndéanamh ar leibhéal na NA, go háirithe aon leasuithe na NA den sórt sin a bhaineann le húsáid faisnéise maidir le meascáin dá samhail. Ba cheart an luas oibre débhliantúil ar leibhéal na NA a chur san áireamh agus na hoiriúnuithe seo don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch á gcur i gcrích. Thairis sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe substaintí sonracha a chinneadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(78) |
Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun oiriúnuithe don dul chun cinn teicniúil a ghlacadh. |
(79) |
Chomh maith leis sin, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go dtabharfadh an Coiste a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 cúnamh don Choimisiún chun cur chuige comhréireach a áirithiú maidir le reachtaíocht ceimiceán a thabhairt cothrom le dáta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
SAINCHEISTEANNA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cuspóir agus Raon Feidhme
1. Is é cuspóir an Rialacháin seo leibhéal ard cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a áirithiú chomh maith le saorghluaiseacht substaintí, meascán agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 4(8) tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
na critéir maidir le haicmiú a dhéanamh ar shubstaintí agus ar mheascáin agus na rialacha maidir le lipéadú agus pacáistiú do shubstaintí agus do mheascáin ghuaiseacha a chomhchuibhiú; |
(b) |
foráil d'oibleagáid:
|
(c) |
foráil d'oibleagáid ar mhonaróirí agus ar allmhaireoirí substaintí fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht faoi aicmithe agus faoi eilimintí lipéadaithe den sórt sin mura mbeidh siad sin tíolactha don Ghníomhaireacht mar chuid de chlárú faoi Rialachán (CE) Uimh 1907/2006; |
(d) |
liosta substaintí a bhunú lena n-aicmithe comhchuibhithe agus lena n-eilimintí lipéadaithe ar leibhéal an Chomhphobail i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI; |
(e) |
fardal aicmithe agus lipéadaithe substaintí a bhunú atá comhdhéanta de gach fógra, aighneacht, aicmiú comhchuibhithe agus eilimint lipéadaithe dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d). |
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
substaintí agus meascáin radaighníomhacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 96/29/Euratom ón gComhairle an 13 Bealtaine 1996 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta chun sláinte oibrithe agus an phobail i gcoitinne a chosaint ar na contúirtí a éiríonn as radaíocht ianaíoch (25); |
(b) |
substaintí agus meascáin atá faoi réir maoirseachta custaim, ar choinníoll nach dtéann siad faoi aon chóireáil nó faoi aon phróiseáil, agus atá á stóráil go sealadach, nó i saorchrios nó stóras saor d'fhonn iad a ath-onnmhairiú, nó atá ar idirthuras; |
(c) |
substaintí idirmheánacha neamh-aonraithe; |
(d) |
substaintí agus meascáin don taighde eolaíoch agus don fhorbairt eolaíoch, nach gcuirtear ar an margadh, ar choinníoll go n-úsáidtear iad faoi choinníollacha rialaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht Chomhphobail maidir leis an láthair oibre agus maidir leis an gcomhshaol. |
3. Ní substaint, meascán nó earra de réir bhrí Airteagal 2 den Rialachán seo í an dramhaíl mar a shainmhínítear í i dTreoir 2006/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Aibreán 2006 (26)maidir le dramhaíl.
4. Féadfaidh Ballstáit díolúintí ón Rialachán seo a cheadú i gcásanna sonracha maidir le substaintí áirithe nó maidir le meascáin áirithe, i gcás inar gá sin ar mhaithe leis an gcosaint.
5. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le substaintí agus meascáin sna foirmeacha seo a leanas, atá sa staid chríochnaithe, agus iad ceaptha don úsáideoir deiridh:
(a) |
táirgí míochaine mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/83/CE iad; |
(b) |
táirgí míochaine tréidliachta mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/82/CE iad; |
(c) |
earraí cosmaideacha mar a shainmhínítear i dTreoir 76/768/CEE iad; |
(d) |
feistí míochaine mar a shainmhínítear i dTreoir 90/385/CEE agus i dTreoir 93/42/CEE iad, atá ionrach nó a úsáidtear i dteagmháil fhisiceach dhíreach le corp an duine, agus i dTreoir 98/79/CE. |
(e) |
bia nó ábhair bheatha mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 iad lena n-áirítear tráth a mbíonn siad á n-úsáid:
|
6. Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 33, ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hearraí guaiseacha a iompar d'aer, de mhuir, de bhóthar, d'iarnród nó d'uiscebhealaí intíre.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1) |
ciallaíonn ‘aicme ghuaise’ nádúr na guaise fisicí, sláinte nó comhshaoil; |
2) |
ciallaíonn ‘catagóir ghuaise’ roinnt na gcritéar laistigh de gach aicme ghuaise, a shonraíonn déine na guaise; |
3) |
ciallaíonn ‘picteagram guaise’ comhdhéanamh grafach a mbíonn ar áireamh ann siombail agus eilimintí grafacha eile, amhail imlíne, patrún cúlra nó dath cúlra agus atá ceaptha faisnéis shonrach a chur in iúl mar gheall ar an nguais lena mbaineann; |
4) |
ciallaíonn ‘focal comhartha’ focal a chuireann in iúl an leibhéal coibhneasta maidir le déine guaiseacha chun an léitheoir a chur san airdeall maidir le guais a d'fhéadfadh tarlú; déantar idirdhealú idir an dá leibhéal seo a leanas:
|
5) |
ciallaíonn ‘ráiteas guaise’ frása a shanntar d'aicme ghuaise agus do chatagóir ghuaise a chuireann síos ar nádúr na nguaiseacha maidir le substaint ghuaiseach nó maidir le meascán guaiseach a áireoidh, i gcás inarb iomchuí, déine na guaise; |
6) |
ciallaíonn ‘ráiteas réamhchúraim’ frása lena gcuirtear síos ar an mbeart nó ar na bearta atá molta chun drochéifeachtaí a íoslaghdú nó a chosc a thiocfadh as nochtadh do shubstaint ghuaiseach nó do mheascán guaiseach de thoradh a n-úsáide nó a ndiúscairte; |
7) |
ciallaíonn ‘substaint’ dúil cheimiceach agus a comhdhúile sa staid nádúrtha nó dúil cheimiceach agus a comhdhúile a bheidh mar thoradh ar aon phróiseas monaraíochta, lena n-áirítear aon bhreiseán is gá chun a cobhsaíocht a chaomhnú nó aon eisíontas a eascróidh ón bpróiseas a úsáidfear, seachas aon tuaslagóir a fhéadfar a roinnt gan éifeacht a bheith aige ar chobhsaíocht na substainte ná ar a chomhdhéanamh a athrú; |
8) |
ciallaíonn ‘meascán’ meascán nó tuaslagadh atá comhdhéanta de dhá shubstaint nó níos mó; |
9) |
ciallaíonn ‘earra’ réad a dtugtar dó, le linn a tháirgthe, cuma, dromchla nó dearadh ar leith a chinneann a fheidhm ar shlí níos mó ná a chomhdhéanamh ceimiceach; |
10) |
ciallaíonn ‘táirgeoir earra’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann nó a chóimeálann earra laistigh den Chomhphobal; |
11) |
ciallaíonn ‘polaiméir’ substaint atá comhdhéanta de mhóilíní a bhfuil de thréith acu seicheamh de cheann amháin nó níos mó d'aonaid monaiméirí. Caithfidh na móilíní sin a bheith dáilithe thar raon meáchan móilíneach inar féidir na difríochtaí i meáchan a leagan go príomha ar na difríochtaí i líon na n-aonad monaiméirí. Cuimsítear le polaiméir an méid seo a leanas:
I gcomhthéacs an tsainmhínithe sin, ciallaíonn ‘aonad monaiméara’ an fhoirm imoibrithe de shubstaint mhonaiméara atá i bpolaiméir; |
12) |
ciallaíonn ‘monaiméir’ substaint atá in ann naisc chomhfhiúsacha a dhéanamh le seicheamh de mhóilíní comhchosúla nó neamhchosúla breise faoi na coinníollacha maidir leis an imoibriú ábhartha chun polaiméirí a fhoirmiú a úsáidtear sa phróiseas ar leith; |
13) |
ciallaíonn ‘cláraí’ monaróir nó allmhaireoir substainte nó táirgeoir nó allmhaireoir réada a thíolacfaidh clárú do shubstaint faoi Rialachán (CE) Uimh 1907/2006; |
14) |
ciallaíonn ‘monarú’ táirgeadh substaintí nó eastóscadh substaintí ina staid nádúrtha; |
15) |
ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Chomhphobal a mhonaraíonn substaint laistigh den Chomhphobal; |
16) |
ciallaíonn ‘allmhairiú’ tabhairt isteach fisiciúil i gcríoch chustaim an Chomhphobail; |
17) |
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Chomhphobal agus atá freagrach as allmhairiú; |
18) |
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ soláthar nó cur ar fáil, cibé acu le haghaidh íocaíochta nó saor in aisce, le haghaidh triú páirtí. Measfar gur cur ar an margadh is ea allmhairiú; |
19) |
ciallaíonn ‘úsáideoir foghabhálach’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal, seachas an monaróir nó t-allmhaireoir, a úsáideann an tsubstaint, léi féin nó i meascán, le linn dó a chuid gníomhaíochtaí tionsclaíochta nó gairmiúla a dhéanamh. Ní úsáideoir foghabhálach é dáileoir nó tomhaltóir. Ath-allmhaireoir a dhíolmhófar de bhun Airteagal 2(7)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, measfar gur úsáideoir foghabhálach é; |
20) |
ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal, lena n-áirítear miondíoltóir, nach ndéanann ach substaint, léi féin nó i meascán, a stóráil nó a chur ar an margadh, le haghaidh tríú páirtithe; |
21) |
ciallaíonn substaint ‘idirmheánach’ substaint a mhonaraítear do phróiseáil cheimiceach agus a ídítear i bpróiseáil cheimiceach nó a úsáidtear i bpróiseáil cheimiceach chun go gclaochlófar é i substaint eile (dá ngairtear an ‘tsintéis’ anseo feasta); |
22) |
ciallaíonn substaint ‘idirmheánach neamh-aonraithe’ earra idirmheánach nach mbaintear d'aon turas (seachas le haghaidh tástála) as an trealamh ina dtarlaíonn an tsintéis. Cuimsíonn trealamh den sórt sin an soitheach imoibriúcháin, a threalamh coimhdeach, aon trealamh a ngabhann an tsubstaint nó na substaintí tríd trí shreabhadh leanúnach nó tríd an bpróiseas baisce agus tríd an bpíbobair lena haistriú nó lena n-aistriú ó shoitheach amháin go soitheach eile ar mhaithe leis an gcéad chéim eile imoibrithe, ach eisiatar taiscumair agus soithí eile ina mbíonn an tsubstaint nó substaintí á stóráil tar éis na monaraíochta; |
23) |
ciallaíonn ‘an Ghníomhaireacht’ an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh 1907/2006; |
24) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás nó na húdaráis nó na comhlachtaí a bhunaigh na Ballstáit leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a chomhlíonadh; |
25) |
ciallaíonn ‘úsáid’ earra a phróiseáil, a fhoirmiú, a thomhailt, a stóráil, a choimeád, a chóireáil, a chur i gcoimeádáin, a aistriú ó choimeádán amháin go coimeádán eile, a mheascadh, a tháirgeadh nó é a a úsáid ar aon slí eile; |
26) |
ciallaíonn ‘soláthróir’ aon mhonaróir, aon allmhaireoir, aon úsáideoir foghabhálach nó aon dáileoir a chuireann substaint léi féin nó i meascán, nó meascán, ar an margadh; |
27) |
ciallaíonn ‘cóimhiotal’ ábhar miotalach, aonchineálach ar scála macrascópach, a bhfuil cumasc de dhá eilimint ann i slí nach féidir iad a dheighilt go héasca le meáin mheicniúla; chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur meascáin iad cóimhiotail; |
28) |
ciallaíonn ‘RTDG na NA’ Moltaí na Náisiún Aontaithe maidir le hearraí contúirteacha a iompar; |
29) |
ciallaíonn ‘fógróir’ an monaróir nó an t-allmhaireoir nó grúpa monaróirí nó allmhaireoirí a thabharfaidh fógra don Ghníomhaireacht; |
30) |
ciallaíonn ‘taighde eolaíoch agus forbairt eolaíoch’ aon turgnamh eolaíoch, aon anailís nó aon taighde ceimiceach a sheoltar faoi choinníollacha rialaithe; |
31) |
ciallaíonn ‘luach scoite’ tairseach d'aon eisíontas aicmithe, d'aon bhreiseán aicmithe nó d'aon chomhábhar aicmithe ar leith i substaint nó i meascán, a gcuirfear san áireamh iad thar an tairseach sin lena chinneadh an ndéanfar an tsubstaint nó an meascán faoi seach a aicmiú; |
32) |
ciallaíonn ‘teorainn tiúchana’ teorainn d'aon eisíontas aicmithe, d'aon bhreiseán aicmithe nó d'aon chomhábhar aicmithe ar leith i substaint nó i meascán a d'fhéadfadh aicmiú na substainte nó an mheascáin faoi seach a spreagadh; |
33) |
ciallaíonn ‘difreáil’ idirdhealú laistigh d'aicmí guaise ag brath ar bhealach an nochta nó ar chineál na n-éifeachtaí; |
34) |
ciallaíonn ‘M-fhachtóir’ fachtóir iolraithe. Cuirtear i bhfeidhm é maidir le tiúchan substainte atá aicmithe mar ghuaiseach don chomhshaol uisceach, géarchatagóir 1 nó catagóir ainsealach 1, agus úsáidtear é, tríd an modh suimiúcháin, chun teacht ar aicmiú meascáin ina bhfuil an tsubstaint i láthair; |
35) |
ciallaíonn ‘pacáiste’ táirge iomlán na hoibríochta pacála, arb éard atá ann an pacáistiú agus a inneachar; |
36) |
ciallaíonn ‘pacáistiú’ coimeádán amháin nó níos mó nó aon chomhábhair nó aon ábhair atá riachtanach do na coimeádáin chun a bhfeidhm coimeádta agus a bhfeidhmeanna eile sábháilteachta a chur i gcrích; |
37) |
ciallaíonn ‘pacáistiú idirmheánach’ pacáistiú a chuirtear idir an pacáistiú inmheánach, nó na hearraí, agus an pacáistiú seachtrach. |
Airteagal 3
Substaintí guaiseacha agus meascáin ghuaiseacha agus sonrú aicmí guaise
Substaint nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le guaiseacha fisiceacha, guaiseacha sláinte nó guaiseacha comhshaoil a leagtar síos i gCuid 2 go Cuid 5 d'Iarscríbhinn I, is substaint ghuaiseach í nó is meascán guaiseach é agus déanfar an tsubstaint sin nó an meascán sin a aicmiú i ndáil leis na haicmí guaise faoi seach dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin.
I gcás, in Iarscríbhinn I, ina ndéanfar idirdhealú idir aicmí guaise ar bhonn bhealach an nochta nó ar bhonn chineál na n-éifeachtaí, déanfar an tsubstaint nó an meascán a aicmiú i gcomhréir leis an idirdhealú sin.
Airteagal 4
Oibleagáidí ginearálta maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú a dhéanamh
1. Déanfaidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha substaintí nó meascáin a aicmiú i gcomhréir le Teideal II sula gcuirfidh siad ar an margadh iad.
2. Gan dochar do cheanglais mhír 1, déanfaidh monaróirí, táirgeoirí earraí agus allmhaireoirí na substaintí sin nach gcuirtear ar an margadh a aicmiú i gcomhréir le Teideal II sna cásanna seo a leanas:
(a) |
i gcás ina ndéanfar foráil in Airteagal 6, in Airteagal 7(1) nó (5), in Airteagal 17 nó in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 do chlárú substainte; |
(b) |
i gcás ina ndéanfar foráil in Airteagal 7(2) nó in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 go dtabharfar fógra. |
3. Má bhíonn substaint faoi réir aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe i gcomhréir le Teideal V trí iontráil i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI, aicmeofar an tsubstaint sin i gcomhréir leis an iontráil sin agus ní dhéanfar an tsubstaint sin a aicmiú i gcomhréir le Teideal II maidir leis na haicmí guaise nó na difreálacha a chumhdaítear faoin iontráil sin.
Ar a shon sin, i gcás ina dtiocfaidh an tsubstaint faoi aicme ghuaise nó faoi dhifreáil ghuaise amháin nó níos mó ná sin nach gcumhdaítear faoi iontráil i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI, déanfar aicmiú faoi Theideal II maidir leis na haicmí guaise nó na difreálacha guaise sin.
4. I gcás ina n-aicmeofar substaint nó meascán mar shubstaint ghuaiseach nó mar mheascán guaiseach, áiritheoidh soláthróirí go ndéanfar an tsubstaint nó an meascán a lipéadú agus a phacáistiú i gcomhréir le Teideal III agus Teideal IV sula gcuirfidh siad an tsubstaint nó an meascán ar an margadh.
5. Agus a bhfreagrachtaí faoi mhír 4 á gcomhall acu, féadfaidh dáileoirí úsáid a bhaint as an aicmiú le haghaidh substainte nó meascáin atá díorthaithe ag gníomhaí sa slabhra soláthair i gcomhréir le Teideal II.
6. Agus a bhfreagrachtaí faoi mhír 1 agus faoi mhír 4 á gcomhall acu, féadfaidh úsáideoirí foghabhálacha úsáid a bhaint as an aicmiú le haghaidh substainte nó meascáin atá díorthaithe ag gníomhaí sa slabhra soláthair i gcomhréir le Teideal II; ar choinníoll nach n-athróidh siad comhdhéanamh na substainte nó an mheascáin.
7. Ní chuirfear ar an margadh meascán dá dtagraítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn II agus ina bhfuil aon substaint a aicmítear mar shubstaint ghuaiseach, mura ndéanfar lipéadú air i gcomhréir le Teideal III.
8. Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar na hearraí dá dtagraítear i roinn 2.1 d'Iarscríbhinn I a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le substaintí agus meascáin, sula gcuirfear ar an margadh iad.
9. Comhoibreoidh soláthróirí i slabhra soláthair lena chéile chun na ceanglais maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú atá sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
10. Ní chuirfear substaintí agus meascáin ar an margadh mura gcomhlíonfaidh siad an Rialachán seo.
TEIDEAL II
AICMIÚ GUAISE
CAIBIDIL 1
Sainithint agus scrúdú faisnéise
Airteagal 5
Sainaithint agus scrúdú na faisnéise atá ar fáil faoi shubstaintí
1. Sainaithneoidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha substainte an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil d'fhonn a chinneadh an mbaineann guais fhisiceach, sláinte nó chomhshaoil, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I iad, leis an tsubstaint, agus sainaithneoidh siad go háirithe an méid seo a leanas:
(a) |
sonraí a gineadh i gcomhréir le haon cheann de na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 8(3); |
(b) |
sonraí eipidéimeolaíocha agus taithí maidir leis na héifeachtaí ar dhaoine, amhail sonraí ceirde agus sonraí ó bhunachair sonraí timpistí; |
(c) |
aon fhaisnéis eile a gineadh i gcomhréir le roinn 1 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. |
(d) |
aon fhaisnéis eolaíoch nua; |
(e) |
aon fhaisnéis eile a ghintear faoi chláir cheimiceacha a aithnítear go hidirnáisiúnta. |
Bainfidh an fhaisnéis seo leis na foirmeacha nó na staideanna fisiceacha ina gcuirfear an tsubstaint ar an margadh agus inar féidir glacadh leis go réasúnta gurb amhlaidh a úsáidfear í.
2. Scrúdóidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 d'fhonn a fháil amach an bhfuil sí leordhóthanach iontaofa agus bailí ó thaobh na heolaíochta de chun críche na meastóireachta de bhun Chaibidil 2 den Teideal seo.
Airteagal 6
Sainaithint agus scrúdú na faisnéise atá ar fáil faoi mheascáin
1. Déanfaidh monaróir, allmhaireoir nó úsáideoir foghabhálach meascáin an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil maidir leis an meascán féin nó maidir leis na substaintí atá ann a shainaithint d'fhonn a chinneadh an mbaineann guais fhisiceach, sláinte nó chomhshaoil, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I iad, leis an meascán, agus sainaithneoidh siad, go háirithe, an méid seo a leanas:
(a) |
sonraí a gineadh i gcomhréir le haon cheann de na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 8(3) maidir leis an meascán nó maidir leis na substaintí atá ann; |
(b) |
sonraí eipidéimeolaíocha agus taithí eipidéimeolaíoch don mheascán nó do na substaintí maidir leis na héifeachtaí ar dhaoine, amhail sonraí ceirde nó sonraí ó bhunachair sonraí timpistí; |
(c) |
aon fhaisnéis eile a gineadh don mheascán nó do na substaintí atá ann i gcomhréir le Roinn 1 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; |
(d) |
aon fhaisnéis eile a gineadh don mheascán nó do na substaintí atá ann faoi chláir cheimice a aithnítear go hidirnáisiúnta. |
Bainfidh an fhaisnéis leis na foirmeacha nó na staideanna fisiceacha ina gcuirfear an meascán ar an margadh agus, i gcás inarb ábhartha, inar féidir glacadh leis go réasúnta gurb amhlaidh a úsáidfear é.
2. Faoi réir mhír 3 agus mhír 4, bainfidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach úsáid as an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 chun críocha na meastóireachta de bhun Chaibidil 2 den Teideal seo, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil don mheascán agus i gcás ina bhfionnfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach go bhfuil an fhaisnéis sin leordhóthanach agus iontaofa agus, i gcás inarb ábhartha, go bhfuil an fhaisnéis bailí ó thaobh na heolaíochta de.
3. D'fhonn meastóireacht a dhéanamh ar mheascáin de bhun Chaibidil 2 den Teideal seo maidir leis na haicmí guaise ‘só-ghineacht ghaiméite’, ‘carcanaigineacht’ agus ‘tocsaineacht atáirgthe’ dá dtagraítear i roinn 3.5.3.1, i roinn 3.6.3.1 agus i roinn 3.7.3.1 d'Iarscríbhinn I, bainfidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach úsáid as an bhfaisnéis ábhartha atá ar fáil agus dá dtagraítear i mír 1, agus as an bhfaisnéis sin amháin, maidir leis na substaintí atá sa mheascán.
Ina theannta sin, i gcásanna ina léireoidh na sonraí tástála atá ar fáil don mheascán éifeachtaí só-ghineacha gaiméite, carcanaigineacha nó tocsaineacha don atáirgeadh nár sainaithníodh ón bhfaisnéis maidir leis na substaintí leithleacha, cuirfear na sonraí sin san áireamh freisin.
4. D'fhonn meastóireacht a dhéanamh ar mheascáin de bhun Chaibidil 2 den Teideal seo maidir leis na hairíonna a bhaineann le ‘bith-dhíghrádú agus bithchnuasú’ laistigh den aicme ghuaise ‘guaiseach don chomhshaol uisceach’ dá dtagraítear i roinn 4.1.2.8 agus i roinn 4.1.2.9 d'Iarscríbhinn I, bainfidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach úsáid as an bhfaisnéis ábhartha atá ar fáil agus dá dtagraítear i mír 1, agus as an bhfaisnéis sin amháin, maidir leis na substaintí atá sa mheascán.
5. I gcás nach mbeidh aon sonraí tástála nó nach mbeidh ach sonraí neamhleor tástála den sórt dá dtagraítear i mír 1 ar fáil maidir leis an meascán, bainfidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach úsáid as faisnéis eile atá ar fáil maidir le substaintí leithleacha agus le meascáin eile dá samhail a tástáladh, ar faisnéis í a d'fhéadfaí a mheas mar fhaisnéis atá ábhartha d'fhonn a chinneadh an bhfuil an meascán guaiseach, ar choinníoll go mbeidh sé fionnta ag an monaróir, ag anallmhaireoir nó ag an úsáideoir foghabhálach sin go bhfuil an fhaisnéis sin leordhóthanach agus iontaofa chun críche na meastóireachta de bhun Airteagal 9(4).
Airteagal 7
Tástálacha ar ainmhithe agus ar dhaoine
1. I gcás ina ndéanfar tástálacha nua chun críocha an Rialacháin seo, ní dhéanfar tástálacha ar ainmhithe de réir bhrí Threoir 86/609/CEE ach mura bhféadfar aon tástáil mhalartach eile a dhéanamh a chuirfeadh sonraí leordhóthanacha ó thaobh iontaofachta agus ó thaobh cáilíochta de ar fáil.
2. Toirmiscfear tástálacha ar phríomhaigh neamhdhaonna chun críocha an Rialacháin seo.
3. Ní dhéanfar tástálacha ar dhaoine chun críocha an Rialacháin seo. Féadfar, áfach, sonraí a gheofar ó fhoinsí eile, amhail staidéir chliniciúla, a úsáid chun críocha an Rialacháin seo.
Airteagal 8
Faisnéis nua maidir le substaintí agus meascáin a chruthú
1. D'fhonn a chinneadh an mbaineann guais sláinte nó chomhshaoil, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo iad, le substaint nó le meascán, féadfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach tástálacha nua a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh triail bainte aige as gach modh eile ginte faisnéise lena n-áirítear cur i bhfeidhm na rialacha dá bhforáiltear i roinn 1 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
2. D'fhonn a chinneadh an mbaineann aon cheann de na guaiseacha fisiceacha dá dtagraítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I le substaint nó le meascán, déanfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir agus an t-úsáideoir foghabhálach na tástálacha a cheanglaítear sa Chuid sin, mura mbeidh faisnéis leordhóthanach agus iontaofa ar fáil cheana féin.
3. Déanfar na tástálacha dá dtagraítear i mír 1 a sheoladh i gcomhréir le ceann de na modhanna seo a leanas:
(a) |
na modhanna tástála dá dtagraítear in Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; nó |
(b) |
prionsabail eolaíocha iontaofa a aithnítear go hidirnáisiúnta nó modhanna a dhéantar a bhailíochtú i gcomhréir le nósanna imeachta idirnáisiúnta. |
4. I gcás ina ndéanfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach tástálacha nua éiceathocsaineolaíocha nó tocsaineolaíocha nó anailísí nua éiceathocsaineolaíocha nó tocsaineolaíocha, déanfar iad seo i gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
5. I gcás ina ndéanfar tástálacha nua do phriacail fhisiciúla chun críocha an Rialacháin seo, déanfar iad, ar a mhoille ón 1 Eanáir 2014, i gcomhréir le córas aitheanta ábhartha cáilíochta nó déanfaidh saotharlanna a bheidh ag comhlíonadh caighdeán aitheanta ábhartha iad.
6. Maidir le tástálacha a dhéanfar chun críocha an Rialacháin seo, déanfar iad ar an tsubstaint nó ar an meascán san fhoirm nó sna foirmeacha nó sa staid fhisiceach nó sna staideanna fisiceacha ina gcuirfear an tsubstaint nó an meascán ar an margadh agus agus inar féidir glacadh leis go réasúnta gurb amhlaidh a úsáidfear an tsubstaint sin nó an meascán sin.
CAIBIDIL 2
Meastóireacht ar fhaisnéis ghuaise agus cinneadh maidir le haicmiú
Airteagal 9
Meastóireacht ar fhaisnéis ghuaise maidir le substaintí agus meascáin
1. Déanfaidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha substainte nó meascáin meastóireacht ar an bhfaisnéis a shainaithnítear i gcomhréir le Caibidil 1 den Teideal seo trí na critéir a bhaineann le haicmiú i ngach aicme ghuaise nó i ngach difreáil ghuaise i gCuid 2 go Cuid 5 d'Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm maidir léi, d'fhonn na guaiseacha a bhaineann leis an tsubstaint nó leis an meascán a fhionnadh.
2. Agus meastóireacht á déanamh ar na sonraí tástála atá ar fáil do shubstaint nó do mheascán agus a fhaightear ó mhodhanna tástála seachas na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 8(3), déanfaidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha comparáid idir na modhanna tástála a úsáidtear agus na modhanna a shonraítear san Airteagal sin d'fhonn a chinneadh an ndéanann na modhanna tástála sin difear don mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3. I gcás nach féidir na critéir a chur i bhfeidhm go díreach maidir le faisnéis shainaitheanta atá ar fáil, déanfaidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha meastóireacht trí chinneadh thromachar na fianaise a chur i bhfeidhm ag baint úsáide as breithiúnas saineolach i gcomhréir le roinn 1.1.1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus tríd an bhfaisnéis go léir a bhaineann le Cinneadh ghuaiseacha na substainte nó an mheascáin a thomhas, agus i gcomhréir le roinn 1.2 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
4. I gcás nach mbeidh ar fáil ach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5), cuirfidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha i bhfeidhm prionsabail an eachtarshuímh dá dtagraítear i roinn 1.1.3 agus i ngach roinn de Chuid 3 agus de Chuid 4 d'Iarscríbhinn I chun críocha na meastóireachta.
I gcás nach gceadóidh an fhaisnéis sin, áfach, cur i bhfeidhm phrionsabail an eachtarshuímh ná na bprionsabal maidir le húsáid a bhaint as breithiúnas saineolach agus cinneadh thromachar na fianaise mar a ndéantar cur síos orthu i gCuid 1 d'Iarscríbhinn I, déanfaidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha meastóireacht ar an bhfaisnéis tríd an modh eile nó trí na modhanna eile a ndéantar cur síos orthu i ngach roinn de Chuid 3 agus de Chuid 4 d'Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm.
5. Nuair a bheidh siad ag déanamh meastóireacht ar an bhfaisnéis atá ar fáil chun críocha aicmithe, breithneoidh na monaróirí, na hallmhaireoirí agus na húsáideoirí foghabhálacha na foirmeacha nó na staideanna fisiciúla ina gcuirfear an tsubstaint nó an meascán ar an margadh agus inar féidir glacadh leis go réasúnta gurb amhlaidh a úsáidfear iad
Airteagal 10
Na teorainneacha tiúchana agus M-fhachtóirí chun substaintí agus meascáin a aicmiú
1. Maidir le sainteorainneacha tiúchana agus teorainneacha tiúchana cineálacha, is teorainneacha iad a shanntar do shubstaint lena luaitear tairseach ar a mbeidh, nó thar a mbeidh, láithreacht na substainte sin i substaint eile nó i meascán mar eisíontas sainaitheanta, mar bhreiseán nó mar chomhábhar leithleach ina cúis le haicmiú na substainte nó an mheascáin mar shubstaint ghuaiseach nó mar mheascán guaiseach.
Socróidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach teorainneacha sonracha i gcás ina léireoidh faisnéis eolaíoch atá leordhóthanach agus iontaofa gur léir go mbaineann guais le substaint nuair a bhíonn an tsubstaint ann ag leibhéal atá faoi bhun na dtiúchan a shocraítear d'aon aicme ghuaise i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I nó faoi bhun na dteorainneacha cineálacha tiúchana a shocraítear d'aon aicme ghuaise i gCuid 3, i gCuid 4 agus i gCuid 5 d'Iarscríbhinn I;
In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir agus an t-úsáideoir foghabhálach sainteorainneacha tiúchana a shocrú i gcás ina mbeidh faisnéis eolaíoch, leordhóthanach, iontaofa agus chríochnaitheach aige nach léir go mbaineann guais na substainte a aicmítear mar shubstaint ghuaiseach ar leibhéal atá os cionn na dtiúchan a shocraítear don aicme ábhartha ghuaise i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I nó os cionn na dtiúchan cineálach a shocraítear don aicme ábhartha ghuaise i gCuid 3, i gCuid 4 agus i gCuid 5 den Iarscríbhinn sin.
2. Bunóidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha M-fhachtóirí do shubstaintí a aicmítear mar shubstaintí atá guaiseach don chomhshaol uisceach, nó mar shubstaintí i ngéarchatagóir 1 nó i gcatagóir ainsealach 1.
3. D'ainneoin mhír 1, ní shocrófar sainteorainneacha tiúchana d'aicmí comhcuibhithe guaise nó do dhifreálacha le haghaidh substaintí a fholaítear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI.
4. D'ainneoin mhír 2, ní shocrófar M-fhachtóirí d'aicmí guaise comhchuibhithe nó do dhifreálacha i gcás substaintí a áirítear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI dá dtugtar M-fhachtóir sa Chuid sin.
I gcás nach dtabharfar M-fhachtóir i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI, áfach, i gcás substaintí a aicmítear mar shubstaintí atá guaiseach don chomhshaol uisceach, i ngéarchatagóir 1 nó i gcatagóir ainsealach 1, socróidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach an M-fhachtóir bunaithe ar na sonraí atá ar fáil don tsubstaint. Nuair a dhéanfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach meascán, lena n-áirítear an tsubstaint, a aicmiú tríd an modh suimiúcháin a úsáid, úsáidfear an M-fhachtóir seo.
5. Le linn do mhonaróirí, d'allmhaireoirí agus d'úsáideoirí foghabhálacha an sainteorainn tiúchana nó an M-fhachtóir a shocrú, cuirfidh siad san áireamh aon sainteorainneacha tiúchana nó M-fhachtóirí don tsubstaint sin a áiríodh i bhfardal an aicmithe agus an lipéadaithe.
