13.8.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/14


RIALACHÁN (CE) Uimh. 763/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Iúil 2008

maidir le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ní foláir don Choimisiún (Eurostat) sonraí atá sách iontaofa, mionsonraithe agus comparáideach a bheith aige ar an daonra agus ar an tithíocht, ionas go gcuirfear ar chumas an Chomhphobail na cúraimí a shanntar dó a chomhlíonadh, go háirithe na cúraimí a shanntar dó le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 3 den Chonradh. Caithfear comparáideacht dhóthanach a áirithiú ar leibhéal an Chomhphobail maidir le modheolaíocht, sainmhínithe agus clár na sonraí staidrimh agus na meiteashonraí.

(2)

Tá gá le sonraí staidrimh tréimhsiúla ar an daonra agus ar phríomhthréithe teaghlaigh, sóisialta, eacnamaíocha agus tithíochta daoine chun staidéar a dhéanamh ar na beartais réigiúnacha, shóisialta agus chomhshaoil a dhéanann difear d'earnálacha áirithe den Chomhphobal agus chun sainmhíniú a dhéanamh orthu. Tá gá, go háirithe, le faisnéis mhionsonraithe faoin tithíocht a bhailiú mar thaca le gníomhaíochtaí éagsúla Comhphobail, amhail cur chun cinn an chuimsithe shóisialta agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcuimsiú sóisialta ar leibhéal réigiúnach, nó caomhnú an chomhshaoil agus cur chun cinn na héifeachtachta fuinnimh.

(3)

I bhfianaise na bhforbairtí modheolaíochta agus teicneolaíochta, ba cheart go sainaithneofaí na dea-chleachtais agus ba cheart go gcothófaí feabhsú na bhfoinsí sonraí agus na modheolaíochtaí a úsáidtear do dhaonáirimh sna Ballstáit.

(4)

Ba cheart go dtagródh na sonraí a úsáidtear don bhliain tagartha chéanna chun comparáideacht na sonraí a chuireann na Ballstáit ar fáil a áirithiú agus chun forléargais iontaofa a tharraingt suas ar leibhéal an Comhphobail.

(5)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (2), ar creat tagartha é d'fhorálacha an Rialacháin seo, is gá don bhailiú staidreamh prionsabail na neamhchlaontachta a chomhlíonadh, go háirithe an oibiachtúlacht agus an neamhspleáchas eolaíoch, chomh maith leis an trédhearcacht, leis an iontaofacht, leis an ábharthacht, leis an gcost-éifeachtúlacht agus leis an rúndacht staidrimh.

(6)

Déantar tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh a rialú le Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus le Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle an 11 Meitheamh 1990 maidir le sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (3). Áirithítear le bearta a dhéantar i gcomhréir leis na Rialacháin sin cosaint fhisiceach agus loighiciúil ar shonraí rúnda agus nach dtarlódh nochtadh neamhdhleathach nó úsáid neamhstaidrimh nuair a dhéantar staidreamh Comhphobail a chur ar fáil agus a scaipeadh.

(7)

Agus staidreamh Comhphobail á chur ar fáil agus á scaipeadh faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh agus do na húdaráis Chomhphobail staidrimh na prionsabail a chur san áireamh a leagtar amach sa Chód Cleachtais do Staidreamh Eorpach a ghlac an Coiste um an gClár Staidrimh an 24 Feabhra 2005, a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (4) ón gComhairle, agus atá i gceangal leis an Moladh ón gCoimisiún ar neamhspleáchas, ar ionracas agus ar fhreagracht na n-údarás náisiúnta staidrimh agus na n-údarás Comhphobail staidrimh.

(8)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon staidreamh comparáideach agus cuimsitheach Comhphobail ar an daonra agus ar an tithíocht a bhailiú agus a thiomsú, a bhaint amach go leordhóthanach de bharr easpa tréithe comhchoiteanna staidrimh agus ceanglas cáilíochta agus easpa trédhearcachta modheolaíochta, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, trí bhíthin comhchreata staidrimh, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(9)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5).

