4.7.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 592/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Meitheamh 2008

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle maidir le scéimeanna slándála sóisialta a chur i bhfeidhm ar dhaoine fostaithe, ar dhaoine féinfhostaithe agus ar bhaill dá dteaghlaigh ag gluaiseacht dóibh laistigh den Chomhphobal

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 308 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D'fhonn athruithe reachtacha i mBallstáit áirithe a chur san áireamh, ní mór roinnt áirithe de na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (3) a oiriúnú.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar Iarscríbhinní I, II, IIa, III, IV, VI, agus VIII a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Meitheamh 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G.PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  Tuairim an 25 Deireadh Fómhair 2007 (IO C 44, 16.2.2008, lch. 106).

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008.

(3)  IO L 149, 5.7.1971, lch. 2. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1992/2006 (IO L 392, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear leis seo na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 mar seo a leanas:

1.

leasaítear Iarscríbhinn I mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘J. ÉIRE’ i gcuid I:

‘1.

Measfar aon duine atá árachaithe go héigeantach nó go saorálach de bhun fhorálacha Alt 12, Alt 24, agus Alt 70 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005 a bheith ina dhuine fostaithe de réir bhrí Airteagal 1(a)(ii) den Rialachán.

2.

Measfar aon duine atá árachaithe go héigeantach nó go saorálach de bhun fhorálacha Alt 20 agus Alt 24 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005 a bheith ina dhuine féinfhostaithe de réir bhrí Airteagal 1(a)(ii) den Rialachán.’;

(b)

leasaítear cuid II mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘J. ÉIRE’:

‘D’fhonn an ceart chun sochar comhchineáil i leith breoiteachta nó máithreachais a chinneadh i bhfeidhmiú an Rialacháin, ciallóidh an téarma ‘ball den teaghlach’ aon duine a mheastar a bheith ina chleithiúnaí ar dhuine fostaithe nó ar dhuine féinfhostaithe d‘fheidhmiú na nAchtanna Sláinte 1947-2004.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘P. AN UNGÁIR’:

‘D’fhonn teidlíocht chun sochar comhchineáil a chinneadh de bhun fhorálacha Chaibidil 1 de Theideal III den Rialachán seo, ciallaíonn ‘ball den teaghlach céile nó leanbh cleithiúnach arna sainmhíniú ag Airteagal 685(b) den Chód Sibhialta.’;

2.

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘I. AN FHRAINC’ i gcuid I:

‘Scéimeanna forlíontacha sochair do dhaoine féinfhostaithe i gceirdeanna ceardaíochta, i slite beatha tionsclaíochta nó tráchtála nó sna saorghairmeacha, scéimeanna forlíontacha árachais seanaoise do dhaoine féinfhostaithe sna saorghairmeacha, scéimeanna forlíontacha árachais do dhaoine féinfhostaithe sna saorghairmeacha lena gcumhdaítear easláine nó bás, agus scéimeanna forlíontacha sochair seanaoise do liachleachtóirí agus do chúntóirí faoi chonradh, dá dtagraítear faoi seach in Airteagail L. 615-20, L. 644-1, L. 644-2, L. 645-1 agus L. 723-14 den Chód Slándála Sóisialta.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘T. AN PHOLAINN’ i gcuid II:

‘Deontas breithe aoníocaíochta (an tAcht um Shochair Teaghlaigh).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘J. ÉIRE’ in Iarscríbhinn IIa:

‘(a)

Liúntas cuardaitheora poist (an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, Cuid 3, Caibidil 2);

(b)

Pinsean stáit (neamhranníocach) (an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, Cuid 3, Caibidil 4);

(c)

Pinsean baintrí (neamhranníocach) agus pinsean baintrí fir (neamhranníocach) (an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, Cuid 3, Caibidil 6);

(d)

Liúntas míchumais (an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, Cuid 3, Caibidil 10);

(e)

Liúntas soghluaiseachta (an tAcht Sláinte 1970, Alt 61);

(f)

Pinsean dall (an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, Cuid 3, Caibidil 5).’;

4.

leasaítear Iarscríbhinn III, cuid A mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin ceannteideal ‘AN GHEARMÁIN-AN UNGÁIR’ i bpointe 16:

‘(a)

Airteagal 40(1)(b) den Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 2 Bealtaine 1998;

(b)

pointe 16 den Phrótacal Clabhsúir a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘AN UNGÁIR-AN OSTAIR’ i bpointe 28:

‘Airteagal 36(3) den Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 31 Márta 1999.’;

5.

leasaítear Iarscríbhinn IV mar seo a leanas:

(a)

leasaítear cuid A mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘J. ÉIRE’:

‘Cuid 2, Caibidil 17 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005.’;

(ii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas faoin gceannteideal ‘R. AN ÍSILTÍR’:

‘(c)

de Wet werk en inkomen naar arbeidsvermogen (an tAcht um Obair agus Ioncam de réir Cumais Saothair) (WIA) an 10 Samhain 2005.’;

(b)

leasaítear cuid C mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘P. AN UNGÁIR’:

‘Ní chumhdaítear duine ar bith.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘S. AN OSTAIR’:

‘1.

Na hiarratais go léir ar shochar faoin Allgemeines Sozialversicherungsgesetz (an tAcht um Shlándáil Shóisialach Ghinearálta) (ASVG), faoin Gewerbliches Sozialversicherungsgesetz (an tAcht um Shlándáil Shóisialach do Dhaoine atá Gníomhach sa Tionsclaíocht) (GSVG) agus faoin Bauern-Sozialversicherungsgesetz (an tAcht um Shlándáil Shóisialach d'Fheirmeoirí) (BSVG), sa mhéid is nach bhfuil feidhm ag Airteagal 46b ná ag Airteagal 46c den Rialachán.

2.

Na hiarratais go léir ar na sochair seo a leanas ar bhonn cuntais phinsin faoin Allgemeines Pensionsgesetz (an tAcht um Pinsin Ghinearálta) (APG), sa mhéid is nach bhfuil feidhm ag Airteagal 46b ná ag Airteagal 46c den Rialachán:

(a)

pinsin seanaoise;

(b)

pinsin easláine;

(c)

pinsin mharthanóirí, ach amháin nach ndéanfar aon mhéadú ar an sochar a ríomh ar bhonn míonna árachais breise faoi Airteagal 7(2) den APG’;

6.

leasaítear Iarscríbhinn VI mar seo a leanas:

(a)

leasaítear mar seo a leanas an téacs faoin gceannteideal ‘D. AN DANMHAIRG’:

(i)

scriostar na focail ‘an 20 Nollaig 1989’ i bpointe 6;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

‘11.

Tagann an sochar idirthréimhseach a íoctar le daoine dífhostaithe a thairbhigh den scéim “flexjob” (ledighedsydelse) (de bhun an Achta um Beartas Sóisialta Gníomhach) faoi réim Theideal III, Caibidil 6 (sochair dífhostaíochta). Maidir le daoine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 69 agus Airteagal 71 den Rialachán i gcás ina mbeidh scéimeanna comhchosúla ag an mBallstát lena mbaineann don chatagóir chéanna daoine.’;

(b)

leasaítear mar seo a leanas an téacs faoin gceannteideal ‘R. AN ÍSILTÍR’:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a)(ii):

‘(ii)

sa mhéid is nach bhfuil siad san áireamh cheana faoi phointe (i), baill teaghlaigh de chuid pearsanra mhíleata ghníomhaigh a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile agus daoine atá ina gcónaí i mBallstát eile agus atá i dteideal faoin Rialachán cúram sláinte a fháil ina stát cónaithe agus na costais á seasamh ag an Ísiltír.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(c):

‘(c)

Beidh feidhm ag forálacha an Zorgverzekeringswet (an tAcht um Árachas Cúraim Sláinte) agus ag forálacha an Algemene Wet Bijzondere Ziektekosten (an tAcht Ginearálta um Chostais Eisceachtúla Liachta) i ndáil le dliteanas do ranníocaíochtaí a íoc maidir leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus maidir le baill dá dteaghlaigh. Maidir le baill teaghlaigh, déanfar na ranníocaíochtaí a thoibhiú ar an duine óna dtagann an ceart chun cúraim sláinte, seachas baill teaghlaigh de chuid pearsanra mhíleata atá ina gcónaí i mBallstát eile, a ndéanfar na ranníocaíochtaí a thoibhiú go díreach orthu.’;

(iii)

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

‘4.