6. Beidh tosaíocht ag sainteorainneacha tiúchana a shocrófar i gcomhréir le mír 1 ar na tiúchain sna ranna ábhartha i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I nó ar na teorainneacha cineálacha tiúchana sna ranna ábhartha de Chuid 3, de Chuid 4 agus de Chuid 5 d'Iarscríbhinn I.
7. Soláthróidh an Ghníomhaireacht tuilleadh treorach maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2.
Airteagal 11
Luachanna Scoite
1. I gcás ina mbeidh i substaint substaint eile a aicmítear mar shubstaint ghuaiseach, cibé acu i bhfoirm eisíontais shainaitheanta, breiseáin shainaitheanta nó comhábhair leithligh shainaitheanta, cuirfear é seo san áireamh chun críocha an aicmithe más rud é go mbeidh tiúchan an eisíontais shainaitheanta, an bhreiseáin shainaitheanta nó an chomhábhair leithligh shainaitheanta ar cóimhéid leis an luach scoite is infheidhme i gcomhréir le mír 3 nó níos mó ná é.
2. I gcás ina mbeidh i meascán substaint a aicmítear mar shubstaint ghuaiseach, cibé acu mar chomhábhar nó i bhfoirm eisíontais shainaitheanta nó breiseáin shainaitheanta, cuirfear an fhaisnéis sin san áireamh chun críocha an aicmithe más rud é go mbeidh tiúchan na substainte sin ar cóimhéid lena luach scoite i gcomhréir le mír 3, nó níos mó ná é.
3. Déanfar an luach scoite dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a shocrú faoi mar a leagtar amach é i roinn 1.1.2.2 d'Iarscríbhinn I.
Airteagal 12
Cásanna sonracha ina mbeidh gá le tuilleadh meastóireachta
I gcás ina sainaithneofar na hairíonna nó na héifeachtaí seo a leanas, de thoradh na meastóireachta a dhéanfar de bhun Airteagal 9, cuirfidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha iad san áireamh chun críocha an aicmithe:
(a) |
léireoidh faisnéis atá leordhóthanach agus iontaofa nach ionann go hiarbhír na guaiseacha fisiceacha a bhaineann le substaint nó le meascán agus na guaiseacha a léirítear trí thástálacha; |
(b) |
léireoidh sonraí eolaíocha turgnamhacha dochloíte nach bhfuil an tsubstaint nó an meascán ar fáil go bitheolaíoch agus gur fionnadh go bhfuil na sonraí sin leordhóthanach agus iontaofa; |
(c) |
léireoidh faisnéis eolaíoch atá leordhóthanach agus iontaofa go bhféadfadh éifeachtaí sineirgisteacha nó freasúla tarlú i measc na substaintí i meascán ar ina leith a cinneadh an mheastóireacht ar bhonn na faisnéise faoi na substaintí atá sa mheascán. |
Airteagal 13
Cinneadh chun substaintí agus meascáin a aicmiú
Má léiríonn an mheastóireacht a dhéanfar de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 12 go gcomhallann na guaiseacha a bhaineann leis an tsubstaint nó leis an meascán na critéir lena aicmiú nó lena haicmiú in aicme ghuaise amháin nó níos mó nó i ndifréalacha i gCuid 2 go Cuid 5 d'Iarscríbhinn I, déanfaidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha an tsubstaint nó an meascán a aicmiú i ndáil leis an aicme ghuaise nó na haicmí guaise ábhartha nó na difreálacha ábhartha trí na nithe seo a leanas a shannadh:
(a) |
catagóir ghuaise amháin nó níos mó do gach aicme ghuaise ábhartha nó do gach difreáil ábhartha; |
(b) |
faoi réir Airteagal 21, ráiteas guaise amháin nó níos mó a fhreagraíonn do gach catagóir ghuaise a shanntar i gcomhréir le pointe (a). |
Airteagal 14
Rialacha sonracha maidir le haicmiú meascán
1. Ní dhéanfar difear d'aicmiú meascáin i gcás ina léireoidh an mheastóireacht ar an bhfaisnéis aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a) |
go n-imoibríonn na substaintí sa mheascán go mall le gáis atmaisféaracha, go háirithe ocsaigin, dé-ocsaíd charbóin, galuisce, chun substaintí éagsúla a fhoirmiú ag tiúchan íseal; |
(b) |
go n-imoibríonn na substaintí sa mheascán go han-mhall le substaintí eile sa mheascán chun substaintí éagsúla a fhoirmiú ag tiúchan íseal; |
(c) |
go bhfuil cumas uathpholaiméirithe ag na substaintí sa mheascán chun olagaiméirí nó polaiméirí a fhoirmiú ag tiúchan íseal. |
2. Ní gá meascán a aicmiú le haghaidh airíonna pléascacha, ocsaídeacha nó inadhainte dá dtagraítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na ceanglais seo a leanas:
(a) |
nach mbeidh aon cheann de na hairíonna sin ag na substaintí sa mheascán agus, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don soláthróir, nach dóigh go mbainfeadh guaiseacha den sórt sin leis an meascán; |
(b) |
i gcás ina mbeidh athrú ar chomhdhéanamh meascáin, go léireoidh fianaise eolaíoch nach leanfaidh athrú ar an aicmiú ó mheastóireacht ar an bhfaisnéis maidir leis an meascán; |
(c) |
I gcás ina gcuirfear meascán ar an margadh i bhfoirm rannóra aerasóil, go gcomhlíonfaidh sé Airteagal 8(1a) de Threoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le rannóirí aerasóil (27). |
Airteagal 15
Athbhreithniú ar aicmiú substaintí agus meascán
1. Glacfaidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha gach beart réasúnach a bheidh ar fáil dóibh chun iad féin a chur ar an eolas maidir le faisnéis nua eolaíoch nó faisnéis nua theicniúil a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'aicmiú na substaintí nó na meascán a bheidh á gcur ar an margadh acu. Nuair a bheidh monaróir, allmhaireoir nó úsáideoir foghabhálach ar an eolas maidir le faisnéis den sórt sin a mheasfaidh sé a bheith leordhóthanach agus iontaofa, déanfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach sin meastóireacht nua i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
2. I gcás ina ndéanfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach athrú ar mheascán a aicmítear mar mheascán guaiseach, déanfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach sin meastóireacht nua i gcomhréir leis an gCaibidil seo más ionann an t-athrú agus ceachtar de na hathruithe seo a leanas:
(a) |
athrú ar chomhdhéanamh na tiúchana tosaigh de chomhábhar guaiseach amháin nó níos mó i dtiúchain ag na teorainneacha i dTábla 1.2 de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I nó os a gcionn; |
(b) |
athrú ar an gcomhdhéanamh trí chomhábhar amháin nó níos mó nó a ionadú nó a chur leis an meascán i dtiúchain ag an luach scoite dá dtagraítear in Airteagal 11(3) nó os a chionn. |
3. Ní éileofar meastóireacht nua i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 má bhíonn bonn eolaíoch bailí ann nach mbeidh athrú ar an aicmiú mar thoradh air sin.
4. Déanfaidh na monaróirí, na hallmhaireoirí agus na húsáideoirí foghabhálacha aicmiú na substainte nó an mheascáin a oiriúnú i gcomhréir le torthaí na meastóireachta nua ach amháin i gcás ina mbeidh aicmí comhchuibhithe guaise nó difreálacha comhchuibhithe guaise ann le haghaidh substaintí a fholaítear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI.
5. Maidir le mír 1 go mír 4 den Airteagal seo, nuair a bheidh an tsubstaint nó an meascán lena mbaineann faoi raon feidhme Threoir 91/414/CEE nó Threoir 98/8/CE, beidh ceanglais na dTreoracha sin infheidhme chomh maith.
Airteagal 16
Aicmiú substaintí a fholaítear i bhfardal an aicmithe agus an lipéadaithe
1. Féadfaidh monaróirí agus allmhaireoirí substaint a aicmiú ar bhealach atá éagsúil leis an aicmiú a áirítear cheana féin i bhfardal an aicmithe agus an lipéadaithe, ar choinníoll go gcuirfidh siad na cúiseanna atá leis an aicmiú faoi bhráid na Gníomhaireachta, mar aon leis an bhfógra i gcomhréir le hAirteagal 40.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 más aicmiú comhchuibhithe a áirítear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI é an t-aicmiú a áirítear i bhfardal an aicmithe agus lipéadaithe.
TEIDEAL III
CUMARSÁID FAOI GHUAIS I BHFOIRM LIPÉADAITHE
CAIBIDIL 1
Inneachar an lipéid
Airteagal 17
Rialacha Ginearálta
1. Maidir le substaint nó meascán a aicmítear mar shubstaint ghuaiseach nó mar mheascán guaiseach agus a bheidh i bpacáistiú, beidh lipéad air nó uirthi ar a mbeidh na heilimintí seo a leanas:
(a) |
ainm, seoladh agus uimhir theileafóin an tsoláthróra nó na soláthróirí; |
(b) |
cainníocht ainmniúil na substainte nó an mheascáin sna pacáistí a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne, mura sonraítear an chainníocht sin in aon áit eile ar an bpacáiste; |
(c) |
sainaitheantóirí táirgí mar a shonraítear in Airteagal 18; |
(d) |
i gcás inarb infheidhme, picteagraim ghuaise, i gcomhréir le hAirteagal 19; |
(e) |
i gcás inarb infheidhme, focail chomhartha, i gcomhréir le hAirteagal 20; |
(f) |
i gcás inarb infheidhme, ráitis ghuaise, i gcomhréir le hAirteagal 21; |
(g) |
i gcás inarb infheidhme, na ráitis iomchuí réamhchúraim, i gcomhréir le hAirteagal 22; |
(h) |
i gcás inarb infheidhme, roinn maidir le faisnéis fhorlíontach, i gcomhréir le hAirteagal 25. |
2. Is i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit nó na mBallstát ina gcuirfear an tsubstaint nó an meascán ar an margadh a bheidh an lipéad, mura bhforálfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann a mhalairt.
Féadfaidh soláthróirí níos mó teangacha a úsáid ar a gcuid lipéad ná mar a éilíonn na Ballstáit, ar choinníoll go mbeidh na sonraí céanna ar fáil sna teangacha go léir a úsáidfear.
Airteagal 18
Sainaitheantóirí táirgí
1. Beidh ar an lipéad sonraí lena bhféadfar an tsubstaint nó an meascán a shainaithint (dá ngairtear ‘sainaitheantóirí táirgí’ anseo feasta).
Is ionann an téarma a úsáidfear chun an tsubstaint nó an meascán a shainaithint agus an téarma a úsáidfear ar an mbileog sonraí sábháilteachta arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (dá ngairtear ‘bileog sonraí sábháilteachta’ anseo feasta), gan dochar d'Airteagal 17(2) den Rialachán seo.
2. Cuimseoidh an sainaitheantóir táirge do shubstaint na nithe seo a leanas, ar a laghad:
(a) |
má áirítear an tsubstaint i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI, ainm agus uimhir shainaitheantais mar a thugtar inti iad; |
(b) |
mura n-áirítear an tsubstaint i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI, ach má luaitear i bhfardal an aicmithe agus an lipéadaithe í, ainm agus uimhir shainaitheantais mar a thugtar inti iad; |
(c) |
mura n-áirítear an tsubstaint i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI nó i bhfardal an aicmithe agus an lipéadaithe, an uimhir arna cur ar fáil ag Seirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (dá ngairtear ‘Uimhir CAS’ anseo feasta), mar aon leis an ainm a leagtar amach san ainmníocht arna cur ar fáil ag Comhar Idirnáisiúnta na Ceimice agus na Ceimice Feidhmí (dá ngairtear ‘Ainmníocht IUPAC’ anseo feasta) nó uimhir CAS mar aon le hainm ceimiceach idirnáisiúnta eile nó le hainmneacha ceimiceacha idirnáisiúnta eile; nó |
(d) |
mura mbeidh uimhir CAS ar fáil, an t-ainm a leagtar amach in Ainmníocht IUPAC nó ainm ceimiceach idirnáisiúnta eile nó ainmneacha ceimiceacha idirnáisiúnta eile. |
I gcás ina mbeidh níos mó ná 100 carachtar san ainm in ainmníocht IUPAC, féadfar ceann de na hainmneacha (gnáthainm, trádainm, giorrúchán) dá dtagraítear i roinn 2.1.2 d'Iarscribhínn VI a ghbhann le Rialachán (CE) Uimh 1907/2006 a úsáid ar choinníoll go n-áireoidh an fógra i gcomhréir le hAirteagal 40 an t-ainm a leagtar amach in Ainmníocht IUPAC agus an t-ainm eile a úsáidtear araon.
3. Cuimseoidh an sainaitheantóir táirge do mheascán an dá rud seo a leanas:
(a) |
trádainm nó ainmniú an mheascáin; |
(b) |
céannacht na substaintí go léir sa mheascán a chuireann le haicmiú an mheascáin maidir le géarthocsaineacht, creimeadh craicinn nó damáiste tromchúiseach don tsúil, só-ghineacht ghaiméite, carcanaigineacht, tocsaineacht atáirgthe, íogrú riospráide nó craicinn, tocsaineacht sain-spriocorgáin (Stot), nó guais asú. |
Más rud é, sa chás dá dtagraítear in (b), go gcuirfear iliomad ainmneacha ceimiceacha ar fáil de thoradh an cheanglais sin, is leor ceithre ainm cheimiceacha ar a mhéad, mura gá níos mó ná ceithre ainm chun cineál agus déine na nguaiseacha a léiriú.
Sainaithneoidh na hainmneacha ceimiceacha a roghnófar na substaintí atá freagrach go príomha as na príomhghuaiseacha sláinte as ar eascair an t-aicmiú agus rogha na ráiteas comhfhreagrach guaise.
Airteagal 19
Picteagraim ghuaise
1. Folóidh an lipéad an picteagram ábhartha guaise nó na picteagraim ábhartha ghuaise a cheapfar chun faisnéis shonrach maidir leis an nguais lena mbaineann a thabhairt.
2. Faoi réir Airteagal 33, comhlíonfaidh picteagraim ghuaise na ceanglais a leagtar síos i roinn 1.2.1 d'Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn V.
3. Leagtar amach an picteagram guaise atá ábhartha do gach aicmiú sonrach sna táblaí ina sonraítear na heilimintí lipéid is gá do gach aicme ghuaise in Iarscríbhinn I.
Airteagal 20
Focail chomhartha
1. Cuimseoidh an lipéad an focal comhartha ábhartha i gcomhréir le haicmiú na substainte guaisí nó an mheascáin ghuaisigh.
2. Leagtar amach an focal comhartha atá ábhartha do gach aicmiú sonrach sna táblaí ina sonraítear na heilimintí lipéid is gá do gach aicme ghuaise i gCuid 2 go Cuid 5 d'Iarscríbhinn I.
3. I gcás ina n-úsáidfear an focal comhartha ‘Contúirt’ ar an lipéad, ní bheidh an focal comhartha ‘Rabhadh’ ar an lipéad.
Airteagal 21
Ráitis ghuaise
1. Cuimseoidh an lipéad na ráitis ábhartha ghuaise i gcomhréir le haicmiú na substainte guaisí nó an mheascáin ghuaisigh.
2. Leagtar amach ráitis ghuaise atá ábhartha do gach aicmiú sna táblaí ina sonraítear na heilimintí lipéid is gá do gach aicme ghuaise i gCuid 2 go Cuid 5 d'Iarscríbhinn I.
3. I gcás ina n-áireofar substaint i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI, úsáidfear ar an lipéad an ráiteas guaise atá ábhartha do gach aicmiú sonrach a thig faoin iontráil sa chuid sin, mar aon leis na ráitis ghuaise dá dtagraítear i mír 2 d'aon aicmiú eile nach dtig faoin iontráil sin.
4. Is i gcomhréir le hIarscríbhinn III a bheidh an fhoclaíocht sna ráitis ghuaise.
Airteagal 22
Ráitis réamhchúraim
1. Áireoidh an lipéad na ráitis ábhartha réamhchúraim.
2. Roghnófar na ráitis réamhchúraim ó na ráitis sin a leagtar amach sna táblaí i gCuid 2 go Cuid 5 d'Iarscríbhinn I ina sonraítear na heilimintí lipéid do gach aicme ghuaise.
3. Roghnófar na ráitis réamhchúraim i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i gCuid 1 d'Iarscríbhinn IV, agus na ráitis ghuaise agus úsáid shainaitheanta nó bheartaithe nó úsáidí sainaitheanta nó beartaithe na substainte nó an mheascáin á gcur san áireamh.
4. Is i gcomhréir le Cuid 2 d'Iarscríbhinn IV a bheidh an fhoclaíocht sna ráitis réamhchúraim.
Airteagal 23
Maoluithe ar cheanglais lipéadaithe i gcásanna speisialta
Beidh feidhm ag na forálacha sonracha maidir le lipéadú a leagtar síos i roinn 1.3 d'Iarscríbhinn I maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
sorcóirí iniompartha gáis; |
(b) |
coimeádáin gáis a cheaptar le haghaidh propáin, bútáin nó gáis peitriliam leachtaithe; |
(c) |
aerasóil agus coimeádáin a fheistítear le forbhall séalaithe sprae agus a bhfuil substaintí nó meascáin iontu a aicmítear mar shubstaintí a mbaineann guais asú leo; |
(d) |
miotail i bhfoirm ollmhór, cóimhiotail, meascáin a bhfuil polaiméirí iontu, meascáin a bhfuil leaistiméirí iontu; |
(e) |
pléascáin dá dtagraítear i roinn 2.1 d'Iarscríbhinn I agus a chuirtear ar an margadh d'fhonn éifeacht phléascach nó phiriteicniúil a chruthú. |
Airteagal 24
Iarratas ar ainm ceimiceach malartach a úsáid
1. Féadfaidh monaróir, allmhaireoir nó úsáideoir foghabhálach substainte i meascán iarratas a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta chun ainm ceimiceach malartach a úsáid a thagróidh do shubstaint i meascán trí bhíthin ainm lena sainaithnítear na feidhmghrúpaí ceimiceacha is tábhachtaí nó trí bhíthin ainm mhalartaigh, i gcás ina gcomhlíonfaidh an tsubstaint na critéir a leagtar amach i gCuid 1 d'Iarscríbhinn I agus i gcás ina bhféadfaidh sé a léiriú go gcuirfí cineál rúnda a ghnó, go háirithe a chearta maoine intleachtúla, i mbaol dá nochtfaí céannacht cheimiceach na substainte sin ar an lipéad nó ar an mbileog sonraí sábháilteachta.
2. Déanfar aon iarratas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo san fhormáid dá dtagraítear in Airteagal 111 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus beidh táille ag gabháil leis.
Cinnfidh an Coimisiún leibhéal na dtáillí i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54(2) den Rialachán seo.
Socrófar táille laghdaithe do GBManna.
3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis bhreise a éileamh ar an monaróir, ar an allmhaireoir nó ar an úsáideoir foghabhálach a dhéanfaidh an t-iarratas más gá an fhaisnéis sin chun Cinneadh a dhéanamh. Mura ndéanfaidh an Ghníomhaireacht agóid laistigh de shé seachtaine tar éis an iarratais nó tar éis di faisnéis bhreise a éilíodh a fháil, measfar gur ceadaíodh an t-ainm a iarradh a úsáid.
4. Mura nglacfaidh an Ghníomhaireacht leis an iarraidh, beidh na socruithe praiticiúla dá dtagraítear in Airteagal 118(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 infheidhme.
5. Cuirfidh an Ghníomhaireacht toradh na hiarrata in iúl d'údaráis inniúla i gcomhréir le mír 3 nó mír 4 agus cuirfidh sí ar fáil dóibh an fhaisnéis a chuir an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach faoina bráid.
6. I gcás ina léireoidh faisnéis nua nach gcuireann ainm ceimiceach malartach go leor faisnéise ar fáil chun na réamhchúraimí sláinte agus sábháilteachta is gá a ghlacadh san ionad oibre agus chun a áirithiú gur féidir rialú a dhéanamh ar phriacail ón meascán a láimhseáil, déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar a cinneadh maidir le húsáid an ainm cheimicigh mhalartaigh sin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cinneadh a tharraingt siar nó a leasú trí chinneadh ina sonrófar cé acu ainm ceimiceach malartach a cheadófar a úsáid. Má tharraingíonn an Ghníomhaireacht a cinneadh siar nó má leasaíonn sé é, beidh feidhm ag na socruithe praiticiúla dá dtagraítear in Airteagal 118(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
7. I gcás inar ceadaíodh úsáid ainm cheimicigh mhalartaigh, ach nach gcomhlíonfaidh aicmiú na substainte dá n-úsáidtear an t-ainm malartach na critéir a leagtar amach i roinn 1.4.1 d'Iarscríbhinn I a thuilleadh, is é an sainaitheantóir táirge don tsubstaint a dhéanfaidh soláthróir na substainte i meascáin i gcomhréir le hAirteagal 18 a úsáid ar an lipéad nó ar an mbileog sonraí sábháilteachta seachas an t-ainm malartach.
8. Maidir le substaintí, bídís leo féin nó i meascán, i gcás inar ghlac an Ghníomhaireacht le réasúnú i gcomhréir le hAirteagal 10(a)(xi) de Rialachán (CE) Uimh 1907/2006 a bhaineann le faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 119(2)(f) nó (g) den Rialachán sin mar réasúnú bailí, féadfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach ainm a úsáid ar an lipéad agus ar an mbileog sonraí sábháilteachta a chuirfear ar fáil go poiblí ar an Idirlíon. I gcás na substaintí i meascán nach bhfuil feidhm ag Airteagal 119(2)(f) nó (g) a thuilleadh maidir leo, féadfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach a iarraidh ar an nGníomhaireacht ainm ceimiceach malartach a úsáid mar a fhoráiltear i mír 1 den Airteagal seo.
9. I gcás inar léirigh soláthróir meascáin, roimh an 1 Meitheamh 2015, faoi Airteagal 15 de Threoir 1999/45/CE, go gcuirfí cineál rúnda a ghnó i mbaol dá nochtfaí céannacht cheimiceach substainte i meascán, féadfaidh sé leanúint den ainm malartach comhaontaithe a úsáid chun críocha an Rialacháin seo.
Airteagal 25
Faisnéis fhorlíontach ar an lipéad
1. Beidh ráitis sa roinn d'fhaisnéis fhorlíontach ar an lipéad i gcás ina mbeidh na hairíonna fisiceacha nó sláinte dá dtagraítear i roinn 1.1 agus i roinn 1.2 d'Iarscríbhinn II ag substaint nó meascán a aicmítear mar shubstaint ghuaiseach nó mar mheascán guaiseach.
Is i gcomhréir le roinn 1.1 agus le roinn 1.2 d'Iarscríbhinn II agus le Cuid 2 d'Iarscríbhinn III a bheidh an fhoclaíocht sna ráitis.
I gcás ina gcuimseofar substaint i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI, aon ráitis ghuaiseacha fhorlíontacha a thugtar don tsubstaint ansin, cuimseofar iad san fhaisnéis fhorlíontach ar an lipéad.
2. Beidh ráiteas sa roinn d'fhaisnéis fhorlíontach ar an lipéad i gcás ina dtiocfaidh substaint nó meascán, a aicmítear mar shubstaint ghuaiseach nó mar mheascán guaiseach, laistigh de raon feidhme Threoir 91/414/CEE.
Is i gcomhréir le Cuid 4 d'Iarscríbhinn II agus le Cuid 3 d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a bheidh an fhoclaíocht sa ráiteas.
3. Féadfaidh an soláthróir faisnéis fhorlíontach, seachas an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, a chur sa roinn d'fhaisnéis fhorlíontach ar an lipéad, ar choinníoll nach deacra na heilimintí lipéid dá dtagraítear in Airteagal 17(1) (a) go (g) a shainaithint de bharr na faisnéise sin, agus go soláthraíonn sí breis sonraí agus nach mbréagnaíonn sí bailíocht na faisnéise a dhéanann na heilimintí sin a shonrú nó nach gcaitheann sí amhras ar an mbailíocht sin.
4. Ní bheidh ráitis amhail ‘neamhthocsaineach’, ‘neamhdhochrach’, ‘neamhthruaillitheach’, ‘éiceolaíoch’ ar lipéad nó ar phacáistiú aon substainte nó meascáin, ná aon ráitis eile a chuirfeadh in iúl nach bhfuil an tsubstaint nó an meascán guaiseach, ná aon ráitis eile nach bhfuil ar comhréir leis an aicmiú den tsubstaint nó den mheascán sin.
5. I gcás ina n-aicmeofar substaint nó meascán i gcomhréir le Cuid 5 d'Iarscríbhinn I,
(a) |
ní bheidh an picteagram guaise ar an lipéad; |
(b) |
cuirfear na focail chomharthaíochta, na ráitis ghuaise agus na ráitis réamhchúraim isteach sa roinn d'fhaisnéis fhorlíontach ar an lipéad. |
6. I gcás ina mbeidh aon substaint a aicmítear mar shubstaint ghuaiseach i meascán, déanfar an meascán a lipéadú i gcomhréir le Cuid 2 d'Iarscríbhinn II.
Is i gcomhréir le Cuid 3 d'Iarscríbhinn III a bheidh an fhoclaíocht sna ráitis agus cuirfear na ráitis isteach sa roinn d'fhaisnéis fhorlíontach ar an lipéad.
Áireofar ar an lipéad freisin an sainaitheantóir táirge dá dtagraítear in Airteagal 18 agus ainm, seoladh agus uimhir theileafóin sholáthróir an mheascáin.
Airteagal 26
Prionsabail na tosaíochta maidir le picteagraim ghuaise
1. I gcás ina mbeadh níos mó ná picteagram guaise amháin ar an lipéad de thoradh aicmiú substainte nó meascáin, beidh feidhm ag na rialacha tosaíochta a leanas chun laghdú a dhéanamh ar líon na bpicteagram is gá:
(a) |
má bhíonn feidhm ag an bpicteagram guaise ‘GHS01’, beidh úsáid na bpicteagram guaise ‘GHS02’ agus ‘GHS03’ roghnach, ach amháin i gcásanna ina mbeidh níos mó ná ceann amháin de na picteagraim ghuaise seo éigeantach; |
(b) |
má bhíonn feidhm ag an bpicteagram guaise ‘GHS06’, ní úsáidfear an picteagram guaise ‘GHS07’; |
(c) |
má bhíonn feidhm ag an bpicteagram guaise ‘GHS05’, ní úsáidfear an picteagram guaise ‘GHS07’ maidir le greannú craicinn nó súl; |
(d) |
má bhíonn feidhm ag an bpicteagram guaise ‘GHS08’ maidir le híogrú riospráide, ní úsáidfear an picteagram guaise ‘GHS07’ maidir le híogrú craicinn nó le greannú craicinn nó súl. |
2. I gcás ina mbeadh níos mó ná picteagram guaise amháin ann don aicme ghuaise chéanna de thoradh aicmiú substainte nó meascáin, beidh, ar an lipéad, an picteagram guaise a fhreagraíonn don chatagóir ghuaise is déine le haghaidh gach aicme guaise lena mbaineann.
I gcás substaintí a áirítear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI agus atá faoi réir aicmiú de bhun Theideal II, beidh, ar an lipéad, an picteagram guaise a fhreagraíonn don chatagóir ghuaise is déine le haghaidh gach aicme guaise ábhartha.
Airteagal 27
Prionsabail na tosaíochta maidir le ráitis ghuaise
Má aicmítear substaint nó meascán i roinnt aicmí guaise nó i roinnt difreálacha d'aicme ghuaise, beidh ar an lipéad na ráitis ghuaise go léir a leanann ón aicmiú, mura léir go bhfuil dúbailt nó iomarcaíocht i gceist.
Airteagal 28
Prionsabail na tosaíochta maidir le ráitis réamhchúraim
1. I gcás inar léir, de thoradh roghnú na ráiteas réamhchúraim, gur follas go bhfuil ráitis réamhchúraim áirithe iomarcach nó nach bhfuil gá leo a thuilleadh maidir leis an tsubstaint, an meascán nó leis an bpacáistiú áirithe sin, fágfar na ráitis sin ar lár ón lipéad.
2. I gcás ina soláthrófar an tsubstaint nó an meascán don phobal i gcoitinne, beidh, ar an lipéad, ráiteas réamhchúraim amháin maidir le diúscairt na substainte sin nó an mheascáin sin chomh maith le diúscairt an phacáistithe sin ach amháin mura gceanglófar sin faoi Airteagal 22.
I ngach cás eile, ní cheanglaítear ráiteas réamhchúraim maidir le diúscairt más léir nach mbaineann guais do shláinte an duine nó don chomhshaol le diúscairt na substainte nó an mheascáin nó an phacáistithe.
3. Ní bheidh níos mó ná sé ráiteas réamhchúraim ar an lipéad mura gá níos mó ná sin chun cineál agus déine na nguaiseacha a léiriú.
Airteagal 29
Díolúintí ó cheanglais maidir le lipéadú agus pacáistiú
1. I gcás ina mbeidh pacáistiú substainte nó meascáin i gcruth nó i bhfoirm, nó chomh beag sin, go mbeidh sé dodhéanta ceanglais Airteagal 31 a chomhlíonadh maidir le lipéad i dteangacha an Bhallstáit ina gcuirtear an tsubstaint nó an meascán ar an margadh, cuirfear ar fáil na heilimintí lipéid, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 17(2), i gcomhréir le roinn 1.5.1 d'Iarscríbhinn I.
2. Mura féidir an fhaisnéis iomlán lipéid a chur ar fáil sa tslí a shonraítear i mír 1, féadfar an fhaisnéis lipéid a laghdú i gcomhréir le roinn 1.5.2 d'Iarscríbhinn I.
3. I gcás ina soláthrófar don phobal i gcoitinne substaint ghuaiseach nó meascán guaiseach dá dtagraítear i gCuid 5 d'Iarscríbhinn II gan pacáistiú a bheith déanta air nó uirthi, beidh cóip de na heilimintí lipéid i gcomhréir le hAirteagal 17.
4. Le haghaidh meascán áirithe a aicmítear a bheith guaiseach don chomhshaol, féadfar a chinneadh go ndéanfar díolúintí áirithe maidir le forálacha áirithe i leith lipéadú comhshaoil nó maidir le forálacha sonracha i leith lipéadú comhshaoil, i gcás inar féidir a thaispeáint go mbeadh laghdú ar an tionchar ar an gcomhshaol. Sainmhínítear na díolúintí nó na forálacha sonracha sin i gCuid 2 d'Iarscríbhinn II.
5. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh dréacht-díolúintí ó na ceanglais maidir le lipéadú agus pacáistiú a ullmhú agus a chur faoina bhráid.
Airteagal 30
Faisnéis ar lipéid a thabhairt cothrom chun dáta
1. Áiritheoidh an soláthróir go dtabharfar an lipéad cothrom le dáta, gan mhoill mhíchuí, tar éis aon athrú ar aicmiú agus ar lipéadú na substainte sin nó an mheascáin sin, i gcás ina mbíonn an ghuais nua níos tromchúisí nó i gcás inar gá eilimintí breise lipéadaithe faoi Airteagal 25, agus nádúr an athraithe maidir le sláinte an duine agus maidir leis an gcomhshaol a chosaint á chur san áireamh. Comhoibreoidh soláthróirí, i gcomhréir le hAirteagal 4(9), chun na hathruithe ar an lipéadú a chur i gcrích gan mhoill mhíchuí.
2. I gcás inar gá athruithe ar an lipéadú seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1, áireoidh an soláthróir go ndéanfar an lipéad a thabhairt cothrom le dáta laistigh de 18 mí.
3. Déanfaidh soláthróir substainte nó meascáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 91/414/CEE nó faoi raon feidhme Threoir 98/8/CE an lipéad a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis na Treoracha sin.
CAIBIDIL 2
Lipéid a ghreamú
Airteagal 31
Rialacha ginearálta a bhaineann le lipéid a ghreamú
1. Greamófar lipéid go dlúth de cheann amháin nó níos mó de dhromchlaí an phacáistithe a bhfuil an tsubstaint nó an meascán i dteagmháil go díreach leis agus beidh siad inléite go cothrománach agus an pacáiste leagtha síos ar an ngnáthbhealach.
2. Maidir le dath agus cur i láthair aon lipéid, fágfaidh siad go seasfaidh an picteagram guaise amach go soiléir.
3. Beidh na heilimintí lipéid dá dtagraítear in Airteagal 17(1) marcáilte go soiléir agus go doscriosta. Beidh idirdhealú soiléir idir iad agus an cúlra agus fágfaidh a méid agus a spásáil gur furasta iad a léamh.
4. Cruth, dath agus méid aon phicteagraim ghuaise, mar aon le toisí an lipéid, beidh siad uile díreach mar a leagtar amach i roinn 1.2.1 d'Iarscríbhinn I.
5. Ní bheidh gá le lipéad nuair a thaispeánfar na heilimintí lipéid dá dtagraítear in Airteagal 17(1) go soiléir ar an bpacáistiú féin. Sna cásanna sin, na ceanglais atá sa Chaibidil seo maidir le lipéid, cuirfear i bhfeidhm iad ar an bhfaisnéis a thaispeántar ar an bpacáistiú.