(10)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha a leagan amach chun na blianta tagartha ina dhiaidh sin a bhunú agus chun an clár sonraí staidrimh agus na meiteashonraí a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh 89/382/CEE, Euratom,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna chun sonraí cuimsitheacha a sholáthar ar an daonra agus ar an tithíocht gach tréimhse deich mbliana.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘daonra’ an daonra náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ag a ghnátháit chónaithe ar an dáta tagartha;

(b)

ciallaíonn ‘tithíocht’ áitreabh cónaithe agus foirgnimh chomh maith le socruithe tithíochta agus an bhaint atá ag an daonra leis an áitreabh cónaithe ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil ar an dáta tagartha;

(c)

ciallaíonn ‘foirgnimh’ foirgnimh bhuana a bhfuil áitreabh cónaithe iontu a cheaptar mar áit chónaithe do dhaoine, nó gnáth-theaghaisí a chuirtear i leataobh d'úsáid shéasúrach nó d'úsáid thánaisteach nó atá folamh;

(d)

ciallaíonn ‘gnátháit chónaithe’ an áit a gcaitheann duine an sos laethúil go hiondúil, is cuma é a bheith as láthair go sealadach chun críocha áineasa, saoire, cuairteanna ar chairde agus ar ghaolta, gnó, cóireála leighis nó oilithreachta reiligiúnaí.

Measfar gurb iad na daoine seo a leanas amháin na gnáthchónaitheoirí sa cheantar geografach a bheidh i gceist:

(i)

na daoine a bhfuil cónaí orthu ina ngnátháit chónaithe ar feadh tréimhse leanúnach dhá mhí dhéag ar a laghad roimh an dáta tagartha; nó

(ii)

na daoine a tháinig chun cónaí ina ngnátháit chónaithe sa dá mhí dhéag roimh an dáta tagartha agus é ar intinn acu fanacht ann ar feadh bliana ar a laghad.

I gcás nach féidir na himthosca a ndéantar cur síos orthu i bpointe (i) nó i bpointe (ii) a shuíomh, ciallóidh ‘gnátháit chónaithe’ an áit chónaithe dhlíthiúil nó an áit chónaithe chláraithe;

(e)

ciallóidh ‘dáta tagartha’ an dáta dá dtagraítear i sonraí an Bhallstáit iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán seo;

(f)

ciallóidh ‘náisiúnta’ ar chríoch Ballstáit;

(g)

ciallóidh ‘réigiúnach’ a bheith ar leibhéal NUTS 1, ar leibhéal NUTS 2 nó ar leibhéal NUTS 3, mar a shainmhínítear iad i rangú aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) sa leagan de a bheidh infheidhme ar an dáta tagartha;

(h)

ciallóidh ‘áitiúil’ ar leibhéal 2 de na hAonaid Riaracháin Áitiúil (LAU leibhéal 2);

(i)

ciallóidh ‘gnéithe riachtanacha daonáireamh agus áireamh tithíochta’ ríomh ar leith, comhuaineacht, uilíocht laistigh de chríoch shainithe, infhaighteacht sonraí limistéir bhig agus tréimhsiúlacht shainithe.

Airteagal 3

Sonraí a thíolacadh

Tíolacfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) sonraí ar an daonra a chuimseoidh tréithe cinntitheacha déimeagrafacha, sóisialta agus eacnamaíocha daoine, teaghlach agus líonta tí, chomh maith le sonraí ar an tithíocht ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 4

Foinsí Sonraí

1.   Féadfaidh na Ballstáit an staidreamh a bhunú ar fhoinsí difriúla sonraí, agus ar na foinsí seo a leanas go háirithe:

(a)

daonáirimh thraidisiúnta;

(b)

daonáirimh atá bunaithe ar chláir;

(c)

teaglaim de dhaonáirimh thraidisiúnta agus de shamplashuirbhéanna;

(d)

teaglaim de dhaonáirimh atá bunaithe ar chláir agus de shamplashuirbhéanna;

(e)

teaglaim de dhaonáirimh atá bunaithe ar chláir agus de dhaonáirimh thraidisiúnta;

(f)

teaglaim de dhaonáirimh bunaithe ar chláir, de shamplashuirbhéanna agus de dhaonáirimh thraidisiúnta; agus

(g)

suirbhéanna iomchuí a bhfuil samplaí ag baint leo de réir uainíochta (daonáireamh rollach).

2.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go sásófar ceanglais na cosanta sonraí. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'fhorálacha cosanta sonraí na mBallstát féin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas maidir le haon athbhreithnithe nó le ceartúcháin ar an staidreamh a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo, chomh maith le haon athrú ar na foinsí sonraí agus an mhodheolaíocht a roghnaíodh, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin sula gcuirfear na sonraí athbhreithnithe ar fáil.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na foinsí sonraí agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh na gnéithe riachtanacha de dhaonáirimh agus d'áirimh thithíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(i) iad, a shásamh, a mhéid is féidir. Deánfaidh siad iarrachtaí leanúnacha feabhas a chur ar an méid a chomhlíontar na gnéithe riachtanacha sin.

