21.11.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1137/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2008

lena n-oiriúnaítear líon ionstraimí atá faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú – Cuid a hAon

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 40, d'Airteagal 47(1) agus (2), an chéad abairt agus an tríú habairt, Airteagal 55, 71, 80(2), 95, 100, 137(2), 156, 175(1) agus 285 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4) le Cinneadh 2006/512/CE (5), lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta leo agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunaidh a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(2)

I gcomhréir leis an dearbhú ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (6) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, ionas go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí atá i bhfeidhm cheana a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, caithfear na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(3)

Os rud é gur leis an nós imeachta coiste amháin a bhaineann na leasuithe a dhéantar ar na hionstraimí chun na críche sin, ní gá, i gcás treoracha, go ndéanfaidh na Ballstáit iad a thrasuíomh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Oiriúnaítear leis seo na hionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, do Chinneadh 1999/468/CE, arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE.

Airteagal 2

Tuigtear gurb é atá sna tagairtí d'fhorálacha na n-ionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn tagairtí do na forálacha sin arna n-oiriúnú leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  IO C 224, 30.8.2008, lch. 35.

(2)  IO C 117, 14.5.2008, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008.

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(5)  JO L 200 du 22.7.2006, p. 11.

(6)  IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

1.   TALMHAÍOCHT

1.1.   Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc caife agus le húisc siocaire  (1)

Maidir le Treoir 1999/4/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Treoir seo a chur i gcomhréir le forálacha coiteanna an Chomhphobail a bhaineann le hearraí bia. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Chinneadh 1999/4/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 1999/4/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh an Treoir seo a chur i gcomhréir le forálacha coiteanna an Chomhphobail is infheidhme maidir le hearraí bia. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

1.2.   Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus táirgí seacláide atá ceaptha mar bhia don duine  (3)

Maidir le Treoir 2000/36/CE ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá dá cur chun feidhme a ghlacadh. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2000/36/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2000/36/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

‘1.   Na bearta seo a leanas is gá le haghaidh cur chun feidhme na Treorach seo agus ar bearta iad a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(2):

bearta chun an Treoir seo a chur i gcomhréir le forálacha ginearálta an Chomhphobail is infheidhme maidir le hearraí bia,

bearta lena ndéantar forálacha i gCuid B(2), i gCuid C agus i gCuid D, d'Iarscríbhinn I, a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

2.   FOSTAÍOCHT

2.1.   Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh  (5)

Maidir le Treoir 89/391/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na treoracha leithleacha dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE a thagann ó na treoracha a glacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil, chomh maith leis an dul chun cinn teicniúil, na hathruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta, agus fionnachtana nua. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de na treoracha leithleacha sin a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Cuirtear, dá réir sin, an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17 de Threoir 89/391/CEE:

‘Airteagal 17

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún chun coigeartuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na treoracha leithleacha dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) ionas go gcuirfear san áireamh:

(a)

treoracha a glacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil;

(b)

an dul chun cinn teicniúil, athruithe i rialacháin nó i sonraíochtaí idirnáisiúnta, agus fionnachtana nua.

Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na treoracha leithleacha a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear i mír 2. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear i mír 3.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.2.   Treoir 92/29/CEE ón gComhairle an 31 Márta 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte i dtaca le cóir leighis níos fearr ar bord soithí  (6)

Maidir le Treoir 92/29/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar a hiarscríbhinní i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil nó athruithe i rialacháin nó i sonraíochtaí idirnáisiúnta agus fionnachtana nua sa réimse sin. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 92/29/CEE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Cuirtear, dá réir sin, an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 de Threoir 92/29/CEE:

‘Airteagal 8

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún chun oiriúnuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo, i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil nó na hathruithe i rialacháin idirnáisiúnta nó i sonraíochtaí idirnáisiúnta agus fionnachtana nua sa réimse sin.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear i mír 2. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear i mír 3.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.3.   Treoir 2002/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh) (an séú Treoir déag leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)  (7)

Maidir le Treoir 2002/44/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar an iarscríbhinn a ghabhann léi, a thagann ó na treoracha a glacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre, chomh maith le réimse an dul chun cinn theicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sna sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua maidir le creathadh meicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/44/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Cuirtear, dá réir sin, an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11 agus Airteagal 12 de Threoir 2002/44/CE:

‘Airteagal 11

Leasuithe teicniúla

Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo de chineál teicniúil amháin i gcomhréir:

(a)

leis na treoracha i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, togáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre a ghlacadh;

(b)

leis an dul chun cinn teicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sna sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua maidir le creathadh meicniúil.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Airteagal 12

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Threoir 89/391/CEE cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.4.   Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (torann) (an seachtú Treoir déag leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)  (8)

Maidir le Treoir 2003/10/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh a thagann ó threoracha a glacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre, chomh maith le réimse an dul chun cinn theicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sna sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua maidir le torann. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/10/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Cuirtear, dá réir sin, an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12 agus Airteagal 13 de Threoir 2003/10/CE

‘Airteagal 12

Leasuithe teicniúla

Glacfaidh an Coimisiún leasuithe de chineál teicniúil amháin de réir:

(a)

na treoracha i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, togáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre a ghlacadh;

(b)

an dul chun cinn theicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sna sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua maidir le torann.

Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(3).

Airteagal 13

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Threoir 89/391/CEE cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.5.   Treoir 2004/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (réimsí leictreamaighnéadacha) (an t-ochtú Treoir déag leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)  (9)

Maidir le Treoir 2004/40/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar an iarscríbhinn a ghabhann léi, ag cur san áireamh treoracha a glacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre, agus an dul chun cinn teicniúil á chur san áireamh, athruithe sna caighdeáin nó sna sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua eolaíocha maidir le réimsí leictreamaighnéadacha. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/40/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar mhórchúiseanna práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2004/40/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(2):

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Iarscríbhinn de chineál teicniúil amháin i gcomhréir le:

(a)

treoracha i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, togáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre a ghlacadh;

(b)

an dul chun cinn teicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana eolaíocha nua maidir le réimsí leictreamaighnéadacha.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 11(3).’;

2)

leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don alt seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

2.6.   Treoir 2006/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (radaíocht optúil shaorga) (an naoú Treoir déag leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)  (10)

Maidir le Treoir 2006/25/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na hiarscríbhinní a ghabhann léi, ag cur san áireamh treoracha a glacadh i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre, agus an dul chun cinn teicniúil á chur san áireamh, athruithe sna caighdeáin nó sna sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana nua eolaíocha maidir le nochtadh oibrithe do radaíocht optúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/25/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar mhórchúiseanna práinne, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2006/25/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(2):

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Iarscríbhinn de chineál teicniúil amháin i gcomhréir le:

(a)

treoracha i réimse an chomhchuibhithe agus an chaighdeánaithe theicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus/nó áiteanna oibre a ghlacadh;

(b)

dul chun cinn teicniúil, athruithe sna caighdeáin nó sonraíochtaí comhchuibhithe Eorpacha is iomchuí agus fionnachtana eolaíocha nua maidir le nochtadh oibrithe do radaíocht optúil.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 11(3).’;

2)

leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don alt seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8.’.

3.   FIONTAR

3.1.   Treoir 76/767/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forálacha coiteanna i leith soithí brú agus modhanna a n-iniúchta  (11)

Maidir le Treoir 76/767/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún iarscríbhinní agus na forálacha sin atá sna treoracha arna sonrú i ngach aon cheann de na Treoracha sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 76/767/CEE agus na treoracha ar leith a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 76/767/CEE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 17(2):

‘(a)

seolfaidh an Ballstát na doiciméid ina mbeidh tuairisc den soitheach chomh maith leis na doiciméid a thacaíonn lena iarratas ar mhoalú, lena n-áirítear torthaí aon tástalacha a rinneadh, chuig na Ballstáit eile, ag a mbeidh tréimhse de cheithre mhí chun aontú nó easaontú leis, chun aon bharúlacha, ceisteanna, ceanglais bhreise, iarratais le haghaidh tástalacha breise, nó, más mian leo, chun an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 20(1) chun a thuairim a fháil. Cuirfear cóipeanna de na doiciméid sin chuig an gCoimisiún. Beidh comhfhreagras den chineál sin faoi rún.’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

Oiriúnóidh an Coimisiún don dul chun cinn teicniúil Iarscríbhinn I agus Iarscribhínn II a ghabhann leis an Treoir seo agus na forálacha sin atá sna treoracha ar leith a chuirtear in iúl go sonrach i ngach aon cheann de na Treoracha sin. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo agus de threoracha leithleacha a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(2).’;

3)

leasaítear Airteagal 20 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3.

3.2.   Treoir 76/769/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le srianta ar shubstaintí agus ullmhóidí contúirteacha áirithe a mhargú agus a úsáid  (12)

Maidir le Treoir 76/769/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann léi a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 76/769/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, amhail an gá práinneach le srianta ar mhargú nó ar úsáid substaintí contúirteacha a threisiú, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 76/769/CEE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2a:

‘Airteagal 2a

Féadfaidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, chomh fada agus a bhaineann sé leis na substaintí agus na hullmhóidí a chumhdaítear leis an Treoir seo. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 2b(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 2b(3).’;

2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 2b

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 29(1) de Threoir 67/548/CEE ón gComhairle (13) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.3.   Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa  (14)

Maidir le Treoir 94/25/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe a dhéanamh, i bhfianaise dul chun cinn an eolais theicniúil agus bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 94/25/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 94/25/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6a:

‘Airteagal 6a

Féadfaidh an Coimisiún leasuithe a dhéanamh a mbeidh gá leo i bhfianaise an dul chun cinn san eolas teicniúil agus bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua do cheanglais Iarscríbhinn I.B.2 agus Iarscríbhinn I.C.1, cé is moite de mhodhnuithe díreacha agus neamhdhíreacha ar luachanna astaíochtaí sceite nó torainn agus ar luach Froude agus ar an gcóimheas Cumhacht/Toillíocht. Féadfar a áireamh ar na leasuithe sin na breoslaí tagartha agus na caighdeáin a bheidh le húsáid i gcomhair tástála ar astaíochtaí sceite agus torainn.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6b(2).’;