Airteagal 32
Suíomh na faisnéise ar an lipéad
1. Beidh na picteagraim ghuaise, an focal comharthaíochta, aon ráitis ghuaise agus aon ráitis réamhchúraim suite le chéile ar an lipéad.
2. Féadfaidh an soláthróir ord na ráiteas guaise ar an lipéad a chinneadh. Faoi réir mhír 4 áfach, cuirfear na ráitis ghuaise uile le chéile ar an lipéad de réir teanga.
Féadfaidh an soláthróir ord na ráiteas réamhchúraim ar an lipéad a chinneadh. Faoi réir mhír 4 áfach, cuirfear na ráitis réamhchúraim uile le chéile ar an lipéad de réir teanga.
3. Cuirfear grúpaí de ráitis ghuaise agus grúpaí de ráitis réamhchúraim, dá dtagraítear i mír 2, le chéile ar an lipéad de réir teanga.
4. Cuirfear an fhaisnéis fhorlíontach i roinn na faisnéise forlíontaí dá dtagraítear in Airteagal 25 agus cuirfear í leis na heilimintí lipéid eile atá sonraithe in Airteagal 17(1) (a) go (g).
5. Le cois a n-úsáide i bpicteagraim ghuaise, féadfar dathanna a úsáid i gcodanna eile den lipéad chun ceanglais speisialta i dtaca le lipéadú a chomhlíonadh.
6. Cuirfear eilimintí lipéid a eascraíonn as na ceanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha eile de chuid an Chomhphobail i roinn na faisnéise forlíontaí dá dtagraítear in Airteagal 25.
Airteagal 33
Rialacha sonracha maidir le lipéadú ar phacáistiú seachtrach, ar phacáistiú inmheánach agus ar phacáistiú singil
1. I gcás ina mbeidh pacáistiú seachtrach agus pacáistiú inmheánach i gceist sa phacáistiú, maille le haon phacáistiú idirmheánach, agus go gcomhlíonann an pacáistiú seachtrach forálacha um lipéadú i gcomhréir leis na rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha déanfar an pacáistiú inmheánach agus aon phacáistiú idirmheánach atá ann a lipéadú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfar an pacáistiú seachtrach a lipéadú i gcomhréir leis an Rialachán seo freisin. I gcás ina dtagróidh an picteagram guaise nó na picteagraim ghuaise a cheanglaítear leis an Rialachán seo don ghuais chéanna dá dtagraítear sna rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha, ní gá go mbeadh an picteagram guaise nó na picteagraim ghuaise a cheanglaítear leis an Rialachán seo ar an bpacáistiú seachtrach.
2. I gcás nach gceanglófar ar phacáistiú seachtrach de chuid pacáiste forálacha um lipéadú a chomhlíonadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha, déanfar an pacáistiú seachtrach agus aon phacáistiú inmheánach atá ann araon, maille le haon phacáistiú idirmheánach atá ann, a lipéadú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ach, má fhágtar, leis an bpacáistiú seachtrach, gur féidir an pacáistiú inmheánach nó an pacáistiú idirmheánach a fheiceáil go soiléir, ní gá go ndéanfar an pacáistiú seachtrach a lipéadú.
3. Déanfar pacáistí singile a chomhlíonann na forálacha um lipéadú i gcomhréir leis na rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha, a lipéadú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha araon. I gcás ina dtagróidh an picteagram guaise nó na picteagraim ghuaise a cheanglaítear leis an Rialachán seo don ghuais chéanna dá dtagraítear sna rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha, ní gá go mbeadh an picteagram guaise nó na picteagraim ghuaise a cheanglaítear leis an Rialachán seo ann.
Airteagal 34
Tuarascáil ar chumarsáid maidir le húsáid shábháilte ceimicí
1. Faoin 20 Eanáir 2012 déanfaidh an Ghníomhaireacht staidéar ar fhaisnéis a chur in iúl don phobal i gcoitinne maidir le húsáid shábháilte substaintí agus meascán agus ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le faisnéis bhreise a chur ar lipéid. Déanfar an staidéar sin i gcomhairle le húdaráis inniúla agus le geallsealbhóirí agus feidhm á baint, mar is cuí, as an dea-chleachtas ábhartha.
2. Gan dochar do na rialacha um lipéadú dá bhforáiltear sa Teideal seo, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn an staidéir dá dtagraítear i mír 1, tuairisc a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus, má tá bonn cirt leis, tíolacfaidh sé togra reachtach chun an rialachán seo a leasú.
TEIDEAL IV
PACÁISTIÚ
Airteagal 35
Pacáistiú
1. Pacáistiú ina bhfuil substaintí guaiseacha nó meascáin ghuaiseacha, sásóidh sé na ceanglais a leanas:
(a) |
dearfar agus déanfar an pacáistiú ar chaoi nach gcaillfear a bhfuil istigh ann, ach amháin i gcásanna ina bhforordaítear gairis níos sonraí sábháilteachta; |
(b) |
ní bheidh a bhfuil taobh istigh den phacáistiú in ann damáiste a dhéanamh do na hábhair as a bhfuil an pacáistiú ná na ceanglóirí déanta, agus níor cheart gur dóigh go ndéanfaí cumaisc ghuaiseacha dá dteagmhódh siad lena bhfuil taobh istigh den phacáistiú; |
(c) |
beidh an pacáistiú agus na ceanglóirí uile láidir agus soladach d'fhonn a áirithiú nach n-éireoidh siad scaoilte agus go seasfaidh siad gnáthstrus agus ghnáthstraidhn na láimhseála; |
(d) |
dearfar pacáistiú atá feistithe le gairis cheangail inathnuaite ar chaoi gur féidir é a athcheangal arís agus arís eile gan a bhfuil taobh istigh ann teacht amach. |
2. Ní bheidh cruth nó dearadh ar phacáistiú ina bhfuil substaint ghuaiseach nó meascán guaiseach a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne, ar dóigh dó fiosracht leanaí a tharraingt nó a spreagadh nó a chuirfeadh tomhaltóirí amú, ná ní bheidh cur i láthair nó dearadh aige ar den tsamhail chéanna é le pácáistiú a úsáidtear d'earra bia nó d'ábhar beatha d'ainmhithe nó do tháirgí míochaine nó cosmaideacha, a d'fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú.
I gcás pacáistithe ina bhfuil substaint nó meascán a chomhlíonann na ceanglais atá i roinn 3.1.1 d'Iarscríbhinn II, beidh ceangaltóirí atá doscaoilte ag leanaí ann i gcomhréir le roinn 3.1.2, roinn 3.1.3 agus roinn 3.1.4.2 d'Iarscríbhinn II.
I gcás pacáistithe ina bhfuil substaint nó meascán a chomhlíonann na ceanglais atá i roinn 3.2.1 d'Iarscríbhinn II, beidh rabhadh tadhlach faoin gcontúirt air i gcomhreir le roinn 3.2.2 d'Iarscríbhinn II.
3. Measfar go mbeidh ceanglais mhír 1 (a) (b) agus (c) á sásamh ag pacáistiú ar shubstaintí agus ar mheascáin má chomhlíonann sé ceanglais na rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha d'aer, de mhuir, de bhóthar, d'iarnród agus d'uiscebhealaí intíre.
TEIDEAL V
COMHCHUIBHIÚ AN AICMITHE AGUS AN LIPÉADAITHE AR SHUBSTAINTÍ AGUS FARDAL AN AICMITHE AGUS AN LIPÉADAITHE
CAIBIDIL 1
Aicmiú comhchuibhithe agus lipéadú comhchuibhithe ar shubstaintí a bhunú
Airteagal 36
Comhchuibhiú an aicmithe agus an lipéadaithe ar shubstaintí
1. De ghnáth, substaint a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I do na nithe seo a leanas, beidh sé faoi réir an aicmithe chomhchuibhithe agus an lipéadaithe chomhchuibhithe de réir Airteagal 37:
(a) |
íogrú riospráide, catagóir 1, (Iarscríbhinn I, roinn 3.4); |
(b) |
só-ghineacht ghaiméite, catagóir 1A, 1B nó 2 (Iarscríbhinn I, roinn 3.5); |
(c) |
carcanaigineacht, catagóir 1A, 1B nó 2 (Iarscríbhinn I, roinn 3.6); |
(d) |
tocsaineacht atáirgthe, catagóir 1A, 1B nó 2 (Iarscríbhinn I, roinn 3.7). |
2. Substaint ar substaint ghníomhach í de réir bhrí Threoir 91/414/CEE nó Threoir 98/8/CE, de ghnáth beidh sí faoi réir an aicmithe chomhchuibhithe agus an lipéadaithe chomhchuibhithe. I gcás substaintí den sórt sin, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 37, míreanna 1, 4, 5 agus 6.
3. I gcás ina gcomhlíonfaidh substaint na critéir d'aicmí guaise nó do dhifreálacha guaise eile seachas na critéir sin dá dtagraítear i mír 1 agus nach dtagann faoi mhír 2, féadfar aicmiú comhchuibhithe agus lipéadú comhchuibhithe de réir Airteagal 37 a chur le hIarscríbhinn VI ar bhonn gach cáis ar leith, má chuirtear fíorú ar fáil a léiríonn gá le gníomh den sórt sin ar leibhéal an Chomhphobail.
Airteagal 37
Nós imeachta um chomhchuibhiú an aicmithe agus an lipéadaithe ar shubstaintí
1. Féadfaidh údarás inniúil togra a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta maidir le haicmiú comhchuibhithe agus lipéadú comhchuibhithe a dhéanamh ar shubstaintí agus, i gcás inarb iomchuí, sainteorainneacha tiúchana nó M-fhachtóirí, nó togra maidir lena n-athbhreithniú.
Déanfar an togra de réir na formáide a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn VI agus beidh an fhaisnéis ábhartha dá bhforáiltear i gCuid 1 d'Iarscríbhinn VI ann.
2. Féadfaidh monaróir, allmhaireoir nó úsáideoir foghabhálach substainte togra a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta maidir le haicmiú comhchuibhithe agus lipéadú comhchuibhithe na substainte sin agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le sainteorainneacha tiúchana nó M-fhachtóirí, ar choinníoll nach bhfuil aon iontráil i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI don tsubstaint sin i leith na haicme guaise nó na difreála a chumhdaítear leis an togra sin.
Déanfar an togra a tharraingt suas de réir na gCodanna ábhartha de roinn 1, de roinn 2 agus de roinn 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus cloífidh sé leis an bhformáid a leagtar amach i gCuid B den Tuairisc ar Shábháilteacht Cheimiceach de roinn 7 den Iarscríbhinn sin. Beidh an fhaisnéis ábhartha ann, dá bhforáiltear i gCuid 1 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh feidhm ag Airteagal 111 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
3. Má bhaineann togra an mhonaróra, an allmhaireora nó an úsáideora fhoghabhálaigh le haicmiú comhchuibhithe agus lipéadú comhchuibhithe a dhéanamh ar shubstaint de réir Airteagal 36(3), beidh táille istigh leis, á cinneadh ag an gCoimisiún de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54(2).
4. Déanfaidh Coiste um Measúnú Priacail na Gníomhaireachta, arna bhunú de bhun Airteagal 76(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tuairim a ghlacadh maidir le haon togra a chuirtear isteach de bhun mhíreanna (1) nó (2) laistigh de 18 mí ón dáta a bhfaighfear an togra, agus tabharfar deis do na páirtithe barúlacha a nochtadh. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an tuairim seo agus aon bharúlacha ar aghaidh chuig an gCoimisiún.
5. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gurb iomchuí go gcomhchuibheofar aicmiú agus lipéadú na substainte sin, déanfaidh sé, gan mhoill mhíchuí, dréachtchinneadh a thíolacadh maidir le cuimsiú na substainte sin, maille leis na heilimintí ábhartha aicmithe agus lipéadaithe atá i dTábla 3.1 de Chuid 3 d'Iarscríbhinn VI agus, i gcás inarb iomchuí, na sainteorainneacha tiúchana nó M-fhachtóirí.
Cuirfear iontráil chomhfhreagrach i dTábla 3.2 de Chuid 3 d'Iarscríbhinn VI, faoi réir na gcoinníollacha céanna, go dtí an 31 Bealtaine 2015.
Glacfar an beart sin, le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar é, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 54(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún dul in iontaoibh an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 54(4).
6. Cuirfidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha a bhfuil faisnéis nua acu a d'fhéadfadh eilimintí an aicmithe chomhchuibhithe agus an lipéadaithe chomhchuibhithe a athrú do shubstaint i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI, i gcomhréir le dara fomhír mhír 2, togra faoi bhráid an údaráis inniúil i gceann de na Ballstáit a bhfuil an tsubstaint sin á cur ar an margadh ann.
Airteagal 38
Inneachar na dtuairimí agus na gcinntí i leith an aicmithe chomhchuibhithe agus an lipéadaithe chomhchuibhithe i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI; inrochtaineacht faisnéise
1. Sonrófar in aon tuairim dá dtagraítear in Airteagal 37(4) agus in aon chinneadh de réir Airteagal 37(5), na nithe seo a leanas, ar a laghad, do gach substaint:
(a) |
céannacht na substainte mar a shonraítear i roinn 2.1 go 2.3.4 d'Iarscríbhinn VI de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 í; |
(b) |
aicmiú na substainte dá dtagraítear in Airteagal 36, lena n-áirítear ráiteas maidir le cúiseanna; |
(c) |
na sainteorainneacha tiúchana nó na M-fhachtóirí, más infheidhme; |
(d) |
eilimintí um lipéadú a shonraítear i bpointí (d) (e) agus (f) d'Airteagal 17(1) don tsubstaint, mar aon le haon ráitis ghuaise bhreise don tsubstaint, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 25(1); |
(e) |
aon pharaiméadar eile lenar féidir measúnacht a dhéanamh ar an nguais atá ann ó thaobh sláinte nó an chomhshaoil de i meascáin ina bhfuil an tsubstaint ghuaiseach sin nó i substaintí a bhfuil na substaintí guaiseacha iontu mar eisíontais atá sainaitheanta, mar bhreiseáin agus mar chomhábhair, más ábhartha. |
2. Agus tuairim nó cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 37(4) agus (5) den Rialachán seo, á poibliú nó á phoibliú, beidh feidhm ag Airteagal 118(2) agus Airteagal 119 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
CAIBIDIL 2
Fardal an Aicmithe agus an Lipéadaithe
Airteagal 39
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an gcaibidil seo maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
substaintí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; |
(b) |
substaintí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 1 agus a chomhlíonann na critéir um aicmiú mar shubstaintí guaiseacha agus a chuirfear ar an margadh astu féin nó i meascán os cionn na dteorainneacha tiúchana a shonraítear sa Rialachán seo nó i dTreoir 1999/45/CE, i gcás inarb ábhartha, a n-aicmítear an meascán mar mheascán guaiseach dá thoradh. |
Airteagal 40
Oibleagáid fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht
1. Aon mhonaróir nó allmhaireoir, nó aon ghrúpa monaróirí nó allmhaireoirí (dá ngairtear ‘an fógróir’ nó ‘na fógróirí’ anseo feasta) a chuireann ar an margadh substaint dá dtagraítear in Airteagal 39, tabharfaidh sé fógra don Ghníomhaireacht faoin bhfaisnéis seo a leanas ionas go gcuirfear san fhardal é dá dtagraítear in Airteagal 42:
(a) |
céannacht an fhógróra nó na bhfógróirí atá freagrach as an tsubstaint nó na substaintí a chur ar an margadh mar a shonraítear i roinn 1 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; |
(b) |
céannacht na substainte nó na substaintí mar a shonraítear i roinn 2.1 go roinn 2.3.4 d'Iarscríbhinn VI de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; |
(c) |
aicmiú na substainte nó na substaintí i gcomhréir le hAirteagal 13; |
(d) |
I gcás ina bhfuiltear tar éis substaint a aicmiú i gcuid de na haicmí nó difreálacha guaise, ach ní iontu ar fad, léireofar cibé ar tharla é seo de bharr easpa sonraí, sonraí neamhchonclúideacha, nó de bharr sonraí a bhí conclúideach ach neamh-leordhóthanach chun críche aicmithe; |
(e) |
sainteorainneacha tiúchana nó M-fhachtóirí, más infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo, mar aon le fíorú ag tagairt do na Codanna ábhartha de roinn 1, de roinn 2 agus de roinn 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; |
(f) |
eilimintí um lipéadú a shonraítear i bpointí (d), (e) agus (f) d'Airteagal 17(1) don tsubstaint nó do na substaintí, mar aon le haon ráitis ghuaise bhreise don tsubstaint, arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 25(1). |
An fhaisnéis dá dtagraítear in (a) go (f), ní fhógrófar í, más amhlaidh gur cuireadh faoi bhráid na Gníomhaireachta í mar chuid de chlárúchán de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, nó más amhlaidh gur fhógair an fógróir sin cheana í.
Cuirfidh an fógróir an fhaisnéis seo ar fáil san fhormáid a shonraítear de bhun Airteagal 111 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
2. Tabharfaidh an fógróir nó na fógróirí lena mbaineann an fhaisnéis a liostaítear i mír 1 cothrom le dáta, agus fógróidh sé nó siad don Ghníomhaireacht í nuair a dhéanfar cinneadh aicmiú agus lipéadú na substainte a athrú, de bhun an athbhreithnithe in Airteagal 15(1).
3. Tabharfar fógraí faoi shubstaintí a chuirfear ar an margadh an 1 Nollaig 2010 nó ina dhiaidh, i gcomhréir le mír 1 laistigh de mhí tar éis iad a chur ar an margadh.
Féadfar fógra a thabhairt faoi shubstaintí a chuirfear ar an margadh roimh an 1 Nollaig 2010, áfach, i gcomhréir le mír 1 roimh an dáta sin.
Airteagal 41
Iontrálacha comhaontaithe
I gcás ina mbeidh, mar thoradh ar an bhfógra in Airteagal 40(1), roinnt iontrálacha difriúla san fhardal dá dtagraítear in Airteagal 42 i leith aon substainte amháin, déanfaidh na fógróirí agus na cláraithe gach iarracht iontráil a chomhaontú agus a chur san fhardal. Cuirfidh na fógróirí an méid sin in iúl don Ghníomhaireacht, dá réir.
Airteagal 42
Fardal an aicmithe agus an lipéadaithe
1. Bunóidh agus cothóidh an Ghníomhaireacht fardal an aicmithe agus an lipéadaithe i bhfoirm bunachair sonraí.
Cuimseofar an fhaisnéis a fógraíodh de bhun Airteagal 40(1) san fhardal, mar aon leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil mar chuid de chlárúcháin arna ndéanamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
Beidh teacht ag an bpobal ar fhaisnéis atá san fhardal, ar faisnéis í dá dtagraítear in Airteagal 119(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht rochtain ar an bhfaisnéis eile maidir le gach substaint atá san fhardal do na fógróirí agus do na cláraithe a chuir isteach faisnéis faoin tsubstaint sin i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Tabharfaidh sí rochtain ar fhaisnéis den sórt sin do pháirtithe eile faoi réir Airteagal 118 den Rialachán sin.
2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht an fardal cothrom le dáta nuair a fhaightear faisnéis nuashonraithe i gcomhréir le hAirteagal 40(2) nó le hAirteagal 41.
3. Le cois na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis seo a leanas isteach i ngach iontráil:
(a) |
cibé, i ndáil leis an iontráil, an bhfuil aicmiú comhchuibhithe agus lipéadú comhchuibhithe ann ar leibhéal an Chomhphobail trína gcuimsiú i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI; |
(b) |
cibé, i ndáil leis an iontráil, an comhiontráil atá inti idir chláraithe na substainte céanna, dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; |
(c) |
cibé an iontráil chomhaontaithe atá inti arna déanamh ag beirt fhógróirí nó beirt chláraithe nó níos mó ná sin i gcomhréir le hAirteagal 41; |
(d) |
cibé an bhfuil an iontráil éagsúil le hiontráil eile san fhardal i leith na substainte céanna. |
An fhaisnéis dá dtagraítear in (a), tabharfar cothom le dáta í i gcás ina ndéanfar cinneadh de réir Airteagal 37(5).
TEIDEAL VI
ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS FORFHEIDHMIÚ
Airteagal 43
Údaráis inniúla agus údarais fhorfheidhmithe a cheapadh agus comhoibriú idir údaráis
Ceapfaidh Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as tograí le haghaidh an aicmithe chomhchuibhithe agus an lipéadaithe chomhchuibhithe agus na húdaráis a bheidh freagrach as forfheidhmiú na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.
Oibreoidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis atá freagrach as forfheidhmiú as lámh a chéile agus iad i mbun a gcúraimí faoin Rialachán seo agus cuirfidh siad gach tacaíocht is gá agus is úsáideach ar fáil d'údaráis chomhfhreagracha Ballstát eile chun na críche seo.
Airteagal 44
Deasca Cabhrach
Bunóidh na Ballstáit deasca náisiúnta cabhrach chun comhairle a chur ar fáil do mhonaróirí, d'allmhaireoirí, do dháileoirí, d'úsáideoirí foghabhálacha agus d'aon pháirtithe leasmhara eile maidir lena gcuid freagrachtaí agus dualgas faoin Rialachán seo.
Airteagal 45
Na comhlachtaí a bheidh freagrach as glacadh faisnéise a bhaineann le práinnfhreagairt sláinte a cheapadh
1. Déanfaidh na Ballstáit comhlacht nó comhlachtaí a cheapadh a bheidh freagrach as faisnéis a fháil atá ábhartha, d'fhonn bearta coisctheacha agus leigheasacha a fhoirmliú, go háirithe, i gcás práinnfhreagartha sláinte, maidir le hallmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha a chuireann meascáin ar an margadh. Áireofar san fhaisnéis comhdhéanamh ceimiceach na meascán a chuirfear ar an margadh agus a aicmeofar a bheith guaiseach ar bhonn a gcuid éifeachtaí sláinte nó fisiceacha, lena n-áirítear aitheantas ceimiceach substaintí i meascáin ar ghlac an Ghníomhaireacht le hiarratas ar ainm ceimiceach malartach a úsáid ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 24.
2. Tabharfaidh na comhlachtaí a cheaptar na ráthaíochtaí uile is gá maidir le cosaint rúndacht na faisnéise sin. Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a úsáid ach chun na críocha seo a leanas:
(a) |
chun críocha leighis, d'fhonn bearta coisctheacha agus leigheasacha a fhoirmliú, go háirithe i gcás éigeandála; agus |
(b) |
i gcás ina n-iarrfaidh an Ballstát é, anailís staidrimh a dhéanamh d'fhonn na réimsí a aimsiú ina bhféadfaí feabhas a chur ar bhearta bainistithe priacail. |
Ní úsáidfear an fhaisnéis chun críocha ar bith eile.
3. D'fhonn na cúraimí uile a dhéanamh a mbeidh siad freagrach astu, beidh teacht ag na comhlachtaí ceaptha ar an bhfaisnéis uile a theastaíonn ó na hallmhaireoirí agus ó na húsáideoirí foghábhálacha a bhfuil freagracht orthu as margaíocht.
4. Faoin 20 Eanáir 2012 déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú le féachaint arbh fhéidir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhchuibhiú, lena n-áirítear formáid a bhunú lena gcuirfidh allmhaireoirí agus úsáideoirí foghábhálacha faisnéis faoi bhráid comhlachtaí ceaptha. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha amhail Cumann Eorpach na Lárionad Nimheanna agus na dTocsaineolaithe Cliniciúla (EAPCCT), féadfaidh an Coimisiún Rialachán a ghlacadh lena gcuirfear Iarscríbhinn leis an Rialachán seo.
Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 54(3).
Airteagal 46
Forfheidhmiú agus tuairisciú
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha uile, lena n-áirítear córas de rialuithe oifigiúla a chothabháil, d'fhonn a áirithiú nach gcuirtear substaintí agus meascáin ar an margadh, mura mbeidh siad aicmithe, lipéadaithe, fógraithe agus pacáistithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid na Gníomhaireachta gach cúig bliana, faoin 1 Iúil, maidir le torthaí na rialuithe oifigiúla agus maidir le bearta forfheidhmiúcháin eile a rinneadh. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoin . Cuirfidh an Ghníomhaireacht na tuarascálacha sin ar fáil don Choimisiún a chuirfidh san áireamh iad ina thuarascáil faoi Airteagal 117 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
3. Tabharfaidh an Fóram dá dtagraítear in Airteagal 76(1)(f) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 faoi na cúraimí a shonraítear in Airteagal 77(4)(a) go (g) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le forfheidhmiú an Rialacháin seo.
Airteagal 47
Pionóis do neamh-chomhlíonadh
Tabharfaidh na Ballstáit isteach pionóis i leith neamh-chomhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta riachtanacha uile d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme. Caithfidh na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha maidir le pionóis in iúl don Choimisiún faoin 20 Iúil 2010 agus tabharfaidh sé fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a mbeadh tionchar aige orthu.
TEIDEAL VII
FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 48
Fógraíocht
1. Luafaidh aon fhógraíocht a dhéanfar do shubstaint atá aicmithe mar shubstaint ghuaiseach na haicmí guaise nó na catagóirí guaise atá i gceist.
2. Aon fhógraíocht do mheascán atá aicmithe mar mheascán guaiseach nó a chumhdaítear faoi Airteagal 25(6) a cheadaíonn do dhuine den phobal conradh ceannaigh a chur i gcrích gan an lipéad a fheiceáil roimh ré, luafaidh sí an cineál nó na cineálacha guaiseacha dá dtagraítear ar an lipéad.
Ní dochar an chéad fhomhír do Threoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i dtaca le cianchonarthaí (28).
Airteagal 49
An oibleagáid faisnéis agus iarratais ar fhaisnéis a choinneáil
1. Déanfaidh an soláthróir an fhaisnéis uile a d'úsáid an soláthróir sin chun críocha aicmiú agus lipéadú faoin Rialachán seo a thiomsú agus a choinneáil ar fáil ar feadh tréimhse deich mbliana ar a laghad tar éis dó an tsubstaint nó an meascán a sholáthar den uair dheireanach.
Coinneoidh an soláthróir an fhaisnéis seo le chéile mar aon leis an bhfaisnéis a cheanglaítear in Airteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
2. I gcás ina n-éireoidh soláthróir as a chuid gníomhaíochtaí, nó ina n-aistreoidh sé cuid dá oibríochtaí, nó an t-iomlán acu, chuig tríú páirtí, is é an páirtí atá freagrach as gnóthas an tsoláthróra a leachtú nó an páirtí a bheidh freagrach as an tsubstaint nó an meascán a chur ar an margadh a bheidh faoi cheangal na hoibleagáide i mír 1 in áit an tsoláthróra.
3. Féadfaidh údarás inniúil nó údaráis forfheidhmithe Ballstáit a bhfuil soláthróir bunaithe ann iarraidh ar an soláthróir aon fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a sholáthar dó.
I gcás go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil don Ghníomhaireacht áfach, mar chuid de chlárúchán de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó mar chuid d'fhógra de bhun Airteagal 40 den Rialachán seo, úsáidfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin agus rachaidh an t-údarás i dteagmháil leis an nGníomhaireacht.
Airteagal 50
Cúraimí na Gníomhaireachta
1. Soláthróidh an Ghníomhaireacht an chomhairle eolaíoch agus an chomhairle theicniúil is fearr is féidir do na Ballstáit agus d'institiúidí an Chomhphobail maidir le ceisteanna a bhaineann le ceimiceáin a thagann faoina chúram agus a chuirtear faoina bráid i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Déanfaidh Rúnaíocht na Gníomhaireachta na nithe a leanas:
(a) |
soláthróidh sí treoir theicniúil agus treoir eolaíoch mar aon le huirlisí, i gcás inarb iomchuí, d'earnáil na tionsclaíochta maidir leis an mbealach inar féidir na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo a chomhlíonadh; |
(b) |
soláthróidh sí treoir theicniúil agus treoir eolaíoch maidir le hoibriú an Rialacháin seo d'údaráis inniúla agus soláthróidh sí tacaíocht do na deasca cabhracha a bhunóidh na Ballstáit faoi Airteagal 44. |
Airteagal 51
Clásal saorghluaiseachta
Ar fhorais a bhaineann le haicmiú, lipéadú nó pacáistiú substaintí agus meascán de réir bhrí an Rialacháin seo, ní chuirfidh na Ballstáit cosc, srian nó bac ar shubstaintí nó meascáin a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar an margadh ná, i gcás inarb iomchuí, ar shubstaintí nó meascáin a chomhlíonann gníomhartha Comhphobail a ghlactar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.
Airteagal 52
Clásal cosanta
1. I gcás ina mbeidh forais inchosanta ag Ballstát lena chreidiúint, d'ainneoin ceanglais an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh, go bhfuil dianphriacal do shláinte an duine nó don chomhshaol i gceist le substaint nó le meascán de bharr cúiseanna a bhaineann le haicmiú, le lipéadú nó le pacáistiú, féadfaidh sé na bearta sealadacha iomchuí a ghlacadh. Cuirfidh an Ballstát é seo in iúl don Choimisiún, don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit eile láithreach, agus tabharfar na cúiseanna atá leis an gcinneadh.
2. Laistigh de 60 lá ón bhfaisnéis a fháil ón mBallstát, údaróidh an Coimisiún, de réir an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2), an beart sealadach ar feadh na tréimhse a sonraíodh sa chinneadh nó ceanglóidh sé ar an mBallstát an beart sealadach a chúlghairm.
3. I gcás ina n-údarófar beart sealadach maidir le haicmiú nó lipéadú substainte dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit togra maidir le haicmiú comhchuibhithe agus lipéadú comhchuibhithe faoi bhráid na Gníomhaireachta, de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 37, laistigh de thrí mhí ó dháta chinneadh an Choimisiúin.
Airteagal 53
Oiriúnuithe i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch
1. Féadfaidh an Coimisiún Airteagail 6(5), 11(3), 12, 14, 18(3)(b), 23, 25 go 29 agus 35 (2) an dara agus an tríú fomhír agus Iarscríbhinní I go VII a choigeartú agus a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear na forbairtí breise ar an CCD a chur san áireamh go cuí ar leibhéal na Náisiún Aontaithe, go háirithe aon leasuithe de chuid na NA a bhaineann le faisnéis a úsáid i leith meascán comhchosúil, agus na forbairtí i dtaca le cláir cheimice a aithnítear go hidirnáisiúnta agus na sonraí ó bhunachair shonraí timpistí á mbreithniú. Na bearta sin, gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 54(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún dul in iontaoibh an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 54(4).
2. Ar bhealach a bheidh ag teacht lena ról sna fóraim ábhartha de chuid na NA, oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcomhchuibheofar na critéir um aicmiú agus lipéadú mar mharthanach, bithcharnach agus tocsaineach (PBT) agus mar an-mharthanach agus an-bhithcharnach (vPvP) ar leibhéal na NA.