Airteagal 5

Tarchur sonraí

1.   Socróidh gach Ballstát dáta tagartha. Beidh an dáta tagartha i mbliain a shonrófar bunaithe ar an Rialachán seo (bliain tagartha). Is é 2011 an chéad bhliain tagartha. Bunóidh an Coimisiún (Eurostat) na blianta tagartha ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3). Is i dtús gach tréimhse deich mbliana a bheidh na blianta tagartha.

2.   Déanfaidh na Ballstáit sonraí críochnaitheacha, bailíochtaithe, comhiomlánaithe agus meiteashonraí mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat) laistigh de 27 mí ó dheireadh gach bliana tagartha.

3.   Glacfaidh an Coimisiún (Eurostat) clár de na sonraí staidrimh agus de na meiteashonraí staidrimh a bheidh le tarchur chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), sonraíochtaí teicniúla na n-ábhar mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo chomh maith le miondealuithe teicniúla ar na hábhair a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

5.   Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí bailíochtaithe chuig an gCoimisiún (Eurostat) i bhfoirm leictreonach. Glacfaidh an Coimisiún (Eurostat) an fhormáid theicniúil iomchuí a úsáidfear i dtarchur na sonraí riachtanacha, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

6.   I gcás athbhreithnithe nó ceartúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3), tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí modhnaithe chuig an gCoimisiún (Eurostat), tráth nach déanaí ná dáta eisithe na sonraí athbhreithnithe.

Airteagal 6

Measúnú cáilíochta

1.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na gnéithe measúnaithe cáilíochta seo a leanas maidir leis na sonraí a tharchuirfear:

déanfaidh ‘ábharthacht’ tagairt don mhéid a chomhlíonann staidreamh riachtanais reatha agus riachtanais ionchasacha úsáideoirí;

déanfaidh ‘cruinneas’ tagairt do ghaireacht na meastachán do na fíorluachanna anaithnide;

déanfaidh ‘tráthúlacht’ agus ‘poncúlacht’ tagairt don mhoill idir an tréimhse thagartha agus infhaighteacht na dtorthaí;

déanfaidh ‘inrochtaineacht’ agus ‘soiléireacht’ tagairt do na coinníollacha faoina bhféadfaidh úsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léiriú agus na modúlachtaí trína bhféadfaidh siad sin a dhéanamh;

déanfaidh ‘comparáideacht’ tagairt don mhéid tionchair atá ag difríochtaí i gcoincheapa feidhmeacha staidrimh agus in uirlisí tomhais agus i nósanna imeachta nuair a dhéantar comparáid ar staidreamh idir limistéir gheografacha, idir fearainn earnálacha nó thar thréimhse ama; agus

déanfaidh ‘comhchuibheas’ tagairt do leordhóthanacht na sonraí a chomhcheanglófar go hiontaofa ar bhealaí difriúla agus d'úsáidí éagsúla.

2.   Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar cháilíocht na sonraí a tharchuirfear a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat). Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil ar a mhéid a shásóidh na foinsí sonraí agus an mhodheolaíocht a roghnaíodh gnéithe riachtanacha na ndaonáireamh agus na n-áireamh tithíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(i) iad.

3.   Agus na gnéithe measúnaithe cáilíochta a leagtar síos i mír 1 á gcur i bhfeidhm ar na sonraí a chuimsítear faoin Rialachán seo, déanfar modúlachtaí agus struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta a shainiú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2). Measúnóidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí a tharchuirfear.

4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát, moltaí modheolaíochta a chur ar fáil a cheapfar chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a chuirfear ar fáil a áirithiú, ag aithint, go háirithe, na Moltaí ó Chomhdháil Staitiseoirí na hEorpa do Dhaonáireamh agus d'Áireamh Tithíochta 2010.

Airteagal 7

Bearta cur chun feidhme

1.   Glacfar na bearta seo a leanas is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2):

(a)

sonraíochtaí teicniúla na n-ábhar mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo iad chomh maith leis na miondealuithe ar na hábhair dá bhforáiltear in Airteagal 5(4);

(b)

formáid theicniúil iomchuí mar a fhoráiltear in Airteagal 5(5) a bhunú; agus

(c)

modúlachtaí agus struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta dá bhforáiltear in Airteagal 6(3).