2)

cuirtear isteach an tAirteagal 6b seo a leanas:

‘Airteagal 6b

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú de bhun Airteagal 6(3) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.4.   Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le modhanna áirithe chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha de shnáithíní teicstíle  (15)

Maidir le Treoir 96/73/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun na modhanna anailíse cainníochtúla dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann léi a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Cuirtear, dá réir sin, an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 96/73/CE:

‘Airteagal 5

Oiriúnóidh an Coimisiún don dul chun cinn teicniúil na modhanna anailíse cainníochtúla dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II. Glacfar na bearta sin a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Airteagal 6

1.   Tabarfaidh an Coiste um Threoracha a bhaineann le Teicstílí a Ainmniú agus a Lipéadú cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.5.   Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hullmhóidí contúirteacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú  (16)

Maidir le Treoir 1999/45/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann léi a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/45/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 1999/45/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 10(3):

‘Maidir le hullmhóidí áirithe a aicmítear mar ullmhóidí contúirteacha de réir bhrí Airteagal 7, de mhaolú ar phointe 2.4, ar phointe 2.5 agus ar phointe 2.6 de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún díolúintí ó fhorálacha áirithe a chinneadh maidir le lipéadú comhshaoil nó ó fhorálacha sonracha a bhaineann le lipéadú comhshaoil, i gcás ina léirítear go mbeadh laghdú ar an tionchar ar an gcomhshaol. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20a(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt d'Airteagal 12(4):

‘I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh faoi chuimsiú Iarscríbhinn V. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20a(3).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(3):

‘3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20a(2).’;

4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

‘Airteagal 20

Oiriúnóidh an Coimisiún don dul chun cinn teicniúil na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20a(3).’;

5)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 20a

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 29(1) de Threoir 67/548/CEE ón gComhairle (17) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.6.   Treoir 2002/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2002 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth  (18)

Maidir le Treoir 2002/24/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann léi nó na forálacha atá sna treoracha ar leith dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann léi a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/24/CE nó de na treoracha ar leith a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2002/24/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

‘Airteagal 17

Féadfaidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo nó na forálacha atá sna treoracha ar leith dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo nó dá treoracha ar leith a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(2).’;

2)

leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3.

3.7.   Treoir 2003/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le cineálcheadú tarracóirí talmhaíochta nó tarracóirí foraoiseachta, a leantóirí agus innealra tarraingthe idirmhalartaithe, mar aon lena gcórais, lena gcomhpháirteanna agus lena n-aonaid theicniúla leithleacha  (19)

Maidir le Treoir 2003/37/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann léi agus na forálacha teicniúla atá sna treoracha ar leith a oiriúnú agus forálacha a bhaineann le cineálcheadú CE na n-aonad teicniúil leithleach a thabhairt isteach sna treoracha ar leith. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/37/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2003/37/CE mar seo a leanas:

1)

leasaítear Airteagal 19 mar seo a leanas:

(a)

I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an abairtín tosaigh:

‘1.   Na bearta seo a leanas, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, atá riachtanach chun an Treoir seo a chur chun feidhme agus a bhaineann leis an ábhar dá dtagraítear thíos, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3):’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Cuirfidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo in oiriúint más rud é go dtugtar isteach, de bhun Cinneadh 97/836/CE, rialacháin nua nó leasuithe nua ar rialacháin atá ann cheana arna nglacadh ag an gComhphobal. Glacfar na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

3.8.   Treoir 2004/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le huirlisí tomhais  (20)

Maidir le Treoir 2004/22/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta iomchuí a ghlacadh chun na hiarscríbhinní a ghabhann léi a bhaineann go sonrach le huirlisí a leasú (MI-001 go MI-010). Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/22/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2004/22/CE mar seo a leanas:

1)

leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 4.

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(2):

‘2.   Ar iarratas ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a bhaineann go sonrach le huirlisí (MI-001 go MI-010) a leasú maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

earráidí uasta incheadaithe (MPEanna) agus aicmí beachtais;

(b)

coinníollacha oibriúcháin rátaithe;

(c)

luachanna maidir le hathruithe criticiúla;

(d)

suaití.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(3).’.

4.   AN COMHSHAOL

4.1.   Treoir 76/160/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1975 maidir le cáilíocht uisce snámha  (21)

Maidir le Treoir 76/160/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún luach G agus luach I na bparaiméadar agus na modhanna anailíse a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann léi a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 76/160/CEE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 76/160/CEE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe sin is gá chun luach G agus luach I na bparaiméadar agus na modhanna anailíse a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).’;

2)

Leasaítear leis seo Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3.

4.2.   Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh  (22)

Maidir le Treoir 91/271/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na ceanglais a leagtar síos i gcuid A, i gcuid B agus i gcuid C d'Iarscríbhinn I a ghabhann léi a leasú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 91/271/CEE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 91/271/CEE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

‘2.   Comhlíonfaidh na córais bhailithe ar a ndéantar cur síos i mír 1 ceanglais cuid A d'Iarscríbhinn I. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais sin a leasú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(3):

‘3.   Déanfaidh aon sceitheadh ó ionaid chóireála fuíolluisce uirbigh ar a ndéantar cur síos i mír 1 agus i mír 2 na ceanglais ábhartha atá i gcuid B d'Iarscríbhinn I a shásamh. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais sin a leasú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3):

‘3.   Déanfaidh aon sceitheadh ó ionaid cóireála fuíolluisce uirbigh ar a ndéantar cur síos i mír 2 na ceanglais ábhartha atá i gcuid B d'Iarscríbhinn I a shásamh. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais sin a leasú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

4)

Leasaítear leis seo Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Scrúdóidh an Coimisiún an t-iarratas sin agus glacfaidh sé na bearta iomchuí i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 5:

‘I gcásanna den sórt sin cuirfidh na Ballstáit an doiciméadacht ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin roimh ré. Scrúdóidh an Coimisiún an cás agus glacfaidh sé na bearta iomchuí i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).’;

5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(2):

‘2.   Comhlíonfaidh na rialacháin agus/nó aon údarú sonrach na ceanglais atá i gcuid C d'Iarscríbhinn I. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais sin a leasú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   Beidh coinníollacha a shásóidh na ceanglais ábhartha atá i gcuid B d'Iarscríbhinn I ar áireamh i réamhrialacháin agus/nó in údarú sonrach a bhaineann le sceitheadh ó ionaid chóireála fuíolluisce uirbigh arna ndéanamh de bhun mhír 2 laistigh de cheirtleáin le coibhéis daonra idir 2 000 agus 10 000 i gcás sceite i bhfionnuiscí agus in inbhir, agus le coibhéis daonra 10 000 nó níos mó ná 10 000 i gcás gach cineál sceite. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais sin a leasú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(3).’;

7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(5):

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a cheapadh maidir leis an monatóireacht dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).’;

8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(4):

‘4.   Cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2), na modhanna agus na formáidí le glacadh chun tuairisciú a dhéanamh ar na cláir náisiúnta. Glacfar aon leasuithe ar na modhanna agus ar na formáidí sin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin.’;

9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3 d'Airteagal 18:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

4.3.   Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta  (23)

Maidir le Treoir 91/676/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann léi a oiriúnú nó a fhorlíonadh don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 91/676/CEE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 91/676/CEE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 agus Airteagal 8:

‘Airteagal 7

Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir leis an monatóireacht dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

Airteagal 8

Féadfaidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de phointe 2 d'Iarscríbhinn III:

‘I gcás go gceadaíonn Ballstát méid difriúil faoi phointe (b) den dara fomhír, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi agus scrúdóidh an Coimisiún an mbonn cirt i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2).’.

4.4.   Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le rialú astaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha (CSO) a thagann ó stóráil peitril agus óna dháileadh ó theirminéil go stáisiúin seirbhíse  (24)

Maidir le Treoir 94/63/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sonraíochtaí i gcomhair trealaimh luchtuithe ón mbonn aníos a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann léi a athchóiriú agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin, cé is moite de na luachanna teorann a leagtar síos i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 94/63/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 94/63/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír d'Airteagal 4(1):

‘Beidh na críochfoirt uile ag a bhfuil saoráidí luchtuithe do thancaeir bhóthair feistithe le droichead iompair amháin ar a laghad a shásóidh na sonraíochtaí i gcomhair trealaimh luchtuithe ón mbonn aníos a leagtar síos in Iarscríbhinn IV. Athscrúdóidh an Coimisiún na sonraíochtaí sin ag eatraimh rialta agus, más iomchuí, déanfaidh sé iad a athbhreithniú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Oiriúnú don dul chun cinn teicniúil

Cé is moite de na luachanna teorann a leagtar síos i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II féadfaidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(2).’;

3)

Leasaítear leis seo Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3.

4.5.   Treoir 96/82/CE ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le rialú guaiseacha mórthimpiste lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha  (25)

Maidir le Treoir 96/82/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn VI a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus critéir chomhchuibhithe a bhunú i gcomhair aon chinntí a ghlacfaidh údaráis inniúla na mBallstát darb éifeacht nach mbeidh sé d'acmhainn ag bunaíocht guais mhórthimpiste a chruthú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/82/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 96/82/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) d'Airteagal 9(6):

‘(b)

Bunóidh an Coimisiún critéir chomhchuibhithe i gcomhair chinntí an údaráis inniúil maidir le nach bhfuil bunaíocht in acmhainn guais mhórthimpiste a chruthú de réir bhrí fhomhír (a). Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 22(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2):

‘2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, a luaithe is atá an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 14 bailithe, an toradh a bheidh ar a gcuid anailísí agus moltaí ag úsáid foirm tuarascála arna bunú agus arna coimeád faoi athbhreithniú tríd an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Ní féidir moill a chur ar thuairisciú na faisnéise sin ag na Ballstáit ach amháin i gcás imeachtaí dlíthiúla a chríochnú más tuairisciú é a fhéadfadh difear a dhéanamh d'imeachtaí den sórt sin.’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

‘Airteagal 21

Téarmaí tagartha an Choiste

1.   Déanfaidh an Coimisiún na critéir dá dtagraítear in Airteagal 9(6)(b) agus in Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn VI a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

2.   Glacfar an beart maidir leis an bhfoirm tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 15(2) a tharraingt suas, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).’;

4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

‘Airteagal 22

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

4.6.   Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl  (26)

Maidir le Treoir 1999/31/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus bearta a ghlacadh chun na modhanna rialaithe, samplála agus anailíse a chaighdeánú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/31/CE a leasú a cheapfar iad inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 1999/31/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

An nós imeachta coiste

Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste arna chur ar bun le hAirteagal 18 de Threoir 2006/12/CE na bearta is gá chun na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus aon bhearta a bhaineann le caighdeánú na modhanna rialuithe, samplála agus anailíse a leasú maidir le líonadh talún le dramhaíl. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(3). Chuige sin, maidir le hIarscríbhinn II, tabharfaidh an Coiste aird ar na prionsabail ghinearálta agus ar na nósanna imeachta ginearálta a bhaineann le critéir thástála agus inghlacthachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus socróidh sé critéir shonracha agus/nó modhanna tástála agus na luachanna teorann gaolmhara do gach aon aicme líonta talún, lena n-áirítear, más gá, sainchineálacha líonta talún i ngach aicme, lena n-áirítear stóráil faoi thalamh.

Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in airteagal 17(2), forálacha chun na sonraí staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 11 a chomhchuibhiú agus a tharchur ar bhonn rialta agus leasóidh sé na forálacha sin nuair is gá, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin céanna.’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

4.7.   Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin nua phaisinéirí a chur ar an margadh  (27)

Maidir le Treoir 1999/94/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann léi a oiriúnú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 1999/94/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

1.   Na bearta is gá chun na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha di a leasú, glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3) tar éis dul i gcomhairle le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le páirtithe leasmhara eile.

Chun cuidiú leis an bpróiseas sin, tarchuirfidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún, faoin 31 Nollaig 2003, tuarascáil ar éifeachtúlacht fhorálacha na Treorach seo, a chumhdóidh an tréimhse ón 18 Eanáir 2001 go 31 Nollaig 2002. Bunófar formáid na tuarascála sin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) tráth nach déanaí ná an 18 Eanáir 2001.

2.   Le cois na mbeart dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún bearta a dhíreoidh orthu seo a leanas:

(a)

sonrú breise ar fhormáid an lipéid dá dtagraítear in Airteagal 3 trí Iarscríbhinn I a oiriúnú;

(b)

sonrú breise ar na ceanglais a bhaineann leis na treoracha dá dtagraítear in Airteagal 4 d'fhonn cineálacha nua carranna a aicmiú chun go bhféadfar liostú a dhéanamh ar na cineálacha carranna a chloíonn leis na hastaíochtaí CO2 agus caitheamh fuinnimh in aicmí sonraithe lena n-áirítear aicme ar leith chun liostú a dhéanamh ar na cineálacha carranna nua is éifeachtaí ó thaobh breosla;

(c)

moltaí a dhéanamh chun go bhféadfar prionsabail na bhforálacha maidir le litríocht tionscnaimh dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 a chur i bhfeidhm maidir le meáin agus ábhar eile.

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír i gcomhréir leis na nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’

4.8.   Treoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2000 maidir le dramhaíl a loscadh  (28)

Maidir le Treoir 2000/76/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún critéir a leagan síos le haghaidh na gceanglas a bhaineann leis an minicíocht i dtomhais thréimhsiúla áirithe a laghdú, chun an dáta a shocrú amhail óna ndéanfar luachanna teorann áirithe maidir le hastaíochtaí aeir a thomhas ar bhonn leanúnach, chun Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 13 agus Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a leasú d'fhonn iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil nó d'fhionnachtana nua a bhaineann le sochair sláinte ó laghduithe in astaíochtaí, agus chun na táblaí i bpointe 2.1 d'Iarscríbhinn II a oiriúnú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2000/76/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2000/76/CE mar seo a leanas:

1)

Leasaítear leis seo Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 7:

‘7.   Féadfaidh an t-údarás inniúil a údarú sa chead gur féidir an mhinicíocht i dtomhais thréimhsiúla i gcomhair trom-mhiotal a laghdú ó dhá uair sa bhliain go huair amháin gach dhá bhliain agus i gcomhair dé-ocsainí agus fúrán ó dhá uair sa bhliain go huair amháin in aghaidh na bliana ar choinníoll go mbeidh na hastaíochtaí a eascraíonn ó chomhloscadh nó ó loscadh faoi bhun 50 % de na luachanna teorann astaíochta arna gcinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II nó le hIarscríbhinn V faoi seach agus ar choinníoll go mbeidh critéir ar fáil a bhaineann leis na ceanglais a bheidh le comhlíonadh. Glacfaidh an Coimisiún bearta lena leagtar síos na critéir sin, bunaithe ar a laghad ar fhorálacha phointe (a) agus phointe (d) den dara fomhír. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(2).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

‘13.   Cinnfidh an Coimisiún, a luaithe a bheidh teicníochtaí cuí tomhais ar fáil laistigh den Chomhphobal, an dáta óna gcuirfear na tomhais leanúnacha ar luachanna teorann astaíochtaí aeir i gcrích i gcomhair trom-mhiotal, dé-ocsainí agus fúrán i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Oiriúnú don dul chun cinn teicniúil nó d'fhionnachtana nua

Glacfaidh an Coimisiún bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú agus chun Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 13 agus Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil nó d'fhionnachtana nua a bhaineann le sochair sláinte ó laghduithe in astaíochtaí i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(2).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

‘Airteagal 17

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe II.2.1 d'Iarscríbhinn II:

‘I gcás ina bhfuil luachanna teorann níos déine maidir le hastaíochtaí a leagtar síos i gcomhair mórghléasraí dócháin i dTreoir 2001/80/CE nó a leagfar síos i reachtaíocht eile Chomhphobail, gabhfaidh na luachanna teorann astaíochta sin, i gcás na ngléasraí agus na dtruailleán lena mbaineann, ionad na luachanna teorann astaíochta a leagtar síos sna táblaí seo a leanas (C-próiseas). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún na táblaí sin a oiriúnú do na luachanna níos déine seo maidir le teorainneacha astaíochtaí. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, gan mhoill, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 17(2).’.

4.9.   Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú  (29)

Maidir le Treoir 2002/49/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún pointe 3 d'Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann léi a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus modhanna comhchoiteanna measúnaithe a bhunú . Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/49/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2002/49/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2):

‘2.   Bunóidh an Coimisiún, trí athbhreithniú ar Iarscríbhinn II, modhanna comhchoiteanna measúnaithe chun luach Lden agus luach Lnight a chinneadh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3). Go dtí go nglacfar na bearta sin, féadfaidh na Ballstáit modhanna oiriúnaithe measúnaithe a úsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus bunaithe ar na modhanna a leagtar síos ina gcuid reachtaíochta féin. I gcás dá leithéid, ní mór do na Ballstáit a léiriú go mbíonn na torthaí ar na modhanna sin coibhéiseach leis na torthaí a fhaightear trí na modhanna a leagtar amach i mír 2(2) d'Iarscríbhinn II.’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

Oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch

Oiriúnóidh an Coimisiún pointe 3 d'Iarscríbhinn I chomh maith le hIarscribhinn II agus Iarscribhínn III a ghabhann leis an Treoir seo don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt den abairtín tosaigh d'Iarscríbhinn III:

‘Beidh baint shonrach ag an gcaidreamh idir dáileog/éifeacht a thabharfar isteach le hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an Iarscríbhinn seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3) leis na nithe seo a leanas:’.

4.10.   Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus le hinrianaitheacht bia agus táirgí beathaithe a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe  (30)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún córas chun aitheantóirí uathúla a fhorbairt agus a shannadh do GMOanna a bhunú agus a oiriúnú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú a cheapfar iad, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Aitheantóirí uathúla

Déanfaidh an Coimisiún:

(a)

sula gcuirfear Airteagal 1 go hAirteagal 7 i bhfeidhm, córas a bhunú chun aitheantóirí uathúla a fhorbairt agus a shannadh do GMOanna;

(b)

an córas dá bhforáiltear i bpointe (a) a oiriúnú de réir mar is cuí.

Glacfar na bearta dá bhforáiltear sa chéad mhír, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Agus é sin á dhéanamh, cuirfear forbairtí i bhfóraim idirnáisiúnta san áireamh.’;

2)

Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 4.

4.11.   Treoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le hastaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha a theorannú, ar astaíochtaí iad a éiríonn as úsáid tuaslagóirí orgánacha i bpéinteanna agus i vearnaisí áirithe agus i dtáirgí ath-bhailchríochnaithe feithiclí  (31)

Maidir le Treoir 2004/42/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn III a ghabhann léi a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/42/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2004/42/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

Oiriúnú don dul chun cinn teicniúil

Oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinn III chun an dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

4.12.   Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le gáis áirithe cheaptha teasa fluairínithe  (32)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 842/2006, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na ceanglais chaighdeánacha a bhaineann le seiceálacha ar sceitheadh, agus na mioncheanglais agus na coinníollacha i gcomhair aitheantais fhrithpháirtigh maidir le cláir oiliúna agus deimhniúchán a bhunú, agus ceanglais bhreise a ghlacadh maidir le lipéadú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 a leasú a cheapfar iad, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(7):

‘7.   Bunóidh an Coimisiún na ceanglais chaighdeánacha a bhaineann le seiceálacha ar sceitheadh maidir le gach ceann de na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

‘1.   Bunóidh an Coimisiún, bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit agus i gcomhairle leis na hearnálacha ábhartha, na mioncheanglais agus na coinníollacha i gcomhair aitheantais fhrithpháirtigh maidir le cláir oiliúna agus deimhniúchán do na cuideachtaí agus don phearsanra ábhartha a bhfuil baint acu le suiteáil, le cothabháil nó le seirbhísiú an trealaimh agus na gcóras a chumhdaítear le hAirteagal 3(1), agus don phearsanra a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(3):

‘3.   Bunófar foirm an lipéid a bheidh le húsáid i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Glacfar ceanglais lipéadaithe sa bhreis ar na ceanglais sin a leagtar amach i mír 1, más iomchuí. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Sula gcuirfidh an Coimisiún togra os comhair an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 12(1), déanfaidh sé athbhreithniú ar a inmhianaithe atá sé faisnéis bhreise ar an gcomhshaol a áireamh ar na lipéid, lena n-áirítear an acmhainn téimh domhanda, agus aird chuí á tabhairt ar na scéimeanna lipéadaithe is infheidhme cheana maidir leis na táirgí agus an trealamh dá dtagraítear i mír 2.’;

4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

4.13.   Treoir 2006/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cáilíocht fionnuiscí ar gá iad a chosaint nó a fheabhsú chun tacú leis an iascra  (33)

Maidir le Treoir 2006/44/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún luachanna G na bparaiméadar, agus na modhanna anailíse, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann léi a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/44/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2006/44/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

Glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun luachanna G na bparaiméadar, agus na modhanna anailíse, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2).’;

2)

Leasaítear leis seo Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3.

