9.4.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/72


RIALACHÁN (CE) Uimh. 300/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2008

maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2), i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 16 Eanáir 2008.

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D’fhonn daoine agus earraí laistigh den Aontas Eorpach a chosaint, ba cheart go gcoiscfí gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh ar aerárthaí sibhialta ar díol contúirte iad do shlándáil na heitlíochta sibhialta, trí rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh an eitlíocht shibhialta a chosaint. Ba cheart an cuspóir sin a ghnóthú trí rialacha comhchoiteanna agus trí chaighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna a leagan síos don tslándáil eitlíochta chomh maith le meicníocht a dhéanfadh faireachán ar a gcomhlíonadh.

(2)

Is inmhianaithe, ar mhaithe le slándáil na heitlíochta sibhialta i gcoitinne, go leagfaí síos bonn le go mbeifear in ann léiriú comhchoiteann a dhéanamh ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago an 7 Nollaig 1944 um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.

(3)

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta (3) de thoradh theagmhais an 11 Meán Fómhair 2001 sna Stáit Aontaithe. Tá gá le cur chuige comhchoiteann i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus ba cheart aird a thabhairt ar na modhanna is éifeachtúla chun cúnamh a thairiscint tar éis gníomhartha sceimhlitheoireachta a mbeadh mórthionchar acu i réimse an iompair.

(4)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar inneachar Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 i bhfianaise na taithí a fuarthas, agus ba cheart go n-aisghairfí an Rialachán féin agus go gcuirfí ina ionad an Rialachán seo lena bhféachfar leis na rialacha atá ann a shimpliú, a chomhchuibhiú agus a shoiléiriú agus leis na leibhéil slándála a fheabhsú.

(5)

Ó tharla go bhfuil gá le solúbthacht bhreise agus bearta agus nósanna imeachta á nglacadh chun aghaidh a thabhairt ar na measúnuithe riosca atá ag teacht chun cinn, agus chun go bhféadfar teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach, ba cheart don Rialachán seo bunphrionsabail a leagan síos maidir lena mbeidh le déanamh chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh, gan dul isteach sna mionsonraí teicniúla ná sna mionsonraí nós imeachta maidir leis an gcaoi a gcuirfear chun feidhme iad.

(6)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na haerfoirt a fhónann don eitlíocht shibhialta agus atá suite ar chríoch Ballstáit, maidir leis na hoibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí ag na haerfoirt sin agus maidir leis na heintitis a sholáthraíonn earraí agus/nó seirbhísí do na haerfoirt sin nó trí na haerfoirt sin.

(7)

Gan dochar don Choinbhinsiún um chionta agus gníomhartha áirithe eile a dhéantar ar bord aerárthaí, Tóiceo, 1963, don Choinbhinsiún chun cosc a chur ar urghabháil neamhdhleathach aerárthaí, an Háig, 1970, ná don Choinbhinsiún chun cosc a chur ar ghníomhartha neamhdhleathacha in aghaidh shábháilteacht na heitlíochta sibhialta, Montreal, 1971, ba cheart freisin go bhfolóidh an Rialachán seo bearta slándála a mbeadh feidhm acu ar bord aerárthaigh de chuid aeriompróirí an Chomhphobail nó le linn a gcuid eitiltí.

(8)

Coinníonn na Ballstáit an inniúlacht chun cinntí a dhéanamh maidir le leas a bhaint as oifigigh slándála ar aerárthaí atá cláraithe sa Bhallstát sin agus ar eitiltí de chuid aeriompróirí atá ceadúnaithe aige féin agus freisin chun a áirithiú, i gcomhréir le mír 4.7.7 d’Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus faoi théarmaí an Choinbhinsiúin sin, gur pearsanra rialtais iad na hoifigigh sin a roghnófar agus a gcuirfear oiliúint orthu chuige sin, agus na gnéithe slándála agus sábháilteachta is gá ar bord aerárthaigh á gcur san áireamh.

(9)

Ní gá gurbh ionann leibhéal na bagartha a léireodh na cineálacha éagsúla eitlíochta sibhialta. Agus caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna á mbunú don tslándáil eitlíochta, ba cheart méid an aerárthaigh, cineál na hoibríochta agus/nó minicíocht na n-oibríochtaí ag aerfoirt a chur san áireamh d’fhonn a cheadú go ndeonófar maoluithe.

(10)

Ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit freisin, ar bhonn measúnaithe riosca, bearta a chur i bhfeidhm a bheadh níos déine ná na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo.

(11)

Féadfaidh tríú tíortha a éileamh go ndéanfar bearta a chur i bhfeidhm nach ionann iad agus na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo i ndáil le heitiltí ó aerfort i mBallstát chuig an tríú tír sin nó os cionn na tríú tíre sin. Ar a shon sin, gan dochar d’aon chomhaontuithe déthaobhacha ar páirtí iontu an Comhphobal, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar na bearta a éilíonn an tríú tír.

(12)

Cé go bhféadfadh sé go mbeadh baint ag dhá chomhlacht nó ag níos mó ná dhá chomhlacht leis an tslándáil eitlíochta san aon Bhallstát amháin, ba cheart do gach Ballstát aon údarás amháin a ainmniú a bheadh freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme caighdeán slándála.

(13)

D’fhonn na freagrachtaí maidir leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna don tslándáil eitlíochta a chur chun feidhme a shainiú agus chun cur síos a dhéanamh ar na bearta a éileoidh na hoibreoirí agus eintitis eile chun na críche sin, ba cheart go ndéanfadh gach Ballstát clár náisiúnta um shlándáil na heitlíochta sibhialta a dhréachtú. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfadh gach oibreoir aerfoirt, gach aeriompróir agus gach eintiteas a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta chun feidhme clár slándála a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun chun go gcomhlíonfaidís an Rialachán seo agus cibé clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta is infheidhme.

(14)

D’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta, ba cheart do gach Ballstát clár náisiúnta a dhréachtú chun leibhéal agus cáilíocht na slándála eitlíochta sibhialta a sheiceáil agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfí chun feidhme é.

(15)

D’fhonn faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag na Ballstáit, agus freisin d’fhonn moltaí a dhéanamh chun an tslándáil eitlíochta a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún iniúchtaí a sheoladh, lena n-áirítear iniúchtaí gan foláireamh.