2.   Na bearta seo a leanas is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3):

(a)

na blianta tagartha a shocrú de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 5(1); agus

(b)

clár na sonraí staidrimh agus na meiteashonraí staidrimh a ghlacadh, mar a fhoráiltear in Airteagal 5(3).

3.   Cuirfear san áireamh an prionsabal nach mór gur mó tairbhe na mbeart a ghlacfar ná a gcostais agus cuirfear san áireamh an prionsabal nach mór do chostais bhreise agus d'ualach breise fanacht laistigh de theorainn réasúnta.

Airteagal 8

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Iúil 2008

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Feabhra 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008.

(2)  IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(3)  IO L 151, 15.6.1990, lch 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(4)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(5)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(6)  IO L 154, 21.6.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 176/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 61, 5.3.2008, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Ábhair a chumhdófar sna Daonáirimh agus sna hÁirimh Tithíochta

1.

Ábhair dhaonra

1.1.

Ábhair éigeantacha do na leibhéil gheografacha: NUTS 3, LAU 2

1.1.1.

Ábhair neamhdhíorthaithe

Gnátháit chónaithe

Gnéas

Aois

Stádas pósta dlíthiúil

Tír/áit bhreithe

Tír shaoránachta

An tsean-ghnátháit chónaithe agus an dáta teachta san áit chónaithe reatha; nó an ghnátháit chónaithe bliain roimh an daonáireamh

Gaolta idir na daoine sa líon tí

1.1.2.

Ábhair dhíorthaithe

Daonra iomlán

Ceantar

Stádas lín tí

Stádas teaghlaigh

Cineál chroí an teaghlaigh

Méid chroí an teaghlaigh

An cineál lín tí phríobháidigh

Méid an lín tí phríobháidigh

1.2.

Ábhair éigeantacha do na leibhéil gheografacha: leibhéal náisiúnta, NUTS 1, NUTS 2

1.2.1.

Ábhair neamhdhíorthaithe

Gnátháit chónaithe

Suíomh na háite oibre

Gnéas

Aois

Stádas pósta dlíthiúil

Stádas gníomhaíochta reatha

Gairm bheatha

Tionscal (brainse gníomhaíochta eacnamaíochta)

Stádas fostaíochta

Gnóthachtáil oideachais

Tír/áit bhreithe

Tír shaoránachta

Cónaí thar lear agus dáta teachta sa tír (ó 1980)

An tsean-ghnátháit chónaithe agus an dáta teachta san áit chónaithe reatha nó an ghnátháit chónaithe bliain roimh an daonáireamh

Gaolta idir na daoine sa líon tí

Stádas tionachta na líonta tí

1.2.2.

Ábhair dhíorthaithe

Daonra iomlán

Ceantar

Stádas sa líon tí

Stádas sa teaghlach

Cineál chroí an teaghlaigh

Méid chroí an teaghlaigh

An cineál lín tí phríobháidigh

Méid an lín tí phríobháidigh

2.

Ábhair thithíochta

2.1.

Ábhair éigeantacha do na leibhéil gheografacha: NUTS 3, LAU 2

2.1.1.

Ábhair neamhdhíorthaithe

An cineál áitribh chónaithe

Suíomh an áitribh chónaithe

Stádas áitíochta na dteaghaisí traidisiúnta

Líon na n-áititheoirí

Spás urláir inúsáide agus/nó líon seomraí sna haonaid tithíochta

Teaghaisí de réir cineáil foirgnimh

Teaghaisí de réir tréimhse tógála

2.1.2

Ábhair dhíorthaithe

Caighdeán dlúis

2.2

Ábhair éigeanteacha do na leibhéil gheografacha: leibhéal náisiúnta, NUTS 1, NUTS 2

2.2.1

Ábhair neamhdhíorthaithe

Socruithe tithíochta

An cineál áitribh chónaithe

Suíomh na n-áitreabh cónaithe

Stádas áitíochta na dteaghaisí traidisiúnta

Cineál úinéireachta

Líon na n-áititheoirí

Spás urláir inúsáide agus/nó líon seomraí sna haonaid tithíochta

Córas soláthair uisce

Saoráidí leithris

Saoráidí folctha

Cineál téimh

Teaghaisí de réir cineáil foirgnimh

Teaghaisí de réir tréimhse tógála

2.2.2.

Ábhair dhíorthaithe

Caighdeán dlúis