Airteagal 54
An nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
4. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 55
Leasú ar Threoir 67/548/CEE
Leasaítear Treoir 67/548/CEE mar a leanas:
1) |
In Airteagal 1(2), scriostar an dara fomhír: |
2) |
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
3) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 Oibleagáid chun imscrúdú a dhéanamh Déanfaidh monaróirí, dáileoirí agus allmhaireoirí substaintí atá le feiceáil san EINECS ach nach bhfuil iontráil ina leith i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 imscrúdú ionas go mbeidh siad ar an eolas maidir leis na sonraí ábhartha agus inrochtana ar ann dóibh maidir le hairíonna substaintí den sórt sin. Ar bhonn na faisnéise seo, déanfar pacáistiú agus cuirfear lipéadú sealadach ar shubstaintí contúirteacha de réir na rialacha a leagtar síos in Airteagal 22 go hAirteagal 25 den Treoir seo, mar aon leis na critéir atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo.’; |
5) |
scriostar Airteagal 22(3) agus (4). |
6) |
leasaítear Airteagal 23(2) mar a leanas:
|
7) |
scriostar Airteagal 24(4) an dara fomhír. |
8) |
scriostar Airteagal 28 |
9) |
scriostar Airteagal 31(2) agus(3). |
10) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 32: ‘Airteagal 32a Foráil idirthréimhseach maidir le lipéadú agus pacáistiú substaintí Ní bheidh feidhm ag Airteagal 22 go hAirteagal 25 maidir le substaintí ón 1 Nollaig 2010.’ |
11) |
scriostar Iarscríbhinn I. |
Airteagal 56
Leasuithe ar Threoir 1999/45/CE
Leasaítear Treoir 1999/45/CE mar a leanas:
1) |
in Airteagal 3(2) cuirtear ‘Cuid 3 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008’ in ionad ‘Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 67/548/CEE’ maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (30). |
2) |
cuirtear ‘Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008’ in ionad ‘Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 67/548/CEE’:
|
3) |
in Iarscríbhinn VI, Cuid B, pointe 1, mír 3 an chéad fhleasc agus mír 5, cuirtear ‘Cuid 3 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008’ in ionad ‘Iarscríbhinn I’. |
4) |
in Iarscríbhinn VI, Cuid B, pointe 4.2, an mhír dheiridh, cuirtear ‘Cuid 3 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008’ in ionad ‘Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 67/548/CEE (an 19ú hoiriúnú)’. |
Airteagal 57
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo
Leasaítear an Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo mar seo a leanas:
1) |
Leasaítear Airteagal 14(2) mar a leanas:
|
2) |
Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:
|
3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 56(6)(b):
|
4) |
leasaítear Airteagal 59(2) agus(3)mar a leanas:
|
5) |
in Airteagal 76(1) (c), cuirtear ‘Teideal V de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008’ in ionad ‘Teideal XI’; |
6) |
Leasaítear Airteagal 77 mar a leanas:
|
7) |
Scriostar Teideal XI; |
8) |
Leasaítear Iarscríbhinn XV, roinn I agus roinn II mar a leanas:
|
9) |
leasaítear an tábla in Iarscríbhinn XVII mar a leanas:
|
(10) |
Leasaítear Aguisíní 1 go 6 a ghabhann le hIarscríbhinn XVII mar seo a leanas:
|
(11) |
cuirtear na focail ‘meascán’ nó ‘meascáin’ faoi seach tríd an téacs, in ionad na bhfocal ‘ullmhóid’ nó ‘ullmhóidí’ de réir bhrí Airteagal 3 (2) de Rialachán (CE) 1907/2006. |
Airteagal 58
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ón 1 Nollaig 2010
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ón 1 Nollaig 2010 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 14(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: ‘4. Más rud é, de bharr céimeanna (a) go (d) de mhír 3 a chur i gcrích, go socróidh an cláraí go gcomhlíonann an tsubstaint na critéir a bhaineann le haon cheann de na haicmí guaise nó de na catagóirí guaise seo a leanas agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.
nó go measfar gur PTB nó vPvB é, áireoidh an measúnú sábháilteachta ceimicí na céimeanna breise seo a leanas’; |
(2) |
leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40(1): ‘1. Scrúdóidh an Ghníomhaireacht aon togra i leith tástála a leagfar amach i dtuarascáil chlárúcháin nó i dtuarascáil úsáideora fhoghabhálaigh chun an fhaisnéis maidir le substaint a shonraítear in Iarscríbhinn IX agus in Iarscríbhinn X a sholáthar. Tabharfar tosaíocht do chláruithe substaintí a bhfuil airíonna PBT, airíonna vPvB, airíonna íograithe agus/nó carcanaigineacha, airíonna só-ghineacha nó tocsaineacha don atáirgeadh (CMR) acu, nó a bhféadfadh siad a bheith acu, nó do chláruithe substaintí os cionn 100 tona sa bhliain a n-eascraíonn nochtadh forleathan agus idirleata as na húsáidí a bhaintear astu, fad go gcomhlíonann siad na critéir a bhaineann le haon cheann de na haicmí nó de na catagóirí guaise seo a leanas agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008:
|
4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 57 (a), (b) agus (c):
|
5) |
in Airteagal 65 cuirtear Treoir 67/548/CEE agus ‘Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 65/548/CEE’; |
6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68(2): ‘2. I gcás substainte aisti féin, i meascán nó in earra a chomhlíonann na critéir le haghaidh a n-aicmithe sna haicmí guaise carcanaigineachta, só-ghineachta gaiméite nó tocsaineachta atáirgthe de chatagóir 1A nó 1B, agus a bhféadfadh tomhaltóirí iad a úsáid agus a molann an Coimisiún srianta maidir lena n-úsáid ag tomhaltóirí, leasófar Iarscríbhinn XVII i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 133(4). Ní bheidh feidhm ag Airteagail 69 go 73.’; |
7) |
leasaítear Airteagal 119 mar a leanas:
|
8) |
in Airteagal 138(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt den fhrása tosaigh: ‘Maidir le substaintí, áfach, a chomhlíonann na critéir le haghaidh a n-aicmithe sna haicmí guaise carcanaigineachta, só-ghineachta gaiméite nó tocsaineachta atáirgthe, de chatagóir 1A nó 1B, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, déanfar an t-athbhreithniú faoin 1 Meitheamh 2014.’; |
9) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
10) |
in Iarscríbhinn V, pointe 8, cuirtear ‘Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 67/548/CEE’; |
11) |
in Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ranna 4.1, 4.2 agus 4.3:
|
12) |
leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:
|
13) |
in Iarscríbhinn IX, colún 2, pointe 8.7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír den tríú fleasc: ‘Más eol drochéifeacht a bheith ag substaint ar thorthúlacht, lena gcomhlíontar na critéir maidir lena haicmiú mar thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1A nó 1B: D'fhéadfadh sí damáiste a dhéanamh do thorthúlacht (H360F), agus más leor na sonraí atá ar fáil mar thaca le measúnú stóinsithe priacail, ní bheidh gá le tuilleadh tástála maidir le torthúlacht. Ní mór, áfach, féachaint ar chóir tástáil a dhéanamh maidir le tocsaineacht forbraíochta. Más eol substaint a bheith ina cúis le tocsaineacht forbraíochta, lena gcomhlíontar na critéir maidir lena haicmiú mar thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1A nó 1B: D'fhéadfadh sí damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn (H630D), agus más leor na sonraí atá ar fáil mar thaca le measúnú stóinsithe priacail, ní bheidh gá le tuilleadh tástála maidir le tocsaineacht forbraíochta. Ní mór, áfach, féachaint ar chóir tástáil a dhéanamh maidir le héifeachtaí ar thorthúlacht.’ |
14) |
Leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:
|
(15) |
in Iarscríbhinn XIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc agus an tríú fleasc de phointe 1.3:
|
(16) |
Sa tábla in Iarscríbhinn XVII, leasaítear an colún ‘Ainmniú na substainte, na ngrúpaí substaintí nó an mheascáin’ mar a leanas:
|
Airteagal 59
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ón 1 Meitheamh 2015
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ón 1 Meitheamh 2015 mar a leanas:
1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(2): ‘2. Ní gá measúnú ar shábháilteacht cheimiceach i gcomhréir le mír 1 a dhéanamh i gcomhair substainte atá i meascán más lú tiúchan na substainte sa mheascán ná:
|
2) |
Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:
|
3) |
, cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 56(6)(b):
|
4) |
In Airteagal 65, scriostar na focail ‘agus Treoir 1999/45/CE’; |
5) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
6) |
in Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 4.3:
|
7) |
Leasaítear Iarscríbhinn XVII mar a leanas:
|
Airteagal 60
Aisghairm
Aisghairfear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE le héifeacht ón 1 Meitheamh 2015.
Airteagal 61
Forálacha idirthréimhseacha
1. Go dtí an 1 Nollaig 2010, aicmeofar, lipéadófar agus pacáisteofar substaintí i gcomhréir le Treoir 67/548/CEE.
Go dtí an 1 Meitheamh 2015, aicmeofar, lipéadófar agus pacáisteofar meascáin i gcomhréir le Treoir 1999/45/CE.
2. De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 62 den Rialachán seo agus de bhreis ar cheanglais mhír 1 den Airteagal seo, féadfar, roimh an 1 Nollaig 2010 agus roimh an 1 Meitheamh 2015 faoi seach, substaintí agus meascáin a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag na forálacha maidir le lipéadú agus maidir le pacáistiú i dTreoir 67/548/CEE agus i dTreoir 1999/45/CE.
3. Ón 1 Nollaig 2010 go dtí an 1 Meitheamh 2015, féadfar substaintí a aicmiú i gcomhréir le Treoir 67/548/CEE agus i gcomhréir leis an Rialachán seo araon. Lipéadófar agus pacáisteofar iad i gcomhréir leis an Rialachán seo.
4. De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 62 den Rialachán seo, substaintí a aicmítear, a lipéadaítear agus a phacáistítear i gcomhréir le Treoir 67/548/CEE agus a cuireadh ar an margadh cheana féin roimh an 1 Nollaig 2010, ní cheanglaítear go n-athlipéadófar ná go n-athphacáisteofar iad i gcomhréir leis an Rialachán seo go dtí an 1 Nollaig 2012.
De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 62 den Rialachán seo, meascáin a aicmítear, a lipéadaítear agus a phacáistítear i gcomhréir le Treoir 1999/45/CE agus a cuireadh ar an margadh cheana féin roimh an 1 Meitheamh 2015, ní cheanglaítear go n-athlipéadófar ná go n-athphacáisteofar iad i gcomhréir leis an Rialachán seo go dtí an 1 Meitheamh 2017.
5. I gcás ina mbeidh substaint nó meascán aicmithe i gcomhréir le Treoir 67/548/CEE nó Treoir 1999/45/CE roimh an 1 Nollaig 2010 nó roimh an 1 Meitheamh 2015, faoi seach, féadfaidh monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí foghabhálacha aicmiú na substainte nó an mheascáin a leasú tríd an tábla comhshó in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid.
6. Go dtí an 1 Nollaig 2011, féadfaidh Ballstát aon aicmiú nó aon lipéadú atá ann agus atá níos déine ar shubstaintí a cuireadh i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo a choinneáil, ar an gcoinníoll go dtabharfar fógra faoi na haicmithe agus faoi na heilimintí lipéadaithe sin don Choimisiún i gcomhréir leis an gclásal cosanta i dTreoir 67/548/CEE roimh an … agus go gcuirfidh an Ballstát togra d'aicmiú comhchuibhithe agus do lipéadú comhchuibhithe a mbeidh na haicmithe agus na heilimintí lipéadaithe sin ann faoi bhráid na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 37(1) den Rialachán seo faoin 1 Meitheamh 2009.
Is réamhchoinníoll é nach mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún, maidir leis an aicmiú agus an lipéadú atá á mbeartú, i gcomhréir le clásal cosanta Threoir 67/548/CEE, roimh.
An t-aicmiú comhchuibhithe agus an lipéadú comhchuibhithe atá á mbeartú agus a thíolactar faoin gcéad fhomhír, mura n-áirítear iad i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hAirteagal 37(5), nó má áirítear ann iad i bhfoirm leasaithe, ní bheidh an díolúine sa chéad fhomhír den mhír seo bailí a thuilleadh.
Airteagal 62
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Teideal II, III agus IV i leith substaintí ón 1 Nollaig 2010 agus i leith meascán ón 1 Meitheamh 2015.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2008
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. LE MAIRE
(1) IO C 204, 9.8.2008, lch. 47.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).
(3) IO L 262, 27.9.1976, lch. 169.
(4) IO L 213, 21.7.1982, lch. 8.
(5) IO L 184, 15.7.1988, lch. 61.
(6) IO L 40, 11.2.1989, lch. 27.
(7) IO L 189, 20.7.1990, lch. 17.
(8) IO L 169, 12.7.1993, lch. 1.
(9) IO L 331, 7.12.1998, lch. 1.
(10) IO L 84, 27.3.1999, lch. 1.
(11) IO L 311, 28.11.2001, lch. 1.
(12) IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.
(13) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.
(14) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(15) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.Leagan ceartaithe in IO L 136, 29.5.2007, lch. 3
(16) IO 196, 16.8.1967, lch. 1.
(17) IO L 200, 30.7.1999, lch. 1.
(18) IO L 358, 18.12.1986, lch. 1.
(19) IO L 142, 31.05.2008, lch. 1.
(20) IO L 50, 20.2.2004, lch. 44.
(21) IO L 230, 19.8.1991, lch. 1.
(22) IO L 123, 24.4.1998, lch. 1.
(23) IO C 364, 18.12.2000, lch. 1.
(24) IO L 184, 17.07.1999, lch. 23.
(25) IO L 159, 29.6.1996, lch. 1.
(26) IO L 114, 27.4.2006, lch. 9.
(27) IO L 147, 9.6.1975, lch. 40.
(28) IO L 144, 4.6.1997, lch. 19.
(29) IO L 353, 31.12.2008, lch 1.’,
(30) IO L 353, 31.12.2008, lch 1.
(31) IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.
IARSCRÍBHINN I
CEANGLAIS AICMITHE AGUS LIPÉADAITHE LE HAGHAIDH SUBSTAINTÍ GUAISEACHA AGUS MEASCÁN
Leagtar amach san iarscríbhinn seo na critéir maidir le haicmiú in aicmí guaise agus ina gcuid difreáluithe agus leagtar amach annforálacha breise maidir leis an gcaoi ina bhféadfar na critéir a chomhlíonadh.
1. CUID 1: PRIONSABAIL GHINEARÁLTA LE hAGHAIDH AICMITHE AGUS LIPÉADAITHE
1.0. Sainmhínithe
Ciallaíonn gás substaint:
(i) |
a mbíonn galbhrú níos mó ná 300 kPa aige ag 50 oC (dearbh-bhrú); nó |
(ii) |
a bhíonn go hiomlán gásach ag 20 oC ag brú caighdeánach de 101,3 kPa; |
Ciallaíonn leacht substaint nó meascán
(i) |
a bhfuil galbhrú nach mó ná 300 kPa (3 bar) aige ag 50 oC; |
(ii) |
nach bhfuil go hiomlán gásach ag 20 oC agus ag brú caighdeánach de 101,3 kPa; agus |
(iii) |
a bhfuil leáphointe nó leáphointe tosaigh de 20 oC nó níos lú aige ag brú caighdeánach de 101,3 kPa; |
Ciallaíonn solad substaint nó meascán nach gcomhlíonn na sainmhínithe ar leacht agus gás.
1.1. Aicmiú substaintí agus meascán
1.1.0. Comhar chun na ceanglais sa Rialachán a chomhlíonadh
Comhoibreoidh soláthróirí i slabhra soláthair lena chéile chun na ceanglais maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
Féadfaidh soláthróirí in earnáil tionscail comhoibriú chun na socruithe idirthréimhseacha in Airteagal 61 maidir le substaintí agus meascáin a chuirtear ar an margadh a bhainistiú.
Féadfaidh soláthróirí in earnáil tionscail comhoibriú trí ghréasán a bhunú nó trí mhodhanna eile chun sonraí agus saineolas a roinnt nuair a aicmítear substaintí agus meascáin i gcomhréir le Teideal II den Rialachán seo. Sna himthosca sin déanfaidh soláthróirí in earnáil tionscail tuairisciú iomlán ar an mbunús ar a ndearnadh socruithe maidir le haicmiú agus cuirfidh siad ar fáil do na húdaráis inniúla agus, arna iarraidh sin, do na húdaráis forfheidhmithe ábhartha, an doiciméadú, mar aon leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis ar bunaíodh na haicmithe orthu. Nuair a chomhoibreoidh soláthróirí in earnáil tionscail ar an dóigh sin, áfach, leanfaidh gach aon soláthróir de bheith lánfhreagrach maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú na substaintí agus na meascán a chuirfidh sé ar an margadh agus maidir le haon cheanglais eile den Rialachán seo a chomhlíonadh.
Féadfar an gréasán a úsáid freisin chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú d'fhonn comhall na n-oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a shimpliú.
1.1.1. Ról agus cur i bhfeidhm cinntí atá bunaithe ar bhreithiúnas saineolaithe agus ar thromachar na fianaise.
1.1.1.1. |
I gcás nach féidir na critéir a chur i bhfeidhm go díreach maidir leis an bhfaisnéis shainaitheanta atá ar fáil, nó nach mbeidh ach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5) ar fáil, déanfar cinneadh a bheidh bunaithe ar thromachar na fianaise, agus úsáid á baint as breithiúnas saineolaithe, a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9 (3) nó i gcomhréir le hAirteagal 9(4) faoi seach. |
1.1.1.2. |
Féadfaidh an cur chuige maidir le haicmiú meascán cur i bhfeidhm bhreithiúnais saineolaithe i roinnt réimsí a áireamh chun a áirithiú go bhféadfaidh faisnéis atá ann a úsáid le haghaidh a oiread meascán agus is féidir chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint. Féadfaidh sé go mbeidh breithiúnas saineolaithe ag teastáil freisin agus sonraí maidir le haicmiú guaise substaintí á léiriú, go háirithe nuair a bhíonn gá le cinntí atá bunaithe ar thromachar na fianaise. |
1.1.1.3. |
Ciallaíonn cinneadh atá bunaithe ar thromachar na fianaise go ndéanfar an fhaisnéis go léir a mbeadh tionchar aici ar chinneadh faoi ghuais a mheas le chéile, amhail torthaí de thástálacha cuí in vitro, sonraí ábhartha ainmhí, faisnéis ó chur chuige na catagóire a chur i bhfeidhm (grúpáil, léamh-trasna), torthaí (Q)SAR, taithí dhaonna amhail sonraí gairme agus bunachair sonraí taismí, staidéir eipidéimeolaíocha agus cliniciúla agus tuairiscí cáis agus breathnuithe dea-dhoiciméadaithe. Leagfar an tromachar iomchuí ar cháilíocht agus ar chomhréireacht na sonraí. Déanfar faisnéis maidir le substaintí nó meascáin a bhaineann leis an tsubstaint nó meascán atá á aicmiú nó á haicmiú a mheas mar fhaisnéis atá iomchuí, chomh maith le torthaí staidéir maidir le suíomh gníomhaíochta agus meicníocht nó modh gníomhaithe. Cuirfear torthaí deimhneacha agus diúltacha le chéile in aon chinneadh amháin a bheidh bunaithe ar thromachar na fianaise. |
1.1.1.4. |
Chun críche guaiseacha sláinte a aicmiú (Cuid 3) beidh éifeachtaí guaiseacha bunaithe atá sainaitheanta i staidéar cuí ar ainmhithe nó ó thaithí an duine agus atá ar comhréir leis na critéir maidir le haicmiú ina n-údar maith le haicmiú. I gcás ina mbeidh fianaise ar fáil ó dhaoine agus ó ainmhithe araon agus coimhlint idir na conclúidí, déanfar cáilíocht agus iontaofacht na fianaise ón dá fhoinse a mheas chun ceist an aicmithe a réiteach. De ghnáth, glacfaidh sonraí leordhóthanacha, iontaofa agus ionadaíocha faoi dhaoine (lena n-áirítear staidéir eipidéimeolaíocha, cás-staidéir atá bailí go heolaíoch mar atá sonraithe san Iarscríbhinn seo nó taithí a bhfuil tacaíocht staitistiúil aici) tús áite ar shonraí eile. Maidir le staidéir eipidéimeolaíocha atá dea-cheaptha agus dea-stiúrtha, áfach, d'fhéadfadh sé nach mbeadh dóthain suibiachtaí acu chun éifeacht atá cuibheasach tearc ach suntasach mar sin féin a bhrath, chun tosca a d’fhéadfadh a bheith inbhréagnaithe a mheasúnú. Dá thairbhe sin, ní gá go ndéantar torthaí deimhneacha ó staidéir ar ainmhithe atá dea-stiúrtha a bhréagnú de dheasca easpa taithí deimhní daoine ach tá gá le measúnú ar stóinseacht, cáilíocht agus cumhacht staitistiúil na sonraí daonna agus ainmhíocha araon. |
1.1.1.5. |
Chun críche guaiseacha sláinte a aicmiú (Cuid 3) tá an bealach nochta, faisnéis mheicníoch agus staidéir mheitibileachta ábhartha maidir leis an tábhacht a bhíonn ag éifeacht ar dhaoine a mheas. Nuair a chruthaíonn faisnéis den sórt sin amhras faoi ábharthacht i ndaoine, fad agus a bhíonn muinín as stóinseacht agus cáilíocht na sonraí, d'fhéadfadh sé go mbeadh údar maith le haicmiú níos ísle. I gcás ina mbeidh fianaise eolaíoch ann nach mbaineann an mheicníocht ghníomhaithe nó an modh gníomhaithe le daoine, níor chóir an tsubstaint nó meascán a aicmiú. |
1.1.2. Sainteorainneacha tiúchana, M-fhachtóirí agus luachanna scoite cineálacha
1.1.2.1. |
Cuirfear sainteorainnacha tiúchana nó M-fhachtóirí i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 10. |
1.1.2.2. Luachanna scoite
1.1.2.2.1. |
Sonraíonn luachanna scoite cásanna inar gá láithreacht substainte a chur san áireamh chun substaint nó meascán ina bhfuil an tsubstaint ghuaiseach sin a aicmiú, cibé acu ar i bhfoirm eisíontais shainaitheanta, breiseáin nó comhábhair ar leithligh shainaitheanta a bheidh sí (féach Airteagal 11). |
1.1.2.2.2. |
Is iad na luachanna seo a leanas na luachanna scoite dá dtagraítear in Airteagal 11:
|
Tábla 1.1
Luachanna scoite cineálacha
Aicme ghuaise |
Luachanna scoite cineálacha le cur san áireamh |
||
Géarthocsaineacht: |
|
||
|
0,1 % |
||
|
1 % |
||
Creimeadh/Greannú craicinn |
1 % (1) |
||
Damáiste tromchúiseach don tsúil/greannú súile |
1 % (2) |
||
Guaiseach don Chomhshaol Uisceach |
|
||
|
0,1 % (3) |
||
|
0,1 % (3) |
||
|
1 % |
Nóta:
Bíonn luachanna scoite cineálacha i gcéatadáin mheáchain ach amháin i gcás meascán gásach a bhíonn i gcéatadáin toirte.
1.1.3. Prionsabail an eachtarshuímh maidir le meascáin a aicmiú i gcás nach mbeidh sonraí tástála ar fáil don mheascán iomlán
I gcás nach mbeidh tástáil déanta ar an meascán féin chun a chuid airíonna guaiseacha a chinneadh, ach go mbeidh dóthain sonraí ar mheascáin tástáilte chomhchosúla agus ar shubstaintí guaiseacha comhábhair ar leith ann chun na hairíonna de ghuaiseacha an mheascáin a shainaithint go sásúil, úsáidfear na sonraí seo de réir na rialacha eachtarshuímh seo a leanas agus dá dtagraítear in Airteagal 9 (4) maidir le gach aicme ghuaise ar leith i gCuid 3 agus i gCuid 4 den Iarscríbhinn seo, faoi réir sainfhorálacha ar bith do mheascáin i ngach aicme ghuaise.
1.1.3.1. Caolú
Má chaolaítear meascán le substaint (caolaitheoir) a bhfuil aicmiú catagóire guaise aige atá cothrom leis an aicmiú guaise atá ag an mbunsubstaint chomhábhair is lú guais, nó aicmiú na catagóire a bheith níos ísle ná sin, agus nach gceaptar go mbeidh éifeacht aici ar aicmiú guaise shubstaintí comhábhair eile, ansin déanfar ceann amháin de na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:
— |
déanfar an meascán nua a aicmiú mar mheascán atá comhionann leis an mbunmheascán; |
— |
an modh a mhínítear i ngach roinn de Chuid 3 agus i gCuid 4 maidir le haicmiú meascán nuair a bhíonn sonraí ar fáil maidir le comhábhair uile an mheascáin, nó nach mbíonn siad ar fáil ach maidir le cuid acu, |
— |
i gcás géarthocsaineachta, an modh chun meascán a aicmiú atá bunaithe ar chomhábhair an mheascáin (foirmle shuimitheachta). |
1.1.3.2. Baisceáil
Féadfar glacadh leis gurb ionann go mór catagóir ghuaise bhaisc táirgíochta amháin de mheascán agus catagóir ghuaise bhaisc táirgíochta eile den táirge tráchtála céanna, a tháirgeann an soláthróir céanna nó a táirgtear faoina stiúir, ach amháin sa chás go mbíonn cúis lena chreidiúint go bhfuil athrú suntasach i gceist sa chaoi is go bhfuil aicmiú guaise na baisce athraithe. Más é an cás deireanach atá ann, beidh meastóireacht nua ag teastáil.
1.1.3.3. Tiúchan de mheascáin ardghuaiseacha
Maidir le haicmiú meascán atá folaithe ag ranna 3.1, 3.2, 3.3, 3.8, 3.9, 3.10 agus 4.1, má bhíonn meascán aicmithe sa chatagóir nó san fhochatagóir ghuaise is airde, agus má mhéadaítear tiúchan na gcomhábhar den mheascán atá sa chatagóir nó san fhochatagóir sin, aicmeofar an meascán nua sa chatagóir nó san fhochatagóir sin gan tuilleadh tástála.
1.1.3.4. Idirshuíomh laistigh de chatagóir tocsaineachta aonair
Maidir le haicmiú meascán atá folaithe ag ranna 3.1, 3.2, 3.3, 3.8, 3.9, 3.10 agus 4.1, i ndáil le trí mheascán a bhfuil comhábhair ghuaiseacha chomhionanna acu, i gcás ina bhfuil meascáin A agus B sa chatagóir ghuaise chéanna agus i gcás ina bhfuil na comhábhair ghuaiseacha ghníomhacha chéanna ag meascán C le tiúchain atá idir na tiúchain de na comhábhair ghuaiseacha sin i meascáin A agus B, ansin glactar leis go bhfuil meascán C sa chatagóir ghuaise chéanna le A agus B.
1.1.3.5. Meascáin atá gaolmhar go mór
Má tá an méid seo a leanas tugtha:
(a) |
dhá mheascán a mbeidh dhá chomhábhar iontu araon:
|
(b) |
tá tiúchan chomhábhar B mar an gcéanna go bunúsach sa dhá mheascán; |
(c) |
tá tiúchan chomhábhar A i meascán (i) cothrom le tiúchan chomhábhar C i meascán (ii); |
(d) |
tá sonraí guaise maidir le A agus C ar fáil agus tá siad an-chosúil lena chéile, i.e. tá siad sa chatagóir ghuaise chéanna agus ní cheaptar go mbeidh éifeacht acu ar aicmiú guaise B. |
Má tá meascán (i) aicmithe cheana féin in aicme ghuaise ar leith de réir sonraí tástála, déanfar meascán (ii) a chur sa chatagóir ghuaise chéanna.
1.1.3.6. Athbhreithniú ar aicmiú i gcás athraithe i gcomhdhéanamh meascáin
Sonraítear na hathruithe seo a leanas ar bhuntiúchan chun Airteagal 15(2)(a) a chur i bhfeidhm:
Tábla 1.2
Prionsabal an eachtarshuímh maidir le hathruithe ar chomhdhéanamh meascáin
Raon buntiúchana an chomhábhair |
Athrú ceadaithe ar bhuntiúchan an chomhábhair |
≤ 2,5 % |
± 30 % |
2,5 < C < 10 % |
± 20 % |
10 < C < 25 % |
± 10 % |
25 < C < 100 % |
± 5 % |
1.1.3.7. Aerasóil
Maidir le haicmiú meascán atá folaithe ag ranna 3.1, 3.2, 3.3, 3.4, 3.8 agus 3.9, déanfar an fhoirm aerasóil de mheascán a aicmiú sa chatagóir ghuaise chéanna leis an bhfoirm neamhaerasóil den mheascán, ar choinníoll nach mbíonn éifeacht ag an tiomántán breise ar airíonna guaiseacha an mheascáin nuair a dhéantar spraeáil agus ar choinníoll go mbeidh fianaise eolaíoch ar fáil a léiríonn nach bhfuil an fhoirm aerasóil níos guaisí ná an fhoirm neamhaerasóil.
1.2. Lipéadú
1.2.1. Toisí agus déanamh eilimintí an lipéid
1.2.1.1. |
Beidh siombail dhubh ar chúlra bán le fráma dearg a bheidh leathan go leor chun a bheith infheicthe go soiléir ag na picteagraim ghuaise, faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn V. |
1.2.1.2. |
Beidh picteagraim ghuaise i gcruth cearnóige ar a rinn. Clúdóidh gach picteagram guaise an cúigiú cuid déag ar a laghad d'achar dromchla an lipéid chomhchuibhithe ach ní bheidh an t-achar íosta níos lú ná 1 cm2. |
1.2.1.3. |
Beidh toisí an lipéid mar seo a leanas: Tábla 1.3 Toisí na lipéad
|
1.3. Maoluithe ó na ceanglais lipéadaithe i gcásanna speisialta
I gcomhréir le hAirteagal 23, beidh feidhm ag na maoluithe seo a leanas:
1.3.1. Sorcóirí iniompartha gáis
Maidir le sorcóirí iniompartha gáis, déanfar ceann de na nithe seo a leanas a cheadú lena úsáid le haghaidh sorcóirí gáis a bhfuil toilleadh uisce 150 lítear nó níos lú acu:
(a) |
Formáid agus toisí a leanann saintreoracha an eagráin reatha de Chaighdeán ISO 7225 a bhaineann le ‘Sorcóirí gáis – Lipéid réamhchúraim’. Sa chás seo, féadfaidh an lipéad ainm cineálach nó ainm tionsclaíoch nó tráchtála na substainte nó an mheascáin a thaispeáint, ar choinníoll go ndéantar na substaintí guaiseacha sa mheascán a thaispeáint go soiléir doscriosta ar chabhail an tsorcóra gháis. |
(b) |
An fhaisnéis atá sonraithe in Airteagal 17 arna taispeáint ar dhiosca nó lipéad buanfasach faisnéise faoi chuing ar an sorcóir. |
1.3.2. Coimeádáin gháis le haghaidh própáin, bútáin nó gáis pheitriliam leachtaithe (GPL).
1.3.2.1. |
I gcás ina ndéanfar própán, bútán agus gás peitriliam leachtaithe nó meascán ina bhfuil na substaintí seo, arna n-aicmiú i gcomhréir leis na critéir san Iarscríbhinn seo, a chur ar an margadh i sorcóirí iata in-athlánaithe nó i gcartúis neamh-inathlánaithe faoi raon reidhme EN 417 mar gháis bhreosla nach ndéantar a scaoileadh saor ach amháin lena ndó (eagrán reatha de EN 417, a bhaineann le ‘Cartúis neamh-in-athlánaithe mhiotalacha gháis le haghaidh gás peitriliam leachtaithe, le comhla nó gan chomhla, lena n-úsáid le fearais iniompartha; déantús, iniúchadh, tástáil agus marcáil’), ní dhéanfar na sorcóirí nó cartúis seo a lipéadú ach leis an bpicteagram cuí agus leis na ráitis ghuaise agus réamhchúraim a bhaineann le hinadhainteacht. |
1.3.2.2. |
Níl aon fhaisnéis maidir leis na héifeachtaí ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol ag teastáil ar an lipéad. Ina ionad sin déanfaidh an soláthróir an fhaisnéis maidir le héifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a chur ar fáil d'úsáideoirí nó do dháileoirí foghabhálacha, tríd an mbileog sonraí sábháilteachta (BSS). |
1.3.2.3. |
Maidir le tomhaltóirí, seolfar faisnéis leordhóthanach chucu chun a chumasú dóibh gach beart is gá a dhéanamh ar mhaithe leis an tsláinte agus an tsábháilteacht. |
1.3.3. Aerasóil agus coimeádáin atá réamhfheistithe le ceangaltán séalaithe spraeála agus a bhfuil substaintí nó meascáin iontu atá aicmithe mar ghuaiseacha asúite
Maidir le cur i bhfeidhm roinn 3.10.4 , ní gá substaintí nó meascáin atá aicmithe de réir chritéir roinn 3.10.2 agus roinn 3.10.3 a lipéadú don ghuais seo nuair a chuirtear ar an margadh iad i gcoimeádáin aerasóil nó i gcoimeádáin atá réamhfheistithe le ceangaltán séalaithe spraeála.
1.3.4. Miotail i bhfoirm théagartha, cóimhiotail, meascáin ina bhfuil polaiméirí, meascáin ina bhfuil leaistiméirí
1.3.4.1. |
Maidir le miotail i bhfoirm théagartha, cóimhiotail, meascáin ina bhfuil polaiméirí, meascáin ina bhfuil leaistiméirí, ní gá lipéad lena n-aghaidh siúd, de réir na hIarscríbhinne seo, mura mbíonn siad ina nguais do shláinte an duine trí ionanálú, ionghabháil nó teagmháil leis an gcraiceann, nó don chomhshaol uisceach, san fhoirm ina gcuirtear ar an margadh iad, cé go bhfuil siad aicmithe mar nithe guaiseacha de réir na gcritéar san Iarscríbhinn seo. |
1.3.4.2. |
Ina ionad sin, déanfaidh an soláthróir an fhaisnéis a chur ar fáil d'úsáideoirí nó do dháileoirí foghabhálacha tríd an BSS. |
1.3.5. Pléascáin a chuirtear ar an margadh d'fonn éifeacht phléascach nó phiriteicniúil a bheith acu
Maidir le pléascáin, dá dtagraítear i roinn 2.1, a chuirtear ar an margadh d'fhonn éifeacht phléascach nó phiriteicniúil a thabhairt i gcrích, déanfar iad a lipéadú agus a phacáistiú de réir na gceanglas le haghaidh pléascán, agus de réir na gceanglas sin amháin.
1.4. Iarraidh ar ainm ceimiceach malartach a úsáid
1.4.1. Ní fhéadfar géilleadh d'iarrataí ar ainm ceimiceach malartach a úsáid faoi Airteagal 24 ach amháin
(I) |
i gcás nár sannadh teorainn nochtaithe ionad oibre Comhphobail don tsubstaint; agus |
(II) |
i gcás ina bhféadfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir foghabhálach a thaispeáint go gcomhlíonann an t-ainm ceimiceach malartach an gá atá le dóthain faisnéise a sholáthar faoi na réamhchúraimí sláinte agus sábháilteachta is gá a ghlacadh san ionad oibre agus an gá atá lena áirithiú gur féidir rialú a dhéanamh ar phriacail ón meascán a láimhseáil; agus |
(III) |
i gcás ina n-aicmeofar an tsubstaint go heisiach mar cheann amháin nó níos mó de na haicmí guaise seo a leanas:
|
1.4.2. Rogha an ainm cheimicigh nó na n-ainmneacha ceimiceacha le haghaidh meascán le haghaidh thionscal an chumhráin.
I gcás substaintí a bhíonn ann sa nádúr, féadfar ainm ceimiceach nó ainmneacha ceimiceacha den chineál ‘bláthola...’ nó ‘úsc...’ a úsáid in ionad ainmneacha ceimiceacha comhábhar na bláthola sin nó an úisc sin dá dtagraítear in Airteagal 18(3)(b).