(16)

Mar riail ghinearálta, ba cheart don Choimisiún bearta a mbeidh tionchar díreach acu ar phaisinéirí a fhoilsiú. Gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach bearta agus nósanna imeachta comhchoiteanna maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann don tslándáil eitlíochta ina bhfuil faisnéis slándála íogair, mar aon le tuarascálacha iniúchta ón gCoimisiún agus na freagraí ó na húdaráis iomchuí, measfar gur faisnéis rúnaicmithe AE iad de réir bhrí Threoir 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha nós imeachta inmheánacha (4). Níor cheart na míreanna sin a fhoilsiú ná níor cheart iad a chur ar fáil ach do na hoibreoirí agus do na heintitis sin a bhfuil leas dlisteanach acu iontu.

(17)

Ba cheart na bearta is gá do chur chun feidhme an Rialacháin seo a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5).

(18)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta ginearálta a ghlacadh lena leasaítear eilimintí neamhriachtanacha de na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna, critéir a shocrú lena gceadaítear do na Ballstáit maolú ar na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna agus bearta slándála malartacha a ghlacadh, agus sonraíochtaí le haghaidh clár náisiúnta um rialú cáilíochta a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(19)

Nuair a tharlaíonn sé, ar mhórchúiseanna práinne, nach féidir na gnáth-theorainneacha ama maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm, d’fhonn rialacha comhchoiteanna a ghlacadh chun an eitlíocht shibhialta a chosaint.

(20)

Ba cheart aidhm na ‘slándála aon bhirt’ do na heitiltí uile laistigh den Aontas Eorpach a chur chun cinn.

(21)

Ina theannta sin, níor cheart gur ghá athbhraitheoireacht a dhéanamh ar phaisinéirí ná ar a mbagáiste a thiocfaidh isteach ar eitiltí ó thríú tíortha a bhfuil caighdeáin slándála eitlíochta acu atá coibhéiseach leis na cinn a leagtar síos leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, gan dochar do cheart gach Ballstáit bearta níos déine a chur i bhfeidhm, ná d’inniúlachtaí an Chomhphobail agus na mBallstát faoi seach, ba cheart go ndéanfaí cinntí an Choimisiúin agus, i gcás inar gá, comhaontuithe idir an Comhphobal agus tríú tíortha a spreagadh, ar cinntí agus comhaontuithe iad lena n-aithnítear go bhfuil na caighdeáin slándála a chuirtear i bhfeidhm sa tríú tír coibhéiseach leis na caighdeáin chomhchoiteanna, ós rud é go gcuireann na cinntí agus na comhaontuithe sin le slándáil aon bhirt.

(22)

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an tsábháilteacht eitlíochta, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha.

(23)

Ba cheart go bhforálfar do phionóis i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin, a d’fhéadfadh a bheith de chineál sibhialta nó de chineál riaracháin, éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

(24)

Gabhfaidh Ráiteas na nAirí maidir le hAerfort Ghiobráltar, a comhaontaíodh in Cordoba an 18 Meán Fómhair 2006 ag céad chruinniú Aireachta an Fhóraim Chomhagallaimh maidir le Giobráltar, ionad an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir le hAerfort Ghiobráltar a rinneadh i Londain an 2 Nollaig 1987, agus measfar gurb ionann comhlíonadh iomlán an Ráitis agus comhlíonadh Dhearbhú 1987.

(25)

Ó tharla nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus bonn a leagan síos le go mbeifear in ann léirmhíniú comhchoiteann a dhéanamh ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann a slándáil i gcontúirt.

Leagtar síos leis, freisin, bonn le go mbeifear in ann léirmhíniú comhchoiteann a dhéanamh ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.

2.   Is iad na modhanna seo a leanas a úsáidfear chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 a ghnóthú:

(a)

rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna a leagan síos don tslándáil eitlíochta;

(b)

meicníochtaí chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

gach aerfort agus gach cuid d’aerfort atá suite ar chríoch Ballstáit agus nach go heisiach chun críocha míleata a úsáidtear é nó í;

(b)

na hoibreoirí uile, lena n-áirítear aeriompróirí, a sholáthraíonn seirbhísí ag na haerfoirt dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

na heintitis uile a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta chun feidhme, a oibríonn as áitreabh atá suite laistigh nó lasmuigh d’áitreabh aerfoirt agus a sholáthraíonn earraí agus/nó seirbhísí do na haerfoirt dá dtagraítear i bpointe (a) nó trí na haerfoirt sin.

2.   Tuigtear nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith aerfort Ghiobráltar dochar do sheasamh dlí Ríocht na Spáinne ná do sheasamh dlí na Ríochta Aontaithe maidir leis an díospóid faoi cheannasacht ar an gcríoch ina bhfuil an t-aerfort suite.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1.

ciallaíonn ‘eitlíocht shibhialta’ aon oibríocht aeir a dhéantar le haerárthaí sibhialta, cé is moite de na hoibríochtaí a dhéantar le haerárthaí stáit dá dtagraítear in Airteagal 3 de Choinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta;

2.

ciallaíonn ‘slándáil eitlíochta’ an teaglaim de bhearta agus d’acmhainní daonna agus d’acmhainní ábhartha arna ceapadh chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann slándáil na heitlíochta sibhialta i gcontúirt;

3.

ciallaíonn ‘oibreoir’ duine, eagraíocht nó fiontar a ghabhann d’oibríocht aeriompair, nó a thairgeann gabháil di;

4.

ciallaíonn ‘aeriompróir’ gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige;

5.

ciallaíonn ‘aeriompróir Comhphobail’ aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige a dheonaigh Ballstát i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92 ón gComhairle an 23 Iúil 1992 maidir le haeriompróirí a cheadúnú (6);

6.

ciallaíonn ‘eintiteas’ duine, eagraíocht nó fiontar, seachas oibreoir;

7.

ciallaíonn ‘earraí toirmiscthe’ airm, pléascáin nó feistí contúirteacha, earraí contúirteacha nó substaintí contúirteacha eile a fhéadfar a úsáid chun gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh a chuirfeadh slándáil na heitlíochta sibhialta i gcontúirt;

8.

ciallaíonn ‘braitheoireacht’ meáin theicniúla nó meáin eile a chur i bhfeidhm a cheaptar chun earraí toirmiscthe a aithint agus/nó a bhrath;

9.

ciallaíonn ‘rialú slándála’ meáin a chur i bhfeidhm lena bhféadfar cosc a chur ar earraí toirmiscthe a thabhairt isteach;