4.14.   Treoir 2006/113/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gcáilíocht is gá d'uiscí sliogéisc  (34) .

Maidir le Treoir 2006/113/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún luachanna G na bparaiméadar, agus na modhanna anailíse, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann léi a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/113/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Cuirtear, dá réir sin, an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12 de Threoir 2006/113/CE mar seo a leanas:

‘Airteagal 12

Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an gCoiste arna chur ar bun le hAirteagal 13(1) de Threoir 2006/44/CE, na bearta is gá chun luachanna G na bparaiméadar, agus na modhanna anailíse, a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Glacfar na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Threoir 2006/44/CE.’

5.   EUROSTAT

5.1.   Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air  (35)

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Iarscríbhinn a ghabhann leis a oiriúnú don dul chun cinn eacnamaíoch agus teicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CEE) Uimh. 696/2002 a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 agus Airteagal 6:

‘Airteagal 5

Tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 4, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(2), Ballstát a údarú aonaid eile staidrimh ón gcóras táirgthe a úsáid.

Airteagal 6

Glacfaidh an Coimisiún na bearta chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta a cheapfar chun oiriúniú don dul chun cinn eacnamaíoch agus teicniúla a bhaineann, go háirithe, le haonaid staidrimh an chórais tairgíochta, na critéir a úsáidfear agus na sainmhínithe a shonraítear san Iarscríbhinn. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.2.   Treoir 95/57/CE ón gComhairle an 23 Samhain 1995 maidir le faisnéis staidrimh i réimse na turasóireachta a bhailiú  (36)

Maidir le Treoir 95/57/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sainmhínithe a rachaidh i bhfeidhm ar shaintréithe bailithe sonraí agus aon choigeartuithe don liosta saintréithe bailithe sonraí sin a chinneadh, na híoscheanglais bheachtais is gá le haghaidh na dtorthaí a ghlacadh, na nósanna imeachta chun próiseáil chomhchuibhithe laofachtaí córasacha a áirithiú agus rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis a phróiseáil, a ghlacadh. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 95/57/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 95/57/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

‘2.   Is é an Coimisiún a chinnfidh na sainmhínithe a rachaidh i bhfeidhm ar shaintréithe bailithe sonraí agus aon choigeartuithe don liosta saintréithe bailithe sonraí. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(1):

‘1.   Áireofar leis an mbailiú faisnéise sonraí, i gcás inar féidir é, go gcomhlíonann na torthaí na híoscheanglais bheachtais is gá. Glacfaidh an Coimisiún na ceanglais sin agus na nósanna imeachta chun laofachtaí córasacha a áirithiú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(2). Cinnfear na híoscheanglais bheachtais ag tagairt go háirithe do lóistíní bliantúla thar oíche ag leibhéal náisiúnta.’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Próiseáil sonraí

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis arna bailiú faoi Airteagal 3 i gcomhréir leis na ceanglais bheachtais dá dtagraítear in Airteagal 4, agus na rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gCoimisiún, a phróiseáil. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(2). Beidh an leibhéal réigiúnach i gcomhréir leis an Ainmníocht Aonad Críochach le haghaidh Staidrimh (NUTS) de chuid Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach.’;

4)

in Airteagal 7(3), cuirtear na focail ‘Airteagal 12(1)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 12.’;

5)

in Airteagal 9, cuirtear na focail ‘Airteagal 12(1)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 12.’;

6)

cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 11:

‘Na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 6, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Glacfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 9 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(1).’;

7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(2):

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

5.3.   Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d'Aonaid Chríochacha le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú  (37)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na haonaid riaracháin a úsáidtear le haghaidh rangú NUTS a leasú, imeacht ó thairsí daonra i gcás roinnt aonad neamhriaracháin, aonaid bheaga riaracháin a leasú chun críocha NUTS 3, agus rangú NUTS a leasú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 mar seo a leanas:

1)

Leasaítear leis seo Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Leagtar síos in Iarscríbhinn II na haonaid riaracháin atá ann cheana agus a úsáidtear le haghaidh rangú NUTS. Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn II, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 5:

‘Féadfaidh cuid de na haonaid neamhriaracháin, áfach, imeacht ó na táirsigh sin de bharr cúinsí geografacha, socheacnamaíocha, stairiúla, cultúrtha nó comhshaoil, go háirithe ar na hoileáin agus sna réigiúin is forimeallaí. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

2)

in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn III, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

3)

Leasaítear leis seo Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 4:

‘4.   Glacfar leasuithe ar rangú NUTS sa dara leath den bhliain féilire, tráth nach minice ná gach trí bliana, ar bhonn na gcritéar arna leagan síos in Airteagal 3. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Nuair a dhéanfar leasú ar rangú NUTS, tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann an amshraith don mhiondealú réigiúnach nua, le cur in ionad na sonraí a tarchuireadh cheana. Sonróidh an Coimisiún an liosta amshraitheanna agus fad na n-amshraitheanna sin, agus a indéanta is atá sé iad a sholáthar á chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(2). Soláthrófar na hamshraitheanna sin laistigh de dhá bhliain ón leasú ar rangú NUTS.’;

4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.4.   Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC)  (38)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh a bhaineann le réimsí tánaisteacha sprice agus daoine aonair a áirítear sa tsampla tosaigh chomh maith le bearta lena gcuirtear athruithe eacnamaíocha agus teicniúla san áireamh. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2):

‘2.   Áireofar réimsí tánaisteacha sprice gach bliain ag tosú ó 2005 sa chomhpháirt thrasghearrthach amháin. Cumhdófar réimse tánaisteach amháin gach bliain. Na bearta lena sainmhínítear na réimsí sprice sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

‘3.   San fhad-chomhpháirt, leanfar na daoine aonair a áirítear sa sampla tosaigh, eadhon daoine samplacha, thar ré an phainéil. Leanfar gach pearsa samplach atá tar éis bogadh go dtí teaghlach príobháideach laistigh de na teorainneacha náisiúnta go dtí an láthair nua i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta rianaithe a shainmhíneoidh an Coimisiún. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

4)

Leasaítear leis seo Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar na focail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2);

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘5.   Na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3) ar a laghad 12 mhí roimh thús bhliain an tsuirbhé.’.

5.5.   Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir leis na cuntais eacnamaíocha talmhaíochta sa Chomhphobal  (39)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an mhodheolaíocht maidir leis na cuntais eacnamaíochta talmhaíochta (CET) sa Chomhphobal a uasdátú, an liosta athróga agus na teorainneacha ama le haghaidh tarchur sonraí i dtaca leis na cuntais sin. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(2):

‘2.   Déanfaidh an Coimisiún an mhodheolaíocht EAA a nuashonrú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3):

‘3.   Déanfaidh an Coimisiún an liosta athróg agus na teorainneacha ama le haghaidh tarchur na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a uasdátú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2).’;

3)

Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3.

5.6.   Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis an staidreamh Comhphobail ar shochaí na faisnéise  (40)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 808/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh chun na modúil a bhaineann le heilimintí amhail roghnú agus sonrú, coigeartú, modhnú ábhar agus a saintréithe, cuimsiú agus tréimhsiúlacht, dá bhforáiltear sa Rialachán sin a chur chun feidhme. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 a leasú cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Cuirtear, dá réir sin, an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 agus Airteagal 9 don Rialachán (CE) Uimh. 808/2004:

‘Airteagal 8

Bearta cur chun feidhme

1.   Baineann na bearta maidir le cur chun feidhme mhodúl an Rialacháin seo le roghnú agus sonrú, le coigeartú agus le modhnú ábhar agus a saintréithe, le cuimsiú, le tréimhsí tagartha agus le miondealuithe saintréithe, le tréimhsiúlacht agus le huainiú soláthar sonraí agus na spriocamanna le haghaidh tharchur na dtorthaí.

2.   Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme, lena n-áirítear bearta coigeartaithe agus uasdátaithe chun athruithe eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(2), agus acmhainní na mBallstát agus an t-ualach ar fhreagróirí, indéantacht mhodheolaíoch agus theicniúil agus iontaofacht na dtorthaí á gcur san áireamh.

3.   Glacfar na bearta cur chun feidhme ar a laghad naoi mí roimh thús tréimhse bailithe sonraí.

Airteagal 9

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

5.7.   Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch  (41)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta a shonrú, mar aon le hinneachar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht dó freisin na hiarscríbhinní a oiriúnú d'athruithe eacnamaíocha agus teicniúla. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a leasú a cheapfar iad, inter alia lena fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(3):

‘3.   Sonróidh an Coimisiún na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta, mar aon le hinneachar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta, agus, cuirfidh sé na himpleachtaí maidir leis an gcostas ar bhailiú agus ar thiomsú na sonraí á gcur san áireamh agus sin á dhéanamh aige, mar aon le hathruithe tábhachtacha a bhaineann le bailiú sonraí.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

Déanfaidh an Coimisiún le cúnamh ón gCoiste um Chomhardú na nÍocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1) cáilíocht na sonraí arna dtarchur a mheas bunaithe ar na tuarascálacha cáilíochta.

Seolfar measúnú sin an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa mar eolas.’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10 agus Airteagal 11:

‘Airteagal 10

Oiriúnú d'athruithe eacnamaíocha agus teicniúla

Na bearta seo a leanas a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, ar bearta iad atá riachtanach chun athruithe eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3):

(a)

na bearta chun sonraí a uasdátú, lena n-áirítear na sprioc-amanna don tíolacadh, mar aon le hathbhreithnithe, faduithe agus díchur na sreabh sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)

na bearta chun na sainmhínithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a uasdátú.