1.5. Díolúintí ó na ceanglais maidir le lipéadú agus pacáistiú
1.5.1. Díolúintí ó Airteagal 31 [(Airteagal 29(1))]
1.5.1.1. |
I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 29(1), féadfar na heilimintí lipéid a luaitear in Airteagal 17 a sholáthar ar cheann de na bealaí seo a leanas:
|
1.5.1.2. |
Beidh picteagraim ghuaise, an sainaitheantóir táirge dá dtagraítear in Airteagal 18 agus ainm agus uimhir theileafóin sholáthróir na substainte nó an mheascáin, ar a laghad, ar an lipéad a bheidh ar aon phacáistiú inmheánach |
1.5.2. Díolúintí ó Airteagal 17 [(Airteagal 29(2))]
1.5.2.1. Lipéadú pacáistí nach dtéann a bhfuil iontu thar 125 ml
1.5.2.1.1. |
Féadfar na ráitis ghuaise agus na ráitis réamhchúraim a bhfuil nasc idir iad agus na catagóirí guaise a liostaítear thíos a fhágáil ar lár ó na heilimintí lipéid a cheanglaítear le hAirteagal 17 sna cásanna seo a leanas:
|
1.5.2.1.2. |
Féadfar na ráitis réamhchúraim a bhfuil nasc idir iad agus na catagóirí guaise thíos a fhágáil ar lár ó na heilimintí lipéid a cheanglaítear le hAirteagal 17 sna cásanna seo a leanas:
|
1.5.2.1.3. |
Féadfar an picteagram, an ráiteas guaise agus an ráiteas réamhchúraim a bhfuil nasc idir iad agus na catagóirí guaise a liostaítear thíos a fhágáil ar lár ó na heilimintí lipéid a cheanglaítear le hAirteagal 17 sna cásanna seo a leanas:
|
1.5.2.2. Pacáistiú intuaslagtha aonúsáide a lipéadú
Féadfar na heilimintí lipéid a cheanglaítear le hAirteagal 17 a fhágáil ar lár ó phacáistiú intuaslagtha a bheartaítear a úsáid aon uair amháin, sna cásanna seo a leanas:
(a) |
I gcás nach mó ná 25ml toirte a bhfuil i ngach pacáistiú intuaslagtha; |
(b) |
I gcás go ndéantar aicmiú go heisiach ar a bhfuil sa phacáistiú intuaslagtha faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí guaise in 1.5.2.1.1 (b) thuas; agus |
(c) |
I gcás go mbíonn an pacáistiú intuaslagtha laistigh d'fhorphacáistiú a chomhallfaidh ceanglais Airteagal 17 go hiomlán. |
1.5.2.3. |
Ní bheidh feidhm ag roinn 1.5.2.2 maidir le substaintí ná meascáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 91/414/CEE nó Threoir 98/8/CE. |
2. CUID 2: GUAISEACHA FISICEACHA
2.1. Pléascáin
2.1.1. Sainmhínithe
2.1.1.1. |
Is éard atá in aicme na bpléascán ná
|
2.1.1.2. |
Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: Is éard is substaint phléascach nó meascán pléascach ann, substaint sholadach nó leachtach, nó meascán de shubstaintí, atá ábalta ann féin, trí imoibriú ceimiceach, gás a tháirgeadh ag teocht, brú agus luas a dhéanfadh damáiste don cheantar máguaird. Cuirtear substaintí piriteicniúla san áireamh fiú nuair nach dtáirgeann siad gáis. Is éard is substaint phiriteicniúil nó meascán piriteicniúil ann, substaint nó meascán de shubstaintí atá ceaptha chun éifeacht a thabhairt i gcrích trí theas, solas, fuaim, gás nó deatach nó trí mheascán díobh seo, mar thoradh ar imoibriúcháin neamh-mhadhmacha fhéinchothaitheacha eisiteirmeacha cheimiceacha. Is éard is pléascán éagobhsaí ann, substaint nó meascán pléascach atá éagobhsaí go teirmeach agus/nó ró-íogair do ghnáthláimhseáil, do ghnáthiompar agus do ghnáthúsáid. Is éard is earra pléascach ann, earra ina bhfuil aon substaint phléascach amháin nó níos mó nó aon mheascán pléascach amháin nó níos mó. Is éard is earra piriteicniúil ann, earra ina bhfuil aon substaint phiriteicniúil amháin nó níos mó nó aon mheascán piriteicniúil amháin nó níos mó. Is éard is pléascán d’aon ghnó ann, substaint, meascán nó earra a tháirgtear chun go mbeidh éifeacht phraiticiúil phléascach nó phiriteicniúil aige nó aici. |
2.1.2. Critéir aicmithe
2.1.2.1. |
Déantar substaintí, meascáin agus earraí de chuid na haicme seo a aicmiú mar phléascán éagobhsaí ar bhonn na sreabhchairte i bhFíor 2.1.2. Déantar cur síos ar na modhanna tástála i gCuid I de UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria. |
2.1.2.2. |
Déanfar substaintí, meascáin agus earraí de chuid na haicme seo, nach bhfuil aicmithe mar phléascán éagobhsaí, a chur i gceann de na sé rannán seo a leanas, ag brath ar an gcineál guaise a bhaineann leo:
|
2.1.2.3. |
Déanfar pléascáin, nach n-aicmítear mar phléascán éagobhsaí, a aicmiú i gceann de na sé rannán dá dtagraítear i mír 2.1.2.2 den Iarscríbhinn seo bunaithe ar Shraith Tástálacha 2 go dtí 8 i gCuid I de UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, ar bhonn thorthaí na dtástálacha a leagtar amach i dTábla 2.1.1: Tábla 2.1.1 Critéir le haghaidh pléascán
|
2.1.2.4. |
Atástálfar pléascáin má díphacáistítear nó má athphacáiltear iad i bpacáistí seachas an bunphacáistiú nó pacáistiú comhchosúil. |
2.1.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí, meascán agus earraí a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.1.2.
NÓTA a ghabhann le Tábla 2.1.2: Beidh na heilimintí lipéid go léir seo a leanas ar phléascáin neamh-phacáistithe nó ar phléascáin a ath-phacáladh i bpacáistí seachas an bunphacáistiú nó pacáistiú comhchosúil:
(a) |
an picteagram: buama pléascach; |
(b) |
an focal comharthaíochta: ‘Contúirt’; agus |
(c) |
an ráiteas guaise: ‘pléascach; guais mhórphléasctha’ |
mura léireofar go bhfuil an ghuais i gcomhréir le ceann de na catagóirí guaise i dTábla 2.1.2, agus sa chás sin déanfar an tsiombail chomhréireach, an focal comharthaíochta comhréireach agus/nó an ráiteas guaise comhréireach a shannadh.
Tábla 2.1.2
Eilimintí lipéid le haghaidh pléascán
Aicmiú |
Pléascán Éagobhsaí |
Rannán 1.1 |
Rannán 1.2 |
Rannán 1.3 |
Rannán 1.4 |
Rannán 1.5 |
Rannán 1.6 |
Picteagraim GHS |
|
|
|
|
|
|
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Contúirt |
Contúirt |
Contúirt |
Rabhadh |
Contúirt |
Gan focal comharthaíochta ar bith |
Ráiteas Guaise |
H200: Pléascán Éagobhsaí |
H201: Pléascán; guais mhórphléasctha |
H202: Pléascán; guais throm teilgin |
H203: Pléascán; guais dóiteáin, phléasctha nó teilgin |
H204: Guais dóiteáin nó teilgin |
H205: Mórphléascadh, b'fhéidir, i gcás dóiteáin |
Gan ráiteas guaise ar bith |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P201 P202 P281 |
P210 P230 P240 P250 P280 |
P210 P230 P240 P250 P280 |
P210 P230 P240 P250 P280 |
P210 P240 P250 P280 |
P210 P230 P240 P250 P280 |
Gan ráiteas réamhchúraim ar bith |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P372 P373 P380 |
P370+P380 P372 P373 |
P370+P380 P372 P373 |
P370+P380 P372 P373 |
P370+P380 P372 P373 |
P370+P380 P372 P373 |
Gan ráiteas réamhchúraim ar bith |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P401 |
P401 |
P401 |
P401 |
P401 |
P401 |
Gan ráiteas réamhchúraim ar bith |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
P501 |
P501 |
P501 |
P501 |
P501 |
P501 |
Gan ráiteas réamhchúraim ar bith |
2.1.4. Tosca Breise maidir le hAicmiú
2.1.4.1. |
Is nós imeachta an-chasta i dtrí chéim atá annchun substaintí, meascáin agus earraí a aicmiú san aicme ghuaise pléascán agus chun iad a leithdháileadh ar rannán ina dhiaidh sin. Is gá Cuid I den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria a cheadú. Is é an chéad chéim ná a fháil amach an bhfuil aon éifeachtaí pléascacha ag an tsubstaint nó ag an meascán (Sraith Tástálacha 1). Is é nós imeachta an ghlactha (Sraitheanna Tástálacha 2 go 4) an dara céim agus is sannadh i rannán guaise an tríú céim (Sraitheanna Tástálacha 5 go 7). Tugann tástálacha ó Shraith Tástálacha 8 le fios an bhfuil an measúnú ar iarrthóir le haghaidh ‘eibleacht, fuaidreán nó glóthach níotráite amóiniam idirmheánach le haghaidh pléascán pléasctha (ANE)’ neamhíogair go leor lena áireamh ar leacht oscaídeach (roinn 2.13) nó solad oscaídeach (roinn 2.14) Substaintí agus meascáin phléascacha fliuchta le huisce nó le halcóil, nó caolaithe le substaintí eile chun a airíonna pléascacha a shochtadh, féadfar déileáil leo ar bhealach éagsúil chomh fada agus a bhaineann le haicmiú agus féadfaidh aicmí eile guaise a bheith i bhfeidhm, i gcomhréir lena n-airíonna fisiceacha (féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 1.1.). Athraítear guaiseacha fisiceacha áirithe (mar gheall ar airíonna pléascacha) trí chaolú, rud atá i gceist i gcás pléascán dí-íograithe, trína gcur i meascán nó earra, trí phacáistiú nó trí fhachtóirí eile. Leagtar an nós imeachta maidir le haicmiú amach sa loighic chinnidh seo a leanas (féach Fíoracha 2.1.1 go 2.1.4). Fíor 2.1.1 Scéim ghinearálta an nós imeachta maidir le substaint, meascán nó earra a aicmiú in aicme na bpléascán (Aicme 1 le haghaidh iompair)
Fíor 2.1.2 Nós imeachta chun substaint, meascán nó earra a ghlacadh go sealadach in aicme na bpléascán (Aicme 1 le haghaidh iompair)
Fíor 2.1.3 Nós imeachta maidir le sannadh do rannán in aicme na bpléascán (Aicme 1 le haghaidh iompair)
Fíor 2.1.4 Nós imeachta maidir le heibleachtaí, fuaidreáin nó glóthacha níotráite amóiniam a aicmiú
|
2.1.4.2. Nós Imeachta an Scagtha
Tá baint ag airíonna pléascacha le grúpaí áirithe ceimiceacha a bheith i móilín, ar féidir leo imoibriú chun arduithe sciobtha teochta nó brú a chruthú. An aidhm atá le nós imeachta an scagtha ná grúpaí imoibríocha den sórt sin a shainaithint má bhíonn siad i láthair, chomh maith leis an dóchúlacht atá ann maidir le scaoileadh sciobtha fuinnimh. Má aithnítear le nós imeachta an scagtha go bhfuil an tsubstaint nó meascán ina phléascán féideartha nó ina pléascán féideartha, ní foláir nós imeachta an ghlactha a úsáid (féach alt 10.3 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria).
Nóta:
Níl tástáil maidir le forleathadh madhmtha, Sraith 1 cineál (a), nó tástáil íogaireachta maidir le turraing mhaidhmitheach, Sraith 2 cineál (a), riachtanach i gcás ina mbeidh fuinneamh dianscaoilte eisiteirmigh na n-ábhar orgánach níos lú ná 800 J/g.
2.1.4.3. |
Ní dhéanfar substaint nó meascán a aicmiú mar shubstaint phléascach nó mar mheascán pléascach:
|
2.1.4.4. |
I gcás meascán ina bhfuil aon phléascáin sainaitheanta, ní foláir nós imeachta an ghlactha a úsáid. |
2.2. Gáis inadhainte
2.2.1. Sainmhíniú
Ciallaíonn gás inadhainte gás nó meascáin gáis ag a bhfuil raon inadhainte le haer ag 20 oC agus brú caighdeánach de 101,3 kPa.
2.2.2. Critéir aicmithe
2.2.2.1. |
Déanfar gás inadhainte a aicmiú san aicme seo i gcomhréir le Tábla 2.2.1: Tábla 2.2.1 Critéir le haghaidh gás inadhainte
Nóta: Maidir le haicmiú aerasól, féach 2.3. |
2.2.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí agus meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.2.2.
Tábla 2.2.2
Eilimintí lipéid le haghaidh gás inadhainte
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Picteagram GHS |
|
Gan picteagram ar bith |
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Rabhadh |
Ráiteas guaise |
H220: Gás fíor-inadhainte |
H221: Gás inadhainte |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P210 |
P210 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P377 P381 |
P377 P381 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P403 |
P403 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
|
|
2.2.4. Tosca Breise maidir le hAicmiú
2.2.4.1. |
Déanfar inadhainteacht a aimsiú trí thástálacha, nó, i gcás meascán má tá dóthain sonraí ar fáil, trí ríomh de réir na modhanna arna nglacadh ag ISO (féach ISO 10156 arna leasú, Gáis agus meascáin gháis – Acmhainneacht dóiteáin agus cumas ocsaídiúcháin a aimsiú chun asraon comhla sorcóra a roghnú). I gcás nach mbeidh dóthain sonraí ar fáil chun na modhanna seo a úsáid, féadfar modh tástála EN 1839 arna leasú (Teorainneacha pléasctha gás agus gal a dhéanamh amach) a úsáid. |
2.3. Aerasóil inadhainte
2.3.1. Sainmhínithe
Is coimeádáin neamh-inathlánaithe ar bith atá déanta de mhiotal, gloine nó plaisticí agus a bhfuil gás iontu atá comhbhrúite, leachtaithe nó tuaslagtha faoi bhrú, fara nó gan leacht, taos nó púdar, agus iad réamhfheistithe le scaoilteán lena ndéantar an t-inneachar a scaoileadh mar cháithníní soladacha nó leachtacha ar crochadh i ngás, mar chúr, taos nó púdar nó i bhfoirm leachtach nó i bhfoirm ghásach iad aerosóil, agus ciallaíonn sé sin dáileoirí aerasóil.
2.3.2. Critéir aicmithe
2.3.2.1. |
Déanfar aerasóil a mheas maidir lena n-aicmiú mar nithe inadhainte de réir 2.3.2.2 má tá comhábhar ar bith iontu atá aicmithe mar ní inadhainte de réir na gcritéar atá sa Chuid seo, i.e.:
Nóta: Ní fholaíonn comhábhair inadhainte substaintí nó meascáin pireafóracha/phireafóracha, féintéimh nó uisce-imoibríoch mar ní úsáidtear comhábhair den sórt sin mar inneachar aerasóil. |
2.3.2.2. |
Déanfar aerasól inadhainte a aicmiú i gceann den dá chatagóir don Aicme seo bunaithe ar a chomhábhar, a theas ceimiceach dócháin agus, más cuí, ar thorthaí na tástála cúir (le haghaidh aerasól cúir) agus na tástála faid adhainte agus na tástála spáis iata (le haghaidh aerasól spraeála) de réir Fhíor 2.3.1 agus an UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, Cuid III, foranna 31.4, 31.5 agus 31.6 Fíor 2.3.1 Fíor 2.3.1 (a) le haghaidh aerasól inadhainte
I gcomhair na n-aerasól spraeála, téigh go dtí loighic chinnidh 2.3.1 (b); I gcomhair na n-aerasól cúir, téigh go dtí loighic chinnidh 2.3.1 (c) Fíor 2.3.1 (b) i gcomhair aerasól spraeála
Fíor 2.3.1 (c) i gcomhair aerasól cúir
|
2.3.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.3.2.
Tábla 2.3.2
Eilimintí lipéid le haghaidh aerasól inadhainte
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Picteagraim GHS |
|
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Rabhadh |
Ráiteas guaise |
H222: Aerasól fíor-inadhainte |
H223: Aerasól inadhainte |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P210 P211 P251 |
P210 P211 P251 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
|
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P410 + P412 |
P410 + P412 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
|
|
2.3.4. Tosca Breise maidir le hAicmiú
2.3.4.1. |
Is ionann an teas ceimiceach dócháin (ΔHc), i gciligiúil sa ghram (kJ/g), agus an teas teoiriciúil dócháin (ΔHcomb), arna iolrú ar an éifeachtacht dócháin, a bhíonn níos lú ná 1,0 de ghnáth (éifeachtacht tipiciúil dócháin is ea 0,95 nó 95 %.). Maidir le foirmliú comhchodach aerasóil, is ionann an teas ceimiceach dócháin cothrom agus suimiú na dteasanna ualaithe dócháin a bhaineann leis na comhábhair aonair, mar seo a leanas:
sa chás go bhfuil:
Is féidir na teasanna ceimiceacha dócháin a fháil sa litríocht, a ríomh nó a aimsiú ó thástálacha (féach ASTM D 240 arna leasú – Modhanna Caighdeánacha Tástála maidir le Teas Dócháin Bhreoslaí Hidreacarbóin Leachtaigh leis an mBuama-chalraiméadar, EN/ISO 13943 arna leasú, 86.l go dtí 86.3 – Sábháilteacht dóiteáin – Foclaíocht, agus NFPA 30B arna leasú – Cód maidir le Déantúsaíocht agus Stóráil Táirgí Aerasóil). |
2.4. Gáis ocsaídeacha
2.4.1. Sainmhínithe
Ciallaíonn gás ocsaídeach gás nó meascán gáis ar bith a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dóchán ábhair eile, nó a d’fhéadfadh cur leis an dóchan sin, go hiondúil trí ocsaigin a chur ar fáil, thar mar a dhéanann aer.
2.4.2. Critéir aicmithe
2.4.2.1. |
Aicmeofar gás ocsaídeach i gcatagóir amháin don aicme seo i gcomhréir le Tábla 2.4.1.: Tábla 2.4.1 Critéir le haghaidh gás ocsaídeach
Nóta: Ciallaíonn ‘gáis is cúis le dóchán ábhair eile, nó a chuireann leis an dóchan sin, thar mar a dhéanann aer’ gáis íona nó meascáin de gháis le cumas ocsaídeach níos mó ná 23,5 % a shocraítear le modh a shonraítear in ISO 10156 arna leasú nó in 10156-2 arna leasú. |
2.4.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.4.2.
Tábla 2.4.2
Eilimintí lipéid le haghaidh gás ocsaídeach
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Picteagram GHS |
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Ráiteas guaise |
H270: D'fhéadfadh sé a bheith ina chúis le dóiteán nó d'fhéadfadh dóiteán a neartú; ocsaídeoir |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P220 P244 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P370 + P376 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P403 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
|
2.4.4. Tosca Breise maidir le hAicmiú
Chun gás ocsaídeach a aicmiú, bainfear úsáid as modhanna tástála nó ríofa, a bhfuil cur síos orthu in ISO 10156 arna leasú, Gáis agus meascáin gháis – Acmhainneacht dóiteáin agus cumas ocsaídeach a aimsiú chun asraon comhla sorcóra a roghnú agus in ISO 10156-2 arna leasú, Sorcóirí gáis – gáis agus meascáin gháis – an cumas ocsaídeach atá ag gáis agus meascáin gháis thocsaineacha agus chreimneacha a aimsiú.
2.5. Gáis faoi bhrú
2.5.1. Sainmhíniú
2.5.1.1. |
Ciallaíonn ‘gáis faoi bhrú’ gáis atá á gcoimeád i gcoimeádán ag brú de 200 kPa (tomhsaire) nó níos mó, nó atá leachtaithe nó leachtaithe agus cuisnithe. Is éard atá iontu ná gáis chomhbhrúite, gáis leachtaithe, gáis thuaslagtha agus gáis chuisnithe leachtaithe. |
2.5.1.2. |
Is í an teocht chriticiúil ná an teocht nach féidir gás íon a leachtú os a cionn, is cuma cén leibhéal comhbhrú atá ann. |
2.5.2. Critéir aicmithe
Aicmeofar gáis, i gcomhréir lena staid fhisiceach agus iad pacáistithe, i gceann amháin de cheithre ghrúpa i gcomhréir le Tábla 2.5.1:
Tábla 2.5.1
Critéir le haghaidh gás faoi bhrú
Grúpa |
Critéir |
||||
Gás comhbhrúite |
Gás atá gásach go hiomlán ag - 50 oC agus é pacáistithe faoi bhrú; lena n-áirítear gach gás le teocht chriticiúil ≤ - 50 oC. |
||||
Gás leachtaithe |
Gás atá leachtach i bpáirt ag teocht os cionn - 50 oC agus é pacáistithe faoi bhrú. Déantar idirdhealú idir:
|
||||
Gás cuisnithe leachtaithe |
Gás a éiríonn leachtach i bpáirt agus é pacáistithe, mar gheall ar a theocht íseal. |
||||
Gás tuaslagtha |
Gás atá tuaslagtha i dtuaslagóir leachtphas agus é pacáistithe faoi bhrú. |
2.5.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.5.2.
Tábla 2.5.2
Eilimintí lipéid le haghaidh gás faoi bhrú
Aicmiú |
Gás comhbhrúite |
Gás leachtaithe |
Gás cuisnithe leachtaithe |
Gás tuaslagtha |
Picteagraim GHS |
|
|
|
|
Focal comharthaíochta |
Rabhadh |
Rabhadh |
Rabhadh |
Rabhadh |
Ráiteas guaise |
H280: Gás istigh, faoi bhrú; d'fhéadfadh sé pléascadh, má théitear é |
H280: Gás istigh, faoi bhrú; d'fhéadfadh sé pléascadh, má théitear é |
H281: Gás cuisnithe istigh; d’fhéadfadh sé a bheidh ina chúis le dónna agus díobháil chrióigineach |
H280: Gás istigh, faoi bhrú; d'fhéadfadh sé pléascadh, má théitear é |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
|
|
P282 |
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
|
|
P336 P315 |
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P410 + P403 |
P410 + P403 |
P403 |
P410 + P403 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
|
|
|
|
2.5.4. Tosca Breise maidir le hAicmiú
Maidir leis an ngrúpa gás seo, ní foláir go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas ar eolas:
— |
an brú gaile ag 50 oC; |
— |
an staid fhisiceach ag 20 oC ag brú timpeallach caighdeánach; |
— |
an teocht chriticiúil. |
Is féidir sonraí a fháil sa litríocht, a ríomh nó a fháil amach trí thástáil. Tá formhór na ngás íon aicmithe in UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Model Regulations.
2.6. Leachtanna inadhainte
2.6.1. Sainmhíniú
Ciallaíonn leacht inadhainte leacht ag a bhfuil splancphointe nach airde ná 60 oC.
2.6.2. Critéir aicmithe
2.6.2.1. |
Aicmeofar leacht inadhainte i gceann amháin de na trí chatagóir don aicme seo i gcomhréir le Tábla 2.6.1: Tábla 2.6.1 Critéir le haghaidh leachtanna inadhainte
|
2.6.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.6.2.
Tábla 2.6.2
Eilimintí lipéid le haghaidh leachtanna inadhainte
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Catagóir 3 |
Picteagraim GHS |
|
|
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Contúirt |
Rabhadh |
Ráiteas guaise |
H224: Leacht agus gal ard-inadhainte |
H225: Leacht agus gal ard-inadhainte |
H226: Leacht agus gal inadhainte |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P210 P233 P240 P241 P242 P243 P280 |
P210 P233 P240 P241 P242 P243 P280 |
P210 P233 P240 P241 P242 P243 P280 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P303 + P361 + P353 P370 + P378 |
P303 + P361 + P353 P370 + P378 |
P303 + P361 + P353 P370 + P378 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P403 + P235 |
P403 + P235 |
P403 + P235 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
P501 |
P501 |
P501 |
2.6.4. Tosca Breise maidir le hAicmiú
2.6.4.1. |
Teastaíonn sonraí faoi splancphointe agus fiuchphointe tosaigh chun leachtanna inadhainte a aicmiú. Is féidir sonraí a dhéanamh amach trí thástáil, iad a fháil sa litríocht nó iad a ríomh. Mura bhfuil sonraí ar fáil, déanfar an splancphointe agus an fiuchphointe tosaigh a fháil trí thástáil. Bainfear úsáid as modh cupáin iata chun an splancphointe a dhéanamh amach. |
2.6.4.2. |
I gcás meascán (6) ina bhfuil leachtanna sainaitheanta inadhainte i dtiúchana sainithe, cé gur féidir le comhábhair dho-ghalaithe a bheith iontu e.g. polaiméirí, breiseáin, ní gá an splancphointe a aimsiú go turgnamhach má tá splancphointe ríofa an mheascáin, agus úsáid á baint as an modh atá tugtha in 2.6.4.3, ar a laghad 5 oC (7) níos airde ná an critéar aicmithe ábhartha, agus ar choinníoll:
|
2.6.4.3. |
Déantar cur síos ar mhodh oiriúnach amháin in Gmehling and Rasmussen (Ind. Eng. Fundament, 21, 186, (1982)). I gcás meascáin ina bhfuil comhábhair dho-ghalaithe, déanfar an splancphointe a ríomh ó na comhábhair sho-ghalaithe. Meastar nach ndéanann comhábhar do-ghalaithe ach páirtbhrú na dtuaslagóirí a laghdú beagán, agus nach bhfuil an splancphointe ríofa ach beagán níos ísle ná an luach tomhaiste. |
2.6.4.4. |
Liostaítear modhanna féideartha tástála chun splancphointe leachtanna inadhainte a aimsiú i dTábla 2.6.3. Tábla 2.6.3 Modhanna chun splancphointe leachtanna inadhainte a aimsiú:
|
2.6.4.5. |
Ní gá leachtanna le splancphointe níos airde ná 35 oC a aicmiú i gCatagóir 3 i gcás ina mbeidh torthaí diúltacha faighte sa tástáil indóiteachta leanúnaí L.2, Cuid III, alt 32 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria. |
2.7. Solaid inadhainte
2.7.1. Sainmhíniú
2.7.1.1. |
Ciallaíonn solad inadhainte solad atá indóite go héasca, nó a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le dóiteán nó a d'fhéadfadh cur le dóiteán trí fhrithchuimilt. Is éard atá i solaid atá indóite go héasca ná substaintí púdair, gráinníneacha nó taois nó meascáin phúdair, ghráinníneacha, nó taois atá contúirteach más féidir iad a adhaint go héasca trí theagmháil ghearr le foinse adhainte, amhail lasán ar lasadh, agus má leathnaíonn an lasair go tapa. |
2.7.2. Critéir aicmithe
2.7.2.1. |
Déanfar substaintí púdair, gráinníneacha nó taois nó meascáin phúdair, ghráinníneacha nó taois (seachas púdair mhiotal nó púdair chóimhiotail– féach 2.7.2.2) a aicmiú mar sholaid atá indóite go héasca más rud é go mbeidh fad ama an dó, maidir le ceann amháin nó níos mó de na tástálacha, a dhéantar de réir an mhodha a bhfuil cur síos air i gCuid III, fo-alt 33.2.1, den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, níos giorra ná 45 soicind nó má tá ráta an dó níos mó ná 2,2 mm/s. |
2.7.2.2. |
Déanfar púdair mhiotal nó púdair chóimhiotail a aicmiú mar sholaid inadhainte más féidir iad a adhaint agus má leathnaíonn an t-imoibriú feadh an tsampla in 10 nóiméad nó níos lú. |
2.7.2.3. |
Déanfar solad inadhainte a aicmiú i gceann den dá chatagóir don aicme seo, agus úsáid á baint as Modh N.1 a bhfuil cur síos air in 33.2.1 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, i gcomhréir le Tábla 2.7.1: Tábla 2.7.1 Critéir le haghaidh solad inadhainte
Nóta: Déanfar an tástáil ar an tsubstaint nó meascán sa staid fhisiceach ina gcuirtear i láthair é nó í. Más rud é, mar shampla, chun críocha soláthair nó iompair, go mbíonn an ceimiceán céanna le cur i láthair i bhfoirm fhisiceach atá difriúil ón bhfoirm a ndearnadh tástáil air agus gur dócha go n-athrófaí a fheidhmiú go suntasach i dtástáil aicmithe, déanfar an tsubstaint a thástáil san fhoirm nua chomh maith. |
2.7.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.7.2.
Tábla 2.7.2
Eilimintí lipéid le haghaidh solad inadhainte
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Picteagraim GHS |
|
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Rabhadh |
Ráiteas guaise |
H228: Solad inadhainte |
H228: Solad inadhainte |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P210 P240 P241 P280 |
P210 P240 P241 P280 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P370 + P378 |
P370 + P378 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
|
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
|
|
2.8. Substaintí agus meascáin atá féin-imoibríoch
2.8.1. Sainmhíniú
2.8.1.1. |
Is éard is substaintí nó meascáin atá féin-imoibríoch ann ná substaintí soladacha nó leachtacha nó meascáin sholadacha nó leachtacha atá éagobhsaí go teirmeach agus tugtha do dhianscaoileadh ard-eisiteirmeach fiú gan ocsaigin (aer) a bheith i láthair. Ní fholaíonn an sainmhíniú seo substaintí agus meascáin atá aicmithe de réir na Coda seo mar phléascáin, sárocsaídí orgánacha nó mar nithe ocsaídeacha. |
2.8.1.2. |
Meastar go bhfuil airíonna pléascacha ag substaint nó meascán atá féin-imoibríoch má tá an foirmiú tugtha do phléascadh, do ghrodloscadh sciobtha nó d'éifeacht fhoirtil a léiriú má théitear i limistéar iata é, i dtástáil saotharlainne. |
2.8.2. Critéir aicmithe
2.8.2.1. |
Déanfar aon substaint nó meascán atá féin-imoibríoch a mheas maidir lena aicmiú/haicmiú san aicme seo mar shubstaint nó mar mheascán atá féin-imoibríoch murar rud é:
|
2.8.2.2. |
Maidir le meascáin de shubstaintí ocsaídeacha a chomhlíonann na critéir maidir lena n-aicmiú mar shubstaintí ocsaídeacha, ina bhfuil 5 % nó níos mó de shubstaintí inadhainte orgánacha, agus nach gcomhlíonann na critéir a luaitear in (a), (c), (d) nó (e) in 2.8.2.1, beidh siad faoi réir an nós imeachta maidir le haicmiú substaintí atá féin-imoibríoch; Déanfar meascán den sórt sin, a léiríonn airíonna substainte atá féin-imoibríoch de chineál B go dtí F (féach 2.8.2.3), a aicmiú mar shubstaint atá féin-imoibríoch. I gcás go seolfar an tástáil i bhfoirm pacáiste agus go n-athraítear an pacáistiú, déanfar atástáil a sheoladh má mheastar go ndéanfaidh an t-athrú ar an bpacáistiú difear do thoradh na tástála. |
2.8.2.3. |
Déanfar substaintí agus meascáin atá féin-imoibríoch a aicmiú i gceann de na seacht gcatagóir de ‘chineál A go cineál G’ don aicme seo, de réir na bprionsabal seo a leanas:
I gcás go seolfar an tástáil i bhfoirm pacáiste agus go n-athraítear an pacáistiú, déanfar atástáil a sheoladh má mheastar go ndéanfaidh an t-athrú ar an bpacáistiú difear do thoradh na tástála. |
2.8.2.4. Critéir maidir le rialú teochta
Ní foláir substaintí féin-imoibríocha a chur faoi rialú teochta, más lú ná 55 oC a SADT, nó más comhionan leis an teocht sin é. Tugtar modhanna tástála chun an SADT a aimsiú mar aon le díorthú teochta rialúcháin agus práinnteochta, in UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, Cuid II, alt 28. Déanfar an tástáil roghnaithe a sheoladh ar shlí atá ionadaíoch, ó thaobh méide agus ábhair araon, maidir leis an bpacáiste.
2.8.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.8.1.