10.

ciallaíonn ‘rialú rochtana’ meáin a chur i bhfeidhm lena bhféadfar cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe nó ar fheithiclí neamhúdaraithe, nó ar dhaoine neamhúdaraithe agus ar fheithiclí neamhúdaraithe araon, teacht isteach;

11.

ciallaíonn ‘taobh an aeir’ limistéar gluaiseachta an aerfoirt, an tír-raon agus na foirgnimh nó na codanna díobh atá in aice an limistéir sin agus a bhfuil rochtain orthu srianta;

12.

ciallaíonn ‘taobh na tíre’ na codanna sin d’aerfort, an tír-raon agus na foirgnimh nó na codanna díobh atá in aice leo nach bhfuil ar thaobh an aeir;

13.

ciallaíonn ‘limistéar srianta slándála’ an limistéar sin ar thaobh an aeir a bhfuil srian ar rochtain air, agus a gcuirtear caighdeáin eile i bhfeidhm ann chomh maith maidir le slándáil eitlíochta;

14.

ciallaíonn ‘limistéar críochaithe’ limistéar atá deighilte ag rialú rochtana ó na limistéir shrianta slándála, nó, más limistéar srianta slándála atá sa limistéar críochaithe féin, limistéar atá deighilte ó limistéir shrianta slándála eile an aerfoirt;

15.

ciallaíonn ‘seiceáil cúlra’ seiceáil thaifeadta ar chéannacht duine, lena n-áirítear aon stair choiriúil a bheadh aige, mar chuid den mheasúnú ar oiriúnacht duine do rochtain gan choimhdeacht ar limistéir shrianta slándála;

16.

ciallaíonn ‘paisinéirí, bagáiste, lasta nó post traschuir’ paisinéirí, bagáiste, lasta nó post a imíonn ar aerárthach seachas an ceann ar tháinig siad isteach air;

17.

ciallaíonn ‘paisinéirí, bagáiste, lasta nó post idirthurais’ paisinéirí, bagáiste, lasta nó post a imíonn ar an aerárthach céanna ar tháinig siad isteach air;

18.

ciallaíonn ‘paisinéir a d’fhéadfadh a bheith treampánach’ paisinéir ar díbeartach é, nó ar duine é a mheastar a bheith neamh-inghlactha ar chúiseanna inimirce nó ar duine é atá i gcoimeád dleathach;

19.

ciallaíonn ‘bagáiste cábáin’ bagáiste a bheartaítear a iompar i gcábán aerárthaigh;

20.

ciallaíonn ‘bagáiste boilg’ bagáiste a bheartaítear a iompar i mbolg aerárthaigh;

21.

ciallaíonn ‘bagáiste boilg faoi thionlacan’ bagáiste atá á iompar i mbolg aerárthaigh agus atá cláraithe d’eitilt ag paisinéir atá ag taisteal ar an eitilt chéanna sin;

22.

ciallaíonn ‘post aeriompróra’ post ar aeriompróir is tionscnamh agus is ceann scríbe dó;

23.

ciallaíonn ‘ábhair aeriompróra’ ábhair ar aeriompróir is tionscnamh agus is ceann scríbe dóibh nó ábhair atá á n-úsáid ag aeriompróir;

24.

ciallaíonn ‘post’ comhfhreagras agus earraí eile a sheoltar, seachas post aeriompróra, arna dtairiscint ag seirbhísí poist agus a bheartaítear a sheachadadh chuig seirbhísí poist i gcomhréir le rialacha an Aontais Phoist Uilechoitinn;

25.

ciallaíonn ‘lasta’ aon mhaoin atá le hiompar ar aerárthach, seachas bagáiste, post, post aeriompróra, ábhair aeriompróra agus soláthairtí ar eitiltí;

26.

ciallaíonn ‘gníomhaire rialaithe’ aeriompróir, gníomhaire, seoltóir lasta nó aon eintiteas eile a áirithíonn go ndéanfar rialuithe slándála i ndáil le lasta nó le post;

27.

ciallaíonn ‘coinsíneoir aitheanta’ coinsíneoir a thionscnaíonn lasta nó post ar a chuntas féin agus a gcomhlíonann a nósanna imeachta rialacha comhchoiteanna slándála agus caighdeáin chomhchoiteanna slándála atá leordhóthanach chun gur féidir lasta nó post a iompar ar aerárthach ar bith;

28.

ciallaíonn ‘coinsíneoir cuntais’ coinsíneoir a thionscnaíonn lasta nó post ar a chuntas féin agus a gcomhlíonann a nósanna imeachta rialacha comhchoiteanna slándála agus caighdeáin chomhchoiteanna slándála atá leordhóthanach chun gur féidir an lasta sin a iompar ar aerárthach nach n-iompraíonn ach lasta, nó chun gur féidir an post a iompar ar aerárthach nach n-iompraíonn ach post;

29.

ciallaíonn ‘seiceáil slándála ar aerárthach’ iniúchadh ar na codanna sin den taobh istigh den aerárthach a bhféadfadh na paisinéirí rochtain a bheith acu orthu, chomh maith le hiniúchadh ar bholg an aerárthaigh d’fhonn earraí toirmiscthe agus cur isteach neamhdhleathach ar an aerárthach a bhrath;

30.

ciallaíonn ‘cuardach slándála ar aerárthach’ iniúchadh ar na codanna sin taobh istigh den aerárthach agus taobh amuigh den aerárthach a mbeadh rochtain orthu d’fhonn earraí toirmiscthe agus cur isteach neamhdhleathach a bhrath a chuireann slándáil an aerárthaigh i gcontúirt;

31.

ciallaíonn ‘oifigeach slándála ar eitiltí’ duine atá fostaithe ag an Stát chun taisteal ar aerárthach de chuid aeriompróra arna cheadúnú ag an mBallstát sin chun an t-aerárthach sin agus iad siúd atá ar bord a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann slándáil na heitilte i gcontúirt.

Airteagal 4

Caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna

1.   Is mar a leagtar síos san Iarscríbhinn iad a bheidh na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann a slándáil i gcontúirt.

Maidir le caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna bhreise nár tuaradh tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart iad a chur leis an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh.

2.   Maidir leis na bearta ginearálta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 a leasú trína bhforlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).