Airteagal 11

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Chomhardú na nÍocaíochtaí, (an Coiste) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   Féadfaidh an BCE freastal ar chruinnithe an Choiste i gcáil breathnadóra.’.

5.8.   Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2005 maidir le tiomsú cuntas ráithiúil neamhairgeadais de réir na hearnála institiúidí  (42)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún amchláir agus miondealuithe ar na hidirbhearta a bhunú, an t-am ag a ndéantar an tarchur sonraí a choigeartú, cionmhaireacht iomlán an Chomhphobail a choigeartú agus caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta a shainmhíniú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005 a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005 mar seo a leanas:

1)

leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún amchlár i gcomhair tharchur mhíreanna P.1, P.2, D.42, D.43, D.44, D.45, agus B.4G faoi seach agus aon chinneadh chun a cheangal ar an earnáil chontrapháirte miondealú a dhéanamh ar na hidirbhearta a liostaítear san Iarscríbhinn. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3). Ní ghlacfar aon chinneadh den sórt sin sula dtabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 9.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún an t-am ag a ndéantar an tarchur a shonraítear i mír 3 a choigeartú de chúig lá ar a mhéid. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3):

‘3.   Féadfaidh an Coimisiún cionmhaireacht (1 %) iomlán an Chomhphobail dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 8(3).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(1):

‘1.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá lena áirithiú go dtiocfaidh feabhas ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur le himeacht ama ionas go bhféadfar na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta a shainmhíneoidh an Coimisiún a chomhlíonadh. Na bearta sin, lena mbunaítear na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta sin agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3).’;

4)

scriostar Airteagal 7.

5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

6.   SOCHAÍ FAISNÉISE

6.1.   Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le réim Chomhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha  (43)

Maidir le Treoir 1999/93/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún critéir a bhunú do na Ballstáit ionas go bhféadfaidh siad a chinneadh ar cheart comhlacht a ainmniú lena chinneadh cibé an gcomhlíonann feistí slána i gcomhair cruthú sínithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/93/CE a cheapfar iad, trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear é a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 1999/93/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 3(4):

‘Cinnfidh comhlachtaí poiblí nó príobháideacha iomchuí arna n-ainmniú ag na Ballstáit cibé an gcomhlíonann na feistí slána i gcomhair cruthú sínithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III. Bunóidh an Coimisiún critéir do na Ballstáit ionas go bhféadfaidh siad a chinneadh cibé ar cheart comhlacht a ainmniú. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 9(3).’;

2)

in Airteagal 3(5) cuirtear na focail ‘in Airteagal 9(2)’ in ionad na bhfocal ‘in Airteagal 9’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shíniú Leictreonach cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

6.2.   Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhFearann Barrleibhéil ‘.eu’ a chur chun feidhme  (44)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 733/2002, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir agus an nós imeachta a bhunú chun an Chlárlann a ainmniú, agus rialacha maidir le beartas poiblí a bhaineann le Fearann Barrleibhéil (FBL) ‘.eu’ a chur chun feidhme agus a fheidhmiú mar aon leis na prionsabail bheartais phoiblí maidir le clárú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 a leasú a cheapfar iad, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun na critéir agus an nós imeachta maidir le hainmniú na Clárlainne a ghlacadh.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 3(1):

‘(a)

na critéir agus an nós imeachta a bhunú chun an Chlárlann a ainmniú. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 6(4).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

‘1.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gClárlann, glacfaidh an Coimisiún rialacha maidir le beartas poiblí a bhaineann le FBL ‘.eu’ a chur chun feidhme agus a fheidhmiú agus na prionsabail bheartais phoiblí maidir le clárú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3).

Áireofar sa bheartas poiblí:

(a)

beartas maidir le heasaontais a réiteach go seachbhreithiúnach;

(b)

beartas poiblí maidir le clárú amhantrach agus mí-úsáideach ainmneacha fearainn, lena n-áirítear an fhéidearthacht ainmneacha fearainn a chlárú ar bhealach céimnithe chun a áirithiú go mbeidh deiseanna sealadacha iomchuí ann do shealbhóirí réamhchearta a aitheantar nó a bhunaítear leis an dlí náisiúnta agus/nó Comhphobail agus do chomhlachtaí poiblí a n-ainmneacha a chlárú;

(c)

beartas maidir le cúlghairm fhéideartha ainmneacha fearainn, lena n-áirítear an cheist bona vacantia;

(d)

saincheisteanna teanga agus coincheapa geografacha;

(e)

cóireáil maoine intleachtúla agus cearta eile.’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Chumarsáid arna bhunú le hAirteagal 22(1) de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhréim rialúcháin i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Réim-Threoir) (45) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

7.   AN MARGADH INMHEÁNACH

Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le haitheantas cáilíochtaí gairmiúla  (46)

Maidir le Treoir 2005/36/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir is gá a leagan síos chun ardáin chomhchoiteanna a chruthú d'fhonn bearta chúitimh a tharscaoileadh. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2005/36/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2005/36/CE mar seo a leanas:

1)

leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

scriostar an dara habairt de phointe (c)(ii);

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Féadfaidh an Coimisiún an liosta in Iarscríbhinn II a oiriúnú chun oiliúint a shásaíonn ceanglais dá bhforáiltear i bpointe (c)(ii) den chéad mhír a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt den tríú fomhír d'Airteagal 13(2):

‘Féadfaidh an Coimisiún an liosta in Iarscríbhinn III a oiriúnú chun oideachas agus oiliúint rialaithe a sholáthraíonn caighdeán gairmiúil inchomórtais agus a ullmhaíonn an t-oiliúnaí do leibhéal inchomórtais cúraimí agus feidhmeanna, a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

3)

Leasaítear leis seo Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt de mhír 2:

‘Má tá an Coimisiún den tuairim, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, go n-éascaíonn dréachtchlár coiteann aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí gairmiúla, féadfaidh sé dréachtbhearta a thíolacadh d'fhonn iad a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Má mheasann Ballstát nach dtugann na critéir arna mbunú i mbeart a glacadh i gcomhréir le mír 2 ráthaíochtaí leordhóthanacha a thuilleadh maidir le cáilíochtaí gairmiúla, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, dréachtbheart chun go nglacfaí leis. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

‘Airteagal 20

Oiriúnú na liostaí gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn IV

Féadfaidh an Coimisiún na liostaí gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn IV a oiriúnú, atá mar ábhar aitheantais do thaithí ghairmiúil de bhun Airteagal 16 d'fhonn an ainmníocht a uasdátú nó a shoiléiriú, ar an gcoinníoll nach ngabhann sé le haon athrú sna gníomhaíochtaí a bhaineann leis na catagóirí leithleacha. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 21(6):

‘Féadfaidh an Coimisiún an t-eolas agus na scileanna dá dtagraítear in Airteagal 24(3), Airteagal 31(6), Airteagal 34(3), Airteagal 38(3), Airteagal 40(3) agus Airteagal 44(3) a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25(5):

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún na tréimhsí íosta oiliúna dá dtagraítear i bpointe 5.1.3 d'Iarscríbhinn V a leasú d'fhonn iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 26:

‘Féadfaidh an Coimisiún speisialtachtaí nua leighis is coiteann do dhá chúigiú de na Ballstáit ar a laghad a áireamh i bpointe 5.1.3 d'Iarscríbhinn V, d'fhonn an Treoir seo a uasdátú i bhfianaise na n-athruithe sa reachtaíocht náisiúnta. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 31(2):

‘Féadfaidh an Coimisiún an t-inneachar a liostaítear i bpointe 5.2.1 d'Iarscríbhinn V a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Glacfar an beart sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 34(2):

‘Féadfaidh an Coimisiún an t-inneachar a liostaítear i bpointe 5.3.1 d'Iarscríbhinn V a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 35(2):

‘Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse íosta oiliúna dá dtagraítear sa dara fomhír a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 38(1):

‘Féadfaidh an Coimisiún an t-inneachar a liostaítear i bpointe 5.4.1 d'Iarscríbhinn V a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 40(1):

‘Féadfaidh an Coimisiún an t-inneachar a liostaítear i bpointe 5.5.1 d'Iarscríbhinn V a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt den dara fomhír d'Airteagal 44(2):

‘Féadfaidh an Coimisiún an t-inneachar a liostaítear i bpointe 5.6.1 d'Iarscríbhinn V a leasú d'fhonn é a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre d'Airteagal 46(2):

‘Féadfaidh an Coimisiún an t-eolas agus na scileanna a liostaítear i mír 1 a leasú d'fhonn iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Glacfar an beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 58(3).’;

15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58:

‘Airteagal 58

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste um aitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

8.   SLÁINTE AGUS COSAINT TOMHALTÓIRÍ

8.1.   Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia mear-reoite mar bhia don duine  (47)

Maidir le Treoir 89/108/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir íonachta ar gá do na meáin chrióigineacha agus na nósanna imeachta samplála le haghaidh earraí bia mear-reoite a chomhall, na nósanna imeachta chun monatóireacht a dhéanamh ar theocht na n-earraí bia mear-reoite agus ar na teochtaí sna meáin iompair, sna hionaid ollstórála agus sna hionaid stórála, a chinneadh. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 89/108/CEE a cheapfar iad, trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 89/108/CEE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír de mhír 4:

‘Is é an Coimisiún a chinnfidh a mhéid is féidir, na critéir íonachta atá le comhall ag na meáin chrióigineacha sin. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

Is é an Coimisiún a chinnfidh na nósanna imeachta samplála le haghaidh earraí bia mear-reoite, na nósanna imeachta chun monatóireacht a dhéanamh ar theocht na n-earraí bia mear-reoite agus ar na teochtaí sna meáin iompair, sna hionaid ollstórála agus sna hionaid stórála. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(2).’;

3)

Leasaítear leis seo Airteagal 12 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3.