Tábla 2.8.1
Eilimintí lipéid le haghaidh substaintí agus meascán atá féin-imoibríoch
Aicmiú |
Cineál A |
Cineál B |
Cineál C & Cineál D |
Cineál E & Cineál F |
Cineál G |
Picteagraim GHS |
|
|
|
|
Níl aon eilimintí lipéid leithdháilte ar an gcatagóir ghuaise seo |
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Contúirt |
Contúirt |
Rabhadh |
|
Ráiteas guaise |
H240: D'fhéadfadh téamh a bheith ina chúis le pléascadh |
H241: D'fhéadfadh téamh a bheith ina chúis le dóiteán nó pléascadh |
H242: D'fhéadfadh téamh a bheith ina chúis le dóiteán |
H242: D'fhéadfadh téamh a bheith ina chúis le dóiteán |
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P210 P220 P234 P280 |
P210 P220 P234 P280 |
P210 P220 P234 P280 |
P210 P220 P234 P280 |
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P370 + P378 P370 + P380 + P375 |
P370 + P378 P370 + P380 + P375 |
P370 + P378 |
P370 + P378 |
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P403 + P235 P411 P420 |
P403 + P235 P411 P420 |
P403 + P235 P411 P420 |
P403 + P235 P411 P420 |
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
P501 |
P501 |
P501 |
P501 |
|
Níl eilimintí cumarsáide guaise sannta chuig Cineál G ach déanfar é a mheas le haghaidh airíonna a bhaineann le haicmithe eile guaise.
2.8.4. Breithnithe Breise maidir le hAicmiú
2.8.4.1. |
Maidir le hairíonna substaintí agus meascán atá féin-imoibríoch, ar airíonna iad atá cinntitheach ó thaobh a n-aicmithe de, déanfar iad a aimsiú go turgnamhach. Déanfar substaint nó meascán atá féin-imoibríoch a aicmiú de réir shraitheanna tástálacha A go dtí H mar atá tuairiscithe i gCuid II den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria. Tá tuairisc ar an nós imeachta maidir le haicmiú i bhFíor 2.8.1. |
2.8.4.2. |
Ní gá nósanna imeachta maidir le haicmiú substaintí agus meascán atá féin-imoibríoch a chur i bhfeidhm:
|
Fíor 2.8.1
Substaintí agus meascáin atá féin-imoibríoch
2.9. Leachtanna pireafóracha
2.9.1. Sainmhíniú
Ciallaíonn leacht pireafórach substaint nó meascán leachtach atá tugtha, fiú i gcainníochtaí beaga, d'adhaint laistigh de chúig nóiméad tar éis dó dul i dteagmháil le haer.
2.9.2. Critéir aicmithe
2.9.2.1. |
Déanfar leacht pireafórach a aicmiú i gcatagóir amháin don aicme seo agus úsáid á baint as tástáil N.3 i gCuid III, fo-alt 33.3.1.5 de UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, de réir Thábla 2.9.1: Tábla 2.9.1. Critéir le haghaidh leachtanna pireafóracha
|
2.9.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.9.2.
Tábla 2.9.2
Eilimintí lipéid le haghaidh leachtanna pireafóracha
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Picteagram GHS |
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Ráiteas guaise |
H250: Téann trí thine go spontáineach má nochtar don aer |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P210 P222 P280 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P302 + P334 P370 + P378 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P422 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
|
2.9.4. Breithnithe Breise maidir le hAicmiú
2.9.4.1. |
Ní gá an nós imeachta maidir le haicmiú leachtanna pireafóracha a chur i bhfeidhm, má léiríonn cleachtadh ar dhéantúsaíocht nó ar láimhsiú nach n-adhnann an tsubstaint nó meascán go spontáineach tar éis dul i dteagmháil le haer ag gnáth-theocht (i.e. is eol go bhfuil an tsubstaint cobhsaí ag teocht an tseomra thar thréimhsí fada ama (laethanta)). |
2.10. Solaid phireafóracha
2.10.1. Sainmhíniú
Ciallaíonn solad pireafórach substaint sholadach nó meascán soladach atá tugtha, fiú i gcainníochtaí beaga, d'adhaint laistigh de chúig nóiméad tar éis dó dul i dteagmháil le haer.
2.10.2. Critéir aicmithe
2.10.2.1. |
Déanfar solad pireafórach a aicmiú i gcatagóir amháin don aicme seo agus úsáid á baint as tástáil N.2 i gCuid III, fo-alt 33.3.1.4 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, i gcomhréir le Tábla 2.10.1: Tábla 2.10.1 Critéir le haghaidh solad pireafórach
Nóta: Déanfar an tástáil ar an tsubstaint nó meascán sa staid fhisiceach ina gcuirtear i láthair é nó í. Más rud é, mar shampla, chun críocha soláthair nó iompair, go mbíonn an ceimiceán céanna le cur i láthair i bhfoirm fhisiceach atá difriúil ón bhfoirm a ndearnadh tástáil air agus gur dócha go n-athrófaí a fheidhmiú go suntasach i dtástáil aicmithe, déanfar an tsubstaint a thástáil san fhoirm nua chomh maith. |
2.10.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.10.2.
Tábla 2.10.2
Eilimintí lipéid le haghaidh solad pireafórach
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Picteagram GHS |
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Ráiteas guaise |
H250: Téann trí thine go spontáineach má nochtar don aer |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P210 P222 P280 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P335 + P334 P370 + P378 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P422 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
|
2.10.4. Breithnithe Breise maidir le hAicmiú
2.10.4.1. |
Ní gá an nós imeachta maidir le haicmiú solad pireafórach a chur i bhfeidhm, má léiríonn cleachtadh ar dhéantúsaíocht nó ar láimhsiú nach n-adhnann an tsubstaint nó meascán go spontáineach tar éis dó dul i dteagmháil le haer ag gnáth-theocht (i.e. is eol go bhfuil an tsubstaint cobhsaí ag teocht an tseomra thar thréimhsí fada ama (laethanta)). |
2.11. Substaintí agus meascáin féintéimh
2.11.1. Sainmhíniú
2.11.1.1. |
Is éard is substaint nó meascán féintéimh ann ná substaint sholadach nó leachtach nó meascán soladach nó leachtach, seachas leacht nó solad pireafórach, atá, trí imoibriú le haer agus gan soláthar fuinnimh, tugtha d'fhéintéamh; tá difríocht idir an tsubstaint nó meascán seo agus leacht nó solad pireafórach sa mhéid is nach n-adhanfaidh sé nó sí ach ina méideanna móra nó ina mhéideanna móra (cileagraim) agus i ndiaidh tréimsí fada ama (uaireanta nó laethanta). |
2.11.1.2. |
Is éard is cúis le féintéamh substaintí nó meascán, as a dtagann uathdhó, ná imoibriú idir an tsubstaint nó meascán agus ocsaigin (san aer), agus gan an teas a ghintear a bheith seolta chun bealaigh chuig an timpeallacht tapa go leor. Tarlaíonn uathdhó má bhíonn an ráta giniúna teasa níos mó ná an ráta caillteanais teasa, agus má shroichtear an teocht féin-adhainte. |
2.11.2. Critéir aicmithe
2.11.2.1. |
Déanfar substaint nó meascán a aicmiú mar shubstaint nó meascán féinadhainte den aicme seo, más amhlaidh, sna tástálacha a dhéantar i gcomhréir leis an modh tástála a luaitear in UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, Cuid III, fo-alt 33.3.1.6:
|
2.11.2.2. |
Déanfar substaint nó meascán féintéimh a aicmiú i gceann den dá chatagóir don aicme seo, más amhlaidh, i dtástáil a dhéantar i gcomhréir le modh tástála N.4 i gCuid III, fo-alt 33.3.1.6 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, go gcomhlíonann an toradh na critéir i gcomhréir le Tábla 2.11.1: Tábla 2.11.1 Critéir le haghaidh substaintí agus meascán féintéimh
Nóta: Déanfar an triail ar an tsubstaint nó meascán sa staid fhisiceach ina gcuirtear i láthair é nó í. Más rud é, mar shampla, chun críocha soláthair nó iompair, go mbíonn an ceimiceán céanna le cur i láthair i bhfoirm fhisiceach atá difriúil ón bhfoirm a ndearnadh tástáil air agus go meastar gur dócha go n-athrófaí a fheidhmiú go suntasach i dtástáil aicmithe, déanfar an tsubstaint a thástáil san fhoirm nua chomh maith. |
2.11.2.3. |
Ní dhéanfar substaintí agus meascáin le teocht uathdhó níos airde ná 50 oC le haghaidh toirt de 27 m3 a aicmiú mar shubstaint nó meascán féintéimh. |
2.11.2.4. |
Ní dhéanfar substaintí agus meascáin le teocht uathdhó níos airde ná 50 oC le haghaidh toirt de 450 lítear a shannadh do Chatagóir 1 den aicme seo. |
2.11.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.11.2.
Tábla 2.11.2
Eilimintí lipéid le haghaidh substaintí agus meascán féintéimh
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Picteagraim GHS |
|
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Rabhadh |
Ráiteas guaise |
H251: Féintéamh; d'fhéadfadh sé dul trí thine |
H252: Féintéamh i gcainníochtaí móra; d'fhéadfadh sé dul trí thine |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P235 + P410 P280 |
P235 + P410 P280 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
|
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P407 P413 P420 |
P407 P413 P420 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
|
|
2.11.4. Breithnithe Breise maidir le hAicmiú
2.11.4.1. |
Le haghaidh scéimeanna mionsonraithe don loighic chinnidh maidir le haicmiú, agus do na tástálacha atá le déanamh chun na catagóirí éagsúla a fháil amach, féach Fíor 2.11.1. |
2.11.4.2. |
Ní gá an nós imeachta maidir le haicmiú substaintí agus meascán féintéimh a chur i bhfeidhm, más féidir torthaí tástála scagtha a chomhghaolú i gceart leis an tástáil aicmithe, agus má chuirtear lamháil sábháilteachta iomchuí i bhfeidhm. Is samplaí de thástálacha scagtha:
|
Fíor 2.11.1
Substaintí agus meascáin féintéimh
2.12. Substaintí agus meascáin a scaoileann gáis inadhainte ar dhul i dteagmháil le huisce
2.12.1. Sainmhíniú
Ciallaíonn substaintí nó meascáin a scaoileann gáis inadhainte ar dhul i dteagmháil le huisce substaintí soladacha nó leachtacha nó meascáin sholadacha nó leachtacha atá tugtha, trí idirghníomhú le huisce, d'éirí inadhainte go spontáineach nó do gháis inadhainte a scaoileadh i gcainníochtaí contúirteacha.
2.12.2. Critéir aicmithe
2.12.2.1. |
Déanfar substaint nó meascán, a scaoileann gáis inadhainte ar dhul i dteagmháil le huisce, a aicmiú i gceann amháin de na trí chatagóir don aicme seo agus úsáid á baint as tástáil N.5 i gCuid III, fo-alt 33.4.1.4 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, i gcomhréir le Tábla 2.12.1: Tábla 2.12.1 Critéir le haghaidh substaintí agus meascán a scaoileann gáis inadhainte ar dhul i dteagmháil le huisce
Nóta: Déanfar an tástáil ar an tsubstaint nó ar an meascán ina foirm fhisiceach nó ina fhoirm fhisiceach, mar a thíolacfar í nó é. Má tharlaíonn sé, mar shampla, chun críocha an tsoláthair nó chun críocha an iompair, go mbeidh an ceimiceán céanna le tíolacadh i bhfoirm fhisiceach nach ionann í agus an fhoirm a ndearnadh tástáil uirthi, ar foirm í a meastar gur dócha go gcuirfeadh sí athrú ábhartha ar fheidhmiú an cheimiceáin i dtástáil aicmiúcháin, caithfear an tsubstaint a thástáil freisin san fhoirm nua. |
2.12.2.2. |
Déanfar substaint nó meascán a aicmiú mar shubstaint nó meascán a scaoileann gáis inadhainte arna dhul i dteagmháil le huisce, má tharlaíonn uathdhó ag aon chéim de nós imeachta na tástála. |
2.12.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.12.2.
Tábla 2.12.2
Eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a scaoileann gáis inadhainte arna ndul i dteagmháil le huisce
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Catagóir 3 |
Picteagraim GHS |
|
|
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Contúirt |
Rabhadh |
Ráiteas guaise |
H260: Arna dhul i dteagmháil le huisce, scaoileann sé gáis inadhainte a d'fhéadfadh uathdhó |
H261: Arna dhul i dteagmháil le huisce, scaoileann sé gáis inadhainte |
H261: Arna dhul i dteagmháil le huisce, scaoileann sé gáis inadhainte |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P223 P231 + P232 P280 |
P223 P231 + P232 P280 |
P231 + P232 P280 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P335 + P334 P370 + P378 |
P335 + P334 P370 + P378 |
P370 + P378 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P402 + P404 |
P402 + P404 |
P402 + P404 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
P501 |
P501 |
P501 |
2.12.4. Breithnithe Breise maidir le hAicmiú
2.12.4.1. |
Ní gá an nós imeachta maidir le haicmiú don aicme seo a chur i bhfeidhm:
|
2.13. Leachtanna ocsaídeacha
2.13.1. Sainmhíniú
Ciallaíonn leacht ocsaídeach substaint nó meascán leachtach a d'fhéadfadh a bheith ina chúis nó ina cúis le dóchán ábhair eile, nó a d'fhéadfadh cur leis an gcéanna, go hiondúil trí ocsaigin a chur ar fáil, cé nár ghá go mbeadh sé nó sí indóite ann nó inti féin.
2.13.2 Critéir aicmithe
2.13.2.1. |
Déanfar leacht ocsaídeach a aicmiú i gceann amháin de na trí chatagóir don aicme seo agus úsáid á baint as tástáil O.2 i gCuid III, fo-alt 34.4.2 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria i gcomhréir le Tábla 2.13.1: Tábla 2.13.1 Critéir le haghaidh leachtanna ocsaídeacha
|
2.13.3. Guais a chur in iúl
Úsáidfear eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.13.2.
Tábla 2.13.2
Eilimintí lipéid le haghaidh leachtanna ocsaídeacha
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Catagóir 3 |
Picteagraim GHS |
|
|
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Contúirt |
Rabhadh |
Ráiteas guaise |
D'fhéadfadh sé a bheith ina chúis le dóiteán nó pléascadh; ocsaídeoir láidir |
H272: D'fhéadfadh sé cur le dóiteán; ocsaídeoir |
H272: D'fhéadfadh sé cur le dóiteán; ocsaídeoir |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P210 P220 P221 P280 P283 |
P210 P220 P221 P280 |
P210 P220 P221 P280 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P306 + P360 P371 + P380 + P375 P370 + P378 |
P370 + P378 |
P370 + P378 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
|
|
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
P501 |
P501 |
P501 |
2.13.4. Breithnithe Breise maidir le hAicmiú
2.13.4.1. |
Maidir le substaintí nó meascáin orgánacha, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta maidir le haicmiú don aicme seo:
|
2.13.4.2. |
Maidir le substaintí nó meascáin neamhorgánacha, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta maidir le haicmiú don aicme seo mura mbíonn adaimh ocsaigine nó hidrigine iontu. |
2.13.4.3. |
I gcás ina mbeidh éagsúlacht idir torthaí tástála agus cleachtadh aitheanta ar láimhsiú agus úsáid substaintí nó meascán a thaispeánann go bhfuil siad ocsaídeach, beidh tús áite ar thorthaí tástála ag breithiúnais bunaithe ar chleachtadh aitheanta. |
2.13.4.4. |
I gcásanna ina ngineann substaintí nó meascáin ardú brú (ró-ard nó ró-íseal), mar gheall ar imoibrithe ceimiceacha nach bhfuil tipiciúil maidir le hairíonna ocsaídeacha na substainte nó an mheascáin, déanfar an tástáil atá tuairiscithe i gCuid III, fo-alt 34.4.2 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, an athuair le substaint thámh, e.g. diatóimít (kieselguhr) in ionad an cheallalóis, chun cineál an imoibrithe a shoiléiriú, agus chun seiceáil a dhéanamh maidir le toradh deimhneach bréagach. |
2.14. Solaid ocsaídeacha
2.14.1. Sainmhíniú
Ciallaíonn solad ocsaídeach substaint sholadach nó meascán soladach a d'fhéadfadh a bheith ina chúis nó ina cúis le dóchán ábhair eile, nó a d'fhéadfadh cur leis an gcéanna, go hiondúil trí ocsaigin a chur ar fáil, cé nár ghá go mbeadh sé nó sí indóite ann nó inti féin.
2.14.2. Critéir aicmithe
2.14.2.1. |
Déanfar solad ocsaídeach a aicmiú i gceann amháin de na trí chatagóir don aicme seo agus úsáid á baint as tástáil O.1 i gCuid III, fo-alt 34.4.1 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, i gcomhréir le Tábla 2.14.1: Tábla 2.14.1 Critéir le haghaidh solad ocsaídeach
Nóta 1: Baineann guaiseacha pléasctha le solaid ocsaídeacha áirithe freisin faoi choinníollacha áirithe (agus iad á stóráil i gcainníochtaí móra). D'fhéadfadh cineálacha áirithe níotráite amóiniam a bheith ina mbun le guais phléasctha faoi choinníollacha foircneacha agus féadfar ‘Resistance to detonation test’ (BC Cód, Iarscríbhinn 3, Tástáil 5) a úsáid chun an ghuais seo a mheas. Cuirfear faisnéis iomchuí ar fáil ar anBSS. Nóta 2: Déanfar an tástáil ar an tsubstaint nó meascán sa staid fhisiceach ina gcuirtear i láthair é nó í. Más rud é, mar shampla, chun críocha soláthair nó iompair, go mbíonn an ceimiceán céanna le cur i láthair i bhfoirm fhisiceach atá difriúil ón bhfoirm a ndearnadh tástáil air agus gur dócha go n-athrófaí a fheidhmiú go suntasach i dtástáil aicmithe, déanfar an tsubstaint a thástáil san fhoirm nua chomh maith. |
2.14.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.14.2.
Tábla 2.14.2
Eilimintí lipéid le haghaidh solad ocsaídeach
|
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Catagóir 3 |
Picteagraim GHS |
|
|
|
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Contúirt |
Rabhadh |
Ráiteas guaise |
H271: D'fhéadfadh sé a bheith ina chúis le dóiteán nó pléascadh; ocsaídeoir láidir |
H272: D'fhéadfadh sé cur le dóiteán; ocsaídeoir |
H272: D'fhéadfadh sé cur le dóiteán; ocsaídeoir |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P210 P220 P221 P280 P283 |
P210 P220 P221 P280 |
P210 P220 P221 P280 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P306 + P360 P371 + P380 + P375 P370 + P378 |
P370 + P378 |
P370 + P378 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
|
|
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
P501 |
P501 |
P501 |
2.14.4. Breithnithe Breise maidir le hAicmiú
2.14.4.1. |
Maidir le substaintí nó meascáin orgánacha, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta maidir le haicmiú don aicme seo:
|
2.14.4.2. |
Maidir le substaintí nó meascáin neamhorgánacha, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta maidir le haicmiú don aicme seo mura mbíonn adaimh ocsaigine nó hidrigine iontu. |
2.14.4.3. |
I gcás ina mbeidh éagsúlacht idir torthaí tástála agus cleachtadh aitheanta ar láimhsiú agus úsáid substaintí nó meascán a thaispeánann go bhfuil siad ocsaídeach, beidh tús áite ar thorthaí tástála ag breithiúnais bunaithe ar chleachtadh aitheanta. |
2.15. Sárocsaídí orgánacha
2.15.1. Sainmhíniú
2.15.1.1. |
Ciallaíonn sárocsaídí orgánacha substaintí orgánacha leachtacha nó soladacha ina bhfuil an struchtúr défhiúsach -O-O- agus a bhféadfar a mheas gur díorthaigh de shárocsaíd hidrigine, i gcás ina bhfuil ionad adaimh hidrigine amháin nó ionad an dá cheann acu tógtha ag fréamhacha orgánacha. Folaíonn an téarma ‘sárocsaíd orgánach’ meascáin (foirmlithe) sárocsaíde orgánaí ina bhfuil sárocsaíd orgánach amháin ar a laghad. Is substaintí nó meascáin atá éagobhsaí go teirmeach, agus a d'fhéadfadh gabháil trí dhíscaoileadh féinluathaithe eisiteirmeach, iad sárocsaídí orgánacha. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na hairíonna seo a leanas a bheith acu:
|
2.15.1.2. |
Meastar go bhfuil airíonna pléascacha ag sárocsaíd orgánach, má tá an meascán (foirmliú) tugtha do mhadhmadh, do ghrodloscadh tapa nó d'éifeacht fhoirtil a léiriú nuair a théitear i limistéar iata í, i dtástáil saotharlainne. |
2.15.2. Critéir aicmithe
2.15.2.1. |
Déanfar sárocsaíd orgánach ar bith a mheas lena haicmiú san aicme seo, ach amháin:
Nóta: Tá an cion ocsaigine atá ar fáil ( %) i meascán sárocsaíde orgánaí tugtha san fhoirmle:
sa chás go bhfuil:
|
2.15.2.2. |
Déanfar sárocsaídí orgánacha a aicmiú i gceann de na seacht gcatagóir de ‘Chineál A go Cineál G’ don aicme seo, de réir na bprionsabal seo a leanas:
|
2.15.2.3. Critéir maidir le rialú teochta
Ní foláir na sárocsaídí orgánacha seo a leanas a chur faoi rialú teochta:
(a) |
Sárocsaíd orgánach de chineálacha B agus C le SADT ≤ 50o C; |
(b) |
Sárocsaíd orgánach de chineál D a léiríonn éifeacht mheánach nuair a théitear i limistéar iata (10) í le SADT ≤ 50o C nó nach léiríonn éifeacht – nó gan ach ceann beag – nuair a théitear i limistéar iata í le SADT ≤ 45o C; |
(c) |
Sárocsaíd orgánach de chineálacha E agus F le SADT ≤ 45o C. |
I gCuid II, alt 28 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, tugtar modhanna tástála chun an SADT a aimsiú, mar aon le díorthú teochtaí rialaithe agus práinnteochtaí. Déanfar an tástáil roghnaithe a sheoladh ar shlí atá ionadaíoch, ó thaobh méide agus ábhair araon, maidir leis an bpacáiste.
2.15.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.15.1.
Tábla 2.15.1
Eilimintí lipéid le haghaidh sárocsaídí orgánacha
Aicmiú |
Cineál A |
Cineál B |
Cineál C & Cineál D |
Cineál E & Cineál F |
Cineál G |
Picteagraim GHS |
|
|
|
|
Níl aon eilimintí lipéid leithdháilte ar an gcatagóir ghuaise seo |
Focal comharthaíochta |
Contúirt |
Contúirt |
Contúirt |
Rabhadh |
|
Ráiteas guaise |
H240: D'fhéadfadh téamh a bheith ina chúis le pléascadh |
H241: D'fhéadfadh téamh a bheith ina chúis le dóiteán nó pléascadh |
H242: D'fhéadfadh téamh a bheith ina chúis le dóiteán |
H242: D'fhéadfadh téamh a bheith ina chúis le dóiteán |
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P210 P220 P234 P280 |
P210 P220 P234 P280 |
P210 P220 P234 P280 |
P210 P220 P234 P280 |
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
|
|
|
|
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P411 + P235 P410 P420 |
P411 + P235 P410 P420 |
P411 + P235 P410 P420 |
P411 + P235 P410 P420 |
|
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
P501 |
P501 |
P501 |
P501 |
|
Níl eilimintí cumarsáide guaise sannta do Chineál G ach déanfar é a mheas le haghaidh airíonna a bhaineann le haicmithe eile guaise.
2.15.4. Breithnithe Breise maidir le hAicmiú
2.15.4.1. |
Déantar sárocsaídí orgánacha a aicmiú de réir sainmhínithe atá bunaithe ar a struchtúir cheimiceacha agus ar an gcion ocsaigine agus sárocsaíde hidrigine den mheascán atá ar fáil (féach 2.15.2.1). Maidir le hairíonna sárocsaídí orgánacha atá riachtanach ó thaobh a n-aicmithe de, déanfar iad a aimsiú go turgnamhach. Déanfar sárocsaídí orgánacha a aicmiú de réir shraitheanna tástálacha A go dtí H mar a bhfuil tuairisc orthu i gCuid II den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria. Tugtar cur síos ar an nós imeachta maidir le haicmiú i bhFíor 2.15.1. |
2.15.4.2. |
Maidir le meascáin de shárocsaídí orgánacha atá aicmithe cheana féin, is féidir iad a aicmiú mar shárocsaíd orgánach den chineál céanna agus cineál an chomhábhair is contúirtí. De bhrí, áfach, gur féidir le dhá chomhábhar chobhsaí meascán is lú cobhsaíocht go teirmeach a dhéanamh, déanfar (SADT) an mheascáin a aimsiú. Nóta: Féadfaidh suim na gcodanna aonair a bheith níos guaisí ná na comhábhair aonair. |
Fíor 2.15.1
Sárocsaídí Orgánacha
2.16. Creimneach do mhiotail
2.16.1. Sainmhíniú
Ciallaíonn substaint nó meascán atá creimneach do mhiotail substaint nó meascán a dhéanfaidh damáiste suntasach do mhiotail nó a dhíothóidh iad fiú, trí ghníomhú ceimiceach.
2.16.2. Critéir aicmithe
2.16.2.1. |
Déantar substaint nó meascán atá creimneach do mhiotail a aicmiú i gcatagóir amháin don aicme seo agus úsáid á baint as an tástáil i gCuid III, mír 37.4 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria, i gcomhréir le Tábla 2.16.1. Tábla 2.16.1 Critéir le haghaidh substaintí agus meascán atá creimneach do mhiotail
Nóta: I gcás go léiríonn an tástáil tosaigh ar chruach nó ar alúmanam go bhfuil an tsubstaint nó an meascán atá á thástáil nó á tástáil creimneach ní gá an tástáil leantach a dhéanamh ar an miotal eile. |
2.16.3. Guais a chur in iúl
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 2.16.2.
Tábla 2.16.2
Eilimintí lipéid le haghaidh substaintí agus meascán atá creimneach do mhiotail
Aicmiú |
Catagóir 1 |
Picteagram GHS |
|
Focal comharthaíochta |
Rabhadh |
Ráiteas guaise |
H290: D'fhéadfadh sé a bheith creimneach do mhiotail |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Cosc |
P234 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Freagairt |
P390 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Stóráil |
P406 |
Ráiteas Réamhchúraim maidir le Diúscairt |
|
2.16.4. Breithnithe Breise maidir le hAicmiú
2.16.4.1. |
Is féidir an ráta creimthe a thomhas de réir an mhodha tástála i gCuid III, foroinn 37.4 den UN Recommendations on the Transport of Dangerous Goods, Manual of Tests and Criteria. Beidh an t-eiseamal a úsáidfear don tástáil déanta de na hábhair seo a leanas:
|
3. CUID 3: GUAISEACHA SLÁINTE
3.1. Géarthocsaineacht
3.1.1. Sainmhínithe
3.1.1.1. |
Ciallaíonn géarthocsaineacht na hiarmhairtí díobhálacha sin a leanann as dáileog bhéil amháin nó dáileog dheirmeach amháin de shubstaint nó de mheascán, nó dáileoga iolracha a thugtar laistigh de 24 uaire an chloig, nó nochtadh ionanálaithe ar feadh 4 uaire an chloig. |
3.1.1.2. |
Tá an aicme ghuaise Géarthocsaineacht idirdhealaithe mar seo a leanas:
|
3.1.2. Critéir maidir le substaintí a aicmiú mar shubstaintí géarthocsaineacha
3.1.2.1. |
Is féidir substaintí a chur i gceann amháin de cheithre chatagóir tocsaineachta, bunaithe ar ghéarthocsaineacht bhéil, dheirmeach nó ionanálaithe, de réir na gcritéar uimhriúil a léirítear i dTábla 3.1.1. Cuirtear luachanna géarthocsaineachta in iúl mar (neas)luachanna LD50(béal, deirmeach) nó LC50 (ionanálú) nó mar mheastacháin ghéarthocsaineachta (ATE). Taispeántar nótaí mínithe tar éis Tábla 3.1.1. Tábla 3.1.1 Catagóirí guaise géarthocsaineachta agus meastacháin ghéarthocsaineachta (ATE) ina sonraítear na catagóirí ar leith
Nótaí a ghabhann le Tábla 3.1.1:
|
3.1.2.2. Breithnithe ar leith maidir le substaintí a aicmiú mar shubstaintí géarthocsaineacha
3.1.2.2.1. |
Is é an francach an speiceas tástála a mholtar maidir le meastóireacht ar ghéarthocsaineacht bhéil nó ionanálaithe, agus moltar an francach nó an coinín a úsáid maidir le meastóireacht ar ghéarthocsaineacht dheirmeach. Cé go bhfuil sonraí turgnamhacha faoi ghéarthocsaineacht ar fáil i ndáil le roinnt speiceas ainmhithe, bainfear úsáid as breithiúnas eolaíoch chun an luach LD50 is oiriúnaí a roghnú ó thástálacha bailí, dea-dhéanta. |
3.1.2.3. Breithnithe ar leith maidir le substaintí a aicmiú mar shubstaintí géarthocsaineacha trí ionanálú
3.1.2.3.1. |
Braitheann na haonaid maidir le tocsaineacht ionanálaithe ar fhoirm an ábhair a ionanáladh. Cuirtear luachanna le haghaidh deannach agus ceochán in iúl in mg/l. Cuirtear luachanna le haghaidh gás in iúl in ppmV. Chomh maith leis na deacrachtaí a bhaineann le tástáil ghal a shainaithint, ar meascáin de phasanna leachtacha agus gaile cuid díobh, soláthraíonn an tábla luachanna in aonaid de mg/l. Maidir leis na gala siúd, áfach, atá gar don phas gásach, beidh an t-aicmiú bunaithe ar ppmV. |
3.1.2.3.2. |
Le linn tocsaineacht ionanálaithe a aicmiú, beidh tábhacht ar leith ag baint le húsáid luachanna soiléire sna catagóirí ardtocsaineachta le haghaidh deannach agus ceochán. Deascfaidh cáithníní ionanálaithe a bhfuil trastomhas aerdinimiciúil meánmhaise (MMAD) idir 1 agus 4 miocrón acu i ngach réigiún de chonair riospráide an fhrancaigh. Baineann an raon méide cáithnín seo le huasdáileog de thart ar 2 mg/l. D'fhonn infheidhmeacht na dturgnamh ar ainmhithe maidir le nochtadh don duine a bhaint amach, b'fhearr gur i bhfrancaigh a thástálfaí deannaigh agus ceocháin sa raon seo. |
3.1.2.3.3. |
Chomh maith le haicmiú tocsaineachta ionanálaithe, má tá sonraí ar fáil a léiríonn gurb í an chreimneacht meicníocht na tocsaineachta, déanfar an tsubstaint nó an meascán a lipéadú freisin mar ní atá ‘creimneach don chonair riospráide’. (féach nóta 1 in 3.1.4.1). Sainmhínítear creimeadh na conaire riospráide mar scrios fhíochán na conaire riospráide tar éis tréimhse teoranta nochta amháin cosúil le creimeadh craicinn; folaíonn sé seo scrios an mhúcóis. Is féidir leis an meastóireacht ar an gcreimneacht a bheith bunaithe ar bhreithiúnas saineolaithe, agus úsáid á baint as fianaise amhail: taithí daoine agus ainmhithe, sonraí (in vitro) reatha, luachanna pH, eolas ó shubstaintí gaolmhara nó sonraí cuí ar bith eile. |
3.1.3. Critéir chun meascáin a aicmiú mar mheascáin ghéarthocsaineacha
3.1.3.1. |
Tá na critéir chun substaintí a aicmiú maidir le géarthocsaineacht, mar a léirítear i roinn 3.1.2, bunaithe ar shonraí faoi dháileog mharfach (tástáilte nó díorthaithe). I gcás meascán, tá sé riachtanach faisnéis a fháil nó a dhíorthú, ar faisnéis í a cheadaíonn cur i bhfeidhm na gcritéar maidir leis an meascán chun críche aicmiú a dhéanamh. Úsáidtear cur chuige cisealta maidir le haicmiú géarthocsaineachta, ar cur chuige é a bhraitheann ar an méid faisnéise atá ar fáil faoin meascán féin agus faoina chomhábhair. Léiríonn an tsreabhchairt, i bhFíor 3.1.1, an próiseas atá le leanúint. |
3.1.3.2. |
I gcás géarthocsaineachta, déanfar gach bealach nochta a bhreithniú maidir le haicmiú meascán, ach ní bheidh ach bealach nochta amháin de dhíth chomh fada agus go leantar an bealach sin (measta nó tástáilte) maidir le gach comhábhar. Má dhéantar amach an ghéarthocsaineacht do níos mó ná bealach nochta amháin, bainfear úsáid as an gcatagóir ghuaise is déine le haghaidh an aicmiúcháin. Breithneofar an fhaisnéis go léir atá ar fáil, agus déanfar gach bealach nochta iomchuí a shainaithint le haghaidh guais a chur in iúl. |
3.1.3.3. |
D'fhonn úsáid a bhaint as an bhfaisnéis go léir atá ar fáil, chun guaiseacha na meascán a aicmiú, déantar toimhdí áirithe, agus cuirtear i bhfeidhm iad, nuair is cuí, maidir leis an gcur chuige cisealta:
|
Fíor 3.1.1
Cur chuige cisealta chun meascáin a aicmiú maidir le géarthocsaineacht
3.1.3.4. Meascáin a aicmiú nuair a bhíonn sonraí géarthocsaineachta ar fáil maidir leis an meascán iomlán
3.1.3.4.1. |
I gcás go mbeidh an meascán féin tástáilte chun a ghéarthocsaineacht a aimsiú, aicmeofar é de réir na gcritéar céanna a úsáidtear le haghaidh substaintí, mar a leagtar amach i dTábla 3.1.1. Mura mbíonn sonraí tástála don mheascán ar fáil, leanfar na nósanna imeachta a leagtar amach faoi roinn 3.3.5 agus roinn 3.1.3.6. |
3.1.3.5. Meascáin a aicmiú i gcás nach mbeidh sonraí géarthocsaineachta ar fáil maidir leis an meascán iomlán: prionsabail an eachtarshuímh
3.1.3.5.1. |
I gcás nach mbeidh tástáil déanta ar an meascán féin chun a ghéarthocsaineacht a dhéanamh amach, ach go mbeidh sonraí leordhóthanacha ar fáil faoi na comhábhair aonair, agus faoi mheascáin chomhchosúla a tástáladh, chun airíonna ghuaiseacha an mheascáin a léiriú go sásúil, úsáidfear na sonraí seo de réir na rialacha eachtarshuímh a leagtar amach i roinn 1.1.3. |
3.1.3.5.2. |
Má chaolaítear meascán le huisce nó le hábhar eile atá neamhthocsaineach ar fad, féadfar tocsaineacht an mheascáin a ríomh ó shonraí tástála faoin meascán neamhchaolaithe. |
3.1.3.6. Aicmiú meascán, bunaithe ar chomhábhair an mheascáin (Foirmle Shuimitheachta)
3.1.3.6.1.