Bainfidh na bearta ginearálta sin leis na nithe seo a leanas:

(a)

modhanna braitheoireachta a cheadaítear;

(b)

na catagóirí earraí a fhéadfar a thoirmeasc;

(c)

maidir le rialú rochtana, na forais atá ann chun rochtain a thabhairt ar limistéir ar thaobh an aeir agus ar limistéir shrianta slándála;

(d)

modhanna a cheadaítear chun feithiclí a scrúdú agus chun seiceálacha slándála ar aerárthaí agus cuardaigh slándála ar aerárthaí a dhéanamh;

(e)

critéir chun coibhéis caighdeán slándála tríú tíortha a aithint;

(f)

coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar lasta agus ar phost nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad, mar aon leis an bpróiseas chun gníomhairí rialaithe, coinsíneoirí aitheanta agus coinsíneoirí cuntais a fhormheas nó a ainmniú;

(g)

coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar phost aeriompróra agus ar ábhair aeriompróra, nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad;

(h)

coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar sholáthairtí eitilte agus ar sholáthairtí aerfoirt nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad, mar aon leis an bpróiseas chun soláthróirí rialaithe agus soláthróirí aitheanta a fhormheas nó a ainmniú;

(i)

critéir maidir le codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála a shainiú;

(j)

critéir maidir le hearcaíocht foirne agus le modhanna oiliúna;

(k)

coinníollacha faoina bhféadfar nósanna imeachta speisialta i leith slándála nó díolúintí ó rialuithe slándála a chur i bhfeidhm; agus

(l)

aon bhearta ginearálta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 a leasú trína bhforlíonadh agus nár tuaradh ag tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 19(4).

3.   Déanfar bearta mionsonraithe do chur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann dá dtagraítear i mír 1 agus na bearta ginearálta dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Áireofar leis sin:

(a)

ceanglais agus nósanna imeachta maidir le braitheoireacht;

(b)

liosta d’earraí toirmiscthe;

(c)

ceanglais agus nósanna imeachta maidir le rialú rochtana;

(d)

ceanglais agus nósanna imeachta chun feithiclí a scrúdú agus chun seiceálacha slándála ar aerárthaí agus cuardaigh slándála ar aerárthaí a dhéanamh;

(e)

cinntí chun coibhéis na gcaighdeán slándála a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tír a aithint;

(f)

i gcás lasta agus poist, nósanna imeachta maidir le gníomhairí rialaithe, coinsíneoirí aitheanta agus coinsíneoirí cuntais a fhormheas nó a ainmniú, agus na hoibleagáidí a chaithfidh siad a chomhlíonadh;

(g)

ceanglais agus nósanna imeachta maidir le rialuithe slándála a dhéanamh ar phost aeriompróra agus ar ábhair aeriompróra;

(h)

i gcás soláthairtí eitilte agus soláthairtí aerfoirt, nósanna imeachta maidir le soláthróirí rialaithe agus soláthróirí aitheanta a fhormheas nó a ainmniú, agus na hoibleagáidí a chaithfidh siad a chomhlíonadh;

(i)

sainmhíniú ar na codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála;

(j)

earcaíocht foirne agus riachtanais oiliúna;

(k)

nósanna imeachta speisialta maidir le slándáil, nó díolúintí ó rialuithe slándála;

(l)

sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta maidir le trealamh slándála a fhormheas agus a úsáid; agus

(m)

na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir le paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach.

4.   Trí leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo le cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3), leagfaidh an Coimisiún síos critéir lena gceadófar do na Ballstáit maolú ar na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 agus bearta malartacha slándála a ghlacadh a chuirfidh leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil ar bhonn measúnaithe áitiúil riosca. Caithfidh na bearta malartacha sin a bheith inchosanta ar bhonn cúiseanna a bhaineann le méid an aerárthaigh, nó cúiseanna a bhaineann le cineál, le scála nó le minicíocht na n-oibríochtaí nó minicíocht gníomhaíochtaí ábhartha eile.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 19(4).

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le bearta den sórt sin.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear i bhfeidhm ar a gcríoch na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina mbeidh cúis ag Ballstát lena chreidiúint gur chuir sárú slándála isteach ar leibhéal na slándála eitlíochta, áiritheoidh sé go nglacfar beart pras iomchuí chun an sárú sin a chur ina cheart agus chun slándáil leanúnach na heitlíochta sibhialta a áirithiú.

Airteagal 5

Costais slándála

Faoi réir rialacha ábhartha dhlí an Chomhphobail, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh, maidir le costais na mbeart slándála a ghlacfar faoin Rialachán seo chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh, na himthosca inar cheart, agus a mhéid is cóir, don Stát, do na heintitis aerfoirt, do na haeriompróirí, do ghníomhaireachtaí freagracha eile, nó d’úsáideoirí, iad a iompar. Más iomchuí, agus i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh maille le húsáideoirí i leith na gcostas a bhainfeadh le bearta slándála níos déine arna nglacadh faoin Rialachán seo. A mhéid is féidir, bainfidh aon mhuirir nó aon aistrithe costas slándála go díreach leis na costais a ghabhann leis na seirbhísí slándála lena mbaineann a sholáthar agus ní cheapfar iad ach amháin chun na costais ábhartha lena mbaineann, agus na costais sin amháin, a ghnóthú.

Airteagal 6

Bearta níos déine arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit

1.   Féadfaidh na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm a bheidh níos déine ná na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 4. Lena linn sin, gníomhóidh siad ar bhonn measúnaithe riosca agus i gcomhlíonadh dhlí an Chomhphobail. Beidh na bearta sin ábhartha, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach leis an riosca a bhfuil aghaidh á tabhairt air.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta sin a luaithe is féidir tar éis dóibh iad a chur i bhfeidhm. Ar an bhfaisnéis sin a fháil dó, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig na Ballstáit eile í.

3.   Níl sé de cheangal ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás nach mbaineann na bearta sin ach le heitilt áirithe ar dháta faoi leith.

Airteagal 7

Bearta slándála a éilíonn tríú tíortha

1.   Gan dochar d’aon chomhaontuithe déthaobhacha ar páirtí iontu an Comhphobal, cuirfidh Ballstát in iúl don Choimisiún na bearta a éilíonn tríú tír murab ionann iad agus na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 4 i ndáil le heitiltí ó aerfort i mBallstát chuig an tríú tír sin, nó os a cionn.