8.2.   Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le cothú a lipéadú ar earraí bia  (48)

Maidir le Treoir 90/496/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na forálacha is gá a ghlacadh i gcomhair athruithe ar liosta na vitimíní, mianraí agus a gcuid ciondálaí molta laethúla; chun sainmhíniú a thabhairt ar shnáithín agus ar na modhanna anailíse a bhaineann léi; d'fhorálacha lena ndéantar maímh chothaithe a shrianadh nó a thoirmeasc; i gcomhair leasuithe agus breisithe a bhaineann le liosta na gcatagóirí cothaitheach agus a bhfachtóirí coinbhéartachta; agus rialacha a bhunú a bhaineann leis an méid faisnéise is cóir a thabhairt agus an tslí ina gcuirtear an fhaisnéis sin in iúl ar earraí bia neamh-réamhphacáistithe. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 90/496/CEE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 90/496/CEE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 1(4)(a):

‘Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú agus lena n-athraítear an liosta vitimíní, mianraí agus a gcuid ciondálaí molta laethúla, glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

2)

sa tríú fomhír d'Airteagal 1(4)(b), cuirtear na focail ‘Airteagal 10(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 10’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j) d'Airteagal 1(4):

‘(j)

ciallaíonn “snáithín” an t-ábhar a shainmhíneoidh an Coimisiún, agus déanfar í a thomhas tríd an modh anailíse a chinnteoidh an Coimisiún. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Ní cheadófar ach na maímh sin faoi chothú a bhaineann le fuinneamh, leis na cothaithigh a liostaítear in Airteagal 1(4)(a)(ii) agus leis na substaintí atá i gcatagóir de na cothaithigh sin, nó atá ina gcomhpháirt de chatagóir de na cothaithigh sin. Féadfaidh an Coimisiún forálacha a ghlacadh lena gcuirtear srian nó toirmeasc ar mhaímh faoi chothú de réir bhrí an Airteagail seo. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2):

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar na fachtóirí coinbhéartachta dá dtagraítear i mír 1 agus lena gcuirtear substaintí atá i gcatagóir amháin de na cothaithigh sin, nó atá ina gcomhpháirt de chatagóir amháin de na cothaithigh sin dá dtagraítear ann agus a bhfachtóirí coinbhéartachta leis an liosta sa mhír sin d'fhonn luach fuinnimh earraí bia a ríomh i slí níos beaichte. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

6)

in Airteagal 6(3), cuirtear na focail ‘Airteagal 10(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 10’;

7)

in Airteagal 6(5)(b), cuirtear na focail ‘Airteagal 10(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 10’;

8)

sa dara fomhír d'Airteagal 6(8), cuirtear na focail ‘Airteagal 10(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 10’;

9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

I gcás earraí bia neamh-réamhphacáistithe a chuirtear ar díol don tomhaltóir deiridh nó d'oll-lónadóirí agus earraí bia a phacáistítear ag an díolphointe ar iarraidh an cheannaitheora nó a réamhphacáistítear d'fhonn iad a dhíol láithreach, féadfar an méid faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 4 agus an tslí ina dtugtar an fhaisnéis sin le fios a chinneadh leis an dlí náisiúnta go dtí go nglacfaidh an Coimisiún bearta Comhphobail faoi dheireadh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).’;

10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 d'Airteagal 10:

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

8.3.   Treoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia a chóireáiltear le radaíocht ianaíoch  (49)

Maidir le Treoir 1999/2/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha maidir le hionradaíocht bia a chur chun feidhme. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 1999/2/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar mhaithe le héifeachtacht, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann le nós imeachta rialúcháin lena mbaineann grinnscrúdú a ghiorrú chun glacadh le heisceachtaí áirithe do na rialacha a bhaineann le huaschiondálaí radaíochta le haghaidh earraí bia agus le haghaidh úsáide cóireála ionradaíochta i gcomhcheangal le cóireáil cheimiceach, chomh maith le glacadh ceanglais forlíontacha maidir le saoráidí ionradaíochta a fhormheas.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne a ghlacadh dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE le haghaidh leasuithe ar Threoir 1999/2/CE nó ar a treoir cur chun feidhme, trí mheán toirmeasc nó srianta i gcomparáid leis an staid dhlíthiúil roimhe sin a mhéid is gá chun cosaint na sláinte poiblí a áirithiú.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 1999/2/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2):

‘2.   Féadfaidh an Coimisiún eisceachtaí ó mhír 1 a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(4).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2):

‘2.   Ní thabharfar ceadú ach amháin i gcás saoráide:

a chomhlíonann ceanglais Chód Cleachtais Molta Idirnáisiúnta an Choimisiúin do Codex Alimentarius comhpháirteach FAO/WHO maidir le hoibriú na saoráidí ionradaíochta a úsáidtear chun bianna a chóireáil (tagairt FAO/WHO/CAC, Iml. XV, eagrán 1), agus aon cheanglas forlíontach a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(4),

a ainmníonn duine a mbeidh sé de chúram air na coinníollacha go léir is gá chun an próiseas a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh.’;

3)

in Airteagal 8(3), cuirtear na focail ‘Airteagal 12(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 12’;

4)

sa chéad fhomhír de phointe (a) d'Airteagal 9(2), cuirtear na focail ‘Airteagal 12(2)’ in ionad na bhfocal

5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle (50) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c) agus(4)(b) agus (e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

6)

in Airteagal 14(2), cuirtear na focail ‘Airteagal 12(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 12’;

7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

‘3.   Ní fhéadfaidh an Coimisiún oiriúnú a dhéanamh ar an Treoir seo ná ar a Treoir cur chun feidhme ach sa mhéid is gá chun cosaint na sláinte poiblí a áirithiú agus beidh sé teoranta ar aon nós do thoirmisc nó do shrianta i gcomparáid leis an staid dhlíthiúil roimhe sin. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 12(5) a úsáid.’.

8.4.   Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forlíontaí bia  (51)

Maidir le Treoir 2002/46/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha sonracha a ghlacadh maidir le vitimíní agus mianraí a úsáidtear mar fhorlíontaí bia, lena n-áirítear luachanna sonracha maidir le huasleibhéil agus le híosleibhéil vitimíní agus mianraí i bhforlíontaí bia, chomh maith lena gcritéir íonachta, a shocrú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/46/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun beart a ghlacadh lena ndíreofar ar úsáid vitimín nó mianra a ceadaíodh roimhe sin a thoirmeasc.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2002/46/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2):

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún na critéir íonachta maidir le substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag na critéir sin de bhun mhír 3. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(5):

‘5.   Glacfar na modhnuithe sin dá dtagraítear i mír 1, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(4) a úsáid chun vitimín nó mianra a bhaint den liosta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4):

‘4.   Glacfaidh an Coimisiún na huasmhéideanna agus na híosmhéideanna vitimíní agus mianra dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3).’

4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   Chun na fadhbanna a gcuirtear síos orthu i mír 1 a réiteach agus chun cosaint sláinte an duine a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún oiriúnuithe ar an Treoir seo nó ar na bearta cur chun feidhme a bhaineann leis. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(4) d'fhonn na hoiriúnuithe sin a ghlacadh. Féadfaidh an Ballstát a ghlac bearta cosanta iad a choinneáil sa chás sin go dtí go nglacfar na hoiriúnuithe.’;

5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (52) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

9.   FUINNEAMH AGUS IOMPAR

9.1.   Treoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach  (53)

Maidir le Treoir 91/672/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún liosta na dteastas máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a oiriúnú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 91/672/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 91/672/CEE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Más gá, tógfaidh an Coimisiún na céimeanna riachtanacha chun liosta na dteastas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha na Treorach seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

9.2.   Treoir 92/75/CEE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 1992 maidir le caitheamh fuinnimh agus acmhainní eile ag fearais tí a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánaithe faoin táirge  (54)

Maidir le Treoir 92/75/CEE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cineálacha eile fearas tí a chur leis an liosta a leagtar amach in Airteagal 1(1) de agus chun na bearta maidir le cineálacha fearas tí a liostaítear a ghlacadh. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 92/75/CEE a leasú a cheapfar iad, trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 92/75/CEE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2):

‘2.   Féadfar cineálacha eile fearas tí a chur leis an liosta san Airteagal seo. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(2):

‘2.   Sainmhíneofar mionsonraí i ndáil leis an lipéad agus an nóta cúlra le treoracha a bhaineann le gach cineál fearais arna nglacadh de bhun na Treorach seo. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Glacfaidh an Coimisiún, bearta i ndáil le bunú agus oibriú na scéime agus oiriúnóidh sé iad don dul chun cinn teicniúil, le treoracha cur chun feidhme agus trí fhearais bhreise tí a chur leis an liosta in Airteagal 1(1) áit ar féidir coigiltis shuntasacha fuinnimh a bhaint amach.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).’;

4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

9.3.   Treoir 96/50/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha chun teastais náisiúnta máistrí báid a fháil d'fhonn earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre  (55) .

Maidir le Treoir 96/50/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún foirm an teastais máistrí báid a oiriúnú maidir le forbairtí an eolais ghairmiúil is gá chun an teastas a eisiúint. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/50/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 96/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 96/50/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

Féadfaidh an Coimisiún gach céim is gá a thógáil d'fhonn foirm an teastais máistrí báid in Iarscríbhinn I a oiriúnú maidir le forbairtí an eolais ghairmiúil is gá chun an teastas a eisiúint agus a shonraítear in Iarscríbhinn II. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

1.   Tabharfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 7 de Threoir 91/672/CEE cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

9.4.   Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long paisinéirí ag oibriú isteach agus amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail  (56)

Maidir le Treoir 98/41/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha áirithe de a oiriúnú, gan a raon feidhme a leathnú, chun leasuithe ar Choinbhinsiún SOLAS i ndáil le córais chlárúcháin a tháinig i bhfeidhm ina dhiaidh sin a chur san áireamh. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 98/41/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 98/41/CE mar seo a leanas:

1)

leasaítear leis seo Airteagal 9 mar seo a leanas:

(a)

i bpointe (b) de mhír 3, cuirtear na focail ‘Airteagal 13(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 13’;

(a)

sa tríú fomhír de mhír 4, cuirtear na focail ‘Airteagal 13(2)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 13’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 12:

‘Gan dochar do na nósanna imeachta chun Coinbhinsiún SOLAS a leasú, féadfar an Treoir seo a leasú chun go n-áireofaí cur i bhfeidhm, chun críocha na Treorach seo agus gan a raon feidhme a leathnú, leasuithe iartheachtacha ar Choinbhinsiún SOLAS i ndáil le córais chlárúcháin a tháinig i bhfeidhm tar éis an Treoir seo a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (CSM) a bunaíodh le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (57), ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don alt seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

9.5.   Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord long agus d'iarmhair lasta  (58) .