D'fhonn a chinntiú go bhfuil aicmiú an mheascáin cruinn, agus nach gá an ríomh a dhéanamh ach uair amháin maidir le gach córas, earnáil agus catagóir, is mar seo a leanas a phléifear le meastachán géarthocsaineachta (ATE) comhábhar:
(a) |
cuir san áireamh comhábhair a bhfuil a ngéarthocsaineacht ar eolas, a théann i gceann ar bith de na catagóirí géarthocsaineachta a léirítear i dTábla 3.1.1; |
(b) |
déan neamhaird de chomhábhair nach dtoimhdítear a bheith géarthocsaineach (e.g. uisce, siúcra); |
(c) |
déan neamhaird de chomhábhair mura léiríonn an tástáil teorann béil géarthocsaineacht ag 2 000 mg/kg meáchan coirp. |
Maidir leis na comhábhair a thagann faoi réir na míre seo, meastar gur comhábhair iad a bhfuil a meastachán géarthocsaineachta ar eolas (ATE).
Déantar amach ATE an mheascáin trí ríomhaireacht ó na luachanna ATE atá ag na comhábhair ábhartha go léir de réir na foirmle seo a leanas maidir le Géarthocsaineacht Bhéil, Dheirmeach nó Ionanálaithe:
sa chás go bhfuil:
Ci |
= |
tiúchan an chomhábhair i ( % w/w nó % v/v) |
i |
= |
an comhábhar aonair ó 1 go dtí n |
n |
= |
líon na gcomhábhar |
ATEi |
= |
Meastachán Géarthocsaineachta an chomhábhair i. |
3.1.3.6.2.
3.1.3.6.2.1. |
I gcás nach mbíonn ATE ar fáil maidir le comhábhar aonair den mheascán, ach gur féidir le faisnéis infhaighte, amhail an fhaisnéis atá liostaithe thíos, luach tiontaithe díorthaithe a sholáthar, amhail na luachanna a leagtar amach i dTábla 3.1.2, cuirfear an fhoirmle atá i roinn 3.1.3.6.1 i bhfeidhm. Folaíonn sé seo measúnacht ar na nithe seo a leanas:
De ghnáth, leis an gcur chuige seo, bíonn faisnéis shuntasach theicniúil bhreise de dhíth, mar aon le saineolaí ard-oilte, cleachtach (breithiúnas saineolaithe, féach roinn 1.1.1), chun géarthocsaineacht a mheas go hiontaofa. Mura mbíonn an fhaisnéis sin ar fáil, téigh ar aghaidh go dtí mír 3.1.3.6.2.3. |
3.1.3.6.2.2. |
I gcás go n-úsáidfear comhábhar i meascán gan faisnéis inúsáidte ar bith leis, ag tiúchan 1 % nó níos mó, is é an tát a bhainfear as nach féidir meastachán cinnte géarthocsaineachta a lua leis an meascán. Sa chás seo aicmeofar an meascán de réir na gcomhábhar atá ar eolas, agus iadsan amháin, in éineacht le ráiteas breise gur comhábhar/comhábhair lena mbaineann leibhéal neamhaithnid tocsaineachta atá in x faoin gcéad den mheascán. |
3.1.3.6.2.3. |
Má tá tiúchan iomlán an chomhábhair/na gcomhábhar a mbaineann leibhéal neamhaithnid tocsaineachta leo ≤ 10 %, ansin úsáidfear an fhoirmle atá tugtha i roinn 3.1.3.6.1. Má tá tiúchan iomlán an chomhábhair/na gcomhábhar a mbaineann leibhéal neamhaithnid tocsaineachta leo > 10 %, ansin déanfar an fhoirmle atá tugtha i roinn 3.1.3.6.1 a cheartú lena hoiriúnú do chéatadán iomlán an chomhábhair/na gcomhábhar, mar seo a leanas:
|
Tábla 3.1.2
Tiontú ó raonluachanna géarthocsaineachta a fuarthas go turgnamhach (nó ó chatagóirí guaise géarthocsaineachta) go meastacháin phointe géarthocsaineachta chun na bealaí nochta ar leith a aicmiú
Bealaí nochta |
Catagóir aicmithe nó meastachán raoin géarthocsaineachta a fuarthas go turgnamhach |
Meastachán den phointe Géarthocsaineachta tiontaithe (féach Nóta 1) |
Béil (mg/kg meáchan coirp) |
0 < Catagóir 1 ≤ 5 5 < Catagóir 2 ≤ 50 50 < Catagóir 3 ≤ 300 300 < Catagóir 4 ≤ 2 000 |
0,5 5 100 500 |
Deirmeach (mg/kg meáchan coirp) |
0 < Catagóir 1 ≤ 50 50 < Catagóir 2 ≤ 200 200 < Catagóir 3 ≤ 1 000 1 000 < Catagóir 4 ≤ 2 000 |
5 50 300 1 100 |
Gáis (ppmV) |
0 < Catagóir 1 ≤ 100 100 < Catagóir 2 ≤ 500 500 < Catagóir 3 ≤ 2 500 2 500 < Catagóir 4 ≤ 20 000 |
10 100 700 4 500 |
Gala (mg/l) |
0 < Catagóir 1 ≤ 0,5 0,5 < Catagóir 2 ≤ 2,0 2,0 < Catagóir 3 ≤ 10,0 10,0 < Catagóir 4 ≤ 20,0 |
0,05 0,5 3 11 |
Deannach/ceochán (mg/l) |
0 < Catagóir 1 ≤ 0,05 0,05 < Catagóir 2 ≤ 0,5 0,5 < Catagóir 3 ≤ 1,0 1,0 < Catagóir 4 ≤ 5,0 |
0,005 0,05 0,5 1,5 |
Nóta 1:
Roghnaíodh na luachanna seo lena n-úsáid le linn ATE a ríomh chun meascán atá bunaithe ar a chuid comhábhar a aicmiú; ní torthaí tástálacha iad.
3.1.4. Guais a chur in iúl
3.1.4.1. |
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 3.1.3. Tábla 3.1.3 Eilimintí lipéid le haghaidh géarthocsaineachta
Nóta 1: Chomh maith le haicmiú le haghaidh tocsaineachta ionanálaithe, má tá sonraí ar fáil a léiríonn gurb í an chreimneacht meicníocht na tocsaineachta, déanfar an tsubstaint nó an meascán a lipéadú freisin mar EUH071: ‘creimneach don chonair riospráide’ – féach an chomhairle faoi 3.1.2.3.3. Chomh maith le picteagram oiriúnach maidir le géarthocsaineacht, féadfar picteagram creimneachta (a úsáidtear maidir le creimneacht chraicinn agus súile) a chur leis, in éineacht leis an ráiteas ‘creimneach don chonair riospráide’. Nóta 2: I gcás go n-úsáidfear comhábhar, gan faisnéis inúsáidte ar bith faoi, i meascán ag tiúchan 1 % nó níos mó, déanfar an meascán a lipéadú leis an ráiteas breise seo: ‘comhábhar/comhábhair lena mbaineann tocsaineacht anaithnid is ea x faoin gcéad den mheascán’ – féach an chomhairle ag 3.1.3.6.2.2. |
3.2. Creimeadh/greannú craicinn
3.2.1. Sainmhínithe
3.2.1.1. |
Ciallaíonn Creimeadh Craicinn damáiste dochúlaithe a dhéanamh don chraiceann; eadhon, neacróis infheicthe tríd an eipideirm agus isteach sa deirm, tar éis substaint tástála a chur léi ar feadh suas go dtí 4 uaire an chloig. I measc frithghníomhuithe creimneacha tá siad seo tipiciúil: othrais, fuiliú, gearba fuilteacha, agus, faoi dheireadh na breathnadóireachta tar éis 14 lá, mílí de bharr bhánú an chraicinn, limistéir iomlána alóipéice, agus coilm. Cuirfear histeapaiteolaíocht san áireamh maidir le loit a bhfuil amhras fúthu a mheas. Ciallaíonn Greannú Craicinn damáiste inchúlaithe a dhéanamh don chraiceann, tar éis substaint tástála a chur léi ar feadh suas go dtí 4 uaire an chloig. |
3.2.2. Critéir aicmithe le haghaidh substaintí
3.2.2.1. |
Ní foláir roinnt tosca a bhreithniú, maidir le hacmhainneacht chreimthe agus ghreannaithe substaintí a aimsiú, sula ndéanfar tástáil. D'fhéadfadh substaintí soladacha (púdair) éirí creimneach nó greannach nuair a thaisrítear iad, nó nuair a bheidh siad i dteagmháil le craiceann tais nó le seicin mhúcasacha. Tosóidh an anailís le taithí reatha an duine agus sonraí reatha ainmhithe, maidir le haon-nochtadh nó le hilnochtadh, toisc go dtugann siad faisnéis a bhaineann go díreach le héifeachtaí ar an gcraiceann. Is féidir malairtí in vitro, atá bailíochtaithe agus a bhfuil glactha leo, a úsáid freisin chun cuidiú le cinntí maidir le haicmiú a dhéanamh (féach Airteagal 5). I gcásanna áirithe féadfaidh dóthain faisnéise a bheith ar fáil ó chomhdhúile atá gaolmhar ó thaobh struchtúir de, chun cinntí maidir le haicmiú a dhéanamh. |
3.2.2.2. |
Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh foircinn pH cosúil le ≤ 2 agus ≥ 11,5 a léiriú go bhféadfadh sé go mbeadh éifeachtaí craicinn mar thoradh air, go háirithe nuair is eol gur ann d'acmhainneacht mhaolánaithe, cé nach bhfuil an chomhghaolmhaireacht foirfe. De ghnáth, bheifí ag súil go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag substaintí den sórt sin ar an gcraiceann. Má thugann an chúltaisce aigéid/alcaile le tuiscint go bhféadfadh sé nach bhfuil an tsubstaint creimneach, in ainneoin an luach pH a bheith ard nó íseal, ansin déanfar atástálacha chun é seo a dheimhniú, agus b'fhearr é sin a dhéanamh trí thástáil bhailíochtaithe in vitro iomchuí a úsáid. |
3.2.2.3. |
Má bhíonn substaint ard-tocsaineach go deirmeach, ní bhíonn staidéar maidir le greannú/creimeadh craicinn praiticiúil, toisc gur mó go mór méid na substainte tástála a bheadh le húsáid ná an dáileog thocsaineach, agus dá bhrí sin, gur bás na n-ainmhithe a bheadh mar thoradh air. Nuair a dhéantar breathnuithe ar ghreannú/creimeadh craicinn i staidéir ghéarthocsaineachta, suas tríd an dáileog theorann, níl tástáil bhreise riachtanach, ar choinníoll go mbíonn na caoluithe a úsáidtear agus na speicis a thástáltar coibhéiseach. |
3.2.2.4. |
Déanfar an fhaisnéis go léir thuas atá ar fáil maidir le substaint a úsáid chun a dhéanamh amach an bhfuil gá le tástáil in vivo maidir le greannú craicinn. Cé go bhféadfaí faisnéis a fháil trí mheasúnacht ar pharaiméadair aonair laistigh de chiseal (féach mír 3.2.2.5), e.g. déanfar alcailí loiscneacha le pH foircneach a mheas mar chreimnigh chraicinn, is fiú an fhaisnéis reatha ina hiomláine a bhreithniú agus cinneadh foriomlán a dhéanamh bunaithe ar thromachar na fianaise. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás ina mbeidh faisnéis ar fáil maidir le roinnt paraiméadar ach gan é a bheith ar fáil orthu go léir. Tríd is tríd, cuirfear an bhéim go príomha ar thaithí agus sonraí reatha i gcás an duine, agus ina dhiaidh sin ar thaithí agus sonraí tástála i gcás ainmhithe, agus ina dhiaidh sin ar fhoinsí faisnéise eile, ach tá sé riachtanach cinntí a dhéanamh ó chás go cás. |
3.2.2.5. |
Breithneofar an nglacfar cur chuige cisealta maidir le meastóireacht ar an bhfaisnéis tosaigh, nuair is infheidhme, á aithint nach mbeidh na heilimintí go léir ábhartha i gcásanna áirithe. |
3.2.2.6. Creimeadh
3.2.2.6.1. |
Ar bhonn thorthaí na tástála ainmhithe, aicmítear substaint mar shubstaint chreimneach, mar a léirítear i dTábla 3.2.1.. Is éard is substaint chreimneach ann ná substaint a chothaíonn scrios fíocháin chraicinn, eadhon, neacróis infheicthe tríd an eipideirm agus isteach sa deirm, in 1 ainmhí a tástáladh ar a laghad tar éis nochta a mhaireann suas go dtí 4 uaire an chloig. I measc frithghníomhuithe creimneacha tá siad seo tipiciúil: othrais, fuiliú, gearba fuilteacha agus, faoi dheireadh na breathnadóireachta tar éis 14 lá, mílí de bharr bhánú an chraicinn, limistéir iomlána alóipéice, agus coilm. Breithneofar histeapaiteolaíocht maidir le loit a bhfuil amhras fúthu a shainaithint. |
3.2.2.6.2. |
Tá trí fhochatagóir ar fáil laistigh de chatagóir na creimneachta: fochatagóir 1A – nuair a thugtar freagairtí faoi deara tar éis nochta a mhaireann suas go dtí 3 nóiméad agus tar éis breathnadóireachta suas go dtí 1 uair an chloig; fochatagóir 1B – nuair a thugtar tuairisc ar fhreagairtí tar éis nochta a mhaireann idir 3 nóiméad agus 1 uair an chloig agus tar éis breathnadóireachta a mhaireann suas go dtí 14 lá; agus fochatagóir 1C – nuair a tharlaíonn freagairtí tar éis nochta a mhaireann idir 1 uair an chloig agus 4 uaire an chloig agus tar éis breathnadóireachta a mhaireann suas go dtí 14 lá. |
3.2.2.6.3. |
Pléitear úsáid sonraí an duine i mír 3.2.2.1 agus i mír 3.2.2.4 agus freisin i mír 1.1.1.3, mír 1.1.1.4 agus mír 1.1.1.5. |
Tábla 3.2.1
Catagóir agus fochatagóirí creimneachta craicinn
|
|
Creimneach in ≥ 1 as 3 ainmhí |
|
|
Fochatagóirí creimneachta |
Nochtadh |
Breathnadóireacht |
Catagóir 1: Creimneach |
1A |
≤ 3 nóiméad |
≤ 1 uair an chloig |
1B |
> 3 nóiméad – ≤ 1 uair an chloig |
≤ 14 lá |
|
1C |
> 1 uair an chloig – ≤ 4 uaire an chloig |
≤ 14 lá |
3.2.2.7. Greannú
3.2.2.7.1. |
Agus úsáid á baint as torthaí na tástála ainmhithe, taispeántar catagóir ghreannaithe aonair (Catagóir 2) i dTábla 3.2.2. Pléitear úsáid sonraí an duine i mír 3.2.2.1 agus i rmír 3.2.2.4 agus freisin i gCuid 1, mír 1.1.1.3, mír 1.1.1.4 agus mír 1.1.1.5. Is é an príomhchritéar don chatagóir ghreannaithe ná go bhfuil ≥ 2,3 – ≤ 4,0 mar mheánscór ag 2 cheann ar a laghad as 3 cinn de na hainmhithe a tástáladh. Tábla 3.2.2 Catagóir um ghreannú craicinn
|
3.2.2.8. Nótaí tráchta ar fhreagairtí a fuarthas i dtástálacha maidir le greannú craicinn in ainmhithe
3.2.2.8.1. |
Féadfaidh freagairtí ar ghreannaitheoir ainmhí laistigh de thástáil a bheith athraitheach go leor, faoi mar atá siad i gcás creimthe. Is é an mórchritéar a bhaineann le substaint a aicmiú mar ghreannaitheoir don chraiceann, mar a léirítear i mír 3.2.2.7.1, ná meánluach na scór d'éiritime/eschar nó d'éidéime arna ríomh in 2 ainmhí ar a laghad as 3 cinn de na hainmhithe a tástáladh. Folaíonn critéar greannaitheora ar leith cásanna ina bhfuil freagairt shuntasach ghreannaitheora ach í níos lú ná critéar an mheánscóir maidir le tástáil dheimhneach. Mar shampla, d'fhéadfaí ábhar tástála a ainmniú mar ghreannaitheoir má léiríonn ainmhí amháin ar a laghad as 3 cinn de na hainmhithe a tástáladh meánscór an-ard i rith an staidéir, lena n-áirítear loit a bheith fós ann ag deireadh na tréimhse breathnadóireachta de 14 lá de ghnáth. D'fhéadfadh freagairtí eile an critéar seo a chomhlíonadh freisin. Mar sin féin, ba chóir a dhéanamh amach cibé ar mar thoradh ar nochtadh ceimiceach atá na freagairtí sin ann. |
3.2.2.8.2. |
Rud eile a bheidh le breithniú agus freagairtí greannaitheora á meas ná inchúlaitheacht maidir le loit chraicinn. Nuair a mhaireann athlasadh go dtí deireadh na tréimhse breathnadóireachta in 2 ainmhí nó níos mó a tástáladh, agus alóipéice (réimse teoranta), hipirceireatóis, hipearpláis agus scamhadh á gcur san áireamh, ansin glacfar leis gur greannaitheoir é an t-ábhar. |
3.2.3. Critéir aicmithe le haghaidh meascán
3.2.3.1. Meascáin a aicmiú nuair a bhíonn sonraí ar fáil maidir leis an meascán iomlán
3.2.3.1.1. |
Aicmeofar an meascán agus úsáid á baint as na critéir le haghaidh substaintí, agus na straitéisí tástála agus meastóireachta chun sonraí a sholáthar le haghaidh na n-aicmí guaise seo á gcur san áireamh. |
3.2.3.1.2. |
Murab ionann agus aicmí guaise eile, tá tástálacha malartacha ar fáil maidir le creimneacht chraicinn a bhaineann le cineálacha áirithe substaintí agus meascán ar féidir leo toradh cruinn a thabhairt chun críocha an aicmithe, agus atá simplí agus cuibheasach neamhchostasach le déanamh. Nuair a bhíonn sé i gceist an meascán a thástáil, moltar do lucht aicmithe úsáid a bhaint as straitéis chisealta a bheidh bunaithe ar thromachar na fianaise mar a áirítear sna critéir chun substaintí a aicmiú maidir le creimeadh agus greannú craicinn (mír 3.2.2.5), chun cuidiú le haicmiú cruinn a chinntiú chomh maith le tástáil neamhriachtanach ainmhithe a sheachaint. Meastar go bhfuil meascán creimneach don chraiceann (Creimeadh Craicinn Catagóir 1) má tá an pH cothrom le 2 nó níos lú nó cothrom le 11,5 nó níos mó. Má thugann an chúltaisce aigéid/alcaile le tuiscint go bhféadfadh sé nach bhfuil an tsubstaint nó an meascán creimneach, in ainneoin an luach pH a bheith ard nó íseal, ansin déanfar atástálacha chun é seo a dheimhniú, agus b'fhearr é sin a dhéanamh trí thástáil bhailíochtaithe in vitro iomchuí a úsáid. |
3.2.3.2. Meascáin a aicmiú nuair nach mbíonn sonraí ar fáil maidir leis an meascán iomlán: prionsabail an eachtarshuímh.
3.2.3.2.1. |
I gcás nach mbíonn an meascán féin tástáilte chun a ghuaiseacha maidir le greannú/creimeadh craicinn a dhéanamh amach, ach go mbíonn sonraí leordhóthanacha ar fáil faoi na comhábhair aonair agus faoi mheascáin ghaolmhara a tástáladh chun na hairíonna de ghuaiseacha an mheascáin a shainaithint go sásúil, úsáidfear na sonraí sin de réir na rialacha eachtarshuímh a leagtar amach i roinn 1.1.3. |
3.2.3.3. Meascáin a aicmiú nuair a bhíonn sonraí ar fáil maidir leis na comhábhair go léir nó gan iad ar fáil ach maidir le roinnt de chomhábhair an mheascáin
3.2.3.3.1. |
D'fhonn úsáid a bhaint as na sonraí go léir atá ar fáil chun guaiseacha meascán maidir le greannú/creimeadh craicinn a aicmiú, rinneadh an toimhde seo a leanas agus cuirtear i bhfeidhm í, nuair is cuí, maidir leis an gcur chuige cisealta: Toimhde: is iad na ‘comhábhair ábhartha’ de mheascán ná iadsan atá i láthair i dtiúchan 1 % (w/w maidir le solaid, leachtanna, deannaigh, ceocháin agus gala agus v/v maidir le gáis) nó níos mó, mura bhfuil toimhde ann (e.g., i gcás comhábhar creimneach) go bhfuil comhábhar, atá i láthair i dtiúchan níos lú ná 1 %, fós ábhartha chun an meascán a aicmiú maidir le greannú/creimeadh craicinn. |
3.2.3.3.2. |
Tríd is tríd, maidir le meascáin a aicmiú mar mheascáin atá greannach nó creimneach don chraiceann, nuair atá sonraí ar fáil faoi na comhábhair, ach gan iad a bheith ar fáil faoin meascán ina iomláine, bíonn an cur chuige bunaithe ar theoiric na suimitheachta, sa chaoi is go gcuireann gach comhábhar creimneach nó greannach le hairíonna foriomlána greannacha nó creimneacha an mheascáin i gcomhréir lena chumhacht agus lena thiúchan. Úsáidtear fachtóir ualaithe 10 le haghaidh comhábhair chreimneacha nuair a bhíonn siad i láthair ag tiúchan níos lú ná an teorainn chineálach tiúchana maidir le haicmiú i gCatagóir 1, ach iad a bheith ag tiúchan a chuirfidh le haicmiú an mheascáin mar ghreannaitheoir. Aicmítear an meascán mar chreimneach nó mar ghreannach nuair is mó suim thiúchain na gcomhábhar sin ná teorainn tiúchana. |
3.2.3.3.3. |
Taispeánann Tábla 3.2.3 na teorainneacha cineálacha tiúchana a úsáidfear lena dhéanamh amach an bhfuil an meascán greannach nó creimneach don chraiceann. |
3.2.3.3.4.1. |
Caithfear cúram ar leith a ghlacadh agus meascáin áirithe á n-aicmiú, ar meascáin iad ina bhfuil substaintí amhail aigéid agus bunanna, salainn neamhorgánacha, aildéid, feanóil agus dromchlaghníomhaithe. D'fhéadfadh sé nach mbeadh an cur chuige a mhínítear i mír 3.2.3.3.1 agus i mír 3.2.3.3.2 infheidhme i bhfianaise go bhfuil go leor substaintí den sórt sin creimneach nó greannach ag tiúchana < 1 %. |
3.2.3.3.4.2. |
Maidir le meascáin ina bhfuil aigéid nó bunanna láidre úsáidfear an pH mar chritéar aicmithe (féach mír 3.2.3.1.2) toisc gur fearr mar tháscaire creimnithe an pH ná teorainneacha tiúchana Thábla 3.2.3 |
3.2.3.3.4.3. |
Maidir le meascán ina bhfuil comhábhair atá creimneach nó greannach don chraiceann agus nach féidir a aicmiú ar bhonn chur chuige na suimitheachta (Tábla 3.2.3), de dheasca airíonna ceimiceacha a fhágann go bhfuil an cur chuige seo neamh-inoibrithe, déanfar é a aicmiú mar Chreimneach don Chraiceann de Chatagóir 1A, 1B nó 1C má áirítear ann ≥1 % de chomhábhar atá aicmithe i gCatagóir 1A, 1B nó 1C faoi seach nó mar Chatagóir 2 nuair a áirítear ann ≥ 3 % de chomhábhar greannach. Maidir le haicmiú meascán ina bhfuil comhábhair, ar comhábhair iad nach mbeidh feidhm ag an gcur chuige i dTábla 3.2.3 ina leith, tá achoimriú air i dTábla 3.2.4. |
3.2.3.3.5. |
Uaireanta, d'fhéadfadh sonraí iontaofa a thaispeáint nach bhfuil guais chomhábhair soiléir i meascán maidir le greannú/creimeadh craicinn nuair atá sé i láthair ar leibhéal os cionn na dteorainneacha cineálacha tiúchana atá luaite i dTábla 3.2.3 agus i dTábla 3.2.4. Sna cásanna seo aicmeofar an meascán de réir na sonraí sin (féach freisin Airteagal 10 agus Airteagal 11). Ar ócáidí eile, nuair a mheastar nach mbeidh guais chomhábhair maidir le greannú/creimeadh craicinn follasach nuair a bhíonn sé i láthair ar leibhéal os cionn na dteorainneacha cineálacha tiúchana atá luaite i dTábla 3.2.3 agus i dTábla 3.2.4, cuirfear tástáil an mheascáin san áireamh. Sna cásanna sin, bainfear úsáid as straitéis chisealta bunaithe ar thromachar na fianaise, a bhfuil cur síos uirthi i mír 3.2.2.5. |
3.2.3.3.6. |
Má tá sonraí ann a thaispeánann go bhfuil comhábhar/comhábhair creimneach nó greannach ag tiúchan < 1 % (creimneach) nó < 3 % (greannach), déanfar an meascán a aicmiú dá réir sin. |
Tábla 3.2.3
Teorainneacha cineálacha tiúchana de chuid comhábhar a aicmítear le haghaidh guaise maidir le creimeadh/greannú craicinn (Catagóir 1 nó Catagóir 2) a chuireann faoi deara aicmiú an mheascáin mar chreimneach/greannach don chraiceann
Suim na gcomhábhar atá aicmithe mar: |
Tiúchan a dhéanann meascán a aicmiú mar: |
|
|
Creimneach don Chraiceann |
Greannaitheoir Craicinn |
|
Catagóir 1 (féach an nóta thíos) |
Catagóir 2 |
Creimneach don Chraiceann Catagóirí 1A, 1B, 1C |
≥ 5 % |
≥ 1 % ach < 5 % |
Greannaitheoir Craicinn Catagóir 2 |
|
≥ 10 % |
(10 × Creimneach don Chraiceann Catagóir 1A, 1B, 1C) + Greannaitheoir Craicinn Catagóir 2 |
|
≥ 10 % |
Nóta:
Beidh suim na gcomhábhar go léir i meascán atá aicmithe mar Chreimneach don Chraiceann de Chatagóir 1A, 1B nó 1C faoi seach, ≥5 % faoi seach chun an meascán a aicmiú mar Chreimneach don Chraiceann de Chatagóir 1A, 1B nó 1C. Má bhíonn suim na gcomhábhar atá Creimneach don Chraiceann de Chatagóir 1A < 5 %, ach suim na gcomhábhar de Chatagóir 1A+1B a bheith ≥ 5 %, aicmeofar an meascán mar Chreimneach don Chraiceann de Chatagóir 1B. Mar an gcéanna, má bhíonn suim na gcomhábhar atá Creimneach don Chraiceann de Chatagóir 1A+1B < 5 %, ach suim na gcomhábhar de Chatagóir 1A+1B+1C a bheith ≥ 5 %, aicmeofar an meascán mar Chreimneach don Chraiceann de Chatagóir 1C.