2.   Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann nó ar a thionscnamh féin, scrúdóidh an Coimisiún cur i bhfeidhm aon bheart a bhfuair sé fógra fúthu faoi mhír 1 agus, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2), féadfaidh sé freagra iomchuí a dhréachtú don tríú tír lena mbaineann.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 más rud é:

(a)

go gcuireann an Ballstát na bearta lena mbaineann i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6; nó

(b)

nach mbaineann éileamh an tríú tír ach le heitilt áirithe ar dháta faoi leith.

Airteagal 8

Comhar leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

Gan dochar d’Airteagal 300 den Chonradh, féadfaidh an Coimisiún Meabhrán Comhthuisceana a chuir i gcrích maidir le hiniúchtaí a dhéanamh leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) chun nach ndéanfaí faireachán faoi dhó ar an gcomhlíonadh a dhéanann na Ballstáit ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.

Airteagal 9

Údarás iomchuí

I gcás ina mbeidh baint ag dhá chomhlacht nó níos mó leis an tslándáil eitlíochta sibhialta san aon Bhallstát amháin, ba cheart do gach Ballstát aon údarás amháin a ainmniú (dá ngairfear ‘an t-údarás iomchuí’ anseo feasta) a bheidh freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 10

Clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta

1.   Déanfaidh gach Ballstát clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.

Déanfar sainmhíniú sa chlár sin ar fhreagrachtaí maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 4 agus déanfar cur síos ann ar na bearta a éilíonn oibreoirí agus eintitis eile chun na críche sin.

2.   Cuirfidh an t-údarás iomchuí na codanna iomchuí dá chlár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta ar fáil i scríbhinn ar bhonn riachtanais d’oibreoirí agus d’eintitis a measann sé go bhfuil leas dlisteanach acu.

Airteagal 11

Clár náisiúnta um rialú cáilíochta

1.   Déanfaidh gach Ballstát clár náisiúnta um rialú cáilíochta a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.

Cuirfidh an clár sin ar chumas an Bhallstáit cáilíocht na slándála eitlíochta sibhialta a sheiceáil d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus ar chomhlíonadh a chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta araon.

2.   Glacfar na sonraíochtaí don chlár náisiúnta um rialú cáilíochta trí leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo trí iarscríbhinn a chur leis i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 19(4).

Ceadóidh an clár go ndéanfar na heaspaí a bhrath go tapa agus a cheartú go tapa. Forálfar leis freisin go ndéanfaidh an t-údarás iomchuí faireachán go díreach agus go rialta ar na haerfoirt, ar na hoibreoirí agus ar na heintitis uile atá freagrach as caighdeáin na slándála eitlíochta a chur chun feidhme agus atá suite ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, nó go ndéanfar an faireachán sin faoi mhaoirseacht an údaráis iomchuí.

Airteagal 12

Clár slándála aerfoirt

1.   Déanfaidh gach oibreoir aerfoirt clár slándála aerfoirt a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.

Déanfar cur síos sa chlár sin ar na modhanna agus ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag an oibreoir aerfoirt chun go gcomhlíonfaidh sé an Rialachán seo agus chun go gcomhlíonfaidh sé clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta an Bhallstáit ina bhfuil an aerfort suite.

Áireofar sa chlár forálacha inmheánacha rialaithe ina mbeidh cur síos ar an gcaoi a mbeidh faireachán le déanamh ag an oibreoir aerfoirt ar chomhlíonadh na modhanna agus na nósanna imeachta sin.

2.   Cuirfear an clár slándála aerfoirt faoi bhráid an údaráis iomchuí agus féadfaidh an t-údarás sin gníomhaíocht breise a dhéanamh más iomchuí.

Airteagal 13

Clár slándála aeriompróra

1.   Déanfaidh gach aeriompróir clár slándála aeriompróra a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.

Déanfar cur síos sa chlár sin ar na modhanna agus ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag an aeriompróir chun go gcomhlíonfaidh sé an Rialachán seo agus chun go gcomhlíonfaidh sé clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta an Bhallstáit a soláthraíonn sé seirbhísí as.

Áireofar sa chlár forálacha inmheánacha rialaithe cáilíochta ina mbeidh cur síos ar an gcaoi a mbeidh faireachán le déanamh ag an aeriompróir ar chomhlíonadh na modhanna agus na nósanna imeachta sin.

2.   Arna iarraidh sin, cuirfear clár slándála an aeriompróra faoi bhráid an údaráis iomchuí, a fhéadfaidh gníomhaíocht breise a dhéanamh más iomchuí.

3.   I gcás ina mbeidh bailíochtú déanta ar chlár slándála aeriompróra Comhphobail ag údarás iomchuí an Bhallstáit a dheonaigh an ceadúnas oibríochta, tabharfaidh na Ballstáit eile go léir aitheantas don aeriompróir sin mar aeriompróir a bhfuil ceanglais mhír 1 comhlíonta aige. Ní dhéanfaidh sin dochar don cheart atá ag an mBallstáit mionsonraí a iarraidh ar aeriompróir ar bith maidir leis an gcaoi a ndéanann sé na nithe seo a leanas a chur chun feidhme:

(a)

na bearta slándála a chuir an Ballstát sin i bhfeidhm faoi Airteagal 6; agus/nó

(b)

na nósanna imeachta áitiúla is infheidhme sna haerfoirt a bhfreastalaítear orthu.

Airteagal 14

Clár slándála eintiteas

1.   Maidir le gach eintiteas a gceanglaítear air faoin gclár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 10 caighdeáin slándála eitlíochta a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé clár slándála a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.

Déanfar cur síos sa chlár sin ar na modhanna agus ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag an eintiteas chun go gcomhlíonfaidh sé clár náisiúnta an Bhallstáit um shlándáil eitlíochta sibhialta i ndáil lena chuid oibríochtaí sa Bhallstát sin.

Áireofar sa chlár forálacha inmheánacha rialaithe cáilíochta ina ndéanfar cur síos ar an gcaoi a mbeidh faireachán le déanamh ag an eintiteas féin ar chomhlíonadh na modhanna agus na nósanna imeachta sin.

2.   Arna iarraidh sin, cuirfear clár slándála an aeriompróra a bhfuil caighdeáin slándála eitlíochta á gcur i bhfeidhm aige faoi bhráid an údaráis iomchuí, a fhéadfaidh gníomhaíocht bhreise a dhéanamh más iomchuí.