Maidir le Treoir 2000/59/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann léi, an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 2(b) agus tagairtí d'ionstraimí Comhphobail agus d'ionstraimí IMO a oiriúnú, agus ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún freisin na hiarscríbhinní a leasú chun an córas a bunaíodh le Treoir 2000/59/CE a fheabhsú agus chun bearta Comhphobail nó IMO a thiocfaidh i bhfeidhm amach anseo a chur san áireamh chun a gcur chun feidhme comhchuibhithe a áirithiú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2000/59/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2000/59/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (CSM) a bunaíodh le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (59), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

An nós imeachta leasaithe

Féadfaidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo, an sainmhíniú in Airteagal 2(b) agus tagairtí d'ionstraimí Comhphobail agus d'ionstraimí IMO a oiriúnú chun go mbeidh siad ag luí le bearta Comhphobail nó le bearta IMO atá tar éis teacht i bhfeidhm, sa mhéid is nach leathnóidh a leithéid de leasuithe raon feidhme na Treorach seo.

Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a leasú nuair is gá chun an córas a bunaíodh leis an Treoir seo a fheabhsú, sa mhéid is nach leathnóidh a leithéid de leasuithe raon feidhme na Treorach seo.

Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Féadfar na leasuithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo de bhun Airteagal 5 de Rialachán(CE) Uimh. 2099/2002.’.

9.6.   Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear ceanglais agus nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le luchtú agus díluchtú sábháilte builciompróirí  (60)

Maidir le Treoir 2001/96/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún sainmhínithe áirithe chomh maith le tagairtí do choinbhinsiúin agus cóid idirnáisiúnta a oiriúnú, do Rúin agus do Chiorcláin IMO, do chaighdeáin ISO agus d'ionstraimí Comhphobail, chomh maith leis na hiarscríbhinní a ghabhann leo, chun na nósanna imeachta arna leagan síos sa Treoir a chur chun feidhme agus chun go mbeidh siad ag luí le hionstraimí idirnáisiúnta agus Comhphobail a glacadh, a leasaíodh nó a tháinig i bhfeidhm tar éis Treoir 2001/96/CE a ghlacadh, ar an gcoinníoll nach leathnófar leis sin raon feidhme na Treorach sin. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na nósanna imeachta a bhaineann le builciompróirí agus críochfoirt agus na hoibleagáidí tuairiscithe a leasú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/2001/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2001/96/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ar Longa a chosc (CSM) a bunaíodh le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (61).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(1) agus (2):

‘1.   Féadfar na sainmhínithe a leagtar amach i bpointe 1 go pointe 6 agus i bpointe 15 go pointe 18 d'Airteagal 3, na tagairtí do choinbhinsiúin agus do chóid idirnáisiúnta agus do Rúin agus do Chiorcláin IMO, na tagairtí do chaighdeáin ISO, na tagairtí d'ionstraimí Comhphobail, chomh maith leis na hiarscríbhinní a ghabhann leo, a leasú chun go mbeidh siad ag luí le hionstraimí idirnáisiúnta agus Comhphobail, a glacadh, a leasaíodh nó a tháinig i bhfeidhm tar éis an Treoir seo a ghlacadh, ar an gcoinníoll nach leathnófar leis sin raon feidhme na Treorach seo. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún Airteagal 8 agus na hiarscríbhinní le haghaidh cur chun feidhme na nósanna imeachta arna leagan síos sa Treoir seo a leasú, agus féadfaidh sé nuair atá na hoibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus Airteagal 12 á leasú nó á n-aisghairm, ar an gcoinníoll nach leathnóidh na forálacha sin raon feidhme na Treorach seo. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’.

9.7.   Treoir 2002/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag teacht isteach chuig agus/nó imeacht ó chalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail  (62)

Maidir le Treoir 2002/6/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún liostaí na bhfoirmiúlachtaí tuairiscithe a leasú, i leith long, sínitheoirí, sonraíochtaí teicniúla agus samplaí d'fhoirmeacha FAL na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO). Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún freisin tagairtí d'ionstraimí IMO a leasú chun go mbeidh Treoir 2002/6/CE ag luí le bearta Comhphobail nó le bearta IMO. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/6/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2002/6/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

An nós imeachta leasaithe

Glacfaidh an Coimisiún bearta lena n-oiriúnófar Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo chomh maith le tagairtí d'ionstraimí IMO chun go mbeidh siad ag luí le bearta Comhphobail nó le bearta IMO atá tar éis teacht i bhfeidhm, sa mhéid is nach leathnóidh a leithéid de leasuithe raon feidhme na Treorach seo. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (CSM) a bunaíodh le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 (63) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

9.8.   Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail.  (64) .

Maidir le Treoir 2002/30/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an liosta aerfort cathrach in Iarscríbhinn I a leasú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/30/CEE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2002/30/CE mar seo a leanas:

1)

leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a)

i bpointe (b) scriostar an abairt deiridh;

(b)

cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

‘Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a oiriúnú. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

9.9.   Treoir 2002/91/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh.  (65)

Maidir le Treoir 2002/91/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún codanna áirithe den réim ghinearálta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin maidir leis an dul chun cinn teicniúil, a oiriúnú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/91/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2002/91/CE mar seo a leanas:

1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Cuirfidh na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm, ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal réigiúnach, maidir le ríomh feidhmíochta fuinnimh i bhfoirgnimh ar bhonn na réime ghinearálta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. Oiriúnóidh an Coimisiún pointe 1 agus pointe 2 den Iarscríbhinn don dul chun cinn teicniúil, ag cur san áireamh na caighdeáin nó na noirm atá i bhfeidhm de bhun an dlí náisiúnta. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír in Airteagal 13:

‘I gcás aon leasuithe is gá chun pointe 1 agus pointe 2 den Iarscríbhinn a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, ar bearta iad a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

9.10.   Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais shonracha cobhsaíochta le haghaidh long róró paisinéirí  (66)

Maidir le Treoir 2003/25/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na ceanglais shonracha cobhsaíochta agus na treoirlínte táscacha a oiriúnú do riaracháin náisiúnta chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), agus chun éifeachtúlacht na Treorach a fheabhsú i bhfianaise na taithí agus an dul chun cinn theicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/25/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2003/25/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Oiriúnuithe

Féadfaidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a leasú chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), agus chun éifeachtúlacht na Treorach seo a fheabhsú i bhfianaise na taithí agus an dul chun cinn theicniúil. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (CSM) a bunaíodh le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (67) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

9.11.   Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthar d'iompar earraí agus paisinéirí  (68)

Maidir le Treoir 2003/59/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na leasuithe is gá chun na hiarscríbhinní a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/59/CE a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2003/59/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

Oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil

Na leasuithe is gá chun Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ar bearta iad a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(2).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

9.12.   Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibritheoirí aerárthaí  (69)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 785/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na méideanna i leith dliteanais i dtaca le paisinéirí, le bagáiste agus le lasta agus na méideanna i leith dliteanais i dtaca le tríú páirtithe, a oiriúnú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 785/2002 a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(5):

‘5.   Féadfar na luachanna dá dtagraítear san Airteagal seo a oiriúnú, de réir mar is cuí, i gcás ina léirítear leis na leasuithe ar na conarthaí idirnáisiúnta ábhartha go bhfuil gá leis sin. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 9(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2):

‘2.   Féadfar na luachanna dá dtagraítear san Airteagal seo a leasú, de réir mar is cuí, i gcás ina léiríonn na leasuithe ar na conarthaí idirnáisiúnta ábhartha go bhfuil gá leis sin. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 9(3).’;

3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.

9.13.   Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal  (70)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an iarscríbhinn a ghabhann leis, agus ina bhfuil forálacha le haghaidh na riarachán maidir le cur chun feidhme an chóid idirnáisiúnta sábháilteachta, a oiriúnú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 336/2002 a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 2006/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(2):

‘2.   Glacfar oiriúnaithe ar Iarscríbhinn II, ar bearta iad a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (CSM) a bunaíodh le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (71) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

9.14.   Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtacht fuinnimh na críochúsáide agus le seirbhísí fuinnimh  (72)

Maidir le Treoir 2006/32/CE, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún luachanna agus modhanna ríofa áirithe a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil; chun an réim ghinearálta le haghaidh coigilteas fuinnimh a thomhas a chóiriú agus a chomhlánú; an céatadán de ríomhaireachtaí comhchuibhithe ó bhun aníos arna n-úsáid i samhail ríofa chomhchuibhithe a ardú; agus chun foireann táscairí agus tagarmharcanna maidir le héifeachtacht fuinnimh chomhchuibhithe a fhorbairt. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/32/CE a leasú a cheapfar iad, inter alia trína forlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear leis seo, dá réir sin, Treoir 2006/32/CE mar seo a leanas:

1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

Athbhreithniú agus oiriúnú an dul chun cinn theicniúil

1.   Déanfar na luachanna agus modhanna ríofa dá dtagraítear in Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

2.   Roimh 1 Eanáir 2010, déanfaidh an Coimisiún pointe 2 go pointe 6 d'Iarscríbhinn IV a chóiriú agus a chomhlánú tuilleadh de réir mar is gá, ach an réim ghinearálta arna leagan amach san Iarscríbhinn sin á urramú aige. Déanfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha na Treorach seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

3.   Roimh 1 Eanáir 2012, ardóidh an Coimisiún an céatadán ríomhaireachtaí comhchuibhithe ó bhun aníos a úsáidtear sa tsamhail ríofa chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV, gan dochar do na scéimeanna náisiúnta sin a bhfuil céatadán níos airde in úsáid acu cheana féin. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3). Úsáidfear an tsamhail ríofa chomhchuibhithe nua le céatadán i bhfad níos airde ríomhaireachtaí ó bhun aníos amhail ón 1 Eanáir 2012.