Tábla 3.2.4
Teorainneacha tiúchana cineálacha de chuid comhábhar meascáin nach bhfuil cur chuige na suimitheachta infheidhme ina leith, a chuireann faoi deara an meascán a aicmiú mar chreimneach don chraiceann/greannaitheoir craicinn
Comhábhar: |
Tiúchan: |
Meascán aicmithe mar: Craiceann |
Aigéad le pH ≤ 2 |
≥ 1 % |
Catagóir 1 |
Bun le pH ≥ 11.5 |
≥ 1 % |
Catagóir 1 |
Comhábhair chreimneacha eile (Catagóirí 1A, 1B, 1C) nach bhfuil an tsuimitheacht infheidhme ina leith |
≥ 1 % |
Catagóir 1 |
Comhábhair ghreannacha eile (Catagóir 2) nach bhfuil an tsuimitheacht infheidhme ina leith, aigéid agus bunanna san áireamh |
≥ 3 % |
Catagóir 2 |
3.2.4. Guais a chur in iúl
3.2.4.1. |
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 3.2.5. Tábla 3.2.5 Eilimintí lipéid le haghaidh creimeadh/greannú craicinn
|
3.3. Damáiste/greannú tromchúiseach súile
3.3.1. Sainmhínithe
3.3.1.1. |
Ciallaíonn damáiste tromchúiseach súile damáiste fíocháin a dhéanamh don tsúil, nó meath suntasach fisiceach radhairc, tar éis substaint tástála a chur ar dhromchla tosaigh na súile, ar damáiste é nach bhfuil inchúlaithe go hiomlán laistigh de 21 lá tar éis an tsubstaint a úsáid. Ciallaíonn greannú súile athruithe a tharlaíonn sa tsúil, tar éis substaint tástála a chur ar dhromchla tosaigh na súile, ar athruithe iad atá inchúlaithe go hiomlán laistigh de 21 lá tar éis an tsubstaint a úsáid. |
3.3.2. Critéir aicmithe le haghaidh substaintí
3.3.2.1. |
Áiríonn an córas aicmithe le haghaidh substaintí scéim chisealta thástála agus mheastóireachta, a thugann le chéile faisnéis atá ann cheana faoi dhamáiste tromchúiseach fíocháin súile agus faoi ghreannú súile (lena n-áirítear sonraí a bhaineann le taithí stairiúil daoine nó ainmhithe) chomh maith le tosca maidir le (Q)SAR agus aschur tástálacha bailíochtaithe in vitro chun tástáil neamhriachtanach ainmhithe a sheachaint. |
3.3.2.2. |
Sula ndéanfar tástáil in vivo ar bith maidir le damáiste/greannú tromchúiseach súile, déanfar an fhaisnéis go léir atá ann cheana faoi shubstaint a athbhreithniú. Go minic is féidir réamhchinntí a dhéanamh ó shonraí reatha i dtaobh an ndéanann substaint damáiste tromchúiseach (i.e. dochúlaithe) do na súile. Más féidir substaint a aicmiú ar bhonn na sonraí seo, níl tástáil ar bith de dhíth. |
3.3.2.3. |
Ní foláir roinnt tosca a chur san áireamh chun acmhainneacht substainte maidir le damáiste tromchúiseach súile nó greannú súile a aimsiú, sula rachfar i gceann tástála. Tosóidh an anailís le taithí carntha daoine agus ainmhithe, toisc go dtugann sé faisnéis a bhaineann go díreach le héifeachtaí ar an tsúil. I gcásanna áirithe d'fhéadfadh dóthain faisnéise a bheith ar fáil ó chomhdhúile atá gaolmhar ó thaobh struchtúir de, chun cinntí a dhéanamh maidir le guais. Mar an gcéanna, d'fhéadfadh foircinn pH amhail ≤ 2 agus ≥ 11,5 damáiste tromchúiseach súile a chothú, go háirithe in éineacht le hacmhainneacht shuntasach mhaolánaithe. Meastar go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag substaintí den sórt sin ar na súile. Caithfear creimeadh craicinn féideartha a mheas sula mbreithneofar damáiste/greannú tromchúiseach súile, d'fhonn tástáil le haghaidh éifeachtaí lógánta ar shúile le substaintí atá creimneach don chraiceann a sheachaint. Measfar go leanfaidh damáiste tromchúiseach do na súile (Catagóir 1) freisin as substaintí atá creimneach don chraiceann, agus féadfar a mheas go leanfaidh greannú súile (Catagóir 2) as substaintí atá greannach don chraiceann. Féadfar malairtí in vitro, a bhíonn bailíochtaithe agus a bhfuil glactha leo, a úsáid chun cinntí aicmithe a dhéanamh (féach Airteagal 5). |
3.3.2.4. |
Déanfar an fhaisnéis go léir thuas atá ar fáil faoi shubstaint a úsáid chun a chinneadh an bhfuil gá le tástáil in vivo maidir le greannú súile. Cé go bhféadfaí faisnéis a fháil trí mheastóireacht ar pharaiméadair aonair laistigh de chiseal (e.g. breathnófar ar alcailí loiscneacha le pH foircneach mar chreimnigh logánta), breithneofar an fhaisnéis reatha ina hiomláine agus cinneadh foriomlán á dhéanamh, ar cinneadh é a bheidh bunaithe ar thromachar na fianaise, go háirithe nuair a bheidh faisnéis ar fáil faoi roinnt paraiméadar ach gan faisnéis a bheith ar fáil fúthu go léir. Tríd is tríd, leagfar béim go príomha ar bhreithiúnas saineolaithe, agus taithí an duine ar an tsubstaint á chur san áireamh, agus ina dhiaidh sin ar thoradh tástála maidir le greannú craicinn agus ar thorthaí ó mhodhanna malartacha dea-bhailíochtaithe. Seachnófar tástáil ainmhithe le substaintí creimneacha nó meascáin chreimneacha nuair is féidir. |
3.3.2.5. |
Cuirfear cur chuige cisealta san áireamh maidir leis an measúnacht ar an bhfaisnéis tosaigh, nuair is infheidhme, á aithint go bhféadfadh sé nach mbeadh na heilimintí go léir ábhartha i gcásanna ar leith. |
3.3.2.6. Éifeachtaí dochúlaithe ar an tsúil/damáiste tromchúiseach do na súile (Catagóir 1)
3.3.2.6.1. |
Déanfar substaintí a bhfuil sé d'acmhainn iontu damáiste tromchúiseach a dhéanamh do na súile a aicmiú i gCatagóir 1 (éifeachtaí dochúlaithe ar an tsúil). Aicmítear substaintí sa chatagóir guaise seo ar bhonn torthaí tástála ainmhithe, i gcomhréir leis na critéir atá liostaithe i dTábla 3.3.1. Folaíonn na breathnuithe seo ainmhithe le loit choirneacha de ghrád 4 agus frithghníomhuithe troma eile (e.g., scrios na coirne) a bhreathnaítear am ar bith i rith na tástála, chomh maith le teimhneacht choirneach mharthanach, mílí na coirne ag substaint ruaime, greamaitheacht, pannus agus cur isteach ar fheidhmiú an inteacháin nó éifeachtaí eile a lagaíonn an t-amharc. Sa chomhthéacs seo, meastar gur loit mharthanacha iad loit nach bhfuil inchúlaithe ar fad laistigh de thréimhse bhreathnadóireachta a mhaireann 21 lá de ghnáth. Aicmítear substaintí i gCatagóir 1 freisin má chomhlíonann siad na critéir maidir le teimhneacht choirneach ≥ 3 nó athlasadh inteacháin > 1,5 arna bhrath i dtástáil súl Draize le coiníní, ag glacadh leis nach gcúlaíonn loit throma den sórt sin de ghnáth laistigh de thréimhse bhreathnadóireachta 21 lá. Tábla 3.3.1 Catagóir le haghaidh éifeachtaí dochúlaithe súile
|
3.3.2.6.2. |
Pléitear úsáid sonraí an duine i mír 3.3.2.1, i mír 3.3.2.4, agus freisin i mír 1.1.1.3, mír 1.1.1.4 agus mír 1.1.1.5.. |
3.3.2.7. Éifeachtaí inchúlaithe ar an tsúil (Catagóir 2)
3.3.2.7.1. |
Aicmítear substaintí a bhfuil sé d'acmhainn iontu greannú inchúlaithe súile a chothú i gCatagóir 2 (greannach don tsúil). Tábla 3.3.2 Catagóir le haghaidh éifeachtaí inchúlaithe súile
|
3.3.2.7.2. |
Maidir leis na substaintí sin a mbíonn éagsúlacht shuntasach idir freagairtí ainmhithe ag gabháil leo, cuirfear an fhaisnéis seo san áireamh agus an t-aicmiú á dhéanamh. |
3.3.3. Critéir aicmithe le haghaidh meascán
3.3.3.1. Meascáin a aicmiú i gcás go mbíonn sonraí ar fáil maidir leis an meascán iomlán
3.3.3.1.1. |
Aicmeofar an meascán agus úsáid á baint as na critéir le haghaidh substaintí, agus na straitéisí tástála agus meastóireachta a úsáidtear chun sonraí a sholáthar le haghaidh na n-aicmí guaise seo á gcur san áireamh. |
3.3.3.1.2. |
Murab ionann agus aicmí guaise eile, tá tástálacha malartacha ar fáil maidir le haghaidh creimneacht chraicinn a bhaineann le cineálacha áirithe meascán a thugann toradh cruinn chun críocha an aicmithe, agus chomh maith leis sin atá simplí agus cuibheasach neamhchostasach le déanamh. Nuair a bheidh tástáil ar an meascán á breithniú, moltar do lucht aicmithe úsáid a bhaint as straitéis chisealta bunaithe ar thromachar na fianaise mar a áirítear sna critéir le haghaidh substaintí a aicmiú maidir le creimeadh craicinn agus damáiste tromchúiseach súile agus greannú súile, chun cuidiú le haicmiú cruinn a chinntiú chomh maith le tástáil neamhriachtanach ainmhithe a sheachaint. Meastar go gcothaíonn meascán damáiste tromchúiseach súile (Catagóir 1) má bhíonn an pH ≤ 2,0 nó ≥ 11,5. Má thugann an chúltaisce aigéid/alcailele tuiscint nach bhfuil an acmhainneacht sa mheascán damáiste tromchúiseach súile a chothú, in ainneoin an luach pH a bheith ard nó íseal, ansin ní foláir tuilleadh tástála a dhéanamh, chun é seo a dheimhniú, agus b'fhearr é sin a dhéanamh trí thástáil iomchuí bhailíochtaithe in vitro a úsáid. |
3.3.3.2. Meascáin a aicmiú nuair nach mbíonn sonraí ar fáil maidir leis an meascán iomlán: prionsabail an eachtarshuímh
3.3.3.2.1. |
I gcás nár tástáladh an meascán féin chun a chreimneacht chraicinn a dhéanamh amach nó a acmhainneacht maidir le damáiste tromchúiseach súile nó greannú súile a chothú, ach go bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil faoi na comhábhair aonair, agus faoi mheascáin ghaolmhara tástáilte, chun na hairíonna de ghuaiseacha an mheascáin a shainaithint go sásúil, úsáidfear na sonraí seo de réir na rialacha eachtarshuímh a leagtar amach i roinn 1.1.3. |
3.3.3.3. Meascáin a aicmiú nuair a bhíonn sonraí ar fáil maidir le comhábhair go léir an mheascáin nó gan iad a bheith ar fáil ach maidir le roinnt de chomhábhair an mheascáin
3.3.3.3.1. |
D'fhonn úsáid a bhaint as na sonraí go léir atá ar fáil, chun airíonna na meascán maidir le greannú/damáiste tromchúiseach súile a aicmiú, rinneadh an toimhde seo a leanas, agus cuirtear i bhfeidhm í, nuair is cuí, maidir leis an gcur chuige cisealta: Toimhde: Is iad na ‘comhábhair ábhartha’ de mheascán na comhábhair atá i láthair i dtiúchan 1 % (w/w maidir le solaid, leachtanna, deannaigh, ceocháin agus gala agus v/v maidir le gáis) nó níos mó, mura bhfuil toimhde ann (e.g.: i gcás comhábhar creimneach) go bhfuil comhábhar, atá i láthair i dtiúchan níos lú ná 1 %, fós ábhartha chun an meascán a aicmiú maidir le greannú/damáiste tromchúiseach súile. |
3.3.3.3.2. |
Tríd is tríd, maidir le meascáin a aicmiú mar ghreannaitheoir súile nó mar mheascán a dhéanfadh damáiste tromchúiseach súile, nuair atá sonraí ar fáil faoi na comhábhair ach nach bhfuil faoin meascán ina iomláine, bíonn an cur chuige bunaithe ar theoiric na suimitheachta, a chiallaíonn go gcuireann gach comhábhar creimneach nó greannach le hairíonna foriomlána greannaithe nó creimthe an mheascáin i gcomhréir lena chumhacht agus lena thiúchan. Úsáidtear fachtóir ualaithe 10 le haghaidh comhábhar creimneach nuair a bhíonn siad i láthair ag tiúchan níos lú ná an teorainn chineálach tiúchana maidir le haicmiú i gCatagóir 1, ach iad fós ag tiúchan a chuirfidh le haicmiú an mheascáin mar ghreannaitheoir. Aicmítear an meascán mar mheascán atá mórdhíobhálach nó greannach don tsúil nuair a bhíonn suim thiúchan na gcomhábhar sin níos mó ná teorainn tiúchana. |
3.3.3.3.3. |
Taispeánann Tábla 3.3.3 na teorainneacha cineálacha tiúchana a úsáidfear lena dhéanamh amach an ndéanfar an meascán a aicmiú mar shubstaint atá greannach nó mórdhíobhálach don tsúil. |
3.3.3.3.4.1 |
Caithfear cúram ar leith a ghlacadh agus meascáin áirithe á n-aicmiú, ar meascáin iad ina bhfuil substaintí amhail aigéid agus bunanna, salainn neamhorgánacha, aildéid, feanóil agus dromchlaghníomhaithe. D'fhéadfadh sé nach n-oibreodh an cur chuige a mhínítear i mír 3.3.3.3.1 agus i mír 3.3.3.3.2 i bhfianaise go bhfuil go leor substaintí den sórt sin creimneach nó greannach ag tiúchana < 1 %. |
3.3.3.3.4.2 |
Maidir le meascáin ina bhfuil aigéid nó bunanna láidre úsáidfear an pH mar chritéar aicmithe (féach mír 3.3.2.3) toisc gur fearr mar tháscaire an pH maidir le damáiste tromchúiseach súile ná na teorainneacha cineálacha tiúchana i dTábla 3.3.3. |
3.3.3.3.4.3 |
Déanfar meascán ina bhfuil comhábhair atá creimneach nó greannach agus nach féidir a aicmiú ar bhonn chur chuige na suimitheachta (Tábla 3.3.3), de dheasca tréithe ceimiceacha a fhágann an cur chuige seo neamh-inoibrithe, a aicmiú mar Chatagóir 1 maidir le héifeachtaí ar an tsúil má bhíonn ≥ 1 % de chomhábhar creimneach ann agus mar Chatagóir 2 má bhíonn ≥ 3 % de chomhábhar greannach ann. Maidir le haicmiú meascán ina bhfuil comhábhair, ar comhábhair iad nach mbeidh feidhm ag an gcur chuige i dTábla 3.3.3 ina leith, tá achoimhre orthu i dTábla 3.3.4 . |
3.3.3.3.5. |
Uaireanta, d'fhéadfadh sonraí iontaofa a thaispeáint nach mbeidh na héifeachtaí inchúlaithe/dochúlaithe súile a bhíonn ag comhábhar soiléir nuair a bhíonn sé i láthair ar leibhéal os cionn na dteorainneacha cineálacha tiúchana atá luaite i dTábla 3.3.3 agus i dTábla 3.3.4. Sna cásanna sin, aicmeofar an meascán de réir na sonraí sin. Uaireanta eile, nuair a mheastar nach mbeidh guaiseacha comhábhair maidir le greannú/creimeadh craicinn nó na héifeachtaí inchúlaithe/dochúlaithe súile a bhíonn ag comhábhar follasach ar an gcomhábhar sin a bheith i láthair ar leibhéal os cionn na dteorainneacha cineálacha tiúchana a luaitear i dTábla 3.3.3 agus i dTábla 3.3.4, breithneofar tástáil a dhéanamh ar an meascán. Sna cásanna sin, bainfear úsáid as an straitéis chisealta bunaithe ar thromachar na fianaise. |
3.3.3.3.6. |
Má tá sonraí ann a thaispeánann go bhféadfadh comhábhar/comhábhair a bheith creimneach nó greannach ag tiúchan < 1 % (creimneach) nó < 3 % (greannach), déanfar an meascán a aicmiú dá réir sin. |
Tábla 3.3.3
Teorainneacha tiúchana cineálacha chomhábhair meascáin arna aicmiú mar chreimneach don chraiceann de Chatagóir 1 agus/nó mar Chatagóir 1 nó 2 le haghaidh éifeachtaí ar an tsúil a chuireann faoi deara aicmiú an mheascáin maidir le héifeachtaí ar an tsúil (Catagóir 1 nó 2)
Suim na gcomhábhar aicmithe mar: |
Tiúchan a dhéanann meascán a aicmiú mar: |
|
Éifeachtaí Dochúlaithe ar an tSúil |
Éifeachtaí Inchúlaithe ar an tSúil |
|
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
|
Éifeachtaí Súile de Chatagóir 1 nó Creimneach don Chraiceann de Chatagóir 1A, 1B, 1C |
≥ 3 % |
≥ % ach < 3 % |
Éifeachtaí ar an tSúil de Chatagóir 2 |
|
≥ 10 % |
(10 × Éifeachtaí ar an tSúil de Chatagóir 1) + Éifeachtaí ar an tsúil de Chatagóir 2 |
|
≥ 10 % |
Creimneach don Chraiceann de Chatagóirí 1A, 1B, 1C + Éifeachtaí ar an tSúil de Chatagóir 1 |
≥ 3 % |
≥1 % ach < 3 % |
10 × (Creimneach don chraiceann de Chatagóir 1A, 1B, 1C + Éifeachtaí ar an tSúil de Chatagóir 1) + Éifeachtaí ar an tSúil de Chatagóir 2 |
|
≥ 10 % |
Tábla 3.3.4
Teorainneacha cineálacha tiúchana chomhábhar meascáin nach bhfuil cur chuige na suimitheachta infheidhme ina leith, agus a chuireann faoi deara aicmiú an mheascáin mar ghuaiseach don tsúil.
Comhábhar |
Tiúchan |
Meascán aicmithe mar: Súil |
Aigéad le pH ≤ 2 |
≥ 1 % |
Catagóir 1 |
Bun le pH ≥ 11,5 |
≥ 1 % |
Catagóir 1 |
Comhábhair chreimneacha eile (Catagóir 1) nach bhfuil an tsuimitheacht infheidhme ina leith |
≥ 1 % |
Catagóir 1 |
Comhábhair ghreannacha eile (Catagóir 2) nach bhfuil an tsuimitheacht infheidhme ina leith, aigéid agus bunanna san áireamh |
≥ 3 % |
Catagóir 2 |
3.3.4. Guais a chur in iúl
3.3.4.1. |
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 3.3.5. Tábla 3.3.5 Eilimintí lipéid le haghaidh damáiste/greannú tromchúiseach don tsúil
|
3.4. Íogrú riospráide nó craicinn
3.4.1. Sainmhínithe agus breithnithe ginearálta
3.4.1.1. |
Ciallaíonn íogróir riospráide substaint a chothóidh hipiríogaireacht aerbhealaí tar éis an tsubstaint a ionanálú. |
3.4.1.2. |
Ciallaíonn íogróir craicinn substaint a chothóidh freagairt ailléirgeach tar éis teagmhála leis an gcraiceann. |
3.4.1.3. |
Chun críocha roinn 3.4, tá dhá chéim san íogrú: is é an chéad chéim ná sainchuimhne imdhíoneolaíoch a ionduchtú in aonán trí ailléirgin a nochtadh dó. Is é an dara céim ná múscailt, i.e. freagairt ailléirgeach, trí mheán cille nó trí mheán antasubstainte, a mhúscailt trí ailléirgin a nochtadh d'aonán íograithe. |
3.4.1.4. |
Maidir le híogrú riospráide, tá an patrún céanna i gceist leis, eadhon céim an ionduchtaithe agus ansin céim na múscailte, agus atá i gceist le híogrú craicinn. Maidir le híogrú craicinn, tá céim ionduchtaithe de dhíth ina bhféadfaidh an córas imdhíonach frithghníomhú; d'fhéadfadh siomptóim chliniciúla a bheith i gceist ansin nuair is leor nochtadh ina dhiaidh sin chun frithghníomhú infheicthe craicinn a mhúscailt (céim na múscailte). Dá thoradh sin, is iondúil go leanann tástálacha réamhfháistineacha an patrún seo ina bhfuil céim ionduchtaithe, a ndéantar an fhreagairt orthu a thomhas trí chéim mhúscailte caighdeánaithe, lena mbaineann tástáil phaiste de ghnáth. Is eisceacht é an tástáil ar nód logánta limfe, a thomhasann an fhreagairt ionduchtaithe go díreach. Déantar fianaise maidir le híogrú craicinn i ndaoine a mheas de ghnáth le tástáil dhiagnóiseach phaiste. |
3.4.1.5. |
De ghnáth, maidir le híogrú craicinn agus íogrú riospráide araon, bíonn leibhéil níos ísle de dhíth do mhúscailt ná mar a bhíonn de dhíth d'ionduchtú. I roinn 3.4.4, tá na forálacha chun daoine íograithe a chur ar an eolas maidir le híogróir ar leith a bheith i láthair i meascán. |
3.4.1.6. |
Tá an aicme ghuaise Íogrú Riospráide nó Craicinn idirdhealaithe mar seo a leanas:
|
3.4.2. Critéir aicmithe le haghaidh substaintí
3.4.2.1. Íogróirí riospráide
Déanfar substaintí a aicmiú mar íogróirí riospráide (Catagóir 1) i gcomhréir leis na critéir atá i dTábla 3.4.1:
Tábla 3.4.1
Catagóir ghuaise maidir le híogróirí riospráide
Catagóir |
Critéir |
||||
Catagóir 1 |
Déanfar substaintí a aicmiú mar íogróirí riospráide (Catagóir 1) i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
|
3.4.2.1.1.
3.4.2.1.1.1. |
Maidir le fianaise gur féidir le substaint sain-hipiríogaireacht riospráide a chothú, beidh sí bunaithe de ghnáth ar thaithí an duine. Sa chomhthéacs seo, is é a thuigtear le hipiríogaireacht de ghnáth ná asma, ach tá frithghníomhuithe hipiríogaireachta eile san áireamh freisin amhail riníteas/toinníteas agus ailbheoilíteas. Beidh airí cliniciúil an fhrithghníomhaithe ailléirgigh ag an riocht. Ní gá, áfach, meicníochtaí imdhíoneolaíocha a léiriú. |
3.4.2.1.1.2. |
Nuair a bhíonn an fhianaise ón duine á breithniú, tá sé riachtanach agus cinneadh maidir le haicmiú á dhéanamh, go gcuirfear na nithe seo a leanas san áireamh, chomh maith leis an bhfianaise ó na cásanna:
Pléitear úsáid sonraí an duine i mír 1.1.1.3, mír 1.1.1.4 agus mír 1.1.1.5. |
3.4.2.1.1.3. |
D'fhéadfadh sé gurb éard a bheadh san fhianaise thuasluaite ná
|
3.4.2.1.1.4. |
Áireoidh stair chliniciúil stair liachta agus stair ghairme araon chun gaolmhaireacht idir nochtadh substainte ar leith agus hipiríogaireacht riospráide a léiriú. Folaíonn an fhaisnéis ábhartha tosca géaraithe sa bhaile agus sa láthair oibre araon, tosú agus forleathadhan ghalair, stair an teaghlaigh agus stair liachta an othair lena mbaineann. Áireoidh an stair liachta freisin nóta faoi neamhoird ailléirgeacha eile nó neamhoird aerbhealaí ó aois na hóige, agus stair chaite tobac. |
3.4.2.1.1.5. |
Meastar go dtugann na torthaí ó thástálacha dúshláin bhroincigh deimhneacha fianaise leordhóthanach lena n-aicmiú leo féin. Aithnítear, áfach, i gcleachtas go mbeidh go leor de na scrúduithe atá liostaithe thuas déanta cheana féin. |
3.4.2.1.2.
3.4.2.1.2.1. |
Ar na sonraí ó staidéir iomchuí ar ainmhithe (13), ar staidéir iad a d'fhéadfadh acmhainneacht substainte a léiriú maidir le híogrú trí ionanálú a chothú i ndaoine (14), féadfar na nithe seo a leanas a áireamh:
|
3.4.2.2. Íogróirí craicinn
3.4.2.2.1. |
Déanfar substaintí a aicmiú mar íogróirí craicinn (Catagóir 1) i gcomhréir leis na critéir atá i dTábla 3.4.2: Tábla 3.4.2 Catagóir ghuaise maidir le híogróirí craicinn
|
3.4.2.2.2.
3.4.2.2.2.1. |
Maidir le substaint a aicmiú mar íogróir craicinn, áireoidh an fhianaise aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas:
Pléitear úsáid sonraí an duine i gCuid 1, mír 1.1.1.3, mír 1.1.1.4 agus mír 1.1.1.5. |
3.4.2.2.2.2. |
Go hiondúil beidh éifeachtaí deimhneacha a fheictear i ndaoine nó in ainmhithe ina n-údar maith le haicmiú a dhéanamh. De ghnáth bíonn fianaise ó staidéir ar ainmhithe (féach roinn 3.4.2.2.4) i bhfad níos iontaofa ná fianaise ó nochtadh don duine. I gcás ina mbeidh fianaise ar fáil ón dá fhoinse, áfach, agus go mbeidh coimhlint idir na torthaí, caithfear cáilíocht agus iontaofacht na fianaise ón dá fhoinse a mheas chun ceist an aicmithe a réiteach ar bhonn cás-ar-chás. De ghnáth, ní chuirtear sonraí an duine ar fáil i dturgnaimh rialaithe le saorálaithe chun guais a aicmiú ach cuirtear ar fáil iad mar chuid de mheasúnú priacail d'fhonn easpa éifeachtaí i dtástálacha ainmhithe a dheimhniú. Dá thoradh sin, déantar sonraí deimhneacha an duine maidir le híogrú craicinn a dhíorthú de ghnáth ó staidéir cás-rialaithe nó staidéir eile nach bhfuil chomh sonraithe. Caithfear sonraí an duine a mheas go cúramach dá bhrí sin, toisc go léiríonn minicíocht na gcásanna, mar aon le hairíonna intreacha na substaintí, tosca amhail cúinsí an nochta, bith-infhaighteacht, togracht an aonáin agus na bearta coisctheacha a cuireadh i gcrích. De ghnáth, ní féidir sonraí diúltacha an duine a úsáid chun torthaí deimhneacha ar staidéir ar ainmhithe a bhréagnú. |
3.4.2.2.2.3. |
Mura gcomhlíontar ceann ar bith de na coinníollacha thuasluaite, ní gá an tsubstaint a aicmiú mar íogróir craicinn. D'fhéadfadh teaglaim de dhá tháscaire íograithe craicinn nó níos mó, mar atá liostaithe thíos, an cinneadh a athrú áfach, rud a mheasfar ar bhonn cás-ar-chás:
|
3.4.2.2.3.
3.4.2.2.3.1. |
D'fhéadfadh roinnt substaintí a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú mar íogróirí riospráide urtacáire imdhíoneolaíoch theagmhála a chothú chomh maith. Breithneofar an bhfuil na substaintí sin le haicmiú mar íogróirí craicinn freisin agus an mbeidh faisnéis faoi urtacáire theagmhála le cur ar an lipéad nó ar an BSS, agus úsáid á baint as faisnéis iomchuí rabhaidh. |
3.4.2.2.3.2. |
Maidir le substaintí a chothaíonn comharthaí maidir le hurtacáire imdhíoneolaíoch theagmhála ach nach gcomhlíonann na critéir d'íogróir riospráide, breithneofar an bhfuil siad le haicmiú mar íogróir craicinn. Níl múnla ainmhí aitheanta ar bith ar fáil chun substaintí a chothaíonn urtacáire imdhíoneolaíoch theagmhála a shainaithint. Dá bhrí sin, beidh an t-aicmiú bunaithe de ghnáth ar fhianaise ón duine, a bheidh cosúil leis an bhfianaise maidir le híogrú craicinn. |
3.4.2.2.4.
3.4.2.2.4.1. |
Nuair a bhaintear úsáid as modh tástála muice guine de chineál aidiúvach maidir le híogrú craicinn, glactar leis gurb ionann freagairt ó 30 % ar a laghad de na hainmhithe agus toradh deimhneach. Nuair a bhaintear úsáid as modh tástála muice guine de chineál neamh-aidiúvach, glactar leis gurb ionann freagairt ó 15 % ar a laghad de na hainmhithe agus toradh deimhneach. Úsáidfear modhanna tástála maidir le híogrú craicinn atá tuairiscithe i Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (‘Rialacháin um Modh Tástála’), nó modhanna eile, ar choinníoll go bhfuil siad dea-bhailíochtaithe agus go dtugtar réasúnú eolaíoch. |
3.4.3. Critéir aicmithe le haghaidh meascán
3.4.3.1. Meascáin a aicmiú nuair atá sonraí ar fáil maidir leis an meascán iomlán
3.4.3.1.1. |
Nuair a bhíonn fianaise iontaofa ar ardchaighdeán ó thaithí ar an duine nó ó staidéir iomchuí ar ainmhithe turgnamhacha, mar atá tuairiscithe sna critéir le haghaidh substaintí, ar fáil i ndáil leis an meascán, ansin is féidir an meascán a aicmiú trí mheasúnacht ar na sonraí sin bunaithe ar thromachar na fianaise. Beifear cúramach agus sonraí faoi mheascáin a bheith á meas, nach bhfágann an dáileog a úsáidtear go bhfuil na torthaí neamhchinntitheach. |
3.4.3.2. Meascáin a aicmiú nuair nach mbíonn sonraí ar fáil maidir leis an meascán iomlán prionsabail an eachtarshuímh.
3.4.3.2.1. |
I gcás nár tástáladh an meascán féin chun a airíonna íograithe a aimsiú, ach go bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil faoi na comhábhair aonair, agus faoi mheascáin ghaolmhara tástáilte, chun na hairíonna de ghuaiseacha an mheascáin a aimsiú go sásúil, úsáidfear na sonraí seo de réir na rialacha eachtarshuímh a leagtar amach i roinn 1.1.3. |
3.4.3.3. Meascáin a aicmiú nuair a bhíonn sonraí ar fáil maidir leis na comhábhair go léir nó gan iad a bheith ar fáil ach maidir le roinnt de chomhábhair an mheascáin
3.4.3.3.1. |
Déanfar an meascán a aicmiú mar íogróir riospráide nó craicinn nuair a bheidh comhábhar amháin ar a laghad aicmithe mar íogróir riospráide nó craicinn agus go mbíonn sé nó siad i láthair ag an teorainn tiúchana iomchuí chineálach, nó os a chionn, mar a léirítear i dTábla 3.4.3 maidir le solad/leacht agus gás faoi seach. |
3.4.3.3.2. |
D'fhéadfadh roinnt substaintí atá aicmithe mar íogróirí freagairt a mhúscailt, nuair a bhíonn siad i láthair i meascán i gcainníochtaí atá faoi bhun na dtiúchan a leagtar amach i dTábla 3.4.1, in aonáin atá íograithe cheana féin don tsubstaint nó don mheascán (féach Nóta 1 a ghabhann le Tábla 3.4.3). |
Tábla 3.4.3
Teorainneacha cineálacha tiúchana na gcomhábhar meascáin atá aicmithe mar íogróirí craicinn nó mar íogróirí riospráide a chuireann faoi deara aicmiú an mheascáin
Comhábhar aicmithe mar: |
Tiúchan a dhéanann meascán a aicmiú mar: |
||
Íogróir Craicinn |
Íogróir Riospráide |
||
Gach staid fhisiceach |
Solad/Leacht |
Gás |
|
Íogróir Craicinn |
≥ 0,1 % (Nóta 1) |
— |
— |
≥ 1,0 % (Nóta 2) |
— |
— |
|
Íogróir Riospráide |
— |
≥ 0,1 % (Nóta 1) |
≥ 0,1 % (Nóta 1) |
— |
≥ 1,0 % (Nóta 3) |
≥ 0,2 % (Nóta 3) |
Nóta 1:
Úsáidtear an teorainn tiúchana seo de ghnáth chun riachtanais speisialta lipéadaithe Iarscríbhinn II, roinn 2.8 a chur i bhfeidhm d'fhonn aonáin atá íograithe cheana féin a chosaint. Tá SDS de dhíth le haghaidh meascáin a mbeadh comhábhar ann atá os cionn na tiúchana seo.
Nóta 2:
Úsáidtear an teorainn tiúchana seo chun meascán a aicmiú mar íogróir craicinn.
Nóta 3:
Úsáidtear an teorainn tiúchana seo chun meascán a aicmiú mar íogróir riospráide.
3.4.4. Guais a chur in iúl
3.4.4.1. |
Bainfear úsáid as eilimintí lipéid le haghaidh substaintí nó meascán a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú san aicme ghuaise seo i gcomhréir le Tábla 3.4.4. Tábla 3.4.4 Eilimintí lipéid le haghaidh íogrú riospráide nó craicinn
|
3.5. Só-ghineacht ghaiméite
3.5.1. Sainmhínithe agus breithnithe ginearálta
3.5.1.1. |
Ciallaíonn sóchán buanathrú ar mhéid nó struchtúr an ábhair ghéinitgh i gcill. Baineann an téarma ‘sóchán’ le hathruithe géiniteacha inoidhreachta a d'fhéadfadh iad féin a léiriú ag an leibhéal feinitíopach agus leis na modhnuithe bunúsacha DNA nuair a bheidh siad ar eolas (lena n-áirítear sainathruithe péire bhunaidh agus trasghluaiseachtaí crómasómacha). Úsáidfear an téarma ‘só-ghineach’ le haghaidh oibreán a chothaíonn méadú ar líon na sóchán i bpobail cheall agus/nó orgánach. |
3.5.1.2. |
Baineann na téarmaí níos ginearálta ‘géineatocsaineach’ agus ‘géineatocsaineacht’ le hoibreáin nó próisis a athraíonn struchtúr, ábhar faisnéise, nó deighilt DNA, lena n-áirítear iadsan a chothaíonn damáiste do DNA trí chur isteach ar ghnáthphróisis macasamhlaithe, nó a athraíonn a mhacasamhlú ar shlí neamhfhiseolaíoch (go sealadach). Glactar le torthaí tástálacha géineatocsaineachta de ghnáth mar tháscairí maidir le héifeachtaí só-ghineacha. |
3.5.2. Critéir aicmithe le haghaidh substaintí
3.5.2.1. |
Baineann an aicme ghuaise seo go príomha le substaintí a d'fhéadfadh sócháin a chothú i ngaiméití daoine agus is féidir a tharchur go dtí an sliocht. Cuirtear na torthaí ó thástálacha só-ghineachta nó géineatocsaineachta in vitro agus i gcealla sómacha mamacha agus i ngaiméití mamacha in vivo san áireamh freisin, áfach, in aicmiú substaintí agus meascáin laistigh den aicme ghuaise seo. |
3.5.2.2. |
Chun críche a n-aicmithe ó thaobh só-ghineachta gaiméite, déantar substaintí a leithdháileadh ar cheann amháin de dhá chatagóir mar a léirítear i dTábla 3.5.1. Tábla 3.5.1 Catagóirí guaise le haghaidh só-ghinigh gaiméite
|
3.5.2.3. Breithnithe sonracha maidir le substaintí a aicmiú mar shó-ghinigh ghaiméite
3.5.2.3.1. |
Chun teacht ar aicmiú, déantar torthaí tástálacha a mheas ó thurgnaimh a aimsíonn éifeachtaí só-ghineacha agus/nó géineatocsaineacha i ngaiméití agus/nó i gcealla sómacha de chuid ainmhithe a nochtadh. Breithneofar freisin éifeachtaí só-ghineacha agus/nó géineatocsaineacha a fuarthas i dtástálacha in vitro. |
3.5.2.3.2. |
Tá an córas guaisbhunaithe, ag aicmiú substaintí ar bhonn a gcuid acmhainneachta intrí sócháin a chothú i ngaiméití. Dá thairbhe sin, ní ar mhaithe le measúnú priacail (cainníochtúil) substaintí atá an scéim. |
3.5.2.3.3. |
Déantar éifeachtaí inoidhreachta i ngaiméití daoine a aicmiú ar bhonn tástálacha atá dea-dhéanta agus bailíochtaithe go leordhóthanach, agus b'fhearr gur tástálacha iad a bhfuil tuairisc orthu i Rialachán (CE) 440/2008 arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006(an Rialachán um Modh Tástála), amhail na tástálacha atá liostaithe sna míreanna seo a leanas. Déanfar meastóireacht ar na torthaí tástála agus úsáid á baint as breithiúnas saineolaithe, agus déanfar an fhianaise go léir atá ar fáil a mheas chun teacht ar aicmiú. |
3.5.2.3.4. |
Tástálacha só-ghineachta gaiméite inoidhreachta in vivo, amhail:
|
3.5.2.3.5. |
Tástálacha só-ghineachta cille sómaí in vivo, amhail:
|
3.5.2.3.6. |
Tástálacha só-ghineachta/géineatocsaineachta i ngaiméití, amhail:
|
3.5.2.3.7. |
Tástálacha géineatocsaineachta i gcealla sómacha, amhail:
|
3.5.2.3.8. |
Tástálacha só-ghineachta in vitro, amhail:
|