Airteagal 15

Iniúchtaí an Choimisiúin

1.   Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhar le húdarás iomchuí an Bhallstáit lena mbaineann, iniúchtaí a sheoladh, lena n-áirítear iniúchtaí ar aerfoirt, ar oibreoirí agus ar eintitis a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta i bhfeidhm, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag na Ballstáit agus d’fhonn moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an tslándáil eitlíochta, de réir mar is iomchuí. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás iomchuí an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn maidir leis na haerfoirt uile ar a chríoch a fhónann don eitlíocht shibhialta seachas na haerfoirt a chumhdaítear le hAirteagal 4(4).

Maidir leis na nósanna imeachta i dtaobh iniúchtaí a sheoladh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

2.   Iniúchtaí gan foláireamh a bheidh sna hiniúchtaí a dhéanfaidh an Coimisiún ar aerfoirt, ar oibreoirí agus ar eintitis a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta i bhfeidhm. In am agus i dtráth roimh iniúchadh, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas maidir leis an iniúchadh sin.

3.   Cuirfear gach tuarascáil iniúchta ón gCoimisiún i bhfios d’údarás iomchuí an Bhallstáit lena mbaineann, agus tuairisceoidh an Ballstát, ina fhreagra, na bearta a glacadh chun aon easpaí a aithníodh a bheith ann a leigheas.

Ina dhiaidh sin, cuirfear an tuarascáil, chomh maith le freagra an údaráis iomchuí, i bhfios d’údaráis iomchuí na mBallstát eile.

Airteagal 16

Tuarascáil bhliantúil

Gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na mBallstát, á gcur ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus leis an tionchar a bheidh aige ar an aershlándáil a fheabhsú.

Airteagal 17

Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí

Gan dochar do ról an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 19, bunóidh an Coimisiún Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí maidir le Slándáil Eitlíochta ina mbeidh eagraíochtaí ionadaíocha Eorpacha atá ag gabháil don tslándáil eitlíochta nó a ndéanann an tslándáil eitlíochta difear go díreach dóibh. Is é an t-aon ról a bheidh ag an ngrúpa sin comhairle a chur ar an gCoimisiún. Coimeádfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 19 an Grúpa Geallsealbhóirí ar an eolas i rith an phróisis rialúcháin ar fad.

Airteagal 18

Faisnéis a scaipeadh

Mar riail ghinearálta, foilseoidh an Coimisiún bearta a mbeidh tionchar díreach acu ar phaisinéirí. Breathnófar, áfach, ar na doiciméid seo a leanas mar fhaisnéis rúnaicmithe AE de réir bhrí Chinneadh 2001/844/CE, CECG, Euratom:

(a)

na bearta agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus 4(4), in Airteagal 6(1) agus in Airteagal 7(1), má bhíonn faisnéis slándála íogair iontu;

(b)

na tuarascálacha iniúchta a rinne an Coimisiún agus freagraí na n-údarás iomchuí, dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

Airteagal 19

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Socrófar gur aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 20

Comhaontuithe idir an Comhphobal agus tríú tíortha

D’fhonn an aidhm ‘slándáil aon bhirt’ a chur chun cinn maidir leis na heitiltí go léir idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha, nuair is iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, d’fhéadfaí a chomhaontú i gcomhaontuithe eitlíochta idir an Comhphobal agus tríú tír go n-aithneofaí go bhfuil na caighdeáin slándála atá á gcur i bhfeidhm sa tríú tír coibhéiseach le caighdeáin an Chomhphobail i gcomhréir le hAirteagal 300 den Chonradh.

Airteagal 21

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 22

Tuarascáil ón gCoimisiún ar Mhaoiniú

Tuairisceoidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2008 maidir leis na prionsabail mhaoinithe do chostais bhearta slándála na heitlíochta sibhialta. Déanfaidh an tuarascáil sin a mheas cad iad na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-úsáidfear na muirir slándála go heisiach chun costais slándála a ghlanadh, agus chun trédhearcacht muirear dá leithéid a fheabhsú. Tabharfaidh an tuarascáil aghaidh freisin ar na prionsabail is gá chun iomaíocht neamhshaofa a chosaint idir aerfoirt agus idir aeriompróirí, agus ar na modhanna éagsúla chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú ó thaobh dháileadh chostais na mbeart slándála idir íocóirí cánach agus úsáideoirí. Gabhfaidh togra um reachtaíocht leis an tuarascáil ón gCoimisiún, más iomchuí.

Airteagal 23

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón dáta a shonrófar sna rialacha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3), ach tráth nach déanaí ná 24 mí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

3.   De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag Airteagail 4(2), 4(3), 4(4), 8, 11(2), 15(1) an dara fomhír, 17, 19 agus 22 ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 185, 8.8.2006, lch. 17.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2006 (IO C 300 E, 9.12.2006, lch. 463), Comhsheasamh ón gComhairle an 11 Nollaig 2006 (IO C 70 E, 27.3.2007, lch. 21) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Rún Reachtach ó Phairlimint na hEorpa an 11 Márta 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2008.

(3)  IO L 355, 30.12.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 849/2004 (IO L 158, 30.4.2004, lch. 1. Leagan cearthaithe in IO L 229, 29.6.2004, lch. 3).

(4)  IO L 317, 3.12.2001, lch. 1. Cinneadh arna leasú go deireanach le Cinneadh 2006/548/CE, Euratom (IO L 215, 5.8.2006, lch. 38).

(5)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(6)  IO L 240, 24.8.1992, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

BUNCHAIGHDEÁIN CHOMHCHOITEANNA CHUN AN EITLÍOCHT SHIBHIALTA A CHOSAINT IN AGHAIDH GNÍOMHARTHA CUR ISTEACH NEAMHDHLEATHAIGH (AIRTEAGAL 4)

1.   SLÁNDÁIL AERFOIRT

1.1.   Ceanglais phleanála le haghaidh aerfort

1.

Nuair a bheidh saoráidí nua aerfoirt á ndearadh agus á dtógáil nó nuair a bheidh athrú á chur ar shaoráidí aerfoirt atá ann cheana, cuirfear san áireamh go hiomlán na ceanglais maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus i ngníomhartha cur chun feidhme na hIarscríbhinne seo.

2.

Bunófar na limistéir seo a leanas ag aerfoirt:

(a)

taobh na tíre;

(b)

taobh an aeir;

(c)

limistéir shrianta slándála; agus

(d)

na codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála.

1.2.   Rialú rochtana

1.