I ngach cás inar praiticiúil agus nuair is féidir é, úsáidfear an tsamhail ríofa chomhchuibhithe nua dá dtagraítear sa chéad mhír chun an coigealteas iomlán thar thréimhse iomlán chur i bhfeidhm na Treorach seo a thomhas, gan dochar do na scéimeanna náisiúnta sin a úsáideann céatadán níos airde ríomhaireachtaí ó bhun aníos.

4.   Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2010, déanfaidh an Coimisiún foireann táscairí agus tagarmharcanna comhchuibhithe maidir le héifeachtacht fuinnimh atá bunaithe orthu a fhorbairt, agus sonraí atá ar fáil nó sonraí ar féidir a bhailiú ar bhealach atá costéifeachtúil ó gach Ballstát á gcur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3). Chun na táscairí agus tagarmharcanna comhchuibhithe maidir le héifeachtacht fuinnimh a fhorbairt, úsáidfidh an Coimisiún an liosta táscach a leagtar amach in Iarscríbhinn V mar threoir thagartha. Déanfaidh na Ballstáit na táscairí agus tagarmharcanna sin a chomhtháthú sna sonraí staidrimh a áirítear ina EEAPanna mar dá dtagraítear in Airteagal 14, agus úsáidfear iad mar cheann de na huirlisí a bheidh ar fáil dóibh chun na limistéir tosaíochta do na EEAPanna sa todhchaí a chinneadh.

Tráth nach déanaí ná an 17 Bealtaine 2011, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an dul chun cinn i socrú táscairí agus tagarmharcanna faoi bhráid na Parlaiminte.’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’.


(1)  IO L 66, 13.3.1999, lch. 26.

(2)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.’.

(3)  IO L 197, 3.8.2000, lch. 19.

(4)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.’.

(5)  IO L 183, 29.6.1989, lch. 1.

(6)  IO L 113, 30.4.1992, lch. 19.

(7)  IO L 177, 6.7.2002, lch. 13.

(8)  IO L 42, 15.2.2003, lch. 38.

(9)  IO L 159, 30.4.2004, lch. 1.

(10)  IO L 114, 27.4.2006, lch. 38.

(11)  IO L 262, 27.9.1976, lch. 153.

(12)  IO L 262, 27.9.1976, lch. 201.

(13)  IO 196, 16.8.1967, lch. 1.’.

(14)  IO L 164, 30.6.1994, lch. 15.

(15)  IO L 32, 3.2.1997, lch. 1.

(16)  IO L 200, 30.7.1999, lch. 1.

(17)  IO 196, 16.8.1967, lch. 1.’.

(18)  IO L 124, 9.5.2002, lch. 1.

(19)  IO L 171, 9.7.2003, lch. 1.

(20)  IO L 135, 30.4.2004, lch. 1.

(21)  IO L 31, 5.2.1976, lch. 1.

(22)  IO L 135, 30.5.1991, lch. 40.

(23)  IO L 375, 31.12.1991, lch. 1.

(24)  IO L 365, 31.12.1994, lch. 24.

(25)  IO L 10, 14.1.1997, lch. 13.

(26)  IO L 182, 16.7.1999, lch. 1.

(27)  IO L 12, 18.1.2000, lch. 16.

(28)  IO L 332, 28.12.2000, lch. 91.

(29)  IO L 189, 18.7.2002, lch. 12.

(30)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.

(31)  IO L 143, 30.4.2004, lch. 87.

(32)  IO L 161, 14.6.2006, lch. 1.

(33)  IO L 264, 25.9.2006, lch. 20.

(34)  IO L 376, 27.12.2006, lch. 14.

(35)  IO L 76, 30.3.1993, lch. 1.

(36)  IO L 291, 6.12.1995, lch. 32.

(37)  IO L 154, 21.6.2003, lch. 1.

(38)  IO L 165, 3.7.2003, lch. 1.

(39)  IO L 33, 5.2.2004, lch. 1.

(40)  IO L 143, 30.4.2004, lch. 49.

(41)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 23.

(42)  IO L 191, 22.7.2005, lch. 22.

(43)  IO L 13, 19.1.2000, lch. 12.

(44)  IO L 113, 30.4.2002, lch. 1.

(45)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

(46)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 22.

(47)  IO L 40, 11.2.1989, lch. 34.

(48)  IO L 276, 6.10.1990, lch. 40.

(49)  IO L 66, 13.3.1999, lch. 16.

(50)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.’;

(51)  IO L 183, 12.7.2002, lch. 51.

(52)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.’.

(53)  IO L 373, 31.12.1991, lch. 29.

(54)  IO L 297, 13.10.1992, lch. 16.

(55)  IO L 235, 17.9.1996, lch. 31.

(56)  IO L 188, 2.7.1998, lch. 35.

(57)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.’.

(58)  IO L 332, 28.12.2000, lch. 81.

(59)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.’;

(60)  IO L 13, 16.1.2002, lch. 9.

(61)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1..’;

(62)  IO L 67, 9.3.2002, lch. 31.

(63)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.’.

(64)  IO L 85, 28.3.2002, lch. 40.

(65)  IO L 1, 4.1.2003, lch. 65.

(66)  IO L 123, 17.5.2003, lch. 22.

(67)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.’

(68)  IO L 226, 10.9.2003, lch. 4.

(69)  IO L 138, 30.4.2004, lch. 1.

(70)  IO L 64, 4.3.2006, lch. 1.

(71)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.’.

(72)  IO L 114, 27.4.2006, lch. 64.


Innéacs croineolaíoch

(1)

Treoir 76/160/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1975 maidir le cáilíocht uisce snámha

(2)

Treoir 76/769/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le srianta ar shubstaintí agus ar ullmhóidí contúirteacha áirithe a mhargú agus a úsáid

(3)

Treoir 76/767/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forálacha coiteanna i leith soithí brú agus modhanna a n-iniúchta

(4)

Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia mear-reoite mar bhia don duine

(5)

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh

(6)

Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le cothú a lipéadú ar earraí bia

(7)

Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh

(8)

Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta

(9)

Treoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach

(10)

Treoir 92/29/CEE ón gComhairle an 31 Márta 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte i dtaca le cóir leighis níos fearr ar soithí

(11)

Treoir 92/75/CEE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 1992 maidir le caitheamh fuinnimh agus acmhainní eile ag fearais tí a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánaithe faoin táirge

(12)

Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air

(13)

Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa

(14)

Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le rialú astaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha (CSO) a thagann ó stóráil peitril agus óna dháileadh ó theirminéil go stáisiúin seirbhíse

(15)

Treoir 95/57/CE ón gComhairle an 23 Samhain 1995 maidir le faisnéis staidrimh i réimse na turasóireachta a bhailiú

(16)

Treoir 96/50/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha chun teastais náisiúnta máistrí báid a fháil d'fhonn earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre sa Chomhphobal

(17)

Treoir 96/82/CE ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le rialú guaiseacha mórthimpiste lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha

(18)

Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le modhanna áirithe chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha de shnáithíní teicstíle

(19)

Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d'iompar paisinéirí ag oibriú le dul isteach agus amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail

(20)

Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc de chaife agus le húisc de shiocaire

(21)

Treoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia a chóireáiltear le radaíocht ianaíoch

(22)

Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl

(23)

Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hullmhóidí contúirteacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú

(24)

Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le réim Chomhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha

(25)

Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin nua phaisinéirí a chur ar an margadh

(26)

Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus seacláide atá ceaptha mar bhia don duine

(27)

Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord long agus d'iarmhair lasta

(28)

Treoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2000 maidir le dramhaíl a loscadh

(29)

Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear na ceanglais agus na nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le luchtú agus díluchtú sábhailte builciompróirí

(30)

Treoir 2002/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag teacht isteach chuig agus/nó ag imeacht ó chalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail

(31)

Treoir 2002/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2002 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth

(32)

Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail

(33)

Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhFearann Barrleibhéil ‘.eu’ a chur chun feidhme

(34)

Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forlíontaí bia

(35)

Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú

(36)

Treoir 2002/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh) (an séú Treoir déag leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)

(37)

Treoir 2002/91/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

(38)

Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (torann) (an seachtú Treoir déag leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)

(39)

Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais shonracha cobhsaíochta le haghaidh long róró paisinéirí

(40)

Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d'Aonaid Chríochacha le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú

(41)

Treoir 2003/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le cineálcheadú tarracóirí talmhaíochta nó tarracóirí foraoiseachta, a leantóirí agus innealra tarraingthe idirmhalartaithe, mar aon lena gcórais, lena gcomhpháirteanna agus lena n-aonaid theicniúla leithleacha

(42)

Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC)

(43)

Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúnt thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthar d'iompar earraí agus paisinéirí

(44)

Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus le hinrianaitheacht bia agus táirgí beathaithe a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe

(45)

Treoir 2004/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le huirlisí tomhais

(46)

Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibritheoirí aerárthaí

(47)

Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis an staidreamh Comhphobail ar shochaí na faisnéise

(48)

Treoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le hastaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha a theorannú, ar astaíochtaí iad a éiríonn as úsáid tuaslagóirí orgánacha i bpéinteanna agus i vearnaisí áirithe agus i dtáirgí ath-bhailchríochnaithe feithiclí

(49)

Treoir 2004/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (réimsí leictreamaighnéadacha) (an t-ochtú Treoir déag leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)

(50)

Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir leis na cuntais eacnamaíocha talmhaíochta sa Chomhphobal

(51)

Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch

(52)

Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2005 maidir le tiomsú cuntas ráithiúil neamhairgeadais de réir na hearnála institiúidí

(53)

Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le haitheantas cáilíochtaí gairmiúla

(54)

Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal

(55)

Treoir 2006/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (radaíocht optúil shaorga) (an naoú Treoir déag leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)

(56)

Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtacht fuinnimh na críochúsáide agus le seirbhísí fuinnimh

(57)

Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le gáis áirithe cheaptha teasa fluairínithe

(58)

Treoir 2006/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cáilíocht fionnuiscí ar gá iad a chosaint nó a fheabhsú chun tacú leis an iascra

(59)

Treoir 2006/113/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gcáilíocht is gá d'uiscí sliogéisc