Cur i bhfeidhm dhlíthe na hÍsiltíre maidir leis an éagumas chun oibre

(a)

Maidir le haon duine fostaithe nó féinfhostaithe nach bhfuil árachaithe a thuilleadh faoin Algemene arbeidsongeschiktheidswet (an tAcht um Míchumas Ginearálta) (AAW) an 11 Nollaig 1975, faoin Wet arbeidsongeschiktheidsverzekering zelfstandigen (an tAcht um Shochair Míchumais do Dhaoine Féinfhostaithe) (WAZ) an 24 Aibreán 1997, faoin Wet op de arbeidsongeschiktheidsverzekering (an tAcht um Árachas Míchumais) (WAO) an 18 Feabhra 1966 nó faoin Wet werk en inkomen naar arbeidsvermogen (an tAcht um Obair agus Ioncam de réir Cumais Saothair) (WIA) an 10 Samhain 2005, meastar é a bheith árachaithe ar theacht ann don riosca, chun críocha chur i bhfeidhm fhorálacha Chaibidil 3 de Theideal III den Rialachán, más rud é go bhfuil an duine sin árachaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith an riosca chéanna, nó, ina éagmais sin, i gcás sochar a bheith dlite i leith an riosca chéanna de bhun reachtaíochta Ballstáit eile. Measfar an coinníoll deireanach sin a bheith comhlíonta, áfach, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 48(1).

(b)

Más rud é, de bhun phointe (a), go bhfuil an duine lena mbaineann i dteideal sochair easláine ón Ísiltír, íocfar an sochar sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 46(2) den Rialachán:

(i)

i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos san WAO, más rud é, sular tharla an t-éagumas chun oibre, gur mar dhuine fostaithe de réir bhrí Airteagal 1(a) den Rialachán a bhí an duine lena mbaineann ag obair den uair dheireanach roimhe sin agus gur tharla an t-éagumas chun oibre roimh an 1 Eanáir 2004; má tharla an t-éagumas chun oibre an 1 Eanáir 2004, nó tar éis an dáta sin, déanfar méid an tsochair a ríomh ar bhonn an WIA;

(ii)

i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa WAZ, más rud é, sular tharla an t-éagumas chun oibre, gur i gcáil eile seachas mar dhuine fostaithe de réir bhrí Airteagal 1(a) den Rialachán a bhí an duine lena mbaineann ag obair den uair dheireanach roimhe sin.

(c)

D'fhonn na sochair a íocfar de réir an WAZ, an WIA, agus an WAO a ríomh, cuirfidh institiúidí na hÍsiltíre na nithe seo a leanas san áireamh:

tréimhsí fostaíochta íoctha agus tréimhsí a ndéileálfar leo amhlaidh agus a cuireadh i gcrích san Ísiltír roimh an 1 Iúil 1967;

tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích faoin WAO;

tréimhsí árachais a chuir an duine lena mbaineann i gcrích tar éis 15 bliana a bheith slánaithe aige faoin AAW sa mhéid is nach comhthráthach iad leis na tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích faoin WAO;

tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích i gcomhréir leis an WAZ;

tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích i gcomhréir leis an WIA.

(d)

Agus sochar easláine na hÍsiltíre á ríomh de bhun Airteagal 40(1) den Rialachán, ní chuireann institiúidí na hÍsiltíre aon fhorlíontaí a deonaíodh faoi fhorálacha an Achta um Fhorlíontaí san áireamh. Déanfar an ceart chun forlíonadh a fháil agus a mhéid a ríomh ar bhonn an Achta um Fhorlíontaí amháin.’;

(c)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas faoin gceannteideal ‘S. AN OSTAIR’:

‘10.

D fhonn an méid teoiriciúil i leith sochar bunaithe ar chuntas pinsin faoin Allgemeines Pensionsgesetz (an tAcht um Pinsin Ghinearálta) (APG) a ríomh chun críocha Airteagal 46(2)(a) den Rialachán, cuireann an institiúid inniúil san áireamh, i leith gach míosa árachais a cuireadh i gcrích faoi reachtaíocht Ballstát eile, an cion den chreidmheas iomlán a chinnfear de réir an APG ar an dáta tagartha, a fhreagraíonn do chomhrann an chreidmheasa iomláin agus líon na míonna árachais ar a bhfuil an creidmheas iomlán bunaithe.’.

7.

in Iarscríbhinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoin gceannteideal ‘J. ÉIRE’:

‘Sochar linbh, íocaíocht caomhnóra (ranníocach) agus méaduithe ar phinsean baintrí (ranníocach) agus ar phinsean baintrí fir (ranníocach) is iníoctha i leith leanaí incháilithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005 agus aon reachtaíocht leasaitheach dá éis sin.’.