Beidh srian ar rochtain ar thaobh an aeir le go gcoiscfear ar dhaoine neamhúdaraithe agus ar fheithiclí neamhúdaraithe dul isteach sna limistéir sin.

2.

Rialófar an rochtain ar na limistéir shrianta slándála d’fhonn a áirithiú nach rachaidh aon duine neamhúdaraithe ná aon fheithicil neamhúdaraithe isteach sna limistéir sin.

3.

Ní bheidh rochtain ag daoine ná ag feithiclí ar thaobh an aeir ná ar na limistéir shrianta slándála mura gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha slándála a cheanglófar orthu a chomhlíonadh.

4.

Beidh seiceáil cúlra críochnaithe go sásúil i dtaobh gach comhalta foirne, lena n-áirítear comhaltaí den fhoireann eitilte, sula n-eiseofar cárta aitheantais aerfoirt nó foirne dóibh lena gceadófar rochtain gan choimhdeacht ar na limistéir shrianta slándála.

1.3.   Braitheoireacht ar dhaoine seachas paisinéirí agus braitheoireacht ar nithe a bheidh á n-iompar acu

1.

Déanfar braitheoireacht ar bhonn leanúnach randamach ar dhaoine nach paisinéirí iad agus ar nithe a bheidh á n-iompar acu ar dhul isteach sna limistéir shrianta slándála dóibh ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin.

2.

Déanfar braitheoireacht ar bhonn leanúnach randamach ar dhaoine seachas paisinéirí agus ar nithe a bheidh á n-iompar acu ar dhul isteach sna codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála dóibh ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin.

1.4.   Feithiclí a scrúdú

Déanfar feithiclí atá ag dul isteach i limistéar srianta slándála a scrúdú ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin.

1.5.   Faireachán, patróil agus rialuithe fisiciúla eile

Déanfar faireachas, patróil agus rialuithe fisiciúla eile ag aerfoirt agus, nuair is iomchuí, i limistéir atá in aice leo a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, chun iompar amhrasach a aithint, chun leochaileachtaí a aithint a bhféadfaí teacht i dtír orthu chun gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh agus chun daoine a dhíspreagadh ó ghníomhartha den sórt sin a dhéanamh.

2.   LIMISTÉIR CHRÍOCHAITHE AERFORT

Maidir le haerárthaí a bheidh páirceáilte sna limistéir chríochaithe sin d’aerfoirt a mbeidh feidhm maidir leo ag na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 4(4) ina leith, déanfar iad a dheighilt ó aerárthaí a mbeidh feidhm maidir leo ag na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna ina n-iomláine ina leith, d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear i gcontúirt na caighdeáin slándála a chuirtear i bhfeidhm i leith aerárthaí, i leith a bpaisinéirí, a mbagáiste agus a lasta.

3.   SLÁNDÁIL AERÁRTHAÍ

1.

Sula n-imeoidh sé, déanfar seiceáil slándála ar aerárthach nó cuardach slándála ar aerárthach d’fhonn a áirithiú nach bhfuil aon earraí toirmiscthe ar bord. Féadfar aerárthach idirthurais a chur faoi réir beart iomchuí eile.

2.

Déanfar gach aerárthach a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe.

4.   PAISINÉIRÍ AGUS BAGÁISTE CÁBÁIN

4.1.   Braitheoireacht ar phaisinéirí agus ar bhagáiste cábáin

1.

Déanfar braitheoireacht ar phaisinéirí tionscnaimh, ar phaisinéirí traschuir agus ar phaisinéirí idirthurais agus ar a mbagáiste cábáin ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir shrianta slándála ná ar bord aerárthaigh.

2.

Féadfar paisinéirí traschuir agus a mbagáiste cábáin a dhíolmhú ón mbraitheoireacht, más rud é:

(a)

gur isteach ó Bhallstát a thiocfaidh siad, mura mbeidh sé tugtha le fios ag an gCoimisiún ná ag an mBallstát sin nach féidir a mheas go ndearnadh braitheoireacht ar na paisinéirí sin ná ar a mbagáiste cábáin i gcomhréir leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna; nó

(b)

gur isteach ó thríú tír a thiocfaidh siad ina n-aithnítear mar chaighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm ann.

3.

Féadfar paisinéirí idirthurais agus a mbagáiste cábáin a dhíolmhú ón mbraitheoireacht, más rud é:

(a)

go bhfanfaidh siad ar bord an aerárthaigh; nó

(b)

nach mbeidh teagmháil acu le paisinéirí a ndearnadh braitheoireacht orthu agus a bheidh ag imeacht, seachas na daoine a bheidh ag dul ar bord an aerárthaigh chéanna; nó

(c)

gur isteach ó Bhallstát a thiocfaidh siad, mura mbeidh sé tugtha le fios ag an gCoimisiún nó ag an mBallstát sin nach féidir a mheas go ndearnadh braitheoireacht ar na paisinéirí sin ná ar a mbagáiste cábáin i gcomhréir leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna; nó

(d)

gur isteach ó thríú tír a thiocfaidh siad ina n-aithnítear mar chaighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm ann.

4.2.   Paisinéirí agus bagáiste cábáin a chosaint

1.

Déanfar paisinéirí agus a mbagáiste cábáin a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe ón uair a ndéanfar braitheoireacht orthu go dtí go n-imeoidh an t-aerárthach a mbeidh siad á n-iompar air.

2.

Paisinéirí a ndearnadh braitheoireacht orthu agus a bheidh ag imeacht, ní bheidh teagmháil acu le paisinéirí a bheidh ag teacht isteach, ach amháin más rud é:

(a)

gur isteach ó Bhallstát a thiocfaidh na paisinéirí, ar an gcoinníoll nach mbeidh sé tugtha le fios ag an gCoimisiún nó ag an mBallstát sin nach féidir a mheas go ndearnadh braitheoireacht ar na paisinéirí sin ná ar a mbagáiste cábáin i gcomhréir leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna; nó

(b)

gur isteach ó thríú tír a thiocfaidh na paisinéirí ina n-aithnítear mar chaighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm ann.

4.3.   Paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach

Paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach, cuirfear faoi réir na mbeart iomchuí slándála iad sula n-imeoidh siad.

5.   BAGÁISTE BOILG

5.1.   Braitheoireacht ar bhagáiste boilg

1.

Déanfar braitheoireacht ar an mbagáiste boilg uile sula luchtófar ar aerárthach é ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir shrianta slándála ná ar bord aerárthaigh.

2.

Féadfar bagáiste boilg traschuir a dhíolmhú ón mbraitheoireacht más rud é:

(a)

gur isteach ó Bhallstát a thiocfaidh sé, mura mbeidh sé tugtha le fios ag an gCoimisiún nó ag an mBallstát sin nach féidir a mheas go ndearnadh braitheoireacht ar an mbagáiste boilg sin i gcomhréir leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna; nó

(b)

gur isteach ó thríú tír a thiocfaidh sé ina n-aithnítear mar chaighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm ann.

3.

Féadfar bagáiste boilg idirthurais a dhíolmhú ón mbraitheoireacht má fhanann sé ar bord an aerárthaigh.

5.2.   Bagáiste boilg a chosaint

Déanfar bagáiste boilg a bheidh le hiompar ar aerárthach a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe ón uair a dhéanfar braitheoireacht air nó ón uair a chuirfear a chúram ar an aeriompróir, cibé acu is túisce, go dtí go n-imeoidh an t-aerárthach a mbeidh sé le hiompar air.

5.3.   Imréiteach bagáiste

1.

Déanfar gach mír bagáiste boilg a aithint mar bhagáiste faoi thionlacan nó mar bhagáiste gan tionlacan.

2.

Ní iomprófar bagáiste boilg gan tionlacan, mura ndearnadh an bagáiste a dheighilt ón bpaisinéir ar chúiseanna nach raibh neart aige orthu nó murar cuireadh faoi réir rialuithe iomchuí slándála é.

6.   LASTA AGUS POST

6.1.   Rialuithe slándála do lasta agus do phost

1.

Cuirfear an lasta ar fad agus an post ar fad faoi réir rialuithe slándála sula luchtófar in aerárthach iad. Ní ghlacfaidh aeriompróir lasta ná post lena iompar ar aerárthach murar chuir sé féin na rialuithe sin i bhfeidhm nó murar thug gníomhaire rialaithe, coinsíneoir aitheanta nó coinsíneoir cuntais deimhniú maidir lena gcur i bhfeidhm agus cuntas ar a gcur i bhfeidhm.

2.

Féadfar lasta traschuir agus post traschuir a chur faoi réir rialuithe malartacha slándála a shonrófar i ngníomh cur chun feidhme.

3.

Féadfar lasta idirthurais agus post idirthurais a dhíolmhú ó rialuithe slándála má fhanann sé ar bord an aerárthaigh.

6.2.   Lasta agus post a chosaint

1.

Déanfar lasta agus post a bheidh le hiompar ar aerárthach a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe ón bpointe a gcuirfear rialuithe slándála i bhfeidhm orthu go dtí go n-imeoidh an t-aerárthach a mbeidh sé le hiompar air.

2.

Déanfar braitheoireacht ar lasta agus ar phost nach ndearnadh a chosaint go leordhóthanach ar chur isteach neamhúdaraithe tar éis rialuithe slándála a chur i bhfeidhm orthu.

7.   POST AERIOMPRÓRA AGUS ÁBHAIR AERIOMPRÓRA

Cuirfear post aeriompróra agus ábhair aeriompróra faoi réir rialuithe slándála agus déanfar iad a chosaint ina dhiaidh sin go dtí go luchtófar ar an aerárthach iad ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach ar bord aerárthaigh.

8.   SOLÁTHAIRTÍ EITILTE

Maidir le soláthairtí eitilte, lena n-áirítear soláthairtí lónadóireachta, ar lena n-iompar nó lena n-úsáid ar bord aerárthaigh a cheapfar iad, cuirfear faoi réir rialuithe slándála iad agus déanfar iad a chosaint ina dhiaidh sin go dtí go luchtófar ar an aerárthach iad ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe ar bord aerárthaigh.

9.   SOLÁTHAIRTÍ AERFOIRT

Maidir le soláthairtí ar lena ndíol nó lena n-úsáid i limistéir shrianta slándála aerfort a cheapfar iad, lena n-áirítear soláthairtí le haghaidh siopaí saor ó dhleacht agus le haghaidh bialann, cuirfear faoi réir rialuithe slándála iad ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin.

10.   BEARTA SLÁNDÁLA EITILTE

1.

Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht eitlíochta:

(a)

beidh cosc ar dhaoine neamhúdaraithe dul isteach i gcábán na foirne eitilte le linn eitilte;

(b)

cuirfear paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach faoi réir na mbeart iomchuí slándála le linn eitilte.

2.

Glacfar bearta iomchuí slándála amhail oiliúint a chur ar an bhfoireann eitilte agus ar an bhfoireann chábáin chun gníomhartha de chur isteach neamhdhleathaigh le linn eitilte a chosc.

3.

Ní thabharfar airm ar bord aerárthaigh seachas iad siúd a iomprófar i mbolg an aerárthaigh murar comhlíonadh na coinníollacha slándála is gá i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus murar údaraigh na stáit lena mbaineann é.

4.

Beidh feidhm ag mír 3 freisin maidir le hoifigigh slándála eitilte má bhíonn airm á n-iompar acu.

11.   EARCAÍOCHT AGUS OILIÚINT FOIRNE

1.

Maidir le daoine a chuirfidh braitheoireacht, rialú rochtana nó rialuithe slándála eile chun feidhme nó a bheidh freagrach as a gcur chun feidhme, earcófar iad, cuirfear oiliúint orthu agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar deimhniú orthu d’fhonn a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach don fhostaíocht agus go bhfuil siad inniúil ar thabhairt faoi na dualgais a shannfar dóibh.

2.

Maidir le daoine seachas paisinéirí a dteastaíonn rochtain uathu ar limistéir shrianta slándála, cuirfear oiliúint slándála orthu sula n-eiseofar cárta aitheantais aerfoirt nó cárta aitheantais foirne dóibh.

3.

Déanfar an oiliúint dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar bhonn céaduaire agus ar bhonn tráthrialta.

4.

Beidh na cáilíochtaí is gá ag na teagascóirí a chuirfidh an oiliúint ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

12.   TREALAMH SLÁNDÁLA

Comhallfaidh an trealamh a úsáidfear don bhraitheoireacht, don rialú rochtana agus do na rialuithe slándála eile na sonraíochtaí atá sainithe agus beidh sé in ann na rialuithe slándála lena mbaineann a fheidhmiú.